Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Irishman's Treasure: Gaduighe a' fághail bháis

Title
The Irishman's Treasure: Gaduighe a' fághail bháis
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: P.Dixon Hardy, c1836)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Is minic do chuir mé athchuiníghe chum an Tiarna, go bhfaighinn bás go
síothchánta air mo leaba féin, agus beagán do cháirde diadhaithe bheith am
thímchíoll, do ghuífeadh chum Dé am fhochair agus do chuirfeadh misneach orm
le léigheamh na ngeallamhna beannaighthe atá annsa m-Bíobla. Agus isé mo
thuairim go ma mhian le gach aon duine diadhaithe bás d'fhághail air an
slíghe céadna: ach, feach cad í an deifir atá idir sin agus an cás do
thasbánann éféin dúinn annsa sgéal beag so! Biothamhnach dá chur chum báis,
agus Slánatóir an Domhain dá chur chum báis le n'ais! 'Se a gcás an cás is
truaidhbhéile le fághail - iad araon a gcruadh-phianta báis, - ach ní a
seómra ciuin cluthar, ná a lár a gcáirde grádhmhara: ní sheadh, ach air
shliabh, táirneálta suas air chrois, le soighidiuirídhe borba 'na
ttímchioll, agus iad nochdaighthe os cómhair an tsluadh do bhailigh chum na
háite, cuid aca chum feuchainn air an gceusadh, agus tuille aca le réasúin
eile. Do bhí cathair Ierúsalem an uair sin lán do dhaoine do tháinigh ó
gach taobh do'n dúthaidh chum solamna na cásga; agus is cosamhuil gur
bhailigh buídhean gan áiriomh díobh chum an radhairc seo do fheicsinn, go
mórmhór ó bhí Iosa ameasg an lucht bhí le ceusadh. Ach a lár na neite
mí-fhábharacha so do rineadh obair cómh hiongantach is do chonairc duine nó
aingiol riamh. Chum do ttuigfimíd é seo ní 's feárr, tugaimís fá n-deara
air ttúis,
1. An gaduíghe a'fághail bháis.


L. 2


Créatúir gráineamhuil iseadh gaduíghe. A deir Dia féin nách féidir leis dul
go flathas. A ríoghacht Rúisia díbearthar gach gaduíghe amach as an ttír,
agus a Sacsona crochdar é. Daorann dlígh Dé agus duine lucht
gaduigheachta, agus fós, is mór díobh atá ann gach aon tír. O, is
truaidhbhéileach an tasbánadh é seo air nádúir an duine, mar tugann sé le
feicsinn dúinn an mhillteacht do chuaidh sé a n'olcas ó chruthaidh Dia air
ttúis é! Atá mórán daoine 'na n-gaduighthe air neithe móra, cuid eile air
neithe suaracha. Robálann cuid aca Dia as a onóir; cuid eile aca Críost as
a Dhiadhacht; goideann daoine cuid a gcómharsan, agus baineann daoine eile
dhíobh féin sonus annsa tsaoghal so, agus flathas annsa tsaoghal eile.



An gaduíghe seo bhí dá'cheusadh, do bhris sé an t-ochtmhadh h-Aithine, "Ná
déan goid." Do sháruigh sé dligh na ríoghachta, do rug lámh an chirt air,
agus do bhí sé anuairsin a'díol as a dhroich ghníomhartha. d'fhan a
chroídhe cruaidh gan aithreachus go ttí uair a bháis; níor rug aon chneadh
cóinsiais gréim air 'anam attaobh a ndeárna sé, ná ní raibh aon eagla air a
ttaobh aon phionóis do bhí roimhe. Ní raibh ach dó nó trí uairibh idir
é agus is an tsíorruigheacht, agus fós ní raibh aon dúil aige é féin do
ollamhúghadh chum dul a láthair Dé. Nách sgannramhuil an cás é seo! Ba
chóir go n-árdóghach sé ár ttruadhbhéil do dhaoine bhíos daor chum báis! Tá
dligh Shacsana go ró mhillteach a bpaointídhe áirighthe, agus fós atá mórán
trócaire measgaidhthe tríd; mar is beag do dhaoine daorthar chum báis nách
bhfaghann tamall aimsire idir an mbreathamhantas agus an chroich. Dá bhrígh
sin, bíon uain aig an bhfear daor air dhul isteach a n-uaigneas a phríosúin,
agus smaoineamh annsan air a pheacaidhe iomadamhla. Is féidir leis lucht
Eaglaise nó daoine diadhaithe bheith aige ansan, chum slígh na síothchána
agus beatha síorruidhe a mhúineadh dho, agus gan amhrus, annsa gcás
truaidhbhéileach sin, is iomdha duine iaras agus gheibheas trócaire Dé. Ach
ní léighimíd go raibh aon chaedh do'n tsórt so aig an ngaduighe bhocht. An
úsáid do fuair Mac Dé ó'n ccúirt, má's cómhartha é air a nós ghnáthach,
do bhí a thriail, a dhaoradh, agus a chur chum báis a n'-aon lá amháin.



An gaduighe cruadh-chroídheach so, ní shé amháin ná raibh aithreachus a
pheacaidhe air, a ttosach a phianta air an gcrois, ach do rin sé magadh fé
an Slánathóir 'san ám gcéadna. Tá so sgríobhtha go follus annsa mBíobla, ó
bheirt úghdar.


L. 3


A deir Naomh Maitiu, "Gur ceusadh beirt ghaduighthe ionna fhochair, duine aca
air a láimh dheis agus duine eile air a láimh chlé; agus an mhuinntir do
ghabhadh thairis, do bhídís a' maga fé, ag crothadh a gcinn, agus ag rádh,
Má's tusa Mac Dé, tar anuas do'n chrois; agus na hard-shagairt mar an
gcéadna a' magadh fé, a bhfochair na sgríobhuidhthe agus na sinnsir, dá
rádh, Do shábháil sé daoine eile, agus ní féidir leis é féin a shábháil.
Má sé Righ Israel é, tagadh sé anuas do'n chrois, agus creidfimíd é. Do
chuir sé a mhuinín a nDia: saorach sé anois é, má's áil leis é, mar
adúbhairt sé, Is mise Mac Dé. Agus na gaduighthe do crochadh a n'fhochair,
thugadar an (tarcuisne) chéadna dho." (C.27.) A deir Naomh Marcus mar an
gcéadna, "Na daoine do chrochadh a n'fhochair, (go) ttugadar aithis do" -
Tasbánann so dhúinn mórchruadhas chroídhe an duine. Go deimhin, a cháirde, an
fear do rin sugra mar sin leis an mbás, agus thug tarcuisne do'n
t-Slánathóir a lár a phianta báis air an ccrois, ba dheacair linn géille go
saorfaidhe ó Ifrionn é, ach breithnigh ard-chómhacht agus truaidhbhéil Dé!
Fé mar do dhruid an bás leis, do bhog a chroidhe; do thoisigh sé air
ghuidhe, d'iar sé trócaire air Chríost. Do bhí cás truaidhbhéileach a choirp
fábharach chum leas a anama, bhí sé a n-áit ionna raibh guith an t-Slánathóra
air a chómhghar. Ní cosamhuil go bhfeacaidh sé Críost riamh roimhe sin:
ach do chonairc sé anuairsin é agus do chualaidh sé é ag cur an ímpídhe seo
suas chum Dé, "Athair, maith dhóibh, mar ní'l fhios aca cad do dheinid
siad." Do chualaidh sé é a fágainn slán agá mhathair, dá rádh, "A bhean,
feuch do mhac;" agus do chualaidh sé é a' tabhairt a mháthar suas dá
dheisciobal dhíleas, chum a bheith fé na chúram agus fé na chion: "A mhic,
(ar seision,) feuch do mháthair." - Dob'fhéidir gur ghoill so air an
ngaduighe, agus gur bhog sé a chroídhe, nó b'fhéidir go ttug Dia chum
aithreachuis é a slígh eigin eile. Tá mórán daoine bochta mí-fhoirtiúnacha
mar an ngaduighe seo, nách bhfuil a sligh chum clos tráchta air Chríost,
agus air thrócaire, agus air shlánúghadh anama. Ní taithídhe leó dul
annsna háitionna 'na mbíon trácht air Chríost, - Fóraoir! tógann neithe
eile suas a smaointe; siúbhluid siad casán eile; fanaid siad amach ó thigh
na núrnaighthe. Ní'l aon rud is neamh-ghnáithídhe leó ná feuchainn
annsa mbíobla. Ní'l aon rud do thuirsígheann inntinn an pheacaigh dána
chómh mór le seanamóin bríoghmhar fírinneach a chlos, a' tasbánadh a cháil
féin do, a' priocadh a chóinsiais, agus ag cur a pheacaidhe


L. 4


go léir os cómhair a 'shúl, annsa ngné is measa agus is anacraidhe.
An fear Eaglaise do thabharfaidh a leithéid seo do sheanamóinte uaidh, do
chídhfidh sé athrúghadh ionna phobal a gcionn seacht mbliadhain. Glacfaidh
cuid aca aithreachus agus creidiomh, agus iompóghaidh cuid eile aca uaidh
air fad, agus loirgeoid siad teagasg is millse dhóibh. Dá' bhrígh seo, tá
mórán d'ár ccómh-chréatúirighe nách ccloiseann choídhche aon nídh chum
eagla Dé do chur ortha. Go deimhin ba cheart slígh eigin a cheapadh chum
bochdáin tréigthe do fhághail amach, nách ggcualaidh riamh focal na
beatha. Tá ceart mór aca air ár ttruaidhbhéil, mar atáid siad a' dul amúgha
do uiriosba eóluis. Is iomdha duine aca do tugthar suas ó 'na nóige chum
céird an pheaca. Ní bhfaghaid cion ná moladh ó na muintir, ach anuair bhí'd
siad clisde air mhallaightheoireacht. Níor hinnseadh dhóibh riamh an
oibliogáid atá ortha chum Dé agus duine: mairid siad amháin chum bheith a'
goid, a marbhadh, agus a' léirsgrios. Dá bhrígh sin, ní hiongna go mbeidh
droich-bhearta dá ndéanadh, agus lucht a ndéanta iomadamhuil; ár ttighthe
dá robáil, ár mbailte lán do urchóid, agus na príosúin líonta. Is féidir
le lucht ceannais bheith a' déanadh dlighthe, agus le lucht airm bheith a'
faire; breitheamhuin bheith a' daoradh, agus ag cur dian-phionóis air
dhroch dhaoine; ach chum teacht air phréimh an uilc, tugthar aighidh na
bpeacach air Uan Dé, do thógas peacuidhe an domhain; bhéaraidh sé sin
croídhe nuadh dhóibh agus spirid ceart, is annsan séanfaid siad an peaca
go brách.



A ttaobh iompóghadh an ghaduighe seo chum Dé air an gcrois, ó's rud é do
thagraid mórán daoine, mar neartúghadh air a ttuairim féin, iaraim ort, a
léightheoir, smaoineamh air na neithe déarfaidh mé leat anois.



Pé háit ionna mbíon aithreachus fírinneach air son peaca tugann sé leis
toradh dá réir. Creidiomh an ghaduíghe seo, cé ná raibh ann ach fás uair a'
chloig, do bhí sé ard-thorthamhuil. Do dheimhnigh sé go raibh an duine
iompaighthe le Críost; agus cé go madh mhion, ann féin, gach poínte do'n
deimhniúghadh so, fós atá sé ard-bhríoghmhar chum a thasbánadh dhúinn ná
sábhálann Críost aon duine ionna pheacuidhe, ach ó na pheacuidhe.



1. Air ttúis , d'admhuigh sé a choir, go hosgailte, agus mar an gcéadna
ceart a dhaortha.



2. Do thug sé forfhrógra agus achmusán dá chómh-pheacach. - "Nách bhfuil
eagla Dé ort, (ar seision) agus tú fé an daor-bhreith


L. 5


chéadna? agus sinn (araon) go deimhin le ceart. "cómh maith is go
ndéarfach sé, 'Bfuil fonn ort fanamhuinn croidhe-chruaidh go deire? Nách
bhfuil aon eagla ort roimh Dhia, agus tu le dul 'na láthair gan mhaill? O
smaoinigh air do chrích déaghnach!



3. Do chosain sé clú mhasluighthe Chríost, "Ní dheárna an fear so aon
olc," (ar seision.) Mar sin adúbhairt Píoláid, an fear do thug breathamhnus
air; agus do ghlaodhaigh air bháisín uisge, agus do nigh a lámha os cómhair
an phobuil, dá rádh, "Táimse neimhchionntach a gcuid fola an duine chirt
seo." Mar sin adúbhairt Iúdas Iscáriot, an fear do dhíol é. "Do pheacaidh
mise, (ar seision,) do bhrígh gur dhíol mé fuil neimh-chionntach."



4. d'admhuigh sé a chreidiomh a gcómhacht agus a nglóire Chríost; ag cur
a ghuídhe 'na láthair, agus dá admháil mhar Thiarna agus mar Rígh: - "A
Thiarna, (ar seision,) cuímhnigh ormsa anuair thiocfaidh tú chum do
ríoghachta (féin)." Dob' iongantach an móimiont é seo a mbeatha an
t-Slánathóra, agus do thug an gaduighe dho, anuairsin, onórúghadh thar a
ttug aonduine eile air talamh, nách mór. Do dhíol ceann dá dheisciobail féin
é, do shéan ceann eile é, agus do thréig an chuid eile é agus theitheadar.
Do bhi an t-árd shagart agus na sgríobhuighthe dá cháineadh, gramuisg an
phobuil a' magadh fé, agus an duine bocht so, lán do aithreachus a
pheacuídhe, ag guídhe chuige mar Shlánathóir ard-ghlórmhar ag iaradh
trócaire air, agus áit ionna ríoghacht. Tá an deifrígheacht go ró iongantach.



II. Anois iompuíghmís ár smaointe chum an t-Slánathóra a' fághail bháis.



Cad é an toradh thug sé air an ainniseoir bhi air crochadh le na thaobh?
Cad é an freagra thug sé air a athchuingidh? "Adúbhairt Iosa leis,
A deirimse leat go fírinneach, go mbeidh 'tu am fhochair a niugh a
bparrathas." Isé seo go díreach an rud dob'fhéidir a mheas ó'n té úd gurab
é a chroidhe suigheachán na trócaire. Tá cúig neithe annsa bhfreagra so:



1. Tasbánadh glórmhar air ullamhacht Chríost a' freagairt úrnaighthe.



Níor choingbhidh sé an peacach bocht aithrígheach so aon mhóimiont amháin
a namhrus. Cómh maith is go gcuirfeadh Críost an t-athchuingidh ionna
bheul, chum méid a thrócaire féin do


L. 6


thasbánadh agus a thoil chum peacaigh a shábháil; chum misnigh a chur air
ghach naon do léighfeadh an sgéal, é féin do lorg, agus chum gach peacach
ceann dána d'fhágbháil gan aon leithsgéal. Nách ttuigeann sibh é seo, a
cháirde? O! Iompuíghidh é chum leas bhúr nanama.



2. Tugann sé tasbánadh breádh dhúinn air shlígh na slánaighthe.



Anuair tugadh dho'n pheacach bhocht an párdún d'iar sé, ní raibh aon
achmusán leis, ná aon trácht ar chúrsa olc a shaoghail roimhe sin. Ba
phárdún Rígh é. - saor, iomlán. Do chímíd ann, so-léiriughadh ró-bhreádh
air an bhéarsa so, "Feuchaighidh chughamsa, agus bídhidh slánuighthe." Dob'
é seo athnuadhchann sgéil an fhir ó Israel a'fághail bháis ó nimh, agus
le feuchainn air an athair-nimhe práis, fuair sé leighios gan mhoill.
Gearrann so amach preumh gach éilimh air na flathais a ttaobh
deagh-oibreacha saoghalta, agus deimhnigheann sé fírinne an tsoísgéil, gur
thabharthus slánúghadh; agus cé go bhfuil Neamh ceannuighthe mar
oighreacht do lucht fír-chreidimh, fós ní le haon mhaith do rineamairne,
ach le fuil mhórluach Chríost, an té atá a' tairgsinn agus a' tabhairt na
hoighreachta so, anaisge, do ghach anam do loirgeas í.



3. Tugann an nídh seo deimhniughadh iongantach air chómhacht an tSlánathóra.



Do sciob sé peacach as lámha an ábhairseóra, anuair bhí a lámha féin
ceangailte air an gcrois. Do bhuadhaigh sé air an mbás air theórainn a
ríoghachda féin. Thug sé beatha síorruídhe uaidh anuair bhí sé féin a'
fághail bháis. Thug sé ríoghacht uaidh, anuair bhí sé féin a' fulang
pionóis mar dhuine chionntach; agus le buadh ghlórmhar do rug sé ceann do
chómharthaidhe a láimh uachdaraidh leis go Parrathas. O Íosa
bheannaighthe! A thiarna chómhachtaidh! Cia shé an duine lag gur gádh
dho eagla bheith air 'anam a chur air t'iontaoibh?



4. Tasbánann focail Iosa an easgaigheacht ionna bhféadann Dia anam
d'ullamhúghadh chum na bhflathas.



"ANIUGH (ar seision,) beidh tú am' fhochair a bparrathas." Do bhí sé
anuairsin a ngoireacht beagán uairibh do dhul gréine fé, sé sin deire lae
na n-Iúdach, agus fós, do bheith seisean ullamh! Ba luaith an fás bhí aig
grása Dé 'na chroidhe; ba ghairid go raibh sé aibidh. Ba ghairid go raibh a
sholus lag 'na ghrian ghléigeal


L. 7


aige! O, nách obann an aisdriúghadh bhí aige, ó'n gcrois go ttí an
gcoróin; ó phionós go glóire; ó theórannta ifrinn go sólás na bhflathas! O
Cad é an liúgh áthais bhí air fuaid na cathrach air Neamh a ttaobh na
hoibre seo an Uile-chómhachtaidh! Cad é mar do chrith Ifrionn le buile ag
feicsinn an té bhí a' dul isteach annsa lasair, sgiobtha chum siubhail uatha
agus istigh a bparrathas a mbeagán aimsire! Is aoirde an bheart í seo ná
iompóghadh Sháuil bhuirb féin. Le breithniúghadh an sgéil seo, cia shé
do mheasfaidh go brách aon ghníomh a bheith ró dheachair do'n Tiarna?



5. Tugann so deimhniúghadh air an bhfírinne glórmhar úd, go ttéid anamnacha
lucht fír-chreidimh go flathas, láithreach tar éis bháis: deillte ó'n
gcorp, agus a bhfochair an Tiarna. Ní raibh aon trácht air anam an fhir
seo 'dhul aon tsuim laothanta, nó seachtmhainídhe, nó blianta, go
purgadóireacht. O ní raibh! Bhi sé 'na pheacach mhór gan amhrus, ach fós
ní raibh gádh aige le haon rud ach fuil Chríost a chur le na chroidhe,
chum é ghlanadh ó 'n uile pheaca; agus cé ná raibh aon aithine aige air
roimhe sin, níor iar sé air aon duine eile labhairt 'na pháirt; do labhair
sé féin, ceann air aighidh, le Críost, agus d'éirigh leis go glórmhar:
agus faid is do mhairfidh Bíobla Dé, beidh an méid seo do sgéal an ghaduighe
mar shómpla, agus a shonus fé dheire mar urrúdhas, nách bhfuil aon duine
do loirgeoidh an Tiarna, nách bhfaighidh é. Moladh agus glóire leis an
Slánathóir go deó. Amen.



Cómhrádh air an sgéal so.
1. Gach maith dá bhfuil annsa duine, isé saothar Dé é.
'San ám gcéadna go raibh an Tiarna Iosa a' tabhairt párdúin do pheacach,
agus ag cur misnigh air le geallamhuinn pharrathais, do bhí peacach eile a
gcómh-chómhgar do, a' fághail bháis ionna chuid cionnta agus aindeise go
léir. Air son a pheaca, níor chuir sé osna as; níor shil sé deoir; níor
chuir sé aon athchuingidh amháin chum Dé; d'fhan sé air nós charraig
leac-adhra, fuar, cruaidh, agus gan mothúghadh. Cás sgannramhuil! Cad do
leanfadh dhá' leithéid ach fearg agus díoghaltas, trioblóid agus anngar!
Peacach a'fághail bháis gan aithreachus! Radharc do bhainfeadh gol as
aingiol. Cad é an chúis nár labhair sé le Críost, mar do rin an fear
eile? Cad


L. 8


a déarfaimíd do rin an deifrígheacht? Roimh a bpionós do bhí a gcroidhe
cruaidh; agus tar éis a gcur air an gcrois féin, do rineadar araon magadh
fé Chríost. Cia rin an deifir eadartha araon? Cia bhog an croidhe,
dhúisigh an t'eagla, agus tharruing athchuingídh ó dhuine aca? An é Sátan?
An é an peacach eile? nó an é tarcuisne an phobuil? O ní sheadh; ach grása
séanmhar, soillseach, naomhtha Dé; agus gan an grása céanna ní
hiompóghfaidhe aon pheacach go deó, do mhairfimís go léir agus
do gheóbhaimís bás ionnar gcionnta. "Ní háil libh teacht chúghamsa," a deir
Críost: tá námhadas daingean a gcoinne Dé a gcroidhe ghach naon; iarann sé
cómhacht an Tiarna toil peacaidh do fhághail chum a bheith sábháilte; ní mór
lámh an Uile-chómhachtaidh chum peacach a thabhairt go ttí Críost. O!
mar a nglacaidh Dia truadh dhúinn, agus ár gcroidhthe do shónsáil, atá ár gcás
tubaisteach. A léightheóir, bí buidheach nách a n-Ifrionn atá tú. Bí
buidheach má bhraitheann tú aon mhian chum an t-Slánathóra. Glac mar
chómhartha maithiosa é. Tabhair aireachus do; cothaigh é; déin gach nídh
do órduigh Dia chum é 'neartúghadh. Dá laigeacht a thosach, isé saothar Dé
é; dá bhrigh sin bíoch súil agat le na iomláine.



An nídh do thoisigh grása Dé,
Gan amhrus críochnóghaidh sé:
An dreám do chreideann ionna mhac,
Ní thréigfidh Dia iad go brách.



2. Tá dóthchus slánaighthe dhúinn an fhaid mhairimíd.
Tá daoine ann, do bhíonn cómh holc san, gur deacair a mheas go slánóghfar a
nanam; ach ní féidir leó bheith níos siadh ó mhuinín slánaighthe ná bhí an
gaduíghe seo. Ní'l aon pheacach ró fhada ó lámh na trócaire; dá bhrígh sin
ba cheart díthchioll a dhéana le gach aon dreám, air iad a thabhairt chum
aithreachuis. Má fhéadann tú dul go ttí duine daor chum báis, cuir a
pheacuidhe a gcuimhne dho, tabhair frógra dho air bhaoghal 'anama, corruigh
suas é chum dul air sgáth Iosa Críost, an té atá ábalta air é 'shábháil go
hiomlán. Má's féidir leat dul ttí leaba bháis aon tseann-pheacach, tabhair
frógra dhosan mar an gcéadna, b'fhéidir nách bhfuil aon mhuinín le beith as,
ach mar na ngaduighe air an gcrois, ach nar sin féin, labhair leis, feuch
a' bhféadfá teacht air a chóinsias, bain de an fíoraontacht cám ann a bhfuil
a mhuinín féin, osguil do na seómraidhe fallsachda tá a bhfolach istigh
ionna chroidhe cruaidh


L. 9


cuiripe. Muna bhféada tú é 'tharrang ó na dhroich staid, cuir a n-úil do
gur baoghal damaint síorruídhe dá anam. Cuir sgannra an Tiarna ós a choinne
go hiomlán. Iar air, a nainm Chríost síothcháin a lorg air Dhia; air aon
chás, déin do dhíthchioll chum é thabhairt go suigheachán na trócaire.



3. Caithfidh an uile pheacach aithreachus a pheacuidhe a ghlacadh, nó a
bheith caillte go deó.



Dob' fhéidir do'n leabhar beag so teacht chum súl nó cluais dhuine eigin
daor chum a chrochda; agus ná'r chóir, a dhuine mhí-fhoirtiúnaigh, go
gcuirfeadh sé misneach ort a léigheamh nó a chlos, go bhfuair gaduighe
trócaire a' fághail bháis do? Do thug a pheacuidhe chum na croiche é; do
ghlac sé aithreachus annsan, agus do rug an Slánathóir go flathas é. Do
thug do pheacuidhesi mar an gcéadna chum príosúin agus breitheamhantuis thu;
is gairid go mbeidh tú annsa gcroich aca; agus muna n'iompuighidh tú chum Dé
uatha, béarfaid leó thu go hifrionn. - Annsan leanann an síorruidheacht,
breitheamhantas Dé, agus teine gan múcadh. O a pheacaigh, déin deabhadh
agus iar maitheamhnas! Anois atá dorrus na trócaire osguilte. ANOIS atá an
Slánathóir ag cromadh a chluais, agus a' fuirreach le'd athchuingidh. ANOIS
atá dóchus duit; ach a mbeagán laethe nó bfhéidir a mbeagán uairibh, beidh
lá na grása sgartha leat. Iaraim ort anois, gréim daingean a bhreith air
dhóthchus déaghnach an pheacaigh. Iompuigh chum an Tiarna: admhuigh do
pheacaidhe; tabhair cúiteamh do ghach naon dá'r rin tú díobháil, má
fhéadann tú; iar trócaire go hárd air Dhia; bíodh súil agad le maitheamhnas
air son Iosa Críost amháin. Muna bhfuil flathas le fághail ach le hobair
saoghalta, tá an sgéal a leathtaoibh, ní féidir leat dul ann; ach má tá sí
le fághail an aisge aig gach naon do chuireann a mhuinín a n-Iosa Críost,
atá dóchus duitse fós. O ná leig codhla air do shúile go bhfaighidh tú an
freagra so ó'n Slánathóir: "Beidh tú am fhochair a bparrathas."



4. Is ró chóntúbharthach peacamhuil an bheart, curam an anama do chur air
gcúl go lá an bháis.



Is baoghal liom go mbíon daoine ann do iompuigheann sgéal an ghaduighe chum
a ndamanta féin. A deir siad, "Ná'r chualaidh tú mar do mhaith Críost do'n
ghaduighe air an gcrois? Fuair sé sin trócaire fé dheire, agus cad é an
fáth nach bhfaighmísne í? - Cad is gádh aon deithineas a bheith orruinn?
Cad


L. 10


é an chúis ná leanfaimís tamall beag eile a sult an tsaoghail seo? Cad é
an chúis? Iniósfadsa sin díbh. Do cuireadh beirt ghaduighthe chum báis a
bhfochair Chríost, agus fuair duine aca bás mar do mhair sé; agus má thugan
sibhse failíth a leas bhúr nanama anois, is cosamhla dhíbh bás d'fhághail
mar eisean ná mar an bhfear eile. Chum ná glacfadh aon duine éadóchus, tá
an cúntas so tabhartha dhúinn air aon phearsa amháin do fuair slánúghadh
anama air an uair dhéaghanach; agus ní'l aguinn ach cúntas air an t'aon
phearsa amháin annsa tsligh sin, chum ná beidh aon duine ró dhána. Iaraim
orraibh smaoineamh air na neithe seo. Ní fhiafruighim díbh, an bitheamhnaigh
sibh, nó lucht breug, nó luch briste na saoire? Tá súil agam nách sheadh. Ní
mó fhiafruighim, an lucht meisge, nó mionna mór, nó stríopachuis sibh? Tá
súil agam nách sheadh. Daoine do'n tsórt so, tá cómhartha dubh an diabhail
socruighthe ortha; ach dob' fhéidir dhíbhse bheith saor ós na coir ghrána
so, agus fós a bheith annsa tslígh dhírigh chum léirsgris síorruídhe.
B'fhéidir dhíbh a bheith macánta, deigh-mhéinneach grádhmhar, agus fé chion
na ndaoine, agus fós a' maireachdain gan grádh Dé, gan dóchus; sloighidhthe
suas a slighte an tsaoghail, gan aon mheas air an sligh go Neamh. A
cháirde mo chroidhe, a' ttuigeann sibh bhúr gcás: A' ttug aon charad frógra
dhíbh air bhúr staid pheacamhuil? - Ar mhúin aon duine dhíbh bhúr
n-oibliogáid chum Críost? - Iaran sé sin bhur gcroidhe. Le creidiomh ionna
ainim beidh bhúr nanam sábháilte. O a pheacaigh! Cuir uait do ghnótha
dímhaoine, agus tair, ad chréatúir chionntach uirriosbach, chum an té go
bhfuil an uile nídh air a chumas, agus iar cabhair air. Ní mór tú shábháil
air nós an ghaduighe, nó ní féidir tú 'shábháil air aon chor. d'iar
seisean, agus do fuair sé. Do chuir sé a mhuinín a n-Iosa Críost, agus ní
dheighidh sé amúgha.



A Chríosdaighthe cearta: A lucht an deigh-chreidimh! Do labharfainn libhse
beagán focal a ndeire an chómhrádh so. Bíodh misneach maith aguibh.
Eistighidh liom anois:



5. Má thasbáin Críost an uiread sin grás' agus cómhachta a bhfábhar dhuine
do chaith a shaoghal a seirbhís an diabhail, an dóigh libh go ttréigfidh sé
sibhse atá dá leanmhuinn féin, agus 'na sheirbhís le mórán bliadhain? A'
ttréigean Iosa a sheirbhísigh díleasa anuair bhíd siad críona, lag, caite?
O díbrigh go brách a leithéid sin do smaoineamh mí-onóireach! Feuch, tá
sé a' labhairt díbh annsna flathais; tá sé ag ullamhúghadh áite dhíbh; tá
sé a' fuirreach libh, chum sibh a ghlaca isteach. Deinigh deabhadh chum
teagmhála air, agus bíodh so mar abhrán aguibh ansa tslíghe:


L. 11



Tá tobar glórmhar naomhtha lán,
le fuil mhórluach mhic Dé;
Gach anam bhíos dá níghe annsan,
O'n bpeaca glanfar é.



Ba thobar é do'n ghaduighe bhocht,
Chuir áthas air a chroidhe:
Is cé go bhfuilimse cómh holc,
O nigh mé ann, A Dhia!



A Uain mhic Dé, ní chaillfigh t'fuil
Go brách a neart 's a brígh,
Nó go mbeidh t'eaglais fuasgailte
O pheaca go síorruidhe.



O chonairc mé, tríd an gcreideamh fíor,
An sruith ó d'chneadhaibh a'tigheacht,
Isé mo dhán do ghrádh 's do chion,
Go ttéidh mé 'san tsíorruidheacht.




The Long Accent, or síne fada.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services