ATÁ SÉ CRIOCHNAIGHTHE.
"Briathra Chríost ag Naémh Eóin".
Isé séo an focal déigheanach le nar chríochnaigh ar Slánaightheóir
iodhbairt mhór an laé aniugh; an teagasc déigheanach do thug sé dhuinn
ó altóir na croise, an uair a dfág sé a dheisciobail fá bhrón tré na
bhás gan fios cad é an meadón do bhí leis. Agus cad é an tiongantas
mithuigsin do bheith orra ameasg buairte agus gleó na huaire sin. Ag
trácht leó ar an lá déigheanac, do thug sé fódheara dhóibh gach uile
ní adúbhairt sé léo, agus ar fhaicsin na miorbhal do thuit amach re lín
a bháis, marata fial an teampaill roinnte ina dhá roinn ó uachtar go
híochtar; crioth an talmhan; cairrge sgoiltighthe, agus dorchúghadh na
gréine; cad é an tiongantas má shíleadar go raibh an lá so a bhfogas;
agus go raibh deireadh an domhain ag teacht, re bás an tí do chruthaigh é!
Acht ní marsin duinne, atá fios againn ar a theacht arís ar an ttalamh,
ná tiocfaighsé a cclódh an laoi aniugh, a mbochtanacht, agus a nanachruth
chum masladh d'fhulang, ó Iúdaighibh, agus ó pheacadhchaibh, acht ar
néallaibh glóire i measc na mílte aingeal, chum breathamhnais do thabhairt
ar bheódhaibh agus ar mharbhaibh.
1. Do cruthaigheadh an duine a sonas agus a neamhchiontacht acht tré na
easúmhlacht an aghaidh aithne é do tharraing sé a fhearg air féin agus
ar a shliocht. O tá Dia uile chumhachtach, do bhí an peachadh dochuímsighthe
agus annsa doman go léir ní raibh aon ní chum cúiteadh do dheánamh
ann. Le ré cheithre mhíle bliadhain do bhí dóirse na bhflaitheas dúnta
ionar ccoinne, agus gé go raibh móran ofarála agus íodhbarta annsa tsenreacht
ní raibh brígh na éifeacht ionnta acht mar scátha, agus figiúra
íodhbarta móir an laé seo.
Leis seo atámaoid saor o pheacadh, atáid dóirse na bhfhlaitheas oscailte
dhuinn, agas díolaigheacht iomlán déanta a cceart mhaslaighthe Dé.
2. Go ttígh so do labhair Dia le na phobul tria na sheirbhisig, na fáige,
neoch do ghérleanadar agus do chuireadar chum báis; annsna laéthanta
déidhineacha do labhair sé leó tré na mhac muirneach, dílis, neoch do
ghabhadar ar an ccuma chéadna agus do chéasadar ionnas go mbéidís ciontach
annsa méid fola do doirteadh ó Abel go ttígh aon mhac Dé.
3. Annsa naimsir do ghaibh thorainn do bhí an dream do thug fiadhnaise
annsa bhfírinne fé mhallacht ar ccéad aithreach, agus fé breitheamhnas an
bháis; acht Iosa Críost na deárnaigh an peacadh ag tabhairt a anma ar ár
son nach raibhe cumhachta ag aon duine a bhreith uaidh, le íodhbairt thoiltenach
do féin don Athair Síoruidhe, do thug sé sómpla do iomlántacht
a ghrádha dhuinn, nár feacadh fós ó chruthúghadh an domhain. Déanfaigh
an focal so do réir gach meadhóin do chuirfear air iomláine mo theagaisc
dhíbh aniugh. An chead phonc, críochnughadh cirt ar thaobh Dé. 2.
Críochnughadh mallaightheachta ar thaobh an duine. Agus 3. Críochnúghadh
grádha ar thaobh Íosa Críost. Má dhéineamaoid marana orra so mar as cóir
thabharfaid siad cum ar ccuimhne ceann-sgéal páise ar Slánaightheóra agus
eólus na fírinne ar ná fuil fios ag an saoghal, mar nach aithnídheann an
saoghal Iosa Críost.
1. Isé nadúir an pheachadh a bheith anaghaidh Dé, anaghaidh a mhaitheasa,
a chumhachta, agus a naomhtachta; agus is éigean sásamh do dhéanamh annsa
nolc, agus annsa masladh thughann sé dhó. Acht mar na raibh sé ar ccumus
dhuinn díolaigheacht do thabhairt ann, do tháinig Fuasgalthóir ós na
flaithis chum an saoghal do anachtainn, chum glóire do thabhairt don Athair
Síoruidhe mar do tugadh tarcuisne dhó, agus chum sinn do chosanamh ó
chaoraibh teintíghe a dhíbhfheirge do bhí le tuitim oruinn.
Agus mar do loiteagh an duine go hiomlán leis an bpeacadh, a thuigsin
dorchaighthe, a thoil lagaighthe, agus a nadúir claon chum uilc, do b'éigean
don té do bhí chum é do shlánúghadh, agus do leigheas a bheith loitighthe
ar an modh céadna, ionas gur sháraigh go mór na pianta a d'fhulaing sé
ana anam agus ana cholainn, ar smaointe agus ár ttuigsin.
2. Ar tteacht don uair na raibh Mac an duine chum a ghlóirighthe, taréis
a dheíscibail do ulmhúghadh anaghaidh oilbhéim na croise, agus iad do
neartúghadh leis an mbronntanas ba mó do b'éidir le na uile chumhachta
d'fhágbáil aca - Sacramin díadha a chuid fola agus feóla - do chuaidh sé
leó go Sliabh Olibheith agus ar eagla iad do bheith ar droch mhisneach a
dimthigh se uatha leis féin chum urnaighethe do dhéanamh. Tuirseach o
smuaintibh ar fhogus a bháis dó, adeir sé: "Uch! a Athair, más toil
leat é cuir an cupánsa thoram". Acht na dhiaigh sin umhlaigeann sé eféin
dhó go hiomlán ag rádh. "ní do réir mó thoilesi, acht do thoilesi
do dhéantar". Feasta ní fhaicimíd ann Rígh na naingeal, aon Mhac Dé,
comhárd leis a mórdhacht agus a gcumhachta, dealradh a ghloiri agus imháigh
a phearsann, an té anna raibh a mhor-thoil; acht fear dobróin ag iomchar ar
ngalair, ar a bhfuil breitheamhnas báis tabhartha chum leór-ghnímh do
dhéanamh ann ár bpeacaighibh go léir; agus so mar thugann a uile-thuigsi
an aenfheacht na lathair curthacha an chineadh dhaonna - do gach aon
dho thiucfaig is do tháinig ó thuis go deireadh an tsaoghail, ó chruthúghadh
go críochnúghadh an domhain. Ann san aimsir do ghaibh thairis, feiceann sé
síos aththuitim na nIúdaigheach i níodalacht agus i niomarbus anaghaidh
na miorbhal dob uathbhásaigh do dhéanamh na bhfábhar, agus eiríre Dé do
tharaingeadar orra féin co minic tre easúmhlaigheacht. A measg na bpágánach
créad fheiceann sé? An saoghal dilinnte le míonádúracht agus le
neimhgheanmnaigheacht - gach aon duine imthighthe o shlígedh na fírinne, gach
aon duine ag leamhnain déibh bréige, agus an Dia bithbheó, cruthaightheóir
Nimhe agus talmhan, gan aithne air annsa tsaoghal.
Ar nimpódh dhó ar an eaglais do tháinig sé chum do thógbhail ar talamh,
chidheann sé a shíothcháín buaidheartha le conspóid agus eiricideacht,
a dligheadh raobtha ag a hórduighte gan suím ionnta.
Acht is sé as mó chuireas brón ar
a chroidhe, go mbeidh cuid ro mhór don chineadh dhaonna ná faghaidh aon
tairbhe ó na bhás, agus go mfhearr do na mílte pearsa gan a theacht riamh
ós na flaithis, mar na déanfaigh an slánúghadh do cheannaigh sé comh daor
sain, gan adhbhar, acht bárr anacra agus damnadh síoruidhe dhóibh. Isé
seo do bheireann dhó a rádh: "Atáid buaidheartha an bháis am thímchioll",
agus gur "ghabhadar na tuilte tre na anam" an uair do chonnairc sé cionta
gach naoin againn fo leith go follus - gach eascaine agus mionna mór, gach
focal míochlúdhmar agus neamhgheanmnaigheacht, gach gníomh eagcórach agus
rín-dhíoghaltach, gach aindiadhacht agus dia-mhaslúghadh - Is iadso mhéadaigheann
an tuile do tháinig tre na cholainn naomhtha, an tallus fola
do chímíd ag sileadh na bhraonaibh móra chum na talmhan.
3. Uch! a chríostaighe, smuainig ar ár Slánaightheoir annsa chuma so - an
uile chumacht tuirseach le tláitheacht agus lagachar - an té chongmhas suas
an domhan claoidhte fa iomad a phian - an té bheathaigheas éanla an aéir a
riachtanas gach uile ní - an té dhéineas teachtairidhe do spiorutaibh,
agus ministiríghe don dearglasair a nionad aingiol, ag teacht ós na flaithis
chum compórd do thabhairt dó - smuainig air annsa ngáirdín eidir bhás
agus bheatha, mar eisiomplár do gach aon dó dhéanas peacadh; agus (ar
chomprád leis) fiafhraigídh dhíbh fein an sealbhaigheann sibh na deighmhianaibh
is cóir chum aithríghe fhírinneach agus grása an tsácramint?
an bhfuil aon chosmhalacht agaibh leis ann bhur bhfhuath agus ann bhur ngráinn
don pheacadh? an airigheann sibh aon dochar as mó agus as measa? A
ndéineann grádh do Dhia túis agus crích agus fad na haithrighe, agus an
dtéidheann sé gan eidirdheighilt anaghaidh ar ndroch-mhian go léir?
Cáileachta go deimhin as annamh le fághail, acht ró riachtanach a bhreith
againn cum maitheamhnais, agus do feicthear an nárd-chéim a néisiompláir
an láe aniugh. "l láethibh a bheatha do thoirbhir sé athchuinge, agus
urnaighthe ar ár son". Agus mar d'fhulaing mac Dé iomad pian tré nar
bpeacadhaibh, nach coír go mbeithmis féin dolásach agus croidhebhrúidhte
na thaobh? Ni leór amháin diúltadh dona corthacha so atá náireach
anaghaidh an tsaoghail no nach acfuineach dhuinn do leanmhain ní as sia, ná
fós iad do admháil a gcathaoir na faoisidine, leis an bhfhaillídh do
stiúraigheann go gnathach chum neamhaithrighe, gus damnadh síoruidhe. "Ní
bhfuil maitheamhnas ar bith gan dortadh fola". (Adeir naomh Pól). As fíor
go dtug fuil Chriost mór-luaghaigheacht a bpeacadhaibh an domhain agus gur
shásaigh sé go hiomlán ceart Dé; acht ní thógann sin uainn dualgus
déighghníomh, agus ni chum beatha do leanmhuin do réir an tsaoghail a
d'fhulaing Iosa Críost bás ar ár son; iona áit sin, caithfimíd,
"easbaidh a bhuaideartha d'fhóirlíonadh", an cholann le na toil agus le na
a hainmhiana do chéasadh - caithfímid siúbhal ina dhiaigh, diúltadh dhuinn
féin; a chros d'iompchar, agus a chosmhaileacht do theasbáin inn ár
mbeatha - Caithfimíd fulang leis ionnas go mbeithmís a gcoimhréim leis.
4. Iúdás. Is ar éigean a dúbhairt sé le na dheisciobail go raibh am a
bhraithte a bhfogus, anuair do chonnairc sé mór-shluaigh armtha ag teacht
chum é do ghabháil, ó uachtaránaibh na sagart agus ó ársantaibh an
phobail, agus Iudás ina measc. Ar feadh na hoídhche do chruinnigheadar
cóimhthinól chum a bháis, agus ní raibh d'égmuis orra, acht duine d'fhághail
chum a mbriathra do chur a mbrigh, neoch do fuaradar go héasga a naon
don dá fhear déag do bhí tar éis suipéir do chaitheamh anfhochair. Do bhí
sé so a shíor chuideachtain a mhaighistreach, na dhlúith charaid aige,
fiadnaise a naomhthachta agus a neimhchiontachata, agus a mhiorbhuilte. Do
bhí sé
óirdnighthe 'na sagart le cumhachta os cionn a chuid fola agus
feóla; chum a theagasc agus a shoisgéal d'foillsiúghadh i "ttír Iudéa,
agus Shamária agus go forimeal an domhain". Uch! go dé an fáth buaidheartha
agus bróin do Iosa gurab éso go cinnte do bhí ar tí a bhráithte.
Adeir Naomh Gregóir gur mhó an phian do thug sé dhó ná an lann do chuaidh
tré na chroidhe ar Shliabh Calbharí. Acht go dé mar do dhallann saint an
té a ngabhann sí seilbh ann? agus go dé an mearbhal a thugann sí air, ar
nós go gcuireann sé a chroidhe a neithibh saoghalta, agus go ndéineann sé
dearmad do na neithibh atá ar neamh. "Tar éis an chuirp naomhta do
ghlacadhtar
éis an ghreama, do chuaigh an táibhirseóir asteach ann", a d'éirigh sé
ón mbórd go tapaidh ag dul chum uachdarán na sagart. Duine dona! Do
mbeith léas tuigsiona aige, do b'fhuiris dhó mór-chuid tarbha do dhéanamh
don droch mhéin le nar ghéarleanadar é acht atá sé sasta é d'fhágbháil
fúthaibh féin. "Créad do bhéarla sibh dham agus braithfidh mé dhíbh é",
agus leis sin meastar Fuasgailteóir an domhain agus árd-righ na bhflaitheas
ar deich pinginni fithchead d'airgead. Níl baois na locht as mó na saint,
isí préamh gach uilc í; cruaidheannn sí an croidhe anagaidh trócaire
agus féile, agus an té a mbuaidheann si seilbh ann atá sé fonnmhar chum
cirt agus carthanachta do thabhairt ar luacht. Méadaigheann sé a méirlechas
le feall, agus do chomartha síothchána agus cumainn, déanann sé comhartha
marbhtha agus cogaidh. "Gi bé da dtabhra mise póg is ésin Críost". Adeir
an Slánaighthépir leis go ceannsa. "A charadh créad fá a dtáinig tu",
chum a chur ar cuimhne dhó go raibh trócaire fós lé fághail aige, agus
ná rabhdar dóirse na haithrighe dúnta na choinne. Acht as díomhaoin dhó,
ata a chroidhe ro chruaidh chum na haithrighe, agus tuitid na focail seo gan
éifeacht ar an bhfealltóir mallaighthe. Uch "taréis eóluis na fírinne
agus grása dé, taréis blas shubhailche an tsaoghail atá le teacht d'fhagail,
ma chasamoid ar an bpeacadh as
ro dheacair sinn do athnuadhúghadh, agus
ní faighthear againn acht "feitheamh baoghlach breitheamhnais dé, agus
losgadh na teine do shlugann a naimhde."
Agus fós ar feadh na haimsirse beannaighthe seo, an uair órduigheann
dlígheadh na hEaglaise do gach aon dá ttáinig chum aoise deiscréide Corp
Chriost do ghlacadh, cá liacht duine do leanus go ro fhogus eisiompláir
Iúdáis, agus do chífear ag bun na haltóra chum póg na síothchana do
thabhairt dhó le na mbéalaibh gé go bhfuilid siad ana gcroidhthe ar tí
a bhráithte? Ca liacht duine go ghlacfaidh a chuid fola agus feóla tre
fháthaibh saoghalta, mar go bhfuil sé gnáthamhil aco, no le hurraim agus
ómós don phuibleacht? Leó so fo leith adeir ar Slánaightheóir mar
adúbhait sé le hIúdás. "A charad créad fá a dtáinig tú?" Nó an
chum go méadóighfeá an bhuairt agus an tarcuisne a d'fhulaing me cheana
ar do shon?
5. Taréis fheill Iúdáis do leanadar go dlúith tnúth agus éad a namhad
do bhí ar aontóil dá ghéirleanmhuin é, gé nár réidheadar le na chéile
ar aon phonc eile. Do bhí na sagairt, no ministéiridhe na haltóra na
choinne tré eagla go dtabharfadh an onóir do bhí dhó ag na daoine míochlú
agus mímheas orra féin. Na sgríbhnidhe (no dochturidhe an dlighidh agus
coiméadaighthe na scriptuire) do bhádar ana aghaidh mar gheall ar a theagasg
naomhtha agus a rúindiamhaire dothuigsina. Agus na Phairisinidhe - dream do
sin eidirdheighilt on bpobul le mordhiadhacht, do bhíodar na naimhdibh aige,
mar a d'fhógair sé a mbréag-chrábhaidh agus mar do chuir sé iad a
gcompráid le "tuambaibh geala agus déaghmhaiseacha ar an ttaoibh amuigh,
acht astig lán do mhorgaitheacht agus do bhréantus". Isédh a dtairbhe go
léir a chonspóid do chur ar gcúl agus comhcheangal do dhéanamh anaghaidh a
neascaraid choitcheann; agus anuair na fuil locht le fághail na theagasc ná
ina shómpla, as mian leó é do chur chum báis. Acht cad é an leithsgéal
atá chum gnímh comh mallaighthe sin? Cad é fáth marbhtha an tí
adubhairt "Cia aca dhíobh do chuireas peacadh am leith".
Uch! a chríostaighe, níl ólc na feall na déanan tnúth sgiamhach, águs,
dá mbeith gábhadh aige leis, fá bhrat bhréig-crábhaidh agus dúthrachta
do Dhia, do chuirfeadh an intinn as measa ar bith a bhfeidhm. Taréis an
iomad cionta agus cor do chur iona Leith, fa dheireadh go ndúbhairt sé
"Is féidir liom teampall Dé do leagadh agus do thógbháil fé cheaann trí
laithe", gé go raibh sé follas gur ar theampall a cholainne do labhair sé
agus ar an eiséirghe. Dona ceastaibh a dtaobh a dheisciobal agus a theagaisg,
freagrann sé go húmhal agus le ceannsacht "gur labhair sé ós árd agus ná
dúbhairt sé aon ní a bhfholach, gur theagaisg sé go laétheamhail annsa
tSionagog agus annsa teampall, a láthair na nIúdaighe neoch do thug fiadhnaise
mhaith na thaobh", agus fós tuigthear go bhfuil an freagradhso lán
d'easuraim agus do dhímheas don árd-shagart. Fa dheireadh le huathfás na
tug sé freagradh ar bith uaidh do na fínéithibh adeir Caiphas: "Cuirim
ort as ucht Dé Bí a inisin dhuinn an tú Críost mac Dé". Acht cad é an
fáth a fhiafhraighid dhé féin a ttaobh a dhiadhachta do bhí foillsigthe
comh minic sin le miorbúile. Fiafraigh é do Eóin Baistidh adúbhairt
gur bhé seo an Críost - fiafraigh é do na hoibreachaibh do sin sé na deárna
neach a leithéid roimhe - fiafraig é don easlán do leighis sé, don dall,
don mbacach, don chríon da ttug sé radharc, agus lúth agus neart; fiafraigh
é dona miltibh do bheathaigh sé go míorbhúlta agus adearfaidsead leat ná
tug Dia riamh do dhuine an oiread san cumhachta - fiafraigh é do na flaitheasaibh
atá oscailte ós a chionn ag fo.gradh le hárd-ghúth gurab é aon
ghein Dé é; agus mar an leór leat na fíneithe seo, a Chaiphas, imthig
síos go hifearnn fiafraigh do na deamhnaibh do ruag sé comh minic sin le na
focal mór-chumhachttach, agus admhálfaidsead dá neimhdhéoin, gurab é do
bhí chum fuascaltadh do thabhairt ar Israel.
Acht ní le grádh don fhírinne do chuireann an tárd-shagart
an cheist seo, acht chum barr buaidheartha agus díoghbhála do dhéanamh dó.
6. Acht ionnas go ttaisbeánfadh sé dhuinn nach cóir an fhírinne do cheilt
an uair is dual dhuinn í innisin, bíodh gur le cunntabhait dar nanmannaibh,
no fós go ngeibheadh daoine eile masladh as gach ádhbhar, admhaigheann
an Slánaightheóir gur b'é féin an té ar ar labhradar na fáidhe agus go
bhfaicfidís fós é ag teacht i néallaibh nimhe le cumhachtaibh agus glóir
chum breathamhnais do thabhairt ar an ccinedh dhaonna. Níl annsa nadmháil
seo acht breith an bháis. "Raobann Caiphas a éadach le feirg le nar nocht
sé eféin go brat don tsagartacht, adeir Léó an Pápa, agus d'aistrigh sé
é chum Chriost an sagart sioruidhe do bhí le suidhe ar ríogh-shuidhe na
mórdhachta annsna flaithis ag rádh", "An ccualabhair an t-éagnach?" cad é
an uireasbaidh fiadhnuise atá nís mó? cad do chítear dibhse?" Acht
freagraidsead é d'aon aontaidh "gur thuill sé a chur chum báis", agus
anaghaidh gach dlighedh daonnachta agus carthanachta do thionnscanadar ar an
láthair a mbriathar do chur a ccrích. Dream dhíobh, do ghabhadar do
sheilighibh ina éadan - dream eile do fhoiligheadar a aghaidh agus do
bhuaileadar le dóirnibh é ag rádh "déin fáidheóracht dhuinn a Chríost
cé bhuail tú?" Uch a righ na trócaire cad i an fhoidne le ar fhulaing tú
an tarcuisne seo?
Mar aithnigheann tú ann do naimhdibh deas-lámh an Athar síoruidhe, agus
mar do chidheann tú tré na ccionta a thoil ro naomhtha. Atá fios agat
ná fuil ionnta acht ministrighe a dhíoghaltais agus gur leó atá a cheart
diadha chum sásaimh d'fhaghail. As cóir dhuinn maitheamhnas agus carthanacht
dar ccomharsain d'fhoghlum ón eisiompláir diadha so agus gan a mheas
gur naimhdibh dhuinn iad anuair do dheanaidsiad eaccóir oruinn acht do réir
órduighthe Dé gur leó so do smachtaigheann sé sinn mar gheall ar an bpeacadh.
Atá sé do cheangal oruinn grádh ar an bpeacadh. Atá sé do cheangal
orunn grádh do bheith aguinn dar naimhdibh - is alt don chreideamh é
do thug Críost ó neamh agus do shír-theagaisg
sé lé na fhocal agus lé na shómpla an fad do bhí sé ar talamh.
Do mhasla na nIúdaighe níl freagradh ar bith aige ionnas go ttaisbeánfadh
sé dona deiscioplaibh 'na bheatha a shearmóin dóibh ar an sliabh, ní hé
amháin gan díoghaltas do dhéanamh ar an tí do dhéanann éaccóir orra
acht fós gurab "iona fhoidne shealbhaid siad a nanmanna". "As beannaighthe
sibh an tan dhíbeireóifid daoine sibh, agus déarfaid gach uile dhrochfhocal
sibh go bréagach ar mo shonsa; bíodh gáirdeachas agus lúthgháir
oruibh óir as mór bhur luaigheacht ar neamh". Teagasg nar foillsigheadh
go ttígh sin don tsaoghal - teagasg cruaidh, dochomhallta don nadúir atá
claon chum uilc, acht fuiris sochomhallta lé cungnamh a ghrás agus a acht
fuiris sochomhallta lé cungnamh a ghrás agus a shompla. Ní mó ár
naomhthacht as ár neimhchiontaht - ní mó an masla tugthar dhuinn na tugadh
dhósan - agus ní mó do theidheann sé chum glóire Dé sinn féin do chosnamh
ó mhíochlú. Cuimhnighmíd nach é moladh an tsaoghail do shaorfaidh
sinn acht moladh ó Dhia agus comh meinic agus a déarfar aon ní eaccórach
linn abramaoid le Naomh Pól "As beag mo shuim a mbreathamhnas na ndaoine,
asé an Tighearna as breitheamh oram."
7. Taréis droch dhíoghail agus tarcaisne na hoidhche, taréis Iúdáis dhá
bhrith agus a dheisciopal eile dhá thréigeann, anuair do thaisbeanann solus
na maidne é do chathair dhiombuídheach Ierusalem, treóraighthear é ón
árd-shagart go teach an Riaghailteora. Agus muna mbeith gur léig árd-righ
an domhain srian le na bhfheirg agus le na nantoil, chum a bhréithir naomhtha
féin do thabairt chum críche, do anaicfidís na daoine é arís do bhí
comh mór san ar a thaobh, mar do rinneadar go minic roíme, ó lámhaibh a
námhad. Acht as mairg do chuireann a mhuinghin a nglóir an tsaoghail seo. Níl
acht sé lá ó tháinig sé go Ierusalem a meag lúthgháire agus chathréime
na ndaoine, d'admháladar é mar rígh ag rádh "Hosanna do Mhac
Dhábhid, as beannaighthe an té thigeas an ainm an Tighearna".
Acht aniu, cionas d'feicimíd é? Ní luaidhter aon cheart do
bheith aige
chum ríogh-shúidhe Israel - Ni admhaidhthear é ní as mó chum
oidhreachta Dhábhíd - Níl aon Rígh orra acht Saésar, agus le
gairm mó iarraid siad ar an uachtarán é chur chum báis.
Agus gé go bhfhreagrann sé iad ná feiceann sé aon chúis báis air,
athchuingíd siad air comhaontúghadh lé na ndroch -mhianaibh, ag rádh,
"Bíodh a fhuil, oruinne agus ar ár ccolainn". Uch a dhaoine dhanartha,
cheann-dána, as fíor go bhfhuarabhair bhur nguidhe - as trom do luighenn
mallacht a chuid fola orraibh féin agus ar bhur sliocht, mar as fiadnuise
bhur léirsgrios le ocht ccéad dég bliadhan - bhur tteampall comhthrom leis
an ttalamh bhur ccathair ina fásach agus sibh féin scaipighthe go ceithre
hárdaibh an domhain.
8. Do bhí se mar ghnáthughadh ameasg na nIúdaighe bráighe do léigeann
amach do chinn sollaman na Casc, agus mar do bhí Pilait fonnmhar ar an
Slánaightheóir do shaoradh, fiafraigeann sé dhíobh cia aco sgaoilfear,
Barrabas no Iosa? Bitheamhnach budheadh Barrabas do cuireadh a mbraighdeanas do chionn
marbhtha do rinneadh annsa chathair. Uch a chríostaighe cad é an comhmórtas!
Barrabas do chur a ccosmalacht le Iosa - Gadaidh agus dunoirgnídh le
fuasgailteóir an domhain. Agus fos eidir shagartaibh agus phobul - shaoitibh
agus ársantab, atáidsiad uile ar aontoil chum Barabas do sgaoileadh, agus
Iosa do chéasadh. Atámaoid lan d'fheirg ina naghaidh seo do bhí ciontach
a ccoir comh iongantach sin, agus foraoir, nách minic do leanmaoid féin go
ro dhlúith a neisiompláir? Nach minic do ghnímíd compráid eidir ní
éigin saoghalta agus an tanam? eidir thairbhe gan éifeacht agus Día?
agus gé go nabraid creideamh agus coinsias linn nach féidir an dá ní do
shealbhúghadh, nach féidir foghnamh do dhá thighearna, agus go ccailimíd
caradas Dé ma leanamoid ar nainmhianaibh, nach minic ara shon san adeirimíd
go ccaithfidh an nadúir chlaoin a toil d'fhághail, gibé ní do thiocfas
dhe, bíodh go madh héigean mac Dé do chéasadh arís, a bhás do athnuadhúghadh
agus a fhuil fhír-uasal, naomththa le nar
shaor sé sinn ó sclábhaigheacht
agus ó anbhroid an diabhail, do shaltradh fó nar ccosaibh.
Ar cosmhail go deimhin, na déanamoid rogha co sofhaicsiona, acht an uair nach
féidir an peacadh do dhéanamh gan Dia do thréigean ní fuláir gur bé
seo togha agus eidirdheighilt an chroidhe comh minic agus do ghnímíd an
peacadh.
9. An aonar gan caraid gan cumann, níl neach acht Pilait amháin ó nar
fhéidir leis súil do bheith le furtacht. Do labhair sé go minic ina
fhábhar - do bhí sé deimhneach dá neimhchiontacht - ní bhfuair sé cúis
ná coir ann. Agus fós as tré na chaomhna neimhbhríoghach do h-oídídheadh
é fá dheireadh le na naimhdibh. Múineann coghuas agus inntinn dhó gur
cóir é sgaoileadh, acht anuair bagarthar fearg an Impire air atá sé ar
mearbhal cionnas do réidhfeadh sé edir a thairbhe agus a choinsias ná
chaillfeadh sé caradas Saesair, agus cum sin do sheachnadh, atá sé sásda
ar dhul anaghaidh slighidh agus cirt. Géilleann sé go ró fhuiris dhóibh
agus fé ghné deighmhéine do Iosa tugann sé cead sladaighthe air do na
saighdiúiribh.
10. Leanamaoid anois é go cúirt an Riaghlathóra "anáit nar chruinnigheadar
timcheall air, an chuideachta uile", mar adeir Naomh Mathéi, agas smuainimíd
ar iomad a phian. Agus ma mheasamaoid gur le hinntinn a anma do anacal do
thíodhnaic Pilait do na
hIúdaighibh é, ionnas go saorfaidís é tar éis
a bhfheirgi do shásamh air, ní fuláir go rabhadar na buillídhe do fuair
sé ro iomadamhail, agus tré thaisbéanadh áirighthe do hinnistear dhuinn,
gur sháruígheadar chúig mhíle.
Gé go ninnisid na suísgealaighe stair na páise go dlúith, ní shoillsighid
stair na páise go dlúit, ní shoillsighid siad an punc so; agus
go deimhin, ní raibh gábhadh leis, mar do innis Esaisas rómpa é. Suisgealaighe
an tSean-Reachta. "Níl cuma na sgéimh air - do mheasamair é
mhar Lobhar "buailte ó Dhia, agus loitighthe" - (Isaias, c.53-4).
Ceangalte do cholomhain; tuitid buillidhe na gcéadaibh ar a cholainn
nochtaighthe, agus an fheóil do gineadh ón Oigh Muire le mór chumhachtha an
Spiorata Naoimh, atá sí treabhtha le sgiúirsighibh. An té na raibh an solus air
mar éadach atá se aghaidh-náireach le feicsinn agus ó cheann go cois níl
ball dhe slán." Taréis a bhfheirge d'agairt air gan a sásamg, sgaoilid
sid é ón ccolbha, millte, loitighthe, mar chúis gáire agus fanómhaid.
Cuirthear fallaing Purpuir air, mar chómhartha ríoghamhlachta, agus an
taghaidh do ghnías solás agus aoibhneas na naomh, atá sé dofhaicsionach
ó dhóirnibh agus ó sheileagar. Fáiscthear coróin spíona ar a cheann
agus cuirthear slat giolcaigh mar shlat ríogha iona láimh - na lámha so
le na stíurthar an tóirneach agus le na tteilgthear lasracha londracha na
bhfhlaitheas; agus léigid siad a nghlúine ar an ttalamh ag rádh: "Dia
dod bheannúghadh a Rígh na n-Iúdaighe". Uch a losa ar chóir do mhórdhacht,
dá númhlaighean an domhan, go léir, do thabhairt marso fé tharcuisne,
agus an tréidhe so, an Rígh, an fáidh, agus an sagart, ciallaighthe le ainm
naomhtha Criost, do mhaslúghadh ar an ccuma so? Acht an tan do raobaid na
deilge a cheann, atá a aghaidh (uch go de comh míochosmhail leis siúd ar
Shliabh Tabor do dheallraigh mar an ngréin) atá a aghaidh dilinnte le
tuiltib, a ghné do bhí maiseamhail ameasg chlanna na ndaoine, atá sé
néallmhar, dorcha, agus na súile do tharraing sruth deór ó
Pheatar agus do bhuail go talamh sluaigh an fheillteóra i
ngairdín Ghethsemani,
atáid siad gan radharc, gan solus.
Nochtaighthe ó gach céim agus onóir, acht amháin a dhaonnacht, atá, nach
mór, fuilighthe le hiomad cneadh agus fola, treóruigheann Pilait é leasamuich
don halla ionnas, go ttaisbeanfadh sé é don phopul. Uch a Righthe agus
agus a phrionsaighe do shíol Dhábhíd - fíréana agus fáidhe, an éseo
an té le na rabhabhair ag súil cómh fada sin? fírinne bhur bhfuirmráite
agus cóimhlióna bhur bhfhioghúir? An éseo tnúth na ccríoch, solus
an tsoineagog, glóir agus fuascladh Israel, solas agus slánúghadh na
ccineadhach? Féachaigidh air agus abraigidh féin an aithnigheann sibh
fá'n ngné so cómharthaibh a mhórdhachta, agus a dhiadhachta.
11. Atá fuath againn dar ndóith, dóibhseo do bhí ciontach a néacht a
chéasta, agus ata gráinn againn mar as cóir ar an dream do thug Mac Dé go
dtigh an riocht so; acht ar chompráid leó, as baoghlach go bhfaighfear
eadrainn féin iomarcaidh cosmhalachta dhóibh. Adeir Naomh Pól dhóibh seo
do chungaimh a bhriathra agus do lean a theagasg, gurab iad a "sholas agus
a choróin iad" - sinne, baill aonchuirp Chriost - isé ar ceann é agus ar
an ccuma cheadna, ma shiúbhlamaoid do réir a theagaisg agus a shómpla,
beimíd aige mar choróin áithis agus lúthgháire; acht ma bhíd ar ndroichbhearta
bun ós cionn le nar ccreideamh, agus ma shéanamaoíd é le nar
ngníomhaibh an uair admhaidhmíd é le nar mbéalaibh, ullmhaighmid dhó
coróin spíona níos géire agus nís pianmhaire, na ísiúd do fígheadh dhó
le lámhaibh na nIúdaighe. An meabhraigheann sibh, adeir Naomh Augustín,
gur críochnaigheadh mallaightheacht na cineadh dhaonna an lá do cuireadh
Críost chum báis? Níor críochnaigheadh, as measa an dream do dhéanas a
bhás d'athnúadhughadh tré na bpeacadh, mar do rinneadar na hIúdaighe é
a nainbhfhios, anuair do bhi sé ar staid shomharbhtha, agus do chómhoibrígheadar
go hainbhfhiosach le toil an Athair síoruidhe. Acht cómh meinic agus
do pheacaidhmídne ina aghaidh, as le eólus a dhidhachta do ghnímid é,
fágamaid, do réir ar ccumais, a ioncholnúghadh
agus a pháis gan toradh,
agus masluighmíd é anois an uair na fuil buaidh ní as mó ag an mbás air,
agus an uar do suidheann sé a nglóir ar dheas-láimh Dé annsna flaithis.
AN ROINN DÉIGHEANACH.
12. Triallamaoid anois leis go dtigh an staid dheireanach d'a pháis - go
Cnoc dólásach Chalbhari, áit ionar treóraigheadh é tré ghrádh dhon
duine. Do bhí sé ar cumas dó diúltadh don chupán do thug a Athair
síoruidhe dhó, agus taréis é ghlacadh, do bhí sé ar cumas dó é ól.
Budh díomhain comhairlighe righ agus riaghlathóir anagaidh a mhór ghrádha
dhuinn, atá gan sómpla annsa tsaoghal. Uch budh hé so ceann fáth
íodhbarta móir an Reachta Nua. Isedh a ghrádh dhuinn do bheir dhó
túirling ón aoibhneas síoruidhe do bhí aige ar neamh, agus colann daonna
do ghabháil chum ar ngalair do iomchar, chum na slabhradha le na rabhamair
ceangailte do bhriseadh, chum sinn do chosnamh ó theintibh ifeirinn agus
ceart do thabhairt dhuinn ar rioghacht na bhflaitheas. Grádh ná raibh sásta
le na anam do thabhairt ar ar son, acht anuair do b'éigean dhó imtheacht go
dtigh an Athair, ionnas go gcuirfeadh sé chúghain an Spiorat Naomh, do
lonnughadh againn fo ghné aráin agus fhíona i sacramain diadha na hAltóra,
mar chuimhniughadh ar a bhás. Grádh ná raibh sásta le na anam do thabhairt
ar ar son, acht anuair do b'éigean dhó imtheacht go dtigh an Athair,
ionnas go gcuirfeadh sé chúghain an Spiorat Naomh, do lonnughadh againn fo
ghné aráin agus fhíona i sacramain diadha na hAltóra, mar chuimhniughadh
ar a bhás. Grádh ná léigeann dhó smuaineamh ar féin acht orainne do
dh'éineann éadtrom ar a ghuaillibh ualach trom na cruise - agus do tharraingeann
ó na radharc na pianta atá le fulang aige. Ní fhaiceann sé acht
cruaidh-mhuinéalacht na druinge do tháinig sé chum do shábháil - an chóir
do chríochnaigh a mallaightheacht - an anachain agus an tár ata ósa gcionn,
agus atá go ro ghar le tuitim, mar chaoir theintighe orra féin agas r a
gcathair. Leis na mnáibh do lean é tar éis a dheisciopal dh'á thréigeann,
adeir sé: "A ingheana Ierusalem ná guiligidh ar mo shonsa acht ar
bhar son féin agus ar son bhar ccloinne".
Ann ar dtuigsin-ne níl aon ní as mó thuilleann ár ndéara ná Dia, loitighthe,
maslaighthe, céasta - ní do chonnaic an nádúir éigcéillidh le
brón agus le uathbhás - do bhris cairrge, do mhúc solus na gréine, agus
na réalt, do raob fial an teampaill, agus do mhúscail as na tuambaibh na
cuirp do bhí léis na céata bliadhan ina ccodhladh, agus fós adeir sé leó.
"A ingheana Ierusalem ná guiligidh ar mo shonsa acht ar bhár son féin agus
ar son bhar ccloinne". Ionann sin agus a rádh. "Biaidh mo bhás sa gearraimseardha,
glórmhar; acht mar a ndéanaidh sibhsi an aithríghe biaidh bhur
mhbás agus na pianta neoch do leanfidh é, a ccaitheamh na síorugheachta bearfaidh
misi buaidh air, agus eireóchaidh mé an treas lá le caithréim
ón uaigh, go dé an fad go ndéanfaidh sibhsi éiseirghi ó uaigh, dhoimhin,
dhorcha an pheacadh anna bhfuil sibh curtha? Brisfeadsa na ceangail seo atá
oram, agus leó tarraingeóidh mé chugham an domhan uile; cá huair a
mbrisfidh sibhsi slabhradha, danartha, cruaidh bhur ndroch-chlaonta, agus
do bhiaidh sibh saor ó sclabhuigheacht an diabhail, námhaid choitcheann bhur
nanmann? "A ingheana Ierusalem na guiligidh ar mo shonsa, acht ar bhar son
féin, agus ar son bhar gcloinne." Is sé an grádhso do chuaidh suas i
nathchuinge go dtigh an Athair síoruidhe chum maitheamhnais d'fhághail
dhóibh seo do bhí dhá chéasadh, agus go ttesbeánfadh sé dhuinn, nach
fuil aon éaghcóir dá mhéid ná caithfímíd do mhaitheamh, mas mian linn
maitheamhnas d'fhághail, na aon chosmhalacht do bhreith leis, an fad is
atáid na sparraidhe tria na chosaibh agus tria na lámhaibh, a thaobh oscailte
on sleigh, agus a cheann iona chriathar on ccoróin spíona, ag iarraidh
saorthadh agus trócaire dhá mhairbhtheóiridhe, "Uch a Athair, maith dhóibh
mar nach fuil fios aca créad do ghnídh siad".
13. Tar éis na neth do thug ó neamh é do bheith déanta, an tairrigire
comhallta - figiúir an tseanreachta
cóimhlíonta - fiacha chirt Dé díolta - an
chineadh dhaonna saor, agus a chreidiomh foillsighthe, adeir sé le árdghuth
"Atá sé críochnaighthe", agus ar chlaonadh a chinn imthigenn an
t-anam as.
AN CRÍOCHNÚGHADH.
14. Léighimíd an domhan uile do bheith dobrónach dolásach ar son báis an
té do chruthaigh é, as mó as dual dhuinne deóra na h-aithrighe do shileadh
a ttaobh chúise agus ádhbhair a bháis - ar bpeacadh, do thug Mac Dé go
ttig an richt so. Dhíobhso do tháinig go Calbharí chum a bháis
d'fhiadhnaisiúghadh, do bhí mórán ar chasadh dhóibh abhaile "ag bualadh a
nucht agus ag adhmháil gur fírén an duine seo", agas má tá aon duine ag éisteacht
liom do tháinig annso aniugh, tré fháthaibh saoghalta, ag geille do nós na
haimsire beannaighthe seo, no chum solamnacht an laé d'fhaicsin, déanaidh
siad áithris orra, ag bualadh a nucht agus ag admháil gur tré na bpeacaidhibh
do céasadh é. An fad atá Iosa Críost ar chrann na croiche, ní mar bhreitheamh
atá sé acht mar Shlánaightheóir, ni chum dioghaltais atá sé ann, acht chum
trócaire do dhéanamh. Am a bháis, am aithrighe do pheacachaibh chruadh-
chraoidheachaibh danartha. Madh iarraid siad le dóthchus, agus le hinntinn
a mbeatha do
leasúghadh, na grása do cheannaigh sé dhuinn le mór luach a chuid fola,
stiuróidhgidh sé iad do réir a dhlighidh agus a thoile ar an saoghalso,
agus saothróchaid siad dhóibh féin an bheatha mharthanach, agus an ghlóir
síoruidhe ar an saoghail eile.
Ar an ádhbhar sin, diúltaimíd don pheachadh mar as tríd do céasadh é,
agus comh minic agus atámaid ciontach ann, cuirimíd aríos chum báis é,
agus dénamaid a pháis d'athnuadhúghadh. Téighimíd leis go hárdaibh
Chalbharí agas an fad do smuainímíd ar a ghéir-pheanaid - ar na
buillidhibh le nar loiteadh é, sciúirsighibh a namhad, agas an choróin
spíona do chuaidh tre na cheann, ma fhiafraighmid dhe, cad do mhaslaigh thú
ar an ccuma so? Freagróidh
sé sinn gur bhiadh ar bpeacaidhibh lé nar céasadh é.
Diúltaimíd dóibh, ar an ádhbhar sin, go bráth aris, cúngnafaid na grása
so linn do cheannaigh sé dhuinn tré ba chruis bheannaighthe, atá againn
mar shúil, mar shómpla, mar neart agus mar shligheadh, chum sinn do
threórúghadh go cathair na glóire. Ní do ghuidhim dhíbh go dúthrachtach,
an ainm an Athar agus an Mhic, agus an Spiorata naoimh. Bíodh mar sin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11