BEAN AN LEASA
Tá feirm mhór i gCiarraigh, gairmthear Cúm
Luimne uirthe. Tá dhá mhíle acra nó níos
mó ins an bhfeirm úd. Gleann innte féin
is eadh í — cnuic árda 'na timcheall, mar a ngnáthuigh-
eann an madadh ruadh, an fiolar, an fiach dubh is an
seabhac.
Tá srutháin innte 'gá stealladh féin le fánaidh
imeasg failleacha, agus abha ghlórach ghargach ag snámhadh
is ag sníomhadh tré n-a lár. Currach ar aon taobh
amháin di, agus bóthar ar imeall an churraigh, agus na
sléibhte ar gach taobh eile dhi.
Anois is arís do thógadh bean nó fear tar lear
an fheirm úd ar chíos acht ní choingbheochaidís í acht a
dó nó trí de bhliadhantaibh.
Deirthí go raibh mí-ádh éigin ar cheann na feirme.
Deireadh daoine baotha go raibh samhail éigin d'á
feicsint ins an tigh slinne atá curtha suas 'na lár.
Deireadh daoine ciallmhara go raibh sí ró-dhaor agus go
gcreachfadh sí gibé duine do thógfadh í.
Acht aon nídh amháin, bhí sí i n-áirde ar feadh
tamaill mhaith aon uair amháin gur casadh bean óg
ins an tslighe, agus do thóg sise an fheirm go tapaidh.
Bean chaol árd do b'eadh í. Bhí sí dathamhail go
leór, acht deireadh caile gan tuigsint annso is
annsúd go raibh faobhar 'na radharc do chuirfeadh
faithcheas ort, acht ní chreidfeadh na fir óga an chúl-
chaint seo ar aon chor.
Do cheannuigh an bhean óg sgata breágh caorach, agus
do b'é Cúm Luimne an áit do chuirfeadh bléin
reamhar mhaoth ar an gcaoirigh. Do leig sí amach
fá'n gcnoc iad agus tréadaidhe 'na bhfeidhil. Chonnairc
sí fá n-a súil féin go mórdhálach a machaire bó d'á
gcrúdh ag ceathrar ban.
Bhí trusgán tighe aige go fulúirseach, idir Leap-
thacha, iomdhaidhe, bosgaidhe, cómhraidhe is cathaoireacha,
agus 'na theannta sain gach saghas uile bhídh agus dighe
bhiadh ag teasdabháil i dtigh.
Ba ghnáthach léi féin bheith i bhfeidhil na mbó,
slaitín taithfhéilinn 'na láimh aice, leabhar fá n-a
h-asgaill aice, agus cú chíocrach chómh h-árd le bromach
le n-a cois.
Ba ghnáthach léi seasamh ar bhárr faille agus féach-
aint timcheall uirthe ar na cnocaibh.
Bhí radharc chómh géar sain aice gur bh'fhéidir léi
na caoirigh do chómhaireamh imeasg na mbeann agus an
t-aodhaire d'fheicsint ar sgáth faille, nó ar a thárr
i n-áirde ar phlás mhín ar bholg an chnuic.
Ní raibh aon fhear ar an bhfeirm seo acht amháin
an t-aodhaire, agus do b'éigean dó-san a bhóthar do
thabhairt air gach tráthnóna d'éis na gcaorach do
mhachughadh, agus dul chum codlata go teach cómharsan
tar teórainn na feirme. Do b'éigean do na
cailíníbh aimsire an rud céadna do dhéanamh, acht
amháin an bhean bhainne, agus do chodladh sí sin i
seómra uachtarach an tighe.
Is annamh do labhradh bean an tighe chuice. Do
b'é gnó na mná bainne gach oidhche, coinneal ar las-
adh do bhualadh ar bhórd i lár an urláir cois an
iomdhaidh, peiliúr nó adhairt do chóiriughadh ar cheann
an iomdhaidh, braitlín is cuilte do leathadh air agus gan
aighneas níos mó do chur ar mhnaoi an tighe.
"Is greannamhar an bhean í," ar an bhean
bhainne, "ní labhrann sí gíog chugam, beag nach;
rinneas mo lán-dícheall chum cómhráidh do chur uirthe
is doidhche acht níor bh'aon mhaitheas dam é. Dubhairt
sí liom aon uair amháin, le geit, gur cheannuigh sí
an fheirm seo i gcómhair bráthar di atá ins na
h-Indiachaibh Thoir i gcás go mbeadh áit cómhnuidhthe
aige nuair do thiocfadh sé a bhaile."
"Is breágh an bhean í, muna mbeadh an dá shúil
úd aice," ar ceann eile de na cailíníbh.
"Tá sí macánta mánla, agus ní dóigh liom go
marbhóchadh sí sgiathán leathair," ar an bhean bhainne.
"Cad is ainm do, ámh?" ar an cailín eile.
"Ní fheadar 'on domhan bhraonach, acht glaodhaim-se
"Bean an Leasa" mar leasainm uirthe, gidh gur
mór an náire dhúinn bheith ag cúl-chaint uirthe, mar
tá sí ciuin carthannach go leór."
II
"Bail ó Dhia ar an obair, an bhfuil bean an
tighe ag baile?" ar beann siubhail leis na cailíníbh.
Leis sin do tháinig "Bean an Leasa" amach 'san
dorus. D'fhéach sí ar an mnaoi shiubhail, leig an
uillphéist chon le 'n-a cois amhastar lán-ghlórach
aiste, chuir sí colg uirthe féin, is d'éirigh an fionn-
fadh ar a muineál.
"Faol! luigh síos go déadhair," ar Bean an
Leasa. Níor chuir an chú suim innte, agus leig sí
glam eile aiste.
"Luigh síos, adeirim leat! ná bíodh eagla ort,
a bhean bhocht."
Níor leig an chú uirthe gur chualaidh sí í. Chuir
Bean an Leasa a lámh 'na brollach, tharraing sí
úirlis teineadh amach as, agus sgaoil sí piléar
tré chroidhe na con. "Múinfead-sa dhuit an neamh-
shuim do chur im' chuid aighnis!"
Bhuail sí slaitín fá n-a h-asgaill i dteannta an
leabhair is bhuail sí amach fá'n gcnoc go mín
mánla, mar ba ghnáthach, gidh go raibh crádh croidhe
uirthe gan fhios. Bhí an bhean bhainne ar baillichrith.
"Seadh anois, nách deas an bhean óg í!" ar
cailín na gcearc.
"Dar so 'gus súd," ar an bhean bhainne, "ní
h-ionntaoibh bheith na cuideachta; a leithéid sin de
ghníomh ní fhacathas riamh! Sgeinnfead as an dtigh
seo láithreach."
"Ó, ní gábhadh dhuit sin," ar cailín na gcearc,
"gheobhair marcaigheacht bhreágh as."
"Marcaigheacht, an eadh?"
"Seadh go díreach, ar ghuailnibh fear, cumhdach
deas cluthmhar ort, is mathshluagh ad' thionnlacan."
"Ó, a Rígh na bhfeart! sin í mo shochraid, a
chaile gan truagh gan trócaire," agus do phléasg an
bhean bhainne ar ghol. Bhris tríthidhe gáiridhe ar
chailín na gcearc.
"Duine a' gol is duine a' gáirídhe, is sean-
fhocal é," ar aodhaire na gcaorach ag triall isteach
'sa mhainreach chuca. Chuir sé cluas air féin fad
do bhí an bhean bhainne, idir a deoraibh, ag tabhairt
tuairisge báis na con is feirge na mná dhó.
"A bhean gan chéill," ar seisean, "ná bíodh
eagla ort roimpe, déan rud uirthe, déan do ghnó
mar dheinim-se agus ní baoghal duit í."
"Acht ní chuirimíd piléir i ndroch-mhadraíbh;
tachtamaoid iad!" ar an bhean bhainne.
"B'fhéidir é, b'fhéidir é," ar an t-aodhaire
ciallmhar, "ná bí 'ar mbodhradh mar gheall ar
mhadraidhibh; is ionann bás le piléar is bás le gad.
Teasduigheann sgiobas bainne uaim; tá íota orm."
"Acht ní fhéadaim é chur as mo cheann," ar an
bhean bhainne.
"Is ait an bhean tu. Thuill an chú a bhfuair sí,
is dócha, agus is cuma liom caidé an saghas báis gheibh-
eann a leithéid siúd do mhadra; níor thaitn sí liom
is níor thaitneas léi. An bhfeacbhair an colg do
chuir sí uirthe féin, nuair do chonnairc sí ag triall
tarsna an mhachaire me?"
"Ó, shaoileas gur ar an mnaoi shiubhail do bhí
an chú ag amhastraigh, agus shaoil an mhaighistreás leis
é," ar an bhean bhainne.
"Go deimhin is go dearbhtha," ar cailín na
gcearc, "ní mar sin damh-sa, mar chonnarc an firín
buidhe casta so ag gabháil chugainn i leith."
"Ó, go raibh maith agat, a bhean óg áluinn,"
ar buachaill na gcaorach. Fuair sé an deoch agus
d'imthigh sé i bhfeidhil a ghnótha.
Bhí Bean an Leasa fá'n am so suas imeasg
mhullach na gcnoc, go canncarach buaidheartha i
ndiaidh na con cuthaigh ba ghnáthach bheith le n-a h-ais
agus do chodladh gach oidhche 'gá cosaibh.
"Tá cith chugainn," ar an bhean óg, nuair do
chonnairc sí an caipín ceoigh ar Mhullach an Aitinn.
Ní raibh uirthe acht brat éadtrom agus d'iompuigh sí i
leathtaoibh ar sgáth faille nuair do chonnairc sí an
raisde ag séideadh timcheall an mhullaigh. Thárla
gur bhuail rábaire fir léi, sínte go suairc cois
na faille. Phreab sé 'na shuidhe go béasach is
d'umhluigh sé dhi.
"Suidh," ar sise; "suidhfead féin; táim tuir-
seach tar éis an turuis seo i gcoinnibh an fhaobhair."
"Is beag an iongnadh sain, a bhean uasal," ar
an fear, "tá na cnuic seo árd uaigneach."
"Ó, i dtaobh an uaignis, ní ghoilleann sé sin
orm, do mhairfinn go deó imeasg na gcnoc so; féach
an mhuir mhór laistiar dínn, agus beann ar beann las-
tuaidh."
"Tá aithne mhaith agam ar gach beann aca, táid siad
an-bhreágh, acht is deacair cíos do dhíol asta," ar an fear.
"Do h-oileadh thu 'na 'measg, is dócha?" ar sise.
"Is amhlaidh é," ar seisean.
"Ní rabhais riamh as a radharc?"
"Ní rabhas."
"Is sonaidhe suairc í do bheatha."
"Is eadh, 'gus ní h-eadh."
"Cá gcómhnuidheann tú?"
"Imeasg na sionnach."
"Cad is ainm duit?"
"Seaghán an áir do thugaid siad orm."
"Is ait an ainm í," ar sí.
"Ní gan fáth do fuaras í, acht aon nídh amháin,"
ar sé go meidhreach, "buachaill bán is eadh mé,
méirleach, mar adéarfá, do bhris gach dligheadh chum
a thoil féin d'fhagháil."
Thug an bhean óg preab, agus d'fhéach sí air go
géar.
"Mar sin féin, ná bíodh eagla ort-sa rómham;
ní dheinim feall ar mhnáibh, ní mó ná rinneas fuil-
iughadh ar fhearaibh gan fáth. Cuireadh as mo sheilbh
mé, agus as mo mhaoin shaoghalta, agus ní rún a rádh gur
bhaineas gé asta i n'ionad sain go minic."
Bhí sí ag féachaint air go cruinn.
"Ná bíodh eagla ort-sa ar a shon sain."
"Eagla!" ar sise, "geallaim dhuit nach bhfuil,
'ná droch-mheas agam ort leis; b'fhéidir gur thuill-
eadar an t-éirleach d'imris ortha."
"Dar mo bhaiste, a bhean óg, gur mór liom thu,
d'éis an fhocail sin," ar an buachaill bán, ag
lasadh suas le h-áthas.
"Cad do ghlaodhaid siad ar an loch úd ins an
ngleann lastoir dínn?" ar sí.
"Loch Brain is ainm di, agus atá cú innte chómh
h-árd le bromach," ar seisean.
Chuir an bhean óg a lámh féin ar a cliabh agus chuir
sí osnadh aiste.
"Bhí cú agam-sa chómh mór le bromach, leis, acht
níor chodail sí riamh fá uisge, agus níor chualas riamh
is ní chreidim gur chodail aon chú eile fá uisge."
Bhí an sgéal ar bhárr a bhéil ag an mbuachaill
mbán mar d'fhaisnéigh sé go minic é.
"Ó, tá an chú úd fá dhraoidheacht, tá fíos agat;
Bran is ainm di. Tá an sgéal fíor, agus atá an
cisde úd i bhfolach i Loch Mhucrois; dabhach óir is
eadh í, trí troighthe cómhchruinn, lán d'ór go bruach;
ní fhuil sí acht fiche troigh fá uisge agus measaim nach
bhfuil sí acht fiche troigh ó imeall an locha."
"D'innis seanchaidhe dham é i gCromaghleann. Ní
leigfeadh eagla d'éinne an dabhach do thógbháil, ó tá
Bran is Sgeólán 'na gcodladh gach re n-oidhche
uirthe. Creidim go ndeachaidh máirnéalach Sacsan
síos fad ó; bhí Bran 'na Lúib ar chumhdach na
daibhche, agus cuireadh a leithéid sin do sgannradh ar an
máirnéalach gur chaill sé a chiall. Dá mbeadh an
t-ór úd agam-sa, do bhainfinn sult as an saoghal,
agus cuirfead fúm fós an dabhach do thógbháil."
"Is deas an sgéal é, acht ní fhuil ann acht
sgéal," ar an bhean óg.
"Má tá uisge i linn, tá an dabhach annsúd."
"Cia chuir ann í?"
"Seo mar do bhí sé," ar an fear: "I n-aimsir
Fhinn mhic Chumhaill, bhí imreas idir an t-áirdrí
Cairbre agus na Fianna. Bhí Osgar agus Cairbre
ag sanntughadh a chéile, mar do-chífeá dhá tharb
buile ag cur púic ortha féin ar tí cómhraic. Bhí
Oisín glic, agus bhí a fhios aige, dá dtiocfadh léo bruigh-
ean do ghabháil, gurab í sin an t-ár ba mhó d'á
bhfacathas riamh roimhe sin 'ná do bheadh go deo arís.
Leis sin do bhailigh sé maoin na Féinne idir ór is
seóid, agus do bhuail sé isteach i ndabhaigh óir í, agus do
chuir i bhfolach í i Loch Mhucrois. Chuir sé fá bhear-
taibh cruadha Bran is Sgeólán an dabhach d'fhaire
go dtagadh sé féin nó Osgar d'á h-iarraidh ortha.
Chúm sé leath-bheann agus sid í í:-
"Annsúd a chuireamar í i bhfolach
Mar a dtéidheann an Léin 'sa loch!"
Ba gheárr 'na dhiaidh súd gur leagadh an Fhiann go
léir i nGabhra Mhór agus gur éaluigh Oisín le Niamh
Chinn air go Tír na n-ag; agus níor tháinig seisean
'ná Osgar ag éileamh an chisde fós ar Bhran."
"Fáithsgéal áluinn is eadh é," ar sí.
"Sin mar adeirthear, acht ar a shon sain tá
fhios ag gach duine go bhfuil an tuairisg fíor acht
ní leigfeadh eagla dhóibh dul fá dhéin na daibhche úd,
gidh go gcreidid siad go bhfuil sí ann agus an chú 'gá
faire. Dá mbeadh oiread agam-sa is do cheannóch-
adh téada is dhá chapall, do bheadh an dabhach agam
fá'n am so."
"A mbás, ní choingbheochadh cú dabhach óir uait;
acht ba chóra dhuit a fhios a bheith agat ar dtúis an
bhfuil an dabhach ann, sul a ndéanfá cuma do cheap-
adh le n-a tógbháil."
"Measaim go bhfuil ciall is éifeacht leis sin."
"Taisbeán damh-sa an áit," ar an bhean óg,
"agus beidh a fhios agam an bhfuil an dabhach ann."
III
Oidhche Bhealtaine bhí fear agus bean ag triall
tarsna Chromaghleanna, slaitín fá asgaill na mná,
agus sleagh i láimh an fhir agus máilín leathair ins an láimh
eile aige. Bhíodar araon caol cumasach fuinte
féithleógach; brat liath ar an mnaoi agus falluing
chrón ar an bhfear. Chuir fiadh búithreadh as ins an
gcoill le n-a dtaobh agus d'fhreagair fiadh eile é as
na coilltibh thall.
"A Sheagháin an áir, an fada uainn an Léin?"
ar an bhean uasal.
"Ní fada, a bhruinneall óg na gcraobh," ar
Seaghán, "sin é Cnoc Tuirc ar d'aghaidh amach agus
briseann an Léin as a ghualainn."
"An gcloiseann tú anois í? tá a guth go bog binn;
is minic d'ólas bolgam ionnfhuar d'á fíor-uisge."
D'fhéach an bhean óg go cruinn ar an sruth,
d'fhéach sí ar an loch; bhí an lá ag éirghe, ceó bán
'na shlaodaibh ar an uisge, súilíní drúchta ar dhuill-
eabhar na gcrann, agus an Léin ag crónán go
glórach imeasg na mion-chloch is na gainmhe, mar do
bhí sí fad ó nuair do chuir Oisín na Féinne an
dabhach 'sa' loch.
"Annsúd a chuireamar í i bhfolach mar a dtéidh-
eann an Léin 'sa loch," ar an bhean; "Tabhair dam
an máilín sin," ar sise. "Tá cúilín cupógach cais-
searbhánach in dtaoibh thiar do chrann agus dhein sí air.
Chaith sí dhi an brat liath, d'fhill sí a gruag ar
a cúl agus bhuail sí coidhp chúinneach uirthe, agus annsain
ghléas sí í féin i gculaith shnámhaidhe de shróll
shleamhain. Bhí a leithéid d'athrughad uirthe ar teacht
ar n-ais gur shuarach nár imthigh sí as aithne Sheagháin.
"Rachad-sa leat," ar sé.
"Maiseadh," ar sí, "gheobhair bríste anairte
ins an máilín; brostuigh ort."
Do phreab an bheirt 'sa loch, shnámhadar amach,
thumadar iad féin.
"Lán duirn do ghrean an íochtair," ar an bhean
óg. Chorruigh an t-uisge ós a gcionn. I gceann tam-
aill chuir Seaghán, agus é leath-mhúchta, a phlaosg mór
ciardhubh ar bárr, agus d'fhéach sé timcheall air. Fá
cheann nóimit eile, do tháinig an bhean ar bárr chómh
héadtrom le lacha.
"Ar bhuail aon nídh leat?" ar an tumaire áluinn.
"Ní fhacas dadamh," ar an fear, agus do thaisbeán
sé an dorn grin di.
"Iarracht eile níos sia amach," ar sí. Tháinig
an fear an bárr arís níos túisge 'ná í agus d'fheach
sé i bhfus is tall.
"Dar Muire," ar seisean, "tá sí báidhte, ní
fhanfadh lacha fhiadhain fá uisge an fhaid seo!"
Chorruigh an t-uisge i ngearracht dó nó i dtrí
shlataibh dó agus bhrúcht mion-thonn ar sgreamh an locha,
síneadh lámh mhín gheall aníos; shnáimh seisean go tap-
aidh fá n-a déin; nochtadh ceann na mná, do shluig
sí lán a béil de'n aer agus do thiomáin sí a h-anál
aiste le fuinneamh. Rug sé ar láimh uirthe. "Bog
díom; ná tar im' ghoire," ar sí agus do leig sí í féin
ar a drom.
"D'fhanas ro-fhada laistíos," ar sí, "agus d'fhó-
bair ná h-eirgheadh liom, acht is dóigh liom go
bhfacas an dabhach; tá sí annsúd i ngearracht seacht
slata dhuit, acht ní raibh anál agam le dul fá
n-a déin."
"Tabhair an t-sleagh chugam," ar sí.
"Rachadh-sa síos an cor so," ar an fear; "bh'fhéi-
dir nách bhfuil aon tsamhail 'gá faire agus beidh 'fhios
agam go dearbhtha an bhfuil an cisde ann."
"Ó, rachad féin síos; d'imthigh an easbaidh anáile
dhíom, agus béarfad an tsleagh liom," ar an bhean óg.
Do shnáimh sí chun an phuirt, rug sí ar an sleigh
agus d'fhill sí ar a hais.
"Leig damh-sa," ar Seaghán.
B'fhéidir go raibh mian air an dabhach d'fheicsint
acht b'fhéidir gur le fearamhlacht ná leigfeadh sé
do'n mhnaoi í féin do thuirsiughadh. Acht gibé fáth é
do thum sé é féin go prap.
Dubharthas go raibh meisneach an leómhain ag
Seaghán agus is inchreidthe é, mar do throid sé le
cúigear saighdiúirí aon uair amháin.
Mar sin féin ní túisge bhí sé fá uisge 'ná do
thosnuigh sé an únfairt. Do phreab sé ar bárr is
do chuir sé sgread as do rachadh tréd' chroidhe. Bhí
a ghruag 'na seasamh le h-uamhan is dath liath-ghorm
ar a cheannachaibh. Níor bh'iongnadh dhó-san mar do
chonnairc sé uillphéist uathmhar uathbhásach ar chruth
con ag déanamh air, a béal ar dearg-leathadh, a
cluasa 'na seasamh, agus lasair ag teacht amach as
a súilibh.
Níor fhan luadháil i n-aon bhall de. Ní mar
sin do'n mhnaoi óig, do bhuail sí fá n-a dhéin, do
phrioc sí leis an sleigh é agus do liúigh air snámhadh le
n'anam, acht bhí an phéist ghránna ag teacht suas leo
le gach léim.
D'iompuigh an bhean óg uirthe chómh dána le dea-
mhan agus do thug urchar di. Do thiomáin an tsleagh
isteach 'na béal dearg acht do shluig an phéist, dar
leó, idir sleagh is sámhthach, mar do shluigfeadh sí
bolgam uisge agus do thug sí léim fá dhéin na mná.
Do thum sise í féin agus do rinne an phéist mar an
gcéadna. Bhí Seaghán ag cur de chum an phuirt go
mbearbhallach. Tháinig an bhean óg fá uisge chum na
trágha; do chaill an phéist fá uisge í agus do tháinig
sí ar bárr arís ar buile. Do dhein sí ortha an
dara h-uair, acht bhí uain bheag ag an mnaoi agus do
tharraing sí an fear go leath-mharbh chum an phuirt.
Do chualadar lapaidhe na péiste ag únfairt ar
ghrean an locha agus ritheadar le n-a n-anamaibh.
IV
"Buidheachas mór le Dia," ar Seaghán an áir, ar
a ghlúinibh ar charraig i gCromaghleann, "is beag na
grása do thuilleas, acht fuaras am chum aithrighe, agus
ní shanntóchad saidhbhreas go deo arís."
Chaith an bhean óg í féin ar a glúinibh 'na theannta
agus do chrom sí ar ghol agus d'éirigh an ghrian go tait-
neamhach ortha araon.
"Ná goil a thuilleadh," ar an fear, "muna
mbeadh thusa do bheinn ithte. Dá mbeadh sé i ndán
dam a leath-oiread do dhéanamh duit! Chuireas i
nguais bháis thu, agus b'fheárr liom bheith ag iarraidh
déirce nó ag goid is ag marbhadh feasda, mar do
bhím ar uairibh, 'ná cathughadh do chur ort."
"Ní gábhadh dhuit bheith ag goid 'ná ag marbhadh
feasda, má's maith leat é. Tá mo dhóthain is breis
agam-sa. Bíodh a leath agat-sa; cuirfidh sé ar do
bhonnaibh thu. Roinnfead leat é i mbárach ar chor
go dtabhairfir gealladh dam gan teacht im' radharc
as so amach."
Do chrith gach órlach di agus do sgeinn sí uaidh. Ní
riabh Seaghán bocht innmheamhail ar ghíog do labhairt.
Chúm sé na focail acht stadadar 'na sgórnaigh.
Ghabh sé misneach; rith sé 'na diaidh acht do chas sise
ar a cois agus do thug sí drom a láimhe leis.
"Bí ins an áit um-anoirthear gur bhuailis liom
ar dtúis," ar sise, agus d'fhág sí 'na sheasamh cois
croinn é go mí-shásamhach.
"Ní theasduigheann a cuid maoine uaim," ar
seisean, "acht dar Rígh na ndúl, do b'fheárr liom í
féin 'ná ór na cruinne. Féach an dá shúil sholusmhara
úd aici ar dhath an drúchta, agus an luisne lea-
can 'nós triopall caor, agus na fiacla geala 'nós
con. Buachaill bán is eadh mé. Ní ghabhaim mo
leithsgéal féin. Ní chuirim mé féin suas is anuas
léi," — agus do rinne an fear bocht rud nár ghnáthach
leis, tháinig briseadh croidhe goil air.
An oidhche 'na dhiaidh súd bhí Bean an leasa 'na
tigh féin i gCúm Luimne. Ní raibh sí ar fóghnamh.
Chuir an bhean bhainne a coinneal ar bórd le h-ais
an iomdhaidh mar ba ghnáthach.
"Tá sé déidheanach ins an oidhche," ar Bean an
leasa, "is mí-fholláin an rud áirneán agus téidh a
chodladh anois," agus shín sise í féin 'na cuid éadaigh
ar an iomdhaidh. Níor thuit néal ar a súilibh mar
do bhí sí ag machtnamh.
Bhí an fiolar 'na nead, an fiach dubh i scoilt
chairrge is a ghob fá n-a sgiathán aige, agus an sionnach is
an cat fiadhaigh ag siubhlóid lasmuigh ar tí marbhtha.
D'éist an bhean aonrach le glór-cheól easaidhe na
gcnoc, acht níor tháinig codladh ná suan uirthe. Bhí sí
ag cuimhniughadh ar thigh i bhfad ó bhaile i n-iarthar na
Spáinne. Chualaidh sí an ghainimh lasmuigh d'á fuinn-
eóig ag corruighe mar a bheadh duine éigin ag coisidh-
eacht timcheall an tighe.
D'éirigh sí 'na suidhe, thóg sí piostal seacht-mhuin-
éalach 'na láimh agus do dhruid sí go folaightheach leis an
bhfuinneóig. D'fhéach sí amach. Ní raibh duine 'ná
daonnaidhe ann.
"Tromluighe, b'fhéidir," ar sí.
Shín sí arís, dhún sí a súile agus le neart
intinne do thuit míog chodlata uirthe.
Taidhbhreadh di go raibh fear fíochmhar fealltach ag
cur na súl thríthe agus do dhúisigh sí le geit.
"Caidé sin?"
Dar léi, chualaidh sí i bhfad uaithe mar a bhiadh
siolla píbe ar bhárr gaoithe.
D'éist sí go h-aireach.
"Is deárthach le gol mná é," ar sí.
D'eirigh sí ar leath-uillinn. Bhí an gol ag
druidim 'na cómhgar; olagón brónach athtuirseach do
b'eadh é. Cloiseann sí go soiléir anois é, ceathramha
mhíle uaithe, céad slat uaithe, céad troigh uaithe, fá
dheireadh fá'n bhfuinneóig mar ar choisg sé go h-obann.
Phreab sí 'na suidhe, las sí coinneal, chualaidh sí
mar a bheadh éadach ag comailt le trusgán na cist-
eanaigh, d'fhéach sí fá dhéin doruis a seómra, agus i dtaobh
istigh de'n táirsigh bhí bean chaol árd uaibhreach 'na
seasamh, brat liath uirthe, a croiceann buidhe, a folt
cas dubh, fáinnidhe óir ar a méaraibh, biorán dearg-
óir ar a brághaid agus máilín uaine 'na láimh aici.
"Cia tá uait?" ar Bean an leasa le guth do bhain
fuaim ar na frathachaibh. Bhí an tsamhail ag cur na
súl thríthe — súile chomh géar le meanaithe, acht níor
labhair sí gíog.
Sgiob Bean an leasa a piostal, sgaoil sí piléar
uirthe, piléar agus piléar eile. D'éirigh an deatach.
Bhí an tsamhail mar a raibh sí, agus na súile géara
céadna uirthe. Sgaoil Bean an leasa piléar eile agus
do thug fogha fá n-a déin chum í bhualadh le dorn-chúl
na h-úirlise, acht níor bhuail dadamh léi. Bhí an
tsamhail imthighthe mar do shúghfadh an talamh í.
Liúghuigh an bhean bhainne ins an tseomra thuas le
h-eagle, agus do sgeinn Bean an leasa le trí choiscéim
amach as an dtigh fá chiúineas na h-oidhche dorcha.
Nuair do shéid an ghaoth ar a malainn, chroith sí í
féin.
"Baoth-thaidhbhreadh do b'eadh é, b'fhéidir, acht, go
h-áirighthe, ní chreidfead pioc de, mar ní dheárna
samhail riamh fós díth do dhuine," ar an bhean dána
so.
Do shaltair sí ar rud éigin ins an dorchacht. Sul
a raibh aimsir aici ar fhéachaint, bualadh baic-bhéim ins
an uillinn deis uirthe, thuit an piostal as a láimh agus
rughadh greim docht tarsna an chaoil uirthe, agus cuireadh
soc piostail fá bhun a cluaise. Leis sí sgread — an
chéad sgread ó d'éirigh sí suas i n-aois mhná.
"Faol! Faol!" ar sise. Chuir an fear gáire
as.
"Mharbhuighis Faol, mar do rinnis leis an gCúin-
tís Sturm," ar seisean.
D'fhéach sí ins an dorchadas tar a gualainn ar an
bhfear.
"Aodhaire na gcaorach atá ann," ar sí.
"Is mé go díreach," ar seisean; "leanas ó'n
bhFrainnc thu agus géill anois; atá do ghnó déanta. Ná
cuir cor i gcois 'ná láimh leat, nó cuirfead piléar
thríot ar an láthair."
Tharraing sé crios leathair as a phóca, bhuail sé go
clisde tar a cuisleannaibh é ó'n dtaobh thiar, rith sé a
rinn tré lúib i dtaobh thiar d'á slinneánaibh agus chean-
gail sé go dlúith docht í.
"Tá úsáid do lámh agat ó na h-uilleannaibh
amach," ar sé go mín.
"Tá," ar sise, ins an nguth céadna.
"Bleachtaire is eadh thu; bhí amhras agam ort le
mí nó mar sin," ar sí.
"Ó, ná bac sain de," ar sé; "beidh aimsir ár
ndóthain againn le trácht tar na gnóthaidhibh sin ar
ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha
uaisle ann, is dócha? Sín annso chugam iad, acht
fan go fóil — tógfad féin, iad."
"Ná tar im' ghoire, a bhleachtaire bhréin," ar sí,
"rugais barróg dhocht orm le feall, acht do bheirim
buidheachas le Dia, níor chuir fear riamh roimhe seo
bárr méire orm."
"Ó! nach banamhail atámaoid," ar sé. Do chaith
sí chuige an cumhdach agus d'fhosgail sé é go tapaidh:
"h-aon, dó, trí — tá na naoi gclocha seóid ann go
dearbhtha," ar seisean, "acht is suarach nach bhfuilim
dall uatha. Nach lonnrach atáid siad! Is maith an
díol as dúnmharbhadh iad."
Bhailigh lasair i súilibh na mná, dhún sí a carbal
go docht agus tháinig na focail tré n-a fiaclaibh iadhta.
"A chruimh," ar sí, "muna mbeadh gur ghreamuighis mé
go fealltach ní éistfinn leis an easonóir sin. Ní
dúnmharbhthóir mé ar aon chor."
Chumail an bhleachtaire a lámh go mín d'á ghrabhas,
'nós cait 'gá nígheadh féin, agus chrom sé ar mhiongáiridhe.
Tháinig cradhsgal ar an mnaoi óig roimh dranntán
an ainmhidhe seo. Thug sí a cúl leis agus labhair sí léi
féin ós íseal. Chuir an bleachtaire cluas air féin.
"Má tá dligheadh ins an tsaoghal ní dhíolfad as."
"Crochfar thú, sin é dhéanfar leat," ar an bleacht-
aire go meidhreach.
"Tá an oidhche 'gá caitheamh, is cóir dúinn bheith ar
siubhal. Tá dhá chapall agat, tabhair dam na h-eoch-
racha."
"A bhean bhainne, cá bhfuilir?" ar sé. Liúghuigh
sise i n-árd a cinn 's a gotha, "Táim annso, ochón,
tá fanntais orm."
Gháir an bleachtaire leis féin is phreab sé suas
an staighre. Bhí an bhean bhainne fá'n leabaidh agus an
tocht is an t-éadach leaptha anuas uirthe.
"Buail amach as sain go déadhair is gléas na
capaill dam nó cuirfead piléar thríot-sa leis."
"Mhaise, an bholgach ortsa, a aodhaire bhig bhuidhe,
an tú sain?" ar sí, agus a súile ar leathadh uirthe.
"Brostuigh, brostuigh," ar sé, "tabhair brat leat
chum mo chime, agus bíodh ort féin, má chuireann tú méar
ar aon nídh ba leis an mnaoi seo, go dtagad-sa ar
ais. Corruigh ort anois."
D'fhéach an bhean bhainne ar an mbleachtaire;
d'fhéach sí ar an mnaoi óig chiúin.
"Tá an t-aodhaire beag gránda coimhightheach so
'gá fuadach," ar sise léi féin, agus do chas sí pililiú is
olagón do bhain fuaim as na cnocaibh.
Níor chuir Bean an leasa suim innte. Ní mar
sin do'n bhleachtaire, lúb sé a eachlasg 'na láimh agus
chuir sé stiallacha ar an mnaoi bhainne ó bhonn a cos
go mullach a cinn.
"Seadh anois dhuit," ar sé, "a' ndéanfair rud
orm?" acht sgeinn sise uaidh i n-aghaidh an chnuic ag
liúghraigh.
"Ar muin go tapaidh," ar sé.
"Ní fhuil luadháil im' lámhaibh, tá an crios ró-
chumhang," ar sise.
"Cabhróchad-sa leat, is áil liom cungnamh do
thabhairt do mhnaoi uasail," ar seisean, le smigeadh
gáire.
Bhuail sé a lámh féin tré shrian a capaill, phreab
sé ar a each féin agus thugadar a gcúla ar Chúm Luimne.
Chuir na capaill srannadh asta agus thosnuigheadar ar
shodar.
D'eiteall naosgaigh anois is arís as mhongaibh ar
thaobh an bhóthair agus bhíodhg pilibín míodhg ins an gcur-
rach, acht ní raibh gíog as an mbeirt mharcach.
Bhí an oidhche dubh dorcha acht ní raibh sí leath chomh
dubh dorcha le croidhe na mná. Do sgeinn rud éigin
tarsna an bhóthair ag caol na searrach. Thóg capall
na mná sgéan agus d'éirigh sí ar a cosaibh deiridh.
"Fair do chapall, a bhean," ar an bleachtaire go
feargach. Bhuail sé stiall d'á lasg ar an gcapall,
shnaidhm ar lasg ar lámhaibh cuibhrighthe na mná agus rith
an phian thré n-a croidhe.
"Is fearamhail an duine thu," ar sise.
"Á!" ar seisean, "d'aithnigheas cionnus do bheadh
sé; caithfead beagán d'íde na mná bainne thabhairt
ort-sa, aithnighim, acht míneóchad-sa thu, a bhean bhorb,"
agus do bhain sé smúit as a guailnibh leis an gcnáib.
Sul a raibh an dara buille buailte aige do léim
ailp dhorcha 'na threó as díg an bhóthair, agus bhí greim
láithreach ag Seaghán an áir ar ubhall sgórnaighe air.
Fá cheann nóimit bhí an bleachtaire ar a bhéal is
ar a aghaidh ar an mbóthar agus Seaghán ag cluas-fhead-
ghail ar marcaigheacht air.
"Caidé an gníomh so agat ar bun, a bhioránaigh?"
ar Seaghán.
"Éirigh suas díom, a bhitheamhnaigh, agus ná bhris an
dligheadh."
"Maise, ciach ar an ndligheadh, táim 'gá bhriseadh i
gcomhnuidhe, mo mhallacht uirthe; ba dhóigh leat gur
mhithid di bheith bhriste 'na brúsgar fad ó, acht tá sí
righin mar thu féin," ar Seaghán ag brughadh is ag
fuineadh an bhleachtaire i gcoinnibh na mionchloch.
Bhí an bleachtaire ag únfairt ag iarraidh éirghe,
acht níor chás dó agus Seaghán anuas air.
"Thángais i ndiaidh mo chúil orm."
"Maise, is cuma dhuit cionnus do thángas," ar
Seaghán 'gá mheilt is 'gá mhilleadh go sásta.
Fuair an bleachtaire a lámh dheas réidh agus do fuair
sé faill ar an marcach neamhfhaireach. Dhruid sé go
h-aicillidhe soc piostail siar fá'n asgaill agus do
sgaoil sé piléar ar Seaghán do chumail d'a leasra-
chaibh is do ling le fead tré n-a bhrat.
"Uch! an é sin d'intinn?" ar Seaghán; "shaoileas
ná rachadh an sult chomh fada sain. Chím go bhfuilir
daríribh! D'fhás is d'at féitheanna cuirp an bhua-
challa bháin, tháinig fuinneamh fíochmhar 'na ghéagaibh,
bhain sé gleamhaisg is gíosgán as a fhiaclaibh, bhuail
sé glún i gcaol droma an bhleachtaire is crobh i mbaic
a mhuiníl, rug sé ar thárr nó pura air leis an láimh
dheis agus d'fhill sé ar a chéile é.
Chualaidh an bhean óg cnag agus cnead. D'éirigh
Seaghán 'na shuidhe. "Tá cnámh droma an ghlaimhínigh
seo briste," ar seisean, "acht níor ghábhadh dhó é."
"Dar muine, ataoi ceangailte, a bhruinneall óg!
Bhí an gnó níos measa ná shaoileas."
Do thuirling an bhean óg, chuir sí lámh i bpóca an
duine mhairbh, agus tharraing sí na clocha seóid amach as. Do
shín sí arm an bhleachtaire chum Seagháin: "thuillis é," ar
sí, agus thóg sí a h-arm féin agus chuir sí 'na brollach é.
"Ba mhaith an sás fógra thabhairt uaithe an bhean
bhainne."
"Ba mhaith," ar Seaghán, "gidh go raibh mearbhall
uirthe, acht níor fhanas leis an sgéal ar fad."
Chuaidh Bean an leasa le h-aon truslóig amháin
ins an ndiallait.
"Slán leat, a Sheagháin an áir," ar sise, "curadh
an lae chruaidh is eadh thu."
Chaith an capall a cheann i n-áirde is do rinne sí
go h-uaibhreach ar an mbóthar. Bhí a shúile ar leathadh
ar Seaghán.
"Mhaise, caidé an fuadar so fút, amach?"
"Táim ar tí dul go dtí an Spáinn chum an dlighidh
do sheasamh."
"Mhaise, luighe ra bhfód ar mhuintir an dlighidh;
is olc an siut iad. Fan amach uatha; is beag an ionn-
taoibh atá agam-sa asta," ar Seaghán bocht, mar ní
riabh taithighe aige ar dhlighead chóir. Bhí deór i súil
na mná, acht ar a shon sain leig sí gáire beag
meidhreach, agus shín sí lámh mhín gheal chum Seagháin.
"Ní mar sin damh-sa," ar sise, "bainfead ceart
agus cóir asta; agus dul a bhfágfad thu, badh mhaith liom,
gibé nídh chloisfir im' thaobh, go gcreidfir go bhfuilim
neimh-chionntach."
Rug Seaghán ar an láimh agus phóg agus phóg arís í.
Tharraing an bhean óg a lámh go mall uaidh fá
dheireadh agus do rinnc an capall arís.
"Ambás," ar Seaghán bocht, agus cnap 'na sgórnaigh,
"leigfir dam tu thionnlacan seal go h-áirighthe."
Ní dubhairt an bhean óg 'seadh 'ná ní h-eadh, agus thug
sé a cheann do'n chapall agus seo chum siubhail í 'nós
gála gaoithe. Thug Seaghán aon radharc amháin fá
dhéin na gcnoc, phreab se ins an ndiallait i n-áit an
bhleachtaire agus as go bráth leis i ndiaidh na mná óige.
Ar uair an mheádhóin oidhche do shroicheadar Céim
an duibh, Bean an leasa i dtosach agus Seaghan an áir
i bhfogus di. Thug capall na mná óige geit agus chuir
sí srann aiste, sheasaimh sí ar dearg-lár an bhóthair,
a cluasa i n-áirde agus a ceann 'san aer.
"Ná bí dúr anois, a "sgamaill an tsléibhe,"" ar
Bean an leasa go mín mánla agus thochuis is chumail sí
mong an chapaill acht ní rachadh sise céim ar aghaidh.
Tháinig Seaghán suas léi agus d'fhéach seisean ar aghaidh.
Phreab sé anuas d'á chapall féin agus rug ar
bhéalmhach an chapaill eile.
"Ní fhuil ann acht capall ar sgáth faille agus mála ar a
cheann," ar sé, mar bhí radharc maith aige-sean istoidhche.
Leis sin tháinig duine aosda amach ar an mbóthar.
"Leanaidh libh i n-ainm Dé," ar sé, "tá súil agam
nachar chuir mo shean-láir sgéan ar bhar gcapallaibh."
"Dar liaigh," ar Seaghán leis féin," is é an
tAthair Mícheál atá ann, d'éis na h-ola chur ar
dhuine éigin 'sa' ghleann."
"Mhaise, a Athair Mícheál," ar sé, "ní gábhadh
dhuit do leithsgéal féin do ghabháil."
"Arú, an tu sain, a Sheagháin ar áir, a dhuine
bhoicht mhío-ádhmharaigh, ní fuláir gur droch-fhuadar
éigin atá fút, mar ba ghnáthach."
"Ní h-eadh, a athair, táim réidh le droch-bhear-
taibh feasda."
"Is maith an rud geallamhaint mhaith, acht is
feárr cóimhlíonadh," ar an sagart, "agus cia h-é sin
led' chois?" Uch! dar mo phortús, is bean atá
ann."
"Ná h-agair beart ar neach neimhchionntach, a
athair," ár Seaghán.
"Is seanfhocal é," ar an sagart, at machtnamh
leis féin.
"Tá an bhean uasal so ag dul tar sáile agus táim
ag déanam cuideachtan di seal de'n bhóthar."
"Tá go maith," ar an sagart.
"Anois nó riamh, a Bhean an leasa," ar Seaghán.
Bhí mar do bheadh creatha fuachta ar an mnaoi óig
acht fá dheireadh do chuir sí aighneas ar an sagart.
"Éist liom go fóil, a athair," ar sise, "Tá rún
agam le h-innsint duit:-
Tighearna do phríomh-fhuil na Spáinne do b'eadh
m'athair agus Éireannach do b'eadh mo mháthair. Tá bás
na Cúintíse Sturm d'á chur im' leith, acht ní bhfuilim
cionntach, agus táim ag dul ar ais chum ceirt d'fhághail.
Mheall an deamhan-bhean úd m'athair, sgrios sí sinn,
bhris sí croidhe mo mháthar, ghoid sí deich gclocha seóid
uainn, sgaip sí ár gcuid maoine, dhibir sí mo dhear-
bhráthair, mheall sí 'na dhearg-mheisge udhacht ar a son
féin óm' athair bocht agus annsain thug sí nimh do.
D'admhuigh sí dham é — chuireas d'fhiachaibh uirthe é, ámh,
mar do leanas í do'n Fhrainnc, do'n Almáinn agus go
teach ósda i dtír na Rusach. Ba lem' athair na clocha
seóid seo agus ní léi-se; thairgeas cuid aca dhi — trí
cinn — i gcás ná cuirfeadh sí chuige mé, acht chrom sí
ar steall-mhagadh fúm, agus gidh gur thugas rabhadh dhi
cairdé an saghas mná mé, gháir sí lem' bhéal, acht do
phreabas im' shuidhe chum a chur d'fhiachaibh uirthe ghéill-
eadh damh nó chuirfinn piléar thré n-a croidhe; do
dhruid sí uaim i ndiaidh a cúil agus do thuit sí amach an
fhuinneóg, céad troigh nó níos mó. Tá amhras ag
an ndligheadh orm agus táim ag dul ar ais."
"Caidé mo leigheas-sa ort, a bhean uasal?" ar
an sagart.
"Féadfair Cúm Luimne agus an mhaoin do thabhairt
do'n mhnaoi bhainne?"
"Déanfad an méid sin duít go h-áirighthe," ar
an sagart.
"Seadh, má'seadh, bead ar siubhal anois," ar Bean
an leasa.
"Go n-éirighidh do bhóthar leat," ar an sagart.
Chuir Bean an leasa a lámh ar mhuing a capaill
agus do sgeinn sí 'nós éin ar a muin. Leig Seaghán an
áir liúgh as — "Leanfad í go deireadh an domhain."
D'fhéach an bhean óg ar an sagart; d'fhéach seisean
ar Sheaghán ar áir agus uirthe sin.
"Tuigim," ar sé, agus do phós sé an bheirt úd ar
uair mhairbh na h-oidhche ins an mbeárnain uaignigh,
ag Céim an duibh imeasg na gcnoc sgáilmhear ciúin.
Bhain an dá chapall teine chreasa as an mbóthar,
agus do chogain sean-láir an tsagairt a dorn coirce,
agus do mhachtnuigh seisean is do ghabh sé a phaidrín.
Tamall 'na dhiaidh súd tháinig oifigeach airm ó
Pharóisde an Teampaill Nua tar n-ais ó'n Spáinn.
Bhí aithne mhaith aige an Sheaghán an áir agus ar a mhnaoi.
Bhí Sheaghán 'na dhuine uasal áluinn chreideamhnach agus
budh ise an bhean ba dhéirceamhla agus ba dhaonnachtamhla
ins na críochaibh thall tar lear.
Bhí dligheadh mór mar gheall ar na clochaibh seóid agus
bás na Cúintíse Sturm, acht fuair Bean an leasa
an buadh. Franncach do b'eadh an phríomh-fhínne bhí 'na
coinnibh. Fear claidhimh clisde de b'eadh é acht bhuail
Seaghán an áir 'na threó aon lá amháin chum cómhraic
aon-fhir do chur air agus d'éirigh iomarbháidh i dtaobh togha
na n-arm cómhraic eatortha agus rug Seaghán ar chéas-cinn
air agus do chroith é mar do chroithfeadh gadhar franncach.
Dubharthas gur chroith Seaghán an áir na bróga de
chosaibh an Fhranncaigh leis an iarracht úd acht, 'pé i
nÉirinn é, theith an Franncach le n'anam agus í fhacathas
go deó arís ins an cheanntar é agus d'a bhárr sain thuit
an tóin as an gcoir do bhí curtha fá leith na mná.
Dubhairt an t-oifigeach airm Fós go ndubhairt
Bean an Leasa leis go gcluineadh sí ar uairibh, dar
léi méidhligh an uain i gCúm Luimne, géin na bó,
liúgh an fhiolair agus crónán easaidhe an chnuic.
Dubhairt an t-oifigeach airm fós go ndubhairt
Bean an Leasa leis go gcluinead sí ar uairibh, dar
léi, méidhligh an uain i gCúm Luimne, géin na bó,
liúgh an fhiolair agus crónán easaidhe an chnuic.
MÍOL MARA DO LEAG CÍOS
"Buail amach fá'n gcnoc, a Sheagháinín, agus tabhair
beart easrach leat do'n bhuin, agus tabhair-se
leat gabháil bhrosnaigh, a Shéamaisín; bros-
cuighidh oraibh anois, a dhaltaidhe, agus gheabhthaoi cadhain
maothaile, mar béarfaidh an druimfhionn óg anocht."
"Brostócham, a mháithrín," ar an dá gharsún, mar
bhí dúil acu i maothail, 'nós gach aon gharsúin eile.
Rug Máir' Ní Bhroin ar sguaib agus thionnsgain sí ar
sguabachán go mear, mar do b'í siúd an bhean tighe
shlachtmhar ghasda. Sul a raibh an teinnteán sguabtha
aici do mhusgail an leanbh 'sa' chliabhán. Páinteach
bhreágh do b'eadh an leanbh so, i n-aois a naoi mí, agus
bhain sé searradh as féin do chroith an cliabhán. Níor
sguir an mháthair ó'n sguabadh acht chrom sí ar
chrónán:-
Dún do shúile, a rúin mo chléibh,
Dún do shúile, a rúin;
Tá'n taoide 'teacht le líon is lacht,
Is Domhnall pras ar stiúir;
Tá caoin-fhear óg 'na luighe go sóghach,
Is caoimh-fhear mór ar tuinn,
An t-uan 'na shuan, 's a' bád 'sa' chuan
'S a líonta lán go druim;
Seotha binn 'ínn a rúin,
Seotha binn, a rúin.
D'éaloidh an mháthair, go bog, chum an chliabháin, agus
d'fhéach sí tar a bhárr. Bhí an leanbh 'na chodladh go
sámh agus a órdóg 'na bhéal aige.
Le n-a linn sinn do chualaidh sí mar a bheadh fead
ghreannamhar ghéar, 'nós sgread gaoithe is anfadh tré
chuas chumhang fairrge. Phreab sí fá dhéin an doruis agus
d'infhiúch sí amach ar an muir. Bhí ceóbhrán ós cionn
na mara, agus an ghrian ag dul faoi. Chuir sí cluas
uirthe féin, mar shaoil sí gur chualaidh sí lógóireacht
mná. Anois gan amhras cloiseann sí an gol. Sgeinn
sí amach fá'n gcnocán. Do leath a súile uirthe.
"H-aon, dó, trí, ceathair: sin bád eile fós," ar sí.
Bhí na báid ag cur na fairrge dhíobh chum puirt, na
maididhe rámha ag lúbadh le tréineacht na bhfear, agus
duine in gach bád aca ag cur alluis de ag taosgadh
an uisge shalaigh amach as úrlár an bháid. Rith sí ar
n-ais chum an tighe, sgiob sí an leanbh suanmhar ar a
bacalainn agus so chum siubhail í go bruach na fairrge.
Fead ghreannamhar ghéar eile, agus sruth sáile steallta
'san aer, fuirse agus fothram, agus an t-uisge buaidheartha
measguighthe, ar fud ceathramhan míle ar gach taobh de
na bádaibh. Chrom na mná ar lógóireacht mar shaoilea-
dar go raibh na h-iasgairí caillte, acht chualadar
guth Dhomhnaill Uí Bhroin ag cur meisnigh ortha:
"Greadadh chugaibh, a mhná, ar chailleabhair bhar
gcéill?" ar seisean, agus chuaidh na bádóirí eile i
dtríthidhibh gáirídhe.
"Bléidhmhíol do b'eadh é, ó'n muir mhóir aniar," ar
Dómhnall, "go ró-cráidhidh Dia é! Chaill sé a shlighe,
is dócha, agus tháinig sé ag fuirseadh isteach imeasg ár
líonta. Measaim gur bhris sé iad go léir agus go
bhfuilmíd creachta. Is dócha gur mhothuigh sé nach raibh
an áit domhain a dhóthain, mar do léim sé is do dhamhas
sé le h-eagla. Bhí a leithéid sin do bhuile ar an
amadán gur shaoileas go mbrisfeadh sé ár mbáid agus
go mbáidhfidhe gach aon aithid againn."
"Ní fhacas riamh fós eagla ort go dtí so, a
Dhomhnaill."
"Níor bh'iongnadh go raibh deabhadh orm le druidim
as an t-slighe nuair do chumail an t-ualach mear-
bhallach úd a earball dem' bhád."
"Gcloistí arís é ag séideadh uisge as, fán fada
air; ní fhágfaidh sé luid d'ár líontaibh le chéile."
"Tá sé imthighthe 'sa' deireadh, agus nár éirghidh a
bhóthar leis," ar fear eile aca. Ghléasadar a mbáid
arís agus so chum siubhal iad. Fuaradar na líonta go
slán socair, ag lúbadh fá ualach, acht níor bh'é an
míol mór do bhí ionnta, óir bhí seisean ag teicheadh
le n'anam chum na fairrge coimhighthighe; acht d'fhág
sé 'n-a dhiaidh lacht éisg nachar tógadh a leithéid i
gcuan Bhreacruis le cuimhne na seanóirí; agus ar
fhilleadh na n-iasgairí an cor so ní raibh liúgh 'ná
olagón as na mnáibh, acht sgéimh ar gach leacain agus
smigeadh ar gach béal, mar bhí biadh agus annlann acu
go fóil beag agus an fuighleach i gcomhair an mhargaidh.
II
"Bhí an druimfhionn i dteinneas le h-uair an
chluig," ar Máire, "agus atá laogh breágh boineann aici
anois, buidheachas le Dia."
"Moladh le Dia!" ar Domhnall, "tá rathamhnas
is séan orainn, agus gidh go bhfuil an cíos trom, tá-
maoid, ar a shon sain féin, sásta go leór."
"Cuir síos an crocán is mó agat," ar Domhnall
an oidhche 'na dhiaidh súd, "cuir trí nó ceathair de chol-
móiríbh ann; beidh Seaghán Dearg annso ar ball agus
tuilleadh de na fearaibh; ní h-eól ná go dtaobharfa-
maois ósdaideacht dóibh."
Tháinig Seaghán Dearg agus Seaghán a Ceallaigh agus
Mícheál a Fáilbhe agus móirsheisear eile, agus cuireadh
fáilte fial rómpa.
"Sgéal agam ort, a Dhomhnaill," ar Seaghán
Dearg.
"Caidé an saghas sgéil do thaitnfeadh leat?"
"Ní sgéal fiannaidheachta an cor so, acht a chlos
uait gur báidheadh an míol mór úd do chuir an sgann,
radh ort."
Leig na fir sgearta gáire asta.
"Measaim," ar Domhnall, agus ailp de cholmóir úr
'na dhranndal aige, "gur chóir Seaghán geal do ghairm
ort-sa, mar bhí do leaca chómh bán an uair úd le
ceannaighthibh fir thanachta."
Do chroith frathacha an tighe le h-uaill-gháire na
bhfear fá thagarthacht Dhomhnaill, agus chuaidh Seaghán
Dearg féin i dtríthidhibh, mar duine sultmhar sochma
do b'eadh é.
Le n-a linn sin, bhuail fear beag isteach chuca-
gan chuireadh gan chead, agus shuidh ar shuidhistín i n-aice
na teineadh.
"Nár a-dia do bheatha-sa, go h-áirighthe," ar bean
an tighe fá n-a fiaclaibh.
D'fhéach na fir air, agus d'féachadar ar a chéile.
Préachán na Droch-aimsire do ghlaodhaidís air.
"Móra dhuit, a dhuine m'árann," ar Domhnall,
"druid anall chum an chláir. Is galar gan náire
grád nó tart, acht buaidheann an t-ocras ortha."
"Cuir an "tochas" i n-ionad an "ocrais," a Dhomh-
naill, agus beidh an sean-thomhas ceart agat," ar an fear
beag.
"Chím cad tá i nbhar n-intinn," ar báille an cíosa,
mar is é do bhí ann; "féach "Préachán na Droch-aim-
sire," — gidh gur baisteadh mé chómh maith le h-éinne
agaibh — is olc an siut é," deirthí, "ta dronn air is
draid air, is pluic bhuidhe air, is dhá shúilín ghorma
aige, sgéan ionnta, is fiar ionnta ag faire ar a
chuinncín spóna chum í chonghabháil ceangailte le n-a
chlár-éadainín smeartha. Táim bacach is manntach,
dar libh, is cluasa capaill orm, is spága caola
cama fúm; tá salachar i n-acrann díom, dar libh,
runnaidh ar mo bhrághaid, seilidhe ar mo smeigín is
smugaidhe ar mo shróin —"
"Uch! a bháille bhig bhréin, bíodh meas agat ar
an mbiadh," ars' an bhean.
"Beidh, a bhean mhaith mhánla, agus íosad beagán de
anois leis, acht mheasas go n-inneósainn do na fear-
aibh borba so caidé a smuainte. Is annamh a thagaim
muna mbeinn a' fógairt chíosa; thángas isteach anocht
chum gillín práta d'ithe agus greim maith éisg, mar
ní fhuil acht creacháin agam féin d'á mbaint i
mbliadhna."
Ba bheag an fáilte bhí ag Domhnall roimis; mar
sin féin, ní raibh sé doicheallach, agus dubhairt sé leis
ithe leis. Ba mhaith an sás puill do chur i sgiathóig
phrátaidhe Preachán na Droch-aimsire. Bhí ampladh
air an cor so agus d'alp sé suas cnap slán agus greim
éisg in gach iarracht. Nuair do bhí a shásamh aige,
do dhruid sé a shuidhistín chúm na teineadh gan cead
fhir an tighe, gan buidheachas le mnaoi an tighe, gan
altughadh le Dia, gan spleádhachas, gan beann ar
éinneach.
Bhuail sé spréidh ar a phíopa, d'fhéach sé suas fá'n
gclabhra, chuir sé spág coise ar a leath-ghlúin agus
mhachtnuigh sé ar feadh tamaill.
"Bhfuil an dorus dúnta, a Sheagháin Dheirg?" ar
seisean.
"Tá sé ar dearg-leathadh," ar Seaghán go borb.
"Dún go dlúith é, agus cuir an drol air," ar
seisean.
"Ní fhuil eagla gadaidhe ná bitheamhnach orainn,"
ar Seaghán, agus d'fhéach sé ar an mbáille ar tí a
mharbhtha.
"Mar sin féin, dún é," ar an bháille, "tá súil
im' chúl, chídheann sí fearg id' shúil-se, acht is beag
é mo chuid eagla rómhat."
"Tá an dorus iadhta anois?"
"Is dócha gur chualabhair trácht tar Dhiarmaid
Dubh an chuais?" Chuir bean an tighe osnadh aiste.
Lean an báille ar aghaidh: "Tá sé fiche bliadhan ó
shoin; cuimhnighim go dian-mhaith ar an oidhche úd do
cuireadh as a sheilbh é; bhí a bhean 'na luighe seóla-
chair agus naoidheanán 'gá cnámhthairt nuair do thánga-
mar isteach. "Cuir umat do chuid éadaigh, a bhean,"
arsa mise, "teastóchaid siad uait; tá síon is doin-
eann lasmuigh." Liúigh sí, is do bhéic sí, mar is
gnáthach le mnaoi" — rug Seaghán Dearg ar an
dtlúidh. Chonnairc an báille é le leath-shúil. Níor
chuir sé cor de.
"Teasduigheann spréidh eile uaim, a Sheagháin; ó
tá an t-ursul san id' láimh, las mo phíopa."
"Seo dhuit í," ar Seaghán, agus chaith sé chuige an
tlúdh.
"Is mío-chuibheasach mío-náireach an fear thu," ar
an báille agus lean sé dhe:
"Seadh, mar adubhairt, bhí an bhean a' liúghraigh agus
a' gárthaigh, agus bhí dath dubh liath ar Diarmaid Dubh.
Measaim gur mheas sé fogha do dhéanamh fúm, chuaidh
sé chómh fada, le bagairt orainn, acht bhíomar ullamh
dó, ámhthach, mar bhí móirsheisear againn ann. Bhí an
oidhche úd fuar fiadhain go leór agus bhí easba éadaigh
ortha. Bhí an bhean ar baillichrith. Chas seisean an
sean-éadhach leaptha uirthe agus thóg ar a bhacalainn í.
Dubharthas gur bhailigh sé duilleabhar is fionna-
mhóin chum leabaidh do dhéanamh di agus gur tháinig fann-
tais uirthe. Pé i n-Éirinn é, chualamar sodar i n-ár
ndiaidh — bhí dó nó trí de chuairtibh eile tabhartha
againn — agus cia bheadh ann acht Diarmaid Dubh, faghairt
'na shúilibh agus a ghruag 'na seasamh. Labhair se 'na
sgórnaigh:
"Ochón mo bhean! ochón mo leanbh! caillte,
caillte! a Bhárdan, a Bhárdan, cá bhfuilir?" ar
seisean.
"Ná tar am' ghoire, a dhuine bhuile, nó lámhóchad
tu," ar Bárdan, acht do thug Diarmaid riothadh air.
Leis sin do phreab Olsan ó Londain 'na choinne
— "Cuir suas do dhóirne," ar sé i mBéarla Ghallda.
Bhí meas ag Olsan air féin agus thug sé falltóg fá
bhun cluaise do Dhiarmaid a gan fhios dó. Bhí Diar-
maid go dranntán ag iarraidh greim d'fhághail ar
Bhárdan agus bhuail Olsan arís é níos tréine. D'iom-
puigh seisean agus bhuail sé pléasg do dhorn i mbéal
an sgéithín ar Olsan mar do thabharfadh capall speach
uaithe, agus do thuit Olsan 'na mheaig gan anam gan
urlabhra. Spriúch Bárdan annsain p'léar le Diar-
maid agus d'aimsigh é. Thiomáin Nansan, an Lochlann-
ach, sleagh 'na ghualainn. Bhuaileas féin tráthmhéaras
do bhata biadhna air" — rug Seaghán Dearg arís
ar an dtlúidh — "ceartuigh an teine leis an ursul
sain agus tabhair spréidh dhom," ar "Préachán na Droc-
aimsire" — "acht mar adubhairt ní leagfadh p'léir ná
bataidhe biadhna ná sleagha Diarmaid, mar bhí an
bhuile air. Is gairid gur chualas gluthar an bháis i
sgornaigh Nansan, mar do chuir Diarmaid a bhróg go
lasgadh ann. Bhí beirt againn marbh agus an cúigear
eile go tuirseach traochta. Chuir se crobh i mbóna
mo chasóige-se agus steall sé 'san aer mé 'nós punainn
arbhair. Do thuiteas i laige i dtor sgeiche," "Dia
le n-a láimh!" ar Seaghán Dearg — "Mar adubhart,
ní raibh fhios agam cionnus do chríochnuigheadar.
Fuaras, ar dhúisiughadh dhom, Olsan ar a cheithre croibh
i n-áirde, agus Nansan 'na phleist. Dubharthas gur
mharbhamar Diarmaid, acht éitheach do b'eadh an tuai-
risg sin. Chualas 'na dhiaidh súd gur rith Bárdan le
cosaibh fiaidh ó'n mbruighin, go caisleán Dhoire Chuinn
agus gur lean an chuid eile é agus gur éaloidh Diarmaid
'na ndiaidh, go créachta geárrtha, ar tí a marbhtha.
Deirthear go bhfeacathas curach le h-éirighe an lae d'á
rámhadh amach fá'n bhfairrge, fear innte, agus bean mharbh
agus leanbh 'na beinn aici; acht ní fheadar agus is cuma
liom ar bh'fhíor é."
"Seadh go h-áirighthe, bhíos-sa is Bárdan agus bail-
ightheoir an chíosa ag teacht tarsna an chuain i dtosach
na h-oidhche seo ghabh thorainn, agus fuadar fá Bhárdan,
gidh go ndeirthear nach raibh sé chómh h-ullach riamh
ó shoin ó chuir Diarmaid Dubh ar rith air. Bíodh sin
mar atá, chualamar fuaim is fothram 'san bhfairrge
agus fead árd ghreannamhar, mar a bheadh sgread ós
cíonn gaoithe, agus chonncamar sruthán sáile ag tuitim
as an aer, do bháidhfeadh míle fear. D'éirigh an bád
ar árdán agus shluig ísleán í; chrith agus chorruigh agus luaisg
an fhairrge.
"Caidé sin?" ar Bárdan.
"Ní fheadar 'on t-saoghal," arsa mise. Bhí an
oidhche spéir-ghealaighe úd chómh dubh le pic. Thabhar-
fainn an leabhar gur chualas liúgh leinbh.
"Éist!" ar Bárdan.
Chualamar ár dtriúr olagón dubrónach mná, agus
annsain cnead agus osnadh!
"Coisg an rámhadh," ar Bárdan.
"Caidé sin?"
Ar an mbórd dheas do chonncamar samhail éigin
agus a dhá láimh go dlúith ar imeall an bháid. Sgeinn
an sgamall ó aghaidh na gealaighe agus thuit léas ar
aghaidh na samhla úd. D'fhéachamar go géar. Dar
Muire, bhí Diarmaid Dubh ag cur na súl thrínn,
sgoilt 'na éadan mar so, agus a bhrághaid agus a cheannaighthe
cúmhdaighthe le fuil," — "Slán mo chómhartha," ar bean
an tighe, ag baint gleamhaisg as a fiaclaibh. "A
leithéid sin do sgannradh níor tháinig riamh im' chroidhe.
"Cia h-é thu féin, a ainmhidhe, nó cad tá uait," ar
Bhárdan le guth as íochtar a chléibh. Do rinne Diar-
maid mar a bheadh chum leabhartha; d'fhosgail sé a bhéal
acht níor tháinig gíog as, acht luaisg sé a cheann
anonn is anall.
"Buail leis an maide rámha é," ar Bardan, acht
ní raibh luadháil im' láimh, ní mó 'ná bhí i ngéagaibh
an bhailightheóra. Thug Bárdan féin fogha fá Dhiar-
maid, acht níor chuir seisean cor de. Bhris tonn ar
an mbórd chlé do líon beag nach an bád.
"Tóg leis an mbórd dheas nó támaoid caillte,"
ar Bárdan. Chuir an bailightheóir sgread as, agus
admhuighim gur chuireas féin sgréach asam leis.
Má rug an tonn úd Diarmaid léi, nó cár ghabh sé
ní fhuil fhios agam, acht rugamar Bárdan a bhaile
ar baillichrith agus gan puinn spriús ionnainn féin" —
"'chonách sain oraibh," ar Seaghán Dearg — "acht, mar
adubhart, bhí mearbhall ar Bárdan agus meireán orainn
féin. Nuair do thángamar go caisleán Dhoire Chuinn
do labhair Bárdan focail do chuirfidh fearg ar
Sheaghán Dearg — "tá muinntear Bhreacruis fá dhaor-
smacht agam, maithfead cíos na bliadhna so dhóibh agus
leagfad feasda coróin 'sa' phúint dóibh. Cuir síos
an méid sin, a bhailightheoir," ar seisean. Sgríobh an
bailightheoir é, agus sin é annsain agat an sgríbhinn,
a Dhómhnaill." Thóg Dómhnall an sgríbhinn agus léigh
Mícheál a Fáilbhe é. Lean an báille ar a sgéal,
agus bhí na fir ag cur na súl thríd.
"Tháinig anfadh gaoithe do luaisg caisleán Dhoire
Chuinn, do lúb na crainn 'sa' choill acht níor chualaidh
Bárdan pioc de, mar do bhí a shúile ar leathadh ag
féachaint ar an gclabhra, agus bhí sé chómh marbh lem'
shean-athair!"
"Slán mar a n-innistear é," ar bean an tighe.
"Tabhair do lámh dom, a bháille, agus maithimís d'á
chéile," ar Seaghán Dearg.
Níor chuir seisean suim ann, acht thóg sé an tlúdh
'na ghlaic, d'fhéach sé uirthe, leig sé uaidh arís í, agus
d'fhéach 'sa' teine:
"Ná tar am' ghoire, a Dhiarmaid Dhuibh! Fan
mar a bhfuilir. Tá an oidhche fuar fiadhain. Cúmh-
daigh do leanbh i mbeinn do mhná. Bog díom, a
mharbhthóir. Leig dom an sop so do adhaint fá dhíon
tighe Dhomhnaill Uí Bhroin. Féach an bhladhm bhreágh!
Gcloistí mar do chnagann na taobháin? Is breágh
an chnámlach í. Bog díom." Phreab an coileach amach
ar an úrlar, bhuail sé a sgiatháin agus do ghlaodhuigh
sé trí h-uaire. Dhruid Dómhnall leis an mbáille,
chuir sé a lámh go mín truaighmhéileach ar a ghualainn.
Chualaidh sé mar a bhiadh gluthar an bháis 'na sgór-
naigh, do rop sé sgolb giumhaise 'sa' teine agus thóg sé
chun a ghnúise é. Bhí dath bán-ghorm ar aghaidh an
bháille agus bhí a anam sgeinnte as go h-obair.
Chaith na fir iad féin ar a nglúinibh. Chuir an
bhean liúgh aisde.
"Ná bhí ag gárthaidh, a Laoigh," ar a fear.
"Ná coisg í, a Dhomhnaill, a chroidhe. Mo léar-
ghoin! ní dhúiseóchaidh sé é, mo ghreann é," ar Seaghán
Dearg. Do nigheadar é is do thonachadar é chómh
gleóite is dá mbadh chara dhóibh é. Do chromadar ar
é chaoineadh, is do dhearmadar a lochta 's a dhroich-
thréithe. Do bhuail Máire Ní Bhroin a dá bais go
dubrónach is do chaoin is do mhol an corp:-
Ochón mo laogh thú!
Ní dhúiseóchadh an saoghal thú,
'Ná cogadh na bp'léar thú,
'Ná airm ríogh Séamais,
Ná Gearaltaigh thréana
Ag fothrom léime
Chum Galla-phuic bhréana
Do treasgairt ar léana,
Is do sgaipeadh le béime,
Nós Fhinn rí na Féinne.
Bhí tórramh is áirneán ar son chuirp an bháille acu, agus
rochraid go Baile na hEagailse ná facathas a leithéid
le mórán bliadhan roimhe sin.
III
"Ní fheadar 'on tsaoghal caidé an saghas aicíde
do mhairbh an báille bocht?" ar Seaghán Dearg, ar
bhfilleadh a bhaile dhóibh ó'n sochraid.
"Inneósam-na sin duit," ar beirt chonstáblaithe
bhí ag feitheamh leó, agus gabhadh ar an láthair Seaghán
féin, Dómhnall a Broin agus Mícheál a Failbhe fá
amhras gur mharbhadar an báille.
Do leath an sgéal ó Bhaoi Bhéarra go Cláir na
Sionann gur chongaibh Mícheál a Fáilbhe an báille ar
an suidhistín, gur bhuail Seaghán Dearg leis an
dtlúidh i ndiaidh a chúil é, agus gur las Dómhnall
a Broin sgolb giumhaise chum soluis do thabhairt
d'fhearaibh an fheill. Bhí an ceanntar ag buaidhreadh
le cómhrádh baoth, cuid acu 'gá rádh gur thuill an
báille cad d'imthigh air, agus a thuilleadh acu 'gá rádh,
gidh go raibh sé go h-an-olc, gur mhór an truagh é
leagadh 'nós tairbh buile.
Tháining lá an bhréithim fá dheireadh, mar do thioc-
faidh lá an bhreitheamhnais uair éigin, agus tugadh isteach
ar láthair na trí cimidhe go suaidhte seirgthe tar éis
a n-aimsire i mbraighdeanas. Ar Neidín do tugadh
chum córa iad, agus do bhailigh mathshluagh ó bhórdaibh
Chinnmhara, ó'n Snaidhm, agus ó na gleanntaibh, le h-éist-
eacht leis an gcúis, mar bhí fhios aca go ndeárnadar
na h-iasgairí bochta coir a gcrochta. Bhí dlíghtheoir
an ríogh ann, srón chroidhearg air, bláth-choidhp ar a
chloigeann, agus croidhe cloiche 'n-a chliabh. Bhí constáb-
laithe go fulúirseach ann, mar chuaidh an rabhadh amhach
go raibh iasgairí Bhreacruis agus Chinnmhara ar buile le
feirg, agus ar tí na gcimidhe d'fhuasgladh. Níor bh' aon
mhaitheas dóibh é; bhí an dligheadh níos treise 'ná iad.
"A thighearna," ar an dlíghtheoir, go bladhmannach,
"timcheall le deich míle fichead ó'n áit go bhfuil do
thighearnacht ar láthair, tá an Mhuir Mhór Thiar i
n-iarthar Chiarraidhe, agus bhriseas an mhuir seo isteach
'sa' tír agus gairmthear ar an gcuan do rómhair sí amach
Cuan Chinnmhara. Atá an cuan sain timcheall le cúig
mhíle ar leithead i n-áiteannaibh. Ar phort deas an
chuain seo — mar is é an port deas atá fá aighneas
againn an cor so — maireann daoine agus faghann siad
bás" —
"Creidim go maith thu," ar an breitheamh.
Chuir an dlíghtheóir leathgháire as: "Seadh, chum
sgéil fhada do dhéanamh gairid, ar bhruaich an chuain
seo, timcheall le deich míle nó mar sin as so, atá
baile beag atá geárrtha 'na chuasaibh ó thonnaibh na
mara, agus atá sé roinnte 'na chodaibh idir cúigear nó
seisear d'fhearaibh tighe. Áit bhréagh fholláin is eadh
é. Tagann an faoilleán agus an coirliún ann chum
sgíthe d'fhágail, agus is iomdha breac maoth atá ag
snámhadh ar a imeall-bhórdaibh. Tá nó bhí gach duine
do chomhnuigheas ann seasgair sásta suairc, ó tá 'dó
nó trí de bhuaidh ag gach teaghlach aca, agus iasg go
leór ar aghaidh an doruis amach aca. Tá an talamh
beag nach saor aca, ó tá nó bhí an tighearna talmhan
is fheárr aca do rugadh riamh. Bárdan Dhoire Chuinn
do b'ainm dó, agus gabh mo leath-sgéal má thagann deór
im' shúil nuair a luaidhim a ainm, mar ní raibh fear
ar druim an domhain ba mhó maitheas is cáile 'ná é.
Níor chuir sé riamh fear as a sheilbh" — Leig Dómhnall
a Broin osnadh as — "ní mó 'ná chuir sé riamh deór i
súil baintreabhaighe 'ná díleachtaidhe" — Leig Mícheál
Ó Fáilbhe cnead as — "agus muna mbeadh an cíos ag
muinntir Bhreacruis dó, is é an tsuim do chuireadh
sé ann a rádh go mín muinnteardha leis na cuirpthigh
seo dul a bhaile agus go maithfeadh sé dhóibh é" — "Thug-
ais d'éithéach, a dhíolmhanaigh," ar Seaghán Dearg. Do
bhéic Seaghán a Ceallaigh i gcúinne na cúirte — "Mo
chéad greann tu, a Seagháin Dheirg, labhair go dána
leis," acht gabhadh é go tapaidh; do nocht na constáb-
laidhe a gcuaillidhe go tiugh, agus bhí cogarnach is casach-
tach ar fud na cúirte ar nóimit. Choisg an breitheamh
an gheóin seo — fear mín measardha réidh do b'eadh é —
agus do labhair sé go carthannach neamhghnáthach, "a
dhaoine, bídhidh in bhar dtost, agus bíodh ciall agaibh," —
cómhairle dob' fheárr 'ná amhastraigh ortha. Do
dhruid 'trí nó ceathair de chonstáblaidhe ar ghualainn
Sheagháin Dheirg agus d'fhéach seisean go dána ortha, gur
chogair Dómhnall 'na chluais — "Síth, a Sheagháin, a
chroidhe, atá an Slánuightheoir ag tagradh dhúinn."
"Fá mar dubhart," ar an dlíghtheóir, agus a ghlúine
ag lúbadh faoi, — mar do b'é an fear ba mheata bhí i
n-Éirinn é i n-aindeoin na cabhra i ngar dó — "chuir
tighearna an talaimh teachtaireacht shéimh chum na
ndaoine so agus do mharbhadar an teachtaire, mar
fhoillseochaidh an fhínné atá agam."
Phreab constábla ar chlár na fiadhnaise agus d'innis
sé a sgéal ó thúis go deireadh gan locht gan dearmad,
gur innis bean dó gur innis bean di go bhfeacaidh
leath-amadán do bhíodh ag siubhal roimis an choir úd
d'á déanamh.
"Bhuail an leath-amadán liom, chuireas cómhrádh
air, agus d'innis sé dhom go foluightheach, agus tar éis
móráin mhealladh, gur mhairbh na fir ghabhtha so an
báille."
"Cad is ainm do'n leath-amadán so?" ar an
breitheamh.
"Tadhg Giobalach do ghlaoidhtí air, ar an con-
stábla.
"Uch! Dia linn is Muire," ar Máire Ní Bhroin
léi féin, "is iomdha meigín bainne is greim éisg is
práta reamhar do thugas dó."
"Slighe do'n fhear so," ar beirt chonstáblaidhe.
"Sin é an fhínné," ar duine.
"Leaghadh chubhair na h-abhann air," ar duine aca.
"Go sgoiltidh an chaor é," ar fear eile.
"Fuil is gráin air, sin é sgéithfidh ortha," ar
duine eile.
Níor sgaoil Máir' Ní Bhroin easgaine ná mionna
móra ar a cheann, mar bhí sí iriseach a dóthain chum
cuimhnighthe ar an seanfhocal — fágann an mhaidhm a
guidhe chum í féin do dhamnughadh — acht d'fhéach sí idir
an dá shúil air nuair do fuair sí radharc air.
"Faire go bráth, a Thaidhg!" ar sí.
D'fhéach seisean uirthe agus chuir sí gáire as agus las an
bhean bhocht.
"Tá sé ag magadh fúm, acht is beag liom é sin
seachas Dómhnall do dhaoradh."
"Cad is ainm duit, a dhuine chreideamhnaigh?" ar
an dlightheoir.
"Tadhg Giobalach do ghlaoidhtear orm."
"Is leasainm í sin; ta culaith bhreagh éadaigh
ort."
"Á," ar Tadhg, "is fíor dhuit sin; dar muine,
táim im' dhuine uasal; dá mbeadh a leithéid do bhláth-
choidhp orm is tá ort-sa, bhiadh na cailíní óga go léir i
ngrádh liom — féach an t-éadan breágh sain orm, agus gan
ort-sa acht cnuga beag gránna."
D'infhiúch an breitheam go lán-tsúlmar é. Níor
chuir sé sin garrabhuaic ar Thadhg.
"Freagair mé go déadhair," ar an dlightheoir.
"Freagróchad is fáilte, acht cá bhfuil an ceist?"
"Cá rabhais an oidhche seo d'áirighthe, nuair do
marbhadh an báille?"
"Teinn t'iarraithe ort, maran fiosruightheach
ataoi."
"Freagair an dlightheoir," ar an breitheamh go
géar.
D'úmhluigh Tadhg go bonn a chos dó.
"Cuir an cheist arís."
"Cá rabhas an oidhche úd, adeirim leat?"
"Bhíos im' chroiceann, is dócha."
"An rabhais i mBreacros an oidhche úd?"
"I mBreacros, an eadh?"
"Freagair, a fhir mhaith, agus adeirim leat tú féin
do sheachaint," ar an breitheamh.
"Ambasa, tá beirt ag bagairt orm agus ní measa
Cáit 'ná Conchobhar."
"Freagair. Cuir an cheist arís."
"Ó, is mé do bhí i mBreacros agus mo ghiobail ar
sileadh liom, acht is fairsing failmhar an fear an
Sársint. Nách aluinn an chulaith éadaigh í sin. Dar
liaigh, is mise an buachaill go bhfuil an rath air."
"Éist go fóil, a bhuachaill thagartha, is amadán
iarainn thú. Do dhearbhuighis i bhfiadhnaise an iúistís
go bhfeacaís an báille d'á mharbhadh, go raibh sgol-
pán ar fhuinneoig Dhómhnaill Uí Bhroin, gur chuiris i
leathtaoibh é, agus go raibh radharc maith agat ar an
marbhadh."
"Níor dhearbhuigheas ar aon chor. Níor cuireadh
ar mo leabhar me. D'innis an Sársint ó thúis go
deireadh an sgéal agus bhí breis bhéasa agam chum a rádh
leis, "ní h-eadh, ní ad' shárughadh-sa é.""
"Ní mheasann tú a rádh gur cheapais an sgéal
d'innisís do'n Sársint?"
"Níor cheapas aon nídh. Cheap seisean é. Ad-
mhuighim gur fhiafruigh sé dhíom an riabh aon sgéal
agam agus go ndubhart leis go raibh a lán. Cheap sé go
raibh rún agam. "Téanam liom" ar an fear fial-
mhar; "agus tabharfad culaith dheas duit is biadh is deoch
ar feadh mí." Ó, is breágh an fear an Sársint, ní
eiteóchainn é ar mhórán."
"Féach orm-sa go fóil beag," ar an breitheamh.
"Féachfad is fáilte; is dathamhla go mór tu 'ná
an dlightheoir beag cam-béalac geárr-radharcach so."
"Caidé an ceárd atá agat?"
"Saghas leagha is eadh mé."
"Cad do leighiseann tu?"
"Craos-galar, tailicín is ruadh; tá rún leighis
agam dóibh go léir; deoch bhreágh bhríoghmhar is eadh í —
bainne cíoch circe do chur i n-adhairc mhuice is é
mheasgadh le cleite cait."
D'fhair an breitheamh é agus gruaim air.
"Cá rabhais an oidhche úd áirighthe?"
"Ag sranntarnaigh, is dócha, ar do nós féin."
"Cár chodlais?"
"Ar leabaidh, a dhuine m'árann."
"Cá raibh an leabaidh?"
"Mhaise, a dhuine mo chroidhe, is deacair tú
shásamh; bhí a ceann leis an gclabhra, a cosa le bosga
leamhainn, agus a cnaisde deas le fuinneoig, agus a" —
"Seadh, seadh, cia'r ba leis í?"
"Ó, a dhalta mo chléibh, chuiris ceist orm anois;
dubhairt buachaill aimsire an t-sagairt do chodail
im' theannta gur ceannuigheadh an leabaidh sin ó shin-
sin-seanathair Dhómhnaill Uí Loingsigh do rinne le
riocht a lámh í agus gur —"
"Seo, súd orm, a bhitheamhnaigh, go bhfuilir ar tí
mo mheallta acht ná h-éireóchaidh sé leat."
"Dar fiadh, is ó thigh an diabhail go tigh an dea-
main dom; is measa thusa 'ná an puraire dligh-
theora," ar Tadhg.
"Leig domh-sa casadh do bhaint as," ar an dligh-
theoir.
"Ó, diuc agat-sa, a dhlightheoir bhig bhréin mhall-
uighthe," ar Tadhg.
"Gabhaim párdúna agaibh," ar an t-Athair Mícheál
do bhí ag éisteacht leis an bhfínné, "tá an fhírinne
an cor so ag an amadhán mbocht sain, agus tabharfad an
leabhar go raibh sé agam' tigh-se gach oidhche ar feadh
na seachtmhaine úd."
"Ó, a bhreithimh an chroidhe istigh, b'fhéidir anois go
gcreidfeá mé; agus a' mb'fhéidir go mbeadh culaith dheas
éadaigh agat le tabhairt uait, nó a luach?"
"Caith amach fá'n sráid an duine sin agus fuasgail
na fir mhacánta so."
"Bhí geoin áthais 'na chúirt," ar an sagairt, lá 'na
dhiaidh súd, "agus gidh go raibh an breitheamh ar dearg-
lasadh, fágaim le h-udhacht go raibh fáth gáire air."
IV
Ba bhreágh an meadhón lae é súd ar Neidín.
Rug Máire Ní Bhroin barróg ar Dhomhnall; rug
Seagháinín, a mhac cos-lomnochta greim ar ghlúin
air agus Séamuisín greim ar chois eile leis, agus leig an
pháinteach do chonncamar 'sa chliabhán i mBreacros
gáir agus liúgh as nuair do chuir a athair aighneas air.
"Mo chaithis é," ar Máire, "aithnigheann sé go
bhfuil mo Dhomhnall sgaoilte; leig dó a dhá dheár-
nainn bheathuighthe do chur id' mhuinéal mór."
Do rinne an t-athair mar adubharthas leis agus gáir
an leanbh le h-aiteal. Bhí Seaghán Dearg ag féach-
aint go cumannach ar an méid seo agus tháinig smuain-
eadh 'na chroidhe.
"Is breágh an rud bheith pósta," ar seisean leis
féin, "acht ar a shon sain sáruigheann grádh máthar
gach grádh eile."
Bhí a mháthair le n-a chois ag gol go bog le h-áthas
croidhe agus máthair Mhichíl Uí Fháilbhe 'sa riocht chéadna.
Do ghléas muintir Bhreacruis a mbáid i gcaladh
Chinnmhara agus do thionnlaic báid a gcómharsan siar an
cuan iad. Do gearradh meatháin ghlasa i nDún
Chiaráin agus do cuireadh 'na seasamh i n-imeallaibh na
mbád iad. Ba dhóigh le fear faire ar bhruach an
chuain gur chosmhail na báid úd le h-oileán coillteach
ag druidim síos leis an dtuile.
Bhí píobaire 'sa' bhád tosaigh mar a raibh an
t-Athair Micheál, agus Domhnall is a cháirde.
"Seinn suas an "Cailín deas donn," a phíobaire,"
ar Seaghán, agus do chrónán sé féin leis an bport —
"Órú, bog liom, í, bog liom í, bog liom í,
Órú bog liom í, an cailín deas donn.
Órú bog liom í, iompuigh is corruigh í,
Do b'áil liom í bhogadh 's ná bogfadh sí liom."
"Is maith an guth é sin agat, a Sheagháin," ar an
sagart; "can suas amhrán."
"Ar chualaís "Séamas a chroidhe," a athair?"
"Ní cuimhin liom é.
"A Shéamais! a chroidhe! an léan leat mo shlighe!
Ar thaob cnuic lá gréine a' ghéar-ghol 's a'
caoi
Fá chleasaibh ag mnaoi ná faca riamh í
Is ná feadar 'on t-saoghal bhraonach caidé an
taobh go ngabhann sí."
D'fhreagair Máire le rann eile é:-
"A Shéamais! a chroidhe! ní lean liom do shlighe,
'Gur is baoth liom mar chéill duit gur ghéillis
d'á gnaoi,
D'á cleasaibh le draoidheacht is d'á racaireacht
ghrinn,
Is gan fhios ag na h-éanaibh cá taobh go ngabh-
ann sí."
Lean Seaghán arís air:-
"Ní'l rí ceart le fághail, 'sa bhFrainnc 'ná 'sa
Spáinn
Ná fuil a dhóthain mar cheile i bpéarla an
chúil bháin,
Sí'n réalthan í gan cháim do chuir na céadtha chun
fáin
'Sí péarla an chúil chraobaigh tá d'éis mo
chroidhe chrádh" —
"Ail-il-liú! ochón táim caillte! táim báidhte!
cabhair! cabhair! táid am' thachtadh!"
"Ariú, caidé seo? caidé an uaill sin 'sa bhád
deiridh?"
"Mhaise, ná bac leo, a athair," ar Domhnall,
"táid siad ag imirt chleas ar an amallóig bhoicht úd
Tadhg, acht ní baoghal dó iad."
"Bídhidh bhar dtost annsain," ar Seaghán Dearg
le guth do chloisfidhe ar Árd Aoidh.
"Dar mo phortús, tá sgartacha agat, a Sheagháin,"
ar an sagart; "do chuirfeadh liúg eile mar í sin
meiréan orm."
"Cia chúm an t-amhrán úd, a Dhomhnaill?"
"Chualas gur bh'é Diarmaid MhagCraith é."
"Á, ba ghlic an buachaill Diarmaid; ar chuala-
bhar cionnus do roinn sé an fiadh?"
"Níor chualamar, a athair."
"Seo mar do bhí sé; bhí beirt daoine uaisle ag
fiadhach lá amháin, agus do spréachadar p'léir i n-éinfheacht
le cairrfhiadh. Thuit sé. "Mise do leag é," ar ceann
aca. Níor ghéill an fear eile leis sin, agus d'éirigh con-
spóid eatorra. "Maiseadh, fágaimís a roinnt fá'n
chéad fear do chasfar orainn," ar siad-san, agus cia chas-
faidhe ortha acht Diarmaid. D'eitigh seisean an gnó
ar dtúis, acht fá dheireadh thiar thall, tar éis móráin
tathaint, do rinne sé rud ortha. "Beithí sásta lem'
chuid roinnte?" ar seisean. "Beimíd gan amhras," ar
siadsan. Seo mar do roinn sé an fiadh:-
"Ceathramha 'gus leath ag Diarmaid MhagCraith,
'S a' ceathramha gan roinnt ag Diarmaid Mhag-
Chraith;
An ceann is na cosa ag uaislibh na tíorach,
'S an croiceann chun bríste ag Diarmaid Mhag-
Craith!"
Do phléasg Domhnall ar gháiridhe; do chuaidh a
bhean i dtríthidhibh — do b'fhurus gáire bhaint asta mar
bhíodar go léir meidhreach — agus do chuir Seaghán Dearg
is Mícheál a Fáilbhe sgearta asta do chroith an bád is
do dhúisigh an leanbh i mbeinn a mháthar. Níor leig
an leanbh liúgh 'ná béic as. Bhí sé bliadain d'aois
anois.
"Is breágh an boiteallach garsúin é sin agat, a
Mháire," ar an sagart.
"Ba dhual athar dó sain," ar sise.
"Seadh 'gus máthar, i ndomhnach," ar an sagairt.
"Seadh 'gus athar baisdidhe leis," ar Seaghán
Dearg, mar do sheasaimh sé féin leis an leanbh so.
"Caith anall chugam é, a Mháire, agus taisbeánfad
geallóg ag snámh dó."
Shocruigh sí i mbrollach Sheagháin an leanbh.
Thosnuigh Seaghan ar imirt chleas leis an bpáisde agus
rug seisean go dlúith le n-a dhá dheárnainn greim ar
chluais Sheagháin.
"Cogar i leith, a Sheagháin," ar an bhean, "gidh
gur'b olc iad na mná, do b'olc bheith n-a n-iong-
nais," ar sí.
"A' ndeireann tú liom, a Mháire, go raibh
Cáit Ní Shuibhne ag briseadh croidhe ag gol im'
dhiaidh?"
"Muna mbeitheá caoch, do chífeá é."
"Do thug sí a cúl liom ag an gcomhthalán, agus do
rinnc sí le Seaghán a Ceallaigh."
"Mo thruagh mhór do cheann mór, is beag é do chuid
eólais ar na mnáibh. "Tóg uaim é is gan uaim acht
é,"" ar Máire.
"Dar liaigh na bhfeart, a cháirdeas, tá éadtrom-
acht im' cheann," ar Seaghán bocht.
"Ní fheadar cad tá aca so 'á chur tré n-a chéile?
Iasgaireacht, is dócha."
"Ní h-eadh, ní ad' shárughadh-sa é, a athair, acht níor
bh'iongnadh liom gur cleamhnas é," ar Domhnall.
"Féach ar d'aghaidh, a Sheagháin Dheirg, tá a bheag 's
a mhúr 'san gceanntar ag feitheamh linn ar rinn
Bhreacruis."
D'fhéach Seaghán, agus ní mar dubharthas leis, acht fá
dhéin fáis choille ar rinn Rosa Móire, mar ar chua-
laidh sé na h-éin ag cantaireacht. Bhí smólach annsúd
agus a gobh 'san aér, agus a píob ag brúchtadh le ceol. So
mar do chan sí, dar le Seaghán:-
"Grádh do chroidhe í! grádh do chroidhe í!
Cáit Ní Shuibhne! Cáit Ní Shuibhne!
Beidh sí 'gat, beidh sí 'gat, beidh sí 'gat."
"Cad tá ort, a dhuine?" ar Domhnall, "ná bris
an maide rámha, tá teinneas im' láim ó'n stiúir seo
id' choinnibh."
"Tá deabhadh air," arsa Máir ag mion-gháiridhe.
Bhí an ghrian ag dul faoi nuair do chualadar liúgh
lúthgháireach tarsna an chuain ó'n mathshluagh bhí cruinn-
ighthe ar rinn Bhreacruis. Ní fhacaidh Seaghán aithid
aca 'ná na h-ualaigh mhóna agus brosnaigh bhí ceartuighthe
ar bárr faille ar tí teine cnámh d'adhaint i gcomhair a
dteachta. D'fhéach sé go géar i bhfus is tall ar lorg
Cháit 'na measg. D'fhair Máire é agus fáth gáire uirthe.
"Sin í annsúd í, ar ghainimh na trágha, bean gheal
dubh an píobáin ghléigil," ar Máire.
Phóg Cáit Ní Shuíbhne Máire, phóg sí Domhnall,
phóg sí na leinbh, agus níor cheil sí a gnúis ar Seaghán.
Rinne sé a lán-dícheall an cor so ar crothadh lámh do
thabhairt di acht bhí garsúin óga go raibh cumann aca
dhó agus bhí beirt aca ag marcaigheacht ar a ghuailnibh, a
thuilleadh aca ar a dhrom ag stathadh a stuth gruaige.
"Dar a páis fiadh, bogaidh de Sheaghán agus ná múchaidh
Mícheál a Fáilbhe; is measa dhóibh sibh-se 'ná an
braighdeanas," ar an sagart.
"Ca bhfuil an píobaire? Seinn suas "Páidín
a Raithbheartaigh" dhóibh."
"Rinncfead-sa is Máire seal díbh, tóg do chómh-
rinnceóir, a Sheagháin Dheirg," ar Domhnall.
Bhí an mhóin tirm agus an brosna briosg, agus fá cheann
nóimit bhí sgáil na cnámhlaighe i bhfad amach ar an
uisge agus na rinnceóirí ag damhas ar an bhfaithche.
Bhí bladhm na teineadh ag dul i laighead, an
smólach 'na tost 'sa choill, agus an faoilleán 'na codladh
ar bhárr na tuinne, agus corrán gealaighe 'sa' domhan
tiar, acht bhí na rinnceóirí fós go lúthmhar mear.
"Och! ní thuirseochadh an saoghal iad," ar Domhnall.
"Ó, a Cháit, níor mhaith leath mé bheith crochta,
b'fhéidir?" ar Seaghán.
"Och! a dhuine gan mheabhair, níor mhaith liom gadhar
mo chomhursan do chrochadh," ar sise le gáire meidhreach.
Thuit chroidhe Sheagháin bhoicht 'na chliabh, agus dubhairt
sé leis féin nach raibh an ceart ag an smólach úd.
Ghlaodhuigh Máire Ní Bhroin i leathtaoibh ar Cháit agus
bhí siosmarnach aca ar feadh tamaill mhaith.
Tá an smólach úd, nó inghean a h-inghine ag canadh
fós i bhfáschoill Rosa Móire, tá an taoide ag
trághadh is ag líonadh i gcuan Bhreacruis mar do bhí
sí ó thúis an tsaoghail, tá bradán maoth ann, agus col-
móir trom, acht níor tháinig an bléidhmhíol aníos ó'n
Muir Mhóir ann le fada de bhliadhantaibh, acht an
t-aon uair amháin úd do chas sé ar seachrán ann. Deir
Seaghán Dearg gur cuireadh an sonas air féin. Deir
sé féin agus deir Cáit gurab é an míol mór úd do chuir
uamhan báis ar Bhárdan Doire Chuinn agus adeir Seaghán,
muna mbeadh an braighdeanas úd d'fulaing sé féin
ar son bháis an bháille, nach mbeadh Cáit aige, mar is
"i n-am na bruide braithtear do chongnamh."
EACHTRA RISTEÁIRD
Bhí fear óg caol árd ag spaisteóracht ar bhruach
Locha Léin maidin bhreágh drúchta le héirghe
an lae i mí na Bealtaine. Bhí folt fionn
air, is éadan leathan sleamhain air, súile glasa aige,
is lámha míne geala air.
"Há, há" an tusa, a Mhuiris Uí Mhathghamhna?" ar
guth glórach árd-aigeantach as fáschoill i ngar dó.
"Is mé go díreach, a Risteáird, mar is tú atá
ann; aithnighim an guth úd. Buail mar so."
Do chorruigh an duilleabhar i leathtaoibh, agus do
dhruid fear amach asta fá dhéin Muiris. D'fhéach sé
i bhfus is tall ar an machaire, agus annsin do rinne
ar Mhuiris. Dob' é seo an fear do b'áilne d'á
bhfeacaidh súil riamh. Bhí sé ós cionn sé troighthe ar
aírde, ciabh-fholt casda air, is srón dhíreach fhada air,
rinn mhín chaol uirthi, is polláirí fairsinge innti; dá
shúil sholusmhara chaoine charthannacha aige; béal tan-
aidhe dlúith; smeigín cearnach air; gruadh uaibhreach,
agus luisne 'na phluic. Bhí sé caol fá íochtar is teann
fá uachtar; guailne gaisgidhigh air agus clár ochta con.
Do shín Muiris a lámh chuige agus rug an fear eile
uirthi le crobh do bhí láidir a dhóithin chum tarbh buile do
chosg.
"Dia bheatha ad shláinte, a Mhuiris;" ar seisean,
"chualas gur thángais ar ais."
"Go mairis slán, a Risteáird;" ar an fear eile,
"thangas athrughadh 'réir a bhaile, agus is mór an cathugh-
adh do chuir sé orm a chlos go rabhais ar do theicheadh."
"Is dócha é, is dócha é," ar Risteárd de Barra,
"acht ní fhuil leigheas air."
"Cuimhnighid siad ort-sa, 'sa bhFrainnc fós; tá an
ceann práis ann leis," ar Muiris.
"Á!" ar Risteárd, "ar chuir éinne eile sgoilt
ann níos doimhne 'ná mise?"
"Níor chuir, agus ní cuirfear go bráth arís.
Tháinig mathshluagh chum an choláisde lá saoire, bhuail
gach duine aca buile d'á chloidheamh ar an bplaosg
práis úd, agus chífeá rian 'na ndiaidh acht sin a raibh.
Bhí fear aca, fear breágh deallrathach leis; Siair-
míneach, is dóigh liom, do b'eadh é, agus tháinng fearg
air, is do mhionnuigh sé nár bha le brígh do ghéag do
chuiris an rian úd ar an bplaosg, acht gur leigis
faobhar an chloidhimh ar an gcloigeann, agus gur
bhuail duine éigin eile a chúl le ceap-órd. Seadh,
d'fhóbair go mbeadh bruighean eadrainn, acht réidhtigh
do shean-oide í, agus chuir sé d'fhiachaibh ar an Siair-
míneach srian do chur le n-a ghuth — "agus a dhuine
m'árann," ar seisean, "chonnarc féin an gearradh sin
d'á chur 'sa phlaosg práis. Éireannach do rinne é,
agus dá mbeadh sé annso indiu geallaim duit go
rachadh sé dhíom do phlaosg-sa do chonghbháil ó scoilt
níos doimhne 'ná sin do bheith ann.""
"Maise, mo chéad greann an t-athair Tomás, ba
mhaith an sás trasgairt do bhaint as duine é féin, dá
gcuirfidhe air, agus deirim é sin ó n-a éideadh amach,"
ar Risteárd.
II
"Ca huain do gheobhamaoid na hairm úd do
gealladh dhúinn, a Mhuiris?"
"Ní i mbliadhna, is baoghalach, acht beidh an
"Dronnóg" annso fá cheann ráithe. Tiocfaidh sé 'n-a
fhear siubhail an cor so, agus measfar gur bacach é
ag iarraidh déirce; acht labhramaois í i gcogar:
"Bíonn cluas ar an gcoill.""
"Mhaith," ar Risteárd, "buailfeam leis."
"Cá bhfuilir an tí gabháil anois?" ar Muiris.
"Och, ní fhuil orm acht amhras fós," ar Risteárd,
"rachad a' feicsint Iarla Chinnmhara; tá báidh aige
liom, agus b'fhéidir go ndéanfadh sé caradas dom.
Ba mhór an tubaiste go ndeachaidh an dá shaighdiúir úd
fá dhéin mo thighe. An bholgach ortha! Bhíodar ag
cuardach annso 's annsúd. Dubhart leo nach raibh
bille ná arm im' thigh, acht tharraing ceann aca a
chloidheamh; nocht an fear eile a chloidheamh leis, agus
mheasadar iad do sháthadh thríom. Nár dheas an gnó
é? Sgread mo dheirbhshiúr. Rugas féin ar chúl cinn
ar an raisbín saighdiúra, agus ar bhaic a mhuiníl ar
an mealbhóig eile, agus admhuighim gur ghortuigheas
iad ag gabháil díobh ar a chéile. Deirthear liom nach
bhfuil aithne ná úrlabhra ag duine aca, agus go bhfuil
aghaidh an fhir eile loitthe ar feadh a shaoghail."
"Dob' olc an obair í," ar Muiris.
"Dob' olc, is dócha; táthar im' dhiaidh go dian
anois, acht má fhaghann éinne de'n bheirt bás, beidh-
fear níos déine ar mo thí. Tá, mar adubhart, saghas
báidhe ag an Iarla Liom, gidh nach bhfuil puinn ionn-
taoibhe agam as, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé cosg
leis an dtóruigheacht so. Cuirthear mór-shuim i
n-anam saighdiúra, acht dá mbadh Éireannach bocht do
bheadh i gcontabhairt báis, measaim nach mbeadh a leith-
éid sin do bhualadh bas mar gheall air."
Leis sin do thug Risteárd truslóg chum falla na
coille; bhuail sé leath-lámh air, agus thug baoith-léim
amach ar an mbóthar.
"Is iongantach é a lúth," ar Muiris, agus chrom
sé ar aírde an fhalla do thomhas. "Á! caidé seo?"
ar seisean. Chualaidh sé sodar capaill agus liúgh
marcaigh.
"Seas, a mhéirligh, tá fuil bheirte saighdiúir ort,
agus géill i n-ainm an ríogh."
"Seasóchad," ar Risteárd i nguth árd, "acht is í mo
chómhairle dhuit, a dhíolmhanaigh, gan teacht im' ghoire."
Do nocht an t-oifigeach a chloidheamh — deirthí go
ráibh sé chómh haicillidhe gur bhain sé na cnaipí as
casóig an fhir chloidhimh do b'fhearr 'sa cheanntar d'á
aindeóin i n-aimsir chomórtais, agus gan oiread is
braon fola do dhortadh.
Siúd é an fear do bhí ag déanamh ar Risteárd agus
gan aige-sean le n-a chosaint féin acht bata droighin.
"A Rí na bhfeart," ar Muiris, "tá deireadh le
Risteárd, acht rachad chum a chonganta," agus d'fhéach
i bhfus is tall le h-aghaidh úirlise catha d'fhágail.
Rug sé 'na ghlaic ar fhásán fuinnseóige, acht ní strac-
fadh géaga Dhiarmada Uí Dhuibhne as a fréamhaibh í
seo. Thug sí iarracht ar chraoibh do bhriseadh, acht bhí
sí sin ró-righin; agus fá dheireadh do phreab sé ar
láthair gan arm 'na láimh 'ná fiú cloiche aige le n-a
caitheamh leis an oifigeach.
"Na géill go deo dhó, a Risteáird. Cuimhnigh ar
ghaisgeadh do shinnsear."
Bhí smigeadh gáire ar an oifigeach, agus é ag
féachaint go géar fonamhadach ar Risteárd, greim
ar a chloidheamh aige, agus béal an eich chiair chuthaigh
leath-fhosgailte, claon 'na mhuinéal, a chluasa 'na
seasamh, agus a shúile ag rinnce. Bhí Risteárd ar
dearg-lár an bhóthair, greim ar mheadhón a bhata aige,
a bhéal dlúithte, faobhar ar a fhiaclaibh, faghairt 'na
shúilibh, agus goic air.
"Bog breágh!" ar an t-oifigeach, agus thuig an
t-each ciar é. Dhruid sé le n-a ghlúnaibh é, thug an
t-each prap-léim fá dhéin Risteáird; chrom an mar-
cach a cheann chum na muinge; chonnairc Muiris
taitneamh an cloidhimh ar nós cuair lasrach; chon-
nairc sé bata Risteáirid ós cionn a chinn; chualaidh
sé fuisg an chloidhimh thríd an aer; chonnairc sé
léim Risteáird i leathtaoibh, agus chualaidh sé fuaim
a bhuille, ní ar faobhar an chloidhimh, acht ar chúl an
chloidhimh; chonnairc sé an t-each mear ag casadh ar
a chois; chonnairc sé léim eile; chualaidh sé fuaim
an bhata an cor so ar thaobh an chloidhimh; chonnairc
se lámh oifigigh ag lúbadh le tréineacht bhuille
cosanta Risteáird, agus, gidh gur shaoil sé gur
léim an t-each cuthaigh tar cheann Risteáird, níor
léim, mar do chrom seisean é féin, agus do phreab
sé as an t-slighe; acht nuair do chí an t-each ag
sgeinneadh thairis, chas an bata chomh tiugh le splanc,
agus buaileadh an t-oifigeach i gcúl an chinn. Tógadh
as an diallait é leis an mbuille sin, agus caith-
eadh é 'na phleist tar chluasaibh an chapaill. Sheas
an capall chomh socair le gallán sléibhe; rith
Muiris fá dhéin an oifigigh; níor chuir seisean cor
i gcois 'ná láimh de, mar bhí cúl a chinn briste 'n-a
bhrúsgar. Bhí an t-oifigeach ar a bhéal is ar a
aghaidh ar an mbóthar; rug Muiris an bhóna cas-
óige air, is d'iompuigh sé ar phleasg a dhroma é.
"Ní fhuil gíog ann," ar seisean.
"Beannacht Dé le n-a anam," ar Risteárd,
agus chromadar araon ar a nglúnaibh i n-aice an
duine mhairbh.
D'éirigh Muiris 'na sheasamh; shín sé a lámh chum
Risteáird.
"Rinnis comhrac iongantach," ar seisean.
"Cómhraiceann an franncach ar son a anma," ar
an fear eile.
"Á! chím go bhfuil fuil ort," ar Muiris.
"Och, ní fiú biorán é; is dócha gur shleamhnuigh an
cloidheamh ar an mbata mar faghaim go bhfuil sgeal-
bóg de'n chroiceann dem' lúidín."
"Cad do dhéanfam leis an gcorp so anois?"
"Do thuilleas a chloidheam go h-áirithe, agus beidh
gé agam leis," ar Risteárd, "agus fágfamaoid é
féin is a chapall annso. Beidh fear ar a thuairisg
go luath, gan amhras, mar táan ruagadh lasmuigh ar
mo thí-se."
III
"Éist" cloisim fothram capall ar droichead na
Fleasga," ar Muiris. Chuir Risteárd cluas air
féin.
"Ataoi ceart, a dhalta," ar seisean.
"Bímís ar siubhal," ar Muiris.
"Beidhead-sa ag druidim liom, acht bí-se ag dul
a bhaile."
"Ní fhágfad thusa, a Risteáird, mar táim chómh
cionntach leat; ghríosuigheas tú chum catha, agus dá
mbeadh bata agam bheinn leo' thaobh an uair úd."
"Bíodh ciall agat, a dhuine m'árann. Ní beag
go bhfuilim-se ar mo choimeád, agus gan tusa do bheith
ins an amhgar chéadna led' thoil féin."
"Réidhtéochamaoid an cheist sin ar ball; rith
leat," ar Muiris.
Phreabadar araon isteach 'sa choill, agus ní túisge
bhíodar foluighthe imeasg na gcrann 'ná gur chualadar
stoc airm.
"Á! shaoileas go mbeithidhe 'n-ár ndiaidh go tap-
aidh; an bfuil eolas na gcasán agat?" ar Muiris.
"Tá aithne agam ar gach faill agus pluais
agus crann i gCnoc Tuirc; is minic do leanas an
cairfhiadh ruadh imeasg na dtúrtóg so, acht ní fhuil
fiú gunna agam le leath-bhliadhain anois. Do
chuireas uaim é nuair do chualas go raibh amhras
orm; acht is beag an mhaith dhom é."
Tharraing sé sgian dubh as a chrios, d'iompuigh sé
isteach imeasg na gcarraig agus fá cheann nóimit
bhí sé le cois Mhuiris arís.
"Ní fhuil aon nídh id' láimh," ar sé. "Tóg an
chleith-ailpín seo; b'fhéidir go dteastóchadh sí uait
láithreach; chualas casacht fir; tá eólaidhe éigin aca
seachas saighdiúir, acht luighmís ins an raithnigh so go
fóil beag, agus faireóchamaoid."
Do luigheadar mar a rabhadar.
Is gairid go dtáinig beirt saighdiuirí ar an
gcasán ar a n-agaidh amach; phreab ceann aca ar
mhullach faille, agus d'féach sé timcheall air. Rug
Risteárd go docht ar dhorn-chúl a chloidhimh — cloidheamh
an oifigigh mhairbh, — agus d'fhéach sé go míothaitneamhach
ar an saighdiúir.
"Ná cuir cor díot; ní fheiceann sé pioc dínn,"
ar Muiris.
Chuir an saighdiúir glaodh árd as agus d'fhreagair
an stoc airm ó'n mbóthar é.
"Car ghabh ár n-eólaidhe?" ar se, i mBéarla.
"Dar mo láimh," ar an ceann eile, "bhí sé annso
ó chianaibh, agus atá sé imthighthe mar do shluigfeadh
an talamh é, agus atá mo chloidheamh-se ag an mbith-
eamhnach leis."
D'fhéachadar i bhfus is tall, rith fear aca mar
so agus fear mar súd. Sgeinn duine aca ar ais
an casán suas, agus an fear eile le fánaidh; acht
d'fhilleadar arís chum na faille.
"Bhí ár gcuaird i n-aisdear," ar siad-san; "go
marbhaidh an chaor fear na déirce."
Bhí Muiris ag cur na súl thríotha, agus bhí ceann
aca chómh cómhgarach do Risteárd gur mheas sé preab-
adh 'na shuidhe agus é thasgairt le n-a chloidheamh,
acht go ndubhairt Muiris leis foighde do bheith aige.
Fá dheireadh d'imthigheadar an casán síos ag mion-
chaint le chéile, duine aca ag cur an mhilleáin ar
an nduine eile, agus fá cheann nóimit tháinig cúig-
ear nó seisear eile ar a sálaibh.
D'iompuigh Risteárd ar a leath-uillinn, agus cia
bhuailfeadh 'na choinnibh acht fear beag dronnach ar a
chor-ghiub ins an raithnigh.
"Móra dhíbh," ar an fear beag.
Do leath a shúile ar Risteárd.
"Dar mo bhaisteadh," ar Muiris, "is é an
Dronnóg atá ann."
"Is mé go díreach," ar an fear beag; "bhuail
oifigeach 's a bhuidhean liom le héirghe an lae.
D'iarras déirc air, acht fear borb is eadh é, agus
chuir sé cloidheamh lem' sgórnaigh. "Bíodh do rogha
agat," ar seisean, "bás nó treoireacht! Tá aithne
agat ar chasánaibh Cnuic Tuirc; má fheicimíd lán
súl de Risteárd, gheobhair féirín." Do chromas ar
áiteamh air gurab í an oidhche an t-am do bh'fheárr
chum an ghnótha sin do dhéanamh, agus thairgeas a
thabhairt i láthair Risteáird i meadhón na hoidhche
anocht, agus geallaim dhuit ná rachaidh sé slán ar ais."
Bhuail an Dronnóg bas ar a cheathramhain agus
thosnuigh sé ar dhranntán is ar mhion-gháiridhe go
meidhreách.
"Bhí an t-oifigeach ar muin capaill agus a
bhuidhean ag coisidheacht. Gheallas dó go dtaisbeán-
fainn an casán leathan d'á bhuidhin, acht go rachainn
i bhfolach uatha 'sa choill. Mheallas é mar sin, an
t-amadán bocht. Dubhart leis go raibh pluais fá bhun
easaigh Chnuic Tuirc gur ghnáthach le Risteárd dul
chum suain innti, agus go ngeobhamaois 'n-a chodladh
é; acht go mbeadh onóir na gabhálta aige-sean amháin.
'Seadh! chas sé ar a chois d'éis orduighthe do thabhairt
d'á bhuidhin rud do dheánamh orm-sa, agus beidh siad
oidhche anocht agam 'sa' chasán chumhang chontabhairteach.
Bead féin agus an t-oifigeach i dtosach ar bhárr
easaigh Chnuic Tuirc; gheobhad leathsgéal le dul i
leathtaoibh, tabharfad cor do'n fhear deiridh, tuitfidh
seisean i gcoinnibh an fhir ar a bhéalaibh — tá sé i
gcumhacht leinbh an gníomh gaisgidh seo do dhéanamh —
agus sleamhnóchaidh an bhuidhean úd céad troigh nó
níos mó. Geallaim díbh ná cuirfidh sé garrabhuaic
orm-sa oifigeach Saxanach agus a dhroch-bhuidhean d'á
mbrughadh is d'á mbasgadh le faill mhóir Chnuic
Tuirc. Congaibh an cloidheamh go bhfillead, a
Mhuiris."
"Ó, Dia linn!" ar Risteárd, "dob' fheárr liom
comhrach leo go fearamhail faobhrach 'ná iad do chaith-
eamh le faill mar sin ar nós beathadhach allta."
"Agus cad eile iad?" ar an Dronnóg, "mo
thruagh mhór tú, a Risteáird! Beidh an méid sin de
naimhdibh Éireann imthighthe, agus is cuma liom-sa
caidé an chuma go n-imtheóchaidh siad. Bhí breis fear-
amhlacht is onóra is truaighe croidhe le h-Éireann-
aigh ag cómhrac leis na díolamhnaigh seo, agus atá
a rian air. Do buadhadh ar na hÉireannaigh agus
'chonách sain ar na hóinseachaibh bochta. Ní raibh
gliocas 'ná feall a ndóithin ionnta; acht geallaim
dhuit go bhfuil fear annso do chómhraiceóchaidh na
Saxanaigh seo an fheill le n-a n-úrlaisíbh féin."
Leig Risteárd osnadh. D'fhéach an Dronnóg air.
"Dá mbeadh tarbh buile ar tí do mharbhtha agus gan
agat acht do dhóirne, déarfá leis, "Ó, san go fóil
go bhfásfaidh adharca orm-sa, nó cluasa fada, agus
annsin, a thairbh, a laoigh, troidimís le n-a chéile
gan buntáiste.""
"Dá mbeadh agat acht bata droighin, an dtroid-
feá le fear cloidhimh?" ar Muiris.
"Mo chreach!" ar an Dronnóg, "níor chás dom,
agus an dronn so orm; acht do dhéanfainn ar chuma
eile é, 'sé sin, do dhéanfainn síth leis d'á aindeóin,
mheallfainn a chloidheamh uaidh, agus do bhainfinn a
cheann de. Is feárr troid le hintinn 'ná géagaibh."
"Do mhairbh Risteárd an t-oifigeach úd."
"Á! caidé sin agat 'á rádh?" ar an Dronnóg.
"An fhírinne," ar Muiris.
"Mhaise, a Risteáird, bhí an botún i gcómh-
nuidhe ort. Nár bh'fheárr mórsheisear do bheith marbh
agam-sa 'ná aon cheann amháin agat-sa. Uch! tá
neart an daimh ionnat, acht inntleacht an ghé. Cait-
fead bheith ar siubhal, nó ní bhainfead gé asta súd."
Leis sin do sgeinn sé uatha le cosa con.
"Tá droch-fhuadar faoi siúd," ar Risteárd.
IV
Bhí an Dronnóg i gCill-Áirne ag caint le ceann-
urraid an airm, agus deór 'na shúil.
"Chailleas an duais bhreágh úd go gheall an
t-oifigeach dom; acht ní hé sin amháin atá ag goill-
eadh orm. Ní mór an nídh é sin seachas an bás
obann do fuair an fear áluinn" — do shil sé deor
eile.
"Bhí aithne agat air?" ar an ceann-urraid.
"Bhí go dian-mhaith, acht ní hé sin ar fad é, acht
do gheallas dó an sgriosadóir úd do ghabháil, rud is
furus go leór i n-uaimh a shuain."
Seo ag cur 's ag cúiteamh le n-a chéile an bheirt,
ceann-urraid an airm ag cumailt a chuid féasóige,
ag smuaineadh, ag cur súl 'sa' talamh agus ar
uairibh ag infhiúchadh na Dronnóige go leath-amhrasach,
leath-ionntaoibheach; acht eisean gan duairc air, go
mánla mín, ag tarrang deilbhe uamha Chnuic Tuirc
le n-a bhata ar ghainimh an bhóthar; agus anois is
arís ag bualadh a dhá mhéar deise ar dheárnainn a
bhaise clé, agus ag tathfant go géar-inntleach ar an
gceannurraid.
Fá dheireadh d'umhluigh an Dronnóg dó, agus do
chas sé a chois. Bhí athrughadh gnúise air, i n-ionad
na gceannaighthe mánla macánta do chuir sé air féin
ag uraghall leis an gceann-urraid: bhí gruaim air,
bhí a dhá phluic súighte isteach, bhí drann ghránna air,
bhí polláirí a shróna crapuighthe mar do bheadh cruimh
'gá dtochus, agus splanc 'n-a radharc.
"Á," ar seisean, "is géar-chúiseach an buachaill
an captaoin, acht bainfead-sa léim as anocht nár
thug sé a leitheid ó laethibh a lámhacáin."
V
Bhí gcóin agus gleó ag na héanaibh i gCnoc
Tuirc, an londubh ag áiteamh ar an gcairsaigh, an
spideóigín bhruinn-dearg ag imreas le Diairmín
riabhach, siocháin na mbeann ag foluamhain ós cionn
na gcrann, agus an cora-cú d'á chantain ag colúir
na coille.
"Is breágh é, bheith ag éisteacht leo," ar Muiris.
"Is breágh," ar Risteárd, "agus ar ball nuair
do bheidh siad 'na suan, ní chloisfir gíog acht amháin
glór na sruthán, agus easach Chnuic Tuirc ag cur
osnaidhe as le méid a shaothair. Do chodlas an
tseachtmhain seo ghabh tharainn chomh suanmhar ins an
uaimh seo fá bhun an easaigh is dá mbeinn i leab-
aidh chlúimh."
"Ní fuláir go gcuirfeadh an fear millteach úd
aighneas orainn anocht?"
"Ní dóig liom é," ar Muiris, "acht ar a shon sin
féin, ní cóir dúinn dul a chodladh fós. Tá sé siúd
fíochmhar, agus is baoghalach go bhfuil sé fealltach,
acht ní fhuil sé ar mo thí-se 'ná ar do thí-se. Acht má
chuireann sé roimhe na saighdiúirí do thabhairt annso,
bain an chluas díom go ndéanfaidh sé é."
"Caidé an saghas cumhachta atá aige?"
"Ní draoidheacht 'ná diablaidheacht atá aige, acht
do mheallfadh sé an chnámh as dranndal an mhadra.
Ní fhacas riamh a leithéid le gliocas; acht táim
eaglach go dtabharfaidh sé easgaine Dé orainn. Is
mór é a ghreann d'Éirinn; acht is mó é a fhuath do
Shaxain; agus gibé coir be thruaighmhéile, ní chuirfeadh
sí garrabhuaic air i dtreó go bhfuigheadh sí an bhuaidh."
"Á, is contabhairteach an t-ainmhidhe é," ar
Risteárd, "agus má tá éirghe amach le bheith againn,
do b'fheárr as an tslighe é. Mar sin féin, ní
bhfaghaim locht air mar gheall ar an bhfuath úd — atá
an gnáth sin creideamhnach go leór — acht ní maith liom
an croidhe fealltach neamh-cháidheach."
"Ní chluinim focal uait; támaoid ró-chómhgarach
do'n eas so. Druidimís amach fá'n mbán."
"Tá sé in' amh codlata, ámh. Tá cuileann cap-
aill ag fás ar urlár na h-uamha, agus fionnamhóin
ar a taobhaibh, agus beimíd chomh cluthmhar innti le
dreóilín 'na nead."
"Siubhail ort, mar sin," ar Muiris.
Bhí Risteárd 'na chnap codlata láithreach, acht
níor thuit néal ar Mhuiris. Mheas sé gur chualaidh
sé coiscéim thomhaiseach fear n-airm. Chuir sé cluas
air féin, acht ní raibh ann acht seotha binn na sruthán.
Fá dheireadh do bhuail sé a bhrat air, agus seo amach
fá'n gcoill é.
Bhí na coillte 'na suan agus gan aon nídh ag
briseadh ciúinis na h-oidhche, acht fuaim an easaigh.
Bhuail an fear suas an casán fá aghaidh an chnuic.
Sheal sé mar a raibh cor-lúb ins an gcasán ós
cionn an easaigh, agus d'fhéach sé síos ann. Bhí
faill shleamhain dhíreach ann i ngoireacht troighe dhó,
agus tháinig critheagla air.
"Aon tuisleadh amháin, aon chéim amháin i leath-
taoibh," ar seisean, "agus do dhéanfaidhe blodha de'n
té do thuitfeadh léi. Is uathbhásach an basgadh í, agus
níor mhaith liom an leómhan buile do thuitim leis an
splinc seo."
"Éist!" ar seisean leis féin, "shaoileas gur
chualas coisidheacht."
D'éist sé go faireach. Chualaidh sé mar a bheadh
mionchloch go mbuailfidhe speach uirthi, agus go gcuir-
fidhe ag únfairt as an gcasán síos í imeasg na
nduilleabhar ndreoighte. Chuir sé a chluas le talamh.
Bhris sgread amach ar chiúineas na h-oidhche, agus
bhain sí mac alla as na cnocaibh. Liúgh uamhnach
bhrónach eile, mar do bheadh leanbh d'á bhrúghadh, agus
d'á mhilleadh, agus annsin mionna fear feargach.
Phreabh sé le fánaidh fa dhéin na h-uamha, acht bhí
Risteárd ag á béal agus a chloidheamh 'n-a láimh aige.
"Ar airighis aon nídh?"
"D'airigheas. Táthar chugainn. Cá bhfuil mo
chloidheamh?" ar Muiris — d'fhág an Dronnóg dá
chloidheamh áilne aca.
Rith an bheirt fhear amach ar an gcasán. Gidh go
raibh an oidhche gan éasga, bhí sí réaltannach, agus
chonncadar ar fíor-fhaobhar an mhullaigh buidhean
fear.
"Teichimís," ar Muiris.
"Ní theicheócham," ar Risteárd; "tá an Dronnóg
ann," agus leig sé féin liúgh as do mhúsglóchadh,
beagnach, na mairbh.
"Holú-ú, druididh ar gcúl ó'n splinc," ar
seisean, acht ba bheag an maitheas dó é. Is suarach
nár thuit an cloidheamh as a ghlaic nuair do chualaidh
sé sgread obann uamhnach, agus chonnairc sé fear
ag preabadh ins an aer, agus fear eile le béic
'na dhiaidh, agus fear eile fós.
Tháining sgannradh ar an mbeirt fhear agus do
theicheadar, acht léim an bhuidhean anuas ar casán
fá n-a ndéin, fiche fear aca ag uaill is ag spalpadh
mionna móra, ag fiuchaidh le buile fheirg, agus chómh
mianamhail chum fola le faolchoin. Bhí an casán
cumhang, agus fréamha crann ar a imeallaibh. Bhí
Muiris i dtosach, agus thug Risteárd leath-shúil tar
a ghualainn. Leis sin, do bhuail sé barr a choise
ar fhréimh agus do thuit sé ar a thárr i n-áirde.
Phreab sé ar a chora-ghiub agus chaith sé é féin i
leathtaoibh i n-am, mar ba dhian í an thóir, agus bhí
rinn dá bhaigneit curtha 'sa láthair gur thuit sé.
Níor stad na fir dheiridh — níor bh'fhéidir leó cosg —
agus do thiomáineadar le fuinneamh na fir thosaigh
le fánaidh. D'éirigh gail is gaisgeadh Risteáird
leis an bhfeall do rinneadh air. Do thug sé ruagadh
is ruathar 'n-a ndiaidh is 'n-a ndiaidh is 'n-a measg,
agus do thionnsgain sé ar a n-athchumadh agus ar a
n-éirleach. Do chasadar ar a sálaibh go borb
fíochmhar, rinne oifigeach óg iarracht ar a ngléas
is a gcórughadh; acht sul a raibh an dara focal as
a bhéal do sgoilt Muiris a phlaosg go carbad.
D'iompuigheadar ar Mhuiris, go mearbhalach ag
tuitim i gcoinnibh a chéile. Shaoileadar go raibh
sluagh 'gá gcomhrac, acht ba chalma 's ba chlisde
eisean chum greas do bhualadh le cloidheamh. Níor
bh'é an fear Risteárd chum faillighe do thabhairt
do'n bhfóirithin so, agus ba uathbhásach a raon madhma
agus a bhéim mharbhthach. Acht aon nídh amháin, níor
fághadh 'n-a mbeathaidh de'n bhuidhin bhuirb sin acht
beirt do rith le n-a n-anamaibh as casán an áir.
"An bhfuil tú gonta, a Mhuiris, a ghráidh ghil?"
ar Risteárd.
"Och, ní fiú biorán é; do mheath mo chleas cosanta
an uair seo amháin dem' shaoghal, agus atá sgríob
bheag ar m'uillinn dheis."
"Greadadh chugaibh, an bhfuiltí 'nbhar mbeathaidh,
a amadána?" ar guth ó bhárr na splince, agus cia
sheólfadh anuas chuca acht an Dhronnóg go slán socair.
"Bheirim-se liaigh gur bhreágh an léim do thug an
ceann-urraid sin agus a bheirt fheadhmannach ar a
chúlaibh!" A Risteáird, a dhalta, ní thabarfad mionn,
is ní dhéanfad easgaine, mar adeir an seanfhocal
go bhfaghann an mhaidm a guidhe chum í féin do
dhamaint, acht chuiris an botún ar an ngnó so.
Thugas rabhadh dhíbh; bhuaileas bárr coise ar spal-
aibh an chasáin anois is arís, agus steallas fá'n
gcoill iad — bhí súil agam go mbeadh Muiris las-
muigh, gidh go mbeadh Risteárd 'na chodladh."
D'fhéach Risteárd air go neamhchuamannach, agus
mheas Muiris athrughadh do chur ar an gcomhrádh.
"Chualamar uaill mhíonádúrtha éigin."
"Á, chualabhair, an eadh?" do ráidh an Dronnóg,
gan colg, gan cáim. Is baoghalach gur dhúisigh an
uaill sin Risteárd. Chuireas painntéar roimh gheirr-
fhiadh um thráthnona. Chuireas fám' fhalluing é go
cluthmhar, agus nasg ar a bhéal, agus ar m'fhal-
luing-se gur bh'é sin an buachaill chum rabhadh
thabhairt uaidh. Sgaoileas an nasg de ós cionn
an easaigh, thugas miotóg do'n bhioránach, rinneas
crúnca díom féin chum leigean orm gur shataileas
ar rud éigin. Ní chreidfeá é, a Mhuiris, acht bhí
saghas inntleachta ag an gceann-urraid úd, mar
tá fhios agam go raibh droch-ionntaoibh aige asam.
Níor ghábhadh dham an méad úd do dhéanamh, acht chum
rabhadh dearbhtha tabhairt díbh. Nach maith do dhíol
Risteárd mé tar éis mo chuid trioblóide, le n-a
bhéic! Ní rabhas ullamh i gcomhair na hamadántachta
sin, agus ní raibh agam acht am chum an chinnurraid
agus beirt aca agus mé féin do stealladh leis an
bhfaill. Is mór an truagh nár marbhadh mé mar is
fearr bás 'ná meath. Chonnairc saighdiúir cad do
rinneas, agus chualas cogar a chloidhimh. Chonnarcas go
raibh crann ag fás i ngiorracht troighe do'n chasán;
steallas mé féin air, agus rugas greim dlúith. Ó, a
Risteáird, is tuathalach an fear thu. Féach do chuir
oibre — mé féin do chuir i gcontabhairt bháis, tú féin is
Muiris ins an gcontabhairt chéadna, agus beirt shaigh-
diúir do bheith éaluighthe slán chum gairm do thabhairt ar
ár dtóir. Ní leigfeá dhamh-sa cómhrac ar mo chuma
fein. Ní fhágfainn saighdiúir i gceanntraibh Chille-
h-Áirne. Chuirfinn a leithéid sin do sgannradh ortha
go bhfeicfidís namhaid in gach tor. Bheadh brígh
agus dóchas in gach tuatach meata, agus bheadh
mathshluagh córuighthe chum chatha againn fá cheann
míosa."
"Acht, a Mhuire Mháthair!" ar Risteárd, "ní
fhéadfainn féachaint ort ag déanamh feill mharbhtha;
ní cogadh é sin."
"Ó, mo thruagh thu!" ar an Dronnóg, "cuireadh i
bhfeidhm gníomh gaisgidh, mar tá leat-sa, go minic
roimhe-seo, agus is beag atá d'á bhárr againn; acht
tabharfam seal inntleachta dhóibh anois go fóil, agus
chífeam cad do thiocfaidh as."
"Nár théidh m'anam go Meig Mhíchíl má chorruighim
cos ná lámh i gcomhlann atá curtha ar bun le dún-
mharbhadh," ar Risteárd.
D'fhéach an Dronnóg ar Mhuiris.
"Aontuighim le Risteárd," ar Muiris, "ní
beathadhacha allta sinn."
Bhain an Dronnóg greim as a bhéal íochtair agus
chuir sé cnead as.
"'Seadh, 'seadh, ní fhuil aon bhrígh bheith libh, is dócha.
Ní bheidh iomarbháidh eadrainn, ámh. Ní réidhtighmíd le
chéile. Rachad-sa do'n Fhrainnc láithreach, mar ar
hoileadh mé. Geallaim díbh, ámhach, go mbeidh aithreach-
as oraibh araon, mar is gearr go mbeithí ar sileadh
le crann 'sa' choill seo agus bhar gcnámha ag bán-
ughadh fá dhrúcht na hoidhche. Tá muinighin agam-sa go
dtiocfad ar m'ais."
VI
Ba uathbhásach an oidhche í siúd. Bhí na croinn ag
lúbadh 's ag luasgadh le tréineacht na gaoithe, bhí an
bháisdeach ag dortadh ar nós uisge tré chriathar, na
splanncacha is na tóirneacha ag liúghraigh tré dhuill-
eabhraibh na coille agus an caor ag raobadh na gcnoc,
agus an mac alla ag búithreadh is ag glaodhach
imeasg na bhfailleacha.
I n-aindeóin an anfaidh so bhí céad fear ag triall
go trioblóideach tré bhealach na Mangartan agus
Risteárd de Barra ar a gceann go dóchasach dís-
gireach. Phreab fear caol beag liath as phluais cois
an bhealaigh. D'fhéach Risteárd go cruinn air, agus
chuir sé aighneas air.
"Ná haithnigheann tú mé!" ar an fear beag.
"Dar mo láimh," ar Risteárd, "is eól dam
duine gur dheallrathach a ghuth led' ghuth-sa, acht bhí
dronn air siúd, agus ataoi-se chómh díreach le gainne."
Chuir an fear beag gáire as.
"Mar sin féin is mé an Dronnóg, acht atá ath-
rughadh crotha orm anois; tig an dronn nuair do theas-
tuigheas sí uaim; acht ní bhfuilim ar tí mealladh ná
fealladh an cor-so."
Bhladhm splannc le cluais na Dronnóige, agus
chrith bile beithe le n-a fuaim. Rinne na fir fíoghair
na croise ortha féin; acht, gidh gur taisbeánadh deilbh
is déanamh na Dronnóige ins an lasair, níor chuir
seisean suim ann.
"Cá bhfuilir ag triall, a Risteáird?" ar sé,
"moladh is buidheachas le Dia, is fiadhain an oidhche
í chum gluaiseachta."
"Taim fá choingheallaibh," ar Risteárd, "bualadh
le Muiris ag Achadh Deó i gcionn dhá uair an chluig.
Támaoid ar tí iarracht do thabhairt fá Longphort
Chille-hÁirne. 'Sé an t-easba is mó atá orainn
díth arm, acht measaim go bhfuil ionad coinne déanta
le Muiris ag teachtaire, agus go mbeidh airm ár
ndóithin againn láithreach."
"Á, tá mar do mheasas; acht éistidh le fírinne,
sibh-se uile agus Risteárd 'n-bhar dteannta. Atá
na hairm úd ar íochar na fairrge, mar taobh-loiteadh
an long ag Tigh Mhóir is Tigh Dhuinn ar maidin
indiu!"
Leig Risteárd osnadh croidhe bhriste as, agus
d'fhéach na fir ar a chéile go brónach athtuirseach.
"A bhuachaill," ar Risteárd, "is olc an sgéal é,
acht atá airm ár ndóithin againn chum Longphort
Chille-hÁirne do thógbháil — fiche gunna is ceithre fichid
cloidheamh. An bhfuil meisneach agaibh?"
Chuir na fir uall-ghuth lúthgháireach asta do dhúisigh
mac alla na gcnoc — "Leanfam go buaidh nó bás thú,
a Risteáird."
"Á, tá déanmhas laochraidhe ionnaibh," ar an
Dronnóg, "acht bíodh foighde agaibh."
Tharraing sé tiompán ó n-a bhrat, bhuail sé chum
a bhéil é, d'iompuigh sé a dhrom leis an ngarbh-shíon,
agus sheinn sé siolla.
"Bhíos ag seinm do na Galla-phuic indiu. Tá
ceann-urraid ó Shaxain ortha. Fear bladhmannach
borb-mhéinneach is eadh é. Ba mhaith liom trasgairt
do bhaint as, acht ní réidhtighim féin is Risteárd le
chéile; acht bíodh mar sin. Táim ag tabhairt rabhadh
agus cómhairle dhíbh. Badh mhór an truagh go leig-
fidhe i mbéal na gcon sibh. Tá fios bhar dturuis
ag an gceann-urraid úd. Tá cúig céad fear ullamh
aige 'n-bhar gcomhair. Beidh seisean leis i n-Achadh
Deó. Beidh bruighean mhór-fhuilteach agaibh — tréin-
eacht fear neamhchóruighthe i n-aghaidh cheap dlúith gléas-
ta; Risteárd i lár an chatha 'nós leómhain imeasg
faolchon, agus Muiris is a chuideachta ag raobadh ar
imeallaibh na sluagh. Och, mo léan, is mo léar-ghoin!
Chím toradh na tréineachta úd. Tógaidh mo chómhairle,
a bhuidhean ghrádhmhar, sgaipidh an cor so, agus ar an
mbliadhain seo chugainn, le congnamh Dé, b'fhéidir
go mbeadh airm go leór agaibh, is taithighe ar a
n-úsáid. Sin é bhar gcara Risteárd. Tabharfaidh
sé an chómhairle chéadna dhíbh, agus tabharfaidh sé
rabhadh do Mhuiris bhocht a bhuidhean do bhreith slán
leis i n-am."
Bhí deór i súil Risteáird, agus iongnadh ba mhó
'ná sin, ní raibh súil na Dronnóige tirm. Chuir na
fir uallfartach neamhshásta asta, acht, fá dheireadh,
do ghéilleadar do Risteárd, agus do chasadar ar
n-ais a bhaile.
"Tig an ghrian i ndiaidh na fearthanna." Tháinig
soineann i ndiaidh na doininne, acht bhí maol ar na
sruthánaibh le tuile. Bhí an Fhleisg go leathan lán-
uaibhreach, ag cur di chum Locha Léin, agus Risteárd
i n'aonar ag brostughadh go cráidhte trom-chroidheach
fá dhéin Mhuiris.
Tá Achad Deó ar an dtaobh thuaidh de'n Fhleisg
acht bhí Risteárd ar a taobh theas.
"Beidh forairí ar dhroichead na Fleasga, is dócha,"
ar sé leis féin, "agus caithfead troid leó. Ní
thabharfainn aghaidh ar an droichead so muna mbeadh
nach bhfuil aon tslighe eile."
Lean sé air. Chualaidh sé fothram na Fleasga;
chonnairc sé a tuile dhearg ag brúchtadh tar a bruach-
aibh; chonnairc sé samhail dhorcha éigin ag teacht anuas
leis an dtuile.
"Caidé siúd?" ar seisean leis fear.
Bhí an rud ag luasgadh anonn 's anall. Stad
Risteárd ar an mbóthar, agus d'fheach sé go cruinn.
Bhí an tsamhail ag dul i méad gur stealladh í le
fuinneamh i gcoinnibh súla meadhónaighe an droichid.
Bhéic na h-uisgí nuair do chuireadh cosg leo; d'éirigh-
eadar 'na mór-thonnaib is rómhradar díoga is cuais
ar an mbóthar ar gach taobh de'n droichead.
"Cruach féir atá ann," ar sé.
Chrith agus chorruigh na h-uisgí borba, leigeadar
srann is thugadar slug, thug an abhainn buile brúcht,
chualaidh an fear mar do bheadh clocha ag meilt a
chéile, thosnuigh na mór-thonna ar iomrasgbháil, agus
rómhradar is phreabadar le fothram uathbhásach thríd
an ndroichead.
"Dar Rígh na ndúl," ar sé le sgread, "tá súil
mheadhónach an droichid imthighthe, agus atá mo dhalta
Muiris is a bhuidhean caillte!"
Bhuail sé a dhá bhais is leig sé olagón as. Fá
cheann nóimit leath sé a dhá chrobh, is shin sé amach
a dhá láimh; d'fhéach sé ar an spéir, 'nós duine ag
altughadh; chrom sé a cheann; chrap sé a ghuailne; rith
sé fé dhéin bearnan an droichid.
"Dia liom," ar sé, agus thug sé Léim lúthmhar
mear-iongantach as a chorp, agus chuir sé bonn a chos
ar an mbóthar réidh, tar uisge dhomhain chontabhairteach
dhroichid na Fleasga.
Sul a raibh aimsir ag an laoch ar bhuidheachas do
thabhairt le Dia, phreab beirt saighdiúirí amach ar an
mbóthar, agus chaitheadar piléir leis, acht níor aimsigh-
eadar é. Léim sé uatha tar chloidhe isteach ar an
machaire. Bhuail saighdiúir eile leis go hobann;
chuir sé a ghunna chum a ghualann chun cosg do chur
le Risteárd, acht níos éirigh leis go maith, mar do
sgoilt seisean é le haon bhéim amháin go corránaibh,
agus as go bráth leis go hAchadh Deó. Bhí a chroidhe
go hathtuirseach i dtaobh an mheatha, acht mar sin féin,
bhí sé lán-dóchasach go dtiocfadh lá air go sgaipfeadh
sé le hár naimhde a thíre.
Chualaidh sé cosanáirde capall 'na dhiaidh, acht
ba bheag é a bheann ortha. Chualaidh Muiris cosa-
náirde na gcapall úd leis, agus do dhruid sé 'na
gcómhgar, agus cipé meisneamhail le n-a chois.
"Ar gcúl! ar gcúl go déadhair!"
"Is é guth Risteáird é seo; faire go bráth, tá a
chomhluadar claoidhthe," ar Muiris.
Tháinig móirsheisear marcach, beag nach, suas le
Risteárd.
"Tá sé cortha tabhartha; lean air," ar marcach aca.
"Thugais d'éitheach a bhodaigh, táim ullamh díbh,"
ar an fear dána, ag druidim uatha le cúl faille.
"An aghaidh go tapaidh, a chlann Míleadh, táid
siad 'á thraochad!" ar Muiris, agus fá cheann
nóimit bhí na marcaigh úd 'na gcosair chró fá shál-
aibh fear toghtha Muiris.
"Dar Muire, ba bhinn an cleas comhlainn é
sin," ar Risteárd, ag glanadh a chuid alluis de
féin.
"A bhuachaillí," ar sé, "sgaipfeam ar feadh
tamaill bhig, gidh go ngoilleann sé ar mo chroidhe
a rádh libh. Do báidheadh an long, agus ní fhuil airm
'ná airgead againn chum catha do chur mar ba chóir.
Cuiridh i bhfolach bhar gcloidhmhe is bhar mbeagán
gunnaidhe. Rachad-sa is Muiris do'n Fhrainnc chum
déanmhais chogaidh do sholáthar, agus geallaim díbh,
má mhairimíd, go mbeimíd 'n-bhar measg arís le
congnamh Dé."
Coghair sé le Muiris — "Ní cóir dúinn a innsint
dóigh go bhfuil na saighdiúirí ag teacht fá n-ár
ndéin."
"Ná hinnis," ar Muiris, "táid siad ar buile
anois. Measaim nár bh'aon mhaitheas dúinn bheith leo,
dá mbeadh fhios aca go bhfuil na Galla-phuic i ngar
dúinn, agus nach rachaidís ar gcúl gan bruighean."
"Is breágh an rud an fhoighde," ar Risteárd,
agus chumail sé a shúil, mar do bhí deór innti, agus
do rinne gach fear aca mar an gcéadna go foluigh-
theach.
"A bhuidhean mo chléibh," ar Risteárd De Barra,
"sul a sgaram le chéile, tugamaois aon liúgh amháin
ar son Éireann."
Do chas gach duine aca a chloideamh ós cionn a
chinn, agus leigeadar a leithéid sin do liúgh árd-
ghlórach árd-bhuadhach asta gur mhúsgail mac alla ó
bheinn go beinn.
Chualaidh an captaoin Gallda an liúgh so, agus
do theich sé le sgannradh, mar do bhí, dar leis, deich
míle méirleach cruinnighthe i nAchadh Deó an oidhche úd.
SEAGHÁN AGUS MÍCHEÁL
Táim críonna caithte anois, táim maol, tá mo
chuid féasóige liath, agus atá dronn orm.
Ní rabhas riamh i gcoláisde, ná ar árd-
sgoil, acht an méid léighinn atá agam, agus is beag
é, fuaras é, beag nach, ó shean-mháighistir sgoile go
nglaodhmaois Mícheál na Méire air.
Tá an duine bocht 'san úir le fada de bhliadh-
antaibh, beannacht na ngrás le n' anam.
Do b'í siúd an aimsir do cuireadh ar bun na
sgoileanna sain atá ró-fhlúirseach ar fud na tíre
anois. Glaodhtar "náisiúnta" mar leasainm ortha.
Is maith is cuimhin liom an chéad lá do thóg mo
mháthair — sólás na bhflaitheas d'á hanam — isteach i
Láthair Mhíchíl mé, agus an sgannradh tháinig im'
chroidhe roimis.
Fear beag do b'eadh Mícheál; acht shaoileas an
uair úd go raibh aírde "ghalláin na bearnan"
ann. Is dócha gur éirigh an tsamhluigheacht sain do
thoisg m'athar do bheith gairid — rud do fuaras amach
i bhfad 'na dhiaidh súd. Chongbhuigeas greim dlúith
ar bheinn mo mháthar. Bhí fhios aici, mo ghreann í,
go raibh faitcheas orm agus thug sí miotóg dom
anois is arís chum meisnigh, dar léi, do chur orm.
Bhí fir i dtaobh amuigh de'n sgoil ag cur dín, fear
aca ag déanamh sgolb, agus fear eile ag casadh
méaróg, mar ní raibh slinn ar an sgoil úd acht
díon fraoigh. Mheasas féin seal do thabhairt i
dteannta na bhfear, acht bhí deabhadh ar mo mháthair
bhocht chum léighinn do chur im' leath. Bhí dorus na
sgoile iadhta.
"Tá dorus maith ar an sgoil seo," ar sí, "agus
bí-se béasach creideamhnach annso, a Sheagháinín,
mar is fearr an sgoil í seo 'ná sgoil Bhaile-an-
Bhogaigh, nach bhfuil uirthi sin mar dhorus acht sgul-
pán. Féach na bocáin is tuislí ar an ndorus so,"
agus rug sí ar an laiste agus dhruid sí isteach an
dorus gan chead gan chabhair. Do chrith mo chosa fúm,
do luaisg mo dhranndal, do leath mo shúile orm,
agus do bhodhar mo chluasa le méid geóine na
ngarsún is na gcailín mbeag.
Bhí Mícheál na Méire 'na sheasamh ar lár an
urláir agus ranng gharsún is ghearrchaile 'na thim-
cheall. Do b'fheárr liom-sa go sluigfeadh an talamh
mé. Do thuig sé an Ghaedhilg go dian-mhaith acht
níor leig sé air go raibh focal 'na phluic di.
"Seadh, mo bhean mhaith," ar sí i mBéarla, "cia
thusa?"
Níor thuig sise gíog de'n Bhéarla.
"Is breágh, go deimhin, an lá é, a dhuine uasail,"
ar sí mar fhreagra air.
Bhí na sgoláirí ag cur na súl thrínn, acht níor
chuir sise suim ionnta, rud nár bh'iongnadh.
Ní mar sin damh-sa: Bhíos ar baill-chrith, agus
cnap éigin im' sgórnaigh do choisg mo chuid anáile.
Gidh go rabhas óg bhí mo dhóithin céille agam chum
a thuigsin nach raibh mo mháthair bocht innmheamhail
ar an bhfear bhfoghlumtha so d'fhreagradh, agus bhíos
ar dearg-lasadh le náire.
"Cad is ainm do'n spriosán so agat?" ar an
máighistir i mBéarla.
"Teach deas cluthmhar is eadh é!" ar sí.
Do ghigilt garsún eile. Bhuail cailín beag a
sál choslomnochta ar chois chailín bhig eile. "Ná
satail orm," ar an dara cailín beag i nGaedhilg.
Chuir garsún cnead as, is d'fhéach sé ar gharsún
eile, agus chuir seisean casacht as. Do bhris gáiridhe
ar an gcailín mbeag. Do bhuail garsún a dhorn 'na
bhéal.
"Bíodh béasa agaibh," ar an máighistir go bag-
arthach, acht níor bh'aon mhaitheas dó é. Do rith an gáire
úd imeasg na sgoláirí ar nós teine tré bharrach
do ndearnadar sgearta i bhfus is sgearta thall.
Bhí an sgoil go meidhreach fúm-sa agus fám' mháthair
láithreach. Thuig sí anois go ndearna sí amadán
di féin, dar léi, agus mo chaithis í, chrom sí ar ghol.
"Ní fhuil foghlaim agam, a dhuine uasail, agus
is dócha nach tuigim thú, acht teasduigheann léigheann
ó Sheagháinín, agus fuilngeóchad aon tsaghas easonóra
ar a shon."
Cheapas féin gur fúinne do bhíodar ag gáiridhe,
agus bheirim-se luighe, dá óige bhíos, gur imthigh an
bhaill-chrith dhíom go grod nuair do chonnarcas na
deóra ar mo mháthair. Bhí boiteallach breac-luirg-
neach an ghréasaidhe dhuibh im' aice i dtrítíbh — is
beag é an Béarla bhí aige féin, ní bhfaghaim locht
air mar gheall ar sin, acht níor chóir do bheith
ag magadh fúinn — agus bhuaileas pléasg do dhorn
idir an dá shúil air do leag ar phleasg a dhroma
é. Chuir na garsúin liúgh asta is gáir; phreab mac
an ghréasuidhe 'na shuidhe agus do dhein(rinne) sé
orm, acht thugas falltóg fa bhun cluaise dhó, do
chuir ar a thárr i n-áirde arís é.
Léim Domhnall óg a Cróinín amach ar an urlár,
rug sé barróg orm is do phóg sé mé.
"Mo chéad greann thú," ar sé, "tá braon fíochmhar
ins na cuisleannaibh sin agat. Ba dhual athar duit
gan masla do thógaint."
"Nár mheathaidh do chuisle go deó," ar ceann
eile aca i nGaedhilg bhlasda, mar is aca súd do bhí
an chaint nuair do sguireadh ó smacht an mháighistir iad.
Phreab dáréag aca amach ar an urlár, rug beirt
ar bhrághaid orm, beirt ar thárr orm, beirt ar
iosgadaibh orm, is beirt ar throighthibh. Bhíos ag
únfairt ar eagla go múchfaidís mé, mar do bhí cuid
aca dhom' tarrang mar so, agus a thuilleadh mar súd;
acht fuaras anál fá dheireadh ar a nguailnibh, agus
dhamhsadar 'nós daimh óig amach an dorus liom.
Níor fhan aithid ins an sgoil úd 'n-ár ndiaidh
acht amháin an máighistir. Bhí mo mathair chomh mór-
dhálach liom féin, gidh go raibh marcuigheacht agam-sa
i n-aisgidh. Rug Domhnall a Cróinín ar cheirtlín
téadáin do bhí ullamh ag fearaibh an dín, agus do
steall sé tré fhuinneoig na sgoile í. Bhuail sí go
díreach ins an bhfiar-shúil an máighistir do bhí ar
buile ag féachaint amach. Chuir an máighistir béic
as; chuir na sgoláiridhe liúgh shultmhar sháiseamhail
asta, mar ba bheag é a ngrádh do'n mháighistir. Níor
choisgeadar d'á liúghraigh go ndeachadar trí huaire
ar cuairt timcheall na sgoile.
"Leigidh ar mo bhonnaibh mé," arsa mise agus
do thugas truslóg amach ar an machaire. Rugas ar
spalla cloiche, agus do steallas le fuinneamh thríd
an bhfuinneoig í. Chuir an máighistir béic eile as,
mar ba thubaisteach an t-urchar é — d'aimsigh sí an
máighistir 'sa mhéir mhóir.
"Leagfam na frathacha ar an spadalach," ar
mise ag déanamh ar chloich eile.
"Ná basg an fear bocht," ar cailín beag ag
déanamh fám' déin agus ag cur a láimhe go mhánla
ar mo ghualainn. Bhí an mhórdháil agus an bhuile
orm, agus measaim ná stadfainn dom' mháthair —
go maithidh Dia dham é — acht do choisgeas láithreach
do'n chailín bheag dheórata úd — Nóra Ní Fháilbhe dob'
ainm di. Bhí gruag bhuidhe fhada uirthi, agus súile
glasa aici, agus luisneacht is leiceacht 'na gruaidh
do chuir truaighmhéile ar mo mháthair, agus orm féin
leis is dóigh liom.
"Tá sochraid ag gabháil mar so, an gcloistí an
gol?" ar an cailín beag. "Fillimís ar n-ais," ar
sí, "chum an mháighistir. Is mór an náire dhúinn bheith
chómh easumhal."
"Fillidh, a dhaltaidhe, is breágh an rud an léigh-
eann," ar mo mháthair.
Leis sin do dhruid sí leis an ndorus chum é fhos-
gailt, acht bhí sé iadhta go dlúith ag an mháighis-
tir.
"Imthighidh as mo radharc, a dhream Sháthain; táthaoi
ar tí mo mharbhtha," ar sé tré shúil an ghlais.
Thug mo mháthair geit.
"Cia labhair?" ar sí.
"Cia laibheóradh, acht an mháighistir?" ar ceann de
na díontóiríbh.
"A thighearna, ní fhuil focal Gaedhilge aige?" ar sí.
"Ar m'falluing-se gur thug na garsúin deagh-
chaint do," ar an díontóir.
Chas an eachair ins an nglas, leath an dorus,
agus chuir an mháighistir a cheann amach."
"Buailidh isteach annso," ar sé, "beidh ár dtuair-
isg ar fud na dúithche, agus tabharfar náire dham;
acht ní leigfead isteach an díolamhnach óg sin leat.
Tóg a bhaile é, mar is olc an siut é."
"Ní chorrócham cos, mara leigfir isteach é seo,"
ar Domhnall O Cróinín.
Chuir an máighistir cnead as, is do chas sé ar a
shálaibh. Dubhairt an cailín beag go raibh an tsoch-
raid i ngar dúinn agus sagart na paróisde ar a
gceann, agus bhíomar ag baint na sál dh'á chéile ag
brostughadh chum na suidheachán.
"A mháighistir, a Laoigh," ar mo mháthair, "bíodh
foighid agat le Seagháinín; tá sé óg neimhchiallmhar,
acht tá sé macánta, gibé nídh do chuir 'na cheann an
garsún eile sin do bhualadh."
D'iompuigh sé an fhiar shúil uirthi.
"Déanfaidh sé sin an gnó anois," ar sé, agus
bhuail sí an dorus amach uainn. Do thabharfainn a
dtáinig riamh is a dtiocfaidh choidhce ar í leanamh-
aint; acht bhí an fuadar imthighthe dhíom fá'n am so,
agus ní raibh cor i gcois 'ná i láimh liom le faitcheas.
"Tar i leith chugam," ar an máighistir.
Dhruideas leis go mall mío-thapaidh agus mo
chroidhe im' bhéal agam.
"Nach deas an siadhán is an réabhrádh do rinnis
dem' sgoil!" ar seisean.
Ní raibh gíog as na sgoláiríbh, ní mó 'ná chuireadar
cor díobh. Chloisfeá a n-anál ag teacht is ag
imtheacht, agus chuala féin is mhothuigheas mo chroidhe
ag bualadh.
"Sín amach do bhas."
D'fhéachas ar mo dheárnainn, agus shíneas amach í
mar adubhradh liom. Shaoileas gur cuid de'n mhúin-
eadh é. Tháinig sé anuas de'n bhinnse agus bonnsach
rileóige 'na láimh aige. Thóg sé suas an tslat.
D'fhéach sé orm. D'fheachas air. D'fhéach sé ar mo
bhais; d'fhéacas féin uirthi. Bhí sí ag crothadh agus ní
le heagla é, mar ní raibh fhios agam cad do bhí chugam,
acht le meatacht ins an áit dheórata 'na rabhas. Rith
pian éigin suas mo righthe, suas m' uille, agus síos
caol mo dhroma. Baineadh preab asam. D'fhéachas
ar mo chrobh. Bhí rian geal tarsna mo mhéaranna;
dheargadar láithreach, agus bhí mar do bheadh bioráin
d'á bpriocadh. Arís agus arís do bhuail sé an bhas
so, agus fá dheireadh do thuit sí lem' thaobh gan
luadháil.
"A' dtaithnigheann an méid sin leat?" ar sé.
"Is cruaidh an rud an léigheann, agus is deacair
é fhulang," ar mise.
Glaodhadh ar Dhomhnall a Cróinín, rugadh ar bhonn
a chasóige air, cuireadh staillacha ar a thárr mar ní
shínfeadh seisean a bhas amach. Glaodhadh ar Nóra Ní
Fháilbhe; ghoil sí go bog, chrith sí le heagla, chuir sí
láimhín mhín chaol amach. Chuaidh an buille trém'
chliabh do buaileadh uirthi, acht do choisg an máighistir é
féin ar an dara buille.
"Taoi leice," ar sé, "agus bíodh leat an cor
so, gidh gur chuala tu ag gríosadh Sheagháinín chum
spalla eile do chaitheamh thríd an bhfuinneóig."
Mhionnuigheas im' chroidhe gur bhréag é, acht ní raibh
de mheisneach agam an t-éitheach do thabhairt dó. Do
lighfinn a láimhín, dá mbadh dóigh liom go dtabharfadh
sé sin sos di; acht ar mhaoin an tsaoghail ní inneós-
ainn di gur ghoill a smachtughadh orm.
Fuaras mo chéad léigheann an lá úd, agus ní ó
leabhar, acht ó'n tslait, mar fágadh go haonaránach
ar an suidheachán cruaidhe mé ag imirt lem' mhéaraibh
agus ag faire ar an gcuid eile d'á smachtughadh
agus d'á gcur go mall thríd an leabhar deacair
úd go nglaodhmaois "rídi-midéasaí" ("reading made
easy") air.
"Imthighidh a bhaile anois agus bhídhidh annso go moch
ar maidin," ar an máighistir.
Bhailigheas ar mo shlighe a bhaile lán duirn de
bhainne-bó-bleacht, i gcómhair Nóra Ní Fháilbhe; acht
ar a rugadh is a ceapadh, ní thairgeóchainn di an bláth
so lá'r n-a bhárach.
II
"Cionnus d'éirigh libh indiu?" ar mo mháthair.
"Bhítheas go maith linn," ar mise, gidh go rabhas
leisgeamhal ar fhilleadh arís chum na sgoile, acht níor
mhaith liom a leigean orm.
Bhíos im' shuidhe le h-éirghe gréine agus bhuaileas
dá chaorán móna fám' asgaill, agus ghluaiseas orm
go mall chum na sgoile. D'fhéachas uaim ar Chnoc an
Mheannáin. Bhí uain ag damhsadh ann, agus bhí éad
orm leó. Do b'fheárr liom go mbeinn im' uan ag
méidhligh i measg na mbeann gan beann ar Mhícheál
na Méire.
Deirthear gur bhreágh í beatha an gharsúin, gan
cúram aige cá bhfaghfar an biadh bhíonn ullamh dó le
haghaidh theacht' a bhaile dhó, gan suim aige cia aca
bheidh an t-earrach fliuch no tirim, nó gaoth mhór nó
taitneamh gréine ins an bhfóghmhar, acht measaim nach
bhfuil cuimhne ar a n-óige ag na feallsamhnaibh do
chuireas a leithéid seo de ráiméis síos. Tá intinn
an gharsúin neamhriarach, agus gach cosg agus smacht-
ughadh do chuirfear air, goillid air go géar. Sin é
mar do chím-se beatha an gharsúin. Is furus an rud
do rádh nuair fhéachamaoid siar ar an óige: "Ba
bhreágh an uain í siúd!" B'fhéidir go raibh sí breágh
compórdach ag duine annso is annsúd, acht gidh go
bhfuilim aosda anois, ní thabharfainn mí de'n
bheathaidh láithrigh ar mhí de'n aimsir do chaitheas ar
sgoil.
D'fhoghluimeas mo litreacha i gcruadh-chás. D'fhogh-
luimeas sgríbhneoireacht le peann slinne ar lic,
agus i gcionn tamaill cuireadh cleite im' láimh idir
mo mhéaraibh, agus rinneas iarracht ag sgríobhadh ar
pháipéar.
Bhíos ar sgoil lá áirithe. Bhí an lá úd fuar
fliuch, agus mise chómh fuar is chómh fliuch leis. Bhí
radharc ar an dteinidh agam, acht sin a raibh, gidh gur
thugas dá chaorán tirme móna liom mar ba ghnáthach.
Rinneas an lá úd iarracht ar an litir "d" do
dhéanamh; rinneas "o" ar dtús; bhí fhios agam go
raibh cleith ag fás as taobh dheas de'n "o" chum "d"
do dhéanamh dhi. Bhí mearbhall or; bhí mo phluc leis
an bpáipéar is mo theanga amach agam. Rinneas an
"d" mar so — 9. Gháir Nóra Ní Fháilbhe bhí a dtaobh
thiar díom ar shuidheachán eile. Chualaidh an máighistir
í. Dhein sé orm.
"Dubhairt leat "d" do dhéanamh," ar sé, "acht
rinnis an uimhir — "9"; agus leis sin do bhuail sé
lán-bhuille tarsna na ruitíní orm. Ropas m'órdóg
im' bhéal, agus phreabas im' shuidhe le teinneas. Bhí
an órdóg leónta, acht níor chuir an méid sin cosg le
Mícheál.
"Suidh mar a rabhais; an measann tú troid
liom?" ar sé, agus bhuail sé stiall eile tarsna
na slinneán orm. Chrapas mé féin suas ó na
buillíbh, agus bhuail sé arís agus arís eile mé.
Fá dheireadh thiar thall, chuir Nórá Ní Fháilbhe
sgread aisti.
"Dún do bhéal," ar sé, "nó gheóbhair féin an
oiread céadna."
Tháinig dorchadas im' radharc; b'fhéidir gur thuit
saghas laigeacht nó fanntaise orm, mar ba gheárr
'na dhiaidh súd gur mhothuigheas Dómhnall a Cróinín
is Nóra Ní Fháilbhe ag stealladh uisge orm as
sruthán do bhí i ngar do'n sgoil.
"An bhfuil feabhas ort anois?" ar an cailín
beag. Dubhairt sí é seo chómh mánla macánta, gur
tháinig brígh im' anam, agus chromas ar gháiridhe.
"Tá an órdóg attha," ar sí, agus rug sí uirthi.
Níor mhothuigheas ar phian ar an láthair sin, acht
mhothuigheas mar do bheadh mo chuid fola ag snámh
fám' ghruaig, agus as sin síos caol mo dhroma.
Bhíos ar dearg-lasadh le náire, acht shaoil sise gur
le pian é.
"An bhfuilim ad' ghortughadh?" ar sí.
"Ó, tarraing leat," ar mise go súgach, agus
rug an liaigh beag álainn seo ar righthe orm agus ar
iongain m'órdóige. Thug an t-alt cnag, agus bhí an
mhéar slán ar an nóimit sin.
"Ná leig ar sileadh leat fós í," ar sí.
Fuair sí biorán reamhar agus sháith sí thrém'
mhuiniltre é, agus annsin cheangail sí an mhuiniltre
le brághaid mo chasóige chómh gasda 's dá ndíolfainn
dorn airgid as an gcleas úd.
"Dá leath-mharbhadh Mícheál na Méire mé," ar
mise liom féin, "ní chuirfeadh sé garrabhuaic orm
feasda, acht go mbeadh Nóra Ní Fháilbhe 'sa sgoil."
Bhí áthas ar an máighistir nuair do chonnairc sé
sinn ag filleadh ar n-ais, mar do shaoil sé go
ndeachaidh an slat-bhualadh ró-dhian ormsa. Níor
ghabh sé riamh ó shoin orm.
"Suidh annsin anois cois na teineadh, a Sheagháinín
agus bhí id' bhuachaill mhaith feasda," ar seisean.
Bhí deilbh na hEórpa ar an bhfalla i bhfogus
dúinn. Thug an máighistir cuaille do Nóra, agus
dubhairt sé léi na hiatha do mhúineadh dhamh-sa.
Bhí sí beagán níos sine 'ná mise, agus ní
bhfuaras riamh ó shoin ceacht do b'fhearr 'ná fuaras
uaithi.
Deirthí gó raibh intinn neamhghnáthach aici, agus
is maith do chreidim é, mar níor hinnseadh riamh aon
nídh dhi ná cuimheóchadh sí air, bhí a meabhair chómh maith
sin. Níor labhair sí focal Béarla liom an lá úd.
Dubhradh gur bh'iongantach an bhean a máthair le
géar-inntleacht, agus gur mhúin sí stair na hÉireann
d'á clainn. Pé i n-Éirinn é, bhí eolas ag Nóra
tar gach mnaoi óig nó críonna d'ar buileadh riamh
liom i bhfus nó thall.
Do thaisbeán sí an Spáinn dam, an Fhrainnc, is
an Eadáil; thug sí tuairisg ar sí Philib dom, is ar
bhainríoghain Eilís na Saxan, ar "ár luingis na
Spáinne," ar bhás thruaighmhéileach Aodha Ruaidh, agus
ar a ghrádh d'Éirinn. Ghoil sí féin go foluightheach,
agus shileas-sa féin na deóir 'na teannta. Thais-
beán sí an Róimh dam mar a bhfuil O Néill — sgiath
na nGaedheal — curtha, agus na machairí cosgartha
as sin go Frainnc, mar ar throid na "Géanna
Fiadhaine" go borb.
D'éisteóchainn go bráth na beathadh leis an gceacht
úd, agus níor chailleas riamh ó shoin a lán de, acht
cuireadh deireadh leis go hobann.
Stad gleó na sgoláirí. Bhí ciúineas ins an
sgoil. D'fhéachas thorm. Bhí fear 'na sheasamh ar mo
chúl, agus an máighistir ag féachaint air ar crith-
eagla.
Dob' é an feadhmannach sgrúdtha an fear úd.
Bhí culaith mhín-éadaigh air, agus bolatha luibhneach
meala aisti, mar do bheadh as bláthaibh ag fás imeasg
guirt aibidh fhéar-uaine. Shaoileas an uair sin gur
chómhartha duine uasail na bolatha úd, acht fágaim
le hudhacht gur tháinig athrughadh méine orm 'na dhiaidh
súd. Acht aon nídh amháin, bhí gruaim air siúd. Ní
dócha gur chuir sé gáire riamh as. Mar dubhart, bhí
faithchíos mór ar an máighistir roimhe.
"Cá bhfuil do leabhar fiadhnaise?" ar an fear
deórata i mBéarla.
Ní fheadar an é an sgannradh do chuir an mear-
bhall ar an máighistir, acht d'fhreagair sé i nGaedhilg —
"Tá sé ullamh annso agam, a dhuine uasail."
"Cad í an saghas úrlabhra í sin agat? ní thuigim
thú, a dhuine," ar an feadhmannach sgrúdtha.
"Ó, gabhaim pardún agat," ar an máighistir, go
fann, "shaoileas go rabhas ag caint le garsún aca
so."
Do dhubh is do dhearg ag an bhfeadhmannach sgrúdtha.
"Á! is annamh do cuirthear suas is anuas le
páisde mé," ar seisean, go socair, acht go bhagarthach,
"agus geallaim duit go ndíolfair as an easonóir
sin; agus go mór-mhór cuireadh ins an áit seo thú
chum Béarla do mhúineadh do na páisdíbh seo, acht do
réir d'admhála féin is gnáthach leat teanga allta
éigin eile do chleachtadh."
Chonnarc glúine Mhíchíl ar crith, a bhéal ag cor-
ruighe, acht gan gíog as.
"D'airigheas go raibh beirt ag an dteinidh i dtío-
mhaoineas," ar an feadhmannach.
Chuir Micheál bocht casacht as; tháinig an t-úr-
labhra chuige, acht gibé mí-ádh bhí air, ní i mBéarla
d'fhreagair sé.
"Ní fhuil an garsún ar foghnamh agus atá an
gheirreach leice," ar sé.
D'fhéach an feadhmannach air go cruinn.
"Á! bhís ag ól indiu!"
Rinne Mícheál iarracht ar fhásgadh thabhairt d'á
sgórnaigh, acht i n-ionad an ubhaill do chumailt, cad
do dhéanfadh sé acht breith ar chluais air féin.
"Á! tuigim," ar an feadhmannach, "ataoi bodhar."
D'áirimh sé na cinn, d'áirimh sé na h-anmanna ins
an leabhar fiadhnaise.
"Tá mar do shaoileas," ar sé, "tá deich gcinn is
trí fichid láithreach, acht ceithre fichid do réir an
leabhair seo; an máighistir bodhar ar meisge, gan
smacht ar na páisdíbh 'ná rian múinte!"
Dhruid Mícheál leis, agus dath bán-ghorm air.
Rug sé ar earball casóige air. Chas an feadh-
mannach air go tapaidh.
"Ná cuir aighneas orm; fág mo radharc," ar sé
go feargach. Chas Mícheál bocht ar a chois go lúbhtha
briste, agus do shnáimh sé an dorus amach.
Rug an feadhmannach ar bhlúire chailce, dhein sé
ar an gclár dubh agus do sgríobh sé ceist air.
"Féachaidh orm," ar sé, leis na sgoláiríbh.
Níor ghábhadh dhó an t-órdughadh sin, mar do bhíomar
go léir ag cur na súl thríd.
"Ar fhoghlaimeabhar an Roinnt, nó go h-áirithe
an dream is sine agaibh?"
Níor chuir aithid aca a lámha i n-áirde, mar ba
ghnáthach leo nuair d'fhiafruigheadh Mícheál ceist
díobh.
"An bhfuil éinne annso do réidhteóchadh an cheist
sin dam?"
Níor chuir éinne aca cor díobh.
"Is dall-intinneach an dream sibh, acht is dócha
nach oraibh atá an locht, acht ar bhar múinteóir."
"Léighfead an cheist díbh — Roinne céad is cheithre
leath-phinginní go codromach idir sé bacachaibh déag,
is tabhair damh-sa an fuighleach."
"Tabhair leath-raol do gach bacach is congaibh
féin taisdiún," ar guth beag, go leath-eaglach.
"Tigeadh an freagarthóir im' fhiadhnaise," ar an
feadhmannach, agus bhuail Nóra Ní Fháilbhe go mánla,
go ciúin, fá n-a dhéin. Chuir sé ceist uirthi, agus
ceist eile, agus ceist eile fós, acht d'fhreagair sí
iad ar fad, go réidh, go mín.
D'imthigh an ghruaim dá cheannaighthibh
"Caidé an t-aos tu, a leinbh?" ar sé.
"Deich mbliadhna," ar sí.
"Is mór í a cuid inntleachta," ar sé go h-íseal.
"Mhúin an máighistir go maith mé, ní bheadh aon
mhait ionnam mara mbeadh é."
"'Seadh, b'fhéidir é," ar an feadhmannach, "acht
measaim go bhfuil níos mó id' cheann-sa, 'ná 'na
cheann féin."
Tháinig meisneach ar an gcailín mbeag, agus ar
tí leithsgéal an mháighistir do ghabháil, labhair sí suas
go meidhreach.
Do réidhteóchainn ceasta níos cruaidhe 'ná do
chuiris orm."
"Is maith do chreidim thu," agus chuimil sé a pluc
le n-a bhais.
"Tabhair maitheamhnas do'n mhaighistir bhocht! tá
sé meata, acht ní fhuil sé bodhar 'ná meisge. Tá sé
foghlumtha leis; do réidhtigh sé ceist damh-sa do theip
ar mhórán eile."
D'fhéach an feadhmannach go carthannach uirthi, is do
gháir sé; b'fhéidir go raibh cailín beag ins an mbaile
aige féin.
"Cloisfead an cheist úd, is réidhteóchad í," ar sé
go módhmharach.
Rug sí ar cheirt, chuimil sí an clár dubh, ghlan sí
é, is sgríobh sí air mar leanas, agus an feadhmannach
'gá faire:-
Cuirim ceist ort, a sgol-mháigistir:
Dá mbeadh agat cupa bheadh déanta de chárthann
That would contain five pints de ghéar-mheidhg nó
bhláthach,
I demand how many solid inches do bhí 'san árthach?
D'fhéach an feadhmannach ar Nóra, d'fhéach sé ar an
gclár dubh, mhachtnuigh sé ar feadh tamaill, ghlaodhuigh sé
ar gharsún i bhfus is thall is léig headar os a chomhair.
"Good," ar seisean, acht saoilim nár chualaidh sé
gíog uatha, mar do bhí a shúile ceangailte do'n chlar
dubh.
Fá dheireadh do chríochnuigh sé a chuid gnótha.
"Sgaipidh anois," ar sé, "agus imthighidh a bhaile,
is bíodh sult agaibh; agus má tá naoidhean 'sa bhaile
id' dhiaidh-se, a Nóra, tabhair an leathchoróin seo dhó
agus abair led' mháthair go gcuirim teachtaireacht
chuici aire mhaith do thabhairt duit."
Chuimil sé a héadan is a leaca. Bhí éad orm
leis. D'fhéach sí idir an dá shúil air. Bhí deór ar
a gruaidh.
"Cad tá uait?" ar sé.
"An máighistir," ar sise.
Bhain sé beagnach greim as a bhéal íochtair le
n-a fhiaclaibh.
"Bíodh leis an cor so," ar seisean.
D'umhluigh sí dhó.
III
Bhíomar go moch lá'r n'a bhárach cruinnighthe ag
dorus na sgoile. Bhí Domhnall a Cróinín, is a
dhrom leis an ndorus, ag canadh leath-bheann de shaghas
dáin — "sgoláirí na sgoile d'íosadh na clocha, dá
bhféadfaidhe a gcogaint."
Sgiob duine éigin a bhairéad de Dhomhnall; bhuail
duine speach ar an mbairéad, is rinneamar liathróid
coise de go tapaidh. Níor thaithnigh sé sin le Domhnall,
agus rug sé ar chúl cinn ormsa go feargach.
"Bog díom," ar mise.
"Ní bhogfad, go mbéarfair sásamh dam," ar sé.
Bhí iongnadh orm, mar do réidhtigheas-sa is
Domhnall le chéile go dian-mhaith i gcómhnuidhe, acht
an cor so bhíomar ag sanntughad a chéile go fíoch-
mhar mad go bhí na garsúin eile d'ar ngríosadh.
Comhnaos do b'eadh sinn. Fá dheireadh do bhuail-
eamar a chéile go teann, acht i lár an achrainn cia
thiocfadh tar cúinne na sgoile a ndeas orainn acht
Mícheál na Méire, go súighte seirgthe.
Rug sé an bhárr cluaise orm-sa is ar Dhomhnall,
is do sguir sé sinn go tiugh.
Do chogair garsún le garsún eile — "Tá éad ar
Dhomhnall le Seagháinín."
"An bhfuil Nóra Ní Fháilbhe annso?" ar an
máighistir.
"Ní fhuil is ní bheidh go fóil," ar sé go hatuir-
seach, 'gá fhreagradh féin, "agus ní bhfuilim-se féin
ar fóghnamh indiu leis."
"Téidhidh a bhaile anois," ar sé, "is bíodh seacht-
mhain saoire agaibh. Réidhtighidh le n-a chéile; ná
cloisim go mbeidh aon troid eadraibh, nó bainfead
an croiceann d'fhear na bruighne ins an tseachtmhain
seo chugainn."
D'fhéach Domhnall go h-easumha leasaontach orm-sa,
is d'fhéachas air ins an roicht chéadna; acht aon nídh
amháin, do chuir an máighistir sguab im' láimh, is
dubhairt sé liom an luaithreadh is an deannach do
sguabadh amach, gidh gur dóigh liom anois go ndéan-
fadh sé é so i gcás nach mbeadh aithghreas agam féin
agus ag Domhnall.
Shuidh sé féin ar a chathaoir; chuir sé a dhá dheár-
nainn fá n-a smeigín agus thosnuigh sé ar chaint leis
féin. Níor chuir sé suim ionnam-sa. Shuidheas ar
mo chora-ghiub is d'fhaireas é.
"Fuair an cailín beag a guidhe o'n mbodach
úd," ar sé, "agus tá sí féin 'na luighe, cloisim.
Is beag an léigheann atá 'na phlaosg súd. Ní fhuil
ann acht gaigín glugarach. Tuigeann sé an Ghaedilg
go dian-mhaith, acht tá breis mhórdhála air a leigean
air. Deirthear liom gur peata tabhartha é, acht
buidheachas le Dia, ní gein drúise mise;" — bhain sé
glór as an suidheachán le n-a dhorn.
D'éirigh sé 'n-a shuidhe annsin; dhruid sé leis an
ndorus; chualas glór na heochrach; ghlaodhas go
huamhnach — "ná cuir an glas orm." Chas an eochair
ins an dorus, agus chuir seisean a cheann isteach.
"Á! a Sheagháinín, níor chuimhnigheas ort, sgeinn a
bhaile anois, mo bhuachaill maith," agus geallaim duit
gur dheineas deabhadh.
IV
Tá Nóra Ní Fháilbhe breoite," ar mo mháthair.
"Fuacht, is dócha?" ar mise go neamhshuim-
eamhail, gidh go raibh mearán im' cheann agus crith im'
bhallaibh.
Chuir mo mháthair mias prátaidhe ar m'aghaidh amach
agus greim éisg, acht níor bh'fhéidir liom-sa a mblais-
eadh.
"Maise, cad tá ort, nó cár ghaibh do ghoile?"
ar sí.
Chromas ag ghol.
"Mo ghrádh thú; ataoi breóite, is baoghlach; tá
t'éadan ar dearg-lasadh."
Bhuail sí crocán uisge ar lúib ós cionn na
teineadh.
"Caithfead do chosa d'fhothrughadh agus tú chur a
chodladh."
"Ní chaithfir," ar mise go dána droch-labharthach,
"acht caithfead Nóra Ní Fháilbhe d'fheicsin; bhí sí go
maith liom ag sgoil, agus ní fhuil pioc orm acht
sgeón, mar dubhairt an máighistir ná beadh sí i bfad
ar an saoghal so."
Ní dubhairt an máighistir a leithéid seo, acht is
dócha gur mheallas mé féin go ndubhairt.
"Mhaise, ciorrbhadh air nár leig duit," ar sí.
Le n-a linn sin tháinig m'athair isteach.
"Atá an cailín beag úd ag dul ar gcúl," ar
seisean; "ní chuirfidh sí an tseachtmhain di. Ba dheas
an leanbh í; chonnarc go minic ag an bpobal í le
cois a máthar, agus muna mbeadh radharc id' chúl do
chífeá go raibh galar a hathar ag gabháil di. Thug sí
an snaoi uaidh, beannacht na ngrás le n' anam.
"Shaoileas nach raibh sí droch-shláinteach ar aon
chor, agus go raibh snódh breágh folláin uirthi i
gcómhnuidhe," ar mo mháthair.
"Meallann an dath daoine," ar seisean.
Thuig mo chroidhe im' chliabh. Do thabharfainn mé
féin ar a son. Bhí liúgh im' chluais, is rinnce im'
inchinn. Chuireas cnead asam. D'fhéach m'athair orm
go géar.
"Tar i leith chugam," ar sé.
Bhuail sé lámh ar mo mhalainn, rug sé ar chuislinn
orm.
"Cuir a chodladh an leanbh so, tá mar a bheadh
fiabhras air," ar sé.
Ní leigfeadh eagla dham a rádh leis nach raibh
éinnídh orm, agus dob' éigean dom géilleadh dhó go
lom-láithreach.
"Fán fada ar an máighistir; chuir sé sgannradh
ar an leanbh bocht," ar mo mháthair.
Cuireadh a chodladh mé.
"Ní thuitfidh néal orm," ar mise liom féin, acht,
mar sin féin, ní rabhas i bhfad im' luighe go rabhas im'
chnap codlata.
Taidhbhreadh dom an oidhche úd go raibh Nóra ag
múineadh amhráin dam ar inse cois abhann, go raibh
blátha ag fás ann, gur bhailigheas lán duirn díobh
agus gur dheineas fleasg do Nóra dhíobh, go raibh
baitín agam agus gur thóchas síos fá fhréamhaibh
an chluthairicín, go bhfuaras an t-ubhaillín milis
ann agus gur sguibheas di-se é. Sul do bhí an
t-ubhaillín, dar liom, sguibhthe agam, do tháinig
Mhícheál na Méire le slaitín draoidheachta is do
bhuail sé ise léi ins an mbathas —
"Amach go flaitheamhnas leat, a Nór' Ní Fháilbhe,"
ar sé.
Do rinneadh, dar liom, colúr geal di, is do leath
sí a sgiatháin, agus d'eiteall sí go néalaibh neimhe.
Do mhúsglas as mo chodladh le geit. Chualas
anál codlata mo mháthar go réidh socair, agus bhí
m'athair ag sranntarnaigh go sámh, mar ba ghnáthach.
D'éaluigheas as an leabaidh, tharraingeas an
maide builg as an ndorus, d'árduigheas an laiste
go bog breágh is do sgeinneas amach fá dhrúct na
hoidhche. D'fhágas ar dearg-leathadh an chómhla im'
dhiaidh.
Bhí áit chómhnuidhe Nóra timcheall dá mhíle uaim
ar an dtaobh theas de'n Abhainn Riabhach. Chonnarc
i bhfad uaim léas soluis agat dheineas air.
Ní raibh néamhaireacht ná eagla púcaidhe orm an
cor so, gidh go rabhas meata go leór ar uairibh
eile.
Leanas ar m'aghaidh síos an currach ag preabadh
ó thúrtóig go túrtóig, agus má éirigh cearc fraoigh
le gáir nó naosgach le sgread, níor chuireas suim
ionnta.
Do shroiseas fá dheireadh an fhuinneóg mar a
bhfaca an solus. Bhí corrán gealaighe ins an domhan
thiar, agus gaoth ionnfhuar ag séideadh a ndeas.
Ní raibh puinn éadaigh orm. Do shnámhas suas ar
chró bó i dtaobh thiar de'n tigh, agus d'fhéachas go
cruinn isteach thríd an bfuinneóig.
Sin í annsain í gan amhras agus a gruag bhreágh
bhuidhe ag sileadh léi, a máthair ag tabhairt díghe dhi
anois is arís, agus ag gabháil paidrín go dúthrach-
tach, agus Nóra ag caint is ag baoth-chaint léi féin.
Dá óigeacht do bhíos, bhí fhios agam go raibh an
rámhaill uirthi, mar ar uairibh do chuir sí a láimhíní
míne geala amach tar an gcuilt, agus do thosnuigh
sí ar chómhaireamh ar na frathachaibh. D'fhéachadh an
mháthair uirthi go brónach, agus chídhinn go gcuireadh
sí cros an phaidrín le n-a béilín tanaidhe.
D'fhéachas suas ar an spéir agus shaoileas go
bhfacas Nóra ann, mar a taidbhreadh dom.
Bhí an traighdín go lonnrach 'sa domhan theas —
d'aithnigheas go dian-mhaith na réalta sin, mar is
gnáthach le daoinibh nách bhfuil clog ná uaireadóir
aca féachaint i ndeireadh na hoidhche ar an dtraighdín
nuair do theastuigheas uatha breith go moch ar aonach
nó aifreann.
Thuit réiltín agus earball teineadh leis thríd
an spéir 'sa domhan thoir, leig sgata géanna ar
mhachaire i ngar dom glaodh asta, is chuir ganndal 'na
measg há-dá-dá géar árd as mar rabhadh go raibh
rud éigin ag teacht.
D'fhéachas fá dhéin na ngéanna. Connarc fear
ag cur de chugam go tiugh tréan. D'fhaireas é go
géar-radharcach ag déanamh orm. D'fhéach fé i bhfus
is tall. Dhruid banaltra Nóra an choinneal chum na
fuinneóige, thuit an solus ar m'aghaidh, agus chon-
nairc m'athair mé. Rith sé chugam —
"A chaithis, cad tá agat d'á dhéanamh annso?"
agus do sgiob sé ar a bhacalainn mé.
Bhíos im' luighe ar feadh dhá mhí. Dubhradar go
raibh an rámhaill orm féin, agus go rabhas ag
glaodhach ar Nóra. Tháinig a máthair go minic am'
fheicsint.
Fuaras sos fá dheireadh, acht bhí Nóra 'sa chill
agus bhí an saoghal dubh dorcha. Tá sí ós cionn
caogad bliadhan 'san úir.
Is ait an saoghal é. Tá dlaoi d'á gruaig bhuidhe
fós agam, agus níor chailleas riamh an ceacht úd do
mhúin sí dhom ar dheilbh na hEórpa an lá earraigh úd
fad ó i sgoil an Doirín.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11