Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Niamh

Title
Niamh
Author(s)
Ó Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Composition Date
1910
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NIAMH.



LEABHAR A H-AON.



CAIBIDIOL I.



IMIRT ANAMA.



Sa bhliain d' aois an Tighearna naoi gcéad cheithre fichid a
ceathair do thóg Brian Bóramha Luimneach ó-s na Lochlanaigh.
Do loisg sé an chathair, agus an méid des na Lochlanaigh nár
marbhuigheadh agus nár tógadh 'n-a bprísúnachaibh, b'éigean
dóibh teitheadh le n-a n-anam as an áit. Chuaidh cuid acu
síos go h-Inis Cathaigh. Bhí seilbh ag Lochlanaigh i n-Inis
Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire roimis sin.
Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad
féin do dhainginiughadh ann, agus bhí an áit caothamhail
eidhsáideach eacrach acu, lámh le faraige agus lámh le tír.
An sochar agus an saidhbhreas a bheiridís leó as an dtír mór-
thímpal, le guid agus le fuadach agus le creachadh,
choimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagadh na loingeas
agus go bhféadaidís é chur soir abhaile nó é dhíol, nó é
mhalairtiughadh ar bhia nó ar éadach nó ar arm, nó ar pé neithe
eile a bhíodh ag teastubháil uatha.



Nuair a tháinig an lucht teithe anuas ó Luimneach agus
nuair a dh'innseadar do Lochlanaigh Ínse Cathaigh cad a bhí
déanta ag Brian, go raibh an chathair 'n-a luaithrigh agus a
raibh de dhaoine inti marbh nó tógtha nó imthighthe gan tuairisg,
shocaruighdar go léir ar an oileán do chur i dtreó chosanta
chómh maith agus dob' fhéidir é, agus ar iad féin a chosaint
go h-imirt anama. Tháinig triúr curaí anuas ó'n gcathair


L. 8


i n-aonfheacht leis an lucht teithe. Íomhar agus Amhlaoibh agus
Duíbhghean an triúr san.



Chuireadar an t-oileán i dtreó chosanta. Níor bh'fhada go
raibh Brian anuas 'n-a ndiaigh. Do bhris sé féin agus a
shluagh isteach chúcha ar an oileán. Do troideadh go dian ó
gach taobh. Imirt anama dáiríribh ab eadh é dos na Lochlanaigh.
Do briseadh agus do brúghadh agus do buadhadh ortha. Do
thuiteadar 'n-a gcéadtaibh. Do fágadh a bhformhór marbh ar
an oileán agus do tógadh an triúr, Íomhar agus Amhlaoibh
agus Duíbhghean. D'fhág san Luimneach agus oileán Ínse
Cathaigh folamh ó Lochlanachaibh, agus gan aon tsúil go
dtiucfadh a thuille acu chun na háite sin, an fhaid a bhéadh
Brian beó pé 'n-Éirinn é.



Nuair a tuigeadh an nídh sin tháinig na manaigh chun an
oileáin airís. Tháinig duine ana naomhtha n-ar bh' ainim dó
Colla, agus bhí sé i n' Abb ar an mainistir, agus chuir sé
gach gnó Creidimh ar siúbhal airís ann, fé chomairce
Sheanáin naomhtha. Na manaigh agus na sagairt a dhíbir na
Lochlanaigh as an áit thánadar airís, an méid a bhí beó acu,
agus do luighdar isteach sa n-obair bheannuighthe mar ba ghnáth
roimis sin. Bhí gach aon rud loitithe briste sgartálta i
ndiaigh na Lochlanach. Do dhein Colla na h-áiteana a bhí
beannuighthe do choisreacan airís, agus do chuir Brian chuige
síos adhmad agus clocha agus aol agus saoir agus lucht
ceárd, agus gach aon chóir a bhí riachtanach chun gach díobhála
d'ár dhein na Lochlanaigh do leigheas, agus chun gach ar
bhriseadar do dheisiughadh, i dtreó, ar ball, go raibh an áit
níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidighe agus níos
oireamhnaighe chun gnóthaí Creidimh agus chun onóra thabhairt
do Dhia ann, 'ná mar a bhí sé, a déarfadh duine, sar a dtáinig
aon Lochlanach riamh isteach ann.



Fé mar a bhí na manaigh ag teacht tar n-ais ann bhí na daoine,
sa chómharsanacht mór-thímpal, chómh fada siar le Léim


L. 9


Chúchulainn agus chómh fada óthuaidh le Cill Caoí, ag cur
arbhair agus éadaigh agus adhbhar teine, agus neithe de'n
tsórd san, isteach chúcha ar an oileán. Do chuir Brian féin
chúcha a lán neithe a bhí ag teastubháil uatha agus nár bh’ fhéidir
dóibh a dh'fhághail ó's na daoine. Chuir sé chúcha, mar bhara
ar gach bronntanas eile, cailís óir a bhí tar éis teacht chuige
féin ó'n Róimh, ó'n bPápa, 'ghá chur i n-iúil dó cad é an
buidhchas a bhí ag an bPápa air mar gheall ar a mhór-
ghníomhartha i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh namhad an
Chreidimh. Ba mhór ab fhiú an chailís sin. Ór ar fad ab eadh
í, agus bhí sí téagartha, trom, agus má ba mhór ab fhiú an
méid óir a bhí inti, ba mhó 'ná san ab fhiú an gréas órnáide a
bhí geártha uirthi, chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail
agus chómh greanta. Ach bhí nídh uirthi a bhí níba dhaoire go
mór 'ná an t-ór agus an órnáid i n-aonfheacht. Bhí ag bun
an cupáin uirthi, mór-thímpal, sa n-áit 'n-a raibh an cupán
suidhte ar an gcois, crios de chlochaibh lóghmhara go raibh, ba
dhóich leat, fuasgailt mic rígh a' braighdineas ins gach cloch
díobh. Thug Brian an chailís sin do Cholla agus do
mhainistir Ínse Cathaigh, i n-onóir do Dhia agus do Sheanán
naomhtha, agus ba mhór ag Colla agus ag na manaigh go léir,
agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an chailís sin, agus
ba mhór é a mbuidhchas ar Bhrian d'á bár.



Chómh luath agus bhí a manaigh tagaithe tháinig na micléighinn.
Chómh luath agus tháinig na micléighinn do cuireadh na
sgoileana ar siúbhal.



Nuair a tháinig na Lochlanaigh níor fhághadar aon nídh i
bhfuirm leabhair, d'ár tháinig fé n-a súilibh, gan cur sa teine
nó sa n-uisge, agus ba mhar a chéile do leabhraibh na h-aimsire
sin teine nó uisge, mar is ar chroicean a déintí an
sgríbhinn agus do bhaineadh an t-uisge an sgríbhinn de'n
chroicean chómh luath agus do fliuchtí é. Ach níor bh' fhada go
raibh leabhair a ndóthin airís acu, mar, an mhuintir a bhí ag


L. 10


teacht do thugadar leabhair leó ar iasacht agus ansan do
sgríobhadar macshamhla, a ndóthin díobh, sar ar chuireadar
abhaile na h-iasachtaí.



Níor bh' fhada gur leath an sgéal ar fuid na h-Éirean go
raibh na sgoileana ar siúbhal airís i n-Inis Cathaigh. Tháinig
na h-ógánaigh ó gach aon pháirt d'Éirinn chun na sgoluigheachta
dh'fhághail. Bhí ainim Cholla i mbéalaibh daoine ar fuid na
h-Éirean, agus lasmuich d'oileán na h-Éirean, le méid an
eóluis a bhí aige agus le doimhneacht a thuisgiona agus le
feabhas an teagaisg a thugadh sé dos na h-ógánaigh. Ba ghearr
go raibh na h-ógánaigh ag teacht anall ó'n oileán ar a
dtugtar Sasana anois, agus adtuaidh ó Albain, agus andeas
ó'n bhFrainc agus ó'n Almáinn. Clann na ríghthe agus na
n-uasal isiad a thagadh. Do gheibhdís sgoluigheacht agus bia
agus deoch agus díon, agus gach coimeád suas eile a
theastuigheadh uatha, saor i n-aisge, gan aon tsaghas díol-
uigheachta, i sgolaibh na h-Éirean an uair sin. Níor bh' aon
iongnadh go dtagaidís 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a míltibh.



CAIBIDIOL II.



TADHG AGUS AMHLAOIBH.



Tímpal na h-aimsire sin bhí cuid des na Lochlanaigh féin
ag tusnughadh ar an gCreideamh a ghlacadh, go mór mór, an
chuid acu a bhí tar éis cur fútha i n-Éirinn agus cómhnuighe a
dhéanamh dóibh féin ann, agus tar éis cleamhnaisí dhéanamh le
mnáibh Éireanacha. D'eirigh an cómhngas, agus ansan an
gaol, idir iad féin agus na cómharsain a bhí 'n-a dtímpal.
As san amach do thusnuighdar ar nósaibh na h-Éirean do
ghlacadh. Chuaidh eólus ar an gCreideamh i bhfeidhm ortha i


L. 11


ndiaigh ar ndiaigh, agus thusnuighdar ar an gCreideamh do
ghlacadh. Chun iad féin d'ollamhughadh i gceart i gcóir an
Chreidimh thusnuighdar ar dhul isteach ins na sgoileanaibh chomh
maith le cách, agus rud a chuirean iongnadh anois ar dhaoine
ná tuigean i gceart an mhór-aigne atá sa n-Éireanach, bhí
fáilte rómpa ins na sgoileanaibh chómh maith agus a bhí roimh
chách.



Lá, agus an obair ar siúbhal i sgolaibh na mainistreach,
tháinig ógánach uasal chun an oileáin. Bhí folt fionn air, ag
tuitim go trom anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh.
Bhí clóca, nó brat, aniar ar a shlinneánaibh mar ba cheart a
bheith ar mhac rígh, agus bhí sé ríoga 'n-a cruith agus 'n-a
phearsain. Go mór mór, bhí an tsúil ríoga ag taithneamh
'n-a cheann, súil iona raibh fíor uaisleacht, gan uabhar,
úmhluigheacht gan cheann-ísleacht fírinne aigne gan nochtadh
aigne. Tháinig sé go dorus na mainistreach. Tháinig an
dóirseóir chuige.



“D'oirfeadh dom, le d'thoil, an t-Abb a dh' fheisgint,” ar
seisean leis an ndóirseóir.



“Tá go maith, a rígh,” arsa'n dóirseóir. “Buail mar seo,
le d'thoil.”



Do rugadh i láthair Cholla é.



“Cad é seo atá uait, a mhic?” arsa'n t-Abb leis.



“Tá, a Athair,” ar seisean, “gur mhaith liom, dá mb' é
do thoil é, raint aimsire chaitheamh sa mhainistir seo ag
déanamh foghluma.”



“Cé h-é thu, le d'thoil?” arsa'n t-Abb.



“Tadhg ua Cealla is ainim dom, a Athair,” arsa'n
t-ógánach, “agus adtuaidh ó Uíbh Máine do thánag.”



“Airiú,” arsa'n t-Abb, “an mac do Thadhg Mhór ua
Chealla thu!”



“Iseadh, a Athair,” arsa'n t-ógánach.



Do cuireadh isteach láithreach é sa sgoil a bhí oireamhnach dó.


L. 12


Bhí an Tadhg ua Cealla san ocht mbliana déag d' aois an
uair sin.



Cúpla lá i ndiaigh an lae a tháinig Tadhg ua Cealla tháinig
ógánach eile isteach sa mhainistir. Lochlanach ab eadh é, agus
ba léir gur mhac rígh é. Bhí folt gruaige air a bhí chómh dubh
le gual, agus bhí a chroicean chómh geal leis an sneachta. Bhí
luisne chroídhreach 'n-a dhá leacain, agus bhí gealgháire 'n-a
dhá shúil agus 'n-a bhéal i dtreó go raibh báigh ag gach aoinne
leis ar an gcéad amharc.



Do tugadh i láthair Cholla é.



“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis,
“agus cá mbíon cómhnuighe ort nuair a bhíon tú sa bhaile?”



“Lochlanach iseadh mé, a Athair,” arsa'n t-ógánach, “agus
Amhlaoibh is ainim dom. Amhlaoibh Óg a tugtar orm, mar
Amhlaoibh is ainim dom' athair leis. Thánag anso chun
sgoluigheachta d'fhághail, mar deir gach aoinne gur anso atá
an sgoluigheacht is fearr le fághail.”



“Tá go maith,” arsa'n t-Abb. “Is dócha nách d'ár
gCreideamh tú, ach ní dheinean san deifrígheacht ar bith.
Tabharthas ó Dhia iseadh an Creideamh. Múinfear duit anso
pé léighean nó pé eólus atá uait, agus ní baoghal duit go
ndéanfaidh aoinne aon cur isteach ort mar gheall ar
chreideamh.”



“Táim 'ghá chuimhneamh le fada, a Athair,” arsa'n
t-ógánach, “gur mhaith an rud dom eólus éigin do chur ar
bhúr gCreideamh. Ní féidir do dhuine creideamh do ghlacadh
gan eólus a chur ar dtúis air. Má chím ó'n eólus gur nídh
fóghanta é ba chóir gur mhaith an rud dom é ghlacadh. Pé 'cu
ghlacfad é nó ná glacfad cad é an díobháil a dhéanfaidh sé
dhom eólus do chur air?”



“Tá go maith, a mhic ó,” arsa'n t-Abb. “Lean do thoil
agus do thuisgint féin sa nídh sin. Go dtugaidh Dia agus
Seanán naomhtha dhuit an t-eólus atá uait!”


L. 13


Do cuireadh Amhlaoibh Óg isteach sa sgoil do ceapadh a bhí
oireamhnach dó, agus cá gcurfaí é ach isteach sa sgoil chéadna
'n-ar cuireadh Tadhg ua Cealla.



Níor bh'fhada gur chuir an bheirt aithne mhaith ar a chéile.
Níor bh'fhada gur eirigh caradas mór eatartha. Bhíodar araon
go h-ana mhaith chun an léighinn a thógaint, agus ba dheacair
d'aoinne a dh'innsint cé 'cu b'fhearr chuige. Ins gach nídh a
bhain le neart géag agus le cleasaibh lúth dob' é an sgéal
céadna é. Ní raibh aon bhreith ag aoinne de'n bheirt ar
bhuachtaint i gceart ar an bhfear eile. Ach bhí so le feisgint
soiléir go leór. Ní raibh aon fhear eile ins na sgolaibh sin
a dh'fhéadfadh cimilt le h-aoinne de'n bheirt i n-aon rud a
bhain le neart cuirp ná le cleasaibh lúth.



Ní raibh Tadhg Óg ua Cealla abhfad i n-Inis Cathaigh nuair
a rugadh soir go Ceann Cora é, go ríghtheighlach Bhriain féin.
Bhí aithne mhaith agus cion mór ag Brian ar athair an fhir óig
sin, ar Thadhg Mhór ua Chealla. Ní h-aon iongnadh nár fágadh
Tadhg Óg abhfad gan breith soir go Ceann Cora.



Agus dar ndó' nuair a h-iaradh ar Thadhg dul soir níor
b' fhéidir a chara agus a chómhalta, Amhlaoibh, a dh' fhágáilt
'n-a dhiaigh sa mhainistir. B' éigean dóibh araon dul soir.
Chómh luath agus do cuireadh aithne thoir ortha ba dhóich leat
gur anuas as an spéir a thuiteadar, tháinig a leithéid sin
d' uraim ag gach aoinne dhóibh agus a leithéid sin de chion ag
gach aoinne ortha.



Bhí fhios ag gach aoinne gur mhac rígh Tadhg Óg ua Cealla,
agus isé rud a deireadh na daoine a chíodh é 'ná, “An t-é
ná déanfadh ach feuchaint air, gan aon phioc d'á fhios a bheith
aige cé h-é féin, d' aithneóch' sé gur mac rígh é!” Bhí an
uraim ag ár sínsear riamh do'n rígh agus do mhac an rígh.
Nílimid féin ró shaor ó'n ngalar gcéadna.



Bhí tuairim láidir ag daoine gur mhac rígh Amhlaoibh, leis,
bíodh ná dúbhairt sé féin, luath ná mall, gur bh'eadh. Níor


L. 14


admhuigh sé gur bh'eadh agus ní lúgha ná mar a shéan sé gur
bh'eadh.



Áit chun an uile shaghas cleasaidheachta, idir ruith agus léim
agus iomrasgáil agus caitheamh cloch araige agus tógaint
ualaí troma, ab eadh Ceann Cora an uair sin, agus bhí fir
óga ann nár bh'fhuiriste buachtaint ortha ins na gníomharthaibh
sin. Bhí an bheirt a tháinig aniar ó Inis Cathaigh maith a ndóthin
do'n chuid ab fhearr acu, 'sé sin d'á gcómhnaoisibh. Ní raibh
aon breith acu, ámhthach, ar aon chimilt a dhéanamh leis na
fearaibh stáluighthe cruadha a bhí ann.



I n-éaghmais na lúthchleas bhíodh cleasa agus gleacaidheacht
ar na h-airm acu. Bhíodh airm éadtroma ann dos na
buachailíbh chun bheith ag déanamh taithíghe dhíobh. D'imir gach
duine de'n bheirt cluiche ar gach arm des na h-airm sin leis
na buachailíbh ab fearr a bhí ar theighlach Bhriain, agus
chuireadar iongnadh ar gach aoinne. Bhíodh capal bata acu
ann agus marcach bréige anáirde air agus éide ar an marcach,
agus gníomh fir ab eadh ruith chun an mharcaigh sin agus buille
thuaigh a thabhairt dó sa cheathramhain agus idir éide agus
ceathramha do ghearadh leis an mbuille sin i dtreó go
dtuitfeadh an chos ar thaobh de'n chapa agus an arcach ar
an dtaobh eile.



Dubhairt Amhlaoibh gur dhóich leis go ndéanfadh sé an gníomh
san. Do tugadh tuagh Mhurchadh mhic Bhriain chuige. Bhí sí ró
throm dó. Do tugadh tuagh ná raibh chómh trom chuige. Do
cuireadh anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do
chas Amhlaoibh an tuagh agus do rith sé chun an mharcaigh agus
do bhuail sé a bhuille. Chuir a buille stangadh sa n-éide a
bhí ar ceathramhain an fhir bhréige. Sin ar chuir.



Do cuireadh suas an fear bréige airís agus éide shlán air.
Do rug Tadhg Óg ua Cealla ar thuaigh eile. Do thoibh sé
féin an tuagh. Bhain sé casadh as an dtuaigh agus do rith sé
chun an mharcaigh bhréige. Tháinig an tuagh anuas ar an


L. 15


gceathramhain. Do thuit an cos ar thaobh de'n chapal agus
an fear ar an dtaobh eile.



Do leath a dhá shúil ar Amhlaoibh.



“Ó!” ar seisean, “Agus níor chuiris leath do nirt leis
an mbuille!”



“Do chuireas,” arsa Tadhg, “ach níor dhóich leat gur
chuireas. Cleas iseadh é. Chuiris-se oiread nirt leis an
mbuille agus chuireas sa leis, ach níor thugais a cheart féin
do'n fhaobhar. Ní'l ann ar fad ach cleas, agus taithíghe ar an
gcleas.”



“B'fhéidir é,” arsa Amhlaoibh, “ach mo thruagh-sa an fear
go n-imireófá-sa an cleas san air i láthair catha.”



Do rug Amhlaoibh ar bhogh Mhurchadh. Mheas sé an bogh do
lúbadh. Do theip air.



“Ba mhaith liom aon urchar amháin a dh'fheisgint uait, a rígh,”
ar seisean le Murchadh.



“Chífir agus fáilte, a mhic ó,” arsa Murchadh. Do rug
Murchadh ar an mbogh agus do lúb sé é agus chuir sé an
tsrang air mar ba chóir chun lámhaigh. Ansan do rug sé ar
shaighid agus chuir sé an saighead leis an sraing. Bhí an bogh
dhá shlait ar faid. Chuir sé an lámh chlé n-a lár. Tharaing sé
an tsrang leis an láimh dheis go dtí gur dhóich le duine ná
raibh dhá throigh idir dhá cheann an bhogha. Thug se aghaidh ar an
dtaobh thall de'n ghleann. Do thárla éan faraige bheith ag
gluaiseacht fan an ghleanna thall, lasmuich, dar le n-a raibh
láithreach, de raon aon urchair. Do sheinn an tsrang. Do
ghluais an saighead. Bhí súil gach aoinne ar an saighead agus
ar an éan. Chonacadar ag teacht chun a chéile iad. Do chuaidh
an saighead tríd an éan agus thuiteadar araon chun tailimh
thall ar thaobh an ghleanna. Do rith buachail anonn agus thug
sé leis anall iad. Bhí iongnadh agus alltacht ar Amhlaoibh
nuair a thuig sé i n' aigne cad é an neart nár bh'fholáir a
bheith sa bhfear a chaith an t-urchar san.


L. 16


CAIBIDIOL III



INNTINN BHRIAIN.



Do caitheadh an lá ar an gcuma san, go suairc agus go
soilbhir agus go muinteartha. Ansan so shuigh cuideachta
mhaith uasal chun dínnéir, agus do tairbeánadh uraim agus
onóir do'n dá mhac rígh sin agus d'uaislibh eile a tháinig an
lá san go ríghtheighlach Bhriain ar ghnóthaíbh a bhain leó féin.



Bhí aghaidh na h-Éirean go léir an uair sin ar Bhrian agus
ar Cheann Cora agus ar Dhál gCais. Bhí sé daingean i n-aigne
gach aoinne, idir Ghaedhal agus Lochlanach, nár mhaith an bhail
ar chine Ghaedhlach ná ar chine Lochlanach Brian agus Clann
Chais a bheith 'n-a namhdaibh acu, agus gur bh' é a leas, thar gach
nídh, Brian agus Clann Chais a bheith 'n-a gcáirdibh acu. Gach
aon chine, d'á bhrígh sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór
mór ar fuid na Múmhan, a bheartuigh go bhféadfaidís caradas
Bhriain do choimeád, má bhí sé acu, bhídís ag teacht go Cheann
Cora agus ag tabhairt cíosa nó bronntanas leó; agus an
mhuintir a bhíodh a d'iaraidh an charadais sin a dh'fhághail dóibh
féin mura raibh sé cheana acu, bhídís ag teacht ar an gcuma
gcéadna a d'iaraidh é thuilleamh.



Do thuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana
dhoimhinn ab eadh é. Bhí beartuighthe i n' aigne aige, agus bhí
an machtnamh i n' aigne le fada dh'aimsir, neart na h-Éirean
go léir do chnuasach agus do chur le chéile i gcoinnibh na
Lochlanach, agus i gcoinnibh gach namhad iasachta. Deire chur
leis an obair a bhí ar siúbhal i n-Éirinn ar feadh cúpla céad
blian an uair sin, nuair a bhíodh eaglaisí agus mainistreacha
agus sgoileana d'á gcur suas le neart Creidimh agus dúil
i léighean agus i n-eólus, agus ansan nár thúisge a bhídís


L. 17


thuas 'ná mar a bhíodh na Lochlanaigh ag preabadh isteach agus
'á sgartáil, 'ghá losgadh agus ag losgadh na leabhar a bhíodh
ionta agus ag marbhughadh na manach. Do thuig Brian
i n' aigne, nuair a dheineadh cléir agus daoine naomhtha na
h-Éirean, agus lucht léighinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus
na mainistreacha agus na sgoileana do chur suas agus an obair
do chur ar siubhal, gur bh'é ba lúgha ba ghann do ríghthibh
Éirean, agus d'fhearaibh Éirean, Éire agus an obair, agus
an mhuintir a bhí ag déanamh na h-oibre, go chosaint ar
namhdaibh iasachta. Chonaic sé conus a bhí an sgéal ag Éire
ocht gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a bhí Fionn
agus Fian Éirean beó, nó le linn Chonchubhair agus
Chúchulainn. Bhí a leithéid sin de sgannra an uair sin ar
dhúthaíbh iasachta roim fhearaibh Éirean agus roim chómhacht na
h-Éirean nár leómhaidh aon chómhacht iasachta aon chur isteach
a dhéanamh ortha. Dá mb' iad na Rómhánaigh féin iad, do
chuireadar an dómhan go léir fé n-a smacht ach Éire amháin.
“Ach!” a déarfaidh duine, b’fhéidir, “Níor bh'fhiú leó teacht
ag cur isteach ar oileán na h-Éirean. Bhí Éire ró shuarach,
dar leó, agus ró imigcéineamhail.”



Nách maith na raibh Ínsí h-Orc ró imigcéineamhail. Chuir na
Rómhanaigh Sasana fé n-a smacht, agus chuireadar mórán de
chrích Alban fé n-a smacht. Agus chuadar níba shia óthuaidh
agus chuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smacht, d'á fhaid óthuaidh
iad, agus d'á shuaraighe le rádh iad an uair sin.



Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh'fhiú dhóibh Éire thabhairt
fé n-a smacht dá bhféadaidís é. Bhí aithne mhaith acu ar an
oileán, ach bhí fhios acu go maith, leis, cad á an saghas daoine
a bhí 'n-a gcómhnuíghe ar an oileán. Níor thánadar ag cur
isteach ortha. Níor dhein cómhacht na Rómha riamh oiread agus
sméide ar oileán na h-Éirean.



Do thuig Brian, an rud a deineadh cheana go bhféadfaí é
dhéanamh airís. Go bhféadfaí cómhacht na hÉirean do chur le


L. 18


chéile, agus do tháthughadh i n-a chéile, agus do dhlúthughadh i n-a
chéile airís, agus neart fear Éirean do ghleusadh agus do
chórughadh, mar a ghleus Fionn é. Ansan nár bhaoghal ná go
bhfanfadh na Lochlanaigh amach, nó dá dtagaidís gur theacht
gan imtheacht dóibh é.



Is léir d'aon duine a dh'fheuchan isteach sa sgéal go raibh
an machtnamh san agus an beartughadh san agus an inntinn
sin, istigh i gcroídhe Bhriain ó'n gcéad uair a thusnuigh sé ar
dhroch obair na Lochlanach do thuisgint i gceart. Níor
bh'fhuiriste dhó, ámhthach, a bheartughadh do chur i ngníomh mar
bhí ríghthe Gaedhal ar bheagán meabhrach agus ar bheagán
tuisgiona an uair chéadna. Níor tháinig aon phioc d'á
chuimhneamh chun aoinne acu go raibh aon bhaoghal go bhféadfadh
Lochlanaigh, ná aon almhúraigh eile, Éire do chur fé n-a smacht
go h-iomlán chóidhche. Do thuig Brian go raibh an baoghal
ann, agus gur mhóide an baoghal a luíghead a tuigeadh é.
Thuig sé, leis, go mbéadh an baoghal ann an fhaid a bhéadh
ríghthe Éirean ag gabháil i gcoinnibh a cheile, agus ag troid
le n-a chéile, agus ag lagughadh a chéile mar a bhíodar. D'á
bhrígh sin, chómh luath agus thusnuigh a chómhacht ar dhul i méid,
do thusnuigh se ar na ríghthibh eile do thabhairt sé n-a smacht
féin, agus ar a chur fheuchaint ortha oibriughadh a' lámhaibh a
chéile i gcoinnibh na Lochlanach. Níor bh' é sin féin ach, fé
mar a fuair sé an chaoi air, do ghlac sé isteach 'n-a shlóightibh
armála na Lochlanaigh a bhí dílis dó, chun cogaidh a dhéanamh i
gcoinnibh na Lochlanach eile. Bhí cuid acu níba dhílse dhó
'ná mar a bhí cuid des na h-Éireanaigh.


L. 19


CAIBIDIOL IV



Ó BHEALACH LEACHTA GO GLEANN MHÁMA.



Bhí cómhacht Bhriain ag méadughadh agus ag neartughadh agus
ag leathadh go dtí go raibh sé 'n-a rígh ar leath na h-Éirean,
ar leath Mhogha, ar an leath theas de'n oileán. Ní gan mórán
trioblóide agus mórán cogaidh a chuir sé an méid sin de
thír na h-Éirean fé smacht a láimhe. Bhí a dhritháir, Mathúin
mac Cinéide, 'n-a rígh ar an Múmhain roimis. Rígh cródha,
cómhachtach, mór-aigeanta ab eadh an Mathúin sin. Chonaic
ríghthe agus tighearnaí eile na Múmhan go raibh Dál gCais agus
clann Chinéide ag dul i neartmhaire, agus tháinig éad agus
eagla ortha.



Chonaic Lochlanaigh na Múmhan, leis, mura gcurfaí cosg
éigin leis an mbeirt drithár, le Mathúin agus le Brian, ná
fágfaidís Lochlanach beó sa Mhumhain. Dheineadar eatartha,
na Lochlanaigh agus na h-Éireanaigh n-a raibh an t-eagal ortha,
feall grána ar Mhathúin. Mharbhuighdar é i n-áit ar a dtugtí
Bealach Leachta. Deir cuid de'n tseanachus gur i n-aice
Mághchromtha atá an áit. Tá cloch mhór, i bhfuirm goláin, 'n-a
seasamh ar bhruach an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite
'n-a dtagan an Leamhain isteach sa tSolán, agus do réir
gach deabhraimh tá an chloch san 'n-a seasamh ar uaigh Mhathúna
mhic Cinéide, rígh Múmhan.



B'fhearra go mór, ámhthach, do lucht an éada agus an eagla
ná déanfaidís an gníomh san. Íomhar, rígh Lochlanach
Luimnighe, agus Maolmuaidh, rígh Deasmúmhan, agus
Donabhán, rígh Figheinte, isiad a dhein an gníomh. Do las
fearg Bhriain nuair a fuair sé cad a bhí déanta. Do
chruinnigh sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na


L. 20


Lochlanaigh a' Luimneach agus a' h-Inis Cathaigh. Do bhris sé
cath ar Dhonabhán agus mhairbh sé é. Do lean se Maolmuaidh
go Bealach Leachta, an áit 'n-ar marbhuigheadh Mathúin. Bhí
Maolmuaidh ann agus sluagh líonmhar, láidir aige, de
Ghaedhlaibh agus de Lochlanachaibh. Do bhuaidh Brian ortha,
agus do thuit Maolmuaidh sa chath. Deir an seanachus go
raibh Murchadh, mac Bhriain, sa chath san agus gan é ach chuig
bhliana déag, agus gur le n-a láimh a thuit Maolmuaidh.



Nuair airigh Dómhnall ua Faoláin, rígh na nDéiseach, cad a
bhí imthighthe ar Mhaolmuaidh agus ar a shluagh, d'eirigh sé agus
chruinnigh sé slóighte a thíre go léir, agus tháinig Lochlanaigh
Phortláirge ag cabhrughadh leis. Siúd chúcha Brian. Do bhris
sé cath fuilteach ortha i n-áit ar a dtugtí Fán Chonradh. Do
theitheadar, idir Ghaedhil agus Lochlanaigh, isteach go Port-
Láirge. Do lean Brian iad agus dhein se éirleach ortha agus
do loisg sé an chathair. Do thuig Dómhnall sa n-éirleach.



Bhí an Mhúmhain fé smacht Bhriain ansan. Níor ghéill a
namhaid go léir dó, ámhthach. Bhí fhios acu ná géillfeadh Cúige
Laighean go ró bhog dó. D'imthighdar óthuaidh. D'eirigh na
Laighnigh leó. Do cruinnigheadh sluagh ana mhór, Lochlanaigh
agus Éireanaigh ó'n Múmhain, agus Lochlanaigh ó Áth Cliath,
agus iomláine cómhachta na Laighneach, idir Lochlanaigh agus
Éireanaigh. Cheapadar, anois nó riamh, go gcuirfidís neart
Bhriain ar neamhnídh. Thuig na h-Éireanaigh a bhí ann go
ndéanfaidís díoltas ar Bhrian agus ar Chlainn Chais fé dheire
thiar thall. Thuig na Lochlanaigh dá mbéadh Brian agus Clann
Chais ar neamhnídh nár ró fhada go mbéadh Luimneach, agus
Inis Cathaigh, agus an Mhúmhain, agus b'fhéidir Éire go léir,
acu féin airís. Níor thug Brian puínn aimsire dhóibh chun
machtnaimh a dhéanamh. Siúd chúcha isteach i gCúige Laighean é
féin agus a shluagh. Ar Gleann Mháma iseadh tháinig sé suas
leó. Siúd chun a chéile an dá shluagh go fíochmhar agus go
malluighthe. Do throid na Laighnigh agus na Lochlanaigh agus a


L. 21


lucht cabhartha go léir, go cródha agus go seasamhach, an fear
ag tuitim agus fear eile i n' inead láithreach, gan staonadh
gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha. Níor bh' aon
mhaith dhóibh é. Do bhrúigh Brian agus Murchadh agus Clann
Chais isteach tré n-a lár. Do leagadh agus do marbhuigheadh
iad 'n-a srathanaibh. Fé dheire do ruagadh chun siúbhail an
méid nár leagadh dhíobh. Do leanadh iad ins gach treó baill
'n-ar theitheadar. Do cuireadh an mhór-shluagh ar neamhnídh
glan. Do thuig sa chath san chúig mhíle fear de Lochlanachaibh
agus de Laighneachaibh.



D'fhág san Leath Mogha ar fad fé smacht Bhriain, agus thug
sé le tuisgint go soiléir dos na Lochlanaigh ná raibh aon
bhreith acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do thabhairt
fé n-a smacht. Ansan iseadh bhí ríghthe agus uaisle agus
tighearnaí tíre ag teacht as gach aird go Ceann Cora ag
tabhairt cíosa agus tabharthaistí agus bronntanas ag triall
ar Bhrian agus ag snadhmadh caradais leis.



Cuid des na h-uaislibh sin iseadh bhí tagaithe ann an oídhche
a bhí an bheirt bhuachailí ó mhainistir Ínse Cathaigh ann. Chuir
an mhuintir a tháinig aithne láithreach ar Thadhg Óg ua Chealla.
Níor fhéad aoinne puínn aithne chur ar an mbuachail eile, ar
Amhlaoibh. Ní raibh fhios acu cé r' bh' é ná cé 'ra díobh é, ach
gur bh' ógánach uasal é a tháinig anall ó chrích Lochlan go
mainistir Ínse Cathaigh ag déanamh foghluma. Do caitheadh an
oídhche go suairc agus bíodh ná raibh aon aithne cheart ar an
Lochlanach óg bhí gach aoinne ag déanamh cúraim dé agus ag
taisbeáint báighe dó, díreach fé mar ba mhaith leó a chur i
n-iúil dó, dá mba Lochlanach féin é ná raibh aon dothal acu
roimis.



Tá an tréith sin sa n-Éireanach fós, go láidir. Má
bhímíd muinteartha le duine iasachta is minic gur mó go mór
a thaisbeánaimíd ár muintearthas dó 'ná mar a thaisbeánaimíd
é d'ár nduine féin. Chonac go minic a leithéid.


L. 22


Tháinig an mhaidion. Bhí na h-uaisle a tháinig ag dul
abhaile. Má thugadar tabharthaistí leó ag triall ar Bhrian
do thug Brian tabharthaistí móra maithe dhóibh nuair a
bhíodar ag imtheacht. Bhí brígh leis na tabharthaistíbh sin,
ámhthach. An priúnsa do ghlac tabharthas mar sin ó Bhrian,
d' admhuigh sé Brian a bheith 'n-a rígh os a chionn, agus bhí
ceangailte air as san amach an admháil sin do sheasamh.
Thuigeadar go léir an nídh sin go maith agus ní raibh aon chur
'n-a choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas mór ortha fear a bheith
os a gcionn a bhéadh ábalta ar iad do smachtughadh dá mba
ghádh é.



Tháinig an bheirt bhuachailí abhaile chun na mainistreach agus
chun na leabhar agus chun an léighinn.



Bhí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormfhlaith
ab ainim do'n tarna mnaoi. Bhí sé 'n-a baintrigh nuair a phós
Brian í. Drifiúr ab eadh í do Mhaolmórdha, an rígh a tháinig
ar Laighnibh nuair a ghéilleadar do Bhrian. Bhí sí pósta ar
dtúis ag rígh de ríghthibh Lochlanach Átha Cliath. Amhlaoibh ab
ainim do'n rígh sin. Bhí mac aici leis an Amhlaoibh sin agus
Sitric ab ainim do, agus bhí sé 'n-a rígh ar Lochlanaigh Átha
Cliath nuair a bhí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.



Do réir gach seanachais d'á mbainean leis an aimsir sin
ní raibh an uair sin ar mhnáibh an domhain bean eile a bhí i n-aon
ghaor do bheith chómh breagh leis an mnaoi sin. Ach tá nídh eile,
leis, le feisgint sa tseanachus. Ní raibh bean ar bith a bhí
chómh breagh léi. Ní lúgha 'ná mar a bhí bean ar bith a bhí chómh
h-olc léi. Nuair a phós Brian í ní raibh fhios aige cad é an
saghas é. Bhí beartuighthe i n'aigne aige, ní h-amháin Gaedhil
Éirean do dhlúthughadh le n-a chéile i dtreó gur mhóide a
neart é i n-aghaidh namhad iasachta, ach, dá mb’ fhéidir é, na
Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn do tháthughadh
leis na cineachaibh Gaedhlacha, agus aon neart amháin a
dhéanamh díobh go léir. Thuig sé gur mhaith an congnamh dó


L. 23


chuige sin máthair an rígh a bhí ar Lochlanaigh Átha Cliath a bheith
pósta aige; go dtabharfadh an cleamhnas san páirt disi 'n-a
chómhacht féin agus páirt dó féin i gcómhacht a mic. Do
neartuigh sé an pháirt sin a bhéadh aige féin i gcómhacht a mic,
le cleamhnas eile. Thug sé a inghean féin le pósadh do
Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.



Bhí gaol agus cómhngas achmair go leór ansan idir é agus
rígh Laighean agus idir é agus Lochlanaigh Átha Cliath, agus bhí
gach aon deabhramh go ndéanfadh aimsir agus foidhne agus
faidearaídhe agus deaghchómharsanacht caradas do dhlúthughadh
agus do bhuanughadh idir é agus iad go léir, go mór mór ó
bhí san agus a mbuac féin ag teacht isteach le n-a chéile. Bhí
gach aon deabhramh, leis, dá leanadh an caradas san agus
an deagh-chómharsanacht san go sroisfeadh Brian Árdrígheacht
na h-Éirean agus go leanfadh sliocht Bhriain i n-Árdrígheacht
na h-Éirean, ó ghlúin go glúin, ar feadh mórán aimsire, agus
go gcuirfeadh san rath agus séan, go saidhbhir agus go
marthanach, ar Éirinn agus ar Chlannaibh Gaedhal, agus ar an
gCreideamh i n-Éirinn.



Ach bhí a mhalairt sin ar fad de mhachtnamh i n-aigne na
Banríghne, i n-aigne Ghormfhlaith. Ní h-ar Bhrian ná ar a
shliocht a bhí sí ag cuimhneamh, i gcóir Árdrígheachta na
h-Éirean, sa n-aimsir a bhí le teacht, ach ar a mac féin, ar
Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Bhí Brian aosda. Ní raibh,
agus a dhícheal a dhéanamh, puínn eile aimsire aige le caitheamh
ar an saoghal so. B'fhearr léi í féin a bháth 'ná Murchadh
dh'fheisgint i n' Árdrígh. Níor bh'fholáir, dar léi, rud éigin
a dhéanamh a choimeádfadh Murchadh as an Árdrígheacht. Chuir
sí an sgéal i gcómhairle a mic. Do socaruigheadh eatartha
ar nimh a thabhairt do Bhrian. Dá mbéadh Brian as an slígh
do thuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ansan níor ró dheacair
di cómhacht na Lochlanach do chruinniughadh agus oileán na
h-Éirean do chur fé n-a smacht féin, agus Árdrígh a


L. 24


dhéanamh d'á mac, de Shitric. Bhí an t-uisge-fé-thalamh san
ar siúbhal idir Cheann Cora agus Átha Cliath ar feadh abhfad.
Bhí sé ar siúbhal, a gan fhios do'n tsaoghal, le linn na
h-aimsire 'n-a raibh an bheirt bhuachailí úd ag déanamh a
bhfoghluma i mainistir Ínse Cathaigh.



CAIBIDIOL V.



CREIDEAMH 'Á GHLACADH.



Tar éis suim aimsire tháinig an bheirt airís go Ceann Cora
agus bhí lá gleacaidheachta eile acu agus oídhche shuairc 'n-a
dhiaigh. Níor bh' fhada gur dheineadar taithighe de bheith ag
teacht, agus bhíodh súil leó agus fáilte rómpa ag gach aoinne
sa teighlach. Bhíodh gach aoinne mór leó, agus gach aoinne
ag déanamh cúraim díobh, agus ní raibh aoinne ba mhó a
dheineadh cúram díobh 'ná an Bhanríghin. Dheineadh sí ana
chúram de'n bheirt, ach nuair a chuadar i dtaithighe bheith ag
teacht do thárla go mbíodh Amhlaoibh agus í féin go minic ag
caint agus ag cogarnaigh fé leith. Níor dhein aoinne aon
iongnadh dhé sin. Lochlanach ab eadh é, agus mac rígh ab eadh
é, agus níor bh' aon iongnadh mórán a bheith aici le rádh leis
an mbuachail i dtaobh a thíre féin agus i dtaobh a muintire.



Nuair a tháinig an t-am 'n-ar mhithid do Thadhg ua Chealla
cuaird a thabhairt óthuaidh go h-Uíbh Máine, ag feuchaint a
mhuintire féin, ní shásóch' aon rud é gan Amhlaoibh do dhul
óthuaidh i n-aonfheacht leis. Chuaidh an bheirt óthuaidh. Má ba
mhór an fháilte a bhíodh roimis an mbeirt i gCeann Cora,
agus má ba mhór an cúram a deintí dhíobh ann, ba mhó 'ná
san an fháilte a bhí rómpa thuaidh, agus ba ghrádhmhaire, agus
ba mhó an cúram a deineadh díobh ann. Bhí Tadhg Óg ua


L. 25


Cealla i dteighlach a athar féin nuair a chuaidh sé óthuaidh go
h-Uíbh Máine, agus is 'mó rud fhéadfadh sé a dhéanamh ann
chun cúraim a dhéanamh de charaid ná féadfadh sé a dhéanamh
i ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora. Do dhein sé gach aon
rud fé mar a thaithn leis chun a thaisbeáint cad é an cion a
bhí aige ar a chomhrádaidhe. Nuair a chonaic an t-athair, Tadhg
Mór féin, an cúram go léir 'á dhéanamh de'n ógánach Lochlanach
do dhein sé féin cúram dé, chun a mhic do shásamh. Ansan
do dhein an mháthair, agus an chuid eile de'n chlainn, an cúram
céadna dhé, chun Taidhg Óig do shásamh. Níor dheacair dóibh
sin, mar, chómh luath agus tháinig sé 'n-a measg, agus chómh
luath agus do chonacadar é agus do labhradar leis, tháinig
báigh chómh mór san acu féin leis go mbéadh fáilte acu roimis
agus go ndéanfaidís cúram dé ar a shon féin dá mba ná
béadh Tadhg Óg i n-aon chor ann. Bhí saoghal maith aige an
fhaid a bhí sé thuaidh.



Do críochnuigheadh an chuaird agus tháinig an bheirt thar
n-ais go h-Inis Cathaigh.



Do ghluais raint aimsire. Bhí Amhlaoibh ag déanamh na
foghluma go tiugh. Lá d'á raibh an bheirt i bhfochair a chéile
ar imeal an oileáin, ar bruach na faraige, do labhair Amhlaoibh.
Dubhairt sé gur mhaith leis an Creideamh a ghlacadh. Bhí áthas
mór ar Thadhg.



“Is fearr labhairt leis an Abb,” ar seisean.



Do labhradar leis an Abb.



“Tá go maith,” arsa'n t-Abb. “Ní foláir an Creideamh
a mhúineadh dhuit ar dtúis.”



Do ceapadh sagart chun an Chreidimh a mhúineadh dhó. Do
glacadh an sgéal go réidh. Do tugadh a dhóthin aimsire dhó
chun an Chreidimh a dh' fhoghluim. Do tugadh níba mhó 'ná a
dhóthin aimsire dhó. Fear eagnaidhe ab eadh Colla. Thuig sé
gur “bh' fhearr feuchaint roime dhuine 'ná dhá fheuchaint 'n-a
dhiaigh,” gur bh'fhearr deimhne dhéanamh sar a' ndéanfaí dithineas.


L. 26


Gur bh' fhearr “bheith díomhaoín 'ná droch ghnóthach.” Ach do
múineadh an Creideamh d'Amhlaoibh, agus do chuir sé an
ríghneas go léir dé go breágh réidh foidhneach. Ba léir do
gach aoinne go raibh sé dílis, dáiríribh. Do baisteadh é.
Tar éis raint eile aimsire do dhein sé faoisdin agus do
cuireadh fé láimh Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire
dhein sé faoisdin agus ghlac sé Comaoine. Bhí áthas mór sa
mhainistir agus buidhchas mór 'á thabhairt do Dhia mar gheall
ar a thabharthaistí.



Tháinig an t-am do'n bheirt chun dul soir go Ceann Cora
ar chuaird. Chuadar soir. Bhí míle fáilte rómpa mar ba
ghnáth. Ach bhí rud éigin tagaithe sa bhfáilte ná bíodh ann
roimis sin. Bhí an osgailt croídhe ann a bhainean leis an
gCreideamh. Ní h-aithnightear cad a bhainean leis an osgailt
croídhe sin go dtí go mothuightear beó é. Ní raibh aon phioc
d'á fhios ag Amhlaoibh cad a bhain leis go dtí gur mhothuigh
sé beó é. An cion a gheibheadh sé i gCeann Cora agus i n-Uíbh
Máine sar ar ghlac sé an Creideamh, níor thug sé fé ndeara
go raibh aon rud i n-easnamh air. Bhíodh gach aoinne geal
dó. Níor mheas sé go bhféadfaidís bheith níba ghile dhó. Nuair
a tháinig sé, tar éis an Chreidimh a ghlacadh dhó, ansan iseadh
thuig sé cad a bhain leis an osgailt croídhe. Do chonaic sé
ansan go soiléir nár bh'é an duine céadna i n-aon chor acu
é, agus nár bh'é an cion céadna i n-aon chor a taisbeána
dó. Gur h-osgaladh dó, i gcroídhthibh na ndaoine, seómra
éigin a bhí, ní h-amháin dúnta uaidh roimis sin, ach a bhí ann a
gan fhios dó agus ná raibh aon phioc d'á fhios aige é bheith ann
i n-aon chor.



Bhí áthas ana mhór ar mhuintir Thaidhg Óig uí Chealla nuair
a tháinig an bheirt chucha agus Amhlaoibh tar éis an Chreidimh a
ghlacadh. Dá mba bhuachail Tadhg go bhféadfaí éad a chur air
do bhéadh éad a dhóthin air, do dheineadh a mhuintir a leithéid
de chúram d' Amhlaoibh.


L. 27


Bhí drifiúr ag Tadhg. Mórling ab ainim di. Bhí sí fionn ar
nós a drithár. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Bhí a gruaig
ar dhath an óir. Bhí idir ghruaig agus dath chómh saidhbhir sin
gur tugadh “Niamh Chinn Óir” mar ainim-cheana uirthi nuair
a bhí sí 'n-a leanbh beag. D'oir an ainim chómh maith san di
gur lean sé dhi. Ansan do thug daoine mar bhéas dóibh féin
an cómhngar a ghlacadh ar an ainim agus gan a thabhairt uirthi
ach Niamh. Sa n-am 'n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag
teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht
mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe
dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin. Deirtí
gur dhóich le duine go mbíodh mar a bhéadh sgáil éigin soluis
'n-a tímpal, i dtreó, nuair a thagadh sí isteach i gcuideachtain,
gur chuma é nó gath gréine do theacht isteach ann. Bhí a lán
d'uaislibh óga na tíre agus ba ró mhaith leó bheith 'n-a
cuideachtain agus bheith go mór léi, ach bhí dhá shúil ghorma,
sholusmhara, ríoga 'n-a ceann, agus ní raibh aon duine des
na h-uaislibh óga san a dh'fhéadfadh an fheuchaint a bhí ins na
súilibh sin do sheasamh dá dtugadh a shúile féin, 'n-a gcoinnibh,
aon fheuchaint nár cheart. Bhí an fhuil uasal inti, an fhuil
ríoga. D'inis a dhá shúil duit, ar an gcéad amharc, gur bh' í
inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla a bhí agat, agus pé 'cu b'í nó
nár bh'í, gur bh'é do bhuac bheith chómh múinte chómh béasach agus
d'fhéadfá bheith.



I dtaobh an óigfhir, ámhthach, a thagadh i n-aonfheacht le n-a
dritháir andeas ó mhainistir Ínse Cathaigh, chonaic sí an ghruaig
chíordhubh air, an t-ualach gruaige go raibh dóthin trír ann,
agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaibh a bhí ar dhath an
tsneachtaidh; ar na slinneánaibh breaghtha láidire leathana;
síos go caol an droma, caol droma a bhí chómh seang le caol
droma an chapail ráis, agus go raibh neart suidhte ann mar
a bhéadh i ndrom an chapail ráis. Chonaic sí an dá shúil a bhí
'n-a cheann agus iad chómh dubh leis an sméaramhán, agus,


L. 28


nuair a gháireadh sé, an teine creasa ag teacht as na súilibh
sin le neart suilt agus deagh-mhéinne, ba dhóich leat. Chonaic
sí na neithe sin go léir an chéad lá a tháinig an t-Amhlaoibh
sin go h-Uíbh Máine, agus má chonaic do thug sí grádh agus
taitneamh a croídhe agus a h-aigne dhó go h-iomlán agus go
beacht, láithreach bonn, gan aon dá chuid a dhéanamh díobh. Do
thuig Amhlaoibh gur thug, agus do thuig sise gur tugadh an
grádh agus an taithneamh céadna dhi agus bhí a h-aigne sásta.
Níor labhair aoinne de'n bheirt aon fhocal. Ní raibh gádh le
caint. Bhí an sgéal go léir socair eatartha ar an gcéad
fheuchaint. Dheineadar an chaint a dhein an chuid eile a bhí
láithreach agus níor tugadh aon phioc dá fhios d'aoinne d'á
raibh láithreach go raibh an sgéal san socair eatartha.



Caibidiol VI.



Adhbhar an tSagairt.



Nuair a tháinig an sgéal nua go raibh Amhlaoibh ag glacadh
an Chreidimh bhí áthas mór ar gach aoinne i gCeann Cora agus
ar gach aoinne i n-Uíbh Máine, agus ní raibh duine i gCeann
Cora ná i n-Uíbh Máine ba mhó áthas 'ná Niamh. Nuair a
tháinig Amhlaoibh go h-Uíbh Máine agus é tar éis an Chreidimh
a ghlacadh, do fuair se an osgailt croídhe ó gach aoinne, ach
ní raibh aoinne ba mhó a thug osgailt croídhe dó ná mar a
thug Niamh. Ach má seadh níor leig sí uirthi gur thug. Bhí sí
díreach mar a bhí an chuid eile de'n teighlach, chómh fada agus
a dh' fhéad aoinne a thuisgint.



Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim
aimsire do labhair Amhlaoibh airís le n-a chara, le Tadhg Óg
ua Cealla.


L. 29


“Táim 'á chuimhneamh, a Thaidhg,” ar seisean, “gur mhaith
liom bheith am' shagart.”



“Labhair le Colla mar gheall air sin,” arsa Tadhg.



Do labhair.



“B'fhéidir, a mhic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t' aigne
féin i gceart agat i dtaobh na h-inntinne sin. Is fearr
machtnamh a dhéanamh ar an sgéal. Imthigh leat agus tabhair
aire do t' chuid léighinn, agus tar chúgham airís mí ó 'ndiu
má's maith leat é, agus i gcaitheamh an mhí bí 'ghá iaraidh ar
Dhia, tré ímpídhe Sheanáin, tú sheóladh ar do leas.”



D'imthigh an mí. Tháinig Amhlaoibh airís ag triall ar Cholla.



“Tá sé socair am' aigne, a Athair,” ar seisean, “gur
am' shagart is ceart dom mo shaoghal do chaitheamh.”



“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.



Do cuireadh isteach é ameasg na mac léighinn a bhí d'á
n-ollamhughadh d' Órd Bheannuighthe. Níor bh'fhada gur
h-airigheadh i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine gur deineadh.
Dúbhairt a lán daoine gur mhaith é. Dúbhairt a lán eile gur
mhór an truagh sagart a dhéanamh d'óigfhear chómh breágh chómh
dathamhail. D'airigh Niamh é. D'airigh sí daoine 'ghá rádh gur
bh' áluinn an sagart a dhéanfadh sé. D'airigh sí daoine 'ghá
rádh gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé. Bhí lán a
croídhe d'iongnadh agus d'alltacht istigh 'n-a h-aigne féin,
ach ní baoghal gur leig sí amach aon phioc de'n iongnadh. Níor
dhóich le h-aoinne beó uirthi go raibh sí ag cuimhneamh i n-aon
chor air féin ná ar conus ba mhaith leis a bheatha do chaitheamh.
Ach do bhí. Bhí dhá mhachtnamh 'n-a h-aigne 'n-a thaobh agus bhí
sé ag teip uirthi glan an dá mhachtnamh a thabhairt d'á chéile, —
an grádh úd a thaisbeáin sé a bheith aige dhí féin ó'n gcéad
lá do chonaic sí é, agus an socarughadh so a bhí déanta anois
aige ar bheith 'n-a shagart. Gan amhras dob' fhíor nár labhair
sé aon fhocal riamh léi 'ghá innsint di go raibh an grádh san
aige dhi, ach níor dhein san blúire deifrígheachta sa sgéal.


L. 30


Rud ab eadh é nár ghádh labhairt 'n-a thaobh. Bhí stoirm 'n-a
h-aigne, ach do choimeád sí istigh é. Bhí sí chómh séimh, chómh
solusmhar, chómh gealgháiriteach agus ba ghnáth léi bheith. B'í
an gath gréine céadna í ag teacht i gcuideachtain. Do tugadh
fé ndeara, ámhthach, gur bhánuigh a h-aghaidh. Ach is 'mó trúig
a dh'fhéadfadh bheith leis sin, agus níor chuir aoinne aon tsuim
ann nuair nár thaisbeáin sí aon easba sláinte.



Nuair a bhí raint aimsire caithte ag Amhlaoibh ag déanamh
na foghluma i gcóir na n-Órd do thug sé féin agus a chomrá-
daidhe cuaird soir go Ceann Cora. Bhí áthas mór ar gach
aoinne agus gach aon tsaghas urama agus onóra acu á
thabhairt d' adhbhar an tsagairt, agus ba mhó an t-áthas a bhí
ar an mBanríghin, ar Ghormfhlaith, 'ná ar aoinne. Thug sí féin
agus é féin ana chuid de'n lá i bhfochair a chéile. Níor bh’ aon
iongnadh é sin. Bhí a lán neithe aici le h-innsint dó i dtaobh
a mhuintire féin, lastoir i gcríochaibh Lochlan, agus a lán
cainte acu araon le déanamh 'n-a dtaobh, nídh nár
bh’ iongnadh.



Thug an bheirt, Tadhg Óg agus Amhlaoibh, cuaird óthuaidh go
h-Uíbh Máine. Bhí an fháilte ba ghnáth rómpa, agus bhí an
fháilte fé leith roim adhbhar an tsagairt, agus an onóir fé
leith 'á tabhairt dó, agus an uraim fé leith. Thug Niamh an
onóir dó a thug gach aoinne eile dhó. Bhí a h-aigne
smachtuighthe aici um an dtaca san, agus bhí socair aici,
láthair Dé, go raibh ceangailte uirthi féin gan teacht, ar aon
tsaghas cuma, idir é agus an ghairm bheannuighthe a bhí, dar léi,
ceapaithe ag Dia dhó. Ach bhí an t-aon mhearbhall amháin úd
os cómhair a h-aigne. Cad chuige gur thaisbeáin sé an grádh
úd di an chéad lá má bhí aon chuimhneamh aige ar bheith 'n-a
shagart? Má bhí grádh aige dhi do réir mar a thaisbeáin sé
a bheith, conas fhéad sé a aigne d'atharughadh? Níor réidhtigh
an chuaird an mearbhall. An suim laethanta a bhí le caitheamh
i n-Uíbh Máine do caitheadh iad, agus d' imthigh an bheirt abhaile


L. 31


go h-Inis Cathaigh, agus bhí an measgán mearaídhe ar a h-aigne
ag Niamh nuair a bhíodar imthighthe, chómh mór díreach agus bhí
sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin.
Níor dhein sí ach a toil do chur le toil Dé, agus bheith 'á iaraidh
ar Dhia agus ar Mhuire Mháthair agus ar Sheanán í chur ar a
leas.



Nuair a tháinig an t-am chuige do cuireadh Amhlaoibh ins na
mion Órdaibh. Do deineadh deacon dé. Ansan, an deacon
go raibh cúram an érdaim * air go dtí san, do críochnuigheadh
'n-a shagart é, agus do cuireadh go dtí an Róimh é ar ghnó
éigin, agus do cuireadh cúram an érdaim i n-Inis Cathaigh ar
Amhlaoibh. Bhí sé ag déanamh an ghnótha san go maith agus go
cruinn agus go slachtmhar, agus bhí na sagairt go léir
ana shásta leis. Bhí gach nídh i n'áit féin aige agus an
glanachar ins gach aon bhall aige.



Caibidiol VII.



An Legáid.



Do ghluais suim aimsire. Tháinig easbog ó'n Róimh go
h-Éirinn. Go h-Inis Cathaigh a thug sé aghaidh ar dtúis. Do
cuireadh sgéala soir go Ceann Cora 'ghá innsint do'n rígh, do
Bhrian, go raibh sé tagaithe ann. Bhí Cómhairle agus
teachtaireacht ó'n bPápa aige do Bhrian i dtaobh a lán neithe
a bhí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse
i n-Éirinn an uair sin. Bhí gach aon rud a bhain le gnóthaíbh
Creidimh briste, stolta, stracaithe as a chéile, ag na
Lochlanaigh leis an ndroch obair a bhí acu 'á dhéanamh i
n-Éirinn ar feadh breis agus cúpla céad blian roimis sin.
Bhí Brian ag déanamh a dhíchil chun na díobhála do leigheas.



* Ní'l aon fhocal nua-Ghaedhilge againn ar “érdam” ach “sacristí.”


L. 32


Níor bh'fhéidir dó an leigheas a dhéanadh sa cheart agus é
dhéanamh do réir dlíghe na h-Eagailse ar gach aon tsaghas
cuma, mar ba chóir, gan cómhairle agus teagasg agus
stiúrughadh a bheith aige ó cheann an Teampuil, ó Fhear Inid
Íosa Críost.



Chómh luath agus d'airigh Brian an t-Easbog a bheith tagaithe
ó'n Róimh go h-Inis Cathaigh tháinig sé féin agus uaisle a
theighlaigh anoir ó Cheann Cora chun na mainistreach chun
teachtaire an Pápa do ghlacadh mar ba chóir. Tháinig Brian
um thráthnóna. Fuair sé féin agus na h-uaisle a tháinig i
n-aonfheacht leis beannacht an Phápa ó'n Easbog. Ansan
thug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i bhfochair a
chéile, agus thug Brian cúntas cruinn do'n Easbog, le breith
thar n-ais chun na Rómha ag triall ar an bPápa, ar an gcuma
'n-a raibh an Creideamh i n-Éirinn an uair sin, ar an
léirsgrios a bhí déanta ag na Lochlanaigh ar eaglaisíbh agus
ar mhainistríbh agus ar sgoileanaibh, agus do léirigh sé dhó an
obair mhór nár bh'fholáir a dhéanamh chun na díobhála do
leigheas, agus conus mar ná raibh aon bhreith ar an ndíobháil
do leigheas go h-iomlán, mar nár bh'fhéidir na mairbh a
thabhairt tar n-ais as an gcré. D'inis an t-Easbog do'n rígh,
do Bhrian, cad é an grádh a bhí ag an bPápa dhó, agus méid
na h-urama a bhí ag an uile dhuine íseal agus uasal dó ar
fuid na h-Euróipe go léir; ná raibh i mbéalaibh ríghthe agus
daoine ar fuid na Críostaidheachta ach na gníomhartha
iongantacha a bhí ag Brian 'á dhéanamh i n-Éirinn i gcoinnibh na
Lochlanach, i gcoinnibh na sluagh págánach a bhí tar éis gabháil
de chosaibh um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus
a bhí ag súil le brúth ódheas ar mhághaibh míne na Fraince agus
na h-Iodáile fé mar a dhein a sínsear na céadta blian
roimis sin.



“Tuigean an Pápa, a rígh,” arsa'n t-Easbog, “agus
tuigid na daoine go léir mura mbéadh an cosg atá agat-sa


L. 33


agus agat' shlóightibh Gaedhal 'á chur le cómhacht na nDanar
anso i n-Éirinn go mbeidís chúghainn ódheas fadó ag
marbhughadh agus ag losgadh agus ag creachadh. Níor mhaith
leó aghaidh a thabhairt ódheas go dtí go mbéadh greim i gceart
acu ar Éirinn, agus a gcómhacht suidhte daingean acu sa
n-oileán. Dá mbéadh Sasana agus Alba agus Éire acu fé
n-a lán-smacht do bhéadh caoin acu go h-áluinn ar a gcómhacht
do leathadh ódheas ar an Euróip, i ndiaigh ar ndiaigh, agus
bhéadh na h-oileáin seo acu mar chúl dín agus mar bhunáit
chun ollmhúcháin. Mura mbéadh tusa, a rígh, do bhéadh an
greim a bhí uatha acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca
so, fé mar atá acu ar Shasana. Ní h-eadh ach abhfad roimis
an dtaca so. Ansan iseadh bhéadh an sgéal go h-olc ag an
gCreideamh agus ag gach nídh i bhfuirm léighinn agus eóluis
agus nósmhaireachta ar fuid na Críostaidheachta. Tá an
saoghal go léir buidheach díot, a rígh, agus tá gach aoinne ag
guidhe go cruaidh chun Dé ar do shon, 'ghá iaraidh ar Dhia neart
cuirp agus neart aigne do bhronnadh ort agus faid saoghail
a thabhairt duit, chun na h-oibre ata agat 'á dhéanamh do
chríochnú' go beacht.”



“Cuirean sé áthas mór orm, a Thighearna Easboig,” arsa
Brian, “a fhios a bheith agam go dtuigean an Pápa chómh maith
san an obair seo atá againn 'á dhéanamh anso i n-Éirinn. Is
truagh chráidhte ná tuigid ár ndaoine féin, leath chómh maith,
brígh agus bunús an sgéil. Dá gcuirimís go léir le chéile
d' fhéadfaimís a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhughadh
nó do dhíbirt i n-aon cheithre h-uaire fichid amháin. Ní'l aon
nídh is deacra chur isteach i n-aigne na nGaedhal, cuid acu
pé 'r domhan é, 'ná aon bhaoghal a bheith go bhféadfaidh
Lochlanaigh choídhche greim daingean a dh'fhághail ar an oileán
so na h-Éirean. Ní'l rígh cúige againn ná measan go
bhféadfadh sé féin a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do
mharbhú' nó do dhíbirt amáireach dá mba mhaith leis é, gan


L. 34


cabhair ná congnamh ó aon rígh cúige eile. Siné atá ag
briseadh mo chroídhe ionam, a Thighearna Easboig. Ní
fhéadaim choídhche a chur fhiachaibh ar aon rígh cúige cabhrughadh
liom i gcoinnibh na Lochlanach gan gabháil go maith ar an rígh
cúige sin féin ar dtúis. B'éigean dom gabháil ar
Mhaolmuaidh, ar rígh Ua Neathach. Ansan b'éigean dom gabháil
ar Dhómhnall, rígh na nDéise. Ansan b'éigean dom éirleach
uathbhásach a dhéanamh ar Lochlanachaibh Átha Cliath agus ar
Ghaedhlaibh Laighean, agus ar chuid de Ghaedhlaibh Mumhan leó,
i nGleann Mháma. Tá Leath Mhogha fé m' láimh anois agam,
idir Ghaedhlaibh agus Lochlanaigh. Tá an méid sin de thír na
h-Éirean sámh, síthchánta, socair. An Eaglais ar a
suaimhneas. Na sgoileana ar siúbhal. An talamh d'á shaoth-
rughadh. Lucht ceárd agus ealadhan ag obair gan eagla.
Lucht foghla iompuighthe ar mhacántacht mar go dtuigid siad
'n-a n-aigne gur b'í an mhacántacht is fearr agus is
torthamhla agus is rathmhaire. Ach feuch, a Thighearna Easboig.
Ní'l ann go léir ach mar a bhéadh lá breagh samhraidh ansan a
bhéadh go h-áluinn agus go grianmhar agus go brothalach agus
ná feadair aoinne cad é an neómat a dh'iompóch' sé chun
splancracha agus chun tóirthnighe agus chun éirligh. Ní thuigid
na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine
bochta, ach an tsíthcháin agus an suaimhneas do shealbhughadh go
sámh an fhaid a fágfar acu an tsíthcháin agus an suaimhneas.”



“Nach mór an truagh, a rígh,” arsa'n t-Easbog, “gan rud
éigin a dhéanamh do thabharfadh síthcháin sheasamhach dos na
daoine? Dá dtuigeadh daoine i gceart tairbhthe na síthchána
ba chóir go ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áirighthe
dhóibh féin í ar ais nó ar éigin. Tá síthcháin curtha i bhfeidhm
agat-sa anois, a rígh, sa taobh so theas d'oileán na h-Éirean.
Nár chóir go ndéanfadh an t-Árdrígh an tsíthcháin chéadna do
chur i bhfeidhm sa taobh thuaidh de'n oileán?”



“Ba chóir, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Fear


L. 35


maith iseadh M'lsheachlainn. Fear tréan cuthaigh iseadh é. Ach
ní dóich liom go bhfuil aon ghrádh ró mhór aige dhómh-sa. Is
maith leis congnamh a dh'fhághail ó Dhál gCais nuair a bhíd na
Lochlanaigh ag brúth ró dhian air, ach tá fhios agam go maith
gur bh' fhearr leis go mór iad do chur fé chois le neart a
láimhe féin, dá bhféadadh sé é, ná aon chongnamh fhághail
uaim-se.”



“Ba dhóich liom, dá dtuigeadh sé a dhualgas Árdrígh i
gceart gur b'amhlaidh a dh' iarfadh sé an congnamh ort agus
go dtabharfadh sé le tuisgint duit gur bh'é a cheart an
congnamh a dh'fhághail. Ba dhóich liom gur b'é ceart an
Árdrígh a bheith ar a chumas glaodhach chuige ar a bhfuil de
neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do ghleusadh
agus do stiúrughadh i n-aghaidh namhad iasachta,” arsa'n
t-Easbog.



“Siné a déarfadh fir Éirean, a Thighearna Easboig. Siné
a déarfadh aoinne a dhéanfadh machtnamh ar an sgéal. Is
eagal liom ná tuigean an t-Árdrígh an nídh sin i gceart.
Siné fé ndeara dhom an tsíthcháin seo atá anois againn i
Leath Mhogha do chur i gcomparáid le lá breagh gréine ná
feadair aoinne cathin a dh'iompóch' sé chun tóirthnighe agus
chun éirligh. Dá dtagadh aon neart mór des na Lochlanaigh
seo isteach chúghainn agus go mbéadh M'lsheachlainn a d'iaraidh
iad do chlaoidh le neart a theighlaigh féin i n-inead neart na
h-Éirean go léir do chruinniughadh agus do ghleusadh 'n-a
gcoinnibh, do bhuadhfaidís ar Mh'lsheachlainn. Ansan do bhuadh-
faidís ar Éirinn go léir i ndiaigh cheile, mar ní bhéadh aoinne
chun nirt na h-Éirean do chruinniughadh agus do ghleusadh agus
do stiúrughadh 'n-a gcoinnibh”.



“Ba dhóich liom, a rígh,” arsa'n t-Easbog, “gur b' shin rud
agus gur cheart d'fhearaibh Éirean feuchaint chuige i n-am.
Ba cheart a chur ar a shúilibh do'n Árdrígh gur b'é a leas,
agus leas na tíre go léir, gan bheith ag feitheamh le namhaid


L. 36


iasachta do theacht chuige thar faraige sar a ndéanfadh se é
féin d'ollamhughadh dhóibh. An t-Árdrígh na h-ollmhóchaidh é
féin roim ré, ach a bheidh ag feitheamh go dtagaidh an namhaid,
tiocfaidh an namhaid air agus ní bheidh sé ollamh.”



“Is fíor san, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Ba
cheart d' Árdrígh Éirean neart na h-Éirean a bheith gleusta
i gcómhnuighe aige, i n-aghaidh namhad na h-Éirean. Fé mar a
bhí an Fhian ag Fionn, nó fé mar a bhí curaí na Craoibhruaidhe
ag Conchubhar. Dá mbéadh san amhlaidh d'fhanfadh Lochlanaigh
amach anois fé mar a dh'fhan slóighte na Rómha amach an uair
sin.”



Caibidiol VIII.



An Bosca.



Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur
thré chéile go dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a bhíodar
go léir imthighthe a chodla chuir an t-Abb fios ar Amhlaoibh.
Tháinig Amhlaoibh.



“Seo, a mhic,” arsa'n t-Abb, “eochair an chórtha iarainn
atá sa n-érdam duit, agus tabhair chugam anseo an bosca
iarainn atá istigh sa chórtha. Istigh sa bhosca iarainn san iseadh
'tá an chailís óir úd a thug Brian dúinn. Déarfaidh an
t-Easbog so a tháinig ó'n Róimh Aifrean Árd anso amáireach
dúinn i láthair an rígh, agus ní mór an chailis óir sin a thabhairt
dó chun an Aifrinn sin do rádh.”



D'imthigh Amhlaoibh agus do rug sé an eochair leis. Níor
bh'fhada gur tháinig sé agus an bosca iarainn aige.



“Cuir ansan ar an gclár é, a mhic,” arsa'n t-Abb.


L. 37


Do chuir. Do thug an t-Abb leis eochair eile. D'osgail
sé an bosca. D'fheuch sé isteach ann. Chuir sé a lámh isteach
ann. Do lúb a chosa féi, agus bhí sé i riocht tuitim ach gur
rug Amhlaoibh air.



“Cad a tháinig ort, a Athair?” arsa Amhlaoibh.



Níor labhair sé. Shín sé a mhéar chun an bhosca. D'fheuch
Amhlaoibh isteach sa bhosca. Bhí an bosca folamh!



Do stad an bheirt ar feadh tamail mhaith agus iad ag
feuchaint ar an mbosca. D'fheuch an t-Abb isteach ann
cúpla uair. Ba dhóich le duine air gur bh' amhlaidh nár fhéad
sé radharc a shúl féin do chreideamhaint. Ansan do dhún sé
an bosca airís agus chuir sé an eochair 'n-a phóca.



“Beir leat é, a Amhlaoibh, ar seisean, “agus cuir isteach
airís é sa chórtha iarainn, díreach sa n-áit 'na bhfuarais é,
agus cuir an glas ar an gcórtha agus tabhair chúgham an
eochair. Agus feuch. Ná labhair amach as do bhéal le
h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an chailís imthighthe. Níor
bh’ fhéidir í ghuid as an mbosca san gan an dá eochair a
dh'fhághail, eochair an chórtha agus eochair an bhosca san. Ó'n
lá chuireas an chailís isteach sa bhosca san, agus an bosca
isteach sa chórtha, tá an dá eochair agam féin. Níor sgaras
le h-aon eochair acu go dtí gur thugas duit-se eochair an
chórtha ó chiainibh, agus an uair úd a fuaramair an ímhágh ó
Ghormfhlaith. Níor sgaras i n-aon chor le h-eochair an bhosca.
Ní féidir liom an sgéal a thuisgint. Ná labhair le h-aoinne
'n-a thaobh. Cuir amach an chailís óir eile atá againn, i gcóir
an Aifrinn amáireach.”



D'imthigh Amhlaoibh agus dhein sé mar a dúbhradh leis. Cuir
sé an bosca folamh, agus an glas air, isteach sa chórtha láidir
iarainn mar a raibh sé cheana, agus thug sé eochair an chórtha
thar n-ais ag triall ar an Abb.



Ar maidin amáireach a bhí chúghainn do cuireadh gach aon
rud i dtreó i gcóir an Aifrinn Aoird. Do ghluais an


L. 38


tuairisg, um thráthnóna an lae roimis sin, go raibh Legáid
an Phápa tagaithe go h-Inis Cathaigh agus go raibh Brian agus
a theighlach tagaithe ann ag cur fáilte roimis an Legáid, agus
go raibh an t-Aifrean Árd le rádh, agus beannacht an Phápa
le tabhairt do'n rígh agus dos na manaigh agus do'n phobul.
Abhfad sar a dtáinig am an Aifrinn bhí na daoine cruinnighthe
isteach ar an oileán ó'n dtír mór-thímpal i dtreó gur dhóich
leat go raibh an t-oileán clúdaighthe acu.



Dúbhradh an t-Aifrean. Do tugadh beannacht an Phápa
do'n phobul agus do'n rígh, agus do thug Colla seanamóin
áluinn uaidh. Fear ana léigheanta, ana dheagh-labhartha, ab
eadh é. Bhí ruith cainte aige agus uchtach láidir, ceólmhar,
binn, agus dá mbéadh sé ag caint go h-oídhche ba bhreágh leis
an bpobul bheith ag éisteacht leis. D'inis sé dhóibh conus
mar a tháinig an t-Easbog san ó'n Róimh, ó'n bPápa, agus
conus mar a chuir an Pápa a bheannacht ó chroídhe ar Bhrian
agus ar a shlóightibh agus ar Chlannaibh Gaedhal go léir mar
gheall ar na gníomhartha móra a bhí acu 'á dhéanamh i n-aghaidh
namhad an Chreidimh. D'inis sé conus mar a bhí aithne an
uair sin ar Bhrian, ní h-amháin ar fuid na h-Éirean go léir
ach ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raibh gníomhartha
Bhriain i gcoinnibh na Lochlanach ag sábháil na h-Euróipe ó
léirsgrios de shaghas an léirsgriosa úd a tháinig uirthi nuair
a tháinig na geinte fiaine adtuaidh agus ghabhdar de chosaibh
i gcómhacht agus i ngradam agus i nósmhaireacht ímpireachta
na Rómhánach. Dúbhairt sé, mura mbéadh Brian go mbéadh
Éire ag na Lochlanaigh um an dtaca san mar áit bhunaigh chun
a neart do chruinniughadh agus do ghleusadh, i dtreó go
bhféadfaidís a gcómhacht do leathadh ódheas ar chríochaibh na
h-Euróipe ar fad, agus ná raibh theas ná thuaidh sa n-Euróip
an uair sin aon tsaghas cómhachta a dh'fhéadfadh cosg do chur
leó, murar bh' ionan a's sé chéad blian roimis sin nuair a
bhí cómhacht na Rómhánach ann chun seasaimh éigin a dhéanamh i


L. 39


n-aghaidh na ngeinte fiaine. Dúbhairt sé gur thuig muintir na
h-Euróipe go léir an nídh sin, agus go rabhdar ag faire ar
Bhrian agus ar an obair a bhí aige 'á dhéanamh, agus gur mhór
acu Brian agus gur mhór acu an obair.



Nuair a bhí a chaint ráidhte ag an Abb agus gach gnó creidimh
déanta do rugadh an Legáid mór-tímpal an oileáin agus do
taisbeánadh dó gach aon rud ab fhiú a dh'fheisgint ann, go
mór mór gach nídh go raibh aon bhaint ag ainim ná ag beatha
Sheanáin naomhtha leis. Ansan do taisbeánadh dó gach lot
agus gach raobadh-roilge d'ár dhein na Lochlanaigh an fhaid a
bhíodar ann, agus gach nídh d'á raibh déanta ag Brian agus
ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaigh chun
gach díobhála do leigheas.



An fhaid a bhítheas ag gabháil tímpal ar an gcuma san, ag
taisbeáint agus ag feisgint, bhí rud ages na manaigh 'á
dhéanamh sa tseómra mhór, seómra an bhídh. Bhí dínnér acu
d'á ollamhughadh dínnér do'n Legáid agus do'n rígh, agus
dos na maithibh móra tuatha agus eagailse a bhí i n-aonfheacht
leó. Ar ball, nuair a bhí an dínnér ollamh, chuaidh Amhlaoibh
amach agus do thug sé cogar do'n Abb. Do labhair an t-Abb
leis an rígh agus leis an Legáid, agus tháinig an chuideachta
go léir isteach sa tseómra mhór. Bhí an seómra gleusta
riartha go h-áluinn, fé bhórdaibh fada, agus bia agus deoch
go flúirseach ar na bórdaibh sin. Do shuigh Brian sa chathaoir
ríoga. Do shuigh an Legáid ar dheis an rígh. Do shuigh
Murchadh, an ríghdhamhna, ar ghualainn chlé an rígh. Do shuigh an
chuid eile des na h-uaislibh, do réir a ndán agus a
n-uaisleachta, do réir na nós agus na riaghal a bhí i bhfeidhm
i n-Éirinn riamh roimis sin. Bhí fhios a gach duine de'n
chuideachtain cá raibh a inead féin cun suidhte, agus chuaidh
sé agus shuigh sé sa n-inead san.



Bhí an tráthnóna go suairc acu go léir. Bhí a lán ndóthin
bídh agus díghe acu. Nuair airigh muintir na tíre mór-tímpal,


L. 40


ar gach taobh de'n abhainn, an Legáid agus an rígh agus na
maithe móra go léir a bheith ag teacht chun na mainistreach,
thusnuigh na báid ar theacht chun an oileáin agus fághaltas
feóla, agus aráin, agus ime, agus uachtair, agus b'
fhéidir fághaltas fíona, ar gach bád acu. Ní raibh aon
amhgar sa tseómra mhór. Níor ghádh do Cholla aon eagla
bheith air go raghadh d'á chuid lóin bídh ná díghe, pé tarang a
déanfaí ortha.



Bhí an chuideachta go soilbhir agus go séimh. Dheineadar a
lán cainte agus a lán suilt i gcaitheamh an tráthnóna i
dteannta a ndóthin a dh' ithe agus a dh 'ól. Do tráchtadh
airís, fé mar a tráchtthí i gcómhnuighe an uair sin ins gach
cruinniughadh de'n tsórd, ar na cathanaibh móra a bhí buaidhte
ag Brian agus ag Dá gCais i gcoinnibh na Lochlanach.
Aoinne go raibh aon rud le rádh aige i dtaobh na gcathana
san ba mhaith leis labhairt an uair sin ó bhí Legáid an Phápa
ag éisteacht leis. Do h-innseadh do'n Legáid conus mar a
cuireadh teitheadh ar na Lochlanaigh ar an Móin Móir. Conus
mar a chuir Mathúin, dritháir Bhriain, an ruag ortha ag Loch
Gair. Conus mar a chuir an bheirt drithár, Mathúin agus
Brian, ár agus dearg-ruathar ortha sa chath a buaileadh ag
Sulchoid, mar ar marbhuigheadh trí mhíle acu, agus conus mar
a leanadh isteach go cathair Luimníghe an méid acu nár thuit
sa chath, agus conus mar a tógadh an chathair agus mar a
sgartáladh agus do loisgeadh í. Do h-innseadh dó conus
mar a tháinig Maghnus mac Arailt agus slóighte móra
Lochlanach aige, agus conus mar a dhein sé mainistir Ínse
Cathaigh do robáil agus do losgadh. Ansan do h-innseadh
dó conus mar a bhí daingean láidir déanta dhóibh féin ag na
Lochlanaigh sa mhainistir sin 'n-a raibh an chuideachta 'n-a suidhe
an uair sin, agus conus mar a tháinig Brian agus Dál gCais
agus conus mar a bhriseadar an daingean agus chuireadar
na Lochlanaigh chun báis, agus conus mar a thuig an Maghnus


L. 41


mar Arailt úd sa chath. Ansan do tugadh cúntas dó ar chath
Bhealaigh Leachta; agus ar an gcath ag Fán Conradh; agus
ar an gcath mór fíochmhar fuilteach a troideadh i nGleann
Mháma, mar ar thuit chúig mhíle fear des na fearaibh ba
thréine ar shlóightibh Lochlan; agus gur bh'é an cath san
Ghleanna Mháma do mhill ar fad cómhacht Lochlanach i n-Éirinn
agus do chuir Leath Mhogha, gan chosnamh, fé láimh Bhriain.



Do tugadh an uile shaghas cúntais ar na gníomharthaibh móra
san do'n Legáid, agus bhí a lán daoine ag caint ag tabhairt
na gcúntaisí dhó. An rud nár chuimhin le duine ba chuimhin
le duine eile é, agus an rud a theidheadh amú' ar dhuine thugadh
duine eile sa cheart leis é.



Do tugadh an méid seo fé ndeara, ámhthach. Na fir ba
thréine gníomh i ngach cath des na cathanaibh úd, níor bh' iad ab
aoirde glór sa n-innsint. Is ar éigin a labhair Brian ná
Murchadh aon fhocal sa n-innsint. Do thuig an Legáid an
nídh sin. Fear géarchúiseach ab eadh é.



Bhí na manaigh ag frithálamh ar na h-uaislibh, agus bhí an
deacon, Amhlaoibh, an Lochlanach óg, ins gach aon chúinne ag
freagairt do na manachaibh fé mar a ghlaoidís, agus ag
déanamh gach aon tsaghas frithálmha fé mar a h-órduightí dhó.
Bhí sé ag éisteacht leis an gcaint go léir i dtaobh na gcathana
móra, agus ní fhéadfadh aoinne a dh'innsint ó n-a chúntanós
ciacu thuig sé an chaint nó nár thuig, nó cé'cu ba Lochlanach
é nó nár bh'eadh. Dhein sé an gnó a bhí idir lámhaibh aige agus
dhein sé go maith é, agus bhí a aigne chómh daingean ar an
ngnó san go ndéarfadh duine ná raibh blúire suime aige sa
chaint a bhí ar siúbhal. Bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh
an fhrithálmha, leis, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcaint a
bhí siúbhal. Nuair airigheadh sé an chaint b'fhearr leis go
mór gan Amhlaoibh a bheith ag éisteacht léi. Ach nuair fheuchadh
sé ar Amhlaoibh agus nuair a chíodh sé an neamhshuim, dar
leis, bhíodh a aigne sásta. Thuigeadh sé ná bíodh aon chorbhuais


L. 42


ag an gcaint 'á chur ar Amhlaoibh. Ansan airís, ní ró mhaith
a thaithneadh an neamhshuim sin leis. Thuigeadh sé i n' aigne
dá mba Lochlanach é féin agus go mbéadh caint de'n tsórd
san ar siúbhal 'n-a láthair ná féadfadh sé fulang léi pé
dícheal a dhéanfadh sé air. Do thaithn leis nár ghoill an chaint
ar Amhlaoibh, ach 'n-a thaobh san ba mhó an meas a bhéadh aige
ar a charaid, ba dhóich leis, dá ngoilleadh an chaint air agus
dá gcuireadh sí fearg air. Níor ghoill, agus níor chuir.



Caibidiol IX.



Is éagsamhlach na daoine iad!”



Ach do críochnuigheadh an dínnér agus tháinig deire na
cainte agus d'eirigh an chuideachta. D'iar Brian ar an
Legáid teacht ag triall air féin go Ceann Cora ar chuaird
chómh luath agus thiocfadh san isteach le n-a chaothamhlacht.
Dúbhairt an Legáid go n-oirfeadh dó raint laethanta thabhairt
sa mhainistir, i bhfochair Cholla, ag socarughadh agus ag
léiriughadh a lán neithe a bhain le gnóthaíbh Eagailse agus le
gnóthaíbh Creidimh, ní h-amháin sa mhainistir sin Ínse Cathaigh
ach i mainistiribh agus i n-eaglaisibh na Múmhan go léir. Go
mbéadh an chuid ba bhruideamhla de ghnó Ínse Cathaigh déanta
aige lastigh de sheachtmhain. Ansan, dá mb' é toil an rígh é,
go dtabharfadh sé cuaird go Ceann Cora. Do socaruigheadh
ar sheachtmhain ó'n lá san dó chun na cuairde sin do thabhairt.
Ansan d'imthigh Brian agus a chualacht abhaile agus d'fhan an
Legáid sa mhainistir, é féin agus an chualacht bheag a tháinig
leis ó'n Róimh.



Ar ball, nuair a bhí Colla agus an Legáid i bhfochair a
chéile 'n-a n-aonar do ghlaoidh Colla ar Amhlaoibh.


L. 43


Tháinig Amhlaoibh.



“Seo, a Amhlaoibh,” arsa Colla, ag síneadh na h-eochrach
chuige, “imthigh agus tabhair chúghainn anso an bosca iarainn
úd n-a raibh an chailís óir ann.”



D'imthigh Amhlaoibh agus thug sé leis an bosca, agus chuir
sé ar an mbórd é i bhfianaise na beirte.



“Imthigh-se a chodla anois, a mhic ó,” arsa Colla leis. “Ní
foláir nó tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”



Ansan d'osgail Colla an bosca iarainn agus thaisbeáin
sé do'n Legáid é, agus d'inis sé dhó cúrsaí na cailíse.



“Is cuimhin liom an chailís sin go h-áluinn,” arsa'n
Legáid. “Bhí sí am' láimh agam go minic. Cailís ana dhaor
ab eadh í. Anoir ó Chathair Chonstantín a cuireadh ar dtúis
í ó'n Ímpire, mar bhronntanas chun an Phápa. Mise
adúbhairt gur cheart í chur anso go h-Éirinn ag triall ar
Bhrian. Is mór an truagh í bheith imthighthe.”



Ansan do cheistigh sé Colla go dlúth i dtaobh na n-eochrach,
agus conus a bhí coimeád ortha, agus cé r' bh'é an gabha a dhein
iad, agus cé r' bh'é an gabha a dhein an bosca iarainn.
D'imthigh sé féin amach chun an érdaim go bhfeicfeadh sé an
córtha daingean n-a raibh an bosca iarainn fé ghlas istigh ann.
Nuair a bhí gach aon rud feicithe, trialta, iniúchta go maith
aige tháinig sé thar n-ais agus do shuigh sé agus dhein sé a
mhachtnamh. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.



“Inis dom, a Cholla,” ar seisean, “cá raibh an chailís sar
ar tugadh do'n mhainistir seo í.”



“Bhí sí thoir i gCeann Cora gan amhras,” arsa Colla.



“Cé aige go raibh sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa'n
Legáid.



“Is dócha go raibh sí i gcoimeád ag an mBanríghin, a
Thighearna Easboig,” arsa Colla.



Do stad an Legáid agus dhein sé machtnamh eile. Do
labhair sé airís.


L. 44


“Cá bhfuil an gabha a dhein na h-eochracha so?” ar seisean.



“Tá sé thuas i Luimneach, a Thighearna Easboig,” arsa
Colla. “Isé dhein an dá eochair sin dom, agus isé dhein an
bosca iarainn dom. Ceárdaidhe ana slachtmhar, ana eólgui-
seach, iseadh é. Tá inntleacht aige nách gnáth a bheith ag
ceárdaidhthibh d'á shórd. Bíon sé ag obair do Bhrian ag
déanamh arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na
h-airm a dheinean sé 'ná na h-airm a dheinean aon cheárdaidhe
eile d'á bhfuil ag obair ag Brian. Cruadhan sé an faobhar
ar chuma éigin nách eól d' aoinne ach dó féin, agus gleusan
sé na h-airm i dtreó gur fearr a féadtar iad do bheartughadh
agus úsáid a dhéanamh díobh 'ná mar a féadtar an mheághchaint
chéadna iarainn agus adhmaid do bheartughadh chun gnímh ins
na h-airm a dheinean aon ghabha eile, agus gur fearr a
choimeádaid siad an faobhar 'ná mar a choimeádaid aon
airm eile é.”



“Is dócha,” arsa'n Legáid, “ó tá an buadh san aige ar
na gaibhníbh eile, gur fear saidhbhir é.”



“Iseadh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana
shaidhbhir iseadh é. Nuair a fuair Brian amach an t-eólus go
léir a bheith aige ar dhéanamh na n-arm thug sé fearan tailimh
saor dó lasmuich de'n chathair, ar bruach na Sionainne, ar
choinghíoll ná déanfadh sé aon arm d'aon rígh eile ach do
Bhrian féin.”



“Cad é an ainim atá air, a Cholla?” arsa'n Legáid.



“Níor airigheas riamh an ainim a tugadh air nuair a
baisteadh é. Ní'l ag an bpoibilidheacht air ach leas-ainim.
‘Meargach na lann,’ a tugtar air, mar gheall, is dócha, ar
fheabhas na n-arm a dheinean sé. Tugtar ‘Meargach Gabha’
air, leis, agus ‘Meargach Maol’, agus ‘Meargach Dubh’
agus ‘Meargach,’ gan aon rud a chur leis.”



Dheineadar raint eile cainte ar ghnó na mainistreach, agus
ansan chuadar a chodla.


L. 45


D'imthigh an tseachtmhain. Do ghluais an Legáid agus a
chualacht soir go Ceann Cora. Chuaidh Colla agus Tadhg Óg
ua Cealla agus Amhlaoibh soir i n-aonfheacht leó. Bhí
cuideachta mhór cruinnighthe rómpa thoir. Bhí a lán de ríogra
agus d'uaislibh Múmhan agus Laighean ann. Bhí Tadhg Mór
ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conacht le n-a chois.
Bhí Niamh ann. An áit 'n-a mbíodh Tadhg Mór ua Cealla ba
ghnáth go mbíodh a inghean ann. Bhí tréithe móra maithe sa
ríogan óg san agus ba mhór é uraim na ndaoine go léir di
mar gheall ar na tréithibh sin. Bhí sé i mbeulaibh daoine gur
bh'í an Bhanríghin, Gormfhlaith, an bhean dob' áilne ar bith an
uair sin, ach fé mar a bhí Niamh ag eirighe suas bhí daoine 'ghá
rádh go mbuadhfadh a h-áilneacht ar áilneacht Ghormfhlaith féin
um an dtaca 'n-a mbeadh sí ag imtheacht as na déagaibh. Bhí
rí i ngar do bheith ag imtheacht asta le linn na haimsire sin
'n-ar tháinig sí féin agus a h-athair go Ceann Cora, go
ríghtheighlach Bhriain, chun Legáid an Phápa dh'fheisgint. I n-
éaghmais a h-áilneachta bhí mórán de thréithibh maithe eile inti.
Bhí an Creideamh ana láidir istigh 'n-a croídhe. Bhí grádh aici
do'n Chreideamh agus do gach nídh a bhain leis an gCreideamh,
agus do ghealadh a croídhe i gcómhnuighe dos na daoine a
bhíodh dílis do'n Chreideamh, agus do thaisbeánadh sí é nuair
ba cheart é thaisbeáint. Bhí na daoine bochta go léir buidheach
di, agus do tugtí fé ndeara go mbíodh sí chómh fial sa déirc
leis an Lochlanach a bhéadh 'n-a ghátar agus bhíodh sí, nách mór,
leis an Éireanach a bhéadh 'n-a ghátar. Bhí a ciall agus a
tuisgint chómh géarchúiseach san gur bh' ar éigin a bhíodh aon
rud ar aigne a h-athar ná h-innseadh sé dhi agus ná cuireadh
sé 'n-a cómhairle. Ach bhí aon tréith amháin inti do tharaing
uraim na ndaoine chúichi thar gach tréith eile d'á raibh inti.
B'é tréith é sin 'ná an cion a bhí aici ar a h-athair. Dar léi,
ní raibh fear eile beó i n-Éirinn a bhí chómh maith leis, na chómh
h-uasal leis, ná chómh ríoga leis, ná chómh fial leis, ná chómh
mórchroídheach leis, ná chómh breagh d'fhear leis.


L. 46


Bhí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Bhí cuideachta
ríoga bailighthe ann, agus bhí dóthin na cuideachtan de rígh i
mBrian. Do thuig gach aoinne go raibh, agus bhí daoine ann
a déarfadh nách i gCeann Cora ba bheart an chuideachta san a
bheith i bhfochair a chéile an uair sin ach thíos i dTeamhair, agus
nách ar Leath Mhogha ba cheart Brian a bheith 'n-a rígh ach gur i
n-a Árdrígh ar Éirinn ba cheart é bheith. Do h-airigheadh
cogarnach de'n tsórd san ar siúbhal go minic i gcaitheamh an
tráthnóna agus i gcaitheamh na h-oídhche. D'airigh Brian an
chogarnach, ach níor leig sé air gur airigh. D'airigh Murchadh
an chogarnach, agus dúbhairt sé leis an bhfear a labhair ciall
a bheith aige. D'airigh Gormfhlaith an chogarnach. Do
chruadhaidh a gnúis agus do las solus 'n-a súilibh, agus níor
sholus fóghanta é.



Bhí cogarnach eile, leis, ar siúbhal. Bhí Niamh agus a
h-athair 'n-a suighe i n-aice chéile, agus is ar éigin fhéadadh an
chuideachta gan bheith ag feuchaint ortha. Is beag ná go
mbuadhadh an iongnadh ar na béasaibh acu, agus ná go
bhfeuchaidís níba mhó 'ná mar ba cheart i dtreó na beirte, bhí
a leithéid sin de sholus áilneachta i n-aghaidh na h-inghíne.
Ansan do fuaradar go léir amach, sa chogarnach dóibh, gur
Mórling ab ainim di agus gur bh' amhlaidh a tugadh Niamh
Chinn Óir mar leas-ainim uirthi nuair a bhí sí 'n-a leanbh.
Thuigeadar go léir 'n-a n-aigne nár bh'aon iongnadh i n-aon
chor gur tugadh an leas-ainim sin uirthi, mar gur bh'í an
“Niamh Chinn Óir” i gceart í.



I n-éaghmais na cogarnaighe bhí gleó cainte sa chuideachtain
a bhí árd go leór. Do cíoradh agus do slámadh agus do
cuireadh tré chéile airís gach gníomh des na gníomharthaibh móra
a deineadh ins na cathanaibh úd, ó chath Bhealaigh Leachta go cath
Ghleanna Mháma. Na fir, sa chuideachtain, ná raibh i gcath acu
bhíodar i gcath éigin eile acu, agus an t-é ná féadadh
tuairisg a thabhairt ar chath acu thugadh sé tuairisg ar chath


L. 47


eile acu, agus uaireanta d'eirígheadh argóint theith idir bheirt
a bhí sa n-aon chath amháin, duine acu 'ghá áiteamh gur 'n-a
leithéid seo chuma do buadhadh an cath, agus an duine eile
'ghá áiteamh nár bh'eadh ach i 'n-a leithéid siúd eile de chuma.
Ansan b'fhéidir go labharfadh an trímhadh duine agus go
ndéarfadh se go raibh an éagcóir ag an mbeirt, agus go
dtabharfadh sé a mhalairt ar fad de thuairisg ar an gcuma
'n-ar buadhadh an cath. Bhí oiread san neithe tuitithe amach
sa Mhúmhain i gcaitheamh beagán blianta roimis sin nár bhaoghal
do'n chuideachtain aon tocht a theacht ortha le h-easba adhbhar
cainte. Níor tháinig aon tocht ortha. Bhí gleó agus argóint
agus áiteamh agus aighneas acu go tiugh, agus má bhí ní baoghal
ná go raibh sult agus greann agus gáirí go tiugh acu, leis,
agus iad ag maoidheamh go h-árd agus go suairc agus go
móraigeanta mar gheall ar an gcuma 'n-a raibh Clanna
Gaedhal i n-uachtar agus Lochlanaigh ar lár.



Fé mar a tháinig a ndóthin a bheith ithte agus ólta ag an
gcuideachtain bhí an chaint agus an sult agus an gleó ag
dul i n-aoirde. Fé dheire do bhuail Brian an cluigín. Do
stad an gleó. Bhí gach aoinne ciúin. Do labhair Brian.
D'iar se ar an gcuideachtain sláinte an Phápa dh' ól. Do
mhol sé an Creideamh agus do mhol sé Ceann Sofheicse an
Chreidimh, agus do gheall sé, uaidh féin, agus thar cheann a
raibh láithreach d' uaislibh Gaedhal, agus tar cheann a raibh beó
de shíolrach Gaedhal, go mbéadh sliocht Gaedhal dílis do'n
Chreideamh, le congnamh Dé, an fhaid a bhéadh grian ar spéir
agus daoine ar talamh.



Do h-óladh sláinte an Phápa agus do guidheadh faid
saoghail chuige. Ansan do labhair an Legáid. Dúbhairt sé
airís os cómhair na cuideachtan san an chaint adúbhairt sé
thíos i n-Inis Cathaigh. D'inis sé conus mar a bhí an Euróip
go léir ag faire an uair sin ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh
agus ar an ngleic uathbhásach a bhí acu 'á dhéanamh le


L. 48


cómhachtaibh Lochlan; gur bh'í an ghleic uathbhásach san a bhí ag
sábháil na h-Euróipe agus ag sábháil na h-Eagailse ar fuid
na h-Euróipe, ó'n leirsgrios a dhéanfadh na Lochlanaigh ortha
mura mbéadh an cosg a bhí d'á chur le n-a réim agus le n-a
neart anseo in Éirinn. Dúbhairt sé go mbéadh an Pápa
agus cléir na Rómha agus an Eaglais ar fuid na h-Euróipe
ag guidhe chun Dé do ghnáth 'ghá iaraidh ar Dhia na Glóire
cabhrughadh go láidir leis na Gaedhlaibh agus le Brian sa
ghleic sin, agus an buadh a bhí acu d'á thuilleamh chómh maith
do thabhairt dóibh sa deire go h-iomlán.



Do thug an chuideachta trí gártha molta do'n Phápa.
Ansan do thugadar trí gártha molta do Bhrian. Ansan
d'iaradar d'aon guth ar an Legáid an bheannacht a thabhairt
airís dóibh. Bhí iongnadh air nuair a h-iaradh san air, ach
nuair a chonaic sé Brian agus Murchadh agus an chuideachta
go léir ar a nglúinibh thug sé dhóibh an bheannacht. Dúbhairt
sé i n' aigne féin ámhthach: “Is éagsamhlach na daoine iad!
Gleó agus aighneas agus glór árd agus éirleach cainte —
agus ansan — beannacht an Phápa! Is éagsamhlach na daoine
iad!”



CAIBIDIOL X.



DÚLAINN ÓG.



Tháinig an t-am chun dul isteach i halla an rince. D'iar
Brian ar an Legáid athlughadh. Do dhein. D'fhreagair an
chuideachta go léir. Ansan d'eirigh an rígh agus an chuideachta
agus chuadar do dtí an halla mór, halla an rince. Tháinig
an t-aos ceóil. Do spreagadh suas an ceól. Do leath an
chuideachta iad féin mór-thímpal an halla. Ba ghearr go


L. 49


raibh na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint
'n-a mbuidhnibh beaga anso agus ansúd. Bhí Brian agus an
Legáid i n-aice 'chéile agus iad ag caint ar a lán neithe a
bhain le gnóthaíbh rígheachta na h-Éirean agus le gnóthaíbh
Creidimh i n-Éirinn. Bhí Gormfhlaith agus Colla agus Tadhg
Mór ua Cealla i n-aice 'chéile agus iad ag trácht ar a lán
neithe nár chuir aoinne acu puínn suime ionta. Tháinig
Dúlainn Óg ag triall ortha agus níor bh' fhada go raibh caint
a ndóthin ag an gceathrar san, Dúlainn ag áireamh na
ngníomhartha a dhein Brian agus na ngníomhartha a dhein
Murchadh ar na Lochlanaigh i gcath Gleanna Mháma, agus Colla
ag ceistiúchán air. Bhíodh Dúlainn i n-aice Mhurchadh i
gcómhnuighe ins na cathanaibh, agus nuair bhíodh an namhaid 'n-a
dtímpal thugaidís a dhá ndrom le n-a chéile agus chosnaidís
iad féin go dtí go dtagadh congnamh chúcha. Ní h-ar a
ghníomharthaibh féin, ámhthach, a dheineadh Dúlainn puinn cainte.
Ar ghníomharthaibh Mhurchadh ba mhaith leis bheith ag caint.



“Lá uathbhásach ab eadh an lá san Ghleanna Mháma,” ar
seisean. “Ná fir ba thréine a bhí ar chlannaibh Lochlan bhíodar
sa chath san. Bhíodar lán deimhnightheach go mbuadhfaidís.
Bhíodar socair air. Bhíodar ceapaithe air. Bhí a n-aigne
socair go daingean acu ar bhuachtaint nó ar thuitim. Ní
fheaca riamh a leithéid de neamhshuim i mbás agus chonac i n-ár
namhaid an lá san. Chómh tiugh agus thuigeadh an fear bhíodh
fear i n' inead. Tá an méid seo agam-sa le rádh, agus
deirim é mar do chonaic mo dhá shúil é. Mura mbéadh
Murchadh bhí Gleann Mháma ag na Lochlanaigh.”



“Is mór an focal é sin, a Dhúlainn,” arsa Gormfhlaith.



“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D'admhuigh
na Lochlanaigh féin é, an méid a bhí beó dhíobh tar éis an chatha.
Bhí an cath ar siúbhal ar feadh cúpla uair a' chloig nó mar sin.
Bhíomair ag brúth ortha agus bhíodar-san ag brúth orainn,
agus bhí sé ag teip ar aon taobh an taobh eile do chur oiread


L. 50


agus órlach i ndiaigh a gcúil. Bhí na fir ag tuitim ar gach
taobh. Ní buailtí buille ná tuiteadh fear leis, ba dhóich leat.
Do shocaruigh Brian agus Murchadh agus tuille againn ar
bhriseadh isteach tré n-a lár. Do dhúnamair chun a chéile agus
bhrúghmair isteach. Do leagamair raint acu agus bhriseamair
bearna ionta, agus bhíomair ag brúth amach tríd an mbeárnain.
Le n-a linn sin cad a chífinn tamal beag uaim ar ár láimh
chlé ach Lochlanach mór mileata agus bearna briste amach
aige tré n-ár sluagh féin, agus é féin agus na Lochlanaigh a
bhí i n' aice ag gabháil amach go tiugh ann, agus iad ag leagadh
ár ndaoine rómpa agus ar gach taobh díobh. Bhí an Lochlanach
níob' aoirde go mór 'ná aon fhear eile a bhí i n’ aice, de
Ghaedhal ná de Lochlanach. Gach aon uair a thagadh a chlaidheamh
anuas do thuiteadh fear. Ní raibh aoinne ábalta ar sheasamh
'n-a láthair. Chonaic Murchadh é. Do léim sé siar as an
mbearnain a bhí déanta againne, agus siúd fé dhéin an
fhir mhóir é. Do leanas féin e. Bhí an dá chlaidheamh aige
'n-a dhá láimh. Thug sé aghaidh ar an bhfear mór. Do thóg an
fear mór a chlaidheamh agus tharaing sé a bhuille. Do ghaibh
Murchadh an buille ar an gclaidheamh a bhí sa láimh chlé aige,
agus sa n-am gcéadna díreach do chuaidh claidheamh na láimhe
deise tré chroídhe an fhir mhóir. Ní fheaca riamh gníomh chómh
deas. Aon ghníomh amháin ab eadh an dá ghníomh, an chosaint
leis an láimh chlé agus an sádh leis an láimh ndeis. Dá
bhfeicfeá an fear mór déarfá gur bh'uathbhásach an neart nár
bhfoláir a bheith sa chuislinn a ghlac an buille agus nár lúb
fé'n mbuille. Déarfá gur mhór an gníomh a dhein an fear
a chosain an buille sin. Ach dhein sé an gníomh eile le linn
an ghnímh sin a dhéanamh. Chuir sé an claidheamh eile tré
chroídhe an fhir mhóir. Ní raibh aon choinne i n-aon chor ag an
bhfear mór go dtiocfadh an chosaint agus an sádh i n-aonfheacht
air. Ní raibh aon chuinne aige go raibh sé i gcuislinn an fhir
a bhí os a chómhair an chosaint a dhéanamh, gan bac d'aon tsádh


L. 51


dhéanamh. Chuir an chosaint iongnadh air, agus chuir an sádh
alltacht ar fad air. Ní raibh uain aige, sar ar imthigh an
t'anam as, ach ar a rádh, ‘Is tú an fear is fearr a bhuail
riamh umam!’ Chuir an gníomh dúbalta san sgannra ar na
Lochlanaigh eile a bhí ar an láthair. Do tharaingeadar siar.
Tháinig buile misnigh ar ár bhfearaibh féin agus bhrúghdar
amach. Bhriseamair an tarna bearna rómhainn amach. Cad a
chífinn ansan ach ár neart féin ag géilleadh do neart na
Lochlanach, tamal soir ódheas ar ár ndeis. Siúd siar
Murchadh agus mé féin airís agus soir ódheas chun na h-áite
'n-a raibh na Gaedhil ag dul i ndiaigh a gcúil. Chómh luath
agus chonacadar ag teacht sinn tháinig náire ortha agus
sheasuighdar an fód. Um an dtaca 'n-ar shroiseamair iad is
ag brúth amach a bhíodar i n-inead bheith ag dul i ndiaigh a
gcúil. Bhíodar ar buile chúcha féin a rádh go bhfeacaidh
Murchadh ag dul i ndiaigh a gcúil iad. Tháinig, ba dhóich leat
dúbailt nirt ionta. Bhrúghdar rómpa an namhaid, agus ba
dheacair é. Bhí na fir ag tuitim chómh tiugh le grean ar gach
taobh. Bhí na cuirp 'n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile. Is
anáirde ar na cruachaibh sin a chaitheamair seasamh agus sinn
ag brúth ar an namhaid agus 'ghá leagadh. Bhrúghmair
rómhainn iad. Chuireamar cruach dínn. Ansan chuireamair
cruach eile dhínn. Mheasas go gcaithfimís iad go léir a
mharbhughadh sar a n-iompóchaidís uainn. Fé dheire d'iom-
puíghdar. Do theitheadar, agus do leanadh iad agus do
marbhuigheadh oiread acu sa ruagairt agus do marbhuigheadh
sa chath. Mura mbéadh Murchadh bhéadh a mhalairt de sgéal
againn. Mura mbéadh Murchadh do ruithfeadh leis an bhfear
mór úd. D'iompóch' na Lochlanaigh isteach lastiar dínn nuair
a bheimís imthighthe amach tríd an mbearnain úd. Bhéadh an
ruag ar ár muintir féin ar thaobh na lámha deise agus ar
thaobh na lámha clé. Ansan d'iompóch' neart ár namhad go
léir orainn agus ní thiocfadh duine againn beó as an gcath.


L. 52


Ansan bhéadh seilbh ag Lochlanachaibh i n-Éirinn agus bhéadh
sé fuar ag M'lsheachlainn bheith ag cur 'n-a gcoinnibh. Mura
mbéadh Murchadh bhéadh Éire ag Lochlanachaibh anois! Deirim
leat go mbéadh. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte
isteach am' aigne agus deirim go láidir é. Ní bheidh Éire ó
bhaoghal i gceart go dtí go mbeidh Brian i n' Árdrígh!”



“Ochón, a Dhúlainn,” arsa Gormflaith, “measaim gur
maith an bhail ort gan M'lsheachlainn a bheith ag éisteacht
leat.”



“Ba chuma liom an tsaoghal, a rígan,” arsa Dúlainn, “ach
go bhfeicfinn tu féin thíos i dTeamhair ad' Árdrígain ar
Éirinn go léir ó Dhonchadh Dí go Tigh Mháire!”



CAIBIDIOL XI.



CEANN LEÓIN



Sgian tré chroídhe Ghormfhlaith ab eadh an uile fhocal de'n
chaint sin a labhair Dúlainn an fhaid a bhí an cúntas san aige
'á thabhairt ar chaith Gleanna Mháma. Ba mhaith léi, gan amhras,
bheith 'n-a h-Árdrígain ar Éirinn, ach má 'seadh ní raibh aon
lorg aici ar Bhrian a bheith i n' Árdrígh. Bhí fhios aici, dá
dtagadh Brian chun an h-Árdrígheachta nár ró fhada 'n-a
dhiaigh san go dtí go mbéadh Murchadh i n' Árdrígh. Bhí a
leithéid sin d'fhuath aici do Mhurchadh gur thúisge léi í féin
agus ar bhain léi bheith sínte fé'n bhfód 'ná é dh'fheisgint i n'
Árdrígh. Bhí gach aon tsúil aici go dtuigfeadh sé féin agus
Brian i gcath Ghleanna Mháma agus go mbéadh buadh ag na
Lochlanaigh ann. Ansan, dar léi, d'iompóch' cómhacht Lochlan
'n-a lá neart ar Mh'lsheachlainn. Ní bhéadh aon bhreith aige
ar sheasamh 'n-a gcoinnibh. Ní fhéadfadh sé neart fear


L. 53


Éirean do chur le chéile 'n-a gcoinnibh. Do buadhfaí air. Do
buadhfaí ar ríghthibh Éirean 'n-a nduine a's 'n-a nduine, fé mar
a buadhadh ortha cheana. Ansan do bhéadh an lámh uachtair ag
Lochlanaigh agus bhéadh mac Ghormfhlaith i n' Árdrígh ar Éirinn.
Siné a bhí uaithi. Chuir cath Ghleanna Mháma an méid sin go
léir ar neamhnídh, agus má b'fhíor caint Dhúlainn b'é Murchadh
fé ndeár san. Má bhí fuath aici do Mhurchadh roimis sin do
mhéadaigh an chaint sin an fuath. Sgian tré n-a croídhe ab
eadh an uile fhocal de'n chaint.



Is ró bheag d'á chuimhneamh, ámhthach, a bhí ag Dúlainn féin
ná ag aoinne de'n mhuintir a bhí ag éisteacht leis an gcaint
go raibh an chaint ag gearadh an chroídhe aici ar an gcuma san.
Bhí a gnúis chómh séimh, chomh glan, chómh ríoga, chómh solusmhar,
chómh caoin, chómh cneasta san aici gur dhóich le duine uirthi
ná raibh aon nídh ar an dtalamh so ba mhó thug de shásamh aigne
dhi 'ná mar a thug an cath san Ghleanna Mháma dhi.



Ach d'á mhéid gearadh a dhein an cúntas ar a croídhe bhí aon
nídh amháin ag baint leis an gcath agus thug sé raint sóláis
di. Má deineadh uisge-fé-thalamh riamh do dhein sí é chun
cómhacht na Lochlanach do neartughadh i gcóir an chatha san.
Ach do dhein sí an t-uisge-fe-thalamh riamh chómh cliste sin nár
tháinig aon phioc d'á eólus chun Briain ná chun Murchadh, ná
chun aoinne a thabharfadh dóibh aon chogar dé. Bhí iongnadh
ar gach aoinne neart na Lochlanach a bheith chómh mór sa chath
agus é bheith gleusta chómh maith, agus an oiread san
d'fhearaibh cródha mileata a bheith tagaithe ann ó dhúthaíbh
iasachta a bhí abhfad ó'n áit agus abhfad ó chéile, ach níor
chuimhnigh aoinne, lasmuich de'n mhuintir a bhí 'n-a cómhairle
agus ag déanamh a h-oibre, go raibh aon bhaint ag Gormfhlaith
leis an nídh sin.



“Is eagal liom, a rígh,” ar sise le Dúlainn, “go bhfuil
an iomad de chreideamhaint an lae sin agat d'á thabhairt do
Mhurchadh, agus go bhfuil éagcóir agat d'á dhéanamh ort féin


L. 54


sa sgéal. Dá mb' iad na Lochlanaigh féin iad déarfaidís,
dá labhraidís, ná fuil fear ar shlóightibh Bhriain is truime
buille i gcath 'ná Dúlainn Óg. Tá aithne mhaith acu ort, a
rígh, agus déarfadh cuid acu gur fearr d'fhear thú 'ná Murchadh
féin, agus gur maith an bhail ar Mhurchadh go minic tusa bheith
i n' aice sa spéirlinn.”



“Na daoine do labharfadh ar an gcuma san, a rígan,”
arsa Dúlainn, “daoine iseadh iad nár theangbhaidh riamh i gcath
le Murchadh agus nár mhothuigh a neart. Na daoine do
theangbhaidh leis agus do mhothuigh an neart atá 'n-a chuislinn
ní puínn acu a tháinig uaidh chun an sgéil a dh' innsint. Gan
amhras do dheineas mo ghníomh agus bhuaileas mo bhuille nuair
a bhí namhaid ar m'aghaidh amach, ach ní'l aon chomórtas idir
mo bhuille agus buille Mhurchadh.’



Níor bh' aon iongnadh go ndúbhairt Gormfhlaith an chaint
adúbhairt sí i dtaobh an fhir a bhí os a cómhair an uair sin.
Fear córach, deagh-chúmtha ab eadh é. Bhí ualach trom gruaige
ar a cheann agus í ag tuitim anuas ar a shlinneánaibh.
Gruaig chiardhubh ab eadh í, agus bhíodh sí ag crith agus ag
taithneamh sa tsolus le gach focal d'á labhradh sé. Bhí dhá
mhalainn throma dhúbha os cionn a dhá shúl agus bhí an dá shúil
sin suidhte 'n-a cheann, gan iad ró mhór ná ró bheag, agus an
t-é a dh'fheuchfadh díreach 'n-a gcoinnibh níor mhaith leis fearg
a dh'fheisgint ionta. Ba dhóich leat go mbíodh sgáil éigin,
agus solus éigin, coitchianta ag lasadh agus ag atharughadh
ionta, fé mar a béadh gaoth agus sgamail agus solus, lá
cruaidh Márta. Bhí fáibre doimhinn idir an dá mhalainn fé
mar a bhéadh i n-éadan leóin, agus srón mhór fhada sheabhcaidhe
chaoldromach anuas ó'n bhfáibre, agus béal láidir daingean
lastíos de'n tsróin sin, béal a bhí lán d'fhiacalaibh breaghtha
geala a bhí do réir a chéile go cruinn, agus gur dhóich leat
go ndeinidís solus uatha féin nuair a gháireadh sé. Bhí an
croméal trom ciardhubh os cionn an bhéil agus an fhéasóg


L. 55


throm chiardhubh chas lastíos de'n bhéal. Idir ghruaig agus
mailí agus fáibre éadain agus súile agus srón agus
croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus ceann
ar fad, bhí rud éigin sa bhfear san a chuir i n-iúil duit, ar an
gcéad amharc, gur mhaith an bhail ort é bheith 'n-a charaid agat,
agus dá mbéadh sé 'n-a namhaid agat gur mhaith an bhail ort
bheith abhfad uaidh. Bhí cosamhlacht mhór idir a cheann agus
ceann leóin, agus ansan, ba léir go raibh cruadhas agus
anam agus neart agus fuinneamh an leóin 'n-a chabhail agus
'n-a ghéagaibh, agus dá mba namhaid é go mbeadh sé chómh
tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león. Bhí aithne mhaith
ag na Lochlanaigh air agus siní aithne a bhí acu air, go raibh
sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león.



Ní gádh léiriughadh cruinn a dhéanamh ar na h-uaislibh eile
a bhí ag caint agus ag cómhrádh anso agus ansúd ar fuid an
halla mhóir. Bhí an folt mór fada trom ar gach aoinne, ag
tuitim siar síos ar a shlinneánaibh. Thug san feuchaint ana
uasal dos na fearaibh. Bhí cuid des na foltaibh odhar agus
bhí cuid acu liath, agus cuid acu, ar na fearaibh críona, chómh
geal le mustairt, ach ní raibh aoinne maol. Choimeádaidís an
ghruaig go dtéidís sa chré, mar ní chaithidís choídhche hata ná
caipín ná aon chlúdach eile ar a gceann. Isiad na hataí seo
a caithtear anois a bhainean an ghruaig de dhaoine. Dá
dtugtí mar thaithíghe do cheann an duine ó thusach a óige
imtheacht gan aon chlúdach ach an ghruaig a chuir Dia air
d'fhásfadh an ghruaig láidir trom agus choimeádfadh sí a greim
an fhaid a mhairfeadh an duine. Sin mar a déintí i n-Éirinn
fadó. Níor chuir daoine hataí ná caipíní ortha go dtí gur
thusnuigh nósa Shasana ar theacht chúghainn anall. Is 'mó droch
nós nách hataí ná caipíní a thug muintir Shasana chúghainn.



Dá bhféadadh duine againne dul isteach an oídhche úd sa
halla mór úd Bhriain, i ríghtheighlach Cheann Cora, chuirfeadh na
foilt mhóra throma úd iongnadh orainn ar an gcéad amharc.


L. 56


Ach ar an dtarna h-amharc d' admhóchaimís ó chroídhe gur
deineadh éagcóir ana throm ar cheann an Éireanaigh nuair a
baineadh dé an folt áluinn uasal a chuir Dia ag fás air. Dá
bhféadadh Dúlainn Óg teacht ar an saoghal airís agus feuchaint
ar na plaoisgíní beárrtha atá orainne, ar na cluasaibh gan
sgáth agus ar an mbaic muiníl gan díon ó'n bhfuacht, agus ar
an rud i bhfuirm cana stáin, ach é bheith dubh, atá thuas ar an
gcloigean mar hata, cad é an seirbhthean a chuirfidís air!
“Ó!” a dearfadh sé, “cad 'tá imthighthe ar ár sliocht! An
iad so na daoine a tháinig uainne! Nó an daor-aicme éigin
iad a dh' fhás i n-Éirinn i n-ár ndiaigh! Séanaim iad! Ní
linn i n-aon chor iad!”



Dá bhféadadh Niamh, nó Gormfhlaith, nó aoinne eile des na
ríganaibh uaisle a bhí sa halla mór úd Bhriain an oídhche úd,
teacht ar an saoghal airís agus feuchaint ar na mnáibh atá
anois againn, ar na sgiathógaibh móra leathana a bhíon ar
mhullach a gcinn acu, agus ar na cleitíbh a bhíon sáidhte ina
na sgiathógaibh sin, agus ar na ribíníbh a bhíon asta, cad
déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúbhairt Cathal leis an
gcleasaidhe. “Airiú, a mhic léiginn,” arsa Cathal, “cad fé
ndeara duit bheith as do mheabhair!”



Dá dtagadh Gormfhlaith nó Niamh chughainn cheithre fichid blian
ó shin ní bhéadh an sgéal chómh h-olc agus 'tá sé anois.
Chífidís an uair sin na clócaí breaghtha fada dúbha ar na
mnáibh, agus na caipíní deasa sásta maiseamhla ar na
clócaíbh sin, i dtreó dá mb' ar óinsigh féin a bhéadh clóca
acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur dhóich leat gur bhean
chiallmhar í. Ach anois, nuair a chífidís na sgiathóga agus na
cleití agus na ribíní, agus an ghluaiseacht éaganta, cad a
bhéadh le rádh acu? “Ó!” a déarfaidís, “nách mór an truagh
na mná san go léir a bheith as a meabhair! Cad fé ndeara
iad a bheith ar an gcuma san?” Ansan, nuair a déarfaí
leó, “Ní h-as a meabhair atáid siad i n-aon chor. Ní'l aon


L. 57


easba meabhrach ortha. Ní'l ins na sgiathógaibh sin ach nós a
bhainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo thruagh na
fir! Agus mo thruagh an chlann!”



Ansan dá n-abradh duine leó, “Isiad na fir féin fé
ndeár é. Ní labharfadh aon fhear acu le cailín mura
bhfeicfeadh sé an sgiathóg san ar a ceann!” Ní dhéanfaidís ach
a rádh “Tá an saoghal ar buile!” agus imtheacht.



Ach ní fearr bheith ag caint air. Ní baoghal go dtiocfaidh
siad. Ní h-ar neithibh de'n tsórd san a bhí an bheirt
ag cuimhneamh an oídhche úd. Bhí a mhalairt de chúram
ortha. Bhí Gormfhlaith ag cuimhneamh ar Árdrígheacht
na h-Éirean, agus ar Bhrian, agus ar Mhurchadh, agus ar
a mac féin, agus ar conus a thiocfadh sí ar Mhurchadh do chur
ó'n Árdrígheacht agus ar an Árdrígheacht do chur i n-áirighthe
d'á mac féin. Bhí Niamh agus a dritháir agus an chuid eile
des na mnáibh óga agus des na fearaibh óga ag rince, agus
an ceól d'á spreagadh dhóibh, agus gur dhóich le duine ortha
ná raibh aon nídh fé bhun Dé ar an dtalamh so déanamh
aon chúraim dóibh ach an ceól agus an rince agus an
t-aoibhneas a bhí ansúd 'n-a dtímpal. Ach bhí. Bhí Niamh ag
rince le n-a dritháir ar feadh tamail, agus le Murchadh ar
feadh tamail. Agus bhí sí ag rince le h-Amhlaoibh, le
h-adhbhar an tsagairt ar feadh tamail. Bhí sí chómh séimh, chómh
gealgháiriteach le h-Amhlaoibh agus a bhí sí le h-aoinne des
na h-uaislibh óga a bhí ag rince léi. Ach an dá mhachtnamh úd,
d'á mhéid a dhein sí breithniughadh ortha iseadh ba ghlaine a theip
uirthi iad do thabhairt d'á chéile. Agus bíodh gur choimeád sí
a h-aigne aici féin go beacht bhí daoine láithreach, agus níor
bheagán daoine é, a chuimhnigh 'n-a n-aigne, nuair a chonacadar
an bheirt agus iad araon chómh dathamhail, chómh séimh, chómh
h-uasal ar gach aon tsaghas cuma, gur bh' áluinn ar fad an
lánmha a dhéanfaidís, agus gur mhór go léir an truagh sagart
a dhéanamh d'Amhlaoibh. Bhí daoine ann, ámhthach, adúbhairt a


L. 58


mhalairt sin. Bhí fir óga ann agus nuair a chonacadar é
féin agus Niamh ag rince dúbhradar d'á luathacht a críochnófaí
'n-a shagart é gur bh' eadh b'fhearr é. Bhéadh sé as an slígh
ansan. Agus bhí cailíní óga uaisle ann agus bíodh go
ndúbhradar 'n-a n-aigne féin gur mhór an truagh sagart a
dhéanamh dé, b'fhearr leó seacht n-uaire é dh'fheisgint 'n-a
shagart 'ná é dh'fheisgint ag Niamh.



Chómh fada agus a theidhean sgéal de'n tsórd san ní h-é mo
thuairim go bhfuil aon atharughadh tagaithe ar Gaedhlaibh
Éirean. Fé-s na foltaibh breaghtha fada troma, nó fé-s na
hataíbh ar na cloigeanaibh beárrtha agus fé-s na sgiathógaibh
agus na cleití, tá an nádúr céadna díreach ionainn chómh
fada agus a theidhean sgéal de'n tsórd san.



Ach do ghluais an oídhche, ar cos-anáirde, díreach fé mar a
ghluaiseoch' oídhche de'n tsórd anois. Tháinig an lá agus do
sgaip an chuideachta, gach aoinne fé dhéin a thíghe féin. Thug
Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh aghaidh siar óthuaidh ar Uíbh
Máine. Bhí, mar a dúbhradh, teipithe glan ar Niamh an dá
mhachtnamh úd a thabhairt d'á chéile. Isé rud a dhein sí 'ná
iad araon do dhíbirt ar fad as a h-aigne agus as a croídhe,
agus í fein do thabhairt suas do Dhia.



“Is cuma liom an domhan,” ar sise 'n-a h-aigne féin agus
í ag socarughadh a h-athar agus 'ghá ollamhughadh i gcóir an
bhóthair. “Is cuma liom an domhan ó tá m'athair agam.
Ní fhéadfaidh sagart ná bráthair m'athair a bhaint díom. Is
fearr d' fear é 'ná aoinne acu íseal ná uasal. Is measa
liom a lúidín 'ná dá n-imthígheadh sé siúd, agus an chuid eile
acu, le fánaigh na h-abhan! Cad é sin dómh-sa cad é an cor
a thabharfaidh sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá
súil agam go ndéanfaidh sé sagart maith. Ní baoghal dó go
ndéanfad-sa aon chur isteach air ná go dtiocfad idir é
agus Dia. Ní ró mhaith a thaithnean an sgéal i n-aon chor
liom. Dá mbéinn i gcás Cholla ba dhóich liom gur bh'fhearr


L. 59


liom a chúram a bheith ar dhuine éigin eile. — Go gcuiridh
Dia ar ár leas sinn go léir!”



Caibidiol XII.



Diabhal Coímhdeachta.



Thug Colla agus an Legáid agus Tadhg Óg ua Cealla agus
Amhlaoibh aghaidh siar ar Inis Cathaigh. Ar loing iseadh chuadar
síos ó Luimneach. An fhaid a bhíodar ar an slígh bhí an bheirt
ógánach thuas ar bórd agus bhí Colla agus an t-Easbog thíos
i seómra leó féin. Bhíodar ag caint.



“Ní maith a thaithnean an Bhanríghin liom, a Cholla,” arsa'n
Legáid. “Cuirean sí i gcuimhne dhom focal adúbhairt duine
d' bhúr naoimh.”



“Má chuir sí caint naoimh i gcuimhne dhuit, a Athair,” arsa
Colla, “nár chóir go dtaithnfeadh sí leat?”



“Sdó, isé rud adúbhairt an naomh 'ná gur ‘mairg a
dh'fheuchfadh go dlúth i n-aghaidh mná le h-eagla go bhfeicfeadh
sé a diabhal coímhdeachta.’ Tá ‘diabhal coímhdeachta’ ag
Gormfhlaith. Chonac é go minic i gcaitheamh na h-oídhche aréir.
Tá eagal orm go bhfuil fhios aici go bhfeaca é. An airighean
tú leat mé, a Cholla,” ar seisean. “Tabharfaidh an bhean san
nimh do Bhrian nó do Mhurchadh nó dóibh araon mura
ndéanfar iad do chosaint go maith uirthi!”



“Ní fheicim conus a bhéadh aon tairbhthe ag teacht chúichi ó
n-a mbás san, a Athair,” arsa Colla.



“B'fhéidir,” arsa'n Legáid, “go bhfeicean sí féin é, nó
b'fhéidir gur dóich léi go bhfeicean. Ba cheart rud éigin a
dhéanamh a chuirfeadh as a cumas aon díobháil a dhéanamh do'n
rígh. Bhéadh an sgéal go h-olc ag Éire agus ag an Eaglais


L. 60


i n-Éirinn anois dá n-imthigheadh aon rud ar Bhrian, go ceann
tamail eile pé 'n-Éirinn é.”



“Cad is dóich leat ba cheart a dhéanamh, aThighearna
Easboig?” arsa Colla.



“Ná féadfaí gan leigint do Bhrian bia ná deoch do ghlacadh
a' láimh aoinne ach duine áirighthe éigin go mbéadh iontaoibh
as?”



“Is dócha go bhféadfaí,” arsa Colla.



“Deintear san láithreach. Ní gádh aon droch amhras a chur ar
aoinne. Ní'l aon rígh ná déinean a leithéid. Tá mná ann, a
Cholla, agus tá eólus acu ar conus duine chur chun báis le nimh
ar chuma ná fágfadh aon chaoi ar thrúig bháis an duine sin a
dh'fhághail amach go deó. Do chonac-sa cuid des na mnáibh sin.
Chonac an diabhal coímhdeachta a bhíodh acu, díreach mar a chonac
diabhal coímhdeachta Ghormfhlaith aréir. Chonac an duine ar a
raibh an paor. Níor ró fhada an aimsir 'n-a dhiaigh san go
dtí go raibh an duine sin as an slígh. Ná dein aon
righneas.”



“Ní dhéanfad, a Athair,” arsa Colla. “Raghad soir go
Ceann Cora amáireach agus labharfad le Murchadh. Ar
mhiste dhom a rádh, a Athair, gur tusa thug an foláramh
dom?”



“Ní miste,” arsa'n Legáid, “ach dein mar seo é. Abair
go ndúbhart ná fuil aon rígh ná déinean beart mar a deirim
chun é féin a chosaint ar nimh.”



“Tá go maith, a Athair,” arsa Colla. “Conus a thaithn
an chuid eile de'n chuideachtain leat, a Athair?” ar seisean.



“Go maith,” arsa'n Legáid. “Tá nósa agus béasa agus
slíghthe agaibh ná fuil taithíghe agam-sa ar a sórd. Ach
measaim, dá mbéadh taithíghe agam ortha ná faghainn aon locht
ortha. Bainid siad geit a’ duine nuair a chíon sé iad an
chéad uair. Níor chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm
agus do chuireabhair go léir orm i dtusach na h-oídhche aréir.


L. 61


Is dóich liom go rabhabhair go léir ar leath-mheisge. Bhí
teinneas am' cheann ó'n ngleó agus ó'n bhfothram a bhí ar
siúbhal. Ansan, ar leagadh na súl bhíobhair go léir ar bhúr
nglúinibh chun beannacht an Phápa dh' fhághail uaim airís!
Mura mbéadh feabhas na h-aithne atá agam oraibh déarfainn
gur ag magadh fúm a bhíobhair.”



“Bhíomair lom dáiríribh, a Athair,” arsa Colla. “Neart
ár gCreidimh a chuir fhiachaibh orainn é sin a dhéanamh.”



“Is fíor san,” arsa'n Legáid. “Tuigim anois go maith é.
Ag machtnamh dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin 'ná
gur mhaith an bhail ar chuid againn theas dá mbéadh cuid d' bhúr
bhfothram againn agus cuid de neart bhúr gCreidimh, ar sgáth
an fhothraim.”



Thánadar chun na mainistreach. D'eirigh Colla go moch ar
maidin amáireach a bhí chúghainn chun dul thar n-ais airís
láithreach go Ceann Cora.



“Raghad-sa leat chómh fada le Luimneach, a Cholla,” arsa'n
Legáid. “Tá raint gnótha agam le déanamh ann ameasg na
sagart atá ann. Tabhair dhom an eochair úd an bhosca
iarainn n-a raibh an chailís agat ann.”



Thug Colla an eochair dó agus do ghluaiseadar. D'fhan an
Legáid i Luimneach agus tháinig Colla go Ceann Cora. Dhein
an Legáid an gnó a bhí le déanamh aige ameasg na sagart.
Ansan chuir sé tuairisg Mheargaigh, an gabha a bhíodh ag
déanamh na n-arm do Bhrian. Do stiúruigheadh é chun na
h-áite 'n-a raibh a cheárta ag an ngabha. Ní ceárta a bhí aige
ach fiche ceárta, agus gaibhní ag obair agus builg d'á
séideadh agus iaran d'á losgadh agus d'á léasadh le h-órdaibh
agus le casúraibh ins gach aon chúinne. Bhí claidhmhte agus
tuaghana agus pící agus sleághana agus clogaid, agus gach
aon tsaghas gleus cogaidh, caithte anso agus ansúd, cuid
des na neithibh sin geall le bheith críochnuighthe, agus gan cuid
acu ach ar éigin tusnuighthe. Bhí Meargach Gabha ag imtheacht


L. 62


anonn 's anall ameasg an lucht oibre agus a shúil ar gach
aon rud agus é ag órdúchán agus ag stiúrúchán, ag moladh
agus ag cáineadh, fé mar a déintí an obair chun a thoile nó
ar a mhalairt de chuma.



Tháinig an Legáid chun cainte leis.



“Ta obair mhór 'á dhéanamh anso, a dhuin'uasail,” arsa'n
Legáid.



“Tá fághaltas oibre 'á dhéanamh ann, a Thighearna Easboig,”
arsa Meargach.



Ansan do rug sé an Legáid mór-thímpal tríd an obair
agus bhí sé ag taisbeáint gach aon rud dó agus ag míniughadh
gach aon rud dó. Fé dheire do tharaing an Legáid an eochair
as a phóca agus thaisbeáin sé dhó í.



“Feuch, a dhuin'uasail,” ar seisean, “b'fhéidir go bhféadfá
macshamhail do'n eochair sin a dhéanamh dom.”



“Ambasa ach féadfad agus fáilte, a Thighearna Easboig,
arsa'n gabha. “Tá aithne mhaith agam ar an eochair sin. Is
mé a dhein an eochair sin do Cholla. Fuair sé cailís ana
dhaor ó Bhrian, agus d'iar sé orm-sa bosca iarainn a
dhéanamh do'n chailís, agus glas a chur ar an mbosca nár
bh'fheídir a dh' osgailt ach leis an aon eochair amháin a
dhéanfainn féin do'n ghlas. Ach mheasas gur chuaidh an eochair
sin amú,” a Thighearna Easboig,” ar seisean. “Tháinig
teachtaire anso chúgham, tá suim aimsire ó shin ann, ó Cholla
féin, agus dúbhairt sé liom gur cailleadh an eochair agus
ná féadfaí an bosca dh' osgailt, agus d' fhiafraidh sé dhíom
an bhféadfainn, ó m' chuimhne, macshamhaila dhéanamh do'n
eochair. Dúbhart go bhféadfainn agus do dheineas.”



“Cé r' bh' é an teachtaire?” arsa'n Legáid.



“Duine des na manaigh, a Thighearna Easboig,” arsa'n
gabha.



“Bhuail anso a leith, a dhuin'uasail, i dtreó ná h-
aireóchaidh aoinne sinn.”


L. 63


Dhruideadar i leith taoibh.



“Níor cailleadh an eochair i n-aon chor, a dhuin'uasail,”
arsa'n Legáid, “agus níor chuir Colla aon teachtaire
chúghat-sa 'ghá iaraidh ort macshamhail a dhéanamh do'n eochair.
An t-é a tháinig chúghat bitheamhnach ab eadh é. Tá an chailís
imthighthe.”



“An chailís imthighthe!” arsa'n gabha.



“Tá sí imthighthe,” arsa'n Legáid. Agus d'inis sé tríd
síos dó conus mar a bhí an chailís le tabhairt dó féin chun
an Aifrinn Aoird do rádh os cómhair Bhriain agus na
n-uasal, agus conus mar a fuaradh an bosca iarainn folamh
nuair a h-osgaladh é.



Do stad an gabha. Níor fhan focal ann. Thuig sé
láithreach gur dhein sé árd dhearmhad nuair a dhein sé an
macshamhail do'n eochair gan dul síos agus labhairt ar dtúis
le Colla féin. Thug an bheirt raint aimsire gan labhairt.
Do labhair an Legáid.



“An aithneófá an teachtaire an dóich leat?” ar seisean.



“'Sé mo thuairim go n-aithneóchainn, a Thighearna Easboig,”
arsa'n gabha. “Duine des na manaigh ab eadh é.”



“Téanam ort síos anois agus gheóbhmíd radharc ar na
manaigh go léir. Buailfimíd eatartha agus iad ag déanamh
a ngnótha. Ní neósfaimíd d' aoinne cad 'tá uainn. Ní h-aon
iongnadh mise agus tusa bheith ag gabháil tríd an mainistir.
Déarfar gur gnó éigin a bhainean le d' cheírd a bheidh agam
'á thabhairt duit le déanamh.



Chuir an gabha fear eile os cionn na h-oibre, agus do
ghluais sé fein agus an Legáid síos go h-Inis Cathaigh.
Bhuaileadar tríd an mainistir. Bhíodar ag feuchaint ar
dhóirsibh agus ar ghlasaibh agus ar bhacánaibh agus ar
thuisleanaibh. Bhí an Legáid ag cur fios ar an manach so
agus ar an manach úd agus é ag déanamh gach aon tsaghas
ceistiúcháin ortha, agus bhí an gabha ag faire chuige. Thánadar


L. 64


chun an érdaim. Do glaodhadh ar an ndeacon. Ní raibh sé
ann. Do rith teachtaire anso a's teachtaire ansúd ar a lorg.
Ní raibh sé le fághail. Do glaodhadh ar Thadhg Óg ua Chealla.
Tháinig sé. Do fiafraigheadh dé cá raibh a chomrádaidhe.



“Dúbhairt sé go raibh sé ag dul suas go Luimneach i
n-aonfheacht leat-sa, a Thighearna Easboig,” arsa Tadhg. “Ní
fheaca-sa ó shin é. An amhlaidh nár tháinig sé anuas i
n-aonfheacht libh?” ar seisean.



“Níor tháinig,” arsa'n Legáid, “nó má tháinig ní
fheacamair-ne ag teacht é.”



Le n-a linn sin tháinig Colla. Do fiafraigheadh dé an
bhfeacaidh sé Amhlaoibh i n-aon bhall.



“Nuair a shroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “bhí sé ann
rómham. Dúbhairt sé go raibh teachtaireacht éigin aige 'á
bhreith uait-se, ag triall ar an rígh, a Thighearna Easboig.
Is dócha go mbeidh sé anso sar a' fada.”



“Is dócha é,” arsa'n Legáid. Ní dúbhairt sé a thuille.
Bhí fhios aige go ndúbhairt Amhlaoibh bréag i dtaobh na
teachtaireachta; nár thug sé féin aon teachtaireacht dó le
breith ag triall ar an rígh.



“Tá gnóthaí móra ar siúbhal thoir i gCeann Cora,” arsa
Colla.



“Cad iad na gnóthaí iad, a Athair?” arsa'n Legáid, agus
chuir gach aoinne a bhí láithreach cluas air féin.



“Tá,” arsa Colla, “maithe móra a bheith tagaithe ann ó
leath Chuinn agus iad a bheith 'ghá iaraidh ar Bhrian an
Árdrígheacht do ghlacadh.”



“An amhlaidh atá M'lsheachlainn tar éis bháis?” arsa'n
Legáid.



“Ní h-amhlaidh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ach deir
an mhuintir a tháinig go bhfuil Leath Chuinn go léir cortha de
Mh'lsheachlainn agus nách foláir é chur i leith taoibh agus
Árdrígh dhéanamh de Bhrian.”


L. 65


“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa'n Legáid.
“Éireóchaidh cogadh fuilteach as san má ghéillean Brian dóibh.
Cad deir Murchadh?”



“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé nách ceart
géilleadh i n-aon chor dóibh ach ar aon choinghíoll amháin.”



“‘Ar aon choinghíoll amháin.’ Cad chuige an coinghíoll?
Cad é an coinghíoll é? Conus fhéadfadh aon choingíoll ceart
a thabhairt do Bhrian chun na h-Árdrígheachta!” arsa'n
Legáid.



“Deir Murchadh,” arsa Colla, “nách ceart do Bhrian
toiliughadh i n-aon chor chun na h-Árdrígheachta do ghlacadh
mura n-iaraidh Leath Chuinn agus Éire go léir d'aon ghuth
air í ghlacadh. Agus deir Gormfhlaith go bhfuil an ceart
aige.”



“Tá, an ceart aige,” arsa'n Legáid. “Ach conus
a gheóbhfar amach an t-aonghuth san? Má thugan Brian aon
chluas do chómhairle na n-uasal san aireófar láithreach é ar
fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Mh'lsheachlainn
arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh se 'n-a chogadh
dhearg againn. Ní mór dom dul chun cainte le Brian agus
le Murchadh. Téanam ort airís, a Cholla. Go gcuiridh Dia
ár ríghthe ar a leas!”



Caibidiol XIII.



Fágtar fúmsa féin é.



Níor cuimhnigheadh a thuille ar Amhlaoibh ná ar an mbréig
a bhí innste aige, ná ar an eochair. Do ghluais an Legáid agus
Colla agus an gabha, chómh tiugh agus d'fhéadadar cóir
iompair a dh'fhághail, soir airís go Ceann Cora. Fuaradar


L. 66


Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg agus Gormfhlaith i
gcómhairle, istigh i seómra leó féin, agus na h-Ultaigh i
seómra eile ag feitheamh le freagra. Chómh luath agus tháinig
an Legáid isteach do chuir Brian fáilte roimis agus d'inis
sé bunús an sgéil dó agus d'iar sé cómhairle air.



“Ní'l agam le tabhairt duit, a rígh,” arsa'n Legáid, “ach
an t-aon chómhairle amháin. Isé M'lsheachlainn an t-Árdrígh.
Isé Árdrígh Éirean é i láthair na h-uaire seo 'n-a bhfuilimid
ag caint anso. Beart éagcóra iseadh é chur as an
Árdrígheacht. Gabhan an éagcóir sin i gcoinnibh dlíghe Dé.
Má tá Leath Chuinn cortha de Mh'lsheachlainn cuireadh Leath
Chuinn féin as an Árdrígheacht é. Ansan má's toil le fearaibh
Éirean Árdrígh a dhéanamh de Bhrian deinidís é. Ní bheidh
Brian ag déanamh éagcóra ar aoinne an uair sin má ghlacan
sé an Árdrígheacht. Má géilltear anois dos na maithibh
seo atá tagaithe anso ó Chúig' Uladh raghaid siad abhaile agus
neósfaid siad do gach aoinne gur géilleadh dóibh. Beidh sé i
mbéal gach aoinne go bhfuil Brian le bheith i n' Árdrígh. Pé
áit 'n-a bhfuil cáirde Mh'lsheachlainn ar fuaid na h-Éirean
glacfaid siad arm láithreach, agus glacfaid cáirde Bhriain
arm láithreach. Beid fir Éirean 'n-a dhá gcamtha agus iad ag
marbhughadh a chéile. Loitfear agus leighfear i n-aon lá amháin
a bhfuil de thairbhthe déanta ag Brian i n-Éirinn ó'n gcéad
lá a thóg se claidheamh.”



Do labhair Dúlainn.



“Is maith í do chaint, a Thighearna Easboig,” ar seisean,
“agus is eagnaidhe, ach tá cúpla rud agus níor thugais
aghaidh ortha. Má curtar abhaile na daoine seo atá tagaithe
anso ó Chúig' Uladh chúghainn, gan aon tsásamh i n-aon chor a
thabhairt dóibh, cad is dóich leat a dhéanfaid na daoine a chuir
anso iad? Is dóibh liom-sa go bhfuil fhios agam cad a
dhéanfaid siad. Raghaid siad i gcómhairle. Neósfar dóibh
ná glacfadh Brian an Árdrígheacht. Déarfaid siad-san: ‘Tá


L. 67


go maith. Ní'l againn ach Árdrígh éigin eile do sholáthar.
Ní choimeádfaimíd M'lsheachlainn a thuille pé cuma 'n-a mbeidh
an sgéal againn.’ Curfar na teachtairí céadna so ag triall
ar fhear éigin eile, ar fhear éigin ná fuil ábalta ar
Ghaedhlaibh Éirean do ghleusadh fé aon smacht amháin chómh
maith agus 'tá Brian ábalta air. Ansan iseadh bheidh
measgán mearaidhe i gceart agat ar fhearaibh Éirean.
Ansan, ní 'n-a dhá gcuid a bheid fir Éirean agat ach 'n-a dtrí
codaibh, 'n-a gceithre codaibh, agus iad ag marbhughadh a chéile,
agus ní fios cathin a déanfar aon neart amháin airís díobh.
I dtaobh éagcóra: ní h-éagcóir ar rígh ná ar Árdrígh má 's
toil le n-a dhaoine féin é chur i leith taoibh toisg gan an gnó
a thugadar le déanamh dó a bheith aige 'á dhéanamh dóibh do
réir a dtoile. Mura h-éagcóir d'á dhaoine féin M'lsheach-
lainn do chur as an Árdrígheacht ní h-éagcóir do Bhrian an
Árdrígheacht do ghlacadh.”



Do stad sé agus do shuigh sé. Chuaidh a chaint i bhfeidhm
go h-ana dhaingean ar a raibh ag éisteacht leis. Níor
chuimhnigh aoinne acu, go dtí gur labhair sé, ar cad a thuitfeadh
amach dá n-iartí ar dhuine éigin eile teacht sa n-Árdrígheacht
i n-inead Mh'lsheachlainn.



“B'fhéidir,” arsa Murchadh, “gur mhaith an rud glaodhach
isteach anso ar na teachtairíbh seo agus a rádh leó a
dh'innsint dúinn go h-iomlán cad 'tá uatha. D'innseadar
cheana é, ach is nídh é seo nách misde mórán cainte dhéanamh
'n-a thaobh. Anois an t-am chun na caint dhéanamh. Is
fearr feuchaint ar an uile thaobh de'n sgéal anois 'ná b’fhéidir
dearmhad a dhéanamh nár bh'fhéidir a leigheas ar ball.”



Do glaodhadh isteach ortha.



“Ba mhaith linn, a uaisle,” arsa Brian, “go neósfadh sibh
anso airís, i láthair an Easboig, an toisg a thug sibh, agus na
cúiseana a bhí ag an muintir a chuir chúghainn sibh le sibh a chur
chúghainn.”


L. 68


D' innseadar airís cad a thug iad. Go raibh sé buailte
isteach i n-aigne na poibilidheachta go léir lastuaidh ná béadh
rath ná séan ar Éirinn go dtí go mbéadh Brian i n' Árdrígh
ar Éirinn. Go raibh M'lsheachlainn maith go leór mar rígh
cúige, ach gur léir do gach aoinne ná raibh an acfuinn aigne
ann, ná an éirim aigne, ná an cumas gnímh, ba cheart a bheith
i n-Árdrígh Éirean. Ná raibh aon fhear beó go raibh na
tréithe sin ann an uair sin chómh láidir agus bhíodar i mBrian.
D'á bhrígh sin gur bh' éagcóir ar Éirinn gan Brian a bheith i
n' Árdrígh uirthi. Go raibh fir Éirean ceapaithe ar Bhrian do
chur sa n-Árdrígheacht dá dtoiligheadh Brian féin chuige.



Ansan d' áirighdar na cineacha agus na tuatha agus na
treabhchasaí, ní h-amháin i Leath Chuinn ach ar fuaid na h-Éirean
go léir, a bhí ar an aigne sin.



Nuair a bhí deire ráidhte ag na teachtairíbh do labhair Brian.



“Beirig libh abhaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar
an muintir a chuir anso sibh, an freagra so. Glacfad-sa an
Árdrígheacht má thoilighean M'lsheachlainn chuige, agus is mé
féin a raghaidh síos ag triall air agus a chuirfidh chuige an
cheist. Socarófar an sgéal idir mise agus M'lsheachlainn
agus ní gadh d' aoinne eile beó a thuille cainte dhéanamh
'n-a taobh.”



Níor labhair aoinne eile. Do h-ollamhuigheadh dínnér mór
dos na teachtairíbh agus do deineadh cúram mór díobh ar
feadh trí lá agus trí oídhche, agus ansan d'fhágadar slán
agus beannacht ag Brian agus agá theighlach, agus d' imthighdar
óthuaidh abhaile.



Nuair a bhíodar ar an sligh ag dul abhaile bhíodar ag
machtnamh ar an bhfreagra a bhí fághalta acu ó Bhrian, ach dá
mbeidís ag machtnamh go ceann bliana air ní fhéadfaidís aon
tuairim a thabhairt do cad a thiocfadh as, agus 'n-a theannta
san a's eile níor bh’ fhéidir dóibh aon locht fhághail air. Ní
lúgha 'ná mar fhéadfadh an Legáid aon locht fhághail air. Ní


L. 69


lugha 'ná mar a dh' fhéadfadh M'lsheachlainn féin aon locht a
dh'fhághail ar an bhfreagra dá n-airigheadh sé é, agus is dócha
gur airigh. Do ghlacfadh Brian an Árdrígheacht — ach ní
ghlacfadh sé í i gcoinnibh toile Mh'lsheachlainn féin. Cad é
an locht a bhí le fághail ag aoinne air sin?



Chuir an freagra san cosg láithreach leis an bhformad ar
ar thrácht an Legáid. Ní raibh aon nídh chun carad Mh'lsheach-
lainn agus cáirde Bhriain do chur i gcoinnibh a chéile, mar do
choimeád an freagra an gnó go léir idir Bhrian agus
M'lsheachlainn féin. Ní raibh aon bhaoghal go raghadh aoinne
ag tairisgint na h-Árdrígheachta d'aon fhear eile, mar ní
dúbhairt Brian lom díreach ná glacfadh sé féin í. Ní raibh
ag daoine ar gach taobh le déanamh ach a suaimhneas a cheapadh
agus fanmhaint go bhfeicfidís cad a dhéanfadh Brian.



D'imthigh Colla agus an Legáid siar go h-Inis Cathaigh.
D'fhiafraighdar cá raibh Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg air.
D'imthigh lá agus d'imthigh dhá lá, agus níor tháinig sé.
D'imthigh seachtmhain agus níor tháinig sé. Do cuireadh
teachtaire soir go Ceann Cora feuchaint a' raibh sé ann. Ní
raibh. Do ghluais tuille aimsire agus níor tháinig sé.
Ansan tháinig neithe eile agus gnóthaí eile crosta ar an
mainistir agus ar na manaigh, agus d'imthigh Amhlaoibh as a
gceann. Ní raibh aon fhios acu ar ghuid na cailíse. Níor
bh' aon iongnadh ró mhór leó ógánach a dh'imtheacht mar sin
leis féin as an mainistir. Nídh ab eadh é do thuiteadh amach
anois a's airís. Nuair a thuiteadh sé amach ní bhíodh cathughadh
ró mhór ortha 'n-a thaobh. Dar leó “b'fhearr teitheadh maith 'ná
droch sheasamh.” Agus d'á luathacht a deintí an teitheadh b'eadh
b'fhearr é, dar leó, ó bhí sé le déanamh i n-aon chor. Dar
leó, ba thruagh nár theith Amhlaoibh sar ar deineadh deacon dé.



Níor ghlac Tadhg Óg ua Cealla an sgéal chómh neamh-
chorbhuaiseach san. Ní raibh aon fhios aige ar ghuid na cailíse
ach chómh beag le h-aoinne des na manaigh, ach ní áiteóch' an


L. 70


saoghal air gur bh' amhlaidh a theith Amhlaoibh. Dar leis, má
bhí Amhlaoibh beó thiocfadh sé thar n-ais chun na mainistreach
mura mbéadh go raibh rud éigin 'á chosg ar theacht thar n-ais.
Thoir i gCeann Cora do chonacthas go déanach é.



“Raghad soir,” ar seisean, “agus labharfad leis an
mBanríghin agus má tháinig aon tuairisg ó n-a mhuintir a
chuir fhiachaibh air cuaird a thabhairt abhaile neósfaidh sí dhom é.
Bhí sí ana mhór leis. Má tá aon droch nídh imthighthe air ní
fheadar cad a dhéanfad.”



Is ar éigin fhéadadh sé aon bhlúire bídh a chaitheamh ná aon
neul de'n oídhche do chodladh. D'imthigh sé soir. Fuair sé
caoi ar chaint le Gormfhlaith. Bhí sí go h-ana shéimh leis,
agus bhí sí go h-ana bhuartha mar gheall ar gan aon tuairisg
a bheith aige ar Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg i n-aon chor
aici féin air. Mheas sí, nídh nár bh'iongnadh, go raibh sé thiar
sa mhainistir. Chuir sí a lán ceisteana chun Taidhg 'n-a
thaobh. Ar thug sé fé ndeara le déanaighe go raibh aon nídh
ag déanamh aon bhuartha dhó? An raibh aon trioblóid idir
é féin agus Colla mar gheall ar aon rud? Ar tugadh aon
mhilleán dó mar gheall ar aon nídh? Chuir sí a lán
ceisteana de'n tsórd san chuige, agus thug sé fé ndeara go
bhféachadh sí ana ghéar air le linn gach ceiste 'chur.



Bhí an chuaird sin i n-aistear. Níor fhéad Gormfhlaith aon
tsásamh aigne thabhairt dó. Siúd óthuaidh go h-Uíbh Máine é
feuchaint a' bhfaghadh sé aon tuairisg ann. Chomh luath agus
chonaic Niamh é ba bheag nár thuit sí i laige, bhí sé ag feuchaint
chómh h-olc san.



“Airiú, a Thaidhg,” ar sise, “cad d'imthigh ort!”



D'inis sé dhi.



“Is dócha,” ar seisean, “gur b'amhlaidh atá sé marbh,
agus cad a dhéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a
shúilibh.



Do leig sí dhó ar feadh tamail, agus ní tirim a bhí a súile
féin. Fé dheire do labhair sí.


L. 71


“Má tá sé beó, a Thaidhg,” ar sise, “agus má tá cion
chómh mór san agat air, ní mar sin is ceart duit an cion a
thaisbeáint.”



“Agus cad tá le déanamh agam, a Niamh?” ar seisean.



“Cuir daoine amach ar a thuairisg,” ar sise, “agus geall
luacht-saothair maith do'n té a thabharfaidh tuairisg chúghat air.
Ní h-é mo thuairim féin go bhfuil aon droch nídh tar éis
imtheacht air. Fear ró ghasta iseadh é. Ní dóich liom go
bhfuil aon namhaid aige.”



“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa Tadhg, “cad é an gnó a
bhí soir go Ceann Cora aige an lá a chuaidh Colla agus an
t-Easbog soir ann. Chonaic Colla ann é ach ní fheacaidh
aoinne ag dul ann é ná ag teacht as.”



“Cuir t' aigne chun suaimhnis, a Thadhg,” ar sise. “Ní'l
baoghal air. Tá fios a ghnótha féin aige. Má tá oiread
ceana aige ort agus 'tá agat air tiocfaidh sé thar n-ais chúghat
chómh luath i n-Éirinn agus d'fhéadfaidh sé teacht.”



Chuir Tadhg amach an lucht cuardaigh agus gheall sé an
luacht-saothair dóibh, ach níor tháinig aon tuairisg ar
Amhlaoibh. Ach tháinig tuairisg nár bh'é. Tháinig tuairisg ó
Cheann Cora, agus chuir an tuairisg sin gach aon rud eile
soir siar.



Caibidiol XIV.



Giollaí Turais.



Bhí Tadhg Óg ua Cealla tagaithe tar n-ais go mainistir
Ínse Cathaigh chun a chuid léighinn do chríochnughadh, agus bhí sé
ag faire chuige gach lá feuchaint an aireóch' sé tásg nó tuairisg
ar Amhlaoibh. Lá d'á raibh sé ar an gcuma san, tímpal mí


L. 72


nó chúig sheachtmhaine tar éis na dteachtairí ó Leath Chuinn a
bheith i gCeann Cora, tháinig teachtaireacht ó Uíbh Máine ag
triall air 'ghá rádh leis dul óthuaidh abhaile láithreach, go raibh
teachtairí Bhriain tar eis dul mór-tímpal chun uaisle na
tíre go léir, 'ghá rádh leó bheith i gCeann Cora lá áirighthe, iad
féin agus a gcongnamh fear, agus do h-ainimnigheadh an lá.
D'imthigh sé abhaile. Do ghleus sé féin agus a athair oiread
nirt agus d'fhéadadar, agus thánadar go Ceann Cora.
Bhíodar ann i gcóir an lae a bhí ceapaithe. Níor bh' fhada
go raibh mór-shluagh láidir uasal cruinnighthe ann. Ní raibh
fhios acu cad é an gnó a bhí dhíobh, ach ba chuma leó. Bhí fhios
acu go raibh gnó ag Brian díobh agus gur bh' é a ngnó féin
é. Nár bhaoghal go dtabharfadh Brian ó'n mbaile iad mura
mbéadh cúis mhaith a bheithe aige chuige agus gur bh' iad féin a
bhéadh beirthe ar ball le pé gnó a bhí le déanamh aige.



Na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn agus
tar éis géilleadh do Bhrian agus d'á dhlighthibh, bhíodar ann
chómh maith leis na Gaedhlaibh, agus ba mhór an bhreis iad ar
neart slógh Bhriain, agus ba mhaith.



Bhí teachtairí maithe ag Brian. Giollaí turais a tugtí
ortha. Fir óga luatha láidire ab eadh iad agus bhí ana
chuisidheacht ag gach teachtaire acu. Fir thobhtha ab eadh iad.
Mar gheall ar fheabhas a gcuisidheachta a déintí iad do thoghadh.
'N-a gcuis iseadh théidís ar theachtaireacht. Nuair a bhíodh
sgéala ag Brian le cur go h-oban ag triall ar rígh éigin
de ríghthibh Éirean nó ar dhuin'uasal éigin, ní dheineadh sé ach
duine des na teachtairíbh sin a chomáint uaidh ag triall ar
an rígh sin, nó ag triall ar an nduin'uasal san, leis an
dteachtaireacht. Ghluaiseóch' an teachtaire sin 'n-a chuis, agus
níor bh'fhada go mbéadh an teachtaireacht tagaithe chun cinn.



'Na chuis iseadh dh'imthigheadh an teachtaire, ach má seadh ba
luatha 'n-a chuis é 'ná fear eile ar muin capail. Nuair a
théidheadh na giollaí turais sin i dtaithighe reatha ba luatha iad


L. 73


'ná aon fhear capail, agus ba bhuaine. Ní sheasóch' capal i
n-aon chor le duine acu. B'fhéidir go mbéadh an capal níos
géire 'ná an cuisidhe i dtusach an chúrsa, ach sar a mbéadh
fiche míle curtha dhíobh acu bhéadh an capal buailte amach.
Ansan iseadh bhéadh a chuisidheacht ag teacht i gceart do'n
ghiolla turais, agus bhéadh trí fichid míle curtha dhé aige sar
a' mbéadh aon bhlúire tuirse ag teacht air. Ansan féin níor
ghádh dhó ach sodar réidh a dhéanamh ar feadh tamail bhig agus
bhéadh anál agus misneach agus a lán-rith airís aige. Ní raibh
aon mhaith i gcapailibh 'n-a n-aice súd.



D'á éaghmais sin, ní raibh coill ná cnuc, gleann ná portach
ná abha i n-Éirinn ná raibh aithne acu ortha go léir, agus
ghabhdís gach aon chómhngar, i dtreó gur mhinic ná bíodh míle
'shlígh acu le gabháil nuair nár bhfoláir d'fhear capail gabháil,
b'fhéidir, deich míle de thímpal. Ansan, is 'mó rud a
chuirfeadh ríghneas ar fhear capail ná cuireadh aon ríghneas
ortha súd. Bhíodh balcuisí éadtroma ortha, agus bróga
éadtroma, agus is minic ná bíodh aon bhróga ortha. Bhíodh
aithne ins gach aon bhall ortha, agus chómh luath agus thiocfadh
tart nó ocras ortha ní bhíodh acu ach aghaidh a thabhairt ar an
gcéad thigh a bhuailfeadh úmpa agus gheóbhdís a ndóthin bídh
agus díghe. Dá mbéadh ortha gabháil tré dhúthaigh namhad
bhéadh arm acu, arm éigin ná béadh ró throm. Nuair a
neartuigh cómhacht Bhriain ní bhíodh aon ghádh le h-arm acu.
Bhí fhios ag gach aoinne gur bh'iad teachtairí Bhriain iad. Níor
bheag san. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ag cabhrughadh leó
i n-inead aon cheataighe dhéanamh dóibh. Do tugtí bia agus
deoch agus onóir agus uraim dóibh mar gheall ar Bhrian, agus
ní baoghal go dtugaidís aon chúis d' aoinne chun aon ghearáin
a chur isteach ortha, bhí a leithéid sin de smacht ag Brian ortha.



Bhíodh cuid des na h-uaisle b' aoirde i n-Éirinn sa ghnó
san. Thugadh an gnó eólus dóibh ar an dtír agus ar na
daoine, ní b'fhearr 'ná mar a dh'fhéadfaidís a dh'fhághail ar


L. 74


aon chuma eile. Bhíodh foth-dhuine d' ríogra Éirean féin sa
ghnó. Do thárla, an uair seo ar a bhfuilimíd ag trácht, go
raibh duine de ríogra Éirean sa ghnó. Fé cheilt, ámhthach,
iseadh bhí sé sa ghnó. Donn ab ainim dó, Donn mac
Beathach. Ó'n dtaobh thiar theas de'n Mhúmhain ab eadh é agus
mac rígh ab eadh é. Ó bhí sé deich mbliana d'aois do tugadh
fé ndeara go raibh cuisidheacht uathbhásach aige. Nuair a bhí
sé cheithre bliana déag do bheireadh sé ar na gioraithibh ar
thaobh an ghleanna, ag ruith 'n-a ndiaigh agus 'ghá gcasadh mar
a dhéanfadh cú. Mar gheall ar an gcuisidheacht san a bhí aige
do tugadh “Caoilte” mar leas-ainim air. Tháinig sé ag
triall ar Bhrian chun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais
é. Do glacadh láithreach é chómh luath agus do chonacthas an
ruith uathbhásach a bhí aige. Ní raibh aon fhear ann a
dh'fhéadfadh coimeád i n-aice leis i n-aon chor i gcúrsa reatha.
Nuair a fiafraigheadh a ainim dúbhairt sé gur Caoilte ab
ainim dó. Bhí tuairim acu go léir gur bh' ainim bréige an
ainim sin dó, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu, gan ach
feuchaint air, go raibh fuil uasal ann.



Bhí sé chómh maith sa ghleacaidheacht agus ar na h-armaibh
gaisge agus bhí aoinne d'á lucht cómhnaoíse. Fear breagh
córach cumasach ab eadh é. Má bhí aon locht air b'é seo é.
Déarfadh duine go raibh a chosa, ó chrománaibh go talamh,
beagáinín ró fhada agus ró láidir i gcomparáid le n-a
chabhail. Ach bhíodar téagartha thuas agus caol thíos, agus
bhí an dá throigh ana bheag, ana theann, i dtreó go raibh neart
mór agus meághchaint bheag ionta. Bhí an léim aige chómh
maith agus bhí an ruith aige. An falla a bhéadh chómh h-árd
leis féin do raghadh sé do léim thairis gan lámh ná cos a chur
ann. Do ruithfeadh sé i n-aice capail agus do raghadh sé
do léim i ndrom an chapail sin agus an capal ar cos-
anáirde.



Ní raibh se ró fhada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí


L. 75


turais nuair a cuireadh amach an teachtaireacht úd. Cé curfaí
siar go h-Uíbh Máine ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla ach
Caoilte.



Chuaidh sé siar agus thug sé a theachtaireacht. Chonaic sé
Tadhg Mór, agus chonaic sé teighlach Thaidhg Mhóir. Agus
feuch. Chonaic sé an rígan óg. Chonaic sé Niamh. Ba bheag
ná gur baineadh a mheabhair shaoghalta dhé glan chómh luath agus
chonaic sé í. Chonaic se áilneacht agus uaisleacht go minic
roimis sin, i mnáibh a dhútha féin, agus i mnáibh eile i
ndúthaíbh eile. Ní fheacaidh sé riamh roimis sin i n-aon mhnaoi,
uasal ná íseal, aon nídh a dh'fhéadfadh sé chur i gcomparáid
leis an solus áilneachta a tháinig os cómhair a shúl chómh luath
agus tháinig Niamh os cómhair a shúl. Chómh luath agus d'fheuch
sé uirthi do leath a dhá shúil air agus ba bheag ná gur leath a
bhéal air, agus níor fhéad sé a shúile bhogadh dhí. Dh'fheuch sise
air, agus má fheuch ní baoghal ná gur bhog sé dhi láithreach
iad. D' fheuch sé síos ar an dtalamh, agus do las sé go
bun na gcluas nuair a thuig sé an tuathal a bhí déanta aige.
Do labhair sise go breagh neamh-iongantach neamh-thuairimeach,
agus chuir sí raint ceisteana chuige i dtaobh Bhriain agus i
dtaobh na h-oibre a bhí ar siúbhal, agus i dtaobh na ríghthe
agus na n-uasal eile a bhí ag teacht go Ceann Cora. Do
labhair sí chómh cneasta leis agus chómh résúnta gur chuir sí
a aigne chun suaimhnis i dtaobh an tuathail a bhí déanta aige.



Isé chuaidh ó dheas go h-Inis Cathaigh ó Uíbh Máine chun an
sgéil a dh'innsint do Thadhg Óg. Tháinig sé féin agus Tadhg,
agus tuille des na h-uaislibh óga a bhí ar sgoil na
mainistreach ó Chúige Conacht, thánadar abhaile le cois a
chéile. Do ghleusadar go léir iad féin i n-arm 's i n-éide
agus thugadar aghaidh ar Cheann Cora. Chuaigh Niamh go Ceann
Cora i n-aonfheacht le n-a h-athair. Chuaidh a lán eile de
mhnáibh uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonfheacht le n-a
muintir féin. Do rith an giolla turais rómpa chun a


L. 76


dh'innsint go rabhdar ag teacht agus chun áite do cheapadh
agus do choimeád dóibh 'n-a bhféadfaidís longphort a chur
suas dóibh féin. Ní baoghal ná go raibh sé ann sar a dtáinig
puínn eile, agus ná gur shocaruigh se ar áit dheas oireamhnach
do longphort Thaidhg Mhóir uí Cealla. Níor bh'fhada go
dtáinig Tadhg Mór féin agus Niamh agus an teighlach go léir,
agus thug daoine fé ndeara go raibh an giolla turais ana
chúramach i dtaobh longphuirt Thaidhg Mhóir.



Bhí longphort rígh Conacht eile i n-aice na h-áite 'n-a raibh
longphort Thaidhg Móir uí Chealla. Bhí cuid de ríogra
Conacht a thug fé ndeara go raibh an giolla turais ana
thiúsgalach ag cur gach aon nídh i n' áit féin i longphort Thaidhg
Mhóir uí Chealla, agus bhí raint iongnadh ortha.



Níor fágadh an giolla turais abhfad ag déanamh an
tiúsgail, ámhthach. Do comáineadh chun siúbhail é ar theachtair-
eacht eile. Is air a glaoidhtí i gcómhnuighe nuair a bhíodh gádh
le dithineas agus le cruinneas agus le géarchúis. Chuir
duine éigin des na h-uaislibh leathsgéal éigin uaidh 'ghá rádh
ná féadfadh sé teacht. B'éigin do Chaoilte dul ag triall
air agus a thaisbeáint dó gur cheart dó teacht, go mbéadh se
ag déanamh díobhála dhó féin mura dtagadh sé agus a
thaisbeánt dos na h-uaislibh eile go raibh sé cómh maith le
h-aoinne acu chun dualgais fir do chómhlíonadh.



Nuair a bhí na h-uaisle go léir cruinnighthe bhí mór-shluagh
áluinn uasal acfuinneach ag Brian. Níor mhiste “gasra
nár dhóich” a thabhairt ar an mór-shluagh san, mar a tugtar
sa tsean amhrán. Ó thusnuighdar ar theacht bhí Meargach Gabha
agus a raibh de cheártanaibh a tsaoghal aige ag obair go
dian ag déanamh arm agus ag deisiughadh arm. Tháinig gaibhní
i n-aonfheacht leis an muintir a tháinig. Mura mbéadh san
níor bh'fhéidir do Mheargach teacht ar an obair. Na gaibhní a
tháinig, ámhthach, is amhlaidh a luíghdar isteach sa n-obair a bhí
ar siúbhal, i dteannta na ngaibhní a bhí ann rómpa, agus do


L. 77


stiúruigh Meargach an obair go léir. B'shin mar ba thúisge
a bhí an obair go léir críochnuighthe. Do críochnuigheadh an
obair go léir fé dheire agus do sguireadh na longphuirt
agus do ghluais an mhór-shluagh chun bóthair.



CAIBIDIOL XV.



FIR ÉIREAN.



Ba mhór an radharc an mhór-shluagh san. Bhí seacht cathana
ann agus bhí as cionn trí mhíle fear ins gach cath acu san.
Bhí gach cath fé n-a ríogra féin.



Bhí Cian mac Maolmuaidh ann, ó Uíbh Eachach Múmhan, agus
Dómhnall mac Duibh, agus bhí trí mhíle fear acu. Bhí rígh na
nDéiseach ann, Mothla mac Faoláin, agus trí mhíle fear aige.
Bhí Loíngseach mac Dúlaing ann, rígh Uíbh Chonaill Ghabhra,
agus trí mhíle fear aige. Bhí Mac Beathach, rígh Ciarraighe
Luachra ann agus trí mhíle fear aige. Bhí Tadhg Mór ua
Cealla ann ó Uíbh Máine agus trí mhíle fear aige. Bhí na
ríghthe agus na h-uaisle ann ó gach aon pháirt de Leath Mhogha,
na ríghthe agus na h-uaisle a bhíodh ag cur cogaidh ar a chéile
agus ag marbhughadh a chéile agus ag dísgiughadh a chéile ar
gach aon tsaghas cuma go dtí gur chuir Brian smacht ortha,
agus gur chuir sé fhiachaibh ortha, d'á lom deirig aimhdheóna,
a leas a dhéanamh agus leas a ndaoine do dhéanamh agus cur
le chéile i n-aghaidh namhad iasachta.



Dob' áluinn an radharc iad, ag gluaiseacht soir óthuaidh fé
dhéin na Teamhrach. Dob' uasal an radharc iad. Ba
chómhachtach an radharc iad.



Thánadar i gcómhngar na Teamhrach. Chuir Brian teachtaire


L. 78


ag triall ar Mh'lsheachlainn, 'ghá rádh gur bh' é toil fear
Éirean go ndéanfadh M'lsheachlainn sgaramhaint leis an
Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í. Gur bh' é
chúis a bhí ag fearaibh Éirean leis sin 'ná a luighead a bhí
déanta ag M'lsheachlainn, i gcaitheamh na h-aimsire a bhí sé i
n' Árdrígh, chun na Lochlanach a dhíbirt a' h-Éirinn agus chun
cómhacht na h-Éirean do chur le chéile 'n-a gcoinnibh. Go
raibh Brian tar éis cómhacht na Lochlanach do chur ar
neamhnídh i Leath Mhogha. Dá mbéadh sé i n' Árdrígh ar Éirinn
an fhaid a bhí sé 'n-a rígh ar Leath Mhogha go mbéadh cómhacht
na Lochlanach curtha ar neamhnídh aige ar fuaid na h-Éirean
go léir. D'á luathacht a tabharfaí Árdrígheacht na h-Éirean
dó anois gur bh'eadh ba luatha a bhéadh cómhacht na Lochlanach
ar neamhnídh. D'á bhrígh sin nár bh’ fholáir do Mh'lsheachlainn
sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do
Bhrian í. Dá mba rud é ná toileóch' M'lsheachlainn chuige
sin nár bhfholáir d' fhearaibh Éirean a iaraidh ar Bhrian an
Árdrígheacht a thógaint do thoradh catha.



Thug M'lsheachlainn freagra ar na teachtairíbh:



“Is liom-sa an Árdrígheacht,” ar seisean, “agus
coimeádfad í. Ní'lim ollamh anois láithreach chun catha agus
cruadh-chómhraic a dhéanamh chun í choimeád. Tháinig Brian
anso agus mór-shluagh aige. Thóg sé a aimsir féin chun é
féin d' ollamhughadh agus do chur i dtreó. Tugtar dómh-sa
mí ó'n lá indiu chun mo nirt do chruinniughadh. Má fhéadaim
mo neart do chruinniughadh tabharfad cath do Bhrian agus d'á
mhór-shluagh. Má theipean orm an neart a dh'oirfeadh dom
do chruinniughadh tabharfad an Árdrígheacht do Bhrian. Má
thoilighean Brian chuige sin iartar air fanamhaint i dTeamhair
agus a shlóighte do chosg ar chreachadh ná ar argain a
dhéanamh ar an dtír mór-thímpal.”



Thoiligh Brian agus d'órduigh sé na slóighte do chosg ar
aon díobháil a dhéanamh do'n chómharsanacht.


L. 79


Chuir M'lsheachlainn a theachtairí ag triall ar ríghthibh agus
ar uaislibh Leath Chuinn 'ghá iaraidh ortha teacht agus Árdrígh
Éirean do chosaint i gcoinnibh Bhriain. Thugadar go léir
caint bhreagh bhog réidh dos na teachtairíbh, ach níor ghealladar
aon chongnamh a thabhairt. Dúbhairt cuid acu nár mhór dóibh
aimsir a thógaint chun an sgéil a bhreithniughadh. Dúbhairt
cuid acu go gcaithfí a leathsgéal a ghabháil mar ná raibh ar a
gcumas teacht an uair sin le h-aon chongnamh. Dá
nglaoidhtí bliain roimis sin ortha, nó i gceann bliana 'n-a
dhiaidh san, go mb’ fhéidir go bhféadfaidís rud éigin
fóghanta dhéanamh. Ach an uair sin; dá mbéadh fhios ag
M'lsheachlainn féin conus a bhí an sgéal acu ná cuimhneóch'
sé ar a iaraidh ortha teacht ag triall air.



Nuair a h-iaradh ar Aodh ua Néill teacht dúbhairt sé, go
tur, nuair a bhíodh Teamhair agus Árdrígheacht Éirean agá
thaobh féin de shliocht Néill go ndéinidís Teamhair agus
Árdrígheacht Éirean do chosaint ar namhdaibh iasachta agus
ar Leath Mhogha Nuadhat. Dá mbéadh an Árdrígheacht acu
anois go ndéanfaidís an chosaint chéadna. B'é sin le rádh,
mura raibh M'lsheachlainn ábalta ar an Árdrígheacht do
chosaint má bh'fhearra dhó rud a dhéanfadh sé 'ná í thabhairt
do'n fhear a chosnoch' í; nó í thabhairt do Bhrian.



Nuair a fuair M'lsheachlainn nár bh' aon mhaith dhó bheith ag
brath ar chongnamh ó-s na ríghthibh thuaidh isé rud a dhein sé 'ná
dírim beag marcach a thabhairt leis agus teacht chun cainte le
Brian. Do ghlac Brian é le h-uraim agus le mórchroídhe.
D'inis sé do Bhrian conus a bhí caillte air ag ríghthibh Leath
Chuinn agus an easonóir a bhí tabhartha ag Ua Néill dó.



“Ní foláir dom géilleadh dhuit, a Bhriain,” ar seisean,
“nuair na fuil ar mo chumas cur ad' choinnibh.”



Do stad Brian agus dhein sé a mhachtnamh.



“A Árdrígh,” ar seisean, “ní h-alaidh dómh-sa aon
éagcóir a dhéanamh ort. Má's toil le fearaibh Éirean an


L. 80


Árdrígheacht so thabhairt dómh-sa isé a gceart í thabhairt dom.
Má 'sé a dtoil í choimeád agat-sa isé a gceart í choimeád
agat. B'fhéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós agat-sa
ná agam-sa sa sgéal. I dtreó nách féidir choídhche a rádh
gur dhéineas éagcóir ort socaruighmís mar seo é. Bíodh
bliain agat chun do nirt a chruinniughadh agus chun tu féin a
chur i dtreó. Ansan, má bhíon tú ábalta air, cosain tú féin
orm.”



Bhí iongnadh a chroídhe ar Mh'lsheachlainn nuair airigh sé an
chaint sin.



“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Is fial an socarughadh
é!” ar seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar
mé féin a chosaint ort-sa tabharfad an Árdrígheacht duit gan
chosnamh, agus tabharfad geill anois duit go seasóchad an
socarughadh san.”



“Ní iarfad-sa aon gheall ort,” arsa Brian, “ach do
bhriathar rígh.”



Ansan do bhronn Brian dhá chéad agus dachad capal, des
na capailibh ab fhearr a bhí aige, ar Mh'lsheachlainn, agus thug
sé seóid éigin uasal do gach fear des na fearaibh a bhí i
n' fhochair, agus do sgaradar, agus tháinig Brian agus a
mhór-shluagh abhaile go Ceann Cora.



Tá adhbhar machtnaimh sa méid sin gnótha agus is fiú an
gnó machtnamh a dhéanamh air. Bhí mór-shluagh ag Brian. Ní
raibh aon neart slógh ag M'lsheachlainn. Cad 'n-a thaobh nár
dhéin Brian prísúnach de Mh'lsheachlainn láithreach bonn, agus
an Árdrígheacht do thógaint chuige féin? Cad a déanfaí thall
i Sasana aon lá le h-ocht gcéad blian dá mba thall i Sasana
bhéadh an t-imreas ar siúbhal? Cad a dhein an ceathramhadh
Hamhrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a bhain sé
rígheacht Shasana de'n tarna Risteárd? Dhein sé prísúnach
láithreach de'n tarna Risteárd agus ansan níor bh' fhada gur
mhairbh sé é. Ní fhéadfadh sé a thuisgint i n' aigne go raibh sé


L. 81


féin ó bhaoghal ná go raibh greim ceart ar an rígheacht aige
go dtí go raibh Risteárd curtha chun baís aige. Feuch ar an
dtrímhadh Risteárd, thall i Sasana. Chun teacht ar rígheacht
Shasana agus chun na rígheachta choimeád dó féin do mhairbh sé
a ghaolta go léir díreach mar a mharbhóch' búistéir muca!
Feuch siar ortha go léir, ó'n lá a tháinig Uilliam agus a
shluagh Nórmánach isteach, go dtí gur bhain na daoine an
chómhacht as a lámhaibh ar fad nách mór, agus nár fágadh acu
ach ainim na cómhachta. Cad a bhí acu 'á dhéanamh i gcaitheamh
na h-aimsire go léir ach ag sádh a chéile agus ag tachtadh a
chéile ag baint na rígheachta d'á chéile!



Cad 'déarfadh duine acu súd dá n-airigheadh sé an chaint
úd a thárla an lá úd, idir Bhrian agus M'lsheachlainn?
“Ní'lim ollamh anois chun catha thabhairt duit, a Bhriain,” arsa
M'lsheachlainn. “Tabhair mí dhom chun mo nirt do
chruinniughadh agus ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun na
h-Árdrígheachta do chosaint ort.”



Cad 'déarfadh Bolingbroke dá n-abradh an tarna
Risteárd an chaint sin leis? “Ní'lim ollamh anois, a
Bholingbroke, chun catha thabhairt duit. Tá mo neart
sgaipithe uaim. Ní'lim ach tagaithe a leith ó Éirinn mar a
rabhas a d'iaraidh smacht a chur ar mhuintir na h-Éirean.
Tabhair mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh. Ansan
tabharfaidh mé cath dhuit chun mo rígheachta do chosaint ort.” —
Cad é an sgeartadh gáire a dhéanfadh Bolingbroke d'á
n-airigheadh sé caint de'n tsórd san ó Risteárd! Ba dhóich
liom ámhthach, go ndéanfadh Risteárd féin sgeartadh gáire
ba mhó 'ná é dá n-airigheadh sé an chaint eile úd ó
Bholingbroke: “Ní h-eadh, a Risteáird, ach tabharfaidh mé
bliain duit chun do nirt a chruinniughadh!”



Ach siní díreach an saghas cainte do thárla idir Bhrian agus
M'lsheachlainn i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean, agus níor
chuir an chaint iongnadh ar aoinne de'n bheirt, nár ar aoinne


L. 82


de ríghthibh ná d'uaislibh na h-Éirean a bhí ag éisteacht léis an
gcaint.



Níor thárla an chaint sin ná aon chaint d'á sórd, idir
Bholingbroke agus Risteárd. Murar thárla do thárla gur
thóg Bolingbroke chuige rígheacht Shasana, agus gur chuir sé
Risteárd chun báis le h-eagla go mb’ fhéidir go dtiocfadh le
Risteárd a neart do chruinniughadh agus an rígheacht a bhaint
dé airís.



Do thárla an chaint idir Bhrian agus M'lsheachlainn. Má
thárla do thárla gur tugadh an mí do M'lsheachlainn. Níor
fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh an mhí.
Ansan do tugadh an bhliain dó. Níor fhéad sé aon neart do
chruinniughadh i gcaitheamh na bliana ach chómh beag agus d'fhéad
sé é chruinniughadh i gcaitheamh an mhí.



Ansan do tugadh an Árdrígheacht do Bhrian — agus níor
chuir Brian M'lsheachlainn chun báis. Níor chuir, ach má seadh
do deineadh rígh cúige de Mh'lsheachlainn agus bhí sé chómh
maith chómh dílis de rígh cúige le h-aon rígh eile cúige d'á
raibh i n-Éirinn. Bhí an Árdrígheacht ag Brian agus níor
mhairbh sé aoinne chun í fhághail ná chun í choimeád.



Míle blian sar ar thárla an méid sin cainte agus an méid
sin gnótha idir Bhrian agus M'lsheachlainn do thárla caint
de'n tsaghas chéadna agus gnó de'n tsaghas chéadna idir dhá
rígh eile a bhí i n-Éirinn an uair sin. B'iad dhá rígh iad san
'ná Conchubhar mac Neasa agus Feargus mac Róig. Bhí
Feargus mac Róig 'n-a rígh ar Chúig' Uladh. Do chuir
Conchubhar mac Neasa Feargus as an rígheacht, agus dhein sé
rígh ar Chúig' Uladh dhé féin. Ansan feuch cad a thuig amach.
Ar chuir Conchubhar Feargus chun báis le h-eagla go n-eireóch'
sé 'n-a choinnibh agus go gcuirfeadh sé as an rígheacht airís
é? Níor chuir. A mhalairt sin ar fad iseadh do thuit amach.
D'fhan Conchubhar suidhte go daingean sa rígheacht agus bhí
caradas dlúth idir é agus Feargus, agus ní raibh aon


L. 83


chómhairleach aige ba ghiora dh'á chroídhe 'ná Feargus, ná ba
dhílse dhó 'ná Feargus, go dtí gur dhein sé féin an feall
mór ar chlainn Uisnigh.



Cad 'n-a thaobh gur fhéad an dá nídh sin tuitim amach ar
an aon chuma amháin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian
san eatartha? Ní'l ach aon fhreagra amháin le tabhairt ar an
gceist sin. Sidé an freagra. Bhí i n-Éirinn, i gcaitheamh an
mhíle blian san, cómhacht éigin a bhí níba threise 'ná na ríghthe.
Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar Fheargus luighe isteach i ngnó
na rígheachta fé smacht Chonchubhair, agus chuir sí fhiachaibh ar
Chonchubhar gan aon éagcóir a dhéanamh ar Fheargus. Chuir an
chómhacht san fhiachaibh ar an mbeirt ceart a chéile dh' admháil
agus beart a dhéanamh do réir chirt a chéile. Thug san
deimhne do Chonchubhar nár bhaoghal dó Feargus, agus thug san
deimhne d' Fheargus nár bhaoghal dó Conchubhar. Ó n-ár
n-aithne ar Chonchubhar is deimhin dúinn, mura mbéadh a fhios
a bheith aige nár bhaoghal dó Feargus, agus mura mbéadh nár
bh'fhéidir dó gabháil i gcoinnibh na cómhachta a thug an deimhne
sin dó, go gcuirfeadh sé Feargus chun báis tapaidh go leór.



Cad í an chómhacht í sin a chuir an smacht uathbhásach san ar
an dá rígh sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do chuir an smacht
céadna ar an dá rígh eile, ar Bhrian agus ar Mh'lsheachlainn,
míle blian 'n-a dhiaigh san? Ainimnighthear an chómhacht san
go minic i seanachus na h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar
ar an gcómhacht san i seanachus na h-Éirean. “Aigne na
ndaoine,” nó “an aigne phoibilidhe” a tugtar i Béarla
anois ar an gcómhacht san.



Nuair a bhíon ag an bpoibilídheacht eólus agus tuisgint
agus éirim aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmtha as
an eólus san agus as an dtuisgint sin agus as an éirim
aigne sin le taithíghe agus le h-imeacht aimsire, ní bhíon sé
ar chumas aon duine, dá mbéadh sé 'n-a rígh seacht n-uaire,
gabháil i gcoinnibh aigne agus toile na poibilidheachta san, go


L. 84


mór mór, ins na neithibh ar a mbíon aigne na poiblidheachta
socair. D'á mhéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus
an éirim aigne, sa phoibilidheacht, iseadh is treise agus iseadh
is uaisle an chómhacht, agus iseadh is iomláine a theidhean an
chómhacht i bhfeidhm.



Bhí an chómhacht san i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir
Chonchubhair mhic Neasa. Bhí sí i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir
Bhriain agus Mh'lsheachlainn. Do chothuigh na ríghthe féin an
chómhacht san i n-Éirinn mar bhí fhios acu gur bh' é a mbuac
í chothughadh agus í choimeád neartmhar. Bhí fhios acu, bhíodh
nár bh'fholáir dóibh bheith úmhal di i neithibh áirighthe, ná raibh nídh
ar bith ab fhearr 'ná í chun a n-ughdaráis féin do chur i bhfeidhm,
ar gach aon tsaghas cuma 'n-ar bh' é a leas a n-ughdarás do
dhul i bhfeidhm.



Taisbeánan an méid sin go léir go raibh i n-Éirinn fadó,
ó aimsir Chonchubhair mhic Neasa go dtí aimsir Bhriain,
uaisleacht phoibilidhe, agus úmhluigheacht phoibilidhe do dhlighthibh
agus do nósaibh maithe uaisle, nách ró fhuiriste a leithéid a
dh'fheisgint anois i n-aon treabhchas daoine d'á bhfuil suas.



Ná ropairí Gallda so a mheasfadh a chur 'n-a luighe ar
dhaoinibh anois ná raibh i n-Éirinn fadó ach daoine fiaine,
deinidís machtnamh ar an méid sin. Agus an chuid d'ár
ndaoine féin nár chuid ba lúgha ná a fhonn a bhéadh ortha
géilleadh d'éitheach na ropairí sin, deinidís machtnamh ar an
méid sin.


L. 85


Caibidiol XVI.



Fear na gCos.



An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag dul ó Cheann Cora soir
óthuaidh go Teamhair, bhí Meargach agus na gaibhní ab fhearr
a bhí aige i bhfochair an tslóigh. Bhí seacht cinn de cheártanaibh
aige agus iad ar rothanaibh agus na gaibhní ag obair ionta.
Ceárta acu ag gabháil le gach cath des na seacht cathanaibh.
Tháinig gaibhní ó'n mbaile le cuid des na cathanaibh, ach nuair
a tháinig na cathana go léir i bhfochair a chéile do cuireadh na
gaibhní go léir fé smacht Mheargaigh. Bhí siúinéirí, leis, ann
chun pé obair adhmaid a bhéadh riachtanach do dhéanamh. Agus
bhí mná uaisle ann, mná agus deirbhshéracha agus ingheana na
ríghthe agus na dtaoiseach a bhí ar na cathanaibh. Bhí ana
thuisgint ag na mnáibh uaisle sin ins gach nídh a bhain le
h-aireachas a thabhairt do dhaoine gunta, agus thugadar leó
ó'n mbaile na córacha a bhí riachtanach dóibh chun na h-oibre
sin. Thug gach bean uasal díobh léi, leis, raint ban eile mar
sheirbhíseacha agus bhí na mná go léir, idir sheirbhíseacha agus
mná uaisle, ana thuisgionach sa ghnó a bhí le déanamh acu.
Measaim, nuair a bhíodh cath ar siúbhal, gur bh'fhearr an
t-aireachas a thugadh na mná san an uair sin dos na fearaibh
gunta 'ná mar a tugtar anois dóibh nuair a bhíon cath ar
siúbhal. Is dóich le liaghaibh agus le dochtúiribh na h-aimsire
seo gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu
féin 'ná mar a bhí ag aoinne sa tsean aimsir. Tá dearmhad
mór ortha. Imtheóchaidh garsún anois agus foghlumóchaidh sé
raint bheag Laidne. Ansan imtheóchaidh sé isteach i gcoláiste
éigin. Tabharfaidh sé formhór na h-aimsire sa choláiste sin
ag imirt chártaí agus ag cuideachtanas agus ag ól.


L. 86


Déanfaidh sé iaracht ar cheisteanaibh áirighthe do thógaint agus
ar iad do fhreagairt. Ansan tiocfaidh sé chúghainn amach
agus é n-a dhochtúir! Ansan beidh ár n-anam i láimh an
dochtúra san! Bhí níos mó eóluis ag cuid de mhnáibh na
sean aimsire 'ná mar atá ag formhór na ndochtúirí seo
anois againn. Eolus as leabhraibh atá acu so. Eolus as
an obair a bhí acu súd. Do fuaradh an t-eólus as an obair.
Choimeád na mná é agus thugadar d'á n-ingheanaibh é, agus
bhí an obair agus an taithighe 'ghá chur i méid agus i
gcruinneas ó shliocht go sliocht. I n-éaghmuis an eóluis a
bheith ag na mnáibh bhí deimhne eile ag fearaibh gunta ins na
seana chogaíbh úd ar aireachas maith a dh'fhághail. Na mná a
bhíodh ag tabhairt an aireachais dóibh b' iad a ngaolta féin
iad, a mná pósta nó a ndeirbhshéracha.



Bhíodh na giollaí turais go líonmhar i gcómhnuíghe i n-armáil
Bhriain. Bhídís ag gluaiseacht ar an uile shaghas teacht-
aireachta ó Bhrian chun an mbuidhean eile de'n tsluagh nó
chun na n-uasal a bhíodh sa chómharsanacht. Bhídís roimis an
sluagh amach ag réidhteach na mbóithre nó ag déanamh an
eóluis, 'ghá dhéanamh amach ciacu bóthar ab fhearr nó ba réidhe
nó ba chómhngaraíghe. Mar sin ní bhídís choídhche daingean i
n-aon áit amháin de'n tsluagh. Bheireadh a ngnó sa tímpal
iad i dtreó go mbídís tamal ins gach aon bhuidhin.



Níor bh' fhada gur tugadh fé ndeara go mbíodh Caoilte i
mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla níba mhinicíghe go mór 'ná
mar a bhíodh sé i n-aon bhuidhin eile, pé cúis a bhí aige leis.
Bhíodh daoine 'ghá fhiafraíghe d'á chéile cad iad na teacht-
aireachtaí móra a bhíodh ag Brian le cur, chómh minic sin, ag
triall ar Thadhg Mhór ua Chealla seachas aon rígh eile d'á
raibh ar an sluagh. Ansan do tugtí mar fhreagra ar
fhiafraighe de'n tsórd san: “Nách 'mó gnó a bhéadh ag giolla
turais i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla i n-éaghmais aon
teachtaireacht a thabhairt ó'n rígh?”


L. 87


Ansan déarfadh duine eile: “Bíon daoine nách giollaí
turais ag teacht chun buidhne Thaidhg Mhóir uí Chealla.”



“Bíon go díreach,” a déarfadh duine eile, “agus ní ró
mhór an fháilte a bhíon ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa.”



“Cad é an chúis ná béadh fáilte ag uaislibh buidhne Thaidhg
rómpa, airiú?” adéarfadh áilteóir a bhéadh 'ghá leigint air
nár thuig sé an sgéal.



“Oidhe, nách neamh-thuisgionach an duine thu!” a déarfadh
duine eile. “Ná fuil fhios agat go maith conus mar atá
an sgéal ag uaislibh óga Conacht i dtaobh inghíne Thaidhg?
Go bhfuil gach aoinne acu ag cailleamhaint a mheabhrach a
d'iaraidh go bhfaghadh sé féin í le pósadh. Táid siad i
rachtaibh an anama bhaint as a chéile mar gheall uirthi, ach nuair
a thagan aon fhear iasachta isteach sa bhuidhin bíd siad go léir
i n-aonfheacht i rachtaibh an anama bhaint as san.”



“Agus ar ndó' tá fhios ag an saoghal,” adéarfadh duine
eile as a mhachtnamh, “nách í Niamh atá ag tarang Chaoilte
chun buidhne Thaidhg Mhóir.”



“Dar fiadh,” a déarfadh duine eile, “ach má thuigid uaisle
óga Conacht agus na h-uaisle óga eile gur mar gheall ar
Niamh atá Caoilte ag dul chómh minic chun na buidhne sin
beidh an sgéal go h-olc aige sar a gcuirfidh sé puínn eile
aimsire dhé.”



“Tá an sgéal go h-áiféiseach acu go léir,” a déarfadh
duine eile. “Ní'l blúire binne ag Niamh ar aoinne acu,
amuich ná i mbaile. Is measa léi a h-athair 'ná aon fhear
beó, uasal ná íseal.”



Sin mar a bhídís ag caint agus ag cur thré chéile. An
fhaid a bhí an mhór-shluagh ag gabháil óthuaidh ó Cheann Cora go
Teamhair ní ró mhór an suim a curtí sa chaint. Bhí tuairim
ag na fearaibh go mb’ fhéidir go raibh obair throm rómpa,
cathana fuilteacha b'fhéidir. Nuair a bhí an chuaird tabhartha
agus an tsíthcháin déanta agus an mhór-shluagh ag filleadh go


L. 88


Ceann Cora bhí aigne gach aoinne saor ó bhuaireamh agus bhí
gach aoinne níba thugtha do shult 'ná do ghruaim. Do thuig
na ríghthe agus na taoisigh, ó bhí san mar sin, gur cheart spórt
agus caitheamh aimsire chur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i
gcóir na h-oídhche i gcómhnuighe, go mbéadh rud éigin chun
daoine choimeád go suairc agus go sultmhar. Do cuireadh
a lán neithe ar siúbhal. An ghleacaidheacht úd a bhíodh
i gCeann Cora do cuireadh ar siúbhal raint di. Bhíodh rith
agus léimreach agus iomrasgáil ar siúbhal, agus caitheamh
cloch araige, agus a lán cleasaidheachta a thaisbeánfadh neart
agus fuinneamh. Bhíodh uasal agus íseal measgaithe ar a
chéile sa ghleacaidheacht. Uaireanta bhíodh buadh ag an uasal
agus uaireanta bhíodh buadh ag an íseal.



Bhí ógánach uasal ar theighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla agus
Conn ab ainim dó. Thug sé fé ndeara Caoilte ag teacht
chómh minic chun teighlaigh Thaidhg Mhóir. Níor thaithn san leis.
Ní leigfeadh sé air, ámhthach, gur bh' aon éad a bhí air. Is
amhlaidh a bheidhfí ag magadh faoi dá leigeadh. Níor fhág san
é gan a thaisbeáint nár thaithn an giolla turais leis. Thug
sé leasainim air, “Cosa Buídhe Árda.”



“Feuch,” adeireadh sé. “tá Cosa Buídhe Árda chúghainn.”
Thugadh sé “Caoilte Cosach,” leis, air, agus “Fear na
gCos.”



Mac ab eadh an Conn san do Mhaolruanaidh na Paidre,
rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus ógánach ana chródha ab eadh é.
Bhí sé go maith ar an uile shaghas gnímh, ach bhí sé thar bár i
ngníomh reatha nó i ngníomh iomrasgála.


L. 89


CAIBIDIOL XVII.



“BÍODH CIALL AGAT.”



Do cuireadh rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba
mhó a chuaidh ag ruith na rás. Cheap Conn go mbainfeadh sé
cuid de'n mhóráil d' “Fhear na gCos,” dar leis. Chuaidh sé
isteach ar an rásanaibh. Níor chuaidh Caoilte isteach ortha i
dtusach. D'fhág sé ag na giollaíbh eile iad. Níor dhein
Conn a dhícheal i dtusach. Do leig sé bár le duine des na
giollaíbh. Ar ball do deineadh tathant ar Chaoilte dul
isteach. Do chuaidh. Do rith Conn i dtreó gur choimeád sé
suas le Caoilte, le “Fear na gCos,” dar leis. Níor
bh'fhada gur fhág an bheirt na giollaí lastiar díobh ar fad.
Do ghéaruigh Conn. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte suas
leis. Do ghéaruigh sé tuille. Má ghéaruigh do choimeád
Caoilte suas leis. Do ghéaruigh sé go dtí ná raibh ann
géarughadh a thuille. Choimeád Caoilte suas leis. Ansan
d'fháisg Caoilte chun an reatha agus do ghluais sé amach ó
Chonn i dtreó gur dhóich leis na daoine nach raibh Conn ag
ruith i n-aon chor! Do stad Conn. D'éirigh an liú ó n-a
raibh ag feuchaint ortha i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh
na ndaoine go léir. Ní de Chaoilte a baineadh an mhóráil
ach de Chonn, agus do baineadh an mhóráil i gceart dé.



“Seadh!” adeireadh na h-uaisle eile leis agus iad ag
gáirí, “siné ‘Fear na gCos’ agat! Siniad na cosa buídhe
árda agat! Má táid siad fada tá fuinneamh ionta. Is
uathbhásach an ruith atá aige. Ní fheaca a leithéid de
chuisidheacht i gcosaibh duine riamh.”



Do críochnuigheadh an spórt. Bhí Conn agus na h-uaisle
eile a bhain le teighlach Thaidhg Móir uí Chealla ag caint agus
ag trácht ar an ngníomh uathbhásach reatha a dhein Caoilte. Cé


L. 90


chífí ag teacht fé n-a ndéin ach Caoilte féin. Do bheannuigh
sé dóibh. Bheannuighdar dó. Dheineadar raint cainte.
Níor labhair Conn sa chaint. Bhí sé gruama, dothíghsach go
maith. Fé dheire do labhair sé as a mhachtnamh féin, agus ní
ró chneasda an focal a dúbhairt sé.



“Má tá teachtaireacht agat ó Bhrian, a ghiolla,” ar
seisean, “b' fhearra dhuit imtheacht agus an teachtaireacht a
thabhairt. Ní maith an teachtaire teachtaire ríghin.”



“Ní'l aon teachtaireacht agam ó Bhrian, a rígh,” arsa
Caoilte.



“Ó, an eadh?” arsa Conn. “Níor mheasas go bhféadfadh
aon ghnó eile thu thabhairt anso ach teachtaireacht éigin a bheith
agat 'á thabhairt ó Bhrian ag triall ar Thadhg Mhór ua
Chealla.”



“Tá faobhar ar do ghuth, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní'l aon
ghádh leis an bhfaobhar. Má bhuadhas ort ba chóir go bhféadfá
é dh' fhulang mar a dhéanfadh fear. Ní dócha gur b'amhlaidh
a mheasfá dhom gan mo dhícheal a dhéanamh.”



“Ní tu buachtaint orm sa ruith atá ag déanamh aon bhuartha
dhom, a ghiolla,” arsa Conn. “Ní raibh aon cheart agam dul
sa ruith i n-aon chor. Ní ró mhaith a dheineas é agus mé féin
a chur i gcomparáid le giolla turais.”



B' fhuiriste aithint air go raibh árd fhearg air. Bhí an
chaint 'ghá thachtadh ba dhóich leat. Chaitheadh sé stad idir gach
aon dó nó trí fhocalaibh le tocht feirge.



“Tá feirg ort, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní fheicim cad
fhéadfadh an fhearg a chur ort ach mise do bhuachtaint ort sa
ruith. Ní bhuadhfainn ort mura mbéadh tu theacht am' choinnibh
sa ruith. B'fhéidir nár bh' fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís
'ná sinn féin a thriail i ngníomh éigin eile. B'fhéidir dá
dtrialaimís sinn féin i ngníomh éigin eile go bhfaghfá an
lámh uachtair orm agus ansan go n-imtheóch' an fhearg díot.”



Níor fhéad na h-uaisle eile gan sgeartadh gáire dhéanamh.


L. 91


Do labhair Caoilte chómh réidh sin agus an fhearg chómh
fíochmhar san ar an bhfear eile.



“Dá mba mhac rígh thu,” arsa Conn, “níor mhiste dhuit
labhairt ar an gcuma san. Agus dá mba mhac rígh thu níor
mhiste dhuit, b'fhéidir, bheith ag teacht anso ar an ngnó a
thugan ann tu. Ach giolla turais!”



Níor thug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D'iompuigh
dath bán ar an ghnúis. D'fheuch sé n-a thímpal ar na h-uaislibh
eile. Bhí Niamh agus a h-athair ag éisteacht leis an gcaint.
Ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a rádh ná cad ba mhaith dhó a
dhéanamh. Bhuail Niamh chúcha anall go breagh réidh. Bhíodar
go léir ag úmhlúghadh dhi láithreach.



“A Chuinn,” ar sise le Conn, “Tá gnó éigin ag Brian
díot-sa. Oirean dómh-sa leis dul chun cainte leis. Fan
liom ansan tamal beag agus beidh mé i n-aonfheacht leat ag
dul ag triall air. Tar-sa a leith anso go fóil, a ghiolla,”
ar sise le Caoilte. “Tá teachtaireacht agam le tabhairt
duit.”



Nuair a bhí sí féin agus Caoilte a' raon na gcluas do
labhair sí.



“A Chaoilte,” ar sise, “tabhair aire agus ná leig ort go
gcuirfidh an nídh ata agam le rádh leat aon iongnadh ort.
Táid na h-uaisle sin go léir ag faire orainn. Tá fhios
agam-sa cad a thugan anso thu. Agus tá fhios ag Conn cad
a thugan anso thu. An nídh céadna a thugan anso é féin,
agus tuille acu. Mheasas go dtiocfadh liom a chur 'n-a
luíghe ar a n-aigne, gan a bheith orm labhairt, gur gnó gan
éifeacht an gnó atá 'ghá dtabhairt anso. Táim-se ceapaithe,
a Chaoilte, ar mo shaoghal do chaitheamh ag tabhairt aire dom'
athair an fhaid is toil le Dia é féin agus mise dh' fhágaint ar
an saoghal. Má's ar m'athair is túisge a ghlaodhfaidh Dia,
fanfad singil ar an saoghal so go leanad é. — Imthigh anois,
a Chaoilte, agus bíodh mo bheannacht agat, agus má's maith


L. 92


leat pósadh cuimhnigh ar mhnaoi éigin eile. Imthigh leat
láithreach, i dtreó go measfar gur ad' chur ar theachtaireacht
atáim.”



D'imthigh Caoilte.



D'fhill Niamh ag triall ar na h-uaislibh a bhí ag feitheamh léi.



“Téanam, a Chuinn,” ar sise le Conn. Thugadar aghaidh
ar phubal Bhriain.



Mac drithár céile do Bhrian ab eadh Conn. Drifiúr do
Mhaolruanaidh na Paidre, do rígh Ua bhFiachrach Áidhne, ab
eadh an chéad bhean a bhí pósta ag Brian. B'í sin máthair
Mhurchadh, agus ba léi tuille de chlainn Bhriain, leis.



Nuair a thánadar chun cábáin Bhriain chonacadar Murchadh
agus beirt nó triúr d' uaislibh Dál gCais 'n-a seasamh
lasmuich de'n chábán.



“D'oirfeadh dúinn labhairt leis an rígh, a Mhurchadh,” arsa
Niamh.



“Anois díreach a thánamair uaidh, a rígan,” arsa Murchadh.
“Dé bheatha-sa, a Chuinn,” ar seisean. “Raghad isteach, a
rígan,” ar seisean le Niamh, “agus neósfad dó thu bheith
anso. Ní'l aoinne i n' fhochair istigh ach Maolshuathain, an
sagart.”



B'é Maolshuathain anamchara Bhriain. Anamchara a tugtí
an uair sin ar oide faoisdine.



Chuaidh Murchadh isteach. Níor bh'fhada gur fhill sé amach.



“Téanam, a rígan” ar seisean le Niamh.



Chuaidh Niamh isteach agus do fágadh Conn amuich.
D'úmhluigh sí do Bhrian mar ba cheart, agus d'úmhluigh sí do
Mhaolshuathain. Ansan do labhair sí.



“Thánag ag triall ort, a rígh,” ar sise le Brian, “chun go
n-iarfainn ort congnamh a thabhairt dom feuchaint a' bhféad-
fainn a chur fhiachaibh ar chuid d'ár n-uaislibh óga bheith síthchánta
le n-a chéile.”



“Ba chóir, a 'nghean ó,” arsa Brian, “nár bheag dóibh na


L. 93


Lochlanaigh a bheith le troid acu agus gan bheith ag troid
eatartha féin. Cad é an congnamh is dóich leat a dh'fhéad-
fainn a thabhairt duit, a Niamh?”



“Ní ró fhuiriste dhom ainim a chur ar an gcongnamh, a
rígh,” arsa Niamh, “ach táim 'ghá thabhairt fé ndeara go bhfuil
cuid acu go fíochmhar agus go feargach le n-a chéile, agus
measaim gur mise fé ndeár é.”



“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá ortha. Measan
gach fear acu gur aige féin is ceart tu bheith mar mhnaoi, agus
tá sé i rachtaibh an anama bhaint as aon fhear eile a dhéanfadh
oiread agus feuchaint ort.”



“Cúis gháire chúgainn, a rígh,” arsa Niamh, agus go gháir sí
féin, “is cruinn díreach a bhuailis do mhéar air!”



“Ba dhóich liom, a Niamh,” arsa Brian, “ná fuil aoinne
chun an sgéil sin do shocarughadh ach tusa féin, agus d'á
luighead baint a bheidh agam-sa ná ag aoinne eile leis an
sgéal gur b' eadh is fearr a dhéanfair é shocarughadh. Inis
dóibh lom díreach cé 'cu dhíobh a phósfair. Gabhaim-se orm
go gcuirfidh san deire leis an imreasán.”



“Do chuirfeadh gan amhras, a rígh, san deire leis an
imreasán,” ar sise, “ach ní féidir dom san a dh'innsint
dóibh, mar ní phósfad aoinne acu. Ta m'aigne socair, a
rígh,” ar sise, “ar gan pósadh choídhche.”



Do stad sí. Níor labhair aoinne ar feadh tamail. Ansan
do labhair Brian.



“Déanfad-sa aon nídh is maith leath, a ríghan,” ar
seisean.



“Tá duine acu anso amuich, a rígh,” ar sise, “agus dá
mb'áil leat glaodhach isteach air agus a rádh leis ciall a
bheith aige. Gaol duit féin iseadh é. Mac do rígh Ua
bhFiachrach Áidhne iseadh é. Do labhair sé go h-ana fheargach
ó chiainibh le duine eile.”


L. 94


Do glaodhadh isteach ar Chonn. Nuair a tháinig sé isteach
do labhair Brian leis.



“A Chuinn, a mhic ó,” ar seisean, “mheasas go raibh ciall
agat-sa”.



Ní féidir Conn an tsaoghal cad é an bun a bhí leis an
gcaint. Níor labhair sé.



“Do h-iaradh orm labhairt leat agus a rádh leat ciall a
bheith agat,” arsa Brian agus é ag gáirí.



Níor labhair Conn focal. Ní fheidir sé cad ba cheart dó
a rádh, agus cheap sé gur bh'fhearr éisteacht.



Do labhair an sagart.



“B'fhéidir nár bh'fhearr rud a déanfaí 'ná an ceann a bhaint
de'n sgéal duit, a Chuinn,” ar seisean.



“Leig dómh-sa imtheacht, a rígh,” arsa Niamh.



Chrom Brian a cheann chúichi, agus d' imthigh sí amach.



“Do labhrais go feargach ó chiainibh, a Chuinn,” arsa'n
sagart. “Is dócha go bhfuil fhios agat féin cad é an chúis
a bhí agat leis an bhfeirg. Ní'l agam-sa le rádh leat ach an
méid seo. Tá socair 'n-a h'aigne féin ag inghín Thaidhg
Mhóir uí Chealla gan pósadh choídhche.”



“Siné cúis, a Chuinn” arsa Brian, “gur h-iaradh orm-sa
labhairt leat-sa agus a rádh leat ciall a bheith agat.”



“Agus, a Chuinn,” arsa'n sagart, “féadfair-se a
dh'innsint d'á thuille, fé mar a thuigfir féin gur gádh é, ná
fuil aon bhreith ag aon fhear go deó ar inghín Thaidhg Mhóir a
dh'fhághail le pósadh.”



“Imthigh leat anois, a mhic ó,” arsa Brian, “agus bíodh
ciall agat.”



D'imthigh Conn gan labhairt. Bhí sé ag dul ó dhearg go
bán agus ó bhán go dearg an fhaid a bhí sé ag éisteacht leó,
agus ansan d'imthigh sé gan labhairt.



Dhein sé an rud a dúbhradh leis, ámhtach. D'inis sé an rud
a h-innseadh dó. As san amach níor deineadh a thuille éada


L. 95


mar gheall ar Niamh. Má 'seadh, níor luíghduigh san an
uraim a bhí acu go léir di. Ba dhóich leat gur mhéaduigh sé
an uraim. Má bhíodar úmhal di roimis sin ba dhóich leat gur
mhéaduigh ar an úmhluigheacht acu 'n-a dhiaigh san. Má bhíodar
ollamh roimis sin ar gach aon nídh a dhéanamh ar an gcuma
ba dhóich leó dob' fhearr a thaithnfeadh léi, bhíodar níba thugtha
'n-a dhiaidh san chuige, agus rud ab fhearr 'ná gach nídh eile,
ní raibh sgamal an éada ag dorchughadh gach maitheasa acu
agus ag séideadh miosgaise suas eatartha.



Ba ró mhaith an bhail ortha féin an sgéal a bheith mar sin
acu. Bhí a tuisgint chómh h-aibigh sin ag Niamh, agus a h-eólus
ortha chómh cruinn sin, nár thúisge a bhíodh gádh ag duine acu
le cómhairle leasa 'ná mar a thuigeadh sise an gádh. Ansan,
ní túisge a thuigeadh sí an gádh 'ná mar a thugadh sí an
chómhairle. Bhí sí chómh doimhinn chómh gasta san go dtugadh
sí an chómhairle ar shlígh nár bhaoghal aon ghortughadh dhéanamh.
Bhí sí ana chneasta leó, ana aicilíghe, ana shéimh. An
t-aimhleas n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar é dhéanamh
bhéadh sé curtha dhé aici sar a' mbéadh fhios aige go raibh sí
'ghá chur dé i n-aon chor, agus an gníomh fóghanta n-a mbéadh
duine acu lán cheapaithe ar gan é dhéanamh bhéadh sé meallta
aici chun an gnímh sin a dhéanamh sar a' mbéadh fhios i gceart
aige cad a bhéadh ar siúbhal aici.



Is 'mó tairbhthe a dhein sí, ar an gcuma san, do Bhrian.
Do thuig Brian féin a lán de'n tairbhthe sin, ach bhí mórán
de ná raibh aon phioc eóluis aige air. Bhíodh cosg curtha aici
le droch obair go minic sar a’ mbíodh uain ag an ndroch
obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh tagaithe, is minic
a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir siar aici, sar
a’ mbíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar a’ mbíodh
uain aige ar phuínn díobhála dhéanamh.



Bhí uraim thar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go
léir di. Ach bhí fuath nimhneach ag Gormfhlaith dhi.


L. 96


CAIBIDIOL XVIII.



RÁFLAÍ.



An fhaid a bhí mór-shluagh Bhriain ag teacht abhaile ó
Theamhair go Ceann Cora an uair sin ní raibh aon lá gan an
uile shaghas ráflaí ag gluaiseacht ameasg na bhfear ar na
neithibh iongantacha a bhí, dar le daoine, ar siúbhal lastuaidh
i Leath Chuinn. Bhí mór-shluagh uathbhásach ag M'lsheachlainn á
chruinniughadh, a deirthí. Clanna Néill go léir ag cruinn-
iughadh as gach áird agus a gcáirde leó. Lochlanaigh ag dul
amach ó Bhaile Átha Cliath ag cabhrughadh le M'lsheachlainn i
gcoinnibh Bhriain. Lochlanaigh ag dul óthuaidh ó'n Múmhain
chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Leath Mhogha.
Slóighte Lochlanach ag teacht anall tar faraige ag cabhrughadh
le Lochlanaigh na h-Éirean i gcoinnibh Bhriain, i gcoinnibh an
aon fhir amháin a bhí tar éis cómhacht Lochlanach do chur ar
neamhnídh i n-Éirinn. Dar le lucht na ráflaí dhein Brian
botún uathbhásach nuair a thug sé an bhliain do Mh'lsheachlainn
chun a nirt a chruinniughadh agus chun é féin do chur i dtreó
i gcóir an chatha mhóir a troidfí nuair a bhéadh an bhliain istigh.



Dubhairt daoine ná raibh aon bhrígh leis na ráflaibh sin.
Dúbhairt daoine eile go raibh agus gach aon bhrígh leó, agus
go neósfadh an aimsir go raibh brígh leó.



D'airigh Brian agus a lucht cómhairle na ráflaí go léir.
Níor chuir sé aon tsuim ionta. Ní dúbhairt sé 'seadh ná ní
h-eadh leó. Níor ghádh dhó é. Ní raibh aon pháirt de Leath
Chuinn ná raibh a theachtairí aige ann agus cúntas cruinn aige
d'á fhághail uatha ar gach aon rud a bhí ag tuitim amach
lastuaidh. Isé Caoilte a bhí 'n-a cheann ar na teachtairíbh sin.
Chuireadh sé duine acu ódheas i n-aghaidh an lae nách mór, le
blúire éigin eóluis, ag triall ar Bhrian.


L. 97


Bhí fhios ag Niamh agus agá dritháir Caoilte bheith ag déanamh
na h-oibre sin. Bhí nídh ar a n-aige féin a bhí ag déanamh
buartha dhóibh. B'é nídh é sin 'ná cad a bhí imthighthe ar
Amhlaoibh nó cé 'cu beó nó marbh a bhí sé. Bhí an nídh sin
ag déanamh buartha do Thadhg, mar ní áiteóch' an saoghal air
ná gur deineadh éagcóir throm éigin ar Amhlaoibh. Go
dtiocfadh sé thar n-ais gan teip mura mbéadh nár fágadh ar
a chumas teacht. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Niamh,
ach má seadh ní buairt de'n tsaghas chéadna a bhí aige 'á
dhéanamh di. Bhí an dá mhachtnamh úd 'n-a h-aigne aici mar
gheall air, agus gan ar a cumas an dá mhachtnamh a thabhairt
d'á chéile.



Dúbhairt Tadhg gur dhóich leis gur mhaith an rud teachtaire
chur óthuaidh ag triall ar Chaoilte 'ghá rádh leis bheith ar
thuairisg an t-é a bhí uatha. Go mb’ fhéidir go dtiocfaí suas
le tuairisg éigin air lastuaidh, go mór mór ameasg
Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do socaruigheadh air sin. Do
soláthruigheadh an teachtaire. Do sgríobhadh leitir fhada agus
do tugadh dó í le breith ag triall ar Chaoilte. Do cuireadh
síos sa leitir sin an uile bhlúire eóluis d'á raibh ag an
mbeirt ar Amhlaoibh. Do cuireadh síos a chómharthaí go léir
inti, a dhriuch agus a dheabhramh, a aos do réir tuairim, a
théagar agus a aoirde agus cath a ghruaige. Ní baoghal ná
gur mhol Tadhg a phearsa agus a thréithe. D'imthigh an
teachtaire agus do rug sé leis an leitir. Tar éis raint
aimsire tháinig sé suas le Caoilte agus thug sé dhó í. Do
léigh Caoilte an leitir. Má léigh ba chuimhin leis láithreach
an t-ógánach Lochlanach a bhí ar iaraidh. Bhí aithne mhaith aige
air, ach ní raibh, dar leis, aithne ag Amhlaoibh air-sean.
Chuir sé leitir thar n-ais ag triall ar Niamh agus ar Thadhg
'ghá innsint dóibh go raibh aithne aige ar Amhlaoibh, agus go
ndéanfadh sé a dhícheal ar a dh' fhághail amach cá raibh sé, nó
an raibh sé beó.


L. 98


Bíodh nár chuir Brian suim ins na ráflaíbh, mar ná ghádh
dhó é, do dhein sé an uile shaghas díchil ar a shlóightibh do
mhéadughadh agus do neartughadh agus do chur i dtreó i gcóir
na h-oibre a bhí roimis ar theacht na h-athbhliana. Chuir sé
tuille fear isteach ins gach buidhin d'á shluagh, agus dhein sé
buidheana eile i dteannta na mbuidhean a bhí aige. Chruinnigh
sé ualaí móra éadaigh agus ualaí móra arbhair ó gach aon
pháirt de'n Mhúmhain agus d'á raibh d'oileán na h-Éirean
fé n-a smacht. Tháinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora
ó gach áit 'n-a raibh iaran 'á thógaint as an dtalamh, agus
b'éigean do Mheargach oiread eile gaibhní chur ag obair agus
bhí ag obair cheana aige, i dtreó go raibh na h-airm d'á
ndéanamh níos tiúgha ar dúbailt 'ná mar a déintí roimis
sin iad. Nuair a chonaic lucht na ráflaí an t-éirleach oibre
ar fad ar siúbhal: “Ach!” adeiridís, “buadhfaidh Brian
ar Mh'lsheachlainn agus ar a bhfuil de Lochlanachaibh fé luighe
na gréine!”



Do fuaradh amach lastuaidh, i gcaitheamh na bliana, cad é
an t-éirleach ollmhúcháin a bhí ar siúbhal i gCeann Cora. Má
fuaradh isé rud a dhein gach rígh des na ríghthibh thuaidh 'ná
cúbadh chuige agus M'lsheachlainn a dh' fhágáilt gan chabhair
gan chongnamh. Thugadar cómhairle chómhngarach neamh-
chongantach dó. Dúbhradar leis, nuair ná raibh ar a chumas
an Árdrígheacht do chosaint ar Bhrian nár bh' fhearra dhó rud
a dhéanfadh sé 'ná an Árdrígheacht a thabhairt do Bhrian agus
luighe isteach fé Bhrian 'n-a rígh cúige. Dúbhradar leis nár
bh’ aon mhaith dhóibh féin dul i gcoinnibh Bhriain agus Dhál
gCais. Ná géillfeadh Dál gCais an fhaid a bhéadh duine acu
beó, agus ná fágfaidís namhaid beó 'n-a ndiaigh. Ná
géillfeadh ríogra Uladh ach chómh beag. Gur bh' amhlaidh a
dhéanfadh an dá shluagh a chéile do dhísgiughadh. Ansan nár
bh'fhios cé aige go mbéadh Éire, ná cé aige go mbéadh
Árdrígheacht na h-Éirean. Gur bh' fhearr an tsíthcháin agus
géilleadh do Bhrian.


L. 99


B'éigean do Mh'lsheachlainn bheith sásta. Tháinig deire na
bliana. Do ghluais Brian agus a mhór-shluagh ó thuaidh airís
go Teamhair. Tháinig M'lsheachlainn ag triall air agus thug
sé dhó an Árdrígheacht agus do luigh sé féin isteach 'n-a
rígh cúige fé Bhrian. Ar Chúige na Mídhe iseadh dh' fhág Brian
'n-a rígh é.



Bhí a lán daoine sásta go maith. Bhí a lán daoine agus
ba chuma leó. Agus bhí raint daoine agus bhíodar ana
mhí-shásta. Bhí Gormfhlaith ar an raint sin.



CAIBIDIOL XIX.



COGARNACH.



Is dócha gur mithid tuairisg éigin a thabhairt ar cad
d'imthigh ar Amhlaoibh. Tá innste cheana conus mar a bhí sé
féin agus Gormfhlaith ana mhór le n-a chéile go luath tar éis
iad do chur aithne ar a chéile i gCeann Cora. Ó'n gcéad lá
a chonaic Gormfhlaith é do chrom sí ar ana chúram a dhéanamh
dé i gcómhnuighe. Sa chaint dóibh do chuir Gormfhlaith isteach
i n-aigne an ógánaigh na smaointe céadna a bhí 'n-a h-aigne
féin i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh
Árdrígheachta na h-Éirean. Dhein sí an obair sin, i ndiaigh
ar ndiaigh, go h-ana réidh agus go h-ana ghasta. Chuir sí
isteach i n' aigne, a gan fhios dó nách mór, an fuath agus an
mhioscais chéadna a bhí 'n-a croídhe féin i gcoinnibh Bhriain
agus i gcoinnibh Mhurchadh. Dhein sí rud eile. Do mhúin sí
dhó, — níor dheacair di é, ámhthach, — conus an fuath do
choimeád istigh agus an gealgháire do thaisbeáint lasmuich.


L. 100


Lá d'á raibh sé féin agus Tadhg Óg ua Cealla i gCeann
Cora bhí sé féin agus Gormfhlaith i n-áit fé leith agus iad ag
caint, agus gan aon choinne ag Tadhg ná ag aoinne eile nách
ag trácht a bhíodar ar mhuintir Amhlaoibh a bhí thoir sa bhaile.
Ní h-ar aon nídh dh'á shórd san a bhíodar ag caint. Bhí
Gormfhlaith ag cur síos d' Amhlaoibh ar Bhrian agus ar
Mhurchadh, agus ar an gcuma 'n-a raibh an uile shaghas
éagcóra ag an mbeirt 'á dhéanamh uirthi féin. Ní raibh seóid
ná duais saidhbhir riamh aici nár tógadh uaithi chun é bronnadh
ar rígh éigin nó ar phriúnsa éigin, i dtreó go mbéadh sé
buidheach de Bhrian.



“Nár chóir, a rígan,” arsa Amhlaoibh, “go dtuigfeadh sé
i n' aigne nár bheag dó a chuid féin do bhronnadh agus gan
cuid duine eile do bhronnadh.”



“Is cuma leis, a mhic ó,” ar sise. “Aon rud uasal n-a
gcuirfidh sé a shúil agus a lámh air ní bheidh suaimhneas ná
sástacht aigne air go dtí go mbeidh an rud san tabhartha
uaidh aige do rígh éigin nó d'uasal éigin. Do chuir an Pápa
chúghainn anall anso ó'n Róimh seóid ana shaidhbhir, cailís óir
a bhí chómh trom san gur bh'ar éigin fhéadfá í dh'iompar ad'
láimh. Bhí muirighean mo dhá lámh féin inti. Dob' fhiú
saidhbhreas mór í mar gheall ar a raibh d'ór inti agus gan
trácht ar a thuille. Ach an órnáid oibre a bhí geártha uirthi,
ba mhó ab fhiú an órnáid ealadhanta san 'ná an t-ór féin:
Agus d'á éaghmais sin go léir bhí crios uirthi de chlochaibh
loghmhara agus cheannóch' gach cloch díobh leath na Múmhan
duit! Ní thabharfainn an chailís sin ar shaidhbhreas na
Múmhan. Ní thabharfainn go deimhin. Ba liom-sa an cailís
sin má ba le Brian í. Cad a dhein sé? Chómh luath agus
tháinig Colla agus na manaigh sin thíos go h-Inis Cathaigh do
rug sé leis síos an chailís uasal san thug sé do Cholla
í, gan oiread agus a fhiafraighe dhíom-sa ar mhaith liom é nó
ar bh'oth liom é! Cad 'deirir leis sin, a Amhlaoibh? Ná


L. 101


déanfadh cailís ba lúgha ab fhiú 'ná an chailís sin an gnó do
mhainistir Ínse Cathaigh?”



An fhaid a bhí an méid sin cainte ag Gormfhlaith 'á rádh
níor labhair Amhlaoibh. Nuair a bhí an chaint ráidhte aici níor
labhair sé puínn. An méid cainte do labhair sé ní h-ar an
gcailís a labhair sé í. Níor bh'fhada go ndeigh sé ag triall
ar an gcuid eile de'n teighlach mar a raibh Tadhg. Chríoch-
nuighdar an chuaird agus tháinig an bheirt abhaile go h-Inis
Cathaigh.



Tamal 'n-a dhiaigh san iseadh tháinig an fonn ar Amhlaoibh
chun an Chreidimh a ghlacadh. Níor bh'fhada a bhí an Creideamh
glacaithe aige nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis bheith 'n-a
shagart. Chuir Colla an mí teástála air, mar a dúbhradh.
D'imthigh an mí agus do h-ollamhuigheadh é agus do cuireadh
ins na mion-Órdaibh é. Do deineadh deacon dé agus do
cuireadh isteach sa n-érdam é. Istigh sa n-érdam san a bhí
an córtha láidir, agus istigh sa chórtha san a bhí an bosca
iarainn agus an cháilís uasal istigh sa bhosca.



An fear n-a raibh cúram an érdaim air roime Amhlaoibh
bhí sé, mar a dúbhradh, imthighthe anonn go dtí an Róimh.
D'fhan culaith éadaigh leis, culaith manaigh, 'n-a dhiaigh sa
n-érdam. Fuair Amhlaoibh an chulaith, idir aibíd agus cochal.
Chuir sé an chulaith i gcoimeád. Bhí ghnó aige dhi. Ansan do
leig sé air le Colla go raibh gnó ag an mBanrighin dé agus
gur mhaith leis cead fhághail chun dul go Ceann Cora.
Fuair sé an cead. D'imthigh sé suas. Níor bh'fhada gur iar
sé airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a bhí
taithighe déanta aige ar an gcead san d' iaraidh agus
d'fhághail dhein sé rud eile. Do thóg sé leis aibíd agus
cochal an mhanaigh a bhí roimis sa n-érdam chun a sheómra
codlata agus chuir sé uime iad. D'fhill sé a ghruaig fhada
dhubh fé'n gcochal agus dhún sé an aibíd tímpal a mhuiníl
agus d'fheuch sé sa sgáthán.


L. 102


“Déanfair an gnó!” ar seisean i n-aigne féin.



Cúpla lá 'n-a dhiaigh san tháinig sé ag triall ar Cholla
agus d'iar sé cead dul suas go Ceann Cora.



“Tá, a Athair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eirighe
lae ar maidin. Raghaidh mé suas ar an mbád san agus
ansan féadfad, b'fhéidir, bheith anuas níos tráthamhla.”



“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.



Ní h-ar eirighe lae a bhí an bád san ag dul suas go
Luimneach ach uair a' chloig roim lá. D'éirigh Amhlaoibh uair
go leith a' chloig roim lá agus chuir sé uime culaith an
mhanaigh agus d'fhill sé a ghruaig fé'n gcochal, agus siúd chun
an bháid é. Bhí an doircheacht ann agus níor chuir aoinne aon
speic air. Dhíol sé an t-éileamh agus chuaidh sé isteach.
Nuair a shrois sé Luimneach is ar cheártain Mheargaigh a thug
sé aghaidh. Chonaic sé Meargach.



“Dúbhairt Colla liom, a dhuin'uasail,” ar seisean, “a
fhiafraighe dhíot a’ bhféadfá macshamhail a dhéanamh dó'n eochair
úd a dheinís dó chun na cailíse chur fé ghlas.”



“Cad d'imthigh ar an eochair a dheineas dó?” arsa
Meargach.



“Níor inis sé dhom, a dhuin'uasail, cad d'imthigh uirthi ná
ar imthigh aon rud uirthi,” arsa Amhlaoibh, go símplídhe.



“Tá go maith,” arsa Meargach. “Is cuimhin liom an
eochair. Ní bheidh mé neómat 'á déanamh duit. Suigh ansan.
Ní fiú dhuit imtheacht. Tabharfaidh mé dhuit í láithreach.”



B'fhíor dhó. Cúpla buille chasúr agus cúpla sgríob
bara-ciomalta agus bhí an eochair déanta.



“Seo,” arsa Meargach. “Siní agat í. Seachain agus ná
caill í mar a cailleadh an ceann eile.”



“Gura maith agat, a dhuin'uasail,” arsa'n manach bréige.



Tháinig Amhlaoibh amach as an gceártain agus an eochair
aige. Bhí sgannra air an fhaid a bhí sé istigh le h-eagla go
ndéarfadh Meargach, “Raghad féin síos ag triall ar Cholla


L. 103


leis an eochair seo.” Ní dúbhairt. Thug sé an eochair do'n
mhanach, dar leis, agus bhí Amhlaoibh sásta.



Chómh luath agus bhí sé ar an dtaobh amuich de'n cheártain
d'imthigh sé i n-áit chaothamhail éigin agus bhain sé dhé an aibíd
agus an cochal agus bhí sé 'n-a riocht féin. Dhein sé
ceirthlín beag chruaidh de'n aibíd agus de'n chochal agus chuir
sé fé n' osgail an cheirtlín, agus d'imthigh sé suas go Ceann
Cora. Chonaic sé Gormfhlaith. D'inis sé dhi cad a bhí déanta
aige, agus thaisbeáin sé an eochair di.



“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a
tógadh uait an chailís sin bheartuigheas am’ aigne go
dtabharfainn chúghat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam.
Tá an eochair seo agam anois, agus féadfad an chailís a
thabhairt liom agus an bosca dh'fhágáilt am dhiaigh agus an
glas air, agus ní aithneóchaidh aoinne an cháilís a bheith
imthighthe ní fios cathin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar
amach nuair a bhíon aon ócáid áirighthe ann. Ní tógtar amach
a chailís dhaor choídhche. — Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal,
ámhthach. Dá ráineóch' Measgach agus Colla bheith ag caint
agus go bhfiafróch' Meargach de Cholla, 'Ar dhein an eochair
nua úd a dheineas duit an gnó?' nó rud éigin de'n tsórd
san, bhí an sgéal amuich orm. Ní mór dhom an chailís a
thabhairt chúghat, a rígan, chómh luath agus d' fhéadfad é, agus
ansan bheith ag faire chúgham.”



Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh
aici go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus
é dhéanamh chómh ciúin, chómh gasta. Do mhol sí é agus do
mhol sí airís é. Do rug sí air agus chrom sí ar é phógadh.
Do phóg sí go dlúth é, airís agus airís eile, agus “Mo ghrádh
mo leanbh!” ar sise leis, i n-aghaidh gach póige d'ár thug sí
dhó. Ansan do chrom sí ar ghol. Ansan d'áirimh sí airís
dó na h-éagcórtha troma cruadha a bhí d'á ndéanamh uirthi,
Brian 'ghá ndéanamh uirthi agus Murchadh ag séideadh féi.


L. 104


Ar ball do chuaidh sí chun suaimhnis, agus thriomuigh sí a
súile, agus tháinig a snua féin agus a gnaoi féin di.
D'fheuch Amhlaoibh uirthi agus thuig sé i n' aigne gur mhór an
tíránach Brian agus gur bh' é rud Murchadh 'ná annsgian
díoblaidhe, agus an t-é a chuirfeadh as an saoghal an bheirt
go mbéadh comaoine mhór curtha ar an saoghal aige.



“Suigh ansan go fóil, a laogh,” ar sise. “Beidh mé thar
n-ais chúghat láithreach.”



D'imthigh sí. Níor bh'fhada gur fhill sí, agus rud éigin aici
n-a láimh, fillte i n-éadach. D'osgail sí an t-éadach.
Ímhágh do'n Mhaighdin Mhuire iseadh 'bhí aici, ímhágh airgid. An
t-é a dhein an ímhágh san dhein sé go maith í. Bhí sí tímpal
sé h-órla ar aoirde agus bhí sí cúmtha ana chruinn do'n
réir sin, agus í fírinneach 'n-a déanamh do réir mar ba
cheart cló duine a bheith. Ach bhí nídh thairis sin inti. Tháinig
leis an gceárdaidhe, pé r' bh' é féin, sgáil gnaoi éigin do
chur sa n-aghaidh i dtreó gur dhóich leat nuair fheuchfá ar an
aghaidh gur bh' í aghaidh na Maighdine féin a bhéadh ann.
D'fheuch Amhlaoibh ar an ímhágh, agus má fheuch do mhothuigh sé
ag teacht 'n-a chroídhe, do'n ímhágh san, uraim nár mhothuigh sé
a leithéid riamh roimis sin 'n-a chroídhe.



“Is áluinn an ímhágh í sin, a rígan!” ar seisean.



“Seo, a mhic ó,” arsa Gormfhlaith, “beir leat síos go
dtí an mhainistir í sin, agus tabhair do Cholla í, agus abair
leis gur mise chuir chuige í, agus gur b' shiné gnó a bhí agam
díot-sa indiu, chun na h-ímhágha san a bhreith síos ag triall
air agus í bhronnadh air. Ímhágh dheas iseadh í. Ní
thabharfainn-se, ámhthach, an chailís úd ar mhíle, ní h-eadh, ach ar
deich míle, d'á sórd. Beidh áthas mór ar Cholla nuair a
gheobhaidh sé an ímhágh san. Cuirfidh an t-áthas san é ó aon
chuimhneamh i n-aon chor a bheith aige go bhféadfá-sa aon ghnó
eile bheith anso ainíos indiu agus ach chun í sin a bhreith síos
ag triall air. Déanfaidh an t-áthas rud eile. Nuair


L. 105


iarfair-se ar Cholla cead teacht ainíos airís amáireach
tabharfaidh sé dhuit an cead gan cheistiúchán.”



“Tuigim thu, a rígan,” arsa Amhlaoibh.



Bhí sé ag imtheacht agus an ímhágh aige, agus an cheirtlín fé
n' osgail aige. Do labhair Gormfhlaith airís agus na
deóracha le n-a súilibh.



“Tabhair aire mhaith duit féin, a laogh,” ar sise. “Beart
ana chontabharthach iseadh an bheart atá idir lámhaibh agat. Ní
tusa amháin atá sa chontabhairt feasta. Táim-se anois chómh
fada isteach sa chontabhairt agus ataoí-se. Tabhair aire
mhaith dhuit féin.”



“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d'imthigh sé.



Tháinig sé chun na mainistreach. Chuaidh sé chun an érdaim.
D'osgail sé an cheirthlín agus chuir sé an cochal agus an
aibíd sa n'áit 'na bhfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall
ar Cholla ansan é.



“Seo, a Athair,” ar seisean, “rud a chuir an Bhanrighin
anuas chúghat-sa. Siné gnó a bí aici dhíom indiu, chun go
dtabharfainn chúghat anuas é sin.”



D'fheuch Colla ar an ímhágh. Do stad sé ar feadh tamail
agus é ag feuchaint uirthi.



“Ó,” ar seisean, “is áluinn an ímhágh í sin! Is
beannuighthe an ímhágh í. Ní fhéadaim gan grádh do'n
Mhaighdin Mhuire do mhothughadh ag lasadh istigh am' chroídhe
nuair fheuchaim ar an ímhágh sin! Abradh an saoghal a rogha
rud,” ar seisean, “bean mhaith iseadh Gormfhlaith! Mura
mbéadh gur bhean mhaith í ní bhronnfadh sí an ímhágh so orainn
Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhéadh a leithéid i n-aon
chor aici.”



“Dúbhairt sí liom dul suas airís amáireach, a Athair,”
arsa Amhlaoibh, “go raibh gnó éigin eile aici dhíom.”



“Tá go maith, a mhic ó. Comáin leat,” arsa Colla.


L. 106


CAIBIDIOL XX.



BITHEAMHNTAS.



D'imthigh Amhlaoibh agus thug sé cuaird ar an érdam ag cur
gach aon rud i dtreó ann. Thug sé an tráthnóna ag níghe agus
ag glanadh agus ag sgiomar agus ag slachtughadh go dtí go
raibh gach aon rud ar áilleacht aige. Fuair sé eochair an
chórtha dhaingin ó Cholla chun na n-árthaí airgid agus óir a bhí
istigh ann do thógaint amach agus do ghlanadh. Nuair a
bhíodar glan aige chuir sé isteach airís iad. Bhí an oídhche ann
sar a raibh an obair go léir déanta aige.



Nuair a bhí an doircheacht aige tharaing sé amach an
mhacshamhail eochrach a bhí aige féin. D'osgail sé an bosca
'n-a raibh an chailís dhaor. Thóg sé amach an chailís. Chuir sé
i bhfolach sa n-érdam í. Chuir sé an glas ar an mbosca
airís, agus shocaruigh sé é díreach ar an ndul 'n-a raibh sé
cheana. Dhún sé an córtha daingean, agus do rug sé eochair
an chórtha ag triall ar Cholla agus thug sé dhó í. D'imthigh sé
a chodla. Shín sé ar an leabaidh, ach má shín níor thuit aon
neul codlata air. D'eirigh sé tímpal na h-aimsire céadna
'n-ar eirigh sé an mhaidion roimis sin. Thug sé agaidh ar an
mbád gcéadna. Bhí ceirthlín fé n' osgail aige. Thug sé an
díoluigheacht uaidh agus níor cuireadh aon speic air.
Tháinig sé go Ceann Cora. Bhí Gormfhlaith ag faire agus
í ag feitheamh leis. Chómh luath agus a dúbhradh léi go raibh
sé ann tháinig sí chuige. Do rug sí léi isteach é i seómra
uaigneach. D'osgail se an cheirthlín agus shín sé chúichi an
chailís. Ansan iseadh bhí an mhóráil uirthi! Ní fheidir sí
conus a thaisbeánfadh sí dhó méid an bhuidhchais a bhí aici air.



Níor bh' aon iongnadh í bheidh buidheach dé. Dob' áluinn an


L. 107


tseóid an chailís ain. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid
eile mar í le fághail sa domhan an uair sin.



Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus
ag déanamh iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir
sí i gcoimeád í.



“Agus,” ar sise, “beidh an tseamróg ag an t-é a
gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í!”



D'órduigh sí chúig dosaein fíona, d'fhíon altórach, do chur
i gciseán agus é thabhairt d' Amhlaoibh le breith síos go h-Inis
Cathaigh agus le cur isteach sa n-érdam, i gcóir na sagart.
Do cuireadh capal agus cárbad leis féin agus leis an
gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a shrois sé an
mhainistir do tógadh an ciseán agus do cuireadh isteach sa
n-érdam é, agus bhí Colla gus na sagairt go léir buidheach
de'n Bhanríghin. Agus ní baoghal ná gur tugadh d’ Amhlaoibh
a chion de'n bhuidhchas.



Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun
suaimhnis. Do ghluais obair na mainistreach agus obair an
ríghtheighlaigh i gCeann Cora, ag dul ar aghaidh go breagh réidh
gan chosg gan cheataighe, go dtí gur tháinig an Legáid anall
ó'n Róimh. Ansan do fuaradh amach, mar a h-innseadh thuas,
go raibh an chailís imthighthe.



An lá bhí an Legáid i Luimneach ag caint le Meargach bhí
fhios ag Amhlaoibh go raibh sé ann agus bhí fhios aige cad a
bhí uaidh. Bhí fhios aige go maith go neósfadh Meargach do'n
Legáid gur dhein sé an macshamhail do'n eochair. Níor fhan
sé le n-a thuille. D'euluigh sé amach as an mainistir agus
phreab sé suas go Ceann Cora. D'inis sé do Ghormfhlaith
cad a bhí ar siúbhal. Chonaic Colla i gCeann Cora é, ach
níor dhein Colla aon iongnadh dhé sin. Cheap sé go
mb’ fhéidir gur chiseán eile fíona a bhí ag dul síos.



Chuir Gormfhlaith Amhlaoibh i bhfolach go dtí go dtáinig an
oídhche. Ansan do ghuid sí amach é i lár na h-oídhche agus


L. 108


chuir sí chun siúbhail é i riocht giolla turais, agus chuir sí i
n-aonfheacht leis an giolla turais eile go raibh iontaoibh mhaith
aici as. Bhí dhá capal mhaithe ag an mbeirt, agus bhíodar
tamal maith de'n tslígh ar bhóthar Bhaile Átha Cliath sar a
dtáinig an lá ortha. Nuair a tháinig an lá do chonaic na
daoine iad ach níor dheineadar aon iongnadh de bheirt ghiollaí
turais. Shroiseadar Baile Átha Cliath. Bhí leitir ó Ghorm-
fhlaith ag Amhlaoibh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.
Thaisbeáin sé an leitir. D'inis an leitir do Shitric gach aon
rud. Níor bh'fhada go raibh Amhlaoibh ar bórd luinge agus
é ag dul soir abhaile go crích Lochlan.



Bhí sé thoir sa bhaile, slán foláin, saor ó bhaoghal, gan
beann ar Cholla ná ar an Legáid, ar Mhurchadh ná ar Bhrian,
agus Tadhg Óg ua Cealla ag briseadh a chroídhe ag gol 'n-a
dhiaigh agus ag cuardach na ndúthaí dhó.



Dá mbéadh fhios ag Tadhg cad a bhí déanta aige bhéadh sé
ag cuardach na ndúthaí dhó agus ní h-ar mhaithe leis é. Dá
mbéadh fhios ag Niamh cad a bhí déanta aige níor bh'fhada an
mhaill uirthi dhá thaobh an sgéil úd do thabhairt d'á chéile.
Fuaradar araon amach 'n-a dhiaigh san cad a bhí déanta aige.



Caibidiol XXI.



Droch Amhras.



Níor bh' fhada go raibh Amhlaoibh imthighthe as aigne agus
a’ cuimhne gach aoinne i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora,
lasmuich de Thadhg Óg ua Chealla. Bhíodh Colla agus an
Legáid ag cuimhneamh go minic ar an gcailís a guideadh, ach


L. 109


níor chuimhnighdar i n-aon chor ar Amhlaoibh 'n-a taobh. Agus
ar nóin, nídh nár bh’ iongnadh, níor bh’ fhéidir dóibh cuimhneamh
ar Ghormfhlaith. Chuimhnigheadh an Legáid uaireanta ar
Ghormfhlaith, ach do dhíbireadh sé an smaoineamh as a chroídhe.
Is aici a bhí an chailís sar ar thug Brian do Cholla í. Ach
conus fhéadfadh an rígan san, dar leis, a bhí chómh h-uasal,
chómh fial, leis an ministir agus leis na manaigh, ag
bronnadh fíona agus gach nídh eile d'á feabhas ortha, an rígan
a bhronn an ímhágh san na Maighdine Muire ar Cholla, conus
fhéadfadh sí aon lámh a bheith aici i nguid na cailíse? Gan
amhras, dar leis, ba mhó ab fhiú an chailís, naoi n-uaire, 'ná
a raibh tabhartha dhóibh aici, agus 'ná a bhféadfadh sí a
thabhairt dóibh i gcaitheamh a saoghail. Ach ní chuirfeadh san
fhiachaibh ar mhnaoi dh'á sórd an chailís do ghuid. Níor dhiabhal
gadaigheachta an diabhal coimhdeachta a bhí aici.



Chuimhnigh an Legáid ar an sagart a cuireadh anonn do dtí
an Róimh. Is air a bhí cúram an érdaim sar ar críochnuigheadh
'n-a sagart é. Ar bh’ fhéidir go mbéadh sé de mhí-fhortiún
air go spriocfadh an t-áirseóir é agus go ndéanfadh sé a
leithéid de ghníomh? Cé r' bh' é an manach a chuaidh suas go
Luimneach agus d'inis an bhréag do Mheargach agus do fuair
an eochair uaidh? Pé r' bh'é féin ní raibh sé ameasg na
manach a bhí sa mhainistir an lá a tháinig Meargach anuas chun
iad go léir a dh'fheisgint. B'é an sagart a bhí imthighthe chun
na Rómha an t-aoinne amháin ná feacaidh Meargach an lá san.



Ní fheacaidh Meargach Amhlaoibh an lá san, ach níor
chuimhnigh an Legáid i n-aon chor ar Amhlaoibh. Ní chuimneóch'
aoinne ar Amhlaoibh sa sgéal. Ní chuimhneóch' aoinne go
ndéanfadh Amhlaoibh a leithéid de ghníomh. Bhí sé ró osgailte,
ró ghealgháiriteach, ró mhacánta i n' fheuchaint.



Do réir gach deabhraimh ní raibh aoinne chun na cailíse ghuid
ach an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha. Bhí buairt agus
doilghíos ar an mbeirt, ar Cholla agus ar an Legáid dé mar


L. 110


a bhí an méid sin ag dul 'n-a luighe ar a n-aigne. Bhí sé ag
brúth isteach agus ag dul 'n-a luighe ar aigne gach duine acu
abhfad sar ar thráchtadar le n-a chéile air. Nuair a
thráchtadar air ní puínn cainte a dheineadar air.



Art ab ainim do'n tsagart, Art mac Duibh. Andeas ó
Mhúscraídhe ab eadh é. Daoine ana chreideamhnacha ab eadh
a mhuintir. Bhí an lán acu i n-armáil Bhriain. Bhí ana chion
ag Colla air.



“Má dhein sé an gníomh san,” arsa Colla, agus an bheirt
ag tagairt do'n ghnó, “ní cuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhéadh
orm a rádh gur truagh nár ghlaoidh Dia as an saoghal mé sar
ar deineadh an gníomh!”



“Ní fada gur mithid dó bheith ag teacht thar n-ais ó'n
Róimh,” arsa'n Legáid. “Má dhein sé an gníomh ní dócha
go dtiocfaidh sé thar n-ais anso.”



“Ó, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor dhuit é!
Níor chuimhnigheas riamh air sin: Má dhein sé an gníomh ní
thiocfaidh sé thar n-ais. Má thagan sé thar n-ais taisbeánfaidh
san go soiléir nár dhein sé riamh é!”



Níor dhóich leis an Legáid go dtaisbeánfadh a theacht thar
n-ais nár dhein sé an gníomh, ach ní dúbhairt sé aon rud. Do
leig sé do Cholla an méid sin sóláis a bheith aige.



Suim laethanta 'n-a dhiaigh san do tháinig Art. Thug sé a
lán teachtaireachtaí ó'n Róimh leis, teachtaireachtaí ag triall
ar Cholla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar
Bhrian. Thug sé leitir ó'n bPápa ag triall ar an Legáid.
Thug sé a lán rudaí beannuighthe leis ag triall ar an
mainistir, taise naomh agus ímhághana agus neithe de'n tsórd
san. Agus thug sé leabhar Aifrinn leis do'n mhainistir,
agus leabhair Soísgéal a bhí sgríobhtha i Laidin. Ach ní raibh
aon nídh d'ár thug sé leis ba mhó gur deineadh iongnadh dhé
'ná éide Aifrinn a bhí déanta d'éadach snáthóir agus gur
dhóich le duine gur bh’ ór ar fad í, bhí sí chómh greanta san.


L. 111


Ní raibh aon tseó ach ar dhein na manaigh go léir de
chúram de'n tsagart óg. Agus ní raibh aon teóra leis an
áthas a bhí ortha nuair a chonacadar sa bhaile acu féin airís
é. Bhíodh sé ag déanamh a dhíchil ar na ceisteana d'fhreagairt
a bhíodh ag teacht ó'n uile thaobh air agus iad go léir 'n-a
thímpal.



“Cad é an fhaid a bhís ar uisge?”



“A' raibh droch aimsir agaibh, a Airt?”



“Cad é an saghas daoine na Rómhánaigh, a Airt?”



“A' dtuigfidís aon fhocal Gaeluinne ó dhuine, a Airt?”



“A' bhfuil siad chómh buidhe agus a deirtear iad a bheith?”



“An daoine fóghanta iad?”



“A' bhfuil Creideamh acu, a Airt?”



“Is dócha gur Laidion ab éigean duit a labhairt leó i
gcómhnuighe, a Airt?”



“Is dócha, a Airt, gur fear breagh naomhtha an Pápa.”



“An cathair ana mhór cathair na Rómha, a Airt?”



Chomáineadar leó ar an gcuma san. Bhí Colla agus an
Legáid ag feuchaint ortha agus ag feuchaint ar Art. As
ball do dhruid an bheirt i leith taoibh.



“Chíon tú féin anois, a Thighearna Easboig,” arsa Colla,
“nár dhéin an fear san riamh a leithéid de ghníomh.”



“Chím,” arsa'n Legáid. “Níor dhein. Ní fhéadfadh sé é.
Tá san soiléir go leór. Ach chuaidh manach éigin, nó duine
éigin i riocht manaigh, suas go Luimneach ag triall ar an
ngabha agus fuair sé macshamhail na h-eochrach uaidh. Chonaic
Meargach iad go léir an lá thugas anuas anso é, agus ní
fheacaidh sé ortha an manach a fuair an eochair uaidh. Is
éagsamhlach an sgéal é. Ní fheadar a tsaoghal cad is ceart
dom a dhéanamh 'n-a thaobh mar sgéal. Tá aon chontabhairt
amháin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é thabhairt
as an gcontabhairt sin.”



“Cad í an chontabhairt atá os a chionn, a Thighearna


L. 112


Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal
ná féadfadh aoinne an ghadaigheacht san a chur 'n-a leith.”



“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í chur 'n-a leith,” arsa'n
Legáid. “Ní gádh dúinn ach feuchaint air. Ach feuch conus
mar a sheasuighean an sgéal. Bhí an chailís sa n-érdam agus
cúram an érdaim ar Art. Ní fheacaidh aoinne an chailís
ó'n lá a dh'imthigh Art go dtí an lá a thánag-sa anso.
Chuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oídhche sin. Bhí an
bosca folamh. Raghaidh an sgéal san amach luath nó mall.
Pé áit 'n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh bosca
folamh an oídhche sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san.
Raghaidh an sgéal ó bhéal go béal. Cad 'déarfar? Cad a
bheidh le rádh ach, ‘Ní raibh aoinne chun na cailíse thógaint ach
fear an érdaim.’”



“Tá an sgéal go h-olc, a Thighearna Easboig. Cad is
dóich leat is ceart a dhéanamh?”



“Ní foláir a dhéanamh amach, ar dtúis, nách é Art a fuair
an mhacshamhail do'n eochair ó Mheargach. Dá mbéadh an méid
sin socair bhéadh Art ó bhaoghal. Dá bhféadfá-sa, gan aon
nídh do leigint ort, a chur fhiachaibh ar Art culaith manaigh do
chur uime agus dul ag déanamh gnótha ar érdaim, d'fhéadfaí
Meargach a thabhairt anuas, fé mar a thugas-sa anuas cheana
é, agus leigint dó radharc fhághail ar Art. Ansan do
neósfadh sé dhúinn ar bh’ é sin an manach a fuair an eochair
nó nár bh'é.”



“Ach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ní gádh dul
chun na trioblóide sin i n-aon chor. Tá aithne mhaith ag
Meargach ar Art le fada riamh. Dá mbé é Art a gheóbhadh
an eochair d' aithneóch' Meargach é le linn na h-eochrach a
thabhairt dó.”



“Ó, má's mar sin é,” arsa'n Legáid, “ní gádh dhúinn a
thuille de dhuagh an sgéil a dh'fhághail. Má deirtear aon
fhocal choídhche i gcoinnibh an tsagairt óig seo mar gheall ar


L. 113


an gcailís glanfaidh Meargach é. Neósfaidh Meargach nách
dó a thug sé an eochair, agus beidh 'fhios ag gach aoinne gur
bh'é an fear a fuair an eochair a ghuid an chailís. Ní gádh a
thuille de dhuagh an sgéil a dh'fhághail.”



“Ní gádh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “dhúinn a
thuille de dhuagh an sgéil a dh'fhághail, chómh fada agus a
théidhean aon amhras a bheith ar Art, ach ba mhaith liom, dá
bhféadainn é, teacht suas leis an bhfear a fuair an eochair.
Manach ab eadh é do réir mar adeir Meargach. Bhí eólus
na mainistreach go maith aige, agus eólus an érdaim. Bhí
fhios aige an eochair a bheith agam-sa agus gan aon bhreith a
bheith ag aoinne ar í fhághail as mo láimh. Bhí fhios aige gur
bh'é Meargach a dhein í. Cé h-é an fear a dh'fhéadfadh an
t-eólus san go léir a bheith aige agus nách duine des na
manachaibh é, agus a chuaidh suas ag triall ar Meargach i
riocht manaigh?”



“Ní fhéadfadh sé dul suas go Luimneach i riocht manaigh,”
arsa'n Legáid, “gan culaith manaigh a bheith aige le cur
uime.”



“Ní féadfadh go díreach,” arsa Colla, “agus cá raibh sí
le fághail aige?”



“An dóich leat,” arsa'n Legáid, “a' bhféadfá a
dhéanamh amach ó-s na manaigh ar thug aoinne acu
culaith manaigh ar iasacht d' aoinne le déanaighe? Má
cheistighean tú iad air sin seachain agus ná leig uait aon
nídh i dtaobh na cailíse. Dá mbéadh 'fhios ag an mbitheamhnach
go bhfuiltear ar a thóir ní bhéadh aon bhreith againn ar theacht
suas leis.”



“Ní'l agam ach an gnó dhéanamh chómh h-aicilíghe agus
d'fhéadfad é,” arsa Colla.



Ansan do tugadh aghaidh ar ghnóthaíbh eile agus do fágadh
an sgéal san ar an gcuma san.



Do chríochnuigh an Legáid an gnó a bhí aige le déanamh i


L. 114


n-Éirinn. Ansan chuaidh sé go Ceann Cora agus d'fhág sé
slán ag an Árdrígh. D'fhág sé slán ag teighlach an
Árdrígh. D'inis sé do Bhrian cad é an sgéal áthais a bhéadh
aige do'n Phápa nuair a neósfadh sé dhó na neithe móra a
bhí déanta ag Brian do'n Chreideamh i n-Éirinn, agus na
neithe ba mhó 'ná san a bhí i ndán dó a dhéanamh anois nuair a
bhí a chómhacht agus a ghradam agus a dhlighthe i bhfeidhm ar
Éirinn go léir. Dúbhairt Brian leis go neósfadh sé an
fhírinne do'n Phápa nuair a neósfadh sé na neithe sin dó.
Ansan do bhronn Brian seóide uaisle air, agus do
sgaradar.



D'fhág an Legáid slán ag Murchadh, agus d'fhág sé slán
ag Gormfhlaith.



Isé focal déanach adúbhairt sé le Colla agus é ag
imtheacht amach ar an loing, ó Inis Cathaigh: “An cuimhin
leat, a Cholla,” ar seisean, “an focal úd adúbhart leat i
dtaobh Bhriain agus an nímhe?”



“Is cuimhin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Do
labhras leis an Ríghdhamhna. Tá gach nídh socair díreach mar
a chómhairlíghis.”



“Labhair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go
ndúbhart leat labhairt airís leis.”



“Déanfad, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.



Chuaidh an Legáid ar bórd na loinge agus do ghluais an
long amach ó Inis Cathaigh, siar béal na Sionainne, thar Léim
Chúchulainn, amach an fharaige mhór.



Do dhein na manaigh i n-Inis Cathaigh a ngnó do réir na
riaghal. Bhí an sgoluigheacht ins na sgoileanaibh agus na
h-úrnuighthe ins na h-eaglaisibh, an trosgadh agus an
treighneas agus gach gnó diadha eile ar siúbhal mar ba cheart,
fé chomairce Sheanáin naomhtha. Bhí Colla go díchealach agus
go dúrthachtach ag feuchaint i ndiaigh gach aon nídh agus i
ndiaigh gach aon duine. Bhí eochair an bosca iarainn 'n-a


L. 115


sheilbh féin aige go h-aireach, agus ní fheidir aoinne sa tigh
ná go raibh an chailís daor úd istigh go daingean sa bhosca
iarainn fé'n nglas. Ní raibh, ámhthach.


L. 116


Leabhar a dó.



Caibidiol I.



Cíos an Árdrígh.



Chómh luath agus bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht thusnuigh
a chíos ar theacht chuige isteach ó gach aon pháirt d'Éirinn.
Deirtear gur tugadh Brian Bóramha air mar gheall ar an
gcíos a dh'éilimh sé. Ní dóich liom go bhfuil fírinne sa
n-abairt sin. Ní h-é Brian a cheap an cíos. Bhí cíos an
Árdrígh ceapaithe na céadta blian sar a dtáinig Brian chun
na h-Árdrígheachta. Nuair a tháinig Brian chun na
h-Árdrígheachta do chuir gach rígh cúige ag triall air an cíos
a bhí ceangailte air, do réir dlíghe na h-Éirean, do chur ag
triall ar Árdrígh Éirean. Deir cuid de'n tseanachus gur
b'é cúis 'n-ar tugadh Brian Bóramha air 'n á so. Bóraimhe
ab ainim do'n bhaile 'n-a raibh ríghtheighlach Bhriain, ag ceann
na cora. Do tugadh, as san, “Ceann Cora” ar an
ríghtheighlach agus do tugadh Brian Bóraimhe ar Bhrian féin
toisg é bheith 'n-a chómhnuighe ar an mBóraimhe. Measaim
gur mó an chiall atá leis an gcaint sin 'ná leis an gcaint
eile.



Lá Samhna an lá a bhí ceapaithe i gcómhnuighe riamh chun
cíosa an Árdrígh do chur isteach, agus 'seo mar a bhí an cíos
socair:



Ó Chonachtaibh ocht gcéad bó agus ocht gcéad muc.


L. 117


Ó mhuintir Chorcomaruadh deich gcéad damh agus deich
gcéad caoira agus deich gcéad brat.



Ó Chorcabaoisgne deich gcéad damh agus deich gcéad molt
agus deich gcéad muc agus deich gcéad brat.



Ó mhuintir Chiarruidhe deich gcéad damh agus deich gcéad
bó agus deich gcéad muc.



Ó mhuintir Mhúsgráidhe trí chéad bó reamhar agus trí chéad
loilígheach agus trí chéad muc agus céad brat.



Ó Thír Chonail chúig céad bó agus chúig céad brat.



Ó Thír Eoghain trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.



Ó Chlann Rudhríghe trí caoghaid bó agus trí caoghaid muc.



Ó Oirghiallaibh céad agus trí fichid bó.



Ó Chúige Laighean trí chéad bó reamhar agus trí chéad muc
agus trí chéad ualach iarainn.



Mar sin dóibh mór-thímpal na h-Éirean go léir. Ní'l
curtha síos anso agam ach fíor bheagán des na cíosanaibh,
oiread díreach agus thaisbeánfaidh an tslígh ar a ndíoltí an
cíos, agus an fághaltas cíosa a bhíodh ag tuitim ar na
cineachaibh agus ar na dúthaibh fé leith.



Bhí a gcion de'n chíos ar na Lochlanaigh, leis, an chuid acu
a bhí socair i mbailtibh móra na h-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh
Bhaile Átha Cliath trí caoghaid píopa fíona do thabhairt mar
chíos d' Árdrígh Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Luimníghe trí chéad
agus trí fichid píopa d'fhíon dearg a thabhairt mar chíos dó.



B'fhéidir go bhfiafróch' duine conus fhéadfadh Lochlanaigh
Luimníghe cíos a dhíol le h-Árdrígh Éirean má bhíodar go
léir díbeartha a' Luimneach?



Bhí an chuid acu nár ghéill do Bhrian díbeartha, ach an chuid
acu do ghéill dó agus do gheall bheith dílis dó, do fágadh
ann iad. Fear eagnaidhe, tuisgionach, ab eadh Brian.
Daoine go raibh eólus mór acu ar gach gnó ceannaigheachta
ab eadh na Lochlanaigh a bhí ins na catharachaibh cuan i n-Éirinn
an uair sin. Do thuig Brian gur bh' ana thairbhtheach an rud


L. 118


do mhuintir na h-Éirean ceannaighthe de'n tsórd san a bheith
ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. Go dtabharfaidís
isteach ó dhúthaibh iasachta earaí nár bh' fhéidir a dhéanamh i
n-Éirinn agus go gceannóchaidís ó mhuintir na h-Éirean, le
díol ins na dúthaibh iasachta, ná h-earaí a déanfaí i n-Éirinn
agus nár bh’ fhéidir a dhíol i n-Éirinn. Mar gheall air sin
iseadh fhág sé na Lochlanaigh ins na catharachaibh a bhí ar na
cuantaibh. D'fhág sé iad i mBaile Átha Cliath, i bPortláirge,
i gCorcaigh, agus i Luimneach, agus i mbailtibh beaga eile n-a
bhféadfadh loingeas teacht isteach chúcha. Chuir sé fé chíos iad,
ámhthach, agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an chíosa acu. Ní
raibh an cíos ró throm agus an fhaid a dhíoladar an cíos
bhíodar fé chosnamh Bhriain.



Thagadh an cíos isteach ó Éirinn go léir, gach aon lá
Samhna, go teighlach Bhriain i gCeann Cora. Dob' uathbhásach
an saidhbhreas é. Ach do chaithtí é go léir. Bhíodh suas le
trí mhíle bó ann de bhuaibh ramhara, agus trí chéad déag muc,
agus do h-ithtí an fheóil sin go léir, bhí an teighlach chómh mór
san, agus bhíodh oiread san daoine, uasal agus íseal, ag
teacht agus ag imtheacht ann coitchianta. Bhíodh trí chéad agus
chúig cinn fhichid ann de phíopaí fíona, d'fhíon dearg, agus
trí caoghaid píopa des na fíontaibh eile, agus d'óltí an
fíon go léir, mar bhí féile agus fairsinge i ríghtheighlach
Bhriain, agus saidhbhreas agus uaisleacht, thar gach teighlach
Árdrígh d'á raibh i n-Éirinn ó aimsir Chormaic mhic Airt.
Deirtí an uair sin go raibh Brian ar dhuine des na trí
Árdríghtibh ba ghlórmhaire d'á raibh i n-Éirinn riamh. Conaire
Mór mac Eidirsgeóil an chéad Árdrígh dhíobh san, Cormac
mac Airt an tarna h-Árdrígh dhíobh, agus Brian Bóraimhe
an trímhadh h-Árdrígh dhíobh. Choimeád Brian an mhórdhacht
san agus an gradam san agus an chómhacht ríoga san 'n-a
lán neart agus 'n-a lán tsoillse an fhaid a mhair a réim i
n-Árdrígheacht na h-Éirean.


L. 119


Bhí sé ríoga 'n-a phearsan. Fear fionn, árd, deaghchúmtha
dob' eadh é; fear géagach, fuinneamhail, cuthaigh. Bhí a
cheannacha solusmhar. Bhí éadan leathan, árd, bán air. Bhí
srón fhada dhíreach air agus í beagáinín ró théagartha, ba
dhóich leat, do'n chuid eile d'á cheannachaibh. Ní raibh puínn
féasóige air agus féasóg dhonn ab eadh an méid a bhí air
sar ar liath sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le
gach ball eile d'á cheannachaibh é nuair fheuchfá ar gach ball
fé leith dhíobh, .i. go raibh an ball san beagáinín ró mhór; ach
nuair fheuchfá ar a aghaidh i n-aonfheacht chífeá go raibh na
ceannacha go léir do réir a chéile cruinn. Isé rud is mó
a thabharfá fé ndeara, ámthach, 'ná go raibh, dar leat, an
iomad báine 'n-a chúntanós. Ansan, nuair fheuchfá ar a
phearsan ba dhóich leat, ar an gcéad amharc, go raibh na géaga
pas beag ró mhór, ró théagartha, do'n chabhail, ach nuair a
thómhaisfeá an cliabh chífeá go raibh an cliabh san níba
théagartha go mór 'ná cliabh aon fhir eile des na fearaibh a
bhí ar a theighlach. Ansan ar ball, ní ró mhór an iongnadh a
bhéadh ort nuair a chífeá a chlaidheamh aige 'á chasadh i dtreó
gur dhóich leat ná béadh meaghchaint slaite ann, agus nuair a
bhéarfá ad' láimh féin ar an gclaidheamh gcéadna go
gcaithfeá do dhá láimh a chur ar an ndornchur chun é chasadh i
n-aon chor. Thuigfeá ad' aigne ansan gur bh' é téagar agus
neart na ngéag fé ndeara do'n chabhail feuchaint chómh caol.



Bhí an croídhe agus an aigne agus an mheabhair chinn, agus
an tuisgint, agus an fhoidhne, agus an fhaidearaídhe, agus an
géire inntleachta, chómh maith ar gach aon tsaghas cuma le
neart an chuirp agus na ngéag.



Nuair a bhíodh an fear san ag riar na slógh agus 'ghá gcur
i n-íodhnaibh catha agus nuair a labhradh sé leis na fearaibh,
do h-airightí an uile fhocal uaidh go h-árd agus go glan, ó
cheann ceann de pháirc an chamtha; agus i spéirlinn catha,
dá labhradh sé árd, ag stiúrughadh na bhfear nó 'ghá ngríosadh


L. 120


chun an chómhraic, do mhothuigheadh na fir a bhíodh i n' aice
píoparnach 'n-a gcluasaibh, bhí a leithéid sin d'uchtach aige
agus a leithéid sin de neart 'n-a chliabh agus 'n-a cheann agus
'n-a ghuth. Nuair a labhradh an guth san i lár an chatha do
chritheadh an namhaid, agus is minic a bhaineadh fuaim an ghutha
san a misneach díobh agus go n-iompuighdís agus go
dteithidís. Níor bh’ aon iongnadh an fear san do ghabháil
tré shlóightibh namhad mar a ghaibh, agus é theacht chun
Árdrígheacht na h-Éirean mar a tháinig.



Bhí ana dheabhramh agá mhac, Murchadh, leis. Bhí an téagar
céadna ag Murchadh ins na géagaibh, agus an feuchaint chaol
sa chabhail aige mar gheall ar théagar na ngéag. Bhí sé i
n-aigne Dhúlainn Óig agus i n-aigne na bhfear eile n-a raibh
aithne acu ar an mbeirt, gur throime agus gur threise agus
gur bh'fhearr d'fhear Murchadh 'ná athair an lá b'fhearr a
bhí an t-athair.



Bhí an bheirt tréan go maith. Bhí fir thréana ar Dhál gCais,
agus d' admhuighdar go léir ná raibh aon bhreith riamh ag aon
fhear eile acu ar aoinne de'n bheirt sin.



CAIBIDIOL II.



MEARBHALL AIGNE.



Nuair a bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht do thusnuigh
breis des na h-uaislibh ar bheith ag teacht go Ceann Cora as
gach áird i gcian agus i gcómhngar. Níor bhfada go
mb' éigean tuille slíghe dhéanamh sa ríghtheighlach. B'éigean
an ríghtheighlach do chur i méid. B'éigean tighthe nua do chur
suas, i n-aice an tíghe mhóir, i dtreó, nuair a thiocfadh rígh


L. 121


cúige nó priúnsa nó fear léighinn, go bhféadfaí é cur chun
cómhnuighthe ar a shuaimhneas, pé fada gairid ba mhaith leis
fanmhaint.



Chuir an obair sin tuille gnótha ar Meargach agus ar na
ceárdaidhthibh a bhí ag obair aige. D'á éaghmuis sin, chómh luath
agus bhí Brian i n' Árdrígh ar Éirinn bhí na ríghthe eile, ríghthe
na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gach aon tsaghas
airm. Ní raibh aon mheas ar chlaidheamh ná ar shleagh ná ar
thuaigh mura bhféadfaí a rádh gur i gCeann Cora, i gceártain
Mheargaigh, a deineadh iad. Do chuir san, leis, tuille gnótha
ar Mheargach. B'éigean dó tuille gaibhní agus tuille de
gach aon tsaghas ceárdaithe do chur ag obair. Bhí cúram mór
air, ach bhí nídh ar a aigne ba mheasa dhó chuige 'ná an cúram,
d'á mhéid é. Bhí fhios aige go raibh an chailís dhaor úd guidithe
as an mainistir agus gur bh 'é féin fé ndeár é. Bhí fhios
aige gur dhein sé beart shímplídhe nuair a thug sé an
mhacshamhail úd na h-eochrach isteach i láimh aoinne le breith
síos ag triall ar Cholla. Bhí fhios aige go raibh sé ceart
aige féin dul síos agus í thabhairt isteach i láimh Cholla féin.
Dá ndeineadh sé mar sin thiocfadh an fhírinne amach láithreach,
agus ní guidfí an chailís.



Bhí sé ag machtnamh ar an méid sin ó'n lá a bhí an Legáid
ag caint leis agus d'á mhéid machtnamh a dhein sé ar an sgéal
iseadh is mó a bhí an sgéal ag breith ghreama ar a chroídhe.
Bhí an sgéal 'á chur amú ar a ghnó agus ag baint codla na
h-oídhche dhé. Níor bh’ fhéidir dó labhairt le h-aoinne 'n-a
thaobh, ná cómhairle dh'iaraidh ar aon duine de'n mhuintir a bhí
'n-a tímpal, ná ar aon duine de theighlach Bhriain, le h-eagla
gur tuille díobhála a dhéanfadh sé. Fé dheire shocaruigh sé
ar dhul síos agus ar labhairt le Colla féin. Chuaidh sé síos
agus do labhair sé le Colla.



“Feuch, a Athair,” ar seisean, “tá mo chroídhe briste ó
bheith ag machtnamh ar an gcuma úd 'n-ar deineadh amadán


L. 122


díom i dtaobh na h-eochrach agus i dtaobh na cailíse. Ní
fhéadfainn fanmhaint a thuille gan teacht chun cainte le t'
onóir. Ní foláir rud éigin a dhéanamh chun teacht suas leis
an mbitheamhnach, pé h-é féin. Brisfidh mo shláinte nó
imtheóchad as mo mheabhair mura ndeintear rud éigin.”



“Tá m'aigne féin chómh suaithte le t aigne-se mar gheall
air, a dhuin'uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag
machtnamh go ceann bliana air ní dóich liom go bhféadfainn
cuimhneamh ar cad is ceart a dhéanamh. Dá dtagadh an
t-Árdrígh chúgham anso agus go ndéarfadh sé gur mhaith leis
an chailís a dh'fheisgint, cad a bhéadh agam le rádh leis?
B'fhéidir go ndéarfadh sé i n’ aigne féin go bhfuil an chailís
sin ró dhaor chun í fhágáilt anso. Níor bh’ aon iongnadh liom
go ndéarfadh. B'fhéidir go dtuigfeadh sé i n’ aigne gur
cheart cailís chómh luachmhar a thabhairt do phríomh-eaglais na
h-Éirean. Gur mhaith an tseóid í d’ Árdrígh Éirean le
bronnadh ar phríomh-eaglais Éirean, ar eaglais Árdmhacha.
Is ar eaglais Árdmhacha ba cheart í bhronnadh. Siné a
déarfadh aoinne a chífeadh í. Táim mar a bhéinn i n-uisge
bheirithe ó fuair Brian an Árdrígheacht agus ná feadar cad
é an neómat a bhéadh sé chúgham isteach 'ghá rádh gur mhaith
leis an cháilís sin a dh'fheisgint. Is truagh chráidhte nár
choimeád sé í an chéad lá agus gan í thabhairt i n-aon chor
dúinn!”



“Cad déarfá, a Athair,” arsa Meargach, “dá dtéidhinn
agus an sgéal a dh'innsint do Mhurchadh ó thusach go
deire?”



“Caithfear an sgéal a dh'innsint gan a thuille ríghnis, dó
féin nó do Bhrian,” arsa Colla. “D'innseas féin an sgéal
do'n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an chailís orm an
fhaid a bhí an Legáid anso do neósfadh an Legáid do'n
Árdrígh cad a bhí imthighthe uirthi. Bhéadh an Legáid idir mé
agus an t-Árdrígh agam. Anois tá an Legáid imthighthe agus


L. 123


tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an chailís orm. Má
deir Brian, ‘Cad 'n-a thaobh nár innsis dúinn láithreach go
raibh sí imthighthe?’ Cad a bheidh le rádh agam? Déarfar gur
breagh a thuas uain do'n bhitheamhnach ar imtheacht slán agus
an chailís a bhreith leis agus do chur ó aon fhághail a bheith ar
í thabhairt thar n-ais.”



“B'fhéidir, a Athair,” arsa Meargach, “go mbéadh sé
chómh maith againn dul chun cainte le Murchadh agus an sgéal
a dh'innsint dó ó thusach go deire. Mise fé ndeár an t-olc
go léir. Ní raibh aon cheart agam gan teacht anso chun
caint leat-sa sar ar thugas uaim an eochair! Ní fheadar
an tsaoghal cad d'imthigh orm agus a leithéid de ghnó
leanbaidhe dhéanamh. Nuair a chonac an aibíd agus an cochal
do baineadh de m' chosaint mé glan.”



“Is uathbhásach an sgéal é,” arsa Colla. “Ní fheadar an
tsaoghal cá dtáinig an aibíd. Thaisbeáin an Legáid na
manaigh go léir duit agus dúbhairt sé go ndúbhraís nár
bh’ aoinne acu a bhí ann.”



“Dúbhart,” arsa Meargach, “agus dob' fhíor dhom é. Ní
h-aoinne acu a bhí ann.”



“Ní miste dhom a dh'innsint duit,” arsa Colla, “go raibh
sórd droch amhrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn
ar an Athair Art mac Duibh, ach dúbhart-sa leis dá mba dhó
san a thabharfá-sa macshamhail na h-eochrach go n-aithneófá é.”



“D' aithneóchainn, a Athair,” arsa Meargach. “Tá a lán
des na manaigh atá anso agus d' aithneóchainn iad, leis. An
manach gur thugas an eochair dó ní fheaca roimis sin é ná
ó shin.”



“Ní baoghal go bhfeacaís ó shin é,” arsa Colla, “agus ní
dócha gur baoghal go bhfeicfir airís é má fhéadan sé
coimeád as do radharc. Is dóich liom d'á luathacht a bheidh
an sgéal go léir innste do Mhurchadh againn gur b’ eadh is
fearr é.”


L. 124


D'imthigh an bheirt suas go Luimneach agus as san go Ceann
Cora. Fuaradar caoi ar chaint a dhéanamh le Murchadh agus
d'innseadar dó gach nídh fé mar a thuit amach, i dtaobh na
cailíse. Cheistigh sé iad go dlúth, díreach mar a cheistigh an
Legáid Colla. D'á fheabhas a cheistigh sé iad, ámhthach, iseadh
ba mhó a chuaidh an sgéal i n-aimhréidh air agus iseadh ba
dheacara dhó aon tuairim a thabhairt do cé r' bh' é an
bitheamhnach. Dúbhairt sé leó gur bh'fhearr gan an sgéal do
leigint amach.



“Isé mo thuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an
bitheamhnach, ná fuil sé ró fhada uainn an neómat so, agus
go bhfuil sé ag faire go dlúth orainn feuchaint cad a
dhéanfaimíd. Ní h-aon duine iasachta é. Thaisbeáin sé an
iomad eóluis. Bhí fhios aige cá raibh an chailís i gcoimeád,
agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios aige cé r'
bh' é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob a
bhuail sé ort, a Mheargaigh!” ar seisean, ag cur sgeartadh
gáire as. — “Má airighim-se aon fhocal ó m'athair,” ar
seisean, “'ghá rádh gur mhaith leis an chailís a dh'fheisgint, nó
gur mhaith leis í chur go h-Árdmhacha, cuirfidh mé dhé é. Ní
mór dhúinn go léir bheith ag faire coitchianta feuchaint an
bhfaighmís aon phioc de radharc ná de bhalaith an bhitheamhnaigh.”



Chuir an méid sin aigne na beirte chun suaimhnis mórán.
Tháinig Meargach go Luimneach chun a ghnótha, agus tháinig
Colla abhaile chun na mainistreach.



Nuair fhágadar Murchadh do chrom seisean ar mhachtnamh.
Thuig sé áilneacht na cailíse agus a daoire. Bhí fhios aige,
pé r' bh' é an bitheamhnach, go ndéanfadh an chailís sin fear
saidhbhir dé i gcaitheamh a shaoghail, dá bhféadadh sé í dhíol,
agus go ndéanfadh sí daoine saidhbhre d'á shliocht ar feadh
seacht nglún. Bhí fhios aige nár bh’ fhéidir í dhíol i n-Éirinn.
Dá gceannaightí í i n-aon mhainistir ná i n-aon eaglais i
n-Éirinn go n-aireófí teacht tháirsí go luath, ó bhéal go béal,


L. 125


ameasg ríghthe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir.
Bhí fhios aige, d'á bhrígh sin, nár bh'fhéidir í dhíol gan í chur
amach a' h-Éirinn. Tré cheannaighe éigin Lochlanach a caithfí
san do dhéanamh. Bhí gach aon bhaoghal, dar leis go raibh
san déanta cheana. Bhí an iomad aimsire fághalta ag an
mbitheamhnach, agus do réir an bhuib a bhuail sé ar Mheargach
níor bhitheamhnach é do thabharfadh aon fhaillígh sa n-aimsir a
tugadh dó. Má bhí an chailís imthighthe thar faraige ní raibh
ann ach fiantas, dar leis, bheith ag cuimhneamh ar theacht suas
léi go deó. “Ach ní'l agam le déanamh ach bheith ag faire
chúgham,” ar seisean i n’ aigne féin.



“Ní chuirfinn thar mo leasmháthair é!” ar seisean, a'
machtnamh eile. “Is aici bhí an chailís i gcoimeád sar ar
cuireadh síos í go h-Inis Cathaigh. Agus is cuimhin liom go
maith nách le h-aon deagh-thoil a sgar sí leis an seóid uasail.
Ach cé r' bh' é an manach? Agus cá bhfuair sé an aibíd agus
an cochal má ba mhanach bréige é? Conus a fuair sé amach
gur bh' é Meargach a dhein an eochair? Ní dócha go
gcuirfeadh sí féin aibíd agus cochal uimpi — ach cad é
sin agam 'á rádh! D'aithneóch' an gabha í láithreach. Má 'sí
a dhein an gníomh, agus go deimhin, a rígan, ní chuirfinn-se
thort é, bhí duine éigin aici chun na h-oibre dhéanamh di. Cé
r' bh' é an duine sin? — Ní fheadar an tsaoghal. Ní'l
agam ach bheith ag faire chúgham.— Ach caithfear feuchaint
ad’ dhiaigh go géar, a rígan, i neithibh eile leis. Ní gan chúis
a thug an Legáid an foláramh deirineach so dhom agus é ag
imtheacht, tar éis an fholáraimh chéadna thabhairt dom tamal
roimis sin. Ó, ambasa ní dhéanfaidh sé an gnó dhom aon
mhíogarnach a theacht orm.”


L. 126


CAIBIDIOL III.



“LADY, DOST THOU NOT FEAR TO STRAY.”



Cuid de'n chéad ghnó a dhein Brian, chómh luath agus bhí sé
socair daingean sa n-Árdrígheacht, ab eadh na h-eaglaisí a
bhí loitithe i ndiaigh na Lochlanach do dheisiughadh agus do
shlánughadh agus do chur i dtreó airís. Chuir sé suas as
eaglais mhór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis
Cathaigh; agus dhein sé athnuachaint ar an eaglais i dTuaim
Gréine. Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann
ceann d' oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid
bhreaghtha leathana láidire ins na h-áiteanaibh 'n-a dtéidheadh
na bóithre sin treasna aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe
ana mhór do'n phoibilidheacht, mar gur chuir sé ar chumas
daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad trioblóide.
Bhí áthas mór ar an bpoibilidheacht mar gheall ar na
h-oibreachaibh sin.



Dhein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán
áiteana, agus chuir sé buidheana maithe láidire fear isteach
ins na dúnaibh sin agus ins na daingeanaibh sin, mar lucht
coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcómhnúighe chun na
tíre do chosaint agus chun smacht an Árdrígh do chur i
bhfeidhm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do mheasfadh
an smacht san do mhilleadh. Do neartuigh sé ar an gcuma
san ríghtheighlach Chaisil, agus ríghtheighlach Cheanfheabhrad, agus
an ríghtheighlach i n-Inis Locha Cé, agus an ríghtheighlach i n-Inis
Locha Guir, agus an ríghtheighlach i nDún gCrot, agus mórán
eile de dhúnaibh agus de ríghtheighlachaibh ar fuid na h-Éirean,
agus chuir sé na buidheana fear isteach ionta chun iad a
choimeád agus do chosaint. Do neartuigh san a chómhacht féin


L. 127


go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáth agus
eagla do chur ar a namhaid, amuich agus i mbaile.



Chuir sé lucht léighinn agus eóluis ag sgrúdadh agus ag
breithniughadh na sean dlighthe agus 'ghá dtabhairt chun soluis,
an chuid acu a bhí imthighthe a' cuimhne; agus fé mar a chonaic
sé gádh leó, chuir se i bhfeidhm airís aon chuid acu a bhí
imthighthe a' feidhm le faillígh nó de thoradh aimsire. Níor
ró dheacair dó san a dhéanamh. Bhí a leithéid d'uraim i
gcómhnuighe riamh ag an nGaedhal do dhlígh na rígheachta nár
ghádh a dhéanamh ach a chur i n-iúil dó go raibh an dlígh ann chun
a chur fhiachaibh air an dlígh do chómhlíonadh. Bíon iongnadh
anois ar sgoláirthíbh nuair a chíd siad ná raibh aicme
áirighthe, ceapaithe chun na dlígh chur i bhfeidhm, i n-Éirinn fadó.
Is dóich leó, agus is fíor dhóibh é, gur bh obair bhaoth dlígh
dhéanamh dos na daoine atá ar an saoghal anois, ná bheith ag
brath air go ndéanfaidís an dlígh sin do chómhlíonadh, mura
gceapfaí aicme láidir chun a chur fhiachaibh ortha an dlígh
chómhlíonadh. Ní thuigid siad conus a féadadh dlighthe
déanamh i n-Éirinn fadó agus ansan a dh'fhágáilt fé-s na
daoine féin na dlighthe do chómhlíonadh. Do féadtí san do
dhéanamh mar, chómh luath agus thuigeadh an phoibilidheacht an
dlígh bheith ann, do chuireadh toil phoibilidhe na ndaoine
fhiachaibh ar gach duine fé leith an dlígh do chómhlíonadh.
B'fhearr le gach duine fé leith, go mór, an dlígh do
chómhlíonadh 'ná fulang leis an ndroch mheas phoibilidhe a bhéadh
air dá bhfeiceadh na daoine é ag tabhairt droch meas nó
tarcaisne do'n dlígh. Tá soluídí maithe againn ar fheidhm
de'n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má théidhean nós
áirighthe i bhfeidhm ar an bpoibilidheacht anois féin feuch cá
bhfuil an duine fé leith go mbeidh sé de mhisneach aige an
nós san do bhriseadh! Aigne phoibilidhe na ndaoine isí
chuireadh dlighthe i bhfeidhm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a
chuireadh sí i bhfeidhm iad, agus is iomláine, 'ná mar a thagan
le neart armála dlighthe chur i bhfeidhm anois.


L. 128


Ná measadh aoinne, ámhthach, ná bristí dlighthe i n-Éirinn
fadó. Do bristí go deimhin. Ach nuair a thagadh an t-é ar
a ndéintí an éagcóir, os cómhair an bhreithimh, agus nuair a
thugadh an breitheamh a bhreith, do glactí an bhreith ar gach taobh
agus do déintí d'á réir. Bhí sé daingean i n-aigne na
ndaoine, aoinne ná taisbeánfadh an uraim sin do'n dlígh
ná béadh an rath air. Níor ró dheacair dlighthe fóghanta do
chur i bhfeidhm ameasg daoine de'n tsórd san.



Dhein Brian nídh eile do chabhruigh go mór leis chun na
ndlighthe do chur i bhfeidhm. Ó'n lá a ghlac sé arm gaisge,
agus gan é ach chúig bliana déag, do thaisbeáin sé, 'n-a
ghníomharthaibh agus 'n-a bhéasaibh agus ins gach aon tsaghas
deighleála idir é féin agus daoine eile, go raibh beann thar
bár aige ar an gceart, ná déanfadh sé éagcóir ar aon
Chríostaidhe, pé 'cu caraid nó namhaid é, pé 'cu íseal nó
uasal é. Do tugadh an méid sin fé ndeara. Ansan, fé
mar a leath cómhacht Bhriain agus fé mar a mhéaduigh a
chreideamhaint, do dhein daoine eile, uasal agus íseal,
aithris air. Ar ball, bhí acu go léir, nó dúbhradar go léir
go raibh acu, beann thar bár ar an gceart, fé mar a bhí ag
Brian. Do glacadh an ceart 'n-a nós acu. Ansan bhí neart
an nóis ag cur le neart an chirt. Bhí neart eile ag cur
leis an dá neart san. B'é neart é sin 'ná neart an
Chreidimh.



Ná bíodh aon iongnadh ar aoinne gan aon ghádh a bheith le
neart armála chun dlighthe chur i bhfeidhm nuair a bhí na trí
nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidimh,
ag oibriughadh as acfuinn a chéile chun dlighthe chur i bhfeidhm.



Tugaimís fé ndeara cad a thuig amach do Bhrian i n-aon
phúnc amháin de'n cheart agus de'n bheann a bhí aige ar an
gceart. Chonaic gach aoinne go raibh aon bheart amháin
éagcóra na ceadóchadh Brian ar an tsaghas cleas ná résún.
B'í beart éagcóra í sin 'ná masla thabhairt do mhnaoi.


L. 129


Chonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raibh gráin gan
teóra ag Brian ar ghníomharthaibh de'n tsórd san. Mar
gheall ar an uraim a bhí acu do Bhrian do dhein na fir go
léir, uasal agus íseal, aithris air sa nídh sin, leis. Má
b'uasal an rud do Bhrian an ghráin sin a bheith aige ar
ghníomharthaibh de'n tsórd san, dob' uasal an rud é, dar
leó, d'aon fhear. As san dúbhairt gach fear go raibh gráin
aige féin ar ghníomharthaibh de'n tsórd san. As san do thug
gach fear mar bhéas dó féin bheith ag maoidheamh as nár thug
sé riamh “masla ná tarcaisne do mhnaoi.” Do lean an
aithris ar Bhrian, agus do lean an chaint, agus do lean an
maoidheamh. As san do neartuigh an nós agus do tugadh
fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineadh fir Bhriain
gníomhartha de'n tsórd san. Fé mar a leath cómhacht Bhriain
do leath na nósa a bhí ag fearaibh Bhriain. Ar ball do tugadh
fé ndeara ná deintí na gníomhartha gráinneamhla úd i n-aon
bhall i n-Éirinn.



Ansan, nuair a thagadh Niamh agus a h-athair go Ceann
Cora, agus nuair a chíodh na ríghthe óga Níamh, do chuimhnighdís
ar an uaisleacht agus ar an nósmhaireacht a bhí tagaithe ar
Ghaedhlaibh Éirean go léir agus deiridís eatartha féin:—



“Níor mhiste dhi slat díoga do thógaint 'n-a láimh, agus
fáinne óir i mbara na slaite, agus siúbhal 'n-a haonar ó
Thonn Clíodhna go Dún Sobhairce, agus ní baoghal go
ndéanfadh aon fhear Gaedhlach, uasal ná íseal, oiread agus
focal neamh-uramach do labhairt léi.”



Dúbhradh an chaint sin, nó caint de'n tsórd, chómh minic
sin, agus do tuigeadh chómh maith san fírinne na cainte, gur
measadh, 'n-a dhiaigh san, nuair a bhí Brian agus Niamh agus
an chuid eile acu sa n-iúir, nár chaint a bhí sa sgéal ach gur
dhein óigbhean uasal éigin an siúbhal san, 'n-a h-aonar, ó
Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna, agus an tslat 'n-a láimh
aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar an


L. 130


slígh ach an uraim agus an onóir ba mhó a dh'fhéadfaí a thabhairt
di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanachus na
h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórdha,
agus gur chúm sé an dán úd:—



“Lady, dost thou not fear to stray, &c.”



Is fiú an sgéal san machtnamh a dhéanamh air. Is 'mó rígh
agus ímpire n-a bhfuil cúntas ortha i seanachus an domhain
agus n-a bhfuil moladh mór ar a ngníomharthaibh agus ar a
ngradam, ar an gcuma 'n-ar chuireadar tíortha fada
fairsing fé smacht a lámh, agus ar an gcuma 'n-ar
chuireadar, má ba ríghthe fóghanta iad, dlighthe tairbhtheacha i
bhfeidhm. Ní dóich liom, ámhthach, go bhfeaca riamh fós d'á
thabhairt, ar obair ná ar shaothar aon rígh ná aon ímpire acu,
moladh de shaghas an mholta so a thugan an sgéal seanachais
seo ar Bhrian. Ní nósmhaireacht, ná macántacht, ná
gníomhartha onóracha, na uraim do bhantracht, is gnáth ag
leanmhaint slógh agus cogaidh agus armála agus cathana
fuilteacha. Neamh-shuim ins na neithibh sin iseadh is gnáth ag
leanmhaint riamh. Neamh-shuim i ngach deagh-nós, neamh-shuim
i gceart an fhir thall, neamh-shuim sa n-uraim is dual do
mhnáibh; an beithigheach allta 'ghá thaisbeáint féin sa duine;
gabháil do chosaibh ins gach dualgas d'á mbainean le dlígh,
le deagh-nós, le Creideamh; siniad na neithe is gnáth ag
leanmhaint cogaidh agus cómhraic agus cathana fuilteacha.



Ní raibh Brian riamh, ó táinig sé i n-aois a chúig mblian
ndéag, ach sáidhte i gcogaíbh. Bhí a ghaolta go léir chómh
sáidhte ins na gcogaíbh agus bhí sé féin. I n-aimhdheóin na
gcogaí go léir do thuill Brian agus a shlóighte an moladh
atá sa sgéal úd i dtaobh na mná óige agus i dtaobh na
h-onóra a fuair sí ar feadh na slíghe go léir ó Dhún
Sobhairce go Tonn Clíodhna. Tá buadh ag Brian sa méid
sin ar chómhachtaibh agus ar ríghthibh agus ar ímpiríbh an domhain
riamh.


L. 131


Táimid anois ag dul sa deichmhadh céad blian ó fuair
Brian agus a shlóighte an buadh san. Do choimeád ár
sínsear cuimhne air. Thugadar dúinne an cuimhne sin le
coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a choimeád air.
Caithtear go minic ins na súilibh orainn ná fuil aon nídh ag
baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon mhaoidheamh ró
mhór a dhéanamh as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin,
cúis mhaoidhte agus adhbhar creideamhna ná fuil a leithéid le
fághail i seanachus aon tíre eile fé luighe na gréine indiu.
Tá ceangailte orainn, ní h-amháin cuimhne choimeád ar an
adhbhar creideamhna san, ach fós beart a dhéanamh d'á réir.



CAIBIDIOL IV.



UISGE-FÉ-THALAMH.



Bhíodh Murchadh go minic abhfad ó Cheann Cora ag
feuchaint i ndiaigh gnóthaí na h-Árdrígheachta fé chómhairle a
athar. Nuair a bhíodh sé imthighthe ó Cheann Cora bhíodh sgannra
air le h-eagla go ndéanfaí aon droch ghníomh a gan fhios dó.
Bhí an fear frithálmha ceapaithe aige chun frithálmha ar an
Árdrígh, mar ba cheart agus mar ba ghnáth do réir nósa na
h-aimsire sin. Ach cá bh' fhios dó, dar leis, ná go nglacfadh
an fear frithálmha breab dá ndéintí breab mhaith a thairisgint
dó. Thuig sé i n-aigne gur i gcoinnibh mná a bhí ar an bhfear
an cluiche dh'imirt, i gcoinnibh na mná ba bhreaghtha agus ba
mheasa agus ba ghéire d'á raibh i n-Éirinn an uair sin. Cá
bh'fhios dó, dar leis, cad iad na cleasa dh'imireóch' sí ar an
bhfear dá mba rud é go dtuigfeadh sí nár bh'fhéidir é
bhreabadh. Chonaic an Legáid a diabhal coímhdeachta. Cá
bh'fhios cad é an congnamh a thabharfadh an diabhal coímhdeachta
san di n-aon droch ghnó a bheartóch' sí a dhéanamh.


L. 132


“Ní h-aon mhaith,” ar seisean i n' aigne féin, “bheith ag
brath air go bhféadfadh fear frithálmha bheith maith a dhóthin dí
féin agus d'á diabhal coímhdeachta. Caithfidh mé bean a chur
ag tabhairt aire dhi.”



Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon mhnaoi chun na h-oibre
sin ach ar Niamh. Bhí fhios aige dá mbéadh Niamh i n-aice an
Árdrígh, agus a fhios a bheith aici cad chuige go raibh sí ann,
nár bhaoghal go bhféadfadh Gormfhlaith aon droch nídh dhéanamh
a gan fhios di. D' imthigh sé féin siar go h-Uíbh Máine. Do
labhair sé le Niamh. D'inis sé dhi ó thusach go deire an sgéal
go léir.



“Ní fhéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann,
a rígh,” arsa Niamh. “Ní fhéadfainn imtheacht ó m'athair
féin.”



“Ní'l t' athair-se i n-aon chontabhairt, a rígan,” arsa
Murchadh. “Ní mar sin do m'athair-se. Tá sé i gcon-
tabhairt mhóir. Dá bhféadainn féin fanamhaint sa bhaile ní
dóich liom go mbéadh aon bhaoghal air. Tá an iomad eagla
aici rómham-sa. Nuair a bhím as baile bíon gach aon nídh ar
a toil aici, agus ní bhíon aon eagla aici roim aoinne. Ní'l
aon phioc d'á fhios agam' athair go bhfuil aon chontabhairt os
a chionn. Dá neósfaí dhó é ní fhéadfaimís é chosaint. Do
leigfeadh sé amach an sgéal, mar ní chreidfeadh sé focal dé.
Tá fios aige nách bean ró mhaith í, ach ní chreidfeadh sé i n-aon
chor go ndéanfadh sí aon iaracht ar é cur chun báis. Dá
n-abradh aoinne leis go ndéanfadh, is amhlaidh a thiocfadh
fearg air. Déarfadh sé gur le corp droch aigne a
déarfadh aoinne a leithéid. Thuigfeadh sé, dá mba ná béadh
aon chúis eile aici le gan an gníomh san a dhéanamh, go
seachnóch' sí é ar mhaithe léi féin. Go gcuirfeadh bás an
Árdrígh í féin as an Árdríganacht. D'á éaghmais sin, bean
ró ábalta iseadh í. Tá curtha 'n-a luighe aici ar aigne
m'athar ná fuil aon nídh is fearr lei 'ná é mhaireachtaint


L. 133


abhfad, mar d'á fhaid a mhairfidh sé gur b'eadh is sia a bhéad-
sa gan teacht sa n-Árdrígheacht. Caithfear an t-aireachas a
dhéanamh ar m'athair a gan fhios dó, a Niamh.”



“Ní fheadar, a rígh,” arsa Niamh, “an bhfuil aon bhaoghal
go mbéadh dearmhad ort-sa féin sa sgéal.”



“Cad é an dearmhad a dh'fhéadfadh a bheith orm, a rígan?”
ar seisean.



“Ba dhóich liom,” ar sise, “go bhfuil gach aon deabhramh
ar an gcaint sin a dúbhraís i dtaobh an ruda atá curtha 'n-a
luighe aici, mar a deirir, ar aigne t' athar. D'á fhaid a
mhairfidh t'athair iseadh is sia a bheidh Gormfhlaith 'n-a
h-Árdrígain agus iseadh is sia a bhéir-se gan teacht sa
n-Árdrígheacht. Má chuirean sí féin chun báis é cuirfidh sí í
féin as an Árdríganacht láithreach, agus déanfaidh sí Árdrígh
dhíot-sa. Tá fhios aici go maith nách baoghal go nglacfaid
fir Éirean aoinne eile i n' Árdrígh. B'fhearr léi í féin do
bháth 'ná thusa dh'fheisgint sa n-Árdrígheacht. Sin dá dhíobháil
mhóra aici á dhéanamh di féin leis an ngníomh. Cá bhfuil an
tairbhthe, a rígh?”



“Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh'innsint
duit, a Niamh,” arsa Murchadh, “ach is fé riún atáim 'á
innsint duit. Tá níos mó go mór d'fhios a gnótha agam-sa
'ná mar is dóich léi. Tá, mar is eól duit, a mac 'n-a rígh ar
Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath. Tá uisge-fé-thalamh aici 'á
dhéanamh le fada riamh a d'iaraidh go bhfaghadh na Lochlanaigh
buadh agus go mbéadh a mac féin i n-Árdrígh ar Éirinn.
Éire ag Lochlanaigh agus Sitric i n' Árdrígh. Siné atá uaithi.
Ní fheadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-thalamh a dhein
sí chuige sin i gcaitheamh na h-aimsire roimh chath Gleanna
Mháma. B' shiné fé ndeár na Lochlanaigh a bheith chómh
líonmhar sa chath san agus an cath a bheith chómh dian, chómh
fuilteach. Bhí sí deimhnightheach go mbéadh buadh an chatha san
ag Lochlanachaibh agus ná tiocfadh Brian ná aoinne eile


L. 134


againn beó ó'n gcath. Tá an t-uisge-fé-thalamh céadna ar
siúbhal anois airís aici. Is dóich léi ná fuil fhios agam-sa é.
Tá níos mó go mór d'fhios a gnótha agam 'ná mar is dóich
léi. Tá rígh Lochlan ag gleusadh armála agus ag déanamh
loingeas agus 'á gcur ar uisge. Tá muintir na h-Ioruaidhe
ighá ngleusadh féin chun cogaidh, ach ní h-innstear cad é an
cogadh é ná cad chuige an gleusadh. Tá ollmhúchán ar siúbhal
ar oileán Mhanain agus i n-oileánaibh Alban agus thuaidh i
n-Ínsibh Orc. Ní deir aoinne focal i dtaobh cad é an bun
atá leis an obair go léir agus leis an ollmhúchán go léir.
Tá fhios agam-sa go maith cad é an bun atá leis an
ollmhúchán. Tá Gormfhlaith agus a mac, rígh Lochlanach Átha
Cliath, ag déanamh a ndíchil ar gach aon tsaghas cuma chun
bheith ollamh ar chaith uathbhásach eile do bhualadh ar son
Árdrígheachta na h-Éirean chómh luath agus gheóbhaid siad an
chaoi cheart air. Dá bhfaghadh m'athair bás díreach nuair a
bhéadh an t-ollmhúchán críochnuighthe acu, do thiocfadh san agus
a dtoil isteach le n-a chéile go h-áluinn.”



“Tuigim thú, a rígh,” arsa Niamh. “Agus dá mba ná
béadh aon fhonn ar t' athair bás d'fhághail an uair ba mhaith
leó é dh'fhághail báis, isé do mheas go dtabharfadh Gormfhlaith
congnamh dó chun báis a dh'fhághail.”



“Táim deimhnightheach dé, a rígan,” arsa Murchadh. “Dá
mbéadh a gcuid ollmhúcháin curtha chun cinn acu agus iad
ollamh, agus ansan go bhfaghadh m'athair bás oban, bhéadh gnó
na h-Éirean 'n-a phraisigh, dar leó. Bhéadh sé 'n-a chogadh
dhearg idir mise agus M'lsheachlainn feuchaint cé bhéadh i
n' Árdrígh. B'fhéidir go mbéadh sé 'n-a chath trír, go
ndéanfadh Ua Néill thuaidh iaracht ar an Árdrígheacht do
shealbhughadh dhó féin. Ansan dá bpreabadh neart maith
láidir Lochlanach isteach chúghainn níor ró dheacair dóibh Éire
chur fé n-a smacht agus Árdrígh dhéanamh de Shitric.”



“Ambasa, a rígh,” arsa Niamh, “is breagh glan géar an


L. 135


fheuchaint atá aici 'á dhéanamh roímpi. Cad tá agaibh-se 'á
dhéanamh? Ní dócha go bhfuiltí-se i nbhúr suidhe díomhaoin
agus iad súd 'ghá n-ollamhughadh féin chómh díchealach.”



“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní'l
aon fhaillígh againn 'á dhéanamh. Táimid ag gleusadh slógh ins
gach aon chúinne de'n tír agus ag cur na n-arm is fearr
'n-a lámhaibh. Tá an t-ollmhúchán againne 'á dhéanamh chómh
dian chómh díchealach agus atá acu-san, nó b'fhéidir níos
déine, ach táimíd 'ghá dhéanamh a gan fhios chómh maith agus
fhéadaimíd é. Táid na mílte fear againn cheana féin ins na
dúnaibh agus ins na daingeanaibh anso agus ansúd ar fuid
na tíre. Níor dhóich le h-aoinne ná béadh sáidhte i n-ár
n-obair go bhfuil oiread nirt againn agus atá.”



“Ba dhóich liom-sa, a rígh,” arsa Niamh, “go bhfuil
dearmhad sa nídh sin oraibh. B'fhéidir dá bhfeictí bhúr neart
go n-eireófaí as an ollmhúchán thall, mar go dtuigfí nár
bh' aon mhaith bheith a d'iaraidh buadh fhághail oraibh.”



“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murchadh. “Is amhlaidh a
déanfaí tuille díchil ar an ollmhúchán thall. Tá Gormfhlaith
ró cheapaithe ar an ndroch obair atá curtha roímpi aici. D'á
laige a mheasfaidh sí sinne bheith iseadh is dóichíghde gan an
iomad nirt a bheith cruinnighthe aici i n-ár gcóir. Tá fhios
aici go bhfuilimíd ag gleusadh slógh ach ní'l 'fhios aici cad
chuige go bhfuilimíd á ngleusadh. Ní'l fhios aici go bhfuil
fios na h-oibre féin againn mar atá. Is dóich léi gur chun
na h-Árdrígheachta do choimeád ó Mh'lsheachlainn agus ó Ua
Néill an gleusadh slógh atá againn 'á dhéanamh. Dá
mbeitheá-sa i gCeann Cora i bhfochair m'athar do thuigfeadh
Gormfhlaith gur ag faire uirthi féin a bheitheá ann. Ansan
ní bhéadh aon bhaoghal go ndéanfadh sí aon droch nidh air. Tá
an iomad eagla aici rómhat-sa. Ní fheadar an domhan cad
a dhéanfad mura bhféadair teacht go Ceann Cora agus
fanmhaint ann.”


L. 136


“Ní fhéadfainn imtheacht ó m'athair féin, a rígh,” arsa
Niamh. “Ní h-aon mhaith dhuit bheith 'ghá iaraidh orm. Faigh
duine éigin eile.”



“Feuch, a rígan,” arsa Murchadh, “cad é an bac atá ar
t’ athair teacht i n-aonfheacht leat! Ná déanfadh do
dhritháir aire thabhairt do'n rígheacht so Uíbh Máine? Tá sé
chómh ceangailte ar Thadhg Mhór ua Chealla beart a dhéanamh
i gcoinnibh namhad Éirean agus 'tá sé orm-sa, agus go
deimhin, agus ní gádh dhom san do rádh le h-inghín Thaidhg,
tá Tadhg Mór ua Cealla chómh h-ollamh ar bheart a dhéanamh
i gcoinnibh namhad Éirean agus 'tá aon fhear, uasal ná íseal,
d'á bhfuil beó i n-Éirinn indiu.”



“An bhfuil fhios agat cad a dhéanfair, a rígh,” arsa Niamh.



“Labhair le m'athair agus inis gach aon rud dó, tríd síos,
fé mar atá innste agat dómh-sa. B'fhéidir ansan go
dtuigfeadh sé gur ceart dó dul go Ceann Cora agus
fanmhaint ann, agus mise do bhreith leis agus do choimeád
i n' fhochair ann.”



Do dhein Murchadh an nídh sin. D'inis sé do Thadhg Mhór
ua Chealla an sgéal go léir tríd síos, an t-ollmhúchán a bhí ar
siúbhal thall i gcríochaibh Lochlan agus i gcríochaibh na
h-Ioruaidhe agus ins na h-oileánaibh, agus an t-uisge-fé-
thalamh a bhí ag an Árdrígan 'á dhéanamh chun na h-Éirean a
tabhairt fé smacht na Lochlanach agus Árdrígh a dhéanamh d'á
mac féin, de Shitric. Thaisbeáin sé dhó gach deimhne d'á raibh
aige ar an méid sin sgéil. D'inis sé dhó an dá fholáramh a
thug an Legáid dó féin, tré bhéal Cholla. Nuair airigh Tadhg
an sgéal is beag ná gur b'amhlaidh a bhí sé ar buile toisg
nár h-innseadh fadó dhó é. Shocaruigh sé láithreach ar theacht
go Ceann Cora agus Niamh a thabhairt leis. Do tugadh tigh
breagh glan uasal solusmhar dóibh, chun cómhnuighthe ann, i
n-aice tíghe mhóir Bhriain. Do fuaradh, mar ghnó súl le
déanamh do Thadhg Mór bheith ag cabhrughadh leis an Árdrígh i


L. 137


ngnóthaibh stáit. Níor bh’ aon iongnadh, ansan, Niamh do
theacht ann. Do thuig gach aoinne ná fanfadh sí sa bhaile i
ndiaigh a h-athar.



CAIBIDIOL V.



PÚICÍNÍ.



Cá bhfuair Murchadh an t-eólus a bhí aige ar an ollmhúchán
a bhí ar siúbhal i gcríochaibh Lochlan, agus ar an mbun a bhí
leis an ollmhúchán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so.
Bhí a ghiollaí turais féin aige agus bhí Caoilte aige mar
cheann ortha. Dar leis an bpoibilidheacht isé gnó Bhriain a
bhí ortha a dhéanamh, gnó na rígheachta. Ach do thug Murchadh
gnó eile, leis, le déanamh do chuid acu go raibh iontaoibh
aige asta. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh Gormfhlaith a
suaimhneas a cheapadh. Go gcaillfeadh sí an t-anam nó go
mbéadh droch obair éigin 'dir lámhaibh aici. Bhí fhios aige
nár bh’ aon mhaith bheith a d'iaraidh cosg a chur léi. Dá gcurtí
cosg léi i n-aon droch obair amháin ná déanfadh sí ach aghaidh
a thabhairt ar dhroch obair eile agus é cheilt níb' fhearr. Gur
bh' fhearr sgaoileadh léi agus eólus cruinn a dh'fhághail, a
gan fhios di, ar gach aon tsaghas droch oibre a bhéadh ar siúbhal
aici. Thug Murchadh an gnó san le déanamh do Chaoilte,
d' “Fhear na gCos,” a ndúbhairt Conn. Níor mhiste an gnó
thabhairt le déanamh do Chaoilte. Bhíodh sé ins gach aon
chúinne d'oileán na h-Éirean, agus ní sa riocht gcéadna a
chítí é aon dá lá as a chéile. 'N-a cheannaidhe Lochlanach a
bhíodh sé uaireanta, istigh i gcathair Bhaile Átha Cliath, ag díol
éadaí olna a déintí i n-Éirinn an uair sin níb' fhearr ná
mar a déintí iad a n-aon áit lasmuich d'Éirinn. 'N-a


L. 138


ghráséir a bhíodh sé uaireanta eile agus stoc beag ba seasga
aige 'á dhíol le búistéiríbh Lochlanacha i gcathair Chorcaighe.
Nuair oireadh dó eólus cruinn fhághail agus gan bheith ag
brath ar ráflaí, radharc a shúl féin a dh'fhághail ar neithibh,
théidheadh sé ar bórd loinge, 'n-a Lochlanach mar 'dh eadh, agus
théidheadh sé soir go Cathair na Beirbe agus chíodh sé gach nídh
a bhíodh ar siúbhal ann. Chonaic sé le n-a shúilibh féin na
slóighte d'á ngleusadh, agus d'airigh sé le n-a chluasaibh na
daoine 'ghá innsint d'á chéile gur siar go h-Éirinn a bhí na
slóighte sin go léir le dul chun cathana cruadha do throid
do'n Árdrígan uasal, do Ghormlóda. Gormlóda a
thugaidís ar Ghormfhlaith. Bhí eólus ar chaint na tíre sin ag
Caoilte chómh maith agus dá mb' ann a tógfaí é. Nuair a
théidheadh sé ameasg na ndaoine ann ní bhíodh fhios ag aoinne
ná gur dhuine de mhuintir na tíre é.



Fuair sé amach, ar a measg, ar dtúis gur bh'í Gormfhlaith
a bhí ag cur na h-oibre go léir ar siúbhal, ach is fé riún a
h-innstí dhó é. Fuair sé amach, leis, ar an gcuma gcéadna,
go raibh Sitric, mac Ghormfhlaith, rígh Lochlanach Átha Cliath,
ag cabhrughadh le Gormfhlaith ar gach aon tsaghas cuma.
Bhíodh sé coitchianta anonn 's anall idir an dá chathair ag
tabhairt gach aon tsaghais eóluis do rígh Lochlan ar ghnóthaibh
na h-Éirean, ar an gcuma 'n-a raibh Brian ag tuitim agus
nár bh' fhéidir dó maireachtaint puínn eile aimsire. Nuair
a gheóbhadh sé bás go dtuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ná
béadh aon bhreith ag Murchadh ar fhearaibh Éirean a choimeád
dlúithte 'n-a chéile mar a bhíodar dlúithte ag Brian. Go
mbéadh ríghthe na tíre, thuaidh agus theas, ag marbhughadh a
chéile mar gheall ar an Árdrígheacht. Ná béadh aon bhac ar
shluagh Lochlanach preabadh chúcha isteach an uair sin agus
gabháil de chosaibh ionta i ndiaigh a chéile. Go mbéadh a leath
ar thaobh na Lochlanach féin, i gcoinnibh an leath eile, chómh
luath agus thiocfadh na Lochlanaigh. Gur bh'é buac rígh Lochlan


L. 139


an neart slógh ba mhó fhéadfadh sé chruinniughadh a bheith
cruinnighthe gleusta curtha le chéile aige i gcóir bháis Bhriain,
nó i gcóir pé rud a thiocfadh. Do thuig rígh Lochlan an nídh
sin go h-áluinn, agus bhí sé ag déanamh a dhíchil agus 'á
dhéanamh go maith, agus má bhí ní raibh oiread agus cor aige
'á chur dé, ná ag Sitric 'á chur dé, ná raibh cúntas cruinn
ag Caoilte 'á thabhairt do Mhurchadh air.



Théidheadh Caoilte go h-oileán Mhanain, leis, agus chíodh sé
cad a bhíodh ar siúbhal ann, agus chuireadh sé cúntas cruinn
air ag triall ar Mhurchadh.



Thug sé cúpla cuaird óthuaidh go h-Ínsibh Orc agus chonaic
sé cad a bhí ar siúbhal ann. Fuair se go raibh ainim
Ghormfhlaith i mbéalaibh na ndaoine ann, agus go raibh talamh
saidhbhir geallta i n-Éirinn, saor ó chíos, d'aon fhear a
thiocfadh ag cabhrughadh le Gormfhlaith agus le rígh Lochlanach
Bhaile Átha Cliath sa chogadh a bhí le teacht.



'N-a chuardaibh go léir, nuair airigheadh Caoilte an cómhrádh
ar siúbhal i dtaobh an chogaidh a bhí le teacht agus i dtaobh na
dtalmhaintí saidhbhire saora a bhí le fághail de bhár an chogaidh,
thugadh sé fé ndeara, nuair a deireadh an fear, “Ní raghad-sa
go h-Éirinn. Is buan fear 'n-a dhúthaigh féin. Mharbhóch'
Murchadh mé,” go ndeireadh an bhean, “Is fear meathta thú!
Mura dtéidhir-se ann raghad-sa ann! Nó má théidhean tú
ann raighmídh go léir ann i n-aonfheacht leat. Tá fir againne
a bheidh maith a dhóthin do Mhurchadh, ní h-eadh ach ró mhaith dhó.
Is fearr dul go h-Éirinn, pé crích a bhéarfaidh sinn, agus
beatha bog sóghail a bheith ag duine ar thalamh bhreagh shaidhbhir,
'ná bheith a d' iaraidh beatha docht daor a bhaint as na
riasgaibh fiaine fuara so!”



Bhí aithne mhaith ar Mhurchadh an uair sin, ní h-amháin ameasg
na Lochlanach a bhí 'n-a gcómhnuighe i n-Éirinn, ach ar fuid
tíre Lochlan go léir, agus ar fuid na h-Ioruaidhe, agus i
n-Ínsibh Orc, agus chómh fada óthuaidh le h-Inis Tuile. Nuair


L. 140


ba mhaith le mnaoi eagla chur ar leanbh ní deireadh sí ach,
“Eist do bhéal nó glaodhfad ar Mhurchadh chúghat!” nó
“Chúghat Murchadh!”



Ní raibh Caoilte i n-aonar sa n-obair a bhí aige 'á déanamh.
Bhí a theachtairí aige le cur uaidh go h-Éirinn nuair a bhíodh
eólus éigin na fuilingeóch' ríghneas aige le cur ag triall ar
Mhurchadh. Chuireadh sé uaidh a theachtaire agus d'fhanadh sé
féin thall ag faire chuige, ag lorg tuile eóluis.



Do thárla, lá d'á raibh sé thall i gCathair na Beirbe, gur
ghluais ráfla ó bhéal go béal ameasg na ndaoine.



“Ó,” a déarfadh duine le duine, “ar airighis an sgéal
nua?”



“Níor airigheas airiú! Cad é an sgéal nua é?”
a déarfaí 'á fhreagradh.



“Árdrígh Éirean atá marbh!”



“Eist do bhéal!”



“Ó, go deimhin ní'l aon fhocal bréige ann. Lochlanach óg
uasal ó Átha Cliath a thug an sgéal nua anall anso ag triall
ar an rígh, agus d'á chómhartha san féin isé Sitric, rígh
Lochlanach Átha Cliath do chuir anall é. Tá Brian marbh agus
beidh Sitric i n' Árdrígh anois.”



Ansan déarfadh duine eile a thiocfadh suas:—



“Tá an éagcóir agat. Níor thugais an sgéal sa cheart
leat. Ní h-é an t-Árdrígh atá marbh. Ní'l aoinne marbh.
Is amhlaidh a chuir Sitric anall anso ó Átha Cliath an priúnsa
óg, Amhlaoibh, 'ghá innsint do'n rígh go bhfuil Gormfhlaith go
maith agus go bhfuil gach aon nídh ag dul chun cinn aici ar a
toil. Go bhfuair sí an saidhbhreas a bhí uaithi agus go bhfuil
sí sásta.”



“Cad é an saidhbhreas a bhí uaithi?” a déarfadh duine
eile. “Nách í Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saidhbhreas
san aici le fada anois. Nár bhuailtear a thuille uimpi!
Cad a chuir i mbéal an amadáin seo Brian a bheith marbh?”


L. 141


Ní fheadar-sa san,” a déarfadh an fear eile, “mura
mar seo a dh'eirigh an focal. Dúbhairt Gormfhlaith le
h-Amhlaoibh a dh'innsint do'n rígh go raibh Brian ag tuitim
leis an aois go tiugh, agus ná féadfadh sé, agus a dhícheal a
dhéanamh, seasamh puínn níos sia. Is dócha, nuair a leath an
chaint sin ameasg na ndaoine gur chuireadar leis an gcaint
agus gur dheineadar a bhás as an gcaint. Nuair a bhíon
ráfla ag gabháil tímpal bíon gach aoinne ag cur leis.”



Chuir an chaint sin Caoilte ag machtnamh. Cé r' bh' é an
t-Amhlaoibh seo? Nó ar bh'fhéidir i n-aon chor gur bh'é cara
Thaidhg Óig uí Chealla é?



“Ní foláir dom, má fhéadaim é, radharc fhághail air,” ar
seisean i n'aigne féin.



Chrom sé ar dhruidim, ar feadh raint laethanta, i dtreó
an ríghtheighlaigh le pé mangaireacht a bhí ar siúbhal aige.
Bhíodh sé ag faire ar na h-uaislibh agus iad ag dul isteach
's amach. Theip air aon radharc fhághail ar aoinne de shaghas
Amhlaoibh. Má theip bhí rud eile nár theip air. Níor theip
air ceathrar lucht airm do theacht n-a thímpal do phreib agus
prísúnach a dhéanamh dé agus é chur isteach i gcarcair
dhaingean, sar a' raibh fhios aige, ba dhóich leat, cad a bhí ag
imtheacht air. Níor labhradh oiread agus focal leis. Níor
deineadh ach breith air agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé
agus púicín a tharang anuas ar a shúilibh agus é thógaint chun
siúbhal. Nuair a bhí sé istigh sa phrísún do cuireadh slabhra
fan chuim air, agus bhí an ceann eile de'n tslabhra san
daingean sa bhfalla. Do baineadh dé an púicín agus do
fágadh ansan é i n' aonar. Tar éis raint aimsire do tugadh
bia chuige agus do baineadh an ceangal d'á lámhaibh an fhaid
a bhí sé ag ithe an bhídh. Amáireach a bhí chúgainn, tár éis
cheithre h-uaire fichid a bheith caithte aige i n’ aonar, do tugadh
an bia chuige airís. Do tugadh an bia chuige mar sin gach
aon lá. Gach aon uair a thagadh an bia do labhradh Caoilte


L. 142


leis an dteachtaire, agus d'fhiafraigheadh sé dhé cad é an
chúis gur cuireadh isteach sa phrísún san é agus gan aon rud
déanta as an slígh aige. Ní thugadh an teachtaire aon
fhreagra air ach fé mar a bhéadh sé bodhar balbh. D' imthigh lá
agus oídhche, agus d'imthigh lá eile agus oídhche eile, agus
d'fhan Caoilte sa phrísún. D'imthigh seachtmhain, agus ambasa
bhí gach aon deabhramh go bhfágfaí sa phrísún san é, níor bh'fhios
cad é an fhaid. Bhí sé ag machtnamh agus ag machtnamh, agus
ní fhéadfadh sé aon tuairim a thabhairt do cad fé ndeara
prísúnach a dhéanamh dé. Bhí fhios aige go maith go raibh sé
ag cur eóluis ag triall ar Mhurchadh go h-Éirinn ar neart
slógh tíre Lochlan agus ar acfuinn na tíre agus ar gach aon
tsaghas gnótha stáit d'á raibh ar siúbhal sa n-áit. Ach bhí
fhios aige go maith, leis, ná raibh cogadh an uair sin idir an
dá thír, idir Éire agus crích Lochlan, agus d'á bhrígh sin, pé
eólus a chuirfeadh sé uaidh abhaile go h-Éirinn nár bh'fhéidir
spiaireacht do chur 'n-a leith. Má labhair sé caint na
Lochlanach chómh maith agus do labhradar féin í ní dhéanfadh
san spiaire dhé nuair ná raibh aon chogadh ar siúbhal idir an
dá thír.



Nuair a bhí breis agus seachtmhain caithte sa phrísún aige
do labhair sé, lá, leis an dteachtaire mar seo:—



“A dhuine mhacánta,” ar seisean, “ní'l aon lá a tháinís
anso le m' chuid bídh chúgham nár fhiafraigheas díot cad é an
chúis gur deineadh prísúnach díom. Níor thugais aon
fhreagra orm. Is maith liom anois an méid seo do rádh
leat, agus tá súil agam go raghaidh an focal ag triall ar
rígh Lochlan. Pé duine is bun le mise chur isteach sa
phrísún so, gan aon droch ghníomh do chur am' leith, tá an
dlígh briste aige agus díolfaidh sé as. Má tugtar aon
anchor dom díolfar as chómh daor agus a díoladh riamh a
h-éagcóir. Mura maith leat labhairt liom-sa labhair le
duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Labhair leis an


L. 143


t-é a dhein an gníomh so. Ní duine gan úghdarás a dhein
an gníomh so.”



D'imthigh an teachtaire. Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair a
tháinig an ceathrar céadna úd airís. Do rugadar ar
Chaoilte. Bhaineadar an slabhra d'á chom. Sháthadar an
púicín anuas ar an cheann agus ar a shúilibh. Do rugadar
leó amach é agus síos chun an chuain, agus chuireadar ar
bórd loinge é. Bhí an long ag dul go h-Éireann. Do
cuireadh suas na seólta agus do ghluais an long. Nuair a
bhí an long tamal amach ar uisge do baineadh an púicín de
Chaoilte agus do baineadh an ceangal d'á lámhaibh. Ansan
do shín an captaéin leitir chuige. Sidé a bhí sa leitir:—



“A ‘Dhuinn,’ nó a ‘Chaoilte,’ nó a ‘Chosa Buídhe
Árda,’ nó pé ainim n-ar maith leat freagairt dó, tá
t' anam 'á leigint leat an turus so. Mar a deirir,
ní'l cogadh idir rígh Lochlan agus Árdrígh Éirean. Ach
má feictar sa tír seo airís tú ní feicfear beó thú 'n-a
dhiaigh san.”



Do léigh sé an leitir agus chuir sé chuige í. Bhí an
captaéin agus é féin, agus an fhuirean, síbhialta go leór
le n-a chéile go dtí gur sroiseadh cuan Chorcaighe. Do
cuireadh i dtír ag calaith an chuain sin é agus do fágadh
ansan é. Bhí a dhóthin daoine muinteartha i gCorcaigh aige.
Níor bh'fhada an ríghneas a dhein sé eatartha. D'imthigh sé
óthuaidh go Ceann Cora. Níor bh'fhada go bhfeacaidh sé an
ríghdhamhna, Murchadh. Thaisbeáin sé an leitir dó, agus d'inis
sé an sgéal go léir dó, tríd síos.


L. 144


CAIBIDIOL VI.



DHÁ AMHLAOIBH?



Nuair a h-innseadh an sgéal do Mhurchadh ní miste a rádh
ná gur cuireadh ag machtnamh é. Cé r' bh'é an fear a sgríbh
an leitir sin a tugadh do Chaoilte? Cé ba bhun le breith ar
Chaoilte agus é chur isteach i bprísún? Sin cuid des na
ceisteanaibh a bhí ag Murchadh 'á fhiafraighe dhé féin. D'inis
Caoilte dhó conus mar a dh' iar Tadhg Óg ua Cealla air
bheith ag faire, 'n-a chuardaibh, feuchaint an bhfaghadh sé aon
tuairisg ar an Amhlaoibh úd, an comrádaidhe a bhí ag Tadhg
Óg i sgoil Ínse Cathaigh. Nuair airigh sé na ráflaí, thall, i
dtaobh an Amhlaoibh a tháinig ó Shitric, ó rígh Lochlanach Átha
Cliath, ag triall ar rígh críche Lochlan, gur chuimhnigh sé ar an
Amhlaoibh a bhí ar iaraidh agus gur bheartuigh sé i n' aigne
radharc fhághail, dá mb’ fhéidir é, ar theachtaire Shitric, le
h-ionachus go mb' fhéidir gur bh'é an t-Amhlaoibh céadna é.
Gur a d’ iaraidh an radhairc sin a dh'fhághail a bhí sé nuair a
cuireadh an púicín air.



“Agus anois cad is dóich leat do'n sgéal, a rígh?” ar
seisean le Murchadh.



“Tá raint neithe sa sgéal, a Dhuinn,” arsa Murchadh, “atá
soiléir go leór.” (Bhí fhios ag Murchadh cé r' bh' é Caoilte.)
“An fear a dh'órduigh an púicín do chur ort-sa bhí fhios aige
cad a bhí uait, gur theastuigh uait radharc fhághail air féin.
Bhí fhios aige go n-aithneofá é dá bhfaghfá radharc air. Fuair
seisean radharc ort-sa sar ar fhéadais-se radharc fhághail
air-sean. Do rugadh 'n-a láthair tu nuair a bhí an púicín
ort. D' fheuch sé go maith ort ansan. Is fear é go bhfuil
cómhacht aige. Mura mbéadh go bhfuil ní bhéadh an lucht airm
úmhal dó. Tá fhios aige cé 'ra mac tu. Siné cúis nár leig


L. 145


eagla dhó aon anchor a thabhairt duit. Tá an méid sin
soiléir go leór. Cad 'n-a thaobh dó a thabhairt le tuiscint
duit, agus dúinn go léir, as an leitir seo, go bhfuil aithne
mhaith aige ort? Inis an méid seo dhom, a Dhuinn. An raibh
aithne ag an Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh ort?”



“Ní raibh, a rígh,” arsa Caoilte.



“Is dóich liom, a Dhuinn, go dtuigim an sgéal, ach b'fhéidir
dearmhad a bheith orm,” arsa Murchadh. “Me’s aoinne amháin
an dá Amhlaoibh do bhí aithne aige ort, ach cheap sé, agus dob'
fhíor dhó é, go rabhais-se deimhnightheach ná raibh. Ansan do
sgríbh sé an leitir sin chun a chur 'n-a luighe ort nár bh'é féin
an t-Amhlaoibh go rabhais ar a lorg, mar go raibh aithne mhaith
aige féin ort, agus go raibh 'fhios agat féin ná raibh aon
aithne ag an Amhlaoibh eile ort. Is cuimhin liom an
t-Amhlaoibh a bhíodh ag teacht anso ainíos ó Inis Cathaigh i
n-aonfheacht le Tadhg Óg ua Cealla. Mheasas gur bh' ógánach
deagh-chroídheach macánta osgailte é, agus is dóich liom gur
bh'é sin meas gach aoinne air. Is iongantach an sgéal é
má bhí doimhneas fill ann lastigh de'n mhacántacht agus de'n
osgailteacht go léir. B'fhéidir nár bh'fhearra dhúinn rud a
dhéanfaimís 'ná labhairt le Niamh agus an nídh go léir do
chur 'n-a chómhairle. Anso thall, feuch, atá sí féin agus a
h-athair 'n-a gcómhnuighe,” agus thaisbeáin sé an tig do
Chaoilte.



“An bhfuil Niamh n-a cómhnuighe anso, a rígh?” arsa
Caoilte, agus do las sé go bun na gcluas. Thug Murchadh
fé ndeara an lasadh, ach d'iompuigh sé chómh h-oban san, ag
feuchaint ar rud éigin eile, gur mheas Caoilte nár thug.



“Tá sí 'n-a cómhnuighe anso le tamal maith aois. Tá sé
chómh maith agam a dh'innsint duit cad 'n-a thaobh.”



Ansan d'inis sé do Chaoilte an dá fholáramh a thug an
Legáid uaidh, agus an sgannra a bhí air féin le h-eagla go
ndéanfaí aon iaracht ar nimh a thabhairt do'n Árdrígh; conus


L. 146


nár fhéad sé a aigne chur chun suaimhnis go dtí gur chuir sé
fhiachaibh ar Niamh teacht go Ceann Cora.



“Tá,” ar seisean, “eagla agam' leas-mháthair roime n-a
súil. An fhaid a bheidh sí anso ní déanfar aon iaracht ar
éagcóir a dhéanamh ar an Árdrígh. Tuigean Niamh cad chuige
go bhfuil sí anso, agus geallaim dhuit nach miste do
Ghormfhlaith eagla bheith aici roime n-a súil. Ní thuigean
aoinne eile sa teighlach, ámh, ach Niamh agus a h-athair, cad
chuige go bhfuil sí anso. Tuigean fear frithálmha an rígh go
bhfuil sé anso chun aire thabhairt do bhia an rígh, díreach mar
is gnáth aire thabhairt do bhia aon rígh. Ní'l fhios aige go
bhfuil aon chontabhairt fé leith ar m'athair. Tá sé chómh maith
againn dul agus do sgéal-sa a dh'innsint do Niamh
feuchaint a' ndéarfaidh sí go bhfuil dhá Amhlaoibh ann nó ná
fuil.”



Bhuaileadar araon anonn chun an tíghe n-a raibh Niamh agus
a h-athair 'n-a gcómhnuighe ann. Chuir Niamh agus a h-athair
fáilte rómpa mar ba chóir.



D'inis Caoilte a sgéal di, ó thusach go deire, agus
thaisbeáin sé an leitir di.



“Coimeádfad an leitir seo, le nbhúr dtoil,” ar sise,
“agus taisbeánfad do Thadhg í. Má 'sé Amhlaoibh Thaidhg
a sgríbh í aithneóchaidh Tadhg an sgríbhinn.”



“Ná béadh sé chómh maith agam-sa,” arsa Caoilte,
“preabadh siar go h-Uíbh Máine agus an leitir a thaisbeáint
láithreach dó?”



“Thar a bhfeacaís riamh,” arsa Murchadh.



D'imthigh Caoilte siar. Thaisbeáin sé an leitir do Thadhg
Óg ua Chealla.



“Cé 's dóich leat a sgríbh an leitir sin, a Thaidhg,” ar
seisean.



D' fheuch Tadhg ar an leitir. Do léigh sé í. Do léigh sé
airís í. D'fheuch sé ar Chaoilte.


L. 147


“Cé is dóich leat a sgríbh í?” arsa Caoilte leis.



“Airiú, cá bh'fhios dómh-sa cé sgríbh í!” arsa Tadhg.



“Ní'l aon phioc d'á fhios agam cé sgríbh í,” ar seisean, “ná
cad é an brígh atá léi.”



Do stad Caoilte. Chonaic sé nár aithin Tadhg an
sgríbhinn. Bhí sé i gcás 'dir dhá chómhairle cé 'cu ba cheart
dó an sgéal go léir a dh'innsint dó nó nár cheart, gan cead
ó Mhurchadh nó ó Niamh. Fé dheire thuig sé, ó thaisbeáin sé
an leitir, gur cheart dó a dh'innsint cad 'n-a thaobh gur
thaisbeáin sé í agus cad é an brígh a bhí léi. D'inis sé an
sgéal go léir dó, na ráflaí a dh' airigh sé thall i dtaobh bháis
Bhriain agus i dtaobh an Amhlaoibh a chuaidh anonn ó Áth Cliath,
ó Shitric, go rígh Lochlan, agus i dtaobh an teachtaireachta a
bhí ag an Amhlaoibh sin do'n rígh thall, 'ghá rádh leis go raibh
Gormfhlaith go maith, agus an saidhbhreas a bhí uaithi, go raibh
sé fághalta aici. Ansan d'inis sé dhó conus mar a chuaidh
sé féin i gcómhngar do ríghtheighlach rígh Lochlan feuchaint a'
bhféadfadh sé radharc fhághail ar an Amhlaoibh úd, agus conus
mar a cuireadh an púicín air, agus mar a cuireadh sa
phrísún é, agus mar a cuireadh anall go Corcaigh é, agus
conus mar a thug an captaéin an leitir dó.



D'éist Tadhg leis an innsint go breagh socair go dtí go
raibh an focal deirineach ráidhte. Níor labhair sé ansan
féin. D'fhan sé gan labhairt ar fead tamail mhaith. Nuair
a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.



“Cad é an saidhbhreas,” ar seisean, “a bhí ó Ghormfhlaith
agus a fuair sí?”



“Siní díreach an cheist nách féidir le Niamh ná le Murchadh
ná liom féin do réidhteach,” arsa Caoilte. (Níor mhaith leis
trácht ar an gcailís gan cead ó Mhurchadh.)



“Raghaidh mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Tadhg.



Do ghluais an bheirt soir. D'innseadar nár aithin Tadhg
an sgríbhinn.


L. 148


“Shamhluigheas féin gur mar sin a bhéadh,” arsa Niamh.



“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúbhairt an
leitir a thaisbeáint dó.”



“Is mé,” ar sise. “Níor bh’ aon dióbháil í thaisbeáint dó.
Ní h-é an t-é do labhair an chaint do sgríbh an leitir. Fuair
sé duine eile chun na sgríbhinne dhéanamh.”



Bhí Tadhg ana ghruama. Ní raibh focal ag teacht as ach é
ag machtnamh. Bhí an triúr eile ag caitheamh tuairimí chómh
maith agus d'fhéadadar é, agus bhí gach aon tuairim d'ár
tugadh ag dúnadh isteach, i ndiaigh ar ndiaigh, 'ghá chur 'n-a
luighe air gur bh 'aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh. An
fhaid a bhí na tuairimí ar siúbhal bhí a lán neithe beaga ag
teacht chun cuimhne Thaidhg, neithe beaga nár chuir sé blúire
suime ionta nuair a chonaic sé ar dtúis iad, ach gur chuir sé
mórán suime anois ionta, agus bhíodar 'ghá thaisbeáint dó
go raibh gach aon deabhramh gur bh 'aon Amhlaoibh amháin an
dá Amhlaoibh.



Thuig Murchadh gur cheart guid na cailíse d'innsint do
Thadhg. Do h-innseadh dó é. Níor bheag san.



“Ó,” ar seisean, “nách mé an t-amadán críochnuighthe!
Le feall iseadh ghlac sé an Creideamh. Le feall iseadh ghlac
sé na mion-Úird, chun go gcurfaí isteach sa n-érdam é. Ba
cheart mé chrochadh mar gheall ar leigint dó a leithéid
d'amadán a dhéanamh díom! Feall ab eadh an cion a bhí
aige orm! Ó! Ní chuirfead náire an sgéil díom an dá lá
's 'n fhaid a mhairfead! Dá mairinn céad ní chuirfinn díom
é. A Niamh, caithfir-se agus m'athair dul siar abhaile.”



“Airiú, a Thaidhg, a laogh,” arsa Niamh, “cad é an gnó atá
agat siar dínn? Ná fuil fhios agat cad chuige gur tugad
anseo sinn? Cad 'tá chun tu féin a chosg ar aire thabhairt
do'n áit thiar?”



“Ní'lim ag dul siar,” ar seisean. “Leanfad an
feallaire úd! Bainfead an gealgháire dhé. Ó! An


L. 149


claidhre! An bitheamhnach fill! Leanfad é agus tiocfad
suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ghuaillibh dé.”



“Go réidh, a Thaidhg,” arsa Murchadh. “Ní'l deimhne ceart
i n-aon chor fós againn air gur b'é an t-Amhlaoibh a bhí i
n-Inis Cathaigh do sgríbh an leitir sin nó do labhair an chaint
atá inti. Dá mbéadh féin ní h-alaidh dhúinn gan feuchaint
rómhainn le h-eagla gur bh' amhlaidh a chuirfimís ar a chumas
tuille díobhála dhéanamh dúinn. Má 'sé a dhein an méid
díobhála atá déanta ní h-aon dóichín é. Ní foláir cuid d'á
ghastacht féin a dh'imirt 'n-a choinnibh. Eirigh-se siar abhaile
agus fanadh Niamh agus t'athair anso. Ní gan fáth a cuireadh
amach, thall i gcrích Lochlan, an ráfla úd i dtaobh bháis an
Árdrígh. Do cuireadh amach an ráfla i dtreó go mbéadh
daoine ag dul i dtaithighe an sgéil agus nuair a thiocfadh an
tásg ná déanfaí iomad iongnadh dhé. Do cuireadh amach an
ráfla le cúis eile, leis. Do cuireadh amach é mar chómhartha,
'ghá rádh le rígh Lochlan ‘Lean de'n ollmhúchán chómh dian agus
fhéadfair é. Ní fheadaraís cad é an neómat a gheóbhadh
Brian bás. Bhí ollamh.’ 'Sé sin le rádh, ‘Cuirfimíd chun
báis é chómh luath agus is féidir é, ach bídhidh-se ollamh!’
Siné brígh atá leis na ráflaíbh.”



“Gabhaim párdún agat, a rígh,” arsa Tadhg le Murchadh,
“ach má tá daoine anso againn atá chómh ceapaithe sin ar
an Árdrígh do chur chun báis cad 'n-a thaobh ná beirtear
láithreach ortha agus a ndroch bhearta do chur 'n-a leith agus
iad do chur chun báis! Cad chuige bheith ag feitheamh go dtí
go mbeidh an droch bheart déanta acu? Cad é an leigheas
ar an ndroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a
bheidh an droch bheart déanta?”



“Is fíor dhuit, a Thaidhg,” arsa Murchadh, “gur shuarach an
leigheas ar dhroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair
a bhéadh an droch bheart déanta. Ní h-amhlaidh atáthar ag
feitheamh go dtí go ndéanfaidh an cuirptheach an droch beart.


L. 150


Is amhlaidh atáimíd ag déanamh ár ndíchil chun an chuirpthigh do
chosg ar an ndroch bheart a dhéanamh. Ní féidir cuirptheach
do chur chun báis, pé droch amhras a bhéadh agat air, go dtí go
mbéadh droch ghníomh éigin agat le cur 'n-a leith. Mura
mbéadh droch ghníomh agat le cur n-a leith cad a bhéadh agat
le déanamh ach tu féin a chosaint air? Siné atá againn 'á
dhéanamh, a Thaidhg. Táimíd 'ghár gcosaint féin ar an
gcuirptheach. Eirigh-se siar abhaile, a Thaidhg, agus ná leig
ort le h-aoinne aon nídh i dtaobh na cainte seo atá déanta
anso againn indiu. Ná bíodh aon eagal ort ná go
dtabharfad-sa caoi dhuit, nuair a thiocfaidh an t-am chuige, ar
t'aigne shásamh ar an bhfeallaire.”



“Tá go maith, a rígh,” arsa Tadhg. “Tá t' fhocal agam
chuige sin agus táim sásta. Tiocfaidh mo lá.”



Agus d'imthigh sé abhaile.



CAIBIDIOL VII.



AN TSÍDHE GAOITHE.



Nuair a bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe do labhair Murchadh
le Caoilte.



“A Dhuinn,” ar seisean, “pé h-é an t-Amhlaoibh do sgríbh
an leitir sin, nó do labhair an chaint atá intí, tá botún mór
déanta aige. D'á ghastacht é tá dearmhad déanta aige.
Bainfead-sa geit as pé h-é féin. Imthigh ag triall ar
Dhúlainn Óg agus abair leis buidhean d'fhearaibh tobhtha do
chur le chéile gan mhaill agus tar chúgham anso chómh luath agus
bheid siad ollamh aige.



D'imthigh Caoilte.


L. 151


“Cad a mheasan tú a dhéanamh, a rígh?” arsa Niamh.



“Raghad go h-Áth Cliath, a Niamh,” ar seisean, “agus
labharfad le Sitric. Béarfad teachtaireacht ag triall air
ó'n Árdrígh. Táid Lochlanaigh Átha Cliath, agus Sitric leó,
fé smacht an Árdrígh. Taisbeánfad an leitir sin do Shitric.
Tá síthcháin idir Éirinn agus tír Lochlan. Ó 'tá an
tsíthcháin sin ann tá saor chead chun gnóthaí ceannaigheachta
idir an dá thír, agus tá fhiachaibh ar gach tír acu cosnamh dlíghe
a thabhairt dos na ceannaighthibh a thagan ó'n dtír eile. Tá
an cosnamh san againne 'á thabhairt dos na ceannaighthibh
Lochlanacha a thagan go h-Éirinn. Tá geallamhaint againn
ó rígh Lochlan go dtabharfaí an cosnamh céadna do cheannaighthibh
Gaedhlacha dá dtéidís anonn go Danmharg ag déanamh aon
ghnótha ceannaigheachta ann. Chuaidh ceannaighe Gaedhlach
anonn le déanaighe. Bhí sé ag déanamh a ghnótha, gan aon
chur isteach aige 'á dhéanamh ar ghnó aon duine eile, agus gan
briseadh ná milleadh dhéanamh ar aon dlígh de dhlighthibh na
tíre sin. Tháinig ceathrar lucht airm, de lucht airm na tíre
agus do rugadar air, gan chúis gan adhbhar, agus chuireadar
i bprísún é, agus do coimeádadh sa phrísun é breis agus
seachtmhain. Caithfear sásamh a dh'fhághail ó rígh Lochlan as an
ngníomh san. Caithfear an ceart céadna a tugtar do
cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn do chur i n-áirighthe do
cheannaighthibh Gaedhlacha thall i gcrích Lochlan. Ar sgáth na
h-oibre sin, caithfear a dhéanamh amach má 's féidir é, an
bhfuil an dá Amhlaoibh ann, nó an é an t-Amhlaoibh a bhí anso
againn atá anois 'n-a theachtaire idir Shitric agus an rígh
thall.”



Le n-a linn sin tháinig Caoilte thar n-ais.



“Tá Dúlainn agus na fir ollamh, a rígh,” ar seisean.



“Tá go maith, a Dhuinn,” arsa Murchadh. “Tiocfair-se
linn.”



“Cathin a gheóbhmíd aon sgéala uaibh, a rígh?” arsa Niamh.


L. 152


“An túisge 'n-a mbeidh aon nídh le h-innsint gur fiú é
é dh'innsint curfar teachtaire thar n-ais chúghat, a Niamh,”
arsa Murchadh. “Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith
a thabhairt dom' leas-mháthair.”



“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” ar sise. “Tabharfad aire
mhaith dhi. Ní chuirfidh sí cor di a gan fhios dom. Táimíd
go h-ana mhór le n-a chéile. Ach tá fhios aici, is dóich liom,
cad é an gnó atá anso agam, agus tá sí ag déanamh a díchil
chun a thaispeáint dúinn go léir gur dearmhad mór dúinn
aon droch amhras a bheith againn uirthi. Tá an dícheal san
'ghá coimeád ar fad ó aon nídh a dhéanamh a chabhróch' leis an
ndroch amhras. Beidh m'aigne féin ana mhí-shásta, a rígh,” ar
sise, “go dtí go mbeidh 'fhios agam cé h-é an t-Amhlaoibh
seo, nó an aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.”



“Curfar chúghat an t-eólus, a Niamh,” arsa Murchadh,
“chómh luath i n-Éirinn agus bheidh an t-eólus againn le cur
chúghat.”



D'imthigh Murchadh agus Caoilte amach chun na h-áite 'n-a
raibh Dúlainn agus na fir ag feitheamh leó. Ar marcaigheacht
a bhíodar le h-imtheacht. Marcaigh mhaithe ab eadh iad go
léir. Marcach áluinn ab eadh Murchadh agus marcach áluinn
ab eadh Dúlainn. Ach ní raibh aon bhreith ag aoinne de'n
bheirt, ná ag aon fhear i n-Éirinn an uair sin, agus
M'lsheachlainn Mór féin do chur chuige, ar Chaoilte, chun
capail a mharcaigheacht. An stail ba mhó agus ba threise
agus ba thréine dob' fhéidir a dh'fhághail, agus é bheith ag
imtheacht fiain, gan lámh duine do dhul ar a cheann go dtí go
mbéadh sé i n-aois a sheacht mblian, do léimfeadh Caoilte
ar a mhuin, gan srian gan ialait, agus dhéanfadh sé é
mharcaigheacht treasna na dútha go dtí go mbéadh an stail
sin chómh mín le h-uan caoirach aige. Bhí Caoilte cúmtha chun
na marcaigheachta chómh maith díreach agus bhí sé cúmtha chun
an reatha. Bhí an neart agus an fuinneamh go léir agus an


L. 153


bhreis bheagh fhaid ins na cosaibh aige. Aon chapal a geobhfaí
idir an dá chois sin ní raibh aon bhreith aige, pé léimreach a
dhéanfadh sé ná pé casadh a bhainfeadh sé as féin, ar dhul ó
n-a ngreim. Ní fhéadfadh sé an marcach a chur dé ach le h-é
féin d'iomlasg ar an dtalamh. An túisge 'n-a gcuirfeadh
an capal chun luighte bhéadh an marcach 'n-a sheasamh i n'aice
agus ansan, an túisge 'n-a mbéadh an capal ar a chosaibh
airís bhéadh an marcach ar a mhuin airís. Níor bheag de
radharc, uaireanta, bheith ag feuchaint air féin agus ar chapal
óg fhiain ag iomaigh le chéile go dtí go caitheadh an capal
géilleadh dhó sa deire.



Do ghluais an dírim marcach ó Cheann Cora agus thugadar
aghaidh soir óthuaidh ar Theamhair. Ba sheólta an ghluaiseacht
acu é, fan an bhóthair áluinn a bhí go breagh leathan,
leibhéalta, réidh, an bóthar a deineadh le h-órdughadh Bhriain,
ó Cheann Cora go Teamhair.



Tímpal deich míle soir óthuaidh ó Cheann Cora bhí buachail
ag aeireacht bhó ar an dtaobh thuaidh de'n bhóthar. D'airigh
sé, abhfad siar ódheas uaidh, mar a bhéadh séideadh beag
gaoithe tré chrannaibh. Do neartuigh ar an séideadh i dtreó
gur mheas an buachail gur stoirm a bhí ag teacht. Ansan
do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail
nár shéideadh a bhí ann ach fuaim uisge ag gabháil le fánaigh
gleanna. Ansan d'airigh sé mar a bhéadh brúth agus meilt
agus fuadar cuisidheachta, agus do ghluais an marc-shluagh
chuige amach ó sgáth na coille a bhí ar thaobh an bhóthair agus
a bhí 'ghá gclúdach uaidh go dtí san. Thánadar i n'aice agus
ghluaiseadar thairis, agus an fhaid a bhíodar ag gabháil thairis
shamhluigh sé go raibh an talamh ag bogadh agus ag luasgadh
agus ag crith fé n-a chosaibh le neart agus le brúth agus le
fuinneamh a ngluaiseachta agus iad ag imtheacht mar
imtheóch' an tsídhe gaoithe, agus an ceó-bóthair ag eirighe 'n-a
ndiaigh, agus suip agus bileóga feóchta d'á séideadh suas


L. 154


agus d'á gcasadh agus d'á sguabadh chun siúbhail, leis an
ngaoith a tháinig ó'n ngluaiseacht. D'imthíghdar thairis agus
chuaidh an ceó 'n-a shúilibh agus bhí an fothram 'n-a chluasaibh,
agus nuair fhéad sé a shúile do ghlanadh agus feuchaint airís
ortha, bhíodar ag imtheacht soir óthuaidh as a radharc agus bhí
an fothram ag maolughadh. Do mhaoluigh an fothram go dtí
ná raibh ann ach mar a bhéadh fuaim uisge. Do mhaoluigh sé
ansan go dtí ná raibh ann ach mar a bhéadh séideadh gaoithe
tré chrannaibh. Ansan do mhaoluigh sé go dtí ná h-airigheadh
an buachail ach puth beag anois agus airís dé. Ansan bhí
sé imthighthe. Do cuireadh a leithéid de sgárd i gcroídhe an
bhuachala gur fhan sé ar an áit sin gan coruighe as ar feadh
abhfad.



Deich mbliana agus dachad 'n-a dhiaigh san, nuair a bhí an
buachail sin 'n-a sheanduine, bhíodh sé 'n-a sheasamh ar an áit
gcéadna go minic agus d'airigheadh sé an tsídhe gaoithe ag
tusnughadh thiar theas, mar ar thusnuigh an séideadh gaoithe an
uair sin, agus thagadh an tsídhe gaoithe chuige aniar andeas
le fuinneamh, agus do sguabadh sí thairis soir óthuaidh ag
déanamh ceó-bóthair agus ag sgaipeadh na sop, agus bhíodh sé
daingean i n'aigne gur bh'é Murchadh agus a mharc-shluagh a
bhíodh ann! Bhíodar go léir ar shluagh na marbh, an uair sin.



Ach tháinig Murchadh agus a mharc-shluagh go Teamhair. Chuir
sé teachtaire isteach ag triall ar Mh'lsheachlainn 'ghá rádh leis
gur mhaith leis raint cainte dhéanamh leis. Tháinig
M'lsheachlainn amach agus chuir sé míle fáilte roimh Mhurchadh
agus rómpa go léir. Do rug sé leis isteach iad agus dhéin
sé cúram mór díobh. Do cuireadh cóir bídh agus díghe ortha.
Ar ball d'inis Murchadh do Mh'lsheachlainn cad a thug é.
Gur cuireadh duine de cheannaighthibh na h-Éirean i bprísún,
thall i bpríomh-chathair tíre Lochlan, gan chúis gan adhbhar.
Ansan thaisbeáin sé an leitir.



“Táim ceapaithe, a rígh,” ar seisean, “ar dhul soir go


L. 155


h-Áth Cliath agus ar labhairt le Sitric, ó 'sé rígh Lochlanach
Átha Cliath é, agus ar a fhiafraighe dhé an bhfuil aon eólus
aige ar an t-é is bun leis an ngníomh éagcórtha so do
dhéanamh orainn. Dá leigimís leó an gníomh so gan gearán
a dhéanamh mar gheall air níor bh'fhada, b'fhéidir, go ndéanfaí
gníomh eile a bhéadh níba mheasa 'ná é. Is lag an bheart
dúinne a rádh go mbéadh díon agus cosnamh againn 'á thabhairt
do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn, agus na cuirfimís
díon ná cosnamh i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall
i dtír Lochlan.”



“Agus cá bhfuil an ceannaighe Gaedhlach do cuireadh i
bprísún, a rígh?” arsa M'lsheachlainn.



“Má séantar an gníomh, a rígh,” arsa Murchadh, “beidh an
ceannaighe le fághail.”



“An amhlaidh ba mhaith leat mise dhul leat go h-Áth Cliath,
a rígh?” arsa M'lsheachlainn.



“Dá mb' é do thoil teacht linn, a rígh,” arsa Murchadh,
“ba dhian mhaith an rud é. Thabharfadh sé le tuisgint do
Shitric, agus tré Shitric do rígh Lochlan thall, agus dos na
Lochlanaigh go léir, go bhfuilimíd ar aon aigne sa sgéal.
Do chuirfeadh san eagla ar an t-é dhein an gníomh pé h-é
féin.”



“Tá go maith, a rígh,” arsa M'lsheachlainn. “Raghad-sa
libh.”



Bhí dhá bhuidhean acu ann ansan agus iad ag tabhairt aghaidh
ar Áth Cliath. Ní raibh i mBaile Átha Cliath an uair sin ach
cathair ana bheag. Bhí an féar glas ag fás go saidhbhir ar
fhormhór an tailimh atá fé thighthibh móra agus fé shráideanaibh
breaghtha fada leathana anois. Níor dheacair ríghtheighlach
Shitric a dhéanamh amach. Thug an dá bhuidhean aghaidh ar an
ríghtheighlach. Do chonacthas ag teacht iad. Bhí Sitric agus
Amhlaoibh thuas i bhfinneóig. Chonacadar an dá bhuidhean ag
teacht chun an ríghtheighlaigh. D' aithnighdar Murchadh agus


L. 156


M'lsheachlainn. D'aithin Amhlaoibh Caoilte. Do rith
Amhlaoibh agus chuaidh sé i bhfolach.



“Ná leig ort go bhfuil aon phioc eóluis agat, a rígh, ar
cá bhfuilim-se ná an bhfuilim beó nó marbh,” ar seisean le
Sitric.



Chuaidh Sitric amach ag cur fáilte roim Mh'lsheachlainn agus
roim Mhurchadh. Do tugadh isteach iad féin agus na h-uaisle
a bhí i n-aonfheacht leó, agus do cuireadh gach aon chóir ortha.
Ar ball d'inis Murchadh cad a thug é. Bhí ana chathughadh ar
Shitric nuair a h-innseadh dó an éagcóir a deineadh ar an
gceannaighe Gaedhlach thall i gCathair na Beirbe.



“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teachtaire anonn 'ghá
innsint do'n rígh gur deineadh an éagcóir sin, agus déanfar
an uile shaghas deimhne agus uruidheachta air nách baoghal go
dtabharfar aon chaoi d'aoinne ar a leithéid a dhéanamh airís.”



“Tá san maith go leór, a rígh,” arsa Murchadh, “ach ní
dhéanfaidh san an gnó anois. Tá órdughadh agam-sa ó'n
Árdrígh, má tá an fear a dhein an gníomh san i n-Éirinn
anois, lucht cuardaigh do chur amach chun beirthe air agus chun
é thabhairt chun lámha. Ar mhaithe leis an dá thír, le h-Éirinn
agus le tír Lochlan, ní foláir an fear a dhein an gníomh san
do chur chun báis. Is bíodhba báis do'n rígh é, mar do thóg
sé chuige féin an t-ughdarás a bhainean leis an rígh. Is
bíodhba báis do mhuintir na h-Éirean é, mar do dhein sé
gníomh i gcoinnibh anama fir Éireanaigh. Is bíodhba báis é
do Lochlanaigh, i n-Éirinn nó i n-aon tír eile, mar do dhein
sé gníomh a chuirfidh fhiachaibh ar lucht gach tíre eirighe 'n-a
gcoinnibh, mura ndeintear an gníomh a dh' agairt, agus san
go luath, ar an t-é a dhein an gníomh. Ar mhaithe linn go
léir, a rígh,” arsa Murchadh, “ní foláir dómh-sa a bheith ar
mo chumas a rádh leis an Árdrígh nuair a raghad abhaile, go
bhfuil do bhriathar rígh agam uait-se chuige go ndéanfair féin
do dhícheal, agus go ndéanfaidh rígh Lochlan a dhícheal, ar


L. 157


theacht suas leis an gcuirptheach a dhein an gníomh san agus
é thabhairt chun lámha agus an bás atá tuillte aige dh'imirt
air.”



“Asdó, b' fhéidir, a rígh,” arsa Sitric, “na féadfadh ár
ndícheal teacht suas leis.”



“Ní duine suarach é a rígh,” arsa Murchadh. “Ní fhéadfadh
aon duine suarach an gníomh a dhein sé do dhéanamh. Ní bhéadh
lucht airm an rígh úmhal do dhuine shuarach. An fear gur
dhein lucht airm an rígh rud air, mar a dheineadar air siúd,
ní ró fhuiriste dhó dul i bhfolach ó ríogra na tíre.”



“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric. “Ní'l agam-
sa le déanamh ach mo bhriathar rígh a thabhairt duit go
ndéanfad mo dhícheal ar é thabhairt chun lámha, agus go
n-iarfad ar rígh Lochlan a dhícheal a dhéanamh, leis, chuige.
Isé ár mbuac go léir, aon fhear a mhillfidh ár smacht, é
thabhairt chun lámha chómh luath agus is féidir é.”



Nuair a bhí an méid sin cainte déanta eatartha, d'fhág
Murchadh agus M'lsheachlainn slán ag Sitric agus thánadar
uaidh. Bhí Amhlaoibh i bhfolach agus é ag éisteacht leis an
gcaint. Nuair a bhí an dá bhuidhean imthighthe tháinig sé amach,
agus bhí a lán cainte idir é féin agus Sitric feuchaint conus
fhéadfaidís teacht as an gcruadh-chás 'n-a rabhdar mar gheall
ar an ngníomh a dhein Amhlaoibh.



CAIBIDIOL VIII.



BEIRT DROCH BHUACHAILÍ.



“Déanfaidh an t-annsgian san, Murchadh, díobháil dúinn,
a rígh,” arsa Sitric. “Ní maith a dheinis é an fear do chur
sa phrísún. B'fhearr sgaoileadh leis agus faire do choimeád
air.”


L. 158


“Siné díreach a dhéanfainn mura mbéadh a fhios a bheith
agam go n-aithneóch' sé mé dá bhfaghadh sé radharc orm,”
arsa Amhlaoibh. “Is dóich leó i gCeann Cora go bhfuilim
marbh. Ní'l aon phioc d'á fhios acu cé r' bh'é Amhlaoibh ná an
bhfuil sé beó. Dá bhfaghadh an fear úd na gcos radharc orm
do neósfadh sé dhóibh cá bhfeacaidh sé mé. Tá aithne aige
orm, ach is dóich leis ná fuil aon aithne agam-sa air féin.
Siné ball 'n-a bhfuil an dearmhad air. D' aithnigheas an
peidléir thall chómh luath agus do leigeas mo shúil air. Dá
bhfeiceadh sé mé sar a bhfeaca-sa é, agus go n-imtheóch' sé
gan mé 'ghá fheisgint, d'imtheóch' sé abhaile láithreach agus do
neósfadh sé dhóibh i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora go
bhfeacaidh sé mé, agus cá bhfeacaidh sé mé. Ansan do bhéadh
fhios acu go léir cé thóg an chailís. Chonaic Colla mé i
gCeann Cora an lá fhágas an áit. Do curfaí so agus súd
le chéile agus bhéadh 'fhios acu go léir cad é an gnó a bhí agam
i gCeann Cora an lá san. Thabharfaidís tuairim do cá bhfuil
an chailís anois. Chaithfeadh do mháthair teitheadh le n-a h-anam
as an áit.”



“Mo mháthair!” arsa Sitric.



“Ár máthair, má seadh,” arsa Amhlaoibh. “Ní beag di a
bhfuil le fulang aici eatartha. Is fearr gan a thuille eóluis
a thabhairt dóibh. Is dóich leó go bhfuil an chailís imthighthe
thar faraige. Ní féidir d'ár máthair cor a chur di, do ló
ná d' oídhche, a gan fhios dóibh, tá an faire chómh géar san
uirthi. Dá bhfaighinn-se mo thoil ní raghadh fear na gcos thar
n-ais ag triall ortha. Bhí eagal ar an rígh, dá dtugtí aon
anchor dó go dtiocfadh cogadh as, agus gan sinn ollamh
fós, dar leis.”



“Cad é an neart atá ollamh aige?”



“Tá ocht míle fear ollamh aige, i n-arm 's i n-éide. Dá
nglaoidhtí amáireach air d'fhéadfadh sé dhá mhíle fear eile do
chur leis an ocht míle sin. Ní dóich leis go bhfuilimíd laeth


L. 159


láidir ár ndóthin. Tá sgannradh Ghleanna Mháma fós air,”
arsa Amhlaoibh.



“Ní h-aon iongnadh go mbéadh,” arsa Sitric. “Dhein
Clann Chais obair uathbhásach an lá san.”



“Bainfear móráil an lae sin díobh nuair a thiocfaidh an
lá atá 'n-a gcóir againn,” arsa Amhlaoibh.



“Bainfear,” arsa Sitric. “Ach is fearr feuchaint
rómhainn agus sinn féin d' ollamhughadh i gceart. Cad é an
neart eile, nó na nirt eile, atá ollamh, nó ag ollamhughadh, i
n-éaghmuis nirt rígh Lochlan agus ár neart féin i n-Éirinn
anso?”



“Tá neart d'á ollamhughadh ar oileán Mhanain,” arsa
Amhlaoibh, “agus ní neart suarach é. Tá chúig céad déag
fear ann, ollamh aon lá a glaodhfar ortha. Ní'l oileán des
na h-oileánaibh atá lastiar d' Albain gan míle nó cúpla
míle fear ollamh ann. Is dóich liom go bhfuil trí mhíle fear
ollamh ar oileán Sgathaigh.”



“Tá san maith go leór, a rígh, ach an bhfuil aon eólus
cruinn agat ar an ollmhúchán atá ag Brian 'á dhéanamh?”
arsa Sitric.



“Ambriathar go bhfuil,” arsa Amhlaoibh. “Ní'l aon
mhíogarnach ar Bhrian. Tá sé 'ghá ollamhughadh féin chómh
tréan agus d'fhéadfadh sé bheith 'ghá ollamhughadh féin dá
mbéadh fios ár n-aigne aige chómh cruinn agus 'tá againn
féin. Dá mbéadh sé deich mbliana níos óige 'ná mar atá
sé bhéadh sé fuar againn bheith ag brath ar aon lámh uachtair
a dh'fhághail air. Ach tá sé ana aosta. Ní fios cad é an
neómat a shínfidh sé a chosa. Ansan má bhímíd ollamh beidh
gach aon rud ar ár dtoil againn.”



“Mheasas,” arsa Sitric, “go raibh congnamh aige le
fághail chun iad a shíneadh.”



“Is deacair an congnamh a thabhairt dó, tá an faire chómh
dlúth san,” arsa Amhlaoibh. “Tá inghean Thaidhg Mhóir uí


L. 160


Chealla sa n-áit i gcómhnuighe agus ní féidir aon nídh a
dhéanamh a gan fhios di.”



“Airighim a lán daoine ag teacht tháirsi sin 'ghá rádh gur
cailín ana bhreagh í. Cad é an saghas í?”



“Droch shaghas,” arsa Amhlaoibh. “Tá sí dathamhail,
deabhraightheach, áluinn go maith. Déarfainn gur b' í an bhean
is áilne i n-Éirinn í, lasmuich de'n Árdrígain. Ach tá sí
go h-olc.”



“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i
mbéalaibh daoine 'n-a taobh 'ná go bhfuil áilneacht a pearsan
thar na beartaibh agus gur bhuaidh uaisleacht a h-aigne agus
a méinne ar áilneacht a pearsan.”



“Ná creid focal dé,” arsa Amhlaoibh. “Creid a mhalairt.
An chéad uair riamh a chonac í do chonac go raibh sí go h-olc.
Droch shaghas iseadh í. Deirim leat é.”



“Cad é an saghas a dritháir?” arsa Sitric. “Deir gach
aoinne go raibh ana chion aige féin agus ag Amhlaoibh ar a
chéile; an t-Amhlaoibh úd a cailleadh nó d'imthigh amú.
Deirtear go raibh sé ag briseadh a chroídhe ag gol i ndiaigh
Amhlaoibh.”



“Ó, cúis gháire chúgainn! An fear bocht. Ní'l ann ach
leath-amadán,” arsa Amhlaoibh. “Bhíodh ana spórt agam air
uaireanta. Ní leiginn m' aigne chuige, ámhthach. Bhíomair
thuas i gCeann Cora lá agus bhí cleasaidheacht ar siúbhal ann.
Bhain sé an cos de mharcach bréige ann le buille thuaigh. Do
leigeas féin orm nár fhéadas an cleas a dhéanamh. ‘Níor
thugais a cheart féin do'n fhaobhar,’ ar seisean liom.
Amadán iseadh é, a rígh. Ní miste fear láidir a thabhairt
ar Mhurchadh, ámhthach. Ní dóich liom gur bhuail riamh fós
umam fear chómh láidir le Murchadh. Deirtear gur treise
d'fhear é 'ná a athair an lá is fearr a bhí a athair. Is
iongantach an fear é. Ní fhéadfá do shúile thógaint dé dá
bhfeicfeá ag déanamh na lúthchleas é. Ní'l aon teóra leis
an neart atá suidhte ins gach ball d'á bhallaibh.”


L. 161


“Tá súil agam ná buailfead uime sa chath so atá le teacht
lá éigin,” arsa Sitric. “Ach feuch, a Amhlaoibh. Tá an
sgéal go h-olc agat-sa.”



“Conus san airiú!”



“Caithfear an ceann a bhaint díot.”



“Ó, tuigim,” arsa Amhlaoibh. “Agus tá do bhriathar rígh
tabhartha agat-sa do Mhurchadh agus do Bhriain go ndéanfair
do dhícheal chun an cinn a bhaint díom. Nách símplídhe na
daoine iad! Ach ar ndó, táim féin chómh símplídhe le
h-aoinne acu. Dá mb'áil liom-sa an ceann a bhaint d' fhear
na gcos nuair a bhí greim agam air ní bhéadh an ceann le
baint díom féin anois, agus ní bhéadh do bhriathar rígh tabhartha
uait agat-sa chuige. Ach sin mar imthíghean i gcómhnuighe ar
an nduine ná bainean an ceann d'á namhaid nuair a gheibhean
sé an lom air. Gheóbhaidh an namhaid sin lom air féin agus
bainfidh sé an ceann dé.”



“An neósfair do'n rígh gur tháinig M'lsheachlainn agus
Murchadh anseo?” arsa Sitric.



“Imtheóchadh soir láithreach agus neósfad an uile fhocal dé
dhó, agus neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i
n-aonfheacht leó, agus ná tiocfadh d'á mb'áil leis an rígh
leigint dómh-sa an ceann a bhaint dé i n-inead an phúicín
a chur air,” arsa Amhlaoibh. “Chuirfinn-se púicín air a
chuirfeadh deire le n-a chuid spiaireachta. Ach ní h-aon mhaith
bheith ag caint anois air mar sgéal. An ceannaighe! An
peidléir! Is deas an obair bheith ag tabhairt ceart
ceannaigheachta d'á leithéid sin! Ceart spiaireachta atá
tugaithe dhó!”



“Agus go mór mór ó's duine tusa ná déanfadh
spiaireacht i n-aon chor! Ba lag leat a leithéid a
dhéanamh!” arsa Sitric.



“Cuir uait an magadh, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Ní cúrsaí
magaidh é. Déanfaidh Donn mac Beathach díobháil fós dúinn.


L. 162


agus ní dhéanfadh dá ndeintí rud orm-sa nuair a bhí greim
againn air. Ach é chur anall abhaile 'n-a shaoghal agus 'n-a
shláinte! Ní féidir liom foidhneamh leis mar sgéal nuair a
chuimhnighim air!”



Do sgar an bheirt. D'imthigh Amhlaoibh anonn go
ríghtheighlach rígh Lochlan agus d'inis sé dhó gach nídh i dtaobh
teacht Mhurchadh agus Mh'lseachlainn go h-Áth Cliath, fé mar
a dúbhairt sé go neósfadh sé.



“Tá go maith,” arsa'n rígh. “Is fearr go mór an sgéal
a bheith mar atá sé 'ná é bheith mar a bhéadh sé dá gcurtí an
fear úd chun báis. Dá gcurtí chun báis é ní bhéadh Lochlanach
beó i n-Éirinn um an dtaca so ach an méid acu do cuirfeadh
iad féin go daingean fé smacht Bhriain. Ní fhéadfaimís-ne
cosg do chur le n-ár ndaoine féin anso. Do caithfí iad do
ghleusadh agus do chur ar loingeas agus iad do breith go
h-Éirinn chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh
Éirean mar gheall ar mharbhughadh a gcine. Ní bhéadh ach
dithineas agus droch ollamhughadh sa n-obair. Ní raghadh ár
neart go h-Éirinn i n-aonfheacht. 'N-a mbuidhnibh fé leith
iseadh do shroisfidís Éire. Ansan do mharbhóch' Brian iad
'n-a mbuidhnibh fé leith. Is fearr go mór an sgéal a bheith
mar atá sé. Beidh uain againn ar thuille nirt do chur le
chéile. Agus feuch, a Amhlaoibh, a mhic ó,” ar seisean, “beidh
uain ag Brian ar bhás a dh' fhághail, — má tá aon aidhm
aige ar bhás a dh' fhághail i n-aon chor!”



D'fhan an sgéal mar sin agus do ghluais an t-ollmhúchán
ar aghaidh, ins gach aon pháirt de chrích Lochlan agus ins gach
aon pháirt d'oileán na h-Éirean, go mór mór ins na
h-áiteanaibh a bhí dílis do Bhrian.


L. 163


CAIBIDIOL IX.



MARBHUGHADH LE SOILBHREAS.



An shaid a bhí an t-ollinúcháan r siúbhal mór-thímpal na
n-Éiaean bhí aghaidh na h-Éirean ar Cheann Cora. Ní raibh
lá gan priúnsa éigin, nó buidhean éigin, d'uaislibh nó de
mhaithibh móra, ó cheanntar éigin de'n tír, ag teacht go
ríghtheighlach Bhriain, a d'iaraidh cómhairle, nó ag socarughadh
cúise, nó 'ghá fhiafraighe an 'mhó fear a bhéadh ortha do chur le
chéile i gcóir an chogaidh a thuig gach aoinne a bhí ag teacht.
Deiridís go léir nuair a bhídís ag imtheacht, ná raibh riamh i
n-Éirinn rígh chómh mór gradam le Briain; ná raibh riamh i
n-Éirinn ríghtheighlach chómh greanta le ríghtheighlach Bhriain; ná
raibh riamh i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir chómh h-uasal,
chómh cródha, chómh tréan i gcath le Clainn Chais.



Ansan deiridís go léir, d'á áilneacht agus d'á nósmhair-
eacht agus d'á uaisleacht ar gach aon tsaghas cuma, an
ríghtheighlach agus a raibh ann, gur chuir an Bhanríghin agus
Niamh, ar an ngradam agus ar an uaisleacht agus ar an
saidhbhreas agus ar an bhflúirse agus ar an rabairne, maise
ná béadh ortha i n-aon chor mura mbéadh an bheirt sin a bheith
sa n-áit.



Gan amhras dob' áluinn an bheirt iad; agus ní aithneóch'
aoinne do thiocfadh ann mar sin ar chuaird ná go raibh
caradas idir an mbeirt. Is ar éigin ba dhóich le duine a
thuigeadh Niamh féin uaireanta go raibh aon nídh eatartha ach
caradas, bhíodh Gormfhlaith chómh caoin chómh cneasda chómh
grádhmhar san léi. Bhíodh an t-Aifrean gach aon mhaidion, ag
Maolshuathain, i n-eaglais an ríghtheighlaigh, agus bhíodh
Gormfhlaith agus Niamh ag an Aifrean coitchianta. Do chítí
go minic i gcaitheamh an lae an bheirt i bhfochair a chéile, ag
caint agus ag cómhrádh go soilbhir agus go suairc agus go


L. 164


sultmhar, i dtreó ná bíodh aon phioc d’ á chuimhneamh ag
aoinne ná raibh fios bunús an sgéil aige, go raibh aon nídh
idir an mbeirt ach caradas fírinneach. Ní raibh fios bunús
an sgéil ag Maolshuathain. Do tuigeadh gur bh'fhearr an
sgéal a choimeád uaidh i dtreó ná taisbeánfadh sé aon
sgáthamhlacht 'n-a chaint ná 'n-a chuideachtanas leis an Árdrígh
ná leis an Árdrígain. Ach bhíodh iongnadh mhór air nuair a
thagadh Niamh chuige chómh minic roimis an Aifrean, ar maidin,
agus nuair a dh'iaradh sí chómh dian chómh dlúth air a guidhe do
chur suas chun Dé sa Naomh Ídhbirt.



Bhí an aimsir ag gluaiseacht ar an gcuma san. Cómhacht
Bhriain ag neartughadh ins gach aon bhall istigh i n-oileán na
h-Éirean, agus cómhacht Lochlan ag neartughadh ins gach aon
bhall lasmuich d'oileán na h-Éirean. Na buidheana ins na
daingeanaibh ag déanamh taithíghe des na h-armaibh agus ag
leanmhaint ar an dtaithíghe chómh díchealach agus ba cheart
d'fhearaibh ná feidir cad é an neómat a chaithfidís na h-airm
sin do láimhsiáil i gcoímhsgar machaire chun iad féin a
chosaint ar namhdaibh fíochmhara fuilteacha, mar a dhein cuid
acu go minic cheana. Na ríghthe agus na h-uaisle ar fuid na
tíre ag cur a mbuidheana féin le chéile, 'ghá múineadh agus
'ghá ngleusadh agus ag méadughadh a neart, ag toghadh na
bhfear ab fhearr agus ag cur na n-iarmharán i leith taoibh.
An gabha, Meargach, ag obair go dian, na ceardaighthe dob'
fhearr le fághail aige na teinte ar lasadh agus na builg ag
séideadh aige, do ló agus d'oídhche, agus gan ar a chumas
na h-airm a dhéanamh chómh tiugh agus bhí glaodhach agus
ceannach ortha, bhí a leithéid sin d'airc ar gach aon rud i
bhfuirm fir chun arm a bheith n-a láimh aige. Bhí Tadhg Mór
ua Cealla i gCeann Cora, ach má bhí, bhí Tadhg Óg thiar sa
bhaile, agus ní baoghal ná gur ghleus sé neart Uíbh Máine
chómh maith díreach agus dhéanfadh Tadhg Mór féin dá mbéadh
sé thiar.


L. 165


Is amhlaidh a bhí faire agus formad agus iomarbháigh idir
na ríghthibh agus idir na cineachaibh, feuchaint cé b' fhearr a
dhéanfadh an t-ollmhúchán, agus cé r' bh' iad an bhuidhean dob'
fhearr a bhéadh gleusta agus ba mhó do thaisbeánfadh neart
nuair a thiocfadh an ghlaodh.



Bhí an feall a thuig sé a bhí déanta ag Amhlaoibh air ag
déanamh ana bhuartha do Thadhg Óg ua Chealla. Nuair a
chuimhnigheadh sé ar an bhfeall san do choruigheadh a chuid fola
agus thagadh allus teith tré n-a chroicean amach le náire.
Thuig sé i n' aigne mura mbéadh an caradas a thaisbeáin sé
féin do'n ropaire fill, go mb' fhéidir ná béadh oiread
iontaoibh ag Colla as agus do bhí. Thuig sé ansan go
mb' fhéidir gur cheart dó dul ódheas chun an mainistreach
agus an sgéal go léir a dh'innsint do Cholla, sgéal Chaoilte
a dh'innsint dó. Go mb’ fhéidir go dtiocfadh droch amhras
ag Colla ar dhuine éigin eile, díreach fé mar a tháinig an
droch amhras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac
Duibh. Nuair a chuimhnigh sé ar an méid sin ba dhóbair dó
preabadh ódheas láithreach. Ach ansan do chuimhnigh sé ar
Niamh agus ar Mhurchadh, agus dúbhairt sé leis féin gur
bh'fhearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora agus labhairt le
Niamh. Siúd soir é. Ní fhéadfadh sé fanmhaint socair. Ní
fhéadfadh sé an oídhche chodladh. Ní fhéadadh sé aon
tsuaimhneas fhághail ó n' aigne ach an fhaid a bhíodh gnó éigin
idir lámhaibh aige, gnó éigin a choisgfeadh é ar bheith ag
machtnamh. Nuair a bhíodh sé ag siúbhal ní fhéadadh sé gan
bheith ag géarughadh sa chuisidheacht go dtí ná féadfadh aoinne
coimeád suas leis.



Tháinig sé go Ceann Cora. Nuair a bhí sé ag teacht i
gcómhngar an ríghtheighlaigh agus é ag siúbhal go géar, chonaic
sé an bheirt bhan ag siúbhal roimis amach agus é ag teacht
suas leó. Bhí sé ag siúbhal géar agus bhíodar-san ag siúbhal
go breagh réidh. Bhí caint éigin ar siúbhal acu a bhí 'ghá gcur


L. 166


ag gáirí go h-iongantach. Níor mhothuighdar ag teacht é go
dtí go raibh sé nách mór buailte leó. D'iompuighdar agus
thugadar agháidh air. Do stad é 'n-a choilg-fheasamh ar lár
an bhóthair. Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann.



“Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh!” arsa Gormhfhlaith go
soilbhir. “Is fada na feacamair thu,” ar sisé, agus shín sí
a lámh chuige agus gáire 'n-a snua.



Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní
fhéadfadh sé focal do labhairt.



“Is dócha,” ars sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar
Amhlaoibh. Cuirean sé uaigneas orm, a Niamh,” ar sise le
Niamh, “Tadhg a dh'fheisgint agus gan Amhlaoibh a dh'fheisgint
le n-a chois. Bhí ana chion agam ar Amhlaoibh. Ní fheadar
an domhan cad d'imthigh air. Ba mhór an truagh aon droch
nídh a dh'imtheacht air.”



Chomáin sí léi mar sin ag caint. Níor labhair Tadhg. Ní
fhéadfadh sé labhairt. Bhí sé mar a sádhfaí le sgiain é. Níor
labhair Niamh ach chómh beag. Pé rud a bhí 'ghá cur ag gáirí
sar a dtáinig Tadhg suas, níor fhan aon chuimhne aici air agus
níor fhan aon gháire aici.



“Is dóich liom,” arsa Gormfhlaith, “go bhfuil rud éigin ag
déanamh buartha do d' dhritháir, a Niamh, agus gur maith leis
bheith ag caint leat at' aonar. Fanaigh ansan ag siúbhal
daoibh féin go dtí go mbeidh bhúr gcaint déanta agaibh, agus
raghad-sa isteach. Ach ná coimeád abhfad uaim í, a Thaidhg,”
ar sise. “Tá cleas ar obair shnáthaide aici 'á mhúineadh dhom
agus ní bheidh mé sásta go dtí go mbeidh an cleas agam.”



D'imthigh sí uatha. Níor labhair aoinne de'n bheirt go dtí
go raibh sí as a radharc. Ansan do labhair Niamh.



“Airiú, a Thaidhg, a mhaoinach,” ar sise, “cad tá ort!”



“Ní'l blúire ar domhan orm,” ar seisean, “ach do bhain
an bhean san a leithéid de phreib asam! Níor fhan léas
meabhrach agam nuair a chonac an bheirt agaibh i bhfochair a


L. 167


chéile ar an gcuma san. Nách uathbhásach an ara í! Cad é
mar fhéadan sí caint agus sult agus gáirí dhéanamh, gur
dhóich le duine ná fuil cor ná lúb 'n-a croídhe ach oiread
leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh!”



“Ní feadaraís a leath, a Thaidhg. Ní fheadaraís a leath,”
arsa Niamh. “Mura mbéadh m' athair a bheith anso am' aice
agam chomáinfeadh sí as mo mheabhair mé. Ní fheadar an
tsaoghal cad a dhall Brian agus í thabhairt leis riamh!
B'fhearr liom go mbeinn féin agus m' athair thiar sa bhaile
agus go bhféadfaimís fanmhaint ann.” Ansan do chrom sí
ar ghol, agus bhí sí ag gol ar feadh tamail mhaith.



Níor labhair Tadhg go dtí go raibh an greas san guil curtha
dhi aici. Nuair a bhí sé curtha dhi aici: “Seadh!” ar 'sise
“Is mór an t-éadtromughadh ar mo chroídhe an méid sin.”



“A Niamh, a laogh,” arsa Tadhg, “ní dhéanfaidh so an gnó
go deó. Caithfear atharughadh dhéanamh ar an obair seo. Ní
fágfar anso thusa níos sia. Tá cion agam ar Bhrian. Tá
cion againn go léir air. Ach is measa liom-sa thusa 'ná é,
agus 'ná a bhfuil beó d'á mbainean leis. Má thug sé leis
í, agus má dhein sé dearmhad nuair a thug sé leis í, ní h-alaidh
dhúinn tusa bheith thíos leis an ndearmhad san. Caithfidh
Murchadh duine éigin eile do chur ag faire ar Ghormfhlaith.
Bean éigin d'á saghas féin be cheart do chur ag faire uirthi.
Is maith liom mar a thánag. Ní raibh aon choinne agam go
rabhais i n-a leithéid de chás aici. An bhfuil fhios agat cad
'tá ceapaithe aici? Tá sí ceapaithe ar do chroídhe a bhriseadh
istigh ad' chliabh le corp soilbhris agus síbhialtachta! Isé a
nádúr féin fuath fíochmhar a bheith aici lastigh de'n tsoilbhreas
agus de'n ghealgháire. Is amhlaidh a réidhtighean san le n-a
goile agus le n-a sláinte. Tá fhios aici go h-áluinn nách
mar sin duit-se, ná réidhtighean a leithéid le d' ghoile ná le
d' shláinte. Tá fhios aici go gcuirfidh an obair sin sa chré
thú ach leanmhaint air. Anois, ag feuchaint dom ort, chím go


L. 168


bhfuilir ag dul as. Caithfear duine éigin a dh'fhághail a bheidh
maith a dóthin di sa chleas so atá ar siúbhal aici.”



“Is dóich liom, a Thaidhg,” arsa Niamh, “go bhfuil an ceart
agat, nó pé 'n-Éirinn é, go bhfuil cuid de’n cheart agat.
Tá sí, is dóich liom, ceapaithe ar mo shláinte bhriseadh, nó
murab é sin é, ar mé dhíbirt as so. Is dóich liom gur cuma
léi ach go mbéadh sí sgartha liom beó nó marbh. Má imthíghim
anois beidh áthas uirthi agus déarfaidh sí léi féin go bhfuil
eirighthe go maith léi sa chluiche a shocaruigh sí ar a dh'imirt.
Ní maith liom an méid sin a thabhairt mar shásamh di agus
gan cúrsaí an Árdrígh do bhac i n-aon chor.”



“Ní h-aon chomparáid i n-aon chor tusa agus í féin, a
Niamh. Ní h-aon chreideamhaint duit-se an lámh uachtair a
dh'fhághail uirthi ins na beartaibh atá curtha roimpi aici.
Téanam agus labhraimís le m' athair. Agus feuch airiú! Ba
dhóbair dom an gnó a thug mé do dhearmhad. Táim 'ghá
chuimhneamh, a Niamh, gur ceart dom dul síos go h-Inis
Cathaigh agus a dh'innsint do Cholla gur b' é Amhlaoibh a ghuid
an chailís.”



“Agus ar neóin, a Thaidhg,” arsa Niamh, ag cur smuta
gáire aisti, “ní'l aon deimhne ceart fós agat air gur b' é
an t-Amhlaoibh a bhí thíos i n-Inis Cathaigh do ghuid an
chailís.”



“Tá deimhne mo dhóthin agam air,” ar seisean. “Nách
tapaidh a tháinig an dúil sa Chreideamh aige! Bhí rud éigin
'ghá chur n-a luighe orm i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a
bhí sé 'ghá ollmhughadh féin chun an Creidimh a ghlacadh ná raibh
aon ghus sa n-ollmhuchán. Bhí eagal orm dá ngéillinn do'n
smaoineamh san go mbéinn ag déanamh éagcóra ar an
mbuachail, bhí sé chómh símplídhe, chómh leanabaídhe sin, an
ropaire! Ansan airís, nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis
bheith 'n-a shagart, tháinig an smaoineamh céadna chúgham.
Cheapas nár mhothuigheas an gus ceart 'n-a chaint ná 'n-a


L. 169


mheón i dtaobh an ruda a bhí aige 'á chur roimis, dar liom.
Thugas fé ndeara go minic folamhas éigin ná féadainn a
thuisgint ins na gnóthaibh Creidimh a bhíodh ar siúbhal aige.
An lá a bhí Brian agus na h-uaisle thíos, nuair a thainig an
Legáid, d' airigheas daoine ag cáineadh agus ag gearadh na
Lochlanach os cómhair an Lochlanaigh óig. Bhí eagal orm go
mbéadh fearg air. Níor chuir sé blúire suime 'n-a gcaint,
an ropaire fill! Is áluinn a choimeád sé a aigne istigh,
agus mise ag déanamh éagcóra ar mo dhá shúil agus ar mo
bhreatheamhntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air-
sean. Ní'l aon phioc d'á mhearbhall orm, a Niamh. Isé ghuid
an chailís, agus is chun í ghuid do leig sé air gur ghlac sé an
Creideamh, agus is chuige do leig sé air gur mhaith leis bheith
'n-a shagart. Bhí fhios aige, chómh luath agus bhéadh cuid des
na mion-Órdaibh glacaithe aige, go gcuirfeadh Colla sa
n-érdam é. Ansan bhí gach aon chaoi aige ar an gcailís a
ghuid. Bhíos chun dul síos agus an sgéal go léir a
dh'innsint do Cholla, ach níor mhaith liom é dhéanamh gan é
chur ad' chómhairle-se ar dtúis. Cá bh' fhios ná go mb’ fhéidir
go mbéadh sé ar dhuine éigin eile ag Colla. Téanam go
bhfeicimíd m'athair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuimhneamh
ad' aigne ar cad is ceart dom a dhéanamh.”



Chuadar isteach i dtigh Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus
fuaradar Tadhg féin rómpa istigh.



CAIBIDIOL X.



FUASGAILT.



Bhí Tadhg Mór féin rómpa istigh agus níor bh' aon iongnadh
má gheal a chroídhe nuair a chonaic sé chuige isteach an bheirt.
Ní raibh le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a


L. 170


dh'fhéadfadh seasamh i n-aice na h-inghíne agus iomláine a
h-áilneachta féin do choimeád. Pé áilneacht a chífí inti an
fhaid a bhéadh sí 'n-a h-aonar do thiocfadh claoídhchlódh ar an
áilneacht san nuair a curfaí 'n-a seasamh i n-aice Niamh í.
Bhí daoine ag tusnughadh ar a thabhairt fé ndeara ná bíodh
iomláine blátha ar áilneacht Ghormfhlaith féin, le deiriníghe,
nuair a chítí Niamh 'n-a h-aice. Níor chóir puínn iongnadh
dhéanamh dé sin, ámhthach, mar is ag teacht a bhí áilneacht Niamh
agus bhí áilneacht Ghormfhlaith ag imeacht, nó ag tusnughadh
ar imtheacht. Agus i dtaobh an mhic. Bhí finne agus
solusmhaire agus gileacht na h-inghíne ann, agus bhí folt óir
na h-inghíne air; an t-ualach órdha ar a cheann agus anuas
ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí an tsúil ríoga
chéadna n-a cheann, go glan agus go h-osgailte agus go
neamh-eaglach. 'N-a theannta san bhí sé groídhe cumasach
láidir mar ba dhual athar dó bheith. Ní raibh an chaoi fághalta
fós aige ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge dhéanamh, mar a
bhí fághalta agá athair, i gcathanaibh Bhriain i n-aghaidh na
Lochlanach. Ach bhí an chaoi roimis, agus bhí gach aon deabhramh
go ndéanfadh sé na gníomhartha nuair a thiocfadh an chaoi,
agus go mothóch' na Lochlanaigh meaghchaint a bhuille.



Níor bh' aon iongnadh má gheal croídhe Thaidhg Mhóir uí
Chealla nuair a chonaic sé an bheirt chuige isteach.



“Dé bheatha-sa, a Thaidhg!” ar seisean. “Conus fhágais
gach aon rud agus gach aoinne ad' dhiaigh sa bhaile?”



“Go mairir-se, a athair!” arsa Tadhg. “D'fhágas gach
aoinne agus gach aon rud am' dhiaigh go maith, buidhchas le
Dia! Bhí rud beag ag déanamh buartha dhom agus níor
dheineas ach ruith aniar chun go labharfainn le Niamh mar
gheall air.”



“An 'mó fear a bheidh agat i gcóir an chogaidh, a Thaidhg?”
arsa Tadhg Mór.



“Tá chúig céad déag fear againn cheana, a athair,” arsa


L. 171


Tadhg Óg, “agus tá fhios agam go mbeidh chúig céad eile
againn sar a' fada.”



“Tá san ró bheag, a mhic ó,” arsa Tadhg Mór. “Ba cheart
dúinn an trí mhíle slán a bheith againn.



“Is mó an neart dhá mhíle ó Uíbh Máine, a athair, 'ná trí
mhíle ó áiteanaibh eile. Tá a lán d' ár bhfearaibh agus tá
muirighean óg ortha.”



“Tá,” arsa Tadhg Mór, “agus má gheibhid Lochlanaigh an
lámh uachtair orainn cad a dhéanfaidh an muirighean óg?
Beart lag, a Thaidhg, iseadh d'aon fhear atá ábalta ar
chlaidheamh a chasadh fanmhaint siar anois. Nách dóich leat san,
a Niamh?”



“Ní dóich liom, a athair,” arsa Niamh, “go bhfanfaidh aon
fhear siar i n-Uíbh Máine, aon fhear go bhfuil lúth a ghéag i
n-aon chor aige.”



“Ní dóich liom go bhfanfaidh, a 'nghean ó,” arsa Tadhg
Mór. “Ach cad é seo oraibh, a Thaidhg?” ar seisean.



D'inis Tadhg dó ansan conus a tháinig sé go h-oban ar
Ghormfhlaith agus ar Niamh agus cad a chonaic sé. Mhínigh sé
dhó conus mar, do réir a thuisgiona féin, a bhí beartuighthe
ag Gormfhlaith sprid agus croídhe agus aigne Niamh do
bhriseadh agus do mhilleadh le corp soilbhris agus le corp
caradais mar 'dh eadh.



“Ní fhéadfaidh Niamh an rud san do sheasamh, a athair,” ar
seisean. “Tá sí ag dul as cheana féin. Ní fhágfaidh an
bhean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair
a' chloig de'n aimsir a chaithean sí i gcómhluadar na mná san.
Crochaire mná iseadh an bhean san! Má fágtar Niamh 'n-a
fochair cuirfidh sí Niamh sa n-iúir, an rud atá beartuighthe
aici a dhéanamh.”



D'fheuch Tadhg Mór ar Niamh.



“Ambriathar, a ghamhain,” ar seisean, “gur dóich liom go
bhfuil an ceart aige. Taoi'n tú ag dul as. Nách olc uaim
nár thug fé ndeara é!”


L. 172


“Ó, a athair,” arsa Niamh, “is truagh chráidhte nár
fhanamair thiar sa bhaile. Tagan tocht agus ualach ar mo
chroídhe nuair a chím chúgham í gach aon mhaidion agus í chómh
séimh, chómh soilbhir, chómh gealgháiriteach. Bím a d'iaraidh
gáire dhéanamh léi i dtreó ná tabharfadh sí fé ndeara an tocht
orm, ach is beag ná go mb'fhearr liom bás d' fhághail 'ná
fanmhaint a thuille 'n-a fochair. Go maithidh Dia dhom é! Ní
fhéadaim gan bheith 'ghá mheas go bhfuil droch nídh 'ghá
leanmhaint.”



“Ná bac í féin a thuille, a 'nghean ó,” arsa Tadhg Mór.
“Is truagh nár labhrais níos túisge liom. Fanaigh araon
ansan. Raghad anonn go teighlach Bhriain. Beidh mé chúghaibh
sar a' fada.”



D'imthigh sé amach agus anonn chun an teighlaigh. Gorm-
fhlaith an chéad duine a bhuail uime.



“Móra dhuit, a rígh,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád
Niamh uaim? Is iongantach an t-eólus atá aici ar obair
shnáthaide. Tá cleas ar an obair sin aici 'á mhúineadh dhom
agus isé is fada liom go mbeidh an cleas agam. An fada
go dtiocfaidh sí, a rígh?”



“Tá sí gan bheith ar fóghnamh, a Árdrígan,” arsa Tadhg
Mór. “Tá a dritháir ag caint léi. Is dóich liom gur inis
sé rud éigin dí a chuir tré chéile aigne uirthi. Bíodh foidhne
agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B'fhéidir nách fiú biorán
a's é. B' fhéidir go mbéadh sí chúghat gan puinn ríghnis. An
bhfuil an t-Árdrígh le feisgint, le d' thoil, a Árdrígan?”



“Anois díreach a chonac é féin agus an ríghdhamhna ag dul
isteach,” ar sise.



“Gura maith agat, a Árdrígan!” arsa Tadhg Mór, agus
d'imthigh sé isteach.



“Seadh!” arsa Gormfhlaith, 'n-a h-aigne féin, nuair a bhí
sé imthighthe, “ní deirim ná go bhfuil teinneas croídhe curtha
agam ar do pheata-sa. ‘Tá sí gan bheith ar fóghnamh.’ An


L. 173


cailín bocht! Dá mb' áil leó gan í chur am' threó. Ní
féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di. Ach is féidir rud
a dhéanamh os a cómhair. Is féidir an croídhe do chrádh inti
os a cómhair.”



Pé caint a bhí ag Murchadh 'á dhéanamh leis an Árdrígh
níor bh'fhada go raibh sí déanta. Ansan tháinig sé féin agus
Tadhg Mór amach. D'inis Tadhg Mór a sgéal dó, agus ná
féadfadh sé Niamh a dh'fhágáilt i gCeann Cora níba shia.



“Tá go maith, a Thaidhg, tá go h-ana maith,” arsa
Murchadh. “Tagan san agus an rud ar a bhfuil socair
isteach le n-a chéile go h-áluinn. Tá m' athair ag dul ar a
chuaird rígh. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn
an ríghtheighlaigh. Ní féidir di aon droch nídh a dhéanamh an
fhaid a bheidh an t-Árdrígh ar a chuaird. Ní foláir duit-se
dul leis, a Thaidhg, agus ní foláir duit Niamh a bhreith leat.
Má tá sí ag dul as tabharfaidh an chuaird tar n-ais 'n-a
maise féin airís í, geallaim dhuit é.”



Do tháinig Tadhg Mór thar n-ais chun a thíghe féin. D'inis
sé do'n bheirt cad air go raibh socair. Bhí áthas mór ortha
araon.



“Tá mo ghuidhe tabhartha dhom ag Dia, moladh go deó
leis!” arsa Niamh. “Ní'l maidion le fada,” ar sise, “nár
iaras ar Mhaolshuathain mo ghuidhe do chur suas chun Dé sa
Naomh Idhbirt. Bhíos 'ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe
Sheanáin, mé dh'fhuasgailt as an gcruadh-chás 'n-a rabhas.
Chuir Dia thusa chúgham ar dtúis, a Thaidhg. Do labhrais-se le
m' athair. Do labhair m' athair le Murchadh. Agus sin
déanta an fhuasgailt! Moladh go deó le Dia!”



“Is maith é sin,” arsa Tadhg Óg. “Agus anois, ó tá so
ghnó-sa déanta chun ár dtoile go léir, is mithid dómh-sa
aghaidh a thabhairt ar mo ghnó féin. Tá mo chroídhe briste ó
bheith ag cuimhneamh ar an ropaire fill úd agus ar ghuid na
cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa ghadaigheacht san.”


L. 174


“Airiú, a Thaidhg, an ar buile ataoí!” arsa Niamh. “An
lámh a bhí agat féin sa ghadaigheacht san! Cad é an lámh a
dh' fhéadfá-sa bheith agat sa ghadaigheacht san?”



“Mura mbéadh an caradas a chonaic Colla, agus gach
aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niamh,” ar
seisean, “ní bhéadh oiread iontaoibh ag Colla as agus a bhí
aige as. Mura mbéadh an iontaoibh a bhí ag Colla as ní
curfaí isteach sa n-érdam é, agus ní bhfaghadh sé an
chaothamhlacht a fuair sé ar an ngadaigheacht a dhéanamh. Fuair
sé caradas, a Niamh, ó m' athair agus óm' mháthair, agus
uaibh go léir, thiar i n-Uíbh Máine. Is truagh chráidhte mar a
chuir sé cos leis riamh sa n-áit. Ní chuirfeadh sé cos leis sa
n-áit agus ní bhfaghadh sé an caradas a fuair sé ann, a
Niamh, mura mbéadh mise! Nuair a chuimhnighim air bíon
náire orm ná féadfainn a dh'innsint duit!”



Nuair airigh Niamh an méid sin cainte ní miste a rádh ná
go raibh náire a dóthin uirthi féin. Thuig sí go h-áluinn an
uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saghas ag grádh
a tugadh di gan labhairt. Thuig sí an uair sin, agus go
minic roimis sin, ó'n lá a dh'inis Caoilte sgéal an phúicín,
cad é an saghas an glacadh Creidimh a dhein Amhlaoibh agus
cad í an íntinn ar ar ghlac sé na h-Úird. Bhí an dá
mhachtnamh úd tabhartha d'á chéile aici cruinn go leór. Bhí
náire a dóthin uirthi nuair airigh sí Tadhg 'á rádh go raibh náire
air. Ní dúbhairt sí aon fhocal, ámhthach, amach as a béal i
dtaobh an náire a bhí uirthi ná i dtaobh ná cúise a bhí aici leis
an náire; nídh nár locht ar an gcailín!



“Ó, a Thaidhg,” ar sise, “ná labhair ar an gcuma san.
Bhí sé siúd chómh sleamhain chómh gealgháiriteach san go raibh
báigh agus caradas ag gach aoinne leis. Mheasamair go léir
go raibh sé chómh símplídhe chómh h-osgailte leis an leanbh.
Chuirfinn geal go n-admhóch' Colla féin nách mar gheall
ort-sa a thug sé aon iontaoibh riamh a' h-Amhlaoibh, ach mar


L. 175


gheall ar Amhlaoibh féin. Ní h-alaidh dhuit éagcóir a dhéanamh
ort féin, a Thaidhg. Níor dheinis ach an rud a dheineamair go
léir. Níor bhuail sé ort-sa ach an bob a bhuail sé orainn
go léir.”



“Níor bhuail sé aon bhob ort-sa, a Niamh,” arsa Tadhg,
agus gan aon chuimhneamh aige ar an mbrígh a bhí le n-a chaint.



“Ambriathar gur bhuail,” ar sise. “Do bhuail sé an bob
orm a bhuail sé ar gach aoinne. Ní raibh aon choinne agam
ná gur bhuachail shímplídhe osgailte dheagh-chroídheach é. Bhí
áthas mór orm mar gheall ar charadas a bheith idir thusa agus
a leithéid d' ógánach ghealchroídheach uasal onóireach, dar
liom.”



Ba mhór go léir an suaimhneas aigne ar Thadhg an chaint
sin a dh'aireachtaint ó Niamh.



“Agus cad 'deirir liom,” ar seisean, “i dtaobh dul síos
agus an sgéal go léir a dh'innsint do Cholla?”



“Ní dóich liom,” ar sise, “go bhfuil aon ghádh leis. Cá
bh'fhios duit ná go mb’ fhéidir go bhfuil fios an sgéil go léir
ag Colla cheana chómh maith agus atá againne? Agus cá
bh'fhios duit ná go mb’ fhéidir gur mó an milleán atá ag Colla
air féin 'ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gádh
dhuit-se dul agus tú féin a dhaoradh sa sgéal? I dtaobh
aon droch amhrais a bheith ag Colla ar aon duine eile,” ar
sise, “ní baoghal go gcuirfidh Colla aon droch amhras ar
aoinne gan labhairt le Murchadh. Má labhran sé le Murchadh
socaróchaidh Murchadh an sgéal dó. Isí cómhairle thabhar-
fainn-se dhuit, a Thaidhg,” ar sise, “'ná gan aon cur isteach
ná amach a bheith agat ar an sgéal a thuille an fhaid ná
déanfaidh aoinne aon chur isteach ná amach ort mar gheall
air. Do sgaoilfinn thorm é dá mbéinn ad' chás.”



“Is dóich liom, a Niamh,” ar seisean, “go ndéanfaidh mé
rud ort. Ní'l aon lorg i n-aon chor agam ar bheith ag dul
ag caint le Colla mar gheall air. Is amhlaidh atá gráin


L. 176


agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar gheall
ar aon bhaint a bheith agam leis.”



Níor bh' fhada gur ghluais Brian ar a chuaird rígh mór-
thímpal na h-Éirean. Do ghluais Tadhg Mór ua Cealla agus
Niamh 'n-a chualacht. Bhí saoghal breagh ansan ag Niamh, agus
níor bh' fhada go raibh a croídhe agus a h-aigne féin airís
aici.



Do fágadh Ceann Cora fé chúram 'na h-Árdríghna. Bhí
fhios aici cad é an brígh a bhí leis sin.



CAIBIDIOL XI.



CUAIRD RÍGH.



Do ghluais Brian ar a chuaird rígh. Bhí cualacht uasal i
n-aonfheacht leis. Bhí Murchadh i n-aonfheacht leis, agus
Dúlainn Óg, agus Tadhg Mór ua Cealla, agus Niamh. Bhí
Tadhg Óg ua Cealla imthighthe siar a bhaile go h-Uíbh Máine
chun aire thabhairt do'n rígheacht san, i n-inead a athar, agus
chun na bhfear do chur le chéile agus do ghleusadh agus
d' ollamhughadh i gcóir an chogaidh adúbhairt gach aoinne a bhí
ag teacht go luath. Ní raibh an cogadh fógartha. Bhí síthcháin
idir Árdrígh Éirean agus rígh Lochlan. Bhí síthcháin idir é
agus na ríghthe eile go léir, lastoir agus lastuaidh. Ach bhí
sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go
raibh an cogadh ag teacht agus ná bh'fhada go mbéadh sé ann.
D'á bhrígh sin bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal ins gach aon bhall.
Chun an ollmhúcháin sin do chur ar siúbhal níba ghéire dá
mb’ fhéidir é iseadh chuaidh Brian ar an gcuaird rígh sin.
Theastuigh uaidh a dh'fheisgint le n-a shúilibh féin conus a bhí an


L. 177


gnó d'á dhéanamh. Bhí cuid d'á chlainn mhac, agus uaisle eile
a bhí tuisgionach i gnóthaíbh cogaidh, imthighthe roimis mór-
thímpal chun na ndún agus chun na ndaingean a bhí curtha
suas aige, chun a dh'innsint go riabh sé ag teacht, agus chun
na bhfear a bhí ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh sin
do ghleusadh agus do chur i dtreó, ionus go mbeidís
oireamhnach ar dhul fé n-a shúil. Bhí sgéala curtha, leis, ag
triall ar na ríghthibh, go raibh sé ag teacht, agus bhí gach rígh
acu ceapaithe ar pé neart fear a bhí aige do bheith chómh
ghleusta agus dob' fhéidir iad a bheith, agus an méid ba mhó a
dh' fhéadfadh sé dhíobh a bheith curtha le chéile aige i gcóir an
lae a thiocfadh Brian. Níor bh' fhéidir aon bhob a bualadh ar
Bhrian i neithibh de'n tsórd san. Bhí an tsúil ró ghéar aige.
Do chífeadh sé ar an gcéad amharc an locht ba lúgha, ins na
fir nó ins na h-airm, nó sa ghleus. Chífeadh sé, leis, ar an
gcéad amharc, an raibh cóir iompair agus cóir gluaiste agus
sáith lóin, ag an rígh sin dos na fearaibh sin, dá nglaoidhtí
chun bóthair ortha.



Ansan, bhí árd fhormad ag na ríghthibh le n-a chéile feuchaint
cé h-é an rígh a gheóbhadh moladh ó Bhrian nó cé h-é a gheóbhadh
cáineadh; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba mhó a gheóbhadh
de'n mholadh. Bhí an formad san idir na fearaibh chómh mór
díreach agus bhí sé idir na ríghthibh, i dtreó nár ghádh dos na
ríghthibh puínn de dhuagh na bhfear a dh'fhághail chun iad a
ghríosadh, mar go rabhdar féin ag gríosadh a chéile chómh dian
agus dob' fhéidir é. Ní raibh aoinne do thuig an méid sin
níb' fhearr 'ná mar a thuig Brian é, agus ní raibh aoinne
dob' fhearr a dh' fhéadfadh toradh bhaint as 'ná mar a dh'fhéad
Brian toradh bhaint as.



Siar tré Chonachtaibh a thug Brian aghaidh ar dtúis. Bhí fhios
aige gur i gConachtaibh ba lúgha a bhí gádh le h-aimsir chun
ollmhúcháin mar go raibh an t-ollmhúchán déanta cheana ann.
Teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla an chéad theighlach i gConachtaibh


L. 178


ar ar thug sé aghaidh. Bhí Tadhg Óg imthighthe siar roimis agus
bhí gach nídh ollamh aige roimis.



Nuair a thagadh Brian isteach mar sin ar chuaird, i
dtighearnas rígh, ar an eaglais a thugadh sé aghaidh ar dtúis.
Dá mbéadh gádh le h-aon nídh a dhéanamh do'n eaglais, aon
nídh i bhfuirm saoirseachta, chun an tíghe chur i méid, nó chun
slacht a chur air, thugadh Brian síntiús maith do rígh na tíre
sin chun na h-oibre sin do dhéanamh. Ansan, dá mbéadh
mainistir sa n-áit thabharfadh sé cuaird ar an mainistir,
agus dhéanfadh Maolshuathain feuchaint i ndiaigh oibre na
mainistreach, feuchaint a' raibh gach aon rud 'n-a cheart, agus
aon rud ba ghádh a cheartughadh dhéanfadh sé é cheartughadh.



Ba bheag eaglais ná mainistir ná conbhint ban riaghalta
ná bíodh nídh éigin tairbhtheach ag Brian le bronnadh ortha
nuair a thagadh sé mar sin ar chuaird, agus do curtí gach
eaglais agus gach mainistir agus gach conbhint ban riaghalta
sa treó dob' fhearr 'n-ar bh' fhéidir iad do chur nuair a bhíodh
súil le n-a theacht.



Deireadh sé, i gcómhnuighe, gur dos na gnóthaíbh a bhain le
Creideamh ba cheart do ríghthibh agus do dhaoine aireachas a
thabhairt ar dtúis. Gur cheart gnó Dé a dhéanamh ar dtúis
sar a dtabharfaí aghaidh ar ghnó an tsaoghail seo. Gur
dhóichígh-de do dhuine an rath a bheith ar a ghnóthaíbh saoghalta
nuair a dhéanfadh sé a dhícheal ar dhualgaisíbh an Chreidimh do
chómhlíonadh. Ach, pé 'cu ba thoil le Dia an rath do chur ar
ghnóthaíbh saoghalta an duine nó gan a chur, go raibh
ceangailte ar an nduine aitheanta Dé do choimeád.



Do mhúin Brian dos na ríghthibh agus dos na daoine a bhí
fé n-a smacht an uraim is dual do bhantracht, ach do mhúin
sé dhóibh, 'n-a theannta san, an uraim is dual do'n cheart ar
gach aon tsaghas cuma, agus chuir sé 'n-a luighe ar a n-aigne
go daingean gur i ndlígh Dé ata brígh agus bunús agus
cúis agus fáth gach urama dhíobh go léir. An t-é ná beidh


L. 179


eagla Dé air ná beann aige ar dhlígh Dé, go bhfuil sé fuar
ag aoinne bheith ag brath air go staonfaidh an duine sin ó
dhrúis ná ó chraos ná ó éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain
má gheibhean sé an chaoi. D'á bhrígh sin gur ceart ar dtúis
greim daingean a thabhairt do'n Chreideamh i gcroídhe agus i
n-aigne an duine. Nuair a bheidh an greim sin ag an
gCreideamh gur b'eadh is féidir an duine sin a dhéanamh
úmhal do gach dlígh agus do gach riaghail agus do gach
dualgas bunaigh d'á mbainean leis an gCreideamh.



Na ríghthe agus na riaghaltaisí atá sa tsaoghal anois, an
chuid acu go bhfuil aon admháil i n-aon chor acu do
Chreideamh, do cheadóchaidís an Creideamh le h-ionachus go
ndéanfadh an Creideamh na daoine úmhal dóibh. Chómh maith
agus gur chuige sin a cuireadh an Creideamh ar bun, chun
daoine dhéanamh úmhal do ríghthibh! Do thuig Brian nár bh'eadh.
Gur chun daoine dhéanamh úmhal do Dhia a cuireadh a
Creideamh ar bun. Ná fuil sa n-úmhluigheacht a chuirean an
Creideamh i n-áirighthe do ríghthibh ach cuid de thoradh an
Chreidimh. Gur maith an rud do ríghthibh an úmhluigheacht san
a theacht mar thoradh as an gCreideamh ar an saoghal so, ach
ná fuil sa méid sin de thoradh an Chreidimh ach neamhnídh
seachas an toradh a fachtar as ar an saoghal eile. Go
n-iompuighthear neithe taobh síos suas nuair a cuirtear suim
i dtoradh an Chreidimh ar an saoghal so agus neamhshuim 'n-a
thoradh ar an saoghal eile.



Do thuig Brian na neithe sin go léir agus dhein sé beart
do réir a thuisgiona. Bhí an Creideamh aige 'n-a chroídhe féin
istigh agus do bhí an Creideamh san le feisgint go soiléir
'n-a ghníomharthaibh. Do mhúisgil an deagh-shampla san
Creideamh agus toradh an Chreidimh i gcroídhthibh na ríghthe agus
na ndaoine a bhí fé n-a smacht.



Thug sé tusach do'n Chreideamh ins na h-áiteanaibh 'n-ar thug
sé a chuarda. Nuair a bhíodh feuchta aige ar na h-eaglaisíbh


L. 180


agus ar na mainistiríbh agus ar chonbhintíbh na mban
riaghalta thugadh sé aghaidh ar na sgoileanaibh, agus d'fheuchadh
sé isteach go cruinn sa chuma 'n-a mbíodh an obair ag dul
chun cinn. Agus thugadh sé aire mhaith, — ach níor ghádh dhó san
mar do thugadh na manaigh féin aire maith dó, — pé easnamh
a bhéadh, ná ná béadh, ar aon tsaghas eile ealadhan, ná
caithfeadh aon easnamh a bheith, ná aon fhaillígh a bheith, sa chuma
'n-a múintí an Creideamh dos na daoinibh óga. Bhí fhios ag
Brian go maith, agus bhí fhios ag an uile dhuine des na
h-oidíbh a bhí ag stiúrughadh na h-oibre sin, ná fuil ach diabhal
ó ifrean sa bhfear a geóbhaidh sgoluigheacht gan Creideamh.
D'á bhrígh sin níor ghádh do Bhrian bheith ag feuchaint 'n-a
ndiaigh chun a chur fhiachaibh ortha an Creideamh do mhúineadh.
Ach do bhíodh.



Nuair a bhíodh an obair sin go léir déanta ag Brian, sa
n-áit 'n-a mbíodh sé ar a chuaird, thugadh sé aghaidh ar an
ollmhúchán armála a bhíodh ar siúbhal i gcóir an chogadh mhóir
a bhí ag teacht, dar le gach aoinne. Do tugtí na fir amach
os a chómhair agus do curtí tré n-a ngleacaidheacht iad.
Bhíodh oiread san eagla roime n-a shúil ag na fearaibh go
léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanamh taithíghe
de'n ghleacaidheacht ar feadh mórán aimsire roim ré nuair a
bhíodh súil le n-a theacht. Dheinidís a ndícheal chun ná faghadh
sé aon locht ortha. Agus bhíodh an formad ann, leis, idir
na ríghthibh, feuchaint cé aige dob' fhearr n-a mbéadh an
t-ollmhúchán déanta, agus idir na buidhnibh, feuchaint cia'cu
buidhean ba mhó a thabharfadh sásamh dó.



Thugadh sé tabharthaistí uaidh, dos na ríghthibh agus dos na
fearaibh, claidheamh, nó sleagh, nó tuagh, nó brat áluinn, nó
capal breagh, agus bhíodh an formad ann feuchaint cé gheóbhadh
an tabharthas ba luachmhaire, mar, gan amhras, is do'n t-é
ab fhearr a thabharfadh sásamh a tabharfaí an tabharthas ab
fhearr.


L. 181


Bhí áthas an domhain ar Niamh nuair a fuair sí gur siar
chun teighlaigh a h-athar a bhí Brian ag dul ar dtúis. Chuir
Tadhg Mór teachtaire siar, chómh luath agus fuair sé an
t-eólus, 'ghá innsint do Thadhg Óg go raibh an t-Árdrígh ag
teacht. Ba mhaith le Brian féin dul siar chun na h-áite sin
ar dtúis. Is ann a bhí a ghaolta ó thaobh a mháthar, agus is
ann a bhí gaolta na clainne a bhí aige le n-a chéad mhnaoi.
Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre ab eadh í. Agus gan
amhras bhí áthas an domhain ar an muintir thiar go léir, leis,
nuair a h-innseadh dóibh go raibh sé ag teacht. Tháinig
Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrac Áidhne, agus a
lán eile d'uaislibh Conacht, tamal maith de'n tslígh 'n-a
choinnibh. Bhí Conn, mac Mhaoilruanaidh, i dteighlach Bhriain
cheana. Thugadar go léir aghaidh ar theighlach Thaidhg Mhóir uí
Chealla. Do cuireadh míle fáilte rómpa. Do cuireadh gach
cóir ortha d'ár cheart, go h-uasal agus go ríoga, agus
dúbhairt Niamh nár tógadh an ceó i gceart d'á croídhe go
dtí go bhfuair sí í féin airís i dteighlach a h-athar agus uaisle
Conacht agus Cheann Cora 'n-a tímpal.



D' admhuigh an chuideachta gur shamhluighdar an solus 'n-a
tímpal, mar a bhíodh cheana, agus gur bh'í an gath gréine
céadna airís í ag teacht n-a measg.



Nuair a bhí an chuaird go h-Uíbh Máine tabhartha chuadar
go léir, le cois a chéile, go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus
chuir Maolruanaidh cóir uasal ortha.


L. 182


CAIBIDIOL XII.



CARADAS AG FÁS A' FUATH.



Nuair a bhí a chuaird agus a ghnó críochnuighthe i gConachtaibh
ag Brian thug sé aghaidh óthuaidh ar Chúig' Uladh. Thug
muintir na cúige sin go léir an onóir dó ba cheart a thabhairt
do'n Árdrígh, agus thug Brian dóibh na tabharthaistí ba cheart
do'n Árdrígh a thabhairt do ríghthibh chúigí. D'fheuch sé ar na
h-eagailsíbh agus ar na mainistreachaibh agus ar na
sgoileanaibh, fé mar a dheineadh sé ins gach aon bhall.
Ghlaoidh sé chun na gconbhintí leis, agus ba mhór ag na mnáibh
riaghalta an t-Árdrígh do theacht 'ghá bhfeuchaint agus ag
feuchaint na sgoileana a bhí acu. Bhíodh mná óga acu 'n-a
sgoileanaibh agus iad ag múineadh gach aon tsaghas eóluis
dos na mnáibh óga san ar na neithibh a bhí riachtanach an uair
sin do mhnaoi bheith ar eólus aici.



Ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh a dh'fheisgint,
agus Murchadh, agus Dúlainn Óg, agus gach fear eile de
mhuintir Bhriain n-a raibh a n-ainimneacha i mbéalaibh daoine
ar fuid na h-Éirean an uair sin. Ach ní raibh aoinne beó
ab fhearr leó a dh'fheisgint 'ná Niamh. Chuaidh a tuairisg
roímpe eatartha. Do h-innseadh dóibh ná raibh rígan óg eile
ar thalamh na h-Éirean an uair sin chómh breagh ná chómh
dathamhail léi. Agus do h-innseadh dóibh go raibh socair 'n-a
h-aigne aici gan pósadh choídhche. Go bhfanfadh sí ag tabhairt
aire d'á h-athair an fhaid ab é toil Dé iad fhágáilt ar an
saoghal so i bhfochair a chéile, agus ansan, dá mb' é a h-athair
ba thúisge a gheóbhadh bás, go bhfanfadh sí singil 'n-a dhiaigh ar
an saoghal so go dtí go mbéarfadh Dia chuige féin í agus
go mbéadh sí i bhfochair a h-athar airís ar an saoghal eile.



Sar a' dtagadh sí chúcha bhídís ag machtnamh ar a h-áilneacht


L. 183


agus ag cuimhneamh ar na mnáibh óga dob' áluinne agus ba
bhreaghtha agus ba dhathamhla d'á bhfeacadar riamh, agus 'ghá
shamhlughadh 'n-a n-aigne cad é an saghas í má bhí sí níba
bhreaghtha le feisgint 'ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a
thagadh sí agus do chídís í, do leathadh a súile ortha agus
d' admhuighdís nár fhéad aon tsamhlughadh d'ár dheineadar
teacht i n-aon ghioracht do'n radharc a chonacadar nuair
fheuchadar uirthi. Ansan, ní bhíodh aon iongnadh ortha nuair
airighdís i dtaobh an tsoluis 'n-a tímpal agus i dtaobh an
ghath gréine. Do samhluightí dhóibh féin, nuair a thagadh sí
isteach sa chonbhint chúcha, go dtugaidís fé ndeara an solus
'n-a gnaoi agus 'n-a tímpal, agus gur chuma í nó gath gréine
ag teacht isteach.



Isé céad rud a dheineadh na mná riaghalta, ins gach aon
chonbhint, chómh luath agus bhíodh tamal de lá caithte ann aici,
'ná cromadh ar thathant uirthi fanmhaint acu ar fad. Ghlacadh
sise an tathant go breagh réidh agus go breagh séimh, ach ní
baoghal go dtugadh sí aon chómharthaí uaithi ar ghéilleadh do'n
tathant. Bhíodh áthas mór ortha an fhaid a bhíodh sí acu, agus
bhíodh uaigneas mór ortha nuair a bhíodh cuaird na h-áite
tabhartha, agus nuair a bhíodh Brian agus a chualacht ag
imtheacht go h-áit eile.



Nuair a bhí Cúig' Uladh siúbhalta do gabhadh tímpal tré
Chúige Laighean. Do fanadh raint laethanta i gCúige na
Mídhe, i dteighlach Mh'lsheachlainn Mhóir. Níor chuaird i n-
aistear cuaird chun an teighlaigh sin. Do cuireadh cóir go
fial agus go flathamhail ar an Árdrígh agus ar a chualacht
ann. Dá mbéadh i gcualacht Bhriain an uair sin duine
iasachta, duine ná béadh aon fhios aige ar cad a bhí tuitithe
amach i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní bhéadh aon
chuimhneamh i n-aon chor aige go raibh Brian tar éis Mh'lsheach-
lainn do chur as an Árdrígheacht. Shamhlóch' sé gur bh' é
Brian an t-Árdrígh i gcómhnuighe agus go raibh M'lsheachlainn


L. 184


fé n-a smacht i gcómhnuighe. B'é an cleas céadna é ag an
dá theighlach. Níor leig teighlach Mh'lsheachlainn ortha gur
bh' iad féin teighlach an Árdrígh riamh, agus níor thaisbeáin
teighlach Bhriain aon mhór-is-fiú ná aon eiríghe anáirde os
cionn an teighlaigh eile. Bhí an dá mhuintir go séimh agus go
soilbhir le n-a chéile, agus go h-ollamh chun gach urama agus
gach onóra thabhairt d'á chéile.



Chuaidh an t-Árdrígh agus a theighlach ag triall ar Shitric, ar
rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do cuireadh an chuaird sin
chun cinn díreach mar a cuireadh i gcás Mh'lsheachlainn nó i
gcás aon rígh cúige eile i n-Éirinn. Do ghlaoidh Brian chun
tighthe na gceannaighthe agus d' fheuch sé go cruinn ar an
gcuma 'n-a ndéinidís a ngnó. D'fheuch sé ar na loingeas a
bhí sa chuan. Do thuig sé i n' aigne gur mhór go léir an
tairbhthe do mhuintir na h-Éirean dá mbéadh mórán des na
loingeas san sa chuan san, agus ins gach cuan eile de
chuantaibh na h-Éirean, agus mórán de'n obair cheannaigh-
eachta san acu d'á choimeád ar siúbhal idir oileán na
h-Éirean agus dúthaíbh iasachta. An fhaid a bhí sé ag
machtnamh ar an gcuma san ar an dtairbhthe a bhí ag cuan
Bhaile Átha Cliath 'á dhéanamh, do chuimhnigh sé ar an gcothrom
uathbhásach uisge atá ó chathair Luimníghe síos go h-Inis Cathaigh
agus amach ar fad go Léim Chúchulainn, agus chuimhnigh sé ar
an dtairbhthe a dhéanfadh an cothrom uisge sin dá mbéadh sé
clúdaithe le loingeas bhreaghtha mhóra do bhéarfadh earaí
ceannaigheachta amach ó Éirinn go cuantaibh an domhain, agus
do thabharfadh earaí iasachta isteach go h-Éirinn sa bhflúirse
chéadna, ó chuantaibh an domhain.



Nuair fhág sé Baile Átha Cliath agus cuaidh sé ódheas go
teighlach rí Laighean, teighlach Mhaoilmhórdha, teighlach drithár a
chéile, bhí an machtnamh céadna i n' aigne i dtaobh uisge Béil
Sionainne. D'inis sé do rígh Laighean cad a bhí i n'aigne,
agus dúbhairt sé leis gur bh' é a thuairim féin ná raibh le


L. 185


fághail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, adhmad a dhéanfadh
crainn seóil do loingeas mhóra chómh maith agus do dhéanfadh
an t-adhmad a bhí ag fás i gCúige Laighean.



“Dá gcurfá chúgham siar go Ceann Cora, a rígh,” ar
seisean le Maolmórdha, “trí cinn de's na crannaibh is
fearr agat chun na hoibre, do chuirfinn trí loingeas d'á
ndéanamh gan a thuille ríghnis.”



“Cuirfead agus fáilte, a Árdrígh,” arsa rígh Laighean.



D'fhan an sgéal mar sin an uair sin.



Do ghluais Brian agus a chualacht ódheas isteach i
n-Urmúmhain. Thug sé a chuaird chun teighlaigh rígh na
nDéiseach. Mothla mac Faeláin ab ainim do'n rígh sin. Bhí
sé dílis do Bhrian, bíodh ná raibh abhfad roimis sin ó bhris
Brian cathana fuilteacha ar a chine. Bhí sé i n'aigne, fé
mar a bhí i n-aigne gach aoinne, go raibh tórmach cogaidh ar
siúbhal, go raibh an spéir trom leis an dtórmach cogaidh sin,
agus ná raibh aon fhear beó ach Brian a dh'fhéadfadh Éire
thabhairt saor as an gcogadh san nuair a thiocfadh sé. D'á
bhrígh sin bhí sé dílis do Bhrian.



Tháinig Brian agus a chualacht go teighlach athar Chaoilte.
Fuair gach aoinne amach ansan cé r' bh' é Caoilte, gur mac
rígh é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach.
Nuair a fuair Conn, mac Mhaoilruanaidh na Paidre, gur
mhac rígh Caoilte tháinig sé chuige agus do rug sé ar
dhá láimh air.



“Ó, a Dhuinn,” ar seisean, “cad 'n-a thaobh nár innsis
dom cé r' bh' é thú! Bhí sé am' aigne go mb’fhéidir go raibh
braon éigin d'fhuil ríoga ionat, agus an bhfuil fhios agat
cathin a chuimhnigheas air? Chuimhnigheas air nuair a thugas an
tarcaisne dhuit agus nuair a chonac an chuma 'n-ar choim-
eádais srian le t' fheirg. ‘Mura mac rígh é,’ arsa mise am'
aigne féin, ‘tá an fholuigheacht ann pé ball 'n-a bhfuair sé
í bheith ann.’ Dúbhart go deimhin. Nách mór an cleasaidhe


L. 186


Niamh! Chuir sí thusa ar theachtaireacht an lá úd. Do chuir
má's fíor bréag! Ní h-eadh ach cheap sí sinn a chur ó chéile.
Do rug sí mise i láthair Bhriain, agus geallaim dhuit gur
cuireadh smacht orm. ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa
Brian. Idir Bhrian agus an sagart agus Niamh, agus í
imthighthe amach, níor fágadh léas meabhrach am' cheann. Nuair
a bhíos tagaithe amach agus raint machtnaimh déanta agam
iseadh thuigeas i gceart cad a bhí imthighthe orm. ‘Tá a
h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche,” arsa
Maolshuathain, agus, ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian.
Dheineadar amadán díom eatartha.”



“Agus nách maith nár dheinis aon dearmhad de'n fhocal
amháin úd, a rígh,” arsa Caoilte.



“Cad é an focal?” arsa Conn.



“An focal úd adúbhairt Maolshuathain, ‘Tá a h-aigne
socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche.’“



“Ó, ambasa is fíor dhuit é,” arsa Conn. “D' fhan an
focal san 'n-a sheasamh am' aigne ó shin. Tá sé 'n-a sheasamh
am' aigne anois chómh gléineach agus bhí sé nuair airigheas ag
teacht a' bhéal Mhaoilshuathain amach é! ‘Tá socair ag Niamh
'n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósadh choídhche.’ Dá mairinn
míle blian ní imtheóch' an méid sin cainte as m'aigne.”



“'Sé an sgéal céadna agam-sa é.” arsa Caoilte.



“Dúbhairt sí an chaint sin díreach amach as a béal féin liom
nuair a bhí sí a'm chur ar a' dteachtaireacht mar 'dh eadh, agus
tá an focal 'n-a sheasamh am' aigne anois, agus beidh go
deó.”



“Feuch, a Dhuinn,” arsa Conn, “is maith a dhein sí é agus
a h-aigne do shocarughadh ar an gcuma san. Dá bpósadh sí
thusa is dóich liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá
bpósadh sí mise is dócha go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa;
agus dá bpósadh sí duine eile is dócha go mbainfimís araon
an t-anam as san. Ach nuair ná pósfaidh sí aoinne choídhche


L. 187


ní bheidh aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon chun an
anama bhaint as! Is dian mhaith atá an sgéal socair aici!”



“Is fíor dhuit sin, a Chuinn,” arsa Caoilte. “Shocaruigh
sí é i dtreó go bhféadfaimíd bheith ag baint spóirt as, an
rud atá agat-sa 'á dhéanamh anois, agus i dtreó go bhfuil ar
ár gcumas bheith muinteartha caradach le n-a chéile. Tá gádh
againn anois le muintearthas agus le caradas. Is dóich
liom nach ró fhada go mbeidh namhaid agus eascáirde ar
ndóthin againn.”



“Is fíor dhuit sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ná béadh sé
chómh maith againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas
daingean a bheith eadrainn, fé mar atá idir Mhurchadh agus
Dúlainn, i dtreó nuair a bhéimís i lár catha go bhféadfaimís
a chéile chosaint. Tá ana chion agam ort ó'n lá úd a bhuaidhis
orm sa ruith.”



“Ní mó an cion atá agat orm, a Chuinn,” arsa Caoilte,
“'ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a' bhfuil fhios agat
cad é an chúis go bhfuil an cion san agam ort, a Chuinn?’



“Andaigh ní fheadar, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól
dom gur dheineas aon nídh riamh duit a thuillfeadh cion dom
uait.”



“'Neósfadh-sa dhuit cad a chuir an cion am' chroídhe ort.
An grádh a thaisbeánais a bheith agat do Niamh. Siné a
dhein é.”



“Aililiú!” arsa Conn. “Ba dhóich liom gur éad, agus
fuath dhom, agus gráin orm, a mhúisgileóchadh sé sin a d'
chroídhe.”



“Iseadh, leis,” arsa Caoilte, “go dtí go ndúbhairt sí
liom go raibh a h-aigne socair aici ar gan pósadh choídhche.
Nuair airigheas an focal san uaithi bhí fhios agam gur bh' fhíor
an focal. Ansan nuair a chonac, agus nuair a thuigeas am
aigne, an grádh a bhí agat-sa dhi tháinig truagh agam duit.
Ansan tháinig an cion agam ort. Sin mar a tháinig sé. Tá


L. 188


sé am' chroídhe fós, chómh láidir díreach agus bhí sé an uair sin.”



“Is iongantach an sgéal é sin, a Dhuinn,” arsa Conn.



“Isé an sgéal céadna ó m' thaobh-sa é ach nár thugas fé
ndeara é chómh géar agus thugais-se fé ndeara é. Bhí fhios
agam cad é an chúis n-a mbíodh Caoilte ag teacht fé dhéin
teighlaigh Thaidhg Mhóir uí Chealla. Nuair a thánag amach ó
Bhrian agus ó Mhaolshuathain, agus Maolshuathain tar éis an
chinn a bhaint de'n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis
cómhairle thabhairt dom ciall a bheith agam, chómh luath agus
d' fhéadas mo mheabhair do chruinniughadh, agus níor bh'
fuiriste é, ‘Agus Caoilte bocht,’ arsa mise am' aigne féin,
‘cad a dhéanfaidh sé! Tá an sgéal chómh h-olc aige agus
'tá sé agam-sa, nó b'fhéidir níosa mheasa.’ Tá ana bháigh
agam leat ó shin. Agus feuch, níor thugas fé ndeara an
chúis go dtí anois nuair a dh'innsis-se do thaobh féin de'n
sgéal dom.”



Do shnadhmuigh an bheirt a gcaradas go daingean ansan,
agus bhí móráil agus aiteas agus áthas croídhe ortha as san
amach.



D' admhuighdar i gcómhnuighe, as san amach, gur mhór an
tabharthas ó Dhia dhóibh an caradas san a bheith eatartha, agus
gur ar Niamh a bhí a bhuidhchas acu Dia do thabhairt an
tabharthais sin dóibh.



CAIBIDIOL XIII.



CIÚNAS ROIM THÓIRTHNIGH.



An fhaid a bhí Brian ar an gcuaird sin, mór-thímpal na
h-Éirean, bhí sé ag táthughadh agus ag dlúthughadh agus ag
méadughadh a nirt ar gach aon tsaghas cuma. Do bhíodh sé ag
gríosadh na ndaoine a bhíodh neamh-shuimeamhail. Bhí a lán


L. 189


neamh-shuimeamhlachta ins na daoine i n-áiteanaibh. Ní chreid-
fidís go raibh aon bhaoghal go dtiocfadh namhaid go dtí go
bhfeicfidís ag teacht é. Ansan, nuair a marbhófaí a leath
agus nuair a fágfaí an leath eile dhíobh leath-mharbh, agus nuair
a bhéadh an namhaid imthighthe agus a gcuid an tsaoghal beirthe
chun siúbhail aige, ní chuirfeadh aon nídh 'n-a luighe ortha gur
cheart dóibh iad féin d'ollamhughadh mar nár bhaoghal ná go
dtiocfadh an namhaidh sin airís. Nuair a thagadh Brian
ameasg daoine de'n tsórd san, ar a chuaird, bhíodh sé ag
chaint leó agus ag plé leó agus 'ghá ngríosadh agus ag
spídiúchán ortha, go dtí go gcuireadh sé a bhfearg suas agus
go socaruighdís ar na h-airm a sholáthar agus ar thaithíghe
dhéanamh díobh chómh maith le cách. Bhuaileadh duine uime
uaireanta, ámhthach, agus ní fhéadadh a dhícheal aon spionadh
chur 'n-a mhisneach. Thug aon fhear amháin an freagra so
air:—



“Ná bí liom, a Árdrígh,” ar seisean. “Dá mbéadh sé i
n-áirighthe agam maireachtaint míle blian b'fhearr liom gach
aon lá de'n mhíle blian san do chaitheamh ar mhulach mo chinn
sa laithigh ag sglábhaidheacht 'ná aon lá amháin do throid!”



B'éigean do Bhrian eirighe as. Ní mór de'n tsaghas san,
ámhthach, a bhuail uime ar a chuaird. Na fir a bhuail uime, pé
neamh-shuimeamhlacht a bhí ortha sar ar labhair sé leó, do bhain
a chaint an neamh-shuimeamhlacht díobh. Do tugadh dóibh na
h-airm agus do cuireadh ag déanamh na gleacaidheachta iad
agus stiúrthóirí 'n-a mbun, agus bhí gach aon deabhramh nár
ró fhada go mbeidís ábalta ar aghaidh a thabhairt ar Lochlanach
i gcath agus ar chleas a mhúineadh dhó.



Um an am 'n-a raibh an chuaird d'á críochnughadh bhí measta
i n' aigne ag Brian go mbéadh suas le chúig mhíle fhichid fear
ollamh aige i gcóir na Lochlanach nuair a thiocfaidís. Do
réir a bhreitheamhantais is go cuan Bhaile Átha Cliath a bhíodar
le teacht. Bhí eólus maith tabhartha aige do Chlainn Chais,


L. 190


agus dos na cineachaibh eile sa Mumhain, ar na bóithribh go
Baile Átha Cliath. Ní raibh aon bhaoghal go mbéadh na slóighte
ag dul amú' ná go mbéidís ag brúth ar a chéile ná ag teacht
crosta ar a chéile.



Bhí fhios aige, dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht
aige, go mbéadh breis mhór agus dachad míle fear aige, agus
bhí fhios aige, dá mbéadh san amhlaidh, ná tiocfadh aon chogadh,
mar ná raibh aon chómhacht lasmuich, i n-aon pháirt de'n domhan,
a dh'fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar chómhacht na h-Éirean dá
mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht. Ach bhí fhios aige
go maith go mbéadh cuid d'fhearaibh Éirean ar thaobh na
Lochlanach, agus go mbéadh cuid acu ná raghadh i n-aon chor
sa chaismirt. Dhein sé a dhícheal, sa chuaird, ar an dá aicme
sin do luigheadughadh an oiread agus dob' fhéidir é. Chuir sé
go soiléir os comhair aigne na ndaoine, coitchianta, agus
ins gach áit 'n-ar labhair sé leis na daoine, dá bhfaghadh na
Lochlanaigh an lámh uachtair sa chogadh a bhí ag teacht go
ngeóbhdís do chosaibh i nGaedhlaibh Éirean chómh tiubaisteach
san gur bh' fhearr go mór d'á raibh de Chríostaighthibh sa
n-oileán bás a dh'fhághail sa chath a troidfí 'ná maireachtaint
i n-Éirinn i ndiaigh an chatha san. Chuaidh an chaint sin i
bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine. Thuigeadar go raibh an
fhírinne sa chaint. Shocaruighdar a n-aigne ar an lámh uachtair
a bheith acu féin nuair a thiocfadh an cath nó tuitim sa chath.
Chuaidh an focal san amach ameasg na ndaoine ins gach aon
bhall. Ní h-ar theacht ó'n gcath a bhíodh aoinne ag trácht, ach
ar thuitim sa chath nó an namhaid do thuitim. Chuaidh daoine i
dtaithighe an fhocail chómh mór san go raibh a n-aigne socair
acu, go breagh réidh, gan aon chorbhuais, ar dhul sa chath, nuair
a thiocfadh an cath, agus ar gan teacht as. B'shiné saoghal a
gheár gach fear amach dó féin, go dtí go dtiocfadh an cath
san.



Ní baoghal gur fhág Brian gan cur 'n-a luighe ortha go léir,


L. 191


coitchianta, an fear a thuitfeadh sa chath gur bhás ar son an
Chreidimh dó é, agus bhí fhios acu féin an t-é a dh'fhuilingeóch'
bás ar son an Chreidimh go raibh aoibhneas na bhFlathas i
n-áirighthe dhó láithreach. Ní fhéadfadh bás i gcath sgáth ná
eagla do chur ar fhearaibh go raibh a n-aigne socair ar an
gcuma san. Agus níor chuir, nuair a tháinig sé.



An fhaid a bhí an chuaird sin ar siúbhal, leis, bhí rud eile
ar siúbhal. Bhí Caoilte ag imtheacht coitchianta ó áit go h-áit
i n-Éirinn, agus bhíodh sé go minic imthighthe tar faraige a
gan fhios d' aoinne ach do Mhurchadh. Chuaidh sé soir go minic
go crích Lochlan gan spleadhchas do'n fholáramh úd a tugadh
dó sa leitir a fuair sé ó chaptaéin na loinge a thug abhaile
go Corcaigh é tar éis a thamal a thabhairt sa phrísún thall i
gcathair rígh Lochlan. Chuaidh sé anonn airís agus airís eile,
agus thug sé leis anall, gach uair díobh, ag triall ar
Mhurchadh, cúntas cruinn ar an neart fear a bhí thall ag rígh
Lochlan, agus ar an méid loingeas a bhí aige chun na bhfear
a bhreith thar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a bhí na fir
sin le tabhairt, chómh luath agus thiocfadh an t-am chuige.



Chuaidh sé óthuaidh, agus níor bh'aon uair amháin é, go
h-Ínsíbh Orc agus go h-Ínsíbh Gall, agus chonaic sé le n-a
shúilibh féin cad é an neart fear a bhí 'á dhéanamh suas ins na
h-oileánaibh sin, agus cé r' bh'é an rígh a bhéadh os cionn na
bhfear san. Chuaidh sé, 'n-a chuardaibh, soir óthuaidh go tír na
h-Ioruaidhe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a bhí uaidh,
agus eólus ná raibh coinne aige leis. Nuair a bhíodh raint
eóluis cruinnighthe aige thagadh sé abhaile agus thugadh sé an
t-eólus do Mhurchadh, agus thugadh Murchadh do Bhrian é, 'sé
sin, an méid ba mhaith a thabhairt dó dhé. Bhí cuid de'n eólus
agus níor tugadh do Bhrian é go dtí 'n-a dhiaigh san.



Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht
anall ó rígh Lochlan agus cé r' bh'iad na taoiseacha a bhéadh
'n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh


L. 192


ag teacht anall ó rígh na h-Ioruaidhe agus cé r' bh'iad na
taoiseacha a bhéadh 'n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an
neart slógh a bhéadh ag teacht adtuaidh ó Ínsíbh Orc agus ó
Ínsibh Gall agus cé r' bh'iad na taoiseacha a bhéadh i mbun
na slógh san. Agus do h-innseadh dó nách namhaid ar fad
a bhéadh ag teacht; go mbeadh congnamh fear, agus nár
chongnamh shuarach é, ag teacht anoir adtuaidh ó Ghaedhlaibh
Alban, chun buille bhualadh le Gaedhlaibh Éirean i gcoinnibh
cómhacht Lochlan, agus go mbéadh an dá rígh uasal, an dá
Mhaor Mhór, i gceannus an chongnaimh sin. Fuair Caoilte
amach, leis, go raibh slóighte ag teacht anoir ó'n gceann
tuaidh de'n Almáinn ag cabhrughadh le namhdaibh na nGaedhal.
Bhí, ba dhóich le duine, an Phágánacht go léir, thoir agus thuaidh,
ag cruinniughadh agus ag eirighe, mar a bhéadh tonn mhór
faraige, chun an oileáin seo na h-Éirean do bháth agus do
mhúchadh agus do thraochadh d' aon mhór-iaracht amháin.



Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go h-uathbhásach ins gach aon
bhall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúthaíbh thall, ach 'n-a
thaobh san a's uile ní raibh ach síthcháin agus caradas ins gach
aon bhall, i n-Éirinn agus thar lear. Ba chuma é nó an
ciúnas roimis an dtóirthnigh. Bhí an tsíthcháin ann. D'á bhrígh
sin bhí neart do Chaoilte agus d'á aicme féin ar bheith ins gach
aon chúinne, ag faire agus ag fághail eóluis, agus bhí, ar an
gcuma gcéadna, neart do'n namhaid ar a lucht faire bheith
acu ins gach aon chúinne d' oileán na h-Éirean, ag
feuchaint agus ag iniúchadh agus ag fághail eóluis, chómh maith
agus dob' fhéidir leó é.



Pé cúis a bhí leis, bíodh go ndeigh Caoilte anonn go minic
go críochaibh Lochlan, agus anonn go Cathair na Beirbe, níor
deineadh aon iaracht ar aon chur isteach a dhéanamh air ná ar
bhaint leis i n-aon tsaghas cuma. Thug sé féin aire mhaith
gan aon dlígh a bhriseadh.



Idir an dá aicme faire ba dheacair puinn eóluis a bheith


L. 193


i n-Éirinn a gan fhios do'n namhaid, agus a ró dheacair do'n
namhaid aon chor a chur díobh a gan fhios do Chaoilte. Ní raibh
ag gach taobh le déanamh ach bheith 'ghá neartughadh féin chómh
maith agus dob' fhéidir leó é, agus bheith a d'iaraidh eóluis
a nirt do choimeád ó'n dtaobh eile chómh maith agus dob'
fhéidir leó é, go dtí go bpléasgfadh an tóirthneach eatartha.



Bhí dhá shaghas eóluis ag gach taobh de'n dá thaobh 'á
chruinniughadh. Bhí gach taobh a d'iaraidh eóluis a dh' fhághail ar
na neithibh ab fhearrr a dhéanfadh cur le n-a neart féin agus
ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh baint ó neart an taoibh
eile.



CAIBIDIOL XIV.



CONGNAMH DO'N CHONGNAMH.



Ní raibh Brian abhfad imthighthe ó Cheann Cora, ar a chuaird
rígh, agus Niamh agus a h-athair imthighthe i gcualacht Bhriain,
nuair a tugadh fé ndeara daoine iasachta ag teacht ann.
Níor cuireadh aon tsuim ró mhór sa méid sin. Bhíodh daoine
ag teacht ó gach aon pháirt d' Éirinn go ceártain Mheargaigh
ag ceannach na n-arm. Bhí cúram teighlaigh an Árdrígh i
gCeann Cora ar an Árdrígain, nídh nár bh'iongnadh, agus ba
léir do gach aoinne go raibh sí ábalta ar a smacht do chur i
bhfeidhm agus ar mhuintir an teighlaigh do choimeád fé n-a
láimh, agus ar a gceann a choimeád fútha, agus ar a chur
fhiachaibh ortha a ngnó dhéanamh mar ba cheart. D'á bhrígh sin,
nuair a thagadh daoine iasachta ann, ní leigeadh eagla
d'aoinne de mhuintir an teighlaigh aon rud a thabhairt fé
ndeara ná aon chur isteach a dhéanamh ar neithibh nár bhain leó,
dar leó féin.


L. 194


I n-éaghmuis na ndaoine iasachta eile d'ár tháinig ann
tháinig Amhlaoibh ann. Sa n-oídhche iseadh tháinig sé, agus bhí
fhios ag Gormfhlaith roim ré go raibh sé ag teacht. Do
shleamhnuigh sé isteach a gan fhios do'n teighlach. Ní fheacaidh
aoinne é. B'éigean dó teacht ar an gcuma san mar bhí an
iomad aithne sa n-áit air, agus dá bhfeictí ann é do
shroisfeadh an ráfla Inis Cathaigh agus Uíbh Máine. Ansan
do shroisfeadh sé Murchadh agus Brian agus níor bh' fhios cad
a thiocfadh as. Tháinig sé ann sa n-oídhche, a gan fhios
d'aoinne. Nuair a bhí sé féin agus Gormfhlaith i bhfochair a
chéile, i seómra a bhí abhfad isteach, do chuir sí na mílte fáilte
roimis. B' fhuiriste a dh' aithint ó'n gcuma 'n-ar ghlac sí é
go raibh an gaol achamair go maith eatartha. Ná féadfadh sé
bheith níb' achamaire.



“Ó! a mhic ó, a laogh,” ar sise, “nách fada gur fhéadais
teacht! Shíleas ná tiocfá choídhche. Conus tá an obair ag
dul chun cinn? Cathin a buailfear an buille do shaorfaidh
sinn ó'n annsgian, ní h-eadh ach ó'n sluagh annsgian! Cathin
a thiocfaidh an chabhair, a mhic?”



“Tiocfadh an chabhair amáireach, a mháthair,” ar seisean,
“dá mbéadh do thaobh-sa de'n obair déanta.”



“Conus fhéadfainn mo thaobh de'n obair a dhéanamh anois
agus gan Brian anso? An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú
san Thaidhg Mhóir ag faire orm ins gach aon chúinne gach aon
rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a chur díom gan mé féin a
chur i gcontabhairt. Tá Murchadh ag faire orm. Tá Donn
mac Beathach ag faire orm. 'Sé mo thuairim láidir gur dhein
an t-easbog úd a bhí anso ó'n Róimh rud éigin, nó go
ndúbhairt sé rud éigin, do chuir iad go léir ar a gcosaint
féin orm. Thugas fé ndeara é, cúpla uair, ag feuchaint
orm, agus níor thaithn an fheuchaint liom. Mheasas gur fheuch
sé treasna thríom. Ní fheadar an domhan cad a chuir iad go
léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor dheineas aon nídh


L. 195


a dh' fhéadfadh aon rud do chur ar a súilibh dóibh. An fhaid
a bhí Niamh anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a
súilibh chómh h-osgailte agus dob' fhéidir dom é. Dheineas
gach aon rud, dar liom, chun a thaisbeáint dí ná raibh brígh
ná bunús leis an bhfaireachán. Dheineas níba mhó 'ná san.
Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá
bhfanadh sí abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé 'n gcré
agam!”



“Airiú, cad a chuirfeadh fé'n gcré í, a mháthair? Ar nóin
ní h-amhlaidh a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire
ort sar a dtabharfá do Bhrian é!” ar seisean.



“Ní h-amhlaidh,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Cailín fíor
uasal 'n-a h-aigne iseadh í. Do deineadh árd éagcóir uirthi
nuair a cuireadh anso í. Tá sí ana ghéarchúiseach, ach tá sé
bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon
rud i bhfuirm faireacháin a thabhairt le déanamh di. Ní raibh
fasg agá h-athair agus í thabhairt anso. Níor dheineas-sa ach
í thachtadh agus do mhúchadh le séimhe agus le soilbhreas agus
le gealgháiriteacht. Go deimhin le fírinne dhuit, a Amhlaoibh,
do bhíodh truagh agam do'n chailín bhocht nuair a chínn í ag
casadh le gáire dhéanamh agus gan aon gháire 'n-a croídhe.
Mura mbéadh a luathacht a rugadar leó chun siúbhal í bhéadh
sí ar an gclár acu.”



“Bhí aithne agam uirthi,” arsa Amhlaoibh. “Chonac í thiar
sa bhaile cúpla uair. Níor mheasas gur bh' aon rud
fóghanta í.”



“Aon rud fóghanta!” arsa Gormfhlaith. “Tabharfad a
ceart féin dí, a mhic, agus tuigim cad tá agam 'á rádh. Isí
cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine
croídhe agus aigne d'ár bhuail riamh fós umam-sa! Déarfad
an méid sin di dá ndéineadh sí oiread eile faireacháin orm.
Ní'l fasg ag an muintir a chuir anso í.”



“Tá sí imthighthe anois, a mháthair, pé 'r domhan é, agus tá


L. 196


an áit seo fút féin. Ba chóir go bhféadfá rud éigin a
dhéanamh nuair a thiocfadh an t-Árdrígh seo abhaile. Nár chóir
go bhféadfá bheith ollamh i dtreó nár ghádh dhuit tú féin a chur
i n-aon chontabhairt nuair a bhéadh sé sa bhaile. Tá sé ana
aosda. Dá dtagadh an bás air díreach nuair a bhéadh ár
neart ag teacht isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath bhéadh gach
aon rud ar ár dtoil againn láithreach. Bhéadh Éire againn
gan a bheith orainn oiread agus aon fhear amháin do
chailleamhaint. Do thuitfeadh neart Bhriain as a chéile.
D'éileóch' M'lsheachlainn airís an Árdrígheacht a baineadh dé
chun í thabhairt do Bhrian. D'éileóch' Murchadh an Árdrígheacht
ó 'sé an ríghdhamhna é. D'éireóch' Ua Néill chun gan an
Árdrígheacht d' fhágáilt ag aoinne acu ach í bheith aige féin.
Bhéidís go léir ag marbhughadh a chéile láithreach bonn. Níor
ghádh dhúinn aon phioc d'á nduagh dh' fhághail. Mharbhó'dís féin
a chéile dhúinn. Ní bhéadh le déanamh againn ach sgaoileadh leó
agus bheith ag brúth isteach ortha fé mar a bhéidís ag lagughadh
a chéile. Um an dtaca 'n-a mbéidís dísgighthe agá chéile
bhéimís-ne i seilbh an oileáin. Déin rud éigin, a mháthair.
Tabhair congnamh éigin do Bhrian chun an tsaoghail seo
dh'fhágaint. Is mithid dó imtheacht.”



“Déanfad mo dhícheal, a mhic ó,” ar sise. “Ach caithfir
aon nídh amháin a gheallamhaint dom, a Amhlaoibh,” ar sise.



“Geallfad aon rud is maith leat duit, a mháthair,” ar
seisean. “Cad é an rud é?”



“Geall dom,” ar sise, “má eirighean linn go bpósfair
Niamh.”



“Aililiú!” ar seisean, agus do leath a dhá shúil air.
“Ag magadh athaoín tú, a mháthair!” ar seisean.



“Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!” ar sise. “Lom dáiríribh
atáim. Ní'l cor 'n-a croídhe ná 'n-a h-aigne ná fuil 'fhios
agam. Níor bhuail a leitéid eile riamh umam. Go dtí gur
bhuail sí féin umam níor mheasas go raibh a leithéid ar bith.


L. 197


Níor mheasas gur bh'fhéidir a leithéid a bheith ar bith. An
oídhche úd a bhíobhair go léir anso nuair a chonac tu ag rince
léi mheasas ná feaca riamh aon bheirt chómh h-oireamhnach d'á
chéile. Ní mise amháin a mheas é. D' airigheas an chogarnach:
‘Ó! nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!’ An ngeallfair
dom go bpósfair í má eirighean linn?”



“Ní'l eirighthe linn fós, a mháthair,” ar seisean, “ach ní
dóich liom gur miste dhom a gheallamhaint duit go bpósfad
í — má phósan sí mé. Tá sé i mbéal gach aoinne go
bhfuil socair aici 'n-a h-aigne gan pósadh choídhche.”



“Ó'n aithne atá curtha agam uirthi ní chuirfeadh san féin
blúire iongnadh orm,” arsa Gormfhlaith. “Tá meón ana
mhaith, ana naomhtha, aici. B'fhéidir go n-atharóch' sí a h-aigne.
Is cuimhin liom cogarnach eile dh'airigheas an oídhche chéadna
ad' thaobh-sa. ‘Ó,’ adeirthí, ‘nách mór an truagh sagart a
dhéanamh de!’ Cúis gháire chúghainn! Ach pósfair í má
phósan sí thú?”



“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean. “Ní dóich liom,
ámhthach, go bpósfaidh sí mé pé tathant a dhéanfair uirthi. Is
éagsamhlach an bhean thú, a mháthair,” ar seisean. “Mheasas
go marbhófá mé níba thúisge 'ná mar a leigfeá dom í
phósadh!”
“Dá dtuigtheá a feabhas mar a thuigim-se é ní mheasfá
san,” arsa Gormfhlaith.



Thugadar formhór na h-oídhche ag caint. Thug Amhlaoibh
cúntas cruinn di ar an neart a bhí le teacht go h-Éirinn chun
seilbh na h-Éirean do ghlacadh chómh luath agus gheóbhadh Brian
bás. D'inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh
Lochlan agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige.
D'inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh na
h-Ioruaidhe, agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge
aige, agus conus mar a bhí beirt mac an rígh, an bheirt
óigfhear ba threise agus ba thréine i dtír na h-Ioruaidhe an


L. 198


uair sin, ag teacht 'n-a bhfearaibh cinn-riain ar shlóightibh na
h-Ioruaidhe.



D'inis sé dhi conus mar a bhí Sígurd mac Lódair, rígh
Ínsí h-Orc, chun teacht agus mór-shluagh aige d'fhearaibh luatha
láidire cruadha ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsíbh Gaill, ó
Sgathaigh agus ó Cheann Tíre agus ó-s na dúthaíbh sin go léir
mór-thímpal.



Thug sé gach aon chúntas mar sin di ar an gcuma 'n-a raibh
neart Lochlan suidhte an uair sin agus ar an gcuma 'n-a
raibh an neart ag méadughadh agus ag dul i n-acfuinníghe i
n-aghaidh an lae. Agus chuir sé 'n-a luighe ar a h-aigne ná
raibh aon nídh ag teastubháil feasta ach bás Bhriain.



D'fhan Amhlaoibh i gCeann Cora an chuid eile de'n oídhche
sin agus an lá a bhí chúghainn. Níor thaisbeáin sé é féin
d' aoinne i gcaitheamh an lae. Chómh luath agus bhí am mhairbh
na h-oídhche airís ann d'imthigh sé. Thug sé aghaidh ar
Bhaile Átha Cliath. Chuaidh sé chun cainte le Sitric, rígh
Lochlanach Bhaile Átha Cliath, agus d'inis sé dhó an uile fhocal
de'n chaint a bhí idir é féin agus Gormfhlaith.



Bhí eagal ar an mbeirt ná déanfadh Gormfhlaith an bheart.
Níor thaithn leó i n-aon chor an bháigh a thaisbeáin sí a bheith aici
do Niamh. Thuigeadar 'n-a n-aigne má bhí congnamh le
tabhairt do Bhrian chun imtheacht as an saoghal, agus má b' í
Gormfhlaith a thabharfadh an congnamh san dó, nár bh' fholáir
congnamh a thabhairt do Ghormfhlaith féin sa ghnó.



Conus a tabharfaí an congnamh san dí, ámhthach, agus cad é
an saghas an congnamh a tabharfaí dhi? B'shiní an cheist acu
agus níor cheist ró bhog í.


L. 199


CAIBIDIOL XV.



BUILLE FÉ THUAIRIM; NÓ,
FUADAR NÁ FEADAR.



Bhí an bheirt istigh i seómra i ríghtheighlach Shitric i mBaile
Átha Cliath agus iad ag cur 's ag cúiteamh i dtaobh an sgéil.



“Ní dhéanfaidh sí an bheart,” arsa Amhlaoibh. “Ní'l an
sgairt chómh láidir aici agus do mheasas. Siné fé ndeár gan
an gnó bheith déanta fadó. Do cuireadh Niamh ag faire uirthi.
Isí Niamh a choisg í ar an obair a dhéanamh an fhaid a bhí Brian
sa bhaile, ach ní leis an bhfaire do choisg sí í. Chuir Niamh
Gormfhlaith ó'n ndroch ghníomh a gan fhios do Ghormfhlaith féin.
Deirim an méid seo leat, a rígh. Dá bhfanadh Brian sa
bhaile i gCeann Cora agus dá bhfanadh Niamh ann, agus í féin
agus Gormfhlaith a bheith chómh mór i gcuideachtanas a chéile
agus bhíodar, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh i n-aon chor.
Bhéadh sí ceapaithe ar an ngníomh a dhéanamh, ach an fhaid a
bhéadh Niamh ann agus í fé shúilibh Gormfhlaith, agus a h-anál
ag dul fé Ghormfhlaith, agus a guth agus a gáire ag dul fé
Ghormfhlaith, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh.”



“Ach!” arsa Sitric. “Ariú, nách eólgaiseach an buachail
tu! Cá bhfuarais an fháidheamhlacht go léir? Ba dhóich le
duine gur ag breithniughadh aigne an duine a chaithis do
shaoghal.”



“Abair do rogha rud, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “i dtaobh
conus a chaitheas mo shaogal, ach bain-se an chluas anuas ó'n
gceann díom mura bhfuil an ceart sa méid úd agam.
Bhéadh an rud atá uainn déanta fadó mura mbéadh Niamh a
theacht go Ceann Cora. Chun na faire dhéanamh iseadh do
tugadh ann í. Dhein sí an fhaire, ach ní leis an bhfaire do
choisg sí an gníomh, ach le h-í féin a bheith ann.”


L. 200


“Ba dhóich liom gur conus a déanfar an gníomh an cheist
anois agus nách conus a coisgeadh é. Ó bhreithnighis an cosg
chómh maith b' fhéidir go bhfuil breithniughadh éigin déanta agat
ar conus a curfar an cosg ar an slígh,” arsa Sitric.



“Tá an breithniughadh san, leis, déanta agam, a rígh,” arsa
Amhlaoibh.



“Is maith é sin. Sgaoil chúghainn toradh do mhachtnaimh,”
arsa Sitric.



“Ar airighis riamh,” arsa Amhlaoibh, “conus a deineadh
Árdrígh de Dhiarmaid mac Céirbheóil?”



“Do marbhuigheadh Tuathal Maolgarbh,” arsa Sitric. “Ach
ar airighis-se cad d' imthigh ar an bhfear a mhairbh Tuathal?”



“Do deineadh goin galáin dé,” arsa Amhlaoibh.



“Go díreach,” arsa Sitric; “an rud a dh' imtheóch'
láithreach bonn ar an t-é a mharbhóch' Brian, ach so a bheith de
dheifrigheacht idir an dá sgéal. Do deineadh goin galáin
de 'n t-é mhairbh Tuathal, ach tar éis an ghnímh sic a deineadh dé
é. An fear a thabharfadh fé Bhrian a mharbhughadh, roimis an
ngníomh a déanfaí goin galáin dé.”



Bhí an bheirt ag caint ar an gcuma san. Tháinig seirbhíseach
isteach.



“Tá duine sa phóirse agus ba mhaith leis labhairt leat, a
rígh,” arsa'n seirbhíseach.



“Tabhair anso isteach é,” arsa Sitric.



Do tugadh isteach é.



Sidé saghas duine a chonaic an bheirt nuair a tháinig sé
isteach. Firín beag agus ceann mór air. Bhí folt odhar ar
a cheann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ghuaillibh
agus siar síos ar a shlinneánaibh. Bhí mar bhéadh saca beag
óir ar gach taobh d'á cheann, agá uiseanaibh, ag coimeád a
ghruaige siar d'á éadan agus d'á shúilibh. Bhí éadan leathan
árd air agus fáibhrí treasna ann, 'ghá thaisbeáint go raibh sé,
an chuid ba lugha dhé, trí fichid blian. Bhí srón fhada dhíreach


L. 201


air agus dhá shúil mhaithe mhóra sholusmhara aige, agus iad
aibigh go maith. Bhí a cheannacha faidleicineach agus bhí féasóg
throm, liath-ghorm air agus í ag dul abhfad síos ar a bhrollach.
Bhí brat, nó clóca, de'n éadach saidhbhir ba cheart a bheith ar
dhuin'uasal, aniar ar a shlinneánaibh.



“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a dhuine mhacánta?”
arsa Sitric leis.



“Liagh iseadh mé, a rígh,” arsa'n duine iasachta. “Tá
mórán de chríochaibh an domhain siúbhalta agam i gcaitheamh
mo shaoghail. Ó'n mBreatain anall a thánag le déanaighe.
Tá mórán taithighe agam ar na galaraibh a thagan ar an
nduine, agus ar na neithibh is fearr chun na ngalar san do
leigheas. Thánag anso go dtí an chathair seo ag brath air go
mb’fhéidir go bhféadfainn úsáid a dhéanamh ann de'n eólus
atá agam agus raint tairbhthe dhéanamh do dhaoine a bhéadh
'n-a ghátar. Is léir duit féin, a rígh,” ar seisean, “gur ró
bheag an gnó a bhéadh agam' leithéid ag teacht anso chun na
h-oibre sin a dhéanamh gan mé féin do chur i n-iúil ar dtúis
do'n rígh agus cead a dh'iaraidh air.”



“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “ach cá bh' fhios
dómh-sa nách díobháil a dhéanfá dom' dhaoine dá dtugainn an
cead san duit,” agus chuir sé gáire as. “Cá bh'fhios dom,”
ar seisean, “ná gur b' amhlaidh a thabharfá nimh dúinn go
léir.”



“Cúis gháire chúgat, a rígh”, arsa'n duine iasachta. “Ní
gádh dhom a dh'innsint duit-se, a rígh,” ar seisean, “gur b'é
meón agus nádúr an liaigh gur túisge leis go mór leigheas
a dhéanamh 'ná aon díobháil sláinte dhéanamh d' aon duine.
Tuigim go maith cad a bhainean le nimh, agus cad a bhainean
le duine do leigheas ó nimh dá mbéadh sé tar éis an nímhe
do thógaint, pé 'cu le tionóisg nó le toil a bhéadh an nimh
tógtha aige. Ach ní gádh dhom bheith 'ghá innsint cad a
dh'fhéadfainn a dhéanamh. Tá teistiméireachtaí anso agam ó


L. 202


ríghthibh agus ó uaislibh agus ó choláistíbh móra, 'ghá thaisbeáint
cad é an saghas mé, agus cad é an saghas oibre a dheineas
cheana ins na h-áiteanaibh eile 'n-a rabhas sar a dtánag
anso.”



Tharaing sé amach beart phápéar agus shín sé chun an rígh
iad. Thóg Sitric iad agus chrom sé ar iad do léigheadh.
Thaisbeáin sé d' Amhlaoibh cuid acu. Do léigh Amhlaoibh iad.



“Chím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”



“Iseadh, a rígh,” ar seisean. “Lonán m' ainim.”



“Tá go maith,” arsa Sitric. “Tá mo chead-sa agat chun
aon tairbhthe is féidir leat a dhéanamh do mhuintir na
catharach so. Is dócha gur cuma leat cé 'cu Lochlanaigh nó
Éireanaigh an mhuintir n-a n-imireóchair do chuid eóluis
ortha?”



“Is cuma, a rígh,” arsa Lonán. “Imireóchad mo chuid
eóluis ar an muintir is mó a chífead 'n-a ghátar agus ar an
muintir is fearr a dhíolfaidh mé.”



“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba dhóich liom féin, ámhthach,”
ar seisean, “go bhfaghadh duine a shiúbhluigh oiread agus
shiúbhluighis-se ceannach ar a chuid eóluis, agus díol as, níos
fearr 'ná mar a gheóbhair-se sa chathair seo.”



“Conus san, a rígh, le d'thoil?” arsa Lonán.



“Ba dhóich liom gur 'mó rígh, nó Árdrígh, gur mhaith leis
tusa bheith i n' aice i gcómhnuighe ag feuchaint i ndiaigh a
shláinte dhó, agus go mb’fhéidir gur bh' fhearr a dhíolfadh sé
thú as do chuid eóluis 'ná mar fhéadfadh daoine bochta na
catharach so thú dhíol,” arsa Sitric.



Do gheal gnúis Lonáin.



“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Ní'l aon rud ab fhearr
a thaithnfeadh liom, má's chuige atá t' onóir, 'ná an gnó san
a dhéanamh do t' onóir-se. Thabharfainn aire mhaith do'n ghnó,
agus is dóich liom, nuair a bhéadh taithighe agat ar m' eólus
ar feadh tamail, agus ar m'obair, nách go ró bhog ba mhaith
leat sgaramhaint liom.”


L. 203


“Ní h-orm féin a bhíos ag cuimhneamh nuair a labhras,”
arsa Sitric. “Is ar Árdrígh Éirean, ar Bhrian, a bhíos ag
cuimhneamh.”



Do dhoirchigh gnúis Lonáin. Níor labhair sé. B'fhuiriste a
dh'aithint go raibh rud éigin nár bh'fhóghanta istigh aige i
gcoinnibh an Árdrígh. D'fheuch an bheirt eile ar a chéile. Ar
ball do labhair Lonán.



“Gabhaim párdún agat, a rígh,” ar seisean, “agus agat-
sa, a rígh,” ar seisean le h-Amhlaoibh. “Tháinig ainim an fhir
sin ró oban orm. Tháinig ainim an Árdrígh sin ró oban
orm,” ar seisean. Do stad sé. “Mheasas gur ort féin a
bhís ag trácht, a rígh,” ar seisean.



“Ní mheasaim,” arsa Sitric, “go bhfuil aon ghrádh ró mhór
agat do'n Árdrígh.”



Níor labhair Lonán, ach do dhoirchigh a ghnúis airís.



“Ach bíodh nách orm féin a bhíos ag cuimhneamh ar dtúis
b' fhéidir nár bh'fhearra dhom rud a dhéanfainn 'ná cuimhneamh
orm féin anois. B'fhéidir nách i gcómhnuighe a thiocfadh do
leithéid-se crosta orm. Tar chugam anso amáireach agus
b'fhéidir go bhféadfaimís socarughadh,” arsa Sitric.



Do gheal gnúis Lonáin airís. Ba dhóich le duine air gur
rígheacht a bronnadh air bhí sé chómh h-áthasach, chómh mórálach,
chómh buidheach.



D'imthigh sé. D'fheuch an beirt ar a chéile.



“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Amhlaoibh.



“Fágaim le h-uadhacht,” arsa Sitric, “ná feadar cad é
an fuadar é seo fúm!”



“Ní'l aon ghrádh ag Lonán do Bhrian,” arsa Amhlaoibh.



“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní
fheadar an domhan cad a dhein Brian air.”



“Is 'mó duine nách é gur dhein Brian droch bheart air,”
arsa Amhlaoibh.



“Bhí sé ar bhara mo theangan dhá uair a dh' fhiafraighe dhé


L. 204


cad a dhein Brian air, ach bhí eagal orm go samhlóch' sé go
raibh cúis éigin agam leis an gceist a chur chuige,” arsa
Sitric.



“Tiocfaidh sé anso amáireach,” arsa Amhlaoibh.



“Ní deirim ná go dtiocfaidh,” arsa Sitric.



“Agus cad a dhéanfair leis?” arsa Amhlaoibh.



“B'fhéidir gur 'mó rud a féadfaí a dhéanamh leis,” arsa
Sitric.



Do stad an bheirt agus iad ag machtnamh. Bhí Sitric 'n-a
shuidhe ar chathaoir agus bhí Amhlaoibh ag siúbhal síos a's suas.
Thug an bheirt tamal maith ar an gcuma san. Ar ball do
labhair Amhlaoibh:—



“Is fíor san,” ar seisean. “Is 'mó rud, b'fhéidir, a
féadfaí a dhéanamh leis. Tiocfaidh sé anso amáireach. Ní
gádh dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt. Faigh-se greim
air má 's féidir é, ach ná leig dó aon ghreim fhághail ort.”



“Ná bíodh eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúbhairt, ní'l
aon phioc d'á fhios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a
socarófar isé Lonán féin a shocaróchaidh air, uaidh féin.”



“Siní an chaint,” arsa Amhlaoibh. “Ansan, má sgéidhean
sé is air féin a sgéidhfidh sé.”



Do sgar an bheirt i gcóir na h-oídhche.



CAIBIDIOL XVI.



CÓMHACHT LUIBHNEACHA.



Seachtmhain díreach tar éis na h-oídhche 'n-a raibh Sitric
agus Amhlaoibh agus Lonán i bhfochair a chéile istigh i dteighlach
Shitric i mBaile Átha Cliath, bhí Gormfhlaith agus beirt d'á


L. 205


mnáibh coímhdheachta ag siúbhal ar bruach glaise bige a bhí ag
gabháil thar ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora. Chonacadar
ag gabháil chúcha aníos ó threó Luimníghe capal agus cárbat
agus beirt sa chárbat. Nuair a tháinig an cárbat i
gcómhngar na h-áite 'n-a raibh na mná uaisle do stad an
cárbat.



“Siné ríghtheighlach an Árdrígh agat anois,” arsa duine de'n
bheirt leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin,
Gormfhlaith, an bheanuasal is aoirde de'n triúr, an bhean n-a
bhfuil an t-éadach corcra uirthi.”



Tháinig an fear eile amach as an gcárbat.



“Ní dócha,” ar seisean, leis an bhfear a dh'fhan istigh, “go
mbeidh a thuille gnótha agam díot-sa indiu. Tá sé chómh maith
agat casadh thar n-ais.



Dhíol sé é agus chuir sé uaidh é, agus thug sé féin aghaidh ar
an áit 'n-a raibh na mná uaisle ag siúbhal. Níor stadadar
d'á gcaint, ná níor shamhluigh sé gur chuireadar blúire suime
ann go dtí go raibh sé ar a n-aghaidh amach. An uair sin féin
gheóbhaidís thairis gan feuchaint air ná aon tsuim a chur ann
mura mbéadh gur chaith sé é féin ar a dhá ghlúin ar aghaidh
Ghormfhlaith amach agus gur shín sé leitir chúici.



“Gabhaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar
bh'é toil do Shoillse an leitir sin do léigheadh. Ó rígh
Lochlanach Átha Cliath iseadh í.”



“Déirc atá uaidh seo is dócha,” ar sise leis na mnáibh
coímhdeachta, agus do rug sí ar an leitir. D'aithin sí an
sgríbhinn a bhí ar an gcúmhdach. B' fhíor do'n duine é gur
ó Shitric a fuair sé an leitir le tabhairt ag triall uirthi.
D'osgail sí an leitir agus chrom sí ar í léigheadh. Ar ball
d' fheuch sí ar an bhfear. D' fheuch sí go géar air. Firín
beag ab eadh é agus ceann mór air; an fear céadna a bhí
istigh i dteighlach rígh Lochlanach Átha Cliath an oídhche úd,
seachtmhain roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Amhlaoibh.


L. 206


D'fheuch Gormfhlaith ar na mnáibh coímhdeachta.



“Teidhigh-se isteach, a chlann ó,” ar sise. “Oirean dom
labhairt leis an nduine seo i n' aonar.”



D'imthigh an bheirt bhan.



“Chím,” arsa Gormfhlaith leis an bhfear, “gur Lonán is
ainim duit-se.”



“Iseadh, chun do thoile, a Árdrígan,” ar seisean.



“Cad chuige gur cuireadh anso thú?” ar sise.



“Do réidhtigh an rígh liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “chun
go ndéanfainn, mar is gnáth a dhéanamh do rígh, aireachas a
thabhairt do'n bhia agus do'n dígh a curfaí os a chómhair le
caitheamh, le h-eagla go ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go
dtabharfaí nimh dó.”



“Agus cad 'n-a thaobh nár choimeád sé thú?” arsa
Gormfhlaith.



“Dúbhairt sé liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “go
mb’ fhéidir gur mhó an gnó bhéadh anso dhíom féin agus dem'
chuid eóluis agus dem' chuid foghluma 'ná mar a bhí aige
féin díom. Is dócha gur inis sé sa leitir cad é an gnó ba
dhóich leis a bhéadh anso dhíom?”



“Do réir mar a thuigim-se an chaint atá sa leitir is 'mó
gnó fhéadfadh bheith anso dhíot,” arsa Gormfhlaith.



“Ní mó an gnóthaí a dh'fhéadfadh bheith dhíom anso, a
Shoillse,” arsa Lonán, “'ná na gnóthaí a d’fhéadfainn-se a
dhéanamh anso.”



“Ach go ndíolfaí thu asta, is dócha,” arsa Gormfhlaith.



“Agus is dócha,” ar sise, “d'á mhéid iad na gnóthaí gur
bh' eadh ba mhó a bhéadh le díol asta?”



“Do réir dheabhraimh, a Shoillse,” arsa Lónán.



Do stad Gormfhlaith ar feadh tamail mhaith. Bhog sí a béal
chun labhartha cúpla uair agus níor labhair sí. Is amhlaidh a
dhún sí a béal airís agus do lean sí d'á machtnamh. An
fhaid a bhí sí ag machtnamh bhí Lonán ag feuchaint uaidh ar an


L. 207


sruthán agus gan aon chor aige 'á chur dé. Do bhog sí a
béal chun labhartha fé deire agus do labhair sí.



“Tá sé chómh maith agam an ceann a bhaint de'n sgéal
duit,” ar sise. “Tá oiread anso agus chrochfadh thú seacht
n-uaire dá bhfaighfí amach ort é.”



“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.



“Nách breagh bog a ghlacan tú é!” ar sise.



“Tá iontaoibh agam asat, a Shoillse,” ar seisean.
“Dúbhart leis an rígh i n-Áth Cliath go raibh iontaoibh agam
asat.”



Do chruaidh a súil agus a gnúis agus thug sí droch
fheuchaint air.



“Ní fheicim,” ar sise, “cad é an chúis go mbéadh an
iontaoibh sin agat asam-sa, a ghiolla. Ní'l crot na fírinne
ar an gcaint sin.”



Thóg sí anáirde a lámh fé mar a bhéadh cómhartha éigin aici
'á dhéanamh. Do rith chúici anuas ó'n ríghtheighlach ceathrar
d'fhearaibh luatha láidire agus a chlaidheamh nocht i láimh gach
fir acu.



“Curtar sa charcair an fear san,” ar sise, go breagh
réidh. Ba dhóich le duine gur chun a dhinnéir a dh' órduigh sí
é bhreith, do labhair sí chómh cneasta san.



Do rugadh ar Lonán agus do cuireadh isteach sa charcair é.
Do léigh Gormfhlaith an leitir airís, agus dhein sí a
machtnamh airís ar an gcaint a bhí sa leitir. Sidí an chaint
a bhí sa leitir:—



“A mháthair,



“Déanfaidh sé seo an gnó. Tá a chúis féin aige chun
na h-oibre dhéanamh. Ní miste, ámhthach, é dhíol go maith;
ansan beidh dhá chúis aige chun na h-oibre dhéanamh. Ní
h-obair thútach a dhéanfaidh sé. Tá an t-eólus tar bár
aige.



“Tá ár neart go léir ollamh ar phreabadh isteach


L. 208


chúghainn chómh luath agus d' aireóchaid siad an tásg.



“Dá bhféadfaí an gnó dhéanamh chómh luath agus bhéadh
an chuaird críochnuighthe b' shin mar ab fhearr é. Bhéadh
fios na h-aimsire againn agus d' fhéadfaimís an aimsir
d' fhrithálamh. Déanfaidh an fear so an gnó. Ná caill.



“Is eól duit cé h-é
“Mise.”



Nuair a bhí beagán aimsire caithte agus uain fághalta ag
Lonán ar sgannra theacht i gceart air, do ghlaoidh sí airís ar
an gceathrar.



“Tugtar chúgham anso an fear úd,” ar sise.



Do tugadh.



Nuair a bhí an bheirt 'n-a n-aonar airís do labhair sise.
Bhí Lonán ag crith.



“Cad é an chúis a bhí agat-sa le n-a rádh,” ar sise, “go
raibh iontaoibh agat asam-sa?”



“Ní féidir do dhuine i gcómhnuighe, a Shoillse,” ar seisean,
“a dh'innsint cad é an chúis dó iontaoibh a bheith aige as duine
eile. Ach is léir, a Árdrígan, mura mbéadh iontaoibh a bheith
agam-sa as do Shoillse-se ná tiocfainn anso i n-aon chor.
Thánag chúghat anso, a Árdrígan, agus an téad ar mó
mhuineál. Ní dhéanfainn san mura mbéadh an iontaoibh a
bheith agam as do Shoillse.”



“Ní dhéanfá,” ar sise, “do réir dheabhraimh. Ní dhéanfadh
aoinne é ach duine buile. Tá crot na fírinne air sin. Ach
ní innsean san cad é an chúis a bhí agat leis an iontaoibh.
Inis an chúis dom.”



“Tá go maith, a Shoillse,” ar seisean, “ach tabhair do
bhriathar ríoga dhom ná tógfair orm é má innsim an fhírinne
do d' Shoillse.”



“A dhuine!” ar sise, agus bhuail sí speach d'á cois sa
talamh, “nách í an fhírinne atá uaim!”



“Tá sgannra orm rómhat, a Árdrígan!” ar seisean.


L. 209


“Mo bhriathar ríoga dhuit,” ar sise, “nách baoghal duit
mé. Inis dom an rud atá ar t' aigne.”



“Tá sé am' aigne, a Shoillse,” ar seisean, “an gnó a thug
mise anso agus an gnó ba thoil leat-sa a dhéanfainn anso
gurab aon ghnó amháin iad. D'á bhrígh sin, nuair a bhíos ag
teacht anso chun an ghnótha san a dhéanamh tháinig iontaoibh
agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar gheall ar an iontaoibh
sin thánag anso, mar a chíon tú, agus an téad ar mo mhuineál.
Ní raibh le déanamh ach mé chur suas ar an gcroich!”



“Tá go maith,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair
an gnó?”



“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.



“Gheóbhair do thuarasdal go maith as an ngnó,” ar sise.



“Thuigeas go bhfaighinn, a Shoillse,” ar seisean.



Bhí an sgéal socair eatartha ansan. Níor bh'fhada go
bhfeictí iad coitchianta ag imtheacht tríd an ínse ar bhruach
na glaise bige ag stathadh na luibhneacha agus 'ghá mbreith-
niughadh. Do chítí sa gháirdín iad agus an gnó céadna ar
siúbhal acu. Agus d'admhuigheadh Lonán gur bh' fhearr an t-
eólus a bhí ag Gormfhlaith ar na luibhneacha agus ar na
cómhachtaibh a bhí ionta chun uilc nó chun maitheasa 'ná mar a
bhí aige féin.



Níor bh' fhada gur tugadh post gnótha sa teighlach do Lonán.
Do cuireadh 'n-a stíobhard os cionn an bhídh é, chun feuchaint
i ndiaigh an bhídh agus aireachas a thabhairt do gach aon tsaghas
bídh a bhéadh le h-úsáid sa teighlach, i dtreó nár bhaoghal go
dtabharfaí chun búird ann aon bhia a bhéadh mí-fholáin. Níor
mhór stíobhard de'n tsórd san a bheith i dteighlach a bhí chómh
mór agus n-a mbíodh oiread san bídh d'á ollamhughadh gach aon
lá an tseachtmhain do dhaoinibh ann.



Ach isé gnó fé leith a bhí ceapaithe do Lonán ann 'ná
feuchaint chun an bhídh a h-ollmhófaí do'n Árdrígan, le h-eagla
go gcurfaí aon droch nídh ann.


L. 210


Bhí Lonán ag déanamh na h-oibre sin agus ag déanamh na
h-oibre go maith, agus bhí an aimsir ag gluaiseacht agus gach
aoinne ag cóimhreamh na laethanta agus ag breithniughadh na
h-aimsire 'n-ar dhóich leó a bhéadh an t-Árdrígh agus a chualacht
ag teacht abhaile. Bhí uaigneas mór sa teighlach i ndiaigh na
ndaoine a bhí amuich, agus b'é b'fhada le gach aoinne go
rabhdar ag teacht abhaile. Bhítí ag trácht go minic ar Niamh
agus ar a h-athair agus ar Chaoilte agus ar Chonn. Agus do
cuimhnightí ar an rás agus ar an bhfeirg a bhí ar Chonn. Agus
ar conus mar adúbhairt Brian leis ciall a bheith aige. Do
cuimhnightí ar Mhurcadh agus ar Dhúlainn, agus ar an
ngarsún óg, mac Mhurchadh, a dheineadh, a deirtí, gníomhartha
nár bh'é gach fear a dh' fhéadfadh iad a dhéanamh, agus go
mbíodh daoine 'ghá rádh, nuair a bhéadh sé deich mbliana fichid
go mbéadh sé chómh láidir le beirt de shaghas Mhurchadh an lá
b'fhearr a bhí Murchadh riamh. Do cuimhnightí ortha go léir ar
an gcuma san, agus b'é b'fhada le gach aoinne go mbéidís
ag teacht abhaile, mar, nuair a thiocfaidís, ní bhéadh aon rud
sa teighlach, ar feadh abhfad, ach spórt agus gleó agus
pléisiúr agus caitheamh aimsire, rince agus ceól agus ól
agus imirt, agus an uile shaghas aoibhnis.



Ar an gcuma gcéadna iseadh bhíodh an sgéal ag an muintir
a bhí amuich. Bhídís ag feuchaint rómpa amach chun an lae
'n-a mbéadh an chuaird críochnuighthe agus iad go léir ag
teacht abhaile go Ceann Cora in-aonfheacht leis an Árdrígh,
agus a gcáirde sa bhaile ag cur na mílte fáilte rómpa,
agus ag cur an uile shaghas ceisteana chúcha i dtaobh an chuma
'n-ar chaitheadar an aimsir an fhaid a bhíodar amuich agus i
dtaobh na ndaoine a bhuail úmpa ins na críochaibh iasachta, an
rabhdar fial fáilteach, nó an rabhdar go dothígheasach. I
gcaitheamh na cuairde bhídís a d'iaraidh cúntas cruinn a
choimeád ar gach nídh agus ar gach aicme daoine, agus go
mór mór ar gach aon sgéal sultmhar a bhuaileadh úmpa, i


L. 211


dtreó, nuair a thiocfaidís abhaile, go mbéadh a lán le
h-innsint acu, a lán a bhainfeadh gáirí agus sult amach, agus
a lán a chuirfeadh daoine ag déanamh iongnadh des na rudaí
a neósfaí dhóibh.



Thagadh teachtairí abhaile coitchianta ó'n áit 'n-a mbíodh an
t-Árdrígh agus a chualacht, agus d'innseadh na teachtairí conus
a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud. Ansan do bheireadh
na teachtairí leó thar n-ais, ag triall ar an Árdrígh agus ar
a chualacht, cúntas cruinn ar conus a bhíodh gach aoinne agus
gach aon rud sa bhaile.



Ní raibh Lonán abhfad socair 'n-a phost i gCeann Cora
nuair a bhí a fhios go cruinn ag Murchadh agus ag Brian agus
ag an gcualacht go léir go raibh sé ann. Nuair a h-innseadh
an sgéal i láthair Mhurchadh níor labhair sé focal. Ní dúbhairt
sé olc ná maith leis an sgéal. Nuair a h-innseadh i láthair
Bhriain é níor dhóich le duine gur airigh sé i n-aon chor é,
mar níor chuir sé suim ar bith ann. Ní h-air, ná ar neithibh
d'á shórd, a bhí sé ag cuimhneamh. Bhí sé ag cuimhneamh ar na
tuairisgíbh a bhí ag teacht chuige i n-aghaidh an lae, agus
uaireanta go minic sa ló, tuairisgí ó chrích Lochlan anoir,
agus ó chrích na h-Ioruaidhe, agus ó Ínsíbh Orc, agus ó
áiteanaibh ná raibh chómh fada ó bhaile, agus gan ins na
tuairisgíbh go léir ach fuadar agus ollmhúchán, fuadar agus
ollmhúchán, chun cogaidh, agus gan fios ró chruinn ag aoinne
ar cá raibh an cogadh le bheith. Bhí a fhios ag Brian agus ag
Murchadh, agus ag an gcuid eile de lucht cómhairle Bhriain,
cad é brígh a bhí leis an ollmhúchán agus leis an bhfuadar.
Bhí fhios acu go raibh geinte Lochlan go léir, agus a lucht
cabhartha agus conganta agus cómhluadair, 'ghá ngleusadh
féin agus 'ghá gcórughadh féin agus ag cruinniughadh a neart
chun aon iaracht amháin eile, bháis agus bheatha, do dhéanamh
ar oileán na h-Éirean do shealbhughadh dhóibh féin agus d'á
sliocht. D'á dhaingine a chuaidh an méid sin 'n-a luíghe ar


L. 212


aigne Bhriain agus ar aigne lucht cómhairle Bhriain iseadh ba
dhéine a dheineadar an uile shaghas díchil, i gcaitheamh na
cuairde sin, ar neart na h-Éirean do ghleusadh agus do chur
i dtreó, ins gach aon bhall, ins na daingeanaibh a bhí curtha
suas ag Brian, agus i dteighlachaibh na ríghthe agus na n-uasal
a bhí dílis do Bhrian, ionus, nuair a tiocfadh na geinte
iasachta, go bhfaighdís an tseilbh, — ach gur fé'n bhfód a
gheóbhdís an tseilbh.



CAIBIDIOL XVII.



FÓD AN BHÁIS DO SHEASAMH.



Nuair airigh an chuid eile de chualacht Bhriain Lonán a bheith
i gCeann Cora agus an gnó a bhí aige 'á dhéanamh ann, bhí
iongnadh ortha agus bhíodar ag cíoradh an sgéil go tiugh.
Bhídís 'á fhiafraíghe cé r' bh'é; cá dtáinig sé; conus a fuair
sé eólus ann; cé ba bhun leis an bpost san a thabhairt i
n-aon chor dó; agus ceisteanna de'n tsórd san. Ansan do
tháinig amach gur bh' árd liagh é, agus gur thug sé teistiméir-
eachtaí móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur thug
an Árdrígan an post dó i dtreó go mbéadh liagh chómh mór
san eólus agus chómh mor san tuisgint sa ríghtheighlach i
gcómhnuighe, chun feuchaint i ndiaigh bídh an ríghtheighlaigh i dtreó
go mbéadh an bia foláin i gcómhnuighe, agus chun feuchaint i
ndiaigh sláinte na ndaoine sa ríghtheighlach, leis. I ríghtheighlach
n-a raibh oiread san daoine ann nár bh' fhios cad é an
neómat, sa lá nó sa n-oídhche, do thiocfadh taom oban ar
dhuine éigin de mhuintir an ríghtheighlaigh, agus ansan dá mba
ná béadh liagh maith sa n-áit go mb' fhéidir go bhfaghadh an


L. 213


duine bás sar a mbéadh dochtúir tagaithe ó áit eile, dá
mbéadh ar an ndochtúir teacht abhfad.



“Cá dúbhairt Niamh, agus a h-athair, agus Murchadh, leis
an ngnó?” a déarfaidh duine éigin, b'fhéidir.



Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatartha féin
adúbhradar é. Níor leigeadar aon fhocal dé amach ameasg
na cod' eile de'n chualacht. Bhíodar 'á chíoradh agus 'á
bhreithniughadh eatartha féin, ámhthach, chómh dian, ní h-eadh ach
níba dhéine go mór, 'ná mar a bhí an mhuintir a labhair 'ghá
chíoradh agus 'á bhreithniughadh. Chífear ar ball cad é an
breithniughadh a bhí ag Niamh agus agá h-athair agus ag Murchadh
'á dhéanamh ar an sgéal, agus cad é an chúis a bhí acu leis
an sgéal a bhreithniughadh go dlúth.



Pé breithniughadh a bhí ag Niamh ná agá h-athair ná ag
Murchadh, ná ag aoinne eile de chualacht Bhriain 'á dhéanamh,
i gcaitheamh na cuairde sin, ar an sgéal san, ná ar aon
sgéal eile d'á shórd a tháinig chúcha ó Cheann Cora, bhí aon
bhreithniughadh amháin acu go léir 'á dhéanamh ar na sgéalta a
bhí ag teacht chúcha anoir agus adtuaidh, agus anoir-adtuaidh,
ó'n uile áird de'n dómhan Lochlanach. Bhí na sgéalta san ag
teacht coitchianta, agus fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht
bhíodar ag teacht níba thiúgha. Isé breithniughadh a bhí ag
cualacht Bhriain 'á dhéanamh 'ná so: nuair a thiocfadh na
slóighte a bhí chun teacht, nuair a thiocfadh toradh ar an
dtórmach go léir, nuair a thiocfadh an cogadh a bhí geallta,
nár bh' fholáir dó bheith 'n-a chogadh bháis do thaobh éigin, do
Ghaedhlaibh Éirean nó dos na geintibh a bhí ag teacht. Thuig
gach aoinne, agus dúbhairt gach aoinne le n-a chómharsain agus
le n-a chomrádaidhe é, i gcaitheamh na cuairde sin, go raibh
ceangailte ar gach aon fhear de shliocht Gaedhal gan bheith beó
i ndiaigh an cogaidh sin dá mb' ag na geintibh a bhéadh an buadh
sa chogadh. Dúbhairt gach fear le gach fear eile, “Beidh buadh
ag Gaedhlaibh nó ní bhéad-sa beó! Ní'l orm ach bás d'fhághail


L. 214


aon uair amháin. Is fearr go mór bás d'fhághail i lár an
chatha 'ná bheith beó i n-Éirinn fé smacht na Lochlanach. Má
bhíon an buadh acu bíodh Éire acu ach ní bhéad-sa acu! Ach
geallaim an méid seo dhóibh. Má 'sé mo bhás a bheidh acu
ní h-i n-aisge a bheidh sé acu!”



Fé mar a thagadh na tuairisgí bhíodh an saghas san cainte
le clos níba mhinicíghe, agus bhíodh an machtnamh a bhíodh laistigh
de'n chaint ag dul i ngéire i n-aghaidh an lae go dtí, fé dheire,
go raibh sé socair i n-aigne gach fir ná raibh aige le caitheamh
ar an saoghal so ach go dtí lá an chatha mhóir sin a bhí le teacht,
pé fada gairid go dtiocfadh sé, agus do thuig gach fear i
n' aigne ná raibh a thuille saoghail uaidh. Bás a dh'fhághail an
lá san, ar son Gaedhal Éirean agus ar son Chreidimh Chríost,
tar éis an éirligh ba mhó a dh'fhéadfadh sé do dhéanamh ar an
namhaid iasachta, air sin iseadh bhí aigne gach fir socair.
Níor chuimhnigh aoinne ar cad a dhéanfadh sé ná ar conus a
mhairfeadh sé dá dtagadh sé saor ó'n gcath agus an buadh ag
Gaedhlaibh. Níor bheag, dar le gach duine, bheith ag cuimhneamh
air sin nuair a bhéadh san amhlaidh.



Bhí aigne na bhfear socair ar an gcuma san ní h-amháin i
gcualacht an Árdrígh, ar an gcuaird, ach fós i dteighlach gach
rígh cúige n-ar chaith an t-Árdrígh raint laethanta ann, agus
ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag an Árdrígh, agus ins
gach aon bhall 'n-ar chuaidh caint na bhfear san agus a n-anál
fé'n bpoibilidheacht. Bhí aigne a mban chómh socair air sin
agus bhí aigne na bhfear. Nuair a thiocfadh an lá ní
fhanfaidís sa bhaile i ndiaigh na bhfear. Do raighdís isteach sa
chath agus do thabharfaidís gach congnamh dos na fearaibh, agus
dá mbéadh buadh ag an namhaid iasachta ní bhéadh aon bhean
acu beó i n-Éirinn i ndiaigh an chatha. Gheóbhdís bás i
dteannta na bhfear. Agus dá mbéadh aon fhear chómh meathta
san agus go dtaraingeóch' sé siar ó fhód a bháis, do sheasóch'
bean ar an bhfód san agus thabharfadh sí aghaidh ar an namhaid


L. 215


agus do ghlacfadh sí an bás a sheachain seisean. Sin mar a
labhraidís, pé rud a dhéanfaidís. Bhí cuid acu, agus níor
chuid bheag é, do dhéanfadh an gníomh chómh dána díreach agus
dhéanfadh aon duine des na fearaibh é. Dhéanfadh Niamh é,
bíodh ná dúbhairt sí go ndéanfadh.



Dá mbéadh fhios ag an muintir a bhí le teacht, agus a bhí ag
socarughadh ar a mná agus a gclann a thabhairt leó chun cur
fútha i n-Éirinn, dá mbéadh fhios acu go raibh an saghas san
aigne ag fás agus ag neartughadh agus ag aibiughadh i
n-Éirinn 'n-a gcóir, b'fhéidir go dtiocfaidís ar atharughadh
aigne agus go bhfanfaidís thall. Ach ní raibh aon phioc d'á
fhios acu. Bhí daoine i n-Éirinn a bhí coitchianta ag cur
tuairisgí anonn ag triall ortha, ach níor innseadar dóibh go
raibh a leithéid siúd de dhásacht croídhe 'n-a gcóir. B'fhéidir
nár thuigeadar féin go raibh, agus b'fhéidir gur chuma leó ach
bheith ag séideadh fé 'n muintir thall, i dtreó go dtiocfaidís,
pé rud a thiocfadh as, thall ná abhus. Gormfhlaith agus
Amhlaoibh macánta agus Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a
bhí 'ghá dhéanamh san. Bhéadh Maolmórdha, rígh Laighean,
drítháir Ghormfhlaith, 'ghá dhéanamh leó, ach, dar leis an dtriúr
eile, leath-amadán ab eadh é, agus níor bh' aon iontaoibh é
chun aon ghnó chontabharthach a thabhairt le déanamh dó.



Do críochnuigheadh an chuaird.



Tháinig Brian agus a chualacht abhaile go Ceann Cora. Bhí
lán a chroídhe d' áthas ar gach aoinne; an mhuintir a bhí sa
bhaile ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a
tháinig, agus an mhuintir a tháinig ag cur gach aon tsaghas
tuairisgí ar an muintir a bhí sa bhaile. Nuair a bhí na
ceisteana go léir curtha, freagartha, ar gach taobh, agus na
tuairisgí go léir tabhartha, thusnuigh ceist ag ghabháil tímpal
i dtaobh an stíobhaird nua a bhí tagaithe ann chun bheith ag
feuchaint i ndiaigh an bhídh agus i ndiaigh na ndaoine a bhéadh
breóite, dá ba rud é go mbéadh a leithéidí ann.


L. 216


“Cé h-é sin?”



“Cad as é?”



“Cad a thug anso é?”



“Cé 'ro díobh é?”



Do freagradh na ceisteanna fé mar a féadadh teacht ortha
agus fé mar a bhí eólus ag an muintir n-ar cuireadh chúcha
iad. Ansan do chuaidh gach aoinne isteach i n'áit féin, ag
déanamh a ghnótha féin, agus chuaidh gach aon rud chun
suaimhnis, gnó an ríghtheighlaigh d'á dhéanamh go cruinn agus go
slachtmhar mar ba ghnáth, na ríghthe agus na h-uaisle, na
sagairt agus na h-easboig, ag teacht gach aon lá chun cainte
dhéanamh leis an Árdrígh, agus an t-uathbhás bídh agus díghe,
an t-uathbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d'á
chaitheamh gach aon lá sa ríghtheighlach, mar ba ghnáth.



Cúpla lá tar éis Bhriain a theacht abhaile do shocaruigh Tadhg
Mór ua Cealla ar dhul abhaile go h-Uíbh Máine. Bhí
Brian, i gcaitheamh na cuairde, tar éis a chur ar a súilibh
dos na ríghthibh go léir agus do thaoiseachaibh na slógh, nár
bh' fhios cathin a thiocfadh an namhaid, agus nár bh'fholáir do
gach rígh cúige agus do gach taoiseach airm agus do gach fear
cinn riain, agus do'n uile dhuine a bhí i n-aon chor ábalta ar
arm do láimhsiáil, bheith ollamh, chómh luath agus gheóbhdís an
focal, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid pé áit 'n-a
dtaisbeánfaidís iad féin. Níor bh'fholáir do Thadhg Mhór ua
Chealla, nídh nár bh' iongnadh, dul siar go h-Uíbh Máine agus
a mhuintir féin do ghleusadh agus d'ollamhughadh, agus a chur
ar a súilibh dóibh nár mhór dóibh bheith ollamh, chómh maith le
cách, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid chómh luath agus
thiocfadh an ghlaoidh.



Bhí Tadhg Óg ua Cealla thiar cheana, ag déanamh na h-oibre
sin, agus ba mhaith chuige é, ach má bhí féin, agus má ba mhaith
féin, do thuig an t-athair nár bh' alaidh dhó féin gan dul siar,
leis, agus bheith ag feuchaint i ndiaigh na h-oibre. Bhí gach


L. 217


rígh cúige i n-Éirinn, go mór mór na ríghthe a bhí dílis do
Bhrian, ag gleusadh a neart féin, fé n-a súilibh féin, agus é
daingean i n-aigne gach rígh acu gur bh'é fód an chatha, pé
áit 'n-a raibh an fód san, fód a bháis. Bhí Tadhg Mór ua
Cealla chómh dílis do Bhrian le h-aon rígh cúige acu, agus
bhí an rud eile chómh daingean i n-aigne Thaidhg agus bhí sé i
n-aigne aoinne acu. Níor bh'fhéidir do gan dul siar.



Agus níor bh'fhéidir do Niamh gan dul siar i n-aonfheacht
leis.



Is ar Thadhg Óg a bhí an t-áthas nuair a chonaic sé chuige iad.



“Ó! a Niamh,” ar seisean, “is áluinn a dh' fheuchan tú!
Dhein an chuaird sin ana thairbhthe dhuit. Tá do ghnaoí agus
do dhá shúil féin airís agat.”



Thug Niamh gach aon chúntas dó ar an gcuaird, agus ar na
tuairisgíbh agus ar na ráflaíbh a bhí ag gluaiseacht ins gach
aon bhall i dtaobh na namhad iasachta a bhí ag teacht go
h-Éirinn chun clanna Gaedhal do dhísgiughadh agus seilbh na
tíre do thógaint dóibh féin. D'inis sí dhó go cruinn an
obair a bhí déanta ag Brian chun neart na nGaedhal do
ghleusadh i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, agus conus
mar a bhí fir Éirean socair 'n-a aigne ar bhás a dh'fhágail
sa chogadh san nuair a thiocfadh sé, nó ar bhás a thabhairt do'n
namhaid.



Thug sí dhó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas
ar gach nídh d'ár thuit amach ins gach aon áit 'n-ar ghabhdar i
gcaitheamh na cuairde. Agus d'inis sí dhó go raibh Maol-
mórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora i n-
achmaireacht, ag tabhairt na gcrann leis i gcóir na loingeas
a bhí le déanamh ar linn Luimnighe.



“Siné anois agat, a Thaidhg,” ar sise, “an sgéal go léir,
ó'n lá fhágamair an áit seo go dtí an lá a thánamair thar
n-ais ann.”


L. 218


CAIBIDIOL XVIII.



SGUAB-BHUILLE CHLAIDHEAMH.



An lá a chuaidh Niamh agus a h-athair go h-Uíbh Máine,
nó an lá 'n-a dhiaigh, tháinig Caoilte go Ceann Cora, agus
níor bh' fhios an mór de 'n domhan a bhí siúbhalta aige. Chómh
luath agus bhí bia caithte aige, agus a thuirse curtha dhé aige,
bhí sé féin agus Murchadh agus Brian i seómra fé leith agus
é ag tabhairt eóluis dóibh ar a chuardaibh agus ar cad a
chonaic sé.



“Anonn go crích Lochlan a chuadhas ar dtúis,” ar seisean,
“a ríghthe. Dúbhart liom féin go dtabharfainn fútha pé rud
a dh'imtheóch' orm. Ní fheadar cé 'cu do h-aithnigheadh mé nó
nár aithnigheadh. Má aithin aoinne mé níor leig sé air gur
aithin sé mé.



“Níor fhágas aon phioc d'á neart gan feuchaint agus do
bhreithnigheas a neart chómh cruinn agus d'fhéadas é bhreith-
niughadh. Táid na daoine go léir as a meabhair, ba dhóich le
duine, le dúil teacht go h-Éirinn agus seilbh a ghlacadh i
n-oileán na h-Éirean agus cur fútha ann. Tá sé buailte
isteach 'n-a n-aigne go bhfuil an t-oileán so chómh saidhbhir,
agus an talamh chómh torthamhail sin ann, nách gádh dos na
daoine gur leó é aon obair a dhéanamh ag saothrughadh an
tailimh. Chím go soiléir go bhfuil daoine éigin anso i
n-Éirinn atá ag séideadh fútha agus ag cur neithe de'n tsórd
san isteach 'n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní'l aon mheas i
n-aon chor acu ar a dtír féin, agus d'á luathacht a bheid siad
tagaithe anall anso i n-aonfheacht iseadh is fearr é, dar leó.
Táid na mná agus an chlann chómh mór buile chun teacht agus
atáid na fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollamh acu
agus thabharfadh anoir fiche míle fear agus airm agus lón


L. 219


dóibh. Is dóich leó féin go mbeidh deich míle fear acu, agus
go dtógfaid na mná agus an chlann suas oiread slíghe agus
thógfadh deich míle eile fear.



“Ní mheasaim féin, tar éis na cainte go léir, go
bhféadfaid siad deich míle fear do chur le chéile agus do
thabhairt anso anoir. Ba mhaith an rud a bhéadh déanta acu
dá dtugaidís ocht míle fear leó i dteannta na mban agus
na clainne.



“Chuadhas óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe. Tá an obair
chéadna ar siúbhal ansan, agus an bhuile chéadna ar na daoine
go léir chun imtheacht as a dtír féin agus teacht go h-Éirinn.
Ní h-aon iongnadh an dithineas a bheith ortha san chun imthighthe
as a dtír féin. Ní'l sa bhaile acu ach beatha chruaidh, agus
tuillid siad go cruaidh í. Talamh fuar fiain neamh-
thorthamhail atá acu. Tá obair chruaidh acu le déanamh
coitchianta, ag casadh leis an dtalamh a shaothrughadh, agus
ansan, tar éis na sglábhuigheachta go léir, ní bhíon puínn de
bhár a saothair acu. Ní h-aon iongnadh dithineas a bheith ortha
chun na tíre dh'fhágáilt agus teacht chun cómhnuighthe i dtír a
dhéanfaidh, dar leó, iad do chothughadh díomhaoin. Tá daoine
éigin ó Éirinn ag séideadh fútha san, leis, agus ag cur na
smaointe sin isteach 'n-a n-aigne. Mura mbéadh go bhfuil ní
thiocfadh na smaointe chúcha.”



“An mó míle fear is dóich leat, a Dhuinn, a dh' fhéadfaidh
rígh na h-Ioruaidhe do chur le chéile agus do thabhairt leis,
má thagan sé?” arsa Brian.



“Déarfainn, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “go gcuirfidh sé
le chéile trí nó ceathair de mhíltibh fear. Tá beirt mhac aige,
fir ana chródha. Fé'n mbeirt sin iseadh bheidh an tsluagh.
Beidh, is dócha, trí nó ceathair de mhíltibh ban agus leanbh acu
i dteannta na bhfear. Is mó an dithineas atá ar mhnáibh na
h-Ioruaidhe chun teacht 'ná mar atá ar mhnáibh tíre Lochlan.
Tá sé 'n-a n-aigne ná beidh acu le déanamh nuair a thiocfaid


L. 220


siad go h-Éirinn ach bualadh isteach agus suidhe síos. Tá
duine éigin, nó daoine éigin, 'ghá gcur amú”, 'ghá gcur ar a
n-aimhleas, ag cur an duibh 'n-a gheal ar na daoine bochta.”



“Comáin leat, a Dhuinn,” arsa Brian.



“Chuadhas óthuaidh go h-Ínsíbh Orc, a Árdrígh,” arsa
Caoilte. “Chuireas mé féin i riocht file, agus thógas
cláirseach liom agus thánag go ríghtheighlach an Iarla Sígurd,
Iarla na n-Ínsí sin Orc. Bhí cuideachta le bheith ann. Bhí
cuireadh tabhartha ag Sígurd do'n Iarla Gilli, fear atá
pósta agá dhrifiúr. Tháinig an t-Iarla Gilli, fear driféur
Shíguird. Tháinig a lán eile uaisle ann. Bhí glaodhach ar
cheól agus thugas dóibh an ceól. Cé bhuailfeadh chúghainn
isteach ach Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Do cuireadh
fáilte roimis féin agus roime n-a chualacht. Bhí fear ann a
tháinig adtuaidh ó Inis Tuile. Bhí cúntas aige 'á thabhairt ar
cad fé ndeara dhó féin agus do raint eile de mhuintir an
oileáin sin imtheacht ó'n mbaile. Dheineadar coir throm.
D'éirigh idir iad agus duin'uasal fóghanta a bhí ann, agus
mheasadar an duin'uasal do chur chun báis. Do theip ortha
ar feadh abhfad, mar bhí clann mhac ró chródha aige agus do
chosain an chlann mhac é. Fé dheire do fuaradar lom ar
theighlach an duin'uasail do losgadh, agus do loisgeadar 'n-a
mbeathaigh é féin agus a bhean agus a chlann istigh 'n-a dtigh
féin. Nial ab ainim do'n duin'uasal. B'éigean do'n mhuin-
tir a dhein an losgadh imtheacht as an oileán. Thánadar, nó
tháinig cuid acu, go teighlach Shíguird i n-Inis Orc. Gunar,
nó Conchubhar, ab ainim do'n fhear a bhí ag innsint an sgéil.
An fhaid a bhí an sgéal ar siúbhal tháinig fear chun an doruis,
lasmuich, ach níor thaisbeáin sé é féin. Cairí ab ainim do'n
fhear san, agus fear ana chródha iseadh é. Cliamhain iseadh é
do'n duin'uasal a loisgeadh, agus ba dhóbair go loisgtí é
féin mar bhí sé sa tigh an oídhche do deineadh an losgadh. Bhí
sé ar an dtaobh amuich de dhorus ríghtheighlaigh Shíguird an


L. 221


uair sin, agus bhí sé ag éisteach leis an sgéal. Duine de'n
mhuintir a dhein an losgadh ab eadh an fear a bhí ag innsint
an sgéil. Bhí an dá Iarla ag an mbórd agus rígh Lochlanach
Átha Cliath eatartha, agus iad ag éisteacht leis an sgéal.
Bhíos féin ag éisteacht leis an sgéal agus mo chláirseach fé
m' uillinn agam. Do labhair Sitric.



“‘Conus a dh'fhuiling Scraphádinn an teine, a Ghunair?’
ar seisean.



“‘Maith go leór ar dtúis, a rígh,’ arsa Gunar, ‘ach nuair
a rug an teas i gceart air do liúigh sé agus do ghoil sé mar
a dhéanfadh seana bhean.’



“Air éigin a bhí an méid sin cainte as a bhéal nuair a
léim Cairí an dorus isteach agus suas chun na h-áite 'n-a
raibh Gunar 'n-a shuidhe i n-aice an bhúird ar aghaidh an rígh
agus an dá Iarla amach. Sar a' raibh fhios ag aoinne cad a
bhí ar siúbhal aige do tharaing Cairí a chlaidheamh agus le aon
sguab-bhuille amháin do bhain sé an ceann de'n sgéalaídhe.
Chuir sé a leithéid sin d'fhuinneamh leis an mbuille gur léim
an ceann isteach ar an mbórd, ar aghaidh Shitric agus an dá
Iarla amach, agus go raibh an bórd lán d'fhuil, mór-thímpal
an chinn, sar a raibh uain ag aoinne ar a thuisgint cad a bhí
tuitithe amach. Níor dhein Cairí ach feuchaint 'n-a thímpal agus
ansan imtheacht amach. Níor lean aoinne é. Ar ball, nuair
a bhí caoi agam air, do chromas ar dhuine a bhí am' aice do
cheistiughadh. Do labhras i gcaint na h-Ioruaidhe.



“‘Cé h-é an rígh sin, Sitric?’ arsa mise.



“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa'n duine liom. ‘Isé rígh
Lochlanach Átha Cliath é.’



“‘Agus cad a thug anso é?’ arsa mise.



“‘Do réir mar a thuigim,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a
tháinig sé 'ghá iaraidh ar an dá Iarla, ar Shígurd agus ar
Ghilli, a neart do chur le chéile agus dul leis go h-Éirinn
ag cabhrughadh leis sa chogadh so atá le déanamh i gcoinnibh
Bhriain.’


L. 222


“‘Agus cé h-é Brian?’ arsa mise go neamh-thuairimeach.’



“‘Ach!’ ar seisean, ‘an amhlaidh nách eól duit cé h-é
Brian!’



“‘Agus cé h-é féin asdó?’ arsa mise.



“‘Árdrígh Éirean,’ ar seisean. ‘Mheasas,’ ar seisean
“ná raibh aoinne beó gan aithne aige ar Bhrian.’



“‘Is dócha,’ arsa mise, ‘gur droch rígh é, treás go bhfuil
an cogadh mór so d'á bheartughadh 'n-a choinnibh.’



“‘Ní droch rígh,’ ar seisean. ‘Siné iongnadh an sgéil ar
fad. Ní'l rígh eile beó sa domhan atá chómh maith leis.
Nuair a déintear feall air maithean sé an feall an chéad
uair, agus má dheinean an duine sin feall air an tarna
h-uair maithean sé an feall an tarna h-uair. Ansan, má
dheinean an duine céadna feall air an trímhadh h-uair tugan
sé an cuirptheach suas do'n dlígh. Sin rígh fóghanta agat!’
ar seisean.



“‘Agus cad 'n-a thaobh an cogadh má 'seadh?’ arsa mise.



“‘Ní fheadar an tsaoghal,’ ar seisean, ‘murab amhlaidh
atá daoine éigin ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air.
Ní bhéidís ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air,’ ar
seisean, ‘dá mb' áil leis iad do chrochadh an chéad uair, nó,
an chuid ba lúgha dhé, an tarna h-uair.’



“‘An bhfuil Sígurd ag dul le Sitric?’ arsa mise.



“‘Deir gach aoinne go bhfuil,’ ar seisean, ‘agus Gilli,
agus Ospac. Deir gach aoinne,’ ar seisean, “nách féidir do
Bhrian agus do Ghaedhlaibh seasamh i n-aghaidh na slóighte atá
ag cruinniughadh as an uile áird 'n-a gcoinnibh. Go gcurfar
clanna Gaedhal go léir chun báis, agus ansan go mbeidh
Éire gan chíos ag an muintir a raghaidh ann anois ag déanamh
an chogaidh.”



“An mór an neart is dóich leat a dh'fhéadfaidh Sígurd
agus Gilli do thabhairt leó? arsa Brian.



“Tá mórán loingeas acu, a Árdrígh,” arsa Caoilte


L. 223


“agus tá mórán loingeas ag Ospac. Tá taithighe ag an
uile shaghas lucht gadaidheachta agus rabála ar theacht ag
triall ar Shígurd nuair a bhíon sé ag dul ar chuaird tar
faraige. Bíon deimhne acu ar chuid mhaith de'n fhoghail a
dh' fhághail dóibh féin. Is deacair tuairim a thabhairt do'n
méid nirt slógh a dh' fhéadfaidh sé a thabhairt leis.”



“An bhfuil aon tuairim acu,” arsa Murchadh, “do'n neart
slógh a bheidh 'n-a gcoinnibh i n-Éirinn?”



“Tá tuairim acu, a rígh,” arsa Caoilte, “nách i n-aisge a
gheóbhaid siad seilbh na h-Éirean, ach ní'l aon chuimhneamh acu
go bhfuil aon bhaoghal ná go bhfaighid siad an tseilbh. Tá an
méid sin curtha 'n-a luighe ar a n-aigne go daingean, agus
is ó Éirinn a cuireadh 'n-a luighe ar a n-aigne é.”



“Nách mór an iongnadh nár aithin Sitric thú, a Dhuinn,”
arsa Brian.



“Fágaim le h-uadhacht, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “gur
bainead preab asam nuair a chonac ag teacht isteach é. Ach
bhí an cheilt ró mhaith orm. Thugas aire do'n chláirsigh, agus
bhí a ghnó féin ag déanamh buartha dhó-san. D'á éagmuis sin
ní dóich liom go n-aithneóch' sé mé dá mba ná béadh aon cheilt
orm. Ní ró mhinic a chonaic sé riamh mé, agus níor chuir sé
puínn suime riamh ionam.”



“Táimíd go léir fé chomaoine mhór agat, a Dhuinn,” arsa
Brian. “Ní'l aon teóra le n-a bhfuil d'eólus tabhartha agat
chúghainn, agus eólus tairbhtheach iseadh é. Ní bheimís ollamh
i gceart i n-aon chor mura mbéadh a bhfuil d'eólus tabhartha
chúghainn agat. Thiocfaidís a gan fhios orainn mura mbéadh
tú!”



Um an dtaca 'n-a raibh deire an eóluis tabhartha dhóibh ag
Caoilte do ghluais an focal tríd an ríghtheighlach go raibh
Maolmórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora agus
cualacht le n-a chois agus na trí crainn mhóra acu 'á thabhairt
leó, chun na gcrann seóil dos na loingeas a bhí le déanamh
as linn Luimníghe.


L. 224


CAIBIDIOL XIX.



CLUICHE FICHILLE, AGUS POLL I gCRANN.



Nuair a bhí an t-eólus go léir fághalta ag Brian agus
ag Murchadh, ó Chaoilte, do labhair Brian.



Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn,” arsa Brian, “gur
daoine anso i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí
iasachta so go léir agus 'á ngríosadh i n-ár n-aghaidh.
B'fhéidir go bhfuil obair de'n tsórd san ar siúbhal. Má tá
ní h-uatha féin atá na daoine sin, anso i n-Éirinn, ag
déanamh na h-oibre sin. Tá cómhachta atá níos treise 'ná
cómhachta daona, ag oibriughadh ag bun-phréimh na h-oibre go
léir. Cómhachta ifrinn isiad atá 'ghá n-oibriughadh féin i n-ár
gcoinnibh, i gcoinnnibh an Chreidimh atá istigh i n-ár gcroídhe.
Táid cómhachta ifrinn ag spriocadh agus ag gríosadh na ndroch
dhaoine atá anso i n-Éirinn againn, chun na smaointe úd do
chur isteach i n-aigne ár namhad, agus tá cómhachta ifrinn,
ar an gcuma gcéadna, ag spriocadh agus ag gríosadh ár
namhad, ins na tíorthaibh sin go léir a shiúbhluighis, chun na
smaointe sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh d'á réir.
Tá cómhacht is treise 'ná cómhacht dhaona i n-ár gcoinnibh.
Ní foláir dúinne, d'á bhrígh sin, cómhacht is treise 'ná comhacht
dhaona do bheith ag cabhrughadh linn sa ghleic seo atá ag teacht
orainn. Ba mhaith liom bheith ag caint le m' anamchara.”



Do tugadh chuige Maolshuathain. Dheineadar an chaint.
Ansan dúbhairt Brian le Maolshuathain teachtaireacht do chur
mór-thímpal ag triall ar chléir na h-Éirean, 'ghá órdúghadh
guidhe na n-easbog agus guidhe na sagart agus guidhe na
bpobal do bheith ag dul suas chun Dé coitchianta, as san
amach, 'ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe na Maighdine Muire


L. 225


agus na naomh go léir, agus tré ímpídhe Phádraig agus
Bhríghde agus Cholum Cille agus naomh Éirean go léir, an
Creideamh agus sliocht Gaedhal do thabhairt saor as an ngleic
uathbhásach a bhí ag teacht ortha.



“Tá an nídh sin d'á dhéanamh cheana, a Árdrígh,” arsa
Maolshuathain. “Tá sé 'á dhéanamh ar fuid na h-Éirean ins
gach áit 'n-a bhfuil sagart agus pobul, agus Aifrean d'á
rádh, agus tá sé 'á dhéanamh ins gach mainistir agus ins gach
conbhint ban riaghalta. Ach cuirfead an teachtaireacht
tímpal, mar sin féin. B'fhéidir gur déine-de a déanfar an
guidhe an teachtaireacht do chur tímpal uait-se, a Árdrígh.
Ní fhéadfaidh an guidhe bheith ró dhian.”



“Ní fhéadfaidh,” arsa Brian, “ná chómh dian agus ba mhaith
é bheith. Ba mhaith liom, thar gach nídh eile, go mbéadh Naomh
Ídhbirt an Aifrinn d'á dhéanamh coitchianta ar an íntinn
chéadna.



“Curfar san sa teachtaireacht, a Árdrígh,” arsa Maol-
shuathain.



Do cuireadh an teachtaireacht san mór-thímpal na h-Éirean.



An fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal idir Bhrian agus
Maolshuathain bhí aos óg an bhaile imthighthe amach, gach bóthar
agus gach cómhngar, soir an treó 'n-a raibh rígh Laighean agus
a chualacht ag teacht, chun go bhfeicfidís an rígh, agus na
h-uaisle iasachta, agus na crainn mhóra. Fé dheire do
chonacadar an rígh agus chonacadar na h-uaisle iasachta agus
chonacadar na crainn. Bhí fiche fear, deichniúbhair ar gach
taobh, fé gach crann acu. Bhíodar ag siúbhal go breagh réidh.
D'iompuigh an t-aos óg leó siar agus thánadar go Ceann
Cora. Tháinig Brian amach agus chuir sé fáilte roim rígh
Laighean. Do leigeadh na crainn anuas ar an bpáirc bhreagh
ghlas a bhí amach ó'n ríghtheighlach. Do rugadh na fir isteach
agus do cuireadh gach cóir ortha. Ansan d'imthigh na fir
abhaile agus d' fhan an rígh i bhfochair Bhriain chun raint


L. 226


laethanta chaitheamh ag caint agus ag cómhluadar leis:
Tháinig sé mar a raibh an Árdrígan, a dhrifiúr.



“Seó, a Ghormfhlaith,” ar seisean, “do chailleas an cnaipe
óir a bhí sa bhrat so agam. Feuch a' bhféadfá cnaipe do chur
ann dom.”



“Conus a chaillis an cnaipe?” ar sise.



“Nuair a bhíomair ag teacht leis na trí crannaibh,” ar
seisean, “bhí muintir Uíbh Fáilge fé chrann acu agus muintir
Uíbh Faoláin fé chrann eile agus muintir Mhuireadhaigh fé'n
dtrímhadh crann. Bhíomair ag teacht tré Shliabh an Bhogaig.
Níor bh'fhéidir dos na trí buidhnibh gluaiseacht i n-aonfheacht.
Níor bh'fholáir dóibh gluaiseacht i ndiaigh 'chéile. D' éirigh
eatartha feuchaint cé'cu buidhean a bhéadh ar tusach. Bhí fearg
ag teacht ortha. Ní ghéillfeadh aon bhuidhean acu do bhuidhean
eile. Shíleas go mbéadh sé 'n-a bhruidhin chaorthainn eatartha.
Níor dheineas féin ach túirliocan de m' chapal agus dul agus
mo ghuala chur fé'n gcrann a bhí ag muintir Uíbh Faoláin.
Nuair a chonaic an dá bhuidhin eile an méid sin tharaingeadar
siar agus bhí an tsíthcháin againn. Nuair a tháinig meághchaint
an chrainn ar mo ghualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat
agus do chailleas é.”



Bhí Gormfhlaith ag éisteacht leis agus ag feuchaint air an
fhaid a bhí sé ag caint. Nuair a stad sé níor dhein sí ach an
brat do chaitheamh sa teine. Do las an brat agus do
loisgeadh 'n-a luaithrigh é os cómhair na beirte agus iad ag
feuchaint air. Brat ana dhaor ab eadh é. Níor bh'fhada
roimis sin ó thug Brian do rígh Laighean é. Bhí iongnadh agus
alltacht ar rígh Laighean nuair a chonaic sé cad a bhí déanta
ag Gormfhlaith. Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag eirighe
dhi. Níor fhág sí abhfad gan eólus é. Do sheasaimh sí ar a
aghaidh amach agus a gnúis áluinn ar lasadh le buile feirge,
agus a dhá súil, agus ba bhreagh an dá shúil iad, ag taithneamh
le solus éigin nár bh' fhóghanta. Do chaoluigh na fabhraí anuas


L. 227


ortha agus do dhoirchigh a h-aghaidh, fé mar a thiocfadh sgamal
ar an ngréin, agus dubhairt sí, tré n-a fiacalaibh, i gcogar
nách mór:—



“A rádh gur rug sé am' beathaigh orm mo dhritháir a bheith
n-a bheithigheach iompair ag Brian!”



Nuair a dúbhairt sí an focal san d'iompuigh sí uaidh agus
do ghluais sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do
leath a dhá shúil air-sean, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dó
a rádh. D'iompuigh sí airís air sar a raibh uain aige ar phuínn
machtnaimh a dhéanamh.



“Ní ró fhada,” ar sise, “go mbeidh sé 'n-a bheithigheach
iompair ag Murchadh, leis! Ansan iseadh a bainfear obair
as an mbeithigheach. Ansan iseadh a curfar an t-ualach air,
agus má chuirean sé stailc suas ní bheidh ach an bata thabhairt
dó!”



“Tá an éagcóir agat, a bhean!” ar seisean. “Ná tabhair
a thuille de'n chaint sin dómh-sa mar ní glacfar uait í. Níor
dheineas aon rud ach an rud ba cheart do Chríostaidhe a
dhéanamh chun daoine gan chiall do choimeád ó n-a chéile
mharbhughadh. 'A'm beithigheach iompair ag Brian”! Is ró
maith an bhail ort nách fear thu! Dá mb' eadh ní déarfá an
chaint sin. Dá n-abarthá ní déarfá an tarna h-uair í!”



Do stad sí airís ar a aghaidh amach agus do chaoluigh na
súile i dtreó gur bheag ná go rabhdar dúnta.



“Ní déarfainn,” ar sise. “Níor ghádh dom é. Ní gádh
dhom an chaint do rádh anois. Déarfaidh daoine nách mé í.
Déarfaidh muintir Uíbh Faoláin í, ag maoidheamh as an gcuma
'n-a bhfuaradar tusach ar an dá mhuintir eile. Déarfaidh an
dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineadh ortha.
Raghaidh an chaint ó bhéal go béal ar fuid na h-Éirean.
Raghaidh an chaint ó shliocht go sliocht an fhaid a bheidh sliocht
Gaedhal beó; “Dhein rígh Laighean beithigheach iompair dé féin
do Bhrian.” Conus a chuirfir-se fhiachaibh ar na daoine gan an


L. 228


focal do rádh an tarna h-uair! Mairfidh an focal, a rígh,
an fhaid a mhairfir-se, an fhaid a mhairfidh aoinne de d' shliocht
i n-Éirinn. Cad 'déarfaid Laighnigh feasta nuair a caithfear
ins na súilibh ortha go bhfuil an rígh atá ortha n-a bheithigheach
iompair ag Brian!”



An túisge 'n-a raibh an méid sin as a béal aici bhí sí
imthighthe amach dorus a bhí i n-iachtar an tseómra agus an
dorus dúnta 'n-a diaigh aici agus an eochair casta sa ghlas
aici.



D'fhág sí ansúd n-a sheasamh é agus a mheabhair bainte dhé
nách mór. D'fhan sé ar feadh abhfad gan aon chor a chur dé.
Fé dheire bhuail sé amach. Chuir sé an dínnéar agus an
tráthnóna dhé gan puínn cainte dhéanamh le h-aoinne. Nuair
a bhí an dínnéar caithte agus an chuideachta sgaipithe bhuail sé
isteach i seómra n-a raibh uaisle ag imirt fichille ann. Bhí
Murchadh agus Conáing, beirt de mhacaibh Bhriain, ag imirt
chluiche, agus iad 'á ímirt go dian. Bhí rígh Laighean 'n-a
sheasamh os a gcionn ag feuchaint ar an gcluiche. Thug sé fé
ndeara dá n-aistirighadh Conáing fear áirighthe go mbuadhfadh
sé an cluiche. Thug sé cómhartha éigin do Chonáing. Do dhein
Conáing an t-aistiriughadh agus do bhuaidh sé an cluiche.



Bhí fhios ag Murchadh gur thug rígh Laighean an cómhartha uaidh.



“Is fearr an chómhairle a thugais do Chonáing anois, a rígh,”
arsa Murchadh leis, “'ná an chómhairle thugais dos na
Lochlanaigh roimh chath Ghleanna Mháma. Do buadhadh ortha mar
gheall ar an gcómhairle úd a thugais-se dhóibh.”



“Tabharfad cómhairle a bheidh níos fearr 'ná an chómhairle
sin dóibh lá eile,” arsa rígh Laighean.



“Má 'seadh,” arsa Murchadh, “ná dein aon dearmhad de
chrann a bheidh folamh 'n-a lár a bheith i n-aice na h-áite agat
chun dul i bhfolach ann, fé mar a chuadhais sa chrann i nGleann
Mháma. Agus bíodh an poll mór a dhóthin i dtreó go
bhféadfair do chosa tharang isteach. Mura mbéadh do chosa


L. 229


bheith lasmuich de'n pholl a bhí sa chrann úd i nGleann Mháma
ní fheicfinn tú ann i n-aon chor.”



D'iompuigh rígh Laighean agus do rith sé an dorus amach.



“Ó, a Mhurchadh,” arsa Conáing, “tá cathughadh orm nár
leigeas orm nár thuigeas an cómhartha! Tá fearg air.
Beidh an t-Árdrígh ar buile chúghainn mar gheall air.”



“Ná féadfadh sé é féin d'iompar!” arsa Murchadh.



“Is truagh mar a thráchtais i n-aon chor ar an gcrann!”
arsa Conaing.



“Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin, a Chonáing,”
arsa Murchadh, “dhéanfá an gháire sin dá bhfeicfeá é nuair a
rugas ar dhá chois air agus tharaingeas amach a' poll an
chrainn é. Ní raibh aon choinne i n-aon chor agam gur bh'é a
bhí agam go dtí go raibh sé taraingthe amach agam. Tá sé
riamh ag gabháil páirt na Lochlanach a gan fhios. Gabhadh sé a
bpáirt os cómhair an tsaoghail agus ní déarfad focal leis!
Ach 'ghá leigint air go bhfuil sé dílis dúinn agus ansan ag
déanamh an fhill orainn!”



Ní fheacadar rígh Laighean an chuid eile de'n oídhche.
D'imthigh sé roim lá agus thug sé aghaidh soir abhaile. Nuair
a tháinig an mhaidion do fuaradh go raibh sé imthighthe. Do
h-innseadh do Bhriain an rud a thuit amach i dtaobh an chluiche.
Chomáin Brian teachtaire i ndiaigh rígh Laighean 'ghá iaraidh air
casadh agus go ndéanfaí leórghníomh sa n-easonóir a tugadh
dó. Go raibh tabharthaisí ag Brian le bronnadh air mar
gheall ar na crainn a thabhairt chuige.



Tháinig an teachtaire suas leis. Thug sé a theachtaireacht
dó. Bhí bata 'n-a láimh ag rígh Laighean. Níor dhein sé ach
cúpla buille de'n bhata thabhairt sa cheann do theachtaire an
Árdrígh, agus comáint leis soir. Ar ghuaillibh fear a tugadh
abhaile an teachtaire. Nuair a chonaic muintir ríghtheighlaigh
Bhriain an cor a bhí ar an dteachtaire d'iaradar ar Bhrian
leigint dóibh rígh Laighean do leanmhaint agus é thabhairt thar
n-ais 'n-a phrísúnach. Ní thoileóch' Brian chuige sin.


L. 230


“Is do rígh Laighean a tugadh an easonóir ar dtúis,” arsa
Brian. “Leigtear dó imtheacht slán abhaile. Ansan
raighmíd soir agus bainfimíd sásamh dé agus dorus a thíghe
féin.”



Chómh luath agus a fuair Gormfhlaith go raibh rígh Laighean
imthighthe i bhfeirg agus go raibh an easonóir tabhartha aige do
theachtaire Bhriain, bhí fhios aici go raibh sé n-a chogadh dhearg
eatartha. Sin a raibh uaithi. Chomáin sí teachtaire go Baile
Átha Cliath ag triall ar Shitric agus ar Amhlaoibh 'ghá innsint
dóibh cad a bhí tuitithe amach.



“Anois an t-am agaibh!” ar sise. “Tagadh bhúr neart
go léir chómh tapaidh agus is féidir é. Beidh an gnó eile
déanta agam-sa agus ag Lonán sar a mbeidh bhúr neart
cruinnighthe, tagaithe.”



CAIBIDIOL XX.



RÍGH LAIGHEAN.



Duine b'eadh rígh Laighean nár chuir aoinne puínn suime i
n-aon rud a dhéanfadh sé ná i n-aon nídh a déarfadh sé.
Fear baoth ab eadh é. Mheas sé féin ná raibh duine ar bith
dob' fhearr ciall agus tuisgint 'ná é, ach níor bh'é sin meas
daoine eile air. Bhí sé ollamh i gcómhnuighe chun daoine eile
do chómhairliughadh. Do leigeadh daoine ortha go nglacfaidís
an chómhairle, ach ní ghlacaidís. Thugadh sé a aigne do gach
aoinne agus ní thugadh aoinne a aigne dhó-san. Dá
dtugaidís ní choimeádfadh sé rún. Bhí sé ar thaobh na
Lochlanach i gcath Ghleanna Mháma agus bhí sé amuich air gur
mar gheall ar chómhairle éigin a thug sé dhóibh a chuaidh an lá


L. 231


n-a gcoinnibh. Tar éis an chatha bhí Murchadh agus Dúlainn
Óg ag gabháil tímpal ag feuchaint i ndiaigh na bhfear ngunta.
Chonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár folamh.
Bhí dhá chois duine amach as an bpoll. Do rug Murchadh ar
an dá chois agus tharaing sé an duine amach a' poll an
chrainn. Cé bhéadh aige ach Maolmórdha! Dhein Murchadh
agus Dúlainn gáirí a ndóthin nuair a chonacadar cé bhí acu.
Do deineadh rígh ar Laighnibh 'n-a dhiaigh san dé tré chómhairle
Ghormfhlaith agus Shitric.



Níor thug Gormfhlaith ná Sitric ná Amhlaoibh fios ná eólus
dó ar an uisge-fé-thalamh a bhí ar siúbhal acu i gcoinnibh
Bhriain agus Mhurchadh. Ní fhéadfaidís é. Do sgoilfeadh air
nó do leigfeadh sé amach é. Do leigeadar dó go dtí go
raibh gach aon nídh ollamh acu i gcóir an chogaidh. Theastuigh
uatha ansan é féin agus slóighte Laighean a bheith ar a dtaobh
féin, i gcoinnibh Bhriain, sa chogadh. Chuige sin iseadh chuir
Gormfhlaith an fhearg air nuair a chuaidh sé go Ceann Cora
leis na crannaibh. Dhein sí an gnó go feilimionta.
Tháinig sé go Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus
Brian ach an caradas ba threise agus ba dhílse. D'fhág sé
Ceann Cora agus gan 'n-a chroídhe do Bhrian ach fuath agus
fíoch agus fearg, agus a chroídhe d'á losgadh ag an bhfocal
úd a chuir Gormfhlaith isteach 'n-a chluais, é bheith 'n-a
“beithigheach iompair ag Brian!” Bhí sé lán cheapaithe ar
dhul, gan stad gan ríghneas, ag triall ar Shitric agus ar a
dh'innsint dó cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann
Cora, agus ar a iaraidh air cabhrughadh leis chun an tarcuisne
do dhíoghalt ar Bhrian agus ar Mhurchadh agus ortha go léir.



Nuair a bhí san mar sin bhí a h-aidhm féin curtha chun cinn
go h-áluinn ag Gormfhlaith. Bhí rígh Laighean gabhtha isteach go
daingean aici ar a taobh féin, sa chogadh a bhí ag teacht, agus
ní raibh aon phioc d'á fhios ag rígh Laighean ná gur bh'é a ghnó
féin a bhí aige d'á dhéanamh; ná gur bh'é a fhuath féin agus a


L. 232


mhiosgais féin a bhí aige d'á shásamh i gcoinnibh Bhriain. Bhí
gnó Ghormfhlaith aige d'á dhéanamh chun a toile go h-iomlán
agus ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach aon rún,
mar níor tugadh dó aon rún.



Sar a raibh uain ag Maolmórdha ar bheith sa bhaile ó Cheann
Cora bhí teachtaire Ghormfhlaith i mBaile Átha Cliath 'ghá
innsint do Shitric cad a bhí déanta. Chómh luath agus do
shrois Maolmórdha an baile siúd isteach go Baile Átha Cliath
é 'ghá innsint do Shitric cad a d'imthigh air i gCeann Cora
agus 'ghá iaraidh air a pháirt do ghabháil i gcoinnibh Bhriain.



“Geóbhad, a rígh,” arsa Sitric, “do pháirt i gcoinnibh
Bhriain, agus ní mise amháin a gheóbhaidh do pháirt 'n-a choinnibh.
Geóbhaidh rígh Lochlan do pháirt 'n-a choinnibh. Agus geóbhaidh
rígh na h-Ioruaidhe do pháirt 'n-a choinnibh. Agus geóbhaid
ríghthe nách iad do pháirt 'n-a choinnibh. Comáinfead teachtairí
láithreach ag triall ortha 'ghá iaraidh ortha teacht anso go cuan
Bhaile Átha Cliath chomh luath i n-Éirinn agus is féidir é, chun
do pháirt-se ghabháil, agus díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus
ar a chlainn mar gheall ar a bhfuil d' olc déanta acu ar
chlannaibh Lochlan le fada bhliantaibh. Imthigh-se abhaile, a
rígh,” ar seisean, “agus cruinnigh do neart agus cuir thu
féin i dtreó, agus bí anso le d' shlóightibh nuair a thiocfaidh
an neart iasachta.”



D'imthigh rígh Laighean abhaile agus dhírigh sé ar a shlóighte do
chruinniughadh agus do ghleusadh. D'inis sé do gach aoinne
cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar
a caitheadh Gleann Mháma ins na súilibh air féin agus ar
Laighneachaibh, agus conus mar adúbhairt Murchadh, mac
Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh gan aon dá chuid
a dhéanamh d'á ndícheal.



Do chealg an chaint sin na Laighneacha, agus dúbhradar go
mbéadh lá eile acu féin agus go ndíolfadh Brian agus
Murchadh, agus Clann Chais go léir, a' Gleann Mháma.


L. 233


Bhíodar ag dhéanamh na h-oibre a bhí geártha amach dóibh ag
Gormfhlaith, agus ní raibh aon phioc d'á fhios acu gur bh' í sin
obair a bhí acu 'á dhéanamh. Ba dhoimhinn agus ba ghasta
agus ba dhroch aigeanta an bhean Gormfhlaith, agus dob'
ábalta an bhean í. Ach bhí cluiche bháis a's bheatha aici d'á
imirt le daoinibh a bhí beagán ró dhoimhinn di, agus ró ghasta
dhi, agus ró ábalta dhi. Do thuigeadar an cluiche a bhí aici
d'á imirt agus do sgaoileadar léi. Bhí bob aici d'á bhualadh
ar rígh Laighean agus ar na Laighneachaibh, agus ní raibh aon
phioc d'á fhios aici go raibh a chothrom, agus breis, de bhob d'á
bhualadh, i láthair na h-uaire céadna, uirthi féin.


L. 234


LEABHAR A TRÍ.



CAIBIDIOL I.



COR I N-AGHAIDH AN CHAIM.



Raint laethanta tar éis rígh Laighean a dh' imtheacht i bhfeirg
ó Cheann Cora bhí Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg i
bhfochair a cheile i gcómhairle. Bhí a lán neithe acu 'á bhreith-
niughadh. Bhíodar ag áireamh na mílte fear a féadfaí
thabhairt as gach triúch nuair a thiocfadh an ghlaodh. Thuigeadar
gur isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath a thiocfadh an namhaid
iasachta. Bhíodar ag breithniughadh na mbóithre a bhí ó Cheann
Cora go Baile Átha Cliath; agus ó Uíbh Máine go Baile
Átha Cliath; agus ó Chaiseal go Baile Átha Cliath; agus ó
thír na nDéise go Baile Átha Cliath; agus ó Chiarraighe go
Baile Átha Cliath; agus mar sin, ó gach aon áit 'n-a raibh
cuid de neart slógh Bhriain go dtí an áit i n-aice Bhaile
Átha Cliath 'n-a gcaithfeadh a shlóighte go léir teacht agus
cruinniughadh i gcoinnibh na slógh namhad iasachta a bhí ag teacht
go h-Éirinn ó'n uile pháirt de'n domhan Lochlanach. Ansan
iseadh do tuigeadh go h-áluinn tairbhthe na h-oibre a bhí ag
Brian 'á dhéanamh ar feadh abhfad roimis sin, nuair a bhí na
bóithre breaghtha leathana aige 'á dhéanamh ins gach aon bhall
agus nuair a bhí na drochaid bhreaghtha láidire aige 'á chur ar
na h-aibhníbh. Do tuigeadh, leis, an uair sin gur deineadh
maitheas mór nuair a rugadh slóighte Bhriain go minic roimis
sin, go Cill Mhaighneann i n-aice Bhaile Átha Cliath, an áit 'nar


L. 235


ghnáth le Brian dul agus longphort a dhéanamh agus raint
aimsire chaitheamh, nuair a bhíodh gnó aige le déanamh, aighneas
a shocarughadh idir ríghthibh, nó a smacht féin do chur i bhfeidhm.
Bhí aithne mhaith ag Dál gCais ar na bóithribh ó Cheann Cora go
Cill Mhaighneann.



Nuair a bhí cuid mhaith aimsire caithte sa chómhairle, agus
caint agus breithniughadh déanta ar a lán neithe, táinig an
t-am chun dul agus bia chaitheamh. Tháinig teachtaire 'ghá rádh
go raibh an bia ollamh. D'eirigh an triúr agus thánadar go
seómra an bhídh. Shuighdar chun an bhúird. Tháinig Gormfhlaith
agus shuigh sí i n-aice an Árdrígh. Bhí sí go séimh agus go
soilbhir agus go gealgháiriteach leó, agus go mór mór leis
an Árdrígh. Bhí sí ag déanamh grínn agus suilt de'n chuma
'n-ar chuir rígh Laighean fearg ar Mhurchadh nuair a dhein sé an
bhagairt ar Chonáing sa chluiche.



“Níor dhéineas aon iongnadh de m' dhritháir,” ar sise.
“Fear iseadh é, is dóich liom, nár theip an tuathal riamh air.
Ach do deimhin agus go dearbhtha níor mheasas go ndéanfadh
Murchadh an rud a dhein sé.”



“Cad a dheineas, a Árdrígan?” arsa Murchadh.



“Nuair a thagan fearg ort, a rígh,” ar sise, “ní h-aon
dóichín tu. Ach ní gnáth leat fearg a theacht ort gan puínn
cúise.”



“Is fíor dhuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raibh aon
cheart agam a dhéanamh de'n sgéal ach neamhnídh, mar ní raibh
ann ach neamhnídh. Is truagh ná táinig sé thar n-ais nuair a
tháinig an teachtaire suas leis. Dá dtagadh d' admhóchainn
láithreach go raibh an éagcóir agam agus d'iarfainn air mo
leathsgéal do ghabháil.”



Níor chuir Brian ná Dúlainn aon fhocal isteach sa
chómhrádh san. Níor mhaith leó trácht i n-aon chor ar an
easonóir a tugadh do theachtaire an Árdrígh. Dar leó
d'fhéadfadh rígh Laighean diúltughadh do chasadh agus gan an


L. 236


teachtaire do bhualadh. Cuid ab eadh é sin de'n tuatal nár
theip riamh ar rígh Laighean.



Ba ghnáth, i ndeire gach dínnéir, sódhluist éigin, nó
mísleán éigin, do thabhairt isteach agus do chur ar an mbórd.
Bhí gaidhrín na h-Árdríghna ar a ghlúin ag Murchadh agus é
ag cimilt a bhaise dh'á dhrom, ag feitheamh leis na mísleáin.
Lonán a bhí ag frithálamh. Do tógadh chun siúbhail na miasa
móra. Tháinig Lonán isteach agus trí miasa beaga aige agus
sórd éigin bídh ortha, agus aon mhias bheag amháin agus dhá
ubhall uirthi. Chuir sé an mhias ar a raibh na h-ubhla os
cómhair na h-Árdríghna, agus na trí miasa eile os cómhair
an trír fear. D'fheuch sé ar Mhurchadh. Chuir Murchadh a lámh
anonn láithreach agus tharaing sé chuige an mhéisín a cuireadh
os cómhair Bhriain agus an mhéisín a cuireadh os cómhair
Dhúlainn. Dhein sé an méid sin go tapaidh, i dtreó ná raibh
uain ag aoinne acu ar aon phioc de'n bhia chur 'n-a bhéal.
Ansan do thóg sé blúire de'n bhia agus chuir sé i mbéal an
ghaidhrín é agus do sgaoil sé an gaidhrín uaidh ar an dtalamh.
Shiúbhluigh an maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do thuit
sé. D' iompuigh sé na cheithre cosa anáirde. Do croth na
cosa ar feadh tamail bhig agus bhí an gaidhrín marbh.



D'fheuch Murchadh ar Ghormfhlaith.



“Dheinis láidir ár ndóthin dúinn é!” ar seisean.



Thug sé fé ndeara a lámh aici 'á chur isteach 'n a brollach.
Do phreab sé anonn agus do rug sé ar an láimh.



“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is amhlaidh
a bhí sgian 'n-a brollach aici agus mheas sí Lonán do shádh
leis an sgiain.



Nuair a bhí greim ag Murchadh ar a láimh d' fheuch sí ar
Lonán, agus ba dhóich leat go sádhfadh sí é le n-a súilibh.
An mhuintir a bhí láithreach an uair sin agus do chonaic a
h-aghaidh agus í ag feuchaint ar Lonán, ní miste a rádh ná go
bhfeacadar a diabhal coímhdeachta má chonaic aoinne riamh é.


L. 237


“Do dhíolais mé!” ar sise le Lonán.



“Cad é an brígh atá leis an obair seo?” arsa Brian
agus d'fheuch sé ó dhuine go duine d'á raibh láithreach.



“Tá, a Árdrígh,” arsa Murchadh, “go bhfuil oiread nímhe
sa méid bídh atá ar na trí miasaibh beaga san agus mharbhóch'
trí naonbhúir, ní áirighim triúr.”



D'fheuch Brian ar Lonán.



“Cad chuige dhuit a leithéid sin de ghníomh a dhéanamh?”
ar seisean.



“Níor dhein sé ach an rud a dúbhradh leis a dhéanamh,” arsa
Murchadh.



“Ní shaorfadh san i n-aon chor é!” arsa Brian.



“Osgail do bhéal agus inis an fhírinne do'n Árdrígh,”
arsa Murchadh le Gormfhlaith.



“Osgail-se féin do bhéal,” arsa Gormfhlaith, “agus inis
an sgéal go léir dó. Is dóich liom gur tu is fearr eólus
air.”



“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murchadh le Lonán.



“Lonán mac Beathach, a rígh,” arsa Lonán.



“Airiú, an dritháir do Dhonn tu?” arsa Brian.



“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormfhlaith.



“Iseadh, a Árdrígh,” arsa Lonán.



“Tar i dtusach an sgéil, a Lonáin,” arsa Murchadh, “agus
inis do'n Árdrígh é, tríd síos.”



“Déanfad sgéal gairid dé dhuit, a Árdrígh,” arsa Lonán.



“Thánag abhaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus
coláistí an domhain do shiúbhal, agus cruinniughadh eóluis ar
ghearántaibh agus ar thaomaibh an duine, agus ar na
leighseanaibh is fearr ortha. Ní rabhas abhfad sa bhaile nuair
a chuir mo dhritháir, Donn, nídh am' chómhairle.



“‘Táthar ar tí an t-Árdrígh do chur chun báis le nimh,’ ar
seisean. ‘Tá aireachas maith 'á thabhairt dó,’ ar seisean, ‘ach
tá sgannra orainn go léir le h-eagla go bhfaighfí caoi ar an


L. 238


ngníomh a dhéanamh i n-aimhdheóin ár n-aircheachais. D'fhéadfá-
sa beart a dhéanamh,” ar seisean, “a chuirfeadh an t-Árdrígh
ó bhaoghal.’



“‘Cé atá ar a thí?’ arsa mise.



“‘Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus a mac, rígh Lochlanach
Átha Cliath.’



“‘Cad é an tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh?’ arsa mise.



“‘Ní sa tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh atá an cheist,’ ar
seisean, ‘ach sa tairbhthe is dóich leó a dhéanfaidh a bhás dóibh.
Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé thalamh
agus os cionn tailimh, chun geinte críche Lochlan agus críche
na h-Ioruaidhe do chruinniughadh agus do thabhairt anso go
h-Éirinn chun na nGaedhal do dhísgiughadh agus Éire bheith
acu féin, agus Sitric a bheith i-n' Árdrígh ar Éirinn. Dá
bhfaghadh Brian bás le linn an chruinnighthe bheith déanta do
thuitfeadh, dar leó, cómhacht Bhriain as a chéile. Bhéadh ríghthe
Éirean go léir ag marbhughadh a chéile chun teacht ar an
Árdrígheacht, agus ba ró fhuiriste do chómhacht Lochlanach
bualadh isteach agus an Árdrígheacht do sgiobadh uatha go
léir. Chuige sin,’ ar seisean, ‘tá Gormfhlaith ag faire
feuchaint an bhfaghadh sí caoi ar nimh a thabhairt do Bhrian, agus
táimíd-ne ag faire uirthi chun gan an chaoi a thabhairt di.
Thugamair Niamh, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go Ceann
Cora, chun na faire dhéanamh, ach tá Gormfhlaith ró ghlic do
Niamh. D'á éaghmais sin ní réidhtighean faireachán de'n tsórd
san le meón ná le h-aigne Niamh. Thugamair fé ndeara go
raibh a sláinte ag imtheacht uaithi sa n-obair. Tá an aigne
ró uasal ag Niamh. Do mharbhóchadh faireachán de'n tsórd
san í. Díreach nuair a bhíomair i gcás ná raibh fhios againn
cad ba mhaith dhúinn a dhéanamh shocaruigh Brian ar dhul ar a
chuaird rígh. An fhaid a bheidh sé ar an gcuaird agus
Gormfhlaith i gCeann Cora ní'l baoghal air. Ach nuair a bheidh
an chuaird tabhartha ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaimid.’


L. 239


“‘Inis an sgéal go léir do Bhrian féin,’ arsa mise.



“‘Ní bhéadh aon mhaith ann,’ ar seisean. ‘Ní chreidfeadh sé
go ndéanfadh sí é, agus ansan is amhlaidh a bhéadh an
chontabhairt níba mhó.’



“‘Agus cad 'tá agam-sa le déanamh?’ arsa mise.



‘Éist go cruinn liom’, ar seisean, ‘agus neósfad duit
cad tá agat le déanamh. Ní'l Sitric sásta nuair ná fuil
an gnó d'á dhéanamh chómh tapaidh agus ba mhaith leis é. D'á
bhfaghadh sé duine a dhéanfadh an gnó níos tapamhla do
thabharfadh sé tuarasdal maith dhó as an obair a dhéanamh.
Imthigh-se go Baile Átha Cliath, ad' dhochtúir, mar 'dh eadh.
Leig do Shitric tu dh'fhághail amach. Tuigeadh sé uait, i
ndiaigh ar ndiaigh, ná fuil aon ghrádh agat do Bhrian. Nuair
a thuigfidh sé an méid sin measfaidh sé go ndéanfair-se an
gnó. Curfar siar go Ceann Cora thu. Beidh tú ann nuair
a thiocfaidh Brian abhaile. Ceapfar tu chun na h-oibre
dhéanamh agus geallfar tuarasdal maith dhuit. An fhaid a
bheidh an gnó ar do láimh-se ní baoghal go gcurfar ar aon
láimh eile an gnó. Luigh isteach chun na h-oibre chómh maith
agus dá mbeitheá dáiríribh. Dein gach aon rud díreach mar
a déarfar leat é dhéanamh. Tabhair a toil féin do
Ghormfhlaith. Dein rud uirthi ins gach aon nídh a chuirfidh sí
os do chómhair. Ansan, nuair a thiocfaidh an t-am ceart
chuige féadfair sgéidh uirthi.’



“Chuadhas go Baile Átha Cliath. Thuit gach nídh amach
díreach mar a mheas Donn a thuitfeadh. Is uathbhásach an bhean
í!” ar seisean, agus d' fheuch sé anonn ar Ghormfhlaith, mar
fheuchfadh duine ar éan éigin neamh-choitchianta, nó ar
bheithigheach neamh-choitchianta.



D'fheuch sise air, idir an dá shúil.



“Ní foláir a dh' admháil,” ar sise, “gur dheinis do ghnó
go maith. Bhuailis bob ar Shitric, agus bhuailis bob ar fhear
atá níos géire go mór ná Sitric. Bhuailis bob ar Amhlaoibh.


L. 240


Mura mbéadh san ní bhuailfeá an bob orm-sa mar a bhuailis.
Is ábalta an buachail tu,” ar sise. “Tháinig amhras am'
aigne cúpla uair go mb' fhéidir go rabhais am' mhealladh, ach
chuiris m' aigne chun suaimhnus gach uair acu le d'
shímplidheacht. Ó, is sleamhain an bioránach tu! Is truagh
nách ag triall orm féin a tháinís ar dtúis! Ach nuair a
tháinís chúgham ó'n mbeirt sin cad fhéadfainn a rádh! Cad é
an díobháil dom ach Amhlaoibh.”



“Cé h-é Amhlaoibh?” arsa Brian.



Chrom gach aoinne a cheann.



“Nách é sin an t-ógánach úd a thagadh anso aníos ó Inis
Cathaigh in-aonfheacht le mac Thaidhg Mhóir uí Chealla?” arsa
Brian.



Níor labhair aoinne, ach do las gnúis Mhurchadh.



“Ná neósfaidh aoinne dhom cé h-é an t-óganach úd?”
arsa Brian.



“Ní'l ach aoinne amháin anso a dh'fhéadfadh an cheist sin do
fhreagairt duit, a athair,” arsa Murchadh, agus do labhair sé
go h-ana íseal.



D'éirigh Brian ó'n mbórd agus d' imthigh sé amach gan
feuchaint ar Ghormfhlaith.



“Coimeádtar 'n-a prísúnach í,” arsa Murchadh le
Dúlainn, agus d'imthigh sé amach i ndiaigh an Árdrígh.



“Tá cárbat na h-Árdríghna féin ollamh amuich chun
bóthair,” arsa Lonán. “Bhíomair chun imtheacht ar cos-
anáirde go Baile Átha Cliath,” ar seisean, “chómh luath agus
bhéadh an gníomh déanta,” agus chuir sé gáire as.



“Imthigh amach agus inis an méid sin do Mhurchadh,” arsa
Dúlainn. “Tabharfad-sa aire dhi seo.”



D'imthigh Lonán amach. Bhí Brian agus Murchadh amuich
agus iad ag siúbhal síos agus suas agus Brian ag caint.
D' airigh sé an t-aon fhocal amháin ó Bhrian.



“Ní mac d' Amhlaoibh é. Tuigim an sgéal go léir anois.”


L. 241


Chonaic sé Lonán ag teacht 'n-a dtreó.



“A Lonáin, a mhic ó,” ar seisean, “tá comaoine mhór
curtha agat orm! Chuiris t'anam féin i gcontabhairt ar mo
shon.”



“Is suarach le rádh m'anam-sa seachas t'anam-sa anois, a
Árdrígh,” arsa Lonán. “Ach a leithéid seo, a rígh,” ar
seisean le Murchadh. “Tá cárbat na h-Árdríghna ollamh
chun bóthair. Bhí socair aici ar dhul láithreach go h-Áth Cliath
agus ar mise bhreith léi. Do crochfaí mé chómh luath agus
bhéinn thíos dá mbéadh an sgéal aici mar a mheas sí a bhéadh
sé. Siné tuarasdal a gheóbhainn uatha,” agus chuir sé
gáire as.



“Tá san go maith! Tá san go h-ana mhaith!” arsa
Brian. “Ní'l aon phioc d'á fhios ag aoinne cad 'tá tuitithe
amach. Cuir isteach sa chárbat í, a Mhurchadh, agus cuir
buidhean fear léi síos go Baile Átha Cliath, agus fágtar
thíos í.”



D'imthigh Brian isteach 'n-a sheómra féin, agus d'imthigh
Murchadh agus Lonán chun an ruda a dh' órduigh sé do
dhéanamh. Thánadar isteach mar a raibh Dúlainn agus
Gormfhlaith, agus an gaidhrín marbh.



“Tuigim go bhfuilir ag dul go h-Áth Cliath, a Árdrígan,”
arsa Murchadh. “Tá do chárbat féin ollamh duit.”



D'éirigh sí, gan labhairt, agus bhuail sí amach i n-aonfheacht
leis. Tháinig Lonán i n-aonfheacht leis an mbeirt. Thug sé
cogar do Mhurchadh. Thánadar mar a raibh an cárbat,
gabhtha, ollamh chun bóthair.



“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áth Cliath, a ghiolla,” arsa
Murchadh leis an ngiolla. “Tabhair aire mhaith dos na
capailibh.”



D'fheuch Murchadh isteach sa chárbat. Chonaic sé bosca beag
deas istigh ann. Thóg sé amach an bosca.


L. 242


D'fheuch Gormfhlaith air. D'fheuch seisean uirthi. Níor
labhair aoinne acu.



Do ghluais an cárbat.



CAIBIDIOL II.



BREALL AR AN BHFEALL.



Nuair a bhí an cárbat ag gluaiseacht bhí beirt bhan uasal
sa chárbat i n-aonfheacht le Gormfhlaith, beirt d'á mnáibh
coímhdeachta, beirt a tháinig léi go Ceann Cora nuair a phós
Brian í. Bhí Dúlainn agus dírim marcach aige chun dul,
mar ghárda, i n-aonfheacht leis an gcárbat. Le Gormfhlaith
féin ab eadh cúigear dos na marcachaibh. Thánadar léi go
Ceann Cora nuair a bhí sí ag teacht ann. Ní raibh aon phioc
d'á fhios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáibh
coímhdeachta, cad a bhí tuitithe amach. Choimeád Gormfhlaith
an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Bhí socair aici ar
imtheacht láithreach nuair a bhéadh an gníomh déanta. Dá
mbéadh Brian agus Murchadh agus Dúlainn chómh marbh leis
an ngaidhrín bhéadh sí féin agus Lonán, agus an méid d'á
muintir féin a bhí i gCeann Cora, bhéidís leath na slíghe go
h-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora tagaithe as an
sgeón, dar léi. Bhéidís socair, ó bhaoghal, i n-Áth Cliath sar
a mbéadh teighlach Chinn Cora ábalta ar aon tsaghas gnímh a
dhéanamh, bhéadh a leithéid sin de mheasgán mearaídhe ar an
áit agus na daoine, dar léi. Ansan d'fhéadfaí Lonán a
chrochadh agus ní bhéadh fhios ag aoinne beó cé dhein an gníomh.
Choimeád sí féin agus Lonán an rún maith san ná raibh
aon phioc d'á fhios ag aoinne ach acu féin go dtí gur sgéidh


L. 243


Lonán, ach amháin ag Murchadh, agus ag Caoilte, dritháir
Lonáin. An mhuintir a bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis
an gcárbat an uair sin, lasmuich de Dhúlainn, ní raibh aon
choinne acu ná go mbéidis ag teacht thar n-ais airís i
n-aonfheacht leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan
istigh ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a bhéadh a
cuaird go h-Áth Cliath tabhartha aici.



Nuair a druideadh soir ó Cheann Cora chuir Dúlainn beirt
des na marcachaibh, beirt de mhuintir Ghormfhlaith, uaidh, níba
ghéire 'ná mar a bhí an chuid eile ag gluaiseacht, agus leitir
acu do rígh Lochlanach Átha Cliath, 'ghá rádh leis dírim marcach
a thabhairt leis agus teacht 'n-a gcoinnibh chun na h-Árdríghna
do thógaint uatha agus í thionnlacan an chuid eile de'n tslígh.
Ansan do ghluais Dúlainn go réidh i dtreó go mbéadh Sitric
tamal maith ar an slígh 'n-a gcoinnibh.



An uair a sgar Murchadh leó do thóg sé leis an bosca
agus chuaidh sé go seómra Bhriain. D' osgail sé an bosca i
láthair Bhriain, agus thóg sé rud amach as agus chuir sé ar
an mbórd é.



“Cad chuige gur tugadh an chailís sin aníos ó'n mainistir,
a Mhurchadh?” arsa Brian.



D'inis Murchadh cúrsaí na cailíse dhó ó thusach go deire.
Níor labhair Brian aon fhocal amach as a bhéal an fhaid a bhí
Murchadh ag innsint an sgéil dó.



“Bhí fhios againn,” arsa Murchadh, ag críochnughadh an sgéil,
“gur anso bhí an chailís agus cé r' bh'é an bitheamhnach. D'inis
Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raibh Lonán abhfad anso
nuair a fuair sé amach gur sa bhosca san a bhí an chailís. Bhí
socair aici, nuair a bhéimís go léir sínte chómh marbh leis an
ngaidhrín, an bosca bhreith léi. Bhí sé aici anois sa chárbat.
Chonaic Lonán é agus thug sé an cogar dom. Thógas an
bosca os cómhair a súl. Níor dhein sí ach feuchaint orm.
Níor labhair sí focal. Labharfaidh an coileán úd léi nuair


L. 244


a raghaidh sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán
eile.”



“Is fearr,” arsa Brian, “an chailís do chur síos airís go
mainistir Ínse Cathaigh, mar a raibh sí cheana. I n-onóir do
Sheanán iseadh thugas do'n mhainistir í. Cuir síos ann airís
í, a Mhurchadh. Agus feuch. Is ceart a dh'innsint do
Mheargach gur fuaradh í. Beidh áthas air. Ní deirim ná go
bhfeuchfaidh sé roimis sar a ndéanfaidh sé macshamhail eochrach
airís, an fear bocht! Is dóich liom, leis, go dtabharfaidh
Colla aireachas níos fearr di féin agus do gach aon chailís
eile d'á bhfuil aige.”



Do cuireadh síos an chailís go dtí an mhainistir. Ní miste
a rádh ná go raibh áthas ar Cholla. Do h-innseadh an sgéal
do Mheargach. Bhí áthas air. Bhí seirbhthean, leis, air, chuige
féin. Níor bh' fhuiriste a bhreithniughadh, ámhthach, cé 'cu ag an
áthas nó ag an seirbhthean a bhí an lámh-uachtair i n' aigne.



Do h-osgaladh an córtha láidir sa n-érdam agus do tógadh
amach as an bosca iarainn a bhí folamh. Do cuireadh an
chailís dhaor isteach airís sa bhosca bheag iarainn sin, mar a
raibh sí cheana, sar a dtáinig an t-ógánach Lochlanach úd, an
t-óganach breagh dathamhail úd, a bhí chómh naomhtha, chómh séimh,
chómh grianach, chómh gealgháiriteach, chómh h-osgailte 'n-a mheón,
gur dhóich le duine ná raibh 'n-a chroídhe ar fad ach fírinne
agus dílse. Dhein Meargach glas eile agus eochair eile do'n
bhosca, agus ní baoghal gur dhein sé macshamhail do'n eochair
sin.



Ní bhfuair Art mac Duibh amach riamh go raibh sé ar feadh
tamail i n-a leithéid de chontabhairt. Ní bhfuair na manaigh
amach, ó'n lá a cuireadh an chailís sa bhosca san ar dtúis go
dtí an lá a cuireadh iad féin as an oileán, go raibh an bosca
folamh ar feadh tamail agus an chailís dhaor imthighthe.



Tháinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta.
B' í céad cheist a chuir sé ar Cholla, chómh luath agus d'fhéad


L. 245


sé labhairt a gan fhios leis, 'ná, “An bhfuaradh an chailís?”



Do taisbeánadh dó í. Bhí áthas mór air. Do h-innseadh
an sgéal go léir dó; conus a ghuid Amhlaoibh an chailís;
conus a cuireadh Niamh ag faire ar Ghormfhlaith le h-eagla
go dtabharfadh sí nímh do Bhrian; conus ab éigean Niamh a
thógaint as an obair sin mar go raibh Gormfhlaith 'ghá cur
chun báis le neart soilbhris agus cuideachtanais agus
gealgháirí. Ansan do h-innseadh dó conus a h-imireadh an
cleas ar Ghormfhlaith; conus a cuireadh Lonán chúici ag
cabhrughadh léi, mar dh'eadh, chun an ghnímh a dhéanamh, agus
conus mar a bhí Brian ó bhaoghal ar fad an fhaid a bhí an
cabhrughadh san ar siúbhal, agus cad é an deire a bhí ar an
gcabhrughadh. Do gháireadh an Legáid airís agus airís eile
nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcuma na mbíodh an bheirt,
Gormfhlaith agus Lonán, ag déanamh a ngnótha chómh disgréid-
each, agus an disgréid go léir ag Lonán 'á thabhairt do
Mhurchadh i gcaitheamh na h-aimsire.



“Ó!” a deireadh sé, “do tugadh a srian féin dí ar
áilleacht an domhain! An bhean bhocht!”



Do shrois an bheirt mharcach an chathair. Thánadar go dorus
ríghtheighlaigh an rígh. Do rugadh an leitir isteach. Do léigh
Sitric í. Bhí Amhlaoibh ann. Bhí an bheirt ag faire agus ag
feitheamh. Bhíodar ag brath, i n-aghaidh gach neómait, ar sgéal
uathbhásach a dh'aireachtaint ó Cheann Cora. Nuair a tháinig an
leitir bhí an bheirt deimhnightheach go raibh an sgéal a bhí uatha
sa leitir. Ní raibh aon nídh iongantach sa leitir. Leitir ó
Dhúlainn ab eadh í 'ghá innsint go raibh an Árdrígan ag teacht
agus 'ghá iaraidh ar an rígh, ar Shitric, dul 'n-a coinnibh chun
í thionnlacan go h-Áth Cliath. Tháinig an bheirt amach mar a
raibh an dá mharcach. D'fheuchadar ortha, agus d'fheuchadar ar
a chéile.


L. 246


“Cad é an sgéal ó Cheann Cora agaibh é, a fheara?” arsa
Sitric.



“Mar ba ghnáth, a rígh. Níor thugamair aon nuacht linn,”
arsa duine de'n bheirt.



“Conus tá an t-Árdrígh?” arsa Sitric.



“Go h-ana mhaith, a rígh,” arsa'n fear a labhair.



“Agus an Ríghdhamhna, conus tá sé?” arsa Sitric.



“Go h-áluinn, a rígh,” arsa'n fear.



“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.



“Tá sé go maith, a rígh,” arsa'n fear. “Is fé n-a láimh
atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríghna,” ar seisean.



“Tá go maith,” arsa Sitric. “Téidhigh-se isteach go
gcurfar cóir oraibh. Ní iarfar oraibh dul chun bóthair airís
indiu.”



“Gura maith ag bhúr Soillse!” arsa'n fear, agus
d'imthigh an bheirt.



“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Amhlaoibh.



“Ní féidir liom tón ná ceann a dh'fhághail air!” arsa
Amhlaoibh.



D'imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus
ghluais sé chun siúbhail. Níor fhéad sé gan gluaiseacht ana
ghéar. Chonaic an dírim eile chúcha é abhfad sar ar mheasadar
a chífidís é. D'úmhluighdar d'á chéile mar ba chóir. Thug
Dúlainn an Árdrígan suas d'á mac, agus d'iompuigh sé
féin agus a chualacht abhaile. Níor bh' fhada go raibh an
chualacht eile sa chathair. Focal amach as a béal níor labhair
Gormfhlaith go dtí go raibh an triúr i bhfochair a chéile istigh
agus gan aoinne ann ach iad. Ansan do labhair sí agus
níor mhaith leat bheith ag éisteacht léi.



“Seadh!” ar sise, “dheineabhair go deas é! Ní miste
gnó thabhairt do bheirt agaibh le déanamh!”



“Cad a dheineamair, a mháthair?” arsa Sitric.



“Inis an méid seo dhom,” ar sise. “Cá bhfuarais Lonán?
nó an bhfuil fhios agat cé h-é?”


L. 247


“Liagh tuisgionach iseadh é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus
a dh'oir duit aige. Do shiúbhluigh sé chuige. Cad é sin
dúinne cé h-é, ach, mar a dúbhart leat, é chrochadh chómh luath
agus bhéadh an obair déanta.”



Bhí sí ag feuchaint ó dhuine go duine acu an fhaid a bhí sé
ag caint.



“Ó,” ar sise, “is deacair do dhuine foidhneamh le
n-bhúr leithéidí de bheirt amadán! Dritháir do Chaoilte
iseadh é.” (Do léim an bheirt 'n-a seasamh.) “Tháinig sé
anso chúghaibh-se 'ghá leigint air go raibh fuath aige do Bhrian.
Chuireabhair-se ag triall orm-sa é, an rud a bhí uaidh. Bhí
iontaoibh agam-sa as mar gheall ar é theacht chúgham uaibh-se.
D' oibríghmair araon a' láimh a chéile. Níor chuireamair cor
dínn nár inis sé do Mhurchadh chómh luath agus chuireamair
dínn é. Díreach nuair a bhí an obair nách mór déanta do
sgéidh sé. Chuir sé na trí miasa nímhe os cómhair an trír.
Tharaing Murchadh chuige na trí miasa sar a raibh uain ar
aoinne de'n bheirt eile ar an mbia do bhlaiseadh. Thug
Murchadh blúire de'n bhia dom' ghaidhrín. Thuit an gaidhrín
marbh os cómhair ár súl go léir. Ansan d'inis Lonán dóibh
cé r' bh' é agus cad é an bob a bhí buailte aige orm-sa. Ní
féidir liom gan uraim a bheith agam dó. Chosain sé Brian
orm chómh h-áluinn agus do cosanadh aoinne riamh. Conus
fhéadfainn-se aon bheart eile tharang chúgham an fhaid a bhí an
iontaoibh agam a' Lonán agus sinn ag oibriughadh a' láimh a
chéile! Níor bh'fhéidir an gníomh a dhéanamh gan sinn araon
'á dhéanamh. Níor bhaoghal do Bhrian an fhaid a bhí lámh
Lonáin sa ghníomh, nídh nách iongnadh. Ní bhéadh a lámh sa
ghníomh mura mbéadh é theacht chúgham uaibh-se. Ó, táid siad
go léir ag cur a n-anam amach ag gáirí umainn agus ag
magadh fúinn! Agus gan amhras tá a chúis acu.”



Chomáin sí léi ag caint. Níor labhair aoinne de'n bheirt
eile go ceann abhfad. Ar ball do labhair Amhlaoibh.


L. 248


“Ar thugais leat an chailís?” ar seisean.



“Níor thugas!” ar sise. “Bhí sí agam sa chárbat agus
mé ag fágaint na h-áite. Chonac Lonán, an ropaire! ag
cogarnaigh le Murchadh. Tháinig Murchadh chúgham anall agus
thóg sé leis an bosca 'n-a raibh an chailís. Ó, dheineabhair an
gnó go h-áluinn ar fad nuair a chuireabhair Lonán chúgham!
Dá mb'áil leis teacht ar aon chuma eile chúgham ach uaibh-se!
Is gasta a dhein sé é. Go deimhin ní féidir liom gan uraim
a bheith agam dó.”



D'iompuigh dath dubh ar ghnúis Amhlaoibh nuair a fuair sé
go raibh an chailís imthighthe.



“Dá mb'áil liom-sa,” ar seisean, “a mhalairt de chúram
a chur ar Fhear na gCos nuair a bhí an chaoi agam air!”



“Eist, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní fiú biorán a's an gnó
go léir. Tá ár máthair anso againn beó. Is iongantach
an sgéal iad 'ghá leigint uatha chómh bog. Beidh caoi airís
agat ar shocarughadh le Fear na gCos uair éigin. Tá ár
neart ollamh ins gach aon bhall. Ba mhór go léir an tairbhthe
dhúinn neart Gaedhal a bheith gan cheann, dá n-eirigheadh linn.
Ach tá sé ana aosta. Is cuma nó bheith gan cheann dóibh an
ceann a bheith chómh h-aosta. Ná h-abraimís a thuille mar
gheall ar Lonán ná ar a ghnó. Ní dóich liom go bhfuil puínn
dá fhios ag aoinne go raibh an gnó ar siúbhal. Tugaimís
aghaidh ar an obair atá rómhainn. Comáinimís teachtairí
mór-thímpal 'ghá rádh le n-ár neart cruinniughadh, gan a thuille
ríghnis, sa chuan so amuich; go bhfuil gach aon rud ollamh.
Tá Maolmórdha ar dearg-bhuile, a mháthair. Dheinis an méid
sin go maith. Tá néal chun cogaidh i Lochlanachaibh na
h-Éirean, agus is ag triall ar rígh Laighean atáid siad ag
teacht. Buadhfaimíd fós ar Bhrian agus ar Chlainn Chais!”


L. 249


CAIBIDIOL III.



AN DÁ LONÁN.



Chómh luath agus bhí an cogar tabhartha ag Lonán do
Mhurchadh agus an bosca tógtha ag Murchadh as an gcárbat,
d'imthigh Lonán isteach chun an tseómra a bhí aige sa
ríghtheighlach ó tháinig sé ann 'n-a dhochtúir, agus 'n-a stíobhard
ar gach córughadh bídh d'á mbéadh le déanamh ann. Ní fheacaidh
aoinne riamh ó shin an Lonán céadna ag teacht amach as an
seómra san. Tháinig fear amach as an seómra, ach níor bh' é
an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a chonaic an Lonán a
chuaidh isteach, agus ansan, an Lonán a tháinig amach. Bhí
folt odhar, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an
Lonán a chuaidh isteach. Bhí folt breagh fionn-ruadh, ag
tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a tháinig
amach. Bhí féasóg fhada liath-ghorm ar an Lonán a chuaidh
isteach. Bhí féasóg ruadh ná raibh ró fhada, ar an Lonán a
tháinig amach. Firín beag agus ceann mór air ab eadh an
Lonán a chuaidh isteach. Níor bh' fhear ró mhór an Lonán a
tháinig amach, ach bhí an ceann tar éis dul i luighead, agus
ansan níor fheuch an fear chómh beag agus d'fheuch sé fé'n
gceann mór. Bhí na fáibrí imthighthe as an éadan, ach bhí an
t-éadan leathan go maith agus árd go maith ag an Lonán a
tháinig amach, díreach mar a bhí ag an Lonán a chuaidh isteach.
Bhí an Lonán a chuaidh isteach trí fichid, mura raibh sé os a
chionn. Ní raibh an Lonán a tháinig amach aon lá os cionn
seacht mbliana fichid. Dá bhfeiceadh Amhlaoibh, nó Sitric, nó
Gormfhlaith, an Lonán a tháinig amach thabharfaidís an leabhar
ná feacadar riamh é. D'á bhrígh sin níor ghádh do'n Lonán a
tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí ar


L. 250


siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Sitric i n-Áth
Cliath, nuair a bhíodar 'ghá mhaoidheamh agus 'ghá dhearbhughadh
go ndéanfaidís so 's súd leis an Lonán a bhuail an bob
ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.



Isiad a bhí go loisgithe sgólta 'n-a gcroídhe agus 'n-a
n-aigne, ag cuimhneamh ar an gcuma 'n-ar bhuail sé an bob
san ortha, díreach nuair a mheasadar gur bh' iad féin a bhí 'á
bhualadh air-sean go h-áluinn. Bhí Caoilte i gCeann Cora
an uair chéadna agus is 'mó gáire mhaith a bhí aige féin agus
ag Lonán agus ag Murchadh agus Lonán ag seanachus do'n
bheirt eile ar an gcuma 'na mbíodh sé féin agus Gormfhlaith
ag toghadh na luibhneacha agus ag áireamh na gcómhacht a bhí
ionta.



“Tá an méid seo agam le rádh, ámhthach,” arsa Lonán leis
an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do chúm ná
do cheap ná do bheartuigh ná do thusnuigh aon droch nídh. Í
féin a thusnuigheadh gach aon rud. Níor thugas di aon bhlúire
droch eóluis ná raibh aici cheana. Nuair a bhí an bia againn
d'á ollamhughadh chun an ghnímh a dhéanamh, níor dheineas ach gach
aon rud do shocarughadh agus do chórughadh díreach mar a
dh'órduigh sí dhom é dhéanamh.”



“Tá fhios agam-sa aon rud amháin a dheinis, a bhitheamhnaigh,
agus níor órduigh sí dhuit é dhéanamh,” arsa Murchadh.



“Cad é an rud é sin, a rígh?” arsa Lonán agus iongnadh
ag teacht air.



“Níor órduigh sí dhuit an bhagairt úd a dhéanamh orm-sa,”
arsa Murchadh.



“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor dhuit, a rígh,” agus
gháireadar, mar do baineadh iaracht de gheit a' Lonán.



“Tá aon nídh amháin sa sgéal agus ní ró mhaith a thaithnean
sé liom,” arsa Caoilte.



“Cad é an rud é?” arsa Murchadh.



“Tá Gormfhlaith i n-Áth Cliath,” ar seisean, “agus tá cead


L. 251


a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truagh
nár coimeádadh anso í. Déanfaidh an bhean san díobháil
dúinn. Tá sí ar dearg bhuile mar gheall ar an gcuma 'n-a
bhfuil stáicín áiféis déanta dhi os cómhair an domhain. Ní
chuirfeadh sé blúire iongnadh orm d'á dtéidheadh sí féin, do
shiúbhal a cos dá mb' fhéidir é, soir chun cainte le rígh Lochlan,
agus as san óthuaidh chun cainte le rígh na h-Ioruaidhe, agus
mór-thímpal chun gach rígh agus chun gach tíre 'n-ar dhóich léi
go bhfaghadh sí a bheag nó a mhór d' aon rud i bhfuirm nirt
slógh le tabhairt léi chun díoltais a dhéanamh ar Árdrígh
Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuimhneóch' i n-aon
chor ar theacht meallfaidh sí léi iad agus tiocfaid siad. Is
mór an truagh nár coimeádadh anso í!”



“Tá an ceart agat sa méid sin, a Chaoilte,” arsa
Murchadh. “Dúbhairt féin leis an Árdrígh gur í choimeád
anso ba cheart. Ní dhéanfadh. Ba lag leis é. Ni'l againn
ach aon ghnó amháin a dhéanamh de pé neart a thiocfaidh. D'á
mhéid a thiocfaidh díobh, má thugaimíd Gleann Mháma an
tarna h-uair dóibh, rud a thabharfaimíd, iseadh is lúgha is
baoghal iad do theacht go deó airís chúghainn. Táid siad
fada a ndóthin ag teacht. Is mithid deire chur le n-a
gcuardaibh. Ní raibh fir Éirean riamh chómh ceapaithe ar dheire
chur le cómhacht Lochlan agus atáid siad anois. Ach ní h-ag
caint is ceart dúinn a bheith. Téanaíg. Tá caint ag an
Árdrígh le déanamh liom-sa agus le beirt agaibh-se.”



Chuadar i láthair an Árdrígh. Bhí a lán eile des na
giollaíbh turais cruinnighthe rómpa ann. Bhí Maolshuathain
ann agus leitireacha aige 'á sgrí' chómh tiugh agus d' fhéadadh
sé an cleite chomáint. Fé mar a bhíodh gach leitir sgríobhtha
aige chuireadh Brian a ainim thíos léi, agus do tugtí do
dhuine des na giollaíbh turais í agus chuireadh sé sin an
talamh dé.



Ag triall ar na ríghthibh agus ar na taoiseachaibh a bhí cuid


L. 252


des na leitireachaibh ag dul. Sidé bunús na cainte a bhí
ionta san:—



“A rígh onóraigh,



“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat
a thiocfaidh sgéala chúghainn 'ghá innsint dúinn loingeas
rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus
loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan Átha
Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh.
Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill
Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh.
Beid fir Éirean 'n-a míltibh ag bualadh umat. Tá
socair againn go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile
beó nó teacht abhaile le buadh. Abair le gach fear d'á
bhfuil agat gur fearr go mór bás d'fhághail i gcath 'ná
luighe fé smacht Lochlanach anois.



“Mise Brian”.



Bhí cuid des na leitireachaibh ag dul ag triall ar
easbogaibh agus ar shagartaibh agus ar mhainistreachaibh. Seo
bunús na cainte a bhí ionta san:—



“A Thighearna Easboig,



“Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian
chómh díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh.
Tá an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid
ag cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean
an namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá
deire le sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis
an gCreideamh a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé.
Cuir féin do ghuidhe suas chun Dé 'ghá iaraidh ar Dhia gan
an buadh thabhairt do'n namhaid. Iar ar na pobalaibh go
léir a nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna.
‘Éistean Dia le guidhe na ndaoine.’



“Brian.”


L. 253


Chómh luath agus fuair gach rígh agus gach taoiseach a leitir
do thusnuighdar ar na fir do chruinniughadh. Do thuig na
daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás
d' fhághail i gcath 'ná luighe fé smacht Lochlanach anois.” Thuig
gach aoinne gur bh' fhearr an fharaige do theacht isteach ar
Éirinn agus gan aon Chríostaidhe dh' fhanmhaint beó ar an
oileán 'ná sliocht Gaedhal do luighe fé smacht na Lochlanach
an uair sin. D'á bhrígh sin, na mná agus na seandaoine a
bhí ag fanmhaint sa bhaile níor dheineadar buairt ná gol ná
ologón. Má bhí an bhuairt ortha, agus is dócha go raibh, níor
thaisbeánadar puínn dé.



Na mná a bhí pósta agus go raibh cúram clainne ortha
d'fhanadar sa bhaile, ach má fhanadar níor airigh aoinne osna
ó aoinne acu, ná ní fheacaidh aoinne deóir le n-a súil. Is
dócha gur shileadar a ndóthin díobh nuair ná raibh aoinne ag
feuchaint ortha. Níor fhan na cailíní óga sa bhaile. Chuadar
i n-aonfheacht le n-a ndrithárachaibh chun bídh a dh' ollamhughadh
dhóibh ar an slígh agus chun éadaigh a níghe dhóibh nuair ba ghádh
é, agus chun banaltranais a dhéanamh ortha tar éis an chatha
dá mbéadh gádh acu leis. Bhí mná na nGaedhal go léir, óg
agus críona, ana thuisgionach sa n-obair sin.



Chómh luath agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus
na h-abbana ins na mainistreachaibh na leitireacha, do
cuireadh an guidhe ar siúbhal ins gach aon bhall láithreach. Bhí
na h-Aifrinní ins na h-eaglaisibh gach maidion ar an íntinn
sin Bhriain agus na pobuil ag guidhe ar an íntinn gcéadna,
agus na manaigh ag guidhe ins na mainistreachaibh, ní h-amháin
sa lá ach i gcaitheamh na h-oídhche leis. Chaithidís an oídhche i
láthair na h-Altórach 'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir, tré
ímpídhe na Maighdine Muire agus tré ímpídhe Phádraig agus
Bhríghde agus Cholum Cille, gan an buadh thabhairt dos na
Lochlanaigh sa chath uathbhásach a bhí ag teacht. Ní miste a rádh
ná gur dheineadar a nguidhe go dúrthachtach, mar bhí fhios acu


L. 254


go dian mhaith cad a bhí le h-imtheacht ortha féin agus ar na
mainistreachaibh dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh. Bhíodar
go léir ollamh, gan amhras, ar bhás a dh'fhulang ar son an
Chreidimh, ach bhí fhios acu, dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh
an chatha san a bhí ag teacht an uair sin, go gcuirfidís an
Creideamh féin ar neamhnídh i dteannta na ndaoine do chur
chun báis. D'á bhrígh sin do leanadar ag guidhe go cruaidh,
do ló agus d' oídhche, agus ag déanamh trosgaidh go dian,
an fhaid a lean an chontabhairt.



Níor bh' fhada go bhfeacathas ag gluaiseacht na bóithre soir
óthuaidh, ó gach aon pháirt de'n Mhúmhain, mar a bhéadh
sochraidí móra fada, na fir chródha, fir bhreaghtha óga láidire,
fir go raibh socair 'n-a n-aigne acu gan teacht thar n-ais beó
ó'n gcogadh dá mbéadh buadh ag Lochlanaigh. Ag machtnamh ar
an nídh sin dóibh shocaruighdar 'n-a n-aigne ná tiocfaidís thar
n-ais beó pé taobh a bhuadfadh. Shocaruighdar 'n-a n-aigne
d'á luighead eagla bhéadh acu roimis an mbás gur bh' eadh
b'fhearr a dhéanfaidís an troid agus gur bh'eadh ba mhó an
t-éirleach a dhéanfaidís ar na Lochlanaigh, agus, ar san, gur
bh'eadh ba dhóichígh-de an buadh bheith ag Gaedhlaibh agus an cath
do bhriseadh ar na Lochlanaigh. Chuaidh an socarughadh san 'n-a
luighe chómh daingean san ar a n-aigne gur ghnáth eatartha,
'n-a gcómhrádh, agus gan acu 'á dhéanamh dé ach cúis gháire,
an focal, “Pé duine thiocfaidh thar n-ais ná ná tiocfaidh, ní
thiocfad-sa thar n-ais.”



“Siní an chaint! Ní chun teacht thar n-ais atáimíd ag dul
sa chath so!” a déarfadh duine eile.



“Caithfead bás a dh'fhághail uair éigin. Ní thiocfaidh uair
choídhche a bheidh níos fearr ar gach aon tsaghas cuma chun báis
a dh'fhághail 'ná an uair a chífead na bitheamhnaigh ar m' aghaidh
amach agus an t-arm am' láimh!” adéarfadh an trímhadh
duine.



“Agus d'á éaghmuis sin,” adéarfadh an ceathramhadh duine,


L. 255


“is bás ar son an Chreidimh é, agus an t-é a dh'fhuiling
eóchaidh bás ar son an Chreidimh raghaidh a anam suas láithreach
go h-aoibhneas na bhFlathas! Dá dtagainn thar n-ais agus
maireachtaint fiche bliain eile, b'fhéidir nár ró mhór an
deimhne a bhéadh agam air sin. Déanfaidh na Lochlanaigh a
ngnó go h-olc nó ní thiocfaidh aon chos díom-sa thar n-ais.”



Siné saghas cainte a bhíodh ar siúbhal acu agus iad ag
gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh 'n-a sochraidíbh móra fada.
Bhíodh na seandaoine ar na cnucánaibh ag feuchaint ortha ag
gluaiseacht, agus do lasadh a gcuid fola le dásacht, agus,
“Ó!” adeiridís, “Nach truagh gan mé óg airís!”
Chídís na fir agus na gathana breaghtha fada 'n-a lámhaibh acu
agus reana glasa, cruadha, géara na ngathana san ag
taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin, agus na tuaghana
ar ghuaillibh na bhfear, agus na bratacha ar a gcrannaibh i
dtusach gach buidhne, ag luasgadh sa ghaoith; agus gach
buidhean ag gluaiseacht go breagh, réidh, stuamdha, cos le
cois, guala le gualainn, agus an bhuidhean ag casadh fé mar
a chasadh an bóthar agus ag díriughadh nuair a dhírigheadh an
bóthar. Chíodh na seandaoine ar na cnucánaibh an obair go
léir, agus do ghluaiseadh an tsean'fhuil trés na sean
fhéitheachaibh, 'n-a caisíbh teine, agus thagadh luas croídhe ar na
seandaoinibh, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh chráidhte
gan mé óg airís!”


L. 256


CAIBIDIOL IV.



OSPAC I n-INIS CATHAIGH.



Ag triall ar na ríghthibh ba shia ódheas iseadh do cuireadh
an chéad cuid des na leitireachaibh, ó b'iad ba shia ó áit an
choinne. Ansan do cuireadh iad ag triall ar ríghthibh Conacht;
ag triall ar na dúnaibh; ag triall ar rígh na nDéise, agus
mar sin. Chuaidh Lonán ó dheas go Ciarraighe Luachra, ag
triall ar a athair, Mac Beathach. Chuaidh Caoilte siar go
h-Uíbh Máine agus leitir aige do Thaidhg Mhór ua Chealla.
Ní raibh puínn gádh le leitir a chur ag triall ar Thadhg. Bhí
an méid nirt a bhí acu gleusta, ollamh chun bóthair aige féin
agus agá mhac. Bhí ráflaí ar siúbhal ann ar conus mar ba
dhóbair go gcurtí Brian agus Murchadh chun báis le nimh,
agus gur bh'í an Árdrígan a mheas an gníomh a dhéanamh ach
gur chaill an feartíghis uirthi nuair a bhí gach aon rud ollamh
aici. Ansan gur mhairbh sí an feartíghis agus gur imthigh sí
síos go h-Áth Cliath ag triall ar a mac, Sitric.



Thug Caoilte an sgéal 'n-a cheart dóibh. Nuair a tugadh
dóibh an sgéal 'n-a cheart dúbhradar go léir an focal
céadna adúbhairt Caoilte féin, gur mhór an truagh nár
coimeádadh an Árdrígan 'n-a prísúnach.



Nuair airigh Niamh an sgéal 'n-a cheart, “Ó!” ar sise,
“ní'l aon teóra libh! Ní'l aon teóra leat, a Chaoilte,” ar
sise, “agus cuimhneamh ar a leithéid de chleas.”



“Mura mbéadh Lonán a bheith agam ní chuimhneóchainn air,
a rígan,” arsa Caoilte. “Dheineamair dochtúir iasachta de
Lonán i dtreó nár aithin a athair féin é, ná a mháthair, nuair
a bhí sé socair againn. Ní raibh aon bhaoghal go dteipfeadh
an t-eólus air mar is ag foghluim chun bheith 'n-a dhochtúir atá
a shaoghal go dtí so caithte aige. Dhein sé a ghnó go h-áluinn.


L. 257


Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá a gháire
sin dá mbeitheá ag éisteacht leis 'ghá innsint conus a chaith sé
féin agus Gormfhlaith an aimsir, ag piocadh luibhneacha agus
'ghá mbreithniughadh.”



I lár a gcod' cainte dhóibh, siúd chúcha isteach teachtaire
ainíos ó Inis Cathaigh.



“Ó!” a ríghthe,” ar seisean, “tá an fharaige go léir, ó Inis
Cathaigh amach go Léim Chúchulainn, lán de loingeas iasachta.
Is dócha go bhfuil an mhainistir tré theine um an dtaca so
agus na manaigh go léir marbh!” agus chas sé an dá ologón
déag agus é ag greadadh a dhá bhas.



Siúd gach aoinne 'ghá cheistiughadh:—



“Cathin a thánadar?”



“Cad iad na loingeas iad?”



“Ar labhair aoinne leó?”



“An bhfeacaís féin iad?”



“Cá bh'fhios duit an loingeas namhad iad?”



Ní raibh uain aige ar aon fhreagra thabhairt ar na
ceisteanaibh nuair siúd isteach teachtaire eile.



“Eist do bhéal, a amadáin!” arsa'n tarna teachtaire.



“Is tú dhein an fothram gan ghádh gan riachtanas! Táid na
loingeas ann, a ríghthe,” ar seisean, “ach ní loingeas namhad
iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do'n rígh atá
ortha. Tháinig sé isteach chun na mainistreach i mbád, agus do
labhair sé le Colla agus d'inis sé dhó cad a thug é agus gach
aon rud. Tá an chabhlach loingeas ansúd mór-thímpal an
oileáin agus tá Ospac agus Colla imthighthe soir go Ceann
Cora chun labhartha leis an Árdrígh. Deir na fir atá ar na
loingeas go bhfuil cabhlach eile ag Bruadar. Bhí an dá rígh
(beirt dritár iseadh iad) muinteartha go maith le n-a chéile
ar feadh tamail, go dtí gur thoiligh Bruadar chun an chogaidh
seo atá dh'á dhéanamh i gcoinnibh Bhriain. Do thuig Ospac i
n-a aigne gur bh' éagcóir an cogadh agus dhiúltuigh sé d' aon


L. 258


lámh a bheith aige ann. Bhí loingeas Ospaic agus loingeas
Bhruadair istigh i n-aon chuan amháin lastuaidh i n-áit éigin.
Do leath Bruadar a loingeas féin ar bhéal an chuain chun gan
loingeas Ospaic do leigint amach. Cheangail sé a loingeas
féin d'á chéile le téadaibh móra láidire agus cheangail sé
long acu de'n talamh tirim ar gach taobh. Níor leig Ospac
air gur thug sé fé ndeara an gníomh san. Nuair a tháinig
an oídhche agus bhí Bruadar agus a mháirnéalaigh 'n-a gcodla,
chuir Ospac a loingeas go léir i ndiaigh chéile i n-aon líne
amháin agus d' órduigh sé gan aon tsolus do lasadh ar aon
loing acu. Ansan do bhog sé chun gluaiste iad i ndiaigh
chéile, i dtreó na h-áite 'n-a raibh long na láimhe deise de
loingeas Bhruadair ceangailte de'n talamh tirim. Chuaidh
fuirean i mbád agus do ghearadar an téad gan aon fhothram
a dhéanamh. Ansan do shleamhnuigh na loingeas go léir amach.
Nuair a tháinig solus na maidine chonaic Bruadar an cuan
laistigh dé folamh, agus loingeas Ospaic abhfad amach ar an
bhfaraige agus iad ag imtheacht siar ódheas fé lán a seól.
Thánadar anso go dtí an linn seo Luimnighe chun a
dh' innsint do Bhrian cad a bhí chuige, agus chun pé cabhair a
bhéadh ar a gcumas do thabhairt dó. Dá mb' áil leat-sa,” ar
seisean leis an gcéad teachtaire, “beagáinín foidhne bheith
agat níor ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso
ainíos, agus níor ghádh dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus
ag cur saothair orm féin ag ruith ainíos ad dhiaig chun gan
leigint duit an dúthaigh a chur as a meabhair.”



“Seadh!” arsa Tadhg Mór ua Cealla, “is mithid dúinn
go léir bheith ag gluaiseacht. Cad dúbhairt Ospac a bhí
Bruadar ar aigne dhéanamh?” ar seisean leis an
dteachtaire.



“Dúbhairt sé le Colla, a rígh,” arsa'n teachtaire, “gur
bh'é a thuairim go mbéadh Bruadar 'n-a cheann ar loingeas
rígh Lochlan agus go mbéadh Sígurd agus pé loingeas a bhéadh


L. 259


aige fé smacht Bhruadair. Agus dúbhairt sé gur bh'é a
thuairim go bhfuilid siad go léir istigh i gcuan Átha Cliath
um an dtaca so nó geall leis.”



“Ó! foth, foth!” arsa Tadhg Mór. “Ní bheimíd i n-am
i n-aon chor!”



Le n-a linn sin cé bhuailfeadh chúcha isteach ach Tadhg Óg ua
Cealla agus Conn agus athair Chuinn, Maolruanaidh na
Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Do cuiredh fáilte roimis
an rígh agus roim Chonn.



“Bhíomair díreach ollamh ar imtheacht,” arsa Maolruanaidh,
“ach ní bhéadh Conn sásta gan teacht feuchaint an rabhabhair-se
ollamh. Deir sé, agus is dócha gur fíor dhó é, gur fearra
dhúinn coimeád i n-aice chéile ar an slígh, agus ansan
coimeád i n-aice chéile sa chath, leis, má fhéadaimíd é.”



“Tá an ceart aige, a rígh,” arsa Caoilte. “Is 'mó cuma
'n-a ndéanfaimíd áise d'á chéile má choimeádaimíd i n-aice
chéile, 'sé sin, ach gan bheith ró achmair d'á chéile. An 'mhó
fear a bheidh agaibh, a Chuinn?” ar seisean.



“Beidh breis agus fiche céad fear, is dóich liom”, arsa
Conn. “An bhfuil Niamh ag teacht?” ar seisean.



“Tá, Niamh ag teacht,” arsa Niamh féin; “ná bíodh aon
phioc d'á mhearbhall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.



“Ní fhanfaidh Niamh i n-aon bhall i ndiaigh a h-athar,” arsa
Tadhg Mór ua Cealla.



“Is maith an inghean a thug Dia dhuit, a rígh,” arsa
Maolruanaidh, “nuair a thug sé Niamh duit. Tá súil agam
go gcuimhnighean tú go minic air sin, agus go dtugan tu
buidhchas do Dhia mar gheall air.”



Rígh ana dhiadha ab eadh Maolruanaidh na Paidre. Bhíodh
sé coitchianta ag machtnamh i láthair an Athar Síoruídhe, agus,
as an machtnamh, bhíodh sé coitchianta ag labhairt leis an
Athair Síoruídhe. Thuigeadh sé i n' aigne ná raibh aon
tsaghas cainte ba chirte chun labhartha leis an Athair


L. 260


Síoruídhe 'ná an chaint a chuir ár Slánuightheóir i mbéalaibh na
gCríostaidhthe chun labhartha leis an Athair Síoruídhe. D'á
bhrígh sin, nuair a labhradh sé leis an Athair Síoruídhe is, “Ár
n-Athair atá ar neamh, etc.” adeireadh sé. Bhíodh sé ag rádh
na Paidre sin coitchianta, agus do tugadh an ainim,
“Maolruanaidh na Paidre,” air mar gheall air sin. Fear
ana láidir, ana chródha, ab eadh é, agus mura raibh eagla ag
na Lochlanaigh roime n-a Phaidir ní baoghal ná go raibh eagla
acu roime n-a thuaigh.



Níor bh' fhada go rabhdar go léir ollamh chun bóthair. Bhí
cárbat áluinn ag Niamh, agus bhí beirt d'á mnáibh coímhdeachta
sa chárbat i n-aonfheacht léi, ach tugadh sí a lán d'á h-aimsir
ameasg na mban óg eile a bhí ag dul ó'n mbaile, i
n-aonfheacht leis na fearaibh, agus í 'ghá stiúrughadh agus 'ghá
thaisbeáint dóibh conus na h-éadaí lín a theastóch' uatha ar
ball, do chur chúcha agus do choimeád i n-eagar.



D'fhan an dá bhuidhean san, buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla
agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre, i n-aice chéile ar an
slígh, agus bhíodh Conn agus Caoilte i gcómhluadar a chéile
go mór. B'éigean do Chaoilte an sgéal go léir ó thusach go
deire a dh'innsint do Chonn, conus a chuir Sitric agus
Amhlaoibh an fear ó Áth Cliath chun Briain do chur chun báis
le nimh, agus gur bh'é fear a chuireadar uatha chun na h-oibre
sin a dhéanamh 'ná Lonán, dritháir Chaoilte, an fear, thar a
raibh d'fhearaibh i n-Éirinn, dob' fhearr a dhéanfadh Brian do
chosaint ar an mnaoi a bhí ceapaithe ar an nimh a thabhairt dó.



Do ghluais na buidheana eile ó gach aon pháirt de Chúige
Conacht, na bóithre soir, i dtreó na h-áite 'n-ar ghnáth le
Brian longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Tháinig an
dá bhuidhean, buidhean Ua Máine agus buidhean Ua bhFiachrach
Áidhne, go Ceann Cora, chun bheith i n-aonfheacht le buidhin an
Árdrígh. Ansan do ghluaiseadar féin agus buidhean an
Árdrígh an bóthar soir óthuaidh.


L. 261


Díreach sar ar fhágadar Ceann Cora tháinig teachtaire ó
rígh Laighean ag triall ar an Árdrígh agus thug sé leitir do'n
Árdrígh, agus sidiad na focail a bhí sa leitir sin.



“A Árdrígh Éirean,



“Do tugadh easonóir dómh-sa ad' ríghtheighlach-sa i
gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm,
mar táim ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt
ort-sa agus ar do chlainn, agus ar Dhál gCais.



“Mise Maolmórdha



“Rígh Laighean.”



Do léigh Brian an leitir. Ansan do sgríbh sé ar dhrom
na leitire na focail:—



“Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.



“Mise Brian.”



“Seo, a ghiolla,” ar seisean leis an dteachtaire. “Beir
thar n-ais í.”



Thóg an teachtaire an leitir agus do rug sé leis thar
n-ais í.



Ní raibh um an dtaca san bóthar andeas ná bóthar aniar
ná bóthar óthuaidh tré Chúige Laighean ná raibh clúdaithe leis
na buidhnibh fear agus iad ag gluaiseacht 'n-a míltibh, fé n-a
ríghthibh agus fé n-a dtaoiseachaibh, agus a n-airm ar a
nguaillibh, agus a mbratacha breaghtha síoda anáirde ar a
gcrannaibh ag lúbadh agus ag luasgadh sa ghaoith, agus a
n-aghaidh go léir ar an áit 'n-ar ghnáth le Brian a longphort
a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Agus ní raibh ins na buidhnibh
sin go léir oiread agus aon fhear amháin ná raibh socair go
daingean i n' aigne aige gan teacht thar n-ais beó.



“Má's ag Lochlanaigh a bheidh buadh,” a deiridís, “is fearr
gan teacht thar n-ais beó. Má's ag Gaedhlaibh a bheidh buadh
bíodh a thoradh ag an muintir atá sa bhaile i n-ár ndiaigh.
Pé taobh ar a mbeidh buadh, díolfaid na Lochlanaigh as.”


L. 262


CAIBIDIOL V.



MÍCHEÁL RUADH.



Bhí Brian agus a ghnáth-theighlach tamal soir ó Cheann Cora,
ar bhóthar Átha Cliath, agus iad ag gluaiseacht go h-áluinn
agus go stuamdha agus go míleata. Bhí buidhean Thaidhg
Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre ag
teacht 'n-a ndiaigh. Bhí Niamh 'n-a cárbat i dtusach buidhne
Thaidhg. Tháinig bean agus clóca uirthi, agus cochal an chlóca
amach ar a ceann aici, i gcómhngar do'n chárbat. Bhagair sí
ar Niamh. Do stad an cárbat. Do shín an bhean leitir
isteach chun Niamh agus d' imthigh sí. Do léigh Niamh an leitir.
D' fheuch sí 'n-a tímpal. Ní raibh Caoilte abhfad ó'n áit.
Dúbhairt sí le duine des na fearaibh glaodhach air. Tháinig
sé. Thug sí dhó an leitir. Do léigh sé í.



“Cad is fearr a dhéanamh, a rígan?” arsa Caoilte.



“Measaim gur fearr an leitir sin a thabhairt do
Mhurchadh,” ar sise.



“Is fíor,” arsa Caoilte.



D'imthigh sé amach i ndiaigh ghnáth-theighlaigh an Árdrígh, agus
thug sé an leitir do Mhurchadh. Bhí iongnadh ar Mhurchadh
nuair a léigh sé an leitir.



“Tá go maith, a Chaoilte,” ar seisean.



Tháinig Caoilte thar n-ais.



Lar na mháireach an lae sin tháinig giolla turais ag triall
ar Chaoilte, duine d'á ghiollaíbh turais féin, agus shín sé
leitir chuige. Do léigh Caoilte í. Siúd ag triall ar Niamh
é agus shín sé chúichi an leitir. Do léigh sí í.



“Ó!” ar sise. “Imthigh láithreach, a Chaoilte,” ar sise,
“agus tabhair í seo leis do Mhurchadh.” Do dhein.



I dtreó go dtuigfear brígh agus bunús an dá leitir sin


L. 263


ní foláir dul siar beagán agus a dh'innsint conus a
dh'imthigh le Gormfhlaith ó fhág sí Ceann Cora agus ó tháinig
sí go teighlach rígh Lochlanach Átha Cliath.



Do h-innseadh i dtusach an sgéil seo conus mar a thug
Brian a inghean le pósadh do Shitric, le h-ionachus go
ndéanfadh an cleamhnas san a chómhacht féin do neartughadh
leis an gcaradas, dar leis, a thiocfadh as idir Lochlanaigh
Átha Cliath agus Clann Chais. Béibionn ab ainim do'n
inghean san Bhriain, ainim a mháthar féin. Rígan ana
chiallmhar, ana thuisgionach ab eadh í. Do coimeádadh uaithi
an t-uisge-fé-thalamh a bhí 'á dhéanamh i gcoinnibh a h-athar an
fhaid a bhí Niamh ag déanamh na faire, agus ansan, an fhaid
a bhí Lonán 'ghá leigint air go raibh sé ag cabhrughadh le
Gormfhlaith sa droch obair a bhí ar siúbhal aici. Choimeád a
muintir féin an sgéal ó Bhéibionn i gcaitheamh na h-aimsire
sin chun gan bheith ag cur buartha uirthi gan ghátar, agus i
dtreó gur shuaimhneasaíghe a bhéadh an saoghal aici nuair a
chífeadh Sitric go soiléir ná raibh aon phioc d' fhios na droch
oibre aici. Choimeád Sitric an t-eólus uaithi díreach mar a
dhein sé a dhícheal ar é choimeád ó gach aoinne ba dhóich leis a
dhéanfadh aon iaracht ar an ndroch obair do chosg.



Ach nuair a tháinig Amhlaoibh thar n-ais ó Inis Cathaigh chómh
h-oban, agus nuair nár h-innseadh d'aoinne cad é an chúis,
agus ansan, nuair a thug sí fé ndeara an disgréid agus an
chogarnach ag Amhlaoibh agus ag Sitric, agus an bheirt ag
stad de pé caint a bhíodh eatartha nuair a thagadh sí 'n-a
láthair, thuig sí 'n-a h-aigne go raibh rud éigin nár bh' fhóghanta
d'á bheartughadh acu. D'á shoiléire a thuig sí an nídh sin iseadh
ba lúgha a leig sí uirthi gur thuig sí é féin ná aon nídh dh'á
shórd, agus iseadh ba lúgha a bhí aon chuimhneamh acu-san gur
thuig sí é féin ná aon nídh dh'á shórd. Bhí sí ag faire ortha
go géar agus ní raibh aon choinne acu go raibh. D'á fheabhas
faire a dhein sí, ámhthach, níor fhéad sí teacht suas le h-aon


L. 264


nídh áirighthe do thabharfadh eólus cruinn dí ar cad a bhí ar
siúbhal acu, ná ar cé 'n-a choinnibh go raibh an t-uisge-fé-
talamh 'á dhéanamh.



Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormfhlaith
go h-Áth Cliath. Ansan do thuig Béibionn go raibh donas
éigin thar na beartaibh déanta. Níor bh' fhada gur tugadh le
tuisgint di ná raibh Gormfhlaith ag dul thar n-ais ag triall
ar Bhrian. Ansan do stadadh de bheith ag déanamh aon
choimeád ar cad n-a thaobh gur tháinig sí uaidh ná ar cad 'n-a
thaobh ná raibh sí ag dul thar n-ais. Do thárla go raibh an
ceathrar i bhfochair a chéile agus gur eirigh fearg Ghormfhlaith.
Do léim sí agus do spriúch sí. Do chaith sí ins na súilibh ar
Shitric agus ar Amhlaoibh an bob a bhuail Lonán ortha, agus
ansan, an bob a bhuail sé uirthi féin nuair a chuaidh sé siar
ag triall uirthi agus teistiméireacht aige uatha-san. Ansan
do thuig Béibionn cad é an brígh a bhí leis an ndisgréid
agus leis an gcogarnach agus leis an stad cainte nuair a
thagadh sí féin. Níor labhair sí aon fhocal amach as a béal
mar gheall ar an ngníomh a measadh a dhéanamh ar a h-athair.
Dúbhairt sí, 'n-a h-aigne féin: “Do theip an méid sin oraibh.
Ní stadfaidh sibh anois. Déanfaidh sibh iaracht eile. Ní mór
dhom faire níos fearr a dhéanamh, le h-eagla go mb' fhéidir
ná teipfeadh an tarna h-iaracht oraibh.



Níor dhein sí aon cheilt ar an ndroch mheas a bhí aici ortha,
ná ar an bhfeirg a bhí uirthi mar gheall ar an rud a cheapadar
a dhéanamh. Ach níor dhein sí trácht ar imtheacht as an áit
mar gheall air. Níor bh'fhada gur thuit rud amach a
thaisbeáin di gur mhaith a dhein sí é agus fanmhaint.



Tháinig rígh Laighean ann.



“Seadh!” arsa Gormfhlaith leis, “measaim gur dheineas
éagcóir ort nuair a dúbhart gur bheithigheach iompair ag
Brian tu. Measaim gur bh'fhearra dhó go sgaoilfeadh sé
thairis an beithigheach. Airighim go bhfuil do neart agat d'á


L. 265


chruinniughadh go cuthaigh. Fíorfair an focal úd a dúbhraís
le Murchadh; ‘Má cailleadh Gleann Mhámha tré m' chómhairle,’
arsa tusa, ‘buadhfar Gleann Mháma eile tré m' chómhairle.’
An t-annsgian! Mura mbéadh an bheirt seo bheith chómh
símplidhe,” ar sise, “bhéadh sé féin agus a athair agus
Dúlainn fé 'n bhfód go tréith anois.”



“Ní gádh dhuit é chur ar an mbeirt seo, a mháthair,” arsa
Amhlaoibh. “Bhí aimsir do dhóthin agat chun an ghnímh a
dhéanamh sar a ndéigh Lonán ag triall ort, agus níor dheinis
é. Níor dheinis, agus ní dhéanfá ó shin é, pé caoi a bhéadh
agat air, an fhaid a bhéadh inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla
at' aice! Is dóich liom,” ar seisean, “dá mbéadh sí abhfad
at' aice go ndéanfadh sí mírbhuilt ort, a mháthair,” agus
chuir sé drana gháire as. Níor dheas an drana-gháire é, bhí
sé chómh diablaídhe agus an ghnúis chómh h-áluinn, chómh h-óg.
An t-é a chífeadh an ghnúis sin an uair sin agus an drana-
gháire, déarfadh sé go raibh duine i n-éaghmuis Ghormfhlaith
gur bh'fhéidir a dhiabhal coímhdeachta a dh'fheisgint uaireanta.
Chonaic Béibionn diabhal coímhdeachta Amhlaoibh an uair sin,
agus choimeád sí cuimhne air.



“Cad é sin agat dh'á rádh, a choileáin!” arsa Gormfhlaith.
“Cad í an mhírbhuilt a dhéanfadh sí orm!”



“Dhéanfadh sí naomh díot, a mháthair,” ar seisean, “agus
ba mhór an mhírbhuilt é,” agus do leathnuigh an drana-gháire.



Do stad sí agus í ag feuchaint air.



“Ní dhéanfadh mírbhuilt féin naomh díot-sa!” ar sise.



“Foth, foth!” arsa Maolmórdha, “ní'l aon tairbhthe le
teacht as an saghas san cainte. Cuirigh uaibh í. Ní deirim
ná go bhfuil rud déanta agam-sa do chuirfidh chun cinn an
bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.”



Do léim Sitric agus chuir sé bas ar bhéal rígh Laighean,
agus shín sé a mhéar i dtreó na h-áite 'n-a raibh Béibionn
'n-a seasamh i lúib na finneóige. Dhruid sí isteach sa lúib


L. 266


sin nuair a thusnuigh an chaint ar dhul i n-olcas idir
Ghormfhlaith agus Amhlaoibh. D' airigh sí an focal, ámhthach,
a' béal rígh Laighean, ach níor leig sí uirthi gur airigh. Do rith
cailín isteach, duine de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn.



“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”



Do rith gach aoinne amach ach Béibionn.



“Tar a leith, a laogh,” ar sise leis an gcailín. “Tháinís
anso i n-aonfheacht liom-sa,” ar sise. “Tá fhios agam nách
miste dhom rún a thabhairt duit. Tá, mar is eól duit, mar
is eól do gach aoinne, Lochlanaigh an domhain ag cruinniughadh
a neart i n-aghaidh na h-Éirean agus i n-aghaidh Árdrígh
Éirean. Tá an t-Árdrígh ag cruinniughadh neart na
nGaedhal chun na h-Éirean do chosaint. Tuigid ríghthe
Lochlanach dá mbéadh Árdrígh Éirean as an slígh go dtuitfeadh
cómhacht na nGaedhal as a chéile agus nár dheacair an lámh
uachtair a dh' fhághail ortha. Tá, d'á bhrígh sin, iaracht
mhalluighthe d'á déanamh le fada ar an Árdrígh do chur chun
báis le nimh. Tá teipithe glan ar an iaracht san. Siné fé
ndeara Gormfhlaith a bheith anso anois. Tá iaracht eile d'á
dhéanamh anois. Tá feall éigin eile d'á dhéanamh anois ar
m' athair. D' airigheas an focal ó chiainibh ó rígh Laighean.
‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do chuirfidh chun cinn
an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.’ Ní dúbhairt sé a
thuille mar do chuir Sitric lámh ar a bhéal. Ní dóich leó gur
airigheas-sa an focal. Ní mór sgéala chur láithreach ag triall
ar an Árdrígh. Indiu an lá chun an fhíona do chur siar go
Sórd Cholum Cille. Imthigh, a laogh, agus cuir an fíon sa
bhosca mar is gnáth leat a dhéanamh, fíon Aifrinn, agus tar
chúgham anso nuair a bheidh san déanta agat.”



D'imthigh an cailín agus chuir sí an fíon sa bhosca. Ba
ghnáth le Béibionn an fíon san do chur chun na mainistreach
san, agus d'á bhrígh sin níor chuir aoinne aon tsuim sa rud
a bhí ag an gcailín 'á dhéanamh. Nuair a bhí an bosca i dtreó


L. 267


aici tháinig sí ag triall ar an mBanríghin mar a dúbhradh léi.



“Seo anois,” arsa'n Bhanríghin léi, “cuir chúghat an dá
leitir seo. Tabhair an dá leitir do'n Airchinneach, do
Ghiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaidh sé leat.”



D'imthigh an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an
capal agus an cárbat aici, mar ba ghnáth. Chonaic Sitric
agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag imtheacht í. Chonacadar
an bosca fíona. Níor chuimhnighdar ar aon nídh eile bheith aici,
agus níor chuireadar blúire suime inti.



Tháinig sí go Sórd Cholum Cille. Thug sí an dá leitir
do'n Airchinneach. D' osgail sé leitir acu, mar dó féin ab
eadh í. Do léigh sé í. Thug an cailín fé ndeara gur iompuigh
a lith ann.



“An bhfuil fhios agat cad 'tá sa leitir seo atá léighte
agam?” ar seisean leis an gcailín.



“Tá tuairim agam dó, a Athair,” ar sise.



“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inghín
Thaidhg Mhóir uí Chealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná
fuil aoinne is fearr a dhéanfaidh an gnó 'ná mar a
dhéanfair-se é.”



“Agus cá bhfuil inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla le
fághail?” arsa'n cailín.



“Tá sí le fághail,” arsa'n t-Airchinneach, “i mbuidhean a
h-athar, sa mhór-shluagh atá ag teacht aniar ó Cheann Cora.
Cuirfead cárbat agus giolla leat. Thabharfainn an leitir
do'n ghiolla le breith siar ach deir an Bhanríghin gan an leitir
a thabhairt d'aoinne ach duit-se. Agus deir sí go gcaithfir
do cheann a choimeád folaighthe go maith, le h-eagla go
n-aithneófaí thu. Caithfidh Niamh an leitir a dh'fhághail a gan
fhios d' aoinne, agus caithfidh sí an leitir a dh'fhághail gan a
fhios a bheith aici cé uaidh go bhfaighidh sí í.”



“Tá go maith,” arsa'n cailín. “Dúbhairt Béibionn liom
go neósfá-sa dhom cad a bhéadh le déanamh agam.”


L. 268


“Nuair a bheidh an leitir tabhartha do Niamh agat féadfair
an cárbat agus an giolla do bhreith leat siar abhaile ag
triall ar do mháthair. Cuirfidh Béibionn fios ort airís i
ndiaigh an chatha. Ní fios cé bheidh beó an uair sin, ámhthach.”



Do gabhadh capal agus cárbat, agus do cuireadh an cailín
sa chárbat agus do cuireadh an tsrian i láimh an ghiolla.



“Dein an dithineas is mó a dh' fhéadfair,” arsa'n
t-Airchinneach leis an ngiolla, “ach gan súile na ndaoine
tharang ort ach chómh beag a's is féidir é.”



Do ghluais an cárbat. Níor fhéad an giolla oiread
dithinis a dhéanamh agus a measadh a dhéanfadh sé, mar bhí na
bóithre go léir lán de dhaoine. Ach thánadar fé dheire chun
buidhne Thaidhg Mhóir agus, mar a dúbhradh cheana, do tugadh
an leitir do Niamh agus chuir Niamh chun Murchadh í. Chómh
luath agus do léigh Murchadh an leitir d'imthigh sé chun na
h-áite 'n-a raibh Brian agus d' atharuigh sé na fir a bhí i
n-aice le pearsain an Árdrígh.



Nuala ab ainim do'n chailín a thug an leitir sin do Niamh.
Chómh luath agus bhí an leitir tabhartha uaithi aici d'imthigh sí
amach chun na h-áite 'n-ar fhág sí an giolla agus an cárbat.
Bhailighdar leó amach a' brúth na slógh, agus thugadar aghaidh
siar go Cúige Conacht, chun na h-áite 'n-a raibh máthair an
chailín 'n-a cómhnuighe.



Isé cúis go ndúbhradh le Nuala a ceann do choimeád
folaighthe 'ná so. Do thuig Béibionn go raibh Maolmórdha
tar éis breibe gheallamhaint d' fhear éigin ach dul i n-aice an
Árdrígh sa ghluaiseacht agus sleagh do shádh ann, nó é chur chun
báis ar chuma éigin mar sin. Bhí eagal uirthi, dá mb' ar an
gcuma san a bhéadh an sgéal, do mb' fhéidir go n-aithneóch
an fealltóir Nuala agus ansan go bhfaghadh Sitric amach an
sgéal go léir, agus go marbhóch' sé í féin. Níor fhág sí ar
a chumas Nuala do mharbhughadh, pé rud a thuitfeadh amach,
mar dúbhairt sí léi dul siar abhaile. Choimeád Nuala a


L. 269


ceann folaighthe agus níor aithin aoinne í. Níor aithin Niamh
féin í, bíodh go raibh aithne mhaith thiar sa bhaile aici uirthi féin
agus ar a mháthair.



Um thráthnóna an lae a dh'imthigh Nuala ó ríghtheighlach
Shitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona
aici, do thárla gur airigh duine eile de mhnáibh coímhdeachta
Bhéibionn caint idir an dá rígh, idir Shitric agus Maol-
mórdha.



“Ná bíodh ceist ort a rígh,” arsa Maolmórdha. “Déan-
faidh Mícheál Ruadh an bheart. Tá sé i ngnáth-theighlach an
Árdrígh anois le cheithre bliana, agus tá árd iontaoibh ag
Brian as. Tá iontaoibh acu go léir as. Is dóich le Murchadh
ná fuil fear eile sa ríghtheighlach chómh dílis leis. Gormfhlaith
a thug aithne dhom air. Is cuma leis cé 'cu curfar chun báis
é nó ná curfar nuair a bheidh an gníomh déanta, mar tá
geallta againn dó go mbeidh fearan saor go deó agá mhnaoi
agus agá shliocht má chuirean sé Brian as an slígh uainn.
Dá mbéadh Brian as an slígh bhéadh gach aon rud ar ár dtoil
againn.”



D'imthigh an bhean choímhdeachta agus d'inis sí do Bhéibionn
an chaint a dh'airigh sí. D'imthigh Béibionn agus chomáin sí ar
siúbhal giolla turais i lár na h-oídhche agus leitir eile aige
le tabhairt do Niamh. D' aimsigh sé capal maith. Bhí aithne
ar na bóithribh agus ar na cómhngair aige. Do shrois sé an
áit 'n-a raibh buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla. Thug sé an
leitir do Chaoilte, mar adúbhradh, agus thug Caoilte do
Niamh í, agus cuir Niamh ag triall ar Mhurchadh í. Do léigh
Murchadh í. D'fheuch sé 'n-a thímpal. D'fheuch sé ar an
ngárda a chuir sé, indé roimis sin, ó bheith i n-aice Bhriain.
Bhí aithne mhaith aige ar Mhícheál Ruadh. Ní raibh Mícheál Ruadh
le feisgint i n-aon bhall. Nuair a deineadh an t-atharughadh
indé roimis sin do thuig Mícheál i n' aigne go raibh sgéidhte
ag duine éigin air. D'euluigh sé sa n-oídhche as an áit.


L. 270


Chómh luath agus fuair Murchadh imthighthe é do sgaoil sé an
focal ameasg na bhfear, breith air agus é thabhairt thar n-ais.
Níor bh' fhada gur tugadh thar n-ais é. Bhí an iomad aithne
air. Do tugadh i láthair Mhurchadh é.



“Pé duine thabharfadh cúl le cath,” arsa Murchadh leis,
“níor mheasas gur tusa dhéanfadh é! Seasaimh ansan at'
inead, agus ná fág an áit airís.”



Cheap Mícheál nuair a tugadh thar n-ais é go gcrochfaí é.
Bhí fhios aige go raibh an chroch tuillte aige. Nuair nár
deineadh ach a rádh leis dul agus seasamh i n' inead féin bhí
iongnadh air. Níor thug sé fé ndeara an bhagairt a dhein
Murchadh ar na fearaibh eile.



Dá gcrochtí é b'fhéidir go raghadh an sgéal ó bhéal go béal
agus go sroisfeadh sé rígh Lochlanach Átha Cliath, agus nár
bh'fhearr-de Béibionn san. Dá bhféadadh sé imtheacht slán
go h-Áth Cliath nuair a dh'euluigh sé thiocfadh an díobháil
chéadna as, b'fhéidir.



Sheasaimh sé i n' inead féin ameasg na bhfear an lá san
— ach ní feacathas 'n-a dhiaigh san é beó 'ná marbh.



CAIBIDIOL VI.



ÉIGEAN AR RÍGHEACHT NA bhFLATHAS.



Nuair a bhíodh Caoilte i n-Albain ag breithniughadh an nirt
a bhí ag Lochlanaigh i n-Ínsibh Orc agus ins na h-oileánaibh
eile ann, is i dteighlach Dhómhnaill mhic Éimhin, i Mágh
Geirrghinn, a chaitheadh sé an chuid ba mhó de'n aimsir. Thugadh
sé, sa chaint a bhíodh eatartha, tuairisg cruinn do Dhómhnall


L. 271


ar an gcuma n-a raibh gach aon rud ag dul chun cinn i
n-Éirinn. Bhíodh Dómhnall coitchianta 'ghá cheistiú' i dtaobh
Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Dhál gCais go
léir.



Thugadh Caoilte cuid d'á aimsir, leis, i bhfochair Mhuireadh-
aigh, Mórmhaor Leamhna, agus chaitheadh sé na tuairisgí céadna
thabhairt dó san ar an gcuma 'n-ar sheasaimh cómhacht Bhriain,
agus ar gach dóchas a bhí go bhféadfadh sé seasamh i n-aghaidh
na mór-chómhacht a bhí ag cruinniú' as gach áird 'n-a choinnibh.



Bhí ana bháigh ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaedhlaibh.
Níor bh'iongnadh báigh a bheith ag Dómhnall le Brian, mar ó
Oilioll Olum do shiólraidh an bheirt. Ó Ghaedhlaibh a shiolraidh
Muireadhach leis. D'á éaghmuis sin, níor bh' aon iongnadh
dúil mhór a bheith ag an mbeirt go mbuadhfadh Brian sa
mhór-chath a bhí ag teacht, mar dá mb' ag na geintibh a bhéadh an
buadh do chuirfidís deire leis an gCreideamh a mhúin Colum
Cille do Ghaedhlaibh agus do Chruithneachaibh Alban, agus níor
mhiste deimhin a dhéanamh dé go ndéanfaidís Gaedhil Alban
do dhísgiughadh.



Bhíodh Caoilte 'ghá innsint do'n bheirt cad é an saghas fir
Brian, agus cad é an saghas fir Murchadh, agus cad é an
saghas fir Dúlainn, agus Maolruanaidh na Paidre, agus
Tadhg Mór ua Cealla.



“Agus,” arsa Dómhnall, “cad é an saghas an cailín seo,
inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go bhfuilimíd bodhar ag gach
aoinne ag moladh a h-áilneachta?”



Nuair a cuireadh an cheist sin chuige do las Caoilte go
bun na gcluas. Ansan do bhánuigh sé chómh bán le cailc.



D' fheuch Dómhnall air agus thuig sé an sgéal go léir
láithreach, dar leis féin.



“Is dócha,” ar seisean, “gur fíor an chaint a deirtear,
go bhfuil sí níos áilne 'ná Gormfhlaith féin.”



“Is fíor, a rígh,” arsa Caoilte. “Tá sí níos áilne ná


L. 272


mar a bhí Gormfhlaith riamh. Ní h-é an saghas céadna
áilneachta atá ionta. Tá sé chómh maith agam an sgéal go
léir a dh'innsint duit, a rígh,” ar seisean le Dómhnall.



Ansan tháinig sé i dtusach an sgéil agus d'inis sé do
Dhómhnall, ó thusach go deire, gach aon rud a bhí aige le
h-innsint i dtaobh Niamh; conus a bhain a h-áilneacht a
mheabhair shaoghalta dhé an chéad uair a chonaic sé í; conus
mar a bhí éad ar Chonn chuige mar gheall uirthi; conus mar
adúbhairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríghthibh
óga, go raibh socair aici 'n-a h-aigne gan pósadh i n-aon
chor, ach fanmhaint i bhfochair a h-athar an fhaid a mhairfeadh a
h-athair, agus ansan maireachtaint singil ar an saoghal so
go dtí go leanfadh sí é.



Fear breagh dathamhail uasal cumasach ab eadh Dómhnall.
D'éist sé le Caoilte an fhaid a bhí Caoilte ag caint. Thuig
sé i n' aigne nár bh'fholáir nó gur bh'uathbhásach an áilneacht
a bhí sa rígan óg san. Dúbhairt sé leis féin gur dócha gur
bh'é cúis go ndúbhairt sí go raibh a h-aigne socair ar gan
pósadh mar nár thaithn aoinne des na fearaibh óga san léi.
Go mb' fhéidir dá bhfeiceadh sí an fear a thaithnfeadh léi go
n-atharóchadh sí an socarughadh san. Níor leig sé air le
Caoilte go raibh aon mhachtnamh de'n tsórd san i n' aigne.
Bhí sé i mbéalaibh na ndaoine go léir go raibh Sitric chun a
mháthar féin, Gormfhlaith, a thabhairt le pósadh d' Iarla Ínsí
h-Orc. Bhí tuairim ag daoine go raibh sí geallta aige do
níba mhó 'ná an t-Iarla san. Gan amhras bhí Gormfhlaith ag
dul amach ins na bliantaibh. Ach má bhí féin na geallamhna
úd ann. Is dócha gur thuig Sitric go mb’fhéidir go socaróch'
an cath, nuair a thiocfadh sé, a lán de'n tsaghas san
geallamhna.



Thuig Dómhnall i n' aigne dá bhféadadh sé féin Niamh a
dh' fhághail go mbéadh bean aige a bhéadh níob' áilne, agus
níob' fhearr ar gach aon tsaghas cuma, 'ná an bhean so a bhí


L. 273


'á geallamhaint do gach aoinne ach teacht ag cabhrughadh le
Sitric.



Pé ar domhan é, bhí Dómhnall socair ar theacht go h-Éirinn
ag cabhrughadh le Brian i gcoinnibh na Lochlanach, ach nuair
airigh sé an moladh a dhein Caoilte ar inghín Thaidhg Mhóir uí
Chealla bhí sé socair níba dhaingine, naoi n-uaire níba
dhaingine, ar theacht, agus ar an uile fhear a dh' fhéadfadh sé,
do thabhairt leis. Do labhair sé leis an Mórmhaor eile,
Mórmhaor Leamhna a tugtar air sa tseanachus, agus chuir sé
suas é chun a nirt go léir do chruinniughadh ar an gcuma
gcéadna agus teacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian.



“Má buaidhtear ar Bhrian,” ar seisean, “sa chath so atá
ag teacht, tá sé chómh maith ag Gaedhlaibh imtheacht a' h-Albain.
Dísgeófar sinn go léir. Is fearra dhúinn tuitim i gcath ag
cabhrughadh le Brian 'ná na Lochlanaigh a theacht agus sinn a
mharbhughadh anso sa bhaile má buaidhtear ar Bhrian.”



Do chruinnigh an bheirt a neart go léir. Tháinig chúcha an
uile shaghas fir a dh' fhéadfadh aon nídh i bhfuirm airm do
láimhseáil. Níor fhan sa bhaile ach seandaoine agus mná
agus leanbhaí.



Is ró bheag d'á chuimhneamh a bhí ag Niamh gur bh' í fé ndeár
an méid sin de'n chongnamh a tháinig ag triall ar Bhrian a
bheith chómh láidir agus bhí sé. Díreach mar a bhí sí gan aon
phioc d'á chuimhneamh aici, nuair a bhí sí ag faire ar Ghormfhlaith
chun gan leigint di nimh a thabhairt do Bhrian, nách leis an
bhfaire do chosain sí Brian ach leis an gcosg a chuir a
cómhluadar fóghanta, agus a cuideachtanas fóghanta, agus a
h-anál fhóghanta, le droch íntinn Ghormfhlaith, a gan fhios di
féin agus a gan fhios do Ghormfhlaith.



An fhaid a bhí na slóighte ar an slígh bhí mórán tairbhthe ag
Niamh 'á dhéanamh, a gan fhios di féin, ar an gcuma san. Bhí
dúil ag na fearaibh go léir gach gnó dhéanamh ar ana gcuma
ba dhóich leó dob' fhearr a thaithnfeadh léi; agus i mbuidhnibh


L. 274


na mban ní raibh aon nídh ba mhó ag na mnáibh 'ná focal molta
dh'fhághail uaithi nuair a bhíodh sí ag gabháil eatartha ag feuchaint
ar an gcuma 'n-a mbíodh a ngnó acu 'á dhéanamh. Dheinidís
go léir a ngnó níob' fhearr go mór, ar gach aon tsaghas
cuma, 'ná mar a dhéanfaidís é dá mba ná béadh sí ann.



Ach dhein sí, leis, mórán tairbhthe agus ní h-a gan fhios di
a dhein sí é, ach le h-iomláine feasa agus machtnaimh.



Do h-innseadh cheana cad é an chúis gur tugadh “Maol-
ruanaidh na Paidre” ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Gur thuig
sé i n' aigne a bheith ceangailte ar an gCríostaidhe bheith
coitchianta ag guidhe chun an Athar Síoruidhe, agus ná fuil
aon chaint is oireamhnaighe chun labhartha leis an Athair
Síoruidhe, moladh a's glóire leis, 'ná an chaint a mhúin ár
Slánuightheóir dúinn.



Do labhair Niamh anois a's airís le cuid des na fearaibh.
Do thrácht sí leó ar an gcuma 'n-a rabhdar go léir lán
cheapaithe ar gan teacht thar n-ais ó'n gcath. Chuir sí i
gcuimhne dhóibh gur ar son an Chreidimh, chómh maith le h-ar
son na h-Éirean, a bhí an ceapadh san déanta acu go léir.
Bhí focal aici le rádh, ó am go h-am, ar rígh Ua bhFiachrach
Áidhne agus ar an gcuma 'n-a mbíodh an Phaidir ar siúbhal
aige i gcómhnuighe. Chuir sí 'n-a luighe ortha go raibh gach
duine acu chómh ceapaithe ar bhás a dh'fhághail sa chath a bhí
rómpa agus bhí Maolruanaidh. D'á bhrígh sin, go raibh gach
duine acu chómh mór i ngádh leis an bPaidir agus bhí
Maolruanaidh.



“Is dócha,” ar sise, “go bhfuil oiread gádh agam féin leis
agus atá ag aoinne,” agus thusnuigh sí ar an bPaidir dó
rádh coitchianta.



“Má tá gádh ag Niamh leis an bPaidir,” arsa duine des
na fearaibh, “is deacair a rádh ná go bhfuil gádh agam-sa
leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do rádh coitchianta.
Níor bh'fhada go raibh an Phaidir ar siúbhal ag gach duine d'á
raibh ar an mór-shluagh.


L. 275


Bhí a lán sagart ar an mhór-shluagh. Ní raibh gnáth-theighlach
rígh ann gan sagart fé leith, nó b' fhéidir beirt shagart dá
mbéadh a lán daoine sa ghnáth-theighlach. Do chabhruigh na
sagairt go mór leis an bPaidir do chur ar siúbhal ameasg
na bhfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a bhí ag
leanmhaint na slógh. Ní baoghal ná go ndúbhradh an Phaidir
sin ó chroídhe, go dúrthachtach. Thuig gach aoinne dá mba ná
béadh lámh Dé go láidir le Gaedhlaibh Éirean sa chath a bhí ag
teacht ná béadh an buadh acu. D'á mhéid a tuigeadh an nídh
sin iseadh is dúrthachtaíghe a dúbhradh an Phaidir agus iseadh
is aoirde do glaodhadh ar Dhia, le gach saghas úrnuighthe, 'ghá
iaraidh air cabhrughadh le Gaedhlaibh agus leis an gCreideamh.
Do glaodhadh ar an Slánuightheóir ó b'é do mhúin an Phaidir
dos na Críostaidhthibh. Do glaodhadh ar an Maighdin Muire,
ó b' í Máthair an tSlánuightheóra í. Do glaodhadh ar Mhicheál
Naomhtha an t-Árdaingeal, ar Naomh Eoin Baiste, ar
Pheadair agus ar Phól, ar Phádraig agus ar Bhríghid agus ar
Cholum Cille, agus ar na naoimh go léir, 'ghá iaraidh ortha a
nguidhe chur suas chun an tSlánuightheóra agus chun an Athar
Síoruidhe ar son na nGaedhal agus ar son an Chreidimh, ionus
go dtabharfadh Dia an buadh do Ghaedhlaibh sa mhór-chath a bhí
rómpa.



Do thuig Brian cad a bhí ar siúbhal agus do ghaibh sé a
bhuidhchas go dúrthachtach le Dia, agus do neartuigh a ghuidhe
féin chun Dé ar son na slógh a bhí 'ghá leanmhaint chun an chatha
mhóir, slóighte ná fillfeadh aon duine acu ó'n gcath san dá
mbéadh buadh ag an namhaid, slóighte ná fillfeadh duine as
an gcéad acu pé taobh ar a mbéadh buadh.



Ní sa mhór-shluagh amháin a bhí éigean d'á dhéanamh ar
Rígheacht na bhFlathas ar an gcuma san le guidhe daoine.
Ins na mainistiribh agus ins na h-eagailsibh, ar fuid na
h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta, do ló
agus d'oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla gan suan, ag


L. 276


briseadh a gcroídhe ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré impídhe
na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an
chatha a bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.



Ar an gcuma gcéadna, ins gach aon pháirt d' Éirinn, go
mór mór i ngach lín-tíghe go raibh duine de mhór-shluagh
Bhriain tagaithe as, bhí an t-éigean céadna 'á dhéanamh ar
Rígheacht na bhFlathas, an t-athair agus an mháthair agus an
chuid eile de'n chlainn 'ghá iaraidh ar Dhia an t-é a bhí amuich
uatha do thabhairt saor ó'n gcath agus é thabhairt chúcha thar
n-ais slán. Bhí na paidreacha agus na h-úrnuighthe ba ghnáth
ar siúbhal ins gach tigh, agus i n-éaghmuis na n-úrnuighthe ba
ghnáth bhíodh na h-úrnuighthe móra ar siúbhal, Mairineamh
Phádraig, agus Amhra Colum Cille, agus Lúireach Phádraig,
agus mórán úrnuighthe de'n tsórd san i n-onóir do naoimh
fé leith, 'ghá iaraidh ortha a nguidhe chur chun Dé ar son duine
éigin fé leith a bhí sa mhór-shluagh agus an duine thabhairt saor.



Bhí gach fear des na fearaibh a bhí sa mhór-shluagh ceapaithe
ar gan filleadh o'n gcath, ach bhí a mhalairt sin d'aigne ag an
muintir a bhí sa bhaile n-a ndiaigh. Bhí an mhuintir a bhí sa
bhaile ag déanamh a gcroídhe dícheal 'ghá iaraidh ar Dhia iad
do thabhairt abhaile slán.



Ba bheag aon treabhchas fé leith gan naomh de naoimh
Éirean fé leith acu. Bhí Seanán ag muintir gnáth-theighlaigh
Bhriain. Bhí Breandán ag muintir Chiarraighe. Bhí Íta ag
muintir Uíbh Chonaill Ghabhra. Bhí Déaglán ag muintir na
nDéise. Bhí Barra ag muintir Chorcaighe. Mar sin dóibh.
Agus bhí na h-úrnuighthe ag dul suas coitchianta chun gach
naoimh acu san, ó'n muíntir a bhí fé n-a chomairce, a
d'iaraidh a n-ímpidhe chun Dé, an uair sin thar gach uair d'ár
tháinig riamh roimis sin.



Idir mhór-shluagh ag gluaiseacht chun an chatha agus gaolta
'n-a ndiaigh sa bhaile, ní raibh ach aon-ghuth úrnuighthe ag dul
suas chun Dé ó Ghaedhlaibh Éirean go léir.


L. 277


CAIBIDIOL VII.



CONNLA.



Bhí mac ag Murchadh agus Toirdhealbhach ab ainim dó. Ní
raibh sé ach trí bliana dh' aois nó mar sin nuair a tháinig
Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh go h-Inis Cathaigh chun
na sgoluigheachta dh' fhághail. Tímpal na h-aimsire céadna
san do rugadh an leanbh siar go ríghtheighlach Mhaoilruanaidh na
Paidre, toisg an gaol a bheith ann. Ní fada a bhí sé thiar sa
ríghtheighlach san nuair a tháinig Niamh ann ar chuaird, ó
ríghtheighlach a h-athar i n-Uíbh Máine. Do chuir an leanbh aithne
ar Niamh. Má chuir do cheangail sé suas di. Nuair a bhí sí
ag dul abhaile bhí an leanbh ag briseadh a chroídhe ag gol.
B'éigean dóibh leigint dó imtheacht i n-aonfheacht léi go h-Uíbh
Máine. As san amach is mó d'á aimsir a chaith sé i n-Uíbh
Máine 'ná i n-aon áit eile. Bhíodh sé ann nuair a thagadh
Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh ar a gcuardaibh ó Inis
Cathaigh ainíos ann. Tháinig árd chion aige ar Amhlaoibh an
chéad uair a chonaic sé é. Bhí cion aige ar Thadhg Óg, agus
bhí cion aige ar Thadhg Mhór, agus ar gach aoinne sa teighlach.
Ach do fuair Amhlaoibh inead 'n-a chroídhe ná fuair aon duine
eile an uair sin, lasmuich de Niamh féin.



Chonaic Niamh an nídh sin. Chonaic gach aoinne é, ach níor
chuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raibh ann, dar leó,
ach mian leinbh. Chonaic Tadhg Óg é, agus bhí áthas air, mar,
dar leis, tháinig mian an leinbh agus an caradas a bhí idir é
féin agus an Lochlanach óg isteach le n-a chéile. Chuir Niamh
suim ana mhór i mian an leinbh an uair sin, ach níor leig sí
uirthi gur chuir. Do chuir sí an suim ann mar, dar léi, do
thaisbeáin an cion san a tháinig ag an leanbh san ar Amhlaoibh
an uair sin, nách gan adhbhar a tháinig an nídh eile úd 'n-a


L. 278


h-aigne agus 'n-a croídhe féin an uair chéadna i dtaobh an
Amhlaoibh chéadna.



Bhí san mar sin. Bhíodh Niamh agus an leanbh i bhfochair a
chéile coitchianta. Ní raibh aon teóra leis an leanbh san chun
ceistiúcháin, agus Niamh a caitheadh na ceisteana go léir a
fhreagairt dó. Bhíodh ceisteana aige le cur chúichi i dtaobh
an uile shaghas nídh; an spéir; an talamh; na cnuic; na
h-aibhní; an ghrian; an ghealach; an duine; an bás; an
saoghal eile; gach aon rud ar a bhféadadh sé cuimhneamh. Bhí
an chiall agus an breitheamhantas go h-áluinn aici-sin agus,
gan a leigint uirthi go raibh sí 'ghá dhéanamh, chuir sí isteach i
n-aigne an leinbh sin eólus ar an gCreideamh chómh cruinn
agus chómh h-iomlán agus chómh fórlíonta agus a dh'fhéadfadh
Colla féin a dhéanamh. Ní déarfainn ná gur dhein sí an gnó
níb' fhearr 'ná mar fhéadfadh Colla é dhéanamh. Mar gheall
ar an gcion a bhí ag an leanbh uirthi, agus aici air, do tugadh
an t-eólus agus do ghlacadh an t-eólus ar chuma nár
bh' fhéidir é thabhairt ná é ghlacadh dá mb' é Colla, nó duine
mar é, a bhéadh i n-inead Niamh.



Nuair a bhíodh na ceisteana a bhaineadh leis an neithibh a
thagadh fé n-a shúilibh réidhtighthe dó d'iompuigheadh an leanbh
ar na ceisteanaibh a thagadh os cómhair a aigne, agus ansan
ar na ceisteanaibh a bhain le h-Éirinn agus le ríghthibh
Éirean, agus le naoimh na h-Éirean, le teacht an Chreidimh go
h-Éirinn agus le dílse na nGaedhal do'n Chreideamh.
Ansan, do cheistigheadh sé í ar theacht na Lochlanach agus ar
an léirsgrios teine agus fola a dheinidís i gcómhnuighe nuair
a thagaidís, agus d'innseadh sí dhó gach aon rud fé mar a
bhíodh le h-innsint. Ní baoghal ná gur mhínigh sí dhó go
soiléir na gníomhartha móra a dhein a shean-athair ar na
Lochlanaigh i gcaitheamh a shaoghail, agus na gníomhartha a dhein
a athair féin, Murchadh, ortha, agus dritháracha a athar.



Leanbh mór ab eadh é d'á aois. Nuair a bhí sé chúig bliana


L. 279


dh' aois bhí sé chómh mór le leanbh a bhéadh seacht nó h-ocht de
bhlianaibh. Bhí an dúchas garbh ann agus thug sé leis an
dúchas. Níor bh'fhada go raibh sé ag breith suas ar bheith chómh
h-árd, geall leis, le Niamh féin. Chíodh na daoine i
n-aonfheacht iad ag gluaiseacht ar fuid na mbánta agus an
ceistiúchán ar siúbhal.



Nuair a chíodh na daoine mar sin iad do chuimhnighdís ar
“Eachtra Thaidhg mhic Céin,” agus ar “Chonnla Ruadh,” mac
Cuinn Chéadchathaigh, agus ar an mnaoi do rug léi Connla.
Bhí 'fhios ag gach aoinne gur bh' óigbhean ana naomhtha, ana
dhiadha, Niamh, agus bhí 'fhios acu go raibh Toirdhealbhach óg lán
de naomhthacht agus de Chreideamh agus de gach aon tsaghas
eile deagh-thréithe aige, mar gheall ar an oileamhaint aigne
a bhí aige d'á fhághail ó Niamh.



Níor bh'fhada gur thug na daoine “Connla” mar ainim
cheana air. Níor thugadar “Connla Ruadh” air, mar ní
ruadh a bhí sé ach donn. Nuair a bhí “Connla” ag gach aoinne
air is “Connla” a bhíodh ag Niamh air.



Nuair a tháinig an sgéal áthais go h-Uíbh Máine go raibh
Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas ana mhór ar Chonnla.
Bhí oiread áthais air agus bhí ar Niamh.



“A Niamh,” ar seisean léi, “an bhfuil 'fhios agat cad a
dhéanfainn-se dá mbéinn am' Árdrígh?”



“Ní fheadar, a Chonnla,” ar sise. “Is dócha gur rud
éigin fóghanta a dhéanfá.”



“Chuirfinn fheuchaint ar na Lochlanaigh go léir,” ar seisean,
“an Creideamh do ghlacadh.”



“Ach, a Chonnla,” ar sise, “ní bhéadh aon tairbhthe sa
ghníomh san.”



“Cad 'n-a thaobh, a Niamh?” ar seisean.



“Ní féidir Creideamh a ghlacadh,” ar sise, “ach le saor
thoil. Ní Creideamh i n-aon chor é mura nglactar é le saor
thoil.”


L. 280


“Tuigim,” ar seisean. “D'fhéadfadh duine a rádh
‘Creidim,’ 'n-a chaint, agus gur, ‘Ní chreidim’, a bhéadh istigh
'n-a chroídhe.”



“Go díreach,” arsa Niamh.



“Má 'seadh,” arsa Connla, “chuirfinn an Creideamh d'á
mhúineadh dhóibh, agus ansan, nuair a bhéadh an t-eólus acu
do ghlacfaidís an Creideamh le saor thoil.”



“Ní dhéanfadh an t-eólus féin an gnó a Chonnla,” arsa
Niamh, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”



“Cad é an rud eile bhéadh uatha, a Niamh?” arsa Connla.
“Ar nóin nuair a bhéadh eóluis ar an bhfírinne ag duine ní
fhéadfadh sé gan an fhírinne chreideamhaint.”



“D'fhéadfadh duine cur i gcoinnibh an Chreidimh, a
Chonnla,” arsa Niamh, “pé eólus a múinfí dhó ar na fírinníbh,
mura bhfaghadh sé congnamh agus solus ó ghrásta Dé.”



“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ghrásta
do'n t-é a dheinean a dhícheal ó n-a thaobh féin.”



“Tugan,” arsa Niamh, “agus tugan sé a ghrásta do'n
duine sin chun an díchil sin a dhéanamh.”



“Moladh go deó le Dia!” arsa Connla.



Tháinig an tuarisg go raibh Amhlaoibh chun bheith n-a
shagart. Ansan iseadh bhí an obair ag Niamh chun gan a leigint
uirthi le Connla go raibh an dá mhachtnamh úd os cómhair a
h-aigne agus é ag teip uirthi iad do thabhairt d'á chéile. Dhein
sí an bheart, ámhthach, maith go leór. Bhí Connla ró óg. Ach
d'á óige a bhí sé do chuaidh 'n-a luighe ar a aigne nár thaithn
an sgéal ró mhaith le Niamh. Níor fhéad sé dul a thuille.



Nuair a tháinig an sgéal uathbhásach ná raibh aon tuairisg
ar Amhlaoibh bhí iongnadh agus alltacht i gceart ar Chonnla.
Chonaic sé an bhuairt go léir ar Thadhg Óg ua Chealla. Bhí
uaigneas agus buairt a dhóthin air féin. Chonaic sé go raibh
buairt ar Niamh, ach níor mheas sé gur bh'í an bhuairt cheart í.
Do lean sé ar feadh tamail ag cur ceisteana chúichi 'n-a


L. 281


thaobh, 'ghá fhiafraighe a' raibh aon tuairisg air; cad ba dhóich
léi a bhí imthighthe air; a' raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar
n-ais; cé r' bh' iad a mhuintir; agus a lán ceisteana de'n
tsórd san. Ní raibh aon eólus aici le tabhairt dó go dtí
go bhfuair Caoilte gach aon rud amach i dtaobh Amhlaoibh.
Ansan féin do coimeádadh an sgéal ó Chonnla go dtí go
raibh an Árdrígan, Gormfhlaith, imthighthe agus na slóighte ar
na bóithribh ag dul go h-áit an choinne chun an chatha mhór do
throid i gcoinnibh na Lochlanach.



Nuair a bhí an t-ollamhughadh chun gluaiste d'á dhéanamh i
ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora do measadh Connla
dh'fhágáilt thíos i n-Inis Cathaigh fé láimh Cholla. Ní fhanfadh
sé ann.



“Táim chúig bhliana déag,” ar seisean. “Ní raibh m' athair
ach chúig bhliana déag nuair a mhairbh sé Maolmuaidh i
mBealach Leachta. Ní raibh mo shean-athair ach chúig bhliana
déag nuair a thóg sé claidheamh i gcoinnibh na Lochlanach. Tá
sé chómh ceart agam-sa claidheamh a thógaint agus mé i n-aois
mo chúig mblian ndéag agus bhí sé agam' athair agus agam'
shean-athair.”



B'éigean a shlígh féin a thabhairt dó, agus do tugadh. Bhí
áthas ar Bhrian agus ar Mhurchadh nuair a fuaradar é chómh
ceapaithe ar dhul sa chath. Bhí rud eile, leis, sa sgéal.
Bíodh ná raibh Connla ach na chúig bliana déag, ba bheag ná
go raibh sé chómh h-árd le n' athair agus bhí an ghairbheacht
agus an neart ins na géagaibh aige mar a bhí agá athair. An
Lochlanach a thiocfadh 'n-a choinnibh sa chath níor bh' fholáir dó
bheith láidir go maith nó bhéadh Connla maith a dhóthin dó.



Nuair a bhí an méid sin socair agus an mhór-shluagh ar an
slígh, do labhair Connla le Niamh.



“A Niamh,” ar seisean, “tá ceist agam le cur chúghat,
agus caithfidh tu labhairt agus an cheist do fhreagairt dom.”



“Deanfad gan amhras, a Chonnla,” ar sise, “má
fhéadaim é.”


L. 282


“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé
agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Tadhg Óg. Ar feadh
tamail tar éis Amhlaoibh a dh'imtheacht bhí ana bhuairt ar
Thadhg, díreach mar a bhí orm féin, agus mar is dóich liom a
bhí ort-sa. Le déanaighe, má thráchtan aoinne ar Amhlaoibh i
láthair Thaidhg dubhan gnúis Thaidhg. Tá fuath fíochmhar aige
d' Amhlaoibh. Siní mo cheist, a Niamh. Cá bhfuil Amhlaoibh?
An bhfuil sé beó? Pé 'cu beó nó marbh dó, inis dom cad
a dhein sé ar Thadhg?”



B'éigean di teacht i dtusach an sgéil agus é go léir a
dh'innsint dó, ó thusach go deire.



D'éist Connla le Niamh an fhaid a bhí ag innsint an
sgéil agus é 'n-a shuidhe le n-a h-ais sa chárbat, agus iad
féin agus an tsluagh ag gluaiseacht go réidh. D'inis sí dhó
i dtaobh na cailíse; i dtaobh na h-eochrach; i dtaobh an
phúicín a cuireadh ar Chaoilte thall i gCathair na Beirbe; i
dtaobh na leitire a tugadh dó nuair a bhí sé ar an loing ag
teacht anall go Corcaigh; agus i dtaobh conus mar a
dheineadar amach gur bh' aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh
agus gur chun caoi a dh' fhághail ar an gcailís a ghuid do leig
sé air an Creideamh a ghlacadh agus na mion-Úird do ghlacadh.
D'éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do labhairt.
Bhí iongnadh ar Niamh a rádh go raibh sé chómh ciúin. Bhí a
chúis féin aige leis.



Nuair a chonaic sé Amhlaoibh ag teacht ar dtúis go Ceann
Cora agus go h-Uíbh Máine agus nuair a bhíodh an rince ar
siúbhal, ba chuimhin leis gur airigh sé an focal: “Nách áluinn
an lánmha a dhéanfaidís!” Níor thaithn an focal an uair
sin leis, d'á óige a bhí sé. Ba leis féin Niamh, dar leis,
agus níor theastuigh uaidh aon éileamh a bheith ag Amhlaoibh ná
ag aoinne eile uirthi. Bhí cion an uair sin aige ar Amhlaoibh,
mar a bhí ag gach aoinne, ach má bhí féin níor thaithn an focal
úd leis.


L. 283


An fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil do bhí sé ag
cuimhneamh ar an bhfocal úd agus bhí uabhar agus bochtaineacht
agus fearg agus diombágh agus buile seirbhthin 'n-a chroídhe,
a rádh gur labhradh an chaint sin riamh agus gur cuireadh i
n-aice 'chéile sa chaint Niamh agus a leithéid de ropaire fill
agus éithigh agus díthchreidimh.



Nuair a bhí cúrsaí na cailíse innste aici dhó d'inis sí dhó
gnóthaí Ghormfhlaith agus conus mar a bhí sí féin i gCeann
Cora chómh fada agus í ag faire le h-eagla go dtabharfadh
Gormfhlaith nimh do'n Árdrígh.



Níor bhain sí aon fhocal cainte as go dtí gur inis sí obair
Lonáin dó. Ansan do gháir sé a dhóthin, agus nuair a bhí an
sgéal go léir innste dhó do sgeartadh sé ar gháirí, as a
mhachtnamh, nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcleas a dhéin
Lonán.



Ach do lasadh an fhearg airís, ar buile, gach aon uair a
chuimhnigheadh sé ar an bhfocal úd, “Nách áluinn an lánmha a
dhéanfaidís!” Agus a fhios aige ná raibh ag Amhlaoibh 'á
dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach feall!



Bhí an doimhneas ann, ó n-a shean-athair, agus níor thug
Niamh fé ndeara i n-aon chor go raibh a leithéid d'fhearg
air. Ach bhí.



CAIBIDIOL VIII.



GEALLTA DO BHEIRT.



An uair úd do rith an cailín isteach mar a raibh Sitric
agus Maolmórdha agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag caint,
agus adúbhairt sí go raibh an cuan lán de loingeas, do rith,
mar a dúbhradh, an ceathrar amach go bhfeicfidís na loingeas.


L. 284


Chonacadar iad ach ní raibh oiread acu ann agus mheasadar
ba cheart a bheith ann. Ní raibh ann ach loingeas Shíguird ó
Ínsibh Orc. D'aithin Sitric iad.



“Is ceart dúinn dul amach chun cainte leis an Iarla,”
arsa Gormfhlaith.



“Is fíor san, a mháthair”, arsa Sitric, “ach ní mór dhom
nídh áirighthe a dh' innsint duit-se ar dtúis.”



“Cad é an nídh é?” ar sise.



“Nídh a bhainfidh gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.



“Sgaoil chúghainn e!” ar sise. “Má bhainean sé gáire
asainn ní miste dhuit é sgaoileadh chúghainn. Cad é an greim
atá agat air?”



“Gheallas nídh do'n Iarla so. Ní thiocfadh sé liom go
dtí gur thugas an gheallamhaint dó.” Do stad sé airís.
(Bhí Maolmórdha láithreach).



“Ochón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a
gheallais dó?”



D'iompuigh sé uirthi agus d' fheuch sé uirthi.



“Gheallas tusa dhó!” ar seisean.



“Is maith a dheinis é, “ ar sise, “rud a gheallamhaint dó
ná raibh ar do chumas a thabhairt dó. Ní dóich liom, ámhthach,
gur maith a dhein seisean é agus an gheallamhaint sin do
ghlacadh uait.”



“Do ghlac sé an gheallamhaint agus do tháinig sé. Mura
mbéadh gur thugas an gheallamhaint dó ní thiocfadh sé. Dar
leis, agus dar leó go léir, ní'l bean eile sa domhan chómh
breagh leat-sa.”



“Agus conus a bheidh an sgéal agat ar ball má
dhiúltuighim-se do'n gheallamhaint do chómhlíonadh?”



“Bhí san sa mhargadh. Gheallas go bhfaghadh sé thu le
m' lán toil-se. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh sé thu
dh'fhághail i gcoinnibh do thoile féin. Mar a deirir, is ceart
dul amach agus labhairt leis, agus fáilte chur roimis agus


L. 285


roime n-a mhuintir, roimis na daoine a tháinig i n-aonfheacht
leis. Ná leig ort leis, a mháthair, go bhfuil fhios agat gur
gheallas dó go bhfaghadh sé thu, ach bí chómh séimh chómh cneasda
leis agus a dh' fhéadfair a bheith. Fear láidir tréan cuthaigh
iseadh é, agus má gheibhean sé thusa séimh gealgháiriteach leis
is troime-de a bheidh a bhuille ar fhearaibh Éirean nuair a
thiocfaidh an cath.”



“Tá go maith, a mhic ó,” ar sise. “Teánam agus
feicimís é, agus feiceadh sé sinn.”



Do ghluais an ceathrar síos chun an chalaith. Ag gabháil
síos an uair sin dóibh iseadh chonacadar an cailín agus an
bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor
chuireadar aon tsuim inti. Chuirfidís suim inti dá mbéadh
fhios acu go raibh an dá leitir úd istigh 'n-a brollach aici.
Ní raibh aon phioc d'á fhios acu, agus chomáineadar leó gan
aon tsuim a chur inti.



Chuadar isteach sa bhád, bád an rígh. Bhí fir an rígh ann i
gcómhnuíghe agus iad ollamh ar an mbád do ghleusadh, fé
sheóltaibh dá mbéadh gaoth ann, nó fé bhataíbh ramha dá mba
ná béadh gaoth ann. Bád breagh mór órnáideach ab eadh é,
agus bhí gach aon chóir d'á uaisleacht agus d'á dhaoire ar
bórd air, mar ba cheart a bheith ar bádh an rígh. Pé áit 'na
bhfeictí ar an gcuan é do h-aithnightí é mar gheall ar ghlaine
agus ar uaisleacht a dhathana.



Bhí gaoth ann an lá san agus do cuireadh suas na seólta.
Do ghluais an bád an cuan amach, i dtreó na h-áite 'n-a
raibh na loingeas iasachta. D'aithin Sitric long an Iarla.
Do tugadh aghaidh ar an loing sin. Do tagadh 'n-a h-aice.
Chómh luath agus bhíodar i n-aice na loinge d'aithin an t-Iarla
Sitric. Do cuireadh an dréimire síos láithreach idir an long
agus an bád agus chuaidh an ceathrar ar bórd na loinge.
Chuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an rígh, rígh Lochlanach
Átha Cliath agus roim Ghormfhlaith. Ní raibh aithne roimis sin


L. 286


aige ar Mhaolmórdha ach do cuireadh aithne acu ar a chéile.
Bhí sean aithne aige ar Amhlaoibh. Théidheadh Amhlaoibh óthuaidh
go minic go h-Ínsibh Orc ag breith teachtaireachtaí ag triall
ar an Iarla ó Shitric, agus ag tabhairt eóluis dó ar an
gcuma 'n-a mbíodh gach nídh ag dul chun cinn i n-Éirinn.
Bhí Amhlaoibh tar éis a dh'innsint do'n Iarla, ar na cuardaibh
sin, conus mar a bhí Brian ana aosta agus conus mar a bhí
gnó ar siúbhal a chuirfeadh Brian as an slígh, díreach um an
dtaca 'n-a mbéadh cómhacht Lochlan ollamh ar theacht go
h-Éirinn chun an ghnímh a dhéanamh. Ní baoghal, ámhthach, gur
thug Amhlaoibh aon eólus do'n Iarla ar cia a bhí chun an ghnótha
dhéanamh do Bhrian nuair a thiocfadh an t-am. D'á bhrígh sin
ba bheag ná gur bh' í céad cheist a chuir an t-Iarla chúcha 'ná
conus a bhí Brian.



“Tá sé chómh maith, a rígh,” arsa Maolmórdha, “agus is
féidir d'fhear a bheith sa n-aois atá aige, ach ní fheadramair
cad é an neómat a gheóbhmís tásg a bháis.”



“An amhlaidh atá aon bhreóiteacht air, a rígh?” arsa'n
t-Iarla.



“Ní h-amhlaidh, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Is amhlaidh
atá duine curtha agam-sa ag tabhairt aireachais dó, duine
d'á mhuintir féin, duine de'n bhuidhin a bhíon 'n-a seasamh i
n' aice coitchianta, duine d'á bhuidhin chosanta. Curfar
sleagh 'n-a chroídhe nuair is lúgha a bheidh coinne aige leis.
Ansan ní bheidh 'n-a mhór-shluagh ach mór-shluagh gan cheann.
Thuitfidh a chómhacht as a chéile. Beidh Éire againn féin, agus
beidh Sitric i n' Árdrígh ar Éirinn.”



D'fheuch an t-Iarla ar Shitric, chómh maith le n-a rádh, “An
é sin a gheallais-se dhómh-sa?” Do labhair sé:—



“Do réir mar a thuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá
n-imthigheadh aon nídh ar Bhrian anois bhéadh Éire ag an
Árdrígain, agus ag an bhfear a phósfadh í.”



Do phreab aigne Ghormfhlaith nuair airigh sí an focal san.


L. 287


“Ó,” ar sise, 'n-a h-aigne, “Ní mise a bhéadh uait ach an
Árdrígheacht! “Mo ghrádh thu agus rud agat.”



Ní raibh focal a' h-aoinne ar feadh tamail. Do labhair
Amhlaoibh agus é ag gáirí.



“Gan dabht!” ar seisean. “Dá n-imthigheadh aon rud ar
Árdrígh Éirean is ag an Árdrígain a bhéadh an Árdrígheacht,
agus ag an t-é go dtabharfadh sí dhó an Árdrígheacht.
Marbhuighmís Brian ar dtúis agus ansan beidh fhios againn
cad a dhéanfaidh an Árdrígan.”



“Is fíor,” arsa'n t-Iarla. “Marbhuighmís Brian ar
dtúis. Ní'l brígh ná éifeacht le caint go dtí go mbeidh san
déanta ar dtúis. An fear san a chuiris-se ag tabhairt aire
do Bhrian,” ar seisean le Maolmórdha, “má dheinean sé a
ghnó go maith, agus go luath, beidh caoi ag an Árdrígan ar a
taobh féin de'n ghnó dhéanamh. Ansan iseadh bheidh éifeacht le
caint. Go dtí san ná deintear a thuille cainte.”



“Dar so 's súd!” arsa Gormfhlaith 'n-a h-aigne féin,
“ach má bhíon Árdrígheacht agam-sa le tabhairt d' aoinne ní
baoghal gur duit-se thabharfad í, a bheithigh allta! Ó! is mór
idir thu agus Brian, d'á olcas é! Agus is mór idir thu
agus Bruadar!”



“Bara na teangan go mbaintear amach as do bhéal, a
bhrealláin!” arsa Sitric, i n' aigne féin, le Maolmórdha.



“Ba mhaith linn na fir a thugais leat a dh'fheisgint, a rígh,”
arsa Amhlaoibh leis an Iarla.



Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus
thaisbeáin sé a shluagh dhóibh. Ní ró shuaimhneasach an aigne a
bhí ag aoinne de'n cheathrar tar éis an méid úd cainte, agus
ní suaimhneas ar fad a chuir an radharc a taisbeánadh dóibh
ortha. Chonacadar fir mhóra láidire agus airm mhaithe ghéara
'n-a lámhaibh acu, agus a dheabhramh ortha go rabhdar ábalta
ar úsáid a dhéanamh go neamh-eaglach agus go cródha des na
h-airm. Chuir san sásamh aigne ar an gceathrar. Ach do


L. 288


chonacadar, i n-eághmuis na bhfear, sloigisg ban agus leanbh
agus gan ionta, nách mór, ach daoine fiaine. Is ceart a
dh' admháil go dtáinig uabhar agus bochtaineacht ar an uile
dhuine de'n cheathrar nuair a thuigeadar n-a n-aigne cad é an
cor a bhéadh ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh Éirean nuair a
leigfí an tsloigisg sin isteach ortha agus an buadh acu. Ach
má bhí uabhar agus bochtaineacht ortha do bhrughdar fútha é.
Choimeádadar istigh é. Níor dheineadar oiread agus a
dh'admháil d'á chéile 'n-a gcaint gur mhothuighdar istigh é.
Sin mar a bhíon i gcómhnuighe ag an t-é a dheinean an droch
ghníomh. Chun sásamh aigne thabhairt dó féin iseadh dhéinean
sé an droch ghníomh, agus ar ball isé rud a thagan as dó
'ná mí-shásamh aigne, agus seirbhthean aigne, agus buaireamh
aigne, agus cancar agus tré chéile aigne. Ansan bíon an
tré chéile aigne laistigh aige agus an gealgháire lasmuich
aige, agus is mór an truagh é.



Tháinig an ceathrar abhaile go ríghtheighlach Shitric agus
dheineadar an ceann ab fhearr de'n ghnó, chómh maith agus
d'fhéadadar é, 'n-a gcaint. Mholadar an t-Iarla mar gheall
ar a mhéid agus ar a neart. Dar leó, ní raibh aon fhear ar
theighlach Bhriain a dh' fhéadfadh seasamh 'n-a láthair agus é
throid. Mholadar na fir a bhí aige, agus na h-airim a bhí
acu. Ní dúbhradar puínn i dtaobh na mban agus na leanbh.
Níor mhaith le Gormfhlaith cuimhneamh ortha i n-aon chor, bhíodar
chómh grána chómh salach chómh fiain.



D'imthigh Maolmórdha. Bhí a shlóighte féin ag teacht isteach
ó árdaibh Cúige Laighean. Níor mhór dó dul agus feuchaint
chúcha.



Nuair a bhí sé imthighthe do labhair Sitric.



“Greadadh chuige,” ar seisean, “ba dhóbair dó an donus
a dhéanamh orainn! Mura mbéadh Amhlaoibh bhí an donus
déanta aige. Nách uathbhásach an sgéal ná féadfadh sé a
bhéal a dh' osgailt gan toirmeasg éigin a dhéanamh! Mura


L. 289


mbéadh a thapamhlacht a labhair Amhlaoibh do dhéanfadh sé an
donas.”



“Tá 'fhios ag an dtalamh,” arsa Amhlaoibh, “gur mheasas
go mbéadh an sgéal go léir sgaoilte amach aige sar a
mbéadh uain agam ar labhairt!”



“Ní fheicim cad é an díobháil a bhéadh déanta dá dtigeadh
leis an sgéal go léir do sgaoileadh amach,” arsa Gormfhlaith.



“Ní bheidhfeá mar sin, a mháthair,” arsa Sitric, “dá mbéadh
fios an sgéil go léir agat. Dá mbéadh an chuid eile de'n
sgéal agat chífeá go h-áluinn cad é an díobháil a dhéanfadh
sé agus cad é an díobháil ba dhóbair dó a dhéanamh.”



“Aililiú!” ar sise. “Inis-se dhom an chuid eile de'n
sgéal, a Amhlaoibh, nuair ná neósfadh sé seo dhom é.”



“Ní'l puínn deifrigheachta,” arsa Amhlaoibh, “idir an
dtaobh atá agat agus an taobh eile. Gheall Sitric go
dtabharfadh sé thusa do'n Iarla. Ansan, nuair a bhí sé ag
caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh sé thusa dhó!
Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid siad
araon amach é beidh spórt againn!”



Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh
an t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir
sí airís.



“Ó!” ar sise fé dheire, “feuch air sin! An 'mó duine
eile gur gheallais mé dhóibh?” (Bhí 'fhios aici go raibh sí
geallta do Bhruadar).



“Níor gheallas tu ach do'n bheirt sin, a mháthair,” arsa
Sitric.



“Ach!” ar sise, “is olc a dheinis é! Bhíos ag brath air
go mb’fhéidir gur gheallais mé do bheirt mhac rígh na
h-Ioruaidhe. Ar gheallais-se d' aoinne mé?” ar sise le
h-Amhlaoibh.



“Níor gheallas, a mháthair,” ar seisean, “ach is dócha go
mbeidh Bruadar, agus loingeas rígh Lochlan aige, ag teacht


L. 290


isteach sa chuan so ar maidin amáireach. Chuadhmair amach
chun cainte leis an Iarla, leis an bhfear mór mileata
meirgeach. Ní foláir dul amach chun cainte le Bruadar
nuair a thiocfaidh sé. Dá n-airigheadh sé gur chuadhais-se
amach chun cainte leis an bhfear meirgeach agus gan tu dhul
amach chun cainte leis féin b'fhéidir go dtiocfadh éad air.”



“Tá go maith,” ar sise. “Raighmíd amach chun cainte
leis.” Agus chuir sí sgeartadh gáire eile aisti.



“Seachain, a mháthair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeadh sé
uait go bhfuilir geallta do'n Iarla.”



“Ní baoghal duit,” ar sise. “Is amhlaidh a bheidh sé a
d' iaraidh a thuisgint go bhfuilim deimhnighthe dhó féin.”



CAIBIDIOL IX.



CAD A THIOCFAIDH AS.



Nuair a tháinig an mhaidion d' fheuchadar amach ar an
gcuan. Bhí cabhlach loingeas a bhí dhá uair chómh mór le cabhlach
an Iarla tar éis teacht isteach sa chuan agus tar éis inead
do ghlacadh laistigh de chabhlach an Iarla, fan na trágha, ar an
dtaobh thuaidh de'n chuan. Bhí a lán des na fir, a' cabhlach an
Iarla, tar éis imtheacht as na loingeas agus dul i dtír,
lastuaidh de'n chuan, agus cábáin a chur suas dóibh féin,
agus teinte do lasadh chun bídh a dh' ollamhughadh agus
leapacha dhéanamh dóibh féin agus tuirse na faraige chur
díobh. Bhí na daoine a bhí sa chabhlach mhór a tháinig i
gcaitheamh na h-oídhche ag tusnughadh ar an rud céadna
dhéanamh. Bhí na báid, agus iad lán de dhaoine agus
d' adhbhar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag
imtheacht amach tré chúbhar na trágha, chun an tailimh tirim.


L. 291


Níor bheag d'uathbhás a raibh de loingeas sa dá chabhlach.
Nuair a bhí na h-ancaireacha curtha amach acu agus iad n-a
stad, agus iad i n-aon líne amháin, fan na trágha, do shrois
an líne ó Bheinn Éadair agus go h-Áth Cliath nách mór.



Do ghluais bád Shitric amach airís ó'n gcalaith i n-aice an
ríghtheighlaigh, agus do ghluais sé i dtreó na loinge ar a raibh
Bruadar. Chuaidh Gormfhlaith agus Sitric agus Amhlaoibh ar
bórd na loinge sin. Chuir Bruadar na mílte fáilte
rómpa.



“Ó,” ar seisean le Gormfhlaith, “nách óg a dh'fheuchan tú,
a Árdrígan!”



“Ní h-aon iongnadh é sin, a rígh,” ar sise. “Ní h-aon
iongnadh mé bheith ag feuchaint óg an fhaid atáim óg. Ní
rabhas ach seacht mbliana déag nuair a rugadh é seo,” ar
sise, (b'é sin Sitric) “agus ní'l sé seo puínn thar fiche
bliain fós. Ní ceart seana bhean a thabhairt orm go dtí go
mbeidh mé a dachad an chuid is lúgha dhé.”



“Ní tabharfar seana bhean ort choídhche, a Árdrígan,” ar
seisean. “Taoín tú ag feuchaint chómh h-óg an neómat so
agus bhís an lá a phósais Amhlaoibh. Mheasas ná raibh agat
ach aon mhac amháin le h-Amhlaoibh agus go bhfuair Amhlaoibh
bás sar ar rugadh an mac san.”



“Is iongantach an fear chun plámáis tú, a rígh,” arsa
Amhlaoibh. “Dheinis tuathal ar dtúis nuair a dheinis an
iongnadh d' í bheith ag feuchaint chómh h-óg, ach do leighsis an
tuathal nuair a dúbhrais go mbéadh sí ag feuchaint óg go
deó.”



“Tá dearmhad ort sa mhéid úd, a rígh,” arsa Gormfhlaith.
“Sidé an mac a rugadh tar éis bháis Amhlaoibh.”



“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Amhlaoibh Óg.
Cad 'n-a thaobh nár innsis riamh dom cé r' bh'é t 'athair, a
bhitheamhnaigh?” ar seisean le h-Amhlaoibh.



“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a rígh,” arsa Amhlaoibh.


L. 292


“Nách shiní an Árdrígan tar éis a rádh leat ná feaca-sa
m' athair riamh. Conus fhéadfainn a dh'innsint duit cé r' bh' é
agus ná feaca riamh é?”



“Is fíor,” arsa Bruadar. “Ach is cuma dhuit cé 'cu.
Tá géarchúis do mháthar agat, agus tá a croicean agus a
bláth ort.”



Níor thug Gormfhlaith uain dó ar a thuille plámáis a
dhéanamh. Níor bheag léi a raibh ráidhte aige. Bhí sé ag
taigde ar neithibh nár oir di é féin ná aoinne eile bheith ag
taighde ortha.



“Thánamair chun go bhfeicfimís do neart slógh, a rígh,” ar
sise.



“Tá go maith, tá go maith, a Árdrígan,” ar seisean.



Do rugadh ó loing go loing iad, agus do taisbeánadh gach
aon rud dóibh. Conacadar na slóighte fear armtha, agus ba
bhreagh an radharc iad. Fir mhóra láidire chumasacha, agus na
h-airm ar áilleacht acu. Do taisbeánadh dóibh an deich
gcéad fear n-a raibh na h-éidí mitil ortha. Dúbhairt
Bruadar leis na fearaibh na h-éidí do chur umpa go
bhfeicfeadh an Árdrígan iad. Do chuireadar.



“Ó!” arsa Gormfhlaith. “Geóbhaid siad san tré
shlóightibh Bhriain mar a gheobhadh buanaidhthe tré pháirc
cruithneachtan a bhéadh aibigh!”



Do rugadh iad chun na loinge ar a raibh beirt mhac rígh na
h-Ioruaidhe, Carrol Cnút agus Anrud.



Ní fheacaidh an bheirt sin Gormfhlaith riamh go dtí san, ach
d' airighdar teacht tháirse. D' airighdar daoine a chonaic í ag
trácht ar a h-áilneacht. Bhí fhios acu gur bhean áluinn thar
bár í. Ach nuair a chonacadar í ba dhóbair dóibh a mbéasa
agus a stuaim do chailleamhaint, chuir a h-áilneacht a leithéid
sin d'iongnadh ortha. Ní fhéadaidís gan bheith ag feuchaint
uirthi, agus ansan nuair fheuchaidís uirthi ní fhéadaidís a súile
bhogadh dhi.


L. 293


Bhí an tsluagh ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhíodh
sí ag gabháil thórsa ní fhéadaidís aon rud a dhéanamh ach bheith
ag feuchaint uirthi. Dá mb' iad na mná féin iad bhí an sgéal
ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ghabhadh sí thórsa do
rithidís tímpal chun teacht roímpi agus radharc eile
dh' fághail uirthi.



Thugadar a lán de'n lá ag gabháil tímpal ó loing go
loing. Nuair a bhí an fheuchaint déanta acu thánadar abhaile
go ríghtheighlach Shitric.



“Seadh!” arsa Gormfhlaith, nuair a bhíodar 'n-a suidhe ar
a suaimhneas i n-aice na teine, “tá m' aigne sásta. Ní'l
aon bhreith ag Brian ar bhuachtaint sa chath so atá le troid
anois aige. Bhí an t-eagla i gcómhnuíghe orm roim Mhurchadh
agus roim Dhál gCais, ach an deich gcéad úd ins na h-éidíbh
práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair
a bheidh deire le Dál gCais beidh deire le cómhacht Bhriain.
Má dheinean Mícheál Ruadh an bheart atá geallta aige a
dhéanamh is amhlaidh is fearr é, ach pé 'cu dhéanfaidh nó ná
déanfaidh ní'l baoghal orainn anois.”



“Is maith liom mar a thaithnean an mhór-shluagh leat, a
mháthair,” arsa Sitric. “Do fuaradh a lán d'á duagh.
Níor bh' aon ghnó ró shuarach an dá chabhlach loingeas san,
agus na mílte fear san, do thabhairt ansan amuich ar uisge
an chuain sin chúghat! Tá obair mhór déanta ag rígh Lochlan
agus ag rígh na h-Ioruaidhe agus ag an Iarla, d'á mhéid de
bheithigheach é. Tá obair mhór déanta acu go léir. Ní
deintear obair mhór de'n tsórd san gan súil le díol as.”



“Cad í an ghruaim seo anois ort?” arsa Gormfhlaith.



“Tá eagal air,” arsa Amhlaoibh, “má bhuadhaid na ríghthe
seo ar Bhrian go gcoimeádfaid siad toradh an bhuadha dhóibh
féin.”



“Bhuailis do mhéar air, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní
sheasuighean sé le cóir ná le ceart ná le résún go


L. 294


dtiocfadh na fir seo anso agus go dtroidfidís cath fuilteach
dúinne i gcoinnibh Bhriain, agus ansan, nuair a bhéadh Brian
marbh, agus Murchadh, agus M'lsheachlainn Mór, agus Dál
gCais go léir, go n-árdóchaidís a seólta agus go n-
imtheóchaidís soir abhaile, agus óthuaidh abhaile, airís agus go
bhfágfaidís Éire againne.”



“Cad é sin agat d'á rádh mar sin!” arsa Gormfhlaith.
“Ná fuil slígh dhóibh go léir, agus dúinne 'n-a dteannta,
n-Éirinn!”



“Siné díreach atá orm, a mháthair,” arsa Sitric. “Tá
eagal orm ná fuil, ‘sligh dhóibh go léir agus dúinne 'n-a
dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúbhairt an t-Iarla,
an ‘beithigheach,’ a ndúbhraís féin, an focal úd adúbhairt sé
le rígh Laighean tá sé daingean am' chroídhe ó shin mar a bhéadh
dealg. ‘Beidh an Árdrígheacht ag Gormfhlaith,’ ar seisean,
'agus ag an bhfear a phósfaidh í.’ Is dócha go bhfuil an rud
céadna istigh i n' aigne féin ag Bruadar. Agus tá fhios ag
an saoghal nách chun na h-Árdrígheacht do chur i n-áirighthe
dhómh-sa, ná d' aoinne de'n bheirt sin, a tháinig beirt mhac
rígh na h-Ioruaidhe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-athar
acu, agus slóighte a n-athar, agus a dtír féin curtha fé
chostas mhór throm acu. Tá eagal orm go bhfuil aimhleas,
agus nách aimhleas beag é, déanta againn, agus nách fios
conus a thiocfaimíd uaidh. B' fhearr liom bheith fé Árd-
rígheacht Bhriain, a mháthair, 'ná fé Árdrígheacht aoinne de'n
cheatrar.”



“Ní mac duit-se an fear san i n-aon chor, a mháthair!”
arsa Amhlaoibh. “Mac d' Amhlaoibh iseadh é. Deir a lán
daoine liom nách mac d' Amhlaoibh mise. Measaim go bhfuil
an ceart acu. Mac duit-se iseadh mé. Cad is gádh dhuit-se,
a Shitric, bheith fé smacht aoinne de'n cheathrar! Cuir i gcás
go ndéanfaid na buanaidhthe an obair ar an gcruithneacht
aibigh, agus go mbeidh Brian agus Dál gCais ‘ar slígh na


L. 295


fírinne,’ mar adéarfadh Colla, cad a thuitfidh amach?
Iompó'idh Bruadar agus an ‘Beithigheach’ ar a chéile agus
troidfid siad cath fuilteach feuchaint cé aige go mbeidh
Gormfhlaith agus an Árdrígheacht. Iompó'id beirt mhac rígh
na h-Ioruaidhe ortha araon, nó ar an t-é a bheidh beó dhíobh,
'ghá chur i n-iúil nách ag aoinne acu is ceart an Árdrígheacht
so do bheith ach ag duine acu féin, mar gur b'iad is sia ó
bhaile do tháinig 'ghá h-iaraidh. Measaim, nuair a bheidh a
gcuid coímhsgair déanta ag an gceathrar ná beidh puínn
éilteóirí ag teacht idir thusa agus an Árdrígheacht, a mhic
t'athar! — Inis an fhírinne, a mháthair; nách é an coímhsgar
san idir an gceathrar an rud a chuir tusa ag cur an anama
amach ag gáirí aréir nuair a h-innseadh duit go rabhais
geallta do bheirt acu?”



“Fágaim le h-uadhacht, a Amhlaoibh,” arsa Gormfhlaith,
“gur bhuailis do mhéar go cruinn ar an rud a chuir ag gáirí
mé. Ní rabhas, ámhthach, ag cuimhneamh ach ar an mbeirt, ar
Bhruadar agus ar an Iarla. Do chonac go soiléir conus a
féadfaí an bheirt sin do chur ag dísgiú' a chéile agus gur
mé féin a dh' fhéadfadh an bheart san a dhéanamh. Ach chím
anois go bhféadfar an ceathrar do chur ag dísgiú' a chéile go
feilimionta. Féadfar é dhéanamh agus déanfar é. Ná bíodh
ceist ná eagal ort, a Shitric. Dísgeó'id siad cómhacht
Bhriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó'id siad a chéile dhuit.
Ansan beidh Árdrígheacht na h-Éirean agat 'n-a ndiaigh go
léir!”



“Ní'l aon teóra libh!” arsa Sitric. “Ach déinig
feuchaint bheag a thabhairt ar an dtaobh so de'n sgéal. Cuir
i gcás go bhfuil a ngnó déanta ag an meithiol buanaidhthe
seo atá cruinnighthe againn, agus go bhfuil an gort
cruithneachtan ar lár. Chím an ceathrar i gcómhairle.



“Is liom-sa an Árdrígheacht agus an Árdrígan,” adeir
an t-Iarla.


L. 296


“Cad a bhéarfadh gur leat-sa iad?” adeir Bruadar.



“Mar do gheall Sitric féin dom iad, agus mura
mbéadh gur gheall ní thiocfainn anso,” adeir an t-Iarla.



“Ní dhuit-se a gheall Sitric iad,” adeir Bruadar. “Is
dómh-sa a gheall sé iad.”



“B'fhéidir,” adeir duine de mhacaibh rígh na h-Ioruaidhe,
“gur gheall sé do bheirt agaibh iad,” agus cuirean sé gáire
as. Gheibhtear amach gur thugas an gheallamhaint do'n bheirt.
Eirighid siad ar buile.



“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le chéile
agus tugaimís do Shitric an rud atá tuillte aige!’ —
B'fhéidir go neósfadh Amhlaoibh agus a mháthair do mhac
Amhlaoibh cé air go ndéanfar dísgiú' ansan.”



“Stad go fóil, a mhic Amhlaoibh,” arsa Amhlaoibh. “Cá
bh'fhios duit an 'mó duine de'n cheathrar a thiocfaidh saor
ó'n gcath?”



“Ní fheadar; ná an 'mó duine againn féin a thiocfaidh
saor ó'n gcath,” arsa Sitric.



“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaidh saor ó'n gcath,” arsa
Amhlaoibh, “cad é sin dó san cad a dhéanfaidh an Árd-
rígheacht?”



“Ná an Árdrígan, an eadh?” arsa Sitric.



“Is dóich liom, a bhuachailí,” arsa Gormfhlaith, “nách fearr
rud a dhéanfaidh beirt agaibh anois 'ná dul a chodla.”



Chuadar a chodla.


L. 297


CAIBIDIOL X.



OSGAILT SÚL DO SHITRIC.



Níor chodail Sitric aon néal an oídhche sin. Chómh luath
agus tháinig solus an lae bhí sé thuas ar bhara an ríghtheighlaigh
agus é ag feuchaint soir-óthuaidh ar an líne fada loingeas
a bhí sínte ar an uisge ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath, agus
ar an líne cábán a bhí sínte fan chiúmhais na trágha, amuich
ar an dtalamh tirm, agus é chómh fada le líne na loingeas.
Bhí an machaire, lasmuich des na cábánaibh, clúdaighthe le
slóightibh dúbha daoine agus iad ag cur neithe i dtreó dóibh
féin i gcóir bhéile na maidine. Bhí Sitric ag feuchaint ar
na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóighte daoine,
agus bhí a aigne ana thré n-a chéile.



“Is eagal liom”, ar seisean i n' aigne féin, “nách é mo
leas a dheineas nuair a thugas ansan sibh. Dá mbéadh sibh go
léir sa bhaile airís, gach duine agaibh 'n-a dhúthaigh féin, bhéadh
sibh ann tamal sar a' dtabharfainn-se as sibh. Tá sé déanach
agam anois bheith ag cuimhneamh air sin.”



Níor mhothuigh sé an Bhanríghin, Béibionn, ag teacht i n' aice.
Chuir sí a lámh ar a chuislinn agus bhí méar na láimhe eile ar
a béal féin aici, mar chómhartha dó gan fothram a dhéanamh.
D'fheuch sé uirthi.



“Ná labhair, a rígh!” ar sise leis i gcogar. “Tá nídh
agam le h-innsint duit. Tar chun mo sheómra.”



An fhaid a bhí an méid sin cainte aici d'á rádh bhí a méar
sínte aici i dtreó na h-áite 'n-a raibh na loingeas agus na
slóighte, mar 'dh eadh gur ortha a bhí sí ag feuchaint agus ag
trácht. Níor mhór di an gliocas. Ní raibh ach an cogar
críochnuighthe aici nuair a bhí Gormfhlaith laistiar di. Do lean


L. 298


sí ag caint go réidh, mar 'dh eadh nár mhothuigh sí Gormfhlaith
ag teacht:—



“Nách seóig a' bhfuil ann díobh!” ar sise. “Feuch,” ar
sise, “is dócha gur b'í an long mhór san i lár baill long an
Iarla.”



“Ní h-í, a rígan”, arsa Sitric. “Siní long Bhruadair.
An bhfeicean tú an long mhór eile úd thoir ar fad? An
long go bhfuil an buthaire mór deataigh ag eirighe aisti?”



“Chím í,” arsa Béibionn.



“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.



“Is moch ar maidin atáthaoí araon 'ghá n-iniúchadh, a chlann
ó,” arsa Gormfhlaith laistiar de'n bheirt.



Do baineadh geit dáiríribh a' Sitric mar níor mhothuigh sé
ag teacht í. Do leig Béibionn uirthi gur baineadh geit aisti
féin, leis, agus dhein sí an leigint uirthi chómh maith san gur
shamhluigh an Árdrígan gur baineadh.



Thug an triúr tamal sa n-áit ag breithniughadh na loingeas
agus na slógh. Ansan dúbhairt Béibionn go raibh an
mhaidion glas, agus d'imthigh sí. Níor bh' fhada go ndúbhairt
Gormfhlaith gur bh' fhíor do Bhéibionn é, go raibh an mhaidion
glas, agus d'imthigh sí. Chómh luath agus a thuig Sitric ná
raibh aoinne 'ghá thabhairt fé ndeara tháinig sé go seómra
Béibionn.



“Cad é seo ort, a Bhéibionn?” ar seisean.



“Tá sé buailte isteach am' aigne, a rígh,” ar sise “go
bhfuil éagcóir 'á déanamh ort, éagcóir throm.”



“Cad a bhuail an nídh sin isteach ad' aigne?” ar seisean.



“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí chómh cruinn
agus d'fhéadfair ar na focalaibh, cad í an chaint a dúbhradh
idir an gceathrar agaibh indé, idir thusa agus Bruadar agus
Amhlaoibh agus do mháthair.”



D'inis sé dhi an chaint chómh maith agus d'fhéad sé é. D'éist
sí leis go dtí go raibh an chaint ráidhte aige.


L. 299


“Seadh!” ar sise, “thugais leat an chaint cruinn go
leór.”



Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag teacht.



“Bhíos ag éisteacht libh aréir,” ar sise, “a gan fhios daoibh.
Admhuighim é agus ní'l aon náire 'n-a thaobh orm. D' airigheas
do mháthair 'ghá rádh libh dul a chodla. Chuadhabhair a chodla.
Ní fheadar ar chuais-se a chodhla ach tá fhios agam ná déigh
Amhlaoibh a chodla. D'fhill sé thar n-ais agus thug sé féin
agus do mháthair tamal maith de'n oídhche ag caint. Do
taraingeadh anuas an uile fhocal de'n chaint a bhí eadraibh ar
bórd na loinge. Dheineadar ana shult de'n chuma 'n-ar dhein
sí amach ná rabhais-se ach fiche bliain d' aois agus gur bh'é
Amhlaoibh an mac léi a rugadh tar éis bháis a athar, 'sé sin
tar éis bháis Amhlaoibh, agus gur mar gheall air sin a tugadh
Amhlaoibh óg air. Ba dhóich leat go gcuirfidís araon an
t-anam amach ag gáirí, fé n-a n-anál, an fhaid a bhí an méid
sin ar siúbhal acu. Ach níor bh' aon rud an méid sin suilt
seachas an sult a bhí acu nuair a tharaingeadar chúcha conus
mar a chuir do mháthair cosg leis an gcaint ar eagla go
leigfeadh Bruadar amach sgéal áirighthe éigin, nídh éigin a
theastuigh ó'n dtriúr a choimeád uait-se.



“Sidiad anois agat, a rígh, na ceisteana atá os cómhair
m' aigne agus atá ag déanamh buartha dhom. Cad é an nídh
é seo atá acu d'á choimeád uait-se? Cad é an t-eólus é
seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár bh'fholáir
an chaint do chosg ar eagla go leigfeadh Bruadar amach,
ad' láthair, aon bhalaith dhé? Cad é an brígh a bhí ag Amhlaoibh
leis an sult a dhein sé, ad' láthair féin, amuich ar an loing,
de'n rud gur dhóich le h-aoinne go n-eistfeadh sé a bhéal
'n-a thaobh? — ‘Cad 'n-a thaobh, a bhitheamhnaigh,’ arsa Bruadar,
‘nár innsis dom ná feacaís t' athair riamh?’ — ‘Le h-eagla,’
arsa Amhlaoibh, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ‘nách shiní mo
mháthair 'ghá innsint duit ná feaca m' athair riamh.’ — Tá sé


L. 300


daingean am' aigne, a rígh, go bhfuil níos mó idir an dtriúr
'ná mar a thuigean aoinne ach iad féin. Tá uisge-fé-thalamh
d'á dhéanamh ad' choinnibh, a rígh, agus neósfad duit cad é
an t-uisge-fé-thalamh é. Má thuitean m' athair-se táthar chun
Árdrígh dhéanamh de Bhruadar.’



“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do
mheabhair.”



“Feuch isteach sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breithnigh
é, agus meaghaigh é, agus cuirfead geall go ndéarfair go
bhfuil an ceart agam. Cad tá acu d'á choimeád uait?
Siní an cheist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor
choimeádais-se aon nídh uatha-san riamh. Cad é an sgéal é
seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leó aon
ghaoth dhé do leigint chúghat-sa?”



Do léim Sitric 'n-a sheasamh. Siúbhluigh sé an seómra
síos agus suas ar feadh tamail, díreach mar a dhéanfadh a
mháthair. Nuair a bhí greas rástála déanta aige do stad sé
ar aghaidh na Banríghne amach:—



“Dar so 's súd, a Bhéibionn,” ar seisean, “ach tá an
ceart agat! Chím anois é go soiléir. Cad a dhall mé?
Nách é é 'n-a steilibheathaigh! Agus ó, nách aithreamhail an
mac é! Ó, cad a dhall mé! Cad a dhall mé! Déanfaidh
sí Árdrígh dhé! Ansan déanfar Árdrígh d'Amhlaoibh 'n-a
dhiaigh. Táim-se sa tslígh. Cad a chómhairleófá dhom a
dhéanamh, a Bhéibionn?”



“Ná leig ort go bhfuil aon bhlúire droch amhrais agat
ortha,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluagh mhaith láidir
agat-sa féin i gcóir an chatha so. Leig iad súd i dtreó
Dhál gCais sa chath. Socaró'id Clann Chais a lán des na
ceisteanaibh seo.”



“Is maith í do chómhairle, a Bhéibionn,” ar seisean. “Is
truagh chráidhte nách í do chómhairle a ghlacas ó thusach i n-inead
cómhairle Ghormfhlaith. Ó, nach baileach a choimeád sí uainn
an méid úd!”


L. 301


“Nuair a bhí Amhlaoibh i gCeann Cora agus i n-Inis Cathaigh
iseadh thug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.



“Is uathbhásach an bhean í!” arsa Sitric, “agus tá
Amhlaoibh maith a dóthin di. Tá sé aithreamhail, máithreamhail.”



“Tá,” arsa Béibionn, “ach ní h-é an taobh fóghanta de'n
dúchas a thug sé leis ó athair ná ó mháthair.”



“Ní puínn fóghantachta a dh'fhéadfadh sé a thabhairt ó aon
taobh acu,” arsa Sitric.



Bhí an t-am ann chun dul fé dhéin béile na maidine.
Chuadar isteach i seómra an bhídh. Bhí Gormfhlaith istigh rómpa.



“Móra dhaoibh, a chlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnadh
liom a lán cainte bheith agaibh le déanamh indiu. Ní dócha
go mbeidh puínn eile caoi ar chaint agaibh go dtí go mbeidh
buadh an mhór-chatha so ar taobh éigin. Ansan beidh gach aon
nídh ar bhúr dtoil agaibh má bhíon an buadh ar an dtaobh
gceart.”



“Agus má bhíon an buadh ar an dtaobh eile, a mháthair, cad
a dhéanfaimíd?” arsa Sitric.



“Má bhíon an buadh ar an dtaobh eile,” arsa Gormfhlaith,
“ní bheidh aon ghádh le caint againn. Deineadh gach fear a
ghníomh féin sa chath agus ní baoghal ná go mbeidh an buadh
ar ár dtaobh féin.”



“Cad tá ag coimeád Amhlaoibh?” arsa Béibionn.



“Ní fheaca indiu é,” arsa Gormfhlaith. “Is dócha go
mb’ fhéidir go bhfuil tuirse air tar éis an lae 'ndé.”



Chríochnuighdar an béile. Níor tháinig Amhlaoibh.



“Is fearr glaodhach air,” arsa Sitric. “Raghad agus
glaodhfad air.”



D'imthigh sé. Níor bh'fhada gur fhill sé.



“Ní'l sé 'n-a sheómra,” ar seisean.



“Is mór an iongnadh,” arsa Gormfhlaith, “é dh'eirighe chómh
moch. Má's ag feuchaint ar ár mór-shluagh a bhí sé nách mór
an iongnadh ná feacamair é.”


L. 302


“Níor luigh sé ar a leabaidh i n-aon chor aréir, a mháthair,”
arsa Sitric.



Tháinig iongnadh uirthi, díreach mar a thiocfadh dá mb' a gan
fhios a thiocfadh an sgéal uirthi. Níor bh' eadh. Bhí fhios aici
go maith nár chodail sé sa ríghtheighlach an oídhche roim ré.
Dhein sí an iongnadh chómh maith san gur mheas an bheirt eile
go raibh an iongnadh uirthi dáiríribh.



Bhí Amhlaoibh imthighthe amach go loing Bhruadair agus
teachtaireacht aige do Bhruadar ó Ghormfhlaith.



Do ghluais Gormfhlaith ar fuid an ríghtheighlaigh ag
ceistiúchán ar na seirbhísigh feuchaint cé ba dhéanaighe a
chonaic an tighearna óg, Amhlaoibh, agus canad a chonacthas é.
Ní bhfuair sí aon tuairisg air, nídh nár bh'iongnadh. Ní
fheacaidh aoinne acu é ó chonacadar go léir é féin agus an
rígh agus an Ardrígan ag teacht isteach ar an mbád um
tráthnóna indé roimis sin.



Dhein Gormfhlaith dearmhad. Dhein sí an iomad ceis-
tiúcháin. Nuair a chonaic Béibionn an ceistiúchán thuig sí ná
raibh ann ach púicín. Thug sí cogar do'n rígh.



“Ní'l sa cheistiúchán san ach púicín, a rígh,” ar sise. “Tá
fhios ag Gormfhlaith cá bhfuil Amhlaoibh imthighthe. Pé ball
'n-a bhfuil sé imthighthe, a rí,” ar sise, “ní ar mhaithe le rígh
Lochlanach Átha Cliath atá a thriall.”



“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuchaint go cruinn
chun an méid sin sgéil,” ar seisean.



Ansan do labhair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le
Gormfhlaith.



“Feuchaíg, a ríogna,” ar seisean. “Indiu an Mháirt. Ní
dóich liom gur ró fhada uainn an cath. Tá slóighte an
Árdrígh nach mór cruinnighthe i gCill Mhaighneann. Ní mór
dóm-sa imtheacht agus neart slógh Lochlanach na h-Éirean do
chur sa n-inead atá ceapaithe dhóibh ar talamh an chatha. Beidh
siad féin agus slóighte rígh Laighean i n-aice chéile. Is dóich


L. 303


liom go bhfuil na Laighnigh ollamh cheana féin. Fágfar anso
oiread nirt agus chosanóchaidh an ríghtheighlach so pé cuma 'n-a
ngeobhaidh an cath. Fanaigh-se araon anso istigh go dtí go
mbeidh an buadh ar thaobh éigin. Má bhíon an buadh ag Brian
ní baoghal go ndéanfaidh sé aon anchor a thabhairt d' aoinne
agaibh-se. Má bhíon an buadh againn féin beidh gach aon rud
go maith.”



D'imthigh sé agus d'fhág sé ansan an bheirt.



B' shiniad an bheirt ná raibh aon ghrádh ró mhór acu d'á
chéile. Ach an t-é a chífeadh iad i bhfochair a chéile ní h-é sin
ba dhóich leis.



CAIBIDIOL XI.



FUADAR AGUS FLOSG AGUS GIODAM.



Um an dtaca 'n-a raibh slóighte na Lochlanach agus a lucht
conganta socair 'n-a gcábánaibh ar an machaire, fan na
trágha, ar an dtaobh thuaidh de chuan Átha Cliath, bhí slóighte
Bhriain ag teacht go tiugh isteach ar mhachaire Cille Maighneann,
mar ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh i gcómhnuíghe
nuair a thagadh sé féin agus a shlóighte andeas ó'n Múmhain,
ag cur smachta ar Lochlanachaibh Átha Cliath, nó ag cur eagla
a chómhachta ar na Gaedhlaibh a ghabhadh a bpáirt. Chuaidh gach
rígh des na ríghthibh a tháinig andeas an uair sin chun na h-áite
'n-ar ghnáth leis dul, é féin mar ba ghnáth leó a dhéanamh. Bhí gach
rígh agus a bhuidhean féin ag cur a gcábán suas fé mar a
shroisidís an áit, agus ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa
tslígh ar bhuidhin eile, ná ní raibh aighneas ná diospóireacht ná
abhcóidigheacht ar siúbhal.


L. 304


Bhí cábán Taidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit 'n-a mbíodh sé i
gcómhnuíghe, i n-aice le cábán an Árdrígh, agus bhí cábán
Mhaoilruanaidh na Paidre i n-aice le cábán Thaidhg Mhóir.
D'fhág san caoi ag Conn agus ag Thadhg Óg ua Cealla ar
bheith go minic i bhfochair a chéile, agus bhíodh Caoilte agus
Lonán i bhfochair na beirte sin chómh minic agus d'fhéadaidís
é. Minic go maith ab eadh san, mar ní raibh cábán a n-athar
ró fhad ó'n áit. D'fhág san, leis, caoi ag Niamh ar bheith go
minic n-a bhfochair go léir, agus ar a lán eóluis a dh'fhághail
ó Chaoilte ar an gcuma 'n-a raibh an tsluagh go léir suidhte,
agus ar cad é an saghas an namhaid agus cad a bhí acu d'á
dhéanamh. B'é gnó an ghiolla turais gach eólus de'n tsórd
san so sholáthar agus do bheith aige, agus ní baoghal ná go
raibh Caoilte tugtha go maith chun an ghnótha san do dhéanamh,
agus chun gach aon bhlúire eóluis, fé mar a thagadh sé suas
leis, do thabhairt ag triall ar Niamh. Do thugadh sé ag triall
ar Niamh é chómh luath agus thugadh sé ag triall ar Bhrian é.



Bhí cuid mhaith des na Lochlanaigh a bhí 'n-a gcómhnuighe i
n-Éirinn an uair sin, ar mhór-shluagh Bhriain, i gCill
Mhaighneann, ag cabhrughadh leis sa chath san, agus bhí ceart
Éireanach, do réir dlighthe na h-Éirean, curtha i bhfeidhm aige
dhóibh féin agus d'á sliocht, mar gheall ar an gcabhrughadh san.



Bhí Ospac ann agus an méid nirt slógh a tháinig adtuaidh
leis ó-s na h-oileánaibh nuair a dh'euluigh sé ó Bhruadar. Do
ghlac sé féin agus a dhaoine an Creideamh, agus do bhaist
Colla iad i n-Inis Cathaigh, agus chuireadar fé chomairce
Sheanáin iad féin. Ansan do thánadar, i n-aonfheacht le
mór-shluagh Bhriain, chun an mhór-chatha. Do thuigeadar go
raibh an cath le troid ar son an Chreidimh, agus bhí fhios acu
go raibh neamh le fághail ag an té do thuitfeadh i gcath a
troidfí ar son a Chreidimh.



Bhí M'lsheachlainn Mór ann, rígh na Mídhe, agus deich gcéad
fear aige.


L. 305


Tháinig a lán d'fhearaibh Uladh ann agus do luighdar isteach
ins na buidhnibh, fé mar a bhí aithne acu ar na fearaibh nó ar
na ríghthibh. Fir ab eadh iad ná leigfeadh a gcroídhe ná a n-aigne
dhóibh fanmhaint sa bhaile nuair a bhí a leithéid de chath le
bualadh, agus Éire go léir i n-a leithéid do chontabhairt,
agus an Creideamh i n-a leithéid de chontabhairt.



Bhí an dá rígh ó Albain ann agus neart maith láidir de
Ghaedhlaibh Alban i n-aonfheacht leó.



Do réir gach seanachais bhí suas le fiche míle fear ag Brian
i gCill Mhaighneann an uair sin nuair a bhíodar go léir
cruinnighthe. Do réir na gcúntaisí gcéadna bhí aon mhíle
fhichid ag an namhaid. Ach bhí an deich gcéad fear ins na
h-éidíbh práis ar thaobh na Lochlanach, agus do measadh gur
mhó le rádh an deich gcéad san, i bhfriothghuin catha, 'ná deich
míle des na fearaibh ná raibh ortha ach na “léinteacha sróil.”



Bhí Caoilte agus na giollaí eile ag teacht isteach
coitchianta ó bheith ag feuchaint ar an namhaid agus 'ghá
mbreithniughadh.



As na tuairisgibh a thugadar leó do mheas Brian ná
tiocfadh an namhaid amach chun catha go ceann seachtmhaine
eile pé 'r domhan é. Bhí Luan na Failime an uair sin ann.
Bhí a neart go léir cruinnighthe i n-aice Átha Cliath ag rígh
Laighean i gcóir an chatha. Bhí Cúige Laighean gan chosaint.
Dob' ana mhaith an rud, an fhaid a bhéifí ag feitheamh leis an
gcath, an Chúige sin do sgrios agus bia do'n mhór-shluagh do
thabhairt aisti; a chur fhiachaint ar rígheacht Mhaoilmhórdha an
mhór-shluagh do chothughadh.



Chuir Brian amach a mhac, Donchadh, chun Cúige Laighean do
sgrios. Do ghluais Donchadh i dtusach na h-oídhche, i dtreó
ná feicfí ag imtheacht é agus go mbéadh na creacha istigh aige
sar a' mothóch' an namhaid go raibh an gnó 'á dhéanamh i n-aon
chor. Níor rug Donchadh leis ar an gcuaird sin puínn thar
cúig nó sé chéadaibh fear. Ní raibh aon ghnó aige d'á thuille.


L. 306


An oídhche do ghluais Donchadh ó Chill Mhaighneann, chun na
h-oibre sin a dhéanamh, b'shiní díreach an oídhche do chuir
Gormfhlaith Amhlaoibh leis an dteachtaireacht, ó ríghtheighlach
Shitric, ag triall ar Bhruadar, a gan fhios do Shitric agus
a gan fhios do Bhéibionn. Bhí Amhlaoibh ábalta ar cheilt a
chur air féin i n-a lán de riochtaibh, agus ar é dhéanamh go
maith. Nuair a bhí sé ag imtheacht ó'n ríghtheighlach do chuimhnigh
sé i n' aigne gur mhaith an rud dó gabháil tré Chill Mhaighneann
feuchaint an bhféadfadh sé teacht suas le h-aon bhlúire eóluis
a bhéadh tairbhtheach do Bhruadar. D' aimsigh sé mála agus
chuir sé ar a mhuin é, mar 'dh eadh ná raibh ann ach duine de
lucht leanamhna an tslóigh agus go raibh sé ag díol neithe
beaga a bhéadh áiseach d' fhearaibh an tslóigh. Cá dtabharfadh
sé aghaidh ach i dtreó an bhaill 'n-a raibh Donchadh agus a
bhuidhean ag tusnughadh ar ghluaiseacht ódheas. Bhí iongnadh
air. Do luigh sé ar chaint le cuid de'n lucht leanamhna a
thárla i n' aice. Níor bh' fhada gur bhailigh sé uatha an toisg
ar a raibh an bhuidhean ag imtheacht ódheas, agus cé bhí 'n-a
cheann ortha. Do bhailigh sé é féin amach ó'n lucht leanamhna
chómh tapaidh agus d' fhéad sé é gan aon droch amhras a
tharang air féin. Chómh luath agus bhí sé bailighthe uatha thug
sé aghaidh soir óthuaidh, agus níor bh'fhada go raibh sé ag caint
le Bruadar. Ní baoghal gur ag triall ar Mhaolmhórdha a
chuaidh sé chun a innsint dó go raibh buidhean fear imthighthe
ódheas chun a thíre do sgrios. Dá ndeineadh, b'fhéidir go
ngluaiseóch' Maolmórdha ódheas chun a thíre do chosaint, agus
do lagóch' san mór-shluagh na Lochlanach i gcóir an chatha. Ag
triall ar Bhruadar a thug sé aghaidh.



“Is maith a dheinis é, a mhic ó!” arsa Bruadar leis. “Tá
súil agam ná faghaidh rígh Laighean amach go bhfuil san ar
siúbhal 'n-a thír. D'imtheóch' sé uainn láithreach agus ní
oirfeadh dúinn sgaramhaint le h-oiread agus aon fhear amháin.
Tá an sgéal céadna díreach anso sa leitir seo agam ó dh'


L. 307


mháthair, pé cuma n-a bhfuair sí amach é. Deir sí gur ceart
dúinn an cath do troid láithreach sar an mbeidh uain ag
Donchadh ar theacht thar n-ais.”



“Isé mo thuairim-se, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “go mbeidh
easnamh níos mó 'ná easnamh Dhonchadh agus a bhuidhne ar an
Árdrígh nuair a thiocfaidh an cath.”



“Cad é an t-easnamh eile a dh'fhéadfadh a bheith air?”
arsa Bruadar.



“Tá rígh cúige éigin ag déanamh a dhíchil chun a chur fhiachaint
ar chuid des na ríghthibh eile tarang siar ó Bhrian agus ó
Dhál gCais nuair a thusnóchaidh an cath,” arsa Amhlaoibh.



“Dar so 's súd ach má deintear san beidh an cath ar ár
dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóich leat,” ar
seisean, “an bhfuil ag eirighe leis an rígh cúige sin?”



“Do réir mar airigheas an chaint,” arsa Amhlaoibh, “do
bheartuigheas go raibh ag eirighe leis maith go leór.”



“Ó, is maith é sin!” arsa Bruadar. “Imthigh, a laogh,”
ar seisean, “agus cuir chúgham an draoi.”



Fear ab eadh Bruadar a dhein, i dtusach a bheatha, an rud
céadna díreach a dhein Amhlaoibh nuair a bhí sé i n-Inis Cathaigh.
Do ghlac sé an Creideamh, agus ansan do ghlac sé na h-Úird
i dtreó gur deineadh deacon dé. Dhá dheacon ab eadh é
féin agus Amhlaoibh. Ansan níor lean Bruadar de'n
Chreideamh. Do shéan sé é agus chaith sé uaidh é, díreach mar
a dhein Amhlaoibh. Nuair a chaith sé uaidh an Creideamh
d' iompuigh sé ar dhiablaidheacht agus ar dhraoidheacht agus ar
dheamhanaibh agus ar phiseógaibh, agus ar an uile shaghas
deismireachta de'n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raibh
ar a chumas a lán neithe iongantacha do dhéanamh le cómhacht
deamhan.



Tháinig an draoi. D'inis Bruadar dó conus mar a bhí
cuid de shluagh Bhriain imthighthe amach ag creachadh Cúige
Laighean, agus conus mar a bhí cuid des na ríghthibh ag
iompáil i gcoinnibh Bhriain.


L. 308


“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do
chómhairle dhom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn
riain ar an mór-shluagh so. Is agam atá lá an chatha do
cheapadh. Dá dtugainn an t-órdú' anois,” ar seisean,
“bheimís ollamh chun an chatha do thusnú' go moch ar maidin
Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”



Do stad an draoi ar feadh tamail. Tar éis machtnaimh
do labhair sé.



“Má troidtear an cath so Dé h-Aoine,” ar seisean,
“tuitfidh Brian. Má troidtear an cath aon lá eile tuitfidh
sibh-se go léir.”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d'iompuigh sé ar a
sháil agus d'imthigh sé chun a chábáin féin.



Do stad an bheirt, Bruadar agus Amhlaoibh, ag feuchaint
'n-a dhiaigh. Nuair a bhí sé imthighthe as a radharc do labhair
Bruadar.



“Tuigim é,” ar seisean. “Má throidimíd Dé h-Aoine
beidh Donchadh gan filleadh agus beidh an rígh cúige seo a
deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an
cath do throid beidh Maolmórdha imthighthe chun a chúige do
chosaint, beidh Donchadh tagaithe thar n-ais agus na creacha
aige. Chífidh an righ cúige seo a deirir-se an dá nídh sin,
Maolmórdha imthighthe agus Donchadh tagaithe agus na creacha
aige, agus luighfidh sé isteach i n' inead féin sa chath. Ansan
beidh Brian ró láidir dúinn go léir. Siné brígh na cainte
sin adúbhairt an draoi. Ní foláir an focal do chur amach
anois ameasg na slógh so go léir go bhfuil an cath le tusnú'
ar maidin Dé h-Aoine.”



Do cuireadh amach an focal. Do h-innseadh, leis, do'n
mhór-shluagh go léir, an focal adúbhairt draoi Bhruadair, dá
dtroidtí an cath Dé h-Aoine go dtuitfeadh Brian, ach dá
bhfágtí gan troid é níba shia 'ná go h-Aoine go dtuitfeadh
na Lochlanaigh agus a lucht conganta go léir. Do thuig an


L. 309


mhór-shluagh as san dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine a bhí
chúghainn go mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh.



D'á bhrígh sin, chómh luath agus fuaradar an focal
thusnuighdar go léir ar iad féin d' ollamhughadh i gcóir an
chatha. Ní raibh puínn thar ocht n-uaire a's dachad acu an
uair sin chun an ollmhucháin a dhéanamh. Níor bheag leó an
méid sin aimsire. D'á luathacht a troidfí an cath dob' eadh
b'fhearr é, dar leó. Bhíodar deimhnightheach go mbuadhfaidís.
Bhítheas tar éis a chur 'n-a luighe ortha go daingean ná raibh
ag Brian de mhór-shluagh ach sloigisg a bhí níba thugtha go mór
chun iompáil ar a chéile 'ná mar a bhíodar chun troda
dhéanamh le namhaidh. Go raibh cuid des na ríghthibh cúige
agus ná rabhdar ach ag feitheamh leis an gcath do thusnughadh
chun druim lámha thabhairt le Brian agus é féin agus Clann
Chais do thréigean. Go raibh cúis a ndóthin agá lán acu
chuige sin, mar go raibh lámh Bhriain ana dhian ortha, agus
d'á dhéine a bhí lámh Bhriain ortha gur thuigeadar go mbéadh
lámh Mhurchadh níba sheacht ndéine ortha nuair a thiocfaidís
fúithi. Nuair a thusnóch' an cath gur bh' eadh do chífí an
neamhghus a bhí i gcómhacht Bhriain, d'á mhéid leatha a bhí faoi
agus d'á aoirde cáil a bhí air. Ach pé breith a bhéadh aige ar
bhuachtaint sa chath dá mbéadh an dá shluagh mar a chéile i
dtaobh arm, ná raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar
bhuachtaint nuair a bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh
práis ag na Lochlanaigh. Go siúbhlóch' an deich gcéad fear
san rómpa tré mhór-shluagh Bhriain agus go ngeóbhdís de
chosaibh ionta. D'á luathacht, d'á bhrígh sin, a troidfí an cath
dob' eadh b' fhearr é, dar leó, mar b' shin mar ba thúisge a
dh' fhéadfaidís iad féin do leathadh isteach ar mhachairibh
breaghtha míne na h-Éirean agus seilbh a ghlacadh ionta. Bhí
fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mór-
chroídhe, d'á bhrígh sin, ortha féin agus ar a mnáibh, agus
fuadar an domhain fútha, nuair a rith an focal mór-thímpal


L. 310


eatartha go dtroidfí an cath ar maidin Dé h-Aoine a bhí
chúghainn. Níor chodail aoinne acu an chuid eile de'n oídhche
sin, bhí a leithéid sin d' fhothram agus de ghleó ar siúbhal ó
cheann ceann de'n longphort.



Níor bh'fhada go bhfuaradh amach i longphort Bhriain cad a
bhí ar siúbhal, agus cad fé ndeár an gleó agus an fothram.
Bhí Caoilte agus a ghiollaí turais anso agus ansúd, fé
cheilt, ameasg na Lochlanach. Thugadar leó ag triall ar
mhór-shluagh Bhriain tuairisg cruinn ar an ollmhúchán.
Thusnuigh na Gaedhil ar iad féin d' ollamhughadh láithreach.
Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go tréan sa dá longphort i
ndeire na h-oídhche sin agus i gcaitheamh an lae amáirigh, agus
i gcaitheamh na cod' eile de'n aimsir as san go h-Aoine.



CAIBIDIOL XII.



DAOINE CIALLMHARA AG FEUCHAINT RÓMPA
AMACH.



Dá mhéid a bhí deimhne ag Bruadar agus ag Amhlaoibh,
agus ag an gcuid eile acu, ar bhuachtaint sa mhór-chath a bhí
ag teacht, iseadh ba mhó a bhíodar ag feuchaint rómpa amach
agus ag cuimhneamh ar na neithibh a dhéanfaidís tar éis an
chatha.



Do labhair Amhlaoibh le Bruadar.



“A leithéid seo, a rígh,” ar seisean. Is tusa a bheidh i
n-Árdrígheacht na h-Éirean tar éis an catha so.”



“B'fhéidir é,” arsa Bruadar, “ach cá bh'fhios duit-se
sin?”



“Táim deimhnightheach dé,” arsa Amhlaoibh. “Do gheall


L. 311


Sitric duit go dtabharfadh sé mo mháthair duit. Ní foláir
dó an gheallamhaint sin do sheasamh. Ansan, an t-é go
mbeidh an Árdrígan aige beidh an Árdrígheacht aige.”



“Mheasas,” arsa Bruadar, “gur chun na h-Árdrígh-
eachta thabhairt do Shitric a tusnuigheadh an obair seo ar
dtúis.”



“Mheasas-sa, leis, é,” arsa Amhlaoibh, “ach measaim rud
eile anois. Chím atharughadh ar aigne mo mháthar ó thusnuigh
na slóighte móra so ar chruinniú' fé n-a súil. Ní déarfainn
ná go bhfuil fhios agat féin, a rígh, gur duit a tabharfar an
Árdrígheacht, agus nách indiu ná indé do thusnuighis ar a
fhios a bheith agat.”



“Nár gealladh Árdrígan agus Árdrígheacht do'n Iarla?”
arsa Bruadar.



“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
“Tá freagra na ceiste sin agat féin cheana agus ní gádh
dhómh-sa í fhreagairt duit.”



“Is fíor, a mhic ó,” arsa Bruadar, “ach cad 'tá uait?
Tá fhios agam go dteastuighean uait nídh éigin a dh'iaraidh
orm nuair a bhéad am' Árdrígh, agus gur maith leat an nídh
sin do chur i n-áirighthe dhuit féin roim ré.”



“Siné díreach a theastuighean uaim, a rígh,” arsa Amhlaoibh.



“Tá go maith. Comáin leat. Ach ba dhóich liom, ó 'tá
fhios agat anois cé h-é thu, go dtuigfeá ad' aigne ná fuil
aon ghádh leis an gcur i n-áirighthe roim ré. Ach comáin
leat;” arsa Bruadar.



“Nuair a bhíos-sa i n-Inis Cathaigh,” arsa Amhlaoibh,
“chuireas aithne ann ar mhac do Thadhg Mhór ua Chealla. Tá
aithne agat ar Thadhg Mhór ua Chealla.”



“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos
cródha 'ná Murchadh féin,” arsa Bruadar.



“Siné é,” arsa Amhlaoibh. “Chuireas aithne ar a mhac.
Buachail bocht símplidhe iseadh é. Ach do chuadhmair ar


L. 312


chuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine, go ríghtheighlach Thaidhg Mhóir.
Chonac rígan óg ansan, inghean do Thadhg Mhór. Niamh a
tugtí uirthi. Ní fheacaidh mo dhá shúil riamh roimis sin, ná
ó shin, aon nídh i riocht duine chómh h-áluinn léi. Mheasas
gur bhain a h-áilneacht mo radharc díom. Ach sa n-am
gcéadna, ar an gcéad amharc, do buaileadh isteach am' aigne
go raibh sí go h-olc. Ní h-í a bhí go h-olc ach mise. Tháinig
sí go Ceann Cora 'n-a dhiaigh san chun bheith ag faire ar mo
mháthair le h-eagla go dtabharfadh sí nimh do Bhrian. Chuir mo
mháthair aithne uirthi. Bhíos ag caint le m' mháthair uair, i
gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh Brian ar a chuaird rígh.
Dúbhairt sí liom go raibh dearmhad mór déanta agam i
dtaobh Niamh. Thuigeas gur bh' fhíor di é. Do chaitheas a
gheallamhaint di dá n-eirigheadh ár n-obair linn go bpósfainn
Niamh.”



“An ndúbhairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfadh
Niamh thu?”



“Táim féin deimhnightheach, ó'n gcéad amharc úd, go
bpósfaidh. Isé rud atá agam le h-iaraidh ort, nuair a bhéir-
se i n-Árdrígheacht na h-Éirean, go dtabharfair ríghe Conacht
dómh-sa agus do Niamh.”



“Ambasa, a mhic ó,” arsa Bruadar, “tabharfad agus
fáilte. Tabharfad ríghe Conacht duit pé 'cu thógfaidh sí thu
nó ná tógfaidh.”



I n-áit eile, sa mhór-shluagh chéadna, bhí beirt eile agus iad
ag feuchaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag
socarughadh neithe go h-áluinn, dar leó. B'iad beirt iad
san 'ná Maolmórdha agus Sitric. Níor ró fhuiriste do
Shitric neithe do shocarughadh i gcómhairle le Maolmórdha
mar fear ró bhaoth, ró bhéalsgaoilte, ab eadh Maolmórdha,
agus ní féadfaí aon eólus a thabhairt dó ach eólus nar mhiste
a leigint amach.



“Is dócha, a rígh,” arsa Sitric le Maolmórdha, “ná fuil


L. 313


aon teip ná go mbuadhfaimíd sa chath so atá le troid Dé
h-Aoine.”



“Ní'l, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Ní fhéadfadh a bheith.
Chuirfeadh an deich gcéad fear so ins na h-éidíbh práis i
n-áirighthe dhúinn é dá mba ná béadh aon nídh eile chun é chur
i n-áirighthe dhúinn. Ach tá a lán neithe chun é chur i n-áirighthe
dhúinn. Airighim-se go bhfuil socair ag M'lsheachlainn Mór
ar tharang siar ó'n gcath chómh luath agus thusnóchaidh an cath.
Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go mbéadh socair aige ar a
leithéid.”



“Agus cad 'n-a thaobh nár fhan sé thiar sa bhaile agus gan
teacht i n-aon chor, fé mar a dh' fhan tuille acu?” arsa
Sitric.



“D'fhanfadh, leis, ach go bhfuil socair aige ar níos mó
díobhála dhéanamh do Bhrian 'ná mar a dhéanfadh sé dhó dá
bhfanadh sé thiar sa bhaile,” arsa Maolmórdha.



“Agus cad é an díobháil eile atá beartuighthe aige a
dhéanamh?” arsa Sitric.



“Tá sé ag brath air go mbéarfaidh sé leis as an gcath
beirt nó triúr eile des na ríghthibh atá dílis fós do Bhrian.
Ní fhéadfadh rígh na nDéiseach aon ghrádh ró mhór a bheith aige
do Bhrian; ná rígh Ua n-Eachac Múmhan; ná tuille acu,”
arsa Maolmórdha.



“Agus cogar, a rígh,” arsa Sitric, “cad is dóich leat a
dhéanfaidh mo mháthair tar éis an chatha?”



“Cad a dhéanfadh sí,” arsa Maolmórdha, “ach an rud atá
geallta aici ó thusach, tusa chur sa n-Árdrígheacht?”



“Mura dtiocfadh aon lucht droch chómhairle chúichi a
chuirfeadh suas í chun a h-aigne d' atharughadh,” arsa Sitric.



“Cé h-é an droch chómhairleóir a dh' fhéadfadh í chur suas
chun a h-aigne dh' atharú?” arsa Maolmórdha.



“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric, “ach tá raint
neithe agam 'á thabhairt fé ndeara le déanaighe agus ba ró


L. 314


mhaith liom do chómhairle-se dh' fhághail 'n-a dtaobh. B'fhéidir
go bhfuil an éagcóir agam. Má tá 'sin mar is fearr é.
Ach ní dhéanfaidh do chómhairle-se aon díobháil dom pé 'cu
tá an éagcóir agam nó ná fuil.”



“Cad tá agat d'á thabhairt fé ndeara?” arsa Maol-
mórdha.



“Tá so agam 'á thabhairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I
dtusach na h-oibre seo is dómh-sa a thugadh sí an chuid ba
mhó d'á h-aigne. Am' chómhairle-se a chuireadh sí gach aon
rud, go mór mór na neithe ba mhó a dheineadh buairt di.
Ansan, fé mar a ghluais an aimsir, bhíodh an triúr againn i
n-aonfheacht ins gach cómhairle, mise agus Amhlaoibh agus í
féin. Táim 'á thabhairt fé ndeara le déanaighe gur
d' Amhlaoibh a thugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a chuir sí
óthuaidh mé chun a dh'iaraidh ar Bhruadar teacht agus a neart
slógh thabhairt leis, dubhairt sí liom a gheallamhaint dó, dá
mba rud é ná cuirfeadh aon rud eile fhiachaint air teacht, a
gheallamhaint dó go dtabharfainn í féin dó agus Árdrígheacht
na h-Éirean, dá mbeirimís buadh. Mheasas an uair sin ná
raibh ins na geallamhnaibh ach neamhnídh. Is eagal liom anois
nách neamhnídh i n-aon chor iad. Agus is eagal liom go
bhfuil 'fhios ag Amhlaoibh nách neamhnídh iad.”



“Ó 'seadh!” arsa Maolmórdha, “agus go bhfuil Amhlaoibh
ag cabhrughadh le Bruadar sa n-obair!”



“Bhuailis do mhéar air, a rígh,” arsa Sitric.



“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Is maith a
dheinis an méid sin a dh'innsint dom. Ná leig an nídh ort
leó. Nuair a bheidh an ruagairt curtha againn ar shlóightibh
Bhriain iompó'míd araon, tusa agus mise, ar shluagh
Bhruadair, agus dísgeó'míd iad. Ansan ní bheidh aoinne
chun teacht idir thusa agus an Árdrígheacht.”



Shocaruighdar an méid sin chun a dtoile go h-áluinn.
Nuair a bhí an socarughadh déanta acu, ámhthach, bhí socarughadh
nár bh'é i n' aigne féin ag gach duine acu.


L. 315


“Is agam-sa féin a bheidh an Árdrígheacht i ndeire bára,
agus ní h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórdha, i
n' aigne féin.



“Ní h-aon iontaoibh tu, a dhritháir mo mháthar,” arsa Sitric,
i n' aigne féin. “Ní'l agam,” ar seisean, “ach an úsáid is
fearr a dh'fhéadfad, a dhéanamh díot, agus ansan — mé féin
do sheachaint ort chómh maith agus d' fhéadfad é!”



Bhí beirt eile i n-áit eile, sa mhór-shluagh, agus bhí caint
eatartha, leis. B' iad beirt iad san 'ná Cnút agus Anrud,
beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe.



“Ar airighis, a dhritháir,” arsa Cnút, “cé 'tá le bheith i
n' Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh an chatha so a troidfear Dé
h-Aoine?”



“D' airigheas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “ach ní fheadar
an ceart puínn suime chur ionta. D'airigheas ar dtúis gur
do Bhruadar a tabharfaí an Árdrígheacht agus an Árdrígan.
D'airigheas ansan gur do Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath,
a tabharfaí an Árdrígheacht. Ach tá muintir an Iarla
deimhnightheach gur b'é an t-Iarla a bheidh i n'Árdrígh; gur
gheall Sitric an Árdrígheacht agus an Árdrígan i n-aon-
fheacht dó.”



“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is
léir, as na ráflaíbh sin ná fuiltear socair i gceart ar cé
aige go mbeidh an Árdrígheacht.”



“Is fíor san, a dhritháir,” arsa Anrud, “ach cad é sin
dúinne cé 'cu atáthar socair air nó ná fuiltear?”



“Is mórán neithe dhúinn é,” arsa Cnút. “Ar thánamair-
ne anso, sinn féin agus ár mór-shluagh, tar éis mórán
costais do chur ar ár dtír féin, treasna faraigí fuara, chun
ár n-anama dh' imirt i bhfriothghuin chatha, i gcoinnibh Bhriain
agus Dál gCais, i dtreó go bhfaghadh Bruadar Árdrígheacht
agus Árdrígan?”



“Ní mheasaim gur chuige sin a thánamair,” arsa Anrud.


L. 316


“Ar thánamair i dtreó go bhfaghadh an t-Iarla iad?” arsa
Cnút.



“Ní mheasaim gur thánamair,” arsa Anrud.



“Ar thánamair chun Árdrígh dhéanamh de Shitric?” arsa
Cnút.



“Ní mheasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an
fheuchaint a thabharfadh ár n-athair orainn nuair a raighmís
abhaile dá mba ná béadh de bhár ár gcuarda againn ach
Árdrígh dhéanamh de Shitric,” ar seisean. “Ach cad 'tá
beartuighthe agat?”



“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean
am' aigne, chómh luath agus bheidh buaidhte againn ar mhór-
shluagh Bhriain go n-eireóchaid na ríghthe seo go léir chun a
chéile agus go mbeidh sé 'n-a chogadh dhearg eatartha.
Leigimís dóibh a chéile do dhísgiughadh, agus ansan bíodh Éire
againn féin!”



“Is maith an chómhairle í,” arsa Anrud. “Nuair a bheidh
Éire againn féin tiocfaidh m' athair anall agus déanfaimíd
Árdrígh dhé.”



“Thar a bhfeacaís riamh!” arsa Cnút.



Níor chodail an bheirt sin puínn an oídhche sin ach ag
socarughadh an sgéil sin, agus shocaruighdar é chun a dtoile
go h-áluinn.



CAIBIDIOL XIII.



ROSG CATHA BHRIAIN.



Ar eirighe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an
Chéasta, bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas i mbara
ríghtheighlaigh Shitric i n-Áth Cliath, agus iad ag feuchaint anonn


L. 317


treasna an chuain ar an línte fada cábán. Chonacadar na
slóighte go léir ag gluaiseacht amach agus 'ghá gcur féin i
n-eagar. Níor bh' fhada go bhfeacadar na h-íodhna fada 'ghá
riaradh féin, fan na trágha, lasmuich des na cábánaibh.



Chonacadar lasmuich airís, abhfad amach, ar aghaidh na
Lochlanach anonn, íodhna eile 'ghá gcur féin i n-eagar, agus
do thuig an bheirt rígan go raibh na h-íodhna amuich chómh fada,
chómh líonmhar, chómh láidir ar gach aon tsaghas cuma, le
h-íodhnaibh na Lochlanach.



“Ní mheasaim go bhfuil puínn sa mbreis ag aon taobh acu
ar a chéile i dtaobh nirt slógh,” arsa Béibionn.



“Ní líonmhaire a dheinean neart i gcómhnuíghe,” arsa
Gormfhlaith, “ná ní h-é a bheirean buadh.”



“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá bhfeicinn-se m' athair
agus Murchadh agus Dál gCais i láthair catha agus a dtrí
n-oiread nirt slógh 'n-a gcoinnibh ní bhéadh aon eagal orm
ná go mbéadh an buadh acu.”



“Fan leat go fóil,” arsa Gormfhlaith, “go bhfeicir lucht
na n-éidí práis úd thall ag tabhairt aghaidh ortha. Ansan
iseadh chífir cad a dhéanfaidh Murchadh agus Clann Chais.”



“Is fíor!” arsa Béibionn.



Bhí na h-íodhna catha, ó gach taobh, ag teacht fé dhéin a chéile.
Bhí na Lochlanaigh ag gluaiseacht go h-ana réidh. D'órduigh
na ríghthe agus na taoiseacha dhóibh siúbhal go réidh i dtreó ná
béadh saothar ortha nuair a thiocfaidís lámh le láimh agus ucht
le h-ucht leis an namhaid. Bhí íodhna na nGaedhal, leis, ag
teacht go réidh agus go stuamdha.



Do h-órduigheadh dos na Gaedhlaibh stad. Do stadadar.



Nuair a bhíodar 'n-a stad tháinig an t-Árdrígh amach os a
gcómhair agus é ar muin capail agus beirt fhear ag ceann
an chapail agus greim acu ar an sriain. Bhí a chlaidheamh
nocht anáirde ag an Árdrígh, 'n-a láimh dheis, an claidheamh
a bhí tar éis rian a bhéil do chur ar Lochlanachaibh ins gach aon


L. 318


pháirt de'n Mhumhain agus ins gach aon pháirt d'Éirinn.
D' aithin an tsluagh go léir an claidheamh san, agus nuair a
chonacadar anáirde é thugadar trí gártha molta dó féin
agus do'n Árdrígh. Le linn na ngártha san a thabhairt dóibh
d' árduigh gach fear a chlaidheamh féin. Bhí an ghrian díreach
ag éirighe. Do thaithn solus na gréine ar na claidhmhtibh go
léir agus iad anáirde, i dtreó gur mheas Béibionn agus
Gormfhlaith go raibh slóighte Bhriain tré theine.



Do thóg Brian anáirde, 'n-a láimh chlé, an Chrois Chéasta
agus íomhágh an tSlánuightheóra uirthi. Ansan do cuireadh
an capal ag siubhal go réidh, fan na n-íodhna, ar aghaidh na
slógh amach, agus do labhair an t-Árdrígh mar seo:—



“A Chlanna Gaedhal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le
tamal maith 'ghár n-ollamhughadh féin i gcóir an lae seo. Tá
aon nídh amháin socair againn agus measaim gur fearr
d' ollamhughadh é 'ná aon ollamhughadh eile atá déanta
againn. Tá socair ag gach fear againn gur b'é an lá indiu
lá a bháis féin pé taobh ar a mbeidh buadh. Má's ag ár
namhaid a bheidh buadh ní bheidh a smacht orainne, mar ní bheimíd
beó acu chuige. Má's againne a bheidh buadh an lae seo bíodh
a thoradh ag an muintir atá i n-ár ndiaigh sa bhaile.



“An t-é go bhfuil socair i n' aigne aige ar bhás d'fhághail
sa chath so atá le troid againn ní baoghal go n-iompóchaidh
sé ó'n gcath. Dá mba ná béadh aon nídh eile chun buadh do
chur i n-áirighthe dhúinn, cuirfidh san i n-airighthe dhúinn é. Dá
mbéadh fhios ag an namhaid go bhfuil ár n-aigne socair mar
sin againne ní ró mhór an misneach a bhéadh anois ortha.
Gheóbhaid siad amach ar ball é.”



Do labhair sé focal fé leith le gach rígh agus le gach cineil
fé mar a tháinig sé ar a n-aghaidh amach, focal éigin a chuir
a n-uaisleacht féin agus a gcródhacht i gcuimhne dhóibh, agus
conus mar a bhí Dia agus daoine ag faire ar an gcuma 'n-a
ndéanfaidís gníomh an lae a bhí rómpa. Nuair a tháinig sé
ar aghaidh Dál gCais, dúbhairt sé:—


L. 319


“A Chlann Chais, a shliocht ríoga! A mhuintir na n-arm
ngéar agus na gcruadh-lámh, nár staon agus nár stríoc do
namhaid fós riamh, i gcath d'á thruime, i n-éigin d'á ghéire, i
spéirlinn d'á dhéine, mo sheasamh indiu oraibh!”



Ansan d' árduigh sé a ghlór agus do sheinn a ghuth mar a
sheinnfeadh fuaim adhairce, i dtreó gur h-airigheadh agus gur
tuigeadh an uile fhocal uaidh ó cheann ceann de'n mhór-
shluagh:—



“Feuch ansúd iad!” ar seisean, ag síneadh a chlaidhimh i
dtreó na Lochlanach, “cruinnighthe cnuasta os bhúr gcómhair.
Tá rian bhúr lámh go daingean cheana ortha. Ní thugan san
ciall dóibh. Is minic le fiche bliain a chuireabhair-se anaithe
agus teitheadh agus ár agus dearg-ruathar ortha, ar fuid
réidhthe agus gleannta agus machairí Éirean. Is mór d'á
gcuid fola agus feóla atá ag cur geamhair agus féir ghlais
agus fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba chuma iad nó
cormhíola; d'á mhéid a marbhuightí dhíobh ní samhluightí easnamh
ná laighead ortha. Is fada sinn cráidhte acu, iad ag faire
ar ár gcuantaibh agus ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh
chughainn isteach nuair ná bíodh coinne leó, ag braduíol agus
ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic a leigeadh as iad
agus croch tuillte acu. B'é a mbuidhchas teacht airís agus
feall níba mheasa do dhéanamh. An fada a cuirfear suas
leis an obair sin? Is dócha gur dóich leó go leigfear as
indiu iad mar a leigeadh chómh minic cheana. Bíodh san de
dhearmhad ortha, a chlann ó! Ná téidheadh fear innste sgéil
abhaile dhíobh! Níor cuireadh fios ortha. Do thánadar uatha
féin. Is minic a dúbhradh leó go dtiocfaidís agus ná
h-imtheóchaidís. Deintear deimhin indiu dé dhóibh. An
amhlaidh a cheapadar ná raibh aoinne 'n-a chómhnuighe ar an
oileán so? Má deineadar dearmhad bíodh ortha féin anois.



“Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu. Do
thánadar go léir. Feuchaidh, a chlann ó, feuch an tsloigisg


L. 320


sin. Tá ‘an chráin 's a h-ál go léir’ ansan agaibh. Tá a
bhfuil beó de chlannaibh Lochlan ansan agaibh. Táid siad
bailighthe ansan agaibh ó Bhreatain agus ó Shasana, ó Albain
agus adtuaidh ó-s na h-oileánaibh, anall ó Mhanain agus anoir
ó chríochaibh Danmarg agus ó riasgaibh na h-Ioruaidhe. Ní'l
a thuille 'n-a ndiaigh sa bhaile gur fiú iad d'áireamh. Múchaidh
an satha san indiu, agus tá deire le réim Lochlan go bráth
na breithe!”



Le n-a linn sin do chonacadar go léir M'lsheachlainn agus
a dheich gcéad fear ag imtheacht as a n-inead. Dúbhairt
Brian:—



“Cím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce sin.
Ní maith an radharc atá le feisgint ann. Is mairg do
Mh'lsheachlainn, díreach mar is mairg do Mhac Giolla
Pádraig agus d'á Laighnibh, caismirt an lae indiu do
sheachnadh. Déanfar gníomh an lae indiu gan a gcabhair.
Béarfar buadh an lae indiu os cómhair a súl agus gan iad
páirteach ann. Beidh san de mhasla agus de ghuith ar a gclú
agus ar a gcáil an dá lá 's an fhaid a bheidh grian ar spéir
agus daoine ar talamh.



“Tá cuid d'ár muintir féin amuich uainn. Ná bac san.
Tá oiread againn anso agus shocaróchaidh cúntas leis an
sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é
shocarughadh. Anois an t-am chun é shocarughadh. Isiad ár
namhaid iad. Isiad namhaid ár gCreidimh iad. Tá rian na
teine ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh Éirean 'n-a ndiaigh.
Beidh lámh Dé linn 'ghá dhíoghalt san indiu ortha.



“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í
Aoine an Chéasda féin í,” agus d'árduigh sé an Chrois
Chéasda i radharc an tslóigh go léir. “I gcuimhneamh an lae
indiu,” ar seisean, “iseadh d'fhuiling ár Slánuightheóir Íosa
Críost bás ar chrann na Croise chun an Chreidimh do chur ar
bun. Táimíd-ne anso indiu ag tabhairt aghaidh ar an mbás


L. 321


chun an Chreidimh do chosnamh. An dóich leat ná go mbeidh
lámh chómhachtach an tSlánuightheóra linn sa ghleó? An dóich
leat ná go mbeidh meanmna ó Dhia indiu i gcroídhe gach fir
a thabharfaidh aghaidh ar an namhaid sin? Beidh; agus má's
anso atá fód ár mbáis beidh bás an tSlánuightheóra féin
mar urúdhas againn air go raghaidh ár n-anam saor ó'n bhfód
so go Flathas na ngrást.”



Ansan d'eirigh a ghlór níob' aoirde agus níba bhinne:—



“Gabhaidh chúcha, a chlann ó, i n-ainim Dé agus Mhuire.
Tugaidh an faobhar dóibh. Gabhaidh do chosaibh ionta! Ní h-é
an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó
uaibh. Ná cuiridh suim 'n-a gcótaibh iarainn. Cótaí troma
iseadh iad. Tá aon mhaith amháin ionta; coimeádfaid siad
na fir daoibh-se chun na gceann a bhaint díobh. Do thánadar
chun fanmhaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slígh fé'n bhfód
anso dhóibh. Tugtar dóibh é go fial!”



Ansan do labhair sé le Dál gCais:—



“A chlann ó, a óga mo chroídhe, a chine uasal! Is maith
is eól dómh-sa bhúr ngníomh. Feiceam an gníomh san indiu
uaibh, agus geallfad daoibh go mairfidh a thoradh agus a chlú
an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás i n-Éirinn!”



Um an dtaca 'n-a raibh an méid sin cainte déanta ag
Brian bhí an namhaid ag teacht i gcómhngar. Tháinig Tadhg
Mór ua Cealla agus Murchadh agus tuille des na ríghthibh,
agus cuireadar fhiachaibh ar Bhrian dul agus fanmhaint 'n-a
chábán, mar go raibh sé ró aosta chun dul sa chath, agus dá
dtuiteadh sé sa chath go gcuirfeadh san misneach ar an
namhaid. Dhein sé rud ortha, agus do cuireadh lucht cosanta
tímpal ar an gcábán.


L. 322


CAIBIDIOL XIV.



AN CATH.



Um an dtaca 'n-a raibh Brian socair 'n-a chábán agus an
lucht cosanta 'n-a thímpal bhí an dá shluagh i ngioracht cúpla
péirse dh'á chéile. Do léim fear mór amach a' sluagh na
Lochlanach agus do labhair sé.



“An bhfuil Dómhnall mac Éimhin anso?” ar seisean.



“Tá sé anso,” arsa Dómhnall ag teacht amach a' sluagh
na nGaedhal.



Thug an bheirt aghaidh ar a chéile. Do bhuail gach fear díobh
aon bhuille amháin ar an bhfear eile agus do thuit an bheirt
marbh ar an bhfód.



Ansan do séideadh na h-adharca ar gach taobh, do rith an
dá shluagh chun a chéile agus do thusnuigh an t-éirleach. Bhí
solus na gréine ag neartughadh agus ní raibh an solus ins
na súilibh ar aon tsluagh acu, mar bhí an ghrian ag taithneamh
anoir díreach, ar láimh dheis na Lochlanach agus ar láimh chlé
na nGaedhal. I dtusach an chómhraic ní raibh puínn des na
fearaibh ag tuitim ar aon taobh, mar bhí an chosaint chómh
maith leis an mbualadh. Aon áit sa tímpal 'n-a raibh
cnucán ná árdán bhí mná agus daoine óga anáirde ar na
h-árdánaibh ag faire ar an gcómhrac. Níor mhar a chéile
cómhrac an uair sin agus cómhrac anois. Ní fhéadfadh aoinne
dul i n-aon ghaor do chómhrac anois mar gheall ar an arm
teine. An uair sin d'fhéadfadh mná agus mion-daoine
teacht achamair go maith do'n chómhrac. Bhí mná na Lochlanach
cruinnighthe ins gach sórd áite 'n-ar fhéadadar aon radharc
a dh'fhághail ar an gcómhrac. Do chonacadar na claidhmhte
d'á gcasadh agus iad ag taithneamh sa ghréin. Chonacadar


L. 323


gach buille d'á chosaint, le faobhar nó le sgiath, chómh tiugh
agus do thagadh sé. D' airighdar fuaim na mbuillí ar na
sgiathibh ag sgreadach na bhfaobhar i gcoinnibh a chéile, agus
guthana árda na dtaoiseach ag labhairt leis na fearaibh, agus
dranntán na namhad chun a chéile le linn na mbuillí do
bhualadh dhóibh, agus do mheasg na fuaimeana san ar a chéile
ó dhachad míle namhad, i dtreó dá ndúnadh duine a shúile
agus éisteacht leis na ngleic, gur dhóich leis gur choill mhór
a bhí tré theine, agus an lasair ag búirthigh agus an t-adhmad
ag cnagarnaigh le neart na teine.



Do lean an cómhrac ar an gcuma san ar feadh abhfad
agus an ghrian ag druidim suas ar an spéir, agus is go
h-ana mhall a bhí sí ag druidim suas. Ansan do thusnuigh
na fir ar thuitim. Bhí saothar agus tuirse ag teacht ar chuid
acu agus agus bhí an chosaint ag teip.



Maolmórdha agus a Laighneacha isiad a bhí aghaidh ar aghaidh
le Dál gCais agus bhí sluagh mhór des na Lochlanaigh ag
cabhrughadh leó.



Nuair a bhíodh tuirse ag teacht ar a namhaid iseadh ba ghnáth
le Dál gCais breis nirt agus breis fuinnimh do theacht ionta.
Bhí san ag teacht ionta an uair sin. Bhí idir Laighneacha agus
Lochlanaigh ag tuitim fé n-a mbuillibh, agus bhí an chuid nár
thuit díobh ag dul i ndiaigh a gcúil, go ríghin. Ba dheacair
iad do chur i ndiaigh a gcúil. Bhí greim maith acu ar an bhfód.



Ach bhí Clann Chais ábalta ar a ngreim a bhogadh ó'n bhfód.
Bhí Murchadh ann agus a dhá chlaidheamh aige, mar ba ghnáth,
agus nuair a thugadh sé aghaidh ar fhear do thuiteadh an fear
san gan a thuille cáirde. Bhí Dúlainn ann agus é chómh
tapaidh, chómh marbhuightheach leis an león. “Fear na mbuillí
dtroma,” a thugadh na Lochlanaigh air. Bhí mac Mhurchadh ann
agus an dá chlaidheamh aige, mar a bhíodh agá athair. Dar
leis na Lochlanaigh bhí sé chómh h-olc le n' athair. Ní
h-aithneófaí ó chéile iad ach gan an fhéasóg a bheith ar an mac.


L. 324


B'é focal deirineach a dúbhairt Niamh ar maidin le
Dúlainn 'ná, “A Dhúlainn, ná tabhair do cheann leat ó'n
gcath so má leigean tú buille i gceann Chonnla!”



Ní rabhdar abhfad sa cath nuair a chonaic Dúlainn nár ghádh
d' aoinne cheann Chonnla do chosaint; go raibh a lámh dheas
féin ábalta ar a cheann do chosaint go feilimionta. Agus
ar nós Clainne Chais go léir, is ag dul i bhfuinneamhlacht a
bhí a chroídhe agus a ghéaga fé mar a bhí an cath ag dul i ndéine.
Bhí an namhaid ag dul i ndiaigh a gcúil, agus iad ag tuitim,
agus Dál gCais ag brúth ortha agus 'ghá leagadh; agus bhí an
ghrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Bhí an ghaoth
anoir agus í go maith láidir, ionfhuar, anamamhail, agus ba
mhór an tairbhthe an méid sin dos na fearaibh, ar gach taobh,
mar bhí allus ag teacht ortha agus teas an chómhraic ag cur
ortha, go mór mór ar an gcuid acu ná raibh taithighe ró mhaith
acu ar an saghas san oibre. Níor ghoill teas an chómhraic
puínn ar Dhál gCais. Do cruadhadh iad go maith leis an
ngleacaidheacht a bhíodh ar siúbhal coitchianta i gCeann Cora.
Nuair a bhíodar sa mhór-chath is amhlaidh a bhíodar ar nós an
chapail ráis n-a mbíon an fholuigheacht ann. Nuair ba dhóich
le duine gur cheart tuirse bheith ag teacht air is amhlaidh a
bhíon buile nirt agus misnigh agus fuinnimh ag teacht ann.



Bhí cuid des na Lochlanaigh a bhí ar an gcuma gcéadna,
agus ba ró dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Ach
bhíodar ag druidim siar agus bhí Dál gCais ag brúth ortha go
dian. Bhí Maolmórdha ag déanamh a dhíchil chun iad do
choimeád gan dul siar, ach ní fhéadadh sé é. Thugadh sé aire
mhaith, ámhthach, gan teacht aghaidh ar aghaidh le Murchadh ná le
Dúlainn. Mheasadh sé go bhfeiceadh sé dhá Mhurchadh ann, an
Murchadh go raibh an fhéasóg air agus an Murchadh ná raibh,
agus go raibh an Murchadh ná raibh an fhéasóg air chómh
contabharthach de theangabhálaidhe leis an Murchadh go raibh.



An fhaid a bhí san mar sin sa cheann san de'n chath, bhí neithe


L. 325


ar a mhalairt de chuma sa cheann eile. Bhí Lochlanaigh Átha
Cliath agus an deich gcéad fear ó'n Ioruaidh go raibh na
h-éidí práis ortha i gcoinnibh na Muímhneach eile (lasmuich de
Dhál gCais), agus bhí lucht na n-éidí práis ag brúth na
nGaedhal rómpa agus 'ghá marbhughadh go tiugh. Ba mhó go
mór an t-éirleach a bhí ag lucht na n-éidí práis 'á dhéanamh
ar Ghaedhlaibh an chinn sin de'n chath 'ná mar a bhí ag Dál gCais
'á dhéanamh ar Lochlanaigh an chinn eile. Bhí Bruadar ar
tusach ar lucht na n-éidí, agus bhí na Muímhnigh ag tuitim
'n-a srathanaibh ins gach treó 'n-a dtugadh sé aghaidh.



Bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas ar bara ríghtheighlaigh
Shitric agus iad ag feuchaint ar an éirleach a bhí ag lucht na
n-éidí 'á dhéanamh ar na Muímhneachaibh.



“Is maith na buanaidhthe iad san, a Bhéibionn!” arsa
Gormfhlaith. “Táid siad ag leagadh an arbhair go tiugh.
Beidh uathbhás oibre déanta acu i gcóir na h-oídhche.”



“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is
'mó cor a dh'fhéadfadh an saoghal a chur dé 'dir seo agus an
oídhche.”



Chonaic Murchadh conus a bhí lucht na n-éidí ag marbhughadh
na Muímhneach rómpa. D'fheuch sé 'n-a thímpal. Ní raibh
Caoilte abhfad uaidh.



“Téanam, a Chaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do
chur leó súd thiar. Beir ar do thuaigh agus lean mé.
Déin-se an rud céadna,” ar seisean le Dúlainn. “Agus
tusa, a mhic,” ar seisean le Connla. “Seasuigheadh an chuid
eile an fód anso.”



D'imthigh an ceathrar siar as an gcath agus siúd siar
ódheas iad chun na h-áite 'n-a raibh lucht na n-éidí agus iad
ag marbhughadh rómpa.



“An tuagh! An tuagh! An tuagh, a fheara!” arsa
Murchadh.



Le n-a linn sin do léim sé chun Lochlanaigh mhóir a bhí ag


L. 326


déanamh éirligh agus ná téidheadh aon bhuille chlaidheamh i
bhfeidhm air. Dhein Murchadh dhá leath d'á cheann, idir phrás
agus cloigean, le buille thuaigh. Bhí na tuaghana go léir
anáirde láithreach. Ansan iseadh do chonacthas an obair.



“Tugtar sleagh dhom!” arsa Murchadh.



Do tugadh. Thug sé sádh d'fhear mhór eile de lucht na
n-éidí. Do rith an tsleagh tríd an éide mar a ruithfeadh
snáthad tré bhréid, agus do thuit an fear. Ansan iseadh do
fíoradh an focal adúbhairt Brian ar maidin. “Ná cuiridh
suim 'n-a gcótaíbh iarainn,” ar seisean. “Cótaí troma
iseadh iad.” Chuimhnigh gach aoinne ar an bhfocal. Do
sheasaimh na Muímhnigh an fód. D'oibrighdar an tuagh agus
an tsleagh. Níor bh'fada go raibh lucht na n-éidí ag tuitim
go tiugh. Níor chuadar i ndiaigh a gcúil mar ní ró mhaith a
d’fhéadfaidís é. Bhí tuirse agus allus ortha, agus bhí an
éide ró throm. Níor dheineadar ach seasamh agus iad féin a
chosaint chómh maith agus dob' fhéidir leó é. Níor ró mhaith
a dh'fhéadadar iad féin a chosaint, mar bhí an bhuile agus an
fhearg ar na Muímhneachaibh nuair a fuaradar go raibh ar a
gcumas na h-éidí uathbhásacha san do ghearadh le tuaigh nó do
shádh le sleagh chómh saoráideach. Níor thuit puínn eile des
na Muímhneachaibh an uair sin, agus do chosain lucht na n-éidí
iad féin maith go leór. Do coireadh iad, ámhthach, agus fé
mar a coirtí iad ní fhéadaidís aon chosaint a dhéanamh ortha
féin, agus ansan do marbhuightí iad.



Do lean an cómhrac, gan stad gan staonadh, ó cheann
ceann de pháirc an chatha. Na h-Éireanaigh lán cheapaithe, fé
mar a bhí socair go daingean acu abhfad roim ré, ar bhás a
dh'fhághail sa chath san, pé taobh ar a mbéadh buadh an chatha.
Iongnadh agus alltacht ar na Lochlanaigh go léir, idir ríghthe
agus daoine, a rádh go raibh a leithéid de sheasamh ag na
Gaedhil 'a dhéanamh. “Má seasuightear i n-ár gcoinnibh puínn
eile aimsire ar an gcuma so buadhfar orainn!” a deiridís


L. 327


le n-a chéile, agus iongnadh a gcroídhe ortha. Ghéaruighdar
sa chómhrac, mar 'dh eadh go sguabfaidís na Gaedhil rómpa.
Do chaitheadar iad féin i gcoinnibh na nGaedhal díreach mar
a chaithean an fharaige í féin i gcoinnibh na caraige lá gaoithe.
Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do sheasaimh Clanna Gaedhal
'n-a gcoinnibh díreach mar a sheasuighean an charaig i gcoinnibh
uisge na faraige.



Thug na Lochlanaigh nídh eile fé ndeara. Thugadar fé
ndeara ná raibh blúire eagla roimis an mbás ag na
h-Éireanaigh, ná aon dothal acu roimis an mbás. I ndiaigh ar
ndiaigh do chuaidh 'n-a luighe ar aigne na Lochlanach ná raibh aon
tsúil go n-iompóchadh na h-Éireanaigh ó'n gcath. Go
seasóchaidís an fód an fhaid a bheidís beó, agus gur le
h-áthas a ghlacfaidís bás.



Níor bh'fhéidir leis na Lochlanaigh an nídh sin do thuisgint.
Do thuigfidís é, b'fhéidir, dá mbéadh 'fhios acu cad é an
socarughadh aigne a bhí déanta ag na Gaedhlaibh abhfad sar a
dtáinig lá an chatha san; do thuigfidis é dá mbéadh 'fhios
acu go raibh Naomh Ídhbirt an Aifrinn d'á dhéanamh chun Dé,
ó thainig an chéad leus de sholus an lae an mhaidion san,
ins gach eaglais agus ins gach mainistir i n-Éirinn. Do
thuigfidís é dá dtuigidís conus mar a bhí sagairt agus
manaigh agus mná riaghalta ar fuid na h-Éirean, i gcaitheamh
na maidine sin agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré, ag
briseadh a gcroídhe 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire, tré ímpídhe
na Maighdine Muire, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde
agus Cholum Cille, gan buadh an chatha san do leigint leis
na Lochlanaigh. Do thuigfidís é dá mbéadh 'fhios acu conus
mar a bhí an t-Árdrígh aosta, an fear a thaisbeáin an Chrois
Chéasda do'n tsluagh an mhaidion san, an fear a bhí ceapaithe
ag Dia an uair sin chun cómhacht na Lochlanach do bhriseadh
agus do chlaoidh i n-Éirinn, conus mar bhí sé ar a dhá ghlúin,
istigh 'n-a chábán, 'ghá iaraidh go cruaidh ar an Slánuightheóir


L. 328


Gléigeal gan an buadh do leigint le namhaid an Chreidimh.
Ní raibh aon phioc d' fhios an méid sin go léir ag na
Lochlanaigh, agus d'á bhrígh sin níor thuigeadar cad fé ndeara
dos na Gaedhlaibh a leithéid de sheasamh a dhéanamh sa chath
agus bás do ghlacadh le n-a leithéid d' áthas.



Do lean an cómhrac gan sos gan staonadh gan lagughadh,
agus bhí an ghrian ag druidim, go ríghin, chun a h-áite ar an
spéir i meadhan lae. Bhí an bualadh agus an t-éirleach
chómh-dhian, ba dhóich le duine, ó cheann ceann de'n machaire.
Bhí na mná agus na mion-daoine ar na h-árdánaibh ag faire.
Bhí buairt agus eagla ag tusnughadh ar theacht ar na mnáibh a
tháinig ar na loingeas. Ní raibh aon choinne acu go leanfadh
an cath chómh fada, ná go seasóch' na Gaedhil an fód chómh
daingean. Bhí a lán d'á bhfearaibh féin, agus d'á macaibh,
sínte marbh ar an bpáirc. Bhí ag dul 'n-a luighe ar a n-aigne
gur bhaoghal ná raibh seilbh i dtalamh na h-Éirean le fághail
acu chómh saoráideach agus do mheasadar. Ach do ghluais an
cómhrac agus shamhluighdar gur ag dul i ngéire agus i ndéine
agus i dtruime a bhí an chaismirt, agus gan aon chlódh
lagachair ná aon deabhramh géille ar shlóightibh na nGaedhal.
Dá ndúnadh bean acu a súile an uair sin agus éisteacht leis
an ngleó, d' aireóchadh sí an choill mhór tré theine agus an
lasair ag búirthigh agus an t-adhmad ag cnagarnaigh, agus
d' aireóchadh sí mar a bhéadh dachad míle fear agus dachad
míle tuagh acu agus iad ag gearadh na gcrann agus 'ghá
leagadh!



Bhí na crainn ag tuitim, na crainn bheaga ar dtúis agus
ansan na crainn mhóra, agus ní raibh aon taobh ag déanamh
aon ghéille do'n taobh eile, nó má géilltí beagán ar taobh
anois agus airís, do buaidhtí an beagán san thar n-ais gan
puínn ríghnis; agus bhí an ghrian ag druidim siar. Bhí ceó
éigin odhar ag eirighe ó'n machaire, agus bhí an ghaoth ag
séideadh an cheóidh sin os cionn na bhfear a bhí ag troid,


L. 329


agus isteach fé 'n dtír. Ceó fola ab eadh an ceó san.
D' eirigh, leis, as an machaire, fuar-bhalaith grána trom,
balaith na fola. Bhí an balaith chómh láidir, chómh trom san
go mb'éigin do chuid des na mnáibh a bhí ar na h-árdánaibh
imtheacht. Nuair a chuaidh an balaith sin fútha d'iompuigh a
ngoile, bhí an balaith chómh trom san. Ach níor chuir faobhar
ná fuil, ceó ná balaith, fhiachaint ar lucht an chómhraic
staonadh ó'n gcath ar aon taobh. Chomáineadar leó ag
bualadh agus ag leagadh agus ag tuitim, an duagh agus an
saothar agus an cruadhtan 'ghá dtnáthadh agus an tart 'ghá
losgadh, agus an ghrian ag druidim siar, go ríghin.



Tá tobar breagh fíor-uisge sa mhachaire ar a raibh an
cómhrac ar siúbhal. Deirtear go dtéidheadh na taoisigh
Ghaedhlacha chun an tobair sin, ó am go h-am, chun a lámh a
dh' fhuaradh sa n-uisge agus chun díghe dh'ól, agus ansan go
bhfillidís chun an chómhraic agus a lán neart acu. Thug na
Lochlanaigh fé ndeara an nídh sin. Bhí buidhean chosanta ag
na Gaedhlaibh ar an dtobar. Tháinig buidhean Lochlanach chun
an tobair a bhaint díobh. Do throid an dá bhuidhean go
fíochmhar. Do loiteadh an tobar. Nuair a tháinig taoiseach
Gaedhlach chuige ar ball bhí sé lán d'fhuil agus de chré, agus
na cuirp 'n-a gcruachaibh air.



Ní fheadar féin conus fhéad na fir Ghaedhlacha imtheacht ó'n
gcath chun díghe dh' ól as an dtobar mura b' amhlaidh a
dheinidís uanuigheacht ar a chéile. Pé rud a dheinidís do
lean an t-éirleach gan sos gan staonadh, agus bhí an ghrian
ag druidim siar, go mall.



Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a shluagh, a bhí i ngleic
leis na Conachtachaibh. I dteannta na gConachtach a bhí
ceapaithe do Mh'lsheachlainn Mhór seasamh. Nuair a dh'imthigh
M'lsheachlainn agus a dheich gcéad as an gcath d'fhág sé
easnamh mór agus leath-lámh mór ar na Conachtachaibh. Ach do
sheasaimh na Conachtaigh an cómhrac, gan dul órlach i ndiaigh a


L. 330


gcúil, i gcaitheamh an lae go léir. Thug an dá shluagh fé
ndeara na gníomhartha uathbhásacha a dhein Tadhg Mór ua
Cealla i gcaitheamh an lae. Thug a lán des na fearaibh
láidire a bhí ar na Lochlanaigh aghaidh air, i gcaitheamh an lae,
ach do thuit gach fear díobh le n-a láimh. Fé deire do thug
Bruadar féin aghaidh air. Bhí éide ana chruaidh ar Bhruadar.
Bhí a shleagh i láimh Thaidhg Mhóir. Thug sé sádh de'n tsleagh
do Bhruadar. Níor chuaidh an tsleagh tríd an éide ach do
caitheadh Bruadar siar ar fleasg a dhroma, bhí a leithéid sin
de neart leis an sádh a tugadh dó. D'eirigh sé agus thug sé
foghadh eile fé Thadhg. Do leagadh airís é ar an gcuma
gcéadna. Thug sé an trímhadh foghadh. Do baineadh an
trímhadh leagad as. D'eirigh sé agus do rith sé isteach i
gcoill a bhí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin tháinig Sígurd
i ngar do Thadhg, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar a shleagh
do bheartughadh airís do bhuail Sígurd sa cheann é le tuaigh.
Do thuit Tadhg marbh. Is ar éigin a bhí sé ar lár nuair a bhí
Sígurd ar lár, chómh marbh leis, agus a cheann agus a chabhail,
síos go caol a dhroma, sgoilte glan le buille thuaigh ó
Mhurchadh. Chonaic an dá shluagh an buille sin. Do bhrúigh
sluagh Shíguird isteach chun báis a rígh do dhíoghailt. Bhí
Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice Mhurchadh. Do
dhruid na Conachtaigh amach 'n-a dteannta. Bhí sluagh
Shíguird ag tuitim láithreach chómh tiugh agus do féadtí na
buillí do tharang ortha. Chonaic beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe
an t-éirleach san. Do ritheadar araon fé dhéin na h-áite.
Le n-a linn sin tháinig Tadhg Óg ua Cealla chun na h-áite
'n-a raibh a athair sínte. Bhí bean ar a glúinibh ag ceann
an athar agus a cheann idir a dhá láimh aici.



Bhí Murchadh ag ruith fé dhéin na beirte a bhí ag teacht 'n-a
choinnibh. Bhí na Conachtaigh ag déanamh an éirligh ar mhuintir
Shíguird. Caroll Cnút an chéad duine de'n bheirt a tháinig
i gcoinnibh Mhurchadh. Do thuit Caroll láithreach fé thuaigh


L. 331


Mhurchadh. Pé rud a bhí imthighthe ar láimh dheis Mhurchadh chaith
sé uaidh an tuagh. Tháinig Anrud chuige agus é ar buile
mar gheall ar mharbhughadh a dhritháir. Do chosain Murchadh é
féin air leis an gclaidheamh a bhí n-a láimh chlé aige. Thug sé
únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan do chuir
sé an claidheamh i gcoinnibh a uchta féin agus a bhara ar ucht
Anruid agus do luigh sé le n'ucht ar an gclaidheamh agus
chuir tré éide agus tré chliabh Anruid é. Nuair a chrom
Murchadh chuige sin do thug Anrud snap ar an sgiain a bhí i
gcrios Mhurchadh. Do tharaing sé an sgian as a truail agus
sháidh sé suas i n-ucht Mhurchadh í, agus do thuit Murchadh
anuas air.



An fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal bhí Tadhg Óg ua Cealla
ag déanamh an éirligh, i dteannta na gConachtach, ar shluagh
Shíguird, agus díoghailt bháis a athar ortha. Bhí a athair sínte
lastiar dé agus an bhean ar a glúinibh agá cheann. Cé
'léimfeadh chuige amach a' lár an namhad ach Amhlaoibh agus a
thuagh 'n-a láimh aige.



“Tabharfad a cheart féin do'n fhaobhar anois, a Thaidhg!”
arsa Amhlaoibh, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar an iongnadh
a tháinig air do chur dé ná ar aon chosaint a dhéanamh air
féin, do bhuail Amhlaoibh sa cheann é leis an dtuaigh. Do
thuit Tadhg. Chómh luath agus do thuit Tadhg cé chífeadh
Amhlaoibh 'n-a seasamh ar a aghaidh amach ach Niamh!



D'fheuch an bheirt ar a chéile. Níor bh' ionan an fheuchaint
sin agus an chéad fheuchaint úd a thug an bheirt chéadna ar a
chéile. Pé rud a chonaic Amhlaoibh sa chéad fheuchaint chonaic
sé sa tarna feuchaint rud éigin uathbhásach, rud éigin a bhain
a mheabhair dé glan. Do thuit an t-arm as a láimh. Do
leath a bhéal agus a dhá shúil. D'iompuigh sé ar a sháil agus
do rith sé as an áit. Do rith sé i n-am agus ní raibh ann ach
san. Bhí Connla díreach ag teacht agus a thuagh 'n-a láimh
aige, tuagh a bhí chómh dian ar na Lochlanaigh an lá san le tuaigh


L. 332


Mhurchadh féin. Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla 'n-a
dhiaigh.



Bhí Amhlaoibh chómh cosmhail sin le Bruadar gur measadh
go minic i gcaitheamh an lae gur bh'é Bruadar Amhlaoibh agus
gur bh'é Amhlaoibh Bruadar. Do deineadh an dearmhad
céadna go minic i gcaitheamh an lae i dtaobh Mhurchadh agus
Chonnla, go mór mór nuair druideadh amach sa lá agus nuair
a bhí na fir go léir clúdaidhthe le fuil agus le salachar i
dtreó nár bh'fhéidir a dh'fheisgint cé 'cu a bhí féasóg ar dhuine
nó ná raibh.



Nuair a chonaic an dá shluagh an bheirt ag ruith do buaileadh
isteach láithrach i n-aigne gach aoinne gur bh'é Bruadar a
bhí ag teitheadh agus gur bh'é Murchadh a bhí ar a thóir. Nuair
a chonaic na Lochlanaigh, dar leó, Bruadar ag teitheadh agus
Murchadh ar a thóir d'iompuighdar go léir agus do theitheadar.
D' eirigh an liú fhiaigh ó-s na Gaedhlaibh mór-thímpal i dtreó
gur chrith an machaire fé chosaibh na bhfear. Nuair airigh an
deich gcéad a bhí ag M'lsheachlainn an liú uathbhásach san níor
fhéadadar fanmhaint socair a thuille. Bhí páirc threabhtha
idir iad agus an cath. Siúd amach iad, treasna na páirce
agus siúd ar thóir na Lochlanach iad. Dheineadar obair
mhaith, d'á dhéanaighe a thánadar. Mura mbéadh iad ní curfaí
ar na Lochlanaigh an t-ár uathbhásach a cuireadh ortha. Bhí na
fir a bhí sa chómhrac fan lae ró bhuailte amach le tuirse, an
méid díobh ná raibh cneadhacha go tiugh ortha agus mórán fola
caillte acu.



Do ghluais an teitheadh agus an tóir agus an marbhughadh.
Thug na mná aghaidh ar na bádaibh chun dul ar bórd na
loingeas. Chuaidh an iomad acu isteach ins gach bád. Chómh
luath agus dhruid na báid amach do chuadar fé uisge agus
do báthadh na daoine a bhí ortha. Thug formhór na bhfear a
bhí ag teitheadh aghaidh ar ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath. Bhí
an Tulcain ar an slígh rómpa, agus bhí sí ana dhoimhinn, mar


L. 333


bhí an taoide lán um an dtaca san. Do báthadh na céadta
dhíobh sa n-abhainn sin.



Bhí Gormfhlaith agus Béibionn thuas ar bhara an ríghtheighlaigh.
Chonacadar an teitheadh agus an tóir.



“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaidhthe
atá ag obair anois 'ná iad súd a bhí ag obair i dtusach an
lae.”



Níor dhein Gormfhlaith ach buille dhorn a thabhairt sa bhéal
di, agus cúpla fiacal a bhaint aisti.



CAIBIDIOL XV.



AN T-ÁR-MHÁGH.



Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla 'n-a dhiaigh, agus
ansan do rith an méid a bhí gan marbhughadh de mhuintir
Shíguird. Do ghluais ar a dtóir an méid a bhí ábalta ar
ruith des na Conachtachaibh. Do ghluais Caoilte sa tóir i
n-aonfheacht leó. Níor chuaidh Caoilte abhfad. Bhí fhios aige
go raibh Niamh sa n-áit 'n-a raibh a h-athair sínte marbh. Do
chas sé thar n-ais le h-eagla go gcasfaí buidhean Lochlanach
sa treó agus go mb’ fhéidir go mbéadh Niamh gan chosaint.



Nuair a tháinig sé is amhlaidh a fuair sé a lán de mhuintir
Uíbh Máine ann roimis, agus de mhuintir Mhaoilruanaidh na
Paidre. Bhíodar ró chréachtnaidhthe chun leanmhaint ar an
dtóir, ach bhíodar ábalta ar Niamh a chosaint go maith. Bhí
sise ar a glúinibh ag ceann cuirp a h-athar. Bhí sagart ann,
leis, agus manach. Ag tabhairt aire do Thadhg Óg ua Chealla
iseadh bhí an sagart. Ní raibh Tadhg Óg marbh, bíodh go raibh


L. 334


sé gortuighthe go maith. Níor thug Amhlaoibh “a cheart féin
do'n fhaobhar.” Bhí clogad maith láidir ar cheann Thaidhg.
Do chuir an tuagh stangadh doimhinn sa chlogad agus do
gortuigheadh an ceann, ach níor gearadh an clogad ná an
ceann. Bhí Lonán ann agus níor bh'fhada go raibh Tadhg
tagaithe chuige féin fé láimh Lonáin.



Bhí ceann Thaidhg Mhóir, ámhthach, 'n-a dhá leat, ach níor choruigh
Niamh uaidh.



Bhí Conn ann agus é tar éis teacht ó'n áit 'n-a raibh a
athair féin, Maolruanaidh na Paidre, sínte marbh. Do mhair
Maolruanaidh tamal maith tar éis a ghunta, agus bhí sagart
i n' aice ó fuair sé an ghuin go dtí go bhfuair sé bás.



Nuair a chonaic Niamh Caoilte agus Conn do labhair sí leó.



“Cá bhfuil Connla?” ar sise.



“D' imthigh sé ar thóir na Lochlanach, a rígan,” arsa
Caoilte.



“Is truagh san!” ar sise. “Má imthíghean aon nídh air tá
Éire creachta glan.”



Bhí tuille des na Conachtaigh ag teacht ó'n dtóir. Chuir sí
tuairisg Chonnla ortha. Ní fheacaidh aoinne Connla ach do
chonaic gach aoinne Murchadh agus é ar thóir Bhruadair agus
Bruadar ag teitheadh uaidh.



“Ní fhéadfadh Murchadh bheith ar thóir Bhruadair,” arsa
duine a tháinig, “mar tá Murchadh ansúd thall sínte agus
beirt shagart i n' fhochair. Do thuit Murchadh díreach nuair a
bhí an teitheadh agus an tóir ag tusnú'.”



“An é radharc mo shúl a mheasfá a bhaint díom!” arsa'n
chéad duine. “Ná feacaidh mo dhá shúil Bruadar ag teitheadh
agus Murchadh ar a thóir!”



“Ní fheacaís Bruadar ag teitheadh,” arsa Niamh, “mar do
leag m' athair é trí h-uaire as a chéile, agus ansan do rith
sé isteach sa choill bheag san thuas.”



Le n-a linn sin d'fhéachadar suas agus cad a chífidís ach


L. 335


Bruadar féin ag ruith 'n-a dtreó ó'n áit 'n-a raibh pubal
an Árdrígh, agus é ag liúirigh:—



“Sgaoiltear an focal ó bhéal go béal!” ar seisean,
“gur mhairbh Bruadar Brian!”



Siúd chuige an bhuidhean chosanta do fágadh ar phubal
Bhriain. Do ritheadar ar thóir na Lochlanach agus d'fhágadar
an pubal gan chosnamh. Tháinig Bruadar amach as an gcoill,
mar a raibh sé i bhfolach. Fuair sé an t-Árdrígh gan chosnamh,
agus chuaidh sé isteach agus mhairbh sé an t-Árdrígh. Do rug
an bhuidhean chosanta ar Bhruadar agus chuireadar chun báis
é. Ba shuarach an leigheas é sin ar an ndíobháil a bhí déanta.
Dá dtugaidís aire do'n ghnó a cuireadh 'n-a chúram ortha tá
gach aon deabhramh go mbéadh a mhalairt de sgéal againn go
léir, riamh ó shin agus indiu, seachas mar atá.



Deir cuid de'n tseanachus gur chosain Brian é féin go
cródha. Ní fheadar cé 'cu a dhein nó nár dhein, agus is cuma
liom. B'fhearr liom go mór a bheith ar chumas an tseanachuis
a rádh gur chosain na fir é n-ar cuireadh mar chúram ortha é
chosaint. Is truagh gan a n-ainimneacha againn! Chuireadar
pionós ar Bhruadar. Ba mhór go léir an leigheas é sin
ar an bhfaillígh a dheineadar féin; nár bh' eadh!



Ag teacht thar n-ais ó thóir na Lochlanach a bhíodar nuair a
bhuail Bruadar umpa agus an gníomh déanta aige.
Dheineadar go h-aindeis a ngnó!



Nuair a fuair Niamh go raibh Brian marbh d' eirigh sí 'n-a
seasamh:—



“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caith-
fimíd Connla dh'fhághail. Tá Brian marbh, agus is dócha go
bhfuil Murchadh marbh. Tá Árdrígh againn fós, ámhthach, má
tá Connla beó.”



Siúd chun siúbhal iad. Do leanadar an treó do lean na
Conachtaigh sa tóir. Bhí cuid des na Conachtaigh ag teacht
thar n-ais. D'iompuighdar i n-aonfheacht leis an dtriúr


L. 336


nuair a fuaradar cad a bhí uatha. Dheineadar gach aon
tsaghas cuardaigh agus chuireadar gach aon tsaghas tuairisge,
ach ní bhfuaradar aon bhlúire eóluis. D'inis fiche duine dhóibh
go bhfeacathas Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir,
ach ní fheacaidh aoinne Connla.



Bhí an oídhche ag tuitim. Bhí an machaire go léir lán de
chorpaibh, agus bhí a lán des na Lochlanaigh a leagadh sa tóir
agus ná rabhdar marbh ar fad, agus go raibh fonn ortha sleagh
nó tuagh nó sgian do chaitheamh le h-aon Éireanach a
chífidís. Do tuigeadh go raibh sé ró chontabharthach leigint do
Niamh dul níba shia sa chuardach. Do socaruigheadh ar dhul
thar n-ais. Go mb’fhéidir go raibh Connla tagaithe ann um
an dtaca san. Mura raibh go bhféadfadh na fir teacht airís
ag cuardach agus Niamh a dh'fhágáilt ar a suaimhneas, i n-áit
a bhéadh gan bhaoghal.



Thánadar thar n-ais. Ní raibh an tuairisg ar Chonnla. Bhí
an oídhche dhubh ann um an dtaca san, agus chun na h-oídhche
dhéanamh níba dhuibhe do leath ceó isteach ó'n bhfaraige i dtreó
ná feicfeadh duine a lámh dá síneadh sé í.



Ní raibh aon rud le déanamh ach dul fé dhéin an longphuirt
i gCill Mhaighneann. Dhein muintir Thaidhg Mhóir agus muintir
Mhaoilruanaidh dhá chróchar agus do rugadar leó an dá chorp
chun an longphuirt. Bhí na sagairt agus na manaigh ann,
agus bhíodar ag cantainn úrnuighthe na marbh ar an slígh.
Nuair a thánadar go Cill Mhaighneann fuaradar go raibh a
lán sochraidí beaga eile tagaithe ann rómpa, agus ag teacht
ann 'n-a ndiaigh, agus an obair chéadna ar siúbhal acu. Bhí
na sagairt agus na manaig go léir ann, ó Shórd Cholum
Cille, agus an uile shaghas córacha tabhartha leó acu, mar atá,
líon geal chun cneádhthach do dhúnadh agus fuil do chosg, agus
deocha chun nirt, agus banndaí línéadaigh, agus cliathacha chun
cnámh do chur, agus mar sin. Bhí flúirse des na neithibh sin
tabhartha leó ó'n mbaile ag na mnáibh a tháinig, ach níor mhiste
an tuille.


L. 337


Bhí na buidheana beaga ag teacht i gcaitheamh na h-oídhche
agus a nduine marbh féin ag gach buidhin díobh. Tháinig cuid
de theighlach Mhurchadh agus Murchadh ar chróchar acu, ach ní
raibh sé marbh. Mhair sé go dtí amáireach a bhí chúghainn. Bhí
na sagairt i n' aice sa n-áit 'n-ar thuit sé, anuas ar mhac
rígh na h-Ioruaidhe. D'fhan sagart i n' fhochair go dtí gur
tharaing sé an anál.



Ní raibh aon bhuidhean a tháinig mar sin i gcaitheamh na
h-oídhche ná raibh Niamh a' faire ortha feuchaint cathin a chífeadh
sí buidhean ag teacht agus Connla acu, nó feuchaint cathin a
chífeadh sí Connla féin ag teacht ar bhuidhin acu agus duine
aige 'á thabhairt leis. Níor tháinig sé mar seo ná mar siúd.



Tháinig solus an lae. Do ghlan an ceó.



“Téanam,” arsa Niamh le Caoilte agus le Conn, “go
gcuardaighmíd an machaire feuchaint a' bhfaighmís Connla beó
nó marbh.”



Ghluaiseadar amach. Thánadar ar áit an chatha. Ba ghrána
an radharc an uair sin é mar mhachaire. Bhí an talamh go
léir, ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath agus ó chiúmhais na trágha
abhfad amach sa tír, clúdaighthe le corpaibh daoine. Bhí, anso
agus ansúd ar fuaid an mhachaire, rudaí beó ag gluaiseacht
ameasg na gcorp. Daoine ab eadh cuid des na rudaíbh beó
san, daoine a bhí ag lorg corp a gcarad féin. Bitheamhnaigh
ab eadh cuid des na rudaíbh beó; bitheamhnaigh a bhí ag guid
an tsaidhbhris agus na n-órnáidí a bhí ar chorpaibh na Lochlanach
uasal agus na n-Éireanach uasal. Gaidhir ab eadh cuid des
na rudaíbh beó, leis; gaidhir ghrána mhóra, chontabharthacha, a
tháinig isteach ó'n dtír nuair a rug an ghaoth balaith na fola
amach ag triall ortha.



Shiúbhluigh Niamh agus a cualacht an machaire, soir agus siar
agus anonn agus anall, ach ní bhfuaradar aon radharc ar
aon chorp go raibh aon cosamhlacht aige le Connla. Do chíodh
Niamh uaithe, go minic, corp a bhíodh, dar léi, cosmhail le


L. 338


Connla. Ansan nuair a thagaidís i n' aice chíodh sí nár bh' é
é, agus bhíodh áthas uirthi.



Bhí an mhaidion ag gluaiseacht agus an ghrian ag druidim
suas ar an spéir, agus fir ag teacht go tiugh, as gach aon
treó baill, le h-órdúghadh na sagart, agus ráinní agus
sluaiste acu, chun na gcorp do chur fé thalamh. Do leath na
fir sin iad féin ins gach aon bhall ar fuaid an mhachaire agus
do chrom gach aon triúr nó ceathrar acu ar thrínse dh' osgailt.
Ba gheár go raibh oiread san acu ann go mb'éigean dos na
gaidhir agus dos na bitheamhnaigh glanadh as an áit. Má bhí
saidhbhreas le fághail ar chorpaibh na marbh do thuig na fir a
bhí ag déanamh na h-oibre gur bh' iad féin dob fhearr ceart
chun an tsaidhbhris sin. Bhí an obair ar siúbhal ins gach aon
pháirt de'n mhachaire, agus ins na h-áiteanaibh 'n-a raibh na
cuirp 'n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile b' éigean trínsí
móra leathana doimhne dhéanamh, agus na cuirp a chur 'n-a
gcruachaibh fé thalamh, díreach mar a bhíodar 'n-a gcruachaibh
os cionn tailimh. Bhí na taoide lán airís agus bhí cuirp na
mban agus na leanbh aici 'á chaitheamh isteach ar an dtráigh.
Fé mar a dhruid an taoide amach bhí sí ag fágaint na gcorp
ar an dtráigh 'n-a diaigh. B'éigean trínsí móra leathana
doimhne dhéanamh dóibh sin, leis, agus iad do chur 'n-a
gcruachaibh fé thalamh. Nuair a bhí na trínsí sin lán des na
corpaibh agus an chré curtha suas ortha is amhlaidh a bhí árdán
mór árd sa n-áit 'n-ar deineadh gach trínse. Táid na
h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.



Chonaic Niamh, agus an mhuintir a bhí le n-a cois sa chuardach,
a lán daoine cruinnighthe tímpal na h-áite na dtéidhean an
Tulcainn isteach sa bhfaraige. Thánadar chun na h-áite. Bhí
an Tulcainn lán de chorpaibh na Lochlanach i dtreó go
rabhdar ag coimeád uisge na h-abhan siar ó'n dtaoide do
leanmhaint. Bhí na fir ag tógaint na gcorp as an abhainn
agus 'ghá síneadh ar an bport i n-aice 'chéile. Nuair a


L. 339


tháinig Niamh chonaic sí dhá chorp sínte ar an bport i n-aice
'chéile. D'aithin sí láithreach iad. Amhlaoibh agus Connla
isiad a bhí ann. D' aithin gach aoinne Connla. Mheas cuid
de'n lucht oibre gur bh' é Bruadar an fear eile. D'inn-
seadar do Niamh, agus do'n mhuintir a bhí le n-a cois, gur
bh' amhlaidh a fuaradh an bheirt agus cruach mhór de chorpaibh
Lochlanach anuas ortha, agus dhá láimh Chonnla daingean i
bhfolt Amhlaoibh, agus a chorp anuas ar chorp Amhlaoibh.



D'fheuch Niamh ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice 'chéile,
go breagh socair. Bhí dhá shúil Amhlaoibh ar dian-leathadh,
agus bhí 'n-a sheasamh ionta, agus 'n-a ghnúis ar fad, an sgeón
millteach a chonaic sí ionta díreach nuair a thuit an tuagh as
a láimh agus do theith sé. Bhí gnúis Chonnla chómh sámh, chómh
socair, chómh suaimhneasach agus dá mba 'n-a chodla bhéadh sé.
Chómh luath agus do chonaic sí iad do bhánuigh a h-aghaidh i
dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn 'n-a h-aice, duine acu
ar gach taobh di. Mheasadar go raibh sí i riocht tuitim. Ní
raibh. Do gháir sí nuair a chonaic sí an t-eagal ortha.
Tháinig sí ar a glúinibh i n-aice Chonnla agus chrom sí ar
phaidir a rádh le n' anam. Tháinig an bheirt eile ar a nglúinibh
agus dúbhradar an phaidir i n-aonfheacht léi.



“Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Amhlaoibh!” ar sise,
“agus dúinn go léir.”



D'eirighdar. Dheineadar cróchar agus chuireadar corp
Chonnla air, agus do rugadar leó é chun an longphuirt.



“Dob' uathbhásach an cath é!” arsa Conn agus iad ag
teacht, “agus is fada a bheidh cuimhne i n-Éirinn air.”



“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an bhfuil fhios agat cad
a chuirfidh iongnadh ar an saoghal go deó?”



“Cad a chuirfidh?” arsa Conn.



“An deich gcéad úd go raibh na h-éidí mitil ortha tá an
uile dhuine acu marbh!” arsa Caoilte.



“An uile dhuine acu!” arsa Conn.



“An uile dhuine riamh acu”, arsa Caoilte.


L. 340


CAIBIDIOL XVI.



I nDIAIGH AN CHATHA.



Nuair a tháinig Niamh agus an mhuintir a bhí le n-a cois go
dtí an longphort, agus corp Chonnla acu, bhí Donchadh, mac
Bhriain, tagaithe thar n-ais ó Chúige Laighean agus mórán
creach aige. Bhí iongnadh ar Dhonchadh nuair a fuair sé go
rabhthas tar éis an mhóir-chatha do throid. Bhí iongnadh, leis,
air féin agus ar gach fear des na fearaibh a bhí i n-aonfheacht
leis, mar gheall ar dhéine an chatha agus ar mhéid an áir ar
gach taobh. D'fhiafraigh sé conus a thárla gur deineadh a
leithéid de dhísgiughadh ar Dhál gCais agus ar na Conachtaigh
agus ar na Muímhneachaibh, agus M'lsheachlainn Mór agus a
shluagh bheag do dhul as chómh maith.



Do h-innseadh dó conus mar a tharaing M'lsheachlainn agus
a dheich gcéad siar ó'n gcath i dtusach an lae agus conus
mar a chuireadar an pháirc threabhtha idir iad agus an cath.
Ach do h-innseadh dó conus mar a dheineadar rud maith um
thráthnóna, gur ghluaiseadar ar thóir na Lochlanach, agus mura
mbéadh iad go mb' fhéidir ná brisfí an cath ar na Lochlanaigh
chómh h-iomlán agus a deineadh. Pé'r domhan é ná curfaí
ar na Lochlanaigh an t-ár a cuireadh ortha mura mbéadh
M'lsheachlainn agus a dheich gcéad.



“Ar ghluais sé ar thóir na Lochlanach,” arsa Donchadh,
“sar a' raibh fhios aige go raibh m' athair marbh?”



Níor fhéad aoinne an cheist sin do fhreagairt dó.



Bhí sé i n-aigne gach aoinne, ámhthach, lasmuich de'n méid a
bhí beó de Dhál gCais, gur bh' é M'lsheachlainn Mór a bhéadh
i n' Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh Bhriain.



D' oibrigh M'lsheachlainn agus Donchadh, agus na h-uaisle
eile, a' láimh a chéile, go dtí go raibh gach aon rud déanta


L. 341


chun na marbh a dh' adhlacadh mar ba chóir, agus go dtí go
raibh corp Bhriain tabhartha suas do'n chléir le breith óthuaidh
go h-Árdmhacha.



Nuair a bhí corp Bhriain tabhartha do'n chléir do labhair
Caoilte.



“Bhí Murchadh le h-ais Bhriain,” ar seisean, “ins gach cath
d'ár throid sé riamh ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna
Mháma. Is le láimh Mhurchadh do thuit laochra agus uaisle
Lochlan agus Laighean i gcath an lae indé. Ní ceart Murchadh
agus Brian do dheighilt ó chéile anois!”



Do tugadh corp Mhurchadh do'n chléir le breith óthuaidh go
h-Árdmhacha i n-aonfheacht le corp Bhriain.



Ansan do labhair Niamh.



“Tá sé chómh ceart,” ar sise, “gan a mhac do choimeád ó
Mhurchadh agus atá sé gan a mhac do choimeád ó Bhrian.”



Níor gádh dhi a thuille cainte dhéanamh. Do tugadh Connla
do'n chléir agus do rugadh óthuaidh é go h-Árdmhacha, i
n-aonfheacht le Murchadh agus le Brian, agus do h-adhlacadh
thuaidh an triúr.



Ansan do chruinnigh Donchadh an méid a bhí beó de Chlainn
Chais, agus thug sé féin agus iad féin aghaidh siar ódheas fé
dhéin Chinn Cora.



Aoinne gur maith leis a fhios a bheith aige conus a dh'eirigh
leó ar an slígh, ní'l aige ach leabhar an tseanachais do
sholáthar agus do léigheadh. Chífidh sé raint neithe ná cuirfidh
puínn áthais air sa tseanachas san. Chífidh sé gníomh grána
ó Mhac Giolla Pádraig úd n-ar thrácht Brian ar a ainim
nuair a bhí sé ag labhairt leis an sluagh maidion lae an chatha.
Chuir sé i n-aice 'chéile Mac Giolla Pádraig agus M'lsheach-
lainn Mór. Isé cúis gur chuir sé i n-aice 'chéile iad mar
bhí an gníomh céadna déanta acu araon. Do dhiúltuigh Mac
Giolla Pádraig do'n chath nuair a chuaidh giollaí turais
Bhriain ag triall air 'ghá rádh leis teacht. Do sheachain


L. 342


M'lsheachlainn an cath os cómhair súl fear Eirean go léir,
maidion lae an chatha. Chuir Brian an bheirt i n-aice 'chéile
'n-a chaint 'ghá thaisbeáint go raibh gníomh Mh'lsheachlainn ar
aon dul le gníomh Mhac Giolla Pádraig chómh fada agus a
chuaidh náire agus aithis agus spriúnlaitheacht.



Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raibh Clann Chais
lag d'eirigh sé chúcha agus cheap sé smacht a chur ortha. Níor
eirigh leis, ámhthach, mar a chífir sa tseanachus má leighean tú é.



Ní le Clainn Chais ná le Mac Giolla Pádraig a bhainean
an sgéal so, ámhthach, ach le Niamh, agus le Caoilte, agus le
Conn. Bhí Tadhg Mór ua Cealla marbh, agus bhí Niamh gan
a h-athair. Bhí uirthi déanamh gan a h-athair fé dheire. Ba
chruaidh an cás é. Ach ní raibh leigheas air. Bhí Maolruanaidh
na Paidre marbh, leis. D'fhág san Conn gan athair chómh
maith le Niamh. Agus bhí athair Caoilte marbh. D'fhág san
Caoilte agus Lonán gan athair.



Níor bh' fholáir do Chaoilte agus do Lonán dul agus
buidhean a n-athar, an méid a bhí beó acu, do chruinniughadh
agus do chur i dtreó chun dul ódheas abhaile. Níor bh'fholáir
do Chonn dul agus an rud céadna dhéanamh do bhuidhin Ua
bhFiachrach Áidhne, do'n mhéid a bhí beó dhíobh, agus níor mhór
é. Bhí a neart agus a mhisneach ag casadh ar Thadhg Óg ua
Chealla i dtreó go raibh sé ábalta, maith go leór, é féin
agus Niamh, ar mhuintir Uíbh Máine do ghleusadh agus do
chur i dtreó chun dul abhaile.



Ach níor mhaith le Conn ná le Caoilte sgaramhaint le Niamh
go dtí go bhfeicfidís thiar sa bhaile i ríghtheighlach a h-athair í.



“Socaruighmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Tadhg Óg
ua Cealla. “Deinimís aon bhuidhean amháin des na trí
buidhnibh agus gabhmís aon bhóthar amháin go dtí go mbeidhmíd
i gCeann Cora.”



“Déanfaidh san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte,
“agus ní chuirfidh sé aistear ar aon bhuidhin againn, mar tá


L. 343


aghaidh na mbóithre is fearr agus is díríghe, ar Cheann Cora,
ó'n áit seo; agus ansan, is ó Cheann Cora atá na bóithre
is fearr agus is díríghe ag gach buidhin dínn chun dul abhaile.”



Bhí aithne ag Caoilte ar na bóithribh. Do socaruigheadh an
sgéal ar an gcuma san. Do tugadh na trí buidheana chun a
chéile. Níor ghluaiseadar chun bóthair ró thapaidh. Ghlacadar
a suaimhneas go dtí go mbéadh na fir ghunta a bhí ortha láidir
a ndóthin chun gluaiste. Ba mhór an mhaith dos na trí
buidhnibh iad do thabhairt chun a chéile ar an gcuma san agus
aon bhuidhean amháin a dhéanamh díobh. Bhí cuidheachtanas a
chéile acu, agus congnamh a chéile nuair ba ghádh é. Bhí na
Conachtaigh beirthe go mór leis an socarughadh mar bhí an
dochtúir acu. Dá n-imthigheadh na Muímhnigh leó féin ní bhéadh
Lonán ag na Conachtaigh. Chaithfeadh sé imtheacht le n-a
mhuintir féin. Nuair a bhí na trí buidheana i dteannta
chéile bhí Lonán acu go léir. Ba mhaith an bhail ortha san.
Bhí a lán acu, idir Chonachtaigh agus Muímhnigh, gunta go
dian, agus gheóbhdís bás i n-aimhdheóin gach aon rud mura
mbéadh Lonán a bheith ag feuchaint chúcha agus an t-eólus thar
na beartaibh a bheith aige ar a ghnó. Fuair cuid acu bás i
n-aimhdheóin a dhíchil.



Bhí eólus maith ag Niamh, leis, agus tuisgint mhaith, agus
bhíodh sí coitchianta ameasg na n-othar, ag tabhairt aire dhóibh,
agus ag cur misnigh ortha, agus ag frithálamh ortha, agus
mheasaidís ná bíodh aoinne ba thúisge thuigeadh cad a bhíodh
i n-easnamh ortha 'ná mar a thuigeadh Niamh é. An t-áthas
croídhe a thagadh ortha nuair a thagadh sí ag frithálamh ortha
shamhluighdís go gcuireadh sé feabhas sláinte ortha. Bhí aithne
aici ar gach duine fé leith de mhuintir Uíbh Máine agus Uíbh
Fiachrach, agus níor bh'fhada go raibh aithne aici, leis, ar gach
duine fé leith des na Muímhneachaibh.



Bhí Lochlanaigh ann. De mhuintir Ospaic ab eadh cuid acu.
Do marbhuigheadh Ospac féin sa chath. Dritháir do Bhruadar


L. 344


ab eadh é. Tar éis an chatha chuaidh cuid d'á mhuintir i
mbuidhin Dhonchadh, mhic Bhriain, agus tháinig cuid acu i
mbuidhin Thaidhg Óig uí Chealla. Bhíodh Caoilte mar fhear
teangan idir iad agus na Gaedhil. Bhí cuid acu gunta go
dian, agus do tugadh aireachas dóibh chómh maith díreach agus
a tugadh dos na Gaedhlaibh féin.



Cáirde ab eadh muintir Ospaic, ach bhí cuid de mhuintir a
dhrithár ann, leis, agus do tugadh an t-aireachas céadna
dhóibh, bíodh gur bh'é an dritháir sin a dhein an gníomh ba mheasa
ar na Gaedhlaibh d'ár deineadh sa chath, .i. marbughadh Bhriain.



Bhí aon fhear amháin ann agus níor féadadh a dhéanamh amach
ar feadh abhfad cé 'r bh'é ná cár bh' as é. Bhí sé ar
éadtromacht. Bhain éirleach an lae sin a mheabhair shaoghalta
dhé. Bhí focal éigin aige d'á rádh coitchianta, ach níor thuig
aoinne é go dtí gur tháinig Caoilte chuige. Fuair Caoilte
amach uaidh gur adtuaidh ar fad ó Inis Tuile a tháinig sé.
Isé focal a bhíodh 'n-a bhéal aige, agus nár tuigeadh, 'ná:
“A Pheadair Naomhtha tabhair saor ó'n lá so mé agus raghaidh
mé trí h-uaire go dtí an Róimh ag triall ort am' mhaidirín!”



Do tugadh saor ó'n gcath é. Tháinig a mheabhair dó i ndiaigh
chéile nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireachas.
Ansan ní shásóch' aon rud é ach go gcaithfeadh Niamh an
Creideamh a mhúineadh dhó. B'éigean do Chaoilte bheith sa
mhúineadh, leis, go dtí go raibh an fear bocht ábalta ar an
nGaeluinn a thuisgint.



Do ghlac na Lochlanaigh eile a bhí ann an Creideamh, leis,
chómh luath agus do féadadh é mhúineadh dhóibh. Is amhlaidh a
deiridís, an Creideamh a bhí ag Niamh go raibh sé maith a
dhóthin d' aoinne sa domhan; ná féadfadh sé gan bheith 'n-a
Chreideamh fhóghanta agus é bheith ag Niamh. Ansan, nuair a
múintí dhóibh é, do thuigidís a mhaitheas agus a thairbhthe ann
féin.



Fé dheire thiar thall bhí na daoine gunta, an méid ná fuair


L. 345


bás díobh, ag dul i bhfeabhas. Bhí an aimsir, leis, ag dul i
bhfeabhas agus na laethanta ag dul i bhfaid, agus bhí an focal
i mbéal gach aoinne gur mhithid bheith ag cuimhneamh ar an
mbaile. Do gabhadh na capail agus do cuireadh na h-ualaí
ortha. Do cuireadh na daoine leicthe ar charaíbh agus leapacha
fútha. Bhí oiread san capal agus caraí acu nár ghádh
d'aoinne bheith 'n-a chuis. Bhí mórán lóin acu, agus mórán
earaí, agus mórán stuic. Bhí ba agus caoire a ndóthin acu,
loiligheacha chun bainne, agus ba seasga chun mairtfheóla.
Chuireadar gach aon rud i dtreó chun gluaiste agus
ghluaiseadar an bóthar siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.



Sar ar fhágadar an chómharsanacht chuaidh Niamh go Sórd
chun go bhfeicfeadh sí uaigh Dhúlainn agus uaghna na n-uasal
eile a bhí curtha ann. Chuaidh Tadhg Óg agus Caoilte agus
Conn agus Lonán i n-aonfheacht léi. Ghoileadar a ndóthin ar
uaigh Dhúlainn agus ar na h-uaghnaibh eile. Bhí uaigh Thaidhg
Mhóir agus uaigh Mhaoilruanaidh i n-aice 'chéile. D'fhan Niamh
abhfad os cionn uagha a h-athar. Ba mhaith léi, dá mb' é toil
an Tighearna é, uaigh eile bheith le h-ais na h-uagha san agus
í féin a bheith sínte ann, agus a h-anam a bheith i bhfochair
anama a h-athar. Ach do thuig sí nár bh'é toil Dé é, agus
go raibh gnó eile curtha 'n-a chúram ag Dia uirthi, agus d'fhág
sí an áit.



Chomáin na trí buidheana leó, agus iad i n-aon bhuidhin
amháin, an bóthar siar ódheas, go breagh réidh socair. Ní
fhéadfaidís gluaiseacht ró mhear, dá mba ná béadh aon nídh
chun ríghnis a chur ortha ach na slóighte daoine a bhíodh ag teacht
rómpa ar an slígh ag fáiltiughadh rómpa agus 'ghá moladh
agus ag cur gach aon tsaghas beannacht ortha. Bhí tuairisg
an chatha tar éis leathadh ar fuid na h-Éirean um an dtaca
san, agus bhí ualach tógtha de chroídhe na ndaoine. Bhí na
daoine ag imtheacht as a meabhair le neart áthais agus le
neart buidhchais ar Dhia agus ar na fearaibh do throid an cath


L. 346


agus do bhuaidh an cath. Bhí fhios acu go maith cad a bhí n-a
gcóir go léir dá mba ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh sa
chath san. Bhí fhios acu, leis, ag an uile dhuine acu, gur ag
na Lochlanaigh a bhéadh an buadh mura mbéadh a thréine do
throid na Gaedhil. Agus bhí fhios acu ná raibh fir sa chath ba
thréine do throid 'ná na trí buidheana san a bhí an uair sin
ag gluaiseacht an bóthar san siar ódheas, i n-aon bhuidhin
amháin. D'á bhrígh sin is amhlaidh a bhídís 'n-a gcéadtaibh agus
iad ar a nglúinibh, ar dhá thaobh an bhóthair, agus iad ag liúrigh
agus ag gol agus ag gáirí, ag breith a mbuidhchais le Dia
mar gheall ar an bhfuasgailt a tugadh ar Éirinn, agus 'ghá
iaraidh ar Dhia na glóire a bheannacht do chur go deó, sa
tsaoghal so agus ar an saoghal eile, ar na fearaibh a dhein
an troid uathbhásach agus do bhuaidh an cath uathbhásach.



Thar gach aoinne eile d'á raibh ann bhíodh na daoine a
d'iaraidh radharc fhághail ar Niamh. Bhí a h-ainim i mbéalaibh
daoine ins gach aon bhall. Bhí sé i n-aigne na ndaoine, pé
cuma 'n-ar cuireadh isteach 'n-a n-aigne é, gur mhó a
congnamh chun slóighte Bhriain do ghleusadh agus do dhlúthughadh
le n-a chéile, agus chun na h-árd-aigne a bhí acu do dhúiseacht
ionta i gcóir an chatha, 'ná congnamh aon duine eile lasmuich
de Bhrian féin. D'á bhrígh sin, pé duine eile a chídís ní bhídís
sásta go dtí go bhfeicidís Niamh. Bhíodh na fir agus na mná
ar na h-árdánaibh agus ar na clathachaibh agus iad ag iniúchadh
agus ag cuardach le n-a súilibh go dtí go bhfeicidís Niamh.
Ansan bhídís ag árdughadh na leanbh suas 'n-a lámhaibh i
dtreó go bhfeicfidís Niamh.



Níor ghádh do'n chualacht aon eagla bheith ortha go mbéadh
aon rud i n-easnamh ortha ar an slígh. Bhí an t-im agus an
bainne agus na h-uibhe, agus an uile shaghas toradh talmhan,
ag teacht chúcha isteach ó gach taobh de'n bhóthar. Ní raibh aon
ghádh acu leis. Bhí breis agus a ndóthin de gach aon tsaghas
bídh acu féin. Thugadar san le tuisgint dos na daoine.


L. 347


Ní raibh aon mhaith ann. Tháinig an bia. Dúbhairt Niamh é
chur i gcoimeád agus go bhféadfaí é thabhairt do dhaoine
bochta ar ball.



CAIBIDIOL XVII.



“NA MÍLTE OLOGÓN”.



Nuair a tháinig Niamh agus a cualacht go Ceann Cora bhí
dubhadh na gcnuc agus na gcoillte de'n uile shaghas daoine
cruinnighthe roímpi ann. Do h-airigheadh i n-Uíbh Máine go
raibh na trí buidheana, i n-aon bhuidhin amháin, ag dul i
n-aonfheacht go Ceann Cora, agus do ghluais an uile dhuine
sa dúthaigh sin n-a raibh ann siúbhal i n-aon chor, soir ódheas
go Ceann Cora. Do h-airigheadh an sgéal céadna i n-Uíbh
Fhiachrach Áidhne agus do deineadh an ghluaiseacht chéadna.
Tháinig, i n-aonfheacht leis an dá chine sin, gach aon treabhchas
go raibh cuid d'á ndaoine sa chath, feuchaint an mór acu a
bhí ag teacht abhaile slán, nó beó féin.



An rud a h-airigheadh thiar i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh
Fhiachrach Áidhne do h-airigheadh é theas i gCiarraighe Luachra
agus ins na tíorthaibh mór-thímpal, agus do ghluais na daoine
as na tíorthaibh sin, díreach mar a ghluais na daoine as na
tiorthaibh thuaidh, fé dhéin Chinn Cora.



Nuair a tháinig na trí buidheana do cuireadh trí gártha
móra fáilte rómpa. Do tógadh na gártha airís agus airís
eile, bhí a leithéid sin d' áthas ar na daoine a bhí ag feitheamh
nuair a chonacadar tagaithe an mhuintir a bhí uatha. Bhí áthas
an domhain ar an muintir andeas nuair a chonacadar
Caoilte agus Lonán. Bhí áthas ba mhó 'ná an t-áthas san


L. 348


féin ar mhuintir Uíbh Máine nuair a chonacadar Niamh agus a
dritháir, agus bhí áthas chómh mór leis an áthas san ar mhuintir
Uíbh Fhiachrach Áidhne nuair a chonacadar Conn. Ní h-ar a
mhuintir féin amháin a bhí áthas mór i dtaobh Chuinn do teacht
slán, ach ar an uile dhuine d'á raibh tagaithe sa n-áit.
Ógánach deagh-chroídheach, uasal, fóghanta, diadha, ab eadh é,
mar ba dhual athar dó bheith, agus bhí cion ag gach aoinne,
thuaidh agus theas, air.



Tar éis na bhfáiltí do tháinig an fiafraighe. Fuair muintir
Uíbh Máine amach gur fágadh Tadhg Mór agus formhór na
bhfear a bhí le n-a chois sínte thíos i gCluain Tairbh. Fuair
muintir Uíbh Fhiachrach amach gur bh'é an sgéal céadna acu
féin é. Fuair muintir Chiarraighe amach gur fágadh a rígh
féin agus na fir a bhí aige sa n-áit chéadna. Ar ball do
fuair gach aoinne amach gur fágadh duine leis féin thíos, nó
b'fhéidir beirt, nó b'fhéidir triúr. Ansan iseadh dh' eirigh na
gártha, agus níor ghártha áthais iad ach gártha goil. Ansan
iseadh dh' eirigh “na mílte ologón”! Na mná do thusnuigh
é. Bhíodar ag sileadh ar dtúis ar feadh tamail. Ansan do
chas bean ologón. Ansan do ghluais an t-éirleach lógóir-
eachta ó n-a raibh de mhnáibh sa n-áit. Ní raibh bean ann gan
a fear nó a mac nó b' fhéidir an bheirt i n-aonfheacht i
n-easnamh uirthi.



Ansan dúbhairt duine éigin, “Ó! cá bhfuil Brian!”



Dúbhairt duine eile, “Cá bhfuil Murchadh! Agus cá bhfuil
Dúlainn! Agus cá bhfuil Connla!”



Ansan do chas na fir “na mílte ologón,” agus
bhuaileadar a mbasa. Fir láidire chruadha. Fir go raibh
taithighe acu ar bás agus ar chogadh agus ar ár, agus gur ró
dheacair osna bhaint ó'n gcroídhe acu ná deór a bhaint ó n-a
súilibh.



Is 'mó duine a dh'fhéadfadh éisteacht le gol agus le
h-ologón ó mhnáibh agus ná bainfí aon choruighe as a chuid


L. 349


fola. Ach nuair a bhainean buairt uathbhásach fásgadh a'
croídhe fir i dtreó go gcaithean sé an t-ologón do
sgaoileadh amach 'n-a lán neart nó go bpléasgfadh a chroídhe
istigh 'n-a chliabh, is deacair d' aoinne éisteacht le gol an
fhir sin gan tocht agus fásgadh do teacht ar a chroídhe féin
ná sgarfaidh a chuimhne leis an chuid eile d'á shaoghal.



Nuair a ghluais an gol bhí Niamh ag sileadh. Níor airigh
aoinne a guth an fhaid ná raibh ag gol ach na mná. Ach nuair
eirigh gol na bhfear, agus nuair airigh sí ainim Bhriain agus
ainim Mhurchadh agus ainim Chonnla agus ainim a h-athair, do
ghluais an t-ologón uaithi chómh h-árd agus do ghluais sé ó
aoinne eile d'á raibh ann.



Bhí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na
manaigh, aníos ó Inis Cathaigh. Do sgaoil sé leis an ngol
ar feadh tamail. Ansan tháinig sé anáirde ar árdán agus
chrom sé ar chaint. Do stad an gol i n-aice na h-áite 'n-a
raibh sé ag caint. I ndiaigh ar ndiaigh do stad an gol ins
gach aon bhall, agus bhí na daoine go léir ag éisteacht leis.
Seo mar a labhair sé:—



“A dhaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnadh dhúinn go
léir buairt ár ndóthin a bheith orainn.” (Bhí a dhá shúil féin
fliuch go maith). “Tá cúis ghuil againn má bhí sé ag aon
daoine riamh. Ach seo rud nách ceart dhúinn a dhearmhad i
lár ár mbuartha. Tá ádhbar áthais againn indiu má bhí ádhbhar
áthais ag aon daoine riamh. Do buaileadh, thíos i gCluain
Tairbh, an lá fé dheire, cath nár buaileadh a leithéid i n-Éirinn
ní fios cad é an fhaid ó shin. Do buaileadh an cath san idir
Ghaedhlaibh Éirean agus Lochlanaigh an domhain. Dá bhfaghadh
na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chath san is ag na Lochlanaigh
a bhéadh an t-oileán so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread
agus fód de thalamh na h-Éirean againn! Thug na
Lochlanaigh leó a mná agus a gclann, bhíodar chómh ceapaithe
sin ar thalamh na h-Éirean do ghlacadh chúcha féin agus ar


L. 350


shliocht Gaedhal do dhísgiughadh, do chur chun báis, do ghlanadh
as an oileán gur oiread agus duine acu dh'fhágáilt beó ann.
Thug Dia dhúinn, (moladh agus glóire agus buidhchas leis!)
gur bhuaidh Brian agus a mhór-shluagh ortha. Do thuit Brian
agus a lán d'á mhór-shluagh sa chath. Dá dtugadh Dia, mar
geall ar ár bpeacaíbh-ne, an buadh dos na Lochlanaigh, do
thuitfeadh Brian agus a mhór-shluagh go léir, agus ansan do
thuitfimís-ne go léir, ins gach aon pháirt d' Éirinn. Dá
mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh ní fhágfaidís Brian ná
aoinne d'á mhór-shluagh beó, agus bhéidís ag gluaiseacht anois
ar fuid na h-Éirean ag marbhú' na bhfear aosda agus na
mban agus na leanbh agus ní bhéadh Brian ná aoinne d'á
mhór-shluagh ann chun iad do chosaint.



“Má fheuchaim am' thímpal anois anso agus má fhéadaim
a dh'fhághail amach cé h-í an bhean is mó atá creachta leis an
gcath so, deirim léi, agus is fíor dhom é, gur mó go mór
an t-ádhbhar áthais atá tabhartha ag an gcath dhí 'ná an t-ádhbhar
buartha atá tabhartha aige di. Is mó atá sí buaidhte leis an
gcath 'ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d'á muintir
atá tuitithe sa chath, bhéidís tuitithe ann d'á ngabhadh an cath
'n-ár gcoinnibh, agus bhéadh sí féin agus an chuid eile acu
marbh um an dtaca so ag an sluagh Lochlanach a bhéadh leathta
anois ar fuid na h-Éirean agus iad ar buile ag déanamh
díoltais orainn mar gheall ar dhéine an chatha.



“Cuirimís uainn an gol, d'á bhrígh sin, agus an bhuairt,
agus i n-inead bheith ag gol agus ag déanamh buartha,
tugaimís ár mbuidhchas ó chroídhe do Dhia na glóire mar
gheall ar an gcuma 'n-ar thug sé saor sinn ó n-a leithéid
de chontabhairt. Nuair a dh'eireóchaidh an bhuairt i n-ár
gcroídhe cuirimís chúghainn féin an cheist seo. Conus a bhéadh
an sgéal againn anois dá mb' ag na Lochlanaigh a bhéadh an
buadh?



“Tá fhios agaibh-se chómh maith agus atá fhios agam-sa conus


L. 351


mar a bhí socair go daingean i n' aigne ag an uile dhuine
des na fearaibh a dh'fhág an baile chun dul sa chath so, ar gan
teacht beó ó'n gcath pé taobh ar a mbéadh buadh. Tá sé
buailte isteach am' aigne mura mbéadh an socarú' san a
bheith déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid chómh
dian agus dheineadar é. An beagán acu do tháinig ó'n
gcath, bhí a n-aigne socair ar gan teacht chómh daingean agus
bhí ag an muintir a thuit sa chath. Ach do tháinig as an socarú'
go raibh an troid chómh dian san gur briseadh an cath ar na
Lochlanaigh sar ar thuit a thuille d'ár ndaoine. Áthas, d'á
bhrígh sin, is ceart dúinn a bheith orainn indiu agus ní buairt.



“Tá ádhbhar eile áthais againn, a dhaoine. Na fir a thuit
sa chath so is ar son Creidimh Chríost do thuiteadar. Tá fhios
againn go léir, an t-é a dh' fhuilingean bás ar son an
Chreidimh go dtugtar aoibhneas na bhFlathas dó láithreach. Ní
ceart dúinn bheith ag déanamh buartha nuair a thuigimíd i
n-ár n-aigne go bhfuil aoibhneas na bhFlathas anois, le
congnamh Dé, ag an muintir a baineadh dínn sa chath so.”



Dhein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr
go mór 'ná mar a thagan liom-sa an chaint a chur síos anso.
Chuir sé a n-aigne chun suaimhnis. Thuigeadar gur cheart
bheith sásta le toil Dé.



Le n-a linn sin cé chífidís ag teacht chúcha, an bóthar anoir,
ach Donchadh, mac Bhriain, agus an méid a bhí beó de'n bhuidhin
a tháinig leis ó'n longphort i gCill Mhaighneann. Bhí cuid
mhaith acu ar chrócharaibh, mar ní rabhdar ábalta ar siúbhal,
agus bhí an chuid eile 'ghá n-iompar.



Chuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a bhí ann
'ghá rádh leó gan a thuille guil a dhéanamh. Níor bheag san.
I n-inead aon ghuil a dhéanamh is amhlaidh a cuireadh suas go
bríoghmhar gáir mholta agus fáilte.



D'inis na fir a tháinig conus mar a chuir Mac Giolla
Pádraig an ríghneas ortha ar an slígh, agus conus mar a


L. 352


mheas sé cath do chur ortha. Bhí fearg mhór ar gach aoinne
mar gheall air sin. Do feuchadh chun na bhfear ngunta agus
do cuireadh gach aon chóir ortha.



Ní raibh Donchadh agus a chualacht abhfad tagaithe nuair a
labhair Colla airís.



“A ríghthe agus a uaisle agus a dhaoine,” ar seisean,
“do thuit Brian i gcath Chluain Tairbh. Do thuit Murchadh sa
chath, leis. Tá Árdrígh againn i n-inead an Árdrígh do thuit.
Isé Donchadh mac Briain Árdrígh Éirean anois!”



Ansan iseadh do cuireadh suas an liú mhólta i gceart.
Do tógadh an liú airís agus airís eile.



Ansan do tháinig a raibh de dhaoine ann chun na h-áite
'n-a raibh Bile Mór Mágha Adhair agus do h-óirdneadh
Donchadh mac Briain i n' Árdrígh ar Éirinn. Dhein Colla
an obair i láthair na ndaoine, agus bhí áthas agus móráil
ar gach aoinne.



Níor ghlac fir Éirean, 'n-a dhiaigh san, ámhthach, Donchadh i
n' Árdrígh ar Éirinn, ach do glacadh é 'n-a rígh ar an
Múmhain.



Nuair a bhí an méid sin déanta bhí gach aoinne sásta. Do
sgar na daoine agus d'imthigh gach treabhchas abaile chun a
ndútha féin. Chuaidh Caoilte agus Lonán abhaile go dúthaigh
a n-athar. Chuaidh Conn óthuaidh go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne.
Chuaidh Niamh agus Tadhg Óg ua Cealla óthuaidh go h-Uíbh
Máine. Bhí Conn agus iad féin i n-aonfheacht, ámhthach, an
tslígh go léir nách mór.


L. 353


CAIBIDIOL XVIII.



AN GATH GRÉINE CÉADNA.



Do ghluais an dá bhuidhin, muintir Uíbh Máine agus
muintir Uíbh Fhiachrach Áidhne, siar óthuaidh i dtreó a dhá
ndúthaigh féin. Bhí i n-aonfheacht leis an méid acu a tháinig
ó Chill Mhaighneann an méid a tháinig 'n-a gcoinnibh go Ceann
Cora, i gcás ná raibh aon uaigneas ortha. Nuair a thánadar
i gcomhngar do'n bhaile do sgaradar ó chéile. Ba bheag ná
gur eirigh an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a
shroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár fhéad dul
go Ceann Cora. Ach do cuireadh cosg leis an mbuairt.
Do h-innseadh cad 'dúbhairt Colla nuair a bhí sé ag caint
leis an bpobal mór thíos ag Ceann Cora. Do cuireadh na
seandaoine chun suaimhnis.



Chómh luath agus bhí a dtuirse curtha dhíobh ag an muintir
a tháinig abhaile ó'n gcath, thusnuighdar ar bhualadh um a chéile
agus ar bheith ag caint agus ag cuimhneamh ar cad a déanfaí
feasda. Bhí an saoghal ana chiúin, ana shuaimhneasach acu,
agus an aimsir ag dul i mbreaghthacht. An phráing agus an
bhruid agus an fásgadh aigne a bhí ar na daoine i gcaitheamh
na h-aimsire an fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal i gcóir
an chogaidh, agus an fhaid a bhí na slóighte ag imtheacht ó bhaile
agus ag cruinniughadh chun an chatha, agus an fhaid do lean
an sgannradh i dtaobh conus a gheóbhadh an cath, bhíodar go
léir imthighthe. Bhí gach aon rud ciúin, suaimhneasach, socair.



Do h-óirdneadh Conn 'n-a rígh ar Uíbh Fhiachrach Áidhne,
agus do h-óirdneadh Tadhg Óg ua Cealla 'n-a rígh ar Uíbh
Máine. Bhí raint gnótha le déanamh acu araon ar feadh
tamail ag socarughadh neithe idir chlainn na bhfear a fágadh
i gCluain Tairbh. Do deineadh a lán cleamhnaisí sa


L. 354


tsocarughadh. Dhein Niamh dhá chleamhnas, cleamhnas do Thadhg
Óg le drifiúr do Chonn, agus cleamhnas do Chonn le drifiúr
di féin.



Nuair a bhí an méid sin déanta thug Niamh agus a dritháir
cuaird ódheas go h-Inis Cathaigh. Bhí áthas mór ar Cholla
nuair a chonaic sé iad. Cé bhéadh ann rómpa, ar chuaird, ach
Caoilte! Ba bheag ná gur baineadh radharc a shúl airís de
Chaoilte nuair a chonaic sé iad, díreach mar a baineadh an
chéad lá úd a chonaic sé Niamh. Bhí sé 'n-a rígh an uair sin
ar Chiarraighe Luachra i n-inead a athar. D'innseadar dó
conus a bhí gach aon rud socair lastuaidh i n-Uíbh Máine
agus i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus d'inis seisean dóibh gach
aon nídh a bhí aige le h-innsint i dtaobh a dhútha féin.



“Ba mhaith liom an chailís úd a dh' fheisgint, a Athair,
má 'sé do thoil é. Ní fheaca riamh fós í,” arsa Niamh.



Do rug sé isteach sa n-érdam iad agus thaisbeáin sé an
chailís dóibh.



Ba bhreagh an radharc le feisgint í. D' fhéadfadh duine
fanmhaint ar feadh leath an lae ag feuchaint uirthi agus ní
bhéadh a shúile ná a aigne cortha dhi. D'á fhaid a bhéadh sé ag
feuchaint uirthi is amhlaidh ba mhaith leis tamal eile thabhairt
ag feuchaint uirthi. Choimeádfadh saidhbhreas an óir greim
ar a shúilibh. Choimeádfadh uaisleacht agus ealadhntacht a
h-órnáide greim ar a shúilibh, agus é 'ghá fhiafraighe dhé féin
conus a dh' fhéad lámh duine riamh a leithéid d'obair a
dhéanamh. Choimeádfadh an crios, na clocha loghmhara, greim
ar a shúilibh, agus iad ag taithneamh agus ag spréacharnaigh,
agus eisean 'ghá fhiafraighe dhé féin cá bhfuaradar an solus!
D'á n-éaghmuis sin go léir bhí sa riocht 'n-a raibh an chailís
sin cúmtha rud éigin a choimeádadh greim ar shúilibh an t-é
a chíodh í, agus do chuireadh áthas isteach i n' aigne tré n-a
shúilibh.



D'fheuch Niamh uirthi, go dlúth agus go daingean, ach níor


L. 355


labhair sí aon fhocal amach as a béal. D'fheuch an bheirt eile
uirthi go dlúth agus go daingean, leis, agus níor stadadar
ach 'ghá moladh.



“Ba mhaith liom labhairt leat-sa, a Athair,” arsa Niamh le
Colla.



D'imthighdar i leith taoibh.



“A leithéid seo, a Athair,” ar sise. “Tá m' aigne socair
agam le mórán aimsire ar mé féin a thabhairt suas do'n
tSlánuightheóir i dtigh ban riaghalta. Ba mhaith liom do
chómhairle dh'fhághail, a Athair, i dtaobh an teighlaigh ban
riaghalta ionar ceart dom dul, do réir do bhreitheamh-
antais.”



“Ar mhiste dhom a dh'fhiafraighe, a 'nghean ó,” ar seisean,
“cad é an fhaid aimsire ó shocaruighis an nídh san at' aigne
ar dtúis?”



“Bhí sé am' aigne, a Athair, ar feadh abhfad,” ar sise,
“sar ar dhainginigh sé ann. Ní dóich liom go bhféadfainn
a dh'innsint duit cruinn, a Athair, cad é an fhaid atá sé
daingean, ach tá sé daingean le tamal maith.”



Do stad sé ar feadh tamail.



“An dóich leat, a 'nghean ó,” ar seisean, “an bhféadfá
a dh'innsint dom cad a chuir an nídh sin isteach at' aigne ar
dtúis?”



“Féadfad,” ar sise. “Nuair a thusnuigh an t-ollmhuchán
i gcóir an chogaidh mhóir seo atá curtha dhínn againn thugas
fé ndeara conus mar a bhí na fir go léir 'ghá cheapadh agus
‘ghá shocarú’ 'n-a n-aigne go ndéanfaidís ídhbirt anama ar
son na h-Éirean agus ar son an Chreidimh. Ní raibh aoinne
ba ghéire 'ghá gcur go léir suas chun na h-ídhbirte sin a
dhéanamh 'ná mise. Ansan do thuigeas am' aigne, nuair ná
raibh ar mo chumas an ídhbirt a dhéanamh ar an gcuma 'n-a
rabhdar-san 'ghá déanamh, gur bh' é ba lúgha ba ghann dom í
dhéanamh ar an gcuma 'n-a raibh ar mo chumas í dhéanamh.


L. 356


Dheineas ar an gcuma san í. Ghabhas orm féin i láthair Dé
ceangal gan céile eile do ghlacadh choídhche ach an Slánuigh-
theóir, moladh go deó leis! Siné mo chuid-se de 'n ídhbirt,
a Athair. Tá an ceangal san orm. Ní fhéadfainn imtheacht
ó m' athair an fhaid a bhí sé beó. Ní'l aon rud anois chun
mé chosg ar dhul isteach i dteighlach ban riaghalta agus an
ídhbirt do chur i ngníomh.”



“I dtreó ná béadh aon bhaoghal go ndéanfaí aon dearmhad,
a 'nghean ó,” arsa Colla, “ba mhaith liom aon cheist amháin
eile do chur.”



“Cuir aon cheist is maith leat chúgham, a Athair,” arsa
Niamh, “agus neósfad an fhírinne dhuit.”



“Nuair a dheinis an ídhbirt sin; nuair a thugais tu féin
suas mar sin do'n tSlánuightheóir, an dóich leat a' raibh aon
éileamh ag aoinne eile ort?”



“Ní raibh, a Athair,” ar sise, “aon éileamh ag aoinne eile,
ná ní'l anois.” Do stad sí. — “Ach is dócha,” ar sise,
“gur ceart dom an méid seo a dh'innsint duit. Is cuimhin
leat an t-ógánach Lochlanach úd a tháinig anso fadó, nuair a
bhí mo dhritháir Tadhg anso?”



“Is cuimhin liom é go maith,” arsa Colla.



“Chuaidh sé suas go h-Uíbh Máine i n-aonfheacht le Tadhg.
An chéad uair a chonac é tháinig ana chion agam air. Tháinig
grádh agam dó. Siní an fhírinne. Thuigeas am' aigne go
dtáinig an grádh céadna aige-sean dómh-sa. Níor labhramair.
Ach do tuigeadh an sgéal eadrainn. — Nuair a tháinig an
sgéal go raibh sé ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór orm.
Ansan, nuair a tháinig an sgéal go raibh sé chun bheith 'n-a
shagart, níor bh'fhéidir liom an sgéal a thuisgint i n-aon chor.
B'é deire mo mhachtnaimh ar an ngnó gur thuigeas am' aigne
go raibh ceangailte orm é chur as mo chroidhe ar fad. Do
dheineas san. — Ní raibh aon bhaint i n-aon chor, a Athair, ag
an méid sin sgéil leis an gceangal so adeirim leat do
ghlacas orm féin i dtaobh an tSlánuightheóra.”


L. 357


“Tá go maith, a 'nghean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa
an nídh seo atá agat d'á iaraidh orm. Ní mór dhom, ámhthach,
beagán aimsire chuige. Cuirfead sgéala chúghat óthuaidh chómh
luath agus bheidh an áit ceapaithe agam agus gach aon rud
socair agam.”



Do sgaradar. Bhí Tadhg agus Caoilte imthighthe ar fuid
na mainistreach; Tadhg ag taisbeáint na mainistreach do
Chaoilte, agus Caoilte ag cur aithne ar na manachaibh, go mór
mór ar an muintir go raibh sean-aithne ag Tadhg ortha.



Seachtmhain díreach i ndiaigh an lae sin tháinig Colla féin
go h-Uíbh Máine. D'imthigh Tadhg agus Niamh agus é féin
soir go Cill Dara, go teighlach Bhríghde. Bhí áthas nár
bh'fhéidir a dh'innsint ar Chómharba Bhríghde agus ar an uile
dhuine des na mnáibh riaghalta nuair a fuaradar go raibh
Niamh le fanmhaint acu. D'fhan sí acu, agus má ba ghath
gréine í fadó, ag teacht i gcuideachtain, i dteighlach a h-athar,
b'í an gath gréine céadna í ag gluaiseacht ameasg na
maighdean naomhtha, i dteighlach Bhríghde, go dtí gur lean sí
a h-athair.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services