Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Filidheachta an Athar Pádraigín Haicéad

Title
Saothar Filidheachta an Athar Pádraigín Haicéad
Author(s)
Haicéad, Pádraigín,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1658
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Gill agus a mhic Teor, 1916)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



IS MAIRG THUG SEARC



Is mairg thug searc do lathairt tuile an tsaoghail bhróin,
'S gan aca air do sheal acht gal suip tirm tuighe ag dóghadh,
'S go gcaithfeamna, a ndeachaidh as 's a bhfuilimíd beó,
Freagairt gan stad don reacht do chuir an Rí i gclódh.



Is mairg do chleacht gan tart an iomad dighe dh'ól,
'S tug aire dhon chasc ag caitheamh proinne faoi dhó,
An t-anbhfann lag ar n-at amuigh i gclaidhe an chlóis,
'S an t-anam nach feas cár ghaibh indiu do dhíth lóin.



A Bhanaltra bhleacht 's a bhean an tiomachroidhe mhóir,
Muna dtagair gan stad is seasamh d'imridhe an lóid
Badh heagal an bhreath do theacht n-a luisne faoi an gcóip,
Dá dtreascairt ar fad do teacht do thuile bhríghe an smóil.


L. 34


Tairg mar bhreab do dhearc go sile sí deór;
Na hapstail beir leat, i saingil nimhe bíodh Eóin;
Greadaidh na basa, screadaidh uile caoi is geóin,
'S is dearbh go maithfe an Mac an uile ní dhóibh.



Athghoir do Mhac do ghaibh it fhionnachlí feóil
Do dhalta do shearc is fear do chruinnichíogh dheól
Gan seasamh ar cheart ná teacht tar briseadh dhlighe leó,
Acht a fhearg ar fad do mhaitheamh duitse 's ní dóibh.



Ó ghabhais le h'ais an chreach, 's gur bhuinis í 'on tóir,
'S ar admhuigh leat gur ghlacais cumraighe dhóibh,
Ná dearmaid asta, is peacach mise bhí 'on tsórt;
'S is beannuighthe i measc na mban tu a Mhuire mhín mhór.



A Dhé na n-apstal fuair peannaid dá bhfíorfhuascladh,
Mar aon led Bhanaltrain bheannuighthe bhí ar buaireamh,
Ó's léir gur cheannachais m'anamsa, a Chríost chuanna.
Léig me i bhflaitheas na n-aingeal go bhfuighead suaimhneas.


L. 36


XXVI



MÁ BHEIR DIA DO THIAGHARNUS DAMHSA



Aithrighe Phádraig Haicéad.



Má bheir Dia do thiagharnus damhsa
Bheith slán ón láimh seo do leónadh,
Do-ghéan beart is maith fá dheóidh dham,
Léigfead do bhaosraidh na hóige.


L. 37


Slán léi, ní ghéillfead níos mó dhi;
Táinig a ré, ní mé is dóigh dhi;
Thug sí a seal, do chaith sí a róba;
Caithfead léi m'aonchloch is m'órda.
Tréigfead an réim dobhí romhamsa;
Léigfead síos go mín mo sheólta;
Ísleóchad m'uaill, cé truagh leósan;
Léigfead díom bheith maoidhteach módhmhar.
Ní bhead feasta go rabairneach róimhear;
Ní iarrfad clú ná túis póige;
Ní dhéan taithighe ar faithchíb lóngphuirt,
Treasuidheacht ná gleacaidheacht le hógaibh.
Ní faicfidhear mé ar achaidhibh ná ar bóithribh,
Ag fastaím ná ag marcaigheacht óigeach;
Go dearbhtha ní rachad i gcomhlann,
Is ní caithfead léim ar thaobh móna.
Choidhche ní shínfead an dóid seo,
Le tíodhlacan líge móire;
Is bíodh ar m'fhallaing má chaithim go seólta.


L. 38


Le mac raide nó gearrgha treórach,
Suas ar each ní rachad go seólta,
Gan claidhe árd is lámh fám thóinse;
Is bheith ar lár cé náireach dhamhsa
Anmhain thuas ní huaim is eólach.
Ní bhiam go grianach ar chóisir,
Ag déanamh cleas i measc ógbhan,
Ag ringce le a seinntear dóibhsin,
Ag staruidheacht 's ag breasnuidheacht ar bórdaibh.
Ní bheárrfad cárta go cómhthrom,
Is ní shuidhfead an dísle cóirneach;
Ní bhead go bráth fá chlár póite,
Ar lár is mé lán go scórnaigh.
Bead go heaglach anbhfann ónna,
Is ní bhead fíochda bruighneach beódha.
Ní rachad le cleathaire chum comhraic
Ar eagla mo mharbhtha dhósan;
'S má gheibhim cladhaire feidhmleisc feósach
Éagcruaidh íogmhar claoidhte rólag.
Ní fhairfead é, ní héacht cóir sin,
'S ní mhuirfe mé, ní dhéanad dóigh dhe.
Slán feasta le mná deasa na Fódla;


L. 39


Ar chaith mé dá réir is leór liom
Arís go bráth ó táim n-a n-eólus
Scarfad riú, níl rún is córa;
Óir is iomdha saoi líomhtha mar Óbhid
Is feallsamh seanndlightheach róghlic
Ughdar is fear scrúdtha cómhad
d'fhágadar súd go dubhach deórach.
Is iomdha gleacaidhe is gaiscidheach rómhear,
Clanna ríogh, agus ríoghra chródha,
Laoch feardha is fear calma comhraic
Tháinig díobh do chlaoidhe 's do bhreódhghoin.
An chuideachta chuanna bhuadhach bheóltais
Iongantach áluinn mhánla mhódhmhar
Chúlchas charthannach leabharghlan lóghmhar
Is mór mo mhearughadh fa dhealughadh leósan.
An táin mheidhreach ghreadhnach mhórghlan
Na gcúl ngleannach n-eangach n-ómrach,
Atá d'aistidhibh 's d'ealadhain nódh aca
Nach taobhtha d'aonneach dá mhéid eóluis.
Le blanndar na mbanchuire sróllmhar
Madhmach mianach siansmhar sómplach
Geabhad cead, gidh deacair dhamhsa,
Is teilgfead chucha an triubhas thar teórainn.


L. 40


Gan amhrus ní mheallfaid níos mó me,
Geabhad le mnaoi chríonna dem chomhursain,
Aga mbiaidh grideal, coire is cófra,
Aga mbiaidh líon, caoirigh is córaid.
An ealadha do chleachtaimís is róleamh,
Bheith tréitheach caomhshlightheach ceólmhar,
Éireóchad dí, ní hí bhus lón dam;
Ní bhiathaid na briathra na hórda.
Doghéan grafadh agus branar mo dhóithin.
Leanfad an céacht is déanfad rómhar glan,
Beidh airgead n-a cheathaibh im póca;
Scarfad leis an aindeise 's is cóir sin.
Casfad súiste ar lúth im dhóirnibh,
Buailfead go tric pis is pónair,
Bhéarad sluasad mhuar ar ló liom,
Teilgfead claidhe le taoibh na heórna,
Spréighfead aoileach ar mhín mhórchnuic,
Scaipfead síos an síol fa fhódaibh;
Beidh ealtain do lachain 's do gheódhaibh
Agus scaoidh chearc ag teacht fam ghlórsa;
Beidh gabhair ag labhairt um neóin liom;
Beathóchad mo bhean, beidh dart bó agam,
Is bead go seascair gan aiteas i n-ól fleadh,


L. 41


I mboith chumhaing chluthair chomhgraigh
I ngleann uaigneach nó ar bhruach mónadh,
Nó fa scairt abhfad ó ródaibh;
'S má thig aonneach d'éileamh chomhgair
d'iarraidh bídh dighe nó fóid orm,
Bhéara mé an chaomhchroich chomhachtach
Nach bhfuil gaol le haonneach beó agam;
'S dobhéarad céad mionna móra
Nach fios dam cia neach san domhan é,
Do lucht Bhanba nó d'aicmibh Fódhla,
d'fhuil na ríogh dobhíodh ag móirghleic,
De shliocht Éibhir chéibhfhinn chródha,
Nó shliocht éachtaigh Éireamhóin eólaigh,
Nó shliocht Íre scaoileadh seodaibh,
Nó shliocht Íthe ler fríth an fód so.
Séanfad go héag feasta dhóibhsean
Nach mé bhí go haorach treórach
Dhom riar i dtús cliar agus geócach
Nó ag fagháil duais ó uaislibh Fódhla;
'S nach rabhas im scogaire shonntach
Gan fascadh fam chneas acht rópaí
I gCorcaigh ag iarraidh coisbhirt nó cóta
Ar fhuil Fhiachaidh, Bhriain nó Eóghain;
'S nach raibh mé fa réim n-a dheóidh sin


L. 42


I measc gláimh is dámh is deóraidh
Ag fagháil each is beartaibh órdha
I n-aonáit ón chaomhshliocht chóir sin;
I gcrích an Chláir nár ghnáthach dhamhsa
Bheith im bárd go ráidhteach róbhras
Ag síol mBriain dar ghiall an ghleóghail,
Nó ag síol Aodha na gcaor gcomhraic;
Nó i gcrích Chonnachta chluthar chnómhar
Nach dtaithighinn im chleasaidhe nó im óinbhid
I n-aimsir bainse nó cóisreach,
Ag síol gCuinn do roinn le hEóghan
Inis Fáil n-a dhá leith cóthrom;
Nach bínn lá im fháidh nó im eólaidh
Ag tréanshliocht Íre íochtar Fódla,
Nó ag clanna Néill dar ghéill na cóigidh,
Nó ag síol nDálaigh ághmhair óirdheirc;
'S nach rabhas im scéaluidhe ghléchaoin ghlórach
Ag cloinn chalma chathardha chródha
Chathaoir ler ceartuigheadh na teórainn.
'S gach ar cumadh de mhionnaibh san Róimh thoir
Dobhéarad féin, an méad is eól dam,
Nach rabhas aon sheal go greannmhar glóirghlic
Ag gallaibh na Banba fa mhóirchion,
Im fhear seanma sealad i seómraibh
Ag seinim puirt ar chruitibh ceólmhar.


L. 43


Nó seal im reacaire i n-aice na n-ógbhan
Ag caoinreic mo laoithe dhóibhsean.
'Déara mé le gach aon don tsórd so
Má thig sé fam dhéin dom lóntoigh:
Ní mé th'aithne, ní fhaca tú fós me;
Ní raibh mé riamh níos sia ón fhód so.
'S má chím chugam an chuideachta chlócach
Bhriste bhéarlach ghléasta ghlórach,
'Déarad gur thréig siad an t-eólus:
Sin síos an tslighe tríd an mhónaidh;
Ní bhfuil annso acht baintreabhach bhreóidhte,
Im ná iasc ná hiarr ná feóil ann;
Lionn ná bainne níl aici ná beóuisc,
Ní raibh ariamh 's ní bhiadh, mo dhóighse.
Gibé cuideachta chluinfeas mo ghlóirse
Creidfid nach bréag adéarad leósan;
Gluaisfid is buailfid an bóthar,
Is rachaid don mbaile n-a reacthar an t-ósta.
Rachadsa isteach go prab n-a dheóidh sin
Is iadhfad amach tre chleath na comhla.
Cuirfead maide daingean nó dhó air;
Scaoilfead na fallainge is suidhfead sa gcóirneal;
Fadóchad teine bhríoghmhar mhór mhaith;
Suidhfead féin lena taobh ar stól bheag,


L. 44


Is déarad go haoibh lem chaoimhtheach Móirín:
Tabhair dhúinn ar gcuid, a gcluin tú mo ghlóirse?
Cuirfidh clár gearra nó leathan im chomhairse,
'S dobhéaraidh léi dhá mhéis mhóra -
Mias meacan, mias phraisce nó phónair -
Is bhéaraidh léithe ó thaobh den chófra
Ceann meascáin is gile 'ná scóraid,
Briollán bainne arn-a mheascadh go rómhaith,
Is dóithin gearáin d'arán eórna;
S ní bhíonn againn go léir fán gcomhroinn
Do chuideachta acht mise agus Móirín,
Mo dhias mac nach maith do seóladh
Briainín, Diairmín nó Domhnall.
Má do gealladh an bheatha so dhamhsa,
Is mairg dham do chleacht gach sógh maith,
'S bheith ag imirt ar fhidhchiollaibh órdha
I measc uasal is fuaim cheólta,
'S ag iomrádh ar fhionnmhnáibh óga.
Is ó do thréig mé an saoghal 's a mhóirmheas,
An méid seo, a Dhé, atá dom ré romhamsa
Caithfead go túirseach brúidhte brónach
Ceanntrom cianach ciamhair ceóthach.


L. 50


XXXVIII



BEANNACHT DÉ GO hÉAG



Beannacht Dé go héag agus grása grinn
Ar gach aon dá ngéabhaidh an tsailm seo linn,
Agus nach tréigfeadh ar aonchor le gárta mionn
An péarla dfhág Séamus mar shásamh ionn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services