Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Carn Tighearnaigh

Title
Carn Tighearnaigh
Author(s)
Ó Briain, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1810
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1. A LANNSA THAIDHG.



Nuair scríobh Diarmuid Mac Seáin Bhuidhe Mac Carrthaigh
an rann san "Cladhaire Iasachta, srl." ag cur síos ar
Dhochtúir Whaley, do chuir "Carn Tighearnaigh" bonnlása,
nó órnáid leis (? A.D. 1689).



Diarmuid:



Cladhaire iasachta stiallas a bhéarsaí is dóigh
Chuir leaghadh Dia orainn i mbliadhna le taomaíbh sceóil;
In aghaidh pian-bhroide Dhiarmuda i ngéar-scíos bróin
Is Tadhg stiallfas an giall age Whaley fós.



Bonnlása ó "Carn Tighearnaigh."



A lannsa Thaidhg má's deimhin go mairir-se
Beir anall, tá an samhradh ag gairm ort;
Déin ar th'aghaidh is aghaidh do thapa leat
Is ceartuigh an chiach so ar Dhiarmuid ghreannamhar.



Féach an cás 'n-a dtárla Banba,
Ar díth shuain 'n-a cír thuathail airgthe;
Síol Éireann gan aonchion beathadh aca;
Díol truaighe is druim ruaigthe ar an eaglais.



Ní bhfuil easpog árd ná bráthair beannuighthe,
Gárdian ná bhárdian ná airchinneach,
Deagánach ná biocáire acmhaingeach
Ag stiúrughadh an tréad i mbéal na ngallachon.



Mallacht Dé don té fé ndeara san,
Mallacht na naomh agus na n-aingeal dó;
Mallacht an Phápa agus na heagailse
'S mo mhallacht féin ó phéic an Chairn dó.



Whaley fallsa cangcrach cealgach,
Fadharcaidhe ná foidhnigheann an tAifreann,
Is é do rinn draomach damanta
Bréagach meabhlach meallta malluighthe.


L. 9


Is leis do cáineadh bláth na Banba;
Is é do thionnscain spiúnadh mainistreach;
Is é nár fhág acht fásach fada againn
Mar a mbíodh órd is guidhe agus aifrinn.



Ní bhfuil de shúil le cúiteach againn-na
Acht Tadhg na Stiall do thriall tar fairrge;
Tá Diarmuid fá Dhia mar thaca againn
Go mbeidh a rian ar ghiall an allmhuraigh.



Is mun' dtí Taidhg ag leigheas ár ngalair-na
Ag casadh ár gclú, gan chúis do chailleamair,
Maithim féin don tsaogal mhalartach
Is gabhaim Dia mar liaigh ar m'atuirse.



Leaghadh an chubhair ar a ndruim úd do choill ár nead
'S do chuir mí-chlú ár ndeagh-dhútha síos ar fad;
Má's traotúireacht do thuill dúinn-na claidheamh is gad
Traotúir ar thraotúir ní hoidhre ceart.



2. COIS LEASA IS ME GO HUAIGNEACH
DO CHUALA CORRUIGHE.
(?A.D. 1690)
(Ó Murch. vi, 136).



Cois leasa is me go huaigneach do chuala corruighe
Is do chonnarc-sa an spéir-bhean bhreágh bhéasach 'n-a
suidhe,
A basa dá léasadh 's a méara dá snoighe
Is a déara le géire ag baint scéimhe dá gnaoi.


L. 10


Léig feasta 'et ghéar-ghol, a phéarla an chúil duinn
Sin chughat do chéile go faobhrach tar tuinn
An cúl trupach dréimreach is faobhar air chum siege
'S siné an treas Séamus againn in Éirinn 'n-a rígh.



An Ceangal:
Atáid na Géanna Fiadhaine go buaidheartha is iad ag
gluaiseacht go tláth
Ag siubhal ar na cuanta ag cur tuairisc na mbád;
Má chortar go luath iad is dual dóibh sin snámh
Is an ghaoth seo anoir dtuaidh libh dbhur bhfuadach don
Spáinn!



3. CUIMHIN, A LEABHAIR GHIL GHRAFANTA.
(23 E 15, 217)



An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. (? A.D. 1690) ag cur
a bheannachtan chum Toirdealbhach Ó Briain go dútha Aradh
i leabhar gheinealaigh Shíl mBriain do fuair ar iasacht ón
bhfear gcéadna ag ar fhan an leabhar mar shéad-chómhartha.



Cuimhin, a leabhair ghil ghrafanta thaithigheas cliar
Le suidhtar dearbhtha seanchas ghlan-tsíl mBriain,
I gcríochaibh Aradh nuair stadfair ar hallaíbh triath
Mo mhíle beannacht do thabhairt do Mhac Uí Bhriain.



An cuibhreann beannacht so tabhair gan faillighe iad
Dá mhnaoi mhaith mharthannaigh mheasardha is flaithchroidheach
fial,
Bíodh gur d'ealtaibh na Saxan do haithrigheadh iad
Is Gaoidhlach fairsing glan scaipeas gan cheasnaí an biadh.



Scaoil an ghasra bheannacht so ar ghlan-chloinn Bhriain
Síolrach sleachta na n-athrach do ghaibh ríoghacht cian
Do dhíbir danair ó sheasamh na machaí gcriadh
I mbruighin Muighe Tarbh 'n-ar marbhadh mac ríogh is Brian.


L. 11


Mo dhíth má maireann an faraire flaith-chroidheach fial
Do dhíonadh Barraigh ón lasair 'n-a ngreadfaidhe iad,
Do dhíonadh maise agus maitheas do Mhac Uí Bhriain,
I luing na Saxan gur cailleadh le calaois iad!



Is guirt ghéar liom sliocht Éibhir araid gan ríoghacht,
Is guirt ghéar liom a gcuid d'Éirinn ag gallaibh 's a gcíos,
Is guirt ghéar liom an fairfhéad so ar eaglais Chríost,
Is guirt ghéar liom Toirdéalbhach marbh sa luing!



4. AR BHÁS DHONNCHAIDH UÍ BHRIAIN,
A.D. 1690.
(23 G 24, 445).



Toirrcheas léin liom éag na mborb-ríogh bhfial
Do chosnaimh a gcraobh ar éigceart coigchríoch riamh,
Do bhronnadh ar éigse éadach costas slighe is biadh,
Is is follamh liom Éire in éagmuis Dhonnchadh Uí Bhriain.



Mo dhíth mo dheacair an scaipe seo ar ghlan-tsíol mBriain
Sinsear sleachta na n-athrach do ghaibh ríoghacht cian
Do dhíbir danair ó chasnamh na machaí gcriadh
I mbruighin Mhuighe Tarbh 'n-ar marbhadh mac ríogh is iad.



Mo dhíth ná maireann an faraire flaith ghroidhe fial
Ler díonadh Barraigh le lasair le a ngreadfaidhe a gcliabh
Do dhíonfadh maitheas is maise do Mhac Uí Bhriain
I luing na Sacsan gur cailleadh le cleasaidheacht iad.



("The Breda" ainm an árthaigh do séideadh ag gallaibh
láimh le hInis Píc i gcuan Chorcaighe, nuair a ghaibh The Duke
of Marlboro' an chathair, i mbliadhain a 1690).



(Féach mar an gcéadna an iarracht san uimhir a 3 - do dheallróghadh
an scéal go bhfuil an dá nídh meascaithe).


L. 12


5. ADHMHOLADH AR PHÁRLAIMINT NA MBAN.
An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. don Athair Domhnall
Ó Colmáin, sagart Chnuic Rátha.



(23 B 36, 347; 23 I 17, 39).



Mo theastas ar an leabhar so na laoithe lán
Aitheanta na n-athrach do b'aoirde cáil,
Muna b'aisling an eachtra so scríobhas an fháidh
Gur beannuighthe an chaibidil a suidhid na mná.



Cé chreachadar i bParrthas ár sinsear Ádhamh,
Is gur scaipeadar fé scamallaibh ár líne ar lár,
Má's dearbhtha go bhfreagraid i ngníomhrtha an pháir
Gan amhras do chasadar fá dhlighe na ngrás.



Cé fada don ghasra síos mar táid
Ag sracaireacht an airgid 's a dhíol ar chách,
Níl aca-san i Saxana ná in Ínse Fáil
Canamhain is measardha 'ná dlighe na ndámh.



Da dtagraidh an tAradmhach mo ghuidhe go bhfághainn
Níor bh'aithreach don eagnach ó thaoibh Chnuic Ráth'
Tearman mo Chairn ghil guidhim go hárd
Is go bhfaicinn-se 'san eaglais arís an lá.



Cé dóigh le Bródraic bheith lán de dhlighe
Is gur córach a chómhairle nó a rádh sa tír,
Dar an fheórainn ní heól dam go dtáinig díobh
Cómhairleach mar Dhomhnall i ráidhtibh grinn.



Molaim-se a Dhomhnaill glórtha caoin do ghuib,
Is molfaid thú fós in eólas saoithe suilt,
Molaim do ghnó 's badh chóir a scríobhadh i bproint
Molfaid síol Eoghain Mhóir is críche Luirc.


L. 13


B 1696 17D
6. IS CRÉACHT TINN BHOCHT BHEIR FAGHARTHA.
An tAthair Conchubhar Ó Briain cct., A.D. 1696, ar bhás an
Athar Feidhlim Mac Carrthaigh, mac Thaidhg an Dúna.



(23 E 16,403; Ó Murchadha v,225; Egerton 158,30b).



Is créacht tinn bhocht bheir faghartha mo shúil-se ag bleacht
An scéal gheibhim-se má's deimhneach beid úird gan
rath,
Ré is railltean ní shoillsid a lonnradh ceart
Má's faon Feidhlim mac Thaidhg ghil an Dúna i bhfeart.



An feart 'n-a dtárla an t-árd-fhlaith socair ciallmhar
'S an sagart cáidh-ghlic fáilteach focail-dhiadha
Canfar gáir, 's is árd ba clos i gciantaibh
Is meathfidh bláth ar thárr gach lonnair ghrianda.



Díoghras na saoithe agus grádh na bhflaith
Má síneadh fá líogaibh gan fagháil tar ais
Ná caoineadh neach díbh-se gur bás dó bhain
Acht Íosa dá dhíon leis go hárd ar Neamh.



Is neamh-charthannach do bhraithim-se na fáidhe thiar
Cé hacmhaingeach i labhairt is i ndántaibh iad
Ar chailleamhaint an Charrathaigh re bárr na gcliar
Nár chlaiseamair go hatuirseach a ngártha i gcian.



Is cian liom taisteal an tsagairt i gcill tar lear,
An diadhaire feasach i dteangain na saoithe sean,
An gliadhaire gasta do cailleadh ar scríobh na n-acht
Do b'fhialmhar fairsing ag tabhairt 's ag síneadh an fhliath.



Flatha Fáil is casmhar brónach bíd
Is dearca feádha ag mnáibh le deóra caoidhe,
Is tearc atáid le spás gach sógh sa tír
Ó leag an bás an Cárrthach cródha i gcill.


L. 14


I gcill nach dearóil tionól saoithe saith
Gach taodhm dobróin oilc-gheóin caoidh agus ceast,
Feidhlim fleadh-óil cheannóghadh laoithe lear
Gaol Uí Eidirsceóil thanóghadh bíodhbha i dtreas.



I dtreasaibh goile níor coilleadh an fhíor-fhlaith áigh
Ba neartmhar cuisle 's nár mhinic i mbruighin ar sráid,
Is glan do thuigeadh an crutaire an draoi 's an dáimh,
Reachta na righthe 's a ngeineal do scríobh go hÁdhamh.



Ó Ádhamh gach fine do hoileadh go túrnadh Traoi,
Is gach sár-chath nimhe dar chuireadar úr-mhic Phrím,
Gach pár glan tuigsiona scribheadar úird is naoimh
An árd-fhlaith thuigeadh 's is milis do scrúdadh díbh.



Díbh-se is measa, a mharcra láidir thiar,
An tsaoi ghlan marbh fé leacaibh in áras criadh,
Gaol na nGearaltach neartmhar nár stán i ngliaidh,
Righthe Chaisil, fir Ealla, is Mac Cárrtha Riabhach.



Riabhach an bheart gach dreas ó Laoi go Máigh,
Is ní cian go meathfaid flatha críche Fáil,
Níl iasc ar eas ná breac 'san mBríd le spás
Ó hiadhadh san bhfeart i nglas an rí-bhuinneán.



Buinneán is uchlán 's is tinn do chléir,
Coileán ba cheann-árd de dheigh-threibh Gaedhal,
Comrád dó in aon áit ní bhfaghainn ar chéill
M'uchlán-sa an t-anádh dam deimhin an scéil.



Scéal gheibhim-se mar dheimhnid do dhubhaidh mo dhreach
Céim foillsightheach Feidhlim an Dúna ag meath,
Tréan-oidhre Coillte agus Cúirte Geal
Scéal deimhneach bheir faghartha mo shúil-se ag bleacht.


L. 15


B 1702 18T
7. CRUAIDH AN CÁS.



Nuair do dhíbir Galla-fóirne Eóin Baiste Mac Sleighne,
easpog Chorcaighe, Chluana is Ruis, i luing bhig shuaraigh
an loch amach ó Chuan Chorcaighe, i mbliadhain a 1702.



(Ó Reannacháin 81, 44; Ó Murchadha xii, 309).



Cruaidh an cás 'na dtárla Banba i bpéin
I nguaiseacht bháis gan fagháil ar atharrach scéil
Acht ruathar námhad fá n-a ballaibh go léir
Is ruaig an bháis tar sáile ar eaglais Dé.



Monuar, níor fágadh árd-fhlaith againn den chléir
Do bhuailfeadh lámh ar chách dá gceapadh don tréad;
Is níl tuairisc bráthar beárrtha againn sa réim
Chum cuain gan chárnadh ag trácht fá dhainid i gcéin.



Is muar gur feárr an cás 'n-a bhfeicim an séin
Má's tuas do chách ar gcáirde sagart an tréad
Ní buan san áit seo a gceárd má's dearbh an scéal
Tar uair an bháis gan trácht ar Aifreann Dé.



8. IS FÁLTA AN TEASTAS.



Ar éag don bhFalartha Ghorm .i. capall Dhiarmuid Mhic
Sheáin Bhuidhe ceann dámhscoile na Blárnan (A.D. 1703).



(23 G 20, 170; 23 N 32; Ó M. X, 277).
Do scríobh Diarmuid féin an chéad iarracht ar bhás na lárach
san .i. "Caoinfe mise m'fhalartha" (40 líne); annsan
do cheap Donnchadh Ó Murchadha an Phuisín freagra .i.
"Mh'atuirse is doiligh liom cloistin do phíonóis-se"
(12 líne) agus do scríobh Diarmuid arís "Cé cian me
dubhach le cumha" (16 líne); do scríobh Seán Mac Cormaic
.i. "Fear One Súl" .i. Registrar na Cúirte, "Dia let


L. 16


ghlúin, a rúin is a shearc na saoithe" (20 líne) agus do
cheap Diarmuid 16 líne mar fhreagra air-sean "Cé tinn
le sealad me, im shean-duine lán de chiach." Is annsan
do cheap Liam Mac Cuirteáin an Dúna 16 líne ar an
adhbhar chéadna .i. "Is truagh líom scéal éachtach mo charad
uaisle" agus do chuir leis sin rann bhreise; do rinne
Diarmuid dhá rann eile "A fhiail-fhir mhúinte, a thionnscain
réidhteach ceast" agus thug san rann eile ó Liam "A
shuairc-fhir ealadhan dheachtuigheann briathra suilt" rud a
thug rann eile ó Dhiarmuid "Ár gcuraidhe tréana léirscrios
uainn tar sáil" agus siné an uair a cheap an
tAthair Conchubhar Ó Briain ("Carn Tighearnaigh") an
dathad líne seo im dhiaidh. Trí ranna ó Éamonn de bhFál
a tháinig i bhfíor-dheire an scéil - tá an t-iomlán le fagháil
in "Amhráin Dhiarmada Mac Seáin Bhuidhe Mac Cárrthaigh,"
leabhar dar chuir Torna in eagar i mbliadhain a 1916.



B 1703 18T
Is fálta an teastas ar charthannacht iarthair Luirc
Is go bráth ar phearsanaibh eagailse biaidh 'n-a ghuith,
In áit na Falartha ar faithche ná hiarradh spuir
Gan sáir-each greanta do thabhairt do ghliadhaire an tsuilt.



Níor chás dam a aithne ar chaibidil Dhiarmuda
Gur bh'fhánach eatortha an aicme do riaradh truip,
Clann Chárrthaigh Chaisil, mo dhainid, i gcian tar muir
Fáth na ceasta fá ndeara dhó triall 'n-a chois.



Mar bhárr ar leagadh 's ar leathadh na dtriatha san
'N-a n-áit ní fhaicim acht fleascaigh is fiadh-bhodaigh,
Is an Bhlárna mhaiseach 'n-ar chleachtaitheach cliara i gcion
'N-a fásach ceannaigh á stracadh aca siar is soir.



Ní nár dot shamhail-se feasta gan rian gan rith
Gan áird gan aiteas gan amharc, ar liathadh an fhuilt,
Is ní nár dot phearsain cér phearsanta an gliadhaire sibh
Beith fánach feacach ar talamh, nó fiar gan fuil.



Is dána an mhaise dhuit seasamh i ndiaidh do luit,
Gan trácht ná taisce, gan talamh ná tighearna agaibh;
Is mar bhárr ar eascaine an tseanchaidh thiar gur thuit
Smál an eallaigh ar Fhalartha Dhiarmuda!


L. 17


Mo lámh! dá gclaiseadh an faraire fial so abhfus
Tásc na Falartha is marbhnadh an riadaire
Dáth de Barra go gcaithfeadh dul siar 'n-a rith
Le sáith an easpuig de chapall chum Diarmuda.



Má's dainid má's dochar má's doiligh má's tinn libh-se
An Fhalartha Ghorm fá chonaibh 'n-a luing bhriste,
Is marg don ollamh nár chosain na gadhair uirthi
Is go meastar le Solamh nách moladh go hadhlacan!



Is mairg do Dhonnchadh mholas go bladhmannach
An Fhalartha Ghorm nár coireadh i gcoill ná i gcnoc,
Nách faire do bhrostuigh 'n-a fochair go feidhmeannach
Ar eagla a croicinn do stolladh gan adhlacain.



Is mairg don ollamh so im fhochair le ndeimhnighthear
Gur capall gan fochall an bonnaire boinn-leathan,
Nár cheannuigh ón gclogaire i gCorcaigh a creidhill do bhain
Le gairm an phobhail fá chlochaibh dá hadhlacain!



Fear one-súl go brúighte is Diarmuid fann
Is at i nglúin an ughdair bhiadhthas greann,
Is gan acht súil le siubhal an Iarla anall
Is measa súd 'ná an trú ag an bhfiach san ghleann.



9. TÁ AN BHLIADHAIN AG TEACHT LE CALM-THRÁTH
CHUGAINN.



Nuair do cuireadh re hAcht an Phárlaimint ó mhionna chum
na hEagailse, A.D. 1709, agus iar scríobhadh na ceathramhan
so ag Muiris múinte Ó hEachthigheirnn:



(23 E 15, 216; 23 I 26, 95; A iv 2, 90).



B 1709c 18T

U 0201
"A Dhia na bhfeart fuair peannaid páis is broid
Tug iasc ar easaibh, teacht is trághadh ar muir,
Ár gcliar beir leat nó an glas atá ortha bris
Ó hiadhadh a gclab le hAcht an Phárlaimint."


L. 18


U 0097
Tá an bhliadhain ag teacht le calm-thráth chugainn -
Bliadhain do gheallas ceart is cáil cothruim,
Bliadhain do leagfas reacht an Phárlaimint
Ár gcliar do bhasc ó ar na Sácraimint.



Dá dtrialladh feasta an fear san d'áirithe
Ag riar na Breatan - beart na fáistine -
Bheadh an chliar so ag leathadh a gclab go gáiriteach
'S is dian bheadh laiste ar chlab an Phárlaimint!



Mar stiall an t-aingeal nasc an árd-aspoil
Nó an gliadhaire samh, gach spar is lán-gheata,
Níl giabhann glas ná trap dá ndeárnadar
Ná stiallfa mac na flatha, an rábaire.



Cé heasbhathach ár n-eaglais fé dhian-dlighe gall,
Is gur achtadar na hallmharaigh ár gcliar fí gheall,
Geallaim duit nách fada bheid 'n-a dtighearnaíbh teann
Is gur gairid bheidh an tAifreann fé chiarsaíbh ceall.



10. DON ATHAIR CONCHUBHAR Ó BRIAIN.
Eóin Ó Callanáin, an liaigh, cct. (?A.D. 1709).
(23 E 15, 216; 23 I 26, 95; A iv 2, 90).



B 1700obc 18T
U 0124
A ghrian-fhir ghartha ghasta gháiritigh
Dfhuil Bhriain na gcreath do cheartuigh Fáil-inis,
Mo chiach do chantain chneasta chráibhtheach shuilt
Ag triall dom ghar gan tapa acht ráidhteachas!



Muna dtrialla Mac dil flatha an árd-fhlaithis
Ag riar na mbeart 'n-ár measc i dtráth anois,
Níl ciall a mheas go bhfaicfeam lá cothruim,
Biam mar spreas go teacht don bhráth chugainn!


L. 19


Gach bliadhain ag teacht is measa atá againn
Is ár gcliar gan chealla acht bagar báis is broid,
'N-a ndiaidh gach seal go gcaithfid trácht tar muir
Le riagail reachtmhar Achta an Phárlimint!



Gídh fíochmhar seal Laoiseach i gcogadh na stiall
Ag sír-ghreadadh ar tíorthaibh le foirtille dhian,
Níor shíleas go stríocfadh an grogaire liath
Gan taoiseach na nGaoidheal nglan i gcothrom Dia.



Do chím feasta críochnuighthe an donas go dian
Na ríoghachta ar fad síoluighthe i ngoradh na ngliadh
Is gan aoinne den ríoghraidh sin Chonaire is Bhriain
Ar slighe teacht chum tíre acht 'n-a mbochtaibh i gcian!



Is an fuighlach beag cnaoidhte atá ag cosnamh na n-iath
'N-a gcaoiribh fá fhaoil-chonaibh coscartha i gciach
Is fá dhaoirse gan scaoileadh go soichid an sliabh,
Mo ghuidhe leat go dtígh sin 's a mholadh le Dia!



11. BA MHUAR AN MUIREARACH FUINNEAMHAIL
FÁILTEACH FIAL.



An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. ar bhás Sheáin Uí Bhriain,
a dhearbhráthair féin, d'éag 1718, agus do cuireadh i mBriach.



(23 G 25, 338).
B 1718c 18T
U 0097
Ba mhuar an muirearach fuinneamhail fáilteach fial
Uasal oinigh i dtighthibh 's i dtábhairne riamh
Gan chruas gan cheisneamh gan chrithir gan cháim gan chiach
Is ba shuairc an siollaire i gcuideachtain Seán Ó Briain.



Atáid maithe na tíre ag caoineadh Sheáin go cruaidh -
Barraigh na saoithe is síolrach Dháil gCais Tuadhmhan,
De ghallaibh níl puínn sa tír ná sáir-fhear suairc
Nách dainid ó chroidhe leis fínis Sheáin 'san uaigh.


L. 20


Na bailte 'n-a mbíodh a ghaoilta táid fé ghruaim
Is na bailte 'n-ar figheadh a shinsear láimh le Cuan,
Na bailte 'n-a thimcheall scaoilid gártha im chluais
Fé thearmon Bríde ó síneadh Seán 'san uaigh!



Atá Carn na saoithe tríd go cásmhar duairc
Is ní maise don Mhaoilinn aoibhinn áluinn suain,
Níl caise ar an mBríd nár fhill an tráigh magcuaird
Is tá galar fám chlí ná díbrid leágha ar bith uaim.



12. NUAIR BHÍM-SE MAIDEAN EARRAIGH d'ÉIS
MO SHUAIN.



Rann molta ar dhútha an Bharraigh Mhóir - dútha a shíneann
ón gCarn Gheal, ó dheas go béal chuain Eóghain Mhóir
(Cuan Chorcaighe).



(Ó Murchadha vii, 136).



B 1700c 18T
Nuair bhím-se maidean Earraigh d'éis mo shuain
Suidhim go deas ar Charn tSéamuis tuas,
Chím an barc ag teacht go béal an chuain
Scaoilim fead ar fad go Béilic uaim.



13. MÁ'S Í AN TÍR MÁ'S Í AN TREABH.



Eoin Ó Callanáin cct. ag labhairt ar son Cairbreach,
nuair do mhol an tAthair Conchubhar Ó Briain dútha an
Bharraigh Mhóir. Is follus nár thaitin le hEóin an tAthair
Conchubhar do bheith ag sár-mholadh Barracha! Ba bhreághtha
de dhútha Cairbre, dar leis-sean. Is cosmhail gur tráth
éigin roimh 1700 do ceapadh na ranna san, mar do bhí
Eoin Ó Callanáin ar leabaidh a bháis 1700.



(23 E 15, 243).



U 0124
Má's í an tír má's í an treabh
Ó Bhreatain úir na rinn-dtreallamh
Ghlacas tusa mar bharr céime
Le linn cosnaimh a gcaithréime,


L. 21


Gabh uaim-se an freagra fíor -
Do gheabhair é 's ní gan tathaoir;
Fada suas ót rádh nach feasach
Árd-fhlatha críche Cairbreach.



Dá mbadh Brian tu, a chléir chneasta
Do b'iongna liom an dáil nách forasta
Do dhaor-labhair i bhréithir mir
In aghaidh shaor-chlann Éibhir.



U 0097
14. GÍDH GURAB UACHTRACH CAIRBRIGH TÍR.
An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. ar chéim na mBarrach.



(23 M 14, 322).
Gídh gurab uachtrach Cairbrigh tír
'S gur mór a dtigheas a réim 's a stór
Is follus dá saoithibh gan bhéim
Gurab aoirde céim na mBarrach Mór.



Bíocain trí dtíortha gan onn
Tighearnaí seanda i gcríochaibh Chuinn
Iarla oirdheirc abhfus is tall
Fear cosanta an chongcais dá chluinn.



Má's maise colna glóire an cheinn
Má's maise crainn a bhuinne, a bhláth
Má's maise tíre clú agus céim
Gradam an tighearna 's a chaithréim.



Fuireann óir i dtáiplis úir
Triaithe Barrach ag áitiughadh
Na gcríoch san uaisle rath
'S gan puinn uatha dá n-eachradh.


L. 22


Mar d'órduigh an patriarc dá mhac
Drúcht na maidne ar thalamh tuar
Toradh crann le sochar tréad
Mil is céir is cruithneacht cruach
An bheannacht san do lean go beacht
Clann Israéil mar oidhreacht.



Iomdha cúirt is caisleán geal
Garbhán glas is gleann árd
Iomdha cnocán aoibhinn árd
Ó Charn Tighearna don Oileán;



Iomdha file greannmhar géar
Fleascach téad is saoi le dán
Ó Ráth an Uisce an tSeandúin tiar
Go Cluain Molt le riarthar dáimh;



Iomdha páirc gheal fhairsing úr
Mar a mbíodh go súgach sionnaigh ann
An coirrfhiadh mór 's an eilit mhaol
Míol muighe agus puic na mbeann;



Iomdha sruth síor-uasal fial
Do bhronnas iasc go leór fá'n tír,
Breic is bradáin leathana luath
Ar gach srothán suairc dá laighead;



Iomdha abhall-ghort ann fí bhláth,
Gáirdín subháilceach sochrach suairc
I bhfochair aolbhroig mhínchneis bháin,
'S ba follus dá chéile na suidheacháin;



Iomdha macha bó dá chrúdh
Cruacha tiugha agus cairn stóir,
Biadh agus deoch dá roinn go fial
I mbailtibh riar na mBarrach Mór;


L. 23


Iomdha sailéir luchtmhar lán
De leann Mhárta 's de bheóir chaoin
Ní gan cider bhíd san am
Uisce beatha brannda is fíon



Dá mbudh toil le grásaibh Dé
An Bhríd go léir go mbéadh 'n-a fíon
Do bhéaraidís Barraigh í le hól
I gceann gach sóirt dá bhfuil sa tír.



Dútha an Bharraigh ród an ríogh
Níor chleachtadar riamh gan deóraidhe;
Fearamhail foirtill fial na fir
Soirbh ciallmhar cáidh (soithimh).



'S is Críostamhail cóimhlíontach cóir
Fá fhíorchlú chothuighid onóir;
Maordha maiseach múinte a mná
Féastamhail faisionta i gcómhdháil.



Leamh ná locartha ní gnáthach iad,
Ní chleachtaid gliogar ná glóiriam,
An mhaith do ghníd ní maoidhtar leó
'S an mhaith do gheibhid admhóid.



B 1720ob 18T



15. A MHUIRE NA GCÓMHACHT NGEAL NGLÓRMHAR.
(23 K 14, 7 - Script Thaidhg Uí Dhuinnín ag Gleann an
Phréacháin).



A Mhuire na gcómhacht ngeal nglórmhar nár thréig ar
dtúis
It bhruinnibh cé chómhnuigh mór-Mhac Dé na ndúl,
Go dtugaidh dá ró-thoil damh-sa réim 'n-a dhún
Fé choimirc a chómhacht is lón sa tsaoghal so dhúinn.


L. 24


A naomh-Mhuire mhaordha 's a bhroingheal d'iomchair
An tAon-Mhac san d'aontuigh fáth bhruinnibh túirling,
Éighim air me shaoradh is mo chortha mhúchadh -
A dhaonnacht ní fhéadfadh a bhuime dhiúltadh!



A bhainríghin na mbainríghin 's a Mháthair bhúidh,
Do leabhair-Íosa i gcrann d'íoc me i bpáis go dubhach;
A bhainríghin, a bhonn aoibhinn ghrádhmhar úd
Fabhar síoch ót ghamhain chíoch go bhfághair-se dúinn.



16. BRONNAIM-SE MH'ANAM DON DALTA SAN.
Bronnaim-se m'anam don dalta san Máthair
Chríost,
Is bronnaim mo mhaitheas do sna lagaibh atá 'n-a dhíth,
Bronnaim mo mhallacht don deamhan atá ar mo thí,
Is bronnaim mo phearsa don talamh ó dtáinig sí!




17. A GHAISCIDHIGH GÍDH SEARBH DO DHÁN.




B 1760-63ls 18L
GzzzzzL
U 0201

Dán Ristird Mic Gearailt, apostáta brathair d'Órd St Proinnsias
ARÉ 24 B 26 186.



B 1685c 17D
U 0095

"A mhacaoimh gídh mór do mheas
I bhfoghluim 's i dtabhartas ó Neamh,
Is íseal do bhréithre 'san chóir
'S is árd do bhéiceach 'san éagcóir."



Acht tá scéal eile ann .i. gurbh é Oilibhéar dearbhráthair do
Risteárd d'iompuig.



Sidé an freagra a thug an tAthair Conchubhar air:



U 0097
A ghaiscidhigh gídh searbh do dhán,
Dar mo láimh is doilbheas linn
Gan do chroidhe sa chreideamh chóir
Is gan an óige i bhfoigse dhíbh!


L. 25


Bláth na hóige do theastuigh uait
Créad nár ghluaisis le guth an Úird;
Scuir det bhaois a dhuille léith
Is gaibh do Chréid ar ndul don úir!



Créad an aon eaglais do bhí
Ó theacht Mhic Muire go Cailbhín?
Gurab í atá is bhéas de shíor
Gan fagháil ar thuitim le hearraoid.



Is gur gheall Críost do Pheadair féin
Solas creidimh in aonréim
Ag lonnradh san eaglais go deó
Is gan cómhachta ifrinn dá claochlódh.



Is muna bréaga gealla Chríost
Don eaglais naomhtha, a ghaiscidhigh,
Créad fáth chuiris-se suas
Don chreideamh atá go bith-bhuan?



Is ná meas an eaglais do bhí
An tan tug Críost an friotal uaidh
Go mb'fhéidir is eisean saoir
Is é do dhlighidh (?) tar uadhacht.



Dá ngeallair féin tar ceann do mhná
Go lá an bhráth ná déanfá bréag,
Dar ndóigh má tá i gcumas díbh
Dul tar slighe ní leigfir léi.



Is ó nách duine bréagach Críost
Acht Dia fíor 'n-a gheallaibh rúin,
Fúigfidh an eaglais gan cháim
Insan cháil 'n-a raibh ar dtúis.


L. 26


Is ó bhí an eaglais folláin fíor
Ria dteacht Liútair is Chailbhín,
Ní hise acht iad-san do thuit
Ó's díobh nách riaghail an gheallamhain.



Nó cia thug ughdarás dóibh
Atharrughadh creidimh do sheanmóir?
Eólas gan cumas ag neach
Ag ceartughadh creidimh ní córach.



Mí-rún miorbhaileach ó Dhia
Níor bh'athchomair Eisicial
Léamh eile neamhshínithe ar imeall ARÉ 24 B 26 186:



Slat Mhaoise níor bh'arm dháibh
Ná bachall Phádraig 'n-a dheas-láimh.



Is ní mó thug an eaglais dóibh
Cumas aithchreidimh do sheanmóir,
Acht iad-san ag dul tar a crois
Is mallacht 'n-a dtiaraigh ón eaglais!



Tuig anois, a ghiolla bháin
Ó thosach, do chreideamh nách folláin,
Gur sinne do lámhuigh an chóir
Is gur sibh-se ba dána 'san éagcóir!



18. AR BHÁS SHÉAMUS DE RÓISTE, AN DOCHTÚIR.
(12 E 24, 156).



Do dligheadh don eaglais labhairt go lon-chumhra
Nó scríobh go grafanta ar mharbhnadh an dochtúra
Do bhí 'n-a sheasamh le gallaibh, mar cholbha aca
Go fíochmhar feargach flaitheamhail foirtiúnach.


L. 27


Do dligheadh don eaglais sailm le so-dhúthracht
Is guidhe na nAifreann le hanam an dochtúra
Do bhíodh ag caismirt le gallaibh ag cothughadh a gcirt
Is dlighe na n-athrach ar easnamh 'n-a gcolamhra.



Do dligheadh don eaglais tarmon tsocamhlach
Is díon do thabhairt do thaisibh an dochtúra -
Saoi do chleachtadh na sagairt do chothughadh istigh
Go croidheamhail carthannach ceanamhail crobh-chongantach.



Mo dhíth, mo dhainid, mo leagadh, mo lot cúige!
Dlighe na marbh do thabhairt don dochtúir ghlic -
An tí do chleachtadh na mairbh do chomhmúscailt
Sínte i dtaisce fé leacaibh na conclúide.



An Ceangal:
Níl truagh ná tréan aosta ná óg 'san chúig,
Níl tuaith ná cléir ná órd 'san Mhumhain,
Níl uaisle ar Ghaedhil d'aonchine chóir ná dúbhairt
Gur mhuar an scéal Séamus de Róiste in úir.



19. LÁ DÉARACH D'ÉIGSIBH IS D'OLLAMHAIN TUAIDH.
Ar bhás Dhonnchadh Mac Craith, Choill Bhéine.



Lá déarach d'éigsibh is d'ollamhain tuaidh,
Lá bréagach baoghlach gan bhloscadh gan bhuadh,
Lá créimneach céasta na gcrosa magcuaird
Mar d'éagaimh an daonnacht le Donnchadh suairc.



Lá éirligh d'éigse agus osna na suadh,
Lá faolchon féinne dá dtorchar i nguais,
Lá géar-ghuil géar-luit fa goirgeach gruaim
An lá déidheanach de laethaibh chuir ár nDonnchadh muar.


L. 28


Lá léirscrios laochradh agus loiscithe luain,
Lá céasta do chléir is do bhochtaibh gan tuaith,
Lá taodach taomnach stoirme is truaighe,
Is lá léin ag an éag do rug Donnchadh uainn.



Bás Dhonnchadh fa doilbh an scéal don diúic,
Bás Dhonnchadh fa docharach an t-éacht san chúig,
Bás Dhonnchadh dfhág ollamhain is éigse dubhach,
Is dar Gobnait is doircheacht tar Éirinn súd.



Bás Dhonnchadh lá doircheacht na spéire is cúis,
Bás Dhonnchadh fá'r obadar na héisc an tSiúir,
Bás Dhonnchadh dfhág toradh gacha déise ar gcúl,
Is dar Gobnait is doilbh liom an laoch 'san úir.



Bás Dhonnchadh do bhochtaibh seo na déarca is pudhair,
Bás Dhonnchadh tug scolaibh oilte an léighinn gan chlú,
Bás Dhonnchadh do oibrigh an chléir fé chumha
Is dar Gobnait is follamh liom dá éis an Mhumhain.



20. A ALBA Ó SHEALBHAIS AN RÍ CÓIR-CHIRT.



An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. nuair tháinig Séarlas
Stíobhart go hAlbain, A.D. 1719.



(Ó Murch. xii, 62).



B 1719 18T
A Alba ó shealbhais an rí cóir-chirt
It cheart-chumas go nglacathar thu i dtrí chróinnibh,
Saxa thoir go ngabhair-se le fíor-chómhrac
Is geallaim-se gan achrann (duit) ríoghacht Fódla!



Biaidh eaglais gan dearmad go fíor-ghlórach
I salmaibh i saltraibh go caoin ceólmhar,
Screadfam-na ar cheannaibh uile go síor-dheórach
A thearman ar Gheal-bhile na Tríonóide.


L. 29


Na galla-bhroic do dhearbhuigh go díchórach
Gur bhastard thu nár sreabhadh dfhuil an ríogh chródha,
Go bhfaiceam-na le harmaibh na nGaoidheal Eóghain
Na garbh-thuirc 'n-a spadalaibh i ndraoib bóthair.



21. MÁ'S MAC DO MHARS.



An tAthair Conchubhar Ó Briain cct. i mbliadhain a 1719
nuair do scríobh Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna ar theacht
an Stíobhairt in Albain:



U 0289
"Is mac do Mhars an mac so in Albain tuaidh
Fear is fearra ar fhearann treascartha an tsluaigh,
Macs is clans is glan ar ghallaibh do bhuaidh
Rath gach cath don fhlaith go leanaidh go buan!



Gas is pras i dtreasaibh calma cruadha
Do ghlac 'n-a ghlac an ceart do sheasamh gan duadh
A Cheap na bhfeart 's a Athair Pharrthais tuas
Ó's ceart a cheart, 'n-a cheart go dtagaidh go luath!"



(23 I 26, 98. Do fhreagair File Éigin an méid sin arís - ocht línte:
"Ó d'éirghidh Mar i néallaibh thuaidh" - 23 I 26, 99; A iv 2, 77a).



Freagra an Athar Conchubhar air sin:
U 0097
Má's mac do Mhars an mac so in Albain aoird
Ní mac do mheath a mhac acht feannaire groidhe,
Ag Mars dom mheas ní fheaca i bpearsain an ríogh
Mac mar Mhars sa chath mar ghreadadh na gaill.



Maith an ceart do chlannaibh Alastraim Fhinn
A neart do bhrath le ceart mhic Charoluis chaoin,
Is neart gan cheart le seal ag gallaibh do bhí
Le neart a nglac a cheart do chasadh ar an rígh.



Ceart is ceart ag Mars mar bhraitheadar gaill
Is gan neart ná ceart ná cead chum reatha ag an mbuidhin,
Is flaith na bhfear le seal gan flaitheas cé bhí
Go ceart 'n-a cheart gan cead do ghasra an fheill.


L. 30


Má bhraitheadar na hAlbanaigh gan dúil 'n-a bhás
Carolus do Shaxanaibh ar chonnradh an stáit,
Go maithidh-se is maithim-se an chúis sin dáibh
Ó ghlacadar go ceanamhail ár bprionns' 'n-a áit.



22. MÁ'S DÓCHAS ÁR NDÓCHAS I MBLIADHNA MHEATH.
(23 B 38, 22; 23 G 20, 186; 23 I 26, 108; A IV 2, 22b).



An tAthair Conchubhar Ó Briain do cheap na cheithre ranna
so ag cómhairliughadh do Ghaedhlaibh gan dul in éadóchas ar
Dhia, agus cé gur chruaidh é a gcás go bhfóirfeadh ortha
uair éigin:



B 1720ob 18T
Má's dóchas ár ndóchas i mbliadhna mheath
Ní dóchas ár ndóchas acht pian abhfad,
Bíodh dóchas bhur ndóchais i nDia go beacht
Is ná cuir teóra le mór-chumas Thriath na bhFeart.



Isé dfhóir ar Mhóses ag riar na dtreabh,
Isé dfhóir ar Dhomhnall do hiadhadh i gclais,
Isé dfhóir ar na hóig-fhir ó phiantaibh seal,
Is nár dóghadh i mór-theine a gciabh ná a gcneas.



Isé dfhóir ar Jóseph 'sa chiach 'n-a raibh,
Is tug Jób leis ó chómhachtaibh an diabhail ar fad,
Isé mhóidigh go bhfóirfeadh 'n-a ndiaidh, gach neach
Do chómhaillfeadh go meódhanach mar iad an reacht.



Isé dfhógair (uaidh) slóighte na ndiabhal amach,
Sódom is Gómor mar iad do leag,
Níor mhór leis an fheóirling, cé dian an bhreath
'Ná Bródraic do sheóladh 'n-a ndiaidh is Crafts.


L. 31


23. NÁCH MUAR AN TUAR BÁIS DAM.
(23 G 25, 237).



Nách muar an tuar báis dam gach lá breágh mar thagann
Beith ag féachaint san ngráta 's mo dhá chois i
nglasaibh
Gan éinne beó 'em cháirdibh bheith láimh liom i ngradam
Is dá sméidinn-se ar chneámhaire go ngeárrthaidhe mo
bhaitheas.



Is táidh ár n-eaglais bréaghtha 's ár séipéil gan chrích,
Clann Pháró go gléasta 's iad 'n-a saetibh 'n-a suidhe,
Is gan brígh aca ná éifeacht acht ag séanadh Chuirp Chríost
Is Dia geal dár saoradh ar lucht bréag agus feill!



A Dhia 's a Mhuire Mháthair dfhuiling páis agus peannaid,
Is do tháinig let ghrásta spirideálta chum Peadair,
Crann geal na páise ar a ndeárnthas thu spalladh
Saor sinn ar an náire is ár gcáirde linn neartuigh!



24. SIN FOLAMHUGHADH DAOR CLÉIRE.




.i. Feartlaoi don Athair Conchubhar Ó Briain.
Éamonn de bhFál cct. 1720.



Ó Dreada 78 (gan ainm); O'Daly MS. 36, 14.



B 1720 18T
U 0274
Sin folamhughadh daor cléire fó iaith Chláir Chuinn
Is bochtanughadh tréad mbaoth-ghlic ón ndiadhaire
árd ghlinn,
Solaschnú caomh cléire is a ngrianán grinn
Le Conchubhar séim glé-shnoidhte Ó Briain fá líg.


L. 32


A líog oirdhreic fí'r folachadh ár dtreóraidhe suairc,
Bí soirbh leis, níor ghoirgeach an deóraidhe luadhaim;
Maoidheamh orainn-na ní deocair dhuit it lóistín uaimh
Caoidh poibleach trí an orchra cé cróilighe cruaidh!



Cruadh-chás doilbh gan fortacht dfhuil Éibhir Fhinn
An luath-bhás obann tug osna gach n-aon den bhuidhin,
An suadh sámh soirbh do b'fhoirtille tréithe dhíobh
In uaigh tráth foilighthe stopadh gach dréachta grinn.



Greann le gnaoi gaoismhair is béalrádh fial
Is meabhair gach fíor-intleachta a chéad-ghrádh riamh,
Annsacht dlighe an Choimdhe go n-a théacht fá chriaidh,
Is dar leam-sa is tuinn díscthe dá éis Fáil Fiann!





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services