Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Phiarais Feiritéir

Title
Dánta Phiarais Feiritéir
Author(s)
Feiritéar, Piaras,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair
Composition Date
1653
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1934) / Oifig Díolta Foilseachán Rialtais

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DÁNTA PHIARAIS FEIRITÉIR.



1. MO THRAOCHADH IS MO SHAOTH REM LÓ THÚ.



Mo thraochadh is mo shaoth rem ló thú,
A Chiarraighigh it chian-luighe i gcómhrainn,
Mo chreach t'fheart tar lear i bhFlóndras,
A Mhuiris, mhic an Ridire ó Flórens.



Cé mór an crádh thárrthuigh rómhat,
Ní raibh blas ná dath na tóirse air,
Dáríribh gan fhuigheall gan fhóbairt,
Fám chroidhe-se gur scaoileadh do sceol-sa.



M'úidh leat is mo shúil go mór riot,
'San chinneamhain do chiorrbhadh na cómhairle,
Mar dorug an cnoc luch mar thóircheas
Is é seacht mbliadhna i ndiachair thórmaigh.



An uair dochuala guais is gleo-nimh
Síodhbhan na dtíortha ag cómh-ghol,
Do sceinneas is do shireas do chómhdach
Ar Chríost, is, fáiríor, níor dheonuigh.



Dobhí Áine Chnuic Áine dot fhógradh,
Is bean ghuil ag Loch Guir na ngleo-fhear
Caoi ag mnaoi bhinn i nGlinn Fhógra
Is Gearalt-chaoi ag Seanadmhnaoi it chómhgar.



D'admhuigh bean do cheart ar Eochaill
Bean sídhe ag Moigíle do chómhgas,
Íbh Mac Caille is Cathrach Móna
Is Cinéal mBéice ag dréim re deoraibh.



Do ghlac eagla an Sasanach sódhamhail
I dTráighlí na rí-fhear ór thóismhis,
Bean sídhe dot chaoineadh 'na dhóirsibh
Gur shíl gurab é a dhíbirt do fhógair.



Ins an Daingean níor chaigil an ceol-ghol,
Gur ghlac eagla ceannaidhthe an chnósta,
Dá n-eagla féin níor bhaoghal dóibh sin,
Ní chaoinid mná sidhe an sórt soin.



Bean sídhe i nDún Caoin ag brón-ghol,
Is bean dúthchais mo Dhún an Óir-sa,
Bean bhinn-scol Inseach Móire,
Is Cois Fhéile fá éag óg-scath.



Ar Shliabh Mis níor chis an mór-ghol,
'S ar Shliabh fionnaghlan Fiolair na feola,
Ar Chruachaibh na Tuatha do thóscuin
'S ar Chnoc Bréanainn bréid-gheal bómhar.



B'aithnigheas ar an Eas-sín dtóirnigh
'S ar an bhfuil-chioth do thuit san bhfóghmhar,
Ar shéideadh na réalta cóimeit
Éag Chaesair nó t'éag gur fhógair.



Gidheadh, a ghleacaidhe, a chaptaoin chródha,
Tig do dhamuin i n-aislinge sróll-chuilt,
Ionnam féin, mo shaoth, gur thómhaiseas
T'éag-sa tar éag Chaesair Rómha.



Mór bhfile nár bh'file i gcómhad
I n-amhras ar fheabhas a n-eolais
d'eagla ná beadh d'eagna leo san
Marbhna nach ba mharbhna cóir duit.



Mór bhfaraire nár shatail ar Eoghanacht,
Ba thnúthach let chlú is tú beo aca,
Ler bh'anacrach dul d'acfuinne tórsa,
Dot chumha-sa go brúighte brónach.



Mór maighre ba mhaighdean rómhat,
Nár bh'aithreach gur chlas dí t'óg-chur,
Is tú gan ghangaid gan mheanga acht don tsórt soin,
Ó n-ar mheallais a hanam 's a hóigheacht.



Mór spéirbhean chéadfadhach i gcóiste,
Nár líoghadh acht ós íseal beo oraibh,
d'éis t'éaga fá bhréidibh sróill duibh
Ag éad le n-a chéile fóibh-se.



Mór maoith-bhean aoil-chuirp is ómr'-fhuilt
Dá gcíoradh gan chíor acht a gceol-ghlac,
Iar dtraochadh do sna téadaibh órdha
Is a mbuidheachas ag an ngaoith ar a hóige.



Iomdha rí-bhean mhíonla mhódhmhar,
Fá ghlas dúnta i gcúil dá seomra,
Nár leig eagla carad dí glór-ghol
Dot chaoineadh le híodhbairt a ndeora.



I n-amhras an marbh nó beo dhí,
An uair is mithid léi a thuigsint 'na hógcruth,
Mar thug th'annsacht anriocht beo uirthe
An dtug dearbh do mhairbh níos mó dhí?



Dochídh mar do dhíol an rós-dath,
Ar mhí-lí ba shaoilighe ná gósta;
Is é a scáthán an scáthán scólta
Na laganach ó fhras-shil a póir-dhearc.



Dá silleadh sin t'inneall is t'ógcruth,
Do chreidfeadh Bhénus éirghe Adónis;
Is dá bhfaiceadh tú it armaibh dó-fhulaing,
Bhulcánus dot ghabháil mar ghleo-Mhars.



Tug do ghaisce dhuit gairm is glóire,
Tug fá deara i n-armaibh t'óirneadh,
Tug gradam duit tú a ghlacadh ar dhóid ghil
Rí Pilip is níor mhistide a mhórdhacht.



Loinne, laochas, léigheann is leoghantacht,
Oineach, anamdhacht, eagna is eolas,
Mire, míollacht, míne is mórtas
Ar altromas gur ghlacais-se go t'chróchur.



Cia ag ar fhágbhais t'áille is t'óige,
An cneas ar shnuadh uain na bóchna,
An leaca ar lí ghrís an óig-lil,
'S an dreach ar dhath na leag lóghmhar?



Cia dár thiomnuis ionnmhas t'ór-fhuilt
Ciabh dhíogach na linnte lóghmhar
Léithreacha mhic Bhénus dóid-ghil,
Gach cuach is gach ruainne it ró-fhad-fholt.



An righe reamhar 'san chealltar chómhardach,
An teanga mhall ar gheall gur chómhaill
An troigh thréan 's an taobh mar shróll gheal
An ionga chaol 's an béal mar pórphur.



Do chleasaidheacht ag marcuidheacht móir-each,
Do stairidheacht le sean-scríbhinn seolta,
I bpionnsa go n-ionnlas t'eolas,
Ó dhíghnit píce go bóidcin.



T'fhoistine nár blodhadh le bóstuinn,
'S do bhandacht le bantracht beol-tais
Do shoirbheas i n-am coda is cómhroinn
Do dhoirbheas i n-am colg is cómhlann.



Cia bhus oidhre dot shaidhbhreas seoide,
Cia dhearscnas an dán it dheoidh-se
Gan bheith is é let mhéaraibh pósta
Cleite gé is tú ag déanamh clódha ris?



Cia chuirfeas, mar do chuiris, i mbeo-riocht,
Ag innsint t'inntleachta is t'eolais,
Ag tabhairt teangan dí is anam a dóthain,
Soileach mharbh nár bhalbhuigh feodhadh?



Ba let bhannaíbh aiscí thórsa,
Is ba leat féin an méid nár leo-san,
A mbaodhachas soin is é ba stór duit,
Is do bhaodhachas-sa go léir a lón sin.



Níor thaodach do dhaonnacht dó-chléith,
'S do bhaodhachas cléirigh is cómhaid-fhir,
Níor éarais éarla ná óinmhid
'S níor aorais méirdreach ná geocach.



Dorugais do rogha ba rogha go deoin dam,
Mar dhíol i bhfíontaibh 's i bhfeoltach,
Mar dhíol i gcíos-fhleidh 's i gcóisribh
I ndíthcheall tíortha ar do thórramh.



I ndúthracht 's i gcumha do chómh-fhogais,
I gcaoineadh aois-fhear is óig-fhear
I n-athtuirse sean-bhan gan fóirthin,
Dearbhthar 's i n-adchumha óg-bhan.



Do hadhlacadh tú i n-aghaidh mo thóichim,
Is ísligheadh pící chum dóibe,
An druma ba glonnmhar glórach
'Na ós bhalbh ót mharbh 'na thómas.



Muscaeid is a nduibh-béil fótha,
Halabairt is a mbarra le fódaibh,
Bratacha is iad ceangailte cnósta
Láimh re talamh dá mannar gan mórtas.



Do chlaidheamh ba ghníomhach i ngleo-bhruid,
Lomnochta ar onachoin óig-fhir,
Do mholárdach sholámhach is t'ór-spuir
Go n-ionnlas dá n-iomchur rómhat.



Coirnéal gan oil-bhéim eolais,
Is captaoin ó gach glan-chrích d'Eoraip,
Go stuamdha i n-uain 's i n-órdeir,
San oirchill fá chosaibh do chróchuir.



Céad fear det ghaoltaibh feola,
I libhré i ndubh-éadach rómhaibh,
T'armus is é tarraingthe ar ór-dhath
Ronnta ar an bhfoghail-chath bhfórsach.



An uair do glacadh san talamh do chómhra,
Dá mbadh maidean lasuighthe an lóchrainn,
Dodhéanfadh oidhche chíor-dhubh ceo dhí
Le smúit an phúdair do dóigheadh ort.



Gach saighdiúir ag deimhniughadh a eolchair
Ag dúbláil cumha-rádh fá dhó dhuit
An túiseáil d'úr-bhádhadh a dheora
Go dtiormuigheadh le n-a osnaíbh dóighte.



Cérbh í an mhaidean an eachtra thóscuin,
Is cér ghearra ón eaglais do nós-bhrog,
Do b'éigean le méid an mhórtais,
Baodhachas ar an gcéir um nóna.



Naoi gcaogaid do chléireachaibh corónta,
Deifireach i n-ionaraibh órdha,
Sagairt na salmach gan cómhaireamh
Is easbuig an deachmha, ar do thórramh.



Muna mbeadh a mhéid de théidhm dómhsa,
Is ualach nach ualach cómhthrom,
Is maith do chaoinfeadh mo chroidhe bróin tú,
I gcaoin-bhers nár mhílse ag Óibhid.



Gidheadh do b'éagcóir, a ghrian-eoil nóna,
Nach tú is aoirde chaoinfinn d'Fhódla,
Nach é is dílse chaoinfeadh dóibh tú,
Do Phiaras ba phiarla it phóir-dhearc.



Fa tú dam, an tan ba bheo tú,
M'urradh síodha, mo scíth tóirse,
Furtacht m'éigin, éide m'fheola,
Cómhla m'áruis, fál mo thórraimh,



Mo dhíon tuaithe, mo bhuachaill bó-eallaigh,
Mo stiúir árthraigh ar lár bóchna,
Mo mhaide láimhe i mbeárnain dó-fhulaing,
Mo chrann bagair san mbaile is tú i bhFlóndras,



Mo theach séad, mo néamhann nósmhar,
Mo chnuas beiche, m'eite eiteoige,
Mo ghrian gheimhre, m'innscne óg-bhan,
Mo dhéar aille, m'airsigh mór-scol,



Mo bheithir dhéadla, mo chaor cómhraic,
Mo dhragan lonn, mo Gholl mac Móirne,
Mo churadh caomh, mo laoch, mo leomhan,
Mo mhionn súl, mo lionn-lúth, mo lóchrann.



Do mhalartais mo rachmas ar ró-cheas,
Is do dhíolais mo shaoirse let óg-dhul,
Is tú anocht mo thocht 's mo theo-ghoin,
Earr m'aoibhnis is críoch mo ghlóire,



Mo Luain-chreach, mo ghuais, mo ghleo-bhruid,
Mo chnead báis, mo bhráth, mo bheo-ghoin,
Mo mhíle mairg, mo chealg, mo chló-nimh,
Mo dhíle donais tú, m'osna 'gus m'eolchair,



Mo shileadh déar, mo léan, mo leonadh,
Mo ghoin chroidhe, mo dhíth, mo dheonchadh,
Mo shioscadh ball, mo chall, mo chró-lot;
Mo chnead clí do shíneadh i gcómhrainn.



M'ár daoine, mo mhaoith, mo mhóir-cheas,
Mo bhraon allsa, mo channcar drólann,
Mo mhío-ádh gan aoin-chrádh 'na chómhar
Mo dhíoghbháil is mo dhíoth-láithreach dó-innis.



Ba thaise ná an fhearthainn do shódhantacht,
Ba dhaingne ná an charraig do chródhacht,
Do b'fhairsinge ná an Bhanbha do bheodhacht,
'S ba cumhainge ná t'úire an Eoraip.



Do leagadh-sa mo leagadh is mo leonadh,
Do chailleamhain ba chailleamhain dómhsa,
Ó chailleas tú do chailleas mo dhóchas,
'S ós marbh tú is marbh cé beo mé.



Do shaoth rom-thraoch is rom-thóirsigh,
Rom-shaoth do thraochadh is do thóstal,
Féithle na féile 's a fóir thú,
Mo thraochadh is mo shaoth rem ló thú.



1a. A BHÁIS, AR MHARBHAIS MUIRIS?



Diarmuid Riabhach Ó Dálaigh cct.



A bháis, ar mharbhais Muiris?
Saoth liom nach am amhuiris
Damhna cáis ar gcnú chroidhe
A thrú, a bháis, a bhradoidhe.



Fada is dian na ndeaghuidh sibh,
Fionn-fhuil Gréag an iúil áirmhigh,
Beag slán don fhine ót fhoghuil,
Crádh cridhe ar do chéadfodhuibh.



d'éis a ndearnuis ar a ndroing
Ní tú féin fuair urroim,
A thrú éidigh na n-armghal,
Acht nach éidir t'athmharbhadh.



Dar leat níor libh an aicme,
Ní thugais trá comairce,
Mór n-eighreacht aguibh ón fhuil
Do dheighshliocht abuidh otuir.



Is tú an t-ainiochtach orra,
Uain tar éis a ndíoghloma,
Mór bhfine i n-úir rér n-aisne
Rúin mo chridhe chugaibh-se.



Earr na roighéag rugais lat,
Scath cáich do chuiris romhat,
Laoich lonna na gceastghal gcruaidh
Ód mheascadh orra an athuair.
Mo mhallachtsa is mallacht Dé
Ort aniu nochtaim m'fhínné,
A roinimh fháis ar olcaibh,
A bháis dhoiligh dhíoghaltuigh.



Mac Uilliam dragan dearbhtha
D'fhuil Ghréag glún is déidheancha
Mór ré do ghonais go grod
Ní hé a dhonuis do dhearmod.



Scoth leoghan ar ngríobh ghoile
Muiris mac an Riodoire
A éag is éachtghrodghal d'fhior
Créad acht créachtchognamh cridheadh.



Do shaoil meise, mairg do mheas,
Ós d'fhíonfhuil Ghréag fuair flaitheas,
Gur neach dar neambhaoghlach linn,
Gearrshaoghlach an bhreath bheirim.



Dá mbeith gan bheith 'na dhreagan
Gan fhoghluim gan fhoirceadal
Ursa thréan é re hamhsuibh
Ní ré ghéar dogheabhadhsoin.



Muna bheith dá bhogfhuil féin
Ríoghraidh Ghréag na ngníomh soiléir
Ceann slóigh ar nár fhás omhan
Níor dhóigh bás dá bhaoghloghadh.



Tarla tuisle dá ghruaidh ghil
Turbhuidh bhróin é 's teidhm tuirsidh
Dom mhaicne is eol a fhéaguin
I mbeol aipche an fhinn-Ghréagaigh.



D'éis Mhuiris ní saoghlach sinn,
Fíonfhuil Ghréag créad nach caoinfinn
Beag slán don fhine ó'n eachtra
Grádh mo chridhe an chuideachta.



Uch, gá thréad is truaighe cor
Uch a Dhe damhna ar gcumhodh
Crú Ghréag nár ceileadh ar chléir
Ar n-éag go deireadh dhóibhséin.



d'éis na laochruidhe leonadh teinn
Sliocht Diuic of Flórens foirtill
Searc scoile na scaithshleagh dte
Ní mhairfeadh croidhe cloiche.



A Phiaruis fuarais obair,
A Risdeird don reachtghrodfhuil,
Fuair geall ar dhianbhroid ar dhoigh,
Dar leam, Diarmaid Ó Dáloigh.



Neart tréanmhór a dtrí gcridhe
Dá mbeith uile a n-éinchridhe
Beag an neart aonchridhe d'fhior
Tré shearc gaothbhile Ghaoidhiol.



Atá aga leabhair laoi
Aca a dtriúr adhbhar aonchaoi
Cuaine go bhflathfhuil bhfosuidh
Fachuin truaighe a dturosuin.



Gáir dhéarchaoi do dhlighfeadh scol
Fada anonn uatha a n-adhbhor
Ní hí an obair nach tréan te
Léan do chogain a gcridhe.



Go mbeirir ad bhrugh oirdhric,
A Rí rathmhuir reachtfhoirmghlic
Tú do roighne an ré ghlanfháis
Sé gan doilghe docharbháis.



2. DOCHUALA SCÉAL DO CHÉAS AR LÓ MÉ.



Dochuala scéal do chéas ar ló mé,
Is thug san oidhche i ndaoirse bhróin mé,
Do léig mo chreat gan neart mná seolta,
Gan bhrígh gan mheabhair gan ghreann gan fóghnamh.



Adhbhar maoithe scaoileadh an sceoil sin,
Cás gan leigheas is adhnadh tóirse,
Athnuadhadh luit is uilc is eolchair,
Gríosughadh teadhma is treighde móire.



Díothughadh buidhne críche Fódla,
Lagughadh grinn is gnaoi na cóige,
Mar do díogadh ár ndaoine móra,
As a bhfearann cairte is córa.



Mór an scéal ní féidir d'fhólang,
Méad ár ndíth do ríomh lem ló-sa
Fuair an fhéile léan 'na dheoidh sin,
Is tá an daonnacht gach lae dá leonadh.



Ní bhfuil cliar i n-iathaibh Fódla,
Ní bhfuil aifrinn againn ná órda,
Ní bhfuil baiste ar ár leanbhaíbh óga,
Is ní bhfuil neach re maith dá mhórdhacht.



Créad dodhéanfaidh ár n-aos óga,
Gan fear seasaimh ná tagartha a gcóra,
Táid gan triath acht Dia na glóire
Is preasáil 'gá ngreasáil tar bóchna?



Greadán m'aignidh dearbhadh an sceoil sin,
Gabháil gharbh na n-eachtrannach óirnne,
Maith fhios agam an t-adhbhar fár órduigh,
d'aithle ár bpeacadh an tAthair do dheonuigh.



Dá mbeith Tuathal fuadrach beo againn,
Nó Feidhlim do threighidfeadh tóra,
Nó Conn, fear na gcath do ró-chur,
Ní bheith teann na nGall dár bhfógradh.



Cár ghabh Art do char an chródhacht?
Nó Mac Con ba dhocht i gcómhlainn,
Le n-ar scannruigh clann Oilill Óluim?
Is séan do Ghallaibh ná mairid na treoin sin.



Is léan do Bhanbha marbhadh Eoghain,
Tréin-fhear fá chéile don bheodhacht,
Ní bheith neart tar cheart ar fhódaibh,
Ag na Gallaibh meara móra.



Do bheith neart is ceart is cródhacht,
Do bheith smacht is reacht fá ró-chion,
Do bheith rath ar ar san bhfóghmhar,
Dá mbeith Dia le triathaibh Fódla.



D'imthigh Brian na gcliar ón mBóirmhe,
Dobhí tréimhse ag Éirinn pósta,
Ní bhfuil Murchadh cumasach cródha
I gCluain Tarbh ba thaca re cómhlann.



An tan fá láidir trá na treoin sin
Clann Chárrthaigh 's an Tál-fhuil treorach,
Níor shaoileadar Gaill dá bhfógradh
Tar tuinn nó i gcríochaibh Fódla.



Atáid na Danair i leabaidh na leoghan,
Go seascair sámh go sádhail seomrach,
Bríoghmhar biadhmhar briathrach bórdmhar,
Coimhightheach cainnteach sainnteach srónach.



Is é rún is fonn na fóirne,
Dá mhéid síth do-nídh re ár bpór-ne
An drong bhíos ag rídhteach leo-san
Súgradh cluichidhe an chuitín chródha.



Is truagh lem chroidhe 'sis tinn dár ndrólaim:
Nuachar Chríomhthainn, Chuinn is Eoghain
Suas gach oidhche ag luighe le deoraibh,
'S gan luadh ar an tí dobhí aice pósta.



Teach Tuathail monuar do tóirneadh,
Is Cró Chuinn gan cuimhne ar nósaibh;
Fonn Féidhlim go tréith-lag tóirseach,
Iath Iúghuine go brúighte brónach.



Achadh Airt fá cheas gan sóghchas,
Críoch Chobhthaigh fá oghaim ag slóightibh;
Clár Chormaic, fáidh foirtil na gcómh-fhocal,
Fá orchra lán d'fhothram deorach.



Mo léan, ní hé tréine na slógh soin,
Ná buirbe na fuirne ó Dhóbher
Ná neart naimhde chaill ár ndóchas
Acht díoghaltas Dé tá ar Éirinn fhód-ghlais.



Peacadh an tsinnsir, claoine an tsóisir,
Aithne Chríost gan suim 'na chómhall,
Éigean bruinneall, briseadh pósta,
Craos is guid is iomad móide.



Neamh-chion gnáth is tár ar órdaibh,
Réabadh ceall is feall is fórsa,
Leigean na bhfann gan chabhair gan chómhthrom
Ag saobh-lucht sainnte is caillte ar chómharsain.



Tréigean Dé le spéis i seodaibh,
Gléas le a séantar gaol is cómhgas,
Géill do neart 's an lag do leonadh,
Claonadh breath 's an ceart fá cheo chur.



Ciodh tá an eang so teann ag tórmach
Fá láimh leabhair na nGall so nódh againn
Áilim Aon-Mhac tréan na hÓighe
Go dtigidh an ceart san alt 'n-ar chóir dhó.



Is bíodhgadh báis liom cás mo chómharsan,
Na saoithe sámha sásta seolta,
'Na dtír ba ghnáthach lán de thóbhacht
Ite, vade, dá rádh leo-san.



Is gan acht cáirde ó ló go ló aca,
Dá gcur uile i dtuilleadh dóchais,
Go mbeith fábhar dá fhagháil dóibh sin,
Is gan annsin acht till further order.



Galar gan téarnadh is méala mór liom,
Greamanna daor-bháis, cé táim glórach,
Scaipeadh ar an bhFéinn dár ghéill Clár Fódla
Is Eaglais Dé dá claochládh as órdaibh.



Tá scéimh ghlan na gréine go nóna
Fá éiclips ó éirghe ló dhí;
Táid na spéartha i ngné dá fhógradh
Ná fuil téarma ár saoghail ró-fhada.



Fuair an cáirdeas spás a dhóthain,
Le lucht séad ní géar an sceol soin;
Ní léir dam aoinneach ar m'eolas;
Noch dobhéarfadh réal chum bróg dam.



Fágaim sin ar chur an Chómhachtaigh
Aon-Mhac Muire gile móire
As a bhfuil ár n-uile dhóchas
Go bhfuighidh sibh-se is mise cómhthrom.



Is aitchim Íosa, rí na glóire,
Mar is fíor gur tríonas fhóghnas,
Soillse laoi agus oidhche d'órduigh,
Go dtigidh an ní mar shílim dóibh sin.



An Ceangal.



Gríosughadh cnead, laghdughadh ar neart, síorughadh ar cheas brónach;
Fíorughadh ár bhfear do gheimhliughadh i nglas, foillsiughadh a n-acht
óirnne;
Críochnughadh ár bhflaith do dhíorughadh amach ar dhruim tonn tar bóchna;
Do mhíon-bhrúig lag mo chroidhe dúr leasc re maothughadh ár ndearc ndeorach.



3. IOMDHA IORRADH AG TULAIGH TUATHAIL.



Iomdha iorradh ag Tulaigh Tuathail,
Iomdha mór-bhrat órtha uasal,
Is brat síoda fíor-ghlan uaine
Do chaith sí go groidhe dá guailnibh.



Iomdha riocht is cruth do chuarduigh,
Iomdha aithearrach aithiorais ualaigh,
Iomdha doirbheas doilgheas duairceas,
Is cúis faoilte is aoibhnis fuair sin.



Iomdha atharrughadh deacamhail duaibhseach
Dorinne sí le cuimhne a cuallacht,
Is bladh bróin, dom dhóigh, is buan-bhrat,
Do chuir uirthe an Chorcra chnuaisteach.



Iomdha leanbh lér caradh a nuaidh-riocht
Noch ar altuigh a sealbh go suaimhneach
Is céile do fhéagadh a fuair-chneas,
Do chaill sí go fíor gan fuascladh.



Dearbhthar so ar a holc an uair seo,
Táinig anchruth anacrach uaiste,
Táirnig earr a háinis uaithe,
'S do shil fréamha a saor-dhearc snuadh-ghlas.



Fá éag mná a tlácht do truailleadh,
Thárla an tuile-se tuisle gan tualang,
Tárrthuigheadh a léan, a séan d'fhuathadh,
d'ísle a seol, a brón buaidheadh.



Deoradh a tréad, a tréan tuairceadh
d'árdadh a ceas, a teas d'fhuaradh,
Do mhalartuigh a dreach geal ar ghual-dath
Is dochuaidh i n-aibíd an-chaoin uathmhair.



Créad is ciall don liach Luain seo?
Créad fá dtáid ár lá gan luaithe?
Cliar fá seach, gan aire ár n-uaisle,
'S ár n-éigeas dá n-éaradh gan fuaradh.



Mairgréag Ní Bhriain an Niamh nuadh so
Cneadh dheireannach an Eibhir-ghuirt uamhnaigh
Áladh a báis bráth a buaidhre
Díle a donais a dochma 's a dualang.



A shluaigh Éireann, éighim is uaillim,
Fáth ár ndochair ní hothras uaire,
Orchra í gan chrích 'ga chruadhtan
Is cneadh mharbhthach mharthannach bhuaidheartha.



Tógam d'aon-láimh aon-gháir uaill-ghuirt
Caoidheam a gcás tráighte tuaimneach,
Freagram Éire ár saobh-stáid shuan-tearc,
Is glacam congnamh na ndúl n-uachtrach.



Rachad-sa isteach go teach na truaighe,
Is glacfad aibíd fhaid-scís uaithe,
'S ní ba feasach d'fhear fala ná fuatha,
Cia díne don dís ba duairce.



Do-ghéan oiread le fiche gan fuaradh
Do chumha díochra ríoghna an ruaim-fhuilt,
Caoinfead a ceas, basa buailfead,
Is ní bheidh deor 'na deoidh im dhuairc-dhearc.



Créad nach díothruagh an fhíon-ghruadh uain-gheal,
'S a dá reamhar-shúil seabhacamhail snuadh-ghlas,
A dá mhaol-ghlúin aolamhail fhuar-ghlan,
'S a dá tirim-throigh silte 'san tuama.



Mo bhíodhgadh bróin mo bhreodh mo bhuan-cheas,
Mo dhibhle déar mo léan mo luain-chreach,
Gaol na ríghthe an Daoil dár dhualgas,
Fuil arad-fhlaith Seanaid na sluaighte.



Caoinfead dreasa an dreach-gheal dual-chas,
Is caoinfead finn-chriadh rí-Bhriain ruagmhair,
Ban-ua bola Bloid na buan-bhla
Pór phríomh-fhlaith na bhfíon-fhleadh bhfuartha.



Maighre soineannda Sionna na suan-shreabh,
Ubhall cumhra d'úir-fhidh d'uas-Chais
Cnú do chollaibh gan chonchlainn guais-bheart,
Préamh do phailm ghlais Teamhrach Tuathail.



Cé leor do chrádh cháich a cruadh-ghoin
Mairgréag Ní Bhriain fá iadhadh uaighe,
Tháinig dochar don tsolais-ghein tsuaithnidh
Is mó dáibh 'ná a bás do bhuan-chreach.



Táinig di gan ioth ar thuar-ghort,
Aimrid dá héis gach craobh chnuasaigh,
Atá 'na diaidh an ghrian 'na gual dubh
Agus an mhuir 'na fuil go fuaisneach.



D'fhágaibh i mbrón Fódla fuaighte,
Do clódhadh aoibhneas naoimh-ghuirt Nuadhat,
Tángus ré 'na Céideach cuantach,
Táinig treighid is teidhm 'na tuairim.



Beag an iongnadh tuirse is truaighe,
'S a liacht mór-fhlaith bródmhar buannach,
Is rí nathardha dreach-iodhan duasmhar,
Rug an t-éag i mbéal a buaidhte.



Níor chaill sí 's fíor nach fuair sin
Gan a brat ar dath a dualais,
Dearbhadh so 's nach fo-chneadh fuaras
Gurab iomdha iorradh ag Tulaigh Tuathail.



4. MOCHEAN D'ALTROM AN OIRBHEIRT.



Mochean d'altrom an oirbheirt,
Ionmhain a gheis ghníomh-oirdhirc,
Cosc feirge 'gus fola soin,
Rogha gach ceirde an cheardsoin.



Re mac Dhómhnaill mhic an Daill
Buan-bheanas brígh a dtagraim,
Aonduine an uairse do chin
Aodhaire uaisle is oinigh.



Éamonn dúileach mac an Daill
Rún bronntach briathar fhortaill,
Dalta is deagh-oidhir na ndall
Altra an ear-oinigh Éamonn.



Fuaras ó mhac mic an Daill
Cláirseach allánach álainn,
Seoid bhuan bhreac-lonach bhuidhe,
Ealtonach nuadh neamhdhaidhe.



A comhmaith do chruit sheanma
Ní fhuair triath ná tighearna,
Móir-thréadach cean agus creach,
An bhean óir-théadach áiseach.



Ní maoidheamh go méid mearbhaill,
Ní fhuair éin-rí d'Éireannchaibh
A comhmór nó a comhmaith sin,
Donnóg na bhfonnaith bhfrithir.



Ní fhuair Maine ná Mogh Néid,
Ní fhuair Laoghaire a leithéid,
Ní fhuair Niall do nocht don mhil,
Ní fhuair Brian ná Corc Caisil.



Instruim oirdhearc uigthe fonn,
Éin-iongantas fiadh Fréamhann,
Dé Danannach doilbhthe dil
'S bé Manannach gcoirche gceirdigh;



Is binn allmhurdha amhra
A géimeanna geanamhla,
An éacht-fharránach fhoirbhthe
Dréacht-allánach dearscnoidhthe.



Eochair an cheoil 's a chomhla,
Ionnmhus teach na healadhna,
An Éireannach ghasta ghlan,
Ghéimeannach bhlasta bhiadhmhar.



Aos fíor-ghalair, fir ghonta,
Codlaid ris an gclár chorcra,
An bheo-bhadhbh don bhróin do bhris
Ceol-adhbh an óil 's an aoibhnis.



Fuair corr a cnuas-choill i nAoi
Is lámh-chrann a Lios Seantraoi
Breastach mhaoth-lonn na gcleas gcorr
Is caomh-chom ó Eas Éagonn.



Fuair mac Sithdhuill dá suidheacht
Fuair Cathal dá ceardaidheacht
Is fuair Beannghlan, mór an modh,
A ceangladh d'ór 's a hionnlodh.



Maith a hóir-cheard eile sain,
Parthalón mór mac Chathail,
Cláirseach an óir 's na n-allán
Dóigh nach práisneach Partholán!



Is í ba chlos cian ó shoin
Do spreagadh spride Sauil
Go cruith gcaomh gcailm-cheannach bhfionn
Go sailmcheadlach saor séisbhionn.



Cian ó dhian-chor Dolbh is Sanbh
Ar armacach, an oll-adhbh,
Dreach neamh-dhubh Ghaoidhealta ghlan
Deallradh draoidheachta a dealbhsan.



Mongán is mac an Daghdha,
Dias il-gheasach ealadhna
Dá gcaoil-fhéagsain a ceol so
Fá mheor gcaoin-éascaidh gcubhra.



Díol na néamhdha Nioclás Dall
A dhíol-sa an chruit gan chonchlann,
An dall-sa disi idir
Is isi d'annsa an oirfidigh.



Éin-ní i gconchlann a ceoil uill
Níor chóir acht croidhe Éamuinn,
Acht cé leor a luinne dhe,
Is guinne an ceol 'ná an croidhe.



Ionmhuin ráib do raid an chruit,
Croidhe úr, aigneadh oirdhearc,
Géag shaor raithréimeach rasach
Caomh caithréimeach ceannasach.



Mór an séan dá ghruaidh ghlantais
Buaine blaidh a thabhartais,
Mairfidh beo mar bheirear soin
Go deo is go deireadh domhain.



San uain dteirc-se tharla ann
Uaigneach an obair d'Éamonn,
An caithleoghan go gcrú ndil,
Aithbheodhadh clú a chinidh.



Ar dteacht ó Mhaigh Luirg i le,
Fuair ollamhnacht is uaisle,
Is mar do fhill an uairse dhi
Do chinn ar uaisle aisti.



Fear nach ceann-chas, clú nach gann,
Eascara an ionnmhuis Éamonn
Barr gach aoin an uairse dho
Do thaoibh uaisle is anma.



M'ionmhaine mo thréan tobhaigh,
Meig óg inghean Chonchubhair,
M'annsa clí séad-rang a sreath
'Sí do chéad-bhronn an chláirseach.



Ní baosradh, ní bladh bréige,
Áilne is oirbheart Mairgréige
A haonlocht maordhacht is madh
Aobhdhacht daonnacht is deallradh.



4a. TIAR TÁINIG TÚS NA SEANMA.



Tiar táinig tús na seanma,
Gnáth dúil andiaigh oileamhna,
Críoch Mhumhan na séadmhúr sídh
Bunadh na gcéadghlún gciníl.



Ní beag d'fhiadhnaise air sin
Imreasain dá mhac Mílidh
Ag roinn fhóid bláthchoille Breagh
Don dámhchoille óig fhéinneadh.



Tugsad go hÉirinn eidir
Filidh agus oirfidigh
A slios Thuir mbrat-ghloin mBreoghain
Tar muir n-atmhair n-anfhannaigh.



Onaoi ainm an fhir chiuil
Cior mac Cis ceann ar seiniuil
Ní leanfam dá slonnadh sin
Dá ollamh mearchlann Mílidh.
Órdaighis Éibhear amhra
Crannchor fá a n-aois ealadhna
Ar mbeith d'Éireamhón ón fhior
Ar leith ghléimheadhón Gaoidhiol.



Do thaoibh Éibhir, gár bh'fhearr céim,
Dobhí an t-oirfideach ainnséin
Re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin
Fá neimhdhíogha an cuid crannchoir.



Ríoghdhacht na seanma ó so lat
Ag leanmhain luirg na ro-mhac,
Atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn
Eighreacht re a n-éirigh intinn.



Dá mbeith fós nach raibh reimhe,
Atá an uairsi d'áiridhe,
Fréamh an cheoil i Muigh Mumhan
Sceoil ar a bhfuil fiadhnughadh.



Atá aniugh ag Nioclás Dall
Ar cheart ar chumas néamhonn,
Mír curadh ceoil na Banbha
Bunadh eoil na healadhna.



Cumadóir na gcleas ndoilche
Gadaidhe na geamhoidhche
Muscladh bróin bithchridhe ban
Glóir nach sílfidhe a síothbhrugh.



Adhbhar caomhnaidhe cumhadh
Sás meanman do mhórughadh
Sians ón girre laoi leabhra
Nach binne caoi Céideamhna.



Colloid re caoine a sheanma
Na beathadhaigh brúideamhla
Ag éisteacht marbhchor a mheoir bhrais
Do anfadh eoin re a n-amais.



Líonmhaire 'ná féar ag fás
Ar leath ó lámhaibh Nioclás
Sreath a ghéag gceathbhraonach gciuin
Do ghealchaolach dtéad dtaidhiuir.



Mar dheilbh i ndiaidh a rannta
Ní fios d'aois aigeanta
Séis marbhghlan a mheoir rathmhair
Damhnadh an cheoil chuimhighthi<gh>.



5. NÍ MAITH UAIGNEAS DON ANNSA.



Do Risteard Husae.



Ní maith uaigneas don annsa,
Atá a heolas agamsa,
Don mhúin damhsa flaith re fios
Nach maith don annsa uaigneas.



Re cúig bliadhnaibh uaigneach inn
Gan amharc an fhir álainn,
Bile taobh-fhuar mar Ghoill ghlain,
Acht aon-uair thoir an treall soin.



Fear an toil mar sain sonn
Atá a airdheana agam
'Bé do chreachóchadh a chorp
Do bheathóchadh é a amharc.



A mhná uaisle an iongnadh libh
Nach bean rom-meall uair éigin
A stuadh gheal gan fheirg gan an,
Acht fear gan cheilg dom chealgadh?



Dá mbadh aithnid daoibhse a dháil,
Tréithe ionganta an ógáin,
Ní bhiadh sibh gan suirghe ris,
Mil a fhuighle le n-aithris.



Scoth ógán caomh-inse Cé
Risteard rann-ghasta Husae
Cneas so-ghealta ré dár reacht
Do-leanta é i n-aintleacht.



Lán beoil tíortha, tobar fis,
Doras eoil, airgtheach doilghis,
Ár gcuid-ne i bhFódán na bhfionn
Oide ógán na hÉireann.



Órthóir glan-dán ngasta ngrinn,
Ughdar ait, ollamh innill,
Fear daor-dhuan bhfrithir i bhfor,
Aol-ghruadh go gcrithir ceardchan.



6. IONMHUIN T'AISEAG, A EOGHAIN.



D'Eoin Ua Callanáin an Liaigh.



Ionmhuin t'aiseag, a Eoghain,
Mochean d'fhior an ghlé-eolais,
Thóg fám chroidhe briocht loinne
Ón riocht i rabhamair-ne.



Ní mé amháin dobhí mar sain,
Iomdha ó chlos t'éaga, a Eoghain,
Trom sluagh imshníomhach i n-airc
A stuadh il-ghníomhach ordhairc.



Glóir 'na dhíol do Dhia Athar
Bheith duit-se gan deonachadh
A réalt eoil, gan cheilt, gan chuir,
Is gan deoir rem dheirc it dheaghaidh.



Níorbh'ionann aoinneach oile
Is tusa damh-sa, a dheagh-ruire,
Fuaiment oile níor mheall mé
Is fearr duine 'ná daoine.



Dobhítheá damhsa, a dhreach nár,
It chómhairleach, it chompán,
It bhráthair fheile im fhail,
'S i dtráthaibh eile it athair.



Muna mbeinn dod chléibh cleachta,
Mar táim a fhéil intleachta
A shlat 's a sheise dom thoil
Mise níor mhac dom athair.



Ní fhaca aoinneach tusa
'S níor éist bhós do bhriathra-sa
Nár ligh do chás 'na chás air,
'S dar libh do bhás a bhás-soin.



Is gearr geamh-oidhche it fhochair,
Téarna treabhluid tionnscadail,
Is gan lámh do chur óm chuim,
Nach am i ngliadh ná i n-iorghuil.



Fairsing t'eolas, a ghairt-mhic,
Ó Arctic go hAntairctic,
'S ó aibhéis go laoi thréan duit
Fad fis a n-airgne agat.



Agat doghéabhthaoi, a ghruaidh the,
Ceirt-bhreith cille is tuaithe,
Cosc do ghrádh caoi gach uilc,
Damhna dearg-lámh do dhíoghailt.



Gé mbadh dochtúir gach duine
Dá bhfuil i n-iath Iughuine,
Is tú do fhreagra, a shlat shuilt,
Lat a heagna 's a hadhuint.



Ót órd féin ar feadh Bhanbha,
Cóir fuarais céim cathardha,
Barr ar anóir gach fhisigh
Ó andóigh 's ó dheigh-fhisibh.



Ó do thárla-sa taobh rut,
Mo chrádh-sa crádh na gcarad,
A bheoil fhairsing is dom fhuil,
A Eoghain, t'aiseag is ionmhuin.



7. MÁ'S É AN LEOGHAN CRÓDHA GAEDHEAL.



Ar Eoghan Ruadh Ua Néill.



Má's é an leoghan cródha Gaedheal i gceart
Dobhéarfas fód glan Fódla fé n-a smacht,
A bhfaice-se, a stócaigh chróin noch téid tar lear
Beir chum Eoghain mhóir Uí Néill an ghlac.



Donnchadh Maol Ua Súilleabháin ag freagra:



Tugais uait an ghlac go léir
Tar ceart, a Phiarais Feiritéir,
Ó ainmhire shleachta Éibhir Fhinn
Ainbhfios teachta dot chéad-rinn.



8. NUAIR NACH FÉIDIR CUR RET CHEIRD.



Ag freagra ar bhárd dar bh'ainm Risteard.



Nuair nach féidir cur ret cheird,
Ná bualadh roimhe, a Risteird,
Mar is uaim ór is umha
Éigse Fódla t'fhoghlugha.



Cruithneacht is cogal amhlaidh,
Fiú an t-oideas fuaramair,
Mo shaoth-sa, 'athfhlaith tar toil,
Mé it árus it fhiachaibh.



E. Mac G. cct. ag freagra:



Dá mb'fhéidir go mbéaradh ar Phiaras bárr
Aoinne ar aonchor i n-iathaibh Fáil
Chum daor-bhruide réidhteach is riartha ar dáimh
'Sé Éamonn an té seo anois thiar i n-áit.



9. TUGAS ANNSACHT d'ÓIGH GHALLDA.



Do Mheig Ruiséil.



Tugas annsacht d'óigh Ghallda,
Inghean chruth-ghlan chéimbanda,
Stuadh ollghaoth gan fhuath gan oil,
d'uath na lonnlaoch ó Londain.



Tugas - nárab miste me,
Nárab mó is miste ise -
Searc m'anma d'inghin an Ghaill
Don fhinn-ghil amhra álainn.



An croidhe gan cead damhsa
A raibh d'annsa ionnamsa,
Tug uaim go ngeilt-chuing ngusa,
Don stuaidh ngeiltruim nGallda-so.



Aoinbhean eile ní bhfuighbheadh
A n-uair uaim an Londain-bhean,
Ní hé amhán is doiligh dhamh,
Grádh dom oighidh 's dom adhnadh.



Iongnadh nach ionmhaoidhimh dhamh
Go meallann is ná mealltar
Bean mé do aith-chreach oram
Nach clé aithreach uraghall.



Meig Ruiséil ríoghan Ghallda,
Réalta shuaithnidh shaorchlannda,
Ubhall óir is cian rom-char,
Grian agus glóir na nGallbhan.



Do-ní a folt ór d'umha
Is san ló a rosc réilteana,
Croidhe uar na n-airghiall dte,
'S a gruadh ainghrian ast-oidhche.



Dubhaidh a cneas an ghéis gheal,
'S a dá cóirdhearc an cristeal,
Tug fionna ar an rós reimhe
Ionga is ós na hingheine.



Caoinidh aimsir uaithe ag dul,
Anmhain nach féad 'na fochair,
Is gan bionnshruth suas le sin,
Diomdhach do luas an leanbhsoin.



Mar a mbídh is breath damhsa
Lá i n-oidhche san ionadhso;
'S gach lá doilbhthe nach só soin
Is oidhche san ló an lá soin.



Ainnear ongtha an óigh gan chuir,
Aon uair mar a mbí bliadhain,
Rún ciallaidh gan uaill gan oil
Bliadhain uair acht 'na hochair.



Ó n-a crobh cumhra gach crann,
Mil mar ghlacas an grafann
'S dá mbeana ris rós rod-fhear
A hós ar dhris 's ar dhraighean.



Dá bhfaiceadh neach, neamh-nár di,
Ise 's an ghrian san gheimhre,
Ann féin 's i ngach aon oile
Dá ghréin iad i n-aon-roidhe.



Nár ba hiomchur d'fhiach a corp,
Dá mbudh eadh dob fhiach éadrocht,
Is cloch ghairt dá bhféaghadh fair
Go ndéanadh cailc don chloch soin.



Atá ní fá n-a fearta
Fuil Ghallda gníomh Gaedhealda,
is Gall-ghníomh an méid is math,
I ngéig shalm-shaoir na saltrach.



Siúr Iarla Essex fuair uilc,
Is diuic dícheannta an ór-fhuilt,
Lucht sugh-chorp is ngairt-phort ngnaoi
Hairfort Sufolc is Suraoi.



Maith dhó a ghaol 'na goire
Iarla calma Chorcaighe,
'S do ghriangha na gcealgcholg gcuir
D'Iarla Beadford a bhráthair.



Uilliam Ruiséil ruire seang,
Giúistís oirdhearc na hÉireann,
Nochar taom timdhibhe dhi
Gaol an fhinn-bhile innti.



Ní do thairgeas dom dheoin di,
Níor ghlac is do ghoid an nísin;
Iongnadh an tsloid dá saoirlí sonn,
Aoinní de ghoid ní ghlacann.



Ní fheaca mé don tsaoir shéimh
Adciú, a Chaitilín Ruiséil,
Ní rug glionn-Bhanbha a geall so,
Ceann is ionlabhra acht tusa.



10. LÉIG DÍOT T'AIRM, A MHACAOIMH MNÁ.



Léig díot t'airm, a mhacaoimh mná,
Muna fearr leat cách do lot,
Muna léigir na hairm sin díot,
Cuirfead bannaidhe d'áirighthe ort.



Má chuireann tú t'airm ar gcúl,
Foiligh feasta do chúl cas,
Ná léig leis do bhrághaid bhán,
Nár léig duine do chách as.



Má shíleann tú féin, a bhean,
Nár mharbhais aon theas ná thuaidh,
Do mhairbh silleadh do shúl rín
Cách uile gan scín gan tuaigh.



Dar leat acht cé maol do ghlún,
Dar fós acht cé húr do ghlac,
Do loit gach n-aon dá bhfaca iad,
Ní fearra dhuit sciath is ga.



Foiligh orm t'ucht mar aol,
Ná feictear fós do thaobh gheal,
Ar ghrádh Chríost ná feiceadh cách
Do chíoch ró-gheal mar bhláth dos.



Foiligh orm do rosc rínn
Má théid ar mhairbhis díobh leat,
Ar ghrádh t'anma dún do bhéal,
Ná feiceadh aon do dhéad gheal.



Má's leor leat ar chuiris tím,
Sul a gcuirtear sinn i gcré,
A bhean atá ream ró-chlaoidh,
Na hairm sin díot-sa léig.



11. DEACAIR TEACHT Ó GHALAR GRÁIDH.



Deacair teacht ó ghalar gráidh,
An galar dom char fá chiaich,
Ní bhí an galar gan goin bróin,
Galar nach fóir luibh ná liaigh.



Galar gráidh is galar damh,
An galar go bráth n-ár mbun,
Im chroidhe do chóidh isteach,
Cneadh toile lér dóigh mo dhul.



Ar marthain béaraidh go buan,
Ní lamhthar céadtoil do chlódh,
Do chuir sin im luing-se a lán,
Ní grádh cuimse linn bhus lór.



Tonn seirce 'na tuile tríom,
Tuile le' mbeirthear ar mbuaidh,
Tug soin ar snoidhe go cnámh -
Doigh ghráidh im chroidhe dochuaidh.



Ní le faobhar gráidh romghoin,
Baoghal mar atáim óm thoil,
Ní féidir dol saor mar sin
Nimh mo ghon don taobh istoigh.



Gaoi gráidh ag tolladh mo thaoibh,
Créad do b'áil dá chur i gcéill
Ní bhfuil cabhair i ndán dúinn,
Mo ghrádh rúin dá bhfaghainn féin.



Ag so céime Dé na ndúl,
Ar an té dá dtugas grádh,
Troigh thana 'gus seang-bhonn saor,
Mala chaol dá ndealbham dán.



Fuilt dlúithe is díon ar gach sín
Tug an Dúileamh dí mar ghlóir,
Gach fáinne cromchas dá céibh,
Ar néimh fholchas áille an óir.



An béal tana is nuaidhe niamh,
Nach gar dá guaile a ghlór,
'S a dá gruaidh ar ghné na gcaor,
Nár fhuaigh acht Saor na sé slógh.



Stuadh mhíonla na mailgheadh gcaol,
Ní shileabh a hainm-se uaim,
Atá sin dom ghoin dá grádh
Do thoil nach ál linn a luadh.



Dá leacain leabhra ar lí an aoil,
Do dealbhadh di mar ba chóir,
An bhas bhairr-gheal sheada shéimh
Leaba réidh na bhfailgheadh n-óir.



An ríoghan nach mbeadh do mhnaoi
Mo shearc ar n-a líonadh lé
An Coimdhe ar n-a car i gclí,
Cá ní is doilghe dhamh, a Dhé.



12. AN BHEAN DO B'ANNSA LIOM FÁN nGRÉIN.



An bhean do b'annsa liom fán ngréin,
Is nár bh'annsa léi mé ar bith,
'Na suidhe ar ghualainn a fir féin,
Ba chruaidh an céim is mé istigh.



An guirtín branair dorinneas dam féin,
Is mé i bhfad i bpéin 'na bhun,
Gan ag an bhfear soin dotháinig indé
Acht a fhuirse dó féin agus a chur.



Má rinnis branar gan síol
Is fear maith den tír uait 'na bhun,
Do fhreagras an Mhárta san am chóir,
Is do fhreastalas dóigh le n-a chur.



Is mairg do-ní branar go bráth
Ná beir fás fada dá chuid féir,
Is an tan chuadhas-sa i bhfad
Gur coilleadh mo nead tar m'éis.



Dá mbudh duine mise raghadh i bhfad,
Is d'fhágfadh mo nead tar m'éis,
Do chuirfinn anál fá n-a bruach
Do chuirfeadh a fuath ar gach éan.



Cumann cealgach ag mnaoi,
Is cumann dearbhtha 'na dhíol uaim,
Mise i ngéibhinn dá grádh,
Is ise ag caitheamh gach léim ar luas.



Cumann, go dtéighead i sac,
Ní dhéan feasta ar eagla an bháis,
Is é bheir mo chroidhe 'na ghual
An grádh fuar dobhíos ag mnáibh.



Níl bráthair bocht gan hata cinn,
Bád ar tuinn ná tigh ar tráigh,
Mo chorpán dá dtéigheadh san gcill,
Ag caoineadh im chionn ní bheadh na mná.



Fríd mo chumha ní shilid a rosc,
Greadaid siad a mbos go hárd,
Le n-a méaraibh fliuchaid a súil,
Is iomdha lúib ins na mnáibh.



Ná creid cómhrádh mná,
'S ná glac a lámh i gceangal rúin,
Aire do chómhairle an duine ghlic
Ní sin nach mistide thú.



Is mairg atá mar atáim,
Is mairg dobheir grádh leamh,
Is mairg dobheas gan mnaoi
'S dá mhairg ag ná bíonn bean mhaith.



Dá dtugthá póg do chailín deas,
Is go ndéarfadh leat "Is tú mo ghrádh,"
Fá mar thiocfá scaoil uait,
Is ná bíodh ort gruaim tré mhnáibh.



Ná toigh bean ar a scéimh,
Go bhfionnair créad é a locht;
Tar éis iad do bheith dearg
Is searbh blas na gcaor gcon.



D'éaluigh Meadhbh ó rígh Chruachna
De dhruim uabhair is macnais
Ris an rígh onórach do ghabh Éire
Is ná bíodh éad ort, a mharcaigh.



Nó an gcuala tú scéal Ghearóid Iarla
Mar éaluigh Cúntaois an chúil chiartha
Uaidh le meang is le cealg
Ré lúidín ar feadh bliadhna?



D'éaluigh a bhean ó Dháibhí an rí
Re hiomad cuir agus cleas,
d'éaluigh a bhean ó Fhionn féin,
Níl acht díth céille 'n-ár neart.



Guidhim Dia go lá an bhrátha
Dá gcuireadh cách dúinn i gcéill
Má tá i ndán dúinn go bráth stad
Leath olc na mban ná hinnstear é.



Dar Duinnín is dar Donn
Bun-ós-cionn liom gabhaid na mná,
Dá n-abrainn gur dubh é an fiach
Dothabharfaidís Dia nach eadh acht bán.



A fhir úd doní coimhéad ar do mhnaoi,
Cuir i gcrích dam créad an fáth.
Cionnus choimhéadfas tú do bhean
Dá dtéighir amach go bráth?



Bheith dá coimhéad is tú istigh,
Dar liom ní maith do chiall,
Dá n-iompuighir léi do dhrom,
Rithfeadh uait san chúil siar.



Dá mbeiththeá is í taobh re taobh
Do sméidfeadh go claon a dearc,
Dá mbeiththeá ós cómhair a dhá súl
Do bhagarfadh mar siúd a glac.



Má théid sí go haifreann uait,
Ná fan an uair sin dá héis,
Ná bí roimpe ná 'na diaidh,
"A Chrann na Croiche cá mbiaidh mé?"



Ná taobh t'anam re do mhnaoi,
Gidh aidhbhseach a caoi 's a deor,
Fá thuirse ní bhia acht seal
Is geabhaidh chúiche an fear bhias beo.



An chlann so re bhfuil do shúil
Dá raibh tusa i n-úir na gcnumh,
Gach ar thacair tú re do ré,
Cuirfid go léir le sruth.



Le drúis, le himirt, le hól,
Le suirghe na n-óg, le stád,
Caithfidh an chlann do chuid
Is bia t'anam i mbruid go bráth.



Dar an peann atá gan gléas
Dá dtuigtheá-sa béas na mban,
Is an teagasc dobheirim uaim
Is duine gan stuaim nár ghabh.



FREAGRA AR PHIARAS.



A fhir úd dorinne an duan,
Is chuir orm fuath gach mná,
Do dhallais m'intleacht ar fad
Do chosaint na mban ar chách.



Cosaint con ar tí cait
Cosaint na bhfear ar na mnáibh,
Cosaint lachan ar linn
Nó faire na taoide ón dtráigh.



Beannacht ní thugaid na mná
Ar ainm an dáimh dorinne an duan,
Bean do geintear d'aon fhear amháin
Agus bean eile dobheir a slán fán sluagh.



Adhaint teineadh ar loch,
Nó carnáilt cloch i n-aghaidh cuain,
Cómhairle thabhairt do mhnaoi bhuirb,
Nó buile ruibe ar iarann fhuar.



Bean ghránna is gan í suairc,
A pósadh ba chruaidh an céim,
Créad an fáth go bpósfadh fear
Acht an bhean do b'áil leis féin.



Ná tabhair taobh ris na mnáibh,
'S ná tabhair do dháil fá n-a neart,
Ná creid uatha clog ná mionn,
'S ná creid a dteanga liom leat.



Meabhair an fháidh 's a dtáine 'dhraoithibh riamh,
Mo cheann 'na phrás dá ndáile míle bliadhan,
Mo pheann im láimh 's mé ag sár-chur síos mar iad,
Ar mheang na mná ní thráchtfaimís a dtrian.



Dá mba liom an peann dobhí teann ag Óibhid seal,
Dá mba liom an ceann le n-ar mheabhruigh Hómer stair,
Dá gcaithinn-se an peann 's an ceann cé mór a leath,
Ní nochtfainn trian feall fallsacht ná fóirneart ban.



Dá mbadh dubh an fhairrge,
Dá mbadh cailc na cruadh-chairrge
Dá mbadh meamram an spéar
Dá mbadh pinn eití na n-éan,



Peann do thabhairt i láimh gach fir,
Do shíol Ádhaimh is Éabhaidh
d'fhúigfidís uile dá n-éis
Trian olc mná gan faisnéis.



Ná déin-se tábhacht go bráth de ghníomharthaibh ban
Acht mar thráighfeadh tráigh nó thálfadh taoide ag teacht,
Nó mar cháith lá Márta i dtráth a timchealltar
Is go mbíonn a ngrádh i ndá áit nó trí gan stad.



Níl file ná fáidh, bárd ná éigse triath,
Ná cuisle den dáimh dár tháinig céim 'na ndiaidh,
Dá mhéid le rádh ar phár a saothar riamh
Do chuirfeadh síos cáil na mbáb dá léigheanntacht iad.



Duine éigin cct.



Annsacht mná go bráth ná claoidheadh do chiall,
Is fann a ngrádh 's is fánach síleach iad,
Dream atá atháile ón dílinn iad,
'S is cam an fáth lér táthadh croidhe 'na gcliabh.



Is sanntach ráidhteach gáibhtheach maoidhteach iad,
Mo cheann 'na phrás dá ndáile míle bliadhain,
Ar mheabhair an fháidh 's a dtáine 'dhraoithibh riamh
Ar mheabhal na mná ní thráchtfaimís a dtrian.
An Freagra:



Amhgar smáil ort 'fháidh bhig chrín gan chiall,
Do labhair ar mhnáibh i n-áit nár thuill a dtrian;
Dá fheabhas atáid, ó mhnáibh go mbí a dtriall,
'S le greann do Mháire tháinig Críost i gcliabh.



13. ÁRDUIGH DO MHEANMA, A MHÁGHNUIS.



Árduigh do mheanma, a Mhághnuis,
A thúir dhreachghlain dhearcshámhghlais,
A shlat fhial iomlán i gcath,
A iomrádh cliar is cearrbhach.



A fhir aidhmillte ógbhan,
A thaistil fonn bhfadródghlan,
A thúir choscair, a ghríbh ghrinn,
Is díbh d'oscail ar n-intinn.



A dheaghlámh dhíolta faladh,
A fháidh órtha ar n-ealadhan,
A fhir fheardha, a ghruaidh go ngoil,
Do mheanma iar n-uair árduigh.



14. DÍON, A CHOIMDHE, MO CHARA.



Eoin Ua Callanáin do Phiaras Feiritéar.



Díon, a Choimdhe, mo chara
Mo choigle re eascara,
Do lucht confadh fíochdha is fill
Sborfadh díochra mar dhrithlinn.



A dhíon fós feairrde sinne,
Ar anáirde intinne
A Phiarais, 'sar fheirg gach fhir
'S ar cheilg na bhfiabhras bhfrithir.



Maraidh múinte, mac feasach,
Staraidh cúirte cairdeasach,
Fearas fo ghean séanta ar gcuid
Nach ro-néata acht re namhaid.
Marcach cliste, ceann buidhne,
Ann nach miste ar muinighne,
Bheith go cráibhtheach caithmheach caoin,
Maithmheach náireach neamh-eascaoin.



Fear briste fromhtha is féile,
Ciste gartha glain-chléire,
Ógán eagnaidhe gan aos oll,
Leanbaidhe gan chraos colonn.



Dogheibhthear uaidh iall an spuir,
Ag triall san chómhrac mar chabhair,
Bheir go leor ionair an lón,
An beag san mór 's an meadhón.



Gan fear eile acht é féin
Againn ná aon mar eiséin,
Re trian ar ndochra do dhíon,
Riaras sochra soi-dhíol.



Dá mbeadh aige mar nach fhuil
Iardháil taighe an taoibh thiaruin
Dobheadh sa bhfaghadh gan cheas,
Fri riar aoigheadh is éigeas.



Dá urdháil ar áirimh sinn
Do cháilibh oidhre Éamuinn
Dó, gan chlódh buan re bail,
Dó ba dhual ó n-a mháthair.



Do bhreith an tí-si tré chridhe
Go brogh Íosa ainglidhe,
Do bhrígh a bhfeadar a bhfus,
Bíodh ar Pheadar do Phiarus.



Iarraim mar iarras an scéal
A leas do Phiaras Feiritéar,
'S an tí dobheir sreatha síon
Rí an bheatha dá bhith-dhíon.



15. CIDH IAD AN CHLIAR SO.



Do Phiaras Feiritéar.



Cidh iad an chliar so 's an éigse as tír
I mbliadhna re hiarratas séada is bídh;
Do chiapadar siar mé 's ag téacht arís
A dtriallann ar Phiaras Mac Éamuinn díobh.



16. D'FHÓBAIR OLC DON URCHAR THIAR.



An Sagart Dómhnall Mac Taidhg an Gharáin cct. do Phiaras Feiritéar.



D'fhóbair olc don urchar thiar,
Do-chuala i n-imlibh aigian;
Lot láimhe mo laoich chailce,
Saoi fa sáimhe subhailce.



Don urchar do hinnleadh lais,
Do fóbradh príomhlot Piarais,
Fearr dúinn a théacht mar atá,
Gan úidh ar éacht ná ar iargná.



Moladh mór do Dhia na ndúl,
Nár goineadh an ghéag ghlanúr
A bheith beo gan ágh gan oil,
Dobheir an ceo do chnocaibh.



A lámh ghasta ghléasta ghlinn,
Do fhaghradh ag scoil scríbhinn,
Nár thorchair do bhloisc ar mbaill
Do thoisc an urchair iomroill.



Lámh chruaidh um loinn lasmhar
Fear foirne na bhfianghasradh
Lámh fhial nár fhill ó fhile,
Dar linn is mian maighdine.



Tá an bhean ag breith a buidhe,
An feallsamh 's an fiannuidhe,
Maith a bheith gan ghoimh gan ghoin
'Na leith gan doigh gan diachoir.



A bheith gan teidhm gan tinneas
Beidh um oileán aidhmhilleas
Éide cosnaimh ceall is cliar
Maith leam don bhos-ghlan bhairr-fhiar.



Do Chiarraighe na mbrogh mbán,
Idir fear is mnaoi is macámh,
Na guil-si ón gcathshlógh do chuir
Tuirsi is athbhrón d'fhóbuir.



17. NÍ TRUAGH GALAR ACHT GRÁDH FOLAIGH.



Chum Meig Ruiséil.



Ní truagh galar acht grádh folaigh,
Uch is fada gur smuain mé,
Ní bhiad níos sia gan a nochtadh.
Mo ghrádh folaigh don tseang shéimh.



Tugas grádh ná féadaim d'fholach,
Dá folt cochlach, dá rún leasc,
Dá malainn chaoil, dá rosc gorm,
Dá déid shocair, dá gnúis gheal.



Tugas fós, gion go n-admhuim,
Grádh mar mh'anam dá píp réidh,
Dá guth ró-bhinn, dá béal blasta,
Dá hucht sneachtmhar, dá cích ghéir.



Uch, monuar ní théid i ndearmad,
Mo ghrádh scamalach dá corp geal,
Dá troigh slím-cheart trácht-thana,
Dá gáire righin, dá crobh tais.



Bíodh nár fionnadh riamh roimhe
Méid mo chumainn dí tar chách,
Ní bhfuil, ní bhiaidh is níor imthigh,
Bean is truime ghoid mo ghrádh.



17a. FADA ÁR gCOMHTHROM Ó CHÉILE.



Fada ár gcomhthrom ó chéile,
Mise is mo chéile chumainn,
Mise go ndíoghrais uimpe,
Is gan í go soilbhir umainn.



Go dtréigfeadh mise ar shaidhbhreas
Níl ann acht ainbhfios céille;
'S ná tréigfinn-se mo bhean chumainn,
'S a teacht chugham 'na léine.



Aice is ualach éadtrom,
A searc, is tréan trom orum,
'S ná deineann sé goimh don ghalar,
Ó chéile is fada ár gcomhthrom.



18. A DHIA NA MBUADH AN TRUAGH LEAT MISE MAR TÁIM.



A Dhia na mbuadh an truagh leat mise mar táim,
I bpríosún fhuar is nach mór go bhfeicim an lá,
An braon bhíonn thuas i n-uachtar lice go hárd
Ag tuitim im chluais is fuaim na tuinne lem sháil.



19. BEIR UAIM-SE FRIOTAL CHUM RIDIRE DUIBHNEACH SIAR.



Beir uaim-se friotal chum ridire Duibhneach siar,
'S innis dó ar feadh m'uireasbha go bhfuilim féin buidheach do Dhia;
Ní feairrde mise ar ibheas do na fíontaibh riamh
Seach uisce na ruide seo is mise innte sínte siar.



20. NÍ HÉ MARBHADH AN DÚIN DO BHRÚIGH MO MHUINEÁL RIAMH.



Ní hé marbhadh an Dúin do bhrúigh mo mhuineál riamh
Ná a ndearnadh liúm i gciumhais an Oileáin Tiar,
Acht an óig-bhean mhúinte bhúidh na gcocán gciar
Ná deaghas 'á fiosrughadh ar dtúis ná im dhonán liath.



21. A RIDIRE NA CIRCE 'S A' GHANDAIL GÉ.



A ridire na circe 's a' ghandail gé,
Mise 'gus tusa ar gach taobh den mhéis;
Ní mar sin dobhinn-se is mo mhuinntear féin,
Acht 'nár gcúigear ar fhichid is ba ghann linn é.



22. DOCHONNAC AISLING AR MAIDIN AN LAE GHIL.



Marbhna Phiarais Feiritéir.



Dochonnac aisling ar maidin an lae ghil,
Do bhris mo shuan do bhuaidir mo chéadfadh,
Thug mo chroidhe go claoidhte tréith lag,
Is cé go mairim, do mhairbh go léir mé.



Fódla i gceas i bhfad roimh Éirinn,
Ag caoi 's ag caoineadh 's ag géar-ghol,
A gnaoi ar mí-lí gur thréig sí
'S a cruth geal ar dath nár ghléigeal.



Í líonta 'chumha go dubhach déarach,
I ndeoidh a fear is flaith na féile,
Ag sníomh a glac 's ag stathadh a céibhe,
Gan bhrígh go lag le neart a héigin.



Fiafruighim dí do'n fhuighle is séimhe
Cá cúis chaointe ag mnaoi Chuinn Chéadchath,
Nó cia an tír 'nar fríth na scéalta
Thug fá scís na tíortha i n-éinfheacht.



Do ráidh an bhean dár bh'ainm Éire,
Cá tír i mbíthí ar díth céille,
Mar ná fuarais cluas le héisteacht
Ar éag an fhir lér thuit na céadta.



Sirim ort, má's toil leat féachaint
Ar mo chás ó thárla i ndaor-bhruid,
Réidh mo cheist is beir mé a baoghal,
Is deimhnigh dam cár theasta an té sin.



Adubhairt Fódla do ghlór nár bhréagach
Taobh le loch do crochadh an t-éarlamh,
Do sloinntear ón gcrích do chinn ar Éirinn,
Ar an dtulaigh dá ngoirtear Cnoc Caorach.



Bíodhgaim ar scaoileadh an scéil sin,
Is thugas amharc ar fhairsinge an tsléibhe,
Do ráidh gach fir dá dtig 'na dtréin-rith,
Is fíor ar chan an bhean ba héigneach.



Buailim m'ucht, do ghoin go haedhibh mé
Bás an tí do chinn go héachtach,
'S a bheith anocht fá bhruid 'na aonar
Ag bhárda an Ruis 'gá chur i n-éagaibh.



A thír Dhuibhneach, is daoibh is céasta,
Sibh 'na dheoidh nach dóigh gur saoghalach,
Fál bhar dtórramh, stór bhar laoch mear,
Crodh bhar n-óg-bhan, lón bhar léigheann-mhac.



An té ba hursa is do b'urradh is do b'fhéitheamh,
Ag díon bhar gcreach is teach bhar dtréada,
Is do bhar ndíon ar mhíle léir-scrios
Ag díol bhar bhfiach 's 'na ndiaidh gan éileamh.



Atáid a dhúnta i gcumha gan faeseamh
Is baile an Daingin cé'r dheacair a thraochadh,
'S a chómharsain ag cómh-ghol go héigneach,
Is na trí tíortha tré n-a chéile.



Dún Caoin ba haoibhinn ré néallaibh,
Is Dún an Óir nár chóir do thréigean,
Dún Úrla i gcúl gur léir-chuir,
Is Dún Meidhreach taidhbhseach taobh-gheal.



Lá dá bhfeaca ag an bhfaraire féata
I gcuan nó i gcaladh-phort daingean na hÉireann
Cabhlach mara do b'armach éideach
Dá bhfobhadh, dá bhfeannadh, dá reacadh 's dá réabadh.



Cé do mheasfadh ná mairfeadh acht tréimhse
An tí ba chosmhail le Hector na Trae thoir
Nó le Hearcuil ag leadradh laoch mear
Ag teacht don bhaile 's a bhanna gan daor-lot?



Go ló an Luain ní luaidhfear laoch mear
Dul i ngleo nó i gcómhrac aonair
Ris an gcuradh nár bh'fhuras a thraochadh,
Mar Choin Chulainn do ciorrbhadh ar fhéithibh.



Breitheamh ceart é i measc a ghaolta,
Ar scríbhinn ghasta ba chneasta an cléireach,
Caoin re seanaibh, tais re béithibh,
Lag le fann is teann re tréanaibh.



Captaoin cródha beodha i n-éachtaibh,
Mars ar eolas, leoghan ar laochas,
Ar chlár bóchna leor a thréine,
Seabhac na n-oileán ar ghabháil éanlaith.



Impire ar uaisle, Guaire ar fhéile,
Marcach líomhtha i ngníomharthaibh stéadmhar!
Saighdiuir fír-iúil ar éachtaibh,
Máighistir pionnsa is Fionn na Féinne.



Ciste rúin tú is úird na cléire,
Grádh na maighdean mbraighid-gheal mbéasach,
Órthóir an dána ós Clár Éibhir,
Oide múinte is clú na héigse.



File 'gus ughdar múinte i mBéarla,
Léightheoir blasta ar fhearsa Gaedhilge,
Tuigseach Laidne is staire Gréigis,
Fear cómhad-chur go cóimh-dheas san réidhteach.



Dobhí sé fáilteach cráibhtheach déarcach,
Dobhí tabharthach bronntach béasach,
An cian do mhair deagh-mhac Éamuinn
Bó na mbocht é is crodh na cléire.



Ar cheannach fíona síoda 's éadaigh,
Ar dháil maoine dighe 'gus méath-mhairt,
Ar chaitheamh fleidhe 's féasta 'na aol-bhrogh
Níor thug sé bárr ná tárr d'éinneach.



Dá mbeinn choidhche ag ríomh do thréithe,
Ag áireamh ar dheárlais do shéadaibh
Do leath Mhogha 'gus Chonn na gcéad-chath
A gcur síos i gcrích níor léir liom.



Is bodhar 's is balbh an Bhanbha it éagmais,
Do chaill a clú, do mhúch a daonnacht,
Na Danair gach lá ag gabháil a saor-fhlaith,
Is iad fá bhruid i riocht nach saoghuin.



Do luighe, do shíneadh, do chéad-chur
Thug an chliar fá chiach i mbaoghal,
Tar muir do chuir an bith braonach
D'fhearaibh áilne 'on Spáin dá dtraochadh.
Mochean feart 'nar thaisce t'aol-chorp,
Do dhá thaobh cailce ar dhath na géise,
Do dhá throigh thana chearta shéimhe,
Is do dhá chaol-mhala ós leacain ghléigil.



A Phiarais m'anama ó chailleas rem ré thú,
Is ná fuil aiseag ar mharbh dá n-éagann,
Triath na n-aingeal dot ghairm a daor-bhruid
Suas go Flaitheas go Cathair an Éin-Mhic.



23. EACHTRA PHIARAIS FEIRITÉIR AGUS RAITHIDHE MHIC SIONNA.



Duine uasal saoitheamhail fíor-fhoghlumtha rug buaidh
laochais i gCúigeadh Mumhan agus dobhí ró-chliste
i ngach cleas do na cleasaibh filidheachta dár
bh'ainm Piaras Feiritéar. I dtimcheall trí chéad bliadhan
ó shoin dobhí sé 'na chómhnuidhe i gCorca Dhuibhne i n-iarthar
Chonntae Chiarraighe le hais Chuan Árd na Caithne, san áit
le n-a ráidhtear indiu Parróiste an Fheiritéaraigh.



Is le n-a linn sin do mhair file i gCúigeadh Uladh i dtaobh
thoir thuaidh d'Éirinn. Raithidhe Mac Sionna a ainm. Do
ghlac fonn an file sin dul d'ionnsaighidh Phiarais, d'fhéachain
an raibh sé 'na fhile do réir a theastais is a thuarasgbhála;
agus rug leis san lán-turas soin, .i. a bhean agus a ghiolla
óglach do Mhuinntir Ghráinne agus a ghadhar.



Do ghluaiseadar rómpa i n-aith-ghearr gacha conaire go
rángadar Cathair Thráighlí, is as sin tré Ghleann na nGealt
siar gach ndíreach ag cur Chathair Conraoi ar a láimh ndeis
eatortha féin is an fhairrge thuaidh, is as sin tré Ghleann
Locha Scáil gur shroicheadar an sean-bhaile le n-a ráidhtear
Daingean Uí Chúise.



Agus ní cómhnuidhe ná sosadh dorinneadar annsin, acht
gabháil go neimh-leisceamhail rómpa tré Chlochán Cinn Chait le
hais Chuain Fhionntrágha. Is annsin d'iompuigheadar a
n-aighthe ó thuaidh go ndeachadar tar Mám Ráith Fhionáin gurab
í áit i n-ar stadadar fá bhun Chruacha Mhártain ar an dtaobh
thuaidh.



Súil dá dtug an giolla 'na thimcheall dochonnaic sé
bothán beag ós a chómhair, go ndubhairt:



"Dár go deimhin, a mháighistir, is cosmhail dúinn bheith
láimh le Dún an Fheiritéaraigh, agus téigheam go n-uige an
bhotháin úd thall d'fhéachain an bhfuil aoinneach ann
dothiubhradh dúinn eolas chum an dúna."



"Téigheam cheana," ar an Raithidhe.



Is amhlaidh fuaradar 'na shuidhe istigh rómpa, aon mhacaomh
cumasach córach cathaiseach. Do bheannuigheadar dó agus
thug seisean an beannughadh céadna dhóibh agus adubhairt:



"Airighim," ar seisean, "ar an imtheacht atá fúibh,
gur deoruidhthe san tír seo sibh, agus ní foláir nó tá ocras
oraibh d'éis bhar n-aistir; agus má aontuigheann sibh suidhe
im fhochair, gidheadh ná fuil rogha gach bídh ná togha gach dighe
agam le cur i nbhar láthair mar ná fuil ionnam acht figheadóir
aindeis go leor, fáiríor, atá bairghean nó dhó do phlúr
eornan, agus bhar sáith de bhainne na ngabhar le fagháil agaibh
agus míle fáilte."



"Ní gábhadh dhuit an cuireadh soin do thabhairt dúinn an
dara feacht," ar an Raithidhe, agus leis sin do shuidheadar
i gcuibhreann an fhigheadóra, gur itheadar agus gur óladar
a leor-dhóthain.



Annsin d'éirigh an Raithidhe agus adubhairt le n-a ghiolla:



"Is mithid dúinn, a ghiolla," ar sé, "bheith ag gluaiseacht
feasta."



"Ní hamhlaidh is cóir," ar an figheadóir, "acht suidheam
go fóill ag agallamh a chéile."



"Ní dhéanfam go deimhin," ar an Raithidhe, "óir cá
bhfios nach fada an turas atá rómhainn fós agus dein-se
eolas dúinn anois go Dún an Fheiritéaraigh."



"Créad é fáth do thurais annsoin?" ar an figheadóir.



"Atá," ar an Raithidhe, "mar dochuala go raibh teist
file ag sean-chailleachaibh agus ag bodachaibh na dúthaighe seo
ar an bPiaras so, agus chum tástála an file é do réir a
thuairisce thángas-sa; agus geallaim duit nach fada bhead-sa
ag cur an chinn-fheasa air, óir is file sár-fhoghlumtha mise
ó Chúigeadh Uladh, rug buaidh filidheachta i ngach áird d'Éirinn."



"Is neamh-ádhbharach é do thuras," ar an figheadóir,
"má's é sin fá ndeara dhuit triall 'nár measc; óir is
fíor ná claoidhfear Piaras chómh bog soin agus a meastar
leat-se; agus dá mba dhóigh liom-sa ó chianaibh gur bh'é sin
an fuadar a bhí fút, dar Pádraig, cé nach file mise acht
figheadóir tuatha, do chaithfinn féin rann leat."



Do mheabhaidh a ghean gáire ar an Raithidhe agus ar an
gcuid eile ag éisteacht leis an bhfigheadóir. Is annsin
adubhairt an figheadóir leis an Raithidhe:



"Ní cóir duit scaramhaint linn go háirithe gan fios
t'ainme d'fhágáil againn."



"Dogheobhair sin," ar an Raithidhe. "Raithidhe Mac
Sionna is ainm damh-sa."



"Agus cia hiad soin it fhochair?" ar an figheadóir.



"Atáid," ar seisean, "mo ghiolla, mo bhean agus mo mhadradh."



Is annsin d'fhéach an figheadóir go géar ar an gceathrar
séimh i ndiaidh a chéile go ndubhairt:



Dhein sé ar an dtuirt cheithre ranna aite ná haithristear
annso ag magadh fá'n gceathrar.



Ar gclos na rann soin don Raithidhe, do líonadh d'uamhain
agus d'imeagla é gur laguigh a chroidhe 'na chliabh ar módh nár
fhéad freagra ar bith do thabhairt ar an bhfigheadóir, go
ndubhairt len-a ghiolla:



"Dar mo chubhais, a ghiolla," ar sé, "má táid figheadóirí
na dúthaighe seo 'na bhfilíbh chómh maith leis sin, ní hionntaoibh
damh-sa dul do láthair an Fheiritéaraigh, agus filleam tar
n-ais dár ndúthaigh féin."



Leis sin d'iompuigh an Raithidhe le n-a chuallacht abhaile
go ceann-trom mall-troightheach, lán do náire agus d'aithis
go nach fios dúinn a n-imtheachta as sin amach.



Bíodh a fhios agat, a léightheoir ionmhuin, gurab é Piaras
féin dobhí rómpa san mbothán i riocht figheadóra. Gurab é
sin eachtra Phiarais Feiritéir agus Raithidhe Mhic Sionna
go nuige sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services