Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Miscellany of the Celtic Society

Title
Miscellany of the Celtic Society
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1614
Publisher
(B.Á.C.: The Celtic Society, 1849)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tadhg Mac Diarmada Óig Uí Dhálaigh cecinit.



Tarraidh tuisil Tír Lúigheach,
eang na sísdadh saer-bhuídhneach,
crích loch-bhán na long g-cogthach,
trom an to-chrádh tharradar.



Re a cobhnuidh ag teacht asteach
tuiseal trom Tíre Luíghdheach,
rug a anbhuaini uirre sin,
troime an amhluaigh do fhoillsigh.



An chrích ag clos a neimh-sgeoil,
caitheamh aeise Uí Eidirsgeoil,
cúis teadhma do'n bhreic mhín bhuig,
re sén tír Teamhra tánaig.



Ba torthach an úir í dhan
do'n rosg atá ar d-teimhlígadh;
ba faen-chrom a bh-fonn na sean
an coll caemhchóir ad chífeadh.



Mairg oireacht uil d'á dhéachsain
an rosg atá a n-easgaigh,
geárr ó budh easgaidh isi
déachsain ceann a críchesi.



Fa moch d'iarraidh an airm thruim
an lámh ó'r leath a luaghuill;
ní do mhúch muirn na n-oireacht
lúth an duirn ar deoruígheacht.


L. 342


An teanga cheannsa ad chluininn,
atá a d-teirce úrfhuighill,
briathar corp-shlim nír chan sin,
ba foirtill tan a d-teantaibh.



An chluas nách bh-fuil da bh-faire
sleasa caemha Cothluighe;
fuínn chorra na g-ceart-long sean,
leathtrom orra ni éisdfeadh.



Claechlódh a chéadfaidh sin
do loit an fonnsain Fhinghin,
clár slím na n-eacht-bhruigh n-einígh;
rinn a g-céadfaidh ceilfidhear.



Raibhche an bháis 'ga bhais cheolaigh,
séan an oireir isleochaigh,
do sgé caeine 'ga crídhe,
tré chaeile ré an Ridire.



Trom an easbaidh d'iath Lughaidh
sódh meanman mhic Chonchobhair,
a oighre a n-easbaidh an fhuinn,
ní doilghe easbaidh oruinn.



Fiche bliadhain is bárr re chois
atá a chúl re chrích dúthchois,
mac Fhinghin ag fághail reann
nár thomhail fín-fhleidh Éireann.


L. 344


Do roiseadh a rinn Mumhan,
dearbh go g-cuirfeadh Conchubhar
gleo na n-each ar airm-thriall creach
ar gharbh-thrian leathan Luíghdeach.



Innradh a fhearainn cairte,
cosnamh críche a chlann-mhaicne,
ar an eachtra do ní'dh aniugh,
ní budh deacra do dhéanamh.



Ar mhoing fhraechda an mhara mhir,
tarraidh mac feithmheach Finghin,
anbhuain ba teo 's an Turcaidh,
a n-gleo an arm-shluagh ingantaigh.



Teora long 'ga leacain ghlain,
caegad long a lucht cogaidh,
faicsin mharcaigh mhuighe Chéin,
nír altaigh duine dibh séin.



A d-Turcaigh na g-craebh g-ciníl,
long mhi'lla mhic Eibhilín,
ba h-é rian a th-ocht chlár thoir
triall tré chorp-lár an chobhluigh.



Loingeas chomhlán an chalaidh,
ní'r smuain croidhe Chonchobhair,
a bhreac long d'á seachna soin,
leathtrom deabhtha do'n deoruidh.



Do dhírigh an long leabhair,
ar an n-gasra n-gráineamhail,
gleo a lonn-chon is na loingsibh,
fromhthar leo don láthair sin.


L. 346


Do láimh féinnidh fhóid Uisnigh,
do thuit ceann an chobhlaigh sin,
cath tar bhreis an saerfhear soin
do sraeineadh leis an lá soin.



Do chothaigh, aimsear oile,
d'fheadhmannaibh a írghoile
ar chathaighe an gheal-fhuinn ghlais
machaire fhleadh-uill Flóndrais.



Cuairt roithe fa réim deigh-sgeoil,
do chuire oighre Uí Eidirsgeoil,
fá'n Almaini, cinn a g-cinn,
marbh-gháir as tír 'na thimchill.



Maith linn, a leabhraibh na sgol,
nach neach do rígheacht Saxon,
fuair an ghairm 'na gairm taibhsigh,
do thuair ainm s'á h-éachtaibh sin.



Mairg tír ó d-teasda a chabhair,
lámh dhearg chosgrach Conchabhair,
mairg sealbh-fhonn fhuil na h-easbaidh,
troigh na bh-feadhmann bh-fuileach sin.



Nír fhuathaidh a fholt doireach,
si'bhal chalaidh chomhoíghtheach,
dóigh asa ucht d'fhoghluidh sinn,
ní samhlaidh ucht ar Eirinn.



An mac amuich ó'n oireacht
an t-athair a n-arsuídheacht,
fáth cró-ghuil don chrích sin thiar,
do dhínaigh mór-fhuil Mhaicniadh.


L. 348


Mac Eibhlíne na d-treas d-te
fuair ro chi'n rígh na Spáine,
biaidh for-ghrain d'á bhrígh abhus
a g-connmhail do shí'r shealbhus.



Do thogh an righ tuigseach thall
neach do thurnfadh tréan eachtrann;
Conchobhar, an té do thogh,
urchomhall é fá'n eangnomh.



Mac Si'bhán slícht na g-curadh
glas ar oirbheart Iarmhumhan;
an t-slat 'sa ghaeis fa ghort Fhloinn,
'san aeis ag teacht tar teorainn.



Tairnig feardhacht a fír ghráidh,
cian uaithi meanma an mhacáin,
conchlann 'gun eing si ní fhuil,
ro throm an teidhmsi tarruigh.



Lé rugadh an Righ Neamhdha
an ógh íchtmhar oireadha,
lacht a cíche do chaith sin
ár maith as tríthe tharraigh.



Fidhradh cochlach na craeibhe
do dháil dise a deagh-mhaeine,
a tairthi mar an g-craeibh g-ciníl,
do sgaeil aithfe d'Eibhilín.



Di'rma suadh a snámh dá éan
ag buain cinidh d'inghin Oiléan,


L. 350


an sgol ó'n Líne loingsigh
tighe crodh ó'n Charrthaigh sin.



Rath na féile dháileas dí
riar a m-bí ar feadh gach n-oighthe,
um shuain-fhléidh an dúin daeinigh,
gun t-suaibhnigh úir fhorbhfaeiligh.



Tarraidh.


L. 352


B 1615c 17T
U Fearfeasa Ó Cáinte



Leo féin chuiridh Clann Í'tha,
fada atá rún ro-dhí'tha,
ina g-croidhibh ceann a g-ceann,
fá cheann oirir na h-Éireann.



Ní le slicht Éibhir na Ír,
chuirthear leo re linn éisidh,
cuaine rígh, is trom tinól,
ná le síl oll Eireamhóin.



Ní bh-fuil d'ádhbhar acu sin
fa chosg sídh, fa chur cogaidh,
acht d'agra ceirt Clann Lughaidh
le bárr neirt a n-ollmhuin.



Atá an chóir ag Cloinn Í'tha,
i'mdha ádbhar éis'ítha,
fá chrích chuan-abhaidh Chobthaigh
fuaradar ó allmhorchaibh.



Mór g-comha nár chomha beag,
mór n-éacht g-curadh do chaillsead,
fá'n d-tír bháin, gealtolchaigh, ghlain,
ag eachtrannchaibh chláir Chri'mhthainn.


L. 354


Mór magh sgoithsheamrach sgiamhdha,
mór d-treabh álainn fhír-niamhdha,
ó shli'cht Í'tha a g-chathaibh cni'cht
gur bh'fhachuin fhí'ch a n-éisdi'cht.



Gan eirghe a g-combaidh cogadh
d'éis gach uilc dá bh-fuaradhar
dream ród na g-cnofhí'dhbhadh g-cruinn,
ró i'ngnadh fad a bh-fulaing.



Dochaide buaidh do breith dhóibh,
ní bárr ainmhian, ní h-eagcóir,
tug do'n droing-ghéir reannaigh glain,
boing fá chéimeannaibh cogaidh.



A n-guais féin, faitcheas a bh-fonn,
tug dóibh, gídh fada a bh-fulang,
gan labhairt sí'tha re seal
adhaint fí'cha na bh-féinneadh.



Maith fuaradar fuil Í'tha
cur trod, adhnadh éisí'tha,
fa chomhthuidh iatha na n-Art,
fiacha orthaibh a furtacht.



Sli'cht Í'tha fhuilngeas dochar
dóibh as córa cathúghadh
fá'n d-tír chuirr shaeirealaigh sheing
do Ghaeidhealaibh fhuinn Fhéilim.


L. 356


Ní fhúil díbh sein, Dia do cheart,
neach dán h-oirchisi an oighreacht,
saeradh a beann, coimhdhe a cruídh,
iná an t-oighre as feárr orthuibh.



Mac Uí Eidirsgeoil, ucht seang,
dó as córa d'fhearaibh Eireann,
cathúghadh 'ma ceann a g-cath,
an eang chathamhail chogthach.



Conchobhar, croidhe leomhain,
ó's dó as cóir, caitheóchaidh,
fá'n g-crích úir theadmhannaigh the,
re sean-Ghallaibh bhruich Boinne.



Eagal dóibh, Dia do phúdhar,
a chineadh is Conchubhar,
d'á n-dí'thughadh, ní dáil tím,
fa chlár fhí'chamhail Fhéilim.



Coiseonaid clanna Lúghaich,
ar chathaibh ar chonghalaibh,
Corca Laighe na learg n-glan,
ceárd as daeire do dhéanamh.



Ní córa dóibh, Dia do chi'n,
troid um Corcaigh, nó um Chaisil,
iná cur deabhtha budh dheacht
fá mhagh d-Teaftha is fá'n d-Tuaisceart.



Nó um Nás Laighean na learg d-te,
no um Ath-cliath na g-cuan síthe,


L. 358


no um thuathaibh Baei leath ar leath,
no um Cruachain Aí, nó um Oileach.



Da n-dearntai ceart ronna riú,
sli'cht Í'tha dhoirteas donn-chrú,
dóibh so seich féarmhagh na bh-finn,
do bhreith Earlamh na h-Eirinn.



As amhlaidh fuaradar so,
clann Lúghaich mhóir mhic Í'tha,
ceart ar ro Bhoinn bhrataigh Bhreagh,
d'onóir tar macaibh Mileadh.



Do bhárr a dhúnaidh bodhéin,
do chí Í'th an airm rínn-ghéir,
tar an ro-mhuir soiléir sáimh,
samhuil oiléin o'n Easpáin.


L. 360


Í'th mac Bile, maic Breogain,
gluaisidh sé a sín ainbhfeonaigh,
cuire sithe d'fiannaibh uilc,
d'iarraidh na críche ad chonnairc.



Nír bhean locadh as a luing,
go ráinic gan ro mhearbhuill,
soigheadh ghér tochradh teann,
go port-sáil oirir Éireann.



Gluaistear leis ar d-teacht a d-tír,
dirim laech nar lucht fhairbhrigh,
fa teann coinne a g-ceann troda,
a g-ceann cloinne Cearmoda.


L. 362


Fa roinn Éireann an fheoir bhuidh,
do bhí 'gun g-cloinn sin Chearmuid,
fí'ch na bh-foclaibh leath ar leath,
ag teacht do Í'th go h-Oileach.



Fáiltighid na rígha roimhe,
nochtaid fáth a n-oirbhire,
nír cheilligh crích a ronna,
gur réidhigh Í'th eadtorra.



Ceileabhrais dóibh 'na dhiaigh sin,
beireas i'mchomharc uathaibh,
a tuaidhean ga mo phúdhair,
do smuaineadh leo a leanmhain.



Measdar leo ar sgaeileadh a sgél,
gur ghuais dóibh é do'n oílén;
misde a g-clann crí'ch a g-cogair:
ar Í'th ann gur fhealladair.



Ar Mhuigh Í'tha an fhachuin bhuig,
marbhthar é le cloinn Cearmuid
gér chathréimeach 'sa ghleo a ghuin
do b'aithmhéileach leo a leanmhuin.



Beirid muintir mic Bile,
ar éigin ó'n anbhfine,
teidhm as ar éirigh olc cháich,
corp an fhéinnidh do'n Easpáin.



Gluaiseas Lúghaidh na Lann sean,
is a bhráithre meic Mileadh,


L. 364


ina g-caeir shluaigh shéanta,
do bhuain a éarca d'fhir Éireann.



Ar d-teacht a d-tír, gá teo broid,
iar marbhadh chloinne Chearmoid,
nír fí'r-lagaigh fí'ch na bh-fear
gur dhí'ghladar Í'th d'óigheadh.



'Na éiric sin do fhán an fonn,
aco ó Thuathaibh De Danonn,
de tá sli'cht Í'tha an ghéag gheal,
ar thrí'cadh céd dá chóigeadh.



Mar sin as iad do bh-feárr ceart
nó go d-tángais re d-treiseacht
fa ghort fhi'nnacrach na bh-fi'nn
le h-olc i'marcach Eiri'nn.



Eiric Í'tha ar iath séin Ír,
na maitheadh mac Eibhilín,
ó gach fhi'r nír fholáir deit,
do chi'n d'fágháil do'n éiric.



Má tá nách leanfaídhe libh,
an éiric si ar fhuil Mhilidh,
má's dí'l duit'san tí torchair,
ná léig í le h-allmhorchaibh.



A Ua Í'tha, meic Bile!
mar éiric ó'n ainbhfine
do ghaibhthear duit ceann a g-ceann,
a g-cuid d'fódfhoithribh Éireann.



I'mdhá éiric nách ísin,
agad, a oighre Fhinghin,
gan séana ar garbh amhsaibh Gall
méala an t-amhghar so d'fulang.


L. 366


Mór fhuil do léigsead fá lár,
mór g-curadh fár cóir to-chrádh
do ortadar sonn re seal
fá fhonn ghort-abaidh Ghaeidhéal.



Doirtsi fuil is na folaibh,
a láimh catha, a Chonchobhair,
ná gaibh earca ar a son soin
acht gona eachta na n-aghaidh.



Smuain ar anbhreathaibh fhian Gall;
tuig mar bhí's cealg na gaimann
rún fuilngeach ní déanta dhe,
cuimhnigh a n-éachta aidhbhle.



Da n-gnáthuigheam a guidhe,
an Ógh do bhí a m-bhochtuine,
a h-Oighre dá n-éara mé
do geana oirne uaisle. leo.



Méinn rí'ghnaidhe gan rún truim,
Eibhilín inghen Domhnuill,
ní fhaghthar neach di'mdhach dhi,
dá m-beith ag i'nnlach uirri.



Lucht imdheargtha aighthe ban,
um na h-airgeadhaibh iarrthar
bláth toghtha na g-craebh g-ciníl
budh saer orra Eibhilín.



Slat do choillibh crú Shuibhne,
dés d'úir mhuighe Modhuirne,


L. 368


planda toraidh gan chlaen cheirt
craebh thoruidh an tuaisceirt.



Lór do thogha druim ar dhruim
a cosg fhoghla, a fuath leath-truim
dreach réidh ó'n froistighe fí'dh,
a méinn fhoisdini, a h-aigni'd.


L. 370


B 1619c 17T
U Donnchadh O Futhail



Ádhbhar beadhgtha bás déisi,
sgéal so as crádh leam chroidhesi,
fá guirt bás gach duine dhí'bh,
dar ruire fár' fhás mh'ímshní'mh.



An mac mar aen 'san t-athair,
d'imtheacht uainn le h-anachain!
atáid re seal dá'r snaeighe
an sean sa t-óg eagnaidhe.



Bás an mhic, gidh doiligh dhamh,
mó ar sní'mh tré éag an athar,
do mhear a sgís re seal sinn,
gach fear do'n dís a deirim.



Ní h-i'ngnadh mé a ri'cht ró lag,
ar aei ár n-deise dearbh-charad,
marbhadh mo dhuine nó dhó
don chruinne as ádhbhar iargnó.



Tógbhuid leo loingeas tar lear,
dá ársaidh innsi Gaeidheal,
gur lingsead dá d-toil tar tuinn,
o shoin nír fhillsead oruinn.



Gní'mh follus fáth na h-eachtra,
fár' ci'rrbhadh mo chuideachta,
cúis leanta a long le teinne,
fonn na h-Eorpa d'fóirithin.



Táinic leo a los a soibheart,
cosnamh clú do'n chrí'sdaigheacht,
laeich uaisle do chaill rom' chráidh,
le bárr uaisle le h-anáir.


L. 372


Sgéal fí'r nách fuairsi'd masla,
ar tír ná ar tuinn chodarsna,
nó gur leag donas an dís,
nár bheag sonas re seirbhís.



Ní chuala ag fáidh na ag fisídh,
samhail do'n bheirt bhuidhnese,
ar ghreis fí'r-ghlan, ar mheinn mhir,
ar chéill, ar ghní'mhradh gaisgidh.



Conall Cearnach, Cú an cleasraidh,
ní rug an dís deighfhear sain,
laeich armnochta eang Uladh,
geall calmachta ó Chonchubhar.



Ní rug Sampson mear mongach,
ní rug Osgar anghlonnach,
dream fá'n doilge mo thuirse,
geall mo choingre cumainnse.



Oilibhérus nár bheag n-anma,
Foirtí'brais fear baramhla,
ar luas a n-ádh nó a n-égin,
nó ar chruas lámh dá leithéidibh.



Ní riacht sea ná óg amhra,
feadh na cruinne ceathardha,
sgéal fí'r as crádh leam chroidhe,
tar ghní'mh lámh na laechroidhe.


L. 374


Gídh mór n-iath nách aithnid dhamh,
'nar chuir cuairt Conall Gulban,
do chuartaigh tar cró n-Uladh;
mó do chuartaigh Conchubhar.



Ní dheachaid Hector féin féin,
na Achilles a n-aein chéim,
ní h-uair claechlaidh dom' chumhaidh,
tar fraech láimhe Chonchubhair.



Tar cheann a bhreith d'aitheas áidh,
le Feardiadh, deaghmhac Damháin,
ursa catha crú Lughaidh,
ní racha ós clú Chonchubhair.



Nír ghli'ca Fi'nn, fáidh cuimhneach,
nó Cátó mar chómhairleach,
gnúis catha cruaidh na g-curadh,
uair catha ná Conchubhar.



Do chuirsead fós lámh tar láimh,
clú a bh-feadhma ar fud an domhain,
ar ghní'mh na n-giasgeadhach n-grinn
na n-gní'mh n-aisdireach n-inghill.



Fríth le Saxaibh, leath ar leath,
fríth le Fraingc na bh-fód d-toirtheach,
láeich arm-nochta treoin a d-troid,
sgeol a g-calmacht, a g-comraig.



Molaid úird na n-eang Spáineach,
'sa t-impire árd Almáineach,


L. 376


fí'r-bhun ar bh-fóirne, ar bh-feisdeoir,
gní'mhradh oighre Uí Eidirsgeoil.



Éag na gríbhe, nár ghríbh tais,
maith chaeinid laechraidh Fhlóndrais,
bheith gach laei, do laghdaigh sinn,
d'á chaei a n-Albhain 'sa n-Éirinn.



Maeidhig tír an Turcaigh féin
suaimhneas acu ar n-ég Chornéil;
luígheas go lá 'na chodhladh,
gan amharus, gan mhúslagadh.



Bás Chornéil Óig 'sa athar,
is fearg Dé do dheonachadh,
cruaidh le h-Éirinn an easbaidh,
buain creidhim a chuimeasgair.



Tuitim chodhnaidh chláir Lúghaidh
mór bh-fear dána docamhail,
cian bhus cás cúmhaidh am' chi'nn,
bár na g-curadh dár' chreidsi'm.



A g-cluin mé d'i'mrádh orra,
lór do sheanmóir shaeghalta,
nír' bhean beadhgadh roimhe rinn,
ar treaghdadh croidhe a g-cluinim.



Ní fhuil fá'n marc-shluaigh meardha,
do ghabh maeith a mór mheanma,
fear nách caeinteach d'á g-cumhaidh,
ná bean fhaeileach d'Iarmhumhain.


L. 378


Do dhorchaid bri'cht nel nimhe,
sreathaidh soighnéin teinntighe,
ní fhaicthear crann lúbtha ós línn,
óm chúpla thall do thuitim.



Atáid trágha, atáid tonna,
atá ré acas réaltonna,
a m-brón fó cheas na g-curadh,
is glór eas ag árdúghadh.



Do ní an talamh 'sa teine,
do ní an éanlaith ainglidhe,
le r-éigean le teas tuirsi,
ceas fám cédfhear cumainnsi.



Tig díbh na dúile balbha,
do chaei go h-árd osgardha,
ní daeire dún da déinimh,
caeine na n-dúl n-díthcéilligh.



Ní áirmhim iath ná oireacht,
ní fhuil cúil do'n Chri'stuigheacht,
do bhrígh a m-bás na g-curadh,
nár lín cás na g-Conchubhar.



Do las tuirsi ó eing go h-eing,
a n-diaidh na g-curadh chaeinim,
ar sgothaibh Eorpa uile,
fóchuin leonta laechruidhe.



Imdha laech d'á lucht feithmhe,
imdha banntracht buaidherthe,
imdha sgol cnaeite ó chumhaidh,
ar son claeite Conchubhair.


L. 380


Mór Shean-Ghallaibh féin féin,
tarla a m-brón, nách brón saeirbhréig,
do ghniaid fhi'nn Ghaeidhil faei sin
caei 'sní h-inmhaeidhimh orthaibh.



Ní mór gur maedhite damhsa
méid m'orchra ar an adhbharsa,
fuairsead lé chéile a g-crádh leam,
Éire mar táim 'na d-timcheall.



Bídh go bh-fuaras fáth tuirsi
rómpa, is damhna doghuilsi;
cruaidhe na gach cás oile,
bás cuaine na Carrthaighe.



Fiú m'ollamhnacht ó'm aes gráidh,
fiú ár n-dúthchas riú 's ár ro-bháidh,
's as fiú an dís tar chach róm char,
do ghnáth re sgís nach sgarabh.



Dlíghid éigsi is uird cheiníl,
dlús chaei um oighre Eibhilín,
grí'bh chómhdhalach, craebhshlat dhil,
saer-mhac fághlach Finghin.



Fada ó'n laechraidh a lucht gráidh
cian ó úir innsí h-Arcáin
fáth trom chumhaidh mar táid sin
Conchubhar óg is a athair.


L. 382


I'mdha oram ádhbhar nuaidhe
a Uain Dé, is fáth anbhuaine;
anaic sinn ar ár n-damnadh
glanaidh sinn ó ár sean adhbar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services