1 Solutum est vinculum linguae et loquebatur recte. PRIVATE
Scaoileadh cuibhreacha a theangaidh agus do labhair sé go
ceart.
11th Sunday after Penticost
A chairde, is doiligh duine dh'fháil nach mbaineann briathra
an tsoiscéil seo leis. Deirim gur doiligh mórán dh'fháil a labhras
go maith. Tchíonn muinn go minic a lán a labhras go holc ach
faraor beagán a labhras mar ba chóir dóibh. Deir St. James gur
beannaithe an fear nach bpeacaíonn le briathra, ach ó fuair an
diabhal seilbh ar theangaidh na ndaoine is doiligh cuntas a thabhairt
ar na hoilc a thig uabhtha.
Ní measa garglasair thineadh don coill, teannstoirm gaoithe
do loing nó na teangthacha millteacha seo don gcomharsain nuair a
thiomnaíthear iad le cathuithe an diabhail. 2 Bheir sí orainn
tamall éisteacht san olcas agus gan aon fhocal do labhairt leisc an
fhírinne d'fhoilsiú.
Agus aríst scaoileann
sí sriantaí le tuile de bhriathra nimhneacha lán de bhlaisféim, éad
agus éitigh, ní a bheir oiread trioblóide agus mícharántais insa tsaol.
Gearrann sé ár muintearas ó chéile ar modh go n-athraíonn sé cúrsa
síochánta ár mbeatha chun duáilce, díobhála agus murdair.
Tá an peacadh seo ag méadú chomh coitianta agus nach mór
nach bhfuil sé doleigheasta agus mar phláigh go nglacann sé seilbh
ar gach duine. Dh'ainneoin gach teagais spriodálta a gheibh siad
ón eaglais, tá sé ag méadú gach lá.
Is ró-iontach go dtig linn bua dh'fháil ar namhaid saolta,
aghaidh a thabhairt ar urraim a bhaint as ríte agus prionsaí, agus
roiseadh a thabhairt in aghaidh an bháis féin mar gheall ar bua,
agus nach mbeir muid iarraidh cascairt a chur ar mailís na teangtha.
3 A chairde, dhá mbeadh an fortún seo i ndán dúinn bua
dh'fháil ar an teangaidh! Ach faraor le cleachtadh labhairt go holc
ní chuireann muinn suim insa bpeacadh seo do leasú, ach meallann
muinn sinn féin le smaoineamh nach peacadh é mar tá sé coitianta.
Ach anois is mian liom brí an pheacaidh seo a mhíniú
dhaoibh, na sluaite a thiteann ann, agus chomh millteach agus atá
sé. Ach ar tús iarraimist grása an Sprid Naoimh tríd idirghuí na
Maighdine Muire, ag rá "Ave Maria ...".
An t-olc seo a labhraim air, gaireann na diagairí dúrtam nó
cúlchaint de, agus deir St. Thomas gurb é seo bréag a chur ar ár
gcomharsain leis an intinn díobháil a dhéanamh dhá chlú. Más
bréag an ní a labhras tú air gairthear de sin feallchaint, agus más
fíor an ní a dhearbhas tú air gairthear gráin de. Ach mar a
fhéadaimid gráin a ghairm de gach uile dhroch-chaint labharfaidh
mé insa riocht sin air.
4 Gidh ea, is fear gráiniúil an té seo a ghlacas sólás nó
pléisiúr a chlú a bhaint dá chomharsain le briathra mailíseacha
sárcháinte. A chairde, is é an sampal a bheireann an
fáidh naofa dhúinn orthu seo, deir sé gur daoine iad lán de olcas
corpartha agus spriodálta chum dearcaint go mall mainneachtach ar
iompar agus gnoithe a gcomharsan.
Is daoine diabhlaí iad a bhfuil a gcroíthibh lán de dhomlas
agus nimh ar iorball gach focail uabhtha. Is dian a leanann siad
gach claonbheart, agus is séimh príobháideach a chaitheann siad
gaethibh ganfhios leis an neamhurchóideach.
Éistidh anois, a chairde, leis an ní a deir an scrioptúr leis an
mhuintir seo! Ó, a Dhia mórchumhachta, cé hé a d'iarrfadh an
béasa seo a leanúint? Gach compán nó gach cuideachta a bheith ina
namhaid aige, a bheith ina athair nimhe in gach ball agus an ní is
measa murdaróir na neamhchiontach. Ó nár lige Dia go leanfadh
duine ar bith 5 a leithéid seo de bhealach!
Is iomdha dóigh le titim insa bpeacadh seo. Ar tús nuair a
chuireann tú bréag foilseanta air, ar an ábhar seo má chuireann sé
corraí ort ar aon modh, tionsclaíonn tú ar an móimint seo coir éigin
air nach raibh sé ciontach ann
riamh.
Aríst nuair a mhéadaíos tú an choir nuair a ghníthear í, mar
seo, má bhí an mífhortún i ndán dhó titim ann i bpeacadh, ní hé a
mhúchadh a dhéanfas tusa ach cuirfidh tú olcas ina chionn agus
ársóidh tú go lúcháireach don comharsain é.
Aríst nuair a fhoilsíonn tú peacadh atá fós príobháideach
agus inseoidh tú don duine seo gur pheacaigh an duine úd mar siúd,
inseoidh seisean ar an modh gcéanna é, agus mar sin go mbeidh sé
lánchoitianta, an duine gan mheas agus a pheacadh in áit cónaí ar
aon pheacadh amháin thig sé a bheith dochuntaiste.
Peacaíonn muid aríst le glacan orainn féin dearcaint ar
ghníomhartha ár gcomharsan agus an fáth is measa a bhaint astu ag
féachaint 6 goidé an t-ábhar a ní sé siúd nó seo agus sin go léir
mar gheall ar rúm cáinte agus dímholadh do bheith aige air.
Agus aríst peacair nuair a cheileas tú gníomhartha maithe do
chomharsan tríd olcas, agus má chluineann tú a chlú dhá bhaint de
gan a thiobadh, nó ach mura labhraidh tú, cóiríocht dhrochmheasúil
a thabhairt air, nó má mholann tú go fuar falsa é le go dtuigfear do
dhrochintinn dó, nuair a mholann tú é mar seo, deir an fáidh naofa,
cuireann tú ola ar do chlaíomh leis an cneá a dhéanamh níos
doimhne.
Mar seo agus le lán slithibh eile, a chairde, a bhíos duine
ciontach insa bpeacadh seo na cúlchainte. Ó tabhair aire nach
bhfuil tú coireach in gach bealach acu seo. Is doiligh peacadh
chomh coitianta leis a sheachnadh. Mar a deir Solamh, "Titeann an
iomad le claíomh agus is dhá mhó a thiteas leis an mbeangán
diabhlaí seo an teangaidh." Ach má bheir tú iarraidh a sheachnadh
é, le cuidiú na Tríonóide gheobhaidh 7 tú toradh do shaothara.
Tá an saol insa gcruth anois go ndéarfaí go bhfuil an
peacadh seo tairbheach dhúinn chum cuideachta shuáilceach do
choinneáil nó go háirithe is planda mallaithe é a mhúchann a lán
dea-oibreacha a d'fhásfadh i gcúrsa ár mbeatha.
Más mian leat carántas duine éifeachtach ar bith dh'fháil,
faigh duine éigin a bhfuil fuath aige
air agus glac mar bhuntáiste lánscanrú agus drochmheas a thabhairt
don té sin agus ar ball gheobhaidh tú muintearas uaidh.
Dhá mbeadh taithí agat ag bord an mhuintir seo, gheofá
ansin peacadh na cúlchainte go speisialta. Cuireann sé milbhlas ar
a gcuid bidh ar modh go ngearrann agus go slugann siad clú an
chomharsan leis. Ní bhíonn siad sáitheach lena mbia blasta
amháin.
Ná síligí leis seo go mbeirim breith ar gach uile dhuine! Nár
lige Dia, ar an ábhar go bhfuil a lán de dhaoine rialta ar an tsaol
fosta, ní hé amháin nach dtabhrann rúm don pheacadh seo, ach fós
go bhfuil siad 8 ina namhaid poiblí aige. Nó aríst ná síligí go
ngabhaim leithscéal na ndaoine bochta nuair is róchinnte a bhíonn
siad ciontach ann.
Goidé a déarfas muinn leis an oibrí nó an fear ceirde leis an
bhfearg is lú a chuirfear air go rithfidh mar Iúdás chuig n-a
mháistir, a thiarna, nó a dhuine muinteartha agus ansin taomantaí
diabhlaí dochosctha a chur as le bréaga, béadán agus droch-chaint
insa cruth go bhfaighidh
sé a dhíbirt as a thalamh nó as a chuid oibre go fealltach
míchoinsiasach é, gan féachaint ar a mhuirín bhraite gan mhisnigh.
Ó cá bhfuil do charántas nó do ghrá ar do chomharsain? An
mar seo is mian leat an casán crua naofa a ghabh ár Slánaitheoir
Íosa Críost do leanúint. Ó, a Chríostaidheanna, goidé an fuath
nádúrtha ba chóir dhaoibh a bheith agaibh ar an bpeacadh seo a
thionsclaíonn a oiread seo de olcaibh.
Is olc a thig sé do onóir. Ní meas do dhuine stuama é. Ní
comrádaí do mhnáúlacht é. Agus os cionn an iomláin goidé an
duibheagán a chuireann sé ar an bhfocal sin "Críostaí", agus an
t-anam 9 sin a cruthaíodh mar chosúlacht do Dhia a ceannaíodh le
daorfhuil ár Slánaitheora Íosa Críost ar bharraibh na croiche céasta.
Cuireann St. Chrysostom i gcosúlacht le farraige
fíorchontúirteach iad a shlogas agus a choscraíos gach ní
éifeachtach a rachas uirthi agus neamhnithibh gan aird gan dolaidh
a dhéanamh dhóbhtha. Is díreach an chosúlacht seo uair a reiceas
lucht na cúlghearrtha an mhaoin is uaisle agat, mar
atá do chlú, do onóir agus do dhea-mheas, deirim go n-iolcann siad
iad in uaigh an pheacaidh.
Cad eile, a Chríostaidheanna, nár chóir dhúinn gan an chaill
rómhór seo a chur ar ár gcomharsain gur bhudh luaithe a
d'fhulaingeoimist an bás féin ná a bhéarfaimist ár dtoil nó ár
n-aonta ann.
Ó ná mallaíthear le olcas do chroí thú. Cuir stad gan mhoill
ar réim mhallaithe do theangtha ar ceasta go mbéarfaidh sí chum an
bhealaigh mhóir thú a thriallas go hifreann síoraí. Guigh Dia go
dúthrachtach fá chúnamh a thabhairt dhuit bua dh'fháil ar na sluaite
peacaibh seo na teangtha.
Ó, a Chríostaidheanna, ní seo an úsáid a rinne na fáithe agus
na 10 naoimh insa tseanreacht agus insa reacht nua dena
dteangthaibh. Ó ní hé. Do rinne siad úsáid díobhth ag tabhairt
dea-chomhairle agus rialaibh cráifeacha uabhtha, ag taispeáint
príomhobair ár gcruthaitheora agus ag moladh Dia go soiléir
coitianta.
Ó goidé chomh gráiniúil is atá an peacadh seo na cúlchainte
agus aríst goidé chomh suáilceach agus chomh dea-chomhairleach
agus atá sé dhúinn labhairt go maith, ní
a thaispeánfas mé dhaoibh le sampal sothuigse.
An gléas seo ar labhairt go maith, féadaimid a chur i
gcosúlacht é le feirm saothraite talaimh ina mbeidh gach uile
thortha maith le saothar na scológa agus gach aoibhneas eile le
lúcháir agus suairceas a chur ar gach duine a bheadh ann.
Ní mar sin don áit úd is cosúil leis an duine bréagach, é lán
de dhreasógaí, móinte, cnoic agus creamhlacha, gach ní le dólás a
chur ar an té ar leis é.
Féach, a Chríostaidheanna, an difference atá idir an dá áit
seo: áit acu cothrom, clármhín, maiseach, agus an áit eile creagaibh,
míchothrom, dócúlta. Amhail seo do bhunadh 11 béadánach, ní
ghabhann dadamh uabhtha ach bréaga, drochmheas agus gach
drochshampal eile.
Ní mar sin don mhuintir fírinneach, is cosúil leis an talamh
maith iad. Beidh tú sólásach, sámh, socair ina gcuideachta agus
gheobhaidh tú teagas maith uabhtha.
Ó más mian libh an droch-chasán seo do sheachnadh, cuir
garda ar do chosa
agus teana do ghníomhartha a stiúraíocht de réir do réasúin. Bíodh
grá Dia agus an chomharsan i bhfocail do bhéil. Ná cailltear i
ngarglasair do fheirge thú ach labhair go ciúinaigneach ar gach ní.
Má bhí an mífhortún i ndán dhuit titim insa bpeacadh seo, tá
grása Dé láidir fós chum do thógáil: tá slí fós le fháil diomaite
dhíobh seo a sheolfas chun an ghlóir shíoraí thú. Tabhair iarraidh
orthu seo an fhad is atá sé in do chumhachta ar eagal gur
dhíomhaoin dhaoibh iarraidh go mall é.
Déanaidh aithreachas gan mhoill agus leasaidh olcas mur
dteangtha, agus tabhraidh aire ó seo suas gan titim ins na peacaí
céanna. Ligidh ibh féin 12 go humhal ag cosa mur dTiarna agus
iarraidh pardún air. Tá sé lán maithis, lán grása agus má thig sibh
chuige le aithreachas fírinneach is deimhin go bhfaighidh sibh
pardún. Foscólaidh a dhá láimh i mur gcoinne agus bhéarfaidh
fíorfháilte dhaoibh chum maitheas a árasa. Agus níos iontaí ná sin,
broideann sé thú chum úsáid a dhéanamh dena bhord
agus é sin uile in aisce.
Ó goidé mar a thig linn buíochas a thabhairt don Dia seo ar
son a mhórmhaithis? Adeir sé, "Taraidh chugamsa, a lucht an
ocrais, agus sásóidh mé sibh. Triallaidh chugam, a lucht an tarta,
agus gheobhaidh sibh íocshláinte na síoraíochta."
Ó, a Chríostaidheanna, nach fada ocras orainn agus gan
beann a chur ar an cuireadh seo? Nach fada sinn dhár líonadh féin
le bia glonnmhar an pheacaidh agus gan triall chum an féasta naofa
seo? Cá fhada tart orainn agus gan dhul chum tobar na suáilce? Cá
fhada ag ól an dhraoibdheoch salach ár n-anchlaonta féin sinn gan
triall chum sruth na sólása?
13 Ó, a Chríostaidheanna, nár chóir dhúinn bheith ar crith
le smaoineamh ar an mhícharántas seo? Nár chóir dhúinn brón,
eagal agus uafás bheith trí n-a chéile inár n-éadan ar an bhall?
Deirim libh gur cóir dhúinn baspairt a bheith orainn ar eagal an
bhreithiúnais seo: "Druididh uaim, a chréatúirí mallaithe, óir is
minic a dhiúlt sibh mo chuireadh, is rómhall a scairt sibh orm. Bígí
ar siúl go tinidh shíoraí
ifrinn agus ná feicim sibh níos mó".
Ó, a Thiarna trócaireach, cé ar fiosach dhó do
mhórmhaitheas? Nó goidé an teangaidh a thig inse nó áireamh a
dhéanamh ar mhéid do ghrása? In áit na bhfocal uafásach seo a
thuill muid a rá linn inniu, deirim go bhfuil tú mín ó aigne in do
dhiadhantas. Abair linn mar athair carántach, 'Taraidh chugamsa, a
lucht an tarta agus na trioblóide, agus bhéarfaidh mé cabhair
dhaoibh. Gabhaidh faoi mo bhrataighse agus foghlaim uaimse óir
níl mo sheirbhís dócúlach.'
Is iomdha slí mealltanach eile a gheibheas an Tiarna chum
ár dtarraingt chuige chun an tsolais shíoraí agus pléisiúir i gcathair
shoilseach na glóire. 14 Ach go dtí seo bhí muid bodhar agus
níor éist muid leis, tintrí agus cruachroíoch ina aghaidh ionas gur
shaltair sinn ar a ghrásaibh.
Ó anois, a Chríostaithe, tiontaímist ar ár dTiarna fá
dheireadh. Tá muinn rófhada ag imirt ár gcleasaibh go peacúil.
Rófhada, a Thiarna, atá muinn ar seachrán ó do ród. Glac inne
anois le croí umhal uiríseal lán de dhólás agus dobrón ar son fearg a
chur ort ó is tú fréamh gach maithis.
Caithimist sinn féin ag n-a chosa agus le tuile folcmhar de
dheoraibh aithrí ag iarraidh maithiúnais agus pardúin air abraimist
leis an bpublican, 'A Thiarna, déan trócaire orm. Ná tabhair
breithiúnas orm de réir mo ghníomhartha ar an tsaol seo. Ach lig
domh bheith i measc na n-aingeal an áit a gheobhas mé seilbh ar
lánaoibhneas do chuideachta, agus a bhfeicfidh mo shúilese loinnir
do ghile róchuimseach mar a bheas gach uile chumhachta agus
neart mo anama fá gheasaibh ag do mhórghrá le cónaí a dhéanamh
ansin go síoraí suthain i gcuideacht spiorad fíoruaisle na
bhFlaitheas ag gabháil ceoltaí binne don Tríonóid Naofa le saol na
saol' - ní atá mé a iarraidh dhaoibhse agus dhomh féin. Áiméan.
15 Jesus crucifixus est. Passio Domini nostri Jesu Christi.
Do céasadh Íosa ár Slánaitheoir. Cá bhfuil an Mac? Bhí
mac ag an Athair Síoraí, goidé a d'éirigh dhó? Fuair sé bás.
Marbhadh é. Is doiligh seo a rá, má tá, tá na flaithis mar fhianaise,
tá an talamh mar fhianaise, tá ifreann mar fhianaise.
Dhárbh fhéidir á rá go nglacfadh seanmóntaí an tsoiscéil
náire nó scáth fána oifig, ní raibh riamh ábhar acu níos mó nó ar an
lá seo ag dul i gcionn a fhoilsiú dhon domhan páis agus bás
Aonmhic Dé.
Ina aimhdheoin seo, mar adeir St. Paul, "Ní bhfuil náire orm
ar son an tsoiscéil, non erubesco evangelium, ach glacaim lúcháir
agus glóir i gcroich ár Slánaitheora Íosa Críosta, de bhrí gur
rúndhiamhair í a thaispeánas neart agus críonnacht go
míorúilteach". Ar an ábhar sin is mian liom solas beag a thabhairt
dhaoibh ar an modh éagsúil dár céasadh Dia ár Slánaitheoir.
Tar éis é an oíche aréir a chaitheamh in easonóir agus i
bpian, thug na cinnGhiúdaigh leobhtha é i láthair Phioláit a bhí ina
ghobharnóir ar na Rómhánaigh agus ghuíodar é go dúthrachtach
breithiúnas báis a thabhairt
in aghaidh Údar na Beatha.
Agus tráth a bhíodar 16 ag gáire agus ag scairtigh, ag
tabhairt fianaise bhréagach ina aghaidh agus ag iarraidh Barabas an
tréatúr a shaoradh agus Íosa a chéasadh, bhí sé, deir an fáidh Íseáia,
mar uan ciúin ceansa, a bhéal balbh. Níor oscail sé béal ar modh
gur líon Pioláit le iontas fá méad a fhoighde.
Cé go raibh fios ag Pioláit gur tríd mailís a bhíodar ag
iarraidh a chur chum báis é, ina dhiaidh sin fós thug laguchtaigh
agus eagla saolta air an rí trócaireach úd a thoirbhirt suas i lámha an
tíoránaigh neamhthrócaireach neamhghrásúil Héaród ionas go
mbéarfadh sé breithiúnas báis ina aghaidh.
Tar éis Héaród ár Slánaitheoir a fheiscint agus é féin agus a
chúirtéirí mallaithe fonóid a dhéanamh de agus aibíd bhán a chur
air tríd mhagadh, chuir sé ar ais aríst é chuige Pioláit. Ansin thug
Pioláit ordú an t-uan neamhchiontach úd a sciúradh ionas go sásódh
sé mar sin cíocras agus mailís a namhad. Ansin thángadar i láthair
na pianadóirí, nochtaigh siad ár Slánaitheoir go léir. Goidé a
tchíonn sé anseo, faraor ní fheic sé ach dorna agus bosaibh dá
bhualadh air, seilí dá chaitheamh i gclár a éadain. Chonaic sé os a
choinne cordaí, sciúirsí, casúir, tairní, croich a bháis dhá fáil réidh,
mallachtaí agus blaisféim.
Ó a Íosa dhólásach! Ó a lucht éisteacht dílis, is sinne na
peacaigh cionsiocair na 17 gceatha fola úd a bhí ag dortadh ó
gach ball dena chorp naofa. Goidé an t-ábhar nach réabann ár gcroí
le dólás ag féachaint ar an pheannaiste éagsúil a d'fhulaing an
neamhchiontach glórmhar úd ar son ár gcoirtheach agus le fíorghrá
orainn?
Goidé a tharraing ár Slánaitheoir dílis anuas ar talamh ó
dheaslámh a athara, a d'fholaigh é le corpán beag daonna, agus a
rinne é rannpháirteach inár mbochtaineacht agus ár n-anró i
ngleann na ndeor seo ach méad a ghrá orainn?
Ó a chairde, seo cuimhne bliana an tSlánaitheora. Seo an lá
dólásach tuirseach dár mharbh sinne lenár bpeacaí in éineacht le
mailís na gcinnGhiúdaigh Aonmhac an Athar Síoraí agus leanbh
beannaithe na Maighdine Glórmhar. Seo lá da dtig gach Críostaí
carántach in éineacht a chaoineadh le trua fá murdar mínádúrtha
Íosa Críost. Seo lá a shásas siad a gcroí le deora na haithrí os cionn
a choirp beannaithe.
Agus is leis an intinn seo atá mur go cráifeach cruinn anseo
ar maidin.
Goidé a tchíonn muinn nach dtugann brón agus tuirse orainn?
Nach bhfuil na flaithis i gcumhaidh? Nach dtáinig dorchadas
éiclips ar an grian ionas nach mbeadh sí ina fianaise ar an murdar?
Nach raibh nádúr go huile faoi aibíd an dóláis? Nach bhfuil
teampall Dé inniu ar talamh ar feadh an domhain ag gáire agus ag
osnaí fá bhás a chéile Íosa Chríost 18 a bhí ag dul i néal idir
lámha na máistrí neamhthrócaireacha na cinnGhiúdaigh?
Foscail anois do shúile, a Chríostaí, agus tchí tú do
Shlánaitheoir dá loiteadh ar son do pheacaí. Ar tús ins an gairlín
mar a chuir sé allas fola le na piantaí a bhí ar a cholainn. An dara
huair ag an barra i dtigh na cúirte le sciúirsí. Fá dheoidh ar sliabh
Chalbhaire mar a fuair sé bás scannalach na croiche.
Leanaimid é gach bealach acu seo, ach leanfaimid le tuile
deora inár súile, le osnaí inár gcliabh , agus le fíordhólás croí.
Iarraimist na grása seo ar Sprid Naomh trid idirghuí na Maighdine
ródhólásach ag rá "Ave Maria etc."
Tar éis ár Slánaitheoir an suipéar déanach a chríochnú, a
chuid feola agus fola a thoirbhirt faoi ghné aráin agus fíon do na
haspail, a gcosa a níochán
tríd grá agus umhlaíocht, tar éis buíochas a thabhairt don Athair
Síoraí, ghluais sé tríd abhainn Chidreon go gairlín Gheitséamainí le
ligean a thabhairt dona dhólás.
Bhí Iúdás ag fáil réidh lena leanúint ionas go mbraitheadh sé
é. Bhí Críost ag fáil réidh ionas go mbeirthí air. Amhail agus a
thoisigh Éabha ar scrios cine daonna i ngairlín Éidin, thoisigh an
Slánaitheoir ar ár gceannach i nGairlín na Olives, amhail agus a
fuair an bás agus an diabhal bua ins an céad ghairlín, fuair 19
beatha na grása bua, tríd pháis Íosa, ins an dara gairlín.
Má tá, féachaidh ar idirdhealú na ngairlíneacha. Bhí gairlín
Éabha ina parthas talmhaí: bhí gairlín Chríost ina úllghort dobróin.
Bhí an chéad ghairlín sólásach soilseach: tá an gairlín seo dólásach
dorcha. Bhí crann na beatha ins an gairlín úd: tá ins an gairlín seo
tortha an bháis. Do chualadar glór agus guth an Athar Síoraí ag
meán lae: ní chluinthear ins an gairlín seo ach osnaí agus mairgniú
Aonmhic Dé i ndorchadas na hoíche, "Shíl mé nach raibh agam ach
sruthán beag le dhul trasna nuair a lean mé thú go Cidreon. Ach
anois tchím go bhfuil agam farraige chontúirteach." Mar a dúirt an
fáidh ríúil, "Tháinig
mé go doimhneacht na farraige agus bháigh an stoirm mé" - veni in
profundum maris etc.
Ó 'sé seo farraige dhólásach pháis an Slánaitheoir. Nuair a
dhearcann sé ar na carraigeacha atá roimhe, an stoirm ag ardú agus
an ghaoth ag neartú, nuair a smaoiníonn sé ar Iúdás ag dul dá
ghabháil, a dheisceabail dá thréigbheáil, na cinnGhiúdaigh dá
chéasadh, na Gentiles dá stróiceadh, na breithimh bhréagacha dá
thligean chun báis, agus Barabas dá shaoradh, ar modh go
mb'fhada leis a bhí murdaróirí a choirp naofa ag fanacht, réab sé
amach ins na briathra seo Tristis est anima mea usque ad mortem -
"níl seasamh agam le méad mo thursa."
"Anois, a Shlánaitheoir, a Ardrí an domhain, ar ndóigh lig
20 tú do thursa maith go leor. Sin do chroí briste, do anam
loiscthe. Ar ndóigh ghoil tú go leor ar son pheacaí na muintire
nach ngoileann aon deor amháin fána bpeacaí féin, nó nach
smaoiníonn ar do pháis."
Ó ní leor le mac Dé seo. Tá sé ar tí é féin a loiteadh míle
uair níos mó ar son a phobail. Propter scelus populi mei.
Dearcaidh ar a chorp báite in allas fola. Féachaidh na sroite ag
dortadh as portaibh a choirp go hiomlán. Factus est enim
sudor ejus sicut guttae sanguinis. Foscailidh mur gcroíthe, a
chairde, agus glacaidh fuil uasal an Ardrí i soithí mur n-anama atá
dhá dortadh go hiondúil ar mur son.
"Ní gan ábhar, a Thiarna, atá tú ag fulaingt gach
mórphiantaí díobh seo. Ní gan fáth atá tú ag dul chun laige agus ag
urnaí chomh fada seo." Ní gan ábhar atá tuile deora le a shúile agus
allas fola le a chorp beannaithe. Ó ní hé, a chairde, dá mbeadh gan
athrach ábhair aige ach gur dhíol Iúdás é, gur shéan Peadar
ceannfort na n-aspal é - ter me nagabis.
Ina aice seo an dólás éagsúil agus an dobrón a bhí ar a
mháthair Muire. Nár mhór an t-ábhar tursa do Chríosta gach ní acu
seo? Ba mhór gan amhras.
Ó maise, tá ábhar eile aige 21 níos mó míle uair, mar atá
go bhfeiceann go soiléir, i ndiaidh gach mórphiantaí atá tú a
fhulaingt ar son an phobail go ndamnaíthear míle agus míle pearsa
fán duine a shlánaíthear den phobal céanna - multi sunt vocati etc, -
gur lia duine ag déanamh seirbhís don diabhal a bhéarfadh piantaí
síoraí dóibh mar luach saothair nó dó féin
a bhéarfadh sólás síoraí dóibh ins na flaithis.
Cá hionadh a chroí réabadh nó leá ina chliabh le iomad
dóláis agus tursa, nuair a tchí sé thusa, a ghadaí a bhíos ag staideáil
go laethúil díobháil a dhéanamh do do chomharsain, do do
thabhairt féin suas don diabhal ar slabhradh, tar éis é féin do
scaoileadh lena allas fola?
Cá hionadh é bheith báite i dtursa agus i ndobrón nuair a
tchíonn sé thusa, a ghiolla úd eile, gach lá ar meisce agus gan cur
suas agat ó olc ar bith le linn do mheisce?
Ó, a pheacaigh, dá gcluinfeá do Shlánaitheoir an oíche úd
roimh a bhás ag baint fuaimneach as na clocha leis an éagnach
truánta an fáidh Íseáia, Ego in vacuum laboravi et vane
fortitudinem meam consumpsi. "Is trua mo chás," adeir sé, "is in
aiscidh atá mé ag caitheamh mo shaothair. Is díomhaoin m'urnaí.
Is díomhaoin mo dheora. Is díomhaoin mo allas fola". In vacuum
laboravi. Ach cad chuige, a Thiarna, 22 nach ar son chine daonna
atá tú ag fulaingt agus nach bhfuil siad féin agat ar son do
shaothair? "Is deimhin gurb ar a son, ach goidé an tairbhe atá
dhomh ann agus go ndamnaíthear iad go huile mar nár chreid siad
agus nach n-umhlaíonn siad do mo dhlí" - quia non
credidit in nomine unigeniti filii Dei, (John 3).
Do tháinig aingeal as na flaithis a neartú an tSlánaitheora
agus dúirt leis, "A Rí neimhe agus talaimh, goidé a bheir tú chomh
dólásach tursach seo? Ar son go mbeidh do pháis
neamhthairbheach ag mórán? Cinnte tá Críostaidheanna maithe
ann a bhaineas tairbhe agus toradh aisti. Féach an crann seo na
croiche a bhí faoi tharcaisne agus drochmheas riamh go dtí seo,
beidh sé feasta i mórmheas agus in onóir ar feadh an domhain.
Ligfidh impirí agus prionsaí a gcróinn ag bun an chrainn seo agus
dhéanfaidh siad umhlaíocht agus onóir di. Glac seo, a Thiarna, mar
shásamh in do mhaslú." Aparuit angelus de coelo confortans eum
(Lúcás.22).
Má tá is orainn amháin atá Críosta ag iarraidh compoird ar
son gach peannaiste agus dóláis a d'fhulaing sé. Is orainn amháin
atá sé ag iarraidh sóláis. Tugaimid sin dó, a Chríostaidheannadh,
go tapaidh. Ná ligimid i bpian níos faide é. Ó loit seisean a chroí
le grá orainn, tugaimid grá ár gcroí go hiomlán 23 dó ar shon agus
de réir mar a shil seisean deora fola ó gach ball dena chorp naofa ar
son ár bpeacaísa. Silimid tromchith deora na haithrí
ag cuimhniú a pháis agus na peacaí céanna. Lean mur Críost go dtí
seo ins an gairlín, leanaimid é anois ins an mbarra, ní ar a
dtráchtfaidh mé ins an dara páirt.
Dara páirt
Do chonaic mur Críost ar ball ins an gairlín báite ina chuid
fola, tchíonn mur é anois ins an mbarra i measc robairí agus
murdaróirí, idir lámha an tréatúir a bhraith é, lámha an bhreithimh a
thlig é, agus lámha na gcrochadóirí a chuir chun báis é.
Ach cia an duine mallaithe mífhortúnach seo a bhraith é?
Dar ndóigh is Turcach nó págánach é? Ní féidir a rá ná tá sé níos
craosaí agus níos mailísí nó leoin nó tigers na gcoillte. Ó ní duine
is lú nó sagart é, aspal a chuaigh a dhéanamh feall ar Ardshagart
agus Ardrí an domhain. In áit dhul a theagas an tsoiscéil 'sé a
chuaigh sé a bhrath a mháistir Críost lena namhaid - "Quid vultis
mihi dare et ego vobis tradam eum".
Sin agaibh Iúdás anois ina cheannfort ar trúpa mallaithe ag
dul a ghabháil Chríost agus mar nach raibh aithne acu air, thug
dhóibh mar chomhartha an té dá dtabharfadh seisean póg dó gurb é
sin Críost.
Má tá, dar ndóigh nach leanann duine ar bith ar an tsaol seo
ar shampal Iúdás? Ó faraor 24 tchíonn mur go laethúil mórán ag
déanamh aithrise air: mar
atá an mhuintir a dhíolas a n-anam ar ní beag fuinneamhach a
chosain go daor don tSlánaitheoir. Díolann fear na sáinte a
Shlánaitheoir go minic ar níos lú nó deich bpingine fichead.
Díolaidh fear na drúise an tArdrí ar pleisiúr salach móiminte. Agus
an té a ghlacas corp an Tiarna ar drochstaid, díolaidh agus braithidh
Críost ar modh is gráiniúla agus is mailísí míle uair nó Iúdás -
factus est reus corporis et sanguinis Domini.
Tar éis an drong mallaithe úd Íosa a cheangal le cordaí caol
crua agus le slabhraí daingean, thugadar leobhtha é go toigh
Cháiafas, sciúir siad é, chuir siad folach ar a shúile, bhuail siad bosa
agus doirn air, agus tríd magadh dúirt siad leis, "Taibhsigh, a
Chríost, cia a bhuail thú?" - "prophetisa nobis Christe quis te
percussit?" Do chuir siad cróinn spíne ar a cheann agus bata
coscarthach ina lámh.
Ó, a Chríostaidheannadh, fiafraím díbh, ní mar Cháiafas de
na cinnGhiúdaigh ach mar ministéir bocht do Íosa, fiafraím díbhse,
a Chríostaidheanna, goidé a deir sibh le mur Slánaitheoir?
Sílim go bhfeicim é báite ina chuid fola,
a thaobh foscailte leis an tsleá, a cheann pollta 25 le draighneán,
a lámha agus a chosa tairneáilte do chrann na croiche, a dhroim
stróicthe le cúig mhíle buille sciúirse.
Ó, a fhlaithis, an féidir linn dearcaint nó smaoineamh air gan
nár gcroí réabadh le dólás? Bhí an pobal mallaithe á iarraidh in
guth ard dána "Tolle, tolle crucifige eum" (Matha 27) - "tóg, tóg,
céasaidh é."
Ó, a mhurderí na feille, ní thuigeann sibh cia atá agaibh. Ní
smaoiníonn sibh gurb é Críost mur Slánaitheoir, Aonmhac Dé, atá
sibh a chur chun báis. Agus fós ní thuigeann sibh gurb é an Dia
céanna atá inniu faoi brat folaithe a dhaonnachta, idir mur lámha, a
thiocfas an lá déanach a thabhairt breithiúnais oraibh de réir mur
ngníomhartha ar an tsaol seo.
Tríú páirt
Anois fiafraím de na breithimh bhréagacha má d'éist siad
leis an cás goidé an choir a rinne Críost le go bhfuil siad dá chur
chun báis - quid enim mali fecit? Ní thig leobhtha freagar a
thabhairt orm.
D'fhiafraigh Pioláit de na cinnIúdaigh cé acu ab fhearr
leobhtha Críosta nó Barabas an ceithearnach coilleadh a shaoradh,
"Is fearr linn Barabas," ar siad - "non hunc sed Barabam". Ó an
gcualaidh duine riamh a leithéid seo rogha,
murdaróir na ndaoine a shaoradh agus an té a leigheas na
bochtaibh ó gach galar agus a thóg daoine ó mharbh 26 a
thligean?
Obstupecite coeli super - líonaidh i láthair le iontas. Ach níl
ábhar iontais againn má dhearcaimid ar gach drochrún a bhíos
againn féin go laethúil. Nuair a thig cathuithe ar an duine an peacadh a
dhéanamh, deir na grása agus dlí Dé leis ina chroí, 'Má ní tú an
drochghníomh seo, tuillfidh tú fearg Dé, tarraingeoidh tú a dhíoltas
ort, díolfaidh tú do cheart ar pharthas neimhe.' Deir an diabhal agus
antoil na colla leis ar an taobh eile, 'Téigh ar d'aghaidh. Ná bíodh
faitíos ort. Tá tráth go leor agat a aithrí a dhéanamh.'
Goidé an rogha a ghlacas an duine? Ó tá, an ní céanna a
rinne na cinnIúdaigh. Bheir sé cúl do Dhia agus aghaidh ar an
diabhal. Glacaidh sé pleisiúr na huaire sin mar rogha ar aoibhneas
na bhflaitheas - non hunc sed Barabam.
Ionas go gcríochónaimist an comhrá dólásach seo go
tairbheach, féachaimid ár Slánaitheoir Íosa Críost lom nochtaithe
gan snaithe éadaigh ar a chorp agus é ceangailte de phosta i láthair
an domhain mhóir,
i láthair a namhad agus a chairde, i láthair Dé agus na n-aingeal, na
crochadóirí agus na hoifigigh ina thimpeall, súile ar mire ina
gceann, cúr lena mbéal, sciúirsí ina lámha, ag iomardas le chéile cé
27 acu is troime a bhuailfeadh buille ar a chorp naofa.
Dearcaidh fá dheoidh ar mur Slánaitheoir Íosa sínte ar
chrann na croiche, an fhuil ag dortadh ina tuile as a chuisleanna, a
chosa agus a lámha dhá sparradh ar an bposta, a cheann pollta go
dtí an inchinn leis an cróinn spíne, a chroí dhá réabadh, a ailt dá
stróiceadh, a chliabh dá loscadh agus an tAthair Síoraí dá
thréigbheáil - "Elei Elei lamma sabactani".
Ó is díreach a bhaist an fáidh Íseáia é ins an staid so - vir
dolorum - fear an dóláis. Tar éis Críost urnaí a dhéanamh agus
achainí a iarraidh ar son a namhad ag rá, "Pater dimitte illis," tar éis
é cúram a mháthara a chur ar Eoin Aspal, "Mulier ecce filius tuus,"
tar éis é parthas a ghealladh do ghadaí na láimhe deise, labhair sé in
guth ard, "Consummatum est", "tá m'obair go léir críochnaite,"
chlaonaigh a cheann, d'umhlaigh don bás agus d'fhág an t-anam é -
inclinato
capite emisit spirit.
Ionas go mb'fhéidir linn aiséirí a dhéanamh leat inniu ó bhás
inár bpeacaigh go beatha do ghrása, tá mur go humhalchroíoch ag
iarraidh achainí ort, agus ní achainí shaoil nó shláinte nó saibhreas
saolta, ach achainí pardún a thabhairt dhúinn in gach tréas dá
ndearn muinn ariamh in do aghaidh, agus an tAthair Síoraí a
ghuidhe gan luach do chuid fola anam Críostaí ar bith dá bhfuil
anseo i láthair, dhul go heifreann go brách, grása ón Athair, ón Mac
agus ón Spiorad Naomh nár mbeatha a leasú ar an tsaol seo agus
glóir shíoraí ar an tsaol eile. Áiméan.
28 2nd Sunday after Epiphany
On the State of Marriage
Nuptiae factae sunt in Cana Galiliae et erat mater Jesu ibi, vocatus
est autem et Jesus et discipuli ejus ad nuptias.
Do bhí bainis in Cána i nGalilee, agus do bhí máthair Íosa ann,
agus fuair Íosa cuireadh in éineacht lena dheisceabail (Joan.2).
Ní hé amháin go bhfuair ár Slánaitheoir cuireadh, ach fós do
bhí sé i láthair ag an mbainis. Do bheannaigh sé an pósadh.
Naomhaigh sé an lánúin. Rinne sé míorúiltí ag déanamh fíon den
uisce. Agus thionscail sé sacraimint a dhéanamh den bpósadh i
dteampall Chríosta - vocatus est autem et Jesus.
Mar sin, a chairde, is follas go bhfuil pósadh dlisteanach de
bhrí gur chruthaigh an tAthair Síoraí fear agus bean, agus gur phós
sé iad i bparthas talún.
Má tá, ní luaithe a d'ardaigh Críosta an pósadh i gcéim agus
in onóir sacraimint ná chuir an diabhal siege ina shuí ag spreagadh
na Gnostics
agus Manichaeans chun eiriceachta, ag dímoladh sacraimint an
phósta; agus ar son go dtug siad drochmheas agus tarcaisne don
tsacraimint seo, bhí siad ag déanamh adhradh agus onóir don
drúisiúlacht 29 a bhí crosta orthu an uile uair agus am ó dhlí Dé.
Mar nach bhfuil aon agaibh anseo i láthair nach gcreideann
gur sacraimint an pósadh, níl agam ach teagas beag le thabhairt
daoibh ar na coinníll atá riachtanasach agaibh ionas go dtiocfadh
Críosta chum mur bpósta.
Tá pósadh mar chathaoir nach mbíonn daoine sásta ann nó
as, ní luaithe a bhíos ceangal Chríosta ar mhórán lánúineacha nó is
mian leobh bheith scaoilte, agus ní luaithe a bhriseann Dia an
ceangal leis an mbás nó is mian leobh bheith aríst ins an cuibhreach
céanna.
Is deimhin gur chruthaigh Dia fir agus mná ní hé amháin le
cine daonna a mhéadú go dlisteanach ach fós le compord agus
cuidiú lena chéile. Má tá, faraor, níl beannacht dá bhfuair daoine
ón Athair Síoraí nach dtiontaíonn mórán lena bpeacaí chun
mallachta. Agus tríd an drochúsáid a ghníthear de stát beannaithe
an phósta, tiontaíthear é chum stát sclábhaíochta agus mífhortúin.
Admhaím go deimhin de réir mar atá an tsacraimint seo dá
húsáid ins na laethaibh seo gur cosúil í le páirc lán draighneán agus
dreasóg, agus gur mór na míorúilte má fhásann rósa inti uair in
gach céad bliain. Ins an earrach, 'sé sin ag tús a bpósta, bíonn siad
lán lúcháire ag pléisiúr falsa. Ins an tsamhradh, 'sé sin i
ngearraimsir ina dhiaidh, ní fheicthear ach aithreachas agus gruaim.
Ins an fómhar tursa gan cuimse agus trioblóid gan críoch. Ins an
geimhreadh, 'sé sin i ndeireadh a saoil, ní chluintear ach mallachtaí
le éadóchas ar a chéile - fágaidh an fear an fabhta ar a bhean agus
fágaidh 30 sise an fabhta airsean. Agus go formhór bíonn siad le
chéile coireach. Bheir siad aghaidh ar an bpósadh gan ullmhú, gan
grása, gan cuireadh a thabhairt do Chríosta, agus caitheann siad a
saol uaidh sin amach i dtrioblóid, i mbuaireamh agus mífhortún.
Agus goidé mar is féidir síol a bhaint nár cuireadh? Goidé mar is
mian leat cruithneacht dh'fháil de dhreasóg?
Is maoin shaolta amháin substaint an mhargaidh a ghníthear
idir lánúineacha ins an aimsir seo. Ar son réasún crábhaidh nó
carántais, ní bhíonn rún nó páirt acu ann. Díolann na haithreacha
agus na máithreacha a gclainn mar mhart nó chapall ar aonach don
té is airde pingin. Do-ghní na daoine adhradh don airgead i
dteampall
Chríosta mar a rinne na hIsraelites ar an bhfásach anallód.
Dá mbeadh ag cailín gach scéimh agus gach suáilce níl
beann nó aird uirthi mura mbeidh crodh aici os cionn gach uile ní.
Ní le cailín dea-iomprach nó rialta is mian le mórán a bpósadh ach
le mórán óir agus airgid. Agus mar sin, gur mó ba chóra dóibh
bheith pósta le Sléibhte Potasi, le mianach diamonds Golconda nó
le mnaoi cráifeach carántach. Goidé an t-ionadh póstracha a d'fhás
ó shaint i maoin cathaitheach saolta bheith mífhortúnach ina
dtortha?
Glacann a lán eile orthu féin dhul chum pósta as comhairle a
súile mar Thurcaigh nó págánaigh le antoil a gcolainne a shásamh.
Má tá, faraor, ní bhfuil na céadfaí seo fiotáilte ar a leithéid seo, mar
nach bhfeic siad ach an taobh amuigh agus nach mbeireann
breithiúnas 31 ach ar scáile nó do na nithibh a thaitníos leobh. Is
minic nach mbíonn croí an duine in éineacht lena bhriathra, is
minic nach mbíonn a intinn mar a shúile, nach mbíonn a chlaonta
mar a éadan. Bíonn go minic clár éadain sciamhach mar aingeal ag
an té dá bhfuil croí dubh mar dhiabhal aige. Bíonn siad mar
shneachta geal os cionn carnán aoiligh, nó mar tumba maiseach i
dtimpeall corpán salach.
An grá nach dtéid níos
doimhne nó an craiceann, fuarann sé i ngearraimsir agus
críochnaíonn sé i dtrioblóid, fuath agus mífhortún i mbeagán
bliantaibh. 'sé an foighid an leigheas is fearr ar na hócáidí seo. Má
tá, ní ghlacthar í ach go hannamh.
Anois ó tchíonn sibh go bhfuil an pósadh lán carraigeacha
agus crosántas, gur ceangal é nach féidir scaoileadh go dtí an bás,
glacaidh warning in am agus ná cuirigí an tsnaoim nó go ndéanaidh
sibh comhairle le Dia agus le mur réasún. Ní bhfuil ceart ag na
haithreacha a gclainn a thoirbhirt chum pósta in aghaidh a dtola
mar ghrá ar shaibhreas, agus ní bhfuil sé d'fhiacha orthusa bheith
umhal dóibh in aghaidh a n-intinne. Is fearr dóibh bheith de chois
le socraíocht nó bheith i gcóiste le míshástacht. Má tá, tá ciall
nádúrtha dhá fhoilsiú don clainn gur chóir dóibh comhairle agus
cead a n-aithreacha agus a máithreacha a iarraidh agus dh'fháil dul
dá bpósadh.
Mar sin glacaidh an tsacraimint seo mar Chríostaidheannadh
agus ní mar págánaigh. Is cóir daoibh bheith ar staid na grása dá
mur bpósadh nó beidh sibh coireach i bpeaca marfa, agus an
mhuintir a thosaíos le peacadh críochnaíonn le mallacht.
32 'sé an chéad ualach atá ar an mnaoi phósta bheith umhal.
"Bíodh an bhean umhal dona céile pósta," adeir St. Paul. Agus tá
oibleagáid ar na fir bheith lán de ghrá
agus carántas ar a gcuid mná. "A fhearaibh, bíodh grá agaibh ar
mur gcuid mná," adeir an tAthair Síoraí i mbriathra Naomh Pól
aspal, "amhail agus mar a bhí grá aige Críosta ar a theampall ar
talamh." Caithfidh sé neartú í mar chompánach agus gan
fíorsclábhaí a dhéanamh dhi. Nach mícharántach an gníomh
do fhear gan foighid a dhéanamh le doghrainn nó tinneas a mhnaoi
phósta, nuair ba chóir dhó bheith ina scáthán aici aimsir easbhaidh
agus trioblóid. Ní mar sin go gnách dhó ach bualadh agus briseadh
go míthrócaireach an créatúr bocht lag seo ar cnámh agus feoil dó
féin í, mar adeir an scrioptúr.
An dtig le diabhal diabhlaíocht nó mícharántas é féin a
thaispeánadh níos foilseanta nó ins an gníomh truaillí tarcaisneach
seo, easumhlaíocht a thabhairt di agus nach bhfuil aon ghléas
coiscthe aici ar rabhairt thintrí na feirge sin ach ag éagaoin agus ag
osnaí agus ag dortadh sruth folcmhar de dheoraibh in éineacht le
scréacha caíthe dofhulaingte.
Agus ibhse, a mhná ar mian libh brí an phósta a thiontú mar
is mian libh féin agus 33 dlí Dé agus na nádúra a bhriseadh le
cinntréan
teangtha le máistreacht agus urraim dh'fháil daoibh féin ar mur
gcuid fearaibh pósta. Goidé an mífhortún a tharraingíonn sibh
oraibh féin go laethúil le stráice, éad agus útamáil le tabhairt
tarcaisne do iontaobhaíocht, macántas nó foighid mur gcuid
fearaibh pósta.
Ó is lánúineacha iad seo ceangailte ar an tsaol seo. Má tá,
faraor, beidh siad scartha scaoilte ar an tsaol eile ins an am a bheas
duine acu ag gabháil ceoltaí agus amhrán binne i measg na
n-aingeal ins na flaithis, an duine eile dá dhó agus dá loscadh i
measc diabhalaibh daoldhathacha agus i bpiantaí síoraí ifrinn an fad
is bheas Dia ag caitheamh na glóire.
Ó guímist anois go dúrachtach an Tiarna róghlórmhar seo
atá os ár gcionn é stopadh agus tiobadh a chur ar na pósaíocha seo i
measc na gCríostaidheanna. Guímist é go dúthrachtach ónár gcroí
go hiomlán fá é na grása a thabhairt dhúinn uaidh seo suas
síocháinte agus carántas bheith eadrainn anseo agus aríst ár dtógáil
chum glóir shíoraí na bhflaitheas áit a mbeimist ag tabhairt onóir,
urraim agus umhlaíocht do Dhia ar feadh na síoraíocht. Áiméan.
34 A Specimen of the Irish Translation of Thomas à
Kempis.
Ar smaointe an bháis
Ní fada nó go dtiocfaidh uair an bháis chugat, agus mar sin, tabhair
aire don staid ina bhfuil tú. Inniu tá an duine ina bheatha agus
amárach ní bhfuil sé le fáil. Ach an uair a thógthar as ár bhfianaise
é, ar ball fágann sé fós nár gcuimhne.
Ó is crua agus is spadánta croí an duine nach smaoiníonn
ach ar na nithibh atá amháin i láthair agus gan féachaint níos fearr
ar na nithibh atá inár gcoinne. Ba chóir dhuit tú féin a iompar san
uile ghníomh agus smaoineamh amhail agus mar a bheifeá an lá
déanach de do bheatha.
Má bhíonn coinsias maith agat ní bhíonn mórán eagail ort
roimhe leis an mbás. Is fearr an bás a sheachnadh nó an bás. Mura
bhfuil tú ullmhaithe inniu, goidé mar bheas tú ullmhaithe amárach?
Tá an lá amárach neamhchinnte. Cá fios dhuit an mbéarfaidh tú
beo ar an lá amárach?
Créad is fearrde dhuit bheith i bhfad beo an uair is beag a
leasaíthear ár mbeatha? Ach faraor, ní
leasaíonn an saol fada inn go coitianta, ach go minic is mó a
mhéadaíonn sé nár gcoirthe.
35 Is trua nach dtig linn aon lá amháin denár saol a
chaitheamh go maith. Is mór an lán a gheallas a mbeatha do leasú
agus is beag na tortha nó an biseach a thig orthu.
Cia gur uafásach an raod an bás is baolaí nó sin a bheith i
bhfad beo. Is beannaithe an té ag a bhfuil an bás os coinne a shúl
go gnách agus a ullmhaíos é féin go laethúil ina choinne. Má
chonaic tú aon duine ariamh ag fáil bháis, smaoinigh go rachaidh tú
féin ann casán céanna.
Ag teacht na maidine, síl nach dtéid tú féin chum na
tráthnóna agus fá thitim na hoíche ná geall dhuit féin a bheith beo
ar maidin. Mar sin bí ullmhaithe ar do choimheád agus ná beireadh
an bás go brách i do chodladh ort.
Is iomdha duine a gheibh bás tobann gan am aithrí óir is ins
an uair nach síltear a thig mac an duine. An t-am a thiocfas an bás,
smaoineoidh tú ar do bheatha agus goilfidh tú go crua ag féachaint
ar gach faillí agus ar gach spadántas dá ndearna tú.
Is méara don té a thig leis bheith in aimsir a shaoil mar ba
mhaith leis a bheith uair a bháis, óir bhéarfaidh
tarcaisne ionlán an tsaoil, fonn dhul ar aghaidh ins na suáilce, grá
na rialtacht, pionús na haithrí, éascaíocht na humhlaíocht, diúltú an
duine dó féin agus iompar go foighdeach gach éagóir agus leatrom
mar gheall ar Chríosta, bhéarfaidh siad 36 dóchas agus muinín
láidir bás beannaithe dh'fháil.
An fad a bheas tú slán is iomdha maith a thig leat a
dhéanamh. Is beag a leasaíos iad féin le linn an tinnis nó a
naomhaíos iad féin le mórán turais. Ná déana rómhuinín as do
chairde nó as do chomharsain agus ná lig do leas ar cairde óir
dhéanfaidh daoine dearmad dhíot níos luaithe nó a shíleas tú. Is
fearr lón a dhéanamh anois in am agus do dhéirce agus do
ghníomhartha maithe a chur romhat nó tú féin a thaobhadh le
daoine eile in éis do bháis. Ach mura bhfuil cúram agat anois ort
féin cia a chuirfeas buaireamh air féin i do dhiaidh aríst?
Is mór luach na haimsire atá i láthair. Anois am na haithrí.
Seo fómhar an anama. Ach faraor nach bhfreagraíonn tú an t-am
atá i láthair agat le haghaidh do anama. Tiocfaidh an t-am a
mbeidh tú ag iarraidh aon lá amháin le haithreachas a dhéanamh
agus níl fios agat an bhfaighidh tú do achainí.
A chairde gráidh, is iomdha eagal agus olc is féidir leat a
sheachnadh ag smaointeamh agus aige coimheád ar an bhás.
Déana do dhícheall anois do bheatha bheith naofa agus ní bhíonn
eagal ort ach lúcháir ar uair do bháis. Foghlaim anois bás dh'fháil
den tsaol ionas go mbeifeá an uair úd beo maille le Íosa Críosta.
Foghlaim anois an uile 37 ní do tharcaisniú ionas go dtiocfaidh
leat a dhul go dána d'ionsaí Chríosta an uair sin. Smachtaigh anois
do cholainn le pionús na haithrí ionas go mb'fhéidir leat muinín
láidir a bheith agat uair do bháis.
Ó a amadáin, créad fá a smaoiníonn tú a bheith i bhfad beo
agus nach bhfuil aon lá amháin dearfa agat. Nach iomdha duine a
mhealltar agus a fhuadaíthear ar siúl an uair nach síleann siad.
Nach minic a chualaidh tú dá rá, 'Thit an fear seo ar a chlaíomh.
Bádh fear eile. Thit duine eile agus briseadh a mhuinéal. Tachtadh
duine eile agus fuair an fear úd eile bás le uabhar.' Titeann duine le
tinidh, duine le arm, duine le plá. Marbhadh duine sa chath agus
imíonn saol an duine thart mar scáile.
Cia a chuimhneos ort i ndiaidh do bháis, agus cia a dhéanfas
guí nó urnaí ar do shon? Anois, anois, a chairde, déan an méid is a
thig leat óir ní fios dhuit uair do bháis nó goidé a éireos dhuit ina
dhiaidh.
An t-am atá dh'fhaill agat déana saibhreas agus lón síoraí
dhuit féin. Ná smaoinigh ach ar sláinte do anama. Ná tabhair aire
ach do Dhia. Tabhair onóir do naomhaibh Dé agus déana caraid
díobhtha ag tabhairt tóraíocht dóibh ionas go ngabhfadh siadsan
leatsa ins an glóir shíoraí ag fágáil an tsaoil seo dhuit.
38 Meas nach bhfuil tú ar an talamh ach i do dheoraí bocht ar
céilí agus gur beag do chuid den tsaol. Coinnigh do chroí saor agus
suas chum Dé óir ní bhfuil baile cónaithe anseo agat. Cuir do
ghearán, do dhéara agus do ghuí suas go flaithis Dé ionas go
bhfaigheadh do anam d'éis do bháis a dhul go glóir shíoraí an
Tiarna. Áiméan.
39 Sermon on the 4th Sunday after Penticost.
Et respondens Simon dixit illi, "Praeceptor per totam
noctem laborantes nihil cepimus, in verbo autem tuo laxabo rete."
D'fhreagair Peadar ag rá leis, "A mháistir, do bhí mur ag
obair ar feadh na hoíche agus níor ghabh mur aon ní. Má tá, ar do
fhocalsa scaoilfidh mé mo líontaí." (Briathra Chríosta ag Naomh
Lúcas sa 5ú caibidil.)
Ar son gur féidir linn a rá nach díomhaoineas nó faillí inár
ngníomhartha saolta an peacadh is díobhálaí nó is coitianta inár
measc, de bhrí go bhfeic sinn go laethúil mórán cúraim dá
ghlacaint, maslú agus anró dá fhulaingt, tionsclamh agus meabhrú
dá dhéanamh fá nithibh neamhbhuana an tsaoil seo a chruinniú
agus a chumhdach go cúramach, ach 'sé is mífhortúnaí den iomlán
go gcailleann sinn ár n-obair agus ár reast gan tairbhe nó toradh,
agus gur féidir linn a rá leis na haspail go bhfuil sinn
ag obair ar feadh na hoíche agus nár ghabh sinn ní ar bith - per
totam noctem laborantes nihil cepimus.
40 Ach goidé is ciall dó seo? A chairde, bheir briathra an
tsoiscéil féin fios an réasúin dúinn, de bhrí go mbíonn mórán de
bhunadh an tsaoil seo ag obair i ndorchadas agus Críosta ár
Slánaitheoir i bhfad uabhtha. Is deimhin go mbíonn mórán ag obair
ins an tsaol seo, má tá, is ar son an tsaoil agus le haghaidh maoin
shaolta amháin a chruinniú do-ghní siad é, agus is iad seo na
hoibreacha a ghníthear i ndorchadas na hoíche - per totam noctem
laborantes nihil cepimus - agus tá Críosta ár Slánaitheoir scartha
uabhtha de bhrí go bhfuil páirt ag an diabhal ar a n-anam ó thit siad
i bpeacadh marfach agus mar nach ar son Dé a d'oibrigh siad agus
nár thoirbhir siad a ngníomhartha dhó - nihil cepimus - ní bhfuair
siad luach saothair ar domhan.
Maise, a chairde, más mian linn éirí saibhir go dlisteanach i
láthair Dé agus ár líontaí a líonadh leis an iasc in éineacht le na
haspail, scairtimist ar Íosa Críosta agus abairimist faoina ordú agus
a ainm naofa, "In verbo autem tuo laxabo rete," ní
ins an oíche dhorcha ach i ndealramh gréine an chreidimh. Is ar
oibreacha naofa an chreidimh, an tsuáilce ródhiaga úd, is mian liom
trácht libh inniu.
Má tá guímist ar tús an tAthair Síoraí grása a thabhairt
dhúinn nár mbeatha a stiúradh de réir soilse an chreidimh tríd
idirghuí na Maighdine Glórmhaire ag rá an Ave Maria.
41 Labhair an t-aspal St. Séamas anallód le Críostaí
fuarchráifeach ins na briathra seo, "Goidé an maith do chreideamh
mura bhfuil do ghníomhartha i gcosúlacht leis? An sábhálfaidh do
chreideamh amháin thú gan dea-oibreacha. Ostende mihi fidem
tuam sine operibus et ego ex operibus ostendam tibi fidem meam.
Taispeáin domh do chreideamh gan dea-oibreacha agus
taispeánfaidh mise mo chreideamh dhuitse tríd mo dhea-oibreacha."
Níorbh fhéidir leis freagar a thabhairt air de bhrí nach creideamh í a
naomhaíos duine gan dea-ghníomhartha bheith in éineacht léi, agus
go bhfuil ceangal chomh dlúth sin eatarthu ar modh, amhail agus
mar atá na gníomhartha neamhthairbheach gan chreideamh, go
bhfuil an creideamh marbh gan dea-oibreacha.
Ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar creideamh Críostaí ar
bith ach de réir a ghníomhartha. Agus mar sin má
leanann duine drochoibreacha cuireann sé é féin i gcontúirt mhór
go gcaillfidh sé toradh beannaithe an chreidimh. Agus an té a
chailleas an chreideamh, ní thig leis a fháil ar ais ach tríd
dea-oibreacha.
Níl mífhortún ar an domhan is mó nó an creideamh a chaill.
'sé adeir St. Auguistín gurb é seo críoch gach mallaitheacht dárbh
fhéidir le intinn mailíseach an pheacaigh a thionsclamh.
Níl olc dá n-éiríonn dhúinn nach dtig ó dhá rúta, deir St.
Thomas, mar atá ó 42 Dhia nó uainn féin. Thig sé uainn féin
nuair nach gcumhdaíonn sinn go cúramach an stóras beannaithe úd
a fuair sinn. Tig sé ó Dhia nuair a tharraingíonn sé a ghrása uainn
tríd breithiúnas fíorcheart ar son ár bpeacaí. Is ar an ócáid sin a
dúirt Críosta le na cinnIúdaigh go dtógfadh sé ar siúl uabhtha
ríochta na bhflaitheas agus go dtabharfadh sé í do náisiún a
dhéanfadh oibreacha fiúntacha uirthi - ideo auferetur a vobis
regnum Dei.
Amhail agus a bhíos an cholainn marbh gan an spiorad, ar
an modh gcéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha. Mar
adeir St. Séamas, "Sicut enim corpus sine spiritu mortuum est,"
(caib.2).
Is beag
an difear atá idir creideamh marbh agus gan creideamh bheith agat
ar chor ar bith. Deir St. Auguistín, "Níl murdar ar an domhan is
mallaithe nó duine a anam féin a mharú i láthair Dé le
drochghníomhartha."
Cuirfidh duine saolta roimhe a bheatha a stiúradh de réir an
tsaoil. Bhéarfaidh sprid an tsaoil air dearmad a dhéanamh do
oibreacha an chreidimh agus do leas a anama: thug sé suas don
urnaí: níl sacraimint ar a shon: ar son na haithrí ní bhfuil fios aige
goidé an rud í: ní thig troscadh leis: ní bhfuil carántas nó trócaire
43 ina chroí dona chomharsain: má théid sé chum seanamóir nó
aifreann Dé is le sprid fuar falsa neamhchráifeach. Ní hé sin
amháin, ach tá sé gach lá ag tabhairt maslú don tSlánaitheoir lena
theangaidh ag tabhairt mionnaí, mallachtaí agus blaisféime in
aghaidh Dé, ag strócadh clú na comharsan le cúlchaint bhréagach
mhailíseach, ag damnú a anam bocht féin, ní dhá dhíol ach dhá
phronnadh gach uair den lá ar an diabhal.
Peacaíonn sé fós lena shúile ag déanamh féachaint
dhrúisiúil, lena chluasa ag éisteacht le Dia nó an comharsain dá
maslú, lena lámha ag gadaíocht nó glacaireacht thruaillí ghráiniúil
air féin nó ar créatúr ar bith eile. Peacaíonn sé fá dheoidh le rúta na
huile chéadfaí, mar atá, le drochintinn a chroí. Seo an Críostaí ag a
bhfuil an creideamh marbh agus atá faraor ina mhurdaróir ar a
anam féin i bhfianaise Dé.
Ó a Chríostaidheannadh, foscailidh mur súile ar an fhírinne
seo agus déanaigí oibreacha, ní de réir mur gcéadfaí ach de réir mur
gcreidimh, an coinnleoir soilseach a thug ár Slánaitheoir Íosa
Críosta dhúinn le bheith ina riail ag ár ngníomhartha. Ná fanaigí nó
go líonfar miosúr mur bpeacaí, nó go dtiocfaidh éiclips agus
dorchadas ar dhealramh an chreidimh.
Iarraimist 44 ar Dhia grása a thabhairt dhúinn ní hé amháin gan
an creideamh a chaill ach a mhéadú agus a dhianú. Ná smaoinímist
níos mó gur féidir linn Dia a shásamh gan chreideamh nó gur féidir
linn an creideamh a choinneáil lasta gan dea-oibreacha - sine fide
impossibile est placere Deo, fides sine operibus mortua est.
Bhí creideamh na gCríostaidheannadh dhá neartú i dtús na
heaglaise le míorúilte, ann i ngearraimsir ina dhiaidh sin le
géarleanúint,
agus anois le dea-ghníomhartha. Má ghníonn mur seo gheobhaidh
muid ó Dhia grása ár gcreideamh a bheoú, de bhrí duine ar bith ag a
bhfuil tús na grása gur féidir leis é féin agus a chreideamh a neartú
chum a shlánaithe. Cuidigh linn, a Thiarna, ionas go lasfaimist le
grá ort. Neartaigh sinn, a Shlánaitheoir, ionas go mb'fhéidir linn
dea-ghníomhartha a dhéanamh atá fiúntach an tsuáilce
róbheannaithe úd a thug tú dhúinn tríd do mhórthrócaire, mar atá an
creideamh. Agus má bhí mo chreideamh riamh go dtí seo gan bhrí,
gan neart, gan tairbhe, bhéarfaidh mé aghaidh ar mo Shlánaitheoir.
Inniu dúblóidh mé mo dhúthracht le mo ghníomhartha a stiúradh de
réir soilse mo chreidimh.
Éist, a Athair Síoraí, le urnaithe na gCríostaidheannadh atá
anseo i láthair, atá ag iarraidh pardún ort le croí umhal dólásach in
gach tréas 45 dá ndearn siad riamh in do aghaidh, atá ag iarraidh
grása ort soilsiú ar an tsaol seo le dealramh an chreidimh, chum go
ngráidh siad agus go molfadh siad thú ins an glóir shíoraí in
éineacht le naoimh agus ban-naoimh na bhflaitheas le saol na saol.
Áiméan.
On the 18th Sunday after Penticost
Et videns Jesus fidem illorum dixit paralitico, "Confide filii
remittuntur tibi peccata tua".
Ag féachaint do Íosa ar a gcreideamh, dúirt sé le fear na
palsaí, "Bíodh dóchas agat, a mhic, tá do pheacaí maite agat"
(Matha 9th chap.).
Níl olc ar bith a tharlaíos dhon duine is mó agus is díobhálaí
nó an peacadh marfach. Maise cé gur mhór míorúilteach Íosa ár
Slánaitheoir do leigheas an fear tinn seo an tsoiscéil agus a
shlánaigh é ón phalsaí, cinnte ba mhó míle uair na grása a fuair sé
tráth a leigheasadh a anam agus a fuair maithiúnas ina pheacaí.
Seo go díreach, a 46 Chríostaithe, na grása a gheibh an
peacach le sacraimint na haithrí, tíolacthaí agus grása nach féidir le
neach a maireann an iomad cúraim bheith aige dá chumhdach. De
bhrí go dtuigeann sibh féin gur neamhthairbheach dhon duine bocht
na palsaí a leigheas óna thinneas, nó na briathra sólásacha úd a
chluinstin ó bhéal Íosa Críosta, "Surge et ambula" - "éirigh agus
siúil," dhá dtitfeadh sé gan
mhoill ar ais ins an tinneas nó ins an galar chéanna. 'sé sin le rá gur
neamhthairbheach dhon bpeacach pardún dh'fháil inniu in gach
tréas dá ndearn sé in aghaidh Dé má thiteann amárach nó anoirthear
ins na lochta céanna. Má gheibh na cathuithe bua agus impireacht
os cionn a chéadfaí, is ar an ócáid seo a dúirt Críosta go
dúthrachtach le fear na palsaí ar a dtráchtann an soiscéal, "Ecce
sanus factus es noli amplius peccare ne deterius tibi aliquid
contingat" - "féach sin thú slán ach ná peacaigh níos mó ar ceist go
dtarlódh dhuit olc níos measa, sciúirse níos géire agus peannaiste
níos troime ó lámh Dé."
Taispeánfaidh mé dhaoibh in mo chomhrá inniu goidé an
meas is cóir a thabhairt do aithrí na muintire a thiontaíos gach lá ar
ais ins an 47 bpeacadh céanna. Is deimhin gur ní seo atá
critheaglach agaibhse agus agamsa, ródhócúlach lena mhíniú, ró-
uafásach lena chluinstin, agus cinnte is róspeisialta is cóir dhúinn
éisteacht leis.
Guífidh mé ar tús an tAthair Síoraí grása an
Spioraid Naoimh a dhortadh anuas orainn chum go mb'fhéidir linn
trí idirghuibhe na Maighdine Muire an t-ualach trom seo a iompar
ag rá "Ave Maria ..."
Cuireann na diagairí dhá stát an duine os nár gcoinne, mar a
bhfuil stát na grása agus stát an pheacaidh. Bíonn an duine ins an
céad stát acu seo le cuidiú grása an bhaiste nó le tiontú ar Dhia go
fírinneach leis an aithrí. Bíonn an duine ins an dara stát tráth a
chailleann na grása seo le tiontú ar ais ar an bpeacadh.
An té a choinníos é féin ar staid na grása a fuair sé le linn
baiste nó aithrí bíonn sé fortúnach ar an tsaol seo agus Dia ina
charaid shíoraí aige ar an tsaol eile. Gheobhaidh sé le sacraimint na
haithrí grása amhail is nár pheacaigh sé riamh ar an tsaol, agus stát
glórmhar ins na flaithis mar nach dtig leis peacú go brách.
An té a philleas ar ais go laethúil ins an bpeacadh céanna
díbríonn sé ar siúl Dia agus a ghrása, cailleann gach pronntanas
48 a fuair sé uaidh agus scriosann gach maitheas síoraí a rinneadh
air. An peacach a thiteas gan mhoill ins an bpeacadh céanna, ní hé
amháin
adeirim go gcuireann in umhail dhúinn nach dearn sé riamh an
aithrí fhírinneach, ach fós mar a deir an scrioptúr agus na
haithreacha naofa gur dócúlach dhó tiontú ar Dhia go brách ná
grása na haithrí dh'fháil.
Is deimhin nach féidir liomsa nó le neach a maireann a
dhearbhú nach bhfuair tusa a rinne an aithrí de réir do choinsiasa
agus do chreidimh na grása a bhí tú a iarraidh, for ní le ach Dia
amháin a thig seo a dheimhniú agus mar a deir Naomh Auguistín,
"Amhail is nach dtig leis an tsagart siúráltas a thabhairt do anam an
pheacaigh a scaoil sé, go bhfuair sé scaoileadh agus fuascailt i
láthair Dé, ní mó nó sin a thig leis a dhiúltú nach bhfuair an
peacach is mó ar bith grása ag barra trócaire Íosa Críost." For cé go
bhfuil na sagairt ag barra na faoisidine ina suí i gcathaoir Dé féin
lena chumhachta agus lena ordú cinnte ní féidir leobh miosúr do
dhóláis a fheiscint nó méad do aithrí a dhearbhú. 'sé Dia amháin a
tchíonn croí an pheacaigh agus 49 a roinnfeas a ghrása de réir a
thursa.
Ach is deimhin,
má theastaíonn uait aon choinníoll amháin atá riachtanasach chum
na haithrí nach bhfuair tú pardún ná trócaire i láthair Dé, agus má
bhí agat an aithrí fhírinneach is fíor gur gheall tú do Dhia gan
pilleadh ar ais ar an bpeacadh céanna, agus fós gur gheall Dia
dhuitse gan do thréigbheáil go brách in am do riachtanais agus do
neartú lena ghrása in aimsir na gcathuithe ionas nach dtitfeá ins an
bpeacadh.
Dearbhaíonn Comhairle Thriont dhúinn nach bhfuil
sacraimint a ghlacas an duine leis an ullmhú riachtanach nach
naomhaíonn an t-anam agus nach dtabhrann dhó grása speisialta dá
réir. Maise 'sé críoch agus grása speisialta atá ag sacraimint na
haithrí an peacach a choimheád ó pilleadh ar ais ins na lochta
céanna.
Anois an féidir a rá go bhfuair an duine a thig inniu chun
faoisidine agus a thiteas amárach ins an bpeacadh céanna na grása
speisialta seo nó go raibh dúil fhírinneach aige scarúint leobh? Ní
féidir gan amhras, ach is eagal liom gur faoisidin bhréagach
lochtach a rinne
sé 50 agus gur tligeadh é in áit a shaoradh ag barra Dé ins na
flaithis.
Nach dócúlach libh féin a chreidbheáil, a Chríostaidheanna,
go mb'fhéidir le duine titim gan mhoill gan chosc ins an bpeacadh
dá mbeadh dúil nó toil fhírinneach aige chum a sheachanta. "Ó is
deimhin," a deir Naomh Bearnard, "nach bhfuil ní ar bith is
cumhachtaí ná toil an duine." Níl crosánacht dá mhéad nach
smachtaíonn sí. Níl contráil dá mhéad nach n-umhlaíonn di. Agus
an ní a bhíos dócúlach dodhéanta ag ár réasún, gheobhaidh tú é
sócúlach sodhéanta ag mórchumhachta na tola.
Tá seo cruthaite go speisialta ins an bpeacadh for níl dhá
mhéad claon a bhíos ag ár nádúr chun peacaí, tá sé cinnte deimhin
nach bpeacaíonn muinn gan ár dtoil a thabhairt dó. Agus dá bhrí
sin is féidir linn a dhearbhú le siúráltas nár gheall sibh go fírinneach
an peacadh a sheachnadh, nár dhiúlt sibh go hiomlán do na
lochtaibh, tráth a thiteann sibh ar ais gach lá. Vaniloquium est
dicere
volui nec tamen feci. Is díomhaoin daoibh a rá gur mhian libh an
peacadh a sheachnadh agus cinnte nach ndearn sibh é.
51 Ina aghaidh seo déarfaidh tú go raibh dúil, toil agus intinn
agat an peacadh a sheachnadh nuair a bhí tú ag faoisidin, má tá gur
athraigh tú ó shin le méad neart na gcathuithe agus antoil na colna
chun gur umhlaigh tú do bua na nádúra le gur thit tú ar ais ins an
bpeacadh.
Admhaím, a Chríostaithe, gur mórchumhachtach an
impríocht a bhíos ag cathuithe an áibhirseora agus gach namhaid
eile atá ag ár n-anam chum nár dtarraingt chun an pheacaidh.
Cinnte dá mbeadh an gealladh a thug tú uait ag sacraimint na
haithrí fírinneach, briathra do chroí mar a bhí focail do bhéil,
deirim go bhfaighfeá bua ar gach namhaid acu seo agus go mbeifeá
buansheasmhach ins na grása a fuair tú.
Smaoinigh ort féin anois dhá gcaillfeá do mhaoin shaolta ar
son umhlú do na cathuithe seo. Goidé an saothar, goidé an
dochar a chuirfeá ort féin chum a smachtú gan mhoill, chun a
ndíbirt ar siúl mar leon craosach.
Ó maise, a pheacaigh bhoicht, goidé is brí do mhaoin
shaolta? Goidé is brí 52 do bhean, do chlann, do leas, do
shubstaint go léir ar an tsaol seo, má chailleann tú substaint shíoraí
na ngrása agus leasa na bhflaitheas le saol na saol?
Ó a Chríostaithe, guím oraibh ar sucht an Athar Síoraí aiséirí
gan mhoill a dhéanamh as an tsuan marfach ina bhfuil sibh.
Brisimist na slabhraí mallaithe úd atá donár gceangalt síos do
charraig ifrinn. Cé go bhfuil nár slánú dócúlach ag ár nádúra tá
cinnte grása an Spioraid Naoimh a fuair mur ó pháis ár Slánaitheora
Íosa Críosta buach neartmhar.
(Sumat crucem) Seo Íosa Críosta i gcrann na croiche agus a
dhá láimh sínte i do choinne chum do ghlacadh chomh luath is a
thiontaíos tú air. Tar mar sin le dóchas agus misneach, ach tar le
dólás agus tursa ó do chroí. Admhaigh do pheacaí gan leithscéal
agus gheobhaidh tú ó Dhia leas na
ngrása ar an tsaol seo agus an glóir shíoraí ar an tsaol eile. Áiméan.
53 Páis ár Slánaitheora Íosa Críosta
de réir Matha.
Ins an am sin dúirt Críosta lena dheisceabail, "Atá fios
agaibh go bhfuil an cháisc tar éis dhá lá agus go dtoirbhfear Mac an
Duine chum a chéasadh." Ansin do chruinnigh uachtaráin na sagart
agus na scríobhaithe agus sinsir an phobail go halla an ardshagairt
dá ngairthear Cáiafas, agus do rinne siad comhairle le chéile chum
go mbéarfadh siad ar Íosa i bhfeall agus go muirfeadh siad é.
"Ach," dúirt siad, "ní ins an bhféasta, ar eagal go dtógfadh sé
buaireamh i measc an phobail."
Agus an tráth do bhí Íosa i mBéatáine i dtoigh Shíomóin an
lobhar, tháinig bean chuige dá raibh bocsa de ola chostasach aici
agus dhoirt sí é ar a cheannsan agus é ina shuí ag an mbord. Agus
nuair a chonaic a dheisceabail sin do bhí fearg orthu ag rá, "Cé dó a
bhfóineann an diomail seo? For d'fhéadfaí an ola seo a dhíol ar
mórán agus a thabhairt do na bochtaibh." Agus an t-am do thuig
Críosta seo dúirt sé leobh, "Goidé an t-ábhar fá gcuireann sibh
buaireamh ar an bean for do rinne sí obair mhaith i mo thimpeallsa,
óir
beidh na bochtaibh go coitianta agaibh, má tá, ní bheidh mise go
gnách os mur gcoinne. Ach deirim libh go fírinneach cibé áit ar
feadh an domhain a ndéantar an soiscéal seo a sheanmóir go 54 n-
ársófar mar an gcéanna an ní do rinne an bhean seo mar chuimhne
uirthi."
Ansin d'imigh fear den dá fhear déag dárbh ainm Iúdás
Isceiriót chum uachtaráin na sagart agus dúirt sé leobh, 'Goidé
bhéarfaidh sibh dhomhsa agus braithfidh mé dhaoibh é.' Agus do
rinne siad margán fá deich bpingine fichead airgid a thabhairt dhó.
Agus uaidh sin amach do bhí sé ag iarraidh am chum go
mbraitheadh sé é.
Agus an chéad lá den arán gan laibhín, tháinig a
dheisceabail chuig Íosa ag rá leis, "Goidé an áit ar mian leat sinn a
dhéanamh réidh dhuit do chaitheamh na Cásca?" Agus dúirt Íosa,
"Imigh isteach chun an bhaile mhóir chuig duine áirithe agus abair
leis, 'Adeir an máistir, 'Tá mo amsa ag druidim liom. Is in do
thoighse a dhéanfas mé féin agus mo dheisceabail an Cháisc.' "
Agus do rinne na deisceabail mar a d'ordaigh Críosta
dhóibh agus d'ullmhaigh siad an Cháisc. Agus an t-am do bí
deireadh an
lae ann, do shuigh sé ag an bord leis an dá fhear déag, agus ar
bheith ag ithe bia dhóibh adúirt sé, "Deirim libh go fírinneach go
mbraithfidh fear dhíbh mise." Agus do ghabh dobrón rómhór
iadsan agus dúirt gach duine acu leis, "An mise é, a Thiarna?" Agus
ar freagar dhósan dúirt sé, "An té a thomas a lámh 55 ins an mhias
liomsa, is é a bhraithfeas mise. Go deimhin tá Mac an Duine ag
imeacht de réir mar a scríobhthar air, ach is baolach don té do
bhraithfeas Mac an Duine, do ba mhaith dhó nach mbeirthí é."
Agus ar freagar do Iúdás do bhraith é, adúirt sé, "An mise é, a
mháistir?" Adúirt seisean leis, "Adúirt tú é."
Agus ar bheith ag ithe bia dhóibh do ghlac Íosa arán agus i
ndiaidh a bheannú, do bhris agus thug sé dhá dheisceabail é, agus
dúirt sé, "Glacaidh agus ithigi , is é seo mo chorpsa." Agus ar
bhreith ar an cupán dhó agus ar thabhairt buíochas thug sé dhóibh é
ag rá, "Ólaigí go huile as seo, óir is é seo mo fhuilse, an tiomna nua
a dhoirtear ar son móráin chum maithiúnas na bpeacaí. Adeirim
libh uaidh seo suas ní ólfaidh mé de thoradh an fíon
seo go dtí an lá úd ina n-ólfaidh mé é go nua libh i ríochta mo
athara."
Agus an uair do ghabh siad sailm, do chuaigh siad amach go
Sliabh na nOlives. Ansin deir Íosa leobh, "Do-gheobhaidh sibh go
léir scannal ionamsa anocht: óir atá sé scríofa, 'Buailfidh mé an
tréadaí agus scabfar na caoirigh ón tréad.' Agus tar éis mise aiséirí
a dhéanamh rachaidh 56 mé romhaibh go Galilee."
Agus ar freagar do Pheadar, adúirt sé leis, "Dá bhfaigheadh
siad go léir scannal ionat, ní bhfaighidh mise scannal ionat go
brách." Adúirt Íosa leis-sean, "Adeirim leat go fírinneach sula
scairtfidh an coileach anocht go séanfaidh tú mé trí huaire." Adeir
Peadar leis, "Go deimhin más éigean domh bás a fhulaingt i do
chuideachta, ní shéanaim thú." Agus adúirt na deisceabail uile mar
an gcéanna.
Do chuaigh Íosa leobh go baile dá ngairthear Geitséamainí
agus dúirt sé lena dheisceabail, "Suígí anseo go n-imeoidh mise a
dhéanamh urnaí ansiúd anonn." Agus ar bhreith Peadar agus dís
mac Zeibidé leis, do thosaigh sé ar bheith dobrónach agus
róthursach. Ansin
deir sé leobh, "Atá mo anam lán dobróin go dtí an bás. Fanaigí
anseo agus déanaigí faireachas in éineacht liomsa." Agus ar
imeacht dhó beagán as sin, do lig sé é féin síos ar a ghlúine a
dhéanamh urnaí agus ag rá, "A Athair, más féidir é, gabhadh an
cupán seo tharam. Ach cinnte ná bíodh sé mar is toil liomsa ach
mar is áil leatsa."
Agus tháinig sé chum a dheisceabal 57 agus do ghabh sé
ina gcodladh iad, agus adúirt sé le Peadar, "An mar sin? Nárbh
fhéidir libh faireachas a dhéanamh aon uair amháin i mo
chuideachtsa. Déanaidh faireachas agus urnaí ionas nach dtitfeadh
sibh ann i gcathú. Tá an spiorad go deimhin ullmhaithe ach tá an
cholainn anbhann."
D'imigh sé an dara huair agus do rinne sé urnaí ag rá, 'A
Athair, ach mura féidir leis an gcupán seo dhul tharam gan mé a ól,
déantar do thoilse.' Agus ar theacht dhó fuair sé aríst ina gcodladh
iad óir do bhí a súile trom. Agus arna bhfágáil, d'imigh sé aríst
agus do rinne sé urnaí an treas uair ag rá
na briathra céanna.
Ansin thig sé chum a dheisceabal agus adeir leobh,
"Codlaígí feasta agus cónaígí. Féach do dhruid an uair linn agus tá
Mac an Duine dhá thoirbhirt i lámha na bpeacach. Éirígí. Bímist
ar shiúl. Féach is fogas dhúinn an té a bhraithfeas mise."
Agus an fad a bhí sé á rá na briathra seo, féach tháinig
Iúdás, duine den dá fhear déag, agus cuideachta mhór leis maille le
claímhte agus le bataí ó uachtaráin na sagart agus ó sinsiribh an
phobail. Acht thug an fear a bhraith é comhartha dhóibhsean ag rá,
"Cibé duine dá dtabharfaidh 58 mise póg dhó, is é sin é. Beiridh
air."
Agus ar an mball nuair a tháinig sé chum Íosa, dúirt sé, "Go
mbeannaíthear dhuit, a mháistir," agus thug sé póg dhó. Agus
adúirt Íosa leis-sean, 'A charaid, créad fá a dtáinig tú?' Tháinig
siadsan i láthair agus do chuir lámha ar Íosa agus do ghabh siad é.
Agus féach do shín fear den mhuintir a bhí le Íosa a lámh agus do
tharraing sé a chlaíomh amach agus ar bualadh searbhóntaí an
ardshagairt do bhain sé an chluas dhe. Ansin deir Íosa leis, "Cuir
do chlaíomh aríst ina áit féin óir gach uile
dhuine a ghlacas claíomh is le claíomh a thitfeas sé. An é nach
síleann tú go dtiocfadh liomsa mo Athair a ghuí anois agus go
mbéarfadh sé dhomh ar an uair seo níos mó nó dhá léigiún déag de
ainglibh? Ach conas do chomhlíonfar mar sin na scrioptúirí gur
mar seo is éigean a bheith?" Adúirt Íosa leis an tslua an uair sin,
"Tháinig sibh amach amhail is chum gadaí le claímhte agus le bataí
do mo ghabháilse. Do bhí mé i mo shuí gach aon lá eadraibh ins an
teampall ag teagas agus níor rug sibh orm." Ach tháinig seo go
huile chum críche ionas go ndéanfaí scrioptúr na bhfáithe a
chomhlíonadh.
Ansin thréig a dheisceabail é go huile agus theith siad.
Agus ar bhreith ar Íosa 59 dhóibhsean thug siad leobh chum
Cháiafas an t-ardshagart é an áit a raibh na scríobhaithe agus na
sinsir cruinn. Agus do lean Peadar i bhfad uaidh é go halla an
ardshagairt. Agus ar dhul isteach dhó do shuigh sé i gcuideacht na
searbhóntaí chum go bhfeicfeadh sé an deireadh.
Agus d'iarr uachtaráin na sagart agus na sinsir agus an
chomhairle uile fianaise bhréagach in aghaidh Íosa ionas go
gcuirfeadh siad chum báis é, agus ní bhfuaireadar. Agus fós cé go
dtáinig mórán de fhianaise falsa, ní bhfuair siad coir ina aghaidh
agus fá dheireadh ar theacht do dhís fianaise bréagach adúradar,
"Adúirt an fear seo "tiocfaidh liomsa teampall Dé a leagan agus a
thógáil i dtrí lá."" Agus ar éirí suas don ardshagart, adúirt sé leis,
"Goidé an t-ábhar nach dtugann tú freagar éigin uait? Créad fá a
bhfuil siad seo ag déanamh fianaise i do aghaidh?" Cé ea níor
labhair Íosa aon fhocal. Agus d'éirigh an t-ardshagart agus adúirt
sé leis, "Cuirim ort ar sucht Dé insin dhúinn an tú Críost Mac Dé?"
Adeir Íosa leis, "Adúirt tusa é. Ach deirim libh ina dhiaidh seo go
bhfeicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheisláimh chumhachtach
Dé agus ag teacht i néaltaí na bhFlaitheas."
Ansin do 60 réab an t-ardshagart a chuid éadaigh ag rá gur
labhair sé blaisféim. "Goidé an feidhm fianaise atá orainn níos mó?
Féach do chuala sibh anois an blaisféim. Goidé a shíleann sibhse?"
Agus ar freagar dhóibhsean, adúirt siad, "Do thuill sé a chur chun
báis."
Ansin do chaith siad seilí
ina éadan agus do ghabh siad de bhosaibh air. Agus do ghabhadar
dream eile de shlataibh air ag rá, "Ársaigh dhúinn, a Chríosta, cé hé
a bhuail thú?"
Agus do bhí Peadar ina shuí amuigh ins an halla, agus
tháinig cailín áirithe chuige ag rá, "Do bhí tusa i gcuideacht
Chríosta an Gailíleach." Ach do shéan seisean i bhfianaise a mhéid
is bhí i láthair ag rá, "Ní thuigim créad adeir tú." Agus ar dul amach
dhó ins an phóirse do chonaic cailín eile é agus adúirt sí leis an
lucht a bhí i láthair, "Do bhí an fear seo i gcuideacht Íosa i
Nazarat." Agus do shéan sé aríst maille le mionnú ag rá, "Níl aithne
agam ar an duine sin." Agus tamall ina dhiaidh sin tháinig an dream
a bhí ina seasamh i láthair agus dúirt siad le Peadar, "Go fírinneach
is den mhuintir úd tusa, óir atá 61 do chaint féin do do bhrath."
Ansin do thionscain sé bheith ag mallú agus ag mionnú nach raibh
aithne aige ar an duine. Agus ar an mball do ghlaoigh an coileach,
agus ansin do chuimhnigh Peadar ar briathra Íosa
a dúirt leis, "Sula ngairfidh an coileach séanfaidh tú mé trí huaire,"
agus ar dul amach dhó do ghoil sé go géar.
Agus ar theacht na maidine do chuaigh na hardshagairt agus
sinsir an phobail go huile i gcomhairle in aghaidh Íosa ionas go
gcuirfeadh siad chum báis é. Agus i ndiaidh a cheangal dhóibh
thug siad leobh é agus thoirbhir siad do Pontius Pioláit an t-
uachtarán é. Ansin mar chonaic Iúdás do bhraith é gur tligeadh é,
do ghabh aithreachas é agus do aisig sé na deich bpíosa fichead
airgid do na hardshagartaibh agus do na sinsiribh ag rá, "Do
pheacaigh mé ag brath na fola neamhchiontach." Ach adúirt
siadsan, "Goidé sin dúinne? Féach féin dó sin." Agus ar tligean na
bpíosaí airgid uaidh ins an teampall, d'imigh sé ar shiúl agus ar
imeacht dhó do chroch sé é féin. Ach ar ghlacan an airgid do na
hardshagairt, adúirt siad, "Ní cóir a gcur ins an 62 chiste for is
luach fola iad."
Agus ar déanamh comhairle dhóibhsean, do cheannaigh siad
leo fearann do bhí aige fear a bhí ag déanamh soitheach
criadh dochum strainséirí a iolcadh ann. Ar an ábhar sin gairthear
don fearann úd Fearann na Fola go dtí an lá inniu. Ansin
do rinneadh a chomhlíonadh an ní a dúirt an fáidh Irimia ag rá, "Do
ghlac siad na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té a measadh i
measc clannaibh Iosraeil. Agus thug siad iad ar fearann an fear a
bhí ag déanamh na soitheach créafóg mar a d'ordaigh an Tiarna
domhsa."
Agus do sheas Íosa i bhfianaise an uachtaráin agus
d'fhiafraigh an t-uachtarán dhe ag rá, "An tusa an rí úd na
nIúdaigh?" Agus adúirt Íosa leis, "Adeir tusa sin." Agus an t-am do
thlig na hardshagairt agus na sinsir é, níor fhreagair sé aon ní.
Adeir Pioláit leis an t-am sin, "An é nach gcluin tú dhá
liacht fianaise agus atá siad ag tabhairt i do aghaidh?" Agus ní thug
sé freagar ar aon fhocal dó ar modh gur ghabh iontas mór an
t-uachtarán.
Ach anois cheana ba ghnách leis an uachtarán príosúnach do
ligean amach 63 lá an fhéasta chum an phobail, an té ab áil leobh.
Agus do bhí acu an t-am sin príosúnach róchoireach darbh ainm
Barabas. Ar an ábhar sin nuair a chruinnigh siadsan adúirt Pioláit
leobh, "Cia is toil libh do ligean chugaibh, Barabas nó Íosa dá
ngairthear Críosta?" Óir do bhí fios aige gur tríd tnúth a thoirbhir
siad suas é.
Agus ar suí dhósan ina chathaoir bhreithiúnais do chuir a
bhean teachtaireacht chuige ag rá, "Ná bíodh baint agat leis an
bhfíréan úd óir is mór a d'fhulaing mise inniu i mbrionglóidigh ar a
shon."
Ach cheana do thug uachtaráin na sagart agus na sinsir fá
ndear don bpobal Barabas dh'iarraidh agus Íosa do chur chum báis.
Agus ar freagairt don uachtarán, adúirt sé leobh, "Cia den dís úd is
mian libh do ligean chugaibh?" Ach adúirt siadsan, "Barabas!"
Adúirt Pioláit leobh ar an ábhar sin, "Goidé a dhéanfas mé le Íosa
dá ngairthear Críosta?" Adúirt siadsan go huile leis, "Crochthar é!"
Agus adúirt an t-uachtrán, "Goidé an t-olc do rinne sé?" Ach is
móide a d'éigh siadsan ag rá, "Crochthar é!"
Agus ar fheiceáil do Phioláit nach raibh tairbhe dhó in aon
ní
ach gur mó an bhuairt a tháinig dhe, ar 64 ghlacan uisce dhó do
nigh sé a lámha i bhfianaise an phobail ag rá, "Atáimse
neamhchiontach ó fhuil an fhíréin seo. Féachaidh ibhse dhaoibh
féin."
Agus ar freagar don pobal go huile adúirt siad, "Bíodh a
fhuil orainne agus ar ár gclainn." Do lig sé chucu an tan sin
Barabas, agus ar sciúradh Íosa thug sé chum a chrochadh é.
Ansin thug saighdiúirí an uachtaráin Íosa leobh den halla
agus do chruinnigh an chuideachta saighdiúirí uile ina thimpeall.
Agus do nochtaigh siad é agus do chuir siad brat dearg ina
thimpeall agus do fhigh siad coróin spíne agus do chuir siad í fána
cheann agus slat giolcaí ina lámh dheas agus do lig siad iad féin ar
a nglúine ina fhianaise agus do rinne siad fonóid faoi ag rá, "Dia do
bheatha, a Rí na nIúdaigh."
Agus an tan do ghabhadar de sheilí air do ghlac siad an tslat
giolcaí agus do bhuail siad ina cheann é. Agus an t-am do rinne
siad fonóid faoi do bhain siad an róba dhe
agus do chuir siad a chuid éadaigh féin ina thimpeall agus thug siad
amach é 65 chum a chrochadh. Agus ar dul amach dhóibh fuair
siad óglach ó Sirene darbh ainm Síomón agus do chuir siad dhe
fhiachaibh air dhul leis dochum a chroich do iompar.
Agus an t-am a tháinig siad go dtí an áit darbh ainm Golgotá
(is ionann sin le rá agus Áit na gCloigne) thug siad fínéagar agus
domlas trína chéile re n-ól dó, agus an t-am do bhlais sé é níorbh áil
leis a ól.
Agus i ndiaidh a chrochadh dhóibh do roinn siad a chuid
éadaigh agus chuir crainn orthu ionas go ndéanfaí a chomhlíonadh
an ní a dúirt an fáidh ag rá, "Do roinneadar mo éadaigh dhóibh féin
agus do chuireadar crannchur ar mo chulaith."
Agus ar suí dhóibh do choimheád siad é ansin agus do chuir
siad a choir bháis scríofa os a chionn: 'Is é seo Íosa, Rí na
nIúdaigh'.
Do crochadh dís gadaidheanneadh maille leis an tan sin, fear
ar a dheas agus fear ar a lámh chlí. Agus do bhí an mhuintir a bhí
ag dul thairis dá bhlaisféimeáil
ag croitheadh a gcinn agus ag rá, "Tusa 66 a leagfas an teampall
agus a chuirfeas suas i dtrí lá é, fóir ort féin. Más tú Mac Dé tar
anuas ón croich."
Agus mar an gcéanna adúirt uachtaráin na sagart maille leis
na scríobhaithe agus leis na sinsiribh ag fonóid faoi, "Do fóir sé ar
dhaoine eile agus ní éidir leis é féin a shábháil. Más é Rí Iosrael é
tigeadh sé anuas anois as an gcroich agus creidfimid é. Do bhí a
dhóchas i nDia, fóireadh sé air anois más áil leis é, óir adúirt sé, 'Is
mise Mac Dé'."
Agus thug na gadaidheanneadh a crochadh mar aon leis an
scannal céanna dhó.
Agus do bhí dorchadas ar an talamh go huile ón seisiú huair
go dtí an naoú huair. Agus timpeall an naoú huair d'éigh Íosa ann i
nguth ard ag rá, "Eli, Eli, lama sabactani" - is é sin le rá, "Mo Dhia,
Mo Dhia, créad fá ar thréig tú mé?" Agus arna chluinstin sin adúirt
cuid dá raibh ina seasamh i láthair 67 ansin, "Atá an fear seo ag
gairm ar Éilias."
Agus do rith fear dhíobh ar an mball agus ar ghlacan sponge
agus arna líonadh de vinegar agus arna chur i dtimpeall slat giolcaí,
thug sé deoch dhó le n-ól. Ach adúirt an chuid eile, "Lig dhó.
Féachaimist an dtiocfaidh Éilias dá shaoradh." Agus ar éamhaint
aríst do Íosa ann i nguth mór do chuaidh an t-anam as.
Agus féach do réab brat roinnte an teampaill ina dhá chuid ó
uachtar go híochtar agus do chrith an talamh agus do scoilt na
carraigeacha, agus d'oscail na tuambaí agus d'éirigh mórán de
chorpaibh na ndaoine naofa do bhí ina gcodladh. Agus ar dul
amach as na tuambaí dhóibh i ndiaidh eisean aiséirí a dhéanamh
do chuaigh siad isteach chun an chathair naofa agus d'fhoilsigh siad
iad féin do mhórán.
Ach ar fheiscint an talamh ar crith agus na nithibh a d'éirigh
ann don captaen agus dá raibh ina chuideachta ag coimheád Íosa,
do ghabh eagla mór iad ag rá, "Go fírinneach dob é seo Mac Dé."
Agus do bhí ansin mórán 68 ban ag féachaint air i bhfad
uaidh, noch do lean Íosa ón Galilee ag déanamh seirbhís dhó,
ina raibh mar an gcéanna Máire Magdalene agus Máire máthair
Iacóib, agus Iósaef agus máthair clainne Zeibidé.
Ach an tan do bhí deireadh an lae ann tháinig duine saibhir ó
Aramatáia darbh ainm Iósaef do bhí fós ina dheisceabal ag Íosa,
agus do chuaigh sé chuig Pioláit agus d'iarr sé corp Íosa. Ansin
dúirt Pioláit an corp a thabhairt dhó.
Agus an tan do fuair Iósaef an corp do phill sé línéadach
glan ina thimpeall agus do chuir sé ina thuama nua féin do thochail
sé i gcarraig agus ar chur cloch mhór dhó ar dhoras an tuamba dó
d'imigh sé ar shiúl. Agus do bhí Máire Magdalene agus an Máire
eile ansin ina suí os coinne an tuamba.
Agus an lá i ndiaidh a n-ullmhaithe do chruinníodar
uachtaráin na sagart agus na Pharisees go Pioláid ag rá, "A thiarna,
is cuimhneach linn an tan do bhí an mealltóir úd beo gur dhúirt sé
'Éireoidh mé tar éis trí lá.' Ar an ábhar sin tabhair 69 ordú
coimheád do chur ar an tuamba go cionn an
treas lá ar eagal go dtiocfadh a dheisceabail ins an oíche agus go
ngoidfeadh siad é agus go n-abródh siad leis an bpobal, 'Do éirigh
sé ó mharbh', agus beidh an seachrán déanach níos measa ná an
chéad seachrán."
Adúirt Píoláit leobh, "Atá garda agaibhse. Imígí, déanaidh
mar is fiosach dhaoibh féin é." Agus ar imeacht dhóibhsean do
dhaingníodar an tuamba ag cur séala ar an gcloich maille le garda.
70 On Hell
Mortuus est autem dives et sepultus est in inferno.
Do fuair an duine saibhir bás agus hiolcadh é in ifreann (Luke
16:22).
Nach mór uafásach an taispeánadh seo a bheir an soiscéal
dhúinn ar dhuine a bhí le linn a bheatha ar an tsaol seo lán
ollmhaithis agus saibhris, faoi mheas agus mórchéim ag n-a
chomharsain agus a lucht eolais, ar modh go dtug siad gach uile
shórt comóradh agus onóir dhona thórramh tar éis a bháis le tóirsí
lasta, cóistí cumtha agus ceoltaí molta. Ach is é a deir an soiscéal
linn go bhfuair sé bás agus gur hiolcadh a anam thíos in ifreann.
Ó a Chríostaidheanna, nach gcreathnaíonn sibh go léir ag
smaoineamh ar an imirce mhífhortúnach do rinne an fear saibhir úd
ón tsaol chum na síoraíocht. Má tá, creathnaígí ins an am céanna fá
mur n-anamaibh bocht féin. Agus go háirid ibhse lucht an tsaibhris
bhréagaí a bheir réim do antoil mur gcoirp agus mur
gcraois, féachaidh le uafás agus le critheagla ar an staid dhamanta
ina bhfuil an fear úd nach ndearna riamh leathoiread peacaí libhse.
Fuair sé bás agus in ifreann síoraí a hiolcadh é. Mortuus est etc.
71 Seo go díreach críoch gach pléisiúir salach, críoch gach
lúcháir pheacach. Tar éis spóirt amaideach ní fheicthear ach deora
tursa. Tar éis ceoltaí gáirsiúla agus glórthaí madrúil ní cluintear
ach osnaí brónach agus mairgniú truánta. In éis compáin pheacaí
agus féastaí soilseacha, thig piantaí dochuimsithe, díoscarnach
fiacla agus cuideacht deamhan.
Is trua tursach an t-athrach seo. Má tá, is ó fhíorcheart Dé a
thig sé. Míle uair a fuair sibh rabhadh gur mar seo a roinnfeas Dia
leis an bpeacach i ndiaidh a bháis. Ach faraor níor éist sibh agus
níor chuir beann ar gach comhairle dá bhfuair sibh ach oiread le na
Sodomites a bhí go laethúil ag fáil warning ó Lot go scriosfadh Dia
an baile mura scoiridh siad ó na peacaí mínádúrtha ina raibh siad
coireach. Níor chuir siad aird nó beann ar comhairle nó teagas dá
bhfuair siad nó gur chruthaigh an tAthair Síoraí féin an fhírinne le
cur tinidh agus brimstone anuas as na flaithis orthu.
Ó nach follasach a tchíonn sibh leis seo go ndallann an
peacadh tuigse agus céadfaí an duine, ar modh nach bhfeic sé na
cneácha marfacha a bhíos ar a anam nó go n-imíonn sé le linn a
bháis ó dhomhan dhorchadas a choinsiasa féin go dorchadas síoraí
follasach ifrinn.
Ó mo thrua an peacach nach gcorraíonn a chroí le aithrí ag
cluinstin 72 na mífhortúin síoraí úd atá ag brath ar a anam.
"B'fhearr liom," a deir Naomh Chrysostom, "go dtiocfadh
anam damanta anuas as ifreann le teagas a thabhairt dhaoibh in mo
áitse chum go líonfadh mur gcroí le eagla ag dearcaint ar na
slabhraí atá dá gceangalt, na grideallacha dá rósadh, na teanchra dá
stróiceadh, na tinte dá loscadh."
Má tá, níl míorúilt den tsórt seo riachtanasach for tá briathra
Chríosta ár Slánaitheoir critheaglach go leor le croí gach duine a
chorradh agus a thiontú a smaoineoidh orthu. "Ite maledicti etc -
bígí ar siúl uaim, a chlann na mallacht, go tinidh shíoraí ifrinn,
tinidh atá dhá fadú ag Dia
fá chomhair na bpeacaigh."
Is ar phiantaí ifrinn is mian liom trácht libh inniu tar éis mo
chomhrá a roinn i ndá pháirt. Ar tús do-bhéarfaidh mé solas beag
dhaoibh ar thine ifrinn, agus ina dhiaidh sin ar síoraíocht na
bpiantaí.
Guífidh mé an Spiorad Naomh ar tús grása a thabhairt do
gach aon anseo i láthair inniu, tar éis eagla an Tiarna a thabhairt
dhúinn ag míniú piantaí ifrinn, go dtabharfadh sé fós dhúinn grása
an charántais a shlánaíos an t-anam, ní atá mé a iarraidh go humhal
ar Íosa Críosta tríd idirghuí na Maighdine Muire ag rá an Ave
Maria.
73 Tá mur le dearcaint ar thine ifrinn ar dhá mhodh
mhóruafásacha: ar tús de réir a nádúra féin agus mar sin tá sí
critheaglach ag cine daonna go léir, an dara modh méid go bhfuil sí
míorúilteach idir dhá lámh Dé agus mar seo tá sí dochuimsithe ag
tuigse daonna.
Má smaoiníonn mur uirthi inti féin, deir Íosa Críost linn gur
tinidh fhírinneach síoraí í. "Ite maledicti etc - bígí ar siúl uaim, a
chlann na mallacht, go tinidh shíoraí ifrinn." Seo sentence an
ardbhreithimh Críost
ann i mbriathra follasacha, agus tá ceart Dé dhá ordú go
bhfulaingeoidh an peacach tinidh chraosach ifrinn ar son tinidh na
feirge agus na drúise do las sé lena thoildheoin féin ina cholainn.
Féachaidh, a Chríostaithe, le uafás ar na créatúir
mhífhortúnacha úd atá inniu dá loisceadh agus dá ndó in ifreann.
Ní bhfuil cos nó lámh, ceann nó cliabh, alt nó cnámh ina gcolainn
nach bhfuil le thine. Tá smior a gcoirp ag leá, tá fuil a gcuisleanna
ar lasadh ar modh go bhfuil an duine damanta mar gríosóg pitch nó
tarra. Ó a Dhia, nach mór do fhearg, nach uafásach do fhíorcheart?
Fiafraím díbhse mar a d'fhiafraigh Soon de na fáithe anallód de
Íosa Críost, "Cé hé i mur measc dá dtig leis neart na tineadh úd a
fhulaingt? - Quis ex vobis habitare poterit in igne devorante?"
An iompróidh an fear úd a thug ariamh réim dó féin le gach
pléisiúr 74 agus gach cuideacht, le rogha agus togha gach bia
agus dí? Goidé mar a fhulaingeoidh sé tinte síoraí ifrinn? Nó an
bhean úd eile a deir nach dtig léi troscadh na heaglaise a dhéanamh
nó ordú a
hathair faoistine a chomhlíonadh, nó seanmóir an Domhnaigh a
chuinstin nó aifreann a éisteacht gan a bheith mífhoighdeach
míshásta? É seo nár chosc ariamh go sea a shúile ó fhéachaint
mhailíseach, a chroí ó smaointe drúisiúla nó a lámha ó
ghlacaireacht thruaillí, goidé mar a iompróidh sé cuideacht na
ndeamhan? An bhfulaingeoidh na céadfaí úd a shásaigh tú gach lá
ó rugadh thú le craos agus madrúlacht cuideacht na ndiabhal i
dtinidh ifrinn, tinidh atá ní hé amháin fírinneach inti féin ach fós
míorúilteach idir dhá lámh Dé de bhrí go bhfuil sí ag lasadh agus ag
dó na n-anamnacha damanta gan chríoch gan chaitheamh.
Tá tinidh nádúrtha an tsaoil seo le compord agus lasadh a
thabhairt dhon duine. Tá tinidh ifrinn le sciúirse, crá agus greadadh
a thabhairt dhon bpeacach gan chríoch gan deireadh.
"Cruinnigh leat na peacaigh," a déarfas an tAthair Síoraí leis
an diabhal, "mar a bhfuil lucht na stráice agus na sainte, lucht na
drúise agus na mionnaí móra, lucht gadaíochta agus bréaga, lucht
druncaireachta agus blaisféime. Déan dhíobhtha aon ghríosóg
amháin tineadh le go dtabharfaidh mé ligean do mo fhearg dá
loisceadh
75 go síoraí," - sagittas meas in eos complebo (Deut.22).
Ó a lucht an tsaibhris bhréagaigh, goidé a éireos daoibh?
An rud céanna a d'éirigh do Izeibil. Bhí sí mar ibhse spéisiúil i
maoin agus in éadáil, i gcuideacht agus i bpléisiúr, agus cé nach
measann sibh gur pheacadh marfach seo, cinnte damnadh í go
síoraí in ifreann.
Ar an modh gcéanna a roinnfeas Dia le gach duine a gheibh
bás ins an bpeacadh - "ite maledicti in ignem aeternum."
Dearcaimist anois ar shíoraíocht na bpiantaí úd ifrinn, ní dár gheall
mé trácht air ins an dara pointe.
Goidé a thuigthear leis an tsíoraíocht mhóruafásach úd ar a
dtráchtann mur. Ní bhfuil againn le rá leis ach gur poll domhain é
gan eagán, gur spás é gan deireadh, gur cúrsa é gan chríoch, gur fad
bliantaí agus laethaibh nach féidir a áireamh de bhrí go bhfuil Cáin
míortúnach atá anois os cionn 5000 bliain in ifreann chomh fada ó
dheireadh a phiantaí leis an té a chuaigh ann inné nó aréir.
Tar éis gach baile agus gach caisleán do chonaic tú riamh ag
titim síos ina ndusta,
tar éis an duine déanach dhe do ghéagáin a thiocfas chun an tsaoil
bheith rotting ins an 76 uaigh, tar éis an saol go léir dhul thart
agus a bheith caite, ní ghearrthar do phiantaí ann aon mhóimint
amháin más duine thú (nár lige Dia sin) a rachas go hifreann.
Ó a Chríostaithe, nach bhfeic sibh leis seo míorúilt na
síoraíochta agus mórfhearg Dé in aghaidh na bpeacaigh?
Creideann sibh seo agus cinnte ní bhfuil sibh ag leasú mur mbeatha
for tá bréaga agus cúlchaint in mur dteangtha, éigeart agus claon in
mur ndéileáil, mailís in mur gcroí agus drúis in mur gcolainn,
amhail agus nach bhfuil peannaiste ar bith le fáil agaibh ó lámh Dé
ar son a dhlí bheannaithe a bhriseadh.
Cuimhneoidh an t-anam damanta ar gach meán sábhála a
thug an tAthair Síoraí dhi tráth a bhí sí i gcolainn daonna ar an tsaol
seo. Cuimhneoidh ar an mbaisteadh a chuir na míle milliún anam
go flaithis Dé, ach faraor atá ag méadú pianach agus mar dhamnú
síoraí uirthi féin. Smaoineoidh ar an aithrí a d'oscail geataí na
trócaire do mhórán, agus
sacraimint chorp Chríost a thug seilbh dhóibh go brách ar ríocht
neimhe. In éineacht le gach meán grastúil dhíobh seo dhoirt Críost
ár Slánaitheoir a chuid fola ar crann na croiche le mo shábháil 77
ó dhamnú síoraí.
Ach mo thrua, lig mé an t-am thart. Níor oscail mé mo
chroí do ghrása pháis mo shlánaitheora. Níor ghlac mé na
sacraimint leis an ullmhú riachtanach. Agus ar an ábhar sin in áit
cróinn na glóire bheith inniu ar mo cheann, tá tinte craosacha ifrinn
do mo loscadh. Cuimhneoidh an ógmhnaoi agus an t-ógfhear úd
atá anois dhá ndó ar son pheacadh na drúise ar an aimsir chráifeach
gheanmnaí do chaith siad i dtoigh an n-athara nuair a bhí glóir
shíoraí le fáil acu dá bhfaigheadh bás.
Ach goidé an dólás a bheas ar an athair agus ar an máthair a
thóg a gclann go measúil fiúntach mar a shíleadar tráth a chasfas
orthu thíos in ifreann ar son bróid, aontís agus easbhaidh crábhaidh.
"Ó a mhic mífhortúnaigh," a déarfas an t-athair, "nár ghlac
mo chomhairle." "Ó a athair mhallaithe," a déarfas an mac, "nach é
do shampal féin a lean mé agus a d'fhág inniu in éineacht leat mé i
ndaorphiantaí
ifrinn."
"An é nach raibh trócaire le fáil agam ó Íosa Críost?" a
déarfas an duine damanta leis féin. "Nár thionscail Dia sacraimint
na haithrí agus faoistin ghlan le pardún a thabhairt don bpeacach
agus geataí na glóire a oscailt dhon anam ag uair a bháis? Is fíor go
78 ndearna, ach faraor níor éist mé le Dia nó leis an eaglais le linn
mo bheatha nó mo shláinte. Agus cé go dtáinig sagart chugam ar
an uair úd cinnte bhí mo chroí gan dólás agus mo theangaidh gan
urlabhra, ar modh in áit pardún dh'fháil ó Íosa Críost tráth a fuair
mé aspalóid ar talamh, is é a tligeadh mé chum báis síoraí ins na
flaithis."
Ó a aimsir fhortúnaigh, ní thig tú ais go brách! Ó a
laethaibh na ngrása agus na trócaire, d'imigh sibh thart! Ó dá
bhfaighinn ach aon bhliain amháin ar an tsaol, níl aithrí dá mhéad
nach ndéanfainn! Éistidh anois le ifreann féin ag tabhairt comhairle
oraibh, "Dedit abyssus vocem suam."
Labhrann ifreann le trí shórt daoine, mar a bhfuil, na fíréin,
lucht na haithrí agus an neamhaithríoch nó an bunadh a ghní
fadchónaí ins an bpeacadh. Deir
ifreann le na fíréin, "Bígí seasmhach ins na grása. Seachainidh an
peacadh nó tligfear sibh go tinidh shíoraí ifrinn. Abairidh go minic
'Sábháil sinn, a Thiarna - custodi animam etc - sábháil m'anam, a
shlánaitheoir, a cheannaigh tú go daor.' "
Deir ifreann le lucht na haithrí, "Tabhraigí míle buíochas
dhon Athair Síoraí a tharraing sibh ina thrócaire agus lena
mhórghrása as duibheagán an oilc agus log na mallacht a thuill sibh
le mur bpeacaí, chum beatha na suáilce agus sláinte mur n-anama.
Abraigí in éineacht leis an fáidh ríúil, 'Ó a Thiarna, ná hagair
fíorcheart ar m'anam 79 bocht féin, nó ar anam Críostaí ar bith a
tharraing mé chum peacaidh le mo scannal nó le mo
dhrochshampal, agus ná lig dhóibh tinidh shíoraí ifrinn a fheiscint
nó a fhulaingt go brách.' "
Deir ifreann fá dheoidh leis an neamhaithríoch, "Foscail do
shúile in am. Ná codail níos faide ins na peacaí. Nach bhfeic tú le
súile do chreidimh do namhaid thart i do thimpeall agus ifreann
béalfoscailte fá do chomhair? Nach sin na coirí ar fiuchadh, na
grideallacha dhá ndeargadh, na claímhte
dá líomhadh le lámha na spioradaibh mallaithe chun do ghearradh
agus do phianadh le saol na saol."
Dar ndóigh nach bhfuil peacach ar bith anseo i láthair a
chodlódh aon oíche amháin ina leithéid seo de chontúirt! Níl aon i
mur measc nach seachnódh gach aird mac tíre ná leon feargach. Ó
maise, duine ar bith a luíos ar leaba ann i bpeacadh marfach nach
gcuireann a chorp agus a anam i mbéal leon craosach ifrinn?
Ó cá rachaidh mé nó cá bhfaighidh mé dídeán ón namhaid
mharfach seo atá ag brath ar m'anam? Tá, a chairde, go cneácha ár
Slánaitheora Íosa Críost. Táid cinnte foscailte réidh le foscadh
agus dídeán a thabhairt dhon bpeacach a iarras trócaire ar mac na
trócaire agus a dhéanas an aithrí, a shileas a dheoir le fuath ar an
bpeacadh mar 80 ghrá ar Dhia.
Seo sínte ar crann na croiche an Dia grástúil trócaireach, an
ceannfort láidir úd a choscraíos gach namhaid, a dhíbríos gach
cathú, a neartaíos gach duine a chuireas muinín láidir ann.
Ó cé hé nach ndéarfadh leis ar an uair seo, "A Íosa, a Mhic
Dháiví, déan trócaire orm. Fógraím cogadh uaidh seo suas ar gach
claon atá in mo
cholainn, ar gach cathú atá ag an áibhirseoir, ar cuideacht agus
mealltóireacht an tsaoil a tharraing mé riamh chum do dhlí a
bhriseadh. Geallaim dhuit, a Shlánaitheoir m'anama gan ní ar bith
a dhéanamh le smaoineamh, briathra, gníomh nó le faillí a chuireas
fearg ort, ionas go mb'fhéidir liom sásamh a thabhairt in mo
pheacaí ar an tsaol seo agus glóir shíoraí na bhflaitheas dh'fháil ag
uair mo bháis" - ní atá mé a iarraidh dhaoibhse agus dhomh féin, in
ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Áiméan.
81 Penticost Sunday
Repleti sunt omnes spiritu sancto -
Líonadh iad go léir leis an Spiorad Naomh (Acts 2).
Is cothrom an lá seo a thuirling an Spiorad Naomh ar na
haspail de réir briathra Íosa Críost i Leabhar na Acts. Do chuala
siad gaoth mhór agus stoirm dhochrach ag teacht as na flaithis ar
modh gur líon an toigh go hiomlán le uafás.
Goidé is ciall don stoirm ghaoithe seo a bhí ábalta ar crainn
a rútáil as an talamh, sléibhte a thiontú agus carraigeacha a
scoilteadh? Nach sílfeadh duine gur sciúirse ó Dhia a bhí ag triall
chucu? Má tá, ní mar sin a bhí. Ní raibh díobháil ar bith le theacht
ón stoirm seo, agus ar an ábhar sin ní raibh eagla ar na haspail de
bhrí go raibh fios acu gurb é Dia a bhí ag tuirlingt as na flaithis le
preasantaí daora, le mórthíolacthaí a ghrása. Agus ar an ábhar sin,
níor ghuigh siad air druidim uabhtha mar a ghuigh na
cinnGhiúdaigh ins an tseanreacht tráth a bhí siad ag fáilt na dlí ón
Athair Síoraí ar Sliabh Sinai.
Bhí na haspail lán-
dheimhin go bhfaigheadh siad ciúnas na ngrása i ndiaidh stoirm na
gaoithe seo agus dá dhroim sin ghuigh siad go dúthrachtach ó chroí
an spiorad 82 beannaithe tuirlingt orthu agus cónaí a dhéanamh
ina measc.
Seo an difear a ghní Naomh Auguistín idir cincís na
gcinnGhiúdaigh agus cincís na gCríostaidheannadh: go raibh Dia
lán díoltais in aghaidh na gcinnGhiúdaigh, armáilte le toirneach
tineadh agus lastracha le chum peannaiste a thabhairt dhóibh ar son
an tréas is lú a dhéanfadh siad in aghaidh a dhlí bheannaithe, agus
go raibh sé ina Dhia carántach trócaireach ag na peacaigh a
chreidfeadh agus a d'umhlódh dhó agus ina charaid ag na
poibleacánaigh a thiontódh air.
Is ar an lá seo go speisialta a rinne an Tiarna dlí an
charántais a phriontáil i gcroíthe na gCríostaidheannadh amhail
agus mar a rinne sé an dlí crua critheaglach a stampáil ar dhá chlár
chloiche do na cinnGhiúdaigh anallód.
Do rinne sé na míorúilte seo go díreach caoga lá tar éis Íosa
Críost, uan Dé a thógas peacaí an domhain, bás scannalach na
croiche a fhulaingt, amhail agus mar a fuair na Israelites an dlí
caoga lá tar éis
iad uan na Cásca a chaitheamh.
Seo an lá dár chuir teampall Chríost an briseadh ar sionagóg
na gcinnGhiúdaigh. Is deimhin go raibh eolas ag na cinnGhiúdaigh
ar an Dia fíor agus go raibh siad comhchruinn in aon chreideamh.
Má tá, bhí siad mar chorp gan anam gan spiorad ag déanamh
seirbhís do Dhia mar gheall ar 83 spré agus maoin neamhbhuan
saolta amháin.
Seo an lá, a deirim, dár chuir an Spiorad Naomh teampall
fírinneach beobhuan ina shuí le onóir a thabhairt do Íosa Críost,
teampall nach féidir dhul ar seachrán go brách de bhrí go bhfuil
spiorad Dé féin dá neartú agus dá treorú i dtús agus i ndeireadh
gach gnímh.
Is é mórmhíorúilte an spioraid bheannaithe seo a thuirling
cothrom an lá inniu ar na haspail is mian liom a mhíniú dhaoibh.
Guímist ar tús an tAthair Síoraí go roinnfidh sé linn tríd a
mhórthrócaire páirt de na grása a fuair Naomh Peadar tráth a
thiontaigh sé trí mhíle pearsa a ghlac baisteadh aon lá amháin,
tíolacthaí atá má a iarraidh le umhlaíocht ón Spiorad Naomh tríd
idirghuí na Maighdean Muire ag rá "Ave Maria."
Ná bíodh náire orainn claontacht agus laige na
n-aspal a fhoilsiú inniu de bhrí go dtaispeán siad bua na ngrása
agus mórchumhachta na humhlaíocht, rúta gach uile shuáilce.
Dearcaimist anois ar an fhírinne gan scáth gan folach. Do bhí siad
fírinneach ar son go raibh siad claon agus tórtha do na huile shórt
peacaí. Do bhí siad lagchroíoch in gach uile chás agus go speisialta
critheaglach roimh dhaoine mar a chruthaigh siad go mífhortúnach
ag páis ár Slánaitheoir, gur thréig siad é go léir tar éis gach gealladh
a thug 84 sé dhóibh go bhfeicfidh siad é ag déanamh na haiséirí.
Ann i bhfocal is féidir linn a rá nach raibh aithne acu ar Íosa Críost,
ní raibh aithne acu ar an tsaol a bhí siad lena theagas agus a
shoilsiú, modicum lumen in vobis est, agus fós ní raibh aithne acu
orthu féin nó go dtáinig an Spiorad Naomh ag comhlíonadh gach
gealladh a thug Íosa Críost dhóibh - docebit vos omnem veritatem.
Is deimhin nach raibh eolas ag na haspail ar Íosa Críost a
chuir an tAthair Síoraí chucu le bheith ina stiúir ina riail agus ina
Shlánaitheoir acu. Bhí sé mar mystery dothuigse, mar leabhar
druidte nó gur thuirling an Spiorad Naomh agus gur thit
an smúid a bhí ar a súile, mar a tharla dho Naomh Pól, nó gur
dhealraigh sé a gcéadfaí le solas na ngrása.
Is fíor gur admhaigh Naomh Peadar in éineacht le na haspail
go léir diagacht Íosa Críost an uair a dúirt sé, "Tu es Christus filius
Dei vivi, is tú Críost aonmhac Dé bithbheo." Má tá is deimhin le rá
nach raibh eolas ceart aige air tráth a shéan sé é trí huaire i dtoigh
Cháiafas ag rá, "Non novi, ní raibh aithne agam air ariamh."
Thug ár Slánaitheoir aithis do Naomh Philip agus do na
haspail eile a bhí ina chuideacht an oíche roimh a pháis ag rá leobh,
"Féachaidh chomh fada is atá mé i mur measc," ar sé, "agus níor
aithin sibh mé - tanto tempore vobiscum 85 sum et non
cognovistis me. Do labhair mé le daoine eile i parables agus i
mbriathra folaite. Má tá, labhair mé libhse i mbriathra foilseanta
mar dhaoine muinteartha. Scaoil mé agus nochtaigh mé dhaoibhse
gach ní a bhaineas le ríochta na bhflaitheas."
Ní raibh gach teagas a thug ár Slánaitheoir dhóibh ná
míorúilte dá ndearna sé nó cruthú dá dtug sé ar a dhiagacht ábalta ar
a
an smúid a bhí ar a súile a thógáil. Ní iontach, iad seo a bhí le
taobh na gréine soilsí agus a bhí cinnte i ndorchadas, spiritus
nondum erat datus - ní bhfuair siad an Spiorad Naomh go fóill.
Is ar an lá seo a comhlíonadh gach gealladh a fuair siad ó
Íosa Críost. Is ar an lá seo a fuair siad eolas air, "In illo die
cognoscetis quia ego sum." Is ar an lá seo a thuirling Dia orthu le
na huile eolas - Deus scientiarum. Seo an spiorad a chuartaíos
doimhneacht Dé féin, mar adeir Naomh Pól, "Scrutatur etiam
profunda Dei."
Foilsíonn an spiorad seo dhóibh intinn Dé a bhí folaite, ní hé
amháin ó dhaoine ach fós ó ardaingle na bhflaitheas ón tsíoraíocht
anall, ar modh go raibh siad mar thóirsí lasta ag soilsiú agus ag
teagas ceithre hairdibh an domhain.
Ó a mhórmhíorúilte! Ar son gur ón Spiorad Naomh a fuair
na haspail gach ardeolas a bhí acu agus gach teagas a thug siad
dhúinn le haghaidh ár slánaithe, cinnte is féidir liom an ní céanna a
rá le mórán agaibhse a dúirt Naomh Pól 86 le cuid dá dheisceabail
nach bhfuil aithne agaibh ar Íosa Críost, nach n-admhaíonn sibh a
spiorad, de bhrí gur dhall sibh mur dtuigse le antoil na
colainne, go bhfuil mur gcroíthe dlúthcheangailte le na peacaí, mur
n-anam báite le spéis i maoin shaolta - mundus non cognovit.
In aimhdheoin gach oidis, eolais agus teagais a fuair sibh ar
Dhia agus ar a dhlí bheannaithe tá sibh cinnte in ainbhios marfach i
mur gcodladh ar bhruach ifrinn. Goidé an maith dhaoibh fios
bheith agaibh go bhfuair sinn spiorad Íosa Chríost le bheith ina riail
ag ár ngníomhartha agus nach féidir linn ní ar bith a dhéanamh gan
a chuidiú, nuair nach n-iarrann sibh a ghrása, nuair a dhíbríonn sibh
é as mur n-anam le na lochta, ag tabhairt lóistín don diabhal ina áit.
Is é seo a bheir ar spiorad Dé gan cónaí a dhéanamh agaibh.
Is é seo a fhágas ibh i ndorchadas agus i seachrán síoraí. Is é seo a
bheireas air a rá libh fá dheoidh, "Ní bhfuil eolas agam oraibh -
nescio vos. Ní hé amháin," a deir sé, "nach bhfuil eolas agam
oraibh ach fós mar pheannaiste ar son mur mícharántais agus mur
bpeacaí mailíseacha. Bheirim breithiúnas marfach oraibh. Bígí ar
siúl uaim, a chlann na mallacht, go tine shíoraí ifrinn - recedite a
me maledicti etc."
Breithiúnas é seo a bhéarfar ní hé amháin in aghaidh na
bpeacaigh foilseanta scannalacha, mar a bhfuil 87 lucht
druncaireacht, gadaíocht, striapachais agus mionnaí móra, ach fós
in aghaidh gach aon eile atá b'fhéidir i meas cráifeachta agus i
gcéim mhór i láthair daoine, má tá, dá bhfuil a gcroí báite le gean ar
leannán áirite peacaidh, dá bhfuil athair nimhe príobháideach ag
fáilt bua ar grása an Spioraid Naoimh ins an anam.
Cé hé nach líonfadh le eagla agus uafás ag smaoineamh
goidé éireos dona anam féin. Nuair atá na sagairt a bhíos ag teagas
an tsoiscéil, ag scaoileadh na bpeacaigh, ag déanamh íobairt gach lá
don tSlánaitheoir, atá le mórán bliantaí i meas rialtachta agus
crábhaidh i láthair na gCríostaidheanna atá faoina stiúir. Má
thiteann siad le stráic nó bród, le saint nó craos nó ainmhian ar bith
eile ann i bpeacadh marfach, tréigeann spiorad Dé iad. Bíonn siad i
gcosúlacht le maighdeana amaideacha an tsoiscéil nár chuir ola ina
lampaí. Bíonn siad gan toradh gan tairbhe i láthair Dé agus faraor
ina sclábhaidheanna ag a n-aintoil féin ar an tsaol seo agus ag an
áibhirseoir ar an tsaol eile - recedite a me maledicti.
Oibrígí mar sin, a chairde, le gach mífhortún síoraí a
sheachnadh. Fógraidh cogadh uaidh seo suas in aghaidh gach
namhaid atá ag mur n-anamaibh. Scriosaigí gach ainmhian atá i
mur gcroí. Ná tugaidh lóistín do smaoineamh ar bith in mur
n-intinn 88 atá in aghaidh fírinne spiorad na ngrása. Níl againn
ach seo dh'iarraidh le umhlaíocht agus le dóchas ón Athair Síoraí
go dtaibheoidh sé dhúinn an Spiorad Naomh tuirlingt orainn inniu
lenár soilsiú go ríocht na glóire, lenár neartú ina ghrása i ngleann na
ndeor seo ionas go mb'fhéidir linn tríd mhórthrócaire an Tríonóid
Rónaofa a ghrádhadh ar an tsaol seo agus a mholadh in éineacht le
na haspail le saol na saol - grása atá mé a iarraidh dhaoibhse agus
dhomh féin. Áiméan.
89 On the seven mortal sins in general
Le go mb'fhéidir linn na peacaí seo a sheachnadh agus a
ndíbirt as nár gcroíthe, is cóir dhúinn dearcaint ar an mailís in
aghaidh Dé agus ar an olc a ghní siad dhúinne. Agus má scriosann
tú na seacht gcinn seo is féidir leat dóchas bheith agat tríd chuidiú
Íosa Críost go ndíbreoidh tú gach olc eile a bhíos ag brath ar
d'anam.
Is le ruaigeadh na seacht ndiabhal seo as corp Máire
Magdalene a díbríodh na míle spiorad mallaithe a bhí in éineacht
leobh. Is iad seo na seacht namhaid a bhí ag pobal Iosrael lena
gcoscairt sula bhfuair siad seilbh ar Thalamh na Geallúin. Is iad
seo na seacht ndiabhal a chaithfeas sinne a smachtú sula bhfaighidh
mur seilbh ar ríocht na bhflaitheas.
Gairthear peacaí marfacha dhíobhtha de bhrí go dtabhrann
bás síoraí don anam ag briseadh aitheanta Dé nó na hEaglaise, agus
cé go n-athródh laghad mhatter nó laige na tuigse an peacadh
marfach chum peacadh solathach, tá sé cinnte deimhin gur cóir sin
féin a sheachnadh de bhrí go n-ullmhaíonn an duine chum titim go
marfach agus chum damnú síoraí.
Níl aithne de dhlí Dé nó na hEaglaise dá mbriseann tú nach
bhfásann as aon de na seacht bpeacaí marfacha seo mar brainse ó
rúta nó mar sruthán uisce as tobar.
Nuair a bhristhear an 90 seachtú agus an deichniú haithne
de aitheanta Dé, is le peacadh na sainte a ghníthear é. Nuair a
bhristhear an séú agus an naoú aithne is é peacadh na drúise is
ócáid dhó. Má peacaíthear in aghaidh an chéad nó an tríú aithne is
le peacadh na leisc a bhristear iad. Is le fearg, tnúth, craos nó saint
a pheacaíthear in aghaidh an chúigiú agus an ochtú aithne. Agus
níl peacadh dá ghní mur in aghaidh aitheanta na hEaglaise nach tríd
falsacht nó craos a chríochnófar iad.
Má tá, ar son na stráic, ní hé amháin go bhfuil ina rúta ag na
huile pheacadh a ghní mur le gníomh nó le faillí ach fós tá sí mar
mháthair ag beathú na sé choileán mhallaithe eile, is é sin na sé
ceannpheacaí marfacha atá mar thógáil chum nár n-anam a
stróiceadh chomh luath is a thig neart inár gcolainn.
Mar sin más mian libh seilbh dh'fháil ar ríocht na glóire i
ndiaidh mur mbáis, is éigean dhaoibh cogadh a dhéanamh agus bua
dh'fháil ar
na seacht namhaid seo a bhíos do mur ngluaiseadh chun dlí Dé a
bhriseadh gach lá. Agus níl duine ar bith dhá rialtacht beatha, dhá
chráifeacht gníomhartha nó dhá Chríostaíocht intinne nár chóir
eagla agus uafás bheith ina chroí roimh na seacht ndiabhal seo, de
bhrí go bhfuil mur dá n-iompar agus dá mbeathú ó bhroinn nár
máthara, agus 91 cinnte go bhfuil siad mar namhaid fealltach ag
iarraidh bás síoraí a thabhairt donár n-anamaibh.
Féachfaidh mur ar tús goidé an t-ábhar dar chóir an bród a
sheachnadh. Tá an peacadh seo míthaitneamhach ag Dia agus ár
Slánaitheoir Íosa Críosta, for tá sé follasach gur mhallaigh sé an
Fairisíneach stráiciúil, "Deus superbis resistit etc," mar a deir an
t-aspal, "tá Dia in aghaidh lucht na stráice agus bheir sé grása do
lucht na humhlaíocht." Deir Dáiví an Rí gurb é seo an peacadh is
mó ar bith agus deir Naomh Auguistín gurb é an stráic údar gach
uile pheacadh. Seo an peacadh a dhíbir na haingil as na flaithis
agus a rinne diabhail dhíobhtha in ifreann. Seo an peacadh inar thit
Ádhamh le gur tharraing sé é féin agus sinne chum gach mífhortúin
ina bhfuil mur tórtha, mar a bhfuil tinneas, bás agus
antoil chlaontacht na colla chum peacaidh ar modh go ndeir béal
Dé féin nach bhfuil ní ar bith ar an tsaol ach antoil na súile, antoil
na colainne agus bród na beatha.
Dearbhaím dhaoibh ó bhriathra ár Slánaitheora Íosa Críost
go scriosann an peacadh seo toradh na ndea-ghníomhartha má
ghníthear iad le meas nó onóir dh'fháil i láthair daoine agus cibé
neach a ardós é féin ísleoidh Dia é faoi sclábhaíocht an diabhail.
Mar a deir an 92 scrioptúr, "Tá lochta na ndaoine rómhór
ar an talamh, agus tá smaointe a gcroí go hiomlán tiontaithe ar an
olc gach uile am."
"Tráth a fuair siad eolas ar Dhia," a deir Naomh Pól, "ní
dtug siad onóir dhó mar Dhia nó buíochas, ach d'éirigh siad
stráiciúil ina n-intinn féin agus dalladh a gcroí go huile."
Tá lucht na stráice mar amadáin ag déanamh oilc tríd spórt.
Bíonn lúcháir orthu nuair a ghní siad peacadh agus na gníomhartha
is measa ar bith. Nuair a thig an drochdhuine go doimhneacht na
bpeacaí, ní bhíonn mothú ina gcroí. Má tá, leanfaidh tarcaisne agus
sciúirse Dé an fear seo.
"An té a bheir dímeas don té a bheir comhairle
in aghaidh an oilc, scriosfar é gan mhoill agus ní bhíonn sláinte
aige ar an talamh," a deir Solamh.
Le go mb'fhéidir linn na hoilc seo a sheachnadh agus bua
dh'fháil ar na líontaí atá bród agus antoil na colla a chur ina shuí le
haghaidh ár n-anam a ghabháil, tá dhá shórt airm riachtanasach
chum sinn féin a chosaint: mar atá, smaoineamh go minic ar
theagas Íosa Críost agus ar a shampal le gur umhlaigh sé é féin ó
bheith ina Dhia maiseach glórmhar ina shuí ar deaslámh an Athar
Síoraí chum bheith ina dhuine 93 bocht ar talamh ag fuilingt
tarcaisne, drochmheas, tart agus ocras, fuacht agus teas, sciúirsí,
tairní, crois agus an bás.
Smaoinígí go minic ar na mórpheannaistí a thug an tAthair
Síoraí do lucht na stráice ins an tseanreacht, mar a bhí Lucifer,
Pharaoh, Nabúchadnazar, Aman agus gach aon eile a lean a
sampal.
Smaoinígí aríst nach bhfuil maith ar bith dá ndéan sibh nó
grása nó tíolacthaí dá bhfuair sibh nach ó Dhia a tháinig agus go
dtabharfaidh sé chun chuntais géir sibh. Má dearcann
sibh ar mur gcolainn, ní fheic sibh ach lump créafóg, sac salach
líonta de aoileach a bheas ann i ngaraimsir ina bhia péiste agus
crumhóg. Má dearcann sinn ar an anam, tchíonn mur go raibh sé
go rómhinic ina sclábhaí ag an diabhal le peacadh marfach, agus
faraor go mb'fhéidir go bhfuil ar an am seo i láthair ag mórán, agus
nach bhfuil fios againn nach mbeidh go síoraí in éineacht le
spioraid damanta.
Dar ndóigh, a Chríostaidheannadh, nach measann sibh gur
ní fuinneamhach bheith ina namhaid ag Dia agus caradas na
bhflaitheas a chaill, cosúlacht Dé a scrios mar atá an t-anam, rúta na
beatha a ghearradh mar atá na grása. Dar ndóigh nach 94
measann sibh go bhfuil sé ceadmhach tréas agus feall a dhéanamh
ar mur gCruthaitheoir agus páirt a ghlacan lena namhaid an diabhal.
Ó a Dhia na bhflaitheas! Goidé chomh mínádúrtha
mailíseach, goidé chomh fealltach lochtach is atá do chlann ar an
talamh ó thús go deireadh a mbeatha. Ó a bhreitheamh fírinneach
m'anama, cuirfidh mé ar an uair seo summons ar na seacht
namhaid, na seacht ndiabhal úd atá ag déanamh feall ar Íosa Críost
ag tarraingt luach a chuid fola go hifreann. "Bí ar
siúl uainn, a dhiabhail na stráice, a dhiabhail na saint etc., ní
bheirim lóistín go brách aríst do aon agaibh."
Is fearr liom míle bás a fhulaingt nó aon pheacadh amháin
marfach a dhéanamh, agus mar nach bhfuil mé ábalta ar sásamh a
thabhairt in gach tréas a ndearna mé in aghaidh dlí Dé go dtí seo le
deora aithrí a dhortadh nó osnaí croí, fearálfaidh mé dhuit, a Athair
Síoraí, allas fola do Aonmhic, páis agus bás ár dTiarna Íosa Críost,
ionas go mb'fhéidir liom pardún iomlán dh'fháil ar an tsaol seo
agus bheith do mholadh le saol na saol. Áiméan.
95 16th Sunday after Penticost
A Reflection on Drunkenness.
Léitear i soiscéal an lae seo go ndearna Íosa Críost míorúilte
ag leigheas fear na dropsy. Tá an galar seo ó nádúr tartmhar agus
níl dhá mhéad a ólas an té ar a mbíonn dropsy nach móide a
mhéadaíos a thart, nach móide is mian leis bheith ag ól.
Is fíorshampal lucht na dropsy ar dhruncairí na haimsire seo.
Má bhíonn an druncaire ag ól nó go gcaillidh sé a chiall nó go
mbeidh sé ag titim as a sheasamh ní bhíonn sé cinnte sásta, bíonn
sé fós ag iarraidh a thuilleadh dí.
Ó a Thiarna, is tú féin amháin a leigheas agus a shlánaigh
fear na dropsy. Taispeáin do mhórchumhachta ag leigheas lucht na
druncaireachta ón tinneas marfach ina bhfuil siad.
Is mian liom trácht libh inniu ar ainmhian na colainne don
craos, agus go speisialta an mheisce, de bhrí gur peacadh seo atá
róchoitianta i measc
96 na ndaoine, agus róchontúirteach ag na hanamaibh, agus faraor
gur ró-annamh a gheibh duine ar bith bua air a bhíos tórtha dhó.
Tchíonn sibh an aos óg a chleachtas druncaireacht nach
scarann siad leis an deoch nó go scarann Dia a n-anam lena gcorp.
Tchíonn sibh na seandaoine atá tórtha don mheisce ag scairtigh ar
bhiotáilte ina luí ar leaba an bháis ar son nach bhfuil solas ina
radharc nó croí ina ngníomh. Cluin sibh mórán dá moladh féin ar
son méid na dí a d'ól siad, ar son méid an airgid a dhíol siad, ar son
méid na haimsir a chaith siad, agus sin faraor ag maslú Dia le
mionnaí móra agus damnaíocht, le gadaíocht agus robáil, le troid
agus racán, le striapachas agus altranas, ann i bhfocal ag déanamh
seirbhís laethúil don diabhal a chuireas a n-anam ar meisce le
mórphiantaí dochríochnaithe in ifreann síoraí.
Deirim libh, agus níl eagla orm go ndeirim bréag, go
ndamnaíthear míle anam
ar son druncaireacht a d'fhéadfadh bheith ina bhfíréin 97 agus ina
naoimh ins na flaithis dá smachtfadh siad antoil an chraois.
Ó a Thiarna, tabhair dhomh grása agus neart ionas go
mb'fhéidir liom ann i mbriathra bríomhar mailís na druncaireacht a
mhíniú agus fuath an pheacaidh mhallaithe seo a chur faoi na
Críostaidheanna. Taispeánfaidh mé dhaoibh ar tús gráiniúlacht an
pheacaidh agus ina dhiaidh sin gach mífhortún a leanas é. Ach ar
tús iarraimist grása an Spioraid Naoimh tríd idirghuí na Maighdine
Muire ag rá, "Ave Maria..."
An Chéad Pháirt
Le go dtuigfidh sibh méid agus mailís na druncaireacht,
taispeánfaidh mé dhaoibh go bhfuil an peacadh seo in aghaidh
réasúin, in aghaidh dlí Dé, agus ar ranca na bpeacaí is troime.
Is preasanta mórluaíoch a gheibh an duine ón Athair Síoraí
an réasún, le bheith ina stampa agus ina chomhartha idir sé féin
agus an beathach brúidiúil ionas go mbeadh an créatúr réasúnta seo
ag déanamh adhradh agus seirbhís dó le eolas
agus admháil ar a dhiagacht agus mar luach saothair donár
n-umhlaíocht dá dhlí go mbeadh sinn fiúntach ar glór na bhflaitheas
i ndiaidh ár mbáis.
98 Má tá, an duine mífhortúnach a thiteas i bpeacadh na
druncaireacht, bíonn sé mar beathach fiáin gan réasún, mar madadh
gan tafann gan urlabhra ina theangaidh, mar muc dhá thiontú i
múilleog na meisce, tanquam equus et mulus in quibus non est
intellectus - mar gearran nó mule gan chiall gan réasún.
Tchíonn sibh mar sin, a Chríostaidheannadh, go bhfuil sé in
aghaidh réasúin úsáid a dhéanamh de thíolacthaí Dé in aghaidh a
thola, agus cibé duine a chuireas é féin ar meisce go ndéan sé
drochúsáid den dlí a thug Dia dhó lena anam a chumhdach ó bhás
síoraí.
Deir St. Paul linn go ndéan siad dia dhena mbolg, nach do
Íosa Críost ár dTiarna a ghníonn siad seirbhís ach don diabhal agus
dá n-antoil féin. Is mó aire a bheir na druncairí dona soithí nó dá
gcolainn, mar a deir Naomh Chrysostom, "Réabann
agus briseann siad a gcolainn le iomarca biotáilte agus bíonn
samhnasach feargach má bhristear cupán, canna nó pitcher."
"Bíonn siad," a deir an fáidh Íseáia, "mar mhadraí gortacha nach
féidir 99 a shásamh." "Ólfaidh mur inniu," a deir siad, "nó go
mbeidh mur ar meisce agus amárach mórán níos mó." An féidir a
rá go mbeidh Críostaí ar bith chomh míréasúnta nó duine chomh
mínádúrtha seo?
Dúirt mé libh ar ball go bhfuil an druncaireacht in aghaidh
dlí Dé. Thug ár dTiarna, ár Slánaitheoir, réasún dhúinn le bheith
ina stiúir agus ina réalt eolais ag ár ngníomhartha. Mar sin, an té a
chailleas a chiall le meisce, peacaíonn sé in aghaidh dlí bheannaithe
an Athar Síoraí, "Nolite inebriare vino in quo est dissolutio - ná
bígí ar meisce le fíon nó biotáilte nó cailltear sibh."
Míníonn Íosa Críost dhúinn ins an tsoiscéal
drochsheirbhíseach a dúirt, "Bímist ag ithe agus ag ól agus ar
meisce. Níl ár máistir réidh le theacht go fóill." Mar seo go díreach
a ghní lucht na meisce. Bíonn siad
ina scláibhaidheanna ag an pléisiúr, ag ól agus ar meisce nó go
dtiocfaidh an máistir, is é sin Íosa Críost, agus go gcuirfidh sé iad ar
ranca na ndrochsheirbhísigh, is é sin faoi chrúba an diabhail in
ifreann. Ó is ansin a dhíolfaidh siad go daor ar son a bpléisiúir. Is
ansin a bheidh siad ag osnaí 100 gan tairbhe gan trócaire. Ó is
ansin a admhóidh siad gráiniúlacht peacaidh na druncaireacht.
Dúirt mé fós libh go bhfuil druncaireacht ar aon de na peacaí
is troime agus is gráiniúla i láthair Dé. Do labhair Naomh Pól ar an
meisce i measc na bpeacaí a scaras an duine ó ríochta na
bhflaitheas. Ní théid lucht drúis nó gadaíocht nó saint nó
druncaireacht go ríocht Dé go brách. Cuireann an t-aspal
beannaithe an druncaire ins an ranca céanna le lucht murdair agus
striapachais. Ó a chairde, dearcaidh le uafás ar gráiniúlacht an
peacadh seo na meisce agus tugaidh cúl dhó uaidh seo go dtí uair
mur mbáis.
Féachaimist anois ar na mífhortúin
a leanas an peacadh seo ionas go mb'fhéidir linn a seachnadh. Ar
tús is gnách leis an druncaire bheith ina ghadaí de bhrí nuair a
theastaíos airgead uaidh go gcaithfidh sé lena antoil a chraos a
shásamh dhul a ghoid nó a robáil.
Goidé is ciall don mac nó níon bheith ag goid ón athair nó
máthair? 101 Tá mar is druncairí iad agus gur mian leobh réim a
thabhairt don gcolainn. Cuirim i gcás fós gurb é a gcuid féin
substaint atá na druncairí a chaitheamh, nach bhfuil siad ag robáil a
gclainne, a mnaoi phósta agus a mbunaidh go léir.
Tá an druncaire fós ina dhrochshampal ag an tsaol agus go
speisialta ag n-a chlann. "Teagasaidh mur gclann," a deir St. Paul,
"le sampal maith de réir an Tiarna." An de réir dhlí an Tiarna a
thógann sibhse mur mbunadh, a dhruncairí mallaithe? Goidé mar
is féidir libh aithis nó peannaiste a thabhairt do mur gclann ar son
meisce? A aithreacha mífhortúnacha atá coirtheach ins an
bpeacadh céanna gach lá, is é mur ndrochshampalsa a tharraing iad
go duibheagán a
oilc seo agus a thug bás síoraí dona n-anamaibh.
Is lá é an Domhnach a thogh an Tiarna le haghaidh seirbhís
agus onóir a dhéanamh dhó féin le glóir agus moladh dh'fháil ó
Chríostaidheannadh an domhain go léir. Má tá, seo an lá a théas an
druncaire amach go coitianta le haghaidh seirbhís a dhéanamh dhon
diabhal, mímhodh agus maslú do Dhia. An féidir a rá go bhfuil
clann Dé ag dul ar mire chomh mór sin is go ndéanfadh siad liostáil
faoi bhrataigh an diabhail?
102 Mífhortún eile a leanas an druncaireacht go dtógann sé
sceoin agus trioblóid idir lánúineacha pósta. Nuair a fheiceas an
bhean a fear ag scrios agus ag cur thart le meisce gach pingin a
thuill sí féin nó eisean, agus a sealbhán páistí ag dul amú, lasann sí
gan amhras le fearg, líonann sí le tuirse, le buaireamh agus le
mífhoighid.
An fear ag nach raibh, in gach uile am, ach beagán réasúin,
agus go speisialta in aimsir poite éiríonn sé suas mar bhál tineadh,
mar leon tintrí in aghaidh a mhnaoi, a chlainne nó a chomharsan a
bhéarfadh dea-chomhairle air. Bheir sé réim dona theangaidh le
mallachtaí agus
damnaíocht, le gáirsiúlacht agus mionnaí móra, dona cholainn le
drúisiúlacht, dona lámha le bualadh agus briseadh, agus níl athrach
rúta ag na hoilc seo go léir ach an meisce. Agus ní laghdaíonn an
mheisce an peacadh ach is é a mhéadaíonn go mór a mailís.
Agus fá dheoidh le críoch a chur ar gach mífhortún
lochtach, gheibh an druncaire bás ins an bpeacadh. Geallann sé
gach lá cúl a thabhairt don druncaireacht agus briseann sé a
ghealladh chomh luath céanna.
Tchíonn agus 103 cluin mur go minic daoine
mífhortúnach, cuid ag titim de ghearran agus ar briseadh a muineál,
cuid eile dhá bplúchadh in aghaidh uisce nó shneachta, iad seo ag
fáil bháis gan ola gan aithrí, ina namhaid ag Dia, agus nach luaithe
a fhágann siad an saol seo nó théid siad go fíoríochtar ifrinn. Is é
an bás amháin a chuireas críoch ar an druncaireacht.
Ó a aithreacha agus a mháithreacha, coinnígí garda agus
faireachas le mur gclann, le heagal go
dtitfeadh siad ina leithéid seo dhe pheacadh, le heagal go mbeidh
sibh mar fhianaise ar an mbás damanta a gheibh na druncairí.
Tugaidh aghaidh ar an Athair Síoraí, a phobail, agus
iarraimist grása air inniu tríd pháis ár Slánaitheora Íosa Críosta bua
dh'fháil ar an bpeacadh contúirteach seo na meisce. Smaoinígí go
bhfuil na druncairí ina seasamh ag doras ifrinn. Seachainidh an
peacadh seo a bheireas bás síoraí don anam. Comhlíonaidh dlí Dé
ar an tsaol seo ionas go mb'fhéidir libh cróinn na glóire dh'fháil in
éineacht le na fíréin ar an tsaol eile - ní atá mé ag iarraidh
dhaoibhse agus dhomh féin. Áiméan.
104 21st Sunday after Penticost
On the Pardon of Injuries.
Serve nequam omne debitum dimisi tibi quoniam rogasti (Matha
18:32).
Scairt a mháistir ar an tseirbhíseach agus dúirt leis, "A
dhrochsheirbhísigh agus a dhuine mhícharántaigh, nár mhaith mise
do fhiacha dhuit mar a ghuigh tú orm? Nár chóir dhuitse taise agus
trua a ghlacaint le do chomhsheirbhíseach amhail agus a ghlac mise
leatsa?" Leis sin ghlac an máistir fearg agus thoirbhir sé é do na
pianadóirí.
Taispeánann soiscéal an lae seo móthrócaire Dia atá cinnte
réidh ullmhaithe chun pardún a thabhairt dhúinn in gach peacadh a
ghní mur ina aghaidh, ar acht go mbeimist trócaireach lenár
gcomhchréatúir, agus go dtabharfaimist pardún donár gcomharsain
in gach díobháil agus gach olc a ghní siad orainn. Gan seo ní bhfuil
pardún nó trócaire le fáil againn ón Athair Síoraí atá ins na flaithis -
si non remiseritis
unusquisque fratri suo de cordibus vestris. Tligfear sinn ann i
bpríosún in éineacht 105 leis an tseirbhíseach mícharántach. Is é
sin go hifreann as nach bhfaighthear scaoileadh nó fuascailt go
brách.
Bheir Críost ár Slánaitheoir solas go leor dhúinn ar an modh
a roinnfeas Dia leis an muintir nach dtabhrann pardún go héascaidh
dá namhaid, i bpearsa an Rí seo a thug fá ndear ceangailt cos agus
lámh a thabhairt ar fear dá sheirbhísigh, a thlig é i bpríosún dúnta
dorcha mar a raibh sé ar feadh a shaoil ag fulaingt tart agus ocras,
fuacht agus maslú, agus sin uile fá gur chuir sé comhsheirbhíseach i
bpríosún ar son deich scillinge, tar éis an máistir deich míle punta a
mhaitheadh dó féin ann i móimint roimhe sin.
Dá maithfeadh an duine mífortúnach seo an tsuim bheag seo
na ndeich scilling, mhaithfí dhó na mílte punta. Ach mar thug
seisean breithiúnas géar in aghaidh a chomrádaí le gur chuir sé i
bpríosún é, tugadh an breithiúnas céanna ina aghaidh. Agus dá
dhroim sin tógadh a mhaoin agus a shubstaint, díoladh a bhean
agus a chlann, cuireadh é féin i bpríosún faoin uile
shórt bochtaineachta agus anró - et iratus dominus ejus tradidit eum
tortoribus.
An ní céanna a d'éirigh don bhfear seo, éireoidh do gach
aon a dhéanfas aithris air. "Ach mura ndéanaidh sibhse trócaire ar
mur gcomhchréatúir," a deir Críost, "ní dhéanfaidh 106 mise
trócaire ar bith oraibhse. Nuair nach maithfidh sibhse na deich
scilling, is é sin an choir bheag a ghníthear i mur n-aghaidh, ní
mhaithfidh mise na deich míle punta, is é sin an choir mhór a
ghníthear i m'aghaidhse. Ach tá seo de dhifear idir sibhse agus
mise, ní thig libhse díobháil a dhéanamh ach don gcolainn, agus tig
liomsa an uile shórt piantaí a thabhairt don corp agus don anam ar
feadh na síoraíocht - sic faciet pater meus coelestis vobis.
Admhaím, a Chríostaidheanna, nach bhfuil ní ar bith is
dócúlaí ag ár nádúr, nach bhfuil aithne níos crua ar an duine nó
pardún a thabhairt do namhaid óna chroí, óna intinn go hiomlán.
Admhaím gur í seo an tsuáilce is dochomhlíonta ag an
bpeacach, an cruthúin is fearr ar a charántas agus an comhartha is
siúrálta ar umhlaíocht an Chríostaí don
Athair Síoraí.
Ach má dearcann muinn ar an nádúr faoi stiúraíocht na
ngrása, an ní seo atá dodhéanta aici, gheobhaidh sinn é sócúlach
sodhéanta de bhrí nach n-ordaíonn Críost ní ar bith dodhéanta
dhúinn, ní chuireann ualach orainn nach dtig linn a iompar - Deus
impossibilia non jubet.
107 Tá Dia mar máistir, mar athair, mar bhreitheamh agus mar
shampal againn ag tabhairt aithne agus ordú dhúinn pardún a
thabhairt uainn agus grá bheith againn ar ár namhaid. Tá an t-ordú
seo ag teacht chugainn ó Ardrí, ó Ardbhreitheamh, ó Ardmháistir, ó
Chruthaitheoir agus Athair Síoraí an domhain go léir. Agus tá
dh'fhiacha orainn an aithne seo a chomhlíonadh, ní le bheith i
mórchéim ins an cúirt ainglí, ach lenár sábháil ó mhórphiantaí
dochríochnaithe ifrinn - ego autem dico vobis diligite inimicos
vestros.
Déarfaidh tú liom go ndearna do chomharsanach éagóir
agus leatrom ort gur chaill tú do chlú agus maoin shaolta leis.
Táim sásta go bhfuil seo fírinneach agus deirim leat nach bhfuil
sábháil le fáil aige, agus gurb é ifreann a lóistín agus
diabhail do chuideacht go síoraí mura dtabhraí sásamh dhuit.
Déarfaidh tú liom go mbainfidh tú sásamh as, nach
dtabhrann tú maithiúnas dó go brách ins an olc a rinne sé ort, agus
ní sásamh de réir díobhála ach de réir miosúir do fheirge atá tú ag
iarraidh.
Deirim leat nach féidir olc a leigheas ag déanamh oilc, nach
féidir sásamh a thabhairt dhuit in aghaidh dlí Dé. Deirim leat grá
bheith agat ar do namhaid, pardún 108 a thabhairt dhó más mian
leat pardún dh'fháil, gur breithiúnas gan trócaire a gheobhas an té a
bhíos neamhthrócaireach - judicium sine misericordia ei qui non
fecit misericordiam. Tá tusa anois i do namhaid ag Dia le peacadh
marfach a rinne tú aréir, nó inné, le seachtain nó mí ó shin.
Caithfidh tú pardún dh'iarraidh agus dh'fháil iontu seo nó príosún
agus piantaí síoraí ifrinn a fhulaingt. Tá Dia ag fearáilt pardúin ort
ar acht go dtabhraí tú pardún uait - dimitte nobis debita nostra etc.
Maithfidh Dia na mílte punta dhúinn má mhaitheann sinn ní
beag fuinneamhach donár gcomhchréatúir, bhéarfaidh dhúinn
ríocht agus glóir
na bhflaitheas má umhlaíonn muinn. Gheobhaidh mur sciúirsí
ifrinn má théid mur i dtréas. Goidé an rogha a ghlacfas tú?
Ó a Shlánaitheoir, goidé an liacht uair agus a thug tú pardún
dhúinn ar son a iarraidh aon uair amháin, ar son nach raibh tairbhe
ar bith dhuit ann, ar son nach raibh méadú glóir nó onóir le fáil agat
as! Ar an ábhar sin tá sé róriachtanasach ródhlisteanach againn
pardún a thabhairt donár gcomharsain, de bhrí go bhfuil Dia dá
ordú faoi phian 109 nár ndamnadh go síoraí, agus ní bhfuil sinn
ach ag méadú agus ag lasadh nár bpiantaí, ag méadú agus ag
daingniú ár ndanarthacht.
Mar leithscéal don mícharántas agus an neamhthrócaireacht
a bhíos go laethúil ins an gcroí in aghaidh na gcomharsan,
déarfaidh cuid agaibh go bhfuil an aithne seo róchrua agus go
bhfuil dúil agaibh nach mbíonn Dia ina dhiaidh oraibh. Deirimse
libh nach féidir le Dia bréag a inse, agus fós go bhfuil sibh, a lucht
na mailís, ag fulaingt piantaí mórán níos mó le mur
neamhthrócaireacht, nuair a bhíos dúil agus
rún díoltais agat.
Goidé dhá liacht smaoineamh mallaithe a bhuaileas in
d'intinn! Goidé dhá liacht pian a bhíos ar do cholainn! Goidé dhá
liacht crumhóg agus earc sléibhe a bhíos ag piocadh do chrua-ae!
Goidé dhá liacht athair nimhe mailíseach a bhíos ag strócadh do
chroí, amhail agus an fiach dubh ag strócadh agus ag stialladh
crua-ae agus putóg an gearrán marbh!
Nach minic a bhí eagla ort roimh do namhaid? Nach minic
a bhí tuirse agus brón ort fána mhaitheas? Nach minic a bhí lúcháir
ort fána leatrom? Nach minic a bhí tú mar na hanamacha damanta i
bpian agus i dtrioblóid, i bhfuacht agus i dteas ag do intinn
mhailíseach?
Ann i bhfocal théid an drong neamhthrócaireach go hifreann
110 roimhe lámh agus bheirid pionós dhóibh féin sula mbainid
sásamh as comharsain, nó sula ndéanaid díobháil ar bith dhóibh.
Cuirim i gcás go bhfuair tú do shásamh ar do namhaid,
goidé an compord atá agat ar a shon? Tá, gur chuir tú do
chomharsanach in do aghaidh, go bhfuil sé féin agus a bhunadh, a
chairde agus a dhaoine muinteartha ina ndeargnamhaid
agus i gcogadh síoraí leat. Beidh tú uaidh seo suas faoi choimheád
agus eagla ó do scáile. Mar sin tabhair pardún uait ó do chroí, agus
gheobhaidh tú lúcháir in d'anam, amhail is a gheobhas an duine
neamhthrócaireach buaireamh nach scarann go brách óna intinn
lochtach.
Déarfaidh tú gur duine saibhir measúil onórach thú, agus
nach dtig leat a leithéid seo de tharcaisne a fhulaingt ó dhuine bocht
díblí mar atá do chomharsanach, agus má chuirim suas leis go
ndéanfaidh sé aríst agus aríst an rud céanna, go ndéarfaidh an saol
liom nach bhfuil ionam ach cladhaire gan spiorad má mhaithim dó.
Deirim leat gur Críostaí thú agus nach bhfuil onóir níos mó
le fáil nó bheith umhal do Chríosta. 111 Deirim leat nach
ndearna ár Slánaitheoir soiscéal ar leith don duine saibhir nó don
duine bocht. Deirim leat gur le Dia is cóir dhuit éisteacht agus nach
leis an tsaol. Deirim leat gur do Dhia is cóir dhuit bheith umhal
agus nach don tsaol. Deirim leat go ndeir Dia leat go
gcaithfidh tú pardún a thabhairt do do namhaid agus grá a bheith
agat orthu ó do chroí go hiomlán - ego autem dico vobis diligite
inimicos vestros.
Ó a Shlánaitheoir, goidé an seort créatúir tubaisteach an
duine a ghlacfadh sampal daoine lochtacha mícharántacha dhe
roghain ar shampal Chríosta? Bhí seisean ó rás ríte de réir a
dhaonnacht, ina Aonmhac ag an Athair Síoraí de réir a dhiagachta,
agus níor dhrochmheas leis pardún iomlán a thabhairt do na
murdaróirí míghrástúil a chuir chum báis é. Níor tharcaisne leis grá
bheith aige ar na lámha a spar a cholainn bheannaithe ar crann na
croiche, ar modh gur ghuigh sé in guth ard ar an Rí glórmhar
pardún a thabhairt dhóibh, "Pater dimitte illis." Agus ní hé amháin
seo, ach gur cheannaigh sé iad ón diabhal go daor le dortadh a
chuid fola uasail ar a son.
112 Anois an mbeidh náire ort, a pheacaigh bhoicht, a bhia na
bpéist agus na gcrumhóg, pardún a thabhairt do namhaid nó sampal
Chríosta a leanúint? Ní thig le duine ar bith a rá leat, má bheir tú
pardún
uait, ach gur deisceabal umhal do Chríosta thú, go bhfuil tú ag
leanúint do rialacha do chreidimh, go bhfuil dúil agat as trócaire Dé
agus pardún dh'fháil in do pheacaí.
Ar an ábhar sin, tógamar ar an móimint seo ar aon iúl nár
lámha, nár súile, nár dteangacha, nár gcorp agus nár n-anamaibh go
huile agus toirbhimist iad don Ardrí a chruthaigh, don tSlánaitheoir
a cheannaigh iad, don Spiorad Naomh a neartaíos sinn chum
pardún a thabhairt dona chéile anseo i láthair ónár gcroí go hiomlán
ionas go mb'fhéidir linn tríd pháis ár dTiarna Íosa Críost agus
mórthrócaire Dé pardún a fháil in gach tréas agus gach peacadh dá
ndearnamar riamh in aghaidh do dhiagachta ar an tsaol seo, le go
ngráimist agus go molaimist thú le saol na saol ins an glóir shíoraí -
ní atá mé ag iarraidh dhaoibhse agus dhomh féin. Áiméan.
113 Melior est dies mortis quam dies nativitatis.
Is fearr lá an bháis nó lá na beatha (mar do léithear ins an 7ú
caibidil de Leabhar Ecclesiasticus).
A chairde, dhá mbeadh sé ceadmhach againn uair éigin
guibhe nó agradh amhail agus mar a d'agair fear an tsaibhris as
mórphiantaí ifrinn fear an leatroim darbh ainm Lazaras do bhí
socair sásta in aoibhneas, in aiteas agus i nglóir shíoraí na
bhflaitheas, ag rá dhó leis go tursach dobrónach, "Agraím thú go
fírinneach, a Lazaras, cuairt a thabhairt ar bhunadh mo árasa agus
rábhadh ginearálta a thabhairt do mo chairde gaoil agus do mo
dhaoine muinteartha go bhfuil mé faoi chuibhreach do mo dhó agus
do mo loscadh i measc diabhalaibh daoldhathacha agus i bpiantaí
síoraí ifrinn.
Is ar an modh gcéanna seo, a chairde, ba chóir dhúinne an
tAthair Síoraí a agradh ionas go gcuirfeadh sé marbhán mar fhear
scéala nó theachtaire chugainn inniu chum go dtabhraimist
aghaidh ar na suáilce agus cúl do na duáilcí, agus go dtabhraimist
sásamh ginearálta i gcoirthe na n-anamaibh bochta 114 atá ag
gárthach agus ag screadaigh ar ár gcúnamh agus ár gcuidiú as
tinidh phrugadóra inniu.
Anois, a chairde, is mian liom a fhoilsiú dhaoibh ins an céad
pháirt de chomhrá an lae inniu goidé an tseirbhís a ghní
naomhíobairt an Aifrinn nó urnaí na bhfíréan do bheoibh agus do
mhairbh. Agus ins an dara páirt chomh mórthairbheach bríomhar
is atá sé dhúinn smaoineamh ar an mbás in am. Ach mar nach dtig
linn ní ar bith a dhéanamh gan comhchuidiú na Trionóide Naofa,
iarraimid grása an Spioraid Naoimh tríd idirghuí na Maighdean
Muire ag rá, "Ave Maria..."
Anois, a Chríostaidheanna, is é a ordaíos an scrioptúr
dhúinn ins an dara leabhar de na Maccabees ag rá, "Sancta et
salubris est cogitatio pro defunctis exorare ut a peccatis soluantur -
is róshuáilceach beannaithe dhúinn guibhe le na mairbh chum go
saorófaí iad ó ghlasa an pheacaidh."
Ó maise, a chairde, nár chóir dhúinne smaoineamh
go dúthrachtach ar na hanamnacha bochta atá dhá ndó agus dá
loscadh i dtinidh phrugadóra inniu, agus atá go hainniseach bocht
tursach ag feitheamh le íobairt na hEaglaise, le déirce, 115
troscadh, urnaí nó le dea-oibreacha a lucht gaoil nó a ndaoine
muinteartha ar an tsaol seo?
Dearbhaíonn Naomh Auguistín go gcloíonn naomhíobairt
an Aifrinn fíorcheart Dé, agus go múchann an déirce mórtheas agus
lasracha na tineadh. Ach is róshiúrálta dhúinn faraor go bhfuil an
iomad ar shlua na marbh nach bhfaigheann as ár ndea-oibreachasa
ach seirbhís róbheag. Ar an ábhar go bhfuil an bunadh a fuair bás
ar staid peacadh marfach go síoraí ar slabhradh ag an diabhal i
mbréantanas agus i measc na dronga damanta ag ithe agus ag
gearradh, ag dó agus ag loscadh a chéile ar feadh na síoraíochta.
Agus ar an ábhar sin nach bhfuil relief nó furtacht le fáil acu go
deireadh an domhain.
Tá drong eile ar shlua na marbh nach bhfuil feidhm nó
feasbhaidh acu ar dea-oibreacha na gCríostaidheanna, mar atá, an
bunadh a d'imigh dhen tsaol seo saor ó
pheacadh marfach nó solathach, agus ar an ábhar sin nach bhfuil
relief nó cabhair de easbhaidh orthu. Ó is fíor gur chónaigh agus
gur shocraigh siad ar deasláimh Dé in aoibhneas agus i nglóir
shíoraí na bhflaitheas.
D'imigh dhen tsaol seo drong eile do rinne aithreachas ina
gcoirthe 116 nó ina bpeacaí ach nach dtug sásamh ginearálta i
bhfíorcheart Dé, agus ar an ábhar sin, a chairde, bígí lánshiúrálta
cinnte go bhfuil na hanamnacha bochta seo i gcuibhreach agus i
gcruacheangal dhá ndó agus dá loscadh i dtinidh phrugadóra ag
agradh agus ag iarraidh cabhair nó furtacht ar a ndaoine
muinteartha nó a gcairde gaoil ar an tsaol seo agus ag rá,
"Miseremini mei, miseremini mei, saltem vos amisi mei - bíodh
trua agaibh liomsa, bíodh trua agaibh liomsa, go háirid sibhse, mo
chairde gaoil agus mo dhaoine muinteartha, nuair is mise atá sa
mbruíon shíoraí ar dó agus ar loscadh ag feitheamh le cabhair na
hEaglaise, nó le dea-oibreacha na bhfíréan."
An dara páirt
A chairde, is mian liom a fhoilsiú dhaoibh ins an dara páirt
de chomhrá an lae inniu chomh mórthairbheach bríomhar is atá sé
dhúinn smaoineamh ar an mbás in am. Dearbhaíonn Naomh
Auguistín dhúinn gurb uime a hordaíodh reilig a chastrú dhúinn go
gcuimhneodh sé dhúinn an bás, agus go ngardálfadh sé in aghaidh
cathuithe an diabhail sinn. Dearbhaíonn sé dhúinn gan amhras go
raibh na cnámha loma atá ina heapaí gan aird 117 in gach
teampall ar feadh an domhain ins an tsláinte, ins an mbláth, ins an
scéimh chéanna óige ina bhfuil tusa i measc an chomhchruinnithe
seo inniu, a pheacaigh, ar an ábhar go ndearbhaíonn an scrioptúr
dhúinn i leabhar Ecclesiasticus, "Memor esto judicii mei sic erit et
tuum mihi heri et tibi hodie - smaoinigh ar do chríocha déanacha, a
pheacaigh, agus breathnaigh go grinn ar mo staidse for is deimhin
dhuit nach bhfuil ach mise inné agus tusa inniu."
Seo féin na fiacha a chaithfeas an cine daonna a dhíol go
féiltiúil. Is deimhin dhúinn ó bhéal Dé nár bhlas sé an bia nach
mblasfaidh an bás - statutum est hominibus semil mori - agus
ar an ábhar sin gur mór an t-ábhar scanraithe dhúinn smaoineamh
dhúinn ar an mbás.
Ó is fíor nach bhfuil dul thairis aige an laige nó aige an
láidir, aige an aois óga, uaisle ná ísle, ag dearbhú do Dháibhidh an
rí dá mhac Solamh, "Ecce ego ingrediar viam universae terrae -
féach, a mhic mhurnaigh, tá mise anois ag leanúint lorg shíol
Ádhaimh, dh'ainneoin mé bheith i mo rí agus i mo phrionsa, tchí tú
nach dtig liom an bás a sheachnadh."
Ar an ábhar sin ullmhaigh thú féin in am i gcoinne na
scarúinte seo, óir is róchinnte dhuit an bás, an aiséirí agus an
breithiúnas déanach. Bígí 118 lánchinnte gur róchrua an cuntas a
chaithfeas gach duine a thabhairt ina ghníomhartha ar an tsaol seo,
de réir mar a dhearbhaíonn an salm dhúinn ag rá, "Justus es
Domine et rectum judicum tuum - ó a Thiarna, is tusa atá i do
fhíorbhreitheamh ach rócheart in iomlán do chuntais."
A chairde, goidé an t-ábhar fá ngairimid an breithiúnas seo
Dé rócheart? Ó tá gan amhras mar is follasach dhúinn gur
róghnách breithiúnas daor dócúlach a thabhairt ar an tsaol seo,
ar murdaróir rí nó prionsa. Má tá seo nádúrtha i measc créatúirí
bocht talmhaí, is róshiúrálta cinnte dhúinn ó lámh Dé é, ó is é féin
béal na fírinne, údar agus ábhar gach maithis.
Do-ghní na peacaigh ar modh áirid murdar ar Dhia agus ar
an ábhar sin is rócheart breithiúnas báis daor dócúlach a thabhairt
orthu, is é sin damnú síoraí, tart, ocras, dó, loscadh i measc diabhal
agus deamhan ar feadh na síoraíochta os cionn miosúir aimsire.
Gan amhras tá a fhios agaibh uilig nach dtig le Dia bás dh'fháil
agus ar an ábhar sin nach dtig le éinneach murdar a dhéanamh air.
Ach faraor is ródheimhin go dtig linn murdar a dhéanamh ar nár
n-anam bocht féin, ó is fíor gurb é grása Dé a bheir 119 beatha
dhi agus go gcailleann sí é sin leis an peacadh marfach agus dá bhrí
sin tá an t-anam marbh go spriodálta.
Ach, a chairde, is lena ghrása agus lena thrócaire do
thuirlingíos agus a chónaíos in ucht nó in áras gach fíréin chun a
gcumhdach ón peacadh, ós róshiúrálta gan a ghrása go dtitfimist go
laethúil. Ar an ábhar sin bígí róshiúrálta cinnte go ndéanann an
peacadh marfach scarúint idir Dia agus an duine amhail agus mar
do-ghní an bás idir an t-anam agus an corp.
A chairde, dearbhaíonn St. Bernard go ndéanann an peacadh
bás agus páis ár Slánaitheora Íosa Críosta a athnuadh. Agus
dearbhaíonn sé seo dhúinn as briathra St. Paul aspal ag rá, "Rursum
crucifigentes sibimetipsis filium Dei - a pheacaigh, tá sibh aríst ag
céasadh mur Slánaitheora, agus ar an ábhar sin ach mura ndéanaidh
sibh an t-aithreachas gheobhaidh sibh an bás síoraí mar luach
saothair."
Gan amhras, a chairde, ní furas dhaoibh a thuigbheáil gur
fearr lá an bháis nó lá na beatha, ó is fíor gurb é mailís an diabhail
atá mar údar aige agus ar an ábhar sin nach dtig leis bheith ar aon
chor maith. Mar an gcéanna is mian le gach duine a sheachnadh.
120 Do fhéach Críosta ár Slánaitheoir an bás a sheachnadh má
bhí sé i gcumhachta an Athar Síoraí, agus ar an ábhar sin nach
dtiocfadh dhó bheith ann féin maith.
Ach dearbhaímse dhaoibh go bhfuil an iomad
de nithibh ó nádúr maith a ndéantar drochúsáid dhíobhth. Tchíonn
sibh go bhfuil fortún nó saibhreas saolta ann féin maith nuair do-
ghníthear úsáid maith dhe, agus ar an láimh eile tá an iomad de
nithibh olc nó peacaíoch iontu féin, do bhíos folláin maith nuair do
tharlaíonn siad ó ghrása Dé nó ó chlaonta maithe an duine. Is ní olc
an bás ann féin ach is rómhór an tseirbhís a ghní sé dhon duine ós é
a thaispeánas an Tríonóid Naofa nó glóir shíoraí na bhflaitheas don
anam, ar modh gur féidir linn a rá go bhfaigheann na fíréin
coirceogaí meala ins an mbás amhail is mar a fuair Samsón i gcraos
an leoin.
Anois, a Chríostaithe, smaoinígí agus breathnaígí ar an
mórsheirbhís a ghní smaointe an bháis don duine ar an ábhar go
gcuimhníonn sé dhó a chríocha déanacha agus go dtáinig sé chun
an tsaoil seo nochtaithe gan chiste nó stór agus go bhfuil sé ar an
modh céanna le imeacht.
121 B'fhéidir, a pheacaigh, go ndéarfá, "Is mise atá saibhir,
uasal, cumhachtach, agus is orm nach bhfuil easbhaidh dhe
mhaoin shaolta." Ansin déarfaidh tú, "Bainfidh mé cuideachta, ól
agus spórt as mo shaibhreas. Leagfaidh mé lámh trom ar an
mbaintreach, ar an dílleachta nó ar an mbochtán údaí, nuair is mise
atá cumhachtach corrúil."
Órú, a chréatúir bhoicht mhallaithe mhífhortúnach, stad den
glór dhíomhaoin úd, agus ná cailltear thú go dona leis ar an ábhar
nach bhfuil sé ach mar cheo maidine do ghlanas le teas gréine.
Agus ar an ábhar sin nár chóir dhuit ríochta na meala nó na
cruithneachta a thabhairt mar mhalairt ar thír lomthursach na
heorna.
Ach ionas go míneodh diadhairí dainséar an duine ar an
tsaol seo dhúinn, an staid chruálach, priaclach, chontúirteach ina
bhfuil formhór cine daonna, cuirthear é i gcosúlacht le duine áirithe
ins an tseanreacht do bhí ar a theitheadh ó leon mire ins an ruaig air
lena strócadh nó a stialladh ina phíosaí. Tharla dhon créatúr bhocht
go dtáinig sé go feactha brúite tursach ar mhullaigh carraige nó
screige mhór agus gan dul ar cúl nó ar ais aige. Ach ar feiscint dhó
a namhaid craosach go feargach ag teacht chuige, is ansin a
smaoinigh sé é féin a chaitheamh leis an carraig. Agus
ar titim dhó chonaic sé foirnéis chraosach 122 tineadh faoi an
screagán seo. Ach ionas go seachnódh sé an dainséar dúbalta seo
agus go sábhálfadh sé an t-anam bocht, do rug sé ar an mball greim
báis ar thomóg nó ar thor éagrua a d'fhás as an gcarraig. Agus ar
dhearcaint dhó go grinn ar an staid seo, do bhreathnaigh sé uaidh
ollphéist ghránna go craosach ag strócadh agus ag stialladh rútaí nó
fréamhacha an toir seo ar modh go raibh an duine bocht gan mhoill
le titim ins an tinidh ann i rása.
Ó, a Chríostaí, nach sílfeá an t-óglach seo a bheith ar mire
dhá ndearmadfadh sé relief nó cabhair dh'iarraidh ins an ghéibh
éifeachtach seo, nó ní ar bith eile a dhéanamh a shábhálfadh a anam
bocht? Ó ar an ábhar sin breathnaigh go grinn ort féin ó thús do
shaoil agus is ansin a fheicfeas tú do staid chruatanach priaclach
féin, is ansin a thuigfeas tú thú féin a bheith ins an dainséar chéanna
ón lá a tháinig tú chum réasúin.
Nuair ón uair a bheirthear an duine ar an tsaol seo, tá a
namhaid shíoraí, an bás go laethúil ins an ruaig air. Agus ar a
sheachnadh dhó, do tharla sé ar fhíormhullaigh an tsaoil bhréagaigh
seo atá lán de ghleanntaibh an peacaidh agus de screagacha ifrinn.
Is é an tor nó an tom a ngreamaíonn nó a bhfostaíonn sé ann
an saol beagmhaitheasach, gearr, leatromach. Is iad na péistibh ná
ollphéist 123 atá ag ithe nó ag gearradh an tomóg nóin agus
maidin. Agus is tusa an t-amadán seo nó an fear mire nach
smaoiníonn ar do chruachás féin nó do mheallthar leis an tsaol
bhréagach seo atá go laethúil do do chealgadh agus do do
ruaigeadh mar mhartán eallaigh ar fhíormhullaigh do chinn go
fíoríochtar ifrinn.
Ar an ábhar sin smaoinigh go bhfuil tú le bás a fháil.
Tabhair droimdhiúltú don tsaol agus dá chathuithe agus ullmhaigh
thú féin chun do chríocha déanacha. Anois, a Chríostaidheanna,
smaoinígí ar mur laige bhrí, mur laige choinsiais nó ar mur leatrom
saolta féin, agus glacaidh rabhadh nó comhairle as cruachás nó
dainséar an chomharsan.
Ó maise, a chairde, má smaoiníonn sibhse ar gach drong a
d'imigh dhen tsaol seo in mur n-aimsir féin. Ní féidir nach
smaoineoidh sibh
uair éigin go gcaithfidh sibh an chuairt chéanna a thabhairt. Agus
ionas nach go fíoríochtar ifrinn a ghluaisfeas an t-anam bocht,
smaoinígí ar an bás in am.
Má scaoileann foghlaeir urchar i measc éanlaithe ar coill nó
ar machaire is gnách leobh imeacht go tapaidh ar eiteog ins an aer.
Dá dtiocfadh seabhac ar ruaig i measc sicíní bheadh baspairt agus
critheagla orthu. Nó dhá mbeadh éanlaith beaga na coilleadh ag
comhsheinm ar coill is róchinnte go stopfadh nó go dtostfadh 124
siad chum go seachnódh an dainséar nó an namhaid thintrí seo.
Ó maise ar an ábhar chéanna seo, a chairde, smaoinímist go
bhfuil muinn cruinn anseo inniu mar éanacha beaga nó sicíní agus
go bhfuil ár namhaid shíoraí ins an ruaig orainn agus gan dul thairis
againn ach mura n-iarraimid cabhair nó cuidiú ar Íosa Críosta ár
Slánaitheoir atá inniu ag tabhairt araicise orainn.
Is maith an rabhadh do dhuine cnámha loma na reilige. Is ar
an ábhar sin a dhearbhaíos an scrioptúr gur fearr toigh an dobróin
nó toigh na bainise agus na lúcháire - melius est ire ad domum
luctus quam ad domum convivii. Féach anois do dhochar agus do
thuirse má smaoiníonn tú in am ar an bás. Ó a rípheacaigh bhoicht!
Dearbhóidh an t-ainchríostaí nó an págánach dhuit gurb é is
ciall nó réasún don leanbh bheith ag gol nó ag screadaigh ag teacht
dhó ar an tsaol seo, mar do chinntíos an nádúr dhó gach tinneas,
amhgar, tart, ocras, cruachás agus leatrom mhór atá fána choinne ar
an tsaol seo.
Ar an ábhar sin, fóir gach misneach fearúil thusa, tabhair
droimdhiúltú don tsaol ghránna agus dona chathuithe. Seachnaigh
go gclaonfá do na peacaí marfacha nó do fhrearg an Tiarna.
Gardáil 125 thú féin go fírinneach in aghaidh droch-chluadair nó
droch-chuideachta. Nuair a dhearbhaoínn St. Paul aspal dhuit go
mb'fhearr leat bheith aon bhimide amháin i ríochta na bhflaitheas
nó bheith in aoibhneas nó in aiteas ins an tsaol seo ar feadh na
síoraíocht.
Ó maise, a chairde, is léir dhaoibhse uilig anois as ar dhúirt
mur nach bhfuil ins an tsaol seo ach scáile nó ceo agus nach bhfuil
ár gcuairt air ach róghearr gairid lán de thrioblóid agus de leatrom.
Tabharfaimid droimdhiúltú ó ár gcroí go hiomlán dhó.
Déanaimist aithreachas fírinneach in gach tréas nó treaspás do
rinneamar ar Dhia i gcaitheamh ár saoil. Smaoinímist go grinn ar
ár gcríocha déanacha, ar ar imigh uainn ar shlua na marbh agus ar
gach créatúr atá iolctha ins an teampall mar sheanmóir nó cuimhne
an bháis dhúinn, agus atá go siúrálta ag agradh nó ag iarraidh relief
óna ndaoine muinteartha nó a gcairde ar an tsaol seo, má tá
seachrán, pianpháis nó prugadóir ag cur as dona n-anam.
Ar an ábhar sin, a chairde, cuimhnímist na mairbh inniu
agus cuirimist go fonnmhar ár gcomaoin lena ngrása ionas go
n-agródh siadsan an tAthair Síoraí féachaint, fóirithint ná fortacht
orainne inár gcruatan nó ár gcruachás ar an tsaol seo, agus go
ndéanaimist an aiséirí glórmhar in éineacht leobhsa ins an tsaol eile
- grása atá mé a iarraidh etc. Áiméan.
126 On the 8th Sunday after Penticost.
"Redde rationem villicationis tuae, jam enim non poteris
villicare." Ait autem villicus intra se, "Quid faciam?"
"Tabhair cuntas in do stíobhardacht for ní thig leat stíobhardacht
a dhéanamh dhomhsa níos mó." Dúirt an stíobhard leis féin,
"Goidé a dhéanfas mé?" (St. Luke 16: 2)
Goidé an buaireamh intinne a bhí ar an stíobhard
míchríostach seo, agus an confusion dá raibh sé ann ar son gach
éagóir dá ndearna sé tráth a scairt a mháistir air chun cuntas a
thabhairt ina stíobhardacht agus a chuid leabhar as ordú? Cuireann
sé i gcuimhne dhúinn uafás agus eagla an droch-Chríostaí atá lán
spéise ann i maoin agus in éadáil, atá chomh ceangailte le grá ar an
tsaol seo ionas agus dá mbeadh cónaí shíoraí aige ann, atá chomh
neamhshuimiúil fá Dhia ionas nach mbeadh cuntas ar bith le
thabhairt uaidh ina ghníomhartha.
Tráth a bhuaileas tinneas marfach air agus a deireas a
chairde agus a dhaoin
muinteartha leis a mhaoin shaolta a shocrú, tráth a ordaíos an
dochtúir dhó fios a chur ar a athair faoisidin for nach bhfuil aige
ach gearraimsir le caitheamh ar an tsaol seo, fá dheoidh déarfaidh
an sagart leis a anam 127 a réiteach go mbeidh sé gan mhoill i
láthair na Tríonóid le cuntas géar a thabhairt ina ghníomhartha ag
barra fíorcheart an Athar Síoraí.
Ó, a Chríostaidheannadh, más deimhin go bhfuil an bás
critheaglach ag an Críostaí is rialta agus is dea-bheatha ar an
domhan, goidé an t-ábhar uafáis atá ag an bpeacach a bhí ag
briseadh dlí Dia le an uile shórt peacaí marfacha gach lá ó tháinig
chun soilse nó dealramh céille go dtí an uair seo, dá bhfuil a
shnáithe na beatha caite agus brat dorcha an bháis ar a shúile.
Goidé a déarfaidh sé nuair a shíntear dhó summons ó
ardbhreitheamh na bhflaitheas a tchíonn ní hé amháin na peacaí
mallaithe a rinne tú go follasach i láthair daoine le mionnaí móra nó
mallachtaigh, le druncaireacht nó striapachas, le gadaíocht,
buailteachas, ach fós a tchíonn gach smaoineamh
madrúil a bhí in d'intinn, gach glacaireacht thruaillí a thug tú ort
féin, gach féachaint mhailíseach a thug tú ar créatúr ar bith eile?
Déarfaidh gach duine mífhortúnach den tsórt seo mar a dúirt an
stíobhard lochtach, "Quid faciam? Goidé a dhéanfas mé? Goidé a
éireos domh? Sin mé caillte go síoraí."
Dearcadh gach aon a bhfuil i láthair anseo ar a anam féin
agus féachaidh goidé an 128 staid ina bhfuil sé, goidé an meán
dár féidir linn mífhortún an bás síoraí neamhullmhaithe a
sheachnadh.
Seo suim mo chomhrá agus mo chomhairle dhaoibh inniu.
Guífidh mé ar tús an Spiorad Naomh a chuir tinidh as na flaithis
anuas le gur ghlan sé béal an fáidh Íseáia go roinnfí liomsa páirt de
na grásta a fuair sé le a nglanfainn mo chroí agus mo theangaidh
ionas go mb'fhéidir liom tríd mhórthrócaire Dé mur soilsiú go
ríocht na glóire. Tá mé dhá iarraidh seo le umhlaíocht ar Íosa
Críost tríd idirghuí na Maighdine Muire ag rá, "Ave Maria..."
Ní mian liom trácht libh ar na hócáidí tobann nó na scéaltaí
uafásacha a chluin
sibh nó tchíonn sibh go rómhinic le go dtig an bás mar splanc
tineadh nó toirneach a thógann daoine ar siúl gan bimide de spás,
for is breithiúnas príobháideach seo a thig ón Athair Síoraí chun go
sábhálfadh sé na fíréin ó chritheagla an bháis nó chun peannaist
dho na drochdhaoine a rinne dímeas do ghrása Dé ina sláinte ionas
nach mbeadh faill aithrí acu nó trócaire dh'iarraidh ar uair a mbáis.
Ní mian liom trácht fós ar dhaoine mírialta an tsaoil seo atá
gan chreideamh gan 129 chrábhadh, gan dlí gan Dia a bhíos go
laethúil ag magadh ar Chríosta agus ar a theampall ar an talamh nó
go dtig an bás chun na leapa chucu ag tabhairt ordú dhóibh theacht
gan mhoill go barra Íosa Críosta. Leis sin líonaidh siad le uafás,
cuiridh fios ar an tsagart le bheith ina fhianaise ar an mbaspairt
agus gcritheagla in áit bheith ina ministéir Dé ag glanadh a
gconsiais. Beidh siad ins an am sin chomh laguchtaíoch
mímhisneach ag dearcaint suas ar claíomh an bháis, agus a bhí siad
aroimhe dána dalba ag déanamh
peacaidh tráth a shíl siad go raibh sé i bhfad uabhtha.
Is libhse amháin, a Chríostaidheannadh, is mian liom
labhairt in mo chomhrá, de bhrí go bhfuil mórán i mur measc ag
déanamh faillí ins an ní is riachtanasaí, mar a bhfuil leas mur
n-anama agus ag cuartú go dúthrachtach nithibh fuinneamhacha
neamhbhuana an tsaoil seo. Cé bhfuil agaibh an creideamh fíor
agus eagla roimh fhearg Dé in mur gcroí, tá cinnte cuid agaibh ag
caitheamh mur saoil mar Thurcaigh nó págánaigh, mar dhream gan
chrábhadh amhail is nach mbeadh acra agaibh le Dia nó úsáid ar
bith lena ghrása. Líonann siad a n-intinn le smaointe agus meabhrú
nithibh nár féidir críochnú ann i mórán bliantaí, ní smaoiníonn aon
uair amháin ar an mbás nó go 130 háirid measann siad go bhfuil
sé fós i bhfad uabhtha ar modh nó nach n-athraíonn a mbeatha nó
nach ndéan ullmhú ar bith orthu féin ina choinne.
Déarfaidh fear na déileáil leis féin lá agus oíche, "Do rinne
mé a leithéid seo de phroifid le deich mbliana. Tá mé cinnte ann i
sláinte mhaith. Is féidir liom bheith fiche nó daichead bliain eile
beo. Rachaidh mé ar m'aghaidh. Glacfaidh mé talamh. Tógfaidh
mé tithe
agus fágfaidh mé mo chlann saibhir i ndiaidh mo bháis."
Déarfaidh fear an tsaibhris nach dtug ariamh déirce do na
bochtaibh, nach dtug toistiún nó sé pingine ar iasacht dona
chomharsanach gan interest dúbalta, nach bhfuil a athrach de Dhia
aige ach a chuid airgid, nach bhfuil a athrach de dhlí aige ach
coinsias fairsing santach, "Cruinneoidh mé saibhreas. Beidh saol
fada agam agus gheobhaidh mé bás maith."
Má chuirim ceist ar lucht na drúise ag a bhfuil a gcolainn ina
camra salach ag an diabhal le na peacaí mallaithe nach féidir inse
nó áireamh an bhfuil dúil acu le flaithis Dé dona n-anam dá
bhfaigheadh siad bás ar an staid mhífhortnach ina bhfuil siad,
déarfaidh siad tríd andóchas as trócaire an Athar Síoraí 131 go
bhfuil tráth go leor acu tiontú ar Dhia nuair a bheidh siad sean, go
bhfuil siad fós óg, agus go bhfuil dúil acu críoch maith a chur ar a
mbeatha.
Cuirim i gcás go dtiocfadh an bás mar chonstábla dána chun
an dorais, i láthair do shláinte
agus d'óige, i láthair do shaibhris agus do pheacaí. Do ghlac crith
fuacht thú. Tháinig ort tinneas cinn. Luigh tú ar do leabaidh.
Cuiridh tú fios ar an dochtúir. Ní bhfuil na leigheastracha ag
tabhairt furtacht nó fuarú dhuit, ach is é atá an tinneas ag méadú.
Tá d'ucht dá réabadh, do chroí dá loscadh, ann i bhfocal ní bhfuil
dúil le do bheo. Déarfar leat fios a chur ar an tsagart agus do
shíocháinte a dhéanamh le Dia sula bhfágfaidh tú an saol seo.
Ó scéal uafásach, ó warning critheaglach don té nár
smaoinigh ariamh aroimhe go dúthrachtach ar an mbás nó ar an
mbreithiúnas. Déarfaidh sé leis féin, "Ó nach trua mo chás, nach
tursach mo stát? Do thóg mé tithe. Do ghlac mé talamh a
bhéarfadh proifid mhór isteach ar an mbliain seo. Goidé an tairbhe
atá dhomh ann nuair a tchím nach bhfuil agam fanacht níos faide ar
an tsaol seo, nach bhfuil agam le fáil ach coraí agus braillín mar
éideadh agus uaigh domhain mar áras go lá an Luain? 132 Ach is
é is measa liom go gcaithfidh mé cuntas a thabhairt do mo mháistir,
mo Thiarna, agus mo Dhia mórchumhachtach in mo bheatha
mírialta.
Faraor," a déarfaidh sé, "scairt ar mo chomharsain. Scairt ar
cléireach a scríobhfas mo thiomnú. Scairt ar mo bhean agus ar mo
chlann nó go gcuiridh mé beannacht leobh go síoraí."
Tiocfaidh an sagart le práinn agus rachaidh suas chum na
leapa chuig an duine mífhortúnach seo. Fiafróidh dhe an bhfuil sé
ullmhaithe chun cuntas a thabhairt don Athair Síoraí ina bheatha le
faoisidin ghlan aithríoch a dhéanamh. Freagróidh sé nach bhfuil go
fóill, go raibh dúil aige a leithéid seo gnoithe a chríochnú, a leithéid
seo trioblóid a chur dhe ar tús agus ina dhiaidh sin smaoineamh ar
leas a anama.
Mo thrua, níor smaoinigh sé riamh aroimhe ar an mbás, ach
tchíonn tú anois i láthair é. Sin do bhean agus do chlann ag osnaí
agus ag sileadh deor. Tchíonn tú do thiomnú déanach dá scríobh
agus an sagart le taobh do leapa. Ann i bhfocal tchíonn tú gruaim
agus tursa stampáilte ar gach taobh díot.
Ó nach seo an t-amharc dólásach dobrónach dhon
droch-Chríostaí nár smaoinigh ach go hannamh ar an tsíoraíocht,
nár smaoinigh ach go hannamh
133 ar cuntas a thabhairt ina stíobhardacht, nach ndearna faoisidin
ina pheacaí ach go hannamh le linn a shláinte? "Quid faciam? -
Goidé a dhéanfas mé? Sin mé caillte go síoraí."
Beidh a choinsias dhá phiocadh agus dhá stróiceadh fá na
peacaí nach ndearna faoisidin nó aithreachas ann riamh, agus in áit
pardún dh'fháil ó Rí na Trócaire tríd an dólás a thig ó piantaí an
bháis nó eagla ifrinn, is é a tharraingíonn an duine chun éadóchas
slánaithe agus chun damnú síoraí.
B'fhéidir go ndéarfadh comharsanach leat gur dhuine
macánta Críostach thú. Déarfaidh tusa leat féin nuair a dhearcfas tú
ar do pheacaí de réir a mailíse agus a nádúra gur thuill tú ifreann
síoraí míle uair, go dearna tú peacaí i dtús do shaoil nár fhoilsigh tú
riamh go sea, go dearna tú éagóir ar dhaoine ina gclú nó a maoin
shaolta agus nach dtug tú sásamh dhóibh go fóill.
"Ó a Dhia mórthrócaireach, goidé a dhéanfas mé? Sin
ifreann craosach béalfhoscailte fúm
agus na flaithis dúnta in m'aghaidh mura ndéanaidh mé faoisidin
agus sásamh in gach 134 olc dá ndearna mé. Sin mo chroí briste,
mo ucht dhá réabadh, mo shúile ag leá, gan bimide spáis agam,
agus an tAthair Síoraí do mo thabhairt chun cuntais. Quid faciam?
Goidé a dhéanfas mé?"
Tchíonn sibh leis seo, a Chríostaidheannadh, goidé chomh
éigéillí amaideach is a bhíonn mórán agaibh ag ligean mur leas ar
cairde, ag cur na haithrí ar athlá, agus cuntas mur n-anama go huair
an bháis. Níl bliain dá dtig nach bhfeic sibh le mur súile duine
éigin ag dul chun báis ann i ngearraimsir de spás.
Ar an ábhar sin guím oraibh, a chairde, mur mbeatha a leasú
ar an uair seo i láthair. Ná déanaidh aithris ar an stíobhard fealltach
míchríostach ar a labhrann an soiscéal. Tabhair dhúinn, a Thiarna,
grása mífhortún an bháis síoraí a sheachnadh. Tabhair dhúinn, a
Slánaitheoir Íosa Críosta, grása cuntas díreach a thabhairt inár
ngníomhartha, inár smaointe
agus inár mbriathra ar an tsaol seo, ionas go mb'fhéidir linn do
ghlóir a fheiscint ar an tsaol eile - grása atá mé a iarraidh dhaoibhse
agus dhomh féin. Áiméan.
135 Cum jejunasset 40 diebus et 40 noctibus postea esuriit
(Matha 4:2).
Smaoiníodh gach Críostaí darb onóir leis bheith ina
fhíormhac ag Íosa Críost inniu le móriontas ar an phatrún aithrí
agus sampal troscaidh do leag síos os nár gcomhair Ardrí neimhe
agus talamh ag troscadh daichead lá agus daichead oíche gan bia nó
deoch do chaitheamh. Agus cé nach raibh peacaí air le sásamh nó
cathuithe ar bith le bua dh'fháil air, cinnte ionas go dtaispeánfadh
dhúinn go soiléir ród caol na bhflaitheas ghlac air féin an troscadh
crua fada úd a fhulaingt, lena fhoilsiú dhúinn lena ghníomhartha in
éineacht le a bhriathra, más mian linn pardún dh'fháil inár bpeacaí
nó an bás síoraí a sheachnadh ar an tsaol seo, más mian linn glóir
Dé a fheiscint ar an tsaol eile gurb éigean dhúinn, méad is atá inár
gcumhachta, leanúint ar sampal ár Slánaitheoir le troscadh, le urnaí
agus le déirce.
"Ecce nunc tempus acceptabile etc," a deir Naomh Pól,
"Féachaidh, a Chríostaithe, an aimsir thaitneamhach i láthair.
Féachaidh laethaibh na troscaidh agus na sláinte.
Guím oraibh," a deir sé, "gan an aimsir seo a chaill, gan na grása
seo a ligean fá lár, mar a rinne sibh riamh go fóill," agus faraor mar
a tchím mórán agaibh a dhéanamh ó tháinig an Carghas seo isteach,
ag tabhairt suas a n-ainm agus a gcreideamh amháin do Dhia agus
don Eaglais, 136 a n-anam, a gcroí agus a ngníomhartha don
diabhal agus do na cathuithe, le mionnaí móra, meisce agus
druncaireacht.
Ó a Chríostaithe, guím oraibh aríst gan grása na haimsire
beannaithe seo a chaill. Tabhraidh droimdhiúltú dho na peacaí
mallaithe seo ina bhfuil sibh coirtheach. Stiúraidh mur
ngníomhartha de réir naofacht mur gcreidimh. Do-gheobhaidh sibh
ins an Carghas grása speisialta agus cuidiú láidir ó stóras na
hEaglaise agus idirghuibhe na gCríostaidheanna, óir is deimhin go
ngeallann Críost do bheirt nó thriúr a bhíos comhchruinn ina ainm
go mbeidh sé féin ina measc réidh le gach achainí a dh'iarradar le
haghaidh a slánaithe a thabhairt dhóibh.
Nach féidir linn muinín láidir bheith againn ins an aimsir
naofa seo go bhfaighidh mur gach grása, gach tíolacthaí agus gach
suáilce atá de dhíth orainn nuair atá Críostaidheanna Caitliceacha
an domhain go léir
comhchruinn in ainm Íosa Críost ag sileadh deor ar son a bpeacaí,
sínte ar talamh, ag bualadh a n-ucht le dólás croí, ag déanamh
troscadh agus urnaí, a ndá láimh suas ag iarraidh pardúin ón Athair
Síoraí ar son a bpeacaí féin agus peacaí an tsaoil go léir.
Ionas go mb'fhéidir leis an gCarghas seo bheith agaibh go
léir ina laethaibh slánaithe, luaíochta agus trócaire, taispeánfaidh
mé dhaoibh i ngearrbhriathra goidé mar is cóir dhaoibh an aimsir
seo a chaitheamh. Ar tús is éigean dhaoibh troscadh a dhéanamh;
2: is éigean dhaoibh aithrí a dhéanamh in mur 137 bpeacaí; 3: is
éigean dhaoibh fá dheoidh rún daingean a ghlacadh gan peacú níos
mó. Iarraimist grása an Spioraid Naoimh tríd idirghuí na
Maighdean Muire ag rá, "Ave Maria..."
Tá troscadh an daichead lá seo ó thús na hEaglaise ar bail.
Do thionscail na haspail é, do chleacht a ndeisceabail é agus
thoirbhir ár sinsir anuas dhúinn é gan athrú ar domhan ó thús go dtí
an Carghas seo i láthair.
Do cuireadh ar bun é i gcuimhne throscadh ár Slánaitheora
ins an bhfásach, agus tá sé ina shuí againn
roimh pháis agus aiséirí ár Slánaitheora Íosa Críosta ionas go
gcuimhneoimist rúndhiamhair báis ár dTiarna agus go gcaoinfimist
ár bpeacaí, cionsiocair piantaí, piolóide agus báis dó, le go
mb'fhéidir linn tríd a mhórghrása aiséirí a dhéanamh ó bhás inár
bpeacaigh go beatha na ngrása.
Is deimhin, a Chríostaithe, nach bhfuil meán ar bith is fearr
le trócaire Dé a tharraingt anuas ar an bpeacach nó troscadh agus
urnaí. Ardaíonn sé, mar a deir an Eaglais, an t-anam chun Dé,
lasann tinidh an charántais ins an croí agus méadaíonn dólás naofa
ins an intinn. Is sórt éiric a bhaineas an duine as féin le sásamh a
thabhairt in gach ainmheasarthacht dá ndearna a cholainn, óir ag
138 diúltú dhi an bheatha choitianta do-bheir mur peannaiste
dhonár gcorp agus nár gcéadfaí ar son gach peacadh dá ndearna
mur le craos agus ainréim na colla.
Ach cibé duine nár mian leis cosc a chur air féin ó iomarca
bia nó dí ins an aimsir seo, nó nach smachtaíonn an cholainn
chraosach mhadrúil a bhí ina ócáid peacaidh agus damnú síoraí
aige go minic,
is baolach dhó go bhfaighidh sé sciúirse ón tSlánaitheoir nach féidir
a fhoilsiú nó a mhíniú.
Tá sé deimhin go bhfuil crá agus greadadh le fáil ó lámh Dé
ag an mhuintir a spárálas iad féin ó throscadh, ó urnaí, ó dhéirce ar
an tsaol seo.
Táim admhálach nach bhfuil duine ar bith óna nádúra féin
ábalta ar cathuithe an diabhail agus ainmhian na colainne a smachtú
agus go speisialta peacach bocht ar bith dá bhfuair siad impireacht
ar a chéadfaí le taithí na lochta agus cleachtadh na bpeacaí. Agus is
é seo an t-am go díreach is gnách leis an namhaid allta úd clann
Íosa Críost a tharraingt isteach chun a líontaí mallaithe ag rá leobh
lá agus oíche sampal Chríost a sheachnadh agus dlí bheannaithe na
hEaglais a bhriseadh.
Cuirfidh an t-ainspiorad mallaithe úd in amhail dhuit nach
bhfuil troscadh tairbheach agat, nach bhfuil peacadh ar bith ina
bhriseadh 139 agus más peacadh féin é go dtabharfaidh Dia
pardún dhuit gan mhoill ann. Déarfaidh leat nach bhfuil sé ar do
shon, nach bhfuil ach daoine
bocht lag cráifeacha a chuirfeadh aird air. Fá dheoidh cuirfidh an
scriosadóir marfach agus tíogar craosach in amhail dhuit nach
bhfuil go háirid troscadh ar bith ar dheoch nó bhiotáilte, ionas go
mb'fhéidir leis do tharraingt go duibheagán an uile locht, mar atá
peacadh marfach na druncaireacht.
Ó a Chríostaithe, nach bhfeic sibh go follasach
mealltaireacht an diabhail, namhaid mur n-anama anseo. Ó nach
scairtfidh sibh in am ar Íosa Críost chun cuidiú libh bua dh'fháil
oraibh féin agus ar an áibhirseoir? Nach leanfaidh sibh ar sampal
mur Slánaitheoir a thug diúltú do chathuithe? Nach ndéanfaidh
sibh an troscadh le sásamh a thabhairt do Dhia in mur bpeacaí.
Cinnte is díomhaoin dhaoibh troscadh a dhéanamh, a
Chríostaithe, nó coinneáil ó ithe feola mura bhfuil rún daingean
agaibh faoistin agus aithreachas fírinneach a dhéanamh in mur
bpeacaí ionas go mb'fhéidir libh fearg Dé a mhaolú agus síocháinte
shíoraí a dhéanamh leis uaidh seo suas. For ní bhfuil duine ar bith
dá raibh de mhífhortún grása an Spioraid Naoimh a chaill le
peacadh marfach, nach bhfuil d'fhiacha air aithreachas a dhéanamh
ar feadh a shaoil. Maise má tá an
aithrí riachtanasach gach uile am, ní raibh riamh 140 níos tairbhí
ag an bpeacach nó in aimsir an Charghais agus troscaidh.
For is aimsir í seo atá naofa ar mhodh speisialta. Is aimsir í
dá bhfuil Íosa Críost lán trócaire réidh le an uile shórt beannachta
agus grása a dhortadh anuas ar gach duine a leanas ar a shampal
naofa. Is aimsir í ann i bhfocal dá bhfuil na sagairt ar na haltóracha
agus Críostaidheanna Caitliceacha ar feadh an domhain
comhchruinn in aon achainí amháin ag gárthach agus ag scairtigh
ar an Athair Síoraí dh'iarraidh pardúin do lucht na haithrí agus a
gcroí thiontú óna lochta - derelinquat impius viam suam etc.
"Ó níl duine ar bith ar an domhan dhá mhéad a pheacaí, má
thiontaíonn orm anois agus cúl a thabhairt dhon
drochsmaointeamh, nach dtabharfaidh mé pardún dhó." Tá Íosa
Críost féin ag fearailt ins an am seo arm cosanta oraibh, mar atá
claíomh na haithrí le namhaid mur n-anama a choscairt.
Agus dar ndóigh nach ndiúltaíonn duine ar bith dá bhfuil
anseo beirint uirthi agus troid
go crómhar in aghaidh an tsaoil, an diabhail agus an cholainn, nó má
dhiúltaíonn is duine caillte é go síoraí.
Má tá, deirim libh aríst, a Chríostaithe, nach bhfuil tairbhe
ins an troscadh, nach bhfuil tairbhe ins an aithrí mura bhfuil rún
daingean agaibh na 141 peacaí a sheachnadh uaidh seo suas.
"Goidé an mhaith," a deir Naomh Auguistín, "bheith ag diúltú bia
dho do cholainn tráth a bhíonn tú ag beathú do anama le na
peacaí?" Goidé an tairbhe bheith ag déanamh troscaidh nó déirce i
láthair daoine má bhíonn an t-anam i láthair Dé lán cneácha le
fearg, le bród, le saint nó drúis? Goidé an mhaith dhuit gan ithe ach
aon chinn amháin bia má chaitheann tú an chuid is mó den lá agus
den oíche le druncaireacht nó mionnaí móra, le striapachas nó
gadaíocht?
Cá mhéad duine i measc an phobail seo, faraor, ó tháinig an
Carghas déanach seo isteach, in áit troscadh naofa a dhéanamh a
bhí mar bheithígh bhrúidiúil, ina luí gan mhothú i múilleog na
meisce, in áit urnaí nó trócaire Dé dh'iarraidh, a bhí ag tligean a
maoin shaolta ina gcraos féin agus anamaibh i gcraos agus i mbéal
an diabhail le mionnaí móra agus blaisféim, in áit faoisidin nó
aithreachas
a dhéanamh ina bpeacaí, a bhí ag méadú agus ag dúblú a bpeacaí
agus a lochta le scannal do Dhia agus don comharsain?
Nach bhfuil sé follasach go bhfuil an drong mallaithe seo
ina namhaid aige Dia agus gurb é ifreann a bheas mar lóistín agus
diabhail mar chuideachta acu go síoraí, má gheibh bás ar an staid
seo?
Ó a Chríostaidheanna, nach seachnóidh sibh cuideachta
agus sampal an dream tubaisteach úd. Tá agaibh 142 sampal Íosa
Críost, sampal na n-aithreacha naofa agus na naomh Críostaí a bhí i
dtús na hEaglaise. Is éigean dhaoibh, más mian libh an ghlóir
shíoraí dh'fháil ag uair mur mbáis, leanúint orthu. Is éigean
dhaoibh ní hé amháin troscadh ó iomarca bia nó dí ach fós troscadh
le mur gcroí, mur n-anam agus mar n-intinn. Is cóir dhaoibh
troscadh le mur súile, le mur gcluasa, le mur dteangaidh agus le
mur lámha agus le mur gcroí go hiomlán. Mar a deir St. Bernard,
"Troiscidh tú le do shúile ag seachnadh an uile shórt féachaint
mhailíseach pheacach. Troiscidh tú le do chluasa ag diúltú
éisteacht le cúlchaint nó drochaithne
do chomharsan. Troiscidh tú le do theangaidh le tabhairt suas do
mhionnaí, do bhréaga agus do mhallachtaí." Troiscidh tú ann i
bhfocal le do chéadfaí agus do chroí go hiomlán le droim a
thabhairt don uile shórt peacaí, le smaoineamh, le briathra, le
gníomh nó le faillí.
Seo, a Chríostaithe, an troscadh fírinneach. Seo an troscadh
spriodálta. Seo an troscadh atá riachtanasach ag an uile dhuine dár
mian leis an Carghas dhul i dtairbhe dhó, nó a anam féin a shlánú.
Ar an ábhar sin, a chairde, guím oraibh go léir in ainm 143 Íosa
Críost inniu tiontú ar an lá beannaithe seo ó na peacaí agus na
suáilce a thaithí.
Tá a lán i mur measc b'fhéidir nach bhfeic an dara Carghas
ar an tsaol seo. Mar sin imígí in uaigneas libh féin maidin agus
tráthnóna, Domhnach agus lá saoire. Guidh Dia go dúthrachtach
mur bpeacaí a mhaitheamh dhaoibh, agus iarraidh grása air gan
pilleadh orthu níos mó. Déanaidh faoisidin iontu gan mhoill agus
gheobhaidh sibh pardún ar an tsaol seo agus glóir sa tsaol
eile - ní atá mé dh'iarraidh dhaoibhse agus dhomh féin. Áiméan.
144 Ecce princeps unus accessit et adorabat eum dicens, "Filia
mea..."
Do tháinig uachtarán an sionagóg le adhradh agus onóir
chum an tSlánaitheora ag rá, "A Thiarna, fuair mo níon bás. Má tá,
tar thusa agus leag do lámh uirthi agus beidh sí beo - Domine filia
mea modo defuncta est sed veni impone manum tuam super eam et
vivet." Do tháinig sé le reverence. Rinne sé adhradh dhó le onóir.
D'iarr sé a achainí le umhlaíocht, agus fuair sé toradh ón
tSlánaitheoir ar gach ní a d'iarr sé.
Mar sin, a chairde, tá ullmhú áirithe riachtanach chum go
mbeadh ár n-urnaí tairbheach. Tá coinníolladh áirithe úsáideach
chum go bhfaighe sinn éisteacht ó Dhia agus toradh inár n-achainí.
Nuair a théid sinn chum urnaí bíonn mur i láthair Dé lán
dealramh agus maise, Cruthaitheoir na huile ní, do bhíonn na
flaithis agus an talamh ar crith ina láthair. Goidé an grá, goidé an
onóir, goidé an umhlaíocht nár chóir dhúinn ár n-anam a líonadh
leis, ag dul i gcionn achainí dh'iarraidh ar an Dia
mórchumhachtach seo.
Nuair a théid sinn i láthair prionsa talmhaí 145 níl
coispeán dá dtabharfaidh muinn, nó focal dá labharfaidh muinn
nach gcuirfidh mur in ordú. Má théid sinn i gcionn achainí a
iarraidh air, scríobhann ár petition le umhlaíocht ins na briathra is
bríomhaire agus is taitneamhaí dár féidir le ár gciall agus ár dtuigse
mheabhrú. Cé goidé atá ann ach duine de réir ár nádúra agus ár
laige féin. Tá beagán beag os ár gcionn ann i gcéim shaolta. Agus
fós goidé atá mur dh'iarraidh air ach caradas nó cuidiú beag saolta
a ardós sinn i láthair daoine, má tá nach ndéan sinn unsa níos fearr
nó níos measúla i bhfianaise Dé.
Mar sin, a chairde, más mian linn Dia éisteacht le ár n-urnaí
nó ár n-achainí, tosaímist agus críochnaímist í le umhlaíocht ar an
modh gcéanna. Mar seo ardóidh sinn ár n-intinn os cionn nithibh
neamhbuana an tsaoil seo, agus gluaisfidh mur i bhfianaise Íosa
Críost a bheireas dhúinn go frialta líonmhar fonnmhar gach ní a iarr
mur chum sochair do ár n-anam chum na beatha
síoraí a ghnóthú.
Roimh d'urnaí, smaoinigh bimide nó dhó féachaint an bhfuil
do achainí dlisteanach, agus má tá iarr í le umhlaíocht agus le
dóchas de bhrí go bhfuil an dá shuáilce seo riachtanasach chum go
n-éistfeadh Dia leat. Ar tús tá an umhlaíocht róriachtanasach de
bhrí nachar thuill sinn ní ar bith dh'fháil 146 ó Dhia riamh ach
piantaí síoraí ifrinn ar son gach tréas dá dearna muid ina aghaidh le
peacaí marfacha, agus mar sin nárbh ionadh Dia gan éisteacht le ár
n-urnaí nó ár n-achainí. Tá sé fós riachtanasach dóchas bheith
againn de bhrí nach féidir linn ní ar bith a fháil ó Dhia gan muinín
agus dúil bheith againn as a mhórmhaitheas agus a thrócaire.
Tráth a chuaigh ár Slánaitheoir le prionsa an sionagóg le
míorúilte a dhéanamh, chas bean ar an mbealach air dá raibh sruth
fola uirthi le dhá bhliain déag, agus chuimil sí í féin dena chuid
éadaigh ar thaobh a chúil agus do thug Críosta luach saothair di ar
son a creidimh agus a humhlaíochta ar modh gur shlánaigh sé í ón
uair sin amach.
Is sampal fírinneach an bhean seo ar peacaigh
chruamhuineálacha an tsaoil, agus bheir sí teagas dhúinn ar an
modh dár féidir linn grása Dé a fháil ar aist tráth a chailleas sinn é
le na lochta.
Tar éis an bhean bhocht seo a substaint agus a maoin shaolta
a chaitheamh ar leigheastracha agus dochtúirí, bhí a costas gan
tairbhe agus a haicíd gan leigheas. Mar an gcéanna, is
neamhthairbheach dhon bpeacach leigheas a iarraidh ar chneácha a
anama le maoin shaolta, de bhrí 147 gurb é Dia féin amháin a
bheir dhúinn an balsam beannaithe, grása na haithrí, a chneasaíos
gach lot agus gach cneá a bhíos ar an anam.
Níor lig a náire dhi theacht os coinne Íosa ár Slánaitheoir.
Do chuaigh sí i bhfolach ins an phobal. Ní mó gur lig teagmháil di
baint lena chuid éadaigh. Ó féach goidé an umhlaíocht! Cinnte
neartaigh sí í féin le dóchas dá gcuimleodh sí í féin dena chuid
éadaigh go mbeadh sí slán, agus dá bhrí sin bhain sí claíomh an
díoltais as lámh fhíorcheart Dé agus thiontaigh sí é chum trócaire a
dhéanamh uirthi.
Ó a Shlánaitheoir Íosa Críost, cá mhéad bliain atá m'anamsa
i dtinneas marfach an pheacaidh agus nár iarr mé leigheas ach ar
créatúr líonta de chneácha mar atá mé féin, agus a bhí faraor ina n-
ócáid damnú síoraí ag m'anam go minic.
Is tú féin, a Dhia na huile chumhachta, a scaoilfeas mé ón
chuibhreach atá ar m'anam. Agus ar son go bhfuil náire orm nuair
a dhearcaim ar méid mo pheacaí agus gach tréas dá ndearna mé in
d'aghaidh. Cinnte nuair a smaoiním ar méid do thrócaire agus nach
mian leat bás an pheacaigh nó a dhamnú síoraí, agus nach
dtabhrann tú tarcaisne go brách don croí a thiontaíos ort 148 le
dólas agus tursa.
Tiontaím ort, a Thiarna, le mo chroí go hiomlán. Tá dólás
orm ar son gach peacadh dá ndearna mé riamh in d'aghaidh. Tá
súil agam le cúnamh do naomhghrása gan scarúint leat go brách. Is
fearr liom bás dh'fháil nó do fhearg a thuilleamh uaidh seo suas.
Do lean ár Slánaitheoir prionsa an sionagóg agus tráth a
tháinig chum an tí
d'ordaigh sé dho na daoine dhul amach for, "Ní bhfuair an cailín
bás ach tá sí ina codladh - Recedite non est mortua puella sed
dormit et diridebant eum (Matha 9)." Níor thuig siad ár Slánaitheoir
agus bhí siad ag scig agus ag magadh faoi.
Ó a Dhia mórthrócaireach, goidé dhá liacht uair is a
tharlaíos an ní céanna i measc Críostaidheannadh na haimsire seo!
Goidé chomh díreach is a leanann siad ar shampal mallaithe na
gcinnGhiúdaigh seo ag magadh ar na suáilce nach mian leobhtha a
thaithí! Má bhíonn duine umhal foighdeach, déarfar gur cladhaire
bocht é. Má bhíonn duine fírinneach Críostach déarfar gur
simpleacán gan chéill é. Má bheir duine pardún ins an olc a
ghníthear air déarfar gur duine critheaglach é.
Má tá ní féidir decree na bhflaitheas 149 a athrach le intinn
an tsaoil seo, agus cibé a bhéarfas drochmheas do aitheanta Dé
caithfidh sé aithreachas a dhéanamh anseo nó éisteacht le na
briathra tursacha úd, "Discedite maledicti etc - Bígí ar siúl, a
chlann na mallacht, go tinidh shíoraí ifrinn."
Nuair a chuir sé na daoine amach, chuaigh sé
isteach agus bheir greim láimhe ar an chailín agus d'éirigh sí suas
beo - et cum ejecta esset turba etc.
Ar an modh gcéanna más mian libh aiséirí a dhéanamh ó
bhás an pheacaigh go beatha na ngrása, caithfidh sibh slua agus
smaointe an tsaoil a dhíbirt in éineacht le na cathuithe as mur gcroí
agus lóistín uaigneach a thabhairt do ghrása Dé in mur n-anamaibh.
Ó a Shlánaitheoir Íosa Críost, cá le haghaidh a chruthaigh tú
mé, le haghaidh an tsaoil seo nó le haghaidh na bhflaitheas? Más le
haghaidh an tsaoil seo ag leanúint anchlaontaí na colainne le fearg,
barbarthacht, drúisiúlacht, gadaíocht, mailís agus leisce. Má tá,
más le haghaidh na bhflaitheas a chruthaigh tú mé, mar is deimhin
gurb é ordaíos dhomh bheith umhal, rialta, geanmnaí, carántnach,
cráifeach, admhaím le náire agus confusion domh féin go raibh mé
riamh go sea ar seachrán ó chasán mo shábhála.
Agus ar an ábhar sin iarraim ort, a Thiarna agus a Shlánaitheoir,
grása le umhlaíocht, mo shoilsiú agus mo threorú ród mo shlánaithe
ar an tsaol seo agus beidh dóchas agam go bhfaighidh mé tríd do
mhórthrócaire ríochta na glóire ar an tsaol eile.
Áiméan.
150 On Sexagesima Sunday
Semen est verbum Dei (Luke 8).
Is é an síol briathra Dé.
Ní féidir le duine eolas bheith aige ar luach agus maitheas an
tsaoil ar a labhrann an soiscéal mar a bhfuil briathra, grása agus fuil
Íosa Críost gan líonadh le tursa ar an méad a chailltear den tsaol
mórluaíoch seo. Goidé is ciall go bhfuil trí pháirt gan tortha? Nach
dobrónach an scéal é? Is é stobrantas an talaimh agus mícharántas
chroí na ndaoine is ócáid dhó - perditio tua ex te.
Nach bhfuil sé follasach dá saothródh sinn an talamh, dá
dtógfadh ar siúl na clocha, dá rútálfadh na draighne, go mbeadh
againn fómhar iondúil? Ach faraor mar ghní mur faillí chum ár
gcroí a ullmhú agus ár n-anamaibh a spreagadh leis na grása, tá an
síol gan tairbhe gan tortha. Is é sin tá briathra Dé ní hé amháin
neamhthairbheach ach fós chum damnú síoraí agaibh - thesaurisas
tibi iram in
diem irae.
Ar an ábhar sin níl fáth casaoide againn ar laghad na ngrása;
ach tá ócáid armála againn orainn féin nár fhreastail na 151 grása,
nár leasaigh páirc ár n-anama.
An féidir go mbeadh dúil ag duine leis an ní is fearr agus is
mórluaíche ar an domhan gan oibriú ar a shon? An féidir a rá go
mbeidh dúil ag duine le grása Dé agus le ríocht na bhflaitheas nach
n-éisteann, nach n-umhlaíonn don Spiorad Naomh? Is ar an ábhar
sin is mian liom solas beag a thabhairt dhaoibh ar an oibleagáid atá
orainn gach ní a dhíbirt as ár gcroí a bhacas le briathra Dé, an síol
móronóireach, tortha iondúil a thabhairt inár n-anam.
Cé gur peacach mór mé féin, a Chríostaidheannadh, agus
nach bhfuil dúil agam ach tríd ghrása Dé mé féin nó sibhse a shlánú
ag foilsiú toil an Athar Síoraí dhaoibh agus le plandáil síol na
ngrása in mur n-anam. Cé go bhfoilseodh an seanmóntaí is mírialta
ar an domhan dhaoibh an aithrí agus an umhlaíocht, tá de fhiacha
oraibh éisteacht leis amhail is gurb aspal nó Íosa Críost féin a bhí
ag caint libh. Faraor
tá na peacaí róchoitianta, na cathuithe róneartmhar le go mbeadh
dúil againn go dtabharfadh Dia sagairt naofa bheannaithe go leor
don Eaglais ag a mbeadh croí glan saor ón uile pheacadh agus ó
chlaontacht nádúrtha, ag a mbeadh teanga mar chlaíomh an dá
faobhar ag gearrú ar gach taobh nó ag lasadh mar thóirsí soilseacha
croí gach duine a d'éistfeadh leobh.
152 Maise in aimhdheoin mo choirthese, bheirim aghaidh ar
bhriathra Dé agus parabal an tsoiscéil a mhíniú dhaoibh.
Tuigthear leis an tsíol úd a cuireadh ar an ród mhór, an
mhuintir a éisteann le briathra Dé agus nach dtuigeann nó nach
dtabhrann aire ar bith dhó, agus mar nár cuireadh folach air agus
fágadh ar uachtar an tallamh é. Níorbh ionadh go dtáinig na
héanlaith, is é sin na hainspriodaibh, agus thóg ar siúl gan mhoill é.
Cuireann St. Séamas i gcosúlacht iad le duine a dhearcfadh air féin
ann i ngloine agus a dhearmadfadh gan mhoill goidé an deilbh a bhí
air. Is gloine fírinneach briathar Dé, agus an té nach smaoiníonn air
ach go héadrom bíonn sé neamhthairbheach
aige.
Tuigthear leis an cuid den tsíol a thit i measc carraigeacha,
an mhuintir a éisteas le briathra Dé, a thuigeas agus a ghlacas iad
go lúcháireach, mar do ghlac na cinnGhiúdaigh, de réir mar a deir
an Slánaitheoir, lúcháir ar feadh gearraimsir i mbriathra Dé ag
éisteacht leis an dealramh a thug Eoin Baiste dhóibh. Do
chreideadar in Íosa Críost ag féachaint ar na mórmhíorúilte do
rinne sé. Má tá, chomh luath agus a tháinig géarleanúint orthu,
chailleadar na grása, sceith síol mhóraithrí Dé as a gcroí mar nach
raibh rúta daingean an charántais aige.
153 Tuigthear leis an cuid eile den tsíol a thit i measc
draighneán, an mhuintir a éisteas, a chumhdaíos agus a ghrás
briathra Dé. Má tá, fásann trioblóid an tsaoil agus cathuithe an
tsaibhris ar modh go bplúchann an síol agus nach dtabhrann tortha
ar bith chum na beatha shíoraí, mar nach raibh siad fuireachair ag
gortghlanadh na bhfothannán, is é sin ag smachtú na n-anchlaonta
agus ag díbirt na gcathuithe, fuaireadar bua agus seilbh in áit
bhriathra Dé ins an croí.
Níl duine ar bith ag a mbeadh grá ar a shlánú
nach smaoineodh go dúthrachtach agus nach líonfadh le heagal ag
cluinstin na mbriathra seo. B'fhurast do na héanlaith an síol úd a
thógáil nach raibh faoi fhód. Agus níorbh ionadh gur thóg an
diabhal ar siúl briathar Dé as croí na muintir nár chuala é ach go
hannamh, nár éist leis ach go fuar fuinneamhach. Níorbh ionadh dá
leagfadh séideog gaoithe teach a thógfaí ar bhanc gainnimh. Agus
ar an modh gcéanna ní hionadh liom duine dearmad a dhéanamh do
dhlí Dé atá amuigh as teampall Chríosta, atá tórtha don uile shórt
peacaidh, atá dlúthcheangailte ins na lochta riamh ó rugadh é.
Ach faraor is mór a éisteas liom, agus is ábhar eagla agus
uafáis dhaoibhse agus dhomhsa go bhfuil síol bhriathra Dé a chluin
mur go 154 minic, do ghlac mur go lúcháireach, a chuir rúta
domhain inár n-anam dhá thógáil ar siúl uainn, dhá phlúchadh le
fothannán agus dreasógaí an tsaoil seo ar modh nach bhfuil tortha
na beatha shíoraí le fáil againn as. Agus sin uile tríd buaireamh an
tsaoil, cathuithe an tsaibhris agus phléisiúr salach na
colainne.
Labhrann Íosa Críost go speisialta ar lucht an tsaibhris agus
taispeánann goidé chomh dócúlach agus annamh is atá sábháil le
fáil acu. "Mallacht oraibhse, a dhrong na sainte agus an tsaibhris,
de bhrí go bhfuair sibh compord ar an tsaol seo - recipisti bona in
vita tua." Deir sé linn go ndamnaíthear lucht an tsaibhris, ní ar son
a bheith ina ndruncairí nó blasphemers, ina dtíoránaigh, ina lucht
striapachais agus éagóra ar na bochtaibh, ach fós mar fuair siad
sásamh, compord agus ollmhaitheas ar an tsaol seo le go
dhearmadaigh siad Dia agus gur dhíbir siad a dhlí as a gcuimhne.
Fiafraím dhíbh goidé is cóir don drong seo a dhéanamh
ionas go seachnódh siad an breithiúnas uafásach critheaglach úd a
beir an tAthair Síoraí ina n-aghaidh. Deir na haithreacha naofa
nach bhfuil meán ar bith is fearr le breithiúnas Dé a athrú, an 155
damnú síoraí a sheachnadh nó gan do chroí a thabhairt don
tsaibhreas - divitiae si affluant nolite cor apponere - gan dóchas
bheith agat in do shaibhreas, agus bheith déirceach le bochtaibh.
Dúirt Naomh Pól le Tiomóid comhairle a thabhairt ar lucht an
tsaibhris gan bheith bródúil as ór nó airgead neamhbhuan an tsaoil,
ach saibhreas síoraí a dhéanamh dona n-anamaibh, le bia a
thabhairt don mbochtán ar a bhfuil ocras, éadach a chur ar an té atá
nochtaithe, agus mar sin stóras a dhéanamh den tsaibhreas a thug
Dia dhóbhtha le haghaidh na síoraíocht.
Is cosúil le tinidh briathra Dé a théas agus a lasas croí an té a
éisteas leis, a ullmhaíos é chun gach uile shórt maithis. Cibé stát nó
staid dá mbeidh duine ann, ní féidir le focal Dé bheith
neamhthairbheach aige. Dá mbeifeá marbh leis an bpeacadh, éist le
glór Aonmhic Dé agus beidh tú beo. Dá mbeadh do chroí fuar
sioctha, leáfaidh focal Dé thú mar oighreog os coinne na gréine de
bhrí gur tinidh spride agus beois iad. Dá mbeifeá i ndorchadas agus
in ainbhfios, bhéarfaidh briathra Dé solas agus eolas dhuit. Dá
mbeadh namhaid an domhain i do thimpeall gheobhaidh tú bua, nó
má 156 loitear thú leigheasfaidh briathra Dé thú. Ann i
bhfocal, níl maitheas le fáil nach bhfaighidh tú má chumhdaíonn tú
focal Dé.
Tchíonn sibh anois, a Chríostaidheannadh, nach féidir le
duine ar bith an iomad cúraim bheith aige ar bhriathra Dé.
Smaoinígí agus cuimhnígí ar bhriathra Dé. Is é an moladh is fearr a
bheir an soiscéal ar an Maighdean Ghlórmhar gur chumhdaigh sí
ina croí gach focal dár dhúirt Dia. Oibrígí ar an ábhar sin le gach
uile ní atá in aghaidh briathra Dé a dhíbirt as mur n-anam agus mur
n-intinn. Nígí le deora na haithrí agus le dea-ghníomhartha, mar a
bhfuil déirce, urnaí agus troscadh, gach tréas dá ndearna sibh riamh
in aghaidh dlí agus ordú mur Slánaitheora Íosa Críosta.
Ó a Thiarna, ó is é do ghrása féin amháin a bheireas dúinn
na tortha atá tú dh'iarraidh orainn. Díbir as nár gcroí gach uile ní
saolta a bhacas linn do aitheanta a chomhlíonadh agus ár n-anam a
shlánadh. Ná lig do shoilse bhréige an tsaibhris nár ndalladh.
Gortghlanaidh, díbir na dreasógaí mallaithe a phlúchas do bhriathra
157 beannaithe agus a bhacas leobh rúta daingean a chur inár
n-anamaibh. Leasaigh, a Shlánaitheoir Íosa Críost, páirc ár
n-anama. Gan do chuidiú níl ionainn ach talamh neamhthorthúil
neamhthairbheach. Doirt anuas drúcht do ghrása inár gcroí ionas
go mb'fhéidir linn tortha na síoraíocht bheith againn ar uair ár
mbáis. Áiméan.
158 2nd Sunday of Advent
Beatus qui non fuerit scandalatus in me (Matha 11).
Is beannaithe an té nach nglacann scannal nó ócáid peacaidh ar
mo shonsa.
Do ghlac deisceabail Eoin Baiste scannal as an bheatha
choitianta do lean Íosa Críost. Níor mhian leobh é bia nó deoch do
chaitheamh. Níor mhór leobh é bheith folaite le craiceann camail
mar a bhí a máistir. Agus mar nár thuig siad brí na suáilce
fírinneach, níor mhór leobh é beatha róchrua a leanúint. Agus dá
dhroim sin, ghlac éad iad le deisceabail Chríost agus dúirt nach
ndearna troscadh mar iadsan.
Ghlac na cinnGhiúdaigh scannal mar nach dtáinig an Rí
Glórmhar chucu de réir a gcroí uaibhreach féin, le soilse agus
dealramh saolta, le tréan lámha agus cumhachta airm chum go
scaoilfeadh sé iad ó sclábhaíocht na Rómhánaigh.
Do ghlac an mhuintir dár oscail dealramh a
naofachta agus a mhíorúilte a súile scannal tráth a chonaic siad
Críost ag fáil bháis tarcaisneach 159 i gcrann na croiche agus is é
seo a bheir ar Naomh Pól a rá gur scannal an chroich do na
cinnGhiúdaigh, gur díchiall í do na gintlithe - Judeis scandalum...
In aimhdheoin gach móronóir a fuair ár Slánaitheoir le an
aiséirí glórmhar ón mbás, in aimhdheoin gach mórchumhachta a
fuair sé ar neamh agus ar talamh mar luach saothair don íobairt a
rinne sé lena chorp naofa, tá cinnte simplíocht an tsoiscéil agus
cruatanas na fírinne, a deir sé, ina ócáid peacaidh agus scannail ag
Críostaidheannadh na haimsire seo, ar modh go ndeir siad lena
ngníomhartha na briathra céanna a dúirt Iób tríd bhéal na bpeacaí,
"Bí ar shiúl uainn, ní mian linn eolas dh'fháil ort - recede a nobis
scientiam viarum tuarum nolumus."
Mo thrua an saol ag a bhfuil Críost ina charraig tuisle mar
nach mian leobh umhlaíocht a dhéanamh dhó. Mo thrua an saol a
bheir scannal don Slánaitheoir i bpearsa na comharsan.
Seo an dá scannal atá do-scartha óna chéile agus atá ina ócáid agus
údar damnaithe ag gach anam a chailltear go síoraí. "Ave Maria..."
160 Ní féidir le Íosa Críost bheith neamhthairbheach dhon duine,
dhéanfaidh sé maith nó olc dó. "An té," a deir sé, "nach bhfuil ar
mo thaobhsa, tá sé i m'aghaidh. An té nach gcnuasaíonn liomsa,
scabann sé. Qui non collegit mecum spargit." Mura bhfuil Críost
ina charaid, tá sé ina namhaid againn. Tá fírinne a bhéil le seirbhís
nó díobháil dhúinn, leasfaidh nó loitfidh, sábhálfaidh nó damnóidh
sinn. Tá Críost ár Slánaitheoir, a deirim, ina charraig choitianta ag
na fíréin agus ag na peacaigh. Tá sé ina chloch bhoinn ag na fíréin
a iompraíos, a cheanglaíos agus a neartaíos iad ins na grása. Tá sé
ina scrioscharraig ag na peacaigh a bhriseas agus a réabas
anamaibh go síoraí. Tá cinnte ina údar slánaithe nó ina ócáid
damnaithe ag an duine. Slánaíthear sinn tríd thrócaire Dé agus
damnaíthear sinn tríd ár bpeacaí féin.
"Tá an leanbán
seo," mar a dúirt an duine ársa naofa Simeon tráth a bhí sé idir a
lámha ins an teampall, "le scrios agus aiséirí do mhórán." Tá sé
chum aiséirí ghlórmhar ag an drong glanchroíoch a umhlaíos dó le
grá air féin agus a dhlí bheannaithe, atá umhal moiglí ó chroí, a
ghní maith in aghaidh 161 an oilc, a ghuíos ar a namhaid agus a
bheireas pardún dhóibh, a chaoineas a bpeacaí féin agus peacaí an
tsaoil go léir, a admhaíos iad i ngleann na ndeor, a chruthaíos gur
Críostaidheannadh iad lena ngníomhartha mar a chruthaíonn an
Slánaitheoir gurb é féin an Messias a gealladh dhon domhan ón
tsíoraíocht anall.
Má tá, cé dó a bhfuil Críost ina charraig scrios, ina ócáid
peacaidh agus damnú síoraí? An bhfuil riachtanas agam trácht ar
an drong díchreidmheach, atá dhá mbreith thart mar choscairt na
habhna le gach séideog ghaoithe, ganfhios cá bhfuil creideamh ar
bith siúrálta ina bhfuil sábháil le fáil?
Bíonn an dream tubaisteach seo, in áit umhlaíocht do
shampal Chríost, in áit
umhlaíocht don creideamh fírinneach do theagas sé, in áit a dtuigse
a chur faoi stiúraíocht an Spioraid Naoimh, ag éirí suas mar
philosophers amaideacha nó mar chunsailéirí mallaithe, ag cur
seisiúin ina shuí ar dhlí bheannaithe Dé, agus ag tligean Ardrí an
domhain ag barra a n-intinn éigéillí.
Ó a dhrong mhallaithe mhífhortúnaigh, nach n-admhaíonn
an creideamh fíor a d'fhoilsigh an fáidh i bhfad roimh an am, 162
do chóineartaigh na haspail le míorúilte agus le dortadh an braon
déanach dá gcuid fola in éineacht le na mílte mairtírigh. Má tá, is
compord liom nach bhfuil ach fíorbheagán amadán nó daoine mire
den tsórt seo le fáil in mur meascsa.
Ná smaoinidh ar a shon sin, a chairde, go bhfuil sibh saor ó
scannal nó ó peacaí in aghaidh mur Slánaitheora Íosa Críost, nuair
nach séanann sibh é mar chinnGhiúdaigh, nó nach ndíolann sibh é
mar Iúdás, agus go n-admhaíonn sibh é mar Chruthaitheoir agus
mar Shlánaitheoir. Goidé is brí dhaoibh Críost a admháil ó bhéal
agus a shéanadh ó chroí? Cá mhéad duine i mur measc nach bhfuil
a athrú comhartha Críostaí air ach go dtáinig sé go fuar falsa
spadánta chum an aifrinn? Nach dtéid chum scaraimint aon uair
amháin sa bliain go neamhullmhaithe neamhchráifeach, agus dá
bhfuil a ghníomhartha níos measa nó Turcach nó págánach?
Tá faraor mórán agaibh ag a bhfuil croí uaibhreach faoi
scáile geanmnaíocht, teangaidh 163 bhréagach, súile santacha,
lámha salacha, ag déanamh adhradh bhréagach don Dia fíor.
Foscailidh mur súile, a pheacaigh, le go bhfeice sibh in am an
charraig chrua, an namhaid naofa neartmhar atá i mur n-aghaidh
tráth a bhíonn ag déanamh adhradh don tsaol agus dia bréagach do
mur substaint.
Is deimhin nach féidir bua dh'fháil ar Chríost, nach féidir
libh bascadh nó angadh a bhaint as fírinne a bhéil mura n-admhaí
sibh é le mur ngníomhartha in éineacht le mur mbriathra. Tchím
faraor go bhfuil mur n-intinn agus mur dtuigse chomh dall
sin le méad na bpeacaí ar modh nach léir daoibh agus nach
mothaíonn sibh na crumhóga marfacha atá ar mur n-anamaibh nó
go músclóidh tromualach na fírinne ag teacht anuas ó ard na
bhflaitheas ó bhéal Chríost sibh ag uair mur mbáis - qui ceciderit
super lapidem istum confringetur.
Dara pointe
Tá sé fós dh'ualach ar gach Críostaí dea-shampal a thabhairt
dona chomharsain le Dia a mholadh agus grá ár gcomhchréatúir
164 a neartú inár gcroí. Agus dá dhroim sin d'ordaigh Peadar
príomhcheann na n-aspal, ag leanúint ar a mháistir Críost don duine
dea-oibreacha a dhéanamh go soiléir i láthair daoine chum glóir
agus moladh don Athair Síoraí atá ins na flaithis agus chum eiricigh
agus págánaigh a tharraingt chum chreidimh ar talamh -
providentes bona non solum coram Deo sed etiam coram
hominibus.
Amhail is nach bhfuil ní ar bith is neartmhaire a tharraingíos
daoine
chum oilc nó droch-chuideacht agus drochshampal, ar an modh
gcéanna níl ní ar bith is bríomhaire a tharraingíos duine chum
suáilce nó dea-ghníomhartha agus dea-bhriathra na comharsan a
fheiscint go follasach.
Tá sé deimhin go raibh briathra agus gníomhartha na
gCríostaidheannadh i dtús na heaglaise chomh buach le míorúilte,
chomh soilseach le réalta, chomh lonrach le grian na bhflaitheas ag
tabhairt solais agus eolais do náisiúin an domhain mhóir go loch na
n-aspal, go teampall Chríosta. "Vineae florentes dederunt odorem
suum."
Ó a aimsir bheannaithe! Ó a aimsir fhortúnaigh! 165 Cá
ndeachaigh tú uainn? Goidé an sórt saoil atá againn in d'áit? Cá
bhfuil an creideamh beo fírinneach úd? Cá bhfuil na gníomhartha
naofa úd a bhí ag ár n-aithreacha a thug soilse agus dealramh i lár
duibheagán dorchadais na bpeacaí agus na ndia bréagach?
Ó mo thrua, tá na réalta úd inniu faoi smúid i bhflaitheas na
heaglais. Tá na tóirsí úd inniu gan soilse i bhfearann Chríost de
bhrí go bhfeic mur clann mhífhortúnach an tsaoil seo ag scrios agus
ag damnú a chéile le drochshampal, cuid ag ól agus ar meisce, cuid
ag gadaíocht agus ag robáil, cuid ag damnaíocht agus ag
mallaíocht, cuid ag imeacht le antoil a gcoirp mar bheithígh
bhrúidiúla. Ann i bhfocal, goidé an peacadh a rinne ariamh
cinnGhiúdaigh nó Gintlithe, Turcach nó págánach nach bhfuil
Críostaidheannadh coirtheach ann ins an aimsir seo? Nach ndéarfaí
gur i Sodom nó Gomorá a tógadh ariamh cuid agaibh in áit bheith i
dteampall Chríosta? Nach ndéarfaí gur le bheith i mur ndiabhail in
ifreann a cruthaíodh sibh in áit bheith i mur naoimh ins na flaithis.
Mallacht ar an drochshampal a thug a leithéid sciúirse orainn.
Mallacht ar an tsaol a thug a leithéid scannail 166 dhúinn - vae
mundo a scandalis.
Creathnam go léir le uafás ag smaoineamh ar dhíoltas
fíorcheart Dé in aghaidh údar scannail agus drochshampail na
haimsire seo, mar a bhfuil drochaithreacha agus máithreacha an
tsaoil, máistrí agus máistreásaí atá dhá
dtiomnú féin agus a dteaghlach ina dtrúpaí go hifreann.
Ar ndóigh nach bhfuil duine ar bith anseo inniu nár mhian
leis an poll nimhe, an loc mallaithe síoraí úd a sheachnadh. Níl gan
amhras. Dá bhfaigheadh aon anam amháin damanta cead ó Dhia
theacht agus bliain nó ráithe a chaitheamh ar an tsaol seo le
aithreachas, goidé mheasann sibh a dhéanfadh sé? Nach measann
sibh go gcaoinfeadh a pheacaí gan mhoill agus go n-admhódh iad
dona athair faoinstine, go seachnódh iad uaidh sin suas? Nach
measann sibh go ndéanfadh troscadh, urnaí agus déirce le sásamh a
thabhairt do Dhia agus don gcomharsain i ngleann na ndeor seo?
Ní hé amháin seo, d'iompródh sé go foighdeach míchóngair agus
bochtaineacht an tsaoil sula ndéanfadh peacadh marfach a
dhamnódh 167 nó a thuillfeadh dhó dhul ar ais go toigh na bpian.
Bhéarfadh gach sampal a b'fhearr don comharsain le briathra agus
le gníomhartha a tharraingeodh iad chum na haithrí.
Ann i bhfocal thaitheodh gach suáilce agus sheachnódh sé gach
peacadh agus gach ócáid peacaidh.
Ó a lucht éisteacht dílis, tá mé ag iarraidh mar achainí
oraibhse, mar ghrá ar Dhia agus mur n-anamaibh féin, an rud
céanna a dhéanamh ar an uair seo do dhéanfadh t'anam damanta dá
bhfaigheadh sé scaoileadh as ifreann. Má tá chan fhaigheann go
brách - ab inferno nulla est redempto.
Cá leis a bhfuil sibh ag fanacht? Ní thig liomsa bliain ná
seachtain de shaol a ghealladh daoibh, ach geallaim seo daoibh,
cibé a dhéanas an aithrí fhírinneach, cibé iarras trócaire, shileas a
dheoir le fuath ar a pheacaí mar ghrá ar Dhia agus admhaíos iad ag
barra na faoisidin, go bhfuil pardún iomlán le fáil aige ar an uair
seo.
Ionas go 168 mb'fhéidir linn fearg Dé a mhaolú agus tinte
craosacha ifrinn a sheachnadh, scairtimist in éineacht in guth ard ar
Íosa Críost i gcrann na croiche le
trócaire dh'fháil ón Athair Síoraí. Guímist é go dúthrachtach gan
breith dhamanta a thabhairt ar aon a bhfuil anseo i láthair go brách.
Caoinimist ár bpeacaí, admhaímist iad gan mhoill agus gheobhaidh
mur pardún ins an tsaol seo agus glóir ins an tsaol eile. Áiméan.
169 On the Mercy of God towards a Sinner
"Say to them, "as I live," says the Lord, "I desire not the death of
the wicked, but that the wicked turn from his way and live""
(Eizicéil 33: 2).
Níl, a Chríostaithe, ar an domhan ní ar bith níos iontaí, níl ní
ar bith is dochuimsithe nó maitheas Dé dhon duine agus trócaire Rí
na nGrása don pheacach. Bheir an duine, tráth a pheacaíonn sé, trí
choispeán le é féin a chur thart go síoraí. Scarann sé ar tús lena
Dhia, imíonn aríst níos faide agus níos faide ar seachrán, agus go
laethúil ghní sé fá dheoidh fadchónaí ins an tseachrán.
Goidé is gnách le Dia a dhéanamh leis ins an staid seo? Tá,
bheir cuireadh dhó theacht ar ais, agus mura n-éistfidh leis leanann
sé é le práinn agus déarfaidh leis go bhfuil ní hé amháin maithiúnas
le fáil aige ach fós go nglacfaidh sé isteach chun a sheirbhís, chun a
mhuintearais aríst é.
An bhfuil ní ar bith is iontaí
nó maitheas Dé dhon duine, agus olcas an duine dhó féin. Tá sé
deimhin nach luaithe a scarann an peacach le Dia nó a ghní Dia
úsáid don uile mheán grástúil lena thabhairt ar ais. Tógann sé gan
mhoill smaointe buairsiúil trioblóideacha ina intinn nach dtabhrann
reast dhó 170 lá nó oíche. Bheir aríst solas dó ar an staid
mhífhortúnach ina bhfuil sé agus gach mírathúnas síoraí atá ag triall
chuige. Taispeánann dhó neamhní phléisiúr an tsaoil seo a théid
thart ann i mbimide, agus searbhacht na bpiantaí a leanas é gan
chríoch gan deireadh. Cuireann in umhail dhó suaimhneas na
haimsire do chaith sé ar staid na ngrása agus dólás na haimsire do
chaith sé ar staid an pheacaidh.
Chomh luath agus a chuireas Dia in umhail dhó mífhortún a
stáit, bheir gan mhoill cuireadh dhó pilleadh. Deir leis gan náire nó
faitíos bheith air, go bhfuil sé réidh ullmhaithe le maithiúnas a
thabhairt dhó. Deir leis go minic na briathra carántacha úd, "Ó a
mhic, nach dtabharfaidh tú do chroí domhsa?" Cén duine
mífhortúnach a bheadh ins an mbarra agus tligte chum báis a
dhiúltódh a phardún ó lámh an bhreithimh a thug sentence air?
Seo cás go díreach an peacach a dhiúltaíos pardún a
ghlacaint ó thrócaire Dé na nGrása is é dhá fhearáilt air. Agus cé
go seachnódh sé éadan Dé mar Ióna, cinnte bíonn Dia dhá leanúint
ag fearáilt a ghrása air. Deir sé leis, "A pheacaigh bhoicht,
cuimhnigh goidé an buaireamh intinne a bhí ort in éis an peacadh a
dhéanamh, nó goidé an dólás atá fós ar do chroí."
Nach bhfuil sé follasach go leanann Dia thú in gach uile áit,
ar gach uile ócáid? Má chailleann tú do chlú le ócáid ar bith
scannalach 171 nach mothaíonn tú Dia i láthair le cur in amhail
dhuit gurb é do pheacaí is cionsiocair dhó? Má thig tinneas ar bith
ort, tá Dia le taobh do leapa ag tabhairt comhairle ort gur míle
measa an staid ina bhfuil do anam nó do cholainn? Má thig ort
suaimhneas codlata, ní bhíonn reast le fáil ag do choinsias atá
cinnte dhá rá leat má gheibh tú bás ins an staid seo go rachaidh tú
ón leaba chun na huaighe, ón uaigh go fíoríochtar ifrinn.
Agus mura gcorróidh seo an duine chun aithreachas a
dhéanamh ina pheacaí agus theacht ar ais go ród a shlánaithe, tá
Dia chomh gráúil sin ar an bpeacach
go ndéanfaidh úsáid de uafás an bhreithiúnais dhéanaigh a leagan
os a choinne, critheagla an bháis atá gach bimide ag an doras lena
fhuadach ar siúl go poll tuarúil na bpian atá béalfhoscalite faoina
chosa. Ó a Dhia, tá cinnte fios do mhaithis againn. Tá a fhios
againn, mar a deir an fáidh naofa, "In aimsir do fheirge go
gcuimhníonn tú ar do thrócaire (Habacúc 3: 2)."
Tá cinnte cruamhuineálacht pheacaigh an tsaoil seo chomh
danartha sin, ar modh nach n-éisteann le comhairle nó cuireadh Dé,
nach bhfuil ní ar bith óna sciúirse féin a mhúsclós iad ón codladh
marfach ina bhfuil siad. Níl ní ar bith is measa leobh nó a gcorrú as
an staid mhífhortúnach ina bhfuil siad. Ó a Dhia na trócaire, dar
ndóigh nár tharraing mur ort, níor tharraing.
Tá aon mheán amháin ghrásúil i stóras Dé go fóill, mar atá
an fhoighid. Leis an tsuáilce seo amháin cuireann sé séala ar gach
trócaire. Fanann 172 sé leis an bpeacach smaoineamh air féin.
"Cé aige a bhfuil a fhios," a deir an Dia foighdeach, "nach
mb'fhéidir, má scoirimse bheith dhá leanúint, nach mb'fhéidir go
mbeadh seisean tuirseach ó bheith ag imeacht uaim. Do chosain sé
go daor dhomhsa dhá cheannach, ní mian liom a chaill."
Nach measfá go mbeadh Dia ann i bhfearg leis an duine a
rachadh i dtréas air, agus nach gcuirfeadh beann nó aird air uaidh
sin amach. Ach ní mar sin a roinnfeas Dia leis an bpeacach. Mar
atá follasach againn as na mórmhíorúilte lánthrócaireacha a roinn
sé le Máire Mhaigdiléana, leis an poibleacánach, leis an mac
doscaíoch air a léamar ins an scrioptúr tráth a d'éist siad lena
ghrása ag déanamh na haithrí.
Tráth a d'iarr an mac doscaíoch a roinn féin de oidhreacht a
athara do fuair sé é, agus chuir thart é gan mhoill. Bhí uaidh sin
amach i mbochtaineacht agus i dtarcaisne. Ní luaithe a phill ar ais
go toigh a athara ag iarraidh coimrí agus dídeáin nó d'imigh an t-
athair carántach trócaireach chum a araicis. Bheir ar lámh air, thug
póg dó agus dhoirt tuile deora le iomad lúcháire. Thug ordú féastaí
agus ollghairdeas a dhéanamh ina choinne, "Óir," a deir sé,
"Cailleadh mo mhac agus fuarthas é. Fuair sé bás agus d'éirigh sé
beo." Seo go díreach eiseamláir 173 ar thrócaire Dé dhon
bpeacach tháth a thiontaíonn óna lochta ag déanamh na haithrí.
Ó a Dhia an
charántais, nuair a philleann mur ort ag sileadh deor na haithrí le
osna an chroí, maolaíonn do fhearg, titeann claíomh an díoltais as
do lámh. In áit tinidh a chur anuas as na flaithis lenár scrios mar a
thuill mur, is é a osclaíonn do thrócaire ag cur anuas drúcht na
ngrása inár n-anamaibh. Ó a Chríostaithe, an féidir linn
smaoineamh ar a mhaitheas gan leá siar le onóir agus le grá air.
Ní léamar go ndearna an Slánaitheoir níos mó muintearais
riamh le duine ar bith nó a rinne sé le lucht na haithrí. Sin Máire
Mhaigdiléana a bhí ina peacach scannalach ar feadh Iosrael go
huille, chomh luath agus a rinne an aithrí, fuair ó Dhia bheith ina
dea-shampal ag an tsaol le méad a grá ar an tSlánaitheoir.
Sin Peadar do shéan a Mháistir trí huaire i dtoigh Cháiafas,
ní luaithe a dhoirt sé deoir na haithrí nó dhearc an Slánaitheoir air le
trua, ní hé amháin go dtug pardún dhó ach rinne sé ceannfort dhe ar
an eaglais go léir ar an talamh.
Féachaidh ar gadaí na lámh deise, ar an mbimide
dá ndearna sé an aithrí thug Críost ár Slánaitheoir breithiúnas
trócaireach air agus chuir séala lena chuid fola go mbeadh sé in
éineacht leis féin ar an lá céanna i bparthas.
174 Ach níl úsáid againn dhul chomh fada seo a chuartú sampal
ar mhaitheas Dé dhon bpeacach. Dearcadh gach aon agaibh isteach
i mur gcoinsias agus smaoinigh goidé an lúcháir a bhí in mur gcroí
nuair a spreag Dia le grása na haithrí ibh cé gur dhoirt sibh deora
crua. Cinnte ba deora taitneamhacha iad, má bhí ualach trom
oraibh thlig sibh ar siúl é.
Ó a Dhia na ngrása agus na trócaire, an féidir linn bheith
choíche tursach ag moladh do fhoighid agus do mhaithis dhúinn
gach lá ó thoisíomar ar peacú in d'aghaidh? Nó an féidir linn scor
go brách ó bheith ag caoineadh nár n-oilc agus nár mífhortúin féin
a rinne drochúsáid de do ghrása agus de do thrócaire ag déanamh
fadchónaí ins an bpeacadh ar son do mhórfhoighid linn? Nach
cosúil mórán agaibh leis an mbeathach brúidiúil a bhuaileas a
mháistir i ndiaidh bia agus deoch a thabhairt dhó, ibhse a bheireas
drochmheas do fhoighid an tSlánaitheora?
Ó a Dia an charántais agus na foighde, an bhfuil créatúr ar
bith ar an talamh is mínádúrtha nó an duine a ghní olc dhe do
mhaitheas agus nimh de do leas beannaithe? Nach iad clann an
diabhail amháin a d'fhanfadh cinnte lochtach peacach mar tá Dia
cinnte grásúil trócaireach? Nach duine a bheadh ar mire nó a chaill
a chiall in éineacht lena chreideamh agus a charántas a bheadh
175 chomh andóchasach sin as trócaire Dé agus go gcodlódh sé
ins an bpeacadh ar feadh a shaoil ar an ndúil go ndéanfadh aithrí go
leor ag ponc an bháis, grása nár gheall Dia dhon duine riamh?
Smaoinidh go minic, a Chríostaithe, nach bhfuil peacadh ar bith is
mailísí nó drochúsáid a dhéanamh de thrócaire Dé, go loiteann sé
Dia i lár a chroí.
Cuimhnígí go minic go dtiontóidh Dia fá dheoidh thart ar
lucht na bpeacaí seo agus go dtabharfaidh breithiúnas gan trócaire
ar an mhuintir a ghní drochúsáid dena thrócaire agus dena ghrása ar
an tsaol seo.
Ó a Dhia charántaigh, tá mórán peacaí agam le caoineadh,
ach ní dhéanaim feasta le mo ré drochmheas dhe do thrócaire nó
dearmad dhe do mhaitheas
for gan na suáilce seo bheinn inniu faoi sciúirse do fheirge, bheinn
ar an mbimide seo do mo loscadh agus do mo dhó thíos i
bhfíoríochtar ifrinn.
Ó a Rí na bhFeart, adhraim agus onóraím thú go síoraí.
Admhaím gurb é do thrócaire amháin a chumhdaigh mé ó bhás
shíoraí. Ó a Dhia na bhflaitheas, dá mbeadh fios do mhaithis ag
peacaigh an tsaoil seo ní chodlódh siad aon bhimide níos faide ar
an staid mhífhortúnach ina bhfuil siad, ach is é a thligfeadh iad féin
gan mhoill idir dhá láimh do thrócaire. 176 D'iarrfadh siad
pardún agus gheobhadh é. D'iarrfadh dídeán agus ní dhiúltfá iad.
D'iarrfadh foscailt ag geataí do ghrása agus bhéarfá isteach iad go
ríochta do Athara ins an glóir shíoraí - ní atá mé dh'iarraidh
dhaoibhse agus dhomh féin, in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh. Áiméan.
(Translated from "The
Elevation of the Soul", January 1st 1796).
177 Sodality or Society of the Christian Doctrine.
Ar an loghadh do thug ár nAthair Naofa an Pápa Pius VI do gach
aon a bhíos ins an compán bheannaithe úd dá ngairthear "A
Sodality or Society of the Christian Doctrine".
"Seo an bheatha shíoraí, go mbeidh eolas acu ort, an Dia fíor,
agus ar do mhac Íosa Críost, do chuir tú chugainn" (John 17:3).
Níl ní ar domhan is tairbhí, níl aon ní is riachtanasaí i
mbeatha an duine nó a anam a shlánú. Ach, mar a deir Naomh
Auguistín, cé gur chruthaigh Dia an duine gan cuidiú ar bith
dh'iarraidh air, ní shlánaíonn sé é gan a chuidiú féin in éineacht
lena ghrása.
Tá sé ar an ábhar sin follasach nach féidir linn dhul ar
aghaidh aon choispeán amháin ins an obair naofa seo gan gach
ualach do chuir an tAthair Síoraí orainn a chomhlíonadh ó thaobh
ár gcreidimh nó ár ngníomhartha.
Anois is deacair do dhuine ar bith gach dualgas nó
oibleagáid dá bhfuil air a chomhlíonadh gan
eolas speisialta bheith aige ar an Teagas Críostach. Níl meán ar
bith ina chumhachta nár chóir dó a chuardach. Níl páirt den
domhan nár 178 chóir dhó siúl chun an teagas céanna do
fhoghlaim: "Seo an bheatha shíoraí ... etc ut supra."
Cé go bhfuil an Teagas Críostach seo riachtanasach chum
nár slánaithe, níl faraor ní ar bith is mó a ghníthear faillí dhe. Níl
teagas ar bith is lú a chuardaíthear nó é, de bhrí go bhfeic mur an
t-óg agus an t-ársa, an bocht agus an saibhir in ainbhfios rialacha a
gcreidimh agus go háirid a ngníomhartha.
Nach bhfeic sibh an mhuintir a baisteadh agus a tógadh i
measc na gCaitlicigh, a fuair solas an creideamh fíor, a bhí ina
gclann aige Dia agus ag an Eaglais, Dé Domhnaigh agus lá saoire
ar meisce ag dul chum Aifrinn Dé, ag mallachtaigh mionnaí móra
agus blaisféim tráthnóna: racán, sceoin agus buailteachas amuigh
agus ins an mbaile ins an oíche: buntáiste, olc agus mailís ina gcroí
lá arna mhárach.
Do gairthear Críostaithe Caitliceacha dhíobh seo agus is
ró-onórach is rónaofa an t-ainm. Ach faraor, cá bhfuil na
gníomhartha, cá bhfuil na suáilce a bhéarfadh sórt ar bith onóir don
ainm, nó a tharraingeodh
moladh ar bith orthu ó bhéal a namhad? Níl siad le fáil.
Níor léigh mur riamh ar ghníomhartha págánaigh nó éiricigh
bheith níos scannalaí, níos measa agus níos follasaí nó atá
gníomhartha mhórán de na Críostaithe Caitliceacha na haimsire
seo, ar modh go bhfuil siad ag teagas dhóibh gach lá bheith
seasmhach ins an éiriceacht agus ins an bpágánacht agus na lochta,
agus ins an am céanna deora a tharraingt as croí an dea-dhuine.
179 Sin agaibh na mífhortúin do leanas faillí ins an Teagas
Críostach. Anois ó tá an croí ina háitigh ag na suáilce agus ag na
lochta, caithfear a stiúradh de réir an tuigse agus an eolais. Má
bhíonn an intinn gan eolas gan solas an chreidimh (do thig ón
éisteacht, mar a deir Naomh Pól), ní féidir léi an t-olc a
sheachnadh, nó nár spreagadh chum maithis. Agus má fhágthar an
intinn bhocht chlaon agus an cholainn mhadrúil mhífhortúnach atá
inár dtimpeall gan oideas gan eolas faoi iomartas an áibhirseora, an
namhaid allta úd, nach bhfuil sé follasach go dtitfidh mur in gach
uile locht agus anlathaiseacht. Seo rúta fírinne gach uile pheacadh
ar an domhan.
Titeann cuid de na Críostaidheannadh ann i bpeacadh le
súile foscailte, is é sin lena dtoildheoin féin, agus peacaíonn mórán
acu tríd ainbhios a gcreidimh. Mar Iúdás díolann cuid acu Críosta
lena namhaid cé go bhfuil fios acu gurb é Dia agus a máistir é. Ach
mar chinnGhiúdaigh ghní mórán mionnaí mallachtaí agus
blaisféim, sciúirsí agus tairní dhó gan fios goidé atá siad a
dhéanamh, agus mar a dúirt Naomh Pól le murdaróirí Chríosta,
féadamar a rá ann i modh áirithe le a lán de Chríostaidheannadh na
haimsire seo, dá mbeadh eolas acu ar Chríosta, Rí na Glóire, ní
chéasfadh siad é.
180 Anois níl duine ar bith ach duine a chaill ciall a choinsiais
agus a mhothú, níl duine ar an tsaol ag a bhfuil ar Dhia agus ar a
chomharsain nár mhian leis na mífhortúin síoraí seo a ruaigeadh as
an tsaol, más mian leis é féin dhul go flaitheas Dé go brách. Tá
d'fhiacha ar na haithreacha agus máithreacha teagas a thabhairt dá
gclainn. Tá d'fhiacha ar máistirí agus máistreasaí teagas a thabhairt
dá seirbhísigh. Tá d'fhiacha ar an gcomharsanach teagas a
thabhairt dona chomharsanach. Agus is peacadh agus is coir mhór
dhóibh gan a thabhairt. Tá a n-anam i ngeall, for deir an Spiorad
Naomh gurb éigean dhóibh freagar ar son a n-anamaibh (3 Kings).
Cé go bhfuil fearg Dé lasta le peannaiste síoraí a thabhairt
don Críostaí mícharántach a ligfeas faillí ins an teagas naofa seo a
threorú. Tá ar an taobh eile ag an té a leanas é luach saothair
speisialta ins an glóir shíoraí le fáil ar son a charántais lena
chomhchréatúir. An té a theagasas an t-ainbhfiosach i rialacht Dé
agus na hEaglaise, cuidíonn le Críost anamaibh a shlánú. Níl
beannacht nó trócaire a gealladh dhúinn ins an tsoiscéal nó in áit ar
bith eile sa scrioptúr ar oibreacha an charántais, nach bhfuil geallta
go speisialta dhon té a bheireas an Teagas Críostach dhona
dhreatháir.
Anois, a Chríostaidheannadh, is deimhin gur fearr, gur
mórluaíche agus gur buaine na flaithis nó 181 an talamh. Is
deimhin arís gur fearr, gur buaine agus gur measúla an t-anam nó
an cholainn. Ar an ábhar sin is fearr agus is tairbhí an déirce
spioradálta, a bheireas tú uait leis an Teagas Críostach, nó trócaire
nó déirce ar bith teamparálta do riachtanas na colainne.
Ar an ábhar
sin, le mur liostáil ins an arm naofa trócaireach seo, agus lena
bheannacht a spreagadh agus a leathadh in mur measc, do thug ár
nAthair Naofa, an Pápa, cumhachta do eaglais na ríochta seo
loghadh a thabhairt dho shealbhán ar bith Críostaidheannadh
Caitliceach a theagasas an Teagas Críostach dhon mhuintir atá in
ainbhfios.
Do-gheobhaidh baill na cuideacht na loghaidh a leanas:
1 - loghadh ginearálta do gach ball ar dhul isteach san ord
2 - loghadh ginearálta do gach ball ag uair a bháis
3 - loghadh ginearálta do gach ball lá gach mí
4 - loghadh seacht mbliana gach am agus gach uair a theagasas
sé an Teagas Críostach.
(Translated from "The Pious Christian", September 1st 1796).
182 August 15th 1797
Indica mihi quem diligit anima mea, ubi pascas, ubi cubes in
meridie (Cant. 1: 6).
Taispeáin domh, fíorghrá m'anama, cá gcónaíonn tú ag meán lae,
nó cá bhfuil do bheatha shíoraí.
Is iad seo briathra anam an fhíréin tráth a bhíos cuibhreacha
dlútha na colainne agus néaltaí dorcha an bháis dá coinneáil scartha
óna céile Íosa Críost. Bíonn, cinnte, ag osnaí agus i ndobrón ag
fanacht leis an uair fhortúnach úd a d'osclódh dhi na flaithis chun
go bhfeicfeadh an tsoilse shíoraí a ghránn sí ó chroí. "Indica mihi
quem diligit anima mea etc - taispeán domh cá bhfuil do ionad
cónaithe nó do áit reast síoraí."
In aimhdheoin gach mórgheall a bhíos ag na fíréin i
saibhreas dochríochnaithe na bhflaitheas, bíonn cinnte antoil na
gcéadfaí agus laige na nádúir dhá dtarraingt chum a ngrá a roinn
idir saibhreas cathaitheach neamhbhuan an tsaoil seo agus
saibhreas beobhuan na bhflaitheas, ar modh go ndéarfaí gur mhian
leobh, in aghaidh briathra Dé féin, Dia agus
an saol a shásamh ar aon iúl, na flaithis dh'fháil gan scarúint leis an
tsaol - nolumus expoliari sed super vestri.
183 Is féidir a rá gurb í máthair bheannaithe Íosa amháin i measc
créatúr réasúnta an tsaoil a phronn Íosa féin go hiomlán idir corp
agus anam ar Dhia agus ar na flaithis. Scar sí ó chroí go hiomlán
chomh mór sin ón tsaol agus óna mhaitheas le go raibh sí faoi
dhólás agus i dtuirse tráth a bhí i gcolainn daonna ar talamh, do bhí
sí lán lúcháire agus fáilte roimh an mbás a bhí lena hardú ins na
flaithis agus seilbh a thabhairt di ar ríocht a Mic, searc agus
fíorghrá a hanama. "Indica mihi quem diligit anima mea - taispeán
domh cá gcónaíonn tú, a Íosa Mhic Dé, nó cá bhfuil do reast
síoraí."
Is cothrom an lae seo do-ghní ár Naomh-máthair, an
Eaglais, sollúid ardú na Maighdine Muire ó ghleann na ndeor seo
ina bhfuil mur go ríocht síoraí a Mic Íosa Slánaitheoir, mar a
bhfuair sí cróinn ghlórmhar agus cathaoir ríúil os cionn naomh agus
ban-naomh na bhflaitheas go léir.
Is fíor gur díomhaoin dhomhsa nó do neach a maireann
iarraidh a thabhairt ar
onóir nó mórchéim na Maighdine Muire a mhíniú dhaoibh. Is
deimhin go ndeir Naomh Pól nár chuala cluas, nach bhfaca súil
agus nach féidir le intinn duine cuimsiú an ghlóir atá le fáil ag
naoimh na bhflaitheas. Goidé mar a fhoilseofar an ardchéim agus
an onóir a bhí le fáil ag an Maighdean ab áille scéimh ar talamh
agus an bhanríon 184 ab airde cumhachta faoi Dhia féin ins an
cúirt ainglí?
Ó a bhanríon na n-aingle, dá mbeadh mo intleacht láidir go
leor, nó mo bhriathra neartmhar chun go mb'fhéidir liom do
shuáilce a mhíniú mar is cóir, ní bheinn choíche tuirse dho do
mholadh, ach de bhrí gur ní seo a sháraíos ar mo lagchumhachta,
glacfaidh mé amháin as lámh sollúid an lae seo a mhíniú in
gearrbhriathra de réir intinn na heaglaise a ordaíos dhúinn moladh
agus buíochas a thabhairt don At Síoraí, ar son gach tíolactha
agus grása a thug sé ina thrócaire don Mhaighdean Muire, atá
againn anseo inniu ina patrún chun leanúint ar a suáilce, agus ina
hadvocate trócaireach ag pléideáil ar nár son ag barra Íosa Críost
ins na flaithis. Guímist Íosa go dúthrachtach theacht a chuidiú linn,
ní hé amháin ar
an uair seo ach fós ag uair chontúirteach an bháis, grása atá mé a
iarraidh ón Spiorad Naomh tríd idirghuí na Maighdean Muire ag rá,
"Ave Maria..."
Le smaoineamh ar rúndhiamhair an lae seo, mar a bhfuil
ardú na Maighdine Muire idir corp agus anam chun na bhflaitheas,
tchíonn muinn le súile nár gcreidimh bean ina máthair agus ina
maighdean ar aon iúl, bean a bhí ina créatúr ar talamh ina banríon
inniu ar na flaithis, bean ag fáil cróinn ghlórmhar shíoraí ón mac a
d'iompair sí féin ina broinn.
Admhaím, 185 a Chríostaithe, gur ní seo atá dothuigse
do-áirithe agamsa ná agaibhse ar modh gur féidir linn a rá le
Naomh Pól, "O altitudo divitearum - ó a dhoimhneacht stóras Dé."
Ach níl againn níos mó le déanamh nó buíochas a thabhairt ónár
gcroí don Athair Síoraí ar son gach mórshuáilce a phronn sé go
fonnmhar fialmhar ar an Maighdean, agus go speisialta fán cróinn
ghlórmhar a chuir sé ar a ceann cothrom an lae seo.
Do tháinig naoi n-ord ainglí na bhflaitheas chun a haraicise
ag seinm
amhrán binne agus sailm mholta. Tráth a chonairc Seraphims agus
Cherubims an Mhaighdean ag éirí suas ón talamh mar réalt na
maidne, mar ghealach nó grian lonrach soilseach, do dalladh iad le
méid a maise agus a scéimhe ar modh gur scairt siad amach ann i
móriontas, "Quae est ista quae adcendit in deserto deliciis afficiens
innisa super delectum suum? - Cé a dhoirt do chuid fola? Cé hé a spar ar an
croich thú?" D'fhreagair Críosta, "Tá, easumhlaíocht agus tréas
na gCríostaidheanna." Ó éistidh leis an briathra seo, ibhse a
dhaoine mífhortúnacha atá ag caitheamh mur saoil agus mur sláinte
ann i bpeacadh agus i gcogadh le mur Slánaitheoir. Éistigí leis seo,
ibhse nach smachtaíonn mur dteangthacha ó dhamnaíocht, ó
bhlaisféim, cúlchaint agus bréaga, céasann sibh mur nDia. Éistigí
le na briathra seo, ibhse a bheir réim do amharc mur súl, do
smaointe mur n-intinne, do ghlacaireacht mur lámha in gach
gníomh truaillí drúisiúil madrúil, ibhse a chailleann mur gciall agus
mur gcéadfaí le craos agus brúidiúlacht, ibhse a lucht na sainte, a
bhíos ag meabhrú lá agus oíche chum saibhreas bhréagach an tsaoil
seo do chruinniú, ibhse, a deirim ann i bhfocal, nach stopann ó
chineál ar bith peacaidh a thionsclaíos ...
286 Ann i bhfocal, a Chríostaithe, níl leigheas le fáil níos fearr ar
an bpeacadh seo ar dár thrácht mé nó sacraimint naofa na haithrí
má ghlacthar é leis an ullmhú riachtanach, in éineacht le
troscadh, urnaí agus déirce. Óir is cosúil na peacaí seo orthu dár
thrácht mé leis an diabhal ar a dtráchtann an Slánaitheoir ins an
tsoiscéal nach féidir a dhíbirt gan urnaí in éineacht le troscadh.
287 Second Sunday of Lent - On Penance as a Virtue.
Nisi penitentiam egeritis omnes simul peribitis.
Ach mura ndéanaidh sibh an aithrí beidh sibh go léir caillte (Luke
13:13).
Ní hé amháin go bhfuil dlí Dé dhá ordú dhúinn ach fós tá dlí
na nádúra agus ár réasún féin dhá fhoilsiú dhúinn gur cóir sásamh a
thabhairt in gach peacadh a dearnamar ariamh. Cá le haghaidh
troscadh na haimsire seo agus gach pian agus gach dócúl eile a
leagthar orainn ach chun comhoibriú le ceart Dé chun a fhearg a
mhaolú? Chun spiorad na haithrí a leanúint dháiríribh, is éigean
dhúinn tiontú ón bpeacadh ar Dhia ag athrach ár mbeatha, agus ag
seachnadh na sciúirsí a thuilleamar le íobairt agus crá colainne,
agus sin iomlán suáilce na haithrí.
288 Deirim libh, a Chríostaidheanna, go bhfuil
suáilce na haithrí roinnte ann i ndá pháirt. Ar dtús, tiontú an chroí
agus na tola ón bpeacadh chun Dé le sásamh a thabhairt don Rí
glórmhar ar son gach tréas ina raibh muinn coireach ann roimhe
seo. Le bheith deimhin dhe níl againn ach smaoineamh ar nádúr an
pheacaidh ann féin. Leis an bpeacadh cuireann muinn fearg ar
Dhia. Leis an bpeacadh seasann muinn suas go dána in aghaidh a
chumhachta agus dramhlaíonn faoinár gcosa a dhlí bheannaithe.
Leis an bpeacadh briseann muinn gach móid agus gach gealladh a
tugadh ar nár son ag an iomar bhaiste. Fá dheoidh leis an bpeacadh
ní bheir mur do Dhia ar son gach tíolactha agus gach suáilce a roinn
sé linn go fialmhar ach mailís agus mícharántas.
Anois, a phobail, tar éis an peacadh do dhéanamh níl agaibh
ach aithreachas do dhéanamh nó damnú síoraí dh'fháil. Mar a deir
an téacs dár thosaigh mé leis, "Mura 289 ndéanaidh sibh an aithrí,
tá sibh go léir caillte." Ag teacht an bháis, feicfidh sibh an
fírinne seo go follasach, músclófar mur gcoinsiasa agus líontar mur
n-intinn le uafás ag smaoineamh go bhfuil Dia ceart, agus go
mbainfidh sé éiric as gach peacach nach ndéan an aithrí, go
gcaithfidh sibh an fheoirling dhéanach de na fiacha mór atá oraibh
a dhíol sula bhfaighidh sibh isteach go ríochta na bhflaitheas.
Ar an ábhar sin, más mian linn fearg Dé a mhaolú agus
piantaí síoraí ifrinn a sheachnadh i ndiaidh mur mbáis is éigean
daoibh tortha na haithrí do dhéanamh. Is iad seo na tortha amháin a
chumhdós sinn ó bhreithiúnas crua agus ó dhamnú síoraí. Mar sin
déanaimist an aithrí, agus ní baolach dhúinn go brách. Cé go bhfuil
Dia ceart, tá sé fós lán trócaire, agus is é aimsir ár mbeatha ar an
tsaol seo an aimsir dár chóir dhúinn a thrócaire a agradh ionas go
mb'fhéidir linn piantaí ifrinn a sheachnadh 290 le brí na suáilce
bheannaithe seo na haithrí.
Ní hé amháin go ndeir Dia linn go bhfuil sé riachtanasach
ach fós bheir sé cuireadh dhúinn theacht chun na haithrí. Deir an
Slánaitheoir linn, "Má ghní an peacach an aithrí, ní agrófar a
choirthe air." Tiontaígí ar Dhia agus déanaigí aithreachas in mur
lochta agus ní bhíonn siad chun scrios síoraí dhaoibh, ach dá
mbeadh mur bpeacaí chomh dearg le fuil beidh siad chomh geal le
sneachta.
Sin agaibh, a Chríostaidheanna, leigheas mur bpeacaí, an
aithrí a bheireas ibh tríd farraige chontúirteach an tsaoil seo go
longfort na glóire. Theagas na fáithe an aithrí ins an tseanreacht,
theagas na haspail í ins an reacht nua. Is leis an aithrí a thosaigh
Eoin Baiste le teacht Chríosta ár dTiarna a fhoilsiú don domhan. Is
leis an aithrí a thosaigh Críosta é féin an soiscéal beannaithe a
fhoilsiú don 291 tsaol go léir.
Dearcaidh ar an aithrí a rinne Dáiví an rí tar éis titim i
bpeacadh an
adhaltranais agus murdair. Chuir an tAthair Síoraí fáidh chuige le
rabhadh, d'éist sé leis, d'umhlaigh sé dhó agus fuair sé pardún
iomlán ina pheacaí. Is leor seo le brí agus éifeacht na haithrí a
fhoilsiú dhaoibh óir is deimhin nach dtáinig ár Slánaitheoir Íosa
Críost inár measc le athrach intinne ach leis an caora a cailleadh do
fháil, an duine tinn a leigheas agus le scairtigh ar na peacaigh chum
na haithrí.
Smaoinígí anois goidé a chosain sé do tSlánaitheoir grása na
haithrí a cheannach dhúinn. Dearcaigí air spartha ar crann na
croiche agus é folaite ó mhullach go lár le cneácha, agus é ag fáil
bháis le geataí na glóire a oscailt dhaoibhse. Éistigí leis ins an
agony, "Tá tart orm chun na peacaigh do shlánú." Agus má tá aon
dath de ghrá Dé beo in mur gcroíthe nífidh sibh a chosa le dólás
croí 292 agus le deora na haithrí.
Anois dá dtarlódh éinneach i mur measc
neamh-mhothaitheach don carántas éagsúil
a rinne ár Slánaitheoir orainn, ar ndóigh go músclódh an chontúirt
ina bhfuil sibh chun mur ndualgas a chomhlíonadh. Níl agaibh ach
dearcaint ar tinte craosacha ifrinn atá ag feitheamh ar an
neamhaithríoch. Éistigí le screadfach na n-anam damanta.
Ó a pheacaigh chruamhuineálach buansheasmhach ins na
lochta nach smaoiníonn agus nach dtuigeann goidé an peannaiste
atá ag Dia i do choinne. Déarfaidh gach anam damanta libh na
briathra seo, "Mar atá sinne inniu, beidh sibhse amárach, iolctha
thíos in ifreann, mura ndéanaidh sibh an aithrí."
Ó a Chríostaidheanna, glacaigí rabhadh in am ó Dhia na
trócaire a dúirt linn nach mian leat bás an pheacaigh ach é tiontú
agus bheith beo, ionas go mb'fhéidir linn ar an tsaol seo aithreachas
a dhéanamh, agus an ghlóir shíoraí 293 do fháil ó do lámh
trócaireach ar an tsaol eile. Áiméan.
An Exortation on the Resurrection of Jesus Christ, 1814.
Is cothrom an lae seo a rinne ár dTiarna Íosa Críosta aiséirí
ón bás scannalach a d'fhulaing sé ar crann na croiche idir murdaróir
agus robaire. Tar éis bua dh'fháil ar an mbás, smachtaigh sé
cumhachta an diabhail agus ifrinn go huile. Ní féidir leis an mbás
nó cumhachta na págánaigh, Iúdaigh nó Gentiles bua dh'fháil air
uaidh sin amach.
Níl sollúid ar bith is onóraí nó is lúcháirí ag
Críostaidheannaí an domhain go léir nó sollúid an lae seo, de bhrí
go bhfuil sé ina ghrunda ag ár gcreideamh agus ina stiúr ag ár
ngníomhartha, lenár dtabhairt sábháilte go longfort na glóire. Is ar
an lá sollúideach seo do ghlac ár dTiarna Íosa Críost aríst an
cholainn 294 údaí a céasadh ar crann na croiche tá trí lá ó shin.
Fuair sí bua ar an namhaid, impireacht ar an mbás, agus bua
ar ifreann. D'oscail sé geataí na bhflaitheas dhó féin mar dhuine
agus don domhan go léir a chreideas agus a umhlaíos dona dhlí
bheannaithe, "Féach, leag mé amach ríochta dhaoibhse mar a leag
mo Athair dhomhsa, preasanta nach féidir a luach a mheas nó a
chuimsiú. Roinnfidh mé mo ríochta libhse ar na coinníolladh dá
bhfuair mé féin í ón Athair Síoraí." Is deimhin gur fiú nár saothar
cuartú go dúthrachtach goidé na coinníolladh iad seo. Seo ar tús
mar a dúirt Naomh Pól, "D'umhlaigh sé é féin don mbás, do bhás
na croiche. Ar an ábhar sin d'ardaigh an tAthair Síoraí é."
Ó na coinníollacha seo a fhásann nár bhfortún síoraí. Is
éigean dhúinn a bheith umhal, foighdeach, fulaingteach nó is 295
neamhní dhúinn dúil a bheith againn le roinn nó páirt a fháil den
ríochta glórmhar údaí a cheannaigh sé dhúinn. Is éigean do na
Críostaidheanna an umhlaíocht seo a thaithí ag tarcaisniú a ghlóire
agus a ghníomhartha
féin, agus mórmheas a bheith aige ar briathra Dé agus a
chomhchréatúr.
D'íoslaigh Críosta é féin don mbás, mar a deir an soiscéal.
Toirmisceann sé orainn mionnaí agus mallachtaí do thabhairt, nó
díobháil ar bith a dhéanamh do éinneach ar bith dá maireann nó
réim a thabhairt do ainmhianaibh ár gcolainne. Ordaíonn dhúinn
Domhnach agus laethaibh saoire a chaitheamh go naofa, bheith
umhal do ár n-aithreacha agus do ár máithreacha, grá a bheith
againn ar ár gcomharsain ar son Dé agus ar Dhia ar a shon féin os
cionn an iomláin.
Má dhiúltaíonn sibh umhlaíocht do na haitheanta seo
cuireann sibh go toilteanach glais agus boltaí ar gheataí 296 na
glóire in aghaidh mur n-anama féin óir ní shábhálann sé agus fós ní
thig leis éinneach do shábháil gan an umhlaíocht.
Ar an ábhar sin gach aon dar mian leis roinn a fháil den
aiséirí nó an ghlóir shíoraí údaí atá sé a fhearáilt orainn, is éigean
dó bás a fhulaingt le
Críosta más mian leis a bheith beo le Críosta.
Is deimhin gur maith agus gur mórluaíoch na suáilce
troscadh, urnaí, aithrí agus déirce, ach ní bhudh leor iad chun
leanúint go dlúth ar choispeánaí ár Slánaitheora. Is éigean fós
tarcaisne agus drochmheas, tinneas agus bochtaineacht, éigeart
agus clampar dhaoine santacha fealltacha an tsaoil seo a iompar go
foighdeach, mar a d'iompair Críosta mailís agus cíocras na
nIúdaigh agus na Gentiles a chuir chun báis é.
Má ghní sibh seo, a Chríostaidheanna, gheobhaidh sibh
grása ar an tsaol seo agus glóir ar an tsaol eile. Gheobhaidh sibh ó
lá an 297 bhreithiúnais amach mur gcorp agus mur n-anam bheith
in éineacht le Críosta thuas i ríochta a Athara ag féachaint ar Dhia
aghaidh ar aghaidh le saol na saol. Áiméan.
On the 3rd Sunday after the Epiphany, March 1814.
Tabhraigí fá ndear ar dtús, a Chríostaidheanna, go labhrann
soiscéal an lae inniu ar leigheas míorúilteach a rinne ár Slánaitheoir
ar dhuine bocht a bhí lán de lobhar, tar éis é theacht anuas ó an
tsliabh ar dar ghnách leis na daoine a theagas do leanadh é. Chomh
luath is a chuala an duine tinn go raibh an Slánaitheoir ag teacht
anuas ón tsliabh chuaigh sé gan mhoill ina araicis, agus thlig é féin
ar a 298 ghlúine ina láthair ag rá, "A Thiarna, más é do thoil é, tig
leat mise a ghlanadh."
Ní le sláinte amháin dh'fháil ó Íosa Críost a chuaigh sé ina
araicis ach fós le go bhfaigheadh sé cead bheith i gcuideachta agus i
gcomhrá lena chomhchréatúir ar talamh, óir duine ar bith dá
mbeadh air lobhar de réir dhlí na nIúdaigh caithfí ruaigeadh amach
é as cuideachta na ndaoine, agus fós ní raibh
cead acu urnaí nó adhradh ar bith a dhéanamh ar aon iúl leobh, ar
modh nach iontach a rá go deachaigh sé ag iarraidh leighis ar ár
dTiarna Íosa Críosta. Ní luaithe a d'iarr sé an achainí sin nó fuair
sé toradh ón tSlánaitheoir trócaireach a dúirt leis, "Is é mo thoil é,
bí glan," agus ar an spota leigheasadh é ón lobhar.
Deir na haithreacha naofa agus dochtúirí na hEaglaise gur
íomhá 299 ar an lobhar seo an sal agus an peacadh ar anam an
Chríostaí. Ar tús bheir sé ar siúl uaidh aibíd na ngrása, fágann sé
fuafar é i láthair Dé. Lagaíonn sé an t-anam, fágann é gan neart ar
bith spioradálta ar modh nach dtig le anam ar bith ar staid peacadh
marfach gníomh ar bith a dhéanamh a thuillfeadh dhó grása Dé nó
an ghlóir shíoraí. An té atá ar staid an pheacaidh is féidir leis urnaí
do dhéanamh, osnaí agus deora, agus ar an modh sin
grása Dé dh'fháil ar ais, ach chomh fada is a bheidh siad ar staid an
pheacaidh ní thig leobh gníomh ar bith do dhéanamh a bheofadh an
t-anam, mar tá sé marbh i láthair Dé agus scartha lena ghrása.
Tar éis an Slánaitheoir an míorúilte seo a dhéanamh ag
leigheas fear na lobhaire, dúirt leis, "Tabhair fá ndear gan seo a inse
do neach a maireann." Ó goidé a umhlaíocht? 300 Cé gur
mhór na míorúilte a d'oibrigh sé ar son na mbochtaibh, cinnte níor
mhian leis glóir nó onóir ar bith dh'fháil i láthair daoine. Goidé atá
ins an duine darbh fhiú a mholadh? Níl ann ach laige, easbhaidh
agus peacadh. Má ghní mur maitheas ar bith is tíolacadh ó Dhia é.
"Goidé atá agat nach bhfuair tú?" mar a deir Naomh Pól, "agus má
fuair tú é cad as dá ndéanfá móráil as amhail is nach bhfuair tú é?"
Cé go gcomhlíonfadh an duine a dhualgas in gach uile chás (agus
faraor cha déan ach fíorbheagán) cinnte deir
Críosta linn nach bhfuil ionainn ach seirbhísigh
neamhthairbheacha.
Tráth a chuaigh ár Slánaitheoir go Cafarnáum chas oifigeach
Rómhánach air, ghuigh air ag rá, "Tá mo sheirbhíseach ins an
mbaile ina luí go róthabhartha ins an bpalsy." D'fhreagair an
Slánaitheoir ag rá, "Rachaidh mise 301 leat agus leigheasfaidh mé
é." Dúirt an t-oifigeach, "Ó a Thiarna, ní fiú mise thú theacht
isteach faoi mo dhíon, ach abair an focal amháin agus beidh sé
slán." Taispeánann seo an mórmheas a bhí ag an oifigeach ar
cumhachta ár dTiarna Íosa Críost, cé gur págánach a bhí ann, óir
deir sé, "Má tá agamsa, atá i mo dhuine saolta, oiread seo
cumhachta os cionn seirbhísigh go ndéanfaidh siad mo thoil in gach
uile chás, goidé na cumhachta nach bhfuil aige Mac an Athar Síoraí
le mo sheirbhíseach a leigheas?" Leis sin do labhair Íosa Críosta
leis an mhuintir a bhí ina thimpeall ann i móriontas, "Ní bhfuair mé
an oiread seo creideamh in
Iosrael go huile." Cé gur mhór an moladh seo a rinne sé ar an
págánach ba chrua géar an chasaoid í ar na hIúdaigh a bhí ina
thimpeall a dearna sé míorúilte ina measc go laethúil, ar modh gur
dhúirt Íosa Críosta leobh, "Tiocfaidh mórán anoir 302 agus aniar
agus beidh ar féasta in éineacht le Ábraham, le Íosác agus le Iacób i
ríocht na bhflaitheas, agus tligfear oidhrí na ríochta amach ann i
ndorchadas ina mbeidh deora agus díoscarnach fiacla."
Is é sin le rá, a Chríostaidheanna, go dtiocfaidh daoine as
ceithre hardaibh an domhain a thiontófar chun creidimh agus a
gheobhas leis sin glóir na bhflaitheas, ins an am gcéanna go
dtligfear oidhrí na bhflaitheas, mar atá na hIúdaigh, amach ann i
ndorchadas agus go mbeidh go síoraí scartha ó chuideachta
Ábraham, Íosác agus Iacóib atá ina suí inniu ins an glóir.
Dearbhaíonn ár Slánaitheoir Íosa Críost gur lú peannaiste a
bhéarfaidh sé do na págánaigh an lá déanach nó don mhuintir a
chuala trácht
ar ainm Chríosta agus a thug tarcaisne dhó, nó do mhuintir a chuala
a aitheanta agus a dhlí dhá mhíniú go minic, 303 agus nár chuir
beann nó aird orthu.
Anois a Chríostaidheanna, goidé atá againn le dhéanamh?
Tá, sinn féin féin a iompar mar chlann umhal do Dhia. Ní hé
amháin ag creideamh in Íosa Críost, ach fós nár mbeatha a stiúradh
de réir ár gcreidimh. Má ghní mur seo, ní thligfear go deo sinn
amach ins an dorchadas, ach beidh mur go síoraí síoraí ar féasta in
éineacht le Ábraham, Íosác agus Iacóib. Is é sin le rá go mbeidh
mur in éineacht le naoimh agus ban-naoimh parthais go huile ag
moladh Dé le saol na saol. Áiméan.
(Ex exhortationibus Moroni, datum Dunleriae 12 Junii 1814,
J.Heely).
304 On the Last Judgement.
Tunc videbunt filium hominis venientem in nube cum potestate
magne et magistate (Luke 21: 27).
An t-am a feicfidh siad Mac an Duine ag teacht i néall maille le
cumhachta rómhór (Briathra Chríost ag St. Lúcás 21).
Do bhraith ár Naomh-mháthair an Eaglais, atá faoi
stiúraíocht an Spioraid Naoimh ag taispeáint di féin glór Dé amháin
agus soilse síoraí dona chlainn, gurb é an bealach ab fhearr chun
sinne a ullmhú i gcoinne an chéad chuairt de a céile Íosa, dá
dtaispeánfadh sí dhúinn na huafáis a bhí le theacht roimhe lena
chuairt dhéanach: seargfaidh na daoine tríd eagal ag féachaint orthu
agus creathnóidh na haingle ins na flaithis le chomh uafásach
éagsúil agus a agróidh sé a cheart.
Tuigeann ár Naomh-mháthair an Eaglais nach bhfuil ní ins
an domhan níos tairbhí
chun sinne a ullmhú de réir casán nár slánaithe, nó nach bhfuil ní
níos tairbhí 305 le grá Dé a lasadh inár gcroí nó eagal ós é a deir
an scrioptúr dhiaga atá ina rúta ag ár gciall. Caithfidh na daoine a
bhí mífhortúnach ag leanúint anchlaonta na colainne go dtí seo,
agus anois ar mian leobh tiontú go dúthrachtach ar Dhia, tosach tríd
eagal fá fhearg Dé a thuilleamh, mar bhí siad ina
sclábhaidheannadh ag an bpeacadh agus a n-anam ag umhlú go dtí
seo faoi throime a n-anchlaonta.
Tá ní áirithe somhothaithe riachtanasach a tharraingeodh iad
chum an maith a thaithí agus an t-olc a sheachnadh, agus is díobh
seo na comharthaí critheaglacha úd an bhreithiúnais déanach agus
na lasracha tineadh a scriosfas gach namhaid atá ag Dia. "Fac
virtutem timore penae si nondum potes amore justitiae - lean do na
suáilce tríd eagal peannaiste ach mura dtig leat go sea mar ghrá ar
Dhia."
Is ar an ábhar sin a thug an fáidh ríúil aghaidh ar a Athair
Síoraí tar éis é an peacadh do dhéanamh
ionas go gcuirfeadh sé eagal an breithiúnais déanach ina chroí le go
mbíodh sé uaidh sin suas domhothaithe do phléisiúr nó do
anchlaonta a cholainne.
306 Is minic a chaith na naoimh aimsir go leor ar an tsaol seo ag
smaoineamh ar an breithiúnas déanach. Do bhí Naomh Jerome
tórtha do na smaointe seo go coitianta ar modh gur shíl sé go minic
gur chuala sé trumpet an ardaingil ag seinm, ag scairtigh ar na
mairbh chun an bhreithiúnais. Do bhí Naomh Bearnard ar an modh
gcéanna lán de na smaointe seo agus chaith a bheatha ag
gnáthchuimhniú an bhreithiúnais déanach. Deir sé, "Is uafásach
liom dearcaint ar éadan an bhreithimh. Is eagal liom Dia agus na
comharthaí feargacha a bheas ar a ghnúis bheannaithe an lá úd.
Creathnaím go léir nuair a smaoiním ar an ollphéist mhallaithe agus
na leoin chraosacha réidh chum an dream damanta a stróiceadh.
Do thig baspairt orm nuair a smaoiním ar an dorchadas
síoraí agus ar an crumhóg beobhuan a bheas a choíche dhá
bpiocadh."
Ó a Dhia, cé hé a bhéarfas do mo shúile loch uisce chun go
silfinn ar an tsaol seo tromchith deora ionas go mb'fhéidir 307
liom deora neamhthairbheacha an tsaoil eile a sheachnadh, agus fós
go seachnóinn díoscarnach na bhfiacla agus na slabhraí
tromfhuathacha a loiscfeas agus a cheanglós go síoraí an dream
damanta gan a gcur chun báis.
Ionas go mb'fhearr a thuigfimist mórchumhachta Chríosta
an lá úd, smaoinímist ar ghleann Josepheth. Ó is deimhin gurb
éigean dhúinn lá éigin triall ann idir chorp agus anam. Taibhsímist
dhúinn féin go bhfeic muinn na comharthaí iontacha úd ar a
dtráchtann an scrioptúr ins an ghréin agus ins an ghealaigh, ins an
aer agus in na réalta, ar muir agus ar tír ar feadh an domhain go léir.
Goidé an chuma a mheasann sibh a bheas ar an tsaol nuair a
thiocfas na comharthaí úd? Nuair a bheas an fharraige
mhór ar dearglasadh ag tógáil a tonnaibh in airde, na mórshléibhte
ins an aer ag déanamh tormáin agus fuama éagsúla: nuair a bheas
na heilimintí i gcomhrac agus i gcogadh lena chéile: 308 nuair a
bheas éiclips ar an grian, an talamh ar crith, na réalta ag titim as na
spéarthaí, na tithe agus na caisleáin ag titim, na cathracha móra dhá
slogadh, uaigheacha agus tuambaí na mairbh dá bhfoscailt agus ag
tligean coirp agus cnámha na mairbh astu, na daoine ag fáil bháis le
eagal agus ag éirí gan mhoill chun an bhreithiúnais.
Seo an lá nach bhfeicfidh mur súile ach tinidh agus lasracha,
nach gcluinfidh mur gcluasa ach toirneach agus tormán. Seo an lá
a stopfas agus a thromós aibhneacha agus sroite, a réabfas
carraigeacha agus clocha. Seo an lá ina mbeidh an uile chréatúr
armáilte le cuidiú leis an Rí mórchumhachtach seo díoltas a
dhéanamh ar na peacaigh.
Is leor seo ar ndóigh le
thabhairt ar an gcroí is crua ar bith pléascadh le eagal roimhe leis
an lá uafásach seo, cé is beag é le glóir agus cumhachta an
bhreithimh údaí a fhoilsiú.
Cuirfidh Críosta, deir an scrioptúr, na haingle mar
theachtairí roimhe le rábhadh agus fógra a thabhairt don domhan go
huile theacht chun an bhreithiúnais. Is leor do na teachtairí uailse
seo aon fhocal amháin a rá in ainm an breitheamh seo 309 le
cruinniú a chur a bheoibh agus ar mhairbh ó cheithre ardaibh an
domhain. Músclóidh aon fhocal amháin ón breitheamh seo na
mairbh atá curtha ins na huaigheacha.
An púdar agus an luaithreán atá gan bhrí gan mhothú leis na
mílte bliain mothóidh an lá úd an trumpet binnghlórach úd a
sheinnfeas na haingle ag rá, "Surgite mortui et venite ad judicium -
éirígí, a mhairbh, agus triallaigí chun an bhreithiúnais."
In aimhdheoin fad gach réigiúin óna chéile chomh luath
agus a sheinnfear an trumpet uafásach úd cruinneoidh clann
Ádhaimh in áit amháin le móimint aimsire le tiontú na boise - in
ictu oculi.
Ach dearcaimist anois ar an breitheamh seo agus ar an
domhan go huile ina thimpeall i ngleann Josepheth. Ó a anam
mhífhortúnach an pheacaigh a chaith a aimsir ariamh le doscaí.
Foscail anois do shúile, agus smaoinigh goidé an modh a
dtaispeánfá tú féin don breitheamh mórchumhachtach feargach seo.
Ibhse, a lucht an uabhair a bhíos ag iarraidh tús suí agus bealaigh,
ní hé amháin in gach áit agus gach cuideachta a suífidh tú ach fós
ag faoisidin agus ag sacraimint na haltóra.
Goidé a éireos dhuit an lá úd? Goidé an ranca ina gcuirfear
thú? Ó ní bhíonn céim nó 310 onóir agaibh uaidh seo suas. Is
uime a mhúsclófar sibh ón codladh fada a bhí oraibh chun
breithiúnas a thabhairt oraibh de réir mur ngníomhartha ar an tsaol
seo.
Ó a pheacaigh bhoicht, goidé a éireos dhuit nuair a fheicfeas
tú Íosa Críosta ina bhreitheamh ort féin agus ar an tsaol go léir,
nuair a chloisfeas tú é a rá na briathra marfacha úd leat, "Ibhse a
lucht na drúise, dhíol sibh mise ar pléisiúr móiminte. Ibhse
a lucht na meisce, a chuireas mur maoin agus mur substainte in mur
gcraos, agus ina dhiaidh sin a chuireann sibh féin ar an ranca
céanna leis an beathach brúidiúil, dhíol sibh mise le ainmhian mur
gcolainne don craos." Tá ní éigin le rá ag an uile shórt peacaigh gur
dhíol siad Íosa Críosta de gheall ar sochar éigin iontach nó pléisiúr,
ach ag fear na mionnaí móra, ó seo an peacach a dhíolas Críosta
gan pléisiúr nó tairbheach.
Is iomdha díoltas a rinne Dia ar na daoine ó thús an tsaoil go
dtí seo ar son a bpeacaí. Bháigh sé an domhan go léir leis an díle
ach an méid a bhí ins an áirc. Loisc sé le tinidh as na flaithis 311
Sodom agus Gomorá. Is minic a scrios sé le pláigh agus gorta
ríochtaí agus náisiúin, cé a dtáinig ó thús an tsaoil nó a dtiocfaidh
go dtína dheireadh níl ach súgradh iontu a gcomórtas leis an lá úd.
Íosa Críosta féin dhá dhearbhú seo dhúinn ag St. Matthew ins an
seachtú caibidil déag, "Erit tunc tribulatio
magna qualis non fuit ab initio mundi usque nunc neque fiet."
Cad eile, a Chríostaidheanna? An bhfuil ní ar bith le fáil a
mhúchfadh na borbthinte úd ifrinn atá dá bhfáil réidh fá chomhair
na bpeacaigh an lá úd? An bhfuil ní ar bith a d'fhuarfadh na coirí
gaile úd ifrinn nó a mhaolódh na hairm atá dhá líomhadh ag
diabhail ifrinn i gcoinne an dream damanta an lá úd?
Tá, a chairde, aon ní amháin, agus níl ach aon ní mar atá an
aithrí. Aon deoir amháin ó chroí má shilfear é mar ghrá ar Dhia
agus le fuath ar an bpeacadh, múchfaidh na tinte, fuaróidh na coirí,
tiontóidh gnúis Chríosta ó bheith fraochmhar feargach chun a
bheith soilbhir suáilceach ins an scarúint a dhéanfaidh sé idir na
fíréin agus na peacaigh.
312 Ó a Dhia mórchumhachta, goidé éireos dhúinn go léir? Má
agraíonn tusa do cheart féin tá muinn caillte go síoraí.
Ar an ábhar sin críochnóidh mé mo chomhrá ag iarraidh aon
achainí amháin
tríd do mhórthrócaire don pobal seo agus domh féin atá i mo
pheacach bocht in do láthair - ná tabhair breithiúnas orainn de réir
cruadála do fíorcheart for ní shaorfar aon againn in do láthair.
Admhaím le náire agus confusion dhomh féin go bhfuil mé
ní hé amháin i mo shearbhóntaí gan tairbhe ach fós i mo
dhrochsheirbhíseach, agus ins na smaointe seo ba mhian liom
theacht i láthair do chathaoir breithiúnais, ní mar pheacach le
breithiúnas a thabhairt orm de réir mo ghníomhartha ar an tsaol seo
ach le croí dólásach agus tuirse ionas go bhfaighinn ag uair mo
bháis tríd pháis mo Shlánaitheora Íosa Críosta cróinn na glóire,
grása atá mé a iarraidh dhaoibhse agus domh féin. Áiméan.
313 (Read the following immediately before you begin "Is minic
a chaith na naoimh aimsir go leor" in page 306).
Deir Comhairle Thrionta linn gur le eagal a thiontaíonn Dia
na peacaigh go coitianta. Tá eagal an Tiarna ina chuidiú mór ní hé
amháin don mhuintir atá ar staid na ngrása ar an uair seo ach fós
don mhuintir atá cinnte claon chum na suáilce a sheachnadh. Is
iomdha ócáid a thig inár mbealach a bhfuil eagal riachtanasach
ionas go mb'fhéidir linn a sheachnadh. Is iomdha cathú nach dtig
bua dh'fháil air gan eagal. Nuair a bhíos ár ngrá ró-anbhann
scairteann muinn ar an eagal naofa le cuidiú léi. Ar an modh seo
umhlaíonn muinn an bród, gheibh muinn bua ar an leisc nó ár
bhfalsacht nó ár spadántas féin. Caitheann muinn dea-oibreacha a
stóráil suas, seachnaíonn muinn gogalacht an tsaoil seo, agus ina
dhiaidh seo tá cathuithe an diabhail gan tairbhe aige.
(Dunleer, November 30th 1816)
315 On Saint Patrick
Inniu, a chairde, an lá a ordaíonn ár Naomh-mháthair an
Eaglais dhúinn moladh agus buíochas a thabhairt do Dhia ar son a
mhórthrócaire agus a mhórghrása dhúinn ag seoladh an duine naofa
seo inár measc chum an soiscéal a mhíniú agus solas an creideamh
fíor a thabhairt chun an oileáin seo, a bhí go dtí an t-am sin báite in
ainbhios agus i ndorchadas an peacaidh.
Thogh Dia uilechumhachtach an duine naofa seo ó gach aon
eile a bhí ar an tsaol ins an am sin chun obair na trócaire seo a chur
ar bun. Ach sula dtug Dia cead dhó an tasc pianúil seo a ghlacan
air féin, d'fhág sé é i gcás agus i umhlaíocht ag fulaingt an iomad
triall, crosánacht, cruatán agus bochtaineacht a theacht ina bhealach
ó am go ham.
Rugadh é in Albain. Is é an t-ainm a bhí ar a athair
Calphurn agus ar a mháthair Conchessa, lánúin rialta chráifeach a
raibh meas agus grá daoine le fáil acu os cionn
family ar bith eile a bhí ins an gcomharsanacht chéanna 316
leobh. Thug siad foghlaim maith agus teagas Críostúil dhó. Thóg
siad suas é ó bheith ina pháiste in eagla agus i ngrá Dé. Thug go
laethúil briathra agus sampal maith dhó.
Nuair a bhí sé ina ghasún thóg cuid de na pirates i measc na
náisiún bharbartha atá an taobh tuaidh de Albain, thug siad
leobhtha é agus choinnigh é lena bheith ar aoireacht agus ag
cumhdach eallaigh. Chomh fada is a bhí sé ina phríosúnach ina
measc, agus ins an oifig tarcaisneach díblí seo, mar atá ag
cumhdach muca agus eallaigh, thug sé lánshiúráltas agus
lándheimhniú ar an naofacht agus ar an ardchéim a bhí sé le bheith
ann lá éigin i dteampall Chríosta, óir bhí sé lán de chreideamh, de
eagla agus de ghrá Dé. D'éiríodh sé go fonnmhar i bhfad roimh an
lá i measc sneachta, sioc agus fearthainn chum urnaí agus
paidreacha a ofráil suas do Dhia. Bhí sé mar bhéasa aige Dia do
ghuí céad uair ins an lá agus céad uair ins an oíche.
Tar éis
a cheannach ón sclábhaíocht a raibh sé ann 317 ins na tíortha
barbartha seo, thug sé é féin suas go hiomlán do léamh agus do
staideáil an scrioptúir agus údairí dhiaga. Rinneadh eaglaiseach
dhe agus tar éis traibhléireacht fada a dhéanamh tríd an bhFrainc,
na hIodáilte, an Spáinn agus an Róimh, le ordú agus comhairle Dia
uilechumhachtach rinneadh easpag de faoi an Pápa beannaithe
Celestine a thug cumhachta agus ordú dhó dhul a theagas an
tsoiscéil go hÉirinn.
Tar éis beannacht an Pápa dh'fháil agus a chead a ghlacan
leis, thosaigh sé ar a journey nó a aistear go hÉirinn. Chan fhurasta
a mhíniú dhaoibh goidé an cruatán, sclábhaíocht, persecution nó
géarleanúint agus bochtaineacht a d'fhulaing an duine naofa agus
an t-aspal beannaithe seo ag iarraidh obair na trócaire seo a chur ar
bun sular éirigh leis a chomhlíonadh. Ach fá dheireadh le
mórchumhachta Dé ag nach bhfuil ní ar bith dodhéanta, agus le
teagas mórthairbheach an duine naofa seo, an tír seo a bhí
go dtí an t-am sin ag déanamh seirbhíse agus ag tabhairt adhradh do
déithe bréagacha gur 318 thoisigh sí ar tortha mórluaíocha a
thabhairt uaithe, agus gurb é an t-ainm a bhí aici uaidh sin amach
'Oileán na Naomh'.
Tháinig na sluaite as gach coirnéal agus as gach aird de an
ríocht ag éisteacht lena theagas. Bhí an t-óg agus an sean, an lag
agus an láidir, an t-uasal agus an t-íseal, an bocht agus an saibhir
lán de maoin agus de chíocras, i ndúil le baisteadh a ghlacan óna
lámha. Rinne sé easpaig agus eaglaisigh in gach cúige. Phronn
maighdeana agus baintrí iad féin ar Dhia, agus ghlacadar ord
crábhaidh orthu féin. Thug Dia gifte na fáidheadóireacht dó go
líonmhar. Bhí na mórmhíorúilte a rinne sé chomh iontach coigríúil
sin ar modh go deachaigh luaidreán Naomh Pádraig i bhfad agus i
ngar.
Ann i bhfocal tar éis é a bheith caite le aois agus le
buaireamh intinne ar son Eaglais Chríosta, tar éis friotháileamh Dé
agus na hEaglaise, agus corp naofa a Thiarna a ghlacan fána
bhroinn, chodail sé ins an Tiarna, agus hiolcadh é i nDún Phádraig
ins an uaigh chéanna 319 ar hiolcadh Naomh Bríd agus
Colmcille, cúig chéad bliain i ndiaidh Críosta ár Slánaitheoir
theacht chun an tsaoil seo.
Ach anois faraor, an creideamh a chuir an duine naofa seo ar
bun ina measc, tchímid é le iomad tuirse agus dólás croí ag éirí lag
gach aon lá, agus an iomad den phobal coitianta ag sleamhnú uainn
chum na heiriceachta, agus sin uile cionn nach bhfuair siad teagas
maith nó fios ar airteagail a gcreidimh nuair a bhí siad óg. Ní
bhfeic muid anois daoine chomh scrupallta, chomh teasghrách,
chomh cíocrach nó chomh fonnmhar ag déanamh crábhaidh nó
dea-ghníomhartha agus a bhí siad trí fichid nó ceithre fichid bliain
ó shin. Ní bhfuil againn anois ach scáile an charghais, na vigil, na
Céadaoine agus an troscadh seach mar a bhí anallód.
Anois an cailín agus an buachaill a rugadh ó aithreacha
caitliceacha, agus nach bhfuair oideas nó eolas in am nó fios a
gcreidimh sula deachaigh siad i seirbhís
gall, is mian leobh cead a fháil feoil a ithe sa carghas agus laethaibh
eile troscaidh, agus dá mbeadh siad sa mbaile ag n-a gcuid
aithreacha nó ag n-a máithreacha gur mhaith leobh 320 prátaí
agus scadán a fháil. Agus tá eagal mhór orm nuair a dhiúltar iad go
dtugann náire nó faitíos orthu cead a ghlacan orthu mar gheall ar
aoibh nó dea-thoil máistir nó máistreasa a ghnóthú dhóibh féin.
Agus an uair a théid siad chomh fada seo, ní gnách leobh stad nó go
séanann siad agus go dtugann siad cúl leis an gcreideamh ar fad
amach, agus díolann siad a gceart ar ríochta Dé mar gheall ar
ghreim bia nó ar bolgam dí, amhail mar a dhíol Éasau lena
dhreatháir Iacób (Gen.25:33).
Tá an duine ó nádúr tórtha chun sócúl agus sásamh a
thabhairt dá cholainn. Tá an duine ó nádúr tórtha chun grá do
bheith aige ar saibhreas, ar onóir agus ar uachtránacht. Ach is é do
ghlacfadh an duine naofa agus an cuideachta beannaithe a bhí ina
chuideacht bochtaineacht in áit saibhris, tarcaisne
in áit onóra, agus uirísleacht in áit uachtaránacht. In áit pléisiúr
cathracha agus bailte móra is é a rachadh siad ar uaigneas
sléibhtibh agus fásaigh an áit nach mbeadh de chuideachta 321
acu ach beithígh allta, an áit nach mbeadh de bhia nó de dheoch acu
ach lus na talún agus uisce na bhfuarán.
Tá sé dearfa gurb é grása Dé do neartaigh agus do
threoraigh an duine naofa seo agus naoimh eile a bhí riamh ar an
tsaol ins an mbealach cúng crua do ghabh siad. Tá sé cinnte go
bhfuil na grása céanna le fáil agaibhse más fiú sibh é dh'fháil, agus
má ghní sibh mur ndícheallt aithris a dhéanamh orthu. Agus má
deir sibh nach dtig libh aithris díreach a dhéanamh orthu déanaigí
mur ndícheallt an sampal a d'fhág siad agaibh a leanúint chomh
fogas agus a thig libh. Go speisialta ná leanaigí bealaí ar bith
contráilte don mbealach a lean siadsan. Má tá rún fírinneach
agaibh mur n-anam do shlánú is éigean daoibh os cionn gach ní
aitheanta Dé agus na hEaglaise do choimheád, sibh féin a iompar
go cneasta rialta in gach staid agus in gach gairm inar thoiligh Dia
mur gcur ar an tsaol seo.
Má ghní sibh seo is féidir daoibh misneach agus dóchas do
bheith agaibh go mbeidh sibh rannpháirteach leis na naoimh i
nglóir agus in aoibhneas pharthais - grása atá mé dh'iarraidh
dhaoibh uilig agus domh féin. Áiméan.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11