Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chéad Chloch - Sgéalta, An

Title
Chéad Chloch - Sgéalta, An
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1914
Publisher
Clódhanna Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BARAMHAIL LUCHT SGRÍOBHTHA SGÉALTAIBH PHÁDRAIC UÍ
CHONAIRE.



“… tá brígh ionnta agus fuinneamh leó. An bhfaca tú
ariamh an spréacharnach ag imtheacht as téid iarainn tráth bhíonn
an sruth aibhléise ag gluaiseacht tríthe? Sin é díreach mar a
ghluaiseann na focail agus na habartha tré sgéaltaibh Phádraic Uí
Chonaire… Rachad i mbannaíbh go bhfuighfear neart agus
fuinneamh i nDeóraidheacht, go bhfuighfear solus-bhriathra agus
teas aigne ann — agus adhbhar machtnamh.”



L. Ua D. san “gClaidheamh Solus.”



“Sgéal i n-a bhfuil an greann agus an brón ag baint na sál dá
chéile …”



Alt san “Éireannach.”



“Maine” in “An Claidheamh Soluis.”



“Fear ann féin is eadh Pádraic Ó Conaire. Níl sgríobhnóir
nÉirinn nó lasmuigh di atá cosamhail leis … ní mar a chéile
an innsint a bhíonn ar sgéaltaibh Phádraic is a bhíonn ag daoine
eile …”



Alt san “gClaidheamh Soluis.”


L. vi



L. 1


AN CHÉAD CHLOCH.



Bhí cáil mhór ar Alastar Ciotach i sgoileannaibh na
hAithne sul má raibh sé deich mbliadhna fichead d'aois. Bhí
baramhail ag a lán d'oidíbh agus de luch múinte go
sáróchadh sé na fir ba mhó cliú le feallsamhnacht dá raibh i
gcríochaibh na nGréagach fán am sin; agus do mholadar
dhó turas a thabhairt ar thíorthaibh an Oirthir le eólas fhagháil
ar fheallsamhnacht aimhréidhtigh na réagún úd. Thug sé an
turas, acht níor fhill ariamh ar Chathair na hAithne. Má's
long-bhriseadh thárla dhó ar bhrollach na mara fíochmhaire,
nó má’s é an talamh a shlug é, ní héol dúinn-ne é, arsa
sean-ughdar éigin. Ar chaoi ar bith níl tuairisg dá laighead
le fagháil air i n-annálaibh a thíre ó d'fhág sé a chathair
dhúthchais.



Ba mhór an chailleamhaint d'ealadhain na feallsamhnachta
an sgoláire óg sin imtheacht as a thír dhúthchais, acht ba mhór
an sochar d'ealadhain na filidheachta é. Go dtí le fíor-
ghoirid, níor ceapadh go raibh aon bhaint ag an bhfile maith
a cheap “A bhean ar bhruach an fhuaráin” agus a bhíodh ag
taisdeal na gcríoch deórata atá ar imeall thoir na Mara
Móire leis an bhfeallsamhnaidhe óg a thug an turas ar
chomhairle lucht a mhúinte. Acht bhí. B'é an fear ceannfhionn
céadna é; an chaoi ar thréig sé ealadha na feallsamhnachta
ar an bhfilidheacht — sin é adhbhar mo sgéil-se.



Lá buidhe brothallach dhó ar an machaire leathan garbh
clochach atá thiar ó dheas ó bhaile Hebrón i gcrích Iúdéa,
tharla ar thobar breágh fíoruisge é san áit a dtugtar
Beerseba air indiu. Ó bhí bealach trom fada aimhréidh


L. 2


siubhalta aige, bhí a theanga calctha leis an tart agus
d'éirigh a chroidhe nuair a chonaic sé an t-uisge geal
aoibhinn ag éirghe aníos as an gcloich aoil. D'ól sé a shean-
deoch dhe, agus do luigh sé ar chnámh a dhroma faoi chrann
fíge a bhí ag fás le hais an tobair. Ní raibh a fhios aige
cé'n t-achar a chaith sé ar a shuaimhneas ag déanamh a
smaointe faoi'n gcrann, nuair a chuala sé glórtha binne
ban chuige ar an ngaoith. D'éist sé go haireach. B'fhacthas
dó nár chuala sé ariamh glór ba bhreaghtha ná glór aon
mhná díobh. Bhí sgata mór aca ann, agus iad ag líonadh
a gcuid árthach ag an bhfuarán, agus ag gabhail fhuinn dóibh
féin san am céadna. Ba bhreágh leis glór mná díbh, acht
ba bhreághtha leis an bhean féin, an bhean bheag mhear sin a
bhí 'n-a seasamh ar chloich ar bhruach an tobair. Bhí fonn
mór air dhul 'n-a hairicis; bhí dúil mhór ann labhairt
léithe, acht céard d'fhéadfadh sé a rádh? Bhí eólas aige
faoi'n am seo ar nósaibh na tíre agus cleacht aige ar an
teangaidh; thosaigh sé ag canadh na n-amhrán mar cách.
Chuir na mná cosg leó féin agus do leigeadar don fhear
choimhthigheach amhrán eile a ghabhail leis féin.



“Nach feárr an t-amhrán é sin,” ar sé leis na mnaoi
'n-ar chuir sé an tsuim mhór, “ná an ceann a bhí agaibh-se?”



Bhí cúthail uirthi labhairt leis an fear óg a bhí 'gá
hinfhiúchadh. Do dhearg sí beagán agus do dhearg seisean;
d'imtheóchadh sé ar an nóiméad sin, mar bhí sé féin roinnt
cúthalach, marach gur sgiorr ceann den dá mhála uisge
a bhí ar dhruim a hasail. Réidhtigh seisean é agus dubhairt:



“An fada as seo é go baile Hebrón? Níl aon eólas
agam san áit seo.”



“Is ann atá comhnaidhe orainn-ne, a dhuine chóir,” ars'
an bhean go múinte; “beidh mise agus mo chuid ban
aimsire ag dul fá dhéin na háite sin i gceann leath uaire.”



Do líonadh na málaí leathair le uisge; cuireadh ar
dhromaibh na n-asal beag dubh iad, agus do ghluais leó ó
dheas fá dhéin an bhaile.


L. 3


Ar Iarúsalem bhí triall an fhir óig, agus bhí ceapadh
aige go sroichfeadh sé an chathair gheal ghrianach sin roimh
luighe na gréine. Ach ní dheacha sé thar Hebrón an oidhche
sin.



I leabhar lae d'fhág sé 'n-a dhiaidh, tá na focail seo
leanas le fagháil:—



“An deifir an tslighe a cheap na deamhain le cuid de
shuaimhneas an tsaoghail a bhaint de'n chineadh daonna.”



A fheallsamhnaidhe! Nach tráthamhail a chuimhnigh tú air!



Thaobh thall de'n tslighe ó theach criadóra an bhaile chuir
an sgoláire óg faoi, agus ní raibh sé thar leath uair 'n-a
bhruidhin go bhfaca sé an bhean a casadh leis ag an tobar
ag doras tighe an chriadóra. Chuir sé a tuairisg. Dubhradh
leis go mb' í bean an chriadóra í; agus tháinig cineál aitis
ar a chroidhe nuair a tugadh sean-chneamhaire crosach can-
talach ar an gcriadóir féin. Tháinic glionndar air
nuair a chuala sé go mba as tír Ghréagaigh an bhean; gur
pósadh i n-aghaidh a tolach í; go mbíodh sé 'n-a dhearg-ár
idir í féin agus an criadóir mar gheall ar na hamhránaibh
mholta bhíthí a dhéanamh ar a son.



“Mór-sheisear a cheap í mhealladh le bladar cainte
agus le hamhránaibh baoise,” arsa bean an tighe leis,
“acht tá ciall na seacht ruadh ndall i gceann aoibhinn
áluinn na mná sin. Acht a fear ….”



Nuair a thug an sgoláire óg an leabaidh air féin an
oidhche sin níor fhéad sé codladh acht ag cuimhneadh ar an
mnaoi sin a casadh leis ag an bhfuarán. Bhí a dhá súil
sáithte ann, cheap sé; nuair shílfeadh sé a dhá shúil féin a
dhúnadh ba dhóigh leis go mbíodh sí ag druideadh leis, ag
druideadh leis … thuit néal beag air, acht ní raibh ann
acht néal. Nuair nár éirigh leis aon chodladh fóghanta a
dhéanamh, thosuigh sé ag cumadh amhráin agus dá sgríobhadh
'n-a leabhar de réir mar bhí sé 'ghá chumadh.


L. 4


“A bhean ar bhruach an fhuaráin” tugtar ar an amhrán
sin 'sna sean-duanairíbh.



Marar mhol an file go hiomarcach í 'n-a amhrán, mar is
gnáthach le n-a leithéidíbh, ní iongnadh é go mba leasg leis
an bhfeallsamhnaidhe óg an chathair aoibhinn ársa 'n-a raibh an
tseoid uasal seo a thréigeadh ar an bhfeallsamhnacht féin.
Agus níor thréig. Nár cháin sé an deifir agus nár mhol
sé an mhoill cheana? Chuir sé faoi sa gcathair, agus ó
bhíodh sé i n-éadan a chuid leabhar, nó ag sgríobhadh ar phár
de ghréas níor cuireadh ceist ar an gcoimhightheach óg.
Níor chuir sé féin cainnt ar éinne acht oiread. Duine
a casfaidhe leis ar an mbóthar mór nó sa bhfásach atá siar
ón gcathair, ní déanfadh sé acht beannughadh dó de réir
nósa na tíre. Is minic d'fheicfidhe é 'ghá fhuinneóig agus
leabhar 'n-a ghlaic aige; acht is beag an ceapadh bhíodh ag an
té d'fheicfeadh go smaointeach annsin é go mba mhó go mór
an tsuim a bhí aige i mnaoi an chriadóra ná sa leabhar.



Ón gcéad lá casadh san áit é níor éirigh leis labhairt
léithi, acht chonnaic sé uaidh í go minic, agus chuala sé cuid
mhaith 'n-a taobh ó mhuinntir an tighe 'n-ar chuir sé faoi.
Labhairt léithi, innseacht di cé'n gean mór a bhí aige dhi,
breith ar láimh uirthi agus imtheacht leis, sin é an t-aon
smaoineadh bhí 'n-a cheann faoi'n am seo.



Ba gheárr go bhfuair sé an fhaill.



Buaileadh doras an tighe go trom agus go tobann oidhche.
Cé bhéadh ann acht an bhean. A gruaig sgaoilte léithi, í
cosnocht, sgeóin 'n-a dhá súil agus gan 'n-a timcheall
acht brat oidhche.



D'osgail muinntir an tighe an doras dhi. A fear a
bhí tar éis í leadradh go neamhthrócaireach. Bhí sé ar a tí.
Bhí eagla a hanma uirthi. An dtiubhraidís lóisdín oidhche
di? Thiubhradh gan aimhreas, acht ar an nóiméad sin
cluineadh glórtha fear ag doras an tighe. An criadóir
agus a chuid fear a bhí ann agus ba gheárr an mhoill ortha


L. 5


an doras a réabadh agus an bhean fhaiteach a bhreith leó
a bhaile.



Nach ag an sgoláire óg a bhí an truagh dhí! Nach é cheap
í bhreith leis a-bhaile go tír na Gréige, áit a mbeadh sonas
agus séan uirthi agus gach ní ar a mian!



An oidhche sin chum sé amhrán eile. “An tseóid imeasg
na muc” tugtar ar an amhrán sin.



Choinnigh an criadóir greim mhaith chruaidh ar a mhnaoi
tréis na hoidhche seo. Bhí sé i n-aimhreas uirthi. Bhí sé i
n-aimhreas ar an sgoláire óg mar an gcéadna. Cárbh'
fhios dó nach raibh seisean ar an dream úd ar ar tugadh
Críosdaidhthe, agus nach maith a bhí fhios aige cé na gníomhartha
náireacha bhíodh dhá gcleachtadh aca siúd de shiubhal oidhche i
gcuasaibh talmhan, agus i gcreagaibh sléibhe, nó i sráidean-
naibh iargcúlacha i gcathair Hebrón féin! Na páisdí
rugadar leó le iodhbairt a dhéanamh díobhtha ar a gcuid
altóir! Na mná mhealladar leó amach fá na sléibhtibh!
Ba ghráin leis an gcriadóir lucht leanamhna Chríost, agus
ó bhí fuath agus dearg-ghráin ar an sgoláire óg ba dhóigh
leis go mba duine díobh eisean. Acht ní leigfeadh seisean a
bhean leó. Chuirfeadh seisean smacht uirthí. An spriosán
beag fionn (mar thug sé ar an sgoláire) i n-ann a bhean a
bhladar! Acht chaithfeadh sé bheith ar a aire ar na Críos-
taidhthibh: Bhí draoidheacht éigin aca siúd agus nach duine
aca siúd an fear óg. Má bhí ciall na seacht suadh ndall
'n-a ceann féin níor mhór dhó bheith cúramach.



Faoi dhó sa ráithe bhíodh ar an gcriadóir turas a thabhairt
ar chathair Iarúsalem le n-a chuid árthach criadh a dhíol. Ar
na hocáideachaibh seo do casfaidhe an bhean agus an
sgoláire óg ar a chéile taobh amuigh de'n chathair. Ba
gnáthach leó coinne a dhéanamh le chéile, acht casadh an bhean
leis lá agus gan aon tsúil aige léithi.


L. 6


Faoi chrann fíneamhna bhí sé 'n-a luighe nuair a chuala
sé ag teacht í agus an t-amhrán úd a chum sé, “A bhean ar
bhruach an fhuaráin,” 'ghá ghabhail aici.



Do gheiteadar beirt. Do bheannuigheadar dhá chéile go
dílis dúthrachtach grádhmhar. Agus annsin, faoi bhun an
chrann fhíneamhna taobh amuigh de gheata mór na cathrach,
d'innis sí dhó cé mar mhasluigh a fear í gach lá ó casadh le
chéile cheana iad.



“Ní ró-fhada eile bhéas sé 'n-a chumas sin a dhéanamh,”
ars' an sgoláire óg agus cuthach 'n-a ghlór. Fág a theach ido
dhiaidh agus gluais liom-sa ó thuaidh fá dhéin críche na
nGréagach, áit a mbeidh sonas agus séan orainn, aoibhneas
agus aiteas … tá an saoghal mór … má tá
inghean féin agat …”



An oidhche sin d'fhág fear agus bean an chathair ársa
aoibhinn ar a dtugtar Hebrón, agus níor facthas ann níos
mó iad, cé gur chuartaigh an criadóir gach poll agus
póirse dá raibh i bhfoisgeacht fiche míle dá bhaile.



D'imthigh deich mbliadhna. Comóradh féis agus árd-
oireachtas Iúdach i gcathair Iarúsalem. Bhí triall na
mílte ar an gcathair sin le trí lá agus trí oidhche. Bhí
ceannaidhthe ann ó'n Oirthear le n-a gcuid cámhall;
Romhánaigh uaibhreacha; Gréagaigh glioca clisde; Sírínigh;
Filistínigh; geócaigh; bacaigh; ceóltóirí; taobh amuigh
de phríomh gheata na cathrach bhí beirt cheóltóirí agus cosamh-
lacht go raibh achrann ar siubhal eatorra. Bheadh ar dhuine
breathnughadh go géar ar an mbeirt nó ní aithneóchadh sé ár
mbeirt carad, an sgoláire óg agus bean an chriadóra.
Bhí cuma agus crot an donais ortha. Ba léir do dhuine ó
na sean-ghiobal a bhí 'na dtimcheall go rabhadar thar éis
aistear fada anróiteach a chur díobhtha.



Bhí seisean ag cur de go feargach:


L. 7


“Nach ait an chaoi orainn anois é! Aistear seachtmhaine
'n-ár ndiaidh agus gan acht cúig “assarion” againn sa
saoghal! Cá bhfuighmid béile? Cá bhfuighmid éadach nó
slighe le n-ár gcolnaibh a nígheachán? 'Seadh, beir ar an
“gcinnór” sin agus tabhair port do na daoine atá ag
gabhail na slighe … Ní féidir leat é dhéanamh, an
eadh? An féidir leat aon cheó a dhéanamh? Amhrán a
chanadh dhóibh, an eadh? Ar buile atáir, a bhean: An mian
leat go ruaigfidhe as an gcathair sinn? … Ce'n
mearbhall a bhí orm gur cheapas go raibh glór aoibhinn agat
tráth? … agus na hamráin a rinneas dod' mholadh!
Na hamhráin a rinneadh dhuit sul ar casadh liom-sa a' chor
ar bith thú! Ná habruighthear liom feasta go bhfuil ciall
ag na fearaibh …”



Rug an bhean ar an “gcinnór” (cineál cruite) a bhí le
n-a hais, agus bhain ceól beag as le n-a méaraibh.



“Caith uait é sin, adeirim. An mian leat mé chur ar
buile? Ag caoineadh arís! Monuar an chéad lá casadh
liom thú! … Acht cé'n tubaist a bhí ort go dtug tú
annseo mé?”



“Bhíos ag ceapadh …”



“Bí do thost,” ar seisean. “Táim bodhar agat. Ní
bhíonn agam uait acht cainnt, cainnt, cainnt de ló ná de
oidhche! Tú ag áiteamh orm le seacht mbliadhna theacht
annseo go dtí an tír ghann ghortach seo, agus níl sé de rath
ort aon cheó a dhéanamh ann acht do shúile a thabhairt! Nach
agam a bheadh an saoghal suaimhneamh marach thú! …”



Ní shíltheá go mb'é an fear óg a bhíodh ag ceapadh amhrán
molta dhi a bhí ag cainnt. Acht b'é. An saoghal d'athruigh é.
Marach go raibh baint aige féin leis an sgéal, bheadh sé
'n-a chumas nochtadh do dhuine go cruinn beacht cé'n chaoi
ar hathruigheadh é. Chuirfeadh sé síos gach ponc de réir
a chéile mar seo:—


L. 8


an óige;
suim sa mnaoi;
tuilleadh suime innti;
gráin ar a fear;
an smact a chuir sé uirthi;



Céard d'fhéadfadh fear óg a dhéanamh, dá mbádh feallsamh-
naidhe féin é, acht an bhean a thárrtháil? Agus an raibh
aon dóigh eile ann le n-a dhéanamh acht í bhreith leis chun a
thíre féin?



Annsin:—



fuath a gcarad;
comhrac leó;
imtheacht ó n-a thír féin;
bochtanas i dtír eile;
an bhean ag dul i n-aois;
é féin ag dul i n-aois;
an fuinneamh ag éalughadh uatha beirt;
cantal;
neamh-aire;
fuath;
beirt bhocht ar fán agus fuath aca dhá chéile!



Bhí caise cainnte, ag teacht ó bhéal an fheallsamhnaidhe,
acht ba bheag an áird a bhí ag an mnaoi a bhí taobh leis ar a
chuid cainnte. Ag súil le duine éigin a bhí sí, agus a
súile sa tslighe mhóir, agus sa bplás leathan atá taobh
amuigh de gheata Iarúsalem. Ag súil le n-a fear a bhí sí,
ag súil leis an gcriadóir; acht ní le grádh dhó. An inghean
d'fhág sí 'n-a diaidh 'n-a theach a bhí ag déanamh buadh-
artha dhi le seacht mbliadhna. Dá bhféadfadh sí uair
a chaitheamh léithi bheireadh sí uaithi a raibh aici sa saoghal …



Chuaidh fear thart; ocht n-asail dá dtiomáint aige agus
iad luchtuighthe le soithighibh criadh. B'é an criadóir a bhí ann.


L. 9


Ghlaoidh a bhean air. D'iarr cead air a hinghean fheiceál.



“Tá cead agat filleadh ar mo theach-sa,” ar seisean,
“acht, má fhilleann, ní fhágfaidh tú arís é le do bheo.”



Bhí sé i n-aimhreas ar na Críostaidhthibh go fóill: Cá'rbh'
fhios dó cé'n diabhlaidheacht d'imreochaidís ar a inghin?



D'impigh a bhean air an cead a thabhairt dí gan coingheall.
Ní thiubhradh. Croidhe cloiche bhí ann.



“Bhfuilir sásta filleadh ar an gcoingheall sin?” ar
seisean.



“Nílim,” ar sise.



Ba bhinn leis an bhfeallsamhnaidhe an focal sin a chlos,
mar bhí gráin aige ar an bhfear eile. Acht 'séard ba mian
leis an mnaoi bheith neamh-spleádhach ar an mbeirt.



“Ní fhillfeadh,” ar sí leis an gcriadóir, “agus ní
fhanfad leat-sa acht oiread,” ar sí leis an bhfeallsamh-
naidhe, “ó'n lá seo amach ní bhacfad le aon fhear dá
fheabhas é. Sean-bhean anois mé mórán; táim críonna
caithte le annró an tsaoghail. Acht bhíos go háluinn tráth.
Rinne fir cuimse amhrán do mo mholadh … Fágfad
slán agaibh beirt anois, agus gluaisfead liom timcheall
na tíre ag canadh na n-amhrán breágh rinneadh dhom agus
mé óg. . . mo mhallacht ar na fearaibh …”



Bhí iongantas ar an mbeirt fhear. A leithéid de chainnt
níor chualadar ariamh ó mhnaoi.



“A bhean ar bhruach an fhuaráin,” ar sise, agus do ghabh
sí an t-amhrán go breágh bríoghmar dána.



Bhí Críost i nIarúsalem an lá seo ag labhairt leis an
sluagh ag doras an teampuill. Bhí fhios ag an gcriadóir
sin. Tháinig glionndar air, mar cheap sé go raibh faill
aige é chur i dteannta.



“Má fhanair annsin go ceann uaire,” ar sé leis an
mnaoi, “rachad isteach sa gcathair, agus glacfad comhairle


L. 10


le duine de shagartaibh an teampuill. Ní bhéad thar an
uair.”



D'imthigh sé. Casadh dream Fairisíneach agus sgríobaidhthe
leis; agus 'sé an chomhairle cheapadar dhul ar ais chuig
geata na cathrach agus breith ar an mnaoi, agus í thabhairt
i láthair Chríost, agus cúis a chur uirthi.



“Bean a rinn adhaltrannas í,” arsa duine aca; “má
abruigheann sé linn í sgaoileadh saor béidh ar ndlighthe dá
réabadh aige, agus má abruigheann sé go mbadh chóir í
chlochadh dé réir an dlighe, beidh an chomhairle thug sé uaidh
go minic curtha ar leathtaoibh aige.”



Tugadh an bhean i láthair Íosa. Do sgríobh sé ar an talamh
le n-a mhéir:



“Cé b'é agaibh-se atá gan peacadh caitheadh sé an
chéad chloch léithi …



“… Ar a chlos sin dóibh d'imthigheadar amach i ndiaidh a
chéile, ag tosughad ó na sinsearaibh …; agus do fágadh
Íosa 'n-a aonar agus an bhean 'n-a seasam 'n-a láthair,”
mar deirtear linn sa Soisgéal.



Agus dubhairt Sé léithi:



“Imthigh rómhat, agus ná peacuigh feasta.” Acht do
lean sí Íosa...



B'é an criadóir an duine deiridh d'fhág an áit. Bhí
cloch ghéar aige i gcúl a ghlaice, agus nuair nár fhéad sé
an chloch sin, an chéad chloch, a chaitheadh léithi, d'éaluigh leis
thríd na sráideannaibh gur shroich an geata. Bhí an
feallsamhnaidhe annsin roimhe; tháinig sé air i ngan fhios
agus chuir an chloch go doimhin 'n-a chloigeann.


L. 11


AN COIMHTHIGHEACH A RAIBH AGHAIDH
AN BHÁIS AIR.



Bhí beirt bhan óg ag líonadh a gcuid soitheach criadh as
tobar atá i bhfoisgeacht aistir sabóide don bhaile beag
ar a dtugtaoi Sachaman na Samaria i n-aimsir Chríost.
Lá aoibhinn samhraidh a bhí ann, agus leis an gcrónán a bhí
aca, agus le dícheall a saothair, b'fhada an t-achar go
dtugadar faoi deara go raibh fear óg 'n-a shuidhe ar
chloich i ngar dhóibh. Nuair a thug, chuireadar deireadh leis
an amhránaidheacht agus leis an obair, agus d'fhéach i
dtreó an fhir óig. Bhí a cheann faoi aige-sean, agus gan
cor as; acht ó bhí sé ar mhullach na heiscire ar ar tugadh
Giall an tSean-leomhain Mhanntaigh, agus é idir iad agus
bun na spéire, d'éirigh leó a chuma agus a chruth a sgrúd-
ughadh go maith, agus gan fhios aige-sean go rabhadar ann.



Bhí ceann beag air, ceann beag deagh-chumtha agus folt
dubh catach ag tuitim anuas a bhaic, acht nuair a thagadh
smathamh beag de'n ghaoith aniar thar ghualainn an áird,
do crochtaoi an folt dá bhaic, agus d'fheictí muineál chomh
bán agus chomh bog agus háluinn le haon mhuineál
dár facthas ariamh. Ba bheag bean óg (den aimsir sin)
d'fheiceadh an muineál áluinn agus an folt cas sin, a
bhí ag tuitim anuas air, nach mbéadh dúil aici lámh a leagadh
air, agus a méara fada caola a chur i n-aimhréidh san bhfolt
cas.



Acht má bhí a leithéid de dhúil i gcroidhe ceachtar de na
mnáibh óga bhí ag an tobar níor nochtuigheadh 'n-a gcuid
cainnte é. An té ba ghéire súil agus ba chruinne breith-
eamhnas, ní fhéadfadh sé a rádh go cinnte go ndeárnadar
níos mó deifre, ar fheiceál an fhir óig dhóibh, muna bhfeiceadh
sé féachaint thug duine aca ar an duine eile. Acht rinne;


L. 12


ba bheag an mhoill ortha an dá shoitheach mhóra criadh a líonadh
agus a gcrochadh suas ar mhullach a gcinn agus gluaiseacht
leó. Bhí dhá casán ann, ón tobar go dtí an baile beag
'n-ar chomhnuigheadar; an iongnadh é gurab é an casán
a thug an-ghar d'fhear óg na gruaige fada duibhe a
thaisdealadar? An iongnadh é gur thosuighadar arís ar
an gcrónán ag gabháil thairis dóibh, le go musglóchaidís
é as pé suan no machtnamh 'n-a raibh sé? Acht níor mhusgail
an crónán é. Níor thóg sé a cheann. Níor fhéach 'n-a
dtreó. Bhíodar imthighthe fiche slat thairis nuair d'fhéach
duine acu 'n-a diaidh go bhfeicfeadh sí goidé an cineál fir
a bhí ann. Marach gur fhéach, go ghabhfadh an bheirt aca san
uaigh, agus baramhail aca gurab é sgoth na bhfear áluinn a
bhí 'n-a shuidhe ar mhullach Ghiall an tSean-leamhan Mhanntaigh
an lá gréine samhraidh sin.



Tá sé ráidhte ag fear éigin nach bhféadfadh bean comhairle
a ghlacadh agus fios uaithi; níor éirigh le mnaoi Lot é
dhéanamh, agus is eól dúinn uile céard d'éirigh dhi. Ní
deárnadh columhan salainn de mhnaoi óig an tsoithigh criadh,
acht muna ndeárnadh, do thuit an soitheach dá ceann agus
leig sí a sean-bhéic le méid an uamhain a tháinic ar a croidhe.



“A Mhatan! a Mhatan!” ar sí le n-a comhluadar agus
í ag dul i laige.



“A Choba! a Choba, a chroidhe!” ars' an bhean eile agus
súile na beirte sáithte i bhfear óg na gruaige fada duibhe.



Bhí aghaidh an bháis ar an bhfear óg!



Musgluigheadh é, má's 'n-a chodladh a bhí sé. D'éirigh sé.
Chuaidh i bhfochair na mban le cabhrughadh leó. Chuir dath
liath bhuidhe a éadain sgannradh agus alltacht ar na mnáibh
gur bhriseadar ceann dá soithighibh do bharr na heagla.
Acht na súile a bhí 'n-a cheann! Ba chosamhail le dhá pholl
a thollfaidhe i n-adhmad le iarann te iad, acht gur fhan
ruainne beag de sholus neamhshaoghalta i dtóin na bpoll
doimhin sin.


L. 13


Níor labhradh smid. Bhí draoidheacht éigin ag fear óg
na gruaige fada duibhe agus na súl aisteach ar an mbeirt,
agus gan focal a rádh chuir sé iallach ortha é a threórughadh
go dtí an baile beag 'n-ar chomhnuigheadar.



Bhí slighe fhada le siubhal aca. Bhí an bheirt bhan i dtosach,
agus an fear tuairim 's deich slat ar a gcúl. Bhí an oidhche
ag tuitim go mear, agus chuireadh gach torann dá gcluineadh
na mná uamhan ortha. B'fhada agus ba ró-fhada leó go
rabhadar sa mbaile, acht dá bhfuighidís faill imtheacht ón
té bhí 'ghá sálaibh, ón té bhí ag cur uathbháis ortha, is cinnte
nach n-imtheóchaidís. Labhair an oidhche go géar agus go
truaighmhéalach imeasg na gcnoc. Baineadh geit as mnaoi
an tsoithigh nár briseadh. Sgiorr sí. Thuit sí. Briseadh
a hárthach. Tháinig an fear suas leó. Leag lámh ar
ghualainn na mná a thuit. D'fhéach uirthi 'sna súilibh.
Phreabh a croidhe ar nós trompáin tollta. Tháinig
creathadh i ngach ball dá ballaibh. Do sgread an bhean
eile acht do ghluaiseadar 'n-a dtriúr, cos ar chois, fá dhéin
an bhaile.



Bhí draoidheacht ortha ag an bhfear sin a raibh aghaidh an
bháis air.



Faoi dheireadh chonnaiceadar an baile síos uatha sa
ngleann: tighthe beaga cearnógacha gan beanna; crainn
fíge agus crainn phailme thall 's i bhfus. Ó bhárr na
heiscre do cheapfadh duine nach raibh 'sna crannaibh acht
crainn bhréige agus nach raibh 'sna tighthibh ach bréagáin
leanbh.



Ar theacht go ceann an bhaile dhóibh, i n-aice le tigh an
ghréasaidhe, do chonnacadar a lán solus beag ag déanamh
ortha, agus do chualadar caintaireacht sluaigh mhóir a bhí ag
dul ag déanamh bainse 'san gceathramhain sin don bhaile


L. 14


de réir nósa na haimsire, agus ní bréag a rádh gur tógadh
croidhe na n-óg-bhan ar fheiceál na cuideachtan séimhe seo
dóibh.



Rinne an chuideachta uile ar theach na bainse, agus chuaidh
an méid díobh a bhí ag iomchur na lóchrann isteach. An
chuid eile, an dream nár tugadh cuireadh dhóibh, do
shuidheadar ar shuidheachánaibh faoi na crannaibh thall 's i
bhfus ar fud an gháirdín.



Ba nós é i gCríoch na Samaria cuireadh bainse thabhairt
d'aon choimhthigheach thiucfadh an bealach; chuaidh an fear
a raibh aghaidh an bháis air isteach — acht nach ait an rud é go
ndeacha an bheirt bhan óg isteach gan cuireadh gan iarraidh
agus iad ag iarraidh éalughadh uaidh ó casadh le chéile i
dtosach iad? A chuid draoidheachta, is dócha!



Chuir an coimthigheach óg a raibh aghaidh an bháis air
sgannradh ar chuid mhaith de na daoine chonnaic é ag an
mbainis. Bhí fear ann agus é ag gabháil cheóil ar an gcineál
cruite ar ar tugadh an “ceannóir,” acht nuair d'fhéach an
coimhthigheach air, thuit an gléas ceóil ar an urlár uaidh.
Ní raibh sé i n-ann a thuilleadh ceóil a ghabhail an oidhche sin;
dubhairt sé gur réab an coimhthigheach na téada le féachaint
a shúl! Bhí bean óg ann a bhí ag roinnt bídh ar an gcuid-
eachtain agus nuair a sháith an coimhthigheach a dhá shúil innti
chuaidh sí i laige, agus b'éigin í thabhairt amach fá'n spéir
go dtiocfadh sí chuici féin. Acht nuair a shín bean óg an
tighe corn fíona dhó níor tháinig múisiam ar bith uirthi;
acht dubhradh 'n-a dhiaidh sin gur mar gheall ar a shúile bheith
dúnta aige-sean a chuaidh sí saor. Is dócha gur thuig an
coimhthigheach óg cé'n cumacht a bhí i n-a shúilibh, mar chuaidh
sé isteach i gcúinne leis féin agus d'fhan sé annsin ar
feadh na hoidhche agus a cheann faoi aige.


L. 15


Nuair thug an bheirt bhan casadh leis i dtosach, nuair a
thug Coba agus Matan faoi deara sa gcúinne é, agus a
dhruim leó, agus a cheann faoi aige, tháinig misneach chuca,
agus dhruideadar anall chuige de réir a chéile; go deimhin
is ar éigin d'fhéadadar gan lámh a leagadh ar a mhuineál
leis an draoidheacht a bhí ortha aige, leis an diablaidheacht
a bhí ann, dá mb'fhíor dóibh féin. An bheirt fhear a bhí luaidhte
leó, Ramas an gréasaidhe bróg, agus Am an saor cloiche,
tháinigeadar isteach faoi seo, agus bhuail éad iad ar fheiceál
na mban dóibh.



Fear toirteamhail téagarach a bhí i nAm, agus do shuidh
sé faoi fhuinneóig agus fonn air an bhean a bhí luaidhte
leis féin a thachtadh; bhí Ramas árd caol buidhe, agus bhí
sé 'n-a sheasamh le n-a thaoibh agus é cinnte dearbhtha 'n-a
intinn féin nach raibh ó aon mhnaoi dar rugadh ariamh acht
coimhthigheach a mbéadh gruaig fhada dhubh chas air a bheith mar
chéile aici!



Bhí limistéar maith sa teach agus gan ann acht beagán
soluis, agus ní leor mór do na haoidheadhaibh chonnaic
aghaidh an choimhthighigh, agus ba lugha ná sin an méid díobh thug
faoi deara cé'n fhéachaint a bhí 'n-a shúilibh. Ceapadh gurab
é an fíon maith meisgeamhail ón nGréig a chuaidh i gceann an
cheóltóra — bhí ceóltóirí tugtha don fhíon san tsean-aimsir
féin; ceapadh gurab é brothal na haimsire agus dícheall
a saothair ba chiontach le laige na mná. Níor bacadh le
Ramas agus níor bacadh le Am, agus níor bacadh leis na
mnáibh a bhí luaidhte leó; agus níor bacadh leis an
gcoimhthigheach féin bhí 'n-a shuidhe san gcúinne agus a cheann
faoi. Bhí a dhóthain ar a aire ag gach duine agus a ghreann
agus a aoibhneas féin a bhaint amach.



Tháinig sos beag ar an gceól. Cheap Ramas agus Am
go bhfacadar a mbeirt bhan ag comhrádh leis an gcoimhthigheach.



“Peacach mé! Peacach mór mé!” ars' an coimhthigheach
de ghuth árd.


L. 16


D'fhéach a raibh ann 'n-a threó, ach amháin an bheirt bhan;
d'fhéachadar siúd ar a bhfearaibh, agus ní fada go rabhadar
ceathrar cois a chéile.



“Na súile atá 'n-a cheann!” arsa Matan.



“An draoidheacht atá aige!” arsa Coba.



“Cé hé féin?” arsa Ramas le Matan.



“Cé hé féin?” ars' Am le Coba.



Tá mná ann agus ní fhéadfaidís an fhírinne a rádh ar
ócáid den tsórt seo, dá bhfuighidís an saoghal mór air.
Ní fhéadfaidís admhachtáil gur chuireadar spéis i bhfear acht
sa bhfear a raibh subháilce nó dubháilce thar theórainn ann.
Duine díobh seo dob' eadh Coba.



“Sin é … sin é an fear a bhain an ceann d'Eóin
Baisde,” ar sise agus uathbhás uirthi.



Lucht leanamhna Chríost b'eadh muinntir an bhaile bhig
seo, agus bhí gráin aca ar náimhdibh Chríost agus ar náimhdibh
Eóin.



D'fhéach an bheirt fhear ar an gcoimhthigheach óg a bhí 'n-a
shuidhe leis féin 'sa gcúinne, agus tháinig alltacht agus
gráin ortha. Acht is ar a chéile, amhthach, d'fhéach an bheirt
bhan, agus nuair d'fhéach do thuigeadar a chéile.



“Ní hé an fear sin é ar chor ar bith,” arsa Matan,
“acht … acht …” — tháinig creathadh uirthi — “ní hé
an fear sin é ar chor ar bith, ach Iúdás Iascariot.”



Bhí sé 'n-a dhíospóireacht eatorra gan mórán moille.
Tháinig fuinneamh i nglórthaibh na bhfear agus géire i
nglórthaibh na mban agus gach fear díobh ag cabhrughadh le
n-a mhnaoi féin. Dubhairt Coba go mb'é fear dícheannta
Eóin Bhaiste é: cé'n fáth nach gcuidigheadh Am léithi agus
é luaidhte léithi? Agus dubhairt Matan go mb'é Iúdás
Iascariot é: b'ait an rud é mara gceapadh Ramas go
raibh an fhírinne aici. Ní fada go raibh sé 'n-a bhriathar-chath
ann. Ní ró-fhada go raibh sé 'n-a achrann. B'fhóbair dhó
bheith 'n-a dhearg-ár idir an gceathrar. Bhéadh freisin marach


L. 17


go ndeacha Ramas amach sa ngáirdín mar a raibh an sluagh
nach bhfuair cuireadh chun na bainse. Lean Matan é.
Lean Am agus Coba iad.



Bhí greann ar siubhal sa ngáirdín, acht ní feárr le
daoine greann ná achrann. B'fheárr leis na daoine a bhí
sa ngáirdín an oidhche sin an t-achrann ná an greann.
Bhí braon ólta ag gach a raibh ann.



“'Sé an fear a bhain an ceann d'Eóin Baiste é,” arsa
Coba, “nár dhubhairt sé liom …”



“'Sé Iúdás brocach é,” arsa Matan, marach gurab
é cad chuige …”



Chabhruigh Ramas le Matan. Chabhruigh Am le Coba.
Chabhruigh muinntir Ramas le Matan. Chabhruigh muinntir
Am le Coba. I gceann tamaill bhig bhí dhá dhream sa
ngáirdín, dream díobh ag tabhairt na mionn go mb'é fear
díceannta Eóin Bhaisde an coimhthigheach óg, agus dream
eile 'ghá mbréagnughadh go dána fíochmhar.



Acht níor dóirteadh aon fhuil. Níor bh'é gnás na tíre é
fuil a dhórtadh ar a leithéid d'ócáid. Ní raibh sé 'n-a lá
go raibh an dá dhream 'n-a gcodladh go sámh, agus má
chonnaic aon duine acu an coimhthigheach óg i mbrionnglóid
níor innis sé d'aon duine eile é.



Acht ná ceaptar go mba bhriathar-chath aon oidhche, ná
comhrac comharsan, ná easaontas ban cuireadh ar bun ag
an mbainis úd a bhí aca i Sachaman na Samaria, mar níor
bh'eadh acht cogadh, cogadh mór bliadhna. Agus ní raibh
fear ná bean ná páisde ar an mbaile nach raibh 'n-a shaigh-
diúr sa cogadh sin. An páisde nach raibh i n-ann siubhal
acht go lúbach, dá gcastaoi a chomh-aois leis ar an mbóthar
'sé an chéad rud deireadh sé leis acht —



“Sé Iúdás é!”


L. 18


Agus deireadh an gasúr eile nar bh'é acht fear
dícheannta Eoin Baisde. Annsin chuireadh an bheirt aca
gotha troide ortha féin, agus bhéadh ar a máithreachaibh
bochta a gcosaint ar a chéile, agus deireadh bean
díobh —



“Má's é Iúdás féin é, a mhic …”



Chuireadh an focal sin an bhean eile ar buile agus
thigeadh fir na beirte amach annsin leis an achrann a
réidhteach — acht nach bhfuil fhios ag an saoghal mór céard
a thárluigheadh annsin? Acht níl fhios ag éinne cé mhéad
cloigeann a gortuigheadh i gcaitheamh na bliadhna sin a
raibh an coimhthigheach óg ar an mbaile.



I n-annálaibh Sachaman na Samaria tugtar “an cogadh
mór” ar imtheachtaibh na bliadhna sin. Acht bhí cogadh eile
ann an uair chéadna, acht nach bhfuil aon chunntas le fagháil
air 'sna leabhraibh staire. “Cogadh na bhfear le n-a
mnáibh” ba chirte thabhairt ar an gcogadh eile seo.



Bhíodh an coimhthigheach óg a raibh aghaidh an bháis air ag
imtheacht ar fud an bhaile, agus ar fud na gcnoc maol
clochach atá timcheall air 'n-a aonar. Bhíodh sé ag imtheacht
roimhe i gcomhnaidhe go dúr doicheallach agus falach ar a
shúilibh ar eagla go gcuirfeadh sé sgannradh ar an asal
óg le hais na slighe, ná ar an ngamhan san bpáirc, ná ar
an mnaoi a bhí le cloinn. Ba mhinic dó bheith ag cainnt leis
féin acht níor cluineadh ariamh ó n-a bhéal acht —



“Is peacach mé! is mór an peacach mé!”



Thug sé faoi deara go raibh achrann ar bun ar fud an
bhaile, acht má bhí fhios aige go mb'é féin ba chionntsiocair
leis an achrann níor leig sé air go raibh fhios. Bhí fhios aige
go mbíodh eagla ar na daoine castaoi leis roimhe. Bhí
fhios aige go dtug dream díobh Iúdás air, agus gur cheap
dream eile go mb'é fear dícheannta Eóin Bhaisde é.


L. 19


Sgaoil sé leis an dá dhream. Níor bhréagnuigh sé ceachtar
den dá dhream, bíodh is go raibh sé 'n-a chumas sin a dhéanamh.
Fear ar gnás dó bheith cúthal réidh faiteach a bhí ann;
fear nár thóg achrann i n-aon áit le n-a linn dá mb'fhéidir
leis a chosg; ba ghráin leis bheith iomráidhteach — nár éaluigh
sé ó n-a mhuinntir, agus ó n-a bheirt dhearbhshiúr aonraic,
agus ó n-a bhaile dhúthchais mar gheall ar an gcáil mhóir
thuill sé dhá aimhdheóin? An cháil a fuair sé ar an mbaile
iargcúlta seo níor thuill sé í: ba chuma leis céard
déarfaidhe faoi Iúdás, ná faoi'n bhfear eile, óir nach raibh
aon bhaint aige leó, acht nuair a chuimhnigheadh sé ar an
am a bhí thart, nuair a bhíodh an uile dhuine ag dearcadh
air, agus na gasúir féin ag glaodhach air, agus ag magadh
faoi, agus é ag gabhail an tsráid i n-Iarúsalem, is annsin
a bhíodh lúthgháir air nach raibh eólas a ainme ná a ghnímh ag na
daoine a bhí 'n-a thimcheall. Cheapadar gur ag déanamh
aithrighe a bhí sé, agus sgaoileadar leó acht amháin an
bheirt bhan úd a casadh leis i dtosach. Agus nuair d'fheiceadh
a bhfir luaidhte iad siúd ag iarraidh bheith ag baint cainnte
as an gcoimhthigheach, is annsin a bhíodh an cogadh ann,
“cogadh na bhfear le n-a mnáibh.”



Acht pé cogadh nó pé ár a bhíodh ar siubhal níor bacadh
leis an gcoimhthigheach óg a raibh aghaidh an bháis air. Níl
aon phobal ann nach mbíonn ómós ag dul don té a bhíos ag
déanamh aithrighe.



Thárla faoi'n am seo go dtáinig sgéala chuig Lúcás
naomhtha a bhí 'n-a chomhnaidhe i ngar do Iarúsalem go raibh
easaontas ar bun imeasg a chomhbráthar i Sachaman na
Samaria, agus nuair a chuala sé sin do ghléas sé a chuid
asal, agus do ghlaodh sé chuige ar a dheisciobail go
dtiubhraidís cuairt ar an áit leis na daoine a chomhair-
liughadh. Cuireadh fáilte mhór rómpa ar sroichint an bhaile


L. 20


dhóibh agus ní ró-fhada go raibh sluagh mór ag eisteacht le
n-a chuid cainnte ar fhaithche an bhaile.



Bhí sé 'n-a sheasamh ar thulchán íseal agus a ulcha fhada
bhán ag imtheacht le gaoith. Bhí fearg 'n-a ghlór agus
dílseacht 'n-a shúil.



Chuala an coimhthigheach óg a bhí 'n-a sheasamh ar imeall an
tsluaigh a ghlór. Chuala Matan agus Coba é, agus iad
'n-a seasamh, duine acu ar gach aon taobh den choimhthigheach.



“A bhráithre, séanaidh an t-achrann: a bhráithre, ó
chreideann sibh i Mac an Duine a fuair bás ar bhur son:
a bhráithre, ó chreideann sibh san Tighearna d'éirigh ó
mharbhaibh …



D'fhan sé tamall beag 'n-a thost. Bhí sé ag féachaint
i dtreó an choimhthighigh óig.



“A bhráithre, má tá éinne 'n-bhur measg atá lag 'sa
gcreideamh — agus is cosamhail ón achrann a bhí ar siubhal
'n-bhur measg go bhfuil — níl ar an té sin acht ceist a
chur ar an bhfear úd thall …”



Shín sé a mhéar i dtreó an choimhthighigh óig a raibh aghaidh an
bháis air.



“… níl ar an té atá lag sa gCreideamh acht
ceist a chur ar an bhfear úd thall a tógadh ó mharbhaibh tré
cúmhacht Chríost. Glaodhaim ort, a Lasarus …”



Acht bhí an coimhthigheach óg éaluighthe …



D'fhéach Coba ar Mhatan.



“Fuaireas balath an bháis uaidh 'ch uile uair cheapas póg
a thabhairt dó,” arsa Coba — acht cé chreidfeadh a leithéid
de mhnaoi?


L. 21


TEATRARC NA GAILILÍ.



Breágh liom thú ag teacht ar cuairt chugam sa bpóithrín
beag brocach seo atá agam sa bhfásach, a Réisín, a mhic
altroma. Acht fan amach uaim roinnt nó beidh trom-
ualach crumh agus piast agat ag filleadh uait go
hIarúsalem! Ag dul i líonmhaire atáid i n-aghaidh an lae
agus a marbhuighim díobh idir an dá lic sin! Féach na
puill atá cartaighthe aca 'mo chuid feóla! Ná bíodh uamhan
ort — nach n-ithtear feóil an duine san uaigh, agus nach
anam marbh mise cé go rabhas 'mo rí ar críoch na Gaililí
tráth? …



Seadh, is mian leat go ndéanfainn roinnt cainnte leat,
a mhic; 'sé mo mhian féin é freisin, tá sé chomh fada ó
labhras cheana acht amháin leis na piastaibh seo a bhíos
dhom ithe de shíor …



Bhéinn 'mo rí fós faoi árd-ghradam agus faoi mheas
muna mbéadh na mná. Cuirtear sna leabhraibh staire é go
ndeárna Ioruaith Antipos, teatrarc na Gaililí, gach droch-
ghníomh dá ndeárna sé mar gheall ar mhnaoi éigin. Sin í
an fhírinne, a mhic: níor fhéadas fanacht uatha ó thosach mo
shaoghail, agus fios dearbhtha agam go dtiocfadh mo bhás
orm dá mbárr. Tuige ar bhacas leó mar sin, an eadh?
Nach tú atá óg! An chinneamhaint, is dócha: féach an
féileacán úd thall atá ag foluamhaint os cionn mo choinnle.
Ní fada go loisgfear a sgiatháin mhaiseacha: cá bhfios
dúinn-ne nach bhfuil fhios sin aige, freisin?



Bhí togha na haithne agat-sa ar Shalomé, inghean mo leas-
dhearbhráthar Filip. Bhí: marach í ní chuirfinn iallach ort
a dhul san arm an tráth úd — éist liom, adeirim; is geárr


L. 22


go mbeidh fhios agat cé'n bhaint a bhí aici le do chuid
saighdiúracht'. Acht bhí aithne agat uirri. Bhí, agus gean.
Is maith is cuimhin liom lá dá raibh an bheirt agaibh ag
déanamh aoibhnis ar an mbán ar aghaidh an tighe. Aimsir
fhionnfhuarach a bhí ann. Bhí crainn almoinne agus crainn
óráisdí faoi bhláth agus an saoghal mór go háthasach i ndiaidh
doininne an gheimhridh. Acht ag breathnughadh oraibh-se dhom
thríd an bhfuinneóig do cheapas nach raibh aon ní sa saoghal
áluinn seo chomh háluinn libh …



Chuir tú an ghirrseach ag damhsa ar lic. Ní hiongnadh
liom aoibhneas a bheith ort ag féachaint duit ar a háilneacht.
Acht sgaoileadh iall a bróige. Thuit sí. Thóg tusa í go
cúramach. Thug póg dhi ar an mbéal. Dhearg sí. Tháinic
pus uirri — is cuimhneach leat an béal gáireach bhí uirri?
Acht an fhéachaint a tháinic 'n-a súilibh! “Bheirim do dubh-
shlán é dhéanamh arís,” an rud a bhí léir ó'n bhféachaint sin.
Agus ní dheárna tú é! Bhí tú óg agus is beag eólas a bhí
agat ar chanamhaint na súl. Ní bhéadh uait acht an fhaill
anois, a rógaire!



Acht bhí a mhalairt de fhéachaint 'n-a gnúis ag dul thar
an bhfuinneóig dhi nuair a sgar sí uait. Féachaint
ghreannmhar an fhéachaint sin. Corr-dhuine fheiceas í i
ngnúis mná an chéad uair. An té chídheas tig aoibhneas ar a
chroidhe, tig smaointe 'n-a aigne …



“Ní páisde atá againn i Salómé anois,” arsa mise liom
féin, “acht bean, bean áluinn aibidh,” agus thosuigheas ag
smaoineadh ar thréithre na mban …



Cé thiocfadh orm agus mé sa machtnamh sin acht Herodias.
Sul ar airigheas im' aice í, leag sí lámh go grádhmhar orm ar
chúl mo chinn ar a sean-nós féin. Ní fhéadfainn innseacht
dhuit, cá bhfuighinn mo ríoghacht ar ais air, cé'n fáth gur
chaitheas an lámh uaim go mí-mhúinte. Acht thuig Herodias
cé'n fáth go ndéarnas é: an bhfaca tú spréachadh ó ifreann
i súilibh mná ariamh, a Réisín? Ní fhaca tú. Ní feárr dhuit
ar bith é. Acht chuir an bhean eagla mo chroidhe orm.


L. 23


“Níor cheapas gur tú a bhí ann,” arsa mise, ciotach go
leór.



“Agus ní aithneóchthá mo lámh-sa thar láimh mná ar bith
eile!” ar sise, “má's ag éirghe tuirseach dhíom atáir …”



Do mhóidigheas nárbh' eadh. Thugas mo sheacht mionn mór
air. Chuireas i n-eól di é leis na mílte póg agus barróg.
Ar chreid sí mé? Cá bhfios dom? Is mó an léargus atá ag
na mnáibh sna neithe sin ná mar tá againn-ne. Bíonn
fios aca go mbíonn fear ag éirghe tuirseach díobh sul má
mbíonn a fhios ag an bhfear féin é. Sin buadh atá aca.
Ar chaoi ar bith leig Herodias uirri féin gur chreid sí gach
briathar de mo bhriathraibh béil.



“Mo pheata thú,” ar sise — acht cé an mhaith dhom innseacht
dhuit-se, a Réisín atá eólasach sna neithe seo céard é
an rud adeireadh bean agus aisge uaithi? Tá aithne mhaith
agat ar t' athair altroma: an dóigh leat go bhféadfadh sé
aon rud a dhiúltadh do mhnaoi a labhradh go bladarach
grádhmhar leis? An iongnadh mór leat gur gealladh dhi
go gcuirfidhe ceangal na gcúig gcaol ar an amadán úd
a bhíodh ag seanamóireacht agus ag déanamh uisge-faoi-
thalamh timcheall na tíre an uair sin? Ó 'seadh, sin é an
t-ainm tugadh air — Eoin Baisde. Bhíodh sé ag síor-rádh leis
an bpobal go ndeárnas eagcóir agus bean mo leas-
dhearbhráthar a fhuadach agus a phósadh. Beag áird a bhí agam-
sa air féin ná ar a chuid seafóide, acht ghoill a chuid cainnte
ar Herodias nó leig sí uirri féin gur ghoill. Go deimhn
duit, a Réisin, ní ar Eóin ná ar Herodias, ná ar Aretas,
athair mo chéad chéile a bhí ag fógairt chatha orm faoi'n am
seo — ní orra a bhíos ag smaoineadh an oidhche sin acht ar
Shalomé aoibhinn áluinn … Ar chaoi ar bith do gabhadh
Eóin agus do cuireadh i ngéibheann é i dtóin tobair dhoimhin
thirm ag ceann an ghuirt bhig úd ar thugamar Gáirdín an
tSuaimhnis air.


L. 24


Mara bhfuilim ag cur tuirse ort cuirfead i gcuimhne
dhuit cé mar bhí an sgéal agam annsin. Bhí gean agam ar
Shalomé, inghean mo mhná. Bhíos cinnte dhe. Tá aithne agat
orm: is eól duit nach mbeireadh lá suaimhnis arís orm
mara mbéadh an bhean dá dtugas gean agam idir corp
agus anam. Acht céard a dhéanfainn le n-a máthair,
le Herodias an díomais? Í sheóladh a-bhaile chuig mo leas-
dhearbhráthair, chuig Filip? Dá ndéanfainn é sin, dá
nglacfainn le comhairle Eóin, bhéadh an pobal uile ar mo
thaobh. An bhean dá dtugas fuath a dhíbirt agus naomh a
dhéanamh dhíom féin! Thaithnigh an chomhairle sin liom, a
Réisín — ba mhór an greann é go gceapfaidhe gur dhíbir
Ioruaith bean uaidh mar gheall ar aon reacht … Acht
bhéadh orm Salomé a dhíbirt chomh maith … sin rud nár
thaithnigh liom. Sin rud nach ndéanfainn. Ní fhéadfainn
Herodias a dhíbirt gan Salomé a dhíbirt mar an gcéadna.
Is olc an rud nathair nimhe i dtigh: ba ghéire agus ba
nimhnighe an bhean sin ná aon nathair. Iongantas liom
fuath ban …



Agus bhí Aretas — nárbh' é an fear buile é, a Réisín? —
bhí Aretas ag fógairt cogaidh orm mar gheall ar a inghin
féin, an chéad bhean a bhí agam ariamh: ní raibh aon aithne
agat uirri, a mhic — na cosa is lugha agus is gleóite dá
bhfacais ariamh acht … is cuma; beag áird a bhí
agam uirri nuair leagas súil ar Herodias uaibhreach an
chéad uair. Agus thú féin, a Réisín: bhí eagla orm go
dtug Salomé grádh dhuit ón lá chonnaiceas i nGairdín an
tSuaimhnis sibh. Níor chuir sin imnidhe ná buaidhirt orm,
ámhthach. Bhí fhios agam go sgaoilfidhe an tsnaidhm seirce
(má bhí a leithéid ann) dá sgarfaidhe an bheirt agaibh ó n-a
chéile. Sheólas an bheirt agaibh ó n-a chéile. Sheólas go
páirc an áir thú, a Réisín, agus gan súil agam go
bhfillfeá … Nach iomdha sin imnidhe agus cás a bhíos
ar fhear a thug grádh do mhnaoi indé, a bheireas grádh do


L. 25


mhnaoi eile indiu, agus a bheireas grádh don treas mhnaoi
i mbárach? Tugadh faoi deara cé'n galar a bhí ag gabhail
dom: Nach cuimhneach leat aor a rinne file fáin a bhíodh
ag taisdeal na tíre an uair sin orm. Bhíodh geárr-bhodaigh
na cathrach dhá ghabhail agus mé ag gabhail thart 'mo charbad.



Nach tú atá óg agus a leithéid de cheist a chur
orm! Cad chuige nár dhíbrigheas an bheirt aca? Cad
chuige nach ndeárnas socrughadh le mo náimhdibh, le
hathair mo chéad chéile agus leis an bpobal Iúdach? An
grádh a bhí agam 'mo chroidhe istigh do Shalomé … acht ná
ceap nach ndeárnas mo sheacht ndícheall an grádh sin a
mhúchadh. Ghlacas le mór-chuid den chomhairle bheirtear do
dhaoine a bhíos 'n-a leithéid de chás, an chomhairle mhaith sin
atá le fagháil san ochtmhadh caibidil déag de leabhar
feallsamhnachta Éileada. Mé bhí go gnóthach ó dhubh go
dubh. Obair riaghaltais a leigeas le faillighe le suim
aimsire rinneas í. Chuadhas ar aghaidh go dána leis an
gcogadh. Níor labhras le Salomé acht is corr-oidhche nach
mbíodh mná 'mo chuideachtain ag déanamh aoibhnis dhom.
Is cuimhneach leat an bhuidhean bhan-rinnceóirí bhronn an
t-Impire orm — agus bhí mná áilne orra siúd, mná donn-
chneasach' colpach' cruinn-chíochach' bolg-shúileach'. Ní raibh
aon mhaith ann, ámhthach. Bíonn an dá ghrádh ann mar is eól
duit, an grádh corpardha agus an grádh anma. An chéad
chineál thugas do na mná rinnce, agus do mhnáibh nach iad,
acht thugas an dá chineál do Shalómé, agus tá fhios agat
féin nach mbíonn aon leigheas i ndán don té bheir an dá
chineál grádh do mhnaoi. Níl tú cinnte dhe, an eadh? Ní
raibh mé féin cinnte dhe uair; tá anois.



Seadh, rinneas mo dhícheall. Ghlacas an chomhairle 'n-a
iomlán mórán — mná iasachta, fíonta draoidheachta ó
chríochaibh na hAraibe, obair throm — is minic a chaitheas lá


L. 26


fada ag rómhar sna páirceannaibh —, leabhair — léigheas
an-chuid de leabhraibh feallsamhnachta na Gréige — acht dá
gcluinfinn Salomé ag gáiridhe do chaitfinn uaim a raibh
ar siubhal agam le dul ag breathnughadh uirri …



Thugas fleadh oidhche. Ag Maichearó a bhíos an uair sin,
agus is ann a bhí Eóin i ngéibheann agam. Bhí taoisigh airm
agus uaisle na cúirte agus reachtairí riaghaltais ann,
agus iad uile go meidhreach sgléipeach. Bhí fíonta ann agus
ba dhóigh liom go mbéadh sé de bhuadh aca an croidhe-chrádh
a bhí orm a dhíbirt. Bhí fíon ó'n Tíor ann a bhí ar dhath
fola námhad: ní bhéadh ort acht corn dhe ól agus bhéadh
fuadar chun achrainn ort — ar mo cháirdibh roinneas an
fíon sin. Bhí fíon ó shléibhtibh Mhóab ann; b'é buadh an
fhíona sin nach n-aireóchthá pian thar éis é ól — níor leigheas-
aigh sé pianta an ghrádha, a Réisín. An fíon sin a bhronn
an t-Impire orm nuair a bhí sé sin ag gabhail thart: bhí an
fíon sin ar dhath tonn na Gaililí lá geimhridh — fíon an
léarguis tugadh air mar d'aithbheodhadh braon de aon éirim
aigne bhí i bhfear ariamh; níor ólas é. Bhí fíon na seirce
ann — fíon corcra tháinic ó'n nGréig; measgadh fuil
seacht maighdean thug gean d'fhear leis an bhfíon sin agus
é dhá dhéanamh; níor theastuigh fíon na seirce uaim …



Ní mórán d'ólas féin d'aon fhíon díobh. Bhí fhios agam
go raibh Herodias ar chúl na mbrat i n-áit éigin ag
machtnamh ar bheart éigin a bhaineadh dem threóir mé. Dá
bhféadfainn buile a chur uirri! Dá bhféadfainn í mhasladh
ós comhair na cuideachtan! An bhuidhean bhan-rinnceóirí
bhronn an t-Impire orm chuireas fios orra. Tháiniceadar
isteach, ochtar díobh, ocht banmhogha donn-chneasach leath-
nocht, agus rinneadar damhsa barbardha ós comhair na
cuideachtan.



Bhí aon bhean amháin ann, bean bheag aiclidhe colpach
agus chuireas iallach uirri damhsa áithrid a dhéanamh. Do
chrom sí í féin, do chas agus do lúb agus d'fheac, ag siubhal


L. 27


ar an aer dhi tráth, 'na columhain donn-mharmair gan cor
aisti tráth eile; níor baineadh cor ná casadh as colainn
duine ariamh nár bhain sise as a colainn féin le aoibhneas
a thabhairt do na fearaibh meisge a bhí timcheall uirri dá
moladh.



“Dá fheabhas í,” arsa mise, “tá rinnceóir eile sa
teach seo agus sháruigh sí í.”



Bhí aimhreas ar an gcuideachtain. Níor labhair éinne.



“An bhean rinnce eile,” arsa mise, “'sí an bhean is
clisde agus is áilne déanamh agus is gile cneas agus is
gleóite cos agus troigh, agus is duibhe súil agus is comh-
thruime déad dár mhair ariamh. Tá fuil ríoghdha 'n-a
cuisleachaibh. Is aoibhinne a gluaiseacht ná solus na
gealaighe ag rinnce ar mhuir na Gaililí. Ní deirge caora
an tsóláis ná a dhá béal. Marmar dhubh líomhtha Shléibhe
Eróim faoi loinnir ghréine i ndiaidh ceatha a dhá súil.
Ón londubh ghoid sí a guth. Coraidheacht na gcéadta nathair
nimhe balbh i bpéin dlaoithe fighte a tiugh-fhuilt.” …



Dhearcas 'mo thimcheall ar an gcuideachtain fear. Ní
raibh cor ó éinne aca acht a súile uile sáithte ionnam agus
iongnadh orra cé'n cleas a bhí fúm imirt. Bhí Herodias
ag éisteacht liom freisin acht nár facthas í: an bhean sin dá
dtugas gean agus searc tráth a masladh sinn a bhí uaim —
dá bhféadfainn iallach a chur ar Shalomé damhsa áithrid Arabach
a dhéanamh ós comhair na bhfear meisgeamhail drúiseamhail
a bhí sa láthair nárbh' mhór an masladh don bheirt é? Cárbh'
fhios dom nach laghdóchadh sé an tsearc? Bhí baramhail agam
nach mbéinn ag tnúth léithi a thuilleadh dá ndéanfadh sí
an damhsa barbardha a thaithnigh leithi ós comhair na bhfear
… ar thug tú faoi deara ariamh, a Réisín, goidé an
cathughadh mór thagas ar fhear, an bhean dá dtugann sé gean
a chroidhe a bhrúghadh faoi chois? Thug ar ndóigh; nuair
a bhíos an iomarca cumhachta ag an mnaoi air, 'seadh thagas
an cathughadh sin.


L. 28


Bhuaileas amach faoi'n spéir. Bhí an ghealach 'n-a suidhe
agus dath na fola uirri. An bunnán léana ag sgréach
go huaigneach sa bhfásach; an faolchú ag bagairt imeasg
sléibhte Mhóab. Acht is mó go mór an tsuim a chuireas i
nglórthaibh an té a bhí i ngéibheann agam i dtóin an tobair
i nGáirdín an tSuaimhnis. Tháinic cuid dá chuid cainnte
chugam ar an ngaoith:



“Mo mhallacht-sa orra … mo mhallacht ar an
bhfear d'fhuadaigh bean a leas-dhearbhráthar … Ná
raibh sliocht orra … an stríopach a mhasluigh an Dia
a chruthaigh í le ain-mhian a colna … acht tiocfaidh a
lá …”



Bhí guth iongantach aige, guth láidir dúthrachtach a raibh
an oiread coranna agus casadh ann agus tá de dhathaibh
san tuar ceatha. Thaithnigh a ghuth go breágh liom. Chuadhas
go dtí an tobar 'n-a raibh sé. Ar a theacht i bhfogus an
tobair dhom chonnaiceas ochtar nó naonbhar ag éalughadh
uaim san dorchadas. Chuimhnigheas go dtugas cead do
chuid dá lucht leanamhna theacht ar cuairt chuige gach re lá:
nach deas an teagasg bhí sé a thabhairt dhóibh? Acht ba
chuma liom-sa …



Leig saighdiúr dá raibh ann trillseán síos sa tobar tirm
ar cheann slabhra, agus b'iongantach an radharc a bhí le
feiceál againn. Fear árd caol lom cosnochtaighthe ceann-
nochtaighthe agus craicne cámhall timcheall air mar bhrat.
Bhí sé leigthe traochta, cuma an ocrais agus an ghábhtair
'n-a aghaidh uasail agus é ag caitheamh briathra troma tar-
cuisneacha liom-sa agus gach briathar díobh chomh géar gábhthach
le ga Rómhánach. Acht an dá súil a bhí 'n-a cheann! Agus
an fhéachaint thug sé orm-sa! Dá mbéadh gach ainsprid
dár shiubhail an domhan ariamh 'mo cholainn ní fhéadfadh sé
féachaint ba nimhnighe ná ba fuathmhaire thabhairt orm.
Nach uathbhásach an cruth chuireas daoine orra féin de bhárr
creidimh, a Réisín?


L. 29


Tháinic smaoineadh chugam. Bhí fleadh ar siubhal istigh;
nach raibh sé de dhualgas orm an méid grinn ar féidir a
thabhairt do na haoidhibh? Labhras le saighdiúr. D'umhluigh
sé a cheann. Chuadhas féin isteach.



Casadh Herodias liom i n-aice an dorais agus sgamaill
tóirnighe ós cionn a dhá súl.



“Gléastar Salomé i gcomhair rinnce, a bhean,” arsa
mise.



“Déanfar é, a theatrairc,” agus d'imthigh sí.



Chuadhas i láthair na cuideachtan. Níor innsigheas dhóibh
goidé an greann a bhí ceapaighthe agam le n-a n-aghaidh.
Shín ban-mhogha corn fíona chugam. Bhí dhá phéacóig oilte i
lár an urláir agus a n-aodhaire 'ghá ngríosadh chun clis
áithrid a dhéanamh. Tháinic giolla go dtí an doras. Labhair
giolla eile liom-sa.



“Tugtar isteach é,” arsa mise.



Seóladh fear a raibh craicne cámhall mar bhrat air
isteach agus cúigear saighdiúr 'n-a thimcheall. Do gháir
an chuideachta ar fheiceál an fhir seo dhóibh. Bhí faoi chuid
aca a mhasladh. Níor leigeas dóibh.



“Má's príosúnach féin é déanadh sé comhgháirdeachas
linn anocht. Tugtar fíon dó agus biadhtha so-bhlasta,”
arsa mise.



Tairgeadh an lón agus an deoch dhó. Níor bhlais sé díobh,



“B'fheárr leis lócuistí ó'n bhfasach, agus mil ó'n gcoill,
agus uisge leamh ó Shruth Orthannáin ná do chuid bídh-sa,
a theatrairc,” arsa Rómhánach óg a bhí le m'ais.



Fear grinn a bhí san Rómhánach. Bhí a sháith don fhíon ólta
aige freisin. D'éirigh sé 'n-a sheasamh. Chuir sé clogad
práis ar cheann an phríosúnaigh. Cheangal sé claidheamh
faoi n-a chom. D'fháisg sé lúireach Romhánach 'n-a thimcheall.
Chan sé amhrán cogaidh ag cur i n-iúl do chách nach mbéadh
aon taoiseach airm aca feasta acht é …


L. 30


Do hóladh tuilleadh fíona. Gabhadh na hamhráin ba
gháirseamhla agus do hinnsigheadh na sgéalta ba dhrúiseamhla,
acht ós cionn an fhothraim agus an ghleó do cluinfidhe an
príosúnach ag síorghuidhe agus ag rádh:



“Mo mhallacht ort, a theatrairc na Gaililí. Mo mhallacht
ar an tsríopaigh atá agat mar mhnaoi. Tiocfaidh Mac Dé
i bhfeirg. Tá lámh Mhic Dé trom. Leagfaidh sé a náimhde.
Díbreóchar amach san dorchadas iad. Meilfear a sliocht
agus sliocht a sleachta idir brónaibh an dá shaoghal …”



Nach agam a bhí an fhoighid gan é thachtadh? Acht níor chuir
a chainnt aon imnidhe orm — ní raibh sliocht orm ariamh.



Is annsin a tháinic sí chugainn an inghean áluinn, Salomé
an mhí-ádha. Ní raibh cúthalacht ag baint léithi ariamh, acht
ba dhóigh leat uirri agus í ag teacht anall chugainn treasna
an úrláir agus na fir uile ag breathnughadh uirri faoi
iongnadh nach raibh aon bhean chúthalach ar an saoghal ariamh
acht í. I n-aireagal liom féin a bhíos, agus do dhruid sí i
leith chugam go malltroigheach, do shuidh ag mo chosaibh, do
chuir a dhá láimh timcheall mo dhá ghlúin agus do dhearc
suas sa n-éadan orm go truaighmhéalach ar nós duine bhéadh
ar tí aisge a iarraidh.



“Táim réidh, a theatrairc, acht ná hiarr orm damhsa a
dhéanamh,” ar sise.



Bhí fhios agam go raibh sí ag féachaint go háluinn agus bhí
aimhreas orm go raibh fhios aici go bhféadfadh a háilneacht
mé a bhogadh. Nach orm a bhí an díthcéille gur cheapas go
raibh náire uirri damhsadh ós comhair na cuideachtan fear
seo? Bhí fúithi damsadh ó thosach. Ní raibh uaithi ar feadh an
ama acht a bheith ag spochadh asam, dhom' ghriogadh le n-a
háilneacht ar chomhairle a máthar le go dtiubhrainn di an
aisge bhí uatha araon. B'ise an cath agus ba mise an


L. 31


luchóg, agus mé dearbhtha go raibh sí faoi mo réir agus faoi
mo cheannas agam ar feadh an achair!



“Damsóchad duit agus don chumhlódar, a theatrairc,
acht ní bheidh fuinneamh 'mo chosaibh ná gleoiteacht 'mo
ghluaiseacht …!



Ar casadh leat duine ariamh, a Réisín, a bhíodh idir dhá
chomhairle an tráth ba chóir dhó bheith ar aon chomhairle dhaingin
amháin? Bhí an sgéal amhlaidh agam-sa nuair adubhairt an
mhaighdean an chainnt sin. Le n-a masladh, le táir agus
tarcuisne thabhairt di, le n-a ceannsughadh, le smacht a
chur uirri, le n-a náiriughadh, le fuath dhi a fhadughadh 'mo
chroidhe féin, is le n'aghaidh sin thugas ann í, théinte is go
mbéadh cead cinn, cos agus comhairle agam uaidh sin amach:
Acht a Réisín, a mhic altroma, ná tóg orm é — nuair a
bheireadh sí aghaidh orm ó am go ham agus nuair d'fheicinn
an bhaithis bhán fhuar a bhí uirri amhail marmar Shléibhe an
Uaignis; agus na súile móra lonnracha a bhí faoi, a raibh
boige agus milse agus doircheacht oidhche ionnta; agus
an bhrághaid a bhí ag árdughadh agus ag ísliughadh go riaghalta
ar nós tonnta na mara; agus an béal bog tais a bhí
cosamhail le rós dearg iar n-a dhúiseacht maidin drúchta;
agus nuair a chualas an glór a tháinic ón mbéal sin, glór
ba cheólmhaire agus ba bhoige agus ba thaithneamhaighe ná
glór na mílte colúr bán chualamar beirt i ndoire coille
cois na Róimhe uair, a Réisín — 'seadh, nuair do chonnaiceas
agus nuair do chualas na neithe sin, an iongnadh leat go
dtáinic cathughadh orm? Níor ghéilleas don chathughadh,
ámhthach. Níor ghéilleas don chathughadh iomlán ba chóra dom
a rádh. Dá n-iarradh sí orm í sgaoileadh saor ar an nóiméad
sin do dhéanfainn é, is eagal liom. Ná hiarr leath-aisge
go deó, a Réisín. D'iarr Salomé an leath-aisge. Níor
dhubhairt sí acht:



“Déanfad Damhsa an Leinbh dhuit.”


L. 32


“Ní hé atá uaim. An damhsa Arabach sin atá 'gá
chleachtadh agat le mí atá uaim.”



Tá eolas agat ar an dá dhamhsa, a Réisín. Ní bhéadh
náire ar bith ann an chéad ceann a dhamhsadh. Ní fheilfeadh
sé dhom ar an adhbhar sin.



“An damhsa Arabach atá uaim.”



“An damhsa sin! Agus é dhéanamh ós comhair na bhfear
meisge úd thall?”



“'Seadh.”



“Acht tá an fíon sa gceann aca agus an ainmhian 'n-a
gcroidhe: ó, b'fhéarr liom go mór fanacht leat-sa annseo,
a theatrairc, ag cainnt agus ag comhrádh leat agus ag cur
aoibhnis ar do chroidhe …”



Ní fhéadfainn iallach a chur uirri é dhamhsad mara ndéan-
fadh sí dá toil féin é. Cheapas í bhréagadh.



“Rud ar bith is mian leat gheobhair é, acht an damhsa a
dhéanamh go maith.”



Leig sí goithí uirri féin. 'Sí bhí go leanbach as nós peata
bheadh ag iarraidh cuimhneadh goidé an bréagán iarradh sí ar a
máthair. Acht mo thruaigh! Is aici a bhí a fhios goidé é an rud
a bhí uaithi. Ag baint asam a bhí sí. Ag cur dallóige ar mo
shúilibh bhí sí ar feadh an achair. Ná ceap, a Réisín, go
bhfuil buaidhte agat ar mhnaoi go deó deó go bhfeicfidh tú
san uaigh í. Gheallas an iomad seóid agus bréagán dhi dá
ndéanfadh sí an damhsa.



“An dá nathair nimhe déag a bhronn bainríoghain na Siria
orm, gheobhair uaim iad,” arsa mise, “níl aon cheann aca
ar aon dath ná ar aon aois ná ar aon toirt ná ar aon chéill
le ceann eile. Táid chomh hoilte sin go dtig leat slabhra
beó ioldathach a dhéanamh díobh uile agus é chur faoi do chom
mar chrios …”



Chraith sí a ceann.


L. 33


“Tá ochtar mogha balbh agam: tá na hocht sean-chéird
a bhí ann ó thosach an tsaoghail aca mar tá draoidheacht,
diabhlaidheacht, filidheacht, talmhaidheacht, fighdeóireacht,
maraidheacht, paidreóireacht agus tabhairt na mionn.”



Níor taithnigheadar léithi.



“Ná healaí draoidheachta atá ar linn an Dá Éisg i
gCríoch Mhóabh …”



Ba shuarach léithi iad. Ní raibh uaithi an damhsa Arabach
a dhéanamh de réir chosamhlachta agus ní fheilfeadh aon
damhsa eile don ócáid.



Dhearc sí san éadan orm agus dubhairt:



“Téidhmís beirt amach go Gáirdín an tSuaimhnis agus
bímís ag siubhlóid ann faoi na crannaibh aoibhne almoinne
atá anois faoi bhláth agus ag pógadh na créafóige le méid a
n-ualach áilneachta: tá an ghealach 'n-a suidhe, 'n-a
bainríoghain chiúin mhórdha ar na réaltógaibh, agus néalta
drithleannacha airgeada mar bhrat 'n-a timcheall. Tá na
héanlaith go ceólmhar sna crannaibh pomagranít agus
baramhail aca go bhfuil sé 'n-a lá leis an solus iongantach
atá ó réaltóig agus ó rae …”



“An damhsa Arabach atá uaim,” arsa mise go borb
léithi. Ba mhór an cathughadh é, a Réisín. Moltar mé nár
ghéilleas.



“Téidhmís amach, a theatrairc, agus suidhmís faoi bhun
an chrainn fíge atá ag ceann Gháirdín an tSuaimhnis, agus
canfad ceól duit, canfad amhrán grádha dhuit a múineadh
dhom i gCríoch Iúdéa fad ó; agus an fhad 's a bhéas tú
ag éisteacht leis an amhrán sin ní bheidh cuimhneamh agat ar
cheól na n-éan a bhéas ag cantaireacht 'do thimcheall, ná
ar chumhracht na gcrann, ná ar aoibhneas na hoidhche ná ar
imnidhe an tsaoghail, ná ar dhólás ná ar dhuairceas; ní
bheidh cuimhneamh agat acht ar an amhrán agus ar an
amhránaidhe … Téanam, a theatrairc na Gaililí, téanam
go Gáirdín an tSuaimhnis liom-sa, téanam! téanam!”


L. 34


Bhíos 'mo thost tamall. Tháinic dhá aisling ós comhair
mo shúl. Gáirdín an tSuaimhnis … Salomé …
mise faoi chuing shíoda, chuing sheirce aici go deó deó
arís … Sin, nó mé 'mo rígh i ndáríribh … í féin
agus a máthair díbrighthe uaim … an pobal uile ag
cabhrughadh liom … smacht agam ar an tír …



Chualas glórtha na bhfear a bhí go sgléipeach i n-Árus na
bhFleadh. Chualas glór Eóin Bhaisde ag dul i méid agus ag
dul i laighead agus é dhom mhallachtughadh:



“Loisgfear a theach os a chionn. Tiocfaidh na cineadhcha
allta isteach 'n-a ríoghacht agus ní fhágfar cloch ar chloich;
ní bheidh páisde nach ngolfaidh; ní bheidh bean ann nach
stracfaidh an folt dá ceann dhá mhallachtughadh …”



“An damhsa! An damhsa Arabach, a Shalomé! Gheobhair
rud ar bith acht é dhéanamh. Leat mo ríoghachta, má 's mian
leat é!”



“Acht má iarraim ort an t-iolar dubh dall a bhí ag do
mhuinntir ó aimsir Dháithí?” ar sise go leanbach.



“Gheobhair é. Cuma céard iarrfas tú, acht an damhsa
a dhéanamh! Nach bhfuil mo bhriathar ríoghdha agat
air?”



D'éirigh sí agus do dhamhas.



Ní uirri a bhíos ag féachaint agus í ag damhsadh. Ní ar
na fearaibh a bhí 'ghá hinfhiuchadh le súilibh drúiseamhla faoi
mhalaíbh troma dubha bhíos ag féachaint. Ní ar an
bpríosunach a bhí clúdaighthe le croicnibh cámhall agus a bhí
gléasta go magamhail ar nós saighdiúir Rómhánaigh — ní
orra a bhíos ag féachaint, ní orra a bhíos ag cuimhneamh acht
ar ríoghacht mhóir leathain ó Dhan go Beerséba, ar ríoghacht
a bhéadh faoi mo smacht agus faoi mo chumas féin, ar cháil,
ar chliú, ar chumhacht a bhíos ag cuimhneamh …



Bhí an damhsa thart. Tháinic an bhean chugam.



D'athchuinghe, a bhean,” arsa mise.


L. 35


“Ceann Eóin Bhaisde ar mhéis,” ar sise.



Ba léir dhom go raibh sí i ndáríribh. Thuigeas gurab é
sin a bhí uaithi ar feadh an ama agus nach raibh aon mhaith dhom
a bheith ag iarraidh í bhogadh. Bhí mo bhriathar aici air.



Chuireas cogar i gcluais giolla. Tugadh an príosúnach
amach. Lean an bhean é. Thosaigh an chuideachta ar an
bhfleidh ath-uair. Ní baileach a bhí amhrán gabhtha ag duine
aca go dtáinic Solomé isteach arís agus an ceann uasal
fuilteach ar iomchur aici …



D'éalaigh an chuideachta uaim 'n-a dhuine agus 'n-a dhuine
agus fágadh i m'aonar mé i nÁrus na bhFleadh.



An raibh tú ariamh ag strapadóireacht imeasg cnoc garbh
fiadhain, tuirse ort agus ocras agus tart, agus súil agat
go n-éirigheadh leat fóirthín fhágháil dá bhféadthá na cosa
tabhairt leat, agus annsin ar shroichint na háite a' raibh
súil agat le cabhair gan aon ní fheiceál acht aibhéis dubh
doimhin nach raibh sé 'do chumas a threasnughadh? Is amlaidh
bhí an sgéal agam-sa an oidhche sin. An ríoghacht mór, an
cumhacht, an cháil, an chliú chonnaiceas im' aisling, sgapadh
orm iad mar sgaptar ceó roimh ghréin na maidne …



Is tráthamhail a chuir tú an cheist, a Réisín: goidé an
gnótha bhí ag maighdin óig mar í de cheann fuilteach dhá
shaghas, an eadh? Ní le n-a haghaidh féin d'iarr sí an aisge
sin. Ní raibh fhios agam an oidhche sin é, acht tá fhios agam
anois é, monuar! Is iomdha sgéal sgéil a bhí ag gabhail
thart faoi obair mhilltigh na hoidhche sin, agus is féidir
gur shroich ceann díobh na réagúin allta 'n-ar chaith tusa do
shaoghal le fada d'aimsir: acht ná creid aon cheann díobh.
Is agam-sa agus is agam-sa amháin atá fírinne an sgéil.
… foighid, a Réisín! Leig dom é innseacht dhuit ar
mo bhealach féin.


L. 36


Ní baileach a bhí an comhluadar éalaighthe uaim, agus mé
fágtha liom féin i n-Árus mór dorcha na bhFleadh go dtáinic
Herodias isteach. Níor leigeas orm go raibh uamhan ná
imnidhe orm faoi ghníomharthaibh na hoidhche. Ba dhóigh le
duine ar an mnaoi nár chuala sí aon cheó faoi'n dí-
cheannadh.



“Do bheatha agus do shláinte, a theatrairc na Gaililí!”
ar sise go caoin modhmhail. “Nach luath d'imthigh an comh-
luadar uait? Cé nár thaithnigh an damhsa Arabach leó?
… Óch! Céard seo? Fuil? Ní breágh liom fuil:
cuir fios ar ghiolla leis an urlár a ghlanadh. Iongantach
liom nach féidir le dream fear a theacht le chéile gan achrann
bheith eatorra!



“Ní raibh aon achrann ann, a ríoghain,” arsa mise.
“Sin fuil fáidhe.”



“Fuil fáidhe! Níor cheapas go raibh aon fháidh san tír
seo le na céadta móra bliadhan.”



“Sin fuil duine dá dtug tú fuath. Sin fuil Eóin
Bhaisde a bhíodh dod' mhallachtughadh de shíor. Dícheannadh
é anocht.”



“Tá fhios agam sin. Bhronn Salomé a cheann orm mar
gheall sí … acht ní raibh ceart agaibh an tÁrus breágh
seo a shalughadh le n-a chuid fola.”



“Agus bhronn Salomé a cheann ort!”



“Bhronn.”



Bhí sí 'n-a tost ar feadh sgathaimh bhig. Tháinic athrughadh
gné dhi. Chúb sí í féin ar an urlár ar nós ainmhidhe allta
bhéadh ag faire ar a chuid. Ní raibh le feiceál agam san
dorchadas acht aghaidh bhán agus súile nimhneacha a bhí ag dul
thríom.



“Bronnadh an ceann orm, a theatrairc,” ar sise, “acht
ná ceap gur mar gheall ar a bhriathraibh baoise bhíos 'ghá
lorg. Ná ceap acht oiread go raibh aon eagla orm go


L. 37


ndeighilfidhe sinn-ne dá mbárr … Tá greim níos
daingne agam ort, a fhir gan chéill! Agus ní ar mhaithe
leat atá an greim sin agam ort. Ní snaidhm sheirce bhí
'ghár gceangal le fada acht snaidhm dho-sgaoilte fuatha.
Bhí lá ann … acht cé'n mhaith bheith ag cainnt faoi sin?
Le bliadhain bhí tú ag tnúth le m'inghin. Ní raibh áird agat
orm-sa — 'seadh, nach bhfuil cuimhne agat ar an lá chaith tú
mo lámh uait nuair a shíleas a bheith laghach muinnteardha
leat? Ón lá sin ní raibh aon ní ag déanamh imnidhe dom
de ló ná d'oidhche acht bealach do mhillte a cheapadh …
Bhí tú ag tnúth le Salomé ar feadh na bliadhna sin. Ní rabhas
féin ag tnúth acht le díoghaltas! Salomé — b'í an baoite
áluinn agam í! Bhíos ullamh le iodhbairt a dhéanamh dhi
ar altóir an díoghaltais dá mbéadh gábhadh leis. Acht anois
tá liom, a theatrairc na Gaililí! Tá do náimhde
cumhachtamhail, ní hé amháin san tír seo acht san Róimh agus
i nIarúsalem. I méid, i gcumhacht agus i líonmhaire bhéas
siad ag dul de bhárr oibre na hoidhche ádhmhaire seo …”



Ní raibh acht dá thrillseán beag soluis san seómra.
Briseadh fuinneóg le cloich. Múchadh ceann díobh.



“I líonmhaire bhéas siad ag dul, a theatrairc. Nach
gcluin tú lucht leanamhna Eóin go bagarthach feargach
anois féin? Anois, ó tá sé marbh, cuideochaidh siad le do
náimhde, le rígh Phetréa atá ag cur cogaidh ort agus leó
uile. Tá eólas agat ar an bpobal Iúdach, ar Esinínigh,
ar Scaraigh agus ar a bhfuil ann díobh: níl giall agat
anois le n-a smachtadh. Tiocfaidh siad ort 'n-a ndeichibh
míle faoi arm agus faoi fheirg … agus beidh daoine
san Róimh, agus cuirfidh siad cogar i gcluais an Impire
agus creidfear iad: an dóigh leat nach gcreidfidh an
t-Impire go bhfuilir ar buile agus ár agus achrann san
tír de bhárr an amadáin a chuir tú chum báis?”



Shíleas cosg a chur le n-a teangain, acht ní raibh aon
mhaith ann, a Réisín. Ní raibh ionnam corruighe. Bhí


L. 38


draoidheacht éigin 'n-a súilibh nimhneacha a ghreamuigh annsin
mé agus an pobul ag teacht 'n-ár dtimcheall ó gach áird.



“Agus cuirfidh an t-Impire fios ort chum na Róimhe agus
bainfear do ríghe agus do fhlaitheamhnas díot agus
díbhreóchar thú go críoch choimhthigheach agus buailfidh an iomad
galar agus aicíd thú … i n-aisling chím sean-fhear
lobhtha brocach 'n-a luighe ar chíb sléibhe i bpóirthín agus
na céadta míle crumh ag tochailt 'n-a chuid feóla agus
ag tolladh a chnámh. Tá folt fada liath air, acht tig gach
slám dhe leis agus é ghá thochas féin. Níl duine ann le
fóirthín air. An rud théidheas 'n-a bhéal i bhfuirm bídh tig
sé amach as i bhfuirm mionna móra …”



Sgairt sí ag gáiridhe.



“Agus ceapann tú go mbeidh suaimhneas agat nuair
nach mbeidh mise 'do ghar! Ná ceap sin, a amadáin! Beidh
mé 'do ghar. Beidh! Beidh! Agus ní bheidh de churam orm
ann acht a chur i gcuimhne dhuit ó am go ham gur mar
gheall ar an mnaoi dá dtug tú gean uair atá an bhail sin
ort …”



Cailleadh í mí ó shoin, a Réisín. Níor sgar sí liom
ariamh acht dom chrádh de ló agus d'oidhche. Iongantach
liom fuath agus éad mná a tréigeadh, a Réisín, a mhic
altroma, acht is iongantaighe liom go mór an saghas
feallsamhnachta atá aca san Róimh faoi láthair; suidh
annseo i n-aice liom agus innis dom beagán eile faoi
fheallsamhnacht na Stóiceach ar ar thrácht tú cheana …
acht fainic thú féin ar na cruimh: táid timcheall ort i
ngach uile áit …


L. 39


BAINTREABHACH AN FHÍONA AGUS
A MAC.



Bliadhain go leith i ndiaidh bháis Chríost chuir baintreabhach
fúithi 'san mbaile beag Bethánia atá suas le dhá mhíle taobh
thoir de Iarúsalem. Bhí a teach ar thaobh an bhóthair mhóir
atá idir Iericó agus Iarusalem, agus thosaigh sí ag díol
fíona ann le lucht taisdil an bóthair. Bhíodh an iomad
cineál fíona aici, fíon dearg na Gréige, fíon borb
meisgeamhail na hEadáile, i gcomhair na saighdiúirí
Rómhánach, fíon dúthchasach na n-Indiacha a bhí géar searbh
le haghaidh muinntire na háite; agus ó bhí an uile fhíon
dá raibh aici ar fheabhas 'n-a bhealach féin, ní fada go raibh
cáil na baintreabhaighe sgaptha ar fud na tíre ón Muir
Shalainn ar an taobh thoir go dtí bruach na Mara Móire
thiar. D'fheictheá an saighdiúir Rómhánach 'n-a teach go
minic; bhíodh Iúdaigh agus Sirínigh agus Gréagaigh glice
ann: Arabaigh an fhásaigh le n-a gcuid cámhall; cean-
naidhthe ó Thíre agus ó'n Aifric, agus iad uile gléasta de
réir a nósann agus a mbéas féin. Agus is minic d'fanadh
dream díobh aici ar feadh cúpla oidhche, iad féin agus a
gcuid cámhall agus a gcuid asal.



Caitheadh cuid maith airgid ar an mbaile beag ar an nós
seo, acht ní mórán bainte bhíodh ag Baintreabhaigh an Fhíona,
mar tugadh uirthi, le muinntir na háite. Ní raibh uaithi
acht a cuid fíona a dhíol, agus a cuid airgid a ghlacadh
go beannachtach de réir dheallraimh; acht bhí daoine ar aon
teach léithi agus bhí fhios aca nach le fíon a dhíol amháin
a chuir sí fúithi i mBethánia cois Iarúsalem. An firín beag
dubh-chraiceannach a bhíodh ag déanamh bainisteóireachta dhi,
agus ar ar tugadh an Dall mar leasainm, cé go raibh
radharc na súl aige fán am seo, bhí seisean i n-an sgéal


L. 40


eile innseacht faoi Bhaintreabhaigh an Fhíona dá dtogróchadh
sé. Is minic d'fheictí í féin agus líon a tighe ag gabhail
bóthar go hIarúsalem thar éis dhul faoi don ghréin; agus
bhí corr-dhuine ann a bhí i n-aimhreas ortha. Dubhairt Adáth,
fuinteóir a bhí 'n-a chomhnaidhe ar aghaidh a tighe amac,
dubhairt sé le Selára an criadóir go gcuirfeadh sé dhá
bhuilín déag de shean-eórna Ghalatia i n-aghaidh dhá árthach
den chineál ba mhó rinne an criadóir go raibh Baintreabhach
an Fhíona agus a muinintir ar lucht leanamhna Chríost
a céasadh ag Calbhaire agus gurab é an fáth go dtainig sí
san áit le bheith i n-aice le Iarúsalem; bhí an criadóir
cinnte go raibh sé ag dul amudha — nach iomdha árthach
breágh criad cheannuigh sí uaidh ó tháinig sí san áit agus
nár íoc sí go cneasda i gcomhnaidhe?



“Bitheamhnaigh atá ins na Críostaidhthe seo,” ars' an
fuinteóir nuair a bhí an dá mhála leathair líonta aige le
huisge as an tobar a bhí i n-aice leis an teach 'n-ar
chomhnaidh Máire agus Márta, “dearg bhitheamhnaigh atá
ionnta, adeirim, agus ba chóir iad a ruaigeadh as an tír,”
agus chroch sé an dá mhála ar dhruim an asail.



Thug an bheirt fhear an bóthar mór ortha féin. D'imthigh
leó beirt, duine ar gach taobh den asal agus gan focal
le rádh aca ar feadh i bhfad. Bhíodar ag dul i n-aghaidh an
áird agus bhí teas mór an tsamhraidh ann. Mhothuigheadar
an teas go millteach. Bhí spéir ghorm gan néal dá laighead
le tabhairt faoi deara innti ós a gcionn — spéir chomh gorm
le haon dá bhfaca súil fhir ariamh; grian mhór bhuidhe i
lár buill na spéire sin agus gan smathamh gaoithe ann le n-a
n-aghaidhe teó a fhionnfhuaradh; an talamh ar chliathán an
chnuic atá ós cionn Bhethánia 'n-a bhalc agus na clocha aoil
ag éirighe aníos as. Clocha! clocha! clocha! Ní raibh ann
acht clocha cheapfá i dtosach; ní fhaca an bheirt a bhí ag
gabhail an bóthar na clocha féin. Bhí a gcinn fútha ag
déanamh an bhealaigh dhóibh; bhí a cheann faoi ag an asal;


L. 41


ag féachaint ortha ó bhárr an chnuic do cheapfá nach raibh san
asal agus san mbeirt a bhí le n-a chois acht bréagáin
pháisde d'oibreóchaidhe le hinneall.



Ba mhór an fonn cainnte bheadh ar an té dhéanfadh cainnt
a leithéid sin de ló 'n-a leithéid sin d'áit; ba mhór an
fear cainnte a bhí san bhfuinteóir, acht ní abruigheadh sé acht
an focal “bitheamhnaigh,” ámhthach, bhí an lá chomh te sin, agus
do bhuaileadh sé an t-asal le n-a bhois ar an gceathramhain;
anois agus arís do bhuaileadh sé le n-a dhorn 'sna hasnachaibh
é, agus do chluinfeá an focal “dearg-bhitheamhnaigh” uaidh.



Bhí fosgadh ó theas na gréine aca ar shráid Bhethánia;
bhí croinnte fíge agus croinnte ola annseo agus annsúd
as leathtaoibh na slighe; an áit nach raibh na crainn bhíodh
an fuinteóir 'n-a thost, acht nuair a bhíodh fosgadh na
gcrann aca 'sé chuireadh an chainnt uaidh.



“Bitheamhnaigh! dearg-bhitheamhnaigh atá ionnta!” adeir-
eadh an fuinteóir, “acht cuirfidh Saul ó Tharsus deireadh
leó. Sin é an fear dhóibh. Chuir sé an ruaig ar a lán díobh
cheana. D'imthigh leó thar lear. Acht is deacair a n-aithneach-
táil. Táid glic. Táid an-ghlic. Mo mhac-sa nó do mhac-
sa, b'fhéidir, go mbeadh sé ortha i ngan fhios …”



D'imthigh an t-asal amach ó fhosgadh na gcrann ola agus
chuir sin deireadh le cainnt an fhuinteóra go rabhadar ar
an bhfosgadh arís.



“Saul ó Tharsus! sin é an fear a chuirfeas deireadh
leó, na bitheamhnaigh!” ars' an fuinteóir. “Tá sé thoir
san bhfásach ar bhruach na Mara Salainn ar a dtóir le mí.
Na dearg-bhitheamhnaigh!”



Bhí sé faoi'n ngréin arís. Ag dul ar an bhfosgadh
dhóibh an ath-uair dubhairt:



“Saul, sin é an fear a chuirfeas deireadh leó. Tá
lucht a dtreóruighthe i nIarúsalem go fóill, creidtear,
agus níl fhios cé'n diabhlaidheacht bhíos ar siubhal aca d'oidhche,
mara bhfuil fhios ag Baintreabhaigh an Fhíona é. Cé'n


L. 42


t-ainm atá aca ar an té úd atá 'n-a cheannaire ortha anois?
Fan — chuaidh sé an bealach seo uair i gcuideachtain Chríost
féin … Bhíodh sé 'n-a iasgaire tráth dá shaoghal san
Tír Thuaidh … Hó! hó! hó! iasgaire 'n-a rígh!”
agus leig an fuinteóir a shean-sgairt.



Bhíodar idir teach na baintreabhaighe agus teach an
fhuinteóra faoi'n am seo agus, ó bhíodh an crann fíge a bhí
ag coirnéal tighe na baintreabhaighe agus an crann ola a
bhí ag coirnéal tighe an fhuinteóra ag pógadh a chéile ós
cionn an bhóthair ann, bhí fosgadh breágh fionnfhuar le
fagháil aca. Bhain an fuinteóir an t-ualach uisge den asal;
sgaoil isteach i mbotha é; d'fhág slán ag a charaid an cria-
dóir agus bhí ar tí dhul isteach a-bhaile nuair a chuala sé
glórtha uaibhreacha fear chuige ón teach thall. D'iompuigh
sé ar a chois agus anonn leis. Ag gabhail thar an tairsigh
dhó chaith sé smugairle uaidh agus dubhairt: “Bitheamhnaigh
iad, dearg-bhitheamhnaigh.”



Dá bhfanadh sé sgathamh beag eile aimsire do chluinfeadh
sé an rud a dubhairt a chara Selára criadóir agus é ag
iarraidh a bheith ag cuimhneadh ar na focail: “'Ná cuir
úr-fhíon borb i sean-shoithighibh ar eagla go bpléasgfadh na
soithigh is go gcaillfidhe an deagh-fhíon.” Fear déanta
soitheach mise. Maith an focal é. Iongantach an focal
é. ‘Ná cuir úr-fhíon borb i sean-shoithighibh’ — á! dá
nglactaí an chomhairle sin!”



Ní san seómra a ndeacha an fuinteóir isteach ann a bhí
lucht na nglórtha n-uaibhreach, agus nuair d'airigh sé an
cineál Laidne a bhí ar suibhal aca ba léir dhó go mba
saighdiúirí Rómhánacha a bhí istigh agus nach fáilte mhór a
bheadh aca roimh Iúdach mar é. Mar sin de, shuidh sé ar a
ghogaide cois bhalla an tighe; d'éirigh an té úd ar ar
tugadh an Dall, rug ar árthach criadh, líon le fíon é as
mála a bhí déanta de chraiceann gabhair agus thug dó é gan


L. 43


focal a rádh. Bhí an áit go breágh glan fionnfhuar i ndiaidh
bhrothail na gréine; bhí an fíon go fuar agus go searbh —
ó fuineadh arán i dtosach ní dócha go raibh fuinteóir ann
nach dtiocfadh aoibhneas ar a chroidhe ag ól fíona fhuair
sheirbh dhó lá brothalach agus gan aon ní ag déanamh imnidhe
dhó, agus tháinic aoibhneas ar chroidhe Adáth fuinteóir má
bhí sé i dteach Críostaidhe féin.



Níor bh'fhada ann é gur bhuail fear eile isteach. Dá
bhfeictí an té seo bhuail isteach i n-aon áit ar dhruim
an domhain ní chreidtheá go mba Iúdach do bhí ann
de réir cinidh, bhí se chomh hárd agus chomh caol
agus chomh ruadh sin. Bí sé ar leath-chluais, agus bhí
rian claidhimh le feiceál ar a éadan ó n-a bhéal treasna
go dtí an áit a mba chóir an chluas a bheith. Cheapfá
uaireannta ar a iomchur, go raibh sé 'n-a shaighdiúr tráth dá
shaoghal acht nár chleachtuigh sé an chéird sin le fada an lá;
go deimhin ba mhó an chosamhlacht a bhí aige le gadhar do
bhuailfidhe go trom agus go minic le bata ná le saighdiúir
Rómhánach ar dhul isteach i dteach Baintreabhaighe an Fhíona
dhó. Dá mothuigheadh sé duine ag dearcadh air, do laghdóchadh
a dhá shúil agus do bhreathnóchadh sé i dtreó eile; an páisde
ba lugha a bhí ag gabhail sráid Bhethánia, dá leigeadh sé
sgread air do bhainfidhe preab as.



Bheannuigh sé go faiteach don fhuinteóir agus don Dall
a bhí ag freastal, agus do bhuail faoi ar an urlár do
réir nósa na haimsire. Tháinig an Dall chuige agus
soitheach 'n-a ghlaic aige. Shín an duine coimhthigheach a lámh
amach le breith air uaidh, acht ar bhreathnughadh ar an Dall,
dhó, tháinig creathadh ball air agus thuit an t-árthach uaidh
ar an urlár.



“'Sé tá ann thar a bhfacas ariamh,” ar seisean ós íseal
agus é corruighthe go mór. Labhair sé ar nós duine nár
chleachtuigh an chainnt le achar fada.



“Táim cinnte gurab é atá ann,” ar seisean leis féin.


L. 44


Bhí an Dall ar a ghlúnaibh ag glanadh an fhíona a dóirteadh
nuair d'éirigh an fear coimhthigheach de phreib, rug greim
daingean air, dhearc isteach 'n-a dhá shúil agus tháinig an
creathadh an ath-uair air.



“An mbítheá-sa ar lorg déirce i gcomharsanacht
Iarusalem tá cúpla bliadhain nó trí ó shoin ann?” ars'
an fear coimhthigheach.



“Bhínn,” ars' an Dall.



“Bhí moille radhairc ort an uair sin, nach raibh?”



“Bhíos 'mo dhall.”



D'fhéach an bheirt aca ar a chéile go géar ar feadh
sgathaimh bhig. Tosuigheadh ar cheól a spreagadh ar gcúl
mar a raibh na saighdiúirí; ceól an neber a bhí ar siubhal
ann, agus shílfeá go raibh an ceól ag teannadh leat gach
móiméad. Bhí freisin; san bpáirc ar chúl an tighe
tosuigheadh ar an gceól, acht bhí an ceóltóir ag teacht chuig
an tigh agus a ghléas ceóil ar iomchur aige. Chonnaic an
Dall é, agus d'aithnigh. Chuala sé na saighdiúirí dá mholadh;
dá gcreidtí an moladh úd, níor rugadh ariamh aon cheoltóir
a bhí chomh clisde le Saul ó Tharsus. Acht níor chuala an
fear coimhthigheach an ceól; ní fhaca sé aon ní acht an
Dall a bhí ós a chomhair amach.



“An cuimhin leat Aoine áithrid sé nó seacht de ráithíbh
ó shoin?” ar seisean, “céasadh … céasadh cime,
céasadh cime adubhairt go raibh sé 'n-a rígh ar Iúdaighibh ar
Chnoc Chalbaire. Cuireadh saighead isteach 'n-a thaobh …”



Dhearc an Dall 'n-a thimcheall go faiteach imnidheach.
Bhí sé i n-aimhreas ar an bhfuinteóir, acht bhí an duine sin
imthighthe. Bhí sé i n-aimhreas ar an bhfear choimhthigheach; ní
raibh fhios aige nach brathadóir a bhí ann.



“… cuireadh an saighead thrí n-a thaobh,” ars' an
té úd agus gan áird ar a chuid cainnte, “Thug
sé a chuid fola … is cuimhin liom an lá go maith …
Cuireadh an saighead i láimh dhaill a bhí sa láthair, agus 'sé
rinne an gníomh. Tá an dall úd sa láthair anois.”


L. 45


“Maith dhom é! Maith dhom é, a Chríost!” ars' an Dall,
agus ba dhóigh leat go gcuirfeadh sé a anam amach le
teann bróin agus aithrighe.



“Bhí fear eile ann,” ars' an fear coimhthigheach gan
bacadh le cainnt an Daill, “saighdiúir a bhí san bhfear sin;
fear troda, fear easgaine agus mionn mór, fear drúise
a bhí ann; agus thug an té sin bhínéagar de bhárr ghiolcaigh
don té a bhí ar an gcroich le greann agus le fonomhaid
agus le magadh a dhéanamh faoi …”



“Thug! thug! nach minic a chualas an sgéal ó shoin:
‘tugadh bhinéagar Dhó nuair d'iarr Sé deóch’; mo bhrón!
mo bhrón!”



“An té úd thug bhinéagar Dhó, bhí sé caol árd ruadh — bhí
sé chomh ruadh sin gur tugadh an Ruadh mar leasainm i
gcoitcheann air — (do dhearc an Dall ar cheann ruadh an
fhir eile); bhí sé ar leath-chluais; (leag sé féin lámh air
ar an áit a mba chóir dá chluais a bheith); bhí rian claidhimh
ar a ghnúis …”



Rug an Ruadh ar láimh ar an Dall agus chuimil don lot
a bhí ar a ghnúis féin í; dhearc an bheirt fhear ar a chéile;
d'aithnigheadar a chéile, agus bhí n-a dtost.



Tháinig Baintreabhach an Fhíona isteach ar an mball
aimsire seo. D'fhéach sí ar an mbeirt. D'fhéach an ath-uair
ar an Ruadh. D'aithnigh sí é. Thosuigh an ghráin agus an
fuath ag gluaiseacht treasna a gnúis ar nós sgáil na
néalta thar mhuir ghil lonnraigh. Bhí an Ruadh ag féachaint
uirthi, bhí sé ar tí labhairt léithi, acht chaith sise smugairle
leis, agus d'iompuigh uaidh. D'iompuigh sí uaidh go tobann;
chaith sí an smugairle go tobann; fuair an ghráin agus
an fuath an buadh uirthi go tobann agus dá haimhdheóin;
is annsin a chuimhnigh sí ar an gcomhairle úd fuair sí go
minic le trí bliadhna ó thréadaidhthibh a heaglaise, “maith i
n-aghaidh an uilc.” Tháinig croidhe-bhrúghadh uirthi nár ghlac
sí an chomhairle. Rinne sí cómhartha ar a héadan, cómhartha


L. 46


a cleachtuigheadh go minic ar fud an domhain 'n-a dhiaidh sin,
.i., Cómhartha na Croise.



“A mháthair! A mháthair!” ars' an Ruadh.



“A mhic!” ars' an bhaintreabhach agus theann sí léithi é.



Is féidir le máthair mórán a mhaitheadh dá haon-mhac.
Is iomdha droch-ghníomh a rinne a mac siúd le n-a linn nár
mhaith a mháthair dhó gur chuala sí Críost ag teagasg an
phobail; acht nuair a chuala sí gur tugadh bhinéagar de
bhárr ghiolcaigh do Chríost agus É ar an gcrois, níor fhéad
sí an té a rinne an gníomh úd a mhaitheadh; agus nuair a
chuala sí tuairisg an fhir sin, go raibh sé ruadh leath-chluasach
agus rian claidhimh ar a éadan, bhí fhios aici gurab é a mac
mí-ádhamhail féin a bhí ann, agus bhí an oiread sin de chumha
agus de cheann-faoi uirthi nár leig sí a rún le haon neach.



Bhí iongnadh mór ar an Dall. Do shíl sé nach raibh rún ag
aon Chríostaidhe nár hinnsigheadh dá chomh-Chríostaidhthibh.



“Agus is dearbh-mhac duit-se an fear seo thug an
bhinéagar do Chríost agus É ag fagháil bháis?” ar seisean
leis an mbaintreabhaigh.



“Is fíor-mhac dhom é,” ar sise. “Agus is mac altroma
liom thusa a sháith é.”



“Acht bhíos dall, bhíos dall,” ars' an Dall, “ní raibh
a fhios agam céard a bhíos á dhéanamh. Mhaith Sé dhom …
agus nuair a bhí an dé ag imtheacht as, bhreathnuigh Sé go
truaighmhéalach trócaireach orm féin. Chuaidh radharc A
dhá shúl isteach 'mo shúilibh dalla féin. A radharc-san atá
agam anois,” ars' an Dall, agus tógbháil croidhe agus
meanman agus spioraide air.



“Agus maithfear duit-se, a mhic, má bhíonn aithrighe ort,”
ars' an bhaintreabhach le n-a mac féin. “Tá Críost lán
de thrócaire agus de ghrádh do dhaoinibh … Abair na
focail, ‘maith dhom a Chríost, maith dhom mo dhroch-ghníomh,
maith dhúinn ár ndroch-ghníomhartha uile.’”


L. 47


Dubhairt an Ruadh na focail go dúthrachtach i ndiaidh a
mháthar. Annsin rug sise ar a láimh dheis agus rinne sí
cómhartha na croise léithi ar a éadan. Rinne sí an ath-
uair é le n-a mhúineadh.



“Cuirfear faoi theagasg agus baisteóchar thú, a mhic,”
ars' an bhaintreabhach. “Béidh Peadar i nIarúsalem anocht.
Rachad féin agus an Dall chuige le cómhairle a ghlacadh
uaidh 'do thaobh-sa. Acht féach leis an gcómhartha a dhéanamh
anois — uait féin.”



“Thóg an Ruadh a lámh agus leag ar a bhathais é.



“I n-ainm an Athar …” ar seisean.



“ ... agus an Mhic,” ar sise.



“Agus an Spioraid Naomh,” ars' an Ruadh uaidh féin,
agus annsin dubhairt an triúr le chéile é.



Tháinig saighdiúir amach as an seómra istigh. Dhearc ar
an Ruadh. Leig a shean-sgairt gáiridhe.



“Dar láimh m'athar san uaigh,” ar seisean go hárd-
ghlórach, “níl agam ann acht an Ruadh. An Ruadh mór!
An Ruadh cumasach! Ruadh na gcomhrac agus na gcath!
Ruadh na mbréag! Ruadh an ghrinn agus an mhagaidh!
Ruadh na mban! A Ruaidh! A Ruaidh! cá rabhais le na
bliadhantaibh uainn?”



Chuaidh sé de léim éasgaidh mheidhrigh chuig an doras agus
do ghlaoidh chuige ar bheirt nó triúr dá chomráidibh. Bhí an
oiread áthais ortha siúd ar an Ruadh fheiceál dóibh is bhí ar
an gcéad fhear. Chuireadar i n-áirde ar a nguailnibh é,
agus rugadar isteach san seómra dá aimhdheóin é.



Deichneabhar fear a bhí san seómhra roimh an Ruadh ar
dhul isteach dhó. D'aithnigh sé a bhfurmhór, agus d'aithnigheadar
é. Bhí beirt fhear nár aithnigh sé 'n-a suidhe i gcúinne den
tseómra agus iad ag cur cúrsaidhe an tsaoghail thrí n-a
chéile as Gréigis. Tugadh an-omós don bheirt úd. Saul
a tugadh ar dhuine aca, ar an duine óg gléasta a bhí n-a


L. 48


luighe go fann tuirseach i n-aghaidh an bhalla. Bhí adhairt
faoi n-a cheann dubh deagh-chumtha catach; cnódha gallda
ar mhéis le n-a thaobh. Bhí sé ag cainnt go mall réidh;
anois agus arís do chuireadh sé cosg le n-a chuid cainnte le
cnó a bhriseadh faoi n-a fhiaclaibh, agus shílfeá go mba mhó
go mór an tsuim a bhí aige 'sna cnódhaibh ná san gcainnt.



“Tá roinnt mhaith den cheart agat,” ar seisean leis an
bhfear óg eile agus cnó 'gá choigilt aige, “níl feall-
samhnacht dár ceapadh fós nach bhfuil frighid an chirt 'n-a
lár istigh. Platón, Socrait, Díogen, Soroaster, agus san
tír mhalluighthe seo na hEssenigh, na Saddúchaigh, na Sicarigh
féin a chreideas nach bhfuil aon chaoi ann le n-a
dtír agus le n-a gcreideamh a fhuasgailt acht an
sgian fhada ghéar a sháitheadh i ndromaibh a naimhde — bhí an
uile dhuine agus an uile dhream díobh ceart má dhéantar
machtnamh air. Ní raibh uatha acht iad féin a chur i gcéill.
Ní raibh uait-se, a Chaius na díthcéille, acht thú féin a chur
i gcéill nuair a shíl tú éalódh le bean an chómhairleóra …
acht níor eirigh leat … díbrigheadh thú … Táir annseo
anois 'mo fhochair-sa, i bhfochair Saul ó Tharsus, sgiúrsóir
na gCríostaidhthe; Saul nach gcreideann i n-aon ní, —
agus cé cheapfadh ort go raibh gaol goirid agat le
Tibérius mór Impire an domhain; cé cheapfadh orm-sa atá
ag déanamh géar-leanamhna ar Chríostaidhthibh go gcreidim
gach feallsamhnacht ar uairibh agus nach gcreidim aon
cheann aca uair eile …?”



Chuir an Rómhánach óg isteach air, acht níor chuala Saul
é; bhí a dhá shúil ar dhúnadh aige, a cheann leigthe siar i
n-aghaidh na hadhairte agus cosamhlacht an tsógha ar a ghnúis
dhathamhail. Bhí sé ag cur dhe ar feadh an achair.



“Ráithe i bhfásach Iúdéa i bhfad ó dhaoinibh, i bhfad ó
leabhraibh, i bhfad ó mhíneachas! Uch! Ní saoghal do dhuine
mar mise é ar chor ar bith,” arsa Saul, “acht nuair a
shroichfeas mé Iarúsalem sgríobhfad leabhar feallsamhnachta
a thasbáinfeas …”


L. 49


“Tá mná Iarúsalem go hiongantach breágh,” ars' an
Rómhánach óg; “tá a súile cosamhail le marmar dubh
thumfaidhe i n-uisge Orthannáin, agus a thriomóchfaidhe fá
ghréin an fhoghmhair.”



“Nuair a shroichfeas mé Iarúsalem … ní'l fhios
agam …” arsa Saul, acht chuir an fear óg eile isteach
air.



“Bíonn a gcneas go bog cumhartha agus go sleamhain
slíoctha ar nós sróil Tíre; bíonn a nguailne go cruaidh
láidir deágh-chumtha; a gcíocha go cruinn bán agus go
lonnrach bleachtmhar, — aoibhinn don mhac, bíodh sé óg ná
bíodh sé críonna …”



“Ní ghabhfaidh mé i n-éadan an leabhair fheallsamhnachta
úd go ceann tamaill, a Chaius a chroidhe …”, ars'
Saul go smaointeach.



“Is iongantach iad ingheanacha Iarúsalem!” ars' an
Rómhánach óg; “is gleóite a gcosa agus a gceathramhnaí
ná ceathramhnaí ghaseil na sléibhte; is binne a nglór ná
glór colúir lá earraigh agus is grádhmhaire …”



“Damascus — seadh, maidir le Damascus … cathair
áluinn í go cinnte, a Chaius, acht ní bhacfaidh mé le dul
ann go fóill beag,” arsa Saul.



“Is tú fear na céille,” ars' an duine eile, “Tá mná
Iarúsalem … muna mbeadh eagla a bheith orm go
bhfuighidh Tibérius bás obann agus go gcuirfidhe duine
éigin eile 'n-a ionad 'mo leabaidh-sa cos ní leagfainn i
gcathair na Róimhe arís go deó.”



D'éirigh Saul. Bhain searradh as féin, agus do bhuail
an bheirt óigfhear amach san bpáirc a bhí ar chúl an tighe.
Bhí an mhórdháil agus an mhórchúis, an phostamhlacht le
tabhairt faoi deara i siubhal na beirte; bhí an dúil san
suaimhneas agus san sógh le feiceál i siubhal Saul ó Tharsus.
“Is-cuma-liom” nó “ná-déan-faic” a bheadh mar rosg
catha ag an té a raibh an siubhal sin faoi, shíltheá, acht bheitheá


L. 50


ag dul amudha. Bhí leatharán agus croinnte failme ar gach
taobh dhe ag síneadh amach ó dhoras an tighe. Bhí an leatharán
seo míle ar a fhad agus é chomh díreach le saighead. Bhí
dreamanna beaga saighdiúir tuirseach 'n-a luighe go fann
faoi fhosgadh na gcrann n-árd ngéagach nglas; bhí cuid
díobh 'n-a gcodladh, cuid eile 'n-a leath-dhúiseacht agus
duilleabhar úr craithte ós cionn a n-aighthe, cuid eile ag
imirt cluiche ar ar thugadar “sgaoil as an gcarcair mé”
i dteangaidh na tíre. I n-aice leis an teach, 'n-áit nach
raibh aon fhosgadh aca ó theas mór na gréine, bhí triúr fear
agus bean óg ceangailte le chéile le slabhraíbh agus iad
ag canadh duanta diadha.



Do luigh Saul san bhféar fhada faoi bhun crainn fhíge.
Chuir sé a dhá láimh faoi n-a cheann le adhairt a dhéanamh dhó
féin. Bhí géaga íochtaracha an chrann ag cuimilt le n-a
sróin beagnach, nuair a lúbadh an crann. Annsin do
dhéanfadh sé iarracht ar bhreith ar chnuasacht fíge le n-a
bhéal gan a cheann a thógbháil acht nach n-éirigheadh leis.
Bhí an Rómhánach óg ag féachaint air agus greann 'n-a
shúilibh.



“Beir ortha,” ar seisean.



“Ró-thuirseach,” arsa Saul.



Níor dubhradh a thuilleadh. Bhí na sgáil ag dul i bhfad.
Bhí an ghrian ag teannadh siar. Bhí smathamh beag gaoithe
ag déanamh ceóil i mbarraibh na gcrann dob' áirde.
Thosuigh éan beag donn ag seinnm ar ghéig i bhfogus do'n
bheirt fhear óg, agus do measgadh ceól an éin agus ceól
na gaoithe agus ceól na gcime a bhí ceangailte le balla an
tighe i n-aon chrónán amháin. Séideadh buinneán thíos uatha
san ngleann. Chonnaictheas dream beag fear oibre ag
déanamh ar theach an chriadóra le obair an lae a chríochnughadh.
Bhí an naomhadh uair ann.



Tamall beag 'n-a dhiaidh seo chuala an bheirt óigfhear
torann agus glórtha feargacha chuca ó'n teach, agus do
chonnaiceadar dream saighdiúir agus fear i ngreim aca.


L. 51


“An Galatigheach bradach bréan ruadh úd atá ag
tógbháil clampair,” arsa Saul. “Cuireann an cineadh
sin gráin orm. Féach mo dhuine: “É féin agus a leath-
chluas agus a cheann ruadh mí-chumtha agus a fhéachaint
fhaiteach! Uch! Cuireann sé tinneas ar mo shúilibh, a
Chaius, daoine droch-chumtha mí-sgiamhacha fheiceál,” — dhún
sé a dhá shúil agus dubhairt, “Nuair a bhéas tusa it' impire,
a chara, is dócha go gcuirfidh tú a leithéidí chun báis …
déanfaidh tú ar mo shon-sa é, a Chaius, agus déan réidhteach
idir na hamadáin seo ar mo shon-sa anois, mar dá
n-osglóchainn na súile arís agus dá bhfeicfinn an duine
gránda úd …”



Bhí na saighdiúirí 'n-a bhfochair fán am seo agus an Ruadh
'n-a phríosúnach aca.



“Céard seo?” ars' an Rómhánach go postamhail
leithidheach.



Ní raibh uain ag éinne de na saighdiúirí fáth an achrainn
a mhíniughadh dhó go ndubhairt an Ruadh de ghlór mhór neamh-
eaglach.



“Críostaidhe mise. Críostaidhe mise thug bhinéagar do
Chríost ar chnoc Calbhaire. Mhaith Sé dhom. Mhaith Críost
Rí an Domhain dhom. Maithfear díbh-se, a bhráithre.
Maithfear dhuit-se, a Shaul ó Tharsus …”



Níor dhubhairt sé a thuilleadh, chuir saighdiúir a dhorn 'n-a
bhéal. D'osgail Saul na súile ar chlos a ainme féin dhó,
acht má bhí ceapadh aige duine gránda mí-dhathamhail leath-
chluasach fheiceál ós a chomhair bhí sé ag dul amudha. 'Sé
an Ruadh mí-chumtha leath-chluasach a bhí ann, acht leis an
loinnir ait a bhí 'n-a shúilibh agus an bheodhacht neamh-ghnáthach
a bhí 'n-a ghnúis ní fhéadfaidhe a ghrándacht a thabhairt faoi
deara.



“Maithfear duit-se, a Shaul bhoicht na dithcéille,” ars'
an Ruadh nuair a baineadh an dorn ó n-a bhéal.


L. 52


“Má's Críostaidhe é ceangluighthear annsúd thall le n-a
chomhluadar é,” arsa Saul, agus ní bhéarfaidhe Cuma-liom
mar leasainm air an uair sin.



Rinneadh amhlaidh. Thosuigh an Ruadh agus a chomh-
Chríostaidhthe ar a gcuid amhrán diadha a ghabhail ós árd, acht
is beag áird a bhí ag na saighdiúirí ortha; beag áird a bhí
ag Saul ortha acht an oiread — bhí codladh ag teacht air.



Bhí iongnadh ar an Rómhánach cé'n chaoi gur frítheadh amach
go raibh an Ruadh ar lucht leanamhna Chríost. Ghlaoidh sé
chuige ar shaighdiúir agus cheistnigh é.



“Bhí sé ag tarraingt ar an naomhadh uair,” ars' an
duine sin, “agus bhíomar uile ag ól agus ag déanamh
grinn nuair a líon ár gcomhluadar an Ruadh soitheach beag
le droch-bhinéagar a bhí aige i mála leathair. Ní mé an raibh
an bhinéagar ró-ghéar dhó, acht ar chaoi ar bith, tháinig creathadh
agus tachtadh agus riastradh air. Ní fhacas a leithéid de
chuma ar aon fhear ariamh. Brón mór a bhí air, shíltheá —
seadh brón agus aithrighe. Rinneadh magadh mór faoi.
Dubhairt sé nár leig sé lá thairis le bliadhain nár ól sé
bhinéagar ar an naomhadh uair — an uair a fuair Críost bás
ar an gcrois — le maitheamhnas fhágháil uaidh.”



Ní raibh a sgéal críochnuighthe i gceart ag an saighdiúir
gur dubhradh leis imtheacht. Bhí socruighthe ag an Rómhánach
óg a dhul chuig an gcathair mhóir an oidhche sin dá mbeadh air
a dhul ann leis féin. Tháinig glór an Ruaidh chuige ar an
ngaoith:



“Cuirfear i n-áirde ar chroich mé; cuirfear tairngí
isteach thrí mo lámhaibh; sáithfear le saighead mé; feicfead
Críost geal breágh i mbárach. Moladh le Dia Mór!
moladh le Críost geal breágh!”



Tháinig iongnadh ar an Rómhánach, acht níorbh' fhada gur
imthigh an t-iongnadh sin. Ní hiad na Críostaidhthe a bhí
ceangailte cois an bhalla a bhí os comhair a shúl; ní glór
an Ruaidh a bhí 'n-a chluasaibh; ní headh — mná dubha sgiamhacha


L. 53


a bhí ós comhair a súl, mná dubha sgiamhacha go n-a súilibh
soillseacha, go n-a bhfoltaibh cíordhubha, go n-a nglórthaibh
caoine grádhmhaire …



Dhúisigh sé Saul ó Tharsus.



“Tá mise ag dul go hIarúsalem anocht,” ar sé.



Níor thuig Saul i gceart é, mar bhí an codladh ró-throm
air. Chraith an Rómhánach go mór é.



“Tá mise ag dul go hIarúsalem anocht, a Saul,” ar
sé an ath-uair.



“Cuma liom,” arsa Saul idir codladh agus dúiseacht
dhó; acht i ndiaidh tamaill dubhairt Saul go mbeadh sé féin
agus a mhuintir 'n-a fhochair.



Maidir le Baintreabhaigh an Fhíona, d'fhág sí féin agus
an Dall an teach ar an ochtmhadh uair le cuairt a thabhairt
ar an gcathair mhóir chéadna. An bóthar soir ba chóir dhóibh
a ghabhail, acht is siar a chuadar i dtosach. Níorbh' fhada
siar dhóibh ámhthach, gur fhágadar an bóthar, agus ghluais leo
ó dheas thar na cnocaibh clochacha garbha. D'imthigh leó go
mall roighin réidh trom-chosach agus a gcinn fútha; anois
agus arís do chuireadh duine den bheirt duan nó paidir
uaidh ós árd, agus annsin bhídís 'n-a dtost ar feadh sgathaimh
mhaith. I n-aice le Bethlem, mar ar rugadh Críost, casadh
aodhaire ortha, agus a thréad amach roimhe.



Caoraigh agus gabhair a bhí aige; na caoraigh beaga bána
adharcacha ar a láimh dheis agus na gabhair dhubha ar a láimh
chlé, agus iad ag siubhal go mall, gabhair i ndiaidh gabhair
i n-aon líne amháin. Bheannuigh sé dhóibh i n-ainm Chríost
d'éirigh ó mharbhaibh.



Thuit an oidhche ortha i n-aice le Bethlem, acht níor chuir
sin aon bhac orthu. Ar bhárr an droma chnocaigh atá idir
Iarúsalem agus Bethlem a bhíodar nuair a thuit an oidhche


L. 54


go tobann, agus nuair d'éirigh an ghealach bhuidhe thar
bharraibh sléibhte draoidheachta Mhóab. Tháinig na néaltóga
amach, néaltóg i ndiaidh néaltóige, agus b'fhacthas don
Dall go raibh an ceann a thréoruigh na Righthe ón Oirthear
'gá dtreórughadh anois; acht ba dhóigh leis an mbaintreabhaigh
nach raibh 'sna baill sholuis a bhí ós a gcionn acht fuinneóga
neimhe Dé. Bhíodar beirt an-ghar do Dhia agus do neamh
Dé an oidhche sin …



Chualadar gáir thormánach an bhunnáin i gcéin; chualadar
sgréach na n-asal bhfiadhain a bhí thoir uatha san bhfásach, acht
níor chuir aon ní bac leó an oidhche spéir-ghealaighe seo,
agus níor chuir aon ní cosg le n-a gcuid duanta diadha.
B'fhéidir go bhféadfaidhe cosg a chuir le máthair a bheadh ag
coinneál a mic ón mbás, acht an mháthair a bheadh ag iarraidh
a choinneál ón mbás shíorraidhe …



Do thimchealladar cathair mhór Iarusalem. Chuadar thar
Ghetsiminí agus tháinig tormán na cathrach chuca ar an
ngaoith aniar. Dubhairt sean-bhean a bhí 'n-a suidhe i n-aice
leis an ngeata theas leó, gur moladh do na Críostaidhthibh
gan féachaint ar a dhul isteach mar gheall ar mhuinntir na
cathrach a bheith ar buile agus ag iarraidh a bheith ag tógbháil
clampair.



Chonnaiceadar dream beag saighdiúirí chuca. D'aithnigh-
eadar an fear a bhí ós a gcionn; dob' é Saul é. Chuadar
féin i bhfolach. D'fhan Saul agus a mhuinntir agus a gcuid
cime ar an bplás mór leathan a bhí taobh amuigh den gheata
theas go n-osglóchaidhe an geata dhóibh. Do hosgluigheadh
gan mórán achair, agus siúd amach chuca sluagh mór Iúdach
agus dúil aca i bhfuil aon Chríostaidhe do casfaidhe leó.
Chonnaiceadar na cimí. Rinneadar ortha go fíochmhar.
Rinne Saul agus a mhuinntir a ndícheall leis na cimíbh
a chosaint ar an sluagh, acht bhí an sluagh go mór agus go
millteach agus go feargach. Bhí Adáth fuinteóir ar an
sluagh sin, agus nuair a chuala sé na focail a bhí ag teacht


L. 55


ó bhéal an chime ba mhó agus ba ruaidhe a bhí ann, shíl sé na
focail úd a bhréagnughadh.



“Cuirfear i n-áirde ar chroich mé; cuirfear tairngí
isteach thrí mo lámhaibh …” ars' an Ruadh, acht ní raibh
uain aige ar a thuilleadh a rád gur bhuail Adáth fuinteóir
'san mbéal é le cloich mhanntaigh.



Tosuigheadh ar na clocha a chaitheadh annsin. B'éigin do
na saighdiúiríbh na cimí d'fhágáil 'n-a ndiaidh agus a dhul
isteach san gcathair le cabhair d'fhagháil ó na huachtaráin.
D'éirigh le duine de na cimíbh éalughadh. Lean an sluagh
é. D'imthigh na cimí eile, acht amháin an Ruadh. Bhí seisean
'n-a shuidhe ar an talamh agus é ag tabhairt a chuid fola.
Bhí sé i n-ann imtheacht acht níor thogruigh sé é.



“Moladh le Críost! Moladh le Críost mór na
Glóire!” ar seisean de ghuth lag.



Tháinig fear ar a chúl. Bhí cloch mhór mhillteach 'n-a
ghabhail aige. Leag sé an Ruadh ar an talamh agus do
phléasg a chloigeann leis an gcloich mhóir.



“Bitheamhnach eile ar lár,” ars' an fear a rinne an
gníomh, “dearg-bhitheamhnaigh iad uile,” ar seisean.



Tháinig an bheirt a bhí i bhfolach ar feadh an achair seo
amach ó n-a mball foluighthe.



“É a chéasadh ar nós Chríost sin a raibh uaidh,” ars' an
Dall.”



“Agus ní bhfuair tú mian do chroidhe, a mhic,” ars' an
Bhaintreabhach ag cromadh ós cionn an chuirp.



“Go ndéantar Do thoil ar talamh!” ars' an bheirt agus
rugadar corp an Ruaidh leó a bhaile.


L. 56


ABA-CÁNA-LÚ !



I gceann de na sean-leabhair stáire is ársa dá bhfuil
i dteangaidh na Síneach tá sgéal aisteach le fághail. Ag
seo iarracht ar an sgéal úd a innseacht i nGaeghilge na
haimsire seo:



I.



“'San áit a bhfuil mór-fhásach na Taoi-Sung indiu,”
arsa ughdar an tsean-leabhair seo, agus is cosamhail, ón
gcaoi agus ón gcuma atá aige ar a sheanchus, gur mó go
mór de mhianach an sgéalaidhe a bhí ann ná de mhianach an
staraidhe; “'san áit a bhfuil mór-fhásach na Taoi-Sung
indiu,” ar seisean, “bhíodh comhnaidhe ar chineadh mhór
cumasach anallód. Bhí an tír faoi bhláth an t-am sin;
bhí an rís agus an t-arbhar, an caifé agus an tae go
lán-fhlúirseach ann; bhí iasg de gach uile chíneál le fagháil
'sna haibhneachaibh atá 'n-a gclaiseannaibh dóibe teo indiu;
coillte móra géagacha faoi thorthaibh éagsamhla ar sleasaibh
na gcnoc; an leopárd agus an leomhan, an gabhar agus an
torc 'sna coilltibh. Agus ins na bailtibh móra bhí na
mílte gadhar agus muc aca le na sráideannaibh a ghlanadh
agus sláinte thabhairt do dhaoinibh. Is cinnte nach raibh
aon chríoch eile fán mbith a bhí chomh séanmhar leis an gcríoch
sin acht tír na Síneach amháin.



“De phór agus de bhunadh na nAibitíneach dob' eadh an
dream a chomhnuigh 'san gcríoch áluinn seo; agus ó bhí sean-
ghráin ag muinntir an Phártigh don chineadh sin, shíleadar


L. 57


an tír a bhaint amach le láimh láidir. Agus do bhain nuair
a fuaireadar an fhaill; mar ní raibh na hAibitínigh glic
ar nós na Síneach. Ní raibh an sean-eolas aca, bíodh is go
rabhadar cumasach cumhachtach féin. Sgriosadh a dtír.
Milleadh a gcuid teampall. Losgadh na bailte móra.
Fear a bhí i n-ann saighead a tharraing níor fágadh. Tugadh
chun bealaigh iad le n-a saoghal a chaitheadh 'n-a sglábhaidhthibh
i dtír an Phártigh. Marbhuigheadh na páisdí fir. Na mná
amháin a fágadh le clainn a thógbháil dá lucht ceannsuighthe.



“Níor éirigh go maith leo siúd ámhthach. Bhí na déithe 'n-a
n-aghaidh. Bhí na diúil féin go bagarthach. Is iomdha fógra
tugadh dhóibh, acht níor glacadh iad, mar bhíodar borb
fíochmhar ceanndána; ní raibh eólas ná gliocas na Síneach
aca, acht oiread le na hAibitínighibh féin. Agus i gceann
na haimsire do facthas mórán uathbháis 'san gcríoch. Do
chuir na déithe cosg le drúcht na hoidhche agus le fearthainn
an lae. Do thriomuigh na haibhneacha. Níor fágadh braon
uisge i dtobar. Do shearg na crainn. Do chríon an fás
uile. Thréig na mílte gadhar na bailte móra, a dteangacha
fada bána tirme ag tuitim leo, a súla ar lasadh le lasair
na buile, agus siúd ar aghaidh iad 'n-a ndrongaibh
uathbhásacha fá dhéin na gcnoc ar thóir an uisge. Lean na
muca iad, gur fágadh na sráideanna gan glanadh, gur
bhris an iomad aicíd agus galar amach i measg na daoine.



“Acht bhí fear ar na Pártighibh, Aca-Cann ab' ainm dó,
árd-shagart na treibhe dob' eadh é, agus chruinnigh sé a
raibh beo dá mhuinntir i dtír na n-Aibitíneach 'n-a thimcheall
le comhairle a ghlacadh leo, agus 'sé an chomhairle thug sé
dhóibh filleadh ar a dtír féin, agus a raibh beo ann de
mhuinntir na n-Aibitíneach a shaoradh. ‘Tá fearg ar na
déithibh,’ ar seisean, arsa Aca-Cann, árd-shagart, ‘tá
fearg ortha faoi rádh is nár fhágamar smachtadh na
n-Aibitíneach fútha féin. Sgaoiltear chuca a-bhaile iad’


L. 58


ar seisean. Acht ní raibh an pobal sásta comhairle an
árd-shagairt a ghlacadh. Le láimh láidir a bhaineadar an
tír amach, agus níor mhian leo a tréigeadh. Bhí cúrsa an
chreasa tugtha ós cionn leith-chéad uair ag an ngréin ó
ghabhadar ceannus na tíre. ‘Cad chuige,’ ars' an sluagh
leis an árd-shagart, ‘nár thug na déithe comhartha dhúinn an
tír a thréigeadh roimhe seo? Cad chuige nár iarradar
orainn na hAibitínigh a thabhairt dóibh i dtosach go
smachtóchaidís iad? Fanaimís mar a bhfuilmid,’ ar siad-
san, ‘agus coinnigheadh ár muinntir na hAibitínigh faoi
smacht.’



“Acht do ghéilleadar do chomhairle an árd-shagairt 's a
deireadh ar aon choingheall amhain .i. nach dtéidhidís thar
teórainn na tíre go mbeireadh na déithe comhartha cinnte
dhóibh go rabhadar ag déanamh a dtola.



“Do chruinnigheadar a raibh beo dá muinntir ar aon
árdán amháin taobh amuigh den phríomhchathair. Chruinnigheadar
an bhantracht agus an chlann ann; na láimhdhéithe agus na
hiodhail; a gcuid asal agus a gcuid maoin shaoghalta, agus
do thugadar aghaidh ar a dtír féin.



“Leigeadar an chéad oidhche thart faoi bhun an tsléibhe
ar a dtugtar Nanba indiu, acht ní túisge 'n-a gcodladh
iad, thar éis contabhairt agus saothair an lae, ná do
mhothuigheadar an talamh ag creathadh agus ag luasgadh
fútha; chualadar torann adhbhalmhór mar bheadh na spéartha
ag tuitim anuas ortha, agus féach! do bhrúcht teangacha
fada caola teineadh aníos ó mhullach an tsléibhe, gur
theangbhuigh na cinn ba fuide díobh leis na néaltaibh, gur
múchadh solus na gealaighe agus na réalta, go raibh an
gleann leathan-mhór 'n-a rabhadar 'n-a ghleann sholuis.
Agus ní raibh aon dá theangaidh de na teangachaibh teineadh
seo ar aon dhath ar fhágáil mullach an tsléibhe dóibh; bhí
dath faoi leith ar gach uile theanga dhíbh agus na dathanna


L. 59


uile ag dul isteach i n-aon dath iongantach amháin i n-uachtar
na spéire. Agus leis an solus áluinn seo, do chonnaic
an pobul na gadhair agus na muca, na leomhain agus na
leopáird ag imtheacht leo thrí choilltibh an ghleanna; do
chonnaiceadar abhainn theineadh anuas chuca ó mhullach an
chnuic — abhainn mhór uathbhásach a sguab léithi a raibh 'san
mbealach; do chonnaiceadar Aca-Cann árd-shagart ar
mhullach carraige móire, a bhrat bán ag imtheacht leis an
ngaoith, a aghaidh tugtha ar na spéarthaibh ag tabhairt árd-
mholadh do na déithibh gur chuireadar i n-iúl dá mhuinntir
go rabhadar ag déanamh a leasa. Acht ghabh uamhan a
mhuinntir; do leigeadar siúd aon bhéic amhain, agus do
theitheadar …



II.



Deir an sean-staraidhe Síneach gur chreid sé féin nach
raibh san sliabh teineadh seo acht finnsgéal a chum sgéal-
aidhthe an Phártigh le iongantas a chur ar a lucht éistthe, ar
nós na sgéalaidhthe uile; “go deimhin,” ar sé, “ní
chuirfinn 'mo leabhar ar chor ar bith é, muna mbeadh gur
innis mo shean-chara dílis Uncá dhom go bhfaca sé a leithéid
de shliabh, le n-a dhá shúil féin, ar an turus a thug sé ar
na Críochaibh ó dheas agus ar Oileánaibh na Mara Reóidhte;
agus deir Uncá liom nach ndéanann muinntir na gCríoch
agus na n-Oileán úd iongantas ná uathbhás de na sléibhtibh
teineadh seo, mar is dóigh leo go mbeadh an domhan ró-the
muna mbeadh go n-éaluigheann an teas amach ar an dóigh
sin …”



Tá cúnntas fada ag an sean-staraidhe annseo ar
imtheachtaibh a charad. Molann sé ar eólas, agus ar
fhírinne, agus ar fheallsamhnacht é; acht ó's fearr de
sgéalaidhe ná de mholtóir é, ní bhacfad acht le n-a sgéal.



“Má thréigeadar a n-árd-shagart 'san bhfásach féin,”
ars' an sean-staraidhe, “do ghlacadar a chomhairle mar bhí


L. 60


an comhartha aca ó na déithibh go raibh an ceart aige. Ar
shroichint a dtíre féin dóibh, chuireadar na ríghte agus
na taoisigh faoi gheasaibh go sgaoilfidís saor a raibh beo
de na hAibitínighibh le go smachtóchadh na déithe iad ar a
mbealach féin. Acht ní raibh beo den druing úd a gabhadh
'san gcogadh acht aon tseanfhear amháin, agus bhí seisean
beagnach dall ó bheith ag obair faoi thalamh 'san mianach
ó sholus na gréine. Tugadh aníos go bárr talmhan é.
Cuireadh bláthfhleasg áluinn ar a mhalaíbh, agus éadach bán
síoda, den chineál a chleachtuigheadh na ríghte, ar a dhruim,
le go mbeadh fhios ag gach n-aon go rabhthas ar tí íodhbairt
a dhéanamh dhe do na déithibh. Ar a bheith gléasta dhó, cuireadh
i n-áirde é, ar charbad a raibh ocht ndaimh bhána faoi, agus
naoi naonbhair maighdean 'n-a dhiadh. Do chruinnigh na
sagairt agus na draoithe timcheall ar an gcarbad ríoghdha
seo, trillseáin 'n-a lámhaibh agus iad ag canadh amhrán
diadha ós a chionn. Do ghluais an carbad agus na sagairt.
Do lean na maighdeana iad. Tháinig an pobal uile 'n-a
ndiaidh siúd; an bhantracht agus an chlann i dtosach; na
ríghte 'n-a ndiaidh; fir mhóra cogaidh faoi n-a gcuid arm
ar deireadh.



“An seanfhear leath-chaoch a bhí i n-áirde ar an gcarbad
níor thuig seisean cé'n fáth dhóibh é thabhairt aníos ó bhruinn
na talmhan le n-a chur i n-áirde ós comhair an tsluaigh.
Ní raibh fhios aige cad chuige go rabhadar ag canadh ceoil
agus amhrán 'n-a thimcheall, acht bhí ceapadh aige go mb'
é an chaoi go raibh an buaidh fághta ag a mhuinntir féin ortha,
agus go rabhadar dá mholad agus dá shaoradh ón sglábhaidh-
eacht le heagla rómpa.



“Bhí an bharamhail seo níos láidre aige ar shroichint
teorainn na n-Aibitíneach don mhórshluagh, mar tugadh
anuas den charbad é, léigheadh tuilleadh amhrán diadha ós
a chionn, agus leigeadh chun bealaigh é agus gadhar mór
'ghá threórughadh.


L. 61


“Acht d'fhan sagairt agus draoithe agus ríghte an
Phártigh ar árdán ar theorainn an dá chríoch ag moladh
na ndéithe go raibh an sean-fhear agus a ghadhar as
amharc.



“Maidir leis siúd rinne sé an bealach go maith i dtosach.
Thug sé faoi deara go raibh sé 'n-a thír féin. Chonnaic sé
sliabh mór Nanba ar a lámh dheis. Bhí an abhainn, agus an
gleann 'n-a mbíodh a áit chomhnaidhthe, ar a aghaidh amach.
Shíl sé nach mbeadh sé i bhfad go gcasfaidhe duine éigin dá
mhuinntir leis. An n-aithneóchaidís é? Céard a dhéanfadh
na fir troda nuair a chloisfidís an droch-íde tugadh dhó
i dtír an Phártigh? Nach ag a mhnaoi a bheadh an fháilte
roimhe? Agus a mhac — ba chóir dó bheith 'n-a fhear mhór
anois. Cé mhéad bliadhain ar chaith sé faoi thalamh? Shíl
sé a gcomhaireamh, le go mbeadh fhios aige cé'n aois a bhí
ag a mhac acht níor éirigh leis. Ní raibh ann acht malrach
nuair d'fhág sé féin an baile, agus is malrach a bhí ann fós
dá mb' fhíor don phioctúir a bhí ós comhair a shúl. Bhí croidhe
an tseanfhir éadtrom ag cuimhneadh dhó ar an saoghal a bhí
le theacht, agus é imeasg a ghaoil.



“Bhí tuitim na hoidhche ann nuair a shroich sé an abhainn.
Bhuail sé faoi ar thulchán, agus sgaoil sé an gadhar mar
bhí tart air. Acht baineadh geit as nuair a chonnaic sé
gurbh ag siubhal ar an abhainn a bhí an gadhar. Níor
chreid sé a dhá shúil. D'éirigh sé. Leag sé cos ar an áit
a mba chóir den uisge a bheith, acht ní uisge a bhí ann ach
mar bheadh dóib dhubh agus teas agus gail ag éirghe aníos
aisti. Chuaidh an ghail seo 'n-a shróin agus 'n-a bhéal agus
dob' fhóbair dhó tuitim. Is annsin thug sé faoi deara nach
raibh duilleabhair ar na crannaibh a bhí le n-'ais; go raibh
an féar féin feosaighthe, bíodh is go raibh tús an tsamhraidh
ann.



“Ghlaodh sé ar an ngadhar. Níor tháinig sé sin chuige;
chonnaic sé ag imtheacht le buile fríd an ngleann é.


L. 62


Chuir sin iongnadh mór air, agus ó bhí an oidhche ann faoi
seo, chuaidh sé isteach i sgailp go mbeadh dreas codlata aige.
Ní túisge dhún sé a dhá shúil ná chuala sé glór i bhfogus dó.
Cheap sé i dtosach gur ag brionglóidigh a bhí sé, acht níorbh'
eadh. Chuala sé an ath-uair é:



“Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” faoi dhó de lag-
ghlór a raibh binneas an domhain ann. D'éirigh an sean-
fhear de phreib.



“Patan-Lú! Patan-Lú!” ar seisean 'n-a shean-
bhéic ag tabhairt freagra ar an nglór. A mhac féin a bhí
ann, ba dhóigh leis. An gadhar do threoruigh chuige é. Bhí
sé ó bhaoghal 'sa deireadh. Bhí sé i measg a mhuinntire.



“Patan-Lú! Patan-Lú!” ar seisean d'árd a gotha,
agus a dhá láimh sínte amach uaidh go mbeireadh sé ar an mac
úd nach bhfaca sé le na bliadhantaibh, go bhfáisgeadh sé le
n-a chroidhe é. Acht níor fháisg, bíodh is gur chuala sé an
glór arís, agus é ag imtheacht uaidh mar shíl sé. Ag
imtheacht uaidh a bhí sé; ag imtheacht uaidh, i gcomhnaidhe
'gcomhnaidhe, agus ag dul i laige de réir a chéile.



“Bhain sé ar 'n-a dhiaidh. Dá n-éalóchadh an mac uaidh agus
é i ngreim ann beagnach! Thar an abhainn dóibe, agus
thríd an gcoill thall, agus thar an machaire atá ar an taobh
thall dhi 'seadh chuaidh sé. Agus d'imthigh leis i ndiaidh an
ghlóir chomh tréan is do bhí ann, bíodh is go raibh an féar
feosaighthe géar ag gearradh a chos agus an boladh a bhí ag
éirghe aníos as an talamh 'san áit a raibh an fás ’ghá lobhadh
ag dul 'n-a pholláiríbh. Anois agus árís cheapadh sé go
raibh sé ag teacht suas leis an té a bhí ag glaodhach, agus
annsin do ghlaodhfadh sé féin.



“Patan-Lú! Patan-Lú!”


L. 63


“Acht ó bhí sé ag éirghe tuirseach cheap sé a sgíth a leigint.
Nach bhfeicfeadh sé a mhac 'sa mbaile ar maidin? Cé'n
mhaith dhó é féin a mharbhadh ar an chaoi seo? Bhí sé ar tí
bualadh faoi ar an talamh te tirim agus cead imtheachta
a thabhairt don té ar leis an glór, nuair a thug sé faoi
deara gur ar an árd a bhí os cionn a thighe féin a bhí sé.
Marach an oidhche a bheith ann, agus na súla a bheith go lag
tinn aige, d'fheicfeadh sé an deatach ag éirighe aníos ar
crionn na gcrann árd pailme, is dócha. Rinne sé ar an
áit a mbíodh an t-árus; ba léir dhó le solus na gealaighe
a bhí ag éirghe ós cionn na gcrann nár chomhnuidh éinne ann
le fada an lá. Bhí neantóga san doras ann, agus fiadhaile
de chineál ghránda, agus féar árd san gcasán.



“Thuit a chroidhe air.



“Acht céard sin? An glór arís! Do ghlaodh sé féin.
Do bhéic sé. Do lean sé an glór arís, agus an glór ag
imtheacht uaidh mar shíl sé. É ag dul i laige agus i laige.
Eisean ag géarughadh agus ag géarughadh ar an siubhal,
agus ag glaodhach ó am go ham: “Patan-Lú! Patan-
Lú!” gur thuit sé 'san deireadh le tuirse agus le easbaidh
anála.



III.



“Bhí an lá ann nuair a dh'éirigh sé. Na céadta cág
feola a bhí ag sgréachghail agus ag foluamhain ós a chionn
'san spéir a dhúisigh é. I n-aice leis bhí conablach a bhí dhá
bpiocadh aca; chuir a ngobanna fada cama, agus a súla
beaga dearga sanntacha eagla air. Ba beag leis na
héanaibh fíochmhara sin é alpadh 'n-a bheatha. D'imthigh leis
agus súil aige go bhfuigheadh sé biadh agus deoch i n-áit
éigin. Acht ní bhfuair. Ní raibh biadh le fagháil ag aon
ainmhidhe 'san bhán-fhásach sin, acht ag an gcág feóla agus ag


L. 64


an madadh allta a shluigeadh salachar ar bith. Agus
annseo agus annsúid ar fud an mhachaire, do chonnaic sé
na carnáin chnámh 'san áit a thuiteadh an duine nó an
beithidheach …



“Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” ar an glór arís.
An glór úd a bhí 'ghá mhealladh isteach 'san bhfásach. Glór
a mhic mar shíl sé. Faoi bhun sgeiche cumhartha a bhí sé nuair
a chuala sé an uair seo é, acht bhí sé ró-lag ró-thuirseach
ró-thugtha le freagra thabhairt air. Ní raibh ann éirighe.
Ní raibh ann súil féin a fhosgailt. Is ar éigin a bhí a
mhothughadh ann, acht bhí na focail úd, ‘Aba-Cána-Lú,’ ag
déanamh ceoil 'n-a chluasaibh, bíodh is go raibh an bás féin
ag teannadh leis. Acht sul ar imthigh an t-anam uaidh,
d'osgail sé a dhá shúil agus chonnaic sé go glan soiléir an
phéaróid a bhí i n-áirde ar an gcraoibh agus na focail,
“Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” 'ghá gcanadh aici!
Agus muna mbeadh na súla a bheith go lag tinn aige,
d'fheicfeadh sé na mílte cág feola chuige anoir, agus iad
go craosach fíochmhar ocrasach …



“Dob' í an phéaróid seo a mheall an seanfhear isteach
'san bhfásach le n-a glór, an t-aon ní beo a bhí i n-ann
teanga ná n-Aibitíneach a chanadh nuair a fuair an sean-
sglábhaidhe bás faoi bhun na sgeiche; agus,” ars' an sean-
saoi Síneach i ndeireadh a sheanchuis, “agus ní bheadh fhios
againn indiu,” ar seisean “go raibh a leithéid de
chineadh ná a leithéid de thír áluinn ann ariamh muna mbeadh
go bhfuil a dtuairisg againn 'nár leabhraibh.”


L. 65


CLEAMHNAS SAN OIRTHEAR.



Is dócha gur sean-ghnás é an cleamhnas, ní hé amháin i
nÉirinn agus i measg na gCeilteach, acht i dtíorthaibh i
bhfad i gcéin. An té atá ar lorg mná, is adhbhar grinn é i
gcomhnaidhe — ní mé fán mbith cé'n fáth — agus b'éigin dom
gáiridhe a dhéanamh an oidhche fá dheire nuair a rugas ar
an sean-leabhar Síneach a thug mo dhearbhráthair a bhíodh n-a
mhairnéalach tráth san domhan thoir a bhaile leis, agus nuair
a léigheas an sgéal seo atá 'mo dhiaidh. B'éigin dom é
Ghaedhealughadh roinnt ar eagla nach dtuigfidhe na sean-
nósa coimhthigheacha, acht níor bhacas le cnámhaibh an sgéil,
mar bhí mianach an sgéalaidhe san sean-ughdar Síneach.



I.



Bhí rí cumasach ar thír an Phártigh uair. Cann-Aman dob'
ainm dó. Agus do bhronn na déithe mórán beannacht
ar Chann-Aman; thugadar ciall mhór dhó, staidéar agus
géar-chúis thar mar tugadh do aon fhear eile a mhair le n-a
linn. Bhí sé chomh géar-chúiseach fad-bhreathnuightheach sin is
nach ndeárna sé gáiridhe le cuimhneadh na ndaoine ba
shine 'na ríoghacht. Na comhairleóirí a chruinnigh sé 'na
thimcheall, bhíodar críonna ciallmhar ar a nós féin, agus do
chuireadar dlighthe géara pianamhla i bhfeidhm le cosg
a chur le haos ceóil, agus le lucht rinnce agus le geógaighibh
taisdil. An té a rinne gáiridhe ar an mbealach mór, bhí
air caipín buidhe a chaitheamh go ceann ráithe! An té a chas
amhrán, acht amháin amhrán ag moladh déithe na tíre, bhí air
mionn phráis a chaitheamh go deireadh na míosa sin. Acht
an fear rinnce agus an geógach taisdil — ní raibh an chroch
sáthach dona dhóibh siúd. Mo léan! gan dlighthe ciallmhara
mar iad i dtír na Síneach …


L. 66


Bhí inghean ag Cann-Aman. Bhí an inghean seo go háluinn.
Dubhairt mo mhac féin liom go raibh; dubhairt sé go raibh
sí chomh gléoite cumtha leis an eilit, chomh sgiamhach leis an
gcrann ubhall ar theacht an earraigh, go raibh a dá súil
ar nós … file agus leannán a bhí i mo mhac le linn a
óige, acht tháinic ciall chuige ó shoin. Fear áirimh agus
réaltóir atá ann anois, agus is gile agus is áilne leis na
réaltóga badh shuaraighe ná súile ná mná ba bhreaghtha da'r
mhair ariamh.



Do bhí filí i dtír an Phártigh, agus do bhídís ag ceapadh
dánta agus amhrán ag moladh na hinghine, acht ar eagla
an ríogh agus a lucht chomhairle do leigidís orra féin gur
ag moladh na mban-dhéithe do bhídís. Tá roinnt don
fhilidheacht seo agam 'mo leabharlainn, agus cuireann sé
gráin agus droch-mhisneach orm nuair a smaoinighim ar an
deagh-chainnt, agus ar na foclaibh bríoghmhara borba, agus
ar na ráidhte deágh-chumhtha snasta leigeadar amudha ag
moladh mná! Nach le déithibh a mholadh tugadh an chainnt
do dhaoine i dtosach? Muna mbéadh faitchios na ndlighte
n-uasal Síneach do chaithfinn na leabhair raiméiseacha seo
isteach san abhainn …



Ní bhacfainn le hinnseacht do mo chomh-Shínighibh cé'n lear
mór ríghte agus chlann ríghte a bhíodh ag triall ar árus
Cann-Aman ag iarraidh na hinghine uaidh, acht amháin gur
mian liom baois na bPártigheach agus na gcoimhthigheach eile
nochtadh dhóibh. Bhí bóthar leathan ós comhair an tighe amach,
agus dubhairt mo mhac liom nach raibh aon lá san mbliadhain
nach ngabhfadh rí coimhthigheach agus a shluagh an bóthar sin,
agus súil ag gach rí díobh go gcuirfeadh Cann-Aman fios
air, agus go dtiubhradh sé an inghean dhó. Acht ní raibh
baoghal ar Chann-Aman a leithéid a dhéanamh. Bhí aithne aige
ar a lán díobh. Ní daoine staidéaracha bhí ionnta — muna
mbéad go mba ríghte iad bhéadh ar chuid aca an caipín buidhe
a chaitheamh …


L. 67


Bhí an inghean áluinn ag dul i n-aois faoi 'n am seo!
Ba ró-bhaoghalach nach bhfuigheadh sí fear-chéile oireamhnach
ar chor ar bith, agus tá fhios ag an saoghal go mba mhór
an náire inghean ríogh a bheith gan céile. Chruinnigh an rí na
comhairleóirí uile le chéile. Bhí na hárd-shagairt agus na
saoithe agus na leagha ar an gcomhdháil sin. Bhí Cann-
Aman ann, agus é go dorrdha duairc dúthrachtach, mar ba
chóir do rígh a bheith. Chuireadar impidhe ar a ndéithibh
cuidiughadh le n-a saothar mhór. Chaitheadar trí lá agus
trí oidhche 'n-a dtrosgadh sul ar labhradh focal. Ní fir
chainnteacha a bhí ionnta ar aon tsaghas cuma. An
t-árd-shagart a labhair i dtosach, agus do labhair sé go
réidh agus go mall agus go smaointeach agus an chuideachta
uile ag slogadh na bhfocal a tháinic amach as a bhéal. Bhí
giolla sa láthair agus ní raibh de ghnó air acht aire thabhairt
do ghloine na n-uaireann. Ar a bheith críochnuighthe don
árd-shagart, rug an giolla seo ar ghloine na n-uaireann
agus do chuir i dtreó í, agus ní raibh cead ag aon neach
labhairt arís go raibh an gaineamh ag tóin na gloine, acht
iad uile ag machtnamh ar bhriathraibh an árd-shagairt. An
rí féin, Cann-Aman cumasach, an chéad duine eile a
labhair. Cainnt chruaidh ríoghdha adubhairt sé nár tuigeadh
go ró-mhaith. D'iompaigh an giolla an ghloine ar a bheith
críocnuighthe don rígh. I gceann uaire eile, do labhair
fear — fear a raibh cáil mhór air, ar mheabhair agus ar
thuigsint, acht níor éirigh leis siúd an cheist mhór a réidhteach.
Nuair a bhí a chainnt siúd raidhte aige, agus gloine na
n-uaireann i ngreim ag an ngiolla le n-a iompughadh,
do chualadar uile an fothram agus an gleó mór taobh
amuigh den árus ríoghdha. Bhí an domhan mór fear bailighthe
ann ó thosuigh an chomhairle, agus iad ag feitheamh le sgéala
go foighideach. Acht céard a bhí ar siubhal aca anois?
Cé'n fáth an tormán? An ar buile a bhí an sluagh?
Thuit eagla ar a raibh cruinnighthe i dteach na comhairle


L. 68


mar chualadar gach sgairt gháiridhe b'aoirde agus ba
ghile ná a chéile ón sluagh mór. D'éirigh an rí mór, Cann-
Aman cumasach 'na sheasamh. Bhí fearg na ndúl 'n-a ghruaidh
uasail. Ní raibh croidhe i gcléibh fir dá raibh i dteach na
Comairle do phreab ar feadh sgathaimh bhig aimsire, acht
dath an bháis mhóir 'n-a n-aighthe. Tháinic gáir ghrinn agus
áthais ó na mílte sgórnach taobh amuigh. Cluineadh amhrán —
amhrán a raibh greann agus magadh agus meidhir mhíchuibheasach
ann — ó dhuine éigin. Bhí an chroch agus na bútaisí iarainn
theó tuillte ag an duine sin. Ó! a Shíneacha aoibhinne,
ní féidir libh a thuigsint cé'n choir mhór mharbhtha a bhí dhá
déanamh ós comhair an ríogh chumasaigh ar a dhul chuig an
bhfuinneoig dhó. Bhí an sluagh mór 'sna trithíbh, agus iad
bailighthe timcheall ar fhear árd dubh-ghnéach folt-chas, a
bhí ag canadh amhráin ghrinn agus ag baint gach cor agus gach
casadh as a bhéal agus as a shróin; féachaint dá dtug an
fear dubh-ghnéach i n-áirde do chonnaic sé an rí agus a
lucht chomhairle ag an bhfuinneóig faoi n-a gcuid éadaigh
dhuibh chomhairle. Chonnaic an sluagh an rí. Tháinic sgáth
orra. Chonnaic an fear dubh-ghnéach an rí acht níor tháinic
aon sgáth air siúd. Ní dheárna sé acht a dhá chluais a
chorrughadh ar nós asail óig mheidhrigh mhí-chéillidhe! Chuala
an rí, agus na comhairleóirí uile, duine ag gáiridhe go
geal agus go háthasach ag fuinneoig eile den ríoghbhrugh.
Do haithnigheadh an gáiridhe sin. An inghean áluinn a rinne
é! An giolla a bhí ag freasdal ar an lucht comhairle,
chonnaic seisean céard a bhí ar siubhal ag an bhfear dubh-
ghnéach agus do phléasg sé. Cuireadh sgian fhada 'n-a
chroidhe ar an mball.



Tugadh an cuirptheach, an fear dubh-ghnéach isteach i
láthair na comhairle, acht ní túisge istigh é ná go ndeacha sé
de léim éasgaidh ar an gclár fhada a bhí i lár an tseómra.
Thosuigh sé ag siubhal ar an gclár acht — ó! ní chreidfidh sibh
uaim é, Shíneacha aoibhinne — is ar a dhá láimh a bhí sé ag


L. 69


siubhal agus na cosa i n-aér aige! Ní raibh neach dá raibh
ann i n-ann cor a chur dhe le n-a chosg, bhí an oiread sin
den uathbhás agus den náire orra. D'éirigh an fear dubh-
ghnéach 'n-a sheasamh ar a chosaibh. Siúd chuig an rí féin é,
chuig Cann-Aman chumasach. Rug sé ar shróin air, agus
thosuigh 'gá chasadh agus 'gá lúbadh go raibh cuma na
gealaighe nuaidhe uirri. Ní féidir leis an leomhan ná
leis an leopárd cor a cur dhe nuair a bhíos súile nathair
nimhe sáithte ann. B'fhearacht don chuideachtain seo é.
Mo náire! mo náire shaoghalta! An rí mór cumasach
léigheannta agus geógach i ngreim srónach ann! Mo
chreach agus mo dhubhrón go dtiocfadh sé san saoghal go
mbéadh orm-sa, go mbéadh ar Cheó-bhó, an gníomh fíor-
náireach seo aithris! Acht beatha staraidhe an fhírinne …



Dubhairt mo mhac liom — an mac úd atá 'na réaltóir
anois agus a mba ghile leis na réaltóga ná súile na mban
— dubhairt sé liom go bhfaca an fear dubh-ghnéach an
inghean áluinn ag an bhfuinneóig agus í go dubrónach
doilgheasach, sul ar thosuigh sé ar a chuid cleasaidheachta,
agus nach dtosnóchadh sé muna mbéadh í, nach raibh uaidh
ach sult a bhaint aisti. File agus leannán a bhí in mo mhac
le linn a óige agus tá sgil mhór aige 'sna neithe seo; tá
eolas mór aige saoghal, ar fhearaibh agus ar mhnáibh
agus ar a mbealaighibh, bíodh is nach bhfuil suim aige i n-aon
ní anois acht 'sna réaltaibh … Ar chaoi ar bith, nuair
a tháinic a mothughadh agus a meabhair chuig an lucht comhairle
do chonnacadar an inghean áluinn ag an doras agus
suairceas 'n-a gruaidh!



Rug an lucht freastal ar an bhfear dubh-ghnéach, agus
chuireadar faoi ghlas agus céad é, i ngéibhean faoi thalamh
go socróchaidhe cé'n bás uathbásach a mba chóir a thabhairt
ar a leithéid de dhuine. Rugadh ar an inghin áluinn freisin,
agus sáitheadh isteach i seómra i n-uachtar an áruis í, go
dtiocfadh a ciall féin chuici, agus go réidhteóchaidhe an


L. 70


cheist mhór a bhí ag cur imnidhe ar chomhairleóiríbh an ríogh.
Annsin do shuidh an chomhairle chum gnótha an ath-uair, acht
bhéadh a fhios ag duine mheabhrach narbh í an chomhairle chéadna
anois í. Ó am go ham do cheap an rí go mbriseadh mion-
gháiridhe ar an gcomhairleóir dob' óige dá raibh ann, acht
ní chreidfeadh sé a shúile. Ba dhóigh leis gur draoidheacht
a cuireadh air. Agus bhí an bharamhail cheannfhionn chéadna
ag an árd-shagart i dtaobh súl an ríogh. Bíonn ceapadh ag
na Pártighibh agus ag cineadhcha coimhthigheacha aineólacha eile
nach iad, a Síneacha aoibhinne, go mbíonn an draoidheacht
seo ann … dubhairt mo mhac liom — an mac úd atá
'na réaltóir anois dubhairt sé liom gur bhris mion-gháiridhe
ar chomhairleóir óg ag an gcomhairle seo, agus bhí aithne
aige-sean air le linn a óige i dtír an Phártigh. Agus
tá sgil mhór ag mo mhac 'sna …



Dhá lá eile a bhí an chomhairle 'na suidhe; agus i gceann
na haimsire sin do shochruigheadar ar an dá chomhairle
seo; an bás ba mhilltighe d'fhéadfadh an t-árd-shagart a
cheapadh dhó a thabhairt don chuirptheach, don fhear dubh-ghnéach,
agus teachtairí a chur amach ar fud na gcríoch uile, ó
bhórdaibh na Mara Reóite go hOileánaibh an Oirthir, le
fear d'fhágháil a bhéadh i n-ann smacht a chur ar an inghin
áluinn, a bhéadh i n-ann an sult náireach agus an suairceas
mí-chéillidhe a bhaint aisti!



II.



Tá an-chuid cainnte ag an sean-ughdar Síneach faoi'n
teachtaireacht seo a cuireadh amach ar fud na gcríoch le
céile oireamhnach d'fhagháil don Inghin Áluinn.



Na daoine a bhí ar an teachtaireacht, na tíortha 'n-a
rabhadar, na hiongantais a chonnaiceadar, na cineadhcha
agus na hainmhidhthe éagsamhla casadh leó ar an turas —
na sléibhte teineadh, na fairrgí reóidhte, na haibhneacha
dóibe, na sean-teampuill 'n-ar hadhradh déithe do-aithnighthe,


L. 71


tá cunntas iomlán beacht aige orra uile 'na leabhar;
acht ó's rud é nach mbaineann siad le sgéal an chleamhnais
ní bhacfar leo annseo.



Bhí a mhac ar an teachtaireacht, ar ndóigh; acht bíodh cead
cainnte ag an sgéalaidhe féin:



Bíodar uile ceaptha filleadh a-bhaile (ar seisean) nuair
adubhairt mo mhac leó go raibh tír shaidhbhir, tír chumasach
taobh thall de mhór-fhásach na Taoi-Sung, réagún 'n-a raibh
ríghthe agus mór-uaisle do sháruigh a bhfacadar ariamh de
ríghthibh ar mhaoin, agus ar cháil, agus ar éirim aigne.
Acht bhí eagla ar na seanóiríbh an mór-fhásach a threasnughadh.
An fásach millteach gainmheach buidhe sin! an fásach
draoidheachta sin a mheall na mílte isteach ann gan filleadh
i ndán dóibh! an fásach uathbhásach sin a bhí gan luibh gan
lus, gan duine gan ainmhidhe, acht na carnáin cnámh thall
agus i bhfus agus iad ag sgáineadh faoi 'n ngréin! An
fásach úd 'n-ar mhair na hAibitínigh tráth don saoghal, an
cineadh úd a sguabadh de dhruim an domhain!



Ní iongnadh é go mbéadh eagla ar na seanóiríbh a dhul
thar an bhfásach seo; acht mo mhac-sa — é siúd a bhí 'na fhile
tráth, bhí seisean 'na measg, agus do ghríosuigh sé iad chum
gluaiseachta.



D'imthigh leó, iad féin agus a gcuid asal agus a gcuid
cámhall agus a gcuid gadhar dubh tanaidhe, agus a gcuid
capall bídeach trom-chosach, gur shroicheadar teóra an
fhásaigh. Annsiúd, ar imeall an fhasaigh, chuaidh siad uile
ar a nglúnaibh agus an ghrian ag dul faoi, agus do
chuireadar na mílte impidhe ar a ndéithibh iad a thabhairt
slán. Bhí an t-árd-shagart ann, a shúile ar lasadh, a
fheasóg fhada bhán le gaoith, agus na focail bheannuighthe ag
teacht ó n-a bhéal 'n-a sruthaibh meara; na teachtairí eile,
idir íseal agus uasal, idir giollaíbh agus maithibh, cromtha
leis an talamh, agus duanta diadha dhá gcanadh aca; an
liaigh óg, é siúd ar ar tháinic an gáiridhe ar fheiceál a


L. 72


gheogaigh dhó, agus do mhac féin, bhíodar i bhfochair a chéile
ann. Bhí croidhe trom tuirseach i ngach cléibh ag dul isteach
san bhfásach mhillteach dhóibh, mar ní raibh a fhios éinne cé'n
chinneamhaint a bheireadh orra ann. Ní raibh fhios cé na mná
a bhéadh ag géar-ghol i dtír an Phártigh, cé na páistí bhéadh
'na ndílleachtaibh gan mórán aimsire. Acht bhí orra an
turas a thabhairt; bhí orra céile oireamhnach a sholáthar d'
inghin an ríogh chumasaigh, d'inghin Chann-Aman, nó bheidís
uile náirighthe go broinn an bhrátha. Aoibhinn liom a
ndútracht agus a ndílseacht agus a misneach, a Shíneacha
áilne.



Acht is fíor-bheagan den tslighe a bhí curtha díobh aca,
gur ghabh ocras mór iad. Bhí ar uachraránaibh na teach-
taireachta na giollaí a choinneál ó bheith ag shíor-alpadh an
bhídh. An gaineamh agus an dóib agus an chré dhonn dhóighte
a bhí thart thimcheall, do chuiridís 'na mbéal é, agus bhídís
'gá chogaint. Ghabh ocras na huachtaráin féin, acht ní
leigfidís orra é. Chuaidh an t-árd-shagart ar leathtaoibh,
agus do bhain greim as bróig leathair a bhí ar a chois!
Thuit fear an dara lá, agus fágadh mar ar thuit sé é;
ní raibh duine ann a mholadh dhóibh an corp uasal daonna
a thabhairt leó; bhí a ndóthain eile ar a n-aire; agus ar
dhearcadh ar a gcúl dhóibh ar maidin, do chonnaiceadar
sgamall cág ag déanamh ar a chorp … Thuit fear
eile leis an ocras. Acht má thuit níor bacadh leis. Agus
fear eile agus fear eile; agus nuair a bhíodh an sgamall
cág réidh leis an gcéad chorp, d'ionnsuighdís an dara
ceann agus an treas ceann, agus iad ag leanamhaint na
teachtaireachta ar feadh an achair … an teachtaireacht
dearóil tnáithte sin! Sgréachghail na gcág 'na gcluasaibh,
solas draoidheachta 'á mealladh i lár an lae ghlégil, bailte
áilne agus ríoghbruigh uaisle le feiceál aca 'sna spéarthaibh,


L. 73


croinnte ag cromadh faoi mhór-ualach toradh, toibreacha
fíoruisge — uisge! uisge! dá mbéadh braon aca!



Bhíodar uile i ndeireadh na ndéithe. Ní rabh i ndán
dhóibh acht an bás, an bás millteach. Ba léir don uile
fhear dá raibh ann go raibh sé ag teannadh leó, ag teannadh
leó go réidh socair le coisméigibh malla cúramacha. Bhí
cuid aca ann, agus do chonnaiceadar é 'na chló agus
'na phearsain, agus nuair d'iarr an t-árd-shagart orra
uile cabhair iarraidh ar na déithibh, na daoine seo chonnaic
an bás i bpearsain, ní ar na déithibh bhíodar ag guidhe acht
ar an mbás. Ba gheárr an t-achar go bhfaca an t-ard-
shagart féin é. Chonnaic cách é. Chonnaic cách an fear
árd dubh-ghnéach a bhí ag déanamh orra. Bhí dubrón agus
doilgheas an tsaoghail 'na aghaidh, acht má bhí féin do cheap
mo mhac go raibh an-chosamhlacht aige leis an ngeógach úd
a cham srón ríogh an Phártigh, a cham srón an ríogh chumasaigh
Cann-Aman, acht ní raibh san gceapadh sin is docha acht
ceapadh ocrais …



An bás a theacht ar dhuine i lár fásaigh! Gan do chnámha
uaisle a bheith i bhfochair cnámha do shinsir, a Shíneacha
aoibhinne! Ó! bhó! bhó!



Do labhair an fear árd:



“A Phárteacha, leanaidh mise,” ar seisean.



Níorbh eól do neach dá raibh sa láthair an i dtír na marbh
a bhíodar nó narbh' eadh. Níorbh' aoibhinn le neach dá raibh
ann a thuilleadh aithne chur ar an bhfear árd dubh-ghnéach a
casadh leó. Tháinic cineál lagair agus trom-luighe ar a
bhfurmhór le neart a n-uathbháis roimh an bhfear árd choimh-
thigheach.



Acht do threóruigh seisean iad; do shéid sé stoc agus do
tháinic a mhuinntir chuige, dá fhear déag aca agus an
feisteas céadna orra is bhí air féin .i. brat fada dubh


L. 74


go glúnaibh, bútaisí adhmaid, hataí gorma ciumhais-leathna,
slabhra práis faoi chom gach fir díobh, agus mionn airgid
faoi n-a muineál aca, agus an mhuin sin ag soillsiughadh
faoi sholas na gealaighe.



Thug an fear árd an teachtaireacht leis gan mórán
cainnte a chailleadh. Go ríoghbhrugh uasal bán ar a raibh
na céadta spíríní ag gearradh na spéartha thug sé iad;
nuair a tháinic a gciall agus a mothughadh chuca i dtosach,
ba dóigh le gach duine gur i mbrughaibh na marbh a bhíodar.
Acht ba ró-gheárr gur thugadar faoi deara narbh' eadh.
D'aithnigheadar béasa na ndaoine. I gcríochaibh Lú-
Cúsa a bhíodar. B'é Lú-Cúsa féin an fear árd a threóruigh
agus a shlánuigh iad. Agus annsin thugadar moladh da
na déithibh d'fhóirigh orra i n-uair a ngábhaidh. A Shíneacha
aoibhinne, tugaidh moladh do na déithibh i gcomhnaidhe, agus
ní chlisfidh siad oraibh. Ní eirgheann lá agus ní thuiteann
oidhche ar mo mhac-sa nach …



Ní'l aon chur síos ar mhórdhacht, ná ar ghradam an
ríoghbhrogha seo 'n-a rabhadar. Bhí comhairleóirí agus lucht
freastail ann, draoithe agus saoithe ileólacha, maighdeana
mánla faoi ghréas-bhratacha iomad-dathacha, agus iad ag
canadh duanta le adhradh thabhairt do na déithibh; bhí
buachaillí bídeacha dubh-chraiceannacha ann ag freastal
ar shaothibh an eólais; bhí mogha ann idir fearaibh agus
mnáibh, agus ba dhóigh le mo mhac-sa ar a bhfeisteas go
mba lucht grinn agus suilt iad, acht nach bhfaca sé aon
ghreann san ríoghbhrugh ná cosamhlacht ghrinn. Ní deárnadh
gáiridhe ann le linn na teachtaireachta a bheith san áit,
acht an uile dhuine idir uaislibh agus íslibh go duairc
solamhanta mar ba chóir dhóibh a bheith.



Níor labhradh acht nuair a bhí gábhadh le labhairt. San
gcúirt sin do moladh na déithe go mion agus go minic.
Do tugadh biadh do bhochtaibh, agus annlann do lucht na


L. 75


mbolg lán ann. Ba mhór é aoibhneas an árd-shagairt, é
féin agus a chomhlucht a bheith san ríoghbhrugh sin. Dá
bhféadfadh sé an fear árd, an rí mór Lú Cúsa a bhí i
gceannas na cúirte, d'fhagháil mar fhear-chéile d'inghin an
ríogh, d'inghin Chann-Aman! Acht an geógach! An geógach
a cham srón Chann-Aman! An gníomh náireach sin a bhí ag
déanamh buaidheartha don árd-shagart. An gníomh
uathbhásach sin a bhí ag cur imnidhe air; 'sé bhí a baint
codladh na hoidhche dhe, agus suaimhneas an lae; 'sé a
choinnigh é ó cheist an chleamhnais a tharraingt anuas. Ba
mhór an truagh an t-árd-shagart. Ba bhocht é a chás, a
Shíneacha aoibhinne.



Bhí an rí agus mo mhac-sa i bhfochair a chéile lá, agus gan
ann acht iad féin.



“Iongantach an pobal iad na Pártigh,” arsa mo
mhac.



“Iongantach liom iad,” ars' an rí.



“Áluinn a dtír; uasal a mbéasa,” arsa mo mhac.



“Áluinn a dtír; uasal a mbéasa,” ars' an rí.



“Cumasach a rí.”



“Ar dírigheadh a shrón fós?” ars' an rí, agus bhí frighid
an ghrinn 'na shúilibh dubha loinnreacha.



Dhearc mo mhac air. Deir sé liom go raibh greann le
feiceál 'n-a shúilibh féin an uair chéadna. D'admhuigh sé
dhom-sa é, a Shíneacha.



“Aoibhinn an inghean, inghean áluinn Chann-Aman,” as
seisean gan bacadh le ceist an ríogh.



“An inghean thug searc a croidhe do gheogach,” ars' an rí.



Ní raibh fhios ag mo mhac céard ab' fheárr dhó a dhéanamh.
Acht dubhairt sé an chainnt seo fá dheóidh:



“A rígh mhóir, a Lú-Cúsa, a rígh chumasaigh, a athair do
phobail, a shaoi imeasg na suadh, a ridire gan cheilg, a ursain
i gcontabhairt, a ghaisgidhigh thar ghaisgidhighibh, ná tóg ar rí
an Phártigh é gur leag geógach malluighthe lámh ar a shróin,


L. 76


geógach suarach dearóil gan éirim, agus ná ceap a rí, ná
creid é, go dtug an Inghean Áluinn searc don truaghán
sin atá uaigh faoi seo.”



Bhí faoi a lán eile rádh, acht ar fhéachaint ar an ríogh dhó,
do chonnaic sé a dhá chluais ag corrughadh an nós asail óig
mheidhrigh; do chonnaic sé gach cor agus gach casadh dá raibh
sé a bhaint as a shróin féin; do chonnaic sé sult an domhain
mhóir i ngruaidh uasail shochma an ríogh.



A Shíneacha, a Shíneacha aoibhinne, b'é an geógach a cham
srón Chann-Aman a bhí ann! mo náire é! rí mór a bheith
ag imtheacht ar fud na gcríoch 'na gheógach! rí cumasach
a dhul i gcontabhairt a bháis le sult agus suairceas a bhaint
amach! Náire liom mo mhac nár innis sé dá chomluadar
ar áit na mbonn cé'n teach 'n-a rabhadar. Níor innis.
Ó! go bhfuil orm-sa an sgéal brónach a nochtadh! mo
chéad léan, agus mo réabadh croidhe! Chaoch sé súil ar an
rí. Rinne sé comh-gháiridhe leis, rinne sé comh-shuairceas
leis, rinne sé chomh-fhleadh leis, acht, a Shíneacha aoibhinne,
nach eól díbh gur breágh le ciaróig ciaróg eile? File agus
fear suilt a bhí 'mo mhac an uair sin, acht anois …



Tháinic muinntir an ríogh isteach. Na comhairleóirí a bhí
go dorrdha os cómhair na bPártigheach, bhíodar gléasta i
gcultachaibh cleasaidhthe agus geogach anois; na saoithe a
raibh sean-eólas an tsaoghail de mheabhair aca ar ball, bhí
a mhalairt de chosamhlacht orra anois. A n-aighthe daithte
sméartha ag cuid díobh; a gcosa i n-aer ag cuid eile;
cuid eile fós a bhí ag sgréachaoil agus ag béiciughadh agus
ag léimniughadh ar nós lucht buile! Tháinic na maighdeana
mánla isteach agus na buachaillí dubh-chraiceannacha, agus
na giollaí suairce faoi ualaighibh bídh; giollaí suairce eile
faoi ualaighibh dighe — agus deir mo mhac liom nach raibh
ort acht blaiseadh den digh sin, agus do cheapthá nár
cruthuigheadh an saoghal acht le sult a bhaint as. Bhí aos
ceóil agus aos seanma ann, lucht cleas agus lucht magaidh


L. 77


daoine a bhí i n-ann liathróid a dhéanamh díobh féin, daoine
a bhíodh ag gáiridhe ó rugadh iad, agus gan de chúram orra
acht gach cineál gáiridhe ní b'aistighe ná a chéile d'fhoghluim.
Bhí oide muinte na ndaoine seo ann, agus é 'gá dtreórughadh
agus ní raibh aon fhear ar an gcomhluadar a bhí go duairc
dólásach acht é siúd. Agus d'éirigheadh Lú-Cúsa, rí mór
na réigiún sin, agus do bhaineadh sé fad as a shróin agus
as a chluasaibh, ós comhair an oide, acht ní bhaineadh a
dhicheall mór gáiridhe as siúd!



Níor éirigh leis an rígh gáiridhe a bhaint as; níor éirigh,
ná le Iodhal an tSuilt féin a bhí i n-áirde aca ar an
mballa, agus é ag riaradh na fleidhe. Agus ní dócha go
gclisfeadh air siúd gáiridhe a bhaint as éinne eile a cruthui-
gheadh ó thús aimsire, acht as an oide amhain. Ní bhéadh ort
acht féachaint air ar a shróin gheanncaigh, ar a shúilibh beódha
gáireacha, ar na cosaibh geárra reimhre a bhíodh ar fuaidhreadh
faoi de ghnáth, agus thiocfadh gáiridhe ort dá mbeidhtheá i
mbéal an bháis. Acht a Shíneacha aoibhinne, ní leigeann an
ceannfaoi dhom a thuilleadh cur-síos a dhéanamh ar an
bhfleidh náirigh seo, ná ar dhia bréige an tSuilt; muna
mbéadh mo mhac féin a bheith sa láthair ní chreidfinn go
bhféadfaidhe a leithéid a bheith ann an tráth seo den tsaoghal.
Acht bhí mo mhac ann, bhí, a Shíneacha na gcarad, acht bhí
sé óg an uair sin; bhí sé an-óg; maithimís dhó.



Nuair a bhí an fhleadh náireach seo thart bhí comhrádh ag mo
mhac leis an rígh, le Lú-Cúsa.



“Pósfad inghean ríogh an Phártigh,” arsa an rí arsa
Lú-Cúsa.



“Beirfear ort, agus annsin …” arsa mo mhac.



“Ní aithneóchár mé. Ceapfar an chéad uair eile, gur
duine ciallmhar solamhanta mé, agus 'seadh freisin; má


L. 78


bhím 'mo gheógach ar uairibh, 'sé an ceólán sin thuas ar an
bhforadh is ciontach leis.”



D'fhéach an bheirt aca ar an iodhal a raibh na cosa geárra
reimhre ar fuaidreadh faoi, agus do cheap an bheirt go
raibh sé ag magadh fútha, go raibh sé ag rádh leis an rígh nach
bhféadfadh sé sgaradh leis féin ar mhnáibh an domhain.



“An dóigh leat go bpósfadh an Inghean Áluinn thú,
a rí?” arsa mo mhac.



Bhí an rí cinnte dhe. Narbh' í d'fhuasgail é? Marach í,
nach mbéadh sé faoi ghlas agus céad i n-uachais faoi thalamh
i n-árus a hathar? Nár thug sí searc a croidhe istigh don
gheógach, don chleasaidhe? An mhaigdean mhánla mhodhmhail!
“Agus beidh tú agam fós, a Inghean Áluinn, a óigh aoibhinn
na súl mbeag ndubh de dheóin nó d'aimhdheóin t'athar.
Mo thruagh shaoghalta gan mé 'mo gheogach i ndáríribh,”
ars' an rí, arsa Lú-Cúsa.



Shíl an bheirt fhear go ndéarna an láimhdhia gáiridhe,
acht níor bhacadar leis. Agus annsin, do rinne mo
mhac-sa connradh leis an rígh go ndéanfadh sé a dhícheall dhó
go mbéadh an cleamhnas socruighthe.



Do ghlaoidh an rí chuige ar Reachtaire an tSuilt, agus
d'orduigh sé dhó an uile ní a bheith faoi réir aige i gcómhair
an aistir a bhí le tabhairt aca. Do horduigheadh dhó feisteas
druadh a chur ar na cleasaidhthibh, agus feisteas comhair-
leóirí críonna a chur ar na rinnceóiribh, agus cultacha
sagart a bheith aige an lucht an gháiridhe, agus an uile
dhream eile dá raibh 'na ríoghbhrugh a ghleásadh dá réir.
Rinne an Reachtaire an obair seo chomh clisde sin is nach
gcreidfeadh mo mhac gurab í an fhuireann chéadna d'fhág
an ríoghbhrugh le cuairt a thabhairt ar rígh an Phártigh is do
bhí ar an bhfleidh, bhíodar uile chomh ciúin duairc sin. Bhí
an rí ag ceann a shluaigh, agus é ag marcaigheacht ar each
dhubh; a chomhairleóirí, idir saoithe agus draoithe 'na


L. 79


thimcheall. Ba mhór agus b'éachtach an sluagh é ar fhágáil
an rioghbhrogha dhóibh. Ní iongnadh é go raibh árd-shagart
Chann-Aman mór-chúiseach gur éirigh leis cleamhnas mar é
a dhéanamh d'inghin a ríogh. Ní iongnadh é go raibh tógbháil
croidhe air féin agus ar a mhuinntir bheith i láthair na
cuideachtan séimhe caoine seo. Acht dá bhféachfadh sé ar
an iodhal a bhí i n-áirde ag na sagartaibh bhéadh a mhalairt de
sgéal ann. Iodhal an tSuilt a bhí ar iomchur aca, agus é
chomh greannmhar gáiriteach is bhí aon lá ariamh.



Cuireadh teachtaire rómpa le fógairt do rígh an Phártigh
do Chann-Aman chumhachtach go rabhadar ar an mbóthar.
Dá dtasbáintí an lúthgháir a bhí i gcroidhe an ríogh mhóir seo
'na ghruaidh, ar chlos an sgéal seo dhó bhí dlighthe uaisle
a tíre réabtha aige, acht níor taisbeánadh. Ba dhóigh leat
air féin, agus ar a lucht comhairle, agus ar a mhuinntir
uile, gur mí-ádh uathbhásach éigin d'éirigh don tír. Do
cheapfá ar an Inghin Áluinn go raibh sí le dícheannadh.
Bhíodh sí 'na suidhe i dtúr ghloine, i n-áirde ar an ríoghbhrugh,
ag féachaint soir agus ag féachaint siar, ag féachaint siar
agus ag féachaint soir, ag súil leis an ngeócach úd a mheall
an croidhe uaithi. Agus nach í a bhí go cráidhte nach raibh sé
ag teacht chuici! Rí duairc dólásach gan greann a theacht
'n-a ionad! Mo thruaigh í an Inghean Áluinn! Mo thruaigh
í an mhaighdean 'na túr ghloine!



Tugadh fleadh don rígh do Lú-Cúsa agus dá mhuinntir ar
shroicint áruis Chann-Aman dhóibh. Bhí uaisle agus mór-
mhaithe an Phártigh ar an bhfleidh sin. Bhí Cann-Aman féin
ag ceann a bhúird; an Inghean Áluinn ar a láimh dheis, agus
Lú-Cúsa ar a láimh chlé, agus an uile thighearna eile
de réir a ghradaim agus a uaisleachta. De réir sean-
nósa uaisle an oirthir, bhí biadhtha agus dighthe a dtíre féin
'ghá gcaitheamh ag gach dream. Biadh an Phártigh, agus
dighthe tíre Lú-Cúsa a chaith mo mhac, mar nár bhain sé le


L. 80


ceachtar den dá chineadh. Thug sé féin agus Lú-Cúsa faoi
deara go raibh Iodhal an t-Suilt i n-áirde ar an mballa ag
na sagairt; agus de réir mar bhí an oidhche ag imtheacht
bhí an tIodhal ag dul i sultmhaire. Bhí láimhdhia le na
Pártighibh le n-a ais, iodhal duairc trom-chroidheach, agus
anois agus arís do leigeadh láimhdhia an tSuilt a cheann
isteach ar ghualainn an dé eile, amhail is nach bhféadfadh
sé seasamh ar a bhonnaibh féin leis an ngreann folaighthe
a bhí air. Uair eile is ar an rí, ar Lú-Cúsa, bhíodh sé ag
féachaint, agus é dhá cheistniughadh, mar shílfeá, ag fiafruighe
dhe cé'n tubaiste bhí air a thabhairt 'na leitheid d'áit. Agus,
d'fhéachadh an rí Lú-Cúsa ar an iodhal agus d'fhéachadh an
t-iodhal air, agus do thuigidís a chéile ar nós dhá chiaróig.



Nuair a bhí an biadh caithte aca, d'éirigh an chuideachta ón
mbórd. Thosuigh an cómhrádh. Níor fhan an Inghean Áluinn
leis an gcomhrádh, ámhthach. D'imthigh sise agus an bhantracht.
Níor b'fhada gur lean daoine eile iad. Chuaidh Lú-Cúsa
amach go beo tapaidh gan slán ná beannacht fhágáil ag
éinne dá raibh ann. Níorbh' iongnadh fearg a bheith ar rígh
an Phártigh é imtheacht chomh tobann sin uaidh agus é ag
comhrádh leis. Acht féachaint agus caochadh súl thug Iodhal
an t-Suilt air a dhíbir é. Do phléasgfadh sé i láthair na
cuideachtan duairce uaisle sin dá bhfanfadh sé.



Chuaidh rí an Phártigh go fuinneoig a bhí i n-áirde ar an
árus go bhfeicfeadh sé cár imthigh an rí eile uaidh. Ní
chreidfeadh sé a dhá shúil. Le solus na gealaighe, do
chonnaic sé Lú-Cúsa, an rí mór cumasach misneamhail, ag
gluaiseacht ar fud an bháin a bhí ós comhair an tighe, ar a
lámhaibh agus ar a chosaibh ar nós rotha; é ag béiciughadh
agus ag sgréachghail agus ag búirghil ar nós leomhain bhuile.
Agus do thug sé faoi deara gur culaith gheógaigh a bhí air,
agus go raibh sé ag cleachtadh na gcleas a chleachtuigheadh
an dream malluighthe sin. An léim-faoi-eite, an cor-


L. 81


faoi-dhó, an lúb lubach agus eile a bhí ar siubhal aige.
Tháinic gráin ar an rígh chumasach ar Chann-Aman uasal.
Do ghlaoidh sé chuige ar a lucht comhairle, agus ar a lucht
armála go ngabhfaidhe an rí neamh-uasal seo, an cleasaidhe
bréan seo a bhí dá masladh. Acht is beag nach ndeacha a dhá
shúil as a cheann nuair a chonnaic sé a inghean féin, an
Inghean Áluinn, ag déanamh ar an rí, ar an gcleasaidhe
agus ag tabhairt na mílte póg dhó … Ar an bpointe
sin do lasadh na trillseáin a bhí i n-áirde ar mhullach an
tighe, agus ní hé Cann-Aman amháin a chonnaic an gníomh
fíor-náireach sin acht a mhuinntir uile. Acht sul a raibh
sé d'uain ag éinne breith ar an mbeirt, agus a gcaitheadh
isteach i n-uachais, bhí an rí Lú-Cúsa san ndiallaid agus an
Inghean Áluinn ar chúlóig aige … Agus do chonnaic
an mhuinntir uile iad ag imtheacht thar an machaire ar nós
gaoithe ó sléibhte Namba.



Chonnaic mo mhac-sa na hiongantais seo uile, le linn
a óige i dtír an Phártigh, agus do sgríobh sé cunntas ar an
gcogadh mór fuilteach a chuir Cann-Aman uasal ar Lú-Cúsa
i ngeall ar an Inghin Áluinn. Tá an cunntas sár-áluinn
sin le fágháil san fichead caibidil do'n ochtmhadh leabhar dá
stair. Léighidh é, a Shíneacha aoibhinne …


L. 82


DÍOGHALTAS NA mBAN.



Daoine a mbíonn gean agus grádh aca dá chéile ní bhíonn
uatha acht a bheith i gcuideachtain a chéile de shíor: Cá
bhfuil an té nár thug an méid sin faoi deara? Cá bhfuil
an té nár chuir spéis i n-eachtraíbh a leithéidí? Acht ní
réidhtigheann an gnás sin le gnóthaíbh an tsaoghail; agus
is iomdha sin bealach a cheap an saoghal leis an gnás a
chur faoi chois; acht má's fíor an sgéal atá san sean-leabhar
Síneach thug mo dhearbhráthair dhom thar éis a theacht a-bhaile
ón Domhan Thoir dó, níor ceapadh ariamh aon bhealach chomh
héifeachtamhail leis an mbealach a ceapadh i gCríoch na
nAibitíneach anallód. Chuireas Gaedhilg ar an sgéal i
gcomhair carad dom atá tugtha do na nósaibh sin: an
féidir go n-oirfeadh sé do dhream bheag ar bith de lucht
léighte an leabhair seo? Ní dheárnas acht na focail agus
gluaiseacht na cainte a athrughadh, agus ní dhéanfainn an
méid sin féin marach go raibh an sean-ughdar roinnt
fadálach.



I.



Bhí rí mór cumasach ar chríoch na hAibitíneach tráth.
Alum-ba dob' ainm dhó. Bhí mac aige ar ar tugadh Bam-
anna, agus ba ghile leis an bpobal uile é siúd ná aon
rí ná ríoghdhamhna dá raibh ortha ariamh, mar nárbh' é chuir
smacht ar na Pártighibh comhachtacha, nárbh’ é chuir na náimhde
millteacha nimhneacha sin faoi chois an tráth cheap siad
críoch na nAibitíneach a bhánughadh? Acht le suim mhaith
aimsire is beag trácht a bhí ar an seadaire cródha, ar
Bham-anna, peata an phobail. Ní bhíodh sé ar fheis. Ní
bhíodh sé ar dháil. Agus bhí 'fhios ag an bpobal uile goidé
an fáth, acht níor dubhradh aon chaint 'na thaobh acht ós íseal
sna tighthibh fíona agus sa bhfásach.


L. 83


Bhí obair mhór stáit le déanamh. B'é mac an ríogh do
b'oireamhnaighe do'n obair; acht cá raibh sé? A' gcreidfidh
sibh uaim é, a Shíneacha aoibhinne? Is i gcuideachtain mná
óige chaith sé an chuid is mó dá aimsir …



Bhí na Pártigh ag éirghe dána agus ní raibh Bam-anna
le smacht a chur ortha. B' fheasach iad nach raibh fear a
gceannsuighthe ann acht eisean amháin, agus ní raibh aon
fhagháil air. D'fhógair siad cogadh ar na hAibitínighibh.
Tháinigeadar isteach thar teórainn 'na sluaighte móra
líonmhara ag bánughadh na tíre rómpa, agus an fear a
mbeadh sé 'na chumas cosg a chur leó cá raibh sé acht 'na
luighe sa bhféar ghlas fhionnfhuarach cois aibhne ag canadh
filidheachta le mnaoi óig!



Acht bhí fear ar na hAibitínighibh adubhairt leis féin go
raibh sé thar am aca cosg a chur leis na námhaid; agus
le eachtraíbh an mhic ríogh mar an gcéadna. Suga-sa
Árd-ollamh dob' ainm don fhear dána sin, agus chuir sé
iallach ar an rí feis a chomóradh le deireadh a chur leis an
obair náireach a bhí ar siubhal.



Bhí an rí ar an bhfeis. Bhí maithe agus mór-uaisle na tíre
ann, acht cá raibh mac an ríogh? Cá raibh an seadaire a bhí
gníomhach tréan uair? A Shíneacha na céille, an gábhadh
dhom a rádh?



D'éirigh an tÁrd-ollamh. Bhí na maithe uile 'na dtost.
Osna beag a leig an rí as cluineadh i ngach ball don
rígh-theach é.



“A mhaithe na nAibitíneach,” ars' an tÁrd-ollamh, “níl
mac ár ríogh sa láthair. I láthair mná óige, ag canadh amhrán
dhi cois aibhne glé, atá sé agus an námha buailte linn …”



Shílfeá go mbeadh truaigh aige don sean-rí a raibh an
dreach an-uasal an-bhrónach air, acht ní raibh. Mhínigh sé
dhóibh an tsean-dlighe nár cuireadh i bhfeidhm le na céadtabh
bliadhan roimhe. Do réir na dlighe sin, bhí ar bheirt a bhí
ró-thugtha do chomhluadar a chéile tréimhe a chaitheadh i


L. 84


bhfochair a chéile ar oileán uaigneach mara gan duine ná
deóraidhe fheiceál ar feadh an achair acht iad féin beirt.
Bhí ortha beirt an méid bliadhan ar mhaith leó a chaitheadh le
chéile a luadh roimh ré, agus nuair a bheadh an t-achar is
lugha dár luadhadh caithte bhí ortha sgaradh le chéile go deó
na ndeór.



Mo thruaigh an sean-rí agus an chinneamhaint sin ag
breith ar a mhac! Acht ó bhí an dlighe ann ní raibh sé 'na
chumas gan í chur i bhfeidhm.



II.



Chuaidh an tÁrd-ollamh agus a lucht leanamhna ag triall
ar mhac an ríogh. Cois na haibhne fríothadh é, agus an
bhean óg 'n-a fhochair; ní raibh ortha an dara aistear a
thabhairt, an áit a mbíodh seisean is ann a bhíodh sise.
Baineadh geit asta beirt ar fheiceál an Árd-ollamhan dhóibh.



Tugadh an mac ríogh ar leathtaoibh. Cuireadh iallach air
an méad bliadhan ar mhaith leis a chaitheadh i gcuideachtain
na mná óige a sgríobhadh ar phár. Dá sgríobhadh sé “le mo
bheo,” cár bh'fhios dhó nach n-éirigheadh sé tuirseach dhi gan
morán achair? Thárla a leithéid go mion minic. Agus
dá n-éirigheadh féin, ní fhéadfadh sé aon bhean eile fheiceál
le n-a shaoghal! Dá sgríobhadh sé cúpla bliadhan, bheadh
air sgaradh léithi i gceann an achair sin, agus ní bheadh
sé i ndán dhó í fheiceál arís go deó.



An fear bocht!



Acht bhí misneach aige.



“Seacht mbliadhna,” sgríobh sé.



A dhearbhráithracha, a Shíneacha uaisle, ná ceapaidh go
bhfuilim ag innseacht na mbréag. Bhí draoidheacht ar an
bhfear bocht a bhaint a thuigsint dhe; marach go raibh, an
dóigh libh go n-abróchadh sé go raibh sé sásta seacht mbliadhna
a chaitheadh i bhfochair aon mhná amháin? Agus a raibh le
déanamh ar an saoghal! Agus a raibh de mhnáibh ann agus
de sheódaibh eile nach iad!


L. 85


Cuireadh an cheist chéadna ar an mnaoi óig. Bhí sise
ar tí “le mo bheó” a rádh, acht bhí náire uirthi. Céard a
cheapfadh na fir iasachta seo dá leigeadh sí uirthi féin gurbh'
áil léithi a saoghal iomlán a chur di i gcuideachtain aon fhir
amháin, dá fheabhas é? Ní raibh gábhadh leis acht oiread,
cheap sí. Cár bh'fhios dhóibh nach mbeidís beirt san uaigh
roimh …



“Ceithre bliadhna ar fhichid,” adubhairt sí i ndeire na
dála.



Acht níorbh' eól do cheachtar díbh cé mhéad bliadhan a bhí
luaidhte ag an duine eile!



III.



An oidhche sin ghluais leó beirt thar fairrge anonn i
luing bhroinn-fharsing thinneasnaigh, agus ní dheárnadar
comhnaidhe gur shroicheadar an t-oileán uaigneach, áit a
raibh ortha maireachtáil go — ní raibh fhios aca cé'n fhad,
agus ní labhróchaidís 'na thaobh go dtí go n-imthigheadh an
dream eile.



Bhí an ghealach ag éirghe aníos as an bhfairrge nuair a
tháinig an bhean amach as an mbotha a bhí ullmhuighthe 'na
comhair le caint a chur ar an mac ríogh. Bhí sgáth uirthi
labhairt leis. Bhí eagla uirthi a rádh leis go mbeadh ortha
sgaradh le chéile i gceann ceithre mbliadhna fichead. Nach
é bheadh ar buile léithi nár sgríobh sí “le n-a beó” chomh
maith leis féin!



Bhí seisean 'na shuidhe taobh amuigh den doras faoi chrann
fíneamhna agus é ag dearcadh uaidh go brónach thar an mhuir
chiúin sholus-bháin i dtreó tíre a dhúthchais.



“Goidé an ghruaim sin ort, a chuid?” ar sise go bog
grádhmhar.



Níor fhreagair sé í.


L. 86


“Go bhfuil ort do shaoghal a chaitheadh liom-sa, an eadh?”
ar sise, agus bheadh 'fhios agat uirthi cé'n freagra a raibh
súil aici leis. “Ní dhéanfainn amhras ar bith dhíot — le mo
bheó adéarfainn féin marach an náire,” agus cheapfá uirthi
go raibh briseadh croidhe uirthi mar gheall air.



“Ní le mo bheó adubhras féin acht oiread,” ar seisean.



“Ní headh! D'eile?” Agus tháinig múisiam uirthi.



“Seacht mbliadhna.”



“Seacht mbliadhna!” ar sise agus tocht uirthi; seacht
mbliadhna agus an chaint a chleachtuigh sé léithi! Do
thionntuigh sí ar a cois agus isteach léithi sa mbotha gan a
thuilleadh a rádh …



B'é sin an chéad easaontas tháinig eatorra.



I gceann sgathaimh tháinig sí amach chuige arís. Bhí rian
na ndeór 'na súilibh.



“Agus ní'l an oiread spéise agat ionnam is go
bhfiafróchthá dhíom goidé an t-achar luadhas féin,” ar sise
go deórach. “Cá bhfios duit nach mbeadh orainn sgaradh
le chéile i gceann míosa?”



A cháirde ionmhuine, a Shíneacha aereacha aoibhinne,
tugtar a cheart féin don mhac ríogh, do Bham-anna, an mhí-
ádha; bhéaradh sé a raibh aige den tsaoghal ar an láthair
sin, dá mbeadh 'fhios aige go bhféadfadh sé dhul imeasg a
chomhluadar chródha chalma ar pháirc an áir i ndeire míosa.
Ag dearcadh uaidh thar an muir chiúin, i dtreó a thíre dúthchais,
tháinig fiuchadh fola air agus borradh intinne agus
chonnacthas dó go gcuala sé chuige anonn thar fairrge
clasgairt na gclaidheamh cruadh agus gleó na bhfear tréan.
A bheith 'na measg, sin a raibh uaidh. Na mná, 'siad a bhí
ag milleadh saoghail na bhfear, cheap sé; annlann an
tsaoghail na mná, cheap sé; agus ní réidhtigheann annlann
amháin le aon bhéal. Casadh claidheamh trom cruaidh ar
pháirc an áir — agus bean sgiamhach le n-a chneadhaibh a
leigheas … Acht b'fhéidir go raibh achar níos lugha ná


L. 87


seacht mbliadhna luaidhte aici-sean. D'fhiafruigh sé dhi é.



“Ceithre bliadhna fichead,” ar sise.



Thuit an croidhe ann. Bheadh air na seacht mbliadhna a
chuir dhe i bhfad ó chogadh, agus ó chlasgairt claidheamh cruadh.



Bhí cipín beag 'na láimh aige, agus thosuigh sé ag
sgríobhadh ar an ngainimh gheal leis an gcipín, agus an bhean
óg ag dearcadh air, acht nár mhothuigh sé ann ar chor ar bith í.
Ag seo an rud a bhí le feiceál aici ar an ngainimh i ndiaidh
a láimhe …



“Agus tá brón air go bhfuil air 2,555 lá a chaitheadh
liom-sa,” ar sise agus phléasg sí ag caoineadh. Tháinic
na deora géara guirt ó n-a súilibh an oidhche sin go frasach
agus níor éirigh leis an mac ríogh iad a chosg má rinne sé
a dhícheall féin.



Fear géarchúiseach tuigsionach fad-bhreathnuigheach dob
eadh an mac ríogh. Fear gníomhartha dob' eadh é ó nádúir,
acht óir nach raibh faill aige na gníomhartha móra a dhéanamh
ó bhí air seacht mbliadhna a chaitheadh ar an oileán i bhfochair
na mná deóraighe seo, do bheartuigh sé an t-achar a chaitheadh
ar an dóigh ba thairbhe agus b'inspéiseamhla. Ní raibh aon
imnidhe air faoi chothughadh, mar bhí crainn fhíneamhna agus
caora folláine de gach cineál ag fás ar an oileán. Bhí
caoraigh bídeacha bána ar sleasaibh na gcnoc féarmhar, agus
tuirc agus bruic fá na coilltibh fairsinge. Bhí iasg san
abhainn, — is beag filidheacht chan sé dhi cois na haibhne sin
i dtosach ar chaoi ar bith; bhí iasg san bhfairrge agus caoi
aige le breith ortha; agus maidir le uisge, bhí fuarán
i n-aice an bhotha agus bhí an t-uisge bhí ann chomh glé chomh
folláin, chomh breágh le aon uisge dár ól sé ariamh. Agus


L. 88


na croinnte toramhla agus na blátha cumhartha a bhíodh ag
síor-chromadh a gcinn faoi ualach drúchta agus gréine!



Bhí an bhean óg an-aoibhinn, an-áluinn, an-spéiseamhail
agus má bhí sé ag tnúth le cogadh agus le comhluadar fear
féin, do cheap an fear gníomhartha a bhí 'na fheallsamhain dá
aimhdheóin go bhféadfadh sé na bliadhanta a chur dhe go
tairbheach 'ghá sgrúdughadh. A nósa agus a béasa, a mion-
nósa agus a fó-bhéasa, a tréithre agus a cáilidheacht, ba
mhór an t-adhbhar iongantais dhó iad uile. A Shíneacha na
gcarad, ná déanaidh gáiridhe faoi nach bhfuil sé 'sna leabh-
raibh go bhfuil fir ealadhan ann a chaitheas a saoghal iomlán
ag sgrúdughadh nósa agus saoghail na mbeach agus na
bhféileacán agus na seangán agus na ndormán, agus
feithidí beaga nach iad. Ní hiongnadh liom gur cheap an
mac ríogh go n-éirigheadh leis bliadhanta a phíonúis a chur de
ag sgrúdughadh nósa an ainmhidhe is áirde intinne dá bhfuil
fán mbith acht amháin an fear.



IV.



Bhí an mac ríogh lá 'na shuidhe faoi'n gcrann fíneamhna
nuair a tháinig an bhean óg chuige. Dhearc sí ar na
figiúireacha a bhí sgríobhtha aige sa ngainimh:



“Mise mo bhannaidhe dhuit,” ar sise go gealgháireach,
“nach ag comhaireamh an mhéid lá bhéas ort fanacht i
n-aonfheacht liom atá tú anois! An eadh? Go deimhin
féin ní headh. Ná habair gurab eadh, mar ní chreidfidh
mé uait é agus an spéis mhór a chuir tú ionnam le bliadhain,”
agus chuir sí lámh timcheall a mhuinéil.



“Nach ag comhaireamh an méid lá bheadh againn le chéile
bhí tú nuair a tháinig mé ort?” ar sise, “tá fhios agam
gurb eadh; agus an chaoi leig tú ort bliadhain 's an lá


L. 89


indiu go raibh cumha agus brón an saoghail ort go raibh
sé i ndán duit na seacht mbliadhna sin a chaitheadh liom-sa!
Ó, nach tú an gleacaidhe! Le éad a chur orm-sa rinne tú
é, nach eadh? Ó! 'seadh, cuirfead faoi gheasaibh troma
anois thú dhá uair sa ló ar a laighead a' thabhairt dom im'
aonar; caithfidh tú a dhéanamh, nó … Agus trí huaire
an chéad bhliadhain eile, agus ceithre huaire an bhliadhain
'na cionn agus mar sin de. Annsin beidh cleachtadh agat
a bheith dom' uireasbhaidh nuair a bhéas orainn sgaradh le
chéile i gceann sé mbliadhna.”



(Tá cuid mhaith leathanach agus bileóg breactha ag an
ughdar Síneach annseo ag cur síos ar na mnáibh agus ar a
dtréithribh agus an ceangal atá idir fearaibh agus mnáibh.
Ag tagairt don mhac ríogh a bhí sé, agus ’sé a bharamhail gur
sgaoileadh an greim cruaidh a bhí ag an mnaoi air nuair ab'
éigin dó fuireacht 'na fochair i gcomhnaidhe; nach raibh
comhacht san ngreim sin acht nuair a bhí sé 'na cumas
imtheacht uaidh; agus nuair a sgaoileadh an tsean-tsnaidhm
ghrádha bhí eatortha i dtosach gur ceangluigheadh snaidhm eile
a bhí níos buaine ná an chéad cheann .i. an tsnaidhm a bhí
idir fear ealadhan agus adhbhar a ealadhan.)



Dá mbeadh ar an bhfear ealadhan sgrúdughadh i ndiaidh
bháis a dhéanamh ar a mháthair le n-a ealadhain a chur chun cinn
is cinnte nach loicfeadh sé. An iongnadh é gur leig an mac
ríogh air go raibh gean mí-chuibheasach aige don mhnaoi óig?
Marach gur leig ní nochtóchadh sí a tréithre iomlán dhó.
Agus d'éirigh leis. Ní raibh aimhreas uirthi nárbh' é a searc é,
acht ar uairibh. Annsin deireadh sí:



“Ó, nach fuair-intinneach cruadh-chroidheach an duine
thú!”



Agus do sgaoileadh sé cainnt fhileata uaidh 'na chaise
dá moladh agus dá mealladh. Leis an dúthracht agus leis
an dílseacht a bhíodh sa chaint sin, ní cheapadh aon bhean, dá
tuigsionaighe í, go ndubhradh i n-aon turas í le n-a bréagadh.


L. 90


Ní cheapfaidhe ar an gcaint agus ar na gníomharthaibh
grádha a chuaidh léithi go mba baoite iad le eólas a
nadúire a bhaint aisti i ngan-fhios di.



An oidhche chéadna sin, bhí an ghealach ag éirigh agus an
bheirt aca 'n-a suidhe cois a chéile faoi'n gcrann fíneamhna.
Bhí an mhuir mhór chiúin ós a gcomhair amach, agus mar bheadh
droichead airgid ghlé idir iad agus tír a ndúthchais. Baladh
trom ó'n muir, agus baladh aoibhinn cumhartha na mbláth
i n-a srónaibh. Grádh i gcroidhe na mná. Dúil san eólas i
gcroidhe an fhir.



“Dá mbadh fíor-dhroichead é sin ar ndóigh, ní imtheóchtha
uaim,” ar sise agus leig sí siar a ceann ar a gualainn
go raibh solus na gealaighe ag teacht anuas go hiomlán
agus go haoibhinn ar a héadan sgiamhach.



“Ní imtheóchainn,” ar seisean. “Cleas na teangmhála,”
thug sé ar an ngníomh bhí déanta aici, mar theanguigh dlaoi
dá cuid gruaige le n-a leicinn.



Dhearc sí air agus tháinig boige agus grádh n-a súilibh.
“Cleas na súl,” thug sé ar an gcleas sin.



Bhog sí a béal ar nós duine bheadh ar tí labhairt, acht ní
raibh baoghal uirthi. “Cuireadh chum póige,” thug sé ar an
gcleas sin.



D'éaluigh osna uaithi: “Déan truaigh liom,” thug sé ar an
gcleas sin.



Chuir sí goic agus gothaí uirthi féin: “nach áluinn mé,”
thug sé air sin.



Sgaoil sé cúpla focal uaidh d'aon ughaim le éad a chur
uirthi. D'éirigh leis. D'éaluigh na sgamaill dorcha thar
a héadan, agus is air a bhí an obair ag iarraidh a ruaigeadh.
Leis sin a dhéanamh b'éigin dó a chuid cleas féin a chleachtadh
agus rinne sé an gnó sin go cliste aiclidhe. Ba dhóigh
leat air gur ag bréagadh ban chaith sé a shaoghal. Ba mhaith


L. 91


an aghaidh é síltheá dá mbeadhthá gan 'fhios a bheith agat gur
ag mugadh-magadh bhí sé ar feadh an ama. Is beag ceapadh
bhéadh ag an té bheadh ag dearcadh air nach raibh 'sna cleasaibh
grádha bhí ar siubhal aige acht cleasaidheacht bhréagach, agus
gur chleachtaigh sé iad le grádh dá ealadhain, do'n ealadhain
nuaidh sin ar a dtug sé bean-eólas, agus ní le grádh do'n
mhnaoi a bhí le n-a ais.



Mo léan agus mo ghéar-bhrón an seadaire cródha calma
sin a chuir briseadh agus ruaig ar na Pártighibh a bheith 'n-a
leithéid sin de chás. Acht deir mo mhac liom …



V.



Acht cuirtar deireadh le gach ní ar an saoghal seo acht
amháin leis na déithibh le teinidh agus le uisge, agus cuireadh
deireadh le ré na beirte ar an oileán uaigneach mara.



Tháinig an lá mór faoi dheireadh. D'éirigh an ghrian mar
d'éirigh le gach lá le na haoiseannaibh agus ghluais léithi
siar treasna na spéire. Bhí sí ag dul faoi sa bhfairrge
nuair a tháinig dhá bhád de chabhlach na nAibitíneach i dtír
ar an oileán, bád díobh leis an bhfear óg a bhreith a-bhaile
agus an bád eile i gcomhair na mná óige. Tháinig lasair
ar an ógmhnaoi ar fheiceál an dá bhád dhi. Bheadh uirthi
sgaradh le rún agus le searc a croidhe go deireadh aimsire.
D'agair sí ar lucht na mbád iad a mharbhughad, iad a bháthadh
i n-aon mhála amháin, iad a dhíbirt go fásach éigin …
A Shíneacha an tsógha, ní féidir liom an chaint adubhairt an
bhean sin a sgríobhadh le náire, agus le heagla nach
gcreidfidhe mé; acht níorbh' aon tairbhe dhi an chaint. Bhí
a ndualgas le coimhlíonadh ag lucht na mbád. Rugadar
uirthi agus sgaoileadar an greim daingean cruaidh bhí
aici ar an bhfear, leig sí aon streanacán amháin guil aisti
agus thuit sí marbh ar an láthair …


L. 92


Bhí iongnadh orm céard d'éirigh don mhac ríogh i ndiaidh
bháis na mná, agus bhí sgannradh orm go mbeinn gan
eólas air sin go bráthach, mar tá deireadh le sgéal an
ughdair Shínigh annseo: acht ag dearcadh dom thríd an
leabhair thugas an giota seo 'mo dhiaidh faoi deara:—



“Thárla dúnmharbhadh i bpríomh-chathair na nAibitíneach
dhá lá i ndiaidh bháis an tsean-ríogh chumasaigh Alum-ba.
An tráth sin bhíodh fear ag taisdeal na tíre, ag dul ó
chathair go cathair agus ó bhaile go baile agus ag déanamh
cainte faoi'n mbantracht leis an sluagh. Ní raibh cleas
dá raibh aca nach raibh ar eólas aige; ní raibh urchóid ná
gangaid ná calaois ná cealg ina gcroidhe nár noctuigh sé
go cruinn agus go beacht go dtáinig buile agus fiuchadh
fola agus mire intinne ar an mbantracht uile i bhpríomh-
chathair shár-áluinn na nAibitíneach, go dtáinig mathshluagh
mór díobh go dtí an teach 'na raibh comhnaidhe air oidhche,
gur chuireadar an teach agus a raibh ann fré theine …”



An saoi nó daoi a loisgeadh? Nó, arbh' féidir gurbh'
é an mac ríogh a chaith seacht mbliadhna dá shaoghal i
gcuideachtain mná ar oileán uaigneach mara a thug a anam
ar an ealadhain úd dá dtug sé gean a chroidhe?


L. 93


“NÁ LEIG SINN I gCATHUGHADH.”



Ag seo sgéal eile bhaineas as an sean-leabhar Síneach.
Feicfear ó innseacht an sgéil, agus ó fheallsamhnacht an
ughdair, gurab é an duine céadna sgríobh é féin agus an
ceann eile a d'innseas roimhe seo.



I.



Nuair a bhí Alum-ba 'na rígh ar chríoch na nAibitíneach
bhí saor cloch ann agus bhí cáil mhór air ar fud an Oirthir
as fheabhas a cheárdaidheachta. Bhíodh ríghthe móra ó thíorthaibh i
bhfad i gcéin ag triall air ag iarraidh air dealbh nó
íomháigh éigin eile a ghearradh dhóibh as an marmar chruaidh.
Acht do dhiúltuigheadh sé dhóibh. Saothar mór dealbhadóir-
eachta a bhí ceaptha aige féin a chur i ngníomh, sin a raibh
uaidh. Agus leis an obair sin a dhéanamh ar a shocamhlacht
do thréig sé na cathracha móra agus na tighthe uaisle 'n-a
mbíodh fáilte mhór roimhe de ló agus d'oidhche; do thréig
sé a athair agus a mháthair, a dhearbhráithreacha agus a
dheirbhshiúracha, a chomhluadar agus a cháirde uile; a
mhaoin mhór agus a cháil, d'fhág sé 'na dhiaidh iad agus do
ghluais leis, é féin agus sean-mhogha, gur shroicheadar doire
coille a bhí comhgarach do choiléar marmair bháin ar bhruach
sruthláin chrónánaigh. Thógadar dhá bhoith san doire sin,
both shuain agus both oibre. Agus bhíodh an bheirt fhear ag
obair san gcoiléar ag baint marmair i gcomhair an
tsaothair, go dtéidheadh an ghrian faoi gach oidhche; agus
i ngach cloich dá mbainidís d'fheiceadh an ceárdaidhe cuid
den tsaothar mhór dá dtug sé a chroidhe, agus thigeadh
aiteas agus meanma air gur éirigh leis sgaradh le baois
agus le maoin bhréagaigh an tsaoghail.



Bhí a chroidhe agus a anam uile tugtha don obair mhóir
a leag sé amach dhó féin. Níor chuimhnigh sé acht ar an obair


L. 94


sin. An saoghal a bhí caithte aige, bailte móra, caitheamh
aimsire, comhluadar ban áluinn — ní raibh ionnta uile
acht neamhní i gcomórtas leis an obair a bhí le déanamh
aige. Go deimhin is ar éigin a bhí na clocha bainte agus i
dtreó aige féin agus ag an sean-mhogha, go raibh dearmad
déanta aige ar a raibh caithte aige dá shaoghal.



An ceap uasal úd a bhí 'na aigne agus a bhí foluighthe
'sna clochaibh marmair, thosuigh sé ar a nochtadh le n-a chasúr
agus le n-a shiséal. Bhíodh sé leis féin san mbotha bheag i
lár na coille craobhaighe ar bhruach an tsruthláin chrónánaigh
ag obair agus ag síor-obair ó éirghe gréine go teacht
oidhche; is minic a bhíodh torann a chasúir le clos san
doire agus na héanlaith 'na suan; agus leagadh sé a
oirnéis uaidh agus do shuidheadh sé comhgarach dá shaothar 'ghá
sgrúdughadh agus ag machtnamh air … do thigeadh na
héanlaith oidhche amach agus é san machtnamh sin, agus nuair
a lasadh sé a lóchrann do bhailigheadh mion-mhíolta sgiathánacha
na coille timcheall ar a bhoith, agus do thigeadh cuid aca
isteach ar an doras chuige, agus do cheapadh an saothraidhe
gur ag adhradh a shaothair a bhídís. Agus ní imthigheadh siad
go dtigeadh an sean-mhogha le n-a chuid bídh, le torthaibh na
coille agus le uisge ón bhfuarán agus do chaitheadh an
bheirt aca an lón i n-éinfheacht. Nuair a bhíodh an biadh
caithte aca, do chuiridís beirt impidhe ar na déithibh.



Deireadh



An ceárdaidhe: Go gcuiridh na déithe spreacadh 'mo
ghéagaibh …



An sean-mhogha: Le do chuid oibre a dhéanamh, a mhaighistir.



An ceárdaidhe: Go méaduighidh siad solus m'intinne …



An sean-mhogha: Le do chuid oibre a dhéanamh, a mhaighistir.



Agus le dúthracht agus le dísleacht na bhfocal do chuireadh
an bheirt sgáth ar na mion-mhíolta clúmhacha a thigeadh isteach


L. 95


ar an úrlár chuca; acht ar a bheith críochnuighthe don
phaidreóireacht do thigidís an ath-uair, agus d'fhanaidís
ar fud an tighe agus an bheirt fhear 'na sámh-chodladh ar an
raithnigh thirm dhuinn. Ar raithnigh agus ar úrluachra is mó
chodluigheadh siad, agus d'fheicfidhe sgáil ó n-a shaothar ar
aghaidh an tsaothraidhe go minic, acht ní raibh baoghal don
sgáil sin bheith leath chomh soiléar leis an gceapadh bhíodh
'na aigne 'na chodladh féin dhó.



II.



Thug an rí, Alum-ba cumasach, cuairt ar an gceárd-
aidhe uair. D'éirigh le na hAibitínigh smacht a chur ar
a sean-náimhdibh na Pártigh agus do ceapadh go mba
fheileamhnach an tráth é le teampall uasal a thógbháil i
n-onóir do dhia an chogaidh i bpríomhchathair na tíre. Acht
cá bhfuighfidhe ceárdaidhe leis an teampall a mhaisiughadh
le dealbhaibh acht an ceárdaidhe úd a thréig iad? Chuaidh
an rí féin agus a lucht leanamhna ag triall air. Sin a
raibh de mhaith dhóibh ann amhthach. Níor éirigh leó a bhréagadh.



“Ór ná airgead, tighthe áilne agus biadhtha milse,
cumhacht agus cáil imeasg daoine, is beag é mo mheas
ortha,” ars' an ceárdaidhe; “níl uaim acht an doire coille
seo a bheith fúm féin; níl uaim acht an smaoineadh geineadh
im' cheann a chur i gcrích; an marmar cruaidh bán áluinn
a ghearradh … tá an saoghal mór; tá ceárdaidhthe
eile ann a ghlacfas bhur bpáidhe go beannachtach. Téidhidh
ar a dtóir. Ná caillidh an lá orm-sa …” agus do
chrom sé ar obair.



Shíl an rí é mhealladh ar chaoi eile. Gheall sé duais mhór
dhó, duais níos uaisle ná aon duais a tairgeadh do
cheárdaidhe ariamh roimhe sin.



“An lugha mise ná asal fiadhain an tsléibhe?” ars' an
ceárdaidhe. “Is féidir leis an asal fiadhain a shaoghal a
chaitheamh ar a rogha dhóigh; fághann sé bás leis an ocras go


L. 96


minic, acht is uaisle é, má's boichte, ná a bhráthair atá faoi
chuing an duine. Asal fiadhain sléibhe mise, a rí, agus
níl aon ghnó agam de mhaoin mhóir, de thighthibh uaisle, de
mhoghaibh ná de thailtibh leathna. Uisge ón bhfuarán, caora ón
gcoill, solus na gréine agus an tsláinte amháin atá
uaim-se … agus táir ag baint an tsoluis dhíom anois,
a rí,” agus do rug sé as a chasúr agus ar a shiséal.



Acht ní túisge bhí an rí agus a chomhlucht imthighthe uaidh ná
tháinig drong eile ar cuairt chuige. Ní drong dhaonna
tháinig chuige an uair seo acht min-mhíolta sgiathánacha na
coille, agus bhíodar ag eiteall timcheall ar a cheann,
agus timcheall ar a shaothar, acht nár mhothuigh seisean ann
iad, bhí sé ag machtnamh chomh mór sin.



III.



Bhí sé ag obair ar feadh míosa uair, ag iarraidh íomháigh
mhná a ghearradh. Bhí sé tinn tuirseach tnáithte lag-
mhisneamhail, mar ní raibh ag éirghe leis an chuma shár-áluinn
ba léir dhó bheith i bhfolach san marmar a fhoillsiughadh.
Thuit an oidhche air. Las sé an lóchrann, agus do dhearc
sé ar shaothar a lámh.



Céard a bhí air nár fhéad sé an obair a dhéanamh mar ba
chóir? An í an tsúil a bhí ciontach leis? Níorbh' í. Ba
léir dhó an bhean a bhí foluighthe san marmar. An í an
lámh a bhí ag cliseadh air sa deireadh? Ba dhóigh leis nárbh'
í: bhí an lámh chomh clisde is bhí aon lá ariamh.



Acht bhí sé go cráidhte. Do bhuail sé faoi ar stól beag,
agus do chaith sé achar fada ag machtnamh gan cor a chur
dhe. Tháinig a shean-chomhluadar míolta sgiathánacha na
hoidhche, agus míolta ceithre gcos, agus feithidí éagsamhla
eile isteach ar an úrlár chuige. Bhí an ghealach lán agus
solus breagh uaithi. Bhí nead réaltóg mbeag sa spéir
thoir, agus connachthas dó go mbeadh leis dá bhféadfadh
sé taithneamh na réaltóg sin a chur i súilibh na mná a bhí
dá múnladh aige.


L. 97


Thuit sgamall ar an ndeilbh. Beitheadhach éigin ón
gcoill a tháinig sa doras agus a bhain solus na gealaighe
dhe, sin a cheap sé.



Thóg sé a cheann. Ní beitheadhach coille bhí ann acht …
ní bean a bhí aige ann cheap sé, acht gein oidhche nó coille,
amhail na míolta eile thigeadh ar cuairt chuige. Acht is ar
éigin nár bhain áilneacht na mná (má's bean a bhí innti)
an chiall dhe. Réaltóga lonnracha b'eadh a súile; néalta
tóirnighe oidhche b'eadh a folt; a cuma agus a dealbh,
do shíl an ceárdaidhe nach bhféadfadh an chuma agus an
dealbh sin a bheith ar an saoghal acht amháin i smaointe duine.
Chuir áilneacht na mná imeagla air. Dá bhfeadfadh sé cuid
den áilneacht a ghoid uaithi i gcomhair a shaothair! Acht
ní bean shaoghalta a bhí aige ann acht bean aislinge; nuair
a d'imthigheadh an oidhche, d'imthigheadh sise chomh maith.



Acht tháinig an chéad léas de sholus an lae, agus níor
imthigh sí, acht í 'na suidhe sa raithnigh ag dearcadh air le n-a
súilibh lonnracha.



“'Siad na déithe sheól 'mo threó í le bheith 'na múnla céirde
agam le mo shaothar agus le mo shaoghal a mhaisiughadh,”
ars' an ceárdaidhe leis féin. Agus thug sé na mílte
beannacht do na déithibh gur éisteadar le n-a ghlór, gur
chabhruigheadar leis i n-uair a ghábhaidh.



An bhean a bhí i bhfolach air san marmar chruaidh ba gheárr
an mhoill air í nochtadh, ó bhí sise aige le cabhrughadh leis …



IV.



Tá slighe mhór tráchtála idir príomhchathair na nAibitíneach
agus Aramana atá i gcríoch an Phártigh. Níl lá sa
mbliadhain nach bhfeictear ceannaidhthe ar an tslighe sin
le n-a gcuid cámhall agus le n-a gcuid asal agus le n-a
gcuid múillí agus earraidhe iongantacha le díol aca.
Síodaí míne siosgarnacha ó thír na hAraibe; srólta boga
sleamhna ón tSín; clocha buadha ó thíorthaibh allta reóite


L. 98


an deiscirt; gréas-obair ó Phers na gcéadta teampall;
agus chonnaic an bhean na hearraidhe uile sin ar dhruim
na gcámhall agus na n-asal agus iad ag gabhail an tslighe,
agus chuir sí dúil a croidhe i gcuid díobh.



Chonnaic sí buidhean mhór ceannaidhthe chuici anoir treasna
an mhachaire lá agus í 'na suidhe cois an fhuaráin leath-
taobh na slighe. Rinneadar comhnaidhe ag an bhfuarán le
uisge thabhairt dá mbeithidh ghibh. Bhí ceannaidhe óg ar an
mbuidhin, agus ó bhí an bhean a bhí 'na suidhe i n-aice a
fhuaráin an-dathamhail chuir sé cainnt uirthi. Thasbáin sé
seóid dhi. B'fhiú ocht gcéad each Arabach an chloch uasal
thasbáin sé dhi.



“Feicfidhear an chloch sin i gcoróin bainríoghna cumhach-
taighe atá sa Domhan Thiar,” ars' an ceannaidhe; “dá
mbadh duine saidhbhir mé,” ar sé, “ní sgarfainn an chloch
uasal áluinn ó'n mnaoi uasail áluinn go deó,” agus
chuir sé an chloch ag spréacharnaigh 'na dubhfholt buaclach.



Chonnaic sise an loinnir ait a tháinig i súilibh na bhfear
ar fheiceál áilneacht na cloiche agus ar fheiceál a háilneacht
féin dhóibh; agus ar fhéachaint isteach i nglé-uisge an
fhuaráin dhi, do thuig sí céard a rinne a súile níos solus-
mhaire ná an chloch féin.



Rinne sí rún daingean ar an toirt go mbeadh clocha
buadha agus éadaigh míne aici feasta.



An oidhche sin rinne sí cainnt leis an gceárdaidhe.



“Daoine nach bhfuil leath chomh cliste leat-sa,” ar sise,
“is féidir leó airgead a dhéanamh; is féidir leó cultacha
luachmhara agus seóda a bhronnadh ar a mnaibh; ba chóir
duit-se an beagán beag sin a dhéanamh ar mo shon-sa.”



Dubhairt sí an chainnt sin agus cainnt nach í. Do mheall
agus do bhladair agus do bhréag sí é le briathraibh binne
agus le glór bog ceolmhar, agus le féachaintibh grádhmhara
agus leis an uile chleasaidheacht thug na mná leó ó dhúthchas;
agus ó thug seisean na seacht ngrádh ar ar thrácht mo mhac-


L. 99


sa san ochtmhadh caibidil déag dá leabhar,” ars' an sean-
ughdar Síneach, “ní iongnadh liom gur ghéill sé dhi.”



I gceann dá lá ní ar an saothar mór dá dtug sé a
chroidhe bhí sé ag obair acht ar dheilbh bhig shuaraigh d'fhéadfaidhe
a dhíol go réidh san gcathair; agus ó fuair sise a céad
bhlaiseadh de mhilseán an tsaoghail ba mhinic a triall ar an
gcathair chéadna sin agus dealbh éigin de na dealbhaibh
chuir sí iallach ar an gceárdaidhe a mhúnladh dhi ar iomchur
aici.



Lón anma do mhnaoi áluinn an moladh. Moladh san
gcathair í. Dá bhféadfadh sí comhnaidhe sa gcathair, bheadh
filí agus aos ceóil agus aos ealadhan na cathrach ag
bailiughadh 'na timcheall dá moladh agus dá síor-mholadh, ag
canadh duanta agus fonn dhi … acht bhí 'fhios aici nach
bhfeadfadh sí an ceárdaidhe mhealladh leithi isteach sa gcathair
gan duadh. Goidé an baoite a b'fheárr d'fheilfeadh don
obair? Chuir an cheist sin imnidhe mhór uirthi, acht sa deireadh
do mheas sí nach bhféadfadh sí aon bhaoite fhagháil dob' fhearr
ná í féin.



“Tá fúm sgaradh leat,” ar sise leis lá; “ní áil
liom an fásach fiadhain seo. San gcathair a chomhnóchas mé
feasta, agus tháinig na frasa deór bréagach ó n-a súilibh
dubha lonnracha.



Acht níor sgaradar le chéile. Do thréig an ceárdaidhe
an doire coille; do thréig sé a shean-chomhluadar, na
míolta beaga sgiathánacha a thigeadh ar cuairt chuige
d'oidhche; do thréig sé aoibhneas na coille agus do thrialla-
dar beirt ar an gcathair.



Mo thruaigh an fear a bheireas na seacht ngrádh do
mhnaoi!



V.



Acht an saothar mór dá dtug sé a chroidhe!



Lean sé don obair go maith, acht bhí an sean-fhuinneamh
imthighthe. Bhí an sean-tsaoghal fágtha 'na dhiaidh aige.


L. 100


Tháinig athrughadh mór air de réir a chéile i ngan fhios dó.
Na sean-ghnása chleachtaigh sé sul ar sgar sé leis an
gcathair i gcéadóir, thosuigh sé ar a gcleachtadh an ath-uair.
An tsean-dúil a bí aige i ndeasaibh an tsaoghail do
haithbheódhadh í … agus chuaidh an ceárdaidhe i ndonacht
i n-aghaidh an lae, má bhí meas mór ag an bpobal féin air.



Thug an rí cuairt eile air, acht níorbh' é an fear céadna
bhí ann roimhe an uair sin is bhí roimhe san doire coille.
Chuala sé go raibh an saothar mór dá dtug sé a chroidhe
i n-ágh le bheith críochnuighthe aige. Ní raibh ceárdaidhe
fághta aca leis an teampall uasal a tóigeál i n-onóir
do Dhia an chogaidh a mhaisiughadh; an bhféadfadh seisean an
saothar mór a bhí ar láimh aige féin, a athrughadh ar an dóigh
seo agus ar an dóigh sin agus ar dhóigh eile? Fuair sé
cáirde trí lá le machtnamh a dhéanamh ar an sgéal, acht dá
dhonacht dá raibh sé do dhiúltóchadh sé dhóibh aon athrughadh
a dhéanamh ar a chuid oibre marach an bhean.



Ór le caitheamh bhí uaithi siúd.



“Tá do shaothar go háluinn,” ar sí, “agus cá bhfuighfidhe
áit níos oireamhnaighe le saothar uasal dealbhadóireachta
a chur ná i dteampall mór i bpríomhchathair do thíre?
Agus ní bheidh ort aon athrughadh a dhéanamh air acht athrughadh
suarach …”



Níor thrácht sí ar an duais mhóir a gheall an rí dhó ar
chor ar bith!



Do ghéill an fear don mhnaoi.



“Ní fios dúinn cé na coirthe millteacha eile dhéanfadh
a leithéid dá mbeadh clann air,” ars' an sean-ughdar
Síneach agus gráin aige dhó.



Críochnuigheadh an saothar mór faoi dheireadh. Cuireadh
'na sheasamh san teampall é, acht ní raibh sé de chead ag aon
neach dul ag féachaint air go nochtóchadh an rí é don tsluagh
i dtosach.


L. 101


Nuair a bhí an uile rud i gcóir, chuaidh an ceárdaidhe
isteach sa teampall 'na aonar le dearcadh ar obair a lámh,
leis an saothar mór dá dtug sé a chroidhe tráth a mhion-
sgrúdughadh. Bhí saothar a shaoghail ós a chomhair annsiúd,
agus d'fhan sé ann i gcaitheamh na hoidhche ag féachaint air
agus ag machtnamh air, agus ar a shaoghal. An ceapadh,
an smaoineadh mór a tháinig 'n-a cheann i dtosach sul ar
thosuigh sé ar an obair ba léir dhó nár éirigh leis an ceap
sin a chur i ngníomh. Ba léir agus ba shoiléir dhó sin. Loic
sé. Cé'n fáth? Chuir sé a shaoghal dhe i n-ath-uair agus é leis
féin san teampall mór uasal. Gach smaoineadh dá dtáinig
'na cheann, gach deagh-ghníomh agus gach droch-ghníomh dá
ndeárna sé ó thosuigh sé ar an obair, chuir sé trí n-a chéile
iad. Bhí an uaisleacht ann an uair sin, agus an óige;
agus do thuig sé go beacht cé mar thráigh an uaisleacht uaidh
agus cé mar thuill an ísleacht; do thuig sé cé mar
hathruigheadh a shaothar de réir mar hathruigheadh a mheón
agus a chroidhe agus a anam féin …



Ar maidin tháinig an rí agus a lucht comhairle. Tháinig
ríghte as tíorthaibh i gcéin. Tháinig an pobal, gan ainm
i mbéal aon druinge díobh acht ainm an cheárdaidhe mhóir
a bhí i n-ann an chloch fhuar a bheódhadh; acht nuair a bhain an
rí an brat don saothar mór dealbhadóireachta, ní dealbh
cloiche a bhí le feiceál ag na ríghtibh ná ag an sluagh acht
dealbh feóla …



Bhí an ceárdaidhe 'na shuidhe ar chloich ann, agus an
doilgheas agus an brón mór agus an briseadh croidhe le
tabhairt faoi deara i ngach ball dá bhallaibh, i ngach cor dá
coraibh; agus an saothar dá tug sé a chroidhe tráth, bhí sé
n-a smidirínibh 'na thimcheall …



Agus an bhean úd a mhill an saoghal agus an saothar air
… acht sin sgéal eile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services