BUALADH BHAILE ROIBÍN
Pádraig Ó Riada
Lá Fhéil Michíl an tórraimh aige doras tigh an ósta
Is ea a tháinig an gleo ar na fearaibh -
Do ghoil mé le borrthaibh, agus cling mharbh in mo chluasa,
Nuair a tháinig chugham tuairisc go rabhadar marbh!
In sráid Bhaile Roibín is ea a treascradh anmain
Agus tá a muintir go dubhach dá néalaibh,
Tá an namhaid go tréan ag fiach gach n-aon
Ó buadh leo bualadh an lae úd.
Nuair do thánaíos ann san oíche is ciúineas do bhí againn -
Ní raibh mórán ban caointe ann ná carad -
Gur shuigh mise síos ann ar bhuachaill an mhínis
Agus do ghoil mé gan scíth air go maidin.
A Phádraig, mo chiallach, m'ochlán tú i mbliana
Ós tú an buachaill ná staonfadh lá an chogaidh -
Gur fhan tú ag stialladh agus ag ropadh gach diabhail díobh
Gur dearnadh do chliabh geal a pholladh.
Is é Scoireadh d'fhág go dubhach mé, agus Diarmada an
t-úrsa-fhear,
Agus an buachaill mín múinte de shíol Cheallaigh,
Agus dá liacht ógánach súilghlas a bhí ag seasamh na cúise -
Ach gur measa liom an triúr úd ná ar cailleadh!
Is é Pádraig an suaircfhear ná staonfadh lá an bhuailte
Ná chun na Light Horse a ruagan as an bhfaiche,
Ach dá dtroidfeadh gach buachaill mar Dhiarmada uasal
Do bhí an sway go Lá an Luain leo chun catha.
Is é mo chreach agus mo chráiteacht iad a bhualadh amach
Dé Sathairn,
Is é mo chumha nár ráinig leo filleadh -
Is é Risteard an sárfhear, agus an marcach breá Pádraig,
Agus Micheál caoin grámhar Ó Scoiridh.
A Mhichíl, is díth liom do mháthair ad' chaoineadh
Agus do chéile a bhí ag luí leat insa mbarrach -
Tagann osna in mo chroí istigh agus atuirse tríotsa
Mar ba bhráithrín fogasghaoil tú agus cumainn!
A bhráithrín gan aimhleas d'ardshliocht na tíre,
Buachaill gan mhíghean gan ghangaid,
Brainse den bhfíorfhuil nár mheata lá an choimheascair
Do fásadh as fíorscoth na mBreathnach!
Guígí-se, a chomharsa, agus guíodsa lem' dheoraibh
Trí gach lúbaire d'ar leonadh insa chathadh
Lá Fhéil Michíl an tórraimh aige doras tigh Sheoirse -
Agus Rí geal na glóire dá nglacadh!
Is é mo chreach agus mo mharbh mar do leagadh chomh luath é,
Ós é a bhainfeadh fuaim as na cloiginn!
Gurb é a déarfadh na sluaite le fear an bheist uaithne
Go mb'iontach leo mar do bhuailfeadh sé an buille!
Guímse galar agus tuirse chun gach scraiste agus ruaille,
Is nár thuga siad lúth leo ná misneach!
Ach dá seasódh ár gcúnamh gan staonadh ná súchan
Ní raghadh aon duine den trúpa beo don Charraig!
Is é an t-Aidhleartach uasal a bhíodh i dtosach an tslua amuigh
Gur dh'iontaigh sé thart tuathal chun catha -
Ach dá dtroidfeadh gach buachaill mar fhear an bheist uaithne
Bhí an sway go Lá an Luain leo chun catha.
Nuair do traochnaíodh na troops is ea do dh'éalaigh an triúr,
Agus do dh'fhág sin faoi chumha go bráth sinn -
Triúr acu a bhí gan áireamh, cúigear ar bhruach báis díobh,
Agus ochtar faoi chlár i gCill Chainnigh!
d'iarradh na bránna go múinte ar an Sáirsint,
Is é a dúirt sé nár mhaith leis gan leagan -
Ach dá nglacfaimist comhairle gan na gunnaí a thabhairt dóibh sin
Go brách bhí an lámh uachtarach aige Baile Roibín.
Ní chreidfinnse ón Phápa, ó shagart ná bráthair
Go bhfuil an Francach nó an Spáinneach ina mbeatha -
Ach níl cabhair dá n-áireamh, agus nár thóga Dia slán iad!
Nó an trua leo na Fir Bhána dá leagan?
Tá mo shúilse le Máire agus ar chuaigh uainn thar sáile
Go mbeimidne lá éigin faoi ghradam -
Ar gcampaí go láidir, agus Light Horse dá gcarnadh
Agus "hurú" aige Fir Bhána á dtreascairt!
BÉAL ATHA RAGAD
I gContae Chill Chainnigh is ea a rinneadh an t-ár go léir
I mBéal Atha Ragad in aice na Feoireach tréin',
Mar a mbíodh an breac insa ghaise, is an lon dubh ar
bharr na ngéag,
An chuaichín ag casadh, is an eala ag snámh go séimh.
A Bhéal Átha Ragad, is ortsa athá an saol ag trácht -
Is é guí gach duine gan tusa a dh'fháil cabhair na ngrás
Mar gheall ar an chasair do rinneadh dhá uair roimhes an lá
Ar na buachaillí geala a bhí ag feitheamh le cabhair a dh'fháil.
Nuair a dh'éiríos ar maidin ba dhealbh is ba dhubhach mo scéal -
Mná is fearaibh ag screadaigh, ag liú is ag éamh;
Thá na réalta faoi scamaill, níl taithneamh sa ghrian mar do bhí
Ó leagadh na fearaibh a chealg go mór ár gcroí!
A bhuachaillí bána, mo ghrá sibh, is preabaigí arís,
Is déanaigí áthas ins an áit ar chailleabhair bhur mbrí!
An fiabhras dearg is gach amaill dá ngabhann an tslí
Go dtite fá mhaidin insa mbaitheas ar Hewetson bhuí!
A Aon-Mhic Mhuire, ar dh'fhulaing tú féin an Pháis,
An bhfeiceann tú na Gallaibh ag seasamh is a ngunnaí ina láimh,
Ag síorthabhairt tarcaisne do bhanaltra an Uain ghil bháin -
Is gan a céad míle beannacht níl flaitheas Mhic Dé le fáil?
I mBéal Átha Ragad do leagadh na buachaillí groí
A bhí lúfar seasmhach meanmnach, lán de chroí;
Thá siad sa mbaile is iad marbh ar gcúl a gcinn,
Is gan aon rud a bhaint duitse, a Hewetson bhuí!
I mBéal Atha Ragad thá fearb is fíorthann ag fás,
Is fuil na bhfearaibh ag screadaigh chun Rí na ngrás!
Bhí an solas á lasadh is na Gallaibh in íochtar á lámhach,
Is na buachaillí geala ag seasamh gan díon ná scáth.
Lá na Cruinne nuair a bheimid ag díol an chíos'
Beidh gníomhartha gach duine scríobhta i gclár éadain síos -
Nára trua leis na haspail do chorsa, a Hewetson bhuí,
Ó dhiúltaigh tú Muire thá an tubaist i lár do chroí!
A Mháire, glac ciall, ná bíodh ciach ort trí thamall beag bróin -
Beidh Hewetson ag an diabhal ar iarann ceangailte fós;
Oscar na bpian á stialladh is á loscadh go deo;
Is a chnámhanna ag an bhfiach, agus a bhléan á creimeadh ar an ród!
I mBéal Átha Ragad thá an cailín beag grámhar caoin
A dhéanfadh dom faire is mise go suain im' luí:
'A Sheáin, preab id' sheasamh, déansa go luath do shlí -
Thá capaill an airm ag teacht anso trí leacaí! '
I mBéal Átha Ragad 'thá an cailín beag grámhar séimh
A dh'éirigh go tapa, is do dh'imigh a ród léi féin:
'A bhuachaillí bána, mo ghrá sibh, is casaigí arís -
Thá an slaughter á dhéanamh, mo chumha, insa sráid seo thíos! '
A Bhéal Átha Ragad gan chaise gan bhá gan ghreann,
Thá an gáirfhiach ag screadaigh, is mol macha go dubh os do chionn;
An Fheoir ag rith dearg, is a chrannaibh gan ceol na n-éan,
Drochghaoth ann is gailfean, is na coiligh is dubhach é a nglao!
Liomsa níorbh ionadh 'á loscfadh an ghrian an t-aer,
Ná an ghrian nó an ghealach a dh'fheiscint le saol na saol,
Tríos na fearaibh do leagadh gan choir gan chúis, mo léan -
Ach is minic do fealladh ar chlanna bocht' cráite Gael!
PRÉACHÁN CHILL CHAINNIGH
Is é do bheatha abhaile chughainn -
Is fada sinn ag trácht ort!
An dtug tú scéalta maithe leat
Abhaile chughainn ó Pháras
'Bhfuil Bonaparte go seasmhach,
Nó an bhfuil a thriall thar caladh chughainn?
Is é a thabharfaidh an sciúrsáil ghreanta
Don aicme úd a chráigh sinn!
Is é a chloisimse gach maidin
Insa bhaile mór so láimh linn
Drum is fife á ngreadadh acu
Ag cuir eagla ar ár ngardaí.
Dá mhéid lucht cótaí dearga,
Nuair a thiocfaidh lá an chatha
Raghaimid leo in achrann
Gan dearmad an la sin!
Is é a deir na seanaí feasach
Ó Chnoc Gréine go Sliabh Arda:
'Is comhartha é gan dearmad
Gur caraid dúinn na hOrmondes -
Is Gaelach anois na Gallaibh
Do tháinig i dtús thar caladh! '
Is thá sé insa tairngire
Go mbeadh nead agat san áit sin!
BUALADH ROS MHIC THRIÚIN
'Dén trácht athá ar na fáidhí ar Shliabh na mBan
Ná triallann siad aniar chughainn in am tar lear?
Mar ba dhen chliar iad ná fiarfadh - 'bhí dílis ceart -
A stróicfeadh airm Sheoirse le faobhar neart sleá.
Thá Bonaparte ins an Eadáin is a fhórsaí tréan,
An tImpire go lagbhríoch agus a dhlí gan réim -
Thá buaite air mar do chualas insa news dá léamh,
Agus a fhórsaí le fóirneart go bráth faoi chréim.
Is dá mbeadh long agam faoina hancaire ina luí chois trá
Do thriallfadh ina ndiaidh siúd 'on bhFrainc nó 'on Spáinn
Ag cuir tuairisc' na mbuachaillí ba airde cáil
'Bhíodh go tréan ar Chnoc Fiodh na gCaor nó ar shliabh le cáil. . . .
An cúigiú lá don bhFéil Seáin is ea a bhí an news dá léamh -
I Ros Mhic Thriúin bhí an cath ar siúl is neart lámhach piléar.
Bhí clanna Luther go tinn dubhach i dtúis an lae,
Is gur treascradh na fearaibh groí le dúil sa mbraon!
THÁ AN SAMHRADH CAITE...
Thá an samhradh caite, is ní gan fhios dod' mháithrín é,
Ná dod' athair ag tarraingt an ród go tréith -
Deich míle is daichead gan capall a shiúlfadh fé,
Fá dhó insa tseachtain gur briseadh a chroí ina chléibh!
Mo chumha is mo mhairg nach go Talamh an Éisc a chuais,
Nó go Boston, is fuireach led' shaol ann uainn!
Is é do chráigh tú leis an aicme gan chumann gan mhéin ó thuaidh;
Is nuair a fuaireadar fá ghlasaibh tú abhaile gur éalaigh uait.
I bpríosún má cuireadh tú, a chumainn, ná bíodh ort cás -
Coir í ná casfar led' leanaí tar éis do bháis.
Bó ná capall níor ghoidis, uan ná caora bhán -
Is achainímse ar Pheadar tú a chasadh chughainn saor ón mbarr.
Is é mo chumha is mo thuirse nach i gCill Chainnigh thíos atáir,
Nó i gCluain Meala mar a gcloisimis uait gach lá,
Seachas i bPort Laoise faoi ghlasaibh gan furtacht, faraoir, le fáil -
I ndínsiúinín daingean is arm an Rí ad' ghardáil!
BUACHAILLÍ AN BHEALAIGH
A bhuachaillí an bhealaigh, nár chaille sibh lúth bhur ngéag
Chun rátaí do leagadh ar mhná bainne is rúcaigh léir -
Do thógfadh na hairm gan eagla, gá ná baol,
Is ná hineosfadh don talamh ar maidin cár gabhadh aréir.
Mo bhrón, mo dheacair, mo dhainid, mo chumha, mo léan,
Togha na bhfearaibh dá gceangal go dlúth le téad,
Dá seoladh thar farraige i bhfad óna ndúiche féin
Is gan súil lena gcasadh ar maidin go bráth thar n-éis.
Thá buachaillí an bhealaigh go hatuirseach cráite acu -
A dtógaint dá leaba faoi achtanna dúbailte.
Ní lú liom tigh an leanna ná labhairt ar chleamhnasa,
Is an comhrá a bhí eadrainn - má mhairir bí im' theannta anocht!
Is, a bhuachaillí an bhealaigh, is é an chomhairle a bheirimse dhíbh
Tigh an tábhairne do sheachaint, is feasta diúgadh na dí.
Tá ár naimhdí in aice, is gur gairid uaibh bliain a trí,
Is go mbeidh siad súd gearrtha shara dtiocfaidh an fómhar arís.
Thá bliain a trí in aice, is gabhaimis d'ár n-airm anois
Chun feallairí Chromail do ruagadh trí ghleannta is cnoic -
Ós iad súd an aicme nár ghéill ariamh don Chrois,
Ná don teampall a ceapadh i bParthas naofa istigh.
Thá na sagairt gan aiteas ná fonn sa tsaol,
Is 'réir mar a mheasaim níorbh ait leo talamh a bheith daor!
Ó, na sárfhir cheannasacha ar chleachtadh leo dúil sa gcléir
Ag gardaí go daingean, is a gcaraid go dubhach ina ndéidh!
CARRAIG SEAC
Is fada athá deachuithe ag cealg ar Ghaeil bhocht -
Cé gur crochadh na céadta 'á ndeasca gan abhar -
Ón am inar ceapadh an bheatha ar an gcléir úd
Nár dh'ordaigh Mac Dé dh'aoinne dá sórt;
Ba ard é a rachmas i ngradam faoi réim,
Ar eachanna caol donna ag triall ar gach spórt,
Nó gur tharla leo an tarbh ar thalamh Chill Chéise
A leagfadh na méithphoic 'á bhfaigheadh dul ina gcomhair.
I gCill Chéise athá an tarbh - is is fada é á dh'aoireacht -
Is 'á ngeobhaidís go réidh thairis go léigfeadh sé dhóibh,
Ach gur shíl sé gur leagadh air aicíd ós na spéartha
Nuair a chonaic sé na géarchoin ag tarraingt ina chomhair!
Bhuaileadar cloig is phreabadar Gaeil bhocht -
A raibh ó Bhaile Héil go Carraig an tSnámha -
Is 'á mbeinnse ar an bhfaiche a raibh an treascradh á dhéanamh
Bheadh fios in mo véarsa 'dén fear díobh ab fhearr!
Beidh parlaimint feasta aige Ó Conaill in Éirinn -
Caithfeas na tréanphoic seo géilleadh 'á ghlór!
Leagfaidh sé fearannta fairsinge ar Ghaelaibh,
Is cuirfeas sliocht Éibhir ón réal go dtí an choróin;
Beas aige Hamilton treascartha créimeach -
A theampall dá réabadh le saorthoil dá namhaid -
Is gach pílear buí smeartha a thug a anam ón scléip leis
Ní raghas go Cill Chéise ag déanamh aeir ann go deo!
Chuaigh scéal ar an mbualadh thar na tonnta taoscach'
Go Talamh an Éisc agus go Sasana Nua
Gur ídíodh an aicme a bhí ag creachadh na nGael bocht -
Is ná tugaí iontaobh le haon díobh níos mó!
Éirigí i bhur seasamh agus nochtaigí bhur gclaíomh -
Bíodh príosúin dá réabadh agus géarghlais ar lúth -
Agus scaoiligí abhaile fearaibh Chill Chéise,
Agus ná ligí aon aon díobh a dhaoradh insa chúirt!
Léifead díbh feasta barracks na méirleach
Cill Lamhrach a haon díobh, is Leacht Breac a dó,
Bearna na Gaoithe is Ceanannas aerach,
Agus Callainn an aonaigh mar a mbíodh acu spórt,
Cill Mogeanna agus Baile an Phoill cumhra,
Baile Hugúin agus Móin Choinn ina ndeoidh -
Is i gCarraigín Seac a bhuail codladh gan dúiseacht
Aicme seo Liútair - is ní brón linn a ngleo!
Beidh Baile an Phoill feasta in easpa gan adhmad
Ó cuireadh an méirleach den tsaol so go deo
Lena thuataí geala a ghearrfadh go faobhrach -
Ach geallaimse gur maolaíodh na hairm sa ghleo!
Aoinne agaibh feasta ná tuigeann crua-Ghaeilig,
Cuirfeadsa i gcéill díbh brí-éifeacht mo sceoil -
Le hathrú na teanga agus casadh ar an mBéarla
Gur hatchets a ghlaofainn gan bhréig ar mo namhaid!
Inar dtáinig de bhuachaillí bána agus uaithne
Ó aimsir Rí Séamas níor ghéilleas dá nglór,
Gur chuala mé an treascairt a thugadh don Major,
Agus Flaitheas Mhic Dé go bhfaighe Seán an buailteoir!
Bhí Baxter ann sínte, Prescott agus Eagan,
Is fear na citations ag tréigean an tsnó,
Budds - an cneamhaire - gur sáthadh é le bayonet -
Is le háthas an scéil seo bímidne ag ól!
OICHE NA dTINTE CNÁMH
Oiche 'á rabhas go fannlag im' aonar
I ngleanntán sléibhe agus mé le fán,
Agus gan de leaba fúm ach drúcht is féar glas -
Ach ba ghearr gur réidhigh Mac Dé mo chás!
Phreab mé suas le buairt trím' néalta -
Bhí drums á bpléascadh is buglers ard,
Is iad á insint le grinn dá chéile
Go dtáinig na tréinfhir seo saor ón mbás.
Is fada an sciúirse is an smúid ar Éire,
Is cá'il an té úd a phléigh an cás?
Gur dh'éirigh Dónall is údair léannta,
Agus ní foláir ina dhéidh nó beidh Gaeil go sámh!
Ní bheidh an tsraith teampaill le deabhadh á éileamh;
Beidh suaimhneas is deá-thoil, greann is meidhir;
Is beidh an deachú iomaire ag lucht an tsaothair,
A chontae na déise, in do ghleannta saibhir!
Ní mire cú a rithfeadh ar thaobh cnoic,
Ná sneachta gléigeal á shéideadh ar bhán,
Ná oíche an adhmaid 'bhí á roinnt le féileacht,
Níor rith chomh héascaidh leis na tinte cnámh!
Ní raibh cnoc ná coill im' radharc sa réim úd
Ná raibh sop á shéideadh agus réabadh ar fál
Ag tabhairt fios feasta don óg is aosta
Gur bhuaigh Oíche Fhéil' Séamais ar Oíche Fhéil' Seáin!
Is dá gcuirfeadh sluaite Chaiseal Mumhan linn
Bheadh Hunt ina dhiúic againn ar Chúige Laighean -
Mar ba dh'é an chabhair chontae a chuir le Dónall
Chun lucht an chomhraic a thabhairt ón ngreim.
Nár dh'é an scanradh iad a bheith i dteannta,
Faoi dhlithe cama, gan chúis gan abhar!
Is an fhaid 'thá ár ndaoine faoi dheachú cloíte,
Is an Teampall Gallda saibhir go leor!
CÚIL BHREACA AN CHLÁIR
Thá an Fhéinn seo ag preabadh arís,
Is ag caitheamh na bhfód dá gcroí -
A dhéineadh seasamh ceart agus dlí
Insa tír seo mar ba ghnáth!
Nín aon spreota dhíobh
'Thá mursanta insa tír
A bhfuil a sparán líonta aige
Gan fuíoll ina lár;
'Thá ag déanamh talún daor
Is ag déanamh creach ar bhuíon -
Dá gcuir le fán an tsaoil
Choíche is go bráth.
Geallaim dóibh go deimhin
Má bhriseann siad an dlí
Go mbeidh siad seal dá chaoi,
Go mbeas an Fhéinn seo ag leagan creach gan scíth
Go binn ar a gcnámha!
Níorbh aon rud Cluain Uisneach,
Ná Doire Cholmcille,
Ná Caisleán Chille Cainnigh -
Ós ann do bheadh an t-ár -
Ná Béal Atha Luain mar a thuigim
Ós é a sheasaigh bualadh is fichid.
Thá láidir tréan a bhfoireann
Nár cloíodh ariamh is nár briseadh
Ach ag déanamh concais dá namhaid!
Ná fós dá ndéarfainn tuilleadh -
An Chloch Liath ba chróga a bhfoireann -
Is gur neimhní iad so uile
Seachas Cúil Bhreaca an Chláir!
AMHRÁN DO SHEAN ÓG BUILTÉAR
Míle fáilte romhat thar sáile go hÉire,
Sláinte na féile gan mhaíomh!
In ard-chléire tharla Builtéaraigh
A fuair tásc i gCríoch Éibhir gan mhoill.
An seabhac álainn a thabhairt sláinte agus saol duit!
Ní náir liom tú a théacht is tú a mhaíomh;
Is go bhfuil an t-ádh leatsa, Seán Óg Builtéarach,
Ní gá dhuit bheith gan chéile agus maoin.
Is buartha a bhí uaisle faoi scamall
Ó ghluais uainn an marcach thar triúch,
Gur dh'fhill chughainn ár ngroí-fhear breá abhaile
Ba bhinne ina dhealbh is ina chlú.
An flaith meidhreach, ba ghrianach a dhearca,
Ba bhinne le taitneamh dá ghnúis -
Nach aoibhinn don chríoch ar ar casadh
An bhuíon úd abhaile go subhach?
Nuair a mhúscail ár Naoise breá Gaelach
Ar dteacht chughainn go hÉirinn ón bhFrainc
Bhí geamharaí ina bhfómharaí, agus féar glas,
Drúcht agus bláth gléigeal ar chrainn.
Bhí an tSiúir ag barr-bhrúchtaíocht le héascacht,
Gach abhainn eile ar laodaíocht insa chríoch
Le móráil do ógfhear na scéimhe -
Sleá óg na mBuiltéarach gan fuíll!
CAOINEADH DON BHANTIARNA BHUILTÉAR
A bhean uasal, thá tú go huaigneach ansin leat féineach -
Ba mhaith tú ar pointe chun cás na ndaoine a réiteach;
Thug tú ór buí dhóibh is airgead gléigeal,
Is chomhad tú ina seasamh iad ina dtithe féineach
Is murach do fheabhas chaithfidís imeacht thar na farraigí caemhthach!
A bhean uasal, ba fhuras tú as do mhaithghníomhartha féineach -
Bhí tú carthannach tuigseanach daonmhar;
Bhí tú trócaireach do gach aoinne -
Is dainid don chomharsain is don dúiche le chéile,
Mar ba bhean tú a chuir Dia ar an talamh chun an mhaith a dhéanamh!
A bhean uasal, mo bhrón mar a scar tú liom ar aon chor,
Is le Garraí Ricín, an áit bhreá aerach
Inar thóg tú do chlann le mórchuid pléisiúir -
Tiarnaithe breátha is ladies sciamhach -
Na hOrmondes, an family b'fhearr a bhí in Éirinn.
A bhean uasal, 'á mbeifeá i nGarraí Ricín mar a bhí tú cheana
Dhéanfá cabhair don mbaintreach is don té a bheadh dealbh -
Thabharfá síol dóibh a chuirfidís insa talamh;
Thógfá tigh dóibh mar dhíon ón fhearthainn;
Is anois tá a gcabhair ar lár is gan dul ar chasadh!
Thá an Tiarna Váitéar go dubhach is go léanmhar,
Is an Bhantiarna Sibéal, mo bhrón, mar an gcéanna;
Thá Garraí Ricín fá dhorchadas is fá néalta,
Mar ghrianduibheachan nó oíche gan réalta,
Ó rug an bás uainn tú, a bhean uasal na féile!
Den seantreabh Ghallda ba uaislí in Éirinn!
Agus an t-oidhre oiriúnach go honórach deighmhéineach -
Mar is dual dona diúicí is uaislí ardréimeach -
Insa Chaisleán mór álainn inar mhair sinsearaigh Ghaelach'
I mbaile a dhúchais - Cill Chainnigh na gréine!
CAOINEADH DON TIARNA CUFFE
Éist, éist, a gharsúin bhacaigh!
Faigh galúnach chun d'fhéasóg a bhearradh;
Buail caip ar do cheann láibeach in áit do hata -
Agus caoinfeas an chliar so an Tiarna go maidin!
Éist go lá, a ghatacháin bhacaigh;
Chaoinfeá gadhar 'á mbeadh sé marbh
Ar bheiréad nó seana-léab d'fhallaing!
Is gur chaoin tú Maigí an Tromáin
Ar scilling bhán i gCallainn -
Agus caoinfeas an chliar so an Tiarna go maidin!
Bhí gaol aige le Grásaigh agus le Breathnaigh,
Agus leis na fir chaola donna ón Charraig;
Bhí gaol aige le daoine ab fhearra -
Leis na Gorgeacha breátha deasa!
Ba leis na Blúindin a rún ón Dama,
Agus leis na Cuffacha bána inaithe
A thóg cúirt aolmhar ar thaobh an ghleanna
Is teach an chinn aird i lár Chill Achaidh -
Is éist go lá, a ghatacháin bhacaigh,
Agus caoinfeas an chliar so an Tiarna go maidin!
A Chuanaigh, a Chuanaigh, cá bhfuil tú?
Nó an gcuirfidh tú an fia rua as an tor chuige?
Mo chumha, a Chuanaigh, goil do dhaothain
Suil má raghaidh tú ag fiach le haon tiarna in Éirinn!
Chuala mé gur thuirling Tiarna nua aréir orainn -
Nach é an bás dúinn an stát so a bheith ag aoinne?
Acht amháin gurb é do dheartháir féineach é,
Agus go bhfuil súil againn go siúlfaidh do thréithe leis,
Mar is planda dhos na Cuffaigh sultmhara séimhe é!
Dh'aithníos féin ar na réalta do ghabh siar thar Challainn,
Agus ar na muiltibh iarainn a bhí ag stialladh go talamh,
Agus ar an fhúirnis do rinn a comharthaí cheana -
Bhris sí suas dhá uair nó a ceathair -
Agus thug an dair mhór a cluas don talamh,
Lá breá gréine gan ghaoth gan ghailfean
Le linn an Tiarna a dhul in Inse fá leaca
Á scéaldeimhniú dhúinn go raibh an deighfhear marbh!
Nín roses anois in do ghairdín,
Ná posies mar ba gnáth leo,
Is ní dh'fhásann na luibheanna fé thalamh,
Nín bláthach bhán ar na craobhacha,
Ná nín ceiliúradh aiges na héanlaithe,
Ó síneadh ins an Inse tú, a mharcaigh!
Thá Agar go dubhach tríot,
Agus Blúindean Chluain Mórnail,
Is Paidí go deo ag déarshileadh
Trína Thiarna breá mómharach
A fuair gairm i gcríoch Fódla -
Is é Seon Cuffe, mo léan é a bheith marbh!
A bhuachaillí glasa, cuimhnígí feasta
Cá gcodlóidh sibh an oíche,
Mar bheas bhur gcrann feasta
Go lag ins an Inse!
Ní cheilíidh mé féin ar Dhia ná ar dhaoine
Nach faoid' thuairim do thriall mé 'on Inse!
Is iad so na capaill bhacach, stadach, chaocha -
Le linn an leon a bheith insa scioból marbh -
Athá fád' hearse, a Thiarna ghléigil!
d'fhágfá an chaora acu go mbeadh sí ionúil chun a bearrtha,
d'fhágfá an lao acu go mbeadh sí ar im is bainne,
d'fhágfá an searrach acu go mbeadh sí ionúil chun treafa,
d'fhágfá an geamhar acu nó go ndéanfaí leann dá bharra
Chun a dh'ól é lá an spóirt, is rince fada
Lá aoibhnis is ceoil, is imirt ar faiche!
Tagann osna in mo chroí is deoraí im' leacain
Nuair ná feicim tú in do jaicéad uaithne is do chaipín dearg
Ag déanamh commanding ar na hiománaithe maithe!
Thá do chamán ar fiaradh fán leaba,
Is thá do liathróid dá bualadh aige buachaillí an bhaile -
Is go mbuailfeadh poc-ball ann chomh hard leis an ngealach!
Ní feicfear ag gáire insa rás so thíos tú,
Ná i gcúirt Chill Chainnigh inar mhinic a shuí tú -
Dhruidfí suas is dhéanfaí slí dhuit
Is tabharfá cúigear dá ainneoin ón mbinse!
Fuagraim oraibh, a bhuachaillí na hInse,
Ná bígí luath chun bualadh ná bruíne
Ó chaill sibh bhur gcrann feasta a bhí agaibh insa tír seo -
Agus bíodh a fhios agaibh ar maidin cá gcaitheadh sibh an oíche!
Ní chloistear do 'bhaolach' in lúib coille ná sléibhe
Ná an fiagaí a bheadh go meabhrach ina n-aice,
Ní chloistear do chóistí ná d'eachra ag gabháil na mbóithre
Ó chuaigh tú ar feothan, a mharcaigh!
A Otway Cuffe na páirte, guímse ó Dhia an t-ádh leat,
Agus iarraim ar Dhia chughat saol fada
Chun seasamh do Ghaeil bhocht, mar Thiarna an chúil chraobhaigh -
Agus is mar sin is dual dos na Cuffaigh.
CAOINEADH DO MHÁIRE NÍ LANAGÁIN
Chuaigh mé go Baile Uí Thuathail ar bhruach na faille
Féachain an bhfeicfinn Molly Bhán na gcuachán geala,
Cúl a cinn ná teimheal dá bonnet.
...................
Tiocfaidh do charaid ar maidin ad' éileamh:
Uilliam ón Leamhach Seon agus Séarlas,
Máistir Stanard, an marcach breá gléigeal -
Go mba i bhfad é buan aigena chuallacht le glao air.
Tiocfaidh amáireach go práinneach ad' fhéachain
Iníon Mháire Bhán ón Bhealach;
Beidh tinte cnámh ann is rincí fada -
Éireos a croí mar do bhí sé cheana.
Bronnfas a dád naoi n-eastát uirthi gan dada
Le háthas a leanbh bán a theacht abhaile.
Dá bhfaighinnse titim is ar dhuine agaibh do ghlaofainn,
A chiallach, mar is duine 'á tréadtha mé féineach!
CAOINEADH DON ATHAIR RISTEARD Ó SÉ
Lag marbh i gcill, mo ghreim tinn dochradach tú,
A chóraidh chiúin chríonna agus solas dhon Tiomna Nua!
Ba naofa do chló ar altóir ins an Eaglais ghil
Do phobal ní bhfaigheadh faolsadh ó ochlán goil!
Ochlán goil do bhris mo chroí in mo lár
Le díomá i ndiaidh do chroibh ó bhochtaibh fuair an barr -
An bhuinneáin dheis - mo loit mar a chloígh an bás!
Is fíréan don chrois fá lic ina luí go bráth!
Go bráth ní bhiair ad' ghlao ar ais
Ó lár Shliabh Díle síos go Daingean na sceach;
Is é is brón is is díth liom gan a bheith ag éisteacht led'
Aifreann geal -
Tú abheith ag dreo insa chill, áleaghadh aige clochanabhfeart!
I bhfeart go trom i dteampaillín Stún Chárthaigh
Thá an fear gan cháim, ba ansa le naomh-Mháire;
Creach na mBrúnach agus planda na séimhráite
An sagart seang 'bhí ceansa séimh sármhaith.
Sármhaith an t-áras a dh'aistir Dia tú romhainn -
Go Parthas ar a láimh dheas i gCathair na nDúl.
Thá na táinte go bráth tríot ag sileadh na súl
Id' dhiaidhse, mar ba bhreá deas an t-Aifreannach tú.
Tú an mac léinn ab fhearr méin agus b'uaisle croí,
An leon aerach den tréanfhuil 'bhí stuama i Laighin.
Insa gcló céanna gan tú a bheith againn is é is trua lem' chroí;
Is ón lá d'éagais thá Gaeil bhocht go buartha tríot.
Tríot, a shocaire an bhrollaigh ghil ghlórmhair,
Is tú ag rá na bhfocal gan dochma go síothólta!
Thá do phobal i ndorchadas faoi dheoraibh -
Cé a bheas d'ár gcosaint i bhfochair an Rí ghlórmhair?
An ghlóire mharthanach go bhfaighe d'anamsa i síoraí suan -
Ceolta Pharthais á spreagaint leat, gan aon ní ad' bhuairt;
Soilsí geala id' thimpeall - is dainid linn tú a bheith deighilte uainn!
Is gur cúrsaí anfa-ghoil do theastas a dhul go doimhin san uaigh.
Uaigh bheag cluthar i gcóngar soilse gan feall -
Thá sa gcré dhúchais b'ansa leis an bhfaraire fial!
Is é a bheir dubhach sinn gan d'fhuascailt do bheith ar an
gcreideamh mar do bhí -
Mar a taisceadh i gCill Lamhrach thú ar dtúis lag marbh i gcill!
CAOINEADH DO GHABHA ÓG CIARRAÍOCH
A dheartháir ó is a dheartháir dhílis,
Thá a fhios agamsa cad a chloígh tú -
Bualadh an oird ar dheis na gaoithe,
Is céalacan fada, is drochbhean tí agat,
Is léine shalach le haghaidh na saoire!
Dá mbeifeá cois abha Bhríde,
Cois abha Thriopaille mar a dtiteann an oíche,
Gheobhainn go leor de mhná óga id' thimpeall -
Ghoilfeadh Máire, Cáit, is Síle,
Is go deimhin ní ligfinnse tosach na slí acu!
AN BRÁITHRÍN DILIS
Bráithrín dílis na dtrí Mháire
Ar thit na trí rí ba airde i ngrá leo,
Ar dhruid na trí diúca go dlúth i gcás leo -
Thángadar arís chun tís go Port Láirge -
A stróic a ngúnaí chun éadaí dho bhráithre
Ag tabhairt óir bhuí ar chailísí bána
Chun a bheith choíche acu ag guí ar a gcairde.
Bhí triúr acu ina mbráithre, ceathrar ina sagairt,
Duine ina Phápa, is duine eile ina easpag,
Agus iad sin go léir dá nglao do Bhreathnaigh!
Dh'iompraídís siúd Leabhar Eoin is scaball
Agus paidrín cúig dheichniúr déag ar a méara geala,
Chuiridís bric as poll is creabhair as crannaibh,
Bheiridís an míol buí leo ó íochtar a ghaise -
Agus i ndiaidh sin níorbh iascairí iad in ainm.
Do bhí na seacht dteanga acu i gceann is in éifeacht -
Teanga chun Laidine is teanga chun Gaeilig,
Teanga chun Fraincise is teanga chun Béarla,
An teanga Eabhrach agus an teanga Ghréigis,
Agus teanga insa chúirt chun a gcúis a phlé acu!
Chuiridís giúistísí ina ngúnaí ag allas
Le tréineacht a bhfoirne is le glór a dteangan!
TIOBAR DEAS CHRANN MOLING
I gCill Mhuineog do chodail mé go socair aréir, go deimhin;
Ar mo ghabháil don Cheapach dhom bhí an fhearthainn ag
séideadh in m'aghaidh;
An ceo tiubh dorcha, do leath sé go mór mo radharc,
Chuir sé amú ar an mbealach mé is mé ag tarraingt ar Chrann Moling.
Is é an bile lomghéagach a thug eolais dom ar an slí,
Is na piléara geala go maiseach os comhair a thí
Ina raibh cuid mhaith ullamhtha - feoil, leann, agus fíon -
Ag teach Éilín is Risteaird aige tiobar deas Chrann Moling.
Bhí an chuach bhinn ag labhairt ar maidin ar Chrann Moling
Scríobhfaidh mé litir ghlan Ghaeilig chun Seán Clárach síos
An fheoil do scriosach dhi óna cosa go cúl a cinn
Má chuireann sí Risteard ó thiobar deas Chrann Moling!
................
................
Síol Cháit an Ghleanna is na marcaigh ba úire croí
Bíodh os cionn Mhuileann na Cille ag tiobar deas Chrann Moling!
AN CHÉAD LÁ SAMHRAIDH ...
Somerach na nAmhrán
An chéad lá Samhraidh agus mé go fannlag -
Mo chailín donn agam i gcomhra chláir -
Do bhuail an dream fúm i leataobh an teampaill
Do mheas mé a phleancadh is a chuir chun báis!
Mar do bhí an t-ádh liom bhí Dónall láimh liom -
An t-uan ab fhearr díobh - is a dtáinig ón Mhóin;
Do bhuail is ghearr iad, is chuir chun ráis iad -
Sliocht sliogán is a dtáinig i gcóir.
Lá roimh aonach fuaireas-sa scéala
Ar dhul chun réiteach le togha na spreas;
Bhí Seán na séimhe ann, is Dáibhí bocht tréithlag,
Is ní dh'áirím Séamas, rí na bhfear.
Labhair an spéirbhean thall go taodach:
"Thug dhá shéap as le bualadh an éadain,
Agus in ainneoin aoinne raghaidh sé isteach!"
Labhair Séamas thall go séimh léi:
"Led' thoilse, a spéirbhean, ní hé seo an fear!
Is duine 'á ghaolta é, ach is dá chine glaoite,
Agus d'ainneoin na méirleach gheobhaidh sé ceart!"
AN GRAOINEACH
Pádraig Ó Riada
Thá poic an tsléibhe in iomaidh liom
Le tuilleadh agus bliain nó dhó -
Gan bonn im' phóca ag imirt leo,
Ach mo pheanna beag in aghaidh a gcuid óir!
Nach iongantach an scéal, is nach soineanta
Mar a cumadh orthu é in aghaidh a srón?
Anois thá cuaille an chluiche againn,
Agus an séala so ina aghaidh go deo!
...............
...............
...............
...............
........Tógfaimid "hurrá" suas,
Agus ardóimid féin ár nguth -
Mar do bhuaigh an comharsa grámhar
Agus Pádraig ar na poic!
Ar mo ghabháil do theach na páirce dhom
Le háthas ag deimhniú an scéil,
Bhí damhsa agus tinte cnámh ann,
Mar do bhuaigh Pádraig ar phoic an tsléibhe!
Bhí ceolta binne is leann ann -
Is é a dúirt mo chailín bán:
'Thá Baile Móna glactha,
Agus margadh aige Riadagán! '
Is é an Graoineach mo chrann feasta,
Agus m'anacair 'á mbeinn ar lár!
Is é a chroí a bhí de réir a theanga dhúinn,
Agus a phearsa ghlan gan smúid gan cháim!
Guímse féin gan bhladaireacht
Paidir leis chun Rí na ngrás:
A chlann fá mheidhir i bhfearantas,
Agus Parthas acu tar éis a mbás!
DÁ mBEINN I gCEANANNAS
Nioclás Breathnach
Dá mbeinn i gCeanannas dom, nó scaitheamh taobh thíos de,
Nó i nGarraí na mBan i bhfochair mo mhuintir',
Chuirfidís a chodladh in olainn is i líon mé,
Nó in leaba clúimh na n-éan más é is daoire -
Ní chuirfidís idir dhá dhoras mé ag stopadh na gaoithe!
Faid a bheidh grian ar spéir nó féar ar talamh
Beidh trácht choíche ar Lionard Ó Nadaigh -
I nGarraí na mBan os cionn na Gaise
Mar do bhíonn fuaim abhann is cling mharbh,
Agus ceiliúr na n-éan gach aon mhaidin!
DON ATHAIR TOMAS Ó MILLÉADHA
A Dhochtúir Mhilléadha, Mac Dé chun seasamh dúinn!
Is dubhach do dh'fhág tú paráiste Challainn seo!
Ba mhaith í do chomhairle don té do ghlacfadh í;
Is do bhí cumhacht ón Phápa agat, ardcheann na hEaglaise.
Is go Sliabh Díle mar a bhfuil an Paorach -
Fá dhíon na slinne - is ea a thriall an séimhfhear;
Thángadar na ropairí go borb taodach
Lena gcuid arm soilseach chun feall a dhéanamh!
Go hÁth an Iúir, mar a bhfuil plúr na ndéa-fhear,
Is ea a thriall an scuaineart gan trua gan daonnacht -
'Nós leon na Sláine, nó an t-Easpag Éibhear,
Ag dul chun catha leo bhí an sagart naofa!
Bhí an oíche go dorcha, go gailfeanach gaofar,
Gan solas gealaí ná soilse na réalta,
Ar feadh chúig uaire - is ba mhór an réim é
Gur choinnigh sé an garda gur rug fáinne an lae air.
A Dhochtúir naofa, de chléir na hEaglaise,
Bhí do sprang in do láimh is tú in lár an achrainn
Ag tabhairt aghaidhe dod' namhaid go bríomhar seasamhach,
Go ndeaghaigh na piléir in do ghéaga barra-thais.
Ba mhór é d'eolas ar theangtha na héigse:
Fraincis, Eabhrais, Laidean, is Gréigis,
Is ní gá dhom a dh'áireamh do theanga féineach -
Fuair gairm i bPáras insa Choláiste Gaelach.
Thá an Sliabh Rua baoch duit, is an méid a bhaineann leis!
Ar altóir Dé faoi scéimh id' sheasamh ann;
Insa deoiseas do shamhail ní fhacas-sa
Chun na briathra a scrúdú as údair bheannaithe.
BEAN ÓSTA BHEARNA GAOITHE
Tomás Ó Muirithe
Tá gleanntáinín im' aice ar ainm dó an Bhearna;
Is ann 'thá an landlady is fearr dá bhfuair cáile -
Guímse féin an flaitheas léi, agus go maire sí i bhfad láimh linn;
Is níor bhaol dúinn gan an t-airgead dá dtiocfaimistne gearr ann!
Acht guímse tuilleadh tubaiste ar tuilleadh acu láimh léi
A bheadh ag cuir síos do Philib is ag dul in iomaidh le hAnastás
Bhán!
Díoladh siad an t-uisce linn in uireasba an bhiotáille -
Ach thá brandyshop in Ifreann is beas Connors, breed an drawer ann.
Nuair a raghadsa chun an teampaill is a bheidh mo shalm ráite
Déansa ionad coinne liom ag doras tí an tábhairne,
Mar a bhfaighimid cárt is cnagaire is congbhála sáite an bharaille -
Beas an jar id' aice agam, is annla cuirfidh fáilte!
Thá mo chairde gaoil i bhfearg liom, agus fós mo dhearg-bhráthair,
Go mbuailfeadh an ruaig an t-airgead - ná tagann chughainn a lán di -
Ach go maireann sí trí seachtaine go bhfeicim tráite an baraille
Go haerach trí lá margaidh - is í an landlady mo mháthair!
Is í an eorna an gráinne beannaithe ós na flaithis chughainn a thuirling -
Is naomh a chuir i dtalamh í chun practice beag dúinne -
Thá sí gruagach buaiceach carthannach, gan dearmad thá sí súgach;
Ach ní mhairfinnse trí seachtaine gan seal a thabhairt ag diúgadh!
Deacair ort, a scórnach, is scólta orm atá tú -
Ionann ná tugann tú dom suaimhneas ó Luan go dtí Sátharn!
Níor stadadar mo mhuintir ach am' chiapadh is am' charnadh,
Agus sheoladar síos mé go híochtar Phort Láirge!
Ach do chas mé féin arís insa tír seo le háthas
Déanfaidh mé anois cúntas le leann is biotáille:
Ó mhaidin Dé Luain go dtí istoíche Dhé Sáthairn,
Ach i gcúrsaí Dé Domhnaigh nín fonn orm é a dh'fhágaint!
A fhuiscí chroí na n-anam, nuair a leagann tú ar lár mé
Bím gan chiall gan aithne - is é an t-achrann is fearr liom -
Bíonn mo chóta stractha, is gan dearmad mo charbhat;
Ach bheadh a ndearnais maite leat ach teangadh liom amáireach!
SÁRFHEARAIBH ÁLAINN THIOBAR FHACHNA
Creach bhocht an tsléibhe nuair a thagaid, nuair a thagaid,
Ag féachaint ár rachmais le spairn, le spairn!
Cuirtear abhaile iad le barraí na sleátha
Treascartha tréith-lag gan tréad, gan treoir!
Molt bán a bar ghnáthach mar bheatha, mar bheatha,
Aige sárfhearaibh álainn Thiobar Fhachna, Thiobar Fhachna!
Mart ard agus arán plúir mar an tsneachta bán;
Ag éisteacht le ceol sí agus ag ól fán Spáinn!
MALLACHT AR DHÚICHE ARA
Mo mhallacht síos duit, a dhúthaigh Dhúiche Ara!
Do chailleacha riabhacha na bhfiacla maide!
Ní hiad ba dhúchas dom' leanbh,
Ach cúntaoisí na ngúnaí fada
A mbeadh a gcuid síodaí leo síos go talamh!
Mo mhallacht díbhse, a iníona na háite!
Níor bhuaileabhair bas, níor ghreadabhair dearna;
Ná Piaras na hairce do rinne faoid' athair an mála!
TARBH CHILL CHEISE
Dónall Rua Ó Riain
Do shiúil mé Sasana, Éire, is Albain
Agus do bhí mé in arm an Diúca
Mar a mbíodh piléir á stealladh le fonn chun catha
Agus Francaigh á ndalladh le púdar.
Níorbh aon rud a bhfacas ariamh in aon bhaile
Go dtáingeas abhaile in mo dhúchais -
Is gur i gCill Chéise a casadh mé i dteannta ag an tarbh
Ar thaobh na faille is é ag búirigh!
I travelled Ireland, England and Scotland,
And had been in all cities in Europe
Where I was ne'er daunted by musket or cannon
Where balls they rattled most furious;
The wars of Holland, I thought them all nothing
Where heroes were all battered and wounded:
But in Kilkeasy I happened to engage with a savage
That without mercy abused me!
Do casadh orm an tarbh is chuir sé orm challenge,
Agus dúirt liom seasamh chun comhraic
Gan claíomh gan bata gan aon rud im' aice
Ach mé i dteannta balla gan chúnamh.
Is tréan is is tapa do réabadh sé an talamh
Agus fiantas buile ina shúile,
Agus mur' mo fheabhas chun reatha is mé féin chun catha
Go réabfadh sé mo leathar gan chúntas!
He set me a challenge, preparedfor a battle,
And then to have an engagement -
Sword or wattle, indeed I hadn't,
But the wood being very convenient . . .
The ground he tattered all 'round with passion -
His eyes like two candles ablazing -
And onlyfor I trotted away so gallant,
By Jove, he'd certainly tear me!
Dá seolfaí an tarbh go hoileán na Sacsan
B'fhearrde arm an rí é!
Agus deamhan fear singil, dá mhéid é a mhisneach,
Ná fágfadh sé osna insa chroí aige.
An deamhan fear singil, dá mhéid é a mhisneach,
Ná fágfadh sé lag marbh sínte;
Is dá láidre iad na barracks do réabfadh na ballaí
Lena adharca a bhí daingean is díreach!
Nuair a dh'éiríos ar maidin is do shiúlas an talamh -
Agus shíleas gur ina chodladh do bhí sé -
Is tréan is is tapa do dh'éirigh ina sheasamh!
Murach a fheabhas do chuireas-sa beech díom. . . .
Ní raibh claí ná balla ná airdeacht geata,
Ná léataí 'á dhoimhneacht is bhídís!
Ach ó lámhachadh an tarbh thá an bua leis na bacaigh
Beidh na málaí feasta acu líonta!
DÓNALL RUA AGUS A THABHARTAS
Dónall Rua Ó Riain
Ar mo ghabháil trí Bhaile 'Phoill dom
Is mo ghadhar agam ag gabháil an ród,
Thar theach Ghearalt Mac Innéirghe
Mar a mbíodh meidhir againn is punch ar bord,
d'fhiafraigh insa tslí dhíom
Cé ar díobh mé nó cá'il mo ghnó,
Nó ó Shasana thar taoide
Dhon breed so athá againn chun spóirt?
"Coileán ceart don game thú,
Is ní staonfá de chúrsa ar sliabh,
Is raghfá in iomaidh leis na tréanchoin
'Á ngéireacht é a nós i bhfiach! '
'Níl aon chabhair ag plé liom,
Á dh'éileamh ná ag cuir ina dhiaidh -
Raghaidh sé go Cnoc Mhaoláin chun Séamais
'Á ndéanfaí mo cheann a thriail! "
"Tabharfaidh mé nóta geal naoi scillinge dhuit
Ná teipfeas ort i gCúige Laighean;
Is más Dónall Rua é d'ainm
Is daingean 'tá tú ag comhad do ghadhair! '
Shiúlfainn mín is garbh leat,
Ins an arm, is gach áit dá dtéinn!
Ach an té ar gheallas dó an madra
'Á scarfainn leis cá dtabharfainn m'aghaidh? "
'Muna gur dóigh liom féin gur duine tú
A bhfuil fúinniméad ina ghlórtha, is greann,
Go Cnoc Mhaoláin ní chasfá-sa
Go ngearrfainnse trí horlaigh ded' cheann!
Nuair ná faighinn an madra
Ar airgead ná ar chaint an domhain
Bog an ród abhaile anois,
A spreagaire, 'bé tír ó ar ghabhais! '
'Is fuirist duit masla a thabhairt domhsa
Ar fallaing in do dhúthaigh féin,
Is gan aoinne beo chun seasamh dhom
Nuair a tharraing tú orm bruíon is scléip!
Tú ag iarraidh an gadhar a stracadh uaim
Le hachrann i dtúis an lae!
Is go Cnoc Mhaoláin má thagann tú,
Ar m'anam ná beidh tú baoch! '
CRAICEANN AN LAO
Dónall Rua O Riain
Ó Chill Chéise ar maidin is ea a ghluais mé go luaimneach,
Is i gCoill an Bháigh stopadh mé, ag cuir lorg ar mo thuairisc!
Bíonn mo thriall go Sasana, agus ní dhiúltaím bailte móra,
Is má théir go Sléibhte Breathnach is ea a chloisfidh tú mo thuairisc.
' Más Dónall Rua é d'ainm is fada mé ag clos tráchta ort -
Go ndéanfá dánta a cheapadh is go bhfuil fuinneamh in do ráití;
Díol an craiceann feasta liom agus gheobhair gan mhoill an t-airgead!
Ol ar leann le spairn é - is ní fada uait an tábhairne! '
' Ní dhíolfaidh mé féin an craiceann leat - níl maith dhuit le
bheith ag trácht air -
Bheadh Seán Deá i bhfearg liom agus ní thabharfadh trust
go bráth liom!
'A dtabharfá a raibh aiged' charaid dom ní dh'iontódh
staon in m'aigne,
Agus ní dhíolfainn féin an baile leat, mar is minic mé i
gCill Chéise! '
DO MHÁIRE BHREATHNACH
Dónall Rua Ó Riain
Ag cúil na Fearnóige athá an spéirbhean -
Is í Máire bhreá ghléigeal Mhicheáil,
A bhfuil a bánchnis mar bhláth na sú craobh,
Is is breátha í ná Phoebus gach lá!
Ar Shliabh gCruinn do bhí radharc ar a gaolta,
Is is siúr cheart 'Liféir í is Roibeaird
In aghaidh Chromail i gcogadh ná staonadh -
Claíomh cúil acu ar chaol-each ina láimh.
Ní phósfar go deo í le haoinneach
A mbeidh deor ann ach tréanfhuil go hard,
Mar is planda den mbantracht ó Wales í
Is gach oidhre eile 'á mhéid iad le rá -
Bhí pobal Sútúin ar a gaolta,
Is a máthair de phréimh cheart Ogáin,
Brainse de shíolrach 'Liféir í,
Is den Phúca a bhí glaoite chois trá.
Is í gaol Sheáin Chill Chreagáin is a phréimhe í,
Is na hard-mharcaigh ó thaobh Chnoc Mhaoláin;
Is í gaol Adaim ó Chrua-Bhaile an tSléibhe í,
Agus Oraim do ghníodh na caisleáin.
Ó inín Rí Poland le mórtais do glaodh í
Do bhí pósta mar chéile ag a Dád -
Is ní bréag domhsa an véarsa so a scrúdadh
Ar an maighdean gheal mhúinte gan cháim.
I mBreatain, mar a gcastar an síoda,
Bhíodh na Breathnaigh go líonta fá bhláth
Gur thógadar a seolta thar taoide
Le mórneart a gclaíomh chughainn gan scáth.
Insa bhFearnóig thá an bhruinneall den bhfíorscoth
Ná staonfadh lá an choimheascair dá namhaid,
Go dtáinig fórsaí le mórneart thar taoide
d'fháig an óigbhean is a sinsear gan stáit.
Is é a deir Piaras Bhaile Uí Fhinn gur dá phréimh í,
Mar do shíolraigh ón tréanfhuil dob fhearr
A mbíodh a cuallacht go huasal in Éirinn -
Is dá sinsir do glaodh Cill Phiocáin.
Bhíodh claíomh solais i ndoirnibh a gaolta,
Gur chuir Cromail a tréadtha le fán . . .
Is, a bhánchnis, ní náir liom é a insint
Gur láimh le Sliabh gCruinn 'tá do cháil.
AN PAORACH
A Mháire Roibeaird, go mbua Dia leat an t-ádh,
Agus ná tair anso Luan Cásca am' dhaoradh -
Iompaigh an duilleog ar an taobh mar is cóir,
Agus ná croch ins an éagóir an Paorach.
Goid chapaill ná bó ní dhearna mé riamh fós
Le go gcaillfinn leat cló mo scéimhe;
Ach Delany an tréatúir do dh'éalaigh uaim chun siúil,
Agus Máire insa chúirt am' dhaoradh.
Níl hurrú ná husá a ghabhann tríos an tsráid
Ná bíogann súd mé trí lár mo néalta,
Nuair do chuimhním ar an lá go mbínnse agus Clann Siobhán
Agus adharca inár láimh dheas dá séideadh.
Achainím, leis, an dream 'tá ag éisteacht lem' rann
A mbeannacht do chur liom den saol so;
Agus gur gairid uaim an t-am a mbeidh mo charaid go lag fann,
Is go mbainfear an ceann le faobhar díom.
A bhuachaillí na bpáirteann, beidh mo bheannacht agaibh go bráth,
Agus tugaigí Bold Charley am' fhéachaint
Go bhfeicfidh sibh mé aríst cuairt bheag eile ar marcaíocht
Is go dtabharfadh sin an croí don Phaorach!
Mo chreach agus mo chrá, ní mar do shíleas atá,
Ach in dinsiúna gránna im' aonar -
Handcuffs ar mo lámha, agus mo chosa dá gcrá,
Agus mé i gCill Chainnigh go dubhach aige daorbhroid!
Bhí duas agam le fáilt, agus fuascailt ón mbás,
Agus triúr do bhí daor a thabhairt slán liom,
Dá ndéanfainn informing ar an mbuín ghil do chráigh mé
Agus do dh'fhág mé go tláith ag géarghol.
Ar shaibhreas na Mumhan ní dhéanfainnse súd
Nó go gcuirtear mé san úir gan éifeacht,
Go sínfear mo chúl le téadraibh i Sráid Eoin,
Agus go mbeas Poll an Chapaill gan ghruaim im' éagmais.
Dé Luain ba dh'ea an lá ba chloíte é mo chás
Im' sheasamh insa bar im' aonar,
Agus gach Cromwellian dá rá dá ngabhadh an tsráid:
"Cuirigí chun báis an méirleach!"
Guímse go hard chun Peadair agus chun Póil,
Agus chun na naomh eile atá ar láimh Dé ann,
Treascairt ar an dream a bhainfeadh díom an ceann
Agus mo charaid go dubhach im' dhéidhse!
Dá mbeinnse féin aríst ar an taobh thall des na grátaí
Is dearfa go scríobhfainn véarsa
Anonn tar an taoide go ruigfeadh sé an rí -
Agus go deimhin díbh ná crochfaí an Paorach!
POLLY
Ar mo ghóilt dom do Dhroichead na Tuaire
Is mé ag lorgadh mo stuaire chailín,
Casadh liom cnap tí in uaigneas
Gan teacht braon anuas ann ná aníos.
Bhí Polly agus a mam go huaigneach
Ar leaba i mbun suaimhnis ina luí,
Agus lem' stairíocht gur mheas mé í a dh'fhuadach
Go dtí 'gcóireoinn a cuacha léi síos.
Chuireadar tuairisc na béithe
Agus leanadar mé féin ar mo bhonn;
Fuaradar mo thuairisc ó gach aoinne
Go dtí 'dtángadar taobh liom mar a rabhas.
Phreab mé im' sheasamh is léim mé,
Agus lámhaíos mo chaol-each breá donn -
Is ná raibh aon chapall ariamh agá gaolta
Do bhéarfadh ar Shéamas ina dhrom.
Gan dearmad is é an caladh do shnámh sé;
Go tapa thar balla thug léim -
An stail dob fhearr i gcríoch Fódla
Agus an marcach ba leonta ina dhroim!
'Scuaib an ainnir chiúin chailce thar teora -
Gé go measaim gur mb'óg í mar mhnaoi -
'Raibh lasadh ina leaca mar rosies;
'Agus an ligfidh tú an t-ógfhear a chloí? '
'Polly, ná bíodh ortsa buaireamh
As tusa a scuabadh thar toinn -
Gheobhair marcaíocht ar stail ghroí go huasal
Ar fad síos go cuan Bhaile Uí Ghroinn.
. . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . .
D'imíos lem' ard-intinn aerach,
Agus go Talamh an Éisc liom ar dtúis;
As súd go Sasana na Bhéarla
Agus gach ball eile a mb'fhéidir é a shiúl.
Ba mhinic i gcogadh na bpiléar mé
Striopálta im' léine agus im' thriús;
Agus anois ó tháim gaibhte ní féidir
Go ligfidh tú mé a dhaoradh insa chúirt.
MÁIRE NÍ CHINNFHAOLAIDH
Tiocfas an Francach anall chughainn go hÉire
Agus buailfidh sé an t-ualach anuas ar Chinnfhaoladh!
Gheobhaidh sé thart timpeall go Faichín an phléisiúir,
Is i mbruach an Loinneáin mar a ndearna sé an t-éirleach!
Is siambó!
Mo mhíle grá tú, a Mháire Ní Chinnfhaolaidh,
Is ní chasfar go bráth leat a ndearna do ghaolta -
Nín aon deor dá gcuid fola ina codladh in do ghéaga
Nuair nár chroch tú ag an gcúirt é, ar chomhairle na méirleach!
Agus siambó!
A Father gheal Farrell go mba fada faoi réim duit!
Go mba buan fear d'ainme id' sheasamh ins an éide!
Scríobh tú litir le Meachair go Cill Chainnigh á shaoradh,
Is gur dh'admháil an bhruinneall gur dh'imigh sí féin leis!
Agus siambó!
A Liaim ghil Uí Mheachair, cad a bhain duitse ar aon chor
Ná deaghaigh tú ins an arm nó seoladh ar bord loinge?
Seachain an baile - thá do namhaid ag an teora!
Aige sceach Bhuaile an Fhinn tá crochaire an chorda!
Agus siambó!
A Liaim bháin Uí Mheachair, deirimse Dia féin leat!
Seachainse an Bhuaile, is na cuanta athá taobh leis!
Coinnigh an stuaire ar cuaird seal dá bréagan
Go mbeidh oidhre óg ag teacht abhaile aige Peata Chinnfhaoladh!
Agus siambó!
Níor dh'fhág sé tor aitinn gan stracadh insa dúiche -
A bhfuil ó Chluain gheal Meala go Carraig na Siúire -
Chuaigh sé go Caiseal, is as sin go Durlas,
Agus chraoil sé an ainnir aige geata Chill Lamhrach!
Agus siambó!
BRÍD NÍ CHEALLAIGH
Idir Cill Mhanach is Raithneach
Is ea a chaitheas-sa túis mo shaoil,
In aice na mbuachaillí séimhe
Is cailíní múinte caoin.
Taithneamh níor ghlacas d'aon bhean,
Ach go haerach ag ól na dí,
Nó go ndán gur dhearcas an spéirbhean -
An ainnir do bhreoigh mo chroí!
Is í Bríd Ní Cheallaigh an spéirbhean
'Thá innealta meargaí meall -
Thá sí carthannach daonmhar,
Is molann an saol í ar fheabhas;
'Bhfuil a cúilín fite go féar léi
Go triopallach dréimreach donn -
Is é mo chumha gan mise dá bréagain
Ar mhaoilinn an tsléibhe úd thall!
Is eol dom 'dtaobh cupard a dhéanamh,
Is muileann a ghléas ar abhainn,
Long is coitear i ndéidh sin
Do bhéarfadh sinn ar aon anonn;
Do scríobhfainn Laidean nó Béarla
Chomh cliste le haon mhac saoir -
Is 'on chliar nárbh fhuiris' liom réiteach,
Is go bpósfainn gan aon rud í!
Dá mbeadh tíos agam agus áitreabh -
Mar do bhí aigem' chairde romhainn -
Do gheobhainnse cailín deas sásta,
Airgead bán agus púint.
Anois ó tháim gan chruach gan stáca,
Is ná cuireann do chairde liom,
Fillse abhaile ar do mháithrín,
A bhruinneall 'thá lán de ghreann!
Is é mo chumha gan mise is mo spéirbhean
Na mílte léig ó thuaidh
In oileáinín coille inár n-aonar
Mar a labhrann an t-éan is an chuach!
Do phógfainn go milis a béilín,
Agus chuirfinn lem' thaobh í ón fhuacht,
Agus scríobhfainn litir chun Phoebus
Chun solas an lae a bhreith uainn!
MÁIRÍN CHILL CHAINNIGH
"Á dtiocfá liom chun teampaill,
A Mhalaí bheag óg!"
"Dén gnó a bheidh ann agam,
A chuid an tsaoil is a stór?"
"Ag éisteacht leis an gcantaireacht
Is le ministéirí Gallda,
Is ag amharc ar na huaisle,
A Mhalaí bheag óg!"
"An dtiocfá liom chun Aifrinn,
A ógánaigh ó?"
"Dén gnó a bheidh ann agam,
A Mhalaí bheag óg!"
"Ag éisteacht leis an Eaglais
Ag léamh na mbriathra beannaithe -
Mar is é siúd ba chleachtadh dhom
A ógánaigh ó!"
"Raghainnse ag baint an aitinn leat,
A Mhalaí bheag ó!
Raghainn á thabhairt abhaile leat,
A chuid an tsaoil is a stór!
Raghainnse leat chun an Aifrinn -
Is ní mar dhúil sa mbeannaitheacht,
Ach amháin do bheith ag amharc ort,
A Mhalaí bheag ó!"
"An dtiocfá fán choill chraobhach,
A Mhalaí bheag ó!
Is an t-úllord aoibhinn aerach,
A chuid an tsaoil is a stór,
Mar a bhfaighimis cnó is caora
Is úlla i mbarra géagaibh
Is ceol binn na n-éan ann
Gach aon mhaidin cheoch?"
"Is milis liom do phóigín,
A Mhalaí bheag óg,
Is do bhéilín tanaí ró-dheas,
A chuid an tsaoil is a stór,
Do shúile mar an ómra,
Is do ghruaig ar dhath an óir bhuí -
Is do mhairbh tú dhen bhrón mé,
A Mhalaí bheag óg!"
"Ní chuirfinn dubh ná dearg ort,
A Mhalaí bheag óg,
Síoda stiff ná cambric,
A chuid an tsaoil is a stór -
Acht lásaí óir is airgid
Is an hollandish is daoire i Sasana,
Is ina dhiaidh do raghainn thar caladh leat,
A Mhalaí bheag óg!"
"Á mb'áil leat a bheith ceannasach,
A Mhalaí bheag óg -
Gan do chroí istigh 'bheith gangaideach,
A chuid an tsaoil is a stór?
Thabharfadh an Paorach taithneamh duit -
Searc a chroí is a anama -
Is go bráth bráth ní scarfadh sé
Le plúr na mban óg!"
"Is dubhach atáim, is fannlag,
A Mhalaí bheag óg:
Is beidh eagla lem' ló orm,
A chuid an tsaoil is a stór -
Gach cosán fada dá ngeobhadh mé
Is cuanta i bhfad ó ródaibh,
Ar eagla go mbeifeá romham id' ghósta
Nó id' chú bán ar na bóithre!
Is gur dh'fhág tú faoi bhrón mé.
A Mhalaí bheag óg!"
"Is dubhach an scéal atá agam,
A Mhalaí bheag óg -
Gur chuir mé dhen tsaol tú,
A chuid an tsaoil is a stór!
Is é an scian pheann 'thá in mo phóicín
'Lig leat fuil do dhrólainn' -
Is dh'fhág sin príosún fuar agam,
A Mhalaí bheag óg!"
"Lean mé i ngach uile aird tú,
A Mhalaí bheag óg!
Lean mé go Corcaigh siar tú,
A chuid an tsaoil is a stór!
Shiúil mé thoir is thiar leat,
Shiúil mé idir dhá shliabh leat -
Is bheirim anois do Dhia tú,
A phlúr na mban óg!"
Tháinig Malaí bhán go huaigneach
Dhá uair roimhes an lá;
Leag sí a géaga fuara orm,
Is a béilín tanaí tláth!
Is é a dúirt sí: "Preab, a bhuachaill -
Is mithid duit feasta gluaiseacht!
Thá an tóir ag teacht ró-luath ort
Trí phlúr na mban óg!"
"Conas 'tá do mháithrín,
A Mhalaí bheag óg?"
"Thá go buartha cráite,
Is beidh lena ló!
Ní hí sin is cás liom,
Ach an buachaill a raibh mé i ngrá leis -
Beas dá chuir i mbranraí in airde
Trí phlúr na mban óg!"
"Tiocfas an bás go huaigneach
Dhá uair roimhes an lá -
Bainfidh sé cúntas crua dhíot
'Chionn cluain do chuir ar mhná!
Beidh dréimirí fada fuara ort,
Is bairlín bán an fhuachta ort -
Is nár bhreá í an aithrí an uair úd
'Á mbeadh sí le n'fháil!"
'Á LEANFAINN TÚ ...
"Á leanfainn tú siar go dian go Ceatharlach
Chaillfinn mo chiall mara dtriallfá abhaile liom,
Óró, agus bheinn ag sileadh na ndeor!"
"Bíodh an cíos go cruinn deas bailithe -
Níl aird insa tsaol, más fíor, ná rachaimid
Óró, nó thar an fharraige mhór!
Glacfaidh mé long, más fiú mo thairbhe;
Béarfaidh mé liom tú anonn thar farraige,
Nó go hAlbain más é is fearra leat -
Ar a sheasamh dom ná bíodh eagla ort!
Óró, nach tusa mo stor?
"Ní chreidfinn do bhriathra tar éis a n-abairtear,
Mar is fear magaidh tú a bhíonn ag mealladh ban,
Óró, agus a bhfuil dúil ins an ól!"
"A chumainn mo chléibh agus a réiltheann mhascalach,
Ní ineosfainn féin bréag óm' bhéal ar chapall duit
Ar eagla an pheaca agus go mbeimis féin damanta -
Páirt im' anam go bráth ní scarías leat
Óró, go raghaidh mé faoin bhfód!"
"Ní léigfead faoin bhfód go deo mo phreabaire -
Is tusa mo stór ó fuairis fios d'aigne,
Óró, agus bí im' choinne ins an ól!
Glaofaimid an drawer agus tráfaimid an baraille;
Tógfaimid rí-rá a mbeidh trácht i gCallainn air,
Óró, an fhaid a mhairfidh 'bhfuil beo!"
"B'fhearr liom do mhéin ná céad bó bainne agam,
Ná muilte ag meilt plúir agus brewery ag tabhairt leanna agam!
. . . . . . . . . . . . súd é m'aigne -
Thabharfainn an saol go léir ar maidin ort,
Óró, is creid feasta mo ghlór!"
"Is iontach an scéal mar a ghéill mé cheana
Do réic 'ed shórtsa aniar ón Mhainistir
Do mheall mé le héitheach go leor;
Gur chuiris an saol go léir i bhfearg liom -
Siar go raghadsa ag triall led' leanbh chughat,
Óró, is ná feadar cá ngeobhad!
Má thugann tú an manual go bráth ná scarfair liom -
Tuilleadh biotáille le fáil in aisce agat!
Cloígh síos d'aigne agus fill abhaile liom,
Óró, agus a bhfuil agam do gheobhair!"
AN DRAIGHNEÁN DONN
Thá stuaire de chailín beag óg am' chrá
A bhfuil lasadh ina leacain agus rós ina lár -
D'fhág sí mé in aicíde bhróin is bháis
Agus bhain sí mo thaithí go deo dhe mhná!
Cailín beag a bheathaigh ins an áit seo mé,
Is cailín a mhaslaigh trí ghrá fir mé -
Ag síormhealladh gach gaiscíoch is ag pógadh a mbéal -
Agus mo bheannacht chun cailíní óga an tsaoil!
Tabhair do mhallacht dod' athair is dod' mháithrín féin
Nár thug solas beag duitse ar mo láimhse a léamh -
Is doith ar maidin 'scríobhfainn chughat brí mo scéil -
Agus mo bheannacht nó go gcasfar ort Dé Domhnaigh mé!
Ní lucht húdaí ná búclaí dob fhearr liom fhéin,
Ach stuaire dhe chailín beag óg gan chréim -
Bheadh a cúilín cas búclach ag fás léi go féar -
Is thá cumha agam i ndiaidh mo mhuirnín, is ní náir liom é!
'Beir leat mé, is níl airgead ná ór agam;
Beir leat mé, is níl bó agam ar mhóin ná cnoc;
Beir leat mé, is níl báibín id' dhiaidh agam -
Is murar leat mé ní mhairfidh mé go bliain ó inniubh! '
Is dóigh le céad bean gur leo fhéin mé nuair a dh'ólaim leann;
Dhá dtrian go dtéann síos liom nuair a smuainím ar ghreann.
Sneachta síonmhar is é á shíorchuir ó Shliabh na mBan Fionn,
Is go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní ar an Draighneán Donn!
A shaol-searc, ná tréig mé ar airgead ná ar ór;
A shaol-searc, ná tréig mé ar mhacha breá bó;
A shaol-searc, ná tréig mé ar a bhfuil sa tsaol beo -
Is gur tú an chéad fhear inar léigeas mo chumann leis fós! '
Is dealbh fear ina sheasamh le claí ró-ard
Gan céim bheag 'bheith ina aice ar a leagfadh sé a láimh -
'A airdeacht crann caorthainn bíonn sé searbh ina bharr,
Is go dtagann sméar is sú na gcraobh ar an gcrann is ísle bláth!
Beir mo bheannacht chun an bhaile bheag 'thá ansúd thall,
Is gan dearmad an baile beag atá os a chionn -
Is iomadh bealach fliuch salach agus bóithrín cam
Idir mise is an baile a bhfuil mo dhianghrá ann!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11