Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reliques of Irish Poetry

Title
Reliques of Irish Poetry
Author(s)
Charlotte Brooke,
Compiler/Editor
Brooke, Charlotte
Composition Date
1789
Publisher
(B.Á.C.: George Bonham, 1789)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



THE
IRISH ORIGINALS
OF THE
ELEGIES



O Gíaráin cct.



II
Sileach aon fhear gur dil dho féin me, 'nuair luighin dom mionn,
steid a dha trian sios diom 'nuair a smuinimh air do chomhradh liom.
sneachta siopaidhe 'gus é dha shior-cur faoi shliabh ui fhloinn
'sgo ffuil mo ghrádhsa mar bhláith nan airnidhe air an droidhnean donn.



Shil me fhéin nac a ceasact spré orm rachfad grádh mo chroidhe
'snach fagfeach sé na dhéig me mar gheall air mhaoin; -
faraor gér nach ffuilim féin agus an fear a chraigh mo chroidhe,
an gleanntan sleibhe 'gus me ffad o aen-neach, is a drúcht bheith na luidhe.



Ta féirin le mo chéad shearc an mo phóca shios, -
'sfearaibh Eirion ni léisfidís mo bhron faraoir; -
'nuair a smuinimse air a chursaidhe 'sair a chúl breadh donn,
bim a ger ghol ós-iosal is ag osnail go trom.



Go ffadh me feirin la an aonaig óm bhuacail donn,
is cómhrad seimhidhe no dheigsin ó phlur na ffear; -
fáraoir gér nach ffuilim féin agus an sagart air fáil,
no go ndúblamaois ar ccúrsaidhe sul fa dtéid re anon.


L. 307


Pé nar bolc leis é, molfadh mise grádh mo croidhe;
is pé nar bolc leis é, suidhfe mé le na thaoibh; -
pé nar bolc leis é, mile aithrine tri lar a chroidhe,
'sa réalt an tsolais am béal a phobail, is tu bhreoidh mo chroidhe.



'Sa dhia dílis cread d dhionfas, ma imghin tu uaim?
nil eolas chum do thíghe agum, chum do thinidh na do chluid:
tá mo dháidi faoi leatrom agus mo mháimi faoi bhrón; -
tá mo ghaolta go mor a ffeirg liom, agus mo gradh bhfad uaim.



Tá smúit air mo shúille 'snior chodail me néal,
ach a smúineamh ortsa, chéad ghrád; má bhfhad an oiche a reir;
faoi do chursaidese do díulta me an domhan uile go leir; -
'sa chraebhin chúbhartha cad as a dtabharfasa do leabhar am breig?



III.
Ambreatain is inéirinn shaetharaidh an tárdfhlaith clú
bachus gan éifeacht, is géar thu atrácht ar ccúl
Acharaid na héigse do ríaradh dáimh go húr
nior bhaintreabhach an fhéile gur eag tu a Sheain de Burc



As dubhach do dheighse atáid Tiaghearnaidh lan do chúmhaidh
a phlúr na dtreabh budh gaolmhar cáil agus clú;
budh súgách fíal an tárdfhlaith Seáan de Burc
'sgo' Dún-mór ó thriall se ta an fíadh sa Rás air gcúl



An fíalfhear sáimh is féarr do thuigeadh gach cúis
aríar gach dáimh budh gnáth leis eineach is clú
fiáigh chríche fáil, 'sna Ráis ad imghidh air ccúl
O thríall an bás air Sheáan mhac choirneil Búrc


L. 308


Aleac ata ad ghear-chlúid air ghéig uír chumasaigh bhréadh
ann aló bhí féimeamhuil, spóirt, chlub fiáig agus Ráis
Is leat abheith pléideamhuil ceimeamhuil mar as follas do chách
'sgur air do thaisgidh go láetheamhail tá pléisur chonnacht ar lár



Cia do chuirfeas cluithmhidhe na Rás ar siubhal?
cia bhéarfas buaidh an churraigh go connacht no bárr gach clú
cia bhearfas chugainn le cumas an pláta ón mumhain
o déag uáinn coinneal nacuideachta Seáan de Burc



Ardfhlaith mhóir bheir ceannas a cclú sa spórt
Is ann do lán halla budh gnath aiteas is nuaidhheacht-céoil
niel ann áit aca ach gáir sgreadaigh smúit is bróin
semo chradh deacrach an stáidmharcach abheith na luighe an-dunmor



Mo ghéar chúmha an té úd chuir an bás ar ccúl
o léig úir go céin clúdh go clár na Mumhan
mur ach gur éag uainn an fear féimeamhuil Seaan de Burc
ni bhéarfach Sir Eudbhard coimh-réig úd an pláta air síubhal



Ta cead ag gach marcach ó chlár na mumhan
theacht le na neachraidh ghan gearran fúinn
ta airgiod gan allas le fághail a ttuaim
niel fear abhacadh nuair nach maireann againn Seaan de Búrc



Seacht ccéad déag gan bhréig is da fhichiod ar ttús
go ceart a Sé, do reir an dáta nuadh
o theacht Mhic Dé dar sáeradh o cháin an ubhaill
go teacht an lae fúair éag thú Sheaáin de Búrc



As dubhach an Green club ag caoineadh o básaigheadh thu
agus feadh na tíre chóidhche an fhásach chiuin
tá an fíagaidh firrghlic fo lióg mo chradh san dún
agus sin cuimhnioghadh mhiósa do nimsé air Shéaan de Búrc.


L. 309


IV.



Eamonn achnuic.



Sa chúl áluinn deas, na bfháinnighibh cceart,
Is bréadh iad, sas glas do shúile!
sgo bfhuil mo chroidhe da shlad, mar áshníghfidh gad,
le bliaghain mhór fhada súil leat.
da bfhuighinsi o chéart bheith mur cheile leat,
Is eadrom deas do shiubhalfuinn!
sgo réighfain gach sgairt aig éalodh le 'm searc
air choilltigh sgabtha an driuchta!



Sgo deimhin fein abhean, ce mór é do mheas,
Is náir liom thu dom dhíultadh!
ce dfáig tu me gan sláinte agam?
sgan fáth no coir air mo shiubhalta.
ni dana mo lamh, 'sro fhaiteac mo ghrad,
atheagar! ma bhionn tu siubal liom,
Eamonn acnuic ata agad ann,
sas daer anois ann a dhúthaidh



Sa ghrádh sa chumann! sa ghradh gac nduine!
an ttriallfa seal don mumhain liom?
mur abfhaghmáois go deimhin ceol agus imirt,
Is uaisle na bfhear asúgradh.
cáora cuilinn, samha agus bhiolar,
blatha agus blas na núbhlaibh.
planda don duilleabhar fuinn agus torainn,
Is fásach go mulla glúine.




Sa bháb chneasda cháomh! do pairt liom na sgaóil,
sgo snámhfuinn atáoidi ad déighse,
sgo mbféarr liom do ghean, ashearc sa run na bhfear!
no nárus na náomh nuar éagfuinn!


L. 310


och! is támhach lag abhiom, smo shlainte uaim da snidhemh,
le grádh ceart don mnáoi dho thréig me.
sgo dobáil liom da máoidheamh: ach slan leat amháoin!
o dhfágais me air dhith na céille.
Sdo bhearuinn aleabhar gan bhreig dhuit le fóubhonn,
go ndéanuinn tu do thoghadh air cead bhean.
sgo rachainn leat anonn tair trénmuir na ttonn,
sgo ttreigfuin an dhomhan go léir ort.



mur andéar tu an am go nélodh tu liom
Is tréith mise fann gan éifeacht,
mar éngheilt angleann, gan éirim gan meabhair
faói geaga na ccrann um aenar.
Staimsi lag, is im chroidhe ta an chnead
sas deimhin nach gar dhamh fáesiomh!
le hiomarcaidh searc do phlúr na mban,
sa píob mar eola air áenloch.



adláoithe daite cíortha casda,
sláeimac snasda cráebhach!
smur bfhuighe me o ceart bheith mar cheile leat,
Is téighin gur gar atéug dhamh


L. 311


V.
Thug me an chuáirt agus baithreach liom m'astar sme air eis mo shúbhail,
air uáigh mo charad sdo mhearaigh sin radharc mo shúl
ni bhfuair me agum agus me falcadh na ndeor go húr,
ach cruadh leac dhaingean air leabaidh na créabh rochumhann.
Ni tréan mo labhairt se mheasom nach chúis náire,
aen bhocht sgaite me agus choilleas mo chúl báire,
niel pion, nil peanaid, niel galra co trom cráite,
le heug na ccarad, no sgaradh na ccompánach.
Mo leun! mo dheacair! mo mhillead! mo bhron, s' chradh!
mo cheol chrúit mhilis! mo bhinneas! mo shaidhbhrios dáin!
cia thoigtheadh air dhuine bheith air buileadh, no bpein mar taim!
no deóra fola do shileadh do dheigh gach lá.


L. 315


THE
IRISH ORIGINALS
OF THE
SONGS



I.
As mian liom tracht ar bhláth na finne
Gráesi an ainnir is súgaidh
sgurab í rug bárr accail sa ttuigsi
air mhnaibh bráadh glice na ccúigeadh
Cia be bhiadh na haice daoidhce sdo ló
ni baoghal do athtuirse chaoidhche no brón
aige an rioguin tséimh is aoibhne méin
sí cúl na ccraebh sna bfháinnigh
Ataobh mur ael sa píob mur ghéis
sa gnaoi mur ghréin atsamhraidh
nach tapaidh don te dar gealladh mar spre
bheith aicise geug na ccamdhlaoi
as suairc sas sáimh do ráite genamhuil
as álainn deas do shúilghlas
se chluinim gach lá aig cách da aithris
gur fáinneach cas do chúltais


L. 316


Síud mar adeirim leis anóigmhnaoi shéimh
bhfuil aglór nios binne no ceol nanén
nil sians no greann dar smuainigh ceann
nach bfhuighthear go cinnte ag Gracey
Alúb na seúd ar dluíthdheas déad
achul na ccraebh sna bfháinnigh
gidh ionmhuin liom fein thu
sdadaim don sgéal, ach dólfainn
gan bhréig do shláinte.



II.
Ce be abfhuil se andán do
alámh abheith faoi na cionn
measuim nach eagal bás do
go bráth no ann abhéo bheith tinn
Achúl deas na mbachall fáinneach fionn
achom mur eala gile snámh air atuinn
grádh agus spéis don ghasraidh; Máible shéimh ni Cheallaidh
déud as deise ar leagadh anárus cinn
Sniel céol dar bhinne áseoladh an duine
nach ar bhéol dó tuigse arádh an sgach céim
ta gruaidh mar Rós an drithle. as buan na chomharsa an lile
arosg as mine ghlaise bláth no an chráebh


L. 317


Se deir gach ollamh moladh chlár shíol néill
go ccuirthea na corra cholladh le sárghuth béil
niel amhrus liom ann. asháimh labhrach bhinn
ach óltar linn go grinn do shláinte féin
Odéagadar na mna mánla
air attráchtaidis an domhan go léir
measuim nach fuil na náit ann
ach Máible le clis sgach céim
An sacht gach duine accáiligheacht sa ccéill
as ághmhur don fhile afághail ón déis
cúl na ccraebh is finne, lúb na ttéad as binne
snuadh na geise gile bráighe sa táebh.
Niel aen da bhfeic nach ionghantach acleas
nach néirghidís agheilt ambarr na ccráebh
sa té nach léir dho an choinneal
lán do speis aleinibh
si as fearr méin is tuigsi do náisiun gaedheal
Si as deise cossa bossa lámh agus béal
péire rosg is fuilt afás go fér
ta an báire so linn
ashárughadh lucht grinn
fa rádh go bhfuair me an fhoill. as ágmhar liom é


L. 318


III.
Inghean tais na mbánchióch is áilne no laéige bfuacht
do phríomhfhuil cholla dhá chríoch adfás tríd afhréamha nuás
don tráoi da ttagmhadh ndán do bheith ndáil na mbain ndéethe ar cuáirt
do mháoithfedh leatsa an táilleagan far fás guimh an éuda uás
Ta cáoir ar lasadh dárdfhuil na Sábhuiseach déanta id ghrúaidh
agus on láoch mear Conall céarnach chuir árchatha néirinn uáir
sgan bráon dod gháol nios táire a bhlaith cháoimh na méurlag luáth
do ríoghfhuil Cholla ríoghraidh lonna ó ghaedheal ghlas do ghluáis
Ta dath na heala cclódhión re béo ghrís na ccáor aspárnn
ina leaca gloin na hóig inghine is rós líonta bráon afás
gach planda tteacht da córnndhlaoithe forsgaoilte faontais tláith
sgach rabhradh teacht da béol caóimh dtéobharthadh sin dáoine ón mbás
Ta deargfhuil cheart shiól Róigh agus mórcholla an righ tug bárr
gan seargadh airfad gach nórlaigh don rómhiónla mháoithghil bhláith
as dealbhach oibrioghadh améor mín ar sról síos le sráonadh lámh
sgach mír dhi uile ar lí na lile ó bhráoighthibh go lár.


L. 319


IV.
Bean dubh an gleanna.



Abhfacadh tu? no an ccúala tu an stuaire dob aille gnaoi?
ingleanta dubha sme in uaignios, gan suaimhnios do lá no óidhche,
beilin caoin atsuanroisg do bhuair me sdo chradhaigh mo chroidhe,
mo bheannacht fhein go buan lei ga di an ccuan úd be ait imbidh
Ata se sgriobhta ibprionnta do chom seang sdo mhala chael
sdo bheilin tanuidh faoi sin na saoilfinn do neasach bréag,
do chrobh as gile sas míne, ionna an síoda sná clumh na néan,
sas buartha craidhthe bímse nuair asmaoinim ar sgaruinn léi.
Nuair adhearcas i do théidh me le gér shearc da gnáoi sda snó.
amiona cíocha glegal, adéiddheas, sa dlaoi fholt oír,
ba gile adreach na Deirdre chuir láechra na Midhe ar féodh,
sna blánad mín na ccláenrosg le ar tráechadh na mílte tréon.
A phlur na mban, na tréig me a bháethlach le saint dá sdór,
gan chliu gan mhéas gan bhéasa ach blaedhearacht is bruidhean is gleo,
is ciuin do shinnfinn dreachta breagha gaoidheilge dhuit oidhce an fhomhair,
sdo sgruidfuinn sdair na Feine go leircheart sna míleadh mór.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services