Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sídh-Cheól I

Title
Sídh-Cheól I
Compiler/Editor
Breathnach, Pádruig
Composition Date
1924
Publisher
(B.Á.C.: Brún agus Ó Nóláin Teor, 1924)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. An Gleanntán Araiglin Aoibhinn.



Mo shlán a chuirim óm chroidhe leat,
Abhaile thar tuinn le cóir
Go gleanntán Araiglin aoibhinn,
Mar a scaiptar an fíon 's an bheóir;
Budh bhinne liom glór na ngadhar ann
Gach maidean bhog aoibhinn cheóch,
Ná'n té úd a mhairbh na mílte
Le dartaibh a's draoidheacht a cheóil.


L. 3


Is ann gheóbhthaidhe an tseisreach cheólmhar,
'S an t-oireamh go hóg 'n-a diaidh,
An láir bhreágh shiorraig go módhmhrach,
'S an macha breágh bó ghan bhriag.
An gort go bunabhuidhe eórna,
'S an chruithneacht dar ndóigh go fial,
'S an mhaighdean bhraighid-gheal óg ann,
Is Araiglin ghlórmhar thiar.



Is mó bean dealbh a's baintreach
Ag tarraint 'san oidhche it treó,
Go leór de bhacaig 's de dhaill ann,
A's tuille nár ríomhas fós;
Go dé mhaith dham bheith feasta dá ínsint,
Dá dtagadh na mílte á sórt
Go mbeadh fáilte Uí Cheallaigh gan aighneas,
In Araiglin aoibhinn dóibh.



Gheóbhthaidhe lachain a's creabhair ann
le leagadh gach am ar nóin,
Coinín gearra-chos reamhar ann,
A's scata dá chlann chun spóirt;
An traghan ag labhairt sa neanntóg,
'S an sionnach ag damhas ar móin
Cois an ghleanna gan amhras,
Mar ar mhinic sin greann a's spórt.



Is mó scotháinín bachallach craobhach
Ag teacht as do thaobh de ló
An pilibín míoc 's an naoscach,
'S an Londubh ag déanamh ceóil;
An chuach go binn ar ghéagaibh
Ag seinm le chéile ar nóin,
Fiadh na mbeanna ar saothar,
An eilit 's an laogh 'n-a deóidh.


L. 4



2. Lorg na Caorach.



Níor fhágas-sa claidhe 'muigh, bun sgairte, ná díge,
Gan lorg dom chaoira le sealad;
Muisire 'n fhíoghr 'gus Clárach mór-thímpal,
Bhéal Átha na Groidhe 'gus Dúith Ealla;
Cois Mainge go díreach 'gus bun an Dá Chích,
thiar's mé 'lorg san oidhche cá stad fainn,
Amharc dem' chaoira ní fheaca ins an tslighe sin
Gur fhilleas arís ar an mbaile.


L. 5


Nuair shiubhluigheas na tíortha a's ná feaca mo chaoira,
Do luigheas ar a caoine sa bhaile;
Dá fhaid bhí an oidhche ní chodlainn-se puinn dí,
Ach ag déanamh mo smuínte fé mhairg;
Gur casadh sa tslighe orm faraire aoilchnis
Do réidhtig mo shnaidhm a's mo cheasna,
Thug tuairisc go cruinn dom cá bhfaghainn-se mo chaoira
'S a huainín deas críonna 'n-a haici.



Nuair fuaras mo chaoira cois gleanna bhreágh ísil,
'S a húth bhí ag síor-shileadh bainne,
S í ag cogaint a círe le haiteas an bhaill sin
Do mhéaduigh mo chroidhe 'gus do neartuigh;
Ba shlamrach, cíortha, tiugh, aiteasach, síodmhar
A lomra ag tigheacht léi go talamh.
Do theastuigh óm' bmnaoi-se 'gcóir easnamh an bhríste
'S a healta gan tuínte 'e na brataibh.



An té chífeadh an cúigear gan snáith le cur úmpa
'S a máthair gan gúna ná fallaing,
Mé féinig am' scrúile bhocht chaithte sa chúinne
'S níor mhaith iad mo thriúr ná mo hata.
Má sheólais-se chugham-sa mo chaoirín thar triúchaibh
'S gur gheallas-sa lionn duit dá dheasgaibh,
Cia déarfadh ná tiubhrainn an canna faoi chubhar duit,
'S go mbíon maithe na dútha seal dealbh.



A bhráthair na síod-fhear nár ghnáthach bheith cinnte
'S go bhfeaca tú fír-bheag id' leanbh,
Ná cáin de dhruim dighe me le ráidhteachas daoine
'S béidh mo bheanacht ad' shlighe faid do mairfir;
Geallaim óm' chroidhe dhuit an canna do líonadh,
I dtigh tabhairne an fhiona má chastar
Caithfimíd oidhche ag glaodhach a's ag díogadh
'S is mise do dhíolfaidh ar maidin.


L. 10


B 1898c 19D
5. Thuas ag Leacain na Gréine.



Thuas ag Leacain na Gréine
'Seadh casadh mé féin ag buaint;
Ag síor-bhuaint choirce gan éifeacht
Do ceannuigheadh le saothair mhuar.
Bhí fir agus capaill ar saothar
D'á chaitheamh sa chré go luath
'S ní fhíllfadh sé sraith na mbocht féinig
Dá mbeadh sé gan glaodhach ach uair.



Nach muar an truagh an fear 'tá ag plé leis,
Ag cur leasuighthe 's aoil 'na dhrom;
Fréamhacha an aitinn dá réabadh,
A's gan dada aige féin dá thabhairt;
Ag cur clóbhair deirg a's ray-grass
D'á gcaitheamh 'na dhéidh sin ann,
'S ní chothóchadh sé seafaid ionlaogh dhó,
Seacht n-acra déag de'n ghleann.


L. 11


Bímíd ag obair ar saothar
'S ní tairbheach é ár ngnú,
d'iarraidh cíosa d'fhreagairt gach féile
'S dar ndóich ní féidir dúinn.
Mar dá laighead d'á dtagann d'ár saothar
Baineann an game de an ceann,
Coiníní a's girrfhithe an tsléibhe 'muigh,
Gach maidin ag raobadh an gheamhair.



'Sé do mháighistir-se Tiarna na nDéiseach
'S ná glac-sa féinn aon bhuairt;
Dá bhfuigheadh sé focal ó'n Agent
Gheóbhthá leagant d'á réir go luath.
Níor bh'fhiú tuistiún an t-acra 'en tsaoghal é
Dá mbeithí d'á chré-chur buan;
M'r'each paiste dhe'n chladaigh bheith taobh leis,
Do chaithfeadh sé féin tabhairt suas.



Is é Dic Mhuiris an séimh-fhear
Go bhfuil carthanacht Dé 'na mheon,
Dá bhfaigheadh sé an talamh ar réasún
Ba thairbheach é sin dúinn.
Bheadh bochta an bhaile go léireach
Gach maidin d'á nglaodhach chun gnó;
Dhíolfadh sé an bille i gcionn lae leó
Agus d'fhanfadh sé féin 'dtí an bhFóghmhar.



Dá ngeóbhadh taisdealach bocht nó fear mála
Bheadh fairthe 'gus fáilte roimhe;
Gheóbhadh sé iostas go lá ann
Agus fairsinge ar chlár le roinnt;
d'aireóchadh sé an Paidrín Páirteach
D'á spreagadh ag an sáir-fhear ghroidhe;
Agus Rí na bhflaitheas már ghárda air
Chun seasaimh d'á cháirdi' aríst.


L. 12


6. DIC MHUIRIS AGUS A PHÁIRC.



Is mór an náire thugais dam
Ins gach cuideachtain dá rabhais ad' shuidhe.
Dá rádh ná fásadh simide
Trém' mhullaighthibh dá fheabhas é an síol
'S nuair bhí mé treibhthe fuirsighthe,
'S mé briste as mo bháintín lom,
Ná raibh an gráinne foluighthe
'S gur phiocadar na héin mo dhrom.


L. 13


Dic Mhuiris.



Gortadh léir ad' mhullaighthibh!
'S is córa dhúinn tú cháineadh arís
An dá mhála órna tugadh duit,
d'oirfeadh dhúinn chun conganta bídh;
Gan trácht ar phádh na meithile
Do creanadh leat chun do chur i gcrích;
'S is fada an cáirde tugadh duit
Ó cuireadh tú go l'fhéil Michíl.



An Pháirc.



Má thugais cáirde fada dhom
Chun a thairbhe dh'fhagháil do bhís;
É thabhairt 'dir bhun a's barra dhuit,
'S nár dheacair duit me cháineadh arís?
An tuighe chun aoiligh ceaptha,
'S chun margaidh lem' ghráinne síl,
S tar éis a dhíol go tapa dhuit,
'S iad masla gheibhim a's trácht ar chíos.



Dic Mhuiris.



Nuair a théidhim-se féinn do'n mhargadh
Bím eaglach ná fuigheadh thú dhíol,
Go mbeidh an dútha ag magadh fúm
I dtaobh seasaimh leat ar sráid an Ríogh;
Nuair thiocfadh fear na breatha suas
'S a lapa aige am' bmála thíos;
"Tabhair an áit go maidin dí
Agus seasaimh léi Dia Máirt arís."


L. 14


An Pháirc.



Anois céad slán chun Muiris bhoicht
'Sé thuigeadh dhomh-sa go rabhas go lom;
Thabhradh aol ó Ghleann Luice chugham
Agus leigeadh dhom an féar do thabhairt;
Thabhradh a's a thuille dhom,
Mar thigeadh sé go dtí mé i n-am,
Agus thabhradh saosún chuige dhom
Go dtiocfadh liom do dhéanadh an gheamhair,



Dic Mhuiris.



Gorta léir ad' mhulluighthaibh!
Ba chuma dhúinn i dtaobh do gheamhair,
Mar nuair fháisgeadh meitheal ort
Is liobarsach do bhíodh do cheann;
Thugamar aol ó'n Luice chughat
A's triosgar a bhíodh méith ó'n dtonn,
Agus tar éis gach nidh d'á rinneadh duit
Ba chuma dhúinn mar prey do chobhail.




B 1909c 19
7. Beannacht 's Buadh Dé.



Beannacht's buadh Dé go buan éachtach a ghuidhim leat,
A Éamoinn a chroidhe ghil le híntinn a b'fhearr;
Do sheasaimh oifig Dé de laethibh a's oidhche,
Ag


L. 15


Éagchur na mbruighnta's ag díbirt an áir.
'Sa Sgibirín tar héis is daolmhar na daoine,
I bp'róiste Thulaighe aosta 's do'n réim sin go Craoiach glais,
Ag sileadh tuile géar-shrotha déara gan dísceadh
Le léan bheith ad' dhíbirt ó'n dtír seo go bráth.



Síothcháin chóir a ghnéadh sé gan aon dlighthe bínse,
Mar Jacob a mhínig coímhtheas drithár;
I dtabhairní do théigheadh sé go déidhneach á ndíbirt
Shar a dtéighdís i líontaibh na dighe chun a námhad.
Fiadhnais trí n-a thréithibh go bhfuil réim aige ó'n Rí úd
d'fhuiling É do chéasadh ar an ngéar-chrois Dé hAoine;
A mharcaigh leabhair léigheanta, is féidir liom ínsint
Nach faobhar atá 'ot dhíbirt ná díbhfeirg námhad.



Leath a mhaith ní féidir le haon fhile dh'ínsint,
Acht buidhchas le hÍosa nár críochnadh an lá;
Anois 'n-a pharóiste féin is dé buidheach beidh na daoine,
Mar an Paorach go n-ínstear a ghníortha 's a cháil.
Go mairir suas an céad gan éisling dá dhruim sin
Nuair a chuirfe an Tiarna glaodhach ort, go ndéana Sé slighe dhuit
Imeasg na bhfáigí naomhtha gan chlaon d'imthigh díreach
Mar aon leis na naoimh seo 'n-a suidhe ar a dheas láimh.


L. 16


B 1798c 18D
U Anaithnid
8. Maidin Aoibhinn tSamhraidh.



Ar maidin aoibhinn tsamhraidh
le huair an lae.
Cois abhann mín na Daraithe
Do ghluaiseas féin
Gur dhearcas ríogan mhascalach,
Ba lasmhar líonmhar leanbhach
Le'r dalladh m'íntleacht marbhtha
Go fuar lag faon.



Ba chas, ba chíortha camarsach
Anuas ag téacht,
Go sleamhain slíom a carn-fholt
Ag scuabadh an fhéir;
Ba ghlas, ba righin a reamhar-ruisc
Ba bhlasda binn a labhartha
'S ba gheal a píp mar eala ar shruth,
'S a gruadh mar chaor.


L. 17


Nuair dhearcas í do phreabas-sa
Le huamhan cléibh,
Dá mheas gur sídh-bhean mheabhalach
Do ghluais i gcéin;
d'fheasruigheas go tapaidh di,
Cá treabh, cá tír, cá talamh dhi.
Nó ar bh'fheas gur bh'í chuir ana bhroid
Ar chualacht Ghaedheal.



Nó an bhean san Traoi le'r cailleadh thoir
Na sluaighte laoch;
Nó an bhean thar tuinn do leanadh
Le mac uaibhreach Néill;
Nó an bhean thug Naois thar caise leis
Go teagh na Craoibhe, is meabhair liom,
Le'r basgadh Buidhean na hEamhna,
'S an t-uasal féin?



Is blasda, binn, tais d'fheargair dam
Gan luadhchan bréag,
An ainnir mhíonla mhaiseamhail
Do b'uaisle scéimh;
"Ní neach de'n bhuidhin sin chanais mé,
Le greadadh grinn a's taithnimh dham,
is mé bean Mhic Chuill na flatha-churaidh
Do thuairgneadh tréin.



Is fear a scribhinn seanchais
Gur mhuar mo réim,
I gceannas críoch 'gus cathrach,
Le cruadhas na laoch;
Gur las thar tuinn na Sasanaigh
Thug cnead am' chroidhe agus atuirse,
Le scamal daoirse cheapadar
Gan fuasgladh ar Ghaedhil."


L. 18


"A shearc mo chroidhe agus m'anma
Gan chruadhas gan chlaon,
Suidh sealad síos am' aice-se
Agus tubhair dom sgéal;
An scapfar choidhche ár n-ana-bhroid,
Nó an leagfar poímp na Sasanach
Le'r lasadh teinte treathanacha
Ar ghruaidhnibh tréan?



"Tá sgathfa ag tíocht thar farige
Go cuantaibh Chéin,
Is fairsing, líonmhar cathana
Gan truaigh do'n tréan;
Beidh teasgadh cinn a's creacadh chnuic
Ar feadh na Ríoghachta ar Galla-phuic,
Go leagfaidh síos a n-airm
Is sin buaidh le Gaedhil.



B 1924 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
9. Tá 'n-a lá.



Chodlas féin i dtigh aréir,
Is tuirseach tréith do bhí mo chuisle
'Sé comhrádh béil bhí 'cu go léir
Ach m'inghíon féin 's a boc ar buile.


L. 19


Tá 'n-a lá, Ní'l 'n-a lá,
Tá 'n-a lá 'gus ní'l 'n-a mhaidin,
Tá 'n-a lá ní'l 'n-a lá,
Ach solus árd atá sa ghealaigh.



"Éir' at' shuidhe a fhir an tighe,
Cuir do bhríste 'mat go tapaidh,
Coinnigh suas cuideachta shuairc
Do'n chroidhe mhaith mhuar go dtiocfa an mhaidean."



"N'éireó'd am' shuidhe," ar fear an tighe,
"'s ní chuirfead bríste 'mum ná hata,
'S blas ná braoin dem' chuid-se dighe,
Ná raghaidh ad' chroidhe go dtiocfa an mhaidean."



"Tá do bharaille ar a cheann,
'S ní fheicim ann ach dríodar deasga,
Tá mo ghiní ar an mbórd
A's bím ag ól go dtiocfa an mhaidean."


L. 22


B 1901 19
11. Mná Mhín na Sróna.



A Shéamais, is náir liom mar d'áthruigh tú an nós sin,
A theacht le do ghárda fríd lár Mhín na Sróna;
Mar dá dtigtheá, mar budh ghnáth leat, 's do chána in do dhórn leat,
Bhéadh airigead bán leat, a's páipéar, a's ór buidhe.


L. 23


Ó chruinnigh tú gárda gan grásta gan tróc're,
Spailpíní Gallda ag árdú' ár gcuid bó leó,
Ach míle altu' dho'n Áirdrigh a cheángluigheas na dóirle,
mar gheóbha sibh bhur bpáidhe ó mhná Mhín na Sróna.



Is clú mór san áit seo mná Mhín na Sróna.
'Siad ná leigfeadh a gcuid áirnéis le báillí ná tóraí;
Is bean acu b'fheárr liom dá bhfághainn i dtúis m'óige;
'S nár mhaith an cul báire i n-am gábhaidh agus gleo í.



'S a bhuachaillí bána, má's áil libh se pósadh
Gabhaidh dh'ionnsuidhe ar Niall Mághnuis, 's é dhéanfas díbh eólus,
Gheobha sé dhíbh mná maithe agus teánntaidhe de'n ór leó.
'S nár mhaith ag bhúr láimh iad lá Márta agus Foghmhair.



'S má théidheann sibh 'un na sráide 's búr láimh i nbhúr bpóca,
Ag feitheamh goidé an stáidbhean ar bh'áil libh bheith ag ól léi,
Ná tógaídh bábóg bheag áluinn neamhfhoghainteach
Bíodh cailín breágh sámh libh as lár Mhín na Sróna.


L. 24


B 1924 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
12. Bean na gCearc.



Greadadh ort a's cás a fhiolair an fháin
Mille gach lá agus léan ort,
A's nár thugais-se d'ál leat amach as an Márta,
A's ná raibh ort, mar bhláth, iad aodhaireacht,
Do rug uaim na cearca do b'fhearr ar an mbaile,
Do choinneadh go seascair mé féinig,
A's go mbíodh agam tarrang ar an mbiadh b'fheárr sa chathair,
Agus hucstaoraí dhom stracadh óna chéile.


L. 25


Thug Siobhán Eoin dam sabhran óir
Agus cuireadh chun óil dá dtéidhinn léi,
A's ceathramha caoir-fheolach um Nodlaig mar nódhacht,
Agus gé chun í róstadh ar ghéar-bhior;
Thug Siobhán an Tuinne dham císte breágh milis
Bhí siúicre 'á fhuineadh 'gus tréicil,
Tae leis 'á fiuchaidh 'gus ím úr 'n-a phrintibh;
Bhí dóithin an bhreithimh de bhéile ann.



Thug bean Thaidhg Uí Coíll ó Charcaig aníos
Seál do chuaidh thrí agus raol dam,
Agus hainciorsúir síoda 'gcóir fothana mo chinn,
Dá dtugainn na huibhe go léir dí;
An píosa breágh leathan aníos as an sathach,
Go gcuirinn é ag sgreadaigh ar stéicpean,
A's nuair gheibhdís an bolaithe thíos tigh an tsagairt
Do chnuasuigheadh na bacaigh go léir chughainn.



A's go mbeiridh an lá orm nuair fhágfad an áit seo
Tá an tigh seo ró-árd ar phléist ann,
Ní'l claidhe leis ná fál do dhéanfadh aon scáth,
Ach an fhiolar ag gáir 's ag éigheamh ann;
Déanfar mé bhrise, 'gus tógfar mé 'em bhonnaibh,
A's imtheocha mé singil gan éadach,
Anois ó tá an Inid ann, pósfad má's mithid,
Maireadh mo dhuine nó éagadh.


L. 26


B 1901c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain



13. Raghad-sa ar Aonach.
Ó, raghad-sa ar an aonach amáireach
mar órduigh Mac Dé gan ghnó
Mo chapail ní molfar chun léimrigh
Ní cloisfar ná géim mo bhó.
Mo chaora ní cloisfar a méileadh.
'S ní heagal dom gaoth an fhoghmhair,
Ach ólfad mo sgilling lá aonaigh
Chomh sultmhar le héinne dem' shórd.


L. 27


A Mháire, a mhúirnín bhéasaigh
Cogar a's éaluigh liúm,
I ngleanntán choille 'nár n-aonar
Nó sealad fá ghéig na gcrann.
Do phósfainn a gan fhios do'n tsaoghal
A's do'n tSagart dá mb'fhéidir liúm
'S mara bhfuigheam cead ceangailte i n-Éirinn
Go mbogfam araon anonn.



Bliadhain sa taca so phósas
A's is sia liom lá ná bliadhain,
I mbotháinín deataigh béil bhóthair
Ba mheasa dá shórd a bhí riamh.
Níor fhan dúil i n-imirt ná 'n ól agam,
Ná i gcuala de cheól le bliadhain,
'Sé mo chreach chruaidh nár síneadh mé i gcomhrainn
Sul ar gheallas-sa pósadh riamh.




L. 34


B 1924 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
17. An Madradh.
Is dúbhach mé le sealad 's is déarach
Faoi atuirse ag éigheam 's ag caoi,
Ó fuaras mo mhadra traochta,
Cois sgairte gan mhéam 'n-a chroidhe;
Do bhuaileas mo bhasa 's do bhéiceas
Nuair chonnac-sa é faon mar bhí,
É sínte lag marbh sa bhféar ghlas,
Go treasgartha tréith 'n-a luighe.



Gan iongnadh is trúig dam chun éaga,
Bheith i n-easnamh mo Major groidhe
Do dheineadh dam tiúsgal le héirim
Go tuigseanach béasach cruínn;
Do choinnigheadh sé an sionnach óm' ghéana;
Ní leogfadh na céise 'on choill;
Do dheineadh sé an leanbh a bhréagadh
Dá bhfeicfeadh sé léan ag sníomh.


L. 35


Insa tsamhradh nuair chuirinn 'sa réidh suas
Na ba seasga ar féar, is fíor
Nár chall dam go Samhain dul á bhféachaint
An fhaid mhair agam Major groidhe;
Mar théidheadh sé go minic á n-aodhaireacht
Gan leisge roimh ghaoth ná shíon;
B'é choinnigheadh iad i bhfothain a chéile
Dá mbeidís ó'n bpéist ag guidheal.



Is Luthmhar gach maidean a théidheadh sé
Thar gheata an demesne sa choíll,
A's thugadh chugham girraithe a's méith-bhruic
A dheineadh dam féin an cíos;
Thugadh sé an creabhar as an bhféith leis,
An bradán go héasga ó'n línn;
A's do stolfadh sé an báille as a chéile
Dá dtigfeadh sé i ngaor dom' thigheas.



Do bhuaidh sé ar chonaibh na hÉireann
Lá an chruinnighthe ar thaobh Chluain Caoin;
Agus thóg sé an cupa ar Shéasar
An madra thréig Jack Buidhe;
Do bhuaidh sé i nDuthalla ar Chéaró,
Agus thug uaidh an chraobh gan mhoill;
Agus bhuaidh sé i mBéal Áth' an Ghaorthaidh
An dá shabhran déag ar Chraoit.



Ní le hamhgar ná amhracht a traochadh
Mo mhadra tréith gan bhrígh,
Mar ba theann gheibheadh gach am proinne a bhéile
Go ceannsa ar mhéis óm bmnaoi;
Ach an clamhaire beag cancarach aodhaireann
Do leambart an géim sa chóill
A raid é go sanntach le piléaraibh
Agus chuir iad, mo léan! 'n a chroidhe.


L. 42


B 1915c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
21. Cois Tuinne.
Cois tuinne 's mé 'siubhal go luthmhar pras.
Do dhearcas-sa chugham an chúilfhionn tais.
Do dhruideas go dlúith lem' rún isteach.
'Sé labhair sí liúm nár bh'fiú liom stad.



Eisean.
"Ambasa, a rúin, dob' fhiú liom stad,
'S gur chuireas mo dhúil ad' ghnúis bheag dheas.
Muna dtigir-se liúm 's a thabhairt dom searc,
Cuirfear 'san úir mé ded' chumha gan stad."



Ise.
"Ní mheasaim ded' shórt ach dóithin mhaith,
'S ní hobair duit fós bheith 'stró liom seal,
'S go raibh agam óigfhear córach ceart,
'S ná feadar nach beó dom' stór ag teacht."


L. 43


Eisean.
"Cár imthigh sé uait, a shuairc-bhean dheas,
Go ndruideann a' chumha chomh dlúith sin leat,
Nó an misde leat cúntas do thabhairt 'na bheart,
Nó ar imthigh sé anúnn uait, a chúilfhionn deas?"



Ise.
"Ní misde liom cúntas a thabhairt 'na bheart,
Gur imthigh sé anúnn 's gur chúis fá ndear.
Bhí a chroidhe siúd bog úr a's a chlú ró-mhaith,
'S go bhfágfainn ag trúip a thabhairt amach.



Eisean.
"Sguir feasda ded' chumha, a chúilfhionn óg;
Ná fliuch-sa do shúil le cumha níos mó.
Do ceangladh liúm tú 'gus tú go hóg
'S tar mnáibh na Mumhan is tú mo stór."


L. 56


B 1902 19
U Anaithnid
27. Caoine Chormaic Uí Rioghbhardáin d'á mhac.



Mo shlán lem' leanbh a fuair gairm ó Rígh na gcómhacht,
Mo shlán lem' leanbh 'bhí maitheasach lán de spórt,
Mo shlán lem' leanbh bog taithneamhach áluinn snó,
Agus guidhim dó flaithis mar leabaidh go brách gan smól.



Gan smól, gan ceó, gan brón, gan pian,
Go raibh t'anam-sa, a stór, i gcór na n-aingeal dá riar',
Gach maidean a's neóin le dóchas aithchim go dian
Ar Athair na gcomhacht mo leomhan-sa 'ghlacadh le mian.


L. 57


is doilbh liom tú a Chormaic Óig insa chill,
Mo ghas bhrollaigh geal glan-osguilte ad' mheon 's ad' chroidhe
Is osna liom glaodhach obann ort a stór mo thaoibh',
Agus dar Gobnait níor bh'fhollus dam do shórt sa tír.



Mo bhrón trom, mo stór-chroidhe a leagadh go faon,
Róstaí ná ceól-sidhe ní bhreabfadh mé féin,
Ó mheónuighis do lóistín do ghlac' ó Mhac Dé,
Guidhim sógach síor ad' nódh-thigheas atá i bhflaitheas na naomh.



Aitchim óm' chroidhe ar Rígh na bhflaitheas go hárd,
Athair na naoimh, a Chríost, a's a thobar na ngrást'
Anam súd sgaoil gan mhoill go hobann a'd pháirt
Gan peaca, gan teimheal fá aoibhneas fada gach tráth.



Ba chlúmhail, cumasach, caradach, grádhach bhí,
Luthmhar, meanmnach 'n-a bhallaibh, gan cháim, gan teimheal,
Múinte, tagartha, blasda 'n-a ráidhtibh caoin'
Súgach, seasmhach, seasgair-suilt sásta, sítheach.



Dá mairfeadh le haois bhí gníomh 'n-a chnámhaibh tar fóir,
Bhí misneach 'n-a chroidhe agus íntinn árd go leór,
A leaca mar lítis 'coimhscar árd le rós
A bhéol blasda bog binn a's a chíor bhí táithte meón.


L. 62


B 1900c 19
U Anaithnid
29. Nach Fada an Lá.



Nach fada an lá ó mhaidin go dtí'n oidhche.
Mé 'sníomh mo roithneáil aige dorus na gaoithe,
Ag féachaint a' teacht thú, cúl trom díleas,
A' gabhailt an bhealaigh nó 'téanamh sgíste.



A rún 's a théagair, nach fada 'muigh thú!
Shaoil mé fhéin gur'b í an fharaige shlug thú:
Óch! chan í, ach bean eile thiob mé;
Tá mé claoidhte i ndéidh ar ghuil mé.


L. 63


Cúradh ar ghrádh! nach mairg a mbíon sé air
Is geal ó thús é, agus is dubh aríst é:
Is iomdha cailín beag óg a chlaoidh sé,
A cionn ar a glúin, agus a súile 'síor-ghul.



Cúradh ar ghrádh! nach mairg a thug é!
Aen-fhear martha ariamh dh'ar oil é!
Croidhe mo láir a d'fhág sé dubh é;
'S nach bhfeicinn 'sa tsráid nó'n áit i ndiu é.



Nár thruagh leat cailín beag ar mhalaí sléibhe?
Í 'cealgadh leinbh 's iad a' gul le chéile;
Ar beagán bídh 'gus ar gann-chuid éadaigh -
Nach truagh an chinneamhain a gheall mac Dé dí?



A rúin 's a théagair, ná tréig do leanbh
Ná pós bean gránda mar gheall ar eallach;
Is beag an áit i mbáidhfidhe bearach:
Támuid óg agus 'gheanamuid soláthar.


L. 64


B 1924 19
30. An Chaora Bheag Dhíleas.



A chaora bheag dhíleas, fan thuas go cionn míosa.
Ná bí thusa ag ísliú an gheamhair gach lá;
Óir cuirfear ó'n tsaoghal thú, beidh díoghbháil do bhídh ort;
Ná déan thusa an nídh sin a chuirfeas tú chun báis.



Ní chodlaim 'san oidhche ach ag osnadh 's ag smuíneadh
Go mbeidh tú 'sa phríosún faoi chost a's faoi chain;
'S a chaora bheag dhíleas, nach truagh dhuit an nídh sin
A chuirfeas an snaídhm ar do sgreadamán bán?



An Caora: -
"Barraidheacht a ghlac me, faraor, ded' chomhairle!
Ní ghlacfad níos mó dhé," 'sé dubhairt sisi liom;
"Tá m'uainín gach deoch, a's ní beidh agam deór dó,
Mur bhfaghaidh mise cead a bheith thríd a bhfuil ann.


L. 65


"'s a Cheallaigh, a stóirín, ná ceangal i róp' mé,
A's cuirfidh mé cóta ort bheidheas deas ar do dhruim
Ná cuirigidh 'n somhrughadh mé, 'nois go dtí'n foghmhar,
'S ní laoide lughaide de bhur ndornán mo soc-sa bheith ann.



"A Pheadair Uí Chiaráin, mo bheanacht go bráth leat
'S cuir brocaí na háite seo suas go Sliabh Ruaidh,
Prátaí nó gráinín, ní féidir a sábháil,
Mur gceangalfaidhe a gcnámha 's a gcur ins an uaigh.



"A Bhriain Uí Mhidheacháin, má leigfidh tú'n na bpáirc mé,
Bhéarfaidh mé trian duit a bhfuil ar mo dhrom,
Bhéarfaidh mé sgríbhinn duit i bpeann a's i bpáipéir
Nach dtéidhim go bráth thar an téorainn anonn.



"A Mhichil Uí Cheannuigh, ar rómhair tú an garrdha?
'Bhfuil tomóg nó gráinín ag gobadh aníos?
Mo mhallacht go bráth ar an tulach bhíos árd!
Ní bhíonn uirri ach ciaplach a's tomógaí fraoich."



Do thug sisi rása anuas ó na hárdáin,
Isteach 'un na bpáircí go ndearna sí cuairt;
Bhí Micheál go faillighe i gcoirnéal an gharrdha,
A lámh i n-a lomra a's greim ar a cluais!



Mharbh sé mo chaora, a's ghearr sé a sgórnach,
Bhain dí a croicean, a's stiall sé a cnámh';
Tá a huainín ag meidhligh ag iarraidh a mháthar,
Ag cuartú na bpáirc, ach ní'l sí le fagháil.



Droch-rath ar an ghaduidhe a mharbh mo chaora
A's d'fhág thú 'do dhílleacht, m'uainín bhig bháin!
A's mo chaora bheag dhíleas, gidh cruaidh na sléibhte,
Is mairg nár fhan tú ar na tulaighibh tá árd.


L. 71


B 1924c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain



33. An Cléireach.



A athair dhil ghrádhaigh ná cuir mé ód' láimh
'S gur duine mé atá gan chéile,
Gan pingin am' láimh, gan folt umam' chnámhaibh
Ach mé am' chaitheamh ó'n áit go chéile.
Do maitheadh do'n Rígh a pheaca le mnaoi,
'S do Pheadair dhein Críost do shéanadh.
Maith dhómh-sa mo phóg a sciobas le spórt
Sgaoil feasta mé i ngnó na cléire.


L. 76


B 1901 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
36. Láirín Cheanfhionn an Phaoraigh.



Ó Éistigh feasta liom féinig
Go n-eósfaidh mé sgéilín duain,
Ar láirín Cheanfhionn an Phaoraigh
'S go mairidh sí i réim go buan.
Ní'l aon chapall ar thalamh na hÉireann
Ná rithfeadh sí ar éigean uaidh;
A's d'fhág sí an Baile dhá mhéid é,
Agus choinn sí'n sway i dTráigh Mhóir.


L. 77


An té bheadh i dTráigh Mhóir an lá úd
chífeadh sé an sáir-fhear groidhe,
Gur bh'ainm dó an Máighistir Seán Paor
Ó Lios na gCocán so thíos;
B'í an capall do bhuaidh an dá lá ann
Mar is í nár bhácáil aon chlaidhe,
A's chuir sí as distance gach lá ann
An Spitfire 's an Fairy Queen.



'S nuair chuaidh na marcaigh i n-áirde
Bhí gach éinne ag fagáil na slighe;
'S cualthas an chuideachta ghrádhmhar
Ag cur geallta as an Fairy Queen:
Nuair fuaradar an focal chun tiomáinte
'S ag déanamh ar an gceathramhadh claidhe
Bhí cosa mór-sheisear i n-áirde
'S an láirín i dtúis na slíghe.



'S an cúigmhadh lá fichead d'Octóbar
Bhíomar, a's gleó 'nár gcroidhe,
Ag féachaint ar láirín an óig-fhir
Dá chimilt le róbaíbh buidhe;
Bhí mórán eile fá bhrón ann
Ag sileadh na ndeór go fuidheach;
Bhí marcaigh a's capaill ann leóinte
'Bhí a bhfad i gcreideamhaint sa tír.



Tháinig an Séaghdhach lá'r n-a bhárach
A's labhair leis an sár-fhear groidhe
d'iarr sé tamall dá láir air
A's go ndéanfadh sé féin marcaigheacht.
'Sé dubhairt sé ach, "Gheóbhair agus fáilte
Dá dtuitfeadh sí i lár na slíghe,"
d'fhág súd deich bpúnt a's dathad 'n-a phóca
Mar rinn sí fá dhó an gníomh.


L. 86


B 1924c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
40. Cois Abha Mhuaire.



"Is ró-bhreágh an dútha go mbéarainn liom thú,
Cois Abha Muaire na nDéiseach,
Mar a labhrann an smóilín 's an lon go ceólmhar
Agus fiadh na mbeann ann ar saothar.
Bíon cnaí cumhrtha ann ar chrainn ag lúbadh
Agus bláth na n-ubhal ann ar ghéagaibh,
'Gus an chuach gan amhrus i dtúis an tsamhraidh
'S an tradhnach ag labhairt san bhféar ghlas."


L. 87


"Ná pós an smíste dhe bhodach chíor-dubh,
Ní bheidh sé choidhche ach ag pléidhe leat;
Beidh sé ag bruidhean leat de ló agus isd oidhche
'Gus ag casadh gníomhartha an tsaoghail leat;
A chuid 's a mhaoinach, ná tuig it' íntinn
Ná gurab í an fhírinne léighim duit;
Ach gaibh le buachail ó Chois Abha Muaire
Ná cuirfidh gruaim san tsaoghal ort."



Innis dod' athair nó dod' mháthair,
Pé acu is fearr leat féineach.
mar ní'lim-se fállsa bocht nó cráidhte
Chun dul ar sgáth éin-sgéil leo.
Ach tá 'gam árus fairsing fáilteach,
Agus mórchuid stáit dá éagmais,
d'imireóchainn táiplis i bhfocair bhfear ngalánta,
Lucht Laidin' árd a's Gréigis."



"Ní 'neósad dom' athair nó dom' mháthair,
Pé acu b'fhearr liom féineach;
Mar is annamh áitreabh, cruach, ná stáca
Ag máighistir sgoláirí i n-éan-chor.
Nílím ag áiteamh ná fuilim i ngrádh leat
Thar a mairean beó san tsaoghal so;
Seo barr mo lámha dhuit agus glac le páirt í,
Do mhalairt go bráth ná déanfainn.



Dá dtiocfá-sa anonn liom is ró-bhreágh an tabharthas
Thabharfainn ann dom' chéad shearc;
Diamonds, jewels, agus carabuncles
Agus seóda luachmhara daora;
Marcaigheacht shúgach i gcóistibh teampuil
Agus eachra ann dá ngléas duit;
Gach lá breágh samhradh ar shráid mhóir Lonnduin
Agus cur slán anonn le hÉirinn.




L. 98


B 1846lsc 19L
U Anaithnid
45. Cailín deas Crúidhte na mBó.



Tráth mhaidne cois leasa 's mé am' aonar,
Agus drúcht ag cur néimh' ghlain ar rós,
'S mé ag machtnamh ar chleachtaibh an tsaoghail,
'Gus 'éanlaith ag sméideamh chun ceóil.
'Seadh dhearcas an ainnir mhodha'il bhéilmhilis,
Dob' áilne'r bith caomh-dhriuch a's cló;
A's Cumann na foirne do thréig sí
'S í Cailín Deas Crúidhte na mBó.


L. 99


"'S an tú Déirdre chailce, nó Hélen
Thug Páris dho'n Trae leis do dhóghadh,
Nó an ainnir thug casadh dho Ghréagaibh
Ba chalma ar tréan-mhuir nó i ngleó?"
"Ní héinneach dar chanais-se féin mé,
Ach caomh-bhean bhocht aonair gan treóir
Atá am' shracadh idir ghallaibh ó chéile,"
A dubhairt Cailín Deas Crúidhte na mBó.



Pé dhearcfadh an ainnir le dlúth-chruinneas
Maidean geal drúchta nó ar neóin;
'N-a déis ghil a's Phéabus ag músgailt,
Cois taobh coille ag dúiseacht a bó;
Ó is tréith lag mo chréachta-sa ag tnúth leat,
A chéid-shearc 's a phlúr na mban n-óg;
'S ní thréigfinn tú ar shaoghalthacht an Bhrúnaigh,
A Chailín Deas Crúidhte na mBó.



Tá curaí na cruinne 's na faolchoin
Chun teagmháil le chéile fá dheóidh,
'S go Banba mhilis na saor-fhlaith
Ar íntinn teacht gléasta sa bhfoghmhar.
Tá a chlaidheamh a's a ghunna 'ge Séarlus
I dtosach mar laoch ins an ghleó,
Dá mhaoidheamh gur dó is cirte mar chéile
Cailín Deas Crúidhte na mBó.



Ó'n gceó-chnoc so thóig sí chun siubhail mé,
'S go raghainn ar long leat chun seóil;
Dá seóladh chun bóchna go súgach,
A's Neptiún dár gcúmhdach gach ló;
Téitis dár saoradh 's dár gcúram,
Agus Orphéus ag tiúin-sheinim cheóil,
Dá mba mhéinn siúd lem' bhé mhilis mhúinte
'S í Cailín Deas Crúidhte na mBó.


L. 102


B 1864 19L
U Anaithnid



47. Amhrán na Ráinne.



Éistidh lem' ráidhtibh, a's déarfad libh dán beag
Ar mo sgafaire ráinne do goideadh;
Do bhí sí glan-ghearrtha, suidhte, so-sháithte
'S ba chabhair 's ba cháil í i meitheal.
Ba luath ins an rás í gan luasgadh ar éan-chnáimh liom
Ó'n gCeól sidhe rug barr léi ar bhinneas;
Ní hiaran ná prás í, ná miotal trom láidir,
Ach fíor-chruaidh ó lár go dtí himeall.


L. 103



Ba leabhair do sháithfeadh, ba shocair, ba shásta,
Ní chluigfeadh do lámh a's ní ghruigfeadh;
Do bhí sí glan-bheárrtha 'ge tuaigh 'gus ag plána,
'S is í bhí go háluinn chun buinte;
Ní hiubhar í, ní feárnóg, déil bhog ná cárthann,
Fuinnseóg, dair láidir ná cuileann;
Ní hi nÉirinn riamh d'fhág sí, thar faraige tháinig,
Mahogainí áluinn bhí innti.



Ba ghlaine 'n-a faobhar í 'ná an claidheamh soluis éachtach
Do bhíodh ag na féinnidhibh chun gaisge;
'N-a chathanaibh tréana dá mbeadh sí 'ge Saesar
Bheadh buadh gach éan-lae 'ge dá barra;
Ag Samson, an tréan-fhear, dá mbeádh sí siúd tréimhse,
D'fhágfaoi na céadtha léi marbh,
Gan mearbhall d'éinne, do b'fhearr í chun laochais
'Ná an corán lom maol úd, giall asail.



Do b'fhearr ins an ngleó í 'ná an claidheamh cinn óir úd,
Ná sleagh Ghuill Mhic Mhóirne mar mheasaim;
Do bhí sí 'ge Bónaí i gcathanaibh móra
Ar fuid na hIúróipe, 's níor mheatht' é;
Do bhí 'gus ar bórd ag na Gréagachaibh cródha
I ndiaidh Hélen an óg-bhruinneal chailce,
d'fhág tréinn-fhir go feóchta, 'gus mná a' sileadh deóra,
'S an chathair 'n-a smólaibh ar lasadh.



Dá mbéadh sí 'ge tréan-Tailc ag cosgairt na laoch mear
Do gheóbhadh sé barr laochais a's gaisge,
Nuair d'imthigh an bhé uaidh ar choimirc na Féinne,
Do lean sé n-a ndéidh siúd chun catha;
Do bhí arm glan faobhrach i ndorn gach laoch díobh,
'S iad siúd bhí go tréan ins an gcaismirt;
Cé leag sé na céadtha 'cu i gcomhrac ceart éin-fhir
Do fágadh é tréith lag gan tapa.


L. 104


Gheóbhad-sa amach, barántas ag cuardach mo ráinne,
Cé dubhach mé 's cé cásmhar dá heasbaidh;
Cuairdeóchad gach áit dí mór-thímpal na Blárnann,
A's Corcaigh 'nar ghnáthach a samhail;
Ní stadfad de'n stáir sin go Tiobraid Árann,
'S go Mainistir ársa na Corran;
A's t'réis siubhail go fánach mara bhfuightar i dtráth í
Cuirfead sailm 'n-a deáidh i ngach phobal.



Is athuirseach cráidhte mise 'n-a deáidh siúd,
Ní thigeann go sámh liom-sa codladh;
Pé bitheamhnach grána do bhraduigh mo rán uaim,
A's d'fhág mise i ngábhtar go follus,
Ní'lim-se ag áireamh basgadh ná báth' dhó,
'S ní ghuidhfinn go bráth dhó é chrochadh;
Ach déarfa mé dán dó a lomfaidh na cnámha dhé,
Muna gcuirfar am' láimh é go hobann.


L. 110


B 1901c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
51. An Gamhnaighthidhe.



Do chuadhas go Droichead Banndan
Ar aonach cheart na Samhna,
'S is mise bhí ins an am soin
Gan amhgar, gan ghádh;
Gur cheannuigheas blúire gamhnaighe
Ó fhear andeas ó'n cheanntar,
'S ní bhfuaireas riamh i ngeall í
I gceannraigh, ná i gcnáib.


L. 111


Níor fhágas comhngar cnuic ná gleannta
Ná i n-aon-bhall go raibh m'amhras,
I gcumarach Ó Amhnaigh,
I gcabhlach, ná i steál,
Gan cuardach seal dom' ghamhnaigh,
A's blúire ní raibh ann dí;
A's féach air sin mar chlampar
Do bhí geallta do Sheán.



Do ghabhas tré chnuic a's sléibhte
Agus bóithre cumhanga caola,
A bhfad amach óm' ghaoltaibh
'S gan aon tuairisg d'fhagháil;
Gurab é a deiridís le chéile,
"Ní aithnighim tusa i n-ao' chor,
Pé acu duine atá le céird thú
Nó réice bocht fáin?"



Níor crádhadh riamh an croidhe ionnam
Gur ghabhas tré Inse Gheimhleach,
Bhí cailíní na dtíortha
Dom' chíoradh agus dom' chrádh;
Do shtracadar go cruinn mé,
Agus tharraing tríd an dríb mé,
Mo mheabhair acu go claoidhte,
'S mo chroidhe go lag ar lár.


L. 118


B 1899 19D
U Anaithnid
55. An láir dubh nimhneach.



Ar maidin Dé hAoine 's mé 'taisdeal 'dir dhaoinibh
Bhíos éadtrom bríoghmhar gan mhairg;
Bhí'n bóthar breágh díreach, ní raibh cas ann ná tímcheall
Do chífeá céad míle led' dhearcaibh.
Ní raibh guta ná dríb air do sháileóchadh d'íoctar
Bhí cíorluightheóirí ann o'n gcathair,
'N-a sgataíbh dá sgríobadh ó mhaidin go hoidhche
'S níor fhagadar teimheal ar a bharra.


L. 119


'Nuair fhéachas mór-thímcheall chonnac seana-láir chíor-dubh,
Bhí sí ag sgreadadh go coímhtheach 's ag caitheamh,
Bhí an strathair 's an bríste ar síleadh siar síos léi,
'S gan ann ach amháin clíotrach an charbaid.
Ní'l aon neach sa tír seo do dheiseóchadh arís é,
Do thiomáin sí 'n-a shnaois é tar balla;
Do shracfadh sí daoine, asail a's caoire,
Nuair a chífeá srumaí le n-a teangaidh.



Chonnac seana-bhean chríona caithte sa díg ann,
Tar éis í bhualadh san chroidhe leis an gcarra;
Do chnuasuigh a muíntir a's bhí na comharsain dá caoineadh
Mar bhí an Ghaedhilg bhreágh líomhtha ar a teanga.
Ar mo mhóidibh gur shíleas ná mairfadh sí mí againn,
Ní bhlaisfeadh sí fíon uaim ná bainne,
Ach nuair a lasas mo phíopa thugas gal dí do Shíle,
A's do thóg sé í arís ó sna mairbh.



Greadadh agus díth ort! a sheana-láir chíor dhubh,
Cé sheól ins a tír thú ar maidin?
Tá tú go fíochmhar ag cluicheadh na ndaoine,
Cuirfead mallacht a's oirbhíre ort go tapaidh,
Ní thaithneann do shlighe liom a sheana-láir chíor-dhubh,
Ní dhéanfainn tú chíoradh ná aisgeadh,
Mar ní chodlann tú an oidhche ach ag cogaint 's ag gíorach
'S ní chuirfinn easair ná tuighe fút mar leabaidh.



Ní mholfainn-se choidhche an tseana-láir chíor-dhubh,
An coigcríoch coímhtheach ná stadfadh,
Ach ag stealladh 's ag ringce, 'cur aithis ar dhaoinibh
's ní tharaingeochadh aoileach ná carta.
Ní threabhfadh sí díreach ithir ná coinnleach;
Dá dteangmhochadh an chuing léi do sgreadfadh,
'S do chráidhfeadh sí an croidhe ionnat dá casadh mór-thímpal
'S bheadh na caol-fhódaí sínte neamh-shlachtmhar.


L. 120


Tháinig Seán Mór Ó Laoghaire 's bhí fuinneamh n-a ghéagaibh,
'S do shíleas go ndéanfadh sé gaisge,
Do chimil sé a héadan, 's do rug ar an mbéalbhaigh,
A's ba dhóigh leat go réabfadh sé an talamh.
Nuair do labhair sé leí i nGaedhilg do bhuail sí san phlaosc é,
'S do shín ar a thraost é n-a leastar.
Do bhíomar ag glaodhach air gur chnuasuigh sé éifeacht,
An faraire tréan ó Chluain Meala.



Do liúigheas-sa ar pheeler a's do rith chugham dhá thrí aca,
Do bhuaileadar í leis an mbata.
Do tháinig an sargent, agus 'fhiotán go lán aige
A's dubhairt sé go lámhachfadh an capall
Ar maidin amáireach ar bholg na sráide,
Mar go raibh sí ag déanamh díoghbhála le fada.
Nuair d'airigh an láir é, do bhuail sí sa ch'rán é,
A's do shín fé n-a brághaid é gan tapadh.



Do rugas ar láimh air a's do thógas i n-áirde é,
Mar bhí aithne bhreágh 'gam ar 'athair,
Is i gContae Phuirt Láirge do rugadh a mháthair,
Thugadh biadh do'n bhochtán agus leabaidh.
Dubhart leis gur láir í 's go raibh sí ar na stárthaibh,
'S gurbh shoit liom í lámhach insa chathair,
Go ndéanfainn rann dáin dí i dteanga na mbárd,
Mar go raibh na filí tar éis bháis insa bhaile.


L. 124


B 1898c 19D
U Mícheál Mac Suibhne
57. Amhrán na Taidhbhse.



Ag siubhal go hEachros dam an mí roimh Bealtaine,
d'éirigh beagán fáin dam mar gheall ar mhnaoi,
I n-aimsir dhorcha bhí 'tosú ag báistigh,
A's bhí an tráth sin ar uair a naoi:
d'éirigh colg orm crith a's eagla,
'S an nídh nach nár dam, do gheit mo chroidhe,
Mar 's geárr go bhfaca mé an fear 's gan snáithe air,
'S a dhá láimh táirngthe ó chúl a chinn.


L. 125


B'é sin an dos orm i mbéal na beárna,
'S ní raibh mé dána le dhul ar m'aghaidh;
Cidh gur chríothnuigheas 's gur ghlac mé eagla,
Budh mhór an náire liom filleadh uaidh;
Ach smuíneas beart eile de chomhachta an Áird Ríogh
A's chuir mé caint air as ucht mo Dhia,
"Má's spirid mhalluighthe thú nó taidhbhse thárla,
Mo leigean slán go hEachros siar."



Anso do labhair sé de bhriathraibh tláith' liom,
"Thogh tú gárda nár chlis ariamh;
Comhachta Flaitheas atá i gcomhnuidhe láidir,
A's Mac na ngrása 'tá os ár gcionn."
Ansan a stadas a's d'imthigh m'eagla,
A's d'fhan mé ag caint leis gur éirigh grian,
'S do réir mar cheasnuigheas é fuair mé freagra
Gur scríobh mé i ndán é le bárr mo phinn.


L. 128


B 1924 19
U Anaithnid



59. SÍLE NÍ GHADHRA.
Aréir ar mo leabain 's mé 'machtnamh trém' néaltaibh.
Ar an ríghbhean dob' aoibhinne thúirling ó Ébha.
Bhí a cuacha léi sgaoilte go triopallach péarlach.
'S a cnis mar an lile a dh'fhásann gach féile,
Bhí a gruaidh mar na caora 's a gné mar an rós;
A dhá mala claona 's a glé-rosc gan cheó
'S í ag


L. 129


seinim a bhéarsa ar théadaibh go meidhrach.
Go raibh Éire; 'rís buaidhte 'ge Síle Ní Ghadhra.



Do dhruideas 'na coinne 's do bheannuigheas go séimh dí,
Mo hata dem' bhathus a's d'úmhluigheas go féar dí;
d'fhiosruigheas fios a hainm' nó cá sloinne n-ar díobh í;
An í Bhénus bain-dé í do threasgair na mílte.
An tú Dídó, nó Iúnó, nó Pallas bean groidhe
Nó Helen ó'n nGréig do thug léirsgrios na Traoi,
Nó an fhinne-bhean bhéasach sgaothán gach maighre
N-ar bh'ainm dí Éire nó Síle Ní Ghadhra.



'Sé Éire fós m'ainm, a's admhaim do Shíle,
Cé chuir éirleach na méirleach, Rí Sacson, ó thigheas mé.
Ár dteampoill gur leagadar 's ár sagairt gur dhíbir
'S ár n-Aifrinn dá léigheadh dhúinn cois sgairt 'gus díge:
d'fhoighnigheas go cródha go dtáinig an t-am,
Gur neartuigh mo ghaolta 's gur dh'aosuigh mo chlann,
Go dtáinig ár saor-fhear mo shéimh-fhear mar oighre,
'Sé Domhnall Ó Conail, mac Shíle Ní Ghadhra.



'S a Shíle na gile, na finne, 's na féile,
Admhaim tú choidhche 'gus tugaim duit géille,
Ach réitigh an cheist seo, 's ná bhí-se liom bréagach,
An bhfaghaidh Domhnall 's a chonganta an cúrsa do réidhteach?
Do bheirim mo bhriathar mar deimhin ar gach sgéal
Go scíobfaidh tar triúch chughainn anall an repale
Go mbeidh an chaomh-chruit d'á gléas 's í ag seinm go meadhrach
Agus Parliament glaoidhte 'ge Síle Ní Ghadhra.


L. 130


Níor bh'iongna liom féin mo shéimh-fhear mear groidhe
Dá dtréigfeadh an cúrsa a's dá reábfadh a chroidhe
Tré gach tallaire méirligh do thréig é ar díol,
Do bhótáil le méath-phuic a' cur deachmha ar gach síol,
Bhí an sagart Fuarthán ann ó Dhún-na-mbarc thiar
Flannubhra ó Chluan Meala agus tuille de'n chliar
Nár náireach an gnó dóibh a gcúl thabhairt do'n oighre
'Tá ag cimeád géar-leanamhuin veto ó Shíle Ní Ghadhra.




B 1898 19D
U Anaithnid
60. Caiptín Seorsa Ó Máille.
An sémhadh lá de'n fhoghmhar tráth thógamar ár seólta,
Ag imtheacht as na cóstaí seo ar thóir an Mhionáin siar;
A's thart le Cruach na Caoile 'gus 'nuas le Rinn an Mhaoile,
Inis Torc taobh thíos de's Tráigh Bhríde ar fad taobh thiar.
Nó gur dhoirteamar le fánaidh tré


L. 131


fharige d'á cárnadh
Go ndeárna 'mach an Ráithche ó bhí iarraidh orainn ann,
Ach ag sceineadh thart le hÁrainn do neartuigh 'rainn an gála,
Bhí cúrsaí 'stigh ar sáith 'gainn 's níor thráth dhá fhaillighe é.



Bhí croí na luinge i n-aoinfheacht a' dearcadh suas am' éadan,
Ag súil le réidhteach uaim-se 's gan aon mhaith díobhtha ann,
Ach dubhart mé leó ar aon chor go ndéanfainn díobhtha féachaint
Ag iomchar a cuid éadaigh chomh fad 's b'féidir léithe snámh.
An tráth theannamar uirre an t-éadach 'seadh thoisigh sí ag pleusgadh,
Ag lúbadh i n-a chéile agus ag imtheacht mar bheadh cú;
An fharige gur dhéan sí, 'sé 'cur na dtonna tréana,
'Gus an sneachta a dtuaidh dá shéideadh go dian in mo shúil.



Nár mhór an chlú 's an sásamh dúinn an bealach úd do tharla,
'S nach raibh éinneach d'ár gcáirde ann, ach ár námhaid ar gach taobh;
Bhí police ann ag gárdáil agus water-guards a' dearáil,
Bhí revenue na háite ann, 's gach dream dá ndeachaidh leó.
Bhí cutters bheaga 's móra ann, 'gus an Clew Bay salach leobhtha
Agus luingseacha Seóirse ins a tóir uilig 'n-ár ndiaidh;
Ach is mise Seórsa Ó Máille, fear maith de chineál Ghráinne
Chuir mo lochdaí i dtír go sásta agus Captín Ward ar suan.


L. 132


B 1924c 19
61. An still a bhí ar coigrích.



A ghaige ar na Breacaigh, cha dtug tú domh cádhas,
Má's minic ariamh d'fhág mé thú 'do cham-stáca.
Tháinic tú ar chúl oidhche 's thug tú leat grápa,
A's bhuain tú asam an meanach gan fhios do mo cháirdibh.
Is théim baile is théim bó.



Dá bhfeicfeá Seán salach ag teacht leis an ghrápa:
Ba ró-mhaith an sodar nách dteichfeadh go láidir!
Chuaidh mé ar mo ghlúinibh a's d'iarr mé air-sean párdún:
"Tá mé ar coigcrích a's congbhuigh do lámh uaim."
Is théim baile is théim bó.


L. 133


'Sé an freagra thug sé orm, "Cha chongbhuighim mo lámh uait.
Óir tá mise i gcadhughadh le corradh a's ráithe;
Buailim féin daidí a's sgiuraim féin máithre;
Aifrean ná teagasg cha dtugaim féin áird air."
Is théim baile is théim bó.



"B'fhurus domh aithniughadh nách raibh tú mar chóir duit,
Nách rachthá-sa 'un aifrinn mar rachadh do chómharsain;
'Sé Urnaidhe na Maidne bheidheadh agat Dia Domhnaigh;
Bréaga agus cúlchaint agus troid le do chomharsain.
Is théim baile is théim bó.



Nuair a chluinfeas mo chlann-sa a mbéidh mise ar a dtábla
Tréartha Sheáin shalaigh, cha bhíonn siad-san sásta;
Nuair a thiocfas an Seisiún 'gus fear na bhuige bháine
Cuirfar sa bharra thú a's dóghfar sa láimh thú."
Is théim baile is théim bó.


L. 152


B 1850obc 19L
U Anaithnid
71. Ar Mágh Ghlas na nGeal mBánta.



Is mithid feasda trácht ar dhearamad na mbárdaibh
'Na bhfriotal ghasda fáidhghlic chun dánta 'gus laoi;
Ná tug tosach áirimh do Mhágh ghlas na ngealbhánta,
An leirg do cheap Ádam chun áitreibh a's Eve.
Tá crann na n-ubhal ag fás ann, Olive a's oráistí,
A's cocoa nuts le


L. 153


fagháil ann gach lá ar an gcraoibh;
Tá'n bile glas faoi bhláth ann 'n-a dtug an chuach léi hál as,
'S a samhail ní'l le fághail i n-éan pháirt eile'n tír.



Is árd tá fiadh na mbeann ann ag trácht de mhaoilean gleannta,
Tá an eilit óg ag damhas ann gan amhras i gcoill;
Tá sionnach ruadh na meang ann, an broc i scairt go teann ann,
An girrfhiadh gearr i dteannta 's is reamhar é an coinín;
Tá an eala ar linn go buacach, an fhaoilean breac ag gluaiseacht,
An fiolar críona i gcuasaibh, a's gan luasgadh air ó'n ngaoith,
Ar neóin 'seadh chítear creabhair ann, an smóilín binn ag labhairt ann,
'S is cliste é cor an tseabhaic ann go crannda le haois.



Tá'n céadar righin ag fás ann n-ar cuireadh puinn san áirc dhe,
Mar canaid, an chéad árthach do snámhuigh riamh ar tuinn,
'S is ann do cumadh bárca do'n churadh chliste Iáson,
Ag gearradh sleasa ar sáile go ráinig an Flíos;
Tá'n t-ubhal, an cnó, 's an t-áirne faoi chaora ag lúbadh cárthain,
Saothar beach d'á fhásgadh ann gan trághadh ach mar an Níl;
Tá'n bradán geal le bás ann, 's an breac le sluit le láimh ann.
An corn crosach lán ann 's céad fáilte chun suidhe.


L. 154


Is taithneamhach an áit é 's ní shroichean gaoth an bháis é,
Go dtug an tseilg neámhdha le spás ann Oisín,
A's is ann do bhí moladh Pháris ar theacht an ubhail d'á láthair,
Do threasgaruigh na táinte 's thug ár-scrios na Traoi;
Tá cúrsa díreach ráis ann, fé chiumhais na líog an Spá ann
Luibheana cumhrtha ar bánta ann le fagháil ins gach mí,
A's an cliuite súighte tnáidhte de bhrúid mhuirt-dúir gan sláinte,
Dá gcaithfadh sé trí lá ann, bheadh 'n-a shár-rith arís.



Gach buinne leabhair de'n árd-fhuil budh chliste i gcuing le náimhdibh,
Ar bhathasaibh ba ghnáthach faoi láimh gliocais Finn,
Gurab é d'ionnsuigh Conall Céarnach tar éis ruathair ruadh ar Chlár
Luirc
Ag imirt díoghaltais bháis a Ghaedheal-bhráthar mar bhí:
'S ann do thug mac Dáire tar éis taisdil triúcha an Bhláithnait.
Thug éag na seabhachán leis faoi sár-reatha draoidheacht,
A's Pádruig nuair a tháinig do bheannuigh críocha fáil dúinn
Gur dhubluigh sé an bárr air trí a bhreághtha ós gach tír.



Tá béithe múinte ghnáith ann, ionnraic, fiúntach, fáilteach,
De phlúr stoc Mumhan nár cáineadh i n-am gáibhte ar a ngniomh,
Go luinneach, lonnrach, fáinneach craobhfholt fionn gach báb díobh
Mar ghéis ar siubhal 'san áireamh mar sgáilthig an aoil;
Gach cúrsa ar bhfhiu é trácht air ó thárla Maois i ngrás chughainn,
Caortha teinte Shodaim nuair deárnadh dhe spríos,
Craobhcha crainn a's cága a's naosgach na gcaol spága
Go dtaraingid le snáthad ar bhán-bhruit go cruinn.


L. 155


Ní slad ná díoghlaim dánta é de chríonach fuighlach fáige.
Ná líonadh laoi le soláthar na mbárdaibh gan treóir;
De'n ionad oinigh fáilte é, criosdal chnú gan cháine
Ar dtús tug clú 'gus bárr leis ó'n árd chruinne mhóir;
Tá taoid de fíonta Spáinne do shíor ag tigheacht dot láthair,
'S n t-íot do chlaoidhigh na táinte nár fhág ann aon deór;
De'n chléir bíon dís gach tráth ann, do'n éag má taoir i ngábhtar
Is an chraobh tar éis saothar Chláir Luirc gur fhág i Móin Mhóir.


L. 166


B 1795obc 18D
U Éadbhard de Nógla
76. An rógaire dubh.
A Ghaoidhil chirt dem chomhgas is beódha do ghuth,
Is binn liom do ghlórtha 's is ceólmhar do chruit,
Is aoibhinn do sceolta ach ná fóghnann mar shuilt
A mhaoidheamh san ár leógan gur rógaire dubh.
Ní rógaire 'om dhóchas ach cóirbhile glic.
A thóigfeas an ceó so de Fodla 's an bhroid,
Beidh glóire 'gus mórdhacht a's mórtas againn.
Tré sheóladh na córach i gcróinn chirt 's i gcion.


L. 167


An bhuidhean san do bhreóidh me 's chuir brón ar mo chruith,
Tug druim leis an nglóire 's thar teórainn do rith,
Le faoilthibh thar cóimhreamh ag tórmach an uilc,
'San díg beid gan cóthrom 's gach rógaire dubh.
Ní rógaire den chóip seo mo leógan dar liom,
Ach cóir-phola cródha noch dfhóirfeas dom ghoin,
De mhór-shliocht na comhairle do thógfadh 'n-a rith,
As dreoighteacht na slóighte le deóir bheag den fhuil.



Mar scríobhtar le hórdaibh an eóluis 'n-a rith,
Ó thíocht mic na glóire i gcóir-cholainn fir,
Gach sinnsear gur seóladh angótha ? ar a shliocht,
Le faobhar neart is fórsa gach rógaire dubh.
Gach rógaire seóladh thar teórainn 'n-ár nid,
Gach rógaire seóladh thar teórainn 'n-ár nid,
Beidh breódh ortha, dógh ortha, feóch' ortha, a's scrios,
Beidh córda fá sceólbhaig gach óinmhid aca,
Nó romharfid sin bóthar san bhóchra ? chinn-rith.



Tá an abhainn ag tórmach le comhachtaibh a dtruip,
Chun sceimhle 'gus scóladh gach cóbach do chur,
Beidh díbeartha an mhórfhlaith thug tón leis an Sprid,
Faoi naoi cheart 'san bhfoghmhar 'n-a theórainn tar luis.
Ní rógaire is dóigh liom gach óigfhear do thig,
I bhfórsaibh na n-óg san le glórthaibh a ndruim,
Sa chomhlann, mo dhóchas, má leóntar na fir,
Beidh cróinn cheart na glóire mar nóchar aca.



Tá Clíodna Chois Mhóna na deóraibh do shil,
Ag caoine chloinne Eógain go ceólmhar anois,
Is Aoibheall ón ngleó-Chraig is beódha tá a ruisc,
Ag maoidheamh sleachta Bóirbhe tá i gcóthrom 's i gcion.
Níl rógaire dóighte do thóg leabhar dubh,
Tug tón leis an Róimh thoir 's ón órdal ? do thuit,
Do dhóghaidh fionnadh a chóta le móidibh an choir,
Ná stróicfar i ngleó cnuic 's ní brón liom a mbroid.


L. 168


Íosa na gcomhacht ngeal fuair mór-ghuith i gcrois,
Mo ghuidhe libh, i ndóchas go dtógair ár sprid,
Go stríocair an ceó so den Fhódla 's an bhroid,
Is díbir dá bpórtaibh gach rógaire dubh,
Guidhim fós libh gach rógaire sheóladh tar muir,
Athbheothaidh ár nglórtha is cuir leó-san gach broid,
Ní leór san dot ghlóire, níl teóra leis sin,
Is fógair a bhfórsa le hógchonaibh uilc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services