Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóirí Mhuighe Nuadhad III

Title
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad III
Compiler/Editor
Connradh Chuilm Naomhtha
Composition Date
1818
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Gill agus a Mhac Teor, 1908)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SEANMÓIR MUIGHE NUADHAD.



Seanmóir a hAon.



An Tuirse agus an Sólás.



Goilfidh sibh agus caoidhfidh sibh (ar Íosa Críost le n-a dheisgiobalaibh,
agus i n-a n-ainm sin le na fíréanaibh uile) an tan bhéas an saoghal
ag déanamh lúthgháire agus gáirdeachais; béidh sibhse ag déanamh
doilghis agus dubróin, acht iompóchas bhur ndoilgheas agus bhur ndubrón
chum aitis agus sóláis.



(Briathra ár Slánuightheora ag Naomh Eoin ins an seiseadh caibidil déag
agus ins an bhficheadh rann.)



Den uile fhírinne do theagasg agus do chraobhsgaoil Mac Dé ar talamh badh
dheacair aon d'fhaghbháil i n-a measg as sólásaighe agus as buntáistighe
do na fíréanaibh, agus ar an dtaobh eile, as uathbhásaighe agus as
mí-bhuntáistighe do na peacthachaibh ná an fhírinne seo do thaisbeánas
Soisgéal an lae indiu dhúinn. Óir ar mbeith do Shlánuightheoir an
domhain ullamh chum sgaramhain leis an saoghal tré n-a bhás, do léig a
shúile ar dhá chinéal daoine dá bhfuil an saoghal déanta suas


L. 2


.i. ar an maith agus ar an olc, ar na fíréanaibh agus ar na peacthachaibh. Ag
breathnughadh ar na peacthachaibh, so an chaor-theintidhe do sgaoil i n-a
measg agus d'fhág mar oighreacht aca: Mundus gaudebit, "beidh an saoghal
ag déanamh lúthgháire" (Eoin xvi.,20). Acht monuar! cad é gáirdeachas,
cad é lúthgháir, cad é an sásamh é seo?



Atá, lúthgháir, gáirdeachas, agus sásamh saoghalta do sgaipeas mar an ngaoith,
do shleamhnuigheas uainn mar sgáil nó mar thaidhbhse, gus i n-a dhiaidh seo,
nach dtabharfaidh de thoradh leo ar feadh na síorraidheachta acht éadóchas,
pianta, deora, agus díosgadh fiacal. Acht ag amharc ar na fíréanaibh agus
ar a dhruing toghtha féin, ag seo an nídh adubhairt leó i bpearsain na
n-abstal, a chlann díleas ionmhain: "Ná bíodh eagla ná uathbhás oraibh
fán nídh atáim le rádh libh, óir tuitfidh gach nídh amach mar adeirim
libh. Atáim ag sgaramhain libh gan mhoill chum filleadh ar m'Athair;
fágaim mar oighreacht agaibhse im uadhacht mo chros, m'anró, agus
m'inghreim; béidh buaidhreamh agus díbirt dá chur oraibh; do-gheabhaidh
sibh masla agus tarcaisne; i n-aon fhocal, ní bheidh in bhur slighe acht
trioblóidí, dólás, agus amhgar. Acht, meisneach! a chlann ghrádhach,
meisneach; imtheochaidh an buaidhreamh agus an dólás gan mhoill, agus
tiocfaidh i n'áit síothcháin mharthannach, sólás fírinneach, sólás
iomshlán síorraidhe nach féidir le neach ar bith do bhuain díbh go
bráth" - tristitia vestra vertetur in gaudium, et gaudium vestrum nemo
tollet a vobis (Eoin xvi.,20,22).



"Ó! a dhaille," ar Naomh Aibhistín, ag machtnamh ar an nídh seo.
"Ó! a neamh-mhothuightheacht. Ó! a dhíth céille


L. 3


na ndaoine nach smuaineann ar fhírinne chomh tábhachtach so."
Gidheadh, is mó go mór an daille, an neamh-mhothughadh agus an díth céille
smuaineamh uirthe agus gan feidhm do dhéanamh dhi, ná toradh ar bith do
bhuain aiste. "Is fírinne chinnte," ar an Naomh céadna, "gach a
dteagasgthar dúinn ins an tSoisgéal, acht ní mór go smuaineann neach
ortha. Is subháilce fhírinneach gach nídh hórduighthear dhúinn ins an
tSoisgéal, acht ní mór go leanann duine ar domhan í. Is séan fírinneach
agus sonas gach nídh dá ngealltar dúinn ins an tSoisgéal, ach ní mór
go nglacann duine ar bith a thrioblóid air féin iad do shaothrughadh" -
quidquid ibi docetur, veritas est; quidquid praecipitur bonitas,
quidquid promittitur felicitas. Má bhíodar na trí neithe seo cómh-
cheangailte nó i n-éinfheacht riamh ins an Sgríbhinn Diadha, is i
Soisgéal an lae indiu é.



Féachaimíd, a chríostaidhthe, créad an nídh d'órduigheas
Íosa Críost dúinn ins an tSoisgéal indiu. Órduigheas, a dhearbhráithreacha,
deora, tuirse, agus dubrón - plorabitis et flebitis vos; órduigheas
foighde agus smachtughadh críostamhail na colna - quidquid praecipitur
bonitas est. Seo na subháilcí d'órduigheann sé dhúinn do thaithighe
agus do leanmhain, ar ar mian liom tracht libh ins an gcéad roinn dem
chomhrádh. Cad é an nídh gheallas Íosa Críost dúinn ins an tSoisgéal
so? Geallann dúinn go dtiormóchaidh na deora so suas agus go n-iompóchaidh
an tuirse seo chum sóláis - tristitia vestra vertetur in gaudium;
geallas fós dúinn go mbéidh an sólás so thigeas ón dólas buain-tseasmhach


L. 4


síorraidhe, ionnas nach féidir a bhuain dínn go bráth - et
gaudium vestrum nemo tollet a vobis.



Seo fírinne ró-shólásach, seo fírinne ró-thábhachtach do gheallas agus
do dheimhnigheas dúinn, ar ar mian liom labhairt ins an dara roinn. Acht
chum críochnughadh le toradh do ghlóire Dé agus leas anma do gach n-aon
dá bhfuil i láthair, iarraimíd congnamh an Spioraid Naoimh tré
eadarghuidhe na Maighdine Glórmhaire Muire, ag rádh Fáilte an Aingil.



An Chéad Roinn.



Ní féidir neach ar bith do shábháil gan páirt do bheith aige <le>
Íosa Críost. Ní féidir leis páirt do bheith aige le Íosa Críost gan
spioraid Íosa Chríost do bheith go fírinneach aige. Ní féidir leis
spioraid Íosa Chríost do bheith go fírinneach aige muna dtathaighidh sé
na subháilcí as mó do ghrádhuigh agus do lean Críost ar feadh a bheatha,
agus go mór-mhór an chuid aca d'órduigh dúinn go speisialta do leanmhain.
Gidheadh, ní féidir le duine ar bith na subháilcí seo do bheith aige
gan foighde mhór do bheith aige in gach amhgar agus anró thiocfas i n-a
shlighe. <Ní féidir foighde do bheith aige ionnta so> muna nglacaidh iad
go fonnmhar agus le grádh smachtughadh críostamhail do dhéanamh ar a
cholainn - plorabitis et flebitis vos, mundus autem gaudebit; vos
autem contristabimini.
An maith leat a fhios do bheith agat cad é do cháilidheacht, cad é
do chinneamhain nó do roinn, cad é d'iarracht nó, fá dheoidh, cad é an
nídh do dhéanfas eidir-dhealbhadh idir thú féin agus clann an tsaoghail,
dár ab cáilidheacht


L. 5


a bheith ag iomlait i sólás, i n-aoibhneas, agus i gcaitheamh aimsire?



Is é, a chríostaidhthe, anró agus an chros, deora agus dubrón. Is tré
ghrádh don anró, don chros, agus don bhuaidhreamh do chosnuighir id chroidhe
grása Íosa Chríost. An feadh is bhéir ionnraic ós a chomhair, an fhaid
is d'fhéachfaidh <sé> ort mar a mhac agus d'fhéachfaidh tusa air mar
d'Athair, bí dearbhtha go mbéidh tú fá bhuaidhreamh agus fá dhólás;
bí deimhneach gur buaidhirt agus anró an comhartha as fearr gur ghlac sé
leat mar mhac, agus gur thóg tú dhó féin - plorabitis et flebitis
vos. Is nídh dearbhtha é; is dlighe í nár bh'fhéidir riamh agus
nach féidir go bráth do ghairm tar n-ais.



Cruthuigheas Naomh Pól an fhírinne seo dhúinn i mbriathraibh so-
thuigseana ins an dara caibidil déag chum na n-Eabhrach, mar a
n-abair sé: Quem enim diligit Dominus castigat, flagellat autem
omnem filium quem recipit (Eabh.xii.,6).
Óir ón am i n-a luighean Dia súil ar dhuine chum a mhic do dhéanamh dhe
tré chomh-oibriughadh a ghrás agus a thrócaire, tógas an t-am céadna a
lámh chí ós a chionn chum a smachtuighthe, beireas air i n-a dheas-láimh
chum go mbéidh sé i n'oighre ar a thrócaire, agus i n-a chomh-oighre ag a
Mhac; tógas an t-am céadna a lámh chlí ós a chionn go mbéidh sé i n'óighre
ar a thrócaire, agus i n-a chomh-oighre ag a Mhac; tógas,
adeirim a lámh chlí ós a cheann chum trioblóide agus buaidhrimh do chur
air chum a ghlanta agus a sgriosta ó theimheal agus ó smál na bpeacaidhe,
ag fulang le foighde gach aithis, sgannail, agus anró as toil le Dia a chur
air.



Is iongantach an t-eidir-dhealbhadh atá idir iomchar Dé agus iomchar
aitheacha agus máithreacha an tsaoghail seo; óir grádhaid aithreacha
agus máithreacha an tsaoghail seo; óir grádhaid aithreacha agus máithreacha
an tsaoghail seo


L. 6


a gclann, ag díbirt gach uile nídh uatha do chuirfeadh trioblóid nó
buaidhreamh ortha, ag soláthar gach uile nídh dhóibh as mó
dhéanfadh compórd agus sásamh dhóibh, dá mbréagadh i n-a n-aois óig le
pógadh, le muirn agus le hamharc. Do-bheirid toil ní h-é amháin dá
mion-pheacaidhibh, acht fós go ró-mhinic dá mór-chlaontaibh agus dá
n-ainshriantacht; i n-aon fhocal, ní bhíonn d'imshníomh ortha acht ag
smuaineamh cad é an nós i n-a mbeirid leo slighe-bheatha chlúmhail do
thabhairt dóibh do réir a gcumais. Ní mar seo, a dhearbhráitheacha,
do-ghníos Dia leis an gclainn do thoghas dó fein, acht smachtuigheann sé
an té ghrádhann sé, ar a shon gur mó a ghrádh dhóibh míle uair ná
grádh aithreacha agus máithracha an tsaoghail seo dá gclainn féin.



Gidheadh, d'aimhdheoin an ghráda naomhtha deagh-órduighthe seo atá aige
dhóibh, ionnsuidheas agus tástálas iad le buaidhreamh agus le hanró, agus
ins an am gcéadna gabhas leo mar chlainn agus admhálas iad mar oighrí ar
a ríoghacht, agus as sin amach tógas suas ós a gcionn lámh a chirt agus a
thrócaire, chomh maith agus gur mhian leis go mairfeadh na grása le n-ar
thogh iad chomh fada leis an dólás agus leis an anró do chuir ortha, agus
mar an gcéadna, go mairfeadh an dólás agus an t-anró chomh fada le n-a
ghrásaibh - flagellat autem omnem filium quem recipit.



Badh dheacair réasún fundaimeinteach do thabhairt leis an eidir-dhealbhadh
so atá idir iomchar Dé agus iomchar na ndaoine, mara bhféachadh
duine ins an bpríomhádhbhar; is é sin, gur cheap agus gur órduigh Dia
ón síorraidheacht sinn a bheith saor glan i n-a láthair, ní do


L. 7


réir pátrúin ná sompla ár gcéad athar, Ádhamh, acht do réir sompla an
dara Ádhaimh .i. Íosa Críost - nam quos praescivit, et predestinavit
conformes fieri imaginis filii sui (Rómh.viii.,29).



Ón gcéad Ádhamh do fuaireamar ár nádúir, acht is ón dara Ádhamh
do fuaireamar leasughadh na nádúire céadna. Is ó Ádhamh do fuaireamar
colann daonna, acht is ó Chríost do fuaireamar na grása atá againn.
Do threasgair agus do dhíol an chéad Ádhamh sinn, acht do leigheas agus
do cheannuigh an dara Ádhamh sinn. Do threasgair an chéad Ádhamh sinn i
ngáirdín aoibhinn Pharrthais, acht do cheannuigh an dara Ádhaimh sinn.
Do threasgair an chéad Ádhamh sinn i ngáirdín aoibhinn Pharrthais, acht
do cheannuigh agus do shaor an dara Ádhamh sinn ar chrann na croiche.
Do geineadh sinn ón gcéad Ádhamh, agus dá réir sin, atáimíd i n-ár gclainn
feirge agus i n-ár bhpeacthachaibh; acht atáimíd i n-ár
ndearbhráithreachaibh agus i n-ár mballaibh ag an dara Ádhamh, agus dá réir
sin, i n-ár gclainn toghtha ag Dia tré n-a ghrásaibh agus tré n-a
mhór-thrócaire.



Is as so thairngeas Naomh Leo, mar aon le Naomh Pól, agus dá
fhírinne seo. Ar dtúis, go dtugann na grása do-ghnidheas críostaidhthe agus baill
d'Íosa Críost dhínn, a chros agus a anró mar pháirt agus mar oighreacht
dúinn - plorabitis et flebitis vos. "An bhfeiceann sibh," ar sé, "an
chros so ar ar céasadh bhur nDia chum sibhse do shlánughadh? Féachaidh go
glinn uirthe. Is cros í as éigean díbhse d'iomchar fá seach. Is cros
í atá agaibhse mar shacramaint agus mar shompla i n-éinfheacht - sacramaint,
mar as deagh-chomhartha í gur thogh Dia sibh ón síorraidheacht
chum bhur slánuighthe, agus chum bheith


L. 8


rann-pháirteach leis i n-a ghlóire.
Is sompla nó pátrún í, mar do-bheir sí meisneach agus congnamh dhíbh
chum buaidhreamh agus anró d'fhulang go foighdeach. Is sacramaint í, mar
as Dia do céasadh uirthe chum sibhse d'fhuasgailt agus do shlánughadh.
Is sompla í, mar as éigean díbhse a hiomchar chum sibh féin do
naomhughadh -" crux enim Christi quae salvandis impensa est mortalibus,
et sacramentum est et exemplum (Sermo de Resurrectione Domini).



Is é an dara bundhas do thairngeas Naomh Leo, ar lorg an Abstail, as an
nídh seo, gur mac neamh-dhlisteanach mac ar bith do chaitheas aimsir gan
trioblóid ná anró ins an tsaoghal so, neach ar bith do leanas compórd agus
caitheamh aimsire, nó go speisialta, neach ar bith nach ngrádhann aon nídh
acht poimp, onóir, pléisiúr, agus díomhaointeas an tsaoghail; gur
bastard agus mac neamh-dhlisteanach, adeirim, duine ar domhan do-bheir
faillighe agus fuath i smachtughadh críostamhail na colna, do sheachnas go
haireach gach uile nídh do chuirfeadh buaidhreamh ar 'intinn, nó cruadhtan
ar bith eile. Adeirim arís, gur mac neamh-dhlisteanach duine ar bith den
cháilidheacht so, agus nach féidir leis súil bheith aige gur mac díleas
toghtha do Dhia é; óir smachtuigheas Dia an té ghrádhas se -
flagellat omnem filium quem recipit.



Fiafruigh de Naomh Pól má's fíor an nídh adeirim libh. Fiafruigh
de créad é a mheas ar dhuine le n-ar mhian é féin do shábháil gan anró,
gan cruadhtan, gan inghreim, gan aithis ná smachtughadh ar bith do dhéanamh
ar a cholainn, nó fá dheoidh, cad é a mheas ar dhuine adéarfadh


L. 9


go bhfuil sé i n-a mhac ag Dia agus i n-a dhearbhráthair ag Íosa Críost
gan achros d'iomchar? Ná mealladh sibh féin, a chríostaidhthe. Seo an nídh
adeir sé: Quod si extra disciplinam estis, cuius participes facti
sumus omnes, ergo adulteri et non filii estis; is é sin "má atá sibh
as riaghail nó as órdughadh i n-a bhfuil páirt againn uile, atá
sibh in bhur gclainn neamh-dhlisteanaigh" (Eabh.xii.,8). Seo an
nídh chialluigheas na focail seo. Si extra disciplinam estis. Do
réir na Naomh Aibhistín, Ieróm, Criosostom, agus Anselm, do réir
na n-Aithreacha naomhtha so, adeirim, cialluigheann an focal
disciplina mórán neithe. Ar dtúis, cialluigheann sé na riaghlacha
leanas lucht airm nó saighdiúirí, ar a nglaodhaimíd riaghail nó
dlighe airm.



Is mian leis an riaghail seo go nglacfadh saighdiúir le beatha thrioblóideach
chruadhálach, go bhfuilingeochadh mórán easonóra, saothair, agus tuirse,
go mbéadh sásta le séan agus le mí-shéan do réir mar do thiocfadh i n-a
shlighe, gan a shocracht ná a bhuntáiste féin d'iarraidh ná do lorg go
bráth as chostas a dhualgais nó a dhúithche, go gcosnóchadh go cródha
a phost agus go seasómhadh go buan fá n-a bhratachaibh féin. Ins an dara
háit, cialluigheann sé órdughadh d'áirithe leanas lucht léighinn agus
foghlumtha. Is mian leis an órdughadh so go n-éistfeadh sgoláire le n-a
mháighistir, go dtabharfadh aire speisialta agus go leanfadh an teagasg
do-bheir dhó, go mbéadh dúthrachtach umhal dá cheachtaibh, ag greamughadh
a chéadfadh agus a inntleachta do réir a chumais. Fá dheoidh, cialluigheann
sé foirm riaghlacha d'áirithe do chuir tuismightheoirí úird chráibhthigh
ar bun, dar ab éigean do gach n-aon do ghlacfas an chuing seo ar géilleadh.


L. 10


Cibé ar bith ciall an fhocail seo, a chríostaidhthe, agus cibé ar bith ciall
do bhí ag Naomh Pól leis, is soiléir, ar nós mar bhíos saighdiúir as
riaghail an airm nach seasómhaidh i n-a phost agus fá n-a bhratachaibh féin,
sgoláire as riaghail na scoile nach leanann comhairle agus teagasg a
mháighistir, manach as riaghail an úird nach ngéilleann agus nach
n-umhluigheann do na riaghlachaibh céadna, is soiléir, adeirim, mar an
gcéadna (tugaidh fá deara an fhírinne chinnte thábhachtach so agus ná
dearmadaidh go bráth í), gur duine as riaghail agus as órdughadh Chríost
críostaidhe ar bith, atá tré n-a bhaiste agus tré n-a chreideamh i n-a
shaighdiúir, i n-a sgoláire, agus i n-a mhanach i n-órd Íosa Chríost,
mara seasómhaidh sé fá bhratachaibh Chríost, mara n-éistfidh le n-a
theagasg, mara mbéidh umhal agus mara ngéillfidh do riaghlachaibh an ughdair
seo do chuir ar bun an creideamh do ghlac sé air.



Acht créad iad bratacha Chríost? Atá, an chros - vexilla Regis
prodeunt, fulget crucis mysterium. Cros Chríost mo bhratach, cros Chríost
mo sgiaith-dhíon, cros Chríost mo chrann cosanta. Créad iad léigheannta nó
ceachta Chríost? Atá, ceachta cruadhtain agus anró, ceachta smachtughadh
agus diúltughadh claonta agus ainmhiana na colna, ceachta an chros
d'iomchar - si quis vult post me venire, abneget semetipsum et tollat
crucem suam quotidie, et sequatar me, "aon duine le n-ar maith a
bheith i n-a dheisgiobal agamsa, diúltuigheadh dó féin, iomcharadh
a chros agus leanadh mé"(Lúcás ix.,23). Seo iad, adeirim, riaghlacha
an ughdair neamhdha,


L. 11


tuismightheoir agus céad-úghdar an uile úird: Plorabitis et flebitis
vos, "goilfidh sibh agus éagcaoinfidh sibh."
Seo iad arís: Tollite iugum meun super vos, "iomcharaidh m'ualachsa"
(Matha xi.,29).
Acht badh mhian libhse do bheith gan ualach. Badh mhian libh do bheith
gan chuing, gan chúram ar bith. Acht ní ar bhur dtoil atá sé. Seo iad fós
riaghlacha agus órdughadh Chríost. Is dóibh do gheall sé a bheannacht
go huile agus a luach saothair ag rádh: "Is beannuighthe na boicht i
spioraid, óir is leo ríoghacht neimhe. Is beannuighthe an drong do-ghníos
dubrón agus caoi, óir cuirfear sólás ortha. Is beannuighthe an drong
d'fhuilingeas inghreim ar son an chirt, óir atá luach saothair do-chuimse
fá n-a gcomhair ins na flaithis" (Matha v.,3,5,10). Dá bhrigh sin, a
chríostaidhthe, mara seasómhaidh sibh fá dhíon agus fá bhratachaibh na croiche,
mara n-éistfidh sibh le n-a ceachtaibh do theagasgas díbh gach inghreim,
céasadh, agus anró d'fhulang go foighdeach, mara ngéillfidh sibh don órdughadh
agus do na riaghlachaibh seo nach dtráchtann acht ar dhubrón, ar thuirse, agus
ar dheoraibh, nach ngeallann luach saothair acht don umhal, don fhoighdeach,
agus don chráibhtheach, atá sibh as riaghail agus as órdughadh Chríost
extra disciplinam estis.



Is riaghail agus órdughadh é, ar a shon sain, do bhaineas le gach uile
dhuine mar a chéile, leis an saidhbhir chomh maith leis an mbocht, leis an
árd chomh maith leis an íseal. Cuius participes facti sumus omnes; ag
seo ár riaghail, ár n-órdughadh, ár léigheannta. Gidheadh, má atá
sibh as riaghail agus as órdughadh Chríost, cad é an rud sibh, nó cad air
a<r> maith sibh? Criothnuighidh, a chríostaidhthe, nach ngrádhann acht
caitheamh aimsire agus compórd an tsaoghail, nach bhfuathuigheann nídh ar
domhan


L. 12


níos mó ná anró, mí-chomhgar, agus mí-chothrom na beatha so.
Criothnuighidh, adeirim. Cad é an rud sibh, nó cad as fiú sibh? Ó! a
dhearbhráithreacha, ní fhaighinn ionnam féin a rádh cad as fiú sibh? Ó! a
dhearbhráithreacha, ní fhaighinn ionnam féin a rádh cad é an nídh sibh, mara
mbéadh go ndubhairt Naomh Pól liom é: Ergo adulteri et non
filii estis (Eabh.xii.,8).



Is iongantach an staid í seo. Atáthaoi, mar sin, in bhur gclainn
neamh-dhlisteanaigh, i nbhur ndeisgiobalaibh gan órdugadh.
Do thréigeabhar bratacha agus creideamh Chríost. Adeir sé libh go ngoilfidh
sibh agus go gcaoidhfidh sibh, acht ní mian libhse gol ná caoi do dhéanamh.
Adeir sé libh gur ab éigean díbh brón agus éagcaoine do dhéanamh, ach
ní fhuil nídh ar bith as mó d'iarann sibh ná aiteas agus sólás, ná nídh as
mó sheachnann sibh ná buaidhreamh agus dólás.
Is deacair na briathra so 'réidhteach le d'iomcharsa, acht is deacaire
ná sain na briathra agus an t-iomchar do chóimh-mheas le hainm agus le
cáilidheacht críostaidhthe.



Mar chruthughadh ar a nídh seo, féachaidh cad é an freagra thug an
Slánuightheoir ar mháthair chlainne Sebedee an tan do tháinig sí fá
n-a dhéin ag tabhairt adhartha ar a glúinibh dhó, agus ag iarraidh mar
athchuinge air duine dá chlainn do chur ar a dheas-láimh, agus an duine eile
ar a láimh chlí i n-a ríoghacht. Do chuir an athchuinge seo, do réir
chosamhlachta, imshníomh ar Chríost agus adubhairt: "imthighidh, a leanbhaí;
ní fhuil a fhios agaibh, ná ag bhur máthair acht mar sibh, cad atá sibh
d'iarraidh. An féidir libh," ar sé, "an chailís d'ól atá d'fhuadar
fúmsa d'ól?" "Is féidir," ar siad - possumus. "Acht, ní agamsa
atá, acht ag m'Athair, na


L. 13


háite atáthaoi d'iarraidh do thabhairt díbh.
Is leor uaim an nidh atá im chomhachta do thabhairt díbh; is mó d'oireas
díbh i láthair. Ní fhuil de shubstaint agam acht mo chros, mo chailís,
agus mo phianta; ní fhuil de mhaoin shaoghalta agam acht so; do-bheirim
díbhse iad go fonnmhar. Seo an t-ór agus an t-airgead cheannóchas an
ghlóire agus na háite atáthaoi d'iarraidh ormsa. Má ghlacann sibh leo,
admhálfad mar dheisgiobail agus mar oighrí ar mo ríoghacht sibh"
(Matha xx.,20-24).



Dearbhaim díbh, a dhearbhráithreacha, i mbriathraibh Naoimh
Criosostom, nach féidir áit d'fhaghbháil ins an Sgríbhinn Diadha
as cinnte agus as dírighe chruthuigheas gur anró, inghreim, síor-
smachtughadh na colna, agus an chros oighreacht iomshlán gach fíor-
chríostaidhe, agus gurab éigean dúinn, ó ghlacamar cuing agus úghaim
Chríost orainn, a bheith umhal agus géilleadh dá dhlighe, dá
chruadhálacht í - plorabitis et flebitis vos.



Má atá aon duine i láthair i n-a bhfuil agó aige ins an bhfírinne
seo, tugadh fá deara ar dtúis gur ab é Mac Dé, Dia féin, ughdar agus
tobar an uile fhírinne, do labhras linn í. Múineas an t-Abstal mar aon
leis an nídh céadna, agus ar a shon nach bhfuil deithbhir nó
eidir-dhealbhadh idir na fírinní mhúineas na habstail agus na fáidhe dhúinn
agus na neithe mhúineas Críost féin dúinn, atá ar a shon soin féin,
adeirim, nídh éigin níos corruighthighe agus níos mothuighthighe ins na
briathraibh thigeas go díreach ó bhéal Chríost, agus is bríoghmhaire
spreagas agus do mhúsglas croidhe an duine le grádh nó le heagla;
dico vobis - "mé féin do labhras libh.


L. 14


Ní fáidh ná abstal acht mé féin do dhearbhas díbh go ngoilfidh sibh
agus go gcaoinfidh sibh."



Ins an dara háit, an nídh adeir sé le na habstalaibh, adeir sé é
le móide; amen, amen dico vobis - "dearbhaim díbh é, ní go simplidhe acht
le mo mhionna agus le mo mhóide." Adeir leo é tar éis a charthannacht
ró-mhór do chur i n-iúil dóibh. Do thug dóibh go grod roimhe sin a chuid
fola agus feola, a dhiadhacht agus a dhaonnacht ins an Chomaoin, agus do bhí
ullamh chum na fola agus na feola céadna a thabhairt dóibh tré n-a bhás.
Is go díreach idir an dá chomhartha so dá ghrádh agus dá charthannacht
do-chuimsighthe d'aimsigh an uain seo chum a rádh leo: Plorabitis
et flebitis vos.



Fá dheoidh chum a thaisbeánadh gur le na fíréanaibh agus le druing
toghtha a Athar do labhair sé, cuireas iad ós comhair nó i n-aghaidh
clainne an tsaoghail agus na druinge malluighthe bhíos ag déanamh lúthgháire
agus gáirdeachais, dá n-unfairt féin ins gach cinéal sóláis agus
caitheamh aimsire saoghalta - mundus gaudebit. "Acht sibhse, a chlann
toghtha m'Athar, goilfidh agus caoidhfidh sibh. Níor mhian liom an focal so
"sibhse" do rádh an feadh do bhí Iúdás in bhur measg, óir is duine
malluighthe
é; acht anois an uair nach bhfuil neach in bhur measg nó i láthair acht
fíréin: Amen, amen dico vobis quia plorabitis et flebitis vos. Is libhse
a labhraim. Níor innseas riamh bréag, agus níor mheallas neach. Creididh
mé, a dheisgiobala ionmhaine, gur ab éigean díbh anró agus cruadhtan
d'fhulang, gur ab éigean díbh troid go cródha i n-aghaidh an tsaoghail, an
diabhail, agus na colna.


L. 15


Do-bheirim mo bhanna díbh leis an bhfírinne seo, mo mhóide, mo
dhiadhacht, mo dhaonnacht, m'fhuil agus m'fheoil - plorabitis et
flebitis vos. Acht, meisneach! Ní mhairfidh seo i bhfad;
iompóchas na deora, an tuirse, agus an dubrón so chum gáirdeachais do
mhairfeas ar feadh na síorraidheachta" - tristitia vestra vertetur
in gaudium - ar ar gheallas trácht ins an dara roinn.



An Dara Roinn.



Adeir Naomh Aibhistín go heagnaidhe tuigsionach nach bhfuil nídh ar bith i
dtuigse an duine as daille agus as díchéillidhe ná a chur roimhe dá nídh
sgaramhain le n-a chéile nach féidir agus nach cóir a sgaradh; agus do-bheir
sé mar eisiompláir an dólás naomhtha beannuighthe agus réim nó
deireadh an dóláis céadna, na crosa agus an t-anró d'fhuilingid daoine
ins an tsaoghal so <agus> an sólás síorraidhe agus an ghlóire do leanas
na crosa agus an t-anró céadna. Óir má smuaineann duine ar an dólás,
ar an anró, agus ar na crosaibh, gan breathnughadh ná smuaineamh ar an
luach saothair do leanas iad, tuitfidh sé i n-éadóchas agus i
ndroch-mheisneach.



Ar an taobh eile, má smuaineann duine ar an sólás agus ar an
nglóire seo, gan smuaineamh ins an am gcéadna gur ab éigean dó a
saothrughadh le buaidhreamh agus le cruadhtan, tuitfidh sé i n-andóchas,
agus meallfaidh é féin go diorruisg díchéillidhe; acht má mheádhann
duine agus má chomh-cheanglann an dá nídh seo le n-a chéile, déanfaidh
sé deagh-úsáid dá thuisge, agus do-gheabhaidh neart agus breis conganta
chum a dhualgais agus 'oibliogáidí do chóimhlíonadh mar as cuibhe.


L. 16


Tugaimíd fá deara, mar an gcéadna, nár dhealuigh an Spiorad Naomhtha
riamh ins an Sgríbhinn Diadha an dá nídh seo le n-a chéile. Níor mheall
riamh sinn, agus níor thug riamh sólás fírinneach dúinn nach mbéadh
anró agus dólás roimhe nó i n-a dhiaidh. Níor thrácht riamh linn ar an
dólás so nach ngeallfadh, ins an am gcéadna, go n-aistreochadh chum
sóláis agus aoibhnis. Is leis sin do labhras Naomh Peadar, ag teagasg na
gcríostaidhthe agus dá gcomhairliughadh chum an uile chathughadh, anró,
agus cruadhtan d'fhulang go foighdeach, na briathra bríoghmhara so:
Deus autem omnis gratiae, qui vocavit nos in eternam suam gloriam in
Christo Iesu, modicum passos ipse perficiet, confirmabit solidabitque
(Pead.v.,10). Ó! a Thighearna, dá mb'fhéidir liom brígh agus éifeacht
iomshlán na mbriathra so do sgrúdughadh agus do chur i dtuigsin díbh; an ceo,
mar adeir Naomh Aibhistín, do sgapadh de bhur dtuigse, chum blais a thabhairt
díbh ar mhilseacht na meala atá ionnta.



Bhíodh fhios agaibh, a chríostaidhthe, go gcuimsigheann na briathra so
Naoimh Peadair iomshlán fírinní an chreidimh. Deus: ag seo í an
diadhacht. Omnis gratia: ag seo iad na grása agus na tiodhlaicthí
do-bheir sé don chine daonna. Qui vocavit nos: ag seo an ghairm do rinne orainn,
tosach agus tionnsgnadh ár slánuighthe. In aeternam suam gloriam; ag seo
críoch agus toradh na ngrás. In Christo Iesu: ag seo críoch agus toradh
na ngrás. In Christo Iesu: ag seo an té shaothruigh agus fuair dhúinn
na grása. Modicum passos: Ó! is sólásach meisneamhail na briathra iad
so. Seo a bhfuil sé d'iarraidh orainn. Caithfimíd beagán
d'fhulang, agus le fulang


L. 17


beagáin béimíd rann-pháirteach leis an diadhacht - Deus.
Caithfimíd beagán d'fhulang, agus le fulang beagáin freagraimíd an ghairm
do rinne orainn - qui vocavit nos. Caithfimíd beagán d'fhulang, agus le
fulang beagáin béimíd páirteach i mór-luaigheacht agus i bpáis
Íosa Chríost - in Christo Iesu. Caithfimíd beagán d'fhulang, agus le fulang
beagáin saothróchaimíd dúinn féin glóire agus aoibhneas síorraidhe -
in aeternam suam gloriam. Ó! cad é chomh gearr, chomh díombuan agus chomh
neamh-thábhachtach agus a bhfuilingimíd ins an tsaoghal so, agus dá
ghiorracht agus dá neamh-thábhachtaighe iad, cad é méad agus
éifeachtaighe a luach saothair! Goilidh, a chlann ghrádhach; goilidh, agus
ní ghoilfidh sibh i bhfad. Imtheochas an stoirm seo agus tiocfas an
ciúineas agus an tsíothcháin; iompóchas bhur ndoilgheas agus bhur ndeora
chum compóird agus sóláis.



Adeirim go bhfuil gach anró agus cruadhtan dá bhfuilingimíd ar an
tsaoghal so gearr neamh-thábhachtach, agus nach bhfuil éifeacht ionnta.
Ar dtúis, má fhéachaimíd ortha de thaoibh na haimsire, is ar an ádhbhar
sain dubhairt ár Slánuightheoir le na habstalaibh: Modicum et iam non
videbitis me, et iterum modicum et videbitis me, quia vado ad Patrem
(Eoin xvi.,16). "Béidh sibh tamall beag aimsire gan mé d'fhaicsin; measfaidh
sibh go mbéadh i bhfad uaibh an tráth a mhothóchaidh sibh meadhchan iomshlán an
dóláis agus an chruadhtain ag dul i bhfeidhm oraibh. Acht do-chífidh sibh
mé go grod i n-a dhiaidh sin. Ó! cad é an nídh buaidhreamh agus
doilgheas éadtrom aimseardha i gcomóradh leis an síorraidheacht? Adeir


L. 18


Críost féin linn nach bhfuil i mbeatha an duine go hiomshlán acht uair an
chluig - venit hora.
Ní fhuil ann, a dhearbhráithreacha, acht fíor-bheagán aimsire. Cuir i
gcás fiche, dá fhichid, trí fichid, nó céad bliadhain, cad é an
éifeacht iad i gcomóradh leis an síorraidheacht? Uair - hora. Is lugha
fós beatha an duine i gcomóradh leis an síorraidheacht ná uair i
gcomóradh le míle bliadhain.



Ins an dara háit, ní fhuil i n-a bhfuilingimíd ins an tsaoghal so
acht neimhnídh i gcomóradh dár fhuiling Críost, ar an ádhbhar, dá mhéid
d'anró agus d'anacra, nach bhfaca neach ar domhan tú sínte ar shop tuighe
mar a bhí Íosa Críost; nach bhfaca neach tú sáruighthe mar Chríost,
ag fulang inghreim agus aithise na ndaoine mar Chríost, ag cur alluis fola
agus uisge dhíot mar Chríost; ar an ádhbhar nach bhfaca neach tú
ceangailte do phiolóir agus coróin spíne ar do cheann mar Chríost; nach
bhfaca neach tú ag fásgadh fola as do shúilibh mar Íosa Críost; ar an
ádhbhar nach bhfaca neach do chuid feola i n-a spólaibh, stróicthe le
sgiúirsíbh mar do bhí feoil Íosa Críost; fá dheoidh, mar nach bhfaca
neach do thaobh tollta nó osgailte le sleagh mar a bhí taobh do
Shlánuightheora. Agus ar a shon go bhfuilingeochaidh tú a lán ar feadh do
shaoghail, ní bhéidh go bráth id phiantaibh agus id dhólás acht
neimhnídh i gcomóradh leis an gcuid as lugha de phiantaibh agus de
pheannaidibh Chríost.



Ins an tríomhadh háit, a dhearbhráithreacha, atá a bhfuilingimíd
d'anró agus de mhí-chomhgar ins an tsaoghal so chomh gearr, chomh
neamh-thábhachtach sain i gcomóradh don tsólás agus don aoibhneas as
toradh agus as luach saothair dhóibh, nách bhfuil acht <'n-a> dhuine dall
go hiomshlán do dhéanfadh éifeacht nó tábhacht díobh. Atá


L. 19


cruthughadh láidir soiléir againn air seo i Soisgéal an lae.
Ag seo an sompla dá ndéanann ár Slánuightheoir úsáid chum aistriughadh
míorbhaileach an dóláis éadtruim agus an anró aimseardha chum sóláis
síorraidhe do mhíniughadh do na habstalaibh: Mulier cum parit,
tristitiam habet quia venit hora eius; cum autem peperit puerum, iam
non meminit pressurae propter gaudium, quia natus est homo in mundum
(Eoin xvi.,21).



An tan bhíos bean i dtinneas clainne, Ó! cad é an liacht éagcaoine, cad é a
liacht osnadha, cad é a liacht glaodh, cad é a liacht "cabhair" agus "coimirce"
cluintear uaithe. Bhíos an saoghal go léir fá bhrón, lán de dhólás agus de
chathughadh, de thruagh agus de thaise, ag breathnughadh uirthe i bpéin
agus i bpionós; acht ón móimeint i n-a gcuireann sí dhi an chlann, ní
féidir a mheas cad é méid an tsóláis agus na lúthgháire do líonas a
croidhe agus a hanam. Ní chuimhnigheann níos mó ar an bpéin i n-a
raibh sí; ní chuimhnigheann níos sia ar na piantaibh goinideacha d'fhuiling
sí i n-a tinneas - iam non meminit pressurae propter gaudium quia
natus est homo in mundum.



Ní féidir le nídh ar domhan sólás agus gáirdeachas anama
críostamhail do thaisbeánadh dhúinn, tar éis beagáin dóláis agus anró,
níos fearr ná an sompla so. Óir an tan bhíos na fíréin fá anró, fá
mhí-mheas, fá tharcuisne, agus fá inghreim an tsaoghail seo, gan chuid
gan mhaoin, is cosmhail iad le bean i dtinneas seo, gan chuid gan mhaoin, is
cosmhail iad le bean i dtinneas clainne; acht an uair do shaorthar iad ó
gach aon anró, agus cruadhtan aca so agus do chuireas Dia i seilbh na glóire
iad, ní raibh riamh lúthgháir, ní raibh gáirdeachas ná sólás i


L. 20


gcomóradh dá lúthgháir, dá ngáirdeachas, agus dá sólás.
Ní chuimhnighid níos sia ar ar fhuilingeadar ar feadh a mbeatha -
iam non meminit pressurae propter gaudium.



Ní fhághaim nídh ar domhan ins an Sgríbhinn Diadha as corruighthighe
ná an nídh adeir sé ar Thobias, agus as fearr do chruthuigheas nach bhfuil
acht neimhnídh ins gach buaidhreamh agus ins gach anró dá bhfuilingimíd
ins an tsaoghal so i gcomóradh leis an nglóire geintear asta. Do ghoil an
sean-laoch so go cráidhte i ndiaidh a mhic do mheas sé a bheith caillte.
Do chaill a radharc. Do thug é féin suas go hiomshlán do chathughadh agus
do dhoilgheas, gan súil le cabhair ná furtacht d'fhaghbháil. Fá dheoidh,
lá d'áirithe dá ndeachaidh a bhean ar mullach cnuic do bhí taobh leo,
ag cur lorg a mic mar badh ghnáth léi, do-chonnaic é ag déanamh uirthi,
agus i n-ionad imtheacht i n-a coinne cum beannachadh dhó agus fáilte a chur
roimhe, d'imthigh de luas a cos le sgéala chum a fir, agus adubhairt:
"Meisneach, a Thobias, meisneach! Glac lúthgháir; ag seo do mhac ag teacht
a bhaile." Ar dteacht don mhac i látháir a athar, do rug idir a lámhaibh
air, do phóg é, do chuimil a shúile le domblas éisg do thug leis tré
chomhairle a aingil coimhdeachta, ionnas go bhfuair an sean-laoch bocht a
radharc. Agus ag féachaint ar a mhac, adubhairt: Benedico te Domine,
Deus Israel, quia tu castigasti me et tu salvasti me; et ecce ego video
Tobiam filium meun (Tob.xi.17). "Ó! a Dhia Israel, cad é méid mo
ghrádha dhuit. Ó! a Dhia Israel, cad é mar adhraim tú! Ó! a
Dhia Israel, cad é a liacht moladh


L. 21


agus buidheachas badh chóir dhom a thabhairt duit.
Do smachtuighis mé ag buain mo radhairc dhíom, agus ag congbháil amach mo
mhic uaim, acht múchas an sólás do mhothuighim anois meabhair agus cuimhne
an dóláis i n-a rabhas. Do fuaras m'amharc, agus an chéad nídh do-chonnac
le mo shúilibh, is é mo mhac. Ó! a Dhia Israel, go raibh d'ainm
naomhtha beannuighthe go bráth. Do smachtuighis mé agus do shlánuighis
mé. Do chuir tú anró agus buaidhreamh orm, acht anois do chuir tú
sólás agus compórd orm" - et tu salvasti me.



Is mar an gcéadna do labhras anam an fhíréin d'fhuilingeas go foighdeach
anró agus cruadhtan an tsaoghail seo, an tráth a chuireas Dia é i seilbh a
ghlóire agus a shóláis síorraidhe. Is ar an modh gcéadna labhras an
dílleachtaidhe agus an bhaintreabhach bhíos fá dhroich-mheas ag an saoghal.
Is mar seo labhras gach n-aon bhíos gan chuid gan charaid, gan chomhgháir
gan chompórd ar bith ins an tsaoghal so. Is mar an gcéadna, adeirim, labhras
sagairt agus bráithre, mná riaghalta agus maighdeana nach gcuireann i gcás
a bhfuilingid ins an saoghal so, acht do bhíos go laetheamhail i gcogadh, ag
breith buadha ar a ndroch-chlaontaibh agus ar a n-ainmhianaibh, ag
síor-smachtughadh na colna, ag rádh, an uair sgaoileas Dia iad as príosún na
colna agus do-bheir páirt dóibh dá ghlóire - ag rádh, adeirim:
Benedico te Domine, Deus Israel. "Ó! a Dhia Israel. Ó! a Dhia
na gcríostaidhthe. Ó! a Dhia na trócaire agus na fírinne. Go raibh
d'ainm naomhtha beannuighthe go bráth. Ó! cad é a liacht moladh agus
buidheachas badh cheart dúinn a thabhairt duit. Do smachtuighis mé
le hanacra agus le hanró éadtrom; gidheadh, badh mhó go mór do
ghrádh orm ó shlánuighis mé.


L. 22


Ó! cad é chomh sólásach aoibhinn mo staid. Ecce video Iesum filium
Patris mei, "do-chím Íosa, Mac mo Thighearna agus Mac m'athar."
Is tusa, a Athair síorraidhe, do chruthuigh mé, agus do-chím tú
anois. Is tusa an Spiorad Naomhtha thug tiodhlaicthí agus grása mo
shlánuighthe dhom, agus do-chím tú. Is tusa Íosa ró-ghrádhach
do fuair bás ar mo shon agus d'fhuasgail mé, agus do-chím tú.
Beannuighim tú go bráth. Do smachtuighis mé, acht tar éis beagáin
anró agus dóláis, do threoruighis mé chum mór-aoibhnis agus sóláis."



Acht adéarfaidh sibh liom: "An féidir nach bhfuil an sólás so, ar
a labhrann Críost indiu ins an tSoisgéal, le faghbháil i n-áit ar bith
acht ins na flaithis? An féidir nach mblaiseann anam fíréin d'fhuilingeas
go foighdeach anró agus anacra an tsaoghail seo, do leanas agus d'iomcharas
go humhal an chros - an féidir, adéarfaidh sibh, nach mblaisfidh sé den
tsólás so geintear ó dhólás, ins an mbeatha so?" Blaisfidh, a
dhearbhráithreacha; blaisfidh. Éistidh le Naomh Pól ar an nídh seo:
Pro me autem nihil gloriabor nisi in infirmitatibus meis (Cor.xii.5).
"Déanaim" ar sé, "glóire dom chroich agus dom anró, atáim lán de gháirdeachas
agus de shólás, atáim níos sásta im phríosún, im inghreim, im long-bhriseadh,
im ocras, im shlabhraíbh ná an dream atá ag cur an anró orm ag a bhfuil
a bhféastaí, a saidhbhreas, agus gach aon nídh as toil leo. Atáim ar
meisge le neart sóláis. Atáim chomh lán sain nach féidir liom m'anam
d'iomchar, óir atá sé ag sgéitheachan ar gach taobh" - superabundo
gaudio in omni tribulatione nostra


L. 23


Ní le bréagaibh ná le fuar-chráibhtheacht do labhras Naomh Pól ar
an modh so.



Do labhair sé an nídh do mhothuigh sé, an nídh do-chonnaic sé, agus
an nídh ar a raibh fios aige tré n-a ghnáth-eolas féin. Do bhí a anró
agus a phianta ar an taobh amuigh, acht do bhí a shólás agus a aoibhneas
ar an taobh istigh. Do bhí stoirm agus dólás ar an taobh amuigh dhe;
gidheadh, do bhí suaimhneas agus síothcháin ar an taobh istigh dhe,
suaimhneas agus sólás atá chomh líonmhar sain, agus a bpréamh chomh mór
sain, mar adeir Naomh Criosostom, nach féidir le neach ar domhan a bhuain de
go bráth - et gaudium vestrum nemo tollet a vobis (Eoin xvi.,22).



Óir an fhaid is chomhnuigheas duine ar staid na ngrás, comhnuigheann an Spiorad
Naomtha in-a chroidhe; agus an feadh is chomhnuigheas an Spiorad Naomtha i n-a
chroidhe, ní féidir le neach ar bith, ná le nídh ar bith saoghalta, an
sólás atá aige do bhuain de. Óir ar nós nach féidir le neach ar bith
grása an Spioraid Naomhtha do bhuain de, mara bhfillidh sé féin ar an
bpeacadh, ní féidir, mar an gcéadna, le neach ná le nídh ar bith an
sólás so, nach féidir a sgaradh le grásaibh an Spioraid Naoimh, do bhuain
de. Seo an nídh thug do mhórán mairtíreach uasal buaidh do bhreith ar
gach céasadh agus anró; seo an nídh do rinne buan-tseasmhach iad i lár gach
inghreim agus pianta dá dhaoire. Seo an nídh thug do Naomh Pól an
compórd meisneamhail seo do thabhairt do na críostaidhthibh: Gaudete
in Domino semper; iterum dico, gaudete, "déanaidh gáirdeachas ins an
Tighearna do ghnáth; adeirim libh arís gáirdeachas do dhéanamh ins
an Tighearna" (Phil.iv.,4).


L. 24


Acht créad an fáth, <a> Abstail onóraigh? Dominus prope est; atá, "nach
bhfuil an Tighearna i bhfad uaibh, go bhfuil ós bhur gcomhair?"
(Phil v.,5). Atá, adeirim, go bhfuil an Spiorad Naomhtha in bhur
gcroidhthibh agus ag comhnuidhe ionnaibh, agus nach féidir gan na grása agus
an sólás so do chomhnuidhe ionnaibh mar an gcéadna.



Acht an é bhur meas go mblaiseann clann an tsaoghail, ar a labhrann an
Soisgéal, an sólás buan-tseasmhach so i lár a n-ionmhais, a gcuid óir
agus airgid, i lár a mbainisí costasamhla; nó an féidir cuireadh a
thabhairt dóibh chum páirt do ghlacadh ins an ngáirdeachas so?
Osgail, má's féidir leat, a gcroidhtheacha, agus do-chífidh cad é an nós
ar a bhfuilid siad. Do-chífidh tú sólás beag suarach aimseardha éigin gan
bhrígh, do múchtar le dólás agus le céad briseadh croidhe eile dá bhfuilingid
ins an tsaoghal so. Do-chífidh tú a gcroidhthe dá raobadh le sgrupall
cogcubhais, le mí-shuaimhneas, agus le heagla, gach n-aon dá ithe le canncar
na n-ainmhiana; cuid aca le poimp agus le honóir, cuid le sainnt agus le
han-ghrádh saidhbhris, cuid le mailís agus le formad leis an gcomharsain,
cuid le drúis agus le neamh-gheanmnaidheacht, cuid, fá dheoidh, le feirg, le
miosgais, agus le rún díoghaltais; i n-aon-fhocal, gach n-aon, do réir a
chlaonta, dá tholladh de ghnáth, gan suamhneas ná síothcháin i bhfus
ná thall - consumentur fame et devorabunt eos aves morsu amarissimo,
dentes bestiarum immittam in eos, cum furore trahentium super terram
atque serpentium (Deut.xxxii.,24).



Anois, a dhearbhráithreacha, cad é bhur meaas? Do-chíonn sibh
doilgheas ar thaobh, compórd ar thaobh eile; an


L. 25


chros ar thaobh, sólás ar thaobh eile; pianta, buaidhreamh, agus anró ar
thaobh, suaimhneas, subháilceas, agus síothcháin cogcubhais ar thaobh eile.



Leis sin, a chríostaidhthe, beiridh mar rogha, do réir teagasg an tSoisgéil,
gach buaidhreamh agus anró d'fhulang go foighdeach meisneamhail. Bidhidh
deimhneach nach gcuirfidh Dia anró ar bith oraibh acht chum síbh do naomhadh
agus do shlánughadh, gur ab é a rún sibh a dhéanamh cosmhail le n-a Mhac
chum glóire do thabhairt dó. Ar an ádhbhar sin, an tráth a bhéidh sibh
fá leathtrom, fá dhroch-mheas, agus fá gach cruadhtan eile saoghalta,
iomcharaidh gach sgiúirse agus cros díobh so leis an bhfoighde agus leis
an meisneach céadna le n-ar iomchair Naomh Pól iad, agus abraidh mar aon
leis: "Do b'fhéidir linn imtheacht do réir ár gcéille nó ár réasúin
nádúrtha, agus srian do léigean le n-ár réasúin nádúrtha, agus srian
do léigean le n-ár n-ainmhianaibh, acht ní éistimíd le haon nídh acht
le n-ár gcreideamh agus le n-ár ndóchas - propter spem enim
Israel catena hac circumdatus sum (Gníomh.xxviii.,20).



Do cuireadh i bpríosún mé mar ghaduidhe nó bitheamhnach, do ceangladh mé le
boltaíbh agus le slabhraíbh go dochraidheach; gidheadh, ní mór go mothuighim
iad, do-gheibhim éadtrom iad tríd an dóchas atá agam teacht lá éigin chum mo
dhúithche féin, is é sin, chum na glóire síorraidhe."



Créad thuitfeas amach annso, a dhearbhráithreacha? Tuitfeas go
n-iompóchaidh an pionós agus an céasadh so, na crosa agus na trioblóidí
seo, an t-anró, na deora agus na hosnaí seo d'fhuilingeamar ins an
tsaoghal so chum aitis agus sóláis. Smuainidh, a dhearbhráithreacha,


L. 26


nach bhfuil cibé againn as sia saoghal i bhfad ó n-ár mbás; fós, nach
bhfuil fios na huaire againn. Monuar! is ádhbhar uathbháis agus crith-eagla
do na
peacthachaibh atá go lúthgháireach, dá n-unfairt féin i malluightheacht agus
i n-ainmhianaibh na colna. Leis sin, bidhidh ullamh do ghlaodh Íosa Chíost.
Is é féin do thiormóchas bhur ndeora, ag rádh: "Do ghoileabhar; ní ghoilfidh
sibh níos sia. Is iomdha cnead agus osna cráidhte do léigeabhar ag iomchar mo
chroiche; ní léigfidh sibh níos mó dhóibh. Ní fhuil deor, ní fhuil osna, ní
fhuil anró ná cruadhtan dár fhuilingeabhar nach bhfaca mise, agus ar nár
chongaibh mé cunntas fíreanneach. Anois, is mithid liom sibh ghlaodhach
chum bheith rann-pháirteach liom im ghlóire agus im shólás, sólás
inmheodhanach iomshlán, sólás fíreanneach do-aithriste, sólás síorraidhe
nach féidir a bhuain díbh go bráth?" - et gaudium vestrum nemo
tollet a vobis (Eoin xvi.,22) - nídh atáim-se d'iarraidh dhíbhse agus dom
féin. I n-ainm an Athar agus an Mhic agus Spioraid Naoimh. Amen.


L. 27


B 17-- 18L
U 0201
Seanmóir a Dó



Ar an Urnaighe.



<Don chúigeadh Domhnach tar éis na Cásga>.



Si quid petieritis Patrem in nomine meo, dabit vobis.



Má iarann sibh nídh ar bith ar an athair in m'ainm-se, bhéarfaidh sé dhíbh
é. - (Eoin xvi.,23).



Atá dhá chinéal urnaighe ann .i. urnaighe an chroidhe agus urnaighe
an bhéil. Roinntear urnaighe aríst in dá <chinéal> .i. urnaighe
phuiblidhe agus urnaighe phríbhéideach. Atáid an dá chinéal so araon
ionmholta, óir adeir Críost linn: "An áit a mbéidh dís nó triúr
cruinn in m'ainm-se, béidh mise 'n-a measg," - ibi sum in medio
eorum.



Mar sin, an mhuintir a chruinnigheas chum an Aifrinn, na seanmóra,
an Pháidrín Pháirtigh, an Teagaisg Chríostaidhe, nó oidis, nó comhraidh
ar bith eile diadha, ná biodh amhras aca nach mbéidh Críost 'n-a measg,
maille le slóightibh d'ainglibh Dé ag éisteacht, ag moladh, agus ag
cuideamh leo. Mar sin, atá sé follas agus so-thuigthe as bhriathraibh
Chríost gur mór an luaigheacht a bhíos ag an mhuintir a thig chum an
phobail Dia Domhnaigh chum an Aifrinn 'éisteacht, ag déanamh comhair leis na
hainglibh i measg cáich san urnaighe choitcheannta


L. 28


agus ag moladh Dé go soiléir, seach an mhuintir fhanas le leisge, le
neamh-shuim, le díomhaoineas, nó le cathaidhe ar bith eile san mbaile.



Ar an taobh eile atá a luaigheacht féin fós ag an urnaighe phríbhéidigh,
óir adeir Críost ag Matha: Tu autem cum oraveris, intra in cubiculum tuum,
.i. "an uair a rachas tú ar th'urnaighe, imthigh isteach in do sheomra,
agus dún an doras ort féin, ag guidhe Dé; agus an t-Athair do-chí annsin
go huaigneach thú, bhéarfaidh sé luaigheacht duit go soiléir" (vi.,6).
Gan amhras, 'réir mar sgríobhas Criosostom agus diadhairí iomdha eile, ní
fhuil áit ar bith as fearr <chum> an urnaighe a dhéanamh ná ag an altóir,
de bhrígh go mbíonn Críost féin agus na haingil ar mhodh speisialta annsin
i láthair, go mbíonn guth agus glór na hEaglaise agus an phobail uile ag
cobhscradh agus ag méadughadh an chrábhaidh agus an teas-ghráidh.



Gidheadh, ná tuigthear as so go bhfuil an urnaighe uaigneach nó
leathtaobhach toirmeasctha. Deir Críost ag Lúcás: Oportet semper
orare et non deficere (xviii.,1). Volo viros orare in omni loco, adeir
Pól (1 Tadhg ii.,8); sé sin le rádh, is cóir an urnaighe a dhéanamh go buan san
uile am agus aimsir, agus ins an uile áit agus ionad, acht go speisialta ag
altóir Dé san teampall. In omni loco .i. amuigh agus istigh, ar muir agus
ar tír, ar an bhealach mhór go puiblidhe, i measg do bhunaidh agus do
theaghlaigh, agus go huaigneach leat féin ar maidin agus tráthnóna. Ins an
oidhche ag dul chum do leapadh iarr párdún ar son peacaidhe an lae, agus ar
maidin tabhair buidheachas, glóir, agus moladh do Dhia ar son


L. 29


do thabhairt slán ón oidhche, agus ar son tiodhlacadh agus gach grása dá
bhfuair tú ariamh uaidh. Cuir rún daingean rómhat aitheanta Dé do choimhéad
agus na peacaidhe do sheachnadh. Tar éis an rún sin a chur rómhat, abair do
phaidrín nó foirm ar bith eile urnaighe 'réir ughdaráis Dé agus na
hEaglaise. Cibé dhéanas an urnaighe mar so, agus na coinghill riachtanasacha
a bheith aige, ná bíodh eagla air nach bhfuighidh sé tortha agus
luaigheacht na hurnaighe.



Atá cúig coinghill riachtnasach chum an urnaighe 'dhéanamh mar as cóir
.i. uaigneas na hintinne, umhlacht an chroidhe, dóchas i nDia, trosgadh
déirc nó oibreacha na trócaire, agus tóraidheacht chinnte uirthe.



An chéad choingheall, an intinn agus an coinsias a bheith glan ó
pheacadh marbhtha agus saor ó bhuaidhreadh agus ó thrioblóid eile; sé sin
uaigneas na hintinne. Atá sé sgríobhtha nach n-éisteann Dia le hurnaighe
an pheacthaigh. Ar an ádhbhar sin, ní fuláir an coinsias a bheith
ionnalta saor ar bhuaidhreadh ag dul a chaint nó a chomhluadar le Dia, óir
is le Dia a bhíonn sinn ag comhrádh an tan a bhíomuid ar ár n-urnaighe.
Dá rachfá a chomhrádh nó a chaint le rígh nó le tighearna, chuirfeá.
inneall, gléas, agus dóigh ort féin. Cuimhnigh, ag dul ar th'urnaighe,
nach le rígh ná le tighearna saoghalta, acht le Rígh fhlaitheas Dé, le
na naomhadh, agus le na hainglibh, atá do chaint agus do chomhrádh.



Umhlacht an chroidhe an dara coingheall. Bíonn fáilte ag Dia roimhe
leis an chroidhe umhal, mar chanas Dáibhidh an rígh: Cor contritum
et humiliatum, Deus, non despicies (Sailm 1.,19).


L. 30


Deir Tales, feallsamhnach eagnaidhe a bhí ins an Ghréig: Nosce teipsum;
agus deir Naomh Bearnard an nídh céadna.i. "a dhuine, cuir eolas
ort féin, agus má ghní tú sin, do-chífidh tú do laige, do lochta, agus
d'anbhfhainne; do-chífidh tú nach bhfuil ionnat fein acht tuamba
easláinte, fionn-aolta i dtaobh amuigh, lán morgaidh i dtaobh istigh.
Do-chífidh tú nach bhfuil in do shaoghal acht sgáile nach maireann órlach,
agus sin féin lán amhgair agus buaidhridh; gur laige do neart; gur ab é do
chríoch an bás, agus nach bhfuil uaisle ná uachtaránacht san uaigh.
Tar éis an mion-eolas so a chur i miodaracht tuigfidh tú nach mór an luach
ná an meas as fiú thú féin, agus gur amhlaidh nach le hárdánacht, le
huabhar, ná le mórdháil as cóir duit a theacht, acht le humhlacht agus le
huir-ísleacht croidhe, i láthair Dé agus na haltóra, a dhéanamh urnaighe,
mar thiocfadh duine cionntach i bhfiadhnaise an bhreithimh, nó an duine
easlán i bhfiadhnaise an léagha, nó an duine lag i láthair an duine
chumhachtaigh."



So an umhlacht a bhí ag an phuibliocánach. Sheasaimh sé i bhfad
síos, chrom sé a cheann, agus bhuail sé <a> ucht ag radh: Deus
propitius esto mihi peccatori .i. "a Dhia, déan trócaire ormsa an
peacthach" (Lúcás xviii.,13). Agus is amhlaidh, as siocair na
humhlachta agus an teas-ghráidh a bhí n-a chroidhe fuair sé
trócaire.



Dóchas .i. dúil agus muinighin láidir as trócaire Dé an treas coingheall.
"Má iarrann tú an tsliabh so an áit a bhfuil sé 'fhágbháil agus a
dhul i lár na fairrge, do-gheobhaidh tú th'athchuinge má bhíonn
creideamh agus dóchas láidir agat" (Marcus xi.,23).


L. 31


Shiubhail Peadar, prionnsa na n-easpal, ar an fhairrge, acht an uair
do-chonnaic sé an ghaoth ag éirghe, ghabh eagal é; agus an tan a bhí sé ag dul
faoi an uisge, d'éighimh sé ag rádh: "A Thighearna, sábháil mé"
(Matha xiv.,30).
Shín Íosa a lámh chuige, agus thug achmhusán dó as siocair an eagail
agus an éadóchais do ghabh sé: Modicae fidei, quare dubitasti
(Matha xiv.,31).
An uair a dh'éighimh Peadar go mór, shín Íosa a lámh chuige agus
shábháil sé é. Sgairt thusa go láidir ar Íosa, a chríostaidhe, agus
ná bíodh amhras agat nach sábhálaidh sé thú as gach gábhadh agus as
gach contabhairt i n-a bhfuil tú.



Trosgadh, déirc, agus deigh-ghníomhartha an ceathramhadh coingheall a
bhaineas leis an urnaighe. Atáid trí heochracha ar theach Dé .i.
trosgadh, déirc, agus urnaighe, agus ní osglann aon eochair aca an doras
léithe féin muna mbéidh siad uile ar aon iúl. Bíonn an urnaighe bacach
mar luing gach seól nó mar éan gan sgiathán, muna mbéidh trosgadh nó
deagh-obair eile ag cuideamh léithe, óir siad na deagh-oibreacha do-bheir
anam agus brígh do na subhailcíbh a bhíos marbh gan iad, mar dhearbhas
Séamus Easpal san dara caib., ranna 17 agus 26.



An cúigeadh coingheall tóraidheacht chinnte bhuan a thabhairt dí go
laetheamhail, gan éirghe cortha nó spadánta innte, agus go sonnradhach
maidin agus tráthnóna. Mar sin, is cóir feitheamh go humhal foighdeach
ar thoil Dé, agus gan bheith ag gearán 'chionn nach bhfuilmid ag faghbháil
freagra ná toraidh ar an bponnc; óir is fearr a<n> fios atá ag Dia ná
againne créad as riachtanas


L. 32


dúinn, agus créad an uair as fearr dúinn a fhaghbháil.



Agus dá ndéarfadh duine gur fada atá sé ag bualadh agus ag iarraidh
gan toradh, sé as ádhbhar do sin 'chionn nach raibh sé ar staid na ngrás,
nó 'chionn nach raibh na coinghill riachtanacha aige, nó 'chionn gur iarr
sé go holc neithe nach raibh ceart, mar adeir Séamus Easpal linn san chaib.
réamh-ráidhte. Quaerite primum regnum Dei et iustitiam eius, et haec
omnia adiicientur vobis; "Iarraigidh ar dtús ríoghachta Dé agus do-
gheobhaidh sibh gach nídh eile atá riachtanasach agaibh" (Matha vi.,33).
Sé sin le rádh: "Iarraigidh ar dtús grása agus na neithe atá riachtanasach ag
an anam chum toil agus aitheanta Dé do chóimhlíonadh, agus as a chionn sin,
do-gheobhaidh sibh na neithe saoghalta atá d'easbhaidh oraibh." Siad so
briathra Chríost, briathra nach féidir a mbréagnadh go bráthach muna
mbéidh an locht orainn féin.



Labhraim annso ar bhrígh na hurnaighe. Deir Matha go dtáinig ógánach
i láthair Chríost i n-a raibh ainspiorad. Chomh luath agus spreag Críost
i n-a raibh ainspiorad. Chomh luath agus spreag Críost an t-áidhbheirseoir,
d'imthigh sé as an ógánach agus fuair sé socraidheacht. Tháinig na
deisgiobail d'ionnsaidhe Chríost 'n-a dhiaidh sin agus d'fhiafruigh
siad: "Créad fá nach dtáinig linne an t-ainspiorad úd a chur amach as an
óganach?" Freagras Críost agus dubhairt sé leo: "Sé an t-ádhbhar é
as siocair bhur ndroch-chreidimh; óir go deimhin, adeirim libh, dá mbéadh
oiread gráinne mustairt de chreideamh agaibh, dá n-iarradh sibh ar an
tsliabh so annso a dhul annsúd anonn, dhéanfadh sé é. Acht cheana, bíodh
fhios agaibh nach dtleigthear an cinéal deamhan so amach acht le brígh
na hurnaighe agus an trosgaidh."


L. 33


Léightear ag Iosua san sémheadh caib. go dtáinig sé féin agus an
pobal Eabhra go cathair Ierico, agus tar éis an chathair do thimchealladh
seacht n-uaire, ghabhadar na sagairt seacht ngall-trompaidhe agus shéideadar
iad. Chóimhfhreagair an pobal dóibh d'aon ghuth amháin ag éigheamh agus
ag guidhe ar Dhia cuideamh leo. d'éist Dia le n-a n-urnaighe, óir, ar an
bponnc, thuit ballaí agus daingneacha na cathrach fá thalamh, agus is
amhlaidh a thug siad buaidh ortha le neart agus brígh na hurnaighe.
Cialluigheann na seacht ngall-trompaidhe na seacht n-athchuingeacha atá san
Phaidir. Ionnta a bhfuil, iarraidh an uile nídh atá uainn i dtaoibh anma
agus cuirp.



Atá sé sgríobhtha ins an ceathramhadh leabhar de leabhraibh
na Ríogh go bhfaca an giolla a bhí ag an fháidh Eliseus sluagh námhad de
mhuintir Ríogh na Sorcha gach taobh den chathraigh le héirghe an lae.
Chuaidh an fáidh ar 'urnaighe. Dhearc an giolla aríst agus chonnaic sé
sluagh d'ainglibh Dé ní badh líonmhaire ná an námhaid ag cumhdach an
bhaile. Chuaidh an fáidh ar 'urnaighe aríst, agus fuair sé ó Dhia an
námhaid uile do dhalladh ar mhodh gur sábháladh é féin agus a mhuintir
uile ar neart na námhad.



Thug Iosua ar an ghréin seasamh ar an aer le brígh na hurnaighe.
Stetit sol in medio coeli (Ios x.13). Léightear ag Ecsodus (xvii.
8-16) go ndeachaidh Amalec le harm comhachtach i n-aghaidh an
phobail Eabhra. d'órduigh Maoise do Iosua, an taoiseach, a mhuintir
féin a tharaing amach 'n-a n-aghaidh, agus chuaidh sé fein agus Aaron,
an sagart, agus Hur ar a n-urnaighe i mullach sléibhe. Thóg
Maoise


L. 34


a dhá láimh i n-áirde ag guidhe Dé.
An fad a bhí na lámha sínte suas le muinighin agus le dóchas ag guidhe
Dé, bhí an cath ag dul le n-a mhuintir, acht an uair a leigfeadh síos iad,
théidheadh an cath i n-a aghaidh. In aon fhocal, is leis an urnaighe
do-gheibhthear grása Dé. Comh-oibrigheann na grása sin na
deigh-ghníomhartha, agus tuilleann na deigh-ghníomhartha sin a thig ó na
grásaibh an ghlóir shíorraidhe i bhflaitheas Dé.



Ní féidir uimhir agus éifeacht na míorbhailí do rinne Maoise, Elias,
na fáidhe, na heasbail, agus na naoimh a d'áireamh ná a chur síos, gan
trácht ar mhíorbhailíbh Chríost. Is léithe a thug siad buaidh ar na
cathaidhibh, ar an tsaoghal, agus ortha féin. Agus fá dheoidh, is leis an
eochair seo agus le heochair an trosgaidh agus na déirce a d'fhosgail siad
na geataí agus na doirse a théid isteach go ríoghachta na glóire
síorraidhe, an áit a bhfuil agus a mbéidh siad ag moladh Dé go saoghal na
saoghal.



Fá dheoidh, i dtaoibh na haimsire, na háite, nó an ghléas' ar cóir
an urnaighe a dhéanamh, adeir Críost: Oportet semper orare et non
deficere (Lúcás xviii.1). Agus adeir Pól: Sine intermissione orate
(Theis. v.17); sé sin le rádh, san uile am agus san uile áit, acht go
speisialta ag an altóir, ag dul a luighe san oidhche, ag éirghe ar maidin,
ag dul amach agus ag teacht na bhaile, ag tionnsgnadh agus ag críochnughadh gach
obair agus deigh-ghníomh. Ar maidin tabhair buidheachas do Dhia fá do
thabhairt slán ón oidhche, ag tabhairt glóire, adhraidh, agus molaidh dhó.
Annsin déan iodhbairt agus ofráil


L. 35


dhíot féin do Dhia, agus cuir rún daingean romhat an ló sin agus do
shaoghal go hiomshlán, le congnamh na ngrás, a chaitheamh 'réir dlighidh
agus tola Dé, ag cóimhlíonadh na n-aitheanta agus ag seachnadh na n-olc,
agus go sonnradhach na <b>peacaidhe as mó dá bhfuil toil nó taitneamh
againn dóibh.



Cibé dhéanas an urnaighe le na coingheallaibh réamhráidhte seo aige,
ná bíodh amhras ná contabhairt 'n-a cionn aige nach bhfuighidh sé gach
nídh riachtanasach ar an tsaoghal so i bhfus, agus an ghlóir shíorraidhe
ar an tsaoghal eile thall. Amen.




SEANMÓIR A TRÍ.


L. 36


B 1766 18L



AN COMHFHURTUIGHTHEOIR



<Don seiseadh Domhnach tar éis Cásga>.



Cum autem venerit Paraclitus, quem ego mittam vobis a Patre, Spiritum
veritatis, qui a Patre pocedit, ille testimonium perhibebit de me, et
vos testimonium perhibebitis



An tan thiocfas an Comhfhurtuightheoir do chuirfidh mé do bhur n-ionnsaidhe
ón Athair, Spiorad na fírinne thig ón Athair, tabharfaidh sé fiadhnaise
liom, agus do-bhéarfaidh sibh fós fiadhnaise liom.



(Briathra do léighmíd ag an Naomh-Shoisgéalaidhe, Eoin, caibidil xv.
ranna 26,27).



A Cháirde grádhacha, - Is é nídh chialluigheas fiadhnaise do thabhairt
le hÍosa Críost a chaithréim do chraobh-sgaoileadh, a dhiadhacht ón
Athair síorraidhe do ghnáth-chosain, agus naomhthacht a rúindiamhra agus a
dhlighe bheannuighthe do chur i n-iúil agus a dheimhniughadh do láthair
na ndaoine. Is fíor gurab é seo an fhiadhnaise thug an Spiorad Naomh
cheana dhó, agus do-bheir sé fós dó gach aon lá an tan do spreagann
sé ár gcroidhtheacha go hinmheodhanach chum oibreacha beannuighthe do
chleachtadh, agus an tan shoillsigheann sé ár n-anam le lonnradh an
chreidimh. I n-éaghmais na fiadhnaise inmheodhanaighe neamh-fhaicseanaighe
seo na Spioraide Naomhtha, atá fiadhnaise eile eidir-mheodhanach sholamanta
ann d'iarras Slánuightheoir an chine daonda ar a abstalaibh agus ar


L. 37


a lucht leanamhna féin; an fhiadhnaise chéadna thugadar na habstail agus
na deisciobail dó an uair do chuarduigheadar iltíortha na talmhan ag
seanmóir a Shoiscéil, agus an uair do dhoirteadar a gcuid fola is do
thoibhreadar suas a n-anam ár son dlighe agus aitheanta a n-uasal-mháighistir.
Óir is amhlaidh sain do chóimhlíonadar an foircheadal agus an t-oideachas
bríoghmhar thug sé dhóibh ins na briathraibh seo:
"Craobhsgaoilfidh sibh m'ainm ar measg uile chineadhacha na talmhan, déanfaidh
sibh fearta móra agus míorbhaile ar mo shon, agus béidh sibh in bhur
bhfiadhnidhthe, in bhur seanmóiridhthe, agus in bhur lucht cosanta dhamhsa" -
et vos testimonium perhibetitis.



Agus atá sé cinnte, agus is éigean damh admháil mar aon libh, nach
bhfuil airm ó Dhia ag an uile dhuine chum seanmóireacht an tSoisgéil.
Tar éis sin, is féidir a rádh, agus áitighim fós go lán-dásachtach é,
go bhfuil sé d'fhiachaibh ar gach n-aon againn do réir ár comhachta agus
ár n-acfuinne, chomh maith leo so, airm do ghlacadh i n-ár lámhaibh chum
cúis Dé d'iomchosnamh, chum námhaid a ghlóire síorraidhe do choscairt,
agus chum caineacht agus iomláineacht a dhlighe bheannuighthe do phréamh
dhaingniughadh. Is dualgas, dá bhrígh sin, é nach féidir cur suas dó,
agus dualgas, foiríor! atá chomh mór sain i ndearmad ar measg na
gcríostaidhthe gur fánach gheibhthear fíor-bheagán do throidfidh go
cródha i n-aghaidh an tsaoghail ar son an Dé mhór-chomhachtaigh dá
dtugaid adhradh agus mór-mholadh, agus dá n-a<dmhaid> go hoscailt a
chreideamh. Gidheadh, ní mór dhíbh a thuigsin go bhfuil dá
thúismhightheoir ins an duine as préamha


L. 38


ró-ghnáthacha dá uile dhroch-chlaontaibh, mar atá, dailleacht spioraide agus
laigeacht chroidhe, agus is iadsin príomh-bhunadhas an léir-dhearmaid agus an
fhuar-chrábhaidh sin dailleacht spioraide do-bheir fá ndeara orainn a mheas
gur gliocas riachtanach agus gur críonnacht ionmholta bheith lán de
neamh-mhothughadh i gcomhluadar na ndaoine ins gach nídh bhaineas le dlighe
Dé, laigeacht chroidhe tré n-a gcaillimíd ár neart agus ár bhfoirtileacht
chríostamhail chum buaidh do bhreith ar aon chruadháil do thig i n-ár slighe i
dtaobh Dé.



Taisbeánfaidh mé díbh ins an chéad roinn de mo chomhrádh gur gliocas
mío-ádhbharach cailleamhnach dúinn gan fiadhnaise do thabhairt leis an
Slánuightheoir do láthair na ndaoine agus ár dteas-ghrádh do chur i n-iúil
dó. Cruthóchaidh mé díbh ins an dara roinn go bhfuil an laigeacht chroidhe,
tré n-a n-iomcharaimíd sinn féin le mántacht, agus le time, agus le
leisce ag cosain cúis an Tighearna, chum fuath nó gráin na ndaoine do
sheachain, contrárdha ó nádúir le spiorad Íosa Críost, agus, dá bhrigh
sin, cionntach dá dhamaint síorraidhe. Gidheadh, athchuingim go díleas
dúthrachtach tobar an uile eolais ins na flaithis m'anam do shoillsiughadh
le teas-ghrádh a fháidhe chum bhur gcroidhtheacha do chorrughadh suas agus
do ghríos-lasradh le spréidh éigin toirbheartaigh den teine naomhtha úd
do las Íosa Críost dúinn ar talamh, tré naomh-eadarghuidhe chomhachtach na
Maighdine Muire, ag rádh Ave Maria.



An Chéad Roinn.



Gliocas do cheapadh dúinn fhéin ar chostas ár n-Athar síorraidhe
i n-aghaidh gnáith-bhéasa an tsaoghail, chum náire agus ísliughadh gach
caon-dúthrachta agus chum


L. 39


borrughadh agus neartughadh leis an malluightheacht,
sé sin le rádh, gliocas do-bheir easmail agus masla do Dhia, do dhaorann a
saoghal féin, do-bheir scannail agus droch-shompla do na hóg-chreidmheachaibh
agus mór-dhásacht don druing mhalluighthe - is é an gliocas so, adeirim,
do mhúineas aosa grádha na beartaidheachta agus na n-ainmhiana corpardha
dá ndaltaíbh agus dá lucht leanamhna, is daoras Spioraid Dé agus na
fírinne go comhchoitcheann agus go síorraidhe. Taisbeánfaidh mé dhíbh
i mbeagán focal cheithre réasúna sonnradhacha do-gheibhim ins an
móráltacht chríostamhail as príomh-bhunadhas ar fhírinne na mbriathar
sain.



Is nídh é, a cháirde, bhaineas le mórdhacht Dé an uile omós agus
seirbhíse do thaisbeánadh dó leis an uile chríostaidhe ler mian a
ghlóire do shealbhughadh agus gan scaradh leis. Ní fhuil gliocas fán
spéir cumasach a dhóithin chum neart agus dlúth-cheangal an dualgais seo
do chur ar gcúl, de bhrígh gurab é an dualgas céadna as ceann-tobar ó
n-a dtigeann an gliocas féin, agus gur chuige thriallann an tsubháilce
sin go hiomshlán. Atá cúis an Tighearna, sé sin le rádh, a chreideamh,
a chrábhadh, a dhlighe, a mhór-onóir agus a ghlóire de chéim chomh
hárd agus d'órd chomh huasal sain nach féidir le haon tairbhe ná sochar
saoghalta sinn do thoirmeasc ar a cosain, agus, chomh minic is tugthar
claochlódh ar a dhlighe bheannuighthe tré n-ár neimh-ionnracas nó tre.
n-ár bhfaillighe, go mbéidhmíd freagarthach dá chionn do láthair a
árd-bhreitheamhnais. Gidheadh, chímíd, foiríor, gach aon lá, tré
fhaillighe na gcríostaidhthe, go gcumaid leithscéala


L. 40


saobha suaracha chum bheith i n-a dtost an uair badh chóir dóibh labhairt go
hárd, chum bheith i n-a gcomhnaidhe an uair badh chóir dhóibh saothar
dícheallach do dhéanamh, agus chum síothcháin scannalach spadánta d'iarraidh an
uair badh chóir dhóibh buan-chogadh d'fhógradh ar son a dTighearna.



Is uime an riaghail sin do mhínigheadar Naomh Ieróm agus an Dochtúir
Ainglidhe Tomás an aithne seo den dlighe dhiadha ar modh chomh cruadhálach
sain gur dheimhnigheadar go bhfuil sé d'fhiachaibh ar an uile dhuine, tar
éis a bhaisdeadh ins an chreideamh chríostamhail, admháil phuiblidhe do
dhéanamh ar a chreideamh an uair as gábhadh dhó é, bíodh go bhfuilingidh
sé tríd sin an pheannaid as gonta agus as uathbhásaighe, agus go gcaillidh
sé, mar aon leis, a mhaoin saoghalta nó a anam fós. Óir, mar adeir
Tertullianus, ní féidir leis an críostaidhe stríocadh d'aon riachtanas ná
cruadháil bhíos i n-aghaidh glóire Dé. Do b'é an ró-riachtanas céadna
do bhraitheadar na críostaidhthe orra féin, gan ainm ná dlighe
Íosa Críost do shéanadh go bráth, fá ndeara an oiread sain
naomh-mhairtírí do bheith againn indiu dá n-onórughadh ins an Eaglais.
Do b'fhéidir liom áiteamh nach bhfuil tír fán ghréin i n-ar dílse agus
i n-ar fírinnighe do sheasmhadar críostaidhthe amach ar son a gcreidimh ná
i n-ár dtír féin, de bhrígh gur dhiúltadar bhur n-aithreacha tré mhór-ghrása
Dé go fearamhail cródha dá maoin saoghalta agus dá n-anam go
ró-mhinic dá bhuan-chosnamh. Acht ní móide an riachtanas do bhí ar na
mairtíríbh i n-allóid ar a gcuid fola do dhortadh go saor-chroidheach
daordhálach ar son a gcreidimh, agus ar bhur n-aithreachaibh a maoin
saoghalta do shíor-thréigean, ná atá oraibhse indiu chum bhur dteas-ghrádh
do thaisbeánadh


L. 41


ós árd agus ós íseal do Dhia na n-uile chomhacht, do
chruthuigh agus do cheannuigh ar chrann scannalach na croise sibh, ar an
ádhbhar nach bhfuil ins an dlúith-cheangal sonnradhach atá orainn ár
gcreideamh 'admháil gan sgáth gan crith-eagla do láthair na ndaoine acht
iarmairt riachtanasach den oibliogáid choitchinn atá orainn ár dteas-ghrádh
do shíor-chuimhniughadh, an uair as gábhadh dhúinn é. Agus dár ndóigh,
má bhí riachtanas chomh mór sain ar na creidmheachaibh ins na haimsiribh
dítheamhla úd an chruadhtain agus na géar-leanamhna amhgaraighe i
bhfíor-thosach na hEaglaise, an é nach mó ná sain an dlúth-oibliogáid atá
oraibhse indiu, tar éis bratacha an tSoiscéil d'árdughadh fá bhuaidh agus
fá ghlan-chosgar in bhur measc bhur dteas-ghrádh do chur i n-iúil, gan
teaghlach aoibhinn bhur Slánuightheora, do thógbhadar na mairtírí suas
ó bhun-áit, do léigean ar lár, agus an teine do choiglidear bhur
n-aithreacha go caithréimeamhail cosantach do chur ar lasadh, agus gan
léigean dí múchadh?



Ná meallaidh sibh féin, a cháirde; muna mbeidh an teas-ghrádh úd
agaibh an uair chífidh sibh masla dá thabhairt do Dhia, ní críostaidhthe
sibh ar aon chor, ar an ádhbhar go ndeimhnigheann Íosa Críost dúinn i
n-a Shoiscéal: "An té nach bhfuil im fhochair, atá sé im aghaidh," - qui
non est mecum, contra me est (Matha xii.30) - briathra, deir Naomh
Aibhistín, do-bhéarfaidh náire shíorraidhe do lucht gliocais an tsaoghail
seo, dhaorfaidh go trom a bhfuarchrábhadh agus a mainneachtain chionntach gan
fiadhnaise fhoirtil do thabhairt leis, agus do dhamnóchaidh gan chontabhairt
na réasúna saobha suaracha le n-a measaid iad


L. 42


féin do chosain agus do shaoradh ó ghlinnbhreitheamhnas Dé.



Acht tugaimíd anois fá ndeara smuainte flaitheamhla mór-uaisle an
tSalmuidhe Ríoghamhla, agus déanaimís cruinn-chosmhaileacht idir iad agus
iomchar na druinge fuar-chráibhthighe leisgeamhla úd. "Ó, mo Thighearna!"
ar sé i líonmhaireacht a spioraide, agus teine thinntidhe throim-éadálach
den teas-ghrádh so ar dearg-lasadh i meadhon a chroidhe, "atá a sháir-fhios
agam nach bhfuil ionnam acht amhasán agus amaid, agus nach bhfuil
foghluim ná gliocas agam acht ins an mhéid nochtaim mo theas-ghrádh agus
m'árd-mhian chum cosnaimh agus neart-ughadh do ghlóire. Agus is é an
teas-ghrádh céadna atá agam dod theaghlach onóireach do-bheir fá ndeara orm
go bhfágbhaid an uile mhasla agus mío-onóir dá dtugaid na saoghaltánaigh
dhuit cneadh tinn doi-leighiste im chroidhe." Zelus domus tuae comedit me,
et opprobria exprobantium tibi ceciderunt super me (Sailm lxviii. 10) - sé
sin le rádh "gach easmail agus naomh-aithis, gach ceall-argain agus raobadh
reilge, gach scannail agus ithiomrádh, gach monabar agus mallaightheacht
do-ghníthear tré chruipreacht na ndaoine, tar éis éirghe dhóibh chomh hárd
leis na flaithis i n-aghaidh do mhórdhachta-sa, go dtuirlingid uile fá dheoidh
in mo bhathas ar chor nach féidir liom gan mo ghearán do chur i n-iúil agus
cúis mo Thighearna do sheasamh gan náire gan chrith-eagla." Ag so, a cháirde,
eisiompláir oirdhearc do chuireann an Scríbhinn Diadha ós comhair ár súl
i bpearsain Dáibhídh; óir ní rígh ná impire amháin dár chóir
smuainte agus urlabhra móra grásamhla do dhéanamh, acht fós do thighearna
tíre i n-a


L. 43


fhearann dúthchais agus ar measc a chuallacht, do bhreitheamh
i n-a chathaoir bhreitheamhnais, d'uachtarán i n-a chomonóid agus d'fhear
tighe ar measc a mhuinntire, i n-aon fhocal, don uile chríostaidhe do réir
a staid bheatha agus méid a acfuinne, chum go dtiocfadh leo an fhiadhnaise
chéadna do thabhairt don tSlánuightheoir agus thug an ríogh-fháidh do
Dhia ins na briathraibh seo: Et opprobria exprobantium tibi ceciderunt
super me.



Ní fhuil sé inchreidte ar chor ar bith go gcóimhreochadh Dia mar
fhoghnamh agus mar sheirbhíse an claon-iomchar úd 'n-a bhféachann an saoghal
uile air mar chladhaireacht agus mar ghearradh brághadh, agus go ngeabhadh
leis an bhfiadhnaise úd ar ár dtaobh mar thaithneamhach dá láthair
dhaoras an uile dhuine mar fheall gógartha. Acht áitighim, an té chífeadh
a dhuine muinnteardha i mbroid mhóir nó i mbriacail, agus nach dtiocfadh
chum cabhair agus congnamh do thabhairt dó do réir a nirt agus a acfuinne,
i n-ionad meas carad do bheith aige air, go seachnóchadh é mar fhear fill
agus mar eascara. Is mar sin do ghní rígh nó prionnsa saoghalta i n-aimsir
chogaidh le n-ar gnáthach an peanós as géire do thabhairt don tsaighdiúir
a staonas comhrac, nó thréigeas a bhratach i gcruadhtan an chatha. Ní
dóigh leis gur feadhmannach díleas fíréanta an té nach dtiocfadh mar aon
le n-a chuallacht agus le n-a ollmhaitheas airm agus airgid chum treasgairt
na namhad. An bhfuil sé inchreidte mar sin, a dhearbhráithreacha, go
mbéidh Rígh mór-chomhachtach nimhe agus talmhan, atá chomh héadmhar sain
le n-a shearbhfóghantaidhthibh chum a ghlóire do mhéadughadh, lán-tsásta
leo, tar éis a chúis do thréigean, gan cúiteamh agus díoghaltas
d'iarraidh orra. Cruthuigheann gnáith-iomchar an tsaoghail an fhírinne seo


L. 44


fós dúinn, óir ní fhuil taoiseach sluagh ná ceann tíre, iarla ná ridire, ar
gcloistin dóibh masla agus mío-urraim do thabhairt dá rígh, nach n-éirgheann
suas go húrmheisneamhail deithneasach chum airm do ghlacadh agus díoghaltas
díbhfeargach do bhuain amach. Agus má's cóir dhúinn bheith chomh
díograsach sain ag taisbeánadh ár dteas-ghrádha i ndíoghal an mhasla
agus na mío-onóra do fuair ár bprionnsa saoghalta, ní féidir nach córa
dhúinn urraim agus omós do fhoillsiughadh dár máighistir mór-chomhachtach
síorraidhe do thug oiread sain tiodhlaicthe beannuighthe dhúinn, bheith
díleas ionnraic sain tiodhlaicthe beannuighthe dhúinn, bheith díleas
ionnraic dó agus a chúis do chosain do réir méid ár comhachta agus ár
n-acfuinne, bíodh go mb'éigean dúinn ár maoine agus ár mbeatha shaoghalta
do chailleamhain leis.



Dá mbéadh gan aon chúis eile againn chum ár neamh-mhothughadh do
thréigean, níor bheag dhúinn é gan droch-shompla do thabhairt do na
nuadhchríostaidhthibh nach bhfuil fós diongmhálta ins an chreideamh. Óir
badh chóir don uile chríostaidhe le n-ar maith lorg an tSlánuightheora
do leanmhain gan buaidhirt intinne agus díoghbháil spioradálta do
dhéanamh dóibh so, chum nach mbéadh aon amhras aca ar fheabhas, ar
naomhthacht, agus a mhór-ghlaineacht na beatha críostamhla, ar chor go
bhféadfaidís eidir-dhealughadh do dhéanamh idir sinn agus págánacha
dí-chreidmheacha is an druing mhalluighthe, agus go mbadh dheonach le Dia
an bhriathar bheannuighthe úd adeirimíd gach aon lá ins an aifreann
d'fhíorughadh i n-ár bpearsain: Iudica me Deus, et discerne ausam
meam de gente non sancta (Sailm xlii.1). Badh é an neamh-mhothughadh
úd i


L. 45


gclannaibh Israel féin fá ndeara don fháidh Elias i n-allóid fearg do
ghlacadh agus árd-éighmhe do chur suas i n-aghaidh ceann-taoiseacha agus
seanoirí an phobail, ar bhfeicsin dó gan teas-ghrádh gan corrughadh iad tar
éis naomh-aithis do thabhairt do Dhia ós a gcomhair, agus onóir dhiablaidhe
don dia fhallsa, Baal.



Usquequo, ar sé go díombáidheach cráidhte, claudicatis in duas partes
(Ríogh xviii.2) - sé sin le rádh, créad é an fhaid aimsire bhéidh sibh ag
féachain timcheall oraibh gan an tslighe dhíreach nó an diablaidheacht do
leanmhain? Má's é Dia Israel Dia na glóire agus bhur nDia, créad fá nach
n-éirigheann sibh suas ag tógbháil a pháirte; agus muna bhfuil i
mBaal acht dia bréige agus sgáile gan éifeacht, créad fá nach mbuaileann agus
nach mbascann sibh é, ag ruagadh agus ag cosgairt a lucht leanamhna, agus
gan meodhain do leanmhain atá chomh scannalach chomh náireach do phobal
Israel go huile? Acht, foiríor brónach! a chríostaidhthe, ní cirte
d'oireadar na briathra so Elias fáidh do thaoiseachaibh pobail Dé ins an
tSean-reacht ná oireas siad do mhórán i n-ár measc; óir is ró-mhinic éistimíd
leis an olc agus leis an éitheach, leis an monabar agus leis an
malluightheacht, gan focal do rádh i n-a choinne, an fhírinne dá daoradh gan
neartughadh léi, ionnas gur baoghalach dúinn go dtuilleann an trom-
dhíoghaltas atá i n-áirithe fá chomhair na druinge malluighthe.



I n-éaghmais go dtugann an saobh-ghliocas so sgannail agus droch-shompla
do na nuadh-chríostaidhthibh, neartuigheann agus borruigheannn sé go
follus leis an malluightheacht,


L. 46


cabhruigheann sé le taoiseachaibh an áidhbheirseora chum a ríoghacht diablasach
do chur 'n-a seasamh, agus chum impireacht ghlórmhar Íosa Críost do
threasgairt agus do dhío-láithriughadh.



Óir do réir smuaineadh breagh bunadhasach Naomh Aibhistín, ní gábhadh
don mhalluightheacht mór-chosantóirí d'fhaghbháil. Is leor dí í
fhulang chum préamh dhaingean do ghabháil. Mar sin má thugann tú
síothcháin don olc, ní iarann sé cabhair ná congnamh eile ort chum
sciatháin do ghlacadh agus fás foir-leathan do dhéanamh. Is amhla sain
do ghabh sé oileamhain ó thosach an domhain, agus is amhla do phréamhuigheann
sé indiu ar measc na gcríostaidhe gach siosma agus gach eiriceacht
do-chímíd ar bun i n-a measc. An é nach minic do-chítear baile nó
cathair iomshlán i n-a haon dlúimh lasrach, dá loscadh agus dá
dío-láithriughadh tré fhaillighe agus neamh-mhothughadh aon duine amháin go
haonracánta? Dá bhrígh sin, is léir dhúinn an trom-ualach agus an
mhór-oibliogáid atá ar gach n-aon againn, agus go háirithe ar gach uachtarán
agus fear ceannais, gach fear léighinn agus eolais, chum cosg do chur ar an
gcuirptheacht le n-a ughdarthás agus le n-a n-urlabhra, ionnas go caithfidh
an breitheamhnas as cruadhálaighe agus an damaint as diachraighe damáistighe
d'fhulang muna gcóimhlíonaid é. Óir má éisteann duine foir-íseal nach
bhfuair ughdarthás ná tiodhlaicthe móra ó Dhia, leis an olc, gan oll-gháir
do chur i n-a aghaidh, ní laguighean sé cúis Dé go rói-iomarcach.
Gidheadh, má fhuilingeann uachtarán 'n-a bhfuil comhachta i n-a láimh agus,
mar adeir an t-Abstal, atá 'n-a fhear ionaid Dé ar talamh, gan a


L. 47


chúis do chosain agus díoghaltas do bhuain amach de lucht a mhasluighthe, is
fíor go ngeabhaidh an mhalluighthacht préamh, agus go leathanóchaidh a nimh agus
a mailís ar feadh na tíre mar chaor bhuileamhail nach féidir a mhúchadh.



Acht atá a fhios agam go n-aibeora sibh go ndúiseochadh an teas-ghrádh
tinntidhe faobhrach as mian liom do mhúsgailt ionnaibh i n-aghaidh na
malluightheachta, milleán agus tarcuisne cáich oraibh, go dtabharfadh sé
buaidhirt ar measc bhur muinntire nó bhur gcuallachta, agus i n-ionad
léigheas agus sláinte anma do thabhairt don pheacthach, gur móide
árduigheann leis go ró-mhinic chum tuilledh feirge do chur air agus
tuilleadh uilc do dhéanamh. Dá mbéadh sin fíor, a cháirde, ní lughaide
an milleán bhéadh ag Dia oraibh i dtaobh bhur neamh-mhothughadh, óir má
badh dheonach le Dia an t-olc d'fhoighdeadh amhla sain, níor bh'é a thoil
riamh go ndéanfá a oileamhain; ionnas gur mó an compórd duit a rádh le Dia:
"A Thighearna, do rinne mé do chomhairle, do lean mé do theagasc, do ghabhas
páirt do dhlighe bheannuighthe, agus do threasgair mé an mhalluightheacht do
réir m'uile acfuinne agus mo nirt."



Agus bíodh go ndéanfadh sé buaidhirt ar measg do mhuinntire, an uair atá
sin riachtanach tairbheach, ní féidir a rádh gur gliocas duit gan a
dhéanamh agus léigean don diabhal suidheachán do ghabháil i do theaghlach;
óir, mar adeir Aibhistín, bíodh go dtabharfadh an glór mór do-ghní
tú chum cosc do chur ar an olc, buaidhirt agus eascáirdeas i lár do
chuallachta agus do mhuinntire, ná glac mío-thapadh thríd, óir is amhla
sain bhéidh sé glórmhar taithneamhach do láthair Dé, mar is minic


L. 48


bhíonn síothcháin fhallsa in do chóir le buaidhreamh agus le briseadh de bhrígh
go neartuigheann agus go gcabhruigheann leis an bpeacadh.



Is uime sin adeir Mac Dé linn i n-a Shoisgéal nach dtáinig ar an saoghal
chum síothcháin, acht chum claidheamh agus cogadh do thabhairt leis, chum
an athair do sgaramhain leis an mac agus an inghean leis an máthair, dá
chur i n-iúil dúinn leis sin nach bhfuil dlúthcharadas fola ná feola,
dá dhearmhaire, nach cóir dhúinn cur suas dó d'fhonn ár dteas-ghrádh
agus ár n-umhlaidheacht d'fhoillsiughadh do Dhia, agus fiadhnaise fhoirtil do
thabhairt leis. Agus go fírinneach, badh chóir dhúinn dóchas diongmhálta
agus muinighin do bheith againn i nDia go dtabharfadh sé leathan-bheannacht
ar ár dteas-ghrádh, de bhrígh gur teas-ghrádh carthannachta é nach bhfuil
mórdhálach ná uaillmhianach ná géar-aithiseach, ionnas go bhfuil sé
deallrach le meas go mbéidh sé tairbheach trom toirbheartach chum maitheasa
do mhuinntire agus na comharsanachta go hiomshlán.



Is gnáth-chleachtadh linn fós go dtaisbeánaimíd ár dteas-ghrádh ag
cáineadh agus ag géar-aithisiughadh na mbochtán agus na ndaoine foir-ísle
i dtaobh na lochtaí as suaraighe, agus go ngabhaimíd tar pheacaidhibh
trom-aidhbhéile gráineamhla lucht an tsaidhbhris agus na honóra gan focal
a rádh i n-a gcoinne, chomh maith is go bhfuil sé ceaduightheach ag an duine
uasal agus ag fear an cheannais masla do thabhairt do Dhia gan chead gan
cheileabhradh. Acht fiafruighim díot, an dual duit glóire Dé na
n-uile-chomhacht agus a chúis do thréigean ar son a chréatúra. An mar
sin do rinne na habstail do láthair


L. 49


comhairle na n-Iúdaigheach agus i n-aghaidh órduighthe agus aitheantais
na n-impire págánach?



Ó! ní amhla. Do fhreagadar go dána draganta: "Cia aca as iomchuibhe
dúinn urraim do thabhairt díbhse nó do Dhia" - si iustum est in conspectu
Dei vos potius audire quam Deum (Gníomh.iv.19). Uch! mo thruaighmhéil
agus mo náire sibh, a chríostaidhthe, a phobail Dé, a ghéaga úra milse
an tSlánuightheora, a theampall' an Spioraid Naoimh. Dá ndéanfaidís
príomh-aithreacha na hEaglaise, Criosostom, Aibhistín, agus mórán eile sagart
díograsach amhla so is fada go dtigeadh leo pobal na gcreidmheach do
chongbháil slán folláin d'Íosa Críost ó gach siosma agus ó gach
eiriceacht d'éirigh suas le n-a linn. An é nach le líonmhaireacht a
dteas-ghrádha, le tréan-chalmacht a searmóna, agus le cródhacht agus le
buan-tseasmhuightheacht a n-úir-mhisnigh chríostamhla do phréamhuigheadar
Pádraig agus Colmcille, Deaglán agus Ciarán, Colmán agus Fionnbhar
creideamh agus crábhadh i n-ár dtír áluinn féin, ionnas gur umhluigheadar
prionnsaí, gur mhínigheadar árd-thriatha agus tighearnaí fá chaoin-chuing
an tSlánuightheora? Dá bhrígh sin, a cháirde mo chroidhe,
gabhaimís feasta mór-mhisneach agus foirtileacht, agus iarraimís le
croidhe-bhrúigheadh agus le dóchas ar Mhac Dé bhí an gliocas damanta so
do dhíbirt as ár gcroidhthibh, agus sinn d'úr-líonadh le n-a theas-ghrádh
ríoghamhail beannuighthe, ionnas, tar éis sinn do chosain ón maol-charraig
bhaoghalaigh seo an ghliocas saoghalta, go dtabharfadh comairce
dhúinn ar an dara dubháilce úd, an laigeacht chroidhe, as meabhair liom do
dhaoradh agus d'aithisiughadh ins an dara roinn seo dem chomhrádh.



An Dara Roinn.


L. 50


Is fírinne bhuan-choscrach atá deimhnighthe don uile dhuine againn, dár
ndeoin nó dár n-aimhdheoin, nach bhfuil námhaid níos baoghalaighe ag an
duine ná é féin an tan bheir sé grádh agus macnais dó fein, ag léir-dhearmad
an dualgais atá d'fhiachaibh air do chóimhlíonadh, chum
díoghbhála a chreidimh agus gach caon-dúthrachta, ionnas, i n-ionad é
féin do chothughadh suas agus d'oileamhain, go gcailleann a neart agus agus
go dtugann air an mhallacht d'iarr Dáibhídh thuitim ar pheacthachaibh ins
na briathraibh seo: Redde retributionem eorum ipsis (Sal.xxvii.4).
"A Thighearna, tabhair náire dóibh agus treascair iad i n-a slighthibh, go
dtuirlingidh a gcionnta orra féin." Atá sompla soiléir so-thuigsiona againn
le feicsin i ndaoinibh an tsaoghail seo chruthuigheas an fhírinne chéadna soin
dúinn.



Is é aicme daoine iad críostaidhthe leisgeamhla lag-spioradacha, tré
fhanntaise croidhe, tré chrith-eagla foir-ísil spadánta, agus tré omós
an-uasal don tsaoghal chailleamhnch i n-aghaidh deimhin-rún a gcogubhais,
nuair as gábhadh dóibh cúis ghlórmhar Dé do chosain, do thréigeann go
náireach neimh-fhiúntach í. Créad thig de sin, a cháirde? Tigeann gur
i bhfad ó aon tairbe ná sochar do dhéanamh dhóibh, go n-oibrigheann a
leisge meodhain ró-chontrárdha le mar do mheasaid. Óir an chéad uair,
baineann sé díobh an onóir agus an gradam as mó as féidir do bheith ag an
bpeacthach do réir meas an tsaoghail féin, is é sin, bheith i n-a
ndíonuightheoiríbh agus i n-a gcosantóiríbh chúise an Tighearna do réir
méid agus iomadamhlachta a gcomhachta agus a n-acfuinne; ins an dara áit,


L. 51


déanann sé sinn adhuathmhar tarcuisneamhail i n-éinfheacht, adhuathmhar
gráineamhal do na fíréanaibh atáid i n-a bhfiadhnidhthibh ar ár
neamh-ionnracas, agus tar-cuisneamhail do na daoinibh malluighthe tar cheann
gur mheasamar a ngrádh agus a gceanamhlacht do thabhairt orainn; ins an treas
ionad, go dtugann sé an t-éitheach dó féin; agus fá dheoidh, cuireann
sé d'fhiachaibh ar Dhia a ghrása mór-luaighe do bhuain dínn agus
daor-pheannaid a chirt-bhreitheamhnais d'fhulang.



Atá sé deimhin, a chríostaidhthe, go gcuireann sibh suas do bhur
nglóire agus do bhur mór-onóir fein nuair do-bheir bhur bhfanntaise agus
bhur gcrith-eagla fá ndeara oraibh gan bhur dteas-ghrádh do thaisbeánadh
do Dhia le nbhur mbriathraibh agus le nbhur ngníomharthaibh. Óir cá bhfuil
nídh ar bith chomh glórmhar d'anam uasal árd-tiodhlaictheach, atá
cruthuighthe do réir íomháighe agus cosamhlachta Dé, le n-a chúis
d'iom-chosnamh? Nuair do-ghnímíd saothar dhúinn féin, de bhrígh nach
bhfuil ionnainn acht fíor-bhochtáin, ní bhíonn i n-ár saothar acht
bochtaineacht agus suarachas, ar an ádhbhar nach bhfuil i n-ár bpearsain
agus i n-ár gcáilidheacht beatha acht an fír-neimhnídh. Gidheadh, nuair
do ghabhaimíd do láimh glóire Dé do mhéadughadh agus do chosain, do réir
meas an tsaoghail fein, bíodh ár n-obair beag nó mór, tugann sé oirbhidin
agus onóir cáich orainn; óir mar adubhairt Naomh Aibhistín ag sgríobhadh
chum duine comhachtaigh áirithe, má loirgeann tú glóire, cá bhfaighidh
tú ins an mbeatha so í acht ag cleachtadh do theas-ghrádha dílis do gach
nídh bhaineas le haitheantaibh Dé agus le n-a chreideamh?


L. 52


Is é sin, bheith ag díon agus ag cosain na muinntire chleachtas iad, ag
daoradh agus ag toirmeasg lucht a raobtha, ag ciorrbhughadh agus ag
laighdiughadh gach sgannail agus droch-shompla, ag neartughadh leis an
deigh-bhéasaibh agus leis an oideas fhóghanta, agus fá dheoidh, bheith id
cholumhan umha agus id chaisleán iarainn chum seasamh go daingean
do-sgaoilte i n-aghaidh ionnsaidhthe foir-éigneacha an dorchadais agus na
malluightheachta.



Óir créad é an nídh d'uaisligh agus do rinne glórmhar anmanna an oiread sain
daoine móra ins an tSean-reacht agus ins an Tiomna Nuadh? Créad é an fáth
dhúinn an oiread measa macnasaigh agus grinn marthanaigh bheith againn do na
Machabees? Créad é chiall dúinn an oiread caithréime agus mór-ghradaim
do luadh don oiread impirí agus ríghthe críostamhal, do na Constantini agus
do na Theodorn? An é nach é an teas-ghrádh tábhachtach do chuireadar
i n-iúil i n-onóir Dé agus a dhlighe bheannuighthe? Ag so mar adubhairt
Mathathias calma agus é ag teagasg a chlainne i leabaidh an bháis:
"Cuarduighidh na huile glúine agus do-gheabhaidh sibh amach nach bhfuil aon
dár n-aithreachaibh i móir-mheas ná i árd-chion ag an bpobal go
hiomshlán acht an mhuinntir úd do thaisbeáin a cródhacht agus a gcalmacht
ag cosain cúis an Tighearna. Ná smuainidh-se, dá bhrígh sin, a chlann mo
chroidhe, aon chéim onóra ná gradaim d'fhagbháil ná do shaothrughadh
acht leis na meodhanaibh céadna" (1 Macc.ii.51). Agus go fírinneach, a
chríostaidhthe, ní fhuil ins an nglóire shaoghalta nach dtig ó Dia acht mar
sgáil gan éifeacht agus mar smól deataigh,


L. 53


tar éis ár súile do dhalladh le lasair fhallsa ar feadh tamaill, d'fhágann
sinn fá dheoidh ins an dorchadas síorraidhe.



Is mío-ágh eile do thig ón neamh-mhothughadh so go sgarfaidh Dia é
féin linn, de bhrígh, ó nach bhfuil uireasbaidh aige le haon duine agus
go dtoghann sé cách do réir a thoile, ar mbeith dhuitse neimh-fhiúntach,
nach dtabharfaidh ionad duit ar measg a cháirde dílse, agus go n-árdóchaidh
chuige féin cuallacht díleas fíréanta do dhéanfaidh míorbhaile agus
móir-bhearta ar a shon, agus go dtabharfaidh onóir agus mór-ghlóire dhóibh
mar aon le tarcuisne agus droich-mheas duitse, amhail adeir an Sgríbhinn
Diadha: Quicunque glorificaverit me glorificabo eum; qui autem
contemnunt me erunt ignobiles (1 Ríogh ii.30).



Gidheadh, ní críochnuighthear ár mío-ágh annso; óir, tar éis go
mbainimíd dínn féin an onóir bheith i n-ár gcosantóiríbh cúise Dé,
tuiteann amach fós go mbímíd gráineamhail tarcuisnach do láthair an
tsaoghail. An chéad uair, béidh gráin agus tarcuisne ag na
fír-chreidmheachaibh orainn, ar fhaicsin ár laige agus ár bhfanntaise ins gach
lag-ionnsaidhe dá dtig orainn, d'éighmheas tríd go n-abraid go
hinmheodhanach mar aon leis an fháidh: Vidi praevaricantes et
tabescebam, (Sailm cxviii.158), "do-chonnairc mé, a Thighearna, críostaidhthe
leisgeamhla lagspioradacha do dhearmaid cosnamh do chúise tré mheath-eagla
shaoghalta agus tré chlaon-omós, agus do ghabh doilgheas mór mé ar chor gur
mheathluigh mo neart." Agus créad é an iongnadh d'fhiréan, i n-a bhfuil croidhe
díreach folláin ar lasadh le teas-ghrádh an tSoisgéil meathlughadh nuair
chíonn sé cúis Dé dá thabhairt suas ar mhodh chomh fanntaiseach chomh
leisgeamhail sin ar son réasúna suaracha an tsaoghail agus na colna?


L. 54


I n-éagmhais gráin agus fuath gach deagh-dhuine do thuilleamh dóibh, mar
adeir an ríogh-fháidh céadna - perfecto odio oderam illos, et inimici facti
sunt mihi (Sailm cxxxviii.22) - tugaid fós droch-mheas agus tarcuisne na
ndroch-dhaoine orra, de bhrígh gur ab é a meas, má chloigleann sibh an t-olc,
gur le laigeacht spioraide agus le laighead meanman agus misnigh do-ghní sibh
é; acht is follus go mbíonn tarcuisne agus droch-mheas ag an droch-dhuine ar
an laigeacht spioraide agus ar an lucht dár tairbheach í. Ar an ádhbhar
sain, dá mb'áil leat, ón chéad uair do thugais fá ndeara an t-olc, do
dhualgas do chóimhlíonadh ag géir-leanmhain an ughdair agus lucht a
mhéaduighthe, do chuirfeá d'fhiachaibh orra dá n-aimhdheoin greann agus
eagla do bheith aca rómhat.



Ní fhuil amhras agam ná go n-abrann sibh nach bhfuil neart ná cródhacht
bhur ndóthain agaibh chum cosg do chur ar an olc agus ar an gcuirptheacht.
Gidheadh, áitighim go dtugann an leithsgéal sain an t-éitheach dó féin,
ar mbeith dó i n-aghaidh deagh-rún bhur gcogubhais; óir ní theastuigheann
neart ná cródhacht, árd-mheanma ná foirtileacht, móir-mhisneach ná
calmacht uainn nuair ghoideas duine cuid dár maoin saoghalta, nuair milltear
ár clú nó ar gcreideamhain, nuair sgríobhthar duanóg nó aor i n-ár
gcoinne féin nó i gcoinne ár gcloinne agus ár ndaoine muinnteardha.
Créad í an bhuile, créad í an fhearg fhuilteach, créad é an díolghaltas
díbhfeirg do thaisbeánaimíd i n-a n-aghaidh? Gidheadh, tugthar masla do
Dia ós ár gcomhair, tugthar


L. 55


naomh-aithis dá ainm ghlórmhar, déantar
fonamhaid fá shagartaibh Dé agus na sacramaintíbh, sgríobhthar leabhair
diablaidhe i n-aghaidh deigh-bhéasa agus carthannacht an chomharsan, i n-aon
fhocal, tugthar bás ar chrann na croise d'Íosa Críost, mar adeir an
t-Abstal; ní fhuil ann go léir acht neimhnídh, dúnaimíd ár mbéal agus
ár gcluasa, gabhaimíd foighide agus ciúineas, socaireacht aigne agus
síor-shuaimhneas, ionnas gur fíor a rádh linn, mar adubhairt Naomh
Ieróm le críostaidhthibh meathta dár sórt: In iniuria benigni sumus,
in nostris contumeliis odia exercemus.



Atá sé cinnte, a dhearbhráithreacha, má fhulangaimíd Eaglais Dé
do shárughadh, gach crábhadh agus caon-dúthracht dá ionnsuidhe, agus gach
oideas fóghanta dá mhilleadh, gan a n-ionnsuidhtheoirí do smachtughadh,
gibé maith eile do-ghnímíd, nach gcomhaireochaidh Dia mar dheagh-oibreacha
iad. Óir geallaim nach naomhtha do bheatha agus nach mó do shubháilcí
ná subhailcí an tsagairt Heli. Do bhí grádh agus eagla Dé i n-a chroidhe;
badh mhaith leis a aitheanta do choimeád; do bhí fuath agus gráin aige ar
an sgannail do thugadar a dhís mhac, Óphni agus Phinees, ins an teampall;
agus féach, tar éis sin, ón uair nach raibh cródhacht agus calmacht aige
chum iad do smachtughadh agus leor-shásamh do thabhairt do Dhia ins an
masla tugadh dhó, go ndubhairt an Tighearna leis tré bhéal an fháidh Samuel:
Ecce dies veniunt, et praecidam brachium tuum, et brachium domus patris
tui, ut non sit senex in domo tua (1 Ríogh ii.31), "de bhrígh gur mó
an onóir do thugais dod chlainn mhac ná dhamhsa, de bhrígh go
mb'ionmhuine


L. 56


leat iad ná mise, ag so chugat lá mo cheirt-bhreitheamhnais; agus de bhrígh go
dtug tú masla dhom tríotha, do-bhéarfaidh mise peanós duit ionnta sain, ar
chor go bhfaighid uile bás obann anabaidh i ndiaidh a chéile, agus go
n-imtheochaidh tú le glóire do theaghlaigh agus do threibhe chum fáin agus
chum iarraidh; brisfead agus raobfad do dhún aoibhinn, umhlóchad do mhórdhacht
agus d'árd-cheannas, agus ní fhágfad cloch ar mhuin cloiche den bhrugh aoldha
do cheapais do thógbháil in do chroidhe; agus tré chruadháil cheart do
bhreitheamhnais cuirfead i n-iúil duit nach bhfuil riachtanas agam le duine
ar bith, ionnas go mbainfead díoghaltas poiblidhe ins an easmail do fuair
mé ód chlainn mhalluighthe." Ecce dies veniunt et praecidam brachium
tuum, et non erit senex in domo tua.



Ó! a dhearbhráithreacha mo chroidhe, is amhla sain as dóichighe Dia
do labhairt libhse agus le mórán eile. Do dheimhnigh an fháistine gus an
bhfocal i bpearsain Heli; do fhreagair deireadh na fáistine don bhagairt
lonnmhar, agus do chóimhlíon go beach gach siolla den réamhrádh dár
fhoillsigh an t-ógán Samuel don tsagart Heli. Tar éis sin, do réir
riaghlacha rói-ghlioca an chuimhniughadh dhiadha, ní raibh ins na trom-uilc
sin uile acht peanós saoghalta do thuit amach chum sochair agus tairbhe
síorraidhe dhó. Gidheadh, atáid béimeanna troma dá cheirt-bhreitheamhnas
níos baoghalaighe dhúinn go ró-mhór ná sain. Óir créad é an spéis
dúinn an saoghal go léir do bheith againn nuair thugas Dia cúl linn, agus
do léigeann sé dár dteas-ghrádh dul i n-éag, fá mar d'aithin sé dá
fháidh: Auferetur zeulus meus a te (Esech.xvi.42).


L. 57


Is mar sin fhágann sé uachtarán
agus fear cirt do dhéanamh i n-a shuan codlata, nuair badh chóir dhó
bheith bíodhgamhail éasga chum cosg obann do chur ar an gcuirptheacht; is
amhla sain fhágann sé ceann tíre agus fear tighe is muinntire ag tabhairt
neamh-shuime i n-iomchar a gcuallacht is a muinntire, ag iadhadh
a súl agus ag dúnadh a gcluas, nuair badh chóir dóibh iad do smachtughadh
go cobhsach cródha d'fhonn ualach as míle truime ná a ndualgas do
sheachain lá an ghéibhinn chruaidh agus an mhór-chruadhtain; is mar sin
fós, fóiríor, fhágann sé fear pobal agus seanmóiridhe, sagart parróiste
agus stiúruightheoir anmann ag léir-dhearmad a ndualgas, ag ithe agus ag ól
agus ag cruinniughadh saidhbhris dóibh <féin> agus dá muinntir, gan caoracha
an Tighearna d'oileamhain le beatha bríoghmhair an tSoisgéil, agus ag
mealladh cogubhas na bhfíréan, agus dá dtiomáin féin maille leo sain i
ndubhaigéan an dorchadais. Acht is iad so iarmarta mío-ághmharacha na
himeagla saoghalta sa do cheanglann suas ár dteangtha agus ár lámha
i n-éinfheacht, chum gan aon nídh do rádh ná do dhéanamh ins na
himreasánaibh bhaineas le cúis Dé agus le dlúth-chosain a aitheanta.



A chríostaidhthe mo chroidhe, má bhuadhann eagla ar bith oraibh, gur ab é
eagla roimh bhur dTighearna Uile-chomhachtach agus bhur nDia éadmhar
é - óir atá sé éadmhar linn. Agus an é nach é ár mbuntáiste agus
ár dtairbhe é bheith éadmhar linn? An é nach é ár dtairbhe fiadhnaise
fhoirtil do thabhairt leis agus luach saothair d'fhaghbháil uaidh dá chionn?
An féidir a rádh go bhfuil riachtanas aige


L. 58


d'fhiadhnaise ár mac-samhla de chréatúiribh laga foir-ísle?



An é nár bh'fhéidir leis a chúis do chosain i n-ár n-éaghmais? Is
deimhin go mb'fhéidir. Gidheadh, tré iomchar lán-trócaireach a mhór-ghrása
agus a mhaitheasa doi-chríochnuighthe, badh dheonuightheach leis
comhachta do thabhairt dúinn chum ár n-umhlaidheacht agus ár dteas-ghrádh
do chuimhniughadh dhó, agus chum dualgas na bhflaitheas do shaothrughadh
thríd. Aontuighmís ár n-aigne agus ár gcroidhtheacha chum cómh-oibriughadh
leis na grásaibh mór-luaighe do-bheir sé dhúinn, chum go
n-éistimís lá éigin ó n-a bhéal bheannuighthe leis an gcuireadh
glórmhar so: "Tagaidh annso, a shearbhfhóghantuidhthe maithe; de bhrigh
go rabhabhar díleas ionnraic dham, gabhaidh isteach i nglóire agus i
lúthgháir bhur dTighearna, mar aon le hainglibh agus le hárd-ainglibh
nimhe"; - beannacht iarraim díbhse agus dam féin. I n-ainm an Athar, agus
an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 59


B 1817ls 19T
U 0401
SEANMÓIR A CHEATHAIR.



AR AN AITHRIGHE.



AR A CUR AR CÁIRDE GO HUAIR AN BHÁIS.



<Soisgéal don seachtmhadh Domhnach tar éis na Cingcíse>



Omnis arbor, quae non facit fructum bonum, excidetur et in ignem
mittetur.



An uile chrann nach dtaisbeánann nó nach dtugann toradh maith leis, gearrfar
agus teilgfear ins an teine é. - Matha vii.19.



Gairmthear an peacthach críostamhail i Soisgéal an lae indiu crann curtha
i machaire an Teampaill, leasuighthe le grásaibh, le smuaintibh diadha, le
focal Dé agus le n-a shacraimintibh, saothruighthe le lucht oibre an
Tighearna .i. le n-a aodhairíbh, le n-a shearmóntaidhthibh, agus le n-a
oidíbh faoisdine. An crann so i bhfad ó thoradh maith do thabhairt leis,
ní bheir leis acht an toradh as measa; taisbeánann sé gan amhras bláth agus
duilleabhar tré n-a mbíonn súil éigin leis, ach ní thigeann sain uile chum
críche ná maitheasa ar bith. Is ar an ádhbhar sain, a chríostaidhthe, do
ghabhas lem air indiu labhairt i n-aghaidh na hurchóide seo as mó, as
dainséaraighe is as díthchéillidhe i n-a dtuiteann an chuid as mó de na
peacthachaibh - an urchóid as mó, adeirim, mar is í as coitchinne, an
urchóid as dainséaraighe, mar


L. 60


is mó 'dhíoghbháil do-ghní sí fá leith ná an uile urchóid eile le chéile,
an urchóid as díthchéillidhe, mar nach bhfuil nídh ar domhan as
conntrárdha do chreideamh agus do chéill nádúrtha.



Is é nídh ar ar mian liom trácht nó labhairt go sonnradhach in mo
theagasg, ar dtúis, an dóchas mealltach bhíos ag daoinibh críoch mhaith do
cur ar a mbeatha tar éis a tosach do chaitheamh go holc, agus aithrighe
fhírinneach do dhéanamh ar uair a mbáis. Ins an dara háit, go
dtaraingeochthar as a phréamhaibh é, an peacthach so dá ngairmthear crann
nach dtugann toradh maith leis, agus go gcaithfear san teine shíorraidhe é.



Dá mb'fhéidir an urchóid ghráineamhail seo do dhíbirt, d'iompóchadh
urmhór na bpeacthach chum aithrighe do dhéanamh, de bhrígh nach bhfuil
acht fír-bheagán aca le n-ar bh'fhonn iad fáin do dhamnughadh go
diongmhálta. Ní fhuil <aon dream>, adeirim, acht lucht an éadóchais
amháin, thugas iad féin suas do chuthach éad-fhuathmhar den tsórd so, ar
mhodh, dá mb'fhéidir an t-andóchas uathbhásach atá ag na peacthachaibh
seo ar ifreann do sheachnadh le haithrighe leaba an bháis do dhíbirt uatha,
go nglacfaidís aith-sheilbh ionnta féin, agus go dtréigfidís a gcortha
agus a n-ainmhiana.



Chum cúram chomh haimhréidh chomh cruadhálach so do thabhairt chum
críche agus do chur i dtuigsint díbh, atá dhá nídh riachtanach le
taisbeánadh díbh do dhéanfas suas suim mo chomhráidh. An chéad nídh,
nach fuláir a thaisbeánadh díbh nach bhfuil dóchas ar bith ar measa
fundaimeint ná dóchas aithrighe fhírinneach do dhéanamh ar uair an bháis
tar éis a cur ar cáirde ar feadh na beatha - ar ar mian


L. 61


liom trácht san gcéad roinn den chomhrádh.



An dara nídh, nach fuláir na fátha nó na réasúin, tré n-a seasuighid
na hainshriantaidhthe ar an aithrighe dhéidheanaigh so, do chur ar
neamhnídh - ar n-a dtráchtadh san dara roinn. Acht chum go mb'fhearrde
thiocfaidh liom an teagasg so do chur i gcéill díbh, agus gur móide
rachaidh sé chum glóire Dé agus tairbhe anma gach aon dá bhfuil i láthair,
iarraimíd congnamh an Spioraid Naoimh tré eadarghuidhe na Maighdine
Glórmhaire Muire, ag rádh Fáilte an Aingil.



An Chéad Roinn.



Chum fírinne an chéad roinn dem chomhrádh do thaisbeánadh dhíbh .i.
nach bhfuil muinighin ná dóchas ar bith as measa fuindeiméad ná súil a
bheith le bás maith d'fhaghbháil tar éis droch-bheatha do leanmhaint,
déanfad úsáid de mheodhanaibh coitcheanna, sé sin le rádh, den Scríbhinn
Diadha, d'ughdarás na n-Aithreacha Naomhtha, agus de chéill nádúrtha.
I dtaobh na Scríbhne Diadha, ní fhuil fírinne ar bith innte as fearr a
cruthuighthear ná an fhírinne seo le briathraibh agus le somplaíbh. De na
briathraibh seo atá ró-iomadamhail toghfaidh mé chúig cinn go sonnradhach.
Ag seo an chéad bhriathar do léighmíd san gcéad chaibidil de na
Sean-Fhoclaibh, mara labhrann ár dTighearna le na peacthachaibh ar an modh so:
"Do ghlaodhas oraibh agus níor bh'áil libh éisteacht liom; do spreagas
agus do ghríosas sibh; do chuireas mo lucht oibre agus mo sheirbhísigh in
bhur measg chum sibh do theagasg, agus ní rinneabhar de sin uile acht
magadh agus fonómhaid; acht i n'aghaidh sin béad-sa ag magadh


L. 62


agus ag fonómhaid fúibhse ar uair bhur mbáis - ego quoque in interitu
vestro ridebo (Seanfhocail i.26) - béid na bochtáin truaillighthe an uair
sin ag glaodhach orm san áit chéadna agus ní éistfead leo, coisgfidh mé mo
chluasa chum ná cloisfinn iad" - tunc invocabunt me et non exaudiam eos.
Créad as féidir fheicsint nó a chlos, a dhearbhráithreacha, as foillse agus
as soiléire ná sain? Créad as féidir a chlos as uathbhásaighe ná sain? Cia
labhras ar an modh so? Nach é ár dTighearna Dia? Nach í an Fhírinne
árd-chomhachtach? Acht, a pheacthacha bochta atá ag éisteacht liom, nach den
druing úd do ghairm nó do ghlaodhuigh sé sibhse? Cá liacht uair do chuir
sé a ghuth i n-iúil díbh agus do ghairm sibh le n-a aodhairíbh agus le n-a
theagasgthóiribh? Cá liacht uair do sgread sé in bhur gcluasaibh agus do
bhí sibh bodhar air? Acht monuar! is baoghal liom gur den druing úd sibhse
fá n-a mbéidh sé ag magadh agus ag fonómhaid an lá déidheanach.



Ag seo an dara comhrádh do léighimíd ag Naomh Eoin Soisgéalaidh:
Ego vado et quaeretis me, et in peccato vestro moriemini - atáim-se ag
imtheacht agus cuardóchaidh sibh mé, agus éagfaidh sibh in bhur bpeacaidhibh.
Créad as ciall dó sain? Seo é, a dhearbhráithreacha: "Mar a dtéidhim-se,
ní féidir libhse teacht" - quo ego vado, vos non potestis venire
(Eoin viii.21). "A anmanna earráideacha, a chaoire bochta d'imthigh ar
fán, do loirgeas agus do chuarduigheas sibh go cúramach," adeir an Tighearna;
"do mhion-chuarduigheas sibh ar feadh an fhásaigh agus na gcoillte chum sibh do
sheoladh gus an mbannraigh; do thuirlingeas anuas go doimhneas bhur
gclaonta agus bhur


L. 63


gcleachtaidhe gráineamhla peacamhal chum sibh do
tharaingt asta; do rinneas úsáid dem chuid fola, dem mhór-luaigheachtaibh
agus dem bhás chum bhur leasuighthe agus bhur slánuighthe; do chuireas
aodhairí na hIsrael, sagairt díograiseacha, agus fir chalma abstaldha ag
obair chum bhur slánuighthe, agus do sheasabhar amach i n-a n-aghaidh.



Do ghrádhuigheabhar lán duirn de chréafóig, gal beag onóra agus sóláis
bheaga bréagacha díombuana an tsaoghail seo rómhamsa, bhur n-oide
agus bhur n-aodhaire. Gidheadh, tiocfaidh an aimsir gan mhoill 'n-a
gcuardóchaidh sibh mé agus nach bhfaighidh sibh amach mé, ar mhodh go
n-éagfaidh sibh in bhur n-earráid agus in bhur malluightheacht." Feiceam,
a dhearbhráithreacha, an gcreideann sibhse an Soisgéal? An gcreideann
sibh focail Íosa Críost, nó an é do labhair ar an modh so? Is é, a
dhearbhráithreacha, Íosa Críost féin, Mac Dé, do labhair ar an modh so.
Nár chuarduigh an t-aodhaire grádhach so sibh míle uair in bhur seachrán?
Nár spreag agus nár ghríosuigh sé sibh chum iompódh nó filleadh, agus
níor bh'áil libh freagradh dhó? Dá bhrígh sin, is baoghal liom go
mbéidh sibh den druing úd do chuardóchas go díomhaoin é ar leaba an
bháis. Ná fanaidh leis an am so, a chríostaidhthe, óir is ró-annamh
aithrighe leabtha an bháis fírinneach nó tairbheach.



An tríomhadh comhrádh léighimíd ag Naomh Lúcás Soisgéalaidhe mar
a n-abarthar, ar bhfeicsint cathrach Ierusalem d'Íosa Críost, gur ghoil sé
agus gur dhoirt sé sruth déar le truaighmhéil di: Videns civitatem
flevit super illam (Lúc.xix.41); agus 'n-a dhiaidh sin, ag


L. 64


árdughadh a ghotha (mar aithriseas Matha dhúinn san tríomhadh caibidil ós
cionn a fiche), do labhair sé na briathra uathbhásacha so i n-aghaidh na
cathracha mío-fhortúnighe mí-shéanmhaire sin: "A Ierusalem, a
Ierusalem mhío-thrócairigh neamh-thruaighmhéiligh do chuireas chum báis
na fáidhe do cuirthear chugat chum do shábhála, cá mhéid uair do shíleas do
chlann do chruinniughadh i gceann a chéile mar chruinnigheas an chearc a
héin, agus do chuireabhar de shíor im choinne; do dhiúltabhar i gcomhnaidhe
mo mhiana grásamhla trócaireacha. Gidheadh, atá an aimsir i bhfogus díbh
'n-a mbéidh bhur n-eascáirde in bhur dtimcheall don uile thaobh; cuirfid
broid oraibh, agus cuirfid san gcoingheall deidheanach sibh, mar
do rinneabhar droch-úsáid de mhóimeintíbh luachmhara bhur sábhála do
thairgeas díbh chomh minic sin in bhur mbeatha."
(Matha xxiii.37, Lúc. xix.43,44).



A pheacthacha nimheamhla earráideacha, is ar an ádhbhar sain do labhras
Íosa Críost libh ar an modh so: "A anmanna tá neimh-dhíleas do bhur
dTighearna Dia, do tharcuisnigh é agus do bhrúigh fá chosaibh na grása
agus na tiodhlaicthí beannuighthe do dhoirt sé oraibh go hiomadamhail, a
Ierusalem, a Ierusalem, cá mhéid uair badh mhaith liom tú tharang ód
chorthaibh gráineamhla, agus níor bh'áil leat é? Acht tiocfaidh an uair
'n-a mbéidh do námhaid, spioraidí an dorchadais, id thimcheall i leaba
an bháis; cuirfid broid uathbhásach ort, agus fágfad i n-éadóchas
iomshlán tú." Cia chuige na focail seo, a chríostaidhthe? Nach chum
duine éigin, do b'fhéidir, dá bhfuil annso i láthair? Nach bhfuil duine
éigin annso


L. 65


'n-a dtuiteann an bhagairt seo Dé Uile-chomhachtaigh? Nach
bhfuil duine éigin annso, adeirim, do thuill a thréigean agus a thabhairt
suas ar láimh a námhad?



An ceathramhadh comhrádh léighimíd ag Iób mar a n-abarthar go mbéidh
cnámha an duine mhalluighthe ar uair a bháis líonta le corthaibh a óige
agus go rachaidh a chortha leis san uaigh - ossa eius implebuntur vitiis
adolescentiae eius, et cum eo in pulvere dormient. An uile choir, an uile
ghníomh gráineamhail dá ndéanfaidh sé ar feadh a bheatha, leanfaidh é
gus an uaigh, méadóchaidh sé a ualach, neartóchaidh sé a shlabhraidhe,
agus tar éis faillighe do dhéanamh ar feadh a bheatha agus a neirt chum
námhaid chomh tréan chomh hurchóideach sin do throid, béidh sé ar uair
a bháis gan cumas buadhchan ortha, agus tuitfidh sé le n-a neart, ar mhodh
go dtuirlingeochaidh a chortha leis go fír-íochtar ifrinn chum é phianadh
an feadh bhéidh Dia ag caitheamh na glóire.



An cúigmheadh comhrádh léighimíd ag an bhfáidh Eséchiel, mar a
n-abair sé go n-éagfaidh an drong mhalluighthe i lár a ndéithe bréige.
A lucht na meisge dhéanann dia de bhur gcorpaibh, do-gheabhaidh sibh bás
ins an choir ghráineamhail sgannalaigh sin. A lucht na drúise atá in
bhur sglábhaidhthibh ag ainmhianaibh na colna, dhéanann iodhbairt de bhur
síothcháin agus de bhur suaimhneas, de bhur sláinte agus de bhur gclú,
de bhur n-onóir agus de bhur gcogubhas chum gníomh brúideamhail éigin do
shásamh, do-gheabhaidh sibh bás i ngnáthamh na bpeacaidhe gráineamhla sin
na colna. A lucht na sainnte do shanntuigheas sibh féin do dhéanamh
saidhbhir


L. 66


san uile shórt slighe, dallann bhur maoin saoghalta sibh, líonas
an tsainnt bhur súile le lúthgháire; ní dhéanfaidh sibh cóimhlíonadh
ar bith ins gach inghreim agus mí-ghníomh dá ndearnabhar; ní bhéidh
ar bhur n-aire na huaireanna déidheanacha de bhur saoghal acht ag déanamh
bróin agus cathuighthe i dtaobh sgaramhain le bhur maoin saoghalta, ar mhodh
go n-éagfaidh sibh i lár bhur sainnte agus bhur gcladhaireachta. A lucht
an díoghaltais, atáthaoi ag sgoltadh le fuath agus le miosgais; gidheadh,
má chomhnuigheann sibh i bhfad ins an staid sin, bidhidh dearbhtha go
ndéanfaidh Dia úsáid den ainmhian sain chum sibh do chiorrbhughadh agus do
threasgairt; déanfaidh bhur námhaid dúnmharbhadh oraibh lá éigin, agus
caillfear sibh le neimh an díoghaltais in bhur gcroidhthibh, óir is mar
sin as gnáth le Dia úsáid do dhéanamh de na neithibh i n-ar cionntach an
duine, chum a chirt do chóimhlíonadh air. Is mar sin do crochadh
Absolom le gruaig a chinn l n-a dtug sé adhradh ar feadh a
bheatha; is leis sin do-gheibhid an oiread sain de lucht na drúise
bás le haicídíbh gráineamhla; is leis sin do-chímíd an iomadamhlacht
de lucht meisge ag éag innte gach uile lá.



Anois tráchtaimíd ar shomplaíbh na Sgríbhne Diadha. Nach iongantach
an nídh, de bhás iomad de chuirptheoiríbh malluighthe ar a dtráchtann
an Sgríbhinn Diadha linn, ná hainmnigheann dúinn acht aon duine amháin
do rinne aithrighe fhírinneach ar an uair dhéidheanaigh, sé sin le rádh,
an bitheamhnach do cuireadh chum báis ins an am gcéadna 'n-ar crochadh ar an
gcrois Fuasgaltóir na cine daonna. Nídh eile fós as iongantaighe ná sain
- de dhís pheacthach


L. 67


do cuireadh chum báis le taobh Íosa Críost, gur damnuigheadh
duine aca, agus ag tuirlingt anuas den chrois, gur imthigh go
fír-íochtar ifrinn. I n-aon fhocal, d'iomshlán na malluightheoirí, 'n-a
dtráchtann an Sgríbhinn Diadha linn, do sheasaimh amach i n-urchóid agus i
ndroch-bheatha go huair an bháis, ní rinne a leath aithrighe ar bith, ná an
chuid eile acht aithrighe bhréige.



Créad an aithrighe badh sgéimhighe agus do b'fhearr i gcosamhlacht ná
aithrighe Antiochus? Badh chóir go gcuirfeadh an sompla so amháin
crith-eagla ins na croidhthibh as cruaidhe agus as calcuighthe. Ón am 'n-ar
bhuail an t-éagcruas é d'iompuigh é féin do thaobh Dé, do rinne faoisdin
a bheatha ag ós árd, d'admhuigh sé gur pheacthach ró-mhór é, go raibh
sé cionntach i gcogadh ar an Uile-chomhachtach, agus nach raibh acht
ró-cheart go n-umhlóchadh créatúir é féin dá chruthuightheoir;
d'admhuigh sé gur ró-thuill sé a raibh sé d'fhulang; do ghlac gol,
doilgheas, agus dubrón é; do gheall sé cóimhlíonadh a dhéanamh, ní
amháin in gach éagcóir dá ndearna sé riamh, acht fós do gheall sé
déirc do dhéanamh go hiomadamhail agus teampall Ierusalem d'órnaidiughadh;
do mhóidigh sé dá n-éireochadh sé ón dtinneas sin, go nglacfadh sé an
creideamh Iúdaigheach, agus go n-imtheochadh ar feadh an domhain ag
craobhsgaoileadh mórdhachta agus trócaire Dé; do dhearmaid sé go hiomshlán
a mhórdhacht ríoghdha féin, agus do thug a ríoghacht go huile agus an
Ásia mar fhiadhnaise len-a gheallamhnaibh. Créad do b'fhéidir leis do
dhéanamh ní badh mhó, agus cia chreidfeadh nár leor a aithrighe chum
maitheamhnais d'fhaghbháil d'iarr sé le déin


L. 68


agus le teasaidheacht gráidh chomh mór sin?



Ar a shoin sain, deimhnigheas an Sgríbhinn Diadha dúinn nár thuill an
peacthach malluighthe sin maithfeachas d'fhaghbháil. Créad an fáth?
Atá, mar nach raibh a aithrighe fírinneach, agus mar do chuir sé ar cáirde
ró-fhada í.



Ag seo, a dhearbhráithreacha, somplaí eile dá bhfuil an Sgríbhinn
Diadha tuillte ar an ócáid seo; mar atá, ar dtúis na maighdeana
amaideacha díthchéillidhe úd do díbreadh ón mbainis, nó ón bpósadh,
nar do thángadar antráthamhail ann; mar atá, an seirbhíseach ar a rug a
mháighistir ag déanamh droch-ghníomha éigin tre n-ar teilgeadh i
bpríosún é; mar atá arís, duine eile mío-fhortúnach do cuireadh i
slabhraidhibh agus do teilgeadh, mar an gcéadna, i bpríosún dorcha 'chionn
teacht gan iorradh an phósta, agus sin gan aimsir do thabhairt dó a locht
do leasughadh; mar atá fá dheoidh, seirbhíseach eile a tugadh chum
cunntais ins an airgead do fuair sé chum a chur chum breise - ní dubhradh
leis: "Imthigh agus cuir chum breise an t-airgead sain do chuiris san
dtalamh," acht do nochtadh é ar an láthair den uile nídh agus do cuireadh
chum pionóis é.



Do b'fhéidir dham an nídh céadna chruthughadh dhíbh le hughdarás
mórán de na hAithreachaibh Naomhtha, acht chum mo chomhrádh do chur i
ngiorracht do-bhearfaidh mé Naomh Ieróm amháin mar fhiadhnaise dhíbh, do
labhras go ró-éifeachtach ar an bpointe seo. Ar mbeith do Naomh Ieróm
i leaba an bháis, do thángadar a dheisgiobail 'n-a thimcheall ag
gol agus ag caoi go cráidhte, agus d'iarradar a hucht Dé air, sul
do sgarfadh sé leo, teagasg éigin do thabhairt dóibh. D'iompuigh sé
ortha le sgannradh agus le huathbhás i n-a dheilbh, agus adubhairt:


L. 69


"A chlann díleas, déanaidh aithrighe i n-am agus ná cuiridh ar cáirde í go
huair an bháis; óir atáim deimhneach, agus sain le gnáith-eolas, de dheich
míle pearsa do lean droch-bheatha, gur ab éigin do fuair aon duine amháin
maitheamhnachas i n-a pheacaidhibh an uair dhéidheanach."



Ag sin agaibh, a dhearbhráithreacha, breitheamhnas an árd-dochtúra sin
an Teampaill, an athar ainmeamhla sin an fhásaigh, an mhínightheora
neamh-chompráideamhla sin na Sgríbhne Diadha. Ag sin, adeirim, baramhail
Naoimh ar leaba an bháis, Naoimh ag dul i láthair a Árd-bhreithimh. Créad as
dóigh libh dó sain, a chríostaidhthe, nó an bhfuil faitchíos nó
uathbhás oraibh tríd?



Fá dheoidh, taisbeánas ciall nádúrtha dhúinn ná fuil nídh ar
domhan as measa fuindeiméad ná aithrighe leaptha an bháis; óir nach
múineann ciall nádúrtha dhúinn, mar aon le gnáith-eolas, gur dual don
chrann tuitim don taobh ar ar mó chlaonann sé? Nach múineann, mar an
gcéadna, dhúinn nach féidir a thuitim amach do dhuine bhíos ag imtheacht
le fánaidh ar feadh an lae, go bhfaigheadh sé é féin i mullach cnuic ar
theacht na hoidhche? Acht, do chlaonadar na peacthaigh i gcomhnuidhe do
thaobh an pheacaidh; d'imthigheadar le fánaidh agus le faill na damanta
ar feadh a mbeatha. Leis sin, a chríostaidhthe, is deacair a thuairim nó a
rádh ná go dtuitfidh siad don taobh dár chlaonadar ar feadh a mbeatha nó
a saoghail agus a sláinte. Fós, atá sé chomh suidhte agus chomh deimhneach
sin gur sean-fhocal ar feadh an domhain go foir-leathan go leanann nó go
samhluigheann an bás an bheatha; ar mhodh nach féidir leis an muinntir as


L. 70


droch-bhéasaighe agus as measa beatha iad féin do chosg ar a rádh mar aon
leis an ndomhan uile, ach léigid siad iad féin do dhalladh le leithsgéalaibh
bréagacha díth-chéillidhe, ar ar gheallas trácht ins an dara roinn.



An Dara Roinn



An chéad fháth nó réasún do-bheirid na peacthaigh uatha 'chionn
seasamh amach ar an dóchas bhréagach bhíos aca aithrighe fhírinneach do
dhéanamh ar uair a mbáis, tar éis droch-bheatha do leanmhaint, tairngid é
as an bhfáidh Eséchiel, mar a n-abarthar, má dhéanann an peacthach
aithrighe i n-a pheacaidhibh, go maithfidh Dia dhó iad agus go ndearmhódfaidh
a chionnta go huile. Is fíor go ndubhairt Dia sin, acht créad do thuigeann
sibh as? "Tuigimíd," do ráidh lucht na droch-bheatha, "nár cheap Dia
aimsir chinnte ar bith chum maithfeachais do thabhairt uaidh, agus ná
dubhairt nach maithfeadh sé acht ar feadh an tsaoghail agus na sláinte
amháin, acht go ndearmhódfaidh cionnta na bpeacthach go hiomshlán an uile
thráth nó uair d'fhillfidís air." Tigim leo air sin. Acht lualaid siad
dam, chum maithfeachais d'fhaghbháil, nach fuláir iompódh go fírinneach
ar Dhia; agus gabhaim orm a chruthughadh dhíbh go soiléir nach féidir,
nó an chuid as lugha dhe, gur ró-dheacair aithrighe do dhéanamh ar uair an
bháis, tar éis droch-bheatha do leanmhain, óir sin an nídh go haonta atá
i gceist. Óir chum aithrighe fhírinneach do dhéanamh atá trí neith
riachtanach le déanamh: An chéad nídh, nach fuláir aimsir chum í
dhéanamh; an dara nídh, nach fuláir na grása oireamhnacha; an treas
nídh, nach fuláir comh-oibriughadh le na grásaibh.


L. 71


Acht, adeirim, ní bhéidh nídh ar domhan díobh so ag an bpeacthach ar
uair a bháis, nó má bhéidh féin, ní bhéidh tairbhe ar bith dhó ionnta.
Ar dtúis, ní bhéidh an aimsir ag an bpeacthach ar uair a bháis as
riachtanach chum na hoibre sin na haithrighe do dhéanamh. Ní labharfad annso
ar an muinntir do-gheibheas bás obann, mar atá, báthadh, dún-mharbhadh,
nó bás cinneamhnach ar bith eile den ghné sin, acht labharfaidh mé go
haonracánach ar an muinntir mheasas go mbíonn aimsir aca agus nach mbíonn,
ar a shon sain, de bhrígh nach mbíonn a fhios aca cad é tairbhe do
dhéanamh di. Is díobh seo an mhuinntir úd, nuair bhuaileas tinneas nó
éagcruas deacrach doi-leighiste iad, nach ndéanann de acht neamhnídh nó
go sgiobann an bás leis iad d'aon toisg. Is díobh so an mhuinntir, i n-áit
leas an anma do bheith i n'imshníomh ortha ar an uair dhéidheanaigh, nach
gcuimhnigheann acht ar a ngnóthaíbh saoghalta, mar atá, a n-udhacht do
dhéanamh, a gcunntaisí do dhéanamh suas, leigheas do ghlacadh, agus mar sin.
Is díobh so an mhuinntir do chuireas an fhaoisdin ar cáirde nó go dtigeann
an t-am nach mbíd siad i n-acfuinn a déanta.



Acht cuirim i gcás go bhfuil an aimsir riachtanach ag an bpeacthach, ní
bhéidh na grása ná na subháilcí aige. Is iad na grása as mian liom
'rádh, grása neartmhara buadhmhara. Atá a fhios agam go mbéidh grása
meodhanacha coitcheanna aige; acht ní bhéidh tairbhe ionnta, mar do rinne
sé droch-úsáid díobh ar feadh a bheatha, agus ní fhóghanfaidh acht chum
méadughadh ar a phiantaibh. I dtaobh na ngrása neartmhara, cionnus do
thabharfaidh Dia dhó


L. 72


iad tar éis a gcur bun-ós-cionn air féin leis an uile shórt earráide agus
droch-ghníomha.



Gidheadh, is é nídh as mó chuireas eagla agus uamhan orm i dtaobh na
bpeacthach nach bhfuil an tsubháilce dhéidheanach aca .i. grása an
bhuain-tseasaimh, ar an ádhbhar, ag labhairt go cinnte, nach bhfuil sábháil i
n'iongnais, agus de bhrígh gur tabharthas chómh saor sain í nach féidir
le duine ar an ndomhan a tuilleamh. Acht fiafruighim díbh cionnus as
féidir le Dia an mór-thabharthas sin ghrása an bhuain-tseasaimh, báire
an uile shubháilce, oirdheirc' an uile ghrás, subháilce na Naomh agus na
gcreidmheach, cionnus, adeirim, as féidir le Dia an tsubháilce seo
thabhairt do dhuine bhí 'n-a námhaid aige ar feadh a bheatha agus a
shaoghail. Dá dtugadh rí talmhaidhe saoghalta an luach tsaothair céadna
do dhroch-shaighdiúir mheathta do theith ó n-a bhratachaibh do thabharfadh
sé é do shaighdiúir chalma cródha, ná deárfaidhe go mbadh dhuine
saobh-nósach díthchéillidhe é, nó an chuid as lugha dhe, go mbadh dhuine
éadtrom neamh-thuigseanach é? Adéarfaidhe, gan amhras. Dá bhrígh sin,
ní fuláir go bhfuilid na peacthaigh dall go hiomshlán, ní fuláir go
bhfuilid gan chéill, gan mheabhair, 'chionn labhairt mar
do-ghníd ar obair na haithrighe, agus 'chionn a mbeatha do chaitheamh do
réir na riaghlacha bréagacha do chumaid siad dóibh féin.



Fá dheoidh, ní chómh-oibreochaidh na peacthaigh ar uair an bháis le
na grásaibh gheobhaidh siad chum na haithrighe agus leas a n-anma a
dhéanamh. An bhfuil a fhios agaibh, a chríostaidhthe, cad é obair na
haithrighe agus an tslánuighthe?


L. 73


Atá, an obair as mó agus as cruadhálaighe ar an ndomhan, i n-a bhfuil
eascara an anma agus na sláinte le troid agus le claoidheachan .i. an
saoghal, an diabhal, agus an cholann, foghmhós saoghalta, an tsainnt agus
an t-uabhar, i n-a bhfuil, adeirim, eachrainn ró-mhóra ró-dhochlaoidhte
le cur i leath-taoibh, na slabhraidhe do rinneabhar suas ar feadh bhur
saoghail le briseadh, claonta agus ainmhianta na colna le múchadh. Acht
chum oibre den tsórt so a dhéanamh, ní fuláir gastacht, críonnacht,
agus cródhacht, intinn neartmhar, i n-aon fhocal cumas iomshlán duine
deagh-shláintigh. Acht cionnus as dóigh libh d'fhéadfadh duine bocht anacrach
atá i dtinneas nó i n-éagcruas, gan tapa, gan chéill, gan mheabhair, gan
chuimhne - cionnus, adeirim, d'fhéadfadh duine den tsórd so a shamhail sin
de chúram a ghlacadh air féin ná do chóimhlíonadh, duine bocht atá
céasta le piantaibh goinideacha i n-éagcruas, líonta le míle gníomh eile,
agus sgannruighthe le heagla agus le hanbhfainn roimh an mbás? Níor chuir
sé roimhe ar feadh a shaoghail agus a shláinte buaidh bhreith ar námhaid
a anma agus a shláinte síorraidhe. Cionnus as féidir leis a dtroid ná
buaidh do bhreith ortha ar uair a bháis, an uair do chaillfidh sé a lúth
agus a neart, a mheabhair agus a chiall? I n-aon fhocal, a chríostaidhe,
nach múineann gnáith-eolas dúinn go mbíonn an duine ar uair a bháis ar
mearughadh intinne chomh mór sin nach mbíonn a fhios aige cad deir sé,
ná créad do-ghní sé; fós, go mbíonn an mhuinntir as deagh-mheabhraighe
agus as eagnaidhe, na huaireanna déidheanacha sin, ar buaidhirt aigne agus
intinne?



As seo, a dhearbhráithreacha, is léir linn ná gabhann an áit
réamhráidhte leithsgéal na muinntire úd do chuireann


L. 74


an aithrighe ar cáirde go huair an bháis, de bhrígh nach fuláir an aithrighe
bheith fírinneach; agus sin an nídh as ró-dheacair do pheacthach a
dhéanamh ar uair a bháis, nó ag labhairt go cinnte, nach féidir a dhéanamh. Cá
mhéid do-chonnaic sibh ag teacht chum aithrighe agus ag aistriughadh a
mbeatha mar gheall ar thinneas nó ar chinneamhain eile den tsórt sin?
Tar éis guais an bháis do chur társa, an rabhadar níos fearr <ná> roimhe
sin? Ar sheachnadar siocair nó ócáidí an pheacaidh? Cá bhfuil na
comharthaí leasuighthe thugadar uatha? Cá bhfuil an leoirghníomh agus an
sásamh do rinneadar i gcuid agus i gclú na comharsan? Nár leanadar an
tslighe chéadna bheatha do bhí roimhe sin aca? Nach rabhadar cionntach
ins na corthaibh céadna? Do bhíodar, gan amhras, agus do b'fhéidir níos
measa ar an uile shlighe ná riamh roimhe sin.



"Acht nach bhfuil Dia uile-thrócaireach," do ráidh lucht na droch-bheatha
agus na malluightheachta, "nó an chum sinn do dhamnughadh do
chruthuigh sé sinn? Nár fhulaing sé bás na croiche ar son na cine
daonna? Nach fonn leis an uile dhuine a shábháil?" Ó! is breagh an
t-aighneas é seo. Créad do tharaingeann lucht na malluightheachta agus na
droch-bheatha as so? Ag seo é: Go sábhálfar an domhan uile. Atá an
bunadhas sain go bith-chinnte i n-aghaidh ár gcreidimh; óir adubhairt
Íosa Críost féin i mbriathraibh fuirmeamhla so-thuigse go bhfuil dorus
na bhflaitheas cumhang, go bhfuil an tslighe eachrannach aimhréidh, agus
nach bhfaghann acht fír-bheagán amach í. Sgrúduighidh féin, a
chríostaidhthe, éifeacht na bhfocal sin. Anois, má luálann sibh dham
nach bhfaghann acht fír-bheagán


L. 75


de na peacthachaibh maitheamhnas i n-a bpeacaidhibh an uair a mbáis, tar éis
a mbeatha do chaitheamh go holc - nídh as éigin díbh d'admháil - ní fhuil
agaibh acht leithsgéal gan bhrígh le n-ar dóigh libh a bheith den bheagán úd
ar a mbéidh sé de shonas trócaire agus maithfeachas d'fhaghbháil le linn a
mbáis, tar éis a mbeatha do chaitheamh go holc. Acht ná cailleadh sibh bhur
gciall ag seasamh ar bharamhail neamh-dheimhneach den tsórd sain.
Fiafruighim díbh, créad an fáth 'n-a dtoghfaidhe sibhse roimh an oiread
sain de pheacthachaibh eile mar sibh?



Adéarfaidh sibh go bhfuil Dia trócaireach grásamhail, agus nach áil
leis bás an pheacthaigh. Atá sain deimhneach, agus is dár gcreideamh é.
Gidheadh, chum na trócaire ghlacadh in bhur gcéill-se, ní fuláir go
ndéarfaidh sibh go bhfuil Dia ain-cheart agus go maslóchaidh sibh an
creideamh; óir mara gcuirfidh sibh maitheamhnas na bpeacthach le linn an
bháis ar bun ar bith eile acht ar thrócaire Dé, gan féachaint dá cheart
ná dá fhírinne, ní fuláir admháil i n-éinfheacht libh go sábhálfar
na peacthaigh go hiomshlán. Gidheadh, ní fhuil annsin acht earráid fhollus
agus dia-mhaslughadh. Dá bhrígh sin, a chríostaidhthe, nach díthchéillidhe
an t-aighneas é seo do chuimhnigheann sibh? Nach truagh daille na
tuigse daonna? A dhearbhráithreacha, bíodh a fhios agaibh gur ab é an
t-andóchas atá agaibh i dtrócaire Dé go chuirfeas bun-ós-cionn oraibh í.
Créad é seo? An i dtaobh mar atá Dia trócaireach do léigeann sibh
srian le nbhur n-ainmhiantaibh, le nbhur gclaontaibh, le nbhur gcleachtaibh
gráineamhla sgannalacha? An i dtaobh trócaire Dé, adeirim, do ghabhann
sibh de chosaibh i n-a


L. 76


dhlighe agus i n-a aitheantaibh, nó do chuireann
sibh an aithrighe ar cáirde go huair an bháis?



Ag sin, a chríostaidhthe, go háirithe an tiobraid ó n-a dtigeann bhur
neamh-aithrighe agus bhur gcruadh-mhúinéalaighe.



Fá dheoidh, do ráidh lucht na droch-bheatha: "Dá mb'fhíor a n-abair
na soisgéalaidhthe ar an aithrighe do chur ar cáirde go ham an bháis, is
ar éigin do sábhálfaidhe aon duine amháin den domhan uile, de bhrígh
go bhfuil uimhir na bpeacthach atá ag feitheamh agus ag súil le haithrighe
a dhéanamh ar uair an bháis do-áirmhighthe." Is é Íosa Críost fein,
a dhearbhráithreacha, d'fhreagair roimh ré an cheist sin nuair dheimhnigh
sé dhúinn go bith-chinnte nach raibh san lucht toghtha acht fír-bheagán.
Ní bhéadh acht díthchéille damhsa a chur rómham freagra chomh soiléir
chomh so-thuigse sin do sgrúdadh. Acht adéarfaidh sibh fós liom: "An
féidir, de na peacthachaibh uile do lean droch-bheatha go huair a mbáis,
nach bhfuair aon duine aca maitheamhnas i n-a bpeacaidhibh ar an uair
dhéidheanaigh sin." Ní deirim-se nach bhfuaireadar cuid acu é, óir atá
somplaí againn leis, gé ró-fhánach iad. Gidheadh, adeirim fós libh
nach é amháin nach <bhfuil> siúráltacht ar bith, acht nach bhfuil
fuindeamaint ar domhan leis, agus go bhfuilid fátha an taoibh eile
diongmhálta, agus nach mór doi-fhreagartha. I n-aon fhocal, a
dhearbhráithreacha, cia fhéadfadh a chreideamhain go mb'fhéidir le duine tar
éis na meodhain eile do thug Dia dhó chum a shábhála do tharcuisniughadh, tar
éis seasamh amach go ceann-dána i n-aghaidh an oiread sain de thiodhlaicthíbh
beannuighthe do fuair sé, tar éis grása Dé do chur faoi n-a chosaibh,
na sacraimintí do thruailliughadh, cogadh osgailte do chur ar a Thighearna
Dia, tar éis tarcuisne thabhairt dá chomhachta, dá mhór-mhaitheas,


L. 77


agus dá thrócaire le mío-náirighe agus le ceann-tréine, tar éis neamhnídh
dhéanamh dá dhlighe, dá aitheantaibh, dá gheallamhnaibh, agus dá
bhagarthaibh, i n-aon fhocal tar éis neithe suaracha díombuana an tsaoghail
do ghrádhughadh agus do bhreith mar rogha roimh thobar an uile mhaitheasa,
roimhe n-a chruthuightheoir, agus rimh síorraidheacht na bhflaitheas, tar
éis ifrinn do thaisbeánadh agus do léir-sgrúdadh dhó chomh minic sin,
tar éis a spreagtha agus a ghríosuighthe chomh comhachtach sain - cia
chreidfeadh, adeirim, go mb'fhéidir le duine den tsórd so súil a bheith
aige le maitheamhnas d'fhaghbháil ar uair a bháis, agus cómh-roinn
d'fhaghbháil le clainn, le cáirdibh, agus le lucht toghtha an Tighearna,
ar shon gur i bhfeall nó i gan fhios tháinig an t-éagcruas déidheanach
sin air agus an t-arm i n-a láimh i n-aghaidh a Thighearna Dia? Fiafruighim
díbh, a chríostaidhthe, an mb'fhéidir libh nídh chomh mí-réasúnta so
do chreideamhain. Is dóigh liom, dá mbadh mhian libh a chreideamhain,
nár bh'fhéidir libh é, de bhrígh go ndaorfadh bhur gcogubhas féin sibh.



Anois, a dhearbhráithreacha, nach fuláir an trócaire 'chuardach agus
do lorg, agus, ar feadh an tsaoghail agus na sláinte an anma agus chum
aithrighe fhírinneach do dhéanamh? Is anois nach fuláir deagh-oibreacha
do dhéanamh chum glóire shíorraidhe d'fhaghbháil lá eile. Dá bhrígh
sin, a dhearbhráithreacha, cuiridh uile ó chroidhe bhur lámha chum oibre,
agus sin gan cháirde ar domhan. Ag seo guth Dé do bhur ngairm; ná
bíodh sé de mhío-ágh oraibh bhur gcluasa do stopadh air, ná bhur
gcroidhthe do


L. 78


chalcughadh i n'aghaidh.



Atá an aimsir gearr. Atá an uair dhéidheanach ag druidim linn, agus ní
fuláir dhúinn gluaiseacht ar an móimeint. Ní fhuil d'aimsir againn acht aon
bhliadhain amháin, aon mhíos amháin, nó do b'fhéidir aon lá amháin.
Má loirgeann sibh Dia ó chroidhe go fírinneach, geallaim díbh go
bhfaighidh sibh é. Leis sin, a dhearbhráithreacha, ná cuiridh sibh féin
i gcontabhairt a bheith lá eile ag caoineadh bhur mío-áigh agus bhur
mío-fhortúin gan tairbhe, ar nós móráin eile do mheall iad féin le
dóchas díthchéillidhe neamh-fhuindemeinteamhail aithrighe fhírinneach a
dhéanamh ar uair a mbáis, agus a bhfuil a n-éadóchas dá ndóigheadh agus
dá losgadh i dteine síorraidhe. Déanaidh, a chríostaidhthe, úsáid den
tsompla sain, agus glacaidh ciall ar chostas na muinntire úd. Ná léigidh
as bhur gcuimhne cad deir an Soisgéal ar na maighdeana amaideacha
díthchéillidhe úd dár tugadh diúltadh mar gheall ar mhoill móimeint na
huaire. Do éighmheadar agus do gháireadar go díomhaoin: "A Thighearna,
a Thighearna, léig isteach sinn." d'fhreagair iad nár bh'eolas dó iad,
agus nach raibh aithne ar bith aige ortha. Leis sin, a dhearbhráitheacha,
bíodh bhur soillse ar lasadh agaibh chum dul isteach go hionad an phósta
shíorraidhe, nídh d'iarraim-se dhíbhse agus dam féin. I n-ainm an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 79


B 1819ls 19T



SEANMÓIR A CÚIG.



AR AN nDOMHNACH



<Don seiseadh Domhnach déag tar éis na Cingcíse>.



Si licet sabboto curare



A<n> bhfuil sé dlightheach leigheas do dhéanadh don éagcórach ar an
tsaoire?



Sin an cheist do chuir ár dTighearna ar phrionnsa na bhFairisíneach nuair
bhí ag faire air chum é thabhairt cionntach i mbriseadh na saoire i dtaobh
a shláinte do chasadh ar an lobhar mbocht do bhí tinn leis an luibhse.
Do bhí a fhios ag ár Slánuightheoir go mbadh chleachtadh leis na
Iúdachaibh bheith ró-cheanamhail ar an leitir, gan suim go minic i
spioraid ná i substaint an dlighe; go mbadh chuma leo créad dhéanfadh an
taobh istigh dá mbéidís saor órduighthe leath-as-'muigh, agus go
mb'fhearr leo oibreacha na taidhbhse ná na trócaire. Leis sin,
d'fhiafruigh Críost go héifeachtamhail créad an díoghbháil do bhí san
míorbhail d'oibrigh, agus ní fhuaradar focal do rádh i n-a choinnibh.
Ar a shon sin, do rinne sé a ndaille agus a mailís do sgaipeadh le sompla
thairgsint. "Cia díbh," adeir sé, "do-chífeadh a bhí nó a chapall san díg,
thuigfeadh gur bhriseadh saoire é thógbháil nó d'fhuasgladh?". Annsin
do-chonnacadar i n-áit Chríost do bheith cionntach, gur ab ortha féin
do chuaidh an báire, óir is


L. 80


éasga do ghluaisfeadh sainnt agus saoghaltacht
iad chum fóirthin a mbeithidheach Dia Domhnaigh; agus badh mhian leo le
heagla peacaidh i n-aghaidh na saoire a gcómh-
chréatúir d'fhágbháil i dtinneas nó i n-anró.



Ó! nach truagh an creideamh nuair bhíos mailíseach, agus an
diadhantcht nuair bhíos fallsa bréagach. Is mairg leanann an sgáil agus
dhéanann dearmad den tsubstaint. Ná mealltar sibh, ar an ádhbhar sin, le
seoigh na subháilce, agus ná coimeádaidh an tsaoire chum a briste; óir
do b'é sin iomchar na nGiúdach, mar adeir Naomh Aibhistín: "Bídh
díomhaoin i suarachas agus ag raobadh na saoire ins na neithibh troma
choisgeann Dia orainn."



Tugaidh aire, a cháirde, nach bhfuil seo le casadh le go leor díbhse,
nach é an lá as naomhtha ann féin as damanta dhíobh. Bíonn sibh ar
siubhal ó Luan go Satharn gan aon smuaineadh, nach mór, ar an bpeacadh, agus
nuair thagann lá an Tighearna, nuair órduighthear saoirse ó
sglábhaidheacht an chuirp, nach baoghalach gur ab é lá fóghmhair an
diabhail é, lá sglábhaidheacht an anma? Óir ní haon rud briseadh na
saoire le haon obair i gcóimhmheas d'obair an pheacaidh, mar as é sin an
sglábhaidheacht tar sglábhaidheacht agus donas tar dhonas an tsaoghail.
Acht nuair déantar so agus súd, obair an pheacaidh agus an chuirp, an
féidir le Tighearna an Domhnaigh gan fearg do ghlacadh leis na daoinibh?
An féidir milleán do bheith air i dtaobh a ghrása do tharraing uainn,
agus mío-rath do léigean orainn istigh agus amuigh i dtaobh ár bpeacaidhe?


L. 81


Atá an aithne d'órduigheann an tsaoire chomh haosta le cruthughadh
an domhain féin; óir d'éis don Tighearna sé lá do chaitheamh le hobair
na cruinne, do stad sé an seachtmhadh lá, agus do naomhuigh sé é, ag
fágbháil sompla agus órdughadh ag an gcine daonna stad agus a suaimhneas
do ghlacadh an seachtmhadh lá, chum buidheachais do thabhairt le
Cruthuightheoir na cruinne, agus cuimhne do dhéanamh ar iomad a thabarthaistí
agus a thiodhlaicthí re naomhthacht. Tugadh, fóiríor! neamh-shuim san
aithne dhiadha so ar feadh dhá mhíle bliadhan agus breis, do réir mar
innsidh an starthóir léigheannta de threibh na nGiúdach, Phíló, agus
uime sin, do b'éigean do Dhia na gcomhacht ath-nuadhchan feirge dhéanamh
ar an aithne nuair shín clár an dlighe chum Maoise i lár na teine agus
na tóirnighe ar mhullach Sliabh Sinaí "Cuimhnigh," adeir an Tighearna, "ar
an saoire do choimeád (Ecs.xx.8); obair chorpordha ní dhéanfair innte.
Cuimhnigh (ar sé) mar do rinneadh dearmad roimhe sin di. Cuimhnigh mar as bás
agus breath do lucht briste an dlighe seo. Is í an tSabóid suaimhneas an
Tighearna. An té dhéanfaidh obair innte, cuirfear chum báis é." Agus go
fírinneach, badh ró-dhíreach iad na Giúdaigh ar an saoire, do réir mar badh
ró-chruaidh é díoghaltas Dé ar a briseadh. Léightear san leabhar dá
ngoirthear Uimhreacha (Caib.xv.32) - agus cia atá nach nglacfadh
baill-chrith ar n-a chlos? - go ndeachaidh aon de chlainn Israel, agus
iad ar an slighe go talamh na geallamhna, <a> chruinniughadh dorn spriosán ar
an saoire. Do rinneadh brágha de agus tugadh i láthair Mhaoise é, d'achtuigh
le hórduighadh Dé


L. 82


bás gan trócaire do thabhairt dó le gabháil de chlochaibh
air - nídh do rinneadh ar lár an bháin i radharc an phobuil.



Ó! a Dhia ghil, cia shílfeadh go ndéanfá a leithéid de dhíoghaltas?
Acht is tú féin do mheasann ceart, gan gábhadh cómhairle ó aon duine.
Níor fhoighidis craobh do chruinniughadh san tsaoire, agus an lá roimh rae
do b'é d'órdughadh dóithin an Domhnaigh den mhanna chnuasach (Ecs.
xvi.22). Ó! dar ndóigh, níor tháinig caitheamh id chomhachtaibh, ná smúit
ar do ghlóire ó laethibh an tSeinreachta; agus créad an chiall d'fhoighide
le briseadh an masla na saoire ins na laethibh seo? Atá sé ráidhteach go
mbuadhann trócaire Dé ar a cheart sin, acht atá a cheart do-chuimsighthe gan
teora; agus, dá bhrígh sin, nuair nach déantar sompla saoghalta ar an dtaobh so
den uaigh den pheacthach ghránna, ní féidir leis imtheacht saor ná
éalódh ó dhíoghaltas Dé i réigiún ar bith, nó i réigiún na síorraidheachta.
Ó chruthughadh an domhain go nuige reacht na gcríostaidhthe, is é an
Satharn, an seachtmhadh la, do bhíodh i n-a shaoire; acht ó aois na
n-abstal anuas, do ceapadh an chéad lá, an Domhnach, chum bheith i n-a
shaoire, agus is é ainm do ghoir an Teampall de, Lá an Tighearna, mar
ghlaodhas an Sgrioptúir (Taisb.i.10). Níor ghortuigh an t-aistriughadh
so substaint na haithne, mar nach bhfuil aon lá den tseachtmhain ó n-a nádúir
féin bun-ós-cionn le moladh agus seirbhís an Tighearna; agus mar as ar an
nDomhnach d'oibrigh Mac Dé míorbhailte móra éagsamhlacha ár gcreidimh
(is é sin, <a> eiséirghe ghlórmhar, túirling an Spioraid Naoimh, agus
fuirmiughadh a


L. 83


Theampaill), do-chonnairc an Eaglais, atá stiúruighthe le
Spiorad doi-mheallta Dé, go mbadh é lá do b'oireamhnaighe é chum
buidheachais agus moladh do bhreith leis.



Ós a chionn sin, ní raibh sé dathamhail sollamhain na gcríostaidhthe bheith
ar an lá gcéadna 'n-a mbíodh ag na Giúdachaibh, ó cailleadh a ndlighe
agus a ndeas-ghnáisí. Agus sin iad na réasúin le n-ar aistrigheadh an
tsaoire ón Satharn go Domhnach gan buain le substaint an treas aithne.
Do-chí sibh anois, a chríostaidhthe, ó chéill an nídh féin an
oibliogáid ghéar atá orainn an Domhnach do naomhughadh. Is é órdughadh
Dé agus na hEaglaise é. Is é custum gach aoise agus áite é. Is é
teagasg ár réasúin agus ár gcéille nádúrtha é. Is fíor gur ab le
Dia, mar adeir an fáidh, gach lá agus oidhche - tua est dies et tua est
nox (Sailm lxxiii. 16). Is é bheir cead agus cumas dúinn chum oibre le solus
an lae, agus is é d'órduigheann an oidhche chum tuirse do chur dínn, suaimhneas
agus codladh do dhéanamh. Is uaidh soillse na gréine, agus is uaidh sgamaill na
hoidhche. Is é chum an rae, thug deilbh don ghréin nó don spéir. Is é
las na réilte. Is é ughdar gach aimsire é, <is é> riaghluightheoir na
cruinne é. Is leis gach lá de rae ár mbeatha. Is é thugann <an> Mháirt
agus an Chéadaoin, agus is leis gach lá den tseachtmhain; acht is leis an
Domhnach go speisialta le haghaidh a onóra féin.
Is ceart, ar an ádhbhar sin, Dia do mholadh gach lá, acht is ceart go
háirithe é mholadh ins an tsaoire. Atá sé dleaghthach sé lá chaitheamh
i gcúram na colna, agus nach


L. 84


<bhfuil> sé réasúnta an seachtmhadh lá
bhronnadh ar ghnóthaibh d'anma agus onóir an Tighearna?



Nach bhfuil sé réasúnta i gcionn na seachtmhaine cunntas do dhéanamh ar
an slighe chaithis í, agus má's go holc, párdún d'iarraidh, má's go maith,
Dia ghuidhe chum bheith buan ar staid na ngrás gach lá agus seachtmhain, mí
agus bliadhain ded shaoghal.
Anois, cionnus as féidir leis an muinntir dhéanann lá saoghalta den
Domhnach é bhronnadh ar an anam ná ar Dhia agus, mo thruagh é le rádh!
nach baoghalach go bhfuil go leor mar sin? A fhiadhnéidh seo ar ár ndeis
i réidhleán an mhargaidh, ar fhuaim na gcarráistidhthe, ceol bóthair ag
capallaibh agus trucailíbh, gan trácht ar chéad slighe eile 'n-a ndéantar
raobadh don tsaoire le hobair chorpardha.
"Sé lá," ar Dia, "béir ag obair, agus déanfaidh tú an méid atá
uait ionnta; acht, an seachtmhadh lá, le suaimhneas onóir do Thighearna.
Ní dhéanfaidh tú aon obair, ceachtar thú féin, ná do mhac, ná d'inghean,
ná do sheirbhíseach fir nó mná, ná do bheithidheach, ná an strainséar
atá fá mhúr do thighe". Cad é an chiall? Atá, mar nuair do rinne
an Tighearna a oibreacha ar feadh sé lá, an seachtmhadh lá do ghlac sé a
shuaimhneas; sin an chiall 'n-ar bheannuigh an lá sin agus 'n-ar órduigh
díbhse a naomhughadh. Sin iad focuil na fírinne, na cirínn a cosgadh gach nídh
dhéinimíd na doirfeadh a dhaoradh, an é chuirionn ar maidin laé saoire
le teachtaireacht sáoghalta a mhac soir agus a bhuachuill siar, a chailín
a iongíon nó a chapall no iad go léir a sodar go nuige an maraga, agus
é fein gan


L. 85


irriachtain gan beócht na stróinse gan chrich gan chreidiom na
ndiaigh ... Coimeádann laethionna fógartha ceann d'aithionntuibh na
hEaglaise. Chuige sin adeir Naomh Austín ní shiubháil gan obair do
dhéanamh, do chonarcamair agus dairígheamar morán ar naomh aithreacha an
séismheadh confes: paris; co chailleadh i láthair deasga brise na
saoire, roinn dá mhasla neól marbh le tóirnnig; roinn treasgartha gan
lúth a gnámh agus roinn eile loisgithe na luaithreán idir chorp agus uile
le caoruibh dearga, gan mórán eile somplúighe critheaglacha do bhí agus
atá na naitheanntar fearg Dé, a ttaobh masla an lae oirdeirc si.



Atá sé follus as a ndubhramar gur chéim mór riachtanais do-bhéarfadh
ar dhuine an tsaoire do bhriseadh le haon obair chorpordha. Acht,
mar nach dtéidheann dlighe ar an riachtanas, agus mar as don duine do rinneadh
an tsaoire, agus nach don tsaoire do rinneadh an duine, ní
chosg<f>aidh Dia orainn (mar as é Dia na trócaire é) oibreacha áirithe
carthannacha trócaireacha d'iarrann go dian ceachtar ár ngábhadh féin nó
gábhadh na comharsan. As sin is féidir le cead uachtaráin nó sagairt na
paróiste an fóghmhar féir nó arbhair do shábháil d'éis aifrinn
Domhnaigh nó lae saoire, nuair do bhéidh i bhfíor-chontabhairt a chaillte.
Nó ag déanamh cabhartha thabhairt ar dhuine thinn, nó i bhfeighil tighe
agus áite, má chaitheann an lá go naomhtha san mbaile, atá saor. Agus
cé nach raibh sé ceadaightheach do na Iúdachaibh biadh an Domhnaigh
d'ollamhughadh (óir chaithidís an manna do chnuasach an lá roimh ré),
ní fhuil sin coisgthe orainne i reacht Chríost, mar as milse agus is
éadtruime é ár n-ualach. Is féidir gnótha suaracha an tighe agus na
cistean do dhéanamh gan sgrupall, acht nuair do dhéanair ionad coinne leis
an nDomhnach chum barra spár gnótha


L. 86


na seachtmhaine do léiriughadh, sin é
an áit a bhfuil an mhailís, an t-olc, agus an peacadh.



Acht tugaidh fá ndeara arís, gé go gcosgann Dia obair chorpardha, nach
le haghaidh díomhaoinis cheap sé an tsaoire; óir is fuath air gach aon
neamh-fhonn agus leisge agus díomhaointeas, mar as é sin, adeir Naomh
Biornard, "bás an anma agus máthair-áil gach uilc." Is é a thoil, dá
bhrígh sin, go mbéadh obair anma ar siubhal Dia Domhnaigh, do réir mar do
bhí obair na colna ar feadh na seachtmhaine, agus go dtabharfaidhe an tsaoire
d'obair spioradálta mar tugthar an Luan nó an Mháirt d'obair chorpardha.
I measg gach obair spioradálta atá indéanta atá aon cheann amháin
nach féidir le haon Chatoilice gan géir-riachtanas diúltadh dhó ar an
saoire .i. éisteacht an aifrinn, ar as é gníomh as uaisle agus as
iomshláine do bhaineann le <n>-ár gcreideamh é, gníomh chomh naomhtha le
bás ár Slánuightheora, gníomha áirithe Dé, gníomh trócaire agus
buidheachais an pheacthaigh; óir déantar leis aith-íodhbairt don Athair
síorraidhe ar ár son agus ar son ár bpeacaidhe. Agus is as sin adeir
na diadhairí d'aon fhocal, an té chailleann aifreann le n-a chionnta féin,
go bhfuil sé cionntach i bpeacadh mharbh, mar do bhriseann i nídh
suimeamhail ceann d'aitheantaibh Dé nó na hEaglaise.
Iarraidh Dia orainn an Domhnach do naomhughadh, agus iarraidh an Teampall
orainn aifreann d'éisteacht. Ní leor, ar an ádhbhar <sin>, leath-uair do
chaitheamh ag éisteacht aifrinn chum na saoire do naomhughadh, do réir


L. 87


mar nach leor leath-uair ag obair chum lae dhéanamh.



I n-éaghmais aifrinn, dá bhrigh sin, ní fuláir roinn mhór den lá do
chaitheamh le diadhantacht, le hurnaighthe, le heaspairt, le leabair chreidimh,
comhairleacha naomhtha diadhanta, a obair naomhtha féin do gach n-aon mar
oireas, an teagasg críostaidhe, lóghadh, an paidrín páirtech srl.
Sin mar as ceart an Domhnach do chaitheamh, agus, mo thruagh le rádh!
nach fánach an té chaitheann é mar as cóir? I n-áit sgím maise an
anma shaoradh, le sgrios an pheacaidh, nó taidhbhse, agus mórdháil, agus
bláith bréige na colna as obair don dá leor an lá naomhtha so. I n-áit
dícheall do dhéanamh ar Dia dá bhfeicsint glan saor leath'stigh, bíonn na
mná óga ag iarraidh bheith niamhrach deagh-fhaicseanta leath-as-'muigh,
deas taithneamhach don tsaoghal agus dá phrionnsaíbh, gránna fuathmhar i
láthair a mbreithimh agus a máighistir. I n-áit culaidh agus brat na
haithrighe, i n-áit disgréid agus uaigneas naomhtha, nach bhfaighaimíd
brat uaibhrach na taidhbhse go héagsamhail ag gabháilt tar bhrághaid, nach
n-airighmíd ceol agus gearán na sluaighte, óg agus aosta, <ag> caitheamh
aimsire le chéile go díomhaoin ar bhruach an pheacaidh? Is fíor créad
adubhairt Criosostom i n-a laethibh, gur ab mó d'earráid agus d'olc
déantar ar an lá naomhtha so ná an chuid eile den tseachtmhain go léir.
Óir do-chímíd, fóiríor! go ndéantar ionad


L. 88


coinne leis chum gach droich-bheart do chur i ngníomh.



Nach minic an ceárdaidhe nó an sglábhaidhe <ag feitheamh> leis an
nDomhnach chum Dia d'onórughadh le n-a meisge, chum é ghuidhe le n-a
n-easgaine, chum é bhuidheachasughadh le deasgadh dícheille!
Is baoghalach go ndeachaidh an sgríbhneoir amudha annseo.
Seo iad na focal do sgríobh sé: "Óir do-chímíd fóríor go ndéantar,
an ceárduíghe no an sglábhuíghe, ionad cuinne leis chum gach droichbheart
do chur a ngníomh nách minic an ceárduíghe nó an sglábhuighe ris an
ndomhnach srl."
Ó! ní hiongnadh mío-rath do bheith ar an seachtmain i n-a chionn,
agus luach a sláinte agus cothughadh a muinntire do sgaipeadh le diablacht an
Domhnaigh ag tabhairt sgannail dá gcomharsain agus aithise do Dhia,
bochtaineachta dá muinntir, agus ifrinn na ndeamhan dóibh féin.
Seo mar atá san láimhsgríbhinn: "ag tabhairt do Dhia sganuill agus
aithisi agus dá ccómarsuin .i. aithis do Dhia agus sganuill na ccómharsuin,
boichtineacht dá muínntear agus ithfrionn na ndeamhain dóibh féin.
Do b'fhéidir an nidh do rádh le peacuigh áirighthe le neart Aug. go mo lu
dhibháil dóibh fuail agus faithin ná damhas agus rinnce".
Ní beag a ndubharthas, a chríostaidhthe mo chroidhe, chum sibh go
ghluaiseacht chum obair <cráibhtheach> gach lá agus go speisialta ar an
saoire. Ná déanaidh aon rud bun-ós-cionn ins an tsaoire, obair an chuirp
ná obair an pheacaidh. Ná bídhidh díomhaoin suarach. Ná bídhidh ag
guidhe go faillightheach ins an aifreann, ná nuair as am bhur muinntire do
chruinniughadh chum urnaighthe an Phaidrín Pháirtigh, nó a mhalairt.
Ná faghthar sibh i dtigh bhur gcomharsan ag cainnt go díomhaoin, agus do b'
fhéidir go neimh-cheart; ná ar an sráid <ag> fonómhaid sgige; ná ar
bhóthar ná cheithre rian <ag> lorg sgéalta nua; ná


L. 89


ar chnocán an tsúgraidh <ag> spaisteoireacht agus <ag> caitheamh aimsire go
peacamhail.



Acht ag cuimhneamh ar bhur ngaol le Dia, ar luach bhur n-anma, ar nimh an
pheacaidh, onóruighidh lá an Tighearna mar as cóir, an óige ag imtheacht
leis an aois i ndisgréid, deagh-shompla, agus beannuightheacht; agus ar ball
nuair dheighilfidh an bás sinn ó earráid agus ó dhíomhaoineas an
tsaoghail mheabhlaigh seo, béimíd i gcompórd agus i suaimhneas na saoire
síorraidhe, i seilbh Dé san nglóire. Bíodh mar sin.


L. 90



Seanmóir a Sé.
Ar Phurgadóir.



Don aonmhadh Domhnach fichead tar éis na Cingcíse.



An tan do ghlac an Tighearna fearg do thoirbhir sé é do lucht a phianta
nó go ndíolfadh sé a fhiacha go hiomshlán. - Matha xviii.34



Ní gan adhbhar ró-cheart, a chompánaigh, le honóir Dé agus a thighe
do chosain, do rinne Mac Dé sgiúirsí géara cruaidhe de chórdaíbh
caola cnáibe ler dhíbir sé amach as tigh Dé lucht na saoghaltachta, an
díl, agus na ceannuightheachta. "Do chuir sé," adeir Naomh Eoin, "amach
iad uile as an dteampall"(Eoin ii.2). Má's uathbhásach an nídh é tuitim i
lámhaibh Dé Uile-chomhachtaigh i n-ár mbeatha ar an saoghal so, mar adeir
Naomh Pól linn (Eabh. x.31), is uathbhásaighe ná sin go mor tuitim i n-a
lámhaibh san tsaoghal atá rómhainn, an áit a nglacfaidh sé airm agus éadaighe
feirge, díbhfeirge, agus díoghaltais Dé air, an áit a dtarraing<fidh> sé amach a
chlaidheamh faobhrach líomhtha géar de dhá fhaobhar a cheart, agus a
dtógfaidh sé suas a lámh chomhachtach le sgiúirsíbh tinntidhe
uathbhásacha, déanta fighte, ní de rópaíbh feasta, ní de chórdaíbh
ná de shlataibh, acht le lasrachaibh faobhracha


L. 91


craos-mhóra, chum lucht na ndubháilce do phianadh ar an uile thaobh go
ró-dhian, gan truaigh taise ná trócaire.



Atá fios na fírinne seo go maith ag na hanmannaibh cráidhte úd atá
indiu, do réir órdughadh Dé uile-chomhachtaigh, dá sgiúrfadh, dá
bpianadh, dá gciorrbhadh, dá gcartadh, dá gcarnadh i n-uamhaibh dorcha
bréana salacha phurgadóra, chum sásaimh do thabhairt do cheart Dé ar
son ach fuigheall peacaidh dá ndearnaidh siad riamh i n-a mbeathaidh agus
do maitheadh go trócaireach dóibh (ag labhairt ar an gcoirtheoir) le
brígh na haithrighe agus na faoisdine do rinne siad - sul fá bhfeicfidh
siad gnúis Dé i ríoghacht na cathrach neamhdha le haoibhneas glórmhar
síorraidhe i gcuideachta na n-aingeal, agus na naomh. "Ní rachaidh," mar
adeir an t-Abstal, "nídh ar bith salach innte isteach"(Taisb.xxi.27), agus
ins an am a bhídh na hanmnacha bochta beannuighthe so dá sgiúrsadh, dá losgadh,
dá róstadh, dá ndóigheadh go nuige an smior agus smaois a mbeatha, dá
dtiompughadh ag lucht a bpianta le fíoch, fuath, agus námhdachas ar
ghreidealachaibh earga tinntidhe na teine craosaighe le gabhlaibh
ró-nimheamhla rinn-gheára na bpianta móra troma searbh úd, ní fhuil
árthach do dhíon, do sgéith chonganta ná comhraighe aca, ach bheith ag
gárthaigh gan stad gan sgíth, ag sgreadaigh, ag gol agus ag géar-chaoineadh
de ló agus d'oidhche as


L. 92


na huamhaibh bréana dorcha doimhne úd phurgadóra
chum a ndaoine muinnteardha, a gcarad, agus a lucht gaoil fola agus feola,
a lucht aithne agus eolais d'fhág siad i n-a ndiaidh ar an saoghal so, ag
iarraidh trócaire do dhéanamh ortha i lár aibhéise na bpian mór searbh
úd, agus so le n-a nguidhe, le n-a dtrosgadh, le n-a n-urnaighthibh chum Dé
ar a son.



"Bíodh truagh agaibh dom," adeir Iób Naomhtha, "bíodh truagh
agaibh dam, go háirithe sibhse, a cháirde, mar do bhain lámh an Tighearna
liom"(Iób xix.21). "Ó! créad é mar chomhartha geana agus grádha nár
thaisbeáin sibh dam," adeir anam bocht i bpurgadóir, "in mo bheatha ar an
saoghal so? Ó! is anois an t-am agaibh le ró-mhéid bhur ngeana agus bhur
ngrádha do thaisbeáin dam; go háirithe, bíodh truagh agaibh dom, óir atá mé
ar mo uile thaobh dom losgadh i lár na lasrach móire seo, chum sásaimh do
thabhairt do cheart Dé ar son fuigheall mo pheacaidhe. So an t-am agaibh
sibh féin do thaisbeáin mar cháirdibh agus mar dhaoinibh muinnteardha go
fírinneach. So aimsir na cruadhála, seo aimsir an riachtanais."
Ionnus go maothóchaidh do chroidhe, a chompánaigh, chum truaighe do
dhéanamh do na príosúnachaibh naomhtha so, tráchtfaidh mé leat ins an
ghearr-chomhrádh so ar dtúis ar shearbhas na bpian mór so atá ar na
créatúiríbh beannuighthe seo ins an áit tinntidhe dhorcha so agus atá
go doimhin do-fhuiling; i n-a dhiaidh sin, ar an éagcaoineadh do-ghníd
siad ar a ndaoinibh muinnteardha nach nguidheann Dia ar a son; agus faoi
dheireadh, do-bhéarfaidh mé fios duit créad mar as féidir leat


L. 93


furtacht do thabhairt dóibh.



Tabhair, a charaid, fá deara go grinn mo bhriathra ar an gcuspóir
ró-thruaighmhéileach so, agus bíodh cuimhne i gcomhnaidhe agat ortha.
Tuig, a chompánaigh, go bhfuilid trí sóirt sgiúrsa ann le n-a
sgiúrsann Dia Uile-chomhachtach na peacthaigh. Atá mórán sgiúirsí,
adeir Dáibhíd, ag Dia le haghaidh na bpeacthach; acht is féidir a
dtabhairt go huimhir a trí. An chéad sgiúirse, atá sé síorraidhe;
an dara sgiúirse atá sé aimseardha; agus atá an treas sgiúirse
marbhthach. Leis an gcéad sgiúirse sgiúraidh Dia i n-ifreann na bpian an
uile duine do-gheibh bás i n-a pheacaidhibh marbhthacha gan aithrighe gan
faoisidin do dhéanamh ionnta, an áit a n-iompuighthear na créatúirí
damanta ar rothaibh nimhe na síorraidheachta, chomh fada is do bhéas Dia
i n-a Dia, gan chríoch gan laghdughadh go bráth. Is sgiúirse é seo do
líonas, mar adeir an fáidh linn, - mar nach stadann go bráth, - díle
ró-dhian na bpianta troma searbha síorraidhe úd, do bheith ag líonadh ortha
le fuarlaigh, le tonna craosacha dearga den uile shórt boichteacht agus
cráidhteacht ar ar féidir le tuigsint na ndaoine nó na n-aingeal
smuaineamh. Leis an ara sgiúirse tuigthear annso ach buaidhreadh, gach
trioblóid, gach teinneas, boichteacht, nó cráidhtecht d'fhuilingeann Dia
do theacht orainn i n-ar mbeatha ar an saoghal so; "agus má ghlacann na daoine
go foighdeach iad, agus go gcuirfid a dtoil le toil Dé, ní sgiúirsí iad,"
adeir Naomh Aibhistín linn, "acht maith mhór agus grása." Leis an treas
sgiúirse, dá ngoirthear sgiúirse mharbhthach, tuigthear gach pian agus
pionós do-mhínighthe


L. 94


do chuireas Dia ar anmnaibh naomhtha phurgadóra, an áit a
gcongbhann sé iad ar feadh aimsire i bpríosún na teine tinntidhe úd atá
ann, dá sgiúradh, dá nighe, agus dá nglanadh ó ach sal, smál, agus
salchar peacaidh dá ndearnaidh siad riamh i n-a mbeatha, nó go dtreoruighidh
sé leis iad, faoi dheireadh, glan soillseach suas ar sleamhnán trí
shráideannaibh na cathrach neamhdha isteach go sgathán na Tríonóide.
Is ionann an teine le n-a loisgthear an duine damanta agus le n-a
nglantar; as sin is ionann neart agus brígh don dá theine seo. Ní fhuil
de eidir-dhealbhadh eatorra acht go bhfuil sí síorraidhe i n-ifreann, ag
losgadh na n-anam ndamanta, agus aimseardha .i. ar feadh aimsire áirithe
ag glanadh na n-anmann mbeannuighthe i bpurgadóir. Agus ar son go
n-iompuigheann an teine shaoghalta so atá againn i n-ár dtighthibh, leis an
neart nádúrtha do thug Dia dhi, an uile nídh do loisgthear léi i n-a
luaith agus i n-a luaithreán; go n-itheann sí, go gcaitheann sí le n-a
géire na cnuic, na carraigeacha agus na sléibhte, na coillte foltacha dorcha
agus na clocha cruaidhe; go leigheann sí an uile shórt miotail leis an
mbrígh nádúrtha do thug Dia dhi; ní fhuil acht sgáile teine innte seoch
an teine úd atá indiu ag róstadh agus ag dóigheadh na n-anam naomhta i
bpurgadóir. Atá an phian so na teine tinntidhe úd, i n-éinfheacht le gach
péin mhóir dhoimhin eile atá ortha, dá gcrádh chomh mór sin gur truime
innte féin í, agus go bhfeicfear dóibh sin í do bheith mar sin, ná pianta
uile an tsaoghail mhóir seo go hiomshlán; agus dá gcuirfidhe fós an méid
pianta do bhí riamh ann, ó thúis an tsaoghail in gach aois de, i
n-éinfheacht le méid atá anois ann agus


L. 95


do bhéas go deireadh an domhain, i n-aon phéin amháin, is mó an phian so na
teine as lugha atá ar an anam mbocht i bpurgadóir ná iad uile.



"Níor smuaineadh," adeir Naomh Aibhistín, "i gcolainn daonna ar a leithéid
de phéin riamh."



Cuirim an cás, a chompánaigh, go bhfeanfaidhe beo thú le sgeanaibh
géar-fhaobhracha, mar do rinneadh le Naomh Partolán; nó go ndéanfaidhe
criathar poll ded chorp le gathanna géara, mar do rinneadh le Naomh
Sabástan; nó go róstfaidhe tú ar ghreidil dheirg thinntidhe, mar do rinneadh
le Naomh Labhrás; nó go dtairngeochthaoi do bhaill i n-a
bpíosaíbh beaga as a chéile le teanchairí cruaidhe, mar do chuireadar na
págánaigh rómpa a dhéanamh le Molaise Naomhtha; nó go n-iompóchthaoi
thú ar rothaibh móra de bhéadh lán ar an uile thaobh de sgeanaibh
faobhracha, mar do chuireadar náimhde an chreidimh rómpa a dhéanamh le
Naomh Caitríona, agus go bhfuilingeochthá an méid pianta eile le n-a
dtiocfadh leis an dtuigse dhaonna as líomhtha géire dá dtáinig riamh
smuaineadh orra; ní fhuil ionnta uile acht sgáile pian seoch na pianta
móra atá ar an anam bocht i bpurgadóir. "Do sháruigh sí an uile phian,"
adeir Naomh Aibhistín, ag labhairt ar theine an tighe seo na bpian,
"d'fhuiling duine ar bith san tsaoghal so." Ó! cad é uathbhásaighe na
háite úd? So áit tinntidhe Bhaibilón, níos uathbhásaighe go mór ar
bhárr lasrach le caorthaibh tinntidhe ná fúirnéis an fháidh Domhnall,
i n-a bhfuilid na hanmnacha naomhtha dá losgadh gan foras do réir órduighthe
an Aird-ríogh. So an áit purgadóra, adeirim, dá ngoirthear


L. 96


an soitheach rúindiamhartha, i n-a bhfuil Dia ag glanadh na n-anmann
mbeannuighthe mar ór san teine, le n-a ndéanamh cumhra glan soillseach faoi
dheireadh i n-a láthair féin.



So áit na bpianta móra troma searbha, an príosún dorcha bréan i n-a
bhfuilid na hanamnacha beannuighthe i ngéibheann, dá sgiúradh go dian gan
truagh ag lucht a bpianta ar feadh aimsire, mar d'órduigh Dia é. Faoi
dheireadh, ní fhuil acht ifreann aimseardha ins an áit dá ngoireann ár
Naomh-Eaglais purgadóir, i n-a bhfuil an teine fhaobhrach fhíochmhar
ghéar chraosach ag losgadh, ag róstadh agus ag dóigheadh na n-anam mbocht,
ag dul fútha, tríotha, agus társa le bárr péine agus doilgheasa. Ó!
a charaid, créad é uathbhásaighe na háite úd?
Agus créad a thruime 'chomhachtaighe na lámha atá ag Dia d'fhaduigheas
agus ghníos teine phurgadóra timcheall na n-anam mbocht! Ó! atá mé
go cruaidh, gan truagh gan suim ionnam," adeir anam an athar nó na máthar
do chuaidh rómhat, "am phianadh, am chrádh, agus am losgadh ar an uile
thaobh díom 'mar do bhain lámh an Tighearna liom'," adeir Iób Naomhtha
linn (C.xix.21). Is ró-iomadamhail mór uathbhásach na pianta troma searbha
ler sgiúir Dia clann na droch-chomhairle, líne ar líne anuas ó chruthughadh
an tsaoghail in gach aois de go nuige an aois seo i n-a bhfuilmíd. Ní
luaithe do pheacuigh Ádhamh, ár sinnsear, ná do dhíbir Dia é amach as
Parrthas an aoibhneasa ins an ngleann so na ndeor (Gen.iii.23).
Nuair do bhrosluigh síol Ébha agus Ádhaimh Dia chum feirge i n-a
n-aghaidh le n-a ndroch-ghníomhartha, do


L. 97


bháthuigh sé iad le díle na bhflaitheas, leath
amuigh de bheagán do sábháladh le Noe Naomhtha ins an áirc (Gen.
xix.24).



Do loisg sé cathair na Sodoma agus na Gomorra le ceathannaibh teine as na
flaithis. Do chuir sé sluagh d'athrachaibh nimhe beo teine i measg an
phobail Eabhra nuair do pheacuigheadar i n-a aghaidh ins an bhfásach, ar
a n-imirce ón Éigipt chum talaimh na geallamhna (Uimh.xxi.6-9). Ó! cad é
an bhroid bhocht chráidhte i n-a raibh an pobal an uair seo dá bpolladh, dá
losgadh, dá marbhughadh, agus dá milleadh ag na hathrachaibh nimhe seo?
Nuair do luighidís i n-a leapthachaibh, do thuiteadh cioth díobh i n-a measg.
An tan do théididís chum bídh d'iompuigheadh a gcuid bídh i n-athrachaibh
nimhe ós comhair a súl. Do-chídís beo ar bhárr lasrach ag iomlait i n-a
gcuid dighe iad, ag léimnigh ortha, dá gcasadh féin i n-a dtimcheall agus
dá bhfásgadh chum báis. Do thug sé ar an dtalamh sgoltadh agus Dátan
agus Aibíron do shlogadh i n-a chraos dorcha doimhin (Uimh.xvi.31), agus
do sgiúir sé go minic na droch-dhaoine, in ach aois den tsaoghal do tháinig
fós, mar gheall ar a ndroch-ghníomharthaibh, agus so le gaoith a anála amháin,
mar adeir Iób linn (iv.9).



Má bhíodar, mar sin, ná sgiúirsí seo chomh trom-dhíoghbhálach,
chomh tinntidhe agus do bhí siad, mar do-bheirthear síos dúinn, agus nach
cuirthear le prionnsa na foighde, Iób, iad acht i gcosamhlacht le gaoith
bhig éadtruim anála Dé, Ó! goidé truime, díoghbháil tinntidhe,
uathbhásaighe na bpianta móra úd do thig ó láimh thruim chomhachtaigh
Dé uile-chomhachtaigh, mar atá, pianta searbha purgadóra? "Do bhain
lámh an Tighearna liom,"


L. 98


adeir go truaghánta an t-anam bocht ann.



Ó! ní féidir le tuigse na ndaoine uile a míniughadh. Ar an ádhbhar so,
do ghuidh Iób an Tighearna go dúthrachtach a lámh do chongbháil uaidh ins
an tsaoghal do bhí le teacht, agus a tromughadh air ins an tsaoghal so i
n-a raibh sé: "congaibh do lámh," adeir sé," i bhfad uaim" (Iób
xiii.21). Ní headh amháin go bhfuilid pianta móra i n-a
gcéadfadh ag crádh na n-anam naomhtha i bpurgadóir, acht fós, an phian easbadhach, is é sin, gan
gnúis Dé d'fheicsin ar feadh aimsire. Is mó go mór leo í so ná a
bpianta uile. Atá fhios aca go bhfuil gean ag Dia ortha, agus do-gheibh siad
ins an am gcéadna iad féin dá bpianadh aige. Atá a gcroidhtheacha dá
gcrádh le hainmhian chum gnúise Dé d'fheicsin, agus do-chíd siad go
dtugann sé cúl ar feadh aimsire leo. "Goidé an fáth," adeir an t-anam
bocht go deoranta le Dia - "créad fá bhfoluigheann tú d'aghaidh orm agus
a saoileann tú gur námhaid duit mé" (Iób xii.24). "Ó! a chompánaigh d'fhág
mé im dhiaidh ar an saoghal," adeir fós anam naomhtha i bpurgadóir, "guidh an
t-Ard-rí chum trócaire do dhéanamh orm, agus a ghnúis ghlórmhar do
thabhairt le n-a feicsin dom i gcúirt na n-aingeal agus na naomh."



Ní fhuil 'árthach do dhíon ná do chomairce ag na hanmannaibh bochta
úd purgadóra i lár aibhéise na bpianta móra atá ortha sa phríosún
dorcha ró-dhoimhin úd, acht bheith ag gárthaigh gan stad anois ó
fhréamhachaibh a gcroidhtheacha chum a ndaoine muinnteardha, a gcáirde, a
n-aithreacha, a máithreacha, a ndeirbhshéaracha, chum <a> lucht gaoil fola
agus feola, a gcompánacha, a lucht


L. 99


aithne agus eolais, ag iarraidh congnaimh, cabhartha, agus furtachta ortha.



"Bíodh truagh agat dom," adeir Iób, "go háirithe sibhse, a cháirde,
mar do bhain lámh an Tighearna liom." "Ó! a mhic," adeir an t-athair
cráidhte ins an áit seo an bpian, "cá bhfuil gach geallamhaint mhaith do
thugais dam go milis-bhriathrach riamh in mo bheathaidh go mbéadh cuimhne
agat orm tar éis bháis? Ó! cad é an saothar nár ghlac mé, cad é
an t-allus nár chuir mé, goidé an buaidhreadh nach ndeachaidh mé tríd
chum d'fhágbháil saidhbhir im dhiaidh ar an saoghal? Agus anois atáim
am phianadh i lár na lasracha móra so, mar do thug mé mío-shásamh mór
do Dia, agus mar do chuir mé leathtrom fós ar mo chomharsain mar gheall ar
thusa d'fhágbháil sásta saidhbhir im dhiaidh. Cá bhfuil an gean agus
an grádh badh chóis duit ó cheart do bheith agat orm?
Féach anois ar d'athair bocht cráidhte dá losgadh, dá róstadh, agus dá
dhóigheadh mar gheall ortsa, agus ní bhéarfad air braon d'uisge na hurnaighe,
na déirce, an trosgaidh, ná na carthannachta do shíneadh chugam chum
fuaruighthe nó fuasgladh d'fhaghbháil ó na piantaibh móra so."
Ar an modh gcéadna bhíd na máithreacha bochta i bpurgadóir ag
gearán ar a gcloinn mhac agus inghean. "Ó! créad a liacht crádh," adeir
an mháthair chráidhte, "bochtaineacht agus saothar, teinneas agus leathtrom
do fuair mé riamh do bhur n-iomchar ar feadh naoi míosa in mo bhroinn, bhur
mbreith don tsaoghal, bhur n-oileamhain, bhur leasughadh, agus bhur
lánmhúineadh? Agus anois ó d'fhág mé bhur radharc ní fhuil cuimhne agaibh
ar nídh ar


L. 100


bith dá ndearnaidh mé, dá ndubhairt mé, nó dár fhuiling
mé riamh ar bhur son, ná beann agaibh ar furthacht ar bith do thabhairt dam
le n-a bhfuighinn fuasgladh as aibhéis na bpianta móra troma searbha so."



"Cá bhfuil," adeir an bhean phósta leis an gcéile do bhí aice," an cúram
mór do bhí agat im thimcheall? Cá bhfuil an lasair ghráidh agus geana
do bhí agat orm? Cá ndeachaidh an doilgheas agus an dubrón nó an ghruaim
do bhí ort an tan do bhí mé tinn nó faoi leathtrom? Ó! do chuaidh mé
as do chuimhne mar nach bhfeicfeá mé riamh. Ní fhuil, a chompánaigh
mhío-nádúrtha, áird agat ar mo fhuasgladh as an bpríosún dorcha doimhin
seo, agus m'fhuasgladh ar do láimh dá gcuirfeá tú fein ar staid na ngrás
agus Dia na trócaire do ghuidhe ar mo shon."



Mar seo bhíd ar an dtaobh eile na fir go deoranta ag gearán ar na
mnáibh pósta, an chlann ar na haithreachaibh agus ar na máithreachaibh, ar
na cáirdibh, ar na daoinibh muinnteardha, agus an uile dhuine ar a lucht
gaoil agus ar a gcompánaibh, mar nach bhfaghann siad cabhair ar bith i dtigh
na bpian uatha. "Agus d'oil mé clann agus do thóg mé iad," adeir an fáidh
Isaisa, "agus do thug siad dí-mheas orm" (Isaias i.2).



Is géar cruaidh an gearán so do-ghníd na haithreacha agus na máithreacha
bochta do chuaidh rómhainn i mbealach an bháis, leis na briathraibh úd an
fáidh le Dia, ar an gcloinn d'fhág siad 'n-a ndiaidh ar an saoghal, mar atáid
siad bodhar <agus> nach áil leo a chloistint chum furtacht do thabhairt dóibh
ins an áit tinntidhe úd i n-a bhfuilid siad gan sosadh dá bpianadh.


L. 101


Ó! a chlann mhío-nádúrtha, créad an nídh do bhí d'easbaidh oraibh
nach bhfuarabhar ó bhur n-aithreachaibh bochta i n-a mbeatha?
Ó! créad an bealach nár thaisbeán siad a ngean agus a ngrádh go moch
agus go mall daoibh? Cad é an nídh nach ndearnaidh siad agus nár smuain
siad ar a dhéanamh díbh? Cad é an saothar nár ghlac siad nó an
chontabhairt nach ndeachaidh siad tríthe le hallus a ngruadh agus a
gcroicinn ar bhur son i n-a mbeatha? I n-aimsir a mbáis, Ó créad iad
na deora searbha guil agus na hosnaidhe troma ó chroidhe agus ó chliabh ler
ghuidh siad sibh chum cuimhneamh ortha i ndiaidh a mbáis? Agus cia agaibh
do chuimhnigheas ar nídh ar bith dhíobh so? Cia agaibh do-ghnídh
dúthracht ar bith le n-a n-anam? Och! mo thruagh cor na cloinne. Créad
a liacht mac agus inghean indiu ar feadh an tsaoghail nach gcuimhnigheann
ar na haithreachaibh agus ar na máithreachaibh do bhí aca acht mar nach
béarfaidhe riamh dóibh iad. Fágbhaid ag clainn coimhthigh an saidhbhreas,
do chruinnigh siad le saothar agus le hallus a gcnámh ar feadh a mbeatha,
i n-a ndiaidh, mar adeir an fáidh Dáibhídh leo (Sailm.xlviii.11). Nuair
do-gheibhid na haithreacha bás, fágbhaid an saidhbhreas do chruinnigh siad ar
feadh a mbeatha i n-a ndiaidh ag an gcloinn, do iomcharas iad féin ar mhodh
chomh coimhtheach sin agus chomh mío-nádúrtha sin mar nach mbéidís i n-a
gcloinn riamh aca, dá bhfágbháil dá losgadh agus dá bpianadh i dtig na
bpian so, dar ab ainm purgadóir, gan áird ná beann do bheith ar chabhair
ná ar chongnamh ar bith do thabhairt dóibh.


L. 102


Ó! a chlann mhío-nádúrtha, atá na clocha i mballa do thighe, adeir
an fáidh, ag gárthaigh agus dá radadh leat (Habac.ii.11). Ó! a chréatúir
mhío-nádúrtha, nach bhfeiceann tú gur ab é d'athair bocht, atá indiu dá
losgadh i dteine phurgadóra, do sin an teach soin atá ós do chionn le
saothar mór alluis chum a bheith i n'árus comhnuidhthe agatsa? Agus ní
háil leat braon beag d'uisge spioradálta na n-urnaighthe, na déirce, ná
an trosgaidh do shíneadh chuige chum fuaruigheachta do thabhairt dó. Is
sásta suaimhneasach do cholann tú ins an leabaidh bhuig theith sin d'fhág
d'athair agat, agus é féin indiu ag gol agus ag gárthaigh dá phianadh i
lár na lasracha móra úd phurgadóra. Is iomarcach mór-luaigh na héadaighe
win le n-a bhfoluigheann tú anois do chorp, agus ní smuaineann tú créad
mar atá d'athair cráidhte indiu dá dhian-losgadh i lár na lasracha
tinntidhe úd. Is breagh bláthmhar indiu do ghabháil, is cíortha deas an
duine thú, is geal súgach do gháire, is lúthgháireach atá do chroidhe
ag teacht chum an aifrinn nó chum an oireachtais duit, agus ní
chuimhnigheann tú goidé mar atá d'athair cráidhte indiu faoi bhrón agus
faoi mhór-dhoghrainn thruim thuirsigh, ag gol, ag sgreadaigh, agus ag caoi,
dá sgiúirseadh go géar, gan truaigh, gan taise, gan trócaire, chum tú
do chur san riocht soin i n-a bhfuil tú. Do bhí an bochtán bocht
mío-thrócaireach do bhochtaibh Dé i n-a bheatha; níor fhág sé cloch
gan iompódh le thú d'fhágbháil mór-chomhachtach saidhbhir i n-a dhiaidh;
agus mar nach ndearnaidh sé an aithrighe go leor, ná ar aon chor mar badh
chóir, le


L. 103


leoir-ghníomhartha ins na peacaidhibh do rinne sé, féach air
anois dá losgadh agus dá lán-dóghadh agus dá sgiúrsadh, agus ní
truagh leat é.



"Mo náire sibh, a chlann dhíombuidheach mhío-nádúrtha," adeir Naomh
Ambrós libh; "nach náireach an nídh é ag cloinn mhío-nádúrtha an
tsaoghail seo go dtugann siad beatha agus riachtanas don mhart atá i mbó-thigh
aca, don each ins an stábla, don mhaistín ar an slabhra, don choin
ar an éill, don éan sa chliabhán; go gcuimhnighid siad ortha so uile;
go dtugaid siad achmusán fós do na searbhfhóghantuidhthibh nach dtugann
aire dhóibh; agus nach gcuimhnighid ar an athair do fuair iad, ná ar an
máthair do rug iad; nach bhfuil truagh ná trócaire ar bith aca dhóibh,
agus iad dá losgadh ins an bpríosún dorcha doimhin úd phurgadóra!"
Ó! a Dhia na trócaire, cia as a dtig tíorántacht agus danardhacht
chomh mór so? "Atá sé anois bréan; atá cheithre lá ó tiodhlacadh
é" (Eoin xi.39). Ó! is luath do sin Marta a dearbhráthair do dhearmad
.i. a dearbhráthair maith Lásarus, gidh gur mór an grádh do bhí aice air i n-a
bheatha. Is luath do chuaidh sé as a cuimhne tar éis a bháis. Nach mar seo
do-ghní an chlann dearmad de na haithreachaibh agus de na máithreachaibh;
iad sin, mar an gcéadna, den chloinn do-gheibh bás rómpa; na dearbhráithreacha
de na deirbhshiarachaibh agus iad sin de na dearbhráithreachaibh; na mná de
na fearaibh agus na fearaibh de na mnáibh; na cáirde de na daoinibh
muinnteardha; an lucht gaoil dá lucht gaoil; na compána de na compánaibh.
Atáid siad bréan anois, ó do fuair siad bás ní fhuil cuimhne ortha.
"Imthighidh," adeir an Fáidh, "a gcuimhne le torann an chluig"
(Sailm.ix.7). Ní luaithe do théid torann an chluig thart ná imthigheas na daoine
do gheibh


L. 104


bás as cuimhne na ndaoine d'fhanas i n-a ndiaidh ar an saoghal so.



Ní fhuil de dhia beag anois ag na haithreachaibh agus ag na máithreachaibh
i n-a mbeatha acht a gclann mhac agus inghean, mar as iad a ndeilbh féin
iad. Ní fhágbhann siad guais ná contabhairt gan dul tríthe chum a
n-árduighthe i gcéim onóra agus saidhbhris. Ní fhuil de dhia beag ag an
bhfear mbocht úd ná ag a bhainchéile acht a gclann. Ó! goidé an náire
agus an t-uathbhás do bhéas ortha i dteine phurgadóra dá losgadh, nuair
nach bhfeicfid siad cabhair ná congnamh ná furtacht ar bith dá fhagbháil
uatha dóibh féin, agus do-chífid nach bhfuil aird na beann aca ortha?
Ó! créad an gath nimhe do rachas tarsna tré n-a gcroidhe aca an tan
do-chluinfear na briathra so an Fháidh leo: "Sciúrthar an uile dhuine,"
adeir sé, "do adhras do na déithibh bréige, agus ar a raibh glóir
dhíomhaoin i n-a ndealbhaibh féin (Sailm.xcvi.7). "Cá bhfuil do chlann,"
adéarfar leat, le bárr péine agus pionóis duit, nuair do bhéas tú dod
sgiúrsadh i ndún na bpian so, "ag ar fhág tú do mhaoin agus do shaidhbhreas
go hiomshlán? Cá bhfuil anois an ghuidhe badh chóir dóibh do dhéanamh ort?
Cá bhfuil an déirc nó an trosgadh chum d'fhuasgladh as ár lámhaibh,"
adéarfas lucht do phianta leat? "Cá bhfuil d'fhear," adéarfar leis an mnaoi
pósta? "Cá bhfuil do bhean," ar an taobh eile? "Cá bhfuil do dhaoine
muinnteardha? Féach, ní fhuil cuimhne ag duine ar bith ort." Ó! a chompánaigh,
béidh an díombuidheachas so ad losgadh agus ad chrádh go smior agus go
smúsach do bheatha.



Nach mór an crádh croidhe don athair d'imthighidh le n-a


L. 105


loing trés an aibhéis chum níos mó de shaidhbhreas do chruinniughadh dá mhac,
agus atá i ngéibhinn fá sglábhaidheacht go daor gan truaigh ag na Turcachaibh
do ghaibh ar bealach é, nuair do chuimhneochaidh sé ar an saidhbhreas
mór d'fhág sé i n-a dhiaidh ag a mhac san mbaile, agus do thuigfidh sé
nach bhfuil beann aige ar chuid dá chuid féin do thabhairt le n-a fhuasgladh?



Ó! a chlann mhío-nádúrtha, nach gcluin sibh bhur n-aithreacha bochta i
ngéibhinn fá sglábhaidheacht i dteine chraosaigh phurgadóra ag gearán
oraibh le briathraibh truaghánta Iób Naomhtha: "Goidé an fáth 'n-a
bhfuil sibh <ag> bhur ndíoghal féin orm mar Dhia, agus <ag> bhur líonadh
agus <ag> bhur sásughadh féin le mo chuid feola" - quare persequimini me
sicut Deus, et carnibus meis saturamini (Iób xix.22)? "Nár leor dom,"
adeir an t-athair leat, "mo bheith im phríosúnach ag Dia ins na
móir-phiantaibh seo, a bheith im aghaidh nó go gcuirfidh mé m'aimsir
tharm, agus gan tusa, a mhic mhío-nádúrtha, do bheith im aghaidh mar atá
tú, nuair nach bhfuil beann agat ar m'fhuasgladh agus m'fhuasgladh ar do láimh,
dá dtiubhrthá beagán den tsaidhbhreas d'fhág mé agat le m'anam?
Badh chóir duit a thuigsin, a mhic, gur ab é mo chuid feola agus allus mo
chnámh gach nídh, atá tú d'ithe agus d'ól, le n-a bhfuil tú ad bheathughadh
agus ad chothughadh féin." Ó! nach truaillighthe náireach danardha
mío-nádúrtha an nídh é go bhfuighidh sibh ór agus airgead chum bheith ar mire
agus ar meisge, agus leis an uile shórt caithimh aimsire eile as fearr ná
'chéile do thabhairt díbh féin, agus nuair do labharthar libh ar dhéirc do
thabhairt le hanam na marbh bocht, nach bhfuil sé le faghbháil mar dhuine
mhaith in bhur measg an té do shínfeadh a lámh thrócaireach chum na mbocht leis
an


L. 106


ndéirc?



Ní fhuil acht bochtaineacht ar an uile thaobh agaibh an uair seo.
Ar an ádhbhar so, a chompánaigh, ná creideadh aon duine agaibh dá
chéile. Ó! a athair, ná creid don mhac. A mhic, ná creid don athair.
A mháthair, ná creid don inghin. A inghean, ná creid don mháthair. Agus
mar sin suas ag labhairt ar na cáirdibh eile. Chomh fada agus bhéidh sibh
beo ins an tsaoghal so, déanadh an uile dhuine agaibh ar a shon féin an nídh
a mbéidh riachtanas air do dhéanamh dhó ó n-a dhaoinibh muinnteardha tar
éis a bháis. Ná bíodh muinighin agaibh as a chéile. Uch! Dá mbéadh
a fhios agaibh cad é an áit purgadóir, goidé a sheirbhe, a chruaidhe,
a ghéire, a thinntidhe, a chráidhte, agus a thruime do phiantar gach anam
bocht ann, ní dhéanfadh sibh dearmad díbh féin chomh fada agus do
bhéadh sibh beo, agus ní chuirfeadh sibh bhur n-anam bocht ar sgáth a
chéile gan aithrighe fhírinneach do dhéanamh go moch agus go mall anois in
bhur mbeatha chum cirt Dé do shásamh, agus do bhéadh sibh níos fonnmhaire
chum déirce do thabhairt le hanmannaibh bochta purgadóra ná atá sibh.
Goidé mar as féidir furtacht do thabhairt do na priosúnachaibh
beannuighthe seo phurgadóra? Taisbeánaidh, i bhfochair Chríost, Naomh
Gréagóir dhúinn é leis na briathraibh seo: "Aifreann, urnaighthe, déirc,
agus trosgadh; fuasgluighid na cheithre <neithe> seo na hanmanna as teine
phurgadóra dá nglanadh." Agus adeir an t-Athair Naomhta, Ieróm, linn
nach mbíonn pian ar bith ar anam ar a mbíonn an sagart ag guidhe, chomh
fada agus bhíos an t-aifreann dá rádh, mar gheall ar an mbrígh mór atá


L. 107


ins an iodhbairt ró-naomhtha so; "ní fhuilingeann siad," adeir sé, "pian
ar bith chomh fada agus do bhíos an t-aifreann dá rádh."



Má bheir, mar sin, an t-aifreann naomhtha tárrtháil chomh mór sin dóibh,
créad an fáth a bhfuilid na daoine chomh danardha sin gan daonnacht, chomh
tíoránta sin, gan truaigh gan trócaire, agus chomh sanntach cruaidh
cathardha is atáid siad, gan áird do bheith ag aon díbh ar dhéirc bhig
do thabhairt uatha do bhochtaibh Dé, ná don naoimh-chléir chum aifreann
do rádh le hanmannaibh na marbh purgadóra, den mhaoin nó den tsaidhbhreas
d'fhágaibh siad féin i n-aimsir a mbeatha agus a mbáis aca, agus do
shaothruigh siad chomh fada agus do bhí siad ann le hallus a gcnámh agus a
gcroicinn? "Do bhí siad ag gárthaigh agus ag gol go laetheamhail chugainn,"
adeir Naomh Aibhistín linn - "an mhuinntir, an tan do bhí siad beo, ler
mhian mórán uilc d'fhulang ar ár son, agus ní fhuil áird againn ar
chabhair do thabhairt dóibh. Ó! nach mór an díoghbháil daonnachta so"
(Sermo de Purgatorio)? Dá dtuitfeadh, ní hé amháin do charaid, acht do
shearbhfóghantuidhe tinn agus contabhairt bháis do bheith <air>, nach mbéadh
truagh mhór agaibh dhó? Nach gcuirfeá fios ar an liaigh as fearr chum sláinte
d'fhagbháil dó, agus sólás do thabhairt dó? Dá mbéadh do bhó nó do chapall
tinn, nach ngoillfeadh sé ort? Nach ndéanfá an uile dícheall le n-a leigheas?
"Nuair do sgreadas an mhuc," adeir an Naomh réamh-ráidhte ins an áit
chéadna, "ní stadann an mhuclach uile ó bheith ag gárthaigh léi." Dá
dtuitfeadh d'asal nó do ghearrán le luige faoi ualach mhór throm, nach
ndéanfá do dhícheall le n-a


L. 108


thógbháil?



"An tan thuiteas an t-asal," adeir an t-Athair Naomhtha úd, "do-ghní an uile
<dhuine> deifir le n-a thógbháil suas." Agus do-chíd críostaidhthe an
tsaoghail seo, le lán-tsolus creidimh do thug Dia dhóibh, anmanna naomhtha
na ndaoine do chuaidh rómhainn i mbealach an bháis, dá losgadh agus dá
bpianadh go laetheamhail ar an uile thaobh díobh sa phríosún bhréan
dorcha dhoimhin úd phurgadóra, agus ní truagh leo iad. Ní théid stad
ortha d'oidhche ná de ló acht ag gárthaigh, ag búithrigh, agus ag
sgreadaigh go truaghánta chugainn agus foiríor! is ró-bheag do-bheir áird
ortha. "Do bhí an críostaidhe ag gárthaigh ins na piantaibh," adeir an Dochtúir
mór úd, "agus ní fhuil sé le faghbháil an té do-bheir áird ortha. "Do bhí an
críostaidhe ag gárthaigh ins na piantaibh," adeir an Dochtúir mór úd, "agus ní
fhuil sé le faghbháil an té do-bheir freagra; nach bhfeiceann tú gur mór an
díoghbháil daonnachta so?"



Ar an ádhbhar so, a chompánaigh, as ucht na páise úd d'fhuiling Mac
Dé ar do shon, bí níos carthannaighe ó so suas ná mar bhís go nuige
seo le hanmannaibh bochta purgadóra. Tabhair roinn dóibh de na
leoirghníomharthaibh do dhéanfas tú chum fuaruighthe agus fuasgalta d'fhaghbháil
dóibh. "Guidh ar na marbhaibh," adeir Dochtúir na Tríonóide, "ionnas,
nuair do bhéidh siad ins an mbeatha marthannaigh, nach ndéanfaidís faillighe
gan Dia do ghuidhe ar do shon." Agus ionnas go n-éistfeadh Dia led ghuidhe
agus go mbéadh do dheora agus d'fhurálacha taithneamhach i n-a láthair,
cuir tú féin ar dtúis ar staid na ngrás, agus déan faoisdin ghlan do
réir na riaghlacha do thug mé síos duit in mo chéad <chomhrádh> ar an
aithrighe


L. 109


agus ar an bhfaoisdin; agus cuirim críoch ar an gcomhrádh so leis
na briathraibh seo, a chompánaigh, chum misnigh do thabhairt duit, mar
do-gheibheas tú síos agam in mo chéad leabhar: "-----------"


L. 110


B 1769 18D
U 0201
SEANMÓIR A SEACHT.



AISEAG CODA NA COMHARSAN .I. AN t-AITHSHEALBHADH



Don dara Domhnach Fichead tar éis na Cingcíse



Radaidh do Shéasar na neithe bhaineas le Séasar, agus do Dhia na neithe
bhaineas le Dia.



Bréithre do léighmíd ag Naomh Matha Soisgéalaidhe ins an dara caibidil
fichead, an t-aonmhadh rann fichead.



A chomhluadair chríostamhail, - do chualabhar ins na briathraibh so an
tSoisgéil glór binn-ghothach Íosa Críost féin, tobar an eolais gan
téarnódh agus Slánuightheoir ár n-anama, ag treasgairt agus ag ísliughadh
saobh-ghliocais suaraigh na ndaoine i bpearsain a eascáirde. Do chuireadar
na Pairisíní agus mórán de lucht leanamhna an ríogh Ioruaidh, le
n-abarthar Herodiam, tar éis cómhairle mhallaighthe do chinniughadh eatorra,
cruaidh-cheist ar Íosa ag súil go dtabharfadh freagra éigin tuaipliseach
orra tré n-a bhféadfaidís greim do bhreith air, gus é chionntughadh do
láthair an ríogh nó an phobuil. d'fhiafruigheadar de: A mháighistir,
an bhfuil sé ceart, an bhfuil sé fós ceadaightheach cíoscháin agus
éiric do dhíol leis an Impire Rómhánach -


L. 111


licet censum dare Caesari an non (Matha.xxii.17)? Dá n-abradh an Slánuightheoir go mbadh chóir an cíoscháin
d'íoc, adéarfaidís na Pairisíní go mbadh námhaid don chine Iúdaigheach é,
agus do ghearánfaidís mar sin leis an bpobal é, de bhrígh go mbídís féin ag
síor-fhógairt agus ag craobhscaoileadh dóibh, ó badh phobal toghtha Dé
clann Israel, nach raibh sé ceart ná dlisdineach dóibh iad féin do thabhairt
fá ughaim ná fá smacht na ndlighthe saoghalta, mar badh ghnáthach ag
cineadhachaibh eile na talmhan.



Ar an dtaobh eile, dá ndéarfadh sé leo nár chóir an éiric do dhíol
le Caesar, do chionntóchaidís lucht feidhme an ríogh Ioruaidh mar fear
buadhartha na síothchána é; óir badh nós coitcheann aca bheith ag
áiteamh ar na Iúdaighibh, ó badh iad na Rómhánaigh do bhíodh ag coiméad
na síothchána suas, dá gcosaint ó n-a náimhdibh le neart arm, nár bh'fhéidir
leo soin, do réir chirt, gan luach saothair agus cíoscháin do
thabhairt dóibh dá chionn. Gidheadh, atá a fhios agaibh cionnas do leag
sé a ngliocas chum talmhan leis an aon fhreagra chéillidhe so i mbeagán
focal: "imthighidh uaim, a lucht an fhalaidh agus an bhréag-chrábhaidh;
tugaidh don Impire Rómhánach na neithe as leis, agus tugaidh do Dhia na
neithe bhaineas le Dia; "ar chor gur ghabh iongantas mór iad uile tré
chéill agus eagna na bhfocal - et audientes mirati sunt, mar adeir an
Soisgéalaidhe linn. Acht i n-ionad dlúth-mhuinnteardhas do dhéanamh le
sgrúdaightheoir a gcroidhthe agus leanmhain de ó shoin i leith, do
chasadar a bhaile uaidh, mar adeir Ieróm beannaighthe, chomh ceann-dána,
chomh díchreidmheach agus do bhíodar roimhe - infidelitatem cum
admiratione reportantes.


L. 112


Taisbeánann an freagra so, do thug ár Slánuightheoir ar na Iúdaighibh,
ár ndualgas agus ár bhfíréantacht dá chéile, gur cóir dhúinn bheith
chomh folláin chomh díleas don chomharsain agus badh mhaith linn é bheith
dhúinn; agus, mar sin, má bhí sé de mhío-ádh oraibh éagcóir do
dhéanamh air, gurab é bhur gcéad cúram agus imshníomh bhur gcoir do
leasughadh le haiseag agus le leoirghníomh dlisdineach do dhéanamh leis gan
mhoill - reddite ergo quae sunt Caesaris Caesari; agus 'n-a dhiaidh sin
tiocfaidh libh gan aon chontabhairt bhur síothcháin do dhéanamh le Dia,
ó's é féin díonuightheoir agus cosantóir an chomhursan - et quae
sunt Dei Deo.



Do rinne Criosostom Naomhtha machtnamh céillidhe bunadhasach, ag
tráchtadh dó ar na héagcóraibh iomadamhla déantar go laethamhail i
n-aghaidh an chomharsan le fóirneart is le hansmacht, le fuadach is le breith
ar éigean, le claon is le gliocas, nuair adubhairt sé nach raibh aon
pheacadh le faghbháil as mó dhaoraimíd, fhuathaimíd, agus do lochtaimíd
ins na daoinibh eile ná an peacadh so na héagcóra, agus ins an am
chéadna nach bhfuil dubháilce ar bith as mó chuirimíd a leasughadh ar
cáirde, ná as mó do dhéanaimíd a oileamhain i n-ár gcroidhe féin. Badh
chóir go gcuirfedh sé lán-iongantas orainn, ar an Dochtúir céadna,
féachain isteach ar mhéid an imshnímh do bhíonn orainn chum ár gcúraim
agus ár gcuid saoghalta do chosain ó mhío-fholláineacht agus ó
neamh-mhacántacht na comhursan, agus ar laighead na mí-ionntaoibhe do bhíonn
againn as ár mío-dhúthracht féin dó; bímíd aireach imshníomhach chum
é do chosg ar an


L. 113


díoghbháil as lugha do dhéanamh dhúinn, agus is ar éigean do chuimhnighmíd
go bráth ar an dochar agus ar an éagcóir do-ghnímíd air.



Bíodh go gcuireann an charthannacht i n-ath dúinn creideamhain go bhfuil an
comharsain folláin macánta, tar éis sin glacaimíd gach aon mheodhan leis,
chomh maith is dá mbéadh sé 'n-a ghadaidhe fógartha; gidheadh, ar an
dtaobh eile, bíodh go bhfuil a sháir-fhios againn go bhfuil ár gcroidhe
féin go holc don chomharsain, agus go mbadh mheabhair linn ar an gcúis as
suaraighe éagcóir do dhéanamh air, atáimíd chomh dúr, chomh dall sain
tré neart ceanamhlachta agus meas orainn féin, nach mbíonn droch-mhuinighin
ná mí-ionntaoibh go bráth againn ar ár macántacht ná ar ár
bhfolláineacht féin. Tar éis sin go léir, is díoghbhálaighe go mór
éagcóir do dhéanamh ar an gcomharsain ná éagcóir do dhéanamh orainn,
mar as mó an peacadh duine eile do mhealladh ná dá meallfaidhe sinn, cuid
duine eile do bhreith uaidh go héagcórach ná dá mbéarfaidhe uainn roinn
dár gcuid fein, agus mar as fuathmhaire an choir an comharsain do shlad ná
dá bhfuilingimís féin éagcóir is leathtrom uaidh. Is fíor nach é so
meas an tsaoghail; gidheadh, is ponc daingean den chreideamh é, atá
suidhte áitighthe go ró-mhinic ins an tSoisgéal. Agus dá bhrígh sin, ó's
éigean do gach críostaidhe agaibh maireachtain do réir dlighe Dé chum
bhur n-anma do shlánughadh, ní fuláir dhíbh, mar sin, níos mó faitchís
agus imshnímh do bheith oraibh chum gan éagcóir ar bith d'imirt ar an
gcomharsain, chum bheith folláin díleas ins gach connradh agus margadh leis,
ná bhéadh oraibh chum bhur gcuid féin do chosain ó bhitheamhnachaibh
agus ó lucht gadaidheachta.


L. 114


Gidheadh, a dhearbhráithreacha mo chroidhe, chum go mbéadh bhur
n-iomchar taithneamhach do láthair Dé, ar mbeith díbh díleas folláin
don chomharsain, agus chum go nglacfadh sibh an fuath agus an ghráin as
dual don chríostaidhe i gcoinne an pheacaidh so na héagcóra, tugaim fá
ndeara ceithre neithe atá ionamhail fóghantach chum an aigne naomhtha so do
chorrughadh suas ionnaibh. An chéad nídh, gur ró-fhuiris cuid na comharsan
do bheith ar ár láimh go héagcórach; an dara nídh, an dócamhlacht mhór
atá orainn an chuid so na comharsan d'aiseag arís ón uair do bhíonn sé
i n-ár seilbh; an treas nídh, an leithsgéal bréagach as gnáthach linn do
thabhairt uainn, sé sin le rádh, nach bhfuil sé i n-ár gcomhachtaibh
leoirghníomh do dhéanamh leis; agus an ceathramhadh nídh, mar nach bhfuil
slánughadh síorruidhe le faghbháil againn i n'éagmais. Agus is iad so go
fírinneach do-ghníonn uile eagar agus órdughadh mo chomhráidh.
Taisbeánfad díbh ar dtúis nach bhfuil nídh ar domhan as fusa ná bheith
cionntach do láthair Dé i bpeacadh so na héagcóra, agus fós nach bhfuil
nídh ar bith níos dócamhla ná leoirghníomh do dhéanamh ann; 'n-a
dhiaidh sin craobhscaoilfead díbh nach bhfuil nídh ann as bréagaighe ná
leithsgéal mórán daoine nach mbíonn sé ar chumas dóibh leoirghníomh
do dhéanamh; agus fá dheoidh, nach fuláir an leoirghníomh so do dhéanamh
chum a n-anma do shlánughadh. Acht chum teagasg chomh tairbheach sain do
phréamhughadh in bhur gcroidhtheachaibh, iarraimíd uile go cráibhtheach
dúthrachtach soillse an Spioraid Naoimh tré impidhe neartmhar na Maighdine
Muire, ag rádh ó chroidhe Ave Maria.


L. 115


An Chéad Roinn.
Dá mhéid cúraim is aireachais, dá mhéid imshnímh is clisdeachta do
bhíonn ag daoinibh an tsaoghail so chum gan léigean d'éinneach éagcóir
ná lámh láidir d'imirt orra, ní fhuil aon nídh le faghbháil, tar a
cheann sain, níos fusa ná níos coitchinne ar measg an phobail ná cuid na
comharsan do bheith ar a lámha go héagcórach. Is fírinneach an comhrádh
do rinne Dochtúir an Bhéil Órdha nuair adubhairt sé gurab <í> an tsainnt,
atá i n-ár gcroidhe istigh, agus an uain is an chaoi gheibhmíd air go
laetheamhail ar taobh amuigh, an dá phríomh-thobar ó n-a gcineann sé.
Óir is í an tsainnt an chúis fá ndeara dhúinn féachain le héad ar rath
agus ar shéanmhaireacht coda na comharsan, agus 'n-a dhiaidh sin feabhas na
caoi agus na huaine do bhíonn againn go ró-mhinic chum a chuid do bhreith
uaidh, do chothuigheann agus d'oileann an peacadh so na héagcóra, agus
do dhéanann chomh fuiris sin é ar measg na ndaoine. Gan aon amhras, dá
mb'áil linn maireachtan do réir dlighe an tSoisgéil, do réir ár gcéille
nádúrtha, nó fós do réir ár riachtanas agus ár n-uireasbaidhe, níor
bhaoghal dúinn an peacadh fuathmhar gráineamhail so, mar nach n-iarrann an
nádúir uainn acht a bhfuil riachtanach dí, agus nach deacair í shásamh.
Déanann ár gciall nádúrtha ceart agus comhthrom do chách. Agus ó ata
sé fíor go gcuireann an Soisgéal d'fhiachaibh orainn sgaramhain le n-ár
gcuid féin go ró-mhinic chum fóirithin agus chum neartughadh leis an
gcomharsain, dar ndóigh, ní féidir go dtabharfadh ughdarás ar bith dhúinn
chum éagcóir do dhéanamh air, ná


L. 116


chum a chuid do shlad.



Uime sin, a cháirde, ní hé an Soisgéal, ní hé grása Dé, ní hé ár
gciall nádúrtha atá dár stiúradh, agus ní hiad atá i n-a máighistir
orainn, acht ár gclaonta mallaighthe chum uilc agus an tsainnt ainiarmharthach
úd, ar a dtráchtann an Sgríbhinn Diadha linn, do thruailligheann ár
ngníomhartha uile le chéile, agus do lasann suas roth tosaigh agus deireadh
ár saoghal - inflammat rotam nativitatis nostrae (Séam.iii.,6). Ní deir an
duine sanntach go bráth: "Atá mo dhóithin den tsaoghal agam;" agus dá mhéid
do bhíonn aige is dá móide a shainnt agus a dhúil chum tuilleadh do
thiomsughadh, dá chur i n-ath dhó féin i gcomhnaidhe nach bhfuil ann
cothughadh suas, agus go bhfuil sé i gceartlár na haindeise agus an chruadhtain.
Agus ó nach féidir leis an oiread d'fhaghbháil ná do ghreamughadh agus do
shásóchadh a shainnt ins an mhéid maitheasa saoghalta badh mheabhair le Dia
do roinn leis, triallann sé gan náire, gan mántacht chum cuid a chomharsan
do shlad, agus chum a bhochtaineacht do dhéanamh suas le toradh saothair
agus alluis an chomharsan.



Óir fiafruighim díbh, a chríostaidhthe, an bhfuil gliocas ná
beartaidheacht le faghbháil nach n-imrigheann an duine sanntach, an bhfuil
bréag nach n-innseann sé, claon agus calaois nach gceapann sé, nó peacadh
ar bith i nach bhfuil sé cionntach chum an tsainnt ghráineamhail seo do
shásamh? An é nach ón tsainnt d'fhoghlamadar na daoine ioncomas
d'iarraidh ar son iasacht airgid ar feadh seachtmhaine, míosa, nó bliadhna;
agus an é nach é do thug rún dóibh ar na hiompuighthibh as foirísle agus
as náirighe do


L. 117


thabhairt gan a bhfiacha do dhíol, agus chum na margaidhe as
macánta agus as daingne do réir creidimh agus coinsiais do bhriseadh agus
do chur chum neimhnídh?



Go fírinneach, a cháirde, is é an peacadh so do chuir ar bun an oiread
sain ioncomais nár chualaidh ár n-aithreacha rómhainn aon trácht orra,
agus 'n-a ndéanaid an t-aos óg agus an t-aos ársa, ór agus airgead ins na
haimsiribh so na mallaightheachta, na heiriceachta, agus an dí-chreidimh -
multi quasi inventionem aestimant foenus (Ecclesic.xxix.4). An é nach
bhfuil sé ró-náireach le faicsin go bhfuil an peacadh so, do daoradh chomh minic
sin ar measg na bpágánach, ar bun fós agus dá chleachtadh le hughdarás ar measg
na gcríostaidhthe, ar measg na gCatoilicí féin? Agus d'eagla go dtabharfaidhe
fá ndeara a ghráineamhlcht gur gnáthach leo leithsgéil bhréagacha do
chumadh, mar atá, gur mór an chabhair agus an congnamh do dhuine bocht
airgead d'fhaghbháil ar ioncomas chum é chothughadh i n-a riachtanas, agus
chum a chlann agus a mhuinntir do chongbháil suas ins an gcreideamhain agus
ins an bhfeasdas badh dhual dóibh; ar mhodh gur cosmhail an t-airgead marbh
meirgeach so fir an ioncomais le gabháltas nó le talamh torthamhail do
saothruighthear le mórán duaidh agus alluis, ar an ádhbhar go dtiomsuigheann
sé chuige le neart ioncomais, ní hé amháin gach a dtug sé uaidh ó
thosach, acht fós móran mór thar a cheann do ghnóthuigheadar dhó na
bliadhna, na míosa, agus na laetheanna do chuir sé fá arm agus fá inneal
chum creachadh na mbochtán agus chum díthreabhadh na tíre, fá mar innseas
Zenon de Verona dúinn:


L. 118


Usurarius pecuniam tamquam humum proponit, eamque peregrinantem
ferali supputatione nutrire non desinit, un summam quaerat, non quam
commodatio dedit, sed quam pepererint armati numero diei et anni.
Chum fuath an pheacaidh so an ioncomuis do spreagadh suas ionnaibh,
taisbeánfaidh mé díbh cionnus do dhaoradh riamh i gcomhnuidhe é. Ar dtúis,
lochtuigheann Dia ins an tSean-reacht tré bhéal na bhfáidh é, agus tugann
forfhógradh do na Iúdaighibh é sheachain mar pheacadh do chongbhóchaidh
uatha radharc flaitheamhnais ar feadh na síorraidheacha. Adeir an Salmaidhe
Ríoghamhail linn (ag fiafruighe cia hé an duine beannuighthe do
shealbhóchaidh oighreacht na bhflaitheas, freagrann sé a cheist fein ):
"An té úd 'n-a bhfuil a bheatha gan cháim, do bhí díreach folláin i n-a
imtheachtaibh, do choingibh a theanga gan chlaon, agus nach dtug a chuid
airgid ar ioncomas" - qui pecuniam suam non dedit ad usuram (Sailm xiv.).
Uime sin, adeir Ieróm Naomhtha, má's fíor go bhfuil an té nach n-iarrann
ioncomas beannuighthe, agus go bhfuil suidheachán i n-áirithe aige ins na
flaithis, dá réir sin, atá an duine iarann é malluighthe damanta gan aon
amhras - si ergo qui non dedit benedictus, sine dubio maledictus qui ad usuram
dedit. Damnuigheann an fáidh Esechiel gach gné ioncomuis chomh mór leis an
Righ-fháidh. Nuair do ghearánadar na Iúdaidhthe leis, agus iad fá
dhaorbhsuid na Babilón, gur agair Dia cionnta a n-aithreacha orra,
d'fhreagair an fáidh dhóibh, chum compórd do chur orra, nach daorfar
feasda an mac ar son a athar, ná an t-athair ar son a mhic, muna leanfaidh
siad dá ndroichshlighthibh;


L. 119


agus dá bhrígh sin, ó atáid anmna na ndaoine
cóimh-ionann do láthair an Tighearna, nach damnóchar éinneach acht ar
son a chionnta agus a éagcóra féin.



Agus ag craobhsgaoileadh dhó na n-éagcóir do thuilleann damaint síorruidhe,
adeir sé gur díobh ioncomas. Ag so mar labhrann sé: "An té nach
dtabharfaidh a chuid airgid ar ioncomas, agus nach nglacfaidh níos mó ná
thug ar iasacht, féach! is é sin an duine fíréanta agus an té do
mhairfidh le saoghal na saoghal, ar an Tighearna Dia" - qui ad usuram non
commodaverit et amplius non acceperit, .... hic iustus est, vita vivet, dicit
Dominus (Esec.xviii.8-9). Agus géar-aithisigheann an fáidh Nehemias na
Iúdaidhthe i dtaobh ioncomais d'iarraidh ag taisbeánadh dóibh laighead an eagla
do bhí aca roimh throm-dhíoghaltas an Tighearna i dtaobh scannail do thabhairt
uatha tríd do na págánachaibh féin - usurasne singuli exigitis; .... quare
non in timore Dei nostri ambulatis, ne exprobretur nobis a gentibus inimicis
nostris (Nehem.v.7,9)? Agus mar bharra ar gach nídh dá ndubhairt mé go dtí so,
éistidh le n-ár Slánuightheoir Íosa Críost ins an tSoisgéal 'n-a ndaorann sé
go follus an peacadh tubaisteach so an ioncomais, ag rádh: "Tugaidh uaibh
ar iasacht agus ná bíodh súil agaibh le haon nídh d'fhaghbháil dá
chionn, agus is mór an luachsaothair do-gheobhaidh sibh thríd ins na
flaithis" - mutuum date, nihil inde sperantes, et erit merces vestra
multa (Lúcás vi.35). Agus tar éis sin go léir ní bhíonn faitchíos ar bith ar an
duine sanntach ioncomas d'iarraidh ar iasacht airgid, breis fiacha do chur ar a
chuid arbhair, má's


L. 120


gabháltuidhe é, nó tuille airgid d'iarraidh ar a chuid
earraidhe, má's ceannuidhe é, i dtaobh cáirde seachtmhaine, míosa, nó
bliadhna do thabhairt uaidh do dhuine bocht anacrach, i n-aghaidh dligh Dé
agus an tSoisgéil, chum mallacht an Tighearna do tharraing anuas air féin
agus ar a shliocht, agus chum árus na bpian do shaothrughadh dó féin ar
feadh na síorraidheachta, muna dtréigidh é as so amach, agus muna
ndéanaidh leoirghníomh iomshlán le gach nduine dár chreach agus dár
mharbh sé le n-a ioncomas - quid enim est foenerari, mar adeir ughdar
áirithe, nisi hominem occidere.



Tugann feabhas na caoi do-gheibhmíd go laetheamhail ar chuid na
comharsan do bhreith uaidh slighe dhúinn chum ár sainnt mhallaighthe do
shásamh. Agus dá réir sin, do-chímíd mórán somplaí éagcóra agus
leathtroma dá imirt ar a gcomhursain, ní hé amháin le bitheamhnachaibh
fógartha agus le lucht fill, acht fós leis an muinntir as lugha uireasbaidh
agus riachtanais dá bhfuil le faghbháil. Go fírinneach, an é nach
bhfeicimíd go laetheamhail na bitheamhnaigh as suaraighe dá gcéasadh, dá
ndíbirt thar lear agus dá gcur chum báis do réir dlighthe na ríoghachta,
agus san am chéadna na fill-bhitheamhnaigh agus lucht creachta na dtíortha
dá gcothughadh suas i ngradam árd agus i móir-chéim onóra, gan peanós
gan diachair d'fhulang tríd? Gidheadh ná bacaimísne dóibh so,
tugaimís aire dúinn féin; óir is iomdha slighe 'n-a bhfuil sé ar ár
gcumas éagcóir do dhéanamh ar a chéile, atáimíd chomh dlúith-cheangailte
sin i gcomhluadar agus i ngnóthaibh le chéile. Bíonn cuid an ghabháltuidhe
agus an


L. 121


tighearna tíre agus an fhir tighe is muinntire fá láimh a
mbuachaillí agus a gcailíní aimsire, agus muna mbéidh creideamh agus
macántacht aca, atá sé 'n-a slighe éagcóir do dhéanamh air agus a chuid
do shlad.



Atá glacadh agus roinn amach an airgid ag an gceannaidhe, agus
muna bhfuil sé díreach agus eagla Dé 'n-a chroidhe, atá caoi laetheamhail
aige chum a shainnt do shásamh agus chum éagcóir do dhéanamh. Is mar
an gcéadna don bhreitheamh do ghlacfaidh breab chum breitheamhnas claon
fallsa do thabhairt, agus don taoiseach armála nó don tsaighdiúir do
thréigfidh a bhratach i ngleo an chatha, nó do thréigfidh an chathair atá
d'fhiachaibh air do chosain, agus do thabharfaidh suas i láimh na námhad í,
muna críostaidhe maith, muna duine macánta é. Agus is mar sin fós do
gach uile staid beatha, agus do gach uile dhuine, má's íseal má's uasal
é, má's saidhbhir má's daidhbhir é; óir ní fhuil an duine mór féin
saor ó chuid na ndaoine eile do bheith go héagcórach ar a lámha. Bíonn
tuarasdal a mhuinntir-thighe atá ag friothálamh air, bíonn páighe na
sglábhuidhthe atá ag saothrughadh a fhearainn agus a thalmhantaí dó, bíonn
cuid an chéardaidhe atá ag obair dhó, agus an cheannaidhe do sholáthair
earraidhe dhó, agus mórán fiacha eile san éileamh air, ar chor nach
bhfuil lá dá shaoghal nach mbíonn sé ar a chumas éagcóir do dhéanamh,
muna mbéidh grádh agus eagla Dé 'n-a chroidhe. Agus is é an té as mó
saidhbhreas agus as lia cúram saoghalta an duine as mó atá i mbaoghal
tuitim san pheacadh so, agus é féin do dhamnughadh, mar is i n-a leithéid
de shlighthibh beatha atá sé ar chumas dó mórán mór uilc agus
díoghbhála


L. 122


do dhéanamh, ag méadughadh a fhághaltais ar chosdas na
mbochtán, agus ag raobadh dlighe Dé agus aitheanta na hEaglaise gan
buaidhreadh, gan eagla peanóis, agus dá bhrígh sin, ní cóir dhúinn
iongantas do ghlacadh i dtaobh mar lorguigheann an Spiorad Naomh, i mbéal
na bhfáidh ins an tSean-reacht, cá raibh an duine míorbhaileach úd do
chongbhuigh a lámha glan ó chuid na comharsan, gus go ndéanfadh a mholadh:
Quis est hic et laudabimus eum; fecit enim mirabilia in vita sua
(Ecclesic.xxxi.9).



Tar éis gur nídh ró-choitcheann ró-fhuiris cuid na comharsan do bheith
ar ár lámhaibh go héagcórach, áithighim nach bhfuil sé chomh fuiris
chomh coitcheann sain leoirghníomh dlisdineach do dhéanamh ann; óir, cá
bhfeicimíd mórán indiu, chum dualgas an chríostaidhe agus chum dlighe Dé
do chóimhlíonadh, lán de chúram nó d'imshníomh chum cuid na comharsan
d'aiseag air gan mhoill; nó cá bhfaghaimíd somplaí macántachta agus
fírinne indiu cosmhail leis siúd ar a dtráchtann Aibhistín Naomhtha linn
chum sinn do ghríos-chorrughadh suas chum ceart agus comhthrom do thabhairt
don chomharsain? Adeir an Dochtúir foghlumtha so linn: "Is meabhair liom
innsin díbh cad do chonnairc mé féin lem shúilibh i gcathair Milan. Bhí
duine fíor-bhocht ann, nochtuighthe de gach ollmhaitheas saoghalta, gan
caradas, gan gaoil, agus é san am chéadna lán-saidhbhir tuilte d'órchisde
flaitheamhnais. Do fuair an duine bocht so dhá chéad píosa óir
ag dul amugha, agus i n-ionad iad do chongbháil aige féin mar do dhéanfaidís
mórán eile, d'éirigh sé 'n-a sheasamh lán d'anbhuain agus de
bhuaidhramh aigne ag cuardughadh agus ag


L. 123


lorgaireacht ó cheann na cathrach
go dtí an ceann eile, nó go bhfuair sé amach an sealbhadóir díleas
ceart, agus go dtug suas dó é le háthas agus le compórd mór aigne.



Agus nuair d'fhuráil an duine seo deich bpíosa dhó mar luach saothair,
níor bh'áil leis iad do ghlacadh. Ar fheicsin sin don duine saidhbhir, do
bhronn sé <an t-ór> go léir dhó; gidheadh, níor bh'áil leis an duine
bocht an fheoirling badh lugha de do ghlacadh, ag rádh nár leis é, nach
raibh cuid aige dhe agus nach gcaithfeadh go bráth aon chuid de teacht 'n-a
sheilbh." "Féachaidh," ar an Dochtúir beannuighthe, "agus cuimhnighidh i
gcomhnuidhe ar an sompla so, agus déanaidh aithris air." Gidheadh, fóiríor
brónach! cá bhfaighfear anois duine ins an chéad, duine ins an mhíle
fós, chomh díleas, chomh fíréanta sain dá chomharsain agus go mbéidh
an sparán óir nó airgid, do-gheobhadh sé ag dul amugha 'n-a dhiaidh, 'n-a
ualach agus 'n-a mhuirighin air nó go bhfaghadh amach an sealbhadóir ceart,
agus go dtabhradh tar ais dó gan ciorrbhughadh gan laighdiughadh é; nó
cá bhfuilid na hanamna fíréanta neamh-shanntacha folláine so. "Cá bhfuil,"
ar an t-Athair naomhtha céadna, 'n-a litir chum Macedonius, "an comhairleach
agus an fear dlighe, tar éis cúis éagcórach do bhuadhchaint le n-a
ghliocas, do dhéanfaidh leoirghníomh leis na daoinibh do chreach agus do
bhochtainigh sé tríd? Cá bhfuil an ceannaidhe do dhéanfaidh leoirghníomh
le n-a cheannuightheoiríbh ar son na ndroich-earraidhe do thug sé dóibh,
agus ar son gach éagcóra eile dá ndearnaidh sé orra; nó fós nídh as
iongantaighe ná so uile, cá bhfuil an fear ioncomais do thabharfaidh thar
ais go díleas ceart gach ar


L. 124


bhuaidh sé go heágcórach le n-a chuid ioncomais?



Ó! mo thruagh chráidhte a n-anamna bochta, óir is géar agus is
cruadhálach an cunntas chaithfidh siad so uile agus gach a ngabhann leo do
thabhairt ann do láthair Árd-bhreitheamhan na mbeo agus na marbh lá an
ghéibhinn áird agus an mhór-chruadhtain."



A chríostaidhthe, tugaimís fá ndeara amháin an buaidhreamh aigne
do chuireann sé ar mhórán daoine na fiacha atá amuigh orra go macánta
dlisdineach do dhíol, ionnas gur geall báis leo sgaramhain leis an airgead
chum an mhuinntir do thug airgead nó earraidhe dóibh do shásamh. Cá
méid focal, cá méid geallamhna bréagacha do-bheirid siad uatha, ar mhodh
go gcrádhaid agus go gcéasaid a n-éilightheoirí, dá mealladh agus dá
gcur ar cáirde ó lá go lá, agus fá dheoidh, go séanaid a bhfiacha agus go
dtéid chum dlighe fós leo? Mo náire <thú>, a chríostaidhe onóraigh
uasail, do cheannaigheadh go daor le fuil an Uain trócairigh, agus go hoileadh
go macnaiseach ceanamhail leis na sacramaintibh beannuighthe chum bheith id
chómhn-adhbhaidhe ag na haingil agus na hárd-aingil; an mar sin as
meabhair leat oighreacht na bhflaitheas do thuilleamhain? Ná meall tú féin;
ní hiad sain na meodhain as cóir duit do ghlacadh chuige, agus dá mbéitheá
gan Íosa Críost agus a dheisgiobail dá chraobhsgaoileadh dhuit, badh chóir
go múinfeadh do chiall duit <é>. Cad é chomh tubaisteach, créad é chomh
mi-riaghalta é d'iomchar! Tar éis sin go léir, atá a fhios agaibh gur
nídh é thuiteann amach go ró-mhinic; agus go mór-mhór, is iad na daoine


L. 125


as lugha uireasbaidh as mó bhíonn cionntach ann.



Nuair iarrann duine bocht anacrach a pháighe agus luach a chuid alluis orra,
badh dhóigh leat gur déirc é, nó gur i n-aisge do bhéadh sé dá
iarraidh. Is beag gur deonaightheach leo freagra amháin do thabhairt orra,
agus is é freagra é nach mór dhóibh fuireach go fóill, agus nach bhfuil
aon nídh aca le faghbháil; agus san am chéadna go bhfuil a ndóithin aca
chum caitheamh go ragairneach le himirt, le hól, agus le carabhas. Agus
'n-a dhiaidh so tagaid chum cóimhthionóil agus chum aifrinn leis an oiread
dánachta agus neamh-chúibe agus dá mbéidís 'n-a gcríostaidhthibh chomh
díreach chomh macánta agus do-gheobhthaoi sa phobal.



Innsim díbh le fírinne, a chomhluadar chríostamhail, nach bhfuil col
fan spéir as mó atá i n-aghaidh slánughadh síorraidhe bhur n-anama ná
an dócamhlacht so do bhíonn oraibh chum bhur bhfiacha do dhíol, agus chum
leoirghníomh ceart do dhéanamh leis an gcomharsain ins gach éagcóir dá
ndearnabhar riamh air; mar as é do dhéanann dúrchroidheach
neamhmhothuightheach sibh, mar as é do mhúchann ionnaibh grása an Spioraid
Naoimh, mar as é do congbhann i bhfad amach sibh ó chomhluadar milis Íosa
Críost, agus fá dheoidh, mar as é féin do dhéanann sglábhaidhthe an
diabhail díbh, agus do stiúróchaidh gan chontabhairt sibh chum ifrinn na
bpian an fhaid is bhéidh Dia n-a Dhia. Is léigheannta an ceacht do
mhúineann Aibhistín Naomhtha dúinn ag míniughadh cáilidheacht tubaisteach
na bpeacthach so do chongbhas aca féin cuid na ndaoine eile. Ag so mar do
labhrann sé: "Tagaid siad dá sléachtadh féin ós comhair na haltóra ar
a nglúinibh go foiríseal, a


L. 126


súile ag sileadh na ndeor go trom flúirseach,
a gcroidhe lom lán de dhubrón agus d'aithrighe, agus do réir an uile
dheallraimh, atá dúil aca a síothcháin do dhéanamh le Dia. Gidheadh,
nuair tráchtuighthear leo ar chuid an chomharsan do thabhairt dó tar n-ais,
is annsin athruighid siad aigne agus thaisbeánaid go follus nach bhfuil
ionnta acht mic-tíre i n-ionad caorach." Go dtí so d'éisteadar le
comhairlíbh agus le teagasg a n-oide faoisdine mar d'éistfidís le fear
ionaid Dé ar an dtalamh; umhluighid iad féin fá n-a láimh agus fá n-a
bhreitheamhnas mar d'umhlóchaidís iad féin d'Íosa Críost, agus déanaid
a réir agus a thoil chomh maith is gur bh'<é> aodhaire an phobail agus
liaigh a n-anama é, ionnus, dá chruadhálaighe <an> breitheamhnas aithrighe
as meabhair leis do chur orra, go ngabhaid leis go ró-áthasach agus nach
mbíonn suim aca ann. Acht ón uair 'n-a n-iarrann sé orra leoirghníomh do
dhéanamh, glacann mío-thapa agus fanntais iad, agus tréigid annsin é gan
aithrighe, gan absolóid, ag súil go dteangmhóchaidís le sagart nó le
bráthair éigin neamh-thuigseanach do dhamnóchadh é féin agus iad féin ar
feadh na síorraidheachta. Badh dhóigh leat, go deimhin, gur ab é an liaigh
folláin so an t-eascara as mó dá bhfacadar riamh, i dtaobh mar éirigheann
sé 'n-a sheasamh chum cúis an chomharsan do chosain agus chum a dhualgas
féin do chóimhlíonadh. "Cuireann an easaonta mhí-mhacánta so d'fhiachaibh
orainn," ar Aibhistín Naomhtha, "dlighthe na hEaglaise do chur i bhfeidhm
orra, agus iad d'fhógairt amach ó árd agus ó aifreann nó go bhfillid siad
tar n-ais ar Dhia, chum leas


L. 127


a n-anama do dhéanamh agus chum a cheart féin do thabhairt
don chomharsain" - nolentes autem reddere arguimus, increpamus,
sancti altaris communione privamus.



Atáim lán d'eagla gur tréith agus gur lag-bhríoghach na leigheasanna
iad so chum croidhtheacha cruaidhe mórán peacthach do bhogadh, gur fánach
duine sanntach do ghlacann rún diongmhálta chum leoirghníomh iomshlán do
dhéanamh i dtaobh dlighthe na hEaglaise do chur i bhfeidhm air; agus is é
ciall é, mar nach bhfuil aon nídh le faghbháil ar talamh as mó i n-aghaidh
nádúir ainmhianaigh an duine ná sgaramhain leis na héadálaibh do
bhréagann agus do shásuigheann a dhroch-chlaonta. Bainimíd osnaidhe troma
ó íochtar ár gcroidhe cráidhte fá ualach agus fá eire mhuirighineach
ár bpeacaidhe, mar nach ionmhuin linn na neithe tairbheacha so atá i n-ár
seilbh do thréigean. Ag so mar do labhrann an saoghaltánach agus é ar
tí leoirghníomh tábhachtach do dhéanamh: "An féidir go gcaithfead mo
chlann do bhochtanughadh agus do chur ón oighreacht do mheasadar a bheith
aca do cheart, agus an féidir go gcaithfidh na leanbháin neamh-chionntacha
so íoc ar son m'éagcórasa gan lámh ar bith do bheith aca ann? I n-ionad
feiste agus fairsinge mhaith, an gcaithfid siad feasda maireachtain ar a
ndéirc agus ar a mbochtaineacht mar gheall ormsa? Nó an féidir go
gcaithfidh fios do bheith ag an saoghal nach bhfuil ionnam acht fear fuadaigh
agus éagcóra? Cá bhfaighinn anois airgead ná éadála chum cúiteamh le
gach duine ar ar luigh mé lámh throm riamh, nó cá bhfuilid na daoine
féin le faghbháil anois agam chum an leoirghníomh so do dhéanamh leo?"


L. 128


Tagaid na smuainte so go léir i n-éinfheacht chum a chuimhne; cuirid
buaidhreamh agus mío-thapa air; glacann mío-dhóchas é; bíonn fuath agus
gráin aige ar an gcreideamh, ionnus gur fearr leis go mór bás d'fhaghbháil
gan ola, gan aithrighe, ná leoirghníomh do dhéanamh; agus d'aimhdheoin a
ndeir a chogubhas agus Spiorad na Fírinne leis, dearbhann sé: "Ní féidir
liom é, agus ní háil liom a dhéanamh." Ní féidir leat é, a
chríostaidhe! Go dtugaidh Dia go bhfuil sin fíor, óir mar sin do bhéadh
muinighin agam go mbéadh d'anam i slighe a slánuighthe, agus ó nach mbéadh
an oiread agat agus do shásóchadh na daoine, go dtiocfadh leat Dia na
n-uile-chomhacht do shásamh. Acht áitighim nach bhfuil leithsgéal ann as
bréagaighe ná na leithsgéil sain; agus fós, nach mór leoirghníomh do
dhéanamh chum ár n-anam do shlánughadh, fá mar do gheall mé,
taisbeánfaidh mé dhíbh san dara roinn.



An Dara Roinn.
Áitighim, a chríostaidhthe - agus is í an fhírinne féin í - nach bhfuil
nídh le faghbháil as bréagaighe ná an leithsgéal do thugaid daoine an
tsaoghail so uatha chum gan leoirghníomh do dhéanamh leis an gcomharsain,
de bhrígh go bhfuil sé suarach ealadhanta gan bunadhas gan fírinne, agus
gur ón tsainnt agus ó n-ár gceanamhlacht orainn féin do phréamhuigheann
sé, agus chum so go léir 'bhreithniughadh agus do thuigsin mar as cóir,
ní fhuil againn acht féachain isteach ar na leithsgéil so uile fá leith.
Ar dtúis, adeir duine 'n-a bhfuil cuid a chomharsan go héagcórach
i n-a sheilbh, má dhéanann sé leoirghníomh ann,


L. 129


go millfidh agus go ngortóchaidh sé a chlann agus a mhuinntir leis.



Acht freagrann Criosostom beannuighthe: An é nach fearra dhuit iad do
bhochtanughadh ná bheith cionntach 'n-a ndamain síorruidhe; gidheadh,
deimhnighim duit, i n-ionad do chlann do mhilleadh agus do chreachadh nuair
do-bheir tú a chuid féin don chomharsain, muna ndéanfaidh tú é, go
ndéanfair a gcreachadh agus a ndamnughadh i n-éinfheacht. Óir fiafruighim
díot, an é nach mbéidh cuid na ndaoine eile, atá anois id sheilbh agus
atá agat le fágbháil mar oighreacht ag do chlann i gcomhnuidhe, 'n-a
ualach coinsiais orra san mar do bhí sé oraibh féin. Agus dar ndóigh,
ní mheasann tú go n-athróchaidh sé nádúir agus nach leis an gcomharsain
fós é, i dtaobh mar fhágbhais go héagcórach ag do chlainn é; agus dá
bhrígh sin fágbhaim fád bhreith féin cia aca den dá neithibh so as mó
dhéanfaidh díoghbháil dóibh, cuid an chomhursan do thabhairt dóibh mar
oighreacht, nó a chongbháil uatha. Óir, má thuiteann sé amach gur fearr
na críostaidhthe agus gur macánta na daoine bhur gclann ná sibh féin,
má bhíonn sé de mhisneach nó de chreideamh ionnta a chuid féin a thabhairt
don chomharsain agus cúiteamh iomshlán do dhéanamh leis do réir chirt,
feicimís annsin cad d'fhágbhais aca. d'fhágbhais, go deimhin, cúram mór
agus ualach muirighineach orra chum leoirghníomh righin do dhéanamh ar do
shon, agus slighe do thabhairt dóibh chum éagcóir do dhéanamh orra féin
tríd. Gidheadh, má atáid siad chomh dall, chomh dí-chreidmheach
leat féin, agus do rianta tubaisteacha do leanmhain, dar ndóigh, ní féidir
nach ndéanann tú rann-pháirteach iad in do pheacaidhibh,


L. 130


agus nach stiúruigheann tú go díreach iad chum bheith rann-pháirteach leat i
bpiantaibh síorraidhe ifrinn.



Agus an é do mheas fein go nglacfaidh Dia mar leithsgéal uatha gur tusa
thug droch-shompla dóibh, agus gur ort féin badh chóir é go léir
d'agairt; nó an é do thuairim go gcuirfidh Dia rath nó séan ar a stórús
do mhalluigh agus d'fhuathuigh sé in do sheilbh, i dtaobh mar atá sé anois
i seilbh do chlainne?



Adeir duine eile: "Ní mór dhom cothughadh suas do réir mo chreideamhna
agus mo shlighe bheatha agus mar badh dhual daoine dhom é." Gidheadh,
deimhnighimse dhuit, a chríostaidhe, gur ab é an chéad nídh as dual duit
leoirghníomh do dhéanamh, agus atá do shlighe bheatha dod chongbháil uaidh,
go bhfuil sé d'fhiachaibh ort, do réir dlighe Dé agus an chreidimh, cur
suas di go hiomshlán; óir atá sé ceangailte ort réir an Tighearna do
dhéanamh agus a cheart féin do thabhairt do chách, gibé ar domhan
creideamhain, gibé ar bith slighe bheatha bhéidh agat, má's tighearna
tíre má's sglábhaidhe thú. Agus chuige sin, ná caith an oiread agus is
gnáthach leat é le himirt ná le hólachán; ná tabhair an oiread ar
éadaighibh mór-luaighe, acht mair chomh huaigneach chomh singil agus is
féidir leat é, ar son Dé agus d'anama, chum ceart do thabhairt don
chomharsain, mar as ins an aigne naomhtha so atá anam an chreidimh Chatoilice;
óir geallaim duit, i n'éaghmais, nach bhfuil in do dhéarcaibh acht
éagcóir, ná in d'urnaighthibh acht bréag-chrábhadh. Dá bhrígh sin,
ísligh tú féin agus túirling anuas den chéim i n-ar árduigh an peacadh
thú, agus cuir na teorainn leat féin badh dhual


L. 131


duit do réir macántachta agus creidimh.



Admhuighim gur deacair leat é. Gidheadh, ní mór a dhéanamh chum bheith
ar staid na ngrás. Agus fiafruighim díbh anois, créad é an meas do
bhéadh agaibh ar dhuine ag á mbéadh bhur gcuid óir nó airgid i n-a sheilbh
agus d'eiteochadh sibh ar a thabhairt díbh in bhur ngábhatar, i dtaobh mar
do theastuigheann sé uaidh chum a chreideamhain do chothughadh suas? An é
nach ndéarfadh sibh leis nach ar bhur gcosdassa badh chóir dó sin do
dhéanamh; go mbadh libh féin bhur gcuid óir agus airgid, agus nach chum
a chreideamhain do chothughadh do shaothruigheabhar é?



Adeir fear eile: "Má dhéanaim leoirghníomh, ní bhéidh oiread agam
is do chongbhóchaidh suas mé." Is é Aibhistín Naomhtha do chuireann an
cheist so amach: Audet aliquis dicere, non habeo aliud unde vivam?
Acht éistidh le freagra an lonnartha shoillsigh so na hEaglaise: "Atá an
leihsgéal so gan bhunadhas gan éirim," ar sé, "óir is é an nídh céadna
adéarfadh an foghlaidhe agus fear na bpiseoga liom nuair adéarfaidhe leo
leoir-ghníomh do dhéanamh agus cur suas feasda da slighe bheatha, ar an
ádhbhar go bhfuil a gcongbháil suas ar mhéid na héagcóra agus na foghla
do dhéanfaidh siad. Gidheadh, is é freagra do bhéarfainn orra nach de na
feille-chéardaibh so badh chóir dóibh leanmhain chum cothughadh, acht iad
féin do chaitheamh ar ionntaoibh Tighearna na trócaire, agus maireachtain
níos túsga ar an déirc agus ar charthannacht na gcomharsan. Agus deirim
an nídh céadna le gach críostaidhe fá leith 'n-a bhfuil leoirghníomh 'n-a
ualach air; agus is é ciall atá leis, mar nach ar


L. 132


chuid duine eile do mheallais led ghliocas nó do chreachais le foir-neart
agus led chaime, badh dhual duit cothughadh suas, acht cothuigh tú fein leis
an deaghshláinte thug Dia dhuit, leis an gcéird nó an ealadhain bheatha
d'foghlamais ód aois óige, agus má theipid sin uile ort, ní theipfidh an
charthannacht phoiblidhe go bráth ort.



Adeir duine: "Má dhéanaimse leoirghníomh, do-gheobhadh guth thríd agus
tráchtfar orm nach bhfuil ionnam acht fear éagcóra agus bitheamhnach."
Gidheadh, adeir ughdar foghlamtha: "Ní mór do dhuine bheith go ró-ainbhfiosach
chum leithsgéal chomh lag sain do thabhairt uaidh, mar is
iomdha slíghe foilightheach do b'fhéidir leis 'aimsiughadh chuige ar nach
mbéidh rún ag éinneach go deo; nó fós, ní mór gur duine droch-aigeantach
é ag á bhfuil fios aige ar na slighthibh so, agus nach maith leis,
tar éis sin, cuid an chomharsan do thabhairt dó thar ais."



Abraid mórán: "is duine saidhbhir ar a ndearnaidh mé éagcóir, agus
má atá roinn dá chuid im sheilbh, ní dhéanfaidh sé dochar dó; óir ní
thigeann poll san tighearnas, agus fós, ní fhuil ann acht Sasanach agus
fear éagcóra." Gidheadh, deimhnighim duit, a dhearbhráthair mo chroidhe,
gurab é an mac mallachtain féin do chum na leithsgéil sin; óir má's
saidhbhir má's daidhbhir é, atá sé cóimhcheangailte ortsa a chuid féin
do thabhairt tar ais dó. Má fuair sé a shaidhbhreas le héagcóir, atá
Dia ann chum cunntas do bhuain de, agus chum peanós do thabhairt dó mar do
thuill sé é. Agus bíodh go bhfuil sé fíor gur Sasanach é, bíodh gur
eiriceach é, áitighim nach lughaide


L. 133


an t-ualach atá ortsa ceart is comhthrom do thabhairt dó.



Óir atá a sháir-fhios againn go léir nach raibh san Impire Rómhánach,
Tiberius, acht anfhlaith agus fear éagcóra; nár chreid sé i n-aon Dia
amháin agus gur ghéill sé do na déithibh fallsa; tar éis sin adeir
Íosa Críost, tobar na fírinne, linn a cheart féin do thabhairt tar ais
dó - reddite quae sunt Caesaris caesari. Agus de bhrígh gur Sasanach é,
is dá mhóide an deithneas badh chóir dhuit do dhéanamh chum leoirghníomh
dlisdineach do dhéanamh leis, chum go gcuirfeá i n-iúil dó gur ab
ionann an Catoilice agus an duine fíréanta; gur duine é atá chum ceart
agus comhthrom do thaisbeánadh don domhan go léir, agus gur cóir do dhuine
bheith 'n-a Chatoilice chum bheith ar staid na ngrás agus chum an bheatha
mharthannach do shealbhughadh. Agus go fírinneach, má dhéanann tú an
Sasanach do shlad, agus a chuid do bhreith uaidh gan leoirghníomh do
dhéanamh ann, ní ar do mhailís ná ar do chladhaireachtsa do chuirfidh
sé an locht, acht ar an gcreideamh; ar chor go nglacann fuatha agus gráin
é i n-aghaidh na gCatoilicí agus i n-aghaidh an chreidimh, go gcuireann
do dhroch-bheatha bun ós cionn é ó iompódh chum na fírinne, agus dá
bhrígh sin, go bhfuil tú cionntach i n-a dhamaint síorraidhe.
Fá dheoidh, adeir duine eile: "Dá mhéid deagh-aigne atá agam chum
leoirghníomh do dhéanamh, cá bhfaigheadh anois gach aon duine do shlad agus
do chreach mé ar feadh mo shaoghail? Atá cuid aca curtha sa chill, agus
cuid eile sgapuighthe i bhfad ó chéile." Admhaim, a chríostaidhe, gur
deacair leoirghníomh do dhéanamh ar


L. 134


uairibh áirithe.



Acht tugaim fá ndeara riaghalacha áirithe <atá ionamhail fóghantach>
chum congnamh do thabhairt díbh agus chum bhur meabhair do neartughadh, má
bhíonn misneach críostamhail agaibh chum iad do leanmhain. An chéad nídh,
dúil díograiseach do bheith agaibh chum gach dochar agus díoghbháil dá
ndearnabhar ar an gcomharsain do leasughadh do réir bhur n-acfuinn agus
chomh dúthrachtach agus is féidir libh é. Agus ón tráth 'n-a mbéidh
an rún diongmhálta so agaibh chum bhur ndícheall do dhéanamh, do-gheobhaidh
sibh féin amach mórán meodhain agus slighte nár chuimhnigheabhar orra
go dtí sain. An dara nídh, na meodhain sin do lorg agus do chuartughadh
go haireach imshníomhach. An treas nídh, a chur i n-aith díbh féin gur
féidir leoirghníomh do dhéanamh i ndiaidh a chéile, agus nach bhfuil sé
d'fhiachaibh oraibh é go léir do dhéanamh i n-éinfheacht, agus mar sin,
an mhéid nach dtiocfaidh libh do dhéanamh anois, déanaidh fá cheann
seachtmhaine nó coicthighis é, agus an méad nach mbéidh déanta an uair
sin de, déanaidh i gceann mí nó bliadhna, nó fós i gceann dhá bhliadhain,
trí bliadhna, nó seacht mbliadhna fós. An ceathramhadh nídh, é go léir
do chur fá bhreith agus fá chómhairle d'oide faoisdine, gan focal do
cheilt den fhírinne air, agus a chómhairle do leanmhain. Geallaim duit,
a chríostaidhe, má leanann tú na meodhain sin, gan iompódh ná faillighe
do thabhairt ionnta, go dtiocfaidh leat le congnamh an Tighearna, mórán
leoirghníomh do dhéanamh 'n-ar mheasais roimhe sin bheith ar taobh amuigh
ded chomhachta, agus sgriosfaidh tú amach as leabhar an chunntais breith
uathbhásach do dhamaint síorruidhe.


L. 135


A chomhluadair chríostamhail, gan leoirghníomh do dhéanamh ní fhuil
slánughadh síorruidhe le fagbháil agaibh; óir ní fhuil aon aithne
bhaineas leis an gcreideamh as mó atá ceangailte orainn, ná as lugha as
féidir cur suas dó, mar nach bhfuil maitheamhnas le faghbháil ann ón
Eaglais ná ó Dhia féin - ón Eaglais, mar nach bhfuair sí na comhachta
chuige, nó ó Dhia, mar nach maith leis maitheamhnas do thabhairt ann.
Breithnighidh go glinn é. Do thug Dia comhachta dá Eaglais gan cuimsiughadh
gan teorainn tré n-ar féidir léi na dlighthe as naomhtha agus na móide
as daingne agus as solamanta do sgaoileadh, na coirtheacha as fuathmhaire do
mhaitheamh, agus na banna Eaglaise agus na peanóis as cirte do thógbháil.
Tar éis sin go léir, a chríostaidhthe, nach iongantach an sgéal é nach
féidir leis na daoinibh seo, dá dtug Dia oiread sain comhachta,
maitheamhnas ná absolóid do thabhairt duit sa pheacadh so. Atáid
eochracha flaitheamhnais, do thug ár Slánuightheoir do Pheadar Abstal,
gan bhrígh ná tairbhe d'aon chríostaidhe 'n-a bhfuil cuid na comharsan
ar a láimh go héagcórach agus rún aige san am chéadna chum a chongbháil
aige féin. Agus bíodh gur féidir le Dia, ó's é féin Tighearna an uile
nídh, cuid na comharsan do thabhairt suas don té as maith leis, deimhnighim
duit, tar a cheann sain, nach ndéanfaidh sé go bráth é, mar nach maith
leis é do dhéanamh, mar as é féin díonuightheoir an chomharsan, agus,
mar innseann an Spiorad Naomh dúinn tré bhéal an Abstail, nach sealbhóchaidh
fear na héagcóra, an bitheamhnach, ná an duine sanntach ríoghacht nimhe
go bráth - neque fures, neque avari, neque rapaces regnum Dei
possidebunt (Cor.vi.10). Agus ar an ádhbhar sain, bíodh go dtagaid siad ag
bualadh a


L. 136


n-uchta ós comhair na haltóra, bíodh go bhfuilid ag sileadh na ndeor
gan traochadh ag cosaibh a n-oide faoisdine agus ag céasadh a gcolna le
trosgadh agus le tréadhanas, 'n-a dhiaidh sain go léir, má chongbhaid siad
cuid na gcomharsan go héagcórach ar a lámhaibh, gan leoirghníomh ná sásamh
dlisdineach do dhéanamh ann fá bhrat aithrighe do rinne a síothcháin le
Dia, ní fhuil ionnta acht lucht bréag-chrábhaidh agus droch-chríostaidhthe,
agus má bheir an bás ins an staid sin orra, béidh mallaighthe damanta gan
amhras.



Ag sin go fírinneach an teagasg naomhtha do mhúineann an Soisgéal
dúinn, agus má tá éinneach sa chóimhthionól so chomh dona chomh
mí-ádhmharach sin agus gan músgladh suas ó n-a throm-shuan chodlata,
agus gan rún daingean aige chum ceart do dhéanamh dá chomharsain,
athchuingim agus impidhim air ó chroidhe cur i n-ath dó féin go dtiocfaidh
an lá 'n-a gcaithfidh sé sgaramhain le cuid na comharsan dá aimhdheoin,
agus nach dtréigfidh an éagcóir do rinne sé air go bráth é, de bhrígh
go leanfaidh go dlúth é ar feadh na síorraidheacha. Ná bí chomh
díchéillidhe sin agus toradh is saothar do pheacaidhe d'fhágbháil mar
oighreacht id dhiaidh, chum peanós uathbhásach do-innste ifrinn do
thuilleamhain duit féin i dtaobh ór agus airgead d'fhágbháil ag daoinibh
díombuidheacha cruaidh-chroidheacha, nach dtabharfaidh aon chuid de uatha
do na boicht ná don díleachtaidhe chum guidhe Dé ar do shon. Agus dá
bhrígh sin, tabhair uait anois dod dhearbhráthair an nídh as leis; sgair
go misneamhail cródha leis an airgead chum d'anam ghlórmhar do chosain, do
bhaineann mar oighreacht cheart leis an Slánuightheoir, ó's é féin do
cheannuigh í go daor dochrach leis an mbraon deireannach dá chuid fola
uaisle ar chrann scannalach na croise.


L. 137


Is amhlaidh sain do labhair Séamas Naomhtha le daoinibh saidhbhre, le
lucht ioncomais agus éagcóra do bhíonn ag méadughadh a bhfághaltais le
coir agus le héagcóir, le fuadach agus le gliocas, nuair adubhairt sé go
rabhadar ag saothrughadh feirge agus lonnais an Tighearna dóibh féin ar
feadh na síorraidheachta. "Imthighidh," ar sé, "agus cuiridh suas na
gártha atruaghacha anois ar son an ghéibhinn chruaidh i n-ar chuibhrigh bhur
sainnt do-shásta sibh, agus mar nár bh'áil libh aon éagcóir dá
ndearnabhar ar bhur gcomharsain do chúiteamh, do rinneabhar cisde feirge do
sholáthar dhíbh féin i gcoinne lá sgeonmhar sgannrach díoghaltais Dé" -
thesaurizastis vobis iram in novissimis diebus (Séam.v.3). Atá an oiread
fiadhnidhthe chum teacht <in> bhur gcoinne agus atáid de
bhochtáin dár chreachabhar agus dár luigheabhar lán throm <orra> chum bhur
saidhbhreas do mhéadughadh. Atáid a n-árd-éighmhe ag éirghe suas chomh
hárd leis na flaithis in bhur gcoinne do láthair cathaoir bhreitheamhnais
an tSlánuightheora; agus má thugann sibhse cluas bhodhar dóibh, atá Dia
lán de thruaighmhéil agus de thrócaire dhóibh. Cloiseann sé gearán
cruadh cráidhte bhur gcuallacht agus bhur lucht oibre 'n-a bhfuil luach
alluis a ngruadh is a leacan gan díol fós agaibh. Mothuigheann sé go cruinn
deora troma na mbaintreabhach mbocht agus gártha gol na ndíleachtaidhe do
chreachabhar, agus feicimís cá bhfuil an té d'fhéadfaidh sibh do chosain
ó bhéimeannaibh a chirt-bhreitheamhnais ná ó na lasrachaibh nimhneacha
do chuir bhur sainnt d'fhiachaibh air d'adhaint in bhur gcoinne -
ecce merces operariorum qui messuerunt regiones vestras, quae


L. 138


fraudata est a vobis, clamat et clamor eorum in aures Domini Sabaoth
introivit (Séam.v.4).



Ar an ádhbhar sain, a chríostaidhthe ionmhuine mo chroidhe, ní fhuil
meodhan ar bith neartmhar a dhóithin chum sibh do chosain ó iríre an
Tighearna, ná ó n-a cheart-bhreitheamhnas do thuitim anuas oraibh, acht
leoirghníomh dlisdineach do dhéanamh gan mhoill le nbhur gcomharsain.
Óir ón dtráth nó ón móimeint fós 'n-a mbéidh sé d'acfuinn agaibh,
ní dlightheach dhíbh é chur ar cáirde; agus is mór an éagcóir agus is
fuathmhar an peacadh an leoirghníomh do bhéidh i n-ár gcomhachtaibh ar feadh
ár saoghail do chur ar cáirde go lá ár mbáis. Ar an ádhbhar sain,
athchuingim is impidhim go dúthrachtach ort, a Dhia na n-uile chomhacht,
spiorad na fíréantachta agus an chirt do thabhairt dod phobal féin, chum
go dtiocfadh leo gairm bheannuighthe an chríostaidhe do chóimhlíonadh;
agus ná léig dóibh glóire Dé agus aoibhneas na beatha síorraidhe do
chailleamhain ná do thréigean mar gheall ar teóllach talmhaidhe an
tsaoghail. Óir créad é an tairbhe dhúinn saidhbhreas an domhain go léir
do bheith againn má imthighmíd ar seachrán uait? Agus ar an dtaobh eile,
bíodh go dtréigfeadh an saoghal go léir sinn ar feadh na beatha so, dar
ndóigh, ní féidir nach é an sonas as mó le fagbháil dúinn do ghrása
agus do mhuinnteardhas do thuilleamhain le linn ár n-aistir sa ghleann bhocht
so na ndeor, agus tú féin do shealbhughadh i bhfochair na n-aingeal agus na
naomh le saoghal na saoghal - beannacht d'iarraim díbhse agus dam féin.
I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Bíodh mar sin.


L. 139


Seanmóir a hOcht
Naomh Peadar agus Naomh Pól.




B 1808 19T
U 0401



I - Is míorbhaileach iad oibreacha Dé in gach am agus in gach áit, acht is
míorbhaileach tar bárr iad i ngnóthaibh creidimh agus san tionnscailt
do rinneadh ar an Teampall agus ar an Eaglais do chuir ar bun. Nuair tháinig
líonmhaireacht na haimsire agus an t-am i n-ar fhógair na fáidhe críoch
bheith ar dhlighe Mhaoise, do thuirling Mac Dé ar talamh i gcló agus i
nádúir daonna. Ón am sain go huair a chéasta, agus fós gur fhág radharc
na talmhan, badh é slánughadh na cine daonna agus sonas an Teampaill do bhí
ar thí d'fhágaint tógtha i n-a dhiaidh a ghnáth-smuaineamh agus <a> obair
dhiadha. Do rin sé an obair. Cheannuigh sé an chine dhaonna agus do
shaothruigh a Theampall gan sal, gan spota le dortadh fuil a chroidhe.


L. 140


Uch! a chríostaidhthe, nach mór é comaoin Dé orainn? Nach
éagsamhlach é a ghrádh don duine? Do rin sé, mar adéarfainn, neamh-nídh
dá dhiadhacht ar a shon, agus chum é sin d'árdughadh go síothcháin na
bhflaitheas d'ísligh é féin go bás sgannalach na croise. I n-a dhiaidh
sin, ní iarann orainn acht gan é d'aith-chéasadh le n-ár bpeacaidhe, gan
sinn féin 'dhíol le naimhde ár n'anma tar éis dó sin sinn 'cheannach dá
Athair síorraidhe.



II - Níor leor leis an Tighearna an méid do sin i n-a phearsain féin
dúinn, acht do bhí sé beartuighthe, do réir socrughadh na heagna
síorraidhe, cuideachta na gcríostaidhthe d'fhágaint. Níor bh'fhonn leis
iad d'fhágaint i n-a ndílleachtaidhthibh gan ceann-treoir creidimh agus
riaghluightheoir mórálta i n'ionad fá ghileacht a Spioraid Ró-dhiadha
féin. Is chuige seo rin togha ar na habstalaibh. Is chum eolas a chreidimh
agus a riaghlacha a mhúineadh líon sé leis an Spiorad Naomh iad agus do
bhronn ortha tiodhlaicthí teangtha agus míorbhailtí. Euntes, ergo,
docete omnes gentes: "Imthighidh ag teagasg na náisiún" (Marcus xvi.15).
Agus mar nach raibh na habstail chum maireachtain i gcomhnuidhe, <agus s>an am
gcéadna nár bh'fhuláir creideamh Íosa Críost bheith buan i bhfírinne go
deireadh an tsaoghail, do gheall sé dóibh a chomhnuidhe go Luan na breithe -
et ecce ego vobiscum sum omnibus diebus usque ad consummationem saeculi
(Matha xxviii.20). "Atáim in bhur bhfochair ag múineadh agus ag baisteadh, ag
riar na sacramaintí agus ag craobhsgaoileadh an chreidimh." Ní féidir, ar an
ádhbhar sain, aon earráid chreidimh ná cleachtadh claonmhar do luadh


L. 141


leis an Teampall atá stiúruighthe le Spioraid doimheallta Dé.



Is annso arís as cóir dúinn machtnamh a dhéanamh ar thabharthaisí an
Tighearna agus ar an trócaire do rin linn i dtaobh oighreacht an chreidimh
chóir d'uadhachtughadh dúinn tar na mílte eile atá ar seachrán
creidimh agus foluighthe le sgáil dorcha an bháis. Tugaidh aire ar an
ádhbhar sin; ná tuillidh casaoid an Tighearna: "Dá mbadh iad súd
chífeadh na hiongantais d'oibrigheadh in bhur measgsa is fada ó shoin
do dhéanfaidís aithrighe i n-éadach róin agus i luaith" (Matha xi.
21).



III - Ní fada bhí na habstail ag craobhsgaoileadh an chreidimh nuair
hairigheadh a nguth in gach páirt den domhan (Rómh.x.18), óir do labhradar
le béal an Spioraid Naoimh agus níor fhágbhadar aon áit thoir ná thiar, theas ná
thuaidh, gan Críost agus a chreideamh glanchroidheach nuadh do theagasg.
Ní fhéadfadh comhachtaí an tsaoghail ná inntleacht ifrinn buaidh 'bhreith
ortha, óir do rinneadar oibreacha thaisbeán go mbadh iad teachtairí Dé
iad nár bh'fhéidir 'chlaoidheadh ná 'shárughadh. d'fhuilingeadar
bochtaineacht agus anró agus droch-mheas. d'fhuilingeadar géir-leanmhaint
chruaidh agus gach beart tíorántamhail dár imir págánaigh agus lucht
dí-chreidimh ortha. I n-aon fhocal, mhaireadar i seirbhís Dé gur gearradh
den tsaoghal iad le claidheamh an dí-chreidimh agus an uilc, ag fágaint
séala a gcuid fola mar chomhartha naomhthachta ar an gcreideamh 'n-a
bhfuaradar bás ar a shon.



Do lean mórán eile saighdiúirí cródha an sompla céadna i gcomhaois
na n-abstal agus na céadta bliadhan


L. 142


i n-a ndiaidh, ag tabhairt fiadhnaise le fírinne an chreidimh le dortadh a
gcuid fola, agus roinnt eile le beatha ró-chráibhtheach; do réir mar atá na
mairtírigh, na coinfeisiúirí, agus dochtúirí oirdheirce an Teampaill.
Agus is annso aríst as ceart machtnamh 'dhéanamh ar shompla na naomh
agus na n-abstal, ar laighead a ngrádha don tsaoghal mhealltach
chailleamhnach, agus ar an tsástacht agus compórd le n-ár fhuilingeadar
chum Dia 'shealbhughadh san nglóire. Bhí fhios aca nach maireann pléisiúr
an tsaoghail acht seal agus go raibh aoibhneas pharrthais doi-chríochnuighthe.
Thuigeadar nár chás bheith bocht agus fá dhroich-mheas saoghalta le súil
bheith saidhbhir i ngrása agus i gcreideamhaint ag Dia. Chuimhnigheadar ar
an mbeannacht d'fhág Dia ag an muinntir bhíos bocht i spioraid "mar as leo
ríoghacht nimhe (Matha v.30)", agus an mhallacht d'fhág ag lucht an ampla
shaoghalta: Verumtamen vae vobis divitibus (Lúcás vi.24),
'brón ar fhear an tsaidhbhris mar as deacair dó dul go ríoghacht na
bhflaitheas.' I n-aon fhocal, mar adeir an t-Abstal,
thuigeadar go mbadh ghairid é pléisiúir an pheacaidh agus go mbadh
fhadshaoghalach é a phionós, agus leis so nár thugadar seilbh ar a n-anam don
áidhbheirseoir le gníomharthaibh an pheacaidh, ná fearg Dé ortha féin le
briseadh a dhlighe. Sin mar a thuigeadar; sin mar rinneadar.
Créad a dhéanaimíd-ne? Nach baoghalach gur treise le n-ár múig
i dtaobh anró saoghalta ná le n-ár sástacht ag fuiling ar son Dé, gur
mó ár sgím i dtaobh ár gcoinghill ar an dtaobh so den uaigh ná cionnus
bhéimíd san tsíorraidheacht, agus gur cuma cad dhéanfaidh Dia


L. 143


nó an t-anam má bhíonn an corp agus an diabhal sásta?



A fhiadhnéidh so ar lucht na sainnte agus na héagcóra, nó ar fhear na
mionnaí agus an óil sgannalaigh. Cionnus as féidir leis an té atá i n-a
dhiabhal súil bheith aige le coróin na naomh? Cionnus, mar shompla, as
féidir leis an bhfear aosta nó an buachaill meastamhail óg i n-ar ab
easgaine urnaighthe, i n-ar ab 'diabhal' agus 'deamhan' tosach agus lár agus
deireadh a dhroch-chainnte, cionnus as féidir leis súil bheith aige le
beannacht na naomh, le grásta Dé annso, ná le trócaire Dé i n-a dhiaidh
so? Cionnus d'iarrfaidh <tú> iostas ar theacht na hoidhche ar an té i n-a
bhfuilir ag tabhairt tarcaisne ar feadh an lae; agus nuair thuitfidh anaithe
an bháis, cad é an chabhair briathra beannuighthe 'Dia leat' agus 'trócaire'
i mbéal na muinntire do mhalluigh iad féin i n-a sláinte le guidhne,
mallachtaí, agus mío-ádh? Ná bíodh, ar an ádhbhar sain, an fear óg
nó aosta tabhartha do chleachtadh mío-ádhmharach ná guidheadóireacht.
Bíodh fírinne mar riaghail le n'fhocail agus ní gábhadh dó dearbhughadh
san éitheach. Bíodh "seadh" nó "ní headh" aige agus ní gábhadh dhó
dul níos sia ag lorg teannta na fuinnimh dá chainnt. Is é an chomhairle
chéadna thugaim don bhean chríonna agus don óig-bhean nach leigfeadh náire
dhí Dia ná Muire 'thabhairt, agus nach beannuighthe í a cainnt i n-a
dhiaidh sain. Athchuingim go speisialta ar bhanaltra an leinbh
neamh-chionntaigh, agus í siúd atá isteach agus amach leis le linn tosnughadh
ar chainnt, gan rian a droch-labhartha d'fhágaint ar <a> intinn óig, ar
eagla gur ab í féin fós ghoilfeadh i gcúis a dhamanta.


L. 144


IV - Acht chum teacht go dtí solamaint an lae tar éis tracht ar oibreacha
ár Slánuightheora agus dúthracht na n-abstal a chuir an Teampall agus an
creideamh cóir go buan ar bun: ní ceart dearmad 'dhéanamh den dís abstal,
Peadar agus Pól, crainn soillse na hEaglaise.



Is deacair a rádh cia aca do b'aoirde i subháilce agus i naomhthacht, agus
cia aca badh threise i gcreideamh, i ngrádh Dé agus na gcomharsan. Do b'iad
réalta eolais an chreidimh agus piolóirí an Teampaill iad. Glaodhadh
iad araon chum bheith i n-a n-abstalaibh agus níor dhiúltadar guth an
Tighearna d'fhreagairt. d'fhág Peadar a líonta agus do bhrostuigh ó
thaobh na trágha chum iasgaireacht 'dhéanamh ar anamacha na ndaoine. Thréig
Naomh Pól spioraid an díoghaltais agus a ghéirleanmhaint ar na
críostaidhthibh nuair fuair sé for-fhógra ós na flaithis, óir do tháinig
soillseán go hobann i n-a thimcheall agus, ag tuitim dó ar aghaidh ar an
talamh, d'airigh guth ag fiafruighe: "Créad é an chiall an ghéirleanmhaint
seo agat orm?" "Cia é an chiall an ghéirleanmhaint seo agat orm?" "Cia
hé sin, a Thighearna," adeir Naomh Pól. "Mise Íosa ar a bhfuil tú ag
déanamh díoghbhála, agus is deacair duit iomaradh i gcoinne an anaithe"
(Gníomh.ix.5). Agus annso dubhairt Naomh Pól lán d'eagla: "Ó!
a Thighearna, déanfad do réir do thoile" (Gníomh.ix.6).



Sin sompla ar éifeacht grása an Tighearna agus pátrún iomshlán don
pheacthach chum a bheatha féin d'aistriughadh. An bhfuil tú claoidhte ag
d'ainmhianaibh? An bhfuil tú treasgartha ag an bpeacadh? An bhfuil tú
id námhaid ag Dia? Lean sompla an naoimh; aistrigh


L. 145


do bheatha ag rádh: "Ó! a Thighearna, bíodh do thoil déanta."
Bhí an naomh i n-a pheacthach mhór agus i n-a dhiaidh sain badh mhó a
aithrighe, óir do thug onóir ar feadh a shaoghail d'ainm Íosa i n-ar thug
tarcuisne roimhe sin. Badh dhian é ag cur sgris ar an Eaglais; badh dhéine
é dá cosaint i n-a dhiaidh sin. B'fhonn leis na críostaidhthe 'chur
i mbraighdeanas agus a bhfuil a dhortadh; i n-a dhiaidh sin, d'fhuiling
sé féin príosúntacht agus bás peannaideach ar son an chreidimh chéadna.
A pheacthaigh, lean a shompla ar feadh d'acfuinne. Má thaithighis
droch-chainnt go dtí so, bíodh do theanga beannuighthe go deo aríst.
Má leanais cleachtadh an óil nó an truaillidheacht, bí stuamdha geanmnaidhe
feasta. Má bhíos miosgaiseach, droch-chainnteach, nó feargach le chomharsa,
iompuigh air le páirt agus le carthannacht. Má bhí fearg nó formad i
dtaobh breis do chomharsan ag cur buaidhrimh ar d'intinn, bí séimh mar a
bhí Críost agus ná tuig gur compórd duit aindeise aon duine. Mar so
dhéanfaidh tú aithrighe, sásóchaidh tú Dia, naomhóchaidh tú thú féin,
taitheochaidh tú na subháilcí atá bun-ós-cionn led pheacaidhibh.
I n-éaghmais a sompla, sin é comhairle na naomh. Bhíobhar i
ndorchadas, is é sin i gcleachtadh droich-ghníomhartha; siubhlaidh feasta
i gcasán na maitheasa, an chirt, agus na fírinne. "Siubhlaidh ar nós
cloinne an tsolais" - ut filii lucis amublate (Eph.v.8). Naomh Pól ag
sgríobhadh dos na Rómhánaigh adeir: "d'imthigh an oidhche agus tháinig solas
glan an lae. Díbridh uaibh ar an ádhbhar sain, deir sé, oibreacha an dorchadais
agus na hoidhche agus leanaimíd oibreacha uaisle neamh-náireacha an
tsolais, gan pótaireacht, gan meisge, gan truaillidheacht,


L. 146


gan aimhréidhteach nó iomaidheacht" (Caib.xiii.12-13).



Is chum naomhthacht den tsórt so 'shaothrughadh, chum díbirt do chur ar
an bpeacadh, chum sásamh 'thabhairt do Dhia agus chum a mhuinnteardhas do
thuilleamhaint cheap an Teampall na hocht lá so chugainn, ag tairgsint
tearmainn Pheadair agus Phóil dhúinn agus saoirse ins na fiacha
atá ag Dia orainn le brígh agus tairbhe an lóghdha.



V - Is aosta an cleachtadh ins an Teampall lóghda: atá chomh seanda
leis an gcreideamh féin. d'fhág Naomh Pól a shompla againn nuair thug
maitheamhnas don Choirinteach san bpionós bhuail air dá thabhairt suas don
áidhbheirseoir; agus am na mairtírí 'chur chum báis, deir sgríbhinn
diadha an Teampaill go n-iarradh na críostaidhthe cabhair a n-urnaighthe
agus déarc dá saothar cuirp.



Is é an léigheann céadna mhúin Comhairleacha an Teampaill, agus
go speisialta Comhairle Trente, an ceann deireannach bhí againn, nuair
adubhairt gur ró-thairbheach naomhtha an cleachtadh lóghdha.



Badh é sin creideamh gach aois, an t-aon chreideamh ó Chríost anuas gur
éirigh Martan Lútar suas trí chéad bliadhain ó shoin, fear dána
léigheannta glic neamh-náireach d'iompuigh mórán deisgiobal leis. Badh
bhráthair d'órd Naoimh Aibhistín é do ghlac fearg agus formad mór le
hórd Naoimh Doiminic i dtaobh don bPápa léo tosach 'thabhairt dóibhsean tar
'órd féin i roinnt agus i mbronnadh lóghdhanna. Thosnuigh ar dtúis le
locht d'fhaghbháil ar neithe suaracha, i n-a dhiaidh sin ar


L. 147


neithe níos suimeamhla ná sain, agus san deireadh bhuail buille ar rúindiamhra
agus ar anam an chreidimh.Níor dheacair dó dul ar aghaidh mar fuair tearmainn
agus congnamh ó phrionnsaí saoghalta, agus má's fíor é féin, bhíodh comhluadar
aige le prionnsa an uilc. Fágbhaimídne le carthannacht i láimh Dé a bhreath
féin agus an dream do rin athair a gcreidimh de, agus tugaimís iarracht
ar thairbhe 'bhaint as cleachtadh an lóghdha shéanaid sin. Chuige so is
oireamhnach fios bheith againn goidé an nídh an lóghdha.
Is é <rud> an lóghdha, mar as iontuigse ón bhfocal, ná luáil nó
locáiste san bpian aimseardha atá bainte tar éis maitheamhnachas
d'fhaghbháil san bpeacadh féin. Nuair a bhíonn duine daor chum a chrochta
agus go bhfaghann a phárdún, is minic a bhuailtear pionós aimseardha air .i.
pionós a mhaireann ar feadh sgathaimh, cuirim i gcás príosún mí nó
ráithe nó bliadhna. Is mar sin don bpeacthach. Nuair a bhíonn sé daor
i láthair Dé le briseadh dlighe, agus go bhfaghann maitheamhnachas i n-a
choir le trócaire Dé agus a aithrighe féin, is minic agus is gnáthach go
bhfanann fiacha ag Dia air as éigean do 'dhíol, ceachtar le sásamh
'dhéanamh ar an saoghal so le maith-ghníomhartha, nó ar an saoghal eile le
fuiling i bpríosún phurgadóireachta. I dtúis an Teampaill nuair bhí an
aithrighe géar, do bhí an phionós féin gearrtha amach agus ainmnighthe
do gach aon pheacadh, sé sin, an oiread sásaimh agus badh dhóigh leis an
Teampall d'iarrfadh Dia; seacht mbliadhna i dtaobh adhaltrannais, srl. I
gceann aimsire, nuair fhuar an creideamh agus d'aistrigh an saoghal san


L. 148


ngléas nár bh'fhéidir na riaghlacha so 'leanmhaint níos sia, le
hoireamhaint agus tuigsint do nádúr lag na ndaoine, do thug an Teampall
saoirse ins na riaghlacha géara sain, agus d'órduigh i n-a n-áit an lógdha
mar atá againn i láthair.



As so is fuiris a thuigsint goidé <an> nídh lóghdha dá fhichid lá nó
seacht mbliadhna. Ní hé as ciall dó dá fhichid lá nó seacht mbliadhna
de phionós phurgadóireachta bheith maithte linn, acht an oiread pionóis nó
sásaimh agus do dhéanfaimís a chóimhlíonadh ar feadh dá
fhichid lá nó seacht mbliadhna do réir na ngéir-riaghlacha aithrighe
bhí i gcleachtadh i dtúis an Teampaill. Agus, dar ndóigh, is mór an
luáil é sin, go bhfaigheadh duine le hoibreacha aon mhaidin amháin luáil
i n-aithrighe dá fhichid lá nó seacht mbliadhna, níos mó nó níos lugha
do réir ainmneachais an lóghdha nó a dhúthrachta féin. Mar an gcéadna,
le toradh lóghdha cómh-choitchinn gheibhtear maitheamhnachas, ní i roinnt,
acht san iomshlán den phionós aimseardha atá bainte orainn tar éis
maitheamhnachas d'fhaghbháil i n-ár bpeacaidhe, ar mhodh, an té gheobhadh
bás san staid sin, nach mbéadh aon mhoill air i bpurgadóireacht ar an
tslighe go neamh.



Ní gábhadh dhom a innsint díbh gur ab as ciste na hEaglaise
déantar an díolaidheacht so ar ár son, agus gur ab é breis sásaimh ár
Slánuightheora agus na naomh roinntear orainn, óir atá an comhachta so ag
an Eaglais mar thaisbeánann focail an tSoisgéil, nuair adubhairt Íosa
Críost leis an Eaglais go raibh agus go mbéadh gach nídh sgaoiltear ar
talamh sgaoilte ar neamh (Matha xviii.18). As so atá comhachta peacaidhe
'mhaitheamh aca agus is fusa pionós an pheacaidh 'mhaitheamh ná an peacadh
féin. Dá bhrígh sin, atá comhachta lóghdha ag an Eaglais.


L. 149


Agus aríst do réir mar a mholtar gníomh an té úd nach gcuireann i
bpríosún fear na bhfiacha nach mbéadh ábalta ar a dhíol, nuair b'fhéidir
leis é, mar sin is ceart dúinne trócaire Dé a mholadh nuair nach ndaorann
sinn go príosún purgadóireachta ag díol na bhfiacha nár bh'acfuinn dúinn
a dhíol fad bhíomar beo; óir atá ár saoghal chomh gairid sin, ár
bpeacaidhe chomh hiomadamhail sin, ár n-aithrighe chomh lag sain nach
iongnadh fiacha bheith ag Dia orainn i bhfad ós cionn cumais ár ndíolta
ar an dtaobh so den uaigh, agus is ionnta so gheibhimíd maitheamhnachas le
brígh lóghdha.



<Chum lóghdha d'fhaghbháil> ní mór do dhuine bheith ar staid na
ngrás, óir i gcúrsaí an tsaoghail féin is do dhuine muinnteardha as
gnáthach luáil a thabhairt; agus is chum muinnteardhas Dé do thuilleamhaint
d'órduighthear faoisidin agus comaoin le linn lóghdha. Ar an ádhbhar sin,
ná leigeadh aon duine ar lár deagh-oibreacha aithrighe ná beatha
cráibhtheach le súil go ndéanfadh toradh lóghdha ionad, acht leanadh
sompla Dáithi rí d'iarradh ar Dhia é 'ghlanadh agus <é> 'nighe níos mó
ó n-a pheacaidhibh tar éis dó deimhin d'fhaghbháil iad bheith maithte
leis (Sailm l.4). I n-a dhiaidh sin, ní mór do dhuine roinnt bheag urnaighthe
a rádh le hintinn na hEaglaise, cuirim i gcás sé Paidir agus Abhe Maria agus
Cré. Acht tar gach nídh eile is é an fhaoisidin ghlan agus comaoin naomhtha an
eochair chum dorais stóir na hEaglaise agus na trócaire d'fhosgailt, agus
dá bhrígh sin, nuair nach ndéanann duine an aithrighe, nuair nach
gcuimhnigheann sé ar a anam do


L. 150


ghlanadh san bhfaoisidin, nuair leanann sé cleachttha an pheacaidh,
droch-chuideachta agus tigh an óil, formad, aimhréidhteach, agus fonn
díoghbhála a chomharsan, nuair mhasluigheann Dia agus a Mháthair ró-naomhtha
go laetheamhail agus nuair nach gcuireann suim i n-éirleach 'dhéanamh ar
chreideamhaint a chomharsan, Ó! is baoghalach don té úd gur damanta í a
chríoch. Atá fhios ag gach n-aon má thuilleann féin an bhreath so, óir ní
fhuil aon duine i n-a pheacthach ná i n-a mhalluightheoir i gan fhios dó féin.
Ná codladh peacthach den tsórt sain níos sia i gcuideachta an bháis, agus ná
cailleadh an naomh a naomhthacht. Atá Naomh Odhrán ag guidhe ar ár son.
Atá dóirse na bhflaitheas osgailte, agus a shaidhbhreas dá roinnt. Atá an
tsíorraidheacht fada, an saoghal gairid, agus an bás mealltach. Atá an t-anam
bocht le sábháil agus dúil aige 'sna flaithis, agus is é an t-amadán caillfear.



Seanmóir a naoi.
Tógbháil na Maighdine Muire.


L. 151


B 1819ls 19T
Léighmíd ins an Scrioptúir naomhtha go ndeachaidh an bhainríoghan
Bethsabee ag iarraidh athchuinge ar a mac Solamh, mac Dáibhíd. An tan
chualaidh í bheith ag teacht, do chuaidh sé go fonnmhar lúthgháireach i
n-a coinnibh, agus do rinne sé umhla agus onóir dhí, agus do chuir ar a
dheas-láimh i gcathaoir ríoghdha í. Adubhairt sé léi: "Gach nídh
theastuigheas uait, a mháthair, iarr ormsa é agus ní dhiúltfaidh mé tú" (3
Ríogh ii.20). Nuair tháinig an tan do Mhuire, Máthair Dé, a himirce do
dhéanamh ón saoghal so go cúirt na naomh, do tháinig a Mac glórmhar geal
grian-chrothach féin maille le sluaightibh do-áirmhighthe aingeal fá n-a
déin, agus d'fhuráil dóibh a breith leis suas idir anam agus corp go neamh.
Do thug sí buidheachas mór leis ar son na ngrás agus na dtiodhlaicthe do
bhronn sé dhí agus d'iarr sí go humhal mar athchuinge air cead do thabhairt
dí ar dtúis dul tré dhoras an bháis, mar do chuaidh sé fein, sul fá
rachadh sí ar neamh.



An uair seo thángadar i n-a láthair go míorbhaileach na habstail
uile do bhí sgaipthe ar feadh an domhain, agus tar éis sólás agus
cómh-fhurtacht do thabhairt dóibh,


L. 152


do thug sí a hanam glórmhar idir dhá láimh a hAon-Mhic féin.
Ní raibh tórramh badh mhórdhálaighe ná an tórramh do bhí ar chorp
glórmhar Mhuire i gcathair Ierusalem. Do rinneadh an chomh-sholamhain seo
ón dá abstal déag agus ó mhór-uaislibh na gcathracha go hiomshlán - mar
do bhí fios aca go raibh sí d'fhuil ríoghdha Dháibhídh an rígh -ar
an treas lá tar éis a báis. Ar maidin go moch tháinig Aird-Rígh na
bhflaitheas agus a shluaighte le hanam glórmhar a Mháthar Muire, agus tar
éis a cuirp féin do ghabháil uimpe, d'árduigh sé suas idir chorp agus
anam í. Do <chuir> sé ar a dheas-láimh i n-a suidhe í. Do thug sé an
uile chomhachta faoi féin ar neamh agus ar talamh dí, agus do ró-gheall dí
nach bhfuil athchuinge ar bith dá n-iarrfadh sí nach bhfuigheadh.
Is ar an árdach iongantach so do rinneadh uirthe go cúirt na
Tríonóide agus ar na mór-ghrásaibh do dhoirteas anuas orainn as mian
liom trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn i n-a dhá phuinnte. Do
hárduigheadh Muire go parrthas ar mhodh iongantach éagsamhlach: sin an
chéad phuinnte. <Na grása do-chuimse do-gheibh sí do gach aon chuireas a
dhóchas agus a mhuinighin innte: sin an dara ponnc.> Acht iarraimís ar
dtúis tréanchongnamh an Spioraid Naoimh tré eadarghuidhe na Maighdine
Muire.



An Chéad Roinn.
Nuair do thig bainríoghain ar bith go nuadh chum a ríoghachta nó chum
cathrach ar bith, bíonn dúil ag an uile dhuine dul fá feicsin; téid an
t-uasal agus an t-íseal, an


L. 153


lag agus an láidir, an bocht agus an saidhbhir i n-a hairchis d'fháiltiughadh
roimpe. Ní bhíonn nídh ar bith le cluinsin ná le feicsint an uair seo acht
féastaí dá gcaitheamh, fíonta dá ndortadh, gunnaí móra dá sgaoileadh
agus orgáin dá seinnm, tabharthais mhóra dá mbronnadh ar an mbain-phrionnsa
so; fá dheoidh do-ghníthear an uile shórt solamhain agus caitheamh aimsire
le linn na bainríoghna so do theacht ag glacadh seilbhe ar a coróin. Ag
seo an nídh, adeirim, do-ghníthear leis na prionnsaíbh talmhaidhe. Acht
créad as fiú an méid as féidir do dhéanamh ar talamh seach an
tsolamhain agus an t-iolgháirdeas do taisbeánadh i dtigh Dé le linn
bainríoghna na glóire do dhul ag glacadh seilbhe ar choróin aoibhinn na
síorraidheachta? Do ghlac iongantas mór na naoi n-úird ainglidhe fá
mhéid na glóire do bhí aice an tan do tháinig siad i n-a coinnibh, agus
do rinneadar go binn an chaintic mholta so dhí: "Cia hí siúd ag éirghe
mar an réilt mhaidne, breagh mar an ngealaigh, toghtha mar an ngréin,
uaith-bhéalta mar rinn chatha ag dul i gcomhlann?" (Caintic vi.9) -
quae est ista quae progreditur quasi aurora consurgens, pulchra ut luna,
electa ut sol, terriblis ut castrorum acies ordinata. Do tháinig, mar
an gcéadna, i n-a hairchis na fáidhe uile, na haithreacha naomhtha,
na habstail, na naoimh agus ban-naoimh na bhflaitheas go hiomshlán.
Do bhí flaitheamhnas uile ar cóimh-sheinm ceoil agus aoibhnis agus
molta roimh an mBainríoghain Muire. Badh leor an méid seo, dar leat,
a chríostaidhe, d'onóir do dhéanamh fá chomhair créatúra ar bith
faoi


L. 154


Dhia; acht níor mhór le Críost ní badh mhó ná so 'dhéanamh dá Máthair
ghlórmhair féin.



Tháinig sé féin i n-a coinnibh, coróin na glóire ar a cheann, gaoithe
agus deallramh na glóire i n-a ghnúis. Do ghlac sé go soilbhir súgach í.
Do thug sé leis ar láimh í chum an Athar síorraidhe, agus adubhairt leis:
"A Athair, ag so an bhean do thogh tú féin ón síorraidheacht chum a
bheith i n-a Máthair agamsa; seo an bhean do rinne i gcomhnuidhe do thoil
agus nár chlaon riamh chum a briste; so an bhean do bhí i n-a sompla i
subháilce agus i gcneastacht ag fearaibh agus ag mnáibh an domhain." "De
bhrígh," ar an t-Athair síorraidhe, "a Mhuire, go ndearnaidh tú mo
thoilse ar an saoghal agus nár thruailligh tú riamh do choinsias le
salchar ar bith peacaidh, do-bheirim duit mar bhronntas agus mar luach
saothair bheith rann-pháirteach in mo chomhachtaibh." "Do-bheirimse dhuit,"
ar an Mac, "bheith id mháighistreás ar mo thrócaire." "Do-bheirimse
dhuit," ar an Spiorad Naomh, "bheith rann-pháirteach in mo chríonnacht agus
in mo mhaitheas. Orduighim dhuit ó so suas ar feadh na síorraidheachta tú
bheith id bhainríoghain ós cionn na n-aingeal agus na n-árd-aingeal, ós
cionn naomh agus ban-naomh ár gcúirte go hiomshlán."



Ó! a Mhuire, a bhainríoghain na n-aingeal, is mór an cion so agus an
onóir do fuair tú ós cionn naomh an domhain go hiomshlán i bhfiadhnaise
gnúise grian-áilne na Tríonóide; acht ní fhuair tú nídh nár bh'fhiú
thú, mar as tú inghean an Athar síorraidhe, Máthair Aoin-Mhic Dé,
céile an Spioraid Naoimh, agus árus comhnuidhthe na Tríonóide go
hiomshlán. Is fíor, ar an ádhbhar so, an nídh adubhairt Eilisabet
Naomhtha .i. máthair Eoin Baiste, leat, "gur beannuighthe thú idir na
mnáibh" (Lúcás i.42).


L. 155


Ní hiongnadh liom, a cháirde, gur bh'fhéidir le hanam glórmhar
Mhuire í féin d'árdughadh i nóimeaint ón dtalamh go neamh de bhrígh gur
féidir le gach spioraid, olc agus maith, dul ó chrích go críoch agus ó
íochtar go huachtar an domhain i ngearr-aimsir; acht is iongantach liom
cionnus as féidir leis an gcorpán criadh atá timcheall an anma so dul
tríd an mbealach cruaidh úd atá ag dul go tigh Dé gan congnamh gan gléas
iomchair. Atá fios agaibh, a cháirde, gur ab é as nádúr don nídh
bhíonn trom tuitim síos chum talmhan; cionnus, mar sin, do chuaidh an
cholann daonna úd Mhuire ón dtalamh suas go flaitheamhnas Dé? Atá, gur
hiomcharadh an corp glórmhar úd Mhuire i gcarbad órdha oirnéalta le
péarlaíbh agus le clochaibh uaisle mór-luaigh costasamhla .i. a
deigh-ghníomhartha agus a deagh-oibreacha féin. Acht cé hiad na heachraidh
do bhí ag an chóiste seo? Atáid, na subháilcí móra do bhí ag Muire;
agus ar son go raibh an uile shórt subháilce ag Muire do b'fhéidir do bheith
i gcréatúir ar bith daonna, ar mhodh go raibh sí 'n-a lóchrann deallraightheach
lán de ghlaine coinsiasa agus de chrábhadh, do bhíodar na
ceithre subháilcí móra i gcéim ró-árd innte, mar do bhí umhlacht,
geanmnaidheacht, carthannacht, agus foighde.



Is uras, dar leat, a chríostaidhe, Muire Mháthair do mholadh; gidheadh,
má fhéachann tú go grinn air is nídh dócamhlach doi-dhéanta é. Má
fhéachaimíd ar Mhuire i leith a colna, is uras gan amhras a moladh, de
bhrígh nach bhfuil sgéimh, áilne, ná deise do b'fhéidir le colainn daonna
ar bith do bheith innte nach bhfuair sí ón Athair


L. 156


síorruidhe an tan do ró-chruthuigh sé í agus do thogh sé í chum a bheith 'n-a
Máthair ag a Aon-Mhac.



"Atá tú breagh go hiomshlán" (Caintic iv.7). Má fhéachaimíd ar Mhuire i
dtaobh a hanma, is deimhin go bhfuair sí oiread tiodhlaicthí agus grása ó n-a
hAon-Mhac féin, Íosa Críost, san nóimeint do ghlac sé colann daonna fá
n-a broinn agus do b'fhéidir le créatúir ar bith do ghlacadh nó do bheith
aige. Do thug Dia an oiread sin grása don Óigh Muire agus
do b'fhéidir leis do thabhairt do chréatúir daonna ar bith. Atáid na
grása agus na tiodhlaicthí do fuair Muire, mar sin, i dtaobh anma agus
cuirp chomh mór sin nach féidir le hinntleacht daonna ar bith ná le teanga
ar bitha moladh ná a gcur síos mar as cóir. Má chuirim rómham, a
cháirde, bainríoghain na bhflaitheas do mholadh i dtaobh a humhlachta,
do-gheabhaidh mé an iomad naomh agus ban-naomh do bhí umhal, acht
níor bh'fhéidir leo teacht i n-aon chomhgar d'umhlacht Mhuire, mar do lean sí
coiscéimí a hAon-Mhic Críost; d'ísligh í féin chomh mór sin faoi
chosaibh an tsaoghail gur hárduigheadh í chum na háite as aoirde faoi an
dTríonóid Ró-naomhtha ós cionn corradh na n-aingeal i dtigh Dé. Má
labhraim, a chompánacha, ar gheanmnaidheacht agus ar ghlaine coinsiasa na
hÓighe Muire, do-gheabhaidh mé san am gcéadna iomad maighdean nár
truailleadh a gcolann riamh le salchar ar bith peacaidh, acht ní facathas
agus níor cluineadh riamh bean ar bith do bhí 'n-a máthair agus 'n-a
maighdin i n-éinfheacht mar do bhí Muire, Máthair Dé. Má mholaim Muire
i dtaobh a carthannachta, caithfidh mé an iomad naomh eile do mholadh ag a
raibh grádh ró-mhór


L. 157


ar Dhia agus thug cúl don tsaoghal, do bhronn a maoin
agus a saidhbhreas uile ar bhochtaibh Dé, agus so mar gheall ar Dhia amháin.



Ó! ní raibh acht fuar-ghrádh in gach nídh dhíobh so seach an grádh
do-chuimse do bhí ag Muire ar a Cruthuightheoir. Do bhí a croidhe mar do
bhéadh fúirnéis ar lasadh le hiomad a geana agus a grádha ar Dhia, ar
mhodh go raibh ag leaghadh le grádh. Má fhéachaimíd ar fhoighde Mhuire
do-chífimíd go raibh foighde mhór ag an iomad mairtíreach d'fhearaibh agus
de mhnáibh do crochadh, do céasadh, do loisgeadh, do tairngeadh idir chapaill
as a chéile, agus d'fhuiling an uile shórt pianta go fonnmhar agus go
foighdeach mar gheall ar Dhia amháin. Ó! ní raibh acht fuar-ghrádh in
gach nídh dhíobh so seach an grádh do-chuimse do bhí ag Muire ar a
Cruthuightheoir. Do bhí a croidhe mar do bhéadh fúirnéis ar lasadh le
hiomad a geana agus a grádha ar Dhia, ar mhodh go raibh ag leaghadh le grádh.
Má fhéachaimíd ar fhoighde Mhuire do-chímfimíd go raibh foighde mhór ag
an iomad mairtíreach d'fhearaibh agus de mhnáibh do crochadh, do céasadh,
do loisgeadh, do tairngeadh idir chapaill as a chéile, agus d'fhuiling an
uile shórt pianta go fonnmhar agus go foighdeach mar gheall ar Dhia. Ó!
a chríostaidhe, sin agus a mhíle oiread dá bhfuilingeochaidís, ní raibh
ann uile acht suarachas seach na cúig saigheada marbhthacha do chuaidh tré
chroidhe Mhuire, agus na cúig dóláis d'fhuiling sí fá n-a hAon-Mhac
milis, Íosa Críost.



Ó! a bhainríoghain na n-aingeal, a Mháthair na trócaire, a thobair an
tsóláis, a chuisle na subháilce, a bháis na ndubháilce, a leighis na
n-éagcruaidh, a bhlais iongantaigh a aoibhnis síorraidhe, a stóir óir-chiste
do-thráighte na gcreidmheach, dá dtiocfadh liom do shubháilcí naomhtha do
chur síos mar as cóir, ní bhéinn tuirseach go bráth ded mholadh, acht mar
do sháruigheas an mhuir mhór do-chuimsighthe .i. na grása agus na tiodhlaicthe
do fuair <tú> ón dTríonóid Ró-naomhtha, mo thuigse agus mo chéadfadh, do bhí
mé sásta amháin anois le Dia <dod mholadh> nó le do mholadh leis na naomhaibh
agus ainglibh na bhflaitheas. Glacaim anois mo chead leat níos mó ná solas
beag do


L. 158


thabhairt ar na grásaibh do-chuimse do-gheibh tú do gach aon do chuireas
a dhóchas agus a mhuinighin ionnat - nídh ar ar gheall mé trácht dara
ponnc dem chomhrádh.



An Dara Roinn.
An tan tháinig an prionnsa comhachtach, Constaintín, chum bheith 'n-a
impire ar an Róimh, do chuir sé fios gan mhoill ar a mháthair, Heléna,
agus do thug sé comhachta dhí ar gach saidhbhreas agus iolmhaitheas do bhí
i n-a óirchiste. Do thug cead dí gach ór agus gach airgead do bhí ann
do bhronnadh do réir a toile. Má bhí an t-impire talmhaidhe seo chomh
múirneach chomh onórach so fá chomhair a mháthar, an measann tú go raibh
Críost, impire an domhain go léir, níos daoitheamhla le n-a Mháthair
Muire? Ó! ní raibh; chomh luath agus do chuir sé coróin na glóire ar
a ceann i gcúirt na Tríonóide do thug sé comhachta dhí ar óirchiste
doi-chríochnuighthe a thrócaire, ionnas go tiocfadh léi grása na
haithrighe d'fhaghbháil do pheacthachaibh, sláinte do lucht an tinnis,
sólás do lucht an dubróin, cabhair do lucht an riachtanais, agus
méadughadh grás do na fíréanaibh. Ar an ádhbhar sin, guidhmíd í leis
na briathraibh do-bheir ár naomh-mháthair, an Eaglais, síos dúinn: "A Naomh
Mhuire, tabhair cabhair do na críostaidhthibh agus do na
cráidhteánaibh, srl..



Atá dhá thobar ag Muire as a sileann sí don domhan na tiodhlaicthí
móra do-gheibh sí ón dTríonóid Ró-naomhtha, mar atá an dá chích
gheala bhreaghtha do dhiúl Críost 'n-a leanbh. "Is beannuighthe an bhroinn,"
adeir Naomh Lúcás "d'iomchair tú agus na cíocha do dhiúl tú"
(xi.27). As


L. 159


an gcích ndeis do-bheir sí bainne na ngrás 'n-a thuile do na
fíréanaibh, agus as an gcích clí roinneann sí saidhbhreas na trócaire
ar na peacthachaibh.



Ar an gcích ndeis seo do dhiúl na hAithreacha naomhtha do chuaidh rómhainn
mar do bhí Naomh Aibhistín oirdhearc, Naomh Bearnard milis-bhriathrach,
Naomh Criosostom an bhéil órdha, Naomh Doimnic agus Naomh Proinsias agus
gach naomh mór-mhíorbhailach eile do bhí ann; agus mar gheall ar an
bhfíor-chrábhadh agus ar an onóir do bhí aca do Mhuire, do hárduigheadh
iad chum bheith 'n-a réilteannaibh lonnracha glórmhara ins na flaithis.
As an gcích eile ró-shileann sí trócaire 'n-a tréan-tuile ar na
peacthachaibh, agus dá bhrígh seo, ní fhuil peacthach ar bith, dá mhéid
a chortha, má bheir sé a aghaidh ar Mhuire, nach <mbéidh> trócaire le
faghbháil aige, mar as í féin Máthair na ngrás, Máthair na trócaire.
Léighmíd ar mhórán daoine do bhí ollamh chum droch-bhás do thabhairt
dóibh féin le mío-dhóchas fá thruime agus fá mhéid a bpeacaidhe, agus
chomh luath agus do-bheiridís aghaidh ar Mhuire, do-gheibhidís dóchas agus
misneach. Léighmíd, mar an gcéadna, ar an iomad eile do thug, scríobhtha
le n-a gcuid fola, suas iad féin don diabhal, acht ní luaithe do-bheiridís
aghaidh ar Mhuire leis an aithrighe agus do gháiridís í ná do-gheibhidís
maithfeachas ó Dhia, a hAon-Mhac féin, agus an sgríbhinn tar ais ón
ndroch-spioraid. Ní gan ádhbhar, mar sin, d'órduigheas ár naomh-mháthair,
an Eaglais, dúinn aghaidh do thabhairt go minic ar Mhuire leis na briathraibh
seo an Abhe Maria: "A Naomh Mhuire, Mháthair Dé, guidh orainne na
peacthaigh, anois agus ar uair ár mbáis."



Má atá congnamh Mhuire riachtanach i n-am ar bith, atá gan amhras
ró-riachtanach san phonnc crith-eaglach úd


L. 160


an bháis.



So an ponnc, a cháirde, i n-a dtig an bás mar leomhan craosach
neamh-thrócaireach, agus tollann an croidhe agus na baill uile le n-a ghaethibh
agus le n-a shaigheadaibh nimhe. Ní fhágbhann lúth ná mothughadh san
teangain chum Dé do mholadh ná párdún d'iarraidh. Fágbhann sé an
croidhe fuar siocamhail chum na haithrighe do dhéanamh. So an ponnc a dtig
Lucifer agus a shluaighte malluighthe mar shaithe beach i n-ár dtimcheall.
Sgaoileann gach diabhal aca a gha nimhe leis an anam mbocht an tan sin, ionnas
go dtiocfadh leo gach grása do fuair sí riamh roimhe sin ó Dhia do
mhúchadh agus do bhuain de. "Do tháinig pianta an bháis," adeir Dáibhídh
"ionnam agus dainnséar ifrinn ar gach taobh" (Sailm cxxiv.3). Ó! a
bhochtáin bhoicht, do ró-chaith d'aimsir le huabhar, le feirg, le sainnt, agus
le meisge, agus fós le gach truaillidheacht eile, créad do dhéanfaidh tú nuair
thiocfaidh gach an-spioraid dá rabhais ag seirbhís dóibh ag glacadh seilbhe ar
d'anam? Ó! mo thruagh, mo thruagh thú, a bhochtáin bhoicht do chaith
riamh d'aimsir go ró-olc, do thréig bealach na subháilce agus do bhí
i gcomhnuidhe ad unfairt féin i múnlach na bpeacaidhe, créad dhéanfaidh
tú sínte ar labaidh an bháis duit? Cia ghuidhfeas tú? Cia aigeóras
tú? Cia ar a n-iarrfaidh tú congnamh nó cabhair? Má's ar Chríost
do-bhearfas tú aghaidh, adéarfaidh sé leat gur léig tú an t-am thart
i n-a raibh trócaire le faghbháil agat, agus gur ab í aimsir an bháis
aimsir an díoghaltais ar na droch-dhaoinibh. Má's ar aingeal na láimhe
deise do-bhearfas tú d'aghaidh, is fada ó thréig sé thú mar gheall ar do
dhroich-bheatha sgannalaigh, agus do ghlac aingeal malluighthe na láimhe
clí seilbh ar a phost. Cia, mar sin, ar a dtiubhraidh tú aghaidh i


L. 161


n-aimsir an bháis?



Atá, a charaid, ar Mhuire, Máthair na ngrás, Máthair na trócaire. Do
chuir Críost eochracha óirchiste a thrócaire. Do chuir Críost eochracha
óirchiste a thrócaire ar láimh a Mháthar féin, agus <má> agrann tú go
dian í, guidhfidh sí dhuit agus ar do shon chum a hAon-Mic, agus ní
diúltóchthar í. Ar an ádhbhar sin, ná bíodh mío-dhóchas ná droich-mhisneach
ort gan déirc den trócaire d'iarraidh ar bhainríoghain na trócaire.



Críochnughadh.
Críochnóchaidh mé mo chomhrádh ar dhuine d'áirithe do bhí lán-chráibhtheach
chum Muire d'onórughadh, agus do-ghníodh go minic trosgadh
agus urnaighthe 'n-a honóir; acht do tháinig sé de chathaidhibh air fá
dheireadh gur shíl sé nach ndearnaidh bainríoghain na glóire maith ar
bith dó riamh ar son a shaothair dí. d'fhoillsigh an Mháthair mhilis na
grása an uair seo dhó, ag rádh mar seo leis: "Atá tú ag éagcaoineadh
ormsa fá laighead na seirbhíse do rinne mé dhuit ar son gach urnaighe
agus trosgadh do rinne tú im onóir. Nach cuimhin leat an duine seo agus an
duine seo eile do fuair bás obann gan sacramaintibh na hEaglaise? Nach
cuimhin leat an iomad do fuair bás de phláigh agus d'aicídíbh
coimhtheacha? Nach cuimhin leat an iomad eile do chaill a gclann, a maoin,
a sláinte? Créad shábháil tusa ar gach tubaist aca so? Ó! atá
m'impidhese chum m'Aon-Mhic uile-chomhachtach. Mar sin, ní fhuil ádhbhar
éagcaoine agat. Éirigh ar d'aghaidh agus bí níos dúthrachtaighe ó so
suas ná mar bhís riamh roimhe seo, agus béidh mise ar a shon agat fá
dheoidh."



An comhairle chéadna thug Muire, Máthair na trócaire, don fhear úd,
tugthar dúinn go léir í. Bímís cráibhtheach


L. 162


i gcomhnuidhe do bhainríoghain na trócaire.



Déanaimís seirbhís dí go dúthrachtach anois i n-ár sláinte. Cuirimís
sinn féin fá n-a comairce agus bhíodh dóchas daingean láidir againn as
a trócaire, go bhfuighidh sí maitheamhnas ar an bpeacadh déantar ar an
saoghal so dúinn, agus amharc soillseach ar ghnúis áluinn na Tríonóide
i gcúirt na n-aingeal agus na naomh san saoghal atá le teacht - nídh
atáimse d'iarraidh díbhse agus dom féin indiu. I n-ainm an Athar agus an
Mhic agus an Spioraid Naoimh. Bíodh mar sin.


L. 163


SEANMÓIR A DEICH.
AR AN MBAS AGUS AR GACH IOMLAT BOCHT CRAIDHTE DO-BHEARFAIDH SÉ AR AN
BPEACTHACH NÓ GO SGARFAIDH A ANAM LE N-A CHORP.



Ar a shon, a cháirde, go ndubhairt Plátó .i. prionnsa na foghlama agus na
heagnaidheachta i n-a aimsir féin gur ab í an chríonnacht smuaineadh an
bháis, níor bh'áil leis, ar a shon so, a theagasg go smuaineochadh na
daoine go minic air. Gidheadh, is féidir liomsa a dhearbhadh dhuit gur ab
í an chríonnacht fhírinneach ag an uile dhuine smuaineadh go minic ar an
mbás úd atá cinnte aige le faghbháil, cé nach bhfuil a fhios aige cia
an uair nó an tráth. Ar an ádhbhar sin, is í an chríonnacht fhírinneach
ag an uile dhuine dá maireann ar an saoghal so a ghníomhartha do dhíriughadh
chum críche maithe do bhéas mar riaghail tomhais aca, dá ndéanamh
taithneamhach do réir dlighe agus réasúin i láthair Dé agus an tsaoghail.
Agus mar atá an iomad críoch ag an mbeatha dhaonna, cia shéanfas nach aon
aca an bás, ó is chuige badh chóir dhúinn ár


L. 164


smuainte agus ár ngníomhartha uile do dhíriughadh, ionnas go dtiocfadh linn go
fírinneach deigh-chríoch do chur ar ár laethibh ins an ngleann so na ndeor.
Tuig, a chompánaigh, gur ab as neamh-chuimhne an bháis, badh chóir
dhúinn do bheith i gcomhnaidhe ós comhair ár súl, do thig an uile olc
dá dtig orainn; as a dhearmad go músglann an t-uabhar ionnainn, do
chorruigheann an tsainnt, do lasann an drúis, agus do líona<nn> amach
orainn an uile dhubháilce eile do ghní an t-anam gránna salach i láthair
Dé, agus d'fhastuigheas go daor don diabhal é. As so go súgach
meanmnach leigidh na daoine na haraidhneacha le n-a n-antoil gan eagla roimh
Dhia ná roimh an mbás. Ar an dtaobh eile, dá ndearcfá ort féin, a
bhochtáin bhoicht, cionnus mar bhéas tú ins an uaigh dod ithe, dod
ghearradh, agus dod pholladh leis na piastaíbh agus leis na cnumhaibh
ceann-ruadha cíocracha gortacha, ag a mbéir mar bhiadh feasta, <thuigfeá
id aigne nach bhfuil ionnat acht créatúir bocht anacrach>. An té bhéadh
uaibhreach árd-inntinneach, smuainfeadh sé gur luaithreán é. Cia do dhéanfadh
dia dá bholg dá gcreidfeadh sé gur gairid nó go mbéadh sé
dá chreimeadh ag na ruadhchnumhaibh? Cia atá le riachtanas a mbéadh beann
aige ar saidhbhreas mór do chruinniughadh dá smuainfeadh sé gur gairid nó
go gcaithfeadh sé an t-iomlán de d'fhágbháil i n-a dhiaidh? Fá
dheireadh, do chuirfimís smacht orainn féin dá mbéadh an bás i
gcomhnaidhe mar sgáthán againn ós comhair súl na tuigseana agus na hintinne
do thug Dia dhúinn, mar do bhí ag na feallsamhnaibh úd a mbíodh an uaigh
oscailte aca ós comhair doirse a dtighthe,


L. 165


ionnas go mbéadh cuimhne an bháis
aca i gcomhnaidhe, ag dul isteach agus amach dóibh, agus go gcuirfeadh an
smuaineadh so srian le hantoil na colna.



"Éirigh síos go teach fir déanta crocán criadh," adeir Dia leis an
bhfáidh, "agus do-chluinfidh tú mo bhriatharsa ann" (Ier.xviii.2). Go
dearbhtha, do b'fhéidir le Dia labhairt leis an bhfáidh i n-áit éigin eile tar
an áit i n-a mbíonn na daoine ag oibriughadh na créafóige salaighe, acht chum
oideas do thabhairt dúinn, d'órduigh sé dó teangmháil air ins an áit
úd tar áit ar bith eile, ag tabhairt le tuigsin mar so dhúinn gur ab í
áit adhlaicthe na gcorp teach agus coláiste na críonnachta, i n-a
gcruinnighthear luaithreán daonna an tsaoghail mhóir go hiomshlán. Ins an
gcoláiste seo, adeirim, ins an uaigh, leagfar sís breaghthacht agus
comhachta na ndaoine. An nídh ó atá fírinneach, ná bíodh amhras agat
nach ndéanann an diabhal a dhícheall orainn dearmad do dhéanamh den uair
dhéidheanaigh, agus cuimhne an bháis do dhíbirt amach go hiomshlán as ár
n-intinn, agus cuspóirí dorcha na ndubháilcí uile do thaisbeánadh dhúinn
chum ár gcur ar seachrán ón mbealach díreach go tigh Dé; nó, muna
ndeánann, go ndéanann, ar féidir leis na daoinibh, cuimhne nídh chomh
huathbhásach leis an mbás do dhearmad.



Má chuireann baramhail bheag, dá laighead, intinn an duine trí n-a
chéile, ag a bhfuil long mhór lán de shaidhbhreas ag teacht as Indiachaibh
chuige, ar mhodh chomh mór sin go gcaillfidh sé a chodladh agus a
shuaimhneas ar eagla go raobfaidhe le stoirm ar an bhfairrge í; nó ag


L. 166


a bhfuil eallach ar sliabh nó ar aimhréidhe agus go bhfaighidís bás leis
an ngalar gorm, conach, nó géimhreach; nó aon-mhac oighreachta, dá
mbéadh sé i n-a luighe i bhfiabhras mór: créad an buaidhreamh intinne
nach cóir don bhás do chur orainn atá cinnte againn le faghbháil, agus ní fhuil
a fhios againn cia an uair nó an tráth a dtiubhraidh sé cuairt orainn?
Gearrfaidh sé snáithe ár mbeatha; agus tusa, a chompánaigh, ní fhuighidh tú
ar son an mhéid do shaothruigh tú riamh acht an uaigh amháin. Ar an gcrích
dhéidheanaigh so an duine tráchtfaidh mé leat ins an gcomhrádh so i láthair,
ag tabhairt fios duit, do réir an órdughadh chéadna a dtig an bás orainn, gach
iomlat bocht cráidhte do-bhearfaidh an bás orainn nó go sgarfaidh sé ár n-anam
linn.



Is é as gnás don bhás an tan do thionnsgnas sé a chomhlann leis an
mbeatha teacht i gan fhios mar ghadaidhe. Nuair as lugha do smuainigheas
an duine air "tiocfaidh lá an Tigherna," adeir Naomh Pól, "ann mar
ghadaidhe san oidhche" (I Thess.v.2). "Féach mé ag teacht," adeir an
Tigherna, "mar ghadaidhe" (Taisb.xvi.15). Is é as nádúr don ghadaidhe
teacht go mín ciúin de shiubhal oidhche i gan fhios, nuair do bhíos na daoine
'n-a gcodladh agus nach mothuighthear é féin ná a bháillidhe. An nídh céadna
adeir Dia linn le béal an fháidh Amos: "Ins an lá úd, adeir an Tighearna
Dia, luighfidh an ghrian ina an meadhon lae, agus déanfad an talamh dorcha i lá
an tsolais" (Amos vii.9) Ó! a chompánaigh, créad é uathbhásacht na mbriathar
so: "Luigfidh, adeir Dia, an ghrian ins an meadhon lae?"


L. 167


Créad do chialluigheas siad?
Atá, an tan do shaoileas an duine bheith i lár a aoise, i n-a neart agus
i n-a shláinte, agus do bhíos dúil aige mórán de bhliadhnaibh eile
d'fhaghbháil go macnaiseach ar an saoghal so, nuair do bhíonn sé ag
smuaineadh ar shaidhbhreas, ar onóir, ar phoimp, ar chúirteachaibh, ar
bhainseachaibh, agus ar gach aoibhneas eile saoghalta do thig leis
d'fhaghbháil, agus nuair adeir sé go díomsach dána i lár a aoibhneasa
le n-a cholainn féin na briathra úd do léighmíd ag Naomh Lúcás:
"A anam, is iomdha nídh maith <atá> agat le haghaidh mórán bliadhan do chur
thart fós; ith agus ól, glac do shuaimhneas agus bí súgach" (Lúcás xii.19),
tiocfaidh tobainne an bháis chuige adéarfas leis: "Féach an bás ag teacht
isteach tar ursain do thighe chum cuarta do thabhairt ort le fiabhras
tinntidhe; "Ó! a amadáin, ins an oidhche so fuadóchaidh do náimhde d'anam uait,
agus cia ar leis gach nídh do chruinnigh tú riamh'" (Lúcás xii.20). An uair
seo cuirfidh sgéala doilgheasacha an bháis a chomhairleacha trí n-a chéile, a
smuainte tar a chéile, ceo ar a thuigsin, agus crith báis ar a chorp go
hiomshlán.



Ó! créad é an crith do chuirfeas sgéala searbha an bháis i gcroidhe
an duine atá lán mar mhála píbe de ghrádh an tsaidhbhris nuair
adéarfas an liaigh leis: "Déan anois fá choinnibh d'anma; so an lá
déidheanach agat ar an saoghal so." An saighdiúir agus an míleadh láidir
agus an rí cródha comhachtach, Saul, do bhí i n-iomad de chathaibh, do
mharbh an iomad de dhaoinibh, agus do rinne mórán de ghníomharthaibh
cumasacha gaisgeamhla i n-a laethibh nuair do-chuala sé na briathra so: "
I mbárach béidh tú féin agus do chlann liomsa" (Ríogh xxviii.19) -


L. 168


le n-a tuigthear, "i mbárach ins an cath marbhóchthar tú féin agus do
chlann" - do chriothnuigh sé chomh mór sin gur thuit sé i n-anbhfainne ar an
dtalamh. Nach mór an criothnughadh agus an t-uathbhás, mar sin, do ghlacfas
thusa, a bhochtáin bhoicht, nuair do béarfar breitheamhnas báis ort? Ó! an
uair seo tiocfaidh in do chuimhne gach nídh, beag nó mór, ar a raibh gean nó
grádh agat riamh, agus caithfidh tú a bhfágbháil id dhiaidh. Do chorp,
do-gheobhaidh sé bás aon uair amháin, acht do-gheobhaidh do chroidhe bás
le doilgheas i n-aghaidh gach nídh do chaithfeas tú do thréigean.
An uair seo, i n-ionad an éadain bhrionnaigh shúgaigh do bhí agat, béidh
gnúis dorcha lionndúbhach agat ó gach crádh croidhe do-gheobhas tú.
Is breagh taithneamhach agat id bheatha bean subháilceach agus clann deas
d'fheicsint, saidhbhreas mór fós, onóir agus poimp, agus d'intinn do
shásughadh go moch agus go mall ag smuaineadh ortha; acht ar uair do bháis,
béidh siad so uile i n-a gclaidhmhthibh rinn-gheára, i n-a ndealgaibh nimhe,
agus i n-a ndeochaibh searbha agat. Tréigfidh siad thú go hiomshlán; ní
féidir leo congnamh ná cabhair do thabhairt <duit>. Béidh tú i n-aibhéis
na bpian mór gcorpardha, ró-lag, ró-anbhfann, gan bhrígh le "uch, uch,
is uchán!" a rádh chum sólás ar bith, dá laighead, do thabhairt duit
féin ón doilgheas croidhe do bhéas ort fád sgaramhain leis an saoghal,
le do chloinn, le do chuid, agus le do mhaoin. Do smuainte, mar an gcéadna,
ar an siubhal fada atá ag d'anam le n-a dhéanamh chum na ríoghachta
síorraidhe atá rómhat, agus ar an áit chomhnuidhthe do-gheobhas do chorp
ins an talamh fhuar dhorcha chlochach; béidh siad ad chéasadh go daor
dochraidheach cruaidh dócamhlach.


L. 169


Agus má's pian leat sgaramhain le neithibh saoghalta, smuain, a
bhochtáin bhoicht, créad é a sheirbhe bhéidh sé ag do chorp sgaramhain led
anam? Má's le deoraibh súl agus le doilgheas croidhe do sgarfaidís compánaigh
le chéile do bhí ó indé go indiu i gcomhluadar a chéile, goidé mar
do bhéidh a chompánach an tan do cuirfear an corp agus an t-anam dá
gcothughadh féin i bhfochair a chéile? Goidé mar do bhéas nuair
adéarfas d'anam led chorp: "Ó! a chompánaigh, an gcaithfidh mé an
siubhal síorraidhe seo do dhéanamh gan do chuideachta?" Agus nuair
do bhéarfas do chorp mar fhreagra uirthe: "Ó, a chéile mo chroidhe, cionnus
as féidir liomsa fuireach liom fein id dhiaidh? Ó! is tú thug beatha,
siubhal, agus céadfadh dhom." Leis seo sgreadfaidh amach go truaghánta an
t-anam bocht cráidhte leis na briathraibh so do léighmíd ins an Scrioptúir
naomhtha: "An mar sin do dhealuigheas tú, a bháis sheirbh"
(I Ríogh xv.32)?



Nuair do ghlacfas tú, a chompánaigh, smuaineamh an dealuighthe seo id
intinn, méadóchaidh díle doilgheasa ionnat, agus dearcfaidh tú ar na
háitibh cruaidhe cráidhte atá le faghbháil gan mhoill ag d'anam agus ag
do chorp, nuair do sgaoilfeas an bás snáithe do shaoghail agus do bheatha
atá eatorra. Ar dtúis béidh uathbhás ort nuair thuigfir go gcaithfidh
do chorp, i gcionn lae nó dhó, bheith curtha i n-a chonablach bhocht lobhtha
mharbh i bpoll talmhan. Goidé seo éireochas duit, a bhochtáin bhoicht?
Do chorp atá anois go beo, do-chíonn, do labhrann, do-chluineann, do
luigheas agus d'éirgheas, faoi cheann uaire nó dhó, go mbéidh sé gan anam,
gan anál, gan mhothughadh, gan urlabhra. Do chorp atá tú do chothughadh
leis an uile shórt beatha as fearr ná a chéile, a bhfuil an fhairrge


L. 170


agus an talamh do chur in do <bhealach>, le biadh agus le digh, dá fholach le
síoda agus sróll, le togha deigh-éadaigh, agus nach gcodlóchadh acht i
leapachaibh boga teogha, d'iarraidh an uile shórt cúraim do bheith i n-a
thimcheall, do sheachnadh an uile shórt anró do b'fhéidir le droch-aimsir
tíre nó fairrge do thabhairt dó - do chorp nabh bhfanadh acht i
dtighthibh móra fairsinge geala, ar hallaibh breagha gléasta agus i
seomraíbh deasa oirnéalta, go gcaithfidh sé, faoi dheireadh, bheith sásta
le teach chomh cumhang cráidhte cruaidh leis an uaigh bhréin salaigh, atá
lán de chnuimheogaibh, de chnámhaibh, agus de bhréantas, agus fuireach sínte
innte i gcuideachta conablach na marbh eile ar dearmad go deireadh an
domhain.



Ó! a chompánaigh, cé gur mór saidhbhir thú, ní fhuil i n-áit na hallaí
móra fairsinge le faghbháil agat acht cómhra agus uaigh chumhang úr-íseal,
i n-áit na leabaidh bog te acht cré chruaidh dhorcha chlochach, i n-áit
na n-éadach breagh mór-luaigh acht an eisléine thruaillighthe shalach, i
n-áit an togha bídh agus dighe salachar agus bréantas, agus i n-áit an
teaghlaigh mhóir ní fhuil agat le do chomhmóradh acht na ciaróga agus
na daoil géara gortacha.



Criothnóchaidh na smaointe seo thú i n-aimsir do bháis; acht béidh
uathbhás mór ort nuair do smuaineochaidh tú goidé éireochas dod anam
nuair do scarfas sé le do chorp. Nuair do dhearcfas tú an tan sin, a
dheoraidhe bhoicht, ar an síorraidheacht atá rómhat sa ríoghacht nuaidh
i n-a bhfuil tú id aonar ag dul, agus go dtuigfidh tú go bhfuil glóir
shíorraidhe nó pianta síorraidhe le faghbháil innte do réir d'oibreacha
olca nó maithe, agus nach bhfuil


L. 171


a fhios agat cia aca do-gheobhas tú, ní
féidir liom a chur síos duit cadé méid na criothnaighe agus an chriagail
do bhéas ort, go háirithe nuair atá tú cinnte go dtiubharfar
breitheamhnas ort, faoi cheann uaire nó dhó, bheith go síorraidhe i nglóir
fhlaitheamhnais nó go síorraidhe i n-ifreann na bpian.



Goidé an phiolóid as mó ná so agat id luighe i leabaidh an bháis? An dóchas
an uair seo, tiubhraidh sé misneach dhuit; do chuimhne, ar a shon so, ar do
pheachaidhibh marbhtha i n-aghaidh Dé, agus do smuainte ar ghéire an
bhreitheamhnais síorraidhe, ní leigfidh siad an eagla do dhíbirt ó do chroidhe,
go háirithe nuair atá a fhios agat go bhfuil breitheamhnas Dé neimh-chinnte.
Agus mar do léighmíd, an tan do b'áil le Iacob a chlann do bheannachadh,
d'athruigh sé a lámha, ag cur na láimhe deise ós cionn an té do b'óige
agus na láimhe clé ós cionn an té badh shine, mar seo do-ghní Dia go
minic leis an peacthachaibh i n-aimsir a mbáis. Cia air a bhfuil ainbhfios
go ndeachaidh gadaidhe na láimhe deise ar an gcroich go flaitheamhnas,
agus Iúdás na feille as cathaoir na habstalachta go fír-íochtar ifrinn?
Neimh-chinnteacht an bhreitheamhnais seo na glóire nó na bpian do
chaithfeas tú 'chloistin faoi cheann uaire nó dhó, ní féidir liom a
chur síos duit créad an mhéid do chrithfidh sé do chroidhe i leabaidh
an bháis. Ins an am so béidh aingil Dé ag feitheamh le d'anam do
threorughadh leo suas go tigh Dé na glóire. Ar an dtaobh eile béidh
diabhail ifrinn leigthe réidh chum d'anma do shracadh leo go tigh na bpian,
agus ní fhuil a fhios agat, a bhochtáin bhoicht, cia aca so áit i n-a
rachaidh tú. Smuain, a chompánaigh, i n-am créad an criothnughadh agus an
criagal do bhéas ar do chroidhe tuirseach an uair seo;


L. 172


créad chomh brúighte cráidhte is bhéas tú id luighe i leabaidh an bháis ins an
gcontabhairt déidheanaigh úd d'anama.



Measaim nach bhfuil sé le faghbháil an té le' dtiocfaidh spasmas d'anma
do chur síos duit.



I lár do thrioblóide seo méadóchaidh do bhuaidhreamh nuair do
chuimhneochas tú go gcaithfidh tú cunntas do dhéanamh le Dia agus cunntas
do thabhairt dó ar an uile nídh, beag nó mór, do rinne tú riamh i n-a
aghaidh ó smuaineadh, ó bhriathar, ó ghníomh, agus ó fhaillighe.
Méadóchaidh na diabhail d'uathbhás fán gcunntas géar cruaidh so chum tú
'chur i n-éadóchas ar thrócaire d'fhaghbháil ó Dia - na hilphiastaí
salcha so a bhéas réidh leigthe an uair úd le n-a gcraosaibh náimhdeacha
fosgailte chum an anma bhoicht do shlogadh suas. Mar badh ghnáth leo le
slighthibh an tsaoghail <agus> le cealgaibh na colna trócaire Dé roimhe sin
i n-ár mbeatha do mhéadughadh dúinn, chum uchtaigh do thabhairt dúinn le
dul ar ár n-aghaidh in sna peacaidhibh le handóchas i n-a thrócaire do
laghdughadh ós ár gcomhair, agus méid agus géire breitheamhnais Dé do
chur ós comhair ár súl. Ó! an uair úd, a bhochtáin bhoicht,
criothnóchaidh tú ó mhullach do chinn go bonn do chos, agus claonfaidh tú
chum tuitim i n-éadóchas ó mheid agus il-iomad do pheacaidhe, agus béidh
tú ag smuaineadh leat féin mar seo id intinn: "Dia Uile-chomhachtach, an
tan nár spáráil sé a Mhac féin fá pheacaidhibh an chinidh dhaonna,
goidé mar dhéanfaidh sé mise do spáráil, do rinne na mílte peacadh i
n-a aghaidh?" "Má bhíodar so chomh trom ag an gcrann glas, goidé mar do
bhéas siad ag an gcrann críon" (Lúc.xxiii.31); is é sin: má bhí siad chomh
trom sin peacaidhe na ndaoine uile ar Íosa Críost i gcrann na croiche, goidé
mar do bhéas


L. 173


d'ualach féin agatsa dhíobh, mar do chríon agus mar chalcuigh tú ionnta.



Nuair nach ndeachaidh na fáidhe, na habstail, agus na mairtírigh,
do bhí i gcomhnaidhe ag moladh Dé ar feadh a mbeatha, ar neamh acht le
piantaibh móra agus le piolóid d'fhulang ar dtúis, goidé an áit i n-a
rachaidh tusa, a chompánaigh chrín léith mhalluighthe, atá ag briseadh
aitheanta Dé agus na hEaglaise ar feadh do bheatha, acht go hifreann Dé
agus na hEaglaise ar feadh do bheatha, acht go hifreann na bpian i gcuideachta
na ndiabhal agus na ndeamhan, muna ndéanfaidh tú an aithrighe i n-am?
Muna ndéanfair bréagach an Sgrioptúir, adeir linn go dtiubhraidh Dia don
uile dhuine do réir a oibreacha, goidé as mian leatsa, a chompánaigh,
d'fhaghbháil uaidh an lá déidheanach, ar son gach uile uilc dá ndearnaidh
tú i n-a aghaidh riamh, acht ifreann na bpian mar luach saothair ar do
dhroch-ghníomharthaibh? Má's fíor an nídh adeir an t-Abstal linn gur
"do réir an tsíl do chuireann duine do bhainfidh sé" (Gal.vi.8), goidé an
fóghmhar do bhainfidh tusa, a bhochtáin bhoicht, i n-aimsir do bháis acht bás
síorraidhe dod anam, ó nár stad tú i n-am riamh ar feadh do bheatha ó
bheith ag cur síl na dubháilce i machaire an Tighearna, adeirim, id anam
bhocht féin. Ó nach rachaidh nídh salach ar bith isteach go bráth i
ríoghacht Dé, goidé mar do chuirfeas tú rómhat dul isteach innte chomh
brocach salach is atá tú led pheachaidhibh muna ndeanaidh tú an aithrighe
i n-am, agus muna saothruighidh tú síothcháin duit féin le leoirghníomharthaibh
ó Íosa Críost?


L. 174


In do luighe déidheanach, gach peachadh marbhtha agus ro-loghtha do
rinne tú riamh go héasga ar feadh do bheatha le taithneamh na colna,
tiocfaidh siad uile mar thuile shléibhe id chuimhne, agus do-bhearfaidh
siad léim mar shluagh námhad ort. An uair seo, a bhochtáin bhoicht,
oisgeólaidh eagla na bpianta síorraidhe do shúile, do dhruid sluim na
gcoirthe roimhe sin. Tiocfaidh an uair sin an ghadaidheacht, an drúis, an
t-adhaltrannas, an náimhdeachas, an craos, le gach droch-ghníomh dá raibh
tú tabhartha riamh ar feadh do bheatha, id chuimhne agus uch! mo thruagh,
mo thruagh, a chompánaigh, do chor; goidé a thruime do-chífear duit iad
an uair seo, goidé mhéid do bhuaidhrfidh siad thú i leabaidh an bháis
i n-a mbéidh tú ad chiorrbhadh ag piantaibh an chuirp, le clis agus
luigheachán na ndiabhal, agus le heagla an bhreitheamhnais déidheanaigh?
Ar an bponnc a mbéidh an t-anam ag gluaiseacht as an gcorp, tiocfaidh
críoch uathbhásach ar do chéadfadhaibh uile; atfaidh d'ucht, dallfar
na súile agus fuarfaidh na cosa. Tiocfaidh dath na húire ar d'aghaidh,
éireochaidh cársán id sgórnaigh agus tiocfaidh fuar-allas as altaibh do
chuirp go hiomshlán ó mhéid do phéine. Acht cé gur mór agus gur leor
na fásgtha so do béarfar ar an gcorp, is truime agus is uathbhásaighe go
mór na neithe do-chífear don anam bhocht úd do bhéas an uair seo smeartha
brocach salach leis an bpeacadh. Léighmíd ar Naomh Ilarion, ar son gur iarr
sé mar athchuinge go minic ar Dhia i n-a bheatha an saoghal bocht so
d'fhábháil agus bheith ar neamh na naomh, an tan do tháinig an t-am


L. 175


chum imirce do dhéanamh, gur chriothnuigh sé chomh mór sin roimh an mbás gur
labhair sé mar seo leis féin: "Imthigh, a anam, imthigh; ar feadh deich
mbliadhan agus trí fichid do rinne tú seirbhís do Dhia, agus atá eagla
ort anois imtheacht as an gcorp!"



Ó! a chompánaigh, má bhí eagla agus uathbhás chomh mór so ar an naomh mór so
roimh an mbás, tar éis a bheith díleas le haire <agus> le crábhadh ag déanamh
seirbhíse do Dhia gan foras ar feadh an oiread sin bliadhan, créad mar bhéas
tusa i n-aimsir do bháis, tar éis an oiread sin bliadhan nó níos mó do chur
thart, ní i seirbhís Dé acht, b'fhéidir, i seirbhís an diabhail? Cá rachaidh
tú má's bás gan aithrighe dhuit? Cia ghuidhfeas tú? Cia air a n-iarrfaidh
tú congnamh nó cabhair? Má is suas chum na bhflaitheas do thógfaidh tú do
shúile, do-chífidh tú claidheamh faobhrach díbhfeirge Dé ós do chionn;
Más síos chum an talaimh do ró-chromfas tú, do-chífidh tú craos ifrinn ar
dian-leathadh agus osgailte ós do chomhair agus líonta le diabhlaibh chum
d'iomchair leo go tigh na bpian. Má fhéachann tú ar an aimsir do chuir tú
thart ins an tsaoghal, do-chífidh tú mar imthigh an uile nídh mar scáile uait;
má is ar an aimsir atá rómhat, an tsíorraidheacht gan deireadh go bráth atá le
faghbháil agat. Ó! cia ler féidir é féin do shábháil gan chongnamh
Dé ins an phonnc úd an bháis ar mhadramhlacht agus ar urchóid na ndiabhal?
Adeir Naomh Gréagóir linn go raibh duine áirithe ann dár bh'éigin, le
cathaidhibh neartmhara na ndiabhal, dul do dhíospóireacht leo i n-aimsir
a bháis, agus nuair do chlaoidh siad é le n-a n-argóintíbh lúbacha
bréagacha, do


L. 176


ghlac eagla é agus uathbhás chomh mór sin go dtug sé
aghaidh ar thaoibh an bhalla na leaptha i n-a raibh sé sínte, ionnas nach
bhfeicfeadh sé iad, agus nuair nach dtáinig leis a seachnadh le n-a
n-an-ghlór mór uathbhásach, d'iarr sé osadh comhraic go maidin ortha; acht
mar nach ndearnaidh sé an aithrighe ná deagh-oibreacha ar bith nuair do bhí
an t-am aige, an tan badh mhian <leis>, níor tháinig leis aimsir na
haithrighe d'fhaghbháil, agus do thoirbhir sé a anam salach i lámhaibh
na ndiabhal go hifreann.



Goidé, mar sin, do dhéanfas tusa, a bhochtáin
bhoicht úd, cibé ar bith thú, atá ag tabhairt cúil don aithrighe agus
do na subháilcíbh anois i do bheatha, i n-aimsir do bháis? Ar do chúl
an uair seo ní féidir leat dul, ar d'aghaidh níor mhian leat, agus ins an
staid úd ní leigfear dhuit fuireach i bhfad. Ó! dá dtuigfimís goidé
mhéid de chontabhairt an cath so, créad a thruime do bhéas ár
ndrochghníomhartha i scála a cheirt, agus créad an crádh croidhe do bhéas ar
na peacthachaibh ag feitheamh ar an mbreitheamhnas do bhéarfar ortha,
bhéadh beatha againn níos fearr ná atá, agus ní bhéimís chomh fuar,
chomh failligheach, chomh spadánta sin is atáimíd.



Acht créad é do bhacas díot, a bhochtáin, gan na neithe seo do
ró-thuigsin roimh rae? An féidir a shéanadh nach bhfuil siad chomh follus
le solas na gréine úd atá ós do chomhair ar na flaithis? Nach
dtaisbeánann do nádúr féin duit iad do bheith fírinneach gan amhras ar
bith, agus go gcaithfidh tú bás d'fhaghbháil? Atá an creideamh dá
dhearbhadh so dhuit; atá an gnás go laetheamhail dá chur síos duit.
Cá ndeachaidh d'athair agus do shean-athair agus do shinnsear uile suas go
hÁdhamh? Nach bhfuair siad uile bás? d'imthigheadar mar nach mbéidís
riamh


L. 177


ann, agus caithfirse a leanmhain i mbealach an bháis fá dheireadh,
i mbárach nó amanarthar.



Ní fhuil nídh ar bith de neithibh an tsaoghail, mar adeir Naomh Aibhistín,
nach féidir an focal so "b'fhéidir" do rádh leis acht an bás amháin.
An mbéarfar mac duit? "B'fhéidir" go mbéarfaidhe. An dtiocfaidh sé chum
éifeachta? "B'fhéidir" go bpósfadh. An mbéarfar clann dó? "B'fhéidir"
go mbéarfaidhe. An bhfuighidh sé bás? Ó! ní fhuil áit ar bith
annso ag an bhfocal "b'fhéidir". Do-gheobhaidh sé bás gan amhras ar bith,
agus, mar adeir Iób naomhtha linn, "an uaigh amháin atá le fagbháil
aige" (Iób xvii.I).



Atá saoghal an duine, a chompánaigh, chomh gearr sain nach déantar
acht áthrach ón mbroinn chum na huaighe. Glac ar an ádhbhar sin, a chara
ionmhain, comhairle an eagnaidhe: "Cuimhnigh go minic ar do chríochaibh
déidheanacha" (Ecclus.vii.40), an feadh bhéas siubhal agus aistear agat,
ciall, cuimhne, céadfadh, neart agus sláinte, agus má ghní tú so mar as cóir,
geallann an Spiorad Naomh dhuit nach bpeacóchaidh tú go bráth. Cuimhnigh go
minic ar na piantaibh móra do bhéas ar do chorpán bhocht i n-aimsir do bháis,
ar do cheithre chéadfadhaibh an uair seo, ar eagla d'anma, agus go gcaithfidh
tú an saoghal so d'fhágbháil id dhiaidh agus gach nídh ar a raibh gean
nó grádh agat riamh ann, agus mar do caithfear do chorp do chur ins an
talamh, i n-áit a mbéidh sé dá ithe, dá pholladh, agus dá chreimeadh
leis na cnuimhibh géara gortacha, agus go gcaithfidh an t-anam sin atá id
chliabh dul i láthair an bhreithimh shíorraidhe, Íosa Críost, agus déana
an aithrighe go dúthhrachtach i n-am, ionnas go dtiocfaidh leat dul go
glan-chumhra saor ó pheacaidhibh i n-a láthair.


L. 178


Chum tú mhúsgladh chum leas d'anma, cuir i n-a dhiaidh seo na
briathra so eile: "Ó! a chompánaigh, do-chluin an fhírinne seo uile,
glac so uaim srl."



SEANMÓIR A hAON-DÉAG.
AR LÁ AN BHREITHEAMHNAIS.


L. 179


B 1817 19T
In gach oifig, in gach cúram dá dtugthar do shearbhfhóghantaidhe ins an
tsaoghal so, is mór an poinnte eagna agus céille a mheas agus cuimhneamh
i n-a mheanmain agus i n'intinn cad é an cunntas nó an díolaidheacht
éileochthar air ó an té do chuir an cúram sin air; nó cad é an sórd
duine, tighearna, nó uachtarán do shocruigh ins an bhfeadhmannas sin é;
nó an raibh an tighearna céadna sin cruaidh, nó docht, nó géar-chúiseach;
nó an raibh sé réidh socair sítheoilte chum féachaint i ndiaidh an
chunntais go cruinn, go léir, agus go glic; nó an raibh sé fuar silte
failligheach neamh-imnidheach chum gach n-aon dá raibh fá n-a smacht do
thabhairt chum cunntais in gach gnó, feidhm, nó cúram dár chuir ortha.
A dhuine 'n-a dtugadh an feadhmannas so dhuit, cuimhnigh an bhfuil comhachta ag
an té do chuir ar do láimh é díolaidheacht chruaidh ag an té do chuir ar
do láim é díolaidheacht chruaidh dhocharach dhóighte do bhuain díot,
muna ndéanann tú an gnó sin do reir na haithne thug sé dhuit? Is urasa do
gach n-aon 'n-a bhfuil meabhair, tuigsint, nó éisteacht, nó aon splannc
céille i n-a cheann, cuimhneamh ar an méid seo i n-ár ndiaidh.


L. 180


d'fhógair Dia don domhan a aitheanta do choiméad, mar léightear in
Ecsodus (xix.16), i nguth trompa badh ró-ghlórmhar, i dtóirnigh agus i
dteintreachaibh, i gcóir sgannradh, eagla, uathbhás, agus crith-eagla do
chur ar an té do bhrisfeadh an dlighe. <Ar> an sgannradh so agus <ar> an
mhórdhacht do-bheir Naomh Pól cunntas ag sgríobhadh chum na n-Eabhrach
(xii.18-21), <ag a dhearbhadh> gur ceart dúinn crith cos is lámh do bheith
orainn ar eagla aon phonnc den dlighe do bhriseadh. Do-chímíd na dlighthe
do-ghníd impirí, ríghthe, agus prionnsaí mór-chomhachtacha na talmhan, a
chruinne, 'léire, 'chruadhálaighe caithfear a gcoimeád is a gcóimhlíonadh.
An gcuimhnighmíd caidé an breitheamh thiocfaidh ag baint cunntais dínn?
Dearbhann Naomh Pól, ag sgríobhadh chum na gCoirintinneach, go gcaithfimíd
go léir freagairt i láthair rígh-shuidheacháin Chríost, agus go bhfuighidh
gach aon a dhualgas, maith nó olc, do réir mar chaith sé a bheatha ar an
saoghal so (2 Cor v.10).



Cóimh-neartuigheann Críost, ár Slánuightheoir, an nídh céadna, mar
adeir sé go mbainfidh sé díolaidheacht dá shearbhfhóghantaidhthibh ins
na tallanaibh do fuaradar ins an tsaoghal so (Matha xxv.19); agus do-bheir sé
cruinneas foirlíonta ar an gcunntas sin, mar adeir: "Tiocfaidh Mac an Duine
i nglóire a Athar mar aon le n-a ainglibh, chum géar-chunntas do lorg, agus
chum a dhualgais do thabhairt do gach n-aon do réir a dheaghoibreacha"
(Matha xxv.19); agus fós ar an ádhbhar agus ar an lá gcéadna: "Adeirimse
libh, gach aon fhocal díomhaoin thiocfas as bhur mbéalaibh amach, go gcaithfear


L. 181


cunntas do thabhairt ann lá an bhreitheamhnais, ní hé amháin in ár
ngníomharthaibh, acht in gach aon tslighe i n-ar chuireamar fearg
air" (Matha xii.36,37), de bhrígh go n-abrann sé féin: "Is mise an
breitheamh agus an fiadhnéidh" (Ier.xxix.23).



Innistear dhúinn, mar an gcéadna, ná fágfar aon mhion-locht gan sgrúdadh
gan cuardach go fríochnamhach, - scrutabor Ierusalem in Lucernis
(Soph.i.12).



Badh cheart cuimhneamh go grinn <ar an mbreitheamhnas>, ar
Ecclesiasticus, mar adeir: "Cuimhnigh ar do chríochaibh déidheanacha, agus
ní dhéanfaidh tú peacadh go bráth" (vii.40). Adeir Dáith Rí: "Do thugas
aire do shlightibh mo Thighearna agus níor chionntach mé i malluightheacht i
n-aghaidh Dé, mar do bhí a bhreitheamhnas de shíor ós chomhair mo shúl agus
im mheanmain de ghnáth, agus béidh mé ionnraic dá láthair, agus coinneochaidh
mé ó an malluightheacht" (Sailm xvii.22-24). Ag so mar adubhairt an
fáidh naomhtha, Maoise, an tan do-chonnairc sé clann Israel go
neamh-shuimeamhail ceann-dána ag déanamh na bpeacadh: "Ó, a dhrong gan
chomhairle gan eagna, monuar! nach gcuimhnighean sibh ar lón éigin do
dhéanamh fá chomhair an lae dhéidheanaigh" (Deut.xxxii.28,29)? Agus
adeirtear, mar nach dtigeann díoghaltas Dé d'urchar ar an ndruing malluighthe,
go ndeantar gach for-fhógra do thabhairt dúinn go laetheamhail sinn féin
d'ullmhughadh fá chomhair an lae úd an uathbháis.



Bíodh a fhios agat, a chríostaidhe, go n-abrann Naomh Pól, ag
sgríobhadh chum na n-Eabhrach: "Atá sé cinnte


L. 182


ag gach n-aon bás d'fhágbháil agus i n-a dhiaidh sin a
bhreitheamhantas" (ix.27).



Is fíor gur ceart dúinn é seo do thuigsint i mbás Lasaras agus an duine
saidhbhir, mar léightear gur tógbhadh Lasaras le sluaighte aingeal go
brollach Abraham i bparrthas, agus an duine eile le sluagh diabhal agus
deamhan go borb-theinte ifrinn chum bheith dá dhóghadh is dá losgadh ar
feadh na síorraidheachta (Lúcás xvi.22).



Bíodh a fhios agat gur ab é seo an lá i n-a ndéanfaidh Críost
ceart dó féin agus ceart duitse, a dhuine bhoicht. So an lá i n-a
n-admhóchaidh tú féin ná dearna Dia éagcóir ort. So an lá nach mbéidh
aon fhormad agat le lucht an tsaidhbhris. Beatus vir qui suffert
tentationem; quoniam cum probatus fuerit, accipiet coronam vitae (Séam.
i.12). "Ní raibh ach seal gairid agat fá mhoghsaine an tsaoghail,
acht adeirim gur fhuilngis go foighdeach gach anró dár buaileadh ort."



Atáid cheithre príomh-ádhbhair ag Dia fá'n mbreitheamhnas
gcoitcheann so .i. an chéad ádhbhar, ar n-éirghe don chorp an lá úd as
an dtuamba agus a tháthughadh le n'anam, go mbéidís rann-pháirteach le
chéile i nglóire nó i bpéin, do réir mar chaitheadar a mbeatha ar an
saoghal; an dara ádhbhar, mar bhí Críost, ár Slánuightheoir, bocht
tarcaisneach uir-íseal ar an saoghal so, go dtaisbeánfaidh sé don domhan
a ghlóire, a chomhachta, agus a chumas, agus go sonnradhach dá náimhdibh
malluighthe, ar mbeith dóibh go léir cruinn baileach i bhfochair a chéile,
mar nach bhfeic<f>idís a ghnúis go bráth arís; an tríomhadh hádhbhar,
chum go bhfeicfeadh gach n-aon a ndualgas dá thabhairt do


L. 183


na naomhaibh agus
do na peacthachaibh ós comhair an domhan mhóir le chéile; an ceathramhadh
hádhbhar agus an t-adhbhar déidheanach, mar nach mbeirid leo an mhaith nó
an t-olc ag imtheacht as an saoghal so, mar atá a ndroch-shompla nó a
ndeagh-shompla, a n-oideachas d'fhágbhadar ar an saoghal i n-a ndiaidh, mar
nach féidir a mbreitheamhnas a thabhairt dóibh go foirlíonta go nuige an lá
so. Adeirid na diadhairí go mbéidh glóire Naoimh Pól ag méadughadh go
deireadh an domhain, agus, mar an gcéadna, pianta agus pionós na n-eiricidh
malluighthe agus gach droch-pheacthaigh eile d'fhág droch-shompla ag na
daoinibh i n-a ndiaidh ar an saoghal, aithreacha is máithreacha is gach oide
múinte eile: Et tunc reddet unicuique secundum opera eius (Matha xvi.27).
Adeir Críost, ár Slánuightheoir, ag Matha: "An tan do-chluinfidh
sibh fuaim is fothram, cogaidh agus árd-tuargain i measg na gcríoch, ná
bíodh eagla oraibh, óir ní fuláir na neithe seo do thuitim amach, agus ní
thiocfaidh deireadh an domhain chomh luath sin; éireochaidh riocht i n-aghaidh
riochta, agus béidh briseadh-talmhan, pláigh is gorta, agus comharthaí ó
na flaitheasaibh" (xxiv.6,7). Adeir Gréagóir Naomhtha go dtiocfaidh mórán
roimh an amhgar déidheanach. Tugann Domhnall agus Naomh Eoin
réimh-innsin go dtiocfaidh tamall roimh an mbreitheamhnas gcoitcheann, go
bhfoillseochthar mac an pheacaidh, mac na n-olc, ar a dtugthar Anticríost
.i. fear cogaidh i n-aghaidh Críost (Domh.vii.-xii. Taisb. xx.7-15).
Déanfaidh sé seo, tar éis buadhchaint ar an ndomhan, árd-fhlaith de


L. 184


féin ar an
gcruinne, agus déanfaidh sé níos mó de léirsgrios, de bhrúghadh, de dhortadh
fola ar dheagh-chríostaidhthibh agus ar na neamh-chionntachaibh ar feadh
tamaill bhig, mar as í sin an aimsir chaithfidh sé ag déanamh gach olc dá
gcomhairleochaidh a mháighistir, an diabhal, dó do dhéanamh. A chríostaidhe
dá dtug Dia ciall is meabhair, ullmhuigh tú féin anois fá chomhair an lae úd.
Ar na comharthaíbh do-chífear an lá sin: do-rachfaidh an ghrian; béidh
an ghealach i n-a fuil; na réilte gan solas, agus ag tuitim dá ngabhlaibh
(Matha xxiv.24); an talamh ar n-a chomh-luasgadh le briseadh-talmhan
foir-éigneacha; an fhairrge mhór ag at agus ag tógbháil a tonn ins na
spéarthaibh le mór-anfadh; na dúile ar mearughadh agus an chruinne
cheathardha ar baillchrith (Lúcás xxi.25); "lá an Tighearna," adeir an fáidh,
"lá an dorchadais, lá gaoithe, lá mí-líthe, lá tormáin agus néal; roimhe
caora dearga, agus i n-a dhiaidh lasracha gread-loisgthe" (Ioel ii.2,3).
A dhuine i n-a bhfuil do chiall, do mheabhair, do thuigsin is do
shláinte agat, cuimhnigh ar an lá úd sul dtiocfaidh sé agus lón de na
deagh-ghníomharthaibh do chur i n-óir-chiste na bhflaitheas fá n-a chomhair.
A dhaoine díomasacha saidhbhre uaibhreacha an tsaoghail seo, cá ngeabhaidh
bhur gcuid óir nó airgid, bhur bpáláis, bhur gcaisleáin, bhur ndún-phuirt?
Cá ngeabhaidh bhur ngleannta, bhur gcoillte, bhur mbánta, bhur
gcluanta, bhur n-ubhall-ghuirt? Ag sin iad uile ar caor-lasadh ós bhur
gcomhair. Féachaidh anois a dhíomhaoine, a shuaraighe na neithe i n-ar
chuireabhar bhur ndúil, bhur ngean, nó grádh bhur gcléibh; ag sin iad


L. 185


go léir i n-a luaith ós bhur gcomhair.



Anois, a dhuine, fuathaigh an saoghal agus a dhíomhaoineas d'imtheochaidh
seachad mar néil.Ag so críoch an domhain. Seinnfidh an t-árd-aingeal
Mícheál an barra buadh, agus adéarfaidh na focail seo: "Éirighidh, a
mhairbh, agus tagaidh chum an bhreitheamhnais," glór agus fuaim do-chluinfear
ar neamh is i n-ifreann agus go ciumhsaibh corp-leathana na cruinne. Le fuaim
an ghotha so éireochaidh clann Ádhaimh uile le comhachta a n-Athar síorraidhe,
ó n-a dtosach go dtí an duine déidheanach, ar aon láthair amháin, agus
rachaidh gach anam i n-a cholainn féin arís, agus ní sgarfaid le chéile
ar feadh na síorraidheachta.



Féachaidh, a cháirde, an t-eidir-dhealbhadh bhéas idir an bhfíréan
agus an peacthach. Éireochaidh an fíréan le n-a chorp glórmhar, níos
lonnraighe ná an ghrian agus ná réilte na bhflaitheas; agus an peacthach
le n-a chonablach glonnmhar gráineamhail, tuitfidh sé le trom-ualach a
pheacadh go fír-íochtar ifrinn. Atáid uile cruinn baileach ar aon láthair
amháin i ngleann Iosafat, agus Mac an Duine ag teacht i néalaibh nimhe
maille le comhachtaibh ró-mhóra, agus an chros chéasta ag teacht idir na
haingealaibh. Ag so an breitheamhnas déidheanach: "Tagaidh liomsa, a dhream
na mbeannacht, agus glacaidh seilbh na glóire atá ar ullmhughadh dhíbh ón
tsíorraidheacht" (Matha xxv.34). Monuar! cad adéarfaidh sé leis an ndream
ndamanta: "Imthighidh, a lucht a mallacht, go


L. 186


teine ifrinn, áit i n-a mbéidh sibh <do> bhur ndóghadh is
<do> bhur losgadh ar feadh na síorraidheachta" (Matha xxv.41).



SEANMÓIR A DO-DHÉAG.
Oratio in Laudem Sancti Columbani.


L. 187


B 1844 19L
Is taithneamhach linn bheith ag labhairt ar na daoinibh oirdhearcha do rugadh
agus do mhair i n-ár measg. Is taithneamhach linn bheith ag labhairt
orth so do theagasg sinn maille le n-a bhfoghluim agus le n-a
ndeaghoibreachaibh, d'fhoillsigh sinn maille le n-a n-eagna agus le n-a
subhailcíbh. Acht is taithneamhaighe go mór linn bheith ag labhairt ar na
naomhaibh agus ar ár n-aithreachaibh do bhí i n-a laethibh seasmhach ar son an
chreidimh, óir is iad ár n-onóir agus ár nglóir.



Má d'aithin Dia do chloinn Israel cuimhniughadh ar na sean-laethibh i
n-ar fhuasgail Maoise iad ó Pharaoh agus ó anbhruid na hÉigipte
(Deut.xvi.3); má deir an fáidh Isaiah le muinntir a lae féin: "Féachaidh
ar Abraham, bhur n-athair, agus ar Sarah do rug sibh" (li.2); agus má
d'órduigh an rí uasal árd-naomhtha, Dáibhídh, dá chuallacht Dia d'árd-mholadh
le iomshlán a gcroidhthe, de bhrígh gur rug sé buaidh ar a náimhdibh, nach dual
go mbéadh sinne cuimhneach ar laethibh ár naomh do rug buaidh, ní ar
náimhdibh saoghalta amháin, acht ar "uachtaránaibh agus ar chomhachtaibh"
(Eph.vi.12)? Nach dual go bhféachfaimís go minic le díogras agus le cumann
ortha so d'fhoillsigh dúinn an Soisgéal agus Spiorad an tSoisgéil, d'fhág


L. 188


againn sompla lonnrach a mbeatha féin chum sinn do stiúradh san tslighe chóir,
i n-aon fhocal, do thuill dóibh féin glóir ó Dhia, dúinne árd-chéim
ins na críochaibh i n-imchian, agus d'Éirinn an ghairm oirdheirc "Inis na
Naomh?"



Gidh gur iomdha duine diadha d'fhág ár dtír chum an Soisgéal do
chraobhsgaoileadh, ní raibh neach badh mhó clú de dhruim a dheagh-oibreacha
agus a shubhailcí ná ádhbhar na hóráide seo. "Cia hé féin agus molfaimíd
é, óir do rin sé neithe iongantacha i n-a bheatha" (Ecclu.xxxi.9)?
Naomh Colmán, ainm chomh taithneamhach le ceol binn; Naomh Colmán do bhí
i n-a "shoitheach toghtha ag an Tighearna chum a ainm d'iomchar i bhfiadhnaise
na ríghthe agus cloinne Israel" (Gníomh.ix.15); Naomh Colmán, "lán de
chreideamh agus de chomhacht, do rin míorbhaile agus comharthaí móra i measg an
phobail" (Gníomh.vi.8).



Deirid na hughdair as mó teist gur rugadh ár Naomh timcheall meodhain
an seiseadh céad bliadhain d'aois ár Slánuightheora, agus go dtáinig sé
ó threibh uasail. Agus é fós i dtúis a óige do bhí sé gan bhéim gan
locht, "agus d'fhás se ar aghaidh agus do bhí sé i ngreann ag an Tighearna
agus ag daoinibh" (Lúcás ii.52). D'aithin sé go luath, óir d'fhoillsigh Dia
a chroidhe, gur deacair na subhailcí do thaithighe agus do choiméad san
tsaoghal anbhroideach so; gur lag neamh-sheasmhach é nádúr an duine. Uime
sin do thóg sé rún daingean diúltadh don uile, agus é féin do thiomnadh do Dhia
mar sheirbhíseach díleas go bráth. Chum so do chur i ngníomh d'fhág
sé a áit dúthchais, agus tar éis dó bheith sealad fá theagasg


L. 189


daoine áirithe diadha, chuaidh sé don mhainistir badh mhó clú ins na
laethibh sin i nÉirinn .i. Beannchor.



Annso do chuaidh ar aghaidh chomh héasga sin fá chuing an chrábhaidh i
bhfoirbhtheacht gach fírinne gur sháruigh sé go luath an uile dá
dhearbhráithreachaibh in gach subhailce. Tar éis dá bhliadhain déag do
chaitheamh mar so do ghabh mian é an Soisgéal do chraobhsgaoileadh i n-áit
éigin nár cualadh fós a ghlór binn-ghothach. Uime sin, ar nós
Ábraham i n-allóid (Gen.xii.I), d'fhág sé a thír féin agus a chineadh
mar aon le n-a dheisgioblaidh, agus do chuaidh don tír d'fhoillsigh Dia dhó.
Ó! a lá shona don tír i n-ar chuaidh Colmán, óir "do-chonnacadar solas
mór, an dream do bhí i n-a suidhe i ndorchadas agus i sgáile an bháis"
(Lúcás i.79). Árduigheann sé a ghuth go hárd ag foillsiughadh dóibh toradh
bhéadh iomchubhaidh don aithrighe do thabhairt uatha. Féach an toradh! Atá
na mílte ag teacht ag triall air chum teagasg agus cómhairle d'fhaghbháil;
diúltaid an uile dá ndroch-chlaontaibh. Dóibh seo do bhí toilteanach
a mbeatha do chaitheamh fá chuing an chrábhaidh do thug sé riaghail
naomhtha, riaghail d'fhanann fós ins an Eaglais, agus riaghail do thaisbeánann
dúinn go soiléir spiorad agus eagna an té do chum í.



Acht cionnas do labharfaimíd ar a thréithibh eile gan teora? Ar a
cheannsacht, ar a ghrádh don uaigneas, ar a charthannacht ionnraic, as a
mhisneach neamh-eaglach do-bheir dó seasamh suas i n-aghaidh ríogh agus
uachtarán na talmhan, ar a mhíorbhailibh iongantacha? Mar, faoi n-a
chumhacht seargann an t-eiriceach, tuitid íomháighe na ndé bréagach ó
chéile, rithid na srutha ón gcarraig chruaidh, agus admhuigheann an uile
chréatúr mórdhacht agus glóir


L. 190


Dé i bpearsa a sheirbhísigh: agus , ar an am gcéadna, atá chomh humhal leis
an duine as suaraighe ar talamh.



Ní fhuil glóir aige i n-aon nídh saoghalta acht gur Éireannach é, go
mbaineann sé le Eaglais Éireann nár fhulaing riamh aon nídh i n-aghaidh
an fhír-chreidimh agus nach raibh riamh i n-a hionad tosnuighthe ag
Iúdach ná ag eiriceach, agus do bhí i gcomhnaidhe dlúith-cheangailte
do chathair Pheadair. Do b'é seo Naomh Colmán. Lán de chreideamh agus
de chumhacht do mhair sé, lán de chreideamh agus de chumhacht do mhair sé;
lán de bhliadhantaibh, lán de shubhailcíbh, lán de naomhthacht d'éag sé.
Ó! A Éire shona, bhí lúthgháireach; maireann Colmán fós.
Maireann sé i n-a dheagh-oibreachaibh; maireann sé san spiorad d'fhág sé
againn, an spiorad do-bheir do mhórán i n-ár laethibh féin a dtír
d'fhagbháil chum an Soisgéal do chraobhsgaoileadh i gcríochaibh i n-imchian,
an spiorad do-bheir dúinn, tré gach anró, bheith seasmhach díleas dár
gcreideamh. Bí lúthgháireach, mar atá tú fós chomh dlúith-cheangailte
do chathair Pheadair agus do bhí tú ins na laethibh úd, go bhfuilid
d'easbuig agus do chléir chomh humhal chomh fomósach d'ughdaraibh na
hEaglaise anois agus do bhíodar so d'imthigh rómpa. Agus má's ádhbhar
dubróin agus doilghis duit go bhfuil an t-eiriceach agus na Iúdaigh i n-ár
measg, ná bí éadóchasach. Árduigh suas do chroidhe; cuir do ghuidhe chum
Naoimh Colmán, ionnas, tré a urnaighthibh sin, go dtiocfaidh linn
uile


L. 191


"teacht i naomhthacht an chreidimh agus eolais Mhic Dé" (Eph.iv.13),
dár dual moladh agus glóir agus onóir ó shaoghal go saoghal.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services