Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Measgra Dánta I, II

Title
Measgra Dánta I, II
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: Cork University Press, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



2.
Mug, cupán, agus píopa
tá annso sgríobhtha ar a leabaidh;
is olc a bpáirt re Maoilre,
nach leigeadh dhóibh sgíth ná colladh!


L. 3


"Ní misde liom féin," ar an Mug,
"má bhíon sé gan musgailt chuíche;
is minic d'fhág sé mo bholg
folamh lá fada agus uíche."



"Mise mar an gcéanna," ar an Píopa,
"cé gur minic a níodh mo phógadh,
do loisgeadh sé mo bhéal gach am,
is do chaillinn mo cheann ina phóca."



"Éistigí!" ar an Cupán,
"a dhís breallán gan tuigse;
éireó sé arís go folláin;
níl air ach crithán beag misge."


L. 7


6.
Saoi le searbhas Eóin mac Eóin,
daoi le'r dearbhadh cóir 'na locht;
mar chráin ag crónán dá cluinn
fuinn a lámh, dórdán a dhocht.



Is mó do-geibhthear i nguaillibh Eóin
do shult ceóil ná i luas a lámh;
alpa a dhá amhchrobh 'na bhfeidhm
mar chreim dá chlamhchon ar chnámh.



Mar bhíos céis ag coin ar chluais
i nguais ag ceisneamh a cáis,
ó n-a chlos is céasta cluas,
crobh gan luas ag pléasgadh práis.



Ní aithneann aon a phort féin,
an tan théid ai gcaschrobh Eóin;
tuar tuirse tafann a lámh,
blas na gcrann gafann 'na ngeóin.



Faghairt caorthainn ar a chrobh,
'na ladhraibh do leagh an creamh,
sás marbh do mhosgladh a huaigh
cosgradh cruaidh na n-arm n-amh.


L. 8


Iongnadh, is méid saothair Eóin,
nách seinntear leis cóir ná ceart;
baca ar a dhochtaibh ní bhí,
's tapa do-ní do lochtaibh leacht.



Prap do-ní praiseach do phort,
an tan theagmhas fá n-a smacht;
mar bhíos muileann maol ag meilt,
ceilt ní chuireann go raob reacht.



Mar umha dá sgrios le sgiain,
mall rian a iongan ar chruit chaoin;
saoth liom a sgreadach 's a chás,
mar phrás dá ghearradh le gaoin.



Truagh do thoisg, a chláirseach bhinn,
dod ghriolladh le rinn a ghlac;
níor fhág sé cuisle id chorp
gan rian docht tuisle agus tacht.



Tadhg Ruadh Ó Conchobhair


L. 19


12.
Tá cuach i n-éisteacht asail
roimh fhear faire na n-éanlaith;
is fearr le muic an raithneach
ná cíor mheala mar mhéile.



Do tharla pónra is péarla
i n-ionad éigin ar chuileach;
do thóg an gráinne pónra,
d'fhág an tseóid, is d'imigh.


L. 20


Mór unga óir is corrán
chas ar Thomás mac Lóbais;
do b'fhearr leis cab na déise
ná ór Éireann 'na phóca.



Is fearr le fiach dubh ablach
is cead a tharraing ó chéile
ná arán cróch is meala,
's ba dual athar dhó féin sin.



Do canadh salm don tsaltair,
do canadh glafar Mhic Lóbais;
ba binne rann na daoithe,
mar do síleadh le hÓrla.



Is binn le cat an sgeámhghail
do-ní a mháthair is a athair;
ní thugann cluas ná éisteacht
do na téadaibh ag labhairt.



An tí nár chleacht acht duairceas,
beag a shuairceas i gceólta;
do b'fhearr leis duine ag drantán
ná ceól iomlán na Fódla.



Quod scit, quisque colit,
bíodh gur chóra dhó a sheachna;
quod nescit, spernit et odit,
donas mór ar a mhalairt.


L. 21


Bídh gach éan mar a huiltear,
rádh file nach camghlór,
iolar i mbarr na píne,
bíodh an traona sa neanntóig.



Seán Ó Neachtain.


L. 23


14.
Do bronnadh damh cara cuilg,
ollamh glan tana nách teilg;
slán don ghríbh bhaisleithin bhuirb,
glaisbheithir chuilg mhín gan mheirg.



Lann fhíorfhuilteach fhaobhrach lonn
thaobhghlan chíorrbhaightheach nách cam,
colg dár ndáigh rofríoth ag Fionn;
ní díoth liom im láimh an lann.



Do sgar méidhe is bas re bonn
mo chéile is glas glan fám chom,
an ghlasfhaobhrach ghéar nár fheall,
beann bhrasbhaoghlach thréan nách trom.



Colg gan fuireach i n-am áigh,
lann bhorb dá nách buidheach liaigh,
do sgar re Bolcán go mbuaidh,
cruaidh re car corpán i gcriaidh.



Glaislíneach fhíorolcach fhuar
bhaisdíreach dhíoghaltach dhaor;
adhnadh fala a buille buan,
buinne fuar is tana taobh.



d'fhuil nathrach fuair folcadh dlúith
an chruaidh dhathghlan olcach áigh,
gríobh fá chléir chathlann nách tréith,
ag béin fá chléith chathbharr cháigh.


L. 24


Áith éachtach comhlainn nár chaill,
do ghéabhadh re gormlainn Ghuill,
an lann shaor nár sheachna sinn
nár aomh re linn deabhtha a druim.



Ag Heachtor ba líomhtha a lorg,
is ag Hearcul fhíochmhar ard;
mian mo chridhe an bhaismhín bhorb;
is colg nimhe an ghlaismhír gharg.



An lann áithmhín ghlan nách garbh
ag mac Dáivídh Dhuibh 'na dhorn;
fuair buaidh i n-oileamhain arm,
an bhadhbh chruaidh ghoimheamhail ghorm.



Mar chomthach rem thaoibh-se a-tá
an gormghas is caoimhe cló;
tuar meanma dhamh mar is dú,
gar clú is buadh ndealbha dhó.



Fóm thaobh-sa ní héidir nách feárrde sinn
Seóid éadrom shéimhchuilg shásta shing;
Cóip créachtach ó a béal tana is gnáth i gcill,
'S is mó baochas an éin duibh ná an leá ar an luinn.



- Muiris mac Dháiví Dhuibh Mac Gearailt



15.
Fuaras each nách duaibhseach doirbh,
each uaibhreach bhuacach san spairn,
doinnghreagh ait 's a hionmhain oirn,
draic nách doirbh i n-iorghail airm.


L. 25


Láineach mhór bhorbaistreach bhuan
do bhronn an donnmhailgheach dún,
searrach lonn coirpreamhar caomh,
mo dhonn tsaor fhoiltleabhar úr.



Each chruthghlan nách gealtach garg,
don chubhar nách beanfadh balg,
san chorrach is luaimneach lorg,
an mhongach bhorb uaibhreach ard.



Geall leam ar luas as a los
an bheann is fearr cluas is cos,
stéad mhárbhas an míol go deas,
gríobh na gcleas fhágbhas an t-os.



Tar gach árd dá shléimhne slios,
tar fán is tar céimibh clas,
gan chruas go coimhréidh do ros
do luas cos gan oilbhéim as.



Dá mhire i ló gréine gal,
dá tréidhibh i dtós na sgor
gan bheith fann aillseach fá fhear
acht bann mear taidhbhseach tar tor.



Sgairt i bhfalach ná gráin ghliaidh,
gáir bhratach ná dath ar dhúil,
omhan as uirre níor léir,
mo bhuinne bras, mo léim lúith.



Dá crobh dheas tiomchal ar dtocht
tug an ghreagh is sliomghlan slacht
go meanmnach ó chridhe i gcorp
sidhe docht greadhnach san ngart.


L. 26


Fear fuilt bháirrshlím is bas gcorr
do mhac Dáivídh Dhuibh do bhronn,
dreagan súgach síleach seang,
mo bheann lúbach dhíreach dhonn.



M'onchú bheódha, ar seabhac saor,
leómhan re leadradh na sluagh;
cuid dá cheird, re hur na n-ágh
go cur a n-ár d'fheirg níor fhuar.



Do bronnadh dam each, i bhfad is feárrde sinn,
Is fonnamhar tapa ag teacht i bhfáinne chruinn,
An cuilgneach cleasach cneasta ceáfrach caoin,
Gan tolg, gan stailc, gan stad, gan sgáth, gan sgim.



- Muiris mac Dháiví Dhuibh Mac Gearailt.


L. 44


27.
'S do chleasaibh an tsaoghail tslim
d'fhear shaidhbhir nách baoghal táir
más daidhbhir, atá gan chéill, -
fáth nách téid an ceart 'na cháir.



damhsa do fíoradh an sgéal:
an tan do b'aoibhinn mo sheól,
ba mór mo chairdeas 's mo ghaol;
ós bocht, ní thig aon dom chóir.


L. 45


Cé chím iad, ní fhaicid mé,
's má chíd mé, ní fhaicid mé;
saoilid siad, ar ndul dom spréidh,
ciodh mise mé, nách mé mé.



Lá samhraidh ó éirghe don ghréin,
tuigeadh gach aon créad an fáth
muna bhfaicinn mo sgáth féin
nó sgáth éin, ní fhaicim sgáth.



Dá madh mise mise a-rís,
badh gile ná an ghile mo nós,
anois cé nách cuirid cás
im bhás, ná im bheathaidh fós.



Isé meas an tsaoghail mhóir
ó bhraithid mo stór go gann,
dá dtagrainn an ceart 's an chóir,
nách fuil acht glór amaide ann.



Dá madh líonta d'ór mo thrunc,
's mo bheith gan unsa don chéill,
adéaradh an mhaith 's an t-olc
mh'eagna tar Sholamh go dtéid.



A Dhé do chuir iad san riocht
is mise san chruth i dtáim,
cion ar chaill mise do mheas
aitchim ort, dom anam dáil.



- Tadhg Ruadh Ó Conchobhair.


L. 130


48.
Beannaigh an long-sa, a Chríost cháidh,
an tsíon, an tonn-sa, 's an tír;
bíd t'aingil 'na gcléith dár gcóir
is róinn mar sgéith ndaingin dín.



Síthigh gairbhshín goimh dá glór,
mínigh gach moir ainmhín fhuar,
fraoch an earraigh cuir ar gcúl
dún go dul tar ceannaibh cuan.



Doiligh mé fám chúl do chur
re Múr Té, 's is doiligh dhamh, -
múr fianbhothach na sleagh sean,
treabh na sreabh ngrianshrothach nglan.


L. 131


Cuir mé go seasgair chum seóil,
a Dhé, gan easbaidh ar n-iúil,
ón tsín gharbhfhuair tar moir mhóir
re cóir ghloin go gcalmuain gciúin.



Maith mo churach aidhbhseach úr,
taidhbhseach a tura is a taobh,
long ghéagach bhonnógach bhuan,
stuagh théadach chronnógach chaomh.



Long gan tlás i dtachar arm,
gan sgáth i sgathamh na storm,
seóltóir tré chlár na gceann ngarbh
mar badh sál marbh gach gleann gorm.



Tré ghrianbhádh gach toinne tráth,
ar fiarlán, dá ghoinne an ghaoth,
lingidh ó chabhlach na gcríoch;
armach a fíoch is a fraoch.



Slios fadúr foileimneach tréan,
roineimhneach mar dhragún ndúr,
breaclong na srólbhratach saor,
taobh creatlom órshlatach úr.



Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg
bheannbhachlach chíorach na gcolg;
slios snaschaomh is faobhrach fearg,
na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mborb.



Tionnlaic sinn, a Rí na rann,
tar linn, is gach líon bhus leam,
gan bhaoghal ó bholgaibh tonn
a-nonn seach bhordaibh na mbeann.


L. 132


Sirim ar aonMhac, Íosa, d'fhuiling an pháis
Nár bhristear don luing ná don bhuín 'na bhfuile go brách;
Buinne ceart gaoithe tríthi, is tuile 'na deáig,
Ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.



Muiris mac Dháiví Dhuibh Mac Gearailt.


L. 136


51.
Truagh t'fhágbháil, a inis Chuinn,
a adhbha na n-eas n-álainn,
a thrillseach iasgach éanach
riasgach innseach oiléanach!


L. 137


Fúigfe mise, 's is leasg liom,
th'amharc-sa, a iath Éireann;
guais dúinn gurab adhaint uilc
do mhalairt, a úir ordhairc.



Ní hannsa dh'éinchrích oile,
ní d'fhuath ort acht d'ionmhaine,
tug ar mh'óidh triall ód thuinn-se,
a fhial an tshlóigh shéaghainn-se.



Ní fhúigfinn tú, a Threabh na Niall,
d'fhonn aoibhneasa nó ainmian,
a chríoch ghargumhal Ghabhra,
acht d'ardughadh mh'ealadhna.



Ar Dhia uile agus ort féin
fhágbhaim sibh, a Ráth† rí†Néill,
's i ndóigh th'fhaisgeana fá ádh,
a róimh taisgeadha tromdhámh.



Saoth leamsa lór do dhoghra
fágbháil t'fhuinn is t'athardha
do ghrádh ceard gcaomhnuaidhe ngeal,
a learg thaobhuaine Thailltean.



Cá truaighe, cá truime ceas,
dá meastaoi a mhéad do dhoilgheas,
a chríoch eóil na n-amharc sean,
gan radharc th'fheóir ná h'inbhear?



Truagh fós gan faicsin t'fhiodhbhadh
liom ar los mo cheileabhradh,
a threabh na nduas roinntear rum,
ná cnuas do choillteadh gcnódhonn.


L. 138


Giodh é fós, is fáth maoithe
gan clos fhoinn na hardghaoithe,
théid siar tar chéidibh do chnoc,
a fhiadh nách éidigh iomlat.



Bheith dá n-éis is damhna deóir, -
binneas t'éan, aoibhneas t'aeóir,
gáir do shealg, congháir do chon,
is comhdháil do learg líonmhar.



A thír Bhreagh 'nar buan finnfhéar,
gan graifne ar ngreagh n-inginghéar,
ná súil oraibhse i n-am áigh,
is barr doghailse is diombáigh.



Dá n-áirmhinn t'áineas uile,
créad é acht adhbhar eólchaire?
do b'fhearr dhúinn gan iomrádh ort,
a úir dánb iomlán mh'annsacht.



Acht so a-mháin maoidhfe mise, -
mo ghrádh dhod dhroing dhílis-se;
a threabh tholach do chleacht coim,
mo shearc d'fholach ní fhéadaim.



Ní tú, a chríoch, chaoinim uile
acht do mhná 's do mhacraidhe,
dream fá haoibhne aigneadh ruinn,
caoimhdhe a gcaidreabh 's a gcumainn.



A inis Bhreagh na mbeann mbog,
mór gcompán fhágbhaim ionnad,
drong nách fallsa cló ná coir,
'gár mó mh'annsa iná agaibh.


L. 139


Ag so chugad, a chríoch Bhreagh,
tós ós dual díbh is deireadh,
a ráith neammbocht ler dhial druadh,
beannacht ó Bhrian go biotruagh.



Brian mac Toirdhealbhaigh Mac Giollapádraig.


L. 144


54.
Mo thruaighe mar táid Gaoidhil!
annamh intinn fhorbhaoilidh
ar an uair-se ag duine dhíobh,
a n-uaisle uile ar n-imshníomh.



Baramhail do-bearar dóibh -
fuidheall áir d'éis a ndíobhdhóidh,
'gá sníomh ó chróluighe a gcneadh,
nó is líon tóraimhe ar dtilleadh.



Nó is lucht báirce fár bhrúcht muir,
nó is drong fuair fios a saoghail,
nó is géill i ngéibheannaibh Gall
Éireannaigh fá fhéin eachtrann.



Tugsad a dtréine ar thaise,
tugsad maise ar mhíomhaise,
tugsad meanma ar mhaoith mheirtnigh,
laoich fheardha nách aithintir.


L. 145


Atá brat ciach ós a gcionn
mhúchas glóir Ghaoidheal Éireann,
mar néall gceath ghrianbháitheas goil
do leath d'iarghnáicheas orthaibh.



Tarla ó Bhóinn go bruach Lighean
dligheadh is fhiú aindligheadh,
gur bhreath shaor le fianaibh Fáil
an riaghail chlaon do chongbháil.



Ní bhí ag mac ríogh ón riaghail
aire ar lúth eich óirshrianaigh,
nó ar sheilg oighe fá chíogh cnuic,
nó ar ghníomh soidhe nó seabhaic.



d'fhearaibh Fódla is fáth orchra, -
do threabhsad daimh dhanartha,
i n-áit graifne a ngroigheadh seang,
gach faithche um oirear Éireann.



Treóid Ghall i gcluaintibh a gcean,
túir aolta i n-áit a bhfoirgneadh,
margaidh uatha in gach oirear,
cruacha ar ardaibh aonaigheadh.



Ní aithneann inis Logha
ní dá faithchibh fonnmhara,
cnuic dhlaoiréidhe i ndiaidh a n-air;
biaidh saoirÉire 'na Saxain.



Ní aithneann aicme Ghaoidheal
Banbha, buime a macdhaoineadh,
's ní aithneann Éire iad soin;
tiad re chéile as a gcrothaibh.


L. 146


Is í an drong dhligheas d'aithne
d'inis Chuinn is comhaithghe;
ní Goill is aoighidh aca,
Gaoidhil 'na ndroing dheórata.



Do léig Éire an tonn tríthe
d'iomchar fhoirne coigcríche;
arthrach Dhá Thí do tolladh,
sí i n-anchruth do fheadamar.



Mar thimcheallas tonn anfaidh
le stoirm laoi lucht caolarthraigh,
saithe Gall ar tí a dtiomchail,
muna dtí ann d'Éireannchaibh.



Bruid Bhalair go n-a bhráithribh
Tuatha Dé do dhíoláithrigh;
dar lat is neimhthreise a-niogh
na beithre-se Mac Míleadh.



Mar lucht na Traoi ar n-a toghail
dá ndíchleith i ndíothrabhaibh,
fian Teamhra a-táid ó Thailtin;
a bhfáid sealbha seachaintir.



Cosmhail re Cloinn Isra-hél
thoir san Éighipt ar éidréan,
Mic Mhíleadh um Bhóinn a-bhus
ag síneadh dhóibh ó a ndúthchas.



Mar dobhí Magh Tuireadh Thuaidh
i ngeall mhic Céin an chéaduair,
lá a sgarthana re teidhm dtinn,
feidhm an athLogha ar Éirinn.


L. 147


Ag sluagh Éireann an fheóir ghloin
truagh gan ionamhail Eachtoir
mic Prímh re pobal Saxan,
cogadh dhíbh go ndiongbhatsan.



Truagh, a Rí rátha nimhe,
do theacht dúinn ór ndaoirse-ne,
an t-athMhaoise nár fhéag ruinn,
tréad an chathchraoi-se Criomhthainn.



A Thríonnóid 'gá dtá an chumhacht,
an mbia an dream-sa ar deóradhacht
níos sia ó chathaoirlios Cuinn,
nó an mbia an t-athaoibhneas againn?



Nó an dtiocfa is-teach ar thairngir
do shluagh Danar ndúraingidh
naomh fíréanghlan, fáidh Ó gCuinn,
an prímhéarlamh cáidh Coluim?



Má thug an Deónaghadh dhi,
Saxa nua dan hainm Éire,
bheith re a linn-se i láimh bhiodhbhadh,
don innse is cáir ceileabhradh.



Muna gcuirid dóigh i nDia
síol Éibhir Sguit ón Sgithia,
a gclár foirne - gá dám dhó? -
ní clár d'oighre ná d'iarmhó.



Fearflatha Ó Gnímh.


L. 148


55.
Beannacht ar anmain Éireann,
inis na gcéimeann gcorrach!
atá treabh Bhriain na mbogglór
dom dhóigh ar dhobrón torrach.



Ionann is éag na Fódla
ceilt a córa 's a creidimh,
táire a saormhac 's a saoithe,
más fíor laoithe nó leitir.



Deacair nách bás don Bhanbha
d'éis an treóid chalma churadh
do thriall ar toisg don Eadáil;
mo thruaighe beangáin Uladh.



Ní léigeann eagla an ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh;
atá an chríoch réidh-se ríNéill
do chur ? fíréin dá folcadh.



Ní fhuil cion innte ar fhéiltibh,
ní fhuil ar chléircibh caingean,
ní mhaireann greann a dáimhe,
ní mhaireann náire a hainnear.



Atáid gan lúth gan lámhach,
mór an t-árach ar Éirinn
gan ágh gan innmhe, ógáin
i n-inis fhódbháin Fhéilim.


L. 149


Dursan milleadh na macaomh,
díorma ghlacshaor chleas nguile,
craosól ag clódh a gcéille, -
ag sin a dtréidhe uile.



Ní mhaireann aicme Chonaill,
dream ba rothoil i n-iomrádh,
nó síol Eóghain na mbéimeann:
d'fhearaibh Éireann is iomnár.



Ní mhaireann acht a n-iarmhar,
crú na n-iarladh ó Sheanaid,
laochraidh Mháighe is Mhéinne;
mo thruaighe gléire Gearailt.



Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
mór na teadhma re a n-aithris;
ag so na síona saobha,
do badh baoghal teacht tairis.



Do badh mór an meall dearmaid
gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis,
caor rathmhar gan rún cionta,
gion go bhfuil ionnta aithspéis.



Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
laoich nár fhuirigh ó ghábhadh,
is cealgach croidhe an ciothshluagh,
mo bhrón biothbhuan a mbádhadh.



Síol gConchobhair, rádh rodhocht,
ríoghraidh Connacht an-allód,
giodh saoithe saora a slata,
gan rígh aca acht ar anshódh.


L. 150


Sliocht Murchadha is Ó Mórdha,
féinnidh fá cródha i ngliadhaibh,
tearc aoinneach don tsíol tsaoróg
'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.



Síol na saorchlann ó Bhéarra,
laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
do chuir mé ar chaoi mearbhaill,
Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.



D'éag a huaisle 's a hoireacht,
gan toidheacht aici ón oilbhéim;
dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
d'fhine Gaoidheal is oilchéim.



Atá fá anshúil Balair
i dteidhm ghalair an Gealghort,
gan ioth gan bhláth i dtalmhain, -
bíodh ar a hanmain beannacht!



Fearflatha Ó Gnímh.


L. 155


57.
Tuar guil, a cholaim, do cheól!
mo chroidhe ní beó dá bhíth;
do bhréagais mo dheór óm rosg;
is truagh nách id thost dobhís.



A fhágbháil 'na aonar fúibh,
iostadh fairsing múir uí Róigh,
an é do-bheir meanma ort
ag nách éidir cosg do ghlóir?


L. 156


Nó an í an chumha dod chrádh,
a cholaim cheannsa, is fáth dhaoibh,
ó nách faice an úrbhas fhial
do chleachtais dod riar gach laoi?



Cosmhail nách don tír-se thú,
a cholaim bhúidh thig ón Spáinn,
i n-ionad ar thárbhaidh dhún
nách faiceam acht tú a-mháin.



An múr 'na aonar a-nocht
'na gcluininn gáir chrot is chliar,
gáir na bhflaith bhfairsing fó fhíon,
gáir bhrughadh ag díol a bhfiach.



Gáir laoch ag líomhadh a n-arm,
gáir na stoc i n-am na gcean,
gáir rámhadh isteach san gcuan,
gáir fhaoileann i n-uaimh na sreabh.



Gáir fithcheall dá gcur i luas,
gáir na suadh as leabhraibh sean,
gáir bhionnfhoclach na mban séimh,
dream do thuigeadh céill ar gceast.



Inghean Domhnaill do mhear mé
's do chuir mo chéill ar mo mhuin;
a beith gan oighre, gan ua,
cá beag dhamhsa mar thuar guil?



A chuilm an cheóil bhrónaig san dúna thall,
Is duilibh an róimh nósmhar so fúibh go fann;
Tulach uí Ró mhórga na múrtha mbeann,
Gan chuirm, gan cheól seólta ná lúba lann!


L. 157


58.
A mhná, guileam tre Ghlais Áir,
is tugam ar dtreas 'na dhiaidh;
combáidh ghuil is déanta dhúin,
's créachta an dúin gan luibh gan liaigh.



Och, ochán! adhbha na sluagh
'na bhfaghbhadh gach bochtán biadh;
níorbh'fhiú cách a cur ar gcúl;
ag gul fán dún go bráth biam.



Binneas is eól gach re n-uair
san tigh-sin ar dtós do-chínn;
é mar tá is damhna dár ndeóir;
mór lá leóin tarla dár dtír.



Do b'é mo ghrádh bheith san bhrugh,
ní badh slán mé ó nách mar;
is é fá liaigh dom lionn dubh;
bun 's cionn gan dul 'na dhiaidh dhamh.



San teach nduasbhog gan díoth lóin
dobhíodh cead cuarta ag gach cléir,
's gan triall tar ais, dá madh áil,
ó Ghlais Áir ina bhfiadh féin.



Dobhíodh ag laochraidh san lios,
gur traothadh ar dtír a-nos,
súgh caor i gcuachaibh gan ghlas,
's luachair ghlas go caol a gcos.


L. 158


Minic fá meanmnach mic ríogh
san tigh-sin tarla fá bhrón;
mímheanmnach a-nocht, monuar!
port na sluagh míndealbhach mór.



Sí riamh ag dula ós gach dún,
mar dobhiadh umha fá ór;
do Ghlais Áir do beanadh bríogh;
táir, fa-ríor, gach meadhar mhór.



Do b'é ar dteas i n-aimsir uair
an teach san aimsin an óil;
do b'é ar bhfuarán geal ón ghréin
an teagh réidh nuabhán gach nóin.



Bhar n-aithne is ceard deacair dún;
dar leam do leagadh do sheól;
más tú an baile 'na mbínn riamh,
caidhe an chliar dochínn ná an ceól?



Atá agam iongnadh nua,
go gcaithfeam, dá liobhra lá,
gan triall ó thoil re n-ar ló
don toigh dár mó ar mian, a mhná!



- Tuileagna Ó Maolchonaire.



59.
Uíche dham go doilig dúch
cois faraige na dtunn dtréan,
ag léirsmaoine is ag lua
ar choraibh crua an tsael.


L. 159


Bhí an ré is na reulta suas,
níor chlos fuaim tuinne ná trá,
is ní raibh gal ann don ghaoith
do chrothfadh barr cruinn ná bláth.



Do ghluaiseas i machtnamh mhaon,
gan aire ar raon mo shiúil,
doras cille gur dhearc mé
san gconair réig ar mo chiunn.



Do stad mé san doras tsean
'nar ghnáth almsana is aoi
dá ndáil don lobhar is don lag,
an tráth do mhair lucht an tí.



Dobhí fora fiar ar a thaoibh
is cian ó cuireadh a cló,
ar a suíodh saoithe is cliar
is taistealaig thriallta an róid.



Shuig mé síos le machtnamh lán,
do leigeas mo lámh fám ghrua,
gur thuit frasa diana déar
óm dhearcaibh ar féar anuas.



Adúirt mé annsan fá dhíth,
agus mé ag caoi go cúch:
"Dobhí aimsir ina raibh
an teach so go soilbh súch.



Sunn dobhí cluig agus cléir,
dréachta agus díocht dá lé,
cora ceatal agus ceól
ag mola mórgachta Dé.


L. 160


A fhotharach fholamh gan áird,
a árais seo is aosta túr,
is iumdha easgal is gaoth
do bhuail ar mhaoil do mhúir.



Is iumdha fearthainn is fuacht
is stuirm cuain do chuiris díot,
ó tíolaiceadh tú ar dtúis
do Rí na ndúl mar thíos.



A mhúir naomhtha na mbeann nglas,
do b'órnáid don tír seo tráth,
is diomá dian liom do sgrios
agus cuir do naomh ar fán.



Is uaigneach ataoi anois,
níl unnat cora ná ceól,
ach sgréachach ghéar na gceann gcat
i n-ionad na salm sóil;



Eidhean ag easgar ós do stua,
neantóg rua it úrlár úr,
tafann caol na siunnach seang,
is crónán na n-eas id chlúid.



Mar a nglaeudh an fhuiseóg mhoch
do chléir bhíodh ag cana a dtráth,
níl teanga ag corraí anois
acht teangtha gliugair na gcág.



Atá do phruinnteach gan bia,
do shuainlios gan leaba bhláth,
do thearmann gan íobairt cliar
ná aifreann do Dhia dá rá.


L. 161


D'imig do luamh is do riail,
is do chuallacht fá cian cáig;
och! ní fhionnaim anois fát ia
ach cárnán criata cnámh.



Och! anfhorlann is anuaill,
anbhruid anuais is aindlí,
fóirneart namhad is creacha cruaig,
tug uaigneach tu mar taoi."



Dobhíos-sa féin sona seal;
fó-ríor do chlaochlaig mo chló,
tháinig táir an tsael im aghaig,
níl feidhm orm ach brón.



D'imig mo luail is mo lúth,
radharc mo shúl agus mo threóir;
atáid mo cháirde is mo chlann
san gcill seo go fann ag dreó.



Atá duairceas ar mo dhriuch,
atá mo chruí 'na chrotal cró;
dá bhfóireadh orm an bás,
ba dhearbh m'fháilte fá n-a chóir.



Seán Ó Coileáin.



60.
Lámh ar th'áigneadh, a Úna;
léig díot, a dhearc neamhlúdha,
gnáth orchradhach inghean ghlan
t'imneadh confadhach cumhadh.


L. 162


Tréigthear libh trá bhar dtuirse;
tuig, a ghnúis mar ghlanluisne,
dod ghruadh ghairthe gur bh'omhan
snuadh bhar n-aighthe d'athraghadh.



Fill t'aigneadh, méadaigh meanma,
cuimhnigh, a sheang shoidhealbhdha,
gul tré dhaoinibh nách dleaghar,
dul aoinfhir dá fhoillseaghadh.



An cheard-sain do thogh tusa
teacht uaithe ní hurasa;
an dubha fán bhfoirm 'na bhfuil,
doirbh an chumha do charthain.



Ball dár dhealbh Ceard na cruinne
ná searg tré éag aonduine;
saobh an bhreath dá siabhradh sibh;
do dhreach grianmhar ná geimhrigh.



Soilsigh t'fhabhra ód cheas cumhadh,
foigh ót aigneadh ardaghadh;
ná measg, gé tharla ar do thoil,
do labhra leasg, ná luathaigh.



Claochládh do chrotha neamhdha,
díbh cá goimh is goimheamhla?
lór dod dhamnadh ná tairg trá,
do mhairg gidh adhbhar iargná.



Ná tabhair d'orchra t'aire,
gidh mór h'adhbhar eólchaire;
a hadhnadh ní tarbha ó thoil;
marbhadh t'anma ná haontaigh.


L. 163


I n-áit gach athar eile
gabh le Mac na Maighdine;
cuir doilghe a chneadh id chridhe
dod Choimdhe eadh h'aimsire.



Tomás, breitheamh na mbreath bhfíor,
easbal iodhan na ndeiggníomh,
dár dtriall is-teagh ó ghníomh ghlan
go teagh an Ríogh le rothol.



Cúchonnacht Ó Dálaigh.


L. 167


62.
Mairg chailleas géag ghlanchumhra
badh cumhdach croinn gan chríonadh;
anois ar n-éag Mathghamhna
do thuit a bharr i n-íochtar.



Craobh mhaothálainn fhíneamhna
do chailleas i dtós fhoghmhair;
d'ardaigh fós mo mímheanma
gan súil agam re a fhoghnamh.


L. 168


Gamhain maith don ghamhanraidh
do b'áirmheach idir sgolaibh
'na chaoir chruthghlain chabharthaigh,
do thuit mar bhláth roimh thorthaibh.



Tug díth an dil dealbhchrothaigh,
ag lucht feasa do foighreadh,
deóir im dheirc 'na ndeargshrothaibh
nách báidhfeadh reódh ná oighreadh.



Tig chugam im thaidhbhrithibh
ag seargadh seal le sáimhe
i gcruth álainn ainglidhe
bheanas díom gol is gáire.



Mar thig i gcruth naomhnuaidhe
dom mheadhradh seal le siabhradh,
caillim ar feadh aonuaire
dá mbeith oram úir bhliadhna.



Leisge is doille is brónbhuidhre,
's gan lámh ag iomlat mh'éadaigh, -
tug a éag i gcómhnaidhe
mhé gan ionnramh chóig gcéadfadh.



Mar léighim a léigheann-san,
mar do-chím a aos comtha,
bím do nós na nÉireannach
fá mhaoith ag dul i ndoghra.



Ar ndíth mo sheacht nglanghárlach
sirim grás ort, a naoimhThriath;
maith damh féin a n-achlán-san,
is fág beó agam aointriar.


L. 169


Mar dháil ins an eólchaire
do-rinneas fán ógh amhra,
naomhaingil is óghMhuire
guidhim do choimhéad mh'anma.



63.
Ní buan bláth i gcionn bliadhna,
madh lán biadhmhar a dhuille;
comhartha an choill ar gcríonadh
barr na fíodhbha dá dtuite.



An crann chailleas a ghéaga,
bhíos gan éadach gan toradh,
is é a chríoch uile choídhche
lámha daoine dá losgadh.



Atáim go cumhthach ciamhair
bliadhain anocht ó 'nuraidh,
trém dhuille 'na bhláth bréige,
gan lán céille dá chumhaidh.



Do chráidh mo chroidhe ar dteastáil
rogha deasgáin dom dhíoghlaim;
ós dó dobhí mo rothol,
do-bhéar tosach don díoghrais.



Gnáth mo charaid im aghaidh
seal tré'n mac-soin do chaoineadh;
mé i nglas re feadh a eachtra;
ní measa an cat re laoidheadh.


L. 170


Cian ré gearr damh i ndoghra,
cidh mó mh'orchra fán dtráth-so;
sé mhí fá dhó mhé i bpiantaibh,
nách mó bliadhain mar Phláto.



Mé ar nós deiridh an domhain
glóir is moladh don naoimhRí!,
mo bhláth mór ar bheag dtoraidh
do thuit orainn, cidh daoirní.



64.
Caoinfead féin, má thig leam,
mo chlann chruí gan míghreann;
ós mé do chaill iad seach cách,
caoinfead iad go diomách.



Lag mo chúnamh ar dteacht don chás
do ghuin mo chruí le huathbhás, -
im aonar i n-iathibh Fáil,
's gan neach dom ghaol im chódháil.



Ós éigean dam trí thuirse chléibh
tiunsgain caoi le hiairmhéil,
is teinn atá mo cheann a-nocht,
mo ghuth is fann gan furthacht.



Ní trua bean ag caoine a céile,
ná fear ar díth a bhainchéile;
's is trua mé mar éan gan nid
tar éis na n-óg ná mairid.


L. 171


Nó mar ghéis ar sleasaibh tonn
ag cantain ceóil le neamhfhonn:
ar dteacht don bhás fá n-a déin
canan ceól ba truaimhéil.



Canfadsa lem ré go brách
ceól nách binn gach aontráth;
ó thárla go tráite fann,
caoinfead féin mo chéadchlann.



Creach lium Ceallachán i gcill,
taobh le Cormac cneismhín;
Anna agus Máire, mo shearc,
monuar fá lic i n-aoinfheart!



Mo cheathrar cluinne gan bhéim
nár bh'iarmhar cré i n-aoinchéim,
abhar créacht mo chruí go deó
bheith dá gcaoine i n-aonló.



Ba bhinn lium a nglór rem theacht,
is iad ag rith i n-aoinfheacht;
cé bheir fáilte dham ná póg,
ós marbh iad fá aonfhód?



Muna bhféachainn do Chríost i gcruis
dofuair ó Iúdaibh athis,
do leanfainn iad gan mhuill fán lic,
nó bheinn le baois 'na n-éiric.



I meán uíche 'na dtrom suain
creach mo chruí go róchruaig!
mo cheathrar cáig do chailleas iad
i nóimeant uaire ar aoinrian.


L. 172


Is mó do shíleas ar dteacht dom aois
mo chlann im thimpeal go mbeidís,
ná a ndul uaim go luath i gcill,
is mé dá n-éis ar neachrích.



Ba dlithe dham urraim óm chluinn,
dá dtugas searc mo chéadmhaoin;
ós mé ba sine ná iad,
ba dham ba dleacht an chéidrian.



Is trua dhóibh do thréig mo pháirt
is d'imig uaim i n-aondáil,
nár léig lium tús na slí,
ós mé dorin na peacaí.



Beag mo shuim i gceól ná i sult;
is uaigneach mé le tamall;
ní binn lium duain ná dán;
is cosmhail mé le hamadán.



d'imig uaim mo ghné 's mo neart;
atáim gan chéill gan toirbheart;
ní heagal lium an bás dom fhios,
tar éis na gcáirde chailleas.



I n-am suain, i meán uíche,
is bocht bhím ag éagcaoine,
's mo chlann as mo chóir ag teacht
dá iarraig orm gluaiseacht.



Is cumann dóibh teacht im dháil,
is iunmhain lium a ngriansgáil;
gearr go rachad leó san tslí
le toil naomhtha an Áirdrí.


L. 173


Dochím iad san uíche thall,
ní sgaraid lium i n-aonbhall;
beid im dhiaig amuich 's istig
go leanfad iad fán mbéillic.



Is trua lium fá sgíos an bhean
dothug don chluinn a róghean;
tug dóibh grá agus lacht a cruí;
is trua lium ise ag ceasnaí.



Is trua lium a lá go lag
ó bheith ag buala a bánghlac;
is fliuch bhíd a ruisg um nóin;
do sgoilt a cruí le hanbhóin.



Ní hiúna lium í go bocht, -
isí do chaill a cuallacht;
isí tar mhnáibh Inse Fáil
dochonnaic críoch an tromáir.



An gleann 'na ndearnadh mo chreach,
's do choisg mo mheadhair gan fuireach,
mallacht Dé do ghnáth 'na bhun
i n-éiric áir mo chumann.



Gleann an Áir ó so suas
baistim air go biothbhuan;
nimh an fhill dorin oram
'na dhiaig do shíor le míochothram.


L. 174


Nár fhaice grian ná solas glan,
nár fhaice ré ná reultan,
diomua séin do shíor 'na chóir
tug mé gan aois im sheanóir!



Féilim Má Cártha.



65.
Caoin tú féin, a dhuine bhoicht!
do chaoineadh chách coisg do shúil;
ná caoin inghean, ná caoin mac,
dár cuireadh fá bhrat i n-úir.



Caoin ar tús do pheacadh féin,
ré ndul i gcré dod chorp;
caoin, ós éigean duit a híoc,
an pháis fuair Críost ar do shon.



Caoin ar fhulaing ar do sgáth
Críost, do cheannaigh cách i gcrann;
caoin a dhá láimh 's a dhá chois,
's an croidhe do sgoilt an Dall.



Dá bhfaictheá a ndeachaidh uait,
is mar táid na sluaigh-se fúinn,
tar ar cuireadh riamh i gcré
do chaoinfeá thú féin ar dtúis.



Teachtaire Dé ós é an bás,
dá raibh ortsa 'na chás chruaidh,
do-ghéana tú h'aimhleas féin
is aimhleas an té dochuaidh.


L. 175


Ar chruthaigh lámh dheas an tSaoir,
idir mhac is mhnaoi agus fhior,
ní bhfuil againn truagh ná tréan
nách rachaidh uainn d'éag mar sin.



Ar shliabh Síóin, lá na Sluagh,
badh duibhe ná gual do ghné,
anois giodh álainn do chruth,
muna gcaoine a-bhus tú féin.



Truagh sin, a bhochtáin gan chéill,
dá dtuigtheá-sa féin mar taoi,
do léigfeá do chaoineadh chách,
's dobheitheá go bráth ag caoi.



66.
Mallacht ort, a bháis bhrónaig!
a ladrainn leóinte gach iathe;
chúig mhíle is seacht do chéadaibh
ataoi dár n-éirleach do bhlianaibh.



Olc h'éirim i dtúis h'aoise,
tosach an fhill ar Ábel;
an mac do b'fhearr do ghoinis,
an mac ba dona d'fhágbhais.



Mar sin duit ris gach líne,
dá ndíochur is dá léirsgrios;
don olc is sia do cháirde
ná don té do chráifeadh céadta.


L. 176


Mallacht duit agus míle,
a chú na sgríbe gan féachain
do neach dá fheabhas fuadar
seoch an fuaicle nó an sméirle.



Cosmhail le beithir nimhnig,
le gríbh thú, nó le faolchuin;
is tú mille gach críche
a bhíobha an chine dhaonna.



Cosmhail tú le fear speile
nách teibean ó gach feóithne,
gan trua gan taise d'éinneach
seoch a chéile dá n-óirleach.



Tú an reithe dochonnairc Dónall
ag córac ris gach nduine,
ag beartú a adharc go gcráifeadh
cheithre háirde na cruinne.



Cosmhail tú le fear ósta
'gá mbí deóra fá chathis;
ar n-imeacht adeir, dá lámhú:
"Tabhair sású 'nar ghlacais!"



Aonmhac do bhreith ón athir
cuid dod chleasaibh, a mhéirlig;
mac ná iníon don mháthir,
a chneámhaire, níor caomhnais.



Olc do chumann, a chladhaire;
do dheadhlais mé lem aonmhac;
beag mo ghreann 'na dheóig sin
i ngleann na ndeór im aonar.


L. 177


Is damhsa ba chóir tosach,
is mé fann folamh ar fiara,
's an té do b'fhearra d'fhágbháil, -
níorbh'é an beagán do riaradh.



Mallacht ort agus fiche
dam nár chuimirc an séaghann
do b'fhearr i dtig 's i dtáirne,
's nár chuir cáirde ar an bhféile.



Is trua nách mise rugais,
is gan mé d'fhulang 'om piana;
ní beó dham, bíodh nách éagaim,
gan ró céille 'na dhiaig sin.



Mo shlán feasta fád dhícheal,
cé táim i n-íochtar agat;
cé ráinig leat mo dhíobháil,
ní thig leat m'aonghrá d'aiseag.



Mallacht don bhás mar iarsma
nách Dia chruthig ná d'órdaig,
ach smáilc sean agus sinsear
atá gach aimsir dár n-óirleach.



Minic dochum a bhuailte
théid duine do bhuain slaite;
mathim é muna dtárla
don té sháraig an aithne.



Mar sin táinig an peaca;
isé do tharraing an sgiúirse
atá gach lá dár loma,
mar do sloigeadh an t-úbhall.


L. 178


Isé seo an sáilín seire
ó 'sé is deire do gach flathas
bhias ag seilg ar chluinn Ádhaimh,
ós de tháinig an mhallacht.



Muiris mac Dáiví Dhuibh Mac Gearailt.


L. 186


75.
Triúr atá ag brath ar mo bhás,
gé atáid do ghnáth im bhun -
truagh gan a gcrochadh le crann! -
an diabhal, 's an chlann, 's an chnumh.



Ní thiobhradh aoinneach don triúr
don dís eile, giodh iúl claon,
an chuid do roichfeadh 'na ghéig
dhóibh ar a gcuid féin ar-aon.



An diabhal is dordha dáil,
an fear leis nách áil acht olc,
ar an anam soilbhir séimh
ní gheabhadh sé an spréidh 's an corp.



Do b'fhearr le mo chloinn mo spréidh
do bheith aca féin a-nocht,
dhamhsa giodh fogas a ngaol
ná mh'anam ar-aon 's mo chorp.


L. 187


Na cnumha, giodh amhgar súd,
dá gcurthaoi mo chúl san gcré,
dob'fhearr leó aca mo chorp
ná mh'anam bocht is mo spréidh.



A Chríost do crochadh le crann
's do gonadh le Dall gan iúl,
ó 'táid ag brath ar mo shlad,
is truagh gan gad ar an triúr.


L. 192


80.
Anois, a leabhráin, imig rót;
is áirithe dhuit fáilte na huile
san uile réghión thiar is tuir
ó chríostaithibh na cruinne.



Is trua nách damhsa atá sé i ndán
tráth bhead aosta, mar tá tusa
bláth na hóige chur orm arís,
sul a mbeinn críon aosta liosta.



Má tá do chóta casta buí,
tá do chruí geal id chraiceann;
tráth cuirfear tusa arís i gcló,
beig bláth na hóige ar do mhalainn.



Ní mar sin damhsa! Caife mé
géille 'on éag is dul don bhaile;
seachain thusa, a léthóir shéimh,
gan cluain an tsael bhoicht dod mhealla.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services