Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Aindréis Mhic Cruitín

Title
Dánta Aindréis Mhic Cruitín
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Compiler/Editor
Ó Luaighnigh, Liam
Composition Date
1717
Publisher
(Inis: The Clare Champion, 1935)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Marbhna Sir Donnchaidh mhich Chonchobhair Uí Bhriain, Leim an Eich, AGUS
A MHIC, LAOIGHSIGH, D'ÉAG 'SAN BH-FRAINNC.



Aindrias MacCruitín rochan



Annamh-sin a Chláir Lughaidh léir,
Ó theacht Lughaidh a gcéin duit uaim,
Gan códhnach ceanna d'fhuil Táil.
Anndiu cé táir id' chonair cuan.



Andiu cídh táir id'adhbhadh cuaird is creach,
A thuilleadh cáirdeach, cláir-ghil, cuaine Cais,
Tugais lá faoi bhláth, bioth-bhuan a meas
Is trúpaibh Táil 'na bh-fál ort thuaidh is theas.



Is caointe a n-éinfheacht sliocht Thail,
Sa g-caoineadh cá dáil is truaigh
Má's móide ár maoidhte 'na n-diaigh,
Nách caoineadh éin-fhir iarraid uainn.



Is caointe a n-éinfheacht tréan t-sliocht Táil na d-tuagh.
'Sa g-caoineadh a n-éagcruith, a Dhé, cá dáil is truaigh,
Má's díopa ár n-déine a n-déidh na n-árd fhlaith chuaidh,
Nách caoineadh éin-fhir éagaibh áilid uainn.



Uainn cídh dhlígh siad roimhe riamh,
Ar ngáirthe 'na ndiaigh 'sar n-deor,
I n-ionad ár ngrod ghlaimh guil,
Ba sílte d'fhuil indiu 'na n-deoigh.



Ba silte fuil go guirt i n-deoigh na bhfláith,
'S nách díol grod guil 'nar cuireadhair feodh d'fhuil Chais,
Laoich nár luigh tré luige ag laodhadh na leas
'Sa dhísle a m-bruith cé chuirfeas Fódla air ais.



Cé chuirfeas Fódla air ais
'Ná d'fhóirfeas a ceas go bráth?
Air súil re Banba do bhí,
Gur thuit tuislibh tíghe Táil.



Gur thuit, mo phúdhair uile, t-úir-shliocht Táil na d-triath,
'S gur cuireadh i n-úir fá chúmhdach clár i g-criaid,
Fir nár chúthail congnamh i láthair gliadh,
Níor scuir mo thnúth leat, a úr-bhean áluinn Bhrian,



Brian cidh bailigheadh gan cúis,
A Dhia cad dhean dá n-déis,
'S gur cuireadh a bh-flaith c'róin go dís
Níor bh-fearta arís á g-crú aindeis.



D'éis gach doirbhe deirge dao ruathar,
Is gach géir-chioth doiligh ar theilg an ghaoth ghuardal,
Níor shaoluigh meirg air sheilg na caomh cuaine,
Ár n-éarla deise ar theilg an t-éag uatha.


L. 2


Ár n-éarlamh nár mheath cnuas,
Da bh-fuigheadh uaisle éacht ó'n m-bás
Níor bh-féidir dá seal gan bheith buan,
Flaith c'róin gan cuan nach deilbh d'fhás.



Fás chabharthach na crobhuinge nar caochcas cnó,
D'fhág sorathan a saor-bheart go gcléir a g-clódh,
D'fhág osgar-bheart dá g-cosanadh an t-éag air bheo,
Do bhás brostuighthe, a Dhonnchaidh, níor bhaoghal go fóill.



Fuille is fuidream ge mian,
Tré caithréim rian níor druid clú,
Do nós eascon nár sheachain áth,
Dob' aiceacht gnáith do'n bhile buaidh.



Bile buaidh chúladh nár chrain cian,
Cisde dlúis cluitheasdach ceannsa ciall,
Má's misde an Mhumhain cnúamhala teann-fhlaith is triath,
Do dhruid go dlúith dúnta réar scannradh a triall.



Do druid réar scannrad gan scáth,
Dul Donnchadh cé bláit bhias beo,
Do nós gach flaithe rathmhar réidh,
Nár chaith rae mar rabhradh reo.



As reo rachmallach réar scamaladh gach taobh do'n tír,
No ceo ceangailte bhus fada bhias 'na léan gan líghe,
Treon tairise na n-anbhfann mar téarnadh a g-clí,
Is ba sceol dainimhe le n-aithri go n-éagaid Gaoidhil.



Sceol dainimhe na dlighe duais,
Is guirt lem chluais nách slighte séis,
Ó theas cia dán duanta cás,
Siud buille bháis ní cuirthe spéis.



Ní curtha spéis a saot ná síon go bráth,
Ná g-cuir an t-éag do scléipibh scaoilte air chách,
'S gur luibh dá aerde gléire, bríghe na bláith,
Gur muirt dá éis, 's go d'téid gan scíth air sgát.



Ó theasduigh ár scáth 's ár scéimh,
Tug fa scéird a n-earraibh air scuain,
Cia d'ár g-clóinn ná tuigfidh a chás,
Mar rug a m-bás ár g-coimric uainn.



A uain an chirt, is follus dam mar duaidhim tú t'feidhm,
'S gur dual toghtha do thobhrann as tuar-chrú tréan,
Luath molta dhuit i bh-foclaibh gé chuaid tú i réim,
Na duadh t-folairic ní obairid o's suar chúis d'aon.



Níor mhaoidhte do sheanchuidhe saor
D'ár bh'aithne do chraobha anuas,
Do mhórdhacht, do mhaith mhéin mian
Do chaithréim, do chiall, do chnuas.



As sceol doirbh deorach is doiligh dáil,
Lé'r fógarach meath Fódla go fullas go bráth,
Ceap córa agus óirchisde na bh poball mar tá,
Géar lóchrann nár leonadh le stoirm na stát.



Is dá maireadh re saoth na síon stoirm
Dá dhéirc ghoirm níor bhaoghal tuirn,
Is marg ó n-deachaidh an tonn cailm
Géar throm tharraing a gharg duirn.



Níor caol t-slat chríon ná fiodhbhadh feoidhte fiar,
Acht céadar díorach, diona, duthach, dian,
Do'n éag, fó ríor, má díoc a cóir do'n chriaidh,
Is créim do'n chrích gan Laoighseach beo 'na dhiaigh.



A n-diaigh Dhonnchaidh mhóir uí Tháil,
Is Laoighseach iar d-táim a n-úir,
Níor tráth ar g-ceangal, a Dhé,
Ar slán feasda, d'á n-éis, fút.


L. 3


D'éis Laoighseach bheith sinte is Donnchadh a n-uaigh,
Éag díse tug taoide na tubaiste air Tua' mhain,
Céir díorach na Muimhneach is mogall na m-buad,
Is béim díoghla d'fhuil mhíle mar codlaid go buan.



Is buan an bhord ghoimh gan bháidh
Ár n-oncain áigh dul a g-criaidh,
'S go m-b'feárr bheith marbh 's ar n-dul leo,
'Ná anmhain leath-bheo 'na n-diaigh.



Dia leat a thriagh-fhlaith lé'r cosanach cíos,
'Sréd' dhian-mhac nár bladhantach géar phoirtil a ngéis,
Fial t-slat nár fiarad ó thosanaigh aois,
Is d'iarrfainn dá bh-fiadainn an Ola do'n dís.



Dís do bá diangloine dlús,
Cá dis ba dile ná'n dias?
Oc! cá bh-fuighiom na aithghin dáib?
Má's fada géir ar marthaint bhias.



Dís dob' áille gáire gnúis is gnaoi,
Dís nár fánach a n-adhbhaibh dúra an dlighe,
Dís nár bheárnach bláith 's tug clú dho'n chrích,
'Sis dian- ghoin áir do'n Ádhamh-fhuil úir a n-díth.



An Ceangal.



Mo mhíle crádh 's mo chán fá chúig arís,
A chill ceann árd Ceall Áth na Súlach shíos.
Is fillte fágbhadh id' lár, fá chlúdadh líog,
Ár m-brígh 's ár m-bárr le'r cneadhadh gach clúid do'n chrích.



Críoch gan áird tú, a Chlair Luirc úd do chím,
Fá scímle scráb go bráth air chúl do chínn,
Ní shílim lá geal d fhághail gan dubhas dibh
Ó chríochnaigh an bás do sgallainn dúthchais dinn.



Ó thígheacht d'ar slánadh sár-fhlaith siur gach saoi.
Aois Mhich Mháire an thrath do ciuineadh a gclí,
D is M Bheárrtha bhlaith is cúpla C,
Is I na dá chuid árd, is V fá thrí - 1717.



Is do'n mhí má's áil an lá créachta úd do ríomh,
'Nar síneadh a bháin-chnis áigh fá clú 'san g-cíll,
Scriobh go sámh air sháil na Samhan gan scíth,
Da mhin chruis bhláithe bhárr-chas U agus I.
26th Novr.



Críoch.


L. 4



Marbhna Sir Donnchaidh mhic Chonchobhair Uí Bhriain, ó Léim-an-eich,
agus a Mhic Laoighsigh.



Aindrias Mac Cruitin ro chan.



Dob' annamh thú a Chláir Lughaidh go h-éigneach,
Gan códhnach cian d'fhuil Bhriain mar aodhaire ort,
Andiu cé táir go tráighte traochta,
Ad' chonair chuan is cuaird i n-éinfheacht.



Tugais lá gur bh'álainn aobh thú,
Gur dubh do bhán tré thádhall gach spéirling,
Id' máigh faoi bhláth ó'n Áth go Léim Chon
Is trúpaibh Táil 'na bh-fálaibh cléibh ort.



Is caointe a n-dáil, ochán, a Dhé dhil,
Is cá dáil is truaigh ná an cuaine a n-éag-chruith,
Má's móide ár g-ciach 'na n-diaigh 'sár n-déine,
Mar fánuidhe fuinn fá'n úir i n-éinfheacht.



Gé dhligh siad uain air uain a chéile
D'éis gach ármhaigh airce is éigean,
Dá d-tárla do'n táin t-soirbh aonda,
Ár ngártha 'sár m-bláith-fhuilt do raobhadh.



Gidh ainiu ní cruith do'n chéadna,
Ní díol grod-ghuil an cuireadh ár g-claonadh,
Is silte fuil 'na tuiltibh tréana,
Ó's déimhin gur thuit ár d-tuislibh téagair.



'S gur tóirnéadh is le fóirneart an éaga,
Ár leomhain idir óig agus aosda,
Mo mhíle púdair, mo liúgh, mo léan-chreach,
Do bhí mo shúil go dlúith leat, Éire.



Mo lá leoin! is geol gan scéimh sin,
Cia d'fhóirfeas ód' bhrón-cheas tú, mhéirdreach,
Ná thógfeas an ceo so do Ghaodhlaibh?
Air m-beith d'ár stór 's ár óirchisd traochta.



'Sa bailigheadh tráth an Tál-fhuil téadach,
'S nách bh-fuil a rádh na bh-fáidhe acht baoisradh.
Mo cheist dlúith air úghdair aobhdha,
Créad dhéanfan ná déarfam 'na bh-féagmais?



Ad' foill, a Rí beir brígh do'n bhraon-mhuir,
Cé chuirís síos go dís na tréan-tuir
Níor bh' fearta dhibh mo laoidh-se bhréagna,
'Sa n-óirneadh arís a ríghe 'sa réimeas.



'S ge h-iomdha trálach, táin is tréada
Fuair siad tráth o'n ám go céile,
Níor bhuanaigh meirg air sheilg na saor-cheap,
Go dul, mo nuar! dá n-uaithne déidheanach.


L. 5


Donnchadh Ua Briain, flaith-thriath na Léime,
Is lochrann Dhruimeolaisd nár léanadh
Dá bh-fuigheadh uaisle uain ó'n éag do,
Do bhéaradh an Rí ceart síneadh saoghal do.



'S dá bh-fuigheadh fós aon t-sórt do'n daon-fhuil,
Cáirde cian ó'n g-criaidh, ná caomhna,
Do dhruim beannacht na n-anmhain n-éiglioch,
Ba dócha bith-bheodhacht Eilias do.



Bile buaidh do'n fhiudh dob' aerde,
Ó shiligh súgh na siunta saora,
Ba gloine gnúis, is ba lonnrach réilruisg,
'Sa ba dile dúil ag múchadh méirleach



Post cúla na cúige do chaomhnadh
Fosgach, fiúntach, clúmhail, caithréimeach;
Cisde dlúis nár dhún a ghéag gheal,
Treabhach, trúpach tionnsganach, tréadach.



Má's misde dhuinn flaith prionnsa is foénics,
Nár airg úird 's nár chúmhdaigh éigceart,
Nár chreach a g-cúirt an trú na an tréith-lag,
Is luing gan stíuír ár n-duithche a n-éagmais.



Má's misde fós flaith phór mar é dhul,
Do thuit ar n-dóigh is a nglóir i n-éinfheacht,
Gé mairfidh go foill 'na lóchrann léighte,
I leabhraibh suadh dá luadh idir éigse.



Do nós Bhriain air dhiadhacht 'sar dhéine
Air nos Guaire air uaill 's ar fhéile,
Do nós Eoghain air mhórdhacht méine,
'S do nós Mhurchaidh air uise 's air éachtaibh.



A ghrínn fhlaith, gan isle gan aerde,
Ní mhaoidhim ort id' ghníomhara do gléire,
Do dhírghe, do shaoire, do shéimhe,
Ná dhímhne bhí fírinne id' bhréithir.



Ná gach tabhartas trom is tréithe,
Is gloine is glonn d'ár bhronn Mac Dé dhuit,
Acht amháin ó táim dot' éileamh,
Gur bháith ghin díreach d'fhuigheall na nGaodhal tú.



'Sa sháir fhir ó sháruigh an t-éag thú,
'S gur fhágbhais na táinte go tréith lag
Ní curtha cás go bráth 'san t-saoghal so
'Na g-cuir an bás air chách do scléipibh.



De bhríg go d-túrnann tnúth gach tréin fhir,
'S go d-téid gach meidhír mar leaghas luibh aer-chnúic,
'S gan cruith dá áille, bláth dár féachadh,
Nách dtéid do ghnáith mar scát na gréine.



Ní mhaoidhim fós do mhórdhacht méine,
Do chiall, do chonn, do glonn, do chéadfadh,
Ní mhaoidhim gairm ná gradam do réime,
Ná mbiodh d'fearaibh aoibhne fád' ghéille.



'S ó's aithne dhom do sheanchas do léir-chur,
'S go bh-fuaireas iul do ghlúine ghéag-gheal;
A uaithne, fuigheall na taoide tréine,
Duadh do ghaoil im' laoi ní dhéanamh.



De bhrígh nár fhás, do rádh gach éigeas,
Fiadhaile feadha ná cárthann cae ionnat,
Ach dosaibh díona, dírghe, déigh theast
Ar lorg ríghne rígh cheap Regum.


L. 6


Na luadh molta dhuít ní obruim air aon chor,
Gé duaimhfainn duit duain mhaiseach dhéanta,
S ní duain t-sáis, 'ná phláis, 'ná baosraidh,
Acht duain chráidhte, is cháis is éagnaid.



Cidh d'fáisg dealg társna na n-ae ionnam,
Ó rángais faoi fhásaibh an éaga,
Síos cráidhte atá an Gall agus an Gaodhal de,
Gan t-ármhac id' dhéaghaidh-se dár g-caoimhnadh.



'S ó thárla an t-ármhach soin déanta
'Sa slánadh tré ghlámaibh nách féadhtar,
Ní tráth dhuit bheith cádhasach, a Dhé dhil,
Air slán feasta ó'n lá sin go h-éagaib



De bhrígh go m-b'fhearr dúinn bás a n-éinfheacht,
'Ná bheith 'na n-deaghaidh go tráighte tréith-lag,
Dár g-cárnadh faoi dhásacht gach péine.
Dá d-tráctann an phairliment maolac.



Acht fágam an áit sin is éisteam,
Is tráchtam, a Chláir Luirc, air h-éigean,
Dot' stolladh idir fhiachlaibh gach faol-chon,
Dá d-triallann tar grian t-sleasaibh Thétis.



Is diachrac d'fág dian achtaibh Dé sibh,
Gan tighearna, ná iarla, ná aodhaire ort,
Gé tá mo shúil go dlúith led' fhaothamh,
Dob' annamh thú, a Chláir Lughaidh, go h-éigneach.



Aois an Árd-flatha an tráth do téarnaigh,
Donnchadh Ua Briain, flaith-thriath na Léime,
Míle slán air scáth seacht g-céada,
Re seacht lán-bhliadhnaibh diana déaga.



An seachtmhadh lá lom-chraidhte air éindeich,
A d-túis an gheimhridh bhíodhgtha braonaigh,
Air m-beith gan tlás faoi bhlát air an saoghal so,
Seachtmhogha 'sa seacht cidh seasc mo scéal-sa.



Crioch.



B 1707 18T


L. 10



Sloinneam saoir-ghéaga síol g-Cais



AINDRIAS MAC CRUITÍN DO CHUM.



Sloinneam saoir-ghéaga síol g-Cais,
Do dhruim déine agus dúthchais,
Treon toirbheartach na máigh fhíonn,
Dár mhuigh óirdhearcas Éireann.



Saer-shíol Chais na ngníomh n-ordhuirc,
Dligheidh gach file fíor ionnraic,
Tar mhear-shliocht meardha Mhíle,
An dealbha do chraobh-scaoileadh.



An Cas' so d'ár chómh-ainm Tál,
Ór chín móir-fhine n-iomlán,
Do'n chroibh úir ghéig-leabhair ghil,
An chéad fhear fuair cuíng chidhim.



Tré ar tugadh do san dá bhríg,
Is d'fheartaibh deagh-órduighthe an árd-rígh,
Crobhuing ro rinne go raith,
Dioghluim dian cloinne deagh-mhaith.



Cidh bhádar do'n chlóinn chéadna,
T' ceathrar chaidhe caoin-déadla,
Air a ráinidh séan sleachta,
Go m-buadh féile is fóirdhearca.



Gidheadh tárla go m-buaine,
Do dhearsgnadh do'n tréan chuaine,
Aoin dís grod laochda nár thím,
Blod bioth-aodhbha is Caisín.



Rígh-shíol m-bloid go n-uaill n-ordhruic
Iomdha a n-uasal n-abhall-ghuirt,
Tré neart gnaoi dhírge guis,
Andiu a g-caonruidhe a g-ceannas.



An dara rámh rathmhar gan bhéim,
Ó'r chín clann chalma Choiléin,
Go láimh-fhearann Luighdheach gan bhruidh
Na d-treallamh d-tiubh tallúid.



Gabhas Cárthann mac Caisín,
A n-eang áluinn fhearainn mhín,
Ó Dhroichead neamh-fhuar na n-Each,
Go sreabhaibh srith-b-uaimhneach Luimneach.



Gidh h-iomdha doghruing is deabhadh,
Fuair siad mun b-fonn bh-fear leabhair
Síol an chinn-bhile calma
Ag dídean a n-athardha.



Caomhnuid riamh gus a leith,
Feadh dá chéad bliadhain air mhíle,
An tír treabhalta ba líonta air
An síol neamh-chrannda neartmar.



Móide fós a g-ceart cairte,
Aosdacht sonn a saor chairte,
Ó ré Lughaidh na m-Beann mear
Fá lámhaibh súr a sinnsear.



Deag-shliocht Caisín fá garg gá,
'Ghá ngairtear síol árd Aodha,
Gid díom dlighthear a g-caithis,
Ionnramh saor a rith sheanchais.



Biodh go léightear gan dóire,
A n-aimsir Bhriain Bóroimhe.
Gur b'é Mac Liag fa maith lígh
Fá h-árd ollamh cian do'n áird-righ.



Dearbhthar fós diaidh a n-diaigh,
Feadh seacht g-céad saoir-bhliadhain,
Doin' éinchine go líon d-tais
Fá chaoimh fhine sil saoir g-Cais.



Dá bhrígh sin, a g-ceart fuíghle,
Dlíghim cleachta a g-craobh-scaoileadh,
Is ríomh an glé ghlún fá seach,
Sluagh na séad mhur suaimhneach.


L. 11


Gé h-iomdha file fíre,
A réimheas gach rígh líne,
Do chuimnigh trí a n-eagar iuil,
A g-craobhaidh caig cáirdeamhail.



Do dhéan dóibh go nuadh andiu
Diul na suadh leabar seanda,
Dreiseacht dhioghluim díon t-séan Chais dil,
Ba séad síordha dá sléachtaibh.



Fios gach glan ghéige go n-aoibh,
D'ár ghléir phreamha do'n úr-chraoibh,
Is gaol gach druinge go bh-feas,
Do'n aobh chróbhuing dil dileas.



Leanfar fós glún air ghlún,
Liom-sa ní mian mí-ríún,
An rígh leomhan nár chlaon seal,
'San raon ealdha go h-Éibhear.



Usaide dhúinn na gan dul seach,
Ag ríomh na muirear múirneach,
Feabhas mo dhealbh chrínn gan oil,
Do'n leabhar choill áird uasail.



Bile buadha is bleacht bláith,
Dhlígheas gan seacha saor cháis,
Crann ná críonann mar chrannaibh,
Crann is dídhean d' anfannaibh.



An crann so, gídh crann cuanda,
Mhúchas geimhle Gall-chuana,
An crann is rígh-dhírge réim,
Luingeas a g-cuíng 'sa g-caithréim.



Gidh chuirfead 'san raon roimhe,
Dís deagh-mhianach ionmhuine,
A mhac féin is mac a mhic,
Níor dhleacht ó chéile a ndeighilt.



An cead chrann díona do'n dias,
Ceann an chaoimh fhine Próinsias,
Griobh innealta gan triall trím,
Dia dá dhion air gach doghruíng.



Go mo séan seolta san deilbh,
A g-croibh ealdha an óig leinbh,
Cidh tá 'na mhion aois mhiochair,
Séan d'ár síoladh saoir-ithir.



Filleam trí gach n-eacht n-aoibhe,
Air cheap sár ár saor-chraoibhe,
Is leanam d'fhior-bhun a threathan,
An crann díona dois leathan.



Flaith gan dreabhaidh gan dochma,
Seán no saoir-bheart saor shochma,
Mac do'n ghribh mheardha nár dhocht,
D'ár mhín treabh dá tromdhacht.



Ba chlos a m-bealaib dá m-brighe,
Tásg an chuínge chéillidhe,
Seaghán saor lé ar sealadh slacht,
'S nár chlaon innmhe tré Ghall-smacht.



Mac Taidhg mic Donnchaidh duasaigh,
Fréamha fosaigh fláith chnuasaigh,
Mic Taidhg mic Cainmheadha lúinn,
Croinn fá croidhe bhreagh crobhuing.



Cú Mhara nár thímh sleagha,
Do b'é athair Coinmhéadhe,
Seaghán, le ar h-iomad ara,
Athair chuana Conmhara,



Annso scaraid go ngloine ngreas,
An ealbha dár fhoigse bruithreas,
Sliocht Shíodha 'san Ros Ruadh rúinn,
'Sa g-ceathramha an iubhar áluinn.



Sliocht Choin Mhara nar ob troid,
Annso fós go scéimh scaraid;
Sliocht Rátha Laithin go nglé
Is bhaile treabh chaoin an t-sléibhe.



Fá h-é an ceathramha aithireach,
Do'n chuire cháidh cleachaisteach,
Donnchadh an Ghuirm gha ghéir,
Ó úr Bhéal Átha h-eidhnéin.



Leanam do Mhac Con gan locht,
Athair na druinge a dubhairt,
Mac Síoda cosgradh cnéadha,
Mic Mic Con mic Coinmheádha.



Ag so Cú na n-éacht n-uaille,
Do nós Con na Craobh Ruaidhe,
Do réir mar nochtar a g-cein,
Do chuir ó chosgar a chaithréim.


L. 12


Ceathrar do'n phriomh-chloinn céadna
Ag Mac Con mac Coinmhéadha,
A n-éagmuis t-Síoda ró treise,
Ó bh-fuil bun na craoibhise.



Seán an ghabháltais nár ghann,
Tadhg treabh ársa agus Domhnall,
Is Mathamhuin gan dlúith daille,
Ag soin súr na saor clainne.



Mac Conmara reidh Riabhach,
'S air phréamhaidh dá chneis mionnach,
Ó'n Seán soin gan díth bh-feadhna,
Dhioghluim feadha finneamhna.



Déigh shliocht Taidhg na d-tacar d-te,
Do réir mar scaraid ó chéile.
Fá'n bh-fionn-mháigh bh-fionn-bhán mhíochair,
Iomdha a ngabhla geinealaigh.



An treas crann do'n choill céadna,
Domhnall dána dreich dhéadla;
Ón phréamhaigh an tréad tacach.
Sliócht Dhonnchaidh na d-tréan bhratach.



Sliocht Dhonnchaidh na g-ceann g-comtha
Ó Mhathamhain dil dall chonnla,
Gríobh nearteamhail fá mioth roinn,
An ceathramha flaith do'n phríomh-cloinn.



Iar ríomh, gan fuigheall réadha,
Slioct Mhic con mic Coinmhéadha;
Sloinntear tráth 'n-a dhúthaigh Rínn,
Deagh-shliocht rann ársa Lochlainn.



Raith fhíol Lochlainn na d-treas d-tric
Sliocht Mhic Con Fhinn, sliocht Philib,
Don'n t-séin treibh nár tláth aiceacht,
Na céid Fhir tárla a d-tánuisdeacht.



Mic Mhic Con calma gan ceilg,
Mic Lochlainn líoga láimh dheirg,
Mic Coinmhéadha mhóir buadha,
Fear na g-cóige do cheannsughadh.



Mic Néill neamh-eagal niata,
Mia Con Mara cruith niamhdha,
Ó sloinntear go ngloine n-dagh,
An treabh fá truime teaghlach.



Ann so dealuíghid go mblaidh,
Sliocht Dhonnchaidh nár thuíll díomblaidh
Dá ngairtear go ngraidh ngile,
Síol uasail an óirchinne.



Annso fós go múdha amach
Ró scaraid ris an d-teaghlach,
Uí Mulchaoin nár coill cuing,
Do chloinn mhear caoimhe Moleachluinn



Áireamh sonn 'san-g-croibh eagair,
Domhnall díona déid leabhair,
Craobh gan uamhan ghan fala.
Deagh-mhac cuana Conmhara.



Dearbhráthar Con an ága
Niall sinnsear síol bh-Flannachadha,
Déad glé ghríobhdha nár mheath mil.
Air feadh cinn-chriocha Chaisil.



Mac Domhnaill óirdhearch oile,
Mic Eanman brac Bóirimhe,
Laoch fhlaith tug loga luatha,
Anam troda Tarbh Chluana.



Mic Aodha feardha fiachda,
Mic Eanda, mic Aisiodha,
Fir fá h-úrlámh cleachta séis,
Ag túrnamh sleachta Thuirgéis.



Tarla fós go fear fíordha,
Do shliocht áluinn Éisiodha,
Ealbha do bha sar saoire,
'S ba h-ádhbhar le h-íolmhaoine.



Fá díobh gan crinnc gan cheas,
Ó h-Icidhe nár ob leigheas;
Is dream fá taca dá d-tráth,
Uí Slatra, Uí Ainnle, Uí Aisiadh.



Mic Síoda nár chruaidh croidhe,
An eich bhuádhach bhárr bhuidhe,
Do thuill clú dá shliocht a g-céin,
Mic Mhaoil Chluithe mic Coiléin.



Ag so an Coileán céadna,
Ó sloinntear na saor treabha,
Úr-mhac Uirthile nách náir,
Mic Donghuile, mic Ogáin.


L. 13


Mic Atlamhuin catha Guaire,
Mic Feargusa flaith uaibh é,
Mic Cárthainn nár shaoghalach croidhe,
Cá chrobh fá truime toradh.



Ann so scaraid go ngloine,
Cineál diomsach Donghuilé,
Fir fhraoch lágha nár aobh oil,
Shíol saor Gráda nar chúthail.



Mic Caisin, mic Cais go mbuaidh,
Mic Conaill ain-mhín Eachluaith,
Mic Luighdheach chobhthaigh nar dhocht,
Onchú fhóghlaigh bh-fear g-Connacht.



Mic Aongusa nár chagair uilc,
Mic Fir feardha flaith Chrib,
Mic Mogha, mic Cormaic gan chuíng,
Mic Oiliolla óirdhrarc ó Luim.



Ann so scaoilid ó chéile
Cínn bhráithre na caith réime,
Siol Eoghain, siol g-Cais is Céin,
Leomhain gan aisg 'n-a g-chaithréim.



Mic Eoghain tairpe Taidhligh,
Mic Mogha neartmhar Néid neimhneach,
Tréan-fhlaith cidh teilge gan time,
Mic Deirg mic Deirghthine.



Mic Eanda Mhuncaoin ó an Chéis,
Mic Laoich Mhóir, mic Mogha Feibhis,
Mic Muireadhaigh is mic Eachach,
Mic Duach Doinn deagh-eachach.



Mic Cáirbre luaidh ghlic luisg,
Mic Luighaidh Luaighne an Gleann Ruisg,
Mic Ionnathmhar dár bh-fiadh Eamhuin,
Mic Niadh séada Seaghamhuin.



Mic Adamhuin, mic Fir Chuirb,
Mic Moga meanmnaigh mhíon bhuirb,
Mic Cobhthaigh cleacht chaoin gan ceilg,
Mic Reachtaigh ríoga Rígh Dheirg.



Mic Luighdheach léir ghrinn laogh,
Mic Eachach óirdhearc fíor fhaobhdha,
Mic Oiliolla fá lúthmhar leirg,
Mic Airt mic Luighdheach Láimh Dheirg.



Mic Eachach Úircheas nár Luínn,
Mic Luighdheach íodhain Iarduínn,
Mic Eanna Deirg, mic Duaich Fhinn,
. . . . . . . . . . . . . . . . . .



Mic Bhreis réir ríoga nár thím,
Mic Airt Imligh, mic Feidhlim,
Tréin-fhir toirbheartach nár tháir,
Mic Roitheachtaigh mic Roáin.



Mic Fáilbhe, mic Cais Caingne,
Mic Aill Deargóid trean tairpe,
Mic Muineamhain is mic Cais,
Mic Fir Árda fheil folt-chais.



Mic Roitheachtaigh, mic Rosa ráin,
Mic Glais, mic Nuadha deagh-láimh,
Mic Eachach Faobhar na Féinne,
Mic Conmhaoil na caithréime.



Go h-Éibhir fada mo luadh,
Bláth na flath-churadh fionn-chradh,
Sínnsear gach fonn t-sluaigh is threibh,
Do shiol mhear chuaine Mhílidh.



Riomhthar seacht nglúine fha chóig,
Ó Éibhear, nár char urchoid,
Go n-Ádhamh g-claoin ghníomhach g-crom
Do sioramhad nách leansam.



Ríomhthar fós 'san réim uile,
Idir rígh is ró dhuine,
Cheathar air chéad duine is dias,
Ó'n bh-fear g-céadhna go Próinsias.



Seacht g-céad déag bliadhain 'sa seacht,
Do réir úird agus oidheacht,
Ó theacht Mhic Muire ain-bhroinn
Gur dealbhadh cruith do'n chaomh-roinn.



Go ngabhaidh liom-sa is lem' roinn
An cheárd ceannsa nách cathan;
Is nár leigidh gan dírge liom
Gach nidh fíordha dá sloinneam.



Críoch.


L. 14


B 1699 17D
Aindrias Mac Cruitín iar n-éag
Mhichíl Uí h-Eidhin, 1699.



Créad ná caoinfinn ó'm chroidhe,
Gach flaith conamhail céillíde,
D'aicme Gaedhael fá glan méin,
Gé bhéinn air easnamh a n-imgcéin?



Dá bhíthin sin, dlighthear dín,
Beith úrchrádhach tré dhul Mhichíl,
Flaith déighmhisneach ghan uaillidhe,
Frith do ghlain t slisnibh Ghuaire.



Sliocht Ghuaire na n dual n-óirdhearc,
Gé iomdha a n-uasal n-abháll-ghuirt,
An táin thonn-loismhear nár thim,
Fa gach tóm uisgheal deirín.



Fá ghnáth dhóibh, gibe oile,
Bheith a g-caile a g-cosamhaile,
Gan trágha a d-toírbheart a n-dáil,
Lán d' oirbheart is danair.



Tug air Mhicheál fá maith méin,
Cosamhail do na coin a g-coiléin,
Nár laogh leath-chaithis air lear,
Air aitreas a shean 'sa shinnsear.



Tré theacht Gall fá líonta lom,
Ge caill an flaith a dhleacht fhonn,
Níor chaill féile na fós,
Tréidhe ba dú dá dhualgas.


L. 15


Sliocht Guaire gé mór moltar
Air dhaónacht 'sar ard-shochar,
Gur fhás an gniomhaidhe glan,
Níor bh'ionmhaoidhe an tan san.



Óir gé sáruighthear go tric
Sean-rádh na suadh séis-ghlic,
Gur rinneadh tráth le Dia dil
Ná tiodhlaicthe uile do shaoithibh.



Iomláine gach tiodhlaic trom
Fuair ó'n g-Coimhdhe go cómh-thróin
Sír ar n-éag flatha abhus,
Má chonnairc cách ní fhacas.



Air oinneach, air ádhbhacht, air áigh,
Air meanmna is air mhórdháil,
Air ghloine, air ghléire, air ghus,
Air fuinneamh, air fhéile, aireolus.



Air mhaothacht, air mhíne, air mhodh,
Air chaomhna, air chuímhne, aír crábhadh,
Air aobhdhacht, séimhe, air thaise,
Air dhaonnacht, 'sair dheagh-mhaise.



Óir cidh lann leabhar gan luime
Air aobhdhacht Liath Liathmhuine,
Dá meastaoi a g-cuirthe gan teas,
Ba nimh fauilithe a g-coímeas.



Do nós Brian 'sa t-saoghal tím,
Ó chaith é is nár chaigill,
Gibé doch maoth mealladh leis,
Air Mhícheál ní théad air aithris.



Bheith cian re cur a theasda,
Ó's doras forus feidhm cheasda
Fiafruigh do'n truagh is do'n troghach,
Do'n uasal is do'n eolach.



Fiafruigh fós do'n langach lonn,
Le air mhian argain anbhfann,
Cá'r léig Mícheál mall ná moch,
A cheart le duine díomsach.



Fuair tré ghrásaibh Mic Muire
Aidheadh ain gach aon duine,
An tan chardaois an túr íodhan,
Do chleachtadaois a dhluith leanamhna



Trér dháileas fein go dian doct
Mo ghean do'n íodhain éadrocht,
Ní h-iongnadh tríd mo chroidhe cruaidh
Níor chomaoin gan cúitiúghadh.



Mo chaomhthach gan chor gan cháim,
Mo chara, mo chúil, mo tompán,
Mo lón, mo liaigh, mo leaba,
Mo iasacht agus mairleagha.



'S dá m-beadh gan aon fháth oile,
Agam mar chúis éolchaire,
Acht nách faicim aon flaith dá éis,
A nglan-cháilibh 'n-a choimhéis.



Naoi m-bladh air nochad gan ón,
M. is sé g-céad bliaghan,
Ó theacht Mhic Muire go tric
Go dul Mhichíl air imirc.



Go Ceann m-Beára na g-cuan m-bán,
A g-cill caomh uasal Chomáin,
Gidh fada is buan mar mhéad,
A dhul 'san uaigh dá choiméad.



AN CEANGAL.



A shaoith éagnaigh saoir Ghéadhaibh an adhmaid úir,
Do'n ghlan Ghaodhal-fhuil phríomh aosda ba saidhbhreas suadh,
Tighidh fé'n guith d'aoin aontach agus madhmadh liom,
Is caoidhim téarnaig Mhichéil dhil Uí h-Eídhin do'n úir.



Óir dá m-beinn féin ag snígh deár go leaghadh mo shúil,
Is tréighid thréan fóm' shír-éighmhe im' shaghdadh anonn,
Línn téachta im' chlí chléibh 's gur lóighe air mo liu,
Ba díthcéill dom is Michéil Ó h-Eidhin 'san úir.


L. 16


Saoi fhéata, shaoir léigheanda is oighre n-iuil,
Fuigheall phréimhe na féile do thúill a chrú,
Croidhe caomh-ghlan air aoi aon uilc nár mhéill a chlú'
'Sis maoith méalach d'fhíor-Ghaodhlaibh mar deighleadh riu.



Cá bh-fuíghead laochra fíon crob-dhearg ná proinn gan tnúth
Cá bh-fuíghid éigse díol dréachta coim ná clúid?
Cá bh-fuighidh an séibe aighnéas air feidhm, 'san thrúch?
Do dhrúim déiné Michéil dhil Uí h-Eídhin do'n úir,



A fhir aonda is dís aobhdha gan póinn is triúr,
A n-díol créachta na sléigh géire faghradh ad' chrú,
Ó's fíor éin gan íoc péine is oighre ad' dhual,
An t-slighe réidh uile do Mhichéil Ó h-Eídhin anonn.



Críoch.




Suadh-chunntas Uí h-Eídhin, i. rí Eidhne sonn.



Tur geal air an gcumhdath re dhá leómhan réimem do'n dath céadna i
machaire chroibh-dhearg, clogad air n-osgladh le h-ór ó's an d-túr,
agus láimh ag iomcar slóig go m-bhratach n-deirg ó's an g-clogad.
Tá an focal faire a Turris fortis mihi dend ag si dearbh air sin.




Cóitrear geal air bh-feicsin uainn a snódh
Is leomhain air ag faire, is buaine a stór
Is cóir dá bhathas caith-bheart cruada do'n ór,
Is seol fá ghai 'n-a ghlaic ag tuargan ród.


L. 17


B 1714 18T

MARMHNA AIR BHÁS
Shéamuis Mhic Domhnaill,
Cill-caoi.
D'ÉAG 1714 A.D.



AINDRIAS MAC CRUITÍN RO CHAN.



Créad ná caoinfinn mar chách
Do ghnídh gol-gháire agus geoin,
Mar chluimim anoir 's aniar
A n-diaigh triath ársa d'ár d treoin;



Triath láidir áirse nár fanaidh a g-clú ná a g-céim,
Triath tábhachtach tháine do'n úr-fhuil thréan,
Triath láidir do ráinig áruis 'sa réim,
Is ciach ádhbhail mar fághbhadh 'san úir go faon.



Úire a chroidhe go h-úir cille.
Puir gach milleadh tig do'n bhás,
Gídh doilge do'n úir a eimigidh,
As úire gach préimh ó'r fhás;



Fás fial t-slat gan fiadhaile na creachta úd faon,
D'fhág liach fhada iachtach is uaill-dúbhach a g-céin,
Ráib riartha luct iarrata is tuath-bhrugh tréan,
Dáil diachrach do thriath-fhlaithe tuama a éag.



D'éag Sheamuis oirbheartach uais,
Ní h-iongnadh guais d'aithle a bháis,
Trom crann torthach tuis,
Is athlá h-uair sé an dealg d'fhág;



Dealg baos biodhtha is beoghain béad,
Is créachta fríoth a laoithibh ná a g-comhadaibh dréacht,
Do ghread go croidhe mílte do'n sceol do théacht,
Mar leagadh líog air ríogh-mhac Mac Domhnaill shéimh fhéil.



Fhial láim ba foirbhthe fos
Do'n choill ársa nár chas,
Géar bh' uasal ba h-aoibhinn uis,
Buabhall guis ba séimhe snas;



Ar triatha a mhaoith tímcheall air fhódaibh Fáil,
A laighead do bhí t-fíor-fhlaithe Fódla ar fághail,
Do leigheasfad díth daoir-bhocht ná d' fóirfeadh dáimh,
Is Gaill air tí Gaoidhil 'ghá leodhadh gach lá.



Lá dóíninne tug thug loma luain,
Ó chlár chnuic de bhiodhgadh léim,
Dul do'n ghríb n-athardha gan gruaim,
Cé leath na tíghe tuatha arm;



Réim ríog-fhlaithe Cuinn Catha ó'r ghluais is Bhrian,
Go léir tímcheall dá innsint gur uaill gach sial go fíor,
Is geall deimhnighthe díreach ná luadh-fainn triar,
Gan gaol fíre mo laoich-se mágcuaird 'n-a chliaith.



Cliabh do fuair ceart chumadh ó Dhia,
Caomhcliabh 'nár chiapadh nár chróm,
Cliabh 'nár cuireadh gloire an óir,
Cliabh 'nár fóirneadh cruith is conn;



Cruith is conn chódhnathach is clann gan cháim,
Mádh do mhór-thoghach tabhartais do cheanna na g-ceárd,
Fá a chuid do'n domhan fóghalta nár ghann a láimh.
Acht mar drithle abhainn rabharta le teann chuid d'fhághail.


L. 18


Dáil an domhan so, fó ríor,
Cia tabhsach a bhí óir 'sa mhionn,
Chur gach saoir-fhlaithe le fán,
Is ochlán lan dom' laoch-fhlaith líom;



Liom rolla dil gach croinice trí léighinn gan áis,
Is crúidhim chogal trí gach dochar thig do théarna a bháis,
Dluim tochta dhom gol-fhurta is créachta cháis,
Do'n chúis doirbh chuirp choitcheann soin mo laoch air lár.



Lá sinte fá líogaibh ní lá gan liach,
Lá dílinne díopa cé ar bh'árd an ghrian,
Lámh líomhtha agus naímhde nár thláith a ngliaidh,
Lá aoideste gan aoibhneas níor cháirdeach Dia.



AN CEANGAL.



A Dhia shaoruigh gach aoinne dod' dheoin a g-crann,
Dian éighim ort dot' daonta 's air Ógh na b-fann,
Id' ghrian aol-bhrug má léighthear fláit mór gan meang,
Rian réidh-se do Shéamus Mac Domhnaill ann.



Liaig créime gac créacht-chuire is stór na bh-fann,
Fiadh saothair gach séibe s gach geocaigh gann,
Sriath faothaimh na h-éigse is róimh a rann,
'Sa ndiaigh a éaga ní léir dam cé bheodhfaidh an dram.



Mian maolaithe maolach ba módhamhrach meabhair,
Cian céimnightheach céile gan bhrón gan mheabhal,
Rian réime gach tréan-chuire theorann teann,
'Sis striall téighle Ghaodhalaibh a leonadh labhairt.



Fial féata do'n fhéile rinn point is peall,
Scian fhaobhrach ná léigfeadh a chóir le Gall,
Gliadhaire aobhdha agus laochradh ba bheoda bann,
'Sa n-diaidh éachta ba séimhe ná eolaid leabhair.



A n-diag théarna do'n t'saoghal so is déarach dáil,
Do'n chriaidh chéadhna do Shéamus Mac Domhall áigh,
Is ciach cléibh liom nách féadaim níos mó do rádh,
Ná Dia d'éileam an gléire na glóire d'fhághail.



Críoch.


L. 19


B 1720c 18T
Aindrias Mac Cruitín do Nioclás Mac Gormáin.



Fada mo thrúth re triall turais,
Bíodh nách d'easbaidh deágh-chonais,
Nách d-tárrnas-sa go dian tric
An triall mall so go minic.
Is minice ba cirte dham gan ríghne tádhall,
Do'n iosta so bheir coimirce agus cuím do lán,
Is nár fionnadh liom im' imtheachtaibh idir saothib Fáil,
Ionad suíghte air dhoirbhe na síne b'fheárr.



Is feárr, dar liom, tígh Niocláis,
Ná brúghaibh mong-fháis mustar,
Fleadhmhar, flaith-fhairsing, fíonmhar,
Tearca h-aoibhe cá chonnarc.
Do chonnarc-sa 's dobh' fuiris dom 'san ngrian-bhrog úd,
Ionad sruithe, suilt is siosma is siansaibh ciuil,
Muirn d'fhile, cuirm tilte, ag triall is truip.
Is longa is lingeadh air choireanaibh gan fiaradh frúmha.



Gan fromhtha ní feastar fíor-fhlaith,
Cidh mhór a ríoghráidh sáruigh,
Gé thig do throímleas a reatha,
Go d-tig a tharadh fá thrí.
Trí nídh le síonúighthear sógh agus séan,
Dlíghe Chríost mar mínígheadh le Pól a réim,
Is díobh ríogha le síor-aoibhne a g-clodh 'sa g-céim,
Is croidhe caoin do chuíbhrígheann gach stór go réidh.



Réim, dá bhrígh sin, dú nGormáin,
Maoidhim folláin gur flaith fíor,
'Sis usaide dúinn dul 'n-a chaithis,
Gurab tearc darab aithne nác maoidheamh,
Ní mhaoidhfinn bheith caoin duit ná ceannsa a g-céill,
'Ná m-bí teacht 'sag ímteacht ó t-árus t-séin,
Acht díopacht na díolán so atá air fhuil Gaodhail,
'Sa laighead fear dá bh'fíor-flatha atá dod' mhéin.



Mian dod' mhianaibh go fosaidh,
Créad a dhíoth a athchlos uaim,
Ó nách d' fhonn uabhair do theachta,
Do ghním air do theastaibh luadh.
Luadh bréige ní déanta gan labhairt air fhiar,
Ag ughaim tréigeadh na caomh-fhlatha is ceangailte ciall,
Cuan réidhte do na cléire agus calaidhthe a rian,
D'ár dual éifeacht aobh-ghlan ó's dearbhtha a thriall.



Air thriall an eachtra tré mhais,
A g-crich Cais na g-cladh g-caomh,
Níor thuill díomdha ná táir,
Dar leat is d'fhíodh ársa a phréamh.
Préamh fhorasda na n-onchon do'n árd-fhuil aoibh,
Do néadh torann teanna a g-coingleacaibh is beodhais na a m-brúighin,
Do'n t-séad bhorradh mháise, o's follus dam do thác gur shín,
Féile fhoirbhthe ionnat codalta níl fáith a mhaoidhimh.


L. 20


Maoidheamh fír-fhéile air shliocht Dáire,
Fídh na fréimhe folláine,
Ní dlíghthear d'eolach mar mé,
Do chur róid-teachta a phréimhe.
Réim codarsna cé thoghadar mo mhíle truagh,
'Sa rae solus-ghlan ar dorchacht gur dhisligh an sluagh,
An tréad torann mhear ba tosaibh taca air imnibh Tuadh'an
Má scéimh ortha teacht is oirchios dom' laoidh-se a luadh.



Aon luadh daoibh-se go h-aithgheárr,
Bíodh gurab neamh-nár duit-se,
Gur flaith oirbheartach iomlán,
Sibh gan tur bhráth a d-tuigse,
Sirim tráth gan ghoin gan ghabh, gan baois gan béim,
Is tuille grás gach aon lá dod' dhíon a g-céim,
A soingthe shámh go g-coimeádaidh an ríg thú a réim,
Gé thug do láimh dheas buile báis do nídh dho chréacht.



Do chréacht na h-airce go luaith,
Cuid dá luait do nídh feidhm,
Mar sin, a ghrian-ghathra ghrádhaigh,
Nil liaigh is féarr ná thú féin.
Níl liaigh is feárr d'fhuil a dháimh is fíre fóinnt,
A ghrían-fhlaith ghráidh d'ár gheárr go díorac dóid,
Ná srianadh a d-tráith ó bháthaigh an fhíona d'ol,
Is iadhadh air do láimh nár stan a scaoileadh stóir.



Fád' stór feasda ná bí baoth,
Gé thugais tú féin air aoidhe,
Is tuig tart, cé mór chuaidh,
Gur mairg do-ghnídh uath dá mhaoin.
Uath do mhaoin choidhche ná deilbh a fhlaith,
'S nách uasal fíor aoinneach do theilgeas raith,
Cruaidh do chroidhe, cuibhrigh do misneach is feac,
Is ugaim arís búidnibh Druim Eilighthe leat.



Drúim Eilighghte is dhruim dil
Ionmain a fíd is a féar,
'Sis diol seirce clos um nóin,
Grith gheoin a h-inbhir 'sa h-éin,
Inbhir éisg éin-ghealta is siansach guib,
Fiorthainne a féir glé-ghlais is grianmar cnuic,
Siothluime a craobh aordha 'n-a m-bhíthear puic,
Ba bioth-bhuile, a Dé, a a dh-tréigean ar iasacht suilt.



Sult díombuan níor chartha d'aon
Air aoibhneas nach saoghlac sith,
Is ná fiul do thábhacht 'na réim.
Acht mar cuirthear lá gréine cith.
Cidh dearfad lucht léighinn go cliste nách saoi
Aon fhear gan daoimacht bheith tilte 'n-a chroidhe,
Ní shéanaim acht an méid seo gabh d'éithne mo laoi,
Sin t'fhéile le h-arrde do chiste nó faoi.



Faoi do ghnaith traighte ná h aobh bheith buan
Is smaoin nách áit aithis duit céimnigh air cuaird,
Is gaoil a ghrádh an tácla do théadais cruaidh,
Is bíodh gach tráth tábhactach tréan go Tuadh'ain.



Túis catha agus deire áir
Dlíghthear díbh-sé, a chlann Ghormáin.



Críoc.


L. 21


B 1738ob 18L
Aindrias Mac Cruitín cct do Dhomhnall mac Eoghain Ruaidh Uí
Shúileabháin.



Dlíghthear d'fhile in gach tráth,
Gan cail a dhuille dhíonbhláth,
'S go bh-fuil 'san uair-se dá buin
Préimh na h-uaisle do leanamhain.



Cíodh tearc díobh le g-cuirthear suím
A bh-file, bh-fis ná a bh-fóghluím,
Mar tharrangair mór-naoimh anall,
Mar tá Colm agus Comhghall,



Adcíd fós na fláith fáig fis,
Do spiorad fháigeamhail oiris,
Claon-dúil na h-uaisle má lé,
Do réir mar fuataid an éigse.



Giodh go n-diúltaid fá seach
Do'n tréad deagh-rúnach tuigseach,
Dlíghid gach aon tráth ó'n n-druing
Ionnramh, iomrádh agus urraim.


L. 22


Dlíghthear dómh-sa, ó's fíor so
Air m-beith do'n chuaine chaomh so,
Iar bh'fághail tathadh air a méin,
Díoghluim dhíon-fhlatha dóighreir



Usaide dom gan dul seach,
Gé beinn gan fóill gan fuireach,
Mar tá m'aigne ag teacht linn
Dá dhaingne measgtha m'íntinn.



Giodh ríghinn do riacht mise,
Tar druím na Sionna sreabh-ghlaise,
D'eis air rabhas fá thuaith g-Cais,
Nách d'fhuath d'fhanas a n-éagmais.



Gídh tráth do chím follus
Go bhfuil sonn gan sal othras,
Lán d'fheidhm dlíghe dhírge na mian
Ag dréim re slíghe na sein-rian.



Acht gur mheas me gur folcadh ionn,
Mar chách fá an g-cith coitcheann,
Tug más báir tarbhaidh air a meas,
Gráin mharbhadh air an órd éigeas.



Gabhaim leis mar roinn dom' laoi
Ó uaislibh ceanna Ciaruidhe,
Ní taom nách dlúth-fhosgadh dham
Flath-chraobh clúd-fhostaigh cumhdaigh.



Ceann-adart cine is ceart cáil,
Dion-crann díoghlama deagh-bhláith,
Cé tá gan uaibhre dá bhraith,
Do chrú chuaine na n-árd fhlath.



Ó'Súileabháin nar múigh mionn,
A shlán fá uaislibh Éireann,
Bíodh a n-áireamh rúinn mo roinn,
Nách a n-iomarbhaigh thriallaim.



Gé thugaim trí nídh do'n aoidhe,
Do tar uaisle is ionmhaoidhe,
As síonaicidheacht na n-dámh nglé,
Sinnsearecht, sáimhe is saoire.



Óir mar nar feadaid fuil Mhíleadh
Tar ghuil Éibhir cóimhshíneadh,
Ná fós maicne Oilill uil
Síneadh tar aicme Eoghain.



Mar sin má's fiaghuín leabhar,
Fá h-é fíghnín céim leabhair,
Do ba déig-shinnsear do chloinn
Aodh cobhsaigh Mac Críomhtháin.



'Sa d-taoibh áitigh na saoire,
Admhuid sonn ár sean laoithe,
Má's dearbhadh gach raon go ngus,
Dá shaor-chaomhann an seanchus.



Nách rug an Ghaodhal-fhuil uileach,
A n-daonacht ná a n-árd-oineach,
Éinchéin tar dhualaibh Eochaidh
A n-uaislibh ná a n-deárlacaibh.



Ata Domhnall féin andiu,
Cá dearbhadh is feárr fiaghuin,
Do thaoibh na sáimhe suaimhne,
Dá áiteadh air árd uaisle.



Flaith gan uaill gan bhrón gan bhéim,
Casamhail do na coin an coilein,
Slat déigh-misnigh nár bhloidh,
Fríth do ghlain-slisnighibh Eochaidh.



Cé tá gan oighreacht mar dlíghe,
Mar chaomnadar a aithrigh,
Níor fúig féile na fos,
Tréithe bha dú dá dúthchas.



Is beag aon flaith d'ár síoras
Is curtha 'n-a chosamhlacht,
Fear caithfeach gan claochlódh cruinn,
Chaomnas onóir is acmhuíngh.



Cé mheasaid daoine 'san uair-se,
Nách flaithe ná fíor uaisle,
Nách g-caitheann a maoin mar mhuirt,
Cibé caoi air a g-cnuasaid.



Gidheadh ní h-eadh ní h-amhlaidh
Fíontar flaithe fearamhla,
Acht do dhruim soidhíonadh is sois,
Soclacht soighníomha suaimhnir.



Óir ní fríth a leabar ná a lic,
A g-crann-taibhlibh ná a g-croinic,
Gur molsad fír fhile fis,
Flaith tré mhíochair a mhaithis.


L. 23


Ní mholfainn Ó Súileabhain saor,
Do dhruim aobhdhachta is árd-chraobh,
Dá m-bheinn im' ghrinn fhile gíll
Ag deanamh mo dhrithle díthchill.



Ní mholfainn é a h-ucht fola,
Chaomhna clúdh na caom crotha,
Ó's béad búidh fadúghadh fáinne
Na céim ó's cionn m'acfuinne.



Dá bhrígh sin, do dheanam socht,
Bíodh nách d'éad na d'easbaidh duthracht,
Go d-teacht tar Leamhuin a d-tuaid
Dúinn an fharradh an athuair.



AN CEANGAL.



Ní mholfad sib, a bhos-glan bhile, bharr ghlan bríoghach,
Cídh follus dom go foirbhthe gan fán gan fuigheall,
Doimhin t-sruith bhur g-coilithe do'n árd-fhuil aoird
Ionnar foilceadh sibh as rolla lingthe lár na riogh.



Cíodhollamh me chum loirgthe gach árd-fhlaith dhíobh,
Ó'r tonnadh tuile rabharta gan trálach tríbh,
Mogaill mhullaidh bhorba nár fágbhadh a m-bruíghin,
Sochtfad uile a nochtadh sin ná a n-dhála mhaidheamh.



Sochtfad sileadh air fhorastacht ná air aílle bhur ngnaoi,
Cidh dochair dom' sa soineanntacht 'sa sáimhe súigheadh,
Corcair luisne ag borradh ionnaibh tré scáil an aoil,
'S ag foramaid cia aca sin is láidre lígh.



Acht molfad sibh ó locadar bhur g-cáinibh críoch,
Ann bhur bh-forastacht 's na documlibh tárla díbh.
'S gur follus dom gurb óirdhearc bhur trácht a d-tígheas,
Sochtfad ribh go rochtain dom 'n bhur n-dáil arís.



Críoch.



AN FEAR CÉADNA CCT.



Ní misde me air thógbhus d'eolus úghdar árd,
Gan ímtheacht tar órd a g-cóige chumhang an Chláir,
Tráth thuigeas mo stór dá chlódh is mo chúl air lár,
Do ritheas rém' chómhad a g-cóir Uí Shúilleabhain.



S narbh imirc anshógh dom róda thumhas na bh-seadhul,
Is beilithibh móra is móinthibh Mumhan do thrácht,
An t-Sionann forródh do ró gan long gan bád,
Acht druidim fá dheoigh re mac Eoghan Uí Shúilleabháin.



Cisde tho'n phór d'ár chór an chuige a tá,
Nár choigil a stór air dheoradh air dhúr nár air dháimh,
Tráth ba luime dá g-comhachta 's gan Fódla fútha air cháin,
Go h-éasga ba leo acht mór-mhágh Múmhan níor bh-fuláir.
Bile bith-bheo nár bhreodh le múrtha bhláit,
'Sa stoirm na stróic ba cómhla cúmhdaigh air chác.



Críoch.


L. 25


B 1732 18T
Marbhna air Thomás, mac Ridire an Ghleanna, .i. Tomás Geanncach,
1732.



AINDRIAS MacCRUITIN cct.



Díombuan dlíghead céile do'n Ghleann
Dursan leam nách rádh saobh,
Iar d-teacht duibh néill ós a chionn,
Dursan liom an taom.
Is dursan linn gan fulaing fuinn do chiach is do chás,
A thula ghíll na bh-fuinteadh bh-fianmhar bh-fáis,
Níor churtha suim a d-tugais d'aoibneas riamh 'na n-áit,
Gur thuit ort taoide duibhe is díthe air d-triall Thomáis.



Easbaidh Thomháis fá'n Múmhain móir,
Oí h-iongnadh go deo nach sámh,
Flaith chodhnach oirbeartach aobh,
Nár airg an faon na an fán.
Is fán taidhbhseach ag dáil soillse ag rannaibhan ráil,
Is táid oillte Chlár Chuinn Luirc a g-ceasaibh gach lá,
Níl fághail foighde a m-bárr m-badhbaibh, a m-bacaigh 'ná a m-bhárd,
Tré bhás dhoimhneach an deagh mhic sin Ghearailt mac Seághain.



Dheagh-mhac Ghearailt mhic Seághain t-saoir,
Ní iongnadh a chaoineadh go truagh,
Do bhara nár fhosaidh a b-puímp,
A losgadh tadhlaice dá bh-fhuar.
Do fuair ó Criost na tadhlaice is aérde tug,
'Sis buaine a maoidheamh a laoi ná léire an-dubh,
Uaill gan phuímp air shaoire is seimhe is sult,
Is uaisle suidhte fírinn féile is fuil.



Do thaoibh fola má's fuil fuil,
Níor tráighteadh taoide gach tobar,
Do bhrúcht gan uaibhre 'n-a chlidh,
Do chrú uasal na n-áird-ríogh,
Ba ríomh baoth dam dá n-deinninn le mearúghadh trácht,
Is fíréag fé na hEireann gan dealughadh im' pháirt,
A d-taoibh déigh-theasda an t-saor-fhlaith do leathnúghad tráth,
Acht a mhaoidheamh d'aon-ghuith nách féadfuinn a shamhlughadh d'fhághail.



Cá dáil bha dóidheannta dúinn
'Na dhiaigh re adhlúith theasda ró,
Is dá m-beadh nách creanta re clú,
Gur cháis tnúith le plannda dá phór.
Pór ionamhail gur cíorbhadh re saoth na síon,
Dól innmhe gach milis ghuirt a nÉirinn aoibh.
Níor dhóith imreas cá n-ionadhfadh an féile suidhe,
A m-brón chuilighthe gur thuiteadar tré aerde a ngníomh.



Gníomhartha Gearóid na cuinne,
Is t-Seághain mhóir na sursuinge,
Cosamhail na coileáin ris an g-coin,
Air Thomas ba curtha a fhiaghain.
Níor bh'fhiaghain seachráin le teamgmhail dá maireadh 'san nGleann,
Acht liaig fhollain na n-dannan shaoire gach am,
A dhian admháil air mhorán do ghasraighe Gall,
Nár fhiar Tomás a dheas-láimh a sparainn na lann.


L. 26


Cá lann ba foirtile fos,
Gé glacfadh gan fhos tré luas,
'Na láímh ghluin gan cheas gan chás,
Lámh gan tlás nár chas tré cruas.
Cruadhas a m-bruighin bhiodh bha má bhuadhaigh tar chéad,
Cruadhas 'na chroidhe mhíonla níor chuala aon,
Ua na riogh Muímhneach is cuaine gréag,
'Sis truagh ghoin tínn tríom-sa nárbh uatha an t-éag.



Tré éag chódhnach na cloiche,
Do réar reacht riaghluighthe,
Óm' láimh gan mhéala gan mheing,
Dil dhán deagh-dhéanta dhlíghfinn.
Do dháilfinn tribh fíon-fhlaith nár uainidh uilc,
Is do tháil air chích Chlíodhna agus chuaine chnuic,
Nár fhágbhaidh síol díleas ó'r ghluais a muirt,
Dá m-ba am dham í, dhíoghluim dheagh-dhuana suilt.



Gidheadh ceadna, ní duain fáis,
Acht duain imne agus doláis,
Ba leanta d'fhír-fhile an aire,
Iar n-dul doinmheach ghlan Gearailt.
Geirealtach dá maireadh sin 'sa m-buanáidh artát,
Seabaic bruighean Seanaide fuair clu agus cáil,
Dob' anaireach dom' shamhail-se bheadh suamhnamhail sámh,
Gan a marbhna do dealbadh iar suaimhmughadh dáibh.



Iar suaimhniughadh do'n úigin úir,
Móide an phúir a dhul go luath,
Do bhrígh nár fhágaibh dá éis,
Aithghin a h-Éirinn fhuar.
Fuar chaoinim-se fuigheall na bh-flath bh-fáilteach bh-fial,
Is uaíll intinne a síodh-bhrogaibh áin 'na n-diaigh,
Nuaill timcheall cois Brighde ó'n Máighuigh go sliabh,
'Sis tuar mioraithe rí an Ghleanna ráinn do thriall.



Iar d-triall scarthann le crú Chuirc
Ní bh-fuair teist acht teist oirdhuirc
Acht céilé ba coimhbleacht di,
D'óirbheart d'fhéile agus d'uaisle.
Léigheadh columnaibh gach croinice is fáthach fios,
Is féach forusdacht gach foilceasa táighte ris,
Ba léir follus duit air osgair-bheartaibh t-Seághain anois,
An réim molta re gach sorbh-fhlaith fuair lá 'san lios.



Lios an fhíona lios an óir
Lios na cána 'sa chomh-óil,
Cé gur lios dóláis go muar,
Ó sheal Thomáis do bheith díombuan.
Dá bhliaghain is triochad gan on,
Míle agus seacht g-céad bliadhain,
Ó ghein t-sochar Mac an tláis,
Go theacht dochar loit Thomáis.



Lot Thomáis is torchrádh lem' chroidhe-se a luadh,
Sciollán do'n ghlan-fhás dobh' aoirde cnuas,
Fá'n ochlán do scanáil ní dhlíghim-se duais,
Ó's coímeádtha a g-cill Átha tá a shinnsear uainn.



AN CEANGAL.



A psalm chuiridhe searcacha 'sa shaoitibh óil,
Ó chailleamuir bhúr g-callaire is búr g-cruinn chosbóir,
Taguid tuillte im' fharad-sa agus suíghidh im' chómhair,
Is canam uile marbhna an mhíle mhóir.



Cá rachfaidh filidhe air fairsinge fághail aoidheacht is eoil,
Taisdioluigh na Banban ná ceárduighthe an cheoil,
Do chleachtadh bheith go meanamnach roimhe is 'n-a dheoighuigh,
Air halla an t-suilt, air bhachar ann sin, fíonta is feoil.


L. 27


Níor dheacar dam a mharbhna do sgríobh a g-cómhad,
Cabharthach na n-anbhfann is cuím na n-órd,
Pailm bhile beannuighthe nár mhíll a mhóid,
Cé d'eagladar Sasanaig a chloidheamh 'sa dhóid.



Níor pheaca dam dá n-abraim go maoídheamhthach mór,
Gur seasamhach an taca sin ó Bhaoi go Boinn
Is gach air shealbhaidh a leabhar ghlach gur scaoil mar lóch,
Is má mealladh é, ní glachuighthe reacht Íosa ó Phól.



Ó nách anaclar tré pheaca na sinnsear reomhainn,
Is go rachuid seacha a maireann d'fhearaibh críona is óg'
Ó leanais reacht is nár shalachais mar mhíllte an ród,
Mo bheannacht leat go Parathus fá dhíon na n-órd.



Crioch.



B 1736 18L
Aindrias Mac Cruitín do Shiobhán ní Mhic Namara,



A.D. 1736.



Gabh mo choimirce, a Shiobáin,
Bíodh gur thuilleas mór mo léan;
Mo chaidreamh géar chian anall
Ní bhiam ní sia ré seachmall.



Ré seachmall srian siar shoir na séith-riath suas,
Go bráth ní bhiam, a fhial-bhean 'sa ghéag gan cruas,
Ag sasadh sian dianbhocht is dréime duas,
Do tharrthaig Dia d'fhian-scoith na féine chuaidh.



Gé chuaidh díogras gach druinge,
Ag díoghluim gach doghruinge,
Ní h-é amháin gan dúl di,
An bhláith mhéir leabhair mhúinte.


L. 28


Tí na clár tráighte ná taom tuirse,
Níor fríoth na fann fáilte riomh aon duine,
An díon-ghas d'fhas d'árd-scoith na d-trean ruire,
Ní mhaoidhte tráith málacht ná méin uirthe.



Uirre gan mórdháil gan mhonna
Crábhadh is caoin dúthracht cómhtrom,
Do fhóirneadh gan saoibh líona suilt
San m-bhéith fhoillghníomhach oirdearc.



Acht gidh béar bith bhean nár fhan air mhéin mhir mná,
Da éirde cheart a g-cairt chloinne Éibhir áin,
Réidheas gan seacha deacara daor dhonán,
Is moighnéir flaith lér cheapadh an caoimh lionán.



Lionán ratha rogha mna,
Rath nách lomthar a n-aon lá,
Rath shioth-bhuan nách curtar as,
Rath tré m-buaidhtear gach maitheas.



Math na oth cruinne mar cumasgaid draoithe a g-ceart,
Ba bail gach bruinne gan soirbhraith síor na m-ban,
Cé measaid iomad gur murar le maoidheamh a maith,
Cleath dá g-cúilionn 'ní cuirfidhthear coidhche air ceal.



Ceilt a h-oirdhearcais uile,
'Sa h-ionnracais iomchúibhe,
Ba nár d'éagnaidhe, darleat,
'Sa bh fuil 'san deagh-mnaoi d'oirbheart,



Déigh-bhean dál dálach is díon na dath,
D'adhmad árd ársa nár g-claoidhte a g-cath,
Bráighid-geal bhlaith bháirr-leabhair mhín nár mheath,
Ó's deimhin gur fhás ágh uirthe ná maoidh a maith.



Maith ná maoidhtir air Shióbháin,
Cruth na caoimhe caomh fhaláin,
Dá m-beadh gan fághail di na fir,
Maith 'san m-ban fhlaith na maoidhtír.



Ná maoidheamh sin dúinne air bith thuigeas gan falás tú,
A mhionla mhiochair mhilis gheal fhaláin úir,
Tré sníoghann tuile rith tuigsiona ag teacht fá chlú,
Mo dhíoghrais duit-se go d-tugais tar maith mhnaibh Múmhan.



Do bhrígh go d-tuigim gur sionannta seach cách tú,
Ad' chaoin go g-crithir roimh chuinnighibh críoch lair Lúgh,
Ó imlibh Iorruis go Soininn na slíos-bharc siubhail,
Gach diorma fuilling nach fuiris do síon 'sa d-túg.



Críoch.


L. 31


B 1738ob 18L
AISDE AGUS DUAIN A N-ONÓIR DO Shamhairle Mac Domhnaill agus dá Bhean
.i. Isibéal, inghean Chriostóra Uí Bhriain, INNIS-TIGH-MEADHON



Aindrias Mac Cruitín ro chan.



Fada mo thnút re triall,
Re duanóg ó taoim im' rannuidhe;
Ní féarr liom a bheith 'na h-uamóg,
Nó mar tá sí.
Ní feárr liom a bheith 'na taisge cumtha clisde,
'Na bheith gan eacht gan uaim,
Ó Ibh'Breacáin go mac Sheamuis
Shaoir Mhic Domhnaill,
Flaith dár dhual a chlu do choimheád,
Mar luadhaid eoluidhe.




Agus is aineolach an tóisg dom' inneamhail féin do sheanachuidhe agus d'fíor
dána, teacht le dhuanóg ciotaigh crosanta go mac Sheamuis Mhic Domhnaill
tar a bh-fuil d'uaisle agus d'urradhaibh 'san g-cúige, acht dom' chur féin a
n-oireamhain do'n droch nós nár ghnáth a n-Éirinn riamh, mar atá go
bh-feicim gur mó do cion agus do chádhas do gheibh tuata tur teirc-
fheolach, nó baogaire buadharta beig-léighinn, nó nách léir uaim nó aisde
ó uaislibh na críche, ní thráchtaim ar chlann Cháirbre Chinn Chait,
d'ar cheart bheith fuathmhar do'n éigse, d'eagla go nochtfadaois a
n-úir-isle, ná do gheabh seanachaidhe suairc sáir-eolach, nó fear-dána
deárscnuighthe, má dhealbhann duan nó dán déig-dheanta.




Agus is uime thugas-sa chúghaibh-se,
A shamhain cháidhe chaoin,
Gan fíghe gan fuinneamh,
'Na ludairne leath-shnáth shlím,
Mo laoi leamh liudartha liosta,
Air bheagán grínn,
Mar chidhim an trodaire a g-cionn,
'Sa feasach sámh síos.



A ghaoil na g-curadh bhain urraim,
Do threabha an dá chrích,
'S do shín a g-cumas go h-uile,
Tair leabhar chlár Chuinn,
Níor chuibhe dhuit file mar mise,
Bheith a n-easarant ríbh,
'S ná bí níos faide gan druidim,
A g-ceangal páirt línn.



Ó's díleacht druidte me,
De'n fhoireann a cheapadh dán dín,
Is do léigheas an rolla,
Le a d-tuigthear gach cleath árd-chraoibh,
Is do dhíth tuigsiona,
Lé'r cuireadh air seachrán sínn,
Mar mhílte tuigseach
Nách tuigeann gach aon tráth glínn.



Gidh beag nách ionann,
A chraobh chúmhdaig, air dhá n-dála,
Is fiarán Cinninn
Shuairc shúgaigh re Mac Cártaigh,
Mar chuaidh air eactra
Tair bhruach Eamhna ó'n Laoi léimnigh,


L. 32


Tré nách d-tréigfeadh áird-ríg Múgna
A chóimhchéile air,
Nó fiaran Ghofraidh ghuagaigh Uí Dhálaigh
Re flaith Múghna,
Tré nach béarfadh chum gach dála é
Air a chúladh.




Agus is beag nach ionann mo dháil féin le Samhairle Mac Domhnaill, re cian
do bhliadhnaibh, gan teacht dá fios dá longport cómhnaighthe, do bhrígh nár
chuir giollaidhe agus iarraidh im' choinne, agus an fiarán do rinne sórt
leath-amadán, d'ar bh'ainm Cinnínn, re Cormach Mac Cárthaith, mar
chuaidh air éaládh tré éad go cúige Ulaidh air feadh seacht m-bliadhna,
tré nách díongnad Mac Cárthaigh caoimhtheacht leapthan dho, agus a
chéile posda féin do thréighean. Nó fós, fiarán Ghofraidh Uí Dhálaigh
le O'Domhnaill air feadh bliadhga, agus gan do chúis fiarán aige acht
nach bhéaradh O'Domhnaill leisé do gnáith air a chulaibh, ag dul a
n-oireachtais dó a g-comhdháilibh choitceann do.



A Dhia láidir, is mor an daille agus an dhith-chéille dhom fhéin nár
thuigeas gur maith an teacht im' éagmais do bhí ag Samhairle Mac Domhnall,
agus a liacht saoith oirdhearc oile re gach ealadhain do bhí in-a
thimcheall, agus fós, mar bhárr air gach anachain fós, me d'fhanamhain air
sgeird Bhreacáin, go minic fá theirce bídh agus díghe, airgead agus
éadach, agus gan dul imeasg uaisle agus oirfideach Cille-caoi mar a
bh-fuighinn ól agus aoibhneas, ceolta agus cluithchidhe.




Is mór mo dhonas mar chodlas-sa
Air ghuirtín sléibhe,
'S mo phócha follamh gan monadh,
Nó muinighín spré,
Mo chóta ag lomadh is logall
Im' leath-thaoibh clé,
'Sis cóir gur samhail do Ghófraidh,
Nó do Chinninn mé.



Is nár thógbus orm 'san g-conair
Nar múirnín me,
A g-cóisir follus an chrobhaire
Chruth chaoin réidh,
Mo leor do longad,
Gur bh-fogus dom sgruigín scéith,
Is ceolta dhomh' bhrodadh
Cum codalta air cuiltighibh séad.



Aoigh il t-srotha fuair fothragadh
A bh-fuil righ réil,
Do mhor-shliocht Cholla,
Le'r fothanadh filidhe dréacht,
Ná deoin-se an t-ollamh
Bheith locartha, ó's díobh é,
Is tóig ó mhoghsaine bhodach
Go Cill-caoi mé.




Sgéal aithristear tré rúin-diamhair air an Mathghamhain tugadh suas air
bhrúid bhiadhthaigh ó fuair anmain, acht air bh-fághail meala ó n-a
thighearna, fo seach, do dhiúltaigh, tug do róghain a bhoill do riagadh
seach scur 'gá diúrnadh




A shamhail trangmhas dham,
Mar dheimhnighim,
Ní ciall chrosda,
Air bh'faghail gach sóg
I m-bruighin Cill-caoi,
Ní h-éidir m'fhosdadh.




Scéal aithristear go fáith-chiallach air an Mathghamhain mór dá ghoirtear
Ursa nó Béar, nóch do h-altradh ó do tuismeadh é air bhrúid bhiadhtaig,
mar ba dual do, acht air m-beith 'na pheata ag duine uasal do, tré méid a
cheana air, tug ós cheann coire meala é chum a fromthadh, agus do dhiúltaigh
an beadaidheach go minic dí, gidheadh air mh-blas milse na meala do'n
bhrúid, ba tochadh leis a bhoill do riogadh ó chéile seach dealughadh ria
gan a bheith ag a síor-ól, agus a shamhail céadna theangmhas dhom féin air
uireasbaidh cleachtais, agus air bh-fághail gacha sógh agus gacha sógháile
i g-Cill-caoi, ní ba h-éidir m' fhosdadh uaite.


L. 33



Sgéal aithristear air an Mathgamhain,
An beadaidheach bláith,
Do a-altradh air bhrúid biataigh,
Ó d'fheach se an lá.



Acht air m-blaiseadh m-bliocht meala do,
Tair taoibh naoi d-tráith,
Seach dealugadh leí ba f eárra leis
Dul a meilige an bháis.



A shamhail dhom theangmhuis,
Ná ceiligidh an fáith,
Air n-dearmad m'anacra uile,
A g-crích Bhreacáin
Tré rabharta na maitheasa,
A g-Cill-caoi an stáid.



Ba teallaire gin mairfead me,
'San ríogh-bhruighin áird,
Is ba mhaith theangmuis do Shamhairle,
Is do Bheití an dáíl,
Bheith a d-tearmainn ó'n easgaine
Do rinne Seanán,
Tráth dhearbhas go meathfaid sin,
Go raghaid a m-báith,
Na flaithe sin nách cleachtar
Le filidhe an Chláir.




Act gé mheasaid tocaidhe tréada, nó lucht saidhbhris, gurab aimid mé, má
ghnídhim dréacht nó dán deagh-bhlas.




Gidheadh ní air aigne sin do bhím-se,
Do bheir le dúthracht
Deagh-dhán, ó dlíghthear dhíom-sa,
Do ghlan chúpla,
Is do bhrígh nách córa dhómh-sa dealbhadh
'Ná dóibh-sean éisteacht,
Ní iarfad cáirde lae fám' gheallamh dhóibh
Air eagla m' éileamh.




Bíodh go measaid toicidhe tréada, ceannaighthe, nó lucht aírgead do chur a
bh-fás, gur mór an daille nó an dhíth-céille duan nó dán do dheanamh air
m-beith sásta dhóibh, acht go leabhraid Béarla Sacsanach, agus go d-tig
dhóibh stoc bolláin nó caorach, no deargadh do chur air chnocaibh.



Gidheadh tuigthear dhomh-sa go b-fuilid meallta go ró-mhór, do bhrígh go
raghfaid a d-tréada agus a d-trom-chonach air seachadh amhail ceo samhraidh,
agus go m-beidh an ealadha ré feicsin go bráth. Bíodh a fhiadhnaise sin air
mhórán do dhuanta agus do dhánta atá re feicsin indiu, agus go n-deachadar
na thoiceacha do bhí ann re línn a n-deanta air ceal, gan luadh 'na iomrádh
do bheith orra.



Air an ádhbhar sin do bhéar féin dán beag do Shamhairle Mac Dómhnall, agus
d' Isibéal, inghean Chriostóra Uí Bhriain, do mhairfios tar éis báis
gach aon againn, mar cuímhniúghadh air a n-uaisle agus air a maitheas, agus
ó nách bh-fuíl tairbhe dhom cáirde d'fhághail faoi, air eagla m'éilighthe do
ceachtar aca, ó gheallas é, agus nách mó dlíghthear dómhsa a dhéanamh 'ná
dóibh-sin fonn fóir-eagnach do bheith orra ré n-a fhághail, agus ré n-a
eisteacht. Ag so go lathair é.




Gé meastar le lucht airgead
Do chur a bh-feadhain 'sa bh-fás,
Nó breasal chur air easna muilt
Air thaobh cnuic báin,
Má labhraidh Breatanais,
Nó Béarla blaith,
Gur b'aimid me má dhealbhaim
Dréacht nó dán!



Acht ní air a n-aigne sin
D'fhanaim-se im' aonarán,
Acht rachfad-sa go meanmnach,
Is do bhéar mo dhán,
Do'n fharaire dho shliocht Alasdruim,
Éird na stáid,
Is dá easna cnéis is fearra anois
Air bhéithibh Táil.



Is ó gheallas sin ba maineachna
Dá léiginn lá,
Ó's anairic gach tabhartas
Is pléidhe 'na dheoig
D'eagla go m-beadh Samhairle
Dom' éiliomh tráth,
Is cidh carad dhom gur measa dhom
'Sibéal ná cách.


L. 34



An Dán.



Dlíghthear d'fhile in gach trát,
Cia chaill an duille díonbhlath,
Is go bh-fuil 'san uair-se dá bhún
Préimh na h-uaisle do leanmhain,



Cia téarc díobh le a g-curtar suím,
A bh-file' bh-fis 'na a bh-fóghluim,
Mar tharaingir mór n-dáimh anall,
Mar ta Colum agus Cómghall.



Do chídh fós na flaith faithe fis,
Do spioraid fáidheamhail oiris,
Claon-dhul na n-uasal má lé,
Do réir mar fuathaid an éigse.



Gidheadh go n-diúltáid fá seach
Do'n tréad airdíon fhuileach,
Dlighid gach aon tráth ó'n druing
Ionnramh, iomrádh agus uirim.



Dlíghthear dhíom-sa, má's fíor so
Air m-beith do'n chuaine caomh so,
Air bh-fághail mil milse air a méin,
Díoghlaim dil díse d'oighréir.



Usaide dhom gan dul seach
Ag maoidheamh an mogall múirneach,
Mar tá m'aigne ag teacht línn,
Daingne measgtha m'íntinn.



Cidh raghainn do ríoghacht mise
D'fhios diongna na díse,
D'eis ár rabhradh fá tuaith g-Cais,
Nách d'fhuath d'fanas 'n-a n-éagmais.



Acht gur mheas me gur folcadh a bh-fíon
Mar cách fá'n g-cith coitcheann,
Do bhéaradh, mar thárla air a meas,
Gráin anma air an órd éigis.



Gídheadh tráth, ó chidhim follus,
Go bh-fuilid sin gan sal othras,
Lán d'fheidhm dlighe dírge na mian,
Ag bréim re slighe sean rian.



Gabhaim leo mar roinn dho'm laoi,
Ó uaisle cip na contae,
Ní baoth gan dlúth-fosgaidh dhom,
Dá chraobh clú fostaidh cluduigh.



Cúpla caomh ceart, connail, caidh,
Dleacht chroinn díoghloma díonbhláth,
Cidh táid gan uabhar dá bhrígh,
Do crú uaisle na n-árd-ríogh.



Caomh-fhuil Cholla nár ob gliadh,
Is Bhriain Banba air aon rian,
Cá pór do b'aoirde ghaibh geall
D'ar ghaibh árd-aoibhneas Éireann?



Fear gan uaill gan taom gan tuire,
Plannda saor-thora Samhairle:
Flaith deigh-mheisnigh gan fioch 'na mhein
Do ghlan shleisnibh Eochaidh Doimhléin.



Cidh cur cúl re h-eang Uladh,
A tnút re treabhadh Tuadh-Mhúmhan.
Níor fhuaigh féile ná fos,
Tréite ba dú dá dhualgas.



Níor fhuaigh fós, cá mór tabhacht,
Múnadh maith ná macántacht,
Míne maith-mhein i n-a mhódh,
Caoineas caitréim 'n-a chrabhadh.



Beag aon fhlaith d'ár shioras
Is ion-churtha 'n-a chosamhlacht,
Flaith cathfeach gan claochlódh,
A g-cuíng caomhnas onóir is acfuinn.



Óir níor frith a leabhar 'na lic,
A g-crainn-taibhlibh 'ná a g-croinic,
Gur moladh le fíor-file fir,
Flaith tré mhiochair a mhaitheas.



Óir ní flaith acht anfhlaith bhloidh,
Fear caithfeas a lá agus a lomradh
Ag cur a maoine tair cheart
Gan árd-aoibhne, gan óirbheart.



Leanann ratha roghadh mná,
Rath nách lomthar a n-aon lá,
Rath síoth-bhuan nách g-cuirtear as,
Rath tré a m-buadhtar gac maitheas.



Pream na sobh le'r shil síth sean,
Tearc ionnamhail d'Isibéal,
Tárla mar chúbhar an chuip,
Aluinn iuil, is ionnraic.


L. 35


Scoth ríoghbhan tigh Táil,
Caor de'n fhineamhain fholláin:
Ní mairg le'r aonta a dreach
An bhéith bhárr leabhair Bhrianach.



Gach maith, gach mórdhacht, gach módh
D'ar h-ósnaidh 'san bh-féil mala,
Níor churtha d úghdar a suím,
Ós craobh chúmhdaigh da crobhaing.



Ní mholfainn í a h-ucht fola,
Caomhna clú na caomh-chrotha,
Dá m-beidhinn im' ghrínn-fhile dhil
Air n-déanadh drithre díchill.



Léi, dá bhrígh sin, do dhean socht,
Ní d'éad 'ná deabhaidh dúthracht,
Sochtfad fos le a céile cnis,
A tréithe gé furas d'aithris.



AN CEANGAL.



Ní mholfad sibh, a chrobaing dhile,
Bárr-ghlan buidheach,
Cidh follus dom go foirbhthe,
Gan fán gan fuigheall,



Doimhin t-srúth bhur g-coilithe,
De'n ársa fhuil aoird,
Do foilceadh as rolla língthe,
Lár na ríogh.



Gidh ollamh me chum loirgthe
Gach árd-fhlaith dhibh,
Óir tonnadh tuile rabharta
Gan trálach tríbh,
Mogall mullaidhe barba,
Nar fágbhadh a m-bruidín,
Sochtfad sileadh a nochtadh sin,
'Ná n-dála mhaoidheamh.



Ní mholfad sibh cidh forasa
Táir chách bhur ngnaoi;
Ní mholfad sibh, cidh osgailte
Bhur d-trácht a d-tígheas;
Ní mholfad sibh, cidh h-óirdhearc
Bhur n-dála, a dhís;
Is nách cogal chuirídh a bh-foirse chughaibh,
Ná sráidheach síl.



Críoch.


L. 36


B 1738ob 18L
U Anaithnid

AG SO CONSPÓID DO BHÍ IDIR Aindrias MacCruitín agus Art Ó Laoghaire, MAR
A DÚBHAIRT ART GO RAIBH AN t-ATHAIR IGNATIUS Ó DONNCHADH 'NA DHUINE
UASAL BEIRTHE MHUNA m-BEITH A MHÁTHAIR DO BHEITH DO MHUINNTIR NIALLÁIN.



ART Ó'LAOGHAIRE CCT.



Gabhaim do láimh an casuist cothrom ciuin glic,
Á labhairt na bh-faidhe, i sámh thlan socair scrúdas,
Rogha na stád-bhan mánla ngorm súileach,
'Sa thóghadh go bráth tar bhráithre an phobail conquest.



Ní bh-fuil cáim air Ignasius Ó'Dhonnchadha suairc,
Ní bh-fuil bár air a g-cáilibh ná socrughadh suadh,
Críth Chlár Luirc ba feárrde an buinne clúmhail buan
Acht fuigheall táill air, ó tharla dho socrúghadh a d-Tua'mhain.


L. 37


U Aindrias MacCruitín



Ní dual nách aithmhéalach Art,
Gidh fíréan ó sé fear fód árd,
Smuain bheith glan uaisle guirt,
Níor chian uaim-se dá múscailt.



Múscailt suain dradhruinge is díopa dán,
Smuainfeas uaim h-uaighneach do laoitibh lán,
Siubhalfaidh uaim duaithnithibh críche an Chláir,
Mar chúmhdach uaim dú-chirt dá ríogha ráin.



Clár leabhar Lughaid Meann,
An eang oirear mhín úir Aodha,
Ní ádhbhar tubha ná truím h-ucht a fuinn,
Dá m-bunadh aon.



Aon dá d-tráchtadh gnáthaibh gaoithe is guth,
Ná béim air ait, a rádh, gan bhrígh gan bhun,
Is léir gur dháil siad dáimh is draoithe guis,
Gan bhréig de bhárr air áigh 's air aoibhne suilt.



Sult ag sealbhadh i n-a g-croidhthibh,
Dá dhearbhadh nách daoite duairc,
Mar athaintear an tór ró a bhruithneadh,
Bruith cá cóir do'n chuire uaith.



Uait cughainn sgríobh á's cuibhe díbh,
'S gur bh'é do ghreann,
A n-uaim shultmhar shaoir,
Gan fioch gan faobhar air pheann.



A ua na bh-fuilteadh bh-fior,
Air fuinne ith na hÉireann treall,
'S ó bhruach na Siona shúigheas im' chuinne,
Bíodh gur léir do ghleann.



Do'n Ghleann na Ruacht róig,
A g-congnamh go léir libh,
A h-ucht gasraidhe an Chláir,
Gabhaim do láimh sibh.



Sibh do chosg go portaibh Ghlinn Ruachta
Is fhile fhoclach fhoise is fhíor-uasal,
A riglibh rosg mo chorp a ngíll uaim-se,
Gé dhlíghfinn fos go portaib grínn Tua'mhan.



Tuadh'mhain tais taoibh leabhar,
Maoine maise mór-shocair,
Maith a máighthe 'sa mín gheabhar,
A coill, a clóidh, 'sa coir thobair.


L. 38


Tobair eile fós is gléire tá muineadhaibh Fáil
Tobhar eachta is log na laoch biodh-mbhaidheach bádhaibh,
Tobar éigse d'fhosgladh dréacht na d-tuiltighil d-tadhail,
Socar aolmhagh fosgach féarmhar curaidhe an Chláir.



Clár na scol ní mholfainn féin mar ghníomh,
Acht d'fhánadh tosta an ghotha claon do chím,
Ag táinseadh fola Colla air chéad a chinn,
'S gur bh-fánach follus srotha a fhéin 'sa shíl.



Síol Cholla Dá Chríoch na mogall míonla meardha m-bláith,
Síol socra saoi ba doirbhe truaigh dearbha dáibh,
Síol cosgarach caoin, gan cogal tríd, ba calma cáil,
'Sa g-cúing fhosgach an gaoil, níor dhocarach dóibh, a g-cur
Chonnacht.



Dálaibh drithle dhuit ní dreannuighim tráith,
Do'n táin, gé dhlíghfinn dile is deagh-chroidhe ghnaith,
Acht caradhas is cion is chioth dhoibh teadh luidhin d'fhághail,
Gan táinseamh d'fhine air bith a shearc shaoi sháimh.



A shaoi sháimh shuilt ná buin bheith biadánach,
A slim dhán tur do bhruith na Niallánach,
'S gan fíor-mhádh agat na cuireata ciapala,
Gan cionádh agam re cluiche rian társa.



Tárrsa cidh thárla mór ndórchughadh faon,
A n-árd-cuirim ársa do chosain clú a g-céin,
Ó's ágh do go d-tárla do'n chosgar crú réig,
Ní náireach d'Iognáisius Ó Dhonnchadha an gaol.



A shaoi ghlan tá de'n árd-fhuil bhorramhail bhuan,
Ní dínse fánadh air fheadhaibh do mholadh dluthacht duan,
Is an aois do b'fhearr sliocht ársa Uí Dhonnchadha Mhuair,
Nárbh ísle air bheith táite a d-torcru go d-Tuadh'main.



Ní mhaoidhim fuil Táil ó tharla gur thóg tú uaim,
Ná díormaibh d'fhás ó'n mhághshruith m-brodsiubhail m-buan,
Ná aoin treibh tráth ar fhás air colbhúdh air cuard,
Acht saoir-shliocht ádhbhar álainn Cholla úir cuireadh síos.



Síos ó táid óchán is och chúig uair,
'S ní tríthe táim amháin dom' chothughadh a ngruaim,
Acht fuighlibh fáig dá rád 's dá lomughadh a n-uaim,
Dá aoirde an fás, gur tríthe torlúgh an tuart.


L. 39



Aindrias Mac Cruitín, cct. AG FREAGAIRT BHRIAIN UÍ CHONCHOBHAIR.



A Bhriain na bagair go baoth,
Is nách eagal le h-aon do ghliadh,
Má's tú is saor churadh siur,
Le caomhna na cúige shiar.



Go g-céad dod' ghairm is dod' ghaois,
Is follus do'n aois a baos,
Cidh h-árd do ghreadar gan gluais,
Níor chuibhe criothruais dod' h-aos.



Cidh lom do bhagara dob' árd,
Bí cuímhneach a sháimh-fhir shuairc,
Is feárr cú chognas an cnámh,
Ná chaitheas re gláim a gruaim.



Dá bhrigh, sin, amhais, mharcaigh bhúidh,
Dá thagara má's tu do thig,
Léig seachad gach bagara baoth,
Aét tagara le gaothaibh glic.



Ná ró mhaoidh mór do dhán,
Má soirbh, má sámh nó saobh,
Iar mheas an tobar ó d-tá,
Ní obaim nách sár-mhaith saor.



Gidh mar buinne dod' mheas,
Dá d-tigidh 'san treas tré bhaois,
Leig suil gan fuar tar ais,
Air uamadh bhur n-aisde arís.



Ná bhíodh do dhán suilt gán snas,
'Ná phruis phrais mar tá anois,
Is gach aon dá luadh leis,
Gur foghar eas fhuar gan fhos.



Cé deacairaide trom do thriall,
Cruibh se, a Bhriain, do bhán,
Gurab an aois leam úcaire léith,
Mar chlúinim go d-téir le dán.



Ná maoidh fós tríthe do thriair,
Is glé chlisde shiarad tír,
'S dá mhionca ráine is gach raon,
Go n-diongnadh aon ionad trír.



Dá dhearbha sin, cia aca is feárr,
Dá maireann dod' dháim amuigh,
Ná tuig go síorfad a síth,
Go bh-fionfad a mbrígh, 'sa m-bruith.



Dá dhearba fós gur tuigthe dhíbh,
Go bh-feicim do laoi, cé dall,
Gan freagra ní léir duit uaim,
A leigeann tar cuan anall.



Créad fá maoidhtídhe druim air druim
Seáfra an ghrinn nar char chródh,
Cé shéanfas na grian-bhrugha air chath,
A mhiannach, a mhaith ná mhod.



Acht mar theid iár ngarbh-shín ngéarr,
Ealtain éin cum bile ruis,
Iar locadh a bháir bhur ndréacht,
Moltar libh Seáfra gan chúis.



Óir is dearbh gur chian ro chlois
Marbhna an griain-fhir nár chas,
Suairc-fhear gan drithle gan drúis,
Bile guis bun fhoclach bras.



Dá mairfeadh Seafrá 'san nGleann,
Is dímhin do'n Ghleann gur díth,
Ní leomhthadh trudaire truaigh
A luidirne curtha gan fíghe,



Is dimhin gur ro bhinn liom,
A g-canair air ghleann na séas,
'Sis fíor go g-creathaim trém' suan,
Ná maireann a bhuadh do ghréas.



Gidheadh níorbh ionrádh dhíbh,
Ná rabhadar tírthe abhus,
Ba cuirthe a cóimeas dod' Gleann,
A n-innmhe, a ngreann 'sa ngus.



Sguir do bhaoth-bhláirnis mhóír,
Níl tabhacht re h-eolaidh anuimh,
'Sis tuigthe as eagar do ghloir,
Nách eagal do'n Bhóirneach sibh.


L. 40


Óir cé clé é crotach nó cam,
Is luinneach a lann chuim luit,
'Sis eagal d'fhear builg mhóir,
Go g-cuirfeadh air bóirrcne buid.



Má taoir-se air d-tearnadh ó Chiar
Tanag-sa 'san rian ó Chorc,
Ag sin na h-éiglibh gan fuath,
Éigneas ró luaith me ad' thocht.



Gid a chara an dhil déadh,
Má staidid ort t'éigse shiar,
Ná cagail mise re adlá,
Is geabhad read dhán mar bhiadh.



Acht tráith ná faicsin rem lo,
Má thairngid mise air mo thriall,
Re séad dhán saobh, ainios slím,
Air aithris do sgríbhinn-se a Bhriain.



AN CEANGAL.



A Bhriain mhiochair mhíonla 'sa shearc shaoi shuairc,
Do riaradh gan fiaidhile 'san ngleann Craoibh Ruadh,
Ní fhiadaim do chiapadh re cneas-bhruigheann chruaid
Cé riarfad gach b' athar da m-bainfíor uait.



Uait í Cheir chéim ghlic ná caill do chlú,
Ó bhuailis béim sgéithe ní h-am duit súgh,
Ba dhual duit éacht éigin is annsacht iuil,
Is ní truagh le h-aon t'éighmhe, má feantar tú.



Glaeg is goir ná ceil do cheasonnda,
Má shéanair troid ba geilt air athchlódh dhuit,
Má léightear dhuit tré mheilt do mheath ghlóirthe,
Beidh an teisg gan cheilt air sheilp do sheann tóna.



Ná géill-se tré bhaosradh gur fháisgfis sinn,
Fád' ghéibheanna gleaghartha gártha grínn,
'Ss téinneach air n-éigre lé'r tháitheas ding,
Gurab easba gan t-aonta-sa ód chábla . . .



Agus dá m-béad gan bé air bith go bráth ná brígh,
Acht dáedrigh lé bh-féadfadh a dheárna líghe,
Ní dhéanfad acht spéis bheag do thal do thrír.
'S dá réar sin, sin m'earlis ad' láimh, a Bhriain.




L. 41


Is fada me a b-péin óm' chéill air fán.



AINDRIAS MacCRUITÍN CCT.



Is fada mé a b-péin óm' chéill air fán,
Le taithneamh do Mheidhb na g-claon chocán,
'S ní fheicim do'n ghréin acht scéin da scáil,
Tré mheasta gur dúbhach léith beo me.
Air sean-fhocal é cuireas ceadta a bh-fháith,
Gur marbh gach aon ná saidheadtar fleadha,
Cár bh-feárra fá chéad dhamh éag a d-tráth,
Ná mairint mar taoim, gan mhaise gan bhrígh,
'Sis cealgach namhadach Cúpid claon,
A n-acharann sínte im' dróluinn.



Dá molainn-se air árd an bán-fhlaith mhín,
Rug barra tar mhnáibh a g-cáil 'sa ngníomh,
Níl tairbhe trácht 'na deághaidh air mhnaoi,
Dár dhealbhuigh an Coimhdhe cómhachtach,
Air a leacain ghil úr tá cúmtha caol,
'S gorm rosc ramhar mar dhrúcht na g-craobh,
A balsam ghob bh-fiú tá fhiúdhantach saor,
Lé'r leagadh gan bhrígh fir chanainn a g-crith,
Is go mairidh go bráth gan cháin do'n dlighe,
Le taithneamh do'n mhionla mhodhmhar.



Is fada 'sis fionn 'sis fann 'sis faon,
Bachallach búclach cúplach claon,
A gorm-folt dluith is lonnrach néamh,
Ó bhaitheas go bonn ag teachtain,
A Athair na n-dúl 'sa Dhúileamh aerd,
B'é an t-aiteas dar liom bheith ag sugradh leí,
Is baluithe cúmhra an túis ag téacht,
Ó fhriotal a beoil mhilis bhuig óig;
Sruinne na g-caor tré chaomhnadh an róis,
'Sa crithir a g-clódh mar aon ris.



Feach banaltra an ghráidh gé'r bh'álainn í,
'San bharra-chas bláith lé'r trághadh an Traoi,
Is Prosarpina air a d-táinig mian,
Tar fearaibh níor cúibhe do'n triur sin.
Gaibh tuigse dá réir, ciodh baotha breágh,
'S ná fuiling fir Éabha a b-péin dod' ghrádh,
Nó tiomáin do'n éag iad daon dul amháin,
Is geallaim-se dhíbh lá garma Chríost,
Gur acháran tréan t-sleacht gléire Gaoidhil,
Má treascarthar poinn do'n mhór-fhuil.



Cá'r bh'iongnadh an gráidhe nó an toiliogh óg,
Bheith tusalach tínn le mian dod' phoig,
Acht buile agus baois air an g-críon scológ,
Mar chluinim nách lámhfaid le labhairt ort,
Nár a miste do chlú-sa, a chúilfhionn chaoin,
A n iomarbhadh súd idir úr is chríon,
Cuirimse id' chúmhdach lúirtheach Chríost,
A casnadh do'n fhás gan gharg ghnás,
'S go bh'feicheam-ne tú fá chlú gan spás,
A n-aiste 'sa n-árus tórtais.


L. 42


Dá m-ba file me mór a b-prós nó a n-dán,
Le n-a suidhfinn mo chód mar Homer árd,
Do mholfainn air phoinnt a g-clódh 'sa g-cáil,
An Mhuiriceach ghrádhmhar dhóid-gheal;
Feicimís féach, déin an méid-se amháin,
A ngloine na féach id' conarán,
Ná taithigh bheith a téacht le taobh screabh láin,
Air eagla bhur a m-báis mar narcissus árd,
Má dhearcar go gléir do scéim ó d' scáil,
. . . an dáimh a n-éag sibh.



Críoch.


L. 45



Fada bhur g-codladh bhur g-ceas



AINDRIAS MacCRUITÍN DO CHUM.



Fada bhur g-codladh bhur g-ceas,
A éigse toghtha gan áird-mheas,
Ó táinig gé máigh na bh-fionn,
Álmhach oirbheartach éichtreann.



Bhur g-codladh fá chodladh saobh,
A dream cneasda na g-cruadh taom,
Ó thréigeabhar, truaigh an gus,
Rainn, duanta agus seanchas.



Ó thréigeabar, tré gruaim ratha,
Caomhnadh suairc na saor fhlatha,
Bhur g-codladh fá tuar tuirse
A thréadh uall-mharbh ionmhuin-se.



Codladh coireach, codladh guirt,
Codladh is docra do mhúscailt,
Cá suan is truime ná sin?
Dosa beidh ag árd-luirge léighinn.



Órd luirge na bh-fial bh-fear bh-fionn,
D'ár dhual áird-cheannas Éirionn,
A d-tréigion is damhna dom, uch!
An tréad oirbheartach uamhnach.



Tréad nár buirmeach, tréad nár thár,
Nár fhaomh buirbe báithmhal,
Cinn na g-cliar g-caomhanta g-cruaidh
Coinnle gaise na Craobh-Ruaidh.



Crann do'n bhoirb-fhiodh úir amhra,
Sinnsior na slógh, síneamhna,
Bláth na n-óg n-armdha n-dátha,
Seár deagh-dhealbhdha dian-cháthach.



Fear deogh d'ár chómhainm Corc,
Grian na-n-airgne n-eannrocht,
Ór ghabhlaigh ríogh-chlanna a bh-fad,
Nách dlígh díom-sa a n-dearmad.



Ar ghabhlaigh ó'n rígh-bhile Ruadh,
Ó's díom dlíghthear an deagh-luadh,
Sloinnfead cé h-iul taidhseach,
Ag ríomh an glún ngeinealach.



Triallfad-sa, ní taom deacrach,
Fá'n g-cloinn mheardha mhaidhm chleachtach,
Lorg fírbheach bh-fionn fhola g-Cuirc,
Do roinn dionn eolchadh amhairc.



Usaide leam a luadh,
Maoidheamh na m-bhoirb-fhear m-bioth-cruaidh,
Ar bh-fághail tréimse dá bh-fios,
Feabhas na réiltean fuaireas.



Budh é mo chead chrann dealbach,
Bláth na féinne Toirdealbhach,
Ceann na g-cliar g-coimh-chlisde g-Cuirc,
Grianda a n-íocfaidh 'sa d-tánaig.



Fear gan nead gan doimh díre
Íoldánach a aimsire,
Mac do'n ghríobh mheardha nár dhocht'
D'ar giall treabhadh dá thromdhacht.



Ní maoidhfear árd-ráth Uaithne,
Riar na dáimhe dorbh luaithe,
Beithir bhadhbhdha an ghaoith ghlóir ghlic
Deagh ua dearbhtha déigh-mhic.



Do chualamar tásg Mhaoileachluinn,
A m-béalaibh suadh is saoir-chearthuinn
Ua na bhfian ar nár luigh scíos,
Céid fhear le'r dialladh troim-chíos.



An míle do ling ós fiodh,
Le bh-frith urraim ar uaislibh,
Rígh-bheithir, cidh thosaidh dhe,
Ríghéin Rosa, mic Uaithne



Mic Maoileachluinn, mic Rudhraighe luinn,
Mic Anadh uall-ghlonnadh áluinn,
Bláith préimhe finn t-sleachta h-Ír,
Nár aobh frasabhra d'éin rígh.


L. 46


Mic Donnchaidh, mic Anadh dhil,
Mic Donnchaidh dá throsgaibh,
Triar áireadh dhos do'n choill chaoimh,
Mic Conghalaigh, mic Amhlaoimh.



Mich Maoileachluinn nár chogair uaill,
Gríobh toghtha na bh-flath bh-fíon fuair,
Mic Amhlaoimh mhór-ghlonnaigh mhir,
Nár dhóigh easumhla d'éigsibh.



Mic Lochluinn ná n-deacar n-dian,
Flaith cheann fine agus finn-chliar,
Laoch gusúr fá toghtha tol,
Do thuill cian-chlú dá n-deagh-scol.



Annso dealuighim réim theaghlach,
Síol g-Conchubhair g-Corcomach;
Dream gan chuímhreach, gan chuing,
Ní síol acht cnú do'n chrobhaing.



Mic Maoileachluinn fá nuaidh dreach,
Mic Arga na lann líneach;
Géag úr na saoir-éalamh so,
Ó'r fhás mór ngabhlain n-iomdha.



Uí Thiagharna, uí Arga dhil,
Uí Athasaigh, is úí Thuaithil,
Uí Dhuib-dhá-Bhoirionn nár mhion,
Ó'n m-bile adhbhachtach iodhain.



Mic Samhragáin úir faoiligh,
Dlíghim cuma a g-craobh-scaoileadh;
Uaidh uí Ithfearnáin gan chiadh,
Uí Chuilionnáin is uí Chaisiadh.



Mic Flaithbheartaigh flaith núidhe gá,
Uaidh uí Fhlaithbheartaigh laochdha,
Uí Nialláin, uí Bhraoin, uí Ceit,
A n-áird chrích mheith Árda Mhór chuirid.



Sloinnfead, ní ba deacair dhuibh,
Tar éis Flaithbheartaigh, Dubhruibh,
Gnuis dhealbhdha fá chéile céile,
Ní fhaghaim go leabharda a theaghlaimh.



Mhic Reáchtabhradh do threaghaibh;
Anso dealuighidh a theaghlachaibh;
Uí Bheacháin, uí Mhionáin luibh,
Uí Coindreagáin is uí Chonduibh.



Mic Mic Laoich fá tréine teann,
Mic Duibh, mic Ceallaigh na madhmann,
Mic Baothghallaigh, mic Maoile Duibh,
Ó bh-fuil uí Annracháin sheaghuin.



Mhic Fuiline, mic Seanaigh ghloin,
Ó bh-fuil uí Sheanaigh uasail,
Mic Aimhirgín an chrota chais,
Mic Táil ba cathardha cathais,



Mhic Bruic, mic Conbruic fhéil,
Mic Fraoich, mic Osgair aighmhéil;
Fo ríomh a g-cloinne 'sa d-treabha,
Mór an obair a n-áireamh,



Uí Fhloinn, uí Fhlanchaidh luinn,
Uí Mhearcacháin do'n árd-chloinn,
Uí Ghríobhtha, uí Mhongáin mhir,
Do'n chloinn-si uí Ghealbháin fhinn ghil.



Mac oile do Fhraoch chéadhna,
Cárthann cuana chruith dhéadla,
Níor dhearmadach tar chach línn,
Ó d-tángadar, clann Chruithín.



Mic Meisin, mhic meile oile,
Na n-dámh, na n-dearc liath chruinne;
'N-a réim-se ní thárla don,
Mic Eirc fheil-se, mic Chonchon.



Mhic Neachtain, mic Aodha Chuirb,
Mic Aodha neimhnigh, neamh-bhuirb;
Géag Leathan Ghuineach gnaoi,
Ús gloin do fuair deagh-chlú go bh-fiadháin.



Mic Aibhlithe, mic Meadhruaidh,
Mic Ollamhain fhéil, arm ruaidh,
Gnúis ghealtana nuadhbhog náir,
Mic Deagha dealbha, deagh-láimh,



Go Corc is fada mo luadh,
Bláth na flath-chuire fior-chruaidh;
Mál meanmnach fá trialldha teann,
Sinnsear uí Andha na saor-clann.



Do dhearbhraithribh Chuirc chnodhbha,
Ciar na n-arm-chur bh-fionn chrodha,
Gríobh chuilgneach fá niadha luighe,
Ó chlár chuilgneach Chiaraidhe,



Deagh ar bh-fulang a bh-fad dáil,
Slíocht Chéir choscraigh, chleacht cháigh;
Ní bh-fiú ag leanamhain dá b-préimh,
Dá g-clú, dá g-creacha, dá g-cinéil.


L. 47


An treas cnú Conmhac cóir,
Do'n chloinn loinneardha, lán mhóir,
Cia sóisear fá tréin-fhear teann,
An t-óg fhlaith fá laochdha conchlann.



Do chloinn-se Chonmhaic Chlíodhna,
Síor bh-Fearghail na n-áird-ghníómhach,
Síol ngráineamhal, síol cáigh cleachtach
Fá gabhláin iodhain oirbheartach.



Fillfead ar Fhearghus fhial,
Leanfad do'n réim righ-chliar,
Dearc gorm, nós fá h-úr croidhe,
Deagh-mhac Rosa mic Rudhraighe.



Mic Sithrigh, mic Duibh go mbuaidh,
Mic Foghmhair fhír-fheil, arm ruaidh,
Pór rígh-chliar go n-aoibhe,
Mhic Aimirgín fholt chaoimhe.



Mic Síor Láimh, mic Fhinn an áigh
Ríghthibh Éireann gan torchraidh,
Mic Bhratha, mic Labhradha dil,
Mic Cairbre cheannsa, caoimh ghil.



Mic Ollamhain, mic Fhiacha Fhinn,
Treoin Teamhrach na n-iath n-aoibhinn,
Mic Seádna mhoir ghlonnaigh ghlic,
Mic Airtrigh Mhóir; mic Éibhric.



Mic Éibhir Dhuinn, mic Ír áird,
Mic Míle dár bhuidheach báird;
Seanchas na Féinne go beacht,
Do léiridh leirg ainmtheacht.



Ó Ádhamh go Míle mhór,
Má's creidthe tráth gach leaghtar,
Áirmhíghtear gan púdhair a bh-fad,
Cúig fionn ghluine triochad.



Críoch.


L. 48



Aindrias Mac Inbheatha, cct.
Do Thoirdhealbhach Ó Lochluinn.



Deacair dréim re cineadh Rois,
Is aoirshliocht tréan uaibhreach Fhearguis,
Dream nách gabh asmuilt ó fhir,
An maicne arm-chorcrach suilbhir.



Ré cosnamh Banba na m-beann,
An fhóirneart léidmheach éichtreann,
Dóibh do dlígheadh tar fhóir Fháil
An mír curadh do chongbháil.



Iomdha gan ghó buaidh oile
Do fuair síad gan oirbhire,
Sluagh tairptheach na g-céim d-teann,
D'ár dhual oireachas Éireann.



Mar do thairg lucht na Banba
Sluaigh dáimh, éigse is ollamhna,
Tar cheann chuing riaghla an chirth,
Tar sean-tuinn siar do dhíbirt.



Cruinnighid d'éinmhéin uile,
Mar léightear a sean-fhuighle,
Cineadh Róigh na móireacht lonn,
D'fhurtacht na h-éigse á fhorlonn,



Tugsad uadha d'aimhdheoin cháich,
Clanna Rudhraidhe go m-buaidh g-conáigh,
Congbháil buannachta nár ghann
Do chuaine ealadhan Éireann,



Ó éigsibh, dá bhíthin sin
Tar Féinibh Ínnse Gaoidhil,
Do fuair siad a g-céim nách cruaidh,
Tos ealadhna go n-glan-bhuaidh.



A Thoirdhealbhaigh a chneas slím,
Aoigre na druinge a deirim,
Duit is dual d'fhiadhain na n-dámh,
Oighreacht na cuaine cruthnár.



Dlíghtear dhíne, a bheithir cháidh,
A ursa nách tréith a d-teangmháil,
Ar n-ealadha riot do roinn,
Ó thárlais idh' chnaoi do'n chrobhuing.



Móide is córaide sin,
A cuingidh eachtraigh airm mhir,
Do bhloidh ós árd mar go bh-fuil
'San g-clár reacht-ghlan so Mhumháin.



Le bronnadh seadh ar an dáimh,
Lé furthacht tréith is teannáil,
Lé cur gearsmacht ar an bh-fonn,
Re cosnamh gach laoi gach forlonn.



Lé teasgadh uabhair na d-teann,
Lé fosgadh d-truaigh is anbhfann,
Lé móir-fean géar ar reacht caoin,
Ré g-cruinnfeadh céim na chathaoir.



Lé dúil a g-caidreamh na suadh,
Lé h-éisteacht fuighle deagh-dhruadh,
Lé congbháil riaghla na sean,
B' iomradh a fhialmhair do dhlíghthear.



Do mhúr gidh tairptheach im nóin,
Is iomdha ria g-cuirm g-comháil,
Mórdhail éacht dá luadh gach seal,
Ag trom-dháimh éigse is oirear.



Ceol crot a faoidheadh cháich,
D'áirdeochadh croide ó dhíombáidh,
Is gáir gheocach gach re n-am,
Minic do reodh 'san tearmann.



A mhic Uaithne na n-each seang,
A ursa fileadh Éireann,
Lé comaoinibh sead go dil,
Do leanais saoir-chéim do shínnsir.


L. 49


Lé cosnamh cháich a bháir Chas,
Ar mhaith, ar mhéin, ar eolas,
Duitse a n-éacht d-toirbheartach d-truim
Dlígh tar éin neach urraim.



A gnúis fhialtais nár éar neach,
Doiligh linn bhur g-Cáisg dúbhach,
Éag do bhain-chéile chaidhe,
Do Mhumhain is fáth díombáidhe.



Cá h-iongnadh sibh a chneas slím,
Beith tuirseach mar adeirim,
'S gan éinneach d'ár fhás fa seach,
Fád chas-sa gan bheith tuirseach.



Do thréig éasga a deas 'san bh-fonn,
Do mhuigh díle is fearthonn,
A g-cóighidh mhich Dáire Dúinn,
Tré bhás na géige luaidhim.



Air mhnáibh suadh go m-brataibh sróill,
Mo nuar! tré bheartaibh dobróin,
Tig meirtne, cá boichte cás,
Mo léan! is docht an dólás.



Fáth dobroin do leath Mogha,
Bás inghine Dhonuchadha,
An ghéag fhial do shár-fhuil Chais,
Nár lánchar éin chéim díomhais.



Úireasbach bocht, dá bhrígh sin,
Ó theasdaigh a g-craobh dídin,
Úird chráibhtheachta chleachtas cuíng,
Feasda ní feas an doruing.



Marthain dá h-anmain a nglóir,
Ó'n gCoimdhe gé fuair onóir,
Buan mhairfeas a bloidh abus,
Ag cách mar aon sa doilgeas.



Ua na bh-fearchon nár ear truaigh,
Dar léigheadh treimhse an Craobh Ruaidh
Sár-mhac Uaithne na n-arm lonn,
Nár leag aon tuagh a g-camhlonn.



Do cheangail gaol le Síol m-Bloid
Áird-chéim saor nách cás dearmaid,
Gidh líonmhar a cháim chiabh Chas,
Ré áird-thriath Fail do chomhgas.



Sliocht Arga uile fád' smacht,
Gairm sár árdaidh do chomacht,
A chaith leomhain fá tréan troid,
A mbeirt gleoidh ghéar ré námhad.



Ua Mheidhbhe ó Chruachán m-brais,
Ua Chuirc mhóir-éachtaigh airm ghlais,
A ghéag chúmhra ó'n Ráith chair,
Dréim réad chluasa is deacair.



AN CEANGAL.



A ua na bh-fearchon do chleachtadh an Craobh Ruaidh seal,
Buaidh do ghaisge, gur feasach do'n taobh thuaidh, is teas,
Buan do sheasais do thalamh ar thréan t-sluaigh Chais,
'S ag ruagadh Danar níor feacadh do gheagh chruaidh gheal.



Críoch.


L. 50


B 1714 18T
AINDRIAS MacCRUITÍN, CCT.



Air bhás Dhonnchaidh Uí Lochlainn AD. 1714.



Ochán mar síosadh síol Róigh
Is torchrádh tríom-sa mar táid,
Doiligh dham ár n-aithne a n-iuil,
Gan agam acht liú ar a n-áit.



Is mairg file feasach fíor,
Ná seanchaidhe is searcach séis,
Do mhaireas re sloinneadh a súis,
Is gan súil re a n-aithghin dhá n-déis.



Dá maireadh Athairne aobh,
Ná Dallán daoir-bhreathach druaidh,
Do chaoindís is iomad leo,
Téarnadh síl Róigh do luaidh.



Cá ngabhaidh biataigh ná báírd,
Nách cluintear ós áird a bh-fuaim;
A n-diaigh roighne sleachta Róigh,
Ní áirmhim deoraidh ná druaidh.



Is nár frith a g-cart ná g-clár,
Ar oirbheart, ar ágh ná ar uaill,
Gur fhás d'fhuil ghlan Gaoidheal gléir
Flaith díorma dob' aobhdha duail.



Gé dhlíghfinn chúmha is crádh,
Tré dubhach sleachta ádhbhail Ír
Ní tríotha is dísle mo bhrón,
A n-ísle cidh chóidh a mbrígh.



Act dul sleachta Chuirc na g-cliar
Mac Fearghusa fial mhac Róigh,
Mar táid na cuingibh nár chlaon,
Fúighte faon 'na g-cosair chróigh.



Ré réimheas sian seacht g-cead déag
Do bhliadhnaibh is caogat slán,
Ó teacht Chuirc chleacht chosgrach chruaidh,
Go n-íomad sluaigh dó'n Bhoirinn bháin.



Ní raibh an chríoch cobhsaigh cháidh
Gan chodhnach áigh nó fear gill,
Go dul Donnchadh do'n chrú chian,
Fá chumdach na criadh do'n chill.



Gé tá óg-fhlaith bhos-glan bhúdh
Ar mharthain do'n úr fuil fhír,
Ní h-adhbhar díomdha mo rádh,
Ní mholaim mur dhamhna dín.


L. 51


Do bhrígh, tráth leathas anuas,
Is casas ó chnuas go bh-feó,
Bídh go mairfeadh seal faoi bhláith,
Meastar tráith nách bile beo.



Gidheadh a n-eiric t'fhala, a Dhé,
Breagnaidh mé, is bain dom róinn,
Is deonaidh tré dhreas do ghrás,
Athchraobh d'fhás ó chneas an chroinn.



Acht gé chaith rae fada a réim,
Is doiligh déin nár chaith ní is sia,
Fear dob' aobhdha cruth is cáil,
Fear dob' fheárr caomhna is ciall.



D'éis a dheaghluigh re crú Rógh,
Cá bh-fuighidh a mhórdhacht, na mhaith?
Dar leat níor leath-laogh dhá chich
Fa Gaodhal fíre, fá flaith.



Ráinig fós ó'n Chuirc ó'r ghluais,
Mar bhuinne ghluaise ara grás,
Ar m beith gan chealgaib gan chruas,
Nár faomh truaille ná tlás.



Ua Rudhraidhe is Rossa Ruaidh
Ar úrchroidhe 'sar uaisle a méin,
'S ba lór tréith dhírghe is tlás
Da róim aoirde d'fhás a réim.



Fuaras táitibh 'san t-saoi,
Rug annsacht mo chroidhe 'na dhiaigh,
Ní labhraim ar ghloine ná ar ghnúis,
Ós tiodhlaicibh túis tug Dia.



Mar tá triath tromdhacht gan taom,
Fial lonnradh féidhme is iocht,
Tadhbhacht, tuigse is tnúgh,
Bheith bladh chunnail búidh gan briocht.



Iomdha cruth a n-éagcruth uadh,
Is dearcaibh cuanna dá crúdh,
Is tíghthe greadtha ar mionn bhun mear
De druim éaga an mhionn ghloin bhúdh,



Ua na bh'fionn-fhlaith fá maith méin,
Dá chaoineadh ní mé amháin,
'San g-cóigidh, ní fáth ráidh rúin,
An ráibh úr fár gheabh mo láimh.



Éagnach thríd dá truime atá,
Ní h-ionann ó a lán is uaim,
Is nách fonn maoine dom' ró,
Do ním dhé laoithe duaim.



Acht d'fheart ghreidhm tuirse agus cráidh,
Is d'éigion bádh bhruithne, is bróin,
'S dá dhearbhadhgur mhaoith mo mhian,
Ní caoiniomh 'na dhiaigh rém' ló,



Mo gheall, mo chuimirc, mo chuan,
Mo luinne is luan me luim,
Mo cheann fine fola fós,
Mo bhuinne tós, is mo shail buinn.



Is dá m-beadh gan dleacht fháth dom' ghréas,
Crú nách cloinfinn a ghaoth cróidh,
An crann déigh-mheisnigh gan fhíoch,
Fríoth do ghlain-sleisnibh Róigh.



Mhaoidheamh a fhola a h-acht a ghaoil,
Ní thuigim a bh-fuighe, ná bhreis,
Do bhrígh, má seasmhach an crann,
Nách ionchurtha teannta leis.



Óir cidh maith Búrcaigh lé rádh,
Is díoghluim árd fóla Briain,
Lór a rádh gur cleath do'n chraoibh
Nár cealgach le claoine riamh.



Filidheacht ná fuighlibh frás,
Ní chuiriomh mar phlás im' laoidh,
'S ní mó do bhainiomh ré luadh,
Saobh ghotaibh suadha tré'n aoidh.



Léigfead fós gan easba díom
Reic aighníomh, ná teasda a thréith,
Acht amháin, gan líon dréacht luadh,
Gur b-fíor Ghaodhal flaith uasal é.



Biodh nár shealbuigh moch na mall,
Dré dhochmadh Gall fuinn a shean,
Maith an éiric ionnta dhá,
Lonnradh na glóire gur lean.



Acht cidh teasd do'n bheatha cé
Lúghaide is lenn a dhul uain,
Ciodh gur deasgadh díthe an dáil,
Ós feárr nách bás dá ríre fuair,
Brígh, cídh théarnas a ngrás Dé,
Nách bás é éag acht beatha búain.



Dá bhrígh sin, cidh doiligh dúr,
Is dealuighthe Dúnn le ciach,
Ó nár bh-fiu cara ná caomh,
Beidh eanaire saor ní is sia.


L. 52


Seacht g-cead deag bliadhain go beacht,
Le háireamh, is seacht fá dhó,
Ó theacht Mhic Muire a g-clí,
Do dháiligh síth dá gach slógh,



Seacht sian laet'bh fada fós,
Ria d-teachtain do'n fhóghmhar mhoch,
Go cumhdach a chuirp fó chriadh,
Tug cumhadh im' chliabh-sa, is och.



Críoch.




A Chláir eochair-mhilis, mhothardha na mion sreabh m-bláith,
Is sámh socair thig do lomadh dhuit fád' ghrian-fhlaith gráidh,
Fál foiris fuilt na crobhuinge dár ghiallais páirt,
Is slán othruis luit is tugtha dhuit fá Dhia go brách.


L. 53


B 1728 18T
Créad fa n-uaibhrid a chéile



AINDRIAS MacCRUITÍN RO CHAN.



Créad fa n-uaibhrid a chéile,
An uaisle is an fhir fhéile?
Dá chraoibh gan chríne gan chrith,
Do chine mhir mhín Mhíleadh.



Cidh fá n-uaibhrid cuanta a cheile tais?
Fuigheall na h-uaisle is tuaim na féile frais,
Dá craoibh gan cruas nách buailfidh béim tar ais,
Do'n ríogh-fhuil thuaigh, 's do chuaine caomh dhil Chais.



Caomh-fhuil Chais d'ár bhuidheach báird,
Is sliocht ainmhear áirdh mhic Róigh,
Cá treabha d'fhuil Ghaoidhil Ghlais,
Ar fhuinneamh ná ar uaill ba mo?



Is mór mo thnúth do'n chúpla riamh 's mo bháigh,
Le cómhachta an úird ó dhlúith Dia na ngrás;
Ba stór dom umhail a g-cúige cian an Chláir,
An ógluid úr, 'sa cuingidh ciallmhar cáigh.



Cuingid nár chuibhe beith cruaidh,
Do súgh cíche na Craobh Ruaidh,
Mar fhás gan truaillneadh gan t-sal,
Go mó séan uaire 'na nóchar.



Ó's nóchar milis é, cuirim fé bhrataigh na n-órd,
'S go ró bh-feicidh se a mhic 'na d-tréad meardha a m-bród,
Ó's dó do cineadh an bhé mhiochair, shéim gheanamhail óg,
Go deoigh gur silidh séin, Isibéal Ní Caithiosaigh dhó.



Dóibh ar aon theas croidhe,
Ó dhlighim dreas dom deagh-laooidh,
Nárb lúghaide a m-boire séimhe,
Mar táim orra a g-cóimhéile.



Éiliomh druaidh dualgasa deachtamhail diún,
Éadach nuachair, fuair mo shean róin riamh,
Ó'n bh-Féin ó'r ghluais, an stuaidhre flaitheamhail fial,
'S creacht do chuaidh má g-cuard gan cneasughadh air Bhrian.



Le Brian go h-am chuibhe,
Dhe réir úird na séin-fhile,
'S le a chéile dreach náir dil,
Ní dhlighim fadáil fuighligh.



Fadáil fuighill gé dhlighim, no duanta diú,
Is teannáil fuinn ag gríosadh luaid mo phínn,
Mar anair dhaoibh, a dhís, dréacht uasal ghrínn,
Acht tré theas ghrádh tríom, ní sgríobh go h-uair iomchuibhe.



Ní sgríobhar go h-am oile,
Acht téarma na h-aimsire,
Fár aintaidh an fial fuinn,
Brian 'sa chéile a n-aon chuíng.



Fó chuíng na cléire is naomhtha brígh agus beart,
Tar cuimhin béil, ba léir a sgríbhinn bheacht,
Ó aois Mhic Dé, go h-aontaigh ar n-díse a g-ceart,
Mile saor. seacht g-cead, seacht d-trí 'sa seacht.


L. 54


B 1738ob 18L
AINDRIAS MacCRUITÍN CCT.



Do Mháire, inghean Uí Ghráda bain-chéile Thoirdealbhaigh Uí Lochluinn.



Créad nách canfuinn cúpla bhéarsa ar aisde thúta;
Ó's léir gur leamhas dúinn-ne ar dhréacht díle tádhall,
Do'n t-séaghain t-searcaigh t-súil-mhear, dhéadla ghasda ghnúis-gheal,
Bhéil-ghlic mhéala bhuidh cheart, mhéin miochair mhnámhail.
Is dá m-beinn air fad a n-úr-sruth na Naoi m-Ban n-ait air n-ionnladh,
Ba dréim tar ceart dom chunntas na caom luide thrácht,
Air mhéin, air mhaise, air mhúnladh, air shéimhe, airthaise, air thionngnadh,
Air éifeacht, beart, 's air iomchar chéille is air cháil.



Taid déata is daingne dúla na séala a n-aice a n-dúbhairt me,
Ag téacht isteach na siuntaibh go saor tuilte sámh,
Nár thaobhuigh macnas múirne an aobhghlan aruid ur-ghlan,
Maoitibh meara múchta, na méin léimhe mná,
Acht tréithe is teasda tnútha bheith dréim lé dleacht a dúthchais,
A bh-féile, bh-feacht, 'sa bh-fiuntas, cá séad fine feárr?
Is téígle thaise thromdha, mar aon re cneastacht chonnla,
Is éigion aire air íonnrámh gach faon cuire fán.



Dá m-béinn im' fhile rusa do léighfinn gloine a gluise,
Do réir mar shuig an Dúiliomh go deagluighthe a dáil,
Is néamh an lile ag lonnradh, mar aon ré crithre connla,
'N-a h-éadan iodhain úr-ghlan is scéimh druite scáil.
Caomh-chorp cailce cúmtha dá ngéillid mama mionnradh;
Is déad gan alt gan fhonnsa, gan aerde gan fhán,
'S gur thréigion truime is túirse d'aon a meirtne smúide,
Bréithre briochta a búidh ghuibe, séis mhilis d'fhághail.



Tá craobh-fholt crathach cúplach, dréim neach daithte dlúith tiugh,
Peárlach baclach búclach, táerse go trácht,
Is gléire ghlaise an drúchta ré n-éirghe maidin t-samhraidh
'N-a réim-ruisg rachtmhar ramhra is réaltannach ráil.
Léire, is luige, is lúithe na méar is fuide fionn-chrobh,
Séime, is singe, is úire 'n-a saor bhruinne sámh,
'S do réir mo thuigse is mhiula, níor raoba air dhlighe an dúile,
Dá léigidh duine a rún lé idir ghlaodh choiligh is lá.


L. 55


A chraobh gan mheath gan mhúchadh, do phréimh na n-aithreach n-úra,
Dá ngéilleadh treabha is trúpaibh tréan-ruire is táin,
Is bláith an aiceacht dhúmh-sa, beith dréim réad theasda mhusgladh,
Is éigse maithe an chúigidh dá leághadh dhuit gach lá.
Acht mar aerde meas do'n dúthaigh, gan bhéim, gan bhrath, gan bhrúgha ar bith,
Do chéile leaptha cúmhdaigh caomh-luite cáir,
A Dhé bheir ne ar an dúladh, is réidheas gach deacra dúra,
Léig mar aisge liom-sa, go saoghlaighthear slán.



A ghéag do'n chasna chúmhra, ní dead ná d'easbaidh dúthracht,
Fár thréigeas seach do dhún-sa, na téacht tric id' dháil,
Go léighfinn mar ba dú dhom, craobh do sean go h-úmhal duit,
Sgéalta ceana cúmtha dréicht dhile is dáin,
Acht creidhm is ceas na cúige, do shaoghad trém' chneas anonn me,
'S do léig a ngalar dúbhach mise, téiglighthe tláith,
Gabh féin a chara connla an sgeal go leathach líomsa,
Ó's d'éigion leara is lionn duibh gan mé t'fhios gach lá.



AN T-AMHRÁN CEANGAIL.



Is nár liom mo ráidhte gan longadh do luaidh,
Do'n bhláth luid ó thárla nách cogal don' Chruaich,
Ó's ágh dom go d-tánag ar lorg na n-druaidh,
Nách dán maith tá ag Máire ní Donnchaidh uaim.



Críoch.




MEIRGE NÓ SUAITHCHIONTAS UÍ LOCHLUINN BÓIRNE



A g-campa Uí Lochluinn dob' fhollus a m-bláth-brat sróil,
A g-ceann gach troda, le cosnamh do láthair gleo,
Sean dair thorthach ar g-cosnamh le mal go cóir,
Is anncoir gorm fá choraibh do chábla óir.



B 1738ob 18L
U Aindreas MacCruitín
Aindreas MacCruitín, do chum Air bás Uilliam



Is é do bhás Uilliam do chealg me,
Is d'fhág Baisgineach gan greann tar h-éis,
Is na gártha ag céadhta fear againn,
An tráth bhrathamaoid ár g-ceann-suilt réig;
Árd-fhuil triatha Banba lán d'anfadh,
Tré léanta an sgéil,
Bládh na m-Brianach g-calma, mac Samairle,
Agus clann Mhic Céin.



'S do b'annam leat-sa, a chara dhil,
Dul ó Aifreann go teampall prayers,
Uch! m' anacra an gharbh leac air d'asnacha,
Is tú a d-teannta ag daoil;
Ccá ngabhann neart do rathacha,
Ná an labhairt suilt bhí id' cheann-sa a n-dé?
Le go n-abaraid faoi ghlasaibh cip,
Go daingean druidthe fann gan réim.


L. 58


Bliádhain ghlan is go taca so,
Do ghlachais galar cóím is cléibh,
Do meath dá d-trian an arabhair,
Is d'aistrigh air dhuíbheacht an spéir;
Níor fhan gabhail air iasg a bh-fairrge,
Ag sin slata is líonta a bh-fraoch,
Ní gnáthach grian ag spalpadh orainn,
Ag sin anfadh air an d-tuinn is faobhar.



Ba lannamar do sheasam-sa
Air fhaithche amuigh nó a lathair éacht,
'S gach ar ghlacais-se dho'n airgead so,
Gur scaipis-se 'san tábhairne tar éis,
Air aisde suilt, air aigeantacht,
Do b' fhéarra clú, cáil is méinn,
Is do shamailt-se níl eatortha,
Is do meathadar ó Chlár go Léim.



Mo chreach! mo bhuinne fada singil,
Gasda clisde géag ghlan leabhair,
'S gurab a bh-fearann Cille leagamuir-ne,
Fear is file dhéanfhadh greann;
Ceol ba binne ag teacht, na fiddle,
Cuach air bile is éanlaith air crann,
'Sis leat-sa ár nguidhthe air fad go h-uile,
Go Parrathas Mhic Dé gach am.



Críoch.



AINDRIAS MacCRUITÍN, CCT., LEIS AN ATHAIR SEÁGHAIN UA FINN,
.I. LE N-A MNAOI THIGHE.



A dúr-bhean chráidhte an árus aoibhinn ait,
Do dhiultuigh dom páirt gan fáth is an oidhche ag teacht,
Dar liom, a Sheághain, is nár mar sgríobhaidh stair,
Is gur fionn atair, is tá fhios ag Dia nách h-eadh.



Críoch.


L. 59


B 1794ob 18D
U Muiris Ó Gormáin
Cumaoin uaim ar sliocht Cathaoir.



Cumaoin uaim ar sliocht Chathaoir,
Laochraidh Laighean na d-tréan tacar,
Fine is féile a g-crich Banbha,
Beithre beodha cath-chalma.



Ó's díobh sin le luadh anois,
Tomás óg mhac Seamuis,
Mo chuairt féin 'n-a dháil go dian,
An saoir-fhear sáimh 'sa fír-fhial.



Dáire Barrach na g-comhlann g-cruadh,
Mhac Chathaoir chathaig na d-trom-shluagh,
Is dá ghéaga geinealuid go beacht,
Tomás uasal na n-déigh bheart.



Tomás Ó Gormán an chrotha chaoimh,
Mhac Séamuis shuaithnidh na n-árd-ghníomh,
Mhic Donnchaidh an mhúir mheadhraigh,
Mhic Maoileachlainn an mhóir-theaghlaigh.



Mhic Donnchaidh ó'n Moin Mhóir,
Do fuair ó éigsibh onóir,
Agh riar cliar is aois gach ciuil,
'Sa cathughadh fann-bhocht le deagh-rún.



Is gairid lá ag lucht an toighe,
Mur a m-bí tú do chomhnuidhe,
'S do bhriathra blasda binne,
Go d-tóigfeadh dobrón is doghruinge.



Is mo chrú Chathaoir Mhóir do'n fhial,
Mo Thomás óg go móir-mhiadh,
D'ar cheart féile is eineach,
Ceap na fréimhe dob' onórach.



Chuaidh do chlú thoir is tiar,
A bh fogas duibh 'sa n-eidirchian,
Tré h-féile, h-eineach is h-aoibh,
A ghéag geineadh ó'n órchraoibh,



Do thoiligh Dia dá ghrása
Go bh-fuair sibh céile díongmhálta,
'S go m-biadh oighre díleas dleacht,
Is triath ó m-Bairrche dod' fhréimh-shliocht.



Go Lúndain má tá bhur d-triall,
Dia bhur g-coimhdeacht gach éin rian,
Dia bhur n-dídean ar muir 's air tír,
A ghnúis aobhdha gan tathaoir.



Do fuair sise céim tar mnaibh,
Alicia ghruaidh-dhearg dreach-náir,
An stáid-bhean, air áille, air scéim,
A n-eagna, d-tuigse, 'sa n-déigh-mhéin.


L. 60


B 1738c 18L
U Aodh Buidhe Mac Cruitín
AODH BUIDHE MAC CRUITÍN, CCT.



Air bhás Aindriais Mhic Cruitín.



Ní buan brón go bás ollaimh,
Truagh an cás a d-Tuadh'uin,
Móide is léan a leagadh,
De thíg éag na h-ealuídhne.



Cia dár d-teangaidh anois bhias
'Na chodhnach ó dh'éag Aindrias,
Ná teagasg na n-Ogham n-docht,
Le mór ghrádh is le dúthracht.



Ba file gan bhrón gan mheabhail,
Ba h-é an saoi suadhamhail,
An dán uaidh sin ba bínn blas,
Ó sé ba bhuime do'n eolas.



Ba h-é an t-éigeas saor sotail,
Dealbhthóir na n-dubh-fhocal,
A sé do ghealas an glór dubh,
Ba lór a fheabhas d'ollamh.



É ba sgribhneoir sgagtha,
Ba léighteoir fíor-ghlan foghlamtha,
Ba séanchaidhe sáir-riaghlach saor,
Seasamhach sáir-mhianach soiléir.



Níor mhór dá mhianach 'san tír,
Do lean riaghail Mhic Cruitín;
Níor cham an seanchas saor,
Anamh na bh-feannachas bh-fíor-chlaon.



Dearbhráthair do'n eagna áird,
An seanchas ráid ríogh-bhaird,
Má déantar í gan forbhás,
Is bráthair í do'n úghdarás.



Do lean Aindrias géin dobhair,
An dáimh díreach tré riaghail,
Gach duain gach dán do rinne,
Ba le ceart cruaidh céilidhe.



Do lean Aindrias air d-túis,
An eagna a sé iomthúis;
'Sa chéim níor shalach abhus,
Go n-dearna bealach go flaitheas.



AN CEANGAL.



Níl dáimh léigheanta a g-Clár Chéin, ná urradhaibh eoil,
Ná sás déanta láin-dréachta a bh-filidheacht chóir,
Ná lámh léar-chur áird scéalta ár g-curaidhe a g-clódh,
'S ná trácht aon 's gan Aindréas Mac Cruitín beo.



Críoch.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services