Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh II

Title
Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh II
Author(s)
Mac Cubhthaigh, Art,
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1773
Publisher
(Dún Dealgan: Preas Dhún Dealgan, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CÚILFHIONN NÍ CHUINNE.
Tá géag gheal dheasuighth' bhéil-bhinn bhreasnaidh
Ag céimniughadh mar an lile fá'n árd seo thiar,
Agus éanlaith na cruinne go n-éistid go h-uile
Le h-éifeacht a binnis gach lá gan chian;
Tá a déid chaoin' chailce déanta i n-a seasamh,
Mar an ivory is gile dá dtainic ariamh,
Agus réidh-mhil na mbeach ag sgaoileadh 'na ceathaibh
I n-aol-ghnúis ghartha Máire na gciabh.



Tá an fhial-bhean seo ar lasadh i ndiadhacht 's i ndeise,
Mar ghrian-sholus maidne a dheallruigheas gach ló;
'S níl iarla da'r geineadh ariamh ins a' chruinne
Nachar mian leis an lile ud d'fhághail mar stór:
Ciall nachar milleadh, sgéimh nachar truailleadh,
Ariamh nachar milleadh a mórdhacht go fóill,
'S go bhfuil a píob is a mama ar lí cluimh na h-eala
Nó mar ladhg ar stad ar árd-shliabh Maoldórn.



Dá dtiocadh Iuno agus Helen go nua-dheas chugainn,
Le gach snuadh-mhnaoi dá rabh ins an Ádhamh-chloinn
ariamh,
'Siad 'cnuasach fá'n lile i ndún a chois coilleadh,
Nó siubhal leis na nimphibh i n-alt ar a' tsliabh,
Na trí t-siúr fuair toiseach cúrsa Pharnassus,
Is ciún-chruit mhic Mhanair ag árdughadh siansa,
'S gurab í 'n Chúilfhionn Ní Chuinne thug a' chliú uatha
go h-uile,
Mar dhúsgadh na gealaighe i gceart-lár na réalt.



Á mbíodh sí 'na aice ag éirighe dó Pharis,
Tráth leagadh an ubhall ar lár ins a tsliabh,
Is chuir Iúna, Bhénus, is Pallas a n-éideadh dá gcneasaibh,
Féachaint cia h-aca b'áilne de'n triar;
An séad ud budh deise dhéanfadh-se dí-se,
Nó gó gceanglóchadh cumann gráidh dí go dian,
Is Iphigénia ní rachadh i dh'éag ar na longaibh
Laoghdadh i dtonnaibh sásamh na ndia.



A phéarla dheis leinbh, bhuadhair tusa an iomad,
Ó Éirne go h-imeall Cháirlinn na n-iasg;
Is go mbéarr liom ná 'r chruthuigheadh de shaidhbhreas na
cruinne
Go mbéinn do do mhealladh le ráfla sians'.
Mo léan, nach bhfuil mise agus géag an fhuilt chlannaigh
Ar cealadh seal tamaillt fá chlár gan chian,
Ar a' ndúil 's go mbéidhmís cóiriughadh saor-channaí
leanna,
Agus an spéis ud bheith eadrainn mar ba ghnáthach
linn ariamh.



Tá mo chéadfaidh ar mearughadh, buaidhearta fá'n
chorruighe
A d'éirigh ar Mhaighistreas Máire le bliadhain;
Is a ghéag ghlan daithte, léigheasuigh mo aicid,
Le sméideadh do rosg is áilne ná an ghrian.
Réalt ghlan na maidne is féile da'r cumadh,
Saor-ingéan Uí Chuinne de rása Uí Néill,
Is a sgéimh ud le'r teasgadh i n-éagchrith clann Uisnigh,
Gur éaluigh sí leat-sa ó Dheirdre na gciabh.



Mar thug Iúdith gan mhearughadh faothamh do'n chathair,
Tráth maothadh le Baccus sár-laoch na gcéad,
A phlúir sgoith na mban is úire dá bhfacas,
Tabhair congnamh anois damh chum mo phárdún a thriall.
Deir na h-ughdair dá ndeanadh Iúdas an aithrighe
Nach ndiúltfaidhe 'sna flaithis a shlánughadh do shíor,
Is a chúilfhionn na gcarad, umhluighim 'sa' deabhaidh,
'S gurab é cluain mhire an pheacaidh a d'athraigh mo
chiall.



ABHAINN NA BHFAN.



Maidin Dia Domhnaigh amháin bhí Art ag dul un Aifrinn
Tharlaidh go rabh tuile mhór i n-Abhainn na bhFan agus cha
dtiocfadh leis a dhul thairis. Shuidh sé síos agus chan se.



A Abhainn na bhFan, a shiubhlas go cam,
Ná mairidh tú 'do thráigh líonta;
Tá tú mar bhéadh leomhan mear romham 'sa ngleann,
Eadar mé agus an tor naomhtha;
Acht is cumhan liom an t-am a rabh Seon agus Seaghan
Ag imirt ar do thóin go h-aereach.



ADEIR CLANN LIÚTAIR.



Adeir clann Liútair atá i gcúirt 's i gcóistibh,
Go bhfuighinn-sa vota ar a gcreideamh féin,
Fearann saor, agus gunnaidh seolta,
Agus mo hata cóiruigh' le cross-cockade,
Fíon is féasta dá ghléas ar bórd damh,
Ar feadh mo lóisdin 's go deireadh an lae,
'S nach mb'fhéarr an tslighe dhamh-sa síneadh leobhtha
Ná bheith 'm stócach ar fhásan Gaedheal?



Dearbhthar damh-sa nach bhfuil acht clóic
Ag an eaglais Rómhanach do chur ar Ghaedhil,
Is má chreidim iad-san go mbéad 'mo dheóraidhe
I gcríochaibh Fódhla feasta faoi léan.
Anois is mian liom síneadh leóbhtha,
Agus éirighe cródha ar a bhfásan féin;
Is má deir mo ghaoltaí gur baoth mo dhóigh-sa,
Goidé sin dhóibh-san nuair a bhéas mé 'gcéim.



Adeir Dan is Hector is Drummon leobhtha,
Nach bhfuil an chóir aige neoch acht iad fhéin,
Is gur i dteampall Glasgo a lasadh an tóirse
Le fearaibh cródha na mbreacan ria'ach.
A Rí thug Maoise is a phobal óirdheirc,
Thríd thonn' na bóchna 's na muir-ruadh saor,
Má gheibh siad aoibhneas ar shlighe na glóire,
Nach claoidhte an dóigh atá ar chlannaibh Gaedheal<<.>>



A shagairt chaomhamhail is binne glórthaí,
I gcríochaibh Fódhla ag teagasg Gaedheal,
Cuimhnigh 'ríst leat ar bhaois na h-óige,
Is go rabh mé in do eolas ag tosach léighinn.
Tá mic tíre dá chur i gclodh dhamh,
Agus iad i gcótaibh na gcaorach ria'ach,
Nach bhfuil acht cruinneacht ins an arán ghlórmhar,
A ndéantar feoil de le guidhe na cléir'.



Beir mo chaoin-bheannacht deasaigh' órduigh'
Chuig an tóirse de sgoith na nGaedhil;
Ar faith' Dhúin-Gaill nuair a bhí tú 'do óig-fhear,
Go ndéanfá cóisir agus cuirm céad;
Ó fuair tú an céim a bheith anois pósta,
Le maighdin ghlórmhar na bhFlaithis saor,
Cáil de'n íce atá in do lóisdin
Cuir do threorughadh mo laige fhéin.



CATHAL MHAC AOIDH.



A chuisle 's a stóir, 's a chos dheas i mbróig,
Is a ghráidh na mban óg is áille dlaoi,
Níl a'n chaiptin ó Bhóinn go Doire na seol,
A sgapfadh an t-ór le Cathal Mhac Aoidh.



Shuidhfeadh sé ar bhórd, is dheanfadh sé ceol,
Agus sgaoilfeadh sé ór go leor ar a' tsaoghal;
Tá a chlaidheamh ar a ghlaic 's é síor-dheanamh creach,
Is tá'n réim sin gan stad le Cathal Mhac Aoidh.



A Rí flaithis Dé bheir solus 'sa ngréin,
Go sábhailidh tú mé ar thubaiste an tsaoghail,
'S nach bhfuil oirid a'n éan dá bhfosglann a bhéal,
Nach n-abrann liom fhéin go ngoidfinn a' saoghal.



Thug siad a mbréag, ní gadaidhe mé fhéin,
Ar son mé bheith éadtrom, earraideach, baoth,
'S dá mbainfainn luach éadaigh do bhodaigh' an Bhéarla,
Cé bheadh 'na dhéidh ar Chathal Mhac Aoidh?



Dá bhfeicfá-sa Sánuidh, bodach an Sgála,
A spunóg 'na láimh 's é slugadh a chuid bídh,
Is mise ar mo shámhas amuigh ins a' stábla,
An gearran is fearr le Cathal 'sa' tsrian.



'Sé Uilliam Piaras an giosdaire fiadhta,
Agus allus an aidhbheirseor' aige mar mhnaoi,
Is aoibhinn 's is cródha a gheobhainn-se an t-eolas,
Ar fud a chuid bó dá dorcha an oidhch'.



Tá mo ghaol le Ó Néill, is le Maguidhir ó'n Sgéith,
Is gach uaisle dhá mhéad dá dtig liom a rádh
Raghallaigh is Ruarcaigh, Mathghamhnaigh is Búrcaigh,
Gealach na gcuantaí, Cathal Mhac Aoidh.



AN EASCAINE.
Bhí bata innealta ag Art mhac Cubhthaigh, agus bhí sé ar
lóisdín, agus ar maidin cha rabh an bata le fághail aige.
Ag imtheacht dó ag an doras dubhairt sé.



"Cibé a rabh rún a ghoid mo bhata aige
Míle cnapan go rabh ag an lubhra air,
Cancar go rabh ins na h-altaibh air,
Gearradh tairt agus muchaidh air,
Agus aicid an fhiabhrais bhallaigh go mbainidh gar
na súl de."



DÓMHNALL NA GRÉINE.



Commoradh 's froilic thug Artur a Wallace
Do Dhómhnall na Gréine, cluisidh a thréartha;
Dá mbeadh sé seachtmhain i dtoigh leanna raca
Ní thiocfadh aon-néal air, 's b'annamh dithchéille air.



d'ólfadh sé a dtuillfeadh sé i gcuideachta a ngoidfeadh
sé,
Is b'fhéirrde toigh an óil de, is ghabhfadh sé ceol dóibh;
Le feabhas a chuideachta mheallfadh sé 'n iomad
De chailiníbh óga díomh'nach' is pósta.
Léigheasfadh sé ceathrar ar mhúchadh 's ar chasachtaigh,
B'fhurus do ghléas é, giolla na seiche:
Péantóir, is dathadóir, is fear dhéanfadh witches é,
Phollfadh sé criathairí, turnadóir mias é.



Bíodh sgála calceannfhionn in a ghlan acra,
Alpurnach tréitheach, cuisleannach féitheach,
Plucadh is placadh, ó neóin go dtí maidin,
Mála mór mairte - siúd samhail a mhéadail.



Níl ceardaidhe, nó gabha, nó fear déanta potaí
Nár sháruigh an déagh-mhac, 's d'fuaghfadh sé an t-éadach;
Dhéanfadh sé hata d'fhoghnóchadh do'n easpóg,
Srian, agus diallaid, is periwig iarla.



Dhéanfadh sé stanna le Aodh Mhac na Mara,
Agus fonnsa nach sgaoileadh go h-éag, mar a
shaoilim;
Leasfadh sé leathar gan greim ar bith cairteacha,
Mhairfeadh seacht mbliadna mura bhfeallfeadh na
h-iallacha.



Grúm agus jockey é 'riamh nachar leagadh,
Sheinnfeadh sé ar phíobachaibh, 's ar an uile sheort
siansain;
Le h-aol is le clochaibh gurab é dhéanfadh an obair,
Shnámhfadh an Éirne is trasna ar an tréan-mhuir.



Ba mhaith a léim-reatha, 's a naoi mbuille bhata,
In aimsir retréata smalcfadh sé céad fhear:
Níl cailleach i gCáirlinn nach dtuitfeadh i ngrádh leis,
Muna ndeanfadh sé acht sméideadh bhogfadh siad
fhéin leis.



Níl aon neach a maireann nár sháruigh sé i gcleasaibh,
B'fhurus a dhéanamh bhí sé ró-thréitheach;
Samhail mo ghruagaigh mar Lughaidh Lámh-fhada,
Mar Alasdran tréitheach nó Hercules Gréigeach.



Níl ceardcha 'sa' domhan nár sháruigh gan dochar,
Is níor chuireadar bréag ar Dhomhnall na Gréine.
Gréasaidhe chum molta é, printóir maith leabhar é,
Dheanfadh sé céachta do threabhfadh gan aon leis.



Glasfaire ar fheabhas é ba daoire bhí i gCorcaigh é,
Sheinnfeadh sé ar théadaibh, Dómhnall na Gréine.
Bád agus coite dodhéanfadh sé go tapaidh,
Stiúrfadh sé an chaol-mhuir anonn chum na Gréige.



Bórd agus leabaidh dodhéanfadh gan tiobadh,
Agus dhéanfadh sé bríste de chroiceann na caorach;
Dhéanfadh píopa do charaid agus chuirfeadh tombac
ann,
Agus dhéanfadh stilleoireacht ar fheabhas do gach duine.



Dhéanfadh sé muileann a thógbhail 's do bhreacadh,
Ní ghlacfadh sé pighinn ar son a shaothair:
Sclátaire tapa é, dá bhfuigheadh fear freastail,
Dodhéanadh le réim, siúd is mór árd i gcéin é.



D'ólfadh deoch leanna, is é fhéin bheith ga ceannach,
Neamh-chead do na bráithribh, daoine gan náire;
Dhéanfadh sé pitser do shuidhfeadh 'sa' chistean,
A chongbhochadh Geneva d'ólfadh na ladies.



Is líomhtha a theanga i mBéarla 's i Laidion,
Sgríobhfadh sé Gaedhilig, Dutch, agus Gréigis;
Le neart is a dhochas gur sháruigh sé 'n domhan,
Is sin agaibh tréartha Dómhnaill na Gréine.



ART ÓG Ó NÉILL.



A Airt óig Uí Néill, a shaorchlann is glaine cáil,
Ursa chogaidh is daingne le béim-neart i gcríochaibh
Fáil,
Dá dtrialladh Eoghan is Féidhlim go hÉirinn annsoir
ó'n Spáinn,
Ag gríosadh Chonaill Chéarnaigh go ndéanfadh arís ar
ndáil,
Mar Chonn na lann i Magh Léana ag tréaghdadh is ag
casgairt cháich,
Amhail Chú na néachta i ngléas na maghaí báird,
Le faobhar gearraidh géar-lann budh tréitheach a chroidhe
's a lámh,
Nó gur éirigh an daróg suas ar géaradh buaidhreadh a
lán.



A phlanda úir na féile, ó Fhéidhlim a n-eochair ghráidh,
d'fhosgaladh croidhe na nÉiriceach mar Elias na leabhar
bán,
'S nach mbraithfeadh duisin déirce, nó ré-chiosan líonta
lán,
I dtúis nó i ndeireadh féile nó aige éisteacht i n-aimsir
Cháisg,
Mar Mhaoise 'triall ó'n Éiphte tráth séideadh na tonna'
dtráigh,
Ar fuagradh cóimhéada Dé atá i néaltaibh na áird,
Ach 'sé 'bháis a d'fhág faoi léan sinn aige sréadaidhe na
n-iomad cáin -
Mac Naois Uí Chuinne, maor na gcluigin d'ar mbuaidh
readh gach lá.



A ghéag ó'n abhaill chumhra, a dusgadh de sliocht na mná,
A rabh céad de ríghthe dúthchais i n-uír-fhlaithis Theamhair
áird,
Gan thrácht ar phrionnsaíbh cúigí, bhí siúd ann de righthe
Fáil,
Nach ar milleadh ariamh 'sa' chúrsa is nach ar umhluigh ar
alpan fhághail,
Dá maireadh as a' luaithrigh sin go nua 'r ais i gcríoch
mar ghnáith,
An t-Athair Féidhlim ar dtúis a sgrúdadh na psailm
sáimh,
Nó clann Eoghain mhic Airt, thug cúla le na ndúthaigh go
cogadh i Spáinn,
Cha phósfaidhe mise ar laighead mo chisde ins an teampall
ar ball.



Níl prionnsa deas da'r h-áireamh fa'n Ádhamh-chlainn
ariamh go fóill,
Rí nó barún láidir a d'fhás ó threibh Mhilidh an óir,
Nach bhfuigheadh na srotha gráidh ag fágbháil a chroidhe
gach neóin,
Mar Ghuaire sgabadh máma ar ar náisiún tré réir na
seód,
Gur thosuigh inse airsigh le bair-bhéal na sgóltaigh cóir,
Le mac Fénius, árd-fhlaith a d'athruigh gach teanga ar
dóigh,
Fuair Scótia inghean ríogh Pháro an tráth sin mar chéile
dó,
Is uatha sileadh anuas gan mhilleadh an Gaedhil-ghlais
gan chló.



DO B'ÚR-GHLAS DUILLEABHAR.



Do b'úr-ghlas duilleabhar gach coilleadh ag líonadh do
bhláth,
Is nua-chnu na n-abhaill le measa do shíor a ghnáith,
Driúcht ceatha meala le barraibh na gcraobh gach áit,
No gur dhúisigh an deamhan, an nathair nimhe 'chuir an
saoghal un báin.



Tiocfaidh lubhra 'chois aicid ar gach aicme 'na phiantaibh
báis,
Fiabhras leabtha, galar gasta, agus éagspairn,



Is go gcríonochadh amharc ó Theamhair go Sléibhte Cháirlinn.



Níl snake nó basilisk i gcuan Acheron na bpianta tláith,
Toad nó crocadile nach gcreathnochadh nuair chidhfeadh an
ghráin,
Carnadh an tubaiste thainic chugainn chum an tsaoghail
ar ball,
Ó Luicifer mallaigh' chuir flaitheas na n-aingeal un báin.



A Rí chum an domhan, idir thalamh, is linn, is tráigh,
Is chuir díle as na flaithis le'r bascughadh síol Éabha is
Ádhaimh,
Acht Noe 'gus a bhunadh bhí ag imtheacht leo fhéin 'san
airc,
Mura gclaoidhfaidh tú an conach faoi'n earrach béidh an
saoghal na phláigh.



MISE AN T-OLLAMH SAOITHEAMHAIL.



Mise an t-ollamh saoitheamhail sin Peadar Mhac Conaill,
Teagamh dul na slighe mé cos ísiol Dia Domhnaigh,
Lámh le seipeal Chríosta, mar rabh craosairí ag ól ann,
Is thug siad bumper líonta gan íneadh in mo dhórn damh -
Is éist, a sgolog, éist.



Nuair chruinnigheadar gach partaidh do ghárdaigh Clainn'
Lóbuis,
Bhí sgolog reamhar shásta na phatriarc leobhtha,
Sé dubhairt se go cráibhtheach fa'n dtráth so Dia Domhnaigh,
Nár chóir an altóir fhágbhail gan sgáird whiskey ól
ann -
Is éist, a sgolog, éist.



Bhí Mhac Cearachair fághaidh i mbrannrai Mhic Eóin ann,
Bhí fomhar <foghmhar> aca láidire fáidh ná Cramóna,
Bhí an deachmhadh dá charnughadh, is rath ar a' phonar,
Is dá mbéadh a' chailis lámh leo níor chás a bheith ag ól
lei -
Is éist, a sgolog, éist.



Arsa Cearrachair go fiadhta "dar fiach, s dar na
dúile,
Ní shuidhim aon ndeachmhadh 'mbliadna gan riasun do
mo chumhdach,
Tá gorta mór ag triall ó Atha Ria go Dún Gúile,
Is béidh guinea ar a chíodh fríd a' trian so do'n cúigeadh -
Is éist, a sgolog, éist."



BODAIGH NA hEORNA.



Tá bodaigh na hEorna i gcorruighe go mór liom,
Mar tá mise beo dá mbuaidhreadh;
Is dá dtabhradaois beoir agus mil in mo dhórn damh,
Cha mholfainn go deóidh a dtréartha.



Níl aon chailin buidhe crón i lásaibh a' stró,
Nach gcruinnigheann ór is saidhbhreas,
Go mbéidh sí cóirighth' i síoda 's i sról,
Agus putóg nó dó i n-a héadan.



Is tócamhail an tseóid inghéan bodaigh 'sa' ród,
Is cha ghlacann sí córughadh Gaedhealach,
Mur mbéidh hata uirth ar dóigh, is crios air de'n ór,
Is cleite ag treabhadh na gaoithe.



Aige altóir na cléire is tócamhail a ngléas,
Lucht curcaigh na gcéibhin suaithnigh;
Is a mbodaigh ag buaidhreadh an phobail go léir,
Is an ghaoith-ropais ag séideadh uatha.



Dá seasóchadh an méid sin front agus rere,
Ó dheasaigh siad i séadtaibh nua-gheal,
Is a ngaoltaí go léir ag slugadh na léab,
I gcrioslach de'n daoir-ghiollaibh tuata.



Níl aon sagart nó bráthair de chineal na srathar,
Dá dtigeadh 'na ndáil ar féasta,
Nach mbéadh buideal ar clár 's a ngloine na láimh,
Is na bodaigh ag ól sláinte a chéile.



Adeir siad gur stráigh bocht dona gan ádh mé,
'Cumadh mo chuid dántaí bréagaigh,
Is mur stadfaidh gan spás go gcluintear ós árd
Na cluigini dá gcrathadh 'mo dhéidh-se.



Mallacht na n-órd is eascain' ón Róimh,
Go dtuitidh ar phór na bpéistí,
Bhíos ag bagart gach ló ar ollaimh an cheóil,
Is nach mbronnann ortha ór nó éadail.



Acht má théid bodaigh na heorna ar mire dá ndeóin,



Béidh mise pósta feasta go deóidh,
Le treibh mhilis chrodha an Ghaedhil-ghlais.



FEARTLAOI AIRT MHIC CHUBHTHAIGH.



A Thulach Árd, ar gnáthach na mílte
Theacht gach lá d'uaislibh ríoghrach',
Fá do chúm is fá bhruach do bhruighne,
Áit a mbéadh gach flaith mar mhian ris
Ag éisteacht le príomh dhámhaibh Íre,
Ag sárughadh gach eagnach le meanmuin líomhtha.



Is iomdha seanaidhe is dese shaoitheamhail,
Míleadh tréitheach, is uachtarán tíre,
Bhíodh cruinn le h-uaill 'san dún-lios aoibhe,
I gceacht gan fhuath, gan ghruaim, gan díombá,
Is gach díorma nóch a dtigeadh do'n chríc-se,
Go dtiocfadh aig uabhar fa'n mhaigh shnuadhmhar cheadna.



Is mór an crádh 'sa' mhairgne shíorraidhe,
d'fheicsin i n-éagmhais na dtriath-sa shiollaidhé,
Ó Eoghan Mhor a chuir gleo ar ríghthibh,
Is bhain urraim, is Conn 'na cheann ar mhíltibh dhíot,
Gan fréamh ar fághail daobhtha fá dheas nó chlí
Acht faobhthaidh táir, gan bhláth, gan díona.



Méadughadh sáir is tréaghdadh croidhe,
Theagmhaidh do'n Fháil-thréibh fhághail is iomghoin,
Fá'n fhile eolach, bheol-bhinn, chaoimheamhail,
Fhiosach, cheolmhar, os-cách, shaoitheamhail,
Fhialmhar, charthannach, thaithneamhach, dhaonnamhail,
A chlaochladh d'aice-se, a thulach na niamh-ghoil.



B'é so a' bárd de'n Fháil-thréibh ríoghrach,
D'ibh as Chastalia a sháith de fhaobhrughadh;
Óir-chomhdháil dhána, oireamhnach, líonta,
Ní raibh i nEalga nó i n-áird sna críochaibh
Nach raibh comh-aontach go fíor le chéile
Gur bh'é Art Mhac Cubhthaigh Horatius Éireann.



Budh suilbhir gach lá é, is b'ealadhanta, céillidhe,
Ag freachnughadh gach laoi do chumadh gan léithbhéal;
Léigheadh an fear daor go fíor glic Céitinn,
Is gach saltair dar sgríobhadh i bhfilidheacht Ghaedhilge;
'S gach fháistine doghnídheadh le draoithibh eagnaidhe,
Thigeadh le riar gan fhiar in a chéadfa.



Budh cara gach lá an file glic céadna,
Budh gheanamhail a gháire i n-uimhir na ndaoine,
B'acmhuinneach a rádh gan stá ag gríosadh;
Loinnear is aigneas fá chlár an fhíona,
Mhéideóchadh an grádh gach tráth is líonfadh
An comh-thional árd le subhailce eolach.



B'é Artur an bárd a bhí áirceach críonna,
Soinneanta, grádhach, tabharthach, gníomhach,
Oireamhnach, suaimhneach, uaigneach, aoibhill,
Sólasach, eolgach, ainmneach, daonnamhail,
Coimhfhreagrach, ceannsa, caradach, ríoghmhail,
Cosantach, meanmnach, deagh-lábhartha, saoitheamhail.



Ní raibh ó'n tráth do h-árdughadh an saoi seo
Go flaitheas na ndáimh, gárdughadh daoine
Fá da thaoibh, nó tathuighe na bhfíor-fhear,
Laochra dá ndeiseadh i gcomhair na ríogun,
Nó caismirt cuireadh comh saothrach dá ngníosadh,
Acht diamhair ceasnuigheach, easbhaidh, is iar-chrádh.



Thréigeadar na lachain oilean Uí Néill dínn,
Na h-iasca i mbeartaibh, is níl duilleabhar ar chraoibh ann,
Na riasca go h-uile, gan ealtaibh gan éanlaith,
Na magha da thimcheall, na macalla réabtha,
Na faithcheacha gan toradh, is ceasna ar éigsíbh,
Ó claochladh leannan agus searc na naoi maighdean.



Tá Innis Fáil 'na daoi go claoidhte,
Fá'n táimh neamh-fháilteach a d'athraigh léithe,
A maoin, a ceol, a h-ór, sa saidhbhreas,
A searc, a dóigh, a sógh, sa héagmais,
A hiarsacht eoil gach ló, 'sa créacht-lus,
Go neamh mar stór mar bhfuil na lochrainn shéise.



Tá Parnassus go táimh 'sa' dteimheal mar an gcéadna,
d'oidhche 's do ló, fá ghéagaibh ag críonadh,
Tathuighe na mbárd is na ndaimheadh da líomhadh;
Ní fheicthear go bráth ann, 'mo dhóigh, is ní h-íongnadh,
Chuaidh a' tiobrad i dtráighe a dtrachtaigh draoithe air,
Is Muse ní airighthear ag Cyrra na naoi ghlan.



FEARDORCHA Ó MEALLAIN



In ainm an Athara le buaidh,
In ainm an Mhic a d'fhulaing pian,
In ainm an Spiorad Naomhtha le neart,
Muire gus a Mac go rabh liom in mo thriall.



Micheal feartach, ar gcuid stóir,
Muire óigh 's an dá easbal déag,
Brighid, Pádraig, agus Eóin -
Is maith an lón creideamh Dé.



Colmcille beannuigh' caoimh,
Is Colman mhac Aoidh, ceann na gcliar,
Béid linn uile ar aon tslighe,
'S ná bígidh 'caoi fá n-a dhol siar.



Nach dtuigeann sibh, a bhráithre ghaoil,
Cúrsaí an tsaoghail le fada buan,
Gé mór atá ann le seilbh,
Gur beag a bhíos linn ag dul 'san uaigh.



Úirsgéal ar sin tuigthear libh,
Clann Israel a bhain le Dia,
Fá'n Éigipte gidh bhí i mbruid,
Furtacht go grod a fuair siad.



Dochuadar thríd an mhuir mhóir,
Go ndearnadh dóibh ród nár ghann,
Gur éirigh an fhairge ghlas
Mar chnoc amach ó's a gcionn.



Iar ndol dóibh sin fá thír,
Fuair siad cóir ó Rígh na rann,
Furtacht, cabhair, agus biadh,
Ó'n Dia bhí riamh 's tá 'nois ann.



A bhfuaradar ann mar lón
Cruithneachta mhór, stór nár bheag,
Inneall dá chur mar cheo,
Uisge go leor ag teacht as creig.



Amhlaidh sin dodhéanfar libh:
Dogheobhaidh sibh gach maith ar dtús,
Is tá bhur ndúithche ar neamh,
Is ná bígidh leamh in bhur gcúis.



A chlann chroidhe, déanaigidh seasamh,
Is ná bígidh ceasnughadh le h-anró;
Sin Maoise beannuigh' a fuair ar eagal
Cead a' chreidimh ó Pháró.



Is ionann Dia dúinn agus dóibh,
Aon Dia amháin a bhí, agus atá;
Is ionann Dia ibhfus agus shiar,
Aon Dia amháin agus bhéas go bráth.



Má ghoirthear daoibhse Papists
Cuiridh fáilte re bhur ngairm,
Tugaidh foighid do'n Árd-rígh -
Deogratias, maith an t-ainm.



A Dhia tá fial, triath na mbeannacht,
Féach na Gaedhil go léir gan bharanta,
Má támuid ag triall siar go Connachtaibh,
Fágamaoid 'nar ndiaidh go dian an mhaitheamhnas.



CONSPÓID DHONNCHADHA MHÓIR UÍ LABHRAIDH
AGUS GHIOLLAMHUIRE CHAOICH MHIC ARTAIN.



Caidé an traona so 'san ngort,
A seinneas dhúinn purt ar shliabh?
Mise Giolla in a mbíodh spéis,
Oisin mé tar éis na bhFiann.



Éist, a Ghiolla, liom go fóill,
Saoilir féin gur ab aor do dhán,
Dheanfaidh mé praiseach dhíbh,
Bí ar mire nó bhí slan.



<Is> árd an ghairm dhuit-se an chuach
Ní fhuil do cheol a luach leat
Níor thuill Éamonn fhéin a h-ainm
Gur mhór a ghairm 'san gceol cheart.



Muinntir Chléirigh, clann a' Bháird,
'S na hUltaigh gidh táid gan fréimh,
Saoithe sin nach bhfághadh locht
Ar aon phort dá seinnim féin.



'S iomdha ceol i bhlaitheas Dé,
Ní h-aoibhinn gan é gach uair;
Duine marbh nach seinneann ceol,
Tuirseach é 'sa dheor re n-a ghruaidh.



Ceol aingil ag teacht do Chríost
D'ar bhfuasgailt ó chíos an chuil,
Dochuala siad go ceolmhar caoimh,
An lucht dobhí ag faire a chuirp.



'San dá éan-sa is mór mo dhúil,
Tuairí aráin dúinn, is im,
Ní fhuil do'n ealtan a luach -
An traona 's a' chuach bheag bhinn.



Fanadh an t-iolar i bhfad suas,
Fanadh seabhac na ruag ngéar,
Fanadh gach éan i bhfad siar,
Ní h-ionann is mo dhá éan.



Éan an bhainne bhinn, an chuach,
Ná luadh í le do cheapan cuill;
Tur tirim lúth na meor,
'Binne liom ceol chríche Chuinn.



Is binn, a Ghiolla, traona an ghuirt,
Nár bhféarra dhuit breith i ngill;
An cumhan leat an gort, a ghrádh?
Tá, agus tá an t-arán binn.



Is bocht an eaglais bhíos gan cheol;
Dáibhidh an rí do sheol an reacht;
Cia hé an Pápa thainic ariamh
Nár mhol 's a' chléir gach ceol ceart.



"Chugaibh, chugaibh, gruth is im,
Éistidh liom," adeir an chuach:
Do rádh an traona de ghlór cheart,
"Tá an eorna ag teacht go luath."



Aon phurt is féarr ná sin
Níor seinneadh libh le lúth meor,
Colla, Naois, is Nicolas Dall,
'S a rabh agaibh ariamh re ceol.



Ní ba a bhíos 'san teampall mhór
Ag géimnigh, nó bró bheag bhreac,
Acht cláirseach, orgain, agus píob,
Aoibhinn a dtairm gach re beacht.



Teithid na diabhail re ceol,
Dearbhaid ughdair eoil gan locht;
Follus sin ar Dháibhidh an rí,
'S ar Shaul dobhí go ró olc.



Ní mharbhann siad cearc ná gé,
'S ní mó ithid féar ina gort,
Ní bhfuair biatach fairsing, fial,
Locht ariamh ar cheol a bpurt.



An seol-cheol nach dtuigim uaibh,
Cread fa dtiubhrainn duais gan chéill,
Acht an bhó 's a' bhró 's a chearc,
Sin an rígh-phurt a thuigim féin.



Ní ar mo cheol-sa atá an locht -
Is truagh nach bhfuil mo chorp i gcré,
Acht ort-sa, a Dhonnchaidh na mbó,
Gidh binne leat bró ná mé.



Clann Ádhaimh, a Dhonnchaidh, 'sa' tuaidh,
Táim lag ó chuadar i gcill,
Níor chríon mo chruit nó mo bhrat,
An dá mhac dá maireadh linn.



Brian mhac Mathghamhna na n-each,
Fear nach dtearnadh creach ar chill,
Is Aodh Ruadh na gcuach n-ór,
Dá mbéidis mo chómhair do bhéinn binn.



Ní thuigid mise an aos óg,
Gidh líonmhar iad i mbród na nGall,
'S ní mó thuigid iad féin,
Ní fhuilim gan chéill im' rann.



Ní thuigeann tusa an phaidir fhéin,
A Dhonnchaidh chléibh, a chognas mill;
Ní fhuil ionnat acht brúid bhocht,
Bí 'do thost 's na labhair liom.



A Ghiolla Mhuire, is binn meoir,
A' seanchus ceoil gidh h-ionmhain leat,
A lán bainne 's a lán méidhg
Ní thiubhrainn féin ar do cheap.



Annsa liom géimneach na mbó,
Ag teacht abhaile fa dhó 'sa' lá,
Chugainne le gruth 's le him,
Ná an ceap nach mbíonn binn go bráth.



<Cread> is binne faoi an ghréin?
Dar liom fhéin, is creid é uaim,
Is binne liom ná dordan salm,
Cronan na dtarbh ris na buaibh.



Má's ait leat-sa drithle dró,
Is ró-ait liom-sa bó 'san fhéar;
Má's milis leat-sa druill ó druadh,
Is milis liom-sa gruth in mo bhéal.



Guth téad má líonann do bhrígh,
Ní h-ionann tú agus mé féin;
Ná h-iarr orm-sa 's ní iarrfad ort
Ceol do chruite, a chláirseoir chléibh.



An traona ghlórach, 's a' chuach,
Ní h-iarrann siad luach ar cheol;
Ó's tusa is seirbhe le cluais,
Ná h-iarr duais acht oiread leo.



Ní fhuil 'san cheol uile acht gaoth,
Is duine baoth a sheinneas é;
Annsa liom go mór an taos,
Ó's é choisgeas fraoch mo dhéad.



An chéird ris nach bhfaghthar bróg,
Is mairg an stór do'n té dá bhfuil,
Is tairbhighe an toradh ceol na brón,
'S is maith an stór a thig ó'n mbuin.



Cláirseach chaimfhiaclach na dtéad,
Olc an séad do dhuine bocht;
Fiche preaban ar an toll,
Is dá fhichid poll ar a chorp.



Olc a' lámhchrann, olc a' coir,
Is measa a com mar chriathar beach,
Is mor a leac luaimneach i gcleas,
'S is fuaimneach a' fear téad mar mheath.



SAGART MÉISE CHARRAIG LEIC.



Ar cheist aoin-neach a bheith ar seachran tráth chluinfidh
siad briathra an dáin,
Ó thús an tsaoghail seo a bhí mise ag tabhairt aire do
mo thréad gan cháin,
Nó go dtainic maor na n-órd dian a sgoilt mise
síos in mo lár,
Agus gur mór m'ainm a bheith 'mo shagart ó chruthughadh
sin Éabha agus Ádhaimh.
Ghlac mé roghain an ionaid seo le fuireach ann go
huair mo bháis,
Ar thaoibh Charraigleic, mar bhfeicfinn gach luing 'sa
t-snámh,
Réabadh na dtonna leis an anfa a bhéadh ann 'sa' lá,
Is nach truaigh mise sgar'mhaint leis a' treibh daoine
a rabh mo chroidhe 'na lár!



Ceist agam ort, a shagart chéillidhe,
A bhí le fada a riaghlughadh do léighinn mhóir,
Nó an tuirseach a bhí tú do do shíochain saoghalta,
Nó gad as fa'r ghlac tú bríb le do chroidhe istoigh
réabadh?



Cha dtig liom a chúr síos; tá mé 'mo mhile céad cuid,
Agus cibé rinne díol baintear íoc do réir as;
Ar son mo chreidimh d'fhulaing mé an méid sin,
Mar phian na n-easpol bhí gointe le créachta,
Mar Pheadar 'sa' Róimh, b'é lón dó céasadh,
Nó mar Eóin a dtainic a cheann go binnse Herod:



Acht dá maireadh Cuchulainn, nó clann Uisneach bhí
tréitheach,
Naos, agus Ailean, agus Árdan déadgheal,
Firdiadh na mbuadh i gCruachan Mhéidhbhe,
Feargus mhac an Róigh, stór na nGaedheal ceart,
Nó Eoghan agus Conn cuireadh fuinn ar chéad cath,
Nó Oscar mhac Oisin mhic Tréanmhóir,
Sgriosfadh siad tíortha ó thaobh na céile
Sul fá bhfeicfidhe mise 'mo luighe, is mé spíonta
réabtha.
Acht anois táim comh buailte is bhí an sluagh sin Mhéidhbhe
Ag Conall na mbuadh is é dá rugadh i n-aoinfheacht;
Thainic orm uird mhóra bhí cruaidh 'sa' héadan,
Sgoilt siad anuas mo ghuailne ó chéile.
Ó Dhia! nach truagh an té fuair mo léigheann mór
Gus mé chur 'san uaigh, s gan dúil le gréin ann!
Is fada chuaidh mo luadh as gach cuan de Éirinn,
'Un na Frainnce, 's go Pensilbhénia;
Chan fhuil oilean 'ar áille faoi rásaibh na gréine
Nach bhfuil m'ainm go hárd, agus trácht ar mo éifeacht,
Is iomdha sin cúpla chuaidh faoi mo ghlúinibh 's rinne
'néisteacht,
Agus mise le briathraibh seasmhach' tabhairt freastail
do réir dóibh;
A ghaisgidhigh na dúthaigh seo le gur chumhan libh m'éigean,
A rabh mur sinnsir 'dúblughadh cliú agus féile,
Fad agus mhaireas puinnte mo chinn le chéile,
Agus gheibheas mé rún do'n gcainnt le déanamh,
Cuirfidh mé tréan de mo chuimhne gan mhoill i gcéill
daoibh.



Connaic mé Ádhamh an lá sin céadna
Chuir aingeal an Árd-ríogh é as gáirdín Éadan;
Bhreathnuigheas Matúsalem i gcúirsibh a laethe,
Gur bhuail sé le aois a dtainic ó Éabha,
Acht bhí mise ann roimhe' meabhrughadh mo léighinn mhóir;
Chonnaic mé an lá sin bhí an áirc dá téanamh,
Chonnaic mé an díle 'líonadh ar gach taobh díom,
Agus ó'n talamh bhí comhthrom 'na chnuic ag éirighe,
Sléibhte 'gus glinn le linntíbh dhá réabadh;
Choinnigh mo Dhia ceart céillidhe faoideach
Mise gan mo bháthadh ar mo thráigh go séimhidhe,
Agus mo phobal uilig cruinn ós coinne m'éadain.
Chonnaic mé Sodom is Gomorra dá réabadh,
Agus sléibhte teineadh ag tuitim ar a chéile,
Nó gur dóghadh gach chorp acht ceathrar thainic saor as;
Is ó Iacob a d'fhás an dá threibh déag sin,
Thug Maois' mhac Amraim slán thríd an tréan-mhuir
Chonnaic mé sluagh Pháro dá bháthughadh 'na dhiaidh sin;
Chonnaic mé Iosua nuair a stad sé rotha na gréine,
Nó gur leadradh a námhaid bhí lán de thréine ...
Chonnaic mé prionnsaí agus impirigh tréitheach',
Bhí seal go h-uachtrach uaibhreach ar an tsaoghal seo;
Chonnaic mé Holifernus agus Nebucadanéssar,
Do shaoil cathracha Ierúsalem a bhrúghadh ar a chéile,
Nó gur bhac Iúdith naomhtha leo an gníomh seo a
dhéanamh.
Chonnaic mé rompa a n-arm agus a n-éideadh,
Agus Hanabel ceannphort na gCartigénians,
Chonnaic mé é ag Sípio dá chlaoidh 'na dhiadh sin;



Chonnaic mé Baltásar, agus chonnaic mé Néro,
Alastran mac Philib, agus Nimrod éachtach,
A thóg an túr ós cionn na réalta;
Chonnaic mé Mahomat agus chonnaic mé gach Séasur,
Agus iad-san uilig ag adhradh do dhéithibh bhréaga:
Chonnaic mé Samson a mharbh cúig mhíle i néinfheacht,
Agus gan arm in a láimh acht cnámh gan éifeacht;
Chonnaic mé Saul go brónach buaidheartha,
Nuair a bánughadh ceannphuirt a phobail go léir de;
Chonnaic mé Absolom ceangailte eadar géagan',
D'fhág Rí Dáibhidh go cráidhte tréith-lag.
Chonnaic mé Parthalon a thainic slán go hÉirinn,
Cé gur mharbh sé a athair sul ar fhág sé ó'n Ghréig dóibh;
Chonnaic mé an Chailleach thuisleach Bhéarra,
Chodail sí oidhche fá mo sgéith agam,
Agus í 'triall an chúige le fear - Moltus mhac Maolra;
Chonnaic mé Conall 'na chodladh i mBinn' Éadan,
Chonnaic mé Guilean chuir ar buile na Fianna;
Chonnaic mé Oscar mhac Garaidh agus a dheich gcéad
tréanfhear,
'Triall go Teamhair leis an gcath sin a mhéadughadh;
Chonnaic mé Murchadh is Donnchadh 'na dhiaidh sin,
Aige Cluantarbh a mharbh na Norbhégians,
Nó gur dhíbir siad Lochlannaigh 'mach uainn as Éirinn.
Is nach truagh mise a chonnaic an méid sin,
Gur cuireadh un báis mé le láimh a' tréatúir,
Agus gan díom ar fághail acht clár m'éadain,
Nach bhfuil sgaptha, sgaoilte, sínte ar an bhféar ghlas.



Is fíor-mhaith aithnigheas ar aithris tú go léir damh,
Acht cuirfidh mé ceist bheag eile ort nach gcuireann tú
i bpéin-bhruid,
Sul fá gcaillfidh tú 'n chainnt, is tú ins a' bpuinnte
déighionnach;
Acht cuir síos damh gan spás sul fá bhfágfaidh tú an
saoghal seo,
Cé fhad ó chuir sliocht Galla faoi'n talamh Tuath' Dé
Danann?



Budh mhaith liom aithris ina bhfíor-cheart Gaedhilig,
Acht gur lagadh mo chroidhe, mo bhrigh, 's mo thréine,
Acht dá bhfuighinn osadh mar ba mhian liom, nó faoiseamh
in mo phéinbhruid,
Go n-aithrisfinn ar gach líne d'fhíorfhuil Mhilésius,
d'fhág Éire, Fódhla, agus Banba tréith-lag,
Gan rígh, gan phrionnsa, ós a gcionn mar chéile.
Cé gur briseadh mo cheann, is gur tinn mo chréachta,
Is mo chuid fola ar gach taobh dhíom ag líonadh an fhéir
ghlais,
Acht dá dtabhradh an bás an spás go deireadh an lae
damh
Go naithrisfinn a lán ar chlann Mhilésius,
Bhí gan cháin, gan fhuath, gan ghruaim, gan chlaonadh,
Nó gur sgeinn ortha 'nuas sluagh Turgésius.



B'ionmhuin leób draoithe chur síos a dtréine,
Sgéimh, agus annala, stát 'sa saidhbhreas,
Sheas siad fad na gceithre chéad déag sin,
Nó gur chuir an dara Énrí iad thríd a chéile.



AN AITHRIGHE.



A mhaighdean bheannuighthe, le'r cheannughadh síol Ádhaimh
agus Éabh'.
Le'r chuireadh na tortha tapaidh' ó fhlaitheas ar bhlath do
ghéag,
A charaid na bpeacach, gé gur spadanta mé, lán de'n
tréas,
Cuir impidhe ar do dhalta mo chasadh go párrthas Dé.



Is ag do árus breagh, a Chríost, tá'n uile aoibhneas -
mo chrádh gan mé shuas,
'San am a bhfágaim an saoghal a bheith faoi dhídion i
sgáth do chuain:
'Athair shíorruidhe, bheir dídion do gach taise a bhíos
truagh,
'S a charaid Íosa, ná díbir an gealtan seo uait.



A Rí na ngrásta, le'r sáitheadh an tsleagh nimhe in do
thaoibh,
Do do dheóin gan amhras, ag sábhail na bpeacach ó phéin,
Nach truagh in do láthair mé, agus cáin-chíos na colna
gan díol,
'S gurbh é briseadh d'aitheanta bhí mo shámhas i rabhairt
mo shaoghail.



'S iomdha lá breagh, fada, deallrach chaith mé i dtús
mo shaoghail,
Agus ba bheag mo chás an t-am sin ag moladh Mhic Dé,
Acht ag sásamh na trí náimhde le creideamh cam, claon,
'S ar ucht do mháthara, a Rí na ngrásta, ná fulaing
mé i bpéin.



Is anois ó tharlaidh damh mo lán-sgéal a chathadh ar an
tsaoghal,
'S nach ndearna mé sár-ghníomh ar aiste na naomh,
A Rí, le'r báthadh sluagh Pháro, is thug talamh do Mhaois,
Go dtugaidh tú párdun 'measg gárda n-aingeal damh
saor.



Tá máthair Íosa lán 'dísleacht, searc, is mór-spéis,
Agus an t-Uan síorruidhe bhí Dia h-Aoine ar chrann
na croich' céasta;
Dá raibh a rígh-fhuil ghá spíonadh ag na deamhain, gan
tréas,
S gur tú fhéin, a Chríost, an doctúir naomhtha a dheanamh
míle anamh a léigheas.



CREACH NA mBEACH.



Inghean áluinn mheangach bhaoth,
A chreachas árus na mbeach maoth,
Nach olc a' chiall 's gan tú ar buile,
Briseadh riaghail na reachtaire.



Creachadh ceall, beacha, agus leachta,
Trí fhoghla neamhchearta;
An mhil ó neamh, a ghéag na lúth',
Budh leor a h-ól 's gan a séanadh.



Ní chaitheadh Eóin acht mír gach tráth,
Mil agus lócuisde a bheatha,
Fáidh óirdhearc na sean-rátha,
I magh neamh-réidhe Iúdeá.



Gé go bhfuil sgiamh 'do éadan lile agus rós,
'S go mbréagthar na tréan-fhir le binneas do
bheóil,
A spéirbhean, a bhíos a séanadh na meala, 's
dá h-ól,
Lá an tsléibhe béidh céad míle beach ar do thóir.



MÉALA NA BAINTREABHAIGHE.



A bhean a chaoineas do chéile,
Is líonmhar lucht do mhéine,
Bain fút sul chaithfear do chorp,
'S gur b'aithne dhuinn do dhuthracht.



Ní tú aon bhean ar éag a fear,
Beannacht leis, leig dá chaoineadh;
Ní bhfuigh' caoineadh é tar ais,
Is ní hé aonfhear é d'ar fhéachais.



Minic dothugais an másla sin -
Malairt rúin i n-áit uaignigh,
Fá do chéile, gé gur mór do bhruid,
Do mnáibh fear eile, níorbh'ionnraic.



A bhean a chaoineas go líonmhar frása do dhéar,
Ná chlaoidh-se do bhrígh-se, 's gur b'aithne do mhéin,
Ní tú aon bhean d'ar críochnughadh a searc leis an éag,
'S nach rabh mí nó gur liamhnóchaidh fear ort-sa 'na
dhiaidh.



RAGHNALL MHAC DÓMHNAILL.



Bile cosanta críche Fáil,
Raghnall† deigh-chliúteach †MhacDomhnaill.
Grian áluinn Banba breagh',
Péarla óir a chuaidh go Teamhair.



Mar Osgar cruaidh armach i gcath,
Nó mar Chuchulainn na gcleas gan ádh,
Raghnall ó Aontruim go ceart,
Go mba buan dó smacht i gcríochaibh Fáil.



Ó Mhileadh go Raghnall gan gó,
Trí fichead fá dhó, agus an deich,
De chlainn na ríghte ró-bheacht,
'S dobhí a thír i gceart ag gach aon.



A sheabhaic is áille d'ar fhás i gcarraig nó sídh,
A chrainn is bréachta dá dtainic do aicme Mhílidh,
A bhrathair gach árd-ríogh dá rabh i dTeamhair na ríogh
Seachain go bráth, a Raghnaill, na mionna tá claon.
BIODAIGH DHEAS CHIÚIN NIC MHÁGHNUIS.



'Sí Biodaigh an tseóid is deise 'á bhfuil beo,
Is tá na céadta fear óg i ngrádh léi,
Is gheall mé go leor di, is dhá chéad bó,
Dá n-ólfadh sí fós mo shláinte.
Shiubhail mise an domhan, is thart na cúig chúigeadh,
Is a mac-samhail ní fhacas 'san mhéid sin;
'Sí Biodaigh mo rún, is amharc mo shúl,
Is bheirim an chliú go héag di.



Is gile mo rún nó 'n eala ar an gcuan,
Nó'n sneachta bhíos ar shléibhtibh Cháirlinn;
Is is binne guth a béal ná orgain an tsaoghail,
Is is deise í fá dhó ná Blánaid;
Dá n-éalochadh sí i n-am seal tamaill faoi choim
Le h-Artúr Mhac Naos, an táilliúr,
Bhéadh gaisgidhigh na crích' gan mheisneach gan bhrígh,
Fá mo Bhiodaigh† dheas chaoin †Nic Mhághnuis.



Grant me relief a shocair-bhean chaoimh,
Nó is deimhin go gclaoidhfidh an bás mé'
Táim gointe in mo chlí is cha chodlam aon oidhch',
Ag an arraing dul thríd mo lár-sa;
Amharc do shúl is glaise é ná'n driúcht,
A tharraing go dlúth 'sa' ngrádh mé,
Cha dtéidhim-sa i n-úir go léigfead mo rún
Le Biodaigh† dheas chiúin †Nic Mhághnuis.



Dá dtarainn-se bheith beo ag teacht na Féil' Eóin,
'S gach seort a bheith agam mar mhian liom,
Cheannóchainn scór d'eallach bréagh óg,
Agus bhéinn-se ar nós an tsaotharór';
Shiubhailfinn an ród go h-aigeantá óg,
Agus d'fhágfainn an Bhóinn ar thaoibh díom,
Le Biodaigh mo stór, 'sí is deise 'á bhfuil beo,
Nach ndiúltfadh fá phóg san oidhche mé.



I N-AICE MULLAIGH SHLIABH GUILINN.



I n-aice mullaigh Shliabh Guilinn a rinn' mé mo sgíste,
Agus ghabh mé mo phaidreacha do Chríosta;
Ghuidh mé ar na h-easbail is ar na naomhaibh,
Iad mé 'sheoladh ins a' ród cheart a mbíonn sí.



Is gile í ná'n lile, 's deirg' í na rósa,
Is míne í ná síoda nó sróltaí,
Is binne í ná organ is ceoltaí,
'S nach í mo mhian í dá deóin í le pósadh.



Is féarr liom m'fhíor-shearc le féachaint,
Ná neóinin ar mhóinín lá gréine;
Sí mo stór í nach h-órduigh do'n éag mé,
'S gur thóg sí an brón díom le sméide.



A ramaire thuatamhail, gan eolas gan fhoghluim,
Gan ullmhacht, gan mheóbhair, gan tuigse, gan chéill,
A chuir do ramas anuas go tubaisteach uait,
Le do chliú 'chur i gcluais an domhain go léir.



IOMARBHAIDH NA mBÁRD I nDÚINDEALGAN
FÁILTE BHEARTAMOIN UÍ CHATHALAIN.



Sláinte fá bhrígh do'n árd-fhlaith tá i dtír,
A thainic ó'n uibh iarthair,
Go bráigh-ucht na crích' ó'r athraigheadh an saoi,
Is í lán de ghol caoi, is eagcaoin:
Is grádh le gach croidhé a gnathuigheadh é go fíor,
Fhághail arís an chaoimh uas-ghrinn
Slán in a thír, ó 'gabhadh mara 's slighe,
In a árus ar thaoibh Mhagha Uathdhín.



A Bheartamoin, a dheigh-fhir, de threibh na n-árd-ríogh,
Gan mheabhail a bhí i gcrích Óirghialla,
'S i gceannas le brígh i dTeamhair gan díth,
Go hoireamhnach, fíor, óirdheirc;
Seacht mbliadhna fichead gan freasabhra, 'fhir chaoimh,
A chaithis i dtír nua uainn,
'S a ghaisgidhigh glac síoth in d'aol-lios arís,
Gan bheith 'n-achuinn ó aon nó i 'n-uathbhas.



Is ádhmhar go fíor do lán fá Ionascaoin
An deagh-fhear tá ciúin céillidhe
A theacht chuca aniar ó Cholumbia na ngliadh,
A mharthain gan iadhadh éignigh';
Sliocht Mhathghamhna a ghabh cíos ar Aileach na Ríogh,
Chuir Danair i mblaoidh, is thréaghdaigh
Ag Salchoid an fear clí Torolbh, 's a rabh faoi,
Le Muirghis bhí na cheann ar chéadtaibh.



Ní thainic go fíor go h-Innis Fáil ariamh saoi
Ó'n áird ar bith de'n chruinne cibé sin,
Ba ghrádhaighe gan fhiar ná'r dtréan-fhear, an triath
Le gach dáil uile de'n díne Ghaedhealach.
Oír níl árd-bharún daor nó seanaidhe 'sa' tír,
Trean-fhlaith, nó míleadh éachtach,
Nach bhfáiltigheann le mian an sámh-mhac gan chlaon
'Bhfuil a dhreach-san ar lí na géise.



A mhacaoimh a ghabh sgíth i gcéin uainn tar lí,
'San í sin nach cruinn gné dhí,
De'n dream a chuir Íth a thaisdeal na gcríoch,
Is a thainic chum a dhíoghail a dhéanamh;
A threibh Cholla 'n dá Chrích, Mac Eochaidh Doimhlén,
Mhic Chairbre† na mbuidhean luaimneach,
†Mhic Chormaic†, an déigh-rí, nach n-umhlóchadh do'n draoi,
†Mhic Airt mhic Chuinn na gcéad-gcath.



Is follus do gach saoi, gan mhearbhall gan chlí,
De'n díne-se Íre snuadh-ghin,
Gurbh ó righthibh breas' a bhí i bhflaitheas na crich'
A shíolaidh an fial a luaidhim;
S níorbh' íongnadh linn go fíor e bheith n'Eamhain Mhacha
'na shuidhe,
'S a' septer, ar a dhéagh-thaoibh-san,
Is ar n-uaisle lig 'na suidhe, is ag sleachtughadh dó
gach saoi
Oireamhnach dá dtigeadh uaidh-san.



FÁILTE EILE BHEARTAMOIN.



Céad fáilte un tíre do'n t-sár-mhac aniar,
Ó'n chrích úd na ndíne nua;
Slán ar ais arís d'aimhdheóin gach daoi
Le nár mhian gach árd-chéim da bhfuair sé;
Nach tráth dhó 'nois sgíth a dheanamh 'sa tír,
Chum tabhach ar a chíos a thurgnadh,
Is siúd orgain is píoba ag seinm dhó fá aoibh,
In a aol-teach breagh árd-bheannach suaichnidh.



Bíodh sonas agus síoth ag an chrodh-fhear fá thrí,
Le suairceas, sár-chéim, agus pléisiúr;
Le cuirme mear gan chlí mar badh chleachtach do'n tsaoi,
Le h-uaislibh na gcríoch go léir seo.
Óir budh dual dhó-san suidhe i gcathair na ríogh -
An fháil-leac nár dhúilt géimeadh;
Cuachain sróil béith faoi, is cabhsa óir go ndígh,
Is brata uime d'fhíor-éideadh.



Budh dual dó-san spórt, is meidhir i gclódh,
Re huaislibh de'n phór Ghaedhealach,
Ar ghreadhaibh seang' sa' ród bhíodh fuilteach borb óg,
Ag gréasughadh na luath-gcon ngéara,
Chum ruagtha gach seórt ealtan ar chóir,
Sionnaigh, broic, is míola luaimneach';
Siúd a fhiaghaidhe gach ló 'ndiaidh eilite allta óige,
Is galltrompaí fós ga bhfuaimniughadh.



Nach eisean féin an saoi bhí glic in gach slighe
I ngéar-nósaibh dlighe agus éiliughaidh,
Ar reachtaibh gach crích fa'n chruinne uile istoigh,
Sacsana, Tír-fá-thuinn, 's Gréaga?
Do chaithfeadh seisean mí i gcoimhthional gac' críoch,
'Na cheannphort ar cheannaibh réaguin,
Ag ceartughadh nós mar Mhaoise ag stiúradh na ndraoi,
No mar neach a mbíodh fíor-aoibh Dé leis.



Nach eisean fós fuair páirt ó cheannphuirt gach áit,
Ó righthibh is ó árd-impíribh,
Mar gheall ar a cháirde-san i n-Inis Fáil,
Air féin, 's ar a láimh fhiór-ghlic?
Ba bheag leo a dháil chuca gach tráth,
B'é seoladóir a ndáimh 's a ngníomh é,
'S nar ró-thruagh Innis Fáil faoi an-reacht 's faoi smál
An fad a bhí an t-ailgean i ndith dí.



Acht anois tá 'ghaol i n-aoibh-shnodh go suairc,
Ó teagmhadh dhóibh a chúirt arís ann;
I n-diúl gach suairceas do ghealadh dóibh anuas
I dtairngire do bheith faoi-sean;
Eadhon síoth agus suaimhneas i n-Inis na Suadh,
Agus Murchaidh Mór ag luadhadh a ngníomha;
Creideamh an domhain mhóir ar bail mar is cóir,
Is naomh-rath ar an chine dhaondha.



Eachtra Buic Bhaile Bionnabhuidhe.



Monuar a chodhlas i gáraidh na nua-ghlan dreach,
Acht suan gan toradh orm a chur uain fá seach.



Tá bocan gabhair 'sa tír so, is gan aon ribe 'fás air de ghruaig,
Acht nochtuighth, ar gach taoibh de mar séidfeadh lá Márta ar luathas;
Gabaiste na críche go n-íosadh gan inneall is í fuar,



Agus is cabhair dúinn, dar m'fhírinne, an dís úd a sháruigh é
uainn.
Roibeart† glic †mhac Aoidh, an mílidh do'n árd-fhuil shuairc,
Agus Seaghan mhac Eoghain aríst nachar claoidhte chum sathadh
a thabhairt uatha,
Mar rinne Dáibhidh an rí leis a daoi dorinne air ar a' tsluagh,
Le clochaibh cruinne daingne, gur dhíbir ar námhaid uainn.
Níor bhfiosach dúinn an réaguin da'r bhféidir dó 'fás ann suas,
I nPersia, san Éigipt, i Suédland nó i lár na h-Iorruaidh,
Mur theacht an Chymeria le tréan-tonn láidir an chuain,
Agus chomhnuigh 'nois i nÉirinn chum éagneamh ar gcáirde uainn.



Budh tortuigh 'ríst i méad é nó ré-chnoc ó tham go cuas,
Agus go stróicfeadh sé na sléibhte leis na h-adharcaibh bhí 'fás
air suas,
Le rosg mar lasair caora le sgaoil-mhire chum básadh an
tsluaigh.
Is gurbhfortunach an té úd da'r bhféidir an t-sláinte thabhairt
uaidh.



Níl cnoc nó cuasan sléibhe fríd Éirinn gach áitidh magcuart,
nach siubhladh an bocan léimneach, is é ag éirighe ar an árdan
suas,
Níor phráinnighe Fianna Éireann ag éigheamh ar árd-Bhran na
mbuadh,
Nó Roibeart cosa glé-geal na dhiaidh ins na fásaidh go luath.



Budh chumasaighe a dtréithe iad na dhiaidh gach lá ins a ruag,
Nó Cuchulainn leis a phéist, nuair a thréig sé na sár-ghaithe uatha;
Dá bhfágadh an bocan leimneach i ngéibheann i lár Bhaile an Luain,
Ar dteacht na maidne bhéadh ag léir-sgrios an gháirdin uainn.



Budh luthmhar glic an dís úd dá dhíbhirt le fánaidh anuas,
Fá bhordear Easa-craoibhe, is í líonta fá lán-ghoil go bfuach:
Níor cródha Hercules líomhtha leis a Hydra gá bhásadh gach uair
Ná Roibeart le n-a phíce dá síor-ghreadadh an tráth sin uainn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services