Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Corpus Astronomiae

Title
An Irish Corpus Astronomiae
Author(s)
Ó Domhnaill, Maghnus,
Compiler/Editor
Henry, R.M. agus O'Connell, F.W.
Composition Date
1694
Publisher
(Londain: David Nutt, 1915)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Clár na h-Oibre.



An Chéad Chaibidil



1 - Don domhan agus dá chodchaibh; 2 - Don aimsir; 3 -
Do aoisibh an domhain; 4 - Do aoisibh an duine; 5 - Don
Bhliadhain; 6 - Do na Míosaibh; 7 - Don tSeachtmhain;
8 - Don Lá; 9 - Don Uair; 10 - Do na Ceathramhnaibh;
11 - Do 4 haimsearachaibh na bliadhna agus dá gcáilidheach-
taibh; 12 - Do na h-Equinoxia agus do na Solstitia;
13 - Clár.



An Dara Caibidil.
1 - Don Réigiún eilemeinteach - Clár; 2 - Do nádúir
agus do uimhir na nGaotha; 3 - Fios ar an modh i ndéantar
cumhdach ar an mBeatha agus ar an tSláinte.



An Treas Caibidil.
1 - Do Réigiún Fhlaitheasach; 2 - Riaghail le
n-aitheontar san oidhche an uair do chlog ar an réalt
thuaidh; 3 - Riaghail eile le n-aithnighthar leis an ngréin
agus le láimh an duine an uair do ló; 4 - Eolas ar
fheardhacht tighe na bliadhna do réir Plinius -
Ianuarius; 5 - Feardhacht tighe agus cailindeoracht
mí Feb. do réir Paladius; 6 - An Márt do réir
Paladius; 7 - Oibreacha Aprioll do réir Abencenif;
8 - Feardhacht tighe May do réir Paladius; 9 -
Oibreacha míosa Iune do réir Paladius; 10 - Oibreacha
Iulius do réir Paladius; 11- Oibreacha mí August
do réir Paladius; 12 - Oibreacha Sep. do réir
Paladius; 13 - Oibreacha October do réir Abencenif;
14 - Oibreacha November do réir Abencenif; 15 -
Oibreacha December do réir Paladius.



An Ceathramhadh Caibidil.
1 - Do chailindeoracht na h-aimsire; do na
plainéidibh agus da gcáilidheachtaibh do réir Leopoldus;
2 - Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear


L. xxx


Saturnus; 3 - Do chailindeoracht na plainéide so;
4 - Don deilbh crotha thig ón bplainéid so; 5 - Do na
cáilidheachtaibh dhoirteas an phlainéid so insa duine;
6 - Do chlaon nádúrtha na droinge so; 7 - Do cháilidheach-
taibh na plainéide dá ngoirthear Iupiter; 8 - Do
chailindeoracht na plainéide so; 9 - Don deilbh crotha
bheir an phlainéid so; 10 - Do cháilidheachtaibh na
droinge so; 11 - Do chlaon nádúrtha na droinge so;
12 - Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear
Mars; 13 - Do chailindeoracht na plainéide so;
14 - Don deilbh crotha bheir an phlainéid so; 15 - Do
cháilidheacht na droinge so; 16 - Do chlaon nádúrtha
na droinge so; 17 - Do cháilidheachtaibh na plainéide dá
ngoirthear Sol; 18 - Do chailindeoracht na plainéide
so; 19 - Don deilbh crotha bheir an phlainéid so; 20 -
Do cháilidheacht na droinge so; 21 - Do chlaon
nádúrtha na droinge so; 22 - Do cháilidheactaibh na
plainéide dá ngoirthear Venus; 23 - Do chailindeoracht
na plainéide so; 24 - Don deilbh crotha bheir an
phlainéid so; 25 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so; 26 - Do chailidheachtaibh na droinge so; 27 - Do
cháilideachtaibh na plainéide dá ngoirthear Mer-
curius; 28 - Do chailindeoracht na plainéide so;
29 - Do dheilbh crotha na droinge so; 30 - Do cháilidheacht
na droinge so; 31 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so; 32 - Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear
Lúna .i. an ghealach; 33 - Do chailindeoracht na
plainéide so; 34 - Do dheilbh crotha na droinge dar
plainéid an ghealach; 35 - Do cháilidheachtaibh na droinge
so; 36 - Do chlaon nádúrtha na droinge so; 37 -
Iongantas eile don ghealaigh taoibh líonadh agus trághadh
na fairge; 38 - Clár; 39 - Modh i n-aitheontar an
comhartha i mbia an ghealach gach laoi ar an gclár so;
40 - Míniughadh ar an gclár so; 41 - Riaghail le
n-aitheontar do mheabhair an comhartha agus na céimeanna
in a mbia an ghealach gach laoi; 42 - Riaghail eile
níosa chinnte ar an nidh so; 43 - Iongantas eile, agus
cailindeoracht don ghealaigh agus do na comharthaidhibh taoibh
na beatha; 44 - Clár; 45 - Míniughadh ar an gclár so,
atá síorraidhe agus geinearálta ar chailindeoracht na
bliadhna.


L. xxxi


An Cúigeadh Caibidil.



1 - Foillsigheas cáilidheachta an dá chomartha
déag flaitheasacha; 2 - Do cháilidheacht an chomhartha
Aquarius in a dtéid an ghrian ar 21 Ianuarius;
3 - Do cháilidheacht an chomhartha Piscis in a dtéid
an ghrian ar an 19 do Feb.; 4 - Do cháilidheacht an
chomhartha Aries in a dtéid an ghrian an 21 lá do
Mhárt; 5 - Do cháilidheacht an chomhartha Taurus in
dtéid an ghrian ar an 20 lá do Aprioll; 6 - Do
cháilidheacht an chomhartha Gemini in a dtéid an ghrian
ar an 21 do May; 7 - Do cháilidheacht an chomhartha
Cancer in a dtéid an ghrian ar an 22 do Iune;
8 - Do cháilidheacht an chomhartha Leo in a dtéid an
ghrian ar an 23 do Iuly; 9 - Do cháilidheacht an chomhartha
Virgo in a dtéid an ghrian ar an 24 do Agust; 10 -
Do cháilidheacht an chomhartha Libra in a dtéid an
ghrian ar a 23 do Sep.; 11 - Do cháilidheacht an
chomhartha Scorpio in a dtéid an ghrian an 24 do
Oct.; 12 - Do cháilidheacht an chomhartha Sagittarius
in a dtéid an ghrian ar a 23 do November; 13 - Do
cháilidheacht an chomhartha Capricornus in a dtéid an
ghrian ar a 22 do December; 14 - Riaghail astronomic
le n-aitheontar comhartha na h-uaire in a mbeirthear
duine.



An Seiseadh Caibidil
1 - Do éiclips na gréine agus na gealaighe; 2 - Chum
go n-aitheontar na neithe adhbharuigheas na h-éiclipsigh;
3 - Don aimsir in a dtosuigheann oibriughadh na
n-éiclips; 4 - An modh le n-aitheontar na h-áite san
domhan in a dteagmhóchaidh oibriughadh na n-éiclips.



An Seachtmhadh Caibidil.
1 - Do chailindeoracht eile nádúrtha na h-aimsire
do réir Aristotill, Plinius, agus Ptolomeus atá ro-
dhearbhtha. Do na Cométaib, agus dá gcáilidheachtaibh go
geinearálta; 2 - Do na Laethibh Madramhla, agus don uair
thosuighid agus chríochnuighid; 3 - Clár; 4 - Cailindeoracht
Bhliadhnamhail ar an lá thosuigheas an Canicula; Clár


L. xxxii


síorraidhe ar theacht agus ar lán na gealaighe; 5 -
Míniughadh ar an gclár so fhoillsigheas teacht agus lán na
gealaighe go síorraidhe; 6 - Clár do iomad cathrach
agus bailte insa Spáin agus aiste, dá bhfoghnann an clár so
ar ndiaidh thráchtas ar theacht agus ar lán na gealaighe; 7 -
Riaghlacha astrologthacha ro-tharbhacha chum foladóiracht
agus leighis eile; 8 - Riaghail fhoillsighas an uair is maith
agus is olc purgóid do ghlacadh; 9 - Clár fhoillsigheas an
uair is fearr purgóid agus fuil, agus an uair is olc;
10 - Breathnughadh Astronomic ar na h-aicídeachaibh
nádúrtha - Clár; 11 - Breathnughadh eile ar an nidh
céadna; 12 - Breathnughadh eile; 13 - Breathnughadh
iongantach oirdhearc ar na h-aicídeachaibh nádúrtha
do réir aois na gealaighe, darab ughdar Nicolas
Florentinus .i. liaig foglumtha ro-oirdhearc; 14 -
Clár le n-aitheontar críoch an tinnis nádúrtha;
15 - Comhairle tharbhach agus Chríostamhail, iomchubhaidh
le glacadh.



An t-Ochtmhadh Caibidil.
1- Do iongantasaibh eile na gealaighe. Do thaoibh
na gcomhartha agus na céad tóirnighe na bliadhna; 2 -
Teagasc tarbhach don lucht saothair; 3 - Seicréid
chúirialta agus ionmholta don lucht saothair.




L. 2


An Chéad Chaibidil.
1 - Don Domhan agus Dá chodchaibh.



Is é is domhan ann .i. an uile nidh, mar atá na
flaithis, na réalta agus na h-eilemeintidhe; agus fós gach nidh
eile cruthuighthe. Goirid na Gréigigh Cosmos dhe so agus na
Laidneoiridhthe mundus .i. oirnéaltacht agus dathmhaileacht
amhail agus mar atá. Do cruthuigheadh an domhan insa
bhfoghmhar, do réir mar adeir ughdair phrionnsapálta,
i mí Sep.; agus is é is adhbhar dóibh chuige sin, do bhrigh
gurab é gnáth-bhéas na nEabhruidheach, na hÉgipteach,
na bPersians, na nGréigeach, agus na gcineadhacha uile
mar éirgheas grian, an bhliadhain do ríomh ó Shep. sa
tsean-aimsir. Do-bheir siad reasún eile ris so dá
dhearbhadh; mar atá, gur apaigh bhádar na tortha toir-
miosctha d'ith ar gcéad aithre .i. Adhamh agus Ébha ler
pheacaigh siad, agus nach raibh acht spás beag aimsire
ó cruthuigheadh iad go nuige sin; agus do bhrigh gurab
í mí Sep. am apughadh gach tortha, táirngid as so gur
san bhfoghmhar do cruthuigheadh an domhan. Acht giodh
maith na réasúin so, dar leat, atá réasún is fearr iná
iad 'na n-aghaidh dá dhearbhadh nach san bhfoghmhar do
cruthuigheadh é acht insa Márt i n-earrach, do bhrigh gur
túsca fás gach neithe iná a bheith apaigh go nádúrtha:
agus mar is é mí Mhárta aimsear nádúrtha chum fás
agus geineamhna gach neithe, ní insa bhfoghmhar, mar sin,
do cruthuighedh an domhan acht insa Márta, .i. insa
t-aonmhadh lá déag de sin, fón am i dtéid an ghrian
insa chéad chéim don chomhartha fhlaitheasach dá ngoirthear
Aries. Tairis so, atá réasún eile láidir dá dhearbhadh
gur fón am so do cruthuigheadh an domhan; óir do b'í toil
Chríost bás d'fhulang san earrach - agus sin Dia
h-Aoine, an treas lá do Aprioll, d'aois trí mbliadhain
déag ar 20, acht gan a mbeith iomlán: agus do b'é a thoil


L. 4


tairis sin a chur san gcroich ar a seiseadh h-uair, do
bhrigh gurab í sin uair agus am agus lá do bhris ar gcéad
shinsear aithne Dé; mar sin nach san bhfoghmhar do
cruthuigheadh é acht san earrach. Ranntar an domhan
ar dhó, mar atá réigiún flaitheasach agus réigiún eile-
meinteach; ortha so tráchtfamaoid re congnamh Dé.



2 - Don Aimsir.
Is é is aimsir ann .i. moille siubhail na h-equinoxium:
ionann sin le rádh agus an t-am gur b'ionann fad don lá
agus don oidhche, agus teagmhaidh sin faoi dhó san mbliadhain,
mar atá an t-aonmhadh lá déag do Mhárt agus an t-aonmhadh
lá déag do Shep. faoi nó ós a chionn: nó is é is aimsir
ann, mar adeir Aristotill (4 Phisic.), miosúr an
tsiubhail do-ghní an chéad-ghluasacht .i. primum mobile
ó thosuigheann miosúr aoise an domhain agus aoise an
duine, agus gach cuid eile mór agus beag don aimsir; agus fós
claochlódh gach neithe dá bhfuil faoi chomhachta na h-aim-
sire. Do b'é tús na h-aimsire, do réir Eoin Easbal,
Apoc. 10, an tan do cruthuigheadh an domhan. Agus
atá ó shoin do réir na h-Eabhruidheach gus an mbliadhain
i láthair 5654.



Ranntar an aimsir i dtrí h-aimsireadha do réir
na dtrí ndlighthe tug Dia aon tsaoghal fó seach .i.
aimsir an dlighe nádúrtha do bhí ann ó Adhamh go Maoise,
dá tug Dia an dlighe scríobhtha; agus do b'é a líon do
bhliadhnaibh 2453: an dara h-aimsir do bhí ó tugadh an
dlighe scríobhtha (do scríobh Maoise) go dlighe na ngrás
do thug Críost agus go bhfuair bás 1540. An treas aimsir,
ó tugadh dlighe na ngrás gus an mbliadhain i láthair
l694, agus tairis sin biaidh go teacht Chríost i ndeireadh an
tsaoghail. Is é is céad-ghluasacht ann .i. an
deachmhadh flaitheas amhail deirim 'na dhiaidh so.
Tairis so ranntar an aimsir go particulárdha i n-aoisibh,


L. 6


i mbliadhnaibh, i míosaibh, i seachtmhainibh, i láithibh, i
n-uairibh, agus i gceathramhnaibh; agus gidh gur féidir a roinn
i gcodchaibh is lugha agus is mó iná iad so, gidheadh is lór so
don deaghthuigse.



3 - Do Aoisibh an Domhain.



Gach aimsir do-chuaidh thort agus atá re teacht, ranntar
í in a ré h-aoisibh do réir na scrioptúiridhe diadha. An
chéad aois ó Adhamh go dílinn do réir Genesis Cap.5 = 1656
bliadhain: an dara h-aois ó dhílinn go h-Abraham do b'é
a líon do bhliadhnaibh 505; an treas h-aois ó Abraham
go dlighe Mhaoise 292: an ceathramhadh h-aois ó dhlighe
Mhaoise go tionnscnamh teampaill Sholaimh mic Dháibhidh
an rígh 480: an cúigeadh h-aois ó thionnscnamh an
teampaill go scrios an teampaill chéadna 440: an
seiseadh h-aois ó scrios an teampaill go rugadh
Críost 587. As sin tuigthear gur b'é aimsir do-chuaidh
thort ó thosach an domhain go breith Chríost 3960 bliadhain.



4 - Do Aoisibh an Duine.
Ranntar saoghal an duine do réir Galenus i gcúig
aoisibh, mar atá: aois leanbhaidhe, aois fhásamhail, aois
ógánta, aois fheardha, agus aois chríon nó aosta. Is é is
adhbhar do chlaochlódh na n-aoise so .i. claochlódh na
gcáilidheachta theagmhas san duine re linn gach aimsir
dá shaoghail; óir anuair scaras cáilidheacht díobh ris, tig
cáilidheacht eile ann nach ionann agus chéad cháilidheacht,
agus sin in aimsir áirithe. An chéad aois dá ngoirthear
an aois leanbhaidhe, is é is cáilidheacht dí a bheith te
fliuch; agus mairidh sí san duine ó a bhreith go h-aois a 14
mbliadhna. An dara h-aois dá ngoirthear aois fhásamhail,
agus gurab é is cáilidheacht dí a bheith te tirm; mairidh
ó aois a ceithre mbliadhna déag go cúig bliadhna fichead.
An treas h-aois dá ngoirthear an aois ógánta, agus gurab


L. 8


é is cáilidheacht dí a bheith measardha, go h-áirithe in a
tosach, mairidh ó 25 go 40. An ceathramhadh h-aois dá
ngoirthear an aois fheardha nó seasmhach, agus gurab é is
cáilidheacht dí a bheith fuar tirm go measardha, mairidh
ó 40 go 55. An cúigeadh h-aois dá ngoirthear an aois
chríon, agus gurab é is cáilidheacht dí a bheith fuar tirm go
h-iomarcach, mairidh ó 55 go críoch a shaoghail.



5 - Don Bhliadhain.



Is é is bliadhain ann .i. spás aimsire nó miosúr dhá
mhí déag grianamhail: is é sin re rádh, an mhoill do-ghní
an ghrian ag siubhal timcheall fán dá chomhartha dhéag
flaitheasach go dtig chum an phoinc chéadna ór shiubhail
i dtosach na bliadhna. Is é an t-Impire Iúlius Caesar
do roinn an bhliadhain atá againn anois i n-úsáid do
365 lá agus 6 h-uaire gan a mbeith iomlán; gidheadh ní fuil
an uimhir sin chomh ceart agus sin, do bhrigh go bhfaicimid
go soiléir an aimsir ag an t-equinoxium ag athrughadh
chugainn ní sa luaithe. An rí Alfonsus na Spainne,
insa chruinniughadh do-rinne do leabhraibh na n-as-
trologach agus na bhfealsamhnach agus ar rinn-fhéachain agus
ar scrúdadh cáilidheachta na bliadhna; do fuair sé
amach go raibh 365 lá, 5 h-uaire, 49 móiminte, agus 10 segund
insa mbliadhain. Agus do réir opinion an righ so (atá
glactha ag an uile astrologdha) ní féidir lá go h-iomlán
do thabhairt isteach insna ceithre bliadhna, do bhrigh go
dteastuigheann de 42 móimint agus 56 segund. Acht
ar máthair naomhtha an Eaglais chum nach n-imtheochadh
re mion-chonntas móimintidhe, do-ghní sí úsáid don
mbliadhain do orduigh Julius Caesar .i. 365 lá le 6
h-uaire, agus mar sin do-bheir isteach insna ceithre bliadhna
lá, acht gan a bheith iomlán. Agus do b'é sin adhbhar
dar n-athair naomhtha an Pápa; sé an treas Griogóir
dhéag, fár orduigh an aimsir d'athrughadh san mbliadhain


L. 10


1582, an 5 lá do October, ag baint 10 lá don mhí
chéadna agus ag athrughadh an litir Domhnaigh do bhí ann .i.
G agus ag ordughadh C 'na litir Domhnaigh go deireadh na
bliadhna; agus tairis sin d'orduigh mar an gcéadna lá do
bhaint don aimsir i gcionn gacha trí chéad bliadhain.



6 - Do na Míosaibh.



Adeirthear mí ón fhocal Laidne .i. metior metiri
.i. tomhas nó miosúr, mar is cuid í don dá mhí déag na
bliadhna. Atá trí gné míosa ann, .i. mí ghrianamhail, mí
eascamhail, agus mí úsáideamhail. Mí úsáideamhail an mhí
dá ndéantar úsáid insa gcalindeoir, agus mar do-ghní
an Eaglais úsáid dí goirthear amhlaidh sin í. Mí ghrian-
amhail goirthear don spás aimsir chaitheas an ghrian ag
siubhal fó aon chomhartha don dá chomhartha déag fhlaithea-
sach. Mí éascamhail: atá sin ar thrí mhodhaibh .i. mí shiubhlach,
mí theasbáinteach, agus mí leanmhainteach. Is í is mí shiubhlach
ann .i. an spás aimsire chaitheas an ghealach ag siubhal
fán dá chomhartha déag flaitheasach, agus is é sin 27 lá
agus 8 n-uaire. Mí theasbáinteach, nó ar mhodh eile mí
leigheasamhail, is é sin an spás aimsire ó chídhmid an
ghealach nuadh tar éis teachta go h-am a faicsiona arís
tar éis teachta dí an ath-uair. Mí leanmhainteach, is é
sin an spás aimsire chaitheas an ghealach ó scaras ris an
ghréin go dteagmhadh ria arís, agus is é sin 29 lá go leith.
Atá dhá mhí déag san mbliadhain agus is iad a n-anmanna
.i. Ianuarius, Februarius, Martius, Aprilis, Maius,
Iúnius, Iúlius, Agustus, September, October, Nouem-
ber, December.



7 - Don tSeachtmhain.



Is é is seachtmhain ann .i. spás seacht lá d'aimsir, agus
deirthear amhlaidh sin í ón Laidin Septemane .i. seacht
maidne nó seacht solais, do bhrigh go n-éirgheann an


L. 12


ghrian seacht n-uaire san tseachtmhain; agus is iad is
anmanna do na laethibh do-ghní seachtmhain .i. Domhnach,
Luan, Mart, Cédaoine, Diardaoin, Aoine, agus Satharn,
agus tairngid a n-anmanna ó na seacht bplainéidibh. Do
ba ghnáth-bhéas do na geintlidhibh Dies Solis do ghairm
don Domhnach, agus Dies Lunae don Luan, agus Dies martis
don Mháirt, etc; do brigh go bhfuaradar amach le réasún
astronomic gur ab í an ghrian is plainéid don uair i
n-éirgheann sí Dia Domhnaigh, agus gur ab í an ghealach is
plainéid don uair i n-éirgheann an ghrian Dia Luain, agus
amhlaidh sin for sna laethibh eile. Acht an Eaglais ag
seachnadh an ghnáth-bhéasa sin na ngeintlidhe, do thugadar
anmanna eile do na láithibh i n-aimsir an Phápa Silvester;
mar atá Lá an Tighearna don Domhnach, nó an chéad tráth;
an dara tráth don Luan; an treas tráth don Mháirt;
mar atá Feria Secunda, Feria Tertia, agus ar an ordughadh
sin ris na láithibh eile acht amháin an Satharn dá dtugadh
mar ainm .i. Sabathum .i. scíth agus iolghárdas; do bhrigh
gurab ann do chomhnuigh Dia iar gcruthughadh an domhain,
agus mar an gcéadna corp Chríost san tomba.



8 - Don Lá.



Ionann lá re rádh agus solas nó deallradh, do bhrigh
nuair thig an ghrian ar amharc go mbíonn 'na lá; agus atá
ar dhá mhodh .i. lá nádúrtha agus lá saotharamhail nó gnóthach.
Lá saotharamhail, do réir Aristotill, goirtear don
spás aimsire bhíos ó éirghe don ghréin go luighe dhí.
Goirthear amhlaidh sin é mar is insa spás sin do-ghní an
lucht saothair a n-oibre. Is é an lá nádúrtha spás
ceithre n-uaire fichead thosuigheas ó éirghe don ghréin
go h-éirghe dhí an ath-uair; agus is é so modh ghnáthuigheas
na Caldei na Persians, agus na Babilónians; acht na
Hebraei gnáthuighidh siad an lá do ríomh ó luighe gréine
go luighe dhí an ath-uair. Máseadh ar máthair an


L. 14


Eaglais, ag a scrúdadh so níosa dhoimhne, tosuighidh sí
ris an lá so ó mheadhón oidhche go meadhón oidhche 'na
dhiaidh; do bhrigh gurab annsin do rugadh a chéile .i. Íosa
Críost slánuightheoir an domhain. Acht na h-astrologdha
tosuighidh siad an lá so ó mheadhón lae go meadhón an
lae 'na dhiaidh.



9 - Don Uair.
Is é is uair ann .i. cuid do na ceithre codchaibh fichead
bhíos san lá nádúrtha; nó, ar mhodh eile, an dara cuid
déag don lá saotharamhail, ar ar labhair Críost ris na
h-easbalaibh ag a rádh: Nonne duodecim horae sunt diei?.
Agus do-ghní Eoin san 11.C. iomrádh ar na h-uairibh
saotharamhla so anuair adubhairt: erat quasi hora sexta
quando crucifixus est Jesus. Is é sin re rádh go raibh 'na
mheadhón lae acht a bheag anuair do céasadh Críost ag
tuigsin an seiseadh h-uair mar a dó dhéag; agus dá bhrigh
sin goirid na Hebraei an chéad uair don seiseadh h-uair
ar maidin agus an treas uair don naomhadh h-uair, agus
an seiseadh h-uair don mheadhón lae, agus naomhadh
h-uair don treas uair i ndiaidh an mheadhón lae, amhail
agus mar tuigthear ag Matha C.17. an áit adeir go
raibh dorchadas os cionn an talaimh uile ón seiseadh
h-uair go nuige an naomhadh uair; is é sin ón mheadhón
lae go nuige an treas uair 'na dhiaidh. Ag so an modh
adeir an Eaglais na h-uaire canónta.



10 - Do na Ceathramhnaibh.



Is é is ceathramha ann .i. cuid do na ceithre codchaibh
bhíos insan uair; ionann sin agus cúig móiminte déag, agus
iad sin ceithre h-uaire do-ghní siad 60 móiminte, agus
do-ghní sin uair iomlán.


L. 16



11 - Do 4 haimsireachaibh na Bliadhna
agus dá gcáilidheachtaibh.



Ranntar an bhliadhain i gceithre h-aimsireachaibh .i.
earrach, samhradh, foghmhar agus geimhreadh; agus atá in gach
cuid díobh sin trí mí do réir na n-astronomicidhe.
Tosuighidh an t-earrach an 11 lá do Mhárt agus críoch-
nuighthar é an 12 do Iúne, agus is é is cáilidheacht don
aimsir sin a bheith te fliuch, agus insan aimsir sin stiúras
an lionn dearg, nó is ann is treise é; agus má bhíonn
an t-earrach ro-fhliuch biaidh fás mór ag na luibheannaibh
acht biaidh siad beag-shubstainteach, agus biaidh na tortha
lobhtha sul dtig am a mbuana. Má bhíonn an t-earrach
ro-the, scéithfidh na crainn a mbláth go luath agus a nduil-
leabhar, agus biaidh a dtortha lán do phiastaibh, agus biaidh
na rósa ann níosa luaithe iná is cóir, agus mar sin gan
deaghbholadh. Más fuar an t-earrach, cialluighidh sin
seac mór 'na dheireadh scriosfas na tortha, agus dhéanfas
díoghbháil mhór don fhíneamhain. Má bhíonn ro-thirm biaidh
siad ro-mhaith. Más fuar an t-earrach, biaidh na tortha
mall, maith, agus tarbhach.



Tosuighidh an samhradh an 22 lá do Iune agus críochnuigh-
tear é an 23 lá do Sep. agus is é is cáilidheacht dó .i. te
tirm, agus is ann is treise an lionn ruadh. Agus más
fliuch an samhradh biaidh na tortha lobhtha, agus biaidh an
chruithneachta gann, agus níosa lugha don eorna, agus na h-aicí-
deacha líonmhar. Más ro-thirm é biaidh na tortha maith
agus folláin; acht biaidh na h-aicídeacha ro-ghéar. Más
ro-the é biaidh na tortha líonmhar agus fós na h-aicídeacha.
Más fuar é biaidh na tortha mall agus an bliadhain
ro-shaothrach. Tosuighidh an foghmhar an 23 lá do Sep. agus
críochnuighthear é an 21 do December, agus is é is
cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, agus is ann is treise
don lionn dubh. Agus más ró-fhliuch 'na dheireadh biaidh


L. 18


an chruithnechta ro-ghann, agus níos lugha don eorna san
mbliadhain 'na dhaidh; acht má bhíonn ro-thirm cialluighidh
díoghbháil gacha sórt beathadh agus móran aicídeacha san
dara h-aimsir don mbliadhain 'na diaidh. Más ro-fhuar
an foghmhar biaidh a thortha domblasta gan deaghbholadh.
Más fuar agus tirm é go measardha biaidh an bhliadhain
folláin agus go maith. Tosuighidh an geimhreadh ar a 22 do
Decem. agus críochnuighidh ar an 20 do Mhárt. Is é is
cáilidheacht don aimsir so a bheith fuar fliuch, agus is ann
stiúras agus is treise an lionn fionn. Más te fliuch
an geimhreadh biaidh urchóideach do na plandaibh agus don
tsláinte. Má bhíonn sé gaothmhar biaidh díoghbhálach do
na torthaibh agus do na pórthachaibh. Acht fá dheoidh, más
claochlódhach cáilidheachta na gceithre n-aimsireacha so,
Is é sin más samhradhamhail an t-earrach, nó
más earrachamhail an samhradh, nó má bhíonn
cáilidheachta coda díobh ag na codchaibh eile
contrárdha dá gcáilidheachtaibh dílse féin, is
comhartha dearbhtha sin do dhíoghbháil na beatha, agus do
ghorta, agus fós do iomad easláinte.



12 - Do na hEquinoxia agus do na Solstitia.



Atá dhá Equinoxium agus dhá Solstitia insa mbliadhain .i.
dhá aimsir insa mbliadhain inar b'ionann fad don
oidhche agus don lá; agus dhá aimsir eile insa mbliadhain
chéadna agus gur b'é an lá is faide san mbliadhain aimsir
díobh agus an lá is giorra san mbliadhain an aimsir eile.
Teagmhaidh an chéad equinoxium anuair thosuigheas an
ghrian re dol isteach sa chomhartha Aries; agus do-ghní sin
gach bliadhain ar an 21 lá do Mhárt agus is annsin is
ionann fad don oidhche agus don lá. Teagmhaidh an dara
equinoxium anuair théid an ghrian san gcomhartha Libra;


L. 20


agus do-ghní sin gach bliadhain an 23 lá Sep. agus annsin is
ionann fad don lá agus don oidhche arís. Teagmhaidh na
solstitia mar an gcéadna faoi dhó san mbliadhain .i. an
chéad Solstitium díobh an 12 lá do December anuair
thionnscanas an ghrian re dol isteach insa chomhartha
Capricornus, agus is annso theagmhas an lá is giorra sa
mbliadhain; agus is é a fhad insa Spáin naoi n-uaire agus
ceathramhadh uaire, agus insa n-oidhche sin 14 h-uaire agus trí
ceathramhna do uair. Teagmhaidh an dara Solstitium
anuair théid an ghrian insa chomhartha Cancer agus é sin
an 12 lá do Iune, agus is annsin theaghmhas an lá is faide
san mbliadhain (Insa Spáin adeirim) .i. 14 h-uaire
agus trí cheathramhna amhail is follas san gclár so ar ndiaidh.



Tuigthear an clár so ar an modh so .i. an 13 do
Ianuarius sa Spáin (agus gurab é sin an 13 lá
annso i n-Éirinn) éirghidh an ghrian ar a seachtmhadh
h-uair agus ceathramhain ar maidin, agus luighidh sí ar a ceathair
agus trí ceathramhna i ndiaidh an mheadhóin lae, agus is é fad
an lae .i. naoi n-uaire agus dhá cheathramhain; agus fad na
h-oidhche .i. 14 h-uaire agus dhá cheathramhain; agus mar sin le
so tuigfidhthear é uile. Fóiridh an clár so chum feasa
na h-uaire i n-éirgheann an ghrian agus i luigheann sí, agus fad
an lae agus na h-oidhche gach am san mbliadhain.


L. 24


An Dara Caibidil.



1 - Don Réigiún eilemeinteach.



Is é réigiún eilemeinteach ann .i. an uile nidh
cruthuighthe atá ó fhlaitheas nó ó spéir na gealaighe anuas
go ponc meadhónach an talaimh, agus atá gach nídh díobh sin
cruthuighthe do cheithre corpaibh singilte dá ngoirthear
eilemeintidhe, agus is é a n-anmanna .i. talamh, uisce, aer,
agus teine: goirthear corpa singilte díobh do bhrigh nach
bhfuilid déanta do chorpaibh eile agus go bhfuil an uile
chorp eile déanta díobh. Atá an talamh (mar is corp
trom é) i lár an domhain go nádúrtha, agus is é is
cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, agus is é is compás dó
do réir an opinion is mó: 6480 léagadh. Is féidir an
talamh mar sin do shiubhal timcheall ann a mbliadhain agus
ann a naoi mí agus ann a dtrí lá ndéag, ré deich léagadh
do shiubhal gach lá. Atá do dhiameter aige - is é sin
tarsna ó thaoibh go taoibh nó ó imeall go h-imeall:
2061 léagadh agus beagán ós cionn leath-léagadh. As sin
críochnuighthear agus dearbhthar gurab a fhad uainne, nó ó
imeall an talaimh so ar a bhfuilmid go ponc meadhónach
an talaimh chéadna in a bhfuil ifreann: 1030 léagadh agus trí
ceathramhna do léagadh. Atá an dara h-eilemeint,
.i. an t-uisce, ós cionn an talaimh, agus is é is cáilidheacht
dó a bheith fuar fliuch; agus do réir na bhfealsamhnach
atá sé deich n-uaire níosa mhó iná an talamh; acht ní
do chaindigheacht atá sin, acht raritate. Atá an treas
h-eilemeint, .i. an t-aer, ós cionn an uisce, agus is é is
cáilidheacht dó a bheith te fliuch; agus atá deich n-uaire
níosa mhó iná an t-uisce .i. raritate. Atá an ceathramhadh
h-eilemeint, .i. an teine, ós cionn an aeir, agus is é is
cáilidheacht dí a bheith te tirm; agus atá 10 n-uaire níosa
mhó iná an t-aer .i. raritate.



lch.26 fágtha ar lár. Clár nó tábla


L. 28


Do réir an chláir so ghéabhthar amach fios ar cháili-
dheachtaibh na gceithre n-eilemeint, agus ar cháilidheacht na
n-áirdean agus na gceithre ngaotha, na gceithre codtha
na bliadhna, na gceithre leannta, na gceithre aoise an
duine; agus fós nádúir agus cáilidheachta an dá chomhartha
déag flaitheasach.



2 - Do nádúir agus do Uimhir
na nGaotha.



Is é is gaoth ann do réir na bhfealsamhnach .i.
exhalatio; is é sin deathach éirgheas ar mhodh anála bhíos
te tirm, agus geintear sin i gcompar agus i gcroidhe an
talaimh; agus tar éis a tharaing as sin le brigh agus neart na
gréine, gluaisidh sé le neart gaitheadh na gréine
timcheall an talaimh chomh neartmhar agus do-chídhmid. Is é
is adhbhar déanmhasach don ghaith an ghrian, amhail


L. 30


adubhramar, do bhrigh go n-oibrigheann sí rena teas agus
go dtairngeann chuice na deathaigh sin; agus ar a dtógbháil
éirghid go h-árd, go scaraid agus go spreagaid res an
bhfuacht atá i réigiún meadhonach an aeir; agus mar
scartar iad séididh siad dá réir sin fó chompás an
talaimh; agus amhail mar bhíos an talamh nó na réigiúin
for a ngluaiseann siad goirthear anmanna díobh dá
réir sin; agus tig cáilideacht ar leith do bheith ag gach gaoith
fó seach, agus oibrighidh dá réir sin. Is é ba ghnáth-bhéas do
na fealsamhnaibh sa tsean-aimsir úsáid do dhéanamh do
dhá ghaoith dhéag amháin; agus díobh so atá an ceathair díobh
dá ngoirthear gaotha cairdionálta nó prionsapálta; agus
ocht eile dá ngoirthear gaotha taoibhe nó leath-taoibhe
díobh, do bhrigh go mbíonn dias díobh ar gach taoibh do
gach gaoith chairdionálta. Is í an chéad ghaoth chairdion-
álta an ghaoth ó dheas dá ngoirthear i Laidin .i. Notus
vel Auster. Is adhbhar í so do néaltaibh fada, do
theintrigh, do mhóran fearthanna, agus do aicídeachaibh
iomdha; agus ó bheith dí te fliuch, geinidh sí morcadas agus
lobhthadas. Is í is gaoth taoibhe dí so chum na h-áirde
siar, an ghaoth dá ngoirthear Libanotus; agus is adhbhar í
mar an gcéadna do fhearthainn agus do aicídeachaibh, mar
an ghaoith phrionsapálta.



An ghaoth eile taoibhe chum na h-áirde soir, dá
ngoirthear Phenicias, adhbharaidh sí sláinte agus aimsir
néalamhail. Is í an dara gaoth chairdionálta an ghaoth
thuaidh (contrárdha don ghaoith chairdionálta an ghaoth ó dheas) dá
ngoirthear Septentrio; agus bí sí sin fuar tirm, agus is iongnadh
má thig fearthainn ria, acht atá ro-fholláin. Adhbharaidh
sí fuacht tirm do-ghní díoghbháil do na torthaibh, agus
atá dhá ghaoith taoibhe eile aice .i. gaoth chum na
h-áirde siar dá ngoirthear Caurus. Bhí sí sin fuar
tirm agus is adhbhar í do chomhghluasacht mhór gaoithe agus
sneachta. Agus an ghaoth eile chum na h-áirde soir,


L. 32


dá ngoirthear Aquilo vel Caecias, atá fuar tirm gan
fhearthainn. Is í is treas gaoth chairdionálta ann
.i. an ghaoth anoir, dá ngoirthear Eurus vel Subsolanus.
Atá sí sin fuar fliuch, agus do-ghní néalta; agus is gnáthach
fearthainn léi so, go h-áirithe insa Valencia. Congnaidh
sí fris na luibheanna agus ris an mbláth agus ris an tsláinte.
Atá aici so mar an gcéadna dhá ghaoith taoibhe; gaoth
dhíobh chum na h-áirde dheas, dá ngoirthear Eurus, agus
an ghaoth eile chum na h-áirde thuaidh dá ngoirthear
Gregal; agus atáid araon fábharach amhail agus mar atá an
ghaoth phrionnsapálta. Is í an ghaoth chairdionálta eile
an ghaoth aniar, agus is é is cáilideacht dí a bheith te tirm.
Anuair shéideas an ghaoth so, cuiridh sí an fuacht ar
gcúl, agus mar an gcéadna an sneachta; acht is adhbhar í
do aicídeachaibh, agus ar uairibh do thóirnigh, agus do fhearthainn.
Is iad is gaotha taoibhe dí .i. gaoth dhíobh chum na h-áirde
thuaidh dá ngoirthear Chorus, agus an ghaoth eile chum na
h-áirde dheas dá ngoirthear Africus; agus atá do réir
cáilidheachta na gaoithe prionnsapálta .i. an ghaoth
aniar dá ngoirthear Zephirus.



3 - FIOS AR AN MODH I NDÉANTAR
CUMHDACH AR AN MBEATHA AGUS AR AN
TSLÁINTE.



Mar atá na soilléir agus na h-áite in a mbíonn
fíon, ionnas go mairfidh go buan, is fearr a ndorus
chum na h-áirde thuaidh; chum go mbia gaoth agus solus na
h-áirde sin chuige, do réir Plinius, Lib.14. Agus ná
fulaingtear fínéagar, nó fíon do géaradh tríd
truaillidheacht, a bheith i n-aon-bhall ris an bhfíon eile.
Mar an gcéadna na sciobóil, is fearr a ndoirse agus a
bhfuinneoga chum na h-áirde céadna, do bhrigh gur
buaine agus gur folláine an grán uadh sin iná a mbeith i


L. 34


dtaoibh eile. Ar an nós gcéadna do na torthaibh; do
bhrigh gurab é is nádúir don áird sin a bheith fuar tirm,
agus mar sin ro-dhíleas chum a sábhála; agus an uile ghráin
ar-cheana. Agus is é am buana na dtortha, ionnas go
mairfid níosa bhuaine, re dol don ghealaigh ar gcúl; agus
go gearr i ndiaidh an mheadhóin lae, anuair is neart-
mhara teas na gréine. Na seomraidhe codalta, ionnas
go mbiaid folláin agus glan ó phiastaibh, is fearr a
ndoirse agus a bhfuinneoga a bheith chum na h-áirde soir,
mar éirgheas grian. Mar an gcéadna áit taiscthe
leabhar agus éadach, ionnas go mbia glan o leadhmain.
Fa dheoidh, an ola, iarraidh sí solus chuice ón áird ó
dheas, agus a bheith san geimhreadh i n-áit the agus san tsamhradh
i n-áit fhuair, agus in gach am díobh sin a bheith i soilléaraibh.


L. 36


An 3 Caibidil.



1 - Don Reigiún Flaitheasach.



Go nuige so thráchtamar ar an réigiún eilemein-
teach chomh h-aithghearr agus b'fhéidir: anois is iomchubhaidh
trácht ar an réigiún fhlaitheasach ris an aithghearra
céadna, dá ngoireann Aristotill Lib. 1. De Caelo, C.8.
quinta essentia; do bhrigh go bhfuil eadardhealughadh eidir
í féin agus na ceithre h-eilemeintidhe eile. Ranntar an
réigiún flaitheasach (nó mar ainm eile an réigiún
spéireamhail) ann a n-aon fhlaitheas déag, do réir an
opinion is dearbhtha ag an uile astronomic. An chéad
spéir, nó an chéad fhlaitheas do réir orduighthe nádúrtha,
agus an t-aonmhadh déag uainne mar adeir an diadhairidhe;
is é is áit cómhnuidhe do Dhia, do na h-ainglibh, agus do na
h-anmannaibh naomhtha; agus níl an flaitheas so faoi
ghluasacht mar atá na flaithis eile. I ndiaidh so atá
an deachmhadh spéir, nó an deachmhadh flaitheas do réir
sinne, agus an dara flaitheas do réir orduighthe nádúrtha,
dá ngoirthear primum mobile .i. an chéad-ghluasacht
(amhail fuair amach an righ Alfonsus) agus re na shiubhal agus
re na ghluasacht gluaistear na flaithis uile uadh anuas i
dtimcheall an talaimh ann a spás 24 n-uaire. I ndiaidh
so atá an naomhadh spéir, do fuair amach Ptolomeus, dá
ngoirthear christalinum; áit in a raibh (mar adeir daoine
foghlumtha) na h-uisceacha a ndéan an leabhar Genesis
iomrádh orra; agus adeir Beda C.1, De Natura Rerum C.4
gur congbhadh mar sin iad chum báthughadh an domhain,
amhail agus mar rinneadh i n-aimsir na díleann. I ndiaidh
so atá an t-ochtmadh spéir, dá ngoirthear an spéir
réaltógach, in a bhfuil na réalta uile greamuighthe. Na
réalta, iomorro, dá ngoirthear plainéididhe, atáid insna
flaithisibh eile íochtracha uadh sin anuas. Goirthear
plainéididhe, nó réalta seachránacha díobh, do bhrigh
nach mbíonn siad man ionann dá chéile, nó ó chéile,
amhail agus mar bhíos na réalta eile, orra so tráchtfamaoid
in a n-áitibh féin, agus ar gach plainéid díobh fó seach.


L. 38


2 - Riaghail eile le n-aithnighthear
san oidhche an uair do chlog ar an
réalt thuaidh.



Is í is réalt thuaidh ann .i. réalt atá san t-ochtmhadh
spéir agus i bhfogas don bponc ós cionn a ngluaistear
na flaithis uile. Atá an réalt so san áird thuaidh.
Aithnighthear í ag tabhairt do neach a aighthe san áird
soir agus ag féachain ós comhair a ghualann clí; is í an
réalt thuaidh is soillsighe do-chidhfidh annsin; léi fós a
stiúrann agus a sheolann píolótaidhthe agus an lucht fairrge;
mar aon léi féin agus le dhá réaltainn eile atá i bhfogus
dá chéile, agus atáid ag rinn Ceann na Bócina .i. béal na
h-adhairce, nó réalta goirthear mar sin, agus ar an réalt
is soillsighe díobh sin, dá ngoirthear horologialis, aithnigh-
thear an uair do oidhche gach am sa mbliadhain.


L. 40



Ag tabhairt aithne mar sin ar an réalt thuaidh,
tugadh neach a aghaidh uirri ar mhodh go mbiaidh a ghuala
chlí chum na h-áirde siar agus a ghuala dheas chum na h-áirde
shoir go díreach. Ar mbeith amhlaidh sin, measadh féin
cros san aer ós a chomhair agus gurab é is lár nó meadhón
dí an réalt thuaidh; agus ceann do cheithre ceannaibh na
croise chum a chinn féin agus ceann eile don chrois (con-
trárdha dó sin) chum a chosa; agus an dá cheann eile na
croise do-ghní an líne láir, ceann díobh chum na h-áirde
siar réir a ghualann clí, agus an ceann eile chum na
h-áirde soir réir a ghualann deise. 'Na dhiadh so
measadh mar an gcéadna fáinne cruinn i dtimcheall
na croise, amhail agus mar chidh insa taoibh ar ndiaidh; agus
tugadh dá aire go siubhlann an réalta horologialis
(do-chidh tairngthe insa gclár) i dtimcheall na réilte
tuaidh le spás ceithre n-uaire fichead, ionnus go siubh-
lann gach ceathramhadh don chrois fó seach ann a sé
h-uaire; agus do bhrigh go bhfuil gach ceathramhadh rannta 'na
sé codchaibh, cialluigidh gach cuid díobh uair, amhail agus atá
ar an gclár. Ar dtuigsin an méid adubhramar,
tugadh dá aire an aimsir don bhliadhain i mbiadh, nó an
aimsir in ar mian leis fios na h-uaire don oidhche
d'fhagháil, do bhrigh go mbíonn an réalt horologialis (réir
a siubhail) ag ceann uachtarach na croise an chéad lá
do mhí May san meadhón oidhche, agus go mbíonn an chéad
lá do August ag ceann na croise atá chum na h-áirde
siar agus chum na gualann clí insa meadhón oidhche. Mar
an céadna bidh 'na meadhón oidhche an tan bhíos an
réalt chéadna ag ceann íochtarach na croise, agus teagmhaidh
sin an chéad lá do Nouember; agus bidh an chéad lá do
Februarius 'na mheadhón oidhche an tan theagmhas an
réalt sin ag an ceann eile don chrois atá chum na
h-áirde soir agus chum na gualann deise. Tairis so tug-
tar aire go n-athruigheann na poinc so an mheadhon


L. 42


oidhche i gcionn gacha cúig lá ndéag .i. spás uaire, mar
eisiomláir an chéad lá do May bídh an réalt so horolo-
gialis ag an bponc uachtarach na croise san meadhón
oidhche (amhail adubhramar), agus i gcionn cúig lá ndéag 'na
dhiaidh sin bídh sí uair eile ar a h-aghaidh sa meadhón oidhche,
ag an dara ponc don chéad cheathramhain don chrois chum
na h-áirde siar agus chum na gualann clí; agus i gcionn 15 lá
eile do-ghní an réalt an meadhón oidhche uair eile ar a
h-aghaidh ag an 3 ponc don cheathramhain chéadna, agus ar an
ordughadh sin ar feadh na bliadhna. Ar dtabhairt aire go
maith do na ceithre poinc so na croise in a mbíonn an
réalt horologialis san meadhón oidhche, tugadh aire an
chéad lá do May an fad atá an réalt chéadna ón bponc i
ndéanann an meadhón oidhche, agus so chum na gualann
deise, agus má ghní sin trí poinc is follus go bhfuil 'na naoi
do chlog, do bhrigh go dteastuigheann trí poinc do na sé
poinc atá i gceathramhain na croise chum an mheadhóin
oidhche; agus má shiubhlann an réalt chéadna trí poinc eile
ar a h-aghaidh ó chionn uachtarach na croise siar chum na
gualann clí, is dearbh go mbia 'na trí do chlog ar
maidin agus i ndiaidh an mheadhón oidhche; le so is féidir
fios gach uair don oidhche fhághail amach gach am sa
mbliadhain do dearbhtha gan aon phonc seachráin.



3 - RIAGHAIL EILE LE N-AITHNIGHTHEAR
LEIS AN NGRÉIN AGUS LE LÁIMH AN DUINE
AN UAIR DO LÓ.



Amhail agus mar tugtar riaghail le n-aithnighthear gach
uair don oidhche gan clog uaire, tugtar mar an
gcéadna riaghail le n-aitheontar an uair do ló leis an
láimh; mar sin gur féidir le gach duine uaireadóir a
bheith ris féin do ghnáth. Adeirim mar sin an té ler
mian leis fios na h-uaire do ló tugadh sé a chúl féin


L. 44


fris an ngréin go díreach; agus, ionnas go ndéanadh sin
go cinnte, cuireadh sé maide beag díreach 'na sheasamh
i dtalamh iomlán cothrom, agus gabhadh sé a scáile sin
eidir a throighthibh; agus ar mbeith amhlaih sin dó, cuireadh
sé brodh do fhad a chorr-mhéir 'na sheasamh i líne na beatha
(goirthear mar sin do thimcheallas an ordóg), agus síneadh
an lámh chlé go díreach uadh chum na coise céadna, agus gan
a bheith níosa áirde nó níosa ísle iná a ghuala agus
deasuigheadh clí a ndeárnann ar mhodh nach ndéanadh an
ordóg scáile innte; agus is dearbh go mbia scáile an
bhrodha sin i n-áit éigin insa gcorrmhéar gach am san
mbliadhain. Agus déanmaoid cás go n-éirgheann an
ghrian ar a 5 do chlog; annsin biaidh scáile an bhrodha i
mbárr an chorr-mhéir, agus má bhíonn i mbárr an mhéir mhea-
dhóin biaidh annsin 'na sé do chlog, agus má bhíonn i mbárr an
tanaiste biaidh annsin 'na seacht do chlog, agus má bhíonn i
mbárr an mhéir bhig biaidh 'na h-ocht do chlog, agus má bhíonn
san líne is foigse do bharr an mhéir bhig biaidh 'na naoi do
chlog, agus má bhíonn insa líne nó san alt meadhónach biaidh
'na 10 do chlog, agus má bhíonn san alt ag bun an mhéir bhig
chéadna biaidh 'na 11 do chlog, agus má théid an scáile
isteach san láimh ós comhair an bhrodha biaidh 'na dhó
dhéag. Anois ionnus go bhfuighbheadh fios na n-uaire
amach i ndiaidh an mheadhóin lae, tugadh dá aire go
bpilleann an scáile forsna h-ailt agus forsna h-áite
céadna for a dtáinig ar maidin; mar sin ar bpilleadh
don scáile chum an treas ailt i mbun an mhéir bhig, bí
annsin 'na h-aon do chlog i ndiaidh an mheadhón lae; agus
insan alt láir, bhí 'na dhó; agus ag an treas alt bí 'na trí;
agus ag bárr an mhéir bhig bí 'na 4; agus ag bárr an tanaiste
bí 'na 5; agus ag bárr an mhéir mheadhóin bí 'na sé; agus ag
bárr an chorr-mhéir bí 'na seacht do chlog. Ós a chionn
so, tugadh dá aire má éirgheann an ghrian ar a sé do
chlog ar maidin gur ar na h-ailt is foigse do bharraibh


L. 46


na méar céadna do-ghníthear an conntas, agus ag toirneamh
for an mear beag chum líne an dó dhéag réir na
h-eisiomlára réamhráidhte, agus ag filleadh forsna h-ailt
céadna i ndiaidh an mheadhóin lae. Má éirgheann an
ghrian ar a seacht do chlog ar maidin, déantar an
conntas céadna so ar na h-ailt meadhónacha na méar
céadna, agus ag tosughadh do ghnáth leis an gcorr-mhéar; agus
mar do-ghní an t-experiens gach nidh urasa, ní beag so,
acht go n-éirgheann an ghrian insna míosaibh May, June,
July ar a 5 nó i bhfogus dó, agus ann a August; ar a 6, insa
Márt, Aprioll, Sep. agus Oct.; agus ar a 7 i Nouember, Dece-
mber, Ianuarius, agus Feb. nó i bhfogus dó. Acht tuig-
thear gur do réir conntas an Phápa atá an
leabhar so, gidheadh is féidir úsáid do dhéanamh
dhe in gach talamh nach bhfuil faoi n-a chomhachta.



4 - Eolas ar fheardhacht tighe na
bliadhna do réir Plinius.
Ianuarius.



Ó theacht gealaighe na míosa so is cóir do na
fearaibh tighe na crainn ar a dtig bláth go luath a
mbeangáin do scathadh, mar atá crann almonds, plum-
aidhe, agus a macsamhla sin. Is cóir scealláin ghéara na
n-oráistidhe, na liomóin, agus na mbaláistidhe agus na gcnó
franncach do chur san am so i dtalamh te. Ó lán na
gealaighe so amach go teacht arís is ann is fearr gach
adhmad do bhaint chum go mairidh níosa bhuaine, acht is
iad crainn is fearr chuige sin na crainn do chaill a
nduilleabhar. Is maith annso an t-aoileach do chur ar
an talamh agus a leasughadh fris, agus gáirleog agus uinniúin do
chur. Adeir Plinius gurab é am buana gacha neithe chum
go mairidh a bhfad .i. i ndiaidh lán gacha gealaighe, agus fós
chum cailltéoracht agus grafála, lib.18. Más insa mí so


L. 48


cluinfidhthear an chéad tóirneach biaidh na tortha líonmhar,
droch-bhiseach ar na coilltibh, iomarcach uisce, gaotha
easlána, buaidhreadh insna puiblidheachaibh agus bás daoine
agus áirnéise insa talamh in a gcluintear í, do réir ráidhte
an ughdair fhoghlamtha agus an astronomic oirdheirc .i.
Leopoldus de Austria, agus is í an chéad tóirneach .i.
an chéad tóirneach theagmhas i ndiaidh Lae Nod-
laig beag nó an lá sin féin fós.



5 - Feardhacht tighe agus cailindeoracht
mí Feb. do réir Paladius.



Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán is maith
an chnáib agus an líon do chur, agus an mustard agus na milloin
chum go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht,
is maith na slatacha chum cliabh agus neithe mar sin do
bhuaint (acht adeir Paladius gur fearr a mbuaint fón
am so don ghealaigh i mí Ianuarius). Is féidir grafáil
na fíneamhna do dhéanamh. Is guasachtach tinneas na
gcos san am so. Más san mí so chluinfidhthear an
chéad tóirneach cialluighidh sin bás daoine comhachtacha,
aicídeacha cinn, pian insna cluasaibh, sioc mór agus
beagán tortha do réir Leopoldus.



6 - An Márt do réir Paladius.



Ré fás na gealaighe so is cóir na milloin, na
pepinidhe agus na calabásaidhe do chur: agus an chnáib agus an
líon i dtalamh te; agus is fearr a gcur anois iná i
mí Feb. agus mar an gcéadna na garabhansaidhe agus gacha
scealláin ghéara, agus crainn óga na bhfigineach i dtalamh
measardha. Re lán na gealaighe so is maith na gar-
ruidheanna agus an cruithneachta do ghort-ghlanadh agus na
campaidhe do threabhadh chum nach bhfásaidh an luibhreach agus


L. 50


glanadh fo na crainn scéitheas go mall, mar atá crann
na sméar agus na ngránádach etc. Grafáil na fíneamhna
ní cóir a leigean ón am so, do bhrigh go dtosuigheann
scéith an uair seo. Geintear insa mí so droch-leannta,
agus aicídeacha an chinn bíd guasachtach. Más insa mí so
cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh sin gaotha
móra, líonmhaireacht gráin agus féar, imreasain, uathbháis
agus bás insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.



7 - Oibreacha Aprioll do réir
Abencenif.



Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán, is
maith an uile luibhgháirdín do phlantáil, giodh gur maith
an sórt sin do dhéanamh mar an gcéadna i mí ó
Ianuarius go h-August. Ó lán na gealaighe so go
teacht arís, is maith an t-uisce leigean chum na gcam-
paidhe curtha bhíos tirm te. Is maith an mhí so chum go
nglanfaidhe curcóga na mbeach ón dubhán alla agus
piastaibh eile geintear ionnta. Is ró-fholláin an t-am
so chum purgóid do ghlacadh, agus aicídeacha an mhuinéil agus
na brághad atáid guasachtach. Más insa mí so cluin-
fidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh an bhliadhain do
bheith deaghthorthach; iomadamhlacht don fhíon agus don
chruithneachta agus don áirnéis, go spesialta don chruith-
neachta insna talta tiorma clochacha; acht go gciallui-
gheann mar an gcéadna contabhartacha for an bhfairge
insna ríoghachtaibh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.



8 - Feardhacht tighe May do réir
Paladius.



Ó theacht na gealaighe so go raibh lán is maith an
cróach do bhearradh, agus na boic do leigean chum na
ngabhar. Is féidir fon am so gach sórt lubhghort do


L. 52


phlantughadh. Ó lán na gealaighe go teacht is fearr
iná uair eile na brícidhe do loscadh agus do bhruith, agus an
uile oibre mar sin do chriaidh, óir is í so aimsir is
fearr chuige sin san mbliadhain. Insan aimsir so is
maith na campaidhe do threabhadh cuirthear san bhfoghmhar
agus i dtalamh fhuar. Is féidir na laoigh, na cullaigh agus na
h-uain fireanna do chaill. Gach aicíd insna guaillibh agus
insna lámhaibh atá níosa ghuasachtaighe iná uair eile, agus
go h-áiridhe cneadhthach ó iarann. Más insa mí so
cluinfidhthear an chéad tóirneach .i. ó thosach na bliadhna,
cialluighidh mórán uisce, díoghbháil don éanlaith, ioma-
damhlacht don arán agus do gach sórt pise insna ríoghdhach-
taibh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.



9 - Oibreacha míosa Iune do réir
Paladius.



Ó theacht na gealaighe so go a lán is maith scothadh
do dhéanamh ar na crainn ar a mbíonn coirt reamhar;
mar atá crainn oráistidhe, figineach agus ola, agus crainn
eile mar sin; agus an gabáiste agus gach lubhghort eile chum
go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht is
maith an phónair do bhuaint agus a bhualadh agus gach sórt pise
eile más tirm iad. Adeir Paladius má leigthear
uisce fo bhun crann na bhfigin san am so gur luaithide
bhias a dtortha apaigh é, agus uadh sin biaidh siad níosa
fhearr agus níosa bhlasta. An olann bhuaintear do na
caoirchibh san am so, is fearr uadh sin í iná i n-uair eile,
do bhrigh go mbíonn níosa aillsighe. Insa mí so is
guasachtaigh aicíd an uchta, an ghoile, agus na scamhógaidhe.
Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cial-
luighidh iomadamhlacht don arán agus don iasc, díoghbháil
tortha, mí-shuiamhneas insna puiblidheachaibh, doirt-bhrúch-
tadh aibhneach insa talamh i gcluintear í, do réir Leo-
poldus.


L. 54


10 - Oibreacha Iulius do réir Paladius.



Ó theacht na gealaighe so go a lán, is gnáth an chóilis
fhionnfadhach, na tornapaidhe, na h-inniúin, an meacan
dearg agus an mustard do phlandughadh; agus an scairt do
bhuaint don talamh chum nach bhfásfadh. Ó lán na
gealaighe so go teacht, is tarbhach an chruithneachta do
bhuaint, chum go mbia maith agus go mairfadh níosa bhuaine.
Atá tinneas an chroidhe urchóideach san mí so. Atá fós na
purgóididhe, an foladóiracht, an snámh, agus an fothragadh,
agus suan an mheadhón lae urchóideach san mí so. Más
insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh
buaidhreadh mór insna ríoghachtaibh, comhghluasacht buartha
insna puiblidheachaibh, gainne don arán, acht na tortha
líonmhar, insa talamh i gcluintear í, amhail adeir Leo-
poldus.



11 - Oibreacha mí August do réir
Paladius.



Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an
t-aoileach do chur ar na campaidhibh chum na cruithneachta;
na h-inniúin do bhuaint chum a dtaiscthe, agus tar éis
fearthanna, na rabúin, na tornapaidhe, agus an chóilis mhall
do chur. Ó lán na gealaighe so go teacht, is gnáth na
grápaidhe, na baláistidhe, agus na figinidhe do thiormughadh,
chum úsáid do dhéanamh díobh uair eile; agus pór gabáiste agus
pónair do chur. Insa mí so is ro-chontabhartach cuideachta
na mban, suan an mheadhóin lae, agus an fothragadh; agus ní
maith purgóid, nó fuil do scaoileadh acht re riachtanas
mór. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach,
cialluighidh sin bás d'iascaibh na fairge, agus do
na h-ainmhíntibh ceatharchosacha, suaimhneas do na
puibleachaibh, agus iomad aicídidhe insna ríoghachtaibh i
gcluinfidhthear í, do réir Leopoldus de Austria.


L. 56



12 - Oibreacha Sep. do réir Paladius.



Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an
seagal, an eorna, agus an phónair a chur i dtalamh te; óir
is i dtalamh fuar is fearr a gcur roimhe so. Is ró-mhaith
an t-am so chum an líon do chur. Ó lán na gealaighe
go teacht is aimsir nádúrtha chum na grápaidhe do
bhuaint agus an fíon do dhéanamh. Is maith inso an talamh
do threabhadh agus do rómhar, agus a leasughadh le h-aoileach
chum gach lubhghort do chur ann. Ar feadh na míosa so
is maith an fhuil re scaoileadh, agus an uile aicíd insna
dubháin agus insna másaibh atá ro-urchóideach. Más insa
mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh
tiormlach i dtosach na bliadhna, agus fliuchlach in a deireadh;
iomadamhlacht don arán, acht go daor; agus ro-bhagar báis
don droing phuiblidhe insa talamh i gcluintear í, do
réir Leopoldus.



13 - Oibreacha October do réir
Abencenif.



Ó thosach na míosa so go deireadh, is cóir an ola
do dhéanamh agus an fíon ann i dtalamh mhall, agus is maith
annso an uile sórt gráin do chur; mar atá cruithneachta,
seagal, eorna, agus a macasamhla sin. Agus na cnódha,
na castáinidhe, na gránádaidhe, agus na cnodha Francacha
do bhuaint, agus na tortha malla mar an gcéadna; agus na
crainn ar a dtig na silínidhe, na piorraidhe, agus na h-ubhla
do phlandughadh. Atá an uile chneadh do-leighis insa mí
so, agus atá tinneas na mball príobháideach guasachtach.
Más insa mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh
stoirm gaoithe agus comhghluasacht na n-aer, gainne aráin
agus tortha agus fíona; bás áirnéise agus éisc insa talamh i
gcluintear í, do réir Leopoldus.


L. 58



14 - Oibreacha November do réir
Abencenif.



Ó thosach na míosa so is maith na campaidhe do
threabhadh, agus an talamh in a mbíonn droch-luibheanna,
chum nach bhfásfadh; agus an críonach do bhaint do na
crannaibh, agus a leasughadh re h-aoileach. I lán na
gealaighe so, agus i lán na gealaighe 'na diaidh, is maith an
fheoil le sailleadh, agus crainn do ghearradh chum oibre. Is
maith an mhí so chum fola do scaoileadh, agus chum fothraicthe,
agus chum gach sórt aicíd do leigheas; agus atá aicídidhe
insna luirgnibh guasachtach. Más insa mí so cluinfidh-
thear an chéad tóirneach, cialluighidh díoghbháil do na
caoirchibh, iomadamhlacht don chruithneachta, iolgháirdeas
insna daoinibh. Tiocfaidh an aimsir isteach go maith.
Ní dhéana fearthainn acht ro-tharbhach; gidheadh, tuitfidh
na tortha do na crannaibh níosa luaithe iná is cóir insa
talamh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.



15 - Oibreacha December do réir
Paladius.



Ar son gur beag oibreacha an champa insa mí so;
gidheadh, is féidir an lubhghort do chur fá chómhair an
earraigh, agus an t-adhmad bhuaintear san am so bíonn sé
ro-bhuan; agus ní theasdeocha ón fhear-tighe dúthrachtach agus
cúirialta nidh le déanamh san am so féin (amhail agus mar
adeir Paladius); mar atá, an t-aoileach do chruin-
niughadh i gcarnaibh, rópaidhe agus córdaidhe do dhéanamh fá
chomhair na h-aimsire chuige, na soiléir do ghlanadh, agus
gach saothar eile nach mbaineann do cháilidheacht na
h-aimsire. Is iomdha neithe eile do b'fhéidir a rádh gach
mí nach ndubhramar, do bhrigh nach áil linn a bheith fadálach.
Is annso is guasachtach tinneas na nglún. Más inso
cluintear an chéad tóirneach cialluighidh bliadhain mhaith,
folláineacht, síth insna cinidheachaibh insa talamh in a
gcluintear í, do réir Leopoldus de Austria.


L. 60



An 4 Caibidil



1 - Do chailindeoracht na h-aimsire:
do na plainéidibh agus dá gcailideachtaibh
do réir Leopoldus.



Sul thoiseocham le cailindeoracht na bliadhna, ní
misde an sean-fhocal bhíos dá luadh go minic ag an
lucht léighinn, agus fós ag na h-astrologdaibh Críostamhla,
do fhoillsiughadh; do bhrigh go mbaineann ris an saothar
so .i. Astra movent homines, sed Deus astra movet; is é
sin; go ngluaiseann na réalta agus go gclaonann na
daoine chum claochlódha nádúire, agus go ndéan amhlaidh
sin leis na neithe cruthuighthe uile an domhain, beothacha,
mhoitheacha agus neamh-mhoitheacha, ag dortadh ionnta a
gcáilidheachta díleas maithe nó olca. Acht thairis sin
adeir an sean-fhocal céadna go ngluaiseann Dia na
réalta féin, ag tabhairt dóibh re na mhór-chomhachtaibh
brigh nádúrtha chum na daoine agus gach nidh eile do chlaonadh
do réir a nádúire díleas fein; ionnus gur uatha atá
claon nádúrtha gach neithe, ó dtig an seanráidhte
Aristotill, adeir; Quod a natura inest, semper inest;
is é sin: an nidh atá ag duine go nádúrtha gur deacair
a scaradh fris; ní hé amháin, acht mairidh go buan aige;
óir dearbhuighmid sin do ghnáth orainn féin agus ar chách eile;
acht fós is dearbh gur féidir ris an duine eagnach
deiscréideach buaidh do bhreith ar an uile chlaon thig
go nádúrtha; mar sin adubradh re céill; Sapiens
dominabitur astris, is é sin gur maighistir ar na réalta
an duine eagnach, óir do-ghní tláith macánta a nádúir
bhorb, agus seachnuidh sé an t-olc chum a mbíonn claon.
Tairis so tug Dia mór uilechomhachtach, da dtugamaoid
an uile mholadh, don duine neart a thoile saoire, ar


L. 62


mhodh, ní h-iad amháin na réalta acht fós na deamhain,
ifrionn, agus gach nidh eile nach féidir leo a chlaonadh muna
budh ciontach é féin ris, agus níosa lugha go mór ré
congnamh grása Dé. Mar sin adeirim gur féidir leis
na réalta an duine do chlaonadh go nádúrtha, acht nach
féidir leo foiréigniughadh do dhéanamh fair. Ar an
chlaon nádúrtha so is mian liomsa trácht for
cailindeoracht nádúrtha na bplainéid, ag umhlughadh agus
ag luighe go h-uile agus go h-iomlán faoi smacht agus faoi
stiúradh ar máthar naomhtha an Eaglais Catolice
Rómhánta.



2 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Saturnus.



Saturnus.



Is é is áit don phlainéid so an seachtmhadh spéir,
dá ngoirthear an seachtmhadh flaitheas, agus do réir ord
nádúrtha goirthear an chéad phlainéid de. Is é is
cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, leanndubhach, talmhaidhe,
feardha, agus laetheamhail. Atá sé 'na námhaid ag an
nádúir daonda go nádúrtha. Is ádhbhar é do mhór-
shaothar, do ghorta, d'anródh, do bheag-thoradh na bliadhna
agus do dhíoghbháil na beatha; do-bheir mar an gcéadna
doilgheas, osnadhacha, scrios, boichtine agus bás; buaidhreadh,
mí-chomhnuidhe, fadáil agus neamhdhóchas. Is gnáth le so na
daoine ar a stiúrann do chlaonadh chum fuatha, chum
tuirse, chum leannduibh, chum cráidhteachta, uathbháis,
uaignis, agus neamhdhúil cuideachtan. Stiúraidh an phlainéid
so ar na daoine críon-aosta, uaigneacha, sanntacha,
tuirseacha, leanndubhacha, úsúracha, ceacharacha, sclábhacha,
éadóchasacha, dí-chreidmheacha, anorduigheacha, glutúnacha,
piseogacha; agus fós ar an droing bhíos claon chum na
h-ealadhna duibhe, agus shiubhlas imeasc na gcorp marbh ag
déanamh piseoga agus diabhlaidheachta.


L. 64



3 - Do chailindeoracht na
plainéide so.



Is é is lá don phlainéid so, an Satharn. Is í is uair
dí an cheád uair mar éirgheas grian an lá sin, agus an
t-ochtmhadh uair i ndiaidh éirghe don ghréin. Agus i gcás
do dtosócha an bhliadhain ar an tSatharn, biaidh sí tirm
gann-bheathach; biaidh an t-earrach mór-ghaothach, an
samhradh fliuch, an foghmhar tirm fionn-fhuar, agus an
geimhreadh fadtuirseach gaothach, caol-fhuacht, agus beag-
uisceach. Cialluighidh fós gainne don chruithneachta,
fíon, ola, agus níosa lugha don mhil. Biaidh an líon gann
agus daor, biaidh na tortha líonmhar, acht ní bhiaidh an t-iasc
úr mar sin. Cialluighidh mar an gcéadna go mbiaidh
trácht iomdha ar phósadh, agus go dtuitfidh mórán do na
sean-tighthibh. Biaidh an fiabhras tréan, agus go h-áirithe an
tersiana agus an Quartana, i n-iomad áite san domhan.
Is gar bas do sheandaoinibh insan mbliadhain so, óir is
contrárdha dóibh an aimsir. Cialluighidh bás don
áirnéis, go spesialta na caoirigh, agus piastaidhe an tsíoda.



4 - Don deilbh crotha thig ón
bplainéid so.



An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so
bíd go nádúrtha fuar tirm, mór-aightheach, mí-dhathamhail.
A súile measardha i méad, agus claonta chum an talaimh,
acht go mbí súil is mó iná a chéile aca. Sróna
feolmhara, puisínidhe reamhra, a malaidhe i bhfogus dá
chéile, dath a n-aighthe donn, a ngruag dubh cruaidh-
fhionnfadhach agus caol-chasta; a bhfiacla cuid díobh níosa
faide iná a chéile, ucht fionnfadhach, luirgne fada
neamhdhíreacha. Bí siad féitheach tirm-fheolach, a
gcuisleanna caola gidheadh taisbeántacha. Agus má
bhíonn an phlainéid so siar, biaidh na daoine beaga, gann-
fheolacha, beagfhéasógacha, agus gruag fadsínteacha.


L. 66


5 - Do na cáilidheachta dhoirtear an
phlainéid so insa duine.



Is é cáilidheacht na droinge beirthear faoi an
phlainéid so a bheith trom-smuainteacha, crioth-eaglacha,
agus dúlmhar i bhfeardhacht tighe. Bí siad neamhsheasmhach,
tuirseach, leanndubhach, mealltach, corach (agus do réir na
bhfealsamhnach drúiseamhail, ón iomad póradh geintear
ionnta); bíd dúlmhar san uaigneas, agus fuathmhar ar an
ullghárdas. Bí siad feargach fo bheag-adhbhar agus deacrach
fo scaradh ria; gidheadh, ar na droch-cháilidheachtaibh so
uile is féidir leis an duine críonna é féin do sheachnadh
tré chongnamh Dé agus re tiodhlacadh na toile saoire.



6 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bídh siad claon chum litreach agus chum foghluma, go
spesialta chum fealsamhnachta agus staidéir na tuigse;
chum fós seicréid naomhtha na n-ealadhnacha saora agus
neamh-shaora, mar atá feardhacht tighe, saordhacht cloiche,
gréasuidheacht agus déanamh lámhán. Cuid eile díobh bíd
claon chum a bheith ag cur na gcorp agus chum gach oibre
ghníthear do chriaidh. Bíd fonnmhar chum bheith ag iarraidh
mianach airgid bheo, luaidhe, agus stáin, agus sean-taiscidheacha
na talmhan. Tig siad go maith le beith 'na mbráithre,
do bhrigh gur ionmhain leo an t-uaigneas. Is mó an
phlainéid so iná an talamh (do réir Alfraganus) 95
uaire. Is é is miotal dí an luaidhe, is é is dath dí
dath na luath. Atá stiúradh aice ar an talamh, agus atá
uadh 28089750 do léagadh, agus atá do chorp aici féin .i.
589680 léagadh.


L. 68



7 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Iupiter.



Iupiter.



Is é is áit don phlainéid so an seismhadh spéir. Is
é is cáilidheacht dhí a bheith te, fliuch, aeramhail, leann-
deargach, feardha, agus ro-fhábharach don nádúir daonda,
do bhrigh go bhfuil féin measardha go nádúrtha; agus mar
sin glanaidh sí an t-aer, ó dtig na gaotha do bheith
folláin, agus an fhearthainn ro-shochaireach don talamh. Do-
ghní teas an tsamhraidh measardha agus an fuacht san
ngeimhreadh, laghduighidh na h-aicídeacha agus díbiridh na
pláighe, agus cuididh ris na neithe fásamhla. Do-bheir
na daoine a bheith síothchánta re aroile, agus a mbeith
cráibhtheach, go speisialta na daoine dar plainéid í .i. na
daoine eagnacha, ionraice, gnúisnáracha, fiala, cearta,
trócaireacha, riaghalta, coinghiollacha, claon-mhaitheasacha,
fírinneacha, mór-chroidheacha, subháilceacha. Na daoine
ceart-bheathacha, compáiseacha, bronntacha, déirceacha.
Na daoine dúlmhara insna mnáibh, súgacha, so-ghrádhacha;
na daoine deaghchumtha, dathmhala, eagnaithe; na daoine
a mbíonn eagla Dé 'na gcroidhthe, agus i mbíonn faithchill
agus roimhfhéachain aca air.



8 - Do chailindeoracht na plainéide
so.



Is é is lá dhí so .i. an Diardaoin. Is é is uair dí
an chéad uair éirgheas grian an lá sin, agus an t-ochtmhadh
h-uair 'na dhiaidh. An bhliadhain thosuigheas ar an lá so .i.
ar a Diardaoin, biaidh an t-earrach gaothach, an samhradh
measardha, an foghmhar fliuch, agus an geimhreadh mar an
gcéadna measardha: biaidh an cruithneachta líonmhar agus
an beatha, biaidh an mionghrán ro-líonmhar agus an líon


L. 70


ro-thearc. Biaidh an fíon iomadamhail agus an ola, an mhil
gann; acht biaidh an mhuicfheoil agus an t-iasc úr líonmhar.
Biaidh an bhliadhain sin claon chum síothchána acht (mar
adubhramar) bheir an toil shaor buaidh ar a nádúir.



9 - Don deilbh crotha bheir an
phlainéid so.



An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so
bíd deighphearsanacha, deaghchumtha, geala, claon chum
beith fionnchrothacha; a bhféasóga donn, casta, agus scoilte
'na dhá cuid; a súile dearga, lag-radharcacha, dubha,
dathmhala; aighthe fairsinge feolmhara; fiacla móra
dlútha; gruaige tláithe tana, ó dtig dóibh a bheith plait-
mhaola; cuisleanna fada taisbeántacha.



10 - Do cháilidheachtaibh na droinge
so.



Bídh siad ro-shíothchánta, macánta, neamhchealgacha,
neamhdhúbailte i n-intinn. Bíd measardha taoibh bídh agus
dighe, subhailceacha, deaghchoinghiollacha, deaghfheasacha:
ní bhíonn siad námhadach nó díoghaltach, gidheadh bíd so-
ghluaiste chum feirge fo bheag-adhbhar. Cóimhlíonaid a
ngeallta le fírinne. Tráchtaid a ngnoithe le deiscréid.
Bheirid deaghchomhairle sábháilteach. Tuigid gach nidh go
h-urasa, do bhrigh go mbíd glan-intleachtach; bíd
clannmhar folláin, agus do dheaghcháilidheachtaibh.



11 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bíd so claon chum na h-eaglaise, chum creidimh agus
debhósion, do bhrigh go mbíd suaimhneach, subhailceach,
macánta: tairis so bíd claon chum bheith 'na
mbreitheamhnaibh, agus 'na ndaoinibh liteardha, 'na gcómhair-


L. 72


leadhaibh, agus cúramacha fo na bochtaibh, agus fo gach ocáid
eile bhíos 'na díol-truaighe. Adeir Alfraganus gur
mó an phlainéid so 95 n-uaire iná an talamh. Is é is
miotal dí an stán. Atá stiúradh aice ar an aer. Atá
sí ón talamh 17208200 do léagaibh, agus atá do chorp aice
féin 615600 do léagaibh.



12 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Mars.



Mars.



Is é is áit don plainéid so an cúigmhadh spéir. Is
é is cáilidheacht dí a bheith tirm, te, leannruadhach,
teineamhail, feardha, agus oidhcheamhail. Atá sí 'na námhaid
ag an nádúir daonda ó bheith drochnádúrtha í féin.
Do-bheir gaotha, toirmiosctha, sioc agus fuacht mór,
clochshneachta agus dorchadas, an-teas san aimsir bhíos
claon chuige; gaotha neamhmheasardha, easlána agus droch-
cháilidheachtacha. Agus atá do nádúir chomh contrárdha
agus chomh díoghbhálach agus sin, ar mhodh go ngluaiseann agus go
gclaonann intinn na gcréatúiridhe i n-aghaidh a chéile
le bheith dóibh feargach, coitinneach, coinspóideach,
earráideach, fuildhoirteach, cogthach agus námhadach re aroile.
Claonaidh mar an gcéadna iad chum a bheith bradach,
robálach, loisceach, marbhthach, éagcórach, imdheargthach agus
obann-fheargach. Stiúraidh an phlainéid so ar lucht
cogaidh, ar na daoinibh feargacha, fealltacha, droch-
choinghiollacha agus bréagacha, ar na meisceoiridhibh, crosacha
agus mí-náireacha, ar lucht rinnce, bruighneacha agus ciapalacha,
ar an droing bhíos dúlmhar i n-arm, a bhíos obann-
fheargacha, ar an lucht mire, slaid, agus robála; ar an
lucht drochrúin, mealltach agus anróidhteach, ar an lucht
cluanacha, cúlchainteacha, bíodánacha; ar an lucht
tnúthach, sáruidheacha, sanntacha, agus ar an lucht fealltacha,
fuilteacha, feargacha, mor-ghothacha.


L. 74


13 - Do chailindeoracht na plainéide
so.



Is é is lá na pláinéide so an Mháirt; is í a h-uair
an chéad uair agus an t-ochtmhadh h-uair. An bhliadhain
thosuigheas ris an lá so biaidh an t-earrach fliuch, an
samhradh te, an foghmhar tirm, agus an geimhreadh fuar,
fliuch, dorcha, le h-iomad sneachta. Biaidh fortún taoibh
na fairge ón iomad long-bhriseadh. Cialluighidh
díoghbháil don chruithneachta agus grán eile, measardhacht
don ola agus don mhil. Biaidh gach sórt pise líonmhar,
beagán don fhíon, measardhacht do na torthaibh, agus
ghéabhaid mórán don mhin-eallach bás ó iomad na fola
agus an teas bhíos a stiúradh ionnta an bhliadhain sin.
Cialluighidh mar an gcéadna an phlainéid so iomad
aicídeacha agus báis don chinéal bhanda; agus cialluighidh thairis
so bás obann, agus daoine uaisle comhachtacha: Vitam cum
morte commutabunt. Biaidh imreasain agus cointinn idir
an lucht tíoránta.



14 - Do deilbh crotha bheir an
phlainéid so.



Biaidh ag an droing beirthear faoi an phlainéid so
aighthe móra mí-dhathamhla, le boill bheaga, dhearga
ionnta: gruaga beaga, dearga nó fionna; súile lasta,
dearga, agus feolmhara, agus féachain rinn-ghéara; sróna
móra, fairsinge; fiacla glana, scaoilteacha, neamh-
iomlána; agus beag-fhéasógacha, agus corpa crom-chrothacha.
Má bhíonn an phlainéid so san áird shiar cialluighidh
muinéil caola, agus luirgne fanna fadchoiscéimeacha in a
siubhal: troighthe árdtosacha; múrlainn bheaga, agus a
gcinn mór.


L. 76



15 - Do cháilidheacht an droinge so.



Bíd so feargacha, togracha chum duine do bhualadh,
droch-chéillidhe agus droch-bhriathracha; bíd iarratach ar
chointinn agus 'na náimhdibh ag an tsuaimhneas: bíd
grádhmhar ar a gcomhchosmhalacht féin, ar imirt agus ar
mhnáibh: bíd bréagach, meangach, mealltach, neamh-
chompáiseach, bradach, acht bheir an duine eagnach buaidh
ar chlaon na réalta agus ar a nadúir féin.



16 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bíd so claon chum airm agus chum teine; mar sin bíd
claon chum bheith 'na ngabhnaibh, 'na gceardana, 'na lucht
déanta airm, agus an uile shórt ceardachta; bíd dúlmhar
i n-armaibh teineadh agus i bhfeardhacht gunnaidhe móra agus
beaga etc. Atá an phlainéid so, do réir Alfraganus,
níos mhó iná an talamh uair go leith, agus an t-ochtmhadh
cuid ós a chionn sin.



Atá stiúradh aice ar an teinidh. Is é is miotal dí
an t-iarann agus an copar, agus atá ón talamh 2379000 do
léagaibh, agus atá do chorp aice: 10530 do léagaibh.



17 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Sol.



Sol.



Is é is áit na plainéide so i meadhón na bplainéid
eile, agus an ceathramhadh h-aer nó spéir, mar thighearna agus
mar rígh orra, ó bhfághaid uile a solas. Is é is cáilidheacht
don phlainéid so dá ngoirthear Sol .i. an ghrian, a bheith
te agus tirm go measardha, laetheamhail, agus feardha. Uaithi
so thig na tortha a bheith apaidh agus gach nidh eile cóimhlíonta
'na thráth féin. Is adhbhar an doirt comhacht tug Dia dí


L. 78


so chum na neithe thabhairt ar a n-aghaidh, ar mhodh gur
ghluais sin Aristotill chum a rádh: Sol et homo generant
hominem, is é sin go ngeineann duine agus grian an duine.
Labhraidh Hali ar an bplainéid so agus adeir gurab í is
adhbhar do fhás gacha neithe, agus gurab í gheineas na neithe
fásamhla, agus na h-ainmhíntidhe. Claonaidh sí agus gluaisidh
sí na daoine chum a bheith i stáid chomhachtaigh, onóirigh,
shaoir; agus stiúraidh for neach eile a bheith tromdha agus ag
dréim fria árdchéimeadh. Bídh stiúradh aice ar na
ríghthibh agus ar na daoinibh comhachtacha, ar na daoinibh
tromdha, mórchroidheacha, deaghchomhairleacha, agus ar gach
duine bhíos 'na chomhairleach ar rígh agus ro-fhlatha.



18 - Do chailindeoracht na
plainéide so.



Is é lá na plainéide so an Domhnach, agus a h-uair an
chéad uair agus an t-ochtmhadh. An bhliadhain thosuigheas ar
an lá so, biaidh an t-earrach measardha, an samhradh
ro-the, an foghmhar gaothach, agus an geimhreadh géar. Biaidh
an beatha líonmhar agus an uile shórt gráin, agus fós an fíon,
an ola, agus mhil agus na tortha. Biaidh an áirnéis beag agus
mór líonmhar. Cialluighidh an phlainéid so imreasain
eidir daoine uaisle, agus iomrádh ar ríghthibh, agus giorra
saoghail don aois óig, sed Deus super omnia.



19 - Don deilbh crotha bheir an
phlainéid so.



An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so
bíd geal agus feolmhar: aighthe cruinne solas-ghlana, béal
measardha; puisínidhe caol-reamhra; malaidhe caola;
fiacla geala dathamhla; srón díreach deaghchumtha;
muinéal agus ucht cruinne; corp díreach deaghchumtha; bíd
ro-láidir agus neartmhar.


L. 80



20 - Do cháilidheacht na droinge so.



Bíd so tromdha, ionraice, fiala, deaghchomhairleacha,
dúlmhar fa neach eile da n-onórughadh: bíd flaitheamhail
in a n-intinn, deaghchainteach, mórdhálach agus mór-
mheasamhail orra féin.



21 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bídh siad so claon chum bheith i stáid onóirigh agus i
gcéimibh áirde ag stiúradh for dhaoinibh eile; mar
sin bíd ullamh chum bheith 'na n-uachtaránaibh, 'na
ngobhernóiribh, 'na gcaiptínibh, 'na gcoirinélibh, 'na
bpiláitibh, agus 'na bpreláidibh; a bheith 'na bpastóiribh ar
dhaoinibh agus ar ainmhíntibh, acht fa dheireadh bíd claon chum
an uile oifige agus ceirde bhaineas le síoda, ór, agus airgead.
Atá an phlainéid so, mar adeir Alfraganus, níosa mhó
iná an talamh 166 uair. Atá stiúradh aice ar an
teinidh. Is é is miotal dí an t-ór. Atá sí ón talamh
1213333 do léagaibh agus atá do chorp aice 1075680 do
léagaibh.



22 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Venus.



Venus.



Is é is áit don phlainéid so an treas spéir; is é
is cáilidheacht dí a bheith fuar agus fliuch go measardha,
uisceamhail, banda, oidhcheamhail agus caol-leanna finn.
Atá fábharach don nádúir daonda. Is í so réalt is mó
shoillsigheas an oidhche ón ghealaigh amach, agus dar gnáth
réalt na maidne do ghairm dí.



chidhthear í ar uairibh re h-éirghe don ghréin, go
speisialta san gheimreadh. Bídh stiúradh aice ar na


L. 82


mnáibh, ar na leinbh, ar an aois ciúil, ar na
daoinibh deaghbhriathracha, sona, deaghfhortúnacha, cearta,
eagnaidhe, suilbhire, so-bhuidheachas, trócaireacha; agus ar
gach duine bhíos dúlmhar a bheith glan inneallta agus
strebheisach.



23 - Do chailindeoracht na plainéide
so.



Is é is lá don phlainéid so an Aoine: is é is uair
dhí an chéad uair agus an t-ochtmadh uair. An bhliadhain
thosuigheas ar an lá so, ní bhiaidh díoghbháil uisce innte.
Biaidh an t-earrach gaothach, an samhradh fliuch macánta,
an foghmhar tirm gaothach i n-áiteacha, agus i n-áitibh eile
ro-fhliuch, agus an geimhreadh fuar ro-shaotharach. Biaidh an
beatha líonmhar, gidheadh daor. Biaidh an fhíneamhain
maith torthach, agus an ola agus an mhil líonmhar. Cialluighidh
aicídeacha súl, agus bás mórán leanbh don ghalar bhreac, agus
go bhfuighbhidh mórán don mhin-eallach bás, agus go mbiaidh
crioth-talamh i n-iomad d'áitibh.



24 - Don deilbh crotha bheir an
phlainéid so.



An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so
bídh aighthe reamhra cruinne aca agus dearga: súile dubha
brionnacha agus súgacha; malaidhe dubha dúnta: gruag
shlím fhada, agus casta ag cuid eile díobh, agus is gnáth
comhartha in a n-aighthibh: sróna cama, béal measardha,
pus uachtarach níosa lugha iná an pus íochtarach; muinéal
dathamhail, ucht cumhang: pearsanna beaga gann-
fheolacha; luirgne luchtmhara, agus más soir an phlainéid
so ghní sí na curip reamhar, geal, do phearsa dathamhail;
agus más siar í, biaidh siad beag-phearsanach, plat-mhaola.


L. 84



25 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bíd so claon chum díomhaoinis agus chum ealadhnacha
aeracha, cúirialta, taisbeántacha, mar atá canteoracht,
seinm théad: mar sin bíd tugtha d'fhilidheacht, d'orgain,
do choraibh, do phinteoracht, do dhéanamh lásaidhe agus
órshnáithe etc., agus thairis so tugtha do comedy .i. ealadha
ro-phuiblidhe.



26 - Do cháilidheacht na droinge so.



Atá siad so do nádúir the fhliuch agus leanna finn:
bíd deaghbhriathracha, críona agus sona, sobhuidheacha,
grádhach, geanamhail, ceart, milisbhriathracha, dúlmhar i
gceol, i rinnce, agus i gcaitheamh aimsire, i gcluiche
díomhaoine agus i ndrúis, i ndathamhlacht, i ngabháil agus i
ndéanfas éadaighe; bíd dúlmhar fa dheoidh re bheith go
maith agus go lúthgháireach leo, le h-éadaighe deaghbholadh,
agus is annamh do-bheir siad iad féin do fhoghlaim. Atá
an phlainéid so (do réir Alfraganus) níosa lugha iná
an talamh 37 n-uaire. Is é is miotal dí an copar.
Atá stiúradh aice ar na boill príobháideacha na bhfear
agus na mban. Atá sí ón talamh 325656 do léagaibh, agus
do chorp aice féin 175 léaga.



27 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Mercurius.



Mercurius.



Is é is áit don phlainéid so an dara spéir: is é is
cáilidheacht dí a bheith feardha, laetheamhail, agus do nádúir
chlaochlóidhigh; do bhrigh go ngabhann a cáilidheacht ón
bplainéid dá gceanglann, nó dar foigse bhíos; ar
mhodh má bhíonn i bhfogas do phlainéid mhaith biaidh a


L. 86


cáilidheacht maith, agus má bhíonn a bhfogas do dhroch-
phlainéid biaidh a cáilidheacht so olc; óir do-chídhmid sin
go laetheamhail .i. daoine don cháilidheacht sin, go mbíonn
maith fris na deaghdhaoine, agus olc fris na drochdhaoine.
Stiúraidh an phlainéid so ar na filidhibh, ar na scríobhanna,
agus ar lucht dlighe; ar na pinnteoiribh, matematics, agus ar
na daoinibh gheibh neithe nuadha amach; ar na cearda óir
agus airgid, agus fa dheoidh ar na daoinibh dúthrachtacha chum
margála agus ceannuigheachta.



28 - Do chailindeoracht na
plainéide so.



Is é is lá don phlainéid an Céadaoine: is é is
uair dí an chéad uair agus an t-ochtmhadh h-uair. An
bhliadhain thosuigheas ar an lá so, biaidh an t-earrach
fliuch gan bheith ro-mhaith, an samhradh an-te, an foghmhar
measardha, agus an geimhreadh géar, acht ní bhiaidh ro-fhuar.



Biaidh an cruithneachta agus gach grán eile go
measardha, biaidh an fhíneamhain maith agus an ola líonmhar,
acht do gach sórt eile beatha cialluighidh gainne, agus
gorta i n-áiteachaibh. Insa bhfoghmhar cialluighidh bás
duine phrionsapálta, agus go gcaillfidh na mná torracha
clann roimh am, agus cuid díobh bhéaras clann marbh ar
dteacht am a mbreith: biaidh an fiabhras teinteach
líonmhar agus an tinneas cinn, agus biaidh iomrádh agus cuimhne
ar na mór-neithe móra nuadha theagmhóchas san mbliadhain
so.



29 - Do dheilbh crotha na droinge so.



An drong beirthear faoi an phlainéid so bíd do
phearsa dhathamhail, mheasardha, ghann-fheolaigh; aighthe
cumhanga córacha fadghiallacha: sróna fada barr-


L. 88


rinneacha: súile beaga gan bheith ro-dhubha; malaidhe
fada sínte; féasóga tana dubha; puisínidhe tana,
gruaga sínte barr-chasta; fiacla neimhdhíreacha, agus méir
na lámh fada.



30 - Do cháilidheacht na droinge so.



Bídh so géar-intleachtach dúthrachtach eagnaidhe;
gheibhid amach neithe nuadha go h-urusa; níd a ngnoithe
go cinnte; bíd diongmhálta chum an uile ceirde agus
ealadhna, agus dúlmhar chum siubhail talta coimhthigheacha etc.



31 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bíd so claon chum bheith 'na n-ollamhnaibh, 'na
scríobhannaibh, 'na bpinnteoiribh agus 'na lucht déanta
íomháighthe; cuid díobh a mbeith 'na matematics, 'na
n-aritmetics, 'na gceannuighthibh, agus 'na lucht tráchta ar
phósadh etc. Atá an phlainéid so (do réir Alfraganus)
níosa lugha go mór iná an ghealach, agus atá an ghealach
níosa lugha go mór iná an talamh, mar deirim aice féin.
Is é is miotal dí an t-airgead beo; agus atá sí ón talamh
125185 do léagaibh, agus atá do chorp aice .i. 1000
míleadh, ionnann sin agus 200 léagadh Eadáilleach.



32 - Do cháilidheachtaibh na plainéide
dá ngoirthear Lúna .i. an ghealach.



Lúna.



Is é is áit don phlainéid so an chéad spéir is
foigse dhúinn: is é is cáilidheacht dí a bheith fuar,
fliuch, uisceamhail, oidhcheamhail, banda. Adeirthear
gurab í so is adhbhar don uile taisleach agus fliuchnais, agus
do fhás na neithe fásamhla ó iomad fliuchnais na


L. 90


plainéide so do dhoirteas insna créatúiribh sin. Do
tuirsigheadh go lór ughdar foghlumtha ag mion-scrúdughadh
cáilidheachta agus nádúra na plainéide so; agus ní fhuil ann
acht gaineamh do chur i ngad, nó an fhairge do
thaomadh 'na deora, óir atá a nádúir chomh claochlódhach,
chomh iongantach agus chomh uaigneach agus sin, ar mhodh nach
féidir a fagháil amach uile; gidheadh, ós gníomh i láimh é,
tairgfeam beagán d'fhoillsiughadh de go genarálta.
Ó thús tugtar aire gur mór an t-eidirdhealughadh atá
mar oibrigheas an phlainéid so an tan bhíos ag fás,
tairis mar ghní an tan bhíos ag dol ar gcúl; mar sin
na daoine críona agus feasacha, bí conntas géar aca ar
fhás nó ar theacht na gealaighe agus mar an gcéadna ar a
lán nó ar dol ar gcúl dí, fa iomad neithe bhaineas le
feardhacht tighe agus le sláinte corpardha; óir adeir
Plinius Lib.18 Cap.32 gurab é am buana, gearrtha, agus
bearrtha gacha neithe lán na gealaighe .i. óna beith lán
go a teacht chum go mairfidh níosa bhuaine; mar sin,
an t-adhmad bhaintear re fás na gealaighe ghníthear
maosgán de le gearr-aimsir, más crann é chailleas a
dhuilleabhar. Agus na h-ainmhíntidhe a mbaintear asta
le fás gealaighe bíd i gcontabhairt, agus an gort agus na
tortha baintear le fás na gealaighe (do réir Paladius)
ní bhíonn siad substainteach nó buan nó tarbhach, amhail
agus mar bheith le na mbuaint i lán na gealaighe. Tugtar
aire mar an gcéadna do cháilidheacht iongantach eile
na gealaighe, agus is é sin, más mian le neach an bhliadhain
fhirionnach léigeadh na h-aithreacha d'ionnsaighe na
máthrach le fás na gealaighe, agus má chuirtear uighe faoi
cheirc nó faoi éan eile le fás na gealaighe biaidh na
coiligh níosa líonmhaire, agus más mian a chontrárdhacht
déanadh na neithe so le lán na gealaighe. Iongantas
eile do thaoibh teacht na gealaighe, amhail agus mar adeir
Iacóbus Palermo Eadáilleach .i. más mian le neach fios


L. 92


cinnte d'fagháil ar an bponc i dtiocfaidh an ghealach
tugadh sé copán airgid chuige agus cuireadh sáile na
fairge ann, agus luath déanta don chrann Oliva .i. an
crann dá ndéantar an ola, agus bíodh coimhéad géar aige
fair faoi thuairim teacht na gealaighe, agus insa bponc i
dtiocfaidh gluaisfidhthear an luaith for an sáile, ionnas
go mbiaidh buartha go soiléir san gcupán. Dobheir an
t-ughdar céadna réasún leis sin, dá rádh gur uime
thig so ón stiúradh ro-ghrinn atá ag an ghealaigh ar an
airgead, ar uisce na fairge, agus ar chrann oliva tar gach
nidh eile. Mar sin go mothuighid agus go ngluaisid ré na
teacht, ag foillsiughadh na nádúire taoi aca ón bplainéid
so. Atá stiúradh aice so ar na mairnéalaibh agus ar an
lucht fairge, ar lucht leanna finn, ar na daoine leasga,
lagchroidheacha, agus mórchodaltacha.



33 - Do chailindeoracht na plainéide
so.



Is é is lá na gealaighe an Luan; is í a h-uair an
chéad uair agus an t-ochtmadh h-uair. Insa mbliadhain
thosuigheas ar an lá so ní theasdóchaidh uisce; biaidh an
t-earrach fionnfhuar, an samhradh measardha, an foghmhar
ro-fhliuch, agus an geimhreadh macánta. Cialluighidh gainne
don chruithneachta, acht iomad do na gránaibh eile:
measardhacht don fhíon agus don ola. Cialluighidh iomad
aicídeacha na h-áirnéise, ar mhodh go mbia 'na iongantas
ag na cineadhachaibh; agus fós biaidh aicídeacha ar na
daoinibh, agus siosma idir na daoine comhachtacha. Biaidh
ar na mnáibh go líonmhar insa mbliadhain so a n-aicíd
féin .i. Suffocatio matricis. Ní bhiaidh mil ná síoda ar
foghnamh san mbliadhain so, do bhrigh go bhfuighbhid iomad
beach agus piastaidhe síoda bás.


L. 94



34 - Do dheilbh crotha na droinge
dar plainéid an ghealach.



Bíd so ro-gheal, leannfhinnach; éadan leathan,
cruinn, bláthmhar; súile measardha, claon, codaltacha,
agus súile is mó iná a chéile. Is gnáth baill in a aighthibh;
a malaidhe i bhfogas dá chéile; sróna smutacha, agus béil
bheaga.



35 - Do cháilidheacht na droinge so.



Bíd so neamhsheasmhacha, subhailceacha, codaltacha,
min-thinneasacha neamh-urchóideacha; bíd claon le bheith
'na lucht fairge, agus siubhail for uisce: bíd leasc agus
mall-thionnscnamhach.



36 - Do chlaon nádúrtha na droinge
so.



Bíd claon do neithibh claochlódhacha, do bhrigh go
mbíd féin mar sin. Bíd claon re bheith 'na n-iascairidhibh,
'na dtaibheoirnidhibh, agus bheith ag reic bídh agus díghe agus a
macsamhla sin. Atá an phlainéid so (do réir
Alfraganus) níosa lugha iná an talamh 39 n-uaire. Is
é is miotal dí an t-airgead. Atá stiúradh aice ar an
uisce goirt na fairge agus ar an crann oliva. Atá ón
talamh 9847 do léagaibh agus atá do chorp aice fein 166 do
léagaibh.



Do réir na gcomharthaidhe agus an deilbh crotha do-bheir
na plainéididhe do na daoinibh beirthear faoi na stiúradh,
is féidir le gach duine fios a phlainéide féin do bheith
aige, agus níosa fearr má dhearcann ar a chlaon nádúrtha
féin: óir más nádúir Mars mhoitheochas ann féin, is
dearbh gurab é is plainéid dó; agus más nádúir Iupiter
mhoitheochas ann féin, is é is plainéid dó; agus mar sin
for sna plainéidibh uile.


L. 96


37 - Iongantas eile don ghealaigh
taoibh líonadh agus trághadh na fairge.



I measc gach nídh eile dá n-oibrigheann an ghealach
atá nidh díobh ro-iongantach, mar atá líonadh agus trághadh
na fairge, do líonas faoi dhó agus do thrághas faoi dhó ann
a spás 24 h-uaire agus corradh beag, le gluaiseacht na
gealaighe; agus tré ghrinnchonntas mairidh gach líonadh agus
gach trághadh 6 h-uaire agus an cúigeadh cuid do uair.
Teagmhaidh an líonadh so agus an trághadh i n-uile chósta na
fairge dá ngoirthear mare oceanum, agus i gcuid don
fhairge meditteraneum, ar mhodh go nochtar ar uairibh
mórán don talamh. Mar sin gur riachtanasach don lucht
fairge a bhfios so do bheith aca, agus an tan tionnscanaid,
ionnas go madh sábháilte thiocfaidís chum tíre tré sna
slighthe tana cumhanga. Ní lughaide is cóir do na
liaighibh fios na seicréid seo: óir scríobh Plinius, agus adeir
Petrus Aponiensis, gur le linn trághadh na fairge do-
gheibh an uile dhuine agus ainmhidhe bás, do-gheibh bás go
nádúrtha; seicréid go deimhin iontugtha d'aire: agus ionnas
go mbí fios go síorraidhe ar an uair do ló nó d'oidhche
thosóchas líonadh agus trághadh na fairge, tugthar aire
d'aois na gealaighe, agus an lá inar mian don ghealaigh
fios d'fagháil ar an uair thosóchas líonadh agus trághadh,
féachadh é insa gclár so rómhainn insa gcéad cholamhain
taoibh na láimhe clí, agus ar a chomhair sin, taoibh na láimhe
deise, gheibhthear an uair thosóchas an líonadh agus an
trághadh; ag tabhairt aire go gcialluigheann an litir
.M. an mhaidin, nó roimhe an meadhón lae, agus an litir .T.
an tráthnóna, nó i ndiaidh an mheadhón lae; agus go
gcialluigheann na litreacha so .ME. an meadhón lae,
agus na litreacha so .NO. an oidhche.


L. 100


Agus ionnas go mbia an clár so-thuigse le
h-eisiomláir, fiafruighim ca h-uair thoiseóchas líonadh
agus trághadh na fairge indiu .i. an 20 lá de Mhárt
annso i n-Eirinn, agus gurab é sin an 30 lá do
réir an Phápa don mbliadhain i láthair .i. 1694
(agus ar son go bhfuil an leabhar so ag trácht
do réir conntais an Phápa, gidheadh is féidir
úsáid do dhéanamh de annso amhail agus do dhéantar
insa Róimh, do bhrigh gurab ionnann an lá
acht nach ionnann ghníthear a gconntas do réir
na míosa, taobh amuigh do na feistidhe
gluasachtacha). Mar sin féachaim an 30 do Mhárt
líon aoise na gealaidhe i gcalindeoir na míosa, gurab
é sin an 5: iarraim so insa gcéad cholamhain don chlár
so taoibh na láimhe clí, agus do-chídhim ós a chomhair go
dtosuigheann an chéad líonadh an lá so ar a seacht do
chlog ar maidin, agus a trághadh sin ar a h-aon agus cúigmhadh
cuid do uair i ndiaidh an mheadhóin lae, agus an dara
líonadh ar a seacht agus dá chúigmhadh do uair i ndiaidh an
mheadhóin lae chéadna, agus a trághadh sin ar a h-aon agus trí
cúigmhadh cuid do uair i ndiaidh an mheadhóin oidhche tar
a cionn ar maidin an lae 'na dhiaidh. Le so atá an
clár so-thuigse for láithe uile na gealaighe.



lgh.102-104 ar lár. Cláir nó táblaí.


L. 106


40 - Míniughadh ar an gclár so.



Chum go n-aitheontar ar an gclár so ar ndiaidh an
comhartha i mbia an ghealach gach laoi, féachadh neach aois
na gealaighe, an lá inar mian sin d'aithne, insa gclár
insa gcéad cholamhain do thaoibh na láimhe clé; agus ós
comhair na h-uimhre sin ghéabhaidh sé an comhartha in a
mbia an ghealach an lá sin, taoi comhfhreagrach don mhí
in a mbia, taoi sonnruighthe i n-uachtar an chláir: agus
ionnas go madh fearrde thuigfidhear so, fiafruighthear
an comhartha in a bhfuil an ghealach an 22 lá do Mhárt
insa mbliadhain so 1694, agus adeirim go bhfuil
insa gcomhartha Geminis, óir ba é teacht na
gealaighe an 16 lá, agus uadh sin gus an 22 atá 6
lá (gan lá teacht na gealaighe do ríomh air)
agus féachaim an seiseadh lá d'aois na gealaighe
insa gclár, agus gheibhim an comhartha Geminis ós
a chomhair, taoi freagrach don mhí Márt ós a
chionn. Agus más mian fios d'fhagháil ar an chomhartha
i mbia an ghealach an lá tiocfaidh sí, is dearbh go mbia i
n-aon-chomhartha fris an ghréin an lá sin; agus geibheadh sin
amach i gcailindeoir na míosa; agus tabhair aire go
bhfuighthear romhainn clár eile ar na comharthaidhibh ataoi
maith nó olc chum purgóide agus fola.



41 - Riaghail le n-aitheontar do
mheabhair an comhartha agus na
céimeanna in a mbia an
ghealach gach laoi.



Chum go n-aitheontar so go cinnte tugtar aire do
trí neithibh: an chéad nidh .i. an lá thig an ghealach go
mbíonn féin agus an ghrian i n-aon-chomhartha; an dara nídh,
go mbíonn an ghrian for aon-chomhartha ar feadh míosa,


L. 108


agus an ghealach nach mbíonn acht ar feadh dhá lá go leith
faoi nó ós a chionn; agus an treas nídh, fios an lae i
dtéid an ghrian in gach comhartha, agus gheibhthear sin i
gcailindeoir na míosa, agus fós i dtrácht ar na comharthaidhibh.
Ar dtabhairt aire dóibh so mar sin, agus do lá theachta na
gealaighe, ríomhthar na laethe ó na teacht gus an lá in
ar mian fios d'fhagháil ar an gcomhartha in a mbia; agus
cuirthear an uimhir sin i gceann a chéile faoi dhó, mar
aon le h-aon; agus ar ndéanamh cúigeacha dhe so bia an
ghealach ar a h-aghaidh ón gcomhartha in a dtáinig,
comhartha i n-aghaidh an cúig díobh; agus má bhíonn corradh
ós cionn na gcúigeadh, ionnann gach aon díobh sin agus sé
gráda nó céime insa gcomhartha eile. Agus go mbia
so urusa le tuigsin, fiafruighim cia an comhartha in a
bhfuil an ghealach an 22 lá don Mhárt Anno Domini
1694, agus adeirim go bhfuil insa gcomhartha
Geminis: óir dob'é teacht na gealaighe an 16
lá do Mhárt, agus uadh sin go 22 atá seacht lá (do
bhrigh go ríomhthar annso lá teacht na gealaighe),
agus dúbla na seacht lá sin do-ghní sin 14, agus aon
fris do-ghní sin 15, in a bhfuil trí cúig: mar
sin atá an ghealach ann a Geminis .i. an treas
comhartha ó Aries in a dtáinig agus in a raibh mar
an gcéadna an ghrian, agus is chum go mbia fios ar na
comharthaibh agus mar bhíd i ndiaidh a chéile, cuirim annso
iad ar an ordughadh sin .i. Aries, Taurus, Gemini,
Cancer, Leo, Uirgo, Libra, Scorpio, Sagittarius,
Capricornus, Aquarius, Pisces.



42 - Riaghail eile níosa chinnte ar
an nídh so.



Cuirthear aois na gealaighe i gceann a chéile ceithre
huaire, agus biaidh an ghealach comhartha ar a h-aghaidh fo


L. 110


gach deich dá mbia san uimhir sin; agus má bhíonn corradh
ós a cionn, ionnann gach aon díobh agus trí gráda insa
gcomhartha eile. Exemp. gratia. Fiafruighim cá bhfuil an
ghealach an 22 lá do Mhárt, amhail agus mar
do rinneas insna riaghlacha eile, agus adeirim go
bhfuil do réir na riaghla so insa 12 gráda don
chomhartha Cancer, óir táinig an ghealach an 16
lá, agus uadh sin go 22 atá 6 lá (le gan lá teacht
na gealaighe do ríomh) agus é sin ceithre h-uaire
do-ghní 24 in a bhfuil dhá dheich agus ceathair do
chorradh; mar sin atá an ghealach dhá ghráda
déag insa gcomhartha Cancer, do bhrigh gurab
é sin an treas comhartha ó Aries exclusive, in
a raibh an uair do tháinig. Tabhair aire go bhfuil
an riaghail so ro-phrionsapálta agus ro-fhírinneach.



43 - Iongantas eile, agus cailindeoracht
don ghealaigh agus dona comharthaidhibh
taoibh na beatha.



Ma théid gealach na míosa Ianuarius insa gcomhartha
Aquarius agus í ag fás, cialluighidh iomadamhlacht na beatha
an bhliadhain sin: agus más ag dol ar gcúl
rachas ann, cialluighidh bochtaine, doilgheas, agus anródh,
brúchtbhriocht aibhneach, agus stoirme móra ar fairge.



Má théid gealach Feb. insa gcomhartha Pisces agus í ag
fás, badh adhbar é chum na neithe bheith ar shaor-chonnradh
agus so-fhaghála; agus más ag dol ar gcúl rachas ann
cialluighidh iomarcach d'fhearthainn an bhliadhain sin.



Má théid gealach Márta ag fás insa gcomhartha
Aries, agus a bheith chum na h-áirde thuaidh, cialluighidh
domblastacht agus mí-shuaimhneas; agus más ag dol ar
gcúl rachas ann, cialluighidh bliadhain mhaith thorthach.


L. 112


Má théid gealach Aprioll ag fás insa gcomhartha
Taurus, cialluighidh mór-mhaitheas, sástacht, agus ullghárdas:
agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh e contra.



Má théid gealach Mai ag fás ann a Gemini, cial-
luighidh comhghluasacht, buaidhreadh, agus claochlódh insna réi-
giúin darab comhartha sin: agus más ag dol ar
gcúl rachas ann, cialluighidh mórán fearthanna.



Má théid gealach Iune ag fás ann a gCancer,
cialluighidh claochlódh, gluasacht, agus neithe druim ar ais
i n-impireacht na h-Afraice; agus más ag dol ar gcúl
rachas ann, cialluighidh mórán fearthanna.



Má théid gealach Iulius ag fás ann a Leo,
cialluighidh maith agus tarbha mór do na fir tighe; agus
más ag dol ar gcúl rachas ann cialluighidh anródh,
contabhairt agus aicídeacha.



Má théid gealach Augt. ag fás ann a Virgo,
cialluighidh corrthuafail gaoithe, stoirme, agus crioth-
thalamh; agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh
bliadhain mhaith shéanmhar taoibh sláinte agus taoibh na
beatha.



Má théid gealach Sep. ag fás ann a Libra,
cialluighidh iomadamhlacht don uile shórt gráin; acht
más ag dol ar gcúl, cialluighidh stoirme agus neithe
bun ós cionn.



Má théid gealach Oct. ag fás ann a Scorp.,
cialluighidh námhadacht agus imreasain eidir lucht dlighe, agus
tnúth; acht más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh
bliadhain shéanmhar agus líonmhar insna réigiúin darab
comhartha é.



Má théid gealach Nou. ag fás ann a Sagitt., ní
theasthóchaidh uisce nó ola an bhliadhain sin; acht más
ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh gorta agus
cosmhalacht pláighe.


L. 114


Má théid gealach Decem. ag fás i gCapric.,
cialluighidh stoirme móra ar an bhfairge: agus más
ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh sástacht agus
ullghárdas do na fearaibh tighe bhíos ag saothrughadh an
talaimh. Acht tugthar aire, gach nidh dá gcialluighthear
annso, gurab insa réigiúin ar a stiúrann na
comharthaidhe so fo seach teagmhóchaidh sé níosa phrion-
sapálta iná i n-aitibh eile; agus más mian fios d'fhagháil
cia iad na réigiúin bhíos faoi stiúradh gach comhartha,
ghéabhthar sin insan áit i dtráchtfam ar na comharthaidhaibh
féin.



lch.116 ar lár. Clár nó tábla.


L. 118



45 - Míniughadh ar an gclár so, atá
síorraidhe agus geinearálta ar
chailindeoracht na bliadhna.



Atá insa gclár so ar ndiaidh cúig colamhna (taobh
amuigh don chéad cholamhain, nach ríomhthar orra, atá
chum na láimhe clé, agus in a bhfuil coimhéad ar na bliadhna
in a n-athruigheann an Litir Domhnaigh tairis an modh
gnáthach) insa gcéad cholamhain taoibh na láimhe clé atá
Litreacha Domhnaigh gacha bliadhna. Insa dara colamhain
atá na bliadhna, ag tosughadh ris an bhliadhain .i. 1663,
agus mairfidh an cholamhain so go deireadh an domhain
ar an modh so .i. an uair bhus críoch dhó uile tosughadh
leis arís. Insa treas colamhain atá na laeithe le
dtosuigheann an bhliadhain go síorraidhe. Insa gceath-
ramhadh colamhain atá plainéididhe na laeithe so. Agus
insa gcúigmheadh colamhain atá na neithe chialluigheas
gach plainéid taoibh na beatha san mbliadhain sin. Agus
ionnas go dtuigfidhe so níosa fhearr, cuirfeam dhá
eisiomláir annso ris, don bhliadhain atá sonnruighthe le
dtosuigheann an clár .i. 1663, agus don bhliadhain 1691,
nach bhfuil iomrádh uirre san gclár, acht gidheadh atá sí
cóimhfhreagarach don bhliadain 1663; mar sin is ionnann
bhias an dá bhliadhain sin, agus arís is ionnann bhias an dá
bhliadhain .i. 1664 agus an bhliadhain 1692, agus mar sin for sna
bliadhna eile. Acht chum go dtigmís ar eolas na
bliadhna 1663 (le dtuigfidhthear an clár uile) darab
Litir Domhnaigh .G. amhail agus mar atá san gclár taoibh na
láimhe clé, ós comhair na bliadhna sin; agus atá don taoibh
eile gur b'é an Luan an chéad lá dhí, agus gurab í an
ghealach is plainéid don lá sin, chialluigheas measardhacht
na beatha insa mbliadhain céadna, amhail agus mar atá ós
a comhair. Agus más mian níosa mhó d'fhios na bliadhna
sin d'fhagháil, féachadh mar thráchtamar ar an ghealaigh
roimhe so, agus ghéabhadh annsin go lór. Annso is féidir


L. 120


leis an cúirialtas teacht anuas agus a rádh nach féidir
leis an gclár so bheith síorraidhe, do bhrigh go n-athruigheann
na Litreacha Domhnaigh tairis an ordughadh gnáthach i
gcionn gacha céad bliadhain, mar atá ó gach ceithre
céad bliadhain go 400 bliadhain go n-athruigeann trí
h-uaire: ionnann sin re rádh agus uair i gcionn gacha 100
bliadhain do 300 dá mbaintear lá le h-ocáid na
bliadhna bisigh (amhail agus mar d'orduigh an 13 Griogóir)
agus do-rinneadh so chum riaghluighthe na h-aimsire, ionnas
nach biadh seachrán (fa mar luathuigheas ar a h-aghaidh
an t-equinoxium, agus go h-áiridhe insan earrach) fa
sholamhan cinnte na cásca; acht is dearbh so, agus fós go
n-athruigheann na Litreacha Domhnaigh i n-aimsireacha
áiridhe; mar sin ní féidir leis an gclár do bheith
síorraidhe, do bhrigh, má chlaochluigheann na Litreacha
Domhnaigh, do dhéanadh amhlaidh laeithe thosuighthe na
bliadhna, agus ní bhiaidh an bhliadhain mar adeir, ó nach
ionnann (b'fhéidir) brigh na bplainéididhe. Is é ar
bhfreagra ar so go bhfuil an uile chlaochlódh dar féidir
theacht ar na Litracha Domhnaigh ar na leigheasughadh agus
ar na riaghlughadh go síorraidhe i n-iomall an chláir leis
na trí h-uimhreacha bliadhnamhla taoi sonnruighthe taoibh
na láimhe clé; agus is iad sin céad bliadhna in a
n-aithreochaidh na Litreacha Domhnaigh, taoibh amuigh don
mhodh gnáthach do-ghní gach bliadhain. Agus tugthar aire
gurab insna h-áite céadna in a bhfuil na trí h-uimhre
sin athróchas na Litreacha Domhnaigh go síorraidhe for
sna bliadhna le teacht; agus teagmhaidh sin trí h-uaire
in gach 400 bliadhain: agus an chéad uair athróchas na Litre
Domhnaigh, déanaidh sin insa mbliadhain 1701, agus an
dara h-uair athróchas, déanaidh sin insa mbliadhain
1801, agus an treas uair insa mbliadhain 1901, agus ar an modh
so go deireadh domhain: mar sin atá ar gclár síorraidhe,
agus mairfidh chomh fada le cailindeoir Griogóire mhairfeas
go síorraidhe, agus go mairidh re toil Dé, Amen.


L. 122



An 5 Caibidil.



1 - Fhoillsigheas cáilidheachta an dá
chomhartha déag flaitheasacha.



Insa naomhadh spéir (dá ngoirthear chrystalinum)
measaidh na hastronomicthe circulum .i. fáinne cruinn,
dá ngoirid zodiacum, do 360 gráda ar fad, agus do 12
ghráda ar leathad; agus rannaid so 'na dhá chuid dhéag
chothroma, dá ngoirthear an dá chomhartha dheag
flaitheasacha, agus atá in gach comhartha díobh so 30 gráda;
agus is é is anmanna do na comharthaibh sin .i. Aries,
Taurus, Gemini, Cancer, Leo, Uirgo, Libra, Scorpius,
Sagittarius, Capricornus, Aquarius, agus Piscis. Tugadh
na h-anmanna so dóibh taoibh na gcáilidheachta do-bheir
na comharthaidhe so do na créatúiribh an tan théid an
ghrian ionnta. Goirthear anmanna eile díobh .i. teach
na bplainéididhe, do bhrigh an tan theagmhas plainéid in
a comhartha díleas féin (.i. in a teach féin) bídh níosa
neartmhara agus níosa bhríoghmhara iná an tan bhíos ann a
gcomhartha eile; agus is é fad gach comhartha dhíobh 273870047
léagadh, agus atá do leathad ag gach comhartha díobh
22818258 léagadh; agus más mian fios d'fhagháil ar thighthe
na bplainéid, inneosam sin go h-aithghearr; óir is é an
comhartha dá ngoirthear Leo teach na gréine, Cancer
teach na gealaighe, Cap. agus Aquarius tighthe Saturnus,
Piscis, agus Sagitt. tighthe Iupiter, Aries agus Scorp.
tighthe Mars, Libra, Taurus tighthe Venus, Gemini agus Virgo
tighthe Mercurius. Na comharthaidhe so, an tan théid an
ghrian ionnta, bídh claochlódh cáilidheacht aice do réir
nadúir gacha comhartha, amhail agus mar foillseochar in a
áit féin; agus mar an gcéadna foillseochar cáilidheacht agus
seicréid nádúrtha na dtighthe so, nó na gcomharthaidhe so,
agus na neithe adhbhraidh siad insna daoinibh tinne nó
easlána an tan théid an ghealach ionnta.


L. 124


2 - Do cháilidheacht an chomhartha
Aquarius in a dtéid an ghrian
ar 21 Ianuarius.



Is é is deilbh no fíoghair do-bheir na h-astronomicthe
don chomhartha so .i. deilbh duine ag dortadh uisce as
soitheach; gidheadh ní fá bheith mar sin ann féin (óir ní
fhuil ar éan-chor), acht fón iomarcach uisce thuiteas.
Is é is cáilidheacht an chomhartha so te fliuch, agus is
adhbhar é do theas agus do thiormlach go mí-mheasardha.
Atá sé ro-dhíoghbhálach, óir do-ghní coruipsion ar an aer,
agus dioghbháil mar sin do na plantaibh agus do na neithibh
fásamhla.



Do théid an ghrian insa gcomhartha so ar an 21 lá
do Ianuarius go coitcheannta .i. an 11 lá annso i
n-Éirinn don mhí chéadna (tugtar aire go
bhfuil an leabhar so ar nós an Phápa uile;
gidheadh, is féidir sochar do bhaint as annso, ag
dearcadh ar difir deich lá d'aimsir eatorra
go nuige an bhliadhain 1700, agus ó shin i leith atá
difir 11 lá déag eatorra). Atá an comhartha so
aereamhail, feardha, laetheamhail; atá 'na thigh laetheamhail
agus 'na ullghárdas ag Saturnus, agus 'na dhíoghbháil oidhcheamhail
ag Sol. Atá stiúradh ag an gcomhartha so ar na
probhinsibh Aragon, Bohemia, Saxonia, Aetiopia, Dal-
macia, Arabia, Sodiana, Azania, Piamonte, agus India.
Ar na cathracha Constancia, Ierusalem, Urbino, Pavia,
agus Monserato; insa Spáin ar na cathracha Zamora,
Medina, Valencia agus Sevilla. An fear beirthear faoi
stiúradh an chomhartha so biaidh do phearsain meadhonaigh,
deaghlabharthach, deaghrúnach, deaghchroidhtheach le dol ar
aghaidh insa nidh chuirfeas roimhe: cialluighidh go bhfuighe
buille d'iarann agus contabhairt taoibh uisce: biaidh claon
chum siubhail for talta coimhidhtheacha, agus rachaidh níosa


L. 126


fhearr dhó ria a thalamh féin: cialluighidh má fhilleann go
mbiaidh sona saidhbhir; acht tugadh aire gan fearg do
ghlacadh, óir budh dhíoghbhálach dhó; in certo quodam anno
erit in dubio vitae suae, do bhrigh go gcialluigheann dó
aicíd urchóideach roimhe na 30 mbliadhna; agus má thig uadh,
cialluighidh do réir a nádúire agus a chomplex 58 bliadhna
do shaoghal. Más bean beirfidhthear faoi, cialluighidh a
beith déanmhasach, measamhail uirre féin: biaidh i
gcontabhairt báis, agus tairis sin uair eile taoibh uisce.
Ní chaithfidh go h-urusa a h-éadáil, agus ghéabhaidh fo mheadhón
a h-aoise a saoghal níosa fhearr: gidheadh roimhe na 38
mbliadhna cialluighidh dhí dhá aicíd; an chéad aicíd i
gcionn 34 mbliadhain agus an aicíd eile i gcionn 35
mbliadhain; agus má thig uatha, cialluighidh dí go nádúrtha
82 mbliadhna do shaoghal.



3 - Do cháilidheacht an chomhartha
Piscis in a dtéid an ghrian
ar an 19 do Feb.



Is é is fioghair agus deilbh tugthar don chomhartha so .i.
dhá iasc; ionnas mar is é nádúir an éisc do bheith fliuch
agus insan uisce do ghnáth, mar an gcéadna, anuair théid
an ghrian insa gcomhartha so, bí an aimsir fliuch agus
uisceamhail. Atá an comhartha so banda, oidhcheamhail,
uisceamhail, agus coitchionn ag an geimhreadh agus an earrach.
Atá do nádúir fhuair fhliuch; dá bhrigh sin is adhbar é do
fhuacht agus do fhliuchnas mí-mheasardha, do-ghní díoghbháil do
uisce na n-aibhneach, na dtobar, agus na locha; óir do-ghní
corupsion ionnta. Is é an comhartha so tigh oidhche agus lae
do Iupiter, árdughadh do Venus, tuitim agus dioghbháil
oidhche agus doilgheas do Mercurius. Atá stiúradh ag an
gcomhartha so ar na probhinsigh, Persia, Hibernia,
Normandia, Portugallia, Lidia, Cicilia, Pamphilia,


L. 128


Garamantes, Mesamenes. Ar na cathrachaibh Colonia,
Agrippina, Venecia, Ratisbona, agus Alexandria. Insa
Spáin, ar na cathrachaibh Orense, Santiago, agus cuid do
Sevilla. An fear beirthear faoi an gcomhartha so, bí
sé dúlmhar i dtaltaibh coimhthigheacha, agus siubhal for uisce;
bí do mhór-ghoile agus dá thaoibh sin biaidh i gcontabhairt
báis muna gcuidighibh a phlainéid fris: biaidh sé tostach;
cialluighidh aicíd dó i gceann a 15 mbliadhna, agus aicíd
eile i gcionn a 30, agus an treas aicíd i gcionn a 38
mbliadhna do shaoghal; agus má thig asta, is nádúrtha dhó
65 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, bí sí
diadha, macánta, agus náireach; acht bí sí tuirseach do
thinneas na súl agus do Suffocatio matricis: cialluighidh go
bhfuighe urchóid taoibh teineadh, agus go mbiaidh tinn i gcionn
a 12 bliadhain, agus uair eile i gcionn 20 bliadhain agus 21, agus
uair eile i gcionn a 30; acht cialluighidh do shaoghal dí
59 bliadhain.



4 - Do cháilidheacht an chomhartha
Aries, in a dtéid an ghrian
an 21 Lá do Mhárt.



Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so
.i. reithe. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm: mar
sin do-bheir teas agus tiormlach go measardha. Atá sé
laetheamhail, gluasachtach, agus feardha. Is é is tigh do
Mhars, árdughadh do Sol, tuitim do Saturnus, agus
díoghbháil do Venus: téid an ghrian ann ar a 21 do
Mhárt agus annsin thosuigheas an chéad equinoxium in ar
b'ionnann fad don lá agus don oidhche. Atá á stiúradh
ar na probhinsigh: Anglia, Gallia, Alemania, agus ar an
Polonia Minor. Ar na cathracha: Florencia, Napoles,
Patavia, Fauencia, Craconia, Inmola, Pergamo. Insa
Spáin, ar Zaragoza, Tortosa, agus Valladolid.


L. 130


An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so,
bí sé intleachtach, eagnaidhe, do intinn mhórdhálaigh;
gidheadh, bí sé cainteach, so-fheargach, acht so-thraothach. Is
dual dó a bheith ag labhairt fris féin, gan bheith
ro-shaidhbhir nó ro-bhocht, coinghiollach fris na daoine
muinteardha: biaidh aige re dtiocfaidh mortuorum causa;
cialluighidh go mbiaidh comhartha sonnradhach ar a chorp,
agus go bhfuighe a bhualadh ó bheithidheach ceatharchosach,
agus buille eile d'iarann; acht fa dheoidh, biaidh mí-fhortúnach
anróiteach. Biaidh sé tinn i gcionn 22 bliadhain, agus má
thig uaidh, annsin forsan ducet uxorem, agus ghéabhaidh do
réir a nádúir 75 bliadhna do shaoghal. An bhean
beirthear faoi, biaidh feargach, agus ro-bheo agus bras i
ngníomharthaibh, taithneamhach do réir meas daoine
eile; gidheadh, cialluighidh má phósann go mbiaidh 'na
baintreabhaigh, agus go mbiaidh aicíd uirre fo na ceann nó
fo na glún ro-chontabhairteach ó na seacht mbliadhna
d'aois go 12, acht go bhfuighe do shaoghal nádúrtha 49
mbliadhna. Cialluighidh an comhartha so don mhnaoi agus
don fhear go dtiocfaidh dóibh a bheith ro-bhocht, gidheadh
go mbiaid sin i neamh-riachtanas tré na ndeaghshaothar
féin.



5 - Do cháilidheacht an chomhartha
Taurus in a dtéid an ghrian
ar an 20 lá do Aprioll.



Is é is fioghair nó deilbh bheirthear don chomhartha so
.i. tarbh. Atá do nádúir thalmhaidhe, fhuair, thirm:
adhbharaidh sé fuacht agus tiormlach gidheadh measardha, ó
dtig na neithe mothuigheacha geineamhain, agus na neithe
fásamhla fás, re dol don ghréin ann. Atá an comhartha
so oidhcheamhail, banda. Is é is tigh do Uenus, agus a
h-ullghárdas, árdughadh do Lúna, agus díoghbháil agus doilgheas


L. 132


do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i.
Persia, Media, Suycia, Asia Minor, Hibernia, Aegypto,
Armenia, agus Cyprus. Ar na cathrachaibh .i. Capua,
Salerno, Bolonia, Sena, Verona, Ancona, Treveres,
Parma, Mantua, agus Palermo. Insa Spáin, ar Gitona,
Osca, Toro, Badajoz, Astorga, agus Jaen. An fear
beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, biaidh sé dána,
borb, díomsach, agus do chroidhe árd-uaibhreach; claon chum
a thalamh d'fhágbháil agus siubhail for thalamh coimhightheach, le
dtiocfaidh dhó níosa fhearr, agus má phósann go bhfuighe nidh
le na mhnaoi. Biaidh sona agus i stáid cheannasaigh:
cialluighidh go bhfuighe a lot ó mhadraibh agus contabhairt
taoibh uisce, agus thairis sin muna dtugaidh aire go bhfuighe
infortunia mulierum causa, agus go mbiaidh tinn i gcionn 12
mbliadhain agus arís ag 30, agus uair eile ag 40, agus má thig uatha
sin go bhfuighe go nádúrtha 64 bliadhain do shaoghal. An
bhean beirthear faoi, cialluighidh go mbia ro-ghnóthach,
cúramach fa neithibh saoghalta, críochnamhail, claon chum
talta coimhthigheacha: biaidh clannmhar mór-mhacach et
plures indicat ei habere maritos. Cialluighidh tuitim do
nidh árd, agus tinneas i gcionn 16 bliadhain, agus uair eile ar
a 33. Geallaidh an comhartha so go nadúrtha 66 bliadhain
do shaoghal.



6 - Do cháilidheacht an chomhartha
Gemini in a dtéid an ghrian
ar an 21 do May.



Is é deilbh nó fioghair bheirthear don chomhartha so .i.
dias leanbh ag fáscadh a chéile so ro-mhuinteardha, ag
ciallughadh macántacht na h-aimsire an tan théid an
ghrian ann. Atá an comhartha so do nádúir aereamhail,
te, fliuch; mar sin atá oileamhnach chum na neithe
fásamhla. Is é is tigh do Mercurius, díoghbháil agus


L. 134


doilgheas do Iupiter. Atá sé feardha, laetheamhail,
agus atá té tirm san earrach go coitcheann; acht go bhfuil
tirm annsin go measardha. Atá stiúradh ag an
comhartha so ar na probhinsigh .i. Hircania, Cyrenaica,
Marmatica, ar chuid don Égipt, Armenia, Margiana.
Ar na cathrachaibh .i. Trento, Cessena, Uiterbo, Norum-
berga, Bruxas, Leon na Fraince, agus Maguntia. Insa
Spáin, ar Ciguenca, Moruiedra, Cordoua, agus Talauera.
An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so bí sé
deaghchroidheach, fial: bí claon chum talta eile agus siubhail
ionnta; biaidh saidhbhir, agus seasmhach insna neithe gheallfas,
biaidh dúthrachtach, agus i gcontabhairt taoibh uisce: budh
riachtanacht dó e féin do sheachnadh ar mhadraibh gaoithe,
agus taobhaim ris a bheith coimhéadach air féin, óir cialluighidh
go mbeith ro-chneadhach, agus go mbiaidh tinn ceithre h-uaire
sul thiocfas chum 30 mbliadhna, agus má thig uatha go
mbiaidh níosa fhalláine, agus go bhfuighe 68 mbliadhna do
shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh ro-choinghiollach,
agus i ndeaghmheas daoine eile, agus biaidh claon chum pósadh;
glacfaidh sí doilgheas agus cathughadh fa éagcóir do dhéanamh
uirre, agus ní bhiaidh ó easláinte, agus ghéabha 62 bliadhain
do shaoghal nádúrtha.



7 - Do cháilidheacht an chomhartha
Cancer in a dtéid an ghrian
ar an 22 do Iune.



Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so
.i. iasc áiridhe dá ngoirthear Cancer, agus atá do nádúir
uisceamhail, fuar, fliuch, banda, oidhcheamhail agus gluas-
achtach; do bhrigh an tan théid an ghrian ann claochluighidh
an aimsir chum taisligh agus fuachta measardha, ionnas go
mbí oileamhanta. Is é is tigh lae agus oidhche don ghealaigh,
árdughadh do Iupiter, díoghbháil do Shaturnus, agus tuitim


L. 136


do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Nume-
dia, Olanda, Noruegia, Selanda, Bithonia, Burgundia,
Scocia, Rhodas, Lidia, Etiopia, Africa, Colgis, agus Phri-
gia. Ar na cathrachaibh .i. Constantinopla, Milano, Pisa,
Luca, Uenecia, Tunes, agus Genoua. Insa Spáin, ar Com-
postela, Lisbon, Granada, agus Barcelona. An fear beir-
thear faoi bí do phearsa mheadhonaigh, súgach agus umhal: cial-
luighidh go bhfuighe saothar taoibh an dlighe, agus go mbia claon
chuige sin agus chum cás duine eile do chosnamh, agus go mbia
ro-chaithmheach. Cialluighidh contabhartacha taoibh uisce,
teineadh, agus iarainn; agus go mbia dána, deaghmheasta.
Cialluighidh dhó mion-aicídeacha, agus go bhfuighe do shaoghal
nádúrtha 73 bliadhna. An bhean beirthear faoi, biaidh
dúthrachtach, deaghghnóthach, obann chum feirge agus chum
teacht as, so-bhuidheach, so-ghrádhach: clann líonmhar agus
buartha umpa. Cialluighidh go bhfuighe tuitim do nidh
árd, agus go bhfuighe neithe foluightheacha acht beag-luachach:
biaidh folláin agus ghéabhaidh do shaoghal nádúrtha 70 bliadhain.



8 - Do cháilidheacht an chomhartha Leo
ina dtéid an ghrian ar an
23 do Iuly.



Is é fioghair thugthar don chomhartha so .i. Leomhan.
Atá do nádúir te tirm go h-iomarcach, feardha,
laetheamhail, comhnuidheach; do bhrigh anuair théid an
ghrian ann bhí an teas iomlán seasmhach, agus is adhbhar
scrios agus críonuighthe do na neithibh fásamhla. Is é is tigh
oidhche agus lae do Sol, díoghbháil agus doilgheas do Saturnus.
Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. cuid do Sicilia,
agus cuid do Apulia, Bohémia, agus cósta na Fairge Deirge,
Caldea, Italia, Grecia, Turcia, Proponto, Alpes, agus
Macedonia. Ar na cathrachaibh .i. Roma, Rauena, Cre-
mona, Usma, Creton, Damasco, agus Praga. Insa Spáin


L. 138


.i. Murcia agus Leon. An fear beirthear faoi, biaidh deagh-
chumtha, sciamhach, mór-chroidheach, díomsach, deagh-labhar-
thach; agus má bheir é féin d'fhoghluim biaidh feasach. Ciallui-
ghidh go bhfuighe árd-chéime agus go siublóchaidh mórán talta;
agus má phósann ghéabha sé nidh re caitheamh taoibh a mhná.
Cialluighidh go bhfuighe buille mór d'iarann, agus contabhairt
taoibh uisce, agus biaidh ádhmhar chum éadáil d'fhagháil, agus
uair éigin inveniet pecuniam absconditam. Cialluighidh dhó
sé h-aicídeacha ar feadh a shaoghail, acht an aicíd is
contabhartaighe díobh i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig
uadh, geallaidh an comhartha so do shaoghal nádúrtha 71
bliadhain. An bhean beirthear faoi, biaidh sciamhach,
droch-mhúinte, láidir, borb: cialluighidh go mbia tinneas
goile uirri, agus go dúlmhar i n-onóir, agus biaidh saidhbhir,
acht bia trócaireach ris na bochtaibh agus tugtha do aicíd
fola agus do mhórán aicíd eile; gidheadh dó so níosa mhó,
agus go nádúrtha ghéabha 71 mbliadhan 'na saoghal.



9 - Do cháilidheacht an chomhartha Virgo
in a dtéid an ghrian ar an
24 do Agust.



Is é is fíoghair nó deilbh tugthar don chomhartha so .i.
maighdean, chialluigheas neamh-thorthacht an talamh an
uair so: atá do nádúir thalmhaidhe fhuair thirm; atá
banda, oidhcheamhail, lionn-dubhach agus coitcheannta don
tsamhradh agus don fhoghmhar. Is é is tigh, ullghárdas, agus
árdughadh do Mercurius, tuitim do Venus, agus dioghbháil
oidhche do Iupiter. Atá stiúradh aice ar na probhinsigh
.i. Grecia, cuid do Phenecia agus Babilionia, Asiria, Meso-
potamia, Cicilia, Rodas, agus Candia. Ar na cathrachaibh .i.
Puma, Paris, Ferraia, Tolosa, Pasencia, agus Coimbra.
Insa Spáin, ar Lerida, Toledo, Auilla, agus Algecira. An
fear beirthear faoi, bí onórach, geanamhail, do cháilidh-


L. 140


eacht onóraigh: cialluighidh go mbia dúthrachtach, cúramach
a na ghnóthaibh agus ag dréim fria árdchéimibh; thairis so
cialluighidh go mbia gnúis-náireach, claochlódhach, agus tar
éis a bheith saidhbhir go dtiocfaidh chum bochtaine móire,
ó gan bheith feasach chum é féin do stiúradh. Biaidh
caol-aicídeacha air go 30 mbliadhna, agus má thig uatha is
é a nádúireacht 84 bliadhna do shaoghal. An bhean
beirthear faoi biaidh sí náireach, dúthrachtach, debhóid:
cialluighidh go dtuitfidh d'árd, agus go mbia easlán: biaidh
dúlmhar cum bheith glan agus geanmnach, agus tiocfaidh chum
bheith anróiteach: cialluighidh tinneas contabhartach ó 30
mbliadhna go 36, agus má thig uadh ghéabha 77 mbliadhna do
shaoghal nádúrtha.



10 - Do cháilidheacht an chomhartha
Libra in a dtéid an ghrian
ar a 23 do Sep.



Is é fioghair bheirthear don chomhartha so .i. meidh dhá
scála, ag ciallughadh cothrom na laethe fris an oidhche
fón am sin; agus an uair théid an ghrian ann, bí an
dara h-equinoxium ann, in ar b'ionnann fad don oidhche
agus don lá. Atá an comhartha so do nádúir an aeir .i.
te, fliuch. Is adhbhar é do theas agus do thaisleach thiugh;
mar sin is adhbhar é an aer do reamhrughadh, ionnas go
mbí díoghbhálach don uile bheathach, agus geinidh sé iomad do
aicídeachaibh. Is é is tigh lae do Venus, tuitim do
Sol, árdughadh do Saturnus, agus díoghbháil lae do Mars.
Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Austria, Casperia,
Bactriana Regio, Tuscia, agus Siria. Ar na cathrachaibh
Ualentia, Lodi, Parma, Gaeta, Uiana, agus Augusta. Insa
Spáin, ar Burgos, Almeria, agus Salamanca. An fear
beirthear faoi an gcomhartha so, bí sé onórach, deigh-
mhisneamhail: tábhachtach in a ghníomharthaibh, claon chum


L. 142


talta coimhightheacha rachas dó níosa fhearr iná a thalamh
féin. Cialluighidh go mbia nidh re caitheamh aige, acht
go bhfuighe bochtaine agus anródh: cialluighidh aicíd dó i
gcionn a 18 mbliadhna, agus uair eile ar 35, agus an chéad
aicíd i gcionn a 6 mbliadhan, agus má thig uatha ghéabhaidh
77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha. An bhean beirthear
faoi, biaidh súgach so-chadartha: cialluighidh go bhfuighe
lot taoibh a chos ó theinidh, agus go mbia claon chum siubhail
for an domhan, agus má thig ón aicíd chinneamhnaigh go
bhfuighe 66 bliadhna do shaoghal nádúrtha.



11 - Do cháilidheacht an chomhartha
Scorpio, in a dtéid an ghrian
an 24 do Oct.



Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. beathach
nimhe ag a mbíonn gath re ndéanann urchóid, amhail agus
mar ghní ren a bhéal, ag ciallughadh mar do théid an
ghrian ann, go ndéan samhlaidh sin, ag adhbharughadh fuacht
agus stoirme, tóirnighe, agus teinntighe. Atá do nádúir
fhlich fhuair, banda, oidhcheamhail agus comhnuidheach, do bhrigh
go bhfuil an foghmhar an uair sin in a neart. Is é is
tigh oidhche agus ullghárdas do Mhars, tuitim do Luna,
díoghbháil agus doilgheas do Uenus. Atá stiúradh ag an
gcomhartha so ar na probhinsigh .i. Scotia, agus ar chóstaibh
na fairge, Siria, Mauretania, Getulai, Capadocia, agus
Iudea. Ar na cathrachaibh .i. Mecina, Padua, Acuileia,
Crema agus Bucsia. Insa Spáin, ar Ualencia, Xatiua,
Segouia, Tudela, Braga, Malaga, agus Burgos. An fear
beirthear faoi, biaidh do dhroch-cháilidheacht; mealltach,
drúiseamhail, sáruightheach, dúbailte i n-intinn, agus bradach;
bia tromdha, muinteardha, milis-bhriathrach gidheadh mailí-
seach. Sed sapiens dominabitur astris. Cialluighidh go
mbia tugtha do thinneas goile, agus in a chlocha, agus go bhfuighe


L. 144


contabhairt taoibh cloiche agus iarainn; biaidh claon chum
talta eile, agus biaidh cealgach, blandarach in a bhriathraibh
agus in a ghníomharthaibh gan fhios do neach eile; agus ní bhiaidh
ro-shaidhbhir nó ro-bhocht: biaidh min-thinneasach, acht
ghéabhaidh go nádúrtha 61 bliadhna do shaoghal. An bhean
beirthear faoi, biaidh muinteardha, acht biaidh sí láidir,
borb, agus cialluighidh habeat cicatrices in maximum periculum
vitae, agus go mbia tinneas goile go ro-mhinic uirre, agus
biaidh easlán, acht go nádúrtha ghéabhaidh 72 bliadhain do
shaoghal.



12 - Do cháilidheacht an chomhartha
Sagittarius in a dtéid an
ghrian ar a 23 do November.



Is é is fioghair don chomhartha so .i. fear bogha ag
caitheamh saighde uadh, ag ciallughadh mar do-ghní an
comhartha an tan théid an ghrian ann, ag caitheamh
fearthanna, cloch-shneachta, tóirnighe agus caortha teintighe
uadh. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm, feardha,
laetheamhail, agus coitcheann don bhfoghmhar agus don gheimhreadh.
Is é is tigh lae do Iupiter, agus ullghárdas; agus díoghbháil
lae do Mercurius. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh
.i. Hispania, Arabia Felics, Scalauonia, Dalmacia,
Heluecia, agus cuid don Liguria. Ar na cathrachaibh .i.
Malta, Auinon, Ierusalem, Asta agus Milan. Insa Spáin,
ar Iaen, Calahorra, agus Medina Celi. An fear beirthear
faoi stiúradh an chomhartha so, bí sé gnúis-náireach, ma-
cánta, ionnraic, sona; cialluighidh go mbia claon le dul
ar fairge, ar a bhfuighe fortún níosa fhearr. Cialluighidh
go bhfuighe díoghbháil taoibh ainmhidhe ceathar-chosach, agus aicí-
deacha i gcionn a seacht mbliadhna d'aois, agus arís ar a 18,
acht má thig uatha ghéabhaidh 67 mbliadhna do shaoghal. An
bhean beirthear faoi, biaidh tostach, crioth-eaglach,
náireach, agus saidhbhir, agus goirfidhthear máthair cloinne dhí;


L. 146


acht biaidh an bhean, agus mar an gcéadna an fear,
claochlódhach, neamhsheasmhach; gidheadh, biaidh siad
trócaireach, coinsiasach. Biaidh aicíd ar an mnaoi i
gcionn a ceithre mbliadhain, uair eile ar a 22, agus uair
eile i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig uatha ghéabhaidh 57
mbliadhna do shaoghal nádúrtha.



13 - Do cháilidheacht an chomhartha
Capricornus in a dtéid an ghrian
ar a 22 do December.



Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. gabhar
bhíos ag dol i n-ionadaibh áirde, ag ciallughadh an tan
théid an ghrian ann go mbíonn ag árdughadh chugainn agus
na laeithe ag dol i bhfad. Atá do nádúir thalmhaidhe,
fuar agus tirm, banda, oidhcheamhail, agus gluasachtach; óir
téid an foghmhar thort, agus tosuighidh an geimhreadh. Is é is
tigh oidhche do Saturnus, árdughadh do Mars, tuitim do
Iupiter, agus díoghbháil do Luna. Atá stiúradh aige ar na
probhinsigh .i. Macedonia, Bauaria, Portugal, Romandi-
ola, Albania, Moscouia, Gedrocia, Tracia, Croacia,
India, agus cuid don Sclauonia. Ar na cathracha .i. Uerona,
Forliuio, Sauoia, Fauencia, agus Constantinopla. Insa
Spáin .i. ar Tortosa, Soria, agus Carmona. An fear beir-
thear faoi, biaidh sé feargach, baoth, bréagach. Cialluighidh
go mbiaidh ag comhrádh fris féin: biaidh sé lionndubhach,
mór-chroidheach, claon chum cogaidh et gaudebit bonis
alienis, et habebit curam de animalibus quadripedibus.
Cialluighidh go bhfuighidh buaidhreadh taoibh causa mulierum,
biaidh easlán agus ghéabhaidh 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha.
An bhean beirthear faoi, biaidh do nádúir shár-chrosta,
biaidh ro-chaithmheach: cialluighidh go mbainfidh ainmhidhe
ceatharchosach greim eisde, agus contabhairt le tuitim
d'árd: biaidh tinn, acht go h-éadtrom, agus do-ghéabhaidh go
nádúrtha 69 mbliadhna do shaoghal.


L. 148


14 - Riaghail astronomic le n-aith-
eonthar comhartha na h-uaire in
a mbeirthear duine.



Chum go n-aitheontar so ní riachtanacht feasta
fioghaireacha nó a macasamhla sin chuige, acht amháin
aire do thabhairt do trí neithibh .i. an chéad nidh, fios an
chomhartha in a mbia an ghrian an lá i mbéarfaidhthear
duine; an dara nidh, fios na h-uaire i n-éirgheann an
ghrian an lá sin; an treas nidh, .i. fios grinn ar an uair
i rugadh é. Tar éis fios na dtrí neithe sin, féachadh ca
mhéad na h-uaire do-chuaidh thort ó éirghe gréine gus an
uair do rugadh é exclusive, (is é sin re rádh, gan an
uair do éirigh grian d'áireamh). Annsin ríomhthar
comhartha leat i n-aghaidh gacha dá uair díobh sin, ón
gcomhartha in a mbí an ghrian an lá sin gus an gcomhartha
na h-uaire in a rugadh é, inclusive; agus ghéabhthar mar sin
comhartha nádúrtha gach duine. Agus i gcás go mbia
uair chorradh ar na h-uaire ó éirghe gréine go h-uair a
bhreith, ríomhthar í ar an gcomhartha eile 'na dhiaidh: agus i
gcás nach dtiocfadh chum uaire iomlán, ná déantar
scrupal de sin, oir ní lochtach an riaghail de sin. Is
urusa gach nidh do thuigsin anuair fhoillsighthear é le
h-eisiomláir: mar sin adeirim an duine do rugadh ar
a 4 do August ar a h-aon do chlog i ndiaidh an mheadhóin
lae, gurab é Scorpio is comhartha dhó (acht deirim an
duine do rugadh i Ualencia) do bhrigh go n-éirgheann an
ghrian annsin ar a 5 do chlog fón am sin, agus ón 5 go a
h-aon i ndiaidh an mheadhón lae atá sin 'na h-ocht n-uaire,
chialluigheas ceithre comhartha; agus mar is insa gcomhartha
leo do bhí an ghrian an lá sin, áirmhim ceithre comhartha
uadh, inclusive, agus is é sin Scorpio.



Eisiomláir eile ar dhuine do rugadh san Eadáile
an 10 lá do October ar an t-aonmhadh déag go leith i


L. 150


ndiaidh an mheadhón lae, agus do réir na riaghla adeirim
gurab é Gemini is comhartha dhó; óir fón am sin
bhí an ghrian insa gcomhartha Libra, agus éirgheann sí
san Eadáile annsin ar a cúig go leith do chlog, agus
ón cúig go leith go h-aon déag go leith i ndiaidh
an mheadhóin lae atá ocht n-uaire déag, chiallui-
gheas naoi gcomhartha, agus is é an naomhadh comhartha
ón gcomhartha Libra an comhartha Gemini adubhramar, agus
is é sin comhartha ceart an duine sin; agus i gcás go
bhfiafróchadh an chúiríaltacht; go dá bhfoghnann na
comharthaidhe sin, nó créad an nádúir do-bheirid? Is
é ar bhfreagra ar sin go bhfuilid coitcheanna agus geinea-
rálta do gach duine beirthear insa mí dá bhfóiridheann;
agus ar son go dtugaid nádúrthacht mhór don tí beirthear
insa mí sin, acht ní bhfuil cuid aige don nádúir do-bheir
comhartha na h-uaire in a mbeirthear é, óir le sin is
fearr measfaidhthear a cáilidheacht agus a nádúir. Tugtar
aire má bheirthear duine roimhe éirghe don ghréin, gurab
don lá roimhe bhaineas sin; óir is le h-éirghe gréine
thosuighid na h-astrologtha ris an lá.


L. 152


An 6 Caibidil



1 - Do éiclips na gréine agus na
gealaighe.



Chum coimhlíonta na h-oibre so, do-chonnarcas
damh trácht ar éiclipsigh na gréine agus na gealaighe le
h-athchomaireacht. Mar sin adeirim gurab é is éiclips
ann don ghréin .i. an tan thig an ghealach idir sinne agus an
ghrian, ar mhodh go scarann solas na gréine rinn, agus
teagmhaidh so le teacht na gealaighe, acht tugthar aire
chum éiclips na gréine gur riachtanacht dhá nídh. An
chéad nidh, an ghrian agus an ghealach a mbeith i n-aon-
chomhartha: an dara nidh a mbeith araon i bponc do dhá
phonc dá ngoirthear caput et cauda Draconis .i. ceann agus
earball an dragúin: mar sin ní theagmhann éiclips
na gréine gach uair theagmhas í féin agus an ghealach a mbeith
i n-aonchomhartha, acht tairis sin is éigean a mbeith
araon i bponc don dá phonc sin; agus do réir foigse nó
fad éiclips na gréine ó na poncaibh sin, bí an t-éiclips
mór nó beag. Is é nidh dá ngoirmid éiclips na
gealaighe .i. an tan shiubhlas an ghealach for scáile an
talaimh, éirgheas go h-árd ó bheith don ghréin don taoibh
eile faoi, agus mar sin go scarann a solas rinn, ó gan
bheith i radharc na gréine dhí, ó bhfaghann sí a solas, agus de
so goirthear an t-éiclips ceart, do bhrigh go mbíonn an
uair so an ghrian agus an ghéalach ós comhair a chéile go
grinn, agus meadhón an talaimh go díreach eatorra; agus mar
sin tig for-mhúchadh ar an ghealaigh, do bhrigh go scarthar
dealradh na gréine fria, is solas dí, le mbeith don
talamh go díreach eatorra. Agus chum éiclips na
gealaighe is riachtanacht dhá nidh; an chéad nidh .i. an
ghrian agus an ghealach a mbeith ós comhair a chéile; agus
an dara nidh .i. an ghrian do bheith i bponc don dá phonc


L. 154


réamhráidhte, agus an ghealach do bheith insa dara ponc.
Agus más mian leat fios d'fhagháil créad an nidh
chialluigheas ceann agus earball an dragúin, adeirim go
measann na h-astronomicthe circulum .i. fáinne nó
compás cruinn san spéir do 12 gráda do leathad, dá
ngoirid Zodiacum, amhail agus adubhramar pag. Agus
for a mheadhón so siubhlaidh an ghrian le na gluasacht
nádúrtha, agus don tslighe sin for a ngabhann goirid
eclyptica de; agus tugthar aire nach dtéid an ghealach
tar an leathad so na Zodiacum amach ar aon chor, do
réir a gluasacht nádúrtha féin; gidheadh, do théid ar
uairibh for chuid don tslighe sin na gréine dá ngoirthear
eclyptica, agus ar uairibh eile for an gcuid eile dhe.
Agus an tan do ghabhas an ghealach ó thuaith go ndeas
gabhaidh sí for an eclyptica, nó mar is fearr le rádh,
gabhaidh for an líne in a siubhlann an ghrian; agus an ponc
sin for a siubhlann an ghealach ó thaobh na líne gus an
taobh eile dhí an uair sin goirid Cauda Draconis, nó
earball an dragúin, de; agus anuair philleas tar a h-ais
ó dheas gus an áird tuaith, gabhaidh for an líne céadna,
agus don phonc sin goirid Caput Draconis, nó ceann an
dragúin, de.



2 - Chum go n-aitheontar na neithe
adhbharuigheas na h-éiclipsigh.



Foillsighthear annso an modh ar a n-aitheontar na
neithe oibrigheas agus adhbhruigheas na h-éiclipsigh so; ionnas
nach riachtanas do dhuine a bheith 'na astronomic chum a
bhfagháil amach. Mar sin, ní fhuil re déanamh acht
féachain cia an tigh nó an comhartha in a mbia an ghrian,
más uirre bhias an t-éiclips, nó in a mbia an ghealach
más uirre bhias, agus biaidh fios na neithe adubhramar aige:
óir más i gcomhartha nó i dtigh Mars bhias an ghrian nó


L. 156

.
an ghealach ar a mbia an t-éiclips, is dearbh (do réir
Ptolomeus Lib.2, cap.7) go noibreocha do réir
nádúir Mars, atá mar luaidheamar ar féin: pag.
Agus más i gcomhartha bhus tigh do phlainéid eile bhias,
oibreocha do réir nádúir na plainéide sin, atá foillsighthe
in a dtráchtaibh féin, agus tugtar aire gurab iad an
dá chomhartha déag tighthe na bplainéidigh amhail agus
adubhramar.



3 - Don aimsir in a dtosuigheann
oibriughadh na n-éiclips.



Ní fhuil do chruadhas annso acht fios grinn ar an
uair i dtosuigheann an t-éiclips do ló nó d'oidhche, agus
fós fad an lae ó eirghe gréine go luighe dhí (dá
ngoirthear an lá saotharamhail), ghéabhthar mar sin an
t-am cinnte thosuigheas oibriughadh na n-éiclips, agus an
fad a mhairid; agus ionnas go mbia so níosa sho-thuigse,
cuirim i gcás go dtáinig éiclips ar an ghréin i gcionn
dá uair tar éis éirghe dhí, agus gur b'é fad an lae sin 12
uair .i. ó éirghe gréine go luighe dhí. Adeirim, maseadh,
go dtosóchaidh oibriughadh an éiclips so i gcionn dá
mhíosa 'na dhiaidh sin; do bhrigh, mar is é an seismhadh
cuid don lá sin dhá uair, is é an seiseadh cuid don
bhliadhain dhá mhí; agus i gcás gurab é fad an lae 10 n-uaire,
tosóchaidh oibriughadh an éiclips i gcionn dá mhí agus 12 lá,
óir is é sin an cúigeadh cuid don bhliadhain amhail agus mar
is é an cúigeadh cuid don lá saotharamhail; dhá uair,
Agus i gcás gurab é fad an lae 14 h-uaire, tosóchaidh
an t-éiclips i gcionn an seachtmhadh cuid don bhliadhain
.i. i gcionn míosa agus 21 lá, óir is é sin an seachtmhadh
cuid don lá sin; agus mar sin ar an ordughadh sin tuig-
fidhthear gach uair eile, más gearr nó fada an lá, ag
tabhairt aire gur ar an nós céadna so tuigthear éiclips


L. 158


na gealaighe fós. Agus chum go dtuigfeá créad an
fad mhaireas oibriughadh na n-éiclips, tabhair aire go
maireann oibriughadh éiclips na gréine bliadhain i
n-aghaidh na h-uaire a maireann an t-éiclips uirre
féin, agus go maireann oibriughadh éiclips na gealaighe mí
i n-aghaidh na h-uaire a maireann an t-éiclips uirre
féin.



4 - An modh le n-aitheontar na
h-áite san domhan in a dteagmhóchaidh
oibriughadh na n-éiclips.



Chum go bhfoillseocha so, féachtar cia an comhartha
in a mbia an phlainéid ar a mbia an t-éiclips, más
grian nó gealach é, agus insna proibhinsigh ar a stiúrann
an comhartha sin oibreochaidh an t-éiclips. Ghéabhthar
eolas ar an gcomhartha i mbia an ghrian gach laoi, agus ar
na probhinsigh, agus ar na cathrachaibh ar a stiúrann gach
comhartha, insan áit ar thráchtamar ar na comharthaidhibh
féin; agus ghéabhthar eolas ar an gcomhartha in a mbia
an ghealach gach laoi insan áit in ar thráchtamar ar an
ghealaigh féin, agus ar na plainéidibh eile. Agus tabhair
aire go dteagmhann do ghnáth éiclips na gréine le
teacht na gealaighe, agus gurab é uair do theagmhas éiclips
na gealaighe anuair do bhíos féin iomlán nó lán.


L. 160


An 7 Caibidil.



1 - Do chailindeoracht eile nádúrtha
na h-aimsire do réir Aristotill,
Plinius, agus Ptolomeus atá
ro-dhearbhtha.



Do na cométaibh, agus dá gcáilidheachtaibh go
geinearálta.



Is é is cométa ann (do réir feallsamhnacha
iomráidhte) .i. deathaighe glan-dhealracha, teodha, tiorma
(dá ngoirthear exhalationes) tarngtar le teas iomarcach
na gréine chum réigiún uachtarach an aeir; agus annsin ó
bheith chomh gar agus sin don eilemeint eile na teineadh, agus
an t-aer dá ngluasacht, lasaidh siad, agus a réir mar bhíos
tiugh nó tana mairidh gan spréidheadh. Cialluighidh na
comharthaidhe so, nó na cométa so, do réir na n-ughdar
céadna, droch-chinneamhna, mar atá cogtha, imreasna,
gorta, dioghbháil, plágha, agus bás prionnsaidhe agus daoine
comhachtacha. Tugthar aire gur do réir foirm agus dath na
gcométa aitheontar na neithe chialluighidh siad, agus na
h-éiclipsigh do réir a ndatha. Mar sin, más dubh an
cométa nó an t-éiclips, agus é dar leat glas-uaithne,
biaidh do nádúir Saturnus; agus mar sin cialluighidh bás,
plágha, fuacht mór, sioc, agus sneachta, aer dorcha, stoirm,
gaotha corr-thuaithbhil, crioth-talamh, díle, agus gorta. Más
bán-dearg an dath biaidh do nádúir Iupiter, mar sin
cialluighidh bás ríogh agus duine chomhachtaigh. Is é foirm na
cométa so a bheith mór, cruinn, agus do ghnúis daonda
mar dh'eadh. Más dearg lasamhail a dath, agus earball
fada uirre, biaidh do nádúir Mars; agus más san áird
shoir a bhias, agus a h-earball suas ós a cionn, cialluighidh
san áird shiar gorta mhór, cogadh, crioth-talamh, díoghbháil


L. 162


uisce, agus scrios cathracha agus ríoghachta. Más ro-bhán a
dath, agus í uathbhásach le faicsin, agus í i bhfogas don ghréin,
biaidh do nádúir na gréine; mar sin cialluighidh
claochlódh tighearnais, díoghbháil do na torthaibh, bás do
ríoghaibh agus do dhaoinibh saidhbhre agus comhachtacha. Más
órdha a dath, biaidh do nádúir Venus; agus má bhíonn a
faicsin cosmhail ris an ghealaigh, agus í gruagamhail, agus ag
fágbháil gaithe 'na diaidh, cialluighidh díoghbháil do
dhaoinibh comhachtacha, nuadhchreideamh, agus go sonnradhach
insna h-áitibh chum a ndeasuigheann sí a h-earball.
Más gorm a dath, nó má bhíonn do iomad datha, agus do
chorp beag le h-earball fada, biaidh do nádúir
Mercurius: mar sin cialluighidh bás phrionnsa mhóir,
siosma, cogadh, gorta, mórán tóirnighe, agus teinteach mar
aon le tóirnigh. Más é dath an airgid is dath dhí, agus sin
níosa shoillsighe iná dath na réalta eile, biaidh do
nádúir Luna .i. do nádúir na gealaighe; agus mar sin
cialluighidh iomadamhlacht na beatha, agus go speisialta má
theagmhann fón am sin Iupiter insa gcomhartha Cancer
nó Piscis; tugthar aire, má chidhtear an cométa san
áird shoir, go n-oibreochaidh go ro-aithghearr insna talta
atá faoi stiúradh an chomhartha le bhfaicfidhthear í; agus má
chidhfidhthear í san áird shiar, oibreochaidh sí níosa
mhoille.



2 - Do na laethibh madramhla, agus don
uair thosuighid agus chríochnuighid.



Do bhrigh go measaim go bhfuil mórán dar maith
fios d'fhagháil créad is adhbhar do na laethibh madramhla
so, nó créad an uair thosuigheann siad agus chríochnuigheann
siad, foillseocham go h-aithghearr na trí neithe sin.
Gheibhthear, maseadh, insa h-ochtmhadh spéir, dhá con-
stellatio .i. dhá chompall do réaltaibh dá ngoirthear


L. 164


Canis Minor agus Canis Major, .i. madra is lugha agus
madra is mó; agus atáid do nádúir Mars. Acht Canis
Minor, in a bhfuil dhá réalt do réir Ptolomeus, atá do
nádúir Mars agus Mercurius. Adeir ughdair oirdhearca
gur b'é Canis Minor is adhbhar do na laethibh so, mar atá
Plinius Lib.18, Cap.28, agus an rí Alfonsus in tabulis
astronomicis, agus leanam-ne dá n-opinion, óir do-chidhmid
gur b'é is foigse do réasún agus do experiens. Eirghidh
an Canis Minor so mar aon ris an ghréin for horizon na
Valencia (ionann horizon le rádh agus an méad
talaimh bhíos faoi chompás radhairc gach duine)
an tan théid an phlainéid sin insa gcéad chéim don
chomhartha Leo, agus do-ghní sin gach bliadhain ar a 24
do July; agus mar sin tosuighid na laethe madramhla so insa
Valencia fón am sin, agus críochnuighid ar an dara lá do
Sep. Is é opinion coitcheann na n-astronomic agus na
liaigh go maireann na laethe so 40 lá .i. an aimsir
chaitheas an ghrian ó éirgheas leis an gCanicula (.i.an
madra beag) go siubhlaidh for an gcomhartha leo
uile. Atá an spás aimsire so chomh géar agus chomh
urchóideach agus sin, ar modh go ndubhairt Hipocrates, ag
tabhairt comhairle do na liaighibh, gan leigheas do
dhéanamh don aois galair fón am sin. Adeir Plinius,
insa stair nádúrtha Lib. 2, go gclaochluigheann an fíon
fón am so, agus go ngabhann na madraidhe mire ón
iomarcach teasa agus tiormlaigh adhbharuigheas an ghrian
mar aon leis an gcomhartha Leo (is tigh díleas dí), agus
leis an gCanicula, fón am so; agus mar sin guidhim gach
duine coimhéad maith do dhéanamh air féin fón am so, agus
a ndóithin uisce do thabhairt do na madraibh, agus snámh
do bhaint asta, chum go gclaoidhfidhe a dteas nádúrtha,
óir bí sin ro-urchóideach; agus go saoraidh Dia sinn uadh
uile. Amen.


L. 166


Clár nó tábla fágtha ar lár. Béarla.



Ag so clár fhoillsigheas an uair thosuigheas na
laethe madramhla insna cathrachaibh so thuas.



4 - Cailindeoracht bhliadhnamhail ar
an lá thosuigheas an Canicula.



Scríobhaidh an t-ughdar Diaferes, más in Aries bhias an
ghealach an lá thosuigheas an Canicula, go mbia san
bhliadhain 'na dhiaidh mórán uisce, beagán cruithneachta,
iomadamhlacht don ola, gidheadh bás áirnéise. Más i
dTaurus bhias an ghealach an lá sin, biaidh an cruithneachta
gann, mórán fearthanna, cloch-shneachta, bliadhain shao-
tharach agus anróiteach. Más i nGemini bhias, biaidh an
t-arán, an fíon, agus na tortha líonmhar; acht biaidh na
h-aicídeacha mar sin. Más i gCancer, biaidh an
cruithneachta agus an t-uisce gann. Más ann a Leo,


L. 168


biaidh cruithneachta, fíon, agus ola líonmhar; na tortha
daor, crioth-talaimh, stoirm fairge, agus díle. Más i
Virgo, biaidh an bhliadhain torthach, an t-uisce líonmhar,
béara na mná torracha clann mharbh roimhe am, agus biaidh
an áirnéis saor-luachach. Más i Libra, biaidh an ola
gann, an fíon líonmhar, meathfaidh an cruithneachta agus na
cnadh fhrancacha; acht biaidh na cnadh coill agus na castáinidhe
líonmhar. Más i Scorpio bhias, ghéabhaidh mórán do na
beachaibh agus do phiastabh an tsíoda bás, aer mí-fholláin
agus beagán don tsíoda. Más i Sagittarius, biaidh an
cruithneachta, an t-uisce, agus an éanlaith líonmhar; acht
ní bhiaidh an áirnéis mar sin. Más i gCapricornus
bhias an ghealach an lá thosuigheas an Canicula, biaidh an
cruithneachta, an fíon, agus an ola, agus gach beatha eile, agus
an t-uisce líonmhar. Más in Aquarius bhias an ghealach,
biaidh an cruithneachta agus an t-uisce gann; acht ní bhiaidh
na piastaidhe dá ngoirthear langosta mar sin, .i. pias-
taidhe ghní díoghbháil mhór don arbhar; agus is conta-
bhairteach plágha na bliadhna sin. Más insa gcomhartha
Piscis bhias an ghealach an lá thosuigheas an mhí mhadramhail,
biaidh an cruithneachta, an fhearthainn, agus na h-aicídeacha
líonmhar, agus mar an gcéadna an fíon; acht ní bhiaidh an
éanlaith mar sin - Sed Deus super omnia.




lgh.170 -180 ar lár. Cláir nó táblaí.


L. 182



5 - Míniughadh ar an gclár so
fhoillsigheas teacht agus lán na
gealaighe go síorraidhe.



Ionnas go dtuigfidhe an clár so go soiléir, is
riachtanach fios d'fhagháil ar an uimhir óir na bliadhna in
ar mian teacht agus lán na gealaighe d'fhagháil gacha mí;
agus féachthar sin san gclár insa gcéad colamhain de
thaoibh na láimhe clé, agus as a comhair sin chum na láimhe
deise, coimhfhreagarach don mhí in a mbia, gheabhthar
teacht agus lán na gealaighe, .i. an lá agus an uair i dtiocfaidh
agus i mbia lán; ag tabhairt aire go gciallann an litir
.M. an mhaidin, agus an litir .T. an tráthnóna, agus go gciallann
.con. teacht na gealaighe ón fhocal conjunctio, adeirthear
amhlaidh sin do bhrigh go mbí an ghealach agus an ghrian
fón am sin i bhfogas dá chéile i n-aon-chomhartha.
Foillsighthear so le h-eisiomláir, agus fiafruighim
ca h-uair thiocfas an ghealach i mí May insa
mbliadhain so 1694; agus adeirim, do réir an
chláir, go dtiocfaidh ar a 24 lá agus 4 huaire
tráthnóna; óir is é 4 an nuimhir óir, agus ós a
comhair sin do-gheibhim an 24 lá agus 4 h-uaire
do mhí May, amhail agus atá sonnruighthe ós a cionn
etc., agus adeirim go raibh an ghealach roimhe sin
lá ar a 9 lá agus 11 uair ar maidin don mhí
céadna, agus mar sin for sna míosa eile. Agus
tugthar aire go bhfoghnann an clár so don domhan uile,
le baint de nó le cur leis difer nó eidirdhealughadh an
mheadhón lae so na Valencia; agus mar sin cuirfeam
sin síos annso ar áitibh agus ar chathrachaibh áiridhe,
chum gur fearrde measfaidhe na talta eile
leo; ag tabhairt aire go gciallann, insa
gclár eile romhainn, an litir .B. buain de, agus
an litir .C. cuir leis, agus go gciallann an líne
so ( - ) leath ceathramhan do uair.


L. 184


6 - Clár do iomad cathrach agus bailte,
insa Spáin agus aiste, dá bhfoghnann
an clár so ar ndiaidh thráchtas ar
theacht agus ar lán na gealaighe.



An clár fágtha ar lár



7 - Riaghlacha astrologthacha ro-
tharbhacha chum foladóiracht
agus leighis eile.



Is riachtanasach ceithre neithe do thabhairt fo deara
chum na fola do tharraing .i. an aimsir, an aois, an gnás
nó an cleachtadh, agus complex an duine. Tairis so adeir
Avicenna gur cóir aire do thabhairt do dhá uair taoibh
na fola, .i. uair riachtanasach, agus uair thoileamhail, .i. an
uair tarraingthear an fhuil chum coimhéada na sláinte;
agus is í uair is fearr chuige sin .i. in aimsir te, mar atá,
tar éis éirghe don ghréin, agus díleaghadh do dhéanamh ar an


L. 186


mbiadh; gidheadh chuige so féin is maith comhairle na
ndochtúiridhe. Is í is uair riachtanasach ann .i. an uair
thig tinneas obann, agus gur faoiseamh dhó an fhuil do
tharraing; mar ata fiabhras géar, pliúrisidhe, etc., nach
bhfanann re fadáil. Acht ag labhairt ar an uair
thoileamhail, adeirim le Ptolomeus in Centiloquio, Verbo
20, gur contabhartach agus ainbhfiosach fuil do tharraing
as an mball i mbia an ghealach ag stiúradh ann.



8 - Riaghail fhoillsigheas an uair is
maith agus is olc Purgóid do ghlacadh.



Is riaghail coitcheanna is gnáthach ag na liaighibh
foghlumtha gan an leigheas scaoilteach do dhéanamh i
dteas iomarcach an tsamhraidh, nó i bhfuacht mór an
gheimhridh, amhail agus adeir Hipocrates in quinto aphorismo,
particula 4.: Sub cane et ante canem molesta sunt
pharmacia, et medicamentorum usus difficilis. Adeir mar
an gcéadna in lib. de aere, aquis, et locis nach maith
leigheas do dhéanamh san aimsir mhórchlaochlódhaigh, mar
atá cauteria, síneadh láimhe, nó leigheas ar bith; agus fós
gan a dhéanamh i n-aimsir na Solstitia agus na n-equinoxia;
agus atá na h-aimsireacha so agus an breathnughadh astrologthach
so ionmheasta, ar mhodh go ndubhairt Hipocrates in lib.
epidemiae, Hujusmodi medicus est qui astrologiam ignorat
nemo, etc., .i. nach liaigh an té bhíos ainbhfiosach insan
ealadhain dá ngoirthear astrologia. Is é is fearr,
maseadh, insa mbliadhain chum purgóide .i. an t-earrach
do na daoinibh neimh-riachtanasacha. Ní maith purgóid
do ghlacadh, nó fós fuil do scaoileadh, an lá thig an
ghealach; agus mar an gcéadna an lá roimhe sin agus an lá 'na
dhiaidh. Ní maith fós purgóid do ghlacadh an tan bhíos
an ghealach i gcomhartha do-ghní athchongnamh, mar atá
Aries, Taurus, agus Capricornus, do bhrigh nach a chongbháil


L. 188


san ghoile gan a teilgean; gidheadh más maith a teilgean,
is é sin am is fearr chum a glacadh. Gach uair bhíos an
ghealach i gcomharthaidhibh uisceamhla, is maith an phurgóid
re glacadh; acht más deoch í, is fearr an ghealach do
bheith insa gcomhartha Scorpio; agus más greim í, an ghealach
do bheith i gCancer; agus más pilliridhe í, an ghealach do
bheith i bPiscis; agus mar sin, má thugthar aire don
ordughadh so, biaidh oibriughadh maith agus folláin ag an
phurgóid agus deagh-shláinte 'na diaidh gan amhras; agus
tugthar aire gurab iad so is comharthaidhe uisceamhla
ann .i. Cancer, Scorpio, agus Piscis.



Lch.190 ar lár. Clár eile


L. 192


<Ó do fhoillsigheamar an t-am is olc tarraing na>
fola, in iomchubhaidh annso do fhoillsiughadh an t-am in
ar maith a tarraing, ionnas go mbiaidh tarbhach agus folláin.
Do lucht an leanna ruaidh, is folláin dóibh a bhfuil do
tharraing an tan bhíos an ghealach insna comharthaidhibh
uisceamhla, mar atá Cancer, Scorpio, agus Piscis: go
speisialta insna 15 gráda déidheanacha dhíobh. Do lucht
an leanna fhinn, is maith an tan bhíos an ghealach i
gcomharthaidhibh teodha nó teineamhla (acht amháin Leo),
mar atá Aries agus Sagittarius. Do lucht an leanna
duibh, is maith an tan bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh
aereamhla (acht amháin Gemini), mar atá Libra agus
Aquarius. Do lucht an leanna deirg, is maith an uile
uair agus an uile chomhartha in a mbiaidh an ghealach, má
choimhéadtar na riaghlacha leighis agus astronomicthe
tugamar cheana.



10 - Breathnughadh Astronomic ar na
h-aicídeachaibh nádúrtha.



Más mian le duine tinn créad is críoch dá thinneas,
féachadh ca mhéad lá do-chuaidh thort ón ló do thosuigh
na laethe madramhla, insa talamh i mbia, gus an lá do
ghabh a thinneas (inclusive), agus de sin baineadh an uimhir
36 gach uair is féidir; agus an corrlach bhias de, féachadh sin
san gclár so rómhainn, agus foillseochaidh an litir atá ós
comhair na h-uimhre sin críoch an tinnis; ag tabhairt
aire go gcialluigheann an litir so (M) an bás, agus an litir
so (V) a bheith beo, agus lacuna litir so (L) tinneas
fada agus saotharach; agus an uimhir ná biaidh litir ós a
comhair, cialluighidh nach feas an bás no beatha dhó: agus
tugadh an léightheoir cúirialta aire don riaghail so.


L. 194



Tábla eile ar lár.



11 - Breathnughadh eile ar an nidh
céadna.



Adeir an t-ughdar Guido Aretinus bainne mná
do rug mac do chur i n-uisce an duine thinn, agus má tháthuighid
sin fria chéile is comhartha dearbhtha go dtiocfaidh ón
tinneas sin; acht má theagmhann a chontrárdhacht is
comhartha báis é.



12 - Breathnughadh eile.



Adeir an t-ughdar Bernardus Granullachs, in sua
cronographia, deor d'fhuil an duine thinn, go grod tar
éis a tarraing, do leigean síos ann a soitheach i mbia
uisce ro-ghlan; agus má théid sin gan spréidheadh tríd an
uisce, is comhartha go dtiocfaidh; acht má spréidheann
for an uisce, agus fuireach ar uachtar, is comhartha báis é.


L. 196



13 - Breathnughadh iongantach oir-
dhearc ar na h-aicídeachaibh nádúrtha
do réir aois na gealaighe, darab
ughdar Nicolas Florentinus .i. liaigh
foghlumtha ro-oirdhearc.



Ní féidir a shéanadh go n-oibrigheann agus go n-adhbhar-
uigheann na réalta agus na coirp flaitheasacha eile claochlódh
mór insna corpaibh daonda agus talmhaidhe; agus mar is í an
ghealach réalt agus plainéid is mó do-ghní sin, ó na beith
níosa fhoigse dhúinn agus níosa chlaochlódhaighe innte féin
iná na réalta eile, adeir ar an adhbhar sin Nicolas
Florentinus, chum go n-aitheontar críoch an tinnis
nádúrtha, dhá nidh do thabhairt fo ndear .i. fios cinnte
ar an lá go ghabh neach tinneas, nó in ar mhothuigh é féin
neamh-shásta do thaoibh an tinnis; agus an dara nidh .i. fios
dearbhtha ar an lá do tháinig an ghealach in a mbia.
Annsin féachadh na laethe do-chuaidh thort ó theacht na
gealaighe gus an lá do ghabh a thinneas, agus ríomhthar iad
inclusive, agus féachadh an uimhir sin insa gclár so romhainn,
agus ós comhair na h-uimhre sin ghéabhthar amach créad bhus
críoch don tinneas sin. Acht tugthar aire, gidh go
ndéan na plainéididhe go nádúrtha an claochlódh so
insna corpaibh talmhaidhe, gur féidir le Dia sin do
thoirmeasc, óir atá uile-chomhachtach; agus, ionnas go
dtuigfidhe so, cuirim i gcás gur ghabh neach tinneas ar a
seiseadh lá do Februarius agus go dtáinig an ghealach ar
a 29 lá do Ianuarius; ríomhaim na laethe sin inclusive,
.i. lá do Ianuarius do chur i gcionn na sé lá do
Februarius, agus do-ghní sin naoi lá. Féachaim an uimhir
sin san gclár, agus gheibhim ós a comhair .i. tinneas trom
neamh-mharbhthach. Le so tuigfidhthear an clár uile.


L. 198



14 - Clár le n-aitheontar críoch an
tinnis nádúrtha.



1. Má ghabhann neach tinneas an lá thiocfas an ghealach,
biaidh i mbaoghal go nuige an 14, 21, agus 28 lá; acht
'na dhiaidh sin cialluighidh sláinte.



2. Annso: cialluighidh contabhairt roimhe an 14 lá; 'na
dhiaidh sin biaidh níosa fhearr.



3. Annso: tinneas aithghearr neamh-shaotharach.



4. Annso: tinneas ro-chontabhairteach go nuige an 21
lá; acht má thig uadh sin biaidh slán.



5. Annso: tinneas saothrach neamh-mharbhthach.



6. Annso: cialluighidh muna raibh slán go h-aithghearr
go mbiaidh tinn saotharach; acht ar a 5 lá don
ghealaigh eile biaidh slán.



7. Annso: biaidh slán go h-aithghearr.



8. Annso: muna raibh slán faoi 12 nó 14 do laethibh,
biaidh i mbaoghal.



9. Annso: tinneas trom neamh-mharbhthach.



10. Annso: contabhairt roimhe an 15 lá.



11. Annso: bás nó beatha go h-aithghearr.



12. Annso: muna raibh slán roimhe an 15 lá, ghéabhaidh
sé bás.



13. Annso: tinneas mór-shaotharach go nuige an 18 lá,
agus má thig uadh sin biaidh slán.



14. Annso: biaidh tinn 15 lá, acht 'na dhiaidh sin tiocfaidh
ar a aghaidh.



15. Annso: muna raibh slán faoi 4 lá, biaidh i gcon-
tabhairt báis; nó, mar adeir ughdar eile, rachaidh
go doras an bháis.



16. Annso: biaidh tinn go nuige an 18 lá agus má tig uadh
sin biaidh slán.


L. 200


17. Annso: má théid tairis an 18 lá, biaidh slán.



18. Annso: muna raibh slán go haithghearr, biaidh i bhfad
tinn agus i mbaoghal.



19. Annso: biaidh slán go h-aithghearr, má ghéabhaidh
deagh-riaghlughadh.



20. Annso: biaidh i mbaoghal go nuige an 6 nó an 7 do
laethibh, agus má thig uadh sin biaidh slán.



21. Annso: muna bhfuighe bás faoi 10 lá, biaidh slán le
teacht na gealaighe.



22. Annso: faoi 10 nó 12 do laethibh biaidh slán.



23. Annso: biaidh slán san mhí eile ar éigean.



24. Annso: muna raibh slán faoi 22 lá, nó le teacht na
gealaighe eile san mhí eile, biaidh i mbaoghal.



25. Annso: muna bhfuighe bás faoi 6 lá, biaidh slán;
gidheadh, le saothar.



26. Annso: tinneas trom contabhartach.



27. Annso: tuitfidh ón tinneas sin ann a dtinneas
eile.



28. Annso: contabhairt roimhe an 21 lá.



29. Annso: as a chéile ghéabhaidh sláinte go fadálach.



30. Annso: tinneas saotharach, acht le deagh-fhritheolamh
biaidh slán go h-aithghearr.



15 - Comhairle tharbhach agus Chríosta-
mhail, iomchubhaidh le glacadh.



Gach uair nach féidir neithe goidtear, cailltear, nó
théid ar seachrán d'fhoillsiughadh go nádúrtha, tré bhrigh
na réalt; agus fós an tan bhíos an tinneas urchóideach, ar
mhodh nach feas créad is críoch; is maith an nidh aghaidh
do thabhairt ar Dhia agus ar a naomhaibh, do bhrigh go dtug
Dia comhachta dhóibh oibriughadh nádúrtha do thoirmeasc,


L. 202


agus foillsiughadh do dhéanamh ar neithe cailltear, goidtear,
agus a macasamhla; amhail agus mar foillsigheadh go minic tré
eadar-ghuidhe an naoimh oirdheirc S. Antoine de Padua,
d'ord S. Phroinsias, do ach deaghchríostaidhe dar
ghuidhe é go dúthrachtach, deagh-mhuinighneach, leis an
Responsorium, agus leis an ortha so, dá ndéan an eaglais
uile úsáid díobh .i. Si quaeris miracula, mors, error,
calamitas, daemon, lepra fugiunt, aegri surgunt sani, etc.,
Ora pro nobis B. Antonii, ut digni, etc. Oremus; Ecclesiam
tuam Deus B. Antonii, etc. Agus adeirim an fhírinne i
nglóir Dé, agus i n-onóir an naoimh, gur minic tarla dam
féin neithe caillte d'fhagháil, tré bhrigh an debhósion sin.
Agus creideadh gach duine mé dá gcluin; ar son, i gcás
nach bhfuighthí na neithe cailltear i láthair, gidheadh bíodh
dhóchas daingean aige go bhfuighthear iad más é is
iomchubhaidh dhó: mar sin ná leigeadh neach de gan a
rádh go minic. Adubhras más iomchubhaidh dhó; oir gidh
gur feas dúinn na neithe iarrmaoid, acht ní feas dúinn
an maith dhúinn a bhfagháil, acht is dearbh gur fearr a
fhios ag Dia ar na neithe is iomchubhaidh dhúinn; mar sin
ar uairibh na neithe iarrmaoid lacuna mbeith
maith, ní thugann Dia sin dúinn, do bhrigh go
mbíd olc dar n-anam; Ar son dar linne go
mbíd maith dar gcorp, mar is dó sin is mó
fhéachamaoid. Amhail is follas mar thárla do mhnaoi
uasail i gcathair na Valencia, ar a raibh aicíd dá
ngoirthear Cancer aimsir fhada go pianamhail: do-rinne
debhósion naoi lá don naomh beannuighthe San Luis Beltran,
d'ord S. Dominic, chum go bhfuigheadh ó Dhia a sláinte.
I gcionn na naoi lá bhí sí slán. 'Na dhiaidh sin do-chualaidh
ó sheanmóntaidhe go madh slighe phrionsapálta chum na
glóire síorraidhe d'fhagháil a bheith fo shaothar, fo anró, agus
fo phianaibh ar an tsaoghal so, i ngeall ar Dhia. Mar
sin do thionscain an debhósion céadna do dhéanamh,


L. 204


chum an naoimh chéadna; dá ghuidhe, má budh ocáid sin
chum na glóire d'fhagháil, an aicíd chéadna do chur uirre
arís. Do fuair a h-athchuinghe, agus i gcionn gearr-aimsire
do-chuaidh do shealbhughadh na glóire. Acht pilleam chum
ar gcomhrádh: ní h-é amháin an Responsorium so S.
Antoine, go bhfóireann chum na neithe cailltear agus
goidtear do fhagháil ar ais; acht tairis sin, fóiridh chum
duine do shaoradh ar anró, agus ar bhochtaine. Atá fós
bríoghmhar i n-aghaidh an diabhail, saoraidh neach ar
seachrán slighe agus intinne, ar bhás, ar lubhra, agus aicídeacha
eile; ar riachtanas, agus ar olcaibh iomdha. Leis an
Responsorium so beirthear buaidh ar na gaothaibh, ar
stoirmibh mara agus tíre; agus fós boill na ndaoine bhíos
creapailte d'easláinte, scaoilid go míorbhaileach.
Tabhair aire don iongantas so atá neamhghnáthach .i. go
dtugann an eaglais cead don uile dhuine míorbhailtidhe
d'iarraidh ar Dhia trés an Responsorium so; amhail agus
mar adeir na céad trí focailde, dá rádh: Si quaeris
miracula. Is uime thráchtamar air so d'éantoisc, ionnas
nach dtairgfeadh neach, chaillfidh nó ó ghoidfidhe neithe,
buaidhreadh do chur ar na h-astronomicthibh fá fhios do
dhéanamh dóibh, nó fioghair do thógbháil le na n-ealadhain,
chum sin d'fhoillsiughadh; do bhrigh go mbíd sin neamh-
thairbheach, agus fós gurab adhbhar drochbharamhla, cointinne
agus mí-chlú é; amhail agus mar admhuighid na h-astronomicthe
féin, agus mar dhearbhas an t-experiens dúinn, faredh gur
fiadhnaise mé féin air sin.


L. 206


An 8 Caibidil.



1 - Do iongantasaibh eile na geal-
aighe. Do thaoibh na gcomhartha agus na
céad tóirnighe na bliadhna.



Má theagmhann an chéad tóirneach don bhliadhain
anuair bhíos an ghealach insa comhartha Aries, biaidh na
luibheanna agus an féar líonmhar. Más i dTaurus bhias
an ghealach leis an gcéad tóirnigh, biaidh na cnuic níosa
thorthaighe iná na h-ísle, agus an talamh tirm níosa fhearr
iná an talamh fliuch; agus biaidh na caoirigh líonmhar agus an
fíon. Más i nGemini bhias an ghealach an tan sin, biaidh
an t-arán agus an t-uisce agus an clochshneachta agus an pis
líonmhar, acht ní bhiaidh mar sin an éanlaith. Más i
gCancer bhias, biaidh gorta agus comhghluasacht insna
puiblidheachaibh faoi stiúradh an chomhartha sin, agus déanfaidh
piastaidhe díoghbháil don arbhar agus do na torthaibh insna
talta ísle, agus biaidh an t-uisce líonmhar. Más i Leo,
biaidh imreasna idir ríoghaibh, biaidh an bheatha daor, agus
ghéabhaidh daoine prionsapálta bás san mbliadhain sin.
Más i Virgo, biaidh námhaid líonmhar agus na spídóiridhe, agus
ghéabhaidh mórán don mhór-áirnéis bás. Más i Libra,
biaidh tosach na bliadhna tirm, agus a deireadh fliuch, agus
biaidh an bheatha daor. Más i Scorpio, biaidh an fíon
líonmhar, ghéabhaidh mórán don iasc agus do na caoirchibh
bás, agus caillfidh na mná clann marbh roimhe am a mbreith,
agus ní theastócha gaotha tréana agus neartmhara an bhliadhain
sin. Más i Sagittarius bhias, biaidh an t-uisce
measardha agus tarbhach, na tortha gann, agus siosma líonmhar
idir lucht éin-tighe agus éan-bhaile. Más i gCapricornus
bhias an ghealach, biaidh na daoine lionn-dubhach agus plágha
insna talta atá faoi stiúradh an chomhartha sin. Más i
n-Aquarius bhias, biaidh an t-uisce líonmhar, buaidhreadh


L. 208


agus uathbhás insna puiblidheacha, agus gaotha olca easlána.
Más i bPiscis bhias an ghealach leis an chéad tóirnigh na
bliadhna, biaidh an aimsir an-tirm, agus sioc mór in a am
féin; an fíon líonmhar, na tortha gann, agus na h-aicídeacha
neamh-urchóideach. Tugthar aire gurab insna talta atá
faoi stiúradh an chomhartha in a mbia an ghealach leis
an gcéad tóirnigh teagmhócha na neithe so níosa
phrionsapálta.



2 - Teagasc tarbhach don lucht
saothair.



Chum go mbia lán toradh ag na fir tighe do thaoibh
a saothair, tugaidís aire an síol agus na pórtha do chur le
fás na gealaighe, agus an tan do bhiadh insna comharthaidhibh
Taurus, Cancer, Virgo, Libra, agus Capricornus; agus do-
chídhfid toradh éagsamhail dá thaoibh sin.



3 - Seicréid chúirialta agus ionmholta
don lucht saothair.



Chum go n-aitheontar, ó bhliadhain go bliadhain, cia
an sórt do ghrántaibh bhus líonmhaire agus bhus tar
scríobhadh ughdar áiridhe, mar
adeir Samoranus in a leabhar go lacuna ag iarraidh trí
nó a ceathair do ghráinínibh do chur do gach sórt gráin i
dtalamh maith agus tais, mí roimhe na laethe madramhla; agus
an grán is fearr thaisbeánas é féin ar an gcéad lá do
na laethibh madramhla, is é sin is fearr le cur, agus bhus
líonmhaire an bhliadhain sin dar gcionn; agus an grán is
measa thaisbeánas é féin, agus is críne fhásfas ar an lá
céadna, is é bhus lugha toraidh an bhliadhain sin.



Críoch

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services