Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mangaire Súgach

Title
An Mangaire Súgach
Author(s)
Mac Craith, Aindrias,
Compiler/Editor
Comer Bruen, Máire agus Ó hÓgáin, Dáithí
Composition Date
1735
Publisher
(B.Á.C.: Coiscéim, 1996)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



FÁILTE ROIMH SHEÁN CLÁRACH



Fáilte tré fháilte agus trí
roimh Sheán an fhíorfhlaith ba shuairc,
fáilte do dháilim ó chroí -
'sé ardfhuil na saoithe is na sua;
is fearr liom ná fáltas an Rí
bheith láithreach san mbinse gan ghruaim
chun ráite an dáin ins gach laoi
do thrácht is do shuíomh san reacht nua!


L. 45


AN BHÉITH



Scoir feasta ded phlás, ná trácht go héag arís
ar t'ainnir cois Máighe, cé hálainn spéiriúil í -
is feasach nár tharla id dháilse an bhéith do ríomhaim,
an bharrfhionn tais bhláith do ghrás, pé in Éirinn í.



Tá a carnfholt carnach ceáfrach craobhach cruinn,
a pearsa uile tá gan cháim gan taom gan teimheal,
níl maitheas le fáil, níl cáil ná méin i mnaoi
nach feasach san mbáb do ghrás, pé in Éirinn í.



Cé ainnis mo cháil is gur tharla im réic gan chrích
gan aiteas gan fáil gan aird gan scéimh gan ghnaoi,
ina bhfaca de mhnáibh níor sáthadh saeghad im chlí
gur cheanglas páirt lem ghrá, pé in Éirinn í.



Cé fada le fán mé is gur tharla 'om chéill ar baois
le taithneamh don mbáinchnis mhánla mhaorga mhín,
ní scarfad go brách léi - bláth na féile - 'sí
atá im aice cois Máighe, is í a ghrás, pé in Éirinn í.



Gluaisidh, a chairde, le gardas gléastar píb;
buailidh an clár is tráigh go héasca fíon;
suaithidh an cárt le hábhacht is glaoidh arís
faoi thuairim sláinte na mná, pé in Éirinn í!


L. 46


B 1735-39 18L



AR AN MBLÁTHBHRUINNEALL



An bhláthbhruinneall bhláthmhilis bhéasach
bhláthmhiochair bhéaltanaí mhódhail,
le grá geal dá bláthchruth do chéas mé
agus d'fhág mé gan tréine gan treoir;
tá a bláthfholt go bláth-thiubh ar dhaoldath,
's is bláthshnoite a haolchrobh gan smól,
is bláth-thuigseach ráite na béithe,
's is bláth an uile ghéag di go feor.



A ghrá ghil, do ghrás-sa thar aon tú,
is do ghráfainn dá mb'fhéidir níos mó;
do ghrás tú, a ghrá ghil mo chléibhse,
le grá dil dod mhéin is dod chló;
ó ghrás tú, a ghrá ghil is a chéad shearc,
do ghrá-sa ní shéanfad lem ló -
is do ghrá-sa is mo ghrá-sa má réabtar
gan grá ceart ag aoinne go deo!



A rún ghil, mo rún tú go n-éagad,
mo rúnsa lem ré tú is mo stór,
is gur léigeas mo rún duit thar aoinne,
mo rún tú is mo chéile lem ló;
a rún ghil na rún gceart ní léigfead
mo rún, tuig, le haon bhean id dheoidh -
is do rúnsa is mo rúnsa má scéitear
gan rún ceart ag aoinne go deo!


L. 47


A chumainn na gcumann, ná tréig mé,
is go bhfuilim in éagruth id dheoidh,
is gur cumann do chumann ná tréigfead,
a chumainn, go dté mé faoin bhfód;
ó thugas duit cumann is géilleadh,
mo chumannsa a shéanadh níor chóir -
is, a chumainn, mo chumann má thréigir,
gan cumann ag aon bhean go deo!



A chara na gcarad, ná tréig mé,
do charas le saorghean ar dtóis;
mo charaid, a chara, go dtréigfinn
is do rachainn i gcéin leat ina dheoidh;
ní caraid dom cara ná céibheann
ach cara na béithe seo am bhreo -
is mo charaidse, a chara, má thréigir,
gan caraid ag aon bhean go deo!



A ansacht na n-ansacht do chéas mé
le hansacht dod mhéin is dod chló,
bíodh do rogha agat mo shamhailse mar chéile
nó dunsa gan véarsa, agus fós,
a ansacht, ná santaighse baothlach
ná stumpa ná réidhfeadh do bhrón -
agus m'ansachtsa, a ansacht, má thréigir,
gan ansacht ná ré agat im dheoidh!



A stór ghil, mo stórsa thar aon tú,
is mo stór tú go n-éagfad, dar ndóigh,
is stór mé, a stór ghil, gan tréada
is gur dóigh leo gur réic mé gan fód;
beidh stór aigem stórach, ní baol duit,
beidh bólacht gan baochas, is fós,
a stór ghil, do stórach má thréigir,
gan stórach ná ré agat im dheoidh!


L. 48


A chumainn na gcumann, mo chumann is mo rogha thú, is feas,
is gur cumann mo chumann, a chumainn gan cham gan chleas -
ó thugas duit cumann, a chumainn, le gean is searc,
mo chumann do chumann, a chumainn, is gabhaimse leat!


L. 49


ÓL-DÁN AN MHANGAIRE



Nuair a théim go ti' an tábhairne is gnách liom fuireach oíche ann,
agus buíon shultmhar shásta ag ól sláinte im thimpeall,
mar ba mhian liom an t-árthach bheith lán gan aon chinnteacht
agus gasra bhreá ghrámhar nár ghnáthach bheith cuimseach -
siúd ort féin sa cheart, a rúin ghil, suigh lem ais,
bí súgach is ól do dhram as an gcrúsca so go pras,
go ndiúgam é go cneas is go nglaom tuilleadh isteach;
is, a thréinfhir, ná tréig mé!



Glór píbe agus veidhlín, agus ceol cruite gan aimhreas
níor mhór liom im thimpeall ag ól puins go meidhreach,
nó beoir mhaith is saghdar is iad á ndiúgadh le hintinn,
is go mba leor liom mar shaibhreas iad a rúscadh le hadhmad -
dob fhonn liom sin mar cheacht, gach n-aon ag ól a dhram
go fiúntach córach ceart is an crúsca a chur thar n-ais,
ag tnúth le tuilleadh a theacht go ndiúgaimis go pras
ag ól sláinteacha a chéile!



A chuideachta bhreá bhéasach atá taobh liom san gcuibhreann,
ní scarfam le chéile go nglaom tuilleadh fíonta -
seo sláinte gach tréinfhir ba fhéile is ba shaoire
nár chuir riamh i dtaisce dá ghaolta gach ar shaothraigh le críonnacht;
is maith sin beart in aon do chaithfeadh coróin nó réal,
is a liacht scramaire gan chéill do mealladh leis an saol
atá anois ag dreo san gcré, fir ag a mná dá n-éis
is iad san fá liag sa teampall!


L. 50


Leagadh agus leonadh agus breoiteacht in aonacht,
aicíd agus túirse agus turnamh gan téarnamh
ar gach spreasán do dhiúltódh suí i gcúntas na féile
is a chuirfeadh i dtaisce gan spionnadh gach ar chum sé le saothar;
gach siocán dona díobh, tubaist air is díth,
a mbeadh sparán aige cruinn fé chloch nó i ndíon an tí,
is a luífeadh ansan san oíche síos ar shop nó ar smúdar tuí,
is nár chaith scilling riamh le pléisiúr!



Comhairle díbh léimse le saorchead óm intinn,
gach faraire breá tréitheach gan géilleadh dá mhuintir
ach suí síos go héasca is a spré cnoic do dhíogadh,
is gheobhaidh ó Dhia gléigeal gan an saol so á chloíochaint;
is gnách é mar acht gur réic do phósann bean
a mbeadh spreasán aici mar fhear d'fhág ina dhiaidh an spag
is ar ráinig riamh ina ghlaic, atá anois gan bhrí gan phreab
is an liag ar a dhrandal!


L. 51


TÁBHAIRNE AN GHLIOGAIR



Go tábhairne an ghliogar nuair 'thigim is mo bhuíon im dheoidh
lem chána bainimse tine go binn as bord,
im dháil tig milisbhean mhiochair dheas mhíntais óg,
an drawer go ngoirim is fuinneamh fé ag tíocht im chomhair.



Curfá:
Ó, mhuise, is greannmhar an aiste úd le 'mbréagtar sinn -
le ceol is cearrbhas, gan dearmad, ag glaoch na dí!



An lá nuair 'thigeann, is tuilleadh den oíche fós,
ag trá na ngloine agus cuideachta saoithe im chomhair,
is ard mo mhisneach, bíonn binneas is brí im ghlór,
is gardas mire ar gach duine dhem bhuín, dar ndóigh.



Cárt is fiche do thigeann gan mhoill ar bord,
a lán san ngloine agus tuilleadh den fhíon 's den bheoir;
dáimh an ghlicis is mise go haoibhneach sóch,
is gach dán dá seinnid go mbainfeadh ded chroí istigh ceo.



Tráchtar linne ar ghinealach Gaoidheal gan gó,
ar fhás na rithe tré chuisle na craoibhe is mó,
fáth is foirm a ndlithe, is a n-aoibhneas nós,
is dáil gach duine do chuirfeadh an scríbhinn romhainn.


L. 52


Cé breá an fhoireann lucht cruinnithe maoine is stóir,
stáit na cruinne is gach ionmhas líonta d'ór,
níl ceard ná cumas ag duine san tsaíol is mó
's is séimhe linne ná cuideachta an ghrinn is beoir.



Mo sháth nuair a ibhim 's go bhfeicim mo bhuíon go sóch -
scáil is gile tré dheirge 'bhíos ina gcló -
is dána duineamhail goirimse an tsí-bhean mhódhail,
ar clár go gcuireann gach duine againn timpeall coróin.



Is gearr go dtigeann an Mhuireann is aoibhne snó,
cárt is gloine go cliste aici líonta ar bord:
"Fáilte is fiche," deir sise, "don tír seo romhaibh -
ná fágaidh sinne, tá tuilleadh den oíche romhainn!"



Is sámh sinn uile, 's is sultmhar ár ngnaoi is ár nglór,
a lán go gcuirim ins gach imeall den tír le ceol -
níl trácht ar bhinneas nach acu do fríoth ar cóir,
is sláinte an linbh nár chuireamar crích air fós!



Clabhsúr
Ó, mhuise, a shearc-rúin, is greannúr an scéal sa tír -
Seoirse is a bhastúin dá gclasú is dá dtraochadh ar toinn!


L. 53


B 1736 18L



AOIR AR DHONNCHA Ó hÉADROMÁIN



Trím néalta is minic mé ag déanamh cumha,
is is baoth mo thuras gan fóirthin,
is is léir dom iomad trí chraos a mboilg
do réab a ndlithe is a gcomhairle;
tá péist den fhoireann seo a thréig a chumann
is d'éalaigh linne thar teorainn,
is de réir mar 'thuigim is baol dúinn uile,
is mar aon don mhinistir nua so!



Féach an duine gan chéill gan fhoireann
i gcéin mar d'imigh thar dúchas,
is mar 'thréig a chumann le cléir na cruinne
is a chéile mhilis mar 'dhiúltaigh -
beidh sé is a chuideachta chlé gan fuinneamh
in éagcruth snaidhmthe ag Luther,
is is daor an t-ionad don tréad so Lucifer
ag téacht lá eile chun cuntais!



Ól is imirt is póit go minic,
spórt is mire nár chuí dhó,
nóis is dlithe gach ló dá mbriseadh,
agus feoil dá hithe Dé hAoine -
so an spórt im thuigse do leoin an duine
is do sheoil mar mise chun baoise,
is ní brón ná teimheal don Ord ó'r imigh
an stróinse buile don díoltas


L. 54


B 1740 18L
AOIR AR PHÁDRAIG MASTERSON



A shaoi ghlain tsultmhair, is cloíte mise
trít dhíol ag foireann ná fónann.
is mar 'luís le sruingire síleach sriomailte,
scaoinse, scuibile scólta,
leidhce lodartha ladhrach liosta,
gan líne liteartha an lóma,
daoiste, droinnire deimhneach doineanta,
daoi agus duine do-eolais.



Máistir mogallach millteach modartha
maíteach mothannach mórtais,
cladhaire colgach cainteach corraitheach,
crainnce is crochaire an chorda,
faince, fotharach, fuíollach, folaire
fadhbach fostaitheach fórsach,
píobaire, puthaire, pleidhce, plotaire,
plíoma is pollaire póirseach.



Gainge, glotaire gaibhdeach gothannach
gailseach, goraire, is geocach
taibhseach toranta taighdeach tomannach -
treighid ar thuraire an tóirse!
Brainseach bothannach, breilsce brostaitheach,
badhb is bonnaire bóthair
raoiceach, rothaire righin an ropaire -
arís dhó roicfidh an rópa!


L. 55


Meadhg i gcorn is roinnt mhaith grotha
faigh, is bocaire brón dó;
an cladhaire crochadh in aghaidh a chosa
gan mhoill as polla ag an bpónta;
i radharc an phobail is a phíp fána oscaill
mar a bhfaighe Bucknor ceol uaidh,
is na gadhair air cosain nó raghaid á stolladh,
is níl greim ina cholainn ná stróicfid.



Is in airde id ladhair, a chrainn, 'tá an cúiréibe -
is fáisc an tsnaidhm go doimhin ina chúlfhéithibh!
garlach Gaill is gainge giúirléideach,
Pádraig Máistir, cladhaire is cú an éithigh -



Is cráite sinn is na mílte i ndúiche Éibhir
ár sárfhear groí mar 'cloígh le cú an éithigh -
tá a fhios ag Íosa Críost gur cúis éigin
'chuir Seán geal choíche ar bhuín an Lúitéaraigh.


L. 56


B 1740c 18L
FASTAÍM AN MHANGAIRE SHÚGAIGH



A charaid chlúmhail díograis,
a shaoi ghlain de stoc na ndámh,
mo bheatha chughat do scríobhaim
nó an díth leat mo chor ag mnáibh;
gach caille chlúmhach más cuí liom
a coimhdeacht le toisc mo ghá,
ní ghlacaid siúd mo dhícheall
an t-an 'chíd mé gan stoc gan stát.



Cé geallaim siúd don bhuín seo
do Shíle is do Mhuireann bhláith,
stair do scrúdadh is laoithe
do shuíochan mar Oileall fáidh;
cleasa lúith go líofa,
is an ní siúd ba shuilt le mnáibh
is feas gur diúltadh is díol dom
nuair 'chíd mé gan chuid gan cháin.



Deir Cathal dúr, mac Shíomoin:
'A Shíle, anois tuig an cás -
gaibhse chughat mac Fheidhlim,
is máistir na scoile fág;
is fearra dhúinne Tadhg beag
ná scaoinse den bhfuil is fearr
gan rath gan chlú gan oidhreacht,
ach ar thuill riamh gur shloig ina bhráid!'


L. 57


Ar ghlac mo ghlac do scaoileas,
le haoibhneas gach corn tráim,
gach bean do ghaibh im líonta
do chíorainn a sopachán,
gach dailc go pras ná stríocfadh
le righindair a chorp do chneáinn,
's is Mangaire ait le baois mé
cé sílid gurb olc mo cháil.



Aithrisim don mbuín sin,
cé díth leo mé a dhul ina bpáirt,
ar chaitheas-sa gur dhíolas
le haoibhneas, is go bhfuilim slán,
gurb aithnid dom na mílte
go cnaíte ná hibheadh cárt,
is an Mangaire ait nach cinnte
ina scaoinse go hiomlán!



Mo bhroid, mo dhoigh, mo scíos ghoirt,
mo sceimhle, mo ghoin, mo ghá,
mo lot do loisc mo chlí ionam,
ár saoithe is a sliocht ar fán,
gan chion, gan chuid, gan oidhreacht,
gan feidhm cheart, gan chothrom stáit,
is toirc is doirc is daoithe
go buíonmhar, is bodacháin!



Dearcaim le dúil cúileann is meallaim maighdean,
an canna go húr diúgaim is dram le hintinn,
gach drannaire dúr nach umhal dom bainim rince as -
is an Mangaire Súgach, siúd mar a chaitheann a aimsir!


L. 58


I gCIUMHAIS COILLE



tar éis gach ceathrú: is óil lóil!



Go moch dom ar maidin ag amharc i gciumhais coille
do chonarc an ainnir is gan faice go glúin uirthi -
ba bhruthmhar a fallaing, ba shlachtmhar a gúna uirthi,
agus iomad de chleasa gur aibidh sa tsúil aici.



D'fhocalaibh cneasta do labhair an bhúch mhilis:
"Cá bhfuil do thaisteal, nó arb aistear leat tionlacan?
Suigh anso im aice, táim leagtha agus fonn orm;
so an t-ionad ceapaithe againn chun súgartha!"



Do chorraigh a dearca chun peaca na drúise mé -
uirthi do phreabas, is is tapa a thug diúltadh dhom:
"A stollaire an mhagaidh, táim stractha brúite agat;
cosc air go tapa, nó ar m'anam go liúfaidh mé!"



"Cloisfidh na bailte sonn - leastoir sin triúr acu -
bogsa do ghreamanna, a dhalta na muirne, dhíom;
ná léig leis an dtalamh gur leatsa mo rún anois,
bheinn crochta aigem Dhaidí dá sealbhadh súd agam!"



Do chorraigh an artha is do leathnaigh fúithi-se,
coiste go tapa do gairmeadh chúichi ansan -
Gobnait, Marsaile, Anna agus Úna bheag
ag cognarnaigh sealad is an peata sa chúinne aici.


L. 59


Is é a dúirt an ainnir ba chneasta is ba mhúinte acu:
"Éist feasta, a thoice, is ná habair nach ciontach tú -
fág an baile, is ná feictear sa dúiche thú
muna n-insir go tapa cé is athair don chúram so!"



"Go stolltar mé im ghreamanna a ainm má thionsclaim,
óir do thugas dó taithneamh ar a bhlastacht a bhí an tíúin aige;
ní toirmeasc mallaithe do tharrainn chun drúise mé,
ach toilrith im aigne ar ghlacadh na huirlise!"



"Céad léan ar úr bhfearaibh, na scramairí sprionlaithe;
gráin orthu, cá bhfeicfidh siad cá bhfuil a gcluainireacht -
ormsa, ar m'anam, dá gcasfadh an trústaire
ba dheacair don teallaire seasamh sa dúiche agam!"



Bogaid ina reathaibh ar maidin go cúramach,
Gothradh is Peadar is athair na mbrútach san -
coscrach aitinn, fear fada agus súiste aige,
am lorg sa mbaile, is do chailleas ansúd mo ghuth!


L. 60


SEINM AR SHEÁN BUÍ



Ag taisteal na dúiche dom sealad go súgach
do dhearcas an chúileann is ba lách í,
ba bhachallach búclach a carnfholt cúinneach
is é ag casadh go bonn léi ina fháinní;
bhí lasadh agus lonradh, bhí maise agus modhaile,
bhí maig agus feam ar an mbáibín,
ba gheanamhail cumtha is ba sheasamhach seang í,
is ba thaithneamhach liomsa is le cách í.



Do dhruideas go dlúth léi, le dile is le dúthracht,
le cumann 's le cúram ina cáilíocht,
d'inseas don chúileann nár chuibhe mé a dhiúltadh
ó chuireas-sa dúil ina páirtíocht:
"A chuisle na muirneach, ná coinnigh i gcumha mé,
is go bhfuilim in anracht le grá dhíbh,
is go gcuirfinn mo fhliúit 's mo fhidil i dtiúin duit
chum seinm go súgach ar Sheán Bhuí!"



D'fhreagair an chúileann: "Is aithnid don cheantar
gur chaithis do chúrsa le rásaíocht
seach fearaibh na dúiche ní ghlacfainn do chúnamh,
táim scartha led shamhailse de ráflaí;
seachain ná brúigh mé is ná salaigh mo ghúna,
ná loitigh mo húda led ollbhaois -
má leagair sa drúcht mé is dearbh go liúfad
is go stracfad an cúl aige Seán Buí!"


L. 61


Do gheallas ansúd di nárb eagal dá gúna,
dá hata, dá húp ná dá lásaí,
's is meanmnach súgach do phreabas-sa chúichi,
is do ghlacas le dúthracht ar láimh í;
níorbh fhada gur umhlaigh 's gur leathnaigh a glúine
nuair a leagas go lúfar ar lár í,
is ar cheannach ná ar chumhdach níor scaras lem chúileann
go gcasfadh sí togha poirt ar Sheán Bhuí.



Nuair a chonairc an chúileann, ar oscailt na súl di,
nár mhilleas a cúl is a cábaí,
is gur chuireas a glúine ar crith, is a hurla,
is a cuisleanna ar lúth leis an gceáfraíl,
is milis a dúirt sí 's is muireannach múinte:
"A chuisle na muirneach ná fág sinn,
ós duine thú a mhúinfeadh dom cluiche na lúibe
agus seinm go súgach ar Sheán Bhuí!"


L. 62


SEO AN AICME



Ar maidin inné is mé ag géilleadh dhon mbrón
d'amharcas bé mhiochair bhéalmhilis mhódhail -
béalmhilis mhódhail ina haonar san ród
is a dearca le gaetha go dtraochfadh gach treon.



Curfá:
Seo an aicme do mhill mé is do thug mé chun aimhlis,
ag caitheamh a bhfaighim leo le taithneamh dá bpóg,
le taithneamh dá bpóg, le saint dul ina gcomhair,
le haiteas, le hintinn dá gcoimhdeacht gach ló!



Do mheasas a bréagadh is a caomhnadh san ród,
do dhearbhaigh go héasca ná géillfeadh go deo,
ná géillfeadh go deo d'aon fhear dem shórt -
gur aithin gur réic mé nó caoilfhear nár chóir.



Do gheallas nár bhaol di is nárbh aon mé den gcóip,
ach mangaire aerach 'thug géilleadh dhon spórt,
thug géilleadh dhon spórt, do phléireacht is d'ól,
do bhlaisfeadh a caorghob agus 'réidhfeadh a brón.



Ó gheallas nár bhaol di is nár réic mé ná a shórt -
is gairid gur réidheamar is gur aontaigh mo stór,
gur aontaigh mo stór a caomhnadh san ród,
a leagadh go héasca is a bréagadh ina dheoidh.



Seo an aiste ler bhréagas na céadta ban óg,
le beartaibh, le bréithribh, le plé agus le póit -
le plé agus le póit, le héitheach 's le móid
dá mealladh gan traochadh is dá dtréigean ina dheoidh.


L. 63


AN CHÚILEANN AERACH



Maidin fhliuch cois scairte amuigh
do casadh orm an bháinchnis
do lag mo chruth gan tapa broibh
ach creathadaíl im chnámha,
do phreabas chun a leagaithe,
ba thaithneamhach le fáil í -
'Fot, thot, ná bris, ná straic mo chrios,
is cleasaí fir ní háil liom!'



curfá:
'A chúileann mhúinte, éist, éist,
dlúthaigh liom go séimh séimh -
tá an mhaidin ciúin ar scaipeadh an drúchta
is amharc súl ní baol baol!'



'A chladhaire an chúir, ná mill mo chruth,
is gur maighdean mé gan bhearna;
radharc mo chnis ní bhfaighir, mar sin -
bí ar siúl gan mhoill is fág mé!
Is aithne dhom gach bearta clis
dá gcanaid fir le ráite;
is, dar fearta an Mhic, má leagair mis'
is fada a chluinfear gáire uaim!'



'Dá dtairginn mo leagadh dhuit
dob eagal duit is náire,
is gan ceangal cirt na heagailse
ní gheallaim duit bheith páirteach;


L. 64


a mhalairt sin de mhargadh
ní ghlacfainnse mar Mháire -
níl tairbhe ná maitheas dhuit
in do radaireacht, a chneámhaire!'



'Má gheallair dom go ngeabhair liom
ar bhrí mo chroise Pádraig
rachad libh don scairt úd thoir
mar a mbéarfad pis do sháith dhuit;
is de dheasca an chlis má thagann gin
de leanbh fir nó mná chugham
is tapa briosc do chaithfinn rith
le heagla roimh mo mháthair!'



Sealad dom ar an aiste sin
ag radaireacht lem pháiste
gur bhreacas di dá dtagadh liom
nár chealgach mo ráite;
níorbh fhada ansin gur cheapas dise
artha is luibh na sláinte -
do phreab gur lig le hais a cnis
Mac Uí Choirc is a bhráithre.



'A bháb an tsuilt is a ghrá mo choirp,
nár fhága mise an áit seo -
an pháirt 's an cion atá agam duit
nár thugas riamh dom mháthair -
do thángamar faoi tharr an toir
is do ránga' mise in airde,
is gur le Cáit ba bhinne gáir mo chloig
ná an lámh ba chliste ar chláirsigh.


L. 65


curfá:
Do scanradh mise i bpéin ghné,
is do dhlúthaigh liom go séimh séimh,
's is tapa a dúirt ná scarfadh liom
ar Mhá na Mumhan go léir léir!




"Cé scáinte dubh neamh-bhreá do chruth
is go bhfuil tú gairbheálta,
dob fhearr liom tú ná cnámharlach
mar tá tú glic i gcáil fir!"
Do bhailíos chugham im mhála
mo threalamh súite tráite
is do phreab mé ar lúth go tapa ar siúl
mar do bheadh cú ina seánrith!


L. 66


CÉITHLEANN DEAS AN BHROGHA



Is tréith mé, is feas, 's is fann,
mo ghné do mheath, do lom,
d'éalaigh cnead is saeghad is dart
im ae, im scairt, im chom
do thréig mé seal mo ghreann,
tá an chléir in earraid liom,
is baoth mo bheart, is faon mo neart;
do chlaon, do scaip mo mheabhair!



Le héigean gean don mhodhail -
'sí céithleann deas an Bhrogha -
do mhéadaigh easmailt dhaor im aice,
'sé a bheir seasc mo shamhailt;
tá a craobhfholt tais go bonn
go néamhrach crathach crom,
a righinrosc mear re gaetha raid
na céadta fear le fonn.



Tá a béal binn blasta búch
is a déad mhion chailce chúng,
a réidhchrobh deas, a haolchorp seang,
a scéimh mar eala ar srúill
i gcéin ag teacht go subhach
is na déithe ag freastal dúinn,
do théarna', is feas, an bhéith rem ais
do chlaon, do scaip mo lúth!


L. 67


Do shléachtas seal dom shiúir
re héigean gean dá gnúis;
do bhéic, do scread, do léim, do phreab:
"Oh, pray keep off!" a dúirt,
"I swear I'll not be ruined
le réic gan rath gan chlú,
re bréag is beart do léan, do loit
na céadta bean sa Mhumhain!"



Do dhearbhaíos dom rún
ná loitfimis a clú -
is aiclí do leagas í
is mo hata faoina cúl,
admhaím ansúd
gur rathas faoina húp,
is cé fada a bhíos ag creafadaíl
nár phreab sí is nár liúigh.



Nuair 'mheasas í a bheith dubhach
do labhair sí go ciúin:
'Is aite linn do bhearta grinn
ná maith is maoin na dtriúch!'
Cé gur gheanmnaí mo rún,
is gur lagaigh sí mo lúth,
geallaim díbh ná scarfadh linn
go ndeacha arís dá dún!



Admhaím go tláth
nach taithneamhach mo cháil
ag cearrbhas is ag reacaireacht
is ag achrann le cách;
geallaim cirt do mhná
is ag cailleamhain ina dheáidh,
go spairneach le hEaglais
is rem charaid uile 'e ghnáth.


L. 68


Seachnaighse, a mhná,
cearrbhach mar atáim,
beartaire gan dearmad
do chaith a chuid le hábhacht -
sealad dom ar clár
ag spreagadh suilt is dán,
ag reacaireacht is ag mangaireacht
is ag mealladh ciosa ó mhná.



Go Lá an tSléibhe seachnaidh bréagaire baoth mar 'táim,
fámaeir magaidh agus cearrbhach claon ar clár,
grásaeir seascair is beartaire a chéasas mná,
is im cháilse crámhas fada agus scléip ina dheáidh!


L. 69


AR MAIDIN GO SÚGACH



Ag gabháil an bealach ar maidin go súgach dom
tharla ainnir im aice agus húp uirthi -
ba lách a habit, bhí hata agus húda uirthi,
scáil ina leaca agus mala mar dhrúcht aici.



Curfá:
Is, óró, a chailíní, déinigí rún orm!
Óró, a chailíní, déinigí rún orm!



Do dhruideas ina haice, do phreabas le dúil inti,
chuireas mo hata dem bhaitheas is d'umhlaigh dhi,
d'imigh go tapa, do fhreagair is stiúir uirthi:
"Prithee be gone, sir, ní ghlacfainn do shúgradh!"



"Measaim," ar sise, "gur duine gan mhúnadh thú,
nó reacaire buile atá ag milleadh na dúiche thú,
do loitis gach bruinneall, do bhrisis na cúileanna -
I cannot, I will not, you must not abuse my hood!"



"Seachain mé, a dhuine, táim oilte ar do lúbaireacht;
do bhearta ní thuigim, ná coinnigh óm mhúdair mé,
im aice má dhruidir, is deimhin go liúfaidh mé -
Aililiú, a dhuine, be civil, you booby, you!"



Do fhreagras ise, do chritheas le dúil inti,
do phreabas ina coinne, do rugas go ciúin uirthi,
do leagas mo chumann, do thiteas go dlúth uirthi,
is mar bharr ar gach gliogar do chuireas an úim uirthi.


L. 70


Is dom cháile fastaím ar fhaichí le cúileanna,
cárt is cnaigín is cannaí dá ndiúgadh uirthi,
do bháibín na ngealchíoch gan faillí do mhúinim port,
is, óró, a chailíní, déinigí rún orm!


L. 71


DO DHEARCAS CÚILEANN



Ag taisteal na dtriúch go dubhach im aonar
do dhearcas cúileann bhúch dhil mhaorga,
ba dheas a gúna, a húp 's a daorbhrat
mar eala ar srúill a dealramh;
ba gheal a gnúis mar chúr ar tráigh,
ba chas a cúl, ba bhúclach bláith,
'chuir cnead go dlúth is púir im lár
le gean do lúb na mallrosc.



Is feas gurb umhal dom rún do shléachtas,
do ghlacas dúil im shiúir do bhréagadh,
do phreab chun siúil, do liúigh le héigean,
's is pras a dúirt an plancadh:
"Keep off, I say, you raking rogue;
have a care, don't tear my cloak,
or I'll vow and swear I'll break your nose
if you abuse my gown, sir!"



"A shiúir mo chléibh, ná tréig go fóill mé -
do húp más saor ní baol dod chlóca;
do ghúna, féach, do léine thóigeas,
a rún, ní réic gan ghreann mé!"
She steered at last, though flat she lay;
I steered aloft, but lost my way;
we steered so long we sprung a leak,
is dob aite léi ná liomsa!


L. 72


Nuair a mheasas í go cloíte in éagruth,
is go gcaithfimis an tír do thréigean,
do phreab ina suí, do shín a géaga,
is do labhair sí go ceansa:
"I like the game and trade, I own -
prithee stay, don't leave me alone;
you must obey, convey me home
or else my Mam will trounce me!"



Do shuigh lem ais go pras an chúileann,
is cliste deas do leagas chugham í -
tuigidh as go ndeachas chúichi,
siúd an ceacht do mheabhraigh!
Her lesson thus my love I taught,
I pressed her rug, her hood and caul,
I held her up and strove to part,
and left her where I found her!



Ól is imirt, siosma is éigean,
nós is dlithe is mionna dá réabadh,
póit is mire is milleadh béithe
do leoin, do loit, do lom mé;
siúd an aiste a chleachtaimis,
d'fhúig mé seal ar easpa foinn,
i gcúngracht beart, gan bhail gan bhrí,
in anacraí is i gclampar!


L. 73


AG TAISTEAL NA DÚICHE



Sealad le haiteas ag taisteal na dúiche dhom
do dhearcas an ainnir ba gheanamhail cumtha cruth,
bhí maise ina pearsain, bhí maig agus húda uirthi,
bhí fallaingín ghreanta don fhaisean ba Ghallda uirthi.



Curfá
Is fallaing an fhallaing do taisceadh go clúdaithe,
is gur theastaigh dá faisean a bearradh is a fúcaireacht!




Cé chaitheas-sa sealad le haiteas ag siúl na gcríoch,
samhail na fallainge is dearbh nár shamhlaigh mé -
'tis handsome in form, it's perfectly new and rare,
'tis shaggy, it's costly, it's shabby, it's surely fair!



Do ghlacas-sa an fhallaing ar teasc chun a fúcaireacht,
do leagas, do bhearras, do chasas, do bhrus a bruith,
she fancied my knapping, my tackling, my tools, my skill,
I shagged her so handsome she'd have me be doing it still!



Is fallaingín dearg í, is aithnid don dúiche í;
is ait í, is deas í, is cas í, 's is clúmhach í,
aitchim gach faraire a glacadh go cúramach -
seachnaigh fleasca' í, a samhail ní dúchas di.



Is fallaing an fhallaing nárbh annamh dá fúcaireacht
is dá leathadh cois aille faoi bharra nó ciumhais an toir -
ó chailleas le mangaireacht sealad san dúiche seo
scarfad léi tamall is rachad le fúcaireacht!


L. 74


Feasta beidh an ainnir im aice agus múinfead í,
I'll handle her mantle, I'll shag it most beautiful,
is mo chara an ainnir nárbh annamh dá fúcaireacht
is dá leathadh cois aille, faoi bharra nó ciumhais an toir.



Ní fallaing an fhallaing mar an fhallaingín Mhuimhneach úd,
acht fallaingín dearg den fhaisean is daoire acu -
tá cába ar an bhfallaing, tá cleasp agus frinse uirthi,
and all that it wants is shagging inside of it!


L. 75


AN tSÍ-BHEAN



Tráth araoir is mé im shuí cois carraige
im dháil tig sí-bhean mhín-tais mhascalach,
bhí scáil na gcaor sa líth ina leacain ghil,
is le grá dá gnaoi do bhíos ar mearathal.



Bhí a bláthfholt buí léi síos go bachallach,
is a sámhrosc righin 'chuir síon ar an anaithe,
dob álainn í, is ba ghnaoi deas geanamhail,
is d'fháisceas í lem chroí go meanmnach.



"Och, fan!" ar sí go fíochmhar feargach,
"prithee, be quiet, don't spoil my handkerchief;
seachain ná mill mo chaidhp led radaireacht;
come, sir," said she, "don't be impertinent!"



Do gheallas gan mhoill ná beinn in earraid léi
is ná stracfainn a caidhp ná puinn dá mbainfeadh léi -
is gairid gur shíneas síos go cneasta léi
is go ndeacha fá thrí ina slí sul scaras léi.



"Your actions, though mild, I find they are frolicsome -
you are certainly kind, but mind be merciful!"
d'fhreagras dí-se, bíodh gur leagas í
gur thaithnigh mo ghníomh, mo ghnaoi agus m'aiste léi.



"A dhalta mo chroí, anois scaoil abhaile mé -
is gairid arís, is fíor, go gcasfad ort
go gcaithfidh mé oíche sínte ar leabain leat,
is go mbainfead an bhrí as do Pháidín Ó Raifearta!"


L. 76


Is ró-mhór m'iongnadh nár inis dom Hómar riamh,
ná Óibhid cliste, na slite chun ban do riar -
ar nós an linbh ná hitheann is nach foláir leis bia,
ní beo sibhse gan fir is ní háil libh iad!


L. 77


B 1742-43c 18L
CARTADH TIUBH AG EAGLAIS



A dhalta dhil, an dainid leat mo chás anois,
am chartadh tiubh ag Eaglais gan fáth ar bith,
an aicme sin ní ghlacaid mé, ach im fhánaire,
is ní ghabhaid liom im Phrotestant ná im Phápaire!



Deir pearsa acu gur ceatharnach ró-fhánach mé,
is go n-admhaim gur Sacsanach ina láthair mé;
nuair 'scaraim leis chun Aifrinn go mb'fhearr liom dul,
is nach ceachtar mise Protestant ná Pápaire.



Dearbhann gan dearmad nach foláir leis mé
do chartadh tiubh le hachtanna do láthair chirt,
go rachadh liom chun achrainn gan spás ar bith,
is go gcaithfead bheith im Phrotestant nó im Phápaire.



An sagart deir gur feannaire neamhfhálach mé
is go dtarraingim le mangaireacht na mná chun oilc,
gur measa mé ná ceatharnach atá le broid,
is ná gabhaid liom im Phrotestant ná im Pápaire.



Deir dá bharra san gur eachtrannach gan náire mé
is nach taithneamhach mo bhearta ná mo cháile leis,
nach atharrach mé ach reacaire atá gan strus
do chleacht a bheith im Phrotestant is im Phápaire.



Ní carthanacht fá ndeara dhó, ná grá do shult,
mo chartadhsa do thagradh do láthair Scoit;
ná maise dhó mo mhasla-sa i gcás ar bith,
pé acu sin mé Protestant nó Pápaire.


L. 77


Pé acu sin den aicme seo ar a dtráchtaimse
nár dhearmaid na haitheanta agus 'tá gan choir,
caitheadh liomsa an ghairbhleac go hábalta,
pé acu súd mé Protestant nó Pápaire.



Cé fada a bhí Magdalene is Dáibhí Cing
ar mearathal, is an t-apstal do chuir cách i mbroid,
do glacadh iad nuair 'chasadar i gcáil is i gcion,
is ceachtar díobh níor Phrotestant ná Pápaire!



Ó caitheadh mé as an Eaglais, 's go dtarla amuigh,
is gur fada dhom ar mearathal gan áit ar bith,
caithfead cur le hatharrach na dtáinte sin
ná gabhfadh liom im Phrotestant ná im Phápaire.



A chara ghil, cá rachadsa chun fáin anois,
ós feasach mé ar dearmad gan fáth gan fios,
caithfead bheith im Chalvinist nó im Áirian, tuig,
ó scaras bheith im Phrotestant nó im Phápaire!



Féach an t-apstal do pheacaigh fá thrí ar dtúis
ag séanadh a charad, gur glacadh é arís go humhal -
a Dhia ghil, aitimse, cé scaras le dlí na n-úrd,
mar aon le Peadar an Mangaire scaoil id dhún!


L. 79


GAN FÁIL RÉITIGH



D'ólas scilling go minic i dtábhairne an ghrinn,
is le hóigbhean mhiochair i gan fhios dá máthair luím,
do sheolas duine agus fiche chun fáin gan roinn,
is fós ar buile chíd tuilleadh ag tarladh sin.



Dá bhfaighinn sealad ar ainnir na gcraochfholt mbuí
i mbarr an ghleanna fá bharra na gcraobh inár luí,
mo chrá gur tapa do leathfainn a géaga síos,
is tar éis a mealladh do chanfainn di bréag is fíor.



Achrann is aiste dom gan fáil réitigh
na mbarrfhionn tais lena ngabhaimse go táineach taomach -
scarfad léi go hachomair is le mnáibh éile
rachadsa sealad siar ag rásaeracht!


L. 80


AN SEANDUINE



Araoir do dhearcas cois leasa go brónach
caoinbhean chailce den aicme dob óige
ag snoí a basa is ag screadaigh go deorach,
is ag caoi, tré cheangal le seanduine dreoite.



Is mór gur measa mar mhargadh dhomhsa
ord de sheana-bhean mhallaithe bhrónach -
níl gleo ná galar, níl ainimh nach eol di,
is más beo í ar maidin nár mhairidh tráthnóna!



Nuair a bhím ar leabain ina haice gan mhórtas
bím i gcreatha is in anfaí móra;
ní bhfaighim im aigne an chailleach do phógadh
is, a Chríost, nach mairg do cheangal go deo léi!



Fóill, a sheana-bhean, leagadh agus leonadh ort,
brón is basmas, bascadh agus breo ort;
fógraim deacair, dalladh agus dreo ort,
is dá mbeifeá anocht marbh ar maidean do phósfainn!



A dhaoine m'anama, is mairg do phósfadh
choíche seana-bhean mhallaithe den tsórt so;
is fíor go mb'fhearra dhó ainnir gan bhólacht
ná í is a taisce is a garbh-phus dreoite!



Tá míle casadh ina pearsa, agus póirse;
is buí a leaca chneasgharbh, is feoite;
choíche a dearca bíd dearg go deo aici
is, a Rí na n-aingeal, nach mairg do phós í!


L. 81


Nuair a éirim ar maidean is do scaraim lem nóchair
do gheibhim a baladh ón leaba go póirse,
is fíor go mb'fhearra liom tarraing thar bóchna
ná tíocht ina haice le heagal a póige!



Dá bhfaighinn mo sheana-bhean marbh gan fóirthin,
rince an ghadraigh chasfainn go seolta;
raghainn ar machaire is baraille d'ólfainn,
is arís is dearbh nach cailleach do phósfainn!





L. 82


B 1743c 18L
AR SHEÁN ANNA PRÍOR



Sin chughaibh le scléip an saorfhear seasamhach Seán,
is an baineannach béasach béaltais Anna ina dheáidh
ina siollaire séimh is ina tréanfhear bachallach bláth -
is fireannach é cé baol d'úr bhfearaibh a bháb!



Le báb ba tais cé b'ait leo gean is sult,
is is gnáthach Ann i measc na complachta,
bíonn mná agus fearaibh i dteannta acu
gan cárt is dram ní ghlacaid cúinse ar bith.



Sin chughaibhse Seán go bearrtha barramhail beo,
is Anna ina dheáidh go mnámhail mascalach módhail -
cé fada atá an bháb ina stráic bhocht chaite gan chóir
go dtigeadh an bás go brách ní scarfadh léi an tseoid.



Sin Seón agus Ann chun caismeartha d'fháil arís -
is ceolmhar 'chanas aiste is dán go binn -
níl móin ná machaire, caladh ná tráigh sa tír
nach cróga calma a thaistealas tráth an dís!


L. 83


TRÉIGEAN NA mBAN



Mo mhallachtsa fá thrí do phearsa ar bith mar sinn
do gheabhadh lena shaol le haon bhean,
is gur feas ar feadh na gcríoch gach fear do lean mo shlí
gurb easmailteach a dhíol ina shaothar;
cé fada mé le baois is gur radas searc ó chroí
dá n-abrainn, is fíor, do chéadta -
feasta ó táim ar deighilt is gur scaras leo gan roinn
an aicme sin is deimhin go dtréigfead!



Nach baoth an bheart don trú do léigfeadh seal a rún
le héigeas ait gan chlú gan éifeacht -
féach gur bean ar dtúis do shaothraigh easmailt dúinn
is do thréig an ceart ar úll in Éden;
féach gur bean ansúd an Trae do leag 's a trúip,
's is léir tug creach na dtriúch le chéile;
féach gur bean, mo phúir, tug Éire Airt fá smúit
ag meirligh Sacsan úd d'ár ndaoradh!



Más éigean dom fós géilleadh dá sórt,
a ngéibheann is a mbrón do réiteach,
glaofad chun óil, taoscfad le póit,
an chéileann is dóigh go mbréagfad;
im aonta lem ló ní thréigfead, dar ndóigh -
den chléire go deo ní chlaonfad;
a Aon-Mhic, uch, fóir ar réic bhocht dem shórt
is saor mé ón gcóip go n-éagad.


L. 84


Tar sáile dá dtíodh an Spáinneach 's a bhuíon,
re háthas an Laoiseach taobh ris,
gach ardfhlaith d'fhuil Choinn 's an fánach so ar deighilt
i bhfáltas, i ngníomh 's i réimeas,
is ábalta binn ceáfrach le meidhir
an dáimh uile is deimhin go saothrach,
's gach cnápach do shíolraigh ón gcráin duibh gan chrích
ina dteinnrith gan mhoill in éagmais!



Ó tharlas scartha le haicme do chiap mé 'ghnáth,
do chráigh mé gan fhios, is do chaitheadh go dian mo phá,
mo chrá an fhaid 'mhairfead má ghabhaim le hiarsma mná,
ach ráfla is cearrbhas is baraille dá riar ar chách!


L. 85


AN DREOILÍN



Cuirfead plaid is clóicín
ar mo dhreoilín go seascair sámh;
ó tháinig chugham fá róbaí
is dóigh liom gur geal an lá;
is deas an aiste a thóg sí
ón leon groí de scoth na ndámh;
ba bhinn, ba bheacht, ba bheolsnoíoch
gach ceol caoin ag teacht ó Sheán.



Fear is flaith le mórghníomh,
gan ollbhaois ná snas ina cháil,
ach aistí greanta a thabhairt díbh
go fóirlíonta i bhfoirm dámh,
lenar chuir ar ceal a dhreoilín
chun spóirt díbh ar fad ón Máigh,
mar bhí dlí is acht a bhfórsaí,
fóiríor, á chur ar fán.



Bíodh soilse ar lasadh i seomraíbh,
ól fíona is puins ar clár,
rince fada ar mhóintibh,
tóirsí agus squibs dá lámhach,
le greann ag teacht don dreoilín
ina nó-thíos go hInis Fáil,
is go roinnfinn féin lem dheoraí
mo lóistín is leath m'eastáit.


L. 86


Beidh fear is céad ag tóraíocht
mo dhreoilín ag teacht don tsráid -
Southwell, Croker, Cóiplí,
Seón Creed is Smith ón Ráith -
shíleadar gur fóisí é
nó tóirí a rith ón Spáinn
go bhfacadar go fóirlíonta
a choróin ríoga ag teacht um Cháisc.



Chífeadsa mo dhreoilín
le caról binn ag teacht ón Spáinn,
nó ag tarraingt ar na cóstaibh,
's is dóigh liom gur geal an lá -
réidhfidh sin an brón dínn
's an mórchíos so ag lucht an stáit,
is ní bheidh Éire bhocht go deo arís
ina lóipín ag spreas mar 'tá!


L. 87


B 1744 18L
SCÉAL SUBHACH



Is subhach liom an scéal so do léitear go meidhreach
ag éigsibh, ag draoithibh, is ag fáidhibh -
búraibh an Bhéarla dá dtraochadh dáiríribh
ag féinneadh den rí-fhuil dob ársa,
ler múchadh ár saoithe is plúir Chlanna Mhíleadh
is gach crobhaire den fhíorchine tábhachtach -
dá gconcas le chéile níor ghéill na ruifínigh
go mb'éigean dóibh stríocadh dom ráib gheal!



Ar an nDúileamh ceart éimse mar aon leis an Maighdean
ár ngéibheann do scaoileadh do láthair,
ár n-oird is ár gcléire do réiteach ó dhaoirse
mar 'saoradh clann Iosrael ó Phárach,
an planda do chaoincheap inár ndúchas an rí-shlat -
'sé an fionnbhile fíorghothach fánach -
do thuirling i réimfhlaitheas saorcheart a shinsir
in Éirinn fá shaoire na Cásca.



Is labharthach 's is laochta, is léidmheach 's is líofa
an saothar so suíte le háthas,
ár bprionsa mear tréitheach gur léir do chuir sceimhle
ar mhéirligh dá saigheadadh thar sáile;
do spiúnadh le díograis an drong so nár dhíth liom
is a complacht do shíolraigh ó Shátan -
is rúscfar as Éirinn le faobhar na coilínigh
ná géilleann do dhlí ceart an Phápa.



Congnaigh liom, a éigse na hÉireann le hintinn
go léannta, go líofa is go láidir,
go súgach, go saothrach an scéal so libh maítear
in éineacht le gníomh eile is áil liom -


L. 88


go bhfuil cuallacht ghlan Laoisigh ag cabhair lenár saoithibh
go ruaganta is flít ghlan na Spáinne
ag dlúthghearradh meirleach go fraochta is go fíochmhar,
is ag séideadh geataí Ghiobráltair!



Beidh Moore agus Baker, beidh Brazier is Wheeler,
beidh Bateman is Beevan is Rawson,
beidh Courtney is Clayton, beidh Taylor is Freeman,
beidh Damer go cloíte is Dawson;
beidh Coote bocht is Evans, beidh Newenham is Wilding,
beidh Purdon is a bhuíon uile cráite,
sliocht Luther le chéile dá gcéasadh is dá gcíoradh,
is an maor ceart ina rí againn le gardas.



San uair sin is méin liom bíodh téada na gcaoinchrot
is gléas stoic ag síorsheinm láithreach;
'Úna, glac géag leabhair Mhánais chun rince;
is, a Sheáin, ceangail caoimhreacht le hÁine -
dúblaimis tinte is púdar i nglinntibh,
is diúgaimis fíonta le háthas
fá bhua a bheith go séanmhar ag Séarlas mac Stíobhairt,
is taoscaimis timpeall a shláinte!



A dhalta ghil ghlé, éist lem chaoinráite -
glacaidh an saol réidh gan mhíshástacht,
preabaidh le faobhar, glaoidh úr gcaoinchairde,
is cartaidh as réim tréad na míghrásta!
Tá gasra ghlé ag téacht le rígharda;
Carolus féin, féach, le flít Spáinneach;
ná measaidh gur scéal baoth ná baoisráfla -
seacht seachtaine ó inné beidh an saol ina rírá againn!


L. 89


AN CABHLACH AG TEACHT



A fhlaithbhile mhodhail nach gann i suilt 's i dtréithe,
i sparnaibh na lann ba theann ag treascairt meirleach,
seo chughaibh anall go camthach trúpach Séarlas
beidh againn ina cheann i dTeamhair is i Lios na Laochra.



Chughainn tá longa luatha gona bhfoireann gléasta
is caoga fear ar bharc rompu ag rith ar tréanmhuir,
crú na bhFrancach iontu, is flaith den Ghaelfhuil -
sin sciúrsa is scaipeadh ar dhíorma an Ghalla-Bhéarla.


L. 90


AR BHÁS CAPAILL



Is doilbh liom flatha gan flaitheas i gCrích Fódla,
gan chostas, gan cheannas, is Galla go sítheoilte;
is doilbh liom t'amhail i nglasaibh ar míchothrom,
is is doilbh liom Preabaire a cailleadh le millteoireacht.



Do milleadh thú ar fad is is feas gur díomáidh sin,
is d'imigh do rath ar mheath do ghearráin bhig,
siollaire seang gan stailc nár starránach,
is sibhse nár leag i leacht ná i ndrochbhearnain.



I mbearna is feas ná facathas thú i bhféith,
ar lár i scairt, i gclais, i gcúil, ná i gcaoth -
ó táir gan phreab, is easmailt dúinn go léir
gan bláth-each beacht ná pead 'bheith fút dá éis.



Dá éis is dainid liom t'amhail ag triall ina chois,
do dhéirc ar leathadh is gan tathag id iarratas,
an tréad i bpeaca gan teagasc a ndiaire acu,
is an éigse i nglasaibh ar easba do rialacha.



Thug riail don éigse do shaothraigh teagasc na sua,
thug mian don chléir an saol do sheachain is uabhar,
do riaradh céad, do réidheadh na ceasta ba chrua,
an sirriam glé nár éimigh dealbh ná trua.



Is trua liom Preabaire i nglasaibh i gCnoc Fírinne,
nó i dtuaith it aice dá shladadh ag síobhra -
cuir tuairisc Pheadair is do gheabhair uaidh luibheanna is lus
is mórchuid arthanna a bhéarfas é as chroí na gcnoc!


L. 91


B 1744c 18L
LÉIR-RUATHAR WHIGEANNA



A bhile den fhoireann nach gann
is ba churanta in am gach cluiche nirt,
ná tuigtear do mhisneach go fann
is a ghoireacht duit cabhair is cuideachta.



Curfá
Will you come plankum, plankum?
Will you come plankum, perriwig?
Will you come plankum, leather and plankum?
Will you come plankum, perriwig?



Is oscartha ag coscairt a namhad
le fuinneamh gach crobhaire chine Scoit,
scriosfaid as Inis gach Gall,
is is sinne a bheas teann ina bhfionna-bhroigh!



Is dearfa i dtreasaibh an dream
go calma cabharthach coinnitheach,
go lannamhar lonnardha lonn
fearga foghlach fuinneamhach.



Beidh easpairt go fairsing le fonn
i mBanba, is logha Lá Muire againn,
beidh Sailm na Marbh i dTeamhair
dá canadh is gan beann ar mhinistir.



Beidh luisne ó Dhoire go Leamhain,
is an fhoireann so teann is tine leo -
rithfidh gach bitheamhnach ramhar,
is ní conaire dhó long ná Luimneach.


L. 92


Sirim chughaibh Pilib thar srúill,
is an bile nach dúr san imreas,
go gcuirfid gach mursaire ar lúth
fá bheannaibh a shúiste ag Liosafar!



A chumainn na gcumann, glac fonn,
is tigidh d'ár gcabhair le rinne-ghail
ag treascairt gach seana-phoc ramhar,
is bainfeamna a meabhair as cuid acu.



Tá stoirm ná cuirfear ar gcúl
ag druidim le ciumhais na Sionainne -
nuair a thiocfas an fhoireann thar abhainn
is deimhin go bplancfam Whigeanna.



Beidh an ghrathain dá dtachtadh le tnúth,
beidh bascadh agus brú agus briseadh orthu,
is gairid go gcacfaid ina dtriúis
nuair a bhainfeas ár bprionsa cluiche astu.



Ag taisteal na mara le fonn
tá Carolus lonn is a chuideachta,
tá Neiptiún ag scaipeadh na dtonn,
is ní stadfaidh an fogha go hInis Loirc.



Beidh Márs i dtosach an trúip,
is an faraire fionn go fuinneamhach;
ní chasfaid go leagfaid an dream,
's is dearbh go bplancfar tuilleadh acu!



Beidh gearradh agus leagadh agus brú,
beidh scaipeadh agus scanradh agus uireasba
ar Ghallaibh dá gcaitheamh gan chabhair
nuair a ghreadfas an Francach tine leo!


L. 93


Nár chailleadsa amharc mo shúl,
is nár laga mo lúth le foirfeacht,
go bhfeicfeadsa an ghrathain i bponc
is an seana-phoc dall gan giolla aige!


L. 94


CÁNA AN tSAGAIRT



A shagairt na páirte, is cásmhar mise le ceart,
is ní taise do chách ón dtráth do coilleadh do nead -
is ainnis atáir chun fáin ó d'imigh do shlat
bhachallach bhláfar shásta shioscaithe dheas.



Is deas 's pras do ghreadfadh stuaire mná
is do bhainfeadh preab as chaile ghruama ghearr;
ná meas gur staic í, cleath ná cuaille fáil,
ach slat gan chnap gan chlais gan chuan gan cháim.



Cáim sa tsaol is fíor nárbh aithnid dúinne
ina cáil, ina gníomh, ina gnaoi, ina pearsa chumtha
is sásta a shínfeadh sí, 's is deas do lúbfadh
ar mhása buí nó ar íochtar garbh stumpa.



Níl stumpa caile ná fleascach sa bparóiste
ná geobhadh le teagasc 's do rachadh chun cuspóireacht -
nach lom do ghreadfadh an sagart in aróga
le bonsach shlaite do cailleadh go callóideach.



Callóid caithfear is mallacht ina deoidh do chur,
go leor eascaine, aithise ceall is cloig -
barróg slaite dob fhearra dar liom ná fuip
a dtug fóisc chaile nó feannaire fogha uirthi.



Fogha le fuinneamh do tugadh ina deoidh go beacht;
is chun húip, im thuigsin, do rugadh an tseoid thar lear -
ná labhraidh linne, is ná cuiridh inár gcomhair gur feas
cá ham, cá hionad, cá sciobaire a thóg an tslat.


L. 95


So an tslat do chleacht a glacadh i dtionólaibh,
is i measc na bhflatha ar feadh an pharóiste -
ba dheas, is feas, ag bean nó ag barróig í,
is ba mhaith í ar fad gur bhain di urchóid chroibh.



Crobh an bhradaí greadfaíor, tuigidh, go pras,
nó crochfar as geataí an sladaí d'imir an bheart;
níor ghaid ar ghadaí a shlaitín ingeartha dheas
do ghoid ón staraí do thaithíodh ise le ceart.



Is ceart a lorg, gach pobal di cuardaítear,
fanaidh go socair, ná corraidh go luath na fir -
dearbhann ochtar i bhfogas díbh thuas go bhfuil
ag an sagart san Chromadh go follas ina cuaille i bpis.


L. 96


AN TABHARTAS PISE



A shagairt na rún, ná diúlta' i mbliana pis,
cé leathan, cé húr, cé ramhar, cé riabhach, cé mion;
tá fearaibh na dúiche is Bliúit ag fiach uirthi,
is cé chailleas mo shiúl do bhrúfainn iarracht di.



Geallaimse siúd gur dúil i ndiagantacht
fá ndeara don chúileann tú do riar le pis;
cé folamh a cúil ó thabhartais iasachta
glacsa cion triúir id chlúid i mbliana dhi.



Cé gur earra nach gann, dar liom, i mbliana pis,
tá eascar ina ceann, tá fogha agus fiach uirthi;
tá achrann teann, tá an clampar riamh ina cuid -
cuir slat ina ciumhais in am nó liathfa' oraibh.



Cé fairsing, cé húr san dúiche i mbliana pis
na fearaibh ní thabharfaid blúire ar iasacht di;
is dá maitheas ní lúide an chúil a riartar di,
is cé lagadh mo lúth do bhrúfainn iarracht di.



Ó chailleas mo chlú sa dúiche riamh le pis
is gur ghlacas í im chúil go dlúth fá ia gach glais,
bainfead di an smúit is spiúnfad cliath uirthi,
is níl sagart sa Mhumhain ná brúfainn trian dá chuid.



A bhráthair chlúmhail, gaibh chughat go ciallmhar glic,
má tháinig trúip le fonn ag fiach id phis -
dá cáilibh siúd nár dhiúltaigh riamh na fir
ina dtáinte dá brú ar dhrúcht leaistiar is toir.


L. 97


Do ghlacas-sa chugham im chlúid i mbliana pis,
i bpáircín chúng a bhí cúl le hiarrachtaibh -
níl tábhacht ansúd, tá an chontúirt riamh uirthi
na táinte dá brú, lucht siúil is fiagaithe.



A shagairt mo chléibh, ná déinse tuilleadh púire,
is gan gráinne saor ag aon den phis id dhúiche -
dáimh is cléir is éigsí ar buile chúichi,
is fál go haer ná déanfadh pis a chumhdach.



A bhuinneáin shultmhair 's a shiollaire shúgaigh shéimh,
i mbeagán pise má chuiris do dhúil mar aon,
coimeád ise go cluthair i gcúil léi féin -
cuir fál buinne ina ciosa agus dlúthaigh léi.



Dlúthaigh léi, agus léirigh cliath uirthi
i gcúil léi féin, nó is baol di fiagaithe -
cé dúr a gné, a scéimh, cé riabhach a cruith
bíonn súil ina déidh ag cléir an iarratais.



Iarraid cléir í, féach, is cuirid ina gcúl
i gcian ó bhaol, is gléasaid ise go dlúth -
bíonn triatha is éigse an tsaoil is tuilleadh ná dúrt
ag fiach ina déidh go traochta dá briseadh is dá brú.



Cé bhrúis go minic, is gur chuiris do shúist ina slí,
is gur ghabhais-se toise na pise ó lúib go clí,
ná santaigh tuilleadh go gcuirfir do chúram díot -
tig piúnt chun pise, is ní miste an chúil í a roinnt.



Mar roinnt ó bhruinneall, 'se a thuigim ná fuil sé gann
mar sháith pise, má thugann duit buiséal teann;
má gheibhir a dingeadh beidh tuilleadh is scibéad ann
in aghaidh na pise, agus iomad di ag dul faoi thomhas.


L. 98


Tomhasaigh ise go minic, a ghliaire an tsuilt;
treabhaighse an ithir is cuirighse cliath uirthi -
ná santaigh an iomad tré mhustar i mbliana a chur
nó meallfar tusa mar thuilleadh dá criabhaithe.



A bhráthair, ná bíodh cás ort do chuid pise do bhrú,
is fearr d'fhaid fásfaidh sí a cimilt go dlúth -
tá an máistir, tá an bráthair, tá an ministir súch,
is do sháithse fágfaid, is tuilleadh os a cionn.


L. 99


TEACHTAIREACHT PHRÁINNE



Ó milleadh mo shlat ar fad le millteoireacht,
is go bhfuilim gan bhaic ar easpa coillteoireacht,
muna gcuirir chugham cleath ba mhaith chun tuíodóireacht
is deimhin go gcaithfead casadh ar linnteoireacht!




L. 100


AR CHAILLIÚINT A SHLAITE DÓ



M'aicíd, mo cheasnaíl, mo liach, mo lot -
is measa mé a gleacaíocht gan rian gan rith,
mo chleath bhuí do bradaíodh le gliaire an tsuilt
is gan ach slaitín beag lagbhríoch ina diaidh agam!



Níl agam ina diaidh ach iarmhar slaite gan treoir,
gan tapa gan triall ná féadaim tarraing sa tóir,
cérbh fhairsing a rian dá riar i bhfarradh gach cóip
níor scaras léi riamh go tíocht an tsagairt ina cóir.



Ba chóir mo chleath do chasadh chugham aríst,
is mé leointe lag gan phreab ná siúl na slí -
tá deora mo dhearc ina bhfrasa tiubh ag teacht síos;
is breoite an bhean 's is feas gur dubhach dá díth.



Is díthchairdeach atáimse ó scaras lem chleith;
is díth áthais don dáimh is don Eaglais, leis;
is díobhálach do Mháire is dá malairt a ceilt;
's is gníomh náireach do bhráthair ná do shagart a goid.



A shagairt dhil, ná meastar libh go réidhfead leat
gan caibidil na hEaglaise á plé go ceart -
rachadsa chun achrainn leis an gcléir ar fad
abhaile mura gcasairse go héasca an chleath!



Sin an chleath dob fhearr dár fhás i bhfearann Fódhla,
ba dheas í ag báib nó ag mná chun cailitheoireacht,
ba mhaith í ag máistir tráth nó ag ceannaithe óga,
is ba cheart a cáil go dtarla i sagartóireacht.


L. 101


GOID NA SEOIDE



A dhuine do mheabhraigh an mheang is bearta ina bun,
tuigim do rann, do cham, do chleasa is do choir;
ní hionann dar liom an crann do leagadh nó a chur
is sciobadh gan tomhas, cá ham, cá beartaire, ghoid.



Goid ár seoide fós ní rachaidh gan díol
libhse ná leo, pé stróire a bhradaigh an fíodh;
cuirfeamna tóir ina dheoidh is achrann dlí -
ná tuigidh gur dóigh d'úr sórt an sagart ná sinn.



Sinn mar aon ní réidhfeam gan costas cúirte,
is choíche ón gcléir is baol díbh solasmhúchadh,
beidh aortha ag éigsibh, féach, d'úr loma-sciúradh,
is Críost ina ghaor ní léigfidh an corp is ciontach.



Úr gcionta, úr gcleasa is aithnid atáid sa tuaith,
úr meang, úr masla, úr mbearta is úr ngníomhartha is trua -
úr samhailt nuair 'chreachaid na cealla ina mbíodh ar cuairt
is amhlaidh 'mheasaid gur bradach do bhíonn an slua.



An slua sin Chromadh mar 'chloisim is ealaíonta
ag fuadach coda gach pobail go mailíseach,
cé mór úr ngothanna is cothrom úr gcrannaíolach
ár gcuaille cosnaimh is follas gur bradaíodh libh.



Pé bradaí a bhraith í, achtaím bliain dó i mbroid,
is pé gadaí a shlad í bainfíor stiall dá phus;
slaitín dhea-chroíoch dhea-ghníomhach dhiaganta
a cheartaíodh cailí do thaithíodh iasachta!


L. 102


A hiasacht súd le dúil i sliocht má fuaradh
an chiabhfhionn chiúin níor smuain a goid ná a fuadach,
ní bhíodh a tnúth le cúnamh ón sochar-chuaille
gur thriallas chughaibh thar triúch go Cromadh uaithi.



Uaithi i gCromadh do chodlainn ar cuaird de ghnáth
ar fuaid a pholl, a fhos, a chuan, a scáth -
cé fuaras goradh do bhrostaigh mé im ruaig thar Mháigh,
úr gcuach is follas ag borradh, is úr stuaire ag tál.



Tálfaidh an lacht go bleacht fá Bhealtaine,
is beidh gábhair slat is cleath is crann oraibh,
beidh báire ar fhear na mban is geall orthu,
is beidh an sárfhear theas gan staic ina theannta i bpis.



Úr bpis ó mheath, is nach feas gur cosúil í,
cuir ár slat thar n-ais gan gortú arís,
ná léig thar lear le Mac Uí Dhonnchú í
soir ar fad á lot ag dochtúirí!


L. 103


AOIR AR MHUINTIR CHROMADH



Is fuiris a n-aithne an aicme do thréig a gciall,
ní tuigthear a mbearta, bíonn aithis is éacht ina mian,
is iomarcach amasach airciseach éigneach iad,
is gliogar do chanaid nó reacaireacht bhaoth gan riail.



Níl riail ná reacht ná ceart ná luaitear libh,
is níl iall ná staic ná cleath chun ruagadh agaibh
ach iarmhar lag is taise thruaillithe
gur thriall ár slat inúr measc chun fuascailte!



D'fhuascail, tuigidh, ar iomad d'úr maighrí suilt
ár stuaire d'imigh go Cuilleann le héirí coirp;
ár gcuach nach singil, mar 'thuigim, 'sí Eibhlín Dhubh -
is ní luafam tuilleadh ó thuigim gur faingí sibh.



Is fainge baoth ar léirmheas bruinneall do thrácht,
is roimhe seo féin i gcéin gur imigh úr dtásc
gur dheimhnigh an bhéith gur créachtadh sibhse mar chách,
is tríd sin féin gur éalaigh tuilleadh d'úr mná.



Úr mná ó thuigid gur imigh úr ngreann anois
ní háil leo sibhse ná Philip 's a lamparnach -
dob fhearr leo sinne nó siollaire seang chun suilt
ná a dtáinig ded chine is ná an fhoireann sin Chromtha oilc.



An fhoireann sin Chromtha i bhfoghlaim féach gur tearc,
gan litir ach leamhas, gan greann ach bréaga is beart,
gan cruinneas ina gceann ach clampar, claon is cleas,
's is doineanta an dunsa labhairt ar léann na yolps.


L. 104


Na yolps mar sibhse beidh snaidhmthe i gcúirt fá cheist,
is ní taise do Philip nó rithfidh sé ar siúl ina gheilt,
bainfear as torann is beidh tuilleadh acu - a mún ag pleist -
is is feas tú id ghliogaire, is deimhin mar súd go mbeir!



Beirse is Philip i gcuingeal gan mhoill anois
ag pleist ar inneall trí iomad úr n-aighneasa -
sin ceist ar dhuine "cá gcuirfear chun feadhma sibh,
ag meilt an ghlugair don mhuileann is adhastar libh?"



Adhastar coinnibh, a Mhuiris is a Mhíchíl, leo;
sa mbinn iad cuiridh, is meilidh na faingí beo,
na línte ligidh is dingidh an ding faoin seol,
is gan mhoill beidh an glugar ina ghliogar ar dtíocht síos dó!


L. 105


B 1744 18L
SLÁN LE MÁIGH



Slán is céad ón dtaobh so uaim
cois Mháighe na gcaor na gcraobh na gcruach
na stát na séad na saor na slua
na ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim!



Curfá
Och, ochón, is breoite mise
gan chuid gan chóir gan chóip gan chiste
gan sult gan seoid gan spórt gan spionnadh
ó seoladh mé chun uaignis!



Slán go héag dá saorfhir shuairc',
dá dáimh, dá héigs', dá cléir, dá suaigh,
dom chairde cléibh gan chlaon gan chluain
gan cháim gan chéim gan chraos gan chruas!



Slán dá n-éis dá béithe uaim,
dá mnáibh go léir, dá scéimh, dá snua,
dá gcáil, dá gcéill, dá gcéim, dá gcuaird,
dá bpráisc, dá bplé, dá méin, dá mbua!



Slán thar aon don bhéith ná luaim -
'sí an bhánchnis bhéasach bhéaltais bhuach
'chuir tráth chun sléibhe mé i gcéin am ruaig -
is í grá mo chléibh, b'í in Éirinn cuach!



Is fánach faon mé, is fraochmhar fuar,
is támhlag tréith 's is taomach trua
i mbarr an tsléibhe gan aon, monuar,
im pháirt ach fraoch is gaoth aduaidh.


L. 106


Don tsráid nuair 'théim mar aon ar cuaird
ní háil leo mé is ní réid lem chluain -
bíd mná le chéile ag plé, dá lua
cá háit, cá hé, cá taobh ó'r ghluais.



Dom chairde im ghaor gan téacht, is trua,
is mé am chrá ag an saol i ngéibheann guais;
le ráithe i bpéin i gcéin ar cuaird
gan ábhacht gan scléip, gan scéal dá lua!



Ó dháil an chléir dom céile nua
cois Mháighe go héag ní hé mo chuaird,
go brách lem ré táim réidh lem chuaich
is le mnáibh an tsaoil 'chuir mé ar buairt!



Clabhsúr
Och, ochón, mo bhrón, mo mhilleadh,
iomarca an óil is póga bruinneall
'chuir mise lem ló gan fód gan foithin
is fós gan iomad fuadair!




L. 107


B 1744c 18L
BAILE AN FHAOITIGH



Is ainnis atáim, 's is cásmhar cathach cloíte,
gan aiteas, gan aird, gan ábhacht, ar easba buíne,
gan charaid im dháil, gan dáimh mar chleacht im choimhdeacht,
ó caitheadh ar fán mé tráth go Baile an Fhaoitigh.



Nuair a ghabhaim an tsráid bíd cách go ceanna-choimhtheach,
ní ghlacaid lem pháirt, im dháil ní thagaid choíche,
mar bharra ar gach cás na mná go seachnaíd mé
an tamall so táim ar fán i mBaile an Fhaoitigh.



Deir Anna le hÁine: "Crá dhó, an aithnid díbhse
an Mangaire a ráim, tá a cháil ar feadh na tíre -
meallann sé mná - so an cheard a leanann choíche,
is a thaisteal thar Máigh ní fearrde Baile an Fhaoitigh!



Admhaim tráth gur ráig is ragairne oíche,
dramanna is cáirt, is clár dá ghreadadh choíche,
spairn le cách is mná dá mbaint chun aimhlis
fá ndeara dhom trácht thar Máigh go Baile an Fhaoitigh.



Ceangal i bpáirt le báib ná hainmnímse
is a caraid dá thrácht go hard gurb aindlí sin,
a mealladh mar chách is a rá gur loiteadh í linn
fá ndeara dhom trácht go brách go Baile an Fhaoitigh.



An sagart thar chách do sháigh in anacraí mé,
is an smalaire smáil ina pháirt do dhearbhaíodh coir -
an aicme reo a ráim, is an bháb ná hainmnímse
fá ndeara dhom trácht go brách go Baile an Fhaoitigh.


L. 108


AN FILE I gCÉIN



Mo pheannaid, mo phúir, mo chumha, mo chiach, mo chnead,
cé Mangaire Subhach mé is dubhach mé i gcian thar lear -
admhaím siúd gur drúis is iasacht ban
fá ndeara dhom chughaibh óm dhúiche triall i bhfad.



Is dubhach atáim i ngá is i bhfíor-easba
ó d'fhúigeas tráth Cois Máighe na mínmhara,
gan diúgadh cáirt, gan dáimh, gan díon dalta,
gan cumhdach mná, gan páirt le puinn charad.



Cé fada mé ar mire is gur imigh go brách mo chlú,
daichead is tuilleadh gur mhilleas de mhnáibh na dtriúch;
níor cealgadh mise is níor imigh mo cháil ar gcúl
gur mheallas an bhruinneall 'chuir mise mar 'táim go dubhach!



Tarla orm i gCorca is níorbh fhearrde mé
an sárfhear soilbh den bhorbfhuil ársa thréan,
sás a phota do shlogadh is a cháirt ina dhéidh,
is má chuir orainne an donas tá smál air féin!



A charaid is a chumainn le a bhfuilim i bpáirt go dlúth,
agallaim tusa gan fuireach im dháil go humhal -
im aice má dhruidir is deimhin mo chás ar gcúl,
má fhanair ní ligfead le duine ded cháil mo rún!


L. 109


AR DÍBIRT



Ag fastaím ba ghnách mé i dtábhairne le béithibh,
a n-easpa is a ngábhadh níorbh fholáir dom a réiteach,
bhíodh saithí im dheaghaidh díobh is na gártha acu am éileamh,
is ba thaithneamhach mo cháil leo cé tharla gur réic mé.



Is ceasnalach cásmhar atáimse, 's is léanmhar,
gan aiste, gan áthas, gan fáltas, gan féile,
gan stair ghrinn na dáimhe, gan mná fionna am chaomhnadh,
gan ealaí, gan áras ó thánga ar an dtaobh so.



Dlithe crua na Whigs do ruaig mé in imeall tuaithe im aonar,
do rith, monuar, mo mhire ar cuairt, is dubh mo shnua 's is créimeach,
d'imigh uaim mo shult, mo shuan, tá tuirse mhór am chéasadh,
's is giolla gruama gan friotal sua ná cuirfeadh duain dom fhéachaint.



Inis uaimse don fhionna-chuach is gile snua 's is féile
nach giolla gruama ach giolla suairc mé, is go gcuirim cluain ar bhéithe,
do rith mo thuairisc ó Inis Tuamhan go himeall chuanta Béarra,
is gach bruinneall stuama do chluin mo thuairisc druideadh suas am
chaomhnadh.



Dá dtigidís thar sáile na sárchoin d'ár saoradh,
sliocht ard Choinn agus Fáilbhe is fánach ná déarfainn,
bheadh Calvin is a chairde ina seanrith thar ghaorthaibh
is ní ghlacfaimis gan sásamh ann a ndearnadar d'éigin.


L. 110


B 1745 18L
DEA-SCÉALA Ó ALBAIN



Tá Prussia et Poland fós ar mearathal -
sin seargtha go deo le Seoirse Hanover -
tá an calmfhear cróga ar phórtaibh Alban
is go leor dá charaid á ghardadh;
gach faraire fionn ler mheabhair leis greann
tagadh in am ag cabhair lem ghrá,
ná tugaidh úr vote d'úr ndeoin le Sasanaigh,
is gairid díbh gleo ná leomhfaid labhairt libh;
beidh atharrach spóirt fán bhfómhar i mBanba,
sealbh trí gcoróin ag an leon ná habraim -
sin Fódhla feasta ag mo ráib gheal!



Guím go léir Mac Dé is a Bhanaltra
an siollaire séimh - bé pé ná habraim -
gan bhiolam, gan bhéim do léigean eadrainn
gan bhaol, gan bhascadh, gan bhearnadh;
beimid ag ól go sóch ar nóin
nuair a thiocfaidh mo leon is a shló thar sáil,
beidh míle hussá i gclár na Banban,
beidh cíoradh et carnadh is tnáthadh ar fanatics;
sagairt is bráithre ag rá na salma,
Galla faoi sháil an bhráca ag Carolus -
is ólam feasta a shláinte!



Gach sárfhear glé de shaorshliocht Airt is Fheidhlim
ler shámh an réx do théacht i gceart an tsinsir,
le gardas glaodh go héasca ar channa saghdair -
sláinte Shéarlais taoscam feasta timpeall


L. 111


LÚCHÁIR SHAMHRAIDH



Scaoilim san timpeall le hiomad dúthracht -
sceimhle gan faoiseamh ar fhoireann lústair,
an geimhleach dá sraoilleadh go teine thnútha,
is rí ceart Trí Ríochta ina sheilbh dhúchais.



Ríomhadh a bpríomha ní doiligh dhúinne
as inse na míleadh sin Chaisil Mhúmhan,
is gur fírshliocht an taoisigh sin Mhaine Leamhna
a thug díleas d'fhuil Stíobhart a bhfearann iomdha.



Guímse le croí dhil an tAthair ionraic
díbirt is díchur is feannadh is fanntais,
díogha is cloíteacht is creathadh is cantlamh
ar bhuín uile ba cíocrach um chealla a scanradh.



Gach saoi suilt lerbh aoibhinn na Galla d'ionradh
is fírinn' mo scríbhinne i meitheamh shamhraidh,
díogadh sruth fíonta le hiomad branda -
le hintinn an laoi bheag seo cantar liomsa!


L. 112


B 1746 18L
CAITHRÉIM SHÉARLAIS



A dhalta nár dalladh le dlaoithe,
is do sheachain an tslí inar ghaibh Seón,
seasaimhse sealad is chífir
gach cabhair 'tá ag Íosa fád chomhair -
atá Carolus calma croí-mhear
ag bascadh na buíne seo ad bhreo,
bainfidh sé allas as mílte
is ní ghlacfaidh gan díoltas im bhrón!



Tá Galla ina srathairt dá síneadh,
tá masla agus moill ar a ngnó,
tá easpa ar an aicme ná hinsid,
's is dearbh nach díth liom a mbrón -
beidh Banba, geallaim, ag Stíobhart,
beidh cantain is laoithe ag lucht ceoil,
beidh a gcealla ag an Eaglais fhíre,
's is fada uathu síos do bheidh Seón!



Preabaidh is lasaidh úr dtinte,
is leanaidh go díreach an tóir;
tá an seabhac ag taisteal, is Laoiseach,
is daichead glan míle ina gcomhair -
beidh flatha na Banba á gcoimhdeacht,
is bainfidh sin rince as na Seóin,
Is an t-anam go gcaillid le sceimhle
na fearaibh do dheighilfeadh ón ngleo!


L. 113


Tá eascar is bascadh orthu roimhe seo,
tá eagla suíte ar an gcóip,
ag Falkirk do cailleadh na mílte,
tá Campbell go cloíte agus Cope -
beidh sealbh na Banba ag Gaoil bhocht,
is beidh na danair seo choíche gan treoir,
beidh Carolus feasta ina rí againn,
is beidh an ainnise cinnte ar na Seóin!



Bí sóch, a charaid, tá an chabhair le fáil gan mhoill,
úr dtóirsí lasaidh, is canaidh gach dán le meidhir;
tá an tóir ar Ghallaibh is a leagadh níor chás le Críost,
is beidh Seón ina lathartach leata is na Seáin arís.



Im sceol ná measaidh gur magadh ná ráfla a ríomhaim -
sin Fódla ag flatha, sin eascar is ár ar Ghaill,
sin Seoirse ag creathadh is na beanna go brách dá mhaoil,
is sin Seón ina lathartach leata is na Seáin arís!


L. 114


AG GEARÁN NA mBAN



Is iad na mná do chiap mé 'e ghnáth,
is ní fhéadaim tráth a dtréigean;
is iad na mná so im dhiaidh gach lá
soir siar do chráigh go léir mé
is iad na mná is an iall so im lár
a chuir riamh le fán an tsaoil mé;
is cé riabhach atáim gan tiarnas stáit
is dian atáid am éileamh.



Tá dís thar chách i mbliana am chrá
is a riar ní bhfáighim ar aon chor,
dís de mhná na gciabhfholt mbláth
ag fiach im dheáidh gan traochadh;
an dís seo a ráim 'chuir riamh mo phá
is mo chiall go bráth im éagmais;
is dá dtriallfainn tráth go hiarthar Fáil
bheadh siar im dháil go saothrach.



Trian dem cháilse riamh le hábhacht,
gach cria-mhug lán do thaoscaim;
trian dem cháil ní fhéadaim trácht
gan iasacht mná dom chaomhnadh;
trian dem cháil, níl riail sa gclár
ná stiallaim tráth le héigean;
is i ndiaidh gach cáis is rian gach fáin
bíd cliar is cairde am dhaoradh.


L. 115


A Dhia na ngrás 'fuair pian is páis,
cuir srian lem námhaid le chéile,
is riar ina dheáidh an fia so ar fán
is triatha Fáil ina réim cheart;
gach iarmhar 'tá d'ár gcliar gan stát
iad ina n-áitreabh saothraigh,
is an chliar so atá san iath go sámh
iarraim tráth a dtraochadh.



Is mná do chloígh gach groí-fhear intinneach,
's is gnáthach dís den bhuíon so am choimhdeachtsa -
is dem cháil de shíor íota is adhaltranas,
a d'fhág gan bhrí mé choíche i mbraighdeanas.


L. 116


B 1748c 18L
MOLADH FITZ ODELL



Tá Céadar, tá Céasar, tá treon;
tá craobh ghlan go cróga sa tír;
tá saorfhear, tá saorfhlaith gan smól
go saothrach, go sóch is go síoch;
tá béasa gan bhaeithe go leor,
tá tréithe sa tóirse gan teimheal;
tá séimhe gan séanadh, agus fós
tá féile gan fórsa ina chroí.



A hero in valour most brave,
the stoutest he ne'er would decline;
their lives at his pleasure he saves,
their boldnesss they often repine;
his actions most gallant and rare,
his qualities fair are well known;
his foes, them, they often declare
to his credit at the cost of their own.



Saorbhile saorbheartach sóch,
saormharcach slómhar le suíomh;
séimhghas is séimhghartha snó,
i saoltacht 's i seoda gan suim;
phoenix den tréanfhuil ba mhó
de shaorfhearann Fódhla go fíor;
'chuir daorscair dá dtréine dá dtreoir
as Éirinn, agus dheoraigh thar toinn.


L. 117


In features none him do excel,
to pleasure and mirth still inclined;
my Muse is unable to tell
his grace and perfections of mind;
his greatness and goodness all o'er,
from all pride and vanity free;
he never oppresses the poor -
their woes he redresses we see.



Féachaidh in éadan mo leoin,
ar chaoil-each go cróga nuair 'shuíonn,
ghearrfadh a réidhchrobh an treon
mar Chéasar i ngleo is i ngníomh;
bíonn méithphoic go créimeach ina dheoidh,
is daorscar ní leomhaid teacht ina shlí;
ní ghéilleann don tréine go deo,
is an faon do gheibh cóir uaidh is díon.



A royal branch sprung, I daresay,
from monarchs of fame and renown
who often the sceptre did sway -
usurpers they never would own;
you virgins that languish and moan
and cannot your passions express,
apply to my darling alone,
your anguish and grief he'll redress.



Níl béith mhilis bhéalmhiochair mhódhail,
níl céithleann ar m'eolas san tír,
nach éasca do bhréagfadh mo stór
is do réidhfeadh a brón is a díth -
gach aon agaibh glaodh tuilleadh dhen bheoir,
is taoscadh go leor dhi ó chroí,
is éimid ar Aon-Mhac na hÓighe
i réimeas Fitz Odell do dhíon.


L. 118


You maidens that pine and despair
and cannot your ailments relieve,
if you to Fitz Odell repair
your wants and your pains he'll retrieve;
come, gentlemen, call for more wine -
who would not be drunk for his sake -
confusion to him that declines
his health in full bumpers to take!



Cathchuradh cróga córach clúmhail ceart,
fear sultmhar sóch do leonadh búir go beacht,
fear furas fós, fear fónta fiúntach fras,
mo chumann Odell, leon de chrú na bhflath.



I'll now give o'er - I know my Muse is short -
I must perclose, therefore excuse me for 't;
may God alone dispose and rule his heart,
my gentle Odell, a noble youth and smart!


L. 119


B 1748 18L
DON ATHAIR LUGHAIDH Ó COILEÁIN



Bé an uchta, sona séimh gan chlúid,
den Naoi go cora ag nochtadh a héadaigh siúd,
ón dtaobh so chnoc cois Bhruigh na Réacs den tsrúill
fád dhéinse anocht, a scoth na saorfhear subhach!


L. 120


RANN EILE DO SHAGART



Uaimse gabhaigh, a shagairt, le géarshearc rúin
bua agus beannacht de shleachtaibh suilt Éibhir úir,
gach suaircfhear searcach ba thaithneach leat féin is liúm -
buan fá mhaise go rabhaid do thréad is tú.


L. 121


B 1751c 18L
FREAGRA AR MHAÍOMH SHEÁIN UÍ THUAMA



Is duine thú a dhíolas steancán,
buisinn gan bhrí agus brandán,
is do chuireas do chuideachta ar uireasa cuimhne
is a n-inchinn líonta de mheabhrán.



Is deimhin arís go meallfá
go minic do bhuíon le sleamhnán,
is go gcuirir gach duine ar giodam chun baoise
le gliogar gan chrích is le canrán.



Níl binneas id laoi ná id sheandán,
is ní milis dar linn do streancán,
bíonn iomad de thoise do ghloine gan líonadh
is d'uisce na díge id phuinseán.



Buisinn dá dhíol mar leann lá,
is Muireann dá líonadh i nganncháirt -
ní sultmhar don fhoireann sibhse dá insint
go rithid dá bhíthin chun rancáis.



Is minic do líonais lomchárt
is coirn fá mhaoil le cubhrán,
is do chuiris sinne gan chumas ar shuí
ná imeacht sa tslí gan teanntán.



Cé mursanta a shuír i gceann cláir
is go n-ibhir leath slí gach tancard,
muna bhfuil scilling ag duine chun díola
cuirfir do bhuíon chun stancaird.


L. 122


Tigir go fíor le lútáil
i gcoinne gach aoin a ghabhann an tsráid,
gloine má thugair do dhuine gan díol
is i mbille a bheidh thíos air in antráth.



Ar imeacht arís dó, an deamhan cáirt
do gheabhadh gan díol nó gealltán,
is cuma cá hionad ina rithfeadh, cá díg
ina dtitfeadh fá thrí ar a lamhancán.



Is é a chluinim ag gach aon ina chomhrá
go millir an tír le sleamhnán;
Slippery an droichid is sibhse do dhíolfadh
ar ghloine nó ar dhís d'úr gcompáin.



Cuisle mo chroí na seandáimh,
ní hionann is dlaoithe is meang Sheáin -
mursaire buile ar mire dáiríribh
is ina bhroinnibh gur líonta d'fhalsán.



Gach nduine den bhuíon lerbh fhonn a bhás,
gach file, gach saoi le hamhrán
do thiocfadh go Luimneach, rithfeadh gan mhoill
go sconnaire an ghrinn le a ngabhaim páirt.



Siollaire groí gan chanrán
is a mhuirneach mhíntais mhodhail mná
a bheir puins do gach duine ina shrutha agus fíon
is coirn gan díol de leann bhreá!


L. 123



AOIR AR AN TUAMACH



Freagra ó Aindrias Mac Craith ar Sheán Ó Tuathail, ris a ráitear
Seán Ó Tuama .i. brócaeir Gheata Mhungairit, óstóir leamh ar
lom-amaisc:




Alltán aithiseach éithiúnta,
breallsán bagarthach baothlúbach,
Compán cealgach claonrúnach,
falsán falathach faonchúntach.



Geocach gan ghaois gan ghliocas,
gósta gaoithe is glugair,
lóma gan laoi gan litir,
lóiste ladhrach liosta.



Uallán uallach gan urraim,
stuacán stuacach gan toise,
fualán fuadrach gan fuinneamh,
truailleán tuathail gan tuigsin.



Iarsma íogair gan oideas,
iarmhar daorscair le daille,
gan mhian gan mhíne gan bhinneas,
gan chiall gan chuimhne gan chruinneas.



If you are so reduced as not to shew a farthing in your poetical purse, turn
broker and get your living as Mahara did; or rather as auctioneer - sell the
lumber, set out to public sale to those about you such as old shoes, bristles,
stinking fish and the like; or, if you choose, turn rag-gatherer, porter or
common scullion to clear the streets of excrements, better do so than turn
affidavit man and swear you saw or heard what you did not.


L. 124


Ba mhinic thú ag díol na steancán,
buisinn bhog bhuí agus bangán,
is cumascaibh eile do stileadh le Síle,
's is deimhin nár chuibhe libh comparáid.



Is feasach don tír thú id bhreallbhard
is id mhursaire mhaíteach mallrách
'ritheas gan chuireadh i ngach cuideachta 'chír
id mhuirear ar shaoithibh ag spiúnsáil.



Ar bhruinneall ní scríobhair ná ar sheangmhná,
ar ursa ná ar shaoi dá fheabhas cáil;
gach sruthaire a thugas duit buisinn gan díol -
seo an fhoireann do mhaír id streancán.



Ní finne-bhean mhín do chompán
ach subaid is straoill le seanstráic,
is an cuimrisc uile ód bhruinnibh do shíolraigh
is feasach don tír gur cam táid.



Níl imeall den tír ina ngabhann bard
ó Shionainn go Laoi na seandámh,
ná duine ler chimil an scruta nár mhill
is nár chuidigh le steill chun rancáis.



Le deisceabal Chríost ní comparáid
tusa atá suite id Iúdás,
id mhursaire buile, id fhear breibe is id spí
a chuir tuilleadh agus sinn chun stancaird.



Tá caise is caoiche is canrán
san gcaimide críon is san gcamstráic,
tá clis agus coir agus caime ina chroí
is a chuisleanna líonta d'fhalsán.


L. 125


Gach duine ler chuimhne an seanchás
cuireadh i ngeimhle an cambhard,
ionann is Pilib is Luttrel 'dhíol
Luimneach - bíodh gurb in antráth.



Níl duine den bhuín lerbh fhonn ábhacht,
níl file, níl saoi le hamhrán
do thiocfadh ina ghoire a chortha nuair 'chíd -
sin cluiche agus críoch ar chamSheán.



Gach breillice breilsce breallbhard
nó giolla gan ghaois do ghabhas páirt
libhse, ná tuigeadh go ligfeam fá líg
go rithid ar baois ina lobhráin.



Ní caraid do shamhail ach namhaid do thréig an chóir,
's is dearbh nach caraid ach namhaid don chléir do shórt,
is namhaid le gangaid do chealg an éigse, is fós
ní caraid dod charaid ach namhaid don tsaol is dóibh.



Ní ghlacfainn mar charaid do shamhail, ná aon ded phór,
ná srathaire a spalpas na leabhair san mbréig is mó,
ar channa den amaisc do charaid ba dhaor id dheoidh,
's is namhaid do charaid má bhreabtar is don tsaoghal Seón!


L. 126


B 1751c 18L
AG CÁISEAMH AN EASCAIRDIS



Mo dhíth, mo chreach, mo cheas, mo chúis chumha anois
an tí nár thaisc ina chasc an bhrúidiúlacht,
do shuífeadh stair ba cheast ar phonc-údair,
mar 'chím gan aithne mhaith ná urlabhra.



Do bhíos-sa seal 's is feas gurb ionrúin mé,
is tíocht lem ais níor bheart ba chontúrthach,
níor dhíolas caraid maith ar bhurdúnaibh,
ar fees ná ar bhreab níor chailleas m'urlabhra!



Más síofra scairt' nó bathlach bundúnach
nó sí-bhean seasc do chaith i múisiúm sibh,
má gheibhir ó Pheadar artha is úrúireacht
fillfi' ar ais ort t'aithne is t'urlabhra.



Tá míle scread is cnead is liú-liú anois
sa tír ar fad ó dheas go Condúnach,
tá saoithe is flatha ar feadh na gcúig chúige
fá scíos ó chaillis t'aithne is t'urlabhra!


L. 127


AG GEARÁN AR NA FILÍ



Níl drannaire dúr ná scrúile ar feadh na ríochta
ó Dhaingean Uí Chúis go Siúir le hais na taoide
le cealg, le tnúth, thar triúch do chaith a scríbhinn,
dá mb'fheasach a rúin nár chlú dhó a bhearta suíte!



Is cleachtach le trú tré thnúth 'bhíos tarthach líonta
bheith in earraid gan chúis lem shamhailse 'e charaid choíche -
gach farcach gan chlú nó brúid do mheas mo ghníomhartha
is ná braitheann a rúin gan chionta, caitheadh líog liom!



Is feasach don tsaol na céadta ar easpa caoinis
do dhearmaid daonnacht, féile, is teagasc Íosa,
do chreachadh an faon, do réabadh reacht na dtíortha,
is a ghlacadh le craos gach féasta maidean Aoine!



Peadar, mar 'léim, do shéan a charaid dílis;
is an t-aspal dá éis an chléir do léig, do dhíbir,
do glacadh fá réim gach aon nuair a agallaíodar -
is an Mangaire claon so léigtear seal dá gcoimhdeacht!


L. 128


B 1753 18L

BARÁNTAS I gCOINNE SHEÁIN UÍ THUAMA



Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Leatha Mogha, le hAindrias Mac
Craith,
bile buach binnghuthach béasmhúinte et file fíorghlic fíor-áitithe fíor-
eolach et ceartbhreitheamh na héigse san gcontae réamhráite -



Ag seo faisnéis Mhíchíl Uí Longáin dom láthairse an dara lá den mhí so
Ianuaraí san mbliain d'éis páise Ár Slánaitheora míle seacht gcéad agus
caogaid le trí -



Arna cheartdhearbhadh don fhaisnéis seo, is é a deir an t-an do bhí ar
mórchuaird i gContae Luimnigh go dtarlaidh san mbaile ré a ráitear Cromadh
an tSubhachais, seacht míle san taobh thiar theas ó Luimneach amach, mar a
dtarla le breallsún bairdín, duine dubh dorcha diablaí drochghníomhach,
burdúnaí brúidiúil bundúnach, ris a ráitear Seán Ó Tuama, eadhon, geocach
gaige gan uige gan oideas do bhíonn de ghnáth ag imdheargadh agus ag
aithisiú bantrachta agus baothdhaoine agus é ina chaimearthach cam-ioscadach
clamparach cailliúnach maíteach milleánach mórchúiseach, agus ina spadalach
sprionlaithe spadánta scagfhiaclach gan mhodh gan mhaoine gan mheas gan
mhaise, agus atá fós ina uan uchta agus ina dhalta cíoch ag bacaigh, ag
geocaigh agus ag bithiúnaigh na críche go coiteann ag déanamh dín agus ag
forchoimeád dóibh an t-an do bhíd ag slad agus ag creachadh bochtán agus
baintreacha na críche ina dtimpeall gach uair do gheibhid uain nó amas
orthu.



Dearbhann an faisn éisí mar an gcéanna gur theaspáin an taismearlach
réamhráite sin sórt sean-pháipéirín dhó ina raibh righinráiméis láinleamh
gan bun gan barr gan sníomh gan snas do bhí i nádúir nó i


L. 129


bhfoirm bharántais do chuir sé - gan údarás ar bith - i ndiaidh éin choiligh
do ghoid sé féin agus Reynardín leathchaoch, a mhac, ón Athair Seán Ó
hEidhin, sagart paráiste Mhungairit, maraon le lacha agus bardal agus le
punt tobac noch do ghoid an dís chéanna maraon le coin - d'éis gabháil air
- ó Mháire iníon Mhóire Ní ghlainBhriain, baintreach bhocht a chónaíos
i mbaile cois Abhann Móire, mar ar chuir sí sá coigíle i súil Reynardín
réamhráite, agus dá chomhartha san tá ar leathshúil ó shin i leith. Ní bhus
mó ní a deir an faisnéisí seo, agus is dá dhearbhadh san atá an barántas so
thíos: -




Whereas d'áitigh araoir im láthair
saoirfhear sáirghlic sítheoilte,
aon den dáimh ba chaoine cáil
is groí-fhear grámhar gaoisghleoite,
gur shín ina dháil le tíocht thar Máigh
daorscar dána díth-eolgach
breilsceach baird gan bhrí gan aird
do mhill gach áit le draíodoireacht.



Ablach íogair airceasach íseal
amasach íotach éagórach.
bradaire bíobha, breabaire baoghail,
beanna-phoc bruíonach baoisghlórach,
caimearthach ciardhubh ceachartha cinnte,
cearrbhach caointeach caoltónach,
drannaire daoscair danarga díthchirt
damanta, is dríodar daoi-chóbach.



Feallaire fíochmhar falathach fuílleach,
feannaire, fainge is fíorlóma;
gaige bocht gaibhdeach, garbh-phoc, gailseach,
glamaire is gainge gnaoi-dhóite;


L. 130


learaire líofa leathscoilte leadhbach,
lastaire is leidhce líobóideach;
meallaire millteach maslaitheach maíteach,
madra maoir le mí-chóthrom.



Nathaire nimhneach nathantach naimhdeach,
nascaithe níl i ní fónta,
plubaire, pleidhce, pusaire, plíoma,
pollaire pinn is príomhlóiste,
raille bocht, ríceach, raiste re righne,
rangartach roimhe seo, is rí-chóbach,
srathaire síleach, smagaide smíste,
steallaire still is straoill-ólach.



Treasdhuine taibhseach, taistealach timpeall,
teallaire tíre is tí ósta,
do ghaideadh gach ní do gheabhadh ina shlí
gan aiseag arís dá chaoinchomharsain;
do bhradaigh, is fíor, an lacha is a huibhe
is earra ná maím im scríbhneoireacht -
aitim ina dhíol má thagann inúr slí
a cheangal gan mhoill le righinrópa.



Bíonn fós, mar 'chluinim, ina bhrócaeir ime,
ina phórtaeir uisce is ag linnteoireacht,
's is ró-mhinic é ar bhóthar Luimnigh
ina óstaeir buisinne baoith-dhreoite -
ar bord cé thigeann ina stróice buile
i gcomhair gach foirinne ag físeoireacht;
is cé ólann iomad le póit ina ghoile
go deo níl pingin ina chríonphóca.


L. 131


Sirim gach saoi ó Chuillinn go Daoil
re a bhfuilim i síth 's i bpríomhchomhairle,
is gach file sa tír ó Inis go Laoi
is ó Dhoire na Líog go taoibh Eochaill' -
cuiridhse dís nó duine ar gach slí
idir chumar is choill is choim bóthair,
is an sruthaire spy má ritheann inúr radharc
scriosaidh de an leadhb le naoi gcorda.



Aitimse sua, leanaidh an ruaig
i gcaladh, i gcuan 's i gcoimbhóithre,
de shleasa gach tuath ó Ghaillimh go Tuamhain,
is ó Chaiseal go bruachaibh binnBhoirne -
má chastar an fuad inúr bhfarradh ar cuaird
é a cheangal go cruaidh le righinchorda,
is ná glacaidhse uaidh aisce ná duais
go mbaintear an chluas den fhíorstróinse!



Aitimse gach faraire idir éigse is dáimh,
is gach preabaire den Eaglais ón Fhéil go Máigh,
an srangartach so ceanglaidh go daor le cnáib,
is bainidh uile cnagarnach is béic as Seán!


L. 132


B 1755c 18L
MOLADH ÉAMOINN DE BÚRCA



I mbaile cois áth' tá an sárfhear suairc,
fear soineanta grách nár ghnách air gruaim,
ceannurraid na ndán nár stán riamh suas,
is go bhfuilid na sluaite i ngrá leis;
guímse go brách chun an Aird-Mhic mhóir,
chum flaitheas na ngrást atá go buan,
don bhrainse bhreá a d'fhás go luath,
ceannurraid an tsluaigh den ardfhuil mhór -
ní bladar ná práisc atá mé a lua
ach rábaire uasal Éamonn.



Preabaid na gadhair le meidhir ina dheoidh
ar shléibhte ceo ag déanamh spóirt,
is an tír ag amharc ar ghaisce mo leoin
do rug barra chun spóirt ó Éirinn!


L. 133


MOLADH BHÚRCACH BHAILE NA NEANTA



I mBaile na Neanta atá
an crobhaire fir gan cháim,
ba ró-bhreá a phearsa ag gabháil an bealach
ar óig-each greanta an stáit -
a chlaíomh cinn óir ina láimh
a ghearrfadh cinn agus cnámh,
is a mhacasamhail níor tháinig ann
ó d'imigh féin chun fáin.



Is dá maireadh Fionn is an Fhiann -
a thrúip is ar ghaibh leis riamh -
i mBaile na Neanta do gheobhaidís branda
is martacht reamhar thar bhliain
ón mbuinneán álainn fial,
an seabhac nár cáineadh riamh,
ceannurraid na dtáinte a bhuafadh an báire
ins gach aird ina mbíodh a thriall.



Is é an laoch nár mheata i ngleo
do thug na céadta i mbrón
le túmar grinn don mBúrcach ghroí
a rug barr sa tír chun spóirt;
is ar a thalamh 'bhíodh an chóip
ag ól an fhíona ar bord,
is ceol á spreagadh is suairceas acu
ó Luan go Satharn dóibh.


L. 134


An laoch nár mheata i ngleo
do thug na céadta i mbrón,
is an leon mear tapa ar óig-each greanta,
ba ró-bhreá a fhead is a ghlaoch,
is i ndiaidh na ngadhar go tréan
sa bhfiach ar bhinn an tsléibhe -
an ceol ban sí insa ród do bhí
le dearcadh grinn don laoch.



Is dá dtriallfainn féin thar sáil,
an Fhrainc a shiúl nó an Spáinn,
dá bhfacas ann níor léir liom amharc
an phéarla rug a bharr;
le feabhas do mhéin is do cháil
go dtugaidís duit grá
le béithe ag iomaidh le héigin siosma
i ndiaidh do phearsan breá.


L. 135


AN LACHA-BHEAN BHÉASACH



Is fada mé in éagruth is am radadh le gaetha,
is cathaitheach faon mé gan fóirthin,
le taithneamh dom chéithlinn - a hainm ní déarfad -
'sí an lacha-bhean bhéasach do bhreoigh mé;
Is camarsach craobhach a carnfholt néamhach
ó bhaitheas ar aoldath go feor léi,
is geanamhail maorga a reamhar-roisc chlaona
do lagaigh, do léan, is do leoin mé.



Tá a mala go caol deas, a balsamghob craorac,
is a leabhairchrobh aolda do chóireodh
is do bhainfeadh ar dhaorbhrat cranna agus caolbharc,
eala agus éanlaith agus róinte;
is taithneamhach aerach a pearsa mar Héilean
ler cailleadh an Trae thoir 's a mórthruip -
a chara is a chéad searc, is damanta an scéal duit
mo mhalairt má dhéanair ar chóbach!



Má ghabhair le baothlach le taithneamh dá thréadta
an t-earrach ní léigfidh le córaid,
beidh an bodach ag éad leat, ní ghlacfaidh led bhéasa,
beidh an ainnise ad chaomhnadh go deo arís -
a chara, ná taobhaigh a shamhail mar chéile,
is go mb'fhearra dhuit mé agat gan feoirling,
do chanfadh duit véarsa, do leathfadh do ghéaga,
is do rachadh i gcéin leat ód chóngas.


L. 136


Cé feasach gur réic mé is im bheartaire ar bhéithe,
gan talamh gan tréadta gan chóraid,
is gur tapa do thaoscfainn le haiteas gach cré-mhug,
is ainnir na n-éigean go bpógfainn,
is dearbh, a spéirbhean, go mb'fhearra mar chéile
mo shamhail ná baothlach is bólacht
gan aiteas gan éifeacht gan mhaise gan bhéasa
gan flaitheas gan féile gan fónamh!


L. 137


LE hAER AN tSAOIL



Cé fada mé le haer an tsaoil,
is gur loiteas béith is céad, más fíor,
níor dhearcas aon do léirghoin sinn
go teacht dom shlí don bhánchnis;
'sí an chéithleann chaointais ghrámhar
le gaeithe a mhill mo shláinte,
aon gan phoimp, gan taom, gan teimheal -
pé in Éirinn í, mo ghrá í!



Is crathach craobhach réidh a dlaoi;
níl snas ina scéimh, is níl claon ina croí;
tá maise is méin is méid sa mnaoi;
níl saobh le suíomh ina cáile;
so an bhéith do chloígh na táinte
le héigean ghrinn don bhánchnis,
mar aon chuir sí in éagruth sinn -
pé in Éirinn í, mo ghrá í!



Is deas a déid, a béal, is a píp,
a mala chaol is a claonrosc righin;
ina leacain, féach, an chaor is a lí,
mar ghéis ar linn a bánchruth;
tá féile, is fíor, is fáilte
san bhéith nár thuill a cáineadh;
ní baoth a gníomh, ní daor a dlí -
pé in Éirinn í, mo ghrá í!


L. 138


Ó ghabhas léi mar chéile síor
ní scarfad léi go dtéad don chill -
an bhalsam bhéasach bhéaltais bhinn
do ghéarghoin sinn le grá di;
i gcéin gan mhoill más áil leat
re chéile ragham, a ghrá dhil;
an saol ní bhfaighidh go héag ár ndeighil -
pé in Éirinn í, mo ghrá í!



Rachad léi go hÉirne síos,
ag leathadh a géag is aerach sinn,
gan chead don tsaol, do chléir ná dlí
do bhréagfainn í, mo bhánchnis;
gan aontadh gaoil ná cairde
is léi do raghainn thar sáile -
mo bhéith gan bhaois is séimhe slí -
pé in Éirinn í, mo ghrá í!



A hainm saor ní déarfar linn -
is feas don tsaol í de réir a gnaoi,
an bhean do chéadchuir saoghad im chlí -
b'í in Éirinn í, mo ghrá í -
mo chéithleann mhíntais mhnámhail
le gaetha a chloígh na táinte,
mo bhéith gan bhaois, gan taom, gan teimheal -
is taoscfaimid a sláinte!


L. 139


MALLACHT AN RÉICE



Is fada mé i bpéin ag déanamh cáis
am radadh ag an saol is am chéasadh ag mná,
is minic mo chéile ar buile le héad
tré mise a bheith saor lem chéibheann sámh.



Is dob aite liom súd ar dhrúcht óm stór,
is dob aite liom súd ná súgradh is spórt,
is dob aite liom súd ar leabain lem rún
is mé i nglasaibh go dlúth lem chúileann óig.



Is bachallach péarlach néamhrach bláth
a carnfholt réidh ag téacht go sáil,
a ramhar-rosc réidh do chealg mé féin -
is, a chara mo chléibh, ná tréig mo pháirt!



Is minic do bhíos ar baois gan chéill,
is gach bruinneall más fíor go mbíd dom réir,
níl imeall den tír ón gCuilleann go Daoil
gan duine dem chlainn ar deighilt thar m'éis!



Níorbh fhada liom choíche rince is ceol
is gasra ghrinn is sinn ag ól,
cara mo chroí ar leabain lem thaoibh
is mé ag leathadh ar a cíoch, ag fáil míle póg.



Is mo mhallachtsa féin do chlaonreacht Mhaois',
is mo mhallacht don té do ghéill dá ndlí,
mo mhallacht lem ré do gach neach ar an saol
do ghéabhadh mar mé thar m'éis le mnaoi!


L. 140


B 1758 18L
MARBHNA AN ATHAR LIAM DE LIADH



Sin taom do rinn creach tréad agus treabh,
a thug méala agus meath sa dúiche,
mar traochadh ar fad ár nglé-ghas is feas
do léirchuir i gcreathaibh cumha sinn -
saorfhear is sagart, saorfhlaith chun seasamh,
Caesar agus seabhac súl glas
do shaothraigh le ceart an fhéile ina chasc
i méin agus maitheas iomdha.



Tá réalta gan rath, tá Phoebus ar ceal,
do ghéimeadar eas le scanradh;
na héanlaithe ní hait, na béithe ní bleacht,
tá an éigse ar meath gan mhúscailt;
tá an chléire do chleacht an Phoenix ina measc
gan réiteach i gceastaibh clampair,
is na céadta eile i nglas gan faeiseamh le teacht
an féinneadh ós feas san úirchill.



Ina thréithe níor char claonadh ná cleas,
séada ná taisc níor shantaigh;
is éasca is is deas do léifeadh gach stair
is na téacsaibh le ceart do scrúdfadh;
is béasach 's is beacht, is glé agus is glan
gan saobhadh gan seas do labhradh
Gréigis is Laidean, Gaeilg go gasta,
is Béarla go blasta búch mear.


L. 141


Ní féidir a mheas le daonnacht ar scaip,
le féile do chaith ar thiomsaigh;
an Naomh-Spioraid do char mar chéile go dleacht,
is léannta do lean na húdair -
a Aon-Mhic na bhfeart, caomhnaigh led ais,
ós éigean gur scartha dhúinn leis,
is léigse inúr measc an réacs so thar lear
gan bhaochas do chlanna Luther.



Sin fút, a leac, 's is feas gur ciach le cách
an crobhaire geal nár chleacht is nár fhéad bheith tláth,
a rug rogha gach reacht, do char an chliar 's an dáimh,
an lobhar, an lag, an fhlaith, an triath 's an fáidh.



Mo chumha, mo chnead, mo chreach, mo chiach, mo chás,
mo phúir san bhfeart an fear do riaradh táin;
níor dhún sé a theach, nior chrap, níor iaigh a lámh -
an rúire gasta gartha grianmhar grách.



Ba shubhach mé seal nuair 'ghabhainn siar ina dháil
gan chumha, gan cheas, le gean ag triall ina pháirt;
ba fiúntach fleagach fairsing fial an fáidh
gan chúngras beart, is ba bhleachtmhar briathrach bláth.



I dtúis a bheatha ghaibh le Dia mar stát,
le clú do chaith ar ghlac, níor iarr ach cáil -
is iomdha fear is bean i bpian mar táim -
mo chumha, mo scairt, ós feas Uilliam ar lár!


L. 142


SCÉALA Ó DHONN FÍRINNE



Cé fada mé i gcúib, gan tnúth le tiarnas,
go dubhchroíoch tréithlag tláth gan treoir,
am bhascadh aige búir is am bhrú aige baothlaigh
i lúib loim tsléibhe faoi bhráca an bhróin,
gan charaid am chabhair ach Donn 's a ghaolta
do bheartaigh ar dtúis dom tuirling taobh leis,
nó go n-aithriseodh dúinn gach rún ba léir dhó
le dúil ghrinn scléipe is gardas ceoil.



D'aithris ar dtúis dúinn cúis na saorfhlath,
gur fhoilsigh dhom gné agus fáth a ngleo,
gur ghairid 'bheidh búir i ndúchas Fhéilim
is crú caoin Éibhir táir gan treoir -
tá Carolus lonn is a chabhlach gléasta
ag tarraingt thar abhainn le cabhair d'ár saoradh,
ní mhaithfidh sé bonn do chlann Lutherius
is beidh foghlaí éigin tláth faoi fheor.



Tá Ferdinand fann is an Francach taobh ris,
is Hanraí traochta ag Daun, dar ndóigh;
tá scaipeadh ar na hamhais, cá ngabhaid ní léir dhom,
is Prussia dealbh ar ndáil don ghleo;
tá Saunders gan bhail is a chuallacht réabtha,
is Rodney i gcúil gan chúnamh ó aoinne;
tá Cumberland dubhach is a ghúta á chéasadh,
agus 'hould thief!' déanta de Hawke ó ló.


L. 143


Feasta beidh greann le fonn ag éigse,
an tiúin fhoinn gléasta ag dáimh an cheoil,
beidh cantain i dTeamhair fá Shamhain ag saorfhlaith
agus togha slí ag cléir le fáil óm leon;
beidh cealla agus úird gan chúinse ag Papist,
beidh easpairt Dé Domhnaigh i dteampall prayers,
beidh scaipeadh agus scanradh ar chomplacht éigin,
's is subhach síoch Gaeil go brách ina dheoidh.



Sin agaibh ó thúis gach rún ba mhéin liom,
agus meabhraídh féin do chách mo sceol,
is tagadh gach cobhaire i gcabhair le Séarlas,
bíodh togha claímh gléasta i láimh gach treoin -
sin agaibh an t-am is gabhaidh le chéile,
preabaidh le fonn agus plancaidh méithphoic,
leagaidh an fogha ar dhream an éithigh,
is ná hiompaíodh aon le scáth ón ngleo!


L. 144


FAOISTÍN A BHEATHA



Éistidh lem staraíocht gan faillí go fóill,
tá aiste bheag nua agam le háireamh
ar chéimibh na n-ealaíon do lean díom go hóg
ar mearaí gur seoladh mé óm chairde;
le scléip is le neart grinn do beadaíodh mé fós,
go haerach ag fastaím ar hallaí, dar ndóigh -
ní léigim chun deighchríche earraí ná ór,
mar bradaíonn an t-ól uaim mo sholáthar.



Ar seal nuair a theangbhaím gan cheasnaí gan cheo
go dea-chroíoch i gcóngar na dáimhe,
glaoimse gan faillí liom fear grinn is ceoil
chum faitíos do sheoladh le fána;
nuair a théimse ar mo leathbhaois i dteasaíocht an óil
pléascaim an flaigín is an cnaigín ar bord,
ní dhéanaim de ach neamhní nuair a lagaíonn an stór
má sheasaíonn an stór dom go láidir.



Ar aonach gan faillí nó in amaí ar bith spóirt
ina gcasfaí liom cló-gheal nó stáidbhean
sméidim chun leataoibh ar chailín deas óg
a dtaithníonn mo chomhar léi gan chairde;
bréagaim an staraí go beadaí le póig,
is téimse le cleasaíocht ag cneasaíocht ina comhair -
an méid sin níor cheasnaí ach an báibín seo im dheoidh,
cia admhaím gur leonadar mná mé.


L. 145


Má théimse go Trá Lí nó Beanntraí lem ghnó
beidh scataí im dheoidh díobh gan chairde,
am éileamh gan faillí beidh Maggy agus Mór
is Neansaí agus Nóra agus Áine -
mo léansa an aicíd do lean díom go fóill
ag céasadh gach cailín do chasfaí im ród,
ag réabadh gach reacht dlí gan leathshuim i gcóir,
ag spadbhruíon, ag ól, is ag ragáille.



Tréigfead mo leathbhaois, tá teacht aoise im chomhair,
i gcead Íosa is mór liom a ndearna -
go craosach i gCarghas, ní bhlaisfead lem bheol
brandy ná beoir mhilis Mhárta;
scéithfead mo pheacaí le haithrí go leor
do chléir chirt do cheap Críost in aibíd san ord;
mar aon liom ba cheart guí do Mhac Dlí na hÓighe
mé a dhídean ar chomhachta na námhad.



Ól is imirt is siosma is baois de ghnáth,
is póga bruinneall go mbrisinn an dlí ina bpáirt;
ó leoin seo sinne is go bhfuilim mar chír ar fán
fóirse mise, a Mhic Mhuire, agus díon ar mhná!



Fós dom ghliogar tá sise agus í im dheáidh,
dom bhreo is dom mhilleadh tá sí de ghnáth,
dá ngeobhainn le mí léi is deimhin dom í san ár
is thar Bóinn dá rithfinn, bheadh ní agus í im dháil!


L. 146


B 1763 18L



RAKING I LIVED



I travelled all the nations, and raking I lived astroll,
kissing willing females that pleasingly loved the sport,
roving, drinking, gaming - thus daily I spread my store
with comely loving ladies still raising their petticoats!



If providence proved graceful to wear off this English yoke
and fix our Scottish heroes with safety on the English throne,
our frolics then increasing and earnestly aid our Jove
at but roaming, kissing, raking, and raising their petticoats!



Let all Christian nations, peacemakers, drive their blow -
the Empress leaps Silecia or leaves it to the Prussian foes,
in height of stress I'm easy but carefully mind my stroll,
defeating ever the jealous in raising their petticoats!



All heroes now yet waiting, we daily expect a blow,
....... will defeat them and hasten his overthrow,
All the frantic traitors in fame shall be seen no more -
........still raising their petticoats!


L. 147


B 1769 18D

BARÁNTAS I gCOINNE MHUIRCHEARTAIGH UÍ URTHUILE



Contae Luimnigh, maraon le mórchuaird Éireann uile -



Leis an Athair Tomás Mac Canna, ris a ráitear Halifax McCann, eadhon, duine
uasal uaibhreach ealaíontach aerach iongantach, sagart paróiste Chnoic
Áine,
fíorchara na héigse san gcontae réamhráite agus i Leith Mogha go huile -



Ag so faisnéis an Uasail Uilliam Uí Nialláin ó Dhroichead Bhoinn Bhriste
im
láthairse an t-ochtú lá den mhí so July, Aois an Tiarna. Arna dhearbhadh don
bhfaisnéisí seo, is é a deir an t-am do bhí i ndeoraíocht sa mbaile ris a
ráitear Cathair Chinn Lis san gcontae chéanna so, go dtarla leis
baothbhastún brúidiúil bundúnach darbh ainm Muircheartach Ó hUrthuile,
eadhon duine dubh diablaí drochghnéitheach, athach aithiseach éithiúnta,
gadaí gruama giúirléideach, cladhaire cealgach cailliúnach, agus foghlaí
fuadrach fuafar fadmhagarlach, do bhí sealad i leith a bheith ina shagart
chiallmhar Chríostúil nó gur dhiúltaigh agus gur dhúrshéan Críost agus an
naomhchléir le grá dá chorp agus gur iompaigh chun a bheith ina mhinistir
mhioscaiseach mhailíseach dona dána drochaigeantach, agus atá anois gan
mhodh gan mheas gan chreideamh gan choinsias ag imeacht ó thigh go tigh agus
ó bhothán go bothán maraon rena chiarchléireach coirtithe crónfhiaclach buí
baoth bolgmhór breacloirgneach, eadhon Diairmín Ó Lochlainn, agus é féin
ina chaimearthach chaim-ioscadach chlamprach chailliúnach agus ina
shéithleach shilte thámáilte, ag pósadh agus ag ceangal bacach agus
baothdhaoine is gach n-aon eile do bhéarfadh réal nó scilling dó ar son a
shaothair - agus sin in aghaidh dlí Dé agus na ríochta.


L. 148


Ar an ábhar sin fógraím agus ordaím do gach faraire forránta fíoruasal agus
do gach saorfhear súgach soibhéasach agus go speisialta agus go bithchinnte
do Dhochtúir Mitchell, do Chonn cholgach Ó Dónaill, do
Philib Ó Meachair
agus do Sheán Ó Ciarmhaic, agus do gach glé-ghas ghreannmhar eile ar feadh
na contae so agus Leatha Mogha go hiomlán, an crochaire coirpe círéibeach so
maraon rena chiarchléireach, eadhon Lochlainn Luimnigh, do ghabháil, do
cheangal agus do chrua-chuibhreach, agus a dtabhairt dom' láthairse go
Bruíon nó go Sí-Chnoc Áine, go gcuiread miotamas go hifreann leo i láthair a
máistir Lucifer, mar a bhfaighid a sciúradh agus a sciomradh i Styx nó in
Acheron agus píonós síoraí i bhfochair Belzebub agus Hurlo agus
Trumbo agus
an chuid eile den clé-Eaglais do dhiúltaigh do Chríost agus don Mhaighdean
ghlórmhar.



Ag seo úr n-údarás go foirlíonta chun úr n-orduithe do chur i bhfeidhm -




Whereas táinig inniu dom láthair
agus sin le díograis
saoi agus sárfhear, groí-ghas grámhar,
agus tug an Bíobla -



Go bhfuil cladhaire ag rith ina scaoinse
ar feadh na dúiche
ag déanamh aimhlis le hiomad taibhse
ó chuir gúna air.



Do bhí ina shagart ar feadh tamaill
ag déanamh clampair,
ní dúirt Aifreann ná fiú sailme
ó chuir banda air.



Tá anois ina mhinistir chróndubh choirpe
is coinnealbhá air,
mar thug na mionna ná fuil in Muire
ach mar a mháthair.


L. 149


Mar bharra ar a bhaois do dhearmaid Críost
is a chléir le mailís,
go dearfa díbh, le taithneamh do mhnaoi
gur thréig an aibíd.



Ainm an duine seo Mac Uí Urthuile
agus cú an éithigh;
bíonn go minic ar fuaid Luimnigh
ina chúiréibe -



Ag ól is ag imirt ina stróire buile
i bhfochair a chléirigh,
is nuair a ólann iomad le póit ina ghoile
bíonn ag blaodhraigh.



Ag seo a chomharthaí do gach treoraí
ar feadh na dúiche -
fear caol cró-lí casdubh crónbhuí
agus é dúshúileach.



Tá rian an tsioláin ina phíopán
agus é mantach,
agus tá dhá chnapán ar a ghiodán,
agus fós tá breall air.



Cuardaigh cumair dó, cuanta is curraithe,
talamh is taoide -
is ró-mhinic é ag ól sa Droichead
is i mBaile an Fhaoitigh.



I charge you therefore má ghabhthaí an séithleach
ná glacaigh air bannaí,
ach tugaidh an baothlach chugham 's a chléireach,
ná déanaidh faillí -


L. 150


Go gcuiread an cúpla coirpe ar urla
i láthair Chailbhín,
i bhfarraid gach scrúile d'imigh le Luther
is ná dearna an aithrí.



Ag so barántas tugtha fám láimhse
agus fám shéala
chum breith ar bhráid ar scuibile an smáil
is ar a chléireach!



Mo dhíth, mo dheacair, mo dhanaid is mo dhíth treorach,
is an dís tug easmailt is masla don Rí glórmhar,
críoch a leasa ní leanaid ná príomhchomhairle,
is tríd ní rachaid go Cathair na Tríonóide.



Is an dís do spalpas na leabhair go héagórach
do dheighil le Peadar is le teagasc na bhfíor-eolach -
le baois, le bladar, le masla is le millteoireacht
do dhíol a n-anam ar easna mhaith chaoireolach.



Tar toinn dá dtagadh na feara-choin fíorchróga -
sliocht Choinn is Chairbre is a ndeacha de dhroim bóchna -
do bheadh sceimhle is scaipeadh is cathadh ar na fíorchóbaigh,
leaghadh agus leathadh, leagadh agus síorleonadh.



Guím is aitchim gach faraire fíor-eolach,
gach saoi, gach sagart 's gach seabhac suilt sítheoilte
an dís do chartadh, do bhascadh is do shíorscóladh,
a gcinn do ghearradh, is a gceangal le righinchorda!


L. 151


B 1775 18D
MARBHNA SHEÁIN UÍ THUAMA



Is fada fá smúit gan múscailt Phoebus,
tá scamallaibh dubha gan spiúnadh ar spéartha,
tá brata le cumha, is púir ar réalta,
ar reanna tig duartan dúr is daoldath.



Níl aiste le fonn ná greann ag éigse,
níl freagra in am ná meabhair ag béithe,
níl aiteas ar domhan ná labhairt in éifeacht
ó cailleadh mo chrobhaire cabharthach caomhthais.



Brainse bagarthach barramhail béasach
caointais ceannasach carthannach craobhach,
líofa leanbach labharthach léannta,
gan bhaois gan mhairg gan chleasa gan chlaonadh.



Do bhí sé flaitheamhail fleagamhail féastach
gaoiseach greannamhar geanamhail géagach
dílis deachtaithe, dearfa i ndaonnacht,
aoibhinn aibidh gan aithis gan éalaing.



Do bhí sé meanmnach measartha maorga
míntais measamhail marthanach méarlag
naíonta nascaithe neartmhar in aon bheart,
gan teimheal ina phearsain, gan easpa ina thréithe.



Is gaoiseach gasta do chanadh gach véarsa,
is líofa labharadh Laidin is Béarla,
is binn 's is blasta do cheapadh i nGaeilig
laoi agus saltair, aiste nó aon stair.


L. 152


Seanchas Gaoidheal is fíor gur léir dhó -
a mbearta, a mbuíon, a suim is a réimeas,
is gach ceap dá airde do shuíomh gan chlaonadh
ó Ádhamh síos idir rí agus saorfhlaith.



Cáim sa tsaíol is fíor nárbh fhéidir
d'fháil i ngnaoi ná i ngníomh mo lao-se
do sháraigh míle saoi agus saorfhlaith
i gcáil, i ngaois, is deimhin, 's i dtréithe.



Tá dáimh is draoithe cloíte céasta
is mná na mínlios ag caoi gan traochadh,
táid ardfhlaithe is saoithe i scíos in in éagruth
gan bhlas gan mheidhir ós fíor gur éagais!



Tá Clíona is Áine cráite céasta,
Aoibheall ársa is mná Chnoic Ghréine,
is gach sí-bhean bhláith ón Máigh go hÉirne
ag caoi de ghnáth ó táir gan faeiseamh.



Níl duain ná dán le fáil in éifeacht
ag sua ná ag fáidh, ná trácht ar Shéarlas;
táid uaisle Fáil gach tráth i ngéibheann,
monuar, a Sheáin, ó tharla faon tú!



Níl file ná fáidh ó Mháigh go Béarra,
ná duine den dáimh nach cráite an scéal leo -
sibhse ar lár gan fáil ar fhaeiseamh,
is mise thar cách do chráis lem ré mé!



Sin mise gan suan ar buairt go n-éagad,
gan file gan sua gan duain gan dréachta,
gan duine ler thrua mé im uath is im aonar,
ós fiosach san uaigh, monuar, mo ghlé-ghas.


L. 153


Guím an tAthair go tapa is an Naomhsprid,
Íosa ad chabhair 's a bhanaltra in éineacht,
na naoimh, na hapstail, is na haingil le chéile,
is choíche Peadar go flaitheas ad chaomhnadh.



Mo dhíth, mo dheacair, mo dhainid, is mo mhórchumha anois,
mo scíos an fhaid 'mhairfead, mo charaid is scoth na n-údar,
mo ghroí-fhear gasta i nglasaibh go follas dúinne,
sínte marbh fá leacaibh i gCromadh an tSubhachais!



Ní subhach atáim ach tláth i bhfíorpheannaid,
gan cabhair im dháil, i bpráinn gan puinn carad,
mo chrobhaire Seán ó tharla i gcill-charcair,
is dubhach mo chás go brách gan díon dalta.



Mo dhalta a bheith tláth, mo chás, mo bhuairt, mo dhíth -
cara na dáimhe, bráthair suag, is saoi,
mo charaid gan cháim, gan chás, gan chruas ina chroí,
gan mhairg ina cháil, 'sé Seán Ó Tuama an ghrinn!


L. 154


MNÁ AN TAE



Is cráite an scéal sa taobh so cluinim
ag dáimh is cléir is éigsí is uile -
stráic gan véarsa ach Béarla briste
ón Máigh go Féil, de réir mar 'thuigim,
má tá aici réal den tsaol nó scilling
nach áil gan tae a thug gaoth thar uisce;
bíonn cába daor ar phéist an phruisle
is lása fé go néata aici-se,
bíonn lámhainn is cruip is réidhbhrait eile,
is go brách an tae dá gléas mar thuilleamh.



Seo an fáth 'bheir Gaeil go faon gan foirm
gan stáit gan séad gan spré gan spionnadh,
faoi cháim gach lae dá dtraochadh ag foirinn
is gan ábhaille ina ngaor go téacht don duine;
gach lá mo léan ag plé le cuimisc,
go brách lem ré ag réabadh dlithe
i bpáirt na meirleach méithe buile;
is baird is éigsí saorfhlath cliste
ler cás na Gaeil is a gcléir fá thuirse,
ar mhnáibh an tae ag scríobh véarsa agus fiche!



Ach, a lucht an tae, is trua úr dtoisc,
is bocht úr scéal, is buartha úr gcor;
is cathach le sealad mé 's is faon go dearóil,
is d'aistrigh ar mhalairt dóigh mo ghné is mo shnó,
tá an ainnise go dearfa mar aon im dheoidh
ó scaras leis an ngasra nár chlaon i ngleo -
is eatarthu do chaith mise mo shaol go sóch
i gcearrbhas, i reacaireacht, is ag déanamh spóirt,
an baraille gan dearmad dá thaoscadh ar bord,
is dramanna ina aice sin le héigean póit'.



<L 1782c 18D>
DO CHOIRNÉAL QUIN



Tá leoghan lannach lúfar leathan lúbach láidir
fónta lasmhar lonrach go feas sa dúiche láithreach,
úrghas óg gan locht gan laige, i gcló is i gcuid nár cáineadh,
do phlúr na dtreon ba órgach oilte eolach cinnte ársa.



Is córach cáifeach cúthail cneasta ceansa cráifeach,
's is cróga calma an crobhaire, gan ceas gan cáim ina cháile,
is múinte mórga modhail le misneach, muirneach milis 'tharla,
is búch mil beoga 'phógas bruinneall bheoltais mhiochair mhnámhail.



Níl óigbhean mhaiseach mhúinte ná ainnir ghnúisgheal ghrámhar
ná fóirfeadh seal mo rúnsa ó gach púir ina dtarla;
is lúfar leonta 'leonas truip, is treoin gan fuinneamh fágann
is 'mhúsclas mórphoic chróna is toirc, is 'sheolann broic as fásaibh.



Bíonn beoir is puins is branda is iomad fíonsruith Spáinnigh
i gceolbhruigh fairsing ionraic gan malairt cúinse ach fáilte -
bíonn súd ann fós, agus gach sórt ba chuibhe is cóire ag táinte
ag an úrghas óg 'bheir lón don laige, crann is rún don dáimh ghil.



Tá treoin, is feas, ag tnúth ris, 's is tabhartha clú don ráib gheal,
fós bíd maithibh Mumhan is flatha thar triúch ina áras;
a Úirmhic, fóir is treoir an curadh - 'sé Cornéal Quin do ráimse,
do chrú na leon ba chróga i ngail, is ólam uile a shláinte!



Leoghan lúfar lonrach lonnghéar loit,
slómhar súgach seangchoirp soilbhir suilt,
treon gan teorainn, tabharthach toibhéim toic,
cróga clúmhail cabharthach Coirnéal Quin!


L. 156


B 1787c 18D
AMHRÁN AN TRIFLE



I'll sing you a song of a trifle,
a trifle it is you shall find -
you'll say when I made this great trifle
I had but a trifle in mind.



Ar neamhní do chanfadsa duan duit,
neamhní ró-shuarach mar 'chír -
an t-an 'bheartaíos an neamhní so 'luafad
ar neamhní mo smaointe do bhí.



The rich man he is but a trifle
that dies in his plentiful store,
if he gets gold for his idol
the poor wretch desires no more.



Is neamhní an truánach santach
d'éagas le hampla ina stór,
má gheibheann ór chun onóir do thabhairt dó
an bochtán ní iarrfadh níos mó.



When he dies he leaves it behind him,
perhaps to the loss of his soul -
to one that is a mere trifle
that trifles it all in a bowl.



An t-an d'éagas ina dhéidh sin é fágfas,
is m'anam ní fearrde dom dhóigh -
ag duine eile is neamhní len áireamh
do ghnídh neamhní gan aird de san ól.


L. 157


The labouring man is a trifle
that labours and toils all the day,
that goes to the tavern at night where
he trifles his livre away.



An sclábhaí is neamhní a shaothar
do bhíos ar feadh an lae ag briseadh a chroí,
ar neoin go teach an tábhairne nuair 'théann sé
dá sholáthar go ndéineann neamhní.



Though drinking is but a trifle
the best of all trifles it be,
so drink and let us be joyful,
else you are a trifle with me!



An t-ól so cé neamhní le rá é
'sé neamhní is fearr é dar liom -
ólam is líonam go lánmhar,
nó is neamhní len áireamh sinn ann!



Come fill up the bowl now, boys, briskly -
let not the drawer have zest -
is we trifle long over our liquor
we are but a trifling guest!



Líonaidh an chruinneog go héasca,
an tarrangóir faeiseamh ná faigheadh,
má dhéiní líobóid gan taoscadh
is neamhní liom féin sibh im dháil.



Don't mind how the chalk is augmenting -
the landlord must trust half the score -
if he grumbles or seems to resent it
he's a trifling son of a whore!


L. 158


Ná cuir suim insa gcailc 'bheith dá líonadh -
beidh cairde againn faoi leath an scóir -
an t-óstaeir más ciarsánach tríd sin
is cladhaire é gan chrích is gan chóir!



A trifle of trifles 's a woman -
she makes a man's heart for to bleed,
when we have and truly possess them
we find they are trifles indeed!



Thar chách is neamhní na mná so -
céasaid is cráid fir go croí,
is againn nuair 'bhíd siad ina dheáidh sin
is neamhní le rá iad go fíor.



When we court them we think they are angels,
from a motion of life they are sprung,
when we have them we find they are devils,
so plagued with their damnable tongue!



Nuair 'bhímid ag suirí leo is léir linn
gurb aingil iad déanta d'ár slí,
is againn nuair 'bhíd siad ina dhéidh sin
is diabhail iad in éirim is i ngnaoi


L. 159


B 1787 18D
DO RISTEARD MAC UILEAGÓID



Óm chroí fád dhéinse léigim foireann ar fán -
míle béith is céad gan foithin ar aird
dod dhíon go héag gan taom gan toise gan táir,
is do bhuíon go léir gan chréim gan chroime gan chrá!


L. 160


DON ATH SEÁN FANT



A charaid dhil chlúmhail, a rún is a shearc na saoithe
do sleachtadh ar dtúis ó úrfhuil chlanna Míleadh,
do chleachtais na hoird do scrúdadh is stair do shuíochan -
is dearbh mé dubhach fá phúir ó scaradh sinn leat.



Ní scarfad mo pháirt go bráth lem shuaircfhear groí,
mo shagart gan cháim gan ghnáis gan ghruaim ina ghnaoi,
dalta na dáimhe, bráthair, sua, is saoi,
gan mhairg ina cháil, gan chás gan chruas ina chroí.



Óm chroí fád dhéinse léigim foireann ar fán,
míle bé is céad gan foithin ar lár,
dod dhíon go héag gan taom gan tuisle gan táir,
is do bhuíon go léir gan chéim gan chroime gan chrá.



Ós cráite mise is go bhfuilim go breoite tréith
gan cháil gan chiste gan chruinneas gan chóir gan chéim,
ó táim gan mhire is gur fiosach mé leointe i mbaol
ní foláir go gcuirfir mé am chlipeadh don óspidéal!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services