Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Art Mac Bionaid: Dánta

Title
Art Mac Bionaid: Dánta
Author(s)
Mac Bionaid, Art,
Compiler/Editor
Ó Caithnia, Liam agus Ó Fiaich, Tomás
Composition Date
1817
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



NA DÁNTA.



An tAthair Pádraig Ó hAnluain.



A fhréimh den fhuil uasal faoi ghruaim i nDún Dealgan, mo dhíth,
Treibh eaglais is uachtarán thug bua le cumas a ngníomh,
Ó hAnluain a ghluais anuas ó Cholla an dá chríoch,
Síol Eochaidh na mbua bhí go huaibhreach i dTeamhair na ríogh.



Is é mo thuirse gur treaghdadh an tréan-fhear Pádraig caoimh,
A fuair oideas ón chléir, tá faoi chré, mo chrá, ina luí
Ach scrios ar an éag nár ghéill do chrá so a ghaoil,
Nó go n-ardfaí céim don té tá faoi cháin dá dhíth.



Is follas do chách gurb é an bás a d'fhág tusa faoi ghruaim,
Ó theastaigh an tAthair Pádraig, d'athraigh do dhreach is do shnua,
Bhí caradas ar fáil agat is grá ón eaglais an uile uair,
Ach is é ollamh na bplástar do chairde ag deireadh do ruaig.



An tAmhrán.
Ní bhfuil an mac léinn ó Eirne go himeall Loch gCál
Dá dtigeadh chuige Séamas nach bhfaigheadh scléip gach 'n choirm ar chlár,
Ach dá dtigeadh othras ón éag ar aon den aicme go bráth,
Ní fhóireann a léann gan an séad a chuir Marcas chun báis.


L. 34


Ar Shéamas Ó Broin, Píobaire



Thug mé ruaig fá bhruach na tíre,
Is i mbruíon na slua a chuas chun scíste,
In áitidh suailce nó suain mar mhian liom,
Is é chualas fuaim agus uaill-ghuth píbe.



Bhí roinn den fhéin seo go céimiúil státúil,
Cuid eile ag léamh go cléiriúil cráifeach,
Bhí Ó hAnluain ina léice ag méadú an charnáin,
Is bhí an Branach ag méiligh is ag séideadh a chuid málaí.



Más don eaglais a luadh na guadaí gan eolas,
Ó hAnrachtaigh Rua nach raibh suairc ina ghlórthaí,
Mac Ardghail a ruaigeadh anuas ón Rómhar
Is Ó Luain a bhí ar fuaimniú tríd chuantaí na hEorpa.



An tAmhrán.
Dá nglacfadh an tEaspag bríb is gan an fíorcheart a fhuagradh,
Ach bulla thabhairt scíofa do gach aon de na tuataí,
Bheadh an Branach lena phíb ag cur cloí ar na cuacha,
Is go dteithfeadh na mictíre le scaoll-mhire uaidh-sean.


L. 35


Ar An Phíobaire Céanna



Ghlac mise réim go séidfinn port ar an phíb,
Nuair a fuair mé 'n gléas le mo thaobh san fhuinneog ina luí,
Tráth chuaigh siad a mhéiligh, léim an Branach le fíoch,
Samhail le claorán ag éirí ar eiteall as díog.



Thug seisean ruaig fá thuairim ollaimh an cheoil,
Ach is é Hanrachtaigh Rua a ruaigeadh i dtosach an ghleo
Tráth chonaic mé'n guada gruama ag teacht i mo chomhair,
Bhí mé ag buain fuachais as a bhfuair mé agam i mo dhórn.



Bhí feadán den phíb lér mhian na Humours of Glynn,
Is feadán a scaoilfeadh flít Rí Sacsan ar toinn,
Bhí feadán ag caoi mar dhílleachta linbh gan mhuirn,
Is feadán mar naosc ag éirí ar imeall na dtom.
An tAmhrán
Dá marbhfaí nó dá mbáfaí, dá ngoinfí nó dá sáfaí
Ollaimh is lucht cláirsí is gach sáraicme séimh,
Thiocfadh an Branach sábháilte ar thubaiste gach gábhaidh
Mar nach bhfuil sé i gcumas nádúir le hardaigne téad,
Nó dá dtiocfadh scairt ar sáile ar phíobairí Chríoch Fáil
Go tíortha deas na Spáinne, cha dtráchtfaí ort go héag,
Ach is tuirseach liom le rá nach bhfuil port dár síneadh lámh air
Nach bhfuil in do chuid málaí ach nach bhfágann siad é.


L. 36


Na Táilliúirí



Dhéanfaidh mise báda bronnmhar,
Imeos go fonnmhar ar sáile,
Is cha ligim neach dá hionsaí,
Mar cheannphort ach táilliúir.



Óir is furas a gcur in ordú
I mbéal bóchna san oíche,
Chan iarrfadh siad mar lóchrann
Ach beo i mbarr píce.



Ba mhaith an t-ábhar gáire
Fán tráth sa na gruagaigh
Cormac agus Pádraig
Is an fear báite ar a nguaillibh.



An tAmhrán.
Chuartaigh siad gach cóirnéal ó Chloch Mhór thoir na nIarlaí
Go rannaibh na Bóinne ag teorainn na hIar-Mhí,
Gan choinneall, gan tóirse, ag tóraíocht iascaibh,
Is níor ghabh oiread is d'fhóirfeadh do dhreolán bliana.


L. 37


Do Antaine Ó Leannáin



Tá brainse féidhmiúil ceansa céillí
ag taisteal Éireann an uair seo,
Ag brosnú léighinn is ag cosnamh céime
is ag dealú éigsí ó thuataí,
Ó Leannáin réimiúil de threibh na cléire
bhí i bhFeadh na féile mar uachtarán
Gur bhuail an t-éag ar an aicme chéanna
a d'fhág na céadta faoi ghruaimcheas.



Níl áit a gcualas i gcríochaibh Chuailnge
tásc nó tuaileas an déa-mhic,
Nach dtugas ruaig ann, gan scíth gan suaimhneas,
ar aiste suailce is pléisiúir,
Thug sreabh na huaisle bhí frasúil stuama
tagra buan sheasfadh céim dhamh,
Ach thug Brionan fuagra nach bhfuighinnse tuarastal
is thit mé in uaigneas an scéil seo



A charaid chléibh, má chluin tú aighneas
ag teacht in m'aghaidh-se ag an cheannphort,
Is leat is féidir mo chur in aonfheacht
le ollaimh Ghaeilge na Banba.
Cha déanaim pléideáil i gcúrsa an scéil seo
má dhiúltar céim dhamh gan amhras,
Óir an ní nach leigheastar is éigean a fhoighdiú
agus scoirfead féin de mo sheanchas.


L. 38


Is Tubaisteach An Cás



Is tubaisteach an cás atá láimh ins an ghleann so,
Go bhfuil mná agus páistí is garlaigh faoi anbhroid
Ag éirí ar na hardáin ag gártha fán amhgar
A d'fhág dhá ghabhar bhána orthu atá ag Barney Hanlon.



Samson, gé gur láidir, nó Paris mhac Hécuba,
Nó Cúraoi mac Dáire thug Blánaid ó na laochra,
Cú Chulainn nó Máine ag táin na hAirménia,
Go dtiocfadh eagnaí báis orthu, dá dtarladh don phéire.



Cuireadh tionól sluaighe ar uaisle Chríoch Feidhlim
Thart go himeall Chuailnge ag gealladh duais is éadáil
Don aicme úd a ruaigfeadh uainn lucht na n-adharca
Is cha dtáinig neach a d'fhuagair ár bhfuascailt ón ghéibheann.



An tAmhrán
Coimrí Mac na ngrása fán dá laoch stuama glic,
Thug cabhair do na garlaigh bhí ag gártha is ag fuachas ar chnoic,
Mar bhí Learrái is Para táilliúir is a ndá choileán luaimneach coin,
Is lean siar go Cnoc na hÁithe iad ag baint sásamh as na gruagaigh sin.


L. 39


Bás An Ghabhair



Nach tuirseach an gníomh a theagmhaigh sa tír seo
I lár na hAoine san fhómhar?
Le gaetha líofa gur goineadh an míle
A thaisteal críocha na hEorpa!
Gé go raibh a ghaolta, anuas ón dílinn,
I seilbh dhílis na Fódla,
Fágadh sínte é gan lucht a chaointe
Ag conairt chraosach Mhaigh Phónair.



Chruinnigh na daoine i lár na hóiche,
Agus fuair siad sínte ar an fhéar é;
Na srutha líonta d'fhuil a chroí-sean,
Is é gonta cloíte ag an éag ann.
Bhí cáil le scríobhadh de ghnaithe saolta aige
Ach níorbh eol dó a mhíniú i nGaeilig;
Réir mar shaoilim, dá dtuigfeadh daoine é,
Chrochfadh sé an tír as a héadan.



Bhí fear den chompáin chaith i bhfad dá aimsir
Ag teagasc Fraincis is Gréigis,
Bhí sé i bhFlanders, is thiar i Luimneach,
Agus seal i Longfort ina chléireach.
Cha raibh sé i gcontae a chuirfeadh bang air
I dteanga Eabhra is Gaeilig,
Is é scríobh an tiomna le solas coinnle,
Óir thuig sé iomlán an scéil sin.



Ar dteacht i láthair damh go má an ghábhaidh,
Sin an áitidh a raibh an phléideáil,
Dúirt roinn den pháirtí go raibh an galar spágach air
Is gurb é sin ábhar a éagnaigh.
Dúirt Joe Mhac Partholáin le Seán Mac Ádhaimh
Mar nach raibh sé gnách ar Bhéarla
Gurb ar Pheadar Mhac Ardghail a ghoir sé ina ghárthaibh
Is is é a thuigfeadh ábhar an bhuaidhridh.


L. 40


Char lig na buaidhreadh do Pheadar éistin,
Nó gur réab sé ins na fuachais;
Mar bhí sé tréitheach sa teanga Bhéarla,
Thuigfeadh an mhéileach ba chruaidhe.
B'fhada an éagaoin do rinne an péire,
Ach ba é críoch na scéala mar chualas,
Gur conairt chraosach as tír ó chéile
Tharraing aréir chun na huaighe é.



d'fhág sé a bhás ar an mhadadh bhán
Bhí ag Peadar Mhac Ádhaimh i Maigh Phónair,
Is ar an churadh clárach thug chun na háite
An madra allta a leoin é.
Le méad na dásacht a ghlac a chairde
'Tháinig i láthair chun a thórraimh,
Le hiomad spáidí go ndearna siad ármhach
Ar Hector ghallta gan fóirithint.



Tháinig glúineadóir as Contae Lú ann,
Is tháinig $Jury ann as Ardmhach,
Tháinig trúpa as Contae Dhúin ann,
Agus seisear búisteoir as Cairlinn,
Tháinig cúigear ó Chaiseal Mumhan ann
Is as Doire Núis tháinig a lán ann;
Ba é críoch na cúise gur mhionnaigh triúr dhíobh
Gurb é an gúta thug bás dó.


L. 41


Madadh Uí Anluain.



Tá scraiste crotach gránna de chon clárach aige Ruairí
Nach nífeadh Inbhear Sláine fuil na Galltacht as a chrúba,
Madadh carghais gan náire a líonfadh a bhráid i ngach clúide,
Ach is é a astar in aice an Bhábhúin a d'fhoilsigh a pháirt le
clann Liútair.



Char hoileadh ó Mhaigh Phónair go Tóchar na dTréan-Fhear
Coileán ní ba róthúla nó gur thóg sé de an Ghaeltacht,
Ach ó bhuail sé suas le hEoghan ag goid na feola i dtír ó chéile,
Níorbh fhearr leis lár an Domhnaigh nó tráthnóna Aoine an Chéasta.



Tá Captain á shéanadh óir tá an cnéamhaire eolach,
Mar bhí gobán ar a bhéal is nach raibh bréidín nó póca air,
Cha raibh ann ach an sagart is a ghréasaí is cé hé thug an fheoil
leis?
Cha déan balbhán bréag, tugadh an féirín go Maigh Phónair.



Dá mbeinnse mar atá Ruairí chuirfinn púdar as an áit leis,
Óir dá gcaillfinn bó na Mumhan leis stiúcfainn gan spás é.
Dá maireadh Para an tsúiche is é mhúinfeadh an chon ghallta
Lena bhata bheadh á rúscadh nó go mbrúfadh sé a chnámha.



An té bheir dídean do éiriceach nó éisteas go sámh leis,
A deir an soíscéal nach mbréagnaítear nach féidir a shlánú,
Ná bíodh sean-mhallacht dá dhéidh seo go héag a mhic Ardghail
Tiocfas anuas ar do chéile, ort féin nó ar do pháistí.



A Ruairí ná tabhair thusa scíste nó dídean don stánaí,
An tsean-chon ghortach, chraosach, mhaolchluasach, spágach,
Ná lig go Tamhnach Mhaolchraoibhe é measc do ghaolta do
do náiriú
Nó anonn go Carn na Díle measc caoirigh an Bhaile Ard é.


L. 42


Díbir i bhfad uait é thart suas go Boláine,
Siar go Durlas Ghuaire, go Rath Cruachan nó Dún Phádraig,
Phronnfadh Lappen mála an ghuail ar an té ruaigfeadh é chun an
Phlástair,
Sin an áitidh a bhfuil na gruagaigh a bhfuil fuath acu ar an Phápa.



Cluinimse go bhfuil móide ar Bhrian Eoin is ar a chonlán
Go bhfuighidh sé oidhe Chathail Mhóir má théid sé chóir bhalla
an phonta,
Níl seachrán air go leor nach fán fheoil a d'éirigh an chonspóid,
Óir go gcuirfeadh siad a gcorda ar a bhfuil beo de chlann
hAnluain.



Is iomaí stoirm theann a sheasaigh an dream sin gan chlaonadh
Ó thug mac uí Heanraí amas longfoirt gan daonnacht
Ar Eochaidh Óg Ó hAnluain ar loch Chamloch san oíche
Gur teascadh a n-ursa cheansaí rícheannport Thóin re Gaoithe.



Dubhamhrán.



A marthain don chóip a d'ordaigh an Ghaeilig
i Rann nó i bprós le ar seoladh céadaibh
ag Tairgeadh ceoil fá bhord go réimiúil;
Milleadh a cló is níor leor an méid sin,
Airgeadh fós a pór as Éirinn,
Claonadh an tseoid dá mbíodh slóite ag géilleadh
Brainse cróga, róthúil, céillí,
Iarmhar slóigh na Fódla faofaí,
Nár hoileadh a sórt cois bóchna baolaí,
Inis gan bhród gan mórtas éide ?
a Goineadh gach dóigh le treoir na réagún.
'Ardfhlaith órdha clócheart tréitheach,
a Charaid gan ghleo thug tórtha ar chraobhaibh
Tabhair th'aire don dóigh a bhfóirfidh an véarsa!


L. 43


A Ógánaigh Ghreannmhair



A ógánaigh ghreannmhair mar a labhras gach file le dán,
'Sé mheasaim gan amhras nach clampar a bhfuilim a rá,
Munab é a bheart úd a rinne tú is gur shantaís do cheangal le mná
'Sé bheir cathuithe ar d'intinn agus iompar an chait ort ó lá.



B'fhearr do óigfhear tráthnóna nó ar maidin is sa lá
Bheith ag tarraingt ar a lóistín dá bhfóirfeadh dó teascaí bheith ar
fáil,
Is gan a chaitheamh mar níos do shórtsa in órchiste gan chúram gan cháin
Is nach dtug tú ina dhórn ariamh feoirling do shagart nó bhráthair.



Ba acmhainneach an gléas liom mo $bheaver a chocadh gach ló
Is go bhfacas féin céad fear á gcéasadh ó deireadh siad "gabhaim!"
Tá tusa faoi bhuaireamh agus b'fhéidir do chosa gan bhróig
Tarraing gach éadáil darbh fhéidir abhaile chuig Róis.



Ná habairse "gabhaim!" is nach bhfónann do cheangal le mnaoi
Is nach n-iarrann fear an róid eolas chun doras do thí.
Ná lochtaigh mo dhóighse de lóma nó folamh mar a mbím
Is ansa liom Róis nó Rí Seorsa atá i Sasana ina shuí.


L. 44


Tá Ábhar Gáire Agam



Tá ábhar gáire agam ab áil liom a insint,
Chuala mé trácht aige Pádraig Frainc air,
Bhí Joe Mhac Partholáin i láthair an tan sin,
Is é chum an dán seo is d'fhág air iomrá.



A Thuathail Uí Bhriain goidé an diabhal a sheol tú
Nár chaill tú do chiall nuair a thriall tú an ród so;
Nár chóra dhuit a bheith thiar ag díol do chuid beorach
Ar Chnoc Mhic Giolla Tiarnaigh ag riaradh lucht póité?



Arsa Pat Mhac Alisdrean: "A fhearaibh táimid díolta,
B'fhearr liom nó mo sholáthar nach bhfaca mé ariamh é,
Ach má shiúlaim go Ceanannas ag déanamh carad is cliamhnais,
Ruaigfidh mé do charráiste go paráiste Chluain Fiacail."



An tAmhrán.
A charaid dhílis ná cuir mise ar díbirt as an áitidh go fóill,
In a dtíortha dá dtugas míos de dhíth ársaidh agus óg,
Má thig tú síos liom gheobhair fíon as an $jar atá aige Róis,
Má bhíonn tú críonna, cha mbímse i ndíomá leat go bráth níos mó.


L. 45


Imruagadh Na gCearrbhach



Tháinig compáin róláidir ag imirt ar chártaí
Go toigh Tharlaigh bháin Uí Fhéagáin.
Bhí siad ón Charn ann is ba é astar an áidh é
Agus as Baile na mBráthar ina sréadaibh.
Theagaibh beirt tháilliúir a bheith ag obair san áitidh
Bhí ealaíonta, áibhéil, tréitheach,
Mhionnaigh dar a chlár a mbeadh siad ag preasáil gach lá leis
Go mbeadh sodar ann ar ball, agus léimneach.



Chruinnigh siad buíon nárbh fhurasta a chloí
Agus is í comhairle do críochnadh leofa,
Asal beag buí a bhí marbh le mí ann
A tharraing le pící is rópan.
Tharla an ghaoth bheith ó chnoc Dhrom an Tí
Is ba láidir an croí nach leonfadh,
Is iomaí clúid agud díog a raibh cearrbhach ina luí ann
Sul dá raibh sé meánoíche i bhFeochoill.



Chuir siad an stuaca leis an doras go stuama
Ina sheasamh mar bheadh buachaill bréige,
Agus luigh siad go huaigneach réir ordú na n-uachtarán
Agus choinnigh siad cluas le héisteacht.
Níorbh fhada go gcuala siad torann an ghruagaigh
Ag titim is an fhuaim ag éirí,
Is go gcluinfí na fuathchais i mBaile na Cluaise
Nó thíos ag Loch Cuan dárbh fhéidir.



Bhí siad soineanta rialta i gCloch Uinge ariamh
Agus ealaíonta i mbriathra gallda,
Is iomaí "Dar Dia!" agus "Th'anam 'on diabhal"
A chluinfí go ciallaí cráifeach,
"God damn is dan fhiafraí", "candle 'on mhias"
Agus "light wisp as cliabhán an pháiste -
Tarry house, dar sliabh, wont be bitch house i mbliana
For cuideachta or clannú, be the tarlin'!"


L. 46


Léim Séarlas Ó Cathaláin amach ins an bhábhún
Gan hata air nó snáithe bríste,
Is Mac Scolóig lena shála mar ghiorria lá Márta
Agus an t-allas ag fáscadh síos leis;
Tógadh huzzá leo ag dul trí Bhéal Átha Chláir
A chluinfí ar shráid Ráth Fraoileann.
Bíonn siad á rá gur hóbair go mbáfaí
Ag dul trasna ag báda an Chaoil iad.



Bhí an chuid eile faoi léan ag dul i laige is i néaltaí
Is na soilse uilig i ndéidh a múchadh,
Is go gcluinfí go réidh iad siar fá thoigh Thaidhg
Ag scairteadh go léir ar Lúcás.
Dá bhfaigheadh Lúcás mar fhéirín Foirceal na cléire
Agus Caisleán an Mhaighre mar chúiteamh,
Cha dtrustfadh sé aon acu go dtí solas an lae
Go bhfeicfeadh sé a ladhar is a chrúba.



Is iomaí bean bhuartha bhí ar maidin an lae sin
Ag cuardach a céile is í cráite,
Más mór an $play way bhí i dtoigh Tarry aréir
Gan fear insint na scéala ar fáil ann.
Cha chreidfeadh siad an méid de eaglais is chléir
Bhí ón Bhanna go Droichead Chill Sárain
Nach ins na liosan a séideadh iad nó suas ins na spéarthaí
Le pisreogaí an phéire táilliúir.



Dá bhfeicfeá Patt Fardy agus Séamas Mhichíl Phádraig
Agus siosúr nó snáthaid san am sin
I bhfolach sa gharraí is iad lag leis na gáirí
Is nárbh fhearr leofa i bparlúr Mhuirnnin.
Nuair a d'éirigh an radaireacht istigh insa bhábhún
Agus thosaigh an gháir is na gloimnigh,
Ba throm leo a sála amach as an áitidh
Go bhfuair siad go páirc Bhriain Andrew.


L. 47


Níl gar a bheith ag trácht ar an cheasnamh is an náire
Thig orthu de tháille an scéil sin.
B'fhearr leofa báite in uisce na sáile
Ná iomrá air go bráth ina dhéidh sin.
Thiocfadh crith ar a gcnámha dá bhfeicfeadh siad scáile
Asail ar lár an réitigh,
Is dá bhfeicfeadh siad táilliúir ag teacht chucu ar an tsráid,
Go rithfeadh siad ar scáth, dárbh fhéidir.


L. 48


Conspóid Na gCailleach



Cé hé seo ina shuan go huaigneach faoin bhord so?
Tá, deireadh na huaisle Uachtair Óirthear.
Nár cuireadh cruinniú ar a chine is ar a ghaoltaí?
Tá a lán acu d'imigh is nach dtilleann a choíche.
Cé hí seo nach n-aithnim ag tafann sa chóirnéal?
Bean bhocht as Ceathrú Mhanainn is é is ainm damh, Móra.
Támuirne curtha de lucht málaí gach lá insa tseachtain.
d'fhág easpa na bprátaí a lán ar a tseachrán.
Goidé ruaig ag sráidíocht fán áit seo chomh mall tú?
Chuala mé trácht ortsa agus b'áil liom a bheith caint leat.
Nárbh eol duitse an fial-mhac ciallaí seo thuireamh?
Ní dhearna mé a leithid ariamh is níor hiarradh orm é.
Nach mbíonn tuireamh nó caoine insa taoibh sin ar thórramh?
Níor chuala mé i mo shaol ar aosta nó ar óg é.
Is goidé d'fhág chomh bearrtha géar i do chaint thú?
Ag ól sú na gcréachtach fá Bhéaltaine cinnte.
Tá rannadh ar do gháilleach mar bheadh gráinneog ag méanfaigh;
Cé go bhfuilim mar tá mé, 'chlann Phartholáin ó fhréimh mé.
Sin muintir mo mháthara, céad fáilte duit a shiúr;
Go maire tusa slán, a stáidbhean na lúb.
Goidé mar chuala tusa tuaileas fán chás so?
Tháinig chugam cuach á fhuagradh go cráite.
Sin an t-éan is binne de chineál an chluimhrigh;
Ach amháin de nach seinneann sí in aimsir an gheimhridh
Codlann sí san fhuacht go dtig bruach na Cásca;
Tá cineál eile cuacha ann a bhíos ag fuachas ar faiche.
Ba mhór an truaighe thú nach bhfuair foghlaim in d'óige;
Choinnigh mo scuad ag buachailleacht bó mé.
Is é Dia chas in aice liom thú is gan bheith in aicearra tuataí;
Dhéanfaidh mé réir m'acmhainne ach glac-sa mé go stuama.
Níl tusa ach óg is níl tú eolach ar do shinsir;
Glacfaidh mé seoladh, ar ndóigh, le haimsir
Nár cuireadh marcach gléasta fá Ghléadaigh na Clárchoill'?
Tá roinn den fheadhain-sin a chóir a shéanadh go láidir.
Is furas a aithneamh ar an chlár so go dteachaidh ár gcairde in éagruth;


L. 49


Tá mórán i láthair díofa muna n-athraí siad béasa.
Nach mó le rá iad nó a lán dá bhfuil sa ghleann so?
Nach mb'fhearr gan trácht ar Phádraig nó ar Phrainsias.
B'iad sin na fir chéillí bhí réimiúil suailceach;
Ach deir Pádraig Kate go raibh siad bréagach truaillí.
Chan ionadh dhó, an sceotair feannta;
Is fearr é nó a bhfuil beo de phór an dream sin.
Ba iad sin na fir chlúiteach, lúfar, láidir;
Nach mbeadh siad á rúscach fá rútáil phrátaí.
Beidh a gcuid ballaí bána lán de eallach;
Cha lú orm an bás nó plámás cailleach.
Bheadh maithibh na contae gach am acu ar féasta
Nuair a thiocfadh siad ag rannsú na ngandar is na ngéanna.
Tá do theanga rólíofa ag gríosadh mo chéadfaí;
Cha deas leat an fhírinne á míniú, a phléiceas.
Cha dtáinig mise a phléideáil ach ag éagaoin mo ghleacaí;
Ná déana thusa scléip óir cha léigimse leat é.
Dá mbeadh Dochtúir Céitinn agam, léifinn a ghaol duit;
B'fhearr duit céife nach séidfeadh an ghaoth dhíot.
Chonaic mé eachraí cóiste ag go leor dá dhaoine;
Dá mbeadh siad dá gcóir bheadh siad leo ins an oíche.
Chonaic mé lásaí óir lena gcótaí is a hataí;
Is lia bhí an corda ar a scórnaigh á dtachtadh.
Nach ar hallaí bána bhí siad a lán den aimsir?
I bpríosún Ardmhach agus gardaí ina dtimpeall.
Ba fhogas a pháirt do Ard-Cheann na cléire;
Bhí siad ní ba ghnásaí ar mhálaí is ar dheirce.
Bhí leapacha clúmhaigh acu is cuirtíní saitin;
Dá mbeadh sé san Iúr bheadh sé lúbtha ina n-ascaill.
Ba é seo an fear ba dheise agus ba mhaisí bhí san áit seo;
Nach é bheadh ag leisíneacht ar chroisíní sa chlábar.
Bharraigh sé ar an tslua le fuaim a chuid téadaibh;
Ba bhinne liom na buaibh insa bhuailidh ag géimnigh.
Dhéanfadh sé bróga d'fhóirfeadh don Phápa;
Bhí sé mórán ní ba eolaí ar róstadh a spága.
Beidh bairille an fhíona ar a chíor aige amárach?
De uisce na díge atá in íochtar na páirce.
Tá an clár so ró-ghann aige coinnleoir de do shórtsa;
A chailleach an charsáin feannfaidh mise an tsrón díot.
Tháinig tú go plánaí, a bhairdigh, chun díospóireacht;
Bhuailfinnse boc báire faoi chamál na cuspóireacht.
Cuirfidh tú ar siúl mé agus smúid ar mo mhalaí;
Mallacht i do lúbaidh a dhall-dúdaire caillí.


L. 50


An Dochtúir Buitléir



Is tuirseach na scéala chluinim á lua
Go bhfuair mealltóir na slua le cogar claon
Ar Dhochtúir Buitléir an lámh in uachtar
Thabhaigh scannal crua do Ghaeil an tsaoil.



Bhí réalt na maidne aige mar chéile,
Is faoi chúrsa na gréine cha raibh a samhail de mhnaoi,
Dídean na bpeacach, banríon na maighdean,
Máthair Mhic Dé agus buime na naomh.



Is é an-mhian na colla mhearaigh a chiall,
Is an óigbhean rialta chuir sé ó chrích,
Ghlac sé pátrún le Liútar ó chianaibh,
Óir fuair cathaí an diabhail bua ar an dís.



An tAmhrán
Níl fáth pléide air, bhí oighreacht fhlaithis aige ar fáil,
Agus coir, dá mhéad í, go raibh a leigheas aige ar leaba a bháis,
San scáthán glégheal úd a thréig sé, gheobhadh maithiúnas do chách,
Is go mb'fhearr an féirín leis ná an méid sin Miss Duff a bheith
aige ar láimh.


L. 51


An Ciúin Mhac Ádhaimh



Is iomaí léan a fuair Inis Fódla
Ar bheagán sócúil faoi Shiobail chlaon,
Scriosadh a laochra bhí neartmhar cróga,
Is tugadh a lóistín do bhreatnaigh mhaol.



Creachadh teampaill agus crochadh bráithre,
Scoradh an cláirseoir is gach file caomh,
Leagadh a gcaisleáin agus loscadh a bhfárais,
Agus rinneadh fásach dá bhfearann saor.



Stróiceadh an leanbh ó ghlúin a chairde,
Faoi oideas Galltacht chuirfí an truaill,
Is dá labhradh aon fhocal i dteanga a mháthara
Chuirfí i mbranraí é nó in anbhroid chrua.



An tAmhrán.
Seo an ruaigeadh a thug Aodh Rua ar dtús don Spáinn,
Is na sluaite d'ár n-uaisle go dlúth ina dháil,
d'fhág fuaim bhlasta ár dteanga shnua-shnasta i smúid faoi smál,
Is gan neach fá thuaidh anois ar shlí a fuascailt ach an ciúin Mhac
Ádhaimh.


L. 52


Boinn An Athar Maitiú



Ceistím Diagairí Inis Fáil,
Ceistím an Pápa agus eaglais chúil:
An le linn Naoi a dhul san áirc
Tháinig na $medals i stát ar dtúis?



An raibh sé ar Mhaoise nó ar Áron
Nuair a cailleadh Pháraoh ins an Mhuir Rua?
An raibh sé ar Eoin ag siúl an fhásaigh,
Nó ar Elisha nuair a shnámh an tua?



An raibh sé ar Phádraig ag teacht go hÉirinn?
An raibh sé i gcéim le linn na naomh?
An raibh sé ar Cholm Cille mac Fhéilim?
Nó ar Chormac† séimh †mac Cuileannáin caomh?



An tAmhrán
Is iomaí riail chrábhaidh tháinig go clár Inis Fódla
Ó chuaigh Heanraí is a pháistí a fháscadh na gcordaí;
Ach anois tá gobán cráite ar na garlaigh sa chóirnéal
In aghaidh tinnis, gorta is plá, agus gnás sú na heorna.


L. 53


A Phádraig Chaoimh



A Phádraig chaoimh, a mhic Sheáin Rua,
D'imigh i ruaig i gcéin fá seach,
Is cosúil nár smaoinigh tú ar an uair
A marbhadh an t-uan ar Chabhán na gCreach.



Tá dlí an teampaill in aghaidh go crua
Cinniúin a lua, nó ní den tsórt,
Ach dúirt an fáidh go dtiocfadh an uair
A luífeadh an t-uan i measc na leon.



Ná saoiltear leat go mbainfear umhlú
As an dream nár múineadh ariamh go fóill,
Ligeadh an tslat i bhfad gan lúbadh,
Thriomaigh an sú is chuaigh sí i bpór.



An tAmhrán
Tá tusa faoi smál, a Phádraig, le corradh is bliain,
Mar Mhaoise ar an fhásach ag sásamh pobail gan riail,
Tá'n mhuintir a d'fhág tú lán de thuirse is de chian,
Agus tusa do sclábhaí ag gardáil fear mire gan díol.


L. 54


Filí Na Mumhan



Is ard an chéim do-bheir Seán Ó Dálaigh
Do ollaimh is do bhaird na tíre thuas,
Shéid sé galltrumpa láidir
Le Mac Domhnaill Clárach is Ó Súilleabháin Rua.



Is caorthann gan mhilseacht fuaim a mbeoil,
Is searbh gach ceol dár chum an dís,
Cnapach, corrach gan sult, gan treoir,
Gan mheadhair, gan bheos, gan bhrí.



Cá bhfuil an mhil a bhí ag tonnadh anuas
Le Doirnín na gcuach is na siolla mín,
Mac Alinduin a thógfadh gruaim
Nó an Dall Mac Cuarta thug clú gach tír?



An tAmhrán.
Tá an luchóg go buan ag ruaigeadh an chait as gach aird,
Tá an giorria ina ualach ar ghuaillibh na cona gach lá.
Tiocfaidh Teamhair anuas go bruach na Banna gan spás
Má bheir Dálaigh an bhua an uair seo ó ollaimh Chríoch Fáil.


L. 55


An Chéad Litir
le hAodh Mac Dónaill



Beir beannacht is céud uaim féin le buaidh is neart
Le cumann is deá-mhéin fá dhéin an tsaoi sin Airt,
An Bionaideach béusach nár chlaon ariamh le beart,
Sé bearád an tséin é 'n saorchlann críonna ceart.



Ga hionadh don Éigse éirí is triall 'na ghar
Is nach ndearna sé pléid is le féile ariamh níor sgar,
Níor fhulaing sé créutair faofaí faon ar lear,
'S na méartha don spéir a fuair mur chéile an fear.



A charaid mo chléibh ná tréigsa cumadh na gceól
Is gach liacht oidhche aerach bhí tú féin is mise fan ól,
Le héirí an lae ba séimh is ba fholláin ar nglór,
Ní chodladh sin néul le méudughadh cuideachta is spóirt.



Seal aige Séamonn chois sléibhe mur a dtuiteadh an ceó,
Ba ait liom do phléid is ba séimh liom loinneadh do mheóir,
Is nach nglacfá mur roghain bheith i gcéim le maitheas gach só
Ar leabaidh chlúmhach éun faoi éadach fighte den tsról.



Béidh cuideachta is dáimh le fagháil arís ag Art,
Gé saoileann Mac Ádhaimh gurb é an bás a chlaoigh a neart,
Nuair a chruinneochas na baird comhdháil dhóibh féin fa seach,
Béidh tusa 'nn a lár mur chránaí a meódhain na mbeach.



A churaidh bhí tréitheach faobhrach fuileata bras,
Is do shamhuilt liom féin, ó d'éug Cú Chulainn níor chas;
I gCath na bPunann dá mbeitheá chois sléibhe lá na seacht gcreach
Mac Gúigín é féin is ní bheadh sé i bhfad ar a each.


L. 56


Aoir Ar Aodh Mac Dónaill



D'imigh an t-iasc a bhí sa Bhóinn
A dhéanamh fómhair go Dún na nGall
Tráth chuala siad Aodh Mac Dónaill
Bheith ag ceartú ceoil is ag cumadh rann.



D'iompaigh an eala ar dhath an ghuail,
Is an madadh rua ina ghréasaí bróg,
Thriomaigh an mhíoltóg Eas Aoidh Rua
Le neart a lúchair fá ollamh an cheoil.



Scuab an dreolán leis ina bhéal
Caisleán Séain go Baile an Mhaoir,
Agus cuireadh an seilide leis na scéala
Ó chuan Bhinn Éadair go Cill an Chaoil.



Séideadh feadóg istigh i bPort Láirge,
Agus d'imigh Ardmhach go Caiseal Mumhan,
D'imigh Ceanannas go Contae an Chláir,
Agus Cnoc an Bhráthara go Lios an Phúc'.



D'imigh Teamhair go sléibhte Chairlinn,
Agus Móta Ghranard go Doire Núis,
Agus Cuan na mBradán go Baile Uí Bhrágáin
Ag cur iomad fáilte don ollamh úr.


L. 57


An Dara Litir
le hAodh Mac Dónaill



Sé bun mo chomhairle dhuit, a Airt,
Gé gur ceart a chanair sgéul,
An uair nach binn leat an ceól
Éisd an glór a deir an béul.



Sguir do ghearán ar na báird
Is bí mur chách soirbh réidh,
Ná bí mur Ismael i measg cháich
Nó beidh lámh gach duine d'aghaidh.



Ma chreideann tusa ann gach áidh,
Is sgéula fíor gur thriomuigh 'n sruth
Thug eagna anall ód do Shíol Ádhaimh
Is nach bhfuil trácht air aniú.



Deir tú gur imthigh an tobraid fíor
Is nach bhfuil braon ann a chúl,
Is nachar dheoch duine as ariamh
Acht mic an Dia agus triúr.



Sin is braon a d'ól tú féin,
Más fíor an sgéul a chluinear uait,
Le bhfeicthear locht gach neach faoin ngréin
Acht do locht féin, is ceart a luadh.



Más fíor an méid atá tú rádh
Is crainn gan bhláth a bhfuil don tsluagh
Is nár blasadh braon ar bith den áill'
Le Seán Clárach nó Súilleabháin Ruadh.



Acht seansgéul agus é fíor,
Sé gur díomhaoin damhsa 'luadh,
Go mb'fhearr go mór fionnóg cheólmhar
Maidin cheóidh ná balbh-chuach.


L. 58


Mo cheist ort anois, a Airt,
Bíodh nach beart a chuirim uaim,
Ca haca is fearr - an grinn searbh
Nó an binn balbh nach gcanann duan?



An tAmhrán
Is gandair go léir do ghéidhe a Bhionaidigh Bháin
Is ní fheicthear aon éan ach géis uilic annsa tsnámh
Níl troideog nó traona ach smaolaigh cruinn ar an bhfál,
Is luchógaí adharcach a shéidfeadh cait as gach aird.



Nach ionadh an sgéul gur thréig tú ollaimh na ndán
Is sruth Helicon féin gur thaosc tú tirim i dtráigh;
Tá filí is éigse Éire ag tuitim i dtámh
Is gan oiread gath gréine do dhéidh a bhfliuchfadh a mbéal.



Ba Ionmhain Liomsa



Ba ionmhain liomsa file faobhrach,
Ar nós na ndraoi a bhí ann ó ghnás,
Ach bocán bearach d'fhás na hoíche,
Breallán baoth ag gabháil ainm baird!



Samhail an phriompalláin d'éirigh suas,
Amach as fual agus otrach bó;
Bhuail an teileán é go crua,
Agus thit sé anuas ag dursan ceoil.



Shaoil Phaeton gur mhór an chéim
Eachraí na gréine fháil faoina stiúir;
Cha ghlacfadh comhairle, chuaigh i dtréas,
Gur thit sé sa tréan-mhuir do leith a chúil.



An tAmhrán.
Deir na húdair a scrúdaíos gach ní go beacht,
An té a dhiúltfas a mhúineadh, a ligean thart,
Is treise an dúchas go dúbalta i mbrí is i neart
Ná an tiobraid dúnta a dúirt tusa a riar mo thart.


L. 59


An Treas Litir
le hAodh Mac Dónaill



A Airt, a chara, sé mo bharamhail gur sháraigh tú an chríoch
Is ar éigse Uladh mur is cuibhe dhuit do ghnáth bheith do rígh;
'Nois ó rinn tú otrach capaill de bhualtrach na bó,
Thug tú an balla leat ó Mhanannán is ón gCeatharnach gan ghó.



Is fíor, go deimhin, an phriomphallán a bhíos ag dursan cheóil
Go mbíonn sothmuiseach soghlacaighth' gach lá, sé mo dhóigh,
Ní mhilleann sé an dadamh, is níor ghrá sé neach beó,
Is in aimsir doininn, sé thuigim, go mba sámh linn a ghlór.



Ach an tilleáinín beag beadaí sin chuir gráin ar a' tsluagh
Bhíos 'na phéisd i measg na gcuileog 's é dá mbásughadh le fuath,
Bíonn gath nimhe ann a earball bhaineadh rása as na buaibh
Is ní chuirfinn thusa i gcomórtas chomh gránna de thruaill.



'Nois a Bhionaidigh creid mise nach ag éad leat atáim,
Is nach gcreidim feasta a n-abair tú go dtéim ann do dháil -
Thusa a bhí i do ollamh i measg éigse chrích' Fáil
Bheith ag teacht anois do thilleán as a múinleoig mur táir.



Ach an measann sibh 'n í Gulainn nó banríoghan an tsluagh sí
A chas dar bhfile is é pilleadh annsan áltán san oidhch',
Thug buille feille dar ngaisg'each a sháruigh a chroidhe
Is rinne tilleáinín beag beadaí de nó cránaí de dhaol?



An tAmhrán
A ghioll' úd a chleacht a bheith suairc ach rinne an dúbhailc' go léir
Is nár fhág tú siolla nó duan ag ollamh le luadh do dhéidh,
Mur ndéanaidh tú aithreachas cruaidh is philleadh i ruaig ón sgéin
Beidh oiread Sliabh Guilinn ó thuaith de thuirse ar do ghuaille féin.



Is deimhin nach n-imíonn tú slán mur is fiosach do chách go fíor
Gur thoisigh tú roimhe le ráfla i gcumann le málrach sí;
Tuitfidh ort iteóg Uí Dhálaigh, mallacht Sheáin Chláraigh is
Aodha,
Gus beidh tú do dhuine gan áird ag imeacht go bráth le baoith.


L. 60


Tuireadh An Dochtúir Mhic Dhónaill



Agraim agus maoídhim carthantas na naoí,
Cuidiughadh liom go fíor-chéillidh,
Gach ollamh agus draoí da bh-fuil ann sa g-crích
Ó Bhóirce go dtí an Éirne.
Gach oide ceart is saoi ó Chorcaigh chun na Mídhe,
De mhuintir 's de shíol Éimhir,
Mo mheisniughadh ann sa t-slighe go g-cumadh mise laoí
Don m-brainse as taobh Gaodhail ghlais.



Is iomdha sin leomhan bhí a n-Achruim 's ag an m-Bóinn,
De 'n íarsma sin Dhomhnuill Aoille;
Ball dearg 'na cheann slóigh, is íarla Thír-Eoghain,
Is Somhairle san ordughadh cheadhna
'S da bh-fuigheadh cuidiughadh mar ba chóir, san Doire 'sa
nGránóig,
Ó uaisle de phór Mhílidh;
Bheidheadh an tír-so go fóill gan chíos ag na leomhain
agus dhíbreochadh siad slóighte bíodhbhuidh.


L. 61


Gé Nár Fhág Sibh



Gé nár fhág sibh cláirseoir, ollamh nó éigse,
Nó síofra Gréagach ó thús an tsaoil,
Nár ghoir sibh chugaibh i dtuireamh Shéamais,
Is gur thabhaigh ina dhéidh sin bheith ina laoi,



Bhain seachrán mara de bhur laoi,
Ag áireamh na laochraí bhí sa ghleo,
Is go bhfuil sé soiléir ag an tsaol
Nach den chraoibh sin Iarla Thír Eoghain.



Cha chluinim trácht ar Ghleann na gCuacha
Ar an tsionnach uasal, nó ar a chlann,
Colla Ciotach, nó an tIarla Rua
A goideadh le cluain as Dún na nGall.



An tAmhrán
Dá dtiocfá ar cuairt nó go n-imeodh an ghruaim díot
Fá ollamh stuama na bplástar,
Níl ionad suailceach dá gcluinfinn lua air
Nach dtabharfainn ruaig ann do do shásamh:
Bhéarfainn suas chun an Tiarnais uachtraigh thú
Le himeall Chuailnge go Cairlinn,
Tá bainne is buaibh ann, níl goimh nó fuacht ann,
Is tá iasc go luaimneach ag snámh ann.


L. 62


Don Athair Séamas Ó Dúiche



Tá sagart fialmhar i gClochar na sua,
Sciath-dhídean na slua, is dísle méin,
Réalt eolais an chreidimh, scáthán na suailce,
Den fhíorfhuil uasal Oirghiall ó fhréimh.



Chan sparán béal-chúng casta crua
Chleacht an Guaire seo i dtúis a shaoil,
Stóras Chrassus, cé gur mór le lua,
Go bpronnfadh gan ghruaim mar dhrúcht den chraoibh.



Dá measfaí tallann, is ní áirmhim dúchas,
Bhéarfadh an prionsa ciúin seo an báire;
Chuirfí Pól Ó Cuilinn siar go Broomfield,
Agus Séamas Ó Dúiche go hArdmhach.



An tAmhrán.
Má tá an dara Maoise i gcolainn daonna ins an domhan go léir,
Is i nDomhnach Maighin atá an sceallán naofa in onóir is i gcéim;
Chan ar chruinniú maoine a bhíonn sé ag smaoineamh mar bhíos
iomad den chléir,
Ach a sholáthar saolta a roinn mar thaoscadh na toinne le réim.


L. 63


Don Sagart Céanna



Iomad Nollaig bhuach le suailce dhuit, a Shéamais,
Agus sláinte gan ghruaim le gluaiseacht na féile;
Meanmnú gan chluainí le buan-neart is céime,
Is ar dheasláimh an Uain i ndéidh crua-cheist an tsléibhe.



B'fhuras damh bheith craobhach oíche na féile,
Agus pronntanas saor Domhnach Mhaighin dhamh ag géilleadh,
Mar dúirt Conán Maol le rí-laoch na Féinne,
'Anois a ghiolla chraosaigh, cosc faobhar do ghéille'.



Dá maireadh ár gcóisir go Féil Eoin ins an tsamhradh,
Cha chromfainn sa ród do Milord nó dá chabhlach.
Is ansin teacht an fhómhair beidh tórtha ar gach brainse,
Is is iomaí cailleach chrón rachas i gcomhrainn fán am sin.



An tAmhrán.
Treibh Chonaill is Eoghain, gé gur neartmhar i ngleo,
Cha bhainfeadh siad feoirling de iomad den chléir,
Cuid eile nach gcórnódh pingin ina bpócaí
Gan roinn leis an deoraí chífeadh ina feidhm.
Cha raibh ciste nó stór aige Peadar nó Pól,
Agus lean tusa nós na nAspal go léir,
Óir b'fhearr leatsa ceol ná giní buí óir,
Is dá ndéarfainn faoi dhó níorbh eagal damh bréag.


L. 64


Ar An Athair Aodh Ó Maolagáin



Is annamh ghabhtar iasc ar fhásach,
Is annamh fhásas cuileann ar linn,
Is annamh gheibhtear seanchas sámh
Ag an té nach áil leis staidéar ann.



Tá tuigse is tallann riachtanach ag údar,
Sul dá rachadh sé a scrúdú laoi nó próis,
Óir is deacair giorria a chur as an chlúide
Nár luigh ann i lúbaidh ariamh go fóill.



Nó go mbeirthear Sliabh gCulainn ar bád
Thart síos go Trá Mhic Giollagáin,
Chan fheiceann tú an obair bhí tú ag rá
Scríofa ó láimh Aoidh Uí Mhaolagáin.



An tAmhrán.
Absolom mac Dáibhí cé gurbh álainn a ghné is a dhreach,
Agus Samson a sháraigh síol Ádhaimh le brí is le neart,
Is Cú Chulainn fán Táin rinne ármhach le béim is le beart
Cha chasfadh siad an nádúr go bráth as a chúrsa ceart.


L. 65


Ministir Young



Tá struille de mhinistir bhán
A scríob chugainn a phlá as Luimneach
Is trua nach raibh sé san áitidh
A raibh Iónas seal áiridhe d'aimsir.



Mheall sé corradh is trí chéad,
Le Bíoblaí Gaeilge is le duais,
De bhodhair is de bhacaigh na déirce
Nach bhfaighfí a léithid go hÁth an Luain.



Caoirigh bhocht seachráin go léir iad
A tarraingeadh ón chléir le bríb,
Nár smaoinigh ar Córah is a shréad
A slogadh i bpéin gan chríoch.



An tAmhrán.
Bheirim cúl mo láimhe go bráth le soiscéal na rann,
Le teagasc na bhfáidh, an Phápa, nó aon duine den dream,
Níl dúil agam slánú bheith i ndán damh féin nó mo chlann
Más i gcasán na ngrása tá an páirtí seo Ministir Young.


L. 66


A Ghleann Na Suailce
A ghleann na suailce, áras na huaisle bhíodh lán den daonnacht,
Is áibhéil an ghruaim a thiteas go buan de lá is d'oíche ort,
Tá do chlann á ruaigeadh as scáth do ghuaillibh agus seilbh do ghaolta
Ag áitreabhach suarach a cheangail go cruaidh thú i nglasaibh gan scaoileadh.



Le linn Séamas a bheith i bhflaitheas na réagún so a tiompaíodh an Bíobla,
Mar i ndúil ár gcléir is ár bpobal go léir a mhealladh sa tslí sin:
hUllmhaíodh an béata so le hUilliam Bédell don chealdrach ríoga,
Bhí mil ar gach véarsa is tháinig nimh air ina dhéidh sin atá ag sileadh
gan dísciú.



Tá ministir féith-lom de shliocht Tuatha Dé Danann nó Tuatha
Fíodhgha
A chuir Plútó i gcéin a chur cluain ar na céadta is á gcasadh ina
líontaibh
Is mór an chéim leis bheith ag teagasc is ag traenáil drisleach na
dtíortha.
Tá na ginte ina dhéidh mar gheaslannaí géadha ag fágáil na gríbe.



Fuair ainsprid scaoilte mealladh na ndaoine fá Fhoirceal na cléire
Is is measa é nó an faolchon ag cascairt na gcaorach tráth chodlas an
sréadaí,
Dúirt an Scrioptúr naofa, teacht dheireadh an tsaogail go dtiocfaidh an
phéist seo,
A theascadh gach aon den chine daonna a dhiúltfadh a shéala.


L. 67


Ba leor an náire leat, seachtain na Páise, na geilte díblí,
Bhí cruinn as gach aird fán teampall gallta, gach aon is a Bhíobla,
Níl neach den pháirtí nach bhfuair píosa cáca is braon beag fíona
Ar son masla an Phápa is Maighdean na ngrása agus Eaglais Chríosta.



Chan é an ministir bán seo a chothaigh na baird bhí anallód sa tír seo,
Ach tiobraid na ngrása, seanchas sármhaith le hoibriú Tríonóid'.
Feadh aimsir áiridhe ba mhór an cháin a gcuid véarsaí a mhíniú,
Ach thiontaigh an cairde is ní heagal do chách a léas an Bíobla.



Bhí an t-athair nimhe ag snámh ar a bholg go sámh chuig Éabh os íseal
Gur tharraing gan spás í gur bhris sí na haitheanta thug Rí na rí di.
Mar sin don tráill seo, is measa é nó an phlá a scriosfadh na mílte,
Níl leanbh nó páiste dá dtig fána lámha nach gcuirfeadh clíoca ann.



Níl fear asail nó mála ón Fheadán go Cairlinn is thart go Dún
Léire
Scuabaire sráide, nó bean gearrtha cárta nár ghabh sé le béata,
Dá mbeadh Raghallach Dhún Gall ag seilg mar ghnáth fá imeall na
Méirsí
Shéidfeadh sé gáir leo amach go Cionn tSáile nó go caladh Bhinn
Éadair.



Glanann an Pápa gach bliain a ghairdín réir ordú Chríosta
Is gach crann nach bhfásann toradh nó bláth air, gearrann sé síos é,
Má thiteann smálach ón luibhearsach ghránna so tar éis a díbirt
Fá chosa na Galltacht mar Liútar is a pháirtí, beidh sé torthúil,
síolmhar.


L. 68


Nuair a thiocfas an bás cha bhíonn sagart ar fáil a ghlacfas leo truaighe,
Is beidh siadsan ag gártha mar bhí Díves ar Lásaras ag iarraidh fuascailt.
Is é déarfas an tArd-Rí is é líonta de dhásacht: "Chan aithnim an slua so,
Imigh san áit a bhfuil an ministir bán úd a cheannaigh le duais sibh."



Is é díoltas Dé a chascraigh an spéir agus tharraing an díle,
Is chuir Nimrod i scéin is a mhaithibh go léir is d'fhág Sodom ina
ghríosaibh
Chuir Córah is an méid a chuaigh leis i dtréas go hIfreann ar díbirt,
Is d'fhág Pharaoh na hÉigipte is a chabhlach tréan ins an
Deargmhuir sínte.



Nuair a shéidfear an buabhall ar maidin Dé Luain roimh éirí gréine,
Beidh gach neach den tslua is a ngníomha buailte i gclár a n-éadan,
Beidh na huain go soineanta suaimhneach ar dhath na géise,
Is budh duibhe ná an gual lucht bríbe agus duais is a gcuid Bíobla bréagach.


L. 69


Ar Shéamas Ó Ceallacháin



Má d'éag Seán Johnston agus Cianán na gCeann
Tá Ceallachán cinnte againn ina n-áit;
Sé'n madadh fola is fearr ins an inis é,
Ó d'imigh Luggaidh an chaimbéil is Peadar Bán.



Thug sé an Sagart Ó Leannáin i láimh an chionn-iúdaigh,
Chuir sé a chúla le grása Dé;
Mura gcuirtear musal ar shoc an Iúdáis
Scriosfaidh sé an Cúige eadar eaglais is chléir.



B'fhearr dó cloch mhuilinn a bheith fána bhráid,
Is a theilgean in aibhéis Eas Aoidh Rua,
Nó aithris a dhéanamh ar an chonairt ghránna
A d'fhág príomháidh Ardmhach gan cheann san uaigh.



An tAmhrán.
Dá mbeadh Tibérius nó Néro, tá lofa san uaigh,
Nó Dioclétian nach ngéillfeadh do thréan nó thrua,
Ag éisteacht le Séamas ag mionnadh go crua,
Ag tabhairt pléisiúir do éiricigh, b'fhogas dó an duais.


L. 70


Don Sagart Pádraig Ó Luain



A Phádraig, tá mise aosta, is faraoir níl tusa óg,
Cha raibh mórán de mo dhaoinibh fuair saol fada riamh go fóill,
Tuilleann neart is aoibhneas go gcloífí an t-éag fá dheoidh,
Is an té is treise gníomha, gur baol dó i ndeireadh an ghleo.



Tá mo amharc ag éirí gruama, is níl stuaim in mo mhéar mar bhí,
Níl an éisteacht in mo chluasaibh is is uaigneach mé féin dá dhíth;
Tá crampaí do mo ruaigeadh is mo ghuaillí ag cromadh críon,
Agus measaim féin nach dual damh bheith buan ar an Bhaile Caol.



Más beo bhéas tú i mo dhéidh-sa, a chléirigh na salm sámh,
Cuir coisne ar mo chéile is gheobhair féirín gan mórán spáis -
Mo scríbhinn uile Gaeilge, is tú an t-oidhre os cionn feara Fáil,
Is tuilleadh eile dárbh fhéidir, is mo chéad beannacht leo i do dháil.



Ach bí ag guí ar na hollúnaibh stuama bhí fuaim-bhlasta eagnaí binn -
Ó Doirnín is Mac Cuarta na suailce is na siollaí grinn;
Is Mac Cumhaigh a bhí á ruaigeadh ag an stuacaire de chailligh dhaill
Is nach bhfuair sé faoiseamh uaire nó gur fhuaraigh a chorp i gcill.


L. 71


A Chléirigh Cheansa



A chléirigh cheansa is fearr tuigse is méin
I scrúdadh gach léinn ón díle anuas
Is sámh liom do sheanchas agus milseacht do bhéil
Ag míniú an scéil seo is á ghlanadh suas.



Aithris damhsa Phádraig, an féidir a theastú
Goidé an tarcaisne a ghabh Gaeil gach am
Agus éiricigh gach áit ins an státa a bhfuil siad
I ndéidh gach eascaoin dá bhfuair a ndream?



Tá caisleáin ghléasta acu, gabháil is giall
Le heachraidh srian, is gach cineál seoid,
Agus Gaeil ar díbirt mar ealta fiain
Amach sa tsliabh i measc an cheo.



A Aonmhic Mhuire, an dual gurbh fhéidir
Go ndéarfá bréag, nó go ndéanfá feall,
I ndéidh do ghealladh do Chlanna Gael
Tiontadh ina dhéidh sin le Clanna Gall?



Nár dhúirt tú le d'Aspail i ndéidh do bháis
Tráth rachfá anairde ar neamh na naomh
Go gcuirfeá an Comfairtear chucu gan spás
Nach scarfadh go bráth leo go deireadh an tsaoil?



Dúirt tú leo fós, "baistígh gach náisiún
In ainm an Athar, an Mhic is an Spioraid Naoimh
Is gach peaca a mhaithfeas sibh do chách
Maithfidh an tArd-Rí ins na Flaithis iad."


L. 72


Nár dhúirt tú leo, ina suí fán bhord,
Gurbh í d'fhuil agus d'fheoil an bheatha go fíor
Agus cibé chaithfeadh é mar chóir
Go mbeadh sé leofa trí bhith síor?



Ní bhfuil aird dár dhealraigh an ghrian
Soir nó siar san domhan gan roinn
Nár fhoilsigh d'Aspail do mhórgacht dhiaga
Is do bhás ar an tsliabh le sleá an daill.



Dúirt tú fós ins an aimsir dhéanaigh
Go mbeadh fáithe bréagach is lucht teagaisc chlaoin:
Do ráite fíor nach dtig a bhréagnú,
Scoilt siad na réagúin ó thaobh go taobh.



Ar $indiarubber a tharraing siad an Bíobla
Chun crapadh is síneadh, díreach is cam,
Níl dóigh darbh fhéidir le hintinn smaoineamh
Nár casadh an scríbhinn a d'fhág Críost ar bun.



"Éist an eaglais," a deir Naomh Pól,
"Is í piléar óirirc na fírinne í."
Ní hé sin a deir na $Soup Reformers,
Ach gurb í striapach mór na Babilóine í.



Dá dtitfeadh an teampall i gcoirthe suaithní
An ní nach dual di a dhéanamh go bráth,
Chan é Liútar a chuirfí le rabhadh a fhuagradh -
An fear úd a thruailligh é féin le mná!



Fear briseadh móide is mealladh óighe,
Fear scrios na n-ord is riail na cléir,
Fear lé'r líonadh srotha na hEorpa
De fhíorfhuil chróga mhórthreibh Gael.


L. 73


Cha raibh Peadar nó Pól ariamh chomh líofa
Nó Eoin ag míniú soiscéal na rann
Is tá gach snúda crotach míofar
Ó tiontaíodh an Bíobla bunoscionn.



Tá Dia ag an tSasanach anois dó féin,
Ó ghlac sé an réim a bheith os cionn na n-ord,
Tá Dia ag an $Ranter, is Dia ag an $Quaker
Is cad deir tú le $Ephésians i mbriathra Phóil?



Is mór na tíolactha a fuair Sacsan ón Ard-Rí
Triúr Pápaí a bhí ina n-easpaig is ina naoimh,
Is díobh seo a ghoirtear an Tríonóid Ghallta
Is é sin an tAthair, an Mac is an Níon.



Is iad seo na tíolactha d'fhág manaigh is bráithre
Ar an chroch anairde á sparradh go cruaidh,
Is d'fhág cuid ar rácaí agus cuid i mbranraí
Agus i ndiamharaibh alltán, i nglinn is in uaimh.



Bíodh a fhianaise sin ar Phríomháidh Créagh,
A bhí ocht mbliana déag i nglasaibh cruaidh
Mar nach n-admhódh sé Siobal ina ceann ar an chléir
Nó easpag a dhéanamh den tincéir ruaidh.



Agus John Stephens fá aifreann a rá
Do dhuine uasal áiridhe, Tadhg Mac Aoidh,
Brian Ó Trébheor is Feidhlimidh Ó hEadhra
I ndéidh a mbáis rinneadh ceathrúna dhíobh.



Cathal Mac Gabhráin is Tadhg Ó Baoill,
Gairdian dílis Dhún na nGall,
Mac Cionnaith, Ó Domhnalláin is Peadar Ó Caoilin
Agus Enéas Peeny a crochadh san am.


L. 74


Is gearr ina ndéidh gur crochadh Conchubhar Ó Duana,
Easpag Dhúin a bhí seal fada i bpéin,
Brian Ó Cearbhalláin agus Seán Ó Núnáin,
Rodaigh agus Lúnéas a crochadh ina ndéidh.



Cha déanfadh Turcach gníomh chomh truaillí'
Is a rinne ministir Shuardais san am;
Coróin Mhuire bhaint de dhuine uasal
Is a crochadh anuas as beangán de chrann.



Casadh Urnaí an Tiarna sa tslí
Nach gcuala Críostaí ariamh go fóill,
Ba leor a mhaslú sin gan smaoineamh
Ar "Fáilte an Aingil" a chur as a chló.



Easpag Ros, an ursa chróga
Nár mealladh le hór nó eagla an éag,
Ar shaibhreas na cruinne is ar gealladh dó
Nach dtréigfeadh an ghlóir ar bheagán péin.



Níor fágadh manach, óighe nó bráthair
Ó Chionn tSáile go hOileán Mhic Aodha
Nár díbreadh mar gheilt i gceann a mála
Nó a gcrochadh go hard ar bharr na gcraobh.
Seo an aimsir ar dearnadh an t-ármhach
Is d'fhág mar tá siad, scaipthe i ngach tír,
Cuid díobh san Fhrainc is roinnt san Spáinn
Agus cuid eile ag spairn sa ghleic gan bhrí.



A Rí thug buaidh do Mhaois ar Pharaoh
Is do Iosua an lá a scoir an ghrian,
Is Peadar amach as carcair a námhad
Nach fada an spás le trí chéad bliain?


L. 75


Níl leoiste bodaigh ná cailleach ghallta
Ó Dhroichead Chairlinn go hInis Eoghain,
Nó ó Chuan na Mara go Barr an Fheadáin
Nach mallaíonn an Pápa, maidin is nóin.



An saoiltear leat gur chóir don chléir
Paidir nó cré a rá le ceart
Do Bhanríon Shasana is dá bhfuil i gcéim
Den chomhthionól éiriceach atá faoina smacht?



Anois ó chualais mo ghearáin go léir
Agus thuigeas tú féin mo scéal go grinn,
I ndéidh ár leatroim faoi chosa éiricigh
An gcuirfear ina dhéidh sin go hIfreann sinn?


L. 76


Triamhain Na hÉirinne



Ag Cloch Mhór thoir na nIarlaí chas deilbh chríon lom liath liom
Is a súile slogtha siar leis an chian ina cionn;
Bhí a craiceann casta ciardhubh is a grua ar dhath an iarainn
Is fallaing bheag gan téagar casta aniar fána coim.
Deireadh sí go triamhaineach: "Nach deacair dhamh bheith sciamhach,
Is go bhfuil sé míle bliain ó leagadh riasta ar mo dhream,
Is an té bhog mé sa chliabhán, níl aird dár dealraigh grian air
Nár dhíbir sé le tiarántas mo chliar is mo chlann?"



Ba leisciúil liomsa léigin di imeacht uaim gan scéala
Cad é a d'fhág chomh buartha í nó an é a céile a fuair bás?
Nuair a d'fhiafraíos ceist den éigeas, dúirt sí liom go céillí
Go ngoirthí dise "Éirinn" ó tháinig Éireamhón ón Spáinn.
Dúirt sí arís go tréithlag gurb í a clann a bhí sí a dh'éagaoin,
A ruaigeadh amach sna réagúin is cuid ar shléibhte gan scáth,
Gan bhia gan deoch gan éadach, gan chlú gan mheas gan éadáil,
I sclábhaíocht is i léan faoi chosa éiricigh mar atá.



Dá bhfeicfeá mise i m'óige, bhí folach síoda is sróil orm
Agus ciabhfholt casta órbhuí go bróg liom ag fás
Cúirt is caisleán ordaí', deasaí' damh i ngach cóigeadh,
Agus cláirseacha ag seinm cheoil damh is go leor de lucht dáin.
Mo mhacnaoi bríomhar beoga chun seasamh catha is comhraic,
Ríthe is prionsaí cóigidh ag teacht ar cóisir agam gach lá,
Go dtáinig cabhlach neartmhar róghlic thar thonnaibh tréana bóchna
Le ceilg is le fóirneart ag scrios mo thórtha is mo bhláth.



Bhí mise go sona séanmhar is Niall Caille do mo bhréagnú,
Go dtáinig an dreagan tréan sin Turgésius i mo dháil;
Is iomaí óigbhean gheanúil bhéasach a thruailligh sé gan éagaoin,
Agus ríoraí barrúil béimneartach a treaghdadh gan spás.
Gé gur mhór a neart is a thréithrí, is gach triath dá raibh dó ag
géilleadh,


L. 77


Gabhadh é le béata go dtug sé éiric i ngach cáin,
Go dtug Maoilseachlainn is na spéirmhná an faolchon leofa i ngéibhinn,
Gur choinnigh seal é i ndaorbhroid is ina dhéidh sin a chur chun báis.



Ba cheasnaíoch is ba chráite bhí na ginte fionna an tráth sin,
Go dtáinig Íomhar is a bhráithre go Port Láirge fána ndéin;
Tháinig loingeas mór ar sáile ina dhéidh sin as Scandinávia
Ler scriosadh teampall Ardmhach is gach áitidh a raibh cléir,
Nó gur bhrosnaigh Rí na ngrása Brian Bóroimhe is a ghardaí
D'aimhdheoin Mhic Giolla Pádraig is a chairde go léir,
Is an té nár rugadh an lá sin beidh cuimhne aige go bráth
Ar ar cailleadh de na págánaigh gé gur fágadh é féin.



Thug Diarmaid na nGall gruama bean Tiarnáin chaoich Uí Ruairc
leis,
Is an té nár rugadh an uair sin is crua a ghoil sé an cás;
Tharraing Strongbow is a shluaite as Breatain do mo ruaigeadh
Ler scriosadh cill is tuath leo ó Mhaigh Nuad go Leath Cathail.
Is cróga sheasaigh Ruairí, an t-ardfhlaith ó Rath Cruachan,
Á gcascairt is á dtuargain aige Tuarlis an áir,
Go raibh na maghaibh glasa suailceach bhí gan chíos gan cháin á fhuagradh
Ina linntibh fola rua ag sní anuas le gach sráid.



Níorbh ionadh mé bheith brónach is fuil mo chlainne á dóirteadh
Is a bhfárais loiscthe dóite i ngach cóirnéal i gCrích Fáil
Ag amhais ghorta sceoite, Fitzstephen is De Cogan,
De Courcy is go leor eile de $Normans ina n-áit.
Níl tarcaisne dár treoraíodh nó leatrom dá dtiocfadh a mheabhrú
Nár chuir siad orm ina lóda in áitidh leorghníomh sa cháin;
Níl sé sa Roinn Eorpa fuair leath nó trian oiread dóláis,
Is muna bhfortóidh Rí na glóire orm, níl fóirthin damh ar fáil.


L. 78


I ndéidh gach ármhach is gach sciúirse dár tharraing Edward Bruce
Ó Cheanannas go dtí an Rúta i gCúige Uladh an tslóigh,
Thosaigh Harry Tudor, Cranmer is Martin Luther
Is ar an taobh so 'en tseamra dhúinte cha raibh cúirt eile 'en tseort.
Bhí Wolsey, mac an bhúisteora, is é ina chairdinéal go clúiteach,
Ag brosnú an tsionnaigh lúbaigh fá chúrsa an $Divorce,
Is le tosach an $persecution cuireadh Skeffington le trúpaí
Gur bhain Domhnall Mór Ó Súilleabháin umhlú as i ngleo.



Bhí mise go sona sásta nuair a thosaigh an tríonóid ghallta
A scrios an chreidimh ársaigh chuir Naomh Pádraig ar bun.
Níor rugadh ariamh den Ádhamh-chlainn fuair tíolacthaí is grása
Mar fuair Edward, a bheith ina phápa ag teacht i láthair dó as broinn.
Ba bheannaí' an t-amharc páiste a gearradh ó thaobh a mháthara,
An choróin ina láimh agus an tiára ar a chionn,
An Spiorad Naomh bheith ina ghairdian á theagasc óiche is lá,
Á choimeád is á shábháil ar an námhaid gach am.



Bhí Bessy ar chúl báire nó gur éag Edward agus Máire,
Nuair a fuair sí bheith ina pápa, ina banríon is ina naomh;
Gé go bhfoscladh sí geataí Phárthais, moch nó mall mar b'áil léi,
d'fhág sí na tíortha ón lá sin faoi sclábhaíocht dhaor.
Chroch sí sagairt is bráithre, iarlaí is barúin ársaidh,
Ollaimh is lucht cláirsí is go fiú páistí na cí';
Tá údar maith á rá gur chuir sí ochtar daoine chun báis
Os coinne an uile lá bhí sí in ardfhlaitheas na gcríoch.



Chuir sí conairt chraosach i bhfolach i gcraicne caorach
Ag teagasc soiscéal Chríosta is á mhíniú do chách:
In áitidh an astair fhada chloíte a bhí ó thús an tsaoil ann,
Go raibh bealach gairid díreach chun an tsíoraíocht ghráigh;
Nach raibh cosc ar fheoil Dé hAoine, nach mbeadh Purgadóir mar bhí ann,
Nó Sacraimint na hÍce mar bhí ann ó ghnás,


L. 79


Nach mbeadh aspalóid nó faoistin nó leorghníomh fá adhaltranas,
Nó urnaí le déanamh choíche do aon neach i ndéidh báis.



Nuair nárbh fhéidir dhóibh mo pháistí a chur ar an chreideamh ghallta
Thug siad iarraidh sásamh fháil ar athrach do dhóigh:
Chuir Sidney cuireadh grá ar Bhrian Ó Conchúir Fáilghe,
Ar Ó Mórdha agus cách eile dá gcairde bheith leo.
Cha raibh sciath nó sleá ina lámha ag dul i gcoimirce a námhad,
Gur marbhadh ceithre chéad gan spás dhíofa ar lár an Rátha Mhóir,
Agus ocht gcéad eile de Spáinnigh tháinig go Smerwick do mo tharrtháil,
Nár ligeadh neach den áireamh so as an ármhach sin beo.



Le méad na fola dóirteadh is gach feillghníomh a bhí á threorú,
Cha raibh triath nó laoch sa chóigeadh nach raibh in ordú gan spás:
Mac Guibhir is Ó Domhnaill is Ó Ruairc as Bréifne leofa,
Is Ó Dochartaigh as Inis Eoghain fán Chúil Mhóir a rinne ár.
Na Mic Suibhne a bhíodh i gcónaí ag seasamh catha is comhraic,
Ó hAnluain, prionsa Óirthear, Eochaidh Óg is Ó Catháin,
Mac Mathúna as Óirghiall agus Mac Anaosa an ursa chróga,
Agus Ó Néill, ceann na slógh, ó Dhún Bóinne go Cionn Aird.



Ag Cluain Tiobraid a tugadh an carnadh do Norris is dá ghardaí,
Agus Sedgrave, gé gur láidir, gur thit le láimh Aodha Ruaidh;
Ag Béal Átha Seanaigh baineadh an rása as clann na gcailleach gallta,
Agus an méad nár thit san ár dhíobh gur bádh iad sa ruaig.
Ar an Chorrshliabh a baineadh sásamh as Clifford is a pháirtí
Le Domhnall Mac Suibhne Fánad agus an sár-mhac Ó Ruairc.
Cha raibh anseo ach scáile seach an Abhainn Dhubh faoi Ardmhach
Mar ar cailleadh Bagnall is Stafford agus dhá mhíle dá shlua.


L. 80


Ba deacair do mo pháistí-sa seasamh in aghaidh na Galltacht,
Is gan cuidiú teacht ar sáile mar bhí ag an námhaid go buan.
Dá seasódh Don Juan an báire d'aimhdheoin gorta agus pláighe
Cha chuirfeadh Carew a chos go bráth i lár an Ghoirtín Rua.
Dá mbeadh Tyrrell ina áitidh nó Aodh Rua chuaigh chun na Spáinne
Cha dtréigfí mé go náireach i gCionn tSáile ar dhuais
Mar gealladh dhófa pardún is a rogha de thaltaí bána
Ó Léim na Con go hÁireacht Uí Chatháin an taoibh thuaidh.



Munab é gur cuireadh an báire ar na laochra roimhe-ráite
Cha dtiocfadh Cromwell nó a ghardaí go bráth do mo chóir;
Chuir daichead míle ar sáile leith amuigh dár cuireadh chun báis leis
I Loch Garman is i bPort Láirge is gach áitidh den tseort.
Cha bheadh Coote ag tógáil garlaigh ar bharr a chlaímh anairde,
Nó Townley fá Bhaile Uí Bhrágáin ag sár-scrios na slógh,
Nó Broghill nach dtug cágas do fhear, bean nó páiste,
Nó $Dutchman an ghearráin bháin ag déanamh ármhach fán Bhóinn.



Go n-áirmhthear duilliúr fíobha, agus tonn na mara ar bhraona,
Cha aithristear go síoraí gach dianscrios is gach sár
Dá dtearna na mictíre san uair a scaipeadh an choláiste íochtarach,
Ag fágáil corp gan chionn ina mílte ó Aontroim go Port Láirg'.
Ghoil éanlaith bhinn na craoibhe go cráite gonta cloíte
Ag faicsin páistí na míosa ag ithe na gcíocha dá máthair,
Is an chléir ag iarraidh dídin in uamhaibh dorcha daoldubh
Is na madaidh fola fíochmhar so á ndíbirt as gach lá.



Is mé Oisín i ndéidh na Féinne, is mé Nuala ar uaigh na dtréanfhear,
Is mé an cleite faon gan éifeacht do mo shéideadh leis an fhuacht,
Ag osnaí is ag éagaoin is gan m'fhurtacht faoi na spéarthaí,


L. 81


Ó theastaigh Clann Uí Néill uaim tá mé ag éiricigh faoi ghruaim.
Níl neach anois den réim sin ina sheasamh beo in Éirinn
Ó d'imigh uaim na saormhic, Sir Féilim is Eoghan Rua."
Thóg sí gáir ina dhéidh sin a chluinfí i mbarr na sléibhte,
Is mar bheadh bean ar mearadh céille, d'ealaigh sí uaim.



Blúire Breise



Is tuirseach le rá é, fágadh mé i ndaoirse
Gan dúch, gan páipéar, gan gráinne snaoisín,
Gan coinneall nó a hábhar i lár an mheánoíche -
Beir fuascailt san gcás so más áil leat mo aoibhse.
(Litir, 17.10.1844; BFCC 138).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services