Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Gaedhilge

Title
Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Ní Ógáin, Róis,
Composition Date
1921
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duanaire Gaedhilge



Cnuasacht de na Sean-Amhránaibh is
áilne agus is mó clú.



Róis Ní Ógáin



do chruinnigh agus do chuir i n-eagar.



Comhlucht Oideachais na h-Éireann, Tta.


L. 3


Réamh-rádh



Tá obair shár-mhaith déanta annso ag Róis ní Ógáin. Do
chuir sí dán-chruinniughadh le chéile nach furas a shárughadh ar
bhinneas agus ar mhaitheas. Cuirim fáilte speisialta roimh an
leabhar so, óir do chuir sí isteach ann cuid mhór de na
h-amhránaibh is feárr liom féin, agus tá a cuid nótaí soiléir
só-thuigsionach sói-léigthe. Ní bhfuighidh an léightheóir insan
leabhar so acht fíor-bheagán de dhántaibh a bhfuil eolas againn
ar a n-ughdaraibh. Tugadh fá deara go minic nach iad na rudaí
is fearr i litridheacht na Gaedhilge na rudaí a bhfuil eolas
againn ar a gcuid ughdar, acht na rudaí nach bhfuil aon eolas
againn ar cia scríobh iad; agus dá bhfágtaoi amach trí nó
ceithre de phíosaibh as an leabhar so, d'fhéadfamaois “dán-
chruinniughadh do cumadh le hughdaraibh gan ainm” do thabhairt
air.



Béidh an leabhar fíor-úsáideach do gach aon duine a bhfuil
spéis aige i bhfilidheacht na nGaedheal, agur go mór-mór do
mhacaibh-léighinn. Aon mhac-léighinn nó aon inghean-léighinn a
dtiocfaidh an leabar so in a lámhaibh, tá súil agam go
bhfoghluimeóchaidh siad de ghlain-mheabhair cuid de na dántaibh
is mó thaithnigheas leo. Ní fearr aon tslighe eile chum máighis-
treacht d'fhághail ar an nGaedhilg. Agus s dóigh go mbéidh gach
éinne aca — mar atá mé féin — buidheach do'n té do chuir le
chéile iad.



An Craoibhín.


L. 11


CUID I. AMHRÁIN SIMPLIDHE.



1. — DÉIRÍN DÉ



Déirín dé, déirín dé!
Tá an gabhar donn ag labhairt 'san bhfraoch!
Déirín dé, déirín dé!
Táid na lachain ag screadaidh 'san bhféith.



Déirín dé, déirín dé!
Gheobhaidh ba siar le héirghe an lae,
Déirín dé, déirín dé!
As raghaidh mo leanbh d'á bhfeighilt ar féar.



Déirín dé, déirín dé!
Éireochaidh gealach as raghaidh grian fé;
Déirín dé, déirín dé!
Is tusa mo leanbh as mo chuid de'n tsaoghal



Déirín dé, déirín dé!
Tá nead smólaighe im' chóifrín féin,
Déirín dé, déirín dé!
Tá, agus ór dom' stóirín féin.



Déirín dé, déirín dé!
Leigfead mo leanbh ag piocadh sméar,
Déirín dé, déirín dé!
Acht codladh go sámh go fáinne an lae.


L. 12


2. — A BHEAN ÚD THALL



[Deirtear gur istigh i lios do chualathas an rann so. Is follus
as an rann féin gurab amhlaidh do ghoid na sidheóga leo an
bhean agus go raibh sí 'n-a bean-altruim aca, agus go raibh
sí ag cur scéala chum a fir teacht ag fortacht uirthi.]



A bhean úd thall ar lic an átha,
Seoithín seó, seoithín seó —
Abair lem' dhian-ghrádh teacht i mbárach.
Seoithín seó, seoithín seó



Scian choise duibhe thabhairt 'n-a ghlaic leis;
Seoithín seó, seoithín seó —
Gabháil trí huaire timcheall an leasa;
Seoithín seó, seoithín seó.



Glaodhach go hárd ar Mháire Ní Mheachain,
Seoithín seó, seoithín seó —
Nó béidh 'n téarma dúbalta orm-sa 'n lá san.
Seoithín seó, seoithín seó.



Siúd é thall mo thigh mór geal-sa;
Seoithín seó, seoithín seó —
Is iomdha bean óg ag beathughadh mac ann.
Seoithín seó, seoithín seó.



Is iomdha cruadh-laoch do chaill a neart ann,
Seoithín seó, seoithín seó —
As sean-bhean chríona chlaoidhte lag ann
Seoithín seó, seoithín seó.



Annso atáim ag feidhilt na leanbh,
Seoithín seó, seoithín seó —
Is mór gur bhfearr liom bheith sa bhaile
Seoithín seó, seoithín seó.


L. 13


3. — SEOITHÍN SEÓ



Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh,
'S ní mar do chuirfeadh mná na mbodach,
Fá shúisín bhuidhe ná i mbraitlinn bhorraigh,
Acht i gcliabhán óir as an ghaoth 'ghá bhogadh



Seoithín seó, uil leó leó,
Seoithín seó, is tú mo leanbh!
Seoithín seó, uil leó leó,
Seoithín seó, is tú mo leanbh!



Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh,
Lá breágh gréine idir dhá Nodlaig,
I gcliabhán óir ar urlár shocair,
Faoi bharra na gcraobh as an ghaoth 'ghá bhogadh,
Seoithín seó, uil leó leó, &rl.



Codail, a leinbh! 's go mbadh chodladh slán duit,
Is as do chodladh go dtugair do shláinte;
As do smuainte do chroidhe nár chráidhtear,
As nár ba bhean gan mac do mháthair.
Seoithín seó, uil leó leó, &rl.



Bhorraigh = barraigh (barrach), “tow.”



4. — GOGAÍ Ó GAOG



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa tráigh í
Gheobhadh na faoileáin í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa tsliabh í
Gheobhadh an girrfhiadh í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?


L. 14


Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa tuighe í
Gheobhadh na leanbhaí í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa chruaich í
Gheobhadh an bhean ruadh í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa ghleann í
Gheobhadh an fear cam í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa dún í
Gheobhadh an cúirliún í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa chlaidhe í
Gheobhadh an caistín í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn ar an móin í
Gheobhadh buachaill na mbó í,
Agus Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?



Gogaí ó gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanfainn sa choill í
Gheobhadh buachaill na ngadhar í,
Agus n'fheadar ar aon-chor cá ndéanfad mo nead



Gogaí ó gaog “Gogaí ó gog.”
N'fheadar ar aon-chor, nó “n'fheadar 'an domhan.”


L. 15


5. — TÁ DHÁ GHABHAIRÍN BHUIDHE AGAM



Tá dhá ghabhairín bhuidhe 'gam
As minnseach bhainne,
Minnseach bhainne.
Briseann siad mo chroidhe 'nam
'Á dtabhairt a bhaile,
'Á dtabhairt a bhaile.
Cuirim i dteannta 'n chlaidhe iad
Le stúmpa hata,
Stúmpa bata;
Siúd thar mhull' an chlaidhe iad
'S i bhfad ó bhaile,
I bhfad ó bhaile.



Tá dhá ghabhar 'sa choill 'gam
As caoire geala,
Caoire geala;
Ní íosfaidís aon nídh dhom
Acht barr an aitinn.
Barr an aitinn.
Pilibín míog as naoscach
Ag scríobadh lathaighe,
Scríobadh lathaighe;
Cearca fraoich as céirsigh
Ar bharr an aitinn,
Barr an aitinn.



Sin port ná fuil ag an bpíobaire,
Heelan Laddie,
Heelan Laddie,
Port ná fuil ag an bpíobaire,
Heelan Laddie,
Heelan Laddie.
Seán Ó Ceallaigh an píobaire,
As bíodh sé mar sin,
Bíodh sé mar sin.
Seán Ó Ceallaigh an píobaire,
As bíodh sé mar sin,
Bíodh sé mar sin.



I dteannta = taobh leis. Thar mhull' = thar mhullach.



Aon nidh dhom, nó “aon fhéar uaim.”


L. 16


6. — THUGAMAR FÉIN AN SAMHRADH LINN



Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar linn é as cé bhainfidh dinn é?
As thugamar féin an samhradh linn.



Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn,
Samhradh buidhe na neoinín gléigeal,
Thugamar féin an samhradh linn.



Thugamar linn é ó'n gcoill chraobhaigh,
Thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buidhe ó luighe na gréine,
Thugamar féin an samhsadh linn.



Cuileann as coll as trom as cárthain,
Thugamar féin an samhradh linn,
As fuinnseóg ghléigeal Bhéil an Átha,
Thugamar féin an samhradh linn.



Dé bheatha mo dhriotháir is fada ná feaca é,
Thugamar féin an samhradh linn,
Nó mo bhean pósta mar is í is giorra dhom,
Thugamar féin an samhradh linn.



Suidheadh sí síos ar chathaoir airgid,
Thugamar féin an samhradh linn,
Nó ar chathaoir órdha má's é is fearra léi,
Thugamar féin an samhradh linn.



Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar linn é as cé bhainfidh dinn é?
As thugamar féin an samhradh linn.



Neoinín, nó “nóinín.” Na neoinín, nó “'s an neoinín.”



Driotháir = dearbhráthair.


L. 17


7 — ÓRÓ A CHUMAINN GHIL



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Cé hí an bhean óg do phósfar an Inid seo?
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Máire ní Chléirigh, do réir mar do thuigim-se.
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Cé hé an fear óg ionar buaileadh an sonas air?
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Seán Ó Cinnéididh, do réir mar a thuigim-se.
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Cad í an chóir phósda raghaidh ar an lanamhain?
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Óró a chumainn ghil, as íoró a ghile ghil,
Tocht dhá chéad déag, fá chlúmh gheal go h-imeallaibh,
Bruit gheala lín, agus suím do gheal-phluideana;
Cuilcí de'n tsíoda is daoire 'tá i Luimneach;



Coinnleoirí óir ann, ar bhordaibh ag glioscarnaigh;
Airgead as ór maith, i bpóca gach nduine aca;
Cuideachta saoithe 'n-a dtimcheall gan uireasbaidh,
As guidhimse go buan, as go mbuaidhtear an cluiche leo,
Óró a chumainn ghil, a uain 's a ghrádh!



Cóir phósta = neithe riachtanacha do lanamhain ag dul i gcéad-thigheas
dóibh.



Glioscarnaigh — Lonnradh.


L. 18


8. — LÁIRÍN Ó LÚRTHA



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Do shiubhluigheas an baile seo tamall roimh lá indiú.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Má bhí an drúcht ann is iongantach nár bádhadh tú.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Bhí sé ro-íseal as mise ró-árd do.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Gaibh cois abhann as faigh crann fé bhláth dhom.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Ciacu crann cuilinn nó cárthain dob' fhearr leat?



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Is uaisle an cuileann, crann cuilinn dob' fhearr liom



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Chuala Seán Aindí ar maidin ag trácht ort.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
A cheann i gCorcaigh as a chosa i gCill Áirne



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Tá fiche bó bhainne aige as talamh mhín áluinn.



Láirín ó lúrtha as ó lúrtha lára,
Gabhaim as glacaim é, as Dé bheatha mo ghrádh chugham



Cois abhann, &ml., nó “cois abhann siar as faigh crannín” &ml.



Cárthain = caorthann.


L. 19


9. — FEAD AN OIRIMH



An t-oireamh — Brod as buail as tiomáin
Láirín ruadh na droch-mhná,
Cos ar an gcéacht, a Thomáis,
As féach an bhfuil ar ndínéar ag teacht



An tríomhadh fear — Tá sé dh'á bhuain.
An t-oireamh — Brod as buail as tiomáin, agus &rl.
Tá sé dh'á bhualadh.
Brod as buail as tiomáin. &rl.
Tá sé dh'á cháitheadh.
Brod as buail as tiomáin, &rl
Tá sé dh'á chruadhadh.
Brod as buail as tiomáin, &rl.
Tá sé dh'á mheilt.
Brod as buail as tiomáin, &rl.
Tá sé dh'á chriathradh.
Brod as buail as tiomáin, &rl.
Tá sé dh'á fhuineadh.
Brod as buail as tiomáin, agus rl.
Tá sé dh'á iomáin.
Brod as buail as tiomáin, agus rl.
Tá sé ag teacht.



An t-oireamh — Hób, a héin, as tiomáin.
Láirín ruadh na deagh-mhná,
Scuir na capaill, a Thomáis,
Anois tá ar ndínéar ag teacht



An triúr - Hób, a héin, as tiomáin, agus &rl.



Oirimh, nó “oireamhan” geineamhnach ar “oireamh.”


L. 20


10. — AMHRÁN AN BHÁDÓRA



A Bháirc, b'annamh thú i n-anacair na dtonntrach n-árd
Cáisc cabharthach gidh barbardha trom é an lá,
Tráth lasaidh an fhairge ó bhonn go barr,
Lán coirn di ní ghabhann sí ó stiuir go crann.
A' barra lán, a' barra lán!
A ghrádh na rún, a chuid do'n tsaoghal,
A' lán — 'sí an bád breágh seoil!



Tráth ghléasaim-se a héadach gan fiar gan cham,
Do'n chaol-anairt ghlégil ó na hIndiachaibh anall,
Caol-bhárc seang síoganta í 'gar chuir Dia an greann,
'S dá bhfeicfeá i n-aghaidh an lae í, 's í ag éirghe as gal!
A' barra lán, a barra lán! &rl.



A Dhaoileinn, a chrón-charraig gharbh gan scáth,
Ar an nuadh-bhárc so fúm-sa breathnuigh do sháith —
An cuimhin leat 'san chuan so go bhfaca tú bád
Gan chontabhairt tonn-bharra ag gearradh mar táim?
A' barra lán, a barra lán! &rl



Is cuimhin liom, dubhairt Daoileann, gur carraig mé de ghnáth
'S gur'b ar an gcuan so is buan dam ag amharc gach lá —
Acht slinnteóg ní thabharfainn ar a bhfacas de bháid
Seach an nuadh-bhárc so 's a complacht ag tarraing 'san tsnámh
A' barra lán, a barra lán! &rl.



Éadach = seol.



Daoileann, carraig i gCuan Dhubh-thuama (Blacksod Bay), Conntae
Mhuigheó.


L. 21


11. — AILILIÚ NA GAMHNA



Tráthnóinín aoibhinn s mé thíos cois na buaile,
Cé casfaidhe aníos chugham acht smíste duin' uasail;
D'iarr sé go bpósainn é, d'iarr sé go cruaidh é,
As d'fhág sé mo chroidhe agus m'intinn go buadhartha.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána,
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom,
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána,
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhas ar na Bánta.



Is inghean d'aodhaire mé féinidh gan amhras
Do bhíodh 'n-a comhnuidhe cois taoibh na Leamhna;
Bhí bothán 'gam féin agus fuinneog i gceann de;
Faid a bhíodh an bainne 'g téidheadh 'gam 'seadh ghlaoidhinn ar na
gamhna.
Aililiú na gamhna, &rl.



Tógaidh uaim na húdaí so, tá mo ghlúine 'ca gearrtha,
'Gus faghtar domh-sa gúna de dhuthchas mo mháithrín,
Falaing fhada, fhlúirseach 'gus pumpa socair sásta,
Anairt leathan chiumhaiseach, as na gamhna bheith láimh liom.
Aililiú na gamhna, agus &rl.



Faghtar dom canna, agus faghtar dom buarach,
As faghtar dom soightheach 'n-a gcuirfead mo chuid uachtair;
Ceolta sidhe na cruinne bheith dh'á síor-chur im' chluasaibh,
'S gur bhinne liom-sa géimreach na mbó ag téacht chum buaile.
Aililiú na gamhna, agus &rl.



Raghaimíd ar an aonach agus ceannóchaimíd gamhna ann,
'Gus cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta;
Íosaid siad an fraoch agus barr an aitinn gheamhraigh,
Agus tiocfaid siad a bhaile chum an bhainne 'gcomhair an
tsamhraidh.



Is iad mo ghamhna na gamhna geala,
'S iad mo ghamhna na gamhna breaca,
Nuair a gheobhaid siad siar 'gus aniar an caladh
Nár bh'fhearr leo 'n-a tráigh í 'ná 'n-a lán mara



Féinidh = féin.
An Leamhain, abha i gConntae Chiarraighe.
Tráigh = trághadh.


L. 22


12. — AN MAIDRÍN RUADH



Ar maidin Dé Luain cois gleanna do chuadhas,
As mé ag cur tuairisg' mo ghéana;
Do fuaireas a dtuairisg, do chuadar suas leis
An maidrín ruadh 's é ar saothar.
Och! greadadh croidhe cráidhte ort a mhaidrín ghránna
Do rug uaim m'ál breágh géana,
Mo chearca beaga bána, mo choiligh beaga Márta,
As mo lachain beaga b'fhearr a bhí i nÉirinn.
An maidrín ruadh ruadh ruadh ruadh ruadh,
An maidrín ruadh 'tá gránna;
An maidrín ruadh 'n-a luighe 'sa luachair,
As barr a dhá chluas i n-áirde!



Is ró-bhreágh an sóghaltus ar baisdeadh nó ar pósadh,
Ceann nó dhó dem' ghéana,
Nó blaiseadh d'á gcuid feola thabhairt do dhuine bhreoite
Do choimeádfadh gan dreochaint 'sa chré é.
As ní'l aon ainnir ins a' Mumhain le chéile,
Ní'l sagart ná ughdar céille
Gheobhadh blaiseadh d'á gcuid súip ar maidin nó ar nóin
Ná go mb'fhearr leo súd 'ná daor-phuins.
An maidrín ruadh ruadh, &ml



Do bhronnas a gcuid clúimh mar adhbhar leapthan ar indiú
As ba dheacair dam é thabhairt ar ao' rud;
Ní raibh cleite ar a ndrom ó na méiscrí ar a mbonn
Nárbh airgead ramhar dom féin sin.
Ní thabharfainn iad ar shaidhbhreas Déamuir,
Ní fhéadfainn déanamh d'á n-éaghmais,
As dá gcuirinn-se i gcrích gach a mbeirid siad d'uíbh,
Do dhíolfadh siad mo chíos gach féile.
An maidrín ruadh ruadh, &ml.



Soghaltus = só-bhlas.
Dreochaint = dreoghadh
Déamur, Damer


L. 23


13. — CEOL AN PHÍOBAIRE



(Fonn: A Mhúirnín Dílis)



Má phósann tú an sistealóir, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Úch! béidh tú dod' thachtadh le barrach na tíre,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Ó! béidh tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meádon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal 's ag sciobadh an lín dó,
Acht oadh mhíle b'fhearr duit mise agat as ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg.



Má phósann tú an figheadóir, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Béidh céad luig laig ag an ughaim dh'á scaoileadh,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Ó! béidh tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meádhon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal 's ag crónán fá'n íneadh,
Acht badh mhíle b'fhearr duit mise agat as ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg.



Má phósann tú an táilliúr, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Béidh sop i mbéal a dhoruis mar bhéadh madadh 'r charnán aoiligh
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Ó! béidh tú do shuidhe go mbéidh sé ann meádhon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal 's ag creimneáil na bpíosaí,
Acht badh mhíle b'fhearr duit mise agat as ceol binn mo phíbe
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg.



Má phósann tú an t-oibridhe, is tú bhéas go haoibhinn,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
'Gus gheobha tú marcuigheacht 'un na n-aontach,
A mhuirnín díleas as 'fhaoileann óg;
Ní bhéidh tú do shuidhe go mbéidh sé ann meádhon oidhche;
Béidh airgead in do phócaíbh as ór buidhe 'n-a phíosaíbh,
Acht badh mhíle b'fhearr duit mise agat as ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín díleas as' fhaoileann óg.



I mbéal a dhoruis, nó “i mbéal an doruis aige.”



Gheobha = gheobhaidh.


L. 24


14. — AN TÚIRNÍN LÍN



An bhliadhain sul ar phósas stór mo chroidhe
Ba ghairid mar lón aici sé púint lín,
Acht annsoin nuair phósas as chuadhmar i dtigheas
Bhíodh bun ag an púnt i gcionn trí mhí.
Och! mo bhean as mo chlann as mo thúirnín lín,
Mo chúpla púnt nó dhó gan sníomh,
Dhá lá 'n-a luighe 'n-aghaidh lae 'n-a suidhe -
As go dtógaidh Dia dílis a cúram díom.



Nuair a mheasas gur thoghas-sa togha mná tighe
Go tais as go modhamhail as 'na rogha thar díogha,
Ní hamhlaidh a bhí acht an fala 'n-a croidhe
Do leag mé im' cheann gan meabhair gan bhrígh.
Och! mo bhean as mo chlann, &ml.



Tá bean agam féin as nár mhairidh mé í,
Nár mhairidh sí agam as nár mhairidh mé í;
Dá m'éigean dom Éire do shiubhal le n-a cloinn
Go rabhad fé n-a cróchar i gcionn trí mhí.
Och! mo bhean as mo chlann, &ml.



Nuair airigheann sí me féin ag teacht chum an tighe
Teine mhaith mhóna cuireann sí síos,
Stiúruigheann na leinbh ar fuaid an tighe
Agus scaoileann ar siubhal an túirnín lín.
Och! mo bhean as mo chlann as mo thúirnín lín,
Mo chúpla púnt go deo gan sníomh;
Tobac ar a bais as píopa len' ais,
'S is cuma san domhan cá ngabhann an cíos.



Thar díogha, Díogha = Rudaí gan mhaith.



Fala. nó “fáladh” = feall — “folc” i gCláirseach na nGaedheal.



Eadar-shruth, eadarshudh nó eadar-thráth.


L. 25


15 — IS TRUAGH GAN PEATA AN MHAOIR AGAM



(Fonn: Is Truagh gan Peata an Mhaoir agam)



Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
'S na caoirigh beaga bána
As ó goirim, goirim thú,
Is grádh mo chroidhe gan cheilg thú,
As ó goirim, goirim thú,
'S tú peata beag do mháthar!



Is truagh gan maoilín bán agam,
Is truagh gan maoilín bán agam,
Is truagh gan maoilín bán agam,
As fáilte ó mo ghrádh gheal.
As ó goirim, goirim thú, &rl



Is truagh gan bólacht bainne agam,
Is truagh gan bólacht bainne agam,
Is truagh gan bólacht bainne agam,
As Cáitín ó n-a máthair.
As ó goirim, goirim thú,
Is grádh mo chroidhe gan cheilg thú,
As ó goirim, goirim thú,
'S tú peata geal do mháthar!


L. 26


16. — PÁISTÍN FIONN



(Fonn: Páistín Fionn)



Grádh le m'anam mo Pháistín Fionn,
A croidhe 's a haigne ag gáiridhe liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-ubhall,
'S a píob mar eala lá Márta!
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún as mo ghrádh geal,
Is tusa mo rún, as mo chumann go buan,
'Sé mo chreach gan tú 'gam ó'd mháithrín!



Cara mo chroidhe mo Pháistín Fionn!
'Bhfuil a dá ghruadh ar lasadh mar bhláth na gcrann,
Tá mise saor ar mo Pháistín Fionn,
Acht amháin gur ólas a sláinte.
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, &rl.



Dá mbéinn-se 'sa mbaile 'mbéadh súgradh 's greann,
Nó idir dhá bharraille lán de leann,
Mo shiuirín i m'aice 's mo lámh faoi n-a ceann,
Is súgach do ólfainn a sláinte.
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, &rl.



Bhí mé naoi n-oidhche im' luighe go bocht,
Ó bheith sínte faoi 'n dílinn idir dhá thor,
A chumainn mo chroidhe 's mé ag smuaineadh ort,
'S nach bhfaghainn-se le fead ná le glaodh thú.
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, &rl.



Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoil,
As tréigfidh mé a maireann de mhnáibh an tsaoghail
Ní thréigfead lem' mharthain thú, ghrádh mo chroidhe,
Go sínfear i gcomhra faoi chlár mé
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, &rl.



Lem' mhartha in = lem' shaoghal.


L. 27


17. — NACH AOIBHINN DO NA H-ÉINÍNÍBH



Nach aoibhinn do na h-éiníníbh éirigheas go h-árd,
'S bhíos ag ceileabhar le n-a chéile ar aon chraoibh amháin!
Ní mar sin dam féin as dom' chéad míle grádh,
Is fada ó n-a chéile orainn éirigheas gach lá.



Is báine í ná'n lile, is deise í ná'n scéimh,
Is binne í ná'n bheidhlín, 's is soillsighe í ná'n ghréin;
Is fearr 'ná sin uile a h-uaisleacht 's a méin,
'S a Dhé 'tá is na flaitheasaibh, fuascail dom' phéin.



Éirigheas, nó d'éirigheann.
Bhíos, nó bhíonn.
Is na flaitheasaibh, nó is na flaithis.



18. — 'SÍ BLÁTH GEAL NA SMÉAR Í



'Sí bláth geal na sméar í!
Is bláth deas na súgh-chraobh í!
'Sí planda b'fhearr méinn mhaith
Le h-amharc do shúl!



'Sí mo chuisle! 's í mo rún í!
'S í bláth na n-ubhall gcumhra í!
Is samhradh ins an fhuacht í
Idir Nodlaig 's Cáisc.



Do shúl, nó a súl.



19. — MISE RAIFTERÍ AN FILE



Mise Raifterí an file,
Lán dóchais agus grádh,
Le súilibh gan solus,
Le ciuineas gan crádh.



Dul siar ar m'aistear
Le solus mo chroidhe,
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlighe.



Féach anois mé
Agus m'aghaidh ar bhalla,
Ag seinm ceoil
Do phócaíbh falamh.



M'aghaidh ar bhalla. nó “mo chúl le balla.”
Falamh = folamh.


L. 28


CUID II. AMHRÁIN GHRÁDHA



20. — EIBHLÍN A RÚN



(Fonn: Eibhlín a Rún)



Sheolfainn féin gamhna leat
A Eibhlín a rún!
Sheolfainn féin gamhna leat
A Eibhlín a rún!
Sheolfainn féin gamhna leat
Síos go Tír-Amhalghaidh leat,
Mar shúil go mbéinn i gcleamhnas leat
A Eibhlín a rún!
Sheolfainn féin bó leat-sa
A Eibhlín a rún!



Sheolfainn dhá bhó leat-sa
A Eibhlín a rún!
Do shiubhalfainn an saoghal mór leat,
Acht cleamhnas d'fhághail óm' stór,
'S ní scarfainn go deo leat
A Eibhlín a rún!
An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú
A Eibhlín a rún?



An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú
A Eibhlín a rún?
Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé,
'S éalóchaidh mé lem' stór.



Céad míle fáilte romhat
A Eibhlín a rún!
Céad míle fáilte romhat
A Eibhlín a rún!
Céad míle fáilte romhat,
Fáilte 'gus fiche romhat,
Naoi gcéad míle fáilte romhat,
A Eibhlín a rún!



Tír-Amhalghaidh — i gConntae Mhuigheó.


L. 29


21. — AN CHÚILFIONN



(Fonn: An Chúilfhionn)



An bhfaca tú an Chúilfhionn, 's í ag siubhal ar na bóithre,
Maidin gheal drúchta 's gan smúit ar a bróga?
Is iomdha ógánach súil-ghlas ag tnúth le n-a pósadh,
Acht ní fhaghann siad mo rún-sa ar an gcunntas is dóigh leó.



An bhfaca tú mo bhábán lá breágh 's í 'n-a h-aonar,
A cúl dualach drisleanach go slinneán síos léithi?
Mil ar an óig-bhean, 's rós breágh 'n-a h-éadan,
'S is dóigh le gach spreasán gur leannán leis féin í.



An bhfaca tú mo spéir-bhean 's í taobh leis an tuinn,
Fáinní óir ar a méaraibh 's í a' réidhteach a cinn?
Is é dubhairt an Paorach 'bhí 'n-a mhaor ar an luing
Go mb' fhearr leis aige féin í 'ná Éire gan roinn.



Fhaghann nó “bhfaghaidh.”
Mil ar an óig-bhean, nó “ar a modh-bhéal.”
Drisleanach = drilseach? nó drithleannach?
Leannán leis, nó “alleán dó”



22. — IS TRUAGH GAN MISE I SASANA



(Fonn: Is Truagh gan mise i Sasana)



Is truagh gan mise i Sasana,
Agus duine amháin as Éirinn liom;
Nó amuigh i lár na fairrge,
In áit a gcailltear na mílte long.



An ghaoth agus an fhearthainn
Bheith 'mo sheoladh ó thuinn go tuinn —
As a Rí, go seolaidh tú mise
Ins an áit a bhfuil mo ghrádh 'n-a luighe.


L. 30


23. — CORMAC ÓG



Táid na coluim ag súgradh 's an samhradh ag teacht,
'S an bláth ag briseadh tré mhullaighibh na gcrann amach,
Ar tuinn tá an biolar go triopallach glúineach glas,
'S na corcóga ag sileadh le hiomad de shugh na mbeach.



Is iomdha tortha as meas ar an gcoill seo thuas,
As óig-bhean mhaiseach cheart an tseanga-choirp shuairc,
Céad bó bhainne, capall groidhe, agus uan,
Cois Laoi na mbreac, mo chreach mé ar dhíbirt uait!



Táid na héin ag déanadh gotha agus ceoil,
Táid na laoigh ag géimneadh go tréan chum sochair na mbó;
Táid na héisc ag réabadh coradh ar an bhfeor,
As mise féin im' aonar as Cormac óg!



Ag réabadh coradh — ag léimneach as an gcoraidh as an bhféar.



24. — BRUACH NA CARRAIGE BÁINE



Is treabhadóir mise do threabhfainn as d'fhuirsfinn,
'S na comharsain go bhfeicid mo thréithe;
'S ní'l aon tsórt nidhthe 'r mo bhéim ná tuigim,
As treabhaim gan tuirse go héasca.
An foghmhar nuair a thigeann mo chuid eorna bhuainim,
As cuirim go seascair im' sheomra,
An lár do scriosfainn, do bhuailfinn tuille,
Ar thaoibh na Carraige Báine.



Is léanmhar mo thuras le tréimhse gan suchart,
Is baoghalach go gcuirfear chun fáin mé;
Le géar-shearc do'n nduine is néata 'sa chruinne,
Do chuir céadta ar uireasbaidh sláinte.
Bhí a héadan mar luisne na gréine tré chriosdal,
Téid éanlaith chun suchaird le grádh dhí,
Tagann tréin-fhir as righthe tar tréan-mhuir d'á hamharc,
'S í grian na Carraige Báin' í.


L. 31


Dob' fhearr liom féin 'ná Éire mhór,
'S 'ná saidhbhreas Ríogh na Spáinne,
Go mbéinn-se 'gus tusa i lúib na finne
I gcoilltibh i bhfad ó n-ár gcáirdibh.
Tusa 'gus mise bheith pósta 'ghrádh,
Le haon-toil athar as máthar,
A mhaighdean óg is binne clódh,
A ghrian na Carraige Báine.



A stuaire 'n chinn chailce má's dual go mbéir agam
Béidh cóir ort do thaithneoch' led' cháirdibh;
'Dir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas,
'S gach nidh ins a' chathair dá áilleacht.
Béidh do bhólacht d'á gcasadh gach nóin chun baile,
As ceol binn ag ad bheachaibh ar bhántaibh,
Béidh ór ar do ghlacaibh, as cóiste ad' tharraint
Go bruach na Carraige Báine.



An lár do scriosfainn, do scuabfainn an t-úrlár.



25. — MO BHRÓN AR AN BHFAIRRGE



Mo bhrón ar an bhfairrge,
Is í tá mór,
Is í 'gabháil eadar mé
'S mo mhíle stór.



Do fágadh san mbaile mé
Ag déanamh bróin,
Gan aon tsúil tar sáile liom
Choidhche ná go deo.



Mo léan nach bhfuil mise
'Gus mo mhuirnín bán
I gcúige Laighean
Nó i gConntae an Chláir


L. 32


Mó bhrón nach bhfuil mise
'Gus mo mhíle grádh
Ar bord luinge
Ag triall go 'Mericá.



Leaba luachra
Bhí fúm aréir,
As chaith mé amach é
Le teas an lae.



Tháinig mo ghrádh-sa
Le mo thaobh,
Guala ar ghualainn
Agus béal ar bhéal.



26. — A MHÁIRE AS A MHUIRNÍN



A Mháire as a mhuirnín 's a lúibín na gcraobh-fholt,
An cuimhin leat mar do shiubhlaimís ar dhrúichtíní 'n fhéir ghlais?
A bhláth na n-ubhall gcumhra, na gcnú buidhe 's na gcaortha
Do pháirt-se níor dhiúltuigheas cé dubhach taoim ad' éileamh.



Dá mbéinn-se im' iascaire thiar i mBeinn Éidir,
As Máire na ngeal mbrághad 'n-a bradán ar Loch Éirne,
Is súgach 's is meidhreach do raghainn-se d'á héileamh,
'S do gheobhainn í im' líontán, 'sí grianán bán Éireann.



Dá mbéinn-se i Londain mar cheann ar an ngárda,
'Gus cead agam ó'n bhFranncach mo long chur tar sáile,
Chúig mhíle púnta dá mb'fhiú sin gach lá mé
'S í Máire mo rogha-sa, 's do bhronnfainn mo stáit di.



Taoim = táim.


L. 33


27. — A ÓGÁNAIGH AN CHÚIL CHEANGAILTE



A ógánaigh an chúil cheangailte
Le raibh mé seal i n-éinfheacht,
Chuaidh tú aréir an bealach so
'S ní tháinig tú dom' fhéachaint;
Shaoil mé nach ndéanfaidhe dochar duit
Dá dtiocfá agus mé d'iarraidh,
'S gurab í do phóigín thabharfadh sólás
Dá mbéinn i lár an fhiabhrais.



Dá mbéadh maoin agam-sa
Agus airgead in mo phóca,
Dhéanfainn bóithrín aithghiorrach
Go doras tighe mo stóirín,
Mar shúil le Dia go gcluinfinn-se
Torann binn a bhróige;
'S is fada an lá nár chodail mé
Acht ag súil le blas do phóige.



Agus shaoil mé a stóirín
Go mba gealach agus grian thú,
Agus shaoil mé 'n-a dhiaidh sin
Go mba sneachta ar an tsliabh thú,
Agus shaoil mé 'n-a dhiaidh sin
Go mba lóchrann ó Dhia thú,
Nó gur tú an réalt eolais
Ag dul romham as mo dhiaidh thú.



Gheall tú síoda 's saitin dam
Callaí as bróga árda,
As gheall tú tar éis sin
Go leanfá tríd an tsnámh mé
Ní mar sin atá mé,
Acht mo sceach i mbéal bearnadh,
Gach nóin agus gach maidin
Ag féachaint tighe mo mháthar



Bearnadh = nó bearnan.


L. 34


28. — AN RAIBH TÚ AG AN gCARRAIG?



(Fonn: An Raibh tú ag an gCarraig?)



An raibh tú ag an gCarraig, nó an bhfaca tú féin mo ghrádh,
Nó an bhfaca tú gile nó finne nó scéimh na mná,
Nó an bhfaca tú an t-ubhall ba chumhra as ba mhilse bláth,
Nó an bhfaca tú mo Bhalantín nó an bhfuil sí d'á claoidh' mar
táim?



Do bhíos ag an gCarraig, as do chonnairc mé féin do ghrádh,
Do chonnairc mé gile, agus finne agus scéimh na mná,
Do chonnairc mé an t-ubhall ba chumhra as ba mhilse bláth,
Do chonnairc mé do Bhalantín agus ní'l sí d'á claoidh' mar táir



Is fiú cúig guinea gach ruibe d'á gruaig mar ór,
Is fiú oiread eile a cuideachta uair do ló;
A cúilín trom triopallach ag tuitim léi síos go feor,
'S a chuaichín na finne, ar mhiste do shláinte d'ól?



Nuair bhím-se im' chodladh bíonn osnadh gan bhrígh im' chliabh
As mé im' luighe eadar chnocaibh go dtigidh an dubhadh aniar;
A rúm dhil 's a chogair ní'l fortacht mo chúis' acht Dia.
As go ndearnadh loch fola do sholus mo shúl id' dhiaidh.



As go dtigidh an Cháisc ar lár an fhoghmhair bhuidhe,
As lá fhéile Pádraig lá nó dhó 'n-a dhiaidh,
Go bhfásadh an bláth bán tré lár mo chómhra chaoil,
Páirt d'á grádh go bráth ní thabharfad do mhnaoi.



Súd í síos an rígh-bhean álainn óg,
A bhfuil a gruag léi scaoilte síos go béal a bróg,
'S í an eala í mar an lítis, do shíolruigh ó'n tsár-fhuil mhóir,
A chara gheal mo chroidhe 'stigh, céad míle fáilte rómhat!



An dubhadh, nó dubh.



29. — AN BHRÍDEACH



'Sí an bhrídeach tá uaim,
An chaoin-bhean shámh shuairc,
Réalt eolais na tíre í,
'S ar mo chroidhe chuir sí cuan
Dá chích cruinne cruaidhe,


L. 35


Geal-phíob mar an gcubhar,
Folt breágh fada buidhe,
'S ar mo chroidhe chuir sí cuan.



Ní hí Bhénus tá mé 'rádh,
Ná aon bhean de na mnáibh,
Acht an spéir-bhean donn ghlégeal
Tá d'éis mo chroidhe 'chrádh.
Ní shéanfad go bráth
A hainm súd do rádh,
Siúr gairim í, 's ní cheilim i
Thar a maireann de mhnáibh.



Teannam go dtí an sliabh
Ag éisteacht leis an bhfiach
Ins na gleanntaibh dubha duaibhseach'
Mar a labhrann an fearán.
Dar an leabhar so in mo láimh
A chúil álainn na mbachall mbán
D'fhanfainn leat i n-uaigneas
Go músclóchadh an lá.



Teannam go dtí an sliabh
Ag éisteacht leis an bhfiach
'S na gleanntaibh déanamh lionnduibh
Mar ar chailleas mo chiall.
Ní bhíonn sólás againn ann
Gan dólás ann a cheann,
Ní bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach gan a cam.



Ó'n tráth thug mé grádh dhuit,
Ó'n tráth thug mé grádh dhuit,
Ó'n tráth thug mé grádh dhuit
A bhláth na sugh-chraobh,
Do sháruigh tú an Bhéinn,
'S thug' tú barr leat ó'n ngréin,
'S gur idir do dhá láimh-se
Do b'fhearr liom dul d'éag.



Teannam nó téanam = tigimís.
Bhéinn nó Bhéin = Venus


L. 36


30. — BEAN DUBH AN GHLEANNA



(Fonn: Bean Dubh an Ghleanna)



Tá bó 'gam ar an sliabh,
'S táim seal 'n-a diaidh
Ó chailleas mo chiall le nuachar,
D'á seoladh soir as siar
I ngach áit d'á ngabhann an ghrian,
Go dtionntuigheann aniar um thráthnóna.
Nuair fhéachaim féin anúnn
I ngach áit a mbíonn mo rún,
Ritheann óm' shúil sruth deora.
A Rí ghil na gcumhacht,
Go bhfóirir ar mo chúis,
Mar is Bean Dubh ón' nGleann do bhreodhaigh mé.
Bean Dubh an Ghleanna,
An bhean dubh dob' fhearra!
Bean dubh ba dheise gáire,
'N-a bhfuil a píob mar an eala,
'S a héadan mar shneachta,
'S a com seang singil álainn.
Ní'l ógánach cailce
Ó Bhlá'Cliath go Gaillimh,
Ná as súd go Tuaim Uí Mheádhra,
Nach bhfuil ag triall 's ag tarraing
Ar eachaibh donna deasa
Ag tnuth leis an mBean Dubh álainn.
Gheabhainn-se bean 'sa Mumhain,
Triúr ban i Laighin,
Agus bean ó rígh geal Seoirse,
Bean na lúba buidhe
D'fhaiscfeadh mé le n-a croidhe
Bean agus dá mhíle bó léi;
Inghean óg an Iarla
Atá go tinn dubhach diachrach
A d'iarraidh mise d'fhagháil le pósadh,
'S dá bhfaghainn-se féin mo rógha
De mhnáibh deasa an domhain,
Is í an Bhean Dubh ó'n nGleann do b'fhearr liom


L. 37


An t-é chífeadh mo theach
'S gan de dhíon air acht seasc
'N-a shuidhe 'muigh cois taoibh an bhóthair,
Nuair éirigheann an bheach
As go ndéanann a nead
Le grian 's le teas an tsamhraidh!
Nuair chríonann an tslat
Ní fhanann uirthi meas,
Mar bhíonn ar an mbuinne is óige;
'S mo chailín plúrach deas
D'éaluigh uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deo léi!



Anúnn i. anonn.



Tuaim Uí Mheadhra, i n-aice le hAonach Urmhumhan (Toomevarra).



31. — AN DRAIGHNEÁN DONN



(Fonn: An Draighneán Donn)



Síleann aon-fhear gur díl dó féin mé nuair luigheann dom
mionn,
'S téid a dhá dtrian síos díom nuair a smuainighim ar do
chomhrádh liom.
Sneachta síobtha 'gus é dh'á shíor-chur faoi Shliabh Uí Fhloinn,
'S go bhfuil mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirnidhe ar an draighneán
donn



Shíl mé féin nach ag ceasacht spréidhe orm rachadh grádh mo
chroidhe,
'S nach bhfágfadh sé 'n-a dhéigh mé mar gheall ar mhaoin;
Fáraoir géar nach bhfuilim féin 's an fear a chrádh mo chroidhe
I ngleanntán sléibhe le héirghe gréine, 's an drúcht 'n-a luighe.



Tá féirín le mo chéad-shearc in mo phóca shíos,
As fir Éireann ní léigheasfaidís mo bhrón, fáraoir!
Nuair a smuainighim-se ar a chúrsaí 's ar a chúl bhreágh donn,
Bím ag géar-ghol ós íseal as ag osnaighil go trom.



Go bhfaghaidh mé féirín lá an aonaigh óm' bhuachaill donn,
As comhrádh séimhidh 'n-a dhéigh sin ó phlúr na bhfear.
Fáraoir géar nach bhfuilim féin 's an sagart ar fagháil,
Nó go ndúbluighmís ar gcúrsaí sul fá dtéid sé anonn.


L. 38


Pé n-arb olc leis é, molfaidh mise grádh mo chroidhe,
'S pé n-arb olc leis é, suidhfidh mé síos le n-a thaoibh,
Pé n-arb ole leis é - míle airgheana tré lár a chroidhe!
'S a réalt an tsolais i mbéal an phobail 's tú bhreoidh mo
chroidhe.



As a Phaidí an miste leat mé bheith tinn,
Nó a Phaidí an miste leat mé dul 'sa gcill?
A Phaidí an chúil cheangailte 's é do bhéal atá binn,
'S go dtéidhim 'san dtalamh béidh mo ghean ort faoi do chomhrádh
liom



Is fear gan chéill a rachadh ag dréim leis an gclaidhe bhéadh árd,
S claidhe beag íseal le n-a thaoibh ar a leagfadh sé a lámh.
Gidh gur árd é an crann caorthainn bíonn sé searbh ar a bharr,
'S fásann sméara 'gus sugh-chraobha ar an gcrann is ísle bláth.



Slán feasta do'n bhaile údaigh thiar ameasc na gcrann,
Is ann atá mo tharraint go luath 'gus go mall;
Is iomdha anach fliuch salach, agus bóithrín cam
Ag gabháil idir mé 's an baile 'bhfuil mo stóirín ann.



A Mhuire dhílis! créad a dhéanfad má imthigheann tú uaim,
Ní'l eolas chum do thighe 'gam, do theine, ná do chlúid;
Tá mo mháithrín faoi leathtrom, 's m'athair 'san uaigh,
Tá mo mhuinntir ar fad i bhfeirg liom, 's mo ghrádh i bhfad uaim.



Tá smúit ar mo shúilibh as níor chodail mé néall,
Acht ag smuainiughadh ort-sa, a chéad-ghrádh má b'fhada an oidhche
aréir;
Faoi do chúrsaíbh-se do dhiúltuigh mé an domhan uilc go léir,
'S a chraoibhín chumhra cad as a habarthá-sa do leabhar i mbréig?



Má táir ag imtheacht uaim a mhuirnín go bhfillidh tú slán,
Is dearbhtha gur mhairbh tú mo chroidhe in mo lár,
Ní'l coite agam do chuirfinn id' dhiaidh, ná bád,
Tá an fhairrge 'n-a tuilte eadrainn, 's ní heol dam snámh.



Le héirghe gréine, nó 's mé 'bhfad ó aenneach.
Séimhidh = séimh.
A dhéanfad, nó a dhéanfas.
Údaigh = úd.
A habarthá-sa, nó a thiubhrthá.
Sliabh Uí Fhloinn — i n-aice leis an gCaisleán Riabhach, Conntae
Roscomáin.


L. 39


32. — STUAIRÍN NA mBACHALL mBRÉAGH RÉIDH



(Fonn: Is fada annso mé)



Táid na réalta 'n-a seasamh ar an spéir,
An ghréin as an ghealach 'n-a luighe;
Tá an fhairrge tráighte gan braon,
'S ní'l réim ag an eala mar bhíodh;
Tá an chuaichín i mbarraibh na ngéag
'Ghá shíor-rádh gur éaluigh sí uainn,
A stuairín na mbachall mbreágh réidh
D'fhág Éire faoi athtuirse chruaidh!



Trí nídh do chím trés an ngrádh,
An peacadh, an bás, as an phian.
As m'íntinn 'ghá innsin gach lá dhamh
M'aigne gur chrádh sí le ciach
A mhaighdean, do mhill tú im' lár mé,
As m'impidhe óm' láimh chughat-sa 'niar,
Mo leigheas ó na saigheadaibh-se im' lár,
'S go bhfaghaidh tú na grása ó Dhia!



33. — CEANN DUBH DÍLEAS



A chinn duibh dhílis dhílis dhílis
Cuir do lámh mhín-gheal tharm anall;
A bhéilín mheala, a bhfuil boladh na tíme air,
Is duine gan chroidhe nach dtiubhradh dhuit grádh!



Tá cailíní ar an mbaile so ar buile 's ar buaidhreadh,
Ag tarraing a ngruaige 's 'gá leigean le gaoith,
Ar mo shon-sa, an scafaire is fearr ms an tuaithe,
Acht do thréigfinn an méid sin ar rún dhil mo chroidhe



As cuir do cheann díleas díleas díleas,
Cuir do cheann díleas tharm anall;
A bhéilín mheala a bhfuil boladh na tíme air,
Is duine gan chroidhe nach dtiubhradh dhuit grádh!


L. 40


34. — JIMMY MO MHÍLE STÓR



(Fonn; Jimmy mo Mhíle Stór)



A chailíní an bhaile seo, deinidh-se brón dem' scéal,
Mar is cailín beag mise tá clipithe cráidhte ó'n saoghal;
Thugas cumann do dhuine ba bhinne 's ba bhreághtha ceol,
Do chuaidh uaim ar bord luinge, 'sé Jimmy mo mhíle stór.



Bíonn m'athair 's mo mháthair i n-earraid 's ag bruighin liom
féin,
'S d'á rádh gur lem' buige do mealladh mé ar dtúis mo shaoghail;
Bím-se d'á fhulang go dubhach 's ag sileadh na ndeor,
Le cumann do'n duine úd, 'sé Jimmy mo mhíle stór.



Bliadhain an taca so d'imthigh uaim grádh mo chléibh;
Ní thiocfaidh sé a bhaile go dtabharaidh sé cúrsaí an tsaoghail;
Dá bhfeicinn mo chumann le fuinneamh do rithfinn 'n-a chomhair,
'S do chlúmhdóchainn le bile é, 'sé Jimmy mo mhíle stór.



Raghad go barr coille agus caithfead ann deireadh mo shaoghail,
'San áit ná feicfead 's ná cloisfead acht glór na n-éan,
Ar an gcrann úd ná tuiteann an bile dhi i ngeimhreadh ná i
bhfoghmhar,
'S leaghfad ó'n sileadh le cumann dom' mhíle stór.



Clipithe = ciapuighthe.
Chlumhdóchainn = cumhdóchainn.
Bile = bileog.


L. 41


35. — MÁIRE BHÉIL-ÁTHA-HAMHNAIS



(Fonn: Port-Ghordon)



A Mháire, a ghrádh, is tú tá a'm chrádh,
Och! tabhair do lámh go dluth dham,
'S gur dual dam buadh na cúige d'fhagháil,
Go bráth ná déin mé dhiúltadh.
A chúil na ndual 'sé mo chumha go buan
Nach bhfuilim leat fuaighte i gcleamhnas,
As béad go duairc fá shíor ghruaim
Má bhír i bhfad uaim-se a annsacht!



A bhláith na gcaor, ó thárla mé
Go claoidhte tréith le greann duit,
Tar faoi'm dhéin, a rún mo chléibh,
'S tabhair grádh gan chlaon gan cham dam.
Och! fáraoir géar! 's mé an ceann gan chéill,
'S do chomhairle m'athar níor umhluigheas,
'S gur 'b é comhradh déidheanach a dubhairt sé liom,
Tréig-se Béal-áth'-hamhnais!



Acht thug mé grádh dod' chúilín bán
Ar chúl an gháirdín pónaire,
Dod' bhéilín tláith mar chubhar na trágha,
Dod' dhá ghruaidh dhearg' mar chaorthann,
Dod' bhéal is binne 'ná 'n chuach ar bile,
'S 'na ceileabhar caoin 'na n-éanlaith;
Mo léan 's mo mhilleadh, gan mé's tú, a chumainn,
Ag éalodh le n-a chéile.



A ghrádh 's a rún, dá ngluaisfeá liom
Go tír na long as Éirinn,
Ní'l tinneas cinn ná tuirse croidhe
Nach leigheasfaidhe ann gan amhras.
Is tú'n réalt eolais tar mhnáibh na Fódla,
Agus congbhuigh agat féin ó'n mbás mé,
Óir gan grása Dé ní mhairfidh mé
Ar an tsráid so Bhéil-áth'-hamhnais!


L. 42


36. — MÁIRE BHEAG DE BARRA



A Mhaire bheag de Barra do mharbh tú m'intinn,
D'fhág tú beo-dhealbh mé gan fhios dom' mhuinntir;
Ar mo luighe dham ar mo leabaidh 's ort a bhím ag cuimhneadh —
'S ar m' éirghe dham ar maidin — mar do chealg tú an croidhe
'nam.



A Mháire glac mo chomhairle, 's ná seoltar thú ar t'aimhleas!
Seachain an stróinse, fear séidthe na hadhairce;
Gabh leis an óig-fhear 'n-a nglaodhann siad Ó Flainn air,
Pós é do ghrádh réidhtigh ós é is toil led' mhuinntir.



Do shíl mé thú mhealladh le briathra 's le pógadh,
Do shíl mé thú mhealladh le leabhra 's le móide,
Do shíl mé thú mhealladh ar bhreacadh na heornan —
Acht d'fhág tú dubhach dealbh ar theacht do'n bhliadhain nuaidh mé.



Is aoibhinn do'n talamh a shiubhlann tú féin air,
Is aoibhinn do'n talamh ar a seinneann tú bhéarsa,
Is aoibhinn do'n talamh nuair luigheann tú fá éadach,
'S is ró-aoibhinn do'n fhear a gheobhaidh thú mar chéile



Do shiubhalfainn an tsráid leat ar láimh 's mé im' aonar,
Do rachainn tar sáile gan dá phinginn spréidhe leat,
Mo ghaolta 's mo cháirde go lá'n bhráth' do thréigfinn,
'S go dtógfá ó'n mbás mé acht a rádh gur leat féin mé.



Do thugas, 's do thugas, 's do thug mé ó'm chroidhe greann duit,
Ar maidin lá fhéil' Muire na gcainneal 'san teampull;
Do shúilín ba ghlaise 'ná uisce na ngeamhartha,
As do bhéilín ba bhinne 'ná druid nuair a labhrann.



Reidhtigh = geineamhnach ar réidhteach.
Breacadh (na heornan) = buidheachtain.
Na ngeamhartha, geineamnach, uimir iolraigh, an fhocail “geamhar.”


L. 43


37. — MUIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE



I mBaile na hInse thiar atá mo ghrádh le bliadhain,
Is áilne í 'ná grian an tsamhraidh,
'S go bhfásann mil 'n-a diaidh ar lorg a cos 'san tsliabh
Dá fhuaire an uair taréis na Samhna.
Do gheabhainn gan stad mo chiall dá ngabhainn í im' líon,
As chuirfinn-se an brón so dhíom ó'n lá sin,
Ar chomhairle a rugadh riamh ní phósfad acht mo mhian,
Is í Muirnín na gruaige báine



Ag droichead na haibhne móire chonnarcas-sa mo stórach,
Ainnir dheas na n-ór-fholt bhfáinneach,
'S go mbadh mhilse blas a póg 'ná mil na mbeach ar bord,
As 'ná deagh-bhlas sóghamhail fíon Spáinneach.
A dhá chích chruinne bhána mhilse chumhra bhreágha
Mar shneachta bhéadh dh'á charnadh ar shléibhtibh,
'S go ngoireann an chuach gach am ar lár an gheimhridh thall
'San mbaile 'n-a mbíonn mo ghrádh d'á bréagadh.



Da bhfaghainn-se mo rogha de mhnáibh deasa an domhain,
Agus faghaim ortha roghain shásta,
'S réir mar adeir na leabhair tá'n chraobh aici ós a gcionn,
'S táid na céadta fear go dubhach i ngrádh léi,
'Sé a samhail seo do moladh leis an gaois-righ Solamh,
'S is aici-se tá an rosc is áilne;
Réidhtigh-se mo dhochar as saor mé ó bhás obann,
A Mhuirnín na gruaige báine.



Baile na hInse - i gConntae na Gaillimhe


L. 44


38. — AR ÉIRINN NÍ 'NEOSAINN CIA HÍ



(Fonn: Ar Éirinn ní 'neosainn cia hí.)



Aréir as mé 'téarnamh ar neoin
Ar an taobh eile do'n teorainn 'n-a mbím,
Do thaobhnaigh an spéir-bhean im' chomhair
D'fhág taomnach breoidhte lag sinn.
Do ghéilleas d'á méinn as d'á clódh,
D'á béal tanaidh beo-mhilis bínn,
'S gur léim mé fá dhéin dul 'n-a comhair,
'S ar Éirinn ní 'neosainn cia hí.



Dá ngéillfeadh an spéir-bhean dom' ghlór,
Is iad ráidhte mo bheoil do bhéadh fíor;
Go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó
Do léir-chur i gcóir as i gcrích;
Do léighfinn go léir stair dom' stór,
'S ba mhéinn liom a pógadh óm' chroidhe,
Do bhéarfainn an chraobh dí 'n-a dóid,
'S ar Éirinn ní 'neosainn cia hí.



Tá spéir-bhruinneall mhaordha mhodhamhail óg
Ar an taobh eile do'n teorainn 'n-a mbím,
Tá féile agus daonnacht as meon
As deise ró-mhór ins an mnaoi;
Tá folta léi ag tuitim go feor,
Go cocánach ómrach buidhe,
Tá lasadh 'n-a leacain mar rós,
'S ar Éirinn ní 'neosainn cia hí



Taobhnaigh, nó taobhuigh?


L. 45


39. — A MHÁIRE MHILIS BHREÁGH



Diarmuid Ó Cúrnáin do chan



A Mháire mhilis bhreágh
D'fhúig an chnead so im' lár
Nach leigheasfadh sin oileán na Fódla,
As do bhéarfainn dar mo láimh,
Dá dtuigfeá féin mo chás,
Nach leigfeá mo bhás gan fóirthin.
Ní chaithim únsa bídh,
Ní chodlaim néall ó luighim,
Ní'l tapa ionnam ná brígh acht scáil bheag;
Mara bhfagha mé uain nó scíth
Ar dhian-ghrádh lár mo chroidhe,
Ní mhairfidh mé beo mí ná ráithe.



Ní'l fios ná leigheas mo chráidh
Ag aoinne beo le fagháil,
Acht amháin ag an mhnaoi do bhreoidh mé;
Ní'l mo leigheas ar mhuir ná tráigh,
Ní'l mo leigheas ar luibh ná láimh,
Ní'l mo leigheas acht ag bláth na hóige;
Ní aithnighim lon tar chuach,
Ní aithnighim teas tar fhuacht,
Ní aithnighim aon uair mo cháirde;
Ní aithnighim oidhche tar lá,
Acht d'aithneochadh mo chroidhe mo ghrádh.
Dá dtagadh sí i dtráth agus fóirthin.



A Mháire is tú mo ghrádh,
As grádh mo chroidhe do ghrádh,
Grádh sin gan donas gan éislinn;
Grádh ó aois go bás,
Grádh ó bhaois ag fás,
Grádh chuirfidh go dluth faoi chré mé;
Grádh gan súil le saoghal,
Grádh gan tnuth le spré,
Grádh d'fhág mé cráidhte i ndaor-bhruid
Grádh mo chroidhe tar mhnáibh;
'S a shamhail súd de ghrádh
Is annamh é le fagháil ag aen-fhear


L. 46


Fóir, a chumainn, déin,
As tabhair póg dam ód' bhéal,
Agus tóg anois chughat féin ó'n mbás mé;
Nó orduigh dham leaba chaol
I gcomhra chluthmhar déil
I bhfogus do'n daol 's a cháirde.
Ní beo mo bheo acht éag,
Ní glór mo ghlór acht gaoth,
Ní'l snuadh orm, saoghal, ná sláinte;
Acht go deorach brónach tréith,
Gan cheol gan spórt gan réim,
I ndaor-bhroid 's i bpéin le grádh dhuit.



D'fhúig = d'fhág.
Do-bhéarfainn dar mo láimh — do-bhéarfainn mo lámh air.
Lon, nó “cearc.”
Annamh, nó “an-nuadh.”



40. — DOMHNALL ÓG



A Dhomhnaill Óig, má théighir thar fairrge
Beir mé féin leat, as ná déin do dhearmad,
As béidh agat féirín lá aonaigh as margaidh,
As nighean ríogh Gréige mar chéile leabtha agat



Má théighir-se anonn tá comhartha agam ort:
Tá cúl fionn agus dhá shúil ghlasa agat,
Dhá chocán déag id' chúl buidhe bachallach,
Mar bheadh béal-na-bó nó rós i ngarraidhthe.



Is déidheanach aréir do labhair an gadhar ort,
Do labhair an naosgach sa chorraichín doimhin ort,
As tú id' chaogaidhe aonair ar fud na gcoillte —
As go rabhair gan chéile go bráth go bhfaghair mé!



Do gheallais domh-sa, agus d'innsis bréag dom,
Go mbeitheá romham-sa ag cró na gcaorach:
Do leigeas fead agus trí chéad glaodhach chughat,
'S ní bhfuaras ann acht uan ag méiligh!


L. 47


Do gheallais domh-sa, nídh badh dheacair dhuit,
Luingeas óir fá chrann seoil airgid;
Dá bhaile dhéag de bhailtibh margaidh;
As cúirt bhreágh aoldha cois taobh na fairrge.



Do gheallais domh-sa, nídh nárbh' fhéidir,
Go dtabharthá láimhinne de chroiceann, éisc dom;
Go dtabharthá bróga de chroiceann éan dom;
As culaidh de'n tsíoda badh dhaoire i nÉirinn.



A Dhomhnaill Óig, b'fhearr dhuit mise agat
'Ná bean uasal uaibhreach iomarcach;
Do chrúdhfainn bó agus do dhéanfainn cuigeann duit,
As, dá mbadh chruaidh é, do bhuailfinn buille leat.



Och ochón! agus ní le hocras,
Uireasba bídh, dighe, ná codalta,
Fá ndeár domh-sa bheith tanaidh triuchaldha
Acht grádh fir óig is é bhreoidh go follus mé!



Is moch ar maidin do chonnac-sa an t-óigfhear
Ar muin chapaill ag gabháil an bhóthair;
Níor dhruid sé liom as níor chuir 'ná streo orm,
'S ar mo chasadh a bhaile dhom 'seadh do ghoileas mo dhóthain.



Nuair théighim-se féin go Tobar an Uaignis
Suidhim síos ag déanamh buadhartha,
Nuair chím an saoghal as ná feicim mo bhuachaill
Go raibh scáil an ómair i mbarr a ghruadhna.



Siúd é an Domhnach do thugas grádh duit,
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca.
As mise ar mo ghlúinibh ag léigheadh na Páise
'S eadh bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt an ghrádha dhuit.



Dubhairt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Indiu ná i mbárach ná Dia Domhnaigh —
Is olc an tráth do thug sí rogha dhom,
'Sé dúnadh an dorais é tar éis na foghla.



Ó a dhe! a mháithrín, tabhair mé féin do,
As tabhair a bhfuil agat do'n tsaoghal go léir do;
Éirigh féin ag iarraidh déirce
Agus ná gabh siar ná aniar a'm éileamh.


L. 48


Do bhainis soir dhíom, as do bhainis siar dhíom,
Do bhainis romham as do bhainis im' dhiaidh dhíom
Do bhainis gealach as do bhainis grian díom,
'S is ró-mhór m'eagla gur bhainis Dia dhíom.



Níor chuir 'ná streo orm = ní dhearna sé acht beannughadh dham.



41. — DÁ DTÉIGHINN-SE SIAR



Dá dtéighinn-se siar is aniar ní thiocfainn,
Ar an gcnoc dob' áirde is air a sheasfainn,
'S í an chraobh chumhra is túisce bhainfainn,
'Gus is é mo ghrádh féin is luaithe leanfainn.



Tá mo chroidhe chomh dubh le háirne,
Nó le gual dubh dhóighfidhe i gceardchain,
Le bonn bróige ar hallaíbh bána,
'S tá lionndubh mór ós cionn mo gháire.



Tá mo chroidhe-se brúighte briste,
Mar leac-oidhre ar uachtar uisce,
Mar bhéadh cnuasach cnó 'r éis a mbriste,
Nó maighdean óg 'r éis a pósta.



Tá mo ghrádh-sa ar dhath na sméara,
'S ar dhath na sugh-chraobh lá breágh gréine,
Ar dhath na bhfraochóg badh dhuibhe an tsléibhe,
'us is minic bhí ceann dubh ar cholainn ghlégil.



Is mithid damh-sa an baile seo shágáil.
Is géar an chloch 'gus is fuar an láib ann,
Is ann a fuaras guth gan éadáil,
Agus focal trom ó lucht an bhéadáin.



Fuagraim an grádh, is mairg do thug é,
Do mhac na mná úd, ariamh nár thuig é,
Mo chroidhe in mo lár gur fhág sé dubh é,
'S ní fheicim ar an tsráid ná i n-áit ar bith é.


L. 49


42. — ÚNA BHÁN



A Úna Bhán, a bhláth na ndlaoidh ómra,
Atá 'r éis do bháis de bharr droch-chomhairle,
Féach a ghrádh, cia aca b'fhearr de'n dá chomhairle,
A éin i gcliabhán 's mé i n-áth na Donóige.



A Úna Bhán d'fhágbhaidh tú mé i mbrón casta,
Agus cia b'áil leat bheith ag trácht air go deo feasta,
Cúilín fáinneach ar ar fhás suas an t-ór leaghtha,
As go mb' fhearr liom ar láimh leat 'ná an ghlóir Flaithis



A Úna Bhán, mar rós i ngáirdín thú,
'S ba choinnleoir óir ar bhord na bainríoghn' thú,
Ba cheileabhair as ba cheolmhar ag gabháil an bhealaigh seo romham
thú,
As 'sé mo chreach-mhaidne bhrónach nár pósadh le do dhubh-ghrádh
thú.



A Úna Bhán is tú do mhearuigh mo chiall,
A Úna is tú chuaidh go dluth idir mé 'gus Dia,
A Úna, a chraobh chumhra, a lúibín chasta na gciabh,
Nár bh'fhearr damh-sa bheith gan súile 'ná d'fheiceál ariamh.



Fhágbhaidh, Nó fhág.
D'fheiceál = d'fheicsint.



43. — ATÁIM SÍNTE AR DO THUAMA



Atáim sínte ar do thuama,
As do gheabhair ann do shíor mé;
Dá mbéadh barr do dhá láimh 'gam
Ní scarfainn leat choidhche —
A ubhaillín agus annsacht
Is am damh-sa luighe leat,
Tá boladh fuar na cré orm,
Dath na gréine 's na gaoithe.


L. 50


Atá cló ar mo chroidhe-se
Atá líonta le grádh dhuit,
Lionndubh ar taobh shíos de
Comh ciar-dhubh le háirne.
Má bhaineann aon nídh dham
'S go gclaoidhfeadh an bás mé,
Béad-sa m' shidhe gaoithe
Romhad shíos ar na bánta.



Nuair is dóigh le mo mhuinntir
Go mbím-se ar mo leabaidh,
Ar do thuama 's eadh bím sínte,
Ó oidhche go maidin,
Ag cur síos mo chruadhtain
'S ag cruadh-ghol go daingean,
Tré mo chailín ciuin stuamdha
Do luadhadh liom 'n-a leanbh.



An cuimhin leat an oidhche
Do bhíos-sa 'gus tusa
Fá bhun an chrainn draighnigh,
'S an oidhche ag cur cuisne?
Céad moladh le hÍosa
Nach ndearnamar an milleadh,
'S go bhfuil do choróin mhaighdeanais
'N-a crann soillse ós do choinne.



Tá na sagairt 's na bráithre
Gach lá liom i bhfearg
Do chionn bheith i ngrádh leat
A óigbhean as tú marbh;
Dhéanfainn foscadh ar an ngaoith dhuit
As díon duit ó'n bhfearthain,
Agus cumha géar mo chroidhe-se
Thú bheith shíos ins an dtalamh!



Cré, nó cruadh.


L. 51


44. — A CHUISLE MO CHROIDE CRÉAD Í AN GHRUAIM SIN
ORT?



Ar maidin i ndé roimh ghréin go moch
Do dhearcas an bhé ba niamhdha cruth;
Bhí sneachta agus caor
Ag caismirt 'n-a scéimh,
'S a seanga-chorp séimh mar ghéis ar sruth;
'S a chuisle mo chroidhe, créad í 'n ghruaim sin ort?



Ba bhinne guth caomh a béil le sult,
'Ná Orpheus do léig go faon na tuirc;
Bhí a ramhar-rosc réidh
Mar chriostal na mbraon
Ar sheamar ghlais fhéir roimh ghréin go moch;
'S a chuisle mo chroidhe, créad í 'n ghruaim sin ort?



45. — PÉ 'N ÉIRINN Í



(Fonn: Pé 'n Éirinn Í)



Uilliam Dall Ua hEarnáin do chan
I ngleanntaibh séimh' na héigse bhím,
I bhfanntais péin' i ngéibh gach laoi;
An tseang-bhean ghlé ba bhéasach gnaoi
Do scannruigh mé, pé 'n Éirinn í,



Pé 'n Éirinn í!



Ní thráchtfaidh mé ar chéile Naois
Thug ár na nGaedheal ar dtéacht do'n Chraoibh,
Ná'n bháb ó'n nGréig do chéas an Traoi,
Le grádh mo chléibh, pé 'n Éirinn í,



Pé 'n Éirinn í!


L. 52


Is breágh deas dréimreach réidh a dlaoi
Go barr an fhéir 'n-a slaod ar bís;
A tláth-fholt réidh do dheallradh an Flís
Ar ghrádh mo chléibh, pé 'n Éirinn í,



Pé 'n Éirinn í!



Is cásmhar taodach déarach bhím,
Go cráidhte, créimeach, céasta ó mhnaoi,
As fánach, faon, gan chéill, ar baois,
Le grádh do'n bhé, pé 'n Éirinn í,



Pé 'n Éirinn í!



Ar neoin nuair théighim ar thaobh Suidhe-Finn,
Fá bhrón i gcéin 's gan ann dom' bhuidhin,
Cia sheolfadh Aon-Mhac Dé im' líon
Acht stór mo chléibh, pé 'n Éirinn í,



Pé 'n Éirinn í!



Géibh = géibheann?
Céile Naois = Déirdre.
Tráchtfaidh nó "tráchta."
An bháb ó'n nGréig = Helen.
Flíos nó "fleece," an lomra órdha.


L. 53


CUID III. AMHRÁIN EILE



46. — AN PÓSAIDH GLÉIGEAL



Antoine Ó Reachtabhra nó Raifteri do chum.



'S í Máire ní Eidhin an stáid-bhean bhéasach
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi,
Dá chéad cléireach, 's a gcur le chéile,
Agus trian a tréithe ní fhéadfadh scríobh.
Bhuail sí Déirdre le breághacht as Bhénus,
'S dá n-abrainn Hélen le'r scriosadh an Traoi,
Acht is scoth ban Éireann as ucht an mhéid sin
An Pósaidh Gléigeal 'tá i mBail'-uí-liagh.



Is aoibhinn aerach ar thaoibh an tsléibhe
Ag breathnughadh síos ar Bail'-uí-liagh,
Ag siubhal trí choilltibh 'baint cnó agus sméara,
As ceileabhar éan ann le ceoltaibh sidhe.
Cia'n bhrígh san méad sin go bhfaightheá léargus
Ar bhláth na gcraobh atá le n-a thaoibh,
Ní'l maith d'á shéanadh, 's ná ceil ar éinne,
A spéir na gréine is tú grádh mo chroidhe



'S dá siubhalfá Sasana 's an Fhrainnc le chéile
An Spáinn, an Ghréag, agus ar d'ais arís,
Ó bhruach loch Gréine go béal loch' Éirne
'S ní fheicfeá féirín ar bith mar í


L. 54


Dá mbéinn-se pósta le bláth na hóige,
Tré loch an Tóraic do leanfainn í,
Cuanta 's cóstaí go siubhalfainn as bóithre,
I ndiaidh an tseoid atá i mBail'-uí-liagh.



Dul chuig' an Aifreann dam le toil na ngrásta
Do bhí an lá baisteach, agus d'árduigh gaoth,
Casadh an ainnir liom le hais Chilltartain
As thuit mé láithreach i ngrádh le mnaoi.
Labhair mé léithe go múinte mánla
'S do réir a cáileacht 's eadh d'fhreagair sí,
'S é dubhairt sí, Raifteri, tá m'intinn sásta
As gluais go lá liom go Bail'-uí-liagh.



Nuair fhuair mé an tairiscint níor leig mé ar cáirde é,
Rinne mé gáire agus gheit mo chroidhe;
Ní raibh le dul againn acht trasna páirce
'S ní thug muid an lá linn acht go tóin an tighe.
Leagadh chugainn bord a raibh gloine agus cárta air,
Agus cúilfhionn fáinneach le m'ais 'n-a suidhe,
'Sé dubhairt sí, Raifteri, bí 'g ól, 's céad fáilte,
Tá'n soilléar láidir i mBail'-uí-liagh.



A réalt an tsoluis 's a ghrian an fhoghmhair,
A chúilfhionn ómra agus a chuid de'n tsaoghal,
An ngluaisfeá liom-sa faoi chomhair an Domhnaigh
Nó go ndéanfaimíd comhairle cá mbéidh ar suidhe?
Níor mhór liom ceol duit tráthnóna Domhnaigh,
Puins ar bord, agus dá n-ólfá, fíon;
A Rí na glóire go dtiormuigh an bóthar
Go bhfagh' mé 'n t-eolas go Bail -uí-liagh!



Dá siubhalfá, a siubhalfá san MS.
Loch Éirne, nó na Céibhe.
Loch an Tóraic? (loch a t'oiric san MS.).
Ní thug muid an lá linn agus rl., bhí solus an lae againn go sroicheamar
an teach.


L. 55


47. — CILL AODÁIN



Antoine Ó Reachtabhra ro chan.



Anois teacht an earraigh béidh an lá dul 'un sínea
As tar éis na féil' Bríghde árdóchad mo sheol,
Ó chuir mé in mo cheann é ní chomhnóchaidh mé choidhche
Go seasfaidh mé shíos i lár chonntae Mhuigheó.
I gClár chloinne Muiris bhéas mé an chéad oidhche
'S í mBalla taobh shíos de thosóchas mé ag ól,
Go Coillte-mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogus dá mhíle go Baile an Tighe Móir.



Fágaim le hudhacht é go n-éirigheann mo chroidhe-se
Mar d'éireochadh an ghaoth nó mar scapas an ceo,
Nuair smuainighim ar Cheara nó ar Ghaileang tá shíos de,
Ar Sceathach a' mhíle nó ar phlántaidh Mhuigheó.
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach nídh ann,
Tá sméara agus sugha craobh ann as meas ar gach sórt,
'S dá mbéinn-se 'mo sheasamh i gceart-lár mo dhaoine
D'imtheochadh an aois díom as bhéinn arís óg.



Bíonn cruithneacht as coirce, fás eorna agus lín ann,
Seagal breágh aoibhinn, 'rán plúir agus feoil,
Lucht déanta uisce beatha gan license d'á dhíol ann,
Mór-uaisle na tíre ann ag imirt 's ag ól.
Tá cur agus treabhadh ann, as leasughadh gan aoileach,
Is iomdha sin nídh ann nár labhair mé go fóill,
Áthanna as muillte ag obair gan scíth ann,
'S ní híocthar pighinn cíosa ann ná dadaidh d'á shórt.



Tá an eilit 's an boc as gach uile shórt game ann,
An madadh ruadh a' léimnigh, an broc 's an míol bhuidhe,
Ceolta na ngadhar 's na hadharca d'á séideadh,
'S le héirghe na gréine do thógfá do chroidhe.
Tá daoine uaisle ar eachraidh 'gus marcaigh d'á bhféachaint
Ag fiadhach ar na sléibhte go dtigidh an oidhche;
Soil léar go maidin arís d'á réabadh
Ól ag na céadaibh as leabaidh le luighe.


L. 56


Fághann díleachta 's baintreabhach cabhair as réidhteach,
Slighe bídh as éadaigh as talamh gan cíos,
Scoláirí bochta scríobhadh, scoil, agus léigheann ann,
Lucht iarrata na déirce ann ag tarraing 's ag triall
Sháruigh sé an domhan ins na huile dheagh-thréithibh,
Thug Raifteri an chraobh dó ar a bhfacaidh sé riamh:
'S é deireadh na cainte - saoghal fada ag Franc Taafe ann,
Slioct sinnsear na féile nár choigil an fial.



Gaileang nó Gaillin.
Plántaidh, nó pláinéad; plántaidh = clára.
Ar na sléibhte, nó tré n-a chéile.
Taafe - abair taef.
An fial = fear fial; nó fiadhach.



48. — COIS AN GHAORTHAIDH



Cois a' Ghaorthaidh is breághtha i nÉirinn as is áilne ar abhainn,
Mil is céir-bheach, tortha ar ghéagaibh agus ubhla ar chrann,
Cloisfeadh aoinne cantain éan ann, a bheadh míle ó'n mball,
Cnó buidhe 's caora ar bharraí géaga ag fás go Samhain.



Nach dubhach scíosmhar atá an Laoi seo 'gabháil eadraibh aniar,
'N-a tulca 'g coímhscar de bharr liagracha gan ceo geal niamh,
Ní'l inseacha le n-a taobh ann ná pór breágh 'r féar,
Acht barra fraoigh ar charraig aoird ann, as mo thruagh 's bhur
dtréad.



Nuair a ghabhann sí Drom-a-Chara soir ó'n dteorainn riabhaigh
Is taithneamhaighe gach caise aici ná ceo geal niamh,
Bíonn barra glas ar mhaiseannaibh agus pór breágh 'r féar,
Cantain suilt i mbarraí coill' agus ceol na n-éan.



Do shiubhluigheas na cúigí 'gus duthaighe Uí Néill,
Thar a n-ais dom' aistear agus go ciumhais Loch' Léin,
Ní fhaca-sa im' thaistealaibh ná im' shiubhaltaibh go léir,
Aon bhaile aca 's mó do thaithnfeadh liom ná 'n Chúil Duibhe Ré.



Gaorthadh = coill nó coillteach i n-aice le habhainn.
Coímhscar = coimheascar.
Liagracha = leacacha?
Maiseanna = measanna?


L. 57


49. — CEOL LOCH' OIDHE



Sean-fhocal a chualaidh mé as chreidfeas mé i gcomhnuidhe,
Gach aon ariamh mar oiltear é 's an uiseog ins an mhónaidh;
Cibé tír a rachaidh mise nó a mbéidh mé ann mo chomhnuidhe,
Béidh mo chroidhe ag bruach Loch' Oidhe 'stigh i lár na sléibhte móra.



Tá dhá oileán ar an loch bheag so comh deas as tá i nÉirinn,
Tá an lon 's an ghé as nead acu faoi thom-bhláth ghorm
fraochlaigh;
Go mb'fheárr liom a bheith 'g iascaireacht breac geal uirthi 'san
tséasúr,
'Ná bheith 'gcaisleán thall i Sasain ag na huaisle uilidh ar
féasta.



Ó'n chnoc árd ghlas taobh thall de'n loch tá'n t-amharc aoibhinn
álainn,
Na luingis ag teacht ar fairrge ó Dhoire 'steach go Málainn;
Ag siubhal annsin a b'aite liom ó mhaidin go dtí 'n oidhche,
'S nach smaointeochthá ar an pheacadh leis na huain beag' óga
ag aoibhill.



Ar an taoibh i bhfus tá an míodún glas ó'n uisce go dtí an
bóthar,
Tá fás gach uile shóirt annsin as tighthe deasa comhnuidhe;
Seinneann an chuach i dtús an tsamhraidh ann ó mhaidin go
tráthnóna,
Tá an eala 'gus an fhaoile ann, an londubh 's an chorr mhóna.



'S iomdha maidin shamhraidh a d'éirigh mé in m'óige,
Ag éisteacht leis na héanachaibh ag déanamh a gcuid ceoil bhinn;
Iad ag dul ó thom go tom ag eiteallaigh go ceolmhar,
'S a nguth lán binn ag teacht faoi dhuilleabhar ghlas 'sna crannaibh
óga.



Is iomdha lá breágh fada chaith mé annsin ar bheagán buadhartha,
'S is iomdha lá breágh fada a chaith mé annsin ag déanamh uabhair;
Ag seoladh na mbó mbreac amach thríd ghleanntán deas na
luachra,
I ndéidh a bheith ins an loch le teas na gréine 'g iarraidh fuaraidh.


L. 58


Seo an áit ar oil mo mhuinntir mé nuair bhí mé beag tréith-lag;
Seo an áit ar cuireadh a chodladh mé le ceoltaibh binn' na
Gaedhilge;
Seo an áit i mbím anois i bhfad ar shiubhal ag déanamh uaignis,
Ag smaointiughadh ar mo bhunadh tá 'n-a gcodladh ins an uaigh
ghlais.



Cibé, nó cé bith.



50. — BUACHAILLÍ LOC' GARMAIN



Micheál Óg Ó Longáin ro chan.



Ar maidin Luain Cingcíse
Tháinig siabhartha chughainn 'san ngleann;
Do bhailigh scata cág ann
Ag déanamh ádbhacht' dínn as greann;
Do bhuaileamar 'n-a dtimcheall,
'S do lasamar ar dteinte,
'S do thógamar ceo draoidheachta
Go haoibhinn ós a gcionn.



Do tháinig ó chúige Uladh chughainn
Tuilleadh 'gus míle laoch;
Do tháinig ó chúige Chonnachta
A bhfoireann súd le faobhar.
Níor thugadar suaimhneas chuige dhúinn,
Go dtugamar bualadh 's fiche dhóibh,
'S nach ró-bhreágh do bhíodh fuil againn
'S cuirp i ndeireadh an lae!



Má theagmhaidh ort-sa an buachaill,
Nó stuaire an chinn chais,
'S go mbéadh ag cur mo thuairisce
Shuas i measc na bhfear,
Innis mar scéal dó uaim-se
Go bhfuilim annso go fuar lag,
Ar thaobh an tsléibh' faoi bhuaidhreadh,
Gan tuamba, gan scraith.


L. 59


Beir litir suas do'n Mhumhain uaim,
A rún dhíl 's a stóir!
As innis a dtoradh rúin dóibh
Go bhfuil an cath 'n-a gcomhair;
Is iomdha ainnir mhúinte
As leanbh fireann fionn geal,
As fear breágh álainn luthmhar
'San úir uainn ag dreoghadh!



Mo léan ar an Mumhain nár éirigh
Nuair d'adhnamar an gleo,
Le harm greanta greadhnmhar
Bhí faghartha go leor.
Anois ó táimíd caillte,
As neart ar námhad 'n-ar dtimcheall,
Grádh mo chroidhe na Laighnigh,
Ós iad d'adhain an teine beo!



Siabortha, síothbhara i leabhar Sheagháin Uí Dhálaigh.
A dtoradh rúin dóibh — an tairbhe dhóibh san obair?



Greadhnmhar = greadhnach? “exulting.”
An teine beo - “Leo” i leabhar Sheagháin Uí Dhálaigh.



51. — CONNTAE MHUIGHEÓ



Ar an luing seo Phaidí Loingse do ghním-se an dubrón,
Ag osnadh ins an oidhche 's ag síor-ghul 'sa ló;
Muna mbéadh gur dalladh m'intleacht
As mé i bhfad ó m' mhuinntir,
Dar maireann, 's maith a chaoinfinn-se Conntae Mhuigheó



An uair a mhair mo cháirde ba bhreágh mo chuid óir,
D'ólainn lionn Spáineach i gcomhluadar ban óg;
Muna mbéadh síor-ól na gcárta
'S an dlighe a bheith ró-láidir,
Ní i Santacrús d'fhágfainn mo chnámha fá'n bhfód.


L. 60


Tá gaduidheannaí na háite seo ag éirghe ró-mhór,
Fó chnotaíbh as fó bair-bag gan trácht ar bhúclaíbh bróg;
Dá mairfeadh domh-sa i n-Iar-Umhall
Do dhéanfainn díobh cianach,
Muna mbéadh gur thagair Dia dhom a bheith i gciantaibh fá bhrón.



Dá mbéadh Pádraig Lochlainn 'n-a iarla ar Iar-Umhall go fóill
Brian dubh a chliamhain 'n-a thighearna ar Dhuach Mór,
Aodh dubh Mac Riada
'N-a choirnéal i gCliara
Is annsin a bhéadh mo thriall-sa go Conntae Mhuigheó.



Iar-Umhall - “iarúil” i leabhar Hardiman.



52. — MARBHNA DHONNCHADHA BHÁIN



Is ar an mbaile seo chonnaic sibh an t-iongnadh
Ar Dhonnchadh Bán as é dh'á dhaoradh.
Bhí caipín bán air i n-áit a bata,
As róipín cnáibe i n-áit a charabhata.



Tá mé ag teacht ar feadh na hoidhche
Mar bheadh uainín i measc seilbhe caorach,
Mo bhrollach foscailte as mo cheann liom scaoilte,
As cá bhfuighinn mo dhearbhráithrín romham acht sínte?



Chaoin mé an chéad dreas ag gob an locha,
An dara dreas ag bun do chroiche,
An tríomhadh dreas ós cionn do chuirp-se
I measc na nGall as mo cheann d'á scoilteadh.



Dá mbeitheá agam-sa san áit ar chóir dhuit,
Thíos i Sligeach nó i mBaile an Ródhba,
Brisfidhe an chroch, gearrfaidhe an rópa,
As leigfidhe Donnchadh Bán a bhaile ar an eolas!



'S a Dhonnchadh Bháin, níorbh' í an chroch badh dhual duit,
Acht dul chum an sciobóil as t'easair do bhualadh,
An céachta d'iompódh deiseal as tuaithbheal,
'S an taobh dhearg de'n bhfód do chur i n-uachtar!


L. 61


A Dhonnchadh Bháin, a dhearbhráithrín dílis,
Is maith atá a fhios agam siúd do bhain díom thu,
Ag ól an chupáin, ag deargadh an phíopa,
'S ag siubhal na drúchta i gcuim na hoidhche



A Mhic Uí Mhultháin, a sciúrsa an mhí-áidh,
Ní laogh bó bradaighe do bhí in mo dhríotháir,
Acht buachaillín cruinn deas ar chnoc 's ar chnocán
Do bhainfeadh fuaim go bog binn as camán!



'S a Dhonnchadh Bháin, nach é sin an buaidhreadh,
'S a fheabhas as d'iomchróchthá spuir agus buatais í
Chuirfinn éadach faiseanta de'n éadach badh bhuaine
As chuirfinn amach thú mar mhac duine uasail.



A Mhic Uí Mhultháin, ná raibh do chlann mhac i bhfochair a chéile,
Ná do chlann inghean ag iarraidh spréidhe ort!
Tá dhá cheann an bhuird folamh, 's an t-urlár líonta,
As Donnchadh Bán, mo dhearbhráithrín, sínte.



Tá spréidh Dhonnchadha Bháin ag teacht a bhaile,
As ní ba, caoirigh é, ná capaill,
Acht tobac as píopaí as coinnealla geala,
As ní dh'á mhaoidheamh é ar lucht a gcaithte!



Ar an eolas? cf. fuair sé an t-eolas abhaile.
Dríotháir = dearbhráthair.
Ní d'á mhaoidheamh é ar lucht a gcaithte — ní mór le haenneach iad
d'arb' éigin dóibh a gcaitheamh.



53. — ÉAMONN AN CHNUIC



(Fonn: Éamonn an Chnuic)



Cia hé sin amuigh
'N-a bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réabadh mo dhorais dúnta?
Mise Éamonn an Chnuic
'Tá báidhte fear fliuch
Ó shíor-shiubhal sléibhte 's gleannta


L. 62


A laogh ghil 's a chuid,
Créad dhéanfainn-se dhuit,
Muna gcuirfinn ort beinn dom' ghúna,
'S go bhfuil púdar go tiugh
D'á shíor-shéideadh leat,
'S go mbéimís araon múchta.



Is fada mise amuigh
Faoi shneachta 'gus faoi shioc
'S gan dánacht agam ar éinneach;
Mo sheisreach gan scur,
Mo bhranar gan chur,
As gan iad agam ar aon chor!
Ní'l caraid agam,
Is danaid liom soin,
Do ghlacfadh mé moch ná déidh'nach
'S go gcaithfeadh mé dul
Tar fairrge soir,
Ó's ann nach bhfuil mo ghaolta.



A chúil álainn deas
Na bhfáinní gcas,
Is breágh 'gus is glas do shúile!
Go bhfuil mo chroidhe d'á shlad,
Mar do sníomhthaoi gad,
Le bliadhain mhór fhada ag tnuth leat;
Dá bhfaghainn-se le ceart
Bheith mar chéile leat
Is éadtrom 's is deas do shiubhalfainn,
Go réidhfinn gach scairt
Ag éalodh lem' shearc
Ar choilltibh scabtha an drúchta.



A chumainn 's a shearc,
Rachaimíd-ne seal
Faoi choilltibh na measa gcumhra,
Mar a bhfaghaimíd an breac,
'S an lon ar a nead,
An fiadh 'gus an poc ag búithreadh;
Na héiníní binne
Ar ghéigíní 'seinm,


L. 63


'S an chuaichín ar bhar an iubhair ghlais;
Go bráth bráth ní thiocfaidh
An bás i n-ár ngoire
I lár na coille cumhra.



Beir scéala uaim soir
Go hainnir chiuin an tsuilt
Gur chailleadar a neid na héanlaidh;
Gur araoir do thuit
An sneachta ar na cnuic
Amach an feadh na hÉireann!
Dá maireadh liom rith
Go seachtmhain ó ndiu,
Rachainn-se ar mire at' fhéachaint,
As go mb'fhearr liom anois
A bheith báidhte 'san mhuir
'Ná a rádh go mbeitheá réidh liom!



Nach damh-sa d'éirigh an scéal
Is measa faoi an ngréin,
Ar maidin 's mé i dtúis m'óige;
As gur searbh gach éan
A labhras leis féin
Ar chorrach nó ar thaobh móinte.
Do rinneadh mo chreach,
'S do sáruigheadh mo nead,
Agus do fágadh mé gan éinneach,
'S má thá sin ag teacht,
An fuacht i ndiaidh an teas',
A rúin-shearc mo bheannacht féin leat.



Ar choilltibh scabtha an drúchta nó “faoi choilltibh ag spealadh an
drúchta.”
An tsuilt nó “na bhfolt.”
Ar mire nó “tar muir.”


L. 64


54. — CÁIT NÍ DHUIBHIR



Tráthnóinín beag déidheanach 's mo thréad agam 'á chor ó'n síon
I lúib na coille craobhaighe, 's nach aerach mar bhí mo thriall;
Bhí an chuach 's an lon 's an chéirseach ar séirse 's gach nóta fíor,
'S i mbun 's i mbarr gach bhéarsa go mbéidh Éire 'ge Cáit Ní
Dhuibhir.



Tá liosacháinín féir ghlais agam féinidh ag ceann mo thighe,
As bíonn gach maidin gréine an spéirbhean ann 's í romham 'n-a
suidhe,
Tá leabhar aici de'n Ghaedhlinn 's beagáinín de'n Bhéarla thríd,
'S i mbun 's i mbarr gach bhéarsa go mbéidh Éire 'ge Cáit Ní
Dhuibhir.



Tá míle dath 'n-a clóicín 's a bróigín ar dath an fhraoigh,
'S gúna de'n fhaisean nuadh uirthi de'n tsórt úd bhíonn ar
inghin an ríogh;
'Sé dubhairt sí "Suidh síos, a óigfhir, go fóill beag 's ní dhéanfam
moill,
'S do raghainn-se arís i n-óige, dá mbeadh Fódla 'ge Cáit Ní
Dhuibhir."



Do shuidh sí ar bhinnsín taobh liom 's mo ghéaga do thuit liom
Do nárbh' aon bhean saoghalta í 's gur bhaoghal dom í
theacht im' líon.
“An tú Pallas nó an tú Hélen nó an chéad bhean do dhóigh mo
chroidhe,
Nó an bhean do mhill na céadta go raibh gaol aici le Cáit Ní
Dhuibhir?”



“Is bean ró-mhór i bpéin mé 's mo chéile do chuaidh thar tuinn,
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid go tréith-lag 's gan phreab
'n-a gcroidhe,
Acht éireochaidh Clanna Gaedheal agus léimfidh go mear gach
claidheamh,
'S gur'b é túis agus deireadh mo scéil-se go mbeidh Éire fós
ag Cáit Ní Dhuibhir.”



Cáit ní Dhuibhir = Éire.
Ní dhéanfam = ní dhéanfaimíd.
Pallas, baindia Gréagach.


L. 65


55. — RÓISÍN DUBH



(Fonn: An Róis Geal Dubh)



A Róisín ná bíodh brón ort fá'r éirigh dhuit,
Tá na bráithre 'teacht tar sáile as ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phardún ó'n bPápa as ó'n Róimh anoir,
As ná spáráil fíon Spáineach ar mo Róisín Dubh.



Is fada an réim do leig mé léithe ó 'ndé go dtí indiu,
Trasna sléibhte go ndeachas léi faoi sheolta ar muir,
As an Éirne do thug mé léim léi giodh gur mór é an sruth,
'S bhí ceol téad ar gach taobh dhíom as mo Róisín Dubh.



Mharbh tú mé a bhrídeog as nár badh feairrde dhuit,
'S go bhfuil m'anam istigh i ngean ort 's ní 'ndé ná 'ndiu.
D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné 's i gcruth -
Ná feall orm as mé i ngean ort a Róisín Dubh.



Shiubhalfainn féin an drúcht leat as fásaighe goirt',
Mar shúil go bhfuighinn rún uait nó páirt ded' thoil.
Craoibhín cumhra gheallas damh-sa go raibh grádh agat dam -
As gurab í fíor-scoth na Mumhan í mo Róisín Dubh.



Tá an Éirne 'n-a tuilte tréana, as réabfar cnuic,
As tá an fhairrge 'n-a tonnta dearga as doirtfear fuil.
Béidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann as móinte ar chroith
Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.



Fíor-scoth nó plúr-scoth.


L. 66


56. — CAITILÍN NÍ UALLACHÁIN



(Fonn: Caitilín Ní Uallacháin)



Uilliam Dall Ua hEarnáin ro chan



Ó measaimíd nach calm' sinn do'n bhuaidhirt 'san Spáinn,
Acht mealladh slighe chum catha claidhimh do thabhairt i dtráth;
Beid Galla arís d'á leagadh síos le luth ar lámh,
As mac an Ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin.



Ó geallaim díbh nach fada 'rís gur buaidheartha an gháir
Ag arm faobhair d'á gceapadh linn as fuadar lámhaigh;
Is tapaidh cruinn do phreabfaimís 's is buacach árd,
Dá mbeadh mac an Ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin.



Is fada sinn ar faire arís le fuascailt d'fhagháil,
'N-ár stalairí gan balcaisí ná luth 'n-ár láimh;
Beid barca líonta ar barra taoide 's fuaim ar sáil
Le mac an Ríogh chum Caitilín Ní Uallacháin



Ná measaidís gur caile chríon ar stuaire-stáid,
Ná caillichín, ao ainnir mhín-tais bhuacach mhnámhail;
Is fada arís badh bhanaltra í, as badh mhór a cáil,
Dá mbeadh mac an Ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin.



Is fada a dlaoithe casta cíortha 's a scuab-fholt bán,
'S a dearca rinn' ag amharc Gaoidheal cois cuanta breágh;
Is blasta binn do chanann sí gur buan bhíos páirt
Idir mhac an Ríogh 'gus Caitilín Ní Uallacháin.



Ná measaidís na spreallairí gur buan ar bpáis,
'S gur gearr a bhíd na glasa ag scaoileadh nuair 's cruaidhe
an cás:
Go ndearna Dia roimh phobal Israel de'n mhór-mhuir tráigh,
'S go bhfóiridh an Rí ort, a Chaitilín Ní Uallacháin!


L. 67


A Mhuire dhílis! a chara chaoin-ruisc gach uair 'n-ár bpáirt,
Agaill Íosa ar son na nGaoidheal mbocht — is cruaidh an cás —
Lucht an íosbairt do chur ar díbirt ó'r stuaire mná,
'S a céile fír-cheart do theacht tar taoide gan buaidhirt 'n-a
dáil.



Ceangal



Tá gné ghlan ar Phoébus as lonnradh thríd;
Tá an ré 'gus na réalta i gcúrsa chruínn;
Tá na spéartha fá scéimh ghlain, gan smúit, gan teimheal
Roimh Réics ceart na Féinne, 's a thrúp tar tuínn.



Tá ar gcléire i gcaomh-ghuth ag súil le Críost;
Tá ar n-éigse go réimeach 's a gcumha ag dul díobh;
Gaedhil bhocht' Inis-Éilge go súgach síodhach
Roimh Shéamus mac Shéamuis 's an Diuic tar tuínn.



Mór, abair “muar.”
Mhór-mhuir - abair “mhuar-mhuir.”



57. — SÍLE NÍ GHADHRA



(Fonn: Síle Ní Ghadhra)



'Sé deir Domhnall Ó Mordha, as é ar árd Leasa-gréine,
Gur fada tá an óig-bhean gan pósadh le Séarlas,
Ó milleadh, ó leonadh, ó seoladh tar tréan-mhuir
Na feara-choin chródha de chóir-shliocht Mhilésiuis.
Lasfaimíd tóirsí a dhóighfeas an saoghal,
'S bainfimíd tóirneach as crón-phoic le faobhar,
Glanfam Clár Fódla ó na cóbaigh go léir!
Beidh slóighte ar na bóithribh go modhmharach meadhrach
Ag triall chun do phósta-sa, a Shíle Ní Ghadhra



Sin teachtaire tráthamhail gan spás chun an Mhaioir
Go scríobhfadh go fáith-ghlic chun árda na hÉireann,
Gach file, gach fáidh glic, gach sáir-fhear dá thréine,
Bheith bailighthe an lá úd ar árd Leasa-gréine;
Punch as fíon caor-dhearg d'á thaoscadh mar shaighead
Drumaí d'á bpléascadh, d'á ngréasughadh chun siege;
Séarlas ceann féadhna bhfear Éireann gan mhaíll,
Mac Uí Bhriain Ára go calma meadhrach
Ag triall chun do phósta-sa, a Shíle Ní Ghadhra.


L. 68


Ar luadhan a grádh geal go hálainn le Síle
Cualadh a gáire ar árd na dtrí ríoghachta;
Cualadh san Spáinn í le háthas d'á innsin,
Cualadh san Iodáil í, 'gus ar árd bhailte Laoisigh;
Cualadh i nÉirinn le féile d'á mhaoidheamh
Go gcuirfidhe na Gaedhil bhocht' 'n-a réim-cheart arís,
Nach mbeadh sí 'n-a strae bhocht idir mhéirligh mar bhí,
Go dtraochfadh sí Galla, an aicme gan bhéasa,
'S go bpósfadh sí a cara, le dlighe cheart na cléire.



Cia b'é chífeadh an sáir-fhear breágh álainn, an Maior,
Ar ghillín ag ceáfradh go stáidmhear chum scléipe,
Le n-a chlaidheamh leathan láidir 'n-a láimh-dheas as faobhar air,
Ag fuascailt na mná úd 's d'á grádhchan le Séarlas.
Cá bhfuil tú, a Shéarlais? Ná déin-se aon mhaill i
Díbir tar tréan-mhuir go héascaidh na Gaill.
Bain fuaim as gach bréan-phoc, as séid suas an adharc;
Suas leis na ceoltaibh go modhmharach meadhrach
Ag triall chun do phósta-sa, a Shíle Ní Ghadhra!



Tá fásach 'n-a shlaodaibh ar shléibhtibh 's ar mhaoilinn,
Agus binn-ghuth na n-éanlaith ar ghéagaibh 'san oidhche;
Le dian-teas na gréine bí an chraobh ghlas san ngeimhreadh ann,
'S nach breágh deas atá Phoébus ag séid' a chuid soillse!
Preabaidh i n-éinfheacht, an méid-se Shíol mBriain!
Leanaidh a chéile agus féachaidh bhur dtriath!
Machtnuighidh ar ghéar-ghoin, bhur gcéasadh le cian í
A shíl na bhfear gcalma leanaidh bhur léid-fhear
Ag feoil-choscairt bodach as Fódla-chlár Éibhir!



A Shíle na gcumann ná fulaing mé i bpéin,
Fóir ar mo ghlasaibh 's ar mo dhanaid má fhéadair;
Ná foighdigh mé a'm' stracadh eadar ghasraí diabhal,
Mo shúil leis i gcomnuidhe 's gan gnó dhom d'á iarraidh
Tá mo dhóich-se le Peadar go scarfar an bháb
Leis an léice-se, a dhealbh nach ait leis na mnáibh
Má luadhadh leis mar chéile í níor réidhtigh sé a cá
An Galla-phoc malluighthe! stracfaimíd a adharca,
As cuirfeam bodaigh chun sodair as Síle Ní Ghadhra


L. 69


Is mór an chúis éad' dom gach lae nuair a smuainim
Ar ghruagach neamh-bhéasach neamh-aerach neamh-aoibhinn,
Gan shubhailce gan tréithe gan fhéile gan chaoineas,
Acht ag fuadach mo chéile 'gus d'á héigean ar choilltibh.
'S mé an draoi is óige 's is sine san dtír,
'S mé phógfas an óig-bhean agus tiocfaidh sí línn,
'S í thógfas an smóit-se 's an tuirse dem' chroidhe,
An óigh mhilis chiuin tais mar a luaidhtear ag Laoiseach
Agus pósfad mo chailín le Cathaoir gan aímhreas



'S é Cathaoir dob' fhearr liom ag trácht liom san nídh úd,
Agus rí geal na Spáinne as a gharda bheith im' thimcheall,
'S é bhuaidhfeas gan dualgas le huaislibh na tíre,
Agus sinne - lá dubhach é ag búraibh d'ár gcoímh'scar!
Troididh-se an méirleach nach féidir do chlaoidheadh
Go dtiocfaidh na Franncach 's a bhantracht thar tuinn,
'S é fhágfas gan amhras iad go fann-lag gan bhrígh.
Nuair a thiocfaidh an dream úd go teann le n-a chéile
Beidh Aifreann cantaireacht' i dteampuill na hÉireann.



Glanfam = glanfaimíd.
Léid-fhear = tréin-fhear?
Caor-dhearg nó “croidhearg.”
Cuirfeam = cuirfimíd.
Luadhan = luadh.
Gan gnó dhom = gan aon chaoi
agam ar … ?
Grádhchan (cf. gnóthchan) = a grádh
d'fhághail.
Fásach = fás.
smóit = smúit.
Bí = bíonn.
Coímh'scar, coimheascar.



58. — DRUIMFHIONN DONN DÍLIS.



(Fonn: Druimfhionn Donn Dílis)



A Dhruimfhionnn donn dílis,
A shíoda na mbó,
Cá ngabhann tú san oidhche
'S cá mbíonn tú sa ló?
Bíonn mise ar na coillte
As mo bhuachaill im' chómhair,
Agus d'fhág sé siúd mise
Ag sileadh na ndeor.


L. 70


Ní'l fearann, ní'l tigheas agam,
Ní'l fíonta ná ceol,
Ní'l flaithe im' choímhdeacht,
Ní'l saoithe ná slógh;
Acht ag síor-ól an uisce
Go minic sa ló,
Agus beath'-uisce 's fíon
Ag mo naímhdibh ar bord.



Dá bhfaighinn-se cead aighnis
Nó radharc ar an gcoróin,
Sasanaigh do leidhbfinn
Mar do leidhbfinn sean-bhróg,
Trí chnocaibh, trí ailltibh,
'S trí ghleanntaibh dubha ceoigh,
Agus siúd mar a bhréagfainn-se
An Druimfhionn donn óg.



Leidhbfinn nó “leadhbfainn.”
Slógh = sluagh.
Flaithe = flatha.
Ailltibh nó “choilltibh.”



59. — ÓRÓ, 'SÉ DO BHEATHA ABHAILE



A Shéarlais óig, a mhic Ríogh Shéamuis,
'S é mo mhór-chreach do thriall as Éirinn,
Gan ruainne bróig' ort, stocaí nó léine,
Acht 'do chascairt leis na bhFranncaighibh
Óró! 's é do bheatha abhaile,
Óró! 's é do bheatha abhaile,
Óró! 's é do bheatha abhaile,
Anois ag teacht an tsamhraidh!



'S é mo léan géar nach bhfeicim,
Mur' mbéinn beo 'n-a dhiaidh acht seachtmhain,
Séarlas óg as míle gaiscidheach
Ag cascairt leis na bhFranncaighibh.
Óró! 's é do bheatha a bhaile, agus ml.


L. 71


Tá Séarlas óg ag triall tar sáile,
Béidh siad leis-sean cúpla garda,
Béidh siad leis-sean Franncaigh as Spáinnigh,
Agus bainfidh siad rinnc' as Eir'cighibh.
Óró! 's é do bheatha abhaile, agusml.



Ruainne, nó “aon ruainne.”
Mur' = muna.



60. — AN CRÚISCÍN LÁN



A éigse Fódla dluthuighidh
Lem' thaobh isteach 'n bhur dtrúpaíbh,
'S éistighidh liom go subhach síothach sámh,
Go léighfead startha ciuin' díbh
I nGaedhilg bhlasta bhúig bhinn,
go nglaodhfad ar mo chrúiscín lán lán lán!
'S go nglaodhfad ar mo chrúiscín lán!
Ólfaimíd an crúiscín,
Sláinte geal mo mhuirnín,
A bhfuil a thaisteal chughainn tar taoide, slán slán slán!



Is deorach doilbh dubhach sinn,
Tréimhse ag taisteal triuch bím,
I gcéin tar lear i gcúigíbh fághain!
Taobh le fearaibh úr-chroidheach'
Ba mhian liom stad le dúil ghrinn
Gan chlaonadh ag blaiseadh an chrúiscín láin láin láin!
Gan chlaonadh ag blaiseadh an chrúiscín láin!
Ólfaimíd an crúiscín, agus rl.



An tAon-Mhac cailce chum sinn
Dá leigfeadh feasta chughainn Rí
Séarlus ceart 's a thrúpaí slán!
Séimh-fhear soilbh subhach síothach
Saor gan chol — a diúgfaidhe
Le féile a mbéadh 'san gcrúiscín lán lán lán!
Le féile a mbéadh 'san gcrúiscín lán!
Ólfaimíd an crúiscín, agus rl.


L. 72


Gach óig-fhear cneasta clúmhail binn
D'ár chaith a stór 'san gcrúiscín
Mar shúil go dtiocfadh chughainn Rí 'dtráth,
Glacadh lann 'n-a láimh ghroidhe,
Tá taisteal chughainn tar chúigíbh,
'S ólfam feasta an crúiscín lán lán lán!
'S ólfam feasta an crúiscín lán!
Ólfaimíd an crúiscín, agus rl.



An tréad so anois fá ghúnaíbh,
I dteampuill cóir ar bprionnsaí,
Tréigfid feasta ar gcúigí-stáit.
Béidh Gaedhil arís go húr-chroidheach,
A dtréad 's a mbailte clúmhail beacht,
'S ólfam feasta an crúiscín lán lán lán!
'S ólfam feasta an crúiscín lán!
Ólfaimíd an crúiscín, agus rl.



Búig = “búidh” nó “buig” (bog)?
Triuch = tríoch; geineamhnach iolraigh ar “tríocha.”
Cúigí-stáit?
Ólfam = ólfaimís.
An tréad fá ghúnaíbh = na ministrí Gallda.



61. — SLÁN CHUM PÁDRAIC SÁIRSÉAL



A Phádraic Sáirséal, slán go dtí tú,
Ó chuadhais do'n Fhrainnc, 's do champaí scaoilte,
Ag déanamh do ghearáin leis na ríghthibh,
As d'fhág tú Éire agus Gaedhil bhocht' claoidhte.



Och! ochón!



A Phádraic Sáirséal, is duine le Dia thú,
Is beannuighthe an talamh ar shiubhail tú riamh air;
Go mbeannuighidh an ghealach gheal 's an ghrian duit,
Ó thug tú an lá ó lámhaibh Ríogh Liam leat.



Och! ochón!


L. 73


A Phádraic Sáirséal, guidhe gach nduine leat,
Mo ghuidhe-se féin, as guidhe Mhic Mhuire leat,
Ó thóg tú an t-Áth Caol ag gabháil tré Bhiorra dhuit,
'S gur ag Cuileann Ó gCuanach buadhadh leat Luimneach.



Och! ochón!



Geobhad-sa siar an sliabh so im' aonar,
As geobhad aniar arís má's féidir;
Is ann do chonnaic mé an campa Gaedhealach,
An dream bocht silte nár chuir le n-a chéile.



Och! ochón!



Cia súd thall ar chnoc Bheinne Éadair?
Saighdiuir bocht mé le Rígh Séamus;
Do bhí mé anuraidh i n-arm 's i n-éadach
Acht táim i mbliadhna ag iarraidh déirce.



Och! ochón!



Is é mo chreach mar do chailleamar Diarmaid,
Bhí ceann an scafaire ar halbart iarainn,
Bhí a fheoil d'a stracadh 's a bhratach d'á stialladh,
'S gan fagháil chasta 'ge, dá bhfaghadh sé Dia air.



Och! ochón!



Is é mo chreach-sa an tsraith d'á tógain,
An dá fhear déag do bhí ós cionn Feorach;
Mo dhias dearbhráthar, is iad is gleo liom,
Acht mo chúig céad diachair Diarmaid an t-óigfhear!



Och! ochón!



Do cuireadh an chéad bhriseadh orainn ag droichead na Bóinne
An dara briseadh ag droichead na Sláinge,
An tríomhadh briseadh i nEachdhruim Uí Cheallaigh,
'S a Éire chumhra, mo chúig céad slán leat!



Och! ochón!



An uair las an teach bhí an deatach 'ghár múchadh,
'S clann Bhil bhradaigh 'ghár ngreadadh le púdar,
Ní'l aon urchar d'á scaoilidís fúinne
Ná fiafruigheadh Colonel Mitchell ar leagadh Lord Lucan.



Och! ochón!


L. 74


Briseadh na Cruiminne 's briseadh na Bóinne,
'S an tríomhadh briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
An ceathramhadh briseadh i nEachdhruim Dia Domhnaigh,
'S buaileadh buille trom orainn ag Tobar Ríogh an Domhnaigh



Och! ochón!



Mo chúig céad slán chughaibh, a hallaí Luimnigh,
'S chum na buidhne áilne do' bhí 'n-ár gcuideachtain;
Bhíodh teinte cnámh againn, as cártaí imeartha,
As briathra Dé d'á léigheadh go minic dhúinn.



Och! ochón!



A Lonndain-Doire, bolgach chughat-sa,
Ar nós na scáile ar lasadh le púdar,
'S a liacht faraire fada fionn lúbach,
Gan fosc' ó'n ngaoith ná cré 'ghá gcumhdach!



Och! ochón!



Do bhí mé ar sliabh lá breágh gréine,
Do chonnac na Sasanaigh i bhfochair a chéile;
An cor capall ba dheise bhí i nÉirinn;
Ó! coimeád dam na bodaigh go mbainead gé asta!



Och! ochón!



Is iomdha saighdiuir meadhrach meanmnach
Do ghabh an tslighe seo le seacht seachtmhainíbh,
Faoi ghunna, faoi phíce, faoi chlaidheamh chinn airgid,
Acht tá siad sínte thíos i nEachdhruim!



Och! ochón!



Tá leasughadh ag Ua Ceallaigh nach gaineamh ná aoileach
Acht saighdiuirí tapaidhe dhéanfadh gaisceadh le píce;
Do fágadh iad i nEachdhruim 'n-a sraitheannaibh sínte,
Mar bhéadh feoil chapaill ag madraíbh d'á sraoilleadh.



Och! ochón!



Cia súd thall ag doras na ceardchan?
Ná ceil ar Rígh Liam é, mise Brian Láidir;
Fan id' sheasamh, a bhodaigh, go gcaithead grán leat;
A ghiolla na praisce, ní bhacfad go bráth leat.



Och! ochón!


L. 75


Annsúd atá siad, barr-uaisle Éireann,
Diuicí, Búrcaigh, 's Mac Ríogh Shéamuis,
Caiptín Talbóid, croidhe na féile,
As Pádraic Sáirséal, grádh ban nÉireann.



Och! ochón!



Go dtí = go dtigidh.
An lá, nó “bárr” nó “an
báire.”
Casta .i. geineamhnach an fhocail
“casadh.”
Dá bhfaghadh sé Dia air, nó “dá
bhfeiceadh sé Dia ann.”
Diachair no “dío-chur.”
Bhil, an Rí Liam.
Lord Lucan — an Sáirséalach.
Cor = scata.
Gé? - “Béic” san MS. 23 E 12
Grán .i. piléar.



62. SEAGHÁN Ó DUIBHIR AN GHLEANNA



(Fonn: Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna)



Ar m'éirghe dham ar maidin,
Grian an tsamhraidh 'g taithneamh,
Chuala an uaill d'á casadh,
Agus ceol binn na n-éan;
Bruic as míolta gearra,
Creabhair na ngoba fada,
Fuaim ag an macalla
As lámhach gunnaí tréan;
An sionnach ruadh ar an gcarraig,
Míle liugh ag marcaigh,
As bean go dubhach 'san mbealach
Ag áireamh a cuid géadh;
Anois tá an choill d'á gearradh;
Triallfaimíd tar caladh,
'S a Sheagháin Uí Dhuibhir an Ghleanna
Tá tú gan géim.


L. 76


Is é sin m'uaigneas fada,
Scáth mo chluas d'á ghearradh,
An ghaoth a dtuaidh a'm leathadh
Agus bás ins an spéir;
Mo ghadhairín suairc d'á cheangal
Gan chead lúith ná aistidheacht,
Do bhainfeadh gruaim de'n leanbh
I meádhon ghil an lae;
Croidhe na huaisle ar an gcarraig,
Go ceáfrach buacach beannach,
Do thiocfadh suas ar aiteann,
Go lá deireadh 'n tsaoghail,
'S dá bhfaghainn-se suaimhneas tamall
Ó dhaoinibh uaisle an bhaile,
Do thriallfainn féin ar Ghaillimh,
As d'fhágfainn an scléip.



Táid fearainn ghleanna an tsrotha
Gan ceann ná teann ar luchtaibh,
I mbléidhe ná i gcuach ní hóltar
A sláinte ná a saoghal;
Mo lomadh luain gan foscadh
Ó Chluain go Stuaic-na-gcolum.
'S an gearrfhiadh ar bhruach an rosa
Ar fán le n-a rae.
Créad í an ruaig so ar Ghallaibh,
Bualadh, buanadh, as cartadh?
An smóilín binn 's an londubh
Gan sár-ghuth ar ghéig;
'S gur mór an tuar chum cogaidh,
Cléir go buaidheartha as pobal
D'á seoladh i gcuantaibh loma
I lár ghleanna an tsléibh'.



'S é mo ró-chreach maidne
Nach bhfuair mé bás gan pheacadh,
Sul a bhfuair mé scannail
Fá mo chuid féin;


L. 77


'S a liacht lá breágh fada
'Dtig ubhla cumhra ar chrannaibh,
Duilleabhar ar an ndair,
Agus drúcht ar an bhféar;
'Nois táim-se ruaigthe óm' fhearann,
I n-uaigneas fuar óm' charaid,
Im' luighe go duairc faoi scairtibh,
'S í gcuasaibh an tsléibh'.
'S muna bhfaghad-sa suaimhneas feasta
As cead fuireach ag baile,
Tréigfidh mé mo shealbh
Mo dhúthaigh 's mo réim.



Géim nó réim.
Bléidhe .i. corn.
Lomadh luain — léir-scrios? Cf.
luain-chreach.
Croidhe na huaisle — .i. an fiadh.
Scannail, nó “easmailt.”
Fuar, nó “'bhfad.”
As cead fuireach ag baile, nó
“ó dhaoinibh uaisle an bhaile.”
Mo dúthaigh 's mo réim nó “agus
fágfad an saoghal.”
Réim, rian san MS.



63. — TIGHEARNA MHAIGHEÓ



(Fonn: Tighearna Mhaigheó)



Dáibhí Ó Muireadhaigh ro chan



Is mian liom feasta gluaiseacht
Go cuan ceart an fhíona 'ól,
As comairc an té tá shuas ort
A Thighearna Mhaigheó!
A fhír-smior scoith na ngruagach
Fuair buaidh 'gus clú in gach gleo,
Atá mé 'teacht an uair so
Faoi dhídean do shlóigh!
Is mise féin bhur ndall bocht
Tá 'fill' oraibh a annsacht,
Dár éirigh faillighe mhall damh
Le bliadhain mhóir faoi cheo.


L. 78


I ngeall ar an té tá 'láthair,
As Aon-Mhac Dé na grása,
'Nocht oidhche Nodlag claoidhtear cogadh
Thighearna Mhaigheó!



Feasta ná cuir suas díom,
A chraobh na fola 's uaisle -
Dar a bhfuil de mhór-chluig
Na naomh ins an Róimh,



Ní bhéad-sa an fad úd uait-se,
A chraobh na bhfíréan mbuacach,
Go dtéidh an chré anuas ar
Mo shean-chorp faoi fhód!



S í an Bhaintighearna Máire
Thar mhnáibh fuair an chraobh i gclódh,
I méinn, i bpearsain shásta,
'S in gach cáilidheacht is cóir:



Geal-ghrian í ar gach bantracht,
I gceannsacht 's i gcéill ró-mhór,
Fá shíothcháin d'fhagháil damh 'san am so
Uait féin as ód' leomhan;



'S é Tiubóid óg de Búrca,
An chraobh chumhra tá éifeachtach mór,
Faoi chomairc Dé na ndúl dó,
'S go mbadh buan bhéas se beo!



'Sí Siubhán deas na gciún-rosc
Is múinte as is féile glór,
As bíodh fá impidhe dhamh-sa
Um réidhteach fhagháil óm' leomhan;



Tigidh feasta a chúigir,
A chuirfeadh maise ar chúige,
As canaidh cainnt fá dhuthracht
Im' dháil mar is cóir;



Rí na rann d'bhur gcumhdach,
Go mbadh saoghlach slán an cúigear,
Mar tá Héibí, Neillí, Tum as Beití,
As péarla an chúil óir!



Mór-chluig, abair “muar-chluig.”
Go dtéid an chré, &rl., nó “cré na húire 'nuas ar mo shean-chorp
chaoch faoi fhód.”
Ar chúige, nó “ar chlannaibh cóigidh.”


L. 79


64. — MARBHNA EOGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL



Dá bhfuighinn maoin as fíon le n-ól
Níor bheo inn chroidhe acht ag caoineadh id' dheoidh.
An bhfuil duine ar bith ar an tsaoigheal
A mbeadh tuigse in a chroidhe
Nach mbeadh ag caoineadh a bháis ar Eoghan?
Gaol na bhfear bhí láidir tréan,
Ar rúscadh na nGall gach lá 's ní bréag.



Is cuma liom cé éagas ó d'éag tú a Eoghain!
Scaoilim feasta tharm súd, 's béidh mé id' dhéidh 'n-a brón.
I n-áit an óil, ochón! béidh osna,
I n-áit an cheoil, obo! béidh tuirse.
Och! och! och! mo bhrón 's mo dhíth!
I d' luighe leat féin tú bheith 'sa gcré
Airiú a Eoghain!


L. 80


CUID IV. AMHRÁIN DIADHA



65. — PAIDIR MAIDNE



Éirighim suas le Dia,
Go n-éirighidh Dia liom
Lámh Dé in mo thimcheall,
Ag suidhe, 's ag luighe,
'S ag éirighe dham.



66. — A AOIN-MHIC DÉ CHUAIDH D'ÉAG I mBARR AN
CHRAINN



A Aoin-Mhic Dé chuaidh d éag i mbárr an chrainn,
As croidhe do chléibh d'á raobadh le láimh an Daill;
Fuil do chréacht ag téacht go talamh mar linn,
Ar scáth do scéithe beir féin go Parrthas sinn.



A Íosa, a Naoimh-Spioraid, a Athair 's a Uain,
Thug for-fhuil do chroidhe dhil d'ár gceannach go cruaidh,
Bí im' dhíon-sa, bí im' choimhdeacht, bí im' aice gach uair,
Má's luighe dham, má's suidhe dham, má's seasamh, má's suan



Ísligh mo dhíoghaltas, as m'fhearg as m'fhuath,
As díbir na smaointe malluighthe uaim;
Leig braoin beag ó d' Naoimh-Spioraid beannuighthe anuas,
A scaoilfidh mo chroidhe-si 'tá 'n-a charraig le cruas


L. 81


67. — IS IONGNA AN COR-SA



Is iongna an cor-sa toisc fá bhfuilim i bpéin,
Mo thuigsin ó'm thoil, 's mo thoil ag druidim óm' chéill,
Nach tuigthear dom' thoil gach toil dom' thuigsin is léir,
'S má tuigthear nach toil léi acht toil a tuigsiona féin.



A Bhuime na mBocht ó'n locht 'n-a bhfuilim beir mé;
Tabhair tuigse dom' thoil, nó toil dom' thuigse, 's bím réidh;
Ós imtheacht dom' thoil le holc ná leigidh mé léi,
Acht cuiridh mo thoil let' thoil 'n-a hionad, a Dhé.



Nach toil léi, ní fonn léi, ní háil léi.
Bím, nó bíam.



68. - COIGLIM AN TEINE SEO



Coiglim an teine seo mar choigleann Críost lághach;
Muire ar dhá cheann an tighe, as Brighid i n-a lár.
Gach a bhfuil d'ainglibh 's de naomhaibh i gcathair na ngrás
Ag cosaint 's ag coimhéad lucht an tighe seo go lá.



69. - BEANNACHT LEAT, A MHUIRE



Beannacht leat, a Mhuire,
Beannacht leat, a Chríost,
Go gcumhduighidh sibh m'anam
Go dtigidh mé arís.



Beannacht leat, a thigh Dé,
As beannacht Dé 'n-ár dtimcheall,
Nár scaraidh uainne grásta Dé
Go bhfillimíd chum a theampaill.


L. 82


70. - A MHUIRE MHÁTHAIR 'S A MHAIGHDEAN RÓ-GHLÓRMHAR



A Mhuire Mháthair 's a Mhaighdean ró-ghlórmhar
Tabhair dhúinn radharc ar do theaghlach mhór-chomhachtach,
Solus na Soillse as Radharc na Tríonóide,
As grásta na foighne i n-aghaidh na héagcóra.



71. - A MHUIRE NA nGRÁS



A Mhuire na ngrás,
A Mháthair Mhic Dé,
Go gcuiridh tú
Ar mo leas mé.



Go sábhálaidh tú mé
Ar gach uile olc,
Go sábhálaidh tú mé
Idir anam as corp.



Go sábhálaidh tú mé
Ar muir as ar tír,
Go sábhálaidh tú mé
Ar leic na bpian.



Garda na n-aingeal
Ós mo chionn -
Dia romham,
Agus Dia liom.



72. - AN BEANNACHADH MUIRE



Dia do bheatha-sa a Mhuire,
A thuile lán do ghrásaibh;
Atá an Tighearna id' fhochair
A ghein shochair chlann n-Ádhaimh.


L. 83


Beannuighthe thusa tharsta -
Dheagh-mhná na talmhan uile,
'S is beannuighthe an ghein ríoghdha
Íosa toradh do bhruinne.



A Naomh-Mháthair Dé, a Mhuire,
A Bhuime mar an gcéadna,
Guidh orainne na peacaigh
'N-ar mbeathaidh 's in am éaga.



73. - GO LUIGHIMÍD LE DIA



Go luighimíd le Dia as go luighidh Dia linn,
Pearsa ó Dhia linn, dhá láimh Dé linn,
Ná trí Mhuire linn,
Dia agus Colmcille linn.
Nach daingean an dún a bhfuilimíd ann!
Idir Muire agus a Mac,
Brighid agus a brat,
Micheál agus a sciath,
Dia agus a lámh dheas
'Dul idir sinn as gach ole.
Nár luighimíd le holc,
Nár luighidh olc linn.
Coimrighe na dtrí gcrann,
Crann na croiche,
Crann na cró,
Crann ar ar crochadh Críost,
Agus ó'r éirigh sé arís beo.
Ó a Rí na cathrach ar Neamh
Coimhéad spiorad m' anma
Ar fhíor-chathuighthibh an áidhbhearsóra


L. 84


74. - AN PHAIDIR GHEAL



Ag dul do chodladh dhuit smuainigh gur codladh an bháis é
agus go musclóchaidh tú Lá an tSléibhe agus abair: -



Luighim-se le Dia,
Go luighidh Dia liom!
Scáth Dé ós mo chionn,
Cros na n-aingeal fá mo chom,
Cá luighfidh tú anocht?
Eadar Muire as a Mac,
Eadar Brighid as a brat,
Eadar Colmcille as a sciath,
Eadar Dia as a lámh dheas.
Cá n-éireochaidh tú i mbárach?
Éireochaidh le Pádraig.
Cia 's iad ar ar n-aghaidh?
Dhá chéad aingeal.
Cia 's iad ar ar ndiaidh?
An oiread so eile de mhuinntir Dé.
Druid na dúin fá Ifreann,
As foscail geafta Flaithis Dé;
Leig an tsoillse mhór amach,
As an t-anam truaigh isteach.
Ó a Dhia déan trócaire orainn!
A Mhic na hÓighe go bhfuighidh ar n-anam!



Geafta = geata.



75. - AN PHAIDIR GHEAL



Cá chodail tú aréir?
Faoi chosaibh Mhic Dé.
Cá choideolas tú anocht?
Faoi chosaibh na mbocht
Cá choideolas tú i mbárach?
Faoi chosaibh Naoimh Pádraig


L. 85


Cia sin romhat?
Tá na haingle.
Cia sin id' dhiaidh?
Tá na haspail.
Cia sin ar do dheas-láimh?
Trí braoin d'uisce an Domhnaigh
Chuir Muire liom ag déanamh an eolais,
Ó dhoras go doras, go doras Pharrthais,
Go ndúnfar dóirse Ifrinn,
Agus go bhfosclóchthar dóirse Flaithis.



A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé
Leig isteach mé ar dhoras na féile,
Ins an áit nach n-iarrfaidh mé
Biadh ná éadach.



Eochair Pharrthais tá mé 'iarraidh
Tá san dabhach údan thall,
'Bhfuil fleasca óir in a cheann,
An choinneal shoillseach in a láthair.
Tháinig oidhche, tháinig ceo,
Tháinig Brighid le n-a brat,
Tháinig Micheál le n-a scéith -
Brionglan fada, brionglan gearr -
Cia déarfadh an Phaidir Gheal
Ceann do oidhche,
Ceann do ló,
Go mb' aoibhinn dó



Údan = úd.



Brionglan - brionglan na croise, leath-ghéag na croise? = déin
fíoghair na croise annso?



76. - CAOINEADH NA DTRÍ MUIRE



"A Pheadair, a Apstail, an bhfaca tú mo ghrádh geal?"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Chonnaic mé ar ball é i lár a námhad."
M' ochón agus m' ochón Ó!


L. 86


"Gabhaidh i leith, a dhá Mhuire, go gcaoinidh sibh mo ghrádh geal."
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Céard atá le caoineadh againn, muna gcaoinimíd a chnámha?"
M' ochón agus m' ochón Ó!



"Cé hé an fear breágh sin ar chrann na Páise?"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"An é nach n-aithnighir do Mhac a Mháthair?"
M' ochón agus m' ochón Ó.



"'S an é sin an Maicín d'iomchair mé trí ráithe?
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Nó an é sin an Maicín a rugadh san stábla?"
M' ochón agus m' ochón Ó!



"Nó an é sin an Maicín a hoileadh i n-ucht Mháire?"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Éist, a Mháthair, as ná bí cráidhte."
M' ochón agus m' ochón Ó!



"'S an é sin an casúr a bhuail tríot na táirngí?"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Nó an í sin an tsleagh a chuaidh thrí do lár gheal?"
M' ochón agus m' ochón Ó!



"Nó an í sin an choróin spíonta chuaidh ar do mhullach álainn?"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Éist, a Mháthair, as ná bí cráidhthe.
M' ochón agus m' ochón Ó!



"Éist, a Mháthair, as ná bí cráidhthe,"
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Atá mná inn chaointe le breith fós, a Mháithrín"
M' ochón agus m' ochón Ó!



"A bhean atá ag gol do bharr mo bháis-se,
M' ochón agus m' ochón Ó!
"Béidh na céadta indiu i ngáirdín Pharrthais."
M' ochón agus m' ochón Ó!


L. 87


77. - GNÍOMH CREIDIMH



Creidim gur ghlac go fíor
An Mac, le toil Dé bhí,
Le hoibriughadh ó'n Spiorad Naomh le grádh dhúinn,



Colann daonna i mbruinn
Na Maighdine Muire mín'
'S go dtáinig ar an saoghal d'ar sábháilt.



Gur fhulaing sé - mo scíos!
Géar-bhás fé phéin fé scím,
Ar chrann na croise aoird' ar ár son.



Gur éirigh an treas lá arís
Ó mharbhaibh ar an saoghal;
Go ndeaghaidh suas Daordaoin ar árd-Neamh



Go dtiocfaidh mar a mhaoidhimh
As son i ndeireadh an tsaoghail
Chun breitheamhnais cirt fír gan cháirde



Do thabhairt ar gach n-aon
D'réir a oibreacha cruinn -
Nach truagh é an neamh-aithrigheach an lá úd!



Go dtabharfaidh sé go buidheach
Mar luach saothair d'á chlainn
An bheatha shaor shíorraidhe ar árd-Neamh



As damaint daor le fíoch,
I gcaitheamh na síorraidheacht',
Go hIfreann d'a naimhid le fánaidh.



Tá aigne, a Rí
Lán-diongmhálta as cuibhe
Agam-sa, 'gus is gnaoi é áireamh,



Maireachtain go humhal mín
As bás d'fhagháil gan aon teimheal
'Sa chreideamh cheart so tríd' naomh-ghrástaibh.



Naimhid = namhaid.


L. 88


78. - STÁBLA NA BEITHILE



Tadhg Gaedhealach Ó Súilleabháin ro chan



A Thríonóid na naomh nglórmhar, machtnuigh
Gur thúirling geal-Phrionnsa na bhFlaitheas
Fá bhán-bhruinne Mháire 'n-a leanbh;
Trí ráithe d'fhan Maighistir na n-aingeal
Le humhluigheacht 's le húir-ísleacht aici,
'S fuirnéis ghrádha 'n-a lár ar lasadh
D'fhuaduigh anuas ar an dtalamh
An t-Uan geal d'ár bhfuascailt ó'n bpeacadh;
A Mháthair ní bhfaigheadh árus 'san gcathair
Go dtáinig 'san stábla chum leaptha.
Is ann do bhí 'n-a luighe go dealbh,
Gan fíon gan feoil ag a beol le blaiseadh;
I gcolgas tháir i n-árus eallaigh
Do rug sí Aon-Mhac Dé na n-apstal;
Fuacht as fán níor cháin mar chleachtadh,
'S dob' é an Radharc Naomhtha é i mainséar asail.



Beithil = Betlehem.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services