Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh

Title
Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1649
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1934)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AMHRÁIN AGUS DÁNTA AG BAINT LE
NÁISIÚNTACHT AGUS POILITIDHEACHT.



1 - TRUAGH MO THURUS Ó MO THÍR.



Truagh mo thurus ó mo thír
Go Crích Mhanannáin† mhín †mhic Lir,
Idir triúr piúratán meabhail géar -
Gearr mo shaoghal má's buan na fir.



Áireamh na hAoine ar an dtriúr -
Hamilton, ó Dhún na gCliar,
Tháinig chugainn sonn tar lear
Ó chrích Alban fear de'n triar.



Máighistir Ló, is Máighistir Brún -
Rí na ndúl go holc do'n dís:
Annsa leo Parlameint ná Rí,
Olc an chríoch orra bhéas.



Claon a gcoguas, saobh a gciall,
Easbog ná cliar ní mian leo:
Ní abraid paidir nó cré,
Freitim féin bheith dá sórt.



Trosgadh nó féilte na naomh -
Olc an taom, ní chongbhaid siad;
Ní mó leo Muire ná brobh -
Pór gan mhóid nár bheannuigh Dia.


L. 14


Fuath leo baisteadh, cros, is ceall,
Bunadh na bhfeall; truagh a Dhia,
Creideamh Phádraig do dhul ar gcúl,
Is creideamh gan stiúr do bheith dá thriall.



Deir gach bodach ceann-chruinn cruaidh:
"Díbirt bhuan ar Chlannaibh Néill,
'S ar shíol ríogh, ughdair gach uilc" -
Is leo do thuit mo mhuinntir féin.



Briste mo chroidhe in mo chliabh,
Ó bheillean an trír is olc méin,
I n-aghaidh mo thíre 's mo thriaith;
Furtaigh a Dhia orm ó'n phéin.



Dá mairfeadh Fearghas mac Róigh,
Nó Cúchulainn d ar chóir grádh,
Nó Murchadh mac Bhriain, ceann na sluagh,
Do choisceóchaidís go luath mo chrádh.



Nó Seán mac Chuinn na mbreath saor,
Nó Mac Aodha mhic Dhomhnaill óig,
Nó sliocht an Bharúin Uí Néill,
Ní fada bhéinn féin gan chóir.


L. 15


A theachtaire théid ar tuinn,
Innis do shliocht gCuinn na ruag,
'S do shíol ríogh do lean an séan,
Mo mhairg, mo léan, 's mo ghruaim.



Dá gcluinfeadh Eoghan mac Airt,
Nó Ó Éinridhe, searc na sluagh,
Nó sliocht Aodha Buidhe Uí Néill,
Nó rí Banna na gcéim gcruadh,



Nó Sabhaoise ó Loch Cuan,
Nó sliocht Fhéidhlim na ruag ngarg,
Nó Ruiséalaigh, m'olc is mo bhruid,
D'éireóchadh a bhfuil is a bhfearg.



Iarla Dáirbí, leoghan fial,
Árd-rí Mhanannáin, triath na mbuaidh,
Mur mbeith onóir 's uaisle, a ghrádh,
Is fada ó thiocfadh mo lá truaigh.


L. 17


2 - SÍGHLE BHÁN NÍ SHLÉIBHÍN



I An Gaedheal
Thug sí deoch do'n bhrandaí damh
Is d'fhág sí mo intinn buadhartha,
Nuair a smaoitighim ar a' chómhrádh chaoin
Rinne cúl buidhe casta craobhach;
Chan fhuil aon áit a bhfeicthear í
Nach dtugtar cion is spéis dí,
Is grádh is cion go dtug mé féin
Do Shíghle Bháin Ní Shléibhín.



II An Gall
Gabhail amach ar maidin damh,
Is gan orm acht mo léinidh,
Casadh liom-sa ainnir óg
'S í 'g ionnsuidhe mhalaidh 'n tsléibhe;
Sgairt mé ar na madaidh' úd,
Is dhreasaigh mé 'na diaidh iad,
Cha dtéid sí go Connachtaibh
Gan cuideachta mhaith léithe.



III An Gaedheal
Mur dtéid sí go Connachtaibh
Gan cuideachta mhaith léithe,
Gléasfa mé mo churach beag
Go gcuire mé thar an Éirne í;
Béidh sgéala rómham 'sa' bhaile
Sul a mbainfear cnó nó sméar ann,
Go mbéidh mé pósta ceangailte
Ar Shíghle Bháin Ní Shléibhín.


L. 18


IV An Gall
Is mór liom-sa a mholas tú
Síghle Bhán Ní Shléibhín;
'Sí 'n cailín amháin is bealaigh' í
Dá bhfuil ó neamh go hÉirne;
Tá éadan crupthaí crapthaí aici,
Is mairg a gheobhadh mar chéile í;
Is dá bhfuighinn-se i Leitir Ceannain í
Go sgaoilfinn fhéin na gadhair léi.



V An Gaedheal
Tá tú bréagach, beadaidhe,
Chan mar sin atá mo chéile,
Acht súgach, séimhigh, carthannach,
Is dar liom gur deas a sgéimh í.
Níl laoch óg 'á bhfeiceadh í
Nach dtabhradh cion is spéis dí,
Agus grádh is cion go dtug mé féin
Do Shíghle Bháin Ní Shléibhín.



VI An Gall
Goidé do ghnoithe un seisiúin
Is gan agat focal Béarla?
Chan fhuightheá fhéin cead labhairt ann
Le cás ar bith a phléideáil.
Tá sé ins an tairgaireacht,
Is is minic mé 'á léigheadh ann,
Gur mise fhéin an t-oighre ceart
Ar Shíghle Bháin Ní Shléibhín.


L. 19


3 - SLÁINTE RÍOGH PHILIP.
I
Bíodh cárt in gach láimh agus gloine,
Is ná dearmad iad a bheith lán,
Go n-ólfamuid sláinte Ríogh Philip,
'S a leinbh seo 'riamh ar fán:
Is fada faoi smúid í g á síomad,
Gan dalta 's gan aoibhneas le fagháil,
'S muna dtóigfear an brón-sa dínn feasta
Creachfam an Fhrainnc is an Spáinn.



II
'S a' bhrúid le drúis dothug taithneamh
Do Anna mar chéile mná,
Is do'n chúpla sin dhiúltaigh an baiste,
Is d'aistrigh un Béarla an pháis.
Tré bhreall ar gach teampaillín tacair
Nár sheasaigh i n-ainm na ngrádh,
Béidh greann agus beann ar na sagairt,
'S a mbeatha 'rís aca ar fagháil.


L. 20


III
Guidhim feasta Rí geal na n-aingeal,
An aicme seo chlaoidheadh i dtráth,
'S a ndíbirt ón mhnaoi tá faoi sgamaill
Ar a mbaistimíd-inne Innse Fáil.
An Stíobhart dá dtigeadh tar Chalaith,
'S gan dearmadadh Tighearna an Chláir,
Béidh Gaedhil bhocht' le haoibhneas i ngradam,
Is na Gaill bhuidhe arís le fán.



IV
Tá mo shúil-se le cumhacht na bhflaitheas
Nach mbíonn fearg mhic Dé linn go bráth,
Acht sgiúrse go dlúth leis an aicme
Do aistrigh an éide bhreagh.
Ar chunntas an triúir a leagan,
'S a maireann dá bpór bheith ar fán:
Is súgach do dhiúgfainn mo channa,
'S ní rachainn un suain go lá.



V
Tá gárda breagh láidir ag tarraingt
Un catha go hÉirinn ar cuan,
A charnfas na táinte de'n aicme-se
I bhfearantas árd na Mumhan.
Fádhbhar le fagháil ní fhuil aca,
Acht a ngearradh le faobhar lann;
An tráth úd béidh gárrtha ag na sagairt,
'S a mbeatha aca i n-áit na nGall.


L. 21



4 - BRISEADH NA BÓINNE, 1690.



I
Goidé an sgléip seo ar ughdaraibh an Bhéarla
Ag síor-chumadh bréaga is dá dtreorughadh,
Ag síor-chur i gcéill gur sgrios siad na Gaedheil,
Is gur hárduigheadh céim ag an Bhóinn dóibh!
B'olc bhur rún gidh gur mhór bhur ndúil,
Agus níl acht seal beag gearr ann;
Acht tiocfaidh an t-am a dtiúrtaidh =dtiubhrfaidh
díoghail dá cheann,
Agus cunntas ann gan cáirde.



II
An uair sin a bhí agaibh Cromail i gcrích,
Cha raibh aingeal nó naomh comh breágh leis;
Bhain sé 'cheann de'n righ 's níor bheannuighth' an
gníomh,
Agus 'sé Uilliam anois bhur slánuightheóir.
Níorbh'íongnadh liom dá mbéadh sibh ag guidhe
Agus aghaidh bhur mbos i n-áirde,
Ar céasta go dtiocfadh orraibh an saoghal,
'S go gcaillfidhe sibh go síorruidhe san stát sin.
III
Nach mór an méad a bhí ann do bhur léitheid
A ndearna sibh d'éachtas an lá sin,
'S nach rabh in bhur n-aghaidh, muna rabh corr-aon
A tóigeadh ar choill nó ar fhásaigh,
Nár throid go tréan is nach rabh go claon
Nó gur leagadh Scomberg is Walker,
Gidh go rabh sibh gléasta i n-airm is i n-éideadh,
Is bhur mór-ghunnaí réidh un lámhaigh.


L. 22


IV
Siúd é an seort le'r mhian libh a bheith 'comhrac,
'S a' t-arm a bheith leo dá sábháil -
Buachaillí bó, lucht pící 'gus góide,
Súistí, agus rómhar-spáide.
Agus shéid siad leo agus throid mar leomhain
Go ndearnadh sin ortha ármhach,
Agus chuireamar go leor de bhur mbullaighne crón'
Le sruth buidhe na Bóinne an lá sin.



V
Níl aon bhodach gallta ó seo go Droichead Áth'
Nachar chóir a chrochadh 'n-áirde le rópaibh;
Ní a gcur i mbrannraibh nó i mbaraillibh spárrthaí,
Gus a leigean le fánaidh na Bóinne.
Nó is iad a leag lámha go trom orainn an lá sin,
Le feall 's le clampar 's le treóir fóst;
Acht tiocfaidh long faoi smúid go Carraig na Siúire
A bhéarfas cunntas cruinn insa' n-ármhach.



5 - BRISEADH EACHDHRUIM.
I
A bhuachaillí a' chúigidh, bainigidh an eorna,
Is ná cuirigidh faoi gheasaibh bheith ag briseadh
na Bóinne;
Tá'n Se'sealach ag teacht is béidh leis na slóighte,
Ar chualaidh sibh mar cailleadh Ball Dearg Ó Dómhnaill.
Is m'uchón Ó!


L. 23


II
Bhain siad an chéad bhriseadh aige briseadh na Bóinne,
An darna briseadh aige Móta Ghráinne Óige,
An tríomhadh briseadh ag Eachdhruim Dia Domhnaigh,
Is buaileadh buille 'dhroma ar a' tSionainn tráthnóna.
Is m'uchón Ó!



III
A Phádraig Uí Ágáin, a bhodaigh na bláithche,
Is iomdhaidh fear fearamhail bhí 'riamh ar do ghárda,
Spanógaí glan' aca ag fuaradh na cáithbhruith',
Is lochrt =lucht na sligeán cam, is nár thillidh
Dia slán iad.
Is m'uchón Ó!



IV
Tiocfaidh 'n Rí is tiocfaidh 'n bhá'rioghain,
Tiocfaidh an Se'sealach is an dá Mhac Cába,
Tiocfaidh na Franncaigh 'tá luthmhar láidir,
Is cuirfidh siad lochrt bútaigh 'na gcúplaí thar sáile.
Is m'uchón Ó!


L. 24


6 - BÓNAIGH Ó'N bhFRAINNC.



I
'Nois a chlanna Mílidh, bhfuil dúil agaibh le
faoiseamh,
Nó an mian libh fagháil sgaoilte as gach díoghbháil
A raibh sibh ann ag Gaill ó tháinig siad ar tuinn,
'Un a' tsean-droichid a thiomsughadh an fhoghmhair?



II
Éirighigidh 'nois suas, agus corruighigidh go luath,
Mar rinne Maois agus a shluagh le Pharaoh,
Is bhéara sibh buaidh in gach cathair is gach cuan -
Siúd Bónaigh 'gus a shluagh a' teacht ar sáile.



III
Nach é chuaidh go hÉigipt, is shiubhail na mór-réagúin,
Nó go dtáinig sé ar a léim go Hanóibher,
Is nach raibh $Calvinist nó $Lutheran ar chas air ins a
réim sin
Nár dhubhairt sé leobh gan bhréag - "Is mise Bónaigh."



IV
Is fá'n Uan so fuair páis tá sé a' teacht ar sáile,
'S a dh'iarraidh creideamh Phádraig a threóiriughadh;
Is go sgriosfaidh sé gach teampall nár árduigh an
t-Árd-rí,
Is nach aoibhinn do'n lá a thiocfas Bónaigh.


L. 25


V
Gé go gcreideann go leor nach eagal dóibh cóir,
Nó nach bhfuil furtacht nó fóirithin le fagháil dóibh;
Acht tiocfaidh sé ó'n bhFrainnc an taoiseach gan mhoill
A bhainfeas sodar as na Gaill - 'sé sin Bónaigh.



VI
Nach é bhain a' lá ag San Domingo gan spás,
Mar Hector ins an uair sin, is ag Cremóna:
Is cá híongnadh do chlann Mhártain a bheith 'gul is a'
gárrtha,
Nuair a chluineann siad gach lá gur sin Bónaigh.



VII
Níl Russian nó Spáinneach, Prussian nó áthrach,
Nó Lochlannach fálta nár bhuail sé;
Is go ndeachaidh sé go Germánaidh 'chosgradh na námhad,
An righ-churadh áluinn, sin Bónaigh.



VIII
Má's go hÉirinn tá a thriall le coscradh gach riaghal
De chuid Chromail agus Liaim na Bóinne
Is a chartadh gach gníomh ar chuir Háraigh ar crích -
An gaisgidheach ríoghmhail sin Bónaigh.



IX
'Nois ólamuid a shláinte le fíontaí na Spáinne,
Seo céad míle fáilte an tráth ghluaiseas -
Craobh sgriosta gach páganach, is gach éiriceach gallta,
Gach bealach is gach áird, sé sin Bónaigh.


L. 26


7 - NA FRANNCAIGH BÁNA.
I
Ar an ceathrmhadh lá fichead de mhí na Lúghnasa
Bhí na Franncaigh againne le bánughadh an lae;
Is an tír ag bogadh le tréan a bpughdair -
Tuilleadh sgiúrse 'teacht ar Chlann na nGaedheal.



II
Thug muid briseadh ag Cros Maoilfhíona,
Is ag Bealach Gaoithe cuireadh ortha an rotréat,
Ag Caisleán a' Bharra, eadar sin is meadhon oidhche,
Bhí dhá chéad 's trí mhíle le síneadh i gcré.



III
Is luath ar maidin a fuair muid sgéala,
Le sgaoileadh na bhfáinní is ag bánughadh an lae -
Sgéala nar bhinn linn, is nar mhaith linn trácht air -
Na Franncaigh bána gur gabhadh iad.



IV
An méid a d'imthigh aca is nár báidheadh
Chaith siad an lá sin faoi éadan bruaighe,
Mar shluagh caorach ag dul thar sáile,
Agus eagla a mbáidhte ortha ar gach taoibh.



V
Ar éirghe amach dúinn, lá arna bhárach,
Le sgaoileadh na bhfáinní is le bánughadh an lae,
Bhí trúp Sasanach i lár na sráide,
Is nach tréan na lámha nach nglacfadh siad.


L. 27


VI
Bhí a gcuid waggons leo ag ionnsuidhe an tsléibhe,
Agus na bráithre go léir ag guidhe Dé
Le ar námhaid a leagan, is an bhuaidh a bhaint
díobhtha,
Agus fós an lá a thabhairt do Chlann na nGaedheal.



VII
Mná óga na tíre tá anois gan phósadh,
Tá eagla mhór orm go mbéidh na fir gann,
'Á gcur go Sa'san leis na Franncaigh -
I n-aghaidh ríogh Seórsa níl gar dóibh ann.



VIII
Acht tá dúil mhór agam as Rígh na Grásta,
Is as Bonapártaidh nach dtearn ariamh feall,
Go dtiocfaidh ar gcaraid imeasg na námhaid,
Is go mbainfidh siad sásamh as Clann na nGall.


L. 28


8 - A CHREAGÁIN UAIBHRIGH.
Raghnall dall Mac Domhnaill a chum.



An File: A Chreagáin uaibhrigh, fá n-a mbíodh
sluaighte d'uaislibh ríoghraidh,
Aithris uait ar ghrádh na suadh goidé fáth
do chaointe?
Creagán: A dhuine gan stuaim do hoileadh i n-uaimh
nó i n-altaibh diamhra,
Mo leannán buan a torchradh uaim, is
bláth mo ghnaoi é.
F.: Cia hé le'r tuargnadh do bhile buadhach, do
chrann díne?
C.: Dubh-ghall gruama do-rinne an tuath-bheart;
'mór an dith dhamh.
F.: A theampaill shuaithnidh ainmnigh bhuadhaigh
ársaigh aosta,
An fada an uair a mhairfeas ar
mbuaidhairt nó cruas ar ndaoirse?
C.: Gheobhair gan chruas, ó Genesis suas
dearbhtha ó Chríosta
Feadh triúir anuas go ndíolfaidhe an
uabhar slóighte an díomais.
F.: Is fada ó chuaidh i bhfeirg is i bhfuath i
gcluaintibh íoca
Cnámha na sluagh dorinne an t-uabhar:
táid aige críonadh.



Is críon ciar-dhubh casgartha comh-bhuailte 'na
dtaisibh loma lotharta, i dtaiscibh cumhanga, agus
in uaigheannaibh deireoile, faoi bhuan-saltairt
Gall agus daor-eachtrann atáid ar ríoghraidh agus ar
ró-dhaoine, ar n-uaisle agus ar n-árd-fhlatha, ar
dtaoisigh agus ar dtréan-fhearaibh, ar gcléir agus ar
bpríomh-eaglais mar aon, agus dar liom féin ba leor
sin a dhíol uabhair ar sean agus ar sinnsire, agus
gan ní ba mhó de dhaoirse nó de dhaor-phionnóid nó de
dhian-sgiúirse a chur orainn.


L. 29


Ba leor a sgiúirse caill ar ndúithche,
Séada suaithnidh ar gceall-chumhdaigh, is
ar maoin shaoghalta.
C.: Féach an phudhar a raibh clann iúlmhar
Mhaoise san Éigipht,
Mar bhíodar umhal go bhfuaradar fuas-
gladh ó'n muir bhraonaigh;
F.: Féach ar bpian le sé chéad bliadhain aige
Gaill i n-éigin,
Gan righ da'r riaghladh de Ghaedheil, mo
chian, i ríoghacht Éireann.
C.: Le ceithre chaogad atá treibh Gaedheil na
ríoghraidh tréana,
Ins na trí ríoghachta, nach mór a' t-iongnadh
a ndéan tú 'bhréaga.
F.: Ar ghrádh do ghaoltaí a theampaill aolta
an dearbh an sgéal-sa?
An de threibh Mhílidh an aicme chéadna
tá tú d'fhéidhliughadh?
C.: A dhuine ba rí agus sinnsire fíor de'n
árd-threibh chéadna,
Seisear dhíobhtha, eidir fhear agus mhnaoi,
da'r ghabhadh géilleadh.



Agus do ghabh an seisear roimh-ráidhte sin árd-
fhlaitheas agus for-smacht ar na críochaibh comh-
neasa, mar atá Sacsan fá n-a múrthaibh, fá n-a
turscar, agus fá n-a hárd-chaithreacha, agus Albain
chorrach, charrach, chomh-áluinn, mar is follus dúinn
san duan dar ab tosach - "Trí choróin do ghabh
Séamus", agus is amhlaidh tháinig an Séamus sin.



Go teacht gall do dhío-chur Banba, is dearbhtha
na sgéala,
Nach rabh san rann-sa treabh nó dream ba naomhtha
béasa;
Nó nach leor do d'fhiadhnaise eaglais Íosa aige
míniughadh an téamna,


L. 30


Gur gnáth faoi dhaoirse an drong a bhíos ag
leanamhain Dé ghil.
Adeir téacsa an Ríogh má's áil leat Críost
gach glóir a thréigbheáil -
Tréig an saoghal is glac mar dhíol mo chros in
éiric.
Nach gcualas caoineadh dubhach an ríogh ar mbeith
dó in éigin,
Tráth chaill sé a dhíon is a sgáth ó'n ghaoith, is
é cráidhte faobhthaidh?
Ní teasgadh tíre, báthadh daoine, nó maoine
shaoghalta
A chrádh mo chroidhe nó shearg mo ghnaoi acht an
t-ádhbhar céadna.




Sé an t-ádhbhar céadna-sa do choscraidh chreathnuigh
agus chomh-sgannruigh mo mhúr agus m'árd-tulcha mar
aon, agus mo mharbh-chuallachta, óir shíleadar gurb'é
deireadh an domhain dobhí ann, nó stoc Mhichil do
sheinnim dhóibh chum na heiséirghe. An t-an dochualadar
an dá ghoin éaga agus an dá bhearn buabhaill do
leigeadar ríogh-bhruidheanna agus síth-bhrúgha na críche
go coitchionn an éigheamh fhada fhíor-thruagha agus an
osnaidh leonta ghéar-ghearranach is chaointe ós árd
ar gcloisint do a ríogh ró-bhéasacha mar atá Toirdh-
ealbhach Mac hÉanraoidh Mhic Fhéidhlimidh Ruaidh Mhic
Airt Mhic Aoidh Uí Néill do dhiansgaoileadh mo bhile
chumhdaigh ceann-sholais ba leannán agus ba caomh-
chéile damh-fhéin ó'n uair a cuireadh ina shlait óig
anbhfainn éad-treóraigh é, le hArt mac Aoidh i
ndoras m'altóra agus mo phríomheaglais, ins an
mbliadhain d'aois an Tighearna míle trí chéad agus
nochad. Níor lámhaigh neoch de'n Ádhamh-chloinn buainte
dó nó go dtáinig moghuidh mór-oibre do dhuine uasal
airighthe atá san tír, le'r trasgradh go lár agus go
lán-talamhna é, an seachtmhadh lá de'n óig-mhí, míle
seacht gcéad, agus cúig bliadhna déag, mar adeir
an file san laoi:


L. 31


Míle go beacht seacht gcéad i gcionn a cúig déag,
Seacht lá le ceart ar dteacht do'n aon-mhí i
réim,
Sé leagadh an tslat, a chuir Art Mhac Aoidh Uí
Néill,
Le gall gan cheart acht neart i bhfaon-chlann
Gaedheal;
Is dá maireadh na flatha tá i bhfeartaibh fúm sa'
chré,
Ní leigfidhe an tslat a chuir aicme phríomh-
shliocht Néill,
Gan ceasnadh gan creathnughadh basgadh is díbirt
tréan:
Mo dhith, mo shlad, sí'n trasgairt díomhain
damh é.



9 - AR SHÉAMUS Ó CEALLACHÁIN, CÚIL A' BHILE.
Art Mac Bionaid a chum.
I
Má d'éag Seán Johnston agus Cianán na gCionn
Tá Ceallachán cinnte againn ina n-áite;


L. 32


Sé'n madadh fola is fearr ins an Inis é,
Ó d'imthigh Luggaidh an chaimbéil is Peadar Bán.



II
Thug sé an sagart Ó Leannáin i láimh a' chionn-iúdaigh,
Chuir sé a chúla le grása Dé;
Muna gcuirtear musal ar shoc an Iúdais
Sgriosfaidh sé'n cúige eadar eaglais is chléir.



III
B'fhearr dó cloch mhuilinn a bheith fá n-a bhrághaid,
Agus a theilgean i n-áidhbhéis Eas' Aodh' Ruaidh,
Nó aithris a dhéanamh ar a' chonairt ghránna,
A d'fhág príomh-fháidh Árd-Macha gan cheann san uaigh.



An tAmhrán
Dá mbéadh Tibérius nó Néro, tá lobhtha san uaigh,
Ní Dioclétian nach ngéillfadh do thréan nó thruagh,
Ag éisteacht le Séamus ag mionnadh go cruaidh
"Tabhairt pléisiúr" do éiricigh ba fhogus dó a' duais.


L. 33


10 - TÁIM AG IMTHEACHT AR SÁILE ANONN.



I
Go moch maidin samhraidh ar ngoire do'n chuaich,
Síos le taobh coilleadh dothugas mo ruaig,
Sé smuaineas ar sheinnim do'n traon is don
lonn,
Gur mhithid damh gluaiseadh ar an sáile anonn.



II
Tá mo chroidhe ar buile is ní náir damh é,
Mar is éigin damh imtheacht le fáinne an lae,
Acht d'aimhdheóin mo charad rachad-sa ar tuinn,
Is gluaisfead imbárach ar sáile anonn.



III
Tá lámh an tSasanaigh láidir cruaidh,
Is neart a cheart, dearg-ár a bhuaidh,
Is bréag a mhóide, 's is fuilteach a lann -
'S is mithid damh éalódh ar an sáile anonn.



IV
Mo chrádh gur lagadh leo lámh na n-éacht;
Mo chrádh gur milleadh leo curaidh na gcréacht;
Mo mhíle milleadh go bhfuilmuinne fann,
Sé mo chrádh mo thurus ar sáile anonn.



V
An bhfíreóchar ráidhte ar naomh 's ar saoi,
An mbéidhminne 'ar ndeóraidhe ó n-ar ndúithche
choidhch'?
An mbéidh séan nó sonas ar Éirinn onn?
Dá mbíodh ní rachainn ar sáile anonn.


L. 34


VI
Tá Laighin is Connachta 's Mumha gan bhrígh,
Is mór-chúig' Uladh gan teann 'nar gcrích;
Tá craobh na gcuradh ar seargadh seang
Ó imtheacht ar gcáirde ar sáile anonn.



11 - AR THARAGAIR =TARNGAIRE CHOLMCHILLE.



I
Taragair fíor a rinne na naoimh san oileán-sa
ar iarsma Gaedhealaibh,
Sul fá rabh smuaineadh go dtagfadh a choidhch'
milleadh nó dith go hÉirinn:
Bhíodh Colmchille dá sgríobh' ar mheamram gan sgíth is
dá dhearbhughadh síos i bhéarsaí,
Go dtiocfadh an sgaoith a shladfadh an chríoch mar
sgriosadh an Traoi fá mhéirdrigh.



II
Dubhairt sé arís an tráth thiocfadh seo i gcrích go
mbéadh earróid ar shlighe na cléire,
Acht mur mbeith toil an Ríogh an cogall seo a chlaoidhe,
is a phiocadh ó thaoibh na déise;
Sé a' nidh dubhairt an t-Árd-Rí ná tugaigidh áird air,
acht leigidh dóibh fás in éinfheacht,
Nó go dtiocfaidh na Spáinnigh a sgriosfas an phláigh,
mar rinne Maoise in Éigipt.


L. 35


III
Sa taidhbhreadh arís dochonnaic an draoi seo Sasanaigh
i mbuidhnibh méirleach,
Ag slad ins an oidhch', is gan taise in a gcroidhe, ach
ag milleadh na naoidh mar Hérod.
d'fhág seisean sgríobhtha againn gach nidh dá dtáinic i
gcrích na dhéidh sin,
Mar tháinic an groigh a sgrios Oileán Mhic Aoidh, is
mar cuireadh an tír faoi ghéar-smacht.



IV
Sgríobh le n-a pheann dá dhearbhughadh dúinn go mba
colann gan ceann ar nÉire,
Go gcumfaidhe an fheall le gliocas na nGall, is go
nguilfeadh ar gclann 'nar ndéidh é;
Go dtiubhradh an Chomhdháil ó Inis Crích Fáil le
cuidiughadh gach námhaid is tréatúir,
'S go mbéadh gorta gan táir ó sin in ar lár, is go
gcrochfaidhe is go gcéasfaidhe Gaedheala.



V
Annsin, ars' an naomh seo, dhéanfar an tsíoth, is
sguirfidh an claidheamh ó ghéar-shlad,
Is codlóchaidh gach rí go socair 'san oidhch', gach oifigeach
is taoiseach féinne:
Is deimhin go bhfásfaidh duine in múr lár, mar
sgiollán ó bhláth-shliocht Féinis,
A thógfas an smál de'n oileán seo Phádraig, is
bheirfeas ón námhaid saor sibh.



VI
Tosóchaidh an smál seo is mairfidh trí lá, is béidh
leinbh is mná go suarach,
Agus rithfidh an rása a d'imthigh an mhuc allta go mbéidh
ag Árd-Mhagh Nuadhata;


L. 36


Casfar na Spáinnigh annsin ina ndáil, is tosóchaidh
gan spás an nuachar,
Is ní philleann go bráth aonduine ón ár dar dhearg
a lámh sa chluain-bheart.



VII
Béidh Breatain fán tráth seo sgaoilte ina lár, is
imtheóchaidh an mhálraidh uatha,
Is ní bhéidh oiread le barc nach mbéidh uabhtha ar sáil'
i gcogadh le náisiún uaibhreach:
Béidh Bhullaidh is Sannaidh i racán fán gcnáimh, is
gach coin aca is cáir go cluais air,
Acht tiocfaidh ón tsnámh an t-iolar gan spás is bhéar-
faidh sí an chnámh ar chuan léith.



VIII
Eadar a hocht is a naoi, má chreidir an draoi, sé
imtheóchas brigh na leomhantaí,
Mar fhoghanan críon dá leigint le síon, nó mar
chonnlach le síobadh an fhoghmhair.
Béidh éiric gach nidh arna chur i gcrích, mar dhearbhaigh
saoithe romhainn,
Go seinnfidh an chruit chaoin le binneas an tsians' a'
moladh do Rígh na mór-ghrást.



IX
Má chreidfear an sgéal a dhearbhaigh an chléir an uair
a bhí an réim seo fúinne,
Chan iad lucht an Repéal a choisgfeas an léan, nó
bheireas do Ghaedhealaibh a ndúithche;
Acht curaidhí tréitheach a tháinic ó Chréatach do'n
Spáinn le méad a sluaighte,
A chuirfeas i sgéinn, mar dhearbhas Céitinn, an
nathair nimhe, gach péist, is arc luachra:


L. 37


12 - FÁILTE UÍ CHONAILL IS UÍ BHRIAIN DO'N
tSRÁID-BHAILE.
I
Ar maidin Lá Bealtaine ar tulachaibh is árdáin
Chuala mé carrlach pléisiurdha,
Bhí feara agus mná ag cruinniughadh ar gach rath,
Ó Bhoirche go hárd-Bhinn Éadair:
Gach óganach breágh ag réabadh na bhfál,
Is na cailíní go háluinn gléasta,
Is má chreidfear mo sgál-sa = sgéal-sa shroichfeadh
na gárrtha,
Gach oileán is gach áit faoi'n ghréin-ghil.



II
Bhí fidil agus clársachaí, píobairí is dántaí,
Is dromaí ós árd dá bpléasgadh,
Na leinbh is na páistí ag greadadh na lámh,
Is teinte i mbárr sléibhte.
Fuaimneach 'sna háltaibh ó Charraig go Cáirlinn,
Le ceileabhar gan smál éanlaith,
'S níl duine ó Ádhamh dá bhfeicfeadh an lá sin
Nach measfadh gurbh'é arthach saoghail é.


L. 38


III
Leis sin a tháinic bábóg ar cuairt go Droichead Áth',
Is ba deise í ná Blánaid is Déirdre;
Is ní fiosach damh a rádh cia h-aca de mhnáibh í,
Acht mur b'í Gráinne Mhaoil í.
Dubhairt sí ós árd leobh - "Cuirigidh-sa fáilte
Do'n mhilidh le'r slánughadh Gaodhailibh,
Is má choinneann sibh a dh'aontaoibh is deimhin na sgéala
Go dtiocfaidh an chomh-dháil go hÉirinn."



IV
Ba ghoirid an spás go dtáinic an málcrach -
Maithe Chríche Fáil i n-aoinfheacht;
Is ba mhór a' teamhar stráic gach críochóir de'n náisiún,
Ag líonadh le bláth na sgéimhe,
Ó Conaill ina lár, is Ó Briain ar a láimh,
Mar Mhaoise ag sárughadh Éigipt',
Nó Iosua bhí láidir ag leagan na bpalás
Le stoirm agus táirneach adharca.



V
Ní chreidfinn-se go bráth gur bh'é seo an cás
Go bhfaca mo dhá shúil féin é,
Mar shaoil mé gur Spáinnigh a thiocfadh le tártháil,
Agus bhéaradh ó ar námhaid siar sinn:
Acht anois ó tá mé sásta, is mo mhuingin ró-láidir,
Is sgiollán as lár-cheart Ghaedhil-ghlais,
Chun cuidiughadh i ngach gábha leis an riaraidhe gan tár
Go gclaoidhfidh sé námhaid Éireann.



VI
Acht má chluintear an tásg seo i Sasannaigh mar
thárlaidh,
Béidh siad go cráidhte buaidheartha;
Má theastann uabhtha rásúr ceannuigheadh siad cnáib
Lé'r crochadh in gach áit na Béarlaidhí!


L. 39


Annsin tiocfaidh bás ann go hobann ina dáil,
Mar tháinic an phláigh ar Phaora,
Is béidh uaisle Inis Fáil go cinnte i gcómh-dháil,
Is béidh an Lia sin Fáil ag béicfigh.



VII
Éistidh a bháird, le'r mhian a bheith trácht
Ar aistibh ró-bhreagh na nGaedhilibh,
Is ná leigidh fá láthair gan a ngníomha a chur ós árd,
I dteangaidh bhinn bhlathaigh mur máthara.
Is gearr uaibh an lá le gcuirfear gach smál
De ghnúis sár-áluinn na hÉireann,
Is béidh Éire mar ba ghnáthach le méad, gean is grádh,
Is díbróchar dáil na dtréatóir.



13 - Saoirse
véarsa i mBéarla


L. 40


Cúrfá i mBéarla



Is ainm damh Saoirse nó lán-ríoghacht,
Ag agradh carad dílis;
Siubhlaim thart ó chuan go cuan,
'S mé ag amharc fá mo dhaoine.
Tá'n chomhursa liom go carthannach saor
Le lóisdín a thabhairt do stráinséir,
Acht is eagal leobh aidmheáil gur leobh féin mé,
Mar bhíomsa 'gcómhnuidhe i 'ndáinséir.



Cúrfá i mBéarla
Véarsa i mBéarla



Thall ins an Fhrainnc a chuala mé'n chainnt,
Agus abraim-sa mo cheol le réasún,
Go geal shoillsigh sí fríd dorchadas na hoidhch',
Is bheir solus na n-iomadtaí réagún.
Nár théid an choinneal seo a choidhche as
Acht coinneailt i gcómhnuidhe 'mbladhair é,
Nó go gcuiridh sí críocha le Clannaibh Gall
Agus ar lorg Sheoirse.



Cúrfá i mBéarla


L. 41


III Véarsa i mBéarla



Ins an ghárraidh úd fhásas luibh,
Ar b'ainm dó an glas-bhán;
Agus ó na rúta fhásas crann
A b'ainm dó an $t-Orange.
Fásann sé go hárd is spréidheann go leathan
Ins an tsamhradh gréine,
Acht nuair a chrochanns an crann anuas a cheann
Béidh an tSaoirse 'gcomhnuidhe a méadughadh.



Cúrfá i mBéarla
IV véarsa i mBéarla


L. 42


14 - AN tORANGEMAN.



I
Go bhfeicidh mé an lá a mbéidh an ugham ar an
$Orangeman -
Tá mé in mo chodladh is má tá dheamhan néal,
An tseisreach ina dhiaidh is é 'treabhadh an talaimh
dúinn -
Tá mé in mo chodladh is má tá dheamhan néal;
Tá mé ag osna i n-áit a bheith go haigeantach,
Go bhfeicfidh mé 'n uair a mbéidh an treabhadh sin
againne;
Leoga má bhíonn is gearr an saoghal a bhéas aca-san,
Dheánfainn cíor thuathail naoi n-uaire faoi mhaidin
daoibh -
Is tá mé in mo chodladh is má tá dheamhan néal.



II
An gcuala sibh an bás a gheobhas an $t-Orangeman?
Tá mé in mo chodladh is má tá dheamhan néal.
A bplúchadh is a dtachtadh mar dheánfaidhe le madaidhibh -
Tá mé in mo chodladh, etc.
Is a gcur ins an áit nach dtig siad as a choidhch' go
deo.
Bhí beirt de na héiricigh as leabhraí móra maille leo,
Ag rádh nach rabh brígh ins an Mhaighdin bheannuigh' seo,
Acht bheirfidh siad íoc ar shliabh Mhont Chalbhairidh
Tá mé in mo chodladh, etc.



III
Éirigidh a chlann is cruinnigidh an t-arm seo -
Tá mé in mo chodladh, etc.
Go leagaidh muid campa ar phuinnte na nOrangemen:
Tá mé in mo chodladh, etc.


L. 43


Mur marbhmuid acht triúr béidh a' chliú ag gach baile
linn,
Ó mhullach na gCruach go cuan Dhúin Fionn-achaidh,
Agus ó sin suas do'n dún sin Dún Dealgan,
Is ar thilleadh damh anuas béidh 'n chluas liom de'n
$Orangeman
Is tá mé in mo chodladh, etc.



IV
"A thaisge 's a stór ná pós an $t-Orangeman" -
Tá mé in mo chodladh, etc.
"Ní phósfa mé é má fhághaim-sa $Ribbonman" -
Tá mé in mo chodladh, etc.
"Tá luing agus bádaí i lár na fairrge,
Is cionn aca lán de mhnáibh breágha Sasana,
Má bhímsa 'mo shláinte béidh bean aca 'na bhaile
liom,
Acht b'fhearr liom thú, a ghrádh, is fág an $tOrangeman,
Tá mé in mo chodladh is má tá dheamhan néal."


L. 47


15 - CÚL TIUGH NA bPÉARLAÍ.



I
Is truagh nach bhfuil mé agus cúl tiugh na bpéarlaí
'G ionnsuidhe Bhinn' Éadain maidin bhog bhreagh,
'S gan aon fhear i nÉirinn a chluinfeadh mo
sgéal-sa
Nár thruagh leis mac Gaedhil bheith i bpéin-bhruid
mar táim.



II
Ní iarrfainn aon spré léithe, earradh nó éadach,
Caiple nó caoirigh, cé gur doiligh damh a rádh,
Acht feicsint a sgéimhe, a húrla, 'sa héadáin,
Is a cúl casta craobhach dá dtug mé dí grádh.



III
Tá a cúl fada soillseach, torránach, trillseach,
Trom trom triopallach, síos go bróig,
Is a cuirpín borraiceach, cumhra, cuimseach -
Sí 'n chuach 'sa' choill í lá breagh ceodhach.



IV
Tá a ciabh-fholt camógach, cluainteach, clannógach,
Lúbach, feamainneach, cocanach, donn,
Dualach, dlaoidheógach, cuachach, claonach,
Sguabach, slaodach, fada, roighin, trom.



V
Tá dhá dhlaoi óir-fhuilteach 'fás go droithleanta
Soillseach solusda i n-imeall a cinn,
Ag an pháisde mharanta, mhúinte, mhacanta,
Mhúscailte, mharglaidh, bháin-gheal, ghrinn.


L. 48


VI
Mur bhfuighim go cinnte áil mo intinn',
Sásamh cainnte leis an mhaighdin mhín,
Mo bhás go brónach i lár m'óige -
Nó 'sí an cnó í a d'apuigh 'n ghrian.



VII
Mo shiubhal ins a' ló ní léir damh 'n ród,
Ó d'ísligh 'n cheo is mhéadaigh an ghaoth,
Thart fá chomhnuighidh sí, sgéimh na hóige,
A d'fhág faoi bhrón mé leath mo shaoghail.



VIII
Och dá bhfuighinn acht póg ó n-a caoin-bhéal rós -
Sí Déirdre mhodhmhar í is áilne gnaoi -
Táim briste breoidhte cráidhte leonta,
D'easbhaidh treora táim dá díth.


L. 49



16 - PEIGÍ NÍ SHLÉIBHÍN.



I
Seacht mbeannacht na maidne dhuit, a Pheigí Ní
Shléibhín,
Is beannacht beag eile dhuit', a scoith-bhláth na
bpéarlaí;
'S iomdha seod cailín ó seo go Loch Éirne,
Acht níl seod aca níos deise ná Peigí Ní Shléibhín.



II
Dá bhfeiceadh sibh Peigí ar maidin lá gréine
Ag triall un a' chruinnighthe ba mhuirneach a sméideadh;
Ba ró-dheas a shiubhailfeadh sí taobh mhalaidh sléibhe,
A ruisg mar an chriostal nó driúcht ar an fheár ghlas.



III
D'íosfadh sí ceapaire mar chách ins an Ghaedhealtacht,
Coróg de'n tsamhaidh, is bainne le chéile,
Rachadh sí un Aifrinn, is cuma cá mbéadh sé -
Sin mar ghníos iomlán de chailínibh sléibhe.



IV
Ná tugtar aon aithis do chailínibh sléibhe,
Is úr-gheal a muineáil ag cábaí a léinteach;
Nuair a bhíos na ba bog is na gamhna leo ag géimnigh,
Bíonn brachan gan bainne ag streamhógaibh an
Bhéarla.


L. 50


V
Aréir bhí mé 'féachaint ar dhearg-luighe gréine,
Is, lá ins an gheimhreadh, ar shneachta dá shéideadh -
Dathanna 'n iomláin is bíodh siad le chéile,
Is deise na líthe 'tá ar Pheigí Ní Shléibhín.



VI
Is iomdha áit aoibhinn ó seo go Beinn Éadain,
Acht béidh mo chroidhe ag Bun Gháigín is cuma cá
dtéidh mé:
Is ann 'tá 'n cailín is deise shiubhail Éire,
Arb' ainm is sloinneadh dí Peigí Ní Shléibhín.



VII
Is deas a thiocfadh bráisléad do chaol a lámh gléigeal,
Níor dheise ná fáinní ór-bhuidhe ar a méaraibh;
Acht b'fhearr liom ná mo ghearrán is culaith mhaith
éadaigh
Nach bhfaca mé 'riamh í, Peigí Ní Shléibhín.


L. 51



17 - A PHLÚIR NA mBAN ÓG.



I
A phlúir na mban óg is deise dá bhfuil beo,
A Dhé gan mé pósta ón chléir leat:
Ar neamhchead dá bhfuil beo go meallfainn mo stór,
Dá bhfuighinn seal cómhráidh léithe.
A gruaidh mar an rós, a béal tanaidh gan bhród,
Sí sgathán na Fódla an mhaighdean;
'S a bhfuil dem' cháirdibh beo go scaoilfinn beannacht
leo,
'S go leanfainn mo stór fríd Éirinn.



II
A bhruinneall gan smúid le'r leig mé mo rún,
Nach dtuigeann tú'n chúis a bhuaidhir mé
Gur tusa mo rún dá gcreidtheá sin uaim,
'S go siubhailfinn gan chumhaidh an saoghal leat.
Go Cúige Mumhan 's go Conndae an Dúin,
Is go Corcaigh na gCuan dá bhféadfainn;
Is a chuisle 's a rún char thuirseach mo shiubhal
Dá bhfeicfinn i dtús gach lae thú.



III
A chuach bheag na nGaedheal, má tá tú ar do léim
Go Coillidh Dhúinréimhe anonn uaim,
Tabhair beannacht agus céad uaim go Baile na gCléir:
Siúd an áit a bhfuil an ghéag 'na comhnuidhe ann -
Agus innis dí féin go bhfuil mé 'na déidh,
Is go bhfuil mé i bpéin im' intinn;
Is nach bhfuil ar an tsaoghal a dhéanfadh mo léigheas
Acht Eilis de fhréamh-sgoith Bheirneach.


L. 52



18 - BRÍGHDÍN NÍ MHÁILLE.



I
'Sí Bríghdín† deas †Ní Mháille an cailín múinte
mánla,
Níl bean ar bith san áit seo níos áilne ná í;
Dá bhfághainn-se fhéin mo rogha de mhnáibh an domhain is
bréaghtha,
I mBun na hAbhann a bhéadh sí ag Páidín dubh Mhac
Aoidh.



II
Is iomdha cailín spéireamhail a d'imtheóchadh liom go
héasgaidh,
I sról 's i síoda gléasta, 'gus seóide in gach
dlaoi,
Acht b'fhearr liom Bríghid mar chéile ná inghean ríogh
na Gréige,
'S ná Helen tharraing léir-sgrios is cogadh ar an
Traoi.


L. 53


III
Is binne guth a béilín ag seinnm amhrán Gaedh'lge,
Ná 'n lonndubh 's ná 'n chéirseach 's ná ceol na
sluaighte sidhe;
Cia 'n mhaith a bheith ag éileamh, tá mo chroidhe istoigh dá
réabadh,
Is gearr is gearr an t-éag uaim mur bhfághad í
mar mhnaoi.



19 - SIUBHÁN NÍG UIDHIR.



I
Siubhán níg Uidhir, 'sí 's bun agus barr mo
sgéil,
Ó mhnáibh a' chinidh daonna 's go dtug sí a'
báire léi;
Níl aon fhear sa' gcruinne nach dtuitfeadh faoi bhárr
a sgéimh',
'S nach mise an truagh Mhuire 's mé ag sgaramhaint
imbárach léi.



II
'S truagh gan mise 's an ainnir ar Shliabh Uí Fhloinn,
Mo dhá láimh thairste 's mé 'blaiseadh a béilín binn.
A shiúirín na gcumann is leat-sa nach n-iarrfainn
buinn,
A bhfuil beo nó marbh is ní sgarfadh ó chéile sinn.


L. 54


III
Saighdiúr díomhaoin mise a briseadh as gárda an ríogh,
'S gan aon phighinn agam a bhéarfainn ar charta díghe;
Bhuailinn a' droma agus sheinninn ar chláirsigh
chaoimh,
Is ar Churrach Chill Darach do sgar mé le grádh mo
chroidhe.



IV
Gan bó gan gamhain 'mo leanbh do fáigeadh mé,
Má bhí spré aca ní agam-sa d'fhág siad é;
Dul siar chois cladaigh damh ba aigeanta árd mo léim,
Sul ar chlaoidh sí, Siubhán Níg Uidhir, an croidhe
istoigh in mo chliabh.



20 - TÁ MÉ 'MO CHODLADH.



I
Bhí mise lá 's mé ag siubhal taobh na Carraice,
Nuair a casadh damh 'n Bháb agus clóca beag
geal uirthi;
Leag mé mo lámh ar a brághaid le gean uirthi,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



II Ise
Is fada mé, a ghrádh, ag dúil is ag fuireacht leat,
Is iomdha sin tráth a chaith mé 'san turus seo,
Nó ar fhuaraigh do dháimh ó chonnaic mé roimhe thú
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.


L. 55


III - Eisean
Níor fhuaraigh mo dháimh ó chonnaic tú roimhe mé,
Ná b'iomdha sin crádh agus an-shógh a d'fhulaing mé,
Shroich muid an tráigh is ar ndóchas san mhuir annsin,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



IV
Shroich muid an tráigh, acht faraor bhí a bunadh ann,
'Gus leobhtha bhí gárdaí is lorgairí go flúirseach ann,
Chuir siad i lár mé is cuibhrigh is glais orm -
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



V
Bliadhain 'gus ráithe dobhí mé go leathtromach,
Mo chumhdach gan bhláith agus príosún mar theach agam,
I bhfliche gach lá is an oidhche ba mheasa damh,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



VI
Athair mo ghrádha is measa é ná 'n tAidhbhearsóir,
Mo chreach is mo chrádh is mo mhallacht go dtigidh air,
Go ndeifrighidh a lá is go bhfeannaidh an diabhal é,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



VII
I n-aois óig, mo chrádh, a ruaigeadh as Árainn mé,
Is anois táim ar sáile ag tarraingt ar Shasana,
Acht ní mar ba ghnáthach liom, níl mo chroidhe aigeanta,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.



VIII
Ní phillfead go bráth is ná bígidh ag fuireacht liom,
Níl rámha nó bád nó seolta nó long agam,
Is tusa, a Mháire, ní fios damh an maireann tú,
Tá mé 'mo chodladh, 's má tá níl néal.


L. 56



21 - MO MHUIRNÍN BÁN.



I
Oidhche Fhéil Brighde agus mé go haoibhinn
Ag an tóramh thíos ar an Mhullach Mhór,
Sé chonnaic mé 'n righ-bhean a chrádhuigh im chroidhe mé,
Dobhí sí aoibheall deas áluinn óg.
Ba ghile a mín-chrobh ná sneachta ar thaoibh chnuic,
Ná an eala is míne ar linn ag snámh;
'S go bhfuil mo chroidhe-se in a mhíle píosa
Mar nach bhfághaim cead éaluighth' le mo mhuirnín
bán.



II
Ní ar an chnoc is aoirde a chomhnuigheann mo mhaoin-se,
Acht i ngleanntán íseal ar a bhfásann féar,
In a mbíonn lachain-fhiadhain agus bric ar linntibh,
Cruithneacht, caor-dhearg, agus coirce bán.
Labhrann an chuaichín gach uair san mhí ann,
Bidh suairceas aoibhinn ann gan cháin;
Bíd na beacha críonna i n-iomarca aoise,
Agus mil dá thaosgadh aca dom' mhuirnín bán.


L. 57


III
A rún 's a stóirín, anois má ghabhfair liom,
Béidh togha an eolais agam ar éalódh leat;
Agus nach bhfuil tráthnóna nó maidín reóidhte
Nach tú an réalt eolais a bhéadh lem' ais.
Ag siubhal na mbóithre agus na coillte ró-ghlas,
Gan imnidhe gan brón agus mé go hait,
Ag dul do m'phósadh le bláth na hóige,
Is a lámh go módhmharach in mo ghlaic.



IV
Dá mbéadh 'fhios agam nach tú bhí i ndán damh,
Ní bhéinn comh dána is ní éalóchainn leat,
'S go bhfuil do ghrádh-sa comh dlúth in mo lár-sa
Is tá na táirngní i gcrúdhthaibh na n-each.
Is a dhaoine úr-cheannsa nach mór an truagh mé
Is nach é an chúis mhór mhagaidh mé
An té ba mhúr =mhór liom is bhí seal dá luadh liom
Gur fada uaim-se a chomhnuigheann sí.




22 - CAILÍN AS AONTRUIM.



I
Bhí mé lá geimhridh 'siubhal gleanntaí chois móinfhéir,
Agus casadh damh an cúilín le coim an
tráthnóna;
d'fhiafruigh mé de m'annsacht, cérbh'ainm duithe, an
réalt eolais,
"Mise an cúlfhionn as Aontruim is inghin Chuinn Uí
Dhomhnaill."


L. 58


II
'Á bhfeicfeadh sibh an cúilfhionn is a cúl leis a tuinn,
Cíor óir ina láimh aici agus í ag cíoradh a cinn;
Ars' an caiphtín breagh Gaodhalach leis a $mate a bhí ar
a luing,
"Gur bh'fhearr liom agam fhéin í ná Éire gan roinn."



III
'Á bhfeicfeadh sibh an cúilfhionn 'gus í 'siubhal ar a'
mhóinfhéar
'Ach dlaoi léithe mar an ómra, agus fáinn' óir ar
'ach méar léi;
A gruaidhe mar na rósaí bíos Féil' Eóin in 'ach
gáirdín,
Is Conn ag déanamh spóirt nuair a bhí an tseod seo
ar láimh leis.



IV Ise
Ag dul fríd a' choill damh le coim an tráthnóna,
Casadh orm an té úd a bhfuil a cháil-sean go fóill orm:
"Thóg tú ó mo mhuinntir mé nuair a bhí mé i dtús
m'óige,
Is d'fhág tú 'n cúilfhionn dhéanamh lionnduibh is ag
dalladh le deora."



V
"Is beag a shaoil mé a annsacht go meallthá choidhche
go deo mé,
Is gur le do chluainidheacht a mheall tú mé agus
gheall tú mo phósadh;
Gheobhthá iarlaidheacht Aontruim agus Co. Mhuigheó
liom,
Agus an cúilfhionn ó n-a muinntir aon inghin Chuinn
Uí Dhomhnaill."


L. 59


22a - AN CHÚILFHIONN.
Toirdhealbhach Ruadh Mac Domhnaill a chum.



I
Bhí mé lá geimhridh ar bhinnse chois Bóinne,
Agus thárlaidh damh an mhaighdean le soillse an
tráthnóna,
Fá na heachraidh a bhí riabhach agus diallaide ór-
bhuidhe,
Is bhí ceoltaí go méidhreach le Maighre an chúl-ómra.



II
Dá bhfeictheá an chúilfhionn is í siubhal ins na bóithribh,
Bhí frinnsidh le n-a gúnaidh is gan driúcht ar a brógaibh,
M'ailleóill, 'sí mo rún í, is níl tnúth aici leis an
óige,
Is go dtug sí bárr múinteacht' ar chúig chúige na Fódla.



III
Dá bhfeictheá-sa an spéir-bhean 's í taobh leis an tuinn,
Fáinne óir ar gach méar léith', is í réidhteach a cinn,
Ars' an caiptín breagh gléasta is é féachaint ó'n
luing,
"Nach mb'fheárr liom-sa agam fhéin í ná Éire gan
roinn."


L. 60


IV
Sí an chúilfhionn mo rún is mo annsacht gan mhagadh,
Is gur i mbrollach a léineadh a b'fhearr liom-sa
codladh;
Le sgéimh thug sí buaidh ar mhnáibh uaisle na cruinne,
Is nach gcodlaim-sa néal acht ag éisteacht le n-a
binneas.



V
Dá bhfeictheá mo théagair-sa ag éirighe ar maidin,
Gan fillid nó ceafa acht mar bhéadh sí 'na codladh,
A cois a bhí spéireamhail is a déid a bhí ró-gheal,
Is le deallradh a soillse na daill go bhfuigheadh eolas.



VI
Ó b'aite liom an stáidbhean is a grádh bheith go fíor-
cheart,
A bhéarfadh a lámh damh is nach dtarrnóchadh aríst í;
d'ólfainn-se a sláinte i dtoigh tábhairne an fhíona
Is ní dhéanfainn a h-áthrach go dtéid an bás in mo
chroidhe-sa.


L. 61


23 - INGHEAN UÍ MHÓRDHA.



I
Bhí mise lá mo tháilliúr aérach,
Lá eile m'fhigheadóir spéireamhail,
An tríochadh lá mo cheannuidhe snáth',
Mo chócaire lá, 's mo ghréasaidhe;
Mo mhuilteóir éadaigh chaith mé seal,
M'iasgaire ar Loch Éirne,
Níl céird ar a' domhan crosta orm go fóill
Acht inghean Uí Mhórdha a bhréagadh.



II
Sí'n inghean sin Uí Mhórdha a' stáid-bhean mhódhmhar,
A d'fhág faoi bhrón na céadtaí;
Is 'ach aon dlaoi mar an ór-bhuidhe
Síos go n-a bróga léithe.
Is binne liom a ceol ná'n fhidil ar bórd,
Nó a sheinnfeadh de cheol ar théadaibh -
An fhaoileann óg is caoine glór,
Sí lagaigh go mór mo chéadfaidh.


L. 62


III
Is truagh gan mé is cead suidhe síos agam
Le n-a caoin-chorp ró-dheas áluinn,
Agus sinne gabhail cheóil ó oidhche go ló,
'S gan aoin-neach bheith againn ar láimh linn.
lacuna de 4 líne



IV
Narbh aoibhinn damh-sa 'á bhféadfainn a mealladh
Géag na mbachall fáinneach,
Siúr na righte aníos ó Theamhair
De fhíor-threibh Chonaill Cheárnaigh.
Molaim fhéin duit an réim sin a ghlac tú,
A dhéigh-inghin thapaidh Mhághnuis;
Is tú seabhac na hÉirne is Bhéal Áth' Seanaigh,
Is gur mian mo chroidhe thar mhnáibh tú.



24 - NUAIR A THÉIDHIM AMACH UN A' tSLÉIBHE.



I
Nuair a théidhim amach un a' tsléibhe
Bíonn cailíní an tsaoghail seo ann,
Bíonn ann Ciottuigh is Méadhbha
Agus Malaigh na gcraobhach donn.
A Mhalaigh, nach truagh leat an sgéal sin
Go bhfuil an arraing 'gabhail fríd mo chom,
Is tusa bhéas coireach má éagaim,
Nó's tusa a d'fhág mé tinn.


L. 63


II
Níl airgead aici nó bólacht,
Nó clóca de shíoda bhuidhe,
Is b'fhéidir gur fearr í 'na dhiaidh sin
Nó bean agus táinte an tsaoghail.
Tá a gruag mar an t-ór ag síobadh,
Is ag crochadh anuas 'ach dlaoi -
Is í mo ghrádh-sa an óigbhean,
Is í mo réalt eolais í.



III
Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh,
Agus gléasóchaidh mé fhéin do chúl,
Go dtéidh muid ar aon chuig an chléir,
Go gceangaltar mé 'gus tú.
Deir siad go bhfuil mise pósta,
Creid uaim, a stór, nach fíor:
Dar a' leabhar atá thíos in mo phóca
Is ag galantacht leobhtha bím.



25 - RÓIS A' CHÚIL CHLANNAIGH.
Niall Mac Canna a chum.



I
Ar chuala tú na sgéala bhí le Sir Féidhlim ón
gCarraig,
Go raibh bain-tighearna na hÉirne dul ar féasta
go Sliabh Gallain,
Is sionnach ruadh na mbéimeann a' léimnigh faoi n-a
fallaing,
Is é síor-chomhrádh léithe mar dobhéadh sé 'ghá mealladh?


L. 64


II
"Triall leat chum Triúcha, a chroidhe úir nár thuill
sgannail,
Mar bhfuigh' tú ubhla cumhra is cnóí 'na gcúplaí 'r
chrannaibh,
Gheobhfair ól fada ar hallaibh cúirte, 's meadhair
shúgach 'dtigh leanna,
Gheobhfair aoibhneas ar mo dhúithche 's 'réir mar
shiubhlair gheobhfair amharc.



III
"Triallamaois go Tír Eoghain mar bhfuil na hógain
deasa gheanamhl',
Is na cailíní breaghtha óga nár leig mo phócaí 'riamh
folamh;
Deir siad gur mé an deoraidhe 's nach eol damh bean
a mhealladh,
Gé go n-abrann go leor leor go bhfuil lód orm de do
ghean-sa.



IV
"Is buachaill bocht buartha mé, 's mo géar-ghol ar
maidin,
'S níl dhá-phighinn ar an tsaoghal agam, 's dar mo
bhriathar táim folamh.
Níl maoin agam, níl spré agam, 's níl saidhbhreas
ar chnoc agam,
Sguiridh feasta de bhur dtéamaibh, óir is maith an
féirín fear fearamhail.



V
"Ar maidin Dia Domhnaigh is mé dul chum an Aifrinn,
Cia casadh sa' ród damh acht Róis an chúil chlannaigh;
Bhí a gruaidh mar an rós 's a béilín módhmhar a bhí
tanaidh,
'S ní raibh blas aici ar mo phóig-se 's na deora le mo
mhalaí.


L. 65


VI
"Táid féaraigh fada fásaigh i ngleanntaibh áille mar
mbíonn mo chailín,
'S muna bhfuighir acht féarach ráithe gheobhfair fáilte
go Samhain;
Táid maorthaí, táid báillí 'cur sáil ar a chuid
fearainn,
Acht d'aimhdheoin a bhfuilid a ráidhte tá mo chroidhe
fágtha faoi n-a fallaing.



VII
"A Dhia gan mé 'mo aonar mar a n-éirigheann an
ghealach,
Nó thiar ar Shliabh an Iarainn ag cruinniughadh fiabhrain
is galair;
Is mór mór mo bhruid i bpianaibh le bliadhain mhór is
corradh
Fá'n mhaiseach chiúin chiallaidhe tá le bliadhain ar
Shliabh Gallain."


L. 66


26 - MÁILIGH BHEAG NÍ 'IL CHOILLEADH.



I
A Mháiligh bheag Ní 'il Choilleadh sé mo mhilleadh
géar gan mé 's tú seal
Ar mhalaidh Shléibhe Driothlann nó i gcoilltibh
breagh' dluth' na slat,
Nó thiar i gCaiseal na Finne mar a gcoisgfeamaois
araon ar dtart,
'S dá bhfuighinn-se toil mo charad cha sgarfainn go
lá 'n tsléibhe leat.



II
Nach damhsa d'éirigh an earróid ar a mbaile seo
aréir fa mhnaoi,
A shiubhail imeasg na dtallta nó gur briseadh dhá
dtrian mo chroidhe;
Labhair mé leis na h-ealta, agus d'fhreagair mé na
cearca fraoich:
"An bhfaca sibh mo Mháiligh-se, nó an fada 'réir ó
chuaidh sí 'n tslighe?"



III
Tá deallramh ag mo Mháiligh-se is gile nó'n ghrian fá
neóin;
Tá a cúilín deas feamainneach drithlinneach mar
scáiní óir;
Má's le fear eile d'imthigh sí pillfidh sí, mo ghrádh,
go fóill,
'S a chuach bheag na Finne an miste leat mo shláinte
d'ól.


L. 67



27 - M'RÉAD NIC SUIBHNE BHÁIN.



I
A Mh'réad chléibh, níor chéile dhuit an leadaidhe
buidhe,
Do chum seang séimh níos gile go mór nó'n
t-aol,
Do leaca gheal ghlégeal mar chaor an chuilinn chaoin,
Go bhféachainn tú mar réalt na Sionainne thiar.



II
Is fada mé fhéin aréir ag siubhal a chois trágh'
Acht faraor géar níor fhéadas suan a fhagháil;
Níl aon osna 'á ndéanfainn nach réabfadh cónra
chláir,
Is searc rún mo chléibh thú a Mh'réad Nic Suibhne
Bháin.



III
Cá hiongnadh mé fhéin a bheith comh hearróideach
Agus rún mo chléibh bheith ag an éigis cham-shúileach;
A chúilín péacach, agus é leath-lúbtha,
Rinne tú bréag i ndéis do gheallamhaint damh.



IV
Gealladh bréige tar éis do phósta do-ghnír.
A mhall-shúil chlaon nach ar fhéach 'san ród a mbím;
Dar comhrádh an tsaoghail char éist tú le glór mo chinn
Is bhain tú féin barr-sgéimhe na hóige díom.


L. 68


V
Goirim do cheann, do chum, do chiabh, do rosg,
Do bhéilín binn nach ar sheinn ariamh an t-olc;
Do chorp sleamhain slim mar thuinn ag éirghe ar loch,
Ó nach mise tá tinn ag ionnsaidhe an tsléibhe anocht.



VI
Ar leabaidh chois cnaiste gan suan a bhím,
A' síor-thabhairt taithnimh do ainnir an gheil-chneas
mhín:
A chailín beag breasnaigh na sguab-fhuilt bhuidhe,
Tabhair taithneamh le dearcadh san ród a mbím.



VII
Idir an dair 's a' craiceann nach ar chruaidh an céim
Do'n duine a chuir idir mé is rún mo chléibh;
Chuir mé mo lámh thairthi le fáinne an lae,
'S goidé fuair mé acht an stárraidhe ar leabaidh
lem' théagair fhéin.



VIII
A Bhrúnaigh chan fiú liom do bhean a bhaint díot,
Gidh gur dhubhairt tú thríd shúgradh go mba leat í
faraor;
Ainnir mhúinte, a thug barr maise ar mhnáibh deasa 'n
tsaoghail,
Mo sgrúdughadh mar a dhúbail tú an arraing seo thríom.



IX
Aithnighim an bhruinngheal so go loinnireach siar fá'n
tsráid,
'S a ciabh dheas atá triopallach léi síos go sáil;
Searc m'anama thú, a ainnir na n-ór-fholt mbreagh,
'S naoi dtroighthe faoi thalamh go rachainn do do
thuarasgbháil.


L. 69


X
I mboltaibh cruaidh dá gcuirtidhe go glúnaibh mé
Gol géar agus gearán ó chroidhe go ndéanfainn féin.
A dhaoine ná síligidh gurab iongantas é,
Fear suirghe bhí ag inghean Mhic Suibhne mé.



XI
I ndéis m'astair níor mhaith liom mar a fuaras í,
Imeasg na gcailleach 's nach n-aithneóchainn idir lá
nó oidhch':
A cum sneachta mar an lile, 's a gruaidh mar an ghrís,
A béilín tanaidh, dar go deimhin, ba truagh liom í.



XII
A Mh'réad óg na n-ór-fholt tá fighte go féar,
'S do dhá shúil dheasa mhodhmhar 's is ró-bhinn tanaidh do
bhéal,
Fuair mé póg uait, a stór, 's mé ag imtheacht i gcéin,
Is naoi lá beo gan lón gur bheathuigh sí mé.



XIII
A Mh'réad shéimh bheag laoghach na gcuirnín deas,
Thréig tú mé is béidh mé buaidheartha leat;
Theastuigh uaim sgéala ó'n Té atá thuas ar neamh,
A' nglacfá mé mar chéile 'á ngabhainn leat.



XIV
Sé mo léan an turus déighionnach agus mé pilleadh ar
luas,
Is mé glan réidh léithe, an bhruinngheal dheas úr;
Is go siubhlfainn-se a' saoghal léithe gan tuirse nó
cumhaidh,
Acht 'nois mo ghéar-chrádh tá gaorfach na himirce
fúm.


L. 70


XV
É'raoi Brún a' dúr-chroidhe, is truagh mar d'fhág
tú mé,
Mo dheora dá sileadh i dtús is i ndeireadh gach lae,
Fá'n ainnir, mo théagair, na mborra-caoin méar,
'S a Mh'réad Nic Suibhne, a mhuirnín, tárrtháil mé.



28 - MAIGHRE DHEAS NA GRUAIGE BÁINE.



I
Is i gcoilltibh damh 'gearradh slat, is na héanlaith
ag déanamh nead,
'Gus luachair óg go leor ag fás ann,
Mise ag éisteacht leis an chuaich as baile an taobh ó
thuaidh
'Gus fairge ró-mhór ar láimh liom,
Nuair a casadh orm mo rún, í léithe fhéin ag siubhal,
Sí Maighre dheas na gruaige báine.


L. 71


II
Acht chlis mise suas is d'éaluigh sise uaim,
Is níor fhan díomsa beo acht mo sgáile,
Lacuna de 2 líne
Acht ina dhiaidh sin cé ghluais as ailltín na luachra,
Acht Maighre dheas na gruaige báine.



III
Níl aon bhaile cuain ó dheas nó ó thuaidh
Nár chaith mé seal 'mo chuairt ráithe,
Mise ag iarraidh tuairisg' fán phéarla a d'imthigh
uaim,
Sí'n aindir í thug buaidh ar áille;
'S gur ag barraí Oileán an Dúin sgar mé le mo rún -
Sí Maighre dheas na gruaige báine.



IV
Ag droichead na Finne thiar atá mo ghrádh le bliadhain,
Is is áille í ná grian an tsamhraidh:
An áit i mbíonn sí a' triall bíonn an chuach 'seinm
gan riaghail,
I dtús an fhuacht' i ndiaidh na Samhna.
'S ar chomhairle 'á rugadh 'riamh ní phósfa mé acht mo
mhian -
Sí Maighre dheas na gruaige báine.


L. 72


29 - CAISLEÁN NA FINNE.



I
I gCaisleán na Finne 'gcois imill an chuain
Tá'n eala thug buaidh ar áilne;
'S a Rí na cruinne bheir binneas do'n chuaich
Tabhair gile gan ghruaim do'n stáid-bhean.
Tá déid mar an sneachta aici nó'n eala ar a' tuinn,
'S a gruaidhe mar rósaí i ngáirdín,
Malaidh chaol donn mar sgríobhfaidhe le peann,
'S de fhíor-sgoith na n-ómra a d'fhás sí.



II
Gheobhaidh tú sgríobhtha a mbórdaí 'n Ríogh
Go dtug sí 'n chraobh go hÉirinn;
Go bhfuair sí 'n chraobh ar mhnáibh an tsaoghail,
Agus buaidh gach cluiche dá dtéid léithe.
I dtosach sa ród a shiubhailfeadh a cóiste
Ar eachraidh óg a' léimnigh,
Ar uaisle na nGall gur bhain sí 'n geall
De mhac ríogh dealbhtha déid-gheal.



III
A bhruinneal an óir, bheir a' choinneal ó'n tslógh,
Beir solus fríd shluaighte 'n chabhlaigh;
Gealach na sguab sa' mhatalang gruama,
Croidhe gan chruadhas gan amhras.
Is gearr go dtillidh sí chugainn aníos
Ar uaislibh ríogh gan angadh,
Le maise 's le méin 's le beacht a guth béil,
'S ar easbhaidh ní fhéadaim-sa innse.



IV
Éirigh, a shiúr, 's déan réidh un tsiubhail,
Is tréig an chlúid seo d'Éirinn;
Is leig do rún liom fhéin ar dtús,
'S ní bhéidh ort cumhaidh nó buaidhreadh.


L. 73


'Ailleagáin úir na gcuirnín dlúth,
Bhfuil maise 's snodh na gréin' ort;
A ghile gan smúid, níor thuirseach mé siubhal,
Dá bhfeicinn i dtús gach lae thú.



V
Bhí ceathrar is céad ag seinnim ar téad
Ar theaghlach Uí Néill i bpárlar,
'S bhí ceileabhar na n-éan ar bharraibh na gcraobh
Ag seinnim 's ag méadughadh dántaí;
Bhí 'n fiagaidhe fionn 's a ghadhairín donn
Ag seilg i ngleanntaí fásaigh,
'S níl iasg ar Fhinn nár thóg a gcinn
Tráth chuaidh sí uainn thar sáile.




30 - MO CHREACH, A SHIÚR.



I
Mo chreach, a shiúr, gan mé 'gus tú
I gcúigeadh Mumhan i n-aonfheacht,
Nó ins a' Triúcha maidin driúchta,
'S gan fios ar rúin ag aoin-neach,
'Baint a' tsugh craoibh maidin chiúin,
'Baint cnó 's úbhlaí de ghéagaibh,
'S gan leabaidh fúinn acht féar is caonach
Is duilleabhar cumhra mar éadach.


L. 74


II
Bheirim móide le mnáibh na Fódla -
Nuair 's bréag is cóir a chur i n-iúl dóibh;
An darna móide le cailín ró-dheas
A leigfeadh a clóc' ar a súilibh;
An tríomhadh móide gan fiú na póga
Nach dtabhairfinn dóibh mar dhúthracht;
An ceathramhadh móide gan sgaradh leobhtha
Go dtiocfadh 'n bás do mo chuartughadh.



III Ise
Ná tabhair do mhóide choidhch' go deo
Do mhaighre mhodhmhar na mbán-chích,
'S gur eadar do dhá láimh ba dhá chéad fearr liom
Ná 'bheith i bpárrthas naomhtha.
Acht is amhlaidh tá, bhéarfainn searc is grádh duit
Dá leigtheá ar gcúl do thréarthaí,
'S go bhfuil cách dá rádh liom go suidhfeá ar clár
'S gan bonn in do láimh le n-a réacan.



IV Eisean
Más mar sin atá cuirim cúl mo láimhe
Le cumann gearr choidhch' go n-éagaim;
'S go bhfuil míle stáid-bhean a rabh mise i ngrádh
leobh,
Is nach bhfuair mé bás 'riamh fá aoin-bhean.
Dá mbínn-se ar chlárthaí mí 'gus ráithe
'Stialladh táblaí is dá réabadh,
'S iomdhaidh maighre mná ar neamh-chead dá cáirdibh
A chuirfeadh bonn im' láimh le n-a réacan.



V Ise
Nár laghach a' gléas bheith seal ar aoin-tigheas,
Agus fíon go haerach a dh'ól ann;
Nár laghach a' gléas bheith ar hallaí gléigeal
'Seinm téadaí 'gus ceóil ann;


L. 75


Nár laghach a' gléas bheith ar leabaidh déanta
De chlumh na n-éan gan chonspóid;
Má's laghach a' gléas é, is mílte laghaighe leat,
Bheith ag mealladh maighdean i gcómhnuidhe.



VI
Bheirim duit páirt níos binne ná'n chláirseach
Go dtiocfaidh 'n bás is go n-éagaim;
Agus seo mo láimh duit go bhfuil mé i ngrádh leat,
Is nach dtéanaim d'athrughadh mar chéile.
Mar an eala bhán ar an loch ag snámh
Tá do phíob 's do bhrághaid, a chéad searc,
Mo chreach 's mo chrádh nach bhfuil mé is tú dálta
I ngleanntan fásaigh nó sléibhe.



31 - TÁ MÉ 'MO SHUIDHE.



I
Tá mé 'mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos gan sgíth, is dá fadughadh
go géar
Tá bunadh a' toighe 'na luighe agus tá mise liom fhéin
Tá na coiligh ag glaoidh' is an tír 'na gcodladh acht
mé.



II
A sheacht n-anam déag do bhéal, do mhalaidh, 's do ghruaidh,
Do shúil ghorm-ghlé fá'r thréig mé aiteas is suairc;
Le cumhaidh 'do dhéidh ní léir damh an bealach a shiubhal,
'S a charaid mo chléibh, tá na sléibhte eadar mé
agus tú.


L. 76


III
Deiridh lucht léighinn gur claoidhte an galar an grádh;
Char admhuigh mé é go rabh sé i ndéidh mo chroidhe
'stoigh a chrádh;
Aicíd ró-ghéar, faraor, nár sheachnuigh mé í,
Is go gcuireann sí arraing is céad go géar fríd
cheart-lár mo chroidhe.



IV
Casadh bean-tsídhe damh thíos ag lag Bhéal an Áth',
D'fhiafruigh mé dí an sgaoilfeadh glas ar bith grádh;
Is dubhairt sí 'gcois íseal i mbriathraibh soineannta
sáimh,
Nuair a théid sé fá'n chroidhe cha sgaoiltear as é go
bráth.



32 - MOLAIDH MO ROGHAIN.



I
Níl aon tom glas coilleadh, badhúin, nó sliabh,
Thart siar go Baile an Tobair nó go hÁrainn
na Naomh,
Nár shiubhail mé gan tuirse le rúnsearc mo chléibh,
Le súil 's go bhfuighinn le mealladh í, acht sháruigh sí
mé.



II
'Mo shuidhe nó 'mo sheasamh níl mo chroidhe slán;
'Mo luighe ar mo leabaidh is measa bím ná mar táim;
Oidhreacht na cruinne 'á bhfuighinn-se ar mo láimh,
Is duit-se go dtabharfainn é, a chúig mhíle grádh.


L. 77


III
Thug mise cion duit is mé baoideach óg,
Is ariamh char athruigh mé m'intinn go fóill;
Níorbh'fhearr liom na mílte punnta de'n ór
Ná dá gclaoidhfeadh Molaidh m'aigne ar chaoi nach
mbéinn beo.



IV
Tráth ghluaiseas an ainnir an taobh seo de'n tslighe
Músglaidh an ghealach, agus soillsighidh an ghrian;
Thig ceo breágh meala de ló is d'oidhch'
Ar gach taoibh de'n bhealach a siubhaileann sí.



V
Fághaim-se le mnaoi eile cúig mhíle sréad,
Lán sléibhe d'eallach líonta de'n fhéar,
Maoin áluinn d'eachraidh, is iad fá n-a gcuid sréan,
Acht sí Molaidh dheas mo roghain, agus fághaim í gan
spré.



33 - A ÓIGBHEAN ÁLUINN.



I Eisean
A óigbhean áluinn, cé gur caomh do gháire,
Is claoidhte d'fhág tú m'aigne buan,
Is gur gile liom do bhrághaid ná sneachta ar
árdán,
Nó 'n eala bíos ag áirdiughadh ar 'ach taobh de'n
chuan.


L. 78


II
A chailín bán deas, tá cách ag rádh liom
Gur de do ghrádh gheobhas mé bás do'n chumhaidh;
Déan damh fárus, a rún, 'san áit seo,
Nó faoi Lá Fhéil' Pádraig béidh mé 'san uaigh.



III
Goidé na tréasa rinne mé féin ort,
Nuair nach féidir leat suidhe in mo chómhair?
Go mbím seal 'a d'fhéachaint is ag innsigh sgéal duit,
Bhfuil tú réidh le bheith liom, a stór?



IV
Dá mbínn-se 's mo chéad searc ar an aontaoibh,
Ag cur le chéile nach ar laghach an dóigh;
Nár dheas a' féirín do chailín spéireamhail
Buachaill céillidhe fhagháil nach mbéadh ag ól.



V Ise
Óganaigh dhílis gad as fá mbíonn tú
Ag osnaigh 'ach oidhche is ag sileadh deor?
Is nach gcodluighim oidhche ar feadh na míosa
Acht ag smaoi'tiughadh arís ort, a mhíle stór.



VI
Nó táim ar mearadh, is níl orm dearmad
Fá'n óigfhear cheannsaidh na gcuirnín dlúth;
Is gur do réir a' sgannsáil i ndiaidh do chainnte,
Is tusa planda a' bhrollaigh úir.



VII Eisean
Óigbhean dearbhtha na bpóga milse
Ná bíodh ort-sa imnidhe ar bith fá'n chúis,
Is cinnte gur dearbhtha má ghnídh tú 'n cleamhnas,
Gurab é do mhargadh nach dtéid ar gcúl.


L. 79


34 - AN CAILÍN RUADH.



I
Bhí mé sa Mhidhe i n-am Féil' Brighde,
Ag bainis thíos ar a' Mhullach Mhór,
Casadh caoin-bhean liom, stáid-bhean aoibhinn,
Is thug mé spéis dí mar bhí sí óg.



II
Is tú go cinnte a mhearaigh mo intinn,
Agus Éire timcheall cha léigheasfadh mé;
Is tá mo chroidhe-se 'na mhíle píosa
Mur bhfágha mé suidhe taobh do bhrollaigh ghléil
=ghlé-ghil.



III
Taobh thiar de Shligeach a thug mé grádh dí,
Is mé saothrughadh páighe i gCúige Laighean,
Theann mé anonn léithe ag siubhal na sráide,
Rinne sí gáire is thug damh sméid.



IV
Ar a' choill mhóir ad' a bíos 'mo chómhnuidhe,
Agus mé faoi dhólás mhór, faraor,
Síor-smaoi'tiughadh uirthi, an cailín módhmhar,
A béilín ró-dheas is a malaí caol'.



V
Teacht a' Domhnaigh bím go dóchasach
Go seolfadh 'n Rí in mo bhealach í;
Is aríst tráthnóna 's mé bíos go brónach
Fá nach bhfuair mé comhrádh le mo chailín caoin.


L. 80


VI
Is buachaill folamh mé 'bhfuil dúil ins na mnáibh agam,
Acht, a bhruinneall ghrádhmhar na ndlaoidheóg ruadh,
Dá dtiocfá liom-sa go teach mo mháthara,
Ba deas an áit duit ag Baile 'n Luain.



35 - CONNLACH GHLAS AN FHOGHMHAIR.



I
Ar chonnlaigh ghlais an fhóghmhair, a stóirín, a
bhreathnuigheas thú,
Ba deas do chois i mbróig, is ba ró-dheas do
choiscéim siubhail,
Do ghruaidh ar dhath na rósaí, 's do chuirníní fighte go
dlúth -
Is truagh gan sinne d'ar bpósadh, nó ar bórd luinge
triall un siubhail.



II
Tá buachaillí na háite seo ag athrughadh is ag éirghe
teann,
Is lucht na sáltaí árda ag déanamh airchise do mo
chailín donn:
Acht dá ngluaiseadh Rí na Spáinne thar sáile is a
chabhlach cruinn',
Cha bhrúighfinn féar ag fás nó go mbéinn ar láimh le
mo chailín donn.


L. 81


III
'Sé chualaidh mé Dia Dómhnaigh mar chomhrádh 'gabháil
idir mnáibh
Go rabh sí 'gabháil dá pósadh ar óigfhear dá bhfuil san
áit:
A stóirín, glac mo chómhairle is an foghmhar seo fan
mar atá,
Is cha leigim le a bhfuil beo thú, a stór, nó 's tú
mo ghrádh.



IV
A chuisle ná déan feall orm, níl geall agam ag ao'-
nduine acht thú;
Is duit a thug mé dáimh gan amhras thar mhnáibh an
tsaoghail;
Is nach díombuan an óigbhean nach bhfanfadh mar 's bhí,
Ar fheabhas 's sheinnfinn ceol dí lá 'n fhóghmhair 's mé
baint lín.



V
Chuir mé litir sgríobhtha do mo sheircín, agus casaoid
ghéar;
Chuir sí chugam arís í go rabh a croidhe istoigh i lár mo
chléibh:
Cum na heala is míne ná 'n tsíoda ná cluimh na
n-éan,
Nach trom na hosnaí ghním-se nuair a smaoi'tighim
le sgar'aint léi.



VI
Go sgarthar ó na craobhacha an éanlaith is an eala ó'n
tuinn,
Cha sgarthar inn ó chéile is níl acht baos dóibh a chur
'na cionn.
'Díol ba ar aontaigh bhéas mé fhéin is mo chailín donn,
Gluaisimíd le chéile go dtéidhmid thar Ghaoth Bearra
anonn.


L. 82


36 - MALLACHT RÍOGH NA hAOINE.



I
Mallacht Ríogh na hAoine do'n té dhíbir mo ghrádh
'bhfad uaim,
Gan fagháil agam teacht 'na goire ón Satharn
go dtí'n Luan,
Dá mbéinn amuigh faoi'n dílinn 's an oidhche bheith cur
sneachta 'dtuaidh,
Le mo ró-shearc dá bhfághainn cead suidhe bhéinn comh
haoibhinn leis an eala ar cuan.



II
Muna b'é mé bheith dána, ghabhfainn árus ó mo mhuinntir
féin,
Bhéadh ba 's caoirigh bána 'gam, is páirce le n-a
gcur un féir,
Codladh fada samhraidh, is gan aon níos aoibhne ná mé,
Acht míle b'fhearr liom dul i n-aimsir is cead cainnte
bheith agam le grádh mo chroidhe.


L. 83


III
'Bhean leanna chaoimh na páirte, tá'n bás in mo chroidhe
le tart,
Tabhair aon ghloine 'mháin damh is carta beag dighe le
n-ais;
Tá giní buidhe im' phóca a charaid, 's bain d'éileamh as,
Is ólfa mise sláinte chúil áluinn, mo chailín deas.



37 - TÁ DAOINE A' RÁDH.



I
Tá daoine a' rádh go bhfuil grádh ag mo mhuirnín
orm fhéin,
Go deimhin má tá chan grádh gan cumann dó é;
Ar neamh-chead mo cháirde agus a lán de mo mhuinntir-
se fhéin
Mur mairidh mé ráithe go sásóchaidh mé m'intinn
bheag fhéin.



II
Shaoil mise 'Sheáin nach ndéanfá mo mhalairt go bráth,
Shaoil mé in a dhéidh sin bréag nach ndéanfá fá'n chás;
Níl aon iasg ar Loch Éirne nach ngléasfainn ar do
bhainis a ghrádh,
Agus dhéanfainn rí ar Éirinn, dá bhféadfainn, díot
nó diúc ins a' Spáinn.


L. 84


III
Shaoil mise fhéin gur b'í 'n chaor a bhí 'lasadh in do
ghruaidh,
Shaoil mé in a dhéidh sin gur tú réalt na maidne i
bhfad uaim,
Dá dtéidhinnse un aonaigh ba tú 'n féirín ba deise
tchínn rómham,
Is a charaid mo chléibh nach dona gur thréig tú mé
geall leis na buaibh.



IV
Nach cumhan leat an oidhche bhí mé agus tú ins a' choill,
Gan duine ar a' tsaoghal ag éisteacht linn acht na
crainn;
Bhí 'n driúcht ag síor-mhéadughadh 's ag éirghe le'r
mbonnaibh go teann,
Is nuair a labhair an t-éan bhí réalt na maidne ós ar
gcionn.



38 - 'GCLUIN TÚ MISE 'ÉIN BHIG.



I
'gCluin tú mise 'éin bhig éirigheas i gcoilltibh
dlúith',
d'innseóchainn mo scéal duit 'á mbíodh
'fhios agam go ndéanfá rún;
Tá mo chroidhe in a chéad cuid is ní féidir damh
codladh ciúin,
'S aon phóg amháin 'a béilín go léigheasóchadh sé a bhfuil
ar siubhal.


L. 85


II
Is truagh gan mise in Aimeiriocá is duine amháin
'bheith liom,
Nó amuigh i lár na fairge mar bháithtear na céadtaí
long,
Gaoth mhór agus fearthainn bheith dar dtiomáint ó
thuinn go tuinn,
Mar in ndúil le Dia go gcuirfidhe mé mar a bhfuil
mo stóirín ann.



III
Cheannuigh mé cná agus ubhlaí ar tús fá choinne mo
mhíle stór,
Péire bróga agus sról duithe agus fonnsaí bhí maith
go leor;
Dá mba liomsa dúithche 'n Bhrouning, Cúig' Uladh, agus
ceathramha 'n Laighean,
Gan cearr a bheith sa' chúis cha chumhdóchadh aon
bhruinneall mé.



IV
Cheannuigh mé buidéal fíona damh fhéin 's do mo mhíle
stór,
Le beannacht a chur léithe-se, cúl péacach na bhfáinne
óir,
Braon char bhlas a béilín, nidh a mhéaduigh mo thuirse
mhór,
Is 'á gcruinneóchaidhe 'ach spéir-bhean Éireann, do
dhiaidh-sa cha bhím-sa beo.


L. 86


39 - NÓRA NIC LOCHLAINN.



Nuair a amharcaim 'mo dhiaidh ar a' spéirbhean
ghním osna ró-mhór,
'S gur binne a guth béil ná 'n éanlaith le
ceileabhar sna crainn;
A charaid mo chléibh, is tú réalt an mhaithis dar liom,
Agus rachaidh mé i n-éag, a chéad ghrádh, má sgarann tú
liom.



II
Ó a Rí, 'Nóra, 'ar ndóighthe cha leigfeá mé un báis,
Go dtabhairfeá damh póg nó dó ar neamh-chead do chách;
Mise Taralach Óg, agus is dóigh, ach gur ghlac mé na
gráidh,
Nach mbeitheá gan ór dá mb'eol dom a chosnadh sa'
Spáinn.



III
'Muigh i Lag na hÚdhraigh, a shiúr-chroidhe, dá n-éalóchá
liom,
Ar dtriall un na Frainnce nó go Flanders má
éirigheann sé linn,
B'fhearr liom-sa ná ór is ná bólacht a' talaimh uilig
cruinn,
Go mbéinn sgartha ó'n órd acht Nóra Nic Lochlainn
bheith liom.


L. 87


40 - A MHÁIRE, IS MÓR A' NÁIRE DHUIT.



I
A Mháire, is mór a' náire dhuit
Nach dtig tú liom ar cuairt,
'S go mb'fhearr liom bheith ar láimh leat
Ná ins a' bhflaithis atá thuas:
Do gháire geanamhail áluinn
A d'fhág mé 'nois gan bhrígh,
'S go bhfuil do ghrádh-sa i naoi n-áitibh
'Ndéis polladh fríd mo chroidhe.



II
'Á mbéadh lán na páirce báin' agam
D'eallach agus de mhaoin,
Is a lán eile de phlátaí
Is do ghiníacha buidhe,
I gcás ní chuirfinn a dtearn siad
Do chainnt orm le mí,
Dá mbéadh mo stór agam i dtoigh an ólacháin
Charbh'fhada liom an oidhch'.



III
Dá mbéadh iallacha in mo bhróga
Nó fóghnamh ar na buinn,
Bhéinn ag rinnce 'ach oidhche Dhómhnaigh
Ins an bhaile i mbíonn sí ann;
Is nár dheas an rud an óige
Dá teannadh le mo chroidhe,
Mo stór a bheith ar chionn bóird agam
Má b'fhada gearr an oidhch'.


L. 88


IV
Deir mo mhuinntir liom go ndíbróchar
'Ar sáile mé gan mhoill;
Deir cuid eile aca nach gcuirtear liom
Bád ann nó long:
Dá mbéinn díomhaoin go dtiocfadh an díle orm
Is mé a' dréim le gabhail anonn,
A Dhia dhílis nárbh aoibhinn damh
Acht rún mo chroidhe bheith liom.



41 - MÁ THÉID TÚ UN AONAIGH I.



I
Má théid tú 'un aonaigh bíodh do chaora leat, a
holann, agus a huain;
Má théid tú a shuirghe bíodh do mhian agat ar
thoiseacht a' tsluaigh,
Bíodh sí laoghach aoibheail agus measamhail in a cliú,
Chan í an mhaoin a bhéarfas i dtír thú, is ná mealltar
léithe thú.


L. 89


II
A annsacht cé'r bh'annsa duit bean eile agat nó mé,
Is gur tú an plannda deas a shanntuigh mé i dtoiseacht
mo shaoghail;
Thug me fancy duit gan amhras mar bhí mise gan
chéill,
Focal cainnte ná rabh i gcionn an té nach molfadh
leat-sa mé.



III
Dhiúltaigh mé fear léighinn agus búclaí ina bhróig,
Agus céadtaí uair 'na dhéidh sin fear airgid agus óir,
Ar an ndúil is go mbéinn-se is mo chéad searc liom
ag ól,
Is gur tú an chéad duine ar leig mé mo chumann leis
go fóill.



IV
Cha dtáinig smúid ar mo shúilibh, is char chodail mise
néal,
Ar an ndúil le mo rún-searc ó thuit an oidhche aréir;
Ar mo ghlúnaibh leat go siubhailfinn an domhan mór 'do
dhéidh,
Is chan fada, má thréigir mé, go mbéidh mé 'gabháil sa'
chré.



42 - MÁ THÉID TÚ UN AONAIGH II.



I
Má théid tú 'un aonaigh bíodh an chaora leat, a
holann sa huan;
Má théid tú a shuirghe bíodh do mhian agat ar
deireadh 'gus ar dtús;


L. 90


Má bhíonn sí laoghach saoitheamhail nó molta as a cliú,
Chan í an mhaoin a bhéarfas i dtír thú 'sna mealltar
léi thú.



II
Dá mbéadh lán na páirce báine 'gam d'eallach is de
mhaoin,
'S na cartaí teacht un cláir de na giníacha buidhe,
Cha chuirfinn i gcás a ndearna siad de chainnt
orm le mí,
Acht cead triaill láimh le mo ghrádh geal charbh'fhada
liom an saoghal.



III
A Mháire, is mór a' náire dhuit nach dtig tú chugam ar
cuairt,
Is go mb'fhearr liom a bheith láimh leat ná na flaitheas
atá thuas,
Do gháire geanamhail áluinn do bhain díomsa mo bhrígh,
'S go bhfuil do ghrádh-sa naoi n-áití 'ndéis polladh
thríd mo chroidhe.



IV
Tá mise ar an bhaile seo le corradh is naoi lá,
Is dá mbéadh fhios ag na cailínibh é, ghuilfeadh siad
a sáith;
Ag dochtúiribh na cruinne mo léigheas chan fhuil le
fagháil,
Acht cúl na gcraobh deas sí léigheasfadh mé dá
leagfadh sí orm a lámh.



V
Deir mo cháirde liom go rachaidh mé ar sáile anonn,
Deirim féin leo nach ngléastar damh bád a choidhche
nó long;
Dá mbéinn faoi shioc is shneachta faoi bharraí glas na
dtom,
A Dhia dhílis, nach ar bh'aoibhinn damh acht rún mo chroidhe
bheith liom.


L. 91


VI
Fágfaidh mise an baile seo go moch má's áil le Dia,
'S béidh na mná óga i gcorruighe liom muna bpillfidh
mise 'rís;
Cha dtógann an aois óg orm mo rogha a chur díom,
Is dá mbéadh mo stór ar thoil me 'phósadh do shiubhal-
fainn léi an saoghal.



43 - SEÁN BÁN.



I
Ag geaftaí an toigh' móir adaí
A chómhnuigheas agus a chodluigheas mo ghrádh,
Ar bh'ainm dó an buachaill dóigheamhail,
A casadh orm ar mhalaidh an tsléibh' bháin;
Ba mhilse liom a phóga
Ná rósaí meala faoi bhláth;
Tá cumhaidh mhór i ndiaidh mo stóir orm
Is cha mhó ná go bhfuil mo chroidhe slán.



II
'Sé Seán Bán mo ghrádh-sa,
'Ach a'n lá dá soillsigh' 'n ghrian;
Acht thug sé orm brón,
Agus leóin sé mo intinn go léir;
Ná d'imthigh sé le Malaigh Bháin
Is d'fhág sé mise liom fhéin;
Is mo mhallacht-sa le cailín óg
A leigfeadh uaithe a cumann le réic.


L. 92


III
Bliadhain 's an oidhche aréir -
'Sé mo léan nach anocht in a tús.
Uile 'ach óganach spéireamhail,
Do mo bhréagadh seal ar a ghlún.
Níl aon chuan i nÉirinn in do léinidh
Nach n-aithneóchainn thú;
Cé go dtug mé mo chion go léir duit,
Is i ndiaidh sin gur éaluigh tú uaim.



44 - SEÁN BÁN EILE.



I
Ag an bhuachaill bheag mhúinte tá tús agus deireadh
mo sgéil;
Dá dtéidhinn-se i gcionn siubhail leis cha
bhrúighfinn-se barr bog an fhéir;
Dá bpósainn fhéin thú bhéadh triúr agus ceathrar 'nar
ndéidh,
Is dá dtéidheadh a' t-iomlán un siubhail dar mo
chubhais-se is tú grádh geal mo chléibh.



II -Eisean
'Rí goidé dhéanfainn dá ngearrfadh a' corrán mo
mhéar?
Sluasad nó spáid in mo láimh-se cha ghlacfaim go
héag:
'Mo shuidhe i dtoigh na tábhairne ba sásta is ba
soineannta a bhéinn,
'S dá mbéadh a' ghloine 's í lán agam d'ólfainn
sláinte do ghrádh geal mo chléibh.


L. 93


III - Ise
A giolla na Ruaidhe nach truagh leat mise bheith i
lionn,
Is mo chleamhnas 'á dhéanamh gcois íseal ar a bhuachaillín
donn,
Sé mo sgéal cráidhte nár fágadh mé i gceart-lár na
dtonn,
Gan coite gan bád má's dán damh gan Seán Bán a
bheith liom.



IV
Dhéanfad teach mór má's beo mé ar a' teorainn ad
thiar,
An áit a bhfeicfidh mé mo stór tráthnóna agus maidin
ag triall;
Do ghruaidh mar na rósaí a bhreóidh is a mhearaigh mo
chiall,
Is mí cha bhím beo má phósann tú bean dubh a' tsléibh'.



V
'S iomdhaidh áit áirit ar leig mise leat-sa mo rún,
Ar chúl claidhe is gárraidh is i lár an mhachaire ag
siubhal;
Sé do chomhrádh bhí fáillighe a d'fhág mé ag osnaigh gan
suan,
Mo mhíle céad slán ag Seán Bán cé gur fada é uaim.



VI
Sin chugaibh Seán Bán, a' fear fáillighe atá sorthanach
fial,
Agus sé deir na mná leis gur báine é ná 'n ghealach
's a' ghrian;
Níl gile níl breághacht dar fhás ina bhfear ar bith
'riamh
Nach bhfuil páirt ag Seán Bán de is tá a ghrádh tinn
tuirseach in a dhiaidh.


L. 94


45 - CUIRIM-SA SONAS AGUS SÉAN AR DO
BHUAILIDH.



I
Cuirim-sa sonas agus séan
Ar do bhuailidh bhig caorach agus bó;
Is gile thú ná'n eala ar an Éirne,
Is is leat-sa tá sgéimh na mban óg.



II
Stad thusa feasta do phléideáil,
Níl gar a bheith mo shéanadh níos mó;
'Á bhfuighinn-se mo rogha ar mhná' Éireann
Is le Nansaidh go ndeirfinn a' "Gabhaim."



III
A Nansaidh, má ghnidh tusa 'n pósadh,
Béidh tú go brónach 'na dhéidh;
Char chuir tú in mo chead nó in mo chómhairle é,
Is char amharc tú rómhat nó 'do dhéidh.



IV
Guidhim-sa a' Rí tá 'r a' Dómhnach,
Ó 'sé bheireas furtacht do lán,
Nár chaillidh mé aigneadh na hóige
Mar gheall ar a' rógaire mná.


L. 95


V
A Rí, goidé ghéanfas mé imbárach
Nuair a tchífeas mé mo ghrádh teacht aniar,
Is nach dtig liom a dhul in a láthair,
Is a' mhéad is bhí eadrainn le bliadhain?



VI
Nuair a smaoi'tighim ar d'aoibh is ar do ghlór-sa,
Is ar bhinneas do cheoltaí ariamh,
Tuitim i dtuirse 's i ndólás,
Agus goilim-sa mórán 'do dhiaidh.



VII
Crádh ar an té nach mbíonn críonna,
Is nach ndéan 'ach a'n nidh mar is cóir,
Nach gcuartóchadh na bannaí is daoire,
Nach dtioc' leobh fhagháil sgaoilte go deo.



VIII
Anois tá na heachraidh ag gluaiseacht,
Agus mise bocht stuacach gan chéill;
Feasta tá'n aois ag fagháil buaidh' orm,
Mo bheannacht go buan do mhná 'n
tsaoghail.


L. 96


46 - 'NANSAIDH, A THÉAGAIR.



I
'Nansaidh, a théagair, an bhfuil tú in do shuidhe?
Fosgail an doras damh is leig mé un toigh',
Tá mo bhuidéal i mo aice agus dram do mhná
an toigh',
Is tá dúil agam nach n-eitigheann sí mé fá n-a h-inghin.



II - An Mháthair
A tháilliúir bhig bheadaidhe, chan fhághann tú mo inghin,
Is simplidhe atá tú ag cur sin damh síos;
Is feárr dí mar tá sí ná trácht a bheith 'sa' tír
Fá 'gabháil le táilliúr fágthaí gan saidhbhreas nó
maoin.



III - An Táilliúr
Is iomdhaidh bean áluinn tá le fagháil ins an tír,
Acht is mairg a d'fhágfaidhe le n-a lán aca aríst;
B'fheárr damh bheith mar tá mé go bráth bráth gan
mhnaoi,
Nach suadhóg bheag mná fhagháil nach ndéanfadh aon
ghníomh.



IV
Nuair a éirighim-sa ar maidin is mo chroidhe lán de
bhrón,
Théidhim un a' tsiopa agus caithim an spól,
Níl a'n dadaidh ag cur as damh acht grádh beag gan
suim,
Is táim i ndúil go bhfuighinn párdún ó'n chailín deas
donn.


L. 97


V -An Cailín gcois ísiol
Tá cladhartha beag buachalla 'mo mhealladh dó fhéin,
Cha phósann sé ao' nduine mur bhfágha seisean mé;
Dá mbíodh fios ag mo mhuinntir go ndéarfainn leis
"Gabhaim"
Oidhche cha chodlóchainn aca níos mó.



47 - CHAN CODLADH MO CHODLADH.
I
Chan codladh mo chodladh, is chan suan mo néal,
Go deimhin char chodluigh mé uair aréir
Leis an arraing bhí dhul treasna fríd lár mo
chléibh,
Is an bhfuil duine ar bith ar buile mar 's tá mé fhéin?



II
A lonnduibh nach furus do do chroidhe a bheith slán,
Is éadtrom a chodluigheas tú oidhche agus lá;
Ní hionann sin is mar bhím-sa, bídh na piantaí 'mo
chrádh,
Mo chroidhe dá losgadh leis an fhortún nach baoghal
damh fhagháil.



III
A annsacht ná sanntuigh an maighre mná,
Cé gur aerach a chóirigh siad cha mhaireann a ngrás;
Cé gur aerach téidheann a' phéacóg cha phiocthar a
chnámh,
Níl acht bréagán gan éadáil in a lán de na mnáibh.



IV
A annsacht 'á dtiocfá agus 'á n-éalóchá liom
Bhéarfainn mil bheach dhuit agus siúchra donn;


L. 98


Dá mba liom-sa oileán Éireann ba leat é gan
roinn,
Is ní buan beo mé, 'mhíle stór, má scarann tú liom.



48 - IS FADA Ó BHAILE.



I
Is fada ó bhaile d'aithneóchainn fhéin do shiubhal,
Do chúl dubh daithte faoi hata glan éadtrom úr,
Bhíodh blas na meala 'ach aon mhaidin ar phóig mo rúin,
Roimhe Shamhain gan amhras béidh faire orm fhéin le
cúmhaidh.



II
Nuair a éirighim ar maidin is théidhim go cúl a'
toigh'
Agus amharcaim le fada ar a' taoibh ad a bhfeicinn
mo mhian;
Acht anois táim réidh leis go ndéantar damh cómhnair
chaol,
Is go bhfásann an neanntóg 's a' féar glas fríd
lár mo chroidhe.



III
Tabhair do mhallacht do do athair is do mháthair fhéin
Nach dtug beagán tuigse duit-se le mo lámh a léigheadh;
Is moch ar maidin chuirfinn chugat-sa brigh mo sgéil,
Fá mo leithsgéal a ghlacadh go gcasfaidhe dhuit in
uaigneas mé.



IV
A shúil is glaise ná na coisgrigh nuair is úire a
bláth,
Sgéal cinnte go gcaoinfinn gan staonadh 'á gcluin-
finn-se do dháil;
Feara Éireann is 'á mbíodh siad cruinn' ar aon
chnoc amháin,
A ghrádh, dá bhféadfainn, is tú fhéin a bhéadh agam ar
láimh.


L. 99


49 - A GHRÁDH 'S A GHRÁDH.



I
A ghrádh 's a ghrádh ná tréig do chailín,
Is ná pós bean fhágtha mar gheall ar eallach:
Is beag an áit a bháithfeadh bearach,
Tá muid óg agus dheánfad solathar.



II
Tá mo chroidhe comh dubh le n-áirne,
Nó le gual dubh a ghoiligh i gceárdchain,
Nó le bun bróige ar hallaí bhána,
Is tá lionndubh mór mór ós cionn mo gháire.



III
Nach truagh mé indiu is nach truagh mé imbárach,
I ndiaidh mo bhuachall' atá ag imtheacht thar sáile;
Mo mhallacht go buan do'n luing bhain mo ghrádh
díom,
Is dá bhféadfainn, a rún, is leat-sa a rachainn.



IV
Is áluinn do ghnúis 's is úir a d'fhás tú,
Béilín meala agus aobh a' gháire ort,
Is méanair do'n mhnaoi óig a bhfuil do phóg i ndán dí,
Is nach mbíonn do chómhnuidhe níos mó 'san áit seo.



V
Is fada indiu, 's is faide imbárach,
Is faide liom fhéin é ná bliadhain is ráithe;
Is fada go bhfeicfidh mé do chionn dubh díleas
Gabháil a' bhealaigh nó teacht go dtí mé.



VI
Is mithid damh fhéin an baile seo 'fhágáil,
Is géar a chlocha is is fuar a lában;
Is ann a fuair mé a' guth gan éadáil,
Agus focal trom trom ó lucht na mbréag ann.


L. 100



50 - A BHRIGHID NA GCOS CAOL.



I
A Bhrighid na gcos caol thug tú 'n rith go aoibheall
aigeanta,
Bhain tú 'n feann do'n mhnaoi agus ní baoghal duit
a rachadh ort,
Chan fhuightheá 'n fhear 'sa' tír a rachadh síos leat ar
airgead,
Acht Seórsa, a' buachaill díreach, 'sé thriall leat go
haigeanta.



II
Chuaidh Brighid 'na Bealtaine a cheannach beagán
salainn di,
Casadh léi Seórsa agus phóg sé ar a' bhealach í -
"B'fheárr duit Brighid a phósadh gan fód ar bith
talaimh léi,
Ná dá bhfuightheá an Árdaigh Mhór mhar chródh le inghin
Uí Éagartaigh.



III
Dá bhfeicfeadh sibh-se Seórsa is é cóirighth' go galanta,
Gabháil ar cuartughadh órduighth' le n-a phósadh ar a'
bhruinneall sin;
'Sí Méadhbha Ní Dhómhnaill an óigbhean a d'imthigh uaidh,
B'fheárr dí ghabháil i gcómhnair is go brónach a cuireadh
í.



IV
Má théid tú go hÁrainn béidh do cháirde na bealaigh
sin,
Fiafróchaidh na Dálaigh cé'n ceárn as a dtáinic tú;
Dlúithfidh siad na hádhmaid go hárd ar do bhlogad-sa,
B'fheárr duit a bheith báithte ná'n cárnú gheobhas do
chloigeann-sa.


L. 101



51 - MALAIGH BHÁN.



I
A Mhalaigh bhán dheas fuair tú an trácht sin,
Agus deir na mná liom go rabh tú ann,
Ar leaca' na sráide go mall 'sa' lá,
Is aríst go Máilinn leis an bhuachaill donn.



II
Bidh lucht na bpící ag dul 'un aonaigh,
'Ceannach spíonán, is i ndáil le mnáibh;
An buachaill ruadh sin aniar ó Thuath-finn,
Is leis gur luaidheadh í Malaigh Bhán.



III
Théid sí i gcóiste agus í gan bhróga,
Agus bidh sí ag ól leobhtha ó neóin go lá;
'Sé d'fhiafruigh an t-óigfhear fríd bhriathra mhodhmhar';
A Rí, cé'r tógadh í, Malaigh Bhán.


L. 102


IV
'Á bhfeictheá Máire is í siubhal na sráide,
Agus gúna bán uirthi go talamh síos;
Stocaí dearg' uirthi, agus búclaí airgid,
'Sí 'siubhal go fearamhail chuig cúirt an ríogh.



52 - CHUAIDH TUSA THART GO MALL MALL ARÉIR.



I
Chuaidh tusa thart go mall mall aréir,
Cha dtáinic tú isteach agus mise liom fhéin;
Chan é sin a gheall tú, agus tá 'fhios agat
fhéin,
Is má théid tú go Sasain béidh mise do dhéidh.



II
Chonnaic mé lá thú agus shiubhailfeá liom an ród,
Go mbeirtheá greim láimh' orm agus go dtabharfá
damh póg,
Go ndéarthá fríd ghrádh liom: "is tú mo rún is mo
stór,"
Acht anois tá mé sgartha leat, is cha bhím-sa i bhfad
beo.


L. 103


III -Eisean
Seacht mh'anam do bhéilín a chanadh a' greann,
Is ar do dhá láimh gheala mar an eala ar a' tuinn,
Ar do chúilín beag feamainneach bachallach fionn,
Is má théidhim-sa go Sasain is tusa bhéas liom.



53 AN DUINE SODHANTACH.



I
Thug mé grádh duit i ngan fhios do mo cháirdibh,
Agus mé 'mo pháisde bheag óg gan chéill;
Is dá bhfuighinn cúig chárta d'ór na Spáinne
Le cailín gallta cha phósfainn í.



II
A Rí na páirte nach truagh mo chás-sa,
Is nach mór an t-ádhbhar magaidh mé,
Té ba áil liom a bheith i n-dáil liom
Is fada uaim an áit a gcodlann sí.



III
Níl agam bólacht, níl maoin nó stór agam,
Níl mé breagh mór, nó íseal deas,
Is a Rí, nach sodhantach ag duine de'n tseórt sin
A bheith ag dréim le hóig-bhean na gcuirnín deas.


L. 104



54 BLÁTH NA nUBHALL.



I
'S tú mo chruithneacht ar mhnáibh na hÉireann,
Mo chéad searc is áille snuadh,
Acht mharbh tú ar an tsaoghal mé,
Is lagaigh tú radharc mo shúl.
Nuair a smaoitighim ar do mhéin mhaith,
Do bhéilín na bhfocal ciúin,
Ní fhanann faic na céille 'gam
Tré chumhaidh fá Bhláth na nUbhall.



II
A Mhuire, 's a chroidhe, cé'r bh'íongnadh
Dá n-ithinn-se barr an fhéir,
Nó mo chur 'san roilig úd thíos
Fá'n mhnaoi a b'áil liom féin.
Mur dtigeadh acht séideán gaoithe
Ó'n taobh sin rabh grádh mo chroidhe
Go bhfuighinn-se sláinte míosa,
Agus faoiseamh do m'anam istoigh.



III
Chualaidh mé sin Dia Domhnaigh
Mar chomhrádh eadar na mnáibh,
Go bhfuil tú 'gabháil a do phósadh
Ar óig-fhear na gcuirnín bán:
Críochnuigh muid an cleamhnas a stór,
Go dóigheamhail, nó fan mar tá;
Cha leigim-sa le n-a bhfuil beo thú
A stóirín, má bhím-sa slán.


L. 105


IV
Anois tá mo ghrádh-sa pósta,
'S níl stór agam le fagháil 'na déidh,
A thógfadh an cian ró-mhór damh,
Nó a thabharfadh do mo chroidhe-se léigheas.
Ba deise í ná na seóide,
Is leoga b'aigeantach í,
Acht thiar i mBaile Uí Dhomhnaill
A chomhnuigheas grádh mo chroidhe.



55 - GOIDÉ GHÉANFAS MISE I mBÁRACH.



I
Goidé ghéanfas mise imbárach dhíoghbhail pháisde
an chúil bhuidhe?
Furtacht níl i ndán damh ná crádhaighidh sí mo
chroidhe;
Níl aon chruach in mo gháraidh, níl eallach agam
nó maoin,
Is a Rí, goidé mo fháth-sa bheith trácht feasta ar mhnaoi.



II
Éireóchaidh mé imbárach is fágfaidh mé an tír,
Ar neamh-chead do mo cháirde is a dtáinic ar an
tsaoghal,
Mar d'éaluigh Diarmuid le Gráinne seal ráithe agus
mí,
Ag siubhal sléibhte breagha bána 'siubhal fásaigh agus
fraoich.


L. 106


III
Guidhim-se thú, a pháisde, as ucht Phádraig na naomh,
Ná taobh leis na mnáibh óga ná tá a lán aca claon.
Dá mbéadh mo thoil agam ó'n Phápa, is mo phárdún
ó'n Rígh,
Go mbéinn-se le Gráinne 'ach aon cheárn dá mbíonn
sí.



IV
Is truagh gan mé is mo chéad searc ar aonach ag ól,
Nó ar oileán i lár na hÉirne is gan aon fhear d'ar
gcómhair,
Mar chuach i mbárr na ngéaga 'déanamh pléisiúir agus
ceóil,
Go dtéidhmuid fá'n choillidh chraobhaigh araon a bhaint
chnó.



56 - MACARONIC SONG.



I
Yesterday morning, ar maidin indé,
I spied a young damsel is thug mé dí spéis;
D'fhiostruigh mé de'n bhruinneal, but she went
away,
Is d'fhág sí faoi bhrón mé, I'm sorry to say.



II
Is truagh gan mé is í straight going away,
Ar dtriall 'san luing adaidh over yon sea,
Gan fios ag ao' nduine where we were going to stay;
A Rí nár dheas an dóigh é should I live but one day.


L. 107


III
Tá grádh agam uirthi, my sweet little maid,
Nuair a tchím ar maidin í I'm happy that day;
B'fheárr liom bheith dá pógadh in yonder cool shade
Ná 'bhfeicfinn de mhnáibh óga on a long summer day.



IV
Tá cum mar an eala aici, she's pleasant and gay,
Is dá bhfuighinn fhéin de fhaill uirthi to take her away,
Dá bhfuighinn fhéin de fhaill uirthi, I swear it and say,
Go siubhailfinn a' gleann léithe should they hang me
next day.



57 - CAILÍN NA BRIONGLÓIDE.



An Fear Óg:
$Goodmorrow na maidne dhuit, a spéir-
bhean chiúin,
Ní socair a chodlaim gan tusa liom i Mumhain;
Má's de'n chinneamhaint gur gheall an Rí damh thú,
Deasuigh go deas ort nó go dtéidh muid un siubhail.


L. 108


Gheobhaidh tú athrughadh de'n fhaisiún sin a rún go fóill,
Gúnaí geala, sciortaí breaca, síoda agus sróill;
Gheobhaidh tú fíon dearg dhá rannadh ar bord,
Leabthacha deasa agus búclaí in do bhróig.



An Óig-bhean:
Níor chleacht mé 'n faisiún gallta ariamh go fóill,
Acht an dubh 'sa' dearg is an anairt bhí caol go
leor.
Níor chleacht mé fíon dearg dhá rannadh ar bórd,
Is a mharcaigh cérbh áil leat-sa bean de mo sheort?



D'ainm is do shloinneadh tabhair damh fhéin ar tús,
Ar eagla go n-éireóchadh aon tubaiste dúinn;
Tabhair leat an sagart nó go gceangailtear mé 'gus
tú,
Sul má n-astruigh sinn ar an eachraidh go Clár na
Mumhan.



An Fear Óg:
Mo ainm 's mo shloinneadh seo dhuit féin ar tús,
Mise Risteard Ó Broin as Clár na Mumhan
Tá caisleáin fhada árda 'gam, is iarlaidheacht fúm,
Is inghean Ridire na nGlas-chairn ag éag 'mo chumhaidh.



An tSean-Mháthair do'n Óig-mhnaoi:
Gheobhadh sé céad bean i nÉirinn a b'fhearr ná thú,
A tógadh go spéireamhail i gClár na Mumhan,
Ná go saoilfinn ó do mhéid, do dhath, 's do ghnúis
Gur as meadhg bainne caorach a fáisgeadh thú.


L. 109


58 - A ÓGÁNAIGH ÓIG.
I
A ógánaigh óig, dá siubhailfeá an ród liom,
Ba deas do lóistín is do leabaidh luighe,
Bhéadh flút is órgan ag seinnim ceóil duit,
A thógfadh an brón go léir dod' chroidhe.



II
Ins na bóithribh adaidh bhéinn leat i gcómhnaidhe,
Dá dtabhairfeá móid damh nach mbéitheá claon,
Is dá bhfuighinn-se bás, is mé sínte i gcómhnair,
Le fagháil do phóige bhéinn slán arís.



III
Dá mbíodh fhios agam nach rabh tú i ndán damh
Cha dtéanfainn dáimh nó cómhairle leat;
Is gur daingne a bhí mé in do ghrádh-sa
Ná bhí na táirngí adaidh i gcrudh na n-each.



IV
Acht mar mbéadh eagla Dé orm go ndéanfá tréas
orm
Is mé bhéadh i do dhéidh, a rún, amach sa' tslighe;
Cúradh ar a' chléir adaidh nár cheangail go daingean
inn,
Is cha sgarfadh an saoghal uaim grádh mo chroidhe.


L. 110


59 - DOMHNALL Ó MAOLÁINE.



I
Idir a' Caiseal agus an Úr-choill thárlaidh orm an
cúilfhionn,
Agus í go ró-mhúinte dhul tharm sa ród;
Bheir mé greim ghúna uirthi, agus chuir mé ar mo
ghlúin í,
Is d'fhág mé a croidhe brúighte aici is í 'sileadh na
ndeor.



II
Bliadhain ón lá sin casadh orm an stáid-bhean,
Agus í go ró-státamhail dhul rómham ins a ród;
Bheir sí greim láimh' orm, is chuir sí rómham fáilte -
"Goidé mar tá do shláinte, a ógánaigh óig?"



III
"Seo litir ó m'athair, agus beannacht ó mo mháthair,
'S gan mo mhalairt a dhéanamh a choidhch' nó go deo;
Gheobhaidh tú na táinte uainn is ór buidhe 'na
mhámaí,
Is mise bheith mar bhá'ríoghan agat fhad is béidh
mé beo."



IV Eisean
Dar a' leabhra, maise, a pháisde, is deas a bhfuil tú
a' ráidht liom,
Do mhalairt ní theánfainn ar a' chúig mhíle bó,
Acht a b'é go bhfuil mé dálta le bliadhain agus trí
ráithe
Leis an inghín sin Uí Dhálaigh atá i gConndae
Mhuigheó.


L. 111


V Ise
"Imthigh agus deán sin, dheamhan a misde liom fhéin é,
Ní folamh atá Éire, tá fear eile le fagháil
Is fiosach damh céile nach n-iarrfadh 'n phighinn spré
liom,
Acht a ghlacfadh mé 'mo léinidh cé nach folamh
atáim.



V
"A Rí mhór na páirte goidé ghéanfas mé imbárach,
Nó ca bhfuigh mise athair do mo leanbán óg?"
"Mise Domhnall Ó Maoláine, 's ní cheilfinn ar
fhearaibh Fáil é,
Is gheobhaidh tú ar a' tSliabh Bán mé i gConndae
Mhuigheó."



60 - AG BUN NA gCÚIG gCRANN.
"Cathal Buidhe" do chum.



I
Ag bun na gcúig gcrann sé sméid mé uirthi
anonn -
An péarla deas donn 's í shladuigh mo
shnuadh;
Is má thug mé dhí dram cha dteachaidh sí liom,
'S mo choinne bhí 'n fheall teacht maidin Dia Luain.
Mar fhaoileann ar tuinn tá a cíocha cruinn,
Nó mar lile dar liom a cum cailce gan smúid;
Sé bun agus barr agus deireadh mo rann
Muna n-éaluigh sí liom béidh mé marbh go luath.


L. 112


II
Mo léan ar Loch Éirne nach dtéid seal i dtrághadh,
Go dtiubhrainn-se an srán mar a bhfuil sí mo
stór;
Is go mbéinn-se comh slán leis a' mbradán a shnámhfadh,
Dá bhfeicfinn an stáid nár pheacaigh go fóill.
Aon fhocal amháin ó n-a béilín deas tláth
Sé bhéarfadh ó'n mbás mé, is dhéanfadh m'aith-
bheodhughadh;
Ar an ndúil leis an Árd-rígh go dtiubhrainnse an
$walk sin
Cuirim na gártha beannacht' uaim rómham.



III
Sé mo chreach is mo bhrón gan mise 's a' tseóid,
Seal tamaill 'nar gcomhnuidhe amach ins a' tír,
I gConnachta mhór nó i gConndae Mhuigheó,
Nó i Sligeach na seod is sinn ag ól dighe.
Go Cúig Uladh an tslóigh cha dtéidhim le mo bheo,
Mar a bhfuair mé go leor de earráid an tsaoghail,
'S nuair a d'aithrisinn dóibh cá mbínn 'mo chomhnuidhe,
Sé deireadh go leor liom "Fáilte rómhat 'Chathail
Bhuidhe."



IV
Sé mo chreach is mo léan nach dteachaidh mé fhéin
Ins an astar seo 'réir dá gcaillfinn a' ceann,
'S go bpógfainn a béilín deas tanaidh gan chlaonadh,
A d'fhág an arraing go géar thríd cheart-lár mo
chuim.
Beannacht is céad le héanlaith an aeir
Mar a gcomhnuigheann an spéir-bhean, Ceataigh 'n
chúil duinn;
'S nar bhainidh sé 'n t-éag le searc-rún mo chléibh,
Nó go ndéanfaidh mé léithe mo chasaoid ar faill.


L. 113


60a - AN DÉIGH-BHEAN.



I
Rachaidh an déigh-bhean is mise ar céilidh,
Go gleann na gCaorach nó cois an chuain,
Agus bhéarfad foighid mhaith do mhnáibh an tsléibhe,
Is chá phillim féin nó go ngoiridh 'n chuach.
Béidh na maighdeana uilig ar buaidhreadh,
Mar nach dtéighim-se un a dtír' ar cuairt;
Sílfidh céad bean gur léith' féin mé
A bhéas dom' éagmais go dtí Lá 'n Luain.



II
A naoi-bhean mhánla dá dtug mé grádh dhuit,
'S tú 's gile bráighe 's is binne glór;
Do rosg is áille dár chruthuigh an tÁrd-Rí,
'S do bhéilín tláith deas ar bhlas na beoir'.
Tá do chaiseal cnámha gan uireasbhaidh deallraimh,
'S a Rí na ngrása gan mé 's tú ag ól,
Ina seomra ar fhásach 's gan aoineach láimh linn,
Ach sinn a bheith 'g ámhaill ó ló go ló.



III
Abhall chraobhach na mbeangán réidh-ghlas,
Nachar léig le haoin-fhear do bhláth go fóill,
'S go bhfuil na céadtha i ngalar éaga,
'S muna bhfaghaidh uait réidhteach is gearr a mbeo.
B'fhearr liom féin ná ór na Gréige,
'S a bhfuil in Éirinn de shiopaí stóir,
Go mbéinn 's an spéir-bhean faoi bharraibh géagán,
Nó seal dá bréagnadh i lár Thír Eoghain.


L. 114


61 - CAOIN RÓIS.



I
Is ag mo chaoin Róis tá na naoi n-ór-fhuilt,
I bhfíor-chornaibh, agus frasadh go féar,
'S gach dlaoi comh dlúth ar lí an ómra,
Ag síor-lonnradh agus ag casadh in a céibh.



II
Tá gach ní is cóir aici a chlaoidhfeadh óigfhear,
Na trí seoid aici is deise faoi'n ghréin -
Béal ró-mhilis, píb ó lile,
Cíocha comh-chruinne ar ucht a cuirp cléibh.



III
A Róis† ghréigeach de'n phór †Uí Raghallaigh,
Is ró-léir do dheise gnaoi agus gruaidh,
'S nach gile réaltan ar sholas an oidhche
Ná'n dá réal-rosg tá i gclár do ghnúis'.



IV
Is ró-aithne damh do shlaod corn-fholt,
Thug mór-thaitneamh agus spéis do'n ghréin,
'S go bhfuil díol cheathrair in gach dlaoi dhaithte
Do bhuidh-bhachallaibh ó bharr go fréimh.



V
Do phíb sneachta, is cíoch chailce,
Doghní creaplughadh Gaedheal agus Gall,
Nó 'n dith leat-sa mise críon caithte
Go daor deacrach dhul i dhéag in do gheall.


L. 115



62 - ÉINÍN TROIDEÓIGE.



I
'Sé mo chrádh maidne nach bhfeicim thú gabháil
aniar,
Do bhreóidh tú m'aigneadh is do mhearaidh go mór
mo chiall;
'Ghrádh bí agam 'do chailín bheag óg ar a' tsliabh,
Is an té chuaidh eadrainn mo mhallacht go deo 'na
dhiaidh.



II
'Sé mo léan géar nach bhfuil mé mar éinín troideóige,
Nó mar ghath gréine ar éadan na fuinneóige,
An saoghal a bheith go léir do réir mar d'órdóchainn,
Is cinnte go mbéinn ag an té úd a dtoghócainn.



III
Mo léan nach bhfuil mise is mo chonairt fá árd a'
tsléibh,
Is mé bheith gá leigint san ainnir a b'áille ciabh:
A réalta na cruinne bheir loinnir thar sáile aniar,
Nach truagh sin mise bheith ag imtheacht 's mo ghrádh
'mo dhiaidh.



IV
A riaghlóir na dúile bheir duilleabhar is féar a fás,
Goidé bheir mise bheith tuitim i n-éagcaoin báis,
Nuair nach ar cinneadh damh an bhruinneal ar aon chor
fhagháil:
'mBéidh sise mar choinneal is mise mar fhéileacán?


L. 116


V
Faraor, a charaid, is fada mé sínte i mbrón,
I ndiaidh mo mhaslaidh 'san teach úd a mbíodh an gleo.
'Árd-chnuic bhradaigh is maith chreach tusa mé go deo,
Is buan mo mhallacht duit, is agam tá an t-ádhbhar
mór.



63 - MALL DUBH AN GHLEANNA.
Antoine Mór Ó Dochartaigh cct.



I
Tá ba agam ar shliabh agus níl duine agam na
ndiaidh,
Acht mé do mo bhuaidhreadh leobhtha;
Bíodh eadar mise is Dia má's ortha tá mo thriall,
Is bhain siad mo chiall go mór díom.
Mise bheith gan mhnaoi feasta choidhch' ní bhím,
Is Mall dubh i dtús a hóige;
Is mall guth an éin a labhras leis fhéin
I n-uaigneas ar thaoibh mónadh.



II
Is ag Mall dubh an ghleanna tá mo chroidhe-sa i
dtaisgidh,
'Sí nach bhfuair guth na náire;
Is gur dhubhairt sí liom ar maidin thríd chómhrádh chiúin
chneasta,
"Bí ar siubhal is ná pill go bráth orm."


L. 117


Níl óganach geanamhail ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh,
Is timcheall go hUmhaill Uí Mháinnle,
Nach ngluaisfeadh un a' ghleanna ar eachraidh donn-
daithte
I ndúil leis an mbean dubh b'áille.



III
Dá bhfuighinn-se bean ó phrionnsa, is bean eile ó'n
impire,
Is bean eile ó rígh geal Seóirse,
Bean na n-ór-fhuilt buidhe a bheith agam-sa mar mhnaoi,
Nó bean eile agus na mílte bó léith';
Inghean óg an iarla agus í bheith go priaclach
Do mo iarraidh-sa le n-a pósadh,
Is dá bhfuighinn-se mo roghain ar mhnáibh óga an
tsaoghail,
'Sí Mall dubh an ghleanna a thógfainn.



IV
Siud thall mo thoigh, is níl díon air acht sgraith,
Is é déanta ar leath-taoibh an bhóthair;
Is má's é díoghbháil na mban a d'fhág mé ar lear,
Cuirim feasta mo bheannacht leobhtha.
Nach críonna an bheach an tráth ghní sí a nead,
Le grian agus teas an fhóghmhair;
Acht nuair a chríonas an tslat ní bhíonn uirthi meas,
Ní hionann í is na planndaí óga.


L. 118



64 - BRIGHID ÓG NÍ NÉILL.
Cormac Mac Seáin a chum.



I
Sé fáth is brígh mo sgéil is mo ádhbhar a bheith i
bpéin,
A d'fhág mé go héag buadhartha,
Fá inghin óig Uí Néill, an plannda ciúin tséimh,
Mar nach bhfuighim a bheith léi ag c'luadar.
Nach ar leamh an gníomh damh fhéin bheith ag smuaineadh
ar an réalt
Go nglacfadh sí liom fhéin mar ghuaillidhe,
Is a liacht óganach séanmhar anois i ndún Uí Néill
A thógfadh gan spré uaim í.



II
'Sí Brighid Óg Uí Néill, an plannda ciúin tséimh,
Na gcaoin-fhocal réidh stuama,
Is gur trí bhinne a béal ná síor-sheinnim théad
An chaoin-chruit, nó na céadta cuacha.
Charbh'íongantaighe an sgéal go dtráighfead Loch'
nÉach,
Is gan braon a bheith ann le géar chruadh-ghol,
Ná rádh go smaoinfeadh an ghéag a chuirfeadh mire ar
chéad
Go Tír Chonaill liom fhéin gluaiseacht.



III
De iarsma na nGaedheal a shíolruigh sí ó thaoibh
Na ríghte a bhí tréan láidir,
Nó mar lóchrann ó'n ghréin le mór-shoillse an lae
An óigbhean a bhfuil na céadtaí i ngrádh léith';


L. 119


A píob mar an eala, a cruinn-chíocha glé-gheal,
Mar fhaoileán i mbéal snámha,
Is má's fíor beacht mo sgéil is aoibhinn an spré
'San tsaoghal seo do'n té tá 'ndán di.



65 - MALSAIGH NÍ DHÚITHCHE.



I
Má théid tú chois fairge teacht samhraidh nó
dubhlacht',
Beir mo bheannacht agus annsacht gan fhalsacht
thríd dhúthracht,
Chuig an mhaighdin chiúin leanbaigh le m'ionmhain' a
bheith súgradh,
'S go dtug sí 'n chraobh ó gach bantracht, sí Malsaigh
Ní Dhúithche.



II
Tá'n chléir dá shír-dhearbhadh agus tairngir' na
n-ughdar,
Gur baoghal go dtiocfadh cabhlach go crích Banba ar
na cuantaibh,
Dhéanfas léan-sgrios agus marbhadh ó Chluain Tairbh
go dtí'n Rúta,
'S cha ghabhaid saidhbhreas nó $ransom gan Malsaigh Ní
Dhúithche.


L. 120


III
Léightear ar Dhún na hEamhna 's ar gach dream dá
raibh dá chongnamh,
Gur héigniughadh bean as Albain darbh ainm an
Bhlathnaid chumhra,
Cé gur éag sí tá dhá dhearbhadh ó na mairbh gur mhúsgail,
'S go dtug sí léags' ar gach balsam do Mhalsaigh Ní
Dhúithche.



IV
Is féidir leat a dhearbhadh do na mall-rosgaibh
múinte,
Nach leigim-sa ar dearmad nó go ndalltar mo shúile:
Acht mé féin léith nach samhailim, is a liacht seang-
mharcach súgach,
Cé go mb'éadail liom gealltanas fhagháil ó Mhalsaigh
Ní Dhúithche.



66 - RÓIS BHÁN.
Raghnall Dall Mac Domhnaill cct.



I
A Róis Bhán, is tusa is áille ná bláth na subh,
Óir do mhéin-se 'nois a fhéachaim tré do
chomhrádh dhamh;
Do leaca gríse 's do mhala chaola, gé táim gan léars,
Is tá 'n eala cumtha ar an mBóinn thuas níos táirighe
i ngléas.


L. 121


II
Do bhriathra céillidhe ndéis a éistim ní thuitim i
suan;
Feadh an lae bím ag géar-ghol is ag osnadh go buan;
Faraor is doimhin mo smuainte go gcuirfead-sa an
báire,
'S an uair a mínighim mo chion duit go ngnidheann tú
gáire.



III
Éist, a Róis bheag, le mo chómhrádh, óir is fíor mo
ghrádh;
'S dá mbéinn 'mo thriath mhór, a fhiail-bhean, ba leat
féin mo lámh;
Tabhair do lámh damh, a ghráidh ghil, 's gé go bhfuilim-se
dall,
Béidh an lá liom comh geal leis an ghréin ar an gcnoc
úd thall.



67 - BHÍ MÉ SEAL DE MO SHAOGHAL.



I
Bhí mé seal de mo shaoghal le cailín ag suirghe
A bhí geanamhail saoitheamhail súbhailceach;
d'fhág sí mo chroidhe gan osadh gan sgith,
Acht ag osnaidh is cinnte buadhartha.
Tá buachaillí na conntae gach uair i ngruaim
Fá Shiubhán an chiúin-bhean chéillidhe;
Sé ádhbhar mo éagnaoi fá nach dtig liom go héag
A theacht ar a' spéir-bhean dá bréagnughadh.


L. 122


II
Tá a folt buidhe cuachach feamainneach dualach
Scaipthe ar ghuallaibh na géaga,
Is a súile gan ghruaim go caomh ag an stuadh,
Sí 's deise nó a bhfuil beo is ar éag uaim.
Is measa liom féin nó a ndeachaidh i gcréidh
Gur theastuigh uaim géag na bhfáinní,
Is ó d'imthigh an spéir-bhean aigeanta aéreach,
Ná luadhthar go héag mo ghrádh liom.



III
Is deise a héagcosc ná deallramh na gréine
Le fáinne an lae ar gach árdán,
A mama cruinn glé-geal 's a brágha mar an gcéadna,
'S gur sháruigh a sgéimh ar Phállas.
Tá a béilín ciúin céillidhe a' labhairt go séimh,
Sa crios mar ladhg ar na hárdáin,
Sí an chiúin-bhean chéillidhe Siúbhan mo théagair
Gur ghiorruigh go héag ar mo shláinte.



IV
Sé ádhbhar mo éagnaoi gur imthigh an spéir-bhean
Le slincín gan chéill gan náire,
Is nach fiosach damh féin nó do 'nduine faoi'n ghréin
Cá taobh a dtáinic sé un 'na háite:
Fágadh gan éadach gan bhearrad gan léinidh é
I gcúl coca féir ins a' ghárraidh,
Is cha dtig leis a' spéir-bhean Siubhan na gcraobh
A clann ainmniughadh i ndiaidh a n-athara.



V
Sé deireadh mo sgéil nach furus do'n spéir-bhean
A bheith subhach réimeamhail mar ghnáth léithe,
Ag amharc ar a héigse, slímín gan fhéidhm,
Is a liacht fear bréagh a rabh i ngrádh léith'.


L. 123


Dá mbéadh sí mar ghnáth léith' 'n-aice toigh a hathara,
Agus mise ins an cheanntar chéadna,
Cha chongbhóchadh críoch Fáil uaim an cailín beag bán
Nó go dtiubhrainn un mo áruis féin í.



B 1843lsc 19L
68 - PÉARLA DEAS AN tSLIABH BÁN.



I
Ceithre lá dhéag gan bhréag a chaith mé ar an tsliabh,
Ag aithris mo sgéil do bhéilín tanaidh na
gciabh,
Mo bhéal ar a béal 's mo dhá láimh thairthi aniar,
Agus mise dá bréagnadh gur éaluigh sí tharainn an
ghrian.



II
Bhí mé trí ráithe i ngáirlín i gConnachtaibh thiar,
Is i gconntae na bainríoghna ráithe mhór fhada 'gus
bliadhain:
Macasamhail mo ghrádh' in aon áit ní fhaca mé 'riamh,
Acht aon phioctúir amháin a bhí tárraingte muigh
i mBl' Átha Cliath.



III
Sé mo léan géar níl éadach orm nó bláth,
Nó gearrán beag aereach dobhéarfadh mise chuig mo
ghrádh;
Go hÁth Cliath má théidhim b'fhéidir nach bpillfinnse
slán,
Acht bíodh a rogh-chéile ag péarla deas an tSliabh
Bán.


L. 124


IV
Sé mo léan géar gan mé mo lacha bheag bhán,
Ag imtheacht go haereach i n-éadan a' tuile 'smé
'snámh,
Ar ndúil le mac Dé go réidheóchadh Ciotuigh mo chás,
'S go siubhlfainnse an saoghal le péarla deas an
tSliabh bán.



V
Níl aon chrann ins a' choill nach dtionntóchadh a bhun
ar a bharr,
Nó aon eala ar a tuinn nach dtionntóchadh a chúl leis a'
snámh,
Nó aon sagart sa' bhFrainnc nach dtabhrfadh 'chúl
d'Aifrionn a rádh,
Acht bheith 'feitheamh gach am le plannda deas a'
tSliabh bán.
69 - PEIGIDH DHUBH MO MHÍLE STÓR.



I
Nach buadhartha bocht an chinneamhain damh bheith ag
imtheacht ó áit go háit,
Gruaim ar gach mala liom cionn 's go bhfuilim faon
gan pháirt;
Is brúideamhail gach duine liom mur bhfuilim i
n-éifeacht mhóir,
Acht amháin mo chuisle cumainn, sí sin Peigidh dhubh
mo mhíle stór.


L. 125


II
Ó tharlaidh liom an lile táim gan coinncin 's ní
suim cá mbím,
Mo shólás in gach trioblóid í, mo ghrádh díl milis aon
uair a chím:
Óir is tusa féin mo chuisle chroidhe nach dtiubhrainn
ar na míltibh d'ór,
Och smaoin ar do dhithreabhach, a Pheigidh dhubh mo mhíle
stór.



III
Bhí 'n Domhnach a chuaidh tharainn fliuch bearrógach le
sín 's le fuacht,
Gé ghluaiseas féin go bearróideach 'n gal-charbad úd
fá déin ar cuairt;
D'aimhdheóin gach annróidh do rangas mar bhí sí le
treóir,
Acht i gcomhluadar na neamh-annsacht d'fhan Peigidh
dhubh mo mhíle stór.



IV
Dá mbéinn féin 'mo éinín ba aereach a bhéidhinn mar
b'áil,
Sin nó mar gath-gréine ba sár-éadtrom mo chroidhe
gan smál,
Sgeinnfinn fá do ghéagaibh-se, nó léir-lasfainn thú
fá dhó,
Nach ndearcadh rosga bréag-luiseach ar éadan mo
mhíle stór.



V
Is fios gur tú mo ghrádh dhíl is do athrach nach ngnídhim
a choidhch',
Óir measaim thú bheith cráibhtheach ní airmhighim gur mé
do mhian;
Ná buadhar mé go náireach, tá id' pháirt liom-sa nois
go cóir,
Is taobhuigh mé le Righ an ngrás, a chúil áluinn mo mhíle
stór.


L. 126



70 - SEABHAC NA RABHAN.



I
A shiúr chroidhe na páirte níorbh' fhiú dhuit féin
leadaidhe nó straoill,
A bheith casta in do lúib nó go dlúth id' aice san
oidhch';
Béidh smailc ar do ghnúis is tú a choidhche ag sileadh go
teann,
Siúd an gléas bhéas go héag ort má thréigeann tú
Seabhac na Rabhan.



II
Go mba sona séanmhar bhéas an méid úd i gcaiplibh
's i mbuaibh,
Úr-sgoith na féile, lámh a' réidhtigh, le gliocas gach
stuaim,
Óir is tú sgaradh le féile rud a dhéanfadh daoine
eile le buaibh,
Is d'ólfadh luach an éadaigh 'na dhiaidh sin le Seabhac
na Rabhan.



III
Níl clúid cnoc nó ceann ó Dhroichead Átha go Binn
Éadair na long,
Thart chugat go Cúl Áine is gach áit eile ar feadh na
hÉireann,
Nár fhiafruigheas de gach aoin-neach gan chás ar tagadh
in mo shiubhal,
An bhfaca sibh éinín beag béil-bhinn a scar le Seabhac
na Rabhan.


L. 127


IV
A chuaichín bhig óg na n-ór-bhfolt bhíodh i gcomhnuidhe in
mo thaobh-sa,
Dar mo bhás is dar mo mhóide is tú is mó bhí san
éagcóir;
Aithris do do chomhursain go dtug mé mór-ghean agus
spéis duit,
Níl acht gaoth uile in ar nglórthaibh, is dar a neóinín
ní bréag sin.



71 - INGHÉAN UÍ CHEARNAIGH.



I
Ag bán-chnoc Fhéidhlim tá grádh mo chléibh, an
bhruinneal bhéasach bhán-chneas,
Samhail a gné an eala shéimh, nó long ag méadughadh
snámha;
Mar bhugha a gné, a gruaidh mar chaor 'lár sneachta
ar shléibhtibh 'cárnadh:
Grádh na gcéad, fíor-ghrádh na héigse í inghéan
Uí Chearnaigh an áilleóg.



II
Céad beannacht uaim go Coill na gCuach an talamh
subhailceach séanmhar,
Sín gan fhuacht sa' samhradh buan, is cách gan ghruaim
gan léan ann;
'Ngar Lios na Suadh is Ceap na gCruach do'n ríoghain
uasal mhéir-ghil,
Gaol na ndruadh 's na gcuradh gcruaidh ó Chonall
Chuailgne Cearnach.


L. 128


III
Sí siúr na ríogh mo Bhrighidín chaoimh na gcuachán síoda
fáinneach,
Anuas ó Ír tré mhilidhibh bríoghmhar' loinneach' líomhtha
lán-mhear.
B'é a gaol gan chlí Sir Cathal a bhí na cheannphort mílte
ag Séamus,
'S a huncal fíor an tIarla groidhe an Chláir fuair
brigh is céimeas.



IV
Is brughach mé ar iomad spré acht beag mo chéim san
bhFáil-Chrích;
Ní fios cia mé i stairidhibh Gaedheal nó réim mo riain
san Ádhamh-chlainn.
Mac Gordan mé ní cheilim é, gidh beag mo spéis sa'
mórtacht,
I nAlbain féin tá mo chliú 's mo chéim, acht ní bhím i
dtréan le dóchas.



V
Tá 'n tighearna Táath ag iarraidh mná in a chulaidh
áluinn gléasta,
'S nach truagh mar tá 's í Brighid a ghrádh thar ríoghnaibh
áille Éireann.
Muna gar mo bhás béidh cnuic ar lár, is sléibhte ar
chlár Loch Éirne,
Nó béidh ar láimh liom Brighidín bhán ingean chuimseach
cháidh Uí Chearnaigh.


L. 129



72 - AN DROIGHNEÁN DONN.



I
Fear gan chéill a bhéadh i ndréim leis an gcaor
bhéadh árd
Is an chaor bheag íseal le n-a thaobh is nach leagfadh
uirthi lámh.
Gé árd é an crann caorthainn bíonn sé searbh in a
bharr,
Is fásann sméar is sugh-chraobh ar an ghéig is ísle
bláth.



II
Síleann céad fear gur leo fhéin mé mar ólaim a
leann,
Théid dhá dtrian síos díom tráth smuainim ar a
gcomhrádh leamh,
Sneachta síobtha is é ga shíor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Och tá mo ghrádh-sa mar bhlath na n-áirne tá ar an
droighnean donn.



III
Dá mbéinn im' bhádóir ba deas a shnámhfainn an
fhairge seo 'nonn,
'S go sgríobhfainn páipéar go snuadh-deas le rinn-
ghuib mo phinn;
Faraor géar gan mé féin is an fear a chráidh mo
chroidhe,
Ag siubhal le chéile i ngleanntaibh sléibhe, is an driúcht
a bheith 'na luighe.


L. 130


IV
Cuirim féin mo mhíle slán leat a bhaile ghlais na
gcrann,
Is chum gach baile beag eile dá mbínn 'tarraingt ann;
Is iomdha bealach fliuch salach is bóithrín sár-cham
Atá eadar mé is an baile úd a bhfuil mo stóirín ann.



V
A Dhia dhílis! cread a dhéanfad má imthigheann sé
uaim?
Níl an t-eólas chum a thoighe agam, chum a theaghlaigh nó
a chruach,
Tá mo mháithrín faoi leatrom, is m'athair san uaigh,
Táid mo mhuinntear go mór i bhfeirg liom, is mo
ghrádh i bhfad uaim.



VI
Má táir ag imtheacht uaim, a mhuirnín, go bhfillidh tú
slán;
Is dearbhtha gur mharbh tú mo chroidhe in mo lár;
Níl aon choite 'gam a chuirfinn-se do dhiaidh, nó bád,
Is tá'n fhairge 'na tuiltibh eadrainn 's ní heol dhamh
a snámh.



73 - NEILLIDH BHÁN.



I
'Á mbéadh píopa fada cailce 'gam is tobac le
cur ann,
Ugsaid uisge-beatha, agus bairille lán de
leann,
Leabaidh ghlas de'n luachair le mo rún do leagadh ann,
Bíodh cogadh fríd an domhan mhór is ní bhuaidhreóchaidh
sé mo cheann.


L. 131


II
Is fada mé ar an mbaile seo le bliadhain agus trí
lá,
Agus samhail mo Neillidh bhán ní rabh agam le fagháil:
Ní léigheasfadh aon neach mise de dhochtúiribh Chrích
Fáil
Go dtigeadh péarla an bhrollaigh ghil 's go gcuirfeadh
tharm a lámh.



III
Bhí mé lá breagh gréine i mbarr sléibhe chois cuain,
Cia d'fheicfinn acht mo Neillidh, gé go rabh sí 'bhfad
uaim;
Nuair a shíl mé druidim léi go mbogfainn léi suas,
'S go rachainn-se gá bréagnadh 'sé d'éaluigh sise
uaim.



IV
'Á mbéadh lán na páirce báine 'gam de bhuaibh is de
laoghaibh,
Siúd is lán cúig chárta de ghiníachaibh buidhe,
Suim ní chuirfinn i ndearna tú de mhagadh fúm le
bliadhain,
Acht cead d'fhagháil aon phóg amháin do thabhairt do mo
mhian.



V
Tá teach ar árd an bhaile seo 'na bhfuil searc is rún
mo chroidhe,
Níorbhfada liom an tseachtmhain-se dá bhfeicfinn
uaim í;
Níor chogar liom do chogar, is níor nuaidheacht liom do
sgeól,
'Á mbéinn ag éisteacht le mo Neillidh Bháin is ise
gabháil cheóil.


L. 132


74 - AN GHEALACH OIDHCHE FHOGHMHAIR.



I
Atá a cúl feamainneach ór-bhuidhe ag sgabadh go
bróig,
'S ag casadh mar chornaí 'na timcheall,
Nó mar choinneal i gceo, nó gealach oidhche fhoghmhair,
Ag imtheacht go modhmhar soillseach.
Ní cheilim-se go deóidh, a chuisle 'gus a stór,
Gur tusa is do sheort a mhill mé;
'S nach n-iarrfainn-se mar lón ins a' bhealach atá
rómham,
Acht frasa do phóg is milse.



II
D'amharc mé i n-áirde ar fhuinneóigibh an phárlais
Is chonnaic mé an bhruinneall shoillseach,
'S níorbhfiosach damh a rádh cia'r bh'í fhéin amháin,
Acht gur cosamhail le bláth na n-ubhall í.
Ní dhearna mé stán go rabh mé in a láthair -
'Sé mheasaim gur dána an siubhal é -
Go rabh mise ag ól sláinte na géige úd dobh' áille
Dá bhfaca mé ariamh ar mo shúilibh.



III
Níl troideóg nó éan dá bhfaca mé ar chraobh,
Ar eitioll nó ag éirighe i n-áirde,
Nach dtarrngeóchadh sí féin le barraibh a cúig méar,
Is ní hiongnadh mise ag éag dá grádh-sa.
Ní cheilim go bráth go dtug mo chroidhe a ghrádh
Go hiomlán do'n stáid-mhnaoi uasal,
Agus gabhfaidh mise bás muna bhfuigh mé 'rís na ndáil -
Och, sé mo chroidhe bhéadh slán an uair sin.


L. 133



75 - MUIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE I.



I
I mBaile na hInse thiar atá mo ghrádh le
bliadhain,
Is áille í ná grian an tsamhraidh;
'S go bhfásann mil 'na diaidh ar lorg a cos sa tsliabh,
Dá fhuaire an uair tar éis na Samhna,
Do ghabhfainn gan stad mo chiall dá ngabhainn í in mo
líon,
Is chuirfinn an brón-sa díom gan bhuaidhreadh;
Acht ar chomhairle a rugadh 'riamh ní phósfad acht mo
mhian,
Sí sin Muirnín na Gruaige Báine!



II
Ag Droichead na hAbhna Móire dochonnaic mé mo
stór-shearc,
Ainnir dheas na n-ór-fholt fáinneach,
'S go mba mhilse 'bhfad a póg ná mil is siúcra ar
bórd,
'S ná deagh-bhlas sóghamhail fíon' Spáinneach.
A dá chíoch chorra chruinn bhán mhilis chumhra bhreagh,
Mar shneachta bhéadh dá charnadh ar shléibhtibh;
'S go ngoireann an chuach gach am i lár an gheimhridh
thall,
Sa' mbaile a mbíonn mo ghrádh-sa dá bréagadh.



III
Dá bhfághainn-se mo rogha de mhnáibh deasa 'n domhain,
Agus fágaim ortha roghain shásta,
Is mar adeir an leabhar tá 'n chraobh aici ós a gceann,
Is na céadtaí fear go dubhach i ngrádh léithe.


L. 134


Sé samhail-se do mholadh leis an ruadh-righ Solamh,
'S is aici-se tá'n rosg is áilne;
Réidhigh-se mo dhochar 'gus saor mé ó bhás obann
A Mhuirnín na gruaige báine.



75 a - MUIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE II.



I
A chois na habhna thíos a chonnaic mé mo mhian,
'S gur bharraigh sí ag sgéimh gach bantracht,
'S go mb'áille iad ná'n ghrian a rosga malla claon',
Le'r goineadh mo chroidhe 'stoigh le hannsacht.
Mar an eala ar a tsnámh tá a píob agus a brághaid,
'S a béilín milis tanaidh tláith-dheas;
Níl éan ar bith ar chraobh, nó lonndubh maidin aoibh,
Nach ceolmhaire tráth chífid a háille.



II
Ar mhullach sléibh gan smúid tráth théid an mhaighdean
chiúin
Le flóra ag siubhal go ceolmhar,
Is iomdha óigfhear tréan a bhíos gonta i ngean 's i'
bpéin,
I bhfiabhrán ar dhíoghbháil sócamhail.
Táid a rosga glan' gan ceo, 's a líoca mar an rós,
Mar fhaoileán tá an bhruinneal sgáinneach;
Thréigfinn ór an tsaoghail 's ghabhfainn léi mar mhaoin,
Nó's í Muirnín na Gruaige Báine.


L. 135


III
Tráth chualaidh 'n ainnir chaoin faoi lionndubh mé 'mo
luighe
Do ghluais sí gan spás dom' fhéachaint;
Le toil na cléire i ndlighe gur ceangladh sinn le
haoibh,
I gcleamhnas beannuigh' séanmhar.
Óladh gach óigfhear suairc ar mhian leis bean gan
chluain
Céad sláinte do'n mhaighdin bhánamhail;
'S tráth théidheas an deoch fá'n bhord bíodh sibh ag
canadh ceóil
Do Mhuirnín na Gruaige Báine.



76 - GRÁINNE NÍ DHUIRNÍN.



I
Bréagach thú, a Phádraig, níor sháruigh í an Chongbháil,
'S is agam-sa atá sí, páisde na gcruinn-chíoch;
B'fhearr liom ar láimh léith 'gcúl gáraidh nó sgonnsa,
Ná 'g ól fíona i bpárlur gan Ghráinne Ní Dhuirnín.



II
Ní le faobhar lann bearrtha tá a malaidhthe cumtha,
Acht suidhte ó'n Árd-rígh atá sí go hiomlán;
Tá gúna dubh seairce uirthi tarraingthe i dtrilsibh,
'Gus cuirníní bána ag fás faoi n-a hurla.


L. 136


III
Labhrann sí Béarla, is léigheann sí Laidean,
Eabhrais, is Gréigis, 's gach tréithe ban gaisgeamhail;
Nach mór an dith céille damh bheith 'dréim le n-a
samhail,
'S go dtug sí an chraobh léith ó Éirne go Leanainn.



IV
Bhí mise lá 'mháin i Rath Meálltain ar aonach,
Is na cailíní ba bhreághtha is b'áille ann cruinnighth',
Ag comhrádh go gáireach ós árd nó i gcogar,
Acht ba deise 's ba bhreághtha í Gráinne Ní Dhuirnín.



V
'Á mbéadh agam páirceanna d'eallach 's de
chaoirigh,
Bunadhas na conndae, nó iomlán na tíre,
Teach mór is gáraidh, is fághaim gan roinn é,
Go dtabhairfinn faoi bhláth é do Ghráinne Ní Dhuirnín.



77 - MALAIDH 'N tSLÉIBH' BÁIN.



I
Rachad 'na phobaill imbárach
Go bhfeicfidh mé bláth na gcraobh,
'Gus bhéarfaidh mé cogar dá máithrín -
Cá dteachaidh sí grádh mo chroidhe?


L. 137


Má's rud nach tusa tá 'ndán damh,
'Sgur thréig mé mo cháirde gaoil,
Sgaoilim-sa súgradh le fánaidh,
'S mo bheannacht le mnáibh an tsaoghail.



II
'S iomdha sgread mhaidne, mo chrádh-sa,
Nach bhfeicim do sgáile 'triall,
Teacht anuas fá mhalaidh 'n tSléibh Báin úd,
Nó treasna ag an mhám seo thiar.
Go lagaidh mo chroidhe i' mo lár-sa
Má chodluigh mé néal le bliadhain,
'S is mairg do'n phoball a d'fhág tú,
'S nár fhág tú bean bhreagh do dhiaidh.



III
Is truagh nach i nInis Bó Báine
Bhí teach ag mo mháithrín féin,
Neillidh bheith amuigh ar an tsnámh sin,
Go gcuirfinn-se bád fá n-a déin;
d'fhuigfinn-se annsin í naoi dtrátha,
Gus a croidhe bheith cráidhte i bpéin,
Nó d'fhág sí mise mo shárughadh,
Ar mhalaidh 'n tSléibh' Báin i léan.



IV A Athair
'Á mbíodh fhios ag d'athair, a Sheáin dil,
Go rabh tú ar an tsnámh aréir,
Fá do choinne go gcuirfeadh sé bád-sa,
'Gus fuireann mhaith shásta léi:
Pill 'na bhaile má's áin leat,
Is gheobhaidh tú táinte an tsaoghail,
Cúig phunnt de'n airgead bhán duit,
'S cead codlaidh le grádh do chléibh.


L. 140


An chéad bhliadhain pus ar phus,
An dara bliadhain grus ar ghrus,
An tríomhadh bliadhain ag sileadh gan sos -
"marbh fáisc ort, 's mairg a chonnaic ariamh thú."



78 - AN PÓSADH BRÓNACH.



I
Níl sé acht anuraidh ó phós mé,
'S is faide liom lá ná bliadhain;
Níl dúil i n-aiteas nó i gceol agam,
Nó aon spórt 'á bhfaca mé riamh.



II
Dia Luain a rinneadh mo chleamhnas -
Sin bliadhain is an oidhche aréir -
'Gus 's páirt mhór de mo aimhleas
Droch-chomhairle mo mhuinntire fhéin.



III
Tá mise pósta gan amhras,
Mo chreach, mo chrádh, 's mo léan;
'S dá gcastaoi fear amháin sa ngleann liom,
Bhainfinn de a cheann de léim.



IV
Nuair a théidhim-sa un Aifrinn Dia Domhnaigh
Agus tchím an t-aos óg ag teacht,
An uair a tchím mo stóirín
Go sileann mo shúla le reacht = riocht.



V
Tá'n ghruag ag imtheacht 'na ceo díom,
Agus mheathluigh go mór le seal;
Agus mí ní mhairfidh mé beo 'nois
Mur bhfagha mé do phóg a chéad searc.


L. 142


VI
A phlúir na gcailíní óga,
Is tú mhearaigh is bhreoidh mo chiall;
Is truagh nach ar síneadh i gcómhnair mé
Sul ar dhubhairt mé na focla ad riamh.



79 - AN SISTEALÓIR BRÓNACH.
Aodh Ó Mhallaile a chum.



I
A Dhia láidir, nach áidhbhéil a d'imthigh mé le
bliadhain!
'S gurbh áil liom 'bheith san áit a mbéadh cuideachta
is ciall:
Tá mo cháirde dá rádh gur le dosgaidh chaith mé 'riamh,
Is nach áthasach mo cháil-se ar ar chuir mé 'e choirce
fiadhain.



II
Bhí mé tamallt is 'á mbéadh faire do mo chomhair ins a'
tír,
Rachainn ann ar sodar, 'á mbéadh an fóghmhar ag dul
le gaoith;
Anois atáim claoidhte caithte, is bím ar lár ins an
oidhch',
Is moch ar maidin théidhim a dh'obair, nidh nach áil le
mo chroidhe.


L. 143


III
'Sé an fáinne a rinne tráill díom, 's a d'fhág mé
caithte críon,
'S gan a' snáithe ar mo chnámha, acht casta i gcóta
prís.
lacuna
Teacht a' Domhnaigh bím go brónach ag deasughadh
mhná an toighe,
'S gan aon fheoirling le h-ól agam le h-eagla
Mhaighistir Stéil.



80 - TÓGFAIDH MÉ MO SHEÓLTAÍ.



I
Tógfaidh mé mo sheóltaí go brónach fá Shamhain,
Ní dheánfaidh mé aon chómhnuidhe go ngabhaim
go Machaire Eabha,
Fágfaidh mé mná 's páisdí mar táid 'na gcíor
thuaithbhil,
Is leanfaidh mé 'n chúilfhionn an uile chúil a bhfuigh mé
a tuairisc.



II An Bhean
Maise ní an t-ádh a bhí i ndán damh an lá d'fhág mé
leat a' bhaile;
Thóg tú i mbéal mé agus rinne tú céile tharm;
'S truagh nach an bás a bhí láimh liom ins a' leabaidh
Sul d'fhág mé mo mháithrín, is lean thú bhfad ó
bhaile.


L. 144


III
Nuair a théidhim-sa óis íseal dhéanamh m'fhaoisdín
leis a' tsagart
Is ort-sa bhím a' smaoi'tiughadh, agus ó oidhche go
maidin;
Mur bpille tú a dhílis, faoi dhídion na coilleadh,
Sí mo chómhnair 'bhéas dá cóiriughadh, is fear mo
chaointe i bhfad ó bhaile.



IV
Tiocfaidh écliops ar na spéarthaibh, ar a' ghréin, 's ar
a' ghealaigh;
Tiocfaidh dalladh ar mo radharc, is ní léar damh na
ballaí;
Tá cuach bheag i nGleann Éidhnigh a d'éirigh leat a
mealladh,
Is ní sgarfaidh a cion go héag leat go dtéidh muid
araon i dtalamh.



81 - AN PÓSADH FUATHMHAR.



I
Sé do chuairt anuas Dia Dómhnaigh
A d'fhág faoi bhrón mé le seachtmhain,
Is mé 'síor-smaoi'tiughadh ar an óigfhear
A shiubhaladh 'n ród liom anuraidh.


L. 145


II
A Mhuire, 's a Rí an Dómhnaigh,
Ná nach bhfuil cabhair ar bith i ndán damh,
Ná nach mbím go bráth 'mo chomhnuidhe
In a'n lóisdín amháin leis?



III
Sé mo chreach is mo ghéar-bhrón
Nach 'mo phósadh anocht atá mé,
M'fhear-sa a bheith faoi 'n fhód,
Agus tusa ar thórramh do mhná-sa.



IV
D'fhág tú mé a bhuachaill
Nuair a fuair tú mé bheith folamh,
Acht béidh mé choidhch' i n-uaigneas,
Is nach truagh leat mo ghearán?



V Eisean
A Nóra, mo mhíle stór thú,
Ná bíodh brón ort nó tuirse;
Má chuaidh a' cluiche claon orainn
Sé mo léan inn a bheith sgartha.



82 - CAOINEADH NA MNÁ ÓIGE.



I
Thíos a chois na fairge bím-se 'mo chómhnuidhe,
Agus bím ag déanamh lionnduibh ó mhaidin go
tráthnóna.
lacuna de 2 líne


L. 146


II
gCluin sibh mise a chailíní is a bhuachaillí díomhaoine,
Glacaigidh ibhse cómhairle, is ná déanagaidh mar rinne
mé;
Tá'n pósadh seo daingean is is doiligh é a sgaoileadh,
Is go deo deo ná mealltar sibh mar gheall ar bheagán
maoine.



III
Pósadh go hóg mé mar gheall ar na punntaí,
Ar lán mo dhá láimh nár shásuigh riamh m'intinn;
Acht is truagh nach dtig sé i reacht amach mar bhíos ar
bhuin nó'r chaoirigh,
Té nach dtaitneóchadh a mhargadh leis a sheoladh' ríst un
aonaigh.



IV
An uair a bhí mé óg gheobhainn ól is aoibhneas,
Cuideachta ban óg, agus óganach díomhaoin.
Anois tá sé thara sin, chan fhiú leobhtha labhairt liom;
Mo mhallacht ar an lá adaidh adubhairt mise an
"Gabhaim."



V
Nuair a théidhim-sa un Aifrinn go luath luath Dia
Domhnaigh,
agus amharcaim uaim ar na buachaillí óga,
Teacht ar ais 'na bhaile damh buadhartha bocht tráthnóna
Gheibhim cuachta i luaith 'n teallaigh an donán bocht
gan fhóghnamh.



VI
An uair a théidhim-sa síos go tábhairne 'n fhíona,
Cha leigeann sin an náire damh an donán a thabhairt
síos liom;
Acht gheobhaidh sé bás, is míle áltughadh do mo Rígh
geal,
Is béidh mise ag gáiridhe is a cháirde uilig ag caoineadh.


L. 147


VII
Rí! nach mise 'n truaighe atá ceangailte do'n
t-suarachán,
Nach rachadh liom un Aifrinn lá saoire nó Dia
Domhnaigh,
Nach dtabhairfeadh go toigh a' leanna mé is nach
gcaithfeadh giní óir liom.
Is nach dteannfadh le n-a chroidhe mé mar dhéanfadh
buachaill óg liom.



VIII
Ag an phoball sin Gleann Éidhnigh tá'n féileacán
breagh samhraidh,
Óigfhear tá gan aon locht, is ní bréag sin gan amhras;
Bím-sa smaoi'tiughadh ar mo rogha-ghrádh mar bhíodh sé
'gcomhnuidhe 'cainnt liom,
Is nach truagh libh mar seoladh mé comh hóg a dhéanamh
m'aimhleas.



83 - FÓGHMHAR NA mBAN ÓG.



I
Tá fóghmhar na bliadhna seo
Ag dul i n-aghaidh na mban óg;
Ní hiad na fir atá dá n-iarraidh,
Acht iad-san ag dul leo.


L. 148


II
Cé gur ciúin céillidhe
A shiubhailidh siad an ród,
Cha phóstar aon bhean i mbliadhn' aca
Gan a' riabhach is a' crón.



III
Cuirim plóid saoghalta
Ar a' riabhach is ar a' chrón;
Is ar aon fhear go deo mo dhéidh-sa
A chuirfeas spéis i maoin bhó.



IV
B'fhearr liom cailín céillidhe,
A shiubhailfeadh liom an ród,
Ná an páisde gan chéill
Ó'n tsliabh is a cuid bó.



84 - BRÓN DHÓMHNAILL I nDIAIDH MHAGHNUIS.



I Dómhnall
Mo chuid-se de'n Tearmon amharc uaim air,
Nó feasta choidhche cha mhinic mo chuairt ann,
Ó pósadh Mághnus tá m'intinn buadhartha,
Is mo chroidhe in mo lár-sa go dtearnadh gual de.



II
Dá bhfuighinn i ndiaidh do luighe 'sa' chill thú
Cha bhéinn níos buadhartha ná táim in mo intinn;
Do chómhrádh béil-sa go ndéanthá roinn liom,
'S mo chúmhaidh 'do dhiaidh-sa chan fhéadaim inse.


L. 149


III
Feasta choidhche go gcríochnóchaidh 'n bás mé
Cha chodluighim oidhche i nGort na Láthrach;
Rachad síos go hÍochtar Fhánad,
Is cha phillim aníos go sgaoiltear Mághnus.



IV
Anois ó thréig tú saoghal na hóige,
Ceist agam fhéin ort i ndiaidh do phósta -
C'acu b'fhearr duit mar bhí tú 'gcómhnuidhe,
Ná sladaidhe mná fhagháil nach nglacann cómhairle?



V Maghnus
Ó chuir tú 'n cheist sin orm, a Dhómhnaill,
Innseóchaidh mé fhéin duit í gan dólás;
Níl de aithreachas an tsaoghail mhóir orm
Acht fhad is chongbhuigh sibh mé gan phósadh.



VI
Is má thig tú choidhche go Gort na Láthrach,
Bí 'sa' taoibh adaidh ar an áird liom,
Béad comh carthannach leat 's ba ghnáthach liom -
Mo chómhairle, a dheartháir, duit cailín mná fhagháil.


L. 150


85 - COMHAIRLE AN CHAILÍN.



I Eisean
Saighdiúr singil mé ar briseadh gárda
Is ag iarraidh fáruis a tháinic mé;
Níl baile mór dá bhfuil san áit seo
Nach sgairtim cárta is nach ndíolaim é.
Bhí mo bhuinéid leathair ar mo mhalaidh fáisgthe,
Is is fad ó árus mo theach sa' tslighe,
Ní thóigfidh an báillidh uaim bó ná bpáiste,
Is is maith a' t-ádhbhar níl orm cíos.



II Cailín a' Toighe
B'fhearr duit cíos a dhíol i gcionn 'ach féile,
Ba agus caoraigh agat, is capall daor,
Ór agus airgead in do phóca a' léimnigh,
Is maighdean bhéasach bheith agat mar mhnaoi;
Do dhís mhac bheith gabháil 'na scoile i n-aoineacht,
Is ag teacht le chéile 'na bhaile arís,
Is nach mb'fhearr duit sin agat le haghaidh do bhréagtha
Nó bheith 'do réice mar Eoghan Ó Baoighill?



III Eisean
A mhaighdean bhéasach le do gheallamhaint fhagháil damh
Ní maith 's ní sásta an t-oibridhe mé,
Ní chumfainn iomaire, nó cruach i ngáraidh,
Is go bráth ní chraithfinn síol i gcré;
Ní maith i mochéirghe mé, is ní sásta
I dtús an Mhárta ní talmhaidhe mé,
Ní oibrighim le súiste, matóg nó láighe,
Is dá bhfághamuist páisde cé a choth'adh é.


L. 151


III Ise
'Á mbíodh fhios agam-sa gur tú bhí i ndán damh
Is deas a dheánfainn duit 'ach uile nidh;
Ar fheabhas go nighfinn-se go geal do léine,
Agus ghealfainn gréasán de líneadach chaol;
Dheánfainn mac oil', nó dó 'na dhiaidh sin,
Is d'oilfinn fhéin iad go geal le cích,
Is nach mb'fhearr duit sin agat le haghaidh do bhréagtha
Nó bheith do réice is do bhall ón tsaoghal?



86 - GÉAG NA LÚTH'.



I
Tá fear na mbróg árd 's é lán de "cá mhéad a
crúdh?"
Is é 'g iarraidh mhná, is a cháirde 'na dhéidh ar lúth;
Sé labhras an fear dána ar báll - "sul a bhéas mé
ar siubhal
Fiostruigh cá mhéad ba tá le fagháil aige Géag na
Lúth.'"



II
Labhraidh a hathair gan spás le céill 's le clú -
"Tá ao' ndúisin amháin de'n áirnéis réidh ún
siubhail,
Is má thoiligheann a máthair a lámh a shíneadh sa chúis:
Tóg nó fág é, tá sé sgaoilte fút."


L. 152


III
Adeireas a cháirde, "Teanamuid réidh un siubhail,
Tá bean le fagháil againn níos áille i gcéim 's i
gclú."
Saoileann a' sglábhuidhe, mar tá sé caoch sa chúis,
Go ndéanfaidh aon tráill in áit do Ghéig na Lúth'.



IV
Cha dtéan go bráth, is tráth a bhéas sé ag siubhal
Síos an tsráid imbárach is a chéile ar tús,
Béidh an tonnóg ghránda, agus clábar léithe go glún
Nuair a bhéas coiscéim státamhail, árd, aige Géag
na Lúth.



V
Is nuair a bhéas a hál mar chládh d'éanlaith dubha
Béidh sgéimh na háille i bpáisdibh Ghéig' na Lúth'.
Barbaracht mná go bráth cha dtéid ar gcúl
Go dtiocfaidh Iubhar Chinn Trágha i mbád go Cúige
Mumhan.


L. 153



87 - TÁ CRANN AR AN gCOILL.



An Mháthair:



Tá crann ar a' gcoill úd
Is úire dtagann a bláth,
Agus teacht an tsamhraidh
Is sár-bhinn guth cuaiche 'na bharr.
Arís ins an gheimhreadh,
An aimsear a dtuiteann a' bhláth,
Bíonn na géagain lom,
Is a' lonndubh ag iarraidh sgáth'.



An Mac:
A mháthair na páirte,
Ná trácht ar a' léithide siúd;
Is le áirnéis ghránna
Go bráth ná mealltar thú;
Nuair a bhéas a' chnámhóg
'Sa gclábar go dtí a glún,
Béidh coiscéim státamhail
Árd ag géag na lúth.



88 - COMHAIRLE NA SEAN-MHNÁ.



An Mháthair:
Ars' an mháthair leis an inghin
I gcomhrádh chiúin san oidhch' -
"Feasta má ghní tú pósadh
Sanntuigh thusa an mhaoin,


L. 154


Is a' fear beag le n-a taoibh
Nach n-imeóradh dhá phighinn
Agus nach n-ólfadh."



An t-Athair:
Annsin labhair fear a' toighe -
Is air a' chead a bhí -
"Feasta ná glac a comhairle:
Cia aca sin a' dís
Ba mheasamhla leat, a ingín,
Scafaire a shiubhlfeadh 'n tslighe,
Nó fear na mbó na threóraidhe."



An Ingéan:
"Maise scafaire glan croidheamhail,
Chuirfeadh beirt aca san díg,
'S ní hé fear na naoi mbó sin:
Má thig ort malairt toighe,
Nó scullán a chur faoi,
Goidé b'fhiú dhuit in do dhíth
An síogaidhe bocht is a bhólacht?"


L. 157


89 - ÉAD CHLOCHAIR LE hÁRDMHACH.



I
D'airigheas féin go moch de ló
Ag éisteacht le ceol na lonn go hárd,
Chualas mar bhéadh ar uaigh a fir
Bean ag guil is í treaghdughadh a lámh.



II
Dhruideas léithe agus d'fhiafruigheas sgeol
Do'n ríoghán óig ba ró-ghlan dealbh -
"Innsigh th'ainm, agus fáth do ghuil,
Nó'r hadhlacadh d'fhear, nó an é atá marbh?"



III
Do fhreagair sí mé lán éad' agus dochair,
Sé m'ainm Clochóir, is tá mé tinn;
Fuaireas fear ar fheabhas na hEórpa,
'S is géar mo dhóigh gur sgar sé linn.



IV
Mac Mhic Rughraidh b'é mo rogha,
Bhí triúr a thoghadh chugainn ó'n Róimh;
Bean eile deas a mheall é uaim,
Is buan mo ghruaim ag taosgadh deor.



V
B'fhada faoi mo chion ariamh
An saor-fhear fial ba riaghalta cáil;
A shamhail dóibh ní fhaghair dá bhfuil
I righ-chionn sgolta Inse Fáil.


L. 158


VI
Is créachtach mo chroidhe-se dá dhíth anocht,
Is buan mo sprocht, is m'éagcaoin chráidh,
Fá chraobh na séad b'oighre na naomh,
Sa léithid nach bhfuighead go crích mo bháis.



VII
Mo chrann téagair, is m'aon chró carad,
Mo rún foluigh', mo dhóigh, mo mhian,
Ciste an léighinn, agus fréamh na heagna,
Mo lón, mo thaisgidh, mo stór, mo mhaoin.



VIII
Mar théid tusa mar a bhfuil Aodh,
Fiafraigh fó thrí de an í seo an chóir,
An chead-bhean phósta chur dá láimh
'S a dhul chum dála le hÁrdmhach mhór.



IX
Dá mbeith mo chiall maith thriallfainn soir-se
Is ghearrfainn dí-se srón nó cluas -
An mhéirdreach uaibhreach a chráidh mé -
Fé mo chéile a mhealladh uaim.



An tAmhrán
B'fhada mé 'bpéin is mé féitheamh ar mhalairt d'fhagháil.
Le gur teagmhadh orm Aodh le'r líon mo ghean do
ghnáth;
Acht mo mhallacht fó thrí ar an inghin neamh-macánta
Ler mealladh ó mo mhionn fíor-phéarla Críoch Fáil.


L. 159


90 - MARBHNA AN ATHAR DOIMNIC BHÁIN UÍ
BHROLLACHÁIN.



I
Mo chrádh, mo léan, i gcré thú, a Dhoimnic Bháin,
Gan meabhair, gan radharc, gan éisteacht agat
ar fagháil;
Is truagh na sgéala, tá Éire dona gan ádh,
Fá bhláth do ghéag i bhfréimh i gcomhra chlár.



II
Níorbh'iongnadh dhíbh dá dtráightheadh tonnaí 's tráigh,
Gorta 'gus díth d'ar gclaoidh i gcríochaibh Fáil,
Fá theachtaire Chríost, a mhíneadh an soisgéal
sáimh,
A bheith 'dtuamba sínte síos, mo Dhoimnic Bán.



III
A réalt na maidne thug solus go huile do chách,
A dhéanfadh teagasg le spreagadh 's do mhíneadh
an Pháis,
Buaidh naoimh Peadair 's na n-easbal a bhí ort-sa
's ádh -
Mo chrádh do leacht mar a theastuigh tú, a Dhoimnic
Bháin.


L. 160


IV
Iomdha bean ríogh tré shaor 's na ndroithleann óir,
Ó Chorcaigh ó'n Mhidhe 's go taobh shliabh Gallain na
seod,
Dá gcluineadh 'do luighe thú sínte 's gan uirgheall
'do bheóil,
Nach nguilfeadh tré mín' do thaobh le lonndubh is
brón.



V
A dhochtúir an tsoisgéil a fuair taisbeánadh ó Righ na
ngrás,
'S nach rabh brathair nó easbog i gcoimh-meas leat
féin sa gcás;
Do shamhail níl feasta i nÉirinn sé mheasaim le
fagháil,
Is tá Gaedheil faoi bhearran ó d'imthigh tú, a
Dhoimnic Bháin.



VI
A choinnleóir sholuis do eaglais is tuath gach lá,
Dobhí mar Pheadar 's na habstail a' stiúradh
cháich,
Ba bhinn do theagasg do'n bpoball le fuaim na
ngrás,
Is tá Éire ag ceasnaighe ó theastuigh tú, a
Dhoimnic Bháin.



VII
Tá Banba 's a' Spáinn faoi cháin 's i bhFrainnc go
léir,
Ó chualaidh siad fá do bhás, a árd-cheann eaglais
do'n gcléir;
Na bochtaí ó gach áird ar n-a ngárrtha gola do
dhéidh,
Ó chuaidh Doimnic bán i gclárthaibh dúnta i
gcré.


L. 161


VIII
Ní dhéarnaidh tú lón nó stór nó cruinniughadh mar chách,
'S ní dheachaidh tú i stró le cótaibh nó bhuigeanna
bán';
Acht bochta is deoraí gach ló dá riaradh do
ghnáth,
'S níl aon-duine le n-a bhfóirint nuair nach beo
thú, Dhoimnic Bháin.



IX
Mar Oisín leis féin i ndéidh na bhFiann ón ár,
Nó mar chrann as fréamhaibh tar éis an tsíon a
scáth',
Mar so tá an t-aon-fhear Séamus gan dearbh-
ráthair,
'S go bráth faoi léan ó'n éag sin Dhoimnic Bháin.



X
Sé mo chrádh géar gan an déigh-fhear thall sa' Spáinn,
San bhFrainnc, sa nGréig, nó san Éigipt acht é
bheith slán,
Nó in Oileán na Naomh mar a ndéarnaidh an t-éag
an t-ár,
Bhéadh ar ndúil lá éigin go léir leat, a Dhoimnic
Bháin.



XI
Ba mhilis do bhéal ag déanamh molta agus dán
Do Righ na néal a céasadh is d'fhulaing an Pháis,
Chum oideas do dhéidh mar léigheann againn gach

Is ar ndíth go héag i gcré thú, a Dhoimnic Bháin.



XII
Níl siúd do léitheid in Éirinn, a Dhoimnic Bháin,
Chum creideamh do mhéadughadh 's ag déanamh
chléir gach lá;
Samhail mar léightear do'n déigh-fhear do hoileadh
ó Ádhamh,
Le heagnacht is naomhthacht Elias nó Samuel an
fáidh.


L. 162


XIII
Ba chosamhail le Maoise an righ-fhear, bile na mbláth,
Nó mar Aaron in Israel dá mbíodh an tslat
bhuaidh' 'na láimh;
Ag so dhíbh an saoi faraor faoi fhód atá
In uaigh chaol sínte na luighe uainn - Doimnic
Bán.



XIV
Níorbh'iongnadh gan tortha bheith ar chrannaibh nó féar
ag fás,
Fairge is tonna ag corrughadh le hanfa árd,
Creigí is clocha ag cosgaradh le fuaim do bháis,
Ó chuaidh faoi liag uainn an t-athair beannuighth'
Doimnic Bán.



XV
Is mór mo chrádh an maicne a d'árduigh tú 'gcéim,
Ó chuaidh 'do dháil-se bláth na gcineadh go léir;
An céile gráidh ó'n Árd-righ a ghlac Muire dhi
féin,
Doimnic Bán i bpárrthas i bhfochair Mhic Dé.



XVI
Tá'n poball faoi ghruaim 's gan suan ag fearaibh no
mnáibh,
Ó nach gcluin siad go luath fá do chuairt a bheith
chugainn fá Cháisg;
A Rí atá thuas go bhfuasglaidh tú dhúinn in gach
cás,
Ós nidh nach dual ón uaigh chugainn Doimnic Bán.



XVII
Tá creach na gcúigeadh is mór-chreach Chríche Fáil,
Creach na n-órd uile fós ar ullmhughadh na gcnámh;
Gan oideas gan eolas ag óg nó sean aca ar
fagháil,
Ó chuaidh faoi fhód glas i gcómhra Doimnic Bán.


L. 163


XVIII
Is iomdha bocht is nocht is díleachta gan athair,
I ndiaidh a locht faoi thocht is a' caoi gach lá;
Ní fháigfeadh ocras, tart, nó íota ar chách,
Nach ndéanfadh an déigh-fhear sin a chosg,
Doimnic Bán.



XIX
Ó theacht ar bpátrun Pádraig ó oileán an áir
Ní rabh sagart nó bráthair nó gáirdín coimh-
meas leat ar fagháil;
Bhí tú mar righ Dáibhidh, a sháruigh Golias an fáthach,
Gan eagla measg námhaid do ghnáth bhí Doimnic
Bán.



XX
Guidhim Mac Dé a céasadh is d'fhulaing an Pháis
Ar bhearaibh na croiche thug saoradh san bpeacadh
rinne Ádhamh,
Muire 's na naoimh 's gach aingeal ar aon chor
amháin,
A theacht 'do choinne go léir lá'n tsléibhe,
a Dhoimnic Bháin.



XXI
Ó theacht Mhic Dé go héag-bhás Dhoimnic Bháin
Dh'á fhichid 's a sé 's na dhéidh sin aon bhliadhain
amháin,
Seacht gcéad déag do réir gach ughdair áigh
Go ndeachaidh i gcré uainn éifeacht Chríche Fáil.


L. 164


91 - GEARAILT ÓG Ó DOCHARTAIGH.
Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I
A Ghearailt óig Uí Dhochartaigh, mo bhrón thú
bheith do luighe,
'S go mbíodh ól fad' ar bórd ag gaisgidhibh in
do thoigh;
Bhíodh 'n cheol-chruit ann i gcómhnuidhe 's níorbh' fhada
leo an oidhch' -
Rí an Domhnaigh do do sheoladh go flaitheas na naomh.


L. 165


II
A Ghearailt óig an tsíoda, de shíol na bhfear bhí
sámh,
Ba dúthcha do do dhaoinibh bheith déanamh cogaidh sa'
Spáinn;
I dtoiseach ag gabháil síos 'sé bhíodh ag d'aicme do
ghnáthach,
Agus i ndeireadh teacht aníos mar laochraí 'pilleadh
ón ár.



III
Is tuirseach éanlaith fá shléibhtibh anois san taobh ó
thuaidh,
Chaill an seabhac a radharc ó d'éag tú, a Ghearailt, a
rún;
Nach bhfeiceann tú an caog 's a thaobh comh dubh leis an
ghual,
Is gur thréig an eala an ghaoth sin Gaoth Bearra agus
a' cuan.



IV
Tá'n Leitir faoi smúid, is níl drúcht nó féar ag
fás,
I mBaile na nDumhach níl súil le mo mhíle grádh;
Faoi leacachaibh dúnta tá úr-scoith Gaedheal Chrích
Fáil,
'S a Ghearailt a rún, cén triúr aca a líonfadh d'áit?



V
Caidé dhéanfas an tSrath-Bán nó Leith-bhear 'do dhéidh?
Is go mb'fhearr ós cionn cláir thú nó 'n breitheamh é
fhéin.
Tá gach tráill bhocht gan árus 's an file gan chaoi,
Ó'n lá sin a fágadh thú, a Ghearailt, in do luighe.


L. 166


VI
A Dhubh-ghlais is súgach 's is aoibhinn duit-se gach lá,
Agus úr-scoith na gcúigeadh uilig agat ar lár.
A rún-searc deán dúiseacht agus féach mar atá,
Is a liacht dúil bhocht gan chumhdach fá Bhéal an Átha.


L. 168


92 - "BRIAN Ó DÁLAIGH"



I
Nach truagh libh-se Seán agus na páistí ar
uaigneas,
Ag caoineadh 's ag gártha fá bhás an duine uasail:
Ó Bhaoghailleach go Bághaine is ó Árainn go Luachras
Ba tú fíor-sgoith na nDálach ó d'fhág Doimnic Ruadh
sinn.



II
Ba tú fíor-sgoith na nDálach agus árd-fhlaith na
féile,
D'fhág an tír uilig cráidhte, is ní áirim fá shléibhte;
Ó bhuaidh ag an bhás ort, nach dtearn ariamh claon
leat,
Cuirim ainglí na ngrásta go párrthas na naomh leat.


L. 169


III
Tá Loch na mBradán faoi smúid is níl suairce ag
aoinneach;
Níl bainne ag na buaibh ó chualaidh siad gur éag sé:
Ba tuigseach gan gruaim é, go stuamach 's go céillidhe,
Ó chuaidh sé ins an tsuan sin cuirim mo nua-bheannacht
fhéin leis.



IV
Míle agus ocht gcéad mar léigheas na hughdair,
Deich agus a trí déag, níl bréag ann ar ndubhairt
siad,
Ó tháinic Mac Dé un an tsaoghail seo dar bhfuasgailt
Go ndeachaidh Brian i n-éag, 's i gCill Bhrighde tá a
uaigh-sean.


L. 170


93 - BÁTHADH PHÁDRAIG UÍ DHOMHNAILL.



I
An chéad Mhárt de'n Fhóghmhar ba bhrónach 's ba
tuirseach mo sgéal -
Lámh thapaidh a bhí cródha 'ghabháil rómham-sa go
leabaidh na néal:


L. 171


Ar charraig na ndeor mo bhrón gur chaill mé mo
radharc,
'S go dtéidh mé faoi fhód cha dtógaim m'aigne 'do
dhiaidh.



II
Tá do mháthair is Niall faoi chian 's is fada leo an
lá;
Tá osna 'na gcliabh nach léigheasann dochtúir nó
leáigh.
Cibé sholáthar mé 'riamh is bíodh sé uilig cruinn i' mo
láimh,
Go dtabharfainn é uaim acht fuasgladh Paidí bheith
slán.



III
Tá do dheirbhshiúracha cráidhte de ghnáth 's iad ag
sileadh na súl,
'S gan fhios cé'n lá go bráth a n-imtheochaidh a gcúmhaidh.
d'fhág tú d'aicme faoi smál is is náir liom mar
rinne tú an siubhal,
Nuair nár agair tú párrthas le spás beag eile
thabhairt dúinn.



IV
Ba charthannach fial thú 'riamh is ba sona do lámh,
'S go mbéitheá faoi chian mura riarfa a dtiocfadh
'do dháil;
Ba deismear do chiall le gach aon do do mhuinntir
ar a' tsráid,
'S cha mhaireann mé bliadhain i mbuaidhreadh id' easbhaidh
mar táim.


L. 172


V
Ní fada mo shaoghal 's me ag déanamh mo ghearáin
le cách,
Is ag amharc síos uaim fá bhruach a' chladaigh 'ach lá;
Níl cuideachta ag aon mar bhíodh fá'n roinn seo 'e
ghnáth,
Acht osna 'na gcroidhe faraor is gan furtacht le
fagháil.



VI
Mo mhallacht go buan ar bhruach a' chladaigh seo thíos
A d'fhág mé faoi ghruaim, is rinne gual díom i
n-aice mo chroidhe:
Sé do chur ins an uaigh, monuar, a d'fhág mise gan
bhrigh,
Gan mhisneach gan stuaim acht 'mo thruaill bhocht ag
imtheacht le gaoith.



VII
Stadfaidh mé 'e ghéar-ghol is dhéanfad mo ghearán le
cách:
Ó 'Mhuire, más féidir dúinn d'aon-Mhac agradh gan
spás -
An té a fuair piolóid fá bhruach na croiche go hárd -
Guidhim É anois le bheith fabhrach do Phaidí fá'n cháin.



VIII
Míle is ocht gcéad léightear deimhin gan chlaon,
A cúig is a sé leis an sgéal sin d'aithris go fíor,
Ó tháinic mac Dé 'un tsaoghail le'r gceannacht go
daor,
Go dteachaidh Paidí i gcré 's mo léan ní phillfidh sé
'choidhch'.


L. 173



94 - BARRAÍ NA hÁRDAÍ.



I
'Sé Barraí na hÁrdaí a bhánuigh bailte go lom;
Chan fheicthear aon bhláth ar an áit ad' ar
cailleadh iad ann;
Fir agus mná ag gárthaighil fá bharra na mbeann,
Fá'n sgaifte ban breagh sin a báitheadh ar oitir na
gcorr.



II
Dá mbíodh 'fhios ag an Athair Brian seo thíos an
cailleadh bheith ann,
Ar uair a' mheadhon-oidhche 'sé d'éireóchadh is ghlacfadh
a pheann,
Is sgríobhfadh sé síos na daoine beannuighth' a bhí ann
Acht táid na luighe faraor i gCorcaigh faoi chuim.


L. 174


III
Nár thruagh sin Eoghan Mór ag cuartughadh tortha 'gus
puill,
Ag iarraidh a bhuachalla a fuaduigheadh amach ar a'
tuinn;
Go dtugadh 'n bhréag-chómhnair le sólás do'n chroidhe
a bhí tinn,
'S go dteachaidh an tórramh go dóigheamhail 'un an
Iomaire Chaim.


L. 175


95 - PÁDRAIG 'AC GUIDHIR.



I
Domhnach mór na Slat rinneadh orainn a' tslad,
A d'fhág sinn go héag buadhartha:
Mac Guidhir a bhí ceart is nach dtearn ariamh
droch-bheart,
Sé sgapfadh ar na bochtaibh a chnúsacht.



II
Mo mhilleadh 'gus mo dhíth! Báitheadh é faraoir!
Ar a' charraig adaidh Liag Dháibhidh;
Acht cruithneacht ann nó síol nár fhásaidh uirthi a
choidhch',
Is mo mhallacht is gach aoin go bráth di.



III
Ó chuala mé do thásg ní fiosach damh cé'n áit,
Ar thalamh nó ar thráigh, a mbíonn tú;
Acht ag feitheamh an uile lá ar bhreitheamhnas Ríogh na
ngrást'
Tá i bhflaitheas nó i bPárrthas naomhtha.


L. 176


IV
Ó d'imthigh seisean uainn, an t-óigfhear soineannta
glan suairc,
Ar bh'ainm dó, monuar, Pádraig
Maguidhir na séad, ar dual dó bheith i gcéim
Fá choimrigh mhic Dé na ngrásta.
V
Bhí an stuaim ar a láimh, bhí an fhéile leis ón Spáinn,
Bhí oideas aige, 'gus barr múinte;
Tá a chéile-sa fá chrádh, is béidh le n-a lá,
Is a leinbh ins a' gháir chaointe.



VI
Tá do dheirbh'reacha do dhiaidh feasta anois faraoir -
Is a Mhuire! nach fíor é, a Phádraig,
Nach n-iarrfadh siad de spré nó 'shaidhbhreas an
tsaoghail,
Acht tusa le do chaoin-chomhrádhsa.



VII
Míle gus seacht gcéad, ceithre fichid sa hocht déag,
I bhfarradh an aoin d'áireamh,
Ó tháinic Sé Mac Dé le furtacht un a' tsaoghail,
Gur cailleadh é an déigh-fhear Pádraig.



VIII
Chuaidh Maguidhir óg na séad ar dhúthchas dó bheith i gcéim
Go flaitheas Mhic Dé faoi n-A chumhdach;
Acht ar mbeannacht-inne leat go síorruidhe síor ar
fad
Gus go bhfeicidh sinn ar neamh na ndúl thú.


L. 177



96 - BÁITHEADH SHEÁIN ÓIG 'IC GIOLLA CEARR.



I
Dómhnach na Páise mo chrádh 'gus mo mhilleadh,
'Sé cailleadh a' bádóir a b'fhearr a bhí againn:
Seán óg 'ac Giolla Cearr a d'fhág cráidhte na
céadtaí,
Is iomlán a cháirde ins na gártha na dhiaidh sin.
Ba tú 'n saor-adhmaid báid nó ártharach luinge
A b'fhearr dar sheasuigh riamh i dTír Bhoghaine.



II
Cé gur stuamach do lámh níorbh' fhearr duid do
chéadfaidh,
'S tú dheánfadh bád nach bhfágfaidhe in am géibhinn;
Do shamhail ní rabh le fagháil le sáir-chiall 's le féile,
Ó Shligeach thart timcheall go Tír Amhlaidh is Néifinn
Nó ar ais go hÁrainn is go Tamhnaigh Chille Carthach,
Is mo sheacht mbeannacht déag leat go héag un na
flaithis.


L. 178


III
Tá Neilsigh Ní Mhuireadhaigh ag éagcaoint 's ag géar-
ghol
Fá n-a céile breagh fearamhail bhí seasmhach in am
géibhinn;
Tá ná páisdí fá leathtrom ó cailleadh an tréan-
fhear,
Acht mo mhallacht-sa do'n charraig sin a chreapall
a' deagh-mhac.



97 - AMHRÁN MHÁLAINN.



I
Ar maidin Domhnach Cásg', go luath luath 'sa' lá,
Rinneadh an t-ár ba mhó dar cualthas,
Cailleadh an bád is an fhuireann uirthi a b'fhearr
Dá bhfaca fir nó mná 'sa' chúigidh;
Mo mhallacht-sa go deo ar an ártharach gan dóigh,
'Sí chailleanns na mórán daoine -
Na seachtar fear cródha 'rabh suairceas in a nglór,
Is nár chuir ariamh brón ar dhaoinibh.



II
A Nóra, 'mhíle grádh, chan maith liom-sa do chrádh,
Fá do aon-mhac bhí lán de'n chúram;
Chuaidh sé amach ar bhád is ní phillfidh sé go bráth,
Is a Dhia Mhóir nach áidhbhéil an nuaidheacht.


L. 179


Guidhfidh sinn go cruaidh, na hainglidh atá thuas,
Go bhfagh siad daobh go luath an flaitheas;
Ná deánadh dearmad go bráth de'n phaidir mhaith 's
de'n áibh
Agus bheara Dia na ngrást dóibh maitheamhnas.



III
'Seáin Uí Eochaidh, mo chrádh mar d'fhág tú riamh
an áit,
Is mar chuaidh tú go Málainn siar uainn;
Ba tú an t-iascaidhe a b'fheárr ó Thiolun go Port a'
Bháid,
Is tá dólás fá do bhás 'sa' tír seo.
Bhí tú 'do sheasamh i lár a' bháid is a' dorug' in do
láimh,
Is an fhairrge go láidir ag éirighe;
Na tonnaí 'teacht go hárd ar an uile thaoibh do'n
bhád,
Is níorbh' fhéidir dhuit theacht slán d'aon chaoi.



IV
Ar an uair sin de'n lá a cailleadh a' bád
Bhí muinntear Mhálainn ag dul na bhféasta;
Bhí fir is bhí mná ag reathaí ar an ált,
Is níorbh'fhéidir daobh an cás a réidhteach.
Óir d'éirigh sí go hárd, is tionntuigheadh a' bád
Ar an fhairrge a bhí sár thréanmhar;
Is cosamhail go rabh sé i ndán do'n méid a bhí ar a'
bhád
A léithid sin do bhás a fhéachaint.


L. 180


98 - BHÍ MÉ THIAR I MÁLAINN.



I
Bhí mé thiar i Málainn nuair a chuala mé an gháir
seo,
Is go luath thug mé rása go dtiginn aniar;
Go dtugainn comhairle do'n lánamhain an fhoighde do
dheánamh,
Is go bhfuigheadh siad-san sásamh i ndeireadh a
saoghail.



II
Acht ar theacht i láthair damh bhí an chómhnair ar lár
ann,
Is chosgar mo nádúir mo mhisneach 's mo chroidhe;
Bhí an crónaire Gallda ag cur tuairisg' a báis-se,
'S gan a fhios goidé 'n fáth acht ag líonadh an dlighe.



III
Nach í Maighréad a bhí cráidhte nuair chonnaic sí an
gárda
Ag cruinniughadh as gach cearn ag commóradh a inghín';
Is nach rabh plannda ins a ghárrdha ba deise ná Máire,
Gaedhealach nó Gallda dá rabh ins an tír.



IV
Nach tobann an cás tháinic ar inghín Shéamuis Á'rais
Nuair d'éirigh sí in áirde ins a' leabaidh na
suidhe,
Nach dtiubhradh an bás leath-uair amháin dí,
Go dtáinic sagart na ngrás is gur fhreasdail sé í.


L. 181


V
Nach aoibhinn do'n pháisde mar chuaidh sí go párrthas,
'S go bhfuil sí ag Máire na suidhe le n-a taoibh;
Is tá aoibhneas i bpárrthas nach bhfuil fáth a bheith
'trácht air
Is is méanra do'n lánamhain a d'oil í an inghean.



99 - NÓRA NIC GIOLLA CEARR.



I
Brón ar a' bhás is sámh a chodluighidh sí thiar
In imeall na trágh' lá breágh fada na gcian,
Gur casadh an bás do'n pháisde bhí maiseach gan fiar,
Is níor mhair sí mo chrádh, acht gan spás bhí a hanam ag
Dia.



II
'S a Nóra 'ic Giolla Cearr, ba tú 'n plannda maiseach
sa' tír,
Thug na haingle duit-se geall ins an am a rabh
d'anam-sa saor;
Béidh do cháirde 'lig feasta faoi leanndubh cumhaidh
is gruaim,
Is do mháthair gan amhras gur chaill sí amharc a súl.


L. 182


III
'S, a Nóra, cé gur b'óg thú ba mhór is ba taitn'ach do
chliú,
Ba laghach do ghlór gach ló, is ba saoitheamhail do
ghnúis;
Ní fiosach in mo eolas ar ndóighthe do shamhailt sa'
chúig',
Is ó chuaidh tú faoi fhód tá na slóighte 'sileadh na súl.



IV
Tá Cill Charthach faoi smúid le cúmhaidh mhór fhada 'do
dhéidh;
Is tá'n Caiseal faoi ghruaim gan súgradh aiteas nó
séan;
Tá sean agus óg gan sógh ag osnadh i bpéin,
Ó d'fhuadaigheadh í uainne an ainnir bhí carthannach
séimh.



V
Míle seacht gcéad, do réir seanchaidhthe atá fíor,
Ceithre fichid 's hocht déag, dar léigh lucht foghluma
's cliar,
Ó tháinic Mac Dé le haghaidh ar námhaid a thabhairt
uainn,
Go dtug Sé sa' chré úir-sgéimh a' Chaiseil le stuaim.



100 - SOITHEACH AN CHAMUIS MHÓIR.



I
Bhí Camus Binne a' seinm ceoil daobhtha,
Gus loingis faoi sheol teacht ann go dlúth:
Ó nach iomadaigh árus agus roilig ghránna
Ó sholus Árann un a' Chladaigh Mhóir.



II
Sílidh tuataigh, nár féachadh i gcruaidhtean,
Go gcuinneóchadh siad suas í ó alt sa' domhan,
Acht bhí oidhche chruaidh ann, is gaoith ó thuaidh ann,
Agus buaileadh anuas í ins a' Chamus Mhór.



III
Sé mo thrí thruaighe an té bíos ar uaigneas,
Gan gaol gualann nó bunadh na chómhair,
'S mur gcailltí acht duine aca, a Dhia nár leor sin,
Is gan a theacht i dtír aca acht beirt as scór.



IV
Bhí mé lá fá mhíle do'n tráigh
Nuair a tháinic dearthar a' stócaigh óig;
Bhí sé 'crádh-ghol fá bhruach na n-alt,
'S gur croidhe láidir nach silfeadh deor.



V
Bhí sé ag guidhe do'n Árd-Righ le himpidhe Mháire,
Naomh Pádraig, agus b'fhéidir Pól,
A choidhch' go bráth go mbéadh a intinn sásta
Dá bhfaghadh sé a chnámha le n-a gcur ar dóigh.


L. 184


VI
Má tchidh tú tráth aon-duine 'á bháthadh,
Guidh an tÁrd-Rí le n-a thabhairt i dtír,
'Gus gheobhaidh tú párdún ó shíol Éabha is Ádhmha
Gaedhealach nó Gallta is cuma do lín'.



101 - DONNCHADH Ó BAOIGHILL.
Éamonn óg Mac Niallgus a chum.



I
A Dhonnchaidh Uí Bhaoighill, sé mo léan tú 'do
luighe,
'S go bhfuil an baile seo gan chaoi ó d'éag
tú;
'S gur in aice le do chroidhe ba mhaith liom a bheith mo
luighe,
Nó go n-aithr'seóchainn 'gois íseal mo sgéal duit.


L. 185


Acht seanfhocal is fíor chluinim ag gach aon
Gurab é an fear is fearr gnaoi bheireas saoghal
leis;
Nach fearr a bheith mar tchím thú i bhflaitheas na naomh
Ná faoi chosaibh Gall faraor 'díol cíos leo.



II
Cia sheasfas in ár gcás in am troda ná in am spáirn',
'S a Rí, goidé dheánfas muid do do dhíoghbháil?
Codladh go sámh ar leabaidh chlúimh ní fhaghaim,
Acht ag osnuighil i gcos árd agus ag síor-ghul!
Cluinim fhéin an gháir ag fir agus ag mnáibh,
Is iad ag fiafruighe cá áit annseo a mbíonn tú;
'S a' ghealach a bhí bán tá sí 'nois comh dubh le smál,
'S mo mhallacht-sa ar a' bhás a bhain díom thú.



III
Chonnaiceas damh fhéin gur dhanardha an gníomh,
Nuair nach labhair tú i gcois íseal indé liom,
'S go dteachaidh mise síos ar fad go hInis Caoil
Fá Nodlaig mar bíos aoibh ar gach aoinneach;
Labhair mé go caoidheamhail leis an leic a rabh tú faoi,
Go rabh an arraing do mo chlaoidh 's do mo réabadh;
Acht creidim-sa, 's is fíor, gur bhlais tusa braon
De'n dheoch dhearmaid bhíodh ag Fiannaibh Éireann.


L. 186


102 - LOCH AOIDH.
Sinéad nic Mhaongail a chum



I
Seanfhocal a chualaidh mé,
Is a chreidfeas mé i gcómhnuidhe,
Gach aon ariamh mar oiltear é
Is an fhuiseóg ins a' mhónaidh.
Cé bith tír a rachaidh mé ann,
Nó a mbéidh mé in mo chomhnuidhe,
Béidh mo chroidhe istoigh ag bruach Loch Aoidh
I lár na sléibhte móra.



II
Tá dhá oileán ar an loch bheag seo
Comh deas is tá in Éirinn,
Bidh an lach 's an ghé is nead aca
Faoi thom-bhlath ghorm fraochlaigh;
Go mb'fheárr liom bheith ag iasgaireacht
Breac geal uirthi sa' tséasúr,
Nó bheith i gcaisleán thall i Sasanaibh
Ag na huaisle uilig ar féasta.



III
Ó'n chnoc árd glas taobh thall de'n loch
Tá 'n t-amharc aoibhinn áluinn,
Na loingeas ag teacht thar fairrge
Ó Dhoire isteach go Málainn;
Ag siubhal annsin a b'aite liom
Ó mhaidin go dtí an oidhche,
Is nach smaoi'teócha ar aon pheacadh
Leis na huain bheag' óg' ag éigmheáil.


L. 187


IV
Is iomdhaidh maidin shamhraidh ann
A d'éirigh mé i m'óige,
A dh'éisteacht leis na héanachaibh
Ag déanamh a gcuid cheoil-bhinn,
Is iad ag dul ó thom go tom
Ag eiteallaigh go ceolmhar,
'S a nguth lán bhinn fá dhuilleabhar
Is fá ghéagaibh crannaí óga.



V
Is iomdhaidh lá breágh fada annsin
A chaith mé 'r bheagán buadhartha,
Is is iomdhaidh lá breágh fada annsin
A chaith mé a' déanamh uabhair,
Ag seoladh na mbó breac amach
Fríd ghleanntáin deas na luachra,
I ndiaidh a mbeith sa' loch ó theas
Na gréine ag iarraidh fuaruidh'.



VI
Sin an áit ar oil mo mhuinntir mé
Nuair a bhí mé tréith-lag baoideach;
Sin an áit ar cuireadh a chodladh mé
Le ceoltaibh binne Gaedhilg';
Seo an áit i mbím anois i bhfad
Ar shiubhal ag déanamh uaignis,
Ag smaoi'tiughadh ar mo bhunadh 'tá
Na gcodladh ins an uaigh ghlais.


L. 188



103 - UAIGNEAS FÁ CHARAID.



I
A rí ó! ciarbh iongnadh 'á stadadh 'n féar ag fás,
Nó na gleanntáin bhreaghtha luachra bheith na
ruaidhteach thart fá n-a lár,
Gáigín da réabadh go n-éireóchadh sé 'mach as an áit,
Fá'n mháighistir a b'fhéile bhí in Éirinn, is a chúl leis go
bráth.



II
Ó d'imthigh tú, a Ghráinne, ní dheirfidh ao' nduine
leat é
Gur tusa bhí cáidheach, 's tú a dheánfadh an nigheachán
breágh;
Bhí 'n ghlaine 'n do láimh a dheánfadh an mhaith do mo
shúil,
Is dá mbíodh suaimhneas i ndán duit gur i gcúl
Gáigín a chaithfeá do shaoghal.



III
Acht gurab' é 'n Leachta Bán is comh hárd is tá sé
uaim thuas
Nó 'n Chruach Ghorm ghránna achan lá idir mé agus tú,
Rachainn-se le dáimh, a Ghráinne, chugat ar cuairt,
Is ní thiocfadh liom d'fhágáilt go bráth le sileadh na
súl.


L. 189


IV
A Rí do do shábháilt, an bás dá dtigeadh ort thiar,
Le tionntodh na lámh fríd a' Bheárna go dtabhairidh tú
'niar;
Go síntidhe do chnámha ag do cháirdibh san roilig ad
thíos,
Mar a bhfuil do shinnsear 's do bhunadh uilig 'na
luighe.



104 - MÉALA.



I
Tá 'n Cuileann faoi ghruaim ó d'imthigh sí uaim,
Cha chluintear a' chuach go héag ann;
Is uile gach cailín óg ag sileadh na ndeor,
Is ag osnaigh de ló 's de oidhche.



II
Dar a mionna 's dar a' móide nach ar dhual damh a
thabhairt.
Dar ar fhosgladh ar bórd de Bhíoblaí
B'fhearr liom mar stór í gan gamhain gan bhó
Nó aon chailleach bhuidhe chrón is na mílte.



III
A ainnir na gciabh ba deas taitne'ach do chiall,
'S gur ba samhail duit grian an fhoghmhair;
Dá mbéitheá agam ar shliabh charbhfada liom bliadhain
Gan teinidh gan bhiadh mo chomhair ann.



IV
Acht d'athruigh tú siar anois as mo righe
Is nach bpilleann tú aniar go deo deo;
Goidé 'n gar damh bheith do dhiaidh ó d'athruigh tú 'n
chiall,
Acht m'fhortún 'chur ar Righ na Glóire.


L. 190


V
Níl duine as céad a dtig leis a léigheamh
As leabhar goidé tá i ndán dó;
Acht gurab é Mac Dé thug solus do'n ghréin
Agus chruthuigh síol Éabha is Ádhmha.



VI
d'athruigh mo ghné comh dubh leis a' sméir,
Is dar beatha na naomh chan náir damh é;
Fá mo chuid-se do'n tsaoghal 'chur i dtalamh indé,
Agus mise in uaigneas fágtha.



105 - MAC BAINTREABHAIGHE MISE.



I
Mac baintreabhaighe mise as Ard-mhach
Gé nach féirrde damh é faraor,
Ná tá mé le crochadh imbárach,
De chionn is éalodh le mnaoi;
Is má chrochtar mise imbárach
Éireóchaidh mé beo aríst,
Go mbainfidh mé mo shásamh
As a hathair Maighistir Grian.


L. 191


II
D'éirigh muid-inne go luath luath
Agus ghluais muid go mall;
Thóg muid annsin ar gcuid seoltaí,
Is níor mhaith a chuaidh linn;
Casadh 'n mhaighdean mhara orainn -
Mo chreach 's mo mhíle brón -
'S gur fágadh ar a' charraig fhad' sinn
Ag mob a' bhaile mhóir.



III
Acht d'éirigh Eoghan mór Mhac Néill,
Is phrap sé ar a' luing;
Shaoilfeá gurbh' é 'n caiphtín é
Nó'n $mate a bhí ós ar gcionn.
Níl aon dlighe bhí riamh i nÉirinn
Nár sgairteadh ar ar gcionn,
Is in-aghaidh na bhfallaí fuaire
Rinneadh céad cuid de'n luing.
IV
Och sé do bheatha Mháire bhán,
Céad fáilte rómhat arís;
Théam greim do dhá láimh bhána
Is suidh 'nseo le mo thaoibh.
Ná bíodh ort buaidhreadh nó cás,
Fá'n nidh seo atáthar ag gléas;
Tá do ghrádh-sa le crochadh imbárach
Fá éalodh le rún a chléibh.



V
Gcluin sibh mise a bhuachaillí
Atá mbur gcomhnaidhe ins a' ghleann,
Dá dtigeadh sibh-se chugam-sa
Bheirfinn comhairle díbh a lán;


L. 192


An t-am is mó bhéas spéis agaibh
Éalodh dheánamh le mnaoi,
Gearraigidh 'n chroich chéasta orraibh,
Agus guidhigidh seal do'n Righ.



106 - CAOINEADH AN ATHAR ÉAMOINN
MAC MATHGHAMHNA.



I
A athair Éamoinn 'sé mo dhíombáidh do chodladh
a bheith trom,
San áit chéadna le'r mhian leat do phoball a
bheith cruinn,
Ar altóir Chríosta go míneóchá an soisgéal dúinn go
binn,
Is in Ionascaoin a bhíodh aoibhneas agus aiteas le do
linn.


L. 193


II
Maidin éasgaidh sé d'éaluigh mé go sráid Ionascaoin,
Fuair mé an sagart ins a' séipéal is chan ag léigheadh
faraor;
Bhí na bosa míne ghá ngreadadh aig na mná' ag 'ul i
scaoll,
Fá n-ar séipéal a bheith gan sagart ar shráid
Ionascaoin.



III
Tá fir is mná ag greadadh lámh is ag éagcaoin go
cruaidh;
Tá mná is páistí ins na gártha fá n-ar sagart i
gcodladh buan;
Cúradh a chroidhe ar an mbás nár fhan i bhfad uaidh,
'S gan Éamonn† bán deas †mac Árdghail Mhic
Mhathghamhna thabhairt uainn.



IV
Tiocfaidh do dhréathar Peadar is béidh fleet leis ón
Spáinn,
Fá na dhréathar dílis Éamonn a mhúsgailt ón mbás.
Char mhó an cath a bhí fá'n dTraoi ná bhéas arís ann gan
spás
Och nárbh aoibhinn do Ionascaoin an tAthair Éamonn a
thabhairt ón mbás.


L. 194


107 - 'Á mBÉINN PHÉIN I nÁIRDÍ CHUAIN.
Seán Mac Ambrois a chum.



I
'Á mbéinn phéin i nÁirdí Chuain,
In aice an tsléibhe úd tá i bhfad bhuaim,
B'annamh liom gan tol ar cuairt,
Go Gleann na gCuach Dia Domhnaigh.



Agus och och Éire 'lig is ó!
Éire, lionndubh, agus ó!
'Sé mo chroidhe atá trom 'sé brónach.
II
An iomad Nodlag a bhí mé phéin,
I mBun Abhann Duinne 's mé gan chéill
Ag iomáin ar a' tráigh bháin.
Mo chamán bán in mo dhórn liom.
Agus och och Éire, etc.



III
Nach seo a' churaidheacht atá buan,
Is ar an tsaoghal go gcuiridh sé cluain;
Mheall sé an chaora bhua'n =ón uan,
Is mheall sé uaim an óige.
Agus och och Éire, etc.


L. 195


IV
Nach tuirseach mise annseo liom péin,
Nach n-airighim guth coiligh lonnduibh nó traon',
Och is tuirseach mé annseo liom péin,
Is chan aithnighim péin an Domhnach.
Agus och och Éire, etc.



V
'Á mbeith agam péin acht coit is rámh,
Ná go n-iomarainn leis a' tsnámh,
Dúil as Dia go sroichfinn slán,
Is go bhfuighinn bás in Éirinn.
Agus och, och, Éire, etc.


L. 196


108 - A CHARAID DÍLIS.



I
A charaid dílis is beag a shaoil mé
Go sgarfá díom go rachthá ins a' chré,
Is comh liacht lá is oidhche a tháinic tú an taobh
seo,
Dar a' leóga, char mhian leat acht mar a mbéinn.
Sé do chomhrádh caoin deas a shlad mo chroidhe 'stoigh,
Is d'fhág mé choidhche faoi bhrón ró-ghéar:
Do ghean má sgaoil tú ar bheagán maoine,
Is mairg a thaobhfadh a'n fhear óg do dhéidh.



II
Sé do thriall thar sáile d'fhág faoi chrádh mé,
Is rinne tú dearmad ró-mhór do dhéidh:
d'fhág tú do leanbh beag annseo ag fann-ghul,
Agus mise i n-amhgar aige brigh gach sgéil.
Nach truagh an cás duit anois mo mharbhadh
Is comh liacht gealladh thug tú i dtús do'n chléir,
Bhain tú díom annsacht gach óigfhir cheannsa,
'S is duine gann mé, faraor, do dhéidh.



III
Nuair a théidhim-sa 'na sráide is tchím gach stáidbhean
Le n-a grádh fir ag cómhrádh ciúin,
Sé thig na fáisgthe fríd mo chnámhaibh
Le lánchorp náire fá do bheith ar shiubhal.
Dá mbéinn 'mo ráca ó d'oil mo mháthair mé,
Is gan agam áit ann a mbainfainn fúm,
Ba leor a ráidht é go ndeánfá m'fhágáil
Acht leithsgéal nó ádhbhar chan fhuair tú uaim.


L. 197


IV
Sé do thriall as Éirinn, a stór, a bhuadhair mé,
Agus ins na réagúin adaidh a mbíonn tú ann,
Ar chéasta an t-éag bheith teacht fá d'fhéachaint,
Is gan mise fhéin le deis chur ar do chionn.
Acht gheana tú bréagach uilig go léir iad
Le neart na féile tá i gcroidhe do láir;
Tógfaidh tú 'n léan le cuidiughadh Dé uaim,
Is chan fhada go mbéidh tú ag pilleadh slán.



109 - CIOTUIGH NÍ EAGHRA.



I
Tá an baile gan áird ó d'fhág mo chuideacht an
tír;
Comhnuidhe sa' lá chan fhághaim nó codladh san
oidhch'.
Innis do mo ghrádh cibé áit a bhfuil sí na suidhe,
Go bhfuil a lonndubh 'mo chrádh is a' bás ag tolladh mo
chroidhe.


L. 198


II
A Chiotuigh na séad tá mé réidh le ceileabhar ban óg,
Is glóir do Mhac Dé níl mo spéis in imirt nó in ól;
Mo mhallacht go héag do'n té a bhain díom mo stór,
Is a d'fhág mé liom fhéin gach aon oidhche sileadh na
ndeor.



III
Nuair a éirighim go luath bídh tuaim a glórthaí in mo
chionn,
Amharcaim uaim fá bhruach na tíre ad anonn,
Is tuiteann mo ghruaidh an uair nach bhfeicim í ann,
Nó thug mé grádh buan do'n stuaigh-bhean, Chiotuigh an
chúil dhuinn.



IV
Ba triopallach péacach craobhach fighte do chúl;
Ní mór nach dteachaidh mé in éag indé nuair nach
bhfaca mé thú.
'Sé mheasainn-se fhéin gurbh í réalt na maidne do
shúil,
A bhéarfadh teas ins an ghréin go séimh teacht goirm
na gcuach.



V
Bhí mise lá 'gabháil árd na malaidh ad thuas,
Casadh damh stáid-bhean is í a' gáirthighil ar thoiseach a
tsluaigh,
A dá bois tárnocht 'á bhfásgadh is 'á ngreadadh go
cruaidh,
Fá Chiotuigh Ní Eaghra a d'fhág sí i dtaisgidh san uaigh!


L. 200


110 - SEON BRÚN.



I
Tá 'n ghealach 's a' ghrian go mall ar a dtriall,
'Gus chaill siad dhá dtrian dá ndeallramh.
Tá leanbh na gcíoch na shean-duine liath,
Tá ailltreabh 'gus iasg faoi amhgar.
Och! Och! ars' an chuach, is í ar creathach le fuacht,
Ní bhíonn fhios agham cé'n uair a labhraim,
Gur fada liom uaim go bhfeicfead Seon Brún,
Go seinnfinn mo chuaichín samhraidh.


L. 201


II
Tá an t-iolar dá luadh nach dtig sé choidhch' 'nuas,
Acht go bhfanfaidh ar uaigneas gleanntaí;
Tá an eala ar a' chuan comh dubh leis a' ghual,
Is tá a cleiteacha 'nuas le fánaidh.
Crann toraidh cumhra, file breágh múinte,
Bhí an bhuaidh leis Ó Néifinn go Fánaid;
Tá na beachóga diúl a gcuid meala le cumhaidh,
Ná má cailleadh Seon Brún tá a mbás air.



III
A Chonnachta dhúra tiormuigidh bhur súile,
Tá sileadh le cúig thrí ráithe;
'Sibh a bhíodh súgach le fear file na mBrúnach
Is fear buile nach n-ólfadh a shláinte.
B'eisean bhí cliútach 'gus fial fá n-a chnúsach,
Is ba dual dó bheith éifeachtach dána.
Nuair a tháinic an ruaig ag an mhuir bhí an bhuaidh,
Is é 'g imtheacht as crúbaibh a námhad.



111 - DUINE BUAIDHEARTHA INA CHÉILL MÉ.



Is duine buaidheartha in a chéill mé le corradh agus
bliadhain,
Ó d'éag sí mo chéile a bhí carthannach fial,
A rabh pléisiúr do'n té a bhéadh na haici gan cian,
Seachas na créatúirí nach féidir leo beannughadh mar
mhian.


L. 202


II
Char mhór a' buaidhreadh dá n-éagadh a maireann dá
pór,
Is dá n-éagadh bhéadh éifeacht agam mar chóir,
Bhéadh a tréan-mhuir a' méadughadh damh ciste agus
stór,
Agus an luingeas in aoinfheacht faoi bhratóig gan
treoir.



III
Nach truagh an sgéal damh bheith treaghdtha is iad-san
a bheith beo,
'S gur liacht saor-ghníomh a ndeánfainn le imirt mo
mheór,
Sgríobhfainn Gaedhilg ar éifeacht agus chumfainn go
leor,
'S nach crádh a chéim mé bheith 'mbuaidhreadh ag aicme
dá seóirt.



112 - CUMHA NA MÁTHARA FÁ'N LEANBH.



I
Nach mairg damh i d'éis,
A leanbáin na gcraobh,
Nach ndeachas féin ar teicheadh leat,
A leanbáin mo chléibh,
Nuair a tháinic siad go ndígh,
Nár nochtas dóibh mo chlí,
I ndúil 's go maothfainn iad,
A leanbáin mo chléibh.


L. 203


II
Bhí aoibh ort le do náimhdibh,
A leanbáin na gcraobh;
Bhí aoibh ort le do mháthairín,
A leanbáin mo chléibh.
Is cumhan liom do gháire,
Nuair a stiall siad ó mo lámhaibh thú.
d'aimhdheóin do gheal-cháil-se,
A leanbáin mo chléibh.



III
Cá ndeachaidh siad ar gcáirde,
A leanbáin na gcraobh?
Táid 'na luighe gan áird, och,
A leanbáin mo chléibh -
Táid uile ins an uaigh,
Na curaidh chalma chruaidhe,
A dhéanfadh ár ar a' tsluagh úd,
A leanbáin mo chléibh.



IV
Tholl siad do lár-sa,
A leanbáin na gcraobh!
Is tusa in mo lámhaibh,
A leanbáin mo chléibh.
Do ghoin siad mo chlí,
Óir dochuaidh an gath go ndigh,
Is do ling fuil mo chroidhe,
A leanbáin mo chléibh.



V
Rochonncas do dhaor-phian,
A leanbáin na gcraobh,
Is ní aithrisim mo chian-sa,
A leanbáin mo chléibh.
Ro throid mise leo,
Níor suim liom mé bheith beo,
Thoghfainn bás sa ngleo,
A leanbáin mo chléibh.


L. 204


VI
Cheangail siad le crann mé,
A leanbáin na gcraobh,
Go bhfeicfinn-se d'an-chruth,
A leanbáin mo chléibh.
Bhí tú ar bharr a' phíce,
Is chuala mé do chian-ghol,
Och réab sin mo chroidhe-se,
A leanbáin mo chléibh.



113 - CAISLEÁN DHÚIN MATHGHAMHAIN.



I
Mo dheóigh! is gruama bhuaileas cluig gach tráth,
'S is trom an uaill-ghuth a bhuaidhreas inn gach lá,
Meadhair nó suaimhneas ní dual dhúinn feasta fhagháil,
Ó leagadh ar gcuaine níl fuasgailt dúinn ón mbás.


L. 205


II
A inghean gan rath, nach leat-sa rinneadh an fheall;
Do lústrán cealgach meangach 'dtugais geall
Ar an tsagart gan mhairg gan cheilg 's ar phoball gan
chlí,
Ar d'athair 's do mháthair an airigheas súgh a cíoch.



III
Is ocht liom féin do thréartha a sgríobhadh síos,
'S is ocht liom féin gan aon chum díoghail ar n-íoc;
An Pluinnceada séimh, nár thréig na Gaedheil ar
maoin,
Faoi dhubh-reacht, mo léan, is is faon ar gcine nár
chlaoin.



IV
A Thoinlig Bhuidhe, an croidhe mar Pharaoh cruaidh,
Nach mór an gníomh a rinneadh ar mhaoth-ghin bhuaidh,
Gur mheallais í chum síor-ár chur ar an tsluagh:
Ó Shacsanaigh chlí, tá do ghníomhtha sgríobhtha thuas.



V
Féachaidh, a cháirde, an t-ár do críochnughadh leo,
An chine gan ghrás a ghnáthuigheas síor-chur gleo;
Nar chogail do dháimh na mná do phroinn a croidhe,
Ar do ghealltaibh tlátha, mo chrádh, a Thoinligh Bhuidhe.



VI
A Dhúin Mathghamhain anocht - is ocht é le n-a rádh -
Gur b'iomdha fras go pras fá d'shíor-chur áir,
Síor-shileadh na rosg gan chosg, is truagh dochidh,
's a Bhaltaraigh chóir tá deora trom fá d' luighe.



VII
Trí chéad 's a naoi gan chlaon do thionól ann
Do dhaoinibh bhí gan mhian gan chluain nó meang;
Do cailleadh go léir 's a' cléireach cóir mar aon,
Tré mheang is sgléip na clé-mhná tá go faon.


L. 206


VIII
Nár thathuigh neach fá'n loch ar thabhuigheadh an fheall,
Is críoch do chineadh bheith meaithte síos gan gheall;
A Thoinligh chlaoin d'fhaonaigh sinn d'ár gcáirdibh,
Le cnáib cruaidh caol go sraontar tusa 'n áirde.


L. 207


114 - MAIRGNE PHÁDRAIG FLÉIMIONN.



I
Ó éirigidh a mhná ó gach áird d'Éirinn,
Agus teannaigidh mur bpáirt gan spás le chéile,
Greadaigidh mur lámha ins na gárthaibh géara,
Nó go nguilfe sibh an bás sin Phádraig Fléimionn:
Is och, ochón!



II
A Phádraig Fléimionn, a chroidhe na húire,
A mhic Shéamuis an tSidheann 's a oighre na dúithche,
Gan chlaidheamh, gan phiostal, nó urchar pughdair,
A bhainfeadh urraim as Gallaibh, nó bata dá rúsgadh -
Is och, ochón!



III
Cha dtéidhim fhéin go Míoscais imbárach,
Go toigh Chuinn Fhada mar ndeárnadh an t-ár úd;
Fliuchadh gunnaí is tarraingeadh lámhach,
Is an curadh bhí tréan sé mo léan thú, a Phádraig,
Is och, ochón!



IV
I Míoscais fhéin a rinneadh an ró-ghoin,
Cuireadh seacht gcionn i gcliabh na mónadh,
Is na corpa geala 'chóir a bheith i gcómhraidhibh
Na luighe san díoga ó Dhia'rdaoin go Domhnach -
Is och, ochón!


L. 208


V
A Mháire Ní Néill, is trom do chodladh,
Is Pádraig Fléimionn i ndéis a pholladh
Aige na bodaigh nár ghabh baisteadh,
Aniar ó Bhaile Áth Fhirdiaidh na feille -
Is och, ochón!



VI
Dá bhfeictheá-sa Máire ghabháil in éadan an tsléibhe,
Agus deoracha alluis le n-a héadan,
Chuirfeadh sí truaighe ar mhnáibh na hÉireann,
'Sí ag teacht go tórramh Phádraig Fléimionn -
Is och, ochón!



VII
Nuair a chuaidh sí suas ar choiscéim staighre,
Cia thárla uirthi acht Pádraig Fléimionn;
Phóg sí a lámha, ní bhfuair sí a bhéilín,
Acht colann gan chionn, is ba mhór an sgéal sin -
Is och, ochón!



VIII
A Phádraig Fléimionn, ó d'éag tú, a churaidh,
Dheánfainn féin do sháith de chulaidh,
Síoda go bróig agus sról go huillin,
A ghaoil na nIarla aniar ó Lonnduin -
Is och, ochón!



IX
A Phádraig Fléimionn na gruaige báine,
Sé mo chreach ghéar nach dteachaidh tú thar sáile
Chun na Frainnce, le treise do láimhe,
Nó 'congnamh cogaidh le Rí na Spáinne -
Is och, ochón!


L. 209


X
Tá gean agam fhéin ar Dhia 's ar Mhuire,
'S ar na cethire feara déag de na ceithearnaigh
choille,
'S ar Phádraig Fléimionn na gruaige gile -
Dar ghnáth leaba glas-luachra i mbruach gach coille -
Is och, ochón!
XI
A Phádraig Fléimionn, ba mhór an duine thú,
Shaoileas fhéin gur marcach mire thú,
Ba claidheamh óir i ndórn gach duine thú,
Is is mór a' beárna ar a' cheitheirn choille thú -
Is och, ochón!



XII
Is mór an sgéal 's is mór an béad é,
Nach fá 'n bhradghail a chuaidh 'um a' tsléibhe,
Gar-ghaol na n-iarla, Pádraig Fléimionn,
Acht fá sgríobhadh párdún triúir de n-a Gaedhealaibh -
Is och, ochón!



XIII
Tá Baile Átha Fhirdhiaidh faoi eachraidh bána,
Is inghean an Phiobaraigh ag foghluim lámhaigh;
Is tá sé thuas ar pháipéaraibh bána -
"Pádraig Fléimionn ag iarraidh phárdúin" -
Is och, ochón!



XIV
A Phiobarnaigh lúbaraigh, a bhodaigh gan eolas,
Is cosamhail nach sa tír so rugadh nó tógadh thú;
Do leith-cheann muice ar bheagán guaire,
Is nár fá fada go bhfeicfear an ruaig ort -
Is och, ochón!


L. 210


XV
A Phiobaraigh liobaraigh lochtaigh bhréagaigh,
Cá bhfuil na ribíní nó na péarlaí?
Cár ghabh na síodaí daoire gréagach?
Is na fáinní óir a bhí ar a mhéaraibh?
Is och, ochón!



XVI
Go mba seacht ba mheasa i gcionn na bliadhna
A bhéas Caiptín Colla is Conn Fada na n-iarna,
Agus Caitrín ghearr, ó's í rinne a díoghbháil -
Chuir an t-uisge i ngunnaibh an mharcaigh fhialmhair -
Is och, ochón!



XVII
Ar ionad an áir bíodh trom-shruth an-rath,
Áit ar threasgar curaidh le ain-cheart,
Is nár thigidh na dhiaidh sin gort nó arbhar,
Nó fiú féar óg a d'íosfadh gamhna -
Is och, ochón!


L. 212


115 - MARBHNA BHRIAIN MHIC COLLA
MHIC MHATHGHAMHNA.



I
Trom na gártha seo do Leith Chuinn,
Foillsighthear dhúinne sgéala fíor,
An uaill-ghul fear ar árdaibh cnoc,
Cá h-ár anocht a thárlaidh dhíbh?


L. 213


II
Tar gach olc dá dtáinic ariamh,
Thoir is thiar in Inis Flainn,
Dorug barr urbhuidhe gan fhios
An urbhuidh 'nois do thárla linn.



III
Bás mhic Colla in Áth Cliath -
Samhail Fhirdiaidh na gcolg trom -
Thug trom-ghártha in gach múr,
Agus frasa súl Ultach oll.



IV
Goin gan íce casgair Bhriain,
Do baineadh ciall do choimhighthigh éacht,
Ar n-éag bhuaidh-bhile Mhuighe Rois,
Slán anois le corcrach créacht.



V
Slán feasta le pronnadh óir,
Le caismir ceóil, le caismirt áigh,
Ar n-éag fhionn-chrann Cholla Uais
Slán uaim le cabhrughadh cáich.



VI
Ní hiongnadh trom-ghul a bheith fá Bhrian,
Fear ó ghliadh nach ngabhadh sgís;
Iar dteastadh Bhriain na dtreas dteann,
Is colann gan cheann an clár so Ír.



VII
Budh deacair coimh-mheas fhagháil le Brian†
Árd-†mhac Colla na sgiath ndearg,
Gnáthach uime na laocha nglonn',
Fianna trom' budh fíochmhar fearg.


L. 214


VIII
B'iomdha sin ar theaghlach Bhriain -
An fear nár iarr cródh le ceilg -
Óg-bhaidh áluinn budh séimh gnúis,
Mar ghasraidh Dhúin an Halla Dheirg.



IX
B'iomdha ríoghan go n-earradh nuadh
Ar halla Bhriain na ruagh dteann
I mbrataibh n-iongnadh gréas nuadhchair,
'S gach deilbh n-uathmhar mbeathach ann.



X
Do b'iomdha cathbharr b'iomdha sgiath
I múrthaibh Bhriain na srian slim;
Colg nimhe ar a mbíodh gráin
Is craoiseach áigh fó rinn-ghéar rinn.



XI
Do b'iomdha lúireach dhrithleach dhlúth,
Do b'iomdha cú, do b'iomdha each,
Iomdha féinidh do bhriseadh ruaig,
Do b'iomdha tuagh, do b'iomdha gath.



XII
Do b'iomdha claidheamh i mbeartaibh óir,
B'iomdha sról dá chur le crann,
I dtimcheall mhílidh Mhuighe Rois,
Is deallradh luis le rinnibh rann.



XIII
Do b'iomdha bléidhe corn is cuach
Go gclochaibh mbuadha na dtíortha thoir
San mbrugh shuaithnidh in a mbíodh Brian -
Fíon is iasg is méadh is mil.


L. 215


XIV
Do b'iomdha file is fáidh le fios
Ag triall do'n lios a bhfaghthaoi a riar,
'S gan aon neach gé líonmhar dhóibh
Gan each is ór ar ais ó Bhrian.



XV
Ba haoibhinn fós ag éisteacht ceóil
I múrthaibh Bhriain na gcorn slim;
Do b'iomdha ainnir go gcóirbh gcaomh
Dá bhfreastal ann thiar is thoir.



XVI
Dochluintí arís ar uairibh ann
Freastal na n-arm nimhneach nocht;
Caismirt iorghail triall gach áigh,
Gáir na mbárd is gáir na stoc.



XVII
Brian Bóirmhe is Brian an Dúin -
Dhá rí nachar dhiúlt do ghliadh -
Níorbh' aithin damh ag fear do'n dís
Barr i mbrígh ar bheartaibh Bhriain.



XVIII
A bheith na ndéidh is damhna bróin,
Beárna slóigh is mbuidhean mbreas;
Corp snuadh-gheal nár ghile an ghéis,
Gach súil dá éis ag fearthainn fras.



XIX
Teanchuir teandál' gcraosach ngéar,
Muir fó thréan ag toirneamh neart,
Fear mar Mhogh Nuadhat na dtolg,
Trom a cholg ag ciorrbhughadh creat.


L. 216


XX
Órd urlaidhe fó deirge droil
Le hucht bíodhbhadh nach ngabhadh tocht;
Tor barr-throm fá shéimhe mheas,
Éire feasta gan fál dá cosg.



XXI
Seabhac siubhlach Sléibhe Bhréagh,
Marcach na ngréadh n-aibhseach n-árd;
Bos bharr-leabhar le sgaoiltí ór,
Cumhdach na n-órd, is beatha na mbárd.



XXII
Oide gaisgidhigh do b'fhearr iúl,
Croidhe go húr fá n-uile spré,
Comhla dhian ag múchadh truim,
Nachar chuir suim san gcruinne ché.



XXIII
A sgolta Banba ó thír go tír,
Innsim dhíbh má ghlacaidh ciall
Go bhfuil bhur gcíos dleachta gach uair,
Ar ndol in uaigh anocht le Brian.



XXIV
Samhail Bhriain le tuile teann
Ag corcradh lann i gcneasaibh dúr;
Samhail Bhriain le leanbhán ann
Ar bhfaicsint fann ag sileadh súl.



XXV
Samhail Bhriain le Conn na gcath
Ag triall amach ag deargadh áir;
Samhail Bhriain le macaoimh maoth
Ar bhfaicsint naomh nó breallán báird.


L. 217


XXVI
Samhail Bhriain le Conn na srian
Ag gabháil giall i gcríochaibh Gréag;
Samhail Bhriain ar thoirbhirt lámh
Le Guaire an áigh ag bronnadh séad.



XXVII
Samhail Bhriain ní fhaicfear feasta -
Ag sin a theist fán gcruinne ché;
Stuagh iomlán nár léar a locht,
Is iomdha 'nocht a chaoineas é.



XXVIII
Oidhe Bhriain ar ndol ós árd -
Ní hiongnadh cách dhóibh ceann go crom
I gclár threabh-ghlan thíre Néill;
A bheith na dhéidh is tuirseach trom.



XXIX
Brian Mhac Colla ar ndol i gcré
Ag so díbh a ré go fíor -
Míle bliadhain agus sé chéad
Dhá cheathrachadh go léir sa naoi.


L. 218


116 - MARBHNADH BHRIAIN MHIC MHATHGHAMHNA.



Is mór an béad do'n éag mar bhuail sé
An mílidh tréan de fhréimh na huaisle -
Brian d'ar ghéill gach céadfaidh b'uachtraighe
Mac Phádraig Mhic Rois, nár chuir meas i n-uabhar;
Cia nach mór a d'fhág le rádh níos uallaighe,
Uaithneadha gan sgáth mar shár-Chú Chuailnge,
Nó mar ruaimnigheadh Ajax tráth ag tuairgin
Le buan-neart lámh gan ghráin gan uathbhas.
Acht cé mín do shíneadh uadh san,
Gan áthas gan fhíoch gan daoine d'fuagradh,
Acht le freachnadh na ngníomh ba chaoimhe cuaisne;
Do bharraigh ar sgéimh 's ar mhéid ar shlóighte,
Crann as coill nár thim an gruagach,
A raibh an sonas dó 'ndán ó d'fhás ar uaithne;
Fial-chrobh árd do bhláth na n-uasal,
Do na Mathghamhna b'áille i bpáirt Aodh' Ruaidh é,
Do shliocht ríogh Fearnmhaighe bláith-ghil buadhaigh,
d'fhuil Cholla na n-árd-sgiath láimh-ghliadh luaimneach,
Go Teamhair a d'fhás ó'n Spáinn ar chuantaí.


L. 219


Do b'iomdha sin árd-rí a dtáinic uathfa,
An mac so nár náir dó 'bpáirt mar ghuailnibh,
A raibh cruinniughadh na mbláth agus táin an nuadh-ghris
Ó n-a bhrollach go trácht 's i lár a ghruaidhe;
A bhall na meas fuair leas gan truailliughadh,
Thug uaidh gan toisg gan leisg na n-uallach;
Fear dealbhach leanbach greannmhar gruadh-ghlan,
Sceallán na scol gan chol gan duadh-ghníomh,
Le a dtarraingtí an peann gan teann ar stuaghaibh;
An fear a raibh a mhéin i gcéill mar Ghuaire,
Le teasgrádh Dé 's le déirc a fuasgladh,
Do bhochtaibh gan spré le méadughadh n-ualaigh,
'S ní tuirse nó léan acht i gcéimne subhailce.
Fear forasta tréan, fear déad-gheal dualach,
Fear a chuir spéis i méadughadh duaine,
Fear dó nach léir gach aon nidh suarach,
Fear glac-leabhar géag-glan Gaedhealach snuadh-gheal,
Fear nachar bhéas dó aon-tráth gruamdhacht,
Le gliocas gan claon a mhéadughadh i bhfuairse.
Sé deimhin an sgéil do réir mar chualas,
Nár thathuigh sé biadhtughadh riamh i n-uaigneas;
Ní raibh ruire nó triath nó iarla ó Thuath-Mhumhain
Nó ó chathair Átha Cliath go Ciarraighe Luachra,
Nó ó sin aniar go dian-sruth Tuaithe,
Nach raibh a dhíol san bhfial do ghuaillidhe.
An buinneán nach críon do shíol na dtuairgnidhe,
Do shliocht Cholla dá Chríoch chuir a ghníomh tar cuantaí,
Bhí go follus i ngaol le ríoghraidh Chruachna,
'S le hárd-righ armach Alban uaibhrigh;
Gach duine da'r léigh ar Ghaedhealaibh uaisle,
Is follus dó an sgéal-sa déanta uathfa.
Do thaobh a mháthara go dearbh go mba dual dó,
Oineach is árd-ghníomh is cách a d'fhuasgladh,
Gan time nó tlás le náimhde 'nguasacht,
'S a bheith carthannach sáimh le dáimh go duaismhear,
Gach duine leo i ngrádh 's gan fagháil ar fhuath dhóibh,
Ó Chonn Mac Bhriain óig a bhí an t-eolas buan leis.
Tá Colla faoi smól i ngleo na gruamdhacht',
Is Mac Rois aige dórtadh a dheóir an uairse,
Fá n-a mhac dhul dá róimh faoi fhód na huaighe;


L. 220


Agus Rudhraighe dá dhóthadh i mbeo-ghris ghualaigh,
Fá n-a dhearbhrathair eolgach, beodhach, buadhach,
Bheith feasta gan sgith dá dhith go huaigneach,
Gan chomhairleach caoimh gan dídean uadh-san.
Acht tiocfaidh dá ghníomh an Rí tá n-uachtar,
Na leanbhan-se ó Bhrian dá iarsma cuaine,
Go nglacfadh leo an séan 'a réir mar 'a dual dóibh,
'S go mbéidis i gcéim 'na ngéagan uaisle.
Tá bain-chéile an tréin-se ag tréigin a gruaige,
A glaca 's a méir araon dá mbualadh,
'S a ruisg ag déarchaoi ar ghné na truaighe.
'S ní gan ádhbhar atá sí ag nuadh-ghul
Fá'n tsaoi do dháileadh fá'n chlár gan truailleadh,
Na fíontaí b'fhearr fá'n tsráid 'na ngluaisfeadh,
'S gach beoir ba ghnáth ar fagháil i gcuachaibh,
Gan easbhaidh san dáil acht lán go bruachaibh,
Mar ba fogus síol Néill dó, Raghallaigh, is Ruaircigh,
Is gach aicme do Ghaedhealaibh an tréan-taoibh thuadh-sa,
Ceangailte dá fhréimh 's i ngaol anuas leis;
Acht is deimhin a bheith i ngéibhinn an éaga monuar é,
'S nach léigeann sé aoin-neach do'n réim sin uadha,
Nó go gcruinnighid le chéile chum an tsléibhe go Luanbhreith.
Beannacht na cléire, na n-éigse, 'sna n-uasal,
Dá leasughadh gan léan ag méadughadh suain dó.



Annalach:
Muin, duir, is dá choll, do bhliadhnaibh ríomhthar go
lán-oll,
Is tríochad do réir na scol mar áirmheadh sonn gan
dócamhail
Ó thuismeadh Chríost go Brian adhlacadh san uaigh - mo
chian.


L. 222


Giota
Fear a fuair bás, agus bhí a bhean ag caoineadh. Rinne a
dheirbhshiúr gáire. Dubhairt an bhaintreabhach:



A bhean úd thall a rinne an gáire,
Ba bheag an t-iongnadh liom dá mbéitheá cráidhte;
Gheobhaidh mise céile eile má bhím-sa críonna,
Acht deartháir eile chan fhaghann tusa 'choidhche.


L. 225


117 - BEIRT BHÉAL-FEIRSDEACH.
Aodh Mac Domhnaill cct.



I
I mBéal Feirsde chois cuain ag bruach na fairge,
Tá beirt daoine uaisle tá stuama meanmnach,
Bhfuil a gcroidhe mar Ghuaire le suairceas is
carthannacht,
Hó, ró, go raibh Dia leo go deoidh!
II
'Sé 's ainm do'n dís seo Laoghaire 'gus Somhairle,
Mac na Duibhe an saoi, is an Bríseach flaitheamhail,
Bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh 'na gcuis-
leannaibh,
Hó, ró, is buaidh go raibh leo!



III
Tháinic mé 'r cuairt, i ruaig, 's níorbh'annamh liom,
Do fhéachaint na ngruagach bhí subhailceach taitneamhach,
Sé fuair mé 'na suidhe iad ag míniughadh starthacha,
Hó, ró, nár bhainidh dóibh gleo!



IV
Tharraing Somhairle a phíopa air, bhí fídeogach fad-
chosach,
Agus chuaidh sé dá líonadh de'n nidh úd a b'aite leis,
De luibh na mban-sidhe a bheir íce do chailleachaibh
Hó, ró, 's nach leis a bhí'n ró!


L. 226


V
Ghlac mise saéite a mhéadughadh na cuideachta,
Is líon mé mo dhúidín ghá dhiúrnadh i n-aice leo,
'S go saoilfeá gur Francaigh bhí 'gCuan Charraig
Feargasa,
Hó, ró, nuair a d'éirigh an ceo!



VI
Thoisigh na píopaí dá líonadh ar ath-bhouta,
Leis an mhaicní uasal, gan ghruaim gan tarcuisne,
Agus chaith sinn an oidhche sin gur ghlaoidh na coiligh
'lig,
Hó, ró, sin deireadh mo cheóil!



118 - AISLING AOIDH MHIC DHÓMHNAILL.



Ar mbeith damh aréir 'mo luighe,
Go hatuirseach 's mé gan bhrígh,
Eadar Loch Éirne 's Bealach an Doire,
Is Oileán† an tsein-†mhic Aoidh.



Sé tháinic sí'n spéar go dtí
Mo leabaidh gan bhréig 'san oidhch',
Is dubhairt sí liom éirghe feasta ó mo néaltaibh,
Is gabhail léith' fhéin mar mhnaoi.


L. 227


Thionntuigh mé ar mo chlí,
Go bhfeicinn goidé mar bhí;
Sé chonnairc mé 'n spéir-bhean gheanmnaidhe dhéid-
gheal,
Mhasgalach chéillidhe chaoin.



Mar sgeallan de réim na ríogh,
Nó bean-dia i gcló sé bhí,
A folt fada craobhach feamainneach sgiamhach,
Ag sgabadh go féar le gaoith.



Ba chosamhail le hór gach dlaoidh
'S í ag casadh go cóipeach buidhe,
Is gach clannóg go bróig dí ag lonnradh mar lóchrann
Soluis ar chóirnéil toighe.



Bhí a leaca mar rósa righ,
'S a' sneachta ag dórtadh faoi,
Is a dearca mar réalta siocáin na spéire
Ag imtheacht i sgeóin le gaoith.



Bhí a mailidh, a déid, 's a píob,
Mar lile, nó an ghéis ar taoid,
A mama 's a taobh ba ghile ná an t-aol,
Ná an eala tráth bhéadh dá nighe.



Ba chosamhail a méar-chrobh maoth,
A dreachta 's a béilín caoin,
A cuma bhí caol, mar haithristear sgéal,
Le dealbh na gcaor ar chraoibh,



Bhí thuilleadh gan ghó san mhnaoi,
Do mhearaigh 's do bhreoidh mo chroidhe -
A coisbeáiní spéireamhail aigeanta aereach
Ag taisteal gach taoibh do'n chrích.



Annsin thug mé léim go dtí
An ainnir chiúin chéillidhe mhaoith
Acht d'imthigh sí an spéirbhean amhail gath gréine,
A ndruidfeadh na néalta faoi.


L. 228


Tráth mheas mé gur néamhainn í,
Is nach bhfuighinn í go héag mar mhnaoi,
Sé chuir mé mo léine tharm mar éideadh,
Is d'imthigh 'na déidh san tslighe.



Shiubhail mé liom fhéin gan sgíth,
Go rabh mé ag taoibh Cluain Aoidh,
Mullaigh Rath Méidhbhe is Fuirceall na Cléire,
Sligeach, is go taoibh Chluain Fraoich.



Thart le Cruach Phádraig síos,
Go Biorra is go barr Shliabh Buidhe,
Síos cois na sáile go Boirinn 's go hÁrainn,
'S mé ag imtheacht ar bharr na gaoith'.



Shiubhail mé gach ráth 's gach bruidhin
Gan fasgadh nó sgáth ó'n tsíon,
Acht aibid bheag bhán a rinnidh na mná,
De anairt as lár an lín.



Shiubhal mé le bruach Loch nÉachach,
An Bhanna 's go Dún Uí Néill,
Ó sin ins na ruaigí go h-Easa Aoidh Ruaidh,
An turus le'r bhuaidhigh mé.



Ba tearc is ba tréith-lag faon,
Is gan duine 'mo ghaol 'na shuidhe,
Mar ghiolla gan áird i leath-taoibh na sráid',
Is me gointe le marthlach sidhe.



Níorbh' fhada an cháirde a bhí,
Go dtáinic sin láimh liom draoi,
De chineal na mbárd a chleacht a bheith i stát,
Inallód aige Ath an tSidhe.



Tháinic an liaigh 'san tslighe,
'Mo choinne le mo bhéal a nighe
Le gloine gan bhréig as tobar na héigse,
A dheisiughadh mo chiall is mo bhrígh.


L. 229


Sé is ainm do ghnáth do'n tsaoi
A chas orm fá'n tráth sin d'oidhch' -
Pádraig Ó hUigín soineannta saoitheamhail,
A d'fhreagair mo chás gan sgíth.



Chuaidh muid le chéile araon,
Is d'ól sinn ar ndóthain dighe
De'n bhiotáille b'fhearr dá raibh ins a' tábhairne -
Mé féin agus Pádraig caoimh.



Nuair a léig mise an braon sin síos,
Is fhliuch mé mo bhéal is mo chroidhe,
Arsa mise liom fhéin, "ní leanfad go héag í,
Má bhíom-sa gan chéile choidhch'.



Dubhairt Pádraig go céillidhe maoth,
"Is mithid duit éirighe, a Aoidh,
Is sgur de na mnáibh feasta go bráth"
Ag sin agaibh m'áirneál oidhch'.



119 - AISLING PHEADAIR UÍ BHRAONÁIN.



Le tuitim na hoidhche dul thríd na sluaightibh
Chonnaic mé síogaidhe ar chaol-each luaimneach,
Thuirling síos agus chaoin go cruaidh ann,
Lag gan bhrígh, is b'é díth gach truaigh' é.
Sé dubhairt sé go fíor, is ba chaoin gach uaill uaidh:
An bhfeicfidh mé choidhche thíos nó thuas í
An ríoghan áluinn chaoimheamhail stuama?
Mheall sí mé le béal a' tsuaircis,


L. 230


I dtosach mo shaoghail is mé 'mo bhuachaill;
Badh acfuinneach réidh mo léim 's mo chruaidh-neart,
'S gan curadh 'á thréine nach dtabhrfainn buaidh air,
Nó go dtáinig fá mo dhéin péarla na huaisle,
Ó aice na féile 's ó fhréamh-cheart Chruachán:
Is tuirseach mé 's is baoghal gur buan damh,
Mar Chonall na n-éacht bhí tréan un buailte,
Tráth fuaduigheadh a chéile agus é na shuan uaith';
An uair a dhúisigh sé níor chlaon don uair sin,
Níor fhan le sgéalaibh ón té úd chualaidh,
Nó gur lean sé 'n chraobh thríd gach céim ba chruaidhe.
Is mar siúd táim féin gan sgéal gan tuairisg,
'Siubhal na gcreag gan mheas gan tsuairceas,
Caitheamh mo shaoghail go híseal gruama,
Fá'n spéir-dheis bhreasnaidhe theastuigh uaim-se.
Cibé thug leis ó dheas nó ó thuaidh í,
d'fhág sé gan caoimhtheach go dtí Lá 'n Luain mé.
B'í 'n ríoghan óg de phór na huaisle í,
Is a cuid fuilt óir go bróig léi ag sguabadh,
'S ag casadh aníos arís na gcuachachaibh;
Badh gheal a bráighe, bhí deallramh ina gruaidh,
Ar aisde an rósa bíos 'gcómhnuidhe buan-lasta.
Thug sí 'n chraobh is áilne 's eabhardha anuas léith',
Ar a dtáinig de mhnáibh ó Ádhamh, nó dar luadhaim,
Le gach de bharr gan tláith gan fuaradh,
Le méin 's le cáil, le breaghacht, 's le buaidhe,
Ó mhullach go lár, is i gclár a héadain,
Béal tanaidh ciúin ba bhinne ná téada:
Ba fhogus a gaol do na rightibh céadna
Fuair ceannphort gach bruighin i gcríochaibh Éireann,
Fearanntaí saor' is cíos a' géilleadh,
Ar fad go dtí an díbirt déighionnach
Thug Diarmaid le Gaill ar phrionnsaibh Gaedhealach'."



Dar liomsa gur stuama thug sé anuas gach sgéal leis,
Is dhruid mé leis suas, b'é truaighe an tsaoghail é -
"A dhuine bhoicht shuaithte ghruama bhuaidheartha,
Bain thusa do dhúil de chúil na bpéarla,
Tá sí lán aoibhnis ag Sidh na Céise,
Ar láimh le Gruagach suaimhneach tréitheach."


L. 231


"Nach mise an milltean 's mé ar buile 'na diaidh san,
Shiubhail mé an Bhanna 's shiubhail mé an Éirne,
Thart go Sliabh gCuilinn is ó sin go Binn Éadain,
Ar ais go Dún-binne mar hoileadh mé féin ann;
Is ó Dhún Áine go dtí barr Sliabh Bladhma,
Chan fhuair mé teastas nó faisnéis sgéil uaithe,
Nó go dtí'n moimid so dar aithris tú féin é."



"Tabhair dúinn fios d'ainm', a dhuine tá i ngéibhionn,
Mur b'olc leis an uaisle dar ghluais tú ó fhréamh
uaibh,
A bheith do do luadh thríd duantaibh nó bhéarsaibh,
Agus deanamuinn suas le slighe Cnuic Mhéidhbhe,
Nó go dtiubhramuinn a' stuagh-bhean ón Ghruagach
béilbhinn,
Agus feasta le cluain ná leig uait 'na dhiaidh sin."



"Peadar Ó Braonáin, is fíor mar luaidhtear,
An t-ainm saoghalta thug ingean Righ Chruachán
Damhsa le haoibh nuair a bhí muinn a' súgradh,
Mé fhéin 's mo stór gan ghleo gan uaigneas."



Sgríobh sé litir is bhí ainm mar shéala air,
Chuig na fearaibh nár chreathnuigh 'n-am éachta;
Ghléas siad an eachraidh 's a lanna le faobhar,
Nó go dtug siad a stór geal ón Ghruagach chéadna,
Go dtí 'n áit in ar fhág sí fhéin é,
Mar an eala ar a' tsnámh ag tráigh Loch Laoghrann.



"Céad míle fáilte romhat, a chló na sgéimhe,
A choinneal gan smál mar dheallramh gréine;
Sgéal deimhin nach iongnadh do mo chroidhe bheith
tréith-lag,
Le bliadhain is barr atáim 'do dhiaidh-sa;
Is agam-sa gheobhair aoibhneas maoin is éadáil,
Is liom go deimhin is ní cheilim ar aon é,
A bhfuil ó Chruachán an Aí go Coill Bhán na gcraobh
glas.


L. 232


120 - AISLING DOCHONNAIRC MÉ 'RÉIR.



I
Aisling dochonnairc mé 'réir ar leabaidh 'gus
mé mo luighe,
Mar thiocfadh sí chugam 'na haon - ainnir an chraobh-
fhuilt bhuidhe;
Bhí a gruaidh ar lasadh mar chaor, agus deallramh
ón ngréin 'na gnaoi.
'S nár thruagh sin m'asdar i gcéin is mé pilleadh liom
féin arís.



II
Níor fhanas le comhairle ó aon nó gur leanas an
péarla mná,
Thríd an Dubh-bhaile go géar 's 'un a' ghleanna le
taobh an locháin,
Amach thar mhullach na Maoile, 's a' bealach úd síos
Cluain-áird,
'S go rabh mé ar uair an mheadhon-oidhche leigin mo
sgíth' i nDroichead Áth'.


L. 233


III
An tráth do leigeas mo sgíth chuaidh mise de sgríob
fán tsráid,
Agus casadh ag doras an toighe mé a mbíonn leann
racach dá dhíol de ghnáth;
d'éirigh an chailleach dhubh bhuidhe agus d'fhiafraigh sí
díom ós árd -
"Goidé 'n tír nó 'n talamh na mbíonn tú, nó'n ar
mire dobhíonn de ghnáth?"



IV
Is fada le n-aithris mo sgéal ag duine gan chéill mar
táim,
Is a charaid ná fulaing mé 'bpéin, 's tabhair deoch
chugam féin gan spás.
Do líon sí a canna go béal 's a Mhuire ba hé an lionn
daor,
Is d'ólamar naoi gcarta dhéag i gcuideachta a
chéile araon.



V
"Come pay the reckoning," says she, "'s is
mithid liom luighe i dtrást',
Agus aithnighim ar choileach an toighe nach fada go
n-éireochaidh 'n lá."
"Más é sin an faisiún," arsa mise, "bhíos agaibh
sa' tír seo de ghnáth,
Dar malaise, a charaid mo chroidhe, ní fhuil agam-sa
pighinn i láimh."



VI
D'éirigh an chailleach dhubh bhuidhe agus leig sise glaoidh
ós árd,
Agus d'iarr sí ar mhac fhir a' toighe éirighe 'na shuidhe
gan spás.
d'éirigh seisean 'na shuidhe is níorbh' fhailligheach a
ghníomh sa' gcás,
'S níor fhiosruigh cá tír ina mbíonn acht le bata gur
shín damh lámh.


L. 234


VII
'S i mbéal gach duine dá dtaoibh, agus mise tabhairt
díol sa gcás,
"Buailidh an fear mire go dian, ná coigil tabhairt
péin' dó a sháith."
An uair dochualas an maoidheamh, 's gur thuigeas go
mb' fhíor mo bhás,
Faoi'n easna go dtug mé dó 'n sgian agus chuaidh
mise arís fán tsráid.



VIII
Is annsin dá gcluintheá na gártha a leigeadh ós árd
fá'n tír,
'S gan i mbéal gach duine dá rádh acht gur fear mire
a sháith an sgian;
Bhí drumaí dá ngreadadh go hárd, agus a' gairm ar
a ngárda bhí,
'S go sílfeá go raibh Droichead Áth' ar buile fá 'n
tráth seo d'oidhch'.



IX
Ní raibh fear faire nó gárda dá raibh i nDroichead
Átha do'n sgríob
Nach raibh ag leigean na láimhe chugam fá'n tráth sin
d'oidhch';
Ós mise bhí faiteach sa gcás do thómhais mé an rása
buidhe,
'S níor fhanas le beannacht na mná gur scoith mé thar
clár na Midhe.


L. 235


121 - AISLING SAN OIDHCHE.



I
Im' luighe damh ar mo leabaidh aréir chan fhuair mé
codladh
Ó'n arraing ghéar a chonnsgaraidh thríd cheart-
lár mo chroidhe,
'S níorbh' fhiosach dhamh ar a' domhan goidé ba chiall dom'
aicíd,
Muna b'é an t-éag a chreapall mise ina líon.
Is a' méadughadh bhí m'aicíd, ag fréamhadh is ag
borradh,
Nó gur iompaigh mé go tapaidh ar thaoibh mo láimhe clé,
Is annsin tráth d'fhéach mé tharm sé fuair mé ar thaobh
mo leabtha,
Mar aingeal as na flaithis an déighbhean ina suidhe.



II
Bhí a cum mar choirthe sneachta, is a bráigh ar lí na
heala,
A déid gheal-chnámh mar chailce, is a gruaidh mar an
ghrís;
Bhí a hór-fholt buidhe ró-shnasta 'na bhfáinní óir go
talamh,
'S na dtroillsí corntha casta ag fás léithe go fíor
Goidé 'n fáth bheith trácht uirthi feasta, d'fhág sí mé
gan mhisneach,
Is le linn a sgéimhe d'fheicsin bhí mé fhéin gan bhrígh.
"Dar a' leabhar, a mhaighdean bharramhail, mhéaduigh
tú ar m'an-aoibh,
Gé gur shaoil mé lán dom' aicíd go léigheasfá-sa í."


L. 236


III
Nuair a bhí mé seal dá hamharc ba mhian liom a chur
in amhail -
"Sgéal ó do ghnúis gheanamhail goidé an áit a mbír?
Ca haca bhíos tú 'bhflaitheas, nó 'do Chríostaidhe ar
an talamh,
Nó 'do bhainríoghain sholais ar na slóightibh sidhe?
Mar a chím do phéarlaí daithte mar fruinnsigh óir a'
sgabadh,
Do chaiseal cnámh is deise dá bhfacthas ar an tsaoghal,
Do bhrollach cruinn mar eala, 's do mhín-chrobh deasa
geala,
A d'fhág go leor faoi leathtrom agus mise fhéin
faraor.



IV
"An tusa bainríoghain Helen thug Páris leis dá
h-inneóin =aimhdheóin,
A rinne ár creach is cogadh le gur dóigheadh an Traoi?
Nó 'n tú an té thug gealladh aréir damh san
aisling
Go bhfuighinn-se áille 'n domhain a bheith agam fhéin mar
mhnaoi?"
Sé labhair sí liom go gasta ina mbriathraibh binne
blasta
Mar ghuth na dtéad gach focal ó n-a rós-bhéilín chaoin
"Gach fiosruigh cruaidh is deacair, 's gach ceist dár
chuir tú orm,
Chan fhuasg'laim dhuit go Samhain nó go Bealtaine
arís.



V
"Níl agat le rádh ar maidin acht go bhfaca tú mo
shamhail,
'S nach fiosach dhuit ar a' domhan goidé 'n áit a
mbím."


L. 237


"Tar éis gach briathra sgaoileadh tharm mar mhínighim
duitse
'S gur shaoil mé le mo ghearán go léigheasfá-sa mo
chroidhe;
lacuna de 2 líne
Acht má's Críostaidhe tú a chreideas Dia bheith
'sna flaithis,
Ná bíodh ort bás a' pheacaigh, is é ar do láimh-se
thabhairt saor.



VI
"Ach goidé'n fáth dhamh feasta a bheith 'trácht ar do
dheise,
Is le linn d'éadan d'fhaicsin atáim do mo chlaoidh;
'S gur póg ó do rós-bhéal meala a léigheasfadh mé go
tapaidh,
Ó gach pian agus aicid atá 'caitheamh ar mo chroidhe."
"Leig ar lár do ghaisge 's pill arís ar an Eaglais,
'S is gearr go bhfuigh' tú aisíoc in do shláinte arís.
Glac comhairle, mar deirim, is bí go céillidhe
socair,
'S ná bí 'do ádhbhar magaidh nó fonomhóid ins a' tír.



VII
"Má léigheasann póg do ghalar níl do aicid
daingean,
Is bhéara mé uaim teagasg is fearr dhuit nó í.
Ná mealltar thú le cailín a chasas duit sna bealaigh,
Is ná bí 'smuaineadh uirthi do ló nó d'oidhch'.
Seo mo lámh dhuit, faoi Nodlaig, má ghnídhir gach nidh
dá n-abraim
Nach mbíonn piantaí nó aicid a' tathaigh ort mar
bhíonn."
Thiompaigh sí go geanamhail is thug sí póg ró-bhlasta
Ó n-a rós-bhéilín meala is ba sásamh liom í.


L. 238


VIII
"Dar a' leabhar, a mhaighdean bharramhail, más i
ndán damh bás gan sagart,
Cha phillim a choidhche feasta gan searc mo chroidhe;
Muna bhfuigh' mé athrach teagaisg acht pilleadh gan
m'annsacht
Gheobhaidh an tír mar sgéala feasta go bhfuil mé 'mo
luighe.
Mar sin, a rún, fan agam mar chéile caoin mo
leabtha,
Is cha sgaraim uait a chuisle go foircheann mo
shaoghail."



IX
Sé labhair sí 'n ainnir gheanamhail - "sul fá n-éagfaidh
tú gan sagart
Gheobhaidh tú póg, a dhailtín, más féirrde dhuit í."
Theann sí liom go gasta leis an darna póig ró-
bhlasta
Ó n-a cúis-bhéilín meala is b'íocshláinte í.
Le n-a comhrádh deas milis bhí mo chéadfaidh ar mire,
Agus síreas uirthi go minic fhanamhaint agam mar
mhnaoi;
Acht an uair a d'fhéach mé tharm d'imthigh sí as mo
amharc,
Agus d'fhág sí in mo leabaidh mé faobhthaidh mar a
bhíos.


L. 239


122 - CAIDÉ SIN DO'N TÉ SIN NACH mBAINEANN
SIN DÓ?



I
Chuaidh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunnta airgid 's ar ghiní bhuidhe óir;
Má ólaim an t-airgead 's má phronnaim an t-ór,
Ó, caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má ólaim an t-airgead, srl.



II
Má théidhim go coill chraobhach 'piocadh sméara nó
cnó,
'Baint ubhlaí de ghéagaibh nó 'buachailleacht bó;
Má shínim seal uaire faoi chrann 'deánamh sógh'
Ó, caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má shínim seal uaire, srl.



III
Má théidhim-se chuig áirneál is rinnce is spórt,
Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniughadh de'n tsórt;
Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo,
Ó, caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Ma chím daoine súgach, srl.



IV
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh,
Gan earradh nó éadáil, gan bólacht nó stór;
Má tá mise sásta 'mo chomhnuidhe i gcró,
Ó, caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má tá mise sásta, srl.


L. 240


V
Tá aithne 'gam ar chailín deas, cneasta, is cóir,
Tá a píob mar an eala, a leacain mar rós;
Má bhíonn sí is mise um Inid faoi sheól,
Ó, caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?
Má bhíonn sí a's mise, srl.



123 - SUIRGHE AN RÉICE FHALLSA.



I
Bhí bean nó dhó nó trí agam,
Is chuir mé i gcré go léir iad;
Sgaoil mé leóbhtha na séantaí
Is táim anois gan aon bhean.
A rún mo chroidhe, má ghlacann tú mé,
Gheobhaidh tú biadh 'gus éadach,
Is leabaidh úr 'ach uile oidhch'
Má's áil leat mé mar chéile.



II
Chan fhacthas ar mo mhoch-éirghe mé
Ag sgairtigh le mo chomhursain
Go rabh an baile sgriosta,
Nó gur ith na ba an eorna;
Is mór mo dhúil i gcodladh,
Is is beag mo dhúil i bhfóghnamh,
Is dá dtabharfaidhe an mhóin 'na' bhaile chugam
Dheánfainn fhéin a cróigeadh.


L. 241


III
Chan fhacthas ar a' chorrán tosaigh mé
Baint iomaire lá fóghmhair,
Chan fhacthas mo spád briste liom
Ar a' mhéad is rinne mé ' rómhar;
Cha ghoirfeadh a'n fhear a dh'obair orm,
is chan fhuighinn a dhath ó chómhursain;
An gcluin sibh mise, a chailíní,
Atá réidh 'un mur bpósta?



IV
Chan fhuil groithe agam 'un muilinn,
Is cha rabh mé 'riamh in áithe;
Chan fhacthas ag dul 'un coilleadh mé
Baint ádhbhair toigh' d'ádhmad.
Bainim-sa mo sheal as teach
Ar bith 'á bhfuigh' mé deánta,
An teach a bhím-sa ann anocht
Cha bhím ann 'san oidhche imbárach.



V
Chan fhacthas mo iarann seisrighe liom
Dá leasughadh 'riamh i gceárdchain;
Nó chan fhacthas mo chleith fhuirste
Ar iomaire lá Márta;
Char dhíol mé airgead teallaigh 'riamh
Le constábla nó báille;
Char iarradh i gcúirt nó i séisiún mé
Nó diabhal a bhfuighinn ar cáirde.



VI
'Á bhfuighinn mo dhruim le balla
Is deas a d'imreóchainn cárdaí;
Bhuailfinn buille ar mhaistreadh
Dá mbéinn 'mo shuidhe cómh hárd leis;
Bhainfinn de an meascán
Agus d'íosfainn é le preátaí,
Acht i dtaca le n-a mbaint aníos
Ná hiarraigidh orm a dheánamh.


L. 242


VII
Shiubhail mé liom ó thír go tír,
Le cuiridheacha is le féastaí,
Ar bainise, is scoil damhsa,
Is mo hata ag crochadh in aon taoibh.
Sheinn mé tiúin do'n tsean 's do'n óg,
Is bhí siad ag damhsa in aoinfheacht;
'Sí 'n tiúin a shaothruigh mo bheatha damh -
"A chailín an nglacfá réic maith?"



B 1919c 19
124 - SÍNIDH GO DEAS MÉ I gCÓMHNAIR.



I
Sínidh go deas mé i gcómhnair
Agus buidéal de'n bheóir le mo thaoibh,
Mar in ndúil, nuair a dheánfainn a' phóit sin,
Go gcuirfinn na deamhain ar sgaoll.



II
An lá sin a chuirfeas sibh faoi chlár mé
Ná goiligidh deor nó braon,
Ná's agaibh bhéas ádhbhar a' gháire
Fá'n dream a bhéas mé 'carnadh istoigh.



III
Ionnsóchaidh mé ortha go dána,
Dá ngreadadh le cáin chúig dtroigh
Ní fhuigfidh mé duine faoi láimh ann
Nach bhfuigh' bealach gan spás ar bith.


L. 243


IV
Nuair a chluinfidh sibh go dtearn mé an t-ár sin
Tógaigidh mo chnámha ar ais;
Ní ghéillfidh mé do shaghart nó do bhráthair
Go gcuirfidh mé a bpáighe-san thart.



V
Cha bhíonn a mbeatha le fagháil
Acht a bhfuil ar mo láimh-sa anois,
Is má chuirim-sa i ngníomh 'bhfuil mé a rádh
Béidh an Eaglais ghá bánughadh i gceart.



125 - AN MAOLÁN.




Chuaidh mise 'un aonaigh
A cheannach bó bheag bhainne,
Agus cheannuigh mise maol,
Acht chan bó is chan bearach í.



Loinneóg
A mhaoil, tá mé corrtha leat,
Tá'n gháir ag 'ach a'n duine liom,
Ar dhaoirse mo chonnartha
'S ní féidir liom do bhainne 'ól.



II
Nuair a théidhim-sa un 'aonaigh
Is mo mhaol bheag ar an adhastar liom,
Bí sí 'búrfaigh, 's ag géimnigh,
'S ag léimnigh ar nós na dtarbh ó.
Is a mhaoil, tá mé corrtha leat, etc.


L. 244


III
'S iomdhaidh cor is lúb
Tá in iosgad na bó crúbaigh,
Nuair a thógfadh sise 'n rúitín
Chan bó is chan bearach í.
Is a mhaoil, tá mé corrtha leat, srl.



IV - Labhrann Bantracht an Toighe
An dall a bhí do shúla
Nachar chuir tú do lámh fúithe,
Go bhfeictheá an rabh údh beag
Nó aon áit a mbéadh an bainne aici
A mhaoil, tá mé corrtha leat, srl.



V - An Fear
Chan dall a bhí mo shúla,
A mhná chroidhe, is creididh mé,
Acht shaoil mé nacharbh' fhéidir
Do'n mhaol nach mbéadh bainne aici.
Is a mhaoil, tá mé corrtha leat, srl.



VI
Go dtigidh saoghal na saoghal,
Agus fraoch fríd an fhairge,
Cha dtéidhim-sa un aonaigh
Aríst a dheánamh margaidh.
Is a mhaoil, tá mé corrtha leat, srl.


L. 245


126 - AN CAISLEÁN CAM.



I
Nach trom an codladh atá ar mo chéile,
Cha chluin sí mé, agus is árd a srann,
Níl faill aithrighe agam le n-a dtearn mé do
bhréaga' -
Tá an ghaoth-sa 'méadughadh is ag éirghe teann.
Dá mbéadh na daoine mar ba chóir daobhtha,
Cuirfidhe cuaille leis an taoibh úd thall;
Nach beag a shaoil mé fá'n tráth seo indé
Go rabh deireadh mo shaoghail ins an Chaisleán Cham.



II
Níl mé críonna, is cha bhím a choidhche,
Dhíol mé an cíos sul a dtáinic an t-am;
Acht dá bhfuighinn aríst é cha díolfainn pighinn de,
Agus dhéanfainn dídean fá bhun na dtom.
Beir mo dhual damh sul a dtig an Luan orm,
Castar lúbthaí eadar a' bhean 's a clann:
Nach beag a shaoil mé fá'n tráth seo indé
Go raibh deireadh le mo shaoghal ins an Chaisleán
Cham.



III
'Á dtiocfadh an teine orm 'gus mé 'mo dhúsgadh
Bhéinn-se búirfigh mar a bhéadh tarbh ann;
'Á dtiocfadh an teine orm agus mé in mo shuan
Dhéanfaidhe gual díom ins an Chaisleán Cham.
B'fheárr damh claidheamh a chur fríd mo thaoibh chlí,
M'fhágáilt sínte, agus gan smid in mo chionn,
Ná mé a bheith 'mo dhiarfach imeasg na ndaoine,
Is ag creathnughadh san oidhche ins an Chaisleán Cham.


L. 246


127 - TUIREAMH PHILIP MAC GHIOLLA GHUNNA.
Cathal Buidhe ro chan.



I
Dá mbéinn-se 'mo ollamh ealadhanta mar ba
mhian liom
Sé Philip† na gcumann †Mac 'ioll Ghunna a chaoinfinn;
Ó b'é sin an gleacaidhe a sladfadh na mílte,
A dhéanfadh creach is nach gcasfadh a choidhche í.



II
Bhí sé na bhíodhbhaidh bhríoghmhar láidir,
Is minic a chreach sé sléibhte Cháirlinn,
Is iomdhaidh cearc a ghoid sé as cábán,
Agus baintreabhach bhocht gur chreach sé a páisdí.



III
Níor fhág sé cuasan ó Bhóinn go hÁrainn
A rabh pluideóg diarfaigh nó cídeóg páisde ann,
Céibhin chaillighe nó seanchoc lása,
Nachar chruinnigh an gruagach ina mhála.


L. 247


IV
Is iomdhaidh measgán maiseach mín-ghlan,
Is mála mine ar dhingadh mná míne,
Pucán barraigh agus sacán sníomhtha,
A gheabhfaidhe i mbrachtaidh mo ghleacaidhe gaorfaidh.



V
Is iomdhaidh caora gheabhfaidhe ina phota,
Sin is dá ghabhar a bhéarfadh cabhair do bhochta;
Láimh thréad an tsaoghail de líon is de olann,
Gheabhfaidhe ins na díogachaibh nó faoi na chlóca.



VI
Is iomdhaidh cró le buille mór a bhris sé,
Agus pucán mór de eorna a ghoid sé;
Níorbh 'fhearrde leis stórus $myLord nó $Justice
Nó cuid an deoraidhe ba mhó san chruinne.



VII
Ní bhéadh sé 'dréim le lucht sgléip nó uaisle,
Acht thug sé an éadáil ó dhaoinibh suaithte,
Níorbh' fhearr leis saidhbhreas Mhéadhbha an Chruacháin,
Ná sean-cheap gréasaidhe nó cloigeann sluaiste.



VIII
Ghoid sé móin fá Fhéil' Eóin is preátaí,
Sgianta búistéir is fiú na táirngí,
An ugh ón gcoirr dar ní gur dhual sin,
Is thug sé an t-éilín ón nglasóig gabhail leis.



IX
An ní amháin so a d'fhág mise cráidhte,
Sul ar ghabh an t-éag é nach rabh mé láimh leis,
Nó go ndeánfainn airichis leis seal ar uaigneas
Go bhfuighinn-se sgéala na tíre thuas uaidh.


L. 248



128 - SAORUGHADH SHIGHLE THÍR EOGHAIN.
Cathal Buidhe a chum



I
Beir leitir go tapaidh uaim síos go Tír Chonaill,
Mar bhfuil Aodh agus Patsaigh a thuigeas mo
rann,
Agus aithris do na gasraí go rachad go Sacsain,
Is luing a bheith braithte aca i n-aice na nGall.
Chan fhágaim an baile go saoróchaidh mé an cailín,
A bhfuil cách dá chur orainn gur shiubhail sinn go mall;
Is dá dtiubhrainn-se an chulaith ar mo ghlúnaibh sa'
phoball
Cha chreidfeadh a gaidigh nach rabh sinn san ghleann.



II
'S dar bhásta mo bhríste, 's dar línín mo chóta,
Tá síos liom na stróclacha ar astar na slighe,
Dar a gcaith muinn de bhróga a' léimnigh ar mónaidh -
'S míle fearr liom ar a' dóigh sin ná ceangailte
do mhnaoi,
Dar a gcuireann siad de'n eorna i gcruachaibh sa'
bhfoghmhar,
A chailín deas donn is maranta gnaoi,
Dá mbéinnse sa' ghleann cha dteánfainn ort feall,
Acht shiubhailfinn abhaile leat i bhfad roimh an oidhch'.



III
Nach fiosach do'n tír seo gur shiubhail mise is Síle
Curraigh is cíbleach, creagacha, 's móin,
Is gur leig sinn ar sgíste i dtoigh ósta na tíre,
Is go rabh sinn trí hoidhche aige teampall Árd Bó.
Ar son gur b'í an fhírinne atá mise a mhíniughadh,
Gheobh' sibhse 'na suidhe í san mbaile go fóill,
Is níl ógánach díomhaoin a phógfas aríst í
Nach bhfuigh' í comh haoibheall le haon chailín 'dTír
Eoghain.


L. 249


IV
Nach mór a' dith-chéille do na daoinibh bheith buaidheartha,
'S go bhfuil sí ar mhaighdionaibh cneasta Thír Eoghain;
'S nach bhfuightheá a léitheid eadar dream Gallta nó
Gaedhealach,
'S go saoróchainn féin í ar fhearaibh an domhain.
Má shiubhail sinn le pléisiúr is pilleadh ina dhéidh
sin,
A Dhia, goidé 'n tréas é is í theacht liom dá deóin;
Is má gheall mé dí féirín goidé sin do aoin-neach,
'S ní mó liom 'mo dhéidh sibh ná feadóg ar mhóin.



V
Dar tobac na hÉireann san luing a bheir léithe,
Is dar aontaigh' na Gréige ní dheárnas aon choir;
Mur dtearna mé sméideadh nó amharc na déidh san,
Nó a innsint do'n spéir-bhean go dtug mé di gean.
A chuisle 's a théagair ós fiosach dhuit fhéin é,
Innsigh do sgéal sul fá dtéidh mis' ar muir,
Mar tá fhios agat fhéin nach dtig liom-sa a shéanadh,
Gurab annsa liom céad uair na mná ná na fir.



VI
Dar an gcuileann is críne i rasan na tíre,
Dar a mbaintear de fhraochógaibh dearg is dubh,
Dar feadógaí in íochtar, is troideógaí an mhíonlaigh,
Dar muinntir na tíre gur chaill mé mo chruth,
Dá gcreidfidhe an fhírinne is fios do na daoinibh
Mar bhí mé do'n mhnaoi úd a fuair asam guth,
Is dar sgairteach na bhfaoilean ar loch an Chuill-
íochtair
Go bpósfainn-se Síghle gan bhólacht gan chruth.


L. 250



129 - SAORUGHADH MHOLAIGH NIC CON BUIDHE.
Cathal Buidhe a chum



I
Dar cogadh an dá Ghall a thosuigh go mall,
'S dar ar chuir siad do champaí un catha le
bliadhain,
Dar Aodh Mac na Rann a chanas an greann,
Is dar a bhfuil de na Franncaigh chugainn a' triall;
Dar Móta Ghráine Óig', agus Connachta a' tslóigh,
Is dar a bhfuil de lucht saighdiúirí in arm a' ríogh,
Cha rabh mé dá cómhair, 's cha dtug mé dí póg,
Sin saorughadh go leor ann do Mhall Nic Con Buidhe.



II
Dar Toirdhealbhach Mhac Brádaigh tá thíos i gCorr
Tochairt -
Is cha díolann sé 'n photáta acht ar cáirde go
daor,
Dar Sliabh Mhurtain Araidh 's dar Mullaigh Dhruim
Chearaidh,
Dar Hector is Páris a cailleadh sa' Traoi,


L. 251


Dar muileann na gClogad 's dar toigh mór na
Sgriobaigh,
Dar a' mbriseadh bhí 'n Each-dhruim, 's dar cogadh 'n
dá rígh,
Bhíodh Patsan dá mealladh is bhí sé 'na gheallamhaint
Go siubhailfeadh sé 'n domhan le Mall Nic Con
Buidhe.



III
Dar toigh Éanraigh Cnocs 's dar Carraig na mBroc,
Dar lucht chaithimh an tombac ó d'éirigh sé daor,
Dar áltáin Dhruim Laidn' 's dar Mullach Dhruim
Saileach,
Dar gearrán an Athair Philib ó tá sé 'nois caoch,
Beir litir faoi shéala ó tháinig an téarma,
Ar a ndúil go bhfuigheadh Gaedhil bhocht' osadh ón
Rígh;
Is a dh'aimhdheoin Chéat Bréadaigh 's a ndeárna sí
'bhréaga
Cha rabh mé 'dtoigh Mholaigh is char bhuaidhir mé í
riamh.


L. 252


130 - ACHMHUSÁN DHOCHTÚIR CHEALLACHÁIN.



I
Má chreideann gach aon dá gcluinfidh mo sgéal,
Ní aithrisim pléid nó magadh dhóibh;
Ní hionann 's a' chléir ag déanamh na mbréag,
Is annsin ag cur séala sgriobtúir leo.
Ná sílidh go deoigh go ndéanfainn libh gó,
Dá bhfuighinn 'rabh d'ór ag Manannan,
Acht dar fearta Chathail Bhuidhe tá a ndeirim comh fíor
Is go bhfuil an púca i gCeannadus.



II
Bhí mise 'muigh aréir ag teacht ó mo chéilidhe
Leath-mhalaidh 'n tsléibhe i n-aithghiorra,
Is d'éirigh an ré ag cur sgáth' ar na spéire,
Is chuir sí a hadharca fada 'mach.
Bhí troideógaí traona is sidheóg 'scréachaigh,
Is meannanaí aeir ag meigiodaigh,
Ghlac creathnughadh is creachtughadh mé in mo chéadfaidh,
Le héisteacht na n-éan ag feadalaigh.



III
Annsin chuaidh mé smaoineadh ar bhriathraibh na ndaoine,
Idir cailleachaibh aosta is sean-daoine,
Gur bh'eaglach an nidh a bheith 'muigh ins an oidhch',
Ar chasan bean-sidhe agus placairí.
Sé chonnairc mé 'n síogaidhe chugam go díreach,
Is ba duibhe ná daol a phuisíní,
Bhí a fhiacla ar a gciar 'sna ronna leis síos,
Is bhí a chosa comh caol le cuiseógaibh.


L. 253


IV
Bhí an dealbh-chruth cruaidh ag teacht chugam go luath,
Lán feirge fuath' agus acaise;
Chuirfeadh amharc ó'n bhrúid an ghealach faoi smúid,
Is ba mhairg do'n chlúid 'na gcasfadh sé.
A Mhuire nár thruagh mo chinneamhain an uair sin,
Agus dubhras monuar fá'r geineadh mé,
'S gan ao' nduine ar a' tsaoghal dá bhfeicfeadh a
bhéal
Nach dteichfeadh fríd néaltaibh neimhe uaidh.



V
Tráth tháinic sé 'láthair do chuir sé air cáir,
Agus labhair go dána briotach liom,
"Is mise an bás, agus tuigim do chás,
Gur chaith tusa 'n lá i dtoigh biotaille."
Annsan ghlac mé sgáth agus dubhras "a ghrádh,
Is dóigh gurab' é 'n t-ádh chuir chugam thú,
Suidh síos le mo thaoibh agus aithris damh sgéal,
Ó chas muid araon i gcuideachta."



VI
"Ó cruthuigheadh an saoghal níor chodail mé néal,
Acht ag imtheacht liom féin go leath-taobhach,
Ag marbh' 's ag céasadh leinbh is tréan-fhir,
Ag criothnughadh 's ag créachtughadh cailleachaí.
Níor mheaithte mo thréartha, thorchar mé céadtaí
De Ghallaibh de Ghaedheil 's de Albanaigh.
Is mo ghaetheibh níor maoluigheadh ó goineadh liom
Éabha
Gur casadh liom léigheastracha Cheallacháin.



VII
Níl liosa nó bruidhin dá bhfuil ins a' tír
Nach siubhlann an díblidhe gearr-chosach,
Dhá chur i ndúil na bacaigh go siubhailfeadh,
S' an créachtaidhe go luath 'bheith urradhanta.


L. 254


Dá dtiubhradh i bpóirse sgilling nó dhó dó,
Naigín gruth bó agus ceapaire,
An bhean a bheadh tláith go ndéanfadh sé slán,
'S go mbéadh sí gan spás go h-aigeanta.



VIII
Níl tulaigh nó ált ó Chaiseal go hÁrainn
Nach siubhlann an stánaidhe gliocasach,
Le crios fá n-a lár is corn 'na láimh,
Ag cruinniughadh 's a fásgadh luibheanna.
Dá gcluinfeadh sé trácht ar mise bheith 'n-áitigh,
Sé rachadh gan spás gan chuireadh ann,
A dh'aisiog sláinte d'othair 's lucht galraidh,
Dá mba nidh gurbh' é 'n phláigh a chuir ortha.



IX
Le naigín fola bó, gan mhagadh gan gó,
Sé léigheasóchadh sé póit is gorbas,
Le luibheannaí, póirí, psailmí 's órthaí,
Dobhéarfadh un bheodhais an marbhán.
Gach luibh ó'n lus-buidhe go cuigeal bean-sidhe,
An raithneach, an chaorthainn, is fearabán,
Is fiosach dó a mbrígh un mise do chlaoidhe,
Is bhain sé 'n bhrígh as mo dhealgan.



X
Chuaidh mise d'fhéachaint caillighe bhí tréith-lag,
Ag fulaing i bpéin le fad' aimsir',
Is shaoil mé go bhféadfainn uchtán a cléibh-se
A bhriseadh le maol-ghath meirgeach;
Tráth thug mise sáthadh 'sé theangmhaidh damh cnáimh
Is lúb mé barr mo cholgáin,
'S ní dóigh gur ab é 'n t-ádh bhí orm an lá
Dochonnairc mé 'n stánaidhe, Ceallachán.


L. 255


XI
Sé mo chomhairle do mhnáibh anois is go bráth
Má's maith leo an tsláinte chomhthrom fhagháil,
Déanadh siad gnáthas de stirabút 's bláthach,
Is itheadh siad caithfraigh 's gabáiste.
Ó d'imthigh na potátuigh, arán maith láidir,
Pis, agus anlann salainn leis,
Meacanaigh bána, turnapaí 's gáirleóg,
Is béidh aca sláinte fholláine.



XII
Óladh má's maith leo gloine cúl-dighe,
A thóigfeas a gcroidhe go hacmhuinneach;
Is sgailliún ar aontaigh cheannach go saor,
Is cleachtadh siad píosa aráin leis.
Sin agus brósaid do bhainne maith bó,
Is óladh siad bóicín eile de;
'S má chreidtear mo sgéal-sa is fada bhur saoghal-sa,
Acht seachnaigidh léigheastracha Cheallacháin."


L. 256



131 HEISTÍHÓ CHATHAIL MHIC AN DEIRG MHIC
LUIRC, AGUS MAR A THARLAIDH AN GEANCANACH
DÓ AG CÚL LIOS A' PHÚCA.
Aodh Mac Domhnaill a chum



"Mise Cathal mhac an Deirg mhic Luirc mhic
Seannluigh mhic Chaitrion Ní Thuathail, inghin Dhangloin-
doid mhic Bhríghde Ní Lápáin, inghin Ógáin Iodhlábain,
an fear a rabh mart rása ar aonach Chollain
aige, agus ag éisteacht damh aréir leis na sean-
daoinibh dá rádh an té theagbhadh le luchramán ag bruach
liosa, nuair a bhéadh sé ag deánamh bróg, go bhfuigheadh
a sháith de'n tsaoghal uadh, agus arna smuaineadh seo
damh aon oidhche amháin do chruinnigh mé cnuasach maith
de na luibheanna dochídhinn ag mo mháthair mhóir roimhe
sin, .i. Neillidh Réid, ar mbeith dí 'na bean-draoi,
agus 'na cómhnuidhe a chois Móta Bhaile Átha Fhirdiaidh
i gcoillidh Mónuidh, áit ar tógadh na seacht seanaigh
a dtáinic sí uadh. Agus seo mar a taibhreadh damh
in mo thuras lá n-aon dar thárlaidh mé a bheith ag
taisdeal na bhfearanntaibh saoire, sochaire, so-
shaothraigh úd, atá eadar Cruach Phádraig agus Loch
Dearg i gConndae Dhúin na nGall, áit da'r ghnáthach
liom fhéin agus le mo mháthair mhóir dhul gach bliadhain
do dhéanamh an turas, acht mar thárluigheas féin
ar bhealach na muice, taobh le Lios an Phúca, agus
go dtáinic do ualach orm a bheith suas san oidhche
ag reagaireacht na n-asal, sé smaointigh mé gur
mhaith le déanamh mo bholgán saighid do líonadh le
luibheannaibh beannuighthe, mar bhí, an dréimire Muire,
an lus cré, eochair na bruidhne, cuigeal na mban sidhe,
an raithneach ruadh, agus mórán eile nach n-áirimhthear
annseo, agus mar a bhí mé ag smuaineadh créad is
críoch do'n ghéirleanamhain atá dá dheánamh ar na
Gaoidhil le tighearnaibh Gall, sé chonnaic mé an ní
seo atáim ag dol dá fhoillsiughadh, ní dóibh-se amháin,
acht do gach duine dá dtáinic is dá dtiocfaidh, dá
gcualaidh is dá gcluinfidh, de iarsma Ádhamha, ionnus
nach mbainfidhe a léithid de thoirmeasg nó sheachrán


L. 257


do charaid nó do námhaid go bráth 'mo dhéidh," ar
Cathal, agus leis sin tosuigheas an ceol mar leanas -



Le tuitim na hoidhche mo shuidhe a chois liosa damh,
'S mé tuirseach ag smuaineadh gach díbirt is
díthcheannughadh
A d'fhulaing na Gaoidhil, mo léan, ins an oileán-sa -
Hó, ró, is gan deireadh go fóill!



Sé chualaidh mé an ceol fá dhó ba bhinne liom
Ná cuach ar ghéig, nó smaolach i mbarr na dtom,
Is go mbainfeadh sé bíodhgadh as croidhe a bhéadh marbh
trom,
Hó, ró le binneas a ghlóir.



Sé chonnaic an síogaidhe íseal fearanta,
Gan chóta nó bríste 'na shuidhe ar na leacracha',
Bhí a chasúr ar lúth, is é ag rúsgadh na leathracha',
Hó, ró, is é ag déanamh na mbróg.



Bhí ocht n-orlaigh dhéag ar mhéad san' abhach sin,
Is ba lúthmhair' a mhéara ag fuagháil go h-acfuinneach,
Ag tarraing na héille, is ba ghéar a mheannaidh bheag,
Hó, ró, is mar chumadh sé ceol.



Tráth chonnaic mé fhéin gur gréasaidhe an duine beag,
Chuaidh mé ar mo aghaidh go haereach sgiobalta,
Mar chualaidh mé sgéal ag mo mháthair fá chiste bheith
Aige duine de'n tsórt - lán canna de'n ór!



Nuair a tháinic mé gaobhar ar shéite an liopramain,
Labhair sé go céillidhe béil-bhinn maranta,
Dá rádh liom "glac séite is méaduigh an chuideachta,
Hó, ró, is cluinfidh tú sgéal.



"Nach mise atá críon, is ní híongnadh sin 'Chatoilig,
Is go bhfaca mé an chríoch seo na haon-tor daróige,
Gan duine nó daoinibh ag saothrughadh na fearannta,
Hó, ró, gé gur b'innti bhí sógh.



"Bhí mise 'san áit seo an lá tháinic Partholan,
Is tar éis a bháis bhí mé i stát ag clann Neimhidh
ann,


L. 258


Ag tor Chonaing ba láidir mé 'carnadh na
bhFomoraigh,
Hó, ró, mar a torchradh go leor.



"Bhí mé i nÉirinn i laethibh Fear Bolga,
Is ar dteacht do Thuatha dé Dan' ba tréan ins' a'
chogadh mé,
I gcath Shliabh an Iarainn, mo chian is mo mhilleadh-sa,
Hó, ró, mar a cailleadh an ló.



"Is iomdha sin ruathar cruaidh agus bristeacha,
A sheas mé go clúiteach ag cumhdach na gcalaidheach,
Is minic a rúisg mé an púca ar na machairibh,
Hó, ró, le prioca mo ghóid."



"Ní rabh briseadh nó bruighin i gcríochaibh na Banba,
Ó Oileán Mhic Aoidh go taoibh na Sionainne,
Nachar chuidigh mé a' gríosadh go féidhmeach feargach,
Hó, ró, is nach fada mé beo?



"Bhí mise sa Mhumhain go clúiteach fuileata,
Mo oide gan mhúnadh ag stiúradh lucht pisteoróg,
Tráth tháinic clann Mhilidh i dtír san oileán seo,
Hó, ró, le maithibh i slógh.



"Sheas mé gach bruighean go croidheamhail meanmnach,
Ó chreagachaibh Chiarraidhe go dtí an sgrios mhachaire,
I dTailltion san Mhidhe sé críochnughadh an racan
sin,
Hó, ró, mar aithristear sgéal.



"Bhí mise aige Eoghan cródha 'mo oifigeach,
I gcath an bpunann ar an tsliabh, mo chian, mar
leagadh sinn,
Chuir mé punann i sróin an fhir mhóir le hurchar ann,
Hó, ró, gan mhagadh gan gó.



"Bhí mé i mbrollach gach táin dar thárlaidh, is
iomramha,
Bó ghlinne, bó bhainne, agus Táin Bó Cuailnge,
Bhí mise san áth an lá thuit Firdiaidh
Hó, ró, is mé tiomáint na mbó.


L. 259


"Is cumhan liom táin an cheatharnaigh as Connachtaibh,
Cath Chnoc an Áir, is bánughadh Mhanainne,
I Maigh Mhucráimhe bhí mé lá na hearróide,
Hó, ró, gidh mairim go fóill.



"Le cath na Maidhm ba faobharach meanmnach,
Ag marbh na laoch an nidh is aithreach liom,
Ag sgrios cloinne Baoisgne a shaothróchadh an
fearann seo,
Hó, ró, dá maireadh siad beo.



"Bhí mise i nÉirinn i laethibh an Chromuiligh,
Ag Binn Bhorb na ngliadh ag stialladh Sasanach,
Mar aon le Eoghan Ruadh ag ruaigeadh na
mBreatanach,
Hó, ró, as Conndae Thír Eoghain.



"Ag cuidiughadh le Gaoidhil ba tréan is ba
treallamhsach,
'S i dtaca na mbéim níor chladhartha meathta mé,
Gé go rabh an luaidh dá bualadh fá mo iosgadaibh
Hó, ró, le teinidh is ceo.



"I nEachdhruim Dia Dómhnaigh is mór a leagadh mé,
Is ag an mBóinn is é leónadh is leagadh mé,
Aige Béal Áth' an Luain sé bualadh droma liom,
Hó, ró, is níor throid mé níos mó.




"Sin agat-sa anois," a Chathail, ar an gréasaidhe
beag, "mar bhain mise mo bheatha amach go fiúntach
macánta le mo chródhacht, agus níor bhraith agus níor
chreach mé ao' nduine ariamh, acht nuair a chuaidh mé ó
fhéidhm, agus mheith mo neart, thosuigh mé ar dhéanamh
na mbróg do na daoinibh maithe, agus níl ciste nó
stór agam acht mar chidh tú mé, agus do dhream sin
uile. Is sean-chomhursach do do mhuinntir ariamh
mise, agus is minic a shábháil mé do mháthair mhór ar a'
tórughadh le cú bán Chros an phobaill, agus le cú dubh
Charraig Chlochair, ar mbeith dhi 'na gearrfhiadh ag
cruinniughadh abhaile ime agus bainne na tíre le na


L. 260


draoidheachta, agus is beag a shaoil mise gur faobhtha
de na daoinibh sin a thiocfadh do mo bhrath," ar an
t-abhach, "acht dar mhaith leat éisteacht le cuid éigin
de bhriathraibh do dhaoinibh fhéin, agus le réimheasa
na sinnsir. Ná bí ag brath airgid nó óir ormsa
feasta," ar an luchramán, "agus go mórmhór teacht
na Spáinneach, agus mar éireochas Gearóid Iarla,
agus gur leis a thochrafar na Gaill as Éirinn amach.
Nach minic a chualaidh tú sin aige do mháthair?"
ar an gréasaidhe. "Is fíor dhuit sin," arsa
Cathal, "agus dar bh'é do thoil-sa, cuid de na
briathraibh sin dob'fhéidir liom-sa a bheith ní ba
réidhe leat-sa ar ball," agus le sin thoisigh an gean-
canach ar ghabháil na slim-cheoltaibh moltanach do
Chathal, le méad a cheilge ag taragair mar leanas: -



"Nuair a tháinic do'n áit seo an Pádraig beannuigh'
úd,
Ag teagasg an chrábhaidh do mhnáibh is do shean-
daoinibh,
Is ag díbirt gach pláighe d'ar ghnáthughadh na fear-
anntaí,
Hó, ró, le soisgéal na mbeo.



"Sgrios sé as an áit seo ráfla placairí,
Dhíbir sé an púca as gach clúid d'ar chleachtughadh
é,
Ghlan sé na tíortha ó dhaol is ó fhroganna,
Hó, ró, is gach nathair de'n tsórt.



"Thoisigh an chléir ar léigheas gach aicide,
Sagairt is bráithre is ní áirim na manaigh fós,
Gan chisde gan stór nó ór na Sasanach,
Hó, ró, acht i ngeall ar a nglór.



"Annsin a chuaidh diarfaigh naomhtha a tharagair:
An milleadh 's an díth a bhéadh i gcríochaibh Banba,
Creamhthuinn mhac Féidhlim is 'na dhéidh Ua
Colamáin,
Hó, ró, is gach duine den tsórt.


L. 261


"Dubhairt go mbéadh Éire faoi léan is leathtrom seal,
Trí chéad bliadhain faoi ghéar-smacht eachtrannach,
Is go mbéadh cuid do'n chléir ag claonadh le
Sasanaighibh,
Hó, ró, is go dtréigfadh an t-órd.



"Go dtiocfadh 'na dhéidh sin éag is aicide,
Ar éanlaith an aeir, is ar bheithidhibh an mhachaire,
Go mbéadh fuath agus gráin aige páisdíbh dá
n-athrachaibh,
Hó, ró, sul a dtiocfadh an ló.



"Go mbéadh gorta gan tár gach áit insa gcruinne
'lig,
Na fir is na mná is gach aon do na leinbh bheag'
Ag seangadh ins na háltaibh ag ithe blath na luibh-
eanna,
Hó, ró, is dá mbeathughadh le póir.



"Go mbearadh uaisle Crích' Fáil an chomhdháil go Cill
Chainigh leobh,
Is go dtiocfadh leitir ón bhainríoghan chun bánughadh
an oileáin seo,
Go mbéadh fionghal is smál i n-alt na muice thart,
Hó, ró, is go mairbhfidhe go leor.



"Béidh na milisidh dubha ar siubhal ins na bealaigh
'lig,
Is ag briseadh na ndroichead in gach taobh dá rachadh
siad,
Ar eagla na Gaoidhil le chéile a chasabhail,
Hó, ró, agus cuidiughadh san ghleó.



"Béidh Danairí cháidhe i bpáirt le hAlbanaigh,
Chun cuidiughadh san ár gach lá le Sasanaighibh,
Agus rachaidh 'na ndáil a bhánughadh Bhaile Fhirdiaidh,
Hó, ró, agus caillfidhe an ló.


L. 262


"Le torann an lámhaigh lá na feille sin,
Fosglóchaidh gach rath ó Dhroichead Áth' go Gaillimh
thart,
Agus tiocfaidh na Tuatha de shluaghtaibh cheilite,
Hó, ró, go muileann an chró.



"Seinntear an buadhbhall ar stuagh Mholaidh Eilin
leobh,
Agus dúsgfar Gearóid Iarla agus an Ciar-each
Ceann-donn fós,
Ní fhanann le diallaid acht claidheamh agus bearad
beag,
Hó, ró, nó go gcruinnighidh sé an slógh.



"Ní mó ná trí huaire ó chualthas an chéad torann,
Go dtoisighidh an ruathar is go mbuailtear Sasanaigh,
Béidh an muileann aige síor-mheilt trí hoidhche le
fuil daoine,
Hó, ró, is ní bhéidh Gallaibh níos mó.



"Annsin béidh clann Mhílidh mar bhí in-allódaibh,
Roinntear an chríoch eadar maoin agus fearann
leobh,
Cha bhíonn ocras nó íoth ar dhaoinibh nó ar eallach ann,
Hó, ró, is ní bhéidh fionghal níos mó.




"Annsin agat-sa mo sgéal-sa, a Chathail," ar an
gréasaidhe beag, "agus do réir mo bharramhla b'fhearr
duit-se fuireach go foighideach le do chuid roinne nó a
bheith ag brath ar chuid do chomhursan, do bhrigh nach bhfuil
duine bocht ar bith ar an tsaoghal so nach bhfuil a
sháith le déanamh aige le n-a shaothar bocht féin,
agus leanaidh de sin is," ar an geancanach, "amhail
agus mar tá lorg an ghortha in do dháil-sa, is
mar sin a bhéas do shaidhbhreas, óir ní fhuil breac
in do lorgan nach mbéidh ginídh agat ina n-aghaidh,"
ar an tarrachta beag. "Amhail agus mar bhí
leanann sidhe aige do mháthair mhóir .i. Neillidh
Réid, is amhlaidh sin is dual dhuitse a bheith pósta
le bean uasal de'n treibh chéadna, .i. Mairead Ní


L. 263


hAoidh, inghin diarfaigh Thíre an Amhgair ?, agus
béidh an dúithche fhada fhairsing sin aige géilleadh
dhuit-se, thú féin agus do do iarsma go bráth do
dhéidh, mar aon le hEanach an Bhacaigh agus mórán eile
de sheilbh nach n-airidhthear anois, agus is mithid
damhsa a bheith ag cur suas mo threallaidh," ar an
t-abhach; "agus féach thusa faoi an leic sin thall agus
gheobhaidh tú gogóg óir, agus beir leat í." "Beir
buaidh agus beannacht," ar Chathal, "agus is dóigh liom-
sa gur duine éigin de uaisle mo mhuinntire fhéin
thusa, agus gur b'é dia mo dhaoine .i. Crom Cruach, a
sheól mise teagbháil duit anocht"; agus leis sin thug
Cathal sithe sanntach sothlámhach fá'n leac ar nós nach
mór nachar sgoith na méara de fhéin, agus ní bhfuair
fuithe acht ciarógaí, daoil, agus mórán de phéistibh
éagsamhla eile, ionnus gur thóg sé a cheann go prab
le ionnsaidhe a thabhairt ar an luchramán, agus ní
bhfuair aige acht carnán de dhuilleógaibh críona in áit
an ghréasaidhe, agus bhí na hasail san bhfoghail, ionnus
go mba éigin do Chathal teicheadh le n-a anam ó'n
tsíogaidhe, agus chum sé an laoi seo síos mar leanas:




Ó, a Dhia mo athara, nach truagh mo chás,
Is mé claoidhte meaithte gan duine 'mo dháil,
Acht síogaidhe gan bheannughadh nachar geineadh ó Ádhamh,
Is go meallfadh le siollaidh an t-éan de'n bhfál.



Nach fiosach gach duine ins an Chríoch† seo †Fáil,
Dá gcualaidh dá gcluineann is dágcluinfidh mo sgéal,
Dá bhfuighinn-se an cisde mar shaoil mé a fhagháil,
Nach ualach bratóg a tchífidhe ar Chathal.



Acht siubhailfidh mé feasta gach bruidhin is ráth,
Ó chuantaibh Bhiorra go dtí Droichead Áth',
Síos a chois Banna go geataibh an tSráth Bháin,
Sul fá bpillfidh mé abhaile chuig mo mháthair mar
atáim.




"Agus dar an anam a bhí i gcorp Pheadair na
gCeann .i. mo dháid mór, má theagbhann damhsa an
t-arrachtach an dara huair, is mise fhéin a bhainfeas
sásamh as, ar son an cheilg a d'imir orm aige cúl


L. 264


Lios a Phúca. Acht ar bpilleadh abhaile do Chathal go
Currach na Glaice ní rabh plannda fraoich ó Loch
na gCinn go Móin Éille nach rabh arn-a sgrios le
muinntir Bhráidhe, mar aon le Brian Ó Ruairc, agus
an teaglach ar ghléas gur choimhlíonadh an sean-fhocal -
"Cha rabh sé le fagháil nuair a bhí an chiall dá roinn."



132 - LÉIGHEAS AN GHÚTA.
Tomás Ó Cléirigh cct.



I
Is fiosach dhamh do ghalar
A bheith ar mhórán cléire,
Cé mór do ghaol le Gallaibh
B'fhearr a bheith ar nós na Gaedhealtacht'.


L. 265


II
Gabh mo chomhairle, a chara,
'S ní bhéidh do alta brúighte,
Agus thar an uile ghalar
Béidh tú slán ó'n ghúta.



III
Ná hith sicín rósta,
Ná caith tósta na maidne;
Ná bíodh tirm do bhróga,
Siubhail ar nós na fine.



IV
Cuir deoch na maidne ar gcúl,
Ná hibh 'san gcúl acht deoch mhéidhge,
Seachain misleán is plúr,
Seachain bágún le do ré-sa.



V
Ná cleacht fíon is brandaigh
Is siúcra candaidh dá losgadh;
Ó mhaidin go dtí tráthnóna
Bí Dia Domhnaigh 'do throsgadh;



VI
Is folláin trosgadh an Luain,
Is le cluain cuir thart an Mhárt-sa;
Feoil Cheadaoine ná cleacht,
Is Diardaoin ná caith do sháith dí.



VII
Trosgadh Sathairn is Aoine,
Riaghail díreach an chrábhaidh:
Is má ghnidh tú sin go fírinneach
Gheobhair go síorraidhe sláinte.


L. 266


VIII
Fliuch go minic do chosa,
Is leig do ghearrán ar stábla;
Gabh bradán is liúsa,
'S ní bhéidh gúta in do spágaibh.



IX
Arán léireach coirce,
Sean-im, stobhach seanda
Is maith an léigheas ar ghúta é
Is luigh faoi shúsa sean-ruadh.



X
Gabh-sa cómhairle an dochtúr'
Do dhearbhas hoc probatum,
Ná hibh beoir ar leasughadh
Le mil nó le favum.



An tAmhrán Ceangal:
Léig béasa ró-ghléasda na Sacsanach díot,
Siubhail go héadtrom thríd sléibhtibh agus stalcacha
fraoch,
Ná géill dá ghéire bhíos fearthainn nó gaoth,
Gan chéimniughadh go hioscaid i gcurrach 's i ndíg.


L. 267


133 - AMHRÁN NA dTINCLÉIRÍ.



I
Tháinic a' stróinse abhaile tráthnóna,
Is bhuail seisean stróic ar a' mhadadh;
Thúsaigh sé a labhradh is a thabhairt mionna móra
Go líonfadh sé cófra 'gus canna.
d'fhiostruigh sé díom-sa go frisnéiseach faobhrach,
"An é sin ar shníomh tú ó mhaidin?"



II - An Bhean
"Romhair mé na díogaí, is chart mé an t-aoileach,
Is sheol mé na caoirigh ó'n gheamhar;
Bhí mé seal ag cur tuigheadh i ndoras na gaoithe,
Seal eile ag tabhairt cich' do do leanbh."



III - An Fear
"Phós mé thú 'shíogaidhe, gan bhólacht gan mhaoin-se,
Ar neamh-chead do mo dhaoinibh, is tú folamh;
Is mur ndeánfaidh tú sníomhachán thar mar a
tchím-sa,
M'anam ó'n Tighearna go muir'fead.



IV - An Bhean
"A shean-duine aosta a shiubhail na seacht dtíortha,
Agus chaith 'n oidhche 'réir i dtoigh leanna,
Nach mór a' croidhe duit a chuir magadh ar mo
dhaoinibh
Nár chorruigh ariamh as a' bhaile.



V - An Fear
"I gConndae na Midhe fuair mé 'n chéad amharc
'riamh ort,
Is go siubhladh sibh Éirinn le hasal;
'S gan duine ar an aonach nach gcuirfeadh sibh sgaoll
ann
Le $tins ar mur dtaobhannaí ag cnagadh."


L. 268


VI - An Bhean
"Is ó ríoghraidh Uí Ruarcaigh mé, a shíolruigh ó uaisle,
Cé go mbínn in mo shuidhe 'gcionn a' stannain;
Mór-uaisle na tíre bhíodh cruinn ar 'ach taoibh
dúinn,
Ná 's agam-sa bhíodh neithe rabh meas air.



VII
"Hainceirsean síoda, 'gus pattern brístí
De na hearraidh ba daoire bhí i Sasain;
Ceastair do'n tsíoda mar chaith iarlaí nó righte -
Le m'athair a bhíodh in a phaca."



VIII - An Fear
"Má's ó ríoghraidh Uí Ruarcaigh tú a shíolruigh ó
uaisle,
Bhítheá-sa thuas ag an stannan,
Is gan aon bhacach dá ngluaiseadh ó Shligeach go
Luachros
Nach mbíodh cruinn an uair sin sa' scafta.



IX
"Ní hé deilín na naomh bhíodh leo teacht na hoidhche,
Sé an paidrín bhíodh aca an bata;
M'óch a Rí dhílis, nach mór m'ádhbhar caointe,
Nár chreid mé an fhírinne ó m'athair."




L. 269



Tháinic an duine aosta abhaile san oidhche,
"Éirigh is cóirigh mo leabaidh,
Craith go caoin caoin í, tionntuigh aníos í,
Bíodh tréan tuigheadh i n-aice an cholba;
Ná fág áirdeacht nó ísleacht nó cnapán gan spíonadh,
Go síntear go díreach mo cholann.
Tarraing an ghríosach amach ar gach taoibh díom,
Go dtéidhtear mo thaobh is mo leath-taobh.



A shean-duine aosta, sin leat-sa, má ghním-se
Beo 'gcionn na míosa ná rabh mé;
Cibé ar bith daoine ar chaith tú tús do shaoghail leo
Téigheadh siad a spíonadh do leabaidh.
Mur bhfuighinn-se athrughadh ó Mháthair na Trócaire
Go siubhailfinn an saoghal le bacach,
Sul mar mbéinn pósta ar mhac an fhir dhóighte,
Nár oil is nár fhoghluim aon phaidir.
A chailíní óga atá réidh un bhúr bpósta
Bheirfinn díobh comhairle bhur leasa,
Gan a bheith ag ól ar aontaigh le stócaigh,
Nó béidh sibh ag córughadh dhóibh leabtha.


L. 270


134 - CEOL NA mBRÉAG.



I
Chonnaic mé dís in íochtar an eagáin sa' Bhóinn,
An seangán 's a' daol ag síor-chur troda ar an
leomhan;
An bunnán 's a phíopa sínte lasta ar dóigh,
Is an mac tíre 's é síobadh sneachta amach as a
shróin.



II
Chonnaic mé an coinín anuraidh 'na chliabhóir cearc,
Agus tarbh mór baineann ar a' mhuin ina mhála breac;
An ganndal 's a' sionnach go brionnach ag cáitheamh
tumbac,
Is cloch mhuilinn ar eilteóig ag tómhas na hÉirne
thart.



III
Chonnaic mé liús ag cumhdach a sáil ar shliabh,
Agus seilide búrc ag rúsgadh bocán mór fiaidh;
Nead ag an bpúca agus spliúchán bog ar a ghiall,
Agus Caiseal na Mumhan ar chúige Uladh ag triall.


L. 271


134 a CEOL NA mBRÉAG.



I
Chonnaic mé an teampall dá dheánamh ar a'
tuinn adaidh thiar,
Bhí an ruacán go háithbhéal ag gearradh cloch ag
n-a thaobh,
Bhí 'n gainimh ar cárr ann is an báirneach dá mheasgadh
fríd aol,
Bhí reithe as an Spáinn ann, agus bárdail ag seinnim
ar phíob.



II
Chonnaic mé indé gus mé ar stól in mo shuidhe
Naoi gcionn de chnuic sléibhe ar mhias i seomra an
ríogh;
Bhí iolar ag sgréachan i ndiaidh a bheith rósta le mí,
Is bhí muileann Uí Néill ag éileamh pósta ar mhnaoi.



III
Chonnaic mé Dia Domhnaigh é ag rómhar an chnuic adaidh
thall,
Dubhan alla is bróga air, is ba bhródamhail é a' réidhtigh
a chinn;
Bhí seangán is cóiste air, is é 'lódaidheacht cloch' as
an pholl,
Bhí creabhar i gcionn a chródh-iarainn 's é 'córughadh
a hata ar a cheann.



IV
Chonnaic mé asal ag cárdáil barraigh Dia Luain,
Seilide 'deánamh sráide i Lonndun le tuaith,
Bhí Corcaigh i mbád ag snámh ar mhullaigh an tSléibh'
Ruaidh,
Is bhí muileann is ceárdcha i lár na cruit' ar an
chuaich.


L. 272


V
Chonnaic mé coinín indé 'cur cliabh ar chat,
Is tarbh mór baineann ar a dhruim leis i mála breac;
Bhí sionnach go brionnach ann agus é ag caitheamh tobac,
An bhró mhuilinn ar eiteóig agus í ag tómhas na
hÉirne thart.



VI
Chonnaic mé an domhan ag iomáin ar bhórd an ríogh,
Bhí Iarla an Chabháin ann agus a bhearad ar an bhacach
bhuidhe,
Bhí an fheadóg 's an fheannóg agus an grán aca le
díol,
Is bhí nead ag an chonach i mbrollach bhean Iarla na
Midhe.



VII
Chonnaic mé Éire le réabhóg ar mhullach a cinn,
Frog agus speal aici baint fhéir ar shráid Dhún na
nGall,
Péist chapaill is earc sléibhe agus craobhraic ag
fás ar a ndruim,
Is cearc uisge 'deánamh léinte de'n fhéar a bhí 'fás
ar an Fhionn.



135 - GIOTAÍ GOIRIDE.
a ART MAC NAOIS AGUS AN MADADH RUADH.



Art:
A mhadaidh ruaidh ná rabh tú buan,
Is fada luach mo choiligh ort;
A chraosáin ghruama, is fíor gur uaidh tú
An t-éan a bhí suairceach ceileabhrach.


L. 273


Ba bhinne gach uaill dá gcluinfidhe uadh
Ná smaoiligh 's cuacha i gcuideachta;
'S níl cearc dá gcualaidh a ainm nó a luach
Nach dtiocfadh go luath chuige 'g gucarsaigh.



An Madadh Ruadh:
Thug tú h-ách =heitheach ar do bhéal, a tháilliúir,
Is deirim go dána daingean leat;
Ós mise bhí 'láthair ag triall chun bháis dó,
Is dear'athair damh 'deánamh tuirimh dó;
Bhí maoladh sál' air, cíb agus cársan,
Is círín beárnach aige-sean,
'S gurbh é 'n foghnamh ab fhearr bhí ar an éan bocht
cráidhte,
Fuaim a gháire 's a chleiteacha.



b NA TÁILLIÚIRÍ.



I
Dhéanfaidh mise báda bronnmhór,
Iomróchas go fonnmhar ar sáile,
Is cha leigim neoch dá hionnsaidhe,
Mar cheannphort acht táilliúir.
II
Óir is furus a gcur in órdughadh
I mbéal bóchna ins an oidhche,
Chan iarrfadh siad mar lóchrann
Acht beo i mbárr píce.


L. 274


III
Ba mhaith an t-ádhbhar gáire
Fán tráth-sa na gruagaigh -
Cormac agus Pádraig
Is a' fear báidhte ar a nguallaibh.



IV An tAmhrán:
Chuartaigh siad gach cóirnéal ó Chloch Mhór thoir na
n-Iarla
Go ronnaibh na Bóinne aige teorainn na hIar-Mhidhe,
Gan choinneal gan tóirse 'tóruigheacht ar iasgaibh,
Is níor ghabh oirid is d'fhóirfeadh do dhreóilín bliadhana.



c MAIRGNE A' CHOILIGH.



I
"Ambó," ars' an chearc, is í ag dul ar an
fharadh,
"Nach buadhartha bocht bearranach mé 'g innsint
mo sgéil,
Fá chéile mo leabtha agus athair mo chloinne
Sínte sa phota agus leac ar a bhéal.



II
"Mo choileach beag ramhar a rugadh sa Mhárta,
Chruinnigh na mná a chuir an-dúil ins an fheoil;
Phioc siad a chosa, agus stiall siad a chnámha,
Agus chaith siad an tráth sin súgach go leor.


L. 275


III
"'Á bhfeictheá mo choileach lá aonaigh 's margaidh,
Ag siubhal ar an tsráid sin aníos agus síos,
Péire spur geal air de'n airgead deánta,
A háta faoi lásaí, agus lámhanaí buidhe.



IV
Spreaghadh go bráth ar mhnáibh Dhoire Leathan,
Is iad go díoth-náireach a chuir dúil ins an fheóil.
Ní críoch



d SEÁN MHAC AOIDH.



I
"Éirigh a Shinéad, is cuir síos a sciolloid,
Is teana a shuipéar do Sheán Mhac Aoidh."
Chan éirighim," arsa Sinéad, "tá poll ar a
sciolloid,
Is leigfeadh sé suipéar an duine bhoicht fríd."



Curfá:
Fuip radaire, gan mhúineadh, gan mheanmnadh
Fuip radaire, gan mheanmnadh, Seán Mhac Aoidh.
Arís



II
"Éirigh a Róise, is cuir ort do chlóca,
Is téidh chuige tórramh an fhir a fuair bás."
"Chan éirighim," arsa Róise, "tá poll ar mo
chlóca,
Is fuireóchaidh mé 'nnseo ag an fhear atá slán."
Curfá.


L. 276


III
"Éirigh, a Nóra, is cuir ort do bhróga,
Is téidh go dtí'n tábhairne fá dhéin ghloine dighe."
"Chan éirighim," arsa Nóra, "níl bonn in mo phóca,
Le gloine de'n ól 'fhagháil fá do scórnaigh bhuidhe."
Curfá.




e TOIGH NA CAILLIGHE RIABHAIGHE.



I
Aige casadh cam na Feadarnaighe
Ag ionnsuidhe ar na sléibhte dhuit,
Ar thaoibh do láimhe deise
Bhí toigh na Caillighe Riabhaighe.



II
Bhí daoine 'niar as Connacht' ann,
Is Clann Olibheir na tíre;
Do réir mar deir na dailtíní
Bhí curadh Chairn tSiadhail ann.



III
Bíonn ubh ag dul 's na ciseáinibh
Is meascán dul 's na cliabháin
Bíonn leithsgéal ag na cailíní
Go toigh na Caillighe Riabhaighe.


L. 277


IV
A chailíní, a chailíní,
Glacaigidh mo chomhairle,
Is ná bígidh ag iomardas
Le clann na ndaoine uaisle.



V
Is aca tá an t-airgead
A cheannuigheas a' sópa,
Cha bhíonn starch a' rórán donn
Ag seasamh ina mbórders.
Gan chríoch.




135 f MO SHEANDUINE DÓIGHTE.



'Á bhfeictheá mo sheanduine ar uair a' mheadhon
oidhche,
A chionn ar a' mbaic 's é 'caitheamh a phíopa;
Cheangail mé eisean de chosa na cómhra,
Is shiubhail mé ina na bealaigh' leis na buachaillibh
óga.



Curfá:


L. 278


Oró, 'sheanduine, 'sheanduine dhóighte,
Nach mairg gur chaill mé mó chroidhe beag óg leat.



'Á bhfeictheá mo sheanduine ag dul fríd a' mhónaidh,
B'é mo sheanduine an sean-fhear ba mhó aca;
Bhí ocht slata deag in íochtar a chóta,
Agus naoi gcroiceann capall in uachtar a bhróga.
Curfá.



Chuir mise mo sheanduine go Tír na hÓige;
Tháinic sé abhaile 'na sprioslán dóighte;
Chuir mise ar a' faradh é 'g iarraidh sócamhail,
Is thuit sé ar a' talamh, is dheamhan a bhéas beo de.
Curfá.



g CUIDEACHTA MHAOLRA.



Mórnán, cupán, agus píopa
Trí ní bhí aige Maolra ar a leabaidh;
Ba olc an chuideachta dhó iad,
Níor leig siad air suan nó codladh.
"Ba chuma liomsa," ars' an mórnán,
"Dá mbéadh sé gan é a choidhche,
Is minic a d'fhág sé mo bholg-sa folamh
Lá fada agus oidhche."
"Ba chuma, agus liom-sa," ars' an píopa,
"Gidh gur mhian leis mo phógadh,
Is minic a loisg sé mo shoc ins a' ghríosaigh,
Agus bhris mo mhuinnéal in a phóca."
"Éistidh liomsa," ars' an cupán,
"A dhís breallán gan tuigse,
Béidh sé slán folláin go fóill,
Níl air acht ceo beag meisge."


L. 279


h CEISD DÓ-FHUASGAILTE.



Bíonn lucht coimhead carcair cruaidh i gcroidhe,
Gidh gur b'é sin mise táim bog maoith;
Seasaim i ndoras an phríosúin chruinn,
Buailte isteach ann mar bhéadh dinn,
Go dtig an giolla le na rinn,
Is go bpollann mise thríd an gceann;
Fágaim an áit go fallta fann,
Sgirdidh an gadaidhe is éirighidh an greann,
Toisighidh an ceol, is sinnidh an phíob,
Is tleigfear mise amach fá'n ngríob.
Freagra - Corca buidéil.




L. 283


VI - AMHRÁIN ÓLACHÁIN
136 - AN PÓITEÓIR.



I
Nach dona 's nach brónach do'n té bhíos ag ól,
Níl sógh ag a mhnaoi bhoicht nó lón ar a bhórd,
Níl bó in a bhoitheach, nó caora in a chró,
Is gur cuma leis fá'n domhan mhór acht gloine bheith 'na
dhórn.



II
Níl ór i na phócaibh, nó coirce i na stór,
Tá a chóta 'lig stróctha, is a bhróga 'gabháil cheóil,
A chuid páistí tá gan éadach, is cha bhíonn siad 'bhfad
beo,
'S go ndíolfadh sé a anam ar ghloine de'n bheóir.



III
Nuair a thiocfas an Domhnach níl aige culaidh chóir,
Ní théid sé 'un Aifrinn, is bidh sé faoi bhrón;
Tá a bhean bhocht ag guidhe Dé fá n-a thionntódh
ó'n bheóir,
Le n-a bheatha do léigheas dó i ngleann seo na ndeor.



IV
Tá Máire go dona, is Nuala faoi bhrón,
Agus Pádraig 'á laghdughadh 'san chóirneal gan
teodhacht;
Tá na h-iasgairí cruinn, is na bádaí faoi sheol,
Is Seán óg go hathchuingeach air ó chlár toigh an óil.


L. 284


137 - AN MHEISGE.



A mheisge mhuirneach, mo ghrádh féin thú,
Is fada liom atáim do d'éagmais,
'S ní fhacaidh mé ón am so 'ndé thú;
Ní híongnadh dhamh-sa bheith go déarach,
'S gur phós mé 'gcionn mo dhá bhliadhain déag thú,
'S nach dtearn mé 'riamh d'athrughadh 'chéile,
Chionn mar dobhéarthá mo thoil féin damh,
'S gur shaoil mé nach sgarfainn go héag leat;
Ní hé seo amháin maith dá ndéanfá,
Tráth gheobhadh cách thú ar chlár mar fhéirín:
An té bhíos bocht doghnídh tú saidhbhir,
'S an té bhéadh brúideamhail béidh sé méineamhail,
'S an té bhéadh cruaidh do ghluaisfeá féile ann,
An té bhéadh sanntach amsgaoidh saoghalta
Bidh sé greannmhar fonnmhar méidhreach.
Is maith a mhúin tú dhamh bheith tréitheach
I dteangaidh mo mháthar is i ngach Béarla.
Anois faraor gé táim gan aon smid
d'inneósainn páirt do d'thréarthaibh.
Is uaisle thú ná mór-shíol Éabha,
Is dobhéarthá buaidh ar fhearaibh Éireann.
An té bhíos ciúin do-ghnídh tú baoth é,
An té bhíos óg do-ghnídh tú aosta,
Is óg arís an té is léithe.
Buaidh bheag eile nach n-innsighim féin ort,
Ní fhághann tú locht ar leabaidh nó ar éadach,
Ní fearr leat an doras ná ghabháil d'éadan,
An tráth d'éireóchá amach i ndiaidh an fhéasta,
Shiubhailfeá an oidhche go haigeanta éadtrom,
Is bhéadh steall chlábair ar gach taobh dhíom.
Luighe agus codladh ba chuma cá ndéanfá,
B'ionann leat an mhóin agus lár a' réidhtigh;
B'ionann leat an fhearthainn 's fosgadh na héadan.


L. 285


Ní híseal aithristear ar do ghaoltaibh;
Ní raibh mac díleas ó íochtar Éireann
Nach raibh do ghaol leis tríd na críochaibh -
Siúr Uí Dhomhnaill, is siúr Uí Néill thú,
Siúr Mhic Guidhir ó imeall na hÉirne,
Siúr Mhic Mhathghamhna na n-each léimneach,
Siúr Uí Dhúighthe le ndúisgfidhe deigh-gníomh,
Siúr Uí Chonchubhair ó imeall na hÉireann,
Siúr Uí Ruairc, is siúr Uí Raghallaigh,
Siúr an Iarla bhí thiar gan aon locht,
Siúr Iarla Chill Dara ba ghar a chéim duit,
Siúr Uí Annluain ó bharr an tsléibhe,
Siúr Mhic Aongusa ó Chaol an uisge,
Siúr Mhic Chonaill anall ó Aontruim,
Siúr Uí Chatháin, is siúr Mhic Suibhne,
Siúr gach dochtúra, is siúr gach liaigh thú,
Siúr gach trúipéir, is siúr gach saighdiúr,
Siúr aois chiúil, is siúr na héigse,
Siúr mór mhór do lucht dlighe Éireann;
Siúr ban uasal in uaigneas lae thú,
Siúr ban óg gach neóin dá bhféadfadh,
Siúr ban maoine a' luighe is ag éirighe,
Siúr ban thíos ar íochtar sléibhe.
Is tá páirt fhogus agam féin leat,
Agus gaol ró-mhór ag eaglais Dé leat.
Is áirde suas thú ná na spéarthaí,
Is mó go mór thú ná cnoc gréine,
Is bídh tú íseal an lá ina dhiaidh sin.
Seo fá do thuairim is Dia do do réidhteach,
A lán sa chopán 's béidh mé réidh leat.



AMHRÁN.
A mheisge thréitheach, bhéasach, mhaiseach, sháimh,
Is cliste, tréanmhar, méidhreach, measda i gcáil;
Mise, a chéile, bheith im' aonar uait-se lá,
Is baos céille is céasadh buan an dáil.


L. 286


138 - UISGE BEATHA.



I
Mo bhrón ar an fhuisgeadh, sé 'n fear cleasach é,
'S iomdhaidh croidhe tuirseach a thabhaigh sé,
'S gan ó'n righ go dtí'n bacach a mbéadh in a thathuighe
Nach dtabhairfeadh dó taitneamh is mórán spéis'.



II
"M'och hó," ars' an chailleach ag éirghe ar maidin dí,
I ndéidh a bheith marbh ón mheadhon-oidhche aréir,
"d'on raé pighinn agam a bhéarfainn ar naigín,
Is seo dhuit mo phaidrín ar lán mo bhéil."



III
Má labhrann an sagart leat buail ins a' leiceann é,
Ólann sé 'n gloine a sháith é fhéin,
Níl smál nó smadán a luighfeadh ar d'anam,
Fá dheoch uisge beatha acht a bheith slán 'na dhéidh.


L. 287


139 - PLÉARÁCA NA bPOLLAN.



I
Éireóchaidh mé imbárach is rachaidh mé 'un
aonaigh -
Tá mé 'mo chodladh 's ná dúis'thear mé -
Agus leigfidh mé le bradóig go bhfuil mé 'r na
daoraidh,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Níl poball níl poll níl áit a bhfuil ann aca,
Ó thoigh Bhillidh Bháin go teanntaí mban Chonnachtaigh,
Nach mbím-se seal oidhche ar maos 's mé ag ughchairt
ann,
Tá mé 'mo chodladh, srl.



II
Ar philleadh aníos as Aonach na bPollan damh,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Le héirighe na gealaighe 's le glaise na maidne úir',
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Cluinfear mo ghlór, mo cheol is mo challán ann,
Ag carnan mionnaí móra, ar a' nós mar bhéadh
dragún ann,
Cha dtéidheann tart ar mo sgóig acht ag ól go rabh an
mhaidin ann,
Tá mé 'mo chodladh, srl.



III
Teacht anall ar a' droichead damh ar dheireadh mo
phóiteachta,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Dhéanfaidh mé sgíste ag teach Shéamuis Uí Dhochartaigh,
Tá mé 'mo chodladh, srl.


L. 288


Béidh mo chasóg 's a línín síos liom 'na luideógaí,
Mo charbhat 's mo léine le chéile 'na ngiobógaí,
'S gur duibhe ná'n gual dubh mo ghuailneacha ó
ghreadógaí,
Tá mé 'mo chodladh, srl.



IV
Acht stadfaidh mé ó'n ól, 'ar ndóighthe cha bhainim
leis,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Má iarrtar a dh'ól mé 'ar a leóga ní rachaidh mé,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Ná dheánfaidh mé móid mar rinne Tomás Ó hEigheartaigh,
Is ní bhlasfaidh mé a'n deor de bheóir nó de bhiotáilte,
Ó Bhealtain' go Samhain is ó Shamhain go Bealtaine,
Tá mé 'mo chodladh, srl.



V
Bíonn tart agus tinneas do mo oibriughadh le chéile,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Is an mhóid adaidh thug mé go mb'éigin damh shéanadh,
Tá mé 'mo chodladh, srl.
Coicthighis ó'n lá seo má fhaghaim féin biseach,
Nó 'n still a bheith san áit sin go ndeánfaidh mé
'sileadh,
Ná níor shíl mé riamh mórán de'n mhóid adaidh Thomáis,
Tá mé 'mo chodladh, srl.


L. 289



Is mithid dom labhairt ar Hamilton Walker,
Duine uasal breagh fearamhail nár choigil a stór,
'S gur fhág sé na mílte 'na luighe le digh,
Ar thráigh Ionnas Caol ina meisge le póit.




140 - AN BHEIRT PHÓTAIRE.
Dubhairt fear aca leis an fhear eile go n-éireóchadh
sé críonna.



I - An Chéad Fhear
Níl aon phighinn go deo dá mbeirfidh mé uirthi níos
mó,
Nach gcuireann mé in mo phóca go mbíonn sin lán,
Go gceannóchaidh mé bó bhreágh bhainne nó dó,
Agus earradh de'n tseort atá 'feitheamh ar chách.
Ní bhéidh mise gan dóigh feasta níos mó,
Dheánfaidh mé an treabhadh agus cur do na mnáibh,
Bainfidh mé an mhóin teacht na Féil' Eóin,
Is béidh agam teach mór agus similéar árd.


L. 290


II - An Dara Fear
Maise is glórthaí gan suim a chuir tú in do cheann,
A ghiolla, dar liom, dá gceannóchthá bó,
Gan fios goidé 'n poll a rachadh sí ann,
Is nach n-ólfá-sa pionnta dá bainne go deo.
Is má théidhim-sa thar tuinn béidh cailín deas liom,
A mbéidh aici cainnt agus cuid de 'achan ól;
Suidhfidh mé i seomra agus sgairtfead ar a' dram,
Agus deirfidh go teann "Tá tart ar mo sgóig."



III - An Chéad Fhear
A dhuine gan chéill, is goirid an saoghal,
Is tiocfaidh an aois orainn gan spás,
Is b'fhearr damh-sa, saoilim, in áit bheith i' mo aonar,
Bean is clann bheith mo thimcheall nuair a thiocfas an
bás.
Béidh inghín do mo chaoineadh, is inghín do mo
shíneadh,
Is deagh-mhac ag spíonadh an tobac' ar an chlár;
Béidh an chuid eile ag guidhe na nEaspal 's na Naomh,
Le trócaire an Ríogh a dheánamh ar Sheán.



IV - An Dara Fear
Nuair a théidhim un aonaigh éirigheann mo chroidhe
Nuair a tchídhim na daoine cruinn as gach cearn,
Teannaim-sa síos in aice na dighe,
Ní minic a bhím-sa amuigh ar a' tsráid;
Suidhim fhéin síos ag tábla an fhíona,
Is buailim go díreach an bata ar a' chlár,
Ní iarraim d'aoibhneas nó d'aiteas an tsaoghail,
Acht duine na dísle, sin Séamus 'ac Seáin.


L. 291


141 - AN BACACH.



I
lacuna 2 líne.
Níl coirce nó eorna 'gam le 'ndeánfainn de lionn,
'Sé síor-ól na gcártaí 'fhágas mála ar mo
dhruim.



II
Béidh cruinniughadh ag bacaigh i Sligeach Dia Luain,
'S béidh mise aca nó caillfidh mé 'n siubhal,
Go bhfágh' mé fios ainm 'ach mála i mbun rúin,
Is go socróchaidh siad orm go comhthrom an ughaim.



III
'S iomdhaidh teach folamh ina gcaithim an oidhch'
Ó fhíor-thús an earraigh go mbaintear a' líon;
Ó Shamhain go Nodlaig aon ghoradh ní bhfuighim,
Óir ní féidir damh airgead a' teallaigh a dhíol.



IV
Is mairg a mbíonn póca air 's é 'dtólamh beith folamh
Tart ar a sgóig is a stór ag mnaoi 'n leanna;
Nuair a fhéachaim i' mo phóca is mo lón a bheith reaithte,
Bidh sean-táirngí bróg in mo phóca 'á gcraitheadh.


L. 292


142 - LÁ FHÉIL' PÁDRAIG.



I
Lá fhéil' Pádraig char ghnáthach liom a bheith
'coimhead a' chró,
Acht ag ól i dtoigh na tábhairne maidin agus neóin,
Na cártaí bheith ar láimh linn, is na gloiní a bheith 'nar
gcómhair,
Gníomh náire cha dteárn mé in mo mheisge ariamh go
fóill.



II
Is duine dona mise nach fheil agam lón nó stór,
Níl agam ar a' tsaoghal seo acht cnámha sean-bhó;
Sul a mbéadh sí 'gá mo bhuaidhreadh 'gá ceangal ins a'
chró,
Is aerach deas a dheánfainn a craiceann-sa a ól.



III
'Á mbéadh cisde agam, 'sgéal deimhin é, go sgaoilfinn
a bhéal,
Chuirfinn cruinniughadh ar mhná deasa na tíre 'lig go
léir,
Rachainn go toigh na tábhairne is shuidhfinn le n-a
dtaoibh,
Is bhéinn ag ól sugh na heorna go dtuitfimis i néal.


L. 300


143 - MUINNTEAR GHALLCHOBHAIR AGUS CLANN
DÁIBHIDH.



I
Nábla Nic Dháibhidh:



Sé Séamus an file adaidh a mholas an cineadh
Nár chualathas riamh dadaidh dá dtréartha,
Acht 'na suidhe cois na teineadh ag dóghadh na gcipín,
Is ag rósadh sgidín dá bhféadfadh:
A dtréartha go huile níor chualaidh ao' nduine,
I ngleo nó i gcruinniughadh dá mhéad é;
Cha dtabhairfinn-se pionna ar a bhfuil beo dá
gcineadh
Acht an méid a bhfuil cuisle Chloinn' Dáibhidh ann.



II
Séamus Ó Gallchobhair:
Nach iomarcach claon duit do chuisle a mhaoidheamh
I nGallchobhair ríoghmhail féidhmeamhail,
Is fios ag an tsaoghal go bhfuil Clann Dáibhidh gan
bhrígh,
Is go meathfadh siad síol ó thréan-fhear


L. 301


Ar mbunadh a bhíodh ar eachraidh díl'
Ag seasamh do'n Righ le héifeacht,
Nuair a bhí sibh mur ndíthreabhaigh, 'cruinniughadh na
bhfraochóg,
Fá bheannaibh mar bhíodh na préacháin.



III
Nábla:
Cruinniughadh na bhfraochóg ná loisc thusa le spíd
Leis an chineadh tá saor ó Ádhmha,
'Na n-easpuig 's na bpríomháidh is 'na n-eaglaisigh
líonmhar,
Sé chluinim gur daobhtha an Pápa.
Dá mb'eol liom a sgríobh do réir mar ba mhian liom
Chuirfinn a dtréartha síos ar pháipéar;
Dá bhfuightheá thusa maoin ríogh Sasain de bhríb
Ar Dhoire sin thíos cha dtráchtfá.



IV
Séamus:
Charbh fhiosach 's char bhrígh damh ao' nduine de do
dhaoinibh
Seasamh do'n rígh 'na ghéibhinn,
Acht an dromadóir caoch a scar le n-a mhnaoi,
'S a haicme go dtí na Léara.
I gConndae na Mídhe chonnaic mé 'n straoille
'S níor mhaiseach a ghnaoi le féachaint,
Sé chuala mé ríst ag fear a chuaidh 'n tslighe
Gur leadramach buidhe de Chloinn Dáibhidh é.



V
Nábla:
Go Conndae na Mídhe ná téidh dh'iarraidh iongantais
Go gcuartóchaidh tú 'n tír seo a Shéamuis;
Gheobhaidh tú 'n Collach mór maol is a bhan-chéile
bhuidhe,
'S gur de mhuinntir Ghallchobhair go fíor an péire.


L. 302


Ní fhuigfeadh siad fuigheall de pheice san ghríosaigh,
Agus ar tharsan cha deánfadh éagcaoint,
Acht an t-uisge as a' díg agus an mhin-gharbh a chur
fríd,
Agus d'admhóchadh do'n tsaoghal gur féasta é.



VI
Séamus:
Tá bean ins an tír seo 's ní caraid damh í,
Nó tá sí go faobhrach laetheamhail;
A' bagairt nach bhfuigfeadh ribe ar mo mhaol,
Is nach ndeánfadh sí fuigheall dem' fhéasóig.
Má ghnídh sise gníomh mar tá sí a' maoidheamh
Is bearradóir í bhéas féidhmeamhail,
Agus ba mheasa duit í bheith in d'aice san oidhch'
Ná'n driseóg a bhíos gan sméara.


L. 303


144 - IS ÉAN BOCHT SCAITHTE MÉ.
Nábla Nic Dháibhidh a chum



I
Is éan bocht scaithte mé le fada
Ó chaill mé mo chúl báire;
Níl teach mo charad rómham 's na bealaigh,
'S ní truagh le neach mé bheith cráidhte.



II
Sé éag mo charad a d'fhág ar lear mé,
Agus d'fhág mé 'nocht mar tá mé;
'S a Rí tá ar a' domhan go luathaighidh Tú 'n tSamhain
Is go seolaidh Tú thara Bhéal Trágha mé.



III
Tá mo chroidhe fhéin buadhartha, nidh nach dual,
Ar nós nach fiú liom innse,
Acht dá mbínn-se thuas go dtí Lá 'n Luain
Ar ais anuas ní phillfinn.



IV
Ar a' Chúil Mhaoile thuas is buan mo chuairt
Go saoitheamhail suairc 'na dteannta;
Ar philleadh damh 'nuas ní bhím acht faoi ghruaim,
Ag deánamh ciúil i ngleanntan.



V
Mar éan ar a' chraoibh i ndiaidh an seabhac dá chlaoidh
Atá mo chroidhe gan amhras,
Nó mar each le gaoith a shiubhailfeadh an saoghal,
Is bhéarfadh 'n chraobh mar gheall leis.


L. 304


VI
Ó níl aoin de mo ghaol rómham nó i m'aice -
Sin díbhse brigh mo chantain;
Is nach truagh libh éan bocht scaithte mar mé
Ar an chóigríoch ag déanamh ranntaí.



CAITLÍN LAGHACH NIC PHÁIDÍN.
Conall Mac Dáibhidh a chum.



I
Coicthighis 's a' lá seo d'imthigh mo ghrádh-sa,
'S is fuide é ná ráithe, 'ar liom-sa:
Mur dtaraidh gan spás is a leithsgéal bheith
tráthach,
Rachad fá'n chás un iomráidh.



II
Tá ceannuidhe san áit seo a rannas a' snáth,
Bheir sé teithream do mhnáibh as cuimse'
Dubhairt sé nach bhfágfadh sé seanbhean nó athrughadh,
Nó oighre gan ádhbhar impidhe.


L. 305


III
Acht ní chreidfidh mé sgéal ao' nduine faoi'n ghréin,
Ar Chaitlín Laghach Nic Pháidín,
Go rabh sí 'gcúl badhbhain nó ag siubhal na sráide
Ag saighdiúirí i bpléisiúr áirid.



IV
Sé mheasaim nár athruigh tallann mo mhná,
Is ní chreidfidh mé Seán na n-iomlait,
Go rabh sí fá'n chéidh nó i mbairic aréir,
Agus tuigse aici ar chás a coinsiais.



V
An té théid in aghaidh a charad 's a chéile
Bíonn sé gan spré gan tárrtháil,
Is duine gan chéill a ghnídheas dochar dó fhéin,
Is a thabhuigheas dá oighre náire.



VI
A shearc rún mo chléibh nach fada théid bréag,
Ó b'annamh leat céilidhe dheánamh;
'S gur ar thaobh mhalaidh 'n tsléibhe tá cothughadh na
nGaedheal
Tar chugainn is tréig an áit sin.


L. 306



146 - CAOINEADH EIBHLINNE.



I
Char náir damh-sa bheith i ngrádh leis a' chailín,
Sí b'fhearr damh dá bhfaca mé riamh;
Ba tárrtháil ar sráid í sa mbaile
Lá foghmhair nó earraigh fá shliabh.
'S iomaidh sin tréan-fhear breágh barramhail
Thug spéis dí, 's nach n-agaradh maoin,
Acht le tadhfam níor fhéad sí a nglacadh
Sí 'n féirín í gealladh do Bhrian.



II
Tá mo chuidiughadh-sa laghdughadh fá bhailte,
Níl caoraigh 's níl capaill ar caoi,
Níl a' t-eolaidhe fá shléibhte Loch Barra
Le géibhionn 'chur tharm mar bhíodh.


L. 307


Ní fhuigfidh siad caora nó molt agam,
Lachain nó cearca fá'n abhainn,
'S má ruagtar le gadhair iad go Gartan
Béidh na Cásaigh gan chearc i nGleann-domhain.



III
A Eibhlín, má éagaim, bí ar m'fhaire,
Deán foighid, is ná cluintear thú 'caoi,
Nó b'fhearr liom de mo roghain bheith i dtalamh
Ná 'bheith i ngéibhionn d'easbhaidh mar bhím.
Ó d'fhág tú an áit seo, a Eibhlín,
Níl aiteas ná aoibhneas 'mo shaoghal;
Agus 'Árd-Rí, bí faobhrach do m'anam,
Ná b'éigin dúinn sgaramhaint ón ghaol.


L. 308



147 - MALAIDH GHLEANN DÓMHAIN.
Conall Mac Dáibhidh a chum.



I
Tá deireadh mo stóir-sa caithte mo bhrón
Sa bhaile úd ar tógadh riamh mé;
Níl suairceas in mo ghlór, níl tuigse agaibh dó,
Is tá 'n chóigríoch go mór dom' fhéachailt.
Ag an phoball Dia Domhnaigh is anbhfann mo ghlór,
'S gan duine ann a thógfadh cian díom,
'S má tháinic mé go Gleann Dómhain chan de mo
dheóin
'S ní mhairfidh mé mórán bliadhantaí ann.



II
Sí 'n chóigríoch faraor a mhairbhfeadh an saoghal,
Is a d'fhuigfeadh na daoine buadhartha;
Sí ghealuigh mo dhlaoidh agus lagaigh mo chroidhe,
'S níl seasamh ag aoinneach léithe.
'Ach ao' nduine ar mian leis mo theagasg - ná bíodh
I bhfad ó n-a dhaoinibh céile,
Ná i dtinneas má bhíonn, nó i leathtrom, ná saoil
Go bhfuil na coimhighthigh iontaobhtha i ngéibhionn.



III
Ar bheatha na naomh do chaithfinn mo shaoghal
Ins a' bhaile úd a mbínn mo chomhnuidhe;
Is ann atá míonlach, samhaidh, súgh-chraobh,
An ghiolcach, an fraoch, sa' neóinín:
Bídh cuiridín craobhach, seascan 'dtig cíb air,
Agus sruthán, gabháil fríd go ceolmhar,
Is neamh-ionann sin 's an taobh seo de'n tír,
Tá in easbhaidh gach nidh de'n tseoirt sin.


L. 309


IV
A Cheataigh, a stór, glac misneach go mór,
'S ná cluintear níos mó thú ag éagcaoint;
Bí carthannach cóir dá rachaidh an ród,
Is ná dearmad fósta bheith déirceach.
Dá mbíodh againn bólacht airgead is ór,
Nár chuma cé'n áit a mbéadh-muist,
Agus b'fhéidir go bhfuil rómhainn an t-ádh i nGleann
Domhain
Is fá Nodlaig go mbéadh againn féasta.


L. 310



148 - AMHRÁN A' CHAPAILL.
Conall Mac Dáibhidh a chum.



I
Chaith mé le baois-se tús mo shaoghail,
Is thig tallann bheag fríom go fóill de;
Nach tuismeach an ní a bhain damh in m'aois,
Nuair a chaill mé 'n líon s a' chóta.



II
Tá an capall ag cainnt, agus sé deir sí linn
Gur beag léithe ar mhill sí aréir dóibh,
"An talamh bhí lom 's gan acht purtach dubh ann,
A thug ins a' choillidh mé i ngéibhionn.



III
"Bhí 'n tart ar mo sgóig, 's an t-ocras ró-mhór,
Is shaoil mé dá bhfóghainn na hubhlaí
Go gcoisgfeadh siad m'íota, agus ocras na
hoidhche,
Go maidin, go héirghe na gréine."



IV
Sí'n capall seo náruigh mo chroidhe is mo chnámha
In abhaill-ghort Sheáin Uí Thómhnair;
Agus coirce 'gus fásaigh aici fá bhláth,
Anois dá charnadh san fhoghmhar.



V
An t-airgead bán a shaothruigh mé fá ánró
B'éigin damh páirt a thabhairt dóibh,
Acht ba mheasa liom gráin a chur ar mo láir,
Is mise bheith i bhfáth fán ócáid.


L. 311



149 - AMHRÁN AN tSAIDHBHRIS.
Conall Mac Dáibhidh a chum.



I
Lucht sainnte nó saidhbhris ní mhaoidhfinn fhéin 'ar
ndóigh,
Tréigeann siad a' saoghal seo 's ní shaothruigh-
eann siad a' ghlóir;
'S ar imtheacht dóibh gan chian araon is gan sileadh na
ndeor,
Bíonn a muinntir go díbheirgeach i mbruighin fá
n-a stór.



II
I bhfiachaibh nó i saidhbhreas níor mhian liom fhéin mo
bhás,
Tá 'n scrioptúir dá innse gur contabhairteach an
cás;
B'fhearr liom fhéin roinn le druing, nó bheith i gcáin,
Ná mo cháirde fá mo thiomna a bheith in imreas, 's mé
'r lár.


L. 312


III
A bheith déirceach ba mhian liom agus saoitheamhail
ós cionn cláir,
Le féile agus daonnacht is gan éirghe ró-árd;
An chléir a bheith ag guidhe liom, agus an tír a bheith
'mo pháirt,
Nuair nach bhféadann fear maoineach bheith naomhtha
'fagháil bháis.



150 - AMHRÁN AN BHÁIS.



I
Ó tá mé creathnuigh', 's ní le hiomadaí scaoil
fán bhás,
Acht dith bheith ullmhuighthe 's na cortha udaí rinne mé
'ghnáthach:
I dtús mo réime ba mhaith liom an Rí in mo láimh,
An cíonaidhe 's an cuilead is chuirfinn an t-aon ar
clár.



II
Tá 'n saoghal seo cleasach, 's ní thuigeann na daoine a
gcás,
Acht an óige tarraingt na bpeacadh go buan 'nar
ndáil,
Ón Róimh níl teagasg ag sagairt níos naomhtha do
chách
Ná dócamhail tinnis le hiomarcaidh daoine thrághadh.


L. 313


III
Is naomhtha 'n tinneas, 's dá maireadh damh bliadhain
mar tá,
Na piantaí fhulaingt is gach píonnus go ndíoltaí 'n
cháin,
Na baill a pheacuigh a lagughadh is leoir-ghníomh
'ghnáthughadh,
Go mbéinn réidh ion-ghlactha 's níor mhaith liom bheith
aon oidhche slán.



IV
A Mhaighdean Mhuire deán impidhe damh i bpárrthas
thuas;
Go bhfuighinn dídean 's ionad is beannacht ón Árd-Rí
'nuas;
Dá mhéad mo thinneas dá measainn gur páirt de'n
duais,
Bhéinn sásta a fhulaingt acht m'anam a ghabháil slán
ar cúirt.



151 - MÁIRE NIC COMHAILL.
Peadar Breathnach a chum



I
Ó plóid orraibh, a stáid-mhná, is sibh d'fhág
mé faoi bhrón,
Imtheacht Dia Máirt is m'fhágáilt sa' ród;
Is dá bhfanadh sibh ráithe san áit seo 'mo chómhair,
Go mbéadh agaibh fáilte i dteach Mháire Nic Comhaill.


L. 314


II
Is mithid liom trácht ar an Eárthainn le feabhas,
Nuair a smaointigh mé ar a fágáilt sé líonaim de
bhrón;
Níor fhan beo acht mo sgáile 'gus d'áthruigh mo ghlór,
'S gur b'í féile na háite 'lig Máire Nic Comhaill.



III
Má théidhim-se go bráth a dh'ól sáile níos mó,
Ní bhéidh seachrán ar m'árus béidh fáilte annsin
rómham;
Ar an taoibh ibhfus de'n Eárthainn ar árdaibh an róid
Tá bainríoghan na háite seo - Máire Nic Cómhaill.



IV
Shiubhail mise a lán, ó'n tSrath Bán i dTír Eoghain,
Ó Dhoire go Máilinn, 's go Béal an Átha Móir,
Ar a bhfaca mé de mhnáibh le háilne is le feabhas,
Ní fhacas do shárughadh-sa, a Mháire Nic Cómhaill.



V
Anois ó táim sáruighthe is nach dteánaim níos mó,
Ná sílidh gur áidhbhéil ar ar thrácht mé go fóill;
Agruighim Naomh Pádraig, tá go hárd ins a' ghlóir,
Fá dhídionn i bPárrthas do Mháire Nic Cómhaill.


L. 315



152 - GLEANN DOMHAIN.
Peadar Breathnach a chum



I
Ar mhalaidh Ghleann Domhain fuair mise an spórt,
Is go mairidh sé 'gcomhnuidhe in aoibhneas,
Ag fear an chroidhe mhóir i leath-taoibh an róid,
A ngoireann siad Domhnall Bhriain de.
Sé sgapfadh an bheóir go fairsing 'dtoigh 'n óil,
Agus choinneóchadh ag ól na mílte;
Is ní buidéal nó corn a bhíodh in a dhórn
Acht galún Uí Dhomhnaill líonta.



II
Is aige tá 'n spéir-bhean soinneannta séimhidh
A tháinic ó fhréimh na ndaoine;
Sí sgapfadh an spré ar bhochtaibh an tsaoghail
Sé 's ainm dí Déirdre an righ-bean.
Sí mholfainn le féile le maise 's le méin mhaith,
Eadar Tráigh Éineach is Baoghallach,
'S a Chiottaigh Nic Daeghid, duit-se bheirim 'n réim,
Agus creidigidh an méid sin fíor uaim.


L. 316



153 - AN MUILTÍN.
Peadar Breathnach a chum



I
Bhí muiltín beag agam ar téad,
Agus leig sí liom fhéin a ghloim,
d'agair sí mise go géar
Nach seasóchadh Éire an roinn.



II
"Ní athruighthear mise 'rith lae,
Tá m'asnacha géar 's mo dhruim,
'S níorbh' eagal go rachainn-se ar strae
Dá leigfeá liom fhéin mo chionn."



III
"Dá leigfinn-se thusa de'n téad
B'aithreach damh fhéin dá chionn,
Is gan fhios agam cá rachainn do dhéidh,
'S an olann i bhféidhm gan mhoill."



IV
"Fuigfidh mé 'n lomairt mo dhéidh,
Fág giobach mo bhléan 's mo dhruim,
Is caithfidh mé 'n Nodlaig fá phléisiúr
Thoir ag cuid caorach Toim.



V
"Nuair a chuaidh mé isteach ar an tréad
Níor thaisbeán siad fabhar damh ann,
Chionn is go rabh mé 'mo Ghaedheal,
Is cha rabh croidhe aca d'aon acht Gall.


L. 317


VI
"Sgaoileadh a gcuid madaidh mo dhéidh,
Fríd churraigh 'gus éadan binn',
Is chan fhuighinn faill amharc mo dhéidh
Dá gcaillfinn-se léab do'n druim.



VII
"Fhad is bhéas Beici 'do fhabhar
Dheanfaidh sí plás is greann,
Acht ná creididh ao' nduine faoi'n spéir
Gur ionann léithe Gaedheal agus Gall.



VIII
"Nach mise bhí i ndeireadh na péice
Nuair a thárlaidh mé ar éillín Toim,
Is chan fhuair mé suaimhneas ná pléisiúr
Go dteachaidh mé go dtí Mac Fhloinn."


L. 318


154 - AN tUAN BROCACH



I
Nuair a chonnaic mé Haodhaigh san ált,
Mar bhí aige fásach ann,
Chuaidh mise annsoir de rása
Mar i ndúil go bhfuighinn fáras ann.
'Sé dubhairt sé: "Bí ag imtheacht, a sglábhaidhe,
Ní bhfuigh tú go bráth uaim greim,
Muna gceangaltar do chosa le cnáib
Brisfear gan spás do dhruim."



II
Ar a chloisin do Shéamus an gháir
Thóg sé go hárd a cheann,
Sé dubhairt sé, "Tá mise a' cur phreátaí
Is gheobhaidh tú fáilte ann;
Siubhail leat bun agus bárr,
Gach áit dá bhfuigh tú greim,
Is ná corruigh amach as an ált
Go n-éirigheann tú láidir ann."



III
Acht gur b'é gur chaill mé mo mháithrín,
Ní bhéinn do mo sgá'radh ann;
Nó shiubhailfeadh sí liom 'ach aon lá,
Fríd áiltean 's go bárr na mbeann.
Shiubhailfeadh sí oidhche 'gus lá liom,
'S níor bhaoghal damh go gcaillfinn greim;
Ní bhéadh na hAodhaigh do mo chrádhadh,
Nó na madaidh 'mo dhiaidh go teann.


L. 319


IV
Acht guidhim thú, a Shéamuis Uí Bhaoighill,
Is gur fear thú bhéas buan 'bhfad beo,
Thug tú damh fásgadh 'gus dídeann
Nuair a bhí mise baoideach óg.
Rachaidh mé 'nois un na hí-lands
Go gcaithfidh mé mí nó dó,
'S ar philleadh damh ar ais le mo phíb
Seinnfidh mé scoith dhuit ceoil.



155 - AMHRÁN AN TRUMPA.
Peadar Breathnach a chum



I
A Sheáin Uí Cheallaigh 's tú an rí
A chuir orm fhéin gléas ceóil;
A thug damh an pronntanas daor
A chosain duit fhéin go leor.
Dá gcluinfeadh an sagart Ó Baoighill
Mar sheinnidh sé oidhche 's lá,
Thógfadh sé racán san tír
Nó bhainfeadh sé díom an tseóid.



II
Tchífidh sibh Ceallaigh go fóill
'Na dhuine ró mhór san áit;
Béidh aige gig agus cóiste,
Sin agus seóid deas mhná.


L. 320


Tchífidh sibh loingeas faoi sheól
Ag an droichead gan mórán spáis,
Sailéir ghlan fhosgailte de bheóir
Gheobha filí le hól a sáith.



III
Nach mór an dith-chredit do'n tír
Nach dteárnadh de rí nó lórd?
Sé mhaithfeadh do bhochtaibh a gcíos,
'S nach dtiomónadh choidhch' a mbó.
Cluinim ag daoinibh dá mhaoidheamh -
Is creidim é fíor go leor -
Dá gcluinfeadh Ó Conaill an sgéal
Go ndeánfaidhe de rí go fóill.



IV
Stadfaidh mé feasta de'n cheol,
Ní dheánfad níos mó san ghleann,
Ó briseadh an teangaidh 'n mo sheóid.
Ní leanfad de'n spórs nó greann.
Acht dá gcluinfeadh Ó Ceallaigh mo bhrón
Níor mhaith leis 'ar ndóighthe mo chaill,
Is mo mhallacht do'n nduine go deo
Nach gcongbhuigheann a sheóid faoi chuim.


L. 321



156 - SNÁTH NA BAINRÍOGHNA.
Peadar Breathnach a chum



I
A Rí goidé an t-athrach a tchím ins an áit seo
Ó stad siad de'n chárdáil, de'n bhriseadh, is
de'n tsníomh,
Gan tachrann nó páisde a bhfuil tógbháil a láimhe
ann,
Nach bhfuil giomadán bainríoghna síos le n-a thaobh?
Ar m'fhírinne b'fhearr liom dá mbínn mar na mná
sin
Ag briseadh 's ag cárdáil ó mhaidin go faoi
Ná an maoidheamh atá ag Mághnus go gcongbhóchar an
snáth uath',
'S ag iarraidh bheith dá shásamh i ndeireadh ár saoghail.



II
Tabhair sgéal ionns'ar Mhac Pháidín, is mínigh an
cás dó,
Gan chlaonadh gan áthrach acht mar tá mé dá chur
síos,
Mur' dtugaidh sé páidhe níos mó ar an t-snáth
uaidh,
Nach bhfeicfear go bráth sinn 'gabháil chuige arís.
Char mhór leis na sáltaí bheith comh daingean le
Gáigín
De shompla dá shnáithe gan chasadh gan bhrígh;
'S má táthar d'ár gcáineadh ar son na dtrí snáithe,
Chan féirín do'n bhainríoghan le seasamh do'n tír.


L. 322


III
Sé shaoilim, a Mhághnuis, gur nidh é atá náireach
A bheith lochtughadh gach mná boicht' san chás nach bhfuil
fíor;
Nó bhéarfainn mo lámh duit nach tochairte a lán de,
'S nach seasann sé 'n tarra'adh mar tá tusa
'cur síos.
'Á mbíodh 'fhios ag an bhainríoghan an t-ánró fhághas
na mná bocht',
Fríd shléibhtibh dá gcárnadh le fearthainn 's le
gaoith,
In a shuidhe go rabh an lá ann ag síor-chur an t-snáith
sin,
'S nach n-órduigheann a bpáidhe dóibh codladh nó
biadh.



IV Labhrann Mághnus
'S bréagach thú, a tháilliúir, rud is doiligh liom a
rádh leat,
Órduigheann a bpáidhe dóibh codladh 'gus biadh;
Nó bhí a lán de na mnáibh sin bhí réidh ún a' mhála,
'S ó thoisigh siad ar an tsnáth seo tá fuil in a
n-giall.
Má 'tchíd tú ar sráid iad tá gúnaí ortha is seáltaí,
Síos le n-a sáltaí, rud nár chleacht siad ariamh;
Agus luach na min cháirde bhí ithte aca le ráithe -
Ba mhaith aca 'n bhá'ríoghan le cuidiughadh a díol.



V An File
Ní lúbacha ar lár atá órduighthe ag an bhá'ríoghan,
Mar chleacht siad é, a lán aca, i dtoiseach a
saoghail,
'S má shaoileann sibh gur áidhbheáil atá mise a rádh
libh,
Bíodh fiadhnaise an cháis sin ar Shéamus Ó Baoighill.


L. 323


Acht gur mór liom a dhéanamh bhearrfainn níos géire
thú;
Ná saoil go bhfuil orm easbhaidh iomadtaí ceoil,
Acht mur' stadaidh tú na mná seo bheith 'congbháil
an tsnáith uatha
Bearrfaidh mé 'n fhéasóg díot isteach go dtí 'n
fheoil.


L. 324


157 - GRÁINNE FHÁNAD
Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I
'San Íochtar sin Fhánad tá'n righ-bhean is áilne
Dar shiubhail ariamh sráid liom ó seo go
hÁth' Cliath,
Ó Shligeach go Máilinn 's ó Dhoire go hÁrainn,
Macasamhail mo Ghráinne níl thoir, theas, nó
thiar.



II
Níl sé le fagháil san Fhrainnc nó san Spáinn -
Is uirthi a thráchtfainn dá gcreidfidhe mo sgéal;
Ná is gile a brághaid-se ná 'n fhaoileán a snámhas,
Is a Ghráinne as Tamhnaigh 's tú sgannraigh mo chiall.



III
Ó monuar, 'ghrádh dílis, gan mé 's tú in aonfheacht,
Ag éalódh dh'óis íseal faoi shléibhtibh Dhruim Bó;
'S gan romhainn acht na caoirigh 's na cearca fraoich
'g éirighe
Ins na gleanntáin a mbéadh muist i gcuideachta gach
neóin.



IV
Mar eala lá gréine í, is gile ná réalt í,
Sí bai'ríoghain na sgéimhe í - creididh mo ghlór;
'S níor mhór liom-sa 'n méid sin fhagháil duit-se mar
fhéirín,
Seo árd-chraobh na hÉireann is glac é in do dhórn.


L. 325


V
'Á mbíodh fhios ins na réagúin gur i bhFánaid a bhíonn

Thiocfadh seacht gcéad fear ar loingeas faoi sheol,
Is bhéadh siad in aoinfheacht ag iomramh le chéile,
A' feitheamh cé'n t-aon a gheobhfadh blaiseadh dá
póig.



VI
Sé mo léan 's mo liach, 'Ghráinne, gan mé 's tú i
nGáigín,
Faoi shléibhtibh dubh' Bearnais, nó i gcoillidh Loch
Iasg;
I ngan-fhiost do ar náimhdibh is gan fhios ag ar
gcáirdibh,
Cá ndeánfadh muist fárus, nó cá gcomhnócha muist
bliadhain.



VII
Acht is measa mar tá sé, níl m'órdughadh-sa deánta,
'S ní fhághaim cead mo lámha chur tharad aniar;
Is b'éigin damh rádh leat mo chéad beannacht slán
leat,
'S gur siocair mhór bháis damh-sa d'fheiceáilt ariamh.


L. 326


158 - BÍ 'TEACHT LIOM A BHRIGHID.
Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I
Bí 'teacht liom a Bhrighid ar neimh-chead do'n
tsaoghal,
Faoi choilltibh na gcraobh má's sásamhail leat mé;
Mar' mbéidh tú 'do shuidhe i mbothán beag aoibhinn,
Ag teinidh is grísgín uirthi de'n ghéis.
Bhainfainn san oidhche leabaidh de'n bhfraoch dhuit,
Is phógfainn go saoitheamhail imeall do bhéil,
Is tráth chleachtfá arís mo chaidreamh gan chlaon
Ba bheag ort fear daoitheamhail eile mo dhéidh.



II
Tá mo anam go bráth istoigh in do lár,
Má thig tú 's a rádh "is leat mé, is bí triall."
Fá choilltibh na n-ált gheobhair leabaidh 'na lár,
Is do thacar ar an árd mar n-éirigheann an ghrian.
Béidh an loch ag do láimh, an eala air a' snámh,
An tonnóg sa h-ál, an torc alla 's an fiadh,
An searrach 's an láir, an breac ballach ag snámh,
An sionnach, an gearrfhiadh, 's an eilit san tsliabh.



III
'S tú is geanamhla cuma i gcosa' 's i mbaill,
Tá rosg in do cheann is glaise ná an réalt;
Má deir tú liom, 'annsacht, "is leat mé," go
cinnte
Ní chuirim-sa cunntas ort-sa fá spré.
Acht gluais is bí liom ar uaigneas na dtom,
Tá luachair ghlas ann, duilleabhar is féar,
Níl iasg ar an linn nach mbíonn agat ann
Is an carr-fhiadh i ngleanntán againn ar téad.


L. 327


IV
A rún is a ghrádh ná smaoinigh a rádh
Go mbainfeadh go bráth aon easbhaidh dhuit,
Is mise in do dháil, mo dhídion is mo sgáth
Do do shaoradh do ghnáth ó atuirse;
Béidh do bhólacht a' tál a mbliocht ar na fásaigh,
Agus seistreachaigh sásta ag cuiridheacht;
Is mise gach lá ag saothrughadh gach cáin
Is ní chodlaim-sa támh acht a' solathar dhuit.




159 - AN ÓIGBHEAN GAN BHÉIM
Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I
Tá óigbhean gan bhéim bródamhail i sgéimh orduigh'
a méad sgafanta,
A bhfuil áilne agus méin lámha agus méar gáire
agus déid dheas' aici;
Mar fháinní san bhféar ag deallradh ó'n ghréin tá cuach
in a céibh bhachallaigh,
Is monuar nach rabh Tadhg in uaigneas seal lae ag
comhrádh go séimh seal léithe.



II
Suidh le mo thaoibh a óg-bhruinneal bhéasach, is smaoinigh
gur mé an mhalartach,
Ná taobh leis an té a d'ólfadh do spré, nó plásaidhe
's a bhéal carthannach:
Sheolfainn duit fhéin bólacht is spré is chóireóchainn
go réidh leabaidh dhuit,
'S is cóir socair séimhidh a phógfainn do bhéal in
uaigneas linn féin go leath-taobhach.


L. 328


III
Ná pós thusa léadhb de óglach gan chéill, nó is dóigh
liom go mbéidh aithreach ort,
Béidh sron air do dhéidh ag crónán 's ag éad, breóidhte
go héag easbhuidheach;
B'fheárr duitse Gaedheal stuama mar mé suaimhneach
is nach mbéidh cathardha,
Ná tuatach gan féidhm, saidhbhreas gan séan, is smúid
ort go héag atuirseach.



IV
Acht a óigbhean is fearr méin fóir orm fhéin, ná cró-
loitigh mé is mé maranta;
In órdughadh bí réidh in am fóghmhair na ngéag is dheána-
muid réidh an margadh.
Béidh óig-fheara gléasta, cóistí is a stéada ar na
bóithribh go réidh sgafanta,
Is má 's maith leat mo sgéal do rún leig le Tadhg
is cóireóchaidh sé féin a' bhainis duit.



Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I
Ar bhruach na Finne thárlaidh damh an spéir-bhean
chiúin,
Sí ba deise dá bhfaca mé ar radharc mo shúl;
Líthe a gruaidhe a chuirfeadh duibhe ar bhláth an ubhaill,
Is a cum seang cumhartha gan choraidh gan claon gan
lúb.


L. 329


II
Smaoinigh mise 's níorbh fhada gur threóruigh mé
Mo thriall 's go bhfuighinn-se siosma nó comhrádh léith;
Ór an domhain bíodh agam, agus dá mhíle bó,
Go dtabhairfinn duit, ainndir, mar mhalairt ar chúpla
póg.



III -Ise
Maise stad de do ghliocas, a sheanduine liaith 'na
lúb,
Tá do bhean agat 's ná ceil í i ndeireadh do shaoghail.
Is ró-mhaith aithnighim ar fhad is tá d'fhéasóg liath,
Gurbh í bliadhain an tsiocáin a dubhairt tú an
"Gabhaim" le mnaoi.



IV - Eisean
Maise brón is milleadh go dtigidh ar m'fhéasóig léith,
Nó ar dhuine ar bith leigfeadh 'mach ribe as cnáimh a
ghéill;
Críonaidh 'n duilleabhar ar chrannaibh 's tig bláth na
dhiaidh
Agus tusa i m'aice 's ní baoghal damh gan a bheith óg
arís.




L. 330


161 - AISLING SHÉAMUIS UÍ DHORAIDHIN
É féin a chum



I
Mo cháirde gaoil gur fhágas mar gheall ar mhnaoi
nach bhfághaim-sa,
Is rachaidh mé mar éan beag faoi ghéagán na
gcraobh;
Béidh seabhac na háilte léithe, is sionnach ruadh Bheinn
Éadair,
An eilit ó na sléibhtibh, an traon 's an chearc fhraoich;
Cuacha is maithe éanlaith, an lonndubh 'gus an smaolach,
Crotaigh mara ag éirighe 's a' tréigbheáil a slighe;
An fhuiseóg is an chéirseach ar mhaoilin cheann gach aon
chnuic,
Go dian fras ag éagcaoin fá mé bheith gan mhnaoi.



II
Connachta 'gus TuathMhumhain is an Iar-Mhidhe gur
chuartuigheas,
Is an uile bhaile cuain thart anuas go Dún na
nGall;
Fríd choilltibh diamhair' uaigneach' mar mbíonn an
óige gluaiseacht,
Ag iarraidh sgéil nó tuairisg' ar stuair na
mbachall fionn;
Fríd Chúigeadh Laighean 's Cúil Áine 's go Sliabh
Gabhra shiubhlas,
Mo annsacht is mo rún searc, mo shúile gur dhall;
Acht ó's éigin damh-sa umhlughadh do ghéagan deas na
lúb-ghlas,
Tá saighde in gach súil liom ó rinn tú orm feall.


L. 331


III
Is deoraidhe mé tá fann-lag, gan treóir is mé mar
shean-laoch,
'S ní beo mé gan amhras fá throm-lot mo chroidhe;
An uair a chuaidh mise un cainnte le stuair-bhean na
slim-fholt,
Is truagh nach fríd choilltibh a casadh dhamh í.
Labhair sí go ciúin liom thríd chomhrádh, agus dubhairt
sí:
"Aon fhocal duit cha dtiubharaim agus diúltaim
do dháil."
Níl fáth damh a bheith claoidhte nó dhol a dh'éag dá díth-
san,
Tá ór ag na rightibh, agus fíon ins a' Spáinn.



IV
Chuaidh mé 'nsin gan sgíste fríd choillte dlútha
díamhair',
Is na saighde géar' gur chlaoidh mé bhí fríd mo cheart-
lár;
Ar nós taise taobh-gheal bhí a ciabh mar ór go dlaoidh-
chasta,
'S a méara laga maoth-dheasa is díreach a d'fhás.
Tá gach séad mar mhínighim mar ómra léithe sgaoilte,
A' cró-lotaigh na mílte, 's gan faoiseamh dóibh
ndán;
B'fhearr liom póg a bhéil-se agus fághaim í mar
fhéirín
Nó bólacht an tsléibhe, níor spré liom 'na háit.



V
Níl ceol sidhe nó cláirsighe, nó aon nidh eile dá
ndeárnadh,
Nach eol uaimse a dhéanamh is pléaráca 'na dhiaidh;


L. 332


In gach áit ó Dhún Pádraig go ciantaibh nach
n-áirmhighim,
Acht tá saighde teineadh an ghráidh-sa i gceart-lár
mo chléibh.
Tá mo chéadfaidhe 'nois dá rádh liom gurab ise an
bhean is áille.
Nó Deirdre agus Blánaid is Helen ón nGréig;
Acht anois tá mise fáighte ó bhreathnuigheas a deallramh,
'S nacharbh'aoibhinn do mo shláinte léith fáisgthe
dá mbéinn.



VI
Níl tulaigh sliabh nó gleanntán, nó altán do-chuimseach,
Nachar shiubhail mé 'ndiaidh mo annsacht thart
timcheall 'sa' ród;
Bhí mé'r mhullaigh Theamhrach, 's ó sin siar go Conntae
Long-phuirt,
'S go Dún na mBarc an Teampaill, 's ní fhaca mé
mo stór.
Cé'n nidh dubhairt sean-bhean ársaidh, gur chóra damh
bheith 'nÁrdmhach,
Nó ag imirt cluithche táipleisg i gCeann tSáile
'san Mhumhain:
Leis sin a ghluais mé timcheall fríd mhóintibh agus
choilltibh
Dá hiarraidh acht ní bhfuaras, 's nach truagh beart
mo shiubhail.


L. 333


162 - SGÉIMH NA MNÁ
Séamus Ó Doraidhin a chum.



I
Is mithid damh trácht ar sgéimh na mná,
A shíolruigh ó árd-fhuil onóraigh,
Na gcuach-fholt tláth go féar ag fás,
Nó mar sgaoith de fháinnibh glan-ómra.
A gnúis gheal, náireach, chiallmhar, chráibhtheach,
Mhúinte, dheallrach, mhacanta;
Is go bhfuil saighde gráidh dul fríd mo lár
Nach léigheasfadh liaigh nó dochtúirí.



II
Tá stór na gcuach mar ór anuas,
Go trillseach dualach clannógach,
Mar chraobha 'luasgadh a dlaoidhthe 'gluaiseacht,
Sgaoilteach, sguabach, feamainneach;
Níl ceol dar dhual dá gcualaidh cluas,
Nár sháruigh a glór binn-ghleoite é;
'S ní beo mé buan mur bhfághaim cead siubhail,
Leis an stuaidh-bhean suairc d'fhág breóidhte mé.



III
Tá stór na mbeach ba mhilse blas,
Mar ór i dtaisgidh i gcumhdach;
A póga meala dheánfadh óg de'n tsean,
Go cródha, gasta, lúthmhar.
Níl seod nó aisde a d'fhóirfeadh bean,
Le glórthaibh maiseach múinte,
Nachar thóg mo shearc de'n fhoghluim cheart -
Sí 'n tseoid í a shásfadh an cúigeadh.


L. 334


IV
Nach mithid do mo shearc tionntodh thart,
Tráth smaoinim a bheith réidh léithe;
Is gan aon a bhfeicfeadh an tsidhe-bhean mhaiseach,
Nach dtabharfadh a ghean go léir duithe:
A cúl trom tiugh is áilne dual,
A grís a bhuadhair mo chéadfaidh;
'S tú d'fhág mé brúighte, a chuach na suadh,
A réalt mar dhriúcht ar fhéar ghlas.



V
Dá bhfeictheá 'n bhean dá dtug mé gean
A dtug óg 'gus sean mór-thaitneamh dí,
Dá mba tú an rí ba leor leat í
'Bheith leat mar mhnaoi ró-chaithréimighe.
Na suidhe is í cóirighth' i síodaí 's i sróil
Ag roinnt a cuid óir is airgid,
Sí péarla 'n óir-bhuidhe an spéir-bhean óg,
Sí cailín cóir gan mhairg í.


L. 335



163 - MOLADH SHLIABH SHIONNACHÁIN.
Séamus Ó Doraidhin cct.



I
Ó Iar-Mhidhe go Ciarraidhe gan bhang,
'S go Connachta mar mbíonn Búrcaigh go
teann,
Ó Aontruim Uí Dhomhnaill go geataí Inis Eoghain,
'Sé'n Sionnachán, da'r ndóigh, thug an geall.



II
Is aoibhinn an eorna ghnidh an leann,
Is an chruinneacht 'na gcruacha ós a cheann;
An fíor-chnocán uasal, mbíonn seamróg go buan air,
Coise buidhe, uachtar, is im.



III
Bíonn pléisiúr na huaisle gach am,
Seilg is fiadhach fá'n ngleann,
Sgabhta con ar iall, is gadhar-cheol 'na ndiaidh ann,
'San seabhac ar a léim ós a gceann.


L. 336


164 - SEÁN NA MINE



I
Nach Seán atá cráidhte fá'n triofal bheag ghránda
A sgab sé mar cháirde ar a' bhaile seo thíos;
Ní aid'ighim-se 'n cháirde, tá sí ró-ghráineamhail
I láthair Naomh Pádraig tá i bhflaitheas na naomh.



II
Acht tchidhfidh sibh Seán agus ualach min cháirde air,
Ag iarraidh a phárdúin i láthair an Ríogh;
Níl gar ina dtearn sé, bhris sé na haitheantaí,
Tionntóchaidh 'n scála air, is rachaidh sé síos.



III
Ar fhágáilt dó párrthas d'amharc sé 'r an Árd-Rígh -
"Sé gnoithe na málaí seo tá do mo chur síos,
'S dá mbíodh sé le deánamh anois nó go bráth agam,
Bhéarfainn-se 'n scála do'n talamh aríst."



IV
A cháirde na hÉireann, is bíodh uilig le chéile,
Sé Seán bhéas i ngéibheann i láthair an Ríogh
Fá 'dtearn sé d'éagcóir thart fá Ghleann Léichin
Ar bhaintreabhach' sléibhe nach rabh aca pighinn.



V
Thóg sé a gcuid céarsach is chongbhuigh dó fhéin iad,
Ag dréim le go ndéanfadh siad proifit arís;
Acht nuair a rachas sé 'un tsléibhe béidh aithreachas
géar air,
Mar nár fhág sé a gcuid ceannrachán uilig aca
fhéin.


L. 337


VI
Is a Sheáin ó nach náireach dhuit é bheith le rádh leat
Do chomhursain bheith ag gárrtha leat fá do neamh-
roinn,
Nárbh' fhiú leat ná tráithnín a leatrom is a ngárrtha
Acht cáin an mhin cháirde chur ortha go trom.



VII
Tá 'n Scriptiúr dá rádh leat nach seasmhach do'n cháirde,
Nó tuitfidh a bláth dí mar dhuilleabhar na gcrann;
Is má théidheann tú go párrthas ní bhfuigh tú aon áit
ann,
Má tchídhfear do mhála beag leat ar do dhruim.



VIII
Is aoibhneach an áit é, an párrthas árd naomhtha,
Acht ann ní bhfuigh fáilte le coir ar do chionn;
Is cómhairlighim go fíor dhuit an cháin seo a ísliughadh,
Nó béidh parrthas iadhta ort is gan tusa bheith ann.


L. 341


ILCHINÉIL AMHRÁN
165 - ÉIRE



I
Fada dhamh druim re hÉirinn,
Mo sgaramhain do thuinn re hÁrainn,
Mo shúil tar muir in Éirinn,
Fá'n leithphighinn úir áluinn.



II
Inis iomlán, ghlan, ghrianach -
Dá hiomrádh dhamh is déarach;
Tír na dtulach gcorr, gcraobhach,
Fonn braonach, ughach, éanach.



III
Fonn is caoimhe um chléir ndíleann -
Naoidhe do lár a' léibhinn -
Tír iubhair mhín is mhónann,
Tír chnódhann, íodhan Éireann.



IV
Tír ghlan, foithreamhail, ughach,
Tír na magh sgoth-leabhair sgolach,
Tír na ród gcraobhach, gcreamhach,
Fód eallach, laoghach, lonnach.



V
Fód caoimh na gceall bhfeartach,
Na bpeall caoimh-chlaon, is na gcoillteadh;
Oileán mín, séadach, searcach,
Tír eallach, thréadach, thorcach.


L. 342


VI
Tír na laogh is na loiligheach,
Is mín taobh, is mín murbhach;
Tír na ngort n-airgheach, n-aoibhneach,
Port droighneach, áirneach, ubhlach.



VII
Rí Éireann iarla an fhuinn-si,
Niamhdha léibheann a luinge-si;
Ó chréidhe craoibh na hinnse,
Raon troillse, séimhe, soillse.



VIII
Mac Toirdhealbhaigh ó Thoraigh
Ag coimhleanmhain a chinidh;
Gabh a Dhia ag na Duachgallaigh
Ní thabhair sé a fhuath d'fhile.



166 - TALAMH ÉIREANN



I
Bím ag féitheamh ar gach cruinniughadh ag méadughadh
is ag scabadh
Ar aontuighth' agus i bpoball a' Dómhnaigh,
'A bhfuighinn méid bheag de'n bhunadh a thréig mé
anuraidh,
Is tá éaluighthe 'nois uaim do'n Eóraip.


L. 343


II
Nach cladhartha mo lucht cumainn nach dteárn siad an
turas
Dom' fhéachaint ó cruinnigheadh an fóghmhar
'S nach truaighmhéileach nach dtig siad uair bheag 'mo
aice
Le c'luadar a bhainfeadh an brón díom.



III
Cuartóchaidh mé thart na tíortha is na cuantaí go
Pensilbhénia
Fá thuairim na n-aobh-fhear a thréig mé;
'Sí a ruaig í a shlad m'aoibhneas uaim ar fad,
Agus dhubhaigh mo dhreach in éag-chruth.



IV
Bím-se ar mo chrathadh, agus ghnídh sé mo dhalladh -
Cé gur shaoil mé nach sgarfadh an t-éag sinn -
A liacht daoine bhí agam tamall, 's tá díbrighth' as a
bhfearann
'S gan a dtilleadh 'ríst go talamh na hÉireann.


L. 344


167 - A FHIR CHALMA



I
A fhir chalma san teangain sin na nGaedheal nach
fann,
Tabhair dearca suilt ar mheamram, is réidh do
pheann:
Aithris damh gan mearbhall nó claon id' rann,
An fada bhéidheam in anachrádh fá réim na nGall?



II
An fada bhéid na Gallabhuic d'ar ndaoradh i bhfeall?
An fada bhéidh i mbailte puirt na nGaedheal go
teann?
An fada bhéidheam ag glafarnaigh le Béarla gall?
An fada bhéidheam ag agallamh 's gan éifeacht ann?



III
An fada bhéidh ar n-eaglais go léir i dtreall?
An fada bhéidh an aindeise 's a' léan 'ar gceann?
An fada bhéidh ar ngeal-bhruigh ag cléir na ngall?
An fada bhéidheam fá anbhruid na hÉigipt' thall?



IV
An fada bhéidheam i n-ainbhfios maraon is dall?
An fada bhéidheam gan seanchus, nó spéis i ngreann?
An fada bhéidh an Chartha-fhuil is Ó Néill go fann?
An fada bhéidh na sean-stoic in Éirinn gann?


L. 345


V
An fada bhéidh na $fanataics ag réabadh ceall?
An fada bhéidh ag feasadh cnuic le faobhar lann?
An fada bhéidh ar mainistreacha maol gan ceann?
An fada bhéidh ar n-Aifreann fá ghéagaibh crann?



VI
Níl reachta snoidhte i meamram d'ar léigheas i rann,
Nó aiste suilt nach labhrann ar thraochadh Gall:
In aici sin tá tairngir na naomh go teann,
Dá thagra nach fada 'nois go bpléasga an crann.



168 - AN GAEDHEAL IMEASG NA NGALL



I
An lá a chuaidh mé ó thuaidh fríd a' Bheárnas Mhór
Bhí fuacht ar mo ghuailneacha is tuirse ró-mhór,
Bhí mo ghruaidh-sa fliuch ar uaigneas 's mé ag sileadh
na ndeór,
Fear mo thruaighe chan fhuair mé i gCúig Uladh go
fóill.



II
Nuair a bhí mé sa' bhaile ag mo athair 's ag mo mháthair,
Cha dtearn mé dóbhtha dadaidh, 's charbh' fheairrde
dóibh m' obair;
Acht anois tá mé sáruighthe agus b'fhearr liom 'á
mbéinn aca,
'S 'á mbéadh mí ar fad sa' lá bhéinn sásta 'bheith ag
obair.


L. 346


III
Ach nach mise atá cráidhte is chan náire damh a arsuigh'
Nó ó d'fhág mé an baile 's iomdha lá chuaidh tharm,
Mé ag éisteacht le glórthaibh och ó ariamh nár chleacht
mé,
'S iad ag méighligh Dia Domhnaigh mar bhéadh bó le
n-a gamhain.



169 - AN LONNDUBH BÁIDHTE



I
Níghean áluinn Chuinn Uí Néill,
Is fada do shuan tar éis do áir;
Is ná cluin uaisle do chinidh fhéin
Thú 'caoineadh do spré tar éis a bháis.



II
Ceileabhar an éin bhí lúthmhar indé
Theastuigh uait, a fhaoilinn bháin;
Cha bhíonn tubaiste muna mbíonn spré,
Is déan-sa foighid ó ghreadadh lámh.



III
Ó ghreadadh lámh, is ó shileadh rosg,
Glac-sa tost, 'fhaoilinn úir -
A níghean áluinn Chuinn Uí Néill -
Fá bhás do éin ná fliuch do shúil.


L. 347


An t-Amhrán:
'Fhaoilinn a d'fhás ó árd-righ Uladh na ríogh,
Fuirigh mar tá, is fearr é nó imtheacht le baois
Fá do éan bheag a b'áille gáire ar imeall na gcraobh,
Chan ceist duit a bhás go bráth is é nighthe le haol.



170 - MAIRGNAOI NUALA NÍ NÉILL FÁ CHONNDAE
DHÚIN NA nGALL IN AIMSIR AN CHÉAD
SHÉAMUIS, RÍ BREATAIN.



I
Is aoibhinn aoibhinn Tír Aodha na n-each,
Is aoibhinn a bladh is a conách;
Ní haoibhne liom nó ó sin amach
Ó Dhrom Thuama go Muirbheach.



II
Gheobha tú mar bhiadh ar do mhéis
Inbhear éisg is cuan na nGall,
Taobh Baile Aidheann le gréin,
Is mainistir ghléigeal Dhúin na nGall.



III
Is aoibhinn aoibhinn Béal an Bhearra
Ag éirighe amach dhuit maidin cheodhach;
Ní haoibhne liom ná Béal Átha Seanaigh,
Is ó sin amach go dtí Drom Thuam'.


L. 348


IV
Is aoibhinn aoibhinn Inis Mhic Naois,
Is trom a braon 's is milis a bláth,
Is seang an searrach, is binn an chuach,
Is bric bhallach' le n-a bruach ag snámh.



V
I nDún na nGall tá rogha gach seod,
Baile Uí Dhómhnaill is Lios na Ríogh,
Beir mo bheannacht-sa fá dhó
Go Bearnas Mór Thíre Aoidh.



VI
Is aoibhinn féar is tortha ag fás,
Is aoibhinn bláth is barraí crann,
Is geal grian, 's is trom driúcht,
'S is aoibhinn anois thú, a Dhúin na nGall.



VII
Ba iomdha toradh ar bun 's ar barr,
An chaora bhreagh, is sugh na ngéag,
An fiadh barr 's an eilit cháirr,
Is an bradán trom le na dtaoibh.



VIII
Ag siúd siar an dá Ros,
Ann anocht dá mbéinn tráth,
An bhan-dáil Chaitrín cothuightheach cléir,
Is mic an ríogh 'na déidh gach lá.



IX
Is aoibhinn aoibhinn amharc na nÁrd,
Dhá thaoibh bhreaghtha áilne Finne,
Ó mhullaigh Cruach conach go Guaire,
Is ó thaoibh Mhaoil-ruaidhe ar fad go Beinnin.


L. 349


X
Is aoibhinn aoibhinn Leitir Mhic a' Bháird,
Oileán sáimh Innse Caoil,
Cill Túruis na ndumhchann bán,
Is sruth na trágha le n-a thaoibh.



XI
Siúd an bealach a ngabhainn leobh'
Go Baoigheallach an tsógha 's an áigh;
Is ann a phronntaoi maithe seód
Ag barún is leomhain Chrích' Fáil.



XII
Is mise an t-iasg ó thuinn go tuinn,
Is mé an luing ar briseadh a seól,
Is mé an abhaill fá 'r sgar a bláth,
Is in aimhdheoin cháich-se tá mé beo.



XIII
Is mé Nuala, inghean Uí Néill
Bhí seal i gcéim i nDún na nGall
Mar ghuth loin i dtom leis fhéin
Táim 'nois i gcéin 's mo cheileabhar mall.


L. 351


171 - TÍR CHONAILL AGUS TÍR EOGHAIN



I
Is fearr Tír Chonaill ná gach tír,
Sí is fearr fíon agus feóil,
Sí is féile agus is fearr dreach,
Agus ní fágann neach í dá dheóin.



II
Och Clann nDomhnaill na ngleo cath,
Is gurbh fhearr aon neach díobh nó céad;
Chuireadh fuaim a lann dá gcrathadh,
Bhearadh ar shlóighte beatha éag.



III
Ubhla cúmhra tháinic i gcéin
Clann Uí Néill, na n-abhall óir:
Ná samhail clann le clann Uí Néill,
Is deacair dréim leis a' mhuir mhóir.



IV
A Dhún Gheanain, cár ghabh Conn?
Cár ghabh an dream a bhí i gCinn Áird?
D'fhiafraigh mé do'n Bheinn Bhoirb
Cá raibh na boird a mbíodh na báird?


L. 352


172 - LÁ FHÉIL' BLINNE



I
Sí mo chraobh-sa craobh na mban uasal,
Craobh na gcailín is craobh na mbuachaill,
Craobh na ngiorrsach a rinneadh le huabhar,
Maise hóigh a chailíní gá bhfuighmuinn dí nuachar?



II
Gheobhaidh-muinn buachaill sa' mbaile do'n bhánóig,
Buachaill urranta, lúdasach, láidir,
A bhearas a' ghéag seo fhríd na trí náisiún,
Ó bhaile go baile is ar ais go dtí 'n áit' seo.



III
Dhá chéad eachaí 's sriantaí óir 'na n-éadan,
Is dhá chéad eallaigh ar thaobh gach sléibhe,
'S an oirid sin eile do mholtaí 's do shréadtaí -
Óró, a chailíní, airgead is spré dí.



IV
Tógfamuinn linn í suas un a' bhóthair,
An áit' i gcasfaidh dúinn dhá chéad óigfhear;
Casfaidh siad orainn 's a gcuid hataí 'na ndórn leo,
An áit' i mbéidh aiteas, ól, is spóirse.



Castar dream eile ortha anois is deir an dream seo tré
fhonomhaid -



Is cosamhail mur gcraobh-ne le muc ina mála,
Nó le sean-luing bhriste 'thiocfadh isteach i mBaile
Cháirlinn.



Troideann an dá dhream annsin; canann an lucht buadhach ag
imtheacht dóibh -



Féadamuinn tilleadh anois is an chraobh linn,
Féadmuinn tilleadh, tá'n lá bainte go haoibhinn
Bhain-muinn anuraidh é, is bhain-muinn i mbliadhn' é,
Agus réir 's mar chluinim-sa bhain-muin ariamh é.


L. 355


173 - DO'N ATHAIR SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH, SAGART
PARÓISTE, DOMHNACH MHAIGHIN
Art Mac Bionaid a chum



I
Tá sagart fialmhar i gClochar na suadh,
Sgiath dhídion na sluagh, is dísle méin,
Réalt eolais a' chreidimh, sgathán na subhailce,
De'n fhíor-fhuil uasal Óirghiall ó réimh.



II
Chan sparán béal-chumhaing casta cruaidh
Chleacht a' Guaire seo i dtúis a shaoghail,
Storus Chrasus, gé gur mór le luath,
Go bpronnfadh gan ghruaim mar dhrúcht do'n chraoibh.



III
Dá measfaidhe tallann, is ní áirmhim dúthchas,
Bhéaradh an prionnsa ciúin seo an báire;
Chuirfidhe Pól Ua Cuilinn siar go Broomfield,
Agus Seumas Ua Dúithche go hÁrdmhach.



IV An tAbhrán:
Má tá an dara Maoise 'gcolann daonna ins an
domhan go léir,
Is i nDomhnach Maighin atá an sgeallán naomhtha i
n-onóir is i gcéim;
Chan ar chruinniughadh maoine bhíonn sé smaoineadh mar
bhíos iomad do'n chléir,
Acht a sholathar saoghalta roinn' mar thaosgadh na
tuinne le réim.


L. 357



174 - DO'N TSAGART CHÉADNA
Art Mac Bionaid a chum



I
Iomad Nodlaig bhuadhach le subhailce dhuit, a
Shéamuis,
Agus sláinte gan ghruaim le gluasacht na féile;
Meanmnughadh gan chluainidhe le buan-neart is céime,
Is ar dheis-láimh an Uain i ndéidh cruaidh-cheiste 'n
tsléibhe.



II
B'fhurus damh-sa bheith craobhach oidhche na féile,
Agus pronntanas saoir Domhnach Mhaighin dhamh a
géilleadh:
Mar dubhairt Conán Maol le ríogh-laoch na Féinne,
"Anois a ghiolla chraosaigh, cosg faobhar do ghéile
=ghoile."



III
Dá maireadh ar gcóisir go Féil' Eóin ins an tsamhradh,
Cha chromfainn ins a' ród do Milord nó d'fhear
Ghallta;
Is annsin teacht an fhoghmhair béidh tortha ar gach
brainnse,
Agus is iomdha cailleach chróin rachas i gcomhraidh
fá'n am sin.



An tAmhrán:
Treibh Chonaill is Eoghain gé gur neartmhar i ngleo,
Cha bhainfeadh siad feóirlinn de iomad de'n chléir.
Cuid eile nach gcornadh pighinn ina bpóca
Gan roinn leis a' deoraidhe chífid ina fhéidhm.
Cha rabh ciste nó stór aige Peadar nó Pól,
Agus lean tusa nós na n-easbal go léir;
Óir b'fhearr leat-sa ceol nó giní buidhe óir,
Is dá ndeirfinn fá dhó níorbh'eagal damh bréag.


L. 358


175 - A PHÁDRAIG CHAOIMH
Art mac Bionaid a chum



I
A Phádraig Chaoimh, a mhic Sheáin Ruaidh,
A d'imthigh i ruaig i gcéin fá seach,
Is cosamhail nachar smaoinidh tú ar an uair
A marbhadh an t-uan ar Chabhan na gCearc.



II
Tá dligheadh a' teampaill in' aghaidh go cruaidh
Cinneamhain a luadh, nó nidh de'n tséort,
Gé gur dhubhairt an fáidh go dtiocfadh an uair
A luighfeadh an t-uan imeasg na leomhan.



III
Ná saoiltear leat go mbainfear umhlughadh
As an dream nachar múineadh ariamh go fóill;
Leigeadh an tslat i bhfad gan lúbadh,
Gur thriomuigh an sugh is go dteachaidh sí i bpór.



An tAmhrán:
Tá tusa faoi smál, a Phádraig, le corradh is bliadhain,
Mar Mhaoise ar an fhásach 'sásamh pobaill gan riaghail;
Tá 'n mhuinntear a d'fhág tú lán de thuirse is de chian,
Agus tusa 'do sglábhaidhe ag gárdáil fear mire gan
díol.


L. 359


176 - AR AN ATHAIR AODH Ó MAOLAGÁIN
Art Mac Bionaid a chum



I
Is annamh gheibhthear iasg ar fhásach,
Is annamh fhásas cuileann ar linn,
Is annamh a gheibhthear seanchus sámh
Ag an té nach áil leis stuidéar ann.



II
Tá tuigse is tallann riachtnach aige ughdar,
Sul dá rachadh sé a' sgrúdadh laoi nó próis,
Óir is deacair gearr-fhiadh a chur as a' chlúid
Nachar luigh ann i lúbaidh ariamh go fóill.



III
Nó go mbeirthear Sliabh Guilinn ar bád
Thart síos go Tráigh Mhic Giollagáin,
Chan fheiceann tú 'n obair bhí tú 'rádh
Sgríobhtha ó láimh Aoidh Uí Mhaolagáin.



An tAmhrán:
Absolom mac Dáibhidh gé gurbh áluinn a ghné 's a
dhreach,
Agus Samson a sháruigh síol Ádhaimh le brigh is le
neart,
Is Cúchulainn fá'n Táin rinne ármhach le béim 's le
beart,
Chá chasfadh siad a nádúr go bráth as a chúrsa ceart.


L. 360


177 - LITIR SHÍOTHCHÁNTA LE AODH CHUN AIRT
Aodh Mac Domhnaill a chum.



I
Nach tuirseach mo thurus fá'n tráth seo
Ag pilleadh ó chlár na Midhe,
Is gan duine 'mo chuideacht 'san lá,
Nó cumann le mnáibh 'san oidhch';
Acht an mhuinntear a chonnaic mé tráth
A chrathfadh dhá láimh le hAodh,
Go bhfuil siad anois ina námhaid
I gcogadh le bárd is le saoi.



II
A dhuine úd a chonnaic mé uair
Comh fearamhail le Guaire fhéin,
Nach iongantach mar d'imthigh is d'fhuaraigh
An charthannacht uainn araon.
Muna dtiocfa tú chugam de ruaig
Go gcluinfidh mé uait-se sgéal,
Is eagal nach dtugaim ort cuairt
Go dtuitfidh na cuacha i' néall.



III
Má thig tusa tabhair leat Máire,
An bhean a thug barr le haoibh;
Tráth thiocfas sibh thairis an ált
Béidh mise ar fagháil 'san tslighe,
Is cha sgarann do ghlaic as mo láimh
Go mbéidh sinn fá chlár na dighe,
Is go n-ólfa sinn gloine le dáimh
I gcumann 's i bpáirt 'nar suidhe.


L. 361


178 - PARA Ó CATHALÁIN



Mairfidh do chliú go bráth,
A mhic Airt nach falta gníomh,
Ursa cogaidh ag coimhéad cáich,
Scot nár fhág clár ariamh gan díol.



II
Samhail do chleasa ní fhuil indiu
Ó d'imthigh mac Sualtaim na séad saor,
Cú ceann-fheargach na gcleas,
Nár léig a leas ariamh le haon.



III
Sé mo chrádh nach bhfuil tú óg,
A churaidh na seod indiu 'do chreat,
Do chlannaibh Gall ní thabhairfeá cóir
Aois fá dhó mo chrádh nach leat.



An tAmhrán:
Guidhim-se Rí neimhe dorugadh sa' mBeitil san oidhch',
Saoghal fada bheith ag an mhac-sean is féile gníomh;
Cú-ghleacaidhe de threabhaibh na gcuachan caoimh,
Dhéanamh sladairt ar Ghallaibh is casgairt gach uair
san mbruighin.


L. 362


179 - IOMÁIN IONNAS CAOIN



I
Ar a' seiseadh lá fichead de'n Aibreán go fíor,
Dia Sáthairn, in Ionnas Chaoin sé thárlaidh;
Na macraidhe bhí croidheamhail aigeanta líomhtha -
Fá na gcródhacht nach rabh innsidh nó áireamh,
Cha rabh a léitheid ins a' tír seo ó cuireadh an díle,
Is cha bhíonn ann go lá an bhrátha;
Go sgriosadh an tsaoghail 's a chlann sin bhí ann
Tá buaidh le buachaillí Fhearnmhaighe.


L. 363


II
Mar áilleacán lá gréine le stuaim is le céill
Bhí an tAthair Éamonn ar thús a phartaigh,
Is thug sé beannacht Dé fá leith do gach aon,
Agus thug sé fhéin 'aghaidh ar a' námhaid.
"Seasaigidh go dlúth in aghaidh buachaillí Lughbhaidh,"
Siúd an aicme ar dhúthchas dobhtha an prácás;
Ba tréan láidir lúthmhar mo mhacraidhe baint fúbhtha,
Go dtug siad an cliú leo go Fearnmhaighe.



III
Charbh fhada ina dhéidh go rabh an iomrasgáil ag éirighe
Eadar Mac Cathmhaoil 's a dh'fhear dhéag agus
Colmáin;
Mar Hector na mbéimeann bhí Mac Eochaidh na dhéidh,
Lucht casgairt na gCinn is Mac Gathmhana.
Mar Gholl mac Móirne, nó mar Shamson an tréan-
fhear,
Nó mar Alasdran thug buaidh ar a námhaid;
'Siad lucht an aráin eorna thug díol ins an spórt,
Go dtug siad an cliú leo go Fearnmhaighe.



IV
Cha théagmuinn a choidhche léitheid do bhunadhas Ionnas
Caoin,
Chan doiligh ógánach croidheamhail a fhagháil ann;
Níl barranacha ins a' tír seo bhéarfas dóibh díol,
Diardaoin, ná lá aonaigh na Carraige.
Más beag sin pighinn cha dtiubhrainn air mar shíoth-
chainte
Fhad a mhaireas droighin agus fearnóga;
Fuair Fearnmhaighe an cliú ó mur gConndae sin Lugh'
Is thart timcheall ó Loch Éirne go fairge.


L. 364


V
Ná dearmadaigh go bráth an Mac Gathmhana geal bán,
Plannda den óir-shliocht dílis,
Ó Brannagáin an áigh, Mac Eochaidh is Ó hÁgain,
Ó Cathaláin agus Eoghan Mac Giolla Bhrighde,
Clann mhic Fhinn a bhí órduighthe, Ó Collatain, is
Seóinígh,
Is na Gleanndúiní óga bhí i dtaoibh seo,
Siud a sheasuigh an chóir do na macaibh bhí leo -
Seo mur sláinte is tá an iomáin críochnuighth'.


L. 365


180 - IOMÁIN ÓMÉITH
Niall óg Mac Murchaidh cct.



I
Bhí sé feara déag de sgafairíbh Óméith,
Is iad ag iomáin ar léanaidh an bhádhbhdhúin,
Ó mhullaigh an mheadhoin lae go cromadh dubh do ghréin,
'S char chuir siad ar aon taobh an báire.
Gach branán barramhail éachtach a' baineadh leis a'
léathróid,
Ag imtheacht mar bhéadh gaoth ruadh Mhárta ann:
'S níl a'n ríoghain faoi'n ghréin atchífeadh ortha
radharc
Nach dtuitfeadh i n-aon sméideadh i ngrádh leo.



II
Bhí óigfhear gasta stuama d'aicme d'fhíor-fhuil
Ruairc ann,
Ba sgafanta mo ghruagach ar léanaidh;
Bhí mac an toigh-se thuas ann, is dá rachaidís chum
tuathtacht,
Ar dheis nó ar chlí go mbuailfeadh sé an léathróid.
Nuair a thógtaoi an balla uabhtha leanaidís fear a'
fhuadaigh,
'S níorbh fholláin 'thiocfadh uabhtha do'n réim sin;
Ba aoibhinn 's ba subhailceach bheith ar chnoc na Tulcha
an uair sin
Ag amharc ar mo chuid buachaill dhá dtréanáil.



III
Bhí dís nacharbhfann fá léanaidh nuair a ghlacaidís a
chéile,
A thiomáineadh dhá fhear dhéag in aon charnán,
Síol gConallaigh fuair céim ó'n Chabhán go Loch Éirne,
Sul a dtáinic ar an taobh seo dá dtárla iad:


L. 366


Bhí Ó Muireagáin neamh-chladhartha timcheall cúil
éaga,
Dá bhfuigheadh faill 'á laighead chuirfeadh an báire,
Níor mhisde leis dá mbíodh fir Uladh teacht na ndéidh
Acht a' balla d'fhagháil dá réir ó n-a sálaibh.



IV
Bhí óigfhear de chlannaibh Néill ann - chóir a bheith i
dtús a' sgéil-se -
Ba chliste bhuailfeadh an léathróid i mbéal báire;
Is Ó Casalaigh na dhéidh, ní ba dual ó fhréimh,
Is an balla leis 'sna béinnibh dá bhfágbháil.
Bhí sár-mhac Chuarta ar léim ann a bhuailfeadh boc in am
féadhma,
Is a rachadh amach cúl éaga le rása;
Siúd Ó hÍr ina aghaidh mar Osgar in am ghéibhinn,
Is bhuailfeadh 'steach sa' léanaidh gan spás é.



V
Bhí dís de mhuinntir Mhéarlaigh ann comh cliste leis
na héanlaith,
Is an balla leo sna néaltaibh in áirde;
Ó Dubhthaigh beag leis féin ann go sgafanta i mbéal
éaga,
Is ní bhfuighfidhe a dhá léitheid go Bail' Shláine.
Bhí cúpla d'fhearaibh éachtach de shliocht Eochaidh ar a'
léanaidh,
Do bharánta maith daingean chum spáirne,
Beirt eile teacht na n-aghaidh go ró-chliste leis a'
léathróid,
De mhaithibh agus de thogha mhuinntir' Ágain.



VI
Anois is mian liom trácht ar an iomáin seo mar
thárla
Aige sgafairíbh na háite mar chualas,
Bhí fhios aca go ró-lán ar ár gcuid fear anois gan
áireamh,
Nár theagmhadh ins a láthair iad an uair sin;


L. 367


Acht mur b'é comh mall is tá sé rachainn a chois
trágha,
Mé fhéin agus mo chuid páisdí go huaibhreach,
An áit a bhíonns gach ainnir áluinn le méaraibh geala 's
fáinní,
I ndéidh theacht i ngrádh mo chuid buachaill.



VII
Nach tuirseach libh na sgéala theagmhadh chugainn go
déighionnach,
Gur theastuigh Paitsigh an tsléibhe ó n-a phártaigh?
'S nachar dhruid sé sé lá déag tar éis iomána an
léana,
Nuair a goineadh ag an éag uainn ár spárnaidhe.
An macaomh geanamhail tréitheach, a rabh carthannacht
is méin ann,
Fearamhlacht, féile, agus áille,
Bhí grádh na bhfear go léir air, bhí aobh an laig san
tréin leis,
Is ba sgathán ban is maighdean ar clár é.



VIII
Bhí an chúis go maith go léir nó go gcluinfidh sibh na
sgéala,
Mar sheasaigh Paitsigh an tsléibhe ins a Bhádhbhdhúin;
Thlig sé de 'na léinidh, is d'fhiafruigh sé go neamh-
chladhartha,
"Cá háití ar ghabh an léathróid nó an báire?"
Dubhairt mise nacharbh' fhéidir dúinn casbháil le n-a
chéile,
Mar theagmhadh 'n lá ag fearthainn 's ag báisligh;
Ar seisean - "Sguir dod' théamadh 's a d'aimhdheóin a
bhfuil in Éirinn
Ní bhfuigfidh mise an léanaidh gan sásamh."


L. 369


181 AN GHORTA 1846



I
Níl file nó fáidh dar ghnáthach cumann na naoi,
Níl ollamh nó bárd le fagháil a bhlas an sruth
sidhe,
Níl duine de'n dáil gan cháin gan donas gan díth
Faoi chogadh lucht Béarla a sháraigh orainn le dlighe.



II
Acht dá maireadh i stát fán áit seo curaidh mar bhí,
Mac Cumhaill is mac Daire, 'á maireadh Connchobhair
an rí,
Cúchulainn, Conall Cearnach, 's ar sásamh uilig ins a'
maoin
Ba ghairid an spás go gcarnfaidhe Bhullaidh san
ngríb.



III
Ó d'imthigh gan dáil na táinte a chleacht an árd-tír,
'S gan againn na n-áit acht beárna gorta agus íocht,
Ní chluintear in Ultaibh cearrbhas is ceileabhar ar
chraoibh,
Is níl bric ins an tsáil' mar' ghnáth in oileán na naomh.



IV
Níl fear i gCrích Fáil nó mná agus leanbh na cích',
Níl sgafaire breagh nó stáid-bhean mhascalach mhín,
Níl bacach ar sráid nach cráidhte is torrach le caoi
Ó tháinic an phláigh ar na preátaí agus támhan dubh díth.


L. 370


V
Cha chreidim go bráth - is tá 'shár-fhios anois ag mo
chroidhe -
Gur b'é mallacht an Phápa ar Mháirtín fá bhriseadh an
dlighe
A thug milleadh ar bharr na bpreátaí uilig ins an
oidhch',
Agus a' bhfeice tú bánughadh barra uile ar Sheán
Bhuidhe?



VI
Guidhim-sa an tAthair, is bainríoghain Fhlaitheas na
naomh,
Peadar 's a' Pápa, Pádraig, is easpuig an tsaoghail,
Sagairt is bráithre cráibhtheach' is manaigh le brígh
Go dtigidh na Spáinnigh le preátaí chugainn arís.



182 - BEATHA CHATHAIL BHUIDHE



I
Is beag claidhe gárdha, fál, nó fuirseadh 'riamh a
rinne mé le haoibh;
Is beag orm crábhadh, tráth, nó paidreach: in
aimsir throsgaidh is mó ghnídhinn craos:
Níor thiobas mo lámh 'n-aon chás ó oscar; thógainn
troid is dheánainn bruighin,
d'imrinn cárta, cháininn, sgolainn - sin agaibh tús
mo shaoghail.


L. 371


II
Is meanmnach, súgach, lúthmhar, cliste a dhoirtinn
fuiscidh in mo sgóig;
B'ait liom rúscadh, dúsgadh, meisge, is ag tabhairt
mo chiste do mhnaoi an óil;
Chuirinn lúib, cluain, is gaiste, is dhéanfainn siolla
bréag go leor,
Is má shaoileann sibh gur tréas nó coir sin, gheobhaidh
sibh tuilleadh de mo sgéal go fóill.



III
B'ionmhain liom féin an spéirbhean bhreasnaidh, bhéil-
bhinn, shocair, ba mhilse póg;
B'ait liom féin a bheith dhá mealladh d'éis a gealladh
uair nó dó;
Ní chreidfinn ón chléir gurbh éifeacht peacaidh mná na
bhfear a chlaoidheadh le póig,
Acht anois, faraor, tá mo shaoghal-sa caithte, is is
mian liom stad agus leigean dóibh.



IV
Bhí mé 'réir ag suirghe le cailín 's ba bheag mo spéis
a bheith 'na dáil,
'S nuair a shaoileas fhéin a bheith dhá mealladh thuit an
paidrín as mo láimh;
Bhris mé ar fhortún míle cailín 's mé dul le hearradh
go Loch Gáll,
'S nach truagh an té fuair léigheann an tsagairt, is
thréig a' creideamh 'gheall ar mhnáibh.




L. 372


183 - AG GABHÁIL GO BAILE ÁTHA CLIATH DAMH



I
Ar a ghabháil go Baile Átha Cliath damh an chéad
lá de 'n tseachtmhain,
Thárlaidh damh an spéir-bhean a thug spéis damh
'gus taitneamh;
d'fhiafraigh sí fríd ghlór chaoin damh - "cá
gcómhnuidheann tú a mharcaigh?"
"I dTuaithfinn atá m'áit chómhnuidhe 's mo lóisdín
le fada."



II
"An misde damhsa fiafraighe, ós tú is déidhionnaighe
d'fhág an baile,
Goidé mar tá do chéile nó an féidir go maireann?"
"Tá sí tinn tréith-lag i bhfiabhras na leabtha,
Agus mise le trí ráithe ag na leághaibh do mo
chreachadh."



III -Ise
"Char mhiste duit fhéin sin 'á dtéidheadh sí faoi
thalamh,
Nó gheobhthá-sa ba caoirigh is mór-chríocha fearainn,
Airgead in do phócaibh, is ór buidhe le sgabadh,
Agus maighdean a' chúil ómra le bheith cóiriughadh
do leabtha."



IV - Eisean
"Tóg uaim, a óig-bhean, 's ná hiarr a bheith mo
mhealladh,
Tá muirighin lag óg agam 's ní cóir iad a sgabadh;
Níl airgead in mo phóca nó mór-chíos ar thalamh,
'S ní iarrfaidh mé céile eile arís in mo leabaidh."


L. 373


V -Ise
"A mharcaigh dá mba liom thú is deas a nighfinn do
léine,
'S ní le huisge dubh srotha nó rabhartaí shléibhe,
Acht le fíon na Frainnce 's le brandaí 'na dhiaidh sin,
Is bhéinn fhéin dá deisiughadh ar dheiseabhair na
gréine."



VI - Ise
"Dar bhrigh na dtrí leabhra mar labhraidh tú comh séimh
liom,
Rachainn-se fhéin leat, a chompánaigh ghléigil,
Rachainn-se fhéin leat fríd chnuic agus sléibhtibh,
Sé mo chreach géar 's amhgar nó bhí clann agam fhéin
leat."



VII - Eisean
"A mhaighre an chúil chraobhaigh, cé'n taobh díom a
mbíonn tú?
Níl aithne agam fhéin ort nó ag aoinneach sa' tír
seo."



Ise
"Mar tá dath na cré orm, dath na gréine 's na
gaoithe,
'S gur tráthnóna Dia Domhnaigh a tógadh as a'
bhruighin mé."



VIII - Ise
"Shiubhlainn oidhche agus lá leat, is ceithre cearna na
hÉireann;
Rachainn-se 'na Spáinne le mo ghrádh geal dá bhféad-
fainn;
Lucht gaoil agus páirte go bráth ó go dtréigfinn,
Dá dtabhairfeá póg amháin damh is a rádh gur leat
fhéin mé."


L. 374


IX - Eisean
"Bí teacht liom imbárach go hárd ins na bealaighibh,
Nó go dtéidh muid san áit sin nár ghnáthach linn 'bheith
sgartha;
Agus má fhiafruigheann mo cháirde an dtearn mé
malairt,
Sé déarfeas mé leobhtha gurab í 'n chéad ghrádh tá
agam."


L. 375


183a - BRIGHID AN CHÚIL ÓMRA



I
Ar a dhol go Baile Átha Cliath damh ar a' treas lá
do'n Aibreán,
Cé thárlaidh acht a' planda a dtug mo chroidhe
gean dí,
d'fhiostruigh sí dhamhsa "Cá gcomhnuigheann tú a
mharcaigh?"
"I dTuaidhbhean tá mo lóisdín is bean chóirighthe mo
leabtha."



II
"Innis tusa damhsa ó's duine thú d'fhág a' baile,
Goidé mar tá do chéile nó an féidir go maireann
sí?"
"Tá sí lag cladhartha, agus níl sí mar is maith liom,
Tá sí tinn cladhartha agus i bhfiabhras 'na leabaidh."



III -Ise
"Ná cuir tusa aon chás ann dá mbéadh sí gan anam,
Ná gheabhfa tú togha chéile, ba, caoraigh, agus
capaill,
Gheobhfa tú togha chéile, ba, caoirigh, agus capaill,
Agus maighdean a' chúil ómra dhul rómhat in do
leabaidh."



IV - Eisean
"Stad thusa feasta 'gus ná bí do mo mhealladh,
Tá muirighin lag óg agam agus ní fhóireann sé damh a
sgabadh;
Má tá airgead in do phóca agus ór buidhe le sgabadh,
Togh thusa do rogha chéile dhuit fhéin is ná bí folamh."


L. 376


"Dá dtigtheá thusa liomsa sé do chomh-fhurtacht bhéadh
déanta,
Bhéarfainn fíon fhéin dhuit agus bainne na ngabhar
gléigeal,
Bhéarfainn fíon fhéin dhuit agus bainne na ngabhar
gléigeal,
'S cead codladh go headartha 's gur doiligh leat
éirighe."



VI - Eisean agus Ise
"Cé hé sin ag caint liom, nó an bean as mo thír
fhéin thú?
Nó 'n tú Brighid an Chúil Ómra bhíodh ag cómhrádh
san oidhche liom?"
"Mise Brighid an chúil ómra bhíodh ag cómhrádh san
oidhche leat,
Till abhaile, a mhíle stór, 's mo sheacht mbeannacht
choidhche leat."



VII - Eisean
"Dar brigh na gcúig leabhrán, mur b'é gur labhair tú
comh céillidhe
Bhéarfainn fá'n choill thú 'n áit a gcómhnuigheann an
éanlaith,
Bhéarfainn fá'n choill thú 'n áit a gcómhnuigheann an
éanlaith,
Go mbéadh spórt is pléisiúr againn seal tamaill
le chéile."


L. 377


184 - Cumhaidh Uí Cheallaigh



I
Tuaim na fairge sí a mhearaigh agus a bhreóidh
mo stuaim,
Mé síor-amharc 'á ndearcfainn-se tír
éinteacht uaim.
Sliabh na mallacht a bhfuil do mhalaidh 'lig go léir
faoi ghruaim,
Dhall tú a' bealach is bhain tú amharc mo thíre uaim.



II
Tá'n Chuisgearach ag cur thairsti is í lán go bruach,
'Gus Eoghan Bán bocht ina ceart-lár go dtí'n bhásta
suas;
A Aoin-mhic Mhuire, a thug inne as géibhionn cruaidh,
Claoidh an tuile is leig inne gan bháthadh uaith'.



III
Dá mbéadh teachtaire agam a rachadh le brígh mo sgéil
Go Dún Tallaidh, mar a bhfuil siad mo cháirde gaoil,
Agus d'aithrisfeadh go tapaidh dóibh mar tá mé i
bpéin,
'S go bhfuil an arraing seo do mo mharbhadh, is an bás
ina dhiaidh.



IV
A chailín beag barramhail tá fáilthidhe ciúin,
A chuireas gruaim in do mhalaí fá dheasughadh 'n éadaigh
fúm,
Imeasg mo cháirde dá gcastaoí mé fhéin agus tú
Ní bhfuightheá córughadh mo leabtha cé gur bán do chúl.



V
Tá spás beag ó'n bhás agam, míle glóir do Dhia,
Gus mé 'tarraingt ar a' bhaile adaidh ar dual damh
bheith triall:
Míle is fearr liom mo chnámha bheith san Dúin atá mo
dhiaidh,
Nó bheith i dtea'pall Cill Eandaigh chois Muaidhe
thiar.


L. 379


185 - FÉIDHLIMIDH ÓG Ó FRIGHIL



I
Nuair a bhí mé óg 'gus baoth go leor
Bhuail mé rómham ins na bealaigh seo,
'S ar chasán réidh a shiubhail mé 'n saoghal,
Gur ghoin go géar an arraing mé.
Pógadh mo bhéil mar bhlas súgh-chraobh
Le 'bhfacaidh mé 's nár aithin mé,
Acht seo chugam an t-éag, 's nach truagh mo sgéal,
Nach in Aon-truim féin a cuirfear mé.



II
Dá mbéinn-se críonna, 's ní rabh faraor,
Bhéinn sa' tír 'na rugadh mé;
Bhéadh cáirde ag caoi mo bháis go fíor
Agus gártha caointe ag mo bhunadh 'lig.
An mháithrín mhín a thug dam a' chíoch
Is mé 'mo naoidhín, 's a d'oiligh mé -
Tá an bás go fíor i gcomhair mo chroidhe,
Is ag Eoghan Ó Frighil ní shínfear mé.



III
'Bhfuil teachtaire istoigh a rachadh síos
Is a thiocfadh aníos an aithghiorra,
A dheánfadh sgíste ag Bealach na Gaoithe,
'S a d'aithrisfeadh daoibh mo leathtrom-sa?
Ar philleadh aníos dó ar ais sa' tslighe
Gheobhainn sólás is síoth in m'atuirse;
Acht cóirigh an tuighe istoigh faoi mo thaoibh -
Sí anocht an oidhche dheirionnach.


L. 380


186 - A BHEAN UDAIDH THALL A SHÍOGÓ



I
A bhean udaidh thall, a shíogó,
Ag siubhal a' chladaigh, a hóró,
Nach truagh leat bean fá húire ceo,
'Gus í dá báthadh i mBaile Leóil.



II - An Cailín
Níl mo ghaol ionnat, a shíogó,
Nó mo pháirt, a hóró,
Is an uair nach bhfuil, fá húire ceo,
Bheirim cead snáimh duit i mBaile Leóil.



III An Bhean
Tabhair sgéala do m'athair, a shíogó,
Annsoir mo mháthair, a hóró,
'S ar athair mo chlainne fá húire ceo,
Go bhfuil mise 'mo bháthadh i mBaile Leóil.



IV
Tá leanbh beag agam, a shíogó,
'Gus leanbh beag eile, a hóró,
Is leanbhán eile fá húire ceo
I gcionn a thrí ráithe i mBaile Leóil.


L. 381


V
Tiocfaidh mo athair, a shíogó,
'Na chladaigh imbárach, a hóró,
Gheobhaidh sé mise fá h-úire ceo,
'Mo bhradán bhog bháidhte i mBaile Leóil.



VI
Nach méanair do'n mhnaoi óig, a shíogó,
A thiocfas 'mo áit-se, a hóró,
Béidh seomraí bán' aici fá húire ceo,
Is fuinneógaí gloine i mBaile Leóil.


L. 383


187 - MO MHALAIGH BHEAG Ó



I
Thug me liom fá'n ghleann mo Mhalaigh Bheag Ó,
In áit a bhfuair mé ar faill í, mo chuid an
tsaoghail Ó;
Leig mé sgian thall uirthi, d'amharc sí go mall orm,
Is bhogair sí clann na nGall orm, mo Mhalaigh Bheag Ó.



B 1919c 19
II
Chuir mé ins an díg í, mo Mhalaigh Bheag Ó,
Is thug mé báthadh an lín dí, mo chuid an tsaoghail Ó,
Sgaoil mé beannacht fá mhíle léi, nó bhí mo chroidhe
i bpíosaí,
Agus shuidh mé annsin ag caoineadh ó oidhche go ló.




III
Tháinic sí chugam aréir i ndéidh mé dhul in suan,
Leag sí orm a béilín, is a géaga a bhí fuar;
"Éirigh suas, a bhuachaill, is mithid duit bheith ag
gluaistean,
Tá 'n tóir ag teacht go luath ort fá do Mhalaigh
Bhig Ó."



IV
"Tiocfaidh bás ar cuairt chugat uair bheag roimh an
lá,
Is bainfidh sé cunntas cruaidh díot fá gach cluain
dar chuiris ar mhnáibh;


L. 384


Sínfear ins uaigh thú, 's a' bhráithlín bhán anuas ort,
Nár mhaith an aithrighe an uair sin dá mbíodh sí le
fagháil."



188 - NA GAMHNA GEALA



I
Is iad mo chuid gamhna na gamhna geala,
Ithidh siad a' féar is chan ólann siad aon
bhainne,
Théid siad anonn is anall ar a' Bhanna,
Is chan fheárr leo an tráigh aca ná bárr an lán mhara.



II
Is fliuch 's is fuar a fuair mé an geimhreadh,
Ag baint na seisge is arís 'ga hiomchar,
Chan iad na ba maola is mó tá mé a chonnsughadh,
Chan iad, nó a mbainne, faraor acht na gamhna.
Is iad mo chuid gamhna, srl.



III
Rachaidh mise un aonaigh is ceannócha mé gamhna,
Cuirfidh mise isteach iad i bpáirc toigh a' leanna,
An áit a bhfuigh' siad seamrógaí is neóiníní geala,
Tiocfaidh siad 'na bhaile 'na ngamhna breagha.
Is iad mo chuid gamhna, srl.



IV
Is ró-bheag mo spéis i gcupaí nó i gcártaí,
I bhfuinneógaí gloine nó simleóirí árda;
Is míle uair a b'fhearr liom i mbothóig bhig samhraidh,
Poll a bheith ar a' sgraith is mé ag coimhead ar na gamhna.
Is iad mo chuid gamhna, srl.


L. 385


V
Charbh fhearr liomsa ribíní bheith orm ná buarach,
Charbh fhearr liom leaba fhlocais bheith fúm ná
luachair;
Ceoltaí na cruinne is bíodh 'a seinnim in mo chluasa,
Ach ba bhinne liom-sa géimneach na ngamhna sa' bhuailidh.
Is iad mo chuid gamhna, srl.



VI
Bheirim-sa mo mhallacht do'n eaglais a phós mé,
Is mallacht is céad do na buachaillí óga,
Nár leig damh-sa fanacht mar chleacht mé i gcómhnuidhe,
'Rinnce sa' tsamhradh is na gamhna a' seoladh.
Is iad mo chuid gamhna, srl.



VI - A Fear
Tiocfaidh an sioc agus greadfaidh an Márta,
Tiocfaidh an sneachta go trom ar na háirdibh,
Tiocfaidh 'n t-éag ar an eallach 's feannfar na gamhna,
Is a chuisle 's a rún ná bíodh dúil agat ionnta.


L. 386


189 - BACACH NA PLÉIDE



I
"A bhean a' toigh chléibh, déan déirc ar a'
mbocht atá lom,
In onóir Mhic Dé le séan a chur ar do
chlainn."
"A bhacaigh na pléide, léig do do ghrabaireacht liom,
Bhí do bhean annseo 'ndé 's tú fhéin indiu ar do
bhonn."



II
"A chailleach dhubh bhréan do bhréag ná samhail sin
liom,
Chan mar gheall ar do dhéirce thréigfinn mo bhean is
mo chlann:
Is truagh liom fhéin tá 'n léine dubh ar mo dhruim,
Tá sé seacht mbliadhna dhéag ó d'éag sí cuisle
mo chuim.


L. 387


III
"Go cúig Uladh má théidhim béidh sean-chuilt dhubh ar
mo dhruim,
Béidh puca 'gus céad, agus béal stoca fighte ar
mo cheann,
Béidh na naoi mála dhéag ar thaobh mo chruite 's mo
chuim,
'S ag teacht deireadh 'n lae go mbéidh sac mine
agam cruinn."



190 - SAOGHAL BOCHT SEACHRÁNACH



I
Saoghal bocht seachrannach seo, agus mealluigh-
eann an uaill a lán;
Níl fios cia haca fear a chaithmhe nó an chruais is
fearr.
An fear sin agus ar thacair sé ariamh ina láimh,
'S go bhfuil fear a chaithmhe comh maith leis ar uair a
bháis.



II
Tháinic easpail Mhic Dé fá mo dhéin 's mé 'bhfochair
Aoidh óig,
Sé bhreathnaigh mé féin gur mhéadaigh caithréim do'n
ghlóir;
Sé dubhairt Sir Séamus is é 'n-éinfheacht le Peadar
's le Pól,
"A charaid mo chléibh ná léig gan deoch fear a'
cheóil."


L. 388


III
Sé deir an chléir gur tréan an peacadh í an phóit,
Is braon dá bhféadfadh nach léigfeadh de'n mbeath-
uisge d'ar gcómhair,
Is buidéal di faighte go daingean i sgiortaibh a
gclóca:
Acht muna b'é go rabh sí naomhtha cha bhéadh sí aige
Peadar nó Pól.



IV
Dá gcasadh dhamh an príomhfháidh nó naomh ar bith eile
san órd,
Rachainn ós íseal chum faoisidin aig' aithris mo
sgeóil,
Agus scrupall nach saoilim dá bhfuighinn í an bheath-
uisge ól,
Óir buidéal dighe líonta ar a thaobh go bhfeicfear le
Pól.



V
Cha chreidim go bráth gach ráfla a n-abair an chliar,
Acht óltha mé lán mo bhrághad mar rinne mé ariamh;
Nuair thiocfas an bás in mo dháil caithfidh mé triall,
Agus rachaidh m'anam go bráth san áit a tholóchas
Dia.


L. 389


191 - COILLIDH RÍOGH SHÉAMUIS



I
Tá coill ag righ Séamus 'sí is fearr 'á bhfuil in
Éirinn,
Dá ísleacht dá ngearrfá í gheobhthá ádhmad ina
dhiaidh sin;
Gheibhthear caol-raftaí fearnóige ann, is gach ráithe
gheibhthear beann ann,
'S gurab ann a fuarthas an t-ádhmad leis an áirc-
luing a dheánamh.



II
Tá scoil shaor ann ag gasraidh, is na gearr-mhná dá
gcórughadh,
Mil chumhra ar bharr géaga ann, agus fáilte tráthnóna,
Tá cúirt ag Mac Uí Chochráin i gceart-lár a' bhóthair,
Is ní théid ao' nduine ar seachrán lá saoire nó
Domhnach.



III
Baintear an foghmhar fá dhó 'gcionn gach féile ann,
Bíonn cruacha mór' eórna ann, is go leor leor de'n
fhéar chluain;
Dá bhfásadh sin an t-ór buidhe in áit ar bith in Éirinn
D'fhásfadh sé sa' mhónaidh adaidh Dhomhnaill Uí Shléibhin.



IV
Bíonn a' chearc uisge 's a' madadh allta, 's a' gháir ag
na géachaibh ann,
Bíonn a' chuach bhuidhe faoi 'n lanndair, is deallrughadh
gath gréine ann;
An tslat fhada chaorthainn bhíos ag fás fá na géagaibh,
'S go dearbhtha duit san earrach ina barr bíonn a'
chéirseach.


L. 390



192 - CONNDAE MHUIGH EÓ



I
Bhí dhá dhúil 'san imirt agam,
Agus trí dhúil 'san ól,
Is an áit a mbíodh na cailíní
Ba mhian liom 'bheith 'na gcómhair.
Bhí dhá rogha is fiche 'gam,
Bhí Neillidh bhán is tusa 'gam,
Ó slán agus beannacht leat
A Chonndae Mhuigh Eó.



Luinneog:
Shiubhail mise shoir agus shiubhail mise shiar,
Shiubhail mise Doire, agus cuid do Bhaile Átha Cliath,
Acht samhail do mo chonndae ní fhaca mé go fóill,
Ó slán agus beannacht leat, a Chonndae Mhuigh Eó.



II
Rinne mé liostáil leis an sáirgeant,
Mo chreach agus mo chrádh;
Rinne mé liostáil leis an sáirgeant,
Mo mhallacht ar an lá.
Thug sé gunna mór damh
Agus bayonet ar a bhárr,
Agus shaoil mé fhéin gurbh fheárr damh sin
Ná Conndae Mhuigh Eó.
Luinneog



III
Má théigheann tú 'choidhche go Connachtaibh
Tabhair ruaig ar Mhullach Mhór,
Agus innis do mo mhuinntir
A d'fhág mé faoi bhrón,
Go bhfuil mé trom tréith-lag,
Gan duine ar bith 'mo chómhair,


L. 391


Ag smaoi'tiúghadh fríd mo néaltaibh,
Ar Chonndae Mhuigh Eó;
Go bhfuil mé trom tréith-lag,
Is cha bhímsa i bhfad beo,
Och slán agus beannacht leat
A Chonndae Mhuigh Eó.
Luinneog



193 - CNAPASTÚN MHUCROIS



I
A Chonaill, nach truagh leat mo sgéal,
Mise bheith i bpéin mar táim,
I dtólamh gan sonas gan séan,
Gan aiteas gan éan gan ól.



II
Tá Cnapastún Mhucrois ró-thréan
'S ní ghéillfeadh do Ghall nó Ghaedheal;
Ní stopfadh é gunna nó claidheamh,
Is tá bata aige a réabfadh 'n saoghal.



III
Mur bhfaghaidh mise bata glan réidh
A choinneóchas é seo shíos,
Cuirfidh sé orainn retréata
Amach fá na sléibhtibh arís.



IV
'Á mbíodh Bun na Searrach 'ar gcomhair,
Ní fheannfainn-se bó go Cáisg;
'S measa liom Neillidh 'gus Eoghan
Bheith sileadh na ndeor gach lá.


L. 392


V
Anois ó chaill mé mo radharc
Ní fheicim an féar ag fás,
'S mé ag buachailleacht bó gach lá
Ar léantraigh loma na trágha.



VI
B'fhearr liom ná a dteachaidh de mo phór
I dtalamh faoi fhód go bráth,
Bheith ag éisteacht le barra Thrágh' Lobhair,
Is na tonnaí le tóin na n-alt.



VII
Acht muir'imist balláin le ró,
Agus corra go leor ar a' tráigh,
Is ní fhágfaidh muid Mucrois go fóill
Go gcuirfidh muid feóil ar a' chnáimh.



194 - CREACH NA LACHAN



I
Tháinic ár mór fá'n éanlaith a shnámhas go héad-
trom,
Nárbh' fhearr aca an féar aca ná 'n t-iasg ar a'
linn;


L. 393


Acht an cúpla lach' spéireamhail bhí ag Peiggidh mar
fhéirín,
Mo mhallacht go héag dó 'bhain daobhtha na cinn.



II
Casadh an sionnach d'Éamonn is sé labhair sé leis
Béarla,
Sé dubhairt sé, "Good-day dhuit, or where do
you go?
"Nó ceilim ar a' tsaoghal é, is ná léig ort do
aoineach,
"Go ngeána muid féast' ortha amuigh sa' Chró
Mór."



III Éamonn
A shionnaigh, glac cómhairle is ná tar fá na bóithrí,
Nó más é go gcluin Eóin é ní fada do shaoghal,
Tá 'n gunna aige in órdughadh fá choinne do thórraimh,
Is cuirfidh sé an tóir ort amach as a' tír.



IV -An Sionnach
Tá Donnchadh 'ac Suibhne go holc damh go cinnte,
Is ní caraid damh an dream sin a bíos ar mo thóir;
Acht sé mheasaim gan amhras dá dtéidhinn fá na
gleanntaí
Go mb'fearr damh an t-iomlán a theacht orm ná
Eóin.



V
Má théid tú 'un Trian íochtar glac mo leisgéal go
caomhamhail,
Is mínigh 'gcois íseal mo leathtrom ró mhór,
Mar tá uain agus caoirigh cuid mhór as gach taobh
díom,
Cha dtig liom á gcríochnughadh go dtigidh 'n Fhéil Eóin.


L. 394


195 - PÁDRAIG MHAC RUAIDHRIGH



I
A Phádraig 'ig Ruaidhrigh, a chorp an duine
uasail,
Go mairidh tú go buan in do shláinte;
Gur i dToraigh ó thuaidh tá deagh-mhac a' tsuaircis
A mbíonn loingeas go buan aige 's bádaí.



II
Ní fá chladaigh go suarach ba mhian leis a bheith
'gluaiseacht,
Acht ag tarraingt go cuantaí na Spáinne;
Tá 'n cabhlach sa ruaig air, is a' lámhach anuas leo,
'S ní bheirfear i gcruaidhtean ar Phádraig.



III
Tá Paidi agus Éamonn Ó Dubhagáin na féile
Ag imtheacht araon un na Frainnce,
Tá'n slúp leobhtha gléastaí faoi n-a chuid éadaigh
Ag tarraingt fá fhíon agus brandaigh.



IV
Cé 'r bh'iongnadh linn Pádraig le earradh na Spáinne
Theacht chugainn ar sáile go cinnte,
'S go bhfuil a chliamhain ag tráchtáil ag siubhail fríd
na náisiúin,
Ag déaláil le Spainnigh 's le Franncaigh.



V
Níl aon áit i Roinn Eórpa a mbí fairs'ngeacht is
foghnamh
Nach mbíonn againn i gcomhnuidhe in am amhgail
=amhgair;
Is coimrigh Ríogh 'n Domhnaigh 'r scoith na bhfear
cródha
Le linn gaoithe móire nó dáinséir.


L. 395


VI
Tá coirce agus eorna comh fáirsing le mónaidh
Aniar ó Ghaoth Dóir go dtí 'n gleann seo;
Bhéarfaidh Pádraig go leor as Conndae Mhuigheo
'S ní bhéidh orainn brón ins a' tsamhradh.



VII
Ar a thilleadh as géibhionn dí is ró-dheas a' péarla,
Deallradh ón ghréin uirthi timcheall;
Nárbh aoibhinn an áit a bheith ag muileann na sclátaí,
Is ólfa muid ar sáith ann go cinnte.



VIII
Tá fáilte ag na céadtaí un a cában ar féasta,
Is í sínte ag an chéidh maidin shamhraidh;
Tiocfaidh chugainn 'un a' bhadhúin siúcra agus cláraí,
Lasta rum láidir, agus brandaigh.



IX
Tá 'n stór aici líonta de'n bheoraigh is daoire,
Rum, brandaigh, is fíontaí na Spáinne;
Tá bádaí na tíre ag tarraingt go líonmhar
Ag ceannacht ina saoirse ó Phádraig.



X
A Nansaigh tá'n chraobh leat i dToraigh go síorruidhe,
Is éireóchaidh an saoghal úr go breágh leat;
Níor lugha le Caitríona, bean Éamoinn a chroidhe
mhóir,
Nó 's aici tá aoibhneas na háite.


L. 396



196 - FÁILTE MHÁIRE BRÚN



I
Céad míle fáilte rómhat-sa, a Mháire,
Go cúirt Squire Palmer le go dtáinic tú 'na
tíre;
Nó 's tú a fuair buaidh ar mhnáibh Thír hAmhlaidh
I bhféile, 'bpáirt, múineadh, agus i ngnaoi-se.



II
Sí cúirt Squire Palmer a' chúirt nach bhfuair náire,
Sí 'n chúirt í a b'fhearr a bhí i gConnachta' 'riamh;
Is go rabh céad míle fáilte ag 'ach aon ó Mháire,
Ag lag agus ag láidir a ngabhfadh an tslighe.



III
Bidh lionn glan Márta is fíon le fagháil ann,
Bórd gan bheárna le fáirsneacht bídh;
Bidh ceol 'gus dántaí 'gus ól ar tháblaí,
'S gan fios cá dtáinic an aicme ar daoibh.
Ní Críoch


L. 397


197 - CONNSPÓID EADAR ULTACH AGUS
CONNACHTACH



I - An tUltach:
A shliabh sneachta, nach aoibhinn duit
Ag éirighe amach ar maidin?
Is gur gile thú ná 'n fhaoileann,
Thig cíb ort agus canach.
Bídh áirní ar an fhraoich ann,
Is sugh-craobh ar an abar
Is tobar glan fíor-uisge
Ón dílinn in do mhullach.



II - An Connachtach:
Ní haoibhne do'n Phápa
Ná do Mhághnus Ó Raghallaigh
Tchídh sé dún áluinn
'Ach lá breágh dá n-éirigheann;
Bídh cruithneacht bhuidhe ag fás ann,
Comh hárd leis na spéarthaibh,
Agus baraille mór grán
Dar mo láimh, ar gach déis ann.



III - An tUltach:
A Mhucais, cé gur aerach thú,
Ba mhéanra a bheith thuas ort,
An áit a bhfeicthear cabhlaigh
Ag dul thart fá na cuantaí;
Tig cuacha ann i dtús a' gheimhridh
A congbhuigheas an fuacht uainn;
'S ag éirighe 'mach ar maidín damh
Sgaoileann tú 'n ghruaim díom.


L. 398


IV -An Connachtach:
Sé mo rún-sa Dún Aoibhinn
Nach gcríonuigheann sa' gheimhreadh;
Thig duilleabhar glas craobh ann
Féil Brighde ar bhárr scafóg:
Bídh an bheachóg ins a' tsíobadh
Ag síor-chruinniughadh meala,
Ní hionann sin 's a' Bhinn Bhuidhe
I mbíonn na caoirigh dá bhfeannadh.



V -An tUltach:
Bidh biolar agus gleorán
Go leor fá'n Bhinn Bhradaigh;
Seamrógaí, feorthainn
Ag fás ar gach sgraith ann;
Bídh an lilí agus rós ann,
Scoith neóin, agus cartlainn,
Agus sgaifte ban óg
Ag gabháil cheoil fá na beanntaibh.



VI - An Connachtach:
Dá bhfeictheá-sa Sliabh Fraoigh
Le héirghe na maidne,
Ceath meala ar 'ach fód dí
Mar cheo-bháisteach shamhraidh;
Bídh na heachraí dul i gcóistibh,
Fear foghluim dá gceannsughadh,
Lucht an bhealaigh 'déanamh an eolais,
Bearaigh óga agus gamhna.



VII -An tUltach:
'Sí an tSamhail a' réalt eolais
Críche Fódla go síorraidhe;
San ríoghacht 'sí is ró-dheas
Fá mhór-amharc na tíre:


L. 399


Tig eaglaisigh ón Róimh ann
Is go leor eile faoi sin;
Bíonn Cruach an Iocail 'á háirdiughadh,
An Móta, 's a' Maoláin.



VIII - An Connachtach:
Deir Mághnus Ó Míonáin
Go gclaoidheann tú Mac Cartáin,
Go gcodluigheann tú i mbruigheantaí
Is go mbíonn tú ar seachrán.
Ní ar a Mhóta nó 'r a' Mhaoláin
A dtig aoibhneas nó aiteas,
Is cnocáin dubha fraoigh iad
'Mbíonn díle ann 's fearthainn.



IX -An tUltach:
Tá Mullach a' Chairn ró-uasal
Gé nach gualainn é do'n tSamhail;
Bíonn bainne aig na buaibh ann
Ar buailidh san earrach;
Níl mac ríogh dá uaisleacht
Nach dtig ar cuairt ann seal tamaill,
Bíonn lút ag seinnim ceóil ann,
Is togha spóirt an domhain.



X - An Connachtach:
A Mhághnuis Uí Raghallaigh,
Ós éigin damhsa innsint,
Do rámhanntaí le bréaga
Gur léigheadh thart timcheall;
Chuaidh do cháil go Dún Éadain,
Mar bhfuil spéis mhór ag Gaill ort,
'S béidh do chnámha ag na séalánaigh
Mur séanaidh tú an chainnt sin.


L. 402


198 - SLIABH LIAG
Séamus Ó Doraidhin a chum



I
Tá Sliabh Liag mór áluinn, bíonn féar fada ag
fás air,
'S míol bhuidhe ag dul le fánaidh an Mháidhm
ar an driúcht;
Tá buaidh 'ach cruic dá bhréaghacht air, ó fhíor-mhullaigh
na Teamhrach,
Ó Néifin Mic Amhlaidh go hAontruim, 's go Mumhain;
Bídh pléisiúr ar aontaighibh ann, coillte a mbíonn
aoibhneas,
Bídh caol-bharca-sidhe ann faoi bhrataibh seol;
Thig cóistí na bprionnsaí na bóithrí dá n-ionnsuidhe,
Bídh mór-chuid de'n im ann, 's is milis a bainne bó.



II
Tá'n tulach bheannach úrghlas 'dtig measa uirthi agus
ubhlaí,
An bheach ag cruinniughadh cnuasaigh, is in a gcúplaí
bíos cnó;
Níl toradh ar bith dá aoibhne nach bhfásann ar a' fhraoich
ann,
'S is milis boladh an tsríomhaigh ar 'ach taoibh di gach
ló;
Bídh eorna 'na cruachaibh ann, cruithneacht 'na dualaibh,
Cáise buidhe, uachtar, agus luachair bhog ag fás.
Bídh samhradh go buan ann, ceileabhar lonn is cuach ann,
Agus méith-mhart ag gluaiseacht anuas leis an bhfán.


L. 403


III
Ag bruach mhalaidh Mhálainn tá 'n sliabh maiseach áluinn,
An t-úr go tláith ag fás air, is ní áirighim súgh-craobh;
Níl laogh bó gan dáir ann, nó céiseóg gan ál ann,
Agus an chraobhruic go bhfásann fá'n teampall sin
Aoidh.
Ag bruach Bile Béile tá'n tsúil ghorm shéimhigh,
An seabhac ar a léim ann is é éirghe le gaoith.
Ag sáil Chnocáin Áine tá an t-inbhear is breághdha
An breac 's an bradán bán ann go ngabhfaidhe 'san
líon.



IV
Is ag sáil Chnocáin Áine tá'n chúirt gheal is pálás,
Aol-bhallaí bána, agus taiplis 'na suidhe;
Is ó mhór-bhruidhnte an tsléibhe 'sé gluaiseas na
céadtaí
Chun baineise, is chun féasta, a bhíonn gléasta in
gach sidh;
Bídh sluagh de mhnáibh Gréigeach' ann, dualach, deagh-
dhaithte,
Cláirseacha dá mbréagnadh le téadaibh, agus píob;
Is gur míle binne cuacha ag seinnim ins an uaigneas
I mbárr toma luachra nó in uachtar Fhothar Aodh'.



V
Nuair a bhaintear clog na cléire 'sé an sagart mór
an t-aodhaire,
Ar an ionad sin Chró-shléibhe, tráth théid sé faoi liag;
Bídh úmhluigheacht dó agus géilleadh ó Albain go
hÉirinn,
Is ó árd-rígh na Gréige tá an méid sin faoi chíos;
Bídh an mac-tíre 's a' leomhan ann - Pilip mór agus
Dómhnall -
Is níl aon phighinn dá bhfuigheann siad nach n-ólann i
bhfíon;
'S an tráth théid siad i gconntais suidhidh siad i
gcompáin,
Ar an taoibh dheas de'n teampall chun cantaireacht'
le hAodh.


L. 404


VI
Tá sagart óg 'san áit seo is fuair sé goirm chrábhaidh,
Is bídh sé seal i bpárlús ag Áine 'sa' dún;
Mar bhfuighidh sé canna fíona, is leabaidh chlúimh 'san
oidhche,
Táiplis agus díslí is caoi a gcur un siubhail,
Lanndair agus ceoltaí, tancard a mbíonn beoir ann,
Is an uile sheort a hórduigheadh dar chóir a bheith ann;
Le sanntughadh na seoda tréigfidh sé an t-órd sin,
Is béidh Manannach is Dómhnall i gcóistibh 'sa ngleann.



VII
Tá oileán maiseach míonlaigh ann i mbíonn géis gheal is
faoileáin,
Caol-mhacraidh díomuis is caoirigh 'na dtréad;
I gcúirt Mhaighistir Inglis, an gáirdian 's an prionn-
sa,
Is a dhúithche-sean thart timcheall go hInbhear an Éisg.
Bídh gleo piast ag éirighe, is cabhlaigh na ndéidh sin,
Ó chionn mór Ros Eoghain go bord Droma' nUa;
Ó Fionntrágh an bháire thart timcheall go Máilinn
Nach iomdha amharc áluinn tá ag Áine 'san dún?



VIII
Ó Dubhda 'gus Ó Máinle, is an Búrcach do b'áille,
A ndúithche 's a státa gach lá faoi n-a súil;
Níl long a dtéid thar sáile, anall as an Spáinn ann,
Faoi bhruach tuinne báidhte, is an barc faoi n-a stiúr.
Bídh cabhlaigh ó n-a ríghthibh ann, Franncaigh as na
ciantaibh,
Is crann na mbrat nach n-ísligheann do'n ghaoith bíos
na ndéidh;
Bídh gunnaí móra dá líonadh, is lámhach dá sgaoileadh,
Is ag an teampall sin Aodh' bíos an t-aoibhneas go
léir.


L. 405


IX
Ó Dochartaigh na féile fá chúirt 's fá hallaí glé-
geal
'S a theampall 'á réir sin go taoibh Mhín na bhFiann
Speilre seamrach féar ghlas ó bhun go bárr Chró-
shléibhe
Bídh duilleabhar glas féithle ann, is bídh géimneach na
laogh.
Bídh bruic, is tuirc, is traona ann, fiach na mbeann
is céirseach
Ag iomus is ag éad cá dtéidheadh siad a luighe.
Is le moch na maidne ag éirghe bídh cú agus gadhar dá
n-iarraidh,
Agus buabhaill bhinne ag séideadh fríd éadan Fhothar
Aodh'.


L. 406


199 - ÓG-MHNÁ THEILINN
"Tá Teilinn faoi smúid le cumhaidh mhór fhada 'mo dhéidh."
- Domhnall Ó Gallchobhair.



I
D'imthigh mé ar ruaig go luath seal tamaill liom
féin;
Ón Charraig a ghluais mé is chuaidh go Teileann
an éisg;
'Sé mheas mé an uair sin fá shuaimhneas go bhfeicfinn
na Gaedhil,
An dream a bhéadh subhailceach is cruaidhtean ortha dá
mhéad.


L. 407


II
Lá 'l Peadair is Póil nár mhór mo thuras liom féin;
B'é an turas a thóg díom an brón a bhí orm 's an
léan;
I nGallaibh an ghleo ní móide go gcuirfinn mo spéis,
'S an sean-bhunadh beó go fóill i dTeileann an éisg.



III
Chuala mé an lá sin go rabh pátrún i dTeileann na
nGaedheal,
Fir agus mná agus páistí ag damhsadh go tréan;
Ní mar sin a thárluigh, acht mná agus cailíní féin,
Agus buachaillí láidre i lár an bhealaigh gan é!



IV
Tráth canadh liom Béarla, nach mé bhí i bhfeirg go mór,
Fá theangaidh na sgléipe bheith i mbéal ao' nduine aca
romhaim?
Má chastar do Ghaedhealaibh mé féin ag tarraingt sa
ród,
A' bhfuil sé a dh'fhéidhm ortha Béarla úd Shasana
labhairt?



V
Tráth bhuail mise an bóthar mór anonn 'un a' chinn,
Nach iomdha sin óig-bhean fá'n ród a casadh damh ann?
Ní rabh siad go bródamhail acht spórt aca, aiteas
is greann,
'S má chan mise leóbhtha níor labhair siad i bhfeirg
dá chionn.



VI
Nach galánta gléasta bhí gach spéirbhean as Teileann
anall
Ag tarraingt im' éadan faoi éadach ghorm nár ghann?
Gach cailín deas spéireamhail Gaedhealach d'ar casadh
damh ann,
Labhair mise léithe i nGaedhilic 's nach orm bhí 'n
fonn?


L. 408


VII
Labhair mé go croidheamhail saoitheamhail le sgaifte
ban óg -
Bhí siad 'na suidhe ar thaoibh an bhealaigh sin romham -
"Tá sibh-se 'lig díomhaoin, nach fíor sin?" adeirimse
leó.
"Níl 'fhios ag aoinneach," arsa caoin-bhean, ag
freagar gan bhród.



VIII
Labhair mé go ciúin le triúr a bhí i n-imeall an róid;
'S nach iad a bhí múinte ag tabhairt orm freagar go
cóir?
"Nach díomhaoin an triúr sibh?" adubhairt mé go
soineannta leo.
"Seadh, maise," adubhairt siad, "tá 'n triúr
againn amhlaidh, ár ndóigh!"



IX
Streamhóg an Bhéarla, níl spéis agam innti, ár
ndóigh;
Ní h-ise tá Gaedhealach, níl tréartha aici ná ceól;
Bídh sí gan chéill, 's bídh a méar ins an bhainne dá ól,
'S ar a' chat i mbéal na séibe cuiridh sí an tóir.



X
Cailín an tsléibhe tá spéis agam innti, dar liom,
Is gan a bheith dh'éideadh acht céibhín ar mhullach a cinn;
Níl dúil ins an Bhéarla aici, 's tá 'n Ghaedhilic aici
go binn;
B'fhearr liom í céad uair 'ná bheith a' dréim le
streamhóg an Ghaill.


L. 409


XI
Tá agam sin tuar maith de stuadh-mhnáibh Theilinn gan
bhród.
Nach iad atá subhailceach 's nach suairc a thuigeas siad
spórt?
B'fhearr liom naoi n-uaire iad 'ná tuath-phaistí
Shasan an óir,
'S má 's duine bhéas buan mé, ar cuairt eile bhéas
mé dá gcomhair.


L. 410


200 - MOLADH SHLIABH MAOINEACH
Eoghan Óg Mac Niallghuis a chum



I
Is trom dosach dualach ó dheas agus ó thuaidh thú,
Is a Mhaoineach bheirim buaidh dhuit gur tú mo
leabaidhluighe;
Ní fhacas riamh gruaim ort, is mheallfá daoine uaisle,
'S is méith an mart a ghluaiseas anuas le do thaoibh.
Bídh an carr-fhiadh as Tuadhmhumhain ann, an eilit ó
Shliabh Luachra,
A's bradán an Easa Ruaidh ann, anuas is aníos;
Bídh maighdean mara 'gluaiseacht faoi dhídionn gach
cuan ann,
Bídh saidhbhreas is suairceas, is in am cruadhtain
cha bhíonn díth.



II
I gcúirt Roibeart Fionnlaoigh tá 'n t-ór buidhe 'na
mhealltaí,
Le sluaiste dá iomluadh go lonnrach le gréin;
Thig síoda ar na crainn ann, is torrtha breághtha milse,
Is an chléir a thig un cunntais i dtimcheall an mheadhoin
lae.
Níl créatúr bhéadh tinn ann ó chréachta ghéar-nimhneach
Nach léigheastaidhe gan mhoill iad le himpidhe Mhic Dé;
Bídh orgain is trompaí is cláirsigh i seomraíbh,
Is fíontaí agus miorr ann dá roinneadh ar an
tsaoghal.


L. 411


III
Dá bhfeictheá cnoc na Maonaighe 's a' clobhar ar gach
taobh dí,
Torrtha ar thulcha maola is spíosraí le gréin;
Bídh macnaidhe óga díomsa, is glas na crainn ins na
Faoillidh,
Is grásta ón Spiorad Naomh ann, nó 's baoghal dúinn
gan é.
Is ann atá an mianach a dheánfadh an t-airgead fíor-
cheart,
Thig loingeas ó na rightibh le fíon fá n-a dhéin;
An foghmhar linn go gcríochnuighthear go tapaidh luath,
gan sgíste,
Is ann a gheobhthá an t-aoibhneas, 's is fíor sin 's ní
bréag.



IV
Ag teampall Choluim naomhtha, tráth baintear cluig
an fhíor-cheirt,
Do ghlórthaibh shalm diadha ag cur suidhe leis an éag,
Ní heagal dúinn na piantaí, bídh flaitheas ann ar
ngaobhar,
'S gur ar cheann úd thoir den Mhaoinigh tá aoibhneas an
tsaoghail.
Tá tobar meala 's íocshláinte ag reathaigh 'nuas go
díreach,
A léigheasfadh na mílte 'gus bíodh siad dul 'sa' chré;
Níl seort ar bith de aoibhneas nach bhfuil le fagháil go
síor ann,
'S ó neamh go dtig gach nidh chugainn dá mbíonn muis ar
a fhéidhm.


L. 412


201 - TUIREADH AN DOCTÚIR MHIC DOMHNAILL
Aodh Mac Domhnaill a chum, 1845



I
Agraim agus maoidhim carthantas na naoi
Cuidiughadh liom go fíor-chéillidh,
Gach ollamh agus draoi dá bhfuil ins a' gcrích,
Ó Bhoirce go dtí an Éirne,
Gach oide ceart is saoi ó Chorcaigh chum na Midhe,
De mhuinntir 's de shíol Éimhir,
Mo mheisniughadh ins a' tslighe, go gcumaidh mise laoi
Do'n mbrainse as taobh Gaodhail glais.



II
Ag Helicon sé chuala mé greadán agus cruaidh-ghul,
Mar dhílte le gruaidh néamhuinn,
Dá rádh gur theastuigh uathf' balsam an tsluaigh,
'S gur imthigh air a chuairt dhéighionnaigh,
An fear fearamhail a bhí suairc carthannach gan fuath,
Mar Naoise le snuadh sgéimhe,
Is a chroidhe tais gan chruas le daonnacht is subhailc',
Ag míniughadh na nduar Gaedhilge.



III
Bhí an ghealach faoi smúid, 'san ghrian i gculaidh
chumhaidh,
Agus éclips ar shnuadh réalta,


L. 413


Iúpiter le buaidh a' réabadh anuas,
I dtoiseach ar an tsluagh Dé-mhná.
Bhí Apóllo teacht le lúth, 's clanna Dághda uile i
gcumhaidh,
'S Mac Mannair le n-a dhuan bhuaidheartha;
Bhí Aeólus 'na luighe gan mhisnigh gan bhrigh,
Minerbha is í ag géar-ghul.



IV
Ag Tiobraid na nAille 'sé bhí na mná mannla
Dá mhíniughadh go sár-chéillidh,
Nach bhfuil imtheacht ó'n mbás ag aon de shíol Adhamh
Ó bhí sé sa ngáirdín Éadain.
Gur leagadh leis gan dáil gaisgigh chríocha Fáil,
Ná mic Uisnigh agus Blánaid is Déirdre;
'S nach bhfuil díne de'n Adhamh-chloinn d'ar shíolruigh
ó'n áirc
Nach n-íocfaidh an cháin chéadna.



V
Leis sin a tháinig néamhoinn amhail an ghath gréine,
Mar shneachta leis na sléibhte ag síobadh;
Agus dubhairt sí tugaidh éisteacht go gcluinidh sibh na
sgéala,
Mar goineadh leis an éag Séamus.
An sgeallan ceart de'n réim fhras, oracul na héigse,
A fuair annsacht ó'n réim dhaonna;
Pronntóir na séad air cheannsacht na nGaedheal,
Bhéarfadh i n-asgaidh do'n tsaoghal íce.



VI
An dochtúr de'n tréan-fhuil ó'n mbrainse cheart
Ghaedhealach,
Bhí cinnte i ngean Dé is daoine;
Is Esculapius é féin, dá bpilleadh ar a' tsaoghal,
Go n-árdóchadh i gcéim Séamus.


L. 414


An mílidh b'fhearr méin síol Domhnaill an tséin,
De'n uaisle ó thaobh Aoille;
'S nach truagh bocht an sgéal le n-innsin do'n tsaoghal,
Nach bhfeicfear go héag aríst é.



VII
Níl aicid faoi'n ré dhá dheacaire a léigheas,
Nach ndéanadh an liaigh so fhóirint,
Le beairt is le tréartha, carthannacht is féile,
Gliocas is méad a eolais.
Níl banabadh nó péin dá mbéadh ar bhochta Dé
Nach dtiocfadh fá n-a dhéin na slóighte,
'S ní ghlacadh sé mar roghan airgead nó spré,
Acht beannacht ó gach créatúr breóidhte.



VIII
Acht a' balsam a fuair buaidh le hinntleacht is
foghluim,
De'n iarsma sin na nguairidh chlann Mhílidh,
Agus Sólam dá mba dual sin theacht arís ó'n uaigh,
'S gur tusa bhéadh id' uachtarán na críche.
Acht ó d'imthigh tú uainne, 's gan dáil le do fhuasgailt,
Go Bun-Abhann-Dalla shíos ar chuairt ar do ghaolta,
d'fhág tú an tír buadhartha gan pléisiúr nó suairceas,
'S tá 'n tréan is an truagh uilig ag guidhe leat.



IX
Sé an ridire gan chruas so d'fhíor-fhuil Cholla Uais,
Is mian liom-sa luadh cinnte;
A raibh dísleacht is uaisle, críonnacht is subhailce,
Ag líonadh go buan na linnte ann.
Gach duine a dtáinig uadh is cuibhe 's is dual,
A bheith líonta go buan cinnte,
De mhianach na nguairidh ó righ-fhuil na tuaithe,
Agus bruighin cheart sin Dúna libhse.


L. 415


X
Is iomdha sin leomhan bhí in Achruim 's ag an mBóinn,
De'n iarsma sin Domhnaill Aoille;
Ball Dearg 'na cheann slóigh is Iarla Thír Eoghain,
Is Somhairle 'san ordughadh chéadna.
'S dá bhfuigheadh cuidiughadh mar budh chóir 'san Doire
's i nGranóig,
Ó uaisle de phór Mhílidh;
Bhéadh an tír so go fóill gan chíos ag na leomhain,
Agus dhíbreóchadh siad slóighte bíodhbhuidh.



XI
Tá na gleanntaí faoi ghruaim ó thréig siad a chuairt,
An Mhúrlag is uaisle Aontruim,
Mar nach gcluintear ceileabhar suairc smaolach nó
cuach
Feasda i bhfad uatha ar choillte.
Níl bainne ag na buaibh mar a chleachtadh siad an uair
A bhí gnáthughadh na huaisle cinnte ann;
Acht fearthainn agus fuacht fearg agus fuath,
Is níl iasg mar budh dual ar linnte ann.



XII
Glac foighid, a bhean uasal, is leig ó bheith fuachais,
Ó 's tusa léigh na hughdair naomhtha;
Smuainigh thusa ar Ióba, Lasarus, is Tóbit,
Mar a d'fhulaing siad go mór ar a tsaoghal-sa.
Is goirid go lá an tsléibhe go bhfeicfear arís Séamus
Ar dheasláimh an tsréadaidhe fír-cheart,
Dá árdughadh 'sna néaltaibh chum sealbhughadh na
hoighridheacht
A gealladh le mac Dé do lucht daonnacht'.



XIII
Dá maireadh na báird a chleacht a bheith i stát
Ag Ultaigh in a lá sa' tír-sa,
Ní leigfeadh siad a bhás gan a chur ós árd
Le peann blasda i láthair ríghthe.


L. 416


Thiocfadh an bhandáil ó Bhragánsa Easpáinn
I loingibh is i mbarca líonta,
Is bhéadh Innse Chrích Fáil ar aon ghreadadh lámh,
An tráth chasadh siad le póirt Shithche.



XIV
A chroidhe bhí gan locht, nár mheabhruigh riamh olc,
A dhídin na mbocht 's na ndílleacht;
A mhílidh bhí ceart nár smuainigh dó-bheart,
Acht líonta le neart riaghaltacht'.
Ó'n nidh a chuaidh thar neart do shaoradh ó'n bhfeart,
Mar is cíos-cháin is éigin íoc é;
Go n-imthighidh an saoghal thart, níl dúil againn leat,
Is a Shéamuis, ar mbeannacht síor leat.



XV
Beannacht ó'n Trionóid Naomhtha a chruthuigh síol Éabh',
Beannacht na n-aingeal, 's gach naoimh i bhflaitheas
Mhic Dé,
Beannacht gach Críosdaidhe is míle beannacht uaim
féin,
Mar thuill a dheigh-ghníomha a choidhche dá choimheád ó
phéin.



Ag so a aois mur mhínigheas leabhar na gcléir,
Dhá bhliadhain go fíor, ceithre fiche, is beagán de
laethibh,
Ins an Aibreán, bliadhain aoise an Tighearna a
cheannuigh síol Éabh',
An cúig is dá fhichid, míle agus ocht gcéad,
Sé a leagadh an righ-mhac-sa, croidhe gan gangaid sa
gcré,
Agus d'fhág sé an tír seo a choidhche i n-an-dhóigh 'na
dhéidh.



Arna sgríobhadh i mBéal-Fearsaide,
i gConnda Aontruim, 1845.


L. 421


202 - DÁN AR DHAMHSAÍ AN RISIGH
Art Mór Ó Murchaidh a chum



I
Is cian liom an greann atá againn istír,
Ag briseadh mór-shaoire an Domhnaigh;
Ag ól, is le píob ag éisteacht sé a mian,
'S ag damhs' a gcuid $reels i gcomhnuidhe.



II
Is ró-aoibhinn liom fhéin teagasg na cléire,
Is aitheanta Dé a chumhdach;
Cha dtig liom sin féin a choimhlíonadh go léir
Má thathuighim a mbéasaí baothmhar'.



III
Más le damhsa a naomhthar na laethe saoire
Ní íongnadh liom féin a mbéasa;
Sin agus póit ró-ghránamhail 'ar ndóigh,
'S cha mholaim go deoidh a dtréartha.



IV
Is dí-mheas ró-mhór da'r gcreideamh, 'ar ndóigh,
Mar bhristear le spórt an tsaoire;
'S ar chomhrac na mbórd go bhfeicthear go leor
'S gan fhios ar aon chor do'n chléir é.



V
Is éiriceach gnó gur dhubhairt liom fá dhó
Nach ar baos 'ar ndóigh bhí go léir iad;
Thug tarcuisne is náire damh ar a' tháille,
Is d'fhiafruigh an ar shásamh na cléir' é.


L. 422


VI
D'fhreagair mé féin nárbh' fhiosach dhóibh é,
'S nach rabh ann acht réim gan aon olc;
Dubhairt sé liom ná déan orm-sa greann,
Agus bhagair go teann an éiric.



VII
B'fhearr liom-sa féin ná cíos Chúige Laighean
Go stadfaidhe a dtréartha baothmhar,
'S mo bheannacht go héag don chomharsain go léir
Ar sheachaint a gcaithréime craosaigh'.



203 - ART MÓR Ó MURCHAIDH
Séamus Mac 'ioll Coilleadh a chum



I
A Mhurchaidh mhóir nach fann brigh
'nEaladhain eolaidhe na n-árdndraoi.
Ba chuibhe dhuit re fíre cheart
Bheith d'ollamh ríoghrach tré hinntleacht.


L. 423


II
Is iomdha duan, dán, is laoi,
A theagmhadh dhamh in mo shaoghal san gcrích,
Is léitheid do shaothair-se gan ghó gan chlí,
Níor fritheadh liom ó láimh aon saoi.



III
Is deimhin liom go ndeárna tú sgíth
Fá chomhnuidhe aobhdha na suadh-mban sidhe,
Is gur ibh tú uatha as cornaibh glé
Na tallanna fuair do chéadfaidh sé.



An t-Amhrán:
Ná cluintear gá rádh go bráth é is ná cantuighear le
haon
Go bhfuil na déithe atá i bpárrthas neamh-chásamhail ar
dtimcheall i gcéin,
Ó chuir siad a' bárd réamh-ráidhte chugainn tá dearg-
snoighte i gcéill,
Is líonas Críoch Fáil do ghnáth tré fheabhas a léighinn.


L. 424


204 - LAOI AN GHIOSDAIRE MHAOIL.
Art Mór Ó Murchaidh cct.



I
Tráth dá raibh mise i gcuideachta le giosdaire
maol,
'S é scríobhadh le cumas mar ba thaitmheach le dís ar
taobh,
Ag cainnt le béal blasta le cuideacht is mórán
grinn,
Mar bhárd do tharrnóchadh ceol go taitmheach, is
dhéanfadh rainn.



II
'S a Dhia nach é 'n duine bhí i gcumas na hóige tráth,
Ach d'imthigh a ghaisgeadh, a threise, 's a' ghléas, mo
chrádh:
'S é sgríobhadh le peann go tapaidh ar pháipéar bán,
Do léighfeadh na leabhair, 's do líonfadh a nuaidheacht
lán.



III
Go deimhin sé an duine fuair tógbháil na huaisle
féin,
Mar is furus airiughadh ar a theanga, is fearas a
mhéar,
Ar a mhór-thréan-aisdí, ar a chleasa, 's ar mhéad a
chinn,
Ar a bhéal ró-mhodhamhail, 's ar an aisde dobhearas
ar pheann.


L. 425


IV
Mhol siad ar fheabhas an ghiosdaire an oidhche sa' lá,
A sgríobhadh resaftaí go bhfuair siad ón ollamh a
gcrádh,
Gur dhubhairt sé fá dheireadh 'san oidhche nuair bhí sé
úr-mhall,
Is ró-mhairg duit-se má scriosann tú mise le feall.



V
An giosdaire gan choisriceadh is é fuair a ró,
Le feabhas gach aitis le báidh agus sógh:
Bhí Uilliam leis i gcumaidh eadra capán is iúl
Ach shaoil siad gur chuideachta an giosdaire maol.



VI
Ach d'imthigh sé uainn 's go raibh an turadh 'na dhéidh,
Tá dúil agam nach dtilleann sé chugainn go réidh,
'S b'é díoga an domhain is droch-earradh an tsaoghail,
An giosdaire gan choisreacadh, an giosdaire maol.




L. 426


205 - LITIR DÁ CHÁIRDIBH GAOIL AGUS
MUINTEARDHAIS
An t-Athair Tadhg Ó Brolcháin cct.



A bhille bhig a théid ar tuinn,
Tabhair thall mo bheannacht féin
D'uaislibh Shleachta Dhomhnaill Dhuinn
'S ná fág neach de'n druing ó fhréimh.



II
Beir mo bheannacht-sa go díleas
Go bunadh na Craoibhe gáirdighe;
Ná fág éinneach 'na timcheall díobh
Arís síos go Cúil Cnáimhdidhe.



III
Dá gcluineadh bunadh an bhaile úd
Dá sloinntear Mac-Giolla Chuirr
Mise bheith gan aon bhraon bainne,
Leó dob' fhaiteach mé dhul ar tuinn.



IV
Beir mo bheannacht-sa go hÉirinn
Go Baile Mhic Péice agus go Draoighneán:
Is minic a shiubhail mise go héadtrom
A móinte préaclach' 's a gcuid caorán.



V
Falach Ghlún agus Falach Fhleadha,
Is iad atá im mheabhair i n-aoinfheacht,
Tír Chiana is Tír Mhic Colla
Is chugad thart go Tír Aodha.


L. 427


VI
Cnoc Uí Néill agus Corr Leacaigh,
Badh deacair liom a ndearmad,
Srath Bán na gCon is an tSuaithtreach,
An Bheitheach bhuadhach is Muine Searbhán.



VII
Trí lá dhuit agus seachtmhain
Ar an Meacnaigh id chomhnaidhe;
Gheobha tú fáilte ó gach duine
Agus comhroinn gan mhuidhmhe ag Domhnall.



VIII
Is aoibhinn duit-se tá 'na measg,
A bhille bhig is beag treóir;
Is truagh nach mise tá 'na lár
Agus tusa i láimh i mBilbaó.



IX
Beir mo bheannacht chum na cléire
'S ná fág éinneach díobh den uimhir
Gan grádh Dé do fhagháil uatha
I n-urnaighthibh buana dá bhfear cumainn.



X
Tabhair mo bheannacht-sa chum m'oide,
Mac Uí Uid ar Áth an Phortáin,
A chuir ort snuadh na deise,
Mar budh feasach é sa trom-dháimh.



An tAmhrán:
Dob' aoibhinn aoibhinn bheith eat'rra gach lá,
Ó Íochtar Tíre go mullach an Cháirn;
'Mo luighe, 'mo shuidhe, 'mo chodladh 's 'mo shámh,
'S gan aoinneach 'cur síos damh dá gcealainn mo
sháith.


L. 429


B 1914c 19
U Daimlic Óg Ó Ceallaigh
B
206 - NEILIDH ÓG NÍ CHEALLAIGH



I
'Sí Neilidh Óg Ní Cheallaigh ó
A thóg an chraobh go barrramhail léi,
Is méa'ra gheobhas mar sgathfán í,
Í féin is a cuid bó.
Is méa'ra fuair le h-oileamhain í,
'S a thóg i n-aois a leinbh í,
'Sí 'n mhaighdean mhúinte gheanamhail í
Nár chlaon ariamh go fóill.



II
'Sé fhuagraim ar na sgafairí,
'S dá bhfuil i ndúil nó i mbrath uirthi,
Nach bhfághann a'n fhear mar sgathfán í
Gan lásaí air de'n ór.
Is méa'ra gheibh cead c'luadair léi,
'S gur mheall sí 'n lon 's an chuach le sgéimh,
'S gur bh'fhearr a céim 's í ag siubhal gan spré
Ná bean 's na céadtaí bó.



III
Dá mbéinn-se i nGleann Éirne thiar,
Is mé 'bheith 'seilg ar éanlaith fhraoich,
Is Neilidh fhagháil mar fhéirín ann
I gcoillidh ghlais na gcnó;
Cha chromfainn ar na smaolaí fiadhn'
Nó ar éanlaith dhubh an tsléibhe 'lig,
Is i mbarr na gCreigeach do bhéinn-se féin
Dá mbéadh mo ghrádh dá gcómhair.


L. 430


IV
Shiubhail mé Éire tiomchallta,
'S an bóthar go rabh mé i Lunnain thall,
Is ar mo chuairt aig tilleadh damh
Go Conndae bhreagh Thír Eoghain,
'Sé 'n sgéal dobhí 'sna bealaigh sin
Fá bhreaghthacht Nighin' Uí Cheallaigh ó,
'S gur mhíle b'fhearr a samhalta
Ná nighean Iarla Thír' Eoghain.



V
Tá cuacha dualach' daithte uirthe
'Na dtrillseáin umhal' 's na mbachallaí;
Tá a com-se díreach taitneamhnach,
Is a cosa deas' i mbróig.
Mura bhfuighthear mac ríogh fá arm dí
A bheirfeas buaidh ar Ghallraighe
Béidh uaisle ar dhith a meanmnacht
Mar gheall le n-a póig.



VI
Tá mo chroidhe gá léigheamh damh
Go bhfuadóchar go héag uainn í,
Mur ndéantar caisleán daingean dí,
Is badhbhdhún gunnadh mór:
Tógfar cogadh i n-Éirinn 'seo,
Béidh righthe cródha tréana ann,
Is Neilidh Óg na féile 'bhéas
Ag an oighre 'bhainfeas an gleó.


L. 432



207 -FÉIDHLIMIDH BÁN Ó CEALLAIGH
Daimlic Óg Ó Ceallaigh na Craoibhe cct.



I
Thóm bó, a Fhéidhlim, tá do choileáin con
buaidheartha,
Caillfidh siad 'dtréathracht 'mur dtiocfaidh tú
'nall;
Cha bhíonn aigneadh faoi shléibhtibh nó sgairteach ag
gadharadh,
Gheobhaidh an sionnach cead léimrigh fa mhalaidh an
Chnuic Dhuinn.



II
Sé do thriall baoth thar fairrge a d'fhág mé 'nseo faoi
mhearbhal,
'S a leag mo chroidhe le gannbuidhe gan fonn ar mo
ghlór,
Ag smuaineadh ar cheannphort na ngasraí bhí leana-
buidhe,
Seal tamallt faoi'n Bhanchrann a's an damhsa ann gan
bhrón.



III
Chan tait liom mar a d'fhág tú do thoigh mór a's
d'áite,
Chan corruidhe nó náimhdeas bhí eadrainn, ar ndóigh;
A's cad é tháinig trásn' ort gur bhuail tú thar sáile,
As an Chraobh a ghlac dáimh leat a fhágáil gan bhród.



IV
Nach truagh bhí i ndán dúinn ar sgaramhaint mar
thárlaidh,
A's a líacht de do cháirde faoi osna 'do dhéidh;
Cha bhíonn aoibh ann nó gáirdeas nó saoire le fagháil
Ag an dís a bhíodh láimh linn, mar bhí Ámbhros a's
Tadhg.


L. 433


V
Má bhainim-se an foghmhar béidh an costas im' phóca
A bhéarfas mé ar dóigh go Sasana anonn;
Gheobhaidh mé long gléasta 'bhéarfas eolas gan sailor,
Mar a bhfuil croidhe na féile thar mhuir mhóir na
dtonn.



VI
'S cha déanaim stad seolta ach ag tarraint i
gcomhnuidhe
Go bhfuighbhidh mé an toigh ósda a mbíonn tú ann.
Agus a Fhéilimidh Bháin, cuirim cúig mhíle slán leat
Comraighe ó'n Árd-Rí 's tú 'thilleadh go Gleann.



VII
Rachaidh mé go dtí tú le comhairle bhig chríonna,
Cha chuireann tú dhíot mé le súgradh nó greann;
Béidh na bratóga 'gaorfaidh ar phóltaí deas' díreach',
Céad fáilte agus fích' roimhe leat-sa go Gleann.



VIII
Béidh an chéad téaghadh déanta i Leachta roimh-ré dhuit,
A's cailíní glégeala an Dúin ar an bhóthar;
Ar theacht duit béidh éanlaith 'cur ceileabhair le
h-éifeacht
'S an t-óig-eallach 'géimnigh gach taobh dínn go fóill.


L. 434


208 -AN BHEANN FHADA
Séamus Ó Fiachra cct.



I
Sí an Bheann Fhada 'chraobhsgaoilfead, dar
m'fhírinne, rug an geall,
Nach bhfuil luibh dar órduigh an righ nach bhfuíghthear
ar gach taobh de'n ghleann;
Na craoibhíní san ngeimhreadh is cnódha buidhe ann ar
bharr a coill -
Naoi bhfichid ar gach aon aca a' claonadh go bun na
gcrann.



II
Sé Gleann na Beann Fhada gleann a' tsuaircis 'bhfuil
uaim ann is seinm téad,
Macnaidh óg gan ghruaim ann, luaimneach a' síor-chur
léi;
Is binne ná na cuacha gach stuaidh-bhean na nglan-fholt
réidh,
Ag bain bainne de na buaibh ins an bhuailidh gach
deireadh lae.



III
Tig súgh craobh is súgh talmhan ann, 's caora dearga
ar bharra géag,
Ar gach taobh de'n ghleann seo ag deallradh ann le
meas súgh craobh;
Iasc ar an linn agus coinnle ag na gasraidh féin,
Éire cuartuigh timcheall is Beann Fhada cá bhfuightheá
a léitheid?


L. 435



209 - OIDHCHE SHAMHNA AR AN FHAIRRGE
Seaán Ó Brolcháin cct.



I
Oidhche Shamhna is dubhach docrach 'seadh tá mé,
I n-uamhain na ngéibheann, 's na bhfearg-thonna
báidhteach,
Bliadhain bheag 'gus an t-am so budh bheag m'amhras
ar a' ngabhaidh,
Ar a' Bheithigh go leanbaidhe measg bhantracht na
ndlaoi-fholt.



II
Cibé chídheann anocht iad is neamh-thochtamhail a
gcómhrádh,
Is fial fá n-a gcnuasach iad 's ní mar sin fá n-a
bpóga,
Ag súgradh 's ag macnas mar budh chleacht i gCrích
Fodhla:
Ag cur cnó ar a' lasair ag baint beart as gach
pósadh.



III
In aice an mheadhoin oidhche nach iongantach na sgéala!
An oidhche bhí stoirmeamhail gur ghluais sí chum sméide:
Is maith a bhí 'fhios agam-sa cad a shaor mé ar an
ghabhaidh -
Dia chualaidh an mór-bhunadh ag cur céad míle slán
damh.



An t-Amhrán:
Cuirim-se slán anocht agus go bráth, maidin 'gus gach
tráth daoibh-se,
A chuideachta shámh a mhealladh mé gach lá, is in bhur
ndeóidh atáim claoidhte;


L. 436


Go bhfeicidh mise an lá a mbéidh mé agus a lán i
bpobal Chreig' a' Mhadaidh Bháin a' comhrádh,
Choidhche 'gus go bráth amach as Críochaibh Fáil ní
sgarfaidh an Pápa leo mé.


L. 437



210 - IARSMA DE THUIREAMH AR MHÁGHNUS Ó
CATHÁIN.



I
A Mhághnuis Uí Chatháin, a chorp an duine uasail,
A bhrathair na n-easpog agus na n-uachtrán,
B'fhearr 'do shuidhe thú lá na ruagadh,
Ná in do luighe faoi leacaibh fuara,
Do chlogad ar do cheann 's í déanta de chruaidhe
Do sgiath ar do láimh chlí, éide phláit ort go guailnibh,
Claidheamh chinn óir in do láimh chum buailte,
Is tú ag gearradh na nGall go teann mar ba dhual
duit.



II
Bhí do ghaol le Léim a' Mhadaidh le hEanach a' Fhraoich
's le Baile Seasc
Is as sin suas uainne go Breac-Fiel Muighe
'S go duthaigh Dhomhnaill Chléirigh mar a bhfuil na
céadta faoi leacaibh
'S go Caislen a' Rao mar a bhfuil cuid de do cheart-sa.


L. 438


211 - LÁ CHOIS CUAIN



I
Lá chois cuain 'gus mé go h-uaigneach tréith lag
buaidheartha i m'intinn,
'S mé stánadh uaim ar an spéir ó thuaidh cá
ngabhfadh sí thar sinnsrighe ?;
Is gearr anonn go bhfacas long 's í teacht leis an
tsruth thart timcheall
Faoi na rachtaí seól go bárr a crann 's bhí m'ainnir
shúgach inntí.



II
I bport an Iubhraigh tá mó rún-sa 's rachaidh mé d'á
féachaint;
Sí 'n cailín caoimh í is áilne gnaoi, 'sí Neilí chráidh
go géar mé.
Ní h-air a bréaghaicht is mian liom trácht ach mar
dhuilleabhar i dtús an tSamhraidh;
Bhí 'ach dlaoi mar ómra síos go bróig leis an óig-
mhnaoi mhaiseach mhúinte.



III
Is i lár mo shuain a rinne mé 'n smuain a d'fhág go
buadharthaí m'intinn,
'S choidhch' go bráthach ná tóg do spéis do mhórán
buaibh nó punntaí.
Míle b'fheárr liom bheith mar tá mé seal faoi bhruach
na ngleanntán,
Ná 'bhfuil annsiúd agus fágtar fúm cé gur mhór é
'lig le cunntas.


L. 439


IV
Faraor géar 's mé ceann gan cheill ní theárn mé
comhairle mo mhuint're,
'S gur b'é dubhairt siad liom de chomhrádh chinnte,
seachain béal an amhrais.
Rachaidh mé féin go Conndae 'n Dúin 's ní phillfidh mé
'ris go ngoiridh 'n chuach;
'S a óigbhean deas na n-ór-fholt tais gluais liom faoi
sciath na n-Ultach.



V
'S a mhealladh mná ma théid tú go bráth nó dá teannadh
le do chroidhe 'stoigh,
Bí deánadh bhéarsaí agus dántaí Gaedhilge agus lá
'na dhiaidh sin sgaoilte.
Cuir do lámh fá'n chéacht 's ar a' spád ghlan réidh, ar a'
ghraep is tú deánamh gníomh léi;
'S nár shásta 'n gléas bheith dáltach léi 's gan a'n
spárn le cléir na Cúigidh.



VI
'S dá mbaintí ceann rú de'n $Phretender bhéadh na
Franncaigh 'caoineadh,
'S gur faoi bhruach na dtonn a bhéadh gáir fá'n roinn 's
rí na mbonn an tslighe seo.
Dá ngluaiseadh dream thar sáile 'nall 's iad ar a
dturn thart timcheall,
Ar uaisle Fáil ní mór liom d'fhagháil 's ar mhnáibh ní
cóir damh a shéanadh.


L. 440


212 - MÁIRE BHRUINNEALL
Tadhg Ó Tiománaidhe a chum



I



Tá báb dheas gheanamhail 'san áit nach bhfuilim
Is áille maise is féachaint,
Agus grádh go dtug dí thar mhnáibh na cruinne
Is go bráth ní thig liom a séanadh.



II
Tá píoba a brollaigh ar lí na h-eala
Ag éirghe ar maidin lá gréine,
Is a gnaoi comh maiseamhail le réalt an earraigh
Is a ciabh mar chleite an fhéich dhuibh.



III
A Mháire Bhruinneall bhí lá is ní chuirfeá
Mo cháin ó Dhoire go hÉirne;
B' é an stá bhí orm bróg' árda is buclaí
Is ní áirmhim culaidh mhaith éadaigh.



IV
Sé fáth mo thuirse gach lá dá bhfuilim
'San áit nach gcluinim do sgéala;
'S go mb'fheárr liom tamall de lá ós do choinne
Ná ar fhás de chruithneacht i n-Éirinn.



V
Is truagh gan mise 's mo phlannda i n-inis
Taobh thoir de Bhaile Chúil Ráithne,
Faoi bhéal na Binne nó 'r bhruach na Finne
Nó ag féachaint luingis ar sáile.



VI
Oidhche is maidin ó! Bím ag machtnamh
Cá bhfuaírtheas a maise 's a méin mhaith.
'S nárbh' aoibhinn m'aigneadh acht í bheith in m'aice
Is dá mbínn gan bacghail féin léi.


L. 441


VII
Dá bhfághmuist uain is lá gan duadh
Ba gheárr ár gcuairt san áit seo;
I ngleanntán chumhang nó 'n-árd-choillidh thuas
Dheánaimíst ár gcumann 's ár n-árus.



VIII
Nár mhéanair ár gcumann gan aoinneach umainn
Acht géaga na coilleadh 'n-ár láthair-ne
Sé déarfadh gach duine gur laghach ar n-imtheacht
Mar d'éaluigh Diarmaid agus Gráinne.



IX
Ní bréag adeirim 's ní shéanaim ar dhuine
Go h-éag go bhfuilim i ngrádh léi;
Tá neart nach bhfeicthear is go leór a cheiltear
Atá ar a ndícheall 'á sárughadh.



X
Sháruigh sin orm is go sáruighidh ortha
Is mná na cruinne go dtréigfead
Sé mo chrádh nach bhfuilim san teampall curtha
Is mo cháirde ag pilleadh go tréith-lag.


L. 444


213 - AN CHREACH



Mo bhrón 's mo mhilleadh, mo lán beag mine
Bheith i gcómhra an t-sionnaigh mar tá sé;
'S 'ar ndóigh is fuirus dó a dhóthain d'ithe,
Is bróga bheith aige ar a spágaibh;
Tá tóir ó'n righ orm, tá brón mná an toigh' orm,
Is na bróga mur bpillidh imbárach,
Go dtógaidh 'n tuile a bhfuil beo dá chine,
'S nár fhóiridh Muire air ná Pádraig.



Freagra an Ghaduidhe
Is iongantach liom-sa nach smaoineann sibh-se,
A chluineas sgrioptuir a' chrábhaidh,
Gur Dia a chruthuigh mé fhéin comh maith libh,
'S go bhfuil biadh 'dhith orm is ánbhruith.
'Bhfuil aon fhear agaibh faoi léan mar mise
Gan dídeann, toigh, nó sámhas,
Gan aon slighe bheatha nó aon slighe chothuigh'
Acht amharc na spéir' 's na n-árdán?


L. 445


214 - AN SPÁD
Brian Mac an Bháird cct.



I
Tháinic mé d'agar, a Néill, go gcuirfeá damh gléas
ar spáid,
Leasughadh a chur ar a béal, bhéadh milis glan géar sa
lá,
Ghearrfadh damh clocha 'gus cré 's na crainn atá ar
thaobh an Mháis,
Go ndéarfadh gach duine gur saighead í 's nach bhfacas
a léithid san áit.



II
Ag tabhairt buidheachais do Niall



Saoghal mór fada le séan go bhfágha tusa, a Néill,
go bráth,
Gach uile nidh agat le pléisiúr, is flaitheas na naomh
go hárd;
Dhéanfá an gunna 's an claidheamh, 's gach uile shórt
tréartha a b'fhearr,
Na huarairí 's deise faoi'n ghréin, 's mo sheacht
n-anam déag do lámh!



III
Deirim-sa leat-sa, a Néill, gur leat atá réim
Chríoch Fáil,
Gur tú dhéanfadh an muileann leat féin, an caisleán,
an chéidh 's an bád;
Is fáilleagán fir thú, glan réidh, 's ní fhacas do
léithid san áit,
Ó Dhoire go Sligeach na séad ar fhearaibh an tsaoghail
go bráth.


L. 446


215 - SLÁN DO'N LEABHAR



I
Is truagh an sgéal, a leabhairín ghrinn,
Tiocfaidh aimsear le do ré,
I mbéidh do sgríobhnóir sínte i gcill,
Is ar a chionn cuid mhór de'n chré.



II
Tiocfaidh 'n t-am, is ní fios cia fhad,
Go ndeirtear leat - is oth liom é -
An té do sgríobh tú fríd ar fad
Go bhfuil i bhfeart, is nach maireann sé.



III
Dá mairinn féin go fada leat
I ndealbh, i ndreacht, i neart, 's i ngné,
Dobhéitheá liom-sa faoi mo bhrat,
'S níor bhaoghal leat-sa sneacht' nó gaoth.



IV
Annsa liom in uaigneas thú
Bheith liom le suairce stair is greann,
Ná cruit Mhic Manainn ba bhinne fuaim,
Is seinm cuach i mbarraibh crann.



V
Cé nach é sin ar chumas fíor damh
A bheith choidhche leat i ngrádh,
Nárbhfearr leat agam t'réis mo shaoghail-se
Nó ag daoi daor nach dtaitheann dán.


L. 447


VI
Acht mur maireadh aon seanchaidhe cóir,
Tar, is cómhnuigh liom san úir,
d'eagla choidhche go dtiocfadh an ló
Tú a bheith i mbrón ag bodach búir.



VII -An Leabhar
Níl mé gan searcas, a chara chroidhe,
Is rachainn síos leat ins a' gcill,
Acht go mb'fhearr dhuit mise ag neach sa' gcrích
A bhéadh ag guidhe ort le mo linn.



VIII - An Sgríobhnóir
Is fíor dhuit sin, a shaothair na mbárd,
Is nuair a thárlaidh tú 'mo dhéidh
Can m'ainm, is iarr ar chách
Guidhe go bhfaghainn flaitheas Dé.




L. 458



I
Tiocfaidh an rí is tiocfaidh an bhá'ríoghan,
Tiocfaidh an Séarsalach is an dá mhac Carrtha.
Tiocfaidh na Franncaigh in a rancaí 'na dhéidh sin,
Is béidh na fir ghruama dá ruagadh as Éirinn -
Is och ochón!



II
Thug sinn an chead bhriseadh ag bruach na Bóinne,
An dara briseadh ag Móta Ghráineóige,
An tríomhadh briseadh in Eachdhruim Dia Domhnaigh,
Buaileadh buille droma linn 's cha mhór a bhí beo againn -
Is och ochón!



III
Is ag an mbaile mór a chodail muinn an oidhche sin,
Is ag an tSean-droichead a leigeamar ar sgíste,
Dul anonn ar an tSionainn bhí gruaim ar na míltibh,
Is ag Luimneach na long a bhí an mháirseail aoibhinn -
Is och ochón!



IV
Cuirim mo mhallacht ort-sa, 'Rí Séamas,
Is iomdha mac máthara a d'fhág tú i n-éideadh,
Fá n-a stocaí geala 'gus a gcarbhataí gléigeal',
Agus bróga móra fuaighte ar chlann na nGaedheal bocht -
Is och ochón!



V
Is iad na buachaillí na buachaillí Gaedhealach',
Ag briseadh a gcroidhe ag siubhal na sléibhte,
Ag amharc amach ar chuantaí na hÉireann,
'S a' sileadh na súl ag siubhal gan Séamas -
Is och ochón!


L. 459


DEILÍN NA dTINCLÉIRÍ



I
Nuair a tháinig an stróinse 'un a bhaile tráthnóna
Bhuail seisean stróic ar a mhadadh,
d'amharc sé síos ar an eitean bheag chaol -
"An é sin ar shníomh tú ó mhaidin?
"Mur' ndeánaidh tú gníomhartha thara mar tchím-se
"Aid'ighim do'n tsaoghal é go mbainfead
"Damhsa gan píoba le caol-bhata díreach
"Amach as do thaobhanna, a chaile."



II-an bhean
Chuir mé síos teinidh, is dhearg mé 'n píopa -
Is iomdha ceann sgríbe bhíos ar m'aire -
Rómhar mé 'n díogaidh, is chart mé an t-aoileach,
Is sheol mé na caoirigh ó'n gheamhar:
Bhí mé seal ag cur dídin' i ndoras na gaoithe,
Seal eile ag tabhairt cích' do do leanbh.
M'och, och, a Rí dhílis, nach mór m'ádhbhar caointe,
Nár chreid mé 'n fhírinne ó m'athair.



III
Nuair a thig an duine aosta 'n a bhaile 's an oidhche -
Éirigh is cóirigh mo leabaidh,
Tóg suas ó íochtar í, craith go ciúin caoin í,
Fág dlaoidh mhaith de'n tuighe ag an chol'a =colbha;
Ná fág árd í nó íseal, nó cnapán gan spíonadh,
Go síntear go díreach mo cholann;
Tarraing an gríosach amach ar gach taobh díom,
Go dtéidhtear mo thaobh is mo leaca."



IV-an bhean
A shean-duine, má ghním sin nár mhairidh mé oidhche,
Is nár fhanaidh in mo righthibh aon spreacadh;
An té adaidh ar chaith tú toiseach do shaoghail léith'
Téidheadh sí do thaobh is do leaca.



an fear
I gConndae na Midhe fuair mé 'n chead amharc 'riamh ort,
Níor cosamhail do dhaoine bheith measamhail,
Asal beag baoideach 'na sheasamh ins an díogaidh,
Is páisde ar gach taobh de 'n-áit paca.



V-an bhean
A chaorthannach chríonta, a shiubhail na seacht dtíortha,
Is a chaith naoi n-oidhche i dtoigh reaca,
Nach ró-mhór an croidhe dhuit a' cur magaidh ar mo dhaoinibh,
Nár chorruigh ariamh as an bhaile.
Léighfeadh siad an Bíobla, 's le caol-pheann go sgríobhfadh,
'S bhéadh go síor-bhuan ar a bpaidir;
Níorbh'é deilín na dtincléir' a bhéadh leo teacht na h-oidhche,
Is ar maidin arís i gcionn bata.



VI
Na hainceirsin síoda, pátrúin 'bhí fíor-mhaith,
Na h-éadaigh ba daoire bhí i Sasain;
Na ceastair ba daoire a chaith iarlaí nó righte
Le m'athair a bhí siad 'sa phaca.
A thincléir is bréagaighe a shiubhail Droichead na Sgréachaighe,
A raibh cúig sgilling déag air ar maidin,
Meadar 'na dhiaidh sin is ladar do réir sin,
An fear a shiubhail Éire le h-asal.



VII
A chailíní óga atá réidh 'un mur bpósta,
Bhéarfainn daoibh comhairle mur leasa,
Gan a bheith ag ól ar aontaigh le stócaigh,
Nó béidh sibh i mbrón ar bhur leabaidh.
Nár fhághaidh mé féin a athrughadh ó Mháthair na Trócaire
Nó go siubhailfinn féin Éire le bacach
Sula mbéinn pósta le mac an fhir dhóighte
Nár fheidir is nár fhoghluim an phaidir.


L. 464


A Dhaimlic Óig Uí Cheallaigh
Is mór mo chorraidhe leat gan bhréig,
De chionn an stathaire 'chur i gcéim;
Dá gcluinfeadh Córnal Cary
Gur shiubhail tú a leithéidí 'bhealaighe,
Bhéadh bailte annseo dhá mbánú
'S airnéis 'gabháil fa shléibhtibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services