Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dochtúir

Title
An Dochtúir
Author(s)
Ó Beirn, Séamus,
Composition Date
1909
Publisher
Gill, M. H.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NA DAOINE.



An Dochtúir



An Scoláirín George Edward O'Higgins.



Fear Tuatha



Mícheál Réidh



Tadhg Ó Chlúnáin



Bean Uí Chlúnáin



Máirín Ní Chlúnáin



Bean Tuatha



An Páisde Peata gan Mhúnadh



Learraidhe


L. 8


AN DOCHTÚIR



An Dochtúir A Dhochtúir! A Dhochtúir! Chá bhfuil tú? Cá bhfuil
tú a Dhochtúir?



Fear Tuatha — Órd! A Dhochtúir! Ar a bhfaca tu ariamh agus


L. 9


Nach h-in doigh bhuilg a amhlóirín? Truagh nach ort atá sé dhá
ríridh. Á! tá Séamus croigtha fá seó! Beidh iarracht eile agam.
Breathnuigh a Dhochtúir! Breathnuigh!



Fear Tuatha — Mar sea d'éirigh sé dhó. Ag réidhteach an
ghunna tuigeann tú, bhí sé nuair a phleásg
an piléar amach ar a mhéir. Tá sé a' tabhairt fhola mar seo
Anois a bhfuil sé agadh? Fuil-
méar, méar-fuil.



Fear Tuatha — 'Seadh, 'seadh! maith a fear! Tá sé agad fá
dheire!



Fear Tuatha Pysin mo chuid tubaiste ort! Ní
h-éad a chlaidhre, ní h'eadh! Harra! mise i mbannaidh go bhfuil
dúil san ól ag an mbodach seo! Óra nach mé an truagh mhuire
aige! (Taking off his hat reverentially). Grásta Dé le d'anam
a Séamús Mhicil Cháit! Mo chara agus mo chomharsa! Agus mallacht
Chromuil! do na geartians a chuir an dochtúir seo chugainn!
Caithfe mé bheith ag imtheacht.



Fear Tuatha — Nach raibh sé chomh
maith dhóibh dochtúir ón bhFrainnc nó ón Spáinn a chur annseo le
do leithid-se gan smid agad acht an Béarláinín suarach úd. Díbh
dhíbh agus deaibh deaibh! Cogar annseo a dhochtúir (beckoning to
doctor) beidh iarracht eile againn.



Fear Tuatha — Má tá meabhair, ná séasún, ná tuigsint ar
bith agad nach bhfuil fhios agad gurab é a chuid fola atá ag teacht.



An Dochtúir — Tacht! Tacht!



Fear Tuatha — Tacht! Tacht! go dtachtar thusa gan dochar
dhuit! Breathnuigh, breathnuigh annseo (imitates
finger being cut off.



An Dochtúir Tá!
Tá! Tá! — Tá!



Fear Tuatha — Óbh! Ó! míle murder!
Tá sé as a chéill! Sáithfidh sé mé. Leig amach. Leig amach mé
go beó!
Órá! a dhochtúir a bhollamháin! Má bheirim-se taobh amuigh ort
bainfidh mé teas as do chraiceann! Agus biodh 'fhios agad a


L. 10


chlaidhre gur gearr uainn an lá nuair a chaithfeas tusa agus do
leithid Gaedhilg — Gaedhilg — a bheith gan bhuidheachas díbh
(goes).



Bean Tuatha Maise ná coruigh a dhochtúir! Ná coruigh thú fhéin! go
saibh maith agad. Beidh mise luath go leor



Bean Tuatha — Agus cuirim céad míle fáilte romhat
go dtí an áit seo
Bail ó Dhia ort is tú fhéin an fear breadh slacht-
mhar, sgafánta seachas an spriosáinín a bhí annseo romhat.



Páisde — Tabhair dhom deach a mhain. Tabhair
dhom deoch.



Bean Tuatha — Eist a mhaicín! Eist!
tá sé annseo agam. Ní buidéal dochtura chor ar bith acht do buidéilín
fhéin fhéin.
Seoachuidín! Ól suas é!
An créatúirín, bionn tart air.
Maise a dhochtúir, níor choisg
mé ón mbuidéal fós é agus sílim go bhfuil sé i n-am feasta.



Bean Tuatha Ara a stór! suidh
sios. Tá neart ama agam sa. Go deimhin tá. Maise a dhochtúir
breathnuigh ar an bpáisde sin.
Ná cuir triobloíd
ort féin a dhochtúir! fan agus tiúbhraidh mé féin "di-di" eicínt


L. 11



Seo a mhaicín "di-di" deas a
thug an dochtúir dhuit maith a buachaillín!



Bean Tuatha — Tá an donas ar na páisdí
céadna nuair a thosuigheann siad! Maise a bhfuil
aon phaisde agad fhein a bhfuil a dhochtúir?



Bean Tuatha — A dhochtúir nach é an
somach dathamhail fáisgighthe é agus nach é an truagh é bheith as a
shlainte. Ní dheanann sé blas ó mhaidin go faothain acht ag
caoineachán — caoineachán — caoineachán.



Páisde — Ocras a mhaimín. Tá
ocras ar do mhaicín!



Bean Tuatha — Go raibh fad saoghail agad, a dhochtúir dhílis.
Tabhair suaimhneas duit féin agus gheobhaidh mé fhéin rud eicint
dó. Foighid a mhaicín! foighid!
Seo anois arán agus im do thug an dochtúir lághach
dhuit.



Bean Tuatha — Níl an somachán úd indon mórán ithe a
dhochtúir. (Páisde munching). Níl goile ar bith aige le goirid.
Níl sin. Mar sin tabhair buidéal maith dhó a thuibhras a ghoile ar
ais chuige, agus a chuirfeas biseach air.
Agus maidir liom féin: bionn lagar isteach annseo
ar mo chliabhrach go h-an mhinic.



Bean Tuatha — Tá mé ag ceapadh go ndeanfadh plástar gar
dhom. Go deimhin a dhochtúr ní raibh mórán tinnis
ariamh ormsa míle buidheachas agus altughadh le Dia acht aon uair
amháim — an oidhche phós Pádhraic Ruadh — Ní raibh aithne agad air
Phádhraic Ruadh a raibh? Fear cumasac a bhí ann muis.



An Dochtúir — Tá! Tá!



Bean Tuatha — Acht a dhochtúir! An oidhche úd bhíomar ag dul
chuig an mbainfheis i gcarr Pháidín Bhuidhe nuair mar sin (clapping
her hands together) ag an gcros-bhóthar do phléasg mótor mór
steach i n-ár mullach. Caitheamh amach as an gcarr mé fhéin agus
Páidín agus a raibh ann againn; agus briseadh mo chos. Acht
glóir do Dhia agus don Mhaighdean tá mé nios fearr anois. Dean
deifir anois a dhochtúir mar tá sé i n-am agam imtheacht.


L. 12


Bean Tuatha — Acht fán! M'anam
go raibh mé ag deanamh dearmaid ar theachtaireacht bheag Peigí
Ní Mhóráin.



Bean Tuatha — Dúbhairt sí leat rud eicínt a chur chuice le
h-aghaidh a cuid súl mar bionn siad go h-an dona aice — Coruigh
leat anois a dhochtúir — tá deifir orm — acht tiocfa mé lá eile.
Tiocfa mé — ná biodh faitchios ort.



Bean Tuatha
— Óbh! Óbh! Ó Céard seo chor ar bith?
Cén sórt amhlóir é? Acht cuirfidh mé geall nach bhfuil focal
Gaedhilge aige.



An Paisde — Níl aon Gaedhilg aige deir tú a
mhaimín



Bean Tuatha (to Páisde) — Óra! Eist a mhaicín. Ní'l fhios
agam beo céard a dheanfas muid mar ní thuigeann sé céard
támuid a rád! Acht seo
do bhuidéilín fhéin



Bean Tuatha — Hup! Hup! thú fhéin
Bhfuil dúil agad mé a chaitheamh amach a bhfuil a rifínigh? Nár
ghnothuigh Dia duit! Nach againn atá an lao? A bheith ag ioc
pleidhce agus gan focal dhe theangaidh na tíre aige! Tabhair dhom
buidéal go mear nó tógfa mé fhéin é.



Bean Tuatha — Biodh buidéal ar fóghnamh agad anois.



Bean Tuatha
— Óra
a dhearg ropaire! Thú fhéin agus do shean-bhuidéal lobhtha. A
gceapann tú gur óinseach mé? Buidéal uisge agus dath sméar
air dho ghoile tinn! Nár chuiridh Dia —


L. 13


Bean Tuatha — Nár chuiridh Dia an t-ádh ar an
mbeirt — agus an Lepreacháinín caoch úd freisin. Acht tiocfa
mise —


L. 14


Míchéal Réidh — Go mbeannuigh Dia annseo!
Go mbeannuigh Dia annseo! Hóra a dhochtúir!
bhfuil tú istigh? M'amam gur baramhail an sórt dochtúra é seo
againn. D'fhéadfadh duine a bhfuil sa teach aige a ghoid
Hó! a mhic
ó! nach í a ghearrfadh an chos nó an lámh go tapaidh (leaving it
back) Ní bheidh aon bhaint gam leis.
Dar fiadh! Is deas an boiscín é seo
Tobac shílfeá!
Seadh agus tobach ar foghnamh! Ara dheanfainn-se togha
dochtúra.
Acht ní'l aon mheadhchán ann. By dad!
Feileann sé go díreach mé. Bhí mé a'
rádh i gcomhnuidhe go raibh cloigeann doctúra orm.
Bhídheas (hums) agus ní raibh mé ag


L. 15


dul amudha.
Dochtúir cliste mise Há! Agus seo é an
gléas a innsigheas dó céard tá taobh istigh i nduine
agus seo é an teas
mhiosúr. Maise nach breagh an saoghal atá
ag dochtúirí agus nach furusta dóibh airgead a shaothrughadh
Dia dhuit
a Mhurchadha. Tá tú nios fearr indiu. Hu-um! Cuir amach do
theanga Hu-um!
Airíst é Airíst é a Mhurchadha!
Hu-um! An fliú
Seo a
Mhurchadha, fágh an buidéal seo agus cuirfe sé biseach ort! Hum!
Haw! Hum! Tá go leor le deanamh agam. Hum! Seadh a
Mhurchadha! Cé mhéad a bhaifeas mé amach? Guiní buidhe dhiot-sa
Go
raibh maith agad a Mhurchadha! Anois
idir magadh is dá ríríbh caithfe mé mo bhuidéal fhéin fhághail
Ta páipéar beag annseo a thug an sean dochtúir
dhom Acht is laidin é!
Tá figúra-céara i dtosach ann.



Tá suidíní mar slabhrai beuga ann acht béidir nach fiu
mórán iad (hums) Óra! maise tá caint eile ann freisin



Ní'l fhios agam chéard iad sin Ha! Tá
Tinct Camph Co agam — Agus féach istigh Ammon
Carb! Fan annsin anois a Ammon Carb!
Tar isteach.
Céad fáilte.



Bean Tuatha — Ní racha mé abhaile gan buidéal.



Míchéal Réidh — Anois a chlaidhre dean dochtúir dhiot
fhéin Ó go siúráilte a bhean chroidhe gheobhaidh tú buidéal
agus an buidéal is fearr sa teach Suidhe sios.
Suidh sios.



Bean Tuatha — Maise sonas ort. Is tú féin an dochtúir
nádúrtha seachas an bromachán a bhí annseo ar ball.



Míchéal Réidh — Cuir amach do theanga.
Cuir é seo i do bhéal
go bhfeicfidh mé bhfuil
aon droch theas ag pléidhe leat taobh istigh.


L. 17


AN DARA GNIOMH.



Feiceál. — Seomra — an párlus — i dteach Thaidhg Ui Chlúnáin,
mar phárlús ar bith acht gan é bheith ro-fheistighthe. Bord cathaoireacha,
pectiúirí, leabhra, etc. Doras ar gach aon taobh ar aghaidh a chéile.
Tá pictiúir Chasement crochta i lár an bhalla. Tá Tadhg é fhéin 'n
shuidhe sios ar chathaoir ag breathnughadh an mhí-shuaimhneach. Tá sé
gléasta i gculaidh dheas cheannasna de dhéantús baile. Breath-
nuigheann sé go minic ar an doras, agus mar bheadh cineál sgan-
nartha air roimh dhuine eicínt a bhí teacht isteach.



Tadhg — H-u-u-h! Céard é?



Tadhg — An saobhchan céille atá ag teacht ort nó
céard tá ort chor ar bith? Cheal nach bhfuil mé sáthach maith mar atá
mé?



Taidhg — Bhfuil splannc ar bith agad? Nó a
gceapann tú go bhfuil mé chomh dona leat fhéin? Má's nach bhfuil
siad seo



Tadhg — Feuch annseo! Stop! Ní chuirfe
mise na rudai sin orm. Cuir ar ais iad go beó! Fanfa mé mar
atá mé.



Tadhg - Bailigh
leat! Ní féidir stad a chur le do theangaidh.


L. 18


Tadhg — Ba mhaith liom mais, gan aimhreas
rud ar bith a dhéanamh do Mháirín.



Tadhg — Ní stopfa tú go ndéanfa tú
Tighearna nó Ridire eicínt diom féin! Ní stopfa tú sin!



Tadhg — Tá cathúghadh ort! Tá tú mionnuighthe amadán a
dhéanamh dhiom! Táir sin!



Tadhg — M'anam! Má's le haghaidh Mháirín é
go ndéanfa mise mo dhícheall. Acht b'fhearr liom, gan a bheith
annseo chor ar bith mar caithfe mé rud eicínt a rádh agus ní thuigim
an Béarla ná na nósanna gallda sin.



Tadhg — Go bhfóiridh Dia
orm! Acht is mar gheall ar Mháirín é!



Tadhg — Sin é pictiúir Casement agus annsin
a fhanfas sé fhad is tá mise annseo. Déan do
rogha ruda le Duzzibruzzo! Gan tusa agus Duzzibruzzo le
chéile, cé bhí cé h-é.


L. 19


Larry — Seadh, a mháistreás!



Tadhg — A Learaidhe! Gheobhaidh tú do chuid anois
seachas ariamh.



Tadhg - Go bhféacha Dia ort, a
Learaidhe bhoicht!



Bean Thaidhg - Féach annseo, a Learaidhe.



Larry — Seadh a mháistreás! Seadh!



Bean Thaidhg — Tá an dochtúir ag teacht annseo indiu agus
caithfear 'chuile rud a bheith i n-ordú roimhe. A dtuigeann tú?



Larry — Tuigim, a mháistreás!



Bean Thaidhg — Nuair a buailfear buille ar dhoras
an halla fosgail é mar seo agus annsin tóg a hata agus a chóta
ón dochtúir agus úmhluigh dhó mar seo.
Maith go leor! Annsin buail buille thú féin ar dhoras an phárluis
seo agus nuair a chloiseas tú
"Come in" seas isteach agus abair i mBéarla,



Larry — A ndéanfadh sé cúis é rádh i nGaedhilg?



Bean Thaidhg — Seachain ar d'anam a labairfeá Gaedhilg!
Anois abair é.



Bean Thaidhg — Larry; go h-an mhaith! Anois,
a Learaidhe, tá culaidh bhreagh éadaigh agam dhuit agus cuir ort
go beo í



Larry — Ara, a mháistreás, chroidhe thú! Ar
ndó ní racha leath dhíom isteach ionntu agus má phléascann síad
cén bhail a bheas orm?



Bean Thaidhg — Ní'l baoghal air! Agus
seo bróga deasa dhuit freisin. Beidh tú breath-
núgadh chomh glic le waiter ar foghnamh.



Larry — Ara! tá siad ro-chumhang agam: Ní
bheidh mé i ndon seasamh Leo: beidh mo chosa millte aca.



Bean Thaidhg — Réidhtigh thú féin go tapaidh anois
"Óra a dhiabhail, a Thaidhg,"


L. 20


Tadhg (to Bean Thaidhg) — Cogar mé seo leat. Ní'l sé i mo
chúmhacht aon smacht a chur ar a diabhal seo fá mo mhuineál. Is cosa-
mhail le rásúr é. Beidh mé tachtuighthe aige fá cheann leath-huaire.
Beidh mé sin!



Tadhg — Is cuma liom. Is gearr é mo shaoghal
má sheasann an pionús seo aon achar. Tabhair dhom deoch
fhad is tá mé i ndon sloigeadh.



Tadhg — Bhfuil tuille le dhul orm fós?
Nach orm a buaileadh
an mí-ádh!



Tadhg — Seadh a mhaisce!



Tadhg — Seadh! Mhaisce! Is tú tá i ndon.



Tadhg
Céard seo eile anois?


L. 21


Tadhg - Seadh! na fiacla seo anois.



Larry - A Thaidhg, ar son Dé agus innis dom cé
aca seo chuirfeas mé orm i dtosach.



Tadhg — Ó go bhfóiridh Dia ort a Learaidhe! Tá mo thriob-
lóid fhéin ormsa. Acht féach. Cuir ort an
ceann is éasgaidh rachas ort.



Larry — Déanfa sin. Is gearr go mbí mise réidh anois.



Tadhg — Tá sé chomh maith dhom-sa a bheit ag cleachtú mo
phísín beag Béarla fhéin
Óbh, a Learaidhe! Go sábhálaigh Dia
sinn! Céard d'éirigh dhuit? Shíl mé go raibh mé fhéin sáthach dona
acht bhuail tusa amach mé. Ní fhaca mé do shamhail ariamh
acht Willy Wagtail!



Bean Thaidhg
Anois, a
Learaidhe, nuair a bhéas tú freastal ar an Dochtúir agus ar an
máistir crochfa tú do cheann i n-áirde agus siubhailfe tú mar
seo.



Tadhg — A Learaidhe, tá mé rádh leat gan a theacht
i naice liomsa ar aon chor nuair a thiocfas an Dochtúir, mar má
fheicim thú caithfe mé gáire a dhéanamh.



Bean Thadhig —
A Learaidhe, beidhmid sa n-gáirdín agus
nuair a aireochas tú an Dochtúir ag teacht tabhair fógra dhúinn.



Larry — Tiubhradh mé a mháistreás ná bíodh faitchíos ort.



Máirin — Ara, Learaidhe! Cé ghleás
thú nó cén sórt stiúir é sin ort?


L. 22


Larry — Ó, tá mise 'mo waiter agus tá d'athair ina dhuine
uasal. Tá an Dochtúir le bheith annseo indiu. Nach bhfuil tú féin
agus é fhéin ag cúirteáracht? Agus nach bhfuil sé ag teacht fá do
choinne ar ball? Shíl mé mh'anam go raibh
fhios agad é! Sé Paitsín Bacach a bhí ghá innseacht dom-sa, muis,
agus ní bréagadóir é.



Máirín — Imthigh leat a Learaidhe chuig Paitsín Bacach
agus abair leis aire thabhairt dó fhéin agus don chos cham atá aige
agus béidir go dtiocfadh sí díreach dhó.
Ní féidir le cailín breathnughadh ar bhuachaill óg sa tír seo gan
í bheith mór leis, ná fiú litir fhághail uaidh thríd an bposta gan fios a
bheith ag mádraidhe an baile céard tá innti. Ní féidir sin!
Anois is arís ní mé
céard atá ghá choinneál. Ba cheart dó bheith annseo feasta
Ní'l fhios agam beo tuige bhfuil sé teacht go dtí
an áit seo mar ní bheidh sé i ndon fanacht ann gan Gaedhilg.
Acht ní furusta dho
dhochtúir bheith suas leis an am.
Is dóigh go ceapann sé gur "patient"
eile mise. Leigfe mé orm féin gurab eadh nuair a aireochas mé
ag teacht é.
Seo é anois é!



Máirín — Óch ó!


L. 23


Máirín — Agus is tusa tá ann a spriosáinín!
Sin é an doras duit.


L. 24


Máirín — Tar isteach


L. 25


Larry — Ó, hó, a Scoláirín! Céard
a thug annseo thusa?
Ní fheileann ceóláinín ar bith mar thusa thart annseo
indiu.



Larry — Eist
anois! a Scoláirín. Eist anois! Fuaróchaidh an t-aer úr thú.



Tadhg — Tabhair dhom deoch! Is gearr uaim!



Tadhg — Go bhféachaidh Dia ormsa anois!



Larry — Mam-dam-mam! Tá an Dochtúir 'rived. Tá an
dochtúir 'rived, Mam-dam-mam!



Bean Thaidhg — A Learaidhe! Cá bhfuil an bhróigín
eile?



Larry — An bhróigín!
Óch, a mháistreás, chuir an rifíneach úd Paitsín Bacach i bhfolach í
agus ní féidir liom í fhághail!



A Dochtúir
Céard
seo eile anois, a Bhrighidh? Ó, seadh, na fiacla seo!


L. 26


Tadhg — Céard dubhairt sé? Ag
dul a' tarraingt fiacail uaim atá sé ineadh?



Tadhg — Anois a Oinsig! Féach
an bhail atá agad orm. Nár —


L. 27


An Dochtúir
Sláinte!



Tadhg — Sláinte agus saoghal agad, a
Dhochtúir
Breathnuigh annseo
anois, a Dhochtúir. Sílim gur duine macánta réidh ciallmhar thusa
agus ó
thárla go bhfuil sí imthighthe —



An Dochtúir — Tá, tá.



Tadhg — Tá sé chomh maith dhom mo sgéal ar fad a innseacht
duit mar ní fhéadaim fanacht níos fuide mar atá mé. Tá mé
bruighte casta tachtaighthe san gcaoi bhfuil mé.
Is fear socair caothamhail mise acht — ní'l aon Bhéarla agam, a
Dhochtúir, acht rí-bheagán, agus ní'l aon chleacht agam ar ghalldachas.
A dtuigeann tú a Dhochtúir. A dtuigeann tú?



An Dochtúir — Tá! tá!



Tadhg — Ó go shábhálaidh Dia sinn! Ní'l smid
Gaedhilge ina phluic. Muise, go bfoiridh
Dia ar an mháthair a thóig thú. Céard a dheanfas mé anois agus an
seachrán atá orm? Tiúbhraidh mé iarracht eile leis an méid
Béarla atá agam. Féach annseo, a Dhochtúir —



An Dochtúir — Tuigeann tú?



Tadhg - All leith-sgéal!



Tadhg — Dheamhan toothacher muis buidheachas le Dia!



Bean Thaidhg



Tadhg — Farior nár fhan sé ort!


L. 28


Tadhg — Suidh sios, a Mháirín! Suidh sios annseo i n-aice
liom.



Tadhg — Go mbeannuigh Dia dhuit, a Scoláirín.



Máirín — A athair agus a mháthair, ní fhéadaim fanacht
socair nios fuide.



Tadhg — Nár lagaidh Dia thú, a Mháirín! Bhios agam go raibh
an mianach ceart ionnat i gcomhnuidhe.



Máirín — Tá sibh ag dul amudha go mór a bheith ag leigint
oraibh féin Béarla agus gall-ghalántas nach luigheann libh le
nádúr. Is beag an t-iongnadh an domhan go léir a bheith ag gáiridhe
agus a' magadh fúinn nuair nach bhfuil meas againn orrainn féin.



Máirín — Caith dhiot mar sin na rudai sin atá
ort agus cuir ort do chulaidh fhéin arís.



Tadhg — Caithfead a Mháirín, agus míle fáilte;
agus imtheochaidh an seabhac seo fá mo mhuineál
gan mórán moille.



Máirín — Agus labhair an Ghaedhilg mar labhair d'athair
agus do mhuinntir romhat.



Tadhg — Labaireóchad fad is mhaireas mé le conghnamh Dé.


L. 29


Tadhg — Go deo thú, a Mháirín!



Tadhg — Céard sin adubhairt sé? Ar ndó ní
ag caint ar imtheacht atá sé a Mháirín?



Máirín (to Tadhg) — Seadh, a athair.



Tadhg (to Máirín) — Ná leig dhó deirim leat. Ná leig dhó!
Labhair thusa leis! Gheobhaidh tusa toradh.


L. 30


An Scoláirín



Tadhg
Tá do do mharbhughadh! Tá an so-ci-ety i na bhfuil do
chroidhe sáithte ag saothrughadh báis i nÉirinn mar is society é gan
fréamh gan sinsearacht sa tír seo. Tuige nach gcuireann tusa
agus do leitheid suim i society seasmhaighe — society na
nGaedheal — a bhfuil an ghroidheamhalacht ag baint leis agus
gloineacht fola i na chuisleanna. Má tá sé roinnt garbh fós ní
h-ionghnadh é tar éis an troda le na námhaid. Agus--



Tadhg — Ach! Toothacher mar eadh!



Máirín — Tá an Dochútir dom iarraidh ort a
athair. A' bhfuil tú sásta?



Tadhg — Táim a Mháirín agus bheirim mo bheannacht duit
fhéin agus dó fhéin.



Tadhg — Ara! Céard tá ar an Scoláirín? Céard d'éirigh
dhó?



Tadhg — Mo ghoirim thú, a Shcoláirín! Sin bó
óg agus cú. Bó óg agus cú. A dtuigeann tú, a Shcoláirín?
























19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services