Cuireadh.
Siubhail uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beannaibh árda
maordha, faoi choillte duaibhseacha giúmhaise, thar sruthánaibh
ceolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte
éanlaith; siubhail uait liomsa mar tá an t-earrach ar fágháil, tá an
fhuil nuadh ag éirghe 'mo chuisleachaibh agus 'do chuisleachaibh-se, tá
na huain ag rinnce agus ag méidhligh ar na bántaibh, an súgh ag éirghe
i ngach luibh dá bhfásann, boige agus beatha i ngach gaoith dá séideann,
goradh geanamhail ó'n ngréin, na spéartha lághach cineálta i ndiaidh
droch-shíonta agus doichill an gheimhridh. Cuir umat agus gluais liomsa.
Tréig an chathair agus nósa na cathrach; sgaoil díot anuas an brón agus
an imnidhe agus an doilgheas croidhe; caith dhíot sean-ghiobail ghruamdha
do shaoghail agus do gheimhridh fhada anróitigh, agus tar liomsa go
bhfeicidh tú an t-earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar
éanlaith na coille, ar mhionn-bheithidhighibh na ngort, ar fheithidibh
bídeacha na dtom, ar an mbreac n-a pholl srotha, ar an gcoinín beag
faiteach, ar an ngiorrfhiadh mear, ar an mbroc dásach, ar an sionnach, ar
an ngráinneóig dhealgnaigh, ar an iorraidh ruadh sa gcrann, ar an
dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa go dtógfar do chroidhe brúighte,
go mborruighthear do mheanmna, go leighseóchar do ghalar dubhach, go
bhfáiltighmid beirt roimh an earrach agus roim aithbheóchaint an tsaoghail.
Sé an chaoi a rachamuid an chuid is mó de'n bhealach de shiubhal cos;
acht beidh an t-asal beag dubh linn, agus an cárr glas uaithne gleóite
cheannuigh mé dhó n-a dhiaidh, agus ár n-earraidhe uile go léir istigh
ann ionnós nach mbeidh ualach ar bith orainn má chaitheann tusa dhíot
an brón agus an doilgheas croidhe.
Agus ní ualach mór bhéas ar an asal bocht acht oiread: ní bheidh air
acht rudaí bhéas ag teasdáil uainn i gcomhair ár dturais - puball
rinneas féin de sheantseól báid, le drúcht agus fliche na hoidhche
choinneál amach uainn, bosga agus ádhbhar bidh ann agus gléas le n-a
ullmhú, dá phíosa de'n tseantseól dá ndeárnas mo phuball a dhéanfas
dhá leabaidh tirim dúinn; seadh, sin a bhéas againn ar an gcárr, acht
an cúpla súsa thiubhras tú féin leat.
Nach againn bhéas an saoghal! An bóthar breágh fada bán sínte amach
rómhainn ghár mealladh agus ghár ngríosadh chun siubhail, cumhracht
an earraigh ag éirghe aníos as an ithir, teas bog ó'n ngréin, leoithne
andeas lochtaighthe le bolthaidh aoibhne na créafóige agus na n-úrghas,
agus mise agus tusa ag gluaiseacht linn ar ár gcomhairle agus ar ár dtoil
agus ar ár suaimhneas.
Tiocfaidh blátha de'n uile chineál amach ag baint bárr áilne dá chéile.
Gabhfaidh tusa ag strapadóireacht sna creagáin cloch ar thóir na gcineál
nach bhfaca tú go minic cheana, acht fanfaidh mise liom féin leath-taobh
an bhóthair 'mo luidhe sa bhféar, ag féachaint i n-áirde ar na néaltaibh
móra ómracha ghá sguabadh treasna na spéire ag an ngaoith, nó ag cur
aithne níos feárr ar shaothar na seangán, nó ag déanamh iongantais
de'n tsíol lispín sa lochán le m'ais. Ná déan amhreas ar bith dhe, ní
bheidh uaigneas ormsa fhad is bhéas tú imthighthe; acht nuair thiocfas
tú ar ais, beidh fáilte rómhat, agus múinfidh tú dom ainmneacha agus
tréithre na bplanndaí bhaileóchas tú, ó's agat atá an t-eólas sin.
Agus gluaisfidh an bheirt againn linn arís go deas réidh go dtiocfaidh
meadhon agus lár an lae. Annsin toghfaidh mise áit fheileamhnach ar an
bhfosga, ar aghaidh na gréine, agus cuirfimid cúpla uair de'n chlog thart
ar ár suaimhneas. Bainfidh mé an t-asal de'n chárr, bhéaraidh mé glac
coirce dhó, tarraingeóchaidh mé amach ár gcuid féin as an mbosca -
arán agus im, cáise agus uibheacha cruadha is mó bheas againn i lár an
lae - agus roinnfidh mé an lón ar an mbeirt againn.
Siubhail uait liomsa, agus bogfamuid bóthar go dtiocfaidh an oidhche
orainn; gabhfaidh sinn thrí bhailte beaga seasgra a mbeidh solus i ngach
tigh, agus teine bhreágh le feiceál ar an teallach thríd an doras
fosgailte, agus bean a' tighe go gnóthach ag ullmhú proinne nó ag
tabhairt aire do'n naoidhneán, nó ag cur an tsaoghail thrí chéile le
bean comharsan; agus má fhéachann tú isteach i dteach díobh, agus tú
ag gabháil thart liomsa, b'fhéidir go dtiocfaidh cineál uaignis ort agus
orm féin.
Acht ní fiú trácht ar a leithéid de thocht. Ní mhaireann sé aon achar.
Imthigheann sé mar lóchrann roimh an ngaoith. Agus beidhmid ag imtheacht
linn ar ár socamhlacht go sroichimid coill bheag ghiumhaise atá ar eólas
agamsa. Is annsin chuirfeas sinn ár gcéad oidhche tharainn.
Crochfaidh mé am puball ar a chuid cliath. Cruinneóchaidh an bheirt
againn brosna. Fadfaidh mise teine i mbéal an phubaill ós mise is feárr
chuige; acht caithfidh tusa an chéird sin, agus an uile chéird eile
bhaineas leis an saoghal bhéas againn faoi'n spéir a fhoghluim - beidh
mé crosta go leór leat mara mbeidh tú i n-ann teine fhadú i ndíg
fhliuch le craobhachaibh glasa lá baistighe, mara mbéidh tú i n-ann
béile taithneamhach dhéanamh de shean-chnámh agus cúpla creathán, an
puball a chrochadh ar na cliathaibh, breith ar an asal beag dubh ar maidin,
laincís a chur air i gcomhair na hoidhche, na leapeacha a chóiriú, uisge
folláin aithneachtáil thar droch-uisge, agus suantraigh a ghabháil dom
má bhíonn a leithéid i n-easbhaidh orm aon oidhche!
Múinfidh mé an méid sin d'ealadhain an tseachránaidhe dhuit. Acht i
dtosach, ar chaoi ar bith, fadfaidh mé an teine, gheobhfaidh mé an fíoruisge,
gléasfaidh mé an biadh, deasóchaidh mé na leapacha - fan go
bhfeicidh tú dhá leabaidh gleóite compóirdeacha luasgacha dhéanfas mé
as an tsean-tseól! Ní bheidh fonn ort taobh fhághail ar aon leabaidh
eile le do bheó arís.
Acht tá faitchíos orm go mbeidh tú roinnt sgannruighthe an chéad
oidhche bheas tú liomsa sa gcoill. Cloisfidh tú fuaimeanna nár chuala
tú ariamh cheana: coill ghiumhaise atá sa gcoill seo, agus bíonn ceol
ag an ngiumhais nach mbíonn ag aon chrann eile dá bhfásann - ceól
caol cruaidh is minice bhíos ag an gcrann sin agus é ag síor-chaoineadh
na marbh. Má bhíonn gaoith mhór ann, cloisfidh tú tormán uathbhásach
i mbárr na gcaol-ngéag spíonta - taisí agus ain-sprid na hoidhche
agus na gcoillte ag tógáil clampair agus achrainn, d'eile? Acht má bhíonn
an oidhche ciúin, cloisfidh tú a mhalairt de cheól ós do chionn, ceól
bog suanmhar chuirfeadh dúnmharbhthóir chun codalta.
Cuirfidh tú aithne freisin ar thafaint nimhneach uaigneach an tsionnaigh,
agus é ar thóir bidh faoi mheadhon oidhche; ar ghíog eaglach an choinín;
ar sgréach an ghirrfhiaidh; ar feadh truaighmhéiléach na luchóige coille,
agus í i ngreim; acht 'siad éanlaith na coille is mó chuireas ort go
mór-mhór roimh an lá. Éan beag nach n-aithnighim féin, 'sé sin
thosuigheas an obair, acht go bhfuil ceól aige atá an-chosamhail le ceól
na spideóige - acht fainic, má bhíonn tú 'do dhúiseacht ag éisteacht
le aon fhuaim d'fhuaimeanna oidhche na coille, cuma cé'n lúthgháir
bhéas ort nó méala, ná dúisigh mise ar a bhfaca tú ariamh: má
dhúisigheann, creid mise ann, go cloisfear gleó sa gcoill nach gcloistear
ann acht go hannamh. … Tiocfaidh an chéad léas de sholus an lae. De
réir a chéile tiocfaidh brígh agus borradh agus fuinneamh i gceól na
n-éan.
Eireóchaidh sinn, agus ceól n-ár gcroidhe agus ar ár mbéal féin.
Buailfimid isteach sa gcoill, agus má bhíonn aon rath linn beidh
coinín maith againn i gcomhair ár mbricfasta.
Ní bheidh an ghrian i bhfad n-a suidhe go mbeidhmid ar an mbóthar arís,
agus gluaisfimid linn gan duadh gan doicheall, mise agus tusa agus an
t-asal beag dubh; agus nuair thiocfas teas san ngréin, amach faoi
mheadhon an lae, toghfaidh sinn an áit is feileamhnaighe le n-ár sgíth
a leigint agus le béile a chaitheamh.
Agus cuirfimid laethe breághtha gréine an earraigh thart ar an dóigh
sin go socair suaimhneach sásta.
Éirigh, a chara na gcarad, tréig an chathair agus an imnidhe, agus siubhail
uait liomsa amach faoi'n bhfásach. Tá a lán agam le bronnadh ort:
suaimhneas agus socamhlacht, sonas agus sástacht, eólas agus aithne ar
mhór-mhíoltaibh agus ar mhionn-mhíoltaibh Dé, aoidheacht agus aoibhneas
- agus an ghaoth andeas chuirfeas ag gáire thú gidh trom do chroidhe
anocht.
Má thig báisteach agus droch-shíon orainn nó sioc agus sneachta as a
dtráth, bhéaraidh mé fosgadh agus folach dhuit nach n-aithneóchaidhe
tú má's fliuch tirm an lá, má's fuar meirbh an oidhche go sgaoilidh
tú anuas díot an brón agus an doilgheas croidhe atá ort anois. Má
airigheann tú thú féin ag eirghe túirseach, nó uaigneas na hoidhche
ag cur ort go ró-mhór, tig linn annsin ar ndóigh, aghaidh thabhairt ar
shráid-bhaile éigin, dul isteach i dteach ósta, suidhe cois teineadh
ann, fíon Spáinneach d'ól ann, aithne chur ar dhaoine ann, comhluadar
dhéanamh ann, an oidhche chur thart ann - nó imtheacht linn ar ár
mbealach agus ar ár slighe féin arís.
Éirigh, a chara na gcarad, agus siubhail uait liomsa go leighsighidh mé
do ghalar dubhach. Cuir umat agus gluais liomsa amach faoi na beannaibh
árda maordha, faoi choillte duaibhseacha giumhaise, thar sruthánaibh
ceólmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte
éanlaith. Siubhail uait liomsa agus ná déan aon mhoill.
M'asal beag dubh.
I gCinn Mhara bhíos nuair chuireas aithne ar m'asal beag dubh i dtosach.
Lá aonaigh bhí ann, agus bhí sé n-a sheasamh annsin cois claidhe agus
a thóin le gaoith, gan áird aige ar an saoghal ná ag an saoghal air.
Acht chuir mé féin suim ann ó thús. Bhí asal uaim, bhíos tuirseach
de'n tsiubhlóid - nach n-iomchróchadh seisean mé féin, agus mo mhála
agus mo chóta mór, agus gach aon tsórt? Agus cárbh fhios nach
bhfuighfinn saor go leór é?
Chuireas tuairisg an t-é ar leis é, acht b'éigin dom an baile a chuartú
sul má fuaireas é. Taobh amuigh de theach ósta bhí sé, agus é ag
gabháil fhuinn ar phingheachaibh.
Dar príosta! Dhíolfadh sé an t-asal. "Tuige nach ndíolfadh dá
bhfuigheadh sé a luach? Seadh, a luach; dheamhan thumanta pighinn bhí
uaidh acht a luach; agus ar ndóigh, marach chomh cráidhte is bhí an
saoghal aige, ní sgarfadh sé leis go deó - diabhal sgaradh! Asal breágh
óg d'fhéadfadh fiche míle chur de go réidh sa ló! Dá bhfuigheadh sé
glac coirce, uair sa mí, ní bhéadh capall-rása sa tír d'fhéadfadh
choinneál suas leis - dheamhan capall!
Chuadhmar beirt ag féachaint ar an asal.
An moladh thug an fear siubhail dhó! Ní raibh asal ann ariamh, ó tháinic
an chéad asal go hÉirinn, bhí chomh sgofánta leis, chomh ciallmhar leis,
chomh fad-bhreathnuigheach leis -
"Bhfuil fhios agat nós atá aige?" arsa fear a mholta, "dá dtugthá
gráinnín beag coirce dhó ar maidin, chuirfeadh sé cuid de i dtaisge
ar fhaitchíos go mbéadh sé gann lá 'r n-a bhárach. Dar a bhfuil de
leabhraibh beannuighthe san Róimh chuirfeadh!"
Rinne duine éigin gáiridh. D'ionnsuigh an fear siubhail é.
"Cé'n gáiridh sin ort-sa, a phlaidhce?" ars an fear siubhail. "Tá sé
chomh ciallmhar sin is go gcuireann sé cuid dá chuid coirce i dtaisge:
nach minic bhí mé féin chomh gann sin 's go mb'éigin dom roinnt a
ghoid uaidh - marach an t-asal sin is minic bhéadh ocras orm féin agus
ar mo dháréag inghean.
D'fhiafruigh mé de an n-aithneóchadh sé cuid na gcomharsan thar cuid
a mháighistir.
"Tá sé chomh cneasta leis an sagart," arsa mo dhuine, "dá mbéadh an
uile bheithidheach eile mar é ní bhéadh call le claidhe ná sgónnsa,
fál ná móta - dheamhan call."
Bhí sluagh mór bailighthe timcheall orainn faoi seo. Bhí a chlann féin
ann - ní fios dom an raibh an dáréag aca ann, acht an méad bhí -
ní chasfaidhe ort i n-aon bhall eile i nÉirinn sgata páisdí bhí chomh
giobalach salach smeartha leó, agus gach duine aca níos mí-mhúinte ná
an duine eile. Bhí a bhean ann, í cos-nocht, ceann nocht, fiadhánta.
Chuir sise isteach ar an gcainnt.
"An cuimhneach leat an lá, a Pheadair," ar sise le n-a fear, "an cuimhneach
leat an lá a ndeacha sé amach a' snámh 'san abhainn gur thug sé
Micilín bocht bhí ag imtheacht le sruth i dtír?"
"'Tuige nach gcuimhneóchainn air?" ar seisean; "seadh a Shaidhbh, agus an
lá tairigeadh cúig phunnt dhom air - "
"Cúig phunnt," ar sise liomsa, "fuair sé an chúig phunnt air, cúig
shobharan buidhe isteach i lár a ghlaice- "
"Mh'anam go bhfuair," ar seisean ag cur isteach uirri, "bhí an t-airgead
annsin agam, 'mo ghlaic, agus an margadh déanta - "
"Acht nuair chonnaic sé an t-asal bocht," ar sise, "agus na deóra leis
go rabhamar ag sgaradh leis, níor fhéad sé gan an margadh bhriseadh."
"Éist!" ar seisean, "labhair go réidh adeirim! Níl focal dá bhfuilmid
a rádh nach dtuigeann sé. Féach an chluas atá air!"
Thairg mé punnt ar an mbeithidheach iongantach seo.
"Punnt!" ars an fear siubhail 'n-a sheanbhéic.
"Punnt!" ars a bhean.
"Punnt!" ars an dáréag inghean i n-aoinfheacht.
Nach orra uile go léir bhí an t-iongnadh! Chruinnighdar thart orm, agus
iad ag baint lán na súl asam. Rug páisde ar mo chóta; rug páisde eile
ar mo bhrísde; rug an té dob' óige díobh ar ghlúin orm. Chuir páisde
eile díobh lámh isteach i bpóca mo bhrísde: ár ndóigh, ní raibh an
créatúr acht ag féachaint an raibh an puinnt féin agam - acht ní
punnt fuair sé acht leadóg faoi'n gcluais agus ní ó ridire na mbóithre
é!
Thaithnigh an t-asal beag dubh liom go maith. Dhéanfadh sé cúis.
D'iomchróchadh sé cuid de'n bhóthar mé. Agus d'fhéadfainn é dhíol
uair ar bith a mbéinn tuirseach de.
"Punnt!" ars mise arís.
"Dá phunnt," ars an fear siubhail.
"O bhó! bhó!" ars an bhean, "m'asal breágh díolta ar dhá phunnt!"
agus thosuigh ghá chaoineadh go deórach.
"Ar phunnt," arsa mise.
"Ar phunnt - agus sé pighne an duine do na páisdibh."
Socruigheadh an margadh sin. Thugas an punnt dó. Thugas sé pighne do'n
uile dhuine dá chlainn bhí thart orm. Annsin thosuigh an bhean ag
glaodhach ar Sheáinín agus ar Éimín agus ar Thaimín, agus ní fios
dom cé mhéad eile. Ní raibh bacach ar an aonach nár thug a chlann
chuggam agus iad uile go léir go bagarthach, sgréachach. An gleó bhí
aca! An t-achrann agus an rí-rá agus an rúille-búille bhí thart orm!
Duine aca a rádh nach bhfuair sé féin pighinn ar bith agus an réal
geal faoi'n teangaidh aige! Duine eile a rádh - ní bhéadh fhios agat
céard bhí aon duine a rádh, nó ag iarraidh a rádh, leis an achrann
bhí thart orm.
Mo mhairg nár thugas an dá phunnt dó i dtosach gan bacadh leis na
féirínibh sin!
D'fhágas an baile faoi ghradam.
Bhí mé i n-áirde ar dhruim an asail, an fear siubhail i ngreim san
adhastar ar mo láimh dheis, a bhean i ngreim ann ar mo láimh chlé, an
sgata páisdí 'n-ár dtimcheall agus gach aon bhéic uatha!
Lean cuid de bhuachaillibh an bhaile sinn, agus a chomhairle féin ag gach
duine aca dhom. Cuireadh an t-asal i gcomórtas leis na capaill-rása ba
mhó dá raibh trácht orra an tráth sin; dubhradh liom bheith ar m'aire,
nó d'imtheóchadh sé leis agus nach bhfeicfidhe arís choidhche é;
moladh dhom an biadh seo agus an biadh úd thabhairt dó - ní raibh
greann aca ariamh, shíltheá, go bhfacadar mé féin i n-áirde ar m'asal
beag dubh agus an lucht siubhail dhom thionnlacan!
Acht cár mhisde liom? Nach raibh an t-asal agam, agus a leithéid de
bheithidheach ceithre gcos ag teasdáil uaim le fada an lá?
An féidir cur-síos a dhéanamh ar an gcaoi a sgar mé féin agus an t-asal
leis an lucht siubhail? Chraitheadar uile go léir lámh liom naoi n-uaire
i ndiaidh chéile; labhair an uile dhuine díobh go mín réidh agus go
bladarach mealltach leis an asal. … Do h-innsigheadh a thréithre dhom
fá seacht. Baineadh gealladh dhíom bheith lághach cineálta leis, glaic
bheag coirce thabhairt dó nuair d'fhéadfainn é, greim féir bhronnadh
air san oidhche, agus ar m'anam gan an maide imirt air.
Annsin nuair bhíomar ag sgaradh ó chéile, thógadh an t-olagón.
Thosuigh an t-athair.
Chuidigh an mháthair leis. Lean na páisdí dhe, gur líonadh an choill
mór-dtimcheall orainn leis an gcaoineadh caol cruadh do rinneadar.
Bhí mé liom féin faoi dheireadh, mé féin agus m'asal beag dubh.
D'imthigh sé leis n-a chos-n-áirde gur fhágamar an choill 'n-ár ndiaidh.
Shileas go raibh togha margaidh agam; cá bhfuighfidhe asal bhí chomh
beó sgofánta le m'asal beag dubh?
Acht nuair bhí an choill n-ár ndiaidh, bhí port eile aige. Cos ní
chorróchadh sé. Shíleas é bhladar agus é mhealladh le binn-bhriathraibh.
Ní raibh áird aige orm. Shíleas é bhogadh leis an mbata. Cor
ní chuirfeadh sé dhe, acht é 'n-a sheasamh annsin i lom-lár an
bhóthair.
Chuaidh daoine thart, cuid de lucht an aonaigh agus iad sgléipeach go
leór. Moladh dhom é seo dhéanamh leis; moladh dhom é siúd dhéanamh
leis - acht nuair mhol duine aca dhom é iomchur sgathamh de'n bhealach,
bhris ar m'fhoighid agus chuireas cioth cloch n-a dhiaidh.
B'éigin dom'sa deireadh theacht anuas agus - seadh, é tharraingt 'mo
dhiaidh i n-aghaidh a chos agus a chinn.
Nach mise chuir na deágh-phaidreacha leis an bhfear siubhail a dhíol a
leithéid de bheithidheach liom!
Acht ní raibh sé i bhfad gur thug mé rud aisteach faoi deara. Bhí sé
faiteach agus ní chuireadh aon nidh faitchíos air acht an ceól ghnítheas
an ghaoth i ngéagaibh crainn.
Ní túisge ghabhadh sé isteach faoi ghéagaibh na gcrann bhí ar leathtaobh
an bhóthair, ná chailleadh sé an spadántacht agus is ar éigin
d'fhéadfaidhe é choinneál.
Chuireadh sé cluas air féin i dtosach; annsin chraitheadh sé é féin
ar nós madra bhéadh thar éis theacht as an uisge; agus sul a mbéadh
fhios agad, bhéadh sé ag imtheacht leis n-a feire-glinte. Bhí liom.
Cheangail mé de gheata é. Isteach liom sa gcoill. Bhain mé lán mo
ghabháil d'úrdhuil-leabhar. Rinne mé fleasg dhe, gur chuir mé faoi
n-a mhuineál agus ós cionn a dhá chluais é nuair bhíomar ag imtheacht
as an gcoill.
An beithidheach bocht! Ní faca tú ariamh acht an siubhal rinne sé.
Níor cheap sé acht go raibh sé sa gcoill i gcomhnaidhe leis an ceól
bhí 'n-a chluasaibh. Nuair shroicheamar Baile Uí bhFíodhcháin, tháinic
muinntir an bhaile uile go léir amach go bhfeicfidís an t-iongnadh - mé
féin agus m'asal beag dubh a raibh an choróin chraobhach ar a cheann.
Tá an t-asal beag dubh agam go fóill agus beidh go gcaillfear é. Is
iomdha míle fada chuireamar dhínn le chéile faoi fhearthainn agus faoi
bháistigh, faoi shioc agus faoi sneachta. Sgar sé le cuid dá dhrochnósaibh
leis an aimsir - rud nár eirigh liomsa dhéanamh. Agus sílim
go bhfuil a fhios sin ag m'asal beag dubh chomh maith le duine.
Acht ní fhaca tú ariamh acht an eirghe 'n-áirde tá ann ó cheannuigheas
cárr beag glas uaithne gleóite dhó! Ag dul i n-óige atá sé, an
beithidheach bocht!
An raibh sé n-a lá?
Ar osgailt na súl dhom chonnaiceas réaltóg mhór gheal crochta ar an
spéir ós mo chionn n-a lóchrann áluinn aoibhinn agus í ag deallramh
anuas orm trí lom-ghéagaibh crainn fuinnseóigge bhí le m'ais; bhí
bealach na bó finne n-a bhothar airgid treasna na spéire - an té go
mbéadh a anam n-a dhúiseacht i gceart chidhfeadh sé na sluaighte
aingeal ag gabháil an tslighe sin; réaltóg eile nár aithnigheas ag
bun na spéire thoir, agus leis an spréacharnaigh bhí ó'n réalt sin
shíltheá go raibh ceól neimhe ghá ghabháil aici acht nach bhféadfá
an ceól sin a chlos mar gheall ar locht éigin daonna ar do chluais nó
i do chroidhe féin.
Corruigheadh na géaga loma bhí ar an gcrann fuinnseóige ós mo chionn;
corruigheadh gach luibh agus lus da raibh thart orm; seadh an ghaoth
imeasg na gcraobh dar leat-sa, acht ní chreidim-se a leithéid, agus nach
bhfuil an oiread de'n cheart agamsa a rádh nach cumhacht saoghalta, nach
í an ghaoth bhí ag déanamh an ghnímh is tá agat-sa a mhalairt a rádh?
Bhí an oidhche chomh ciúin is a bhfaca tú ariamh, gan smathamh as aér,
gan torann dhá laghad, gan fuaim dhá laige le clos, go dtí gur thosuigh
an ceól seo sna craobhachaibh - má cheapann tú gurbh é ceól na gaoithe
bhí ann an misde dhuit innseacht dom cé'n chaoi ar chualas mar bheadh na
mílte míle fear beag bídeach ag tarraint síoda drithleannach ar an
bhféar feósaidhe le m'ais?
An ghaoth imeasg na gcrann! A amadáin an tsaoghail seo.
Fuaim eile: crann mór cnóchapaill bhí ar mo láimh dheis agus d'éirigh
sna craobhachaibh b'uachtaraighe dá raibh air. Bhí rud mór trom éigin
ag tuitim anuas ar thalamh agus ag bualadh i n-aghaidh na ngéag agus na
gcraobh bhí roimhe sa tslighe. Céard bhí ann? Bhí an ceól bhí sna
lom-ghéagaibh ar ball beag thart faoi seo, agus an oidhche chomh ciúin
le aon oidhche dá dtáinic ariamh agus gan fuaim le clos acht an torann
seo bhí i n-áirde i ngéagaibh uachtaracha an chrainn chnóchapaill -
rud mór trom éigin ag tuitim anuas ó chraoibh go craoibh go mall agus
go millteach i gciúineas na hoidhche.
Tháinic sgannradh ar mo chroidhe agus mé 'mo luighe annsin faoi'n gcrann
'san oidhche; acht ní sgannradh saoghalta tháinic orm. Ní headh ar chor
ar bith acht uamhan roimh chomhachtaibh diamhra nár thuigeas.
Bhí sé ag tuitim anuas, ag tuitim anuas i gcomhnaidhe agus an torann
bhí uaidh ag dul i méid gur cheapas go raibh aingeal nimhneach feargach
ag caitheamh réaltóg liom nach raibh mé dílis do m'anam féin.
Sa deireadh thuit an rud le m'ais. Ar lic thuit sé - an torann sin i
gciúineas na hoidhche! Agus gan ann acht cnó-capaill, an ceann deireadh
dá raibh ar an gcrann sílim.
Dúisigheadh éan beag sa sgeich. Bhain an chréatúr bocht creathadh as
féin. Thug léim ó'n gcraoibh go bhfuair áit comhnaidhthe agus codalta
dhó féin ar chraoibh eile.
Ní fhacas féin é acht bhí fhios agam go ndeárna sé mar dubhras
mar chuir sé dá ghíog uaidh ceann ar gach aon chraoibh sul má tháinic
a shuan agus a shámh-chodladh air arís. Éan eile bhí ann, ulchabhán
de chinéal nach bhfeictear agus nach gcluintear acht go fíor-annamh,
agus chuir seisean cor codramánta dhe. Labhair sé go codlatach agus go
tuirseach n-a chanamhaint féin, díreach is dá mbéadh sé ag iarraidh
chur i gcéill do mhíoltaibh is d'éanlaith na hoidhche cé'n doilgheas
bhí ar a chroidhe go raibh a chineadh beagnach sguabtha de thalamh na
hÉireann. Acht níor tugadh aon áird ar a ghlór ná ar a bhrón acht
an oiread is tugadh ar ghlór luinduibh chuir an chéad shiolla dá
cheól áthasach féin dhe.
Agus bhí a lán eile de chlannaibh na ngob agus na sgiathán ann a
dhúisigh, agus thug cor agus rinne ceól de réir a ndúthchais, acht nach
raibh eólas beacht agam féin cé na treibheacha de sheacht sgór dár
díobh iad. Ní raibh d'eólas agamsa acht gur dhúisigh gach ceann díobh:
gur thug cor, gur labhair ar a nós féin; 'tuige ar chorruigheadar agus
'tuige ar labhradar agus gan baoghal air bheith n-a lá?
Bhí asal ceangailte i n-aice liom - m'asal beag dubh féin. Bhí sé n-a
luighe ar an talamh gan cor as. Thóg seisean a cheann agus labhair sé
go bríoghmhar dána. Rinne bó bhí sgathamh uaim géimneach. Rinne
searrach seitreach. Rinne caora méidhleach. Rinne mé féin brón agus
doilgheas.
Agus dá dtuigfinn i gceart é, bhí an saoghal mór aisteach seo ag
déanamh bróin. An réaltóg bhí crochta sa spéir thoir, an crann a
shil a chnó deireannach, an t-éan a dhúisigh agus a chan cuid dá
chuid ceóil, an t-ainmhidhe labhair go huaigneach san oidhche - ag
déanamh bróin agus osnaighil bhíodar uile. An domhan mór tacach féin,
rinne seisean osna chomh maith le cách.
Agus mé féin, chorruigh mé. Leig mé osna. Labhair mé:
"A Dhia Mhóir na Glóire!" arsa mise.
Annsin cuireadh i dtuigsint dom go raibh mé i bhfiadhnaise ceann de na
míorbhúiltibh is mó dá bhfuil ann, go raibh mé ag féachaint ar agus
ag éisteacht leis an saoghal ghá dhúiseacht, agus ní dúiseacht na
maidne é, acht an dúiseacht thárluigheas tráth éigin gach oidhche sa
mbliadhain nuair chuireann gach nidh dá bhfuil beó ar dhruim na talmhan
cor agus osna dhe. An tráth céadna gach oidhche déanann gach luibh
agus éan is ainmhidhe is duine an brón céadna - agus cé'n tráth é
sin acht an tráth céadna ar thóg Lucifer a mheirg le dhul i n-éadan
an Dé chruthuigh é.
D'fhéach mé ar an réaltóig bhí ar crochadh sa spéir thoir; d'fhéach
mé ar an gcrann shil a chnó deireannach: d'fhéach mé mar a raibh an
t-éan labhair go doilgheasach ar an ngéig:
"A Dhia Mhóir na Glóire!" ars' an réaltóg.
"A Dhia Mhóir na Glóire!" ars' an t-éan.
Agus annsin tógadh mo chroidhe agus m'anam go ndubhras féin de ghuth
mhór dúthrachtach."
"A Dhia Mhóir na Glóire!"
Agus thuit mo chodladh orm arís.
Bhí an ghrian ag dul faoi nuair shroicheas an choill, mé féin agus
m'asal beag dubh agus an cárrín glas gleóite, agus ní fada an t-achar
go raibh áit toghtha agam leis an oidhche chur tharm.
Bhí sé deacair áit níos feileamhnaighe fhágháil. Bhí sruthán
crónánach ann le mo chosa a nigheachán thar éis an lae agus fuarán
fíor-uisge i bhfogus dom leis an tae a dhéanamh gan trácht ar áilneacht
na foraoise, ar na crainnte móra ársa beithe bhí ag cur culaith úir
orra féin i gcomhair na bliadhna, ar bhaslógaibh dubha na bhfuinnseóg
ná ar na paistíbh de sholus órdha bhíodh ag teacht agus ag imtheacht
imeasg na sean-chrann.
Agus nach orm bhí an tuirse! Bhaineas an cárrín de'n asal. Cheangail
mé an tsrian dá chois tosaigh, agus an ceann eile dhi de'n chárr ar
eagla go n-imtheóchadh sé ar fuaidreamh uaim ar fud na coille i
gcaitheamh na hoidhche. Annsin chóirigh mé mo leabaidh ar an dóigh seo:
chroch mé píosa de shean-tseól bhí agam faoi'n gcárr go raibh leabaidh
dheas chompóirteach luasgach agam, agus gan baoghal fearthainne orm dá
fhaide dá bhfanfainn ann, mar thógas an chuid eile de'n tseól ar
chliathaibh ós cionn an cháirr. A shárú d'árus ar thriomacht ná ar
shocamhlacht ní raibh ag aon fhear taisdil ariamh.
D'imthigh liom annsin gur bhailigh mé mo lándhóthain de bhrosna agus
de mhion-ádhmad, líon mé mo channa beag stáin le fíor-uisge, d'fhaduigh
mé teine ag béal m'áruis agus chroch mé an t-uisge ós a cionn. D'fhan
mé annsin ar mo ghogaidhe ag freastal ar an teine ar mo shuaimhneas.
Ealadha faoi leith teine adhmuid a fhadú, go mór-mhór faoi'n spéir.
Ní mór dhuit an mionbhrosna a thoghadh go cúramach agus gan aon chuid
de'n ádhmad bog glas chur uirri go mbeidh borradh maith innti. Má
chuireann beidh tú gan teine gan ró-achar. Bhíos féin clisde go leór
ar an gcéird, agus i gceann leath-uaire bhí tóiteán agam a róstóchadh
mart mór. Nuair chaithinn píosa ádhmuid isteach ann dhúnainn mo dhá
shúil ag féachaint an aithneóchainn cé'n cineál ádhmuid bhí agam
ar a bhalath agus é ghá dhóigheadh. Agus tá balath faoi leith ar gach
cineál adhmuid - dair, fuinnseóg, cuileann, caorthann, fearnóg, iubhar,
giumhais - an té mbíonn an t-eólas ceart aige féadann sé innseacht
duit cé aca ádhmad atá agat sa teine. Acht ní raibh an t-eólas beacht
sin agam-sa - ní raibh mé acht 'mo phrintíseach.
Níor óladh ariamh cupán tae níos feárr ná an tae rinne mé an oidhche
shin sa gcoill. Molaim dhuit, a léightheóir, do chuid tae fhliuchadh ar
an dóigh chéadna. Seadh, agus é ól i ndoire coille le tuitim na
hoidhche.
Bíodh an t-uisge ar fiuchadh agat, agus cuir an tae isteach i mála beag
lín-éadaigh, agus tuim an mála isteach sa gcanna. Ná fágtar ró-fhada
ann é - is leór dá nóiméad má bhíonn an t-uisge ar fiuchadh i gceart
- bain an mála lín-éadaigh as an árthach, cuir do chuid bainne nó
uachtair ann agus sásóchaidh an deoch sin thú má's féidir thú shású
ar chor ar bith.
Shásuigh sé mise ar chaoi ar bith: b'iongantach mara sásóchadh deághthae,
arán agus im úr agus uibheacha rugadh an lá céadna mo
leithéide d'fhear taisdil. Seadh, béile sáthach maith ag rí nó ag
rí-dhamhna an béile sin acht é ghléasadh dhó féin le tuitim na
hoidhche i lár coille craobhaighe agus óige na bliadhna ann le aiteas
chur ar a chroidhe le méad a hiongantas.
Fuaireas féin blas na meala ar gach aon ghreim ar chaoi ar bith - ní
raibh tae ann gur fliuchadh mo chuid-sa, ní raibh arán ann gur fuineadh
mo arán-sa, agus sháruigh blas agus balath agus dath an ime bhí agam
aon im dá ndeárnadh as uachtar ariamh. Níor mhothuigheas aon nidh agus
an bhéile ríoghdha seo dhá chaitheamh agam go raibh sé 'n-a dhubhoidhche
agus lasracha mo theine ádhmuid ag dathú na coille mórthimcheall
orm.
Ghabh mé amhrán annsin liom féin sa gcoill le teann áthais. Níorbh
fhada ann mé go gcuala mé agus go bhfaca mé na hiongantais.
Chuaidh an teine i méad. D'eirigheadh teanga de lasair chaoil fhada aníos
agus bhíodh ag iarraidh íochtar na ngéag a phógadh agus gan aon teanga
díobh ar aon dáth ná ar aon chuma.
Bhí dathanna na lasracha sin nach raibh le feiceál i n-aon tuar ceatha
ariamh, agus dá mbéadh an t-eólas agam d'fhéadfainn innseacht cé'n
cineál ádhmuid as ar fhás gach lasair díobh. Acht ní raibh an t-eólas
sin agam an uair sin faraoir.
Chuirfeadh fiadhántas agus sgréachaoil na lasracha uamhan ar do chroidhe.
Má bhí dath faoi leith ar gach lasair díobh de réir a bhunúis, bhí
ceól faoi leith ag gach lasair díobh freisin, agus níor sáruigheadh a
gceól ná a bhfiadhántas siúd acht ag teanga mná nimhnighe.
Ceól na n-ádhmad n-éagsamhail, agus mo cheól féin, agus an chaoi
lasadh suas an choill mór dtimcheall ar na teine ba siocair leis an
dáil éanlaith bhí thart ann. Dá n-abrainn go raibh níos mó ná fiche
cineál díobh ann ní shílim go mbéinn ag déanamh aibhéise. Bhíodar
annsin thart ann ar na craobhachaibh go socair marbhánta: ní bhéadh ort
acht éirghe agus lámh a shíneadh amach uait le breith ar dhosaén díobh.
Rugas féin ar suas le deich gcinn de dhruideógaibh gan aon duadh. Chas
mé a muineál agus sháith mé isteach i sac iad, agus is maith an béile
rinne mé dhíobh n-a dhiaidh sin.
Acht maidir le m'asal beag dubh - ní fios dom an codladh nó tuirse nó
dithleagadh bhí air; níor chuir sé suim dá laghad i n-aon nidh dá
raibh 'n-a thimcheall acht é chomh solamhanta diamhair le árd-chonstábla
go mbéadh príosúnach poilitidheach i ngreim aige.
Ní raibh fonn codalta orm agus d'fhan mé thart ar an teine, ag bailiú
brosna agus mionnádhmuid agus ghá dhóigheadh go raibh an lá ann
beagnach.
Bhí fáinne an lae ann nuair chonnaic mé an t-abhac aisteach faiteach
ag déanamh orm. Shíleas i dtosach go mb'é deamhan nó ainspioraid na
foraoise bhí agam ann - is corr-uair chonnaic mé duine chomh bídeach
mí-chumtha leis. Ní raibh sé thar ceithre troighthe ar aoirde, agus
shíltheá dá dtagfadh smathamh maith gaoithe faoi go sguadfaidhe de
dhruim na talmhan é.
Bhí sgeóin n-a dhá shúil.
"Céard tá ort, a dhuine?" arsa mise, "an amhlaidh a chonnaic tú taise
nó taidhbhse?"
Níor thug sé freagra orm. Ní dheárna sé acht féachaint 'n-a thimcheall
go sgáthmhar; acht ní rómham-sa bhí an t-uathbhás air, mar sul ar
fhéad mé ceist eile chur air, isteach leis faoi'n gcárrín go ndeacha
sé i bhfolach ann.
Níor chuir mé isteach air.
I gceann leath-uaire nó mar sin chualas an glór beag ait.
"Ar son Dé," ars an t-abhac, "agus ná hinnis dí cá bhfuil mé má
thagann sí an bealach seo," agus é chomh heaglach le aon duine dá bhfaca
mé ariamh.
Ní raibh fhios agam cé bhí ar a thóir acht thugas an gheallamhaint dó.
Bhí sé n-a lá nuair tháinic an tóir ar an abhac - bean mhillteach agus
fearg an tsaoghail uirri. … acht sin sgéal eile, ár ndóigh, agus ní
innseóchaidh mé go fóill é.
Codladh dhéanamh go meadhon lae, agus an tuirse bóthair bhí orm chaitheamh
dhíom, sin é cheapas a dhéanamh. Níor chodail mé faoi dhíon tighe le
mí roimhe sin; agus bhí cineál leisge agus eagla orm i dtosach, na géaga
loma shíneadh idir na braithlínibh fuara bána - an leisge chéadna is
bhíos ar dhuine ar dhul isteach sa bhfairrge dhó de'n chéad uair ar
theacht an tsamhraidh. Is beag nár choinnigh mé orm mo chuid éadaigh,
bhí mé chomh sgáthmhar sin! Nach ar na braithlínibh bána sin bhí an
fhéachaint fhuar choimhthigheach! Tháinic creathadh orm annsin ar an
urlár sul ar thug mé an léim.
Acht nuair bhí mé istigh tháinic mo mhisneach ar ais chugam. Shín mé
na géaga. Chrap mé suas arís iad. Rinne mé lúb dhíom féin ar nós
eascon. Thionntuigh mé ar mo thaobh dheas. Thionntuigh mé ar mo thaobh
chlé. Ní túisge ar mo thaobh chlé mé, ná chaith mé mé féin ar
chnámh mo dhroma ionnós nach gcaillfinn aon chuid bheag amháin
d'aoibhneas agus de shogh na leapthan. Tharraing mé anál fada sásta ar
nós duine bhéadh thar éis fleadh ríoghdha chaitheamh. Annsin d'fhéach
mé suas uaim ar an síléar, agus thart ar na ballaibh bána, agus anonn
uaim ar an dá fhuinneóig bhí druidthe go daingean docht; agus shíleas
nach bhfuaireas áit chodalta ariamh bhí chomh h-áluinn leis an áit a
raibh mé.
Cé chodlóchadh i lúb na coille craobhaighe, nó ar thráigh locha, nó
ar bhruach sruthalaim clamhsánaigh, cuma cé'n fasgadh bhéadh aige 'n-a
leithéidibh d'áit, agus an sogh seo le fágháil aige faoi dhíon an
bhotháin sléidhe dob' fhogus dó?
Tá sé maith go leór ag na filíbh bheith ag trácht ar na coilltibh
dubha duaibhseacha, ar ghleanntaibh cheóigh, ar aibhneachaibh glégeala,
ar spéarthaibh dubhghorma réaltógacha, ar an ngréin órdha, nó ar
an londubh ag cantaireacht 'do chluais ar dhúiseacht dhuit ar maidin;
acht thug mé féin mionn agus móid go dtréigfinn an chuid sin de mo
shaoghal feasta, agus nach ndéanfainn codladh arís choidhche acht idir
dhá bhráithlín i seómra bheag gan puth aéir ag éalughadh isteach orm,
acht ballaí bána 'mo thimcheall agus síléar bán ós mo chionn.
An tuirse sin, agus an sgíth! Agus caoi agam an sgíth a leigint, agus
an tuirse chur dhíom! Bhfuil sogh de shoghaibh éagsamhla an tsaoghail
le cur i gcomórtas leis? Ná bí ag trácht ar aoibhneas na bhflaitheas
liom-sa: bíonn a fhlaitheas féin i gcroidhe gach duine, agus cá bhfios
go réidhteóchadh do cheann-sa liom-sa, ná mo cheann-sa leat-sa. Acht
an t-é nach dtaithnigheann leabaidh bhreagh clúmhaighe leis, an t-é
nach dtaithnigheann piolúr agus adhart agus dhá bhráithlín bhána leis,
is duine fealltach cealgach an duine sin. Ná bíodh aon mhuinghín agat
as. Ná déan cumann ná bráithreachas leis. Ná déan cáirdeas ná
caidreamh leis. Ní duine dá fhocal é.
An fear go mb'fheárr leis spéara dubhghorma réaltógacha ós a chionn
ná síléar deas, an fear go mb'fheárr leis luighe ar an talamh faoi
sgeich bhlathmhair chumhartha ná dhul isteach idir dhá bhráithlín,
bí ar t'aire ar an duine sin. B'fhéidir gur file é, acht mar sin féin,
seachain é.
Tréigfidh sé i mbearnain an bhaoghail thú.
Cheapas féin é sin, ar chaoi ar bith, agus mé 'mo luighe sa seómra
bheag bhán idir na bráithlínibh míne thar éis mí chaitheamh gan
cnámh mo dhroma shíneadh ar leabaidh ná ar tholg.
Dhearg mé an phíopa agus chuir mé gail bhreagh ghorm éadtrom i n-áirde
uaim; agus dob' áilne an crot tháinic ar an deatach sin ná aon chrot
dá bhfaca me ar néaltaibh neimhe le eirghe gréime ariamh.
Chaith mé sgathamh deas ag féachaint ar néaltaibh an tobac bhí ag
snámh go h-aérach ós mo chionn agus mé sásta leis an saoghal aoibhinn
seo. An goradh tháinic 'mo bhallaibh beatha! Ná tráchtar liom-sa feasta
ar an ngoradh tig ó'n ngréin agus tú 'do luighe ar do shuaimhneas ar
phlásóig chaonaigh i dtosach an lae; ná tráchtar liom ar an ngoradh
thig ó theinidh mhaith mhóir oidhche sheaca agus an domhan faoi chuing
oidhre; ná tráchtar liom acht oiread, ar an ngoradh thig ó chneas an
té dob' annsa leat sa saoghal agus an bheirt agaibh le chéile i mbéal
an uaignis; ná labhartar liom 'n-a dtaobh, mar ní'l aon ghoradh díobh
gur fiú cainnt air i gcomórtas leis an ngoradh thig i gcnámhaibh agus
i gcomórtas leis an ngoradh thig i gcnámhaibh agus i ngéagaibh duine
istigh idir dhá bhráithlín thar éis achar fada chaitheamh faoi
spéarthaibh neimhe. Níl goradh ann go dtí é. Níl sogh ann go dtí é.
Níl sástacht colna ann go dtí é.
An bhfaca tú naoidhneán ráithe 'n-a luighe n-a pheilt ós comhair
teineadh ariamh? Ar thug tú faoi deara chomh sásta suaimhneach is bhíos
sé?
Síneann sé na géaga beaga boga fionnruadha uaidh. Crapann sé suas arís
iad. Tig drithle an aoibhnis n-a shúil leath-dhúnta. Cuireann sé
"glú-ú-ú-ó-ó" uaidh le teann compóirte. Déanann sé lúb dhe féin
le sástacht. Is amhlaidh bhí an sgéal agam-sa agus mé ag cur tuirse
agus anró an bhóthair dhíom idir na bráithlínibh glana bána. Mara
ndeárna mé liathróid dhíom féin ar nós an naoidhneáin, ní ar an
toil bhí an locht acht ar an gcnámh.
Thosuigh na smaointe ag brughadh isteach orm. Smaointe aisteacha fánacha
bhí i gcuid díobh; acht ní túisge bheadh ceann díobh ag préamhú nó
ag neadú 'mo inntinn ná dhíbreóchadh ceann eile é. Bhíodar ag teacht
chugam i ndiaidh chéile, agus os cionn a chéile, agus i n-aonfheacht le
chéile - smaointe fánacha seachránacha bhí ar fuaidreamh ar fud na
cruinne leis an tsíoraidheacht, ag iarraidh áit le neadú agus le borradh
agus le méadú, agus é ag cinnt orra go bhfuair siad an duine deórata
dearóil seo 'n-a luighe idir na bráithlínibh neamhghnáthacha.
Nach mé rinne troid agus comhrac leó! Nach mé rinne coraidheacht agus
coimhlint leó! Shíl mé breith ar cheann díobh agus an fhuil agus an
bhrígh agus an súgh fháisgeadh as; acht d'éaluigh sé uaim. Ní raibh
aon bhreith agam air, acht an oiread is bheadh agam ar mhaide gréine.
Acht ní túisge d'éaluigheadh ceann ná thigeadh ceann eile, bhí i
bhfad níos measa, 'n-a ionad. Shíl mé gan áird thabhairt orra olc maith
ná donaidhe: annsin d'éirigh siad dásach dána ar fad. Ba gheall le
scata deamhan magamhail iad dom' chiapadh agus dom chrádh.
Bhí an lá ag gealadh. Ní raibh aon ghar agam codladh a dhéanamh. Is
beag nár sgar mé go deó le bráithlíníbh míne, le ballaibh bána, le
tighthibh teólaidhe, le leabachaibh compóirteamhla, clúmhaighe agus
imtheacht le comhnuidhe dhéanamh faoi'n spéir arís - acht, thuit néal
orm, aon néal beag bídeach fánach amháin.
Dúisigheadh mé de gheit.
Thionntuigh mé ar mo thaobh. Chuir mé leathchluais orm féin. B'fhacas
dom gur buaileadh rud éigin i n-aghaidh na fuinneóige.
"An bháisteach mhór," arsa mise liom féin. "Cuma liom má dhéanann sé
clagairt. Ní éireóchaidh mé indiu ar chor ar bith," agus tharraing mé
na héadaigh leapthan 'mo thimcheall.
Thosaigh mé ag cóireamh annsin ar eagla go dtiocfadh sean-námha an
mhí-chodalta orm arís. Níor tháinic. Thuit néal eile orm.
An torann ag an bhfuinneóig arís! Céard bhí ann? Bhí mé róleisgeamhail
éirghe. Bhí mé ró-leisgeamhail súil féin osgailt. Acht
chuir mé cluas orm féin i n-aimhdheóin mo thola.
Ní'l aon bhreitheamhnas ag duine ar ghluaiseacht aimsire idir codladh
agus dúiseacht dó; ní raibh fhios agam cé'n t-achar d'imthigh go dtáinic
an torann arís. Acht tháinic sé. D'osgail mé súil. D'osgail mé an
tsúil eile.
Bhí duine éigin amuigh ag caitheamh gainimh leis an bhfuinneóig, ag
iarraidh mé dhúiseacht. Ní hí mo bheannacht fuair an duine sin, deirimse
leat.
Chualas an glór amuigh, glór mná. D'aithnigheas a glór, agus nuair
d'aithnigh, dhúisigheas i gceart. Ní bhéadh "Dia le m'anam" ráidhte
agat go raibh mé ar an urlár; acht bheirim mo mhionn agus mo mhóid nach
n-éireóchainn as an leabaidh bhreagh sin ar aon ghlór eile dá bhfuil
ar an saoghal.
Acht ise - cé clisfeadh uirri?
Agus cé bhuailfeadh isteach chugam acht an bhaintreabhach Uí Eadhra!
Bhí sí ag féachaint níos óigeanta ná chonnaiceas í le fada an lá;
is beag an ceapadh bhéadh ag duine go raibh cúig bliadhna déag agus
trí fichid caithte aici, go mbéadh bun-chíos na sean aici dá mbéadh
gábhadh aici le n-a leithéid; go bhfuil a hinghean agus inghean na
mbaintreabhaigh sa teach chéadna léithi.
"Cuir an t-asal faoi'n gcárr," ar sise.
Rinneas sin gan ceist a chur uirri. D'aithneóchthá go raibh fuadar éigin
fúithi, go raibh sí le rud éigin neamh-ghnáthach a dhéanamh. Bhí
luisne beag n-a sean-ghruaidh caithte, agus loinnir aisteach faoi n-a súil.
Chonnaiceas an loinnir chéadna sin faoi shúil ghirrsighe sgoile bhéadh
ar tí gníomh contabhairteach dhéanamh. Níor chuireas aon chainnt ar an
tsean-mhnaoi faoi ádhbhar a meidhre. Tá aithne níos feárr ná sin agam
uirri; tá sé doiligh rún a bhaint aisti - acht nach n-innseochaidh an
aimsir dhom é?
Ghluais linn beirt ar an gcáirrín asail, mé féin agus an tseanbhean a
raibh an meidhir rúnda n-a croidhe istigh.
Bhí an dúithche thart orainn ag gáiridh linn.
Grian bhuidhe an fhoghmhair ar eirghe i n-áirde sa spéir; an gleann agus
an machaire 'n-a loch órdha aici; an crann ar leathtaobh na slighe n-a
dhealbh órdha aici; slamanna de sholus buidhe órdha dhá gcaitheamh aici
ar chraoibh agus ar ghéig agus ar bhilleóig go gceapthá go raibh an
saoghal órdha tagtha.
Bhí an t-asal ag imthéacht leis n-a shodar. Aoibhneas ormsa go raibh mé
beó beathuidheach a leithéid sin de mhaidin iongantach foghmhair;
aoibhneas ar an tsean-mhnaoi bhí le mo thaobh - cé'n fáth go mbéadh
an t-aoibhneas sin uirri agus an saoghal brónach chaith sí agus bhí
dhá chaitheamh aici?
Agus is cinnte go bhféadfá saoghal cráidhte thabhairt ar a saoghal siúd
marach an croidhe éadtrom óg bhí aici. A fear caillte sul a raibh sí
deich mbliadhna fichead. A clann mhac ar fán agus ar fuaidreamh an tsaoghail
uaithi. A hinghean agus inghean na hinghine n-a mbaintreabhaigh sa teach
aici - triúr baintreabhach 'n-aon teach amháin agus easaontas agus clampar
eatorra triúr!
Marach go raibh a cuid féin de mhaoin an tsaoghail seo aici is dócha nach
bhféadfadh sí bheith chomh óigeanta croidheamhail is bhí.
Dhearc mé go géar uirri agus an bheirt againn 'n-ár suidhe le taobh a
chéile sa gcáirrín asail an lá buidhe foghmhair sin. Feisteas an
Domhnaigh bhí uirri - gúna maith de'n tseanshíoda dubh, clóca dubh
beannach ó'n tsean-aimsir boinéad péacach, spéacláirí go raibh
ciumhais óir orra - acht is ar éigin thiubharthá an méid sin fao deara
leis an meangadh bhí ar a béal, leis an luisne bhí n-a gruadh, leis an
bhfuadar aisteach bhí fúithi.
Chuadhmar thar a teach mar a raibh comhnaidhe uirri.
B'fhuras d'aithint uirri nár mhaith léithi go bhfeicfidhe í ar an
gcáirrín asail. Bhí sean-sgáth fearthainne aici a raibh méad dalbaidhe
ann; chroch sí ós a cionn é ionnós nach n-aithneóchaidhe í - acht,
ár ndóigh, níor chuimhnigh sí, an bhean bhocht, go raibh aithne ag gach
duine sa bparáisde ar an sgáth fearthainne sin!
"Sílim nár facthas mé," ar sise nuair bhíomar beagnach thar an teach.
"Is cinnte nár facthas," arsa mise, acht níor dhubhairt mé léithi go
raibh mé dearbhtha gur aithnigheadh í má bhí aon duine ag an bhfuinneóig.
Mí-thráthamhail go leór tháinic sé isteach i gcloigeann an asail go
raibh a dhóthain de shodar lae déanta aige. Chuir sé a cheann faoi.
Chraith sé a iarball beag sgáinte. Sheas sé i lár an bhóthair.
D'éirigheas féin 'mo sheasamh. Thugas trí nó ceathar de bhuillibh de
mo bhata droighin 'sna heasnachaibh dhó. Ní dheárna sé acht na cluasa
a bhogadh. Ní bhogfadh sé na cosa dá mbéinn leis ó shoin!
D'eirigh an tsean-bhean n-a seasamh. Thug sí an sgáth fearthainne dhó
'sna heasnachaibh clé, agus bhí an bheirt againn ghá leadradh go
rabhamar tuirseach.
Ghlacamar comhairle le chéile annsin.
"Feárr dhúinn siubhal," ar sise.
"Bhfuil bealach fada romhainn?" arsa mise.
"Beidh fhios agat é sin luath go leór," ar sise agus ghreamuigh sí a
dhá gob ar a chéile ar eagla go sgéithfeadh a rún uaithi.
Bhíomar, ar tí túirlingt nuair tháinic athrú meóin chuig an asal.
Chraith sé a cheann. Chorruigh sé a chluasa. Bhog sé na cosa. D'imthigh
leis n-a chos-n-áirde.
Níor fhéadas súnndas thabhairt d'n tsean-mhnaoi mheidhrigh bhí le mo
thaobh leis an ngluaiseacht bhí faoi'n asal, acht bhí fhios agam go raibh
a croidhe corruighthe, gur thaithnigh an mharcaidheacht thar bárr léithi.
Bhí a croidhe chomh hóg an lá buidhe foghmhair sin is bhí aon lá le
leith chéad bliadhain. Dá bhfeictí mé féin agus an bhean sa gcáirrín
asail, ise agus a lámh faoi mo chom ar eagla do dtuitfeadh sí, a
boinéad breágh Domhnaigh anuas ar a mala chlé leis an luasgán gáiridh
ar a béal, gáire faoi n-a súil, an dúithche thart orainn ag gáiridh
linn - dá bhfeictí sinn, ní shíltheá acht go rabhas ghá fuadach!
Againn bhí an greann agus an spórt! Againn bhí an gleó agus an gliondar!
Mé féin agus an tsean-bhean mheidhreach bhí n-a baintreabhaigh le
beagnach leith-chéad bliadhain!
Chuir sí focal 'mo chluais.
"Tá mé le rud a dhéanamh indiu," ar sise, "nach ndeárna mé le leithchéad
bliadhain - rud a cheapas nach ndéanfainn arís go deó. Tá
croidhe agus misneach agam indiu. An óige ag teacht ar ais.
Bhíomar ag geata guirt arbhair. Chuir sí iallach orm cosg a chur leis an
asal sgofánta. Thúirlingimear.
Bhí an t-arbhar ina chruachaibh ann. Dubhairt sí liom an cárr a lochtadh.
Chuidigh sí féin liom go tréan agus í corruighthe go mór ar feadh an
achair.
Bhí fhios agam go mba le n-a hinghin an t-arbhar agus an gort, go mba cuid
de'n mhaoin mhóir iad d'fhág a chéile aici nuair fuair sé bás. Acht
cé'n obair bhí ar an tsean-mhnaoi! Nach raibh a sáith lucht oibre aca
timcheall na háite le ualach arbhair thabhairt a bhaile dá mbéadh gábhadh
leis? Agus cé'n chainnt bhí uirri faoi "rud a dhéanamh indiu nach
ndearna sí le leithchéad bliadhain?"
Lochtuigheadh an cárr leis an arbhar. Amach linn an geata. Bhí an t-asal
ag iarraidh an bóthar abhaile thabhairt air féin. Níor leig sise dhó.
"Cá bhfuil ár dtriall anois?" arsa mise.
"Ar an margadh - go Cill Eoghnáin leis an arbhar seo a dhíol."
Bhí iongantas orm. Ní raibh gábhadh aici leis an airgead, agus siúd ag
dul ar an margadh í, - bean shaidhbhir, bean mhórchúiseach mar í, le
ualach beag suarach arbhair! Céard bhí uirri chor ar bith? Cé'n fáth
raibh sí chomh corruighthe sin ó mhaidin?
Bhí an sgéal sa mhuileann orm.
Dhíolamar an t-arbhar.
Thug sí isteach go teach ósta mé. Bhí aithne uirri san áit agus
seóladh an bheirt againn isteach i seómra faoi leith. Fágadh dá ghloine
ós ár gcomhair amach. Bhlas sí de'n fhíon. D'eirigh sí smaointeach.
"Leithchéad bliadhain," ar sise, "leithchéad bliadhain sa lá indiu!
Nach fada an t-achar é!"
D'eirigh sí n-a tost. Níor chuireas isteach uirri.
"Ní dheárnas a leithéid cheana le leithchéad bliadhain," ar sise, agus
shíltheá gur léithi féin bhí sí ag cainnt, "agus cheapas nach
ndéanfainn arís go deó é. Ualach arbhair a ghoid agus a dhíol agus
an t-airgead a chaitheamh i dteach ósta le fear."
D'fhéach sí orm go géar.
"Agus tá tusa anchosamhail leis san éadan," ar sise, "acht go raibh seisean
n-a fhear níos breághtha ná thú. … an fear sin bhí agam-sa. …
Leithchéad bliadhain sa lá indiu - ní rabhamair pósta an uair sin -
d'imthigh linn ar an margadh le ualach arbhair. Chaitheamar a luach sa
teach seo. … níor shíleas go ndéanfainn a leithéid arís choidhche.
… acht ar maidin indiu, nuair chuimhnigheas ar an lá sin d'eirigheas óg
arís - "
Rug sí ar láimh orm. Bhí deór faoi n-a sean-shúil.
"Leithchéad bliadhain? Slán beó leis an lá úd! Beannacht dílis Dé le
n-a anam.
"Ámen!" arsa mise.
"Tá tú anchosamhail leis, anchosamhail ar fad," ars an tsean-bhean agus
briseadh n-a glór.
Níor labhair mé. D'fháisg sí mo lámh, agus d'fhéach uaithi siar go
brónach thar na bliadhantaibh.
Nuair d'fhág an tsean-bhean mé liom féin sa gcoill, thosaigh mé ag obair
ar mo mhíle dhíthcheall, ionnós go mbéadh an dá chrann ar lár agam
sul a bhfillfeadh sí. Nach mé d'oibrigh! Ní raibh an sábh thugas liom
ar maidin acht go dona; dá mbéadh a fhios agam go mbéadh a leithéid
d'obair le déanamh agam is cinnte go mbéadh óirnéis níos feárr agam
- acht an gléas geárrtha seo! ní fios dom cinnte cé mhéad mallacht
mór thugas air sul má bhí mé aon leath-uair bheag amháin sa gcoill.
Bhaineas dhíom mo chóta agus mo bhróga mar bhí an áit 'n-a bhogach
báidhte faoi mo chosaibh. D'fháisg mé an crios faoi mo chom. Chroch mé
suas muinchillí mo léine. D'fhosgail mé an brollach. Chuir mé na cosa
i dtaca. Bhí allus liom sul má bhí an sean-sábh órdlach isteach san
ádhmud chruaidh.
Is beag rud nach ndéanfainn ar son na sean-mhná chéadna. Dá n-iarradh
sí orm troid chur ar fhathach na dtrí gceann, ná cuairt thabhairt ar
oileánaibh allta na Mara Reóite, ná aon ghníomh eile gaisge ná gaile
dhéanamh is cinnte go bhféachfainn leis go fonnmhar. Acht mé fhágáil
annsin liom féin, i lár na coille craobhaighe, ag cur alluis mo cheithre
cnámh ag iarraidh dá chrann toirteamhla a leagadh le sábh gan mhaith!
Agus gan fhios ó neamh agam cé'n fáth ar chuir sí an obair mhór sin
orm, nó cé'n gnó bhí aici de na crannaibh mallaighthe céadna nuair
bheidís leagtha agam!
Fear leisgeamhail mé ó dhúthchas. B'fheárr liom go mór fada bheith
'mo shuidhe ar chlaidhe ag féachaint ar lucht na hiomána ná istigh i
lár na páirce; is deise liom bheith 'mo sheasamh i gceárdchain ag
breathnughadh ar na gaibhnibh ag obair ná bheith ar dhuine aca; is aoibhne
liom bheith caithte ar chnámh mo dhroma ar phlásóig mhín chaonaigh,
lá buidhe brothallach samhraidh, ag féachaint suas uaim sna spéarthaibh
gan faic na frighde le déanamh agam acht bheith ag breathnú ar na
néaltaibh móra ómracha ag snámh thart ós mo chionn ná aon obair dá
bhféadtaidhe chur orm. Tuigfear ó'n méid sin cé'n cion bhí agam ar an
tsean-mhnaoi uasail mhaordha chuir ag leagadh na gcrann mé gur chaith mé
uair a' chluig ar a laghad gan sgíth a leigint, gan anál suaimhneach
sásta a tharraingt, gan lámh the attha a fholcadh agus mé ag gearradh
agus ag síor-ghearradh gan sos.
An t-allus sin! Níor chuir mé an oiread sin alluis ariamh cheana, agus
ní dhéanfad arís choidhche é, pé ar bith bean iarrfas orm é; acht
ise - an tsean-bhean uaibhreach mhodhmhail sin dá dtug mé cion - níor
chlis mé uirri ariamh, agus ní chlisfead uirri choidhche má fhágann
Dia an tsláinte agam.
Acht cé'n bhrigh dá mbéadh a fhios agam cé'n fáth ar chuir sí an
obair sin orm!
Bhí mé dhá uair a' chluig ag obair agus an uile amus dá dtugainn leis
an sábh, is ag dul i laige bhí mé. Bhí mé tugtha traochta. Is ar
éigin go raibh ionam seasamh. Chaith mé uaim an gléas gearrtha agus
d'fhéach mé ar obair mo lámh.
Bhain mé tráithnín agus sháith mé isteach é sa sgoilt bhí gearrtha
agam san ádhmud. Ceithre órdlaigh - ní raibh de dhoimhneacht sa sgoilt
acht an méid sin thar éis mo shaothair. Agus troigh eile ar a laghad
ann!
Bhuail droch-mhisneach mé. Ní bhéadh sé 'mo chumas an dá chrann sin
a leagadh dá gcaithinn an lá fada leó. Bhéinn náirighthe go deó mara
bhféadfainn an obair sin dhéanamh do'n tsean-mhnaoi dá dtug mé cion.
Bhí fonn orm dhul ar aghaidh leis an obair arís, agus gan sgur dhí go
mbéadh crann díobh ar lár agam. Mara ndeárna mé sin, agus admhuighim
nach ndeárna, ní ar an toil bhí an locht acht ar an gcolainn. Bhí
tulchán féarmhar i n-aice liom. Chaith mé uaim mo chuid oirnéis. Shín
mé mé féin ar chnámh mo dhroma ar an tulchán go leigfinn mo sgíth.
B'aoibhinn bheith annsin ag féachaint suas uaim ar an spéir ghorm thrí
dhuilleabhar na gcrann agus gan faic le déanamh agam ar an saoghal -
seadh, gan faic le déanamh agam ar an saoghal, mar ní féidir le duine
sgíth a leigint ná suaimhneas a ghlacadh i gceart mara bhfuil sé 'n-a
chumas leigint air nach bhfuil aon cheó le déanamh aige féin ná ag aon
duine eile, ar an saoghal seo.
Námha do'n tsuaimhneas an imnidhe. Chuireas féin ruaig ar an námhaid
sin agus mé 'mo luighe ar chnámh mo dhroma ar an tulchán féarmhar.
Ní shíltheá go raibh crann le leagadh, ná faic eile le déanamh agam
an lá breágh buidhe brothallach sin.
Leithsgéal bhí uaim, leithsgéal maith ionnós nach mbéadh orm tuilleadh
alluis a thabhairt. Bhí poll domhain agus uisge n-a thóin i bhfogus dom:
dá sgaoilinn an sábh malluighthe síos ann ní bhéadh orm buille eile
oibre dhéanamh ar feadh an lae - acht ár ndóigh annsin, bhéadh an
tseanbhean chóir dá dtug mé gean gan a cuid crann. Naipcín chasadh
timcheall ar mo láimh agus a leigint orm gur gortuigheadh í - chuimhnigheas
ar an gcleas sin freisin, acht bhí an locht céadna agam air is bhí agam
ar an gcéad cheann. Chaill mé an croidhe nuair smuainigheas go mbéadh orm
an obair dhiabhalta sin dhéanamh.
Bhí sgata seangán i n-aice liom agus saothar mór orra. Tráithnín bán
feósaidhe bhí suas agus anuas le dhá órdlach go leith ar a fhaid agus
iad ag iarraidh é thógáil agus é thabhairt leó ar iomchur. Bhí
mathshluagh mhór díobh ann agus ní raibh neach díobh nach raibh ar a
dhíthcheall. Nach ann bhí an fuastar! Nach iad d'oibrigh go fonnmhar! Is
beag nár leigeas liúgh comhghárdachais nuair d'éirigh leó an
tráithnín chrochadh suas agus bhreith leó!
"Nár chóir dhuit náire bheith ort agus chomh leisgeamhail spadánta
is bhí tú féin?" deir tusa.
Ní raibh náire ná ceann faoi orm agus ní heól dom cé'n fáth go
mbéadh. Cheapas agus chuimhnigheas go mba mallacht ó Dhia an obair ó
thús, agus go mba deágh-ghníomh aon chuid dí sgaoileadh thart - acht
ní túisge sa machtnamh sin mé ná baineadh geit asam.
Chualas glór na sean-mhná chugam aniar agus amhrán ghá ghabháil aici.
Ní raibh sí le feiceál agam, toisg na crainn bheith sa mbealach, acht
d'éirigh mé de gheit agus chromas ar an obair go díthcheallach. Cheapthá
nach raibh sábhadóir ann go dtí mé.
Nach agat bhí an smacht orm, a shean-bhean mhaordha!
Bhí sí buailte liom sul ar thógas mo cheann.
"Agus tá tú ag obair ó shoin," ar sise.
"Go díthcheallach," arsa mise, ag baint an alluis do mo bhaithis le cúl
mo láimhe.
Annsin leath na súile orm. Ní léithi féin bhí an tsean-bhean acht
bean óg dóigheamhail a raibh dhá shúil dubha soillseacha aici agus
frighid an ghrinn i bhfolach 'n-a lár istigh i n-aondtigh léithi.
B'iongantach liom nár cuireadh an bhean óg i n-aithne dhom. Ag ceapadh
go raibh aithne againn ar a chéile cheana bhí an tsean-bhean, shíleas,
mar bhí aithne súl agam ar an óg-mhnaoi, agus gean millteach agam dhi
le dhá bhliadhain, gidh gur sheachain sí mé i gcomhnaidhe.
"Agus thugamar beagán bidh agus dighe linn freisin," ars an tsean-bhean,
"agus beidh fleadh againn annseo 'sa gcoill."
Bhí cliabh mór ar an talamh idir eatorra, agus nach orm bhí an t-iongnadh
nuair d'osgluigheadh é. Sean gach dighe agus nuadh gach bidh ann. Ní
bhéinn acht dod' ghriogadh dá abrainn cé na milseáin agus na biadhtha
borba agus na dighthe meisgheamhla bhí istigh ann.
An fhaid is bhí mé féin agus an bhean óg ghá mbaint as an gcliabh
bhí an tsean-bhean ag cur di ós íseal:
"Lá gréine, lá brothallach mar an lá indiu tháinic mé féin agus an
fear phós mé 'n-a dhiaidh sin isteach sa gcoill seo i dtosach. Agus bhí
fleadh againn le chéile ann … mé féin agus é féin - acht go raibh
sean-bhean i n-aonfheacht liomsa - acht bhí ciall aici, agus sgar sí linn
chomh luath is bhí an fhleadh caithte …"
Leig sí osna.
"Is fada an t-achar leith-chéad bliadhain," ar sise, "acht tá súil agam
go bhfuil an oiread céille agam-sa indiu is bhí aici siúd an lá sin,"
ar sise ós íseal.
Bhí freisin; mar ní túisge bhí an fhleadh caithte againn ná d'éaluigh
an tsean-bhean uainn. An fear nach ndéanfadh rud ar a leithéid de mhnaoi
chríonna thuigsionnaigh ár ndóigh ní fhéadfá fear thabhairt air ar
chor ar bith!
Ní túisge sgar an tsean-bhean linn ná tháinic cuthalacht orm féin.
B'fhacthas dom gur thuig an bhean óg (nach cuma dhíobh anois cé hí)
acht b'fhacthas dom gur thuig sí, céard bhí 'mo chroidhe agus 'm'aigne
le dhá bhliadhain go leith; b'fhacthas dom gur thuig sí cé'n chaoi a
mbínn ag tnúth léithi de ló agus d'oidhche - agus má thuig bhí
iongnadh orm nár ghlan sí léithi as an áit. Bhí tráth ann agus
thiubhrainn m'anam dreas comhráidh bheith agam léithi - acht anois, ó
buaileadh le chéile sinn, istigh i lár na coille craobhaighe, an t-éan
ar an gcraoibh agus an ghrian ar an spéir, níor fhan croidhe ná misneach
agam acht mo dhá shúil sáithte sa bhfód agus luisne nach gnáthach
'mo ghruadh.
Bhí sise ann agus í ag obair ar a díthcheall ag iarraidh iarsmaí na
fleidhe caitheadh a bhailiú agus a chur isteach sa gcliabh mór thug an
bheirt bhan leó ar theacht isteach dhóibh - bhí an chuthalacht chéadna
uirri-se is bhí ormsa, ní mise thug faoi deara é acht londubh bhí thart
ann ag iarraidh a ghreim féin bhaint amach … d'éaluigh súil liom-sa
i ndiaidh an éin seo, agus féachaint mhear fhaiteach dá dtugas ar an
mnaoi, bhí le mo thaobh, cheapas go raibh an sgáth aisteach agus an náire
bhanda chéadna uirri is bhí orm féin.
Shíl mé cainnt a dhéanamh ionnós go réidhteóchaidhe bealach dhúinn
beirt; acht theip orm, theip orm glan, agus chuaidh amharc mo dhá shúl
i n-aimhréidh 'n-a tiughfholt dubh cas.
Dlaoi do'n fholt sin bhain an chainnt agus an t-ughdarásacht dhíom, aon
dlaoi bheag amháin bhí ar fán agus ar fuaidreamh ar fud a baithis …
thiocfadh séidre beag de ghaoith fhionnfuar na coille agus tógtaoi an
dlaoi sin, sgartaoi na ribí bhí ann ó n-a chéile ionnós nach mbíodh
aon chosamhlacht air acht néaltóg sgáinte bhéadh ghá stróiceadh ag
gaoithibh uachtaracha na spéire.
D'fhéach mé uirri le mo dhá lánshúil. Shíleas go raibh sí ar tí
labhairt liom; bhíos cinnte go mbéadh sgéal mór aici dhom, cár bhfios
nach n-abróchadh sí liom nach raibh aon nidh ag déanamh imnidhe dhí ó
casadh le chéile sinn dá bhliadhain go leith ó shoin acht go mbuailfidhe
le chéile arís sinn.
Acht níor labhair sí. Cuthalacht bhí uirri díreach mar orm féin
shíleas - marach gurab eadh, 'tuige mbéadh píosa de bhriosga dá bhriseadh
agus dá bhrughadh idir na méaraibh aici? Fear bhéadh ag féachaint orainn
beirt ó bhárr na gcrann, thiubhradh sé an leabhar go mbéadh mise agus
ise sásta ár saoghal agus ár síoraidheacht thabhairt ar dhuine éigin
theacht le cur isteach orainn.
Agus sinn beirt ag tnúth le focal ó'n duine eile!
Bhí píosa de chipín ar an talamh i n-aice liom - bhí sé chomh maith
ar ndóigh leis an bpíosa de bhriosga bhí ag an mnaoi - agus thosuigheas
dá bhrughadh agus dá bhriseadh idir mo mhéaraibh, díreach ar a nós
féin; acht chomh uain is bhí mé dhá dhéanamh sin, agus le gach casadh
agus gach lúbadh thiubhrainn de, thiocfadh smaoineadh nuadh 'mo cheann
agus níor bhain aon smaoineadh díobh acht le mnaoi na gruaige duibhe bhí
le m'ais.
Ghein na smaointe seo, agus an corrú croidhe bhí 'n-a dteannta focla fada
fileadhta: agus ó's rud é nach réidhtigheann cuthalacht agus líomhthacht
cainnte le chéile, thréig an chuthalacht mé acht d'fhan an líomthacht.
Acht má d'fhan féin, ní shílfeá gur fhan, nó go raibh a leithéid
agam ariamh - cé'n chaoi go bhféadfá líomhthacht cainnte thabhairt ar
chainnt nár dubhradh ariamh, le cainnt nár sgar ariamh le béal an duine?
Dá n-abruightí an chainnt bhí 'mo cheann chuirfidhe iongnadh ar a lán.
Chuirfidhe uathbhás b'fhéidir ar an mnaoi áluinn bhí le m'ais dá
n-abrainn léithi an chainnt sin.
Tháinic an chéad chuid de'n chainnt sin ó chroidhe, 'mo bhéal dom
bhuidheachas. Is beag nár éaluigh sí óm' bhéal amach. Dá bhféadfainn
labhairt i n-aon teanga nár thuig sise bheirinn ar láimh uirri agus
chuirfinn dhíom ár an dóigh seo:
A bhean aoibhinn, a bhé na gruaige duibhe agus na súl bog deórach, a
ainnir chiúin chuthalach Ghaedhealach, tá dhá bhliadhain go leith de
bhliadhantaibh fada ainreóiteacha imthighthe ó chonnaiceas i dtosach thú
'do shuidhe ag ceann céibhe i gConnamara lá breágh earraigh agus grian
na maidne dod' mhaisiú - agus dá mbéadh sé 'mo chumas labhairt leat
an mhaidin sin (agus tuigeann tú féin cé'n fáth nár fhéadas é
dhéanamh) dá mbéadh sé 'mo chumhas labhairt leat an mhaidin sin,
déarfainn leat nár casadh ariamh liom i n-aon bhall áilneacht chuir
aoibhneas ar mo chroidhe mar an áilneacht atá ag baint leat-sa, a áilne
na háilne.
Níor dubhras an chainnt sin gidh go raibh fonn orm é rádh. Ní dheárna
mé acht an píosa de bhriosga do brughadh agus do athbhrughadh agus do
bhriseadh idir méaraibh na mná chaitheamh chuig an londubh daibhir bhí
ag lorg a choda.
Rinne sise gáiridh. D'eirigh sí, agus sul má bhí sé d'uain agam focal
a rádh d'éaluigh sí uaim mar d'éalóchadh maide gréine.
D'éirigh mé féin. Ar ndóigh, ní raibh san éalódh sin acht cuireadh
chum tóraidheachta agus lorgaidheachta - nach raibh sé de rath orm ná
de mhaith ionam dul 'n-a diaidh, an chuthalacht sgaoileadh dhíom, an
chuthalacht bhaint ó n-a croidhe-se, agus innseacht dí le foclaibh agus
le gníomharthaibh cé'n urraim bhí agam dí agus cé'n gean?
D'imthigh liom ar a tóir agus croidhe lán 'mo chliabh.
Ní fada ar an tóir mé go gcualas an glór banda agus amhrán dá ghabháil
ag an té ar leis an glór. Bhí an glór sgathamh maith uaim agus leis an
siubhal bhí fúm agus leis an imnidhe bhí orm breith ar an óg-mhnaoi,
níor thugas faoi deara gur glór sean-mhná bhí ann.
Acht b'eadh, agus tháinic mé ar an tsean-mhnaoi thug go dtí an choill
mé gan mórán achair.
"Suidh," ar sise.
Ghéilleas di; ár ndóigh níor fhéadas gan é dhéanamh:
"Cá'r fhág tú Eibhlín?" ar sise - agus tháinic áthas croidhe orm
go raibh fhios agam cé'n t-ainm bhí ar an mnaoi áluinn sin n-ar chuir
mé an spéis mhór.
"Eibhlín?" arsa mise.
"Seadh," ars an tsean-bhean, "ar chuir tú aon chainnt uirri?"
B'aisteach liom gur chuir sí an cheist sin orm: fear fhágháil faoi bhun
crainn i lár coille craobhaighe agus bean áluinn le n-a chois agus annsin
fhiafruighe dhe ar chuir sé aon chainnt uirri! Má bhí cuthalacht agus
náire orm i gcuideachtain na mná óige, is mó ná sin an náire bhí
orm nuair dob' éigin dom a rádh nár labhramar focal le chéile.
"Níor fhág sí focal agam," arsa mise, "a háilneacht bhain an chainnt
dhíom."
D'éirigh an tsean-bhean uasal mhaordha smaointeach. Rug sí ar láimh orm.
"Is maith rinne tú gan focal a rádh," ar sise.
"'Tuige?"
"Ná bac le 'tuige, acht siubhail leat liomsa go bhfaigh' muid í.
Rinneadh sin.
Faoi bhun crainn fríothadh í ag sileadh na súl. Níor labhair an
tsean-bhean léithi acht thosuigh sí ag cainnt léithi le comharthaibh.
Níor labhras féin ár ndóigh: dá n-abrainn aon rud déarainn:"
Mo thruaigh thú a bhé áluinn na súl ndubh nár bhronn Dia cainnt ort a
áilne na háilne 's truagh liom do sgéal go bhfuil tú do bhalbhán
aonraic ar an saoghal seo."
Bhí comhnaidhe orm le goirid i sean-choiléar ar ghualainn chnuic, áit
nach raibh duine ná deóraidhe le cur isteach orm.
Acht ní raibh mé i bhfad ann go raibh cáirde mo dhóthain agam. D'éirigh
mé mór le míoltaibh na háite idir beag agus mór, leis an spideóigín
dána, leis an dreóinín beag bídeach, le londubh an ghuib bhuidhe, leis
an smólach breac-dhonn, leis an ngealbhan aérach; agus do chosnuighinn ar
an seabhac alpach iad, tráth chruinniugheadh siad uile thart orm leis an
mbrusgar aráin d'fhágfaidhe i ndiaidh mo bhéile chaitheamh. Bhí seanulchabhán
ann, go raibh ciall na seacht suadh n-a cheann, agus nár labhair
ariamh acht uair bhí gábhadh mór leis; acht ní mheallfadh aon mhilseán
an sean-fheallsamhnaidhe sin as an bpoll crainn 'n-ar chaith sé a shaoghal.
Acht na héanlaith eile, ní raibh sgáth ná eagla orra rómham-sa nuair
bhí tamall curtha dhíom agam san áit. Go deimhin leis an gcaoi
bhailigheadh siad timcheall orm, agus a cheol féin ag gach éan díobh,
shíltheá go mba de bhunadh na n-eite agus na ngob mé féin, nó go raibh
gaol gairid agam leis an tsliocht sin, ar a laghad.
Bhí míolta ceithre gcós ann freisin; bhí iorradh ruadh n-a chomhnuidhe
sna crannaibh árda bhí taobh thoir de'n choiléar; easóg chlisde i
gcarnán cloch, agus muirighin mhór lag air; nead i dtom ag cineál luiche
nach bhfeictear acht amháin i n-áiteachaibh iarcúlta faoi'n spéir, agus
cúig cinn de luchógaibh óga de chúram ar féin agus ar a chéile;
coinín faiteach nár réidhtigh solus na gréine leis acht an oiread leis
an ulchabhán féin.
Thosuigh mé ar an gcoinín agus - acht caithfidh mé innseacht go beacht
cé'n chaoi ar éirigh mé mór leis an mbeithidheach sgáthmhar sin,
agus leis na cinn eile, mar an gcéadna; mara ndéanfad é sin, ní
thuigfear chomh cruaidh is chuaidh sé orm cogadh chur orra sa deireadh.
Ar an gcoinín shíl mé an chlúain chur i dtosach nuair bhí cáirdeas
déanta agam le clannaibh na n-eite.
Thug mé faoi deara nach n-éirigheadh sé amach as a pholl aon oidhche go
mbínn féin istigh 'mo mhála chodalta; dá mbéinn 'mo shuidhe, ní
fheicfidhe é bhí sé chomh faiteach sin. Go deimhin is iomdha oidhche a
chuaidh an créatúr bocht gan a shéire mar gheall orm féin.
Bhí biolar agam tráthnóna le mo chuid tae, agus chaitheas cuid de na
bileógaibh, amach ag béal puill an choinín. Rinneas é sin d'aon úim
le n-a mhealladh amach.
Tháinic sé. Sháith sé a ghob amach i dtosach, mar bhéadh sé ag
baluidheacht timcheall. Chonnacthas a cheann beag deaghchumtha, agus a dhá
chluais i n-áirde aige gan mórán moille; d'fhéach sé thart díreach
is dá mbéadh sé ag fiafruighe dhe féin an raibh sé de mhisneach aige
bualadh amach agus an ghrian ar an spéir.
Chonnaic sé bileóg de'n bhiolar; thosuigh sé ghá ithe ar a shuaimhneas
- acht ní raibh an bhileóg caithte aige gur chuir sé gotha reatha air
féin. Mhothuigh sé go raibh námha i bhfogus dó. Acht ní raibh an námha
ró-ghar dhó. Lean se de chaitheamh na bileóige, acht go raibh sé ar a
aire ar feadh an achair. Tr-bhileóga biolair! is dócha nár chaith sé
a leithéid de shéire ó rinne sé comhnaidhe sa gcoiléar!
An chéad oidhche eile bhí biolar agam freisin, agus ní a cheannach rinneas.
D'fhág mé cúpla bileóg leath-bealaigh idir béal puill an choinín
agus an áit a mbíodh an mála chodalta (atá ar aon dath leis an bhféar
ghlas); acht bhí amharc maith agam ar an gcréatúr bocht nuair d'éirigh
sé amach as a pholl, agus gan fhios aige-sean go raibh mé sa gcomharsanacht
ar chor ar bith. D'ith sé an biolar bhí i ngar dá uachais féin. D'ith
sé an chuid bhí leath bhealaigh idir a pholl agus mé féin; agus annsin
d'éirigh sé dána ar fad, agus thosuigh ag spóirt dhó féin thart
faoi'n sean-choiléar. An biadh maith neamh-choitchiannta thug croidhe agus
misneach dhó b'fhéidir! Oidhche eile, agus tháinic sé go béal mo
mhála agus sgiob sé leis bileóg bhí caithte sa bhféar; agus gach uile
oidhche 'n-a dhiaidh sin, thagadh sé agus gan aon fhaitchíos air rómham
acht an oiréad is dá mbá crann coille mé.
Ba mhór an t-iongnadh liom i dtosach é fheiceál annsin ag béal an mhála
ar dhúiseacht dhom ar maidin agus é ag ithe mo chuid ar a shuaimhneas.
Gan mórán moille bhí sé na pheata críochnuighthe agam.
Acht an easóg - bhí eagla orm féin roimhe i dtosach agus na sgéalta
chualas faoi le linn mo óige; an chaoi 'na gcaithfeadh sé smugairle
nimhe le duine, an chaoi 'na mbeireadh sé ar sgórnaigh ort agus gan a
ghreim a sgaoileadh go mbéadh an braon deireadh de do chuid fola tugtha,
an sparán óir bhíos aige n-a neid - acht chuala gach duine na sgéalta
sin; acht chreid mise ionnta; acht is beithidheach beag deas lághach é,
acht an croidhe ceart bheith agat dhó. Ní raibh sé chomh mór liom
ariamh is bhí an coinín, acht thigeadh sé chugam le greim ithe as mo
láimh.
Labhair mé faoi'n luich cheana: ní raibh seisean an-cháirdeamhail liom
ariamh. Ní leigfeadh sé dhom lámh a leagadh air dá muintearaighe dá
rabhamar; acht thigeadh sé ar cuairt agam, agus chaitheadh tamall 'n-a
shuidhe i n-áirde ar mo mhála chodalta agus mé féin mo luighe istigh
ann.
An iorrudh ruadh ba dhoicheallaighe díobh ar fad. B'fhéidir gur shíl
sí go raibh mé féin ró-mhór le n-a sean-naimhdibh an luch agus an
easóg; acht ar chaoi ar bith, ní thiocfadh sí i bhfoisgeacht deich slat
dhíom go dtug mé bríb dhí. Lá dhom san mbaile mór, agus cheannuigheas
luach dá phighinn go leith de chnódhaibh cuill. Bhris mé cuid díobh
faoi m'fhiaclaibh féin agus chaith mé ceann díobh chuig an iorruidh.
Ba mhór é an t-iongnadh táinic uirri.
Imtheacht léithi faoi na crannaibh árda agus gan cuairt thabhairt orm
arís choidhche - sin é cheap sí dhéanamh i dtosach. Acht mheall an
cnó cuill sin í; bhí an chosamhlacht air go raibh sé an-mhilis …
thosuigh sí ghá chogaint annsin ós comhair mo shúl.
Cuireadh a dtuigsint dom agus mé ag déanamh mór le míoltaibh an
tsean-choiléir go nglacann gach cineál díobh bríb chomh réidh le
constábla nó le comhairleóir conndae, acht an bhríb thoghadh i gceart.
Is aisteach an saoghal bhí agam féin agus ag na hainmhidhthe sa seanchoiléar
nuair d'éirigh mé mór leó.
Acht mo léan! Ní ró-fhada mhair sé.
D'fhágfainn mo chuid bidh idir arán agus feóil agus eile mar d'fhágfainn
ar neamh í, gan ceapadh go raibh gaduidhe ná beitheamhnach ann. Cúig
noiméad imthighthe dhom lá, agus bhí leath-bhuilín glanta. Agus a
dhaoire is tá an t-arán!
An easóg bhradach sin, arsa mise liom féin; caithfidh mé smacht chur
uirri.
Lá eile, chuir mé an lón isteach sa mála acht amháin roinnt cabáisde
bhí ceannuighthe agam i gcóir mo dhinnéir: ár ndóigh is beag an
ceapadh bhí agam, nuair chuaidh mé ar thóir cúpla punnt bagúin le cur
leis an gcabáisde sa gcorcán, go mbéadh an cabáisde sguabtha nuair
d'fhillfinn, acht bhí.
Mo ghráin thú, a choinín bhradaigh, arsa mise, nach tú an cladhaire
gaduidhe, agus mo chuid bhreith uaim, agus a mhuintearaighe is bhí mé
leat ó thús. Acht fan! gheobhfaidh tú luach do shaothair uaim-se!
Bhí orm an baile mór thabhairt orm féin lá. Chuir mé a raibh de
bhiadh agam isteach sa mála go cúramach. Sháith mé isteach faoi'n tom
é, áit nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna ba ghéire dá raibh ann
ariamh é. Shíl mé, nidh nach iongnadh, nach mbacfaidhe leis, agus go
mbéadh an uile shórt ceart ann rómham ar fhilleadh dhom.
Mo chéad léan! bhí poll sa mála nuair d'fhill me - luach dhá sgilling
déag de mhála bhreágh chodalta millte 'n-aonlá amháin! Bhí an fheoil
bhí istigh ann millte; níor fágadh de'n arán acht an crústa; an
siúcra féin - bhí sé ithte ag na bitheamhnaighibh!
Chuir mé mo mhallacht orra uile go léir, idir easóg agus iorruidh agus
luch agus coinín agus thugas na seacht mionn déag go mbainfinn mo
shásamh asta uile.
Nuair tháinic an coinín chugam ar maidin agus cosamhalacht air nach
ndeárna sé urchóid le n-a shaoghal, ba bheag an fáilte bhí agam
roimhe. Shíl sé, is dócha, gur fonn grinn bhí orm nuair rugas greim
air; acht nuair chas mé a mhuineál …
Is beag an ceapadh bhí ag aon cheann díobh go raibh mé thar éis cogadh
fhógairt orra uile, acht bhí.
Siar liom an Gleann, le bruach an Dá Loch, de shiubhal cos gan buadhairt
gan imnidhe, acht ceól breagh aoibhinn 'mo chroidhe.
Bhí sé cúpla uair nó trí roimh ghealadh an lae, acht bhí solus mo
dhóthain agam ó ré agus ó réaltógaibh, solus áluinn draoidheachta
a líon an gleann. Dhá loch airgeadtha aoibhinn bhí san Dá Loch, na
beanna borba thart orra go uaibhreach faoi sholus neamh-shaoghalta, na
sean-teampuill agus an túr cruinn go glan gleóite i bhfad uaim, mar
íomháigh d'fheictheá i mbrionglóid. … tríd an sean-roilic chuadhas,
le h-ais an túir, agus nuair chualas an ghaoith ag caoineadh sna géagaibh,
d'fháisg mé an cóta mór mo thimcheall, bhain mé fad beag as mo
choisméagaibh, agus marach go bhfuil orm an fhírinne ghlan innseacht
deurfainn gur ghabh uamhan mé agus gur bhain mé as sna fásgaibh. Acht
ní amhlaibh thárla.
Rinne mé an bealach siar idir an dá loch, agus ar bhruach thuaidh an
locha dob' fhuide siar gan deifir gan deabhadh acht mo chroidhe agus
m'anam lán. … Ní raibh ainmhidhe ná éan ná feithide féin nach raibh
'n-a chodladh gan gíog gan míog le clos uatha. Bhreathnuigh mé anonn
uaim treasna an locha ar an áit a rinne Caoimhghín nead dhó féin; file
agus file mór amháin a thoghfadh a leithéid d'áit chomhnuidhthe -
cá bhfios dúinn nach raibh féith na filidheachta i gCaitlín freisin,
agus gur thogh sí an áit sin dhí féin sul má bhí fhios aici go raibh
Caoimhghín ann?
Dá gcastaoi sean-phágánach liom, nó naomh nó abb ó'n tsean-aimsir,
ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm; nach raibh siad uile go léir annsin
'mo thimcheall dá mbéadh súile agam le n-a bhfeiceál?
Nach raibh mé féin ar nós duine bhéadh faoi dhraoidheacht, saoghal
cruaidh cráidhte an lae indiu curtha uaim agam agus mé ag gluaiseacht
liom trí shean-shaoghaltaibh aoibhne as ar díbrigheadh an t-olc agus
an urchóid?
Ar shroichint ceann an ghleanna dhom d'fhéach mé soir uaim ar an mball
áluinn a mhaisigh Dia agus duine. Chuir a áilneacht gheal ghlan sgannradh
ar mo chroidhe. D'éaluigh paidir uaim.
Acht ní ró-fhada go raibh mo dhóthain mhór ar m'aire. An casán atá ag
gabháil siar thar na sléibhte tá sé an-achrannach, agus chuaidh sé
righte go leór liom bealach a dhéanamh. Marach an t-eólas bhí agam san
áit, is cinnte go gcaithfinn géilleadh agus fanacht i sgailp éigin go
mbreacfadh an lá. Bhéadh sé sin cruaidh go leór orm, mar bhí sé
socruighthe agam bheith ar mhullach an chnuic dob áirde dá raibh ann le
fáinne an lae agus le éirghe gréine, go bhfeicfinn an ghrian ag éirghe
aníos as an bhfairrge thoir uaim.
Is iomdha tuirt agus truslóg baineadh asam sa tslighe, acht ní raibh aon
nidh ag déanamh imnidhe dhom acht nach mbéinn ar mhullach na binne i n-am.
Bhí mé ag cur alluis go tiugh, bíodh is go raibh an oidhche roinnt fuar,
agus maidir le tuirse. … bhí mo chosa ar fuaidreamh uaim cuid mhaith
de'n aimsir; uaireannta, bheirinn greim an fhir bháidhte ar thuim go
ndéanfann strapa-dóireacht i n-aghaidh an chreagáin cloch bhí ar nós
balla rómham amach. Uaireanta eile, sgiorainn anuas, cúpla feadh, agus
marach ealadha na strapadóireachta bheith agam ó thús m'óige, is cinnte
gur tinn briste bhéadh mo chnámha.
Tháinig mé ar nead éin. D'éirigh an chearc. Suas léithi sna spéarthaibh
dubh-ghorma agus gach casaoid agus caoineadh aici gur líon sí an fásach
le n-a caol-cheól cáinteach. Cé'n gnó bhí ag mo leithéid de dhuine
bheith n-a ríoghacht socair uaigneach an tráth sin d'oidhche?
Nuair bhíos fear leis féin san oidhche, ar dhruim sléibhe, ní hiongnadh
liom céard dhéanfadh sé. Sheas mé ar mhullach carraige ag féachaint
i n-áirde uaim sna spéarthaibh ar an éan cáinteach bhí ag dul ó
léargus orm, agus ag innseacht dhí céard thug an bealach mé.
Thosuigh mé ag cuimhneamh annsin céard déarfadh an Sasanach caol ruadh,
an fear deisbhéalach cainnteach bhí ag cainnt liom an oidhche roimhe i
dteach aoidheachta an ghleanna, thosuigh mé ag smaoineadh céard déarfadh
sé dá mbéadh fhios aige gur fhág mé mo leabaidh theólaidhe i lár
na h-oidhche le dul go bárr cnuic leis an ngrian fheiceál ag éirghe.
Chuaidh an ghealach faoi. Múchadh cuid mhór de na réaltógaibh. Bhí
fuacht agus ciúineas an tsaoghail ann, acht bhí mé ar an mullach roimh
bhreacadh an lae liom péinín féin.
Ní fios dom anois féin cé'n t-ainm atá ar an gcnoc agus is beag nach
cuma liom: ní thiubhraidh mise aon ainm air choidhche acht Cnoc mo Chroidhe.
Tá carn cloch n-a bhárr; chuir mé féin cloch leis, agus annsin bhuail
mé fúm ar an bhfosgadh ann, go gcaithfinn mo chuid, go leigfinn mo sgíth,
agus go bhfeicfinn an mhíorúilte laetheamhail ins an lá ag breacadh, an
solus ag fágháil tréise ar an doircheacht.
Bhí mé buidheach díom féin gur thugas mo sháith aráin agus feóla
liom; bhí mé ró-bhuidheach gur fhág mé braon beag sa mbuidéal - dar
cumhacht fear nÉireann! Bhí gábhadh agam leis.
Thosuigh Dia ar a mhíorúilte laetheamhail.
Soir uaim, ag bun na spéire, bhí gealadh beag le tabhairt faoi deara
ag súil ghéir. Ní raibh acht mar bheadh braonacha beaga soluis dá
ndóirteadh anuas as na réaltógaibh, dá sgapadh san aibheagán dubh
dorcha, agus dá bhánughadh i ndiaidh a chéile. Ní bhéadh ort acht do
shúile dhúnadh ar feadh aon noiméidín amháin agus nuair d'osglóchthá
arís iad, d'fheictheá an ghileacht nuadh, ní amháin ar bun na spéire
thoir, acht thart timcheall ort 'ch uile áit.
An charraig nó an tor bhí mór dubh bagarthach noiméad roimhe, bhí a
chrot agus a dhath féin ag teacht air i ndiaidh chéile.
Thosuigh éan sléibhe ag cantan; ag clamhsán ba chóra a rádh b'fhéidir
- cantal bhí air shíltheá gur dúisigheadh chomh moch sin é.
Chonnaic mé an fhairrge ghlas - is minic chonnaic mé an dath céadna ar
éadna cuirp … acht na néalta ómracha bhí ag bun na spéir thoir, ní
fada gur thosuigheadar ag éirghe corcra, ní fada gur athruigh dath na
fairrge freisin go raibh dath an airgid uirri.
D'éirigh aon gha amháin óir aníos as an bhfairrge airgeadtha seo, agus
sháith na néalta. Ga eile agus ga eile, ga i ndiaidh gae gan aon dá gha
díobh dhá mheasgadh ar a chéile.
Éan i n-áirde uaim agus é le feiceál go soiléar ós mo chionn sna
spéarthaibh geala ag cur a chroidhe amach le aoibhneas. Loch órdha
crochta ós cionn na fairrge sna néaltaibh, agus é ghá ruadhadh agus
ghá ruadhadh, ghá dheargadh agus ghá dheargadh ós comhair do shúl.
Tháinic Rí an Lae féin go tobann agus go maordha aníos as an bhfairrge,
gur líonadh an tír leis an solus áluinn, gur líonadh mo chroidhe le
aoibhneas agus le grádh.
Chuala mé an ceól i bhfogus dom - an ceól taithneamhach daonna.
D'éirigh mé go tobann agus d'fhéach mé thart orm go bhfeicfinn cé bhí
liom annsin ar mhullach an tsléibhe le éirghe gréine; agus céard
d'fheicfinn annsin ar mhullach an chairn acht fear caol ruadh agus é ag
cur dhe ar a míle dhíthcheall.
Dán uasal Béarla bhí ar siubhal aige agus é ag fáiltiú roimh an
ngréin.
Cé bhéadh ann acht an Sasanach caol ruadh casadh liom sa teach aoidheachta
agus é ag cur a chroidhe amach le aiteas! Nuair bhí an greas filidheachta
ráidhte aige d'iompuigh sé orm.
"Beirt fhile ar mhullach sléibhe le h-éirghe lae," ar seisean, agus bhí
sé fánach agamsa bheith ag iarraidh chur i dtuigsint dó nach file bhí
ionnam féin.
Cúpla mí ó shoin bhíos ag imtheacht liom ar mo chúrsa i bhfoisgeacht
leith-chéad míle do Bhaile Átha Cliath. Ní raibh aon ghléas iomchuir
agam acht chárrín asail, agus bhíos féin agus m'asal bocht cantalach
le brothall mór an lae. Uaireannta, chuireadh sé céad slat de'n bhóthar
leathan bán de, ar nós eilite maoile - creabhair agus míoltóga bhíodh
ghá ghríosadh; uaireanta eile, ba leisg leis cos a chur thar an gcois eile
acht a cheann a dhul suas agus anuas, suas agus anuas ar nós bréagáin
páisde. Ní fhéadfadh aon fhear i nÉirinn é mhealladh chun siubhail
nuair bhuaileann an taom leisgeamhail sin é. Thugas féin bata dhó;
thugas deágh-chainnt agus droch-chainnt dhó; thugas na seacht mionn déag
is deireannaighe dár chum mé féin dhó, isteach n-a chluais; shíleas
é mhealladh le filidheacht agus le feadghail, acht dá mbéinn leis go dtí
an lá atá indiu ann, ní ghlacfadh sé comhairle ná brostughadh uaim.
Thugas cead cinn dó, agus ghluais linn go mall roighinn ar a nós aisteach
féin.
Ní minic bhíos mé féin agus m'asal beag dubh ar aon chomhairle acht
nuair tháiniceamar ar chrann mór bhí ag fás leath taobh an bhóthair
bhí an t-aon smaoineadh amháin againn .i. a dhul isteach ar a fhosgadh
agus ár sgíth agus ár dtuirse a leigint.
Rinneamar amhlaidh. Bhaineas an cárrín de'n asal. Chruinnigheas brosna.
D'fhaduigheas teine. Chuireas canna beag d'fhíor-uisge ar fiuchadh ós a
cionn. Chaith mé mé féin ar chnámh mo dhroma sa bhféar go raibh mé
ag féachaint suas uaim sa duilleabhar tiugh ar mo shuaimhneas.
Crann liobháin bhí sa gcrann, agus ní fhacas a leithéid ariamh ar
thoirt ná ar aoirde. Bhí cuid de na géagaibh chomh toirteamhail le aon
chrann daraigh dá bhfacas 'mo dhúithche féin ariamh; agus bhí an
duilleabhar chomh tiugh sin ar an gcrann is nach bhfeictheá an spéir ós
do chionn. Bhí fosga agus fionnfhuaracht agam ann, ádhbhar maith béile
ar an teine, tobac chumhartha sa bpíopa agam, acht ar bhealach éigin
ní rabhas ar mo shocamhlacht san áit. Bhíos ag éirghe mí-shuaimhneach
faoi rud éigin agus ní raibh a fhios agam cé'n rud é.
Shíleas an bhuairt a chaitheamh dhíom acht níor éirigh liom. Cheapas
go raibh draoidheacht éigin ag baint leis an áit, gur crann draoidheachta
bhí ós mo chionn, go raibh sé ann ó thús aimsire, go seasfadh sé
annsin go deireadh saoghail, go raibh sé n-a mhaighistir ar an uile rud
a rugadh agus ar a mbéarfidhe.
Bhí an crann n-a mhaighistir ormsa. Faoi dhó cheapas imtheacht liom ó'n
áit acht níor fhéadas é. Bhíos greamuighthe ann. Bhí greim ag an
gcrann orm; é ag cur i dtuigsint dom cé'n aois mhór bhí aige, cé'n
toirt iongantach bhí ann, cé'n diabhlaidheacht chonnaic sé ó thús.
Ní ró-fhoighdeach d'éisteas le sgéal an chrainn. ... D'iompuighinn ar
mo leath-uillinn agus d'fhéachainn isteach sa teine d'fhaduigheas, ionnos
nach bhféadfadh sgéal an chrainn méadughadh ar mo bhrón agus ar mo
dhoiligheas; acht ní fada d'fhéadfainn fanacht ar an dóigh sin.
Chuireadh an crann íallach orm dearcadh air, smaoineadh air, éisteacht
leis féin agus le n-a sgéal. A aois, a aoirde, a mhaordhacht, dathamhlacht
a chuid duilleabhair, cruadhas a chuid adhmuid, an deágh-fhosga bhí faoi,
na h-iongantais thárla i bhfogus dó - chuir an crann i gcéill dhom iad
uile go léir, go raibh mé féin agus an crann ar aon chiall agus ar aon
anam.
Bhí fear ag gabháil an tslighe - sean-fhear lúbach féasógach feósaidhe
agus dá mhaide faoi; marach go mbéadh a fhios ag duine nach bhféadfadh
sean-fhear bheith chomh ársa le sean-chrann, cheapthá go raibh seisean
chomh sean leis an liobhán bhí ós mo chionn.
Bheannuigheas do'n seanóir de réir na h-aimsire bhí ann.
D'osgail sé a bhéal pislíneach. Chonnaiceas a dhraid mhanntach agus é
dhom fhreagairt:
"An crann sin" - ar seisean agus thiubhrthá an leabhar go mb'é taidhbhse
an chrainn é, "an crann sin - tá sé níos sine ná aon rud eile atá beó
ar thalamh na hÉireann indiu. Crann na Croiche tugtar air."
"Crann na Croiche?"
"Seadh. Crochadh na céadta as an ngéagán mhór sin ós do chionn. Sa
mbliadhain '98, chonnaic mo shean-mháthair ochtar fear crochta as maidin
bhreágh gréine. B'uathbhásach an feic iad agus cnáib faoi mhuineál
gach duine díobh. Is minic adubhairt sí liom …"
Níor fhanas go n-innseóchadh sé dhom céard dubhairt a shean-mháthair.
Bhailigheas chugann mo chuid oirnéis, chuireas m'asal beag dubh faoi'n
gcárrín agus ghluais liom ar mo bhealach, mé féin agus an sean-fhear
manntach lúbach feósaidhe.
Crann na Croiche … ocht gcéad bliadhain d'aois … n-a chrann sul ar
fhág Normánach cos ar thalamh na hÉireann … an rud beó is sine dá
bhfuil againn - an iongnadh é gur chuir tú sgáth agus draoidheacht orm,
a chrainn, agus mé ag iarraidh mo chuid bidh a ghléasadh, agus mo sgíth
a leigint faoi do ghéagaibh móra diabhalta?
Sgathamh n-a dhiaidh sin bhíos sa limistéir céadna. Bhíos gan codladh
ar feadh dhá oidhche le buairt agus le doilgheas croidhe, agus ó bhí an
aimsir go háluinn bhuaileas amach timcheall 's meadhon oidhche le
spaisdeóireacht a dhéanamh. Shiubhlas bogaigh agus bánta, bóithre móra
agus aithghiorraí sléibhe, agus ní dhéarnas comhnaidhe go raibh mé
'mo shuidhe faoi bhun an chrainn, faoi bhun Chrainn na Croiche.
Cé'n draoidheacht atá agat orm a Chrainn na Croiche? Molaim do
mhaordhacht; molaim an aois mhór atá agat; molaim do thoirt agus t'aoirde;
umhluighim dhuit a chrainn ársa diabhalta as ar crochadh na céadta fear!
Ní mholaim do thoradh, a chrainn; sgaoil díom agus na bí dom' thabhairt
annseo feasda, a bhile sheasmhaigh.
Oidhche spéir-ghealaighe bhí ann. Duilleabhar feósaidhe an chrainn faoi
mo chosaibh; an dúithche thart orm n-a loch airgeadtha le soillse na
gealaighe; gan smathamh as an spéir; gan ceól ó éan ar chraoibh, gan
gíog ó mhíol ar thalamh, acht an domhan mór luchtaighthe le draoidheacht
agus le áilneacht na hoidhche.
D'éirigheas 'mo sheasamh. Cor dá dtugas agus thosuigh an duilleabhar
feósaidhe agus an brosna ag giosgán fúm ar nós aisteach brónach.
Níor thugas aon áird ar an gceól doilgheasach seo ar feadh tamaill, acht
mé ag imtheacht anonn 's anall, anonn 's anall ag iarraidh mo sgéal
cruaidh féin a réidhteach agus gan a réidhteach le fághail agam.
Acht de réir a chéile, thosuigheas ag baint meabhair agus ciall as ceól
ait na mbileóg feósaidhe bhí faoi mo chosaibh. Tháinic cainnt chuca
mar adéarthá, agus seo é an port bhí aca:
"Sinne-ne toradh an Chrainn; sinn-ne toradh Crainn diabhalta na Croidhe;
sinn-ne taidhbhsí na ndaoine crochadh as a géagaibh."
D'fhéachas thart agus sgáth orm. Solus na gealaighe ba chionntach leis
b'fhéidir, agus b'fhéidir nárbh é, acht ar chaoi ar bith, b'fhacthas
dom go raibh corp ar crochadh as gach teannghéag de ghéagaibh Crann na
Croiche.
D'éaluigheas liom ó'n áit.
An oidhche sin, nó go moch ar maidin, bhíos ag comhrádh le fear
tuigsionach ar an tsráid-bhaile atá comhgarach do Chrann na Croiche.
Cídhtear na hiongantais ann go minic dubhairt sé liom:
"Agus tá sé ráidhte," ar seisean, "nach mbeidh rath arís ar Éirinn
go bhfeicfear an Crann mallaighthe céadna sin ar lár."
"'Tuige nach leagtar é mar sin?" arsa mise.
"Ní bhéadh aon bhuaidh annsin," ar seisean, "caithfidh sé tuitim uaidh
féin."
Crann na Croiche ar lár! An bile sheas talamh le ocht gcéad bliadhan
má's fíor na seanchaidhthe agus lucht crann-eólais - agus táid ar aon
fhocal - an bile maordha sin agus a bhileóg uachtarach buailte le talamh!
An oidhche dheire chuadhas an bealach, mé féin agus mo chárrín asail,
acht níor éirigh liom dhul isteach ar an tsráid-bhaile mar a raibh mo
thriall.
An chéad uair chuadhas an bealach chuir Crann maordha na Croiche cosg
liom mar b'éigin dom dhul ar a fhosgadh ó bhrothall an lae; an uair
dheire seo chuir sé cosg liom, mar bhí sé n-a luidhe annsin treasna
an bhóthair rómham.
Bhí meitheal fear ag obair ar shean-chabhail thoirteamhail an Chrainn le
sábhaibh agus le tuaghaibh agus le órdaibh ghá ghearradh agus ghá
sgoilteadh agus ghá lomadh; gach fear aca n-a léine ag obair go
díthcheallach le solus na lóchrann; gan focal ag aon fhear acht na
sábha móra faobhracha ag gearradh na ngéag agus ag ithe isteach sa
gcabhail mhóir.
B'iongantach bheith ag féachaint orra ag obair annsin i ndubh-dhorchadas
na hoidhche díreach is dá mbeidís ag iarraidh díoghaltas a bhaint de
shean-namhaid. Leis an solus aisteach bhí ann, shíltheá go raibh gach
fear díobh, agus gach gléas gearrtha dá raibh aige níos mó faoi dhó
ná bhí.
Bhí an sean-fhear feasógach manntach ann - é siúd casadh liom an lá
brothallach agus mé faoi dhraoidheacht ag Crann na Croiche.
"An é an chaoi gur gearradh an crann?" arsa mise.
"Ní a ghearradh a rinneadh," ar seisean, "acht a leagadh. Agus ní le
saothar fear a leagadh é acht oiread. Lámh Dé rinne an obair sin.
Thuit sé aréir. Nach uathbhásach an gála bhí ann agus bile ocht gcéad
bliadhan a leagadh?"
D'fhéachas ar Chrann na Croiche, áit a raibh sé gearrtha n-a dhá leith.
D'fhéadthá poll a tholladh thríd, agus mo chárrín asail a thiomáint
isteach ann. Agus an ghéag mhór as a gcrochtaidhe na fir, bhí sí n-a
luidhe annsin leath-taobh de'n tslighe agus páisdí sgoile ag
marcaidheacht uirthi.
Chuir an sean-fhear féasógach ruaig orra.
Labhair sé liom féin.
"Tiocfaidh rath ar Éirinn anois," ar seisean "ó tá an bitheamhnach sin
ar lár," agus bhuail an sean-fhear buille nimhneach ar an gCrann bhí
sa talamh ó tháinic na Gaill anoir chugainn i dtosach amhail is go mba
namha beó bhí aige ann.
An oidhche sin, léigheas ar an bpáipéar nuaidheachta gur imthigh fear
as Éirinn go dtí a thír féin - fear nár thuill buidheachas ná
beannacht ár gcinidh; imtheacht an fhir agus imtheacht an Chrainn - cé
deirfeas liom nach raibh baint ag an dá sgéal le chéile?
D'aithneóchainn an breac sin thar aon bhreac dár lúb é féin i bpoll
srotha ariamh. Tá toirt ann thar mórán dá ghaoltaibh, agus aois nach
bhfuil ag a lán díobh. Acht an chiall atá 'n-a cheann! Tá iasgairí
na seacht bparáisde cráidhte céasta aige le na bliadhantaibh fada;
gach uile chineál baoite dár cuireadh ar dhubhán ariamh féachadh iad
- ní dhéanann an seadaire de bhreac acht gob biorach a sháitheadh amach
thar an gcloich mar a mbíonn comhnaidhe air, iarball a chasadh go
sgigeamhail agus imtheacht leis ar a shuaimhneas.
D'fheictheá shíos uait é san uisge glégeal, agus gan beann aige ort
ná ar do bhaoite dá fheabhas é. Agus nach ort bhéadh an cantal nuair
d'fheictheá é ag éirghe aníos go bárr uisge le breith ar mhíoltóig
bhéadh ar aon dath agus ar aon chosamhlacht leis an gceann bhéadh ar do
dhubhán féin! An breac clisde seanda sin! Nach iomdha easgaine bhain sé
as iasgaire le n-a linn.
Ar dhubhairt tú liom go bhfuil fonn ort a dhul ar a thóir, a iasgaire
na mbreac? Cuirfead ar an eólas thú; téigh go hArd Macha i dtosach;
annsin, cuir aithne ar aon iasgaire breac dá bhfuil sa gcathair sin. Abair
leis go bhfuair tú tuairisg an Bhric, agus go bhfuil socraighthe agat gan
an áit fhágáil go mbeidh sé agat istigh 'do mhála.
Nach rómhat bhéas an fháilte! Nach duit innseóchar na sgéalta fíre
faoi iasgairibh tháinic as tíorthaibh i bhfad i gcéin le Breac na hAibhne
Móire a mhealladh!
Cuirfear an uile dhuine sa gceanntar shíl an Breac thabhairt leis i
n-aithne dhuit. Déanfaidh tú cumann agus cáirdeas buan leis an ógánach
caol agus leis an seanóir liath. Taisbeánfaidh gach duine aca a ghléas
iasgaireachta dhuit, idir dubhán agus dorugha agus slat. Cuirfidh sé síos
ar an mBreac dhuit, ar a thoirt, ar a mheadhchan, ar a chlisteacht cuirfead
geall leat go gcloisfidh tú sgéalta faoi Bhreac na hAibhne
Móire a sháróchas aon sgéal iasgaireachta atá sna leabhraibh.
Nár tháinic fear óg as Alban san áit uair agus nár thug sé mionn agus
móid nach bhfágfadh sé bruach na haibhne go mbéadh an Breac aige?
An fear óg díthchéillidhe! Níor thuig sé cé'n éirim bhí i gcoigeann
an éisg sin!
Chaith sé an tEarrach ann. Bothán beag de chliathaibh aige ar an mbruach
agus biadh ghá thabhairt chuige gach lá ó'n gcathair. Tháinic tús an
tsamhraidh. Chuir sé féin agus an breac aithne níos feárr ar a chéile.
Le linn an tsamhraidh fhada bhuidhe, bhí an fear agus an t-iasg i
gcuideachtain a chéile, ag éirghe muinnteardha le chéile; go raibh rún
an ógánaigh ag an mbreac agus rún an Bhric ag an ógánach.
Dubhairt fear liom nach ag iasgaireacht chaitheadh an t-ógánach an
aimsir ar chor ar bith acht ag ceapadh filidheachta: acht cé chreidfeadh
a leithéid de dhuine nár chuir baoite ar dhubhán ariamh?
An áit a bhfuil comhnaidhe ar an mBreac bhainfeadh sé filidheacht as an
t-é go mbéadh féith na filidheachta ann ar chor ar bith.
Uisge glé reatha ag imtheacht le fánaidh thar chlochaibh cruinne glasa.
Poll dubh duaibhseach faoi mhullán árd. An poll sin 'n-a sgathán
aoibhinn ag gach néal agus ag gach éan théidheann treasna na spéire.
Bruach ar gach taobh de'n pholl dubh ag éirghe aníos ó'n uisge go
roighin réidh agus blátha ioldathacha ag fás air.
Agus na héanlaith bhíos thart ann! Deirtear nach bhfuil aon áit eile
i nÉirinn is mó d'fheicfeá fáinleóga ná i n-aice an phuill seo na
céadta agus na céadta díobh ag déanamh spóirt agus aoibhnis dhóibh
féin ós cionn an uisge dhuibh le tuitim na h-oidhche.
An chainnt agus an chantaireacht bhíos ag gach cineál díobh i dtosach
an tsamhraidh sna sgeachaibh thart ann! Ann a bhíos feis agus cómhdháil
éanlaith Éireann, agus an oiread gleó aca is bhíos ag lucht aon fheise
eile: níl a fhios nach mbíonn an oiread céille le n-a ngleó freisin
- mara mbíonn féin, bíonn sé i bhfad níos binne.
Tá coill ann, i n-aice leis an bpoll. Aoibhinn bheith sa gcoill sin lá
brothallach buidhe samhraidh. Dordán beach ann. Cumhracht ó ithir agus
ó luibh agus ó chrann ann. Draoidheacht ann do'n té gur féidir
draoidheacht a chur air.
Mo thruagh gan an samhradh ann! Mo sheacht gcéad truagh gan an samhradh
ann agus mise sa gcoill sin!
Molaim do'n fhile cuairt thabhairt ar an áit, ar an bpoll dubh duaibhseach,
ar an uisge glé reatha, ar an dá bhruach bláthmhara go na mílte
éanlaith, ar an gcoill cheólmhar chumhartha - seadh, agus ar an mBreac
atá i gceannas na ríoghachta draoidheachta seo.
Acht ní fhacas an Breac ariamh le mo shúilibh cinn. Ní fhacas an choill
acht oiread, ná an poll dubh, ná an t-uisge glé reatha. Acht mara
bhfaca mé le mo shúilibh cinn iad chonnaiceas le súilibh m'intinne iad.
Seo é an chaoi ar chuireas aithne ar an mBreac agus ar an áit i dtosach:
Mé 'mo shuidhe ar mo stóilín i gcill an phríosúin ag féachaint uaim
go truaighmhéileach thríd an bhfuinneóig ar phaiste de'n spéir ghuirm,
agus ar an bhfáinleóig thagadh idir mé agus an paisde beag áluinn sin.
Osgluigheadh mo dhoras. Tháinic gárda isteach.
Bhí an tráthnóna ann agus gan mórán ar a aire. D'osgail sé leabhar
póca bhí aige. Bhain suas le fiche dubhán go n-a mbaoití as.
"Iasgaire breac thú," ar seisean, "chonnaiceas san oifig cuid de na
dubháin bhí do phóca nuair rugadh ort."
Dubhras leis go mb'eadh, gur chuireas suim mhór i n-iasgaireacht breac.
D'iarr sé orm an baoite míoltóg is feárr dá raibh aige féin
a thoghadh.
Rinneas amhlaidh. Mholas cuid díobh. Cháineas cuid eile. Thuig sé go
ndeárnas iasgaireacht, go raibh sgil agam san ealadhain sin.
Chuir an bheirt iasgaire breac aithne ar a chéile annsin i gcill
phríosúin.
Bhí truaigh aige dhom nár fhéadas bualadh amach leis an tráthnóna
sin le Breac na hAibhne Móire a mhealladh.
Thagadh sé cúpla uair nó trí go dtí mo chill gach seachtmhain n-a
dhiaidh sin, agus d'innsigheadh sé dhom faoi'n mBreac agus a eachtraí,
gur chuireas aithne mhór-mhaith ar an iasg clisde sin, ar an bpoll dubh
duaibhseach mar a bhfuil comhnaidhe air, ar an dá bhruach bhláthmhara,
ar an uisge glé reatha, ar an gcoill draoidheachta atá le n-a ais.
D'aithneochainn an Breac sin anois thar aon bhreac dár lúb é féin i
bpoll srotha ariamh. Agus ó tá an t-earrach ag teacht, agus an lá
dhul 'un síneadh, bhéaraidh mé cuairt ar a áit chomhnaidhthe.
Déanfaidh mé bóthán cliath annsin ar an mbruach bláthmhar ceólmhar,
agus cuirfidh mé fúm ann liom féin ar nós an Albanaigh óig; agus
mara mbeiridh mé ar an mBreac, cá bhfios nach mbeirinn ar chuid de'n
fhilidheacht atá ag baint leis an áit?
Ó tá an geimhreadh fuar, fliuch, cráidhte buailte linn anois, agus an
samhradh sámh suaimhneach imthighthe, caithfidh mé slán fhágáil ag
cuid mhór de mo shean-cháirdibh, míolta beaga na coille agus an
uaignis agus a fhásaigh; agus caithfidh mé aghaidh thabhairt ar thighthibh
teólaidhe agus a mbaineann leó, go mbeidh aimsir an fhuachta agus an
tseaca thart.
Nach orm atá an cumha go bhfuil orm an seanchoiléar thréigeadh agus
an chathair thabhairt orm féin! Leapthacha clúmhaighe, braithlíní míne
geala, sonas agus sogha na cathrach - cé'n chaoi a bhféadfaidh mé a
leithéidí chleachtadh agus an t-achar fada chuireas dhíom lé trí
ráithe faoi spéartha neimhe?
A shean-choiléir, beidh cuimhne agam go deo na ndeór ort! Beidh cuimhne
go deó agam ar na snadhmaibh daingne caradais rinneas le mo chomhchréatúiribh
agus mé 'mo chomhnaidhe san áit aoibhinn sin; beidh cuimhne
go bruinn an bhrátha agam ar oidhcheannta réaltógacha chaitheas ann
agus gan idir mé féin agus na spéartha uachtaracha acht pé brat nó
sraith aéir atá thart ar an domhan seo againne. Agus níorbh fhada
liom aon oidhche dhíobh cé go raibh mé go minic agus go rí-mhinic gan
néal theacht ar mo shúilibh ó fhaoidhin go maidin; cé'n chaoi mbéadh
agus na cáirde oidhche bhí agam ann? Nach ann chuir mé aithne bheacht
ar an iorruidh agus ar an easóig, ar an luch sgeiche agus ar an gcoinín
beag bídeach faiteach?
Chuir mé aithne orraibh a bhráithre ionmhuine chlúmhacha agus mé liom
féin san sean-choiléar; chuir mé an aithne orraibh agus ar bhur nósa
lae agus oidhche, agus má d'éirigh easaontas eadrainn sa deireadh thiar
faoi ghadaidheacht na heasóige, cé agaibh cheapas gur orm-sa amháin
bhí an locht?
Agus a threibheacha na n-eite, caithfidh mé slán fhágáil agaibhse
freisin agus buidheachas ghabháil libh uile, idir lucht ceóil agus
lucht an bhéil druidthe faoi ar bhronn sibh orm i gcaitheamh na bliadhna
atá imighthe. Ná tógaidh ormsa é go bhfuil mé 'bhur dtréigeadh:
faraoir géar dóighte nach bhfuil sé i gcumas an daonnaidhe an
geimhreadh chur thart i bhfochair na gcáirde bhí aige le linn an tsamhraidh,
acht bíodh is gur dual díbh an sgeach agus an tor agus an tom, téidheann
an geimhreadh bagarthach cruaidh orraibh, a lucht na ngob agus na n-eite.
Slán libh a cháirde go dtagaidh an t-earrach arís, go mbeidh sé 'n-a
shamhraidh buidhe arís againn!
Agus éistighidh; cá bhfios nach ngoidfinn gráinne beag coirce ó
fheilméara éigin ó am go ham le thabhairt chugaibh i gcaitheamh an
gheimhridh.
Agus an t-asal beag dubh féin: is dócha go gcaithfidh mé slán fhágáil
agatsa freisin, a asail! Chugainn an geimhridh gáibhtheach agus ní mó
ná sásta bhéadh ceachtar againn ag taisdeal bóithre na Banban agus
séasúr an tseaca agus na fearthainne ann.
Beidh sgioból deas teólaidhe agad, a asail, go dtagaidh an t-earrach arís.
Ní bheidh fuacht ná ocras ortsa pé nídh bhéas orm féin.
Is cruaidh liom slán fhágáil ag an asal beag dubh sin, ar feadh tamaill
féin. Ó'n gcéad lá ar leag mé súil air, ar aonach Chinnmhara, agus
tuirse bóthair agus conaire orm, thugas gean dó. Ní ar a dhath ná ar
a mhéad, ní ar a shúil ní ar a chluasaibh gleóite ná ar a chosaibh
beaga deasa thugas gean dó; ní ar lúth a cheithre gcos é acht oiread,
mar ní raibh luas ná mire ag baint leis ariamh - acht ní shílim go
bhféadfadh aon duine gan bheith geanamhail air, ar a "phearsanacht" amháin!
Mheallfadh sé an croidhe ó ridire na gcorcán mbrisde féin!
Acht slán leat anois a chara go dtagaidh an t-earrach arís, go dtógfaidh
sinn seólta, go mbuailfidh sinn amach faoi mhachairí na bhfothanán!
Tá cáirde agam seachas na míolta atá luaidhte agam. Tá cáirde daonna
agam freisin nach gcastar liom acht amuigh i mbéal an uaignis. Agus mo
mhairg! Caithfidh mé slán fhágáil ag cuid díobh sin mar an gcéadna.
Ní raibh sé d'uain agam aon trácht mór dhéanamh sa leabhrán seo ar
Sheán agus ar Pheadar agus ar Shéamus - triúr malrach castaoi liom gach
maidin agus mé liom féin sa gcoill. Ní bhíodh sé d'uain aca mórán
moille dhéanamh liom mar bhíodh orra imtheacht ar a saothar lae le
páidhe sholáthar dá muinntir, acht beidh cuimhne agam, go séalaidh an
t-anam uaim, ar an bhfleidh aoibhinn chaitheamar le chéile i lúb na
coille craobhaighe.
An spóirt bhíodh againn ann! Na sgéalta d'innsigheadh sinn dá chéile
faoi bhun an chrainn!
Tá glór an sgéaluidhe óig 'mo chluasa anois féin agus é ag innseacht
dúinn faoi'n lorgadán:
"Aingeal bhí ann i dtosach …" Chidhim a shúile beodha soillseacha agus
é ag rádh na bhfocal, "aingeal bhí ann … aingeal rinne troid i
n-aghaidh Dé … acht níor caitheadh isteach ar leacraibh Ifrinn é …
níor caitheadh, mar rinne sé gníomh mór uasal éigin i bhfad roimhe
sin: agus de bhárr an ghnímh sin, tugadh cead dó comhnaidhe dhéanamh i
gceithre áit i nÉirinn.
Agus an t-easbaidh creidimh bhí ar dhuine eile aca! Cé'n chaoi 'bhféadfadh
a leithéid bheith ann nuair nach bhfaca sé féin ariamh é! Tomás
an leas-ainm bhéas agam ar an stócach sin nuair casfar le chéile arís
sinn.
Acht slán agaibh a cháirde óga daonna go bhfillidh an t-earrach arís!
A ridire bóthair an féidir nach bhfeicfidh mé arís thú go ceann
ceithre mhí? Is eól dom gur féidir go mbuailfear ar a chéile sinn
istigh i lár na cathrach; acht, ár ndóigh tá fhios ag aon duine go
bhfuil breitheamhnas ná cruinneas ag baint leis nach mar a chéile an
ridire bóthair d'fheicfidhe ó ám go hám san gcathair agus an preabaire
groidhe chítear ag déanamh slighe agus saoghail dó féin faoi'n bhfásach.
Le aithne cheart chur ar do nósa agus ar do thréithre a ridire na mbóithre,
ní mór do dhuine cuid dá shaoghal chaitheamh leat amuigh i mbéal an
uaignis.
A chlanna uaisle bhóithrí na Banban fágaim slán agaibh go ceann sgathaimh
bhig go nglanfaidh na spéartha, go n-imtheóchaidh an geimhreadh gáibhtheach
seo, go dtagaidh an samhraidh buidhe brothallach, go mbeidh sé 'n-a
shamhraidh shámh shuaimhneach againn go deó arís i nÉirinn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11