Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teoiní agus Tighthe Lóistín agus Dhá Scéal Eile

Title
Teoiní agus Tighthe Lóistín agus Dhá Scéal Eile
Author(s)
Tóibín, Nioclás 1890-1966,
Pen Name
Renascence
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ROIMH RÁDH



Trí scéal atá sa leabhar-so. Bhíodar fé chló sa
"nGaodhal." Ba é toil roint daoine a léig iad, iad a bhailiú,
agus leabhar a dhéanamh dhíobh. Caithfead mo bhuidheachas do
ghabháil le h-Éamon Ó Duibhir atá ag déanamh amhlaidh.



NIOCLÁS TÓIBÍN.


L. 5


TEOINÍ AGUS TIGHTHE LÓISTÍN.



Béidir nach deas an rud a bheith ag cur síos ar thighthe
lóistín. Is dócha gurbh' fhearr a bheith á moladh an aimsir
seo. Acht caithfear a bheith ag caint.



Tadhg ó h-Annagáin. Tá sé 'na fhear anois. Rugadh —
bhoil, is cuma cá rugadh é. Pé áit 'na rugadh é tógadh é.
Mac dochtúra ba eadh, agus is eadh, é. Bhí athair maith agus
máthair dheas aige. Ní thabharfaidís órlach ar ór de agus é
ag eirghe suas. Ní fheadar siad cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh
dhe. Ba é toil na máthar go ndeanfaidhe sagart dhe, agus
dar ndóigh, caitheadh claoidh le n-a toil, mar is deacair cur
i gcoinne sagart a dhéanamh de dhuine. I gcúrsaí airgid,
ní raibh aon charbhuaic ann. Da ndéanfadh airgead sagart de
ní raibh a thuille mar gheall ar an sceul.



Cuireadh Tadhg ar scoil. Chuadhadh ar phaidríní, Aifrinn,
agus ar úrnuighthe. Bhí Tadhg ag déanamh go maith. Nuair a
tháinigh aois do, cuireadh go dtí 'n choláiste é mar a ndéin-
tear na sagairt. Ní raibh Tadhg i bhfad sa choláiste nuair
adubhradh leis dul abhaile. Tháinigh Teoiní (sin í an ainm a
thugadh a mháthair air) a bhaile. Thuit an lug ar an lag ag an
mháthair nuair a chonnaic sí é. Leag sí lúib. Dh'eirigh sí as.
Chuaidh an t-athair ag obair annsin air. Chuir sé go dtí 'n
Iol Scoil é chum dochtúir a dhéanamh dhe. Bhí sé cúpla bliain


L. 6


san Iol Scoil nuair a fuair a athair sceula go mb' fhearra
dho Teoiní choimeád sa mbaile, ná raibh aon áird air.



Bhí Teoiní tamall maith sa mbaile. Ba leamh leis an athair
sa mbaile é, mar bhí a thuille cloinne aige. Bhí an mháthair
an-cheanamhail air agus ba chuma léi é dhul in aon áit choidhche
nuair nár dheineadh sagart de.



Bhí an t-airgead go fairsing ag an athair agus bhí an-
chur amach aige ar bhainc agus ar lucht banc. Bhailigh sé
thimcheall air scata aca agus fuair sé post do Theoiní —
cléireach bainc. Bhí an tosach lag, acht bhí geallamhaint láidir
ann ná beadh Teoiní i bhfad nuair a bheadh sé 'na bhainisteoir
bainc. I mBl' Átha Cliath cuireadh suas bab do de'n chéad
iarracht, mar b'fhearrde é a chleachta ar feadh tamaill i
gcionn des na h-oifigí ann.



Bhailigh sé chuige a thrainc agus a árd ualaighe, agus as
leis. Thug a athair eolas a bhóthair dho. Bhí seoladh tighe a
lóistín 'na phóca. Bhain sé amach an tigh lóistín seo i mBl'
Átha Cliath an tráthnóna sin. Bhuail sé isteach ann, é féin
agus a chuid traidíní in éinfeacht leis.



Buachaill breágh canta dathamhail ba eadh Teoiní. Dá
mbadh ar ghleoiteacht pearsan agus crota a bheadh a mharthainn
níor mhiste dho codla go h-eadthrath. Bhí sé thimchioll chúig
troighthe agus deich n-órla ar aoirde agus é chómh díreach le
slat ghuna. Bhí aghaidh air mar aghaidh mná óige. Thabharfá
an leabhar ná raibh fás ruibe féasóige innte. Bhí scoth gruaige
air a chaithfeá thabhairt fé ndeara ded' aimhdheoin. Bhíodh
glaine agus glaise agus athrú cioradh in aghaidh an lae uirre
Is cuma sa domhan cad a dhéarfadh aoinne, bhí Teoiní ar
cheann des na buachaillí is neuta a leag cois ar shráid
Graftain le fada dhe bhlianta.



Bhí triúr buachaillí eile sa tigh céadna. Níorbh' fhada
gur chuir bean an tighe in aithne do Theoiní iad. Bean chaint-
each ba eadh bean an tighe. Ní raibh aon doicheall ná aon rud


L. 7


mar sin ag gabháil léi. Agus nuair a bhíodh Teoiní imthighthe
amach ní stadadh sí acht ag cur síos ar Theoiní leis na buach-
aillí eile — a dheiseacht a bhí sé agus a chneastacht; na daoine
móra a bhain leis; go raibh sé chum a bheith 'na shagart agus
annsin 'na dhochtúir, acht gur bhris ar a shláinte agus go raibh
sé leath bhliain fé chúram a athar, agus muireach feabhas a
athar chum dochtúireachta go mbeadh sé curtha. Thuig a athair
annsin go raibh an léigheann ró dhian air, agus scaoil sé
isteach sa mbanc é. Dar leis, go mb' fhearr dá shláinte agus
dá shaoghal é bheith ag déanamh rud éigin. Annsin chuireadh
sí síos ar an tairbhe agus ar an mhaise a bhíonn ag gabháil le
tabhairt suas coláiste agus iol scoile; an deiseacht canmhana
a bhí ag Teoiní — go dtagann gach aon fhocal chomh glan, chómh
soiléir, chómh so-thuigsionach sin as a bheul; agus nárb'
fhéidir leis dearmhad a dhéanamh maidir le deighbheusa, ná
beag-thréithe.



Bhí an aimsear ag imtheacht — gach aoinne ag dul i
dtaithighe a chéile. Bhí óig-bhean de inghin ag bean an tighe —
Lil. Bhí Lil as baile ar feadh tamaill, acht bhuail sí port
ceann des na laetheanta so. Is é peictiúir ba mhó a bhí in
uachtar a h-aigne ag Lil ná an t-ógánach so — Teoiní, an
cléireach bainc. Ní raibh bun cleite isteach ná bárr cleite
amach ó mhullaigh a chinn go dtí barr órdóige a choise, ná
raibh cóirighthe agus léirighthe i mbríathra toghtha do Lil. Is é
rud is mó bhí ag déanamh scime dhi ná cionnus a shocróchadh
sí a teanga, a meon agus a gáire chum í féin a chur in oir-
eamhaint do Theoiní. Bhain sé tamall maith dhí, acht fér chuaidh
sí in' fhiadhnaise bhí sí tar éis é fheicsint uaithe cúpla uair.
Thug an mháthair i láthair a chéile iad agus chuir sí in aithne dá
chéile iad. Chuadar ar chaint. Aon rud ba mhí-nádúrtha ná
an caint níor tháinig ó rith an Tuile. Ar cheol a thosnuigh-
eadar. Badh leasc le duine treabhadh agus fuirse a dhéanamh
trí amharclainn mar atá san Iodáil, sa bhFrainc, i Roinn na


L. 8


h-Eoraipe go h-uile — Bl' Átha Cliath san áireamh — mar a
dheineadar. Thráchtadar ar operas ná fuil i gcló. Ar chluithchí
gaisce agus corruighe cos agus colna a chuadar annsin.
Ní'l cluithche, ó ping pong go dtí golf, nár mheádhadar, ion-
nus ná raibh maith ná olc aon chluithche des na cluithchí úd nár
luadhadar. Bhaineadar crith as Chrochasleagh (Shakespeare)
agus ní raibh an leabhar nuadhachta ná an t-Iris-leabhar Béarla
is déanaighe a scríobhadh gan a dtuairm air. Sgaradar.
Ní nach iongna.



Bhí an aimsear ag imtheacht. Gach aoinne do féin.
Cailín deas dathamhail ba eadh Lil. Cé go raibh dúinn uirre
roimh Theoiní le h-eagla ná beadh sí deas a dhóthain do, ní
hé sin an chúis go mbeadh sí ag caitheamh a cuid aimsire le
daoine eile — agus daoine a raibh meas aca orra féin. Bhí
na laetheanta ag teacht agus ag imtheacht. Teoiní ag imtheacht
agus ag teacht. Gheibheadh sé caoi anois agus arís ar scathamh
cainte le Lil. Ba ghairid go rabhdar an-dheas le n-a chéile.
Ba ghnáth le Teoiní gan teacht isteach go dtí a h-aon deug
nó a dó dheug a chlog as d'oidhche, acht b'fhearr leis gan a
bheith ag fuireach amuigh chómh-déanach. Thagadh sé isteach thim-
cheall a deich agus bhíodh sé féin agus bean an tighe agus Lil
sa chaint.



Ní fhéadfadh bean an tighe, pé galar a bhí uirre, gan a
bheith ag cur síos ar dhaoine móra. Bhí teaghlach Rí Shasna ar
bharr a teangan aici agus gach glúin uatha amach ar feadh
chúig chéad blian. Acht annsin, dhéarfadh sí. "Cá cuma mar
gheall orra mar dhaoine móra agus righte. Ní íseal ná
uasal acht síos seal agus suas seal. Is cuimhin liom féin
nuair a bhíos óg, i gCondae na Gaillimhe, mo shean-athair.
Ní bhíodh acht leath-mhíle le dul dtí'n séipéal aige, agus bhíodh
coiste agus péire capall fé ag dul an méid sin slighe.
Sasnach ba eadh a bean. Bhí gaol aici le tighearna talmhan a
bhí san áit. Ba ghnáth mór-uaisle Shasna ar chuaird sa tigh


L. 9


aca agus féile agus féasta aca ann. Acht thuiteadar sa
saoghal. Is beag dá sliocht anois ann. Thugadar gach árd
orra. Ní fheadar tú nach é leaghadh chubhar na h-abhann a bhí
orra. Tá m'athair beo fós. Tá sé sa tsean-áit i gcomhnuidhe.
Tá an fear bocht ag tuitim le h-aois. Ní fheadar cé leis
a thuitfidh a chuid airgid. Bhí Lil thiar in' fhochair le
coigthigheas."



Chaith Teoiní a bheith ag eisteacht le caint mar seo. Acht
nuair ná bíodh aon fhonn cainte ar Theoiní ná ar Lil dh'fhágadh
an tsean-bhean an áit fútha, go dtagadh coiscéimí nó bualadh
éigin ag an dorus. Gheibheadh Teoiní leabhar annsin agus ní
bhíodh tuairisc Lil le feicsint.



Lean an sceul mar seo ar feadh tamaill mhaith. Teoiní
ag teacht isteach ar an nóiment chéadna gach aon oidhche. Acht
theip air an oidhche seo, agus bhí sé an dá uair deug nuair a
bhuail sé port. Acht, dar ndóigh, bhí sé sa mbanc ag comhair-
eamh airgid. Saghas breis tuarastail do chléireach bainc
'seadh comhaireamh leath-choróinneacha, scillingí, raolacha agus
pingní dá mbadh ghádh é. Bíonn an oiread sin as gach céad
púnt a coimhrightear. Ba shin é an cleas a choimeádadh
Teoiní amuigh déanach. Acht, in áit a chéile, bhí sé ag fuireach
amuigh ró-mhinic agus i ndeire stad sé ar fad ó bheith ag
teacht isteach luath.



Ní raibh na buachaillí a bhí sa tigh i bhfochair Theoiní ró-
mhaol. Ní gnáth súile fear- n-óg Bhl' Átha Cliath dúnta. An
oidhche seo agus triúr aca istig tháinigh bean an tighe isteach
chúcha le braoinín bainne nó rud éigin. Nuair dh'airigheadar
ag teacht í thosnuigheadar ag cur síos ar Theoiní.



"Ba dheas diabhail an cailín í siúd a bhí ag teacht ón
nGaetí in' fhochair aréir," arsa ceann aca.



"'Sin cailín ón Iol Scoil," ars an tarna fear, "airghim
go bhfuil sé in áirighthe léi."



"Eist," arsa an tríomhadh fear, "ní hí an cailín céadna
a chím-se in' fhochair aon oidhche."


L. 10


"Bhoil," arsa bean an tighe. "Ní deas an rud do bhuach-
aillí óga ón tuaith bheith ró-thabhartha don oidhche. Ní'l sé
folláin. Ní mór do aon dorus tighe daoine meastamhla a
bheith fé ghlas ar an t-aon bhuille deug."



Dh'imthigh sí annsin. Bhí fhios ag an triúr go raibh an
teine sa tigh.



Bhí an cogadh ar siubhal leis an linn seo, agus bhí rudaí
ag teacht daor. Ba chuma le Teoiní sin. Ní raibh aon rud
ag déanamh scime dho acht cionnus a gheobhadh sé a bheith amach
as an leabaidh ar a naoi chlog ar maidin, bíodh is go nglaodhach
bean an tighe fé dhó gach maidean air agus go dtugadh sí a
bhreacfast sa leabaidh go minic do. Bhí an-chion aici air.



Acht an mhaidean so, tar éis a bheith ag eisteacht leis na
buachaillí, níor glaodhadh ar Theoiní ar aon chor. Chodail sé
go meadhon lae. Dh'eirigh sé le n-a dheonta féin. Tháinigh
sé ar thóir a bhreacfasta. Tháinigh an breacfast. Dh'fhiaf-
ruigh sé dhe bhean an tighe 'dé chúis nár ghlaoidh sí air.



"Masa," ar sí, "bhíos ag cuimhneamh ar mo chúraimí
beaga féin. Is iongantach mar atá an saoghal tar éis ais-
triú. Tá os cionn trí púint an tona ar ghual agus tá an
solas fé dhó níos daoire. Tá gach aon rud ag eirghe sa
riabhach. Bhíos á chuimhneamh go mbadh cheart dom eirghe beag-
áinín ar an iosdas, agus a rádh libh go léir teacht isteach ar
an t-aon bhuille dheug, mar tuigeann sibh féin nach mar mhag-
adh gual agus solas an aimsear seo."



Ní raibh seadh ná ní h-eadh ag Teoiní le rádh. Chrom sé
ag itheadh agus ghlan sí as a radharc. B' ait ar fad leis an
port úd. Shíl sé gurbh' í an bhochtanacht an port déanach a
sheinnfeadh sí. Bhí an sceul ag teacht crosta. Ní fheadar
sé cad dob' fhearr a dhéanamh. Chaith sé an lá mar ba ghnáth
agus bí sé uair an mheadhon oidhche nuair a bhuail sé dorus
beul tighe. Scaoileadh isteach é, acht cuireadh i dtuigsint do
an oidhche sin fér luigh sé ar aon leabhaidh go raibh sé chómh


L. 11


maith aige a bheith ag bogadh. Ní raibh an tarna focal ann.
Ní raibh aon fhonn ar Theoiní a bheith fé cheangalacha tighe
lóistín.



Nuair ná raibh fuireach níos sia ag Teoiní sa tigh lóistín
seo chaith sé imshníomh na h-imirche a chur air féin. Bhí cuid-
reamh aige le cúpla buachaill a bhí i dtigh lóistín eile agus
chuaidh sé i gcomhairle leo. Ní raibh aon rud aca ar an tigh
seo acht moladh agus shocruigh Teoiní ar dhul in aontigheas leo.
Chruinnigh sé a chuid giúirléidí agus thug sé chum cuain iad.



An bhean tighe a bhí sa tigh lóistín seo ní fheaca Teoiní
acht aon teimheal amháin di. Ní raibh aon chur isteach ná amach
aici ar aoinne. Bhí cailín freastail aici agus dhéineadh sí
siúd tál ar an sluagh. Mar sin féin ní raibh Teoiní i bhfad i
dtigheas sa tigh seo nuair a thuig sé an saghas mná tighe a
bhí aige, béidir, i bhfad níos feárr ná dá mbeadh sí de ghnáth
in' fhiadhnaise. Thug sé fé ndeara gur ar ghéire a bhí sí ag
dul, agus go raibh an mheur aici chuige. Ní raibh aon t-seans
go mbeadh aon rud ag dul amugha uirre maidir le flaith-
eamhlacht ná le faillighe. Bhí ceathrar eile sa tigh. Bhídís ag
mion-chaint i dtaobh cúrsaí bídh uaireanta acht níor airigh
aoinne iad. Ba ghairid gur tháinigh aimsir im an tsmeartha
agus an bhlunaigh — an margarín. Chuaidh bean an tighe — ní
nach iongna — ar an smeartha. Bhí an smeartha go millteach.
Bhí gach fear agus a chleas féin aige d'iarraidh a dhéanamh
amach an raibh aon aithint uachtair ar aon chor ann. Dh'aontuigh-
eadar ná raibh — gurbh' é an t-im úd an aithris dhéanach ar
im. Bhí saghas grabhas ag teacht ar gach fear, agus níorbh'
é an focal ar foghnamh a gheibheadh an cailín freastail bocht.



Is ar chúl an tighe bhí árus Theoiní. Bhí gáirdín beag taobh
thiar de'n tigh. Bhí pónaire agus gabáiste agus torthaí
beaga de'n tsórt sin ag fás ann — díreach mar a dh'oirfeadh.
Ní raibh sé acht thimcheall trí seachtmhaine sa tigh nuair a bhí
teipe beag ag teacht ar an gcodla aige. Dh'airigheadh sé


L. 12


fo-chat ag béice san oidhche. Chuiridís a chodla rud beag
amugha air. Acht níor leig sé aon rud air le h-aoinne mar
gheall air. An oidhche seo thosnuigh an caointeachán amuigh
thimcheall a dó chlog. Thabharfadh aoinne an leabhar gur duine
a bhí ann. Níorbh' fhada gur thosnuigh an tarna guth agus an
tríomhadh guth. Is dócha ná raibh cat sa chathair ná raibh sa
ngáirdín. Agus níorbh' dhada na cait go dtí gur thosnuigh
scata madraí ag sceabhghail tamall ón tigh. Chrom na coiligh
ag glaodhach ar a trí. Pé áit ar tháinigh coiligh as ní raibh
lag orra acht ag glaodhach. B'ait le Teoiní cá raibh na
h-asail nuair ná rabhdar á gcuir féin in iúil. Ní raibh aon
fhagháil aige ar an gcodla a dhéanamh. Dh'eirigh sé. Nuair a
bhuail sé anuas an staighre bhí beirt na suidhe roimhe. Ní
dubhradar focal acht cromadh ag gáire. Ba mheasa iad
féin ag gáire ná aon rud eile.



Bhí sin go maith. Tháinigh am dinnéir. Bhí an cúigear
istig ar aon mhéile. Bhí roint gabáiste ar phláta gach fir.
Bhí gach fear ag scrúdú an ghabáiste



"Cá bhfuigheann sibh an gabáiste?" arsa fear aca leis
an gcailín.



"Tá sé ag fás sa ngáirdín," ars an cailín.



"Má tá, táim-sé sásta dhe," ar séisin.



D'imtigh an cailín agus tháinigh bean an tighe isteach
chúcha. D'fhéach sí orra.



"Ní maith liom sibh a bheith ag gearán ar an ngabáiste
sin," ar sí, "mar ní'l níos feárr ná é le fagháil ar mhargadh.
Bhl' Átha Cliath. Chím ó tháinigh an buachaill seo .i. Teoiní,
'nbhur measc go bhfuil sibh ag teacht mí-shásta. Agus dar
ndóigh, mar an dtaithneann leis, fágadh."



Chuir sí peutar dí annsin.



Nuair a tháinigh am codlata bhí Teoiní cortha agus chuaidh
chum suain, acht níorbh' throm suan do. Bhí sé ag cuimhneamh
gurbh' fheárr do bab éigin eile chur suas tar éis an íde úd.


L. 13


Bhí an-chuid truc, éadach agus leabhair agus córacha an domhain
gan chiall ag gabháil leis agus ba ghráin leis a bheith á n-iom-
char ó áit go h-áit. Rud eile, bhí costas ag baint le bheith
ag aistriú agus ní raibh a thuarastal ró-theann. Chuimhnigh
sé ar sheift. Dh'eirigh sé luath ar maidin agus aon rud a bhí
'na sheilbh ná raibh aon tairbhe do ann, bhailigh sé é agus um
thráthnóna bheir sé leis iad agus dhíol sé iad. Fuair sé
pingní orra. Annsin bhí coimhreamh an airgid ghil le cur leis
sin. Ní raibh aon bhaoghal airgid ar aon chor air.



Bhí aithne aige ar bheirt mhac léigheann ón Iol-Scoil,
beirt adhbhar dochtúra. Bhí beirt eile 'na bhfochair — ceathrar
acu, ar lóistín in aon tigh. Is leo a thuit Teoiní an iarracht
so. Ní morán aimsire a fuair Teoiní ar stuidéar a dhéanamh
ar bhean an tighe seo. Bhí a dhóthain agus fuighleach de chuid-
eachta sa gceathrar mac léigheann. As d' oidhche nuair a
thagaidís isteach ba ghnáth leo dul ar chártaí. Ní raibh Teoiní
i bhfad nuair a mhealladh isteach sa chluithche é. Neaip a
bhídís a dh'imirt. Bhí Teoiní ag déanamh cuibheasach maith go
dtí gur bhailigheadar thimcheall air. Chaill sé cúpla púnt
oidhche. Bhí na pócaí ag teacht silte aige. An oidhche seo
chuaidh sé san imirt, agus ní raibh aige acht roint scillingí.
Is gairid a chuadar leis. D'fan sé ag imirt. Bhíodh (bhítheas)
ag dul ann. Tharraing sé chuige páipéar agus chrom ag
scríobhadh na bhfiacha. Ar a ceathair ar maidin bhí trí púint
caillte aige. Chaitheadar uatha iad. Tháinigh oidhcheannta agus
oidhcheannta eile agus ní raibh aon fhonn air suidhe chun imirt
agus ba lugha ná sin de fhonn a bhí air a chuid fiacha a dhíol.
Bhí na mic léighinn ag caint eatorra féin. Ba tháir ar fad
leo an cleas a bhí ar siubhal ag Teoiní. Sheunadar é — an
fear bocht.



Ba mheasa leis é seo ná aon rud a bhain do go dtí so,
mar ní raibh aon leigheas aige air. Agus shíl sé go raibh an
tuigsint ag baint leis an dream eile. Acht ní amhlaidh a bhí.


L. 14


Bhíodar súd sásta go maith go raibh Teoiní teann fé airgead
agus gurbh' amhlaidh a bhí sé ag bailiú chuige. Acht ní raibh
an ceart aca. Bhí an éagcóir aca mar is iad féin a dhein
an leadhbadh air.



B'fhearr leis aistriú eile a dhéanamh ná bheith 'na gcuid-
eachta. Pé mar a bhí sé, mheas sé é féin i bhfad ní ba threise
ná an chuideachta úd. Dhein sé an t-aistriú. Ní raibh sé de
uain aige morán stuidéar a dhéanamh ar an árus nua a fuair
sé, mar thug bainistreoir an bhainc leitir do.



Dh'oscail Teoiní an leitir a fuair sé ón mbainisteóir.
Bhí innte go raibh air aistriú a dhéanamh síos go dtí baile
mór i dtuaiscirt na Mumhan. Ba bhreágh leis an fhógairt úd.
Ba thógaint croidhe air í. Ní fheadar sé ciaca ag tuitim
sa saoghal a bhí sé nó ag eirghe, acht bhí fhios aige go raibh sé
cortha go maith de Bhl' Átha Cliath agus gur dhéirc leis a bheith
amach as.



Bhog sé bóthar gan fios rúin ná rian a imtheachta a thabh-
airt do neach beo. Tháinigh sé slán folláin go dtí an mbaile
mór so. I dtigh ósda iseadh chuaidh sé ar iosdas. Daoine
deasa grádhmhara a bhí sa tigh. Bhí séisin go deas leo. Bhíodh
sé istig tráthmhail go maith gach oidhche agus mar sin de. Bhí
halla sa mbaile agus bhí a thriall ann ag imirt biléirí. Bhí
sé go h-oilte orra súd. Chuiridís síos an-chuid dá chuid
aimsire dho. Bhí sé chómh sásta leis féin le diúic.



Acht ní sheasuigheann rith maith leis an each i gcomhnuidhe.
Chuir sé aithne ar bheirt nó triúr buachaillí sa mbaile mór.
Árd spórt ba eadh iad agus bhíodar ruidín beag tabhartha
don ól. Ní fhéadfadh Teoiní a gcuideachta a thréigin, agus
ní bhfuigheadh sé a bheith na gcuideachta gan deoch a bheith aige
chómh maith le fear. Ba bheus le Teoiní agus a chuideachta dul
isteach in gach aon tigh ósda ag ól acht insan tigh 'na raibh sé
ar lóistín; agus chum an donas a dhéanamh ar an sceul ar
fad bhí tigh ósda treasna na sráide agus is ann ba mhinicí


L. 15


a bhíodh a dtriall. Badh dhóigh le h-aoinne gur d'aon ghnó a
theighdís isteach annsúd, chum a bheith ag déanamh cancais ar an
dream eile. Níor dhóigh le duine go mbeadh críostaidhe mhic
an luain sa tigh ósda 'na mbíod Teoiní go mbíodh sé ag
bualadh isteach sa tigh ósda eile. Pé áit ná poll a n-eirigh-
dís as leis an linn bhíodh duine nó beirt i ngach fuinneóg,
agus óir ná raibh an radharc ró-gheur ag bean an tighe ósda
fuair sí ceann des na gloiní beaga radhairce sin — bíonn
siad an-oireamhnach uaireanta — chum a bheith ag faire ar
Theoiní. Ní bhíodh aon eochair aige. Bhíodh air a bheith istig is-
teach 'sa amach le n-a taon-bhuille dheug. An fhaid agus a
bhí sé go deas macánta bhí fáilte roimhe aon uair a thiocfadh
sé. Bhí sé ag teacht maith go leor ar feadh tamaill. Thugadh
sé a chomhpánaig leis chum dighe slána agus beannachta an
mheadhon oidhche thabhairt dóibh. Bhí an deoch á fhagháil fonn-
mhar go leor go dtí gur iompuigh Teoiní amach beagáinín
mí-ádhmharach. Tháinigh sé oidhche agus ní raibh cois fé. Ní
raibh aon fagháil ar aon deoch an oidhche sin.



Ar maidin lá ar na bhárach bhí bean an tighe ar bhior.
Tháinigh sí go dtí Teoiní agus é d'iarraidh greim na maidne
a shlogadh i gcoinne a aigne. Ní h-aon deallradh ar fogh-
namh a bhí uirre. Bhí sí liath le h-aois de'n chéad dul síos
agus dhein an teachtaireacht a raibh sí air an iarracht so sioc
liath ar fad dhi.



"Tá sé chómh maith agat a bheith ag cuimneamh ar lóistín
éigin eile a thógaint," arsa sí le Teoiní. "Chím go bhfuil
an tigh seo ró chumhang duit, agus óir go cumhang leat,
fág."



Níorbh' mhéinn le Teoiní a bheith ag cuimhneamh ar freagra
thabhairt ar an mbolgam cainte seo. B'fhearr leis dul ar
leigheas tinnis cinn dá bhféadfadh sé é. Chaith sé a chuid
agus bhí sé ag déanamh cúinnéireacht bheag feachaint an bhfuar-
fadh an sceul acht ní raibh aon dá fhocal ann. Bhí an buille


L. 16


buailte. Bhí deire leis annsúd. 'Sé an bóthar a bhí i ndán
do. Chaith sé bogadh.



Bhailigh Teoiní é féin agus a chuid amach as an tigh ósda.
Fuair sé a bheith istig in áit éigin eile. Ní raibh an tarna
h-áit leath chómh deas leis an chéad áit. Agus in' fhochair sin
bhí sé féin agus an t-ól an-cheanamhail ar a chéile. Ní scar-
faidís ar ór ná ar airgead. Nuair a bhíodh an t-ól déanta
aige ní bhíodh sé só-shéimhéalta sa chaint. Bhíodh fhios aige cad
a bhíodh sé a rádh, agus dheireadh sé rudaí ná féadfadh sé
cuimhneamh ar aon chor orra dá mbeadh sé ar a chiall. Bíonn
an bioth sin ar dhaoine.m Geuruigheann an t-ól an innchinn aca,
go bhféacha Dia orra.



Acht bhí bean an tighe tuigsionach. Thuig sí lucht óil agus
bhí cur suas aici á dhéanamh le Teoiní. Acht ní bhíonn aon díol
ag dul do dhuine as a bheith ag eisteacht ná ag cur suas le
lucht óil go ró-speisialta nuair a theidheann siad ar ghráin-
neacht. Bhí an fhoidne agá caitheamh aici, agus thuig Teoiní
uirre go raibh. Dubhairt sé leis féin gurbh' fheárr teicheadh
maith aon lá ná droch sheasamh. Rud eile bhí sé ag teacht ró-
thabhartha do dhroch chuideachta agus don ól agus b' fhearrde
do a bheith asta amach. Chuaidh sé ar chiall agus ba mhithid é.



Chuir sé isteach ar athrú áite. An tsláinte an leath sceul
a dhein sé. Dubhairt sé go raibh sí ag tabhairt, ná raibh an
áit ag réidheachaint leis. Deineadh rud air. Scaoileadh chum
siubhail é. 'Sé áit 'nar cuireadh é ná go dtí baile beag i
gcondae Luimnighe. Ní mór ar fad an turus a cuireadh
air.



D'réir gach aon deallradh is ag tuitim sa saoghal a bhí
Teoiní in áit a bheith ag eirighe. Nuair a tháinigh sé go dtí
an mbaile seo bhí sé ag útamáil ó bhothán go bothán sa mbaile
beag sin gur bhuail sé isteach i dtigh h-Annracháin — tigh ósda
tá ann a bhfuil a ainm anáirde le fada. Fear mór borra-
mhail ba eadh h-Annrachán agus bhí bean aige mar bhí ag Rip
Bhean Bhuincil.


L. 17


Bhí múinteóir Gaedhilge ag fuireach sa tigh céadna, agus
ní gnáth múinteóir Gaedhilge tirm muna mbeadh duine an-
spianta ar fad aca ann. Ní dhiúltochadh h-Annrachán féin do
bhraoinín. Bhí an múinteóir agus é féin an-mhuinteardha le
n-a chéile. Badh mhairg don té thiocfadh eatorra é. Bhíodh
Teoiní isteach agus amach gan aon chuidreamh morán ag
aoinne leis. Bhí lá fheil' Pádraig ar chois agus bhí Cuirm
Cheoil chum a bheith ann oidhche lae fheil' Pádraig. Bhí póstaer
mór mar a bheadh aprún mór ar crochadh ar gach claidhe, fáil,
agus falla, ar feadh mí aimsire ag fógradh an Chuirm Cheoil.
Bhí leath an phóstaora so fé aon ainm amháin — Sadhbh de Búrc
ó Bhl' Átha Cliath, amhránaidhe iongantach. Is cuma cé hí an
bhean nó 'dé'n áit 'na mbeadh sí, acht go gcuirfeadh sí aon
saghas crónáin amhráin aiste, ba í siúd Sadhbh de Búrc. Is
iomdha Sadhbh de Búrc a bhí ar fuaid Chondae Luimnighe le
linn na h-uaire.



An oidhche roimh lá fheil' Pádraig bhí an muinteóir Gaedh-
ilge agus h-Annrachán na suidhe go síothchánta ag cur an
tsaoghail tré na chéile agus ag ól deoch. Tháinigh Teoiní
'na gceann. Tá fhios ag an saoghal ná fuil aon rud chomh
mí-nádúrtha ná chómh mór as port le múinteóir Gaedhilge
agus cléireach bainc i dteannta a chéile — rud éigin cosmhail
le francach agus girrfiadh. Chaith h-Annrachán d'réir riaghail
nósa agus deigh bheusa iad a chur in aithint dá chéile. Chuadar
ag obair ar lámha a chéile, agus bhíodar d'aon mhuintir d'aon
iarracht. Cuireadh deoch i bhfáth do Theoiní agus níor dhiúl-
taigh. Shuidh sé agus thosnuigh an seanchas.



"Is dócha go raghair ag eisteacht le Sadhbh de Búrc asd'
oidhche amáireach," arsa h-Annrachán.



"Ó," ar sé, "táim ag dul go dtí áit Tighearna Dún-
raobháin amáireach — go dtí Adaer. Tá ceathrar againn ag
breith gluaisteáin linn."



"Beidh sin go deas. Is dócha go mbeidh árd aimsir
agaibh ann."


L. 18


"Ó, beidh, bíonn i gcomhnuidhe. Bíonn cluithche golf
againn ar dtúis. Annsin beagán bídh agus tar éis tamaill
teidhmíd ag imirt biléirí agus críochnuighmíd an lá le dinnéar
mór — féasta."



"Nach sibh a bhíonn go suairc."



Leis an linn sin chuaidh an múinteóir Gaedhilge ar thóir
dighe eile agus tháinigh thar n-ais.



"Is dócha," arsa h-Annrachán, ag leanmhaint air, "gur
cluithche an-dheas é an golf."



"Ó! 'seadh, acht níor mhór duit an-thaithighe bheith agat air
agus a bheith oilte air chum é d'imirt 'na cheart."



"Is dócha é, acht cuir i gcás na liathróidíní beaga bána
úd a bhíonn sibh a bhualadh. An bhfuigheann sibh iad go léir i
gcomhnuidhe, nó an gcailleann sibh aon cheann aca?"



"Uch, ní chaillimíd, ná bíonn giollaí na liathród ar an
bhfód i gcomhnuidhe againn?"



"An bhfeaca tú riamh cluithche iománaidheacht?"



"Chonnacas."



"Cad is dóigh leat don chluithche sin?"



"Bhoil, dheurfainn go bhfuil sé roint garbh agus ná
h-oireann sé do aoinne acht do dhaoine garbha a bheith á
imirt. Rud eile ní'l aon ealadha sa gcluithche sin. Caith-
fidh tú bheith an-aireach ar fad ag imirt golf."



"Ní fheadar an mbeadh aithne agat ar chaptaen fuirinn
Luimnighe."



"Dh'airigheas trácht air."



"Anois cuir i gcás dá dtabharfá ceann des na baitíní
sin a bhíonn agat do súd agus an leathróidín bheag bhán a
leagaint os a chomhair amach ar phuirtín beag mín féir. Nuair
a bhuailfeadh sé siúd buille teann láidir uirre cá stadfadh
léi?"



"Ní fheadar."



"Bhoil, is dócha ná feadar tú ná aoinne eile. Níor


L. 19


mhór duit roint ded' chuid giollaí a bheith imeasc na raelthíní
chum teacht uirre."



"Dheurfainn nár mhór," ars an múinteoir Gaedhilge,
"acht ní mar a chéile an golf agus an teineas. Sin cluithche
deas."



"Ó, is maith liom teineas," arsa Teoiní.



"Ní fheadar an cluithche Gaedhleach é?"



"Ó, ní h-eadh ar aon chor."



"A ndeir tú liom nách eadh?"



Bhí deallradh an achrainn ag teacht ar an sceul, agus
níor thaithnigh sin le h-Annrachán.



"Bhoil," arsa h-Annrachán, "cuireann sé áthas orm
féachaint ar dhuine a bhíonn ag dul ag imirt teineas — an
bríste deas bán, agus an chasóigín dheas bhán a bhíonn air.
Annsin an hata deas tuighe agus na bróigíní cnufáis agus
na stocaí bána agus ní fheadar me a leath — gach aon rud
chómh geal le h-eala ar an gcraobh."



"Ó, tá an gléas go deas ar fad," arsa Teoiní.



"Cad a dhéineann sibh nuair a thagann cioth fearthanna?"



"Dul i bhfolach uaithe."



"Is fuiris an t-éadach úd a shailiú."



"Is fuiris go deimhin, agus ní mór aireachas an-mhaith a
thabhairt do."



"Ó, masa ní mór, gaoth agus grian."



"Bhoil, caithfidh me bheith ag imtheacht anois," arsa
Teoiní.



Dh'imthigh. Bhraith sé go raibh sé in am aige, Bhí an iom-
arca buillí á fhagháil aige.



"Feuch gur imthigh sé gan seasamh dúinn," ars an múin-
teoir Gaedhilge.



"Eist, a amadáin, nach fearr go mór a bheith ag caint
le cléireach bainc ná aon suidhe ná seasamh."



"Is dócha é acht fan leat go fóil."


L. 20


Tháinigh lá fheil' Pádraig agus dh'imthigh. Cúpla lá 'ná
dhiaidh sin, luath go leor sa maidin, bhí Teoiní ag teacht anuas
an staighre. Bhí h-Annrachán díreach chum a chois a leagaint
ar bhun an staighre ag dul anáirde 'na choinne, acht níor dhein.
Ghabh Teoiní anuas agus thug sé strac fheuchaint ar
h-Annrachán.



"Hello! h-Annrahán!" ar sé.



"Cé leis atá tú ag caint?" arsa h-Annrachán.



"Leat-sa," ar séisin.



"Bhoil, bíodh fhios agat gurb' eadh, a gharsúin."



"Is aindis liom."



"Chad é sin atáir a rádh, a dhailtín?"



Dh'eirigh eatorra de thric. Chuadar ar na dóirne. Bhí
an chéad iarracht ag h-Annrachán. Acht i masa, má bhí, dhírigh
Teoiní é féin agus chrom ag tarraingt. Bhí cleas na ndóirne
go maith ag Teoiní. Acht bhí bean h-Annracháin leath istig
de'n chúntar. Rug sí ar rud éigin agus chaith.



Níor ghortuigh sé Teoiní, acht shleamhnaigh sé dá dhrom.
Dá bhfuigheadh sé sa leath cheann é bhí ainimh air choidhche nó a
cheann ar liobarna leis. Nuair nár chuaidh an tromán a bhaile
air, tháinigh sí amach agus stiall de bhata aici — an bás. Acht
fé raibh sí amuigh bhí Teoiní imthighthe. Níor bhain mórán do
aon taobh. Bhí an chath ró-ghairid. Chaith Teoiní bocht bab
eile a fhagháil fér thuit an oidhche. Chuir sé giolla ar lorg a
chuid traidíní. Níor mhaith leis é féin a theasbáint. Ba
mhaith an bhail air nár dhein.



Leath an t-imireas a bhí idir Theoiní agus h-Annrachán
ar fuaid an bhaile. Bhí sé i mbeul gach fear, bean, agus
páiste sa mbaile nár tháinigh a leithéid de bhlaigeárd riamh
an tslighe. Aoinne chífeadh é ní bhíodh de phort aige acht gurbh'
é siúd an cléireach bainc — an blaigeárd a bhuail bean
h-Annracháin istigh 'na tigh féin. Ní raibh aon leigheas ar an
sceul arís acht a bheith ag imtheacht.


L. 21


Óir go raibh an baile beag bhí fhios ag bainisteóir an
bhainc go raibh an gleithireán so ar siubhal, agus, mar a dhéan-
fadh aon duine galánta, thug sé an chaoi do Theoiní imtheacht.
Go Condae Chorcaighe a cuireadh é — go dtí'n an mbaile is
deise sa chondae. Áit 'na mbíonn connlach de gach cinéal
agus náisiúntacht, agus mar a bhfuil Longphort ag riaghaltas
Shasna ionnus go bhfuil le feicsint insan mbaile úd Gaedheal
agus Gall agus iad i n-iomadh le chéile, maidir le creideamh,
náisiúntacht, teanga, nósa, agus beusa. Chuir Teoiní fé
ann i dtigh árd sráide mar a raibh radharc aige ar chuid mhaith
de'n chuan is breághthá sa domhan mór. Ní raibh eirghe as a
leabaidh ar maidin air gan súil a thabhairt amach ar na docaí
— Hálbálan .i. oileán beag i lár an chuain — oileán fé choill
thighthe. Gan lag ar longa gaile acht ag treabhadh an chuain
síos agus suas go cathair áluinn aoibhinn Chorcaighe. Dó nó
trí longa cogadh ar ancaire de ghnáth ann. Bhí agus míle
rud eile ann le feicsint ag Teoiní dá bhfeicfeadh sé iad.



Sean-lánamha a bhí sa tigh seo. Bhí mac de shagart aca.
Bhí sé as baile. Ní raibh de chloinn eile aca acht an t-aon
inghean amháin. Bhí sí ag tabhairt congnaimh don mháthair.
Cailín deas ba eadh í. Bhí sí roint galánta agus aonaramhail
innte féin. Is iomdha duine adubhairt go mbadh chóir di
bheith istig i gclochar di féin in ionad a bheith ag treabhadh leis
an saoghal. Acht ní fuiris réir go leor daoine a dhéanamh.



Bhí triúr nó ceathrar eile ar iosdas sa tigh nuair a
tháinigh Teoiní. Ní raibh aoinne aca leath chómh dathamhail ná
chómh córach leis. Thuith an tsean-bhean i ngrádh leis de'n
chéad iarracht. Acht tá tréith éigin ag baint le bean. Ní
bhíonn sí sásta le n-a tuairm féin ar aon rud gan tuairm
daoine eile. Bhí na buachaillí bochta cráidhte aici ag cur
síos dóibh ar dheiseacht agus ar chneastacht Theoiní. Na daoine
mhóra sa mbaile mór a mbíonn sé na gcuideachta; an té a
mbeadh sé ag imirt teineas leis an tráthnóna so, agus golf


L. 22


um thráthnóna amáireach. Ba é Teoiní an scoth sa tigh. Bhí
an chraobh ag Teoiní.



Acht an mhaidean so bhí ceann des na buachaillí ag gabháil
amach agus nadúir deithnis air. Thosnuigh bean an tighe ag
trácht ar Theoiní leis.



"Feuch," ars an buachaill léi, "fan go mbeidh sé mí sa
tigh agus béidir go mbeadh port eile agat."



Bhíodh galar ag gabhail do Theoiní, ná raibh fhios ag aoinne
acht aige féin. Bhíodh sé isteach luath oidhcheanta, agus é ag
léigheamh leabhair do féin. Ba ghnáth go dtagadh an inghean
ag caint anois agus arís leis. Ba dheas a bheith ag éisteacht
leis an mbeirt aca, mar bhí blas an-dheas ar a dteangacha
araon. Acht ní hé galar an ghrádh a bhíodh ar Theoiní, ná
a leithéid. Is amhlaidh bhíodh an póca folamh agus ní bhíodh de
sheift aige acht dul i muinighin uaignis. Thagadh cuid des na
buachaillí isteach agus bhídís ag imirt chártaí. Cluithche neaip
a bhíodh aca. Theidheadh Teoiní san imirt. Uaireanta dh'eirigh-
eadh leis agus dhá uair deug ná h-eirigheadh. Ar cháirde
theidheadh sé i gcomhnuidhe. Bhíodh giobal de pháipéar aige
agus scríobhadh sé ar thrí áit de "Tá agat orm." Bhíodh an
"tá agat orm" ar siubhal ar feadh na h-oidhche. Uaireanta
theidheadh a chomhaireamh amugha ar Theoiní, má seadh ba ar
mhaithe leis féin é. Bhíodh na buachaillí teacht leamh go maith
de, mar ní'l aon chleas is aindisighe ná an cleas so nuair
a dhéintear céird de. Acht focal ní dubhairt aoinne mar
gheall air.



Bhí an cogadh ar siubhal i gcomhnuidhe. Ní gádh cur síos
ar an ngannchúis a bhí ar shiúicre. Dhéineadh bean an tighe a
dícheall ar a dhóthain siúicre a bheith do gach aoinne. Chuireadh
sí in aon bháisín amháin é, mar ba ghráin léi a bheith ag déan-
amh rointeanna de, dar léi, gur ag pléidhe le fearaibh a bhí
sí. Níor mhiste dhi. Ní raibh deireanaighe ar an bhfear déanach
aon uair. Bhíodh a dhóthain agus fuighleach aige. Bhí, go dtí


L. 23


gur tháinigh Teoiní. Dá dtuitfeadh amach go mbeadh Teoiní ar
an gcéad fhear, bhí an siúicre ídighthe, pé áit 'na dteidheadh
sé. Bhí an sceul so ar leanmhaint. B'ait leis na buachaillí
é. Bhíodar sásta go gcuirfeadh sé cuid dhe 'na phóca. Ba
ghairid gur thosnuigh an cámas. Chrom cuid des na buachaillí
ag éileamh breis siúicre. Thosnuigh bean an tighe ag cnáimh-
seáil. Ba ghairid go bhfuair sí amach an tsnaidhm. Ba é
Teoiní an cuirpeach. Bhí an sceul ag teacht níos measa in
aghaidh an lae go dtí'n tráthnóna so. Bhí cúigear suidhte
chum búird, Teoiní 'na measc. Bhí buachaill ó Luimnigh 'na
shuidhe anonn os a choinne amach — buachaill leigthe faghar-
thamhail. Ní raibh focal as aoinne, acht gach duine ag cog-
aint — ag cogaint an aráin, agus ag cogaint in a aigne.
Chuaidh Teoiní ar an spiúnóg agus ar bháisín an tsiúicre agus
chuir sé poll an-mhór ann. Bhí fear Luimnighe ag feuchaint
air, agus é ag borradh le neart buile. Ní fheadar 'dé chúis
nár bhuail sé treasna an bhúird é; acht níor dhein. Dh'imthigh
an sceul go maith.



As sin amach thugadh bean an tighe bórd ar leith leith dho.
Acht ba chuma ní raibh an croidhe geal ag aoinne do. Bean
an tighe féin, tháinigh fuath aici do. Ba tháir léi é.



An mhaidin so bhí an buachaill úd a raibh sí á mholadh leis
tamall roimh sin ag gabhail amach.



"Feuch go raibh an ceart agat," ar sí leis. "Ní aithean-
tas go h-aontuigheas. Is mairg ná beadh foidhne aige agus
duine thabhairt fé ndeara. Deacair ar an mbuachaill úd.
Is é an buachaill óg gan mheas air féin é."



Bhí gach aon rud dá dhonacht aici le rádh leis an ainciseoir.
Acht thug an buachaill úd cluais bhodhar dhi. 'Sé deire bhí ar
an sceul ná gur chuireadar an teicheadh ar Theoiní bocht le
neart faobhar grabhais agus nimhneachta.



Pé áitreabh 'nar raibh sé 'na dhiaidh sin ní raibh sé i bhfad


L. 24


ann nuair a fuair sé leitir. Dh'oscail sé an leitir. Léigh
sé an fhaisnéis a bhí innte. Dhírigh sé é féin agus chuir sé
súile daill air féin. Bhí a lí ag iompó. Chrom sé ag siubhal
síos suas agus a cheann fé ar a mharanna. Ón athair ba eadh
an leitir agus bile grána le caogaid púnt istig innte — iars-
maí na dtighthe lóistín 'na raibh sé go dtí sin.



Ní dubhairt sé aon rud acht é féin a chruinniú agus
nuair a fuair sé an t-amas ceart, bhog sé bóthar dti'n
stáisiún. Chuaidh sé isteach sa traen. In Eochaill a bhuail sé
port. Chaith sé tamall ann. Acht pé slighe a cheil sé é féin
'na dhiaidh sin, ní raibh a thásc ná a thuairisc le feicsint in
aon áit.



Bhí daoine ag cur a thuairisce. B'ait leo é ar iarraidh.
Bhí leitreacha an domhain ar eitilt ag á athair agus baineadh
iarrachtaí millteacha as an sceul-shrang. Ní raibh aon mhaith
ann. Ní raibh sé le fagháil.



Ní raibh ann mar sin féin acht sceul naoi lá, dála gach aon
scéil. Dh'fhuar an sceul in gach aon áit acht sa mbaile. Bhí an
mháthair an-thré n-a chéile. Ba chuma léi cad é dhein sé nó
nár dhein sé as an tslighe riamh bhí an sean-bhádh agus an cion
ann. Ní fheadar aoinne 'dé'n áit nár chuaidh sí agus nár
chuardaigh sí ar thuairisc a maoin. Acht in árd ná íseal, thoir
ná thiar, tháll ná i bhfus ní raibh sé le fagháil. Chaith sí stríocadh.
Ní raibh aon mhaith a bheith ag braith ar an mbreac ná raibh ann.



Cúpla Samhraidh 'na dhiaidh sin bhí an t-athair agus an
mháthair in Eochaill. Bhíodar ag siubhal le ciumhais na trágha.
Bhí an bhean — bean a dheallraig go raibh tonn mhaith dá h-aois
caithte — ag siubhal 'na gcoinne. Bhí fear 'na fochair — fear
breágh óg. Bhí maidrín ar a bhaclainn aige. Dh'fhéachadar
air. Ba é Teoiní bhí ann. Bheannuigheadar dá chéile. Labh-
adar le n-a chéile. Dhéineadar, agus scaradar le n-a chéile.
Dh'eirigh idir Theoiní agus a mhuintir an ghráin agus an fuath
sin a dhein iad a dheighilt go h-eug.


L. 25


AN T-ATHAIR MÁRTAN.



Sagart paróiste a tháinig go dtí paróiste an Charainn.
An t-Athair Mártan a ainm. Ba dheas leis an áit. Ba
dheas leis na daoine. Bhí gach aon rud ní ba dheise leis ná a
chéile. Bhí sé tamall ann — tamall maith, agus bhí sé sásta in'
aigne féin i gcomhnuidhe, aon rud acht gur thug sé fé ndeara
go raibh na daoine rud beag faillightheach, maidir le cúrsaí
creidimh. Acht, mar adubhairt sé féin, béidir ná raibh aon
leigheas ag daoine bochta air. Is iomdha iarthann a bhíonn sa
teine aca. Bhí an sceul ag teacht ró-liobarsach. Bhí sé
sásta ná rabhdar chomh maol agus a shíl sé iad a bheith. Chrom
sé ag tabhairt fé ndeara rudaí agus ag cogaint a chíorach.



Ba é an rud déanach leis an Athair Mártan a bheith crosta
dá bhféadfadh sé é. Acht thuig sé go raibh an chúis aige. Bhí
an t-adhbhar ann, agus ní raibh aon mhaith a bheith ag dul ar
scáth scéiche. Bhí sé leath bhliain sa pharóiste agus gach aon
tSatharn, fuar agus te, mar a thagaidís, bhíodh an sagart
bocht 'na shuidhe annsúd i mbosca an fhaoisidín agus gan
críostaidhe ó aon taobh de'n pharóiste ag teacht chuige. Bhí
an dubhan fhalla thar éis seilbh a thógaint in pé áit badh mhaith
leis sa mbosca. Ar maidin Domhnach Cásca ní raibh críos-
taidhe ag an ráil ag glacadh Corp Naomhtha an Tighearna. Bhí
sé cráidhte — ní nach iongna. Is beag nár chaill sé a chiall.
Agus cad a bhí le déanamh aige?


L. 26


Chrom sé ag guidheachant chum Dé feuchaint an gcuirfeadh
Sé 'na gcroidhe rud éigin a dhéanamh don anam. Ní raibh
lag air acht ag cuimhneamh agus ag cuimhneamh féachaint cad
dob' fhearr a dhéanamh. Níor fhág sé cloch gan iompó.



An Domhnach so, d'iompuigh sé amach ar an altóir agus
léigh soisceul an Domhnaigh. Dhún sé an leabhar annsin, agus
leag sé i leath taoibh í. Ní dubhairt sé, "is olc é" ná "is maith
é," i dtaoibh an tsoiscéil, acht stad sé. Dhein sé moill bheag
fér labhair sé. B'ait leis an bpobal an mhoill seo.
B'fhada leo gur thosnuigh sé. Thosnuigh —



"A phobail," ar sé. "Bhíos ar mo leabaidh aréir. Bhí
tuirse an lae mar ualach orm. Bhraitheas mé féin an-chortha.
Thuiteas de m'chodla. Acht níorbh chodla é acht taidhbhreamh.
Deineadh taidhbhreamh uathbhásach dom. Ní fheadar an mbeidh
sé ionam é innsint díbh. Dar liom bhíos im' sheasamh ag
dorus na bFhlaitheas. Bhuaileas ag an dorus. Dh'oscail
an dorus. Bhí fear mór istigh."



""Cé tá agam annso?" ar sé.



"'Sagart paróiste an Charainn," arsa mise.



"'An fé' gur tusa an t-Athair Mártan"?



""An fear céadna thar a bhfeaca tú riamh."



""Mhuise, 'sé do bheatha chughainn."



""Go mairidh tú. Ní fheadar an é Naomh Peadair tá agam
ann"?



""Is mé cheana.""



"'Tusa an fear atá uaim-se" arsa mise, 'an miste a
(dh)fhiafruighe dhíot an bhfuil aoinne annso ó pharóiste an
Charainn?'



"'Ní miste go deimhin' ar sé, 'druid isteach annso agus
suidh go bhféachfad ar an leabhar.'



"Ghabhas féin isteach. Bhí bórd mór leath istigh de'n dorus
agus cathaoir. Bhí leabhar mhór ar an mbórd agus eochair
mhór le n-a hais. Shuidheas ar an gcathaoir. Bhí Naomh
Peadair os cionn an leabhair.


L. 27


""Ní'l duine a ghabhann isteach an dorus sin agus trí'd
an ngeata mór so isteach uainn ná fuil a ainm agus a
shloinne agus a sheoladh scríobhtha sa leabhar sin," ar sé.
'Innis dom anois 'dé'n paróiste é seo atá uait.'



"'Tá paróiste an Charainn,' arsa mise."



"Chrom Naomh Peadair ag iompó na mbileog. Nuair a
tháinigh sé go dtí 'C' chuir sé gloiní air féin. 'Ca — Ca — Can
— Can — Cap — Car —. Tá agam,' ar sé. 'Anois, a Athair
chóir, tá sé annso agam. Ní'l ainm ná sloinne ar an leath-
anach — dada go Dia. Ní'l de shamhail duine ón Charann
annso agus a bheadh de chnámh dreoilín in leomhan.'



""Eist, a Naomh uasail — eist. Seo go deo an sceul
sin! Ní'l duine ná daonaidhe annso ón Charann! — aoinne
beo ná marbh. Ó go bhfeucha Dia orainn! Eist, fan leat,
béidir gur dearmhad a bheifeá a dhéanamh. Arbh' mhiste leat
feuchaint eile thabhairt ar an leabhar?"



""Sin í an leabhar annsin agat féin. Muna gcreideann
tú mé. Feuch uirre."



"Ó creidim, 'dé chúis ná creidfinn, a Pheadair ró-uasal?"



"Sheasaigh mé anáirde. Chuireas mo dhá láimh le n-a chéile
agus d'iarras grásta na foidhne agus trócaire ar Dhia.



"'Ná bíodh aon charbhuaic ort,' arsa Naomh Peadair.
'Ní gádh dhuit a bheith id' chrádh féin mar sin. Ní tusa is
cionntach leis na gnótha so. Ná fuil fhios agat ná fuigheann
aoinne a cheann a chur isteach sa dorus sin go mbíonn sé glan
ceart? Caithfidh muintir an Charainn agus gach aon mhuin-
tir eile a gcúiteamh a dhéanamh le Dia, fé mbeidh cead aca
teacht annso. Ná bíodh aon tre na chéile ort. Creid uaim-
se é go bhfuil siad súd go léir i bPurgadóireacht.'



"'Is deacair é rádh, a Pheadair dhil, acht ós tusa atá
á rádh, sin rud eile. Ní fheadar an mbeadh aon chaoi agam
dul chum iad d' fheicsint. Badh mhór an solás a dhéanfadh sé
dhom iad fheicsint agus dóibh sin mise a fheicsint. An bhfuil
aon mhaith a bheith ag braith ar dhul ann?'


L. 28


"'Tá gach aon mhaith,' arsa Naomh Peadair. 'Gheobhaidh
tú gach aon chongnamh uaim-se agus fáilte. Féach, bain díot
na bróga sin atá ort agus cuir ort an peire seo orm-sa.
Tá na bóithre atá romhat an-chuirceach, an-gharbh, agus badh
bhaoghal duit an pian gan na bróga so.'



"Chuireas orm na bróga.



"'Seadh, tá siad ort anois,' ar sé. 'Siubhail anois agus
cuirfidh mise ar an rian díreach thú. Sin é an bóthar anois
agat. Déin ar t'aghaidh díreach. Fan ag imtheacht leat go
dtiocfaidh tú go dtí iompó ar thaobh do láimhe deise. Iom-
puigh agus féach romhat. Chífidh tú dorus mór airgid agus
crosa móra dubha greannta air. Buail ag an dorus. Beidh
an dóirseoir istigh. Osclochaidh sé duit. Imthigh anois agus
go mbuaidh Dia agus Muire Mháthair leat.'



"D'imthigh me liom. Bhí me ag déanamh na slighe. Ná
bídhí ag caint, a dhaoine! Ní fheaca sibh-se aon sceimhle riamh.
Uch! Critheann mo chuid fola nuair a chuimhnighim air. Is
beag ná fuilim ag dul i laige anois nuair a fhéachaim siar
air. Ní raibh ann acht bóithrín cumhang caol lán de scrubar-
nach agus de scotharnach agus ola phiastaí agus nathrach nimhe
ag cnámhthairt agus ag dranghail ar gach aon taobh díom.



"Tháinigh mé fhaid leis an iompó. Chonnaic me an dorus
uaim. Lean me orm. Shroiseas an dorus. Bhuaileas ag
an dorus."



"'Go réidh!' arsa an guth tochtánach istig. 'Cé tá
annsin?'



"'Mise, sagart paróiste an Charainn,' arsa mise.



"'Ó! buail isteach.'



"Chuaidh me isteach. Árd Aingeal áluinn a bhí romham.
Bhí scíatháin air a bhí chomh dubh le daol agus an brat a bhí air
bhí gileacht ag teacht uaidh níos treise na gileacht na gréine.
Bhí eochair mhór ar sileadh as chrios a bhí thimcheall air. Bhí
cleite 'na láimh agus é ag scríobhadh leis — cra-cra-cra — in


L. 29


leabhar mhór, leabhar ní ba mhó ná leabhar Naomh Peadair.



"'Cad a thug annso thú?' arsa an t-Aingeal.



"'A Aingil áluinn Dé,' arsa mise, "ar lorg eolais
atáim. Béidir go mbeinn ró-fhiosrach. Má bhím, ná tóg
orm é. An bhfeadar tú dhom 'dé mhéid de mhuintir an
Charainn annso agat?"



"'Dé mhéid de mhuintir an — 'Dé'n ainm adeir tú
atá ar an áit?"



"'An Charainn — mise, sagart paróiste an Charainn.'



"'Ó seadh, anois a chuimhnighim. Tusa an t-Athair
Mártan.'



"'Mise an fear céadna.



"'An Carann adeir tú, a athair,' ars an t-Aingeal
agus d'oscail sé an leabhar mhór. D'iontuigh sé bileog,
agus annsin chuir sé a órdóg na bhéal chum í d'fhliuchadh, agus
chum na bileoga a chur tharais níos mire. Sa deire stad sé
agus d'fhéach sé go cruinn. 'A Athair Mhártain,' ar sé, 'is
oth liom a rádh leat ná fuil an oiread le h-aoinne amháin
ón Charann annso.'



"'Ó Dia le m' anam agus Críost,' arsa mise. 'Ní'l
duine ón Charann annso. Ó, go bhféacha Dia orainn. Agus
ní fheadar cá mbeidís?'



"'Anois, a Athair, ná bhíodh aon charbhuaic ort. Nuair
ná fuilid annso caithfidh siad go léir a bheith isna Flaithis.
Dar ndóigh, ná fuil fhios agat ná fuigheadh muintir an Charainn
a bheith in aon áit eile?'



"'Uch mhuise, a Dhia Ghléigil na bhfeart, nach ósna Flaithis
atáim ag teacht? Nach anois díreach d'fhágas na Flaithis?



"'Ó… an eadh?… Bhís ann… má's
mar sin… agus an bhfeaca tú aoinne aca?"



"'An drae duine. Ní'lid ann. Ó, a Íosa, a Mhuire,
is…



"'Bhoil, a athair chóir,' ars an t-Aingeal, 'nuair ná fuil


L. 30


siad isna Flaithis ná i bPurgadóireacht, ní'l aon áit eile
eatorra. Caithfidh siad a bheith…"



"'Ó, a Thighearna A céasadh, déin trócaire orainn;
mhuise! cabhair Dé is na Naomh is na n-Aingeal chughainn. An
féidir gur dhéin Naomh Peadair bréag liom? B'fhéidir…
Dia linn… agus cionnus a raghad go dtí sna Flaithis
agus gan aoinne dem' aitheantas ann?



"'Fan, go réidh, a Athair; ós rud é gur
fearr leat a bheith deimhin de'n scéal, pé triob-
lóid a bheidh ann duit, is fearr dhuit an scéal go léir a
fheicsint amach. Teidhir síos mar sin. Lean ort ar an mbóith-
rín seo. Ní mór duit deithneas a dhéanamh. Rith chómh mear
agus atá id' chosaibh. Ná tuit. Má thuitfir ní eireochair.
Chífidh tú geata mór ar thaobh do láimhe clé. Gheobhaidh tú
gach aon chúntas annsin. Dia agus Muire id' thionlacann
anois,' agus do dhún an t-aingeal an dorus.



"D'imthigheas. B'fhada agus ba gharbh an bóithrín é. Gual a
bhí mar chlocha air agus bhí gach aon phioc de'n mbóthar in aon
lasair amháin. Bhíos ag imtheacht anonn agus anall ag tabhairt
gach aon taobh orm, mar a bheadh duine a bheadh ar meisce.
Bhíos ag cur alluis le neart uathbháis agus sceimhle, agus
níorbh' threise an teas a bhí ann ná an tirmeacht a bhí mo scór-
nach agus mo theanga leis an tart millteach a bhí orm. Scar
mo chosa go maith, agus is ar Naomh Peadair a bhí a bhuidheachas
agam. Bhí na bróga a thug sé dhom go h-iongantach. Ní
bheadh dul troig ionam muireach iad. Bhíos ag guid na slighe
liom go bhfeaca mé uaim an dorus mór — ní dorus é acht
geata mór iarrainn mar a bheadh ar fhóirnéis. Uch! a dhaoine
mo chroidhe agus m'anam! ní raibh duine ann ag iarraidh
m'ainme ná mo shloinne orm; ní raibh duine ann a raibh leabhar
mhór ná leabhar bheag aige. Bhí cead ag gach duine dul
isteach ann, díreach mar a bhíonn sé de chead agaibh-se go
léir dul isteach sa tigh tábhairne ar maidin de Domhnaigh."


L. 31


"Mar adeirim libh, bhíos ag traochadh alluis agus ar
ball-chrith; gach aon ruibe gruaige a bhí ar mo cheann 'na
sheasamh anáirde díreach. Do airigh mé an bolath millteach
dóighte — an bolath a bhí ó fheoil na ndaoine a bhí á ndóghadh;
rud éigin cosmhail, acht i bhfad níos milltighe, leis an mbolath
a gheobhfá sa chéardchain nuair a bheadh an gabha ag luighe an
chrúidh le crúib capaill. Ní bhfuighinn mo anáil a tharraingt.
Ní fheadar an domhan 'dé chúis nár múchadh mé. Bhí gach aon
olagón, agus scread agus scréach agus liuigh le h-aireacht-
ain ann.



"Bhí diabhailín beag 'na sheasamh ag an dorus.



"'Dhera, a dhuine,' ar sé liom, 'an bhfuil tú ag teacht
isteach nó an bhfanfaidh tú amuigh?' agus bhí ael trí mionn 'na
láimh aige agus é im' phriocadh léi, agus adeirim libh nach
fuar a bhí an ael sin.



"'Mise!' arsa mise, 'masa, ní'lim-se chum dul isteach
chughaibh. Duine le Dia mise.'



"'Duine le Dia… 'dé'n gnó thug annso tú?'



"Arsa mise leis, Tháinigh mé… féach, is deacair dom
caint a dhéanamh… Táim cráidhte, tnáidhte, briste
brúighte tar éis a bhfuil curtha dhíom agam… Tháinigh mé
bóthar fada; slighe acharnach chum a iarraidh ort… an
féidir… nó ní fheadar an mbeadh cúntas agaibh annso…
an amhlaidh… nó an féidir go mbeadh… nó go bhfuil
aoinne annso ó Pharóiste an Charainn?"



"'Mo léir thú, is beag an chiall atá agat. Ní'l duine
a fhág an Carann le fada, fada dhe bhlianta ná fuil annso
againn. Tá an paróiste ar fad annso. Druid anall annso,
a shean-chritheánaighe, agus chífidh tú cionnus mar atá siad soc-
ruighthe againn.'



"Dhruideas anonn agus d'fhéachas isteach. Chonnacas
iad go léir annsúd in aon chonnlachán amháin. Teine mhór
'na h-aon spóirseach 'na dtimcheall. D'aithnigheas cuid mhaith


L. 32


aca. Ní bhacfad le n-a n-ainmneacha. Bhíodar annsúd iad
go léir, léir, léir. Agus annsúd a bheidh siad go bráth na
breithe.



Bhí an t-uathbhás in aghaidh an Athar Mártan. Bhí sé chómh
bán le cailc. Bhí an séipéal chómh ciúin le clog, bhí an pobul
chómh mór sin san éisteacht. Bhíodar mar a bheadh a súile
sáidhte i dteinte Ifrinn aca, san áit a bhí indán dóibh. Ní raibh
duine sa séipéal ná raibh duine leis in Ifrionn — a athair, a
mháthair, a dhrifiúr nó a dhritheáir — imthighthe go dtí Paróiste
an Charainn in Ifrionn.



""Chím go dtuigeann sibh go maith me?" ars an t-Athair
Mártan. "Anois caithfear stad a chur leis an obair seo.
Is orm-sa atá cúram leasuighthe bhur n-anam. Tá sé uaim
sibh a shábháil ón pholl damanta sin ar a bhfuil sibh ag díriughadh
Amáireach an lá chum tosnú. Ní fhanfad níos sia ná an lá
amáireach chum tosach a chur ar an obair. Chum an obair a
dhéanamh 'na ceart caithfear í dhéanamh d'réir riaghail. Ní'l
duine sa pharóiste ná beidh mo thriall air. Ní'l aon mhaith
do aoinne a bheith ag iarraidh dul uaimh. Amáireach an Luan.
Eisteochad faoisdín na sean-daoine amáireach. Ní mórán
é sin. De Máirt, na páistí. Ní bhead i bhfad leo san leis.
De Céadaoin, na buachaillí agus na cailíní. Beidh an mhoill
ag baint leo sin is dócha. Diardaoin, na fir. De h-Aoine
na mná agus ná bídís ag déanamh paidir chapaill dá scéal
nuair a thiocfaidh siad. De Sathairn, fear an Tábhairne.
Is dócha go mbeidh an lá fada a dhóthain do. Dá mbeadh an
méid sin déanta i gcoinne an Domhnaigh agam bheinn an-
shásta. Tá fhios agaibh, a dhritheáracha na n-áran, go gcaith-
tear an bárr a bhaint nuair is lán do. Is amhlaidh don ní
atá salach, caithtear é nighe agus é nighe go maith. Go dtugaidh
Dia na Grása dúinn go léir. Amen.'"



Deineadh gach rud mar d'órduigh an t-Athair Mártan.
Ní raibh fear, bean ná páiste nár chuaidh ag triall air. Ó'n


L. 33


tseachtmhain sin i leith tá bolath na críostamhlachta agus na
crábhthachta le fagháil deich míle ar gach aon taobh de'n
Charann. Asd' oidhche Dé Domhnaigh 'na dhiaidh sin deineadh
taidhbhreamh eile do'n Athair Mártan. Shíl sé go raibh sé ag
siubhal go taithneamhac ar an mbóthar isteach go dtí Flaithis
Dé. Dar leis bhí sé féin ar tosach agus an paróiste go léir
as a dhiaidh aniar in aon mhór-shiubhal. Iad le h-áthas agus le
luathgháir ag teacht go sítheolta croidheamhail. Coinneal
choisricthe i láimh gach duine aca agus iad go léir d'aon ghuth
ag amhrán. 'Sé an t-amhrán a bhí aca ná an Té Déum.


L. 34



L. 35


SEÁN STÓCACH.



Nuair a tháinigh Seán Stócach abhaile tar éis an chógaidh
mhóir, ní raibh gach aon rud mar badh mhaith leis. Bhí an scéal
go bocht agus go holc aige. Nuair a bhuail sé port bhí sé
déanach sa tráthnóna agus bhí an t-ocras agus an t-annró
ag cur air. Ní raibh eolas aige ar aon áit a bhfuigheadh sé
codla na h-oidhche. Bhí a mhuintir ar fad ar iarraidh agus an
dream a bhí fágtha níor mhaith leis dul ar dhéirc leo. Thug
sé aghaidh ar an mbóthar. Níorbh' fhada sa siubhal do nuair
a chonnaic sé uaidh sean-chaisleán tamall isteach ó bóthar.
Dhein sé ceann ar aghaidh ar an gcaisleán. Bhuail sé ag an
dorus. Oscaileadh do. D'iarr sé bheith istigh go maidin.
Fuair agus fáilte. Cuireadh cóir bídh agus dighe air. Nuair
a bhí a chuid caithte aige tháinigh fear an tighe chuige agus adubh-
airt leis ná raibh aon tseomra díomhaoin sa chaisleán acht
aon tseomra amháin, agus go mbíonn spioradanna ag eirghe
ann — trí cinn díobh; acht ná raibh aon neart aige féin ar sin
agus dá mbadh mhaith leis go raibh cead aige dul ann.



"Uch, is cuma, 'dé'n díoghbháil?" arsa Seán. "Ní'l
aon eagla agam-sa roimh aon spioraid ná púca. Táim bog
beann orra. Tá an oidhche fuar fliuch agus má dhéineann tú
teine mhaith dhom adeirim-se leat go gcaithfidh na spiorad-
anna iad féin d'iomchar nó a mbóthar a thabhairt orra, má


L. 36


D'adhanadh an teine. Shuidh Seán le n-a h-ais. Tharraing
sé an corc as bhuidéal fíona a bhí aige agus bhain sé slogadh
as. Annsin dhearg sé a phíopa. Bhí sé chómh sásta le rí.
Ní raibh duine chuige ná uaidh ná aon rud ag cur isteach ná
amach air.



Bhí uair an mheadhon oidhche caithte. Bhí diúdarnghail bheag
chodlata ag teacht ar Sheán. Acht níor thuit sé dá chodhla.
D'airigh sé an glór. Ní fheaca sé aon rud go dtí gur tháinigh
diabhal anuas an simné ar an teinteán chuige. Gíocs ná
míocs níor chuir an diabhal as acht suidhe go dána ar chathaoir
a bhí ar an taobh eile de'n teine. I gcionn leath uaire an
chluig tháinigh an tara diabhal anuas sa chasán céadna agus
fuair cathaoir eile do féin. Agus i gcionn uaire nó mar
sin eile tháinigh an tríomhadh diabhal 'na gcionn. Ní raibh an
tríomhadh cathaoir sa seomra agus dhein sé seo luighe ar an
leaba.



Ní raibh aoinne ag caint. Acht ní ró-shásta a bhí Seán le
duine aca súd a bheith 'na luighe ar a leaba agus é cortha
traochta agus sáruighthe tar éis an lae. Mar sin féin choim-
eád sé a bhéal dúnta. Nuair ná rabhdar sin ag caint ní
raibh séisin chum caint a chur orra. Acht ní ró-fhada sheasaigh
an suaimhneas. D'éirigh achrann idir an triúr diabhal. Bhí an
scéal an-the eatorra. Chromadar ag bualadh agus ag smal-
cadh a chéile ar a ndícheall báis agus beathadh. Rith sé le
Seán bocht gurbh' leamh an bhraith dho a bheith ag coinne le
suaimhneas na h-oidhche agus an obair úd ar siubhal. Bhí
buidéal uisce coisricthe 'na phóca aige agus chuimhnigh sé air.
Thárla gur istig in séipéal a chodail sé an oidhche roimhe sin,
agus nuair a bhí an buidéal fíona a bhí aige folamh líon sé
le h-uisce coisricthe é. Tharraing sé an buidéal chuige agus
bhain sé an corc as. Rug sé ar chabhail an bhuidéil agus
d'éirigh sé 'na sheasamh. D'iompuigh sé orra. Ní raibh braon
de'n uisce coisricthe nár chaith sé leo. Stadadar de'n troid,


L. 37


díreach mar a dhéarfá leo é, agus chuadar d'athchuinge na
trócaire air.



Dubhairt Seán leo go mbeadh sé orra gan casadh ar an
seomra so go bráth arís, agus go gcaithfidís a n-ainmneacha
do scríobh ar pháipéar fé'n gcoinghiall sin, agus go dteas-
báinfeadh sé do fhear an chaisleáin é. D'aontuigheadar air
sin a dhéanamh. Dheineadar é, agus as leo anáirde an
simné.



Lá ar na bhárach d'innis Seán Stócach an scéal do fhear
an chaisleáin, agus thug an páipéar do. Dubhairt fear an
chaisleáin leis gur mhór an chráidh iad mar dhiabhail, agus gur
mhór an mhaith a bhí déanta dho ag an té a dhíbir amach as an
tigh iad uaidh.



"Caithfead rud éigin a dhéanamh 'na choinne dhuit," ar sé
le Seán. "Agus ní'l aon rud is oireamnaidhe a gheobhainn
a dhéanamh ná mo inghean a thabhairt le pósadh dhuit."



Cailín deas dathamhail ba eadh an inghean agus i gcúr-
saí airgid ní raibh sí folamh. Acht ní raibh aon fhonn pósadh
ar Sheán. Dubhairt sé ná beadh uaidh sa saoghal acht ceárdcha
beag.



Thog fear an chaisleáin ceárdcha dho. Chuir sé isteach ann
gach aon saghas úirlis agus cóir oibre a bhí ag teastáil.
Chuaidh Seán san obair. Fear saothrach stuidéartha ba eadh
é. Ní raibh sé i bhfad sa cheárdchain nuair a thuig an dúthaigh
gur togha gabhann a bhí ann. Bhíodh obair ag rith chuige.



An lá so bhuail Beirt Fhear isteach sa cheardchain chuige.
Bheannuigheadar dho, agus bheannuigh séisin Dóibh. Bhíodar ag
caint ar feadh tamaillín, agus annsin labhair an té b' óige
de'n mbeirt le Seán.



"A Sheáin," ar Sé, "iarr aon trí ghuidhe is maith leat
anois agus beidh siad le fagháil agat. Acht chomhairleochainn
duit pé guidheanna eile a iarrfaidh tú, sealbh isna Flaithis
a iarraidh de'n chéad ghuidhe."


L. 38


"Masa," arsa Seán, "ní do aoinne na Flaithis acht
do'n té thuilleann iad, agus b'olc an scéal dá mbadh eadh.
Agus is dócha nach ró fhuiris iad do thuilleachtain.



"Tá an fhírinne sa méid sin agat. Seadh, iarr do ghuidhe,"



"Bhóil, is minic a bhím annso sloigthe leis an tart, agus
gan aon deoch le fagháil agam. Tá an tobar an-fhada ón
gceárdchain. Badh bhréagh liom dá mbeadh an crann silíní
atá sa ngáirdín agam láimh leis an dorus agus é bheith fé
bhláth is toradh idir Shamhradh agus Gheimhreadh,"



"Bíodh sin amhlaidh."



Nuair d' fhéach Seán d'iarracht ar an dorus, bhí an crann
leath ismuigh fé lán-bhláth agus toradh.



"Ná dearmhad na Flaithis, a Sheáin," ars an Fear leis
arís.



"'Dé mhaitheas a bheith ag trácht ar na Flaithis? Má
thuillim iad gheobhaidh me iad d'aimhdheoin an tsaoghail. 'Sé
rud a bheadh uaim anois ná cathaoir dheas chompórdmhail, agus
aoinne eile a shuidhfeadh innte, acht me féin, gan aon fhagháil a
bheith aige ar eirghe aiste, gan mo chead-sa."



"Bíodh sí agat," ars an Fear.



D'fhéach Seán timcheall air féin agus bhí annsúd i gcúinne
na ceárdchan cathaoir dheas. Badh dheas leat a bheith id'
shuidhe innte, bhí sí chómh compórdmhail sin le féachaint uirre.



"Tá sé dian nó beidh thiar ort, a Sheáin," ars an Fear
leis. "Tá aon athchuinge amháin eile agat le h-iarraidh,
iarr neamh anois dod' anam."



Pioc suime níor chuir Seán ann.



"Tabhair dom paca cártaí," ar sé, "a ghabháilfidh dom
gach aon uair a imireochad leo."



D'imthigh an Bheirt de'n iarracht sin gan an oiread le
focal a rádh, agus ní fheaca Seán Stócach aon teimheal díobh
as sin amach.



Bhí na blianta á gcaitheamh, agus bhí an saoghal ag eirghe


L. 39


ar a thoil le Seán. Acht an lá so cé bhuailfeadh isteach an
dorus chuige ná an Bás.



Siubhail leat, a Sheáin," ar sé, "tá t'uain tar éis teacht.
Ní'l aon dul as ná éalódh anois agat."



"'Dé'n uain, nó cad tá tú a rádh?" arsa Seán.



"An amhlaidh ná tuigeann tú me, nó an aithnigheann tú
me? Mise an Bás."



"Ó an tusa tá ann? Is minic d'airigh me trácht ort.
M' anam ag Dia nár aithnigheas pioc díot. Caithfead a bheith
ag dul it' fhochair mar sin is dócha. Acht féach, déin moill
bheag. Tá gleithireán an-mhór orm anois, agus dá suidhfeá
tamaillín insan chathaoir sin annsin, ní bheinn nóiment na
h-uaire ag cur deire leis an mblúirín oibre seo atá idir
lámha agam."



"Cad atá agat á dhéanamh?"



"Táim ag cur cruidhte fé'n gcapall so — capall an
mhinistéara. Táid nach mór curtha agam. Suidh agus déin
compórdamhail tú féin. Dar ndóigh, ní'l an oiread sin ar
fad deithnis ort. Nuair a bhead réidh déanfad léiriú beag
orm féin agus beimíd ag bogadh."



Shuidh an Bás sa chathaoir. Ní raibh sé acht nóiment innte
nuair adubhairt Seán leis go raibh sé i gcóir anois. Dhein
an Bás iarracht ar é féin a dhíriú.



"Táim ceangailte," ar sé.



"Mhuise chonách sin ort," arsa Seán.



"Scaoil mé," ar sé.



"Fan annsin anois agus glac dho shuaimhneas. Tá an
iomarca réim fút-sa anois le tamall," arsa Seán.



Bhí an aimsear á caitheamh, agus an Bás 'na shuidhe ann-
súd go deas mín socair agus gan ann eirghe. Dá gcaith-
feadh sé focal le Seán, ní raibh de fhreagra le fagháil aige
acht plab mhór gháire, nó port feadghala. Ar feadh céad blian
fada mín díreach bhí an Bás ar an staid sin. Ní raibh duine


L. 40


óg ná aosta ag fagháil bháis. Bhí daoine ag teacht cortha
cráidhte ó bheith beo agus ag féachaint ar a chéile. Ní bhíodh
lag ar na daoine acht ag crádh agus ag ciapadh a chéile
agus ag achrann eatorra féin. Ní fheadar aoinne cad a bhí
ag teacht ar an saoghal. B' ait leis an saoghal é féin.



Fé dheire thiar thall tháinigh Aingeal an Bháis go dtí
Seán agus d'iarr sé air an Bás a scaoileadh. Níor dhein
Seán acht breith air agus é chaitheamh anuas ar an mbás sa
chathaoir. Fuair sé eochair na ceárdchan agus bhuail sé a phaca
cártaí 'na phóca. Chuir sé an dorus fé ghlas, agus d'fhág
sé an bheirt istigh caithte sa chathaoir. D'imthigh sé leis. Ní
ró-fhada bhí sé ag imtheacht nuair a chonnaic sé an duine
ait ag déanamh air. Bheannuigheadar dá chéile agus chuir-
eadar caint ar a chéile. Sa chaint dóibh d'fhiafruigh an stran-
séir de Sheán, an imireochadh sé cluithche cártaí.



"Masa," arsa Seán, "níor chuireas suas de chluithche
cártaí a imirt le h-aon fhear riamh. Acht ní'l an áit seo
ró-oireamhnach. B'fheárr dhúinn dul tamall eile an bóthar."



D'imthigheadar. Thángadar fhaid le leac mhór a bhí 'na
h-aonar i lár fásaigh. Shuidheadar síos le n-a h-ais. Thar-
raing an stranséir amach paca cártaí bhí aige. Rug Seán
air agus comhairimh.



"Tá dhá cheann i n-easnamh ar an bpaca so," arsa Seán.
"Tá paca ceart agam-sa."



"Táim sásta," ars' an stranséir.



"Ar airgead mór nó ar airgead beag a raghaimíd,"
arsa Seán.



"Ní bhacfaimíd le h-airgead mór na beag," ars an fear.
"Raghaimíd ar anamacha."



Phrioc Seán é féin. Rith sé leis de'n iarracht sin cé
bhí ann. Bhíodar ag imirt agus ag imirt. Gach aon chúig a
gheibheadh Seán shaoradh sé anam as Ifrionn. Bhí gach aon
chúig á breith ag Seán. Bhí Ifrionn á fholamhú. Na h-an-


L. 41


macha a thagadh ó Ifrionn is ar Phurgadóireacht a thugaidís a
n-aghaidh agus ní túisce a theighdís isteach ann ná mar a theidh-
eadh anamacha ó Phurgadóireacht go dtí sna Flaithis. Níor
thaithnigh leis an bhfear cionnus mar bhí an cluithche ag imtheacht,
agus chuir sé i gcead Sheáin stad. Stadadar.



"An dtabharfá athchuinge dhom?" ars an fear leis.



"Thabharfainn," arsa Seán, "dá mb' acfuinn liom."



"An scaoilfeá an Bás agus Aingeal an Bháis as do
chathaoir?"



"Bhóil, chum na fírinne a innsint duit, táim-se cortha go
maith dem' shaoghal," arsa Seán.




"'Sé an dála céadna ag gach aoinne é. Táid go léir
cortha ó bheith 'na mbeatha. Bhéadh sé chomh maith dhuit cead a
chos a thabhairt do."



"Ní deirim id' choinne. Táim tar éis scathamh maith go
leor a chaitheamh ar an saoghal anois. Is cuimhin liom fadó
ná bíodh sé ó aoinne bás a fhagháil. Anois nuair atá an Bás
agus Aingeal an Bháis fé cheangal agus fé ghlas agam-sa,
ní'l aoinne sásta le bheith beo. Tá gach duine agus fonn air
fágaint. Nach greannmhar an saoghal é? Nach deacair agus
nach ró-dheacair an duine mí-ádhmharach a shásamh? Badh bhreág
liom féin anois dul agus féachaint 'dé'n saghas saoghail é
an saoghal eile."



"Imthigh mar sin agus scaoil ag obair iad."



Sgar an bheirt le n-a chéile. Tháinigh Seán abhaile. Bhí
an Bás agus a Aingeal sa chathaoir díreach mar d'fhág sé
iad.



"Eirighidh 'nbhur suidhe as an gcathaoir sin," arsa Seán.
"nó an dóigh libh gur libh féin í. Nár chóir go mbeadh rud
éigin le déanamh agaibh seachas sibh a bheith caithte annsin gan
cor asaibh. Nach é an náire dhíbh é?"



D'éirigh an bheirt agus is ar éigin a bhí ionta a gcosa
chur fútha, bhí a leithéid sin de chodla grífín ionta. Agus dar


L. 42


ndóigh, ní nach iongna, agus an fhaid a bhíodar gan siubhal ná
reasamh a dhéanamh.



Nuair a fuaireadar suascailt ón gcodla grífín d'iom-
puigheadar ar Sheán Stócach.



"Masa," ars an Bás leis, "is dócha gur tusa an chéad
duine a bheurfaimíd linn. Tá sé chomh maith dhuit a bheith go
deas bríoghmhar agus imtheacht leis an aingeal uasal so.
Ná déin aon mhoill anois. Tá fhios agat go bhfuil gleithireán
orainn. Féach, an méid oibre atá romham-sa anois mar gheall
ort-sa. Seo, siubhail leat, a mhic ó."



Ní raibh an focal déanach as a bhéal aige nuair do theas-
báin anam Sheáin Stócaig é féin ag geata na bhFlaitheas. Bhí
Naomh Peadair ar an ngeata.



"Cé tá annso agam?" arsa Naomh Peadair.



"Seán Stócach," arsa Seán. "Fan amach go raghaidh mé
isteach."



"Go réidh, a Sheáin. Bí socair deas, ní'l aon tslighe
annso dhuit."



"'Dé chúis?"



"An cuimhin leat an lá a tháinigh an Tighearna agus mise
chughat? D'iarramair ort na Flaithis a ghlaca. Ní ghlacfá.
Amadáin a shíl tú bhí ionainn. Nach fíor sin?"



"Is fíor, acht a Pheadair uasail, ná fuighfeá dearmhad a
dhéanamh de'n méid atá imthighthe? Is dócha go bhfuil an-
chuid slighe agaibh annsin istig. Ní aireochaidh sibh chughaibh ná
uaibh ionad beag domh-sa."



"Ná fuilim tar éis a rádh leat ná fuil aon fhagháil agat
ar dhul isteach," arsa Naomh Peadair.



"Cá raghad mar sin?"



"Teighir dtí'n diabhal."



"Tá aithne agam ar sin cheana leis. Cá gcomhnuigheann
sé?"



"Lean ort ar an mbóthar so — an bóthar díreach. Buail.


L. 43


ag an dara dorus ar thaobh do láimhe clé. Bíodh an focal
deas agat do nuair atáir ag caint leis, mar ní'l aon ghabhail
aige le droch chaint ó aoinne, is cuma leis cé hé."



"Is aindis liom an bhfuil nó ná fuil. Pioc náire, scáth,
ná eagla ní bheidh agam roimhe… Tá sé chómh maith agam a
bheith ag imtheacht mar sin. Fuigheann cois ar siubhal rud
éigin."



D'imthigh sé. Bhuail sé ag an dorus.



"Cé tá annsin?" ars an guth.



"Mise Seán Stócach," arsa Seán.



"Seán Stócach! Seadh, masa! Nach tusa a dhíbir sinn-
ne ón sean-chaisleán? Nach tusa d'fholamhaig ifrionn, agus
annsin le pé cleas a bhí agat chuir tú stad le h-aoinne theacht
annso le blianta fada? Imthigh anois agus tabhair do bhóthar
ort. Ní'l tusa uainn." Agus dhún sé an dorus de phlab.



Bhí Seán bocht go dona as. Ní raibh fhios aige cad dob'
fhearr ná badh mheasa dho a dhéanamh. Cad a bhí le déanamh ar
aon chor aige, nó cá dtabharfadh sé a aghaidh? Chuimhnigh sé air
féin. Chuimhnigh sé ar an dorus eile ar ghabh sé tharais. Dhein
sé air. Bhuail sé agus d'oscaladh do.



"Cé tá annsin?" ars an fear istig.



"Seán Stócach," arsa Seán.



"Ó, imthigh leat. Ní'l tú uainn annso. Tusa atá tar
éis a raibh in Ifrionn a chur aníos annso chughainn. Tá an áit
damanta aca. Tabhair do bhóthar ort anois chómh mear agus
do thug Dia rith duit."



D'imthigh sé agus thug sé a aghaidh ar Pheadair arís. Ní
raibh aon tseift eile fágtha. Bhí dorus na bhFlaitheas dúnta.
Bhuail sé.



"Cé tá annsin?" arsa Peadair.



"Mise," arsa Seán.



"Cé hé 'mise' nó 'dé'n saghas ainm í? 'Dé'n ainm a
thugtar ort?"


L. 44


"Seán Stócach."



"Tá tú annso arís. Ní dhéanfadh sé an gnó dhuit gan
teacht thar n-ais tar éis an díbirt a chur ort ó chiana. Ná
fuil fhios agat ná fuil aon mhaith dhuit a bheith ag coinne le
bheith istig annso?"



Chuaidh Seán ar mhullach a dhá ghlún ag an dorus agus
dubhairt:



"Ar son Dia, oscail an dorus ar feadh tamaillín go
bhféachfad isteach chum é bheith le n-a rádh agam go bhfeaca
mé na Flaithis."



D'oscail Peadair. Leis an linn sin bhí Dia ag gabhail
thar an dorus. Nuair a chonnaic Dia Seán, ghlac truagh dho
É. Bhí Seán bocht agus deallradh an-chaithte, an-shnáidhte, an-
chortha cráidhte air. Bhí fhios Aige leis go raibh sé á chaitheamh
ó dhuine go duine agus ó áit go h-áit.



"Leig do féachaint isteach ar feadh cúpla nóiment,"
arsa Dia le Peadair.



Rug Peadair ar an eochair mhór go h-áth-leasc. Bhain sé
an glas de gheata mór a bhí ann. Ní túisce d'oscail an
geata ná mar a bhain Seán a chaipín de agus chaith sé isteach
isna Flaithis é, chómh fada agus bhí ann é chaitheamh.



"O, féach, a Pheadair," arsa Seán, "leig dom dul is-
teach fé dhéin mo chaipín, nó neachtar aca, tabhair féin dom
é."



"An sean-chaipín salach mí-ádhmharach sin," arsa Peadair,
"ní bhainfinn leis ar ór ná ar airgead. Tair isteach tú féin
agus fuigh é, agus beir leat é."



Ní raibh ó Sheán acht an t-órdú sin. Seo isteach é go
deas mín macánta. Nuair a fuair sé é féin istig seo chum
reatha é. Ní raibh cos leis ag baint leis an talamh.



"Hé! hé! heló! heló! Stad é; stad é! Bainidhí siar
as an bhfear sin," arsa Peadair. "Ní ceart é bheith annso
ar aon chor." Tháinigh na h-aingil go léir ar thóir Sheáin.


L. 45


Ní raibh le déanamh aige acht suidhe ar a shean-chaipín. Bhí na
h-aingil go bog agus go cruaidh a d'iarraidh é chur amach.
Tháinigh Peadair agus saothar air. Bhí leabhar mhór agus eoch-
air mhór 'na láimh aige, agus bata mór sa láimh eile. Bhí sé
an-mhillteach agus an-chrosta, agus gach aon bagairt ar Sheán
aige, agus gach aon fhonn air é bhualadh leis an mbata.



"Na bain liom," arsa Seán.



"Bí amuigh as an áit," arsa Peadair.



"Cad táim a dhéanamh as an tslighe annso?"



"Is cuma cad atá tú a dhéanamh nó ná fuil tú a dhéanamh
caithfidh tú an áit a fhágaint."



"An drae fágaint," arsa Seán, "go gcaithfear amach
mé. Béidir go bhfuil sé chómh ceart agam-sa a bheith annso
leat-sa."



Bhí Peadair agus na h-aingil ag bailiú thimcheall ar
Sheán nuair a bhuail Dia an tslighe. Bhí Sé ag casadh.



"A Dhia," arsa Seán. "Éilighim ceart agus cóir 'san
áit seo. Ná fuil sé chomh ceart agam-sa le h-aoinne eile
annso mo sheilbh do choimeád. Táim tar éis teacht isteach
annso agus atáim istig le tamall. Ní dóigh liom go bhfuil
sé de chomhacht ná de chead ag Peadair mé chaitheamh amach ná
mé chur as mo sheilbh."



"Cad a thug seilbh duit-se annso?" arsa Peadair
leis.



"Nach liom-sa an caipín seo a bhfuilim im' shuidhe air?"
arsa Seán le Dia.



"Ó! masa is leat," arsa Dia.



"Agus an gcoinneochad mo sheilbh?" arsa Seán.



"Coinnig do sheilbh ós rud é go bhfuil sí agat," arsa
Dia, "agus leigidhí-se do'n bhfear macánta sin," ar Sé leis
na h-aingil. "Ní'l se ag cur isteach ná amach ar aoinne."



"Seadh anois," arsa Seán leo, "bíodh sin agaibh. Nach


L. 46


gnóthach atá sibh; sibh-se istig agus sibh a d'iarraidh duine
bocht eile a chaitheamh amach."



Mar sin a thuill Seán Stócach árus na bhFlaitheas do féin.
Tá sé ann fós agus tá an-chion ag Dia air.


L. 47



L. 48


Baile Átha CLiath:
An Gaedheal-Chomhlucht, Teo.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services