Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra na mBróg

Title
Eachtra na mBróg
Author(s)
Ó Cadhla, Seán,
Composition Date
1918
Publisher
Mac Guill, M. H.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EACHTRA NA MBRÓG



AN CHEUD AICT



[Siopa beag tuaithe. Cúntar ann agus cupáin agus
soithighe in áirde air.]



Bean an Tighe: [ag abhrán] "A bhean an tighe shéimh, sín
do láimh amach chum an daill —"



Fear an Tighe: [ag teacht isteach] "Ó a bhean an tighe
shéimh" [ag aithris uirre] is maith tháinig do chaint
isteach. Do láimh do shíneadh, sin é athá uaim.



B. T.: Ní amhlaidh athá sí leóinte, go mbeitheá d'iarraidh
í shíneadh?



F. T.: I bhfad uainn an t-olc, ní h-eadh, acht sín chugham
luach péire bróg. Athá mé ag dul go dtí an mbaile
mór.



B. T.: Cad mar gheall ar an bpéire athá ort?



F. T.: Iad so? Sean-a-licdéirí, 'dé mhaith iad? Caithfe
mé dhíom iad chomh luath in Éirinn 's bheidh an péire nua
ceannaighthe agam.



B. T.: Ná fuil péire in áird' an staighre agat?



F. T.: Athá, maite, agus na buinn éirighthe uatha.



B. T.: Ó 'se nach neamh-chruinn an duine thú, ná fuightheá
do lapaí móra do chorruighe chum cúpla tiocóid do
bhualadh ionnta, nó greim do chur ionnta le ruadhog?



F. T.: Athá mé marbh agat féin agus 'ge do chuid ruadhog
's tiocóidí.



B. T.: Ná fuightheá fuireach go bhfairsingeóchadh an
saoghal orainn?



F. T.: Éist!



B. T.: Éist-se, a phlobaire amadáin!



F. T.: Dhera, thorm (tabhair dham) an t-airgead, a bhinín.
Niorbh' mór do dhuine bróig éigint a mbeadh deallradh


L. 4


uirre bheith aige, thabharfadh go dtí Aifreann Dé é, nó
'á mbadh dul go dtí sochraid bheadh sé, nó fós 'á mbadh
ar shráid baile móir duit é, badh ghráin leat bheith ró
lom ar fad.



B. T.: Ó 'se ní fhaca mé riamh do leithéid [Ag oscailt
an sparáin agus ag síneadh airgid chuige]. Seo,
imthigh leat anois agus ceannuigh iad, agus ná caith an
lá mar dhéineann tú i gcomhnuidhe, acht bí annso ins
an mbaile in am. Ó'n lá chonnaic mé thú, thabharfadh
súgán sneachta 'dtí an mbaile mór thú, agus ní thabhar-
fadh an saoghal amach as tú.



F. T.: Ó ní bheidh mé déidheanach, ná bíodh eagla ort.
Acht cogar, a bhinín. Atháim-se chum rud do cheannach
duit féin, agus tabhair-se an leabhar ná beidh tú mí-
bhuidheach díom.



B. T.: Mhuise, cad athá tú a rádh in aon chor? Nó cá
bhfuightheá-sa airgead chum aon rud do cheannach damh-sa
ná do aoinneach eile?



F. T.: Ó athá an t-airgead ann. Athá an t-airgead ann.



B. T.: Ní ag cuimhneamh ar bhitheamhaintigheacht do dheunamh
bheitheá?



F. T.: Ní h-eadh, mhuise. Sin rud nár dhein mé riamh,
buidheachas le Dia, mar ná fuair mé aon chaoi cheart
riamh ar é dheunamh, agus ní'l an chéird agam.



B. T.: Éist, a rógaire. Ag magadh fúm athá tú. Má
athá an t-airgead agat, 'dé chúis nár thug tú dham é chum
é choimeud?



F. T.: Ó athá mé d'iarraidh cuimhneamh ar rud éigin do
cheannóchainn duit chuirfeadh na smóilíní ag sclimpireacht
istig id' chroidhe. Ní'l sé socair agam fós. Acht fan
leat, a bhinín. Fan leat.



B. T.: Ó "fan leat, a bhinín" — Ó is ag fuireach bheidh an
bhinín — Imthig leat, a leamhsaire. Athá mé bodhar agat.



[Imthigheann sé. Iad araon ag gáire. Seasuigheann sí
ag an doras atá ar thaobh de'n stáiste.]


L. 5


B. T.: [Ag liúghraigh]. Bó-hó! Bó-hó!



F. T.: [Is ar éigin airightear a ghuth]. Cad athá uait?



B. T.: Fág an madra i do dhiaidh. Krangey! Krangey!
Ga' leith annso. — Fan annsin, a bhitheamhnaigh, agus bí
ag faire an mhacha dhúinn — [Ní'l an madra le feicsin.
Ag caint léi féin] — Masa, is ait an saghas duine mé.
Is é chuireann an "ga' leith annso" orm. Nuair
thugann sé "binín" orm, bím réidh d'aon iarracht.



[Deireadh an Cheud Aict.]



ÁN TARA H-AICT



[Áit a bhfuil port mór gainmhe ann. Faghtar bórd
agus bosca in áirde air agus seól nó brat caithte anuas
orra. Bíodh bosca agus cré nó gainimh ann, taobh thiar
de'n phort.]



F. T.: [ag feuchaint síos ar a chosa]. Masa is deas an
péire bróg iad. Fan go bhfeicfidh an bhinín iad. — Athá
mé marbh ag an mbrothall so. Sínfead siar annso.
Áit uaighneach is eadh é. Ní'l gabháil aoinneach ann.



[Síneann sé siar. Tagann beirt bhitheamhnach isteach.
Séideán le saothar orra. Atá tromán éigin i mála
aca. Stadaid taobh thiar de'n phort.]



An Cheud Bhitheamhnach: Buidheachas le Dia go bhfuaireamar
linn é. Nach trom athá sé?



An Tara Bitheamhnach: Ní fheadar cad athá againn?



An Ch. Bh.: Ní fheadar. Athá sé chomh maith againn é do
chomhaireamh. Bei' fhios annsin againn cad athá ann.



An T. B.: Mar a chéile na páipéir seo go léir. 'Dé
mhéid athá in gach aon cheann aca?


L. 6


An Ch. Bh.: [Ag comhaireamh. Airightear glór an airgid
'á chomhaireamh aige.] A h-aon, a dó, a trí, a ceathair,
a cúig, a sé, a seacht, a h-ocht, a naoi, a deich, a h-aon-
dheug, a dó-dheug, a trí-deug, a ceathair-deug, a cúig-
deug, a sé-deug, a seacht-deug, a h-ocht-deug, a naoi-
deug, a fiche. — Fiche! Fiche sobhran in gach aon cheann
aca.



An T. B.: 'Dé mhéid páipeur athá ann ar fad? Athá
deich gcinn annso agam-sa.



An Ch. Bh.: Agus deich gcinn eile annso. — Fan go réidh.
Atha a thuilleadh annso arís i mbun an mhála. Comhairigh
iad.



An T. B.: Masa athá deich gcinn 's dáfhichid de na páipéir
bheaga so ann, agus athá fiche sobhran istig in gach aon
cheann aca. 'Dé mhéid é sin?



An Ch. Bh.: Míle púnt.



An T. B.: Míle! Atháimíd tóicighthe le n-ár saoghal!
An Ch. Bh.: Masa, athá an mheirg dínn go deóidh. Bhí an
t-ádh linn an iarracht so, 'pé mar dheineamar riamh.
Acht cad dheunfaimíd leis? Nó cá gcuirfimíd é?
Dá dtabharfaimís linn anois é, 'chífeadh an dúthaigh
sinn.



An T. B.: 'Chífidís, mhuise, agus is minic d'airigh tú go
gcosnaigheann súil ní ná feiceann. Athá sé chomh mhaith
againn poll do dheunamh agus é do chur ann go bhfuigh-
míd amas ar é do thabhairt linn i gan fhios, agus ní
fearr áit ar domhan ioná an áit seo. Áit dheas chúlánta
is eadh é.



An Ch. Bh.: 'Seadh, mhuise. Athá an ceart agat. — Seó,
brostuig ort. Is fuiris poll do dheunamh annso, athá
an ghainimh bog.



[Airigheann Fear an Tighe ag deunamh an phuill iad,
agus ag á dhainginiughadh agus ag rinnce anuas air.
Atá sé ag leigint air bheith in a chodladh.]



An T. B.: Atá gach aon rud go maith anois. Siubhail leat.


L. 7


An Ch. Bh.: Fan go réidh. Ní fheadar an mbeadh aoinneach
annso d'aireóchadh sinn?



An T. B.: Dhera cia bheadh ann?



An Ch. Bh.: Mar sin féin, le h-eagla na h-eagla, cuar-
duighimís an áit.



[Téighid ag cuardach agus 'chíd Fear an Tighe sínte
cois an phuirt.]



An T. B.: Ó dar seó! Athá fear annso.



An Ch. Bh.: Má athá féin, ná feiceann tú go bhfuil sé in a
chodhladh?



An T. B.: Athá an ceart agat, acht mara bhfuil codhladh
trom air, b'fhéidir gur airig sé sinn. — Ní bheadh a fhios
agat. — Thiocfadh sé in a thaidhbhreamh chuige airgead do
bheith annso, agus nuair dhúiseóchadh sé annsin, b'fhéidir
go raghadh sé ag polladh fa n-a dhéin. — Acht 'neósa mé
dhuit cad dheunfaimíd. Bainfimíd na bróga dhe, agus
mara bhfuil codladh ceart trom air, dúiseóchaidh sé.



An Ch. Bh.: Déinimís é sin in ainm Dé.



[Bainid na bróga dhe. Ní chuireann sé cor as.]



An T. B.: [Ag bagairt le n-a shúil ar an mbitheamhnach
eile.] Dar fiadh, athá sé in a chnap.



An Ch. Bh.: Athá, masa. Athá sé in a shuan mharbh codhlata,
agus ní baoghal dúinn é.



[Cuireann an T. B. na bróga chuige sa mála. Imthighid
araon le deithneas. Éirigheann Fear an Tighe i gcionn
tamaill. Feuchann sé thimcheall air féin.]



F. T.: Athá siad imthighthe. — Dar fiailimín, míle punt!
Ceannochaidh me Watch dam féin agus póiní agus ceár
chum an bhinín do thabhairt go dtí an Aifreann Dé Domh-
naigh, agus má bhíonn sainnt chum bonnet uirre, cean-
nóchaidh mé ceann dí bheidh níos deise iona cailífleabhar.*
[Téigheann sé thimcheall an phuirt agus cromann sé ag
polladh.] Nach fada síos athá sé aca? — Ó dar fiadh! Ní'l


L. 8


dada ann. — Ca'il mo bhrogha? [Ag cuardach na h-áithe
thimcheall air.] Ó dar seó! Chum teacht ar na bróga
do cheapadar an obair ar fad! Athá siad imighthe aca.
Athá mé creachta ar fad anois. Cad dheunfaidh mé in
aon chor? Ó cad dheunfaidh mé? Ní bhfuighbhinn dul
abhaile mar seo i mo bhuimpéisí. Eulóchaidh mé liom
amach go dtí an mbóthar feuchaint an mbeadh aoinneach
muinighineach ag dul go dtí an mbaile mór a gcuirfinn
fios ar phéire bróg leis, agus mara mbeidh caithfidh mé
eulódh liom abhaile cois na gcladhthacha, agus dul i
bhfolach má chím aoinneach is na páircreacha. — Ó dar seó!
Dá bhfeicfeadh Seaán Pháid Neil, ná Tadhg Sheaáin na
nAsal, ná Siobháinín Cháit Sheumais, ná aoinneach eile
dhe na comharsain mé, dheunfadh sé giota fogha ar feadh
ráithe dhóibh. — Ó dar a bhfaca mé ríamh, athá mé im'
Chrochubhar anois aca go ceart. [Imthigheann sé.]



[Deireadh an Tara h-Aict.]


L. 7


AN TRÍOMHADH H-AICT



[An siopa beag ceudhna do bhí ins an cheud aict. Bean
an Tighe istigh. Tagann an bheirt bhitheamhnach go dtí geata
an mhacha. Nílid le feicsin ar dtúis. Atá mála ag an
tara bitheamhnach.]



Bean an Tighe: Dia 's Muire dhíbh. — Ní baoghal díbh an
madra. — Ní'l sé crosta in aon chor. Krangey!
Krangey! Buail síos annsin. — Ó ní'l sé malluighthe
in aon chor. Ní bheurfadh sé ar aoinneach, acht amháin go
n-aithnigheann sé gur strannséirí sibh. — Taigí isteach.



[Tagaid isteach.]


L. 9


An Cheud Bhitheamhnach: Masa, a bhean an tighe, is deas an
siopa beag cócaireacht athá annso agat ar thaobh an
bhóthair.



B. T.: Athá sé maith go leór, mhuise, dá mbeadh aoinneach
agam acht mé féin chum dada do dheunamh dham. Bím
an-uaigneach annso babhtaí.



An Ch. Bh.: Masa, is deas an áit é do aoinneach chum
teacht isteach ann. Cad dheurfá liom féin?



B. T.: Éist, a rógaire. Nach fada fós go mbeidh an
Inid ar chois againn?



An Ch. Bh.: Ó ní gábhadh fuireach 'aid sin.



An Tara Bitheamhnach: Masa, a bhean an tighe, má is
buachaill maith macánta, ciallmhar, stuideurtha, im-
shníomhach, dícheallach, dúthrachtach, athá uait, ná téighre
thairis sin.



An Ch. Bh.: Agus cad mar gheall ort féin?



An T. B.: Masa, ní'l baoghal orm. Maidir, le macántacht
agus cirteacht aigne, ní bhárrfadh an saoghal mé.



An Ch. Bh.: Ó 'se go deimhin féin, ní bhárrfadh.



B. T.: Ó 'se cad do chruinnig sibh in aon chor? Athá mé
marbh agaibh. Mara bhfuil sibh molta 'ge n-a chéile, ní
lá fós é! Dá mbeadh mo rogha ceann agaibh le bheith
agam, chaithfinn folacha do chur ar mo shúile, agus an
cheud cheann do bhuailfinn le bata do thógaint. — Acht
caithigí uaibh bhúr gcuid plámáis gan mhaith. B'fhéidir
gur greim le n-ithe do bheadh uaibh.



An Ch. Bh.: 'Seadh, mhuise. Acht is é an tart is mó athá
ag cur orainn. An mbeadh cupán té agat thabharfá
dhúinn?



B. T.: Athá, maite. Cupán deas té chuirfidh bhúr gcroidhe
in áirde is an feiliminte.



An Ch. Bh.: Ó go bhfágaidh Dia an tsláinte agat! Atháimíd
píopálta ag an mbrothall so. Is dócha go mbíonn
tarraint na dúithche ar an siopa beag so?



B. T.: Bíonn, mhuise. Acht ní thiocfaidh aoinneach indiu.


L. 10


Lá aonaigh is eadh é. Athá siad go léir ins an mbaile
mór.



An Ch. Bh.: [Leis an Tara Bitheamhnach] Siubhail leat amach
ins an macha go bhfeicfimíd an mbeadh aoinneach ag
gabháil an bóthar. — Leag uait an sean-mhála sin ag an
dorus, agus ná bí ag salachadh an tighe leis.



B. T.: Ó an drae pioc salachair dheunfaidh sé.



An Ch. Bh.: Is cuma sin. — 'Seadh, leag annsin é. Ní haon
mhaise ar an tigín é. [Imthighid amach ins an macha.
Cuireann sí an té i gcóir dóibh. Ní'l an teine le
feicsin. Atá sí taobh thiar de'n chúntar.]



B. T.: [Léi féin.] Beirt shleamhnánuighthe iad sin! Ní
fheadar cadé an saghas iad? Ní sclábhuighthe iad, agus
ní ceárduighthe iad, agus ní tincéirí iad. — Ó Dia linn,
feuch ar an madra ag smúsaíl agus ag luathgháir
thimcheall an mhála. — Buail amach as sin! — Ó Dia linn, cad
do bhí ar an madra? — Is gairid dam an bás nó is
cuid d'ár gcuid-ne athá ins an mála sin. Bitheamhnaigh
is eadh iad. — Is dócha go bhfuil an té seo tarrainghthe. — Ní
fheadar cad do bheadh ins an mála? Caithfe mé
cuimhneamh ar chleas éigin chum solus an lae do chur ar an
rud athá ann. — [Ag glaodhach orra.] Taigí isteach, a
fhearaibh. Athá an té i gcóir.



[Tagaid isteach.]



An Ch. Bh.: Is é sceul is fearr d'airigh mé ó mhaidin é.



[Suidhid chum búird. Líonann sí na cupáin dóibh.]



An T. B.: Bheirim don riabhach é mar chupán té. Athá
buaidhte aige.



[Iad ag ithe agus ag alpadh an-mhear.]



B. T.: Go sábhálaidh Dia sinn, ná bígidh ag alpadh mar sin.
Maoluighigí oraibh, maoluighigí oraibh.



An Ch. Bh.: Athá "maoluighigí oraibh" go maith, acht amháin
go bhfuil a mhalairt de phort ag Madra an Mheura 'stigh.
"Geuraighigí oraibh, geuraighigí oraibh" adeir sé.



An T. B.: Is é slogadh na lachan is fearr liom-sa.


L. 11


An Ch. Bh.: Ní bheinn ag cor m' fhiacla leis, acht buille 's
leath-bhuille do thabhairt dó agus é scaoileadh siar Bóthar
an Chionail.



B. T.: [Ag gáire]. Athá mé marbh agaibh!



An T. B.: Fan go mbeidh do chompánach dá thogha agat.
Sin é an uair bheidh tú marbh, mar ní bhei' fhios agat cia
'ca is fearr an Siota nó a Mháthair.



An Ch. Bh.: [Ag síneadh na spiúine chum an bhitheamhnaigh
eile.] An bhfeiceann tú an buachaill mín, mánta sin,
a bhean an tighe? Ní fhaca tú riamh aoinneach níos
cruinne ioná é thimcheall tighe. Chuirfeadh sé leacarán
nó píosa fé chorcán duit; bhainfeadh sé sugha fiche
bliadhan as an simné le pu' dá anál; agus dá dtuit-
feadh an píopán as an té-pot — i bhfad uainn an t-olc —
athá fhios aige plástara cheangalóchadh arís é.



An T. B.: [Ag síneadh na spiúine chum an cheud
bhitheamhnaigh.] An bhfeicheann tú an buachaill deas, diobhóidheach
sin, a bhean an tighe? Is é mhúinfeadh do phaidreacha
dhuit oidhche gheimhridh cois na teine. Tabhair-se an
leabhar ná fuil cloch ná caogad in easnamh ar a phaidirín
siúd; agus dá mbadh iad na cearca féin iad thabharfadh
sé soísceul dóibh chuirfeadh ar a leas iad.



B. T.: Ó leig dam libh! Athá mé marbh ag bhúr gcuid
leacarán 's píopán 's paidiríní 's cearca.



An Ch. Bh.: [Ag leigint air bheith dáríríbh.] Acht cogar, a
bhean an tighe. Strannséirí is eadh sinn-ne agus
b'fhéidir ná feicfeá go bráth arís sinn, acht aon rud
amháin chomhairleóchainn duit gan bacaint le haoinneach
acht an duine macánta.



B. T.: Mhuise, athá an ceart agat.



An Ch. Bh.: [Ag labhairt go diongmhálta.] An bhfeiceann
tú an crústa sin? [Ag tógbháil crústa aráin de'n;
mbórd.] Dá bhfeicfinn lua' an mhéid sin caithte ar an
mbóthar, ní bhacfainn leis.



An T. B.: Ní bhacfá, siúráilte.


L. 12


An Ch. Bh.: Ó ní'l aon rud acht an duine macánta!



B. T.: Ní'l. Acht ní fheadar mé cad athá ag teacht ar an
saoghal in aon chor. Thógadh sé cinn d' fheireóga
breághdha uaim indé, agus athá gach aon áit árd 's íseal
cuardaighthe agam acht ní'l aon phioc díobh le faghbháil
agam, agus athá mé ag cuimhneamh ar dul go dtí Aibhlís
na gCloch.



An T. B.: Is minic d'airig mé trácht uirre, acht ní fhaca
mé riamh í.



An Ch. Bh.: 'Dé an saghas í?



B. T.: Ó 'sé, bean feasa athá ar an mbaile seo.



An Ch. Bh.: [Ag gáire.] Cúis gháire chughainn! 'Dé mhaith
a leithéid?



B. T.: Éist, nár innis sí dham anurthaidh cá'r ghabh na
huibhe do bhí fé'n chearc guir agam, agus nár innis sí
do Pháidnín an Ghliodaire cia do bhí ag goid na dturnaps
uaidh agus nár innis sí —



An Ch. Bh. agus an T. B.: [Ag preabad in a seasamh
agus ag rioth go dtí an dorus.] Cia hiad so athá
ag teacht?



B. T.: [Ag rioth go dtí an dorus.] Iad sin? Iad sin?
[Ag briollacadh amach fa n-a láimh.] Iad sin? — Ó,
marcaig iad sin tháinig annso ó chiana. Athá siad ag
lorg bitheamhnaigh do ghoid rud éigin ó fhear bocht ar
maidin.



An Ch. Bh.: Ní bitheamhnaigh sinn-ne.



B. T.: Ó go sábhálaidh Dia sinn, ní headh!



An Ch. Bh.: Acht strannséirí is ead sinn, agus níorbh. mhaith
linn go mbeadh aoinneach 'nár gceistiughadh. An bhfuil
aon áit agat a raghaimís i bhfolach ann?



B. T.: Ó athá. Áit mhaith. Téigidh amach ins an scioból
sin amuigh. Athá punanna arbhair ann agus téigidh fútha,
agus b'fhéidir le Dia ná feicfidhe sibh.



An T. B.: [Le Bean an Tighe.] Ó 'sé, nár fhágaidh Dia
gan scioból tú an dá lá agus mhairfidh tú, ná do shliocht


L. 13


i do dhiaidh! Caith an sean-mhála so isteach fé'n chúntar
an 'aidh 's bheimíd amuigh.



B. T.: [Ag breith ar an mála.] Deunfad cheana.



[Riothaid amach agus scannradh orra.]



B. T.: [In a haonar.] Masa, is maith athá a fhios agam
cia hiad so athá ag teacht. Daoine is eadh iad athá ag
dul go dtí sochraid thar baile. Ní stadfaidh siad annso
in aon chor agus níorbh' mhór dam bheith go preabanta,
feuchaint cad athá ins an mála so. [Ag á oscailt agus
ag tógbháil na mbróg amach as.] Péire bróga nua!
[Ag feuchaint go geur orra.] Shin í an bhróig d'oirfeadh
do'n amadhán bocht so agam-sa. Má athá círín ar chirc
is uaidh do ghoideadh iad. Fágfaidh mé in áirde an
staighre iad agus tabharfaidh mé liom anuas an sean-
phéire athá ann agus cuirfe mé ins an mála iad. [Im-
thigheann sí de'n stáiste. Casann sí arís agus sean-
phéire bróg aici. Athá na buinn éirighthe uatha.] 'Seadh
anois, a bhitheamhnacha! [Ag cur an tsean-phéire isteach
ins an mála.] Crochtar duine gan seift. [Ag dul go
dtí an dorus agus ag glaodhach orra.] Taigí isteach.
Athá siad imthighthe, acht ná déinigí aon mhoill ar eagla
go gcasfaidís.



An Ch. Bh.: Ó 'se nár chasaid. — 'Dé mhéid athá agat orainn,
a bhean mhaith?



B. T.: Ó 'se, ní chuirfe mé oraibh acht raol.



An T. B.: Masa is é lua' raolaighe is fearr fuair mé le
fada dhe aimsir é.



An Ch. Bh.: Is é mhuise agus b'fearrde an cupán an láimh
fuair é.



B. T.: Éist, a bhladaire.



An Ch. Bh.: Ní éisteóchad, dá mbeadh 's mo bhás air. — Seo,
tabhair sannseáil scillinge dhúinn. [Ag síneadh
scillinge chúiche. Feuchann sí go geur uirre.]



B. T.: Ní'l aon sannseáil agam, agus dá mbeadh fhéin, an
drae pinginn thógfainn uaibh. Strannséirí is eadh sibh.


L. 14


An T. B.: Téighre amach go dtí ceann de sna comharsain
feuchaint an mbeadh an tsannseáil aici.



B. T.: Ó 'se, ní raghad.



An Ch. Bh.: Ó masa, caithfe tú dul.



B. T.: Ní chaithfead agus ní raghad. Athá siad go léir
ins an mbaile mór indiu. Strannséirí is eadh sibh agus
is deas an chuideachta sibh. Athá lua' na raolaighe de
gháire bainte agaibh asam ó thángabhar isteach chugham.



Am Ch. Bh.: [Ag gáire agus ag tógbháil na scillinge thar
n-ais uaithe.] Ó 'se, is tú an bhean bhocht is neamh-chlaoidhte
'chonnaic mé riamh. Is fearr dhúinn bheith ag imtheacht is
dócha. Má bhíonn aoinneach ag lorg díot mar gheall
orainn abair leó gur ar teicheadh ó'n chogadh atháimíd.



B. T.: Ó 'se, masa deurfaidh mé. Ní fearr teicheadh
dheunfá maran ag teicheadh ó mháthair do chéile do bheitheá.



An Ch. Bh.: [Leis an Tara Bitheamhnach.] Seo, buail chughat
an sean-mhála so. — [Le Bean an Tighe.] 'Dé an bóthar
thabharfaimíd orainn?



B. T.: [Ag dul go dtí an dorus.] Gabhaigí isteach
annsin thar an gclaidhe, agus tabharfaidh sé amach in áit
uaigneach sibh, áit ná fuil ann acht cnocáin agus puirt
mhóra ghainmhe. Fanaighí annsin go mbeidh an oidhche ann,
mar beidh na daoine ag casadh ó'n mbaile mór agus ní
muinighin díbh an bóthar go dtí sin.



An Ch. Bh.: Ó go bhfágaidh Dia an tsláinte agat!



An T. B.: Agus nár fheicidh tú lá ar an-áird an fhaid 's
mhairfe tú!



[Imthighid amach.]



B. T.: Go n-éirighidh an t-ádh libh! Go n-éirighidh an t-ádh
libh! — [Léi féin.] Riabhach a bhfeaca mé a leithéidí riamh!
Scilling bhréige do bí aca. 'Ar ndó, níor shíleadar
gurbh' í Cáit Óinseath do bhí aca? Agus do bhí sannseáil
uatha! Masa, athá mo chupán breághdha té imthighthe in
aiscidh aca, agus 'dé an díoghbháil acht an meascán
breághdha ime. Ó 'se, nár dhéinidh sé geir dóibh! — Acht


L. 15


is dócha nach fada go mbeidh an stracaire bocht so againn
fhéin chughainn anois. Tabharfa mé liom anuas na
bróga nua agus leagfa mé annso ar an gcúntar
iad. [Imthigheann sí de'n stáiste agus casann sí go
luath arís agus na bróga aici.] Nuair do bhí mé in
áirde an staighre dh'fheuch mé amach as an bhfuinneóig,
agus cad do-chífinn acht an pleidhce bocht lea' stig de'n
chlaidhe ar an taobh eile de'n mbóthar agus é ag glin-
giughadh isteach feuchaint an bhfuighbheadh sé snámh isteach i
gan fhios dam. Raghad in áirde an staighre arís agus
buailfead suas stranncán éigin chum go mbeadh a fhios
aige ná fuilim annso ins an siopa.



[Imthigheann sí. Airightear ag abhrán í: "Ó is
buachaillín fíor-óg mé —." Tagann Fear an Tighe isteach
agus é in a bhuimpéisí. Suidheann sé ag an mbórd.
Ní'l a chosa le feicsin.]



B. T.: [Ag teacht anuas an staighre.] Ó an tú sin? Sé
do bheatha abhaile! Ar cheannaighis na bróga?



F. T.: [Go háit-leasc.] 'Cheannaigheas.



B. T.: An oireann siad duit?



F. T.: [Go feargach.] Is fearr dh'oirfeadh cupán té dham
anois.



B. T.: Aigh-dhe! Léir i bhfad uait, maran deacair labhairt
leat tar éis do lae. Caithfidh mé dul d'iarraidh uisce.



[Tógann sí an canna agus imthigheann sí.]



F. T.: [Ag feuchaint thimcheall air féin.] Go gcuiridh
Dia ar mo leas mé, cad dheurfaidh mé léi in aon chor?
Nó 'dé an tosach chuirfidh mé ar an sceul so? Athá sé
chomh maith agam an péire eile athá in áirde an staighre
do chur orm, agus a súile do chosaint orra chomh maith
agus d'fheudfaidh mé. B'fhéidir go gcuimhneóchainn ar
rud éigin; is maith é Dia as so go maidin. [Éirigheann
sé chum dul in áirde an staighre. Do-chíonn sé na
bróga ar an gcúntar.] Ó dar fiailimín, is í an bhróig
cheudhna í do cheannuigh mé! [Ag á tógbháil in a láimh.]


L. 16


D'aithneóchainn ar an mbarra-scian í. [Cuireann sé air
iad. Seasuigheann sé ag feuchaint i leith an doruis.
Tagann Bean an Tighe isteach.]



B. T.: [Ag gáire agus ag feuchaint ar na bróga.] Ó
dail-leail, a fhir an tighe, ba luaithe an bhróig ioná
an choir!



F. T.: Mhuise cá bhfuair tú iad, in ainm Dé, nó cionnus
fuair tú teacht orra?



B. T.: Ní headh, acht cár chaill tú iad, in ainm Dé, nó
cionnus d'imthigheadar díot?



F. T.: [Ag suidhe síos.] Ó, a bhinín mo chroidhe, athá náire
shaoghalta tabhartha dham indiu. Athá fhios agat an áit
sin in a bhfuil na puirt ghainmhe?



B. T.: Athá fhios. Cad mar gheall air?



F. T.: Is ann do ghabh mé ag casadh ó'n mbaile mór dam.
Do bhí mé ag deunamh deithnis abhaile mar adubhairt mé
leat, agus do bhí tuairim agam go mbadh fhéidir go
mbeadh greim blasda le n-ithe agat dam leis an
dinneur —



B. T.: Do bhí mhuisc. Spriúnáin 's steótair.



F. T.: Acht do bhí mé tnáithte ag an mbrothall agus do
shín mé siar cois puirt, agus do bhí mé ag dúdarnaoil —



B. T.: Ó 'se dúdarnaoil mhaith ort!



F. T.: Agus d'airigh mé beirt ag chaint taobh thiar díom
mar do bheidís ag comhaireamh airgid. Míle púnt
adubhradar do bhí aca.



B. T.: Míle púnt! Ó moladh 's buidheachas le Dia, badh
mhór é a leath!



F. T.: Ó 'se éist do bheul, a bhinín, in ainm Dé dhuit, agus
leig dam mo chaint do dheunamh. — Ní beag liom mo
dhonacht gan tú-sa do bheith ag searbhas orm. — Acht do-
righneadar poll agus do chuireadar an t-airgead ann.
Do bhíodar chum imtheacht annsin, acht adubhairt ceann
aca "ní feadar an mbeadh aoinneach annso ag éisteacht
linn," agus do-chuadar ag cuardach na h-áite agus


L. 17


fuaradar mé fhéin sínte cois an phuirt. "Atha sé in a
chodhladh," arsa ceann aca," agus ní baoghal gur airigh
sé sinn." "Ní bheidh mé sásta," arsa an fear eile," go
mbainfimíd na bróga dhe, agus mara ndúiseóchaidh sé
annsin, beidh fhios againn go bhfuil codhladh ceart trom
air agus ná fuighbheadh sé sinn d'aireachtain in aon sórt
slighe." Masa, do bhaineadar na bróga dhíom, agus
níor leigeas dada orm. D'imthigheadar leó. D'éirigh
mé fhéin agus do-chuaidh mé fá dhéin an airgid, agus dar
ndó ní raibh aon phioc de le faghbháil agam.



B. T.: Dar ndó, ní raibh, ná na bróga nach a oiread.



F. T.: Ná na brógha nach a oiread. Is fíor dhuit é.



B. T.: Ó ní bhfuighbhinn gan gáire. Ó masa, is ag fuireach
leat do bhíodar. A leithéid de dhá chearrbhach!



F. T.: Agus cionnus do bhain tú dhíobh aríst iad? Nó
ar thángadar annso?



B. T.: Thángadar, i maite, agus a dteanga amuigh leis
an tart aca.



F. T.: Ó 'se, smeurthóid in a scórnaigh!



B. T.: Thugas cupán té dhóibh do bhíodar d'iarraidh scil-
ling bhréige do thabhairt dam ag coinne le bheith raol
ionam sa tsannseáil. Acht i masa, thugas-sa fa ndeara
nach airgead ceart do bhí aca, agus do leigeas orm ná
raibh aon rud uaim orra chionn gur strannséirí iad.
Dar ndó, ní raibh aoinneach ins an tigh acht mé féin agus
do bhí fhios agam go raibh na comharsain go léir as baile
agus ná beadh aoinneach agam chum mo pháirt do thógaint
dá raghadh an sceul chum achrainn againn. Mar sin,
adubhairt mé liom féin gurbh' é an rud b'fhearr a dheunamh
ioná an té agus an t'arán agus an meascán breághdha
ime do leigint leó ar ghrádh an réidhtigh.



F. T.: Acht cad mar gheall ar na bróga?



B. T.: Ó fan leat. Athá mé ag rioth tríd an sceul. — Do
bhí tromán éigin i mála aca agus do leagadar amuigh
annsin ag an dorus é. Thugas fa ndeara go raibh


L. 18


Krangey ag smúsaíl agus ag luathgháir thimcheall air,
agus arsa mise liom féin," is gairid dam an bás
maran cuid dár gcuid-ne athá ins an mála sin."



F. T.: Ó 'se, mo ghraidhin an coileáinín! Ní baoghal dó
an Márta.



B. T.: Do bhí mé ag cuimhneamh 's ag marana annsin, agus
ná feadair mé cad do dheunfainn, acht ba é toil Dé
go raibh marcaigh ag dul thar baile go dtí sochraid agus
do-chonnaic an bheirt chearrbhach iad. "Cia hiad so athá
ag deunamh i leith orainn?" arsa siad. "Ó daoine iad
sin," arsa mé fhéin," athá ag lorg bitheamhnaigh do ghoid
rud éigin ó fhear bhocht ar maidin." "Ní bitheamhnaigh
sinn-ne" arsa siad," acht strannséirí is eadh sinn,
agus ní maith linn aoinneach do bheith ag fiafraighe dhínn
'dé chúis ná 'dé chiall sinn, agus an bhfuil aon ait agat a
raghaimís i bhfolach ann?" Do chuireas amach ins an
scioból iad agus d'fhágadar an mála agam chum é do
chur i gcomhad 'dóibh. Is dócha go raibh eagla orra go
bhfuighfidhe aca é. Acht i masa, do chuardaigh mé an mála
agus fuair mé na bróga ann agus do chuir mé sean-
rudaí ann in a n-áit. Nuair do bhí na marcaigh tar éis
gabháil thar brághaid, do ghlaodhaigh mé amach orra, agus
thugadar leó an mála mar do bhí sé.



F. T.: Molaim! Is uathbhásach an sceul é. Is tú an
bhinín is cliste agus is geurchúisighe dá bhfuil ar an
domhan braonach.



B. T.: 'Mach leat as sin, a rógaire. — Acht i masa, athá
me ag á chuimhneamh ó shin, meireach go rabhamar chomh
deas, sitheóilte le n-a chéile go mbadh fhéidir go mbeadh
droch-amhras aca asam agus go n-oscalóchaidís an mála
feuchaint an mbeadh gach aon rud in a cheart ann. Acht
ní baoghal go n-oscalóchaid go cionn tamaill 'pé'r sa
domhan de. — Acht is maith an sceul ná raibh tú ag
éisteacht linn, a leithéid de phlámás 's do bhí aca! Do
thuit focal uaim i gan fhios dam agus adubhairt mé go


L. 19


raibh mé uaigneach — agus bím, leis, nuair ná bíonn tú
ins an mbaile —



F. T.: Ó-á!



B. T.: Agus ná raibh aoinneach agam dheunfadh dada dham,
agus do bhíodar ag luadh fir liom agus tabhair-se an
leabhar go rabhas leadúsach go maith.



F. T.: 'Dé an díoghbháil. Is maith do scar tú orra, acht
cad do chuir tú ins an mála?



B. T.: An sean-phéire do bhí in áirde an staighre agat.



F. T.: [Ag preabadh in a sheasamh.] Ó cabhair Dé chughainn,
a bhean, atháimíd creachta.



B. T.: Cad athá ort? Ar son Dé, cad athá ort? Nó
an as do mheabhair athá tú?



F. T.: Ó nach cuimhin leat an t-airgead úd a raibh mé ag
tagairt dó ar maidin? Nóta púint ba ead é agus do
bhí sé sáidhte isteach fá bhonn ceann aca sin.



B. T.: Ó go sábhálaidh Dia sinn! Mo léireacht féin do
chaill dúinn! Atháimíd in ár mbeirt Chrochubhar aca! —
Acht fan leat, fan leat, níor ith na cait an bhliadain
fós.



F. T.: Ó "fan leat, fan leat." Níor dhada liom an
míle púnt mar ní raibh sé riamh agam acht do bhí an
nóitín beag gleóite sin agam agus athá sé ar
chumaraighe an tsidhe-gaoithe anois agat.



B. T.: Éist, a mhaosánaidhe mhóir gan chiall agus leig dam
mo mharana do dheunamh. — Seo, éirigh agus téighre in
áirde an staighre agus tabhair leat anuas an dá chlóca
athá ar crochadh ann. Cuirfimíd orainn iad.



F. T.: Dhera, suidh síos ar an gcathaoir sin, a bhean, agus
ná bí go hait. Athá an púnt imthighthe agus ní bhfuighfear
go bráth aríst é.



B. T.: Déin mo chomhairle, adeirim leat. Agus faigh
píosa chórda agus cuir fa mhuineul an mhadra é. Tabhair
amach go dtí an scioból é agus cuir ar an mboladh é.
Athá tuairim agam cá bhfuilid.


L. 20


F. T.: Ag magadh fút fhéin athá tú?



B. T.: [Go searbhasach.] Ag magadh fúm fhéin athá mé!
Fan go bhfeicfidh tú. Leigfidh mé orm gur bean feasa
mé agus inneósa mé a thuilleadh dhuit ar a ball. [Téigh-
eann sé fa dhéin an dá chlóca. Cuireann B. T. clóca
uirre féin agus ceann eile ar Fh. T.] Masa, is deas
an cúirliún mná tú. — Krangey, Krangey. — Acht fan
leat. 'Chonnaic mé Máirín na bPortán ag caitheamh
amach sean-phéire bróg ar maidin. Le ceann dc na
páistí beaga ba eadh iad. Athá fhios agam cá'ilid.
Buailfidh mé chugham im' aprún iad. Ní fheadar tú 'dé
mhaith dheunfaidís. — Agus feuch, má 'chímíd na bitheamhnaigh,
cuir an madra abhaile, b'fhéidir go n-aithneóchaidís é.
Siubhail leat.



[Deireadh an Tríomhadh hAict]



AN CEATHRAMHADH HAICT



[Áit mar atá ins an tara haict. An bheirt bhitheamhnach
sínte cois puirt.]



An Ch. Bh.: Níorbh' mhór dúinn bheith ag cur dínn as an
dúthaigh seo.



An T. B.: Níorbh' mhór. An iomarca bitheamhnaigh athá
cheana ann agus ní fiú a rádh gur slighe mhaireachtain athá
againn in aon chor. — Nárbh' dheas an cailín í siúd?



An Ch. Bh.: Í siúd thug an té dhúinn?



An T. B.: Is í.



An Ch. Bh.: Masa, ní'l mé ag rádh dada in a coinne.
Cailín cruinn triopallach is eadh í, Dia 'á beannachadh,
mar a bhfuil an tsúil ró-gheur aici.



An T. B.: 'Dhe muise, ní'l. — Acht ar airigh tú cad dubhairt
sí mar gheall ar Aibhlís na gCloch?


L. 21


An Ch. Bh.: Cia hí Aibhlís na gCloch?



An T.B.: Ná cuimhnigheann tú ar an mbean feasa bhí sí
a radh?



An Ch.Bh.: Ó 'se leig dúinn le n-a leithéid. Nach simplidhe
athá tú?



An T. B.: Simplidhe? Ró-mhaith athá fhios agam go mbíonn
fios ag daoine.



An Ch. Bh.: Caint bhán do chaint-se, mar adeir na mná i
mBaile na nGall. Caint bhán agus dearg éitheach.



An T. B.: Is fíor í mo chaint-se, bíodh sí bán nó dubh. Ná
faca mé féin na gnótha sin? Nach cuimhin liom cad do
bhain do inghean deirbhshéir cáirdeas críost máthair mo
chéile? Do bhí sí ag bailiughadh mhuisiriún lá agus ag
teacht abhaile dhí, do bhí sí ag dul isteach beárna nuair
do braith sí mar do bheadh priocadh in a láimh chlé, agus
chaith sí tabhairt do'n leabaidh agus bhí sí an-thinn. Chuadh
go dtí Aibhlís na gCloch, agus d'innis sí dhóibh cad do
bhain dí. An sluagh do bhí ag gabháil an bheárna, agus do
bhí bean cnotála orra agus chuaidh ceann de na bioráin
cnotála in achrann in láimh an ghearrchaile seo. Agus
chomh siúráilte 's athá tú ad' luighe annsin ar do leath-
shliasda, fuaireadh an biorán in láimh an ghearrchaile.



An Ch. Bh.: Is mór an seó ná fuaireadh an stoca ann chomh
maith.



An T. B.: Ó feuch! [Ag síneadh a láimhe chum dorus an
stáiste.] Cia hiad so athá ag teacht?



[Éirighid araon in a seasamh.]



An Ch. Bh.: Is ait an deallradh athá orra siúráilte.



[Tagann B. T. agus F. T. ar an stáiste agus na
clócaí orra.]



An T. B.: Ní fheadar an nuns iad?



An Ch. Bh.: Éist, a bhreallsúin. [Druideann B. T. i leith.
Labhrann sí an-righin agus atá canamhain ar a guth.]



B. T.: Is ádhmharach an bheirt sibh! Is ádhmharach an bheirt
sibh!


L. 22


An Ch. Bh.: [Agus iongantas air.] Cia hé tú-sa, in ainm
na haimirléise?



B. T.: Aibhlís na gCloch thugann daoine orm.



An Ch. Bh.: Agus cia hí an bhadhb mhór sin athá it' fhochair?



B. T.: Húd í mo chompánach bóthair. Acht dá bhuirbeacht
í do chaint, adeirim aríst libh gur ádhmharach an bheirt sibh,
gur ádhmharach an bheirt sibh. 'Neósad-sa a thuilleadh dhíbh.
'Neósad-sa a thuilleadh dhíbh. Athá fhios agam cá rabhabhar
ar maidin indiu. Athá fhios agam cá mbeidh sibh
ar maidin i mbáireach. Is féidir liom-sa níos mó
ioná sin a 'nisint.



An Ch. Bh.: [Go feargach.] Dar fiadh, a bhean, mara
n-imtheóchaidh tú, ní imtheóchaidh tú glan. [Beireann an T. B.
air, ar eagla go mbuailfeadh sé í.] Ní'l do chuid feasa
uainn-ne. Níor thugamar aon ghéilleadh dod' leithéid
riamh agus ní thabharfaimíd duit-se é.



B. T.: Adeirim libh go mbeidh sibh in a chathughadh. [Labhrann
sí níos righne fós.] Mallacht ná rír (.i. oirbhíre) ní
thugaim díbh, acht an méid seo adeirim libh, má athá ball
nua le croiceann ná ar chois libh ná aon rud nua in bhúr
seilbh, guidhim-se caitheamh deich mbliadhna air.



An T. B.: Ná buail í! Ná buail í!



An Ch. Bh.: [Ag maolughadh.] Ní bhuailfead. Leig liom.
Ní measa-de dár sean-cheirte a cuid siúd guidheanna.
Siubhail leat. Óinseach is eadh í. Siubhail leat.
[Imthigheann sé de'n stáiste.]



An T. B.: [Ag oscailt an mhála.] Ó dar an donas!
Caitheamh deich mbliadhna ar aon rud nua athá in ár
seilbh! [Ag tógbháil amach na sean-bhróga agus ag
liúghraigh ar an mbitheamhnach eile.] Ó hó! Ó hó! Tar
i leith! Tar i leith! Corruigh, corruigh go mear go
bhfeicfidh tú iad! Athá diabluigheacht deunta aici!



[Casann an Ch. Bh. agus deithneas air. Feuchann. sé
ar na bróga. Preabhann sé chum B. T. do bhualadh.
Beireann an T. B. air agus é ag screuchadh "ná bain


L. 23


léi, ná bain léi." Tuiteann siad araon ins an iomaras-
cáil. Buaileann F. T. chuighe na sean-bhróga agus
leagann B. T. bróga an pháiste ar an mála in
a n-áit. Suidheann an T. B. anuas ar bhrollach an Ch. Bh.
agus sanntuigheann le n-a dhorn air.]



An T. B.: Imthighidh uainn! Imthighidh uainn! Ní beag linn
a bhfuaramar!



B. T.: Imtheóchaimíd. Do ghuidheas-sa caitheamh deich
mbliadhna ar aon rud nua do bhí in bhúr seilbh, agus
guidhim anois luigheadughadh trí huaire do dhul air.



[Imthigheann sí féin agus F. T.]



An Ch. Bh.: Éirigh díom. Athá mé traochta agat.



An T. B.: Ná dubhairt mé leat gan baint léi? Dá
mbuailfeá an uair sin í, bhíomar marbh. [Éirighid
araon.]



An Ch. Bh.: Cad dubhairt sí annsin fé'r imthigh sí?



An T. B.: Ní fheadar mé. Rud éigin mar "luigheadughadh
trí huaire do dhul ar an rud do bhí againn." — Ó dar
fiadh, feuch orra! [Ag taisbeáint na mbróg do'n
bhfear eile.] Tháinig a caint chum críche.



An Ch. Bh.: Athá mé dall ar fad aici. Ní fheadar cad
dheurfainn leis an obair seo. Athá sé ag dul os cionn
meabhrach ar fad orm. Masa, do bhain sí geit asam.



An T. B.: Ná dubhairt mé leat go mbíonn diabluigheacht
aca sin.



An Ch. Bh.: Adubhrais, acht leig dam mo mharana do
dheunamh. Athá mé tré n-a chéile ar fad im' aigne.



An T. B.: Níorbh' fhearr dhúinn rud dheunfaimís ioná
baint de na buinn as an dúthaigh seo.



An Ch. Bh.: Suidh síos annsin. — Ní'l buaidhte fós aca orm.
Bead-sa suas leó nó beidh an diabhal a chongnamh dhóibh!



[Deireadh an Cheathramhadh Aict.]


L. 24


AN CÚIGEADH HAICT



[An Siopa arís. F. T. agus B. T. ann. Atá saothar
orra. Baineann siad na clócaí dhíobh féin. Atá siad
ag gáire.]



F. T.: [Ag baint an nóta púint as an mbróig, agus ag
rinnce le háthas.] Feuch air féin! Feuch air féin!
Agus cia bhainfidh díom arís é?



B. T.: Feuch anois 'dé rud é inntleacht mná. Nárbh'
mhaith an gnó gur chuimhnigh mé ar na bróigíní beaga?



F. T. Ó se cia thug meabhair duit in aon chor? Ní
uaim-se fuair tú í?



B. T.: Ní fheadar tú nach eadh, agus má is eadh, is beag
an scríbisín d' fhágas i mo dhiaidh agat.



F. T.: Ó is fíor dhuit é. Acht cionnus do chuimhnigh tú
air in aon chor?



B. T.: N' fheadar i maite. Rud do rioth liom. Nuair
do bhí an bheirt sin annso indiu, do thrácht mé leó ar
Aibhlís na gCloch agus thugas fa ndeara go raibh ceann
aca ag tabhairt an-ghéilleadh dham, agus is aige sin do
bhí an mála. Do shíl mé go bhfuighbhinn é thabhairt i leath
taoibh ón bhfear eile ar chuma éigin, agus go bhfuighbhinn
é dhalladh, acht i maite b'fearr mar a thárlaigh. — Acht níor
innis tú dham fós cá bhfuair tú an nóta púint sin athá i
do láimh?



F. T.: Ó 'se, is gairid an mhoill orm é 'nisint duit. —
Nuair do bhí mé ag dul isteach go dtí an mbaile mór
athrughadh indé, do-chonnaic mé an ministéir agus do
ghlaodhaigh sé orm. Do bhí capall óg aige agus d'iarr
sé orm an capall do choimheud an fhaid 's do bheadh sé
ag dul isteach i dtigh. Dheineas sin agus thug sé leath-
choróin dam.



B. T.: Go maith, i maite.



F. T.: D'imthigh mé liom annsin síos an tsráid gur


L. 25


tháinig mé go dtí an pháirc in a mbíonn na buachaillí ag
tabháirt léime agus ag caitheamh an leath-cheud. Do bhí
scata aca istig ag á chaitheamh agus 'chuaidh mé ag feuch-
aint orra. Do bhí ceann aca níos fearr ioná an chuid
eile agus nuair do bhí an iarracht b'fhearr do bhí aige
tabhartha aige," Nach maith an iarracht í sin?" arsa fear
do bhí le m'ais liom féin. "Athá sí maith go leór,"
arsa mise. "An ndeunfá-sa níos fearr ioná é?"
arsa sé. "Dheunfainn," arsa mise. "Éist, a shuas-
ánaidhe," arsa sé," chuirfinn an bata siar i do bheul."
"'Dé an geall chuirfidh tú ná deunfad?" arsa mise.
"Dar fiadh, cuirfead a bhfuil agam, nóta púint," arsa
sé. "Ó ní'l agam acht leath-choróin," arsa mise. "Ní
shúghfad siar," arsa sé," cuirfead an púnt i gcoinne
na leath-choroineach." Do liúigh a raibh ann dó, chionn an
misneach do bhí aige. "Tuigí i mo láimh-se an t-air-
gead," arsa fear eile do bhí ann. Thugamar. Do bhain
mé iarracht as an leath-cheud, agus do bhí mé siar. Do
bhain mé iarracht eile as, agus is beag níos fearr do
bhí mé. Annsin do bhain mé dhíom mo chasóg agus mo
sean-bheistín agus d'iarr mé congnamh ar Dhia le
hanmain ar ghabh romham, agus i masa do chuireas
clíorálta amach thar an marc é. Acht cad dheurfá leis
an bhfear eile, nár shuidh sé síos ar chloch agus nár chrom
sé ag gol? An simpleóirín bocht! "'Dé an díogh-
bháil," arsa sé," acht athá bean an tighe tinn i mo dhiaidh
sa mbaile agus d'iarr sí orm buideul do thabhairt ón
dochtúir chuiche." Do dhruid an fear do bhí ag coimheud
an airgid anonn chughamh. "Caith chuige an leath-choróin,"
arsa sé liom," agus coinnig an púnt." Dheineas, agus
do bhí árd-áthás ar an bhfear bocht ná raibh sé salach ar
fad agam. — Acht an bhfuil a fhios agat 'dé rud é? Do
bhí an-dheallradh ag an mbeirt bhitheamhnach sin ó chiana
leis an bhfear do chuir an geall liom agus an fear eile
do bhí ag coimheud an airgid.


L. 26


B. T.: Ó Dia linn! Taisbeáin dam an nóta púint sin.



[Síneann sé chuiche é agus feuchann sí air.] Ó Dia linn!



Ó cúis gháire chughainn! Ó cá'r ghabh do shúile?



F. T.: Cad athá ort? Nach nóta púint é? Ná fuil na
figiúirí agus gach aon rud air?



B. T.: Ó Dia le m' anam! Caillfear le gáire mé. —
'Ar ndó, nóta bréige é sin. Sin saghas bhíonn ag lucht
siopaighthe ag trácht orra féin agus ar a gcuid earraidhe.
Ná feiceann tú na focail athá air? [Léigheann sí go
réidh é]:



"Mara bhfuil nóta púint fhéin agat,
Nár fada bheidh tú gan é.
Téighre go ti' Dhomhnaill uí Fhreachair,
Athá sé gairid go leór do'n Ché.
Gheóbha tú culaidh bhreághdha eudaigh ann
Agus bleabhas 1 do bhean do thighe shéimh,
Agus fiche slat baifeití,
Do thi' Dhomhnaill bheirim-se an chraobh."



Ó Dia linn! Cad dheunfaidh mé in aon chor! Athá
greim im' chliathán agat féin agus ag do phúnt.



F. T.: Ó 'se nár éirighidh acht an t-ádh le Domhnall ná le
n-a chuidh bleabhasanna agus baifeití! Nach bocht an
cás dam é mo leath-choróin do bheith imthighthe uaim mar
gheall air féin agus a chuid cóireacha catha. Ar mh 'fhalaing
fhéin go raghad-sa anonn chuige agus go gcuirfead in iúl
dó é.



B T.: Éist, a phlobaire, 's ná bí ag deunamh Seaán-a-
Boghludha dhíot féin. [Ag rioth go dtí an dorus agus
ag labhairt le buachaill lea's'muigh.] A Bhillí! A Bhilli!
[Airightear duine éigin ag freagairt, "É?"] Buail ag


L. 27


dorus Eilinín na Stocaí agus abair leis na fearaibh go
léir athá istig ann teacht agus fuireach annso thimcheall
an mhacha agus gan cniug do bheith asta, go bhfuil dhá
stracaire ag teacht agus iad do dhíbirt as an dúthaigh
seo dhuinn, acht gan iad do ghortughadh. [Airightear an
freagra," Ó hó! Athá go maith."]



F. T.: Dhe mhuise, cad athá ort anois!



B. T.: Is maith athá a fhios agam cad athá orm. Ní'l aon
rud ró léir do'n bhfear do chuimhnigh ar an gcleas sin
chum na bróga do bhaint díot. Beidh sé ag cuimhneamh
agus ag marana ar an obair seo d'iarraidh é do thuis-
ceáilt, agus dheurfainn ná stadfadh sé go dtuigfeadh
sé fios, fáth gách aon chor do chuireas díom, agus ná
beidh sé sásta imtheacht leis gan teacht annso an cheud
uair feuchaint cia athá sa tigh agam.



F. T.: Masa, má thagaid annso, cuirfear an bata
rámhainne abhaile go maith orra.



B. T.: Ní chuirfear, ná aon saghas bata abhaile orra. Ní
cheadóchainn go mbainfeadh dada dhóibh, a ghreannmhair-
eacht atháid. Ní'l uainn acht iad do scannrughadh as an
mbaile seo.



F. T.: 'Seadh. Iad do chur anonn go Cill Ghobnait, is
docha.



B. T.: Ó 'se, bíodh gach aoinneach ar a shon féin. Ní
rugadh an bitheamhnach fós do bheadh in iúl do'n treibh sin.



[Téigheann sí go dtí an dorus, agus feuchann sí amach.]
Masa athá na fearaibh go léir thall annsin fa an tor.
Beidh an-spórt aca-Éist, ná labhair leó. — Má athá na
bitheamhnaigh chum teacht, ní dheunfaidh siad an oiread
glóir le cat.



F. T.: Is dócha go bhfuil na fearaibh go léir ann?



B. T.: Éist! Shíl mé gur airigh mé rud éigin. — Ó athá
siad go léir ann, Seáan Pháid Neil, Tadhg Sheaáin na
n-Asal, Seumas na Smuilce, Micil an Charabhait agus
an guna bata aige agus na bholuintírí go léir.


L. 28


F. T.: Cá'il mo phíopa?



B. T.: Na bac leis go fóill. Athá sé in áirde an staighre
ag coimheud suas na fuinneóige.



F. T.: Ó cabhair Dé chughainn, a ghearrchaile! B'é sin an
gnó fuair tú dhe?



B. T.: Ó cabhair Dé chughainn, a gharsúin! 'Sé.



F. T.: Dar fiailimín, má thagann ar an gcírín nua
cheannuigh tú an lá fa dheireadh, beidh do chuacha gan cíoradh
agat, a bhinín —



B. T.: Éist go réidh!



F. T.: Éist! 'N airigheann tú dada? [Preabaid in a
seasamh agus iad ag liughraigh.]



B. T. agus F. T.: Athá siad ag an bhfuinneóig!



B. T.: Krangey! Krangey! Hurrus! Hurrus!



[Airightear daoine ag liughraigh lea' s' muigh. Riothann
B. T. agus F. T. amach an dorus.]



Deireadh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services