"Tuigim agus ní léighim,
Ach tuigean fear léighinn leath-fhocal."
SEÁGHAN AN DÍOMAIS.
BLÚIRÍN AS STAIR NA h-ÉIREANN.
Caib. I.
BILE NA COILLE.
Is iomdha fear gaisgeamhail do h-oileadh i n-Uladh ó Choin
Chulainn anuas go dtí Seághan an Díomais. I bhfad ins na
ciantaibh do rugadh ann Niall naoi nGiallach, rí cúmhachtach do
bhí i dTeamhair. Is minic do mhothuigh na Rómhánaigh i mBreatain
a chosgairt siúd. I gceann d'á thurusaibh thug sé leis mar chime
buachaill óg d'ár bh'ainm 'na dhiaidh súd Pádruig. Do b'é an
chime úd an Tailgin gur innis na draoithe roim rae a theacht.
Tá a chlú, agus a cheannas go h-aibidh fós imeasg Gaedheal, acht dála
Néill naoi nGhiallaigh is beag nách bhfuil a ainm dearmhadta.
Ar a shon soin ba mhór le rádh an rí úd lá, agus as a leasracha d' fhás
an aicme ba chumasaighe agus ba chalma d'á raibh i nÉirinn le n-a
línn féin, 'ná b'fhéidir ar dhruim an domhain. Cuardaigh stair
na gcríoch eile, féach imeasg aicmíbh abhus agus thall agus ní bhfuighfir
fir d'aon chineadh amháin do b'áilne dreach, do ba chalma i ngleó,
do ba ghléir-inntineach i gcómhairle 'ná na sáir-fhir do shíolraidh ar
feadh na gcéadta bliadhan as an bhfréimh uasail sin Muintir
Néill.
Fá mar do liúghann an ghaoth mhór timcheall crainn daire i
n'aonar ar lár machaire, gan baint le n-a neart acht amháin na
duilleóga do sgiobadh dhe agus fo-cheann d'á ghéagaibh do bhriseadh
le h-árd iarracht, do ba mhar sin do na Sasanaigh ar feadh cheithre
chéad bliadhan d'á mbasgadh féin i gcoinnibh na gcuraidhe úd do
tháinig ó Niall naoi-nGiallach; agus is é mo thuairim ná buaidhfídhe
choidhche ortha súd muna mbéadh gur eirigheadar i n-aghaidh a
chéile.
Ní raibh fear ar an gcineadh ba mhó cáil 'ná an Seághan so do
luadhmuid. Éireannach 'na bhallaibh do b'eadh é, chómh maith 'na
lochtaibh agus 'na thréithibh fearamhla. Ní raibh sé chómh glic i
gcómhairle 'ná chómh géar-chúiseach i gceist le h-Aodh Ó Néill
d'fhoghluimidh cleasaidheacht riaghla i dtigh Elíse, bainrioghain
Shasana. Ní raibh bun-eólas cogaidh aige chómh clisde le h-Eoghan
Ruadh, acht níor sháruigh aon duine aca so é i ngaisge, i ngníomh,
'ná i ngrádh d'á thír. Tá aon smál amháin ar a ainm. D'fhoillsigh
na Sasanaigh go soiléir an smál soin dúinn go h-áthasach, mar
ba bheag ortha Seaghan Ó Néill. D'fhuadaigh sé bean Chalbhaigh Uí
Dhómhnaill, deirbhshiúr do Thighearna na nOileán cois Albain, agus is
dóich le n-a lán úghdar gur éaluigh sise leis le n-a toil féin. Is
suarach nách raibh sé chómh h-olc leis na Sasanaigh féin ar an
gcuma sain, acht amháin go n-admhóchadh seisean a dhroch-chleachtadh
mar níor bha fimineach é, acht fear fírinneach ná ceilfeadh a cháim.
Caib. 2.
ÉIRE LE N-A LÍNN.
Ní fheacaidh Inis Fáil lá suaimhnis riamh ó ghabh seólta na
Normánach i gcuan ar "Tráigh an Bhainbh" le Diarmaid na nGall
ins an mbliadhain 1169. Tháinig na Normánaigh go Sasana ó'n
bhFrainc céad bliadhan roimh an am soin, fá stiúrúghadh Liaim
Buadhthaigh, agus do sgaipeadar na Sasanaigh i n-aon bhruighin amháin.
Bhí na Sasanaigh fá chois gan mhoill agus Normánach 'na righ agus 'na
bhuanna ortha feasda. Níor ba dhala soin d'Éirinn. Ó'n rí sin
an dara Hanrí go dtí an t-ochtmhadh Hanrí bhí righthe Shasana 'na
"dtighearnaibh" ar Éirinn. Ní raibh sé i misneach aon rí aca Rí
Éireann do ghlaodhadh air féin gur cheap an t-ochtmhadh Hanrí gur
chóir dó féin bheith 'na rí dáiríribh ar Éireannaigh.
Ar an adhbhar soin chuir sé gairm sgoile amach go raibh sé
riachtanach ar thaoiseachaibh móra Éireann cruinniúghadh ar aon
láthair go mbronnfadh sé tiodail agus talamh ortha.
Do b'é nós na dtaoiseach soin go dtí súd bheith 'na gcinn
ar an dtreibh agus sloinneadh a dtreibhe féin do thógbháil. Bhí
Ó Briain mar cheann ar Muintir Bhriain, Ó Néill mar cheann ar
Mhuintir Néill, agus mar sin dóibh. Cuirfidh an t-ochtmhadh Hanrí deir-
eadh leis an nós soin feasda, agus d'á réir sin chuireann sé fógra ag
triall ar árd-thaoiseachaibh Éireann nách bhfuil uaidh acht síothcháin
do dhéanadh leó, agus go ndéanfaidh sé tighearnaí móra dhíobh, agus go
mbronnfaidh sé talamh na treibhe ortha acht géilleadh dhó. Do
mhachtnuigh na taoisigh. Do réir nós na h-Éireann an uair sin
níorbh' leis an dtaoiseach talamh na treibhe, acht leó féin agus
leisean i dteannta chéile. Bhí seisean mar cheann ortha mar
d'árduigheadar féin é ar choingheall go dtabharfadh sé ceart
dóibh. Ar an adhbhar soin bhíodar saor agus ní leómhfadh an taoiseach
a gcuid talmhan do bhaint díobh mar bhí an oiread cirt aca féin
chum na talmhan soin agus bhí aigesean.
Acht féach an dlíghe seo do cheap an t-ochtmhadh Hanrí agus a mhinis-
téir glic Wolsey. Bheadh an taoiseach feasda mar mháighistir ar gach
treibh i n-ionad bheith mar do bhí sé go dtí so 'na uachdarán ortha.
Níor thaithnigh an gnó i n-aon chor leis an dtreibh, acht do réidhtigh
sé go dian mhaith leis na taoiseachaibh, agus do smuainidh gach ceann
aca ar a shon féin go raibh sé agus a dtáinig roimis tnáite, tuirseach
le cómhrac i n-aghaidh na Sasanach, agus gur mhithid cosg do chur leis
an imreas.
D'á chionn soin léighmíd gur thriall taoisigh móra na h-Éireann
anonn go Lúnduin chum Hanrí ins an mbliadhain 1541, agus 'na
measg Conn Ó Néill; agus go raibh an rí go fial, fáilteach,
urraimeach leó, agus go ndeárnaidh sé iarlaí agus tighearnaí díobh do
réir a gcéim 'sa tsaoghal.
Ba thubaisteach an turus é mar do dheaghail sé gach treibh i
n-Éirinn ó'n nós do bhí aca leis na ciantaibh — sé sin flaith do
dhéanadh dóibh féin as an dtreibh gan spleádhchas do righ Shasana.
Caithfid siad feasda úmhalúghadh do'n Iarla nuadh so do chúm an
rí dhóibh, agus muna mbeidh siad úmhal dó cuirfear saighdiúirí Shasana
chum cabhruighthe leis an Iarla nuadh i gchómhair smacht do chur ar an
dtreibh ndán. Ní fuláir do'n Iarla nuadh leis aire thabhairt dó
féin nó árdóchaidh Sasana Iarla eile 'na ionad a bheidh úmhal agus
muinteardha do'n riaghaltas.
Caib. 3.
GRUAIM I DTÍR EÓGHAIN
Níor bh'iongnadh go raibh siosmarnaigh i dTír Eóghain ar theacht
ar n-ais do'n Iarla nuadh, agus cogarnach agus crothadh ceann agus láimh-
seáil claidheamh go bagarthach abhus agus thall. "Is é an Conn so an
chéad Ó Néill do chrom a ghlún chum rígh iasachta," ar siadsan, agus
thugadar súil ar Sheághan, aosánach Chuinn. "Tá adhbhar rígh ann,"
adubhradar le chéile; "fan go bhfásaidh sé. Féach an ghruaig fhada,
fháinneach, fhionn soin air, agus an dá shúil lasmhara ghlasa soin aige.
Tá sé ag borradh go tiugh. Tá breis agus sé troighthe ar áirde ann
cheana féin. Féach go cruinn air, nách leathan-ghuailneach fuinnte
fearsadach atá sé, chóm díreach le sleigh, chómh lúthmhar le fiadh,
chómh dán le tarbh tána. Beidh Seághan mar fhlaith orainn agus caith-
fidh Iarla nuadh an ochtmhadh Hanrí greadadh leis."
Chualaidh Conn Ó Néill an chogarnach agus do ghoill sí air.
Chualaidh sé fir ag caint le chéile agus faobhar 'na radharc. "Is
annsa leis an mac toghartha, Matú an Feardorcha, 'ná Seághan
a mhac dlistineach féin do thug a bhean-tighearna dhó, an bhean
is uaisle i n-Éirinn leis." Do b'í máthair Sheághain inghean an
Ghearaltaigh, Iarla Chille Dara, an fear ba chúmhachtaighe i
n-Éirinn.
D'iarr an t-ochtmhadh Hanrí ar Chonn a oighre d'ainmniúghadh.
"Matú," ar Conn, agus rinneadh Barún Dhúngeanainn de Mhatú
láithreach. "Caithfead-sa mo cheart d' fhághail," adeir Seághan.
Chonnaic Conn O Néill an lasair i shúlaibh a mhic. Chonnaic sé an
ghruaim ar an dtreibh. "Beidh Seághan mar oighre orm," adeir
sé fá dheireadh, tar éis mórán tafhaint.
D'iarr Matú cabhair ar Shasana agus fuair sé í gan moill mar
ba mhaith leis na Gallaibh an leathsgéal chum muintir Néill do
chur ar céasaibh a chéile. Cuireadh fios láithreach ar Chonn Ó Néill
i gcómhair sásaimh do bhaint de i dhtaobh Mhatú do dhí-láthairughadh,
acht ní rachadh sé siar ar a gheallamhaint do Sheághan agus buaileadh
fá ghlas i mBaile-atha-cliath é.
Caib. 4.
FAOBHAR CLAIDHIMH.
Do bhladhm Seághan an Díomais suas agus ghlaodhaidh sé ar a
mhuintir eirghe amach, le n' athair d'fhuasgladh. Níor bh'fheárr leis
na Sasanaigh gnó bhí aca. Seóladh sluagh ó thuaidh go cúige Uladh
i gcómhair smaicht do chur ar an bhfear óg bhaoth so, acht do
tháinig seisean aniar ortha go h-obann, do ghabh sé thríotha, agus bhíodar
ag baint na sála dh'á chéile ag teicheadh uaidh. Do gléasadh
sluagh eile ar an mbliadhain do bhí chúgainn (1552), acht do thiomáin
Seághan roimis iad 'nós sgata gabhar. Bhí fear i n-aghaidh na
Sasanach an cor so. Sgaoileadh Conn Ó Néill le tí síothchána
do dhéanadh acht ba bheag an mhaitheas é. Do bhlais Seághan an
Díomais fuil.
"Caithfear an fear mórdhálach borb so do chosg," arsan fear-
ionad ó Shasana, agus do chóirigh agus do ghléas sé slóigheachd láidir.
Bhí a gcuaird ó thuaidh i n-aisdear mar do bhuaileadh Seághan leo
'sa n-áit nách raibh coinne leis, bhaineadh sé geit asda, bhaineadh
sé gé asda, agus dhruideadh sé leis go dán, míochuíbheasach.
Bhailigh Matú dream de'n treibh, mar do lean cuid aca fá
na bhrat-san, agus do ghluais sé chum cabhrughadh leis na Gallaibh, acht
d'éaluig Seághan 'na threó i lár na h-oidhche agus do chis sé ar Mhatú
go tapaidh. "Déanfam daingean i mBéalfeirsde chum a
smachtuighthe," adeir an ridire Uilliam Brabason. Bhris Seághan
isteach ortha ins an dún neamh-chríochnuighthe úd agus do mhill sé a
bhfurmhór. Bhris sé ar an gcuma gcéadna isteach ar dhream eile
do lucht conganta Bhrabason cois Doire agus do sgaip sé iad.
Níor bh'iongnadh gur tháinig eagla ar na Sasanachaibh agus gur sgein-
neadar leó ar n-ais go Baile-atha-cliath.
Leigeadh dó ar feadh cheithre mbliadhan 'na dhiaidh súd (1554-8),
acht ní raibh aon fhonn suaimhnis ar Seághan an Díomais. Chúimhnigh
sé gur le n-a shinnsear cúige Uladh. Bíodh an lámh láidir i
n-uachdair, adeir sé leis féin. Bhéadh sé riachtanach ar na taoisigh
eile géilleadh dhó. Dá mbéadh sé chómh glic le h-Aodh Ó Néill do
dhéanfadh sé ceangal agus caradas leis na taoiseachaibh borba úd
i n-ionad do chur d'fhiachaibh ortha géilleadh dhó.
Dubhairt O Riaghallaigh, iarla nuadh Bhrefini, leis nách géillfeadh
sé féin i n-aon chor dó, acht léim an fear teinnteach thríd, agus do
b'éigean do mac Uí Riaghallaigh bheith umhal dó feasda. Níor
mhar sin de Ó Dómhnaill i dTír Chonaill. Ní mó 'ná ghéill an
Chlann Dómnaill ó Albainn d'áitigh na gleannta cois fairrge i
n-Aontruim, acht thug Seághan aghaidh ortha go léir idir Ghaedhil agus
Gaill. Níor eirigh leis go maith ins an iarracht do ghnídh sé chum
clanna cruadha Thír Chonaill do thabhairt fá na riaghail, mar phreab
Calbhach Ó Dómhnaill i gan fhios air 'na chábán ist oídhche ag Baile-
aghaidh-chaoin agus ba bheag nár mhill sé Seághan. Do thuit a lán d'á
chuid fear ins an ruagadh obann úd, agus do chaill sé airm agus capaill,
agus 'na measg a each cíordhubh féin. Do b'é an t-each cogaidh úd
an capall ba bhreaghdha i n-Éirinn. Mac-an-Fhiolair do tugthaoi
uirthe. Fuair Seághan ar n-ais arís í. Níor chuir an bac úd
cosg abhfad leis an bhfear gcumasach ndán.
Do thuit Matu i ngrásgar éigin le cuid de mhuintir Sheághain
ins an mbliadhain 1558, agus do ghnidh na Sasanaigh iarracht ar an
gcoir do chur i leith Sheághain féin acht dubhairt sé nách raibh aon
bhaint aige le bás Mhatú agus go gcaithfidís bheith sásta leis an
bhfreagra soin. Fuair Conn Ó Néill bás ar an mbliadhain do bhí
chúgainn. "Tá an bóthar réidh do Sheághan anois," adeir an
treibh; "ní bheidh iarla mar cheann orainn a thuilleadh."
Caib. 5.
Ó NÉILL ULADH.
Amach leat ar bhárr Tulaighóig, a Sheághain an Díomais! Tá
an leac ríoghachda ann ag feitheamh leat led' chois deis do bhualadh
uirthe mar ghnídheadh do shinnsear ríghthe rómhat! Agus do
sheasaimh Seághan Ó Néill ar Thulachóg, agus do síneadh slat bhán
dhíreach chuige mar chómhartha cothraim cirt d'á threibh; buaileadh
clóca gréasda ar a shlinneánaibh cumasacha agus cathbhárr ar a
cheann. Caitheadh slipéid a choise siar tar a ghualainn. Casadh
míle claidheamh ós cionn ceann agus dúisígheadh mac alla na
gceanntar le fuaim-ghlór míle sgornach — "Ó Néill abú! Go
mairidh ár bhFlaith a thogha!" Do thaithnimh an ghrian ar cheannaighthe
dhathamhail, luisneamhail Uí Néill, agus do chuir coin mhóra ar iallaibh
amhastrach asda fé mar chualadar ualfartaigh an mhactíre 'sa
choill agus géim na h-eilite ar an gcnoc.
"Do b'onóiríghe liom bheith am' "Ó Néill Uladh" 'ná am' rí ar
Spáinn," arsa Aodh Thír Eóghain tamall maith 'na dhiaidh súd.
"Is mó le h-Ultaigh an ainm "Ó Néill" 'ná "Caesar" le
Rómhánaigh," ars an sgriosdóir Mountjoy.
Caib. 6.
"DEARBHRÁTHAIR THAIDHG DÓMHNALL."
Cailleadh Máire, bainrioghain Shasana fá'n am so, agus bhí Elís
'na h-ionad. Do b'í an bhean mhí-bhanamhail seo an chroidhe chloiche
agus na sgartacha práis an bhean ba mhó inntleacht le n-a linn. Do
chrom sí féin agus a riaghaltas láithreach ar chur isteach ar Sheághan.
Sydney do b'ainm d'á fear-ionad i n-Éirinn. Ghluais sé ó thuaidh
go Dúndealgain agus chuir fógra chum Seághain teacht 'na ghaor.
Níor leig Seághan air gur chualaidh sé an fógra acht chuir sé
cuireadh chum Sydney teacht chum a thíghe agus bheith 'na athair baistidhe
d'á mhac óg. Níor dhiúltaigh an fear-ionad dó agus do sheasaimh sé
leis an mac. "Táim-se am' Ó Néill i n-Uladh le toil na treibhe
seo," arsa Seághan. "Ní theasduigheann uaim cómhrac le Sasana
má leigthear dom, acht má cuirthear orm, bíodh oraibh féin." Bhí
Sydney sásta leis sin agus bhí síothcháin ar feadh tamaill i n-Uladh
gur tháinig Sussex 'na fhear-ionad go h-Éirinn. "Ní bhéad am'
shuaimhneas," adeir sé, "go mbeidh Ó Néill fá chois," agus do ghléas
agus do chóirigh sluagh le h-aghaidh an ghnótha. Fear fealltach, borb,
glic, do b'eadh Sussex so acht ní raibh sé chómh géar-inntineach le
Sydney. Do chabruigh Calbhach Ó Dómhnaill leis, agus mar an
gcéadna clann Domhnaill na hAlbann, i nAontruim. Do
ghearán Seághan-an-Díomais go rabhthas ag cur air gan chúis. Bhí
a chúige ag dul chum cinn i maoin agus i maitheas. Tagadh teachtaire
Elíse agus féachadh sé. Níor chuir Elís suim 'na chuid cainte acht
leig sí d'á fear-ionad gluaiseacht ó thuaidh go h-Árd-Macha ins
an mbliadhain 1561.
Phreab Seághan go h-obann isteach go Tír Chonaill sul a raibh
coinne leis agus do sgiob sé leis sean Chalbhach Ó Dómhnaill agus a bhean
óg, an bhean úd d'fhág an smál ar a ainm. Do chuir an cleas
cogaidh obann soin mearbhthall ar na Tír Chonailligh agus do thochuis
Sussex a cheann le cangcar. Chas Seághan ó dheas fá mar do
bhéadh sé ar tí iarraicht do thabhairtfá Bhaile-atha-Cliath. Bhí Mac-
an-Fhiolair fá agus níor bh'ionntaoibh Seághan ar muin an eich sin ar
cheann dreama dísgireach d' Ultachaibh. Níor thuig Sussex cad é
an fuadar do bhí fá Sheághan. Fá dheireadh do shílidh sé go raibh
Seághan 'na ghlaice aige agus do bheartuigh sé innil dó. Do dhruid
sé míle fear isteach go Tír Eóghain ag creacha agus ag cosgairt, agus
d' fhan sé féin cois Áird-Macha ag feitheamh le Seághan. Bhailigh
an míle fear na céadta ba dúbha, na caoirigh bána, agus na capaill,
agus do ghluaiseadar ar n-ais go buacach. "Féach Mac-an-Fhiolair,"
arsa duine éigin, "tá Seághan an Díomais chúgaibh!" Ní raibh
le Seághan ar an láthair úd acht céad agus fiche marcach agus dhá chéad
coisidhthe, acht gaisgidhigh blosgbéimeacha do b'eadh iad. Bhí cinn
agus cosa 'na gcárnánaibh ar an machaire úd fá cheann uaire an
chloig, agus an fuighleach beag créachda, stolltha, ag sgeinneadh go
hÁrdmacha, na biailibh faobhracha d'á n-gearradh agus d'á n-éirleach, agus
an gáir-catha uamhnach úd — "Lámh dearg abú!" 'na gcluasaibh.
Innseann Sussex féin le crádh croidhe an raon-madhma do
cuireadh air. — "Ní raibh sé i misneach aon Éireannaigh riamh fós
seasamh am' aghaidh-se, acht féach indiu Ó Néill seo agus gan aige acht
a leath n-oiread fear liom, ag brúchtadh isteach ar mo arm breágh
ar mhachaire réidh leathan. Do ghuidhfinn chum Dé faill d'fhághail air
'na leithéid d'áit gan coill i ngiorracht trí míle dhó le sgáth do
thabhairt d'á chuid fear. Mo náire é, d'fhóbair ná fágfadh sé
aithid dom' arm beó i n-uair an chloig, agus is beag nár strac sé mé
féin agus an chuid eile amach leis as daingean Áirdmacha"
Ní chromfadh Sussex ar Thír Eoghain do chreachadh go fóil arís.
Chuir an brisleach úd sgannradh ortha i Lúnduin agus d'iarr Elís ar
Iarla Chilledara, bráthair Sheághain an Díomais, sióthcháin do
dheánadh. Chuir sí teachtaireacht maitheamhnais chum Seághain agus
cuireadh chuige teacht go Lúnduin le labhairt léi. "Ní chorróchad
cos," adeir Seághan, "go dtugaidh arm Shasana a mbóthar ortha
as Uladh." "Bíodh mar sin," adubhairt Elís.
Nuair do mheath Sussex cheap sé a chleas feíll do chur i bhfeidhm.
Tá a sgríbhínn féin chum Elíse mar fhiadhnaise ar an bhfeall. I
mí na Lúghnasa 1561, sgríobhann sé chum na bainrioghna sin gur
thairig sé luach céad marc 'sa mbliadhain de thalamh do Niall
Liath, maortíghe Uí Néill, ar choingheall go muirbheóchadh sé an
flaith sin. "Do mhúineas dó cionnus d'éalóchadh sé leis tar éis
na bearta," adeir sé, Ní fios dúinn an raibh Niall Liath
dáiríribh, acht gibé sgéal é ní chloistear gur ghnídh sé iarracht ar
Sheághan do dhúnmharbhughadh.
Caib. 7.
SEÁGHAN-AN-DÍOMAIS I LÚNDUIN.
Rinne Iarla Chilledara síothcháin idir Ó Néill agus Sasana, mar
ba mhór le h-Ó Néill é, agus do sheoladar araon anonn go Lúnduin
i ndeireadh na bliadhna agus gárda gallóglach i n-éinfeacht leo.
Dubharthas le Seághan nách bhfillfeadh sé ar ais go deó toisg,
go raibh an tuagh agus an ceap 'na chómhair ag Elís, acht bhí muinighin
aigesean as a theanga líomhtha agus bhí dóich aige nár mheath sé riamh
i n-aon chúmhangach.
Bean uallach do b'eadh Élís. Bhí sí dathamhail, gruaig ruadh
uirthe, agus súla glasa aici, an t-éadach ba bhreaghdha agus ba dhaoire le
fághail uirthe, agus an iomad de aici le h-í féin do chórúghadh go
minic 'sa ló. Péacóg do b'eadh í le féachaint uirthe, acht bhí
croidhe an bheathadhaig allta, gan truagh, gan truaghmhéil aici, agus
inntin agus aigne tar mhnáibh an domhain. "An labharthair Béarla
chúici?" arsa duine éigin le Seághan. "Ní labhórad go deimhin,"
ar seisean, "mar leónfadh an teanga dhuairc ghránna soin mo
chorráin." Bhí Fraincis agus Spáinis agus Laideann ag Seághan i
dteannta a theanga bhinn bhlasda féin. Bean teangacha do
b'eadh Elís leis, agus dubharthas gur sháruigh Seághan 'sa bhFraincis í
agus gur eitigh sí cómhrádh leis 'sa teanga soin.
Lá Nodlag beag ins an mbliadhain 1562 do bhuail sé isteach
go seómra ríoghachda Élís. Bhí fir calma sé troighthe agus níos mó
'na cuideachta, go mór mhór Herbert óg, acht chonnacathas
láithreach nách raibh ionnta acht spreasáin i n-aice Sheághain-an-
Díomais. Tugann stáir na Sasanach cúntus ar a chuairt agus ar a
chruth. "Bhí falluing bhuidhe-dhearg do dhéanmhús dhaor ar sileadh siar
síos go talamh leis, agus gruaig fhionn-ruadh go cripineach, camarsach
tar a shlinneánaibh síos go lár a dhroma, súla glasa fiadhainp
aige d'fhéach amach ort chómh lonnrach le gath gréine; corg
fuinnte lúthmhar aige agus ceann-aighthe dán." Bhí na céadta an
iarraidh radhairc d'fhághail air féin agus ar a ghallóglacha. Deir a'
tuairisg go rabhadar so ceann-lomnochta, foilt fhionna ortha
léinteacha lúirigh ó mhuineál go glún ortha, croiceann mactíre
tar ghuailnibh gach fir aca, agus geárr-thuagh catha i láimh gach aon
aca. Níor bh' ionntaoibh fearg do chur ar a leithéidibh siúd. Is
deallrathach go rabhadar i mbruighin Árdmacha. "Úmhaluighidh!"
arsa Seághan de ghuth ghlórach agus ní raibh an focal as a bhéal nuair
do bhí na gallóglaigh ar a leath-ghlúin. Stad sé i gcómhgar do'n
chathaoir ríoghachda mar a raibh Elís, agus í éaduighthe ar nós
péacóige, do chrom sé a cheann, do chrom sé a ghlún, agus do sheasaimh
sé annsoin chómh díreach le gáinne. D'fhéach sé féin agus Elís idir
an dá shúil ar a chéile. Labhair sí i Laideann leis agus d' fhreagair
seisean í go binn-bhriathrach. Do mhol sé a mórdhacht agus dubhairt
sé gur dhall a sgéimh agus a cruth é, mar ba mhín í a theanga le
mnáibh. Níor luigh súil Elís riamh ar a leithéid d' fhear agus ba bhinn
léi é bheith 'gá bréagadh. Do theasbáin sí dhó i n-aindeóin a
cómhairleóirí gur thaithn sé léi, gidh go raibh na cómhairleóirí sin
ar tí a chuid fola do dhortadh. Dubhradar leó féin go raibh
greim aca anois nó riamh air, agus gidh gur thugadar na coinghíl dó
ná bainfidhe leis ar a thurus, mheasadar, mar ba ghnáthach, an glas
do bhualadh air. "Táthaoi ar tí an choinghíl do bhriseadh," ar
Seághan go dán. "Leigfear ar n-ais tú uair éigin," ar Cecil
leis, "acht ní fhuil aon am áirighthe ceapuighthe 'sa choingheall
soin!" "Mealladh mé," arsa Seághan leis féin, agus do bhuail sé
isteach go láthair Elíse agus d'iarr sé coimirc uirthe. "Ní leómhthar
aon bhárthainn do dhéanadh duit," adeir sí leis, "acht caithfir
fanamhaint againn go fóil." Ní fios cionnus do mheall Seághan
í. Ba mhaith léi le n-a h-ais é, agus meastar go raibh saghas gráidh
ainmhídhe aici dhó, agus is é iongnadh gach leightheóra gur sgaoil sí
uaithe é fá dheireadh ar gheall go mbéadh sé úmhal dí féin amháin agus
gan baint 'gá fear-ionad i n-Éirinn leis. Deirthear go raibh
eagla uirthe leis d'á gcuirthídhe i gcuibhreach é go ndéanfadh
Muintir Néill flaith de Thóirdhealbhach Luineach Ó Néill 'na ionad,
agus do b'annsa léi Seághan 'ná eisean. Bhí Sussex ag cogaint a
theangan le buile toisg ná'r baineadh an ceann de cholainn
Sheághain i Lúnduin, agus chuir sé sgéala chum Elíse go raibh sé
leathta ar fud Éireann gur mheall Seághan í d'á fheabhas í a
h-inntleacht agus gur ghnídh sí rí ar Uladh dhe. D'iarr sé cead airthe
é mhealladh go Baile-átha-Cliath i gcóir greama d'fhághail air,
acht bhí Seághan ró-amharasach agus níor ghabh sé i ngaor do Bhaile-átha-
Cliath, gidh gur gheall Sussex a dheirbhshiúr mar mhnaoi dhó acht
teacht d'á feicsint.
Caib. 8.
NIMH agus FUIL.
Ins an mbliadhain 'na dhiaidh súd (.i. 1563) do chrom Sussex ar
chur isteach ar Sheághan agus ar uisge fá thalamh do dhéanadh idir é
féin agus Elís. Do chabhruigh sean-námhaide Sheághain, na Tír-
Chonailligh agus Albanaigh Aontruim, le Sussex, agus do ghluais seisean
ó thuaidh go h-Uladh ins an Abrán 1563, acht má ghluais do ghnídh
Seághan liathróidh coise dhe féin agus d'á shluagh, agus bhí Sussex an-
bhuidheach go raibh sé 'na chumas teicheadh le n'anam. Sgríobh Elís
chum Sussex síothcháin do dhéanadh le Seághan, mar nách raibh aon
mhaith dó bheith leis.
Do ghnídh Sussex rud ar Elís, agus ar an am gcéadna chuir sé
féirín síothchána chum Seághain — ualach fíona measguighthe le nimh.
D'ól Seághan agus a linn-tíghe cuid de'n fhíon agus d'fhóbair go mbéadh
sé 'na phleist. Bhí sé ag cómhrach leis an mbás ar feadh dhá lá,
agus nuair do tháinig sé chuige féin níor bh'iongnadh go raibh sé ar
dearg-lasad le feirg agus gur ghléas sé a bhuidhean chum cogaidh.
Leig Elís uirthe go raibh sí ar buile i dtaobh an fheíll-bheart úd
agus do gheall sí go dtabharfadh sí ceart dó acht a shuaimhneas do
ghlacadh. Do ghlaodhaidh sí abhaile ar Sussex. Leig sí uirthe gur mar
shásamh do Sheághan é, acht do b'é an chúis do bhí aici ar Sussex gur
mheath sé. Do shnaidhm sí síothcháin agus caradas mar dh'eadh le
Seághan arís, agus bhí sé 'na rígh dáiríribh ar Uladh anois agus leigeadh
dó. Acht mar sin féin bhí a fhuath do'n Ghall chómh géar agus bhí sé
riamh. D'á chómhartha soin chúm sé caisleán ar bruach Locha n-Echach.
Fear tagartha do b'eadh é agus cheap sé gur bheag ar na Sasanaigh
radharc an chaisleáin sin agus do bhaist sé air "Fuath na nGall."
Deirthear gur cheap sé an uair seo ríoghacht na h-Éireann do
ghabháil chuige féin, agus na Sasanaigh do ghlanadh amach aisde. Acht
níor chabhruigh na h-Éireannaigh leis. Do sgríobh sé chum righ na
Fraince ag iarraidh congnaimh air. "Má thugann tu dhom sé
mhíle fear ar iasacht," ar seisean, "tomáinfead na Sasanaigh
as an dtír seo isteach 'sa bhfairrge." Do gheobhadh sé a dheich
n-oireadh soin i n-Éirinn féin d'a mb'áil leó eirghe leis, acht níor
chorruigheadar cos.
Caib. 9.
LÁMH DEARG ABÚ!
Muna gcabhruighidh Éire linn, mar sin féin caithfeam dul ar
aghaidh. Bhí an Chlann Domhnaill seo i nAontruim ó uair go
h-uair ag cabhrughadh leis na Sasanaigh. Amhasanna do b'eadh na
fir calma úd. Thángadar ó Albain ar chuireadh Chuinn Uí Néill
agus a athar, agus do chuireadar fútha i n-Aontruim agus i nDalriada.
Ní raibh Seághan sásta 'na aigne fad do bhíodar 'sa tír. Do
ghéilleadar dó agus do chabhruigheadar leis aon uair amháin, acht ní
raibh aon ionntaoibh aige asda. Dubhradar leis nách raibh aon
smacht aige ortha, agus nách raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis,
acht le n-a dtoil féin. Do ghríosaidh bainrioghain Elís iad i
gan fhios. "Seadh má's eadh," adeir Seághan leo, "greadaidh
libh abhaile. Ní fhuil aon ghnó agamsa dhíbh feasda." Acht do
chuir na h-Albanaigh colg ortha féin agus dubhradar leis go bhfan-
faduis mar a raibh aca gan spleádhachas dó soin. "Do bhuadhmar
ar d'athair-se cheana agus ar Sussex 'na theannta," adeir na
h-Albanaigh dána.
Do leath Seághan-an-Díomais a chosa ar Mhac-an-Fhiolair,
bhailigh sé a shluaighte timcheall air agus do bhris sé isteach go
h-Aontruim ar nós tuinne fairrge. Bhuail na h-Albanaigh leis i
nGleanntaise 'na ndreamaibh ndísgireacha agus do fearradh cath
fuilteach eatortha. Tá sean-bhóthar dia thuas de'n bhaile sin Bun-
abhann Duinne, i gcondae Aontruim, agus do chuir Seághan-an-Díomais
a each cíordhubh, Mac-an-Fhiolair, ar chos-in-áirde tar chorpaibh
Albanach ann, agus fá mheádhon laé bhí Clann Dómhnaill 'na srathaibh
sínte timcheall air. Do mharbhuigheadh annsúd Aongus Mac
Dómhnaill agus seacht gcéad d'á chuid fear, do gabhadh agus do gonadh
Séamus Mac Dómhnaill, agus do thóg Seághan leis Somhairle Buidhe
an taoiseach eile bhí ortha. Do b'fheárr dhóibh d'á dtógfaduis a
chómhairle agus greadadh leo as a shlíghe, agus do b'fheárr dó soin leis
é, mar do b'iad fuighleach na buidhne úd do mhairbh le feall é
féin dhá bhliadhain 'na dhiaidh súd.
Ní raibh sé an uair seo acht ocht mbliadhna déag ar fhichid
d'aois, agus ní raibh aon fhear i n-Éirinn ba mhó cáil agus cúmhacht 'ná é.
Leig na Sasanaigh ortha go rabhadar go mór leis. Bhí áthas ortha
ar dtúis gur mhill sé Clann Dómhnaill ó Albain agus do gháireadar
leis. Thuig Seághan go dian mhaith iad. Ní gan fáth do cúmadh
an sean-fhocal úd — "dranntán madra gáire Sasanaigh." "Is
maith an rud," ar siadsan, "Clann Dómhnaill do bheith claoidhte
mar níor bh'fhios dhúinn cá h-am do chabhróchaduis leis na
h-Éireannaigh, acht mar sin féin beidh O Néill ró-láidir ar fad
anois."
Is truagh ná's ghnidh sé caradas le taoiseachaibh Éireann an
uair seo. I n' ionad soin chrom sé ar a chur d'fhiachaibh ortha
géilleadh dhó gibé olc maith leó é. "Caithfidh taoisigh Chonacht a
gcáin bliadhantamhail do thabhairt domhsa mar ba ghnáthach leo do
righthibh Uladh," ar seisean. D'eitigh na Conachtaigh é agus phreab sé
go h-obann i láthair thighearna Chloinn Riocárd, an fear ba threise
i gConacht, agus mhill sé é gan puínn duaidh. Do chreach sé Tír
Chonaill ins an mbliadhain gcéadna (1566), agus tháinig sgannradh
ar Shasana. Do ghríosaidh Elís Iarla Fearn Muineach, Maguidhir,
le h-eirghe 'na aghaidh acht do meileadh an Maguidhir fá mar do
mheilfeadh bró mhuilinn dornán coirce.
Do b'é Sydney bhí 'na Ardiuistís arís ar Éirinn an uair úd
i n-ionad Sussex, agus bhí aithne mhaith aige ar Sheághan. Chuir sé
teachtaire riaghaltais d'ár bh'ainm Stukeley chuige le h-áiteamh
air bheith réidh. "Ná h-eirigh amach i naghaidh na Sasanach agus
gheobhair gibhé nídh do theasduigheann uait," ar Stukeley. "Déan-
far Iarla Thír Eoghain díot má's maith leat é." Chuir Seaghan
srann as agus labhair se go neamathach. "Bréagán is eadh an
Iarlacht soin," ar seisean. "Do ghnídheabhair iarla de
Mhac Cárthaigh i gcúige Mumhan, agus tá buachaillí aimsire agus fir
capall agamsa atá chómh maith d'fheas leis sin. Do mheasabhair
mé chrochadh nuair do bhí greim agaibh orm. Ní fhuil aon mhuinighin
agam as bhur ngeallamhna. Níor iarras síothcháin ar an
mbainrioghain acht d'iarr sise ormsa í agus is sibhse féin do bhris í.
Do thiomáineas na Sasanaigh as an Iúbhair agus as Dúndroma agus ní
leigfead dóibh teacht ar n-ais go deo. Ní leómhfaidh Ó Domhnaill
bheith 'na fhlaith arís ar Thír Chonaill mar is liomsa an áit sin
feasda. Ná bíodh aon mhearbhthall ort gur liomsa cúige Uladh.
Bhí mo shinnsear romham 'na righthibh uirthe. Do bhuadhas í lem'
chlaidheamh agus lem' chlaidheam do choingbheóchad í."
Gidh go raibh Sydney 'na fhear an-mhisneamhail, thréan, bhí a
chroidhe 'na bhéal aige nuair d'innis Stukeley dhó an cómhrádh soin.
"Muna ndéantar árd iarracht beidh Éire imthighthe as ár láimh.
Is le h-Ó Néill Uladh go léir agus caithfear é chosg," ar Sidney le
h-Élíse. "Buail é láithreach," ar sise. Do sheól sí dream
Sasanach anall agus do bhailigh Sidney fir as gach áird i n-Éirinn,
Sasanaigh agus Éireannaigh, mar is iomdha taoiseach do chabhruigh leis.
Do bhí cuid aca leisgeamhail go leor chum an ghnótha acht do
b'éigean dóibh beartúghadh ortha chum cabhartha le Sasana fá mar
do ghnídhid indiu.
Táthar chúgat, a Sheághain-an-Díomais, a mharcaigh an chlaidhimh
ghéir, gléas Mac-an-Fhiolair, agus cóirigh do bhuidhean bheag laoch.
Ní fhuil agaibh acht neart bhur gcuisleanna féin, mar nách bhfuil
cabhair 'ná congnamh díbh ó éinneach lasmuich.
An Phádhail do goirthidhe ar cheanntraibh na Sasanach timcheall
Bhaile-atha-Cliath. Do léim Seághan isteach innte ar nós tóirníghe.
Do raobh agus d'argain sé í go ballaidhe Bhaile-atha-Cliath. Thug sé
iarracht fá dhaingean na Sasanach i nDundealgain agus bhí bruighean
áir aige le Sydney cois an bhaile sin. Bhítheas ró-mhaith do
Sheághan annsúdh, agus cuireadh ar gcul é le duadh, acht d'imir sé
éirleach ar shluaghthaibh Sydney sul ar dhruid sé leis. Lean Sydney
ar aghaidh. Do ghluais sé thré Thír Eóghain, agus as soin go Tír
Chonaill, i n-aindheoin Sheághain, acht do lean seisean gach órlach
de'n tslíghe é agus ba bheag an suaimhneas do thug sé dhó ar feadh an
turuis. Níor theasbáin sé riamh roimhe sin cleasa cómhraic níos
feárr 'ná an uair seo. Bhí Sydney agus a shluagh líonmhar cráidhte
tuirseach ó fhoghanna obanna Sheághain. Do dhruid sé i ngár dóibh
láimh le Doire agus thug cath dhóibh. Bruighean gharg do b'eadh í, mar
do thuit a lán fear ar gach taobh, agus shamhluigh Seághan go raibh an
buadh leis, acht faire go bráth! féach an dream so ag teacht
aniar air — na Tír Chonailligh chruadha fá Ó Domhnaill do bhí i
gcómhnuidhe 'na choinnibh — agus briseadh ar Sheághan fá dheireadh.
Do dhruid sé leis ar gcúl go bealaighe Thír Eóghain ag
dranntan ar Sydney. Bhí se chómh neamheaglach soin, agus chómh
muiníghneach soin as féin go raibh faitchios ar na Gallaibh teacht
'na ghoire agus do ghluaiseadar ortha go Baile-atha-Cliath arís gan
puinn do bhárr a dturuis aca. "Cuirfead rian mo lámh ortha
fós," adeir Seághan. "Ní rachadh aithid aca ar n-ais muna mbiadh
na cuirpthigh sin i dTír Chonaill; tá sáithe beach annsoin atá am'
chrádh agus am' chealg le fada, acht bain an chluas díom, go múchfad
iadsan ar ball."
Caib. 10.
SGAMAILL AGUS BÁS.
Bhí Seághan go foluightheach 'gá ullamhúghadh féin agus ní raibh na
Sasanaigh 'na gcodla. Bhíodar ag cabhrúghadh le h-Ó Dómhnaill i
gan fhios, agus 'gá ghriosadh i gcoinnibh Sheághain. Aodh do b'ainm
de'n Ó Dómhnaill do bhí anois ar Thír Chonaill, mar cailleadh
Calbhach le déidheannaighe. Níor bh'fhuláir do'n triath nuadh so
éacht éigin do dhéanadh i dtosach a riaghla, mar ba ghnáthach le gach
flaith an uair úd. Bhris Aodh isteach go Tír Eóghain ar órdúghadh
na Sasanach agus do chreach sé an taobh thiar thuaidh di. Do dhuibh agus
do dhearg ag Seághan-an-Díomuis. Dar claidheamh gaisge Néill
Naoi nGiallaigh, díolfaidh Ó Dómhnaill as an gcosgairt seo!
Do chífá troightheacha agus marcaigh ag triall as gách áird fá dhéin
tíghe mhóir Bheinnboirb roimh eirghe gréine i dtosach na Bealtaine
ins an mbliadhain 1567. Chrom na coin mhóra ar uaill le teasbhach
ar theacht na sluagh, agus ag lútáil agus ag crothadh a n-earball, mar do
shíleadar go mbiadh seilg aca mar ba ghnáthach. Rith an fiadh ruadh
agus an mactíre i bhfolach ins na coilltibh mór-dtimcheall mar
shíleadar soin leis le tuigsint an ainmhídhe go rabhthas ar a
dtóir.
Ní raibh dúil i sealg ag Ó Néill an cor so, mar bhí deabhadh
air chum Ó Dómhnaill do thraochadh, agus do bhuail sé féin agus a
shlóigeachd trí mhíle fear siar ó thuaidh. Déarfadh daoine
pisreógacha go raibh na cága ag sgréachaigh ós cionn tíghe Sheághain-
an-Díomais an mhaidean so, agus nár chualaidh sé ceól na cuaiche
ná píobaireacht an loin duibh indiu.
"Nách dán iad na Tír Chonailligh seo, agus nách mór an truagh
dhóibh bheith 'gá gcur a slíghe a marbhtha," ar seisean, nuair do
chonnaic sé Ó Dómhnaill agus a bhuidhean bheag suidhte ar Árd an Gháire
ar an dtaobh thuaidh d'inbhear Súiligh i nDún na nGall.
Bhí an taoide tráighte as an inbhear agus do shílidh Ó Néill gur
gainimh thirm do bhí ann i gcómhnuidhe. Níor mhar sin do
Ó Dómhnaill. Bhí aithne mhaith aigesean ar an áit úd, agus do thoghaidh
sé í i gcómhair é féin agus a chuid fear do chosaint ar Ó Néill, mar
eirgheann an taoide go tiugh agus go h-obann annsúd.
Agus féach i n-achrann le chéile an sliocht do tháinig ó bheirt
mhac Néill naoi nGiallaigh — na Tír Chonailligh ó Chonall Gulban,
agus na Tír Eóghainigh ó Eóghan, é siúd do bhris a chroidhe le brón i
ndiaidh Chonaill nuair do marbhuigheadh an curadh soin.
Deirthear nách raibh aon fhonn bruighne ar Ó'Néill nuair do
chonnaic sé an sluagh beag do bhí ag Ó Dómhnaill 'na choinnibh, agus
gur bh'fheárr leis dá ngéillfidís, acht mar sin féin do bheartuigh
sé a chuid fear go cruinn agus do stiúraidh sé 'na ndreamaibh agus 'na
ndíormaibh tarsna an chuais fairrge iad. Thug Ó Dómhnaill fogha
feargach fá'n gcéad chuid do shroich anonn agus do bhris sé iad.
Muna raibh mórán fear aige, cait fiadhaigh do bh'eadh iad go léir.
Rinne sé mar an gcéadna leis an darna cipe calma. "Caith-
fear iad do chur as soin," arsa Ó Néill, agus do bhuail sé é féin ar
ceann cor capall, acht do phreab marcaigh Uí Dhómhnaill amach as
log air 'nós gála gaoithe, agus d'á fheabhas é Seághan-an-Díomais is
ar éigin do bhí sé 'na chumas cosg do chur leó. D'fhéach sé
timcheall air. Bhí cuid d'á dhreamaibh measgtha thré n-a chéile agus
a thuilleadh aca sgartha ó n-a chéile. Níor thuig Seaghan fáth an
mhearbhthaill go bhfeacaidh sé an taoide ag eirghe agus sgeoin ag
teacht ar a chuid fear, agus Ó Domhnaill le n-a bhuidhean laoch ag cur
ortha go dian. Níor mheath croidhe Sheághain ins an amhgar úd, agus
do chrom sé ar éirleach le n-a mharcaigh go fiadhain, agus ar dhul ar
chosanáirde annso agus annsud ag glaodhach ar a chinnfeadna a gcuid
fear do chóiriúghadh. Do ghnídh sé féin iarracht ar an sluagh do
bhailiúghadh leis i n-eagar chóir, acht ní raibh slíghe chum casadh aca,
agus bhí cuid aca go glúnaibh i n-uisge agus an taoide ag rómhar tim-
cheall ortha. Fir ó lár tuatha do bh'eadh a bhfurmhór. Tháinig
sgeóin níos mó ortha agus bhriseadar.
Báthadh agus marbhúigheadh trí chéad déag fear aca. Do b'é cath
deireannach Sheághain-an-Díomais é agus an tubaiste ba mhó do
thárluigh riamh dó. An méid a chuaidh treasna slán tar inbhear
mílteach Súiligh do theicheadar leo, agus do sgeinn a bhflaith suas
cois na habhann ag cuardach átha, agus dorn marcach leis. Do
theasbáin Tír Chonallach d'ár bh'ainm Gallchabhair ath 'san abhainn dó
dhá mhíle ó pháirc an bhualadh agus do thug Seághan Ó Néill a chúl
ar Thír Chonaill, allus air, a theanga agus a charbaill chómh te, tirm,
le sméaróid teine, agus cnap na sgórnaig le buaidhirt aigne.
Bhí Ó Dómhnaill agus a shár-fhir go meidhreach, agus a dteinnte cnámh
aca d'éis an bhuaidh, acht ní raibh fhios aca go rabhadar ag déanadh
oibre na Sasanach, obair do theip ar na Gaill sin ar feadh chúig
bhliadhna déag roimhe sin, gidh gur chailleadar na mílte fear agus
dhá mhilliún púnt chuige.
Cad do dhéanfaidh Ó Néill Uladh anois? Deir leabhar na
Ceithre Ollamhain go raibh sé éadtrom 'na cheann tar éis bruighne
Áird an Gháire, acht ní fuil 'sa méid sin acht cor cainte. Bhí an
curadh úd ró-aigeantamhail agus ró-láidir i gcroidhe agus a gcorp chum
cromadh ar phlubaigheal agus ar chneadaigh i dtaobh briseadh aon
bhruighne amháin. Ní raibh sé dá fhichead bliadhan d'aois fós agus bhí
misneach an leomhain i gcomhnuiche aige. D'iarr cuid d'á
oifigeacha cogaidh air géilleadh do Shasana acht níor bh'é sin intinn
Sheághain i n-aon chor. Sgaoil sé Somhairle Buidhe do bhí mar
chime aige le dhá bhliadhain, agus chuir mar theachtaire go Cloinn
Dómhnaill i nAlbain é ag iarraidh conganta ortha. Do ghealladar
dó í, agus ghnídh sé féin agus gárda marcach ionad coinne leo i
mBunabhann Duinne, i nAontruim. D'úmhluigheadar go talamh
dó agus ghléasadar féasda i gcábán fhairsing dó. Tháinig fear eile
ar an láthair leis, d'ár bh'ainm Pierce, brathadóir ó Elíse do
chualaidh cad do bhí ar siubhal ag Seághan. Ní fhuil aon sgribhínn
le fághail do dhearbhuigheann gur thug an captaen Pierce úd díol
fola do na hAlbanaigh, acht tá amhras géar ag gach úghdar air.
A Sheághain-an-Díomais, tá do ghnó déanta.
Deir do námhaide féin amhain, go raibh do lámh láidir mar
sgáth i gcómhnuidhe ag an bhfear lag, agus nách raibh gaduidhe 'ná fear
mí-riaghalta id' cheanntaraibh led' linn. Deir siad, leis, gur bh'é
do ghnáth gan suidhe chum bídh go mbiadh a sáith de'n fheoil do
b'fheárr, mar deirtheá, ag bochtaibh Chríosd, do chruinnigheadh ar dó
tháirsig. Acht tá deireadh led' fhéileacht agus led' ghaisge láithreach,
mar tá na hAlbanaigh go cíocrach ag cogarnaigh le Captain
Pierce ins an gcábán. Ní chloisfir uaill de chonairt agus ní lean-
fair an fiadh ruadh thre coilltibh cnó na Triúcha go deó arís. Ní
chloisfidh sluaighte Tír Eóghain do gháircatha níos mó, mar tá fiche
Albanach ar do cúl a gan fhios duit agus Pierce d'á ngriogadh gur
mharbhuighis a n-aithreacha i mbruighin Ghleanna taise. Preab id'
shuidhe ó'n mbórd soin a Sheághain-an-Díomais agus féach dia thiar
díot mar tá an tsleagh i ngiorracht órlaigh ded' dhrom leathan.
Agus liúghann an coirrliún amuich ar Shruth na Maoile, agus
briseann na tonna bána ar an dtráigh le fuaim cois Bunabhann
Duinne, agus teasbánann na daoine annsud carn cloch i log mar a
bhfuil Seághan-an-Díomais 'na chodla le breis agus trí chéad
bliadhan.
"Seacht mbliadhna Seasccatt cúic céd
Míle bliadhain is ní brécc,
Co bás tSeaáin mic mic Cuinn
Ó thoidhecht Criost hi ccolainn."
Thóg Pierce leis an ceann do b'áilne i nÉirinn agus baineadh an
t-éadach daor de chorp dícheannta Uí Néill. Fuair Pierce a mhíle
púnt mar dhíol ar an gceann ó'n mbainrioghain, agus buaileadh an
ceann caithiseach úd ar bhiorr ar an rinn do b'áirde ar chaisleán
Bhaile-átha-Cliath.
CRÍOCH.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11