Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donnchadh Ruadh Mac Conmara

Title
Donnchadh Ruadh Mac Conmara
Author(s)
Mac Conmara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1810
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1933)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA GHIOLLA AN AMARÁIN.



Roinn a hAon



Do riarfainn sceól dom chomhursa ar éanrud
I mbriathra beóil do b'eól do chéadta,
Ar Bhrian Bóirmhe, ar shlógh na Féinne,
Ar chliar mhic Lóbuis, fós a ghaolta,
'S níor chóra dham teacht thar dreas dá saothar
'Ná ar nódhacht do bhain dam d'easbhaidh an tsaoghail seo,
De bhrígh go rabhas-sa gann fí ghréithre
'S gur fríoth go fannlag dream na hÉireann,
Gan chíos gan chabhair acht speannsus bréige
'S dá gcíoradh ag clann na ngall so is tréine.
Ag múineadh scoile do b'obair dom laethibh,
'S a rún don phobul go mb'fholamh an chéird sin.
Ins an oidhche im luighe 's me im aonar,
Dam seal ag smaoineadh ar íde an tsaoghail,
Ag caitheamh mo bheathadh gan earradh gan éanrud,
'S go mb'fhearra go fada bheith tamall mar mhaol bheag
I gcomhar na gcapall nó ag cartadh na cré seal
Nó ag ól bhainne i dtigh M'leachlain Uí Mhaona,
Nó fós go rachainn as talamh na hÉireann
'S go mb'eól dam sealad do chaitheamh im chléireach,
'S go rachainn fí sheól le feóithne ar séide
Go Sasana Nódh má's dóith go mb'éidir.


L. 22


Ar dteacht do mhaidean do phreabas go héadtrom
As mo leaba le taithneamh an scéil seo,
Beirim ar mhaide 's ní stadfainn ar éanchor,
Is feilc ar mo hata san bhfaision is faobhar air.
Déantar jackets bheag ghearra le sméide,
Is léinteacha breaca go barra mo mhéara.
Do chuir me slán lem cháirde in éinfheacht
'S ag cuid níor fhágas slán le foiréigean,
Dá gcasadh gan árthach ad fhagháil in Éirinn
Dorachainn thar sáile in áit nár bhaoghal dam.
Fiadhain ar ghlacas ó mhaithibh sin Phaorach
A liacht beathadh mion-earradh agus gréithre
Dothug an pobul i bhfochair a chéile
Chum ár gcothuighthe i gcogadh nó i spéirlinn,
Stór ná caillfeadh suim de laethibh
Agus cófra dhoimhinn a dtoillfinn féin ann;
Dobhí seacht gclocha 'e mhin choirce ghlan-chréithre ann
Is dríodar crochta na loiste le chéile,
Is lán an bharaille b'fhearra bhí in Éirinn
De phrátaí leathana d'eagla géarbhroid;
Dobhí seacht bhfichid ubh circe agus éanla ann
Le haghaidh a n-ithte chomh minic 's ba mhéin linn;
Cróca n-ime do dingeadh le saothar,
Spóla suille ba thruime 's ba mhéithe;
Dothugas ceaig leanna ann do lasfadh le séide
Is chuirfeadh na mairbh 'n-a mbeathaidh dá mb'éidir,
Leaba agus clúda i gciumhais a chéile
Ceangailte ar dhrom mo thrúnc le téadaibh;
Bhí bróga istigh ann, wig is béabhar
Agus stór mar sin anois ná déarfad.



Go Portláirge dhen stáir sin téighimse
Chomh farránta le Conán na Féinne;
Glacaim mo lóistín bórd bídh is féasta
Fairis an ógmhnaoi ba chóraighe in Éirinn.


L. 23


Dobhí sí fáinneach fáilteach, tréitheach,
Ba chaoin deas sásta an drawer le glaedhach í,
Ba ghleóidhte, b'aibidh, ba ghasta, ba néata
d'inneósadh eachtra, startha agus scéil duit,
Ní ghlacfadh sí faladh ná fearg go héag leat
An feadh bhraithfeadh sí airgead agat gan traochadh,
'S i gcúrsa mná ní thráchtaim éanrud,
Acht cúis mo gháire fáth a sméide;
Dorinn sí mo chlú dá mb'fhiú mo shaothar,
Do chuireadh sí im chúl-sa púdar gléigeal,
Bhíodh deoch ar maidin 's me im leabaidh dá gléas dam,
Ó bhun go barra 'sí bhearradh go léir me.
Ba mhuar é m'iongantus a soineantacht féile
Is cruadhas a muime chum pingne dh'éileamh,
Ní mhaithfeadh a máthair cárt ná braon dam
Go gcaithfeadh sí an táille dfhagháil gan phléidhe uaim.



Dfhanas 'n-a bhfeighil sin suim de laethibh
Ag fuireach le luing doraghadh as Éirinn.
Bhí Captaein Ailin, fear meanmnach, aerach,
Ag teacht don mbaile 's níorbh'fhada gur réidheas leis.
Gléasam orm go hobann le féirsce -
Me féin 's mo chostus ar sodar in éinfheacht.
Chuadhas don Phasáiste ar ghearrán le caraeire,
Is ualach scadán 'om mheádhachan ar thaobh de.
Dochuaidh mo chófra ar bórd go héascaidh,
Is uaisle an phóirt ag ól gan traochadh.
Dfhiafradh go haibidh an labhrainn Béarla.
'S dfhéadas a bhfreagairt i Laidin ar éigean.
Níorbh'fhuláir dam m'ainm do thabhairt don chléireach,
Is Mac Namara chuir tarsna sa DayBook.
B'éigean mo chófra sheóladh ar thaobh dhíom
'S me ag éisteacht ceóil is spóirt in éinfheacht.


L. 24


Scaoiltear seólta ar nóin do Phoébus,
Dobhí Aeólus leó agus Thétis;
Scinnid de phreab amach san tréanmhuir,
Druidid abhfad i dteas na gréine.
Níorbh'fhada gur ghoill ar chloinn sin Mhaonuis
An fhairrge dhoimhinn is radharc na spéire,
Bhí meacain is meadhg ag Tadhg Ó Laoghaire
Is ní bhlaisfeadh sé greim le treighid ná braon de;
Bhí Caoilte Ó Caoimh ag caoineadh a chéile
'S ní bhfaghadh a chroidhe bocht scíth ar éanchor.
Bhí buachaill Uí Leathlabhair ag altughadh a bhéile,
'S cé bhuail é san leathshúil acht Calbhach is scéird air;
Bhí Gearailt is Tiobóid is Gearóid ar saothar
Ag tarraint mo phlocóide in onóir na scléipe;
Gur dhearbhuigh Diarmuid thiar go faobhrach
Ná mairfeadh a dtrian le triall ar Éire.



Sin mar do chaitheadar tamall go taomnach,
Tuirseach, atuirseach, treascartha, traochta,
Is bíodh ar mh'fhalaing nár thaise dham féin sin -
Sínte tarsna chomh aindeis le héinne.
Dfhanas im mhart gan phreab gan faothamh
Mar a bheadh sac gan fead gan glaodh ionnam:
Mo chreach fhada, ní magadh ba mhéin liom,
Im chleas margaidh 's im lastram aonaigh;
Ba mhinic é m'iarraidh ar Dhia, dá mb'éidir,
Stoirm dár bhfiaradh aniar go hÉire.
B'fhearr 'ná a bhfeaca de mhaitheas an tsaoghail
Is é dfhagháil, cé fairsing, is a raibh i dtaisce ag Croesus,
'Ná an lomradh órdha thóg mac Jason,
'Ná sochar na Scótach is mhór-Dháilréada,
'S dá bhfaghainn 'san imirt an fhinnebhean Déirdre
Ler cailleadh clann chumusach Uisneach na dtréan-each,
Nó ar dhearmad Seóirse i bhFlóndrus de ghréithre


L. 25


Ag teacht ó n-a nómhaid go Hanover ar éigean.
A ndeirim do thabhairt mar mhalairt le buidheachas
Ar bheith sa bhaile nó i gcalathphort éigin,
Ar bheith san mBarúnaigh 'om neartughadh idir Ghaedhlaibh
Ag reic mo cheathramhan 's ag smachtughadh mo thréada,
Nó fairis an sagart tug teagasc go séimh dam
Is blaise na leanna go fairsing gan éileamh,
Nó ar Sliabh† geal †gCua rug buadh na féile
Ag riar lucht duanta druadh, 's a gcléirigh,
Farra Uilliam Ó Moghráin fonn-árd léigheanta
Do chanfadh seanndán os ceann chláir m'éaga.



Roinn a dó.



In a dtráchtfam an iongantas ádhbhalmhór i módh aislinge aineólachuis
le hAoibheall na Craige Léithe, ar ndul san áit a ráidhtar
Elysium, ar gach radharc annsúd, ar thairngreacht Chonáin, ar
theacht as an áit réamhráidhte, ar theagmháil le luing Franncach, ar
an gcath do fearadh idir an dá luing, ar a chasadh abhaile, agus ar
a ghuidhe féin chun Dé fá dheóidh.



Ar lár mo smaointe is m'intinn traochta
Dotháine an tsídhbhean mhíonla mhaordha,
A cuacha scaoilte síos go féar léi,
A gruadh mar chaor ag suidheamh a scéimhe;
Ar íoghair a pearsan a d'aithin me ar éigean
Aoibheall chleasach na Craige Léithe.
Do tharraing an fháidhbhean mhánla léi sinn
Gur stadadh linn láimh le báinsigh réidhtigh:
Chonnacas uaigh n-a ngluaiseadh gaoth as,
Sceach ar a bruach leathstuas is fraoch glas.
Do mhachtnuigh me an cás go hárracht éadmhar,
'S cé an t-achrann fáin 'n'arbh-áil léi mé chur.
Dothug go haibidh sí freagra in éiric: -


L. 26


"Ná cuireadh beart ar bith fearg ná fraoch ort;
Ná déin iongantas de nidhthibh an tsaoghail;
Ná tréig mise go bhfillead, 's ní baoghal duit;
Radharc ná fuair fir Thuadhmhan is léir
Go bhfaghairse uaimse is luach do shaothair."



Buailimíd i ngeimheall a chéile
'San uaigh sin síos ar shoillseadh an lae ghil,
Go bhfeacamair uainn ann cuanta is géar-mhuir
Is Acheron fuar ag gluaiseacht taobh linn;
Seo an t-eanach 'n-a ngabhaid an dream so éagann,
Gach anam is samhail i ngeall a daorthar.
Na mílte ceann bhí ann go déarach
Ná fuigheadh dul anonn tar abhainn le réidhteach:
Ní hionann mar thuiteann ó Virgil le hAenghus -
Gur le huireasbha a gcurtha ar an tsaoghal so.
'S é chloisinn dá rádh ag lucht ráidhte is léighinn
Gurab é duine bhí i mbád ann Cháron méirscreach:
Adeirimse leó gur dóibh is bréag san, -
Acht cleithire mór de phór na hÉireann.
Dochímís i seanbhád thu dá tiomáint go saothrach
A dhíthreabhaigh ghalánta, a Chonáin na Féinne.
Dobhí croiceann dubh fóisce ar a thóin mar éadach
'S ní beag linn go deó air mar chomhartha an méid sin.
Ní thabharfadh Sasanach tarsna gan réal gheal
'S ní labharfadh dada acht Laidean nó Gaedhilg!
Nuair chonnaic sé Aoibheall bhinn is mé aici
Crothann a mhaoil 's ba scíosmhar a fhéachain;
Adubhairt mar tharbh go feargach, faobhrach: -
"A chrústa mhalluighthe, a chaile 's a mhéirligh,
Is dána thugairse duine i gcruith dhaonna
In áit ná tigeann éinsciolla dhen chré ar bith;
Dá mb'fhiú liom mursantacht cumuis do dhéanamh
Do rúiscfinn tusa is do ghiolla mar aon leat!"
"Fóill, a churaidh" ar an mhiochardha mhaordha,


L. 27


Tóg do chuthach is glac iomachur réidhtigh;
Duine gan bhuairt dofuair mé i ngéarbhroid
De chineachaibh uabhair is d'uaislibh Éireann."
Dorug an macámh ar bharr mo mhéara
'S dorinne sé gáire ós árd is béiceach;
Le fuaim a ghutha do chritheadh na spéartha
Go gcuala an chruinne é is chuir ifreann géim as!



Téigheam thar sruthán sa churrachán chaol dubh
'S déanam an t-aithghearr gnuig cnocán beag aerach
Go rángamair eanaighe is geataí gan éanghlais,
An áit a mbíodh maistín ag glamghail gan traochadh.
Níor bhréag do Virgil adeireadh 'n-a bhéarsa
Gurab é seo Cerberus theipeadh an réidhteach.
'N-a chodladh bhí ar cheartlár an chasáin 's gan fé sin
Acht soparnach phiseáin 's é ag srannán 's ag séide:
Dorug an fear fóirnirt de phór na hÉireann
Go dubh ar a scórnain le fórsa a ghéaga;
Níor leigeadh don mhadra feacadh ná staonadh
Gur ritheamair thairis fí eagla ár ndaethin.
Níor fhanadh linn go barra an chnuic den réim sin,
Mar ar stadamair ag machtnamh 's ag féachain;
Gur amharcas uaim ann sluagh ar gach taobh dhíom
Ag tarraint magcuairt 's ag ruagadh a chéile.
Adubhairt linn suidhe go n-innseadh éifeacht
Is cunntus díreach buidhne is béasa.



"Féach-se thall uait clann Gadelus"
Ar sé "agus bantracht modhmhail na hÉireann
An bhfeicir fir ghroidhe na Traoi 's na Gréige,
Hector 's a chloidheamh ag maoidheamh a thréithe,
An seanduine Anchises a chríon le léithe,
A mhac le n-a thaoibh 's a shínsear éachtach?
An gcloisir an glór so ag slógh na héigse
Ag seinm a gceólta is spórt is pléidhe aca?


L. 28


Horace ann ag mealladh shuilt Mhaecenas
'S dá ngearradh san gan lagadh ar bith le géire
Óvid 'n-a shuidhe ar bhínse féir ghlais
'S a nóta scríobhtha síos chun Caesar,
Juvenal 's a phionn idir a mhéara
Is domblas mar dhubh aige is géirnimh;
Aodh Buidhe Mac Cruitín as Éirinn
'S é ag filidheacht go guib-bhinn i nGaedhilg -
A bprionnsa san go ceannsa i suilt - dá mbréagadh
'S fonn a ghuib go dtabharfadh duine ón éag leis!
Atáid annsúd, uch! trúip na Féinne
Go hárracht, lúdrach lúbach léidmheach,
Uch! a Fhinn Mhic Chumhaill a chionn na Féinne
Dá mbeinnse is tú 'n-ár ndúthaigh ghaolmhair.
Dothabharfimís abhaile arís an faraire Séarlus
'S bheadh cabhair dhó i nAlba nó mealladh me, 's in Éire.
Machtnuighse Liútar d'iompuigh an téarma
'S Calbhin 'n-a gcrústa ag cúbhradh méithris;
An t-ochtmhadh Hannraí 's a bhainríghin bhréagach
Crochta i mbrannraí a' slabhraí daora.
Iad so atá scaoilte is chír gan éanghlas
Béarfar arís go ríoghacht Mhic Dé isteach!
Imthighse abhaile," ar an faraire tréanmhar,
"A dhuine seo thagann mar theachtaire as Éirinn
Is fada bheidh síolradh mhíntais Shéamuis
Fí cheannus 'n-a rígh ag díonadh bhur ngaolta,
Go n-éirighe plannda 'e sheann-tsliocht Éibhir
A dhéanfas conncus i ngeall ar éigean,
A bhainfeas an choróin de Sheóirse an éithigh
Is leanfa go fóill de phór Mhilésius.
Seachainse an t-olc do loit síol Éabha,
Gaibh paidear is troscadh is cros Mhic Dé chughat,
Bí déarcach carthannach, ar lasadh le daonnacht,
Is réim i bhflaitheas dogheabhair má's féidir.


L. 29


Rachadsa ar siubhal, tá liugh agus glaodh orm
An aicme seo Liútair bhrughadar m'ae ionnam;
Do mhairbh an Frangcach an domhan 's an saoghal díobh
'S caithfeadsa a n-iomchur anonn don taobh so."



Go rófhada sceinn óm radharc den léim sin
Gur thóg Aoibheall íogair léi me.
Thángamair annso aníos i gcoinghíoll nách léir liom,
Mar sáidhtar coinín as poillín le spéice;
Gan stad, óm smúit do mhúscail mé annsan,
Mo leaba fúm, mo thrúnc is m'éadach;
Is amhlaidh bhraitheas me tarsna gan éinphreab
'S an long ag tarrint ar Shasana ar foiréigean;
'S é chráidh mo chroidhe nuair smaoinigh mé annsan
Gach gábha ar ghabhas tríd gur thaidhreamh bréige é!



Níorbh'fhada gur labhair an long "A sail, a sail,
The hammocks all down, odzouns she'll take us"
Frigate bheag Fhrangcach lom mhear ghléasta
Chuir sinn i bponnc fí scannradh ár ndaethin:
Caitheann sí urchar fí imeall ár n-éadain
'S a dathad glan-ghunna dá leigean gach féile;
Go mb'éigean dúinn casadh chomh tapa 's do b'éidir
'S pé againn ba mheathta chun reatha bheith fé dhe.
Mar a bheadh cúrsa cú agus girrfhéidh aici
Dá chasadh i ngach ponnc 's an cúpla ar saothar
Go gcaithfeadh sí stad le neart bheith traochta
Ba mar sin ár gcath-na teacht ar éigean.
Do marbhadh fiche d'ár bhfuirinn san scléip sin,
Ní áirmhim tuilleadh do milleadh bhí créachtach.
Do chailleamair triúr i dtúis an lae ghil,
Bhí gearradh agus brughadh ar chúig fhear déag díobh,
Chuaidh urchar i ndailtín an chaptaoin 's níor léan liom,
Do ghoid sé mo chaipín is níor dhanaoid leis maol me.
Rángamair an Pasáiste go batrálta tréithlag


L. 30


'S thángas-sa go Portláirge ar cosanáirde im aonar.
Ar luing faid mhairfead ní rachad má fhéadaim
Mura raghainn le bata nó ceangailte ar théada.
Mar bharra ar gach nídh le Críost bíodh buidheachas,
A Chara bí 'om dhíon, a Rí ná tréig sinn,
Tóg-se t'fhearg dhínn, neartuigh is saor sinn
Fóir ar ár n-anam - sin agaibh mo scéalta.


L. 31


BÁNCHNUIC ÉIREANN ÓIGHE.



Moladh dorinne Donnchadh Ruadh agus é i dTalamh an Éisc ? 1745.



Beir beannacht óm chroidhe go Tír na hÉireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Chum a maireann de shíolrach Ír is Éibhir,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe
An áit úd nur bh'aoibhinn binnghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoine Gaedhal,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
Ó bhánchnuic Éireann Óighe.



Bíonn barra bog slím ar chaoinchnuic Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
'S is fearra 'ná an tír seo díogha gach sléibhe
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Is árd a coillte 's is díreach réidh
'S an bláth mar aol ar mhaoilinn géag,
Tá grádh im chroidhe is im intinn féin
Do bhánchnuic Éireann Óighe.



Ní fhaicim a gcóraidh ag gabhóil san taobh so,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Ní fhaicim a mbólacht dá treór chum féir ann,
Bánchnuic Éireann Óighe
Acht barca dá seóladh le fóirneart gaoth,
Is fairrgí móra go deó le n-a dtaobh,
Go bhfaiceathar fós me im chóige féin -
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.


L. 32


Tá gasradh líonmhar i dtír na hÉireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Dfhearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh céadta,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
M'atuirse chroidhe! mo chaoine géar!
Iad ag gallaphoic síos fé ghreím, mo léan!
'S a mbailte dá ríomh fé chíos go daor -
Bánchnuic Éireann Óighe.



Is fairsing 's is muar iad cruacha Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe;
A cuid meala agus uachtair gluaisid 'n-a slaoda
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Racha mise ar cuaird nó is luath mo shaoghal
Don talamh bhig shuairc is dual do Ghaedhil,
B'fhearra liom 'ná duais dá uaisleacht é
Bheith ar bhánchnuic Éireann Óighe.



Scaiptar an drúcht ar gheamhar 's ar féar ann,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe,
Is tagaid ann ubhla cúmhra ar ghéagaibh,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Biolar is samhadh i ngleanntaibh ceóidh
'S na srotha sa tsamhradh ag labhairt ar neóin,
Bíonn maise gheal is clú i gcúilfhinn óig
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.



Is oscailte fáilidh an áit sin Éire,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Bíonn toradh na sláinte i mbarr na déise
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Ba bhinne 'ná méara ar théadaibh ceóil
Ag seinm liom géimneadh a laogh is a bó,
Bíonn taitneamh na gréine ortha, aosta is óg
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.


L. 33


SEO SCÉALA TUG DANAID IS DEÓRÁN



An aithnid díbh Séamus is Seán Óg? -
Aicme den chléir sin do ghráidh ceól -
Fear díobh ó shléibhtibh
An bhaile nach aeirde
'S an neach eile ón gCé sin na mbád seól.



Ní feasach a samhail i réim fós
Ó Eachdhruim Uí Cheallaigh go Léid Mhór
Le canamhain Réquiem
Mar ghabhtar ar aonach
Gan gamut gan aon lá ná ré sóh!



Is mairg don té sin bheadh láimh leó
Cailleamhaint a éisteacht' ba dháil dó
Le searbhas béice
'S a leathar á réabadh
Iar gcaitheamh an féasta bhí in Áird Mhóir.



Ba mheasa liom caodhan bocht i mbás bróin
Gur mheasadar éag dhó, cé tá beó;
Dar leabhar na nGréagach
Do b'fhearra dhóibh éisteacht
'S gan cantain a dhéanamh le cnáid spóirt.



A chara na n-éigeas nár stán fós
Ón gCarraig sin taobh linn is sámh neóll,
Smachtuigh an chléir sin
Let theangain i bhfaobhar
Nó geallaim go dtraochfar an dáimh leó.



Ní héistfeadsa ar mh'anam, it phórpháirt,
'S ní ghéillfead dá gcleasaibh go deó it dháil,
Acht ag céasadh is ag casadh
Ag aoradh is ag gearradh
Gach cléireach do mhasluigh do mhóráil.


L. 34


Taom agus taise agus tóchtán
Déirc agus paca ar a thómpán,
Gan réal ina spaga
Gan chléireach gan chapall
Ag an té rinn an magadh le róphráisc.



Donnchadh Ruadh dá fhreagairt: -



Seo scéala tug danaid is deórán
Daorchnead is peannaid im mheadhónlár -
An t-aenfhear do b'fhearra
Bhí in Éirinn de shagairt
Ag cléir 'n-a stoc magaidh is mórchnáid.



Léigheann agus cantain is beólrádh
Gan éanchuid do chaitheamh acht lón gearr,
Daorghuth 'n-a mhainistir
Ag éileamh an airgid -
Thraoch an fear calma ar comhlár.



Réabadh agus cnapadh agus dórnfhásc,
Tréadhnas is faire agus órdchrádh,
Gan spéis insan mbeatha,
Gan braon acht go hannamh
Bheir éigse na Seanmhagh ar tógáil.



Do b'éidir, má mhaireann sé beó um Cháisc,
Go ndéanaimís easpog de Thómás,
Chomh naomhtha le haspol
Na hÉireann do thaistil
Tar Thétis dár dteagasc ón Róimh áird.



Glaodhaim agus gairim thú ón mbás,
Ná tréigse do charaid go fóill tráth
Ná héirg go Flaitheas
Na naomh is na n-aingeal
Gan éiric it mhasladh fé dhó dfhagháil.


L. 35


Bhí tréimhse fé rachmus ag Tómás
Le tréine le gaisce is le sólás,
Níl éinne ina mhalairt
Do léimfeadh i ngealtaibh
Chomh éadtrom chomh tapaidh ná chomh árd.



Éirigh go haibidh d'aindeóin chách
Dom bréithir ní heagal duit fós bás,
Nuair is méin leatsa freagairt
Go haolbhrog na bhFlaitheas
Beidh céadta dár n-aicme-na it chomhdháil.



Glaodhfimíd caibidil cór dámh
Agus déanfimíd salma ar nós Dáth;
Réidhfam a ghlasa
Le Réquiem na marbh
Agus éigse na Banba i ngeóin-gháir.



Taoscfimíd cannaí agus córnáin
Den aon digh is fearra tig ón Spáinn,
Saorfimíd a anam
Mar dhéinid na sagairt
'S is craosach a chanfimíd crónán.



Beidh a shaothar i leabhraibh fós lá,
'S a réaltan ag taitneamh um nóin, tráth;
Éistse le hatuirse
Is éigean do charad -
Na Gaedhil bhochta is fada fé dhólás.



Ná héimigh a gceasta ná a n-óráid
Acht aontuigh fear Shacsan do rórchádh,
Ná taobhuighse sagart
An éisc is an mhagaidh
Ná an cléireach ón mbaile nach róárd.


L. 36


As I was walking one evening fair
Is me go déidheanach i mBaile Sheáin,
I met a gang of English blades
Is iad dá dtraochadh age n-a námhaid;
I sang and drank so brisk and airy
With those courageous men of war -
'S gur bhinne liom Sasanaigh ag rith le foiréigean
'S gurbh'iad clanna Gaedhal bocht a bhuaidh an lá.



I spent my money by being freakish
Drinking, raking and playing cards -
Cé ná raibh airgead agam ná gréithre
Ná rud san tsaoghal acht nídh gan áird;
Then I turned a jolly sailor,
By work and labour I lived abroad,
Is bíodh ar mh'fhalaingse gur mór an bhréag san
Is gur beag den tsaothar a thuit lem láimh.



Newfoundland is a wide plantation,
'Twill be my station before I die;
Mo chrádh go mb' fhearra dham bheith in Éirinn
Ag díol gártaeirí ná ag dul fén gcoill:
Here you may find a virtuous lady,
A smiling fair one to please the eye -
An paca straipeanna is measa tréithe
'S go mbeiread féin ar bheith as a radharc.



Come, drink a health, boys, to Royal George,
Our chief commander - nár órduigh Críost,
Is aitchimís ar Mhuire Mháthair
É féin 's a ghárdaí do leagadh síos;
We'll fear no cannon nor loud alarms
While noble George shall be our guide -
'S a Chríost go bhfaiceadsa iad dá gcárnadh
Ag an mac so ar fán uainn ag dul don bhFraingc.


L. 37


AR MAIDIN INDÉ BHÍ CAMADÁN SCÉIL



Ar maidin indé bhí camadán scéil
Ag gaige gan chéill dá leathadh idir mhná
Go bhfeaca sé Aodh Ó Ceallaigh go tréith
I dTalamh an Éisc 'n-a mhangaire smáil,
Lag marbh sa stage gan tapa ina ghéig
Ó tharraint an éisc is an tsalainn de ghnáth
Is Sasanach méith dá lascadh ar a thaobh
Ó bhaitheas go féar is do b'aindeis mar phágha.



Do b'aithnidh dam féinidh feara nach é
Do chleachtadh an scléip 's ná stadadh den phráisc
Dorachadh ag pléidhe le Sasanach méith
I dTalamh an Éisc nó ag baile gan tlás;
Do phlapfadh do phléascfadh baithis is plaosca
Do chnapfadh do réabfadh reathacha is cnámha
Le bata le claedheamh le cleath is le pléar
Is glacaimse, a Aodh Uí Cheallaigh, do pháirt.



Má's frolic le hAodh dul tamall dá shaoghal
Go Talamh an Éisc ag caitheamh 's ag fagháil
Ní thaitneann leis éinfhear magaidh ná bréige
Bheith ag aithris a scéalta sa bhaile do mhná;
Is fearamhail faobhrach meanmnach léidmheach
Calma an laoch é ag tarraint tar sáil
Is banna agus cléirchas, earradh agus éadach
Is airgead réidh aige ag casadh sa bhFáll.


L. 38


Is tapa dothéigheann i shallop de léim
Is na flaithis ag séide seachtmhain nó lá,
'S go mb' fhearra leis craosmhuir gailshion is gaoth
Is cranna dá réabadh 'ná tarraint na rámha;
A ghlaca ba tréan ar halyard nó ar mainsail
Taca agus téada dá stracadh go clár,
Do neartuigh sé an wage i dTalamh an Éisc,
Is abram go léir go dtaga sé slán.



'Sé an scafaire subhach é chaithfeadh na púint,
Do scaipfeadh an lionn is do lascfadh an clár,
Do chnagfadh sa tsúil éan-tSasanach reamhar
Is rachadh le fonn i sparainn le námhaid;
Bíonn ceaig agus crúsca, canna agus cubhar air
Is bata do lúbfadh 'n-a dhorn de ghnáth
'S ní chasfadh sé a chúl le héinfhear insa Mhumhain
Nó gur mhasluigh an gúta a chosa is a lámha.



An té chasfadh le hAodh bheith ag tarraint an tséine
Nó i mbarra na fléice is bara dá chrádh
Sin damanta daor é má thagann go hÉire
Ag beannughadh do éigse, cleasaidhthe is báird;
Do b'fhearra le Gaedhil é bheith eatortha féin
Ag seasamh sa scléip 's ag cur eagla ar chách
Ná anaithe in aer i dTalamh an Éisc -
Sin teastas ar Aodh Ó Ceallaigh do mhná.


L. 39


IS MAIRG GHUIRT I MBAILTE CHUIRC



Don Athair Seán Ó Cathasaigh, sagart paróiste an tSráidbhaile,
A.D. 1756.



Is mairg ghuirt i mbailte Chuirc is brón 's is scíos
An cafaire Mac Cathasaigh a d'ólfadh cuibheas
Gan dadamh dhigh acht baraille is a thóin le gaoith
Ná blaise muig do shagartaibh dogheóbhadh an tslighe.



Slighe ar agaibh feasach fáidh ná draoi
Gach taosc do ghlac an casca bán 'n-a chlí
Gan dríodar leanna, deasca amháin ná braon
Tug claoidhte meathta an sagart Seán 'n-a luighe.



'N-a luighe sa chúil is dubhach gan giodam gan ghlór
Le mí gan dúil i sughchas scige ná i spórt
Gan suim gan súil, in ughdar oilte gan tóir,
'N-a shuidhste súighte os cionn na teine gan deóir.



Deóir dighe níor órduighis a tharraint le bliain
As do sheómrín, a Sheóinín Uí Chathasaigh aniar,
It lóistín le deóraidhe níor chaithiseach riamh
It sceóig síos téighid do phóircín, do channa is do bhiadh.



Biadh go fairsing is leathan-chuid lóin ar clár
Is féasta as baile ar baiste nó ar pósadh ag cách,
Scian is cnagaire is fleasc ina dhóid is cnámh;
A Dhia ní ghlacfadh a mhalairt de spórt go brách.


L. 40


Go brách is duine i gcrith 's i bponncaibh báis
Is tráighte tinne-liosta i dtreabhlaid Seán;
Ní fhágfa an teine, an chuilt ná an ball ar ghnáth
Gan lán a chuirp de dhigh nó 'en bhrannda dfhagháil.



Dála baraille an tsagairt le mí monuar
Do thráigh go deasca le cleasaibh na sidhe ba suairc,
Áine thartmhar, nó Ceasar, nó Clíodna ón mbruach,
Lucht áitribh leasa 'n-ár n-aice nó Aoibheall bhuadhach.



Is buadhach bruighnach sluagh sidhe sin Chaisil is Mháig
Ag uaignidheacht ar thuaith Chlíodna mhara agus trágha;
A gcuaird oidhche is cruaidh-shíonach ag taisteal ón Spáinn,
'S ní suaraighe nár fhuaduigheadh a bharaille ó Sheán.



A Sheáin, 'sé an feall gan leann tú is grádh agat di,
Roimh chách gur chrom do cheann 's gur tráighte muig;
Don Pháp ní thabharfá steall, cé nár, it thigh
Ná lán an pheannta mhanntaigh bhearnaigh bhig.



Ní beag an chreach an casca bríoghmhar buan
'S tú 'ot thachtadh i dtart 's in íota chruaidh
Le bleid na mban do chreachadh críocha ar cuaird
Le breith seal as go prap 's tú sínte it shuan.



It shuan, mo dhóghadh, má b'eól do Dháth i rúm thu,
Má bhuail it chomhair an Códach cáileamhnach,
Níor fhág sé deóir go tóin it bhláthchúil-se,
'Sé chuaidh, 'sé d'ól, mo dhóith, bain sásughadh dhe.


L. 41


TEASTAS
Tug Donnchadh† duanógach †Mac Conmara ar thuireamh do
rinneadh le Laighneach do Thiobóid Builtéar.



Tuigim it thuireamh, a Laighnigh,
Gur thuillis a bhfaghair ar do phort,
Leanann tú oideas do dhúthchais
Gearrann tú fút is thort.



Ná rith do réir an chéachta
Ná scrios do réir do speile,
Ná cuir an seanchas ar seachrán,
Leansa casán an fhile.



Dáil† mhear oirdheirc †gCais
Anois gidh tais 'is sliocht Eóghain,
Do bhris ar mhaidhm na Lochlannach
Gníomha coscartha na leógan.



Clanna Breatan le caithréim
Do threascair iadsan le toibhéim,
'S mó le maoidheamh dar liom 'n-a dtréithe
A mbeith ó shoin fá scáth a scéithe.



Maith an iarracht ar an díg
Stad ar an gclaidhe, ar a bruach
Seal searbh mar chaorthann sinn
Seal eile chomh binn le cuach.


L. 42


Ceathracha de gach fírghné
Le fidhnéidh gach deaghdhána
Ag Builtéaraigh na ndiúicí
Agus mórdhúthaí fá chána.



Cia aca d'uaislibh Gall
Geall do thuirimh, luadhacht do dháin,
Do bhronnfadh duit mar chongnamh stuic
Do rogha de mhuic i ndúbhrannáin?



Cuir díot do thocht le glaodhrach
Ar do bhlaodhrach i ndeire cróchair,
Ní bhfagh tú bogadh do phuis
Ó Ché Ruis go Cnoc a' Tóchair.



Ar an gcuisle cumais sin it scairt
Ní thabharfadh Laighneach cloigeann mairt
Coimirce do bhuilg ar do neart
A dtuillir a n-ithir is do thart.



Chuiris i dtosach a mheodhan
Gearr do lón i bhfuaim mhall
Mar chú choimhthigh idir chontairt chlamh
Bheir sracadh is sceamh abhfus is tall.



Chuaidh do ghlafarnach tar Siúir siar
Go múrthaibh riartha na scol
Cloisid gach reachtaire do gheóin
Fáth do bhróin is do ghol.



Ní thugaid duit i dteacht don gheimhreadh
Na bodaigh is saidhbhre 'gus is teó
Acht biadha tiorma tur gan deocha
Bfhearr tú chrochadh 'ná bheith beo.


L. 43


PAS DO RISTEÁRD RÁBACH MAC GEARAILT
A.D. 1759



In Áth na Scoile de bhrígh go bhfuil an brasaire béalchaoin
agus an cleasaire cluicheach clothaighthe cas
curata cródha calma cliabhscaoilte, agus an
teachtaire tapa troighluath trusánta, agus an rathmhaire
róghasta róphras róléir, agus an lannaire luath leathan
lánaigeantach le n-a ráidhtar Risteárd Rábach Mac
Gearailt, ag foghluim cleas, ealadhan, agus ilcheard
na scol, agus ag síorshuirghe le searcbhéithibh Sléibhe
Parnassus, éadhon, na naoi sidhe binne shuidheas i
mbruach srotha Helicon ag sír-ionnladh i dtobar na
mbárdéigse nÉireannach:



Ar na hadhbharaibh sin, órduighim agus fógraim do
gach cailligh chrúbaigh chiarsánaigh; do gach caile chrosta
chasaoidigh; do gach scolóig scaithmhigh scoithbhéalaigh;
agus do gach bodach brocach búndúnach ó Cheann Chriadáin
go faithche Chaisil agus ó Lios Mór go hOileán Uí
Bhric, agus as sain a leith cois fairrge nó cois maighe,
gan doicheall gan diúltadh gan tagairt do thabhairt don
rábaire réamhráidhte Risteárd Rábach Mac Gearailt.



Máiseadh, máiseadh, mar sin: órduighim fós agus
fógraim gan é dfhágáil cois coca ná stáca, soip ná
láthrach, i dtairsigh ná i gcúinne, i bpoll ná i bpóirse;
acht fíorchaoin fáilte fleadhach is aoibhneas, a rogha
rúma agus a thogha clúdaigh chum codlata, tosach suidhte
agus éirighe do thabhairt don rábaire réamhráidhte
Risteárd Rábach Mac Gearailt.


L. 44


Máiseadh, máiseadh, mar sin: órduighim fós agus
fógraim gan gort ná garrdha, feadh ná fearann, sliabh
ná mínleach, móin ná machaire bheith ann, thoir, thiar,
theas ná thuaidh, ná faghaidh sé cead a rith, a léim is
a thruslóg tríd.



Máiseadh, máiseadh, mar sin: órduighim fós agus
fógraim gan brat ná barailín, bainne ná bláthach, corn
ná cainnín, deasca ná dríodar, fleadh ná féasta,
greim ná císte, muga ná pigín, meacan ná práta,
gruth ná meadhg, leite ná lóta, lionn ná léithuisce,
mórnán práipín, subha ná silín a bheith aca, má's saor
daor é, ná faghaidh sé cead a lighe, a theanga agus a
mhaide do mheascadh tríd; ní hé a bhlas acht a thástáil,
an oiread le duine nó fós le beirt do thabhairt don
rábaire réamhráidhte Risteárd Rábach Mac Gearailt.



Máiseadh, máiseadh, mar sin: órduighim fós agus
fógraim gan braich ná bairín, cis ná cófra, cúil ná
cathaoir, leaba ná lóistín, nead ná neanntóg, poll
ná pruchán, sop ná suidhiste, anglais ná leamhnacht,
piseán ná pónaire, ná iairbhis ar bith eile do bheith
istigh ná amuigh, in árd ná i bhfána, thíos ná thuas, thoir
ná thiar, theas ná thuaidh, annso ná annsúd, gan a
thabhairt don rábaire réamhráidhte, Risteárd Rábach
Mac Gearailt.



Máiseadh, máiseadh, mar sin; órduighim fós agus
fógraim gan a chur i gcuideachta, i gcomhluadar ná
i gcuibhreann le daoine neamheólacha, ná le haodhairí
bó, ná le buachaillí con, ná le lucht éirghe anáirde i
mbarraíbh craobh, ná le scolmháistríbh fada fuara
faillightheacha, scothbhéalacha, gan blas gan béasa gan
múine, mar atá ainmnighthe agam annso .i. Crostóir
Mac Tromthóna, Guagán Ó Caogaid, Breillín Ó
Beóláin, Faicín Ó Fhlannagáin, Seán† salach séideánach
†Ó Maolruana, Sraimín Ó Cuileannáin, nó Scigín
Ó Maolchatha, mar nár tomadh is nár fromhadh i dtosach


L. 45


ná in iorr chaoinléighinn ná fíreóluis iad, acht iad ag
sírmhilleadh agus ag síormhúchadh an aosa óig neamh-Laideanaigh,
neambéasaigh.



Fám láimh agus fám shéala an dara lá fichead de mhí
Márta, an bhliain d'aois Chríost míle seacht gcéad agus
naoi mbliana déag is dathadh.



Donnchadh Mac Conmara.


L. 46


EACHTRA SHÉAMUIS GRAE



Eachtra Shéamuis Grae
Dobhí ag iarraidh léighinn 'n-a scoláire
'S an chailleach phiastach mhaol
Do stiall a bhéabhar 's a mhála.



Cá gcasfaidhe insan oidhche
Chum suidhe isteach an scoláire
Acht go baile na bhFaoiteach
Is é cíocrach mar ba ghnáthach.



Dochuaidh sé mórthimcheall
Chum gach tighe is gach sleasa
'S ní bhfuair uatha aoidheacht ann
Ná slighe istigh ón bhfearthainn.



Go ndeachaidh gnuig Gráinne
Dfhuineadh an t-arán ar an iarta
I bpoll beag dá ráinig leis
Sáitheadh isteach 'na diaidh ann.



"God save you," arsa an scoláire;
Adubhairt Gráinne "Do chonntracht!
Is gad é, is ar bhiorán
Dothabharfainn ráibh duit sa cheann de.



'S mura mbeitheá-sa ceanndána
Mar atáir, is tú id dhailtín,
Ní thiocfá chum mo bhotháin-se
Ag déanamh casáin trém gharrdha."


L. 47


"Not so," arsa an scoláire;
"Pray pardon my bouldness";
"Anródh chughat," arsa Gráinne,
"Ní raibh áirse ná poll ann."



Air sin, mar chonnaic sé
Ná raibh tuigsint aici ar Bhéarla,
d'iarr sé leaba agus teine uirthi
Chomh soineanta is do b'éidir.



"Dá dtagaidís na tíortha
'S a muinntir im chomhair-se
Ameasc a ngabhann an tslighe dhíobh
Níl díon agam dot shórtsa."



"Ní bacach me ná geócach,
Dar ndóigh," arsa an scoláire;
"Sa Bhaile Bhreac bhím im chomhnuidhe
Ag fagháil eóluis óm mháistir."



"Máistir ná buachaill
Ní dual go mbeidh im chúil-se,
Agus ní binn lem chluasa iad
Ina mbuannaidhibh san dúthaigh.



Ní fuláir go mbeidh raisín
Dá chur síos nuair a thagaid siad,
Árdbheatha ar choigcríoch
Mar lucht seisrighe nó maitheasa.



'S an mhuinntir ag a ngnáithdís
Scoláirí agus sagairt fós
Dochímse nach fearrde
Thig an gráinne sa tseagal dóibh.


L. 48


'S dá mbeadh oiread le dreóilín
d'ógchlainn agamsa,
Ní chuirfinn duine ná deóraidhe
Go deó arís chum scoile dhíobh."



"An té chaithfeas leis an scoláire
Beidh sásamh ó Dhia aige
Beidh an rath air de láthair
'S na grásta 'n-a dhiaidh san;



'S ní bhfaghairse dul i gcuideachtain
Leis an aicme gheibh eólus,
Agus dar ndóigh ní dhéanfaid malairt
Ar do chuid seagail ná eórnan."



"Tiubaist is díth ort,
Má's fíor san, a ghrabaire,
Leig det chuid aighnis
Fág mo radharc agus seachain me;



Agus ba ró-mhaith an gníomh
Dá bhfaghainn scríobh chum na cúirte
Chum lucht eóluis is bríbe
Do dhíbirt as an dúthaigh."



"Is lucht eóluis is foghluma
Atá ag cumhdach bhur gcinn díbh
Mar scáth ar shliocht Lóbuis
Do tógadh as an aoileach."



"Aoileach ná ualach
Ná raibh i gcluasa do thighe agat;
Do chíorfainn do chuacha
'S do bhuailfinn feadh an chinn tu."


L. 49


"Dá gcíorthá mo chuacha-sa
Níor dhual duit go mb'fhearrde;
A chíste dhuibh ghruamdha
'S a chruadh-chailleach ghránna."



"A cheann cholnaigh cholg-ghuairigh,
Dhoicheallaigh chluasaigh chnapánaigh
Mhanntaigh bholg-mhóir gheanaigh
Alpaigh gharbh-ghágaigh."



Sceinneann an chailleach go sanntach
Is tug fobha fuinte fuadaigh
Go rug sí ar an bhfear leabhartha
Ar cheann is ar chluasa.



Dobhí an chailleach is an scoláire
Ag cluicheáil a chéile
'S níor fhágadar breallán
Sa bhothán gan réabadh.



Ní raibh i gcath Gabhra
Ná i dTeamhra na mbéimeann
Beirt ba lia fulracht,
Fuil scannradh is foiréigean.



Dochualathas i gcéin uatha
A mbéice is a ngártha
A n-uaille 's a dtréan-tuargaint
A dtraochadh is a gcárnadh.



I gcomhrac na caillighe
Do sheasuigh go coimseach
Gur stróic sí a hata
Is cnaipís a bhríste.


L. 50


"Help us, O Lord,"
Arsa an scoláire, "in this duel";
"Má's í mo sheilp-se í, arsa Gráinne,
"Níl báisteach ná sugha uirthi.



Nó má's é deir tú gur seilp atá orm-sa
A bhodaigh cheataigh an mhála;
Mo bhó féin dobheir bainne dham
'S níl spleadh agam le scoláire."



"I lost my ears by the witch"
Arsa an scoláire;
"A bheith leastoir ná leastiar dham
Do stiallfainn do chnámha;



Agus má chaith mise m'fhiacla
Ní piarda me má mála;
Faic ar bith ní iarraim
Agus riaraim a lán díobh."



"Creidim-se" arsa an scoláire
"Ná spárálfá tu féin leó
Mar is daingean an greim cufála so
Ag do leathláimh im chéibh-se."



Le n-a linn sin do bhain tuairt
As an gcruadh-chailligh chíor-dhuibh
Is do shín sé anuas
Í 'n-a fuaradh sa ghríosaigh.



"Bíodh breall" arsa an scoláire
"Ar an té fágfar ar déidheanaighe,"
'S do lom sé 'n-a tháinrith
Chomh láidir is dfhéad sé.


L. 51


Adubhairt an chailleach, ag cur fuinnimh
'N-a hioscadh ina raibh crampa,
"Is mó fear ba mhire 'ná tusa
Nur chuireas-sa breall air."



Do thóg sí na héighmhe
Go héigneach 's do liúigh sí,
'S do chnósuigh sí a gaolta
Ar gach taobh di le congnamh.



Tháinig annsan Mairín
'S a smachtín 'n-a teannta
Áine is an cailín
Le barraidheacht mhór-chlampair.



Mór 's ina leathláimh
Dobhí slinneán an túrna,
Agus rómpa bhí Siobhán
Is tuagh an ghabáiste bhrúghadh aici -



Thug an scoláire a mhallacht
Do Bhaile na bhFaoiteach
Ní raibh ann acht drochmhná
Is crostáil dá bhrígh sin.


L. 52


A SCAFAIRE GHROIDHE DE PHLANNDÁN



Do Sheán Breatnach i gCarraig na Siúire.



A scafaire ghroidhe de phlanndán
Na mBreatnach nár dhaor a gcannrán
Linn is danaid ár mearathall dighe
An lá casadh leat sinn in antráth.



Gan aiste gan laoi gan amhrán
Gan Laidin gan aoir gan seanndán
I ngeimheall ag Bacchus fliuch ceangailte 'e mhaoil
An sealad a bhíos ar antlás.



Is fada nach díbh mar lomghráin
Do theagmhainn le linn bheith im ghleangán
Im ríceach aindeis ó mhaidin an laoi
Tarsna i ngach díg is camshráid.



Feadh seachtmhaine bhí me i rangcás
Ag blaise gach dríodair 'e ghannchárt
Is m'intinn meascaithe 'e dheasca na dighe
A d'aistrigh sinn chum meabhráin.



Is dearbh gur fíor an seannrádh
Ná maireann an saoi gan meangán
Cuibhreann ceathrair agam-sa dhíobh
Isé is measa ar bith tríotha an Splanncán.


L. 53


Adam ar ghreím den abhail dfhagháil
Do stadadh leis thíos ina leabhair-bhrághaid
Bhí sé tachtaithe, is mairg le maoidheamh
Gan tarraint a chinn as an steanncán.



Níor measadh leis suim ná tomhas dfhagháil
d'agair sé a shainnt ar abha an bháis
An t-íota tarta san leanann dá chloinn
Mo pheannaid mar taoim 'n-a gcomhlán.



Aitchim is guidhim tú thabhairt slán
As aistear gach slighe is in am gábha
'S me dhíon ar mhasladh san aiste 'n-ar claoidheadh me
'S a aiteacht a bhínn leat im chomhrádh.



Tá an aindeise ar Ghaoidhil i gcompráid
I ngach tír is feasach don chompás
I ndíoghal an pheaca so carrbhus síor -
Ag sparainn ag bruidhean is ag cannráil.



Go gcanaid siad saoithar rogha bárd
Is an tabhairne líonta de ghlam árd
Ringce is ragairne is anachuid bruidhne
Tagann de dhíogadh an tanncáird.
Dair agus droighean is coll bán
Is deacair má bhíonn an ceann slán
Ba mhíle fearra bheith in arm an ríogh
'Ná eatorta ar thíocht don strampáil.


L. 54


BÁS BRÉIGE DHOMHNAILL UÍ CHORBÁIN.



A éigse Bhanba an feasach díbh cúis mo bhróin? -
Scéal tug masladh agus screadadh sa Mhumhain is gleó,
Tug cléir gan lagadh ar bith ag agall is úird na Rómha -
An cléireach calma marbh gan lúth fén bhfód.



Fén bhfód ghlas mo león-chreach tá an ollamhain tsuairc
An t-óigfhear Sir Domhnall, ceann cogaidh na suadh,
Fear comhfhoguis Rí Seóirse 's a chosanta i gcruadhainn,
Fear ólta na gcoróineach 's a mbronnadh ar an sluagh.



An sluagh má thig tar muir is nár an scéal
'S gan d'uachtar nide againn acht Corbett séimh,
Nach truagh anois na fir gan scáth gan scéith
'S a ruagaire mear cliste ar lár ón éag?



Éagmuis an tréinbhile chalma ghroidhe
Tug Éire 's a Gaedhla ag gallaibh gan chíos,
Tug éigse, mo léirchreach, gan charaid sa tír,
Tug créim ar shliocht Shéamuis gan fearann gan ríoghacht.



Ríoghacht Fódla bhí ag Domhnall dá maireadh sé mí,
Trí choróiní Rí Seóirse ar bhaitheas a chinn,
Síorchóir is fíon soghail aige ar leabain 'n-a luighe,
Binncheól dá shíorghabhóil dó is cantaireacht ghrinn.


L. 55


ATHCHUINGHE DHONNCHADH RUADH.



A.D. 1764.



Don tsaoi uasal oirdhreic áirdchéimeach .i. Séamus
Duckett, onchú chosanta agus ceann coimirce agus fós
mór na n-uasal n-éigseach n-ealadhanta nÉireannach, agus
go háirithe a shearbhóntaidhe dhílis féin, .i. Donnchadh Mac
Conmara, aon d'órd árdollamhan Leithe Mogha Nuadhat, i
gCoill Mhac Thomáis Fhinn, sa bhliain d'Aois Chríost 1764:



A uasail dhil shuairc den mhír is aoirde
Ó's dual duit is tú is uaisle 's is aoibhne
Inneósad stair gan chleas gan chaim duit
Ó's tú Maecenas éigs' na críche,
Gur léir dam i néallaibh na hoidhche
Chugham go dtáinig Áine is Aoibheall
Níorbh'iongnadh me leó gan fód mo shinnsear
Gan fearannaibh Lughach ná cúil 'n-a suidhfinn
Acht b'iongnadh cruaidh gan chuas ná díon me
Gan chruach gan chreach gan nead dom naoidhnaibh.



"Éirigh it sheasamh ar maidin," arsa Aoibheall,
"Is déin do stad i mBaile An Fhaoitigh,
Gaibh do dhuan don uasal aoibhinn,
Nocht do ghuais is gruaim do chroidhe dhó;
Dogheabhair foscadh, is foithin is díon uaidh,
Cabhair is coimirce i gcoinne na saoire,
Is gheabhair gan aimhreas adhmadh tighe uaidh."



Do labhair Áine árd de bhinnghuth;
"Tabhair-se buidheachas - duais is díoghal do;


L. 56


Gaibh go dána do dhánta draoidheacht dó;
Ó's feasach gur seancha fíor thu
Nocht gach céim dá ghéagaibh gaoil do -
Craobha coibhneasa mórmhaicne Míleadh."
Lingid Áine bhláth agus Aoibheall
I néallaibh neimhe fé imeall na hoidhche.



Ba támh mo thuras im dhuine gan daoine
Ba tearc mo chuire cé minic dá mhaoidheamh me,
Gan uaisle den mhuarshliocht im thimcheall
Acht clanna cáis is fás na hoidhche
Gan sult gan spéis i léigheann ná in intleacht
Acht gráin is gruaim gach uair dochíd me
Ar eagla bearta a sleachta d'innsint;
Ní thabharfaidhe fód den bhóthar bhuidhe dham,
Ní bhfaghainn cáirde lá ná oidhche
Gur chorruigh an fhuil oirdheirc im rífhlaith
Fuil bhorbmhear Chormaic ba rí seal,
Fuil aerdha na bPaorach so taoibh linn
Fuil chalma na Breataine is aoirde.



It choimirce téighimse, a Shéamuis uasail aoird,
'S gur libh-se gach céim gach réim 's gach buadh sa tír,
Acht cuiridh i gcéill nach craobh gan chuaille sinn
Is cuideachta Ghaedhilge bhéar mar dhualgas díbh.


L. 57


NÍ FHAICFAR MO DHROM-SA AG CUR ALLUIS GO REAMHAR



Ní fhaicfar mo dhrom-sa ag cur alluis go reamhar
Ag grafadh ná ag treabhadh éan-am den bhliain
Gheobhad atharrach leabhair, béad im Shasanach teann
Ó's aca bhíonn togha agus rogha gach biadh;
Ina bhfarraid is cuibhe liom seasamh is suidhe -
Ní taca liom Laoiseach buidhe ná a phór,
Ag tarraint ar an bhfíon gach maidean gan suim -
Sin beatha ná bíonn ag Gaoidhil go deó.



Is doilbh an cás do dhuine mar táim
Bheith ag claoidh go brách gach lá 'em aindeóin
'S go mb'fhearra liom bás gan toirmeasc dfhagháil
'Ná allus lem chnámha ón rámhainn ag romhar;
Preabfa mé i dtráth, ní bheadh mar atáim,
Is brisfe mé an pháis le grádh don fheóil,
'S i dtinneas ní fuláir dam ministir dfhagháil
Isé thabharfa dham lánchuid aráin mar lón.



Is ceannasach teann dorachadsa ann
Ag tarraint chum teampuill in am an pharade
'S gur binne me ag labhairt 'ná an ridire ón nGleann
Is m'uille go teann ar cheann an séat;
Níl éanduine lom do chasfar liom ann
Muna nochtaidh a cheann dam pleangcfad é,
'S tá a fhios ag an domhan nuair ghlacfar mise ann
Go mb' aindeis an ceann me de chlann na nGaedhal.


L. 58


AR BHÁS DHÁTH DE RÓISTE.



Is cás cuibhe bróin, deóra, goil is caoidhe
Dáithí de Róiste ag feódh fé chlochaibh i gcill
Sás bídh ar bórd do chomhad gach Nodlaig i dtigheas -
Do pháirtidheacht leó go leór 's ná cloisinn dá mhaoidheamh.



Admhuighim go mbronnadh d'eisteas oidhche is lá
Ar shaoithe ar bhocht ní chloisinn choidhche Dáth,
An croidhe nár loc ag toirbhirt maoin gan tlás
Is aoibh a chor i bhfochair Ríogh na ngrás.



Grása Dé agus réim i bhFlaitheas go hárd
In áit na féile ghnéidheadh feadh a bheathadh de ghnáth:
Cé stán an saoghal a chéim níor lagadh a lámh
Ar dháimh ar éigse ar chléir a thagadh 'n-a dháil.



Dála an Róistigh leóghanta bharramhail fhéil
Ádhmhraigh eólaigh chorónta ghradammhar shéimh,
Ní fearrde comhursa a chóir a scaramhain léi,
'S is ádhbhar bróin dá chomhfhogus cathughadh an scéil.



Scéal aindeis do Mhuiris do Bhríd is chách
Tug céim 'n-a gcroidhthibh ná brisfar an tsnaidhm go brách;
Ag caoine an fhir a chuirfeadh suim 'n-a gcás
'S an saoghal mar chruinnigh gur imthigh, ba chruinn an fáth.


L. 59


Fáth osna ní'l acht sochar do-san má áil le Dia
Dáth coigilte fé chlocha anois le spás is bliain;
Nár chortha leat bheith in' fhochair sinn lá cé cian,
'S dar mh'fhocal duit gur folamh liom an tsráid 'n-a dhiaidh.



'N-a dhiaidh ní ghnéim le tréimhse acht beagán grinn
I gcian ag tarraint gan meidhir i sult ná suim
Is iarsma tinn dá chloinn 's is uchlán linn
É i gcriaidh go doimhinn i gcill Mhac Thomáis Fhinn.


L. 60


AN GÚTA IS AN DRIONNCAID



Do Shéamus Duckett ar mbeith sa ghúta dhon duine uasal san:



Is dubhach linn an gúta so it mhéara abhfad,
A chrúfhuil 'nar dhlúthuigh an fhéile a nead;
Bí súgach, gidh dubhras is géar an beart,
Atá an samhradh agus lonnradh na gréine ag teacht.



Bí súgach 's is congnadh chum péine a mheath,
Gidh cú nimhe é chuireadh Plato amach;
Má dhiúltann leat connradh annsan déanfam stair
A sciúrsfaidh an deamhan as an saoghal ar fad.
Bhí an gúta 's an drionncaid in éinfheacht seal -
Dobhí siubhal ag an ngúta muna bréag an stair -
Thar dhúbhchnuic, iar dtúirling do Phoebus feacht
d'aon-toisc go ndubhradar "déanam stad."



Bhí úrbhrog is cúirt fhairsing aolmhar ait,
Is cumhangbhoth go súghchneasach caol re 'n-ais,
Is clúchliste lúthmhar 's is éadtrom mear
Chuaidh an drionncaid sa bhfionnbhrog de léim isteach.



Bhí brútach na cúirte chomh méith le mairt
Gur ionnruigh an drionncaid é féin ar phlaic,
Do liúigh sé, 's a dhlúthchoinneal féin do las,
Gur spiúnadh gach cúinne ina mb'éidir teacht.


L. 61


Níor fhúigeadar cúinne finnaolta geal
Ná clúda gan spiúnadh go léir i gceart
Gan ciúineas go túrnamh don ghréin tar n-ais
'N-a dhúbhthrosca dhúiseacht' gur éaluigh as.



Ní túisce chuaidh an gúta sa bhaothlach cas
Ná a liúigh sé de bhúithre, de bhéic, de scread;
Níl úrshreabh ná fionnghlaise, féith ná scairt,
'Sa chionntar, ná múnlach, nár léim 'n-a measc.
Do múchadh an gúta i ngach céim 'n-ar ghaibh
Go brúighte bocht dubhach liosta traochta lag;
Le congcas, na hughdair go léir do spalp
Ná siubhalfadh le dúbhfhleascach cré do dhreas.



Rinn an cúpla so connradh le chéile, is acht,
An chúirt bheith ag an ngúta bhí créimeach lag
An súghbhoth ag an ndrionncaid ó's é bhí mear
I gcumhangrach, i gciumhais plaide, in éigean beart.



Cuirtar clúda ar an ngúta agus bréid bhog gheal
'S an chlúmhleaba is úrbhoige fé n-a chneas;
'Bé thabharfadh air siubhal ar an saoghal don spairt
Ní lughade a shughann smior a ghéag 's a scairt.



Sciúrsa ceart Dúilimh is caor ó Neamh
Ar an dtrú nimh' dá phúdhair-chur go daor thar n-ais
Nach i mbrútach ó Lonndain chuir gae agus cnead
Seach ughdar an tsúgraidh do léanadh ar fad.



Úllamh do scrúdadh an Ghaedhilge shean,
Cúl coimirc dúinn-na agus d'éigsibh dreacht,
Clú cine is cúige is eadh Séamus searc,
Is rún cailce dhútha ghil Paor ar fad.


L. 62


AITHRIGHE DHONNCHADH RUADH



A athair na ngrása tarrthuigh mé
Is maith dham gach cáin dá ndearna claon;
Maith dham i dtráth faid táim sa tsaoghal
Mar mhaithimse 'o chách le grádh dhuit féin.



Níl easbhaidh ná gábha 'n-a dtárla mé
Nár ghlacais mo pháirt is mo chás do réidhis,
Is gangaid mo námhad cé láidir tréan
Do leagais ar lár 's an bás 'n-a mbéal.



Mo chreach is mo chrádh, mo chás, mo léan,
Faid táimse slán ná dearna a réir,
Gach peaca agus cáim dá tháireacht gné
Do ghlacas de láimh 's ba náir dam é.



Tá peannaid is fáscadh i lár mo chléibh
Mar chaitheas mo lá gan áird gan chéill,
Anois screadaim go cráidhte ar Árdmhac Dé -
Beir m'anam trét pháis dot árus aobh.



Anois screadaid mo cháirde fánach claon
Mar bhraithid me tláth 's mo bhláth gur thréig;
Do chailleas mo ghrádh 's ní háil leó mé
'S ní thagaid im dháil mar atá mé faon.



Do mealladh an táin gidh táimse faon, -
Aithreachas, cás, is crádhnas géar,
D'aingil is ádhbhar áthais mé
Is gradam is grádh le páirt na naomh.



Ár n-anam-na slán is ár gcnámha dhen chré
Go dtagaidh an lá as dála an tsléibhe,
Go gcasam le hádh don árus tséin
Go Cathair na nGrás i bpáirt na naomh.


L. 63


Níl dadamh acht scáil i mbláth an tsaoghail,
Ní mhaireann acht gearr, tig bás le faobhar -
Do chaithis do spás is fág an saoghal,
'S ní chasfam go bráth le fáth an scéil.



Im leabaidh go tláth le fáinne an lae
'S me ag machtnamh ar ghrása is ghrádh Mhic Dé,
Le masladh le páis le bás go daor
Do cheannuigh thar barr síol Ádhaimh is Éibh.



Tá teagasc le fagháil ar chlár an tsaoghail,
Ár gcaraid is fearr do fhág sinn saor,
Anois canam le háthas árd TeDéum
Don dalta d'oil Máire a Mháthair féin.



Is tu an mhaitheas is fearr, is tu an gárda tréan,
Is tu taitneamh is scáth is grádh na naomh,
Is tu ghlacfas mo lámh le báidh an tsaoghail
Ó's fada liom táim ar fán ón tréad.



Do chailleas mo lúth mo shiubhal 's mo rian
Trém pheaca is trém chúrsa cionntach riamh,
Is fada me ag tnúth 's ag súil le Dia
Go nglanadh go dlúth is go ndiúltadh iad.



Ní ceadaitheach liúm mar shiubhal an ghrian
Go ndeachas amudha is mo chumha 'n-a dhiaidh,
Anois aingil dom thabhairt anonn gan phian
Isteach insan gcúirt ina stiúrann Dia.



Is leathan a chlú 's is fiúntach fial
Ag freastal gan chunntas clúid is biadh,
Is fairsing a dhún 's is cúthrom cian
Chum sinn-na do chumhdadh ó dhlús na bpian.


L. 64


An aicme atá dúr ó dhúthchas fiar
Gan machtnamh gan dúil i gclú ná i gciall
Bheir tarcuisne dhúinn gan chúis ariamh
Smachtuigh a rúin is iompuigh iad.



Is atuirseach liúm 's is túirseach dian
Mo pheaca 's mo chionnta ó thúis mo bhlian;
Mo dheacair, mo chumha, mo phudhair, mo phian,
Anois screadaim go dubhach ar chongnamh Dhia.



Is é beartuigh ó thúis, is é chúm an ghrian,
Is é dhealbh an domhan 's a raibh ann riamh,
Is é mhaithfeas ár gcionnta dhúinn gan chiach,
Ár n-athair, ár gcionn, ár bprionnsa, ár nDia.



Anois casam in am anonn sa tslighe
Go Flaitheas ár ndún, ár ndúthchas fíor,
Lem anamsa ag súil le congnamh Chríost
Chum Athar na ndúl nár dhiúltuigh sinn.



Cuirimís romhainn an lón sa tslighe
Ná millfidh an leamhan gan feódh gan luighead
'S beidh tuille 's níos mó 'ná ór na gcríoch
'N-ár gcoinne 's n-ár gcomhair i gcomhad ag Críost.



Ná tuiteadh ár ndóchas dearóil bocht síos
'S go bhfuilid i sógh na slóighte naomh,
Acht fuireach go fóill 's ní mór an mhoill
'S má thuillimíd gheóbhmíd glóire shíor.



Ná cuirimís speóis i mbó ná i maoin,
I gciste ná i stór ná i ngeóin an tsaoighil,
Ná i siosma le comhursa, gleó ná baois,
'S ní thiocfam níos mó don ród so arís.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services