Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Gaedhilge II

Title
Duanaire Gaedhilge II
Compiler/Editor
Ní Ógáin, Róis
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: C.O.É., 1924)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ciamhair cráidhte an croidhese;
An croidhese ciamhair cráidhte.
Ní fhuil sláinte im' ghoirese;
Im' ghoirese ní fhuil sláinte.



Do marbhadh an t-anamsa;
An t-anamsa do marbhadh.
Atá adhbhar agamsa;
Agamsa atá adhbhar.



Ciamhair atá m'intinnse;
M'intinnse atá ciamhair.
Ciamhair gion go n-innsimse;
Gion go n-innsimse ciamhair.


L. 76


Fuarsam gach ní dob' olc linn;
Do locsam bheith go dubhach.
Ó nach bhfuil olc d'ár n-easba
Déanam feasta go subhach.


L. 103


B 17-- 18L
U Anaithnid
58. AR MAIDIN DUIT A MHACAOIMH ÓIG.



Ar maidin duit a mhacaoimh óig
Iarr teagasg ar an dTríonóid;
Ionnail go cáidh, gabh go glan
Gan sal, ad' láimh do leabhar.



Féach gach líne go glinn glic,
Déan meabhrughadh go minic,
Ceacht beag is meabhair ghéar ghlan,
A leanaibh féach gach focal.


L. 104


Bheith a' féachain chách ná cleacht,
Tabhair t'aire do d'aon-cheacht,
Taisgidh í ó chúl do chinn,
Bí ré gé cruaidh an comhlann.



Gé madh cruaidh í ná géill di,
Ná stad choidhche go gcuirfi
Go socair caoin re chéile
Caoimh-fhocail dá aimhréidhe.



Ar muir mhóir an léighinn láin,
Bí ad' loingseoir mhaith, a mhacáimh,
Bí, madh áil ad' fháidh eagna,
A ndáil catha do chóimhfhreagra.



Do'n eagna lán is d'a fios
An tan gheabhas tú toirchios,
Biaidh gach flaith fá chíos ad' chairt,
Biaidh ann gach leath ad' labhairt.



Ibhidh gach laoi, lán-digh dhi,
Tobar na heagna uaisle,
Ní badh searbh ad' bheol a blas,
Badh sealbh óil agus aoibhnis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services