Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Irishman's Treasure: Cuntas ar chSeaghan Cnill

Title
The Irishman's Treasure: Cuntas ar chSeaghan Cnill
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: P.Dixon Hardy, c1836)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Corruigheacht agus ceithre bliaghna déag do chuaidh thorruinn ó do sgrios an
Cholera, amhuil sgiúirse leirsgris, an talamh. Do rin sé a chéad
thaisbeána san India, mar ar leathnuig a chumas marbhthach go
hann-neartmhar. d'iompaigh sé nách mór gach aon tigh 'na thigh bróin; agus
do chaill mórán díóbh a lucht áitribh. Níor spáráil sé na daoine saidhbhre,
ach do leathanuigh sé air measg na ndaoine bochta, deóraidhthe chómh maith
le treibh na háite féin, do thuiteadar leis; agus tar éis é 'bhrosdúghadh
mórán chum na huagh, do chuaidh sé siar go Persia. O Phersia do chuaidh sé
treasna go bruacha Ruisia, agus annsa mbliaghain 1824 do thosanaigh sé a
léirsgrios a n'Ath-strachainn. Tímchioll mhiodhshamh na bliadhna 1830,
do bhris se amach an dara huair a n'Ath-strachann; agus a mbeagán
seachtmhainídhe do rug leis mórán mílte dá lucht áitribh. Do thuit maithibh
na cathrach leis. An uair is aoirde bhí an aicíd, do fuair thar
chúig chéad do dhaoine bás leis a n'aon lá amháin.



Ag críochnúghadh na bliadhna céadna, do shroich an aicíd go Moscódh; agus do
chuir a chreacha sgannra uathbhásach a n'aigne na ndaoine. 'San ám so na
haindeise agus na bochtaine, do luathaidh Impire na Rúisia chum
cúmp óird agus cóngnamh do mhuintir a rioghachda; agus tar éis fanmhuinn
'na bhfochair gur lagaidh an t-éagcruas, do chas sé ar ais go St. Petersburg
fá luathgháir chum a mhuintire. Anuair do bhí an aicíd ionna lán neart a
Moscódh, do bhí eagla mhór roimpe a St. Petersburg; agus do rinneadh
ollamhaighthe móra chum an teinnis do chosg, nó a laghdúghadh dá ttagach sé;
ach níor tháinigh aon chómharthaidhe dhe chum solais go ceann mórán
áimsire. Ach fé dheire do tháinigh sé, agus ba sgannramhuil a theacht do
mhórán daoine.


L. 2


Do bhris sé amach a St. Petersburg an ceathramhadh lá déag do mhiodhshamh an
tsamhra, 1831. Tráthnóna an lae sin, do bhí sé ráidhte gur ghlac fear leis
na báid trádála an teinnios. Dob' é seo tosach na haicíde, agus do
mhéadaigh sé go ró mhillteach, nó go raibh a léirsgrios an-uathbhásach. Do
bhí gnó agus obair a leataoibh air feadh tamaill. A mórán do na sráidibh, ní
raibh aon nídh le feicsinn ag corruidhe ach sochraidibh; "daoine ag
imtheacht chum a n-adhlacadh," agus beagán, ró bheagán, do lucht caointe a
leanamhuint a ndaoine muintiortha chum an ionaid atá ceapaighthe dá bhfuil
beó.



Tímchioll thosaigh an mhí 'na dhiaigh sin, do luígheadaigh an t-ár, agus aig
deire an mhí do bhí an aicíd nách mór imighthe.



Seághan Cnill, an leanbh 'na bhfuil sgéal a bháis annso, dob'í a aois
anuair sin, trí bliadhna agus aon mhí déag. Do bhí an aicídsi air siúbhal
go feargach annsa chathair air feadh roint laetheanta, ach ní raibh aon eagla
oiruinne ár leinbh féin dá ghlacadh, mar do hínseadh dhúinn gur ameasg na
ndaoine aosda do bhí sí a siúbhal; ach do mhúin an t-eólus dólásach dúinn ó
shoin nár lean sí cineál ná aois thar a chéile. Do leag sí an prionnsa agus an
sglábhuídhe mar a chéile fé a buille marbhthach.



An tráthnóna roimh bhás an leinbh, do chuaidh sé chum suain ionna shláinte
ghnáthach. Anuair tháinigh an aicíd air, do dheaghraidh sí
breith air a chroidhe, agus bheith a luídhe air bhaill a bheatha le breis
buirbeacht gach nóimiont nó gur éag sé. d'fhuaradar a lámha agus a chosa
gan mháill; do sloigeadh a shúile soillseacha siar ionna cheann; do stad a
chuisle nách mór, agus do ghaibh taom laigigheachta a chorp go léir.
Annsa staid anbhfaineach so, d'fheuch sé tímchioll, air a mháthair cheanamhuil
agus air a cháirde le macnas do-insighthe; agus a lár ár n-deóracha, ár
n-osnaidhe, ár n-úrnaighthe, agus gach nídh dho'n tsórt sin,
do tharruing sé an anál dheigheanach. Do buaileadh air maidion é, fuair sé
bás um eadartha, agus do rugadh chum na huagh um thráthnóna é. Marso do
gearradh an bláth síos go hobann. Mar so do chuir an bás a órdughadh féin a
gcrích go héasga. Mar so an'aon lá amháin, do leagadh ár ndóthchus go léir
'na thaobhsan; ach atá dóthchus eile aguinn, do sheasóghaidh go brách.



A cháirde do cháill é, tá míle cuímhne grádhmhar aca air na neithe do rin sé
agus adúbhairt sé; ach atá sé neithe 'a bhfuil


L. 3


muiníghin aguinn iad do bheith tairbheach do dhaoine éigin do léighfeas an
sgéal beag so.



Air ttúis, a chóngnamh, ionna óige, chum na Sgruiptúirídhe Naomhtha do
leathanúghadh, amach.



Ní raibh sé dhá bhliadhain do aois go hiomlán anuair do thuit an rud so
inneósfaidh me, amach.



Do bhí gloineadóir a deasúghadh fuinneoige dhom , agus do bhí Seághan,
agus a dhriotháir, agus a bhanaltra 'na seasamh a feuchainn air. Anuair bhí
an duine go gnóthach ag obair, do bhain an múirnín beag so tarrac as '
aprún, agus adúbhairt leis, "A dhriotháir," (mar isé sin an beannacha
gnáthach ameasg mhuintir na Rúisia,) "A dhriotháir," ar seision, "a
bhféadann tú léigheamh?" Níor chuir an duine aon tsuím annsa leanbh air
ttúis; ach anuair chonairc sé a leanamhuint d'á cháint bheag é, adúbhairt sé
leis an mbanaltra, "An liomsa tá an leanbh so ag cáint?" "iseadh," ar
sisi. "Cad 'deir sé?" Eisd leis," air sisi. Annsan do chuir an
leanbh an cheisd chéadna air airís, "A dhriotháir, a bhféadann tú
léigheamh?" "féadaim, ar san fear. "Bfuil Tiomna Nuadh agad?" ar san
leanbh. "Ní'l," ar seision. Comh luaith is do fuair sé ná raibh aon Tiomna
aig an n-gloiniodóir, do chuaidh sé go dí an seómra 'na rabhadar a gcoimeád
ann, agus do fuair ceann aca, agus do rug chuige é gan mhoill. Anuair a
chonairc an bhanaltra cad do rineadh adúbhairt sí, "A ch-Sheághain, níor
rin tu an gnó 'na cheart; ba chóir duit féin bhéarsa fhághail do'n fhear le
léigheamh." "'Seadh, Seadh," ar seision, agus air iompóghadh na mbilleóg,
do theangmhuidh sé leis an gcómhrádh bríoghmhar so, "Anuair dhéanfaidh tú
úrnaighthe, éirigh isteach ann do sheómra, agus anuair dhúnfaidh tú an
dorrus, guídhig chum t'Athair (air Neamh) atá a n-uaigneas foilighthe; agus
t'Athair do chídheann go foilighthe, bhéara sé luach dhuitsi go follus."
Mat.6.6. "Go deimhin," ar s' an fear, "is iongantach an nídh é seo!"



Do chualaidh an leanbh go minic na ceisdiona so dá gcur air dhaoine do thagadh
chum ár ttighe, ach ní raibh aon tuairim aguinn go ndéanfach sé féin amhla,
gan cómhairle ó dhuine éigin eile. Tasbánann so dhúinn an óigeacht ionna
ttógbhann aosóg an sómplaidhe bhíos tímchioll ortha; agus is féidir do
athaireacha agus do mháthaireacha foghlaim as so cad é sgannramhlacht na
díoluígheachta atá ceangailte ortha.


L. 4


O anuairsin, is iomdha céad do dhaoine do tháinigh chum ár ttighe, cuid aca
ag iaradh leabharaibh, cuid eile ag iaradh éadaigh, agus mar sin; ach ní
cuimhin liom go bhfeacaidh Seághan aon duine aca riamh gan a fhiafruíghe dhá
mháthair nó dhíomsa, "An misde dhom leabhar a thabhairt don duine sin?"
Agus do thugach sé dhóibh, iad go minic gan ár gcead do iaradh.



An lá sul a bhfuair sé bás, do fuair mé bosca, nó ceangaltán, do
leabharaibh Fraincise agus Gearmáine ó an g-Cuideachta a Lúndain, agus ba
cheann dá ghníomhartha déaghnacha cóngnamh do thabhairt dá dhriotháir a
breith na leabhair seo go dí an áit ionnar mhaith liomsa iad a chur.
Atá fuaim na bhfocal adeireach sé am chluasa fós, anuair bhíoch sé ag
déanamh orm le bacala dhíobh, agus a aighidh air lasa le misneach, ag rádh
go gáróideach, Seo, Athair, feuch a ttugaim liom díobh!



Atá muinighin aguinn gach athair agus máthair do léighfidh é seo, go
ndéanfaid imshníomh chum a gcloinne do thabhairt isteach, ionna nóige, air
na slighte threóróghaidh iad chum a bheith úsáideach, chómh maith le bheith
séanmhar agus sonasach. Na neithe do curthar air chuímhne aosóg, is
ró ghnáthach leó bheith doimhinn agus buan-tseasamhach. Gnáthaimh maithe, nó
deigh-bhéasa, cúmtha go hóg, ní féidir a mbúntáisde do mheas air an saoghal
so. A deir guith na heagna, Tabhair an leanbh suas annsa tslígh cheart do
gabháil, agus anuair a bheidh sé aosda ní imtheóghaidh sé uaidh. Ní misde
é seo mheas mar riaghail generálta; agus tasbánann breithniúghadh gach lae
é bheith fírinneach. Dob é ár mian féin, treórúghadh an riaghail seo bheith
aguinn a múineadh ár gcloinne. Dob é mian ár gcroidhe go mbeidís a
gcómhnuídhe a leathanúghadh eóluis Dé; agus anois ó tá Seághan aisdrighthe
ó nár tteagasg lag go dí sgoil is aoirde, atáimídne baodhach do Dhia, go
raibh tosanúghadh déanta aige air mhaith eigin don chine daona.



Ineósfaidh mé an chuma ionna ttugach sé achmusán uaig.



Do bhí Seághan lán do shúgra is do gháróid, agus aigne ana chneasda aige,
ach misneamhuil, dána. Do bhí beirt dritheár aige, ceann dob óige ná
éféin, agus ceann eile ní ba sheine. Do thabharfach sé aon rud do bheach
aige dá dhriotháir óg go hullamh, agus adeireach sé, O Ióseph! níl ann ach
bunóc; ní mór go mbeidh sé aige. Ach do bhíoch arragóint aige


L. 5


go minic leis an ndriotháir ba sheine, attaobh a gcuid bréagáin bheaga,
agus anuair a tuigfídhe do ch-Seághan a dhriotháir a bheith san éagcóir,
a deireach sé go seana-chríona, O a Shamuel! ní thaithnígheann san le Dia,
ní thaithnígheann san le Críost.



Gach aon mhaidion anuair a thagaidís chum briocfaist, adeiridís an t-aithine
seo, Tabhair onóir dod athair agus dod mháthair chum go mbeidh do
laethionta fada air an ttalamh do bheir do Thiarna Dia dhuit. Agus anuair a
chídís a chéile a déana aon rud cóntrálta dhon aithine seo, do chuiridís a
gcuímhne dhá chéile é, dá rádh, Tabhair onóir dod athair agus dod mháthair.



Is dúbhach an smaoineamh, go bhfuil daoine ann, 'na mbíon nách mór gach aon
ghníomh dá mbeatha mí-thaithniomhach do Dhia. Dá mbeach cómhairleach
muíntiortha díleas 'na naice seo, a déarfach sé leó mile uair annsa ló, O, a
dhuine! Ní thaithnígheann san le Dia, - O, a bhean! N thaithnígheann san le
Críost. Agus nách sgannramhuil an rud saoghal comhnuightheach do
chaitheamh a ribilliuntacht an aghaidh ár TTiarna agus ár Slánathóir! A
léaghthóir dhíleas, tásdáil thu fein leis an gceisd seo; fiafruidh dhíot
féin go minic, agus abair, A mbeidh Dia sásda leis an gcuid seo dhom
chúrsa? A mbeidh Críosd sásda leis an gcómhrádh so? A
bhféadfa mé cúntas maith a thabhairt air an ngníomh so a láthair chathaoir
an bhreitheamhantais? Agus má deir do chóinsias leat ná féadfair, - má deir
do bhíobla ná féadfair, - annsan éirighsi as mar chúrsa; cuir uait é; ruith
uaidh mar a rithfeádh ó athair-nimhe. Is sgannramhuil an aicíd an
Cholerá marbus, is sgannramhuil í an phláig, - ach is sgannramhla ná san go
mór peacúghadh anaghaidh Dé, do bhrigh go ndéanfadh san léirsgrios air an
gcorp agus air an anam. Eisd le focail an t-Slánathóra air a bpaointe seo:
"A deirim libh, a cháirde, ná bígídh eaglách roimh an mhuintir do
mharbhuígheas an corp, agus ná féadann níos mó a dhéana 'na dhiagh san. Ach
do bhéara mé forfhógra dhíbh cia roimhe go mbeidh eagla orruibh: Bíoch eagla
orruibh roimh an té úd, go bhfuil cómhacht aige tar-éis (duine) do
mharbhadh, a chaitheamh isteach a n-ifrionn; iseadh, a deirim libh, Bíoch
eagla orruibh roimhe."



Ineósfaidh mé anois, cómhráidhte an leinbh seo, attaobh Críosdaighe d'fhág
an saoghal so.


L. 6


Dob í seo Maighistreás Chapman, do fuair bás cheithre lá roimh an leanbh
múirneach so. Do bhí sí roimhe seo 'na maighistreás air scoil
Lancastérian a g-Canáda. Tímchioll trí bliadhna ó shoin, do tháinidh sí go
St. Petersburg, chum cúram scoile dho'n tsórt chéadna do ghabháil uirthe,
agus do bhí na daoine go ró shásda lé. Do bhí a croidhe tugtha chum
maitheasa na n-aosóg do bhí fé na cúram agus do bhí dóthchus aguinn go
bhfágfach an Tiarna a bhfad í, mar bheannachd dá hoifig tábhachtach; ach do
bhuail an aicíd í, Dé-haoine, an sé-mhadh la fithchiod do
mhiodhshamh an tsamhra; lá sgannramhúil a gcathair Phetersburg; mar atá sé
ráidhte gur 'dir éigin a d'éirigh aon duine amháin as na céadtha do bhuail an
aicíd an lá san. Do mhair sí go dí na ceathair a' chlog lá'r na mháireach,
is annsan d'imthigh sí go rioghacht áthais a Tiarna. d'fág sí deimhniúghadh
ró bhreádh 'na diaigh air ghrádh agus air dhíleasacht Dé. Do bhí cion a
croidhe air a Slánathóir, agus ba mhórluach é ionna meas. Do thug a lámh
agus a chúngnamh cúmpórd di. Tráthnóna an lae chéadna, do cuireadh í annsa
talamh do bhí ceapaighthe d'ó lóm do'n mhuintir do fuair bás leis an
aicíd, agus do cuireadh mo leanbh beag macnaiseach 'na dhiaigh sin 'san
uagh chéadna 'na fochair. Do bhí mé a trácht air an mnaoi dhiadhaithe seo le
muintir mo thíghe; d'éisd Seághan linn, agus tar éis stad go ceann tamaill,
adúbhairt sé liomsa, "Athair," ar seision, "bhfuil Máighisdreás Chapman
marbh?" "Tá, a mhúirnín ," ar sa mise. "Do chuaidh sí go flathamhnas mar
sin, ' Athair." - "Do chuaidh." "Tá sí a bhfochair Chríosd mar sin,
'Athair? - "Tá, a mhúirnín." "O is maith é sin." Ba bhreádh na cómhráidte
iad so ó leanbh fé bhun cheithre bliadhna do aois; ach air a shon san, ní
dóigh liom go raibh aon fhios aige tímchioll chúrsa creidimh. Do rin sé
breithniúghadh dho'n tsórtso go minic le na mháthair, agus le na bhanaltra
diadhaithe, agus air uairibh do thagach sé, agus do chuireach a lámha
tímchioll mo mhuiníl-si, agus a deireadh sé, "Athair, tá grádh agamsa do
Dhia, tá grádh agam do Chríosd; d'imthígheach sé annsan, ag abhrán
leis na focail seo, "A Thiarna, air maidion cloisfidh tú, Mo ghuith ag
éiríghe go hárd." Smaoiníghim air na neithe seo mar nósa maithe amháin;
dob'iad so an síol d'fhásfach suas le grásda Dé, dá maireach sé; ach ní
raibh fhios aige do réir foghlama gur peacach an duine, agus gurrab é
Críost amháin an Slánathóir, níor bhféidir leis an paointe seo do thuigsinn
mar thuigid


L. 7


daoine is seine ná é. Tugaim na neithe seo fá ndeara chum a thasbánadh cad
í a fhaid do théidheann deagh-theagasg agus deagh-shómpla, chum
deagh-thaithíghe agus deagh-shlighte do chur a n-íntinn leinbh; agus isí mo
ghuídhe, gach athair agus máthair do léighfidh é seo, go mbraithfid siad breis
spreagtha chum síl maith a chur a n-íntinn a gcloinne, sul a ttógaidh aon
droch chleachda préumh ionnta. A Athaireacha agus a Mháthaireacha!
cuimhníghidh gur mó is fiú aon deaghsmaoineamh amháin do chur a gcroidhe bhúr
leanbh, ná dá bhfaghach sibh poll mianaigh óir. Ní féidir le haon duine
smaoineamh cad iad na beannachdaighe b'fhéidir a thiocfadh as, annsa
tsaoghal so agus annsa tsaoghal atá le teacht.



An nídh déigheanach do chuirfidh mé síos a ttaobh an leinbh múirnigh seo,



An tslígh ionnar iompaigh aireachas ghrasdamhuil Dé cinneamhuinn a bháis
chum adhbhar tabharthais ró bheannaighthe do ógánach bhi láithreach a n-ám a
chruadh-phianta déigheanacha. An tráthnóna sul a bhfuair sé bás, do bhí
beirt daoine muintiortha ionnár bhfochair, duine aca ó Americá, agus
duine eile ó Shacsona. Air a ndul chum codlata, do tháinigh Seaghan beag
agus do phóg a chara ó Americá, agus, ar seisean, le fáth an gháire,
"Oídhche Mhaith dhuit, a chara dhíleas." Is annsan do chroith sé lámha leis
an nduine uasal eile. Ní fheacadar níos mó é nó gur bhuail an aicíd é.
Anuair tháinigh an sgéala go raibh an teinnios air, do bhíomairne a' faire
tímchioll leabthan a dhriothár Ióseph, do bhí ag fághail bháis feadh na
hoídhche roimhe sin, ach annsan do bhí riachdanas le díthchioll ár gcónganta
do ch-Seághan bhocht; dá bhrígh sin do fágbhadh mise abhfochair an leinbh
do bhí a' fághail bháis, chum a bhéil sgólta do fhliochadh, faid is do bhí a
mháthair agus na seirbhísigh ag ruith go dí Seághan. Anuair chonairc ár
n-ógánach muintiortha go raibh an leanbh go ró bhuartha le neart pian, do
shuigh sé síos le hais na leabthan, agus do thug cóngnamh air feadh tamaill
chum a chosa agus a láma do chimilt, annsan do rith sé go dí tigh an
phoitigéaruídhe ag iaradh leighis, ach air a chasadh dho, do fuair sé ná raibh
maith aig aon leighios le déanadh; do bhí an critheán agus na pianta
stadaighthe, ní raibh an croidhe ag bualadh ní siadh; do bhí spirid ár
múirnín imighthe!



Do tharruing obantacht a bháis uathbhás agus sgeón. Do bhí an radharc
sgannramhuil go deimhin; an turrainn do thug sé


L. 8


dhúinn go léir, ní féidir 'ínsinn. Uime an ám so do tháinigh ár gcara óg
thar nais, agus do chuaidh an radharc do chonairc sé chómh doimhinn sin air
a chroidhe go ndéigh sé isteach ionna sheómra, agus gur dhún sé an dorrus,
agus do ghlaodhaig go hárd air Dhia agus air an Slánathóir, ag iaradh na
grásda agus na trócaire nár iar sé ó chroidhe riamh roimhe sin.



Ineósfaidh mé na focail adúbhairt sé féin liom an uair dhéigheanach nách mór
sul ar fhág sé an dúthadh so: "O! A chara," ar seison, "an lá fuair do
leanbh bás, beidh sé 'na lá le cimeád am chuímhne-si go brách. Déanfaidh sé
cómhaireamh lae nuadh ann mo bheatha. Feuchfaidh mé thar n'ais chuige mar
an ám ionar rin mé tosach dá ríre tímchioll churam m'anama.



Do chonairc mé go minic roimhe seo tábhachd an chreidimh, ach an lá ud, do
bhraith mé a dhianriachdanas. Do tóigead me ameasg dhaoine dhiadhaithe,
do léighidh mé, do chonairc mé, agus chuala mé mórán timchioll creidimh, ach
níor bhraith mé riamh é, go dí an lá úd. Ba gheur an obair agamsa í seo; go
deimhin do tháinigh eagla Dé orm go tróm. Dúbhairt mé liom féin, ná'r
mhí-chosamhuil go sgiobfaidhe as an saoghal me hobann le Seaghan beag, is
annsan cionus do bheidh mé? - cá mbéarfar me? - Ní'l aon dóthchus agam - Ní
chaithfidh mé bheith a' déanadh neimhnídh dhe ní siadh. Annsan do loirg mé áit
uaigneach; Do chuaidh mé isteach ad sheómra-sa, agus d'fhan mé annsan
tímchioll le dhá uair a' chloig, agus atá súil agam go raibh mé fírinneach
ag iaradh trócaire air an TTiarna, agus a'm thabhairt féin suas chum bheith
am sheirbhíseach aige go brách."



O Cad é doimhneacht an tsaidhbhris atá a n-eagna agus a n-eólus Dé! Cad é
do-chuardaightheacht a bhreitheamhnais, agus a shlighte ní féidir a
bhfághail amach! Do bhímís ag guídhe cómhuightheach d'ár leanbh, ach níor
iaramair riamh saidhbhrios, ná onóir, ná gradam saoghalta dho. Dob' é ár
n-athchuiníghe chum Dé, é bheith, air nós Eoin Baísde, "mór a radharc an
Tiarna" agus ábalta air "mhórán do'n dreám neamh-úmhal do iómpóghadh chum
eagnaidheachta na bhfíoraon:" agus táimíd chómh déimhnightheach sin do'n
mhór-luach is fiú anam duine, go madh ghlórmhar an phríléid linn, súd is go
gcaithfeach sé saoghal fada le dian-sglábhuídheacht, ach go bhfaigheach sé
uiriod is aon pheacach amháin do thabhairt chum


L. 9


Iosa Críost. O! Cad é an cúmpórd d'ár spirid buartha 'bheith ceadaghthe
chum dóthchuis a choimeád a ttaobh oibre chó glórmhar le tabhairt peacaigh
chum Iosa, - gur rinneadh a bhrosdúghadh a n-aon tslíghe le luath-bhás an
leinbh seo. Bíodhach an ghlóire agus an moladh aige Dia go brách. Amen.



Is sgannramhuil an sgéal, go bhfuil mílte do dhaoine a' maireachtainn gach
lá mar an ógánach úd adúbhramair, gan aon imshníomh aca ionna nanam
mórluach, agus cé go bhfuil fhios aca féin iad a bheith failítheach annsa
bpaointe mór-thábhachtach so, fós leanaid siad do'n fhailíth chéadna, ag cur
cúram a nanama air gcúl nó go mbíon sé ró dhéaghnach. Is millteach an
dithcéille é seo! Dob' fhéidir go léighfidh daoine an leabhar beag so -
daoine óga agus aosda, atá annsa staid chéadna so; ní'l siad ullamh chum
teangmhála air a m-Breitheamh; ní'l fhios aca cad é beannaightheacht an
duine 'na mbíon a pheacaidhe maith-te dho; ní'l creidiomh ceart aca annsa
t-Slánathóir, agus dá bhrígh sin, ní bhfuairiodar síothcháin a dhéanadh le Dia
trídh ár TTiarna Iosa Críost; agus an féidir aon chás a bheith ní's
sgannramhla ná so?



A léightheoir dhíleas, cuir a gcás annsa staid neamh-ullamhaighthe seo, go
ttiocfach mí-ádh éigin ort do sgiobfach as an saoghal thu go hobann. O cad
í an chrích a leanfach thu 'na dhiagh san? - Dob' é an sgannra a insinn!
Tá fhios aguinn an uair gheibhid bunóca beaga bás, go mbíd siad sonaidhe;
ach is mór an deifrígheacht atá a gcás fir nó mná d'fhághail bháis: ní mór
dhuinn ionna ttaobh sin, deimhin d'fhághail go raibh aithreachas a bpeacaidh
ortha, agus creidiomh aca, sul a féidir dóthchus a slánaighthe bheith aguinn;
agus cá mbeitheása mar sin? Uch! do fágfaighe thu gan chara, gan chúngna,
gan dóthchus. Dá bhrigh sin, éisd, O éisd le guith an charadais, ná déin
moill nóimint eile; bíodhach, ó'n lá so amach, obair mhór an chreidimh 'na
cúram thar gach nídh eile ad bheatha. Greamaigh slánúghadh t'anama, nó
beidh tú caillte; atá an slánúghadh sin tairgthe dhuit go saor; do tháinigh
Iosa Críost air an saoghal chum peacaigh do shábháil; ní chaitheann sé amach
aon duine do thagann chuige. O machtnaidh air cháil agus air obair Chríost;
breithnigh riachdanas agus oireamhuinn an chúitimh do rin sé; gabhaigidh
chughaibh an Slánathóir beannaighthe seo; tugaidh bhur nanamnacha suas do,
ceanglaidh go daingean de, creidighidh ann, agus beidh sibh sábháilte.


L. 10


Fé dheire, iaraim a nathchuinígh orraibh gan bhúr leas a chur air cáirde a
ttaobh na síorruídheachta. Dob' fhéidir go ttiocfadh teinnios eigin
orruibh go hobann; ní bheidh aon aimsir le spáráil aguibh annsan; dá bhrígh
sin anois, bíoch bhúr gcreasa tímchioll bhúr gcoím, agus bhúr soillse air
lasadh, agus bídhidh féin mar dhaoine atá ag feitheamh air a TTiarna, air nós
anuair thiocfadh sé agus bhuailfeadh sé an dorrus, go noscalóghaidís do gan
mhoill. Is beannaighthe na seirbhísigh do gheobhaidh an Tiarna ag faire
anuair thiocfaidh sé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services