Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Céad de Cheoltaibh Uladh

Title
Céad de Cheoltaibh Uladh
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Mac Giolla agus a Mhac, 1915)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



ABHRÁIN IS DÁNTA ULADH.



1. CEITHRE RÁITHCHE NA BLIADHNA.



I
Tá an Fóghmhar d'ar dtréigbheáil, cúl feasta le féile,
'Sgan againn in éiric acht fearthainn agus fuacht,
'Sa' Geimhreadh maol faobhthaidh ag teacht chugainn 'na
dhiaidh sin,
'Sé lomas na géaga, agus ghní an raithneach ruadh.
Chualaidh mé aréir iad, is mo chluas leo ag éisteacht,
Ceithre ráithche na bliadhna i n-iomarbhaidh chruaidh;
Bhí an urraim dá h-iarraidh le n-a tabhairt do'n té
b'fhéile,
'S char umhlaigh aon aca an gift a thabhairt uaidh.



II Labhrann an Geimhreadh leis an Earrach.
Ars' an Geimhreadh go teann leis an Earrach go fann,
"Is tú an searganach seang a lomas gach aon;
'S nach bhfuil traoch-lag nó fann ar an t-saoghal seo
gan roinn,
Nach gceasnuigheann an fheall atá i gceart-lár do
chroidhe;
Lucht múchta is créachta cuiridh an Márta 'sa' gcill
iad,
'Sa' t-eallach a bhíos fann-lag go bhfeannann sé iad;
'Sa' chreachtóir nach teann thú 'sgan a thréartha agat
le n-a innseach.
Acht an chré bhíos tú a thionntadh is ag síor-chur an
t-síl."


L. 2


III Labhrann an t-Earrach leis an Gheimhreadh.
"A chraosaire bhréagaigh, a bhfuil casadh in d'éadan,
Le feannadh, le faobhar, le sioc is le fuacht?
'S tú mhasluigheas gach aon ní dá bhfuil ar an tsaoghal
seo,
'S ar áilne na gréine go gcuirfeá droch-shnuadh.
Cha n-umhluighim go h-éag le mur n-gaisge, 's cha n-éistim,
'S mé saothróir an t-saoghail-sean, 's a chuireas go
luath,
Ní'l sé faoi'n ghréin ar bhocht mo léithid fhéin a theacht,
'S gur i mbárraibh mo ghéaga a ghoireas an chuach."



IV Labhrann an Samhradh leis an Earrach.
"Má's tu chuireas i n-am chan tú a chóirigheas an planda,
Bheir bláth ar na h-abhaillíbh nó meas ar an gcraoibh,
Tóradh na talmhan a líonas an t-arbhar,
Bheir cná ar na coilltibh nó aon dadaidh mar ghním.
Bídh deallrach na gréine gach aon lá in mo éadain,
An lile 'sa' samhaircín 'sa' rós in mo ghruaidh;
'S gur i mbárraibh mo ghéaga bhíos árus ag éanlaith,
'S le mo linn a thig féar agus bainne chuig na buaibh."



V Labhrann an t-Earrach leis an t-Samhradh.
"Nach cumasach stráiceamhail thusa as an mbláth sin,
A sheargas gan spás, agus imthigheas le gaoith;
'S dá mbíodh ocras ar chách cha dteánfadh sé sásamh
Pamhsa do'n mbláth sin chur chuca 'n-áit bídh.
Do sholathar le ráithche ní bheathóchadh sé páisde,
Muna n-íosadh sé crág do bhiolar ó'n díog;
'S a choidhch' feasta ná trácht-sa ar urraim d'fhágháil,
Agus peicidh na sráide go bhfágann tú daor."


L. 3


VI Labhrann an Geimhreadh.
Ar an Geimhreadh le h-acfuinn "is mé is féile dá bhfacas,
Is liom an urraim, agus umhlaigidh i n-am;
A ndearn sibh do thacar le bliadhain is do sholathar,
Le féile is le fairsingeacht go sgabaim gan mhoill.
Cha bhím-sa mar an Earrach, ag ithe neantóg nó praisigh,
Fear daoirse na bpeicidh 'dtig sgáirt air gach am,
Fear faobharach ag leagan thig i dtír de na measaibh,
Ag ithe sméar is min-ghreadain 's gach trais dá mbíonn ann."



VII Labhrann an Foghmhar.
"Molaim do ghach aon agaibh umhlughadh dhamh fhéin,
Sé mo urradh-sa is féile 's is fearamhla gníomh;
'S mé apuigheas gach aon rud dá dtig ins na réaguin,
A bhaineas 'na dhiaidh sin, 's a chruinnigheas go mín;
'Mur mbeatha 'lig go léir is agam atá a réime,
A shábháil do chreachtóir nó a leigeann le gaoith,
Is mé ocaróir an t-saoghail-sean, 's in mo chiste tá
an saidhbhreas,
Urraim ní fhéadaim a thabhairt do aon."



VIII Labhrann an File.
Tá an t-Earrach ag saothrughadh, 's ag síor-chur an tsíl,
Agus síleann sé fhéin gurab aige tá 'n bhuaidh;
An Samhradh mar an gcéadna, ag cóiriughadh 's ag líonadh,
'S an Fóghmhar go faobhrach ag leagan le luas.
Tá an Geimhreadh lom craosach ag scabadh 's ag
scaoileadh,
'S gur i gceartlár a chroidhe 'stoigh a thigeas an fuacht.
Siúd ceist ar ghach aon dá gcualaidh mo sgéal,
Ceathrar i mbruighin 's cia h-aca thug buaidh?


L. 4


B 1787lsc 18D
U Anaithnid



I Ag seo rann na Caillighe Ultaigh: -
Ubhla cumhra thainic i gcéin,
Clanna Néill na n-abhall óir;
Ná samhail clann de clannaibh Néill,
'Deacair dréim leis an mhuir mhóir.



II An Chailleach Chonnachtach: -
Is uaisle Connachtaigh ná cách,
Is lia dá gcloinn 's dá gconach;
Fir Éireann 's a gcur ar aon chnoc,
Is feárr aon neach i gcríochaibh Connacht.



III An Chailleach Laighneach: -
Súgach suilbhir na fir,
Is mairg nach díobh dá mba daibhir;
Ní gnáthach neach ar bith go maith,
Gan a dtrian oileamhna Laighneach.


L. 5


IV An Chailleach Mhuimhneach: -
Ní chualaidh cluas dá bhuirbe breith
Nó amharc coirce coinnleach
Ní'l rud ó neamh go clár talmhan
Maith mar maith na Muimhneach.



V Abhrán an Óganaigh: -
Tráth ghluaisid lucht suarcais ar árthach téad,
Gan luath aca ar shuaimhneas nó ar cháil mhín réidh,
An uachtar a luath mhuilinn bhláith mhín ghéir
A Dhia is suaimhneach do-gheibhim uaine do mo mháilín
féin.



VI
Muimhnigh agus Laighnigh go léir,
Connachtaigh is féile ar bith;
Tugadh an bhreith le síol Néill,
Dobhíos féin istoigh.



B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



RÍ SÉAMUS.
Aige Dún Uabhair a buaileadh an droma leis,
'S aige Dubhlíc Daimhliag cuireadh siege ag troidead
leis,
Dá bhfeicfeá Rí Séamus is bean Teamhrach ag magadh
air -
"Sin chugat a' tóir, chugat a' tóir, chugat a' tóir, a
Shéamuis."
Co. Mhuineachain


L. 6


B 1846ls 19L
U Niall Mac Cana

3. AGALLAMH AN BHÁIRD AGUS NA TEAMHRACH.
Niall Mac Cana cct.



I
A thulaigh 'na bhláith chrín, le'r chinnte bárr laoich is
éigse ar do bhruach,
Cá bhfuil na h-árdrighte a mbíodh gach sár-fhile ag
déanamh dhóibh duain?
Dá mbeith seinm chláirseacha na suidhe id' phálais go
dtéidhidís chum suain,
Siúd do bhunadh fálta faoi'n líne gallta 's is éiricighe
do shluagh.



II An Teamhair -
Níl fáth bheith ag éagcaoin ó bhuain an léan damh is ó
d'athraigh mo dhóigh,
Is é an dara Séamus ró chlaoidh mo chéadfadh 's d'fhág
mé faoi bhrón;
Is iomdha tréan-fhear de'n fhíor-fhuil Gaodhalach fuair
crádh croidhe ag an Bhóinn,
Is do cailleadh céadta ar mhíltibh laochraidh ar lár fá
mo choróin.



III An Bárd -
A chnuic na mbuadh-chath cá h-iongnadh 'n ghruaim-se
gach lá ort is gach am,
Ó d'imthigh d'uaisle 's d'fhuireann sluagh cródha nach
ndeanfadh an fheall;
Mo chreach! do buaileadh le buidhin bhocht truaillidhe
thú faoi ghéibhionn Gall,
A leag do bhuan-teach 's ní mhaireann suas de acht
bréagan gan cheann.


L. 7


IV An Teamhair -
Dá maireadh 'n tréan-fhear Mac Áirt na mbéimeann,
nó 'n sár-churadh Goll,
Cú na n-éacht chuireadh cath ar Mhéadhbh gach tráth le
n-a chrann,
Is Conall Céarnach bheith leo san réim sin, Brian
Bóirimhe, is Conn,
Ní fhágfaidhe éiricighe go deóidh do mo dhaoradh nó
suidhe cómhnuidhe ar m'fhonn.



V An Bárd -
Ó d'imthigh na tréan-fhir a chothuigheadh an éigse gach lá
fá do bhruach,
'S nach maireann in aonfheacht na maithe séis' dhéanfadh
ár fá do shluagh,
Cionnus d'fheidhm bheith id' bhladharnach id' aon faoi
ghruaim,
Gan neach chum d'éagcaoin acht an éanlaith is an ghaoth
go buan?



VI An Teamhair -
Ní fiú mo sgannradh má coimhlíontar tairngaire na
naomh a chuaidh uainn,
A sgríobh gur dhearbhtha go sgriosfaidhe an dream seo
le Gaedhealaibh go buan,
'S go dtiocfadh an t-am a mbéadh campa go gléasta
ar mo bhruach,
'S mo shlóighte Teamhrach 'san gcríoch na gceannphort
le séan go lán an Luain.



VII An Bárd -
Dá seinneadh an oll-stoc 's na feartaí fhuasgailt
'na luigheann siad 'na leomhain.
Thiocfadh na sluaighte de shliocht na Tuathmhumhan 's
bhéadh 'n Dál Cais na meadhon;


L. 8


Bhéadh fuireann cruadh-laoch le Conroí ag gluaiseacht
's le Feargus mac Róigh,
A chuirfeadh suas ort arís do dhúnphort is bhéadh id'
sheilbh-se go deóidh.



VIII An Teamhair -
Dá dtigeadh an lá sin bhéadh sailme cráibhtheacha i
ngrianan na n-ingean,
Bhéadh fíon na Spáinne gan mhaoidheamh gá dáil ann go
fial fá mo dhíon,
Bhéadh creideamh an Phápa ag gach uile árd-fhlaith is
mo chliar ar a mian,
'S an tréibh seo Mháirtin gá gcos i n-áirde gan
diallaid nó srian.



IX An Bárd -
Dá ndúiseadh suas iad na curaidh buadhacha thug géill
as gach críoch,
Bhéadh Conall uasal, an tréan-fhear Subhaltach, 's ní
airmhighim Conroí,
Ag teacht do do fhuasgailt, Firdia na gcruadh-chath, is
Feargus le brígh,
'S bhéadh Cú na Cuailgne ag tabhairt deargruathar
ar éiricighibh gan sgíth.



X An Teamhair -
Tiocfaidh na mílte de churadhaibh saoitheamhail go fóill
fá mo bhruach,
Sgriosfar tíortha 's béidh fuil 'ga sgaoileadh tré ndáil
le buaidh,
Go dtiocfaidh an fhírghin a bhearfas faoiseamh gan spás
do mo shluagh
Béidh mar chír mé, 's mo mhúir 'ga spíonadh faoi cháin
is faoi ghruaim.


L. 9


B 1850c 19L



4. ABHRÁN
Ar mhodh comhráidh díse, idir Pádraig Pluincead agus
maor Loch' Ramhor.



I
Ar fonn - Caisleán na Finne.



Dobhí mé, lá éigin, ar Charraig na Saobh,
Áit ar chas liom an tréan-fhear S---rg--t;
d'fhiafraigh mé fhéin cár b'as do'n bhfear caol,
d'fhág bochtaí faoi léan 's ag gártha,
Tugadh dó léigheann go dtainic sé gcéim,
Dá dheasughadh i n-éadach dóigheamhail:
Gad as fá bhfuil sé i n-ionad na Raghallaigh,
Dofuair flaithe agus feiste rómhail.



II
He answered and said, "I was educated
By Gospel teachers, and clothed,
Till I became agent of Lord B------y' estate,
And I now obey his orders;
A man without lease shall not remain,
Unless he's a Lutheran born.
Your Milesian race I shall then all chase,
One sight of their face I scorn".



III
Dobhí Milco cómh tréan seal tamall dá shaoghal,
Mar thusa níor ghéill do'n bPápa,
Go dtainic an naomh tar muir fá n-a dhéin,
Sa' trosdán leis déanta ón ÁrdRígh:
Cúig sailm is céad do chanaigh a bhéal,
Ní raibh gar dó sa méad-sa ráidhte,
Gur adlaic é fhéin i lasrachaibh géar'
As amharc a ghaol 's a cháirde.


L. 10


IV
I cannot give ear to the doctrine you hear -
Your apostolic saints and patrons;
Our bible contains, of late, by no means
Such mystical prayers and sermons,
But the principles laid by Luther the great,
And Calvin of fame, as guardians.
Our churches will not fail till we lose the glebes,
And then we may change our garments.



V
Má's é Lútar do gheall a chuir do chreideamh ar bun,
Níor aithris sé i n-am na sgéala;
Bhí sé cúig céad déag mall ó sparradh ar chrann
Fear cosanta chlann shíl Éabha.
Acht níl gar damh bheith cainnt, nó ag cuntas anall,
Ní theagmhas leis léan nó amhgar;
Acht tiocfaidh gan mhoill an breitheamh ceart mall,
Is feicfidh sé fhéin an clampar.



VI
I can't understand what I have done wrong,
As having fair cause and good reason;
Pharaoh, when thronged, banished the sons
Of Jacob from the land of Egypt.
If we let you prolong till your church grows strong,
As now she is long increasing,
She may us confound, still gaining new ground,
While others must then be receding.



VII
Go dtagaidh sé an t-am, duit fhéin is dó chlann,
mar Phaora bhí teann san Égipt,
Go dtiocfaidh tú linn mar thuile sa ngleann,
Go Corcaigh nó go cuan Bhinn' Éadain.
mar dtéidh muid anonn gan coite, gan luing,
Mar Mhaos ag dul thríd an Ruadh-linn,
Go rachaidh tú d'éag i dtonnaibh ró-thréan,
'Snach bhfeicfear níos mó thú i nÉirinn.


L. 11


VIII
If Moses was saved by his mystical prayers
You might be mistaken falsely;
By reading with faith what our prayers saith
I might much the same perform.
I'd drive you away through the Gallic sea,
In the midst of a raging storm,
Where you'd be a prey, ere you reached the quay,
To some monster beast in the ocean.



IX
Ní chreidim ó'n tsaoghal nach mac thú do Chéin,
Nó Conán† - fear †maol mac Móirne;
Nó an tusa Toirgesius, an Lochlannach tréan,
Le han-toil thug spéis do'n óighe =óigh?
Is ró-chosamhail do mhéin le Fiachar mhac Néill,
Chuir curaidh ó Shléibhthe Móirne:
Gad as nár leig damh fhéin 's mo ghasguin go léir
I n-aice na cré ba chóir dhúinn.



X
Don't be mistaken by imagination,
Or foolish conceits and notions;
The land does not care who does it repair -
Begin well your days and close them.
Dispatch in good haste from whence you came,
Be quick; and make no longer stay,
Or, my bailiff John, with pistol and gun
Will clear you soon out of the way.



XI
Is fiosach gur éag gach laoch dá raibh tréan,
Mar Ulisius ó'n Ghréig le fóirneart,
Aintioc le creim thug násúin faoi léan,
Go ndeachaidh sé a dhéag - sé is dóigh liom.
Níl aon Arg le fághail nach cinneamhain dó an bás -
Tuig-sa gur gearr an uair uait:
Réir teagasg na naomh ó thoiseach an tsaoghail
Tá cos linn ar bhruach na h-uaimhe.


L. 12



XII
If that you forsake your church, and partake
Of the established Lutheran order,
It will be arranged that you be ordained,
And our doctrine you'll preach according:
You may well explain our methods of late
By Calvin the great, and Luther;
Yor fees I'll engage will surely be paid
Each Christmas and Easter duly.



XIII
Dochuala mé féin ar scríbhinn dá léigheadh
Go raibh Cailmhin gan chéill, is Lútair,
Fá sgara'int ó'n gcléir, an domhan dhí dar ghéill,
Mar bhfeicfidhe is mar léigheadh 'na h-ughdair'.
Is dona chuaidh dóibh a bheith i bpiolóid go deóidh,
Ag Conan le gód dá léadhbháil;
'S is feárr liom a bheith beó le beagán do shógh
Ná 'n eaglais tá cóir do thréigbheáil.



XIV
I don't well understand your vernacular tongue -
'Tis that of a rude savage nation,
Without grammar rules it must be I'm sure,
And its speakers without education.
Just tell me in plain if you can explain
By what race of yore it was spoken?
What was their chief called? Who used it at all?
Or I am at fault or mistaken.



XV
Ó Neamhruadh ag an Túir, chuaidh dhá theallach ar siubhal
Gan cuideadh ag obair an Árd-fhlaith;
Faoi Eibhir is Báath nár lean sa tslighe cáich,
Do chruinnigh le stráic an dúbhshráith;
D'fhág Dia aca an tea'gha mar thiodhlac go deóidh,
Do labhair ó thús na Gaedhil fionn:
Má's mian linn bheith slán, is saor ar na plághaibh,
Níl cead dúinn go bráth a tréigbheáil.


L. 13


B 1840c 19L
U Séamus Ó Toimhleáin



5. AN BÁS AGUS AN CLÁIRINEACH
Séamus Ó Teibhlin cct.



I
Tráthnóna liom fhéin thainic an bás fá mo dhéin,
'S nuair a chonnaic mé a éadan 'sé chreathnuigh mé:
Bhí a chnámha go léir ar a gcorr, is iad géar,
Is chuir sé fuil in mo éadan má's tanuidhe mé.
Bhí a fhiacla ar a gcír, gan puisin go fíor,
Bhí a leaca 's a smaois éagsamhalta,
Nuair a d'amharc sé aniar dhruid mise uaidh siar,
Is annsin rinne sé gáire sár-áidhbhéalta.



II
Thainic glór as a chliabh mar anfadh ar shliabh,
Is bhí cubhar le n-a fhiaclaibh meirgeach',
Dubhairt sé le n-a bhéal "an Gall thú, nó Gaedheal.
Mahomatach, Hindú, nó Éiriceach?
Nó ar ghlac tú leis an dream sin sean-Lútair chaim,
A fuair cogar faoi choim ó'n an-spriod?
Is mór m'eagla go fíor go bhfuil tú, faraor,
Na mílte thart síos ag an sean-spriod."



III Labhrann an Cláirineach
"Is cláirineach mé atá i ndeireadh mo lae,
Agus bhí mé seal aerach, earraideach;
Aid'ighim do'n t-saoghal go raibh mé gan chéill,
Is tá 'fhios ag Mac Dé gur bhárraigh mé.
Acht an creideamh sheol Críost tá sé agam mar bhí
sé,
Níor mealladh le bíoblaibh Galla mé;
Leabhair uaisle na mbréag cha chreidim go h-éag,
Go síntear faoi chré ins an talamh mé.


L. 14


"'Nois, a bháis bhuirb chaoil, sin mar chaith mé mo
shaoghal,
Agus b'fhéarr duit suidhe síos go gcaithfidh mé
Tarraingt nó dó as mo phíopa le ró,
Agus innsigh, má's féidir, cá rachaidh mé.
Ná h-abair níos mó, acht leig uait an bógha,
'S na labhair cómh fiadhta feargach;
Má imthighim-se fhéin ná bíodh sinn i mbruighin,
Acht seo dhuit mo phíopa is dearg é."



V Labhrann an Bás
Maise, dheanfaidh mé foighid, óir is deas liom do
phléid,
Agus glacfaidh mé tréat mar b'annamh liom;
Agus caithfidh mé toit le duine gan locht,
A labhras cómh h-aerach greannmhar liom.
Tá mé 'bhfad ar an t-saoghal ag cur cailleacha i
sgaol,
Is tú 'n chead duine 'riamh thug cuireadh dhamh;
A chláirinigh chléibh, suidh síos le mo thaoibh;
Gheobhaidh tú fad do lae is cha chorruighim thú."



B 1915 19>
U Anaithnid
B



Thréig mé lucht Béarla agus búclaí deas' i mbróig,
Thréig mise an méid seo mar gheall ort-sa a stóir;
Monuair nach mbéinn 's mo chéad searc 'ach maidin
chiúin cheódhach,
Ag éisteacht le géimreach ar shealbhan deas bó.


L. 15


B 1915 19>
U Anaithnid
B



6. DOIMNIC Ó DÓMHNAILL.



I
Crádh ort, a Dhoimnic Uí Dhómhnaill,
Nach mairg ariamh a chonnaic thú;
Bhí tú do shagart Dia Dómhnaigh,
Ar maidin Dia Luain do mhinistir.



Pill, pill, a rúin ó,
Pill a rúin ó, is na h-imthigh uaim;
Pill ort, a chuid an t-saoghail mhóir,
Is tchífidh tú 'n ghlóir má philleann tú.



II
Ná b'fheárr liomsa siubhal na sráide,
Bata 'mo láimh, agus pluid orm,
Nó bheith 'chur síoda le fuinneógaí árda,
Ag éisteacht le crónán ministir.
Pill, pill, a rúin ó, etc.



III
A ghiolla, atá thall ar an árd,
Is tú tá i gceart-lár duibh-aigéin;
Béidh tú ar thóin leac na crón',
'S an meíd atá beó de'n bhunadh sin.
Pill, pill, a rúin ó, etc.



IV
Thréig tusa Peadar is Pól,
Thréig tú Eóin, is an bunadh sin,
Thréig tú bain-tighearna an dómhain -
Ó 'sí bhí i gcómhnuidhe ag guidhe orainn.
Pill, pill, a rúin ó, etc.


L. 16


V
Is cosamhail nach rabh tú 'sa Róimh
Nuair nach gcualaidh tú leabhar a dhearbhtha,
Gur damnughadh ar imthigh de'n phór,
'Sa Mhuire chroidhe ó, cia'r bh'iongnadh sin.
Pill, pill, a rúin ó, etc.



VI
Tá mallacht an tsagairt 's a' bhráthara,
Leat, in do mhála, ag imtheacht duit;
Agus nach measa duit mallacht do mháthara
Ná a bhfaca tú ariamh de'n bhunadh sin?
Pill, pill, a rúin ó, etc.



B 1825ls 19T
U Anaithnid



Is truagh liom an sgéal atá i mbéal gach duine ins
an áit,
Gurab annsa an ghuarna dubh gruama gan chuma, gan
bhláth,
Nó an cailin caoin stuamach, súbhailceach, agus is
aigeanta tá 'nn = ann,
'S gur gheall ar na buaibh 'sí an ghuarna a bhíos aca
ar láimh.


L. 17


B 1788-1857 19L
Anaithnid



7. MARBHNA EOGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL.
An t-Athair Cathal Mac Ruaidhrigh ró chan.



Do chaill Éire a céile fíre,
Teasgadh fréamh a h-aon-chrainn díona;
Do briseadh stiuir iuil na críche,
Atá sí déarach tréith-lag claoidhte.
Ní hé a h-éagnach ar aon-chor do-ghním-se,
Acht mo chreacht-ghoin mar thréig sí saoir-fhir -
An mhéirdreach lé'r tréigeadh na mílte.
Do tréigeadh Conn Céad-chathach tríthe,
Art aenfhir, an tréan-fhear ba caoimhe.
Cormac, a mhac, ba h-ait an rí sin,
Cairbre na n-each i gcath uí Bhaoisgne,
'S gach tréan-fhear thug Éire ó dhaoirse.
'Snach dtainic a dteann ear a n-aoise
Thug fuath do mhacaoimh dleachta dísle,
is thug sí searc, dar leat, do dhaoithibh,
Nár dhual ó cheart neart na críche.
Is ní fhuil fear dar char an mhnaoi-si
d'fhuil Éireamhóin, Éibhir, nó Ír ghil,
Dá daoire chaith seal dá dídean,
Nár thréig sise - an mhéirdreach mhíghlic.
is ní hé éag na réidh-fhear-sa chaoinim,
'Sgan acht pléidhe gan éifeacht a maoidheamh,
'Sgur léar do gach aon neach críonna
A ndearn siad fá Éirinn do ghníomhaibh.
Measa liom féin éag an t-saoir-fhir,
Laoch seithreach le'r méadughadh maoine,
Rug géill ar éigin ó ríghthibh -
Eoghan Ó Néill, aon chreach daoine.
Bradán Bóinne, is Eó na Daoile,


L. 18


Maighre Suca, is Sruth na Maoile,
Oighre amhra Teamhrach taoibhghil,
Giolla dar dhual buadhairt do sgaoileadh,
'Sa dtabhairt anuas ar dhuantaibh saoithe:
An tréan-fhear dobhí tréitheach fír-ghlic,
'Snárbh'fhéidir éin-neach ba saoire.
Fear mar leomhan gach ló bruighne,
Is giolla mar uan, uair, ar mhíne:
A chúig chéadfadha gan aon chéim claoine,
A sgéimh gan aon locht mar Naoise,
A mhéin níorbh'éagcosmhuil le Maoise,
Ar theasghrádh Dé, ar dhéirc, ar dhaonnacht.
Dochonairc céadta i n-éinfheacht mar aon ribh
'Sgan aithne a chéile ag aon neach dhíobh-san,
Cuid ó Chruachain na gcuach síthe,
Ó Chorcaigh na gcuan is ó'n Mhuaidh mhín-ghil,
Ó Dhuibhlinn na dtreas, is ó Eas Craoibhe,
Ó Dhún na nGall, 's anall ó Íle,
Is ó'n taoibh thuaidh gach uair ba mhian leis -
Teacht go dian do dhíol a gcíosa,
Go hEoghan Ruadh 's da shluaightibh síthe.
Do chuir tú gráin ar náimhdibh fíochmhar';
d'éis do bháis bheith slán 'sé shaoilid.
Is truagh nach dtarla i ndán an nídh sin,
'S measa mar atá do bhás dáríribh;
Creach na h-éigse is aon-chreach aoidheadh,
Creach cléire na hÉireann i n-aonfheacht,
Creach aos' téad go léir an tí sin.
Do chuir do bhás gach sár-fhuil in ísle,
A n-eich, a n-ór, a sról, 's a síoda,
A gcuirm 's a gceol, 's a n-ól fíona -
Gein ádhmhar do thairngir draoithe.
Is mór an béad do'n éag nár chaomhainn,


L. 19


Muna b'eadh Sacsanaigh neartmhar 'san chrích-se,
Is Clanna Gaedheal go léir dá ndíbhirt,
Fogra an sgéala i bhfad ar dhaoinibh,
Is Éire féin tar éis a díochur;
'Snach maireann neach do chlannaibh Mhilidh
Acht diamhair bhocht d'iarsma na ndaoine.
In insibh Fáil ba dáil do chaoineadh,
Goilfidh mná 's a dtláth-fhuilt sgaoilte,
Is béidh fá léan a lán do laochthaibh,
'S ní thiubhraidís áird ar pháis mo Ríogh-se,
Ní shírfidís grása an tráth-sa ar Íosa,
Is béidh gach tráth na gárrtha maoithe,
In gach áird fá bhás mo laoich-se;
Fianna na ngéar-lann líomhtha,
'Na gcéad each léidmheach do shaoithibh,
'Na n-éideadh glé-ghlan 'sna bpící,
Tá i gcómhnuidhe dá fhógra dhíbhse,
Rádh gach eolaidhe fós ó'n dílinn,
Gur ghnáth brón i ndeóidh gach aoibhnis.
Táid na dúile go h-iúlmhar dá chaoineadh,
Tá tonn Tuaithe is ruadh-thonn Chlíodhna
Is tonn Ruaidhrigh 'búirfigh tré dhíomdha.
Bhí an dubhlaidheacht i gciúin samhraidh míosa,
Is buan gan sgur gul na gaoithe;
Tuirse na gcuach ar bhruach gach tíre,
Treabhadh na dtuar gan luach a saothair,
Teirce na gcruach i gcluaintibh íoca,
Lacht an bhuair dochuaidh i ndíscibh;
Tor-thorrtha cuan, is cnuas gach craoibhe,
Ó ló a bháis, mo léan, níor frith súd.
'S measa go mór an sgéal mar léightear
Solus ó'n ré ní léar san oidhche,
Teimheal ar ghréin, do réir mar sgríobhthar,


L. 20


Dhorchaigh an spéar 's do bhéic na míolta.
Ní lámhann an long a seól do shíneadh,
Tré fhóirneart na bochna baoithe;
Is ó tháirneach ghlórach gacha síne
Na feadha s a feór 'ná dheóidh do chríonadh.
Ó cheangail an reodh na h-eóin ní bhíodhgaid.
Labhairt na rón mar ghlór daonda,
is dar ndóigh gurab é Eoghan do chaoinid.
Guidhim fhéin Mac Dé nár íocfear
An mhéid úd do chéadtaibh 's do mhíltibh
Do Ghallaibh na séad nár ghéill do Chríosta,
Dochuaidh d'éag gan ré a n-aithrighe tríbhse.
Do chaill Éire a céile gaisge,
Ó chuaidh Eoghan i gcómhraidh 'dtaisgidh -
Leomhan do chuirfeadh mór-chríoch i gcairt-chíos,
Fear comhlainn ba chrodha ná mac Phriam
Nó an mhéid úd bhí do Ghréagaibh fá n-airc Thraoi,
Ag buain Heléna ar éigin do mhacraidh.
Tuairim Chú Chuailgne na gcleasraidh
Ag tuargain sluagh Chruachna san mbrisligh;
Fear mar Ghuaire ag buan-toirbhirt aisgidhe,
Fear suairc le cruadh-chur cheastaigh,
Is dá bhfuasgailt gach uair go heagnaidhe.
Lá léin ar an éag, is é an cleasaidhe,
Má's fíor nach dtig aon neach ar ais díobh,
Do'n chuaine uallach na dtreas-ghníomh,
d'fhuil Éireamhóin Éibhir nó thais-Ír,
Do ghabh géill Éireann na n-easmhín.
'S nach dtig Eoghan na móir-chreach measgthaí,
Na gcorn, na n-órlann, 's na n-each daor:
'S nach dtug na beo móid ré maith-ghníomh,
'S nár thuill ó éin-neach aor nó easgain,
Acht an mhéid éigin d'éagnach ó dheastaobh;


L. 21


'S gurab iad féin do thréig an flaith-rí,
'S nach dtugadar a ngéill i gcéad nó 'gcathlíon
Do'n éigne ó Éirne na n-easmhín.
Acht féachaid féin méid a dteasgaidh,
'S gurbh é Eoghan fear a bhfóirthín 's a leasaidh,
Fear cumhdaigh' a gcríoch 's a n-íocluibh cneasuidh'.
Is tuirseach brónach atá Fódla dá easbhaidh -
Atáid do dhith go sínte seargthaí,
Shíos is shuas go suarach teirc-bhidh:
Táid Laighnigh iar dtréigean a meisnigh,
Táid Muimhnigh gan chuimhne dá lag-ghníomh,
Táid fir Chruachna lán d'uamhan a gcéasta,
Táid fir Theamhrach go h-amhgrach na leas-luighe,
Is táid Ultaigh mhuirneach san cheasnaidh,
Táid fir Lundain gan chontabhairt ó theastuigh,
is béidh fir Alban gan mharbhadh feast' choidhch'.
Go maithidh Dia do'n fhial gan fhaitchios,
Gabhail na ngiall is dian-sgrios fad-chríoch,
Creacha na n-iath, is triall na gcath-ghníomh;
Caoimhtheach na gcliar, is triath na macaomh,
Ó 'sé is críoch do gach aon do'n ghasraidh.
Dul i gcré i léinidh cheart-chaoil.
Sguirim dá gcaoi is bím ag aithrigh,
I gcathair na naomh gan dith gan deacar,
d'anam ar dhídion Chríosta aitchím.



An Analach.



Ag seo an mhéid do'n ré mar dheachtuighim,
Ó theacht Mhic Dé go héag an ghleacaidhe -
Sé chéad déag, do réir gach seanchaidhe,
Fiche faoi dhó an dó sa' seacht síos.


L. 22


B 1846ls 19L
U Anaithnid



8. RÁIDHTE AN EAGNAIDHE AR BHÁS EOGHAIN RUAIDH.



I
Pósta feasta ag Gallaibh, dar leó féin,
Atá Fódla, an bhean do mheath 's dochuaidh ó fhéidhm,
An ló do theasdaigh an mac sin Eoghan Ó Néill -
Mo bhrón, an flaith ba ghlaic is ba órdóg é.



II



Dobhi sé seal ag Art, ag Niall, 's ag Brian,
Dobhí sí ag Art ba mhac do thriath na Midhe;
Dothug sí gean do Ghallaibh shiar is shíos,
Och, tá sí leamh, is chaith an t-iasacht í.



III
Tréigim thú, a Éire, óir ní dísleóg thú;
Léan ort, is bréagach an chiabhóg thú:
Na héanlaith a bhí ag dréim le do thiompadh ar chliú,
Ní leir dí a n-eagnadh nó a n-anró buan.




RANN
Ní h-í an Éire seo an Éire dobhí n-allod ann,
Acht Éire lucht Béarla is beadaidheacht Gall;
Éire gan éifeacht i n-anró fann,
Éire gan Ghaedhilig, agus is searbh léi rann.


L. 23


B 1822-77ls 19L
U Anaithnid



9. CÚMHA EOGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL.
Muirghis Ó Moghain cct.



I
Mar atáid, a Dhé, na Gaedheil gan treóir is truaigh,
Síol ádhmhar Néill, síol Éibhir mhóir idtuaidh,
Síol Táil go treith, sliocht Shéarlais chrodha i nguais,
Gan cháil, gan chéim, ó'n éag sin Eoghain Ruaidh.



II
I dtaimhcheas léin atá Éire ó Bhóinn go Muaidh,
Ó Árd-loch Léin go Dael, go Feoir, 'sgo Buais,
Ó Mháigh go Léim, ó'n Éirne fóst go Cruaich,
Gan lann, gan sgéith, ó'n éag sin Eoghain Ruaidh.



III
Níor fhág dhi daoirse méad an orlaigh buan;
A cnámha ó chéile, a féith 'sa feóil do thruaill:
An báire 'mbéal an éaga ar Fhódla chuaidh,
'S gan dáil dhí éirghe ó'n éag sin Eoghain Ruaidh.



IV
Táid éigse Éireann is aois chruit-cheoil gan suan,
'S gan lá céille ag saor-lucht órdha duain;
Gach stáid-bhean bhaoth dá éis is a deoir le n' gruaidh,
'Snach bhfághann caomhnadh ó'n éag sin Eoghain Ruaidh.



V
Is láidir a shéideas gaoth gach ló do thuaidh,
Is d'fhás air léas na gréine neoil go nuadh;
Is árd do ghéis gach spéir le doghra cruaidh,
'S ní lán an éasga ó'n éag sin Eoghain Ruaidh.


L. 24


VI
Budh ró-shlán Éire d'éis gach breo-ghuin fuair,
Iar mbás gach réics dar ghéill an Fhódla 'nuas'
B'í bláth na sgéimhe í ó thréig a h-orchra uaithi,
Go dtainic téarma an tréin-mhic Eoghain Ruaidh.



VII
Gach ádh a d'éirigh d'Éirinn fhód-ghlais fhuair,
Gach bláth séin, gach céim, gach glóir, gach buaidh,
An lá a d'éag ba téarma dhóibh, monuar,
An tráth chuaidh cré le caoimh-chneas Eoghain Ruaidh.



VIII
Mo mhíle léan, gur theasdaidh an comhlach cruaidh,
Chuirfeadh an Gall i sceoin 'sa fhaol-choin feannta
'nguais;
I mbéarnaibh baoghail go sraonadh an gleo gan duais,
Acht 'is creach na nGaedheal an t-éag sin Eoghain Ruaidh.



IX
Faoi chlár i gcré taoi féile Fhódla uainn,
Bláth na nGaedheal, is éasga óir an t-sluaigh;
Lámh na n-éacht nár chlaon ón chóir ar luach,
Is d'fhág Éire i mbaoghal faoi léan ó'n lá dochuaidh.



X
'Sé ghrása Dé thug Maoise ar mór-mhuir ruaidh,
A n-arc do Naoi do caomhnughadh ar bhóchna fhuair,
Budh slán gan bhaoghal tar éis gach doghra fuair,
Go bhfágh an réim-se sin Énrí na gcómhlann gcruaidh.



XI
Sé chéad déag mar áirmhim síos le stuaim,
An fiche faoi dhó, an dó 's a seacht, monuar,
Ó theacht Mhic Dhé 'san tsaoghal ó fhlaitheas anuas
Go bás Uí Néill, an tréan-fhear Eoghan Ruadh.


L. 25


B 1915 19>
Anaithnid
B



10. ÉAMONN BUIDHE.



I
A Éamoinn Bhuidhe - mo mhíle léan 's mo chrádh -
Do chosa faoi liag, is tá'n tír seo do dhiaidh mar tá;
Is tú báirghin ba dísle do fhíor-sgoith Gaedheal Chrích'
Fáil,
I n-Inis Caoil, faraor, i gcré go bráth.



II
Do chosa faoi liag 'sé shaoilim fhéin is fheárr,
A mhac-naomh mhacaoimh? an t-saoghail bhíodh do dhiaidh
i dtólamh a ghnáthach;
Níl file ar caoi, no draoi, dá n-éistfidh dán,
Ó theastaigh an taobh uaim ba dísle méin is cáil.



III
'S in Inis Caoil tá fíorsgoith Gaedhil Chrích' Fáil,
Agus fuil na ríghte le go ndíolfaidhe téacsa is dáin;
Dá mba leat bhí an chraobh ó Bhaoighilligh Éireann atá,
Nó 'Mhic Dé Bhí cia ghní do dhiaidh-sa dán.



IV
Cuirim-sa mallacht na naomh, agus díbirt do dhiaidh-sa,
a ghrádh,
Inis Caol agus fíor-sgrios ghéar in do áit;
Nuair is gráinseach í, tá díbirt Gaedhil Chrích' Fáil,
Ag léamhadh go buidhean, 's gan aon acú ag éirghe slán.



V
Ní chreidfinn-se ó aon nach n-éireóchadh Éamonn slán,
Agus cia chuirfeadh síol go buidhean acht le h-é bheith
níos fheárr;
Ó m'och, a Rí, nár bh'aoibhinn é le ráidht -
Éamonn buidhe 'bheith 'ríst as cré linn slán.


L. 26


VI
Ó m'och, a Rí, nach baoth gan chéill atáim,
Fá n-a ráidht a choidhche is go n-éireóchadh Éamonn
slán,
Ní fios damh acht aon do fhíorsgoith Gaedhil Chrích'
Fáil,
A d'éirigh aríst ó shín an t-éag é i mbás.



VII
An eol duitse a mhór-chloch nó iar-leac úr,
An seórt aicme ar chóir bheith ins an tír seo ar dtús?
Níl beó de'n phór sin acht dís nó triúr,
Is bíodh bród ort, tá ór-chiste gach Baoighilleach fút.



An Ceangal.
Tá sé an ceathair déag, seacht gcéad, agus míle
bliadhain,
Ó saoradh an cineadh daonna go síorruidhe ó phian,
Sé theastas é go taoibh na naomh an t-saoghail seo
uaim,
Acht mo sheacht mbeannacht fhéin go flaithis Dé leis
go síorruidhe suain.



B 1820ob 19T



U Pól Ó Briain

RANN.
Tráth sínfear tú gus mise leat,
I gcarcair chumhaing faoi úirbhrat,
Is dóigh go ndearfar ós ar gcionn -
"Seo deireadh árd-éigse Éireann."
An t-Athair Pól Ó Briain.


L. 27


B 1915 19>
U Anaithnid
B



11. MÁIRE BRÚN.



I
Cionn deirionnach do'n Mháirt a chaill Connachta a
bhláth,
A Dhia, monuar, nach cráidhte an sgéal é;
Go bhfuil cúirt Sguan Feármóir feasta anois gan
Máire,
'Gus is cráidhte atámuid a díoghbháil.
Dá siubhailinn-se gach cearn i Fhrainnc agus i Spáinn,
Sasanaigh thall, agus Éire,
Ní bhfuighinn-se go bráth an té a sheasfadh i n-a h-áit,
Is mo bheannacht léithi go Párrthas naomhtha.



II
Níl iongantas ar bith Ruadhraigh bheith at-tuirseach lag
buadhartha,
Tráth sgar sé fhéin an uair sin le n-a chéile;
Leabhra 's aige dobhí an ghuallaidhe nach bhfacas ariamh
i ngruaim,
'S a mac-a-samhailt ní rabh an uair sin i n-Éirinn.
'S í seo an stuadh-bhean, is í brainnse na h-uaisle,
'Gus is aici bhí buaidh gach féile;
'Sé mo mhilleadh-sa go buan mar leagadh ins an
uaigh í,
'S a mac-a-samhailt ní raibh anuas ó shíol Éabha.



III
Cuirim-sa an cúpla ar chumraigh' agus ar chumhdach,
Do Dhia, Árd-Rí na nDúl tá i bPárrthas;
Mar tá Ruadhraigh 'na chraoibh chúmhra 's a stáid-bhean
dá Bhrúnach,
Ar b'ainm dí an chúilfhionn Máire.


L. 28


Mac-a-samhailt, dar mo chúbhaise, ní rugadh ins an dumhan
= domhan seo,
Is bhí 'n réim aici ó Thuaidh go Cionn tSáile;
Gur ab fadsaoghalach buan bhéas ceannport na
cúirte,
An Cóirnéal bréagh cliúteach Sguan Feármóir.



IV
Tá clár buinne fir gan bhrígh ó leagadh í, an chraoibh,
'Gus tá'n aindeise ar an taoibh seo de Éirinn;
Goidé dheánfas an lucht siamsa ó chaill siad-san í,
Nó'n fear leathtrom cá bhfuigh' sé caomhnadh?
Bhí sí 'freastail na ríoghachta ar lag, agus ar
dhiallachtaí',
'Tabhairt airgid daobhtha, bidh mhaith, agus éadaigh;
Acht Dia Sathairn, mo dhíth, gur fhág sí an saoghal,
Is ní phillfidh sí a choidhch' d'ar bhféicsint.



V
Thainic binneas in mo bhéal agus seinnim in mo
théadaí,
Tráth labhair mé le spéirbhean do Bhrúnach;
Go raibh an sonas gus an séan ar 'ach duine a bhfuil
faoi'n ghréin,
Dhearcfadh ins an taoibh a mbíodh a súil ann.
Bhí feabhas ar a méin, agus cliú Chonnacht 'lig go léir
aici
'Ach bealach ins an t-saoghal ariamh ar shiubhail sí;
'S leat go bhfuil an réim ó thoiseach an t-saoghail,
Dar go dearbhtha, níl aon bhréag sa' méad adubhairt
mé.


L. 29



12. SEÁGHAN Ó H-EÓCHAIDH.



I
Sheághain, a rúin, is tú bhí tapaidh in do láimh,
Agus le barr do mhéir go ngléasthá culaidh ar bhád;
Na tonna bhí tréan ag éirghe tharat go h-árd,
'S a charaid mo chléibh, níor fhéad tú imtheacht ó'n bhás.



II
Is buaidhridh 's is deacra tá do dheididh 'ach oidhche do
dhiaidh,
Ag smaoitiughadh ort-sa ní chodlóchaidh sé a'n támh
na mhian;
Do mhín-chrobh gheala, a ghnídheadh bochta go sámh a riar,
Gan lúth, gan láthar, san fhairge mhóir le bliadhain.



III
Tá Tiolan faoi smúid, gan driúcht, gan toradh, gan bhláth,
Ách óig-bhean mhúintí is a súile ag sileadh 'ach lá;
Ó cailleadh an triúr bhí múintí, macantaí, sáimh,
Gan folach an úire, nó cumhdach, nó coinneal ar chlár.



IV
'Sí condae Mhuigh-Eó leag brón agus tuirse ar a lán,
D'fhág siad sinne gan cheol gan spórt, gan luigh, gan
dáigh;
Ó cailleadh an t-óigfhear bhí múintí, macantaí, i gcáil -
Is dó fhéin ba chóir na seóide pronnadh ar dhámh.



V
Is tú báirghin ar chlár a b'fheárr dá bhfaca mé 'riamh,
Méid a tacair do lámh go ndeánfá sgabadh go fial;
Tá bochta na h-áití 'na gárrtha gola 'do dhiaidh,
Fríd mhaitheas an Árd-ríogh is árd do leabaidh ag Dia.



VI
Tá sé ocht gcéad déag, gan bhréag, agus a trí le ráidht,
Ó geineadh síol Éabha, agus aon mhac Ríogh na nGrást',
Ó d'éirigh an t-éag dobheir Séaghan - is tú a b'fheárr
'Fhíor-sgoith Gaedhil - do cré is tuamb' le ráidht.


L. 30


B 1755ob 18L
U Fiachra Mac Brádaigh



13. AISLING FHIACHRA MHIC BHRÁDAIGH.



I
Chonnaic me aisling ar mo leabaidh mar dochífinn
bean,
'S ariamh ní fhaca mé a samhail ins a' tír ar fad.
Ag sidh-dhruim Aileach a casadh liom a gnaoi 's a
dreach,
Mar a mbíodh a macnas ag cailíníbh na tíre seal.



II
Bhí mé ar misge is mé ag tilleadh ó thoigh an óil ag
teacht,
Gur buaileadh i n-a liosa mé 's gan duine ar bith beo
'mo ghar.
Luathuigh mé mo chosa, mar shaoil mé nach deanfainn
stad,
No go dteichfinn 'na bhaile nó go gcódlochainn ag mo
chéile seal.



III
Tráth thainic mé 'na dorais mar shaoil mé gurbh' é mo
theach,
d'iarr mé solus a lasadh nó go dtéidhinn isteach;
d'éirigh an ainnir budh gheanamhla sgéimh is tlacht,
Is bhí lóchrann aici dheánfadh solus mar an ghréin, dar
leat.



IV
Do shaoil mé a seachnadh mar d'aithin mé gur siabhradh
síthe,
Gach ní dá bhfacas 'a h-aice 'sa gléas mar a bhí.
Bhí buird dá bhfolach ar hallaidhibh breagha gléasta an
toighe
Agus cuacha ar sgabhail ag a' chailín, is rogha gach bidh.


L. 31


V
Thainic sí 'na dorais mar rabh mise gan chéill gan
bhrígh,
Le méad na h-eagla bhí orm roimpi tré chrádh na
h-oidhch'.
Is dubhairt sí nár mhisde dhamh teicheadh go bráth ó
mhnaoi.
Is rug sí ar ghreim glaice mé go rabhamar i lár a'
toighe.



VI
Chuir sí i n-a cathaoir mé i n-aice léi féin 'mo
shuidhe,
Is thug sí póg bhlasta dhamh le'r mealladh go léir mo
chroidhe.
Thug sí corn chugam ba samhalta le séad an ríogh,
Is bhí sé lán meala budh bhlasta ná 'n siúcra buidhe.



VII
An tráth do bhlas mé é níorbh'fhada liom lá nó
oidhch',
Acht a bheith dá breathnughadh, le deise 's le breaghacht
a dlaoi;
Smuainfinn tamall gur bh'í Helen í lé'r fáigeadh an
Traoi.
'S arís do mheasfainn gurbh' aingeal as parrthas í.



VIII
Acht tá nídh cheana, thug mé amharc ar gach taoibh do'n
toigh
Ag féachaint an rabh duine ann acht sinne - mé
fhéin is í;
Thug sí dhamh cogar agus d'aithris dhamh réir mar bhí
Fear pósta aici bhí 'na chodladh ó thús na h-oidhch'.


L. 32


IX
Acht thug sí dhamh gealladh thug meisneach dhamh is do
thóig mo chroidhe
Go dtréigfeadh sí an fear sin 's go rachadh sí liom
féin mar mhnaoi.
d'éirigh sí na seasamh nó gur chruinnigh sí séada an
toighe,
Is chuir sí sa' mhála iad bhí agam ar mo ghualainn chlí.



X
Thug sí ór frásach léi bhéadh againn ar bhórd gach ríogh,
Sgach áit dá rachamuist le tabhairt do aos ceoil
gach chrích;
d'iarr sí orm casadh in gach conair i n-a ngabhfadh sí,
'S go dtiubhradh sí amharc ar a cáirdibh dhamh gach áit
a mbí.



XI
Ní rabh sliabh nó carraic i n-a mbíodh tathaighe ag na
sluaightibh sidhe
Nach rabhamar tamall ann sul a dtainic acht trian
do'n oidhch';
Bhíomar i Sliabh Gallan, i gCnoc Almhain is ar Shléibhtibh
an ríogh,
Is shiar i nGaillimh, i gCluain Meala, is ar a gCruaich
'nar suidhe.



XII
Chuadhmar go Caiseal, go Cnoc Aisde, is go Nás na
ríogh,
'S go Stuagh Laighean, tamall, le h-ainnir an ór-fhuilt
bhuidhe,
Chuadhmar go Manainn, go toigh Mhanair, 's go Croma
na crích',
'S go Céidín conair mar a bhfacamar na gréasaidhth'
sídhe.


L. 33


XIII
Thángamar go h-Eamhain, a chois Banna, 's do'n Éirne
shíos,
Is bhíomar 'san mbaile sula ndeachaidh siad na h-éin
a ghlaoidh.
Tráth thángamar do'n dorus mar a rabhamar i dtús
na h-oidhch',
Do chuir sí liom beannacht is chuaidh sí 'mo dhiaidh ag
caoi.



XIV
Acht dubhairt sí dá mba dtoil liomsa casadh léi go
bráth arís,
Go mbéadh sí fá mo choinne ag an lisín i gcúl na
crích'.
Acht chuaidh sí as m'amharc go ndeachaidh sí i n-dáil
do'n t-sídh,
'S nach truagh libh an dealughadh sin bhí eadar mé féin
is í.



XV
Ach! mo mhíle beannacht léi! is fada liom an lá dá
díth,
Is ní fhacaidh mé amharc ó shoin i leith ar ghrádh mo
chroidhe.
Ní dhearn sí dolaidh dhamh acht mo tharraing gach áird
do'n tír,
Is d'fháig sí 'san mbaile mé ar mo leabaidh go sáimh
'mo luighe.



XVI
Níl mo dhúil feasda go bhfuighfidh mé go bráth í aríst
Is stadfaidh mé do'n aisde 's ní sgríobhfaidh mé níos
mó go h-oidhch'.
Acht bíodh 'fhios agaibh an aisling sin a thráchtuighim
dhaoibh,
Gur ab as a' chodladh thug Fiachra mac Brádaigh brígh.


L. 34



14. SEACHRÁN FHIACHRA MHIC BHRÁDAIGH.



I
Nach truagh libhse, 'cháirde, gach buaidhreadh dar tharlaidh
Do Fhiachra mhac Brádaigh as a' Srath Domhan;
Bhí an oidhche fuar cráidhte le fuacht is le báisteach,
'S níor léar dhamh cár fáigeadh mé 'muigh ar a' ród.
Ní'l seachrán nó gabhadh dá dtig liomsa trásta
Nach bhfuair mé fá'n tráth sin ó churrach go móin,
'S go mb'fhéarr liomsa in m'árus an uair sin ag Máire.
Ná i gcuallaidheacht an Phápa bhí thall ins a' Róimh.



II
Ní'l uaigneas nó fásach, staighre nó altán,
Ó Chruachain go h-Árainn, is go Sligeach na seol,
Nár shiubhail mé le rása fríd choilltibh ró-áilne,
Go muigh is go tráigh is go condae Thír' Eoghain.
Soir cois na sáile, go Dún is go Cáirlinn,
'S go n-Iubhar Chinn Trágha mar ar chailleas mo lón;
Go Sliabh gCuilinn go dána, 's anonn chuig Droichead Átha,
Áit ar briseadh mo chnámha le cionn an chrainn-seóil.



III
Do ghoireas 'na gártha ag lucht stiúrtha na báirce
D'eagla go mbáithifhe mé 'sa' bhfolc a bhí romham,
Is bhí sluaighte na sráide 'teacht anuas un na trágha,
Fá thuairim na h-áite i n-a rabh mise 'mbrón.
Ar eagla mo bháithte leis an crew bhí gan ghrásda
Leig mé 'sa' t-snámh mé anonn ar an mBóinn,
Is ghluais mé go h-adhmhar rómham suas go Bail'
Shláighne,
Mar chuala mé na gártha bhí i n-Átha Cliath rómham.


L. 35


IV
Chuaidh mé na h-áirde go stuagh Bhaile Gháire,
'Siad cluig Theampuill Phádraig do chongbhuigh mé beo,
Is chuaidh mé 'un na sráide mbíonn Rí 'Liam i n-áirde,
Go bhfanfainn-se tráth ag an Cholaisde ag ól.
Cá rabh mé fa'n tráth sin acht shiar i bPortláirge,
Mo sheasamh go fálta ag doras toighe an óil;
Ghoir mé ar chárta do leann a bhí láidir,
'S ní rabh pighinn le fághail agam le ndíolfainn an
sgór.



V
Do cuireadh orm gárda de mhaoirthibh na h-áite,
d'eagal mo fhágál' go socróchaidhe an bórd,
Agus buaileadh fá lár mé gur suaitheadh mo chnámha,
Is fáigeadh gan snáithe mé 'ngeall leis a bhfoghail.
Bhí an fuacht do mo shárughadh le h-uamhan na h-áite,
'S i dTuadh-mhumhain a fáigeadh mé ar shean-Tulaigh
Mhóir.
Bhí mé ag Biorra mhic Chártha 's i mullach Chnoc Áine
I gCorcaigh, i n-Árainn 's i n-Gaillimh na seod.



VI
Sguabhadh an tráth sin mé siar go Cruaich Phádraig,
'S ar m'ais ins na fáisgthibh go mullach Bhaile Fhobhair,
Go Cruachan mhic Brádaigh, go Druim Maothail le
fánaidh,
Go dtainic mé le rása go toigh Shéamuis mhóir.
Níorbh'fiú liom le náire a ndúsgadh fa'n tráth sin,
Mar bhfogus damh an áit a rabh maide ar an abhainn;
Ghluais mé go h-adhmhar anonn ins an áit sin,
Un toighe Bhriain mhic Cába mar bhfuair mise cabhair.


L. 36


VII
Budh iongnadh 's budh áidhbhéil leo damhsa mar tharlaidh,
Ghreadadar lámha is bhí luthgháireach go mór;
Le sláinte gur fhágas gach pian-bhruid is gabhadh
Dar lean damh an tráth sin 's gurbhfogus dhamh cabhair,
Théith mé mo lámha le teinidh na bpatata,
Chodail mé támh agus thainic mé rómham
Mar bhfuair mé na páisdí ag osnadh 's ag gártha,
Ar eagla gur báthadh mé amuigh ins an abhainn.



B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B
AN ÓIGE.
Grádh mo chroidhe an óige,
'Sí is cóir a bheith ann;
Is cuma dí cá rachaidh sí,
Nó cá dtógfaidh sí a ceann.
An té a bhíonns pósta
Bíonn a chórughadh bunóscionn;
Bíonn glug i n-a bhrógaibh
Is cha n-ólann sé a'n leann.


L. 37


B 1846ls 19L
U Anaithnid



15. IOMÁIN ÁTH' NA gCASÁN.
Pádraig Ó Cearbhaill nó Para an Bhainne cct.



I
Ag dul go h-Áth na gCasan damh
Sé chas orm an sluagh 'san oidhch',
Is annsin a bhí an iomáin ba deise
A rabh i n-áird de'n tsaoghal.
Bhí na mílte de lucht breacain ann,
Is lucht boineadaibh ó Aberdín,
Gur chuir siad mé as mo latitiúd
'S nárbhfiosach dhamhsa an lá ó'n oidhch'.



II
Ar ndul chum an mhuilinn-gaoithe dhamh
Bhí fiche fear 'mo dhiaidh le ruaim;
Bhí an balla leo go faobhrach,
'S iad sgaoilte ó n-a bhástaíbh suas,
Bhuail mise an boc sin thríotha
Go croidheamhail is go láidir luath,
Acht is mise a tharla i n-íochtar
Ag an chaoilteachan de ghasún ruadh.



III
D'éirigh mé go feargach
Chum argain a dheánamh leó,
Acht do buaileadh fúmsa an barr-chois,
Agus tionntadh mé ar thaoibh an róid.
Thug mé an dara h-ionnsaighe
Go ceannsal ar an té ba mhó,
'S nach mise bhí sa' chontabhairt
Dá n-innseóchainn mo sgéal ar dóigh.


L. 38


IV
Tóigeadh suas an balla,
'S níorbhforail nó bhéadh ann coirp,
Agus bhí muidne uile ag iomrasgáil
Go raibh muid ag bun an chnuic.
Acht muna b'é an lán mara
A chuir basgadh ar an tréan-fhear dheas,
Ba bhuaidh a bhéadh orm
Nó chaillfidhe mé le duirn na measg.



V
Thainic duine uasal barramhail sásta
Chur basgadh ortha ó'n taoibh ó dheas:
"Stadaidh de bhur ráfla
Is na sparalaidh cos nó cleas"
Rug buachaillí Bhail' Shláighne greim lámha
Ar na breacain bhreas,
Is annsin a bhí an spairn
Ar thráigh na bhfaoileann ndeas.



VI
Leigeamar trí gháir uainn
A gcluinfidhe i gCáirlinn nó ar mhaoilin Howth;
Bhí na hataí ag éirighe i n-áirde
Le h-úrghárdas fá an Droichead le spórt.
Bhí tiompain, píoba, is cláirseacha
Ag máirseal rómhainn le meadhair cheóil,
Is bhí maighdiona maiseacha míonla
Ag cur fáilte rómhainn ar thaoibh an róid.



VII
Is annsin a bhí an sgafta maighdean
Ba seaghaiseighe a bhí le fághail;
Bhí grís ar lasadh 'na n-éadain,
'S a mbéilíní deas' tana tlátha;
A gcaoingcom gcailce glé-gheala
Ag éirighe mar eala ó'n t-snámh,
Is iad uilig go h-aedhreach
I bpléasúir le ceannaidhe an t-snáith.


L. 39


VIII
Bhí mé réidh go tapaidh
A imtheacht leis an fhaoileann bháin,
Ar dteacht do chorradh is dhá chéad marcach
Ag sgairtigh 'mach ar cheannaidhe an tsnáith:
"Éirigh suas go tapaidh,
Is bíodh do bhuabhall leat in do láimh,
Go mbéidh tú linn i dtoiseach
Ag baint meidhre as na gadhair ar áird."



IX
Shéid mé suas "Tom Teevin"
Go croidheamhail 's go láidir teann,
Go gcluinfidhe ins a' Scrín é,
Nó shíos ag Lios na Rann.
Bhí uaisle ar gach taoibh dhíom
Is iad ar ruaig gan mhoill,
'S is é reynard a fuair síneadh
Dul síos chum a' Toighe Báin le fuirinn.



X
Chuadhmar síos na Meirsigh
Go h-aerach is thríd Dún Dealg,
Dul trasna shléibhte Mhughdhorna
Is an tiúin leis na gadhair 'sa tsealg.
Bhí lucht breacain ar a dtús
Ag iarraidh cliú a thabhairt go Aberdín.
'S gur shiubhail mé na cúig cúige,
'S gan fúm acht buachalan buidhe.



XI
Bhí muinn ag teacht mar síobadh,
'S a' tseilg ag dul go Gleann na gCros;
'S gach marcach a b'fheárr léim
Thairis trinsighibh is móintibh 's cnuic.
Bhí na Laighnigh ar a bhfuirinn ann,
'S níor mhór sinn a bheith na measg,
Nó chaillfidhe sinn i gcómhnuidhe
Measg sluag deas na gcótaí breac.


L. 40


XII
Ar maidin lá arna bhárach
Is mé bhí sáruigh' i ndiaidh mo ruaig;
Bhí dubhach ar mo shúilibh,
Agus tadhlach go bun na gcluas.
Bualadh fúmsa boc-báire 'nDún Pádraig,
Agus mé dul chum suain,
'S gurab ar mhuillean Chnoc a' Charnain
A tharlaidh damh musgailt suas.



XIII
An gcualaibh sibh i gcomharsain
Aon neach ar bith go fóill
A shiubhail thart na réaguin
Go méidhreach le h-iomáin chruaidh,
Ag súgradh le gach maighdin
A b'aerach 's a b'áille snuadh,
'S ag imtheacht le gadhair béil-bhinn
'Dtóraigheacht ar mhadadh ruadh?



XIV
B'í sin an bhruinneal mhúinte
Ba chúmhartha dá bhfacas féin,
Rug sí orm le h-umhlaigheacht,
Is dubhairt sí an ngabhfainn léi:
Thug sí isteach n-a cúirt mé
Ag fústradh faoi bhláth na gcraobh.
'S a Chearbhaill is leat an dún so
Agus siubhail liom gach lá 'san t-slighe.


L. 41


B 1823ls-1915 19L
U Anaithnid



16. ART Ó CEALLAIGH.



I
Lá dá rabh mise ag taisdeáil na tíre,
Go toigh Airt Uí Cheallaigh do casadh san oidhche,
Mar a fuair mé toigh folamh agus teine gan daoinibh,
Is shuidh mise síos ann a leigean mo sgíste.



II
Níorbhfada go dtainic Art isteach un a' toighe
Níor dhubhairt sé "Good morrow," gur fhiafraigh sé
díomsa,
"Who the devil are you, a dhuine, is cá mbíonn tú?
Nó caidé an cat mara a sheol 'un mo thoighe thú."



III An File.
Is coimhightheach mise as Condae na Midhe,
A thainic isteach a lasadh mo phíopa;
Thainic mé isteach a dheánamh mo sgíste,
Is dá suidhinn amuigh b'fhada liom an oidhche.



IV Art
Ní gnáthach sin siubhlóir ag teacht un mo thoighe-se,
Ní thainic ariamh, agus ní thiocfaidh a choidhche,
Cha bhíonn annseo acht mé fhéin is mo inghean bheag,
'S dá mairfeadh m'athair nach dtiubhrainn dó dídean.



V An File
Maise, is mairg do'n athair a bhí do do shaothrughadh,
Mur dtiubharthá dhó teine, fósgadh, nó dídean.
Míle glóir do Dhia nach bhfuil a dhath de mo ghaol leat,
Ná 's duine thú, Airt ghiobuigh, nach cosamhail le Críos-
taidhe.



VI Art.
Sguir do do sheanmóir, is leig do do shiansa,
Is éagcóir nár chodail tú i gcúl claidhe nó díge,
Nó nach dteachaidh tú go toigh tabhairne, a chathadh do
phíghne,
Tráth bhínn-se 'mo thrabhlóir is mar sin doghnidhinn.


L. 42


VII An File.
Och, níor aithneas toigh tabhairne rómham 'sa' t-slighe-se,
Mur rachainn go Granárd fa'n taca so d'oidhche,
Is bhéadh siad na gcodladh is bhéadh leisg ortha éirighe,
'S ní fiú do dholaidh mé an t-asdar a dheánamh.



VIII Art.
Tá an oidhche-sa ag sioc, is tá 'n ghealach ag éirighe,
Is ní fhuil an t-asdar cómh fada is shílir;
Siúd suas an bealach, is lean é go díreach,
Go Droichead na gCailleach, 's go Cartun na gCaorach.



IX An File.
Cha dtéidhim-sa amach cómh réidh is shílir,
'S gan 'fhios agam nach gcasfadh an sluagh sidhe damh -



Art
Rud nach rabh ariamh, agus nach mbíonn a choidhche,
Acht piseógaí creididh an mhuinntir d'ár dhíobh thú.



X
Tráth shíl Art go rabh mé ag fuireach go díreach,
Shílfeá go réabfadh sé fraoileach an toighe-se;
Gabh sé a leithsgéal, is ní go saoitheamhail,
Gur shíl sé gur spailpín bhí ag pilleadh ó'n Midhe mé.



XI
Gur shíl sé gur spailpín bí ag pilleadh ó'n Midhe mé,
Do ghoidfeadh a hata, a bhata, 's a bhríste,
An spád ó'n doras, a' t-sluasad, 's a' píce,
Crúca an phota, agus dúidín an phíopa.



XII
d'éirigh Art annsin is chuaidh sé a luighe uaim,
A chodladh gan choisrigh, 's nár sháruigh sé éirighe:
d'fháig sé mise 'sa' chiosdionaigh mhaoinigh,
Mo luighe ar mo leabaidh i n-aimhdheóin a fhíocha.


L. 43


B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



17. ABHRÁN A' RUCART MHÓIR.



Cathal mhac Cana d'aithris.



I mainistir na Búille a d'éirigh an cúrsa gan náire,
d'áirdigh na masgailí slóighte mo chaiplín leobhtha thar
sáile.
Dá bhfágadh siad agam an croiceann gheobhainn tobac
ráithche air,
Acht ní bhfuair mé uaim ar maidin acht ministir liath
agus cárr air.
d'éirigh mé 'mo sheasamh, go feargach agus go fiadhtach,
Chuaidh mé go Cnoc Máinle 'dúil go mbainfinn sásamh
daobhtha;
Casadh orm a' sidheógaidhe ar thaoibh a' chnuic 's é ag
gáiridhe,
"Cá fhad atá do tharraingt, nó cá h-áit a bhfuil do
théirim?"
"Sluagh sidhe Chnuic Máinle shanntuigh mo mhaoin
saoghalta,
d'áirdigh siad leobhtha mo chaiplín, is d'fhág siad mé
ar árd na déirce;
Caiplín a bhí cómh maith sin is mairg damh sgar léithe,
Tá luach le díol go fóill 's mo mhaoin is mo stór ar
iarraidh."
"Bheirim briathra, a Rucart Mhóir, ní h-againn atá do
láirín,
Tá sí i nAlmhain Laighneach ag tréanáil ag mo mháithrín."
d'éirigh mé mo sheasamh, agus níor ghéill mé do fhairge
nó shléibhte,
'Gus bhí mé i nAlmhain Laighneach tuitim ceó na h-oidhche.


L. 44


Casadh orm an chailleach, dar a leabhra níor mhaiseach
a briathra,
Labhair sí liom go feargach trasna fríd a' Bhéarla -
"What do you want, you rascal, I do not like your
notion?"
"Fóil ort, a chailleach, agus labhair liom teangaidh
mo mháthara
Ná 'sí is fheárr a thuigim, smidibh beag dá briathra."
"Dá mbéitheá annseo indé gheóbhthá tuairisc ar do
láirín,
Acht rinneadh fancy cap do Conall Cat aréir í."
"Leóga, is gránna an t-ainm sin, níl níos gráice i
n-Éirinn,
Níl 'fhios agam cá bhfuil a theach, nó cá bhfuil a leachta
déanta."
"Níl tú agus mé mar sin, ná is agam a gheóbhfaidhe
na sgéala,
Tá sé i Lios Uí Mhíochain ar thaoibh na Carraige Léithe."
D'éirigh mé mo sheasamh, gur bhuail mé an bóthar
díreach,
Agus bhí i Lios Uí Mhíochain i n-aice do'n meadhon
oidhche.
Bheannuigh mé isteach, 'gus á réir mar chonnacas
damhsa,
Fir agus mná na cruinne annsin a bhí ag súgradh.
Stad siad siar do'n obair, thúsaigh siad ar a bheith
'gáiridhe,
"'Bhfeiceann sibh Rucart mór is é ag tóruigheacht a
láirín?"
"'Im briathra, 'Rucart mhóir, ní h-againn atá do
láirín,
Tá sí i Lios a' Bhaile Bhig ag sic ? na mban sidhe le
ráithche."


L. 45


D'éirigh mé mo sheasamh, agus bhuail mé an bóthar
díreach,
'Gus bhí mé i Lios a' Bhaile Bhig le h-éirighe mhoch a' lae
ghil.
Bheannuigh mé isteach, is 'á réir mar chonnacas damhsa,
Figheadóirí na cruinne annsin a bhí ag úmadh.
Stad siad siar do'n obair, agus bhuail siad ar a
bheith 'gáiridhe,
"'Bhfeiceann sibh Rucart Mór is é ag tóruigheacht a
láirín?"
"Nach truagh libh fear gan bó, is nach truagh libh fear
gan caora?
Agus dacur le fear gan capall is doiligh dó leas
a dhéanamh."
"Pill ar ais un a' bhaile, agus ná déan níos mó
d'iarraidh,
Ná ar buaileadh d'ór le ráithche ní fheicfidh tú a sgáil
i mbliadhna."




"Fear a bhí ann agus bhí béitheadhach óg ag a chapall, agus
smaoi'tigh an sluag siadhe go mbainfeadh siad greann as, agus thug
siad leobhtha í seal oidhche go dtí go dtug siad ar Éirinn iomlán
é 'á cuartughadh. Nuair a thainic sé ar ais abhaile fuair sé a
láirín ins a stábla." - Cathal mhac Cana.


L. 46


B 1846ls 19L
U Anaithnid



18. AISTRIUGHADH THOMÁIS OIDHCHE SHAMHNA.



I
'Sé mo shiubhal 'feadh oidhche, a mhic Uí Chloinne -
Ádhbhar aitis, ádhbhar aitis -
Leis an chorpan sidhe sin nach bhfághadh cead sínte
Imeasg na marbh, imeasg na marbh.



II An Corp -
"Árduigh mo chorpán gan úrghárdas,
Is bhearfad mart duit, bhearfad mart duit."



Tomás -
"Dá ndeánfainn réidhteach leat ar an chuing sin,
Cá bhfuil an mart úd, cá bhfuil an mart úd?"



III An Corp -
"Seaghan beag Bingeam, Seaghan mór Bingeam,
'S iad mo ghealltadh 's iad mo ghealltadh;
Sgríobh mé ticead ar chorr-litribh
Go Béal an Easáin, go Béal an Easáin.



IV
"Gheobhaidh tú corcán faoi'n charn aoiligh,
Gruama glasa, gruama glasa,
Is tabhair leat féin é, faoi do asgail,
Mar lón astair, mar lón astair."



V
Tógadh an corpán ar mhuin Thomáis,
Ins na bealaigh', ins na bealaigh',
Tríd bóithribh cumanga, cruaidhe, casta,
Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe.


L. 47


VI
B'fhada an ruaig go truagh, go trasna,
Tré mhóintibh fliucha, tré mhóintibh fliucha
Siar go Lúghbhaidh mór na mbraithre,
'S na tuamba glasa, 's na tuamba glasa.



VII An Corp -
"Gheobhaidh tú spád ar dheis do láimhe
Ar chúl an dorais, ar chúl an dorais:
Buail preab láidir, preab nach fálta,
Ins a' talamh, ins a' talamh."



VIII
Fuair mé an spád ar dheis mo láimhe,
Ar chúl an dorais, ar chúl an dorais;
Is thug mé preab láidir síos go tapaidh,
Síos 'san talamh, síos 'san talamh.



IX
Thug mé preab láidir síos go dána,
Ins a' talamh, ins a' talamh,
Gur bhris mé cnámh luirge an bhodaigh ghallta
A bhí 'na chodladh, a bhí 'na chodladh.



X
"Míle fuil-a-lú!" ar an trúipeir,
"Where's my pistol, where's my pistol?"
Ar Máire Ní Raghallaigh, bean Lord Guido,
"Fág an bealach, fág an bealach."



XI An Corp -
"Oró, a Thomáis, och, och, ó,
Ná fág annseo mé, ná fág annseo mé,
Óir tá mac garmháthara damh 'san Chreagán,
Mar is cóir m'adlacadh, mar is cóir m'adlacadh".


L. 48


XII
Tógadh an corpán ar mhuin Thomáis,
Ins na bealaigh', ins na bealaigh',
Tríd bóithribh cumhanga, cruaidhe, casta,
Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe.



XIII
Dul síos le rása, is mé neamh-shásta,
Chum an Chreagáin, chum an Chreagáin,
Fuair mé spád ar dheis mo láimhe,
Ar chúl an dorais, ar chúl an dorais.



XIV
Fuair mé spád ar dheis mo láimhe,
Ar chúl an dorais, ar chúl an dorais,
Is bhuail mé dhá throm-phreab go láidir
Síos gan tiobadh, síos gan tiobadh,



XV
Gur bhris mé cnámh gháilligh Watson Harford
A bhí faoi'n talamh, a bhí faoi'n talamh.
"Hububú," ar an gabha dubh,
"Where's my hammer, where's my hammer?"



XVI An Corp -
"Oró, a Thomáis, och, och, ó,
Ná fág annseo mé, ná fág annseo mé;
Óir tá mac dearbhrathar athara dhamh shíos i nDoire,
Mar is cóir m'adlacadh, mar is cóir m'adlacadh."



XVII
Tógadh an corpán ar mhuin Thomáis
Mar bhí roimhe, mar bhí roimhe,
Le dul go fálta, tréith-lag, cráidhte,
Síos go Doire, síos go Doire.


L. 49


XVIII
Ar teacht do'n áit sin damh go fágtha,
Is mé gan mhisneach, is mé gan mhisneach,
Bhí na geataí sparrtha rómham go láidir,
Is thug mé preab dóibh, thug mé preab dóibh.



XIX
"Defend your walls," Sir Walker calls,
"Or they'll be taken, or they'll be taken:
Why knock so hard? Each to his part,
Come dead awaken, come dead awaken!"



XX
D'éirigh cnámha is cómhradha 'n-áirde,
As an talamh, as an talamh;
'S do shuidh gan spás i bhfíoch gan tlás
Ar mhaol an bhalla, ar mhaol an bhalla.



XXI
"Céad fuil-a-lú!" ar gach aon díobh
"What's the matter, what's the matter?"
Tomás -
"Níl acht aon de bhur gcáirdibh do dhul chum báis
Sé seo a Róimh-adlacaidh, seo a Róimh-adlacaidh."



XXII
"Tá a ghaol 'san áit, is maith mar tá,
Is bíodh sé agaibh, bíodh sé agaibh."
"Who of his people is buried here,
To claim admittance, to claim admittance?"



XXIII Tomás -
Níl 'fhios agam fhéin cá treibh an leice,
Ar dhruim na beatha, ar dhruim na beatha;
Acht tá preab is éigheamh ann, labhraidh leisean,
Is fiafraighidh dhe-sean, fiafraighidh dhe-sean."


L. 50


B 1824ls 19T



19. ABHRÁN GRÁDHA.



I
Ní ar shliabh nó ar chíbleach atá mo mhian-sa,
Atá ar thaltaibh míne, mar a mbíonn meas is bláth;
Bhí an chuach ag glaodhach ann ar bharra craobh ann,
Bhí cruithneacht mhaol ann, agus coirce bán;
Bhí an t-uan 's an laogh ann, 's na bric 'na scaoith ann,
Tá an eala is aoibhne ar an loch ag snámh;
Tá an bheach chómh críonna 'sgo bhfuil a h-árus líonta,
Agus mil da thaomadh ag mo mhuirnín bán.



II
Is aoibhinn Cor Shliabh i dtús an gheimhridh,
Ní bhíonn leac oidhre air, nó'n sneachta idtuaidh;
Is ceolmhar traon ann, an chuach, 's a' londubh,
I mbarraibh coillte ins an duilleabhar ruadh.
Is binn guth gadhar ann ag tóruidheacht eilite,
Is an fiad 'san am sin ag dul ar siubhal,
'S gur leat a chíntear in gach sruth glan aibhne
Go mbíonn an bradán finn-gheal 'sa' breac ar lúth.



III
Tá mé chómh tinn is nach dtig liom innsigh,
Le fiabhras teintrighe mar gheall ar ghrádh;
'S gur ab ag mo mhuirnín donn deas atá an péire
cruinn-chíoch
Mar a bhéadh an fhaoileann imreamhar ar an loch ag snámh.
Nuair a bhíos mo ghrádh-sa ag siubhal na sráide
Bí aoibh a' gháire uirthi le gach aon,
'S gur i n-a brollach bán atá an cúpla pártach,
Mar a bhéadh dhá ainleóg ar nead 'na luighe.



IV
Dheánfainn m'éagnach leat-sa, a chéad ghrádh,
Dá measfainn féin go mbéadh maith dhamh ann,
Mar is tú do réab mo chroidhe ó chéile,
Agus d'fhág na néalta-sa thríd mo cheann,
A mhaighdean bhéasach na malaí chaola,
'S na gcurcán ghlégeal atá fáinneach fionn,
Triall dom' fhéachaint agus mé i n-éagcruas,
'S béidh beannacht Dé dhuit go bráth dá chionn.


L. 51


B 1824ls-99 19L
U Pól Ó Briain



20. CAILIN DEAS BHRÉACHMHUIGH.
An t-Athair Pól Ua Briain, cct.



I
Tá géag dheas chailin 'mo dhiaidh i mBréachmhuigh,
'Sé ádhbhar m'éagcaoin' nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh, nó i ngleanntán sléibhe,
Mur mbéinn dá bréagnadh faoi bhruach na dtom.
Mar Bláthnaidh mhaiseach le Curoi d'éalodh,
Tar éis gach géibhinn, go críochaibh Chuinn;
Nó mar Naois' Mhac Uisnigh fa n-a annsacht Deirdre,
'S go dtriallfainn fhéin léithe 'un na Gréige anonn.



II
Ní mar gheall ar fhortún, ar mhaoin, nó 'r shaidhbhreas,
A rachainn fhéin leat amach ar luing,
Acht mar gheall ar aindir na maoth-chrobh méar-lag,
Go gceanglóchadh 'na chléir le chéile sinn.
Tar éis ar n-astair a dhéanamh pléisiúir,
Béidh deireadh an lae againn ag Hellicon;
'S ar bpilleadh dhúinne ar ais go h-Éirinn,
Ní bhéidh an Eaglais Ghaodhalach i gcorraidhe linn.



III
Goidé 'n fáth dhamh imtheacht gan staidear a dhéanamh,
Acht fánach go réimeamhail ag eolas Chuinn;
Dá mb'eol dhamh a moladh chuirfinn fios a tréartha
'S le bréithneamh breitheamh Dé go ndearnas sainnt.
Tá cul trom daithte aici, casta, trí fighte,
Agus níl cás réidhte ar chúl a cinn;
Tá rosga glasa faoi n-a malaidhibh chaola,
'S a' rós ar aon chor i n-a leacaibh cruinn.


L. 52


IV
Tá beóilín tanaidh aici, lasadh 'na gruaidh
'S a gnúis, mar shliabh-shneacht, tanaidh, slim:
Tá bráighe is gile aici nó cubhar a thuiteas,
'S a cíocha réidh-gheal' i n-a brollach cruinn.
Saor ó pheacadh tá a croidhe gan aon locht,
Agus annsacht chéad fear i lár a cuim;
Tá gach ball dí leagtha i n-ann a theacht le n-a chéile
'S mac-a-samhail a sgéimhe níor tharraing peann.



The Gaelic Journal has the following as 4th verse: -



Dá bhfuighinn-se an ghéag seo chan iarrfainn spré léi,
Acht shaothróchainn féin cibé chaithfeadh sinn;
Ní bhéadh orainn easbhaidh i n-aice a chéile,
Agus bhearfadh saothras ar ndóchaint dúinn.
A phlúir gach deagh-chroidheach ar thoiseach sgéimhe,
Má dhiúltais fhéin mé ná teana moill;
Acht gléas go tapaidh, bíodh mo chómhraidh réidh leat
Agus cóirigh féin mé le cré 'sa' chill.




CEATHRAMHAIN.
Nach h-aoibhinn do na h-éanlaith a éirgheas go h-árd,
Agus chodaileas 'na dhiaidh sin ar aon chraoibh amháin:
Chan é sin damh fhéin, nó do mo chéad mhíle grádh,
Fada, fada, ó n-a chéile bíonns ar n-éirigh gach a'n lá.
Co. Árd Macha.


L. 53


B 1824ls 19T
U Anaithnid



21. TRÁTHNÓNA MALL ARÉIR.



I
Tráthnóna mall aréir a chuala mé sgéala
Do shlad is do bhreóidh 'choidhche m'inntleacht,
Go raibh Máire na maoth-bhos a dhul i gcionn Tomáis,
Le cómhairle agus le lántoil a muinntir'.
A shearc, agus a shiúir, a stóir agus a rúin,
Mur bhfusglóchaidh tú mé as m'éagcruas.
Mí nó lá, seachtmhain, oidhche, nó tráth,
Ní bhéidh mise beo do d'éagmais.



II
A spéirbhean mhaiseach, do phór na ngaisgidheach,
Éirigh agus gluais ar siubhal liom,
Go tír na rún an mhír ghlan chlúiteach,
Mar a bhfuigh' sinn cná is úbhla:
Aoibhneas bailte, ceolta gan cogailt,
Dá seinnim ar phíob 's ar chláirsigh;
'S béidh Philip féin gan gruaim gan léan
I gcuideachta a ró-shearc Máire.



III
Shiar ar an gClaithceim? atá mian gach marcach -
An aoileann mhánla bhéasach,
Thug buaidh ar mhnáibh 's ar mhaighdean' Chrich' Fáil
Le múnadh, maise, is méin mhaith.
'Sí is míne malaí, 'sí is caoile leaca,
'Sí an planda í do leag mo chéadfá;
Ní buan do mhairfainn i bpéin-bhrúid aicid'
Muna dtagad sí seal dom' fhéachaint.



IV
Is eol dham-sa imirt ar dhíslí 's ar fhithchill,
'S is deas do chasfainn peann 'na dhiaidh sin;
Dodhéanfainn hata gallda, is bróga ar an bhfaisiun árd,
'S ní measa dheánfainn bean a bhréagnadh.
Dearc thusa, a stóir, ar an bhealach atá rómhat,
Breathnuigh é go grinn is smuainigh,
A phéarla an chúil tais fionn, go mb'fheárr duit
bualadh liom,
Ná le sgriosta do bheith lobhtha i ndíogaibh.


L. 54


B 1846ls 19L
Anaithnid
22. Ó RAGHALLAIGH BHAILE MHÍLEIS.
Liam Ruadh Maol Chiaráin cct.



I
Is in Árdmulchan ós cionn Bóinne
Atá 'n t-seod a bhfuil mo mhian innti,
Is i dToigh Colláin bhíos mé i gcómhnuidhe
Gé go brónach 'na diaidh mé,
Gan ghéilleadh do na h-órdaibh,
'S gur pósadh le mnaoi mé,
d'aimhdheóin Shíghle bhuailfinn na bóithre.
Dá mbéadh mo stóirín beag Brighid liom.



II
'Siad buachaillí na Bóinne
A shiubhaileadh an bóthar ar gach taoibh dhíom,
Acht níl suim aca in mo ghlórthaibh
Nó in mo cheóltaibh beaga díomhain;
Mo chéad slán le Baile Oirthear
'S do n-a h-óganaighibh bhreagha chraoidheamhla,
'Siad a bhearfadh deoch le h-ól damh,
'S níor spórt leo mé bheith i bpríosan.



III
A éin bhig atá éadtrom
Ná géill do shléibhtibh nó do mhíonlaibh,
Nó do ruaimh-ghaoith 'na ngéagain
Bhíos i d'éadan go h-aoibhinn;
Go mbearfadh tú mo sgéala
Uaim go héadtrom cois íseal
Fá dhéin Bheartamoin na féile,
Agus Uí Raghallaigh Bhaile Mhíleis.


L. 55


IV
Mo chleamhnas dá ndeántaoi
Le ingin Ríogh na Gréige
Acht m'annsacht cois íseal
Is ag Brighidín a bhéadh sé;
Níorbhfada liom tógbháil cíosa
Ar thaltaibh aoibhne glana aerach',
Nó ag ól sláinte mo Bhrighid bheag
Le fíoruisge an tsléibhe.



V
Dá mbéadh fhios ag mo cháirdibh
Go bhfuilim sparrtha gan chaoineas
Ba ghearr go bhfághainn tárthail,
Le seinnim chláirsighe agus aoibhneas;
Thiocfadh Ó Raghallaigh gan spás chugam,
Is a lán de chlannaibh Mhílidh,
Is ní dhúntaidhe mise i gclárthaibh
Ar ghráin na gcoigcriochach.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



CEATHRAMHAIN.
Neillidh bheag, a chuisle, is a Neillidh bhán a stóir,
Dá dtiocfá thusa liomsa go Coilltibh Beag' na gcró,
Bhearfainn aer a' bhaile mhóir duit a thógfadh suas do
chroidhe,
Agus cead a ghul i gcóistiobh ar bhóithribh Dhomhnach Mhaighin.
Co. Mhuineacháin.


L. 56


B 1846ls 19L
U Niall Mac Cana

23. MÁIRE NÍ MHAOLUIDH.
Niall Mac Cana cct.



I
I ngar Mullach na Craoibhe atá 'n aoileann is deise
ná 'n bláth;
Tá a méin 'sa suidheamh mar an eala mhíngheal ar
imeall an t-snáimh;
Sí mo chuisle croidhe í, sí mo ghradh dhíl díleas í
feasta go buan,
Is fáth mór maoidhte 'sé hainm a' ríoghain Máire Ní
Mhaoluaidh.



II
Dá mbéinn-se fhéin agus mo spéir-bhean i n-aice an
taoibh thuaidh,
I gcuasan sléibhe i n-gar do'n Éirne ag teacht goirm
na gcuach,
Mé gá bréagadh, is gan aon neach a bhéarfadh sgéala
uainn,
Budh deas an bhéarsa do chanfainn léithe - mo Mháire
Ní Mhaoluaidh.



III
Bíodh foighid ort, a mhilis bhéasach, tá'n samhradh ag
teacht,
Béidh neid ag éanaibh ar na craobhaibh, is béad a
gcómhrádh leat;
Béidh samh, is sméar, is im ar méis, is bán-ghruth buaibh,
'S d'aimhdheóin Éireann béidh tú féin liom, a Mháire
Ní Mhaoluaidh.


L. 57


IV
Deir mo mháithrín gur mór an náire dhamh bheith
smuaineadh ort;
Deirid mo cháirde gur mhíle b'fheárr dhamh bheith ag
saothar na gcnoc;
Ní cháinim, a chuisle, a dtáinte, gé gur náir liom an
luadh,
Acht d'aimhdheóin a ráidhte 'sí mo ghrádh-sa mo Mháire
Ní Mhaoluaidh.



V
Nach meanmnach éadtrom a léimeas an barc geal ar
linn!
Gé gur b'iomdha béim atá 'na éadan ó sgárdadh na
dtonn;
Mar an gcéadna, lá breagh éigin, 's an ghaoth ó
thuaidh,
Béad go h-aerach ar dhubh-bheinn sléibhe le Máire Ní
Mhaoluaidh.



VI
Ar Mhullach na Craoibhe, lá deas aonaigh fá Fhéil'
Muire Mhóir,
Dá mbéinn 's an aoileann gan spré gan mhaoin gan
phunta óir.
Níor thim mo chroidhe-se imeasg mo ghaolta, síol
nDálaigh ó thuaidh,
Óir béidh léithi an chraobh ós lár an aonaigh - mo Mháire
Ní Mhaoluaidh.


L. 58


B 1841ls-1910c 19L
U Anaithnid



24. AN T-ULTACH BEADAIDHE.



I
A Mháire Gearailt, a gháire gheanamhail,
'Sí do léithid nach bhfeicim 'sa' tír-se,
Le méin 's le maise, le sgéimh 's le deise,
'S do shléibhtibh Gaillimh' tá 'n chraobh leat.
A bhéil is binne ná 'n chuach ar bhile,
Nó fuaim oirfideach ar théadaibh,
Acht a chiúin-bhean mhilis dá ngluaisfeá 'nois liom,
Gruaim ní chuirfinn go h-éag ort.



II
lacuna de 2 líne
A stuaidh-bhean mhilis ná diúlt anois mé
Is mo rún go leigfinn go h-éag leat.
Níl óganach geanamhail ó Bhóinn go Sionainn
Nach leigfeadh seal tamaill a rún leat
Ar acht póg bheag mhilis, 's a fághail gan fhios uait,
'S gur mhilse í nó tonna de'n t-siúcar.



III
Tá mo thriall le seachtmhain taobh shiar de'n tSionainn,
'S ag an mBóinn go ndeanadh mo chéilidh;
Och 'sé bás mo leannáin a thóg mé i n-earráid,
'S do thabhaigh dhamh an t-asdar so a dhéanamh;
I dtroid 's i racán a chaith mé mo sheachtmhain,
'S chuadhas thart go Cluain Meala 'na dhiaidh sin:
Mo bhrón gur chaith mé, gé náireach le'r aithris,
Is deamhan dhá phíghinn agam nó éadáil.


L. 59


IV
Ag dul thríd Chill Choinnigh damh, 's mo chroidhe bocht
tuirseach,
Mar bhí mé folamh gan éadach,
'Sé an smuaineadh a rinneas go rabh céad fear folamh,
Arís a thiocfadh chum éadál'.
'Sé chím-se chugam dís ban fearamhail,
Ag bualadh an bhealaigh in m'éadan;
"Fóil, fóil," arsa bean aca, "seo an t-Ultach beadaidhe
'S is ro-dheas mar chanann sé bhéirsigh."



V
"A Ultaigh bhig bheadaidhe, tar liom-sa go maidin,
Is gheobhaidh tú ceathramh' má fhéadaim."
"A stuaidh-bhean mhilis, chan cuallaidhe dhuit mise
'S ní heol liom an bealach do dhéanamh."
"Gabh romham gan tiobadh thríd lár an bhaile
Go mbéidh tú ag an t-sráid Ghaodhalach,
Ag an chamadh mar chasair chífir sign na h-eala
Muna mbéidh mé ag an doras taobh shiar de.



VI
"Bhí duine bocht againn aréir ar ceathramha,
Is chan iarrfá cuideachta b'aoibhne;
'S níl aon bhraon bainne da'r bhain mé de'n cheannfhionn
Nár chuir mé 'na cháinín cois íosal.
"A mháthair mhín mhilis, tá'n lá seo ag fearthainn
Is ná cuir é chum bealaigh go hoidhche."
"Bhearfad do leaba, is roinn de mo shuipeir,
Agus dheanfad-sa trosgadh na hAoine.


L. 60


B 1824ls 19T
U Anaithnid



25. CEATTAIGH NA GCRAOBH.



I
'Sí mo chreach maidne nach bhfághtar mé
Ar bhruach Loch' Eirill le báine an lae,
Ar shúil go bhfuighinn amharc ar Cheattaigh na gCraobh
Mar a chuala mé teastas ar bhreaghacht a sgéimh'.



II
'Sí Ceattaigh do mhearaigh 's do bhreóidh mo chiall,
Agus d'fháig mé ag osnaigh go mór 'na diaidh;
Ní'l teach leanna ráca fá'n t-sráid go siar
Nach n-ólfad-sa sláinte Chaitlín Triadháil.



III
D'éirigh mé amach ar maidin indé,
Suas fá n-a mullaigh ag amharc 's ag géar;
Cia fuaireas acht Ceattaigh 'na suidhe léi féin,
'S níor bhréag sin le n-aithris ba mhaiseach a sgéimh.



IV
Is truagh mur dochonnairc mé dubhach ariamh,
Nó mar do léigh mise litir acht oiread le fiadh;
'Sí Ceattaigh do mhearaigh 's do bhreóidh mo chiall,
Agus d'fháig mé ag osnaigh go mór 'na diaidh.



V
Ní'l aon óigbhean mhaiseach ó mhóin go sliabh,
Ó gheataibh na Gaillimhe go cathair Bhlá Chliath,
Nach dtiubhradh tús bealaigh do Chaitlín Triadhail,
'S go bhfuil an séan ar an leanbh ó rugadh í ariamh.



VI
Dá bhfeicfá-sa Ceattaigh 'sí amuigh ar an t-sliabh,
'S go mba gile í nó aon eala dá bhfaca tú ariamh;
Sgabfadh sí an drucht 's ní bhrúighfeadh sí an féar,
'S gur glaise a dá súil ná bláth na súgh-chraobh.


L. 61


B 1915 19>
U Anaithnid



26. CAITLÍN TRIALL.
Leagan eile.



I
Anis 'sé is mian liom gach ní chur le stuaim,
'S is mian liom trácht ar Cheattaigh na g-cuach,
An plannda deas leinibh bhí síbhialta suairc,
'S a samhuil ní fheicfidh mé áit ar bith uaim.



II
Is ag bruach Loch Eirill atá an t-sith-bhean t-séimh,
Plannda deas leinibh ar uaisle Gaoidhil:
Tar mhná deas na cruinne go bhfuair sí an chraobh,
'S is méanra do'n té gheobhadh i g-cleamhnas léi.



III
Mo bhrón is mo dheacair mur a bhfágadh mé
Ar bhruach Loch Eirill le báine an lae,
Ar a ndúil go bhfaghainn amharc air Cheattaigh na gcraobh,
N' an g-cuala sibh teastas air bhreaghacht a sgéimh'.



IV
'Sí is binne, 'sí is finne, 'sí is áilne dlaoidh,
'S is gile í faoi dhó ná'n sneachta ar a' g-craoibh,
'Sí péarla an chúil chlannair í fuair taitneamh 'sa' tír,
'Sí réalt na maidne í tar chailíníbh an t-saoghail.



V
Fágaim le m'anam go bhfuil maise insa' mhnaoi
Go bhfuil rósa i n-a leaca mar d'órdóchadh an Rí
Ní fhágfad toigh leanna faoi an t-sráid seo shiar,
Nach n'ólfa mé ann sláinte Chaitlín Triall.


L. 62


VI
Ní thig drucht ar an talamh nó mil ar an bhféar,
Ní thig cnotha buidhe ar cholla nó toradh dá réir;
Ní bhfuil bainne ag na buaibh gé gur róbhreagh a n-géimh,
Is tá an chraobh le Miss Ceattaigh go bráth na ndéidh.



VII
Ní'l aon óganach barramhail ó Bhaile Loch Riabhach
Ar fad ins na bealaighe go sráid Bhaile-Áth-Cliath
Nach dtabhairfadh tús bealaigh do Chaitlín Triall,
Is tá an séan ar mo leanbh ó rugadh í ariamh.



VIII
Mo bhrón is mo dheacair mur a rugadh mé 'riamh,
Mur léigh mé fhéin litir acht oiread le fiadh,
'Sí Ceattaigh a mhearaigh 'sa bhreóidh mo chiall
Agus dfág sí mé ag osnaigh gach lá 'na diaidh.



IX
Mo bhrón mur a chonnairc mé dearg nó donn,
'Sé mo bhrón mur a chonnairc mé bruach na dtom,
A Dhia! mur a phóg mé a béilín le fonn -
'Sa Cheattaigh na gcuman déan réiteach liom.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



CEATHRAMHAIN.
A Dhia, gan mise i Muineachain,
Is mé 'mo cheannaidhe snáith,
Mo mhúirnín bheith i m'aice liom,
Charbhfada liom an lá.
Co. Mhuineacháin.


L. 63


B 1900c 19>



27. A CHAILIN BHIG ÓIG.



I An Sean-duine -
A chailin bhig óig, a bhfuil binneas in do ghlór,
Tar liom-sa abhaile is bí 'mo chlúid liom;
Gheobh' tú airgead agus ór, maoin capall agus bó,
Is gach aon ní i dtólamh 'chuirfeas tú dúil ann.



II An Cailin -
Oró, a shean-duine gan treóir is dith-céillidhe dá
bhfuil beo,
Goidé mar leigfeadh bean óg a rún leat?
A mbíonn do radharc-sa mar cheo ag cromadh go bróig:
Ó go deóidh cha sínim mo thaobh leat.



III An Sean-duine -
Oró, a chailin bhig óig, a bhfuil binneas in do ghlór,
Nach féarr duit-se suidhe in mo lúb-sa,
Le h-airgead agus ór, 's do thoigh fada faoi ró,
Is do shearbhóghantaí ar aon nós ag úmhlughadh?



IV An Cailin -
Cha sanntuighim do chuid bó, nó do thoigh fada faoi ró,
Nó do shearbhóghantaí ar aon nós ag úmhlughadh;
Acht siubhailfidh mé an ród leis an bhuachaill bheag óg
Ar a ngoirim mo stór, 's mé 'na lúibín.



V
Éireóchaidh mé féin ar maidin gach lae,
Is brosnóchaidh mé ar aghaidh leis an fhoghmhar,
Nuair a bhéas mé 'na lúb ag cruadáil linn féin
Béidh an sean-duine liath is gruaim air.


L. 64


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



28. CAILIN A' TOIGHE BÁIN.



I
Is aige cailin a' toigh' báin tá mo shnódh is mo shláinte,
Mo spórt, mo gháire, mo rith, is mo léan;
Mo chuid do'n t-saoghal í uilig gan áithmhéal',
A' mhilis bhán a dtug mo chroidhe dí spéis.
Is deirim go deimhin, acht mar b'é go bhfuil mé sáruighthe
Ag siubhal na sráide, gan bhrígh in mo ghlór,
Chan fheil neóin nó maidin nach dtabharfainn rása
Mar a rabh sí, an t-ailleagan a shlad mo shnódh.



II
Is annseo an áit-se atá an aoileann áluinn,
A bhí seal 'na páisde, is tá anois 'na mnaoi;
'S gur gile a braighde nó 'n síte páipéir,
Nó an eala ag snámh ar an loch seo thíos.
Nuair a bhíonns mo ghrádh-sa faoi aoibh a' gháire,
Is tchím-se an fánus a mheallfadh an saoghal,
'S gurbh i n-a brollach bháin-deas atá mo chroidhe
'stoigh fáisgthe
Mar bhéadh an ainleóg ar an nead 'na luighe.



B 1915 19>
CEATHRAMHAIN.
Nach mór an t-uathbhas mar thug tusa spéis nó gean
Do dhuine mar mise, gan mheisnigh, gan feóil, gan saill;
Gan mhaoin, gan eallach, gan chaiple, gan spré le roinn,
Gan bó, gan gamhain, gan dadaidh acht briathra caim.
Co. Dhúin na nGall.


L. 65


B 1915 19>
U Peadar Breathnach



29. ABHRÁN PHEADAIR BHREATHNAIGH.



I
Tráth chuaidh mé tamallt ar cuairt,
Gur bhreathnuigh mé uaim an spéir,
Thart fá na hoileanaibh ar ruaig,
Mar bhéadh eilit is cú 'na diaidh.
'Sé adeireadh gach duine fá 'n chuan,
Tráth ar thuirling mé anuas fá 'n chéidh,
"Is maith aithnighthear ar do ghruaim
Gur fear thú 'bhfuil ruaig do dhiaidh."



II
Casadh damh an cailin deas óg,
Acht má casadh, 'sí labhair go géar -
"Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig,
Ní mholaim go mór do chéird;
Chonnaic mé fear ar thír mhór,
'Sé ag imtheacht gan bhróg indé,
'Sí is dóigh liom gur tusa an fear óg,
Is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh."



III
D'fhreagair mé an aindir dheas óg,
Mar ghlac sí go mór mo sgéal,
"Stad do do mhagadh níos mó,
Ná ní duine de'n tseórt sin mé.
Acht suidh thusa anall do mo chómhair,
Is bí ar an nós liom fhéin,
Nó rachaidh mé ós coinne mo shróin'
Amach ar thír mhóir de léim.


L. 66


IV
Thuit muid i dtuirse 's i mbrón,
Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom -
"Cá bhfuigh' muid gloine le h-ól,
A thógfas an brón d'ar gcroidhe?
Tá teach beag ar leath-taoibh an róid,
Is congbhuigheann sé i gcómhnuidhe braon,
Gab thusa, is buail ar an bhórd,
Is ní dhíolfaidh do phócaí a'n phighinn."



V
Ar theacht dúinn isteach go toigh an óil,
B'fhaiteach go leór mé fheín,
Ar eagla 's go dtiocfadh an tóir,
'S go mbainfidhe an óig-bhean díom.
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir,
Is mheas mé gur chóir dúinn suidhe,
'Sé adubhairt sí "bí thusa ag gabhail cheóil,
Is ní dhíolfaidh do phóca a'n phighinn."



VI
Níorbhfada bhí mise ag gabhail cheóil,
Gur chruinnigh go leor un toighe,
'S gach aonduine is a ghloine 'na dhórn
Le comhmóradh a thabhairt do'n dís.
Bhí biotáilte fairsing go leór,
A rabh beagán dá ól 'san tír:
Dá dtarrnóchainn-se galún Uí Dhómhnaill
B'fhurust mo scór a dhíol.



VII
Nuair a leig muid dúinn tuirse is brón,
'Sé d'fhiafraigh an óig-bhean díom,
"Cá h-áit a mbíonn tú 'do chómhnuidhe,
Nó an gcongbhuigheann tú cró dhuit fhéin?"


L. 67


"Bím-se seal i dtoigh an óil,
Is ni dheánaim-se lón de'n phighinn;
Acht an méid a shaothruighim 'sa' ló,
A chaithim le spórt 'san oidhch".



VIII
"Má's fear thú a leanas do'n ól,
Ní mholaim go mór do chéird,
Nó ní fhóireann sé do dhuine do do sheórt
Toiseacht le buaidhreadh an t-saoghail.
Is fearr dúinn fánacht go fóill,
Go ndeanfaidh muid lón do'n phighinn;
Is go rabh againn an t-ór,
Is cuidiughadh d'ar gcómhair aríst."



IX
"Le fuireacht go ndeanfainn-se lón
Chaith mé cuid mhór do mo shaoghal,
Is fheárr dúinn toiseacht go h-óg,
Is béidh cuidiughadh d'ár gcómhair aríst:
Do léithid níor casadh go fóill damh
I mbealach, nó i ród d'ar thriall;
Is dá mbéinn i mBaile an Átha Mhóir
Gheobhainn cailiní óga ar phighinn."


L. 68


U Séamus Ó Consaidín



30. NANSAÍ 'MHÍLE GHRÁDH.



I
A Nansaí 'mhíle ghrádh, a bhruinneal tá gan smál,
Go bhfeicidh mise an t-ádh agus an séan ort:
Gur gile do dhá láimh nó cubhar geal na trágh',
Nó 'n eala agus í ag snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúile ná braon beag do'n driúcht
'S is binne liomsa thú ná na téadaí;
Is mur n-éaluigh tusa liom tuitfidh mise i leanndubh,
Agus cuirfear ins an chill do dhiaidh mé.



II
'S iomdhaidh sin guth mná cluinim-sa gach árd áird,
'Bhus agus taobh thall do'n Éirne,
Go Corcaigh na gCuan, is go Béal Átha na Sluagh,
'S í Nansaí thug buaidh ar an méid sin.
A Mhuire, 'gus a Dhia, nár bh'aoibhinn deas ar saoghal
Dá mbéinn-se agus í le chéile,
Tráthnóna samhraidh ciúin, mise agus mo rún,
Ag cogarnaigh ar uaigneas na sléibhe.



III
Beir litir uaim-sa suas mar bhfuil Nansaí na gcuach,
Is aithris duithe gur buaidhridh ataé =atá mé;
Aithris di aríst nach gcodluighim-sa fhéin aon oidhche,
Acht le h-athrainn tá fríd mo thaoibh dheis;
Aithris dá súil, aithris dá cúl,
Aithris dá tiúin atá glan éadtrom,
Aithris dá cionn, agus dá béilín atá binn,
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laethe.



IV
Dia Dómhnaigh tcífeas mé stór geal mo chroidhe
Tiocfaidh 'n t-amharc chúm =chugam aríst, agus an
éisteacht;
An tuirse atá ar mo chroidhe imtheóchaidh sé díom,
Is ní n-aithneóchaidhe an aois ar m'éadán.
A Mhuire, 'gus a Rí, nach athtuirseach bím,
Is go sgapfainn 'á mba fíon uilig an Éirne;
'Bhfuil duine ar bith 'sa' tír a bhainfeadh le mo mhian,
Níorbhfada mé 'san tsaoghal seo i n-a h-éagmais.


L. 69


31. TOMÁS DALL Ó DÓMHNAILL.



I
Siar i mbruach an t-sléibhe tá an aindir mhúinte bhéasach
Go dtug mé croidhe is spéis duithe á mbféidir damh í
fhághail.
Is binne guth mo théagair nó a bhfuil do cheol 'sna
téadaibh
Is póg amháin a béilín bheirfeadh sé na céadtaí ó'n bhás.



II
"Ná creid thusa go bráth leath a bhfuil dá ráidht leat,
Béidh tú go h-árd ag siubhal liom ins an tslíghidh;
Chan mar bhíos bacaigh na h-Éireann amuigh ag iarraidh
déirce,
Acht bheirfidh mise eol ar aontaigh' dhuit agus pléisiúr
do do chroidhe."



III
D'éirigh sí go dána is labhair sí le na h-athair,
A gheidi, ná bí cás ort fá'n ní sin - tá mé 'thriall:
Ní phósfaidh mé go bráth é, an fear a bhí tú 'ráidht liom,
Go dtarfaidh rí na Spáinne, na Frainnce, 'gus na
nGaedheal.



IV
'Ingean bheag na páirte, rud budh doiligh liom a ráidht
leat,
'Sé measaim an lá seo gur chaill tú do chiall;
Acht má's rud é atá déanta 's nach bhfuil gar a bheith
ag caint air,
Cuir rópa fá n-a lár-san, is bí ghá tharraing in do
dhiaidh."


L. 70


B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín



32. MÁL BHÁN NÍ CHUILLEANÁIN.



I
Ar meisge cha dtéidhim-sa níos mó,
Braon leanna go deóidh ní bhlasfaidh mé,
Ó chaill mé mo chailín beag óg,
A chuirfeadh in mo phocaí' an t-airgead.



A Is fada liom uaim í uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imthigh sí;
Is fada liom shíos agus shuas í,
Máiligh† na gcuach †Ní Chuilleanáin.



II
Dheánfaidh mé toigh ar an árd,
'S béidh ceithre ba bána, breac agam;
Cha leigim a'n-duine dá gcómhair
Acht Máiligh† dheas bhán †Ní Chuilleanáin.



B Is fada liom uaim í uaim í,
Is fada liom uaim í ó d'imthigh sí;
Is fada liom shíos agus shuas í,
Máiligh† gheal bhán †Ní Chuilleanáin.



III
Dá mbéinn-se i ndochar a' bháis,
Agus daoine dá ráidhte nach dtiocfainn as,
Cha dteánfainn mo thiomna go bráth,
Go dtiocfadh Mál† bhán †Ní Chuilleanáin.
Luinneóg "A".


L. 71


IV
Bhí mise, lá, ar a' choill,
Is tharla damh soillse bhradóige;
Dheánfadh sí marbhán beo
Nó buachaill beag óg de'n t-sean-duine.
Luinneóg "B".



V
Thainic soitheach isteach ins a' chuan,
Ar maidin Dia Luain ó'n fhairge;
Casadh Máiligh ar bhuachaill de'n lui'gh =luing,
Is d'fhág sí a croidhe ag an mhairnéalach.
Luinneóg "A".



VI
Dá bhfeicfeá-sa 'n t-óganach óg
'Na sheasamh ar bhórd na lao'ghe =luinge seo;
"A óganaigh, seo dhuit mo lámh,
Is mise Mál† bhán †Ní Chuilleanáin."
Luinneóg "B".



AN MUIMHNEACH.



A Mháire 'rúin, a bhláith na n-ubhall,
Ná mealltar thú le Munster man,
Is go gcuirfeadh sé i gcéill na míltí bréag
Le glórthaibh bhéil gach 'n-uair do'n lá.
B'fheárr duit fhéin do shíneadh i gcré
Nó bheith i bpéin go bhfuighfeá bás,
Sul a bpósfá an réic a shiubhail a' saoghal
Ag tiomsughadh bréag agus ag mealladh mná.
Co. Thíre Eoghain.


L. 72


B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín



33. COINFHEASGOR FHOGHMHAIR.



I
'Sé coinfheasgor fhoghmhair ag teacht an tráthnóna,
Chonnaic damh seod na bhfaoileán,
Dís do mhnáibh óga bhí innealta dóigheamhail
Ag tarraing a' ród go dtí mé.



II
Bhí a cúl mar ór, is a gruaidh mar an rós,
Agus a méara seolta sgríobhtha;
Bhí a béilín ró-bhinn, céillidhe, ceolmhar,
Soinneanta, modhmhar, caoidheamhail.



III
Is tuirseach dobhí mé ar leabaidh 'mo luighe
Nuair a thainic an aoibh dom' fhéachaint,
Tharm gur shníomh sí a géaga 'bhí caol,
Thug sí frása go dian d'a béal damh.



IV
Chliseas 'mo shuidhe, is charbhfiosach damh í,
Gur aithris sí an aoibh, í fhéin damh;
Labhair sí aríst i gcanamhaint mhic Bhuidhe,
"Seo m'ainm duit sgríobhtha i nGaedhilg."



V
A' seiseadh cuid déag dá maise is dá méin
A ceathramha chan fhéadaim innsigh;
Bhí loinnir i n-a ciabh le frása go féar
Bhearfadh solas do'n t-saoghal thart timcheall.



VI
Dá mbéinn-se is mo ghrádh ar thaoibh Mhullaigh a' Chairn
Bumaite lá nó oidhce,
Ise bheith lán do mo ghean is mo ghrádh,
Gan aon'uine le fághailt acht Éamonn.



VII
Ghreadfainn an clár, is d'ólfainn gan spás,
Agus d'imreóchainn cardaí agus dísligh,
Ins an áit úd nach mbéadh fios ag neach faoi'n ghréin
Gur ab í aindir na gcraobh mo ghrádh-sa.


L. 73


U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna



34. MÁILIGH MÓDHMHAR.
Cathal Buidhe ro chan.



I
A Mháiligh Mhódhmhar dá siubhailfeá an ród liom
Ba deas do lóistín ag teacht na h-oidhch',
Bhéadh flút is organ ag seinm ceóil duit
A thógfadh an brón is an tuirse díot;
Buideal beóraigh 'na suidhe ar bord,
Agus sgata óg-mhná le na thaoibh,
'S a mhaighre mhódhmhar, 'á mbéinn ag ól leat
Bhéinn do do phógadh is ba é siúd mo mhian.



II
Shiubhail mé Éire is a roinnt i n-a dhiaidh sin,
Agus go Binn Éadain 'a mbíodh mo ghrádh,
Chan fhaca mé aon neach ariamh i n-a méid sin
A ghabhfainn ar aon ort a Mháiligh Bhán,
Mná na h-Éireann is bíodh siad ar aon chnoc,
Uilig an t-saoghail agus fir Chrioch Fáil
Go ndearfadh an méid sin a gcualaidh an sgéala
Go dtug tú an chraobh leat ó'n uile mhnáibh.



III An Bhean.
Cá bhfuil an féirín a gheall tú indé damh,
Mo ghúna craobhach ar dhath an óir,
Mo chaipín gléasta chómh dubh le sméara',
Agus eachraidh gléasta chur fúm 'sa' ród?
Gheall tú cúirt chur i lár do dhuthchaigh damh,
Is chan fhuair mé annsiúd acht mar chábán bó,
Mo chosa sgrúdthaigh' ar mhaide 'n luastair,
Ag sníomh a' túirne gan aon snáithe bróg.


L. 74


IV Cathal.
Bhí bean uasal seal do luadh liom,
Thug sí fuath damh, faraor géar;
Phós mé an ghuairne na mailin gruama,
Rinne sí gual do mo chroidhe go léir.
Á bhfuighinn a chionn a cur faoi an tumba,
Is deimhin go mbéinn ar mo bhaire fhéin;
Tá mé millte dá mba gar damh innseach
Is béidh Céat is Nansaigh ag gol 'mo dhiaidh.



B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín



AN CHLOCH CHARRTHAIDH.



An File.
"Ceist a chuirim ort, a chloch,
Goidé an t-olc a rinne tú,
Nuair a fágadh thú 'do luighe 'sa' fhraoch
'Do bhealach h-éais an dómhain?"



An Chloch.
"Slat na draoidheachta mhic Ríogh Gréig
d'fhág mé fhéin 'mo luighe 'sa' fhraoch,
Na míltí bliadhain, le gaoith is le fearthainn,
Sioc, is sneachta, teas, is driúcht."
Co. Thíre Eoghain.


L. 75


U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna



35. CEATTUIGH BHÁN.
Cathal Buidhe ro chan.



I
Bím-sa 'mo spealadóir agus bheirim barr an fhéir liom,
Bím seal 'mo dhochtúir agus bheirim barr na gcraobh
liom;
Bím seal mo luighe cois balla agus bím ag mealladh
maighdean;
Cé ghlacfadh le mo lochtaibh mé ní chuirfinn gruaim
go h-éag uirthi.



II
'Sé dubhairt Ceattuigh bhán liom siar ar dheireadh an
chómhráidh,
Bíonn fir a' t-saoghail ag obair is bíonn tusa in do
chómhnuidhe;
Chan tú a d'éireóchadh ar maidin agus a sgáirtfeadh
leis an chómhursain
Gur sgriosfadh aréir 's gur creachadh iad, is gur ith na
ba an eorna.



III
Chan é sin an gealladh a thug tú damh is tú i gcúl an
gháraidh
Acht go rabh toigh agus talamh fearann agus athardha
agat;
Duine cómh bréagach leat-sa cha ngéillim-se go bráth
duit,
Cha dtaitnigh liom do chúrsaí is cuirim leat cúl mo
láimhe.


L. 76


U Séamus Ó Consaidín



36. BEAN DUBH Ó'N T-SLÉIBH.



I
A mhuirnín agus a annsacht i dtús an t-samhraidh
'Á ngluaisfeá un siubhail
Amach fá na ngleanntáin, a mhíle annsacht,
Mar ngoireann an chuach?
Ba, caoirigh, nó gamhna cha sanntóchainn
Leat iad mar spré,
Acht mo lámh a chur faoi do chionn, is a bheith ag cainnt
leat
Go h-uair a' mheadhon lae.



II
B'fheárr liom nó 'n domhan mór go rabh píosa bóithrín
róidh = réidh
Eadar mé agus thú,
Sul a gcaithfinn mo bhróga tráthnóna
Agus maidin ag siubhal.
Do ghruaidh dhearg' mar an rósa, is tú bhróidh
Agus mhearaigh mo chiall;
'Stóirín, ní buan beo mé mur bhfuigh' mé le pósadh
Bean dubh ó'n tsléibh.


L. 77


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín



37. NÉILLÍ NIC DHÓMHNAILL.



I
Eadar a' Chaiseal agus Cuagaidh do chas damh an
chiúin-bhean,
Is í ag teacht maidin shamhraidh ag blighean a cuid bó;
Rug mé greim láimhe uirthi, agus phóg mé le h-athas í,
Agus d'fhág mé croidhe briste ag an chailin bheag óg.



II
Seachtmhain ó'n lá sin do chas damh an stáid-bhean
Ag teacht go ciúin céillidhe fá mo choinne 'sa' ród,
Do leag mé mo lámh uirthi, agus las sí le h-athas,
"Maise, céad fáilte ar ais chuig do chailin bheag óg."



III
"Seo litir ó m'athair dhuit, agus beannacht ó mo
mháthair dhuit,
Ag cur fáilte rómhat, a óganaigh óig;
Gheobh' tú ór buidhe 'na mámaibh, agus mór-spré na
éinfheacht,
Agus béidh mise ar láimh leat gach mhaidin agus neóin."



IV
"Dar go deimhin, a mhín-bhean, thaiteann a bhfuil tú
ag rádh liom,
Agus bh'fheárr liom thú fhéin 'ná céad míle bó,
Mur b'é go bhfuil mé páirteach le bliadhain agus
ráithche,
Le ciúin-inghin Mhic Dháibhidh i gCondae Thíre Eóghain."


L. 78


B 1846ls 19L
U Anaithnid



38. MÁIRE NÍ MHAOIL EÓIN.



I
"An dtiocfaidh tú 'baint aitinn' liom,
A Mháire Ní Mhaoil Eóin?"
"Dothiocfainn is 'ga cheangal leat
A chuid de'n tsaoghail 's a stóir;
Rachfainn féin un aifrinn leat,
Is ní le grádh dom' anam é,
Acht le fonn a bheith ag amharc ort,
A óganaigh óig."



II
"An dtiocfaidh tú do'n gháirdin liom,
A phlúir na mban óg?"
"Caidé dobhéadhmaois ag déanamh ann,
A chuid de'n tsaoghal 'sa stóir?"
"Ag baint ubhla de bharr géaga ann
Mar mbí bric ar loch ag léimnigh,
Is cailin deas le bréagnadh,
Mar Mháire Ní Mhaoil Eóin."



III
"An dtiocfaidh tú do'n teampall liom,
A Mháire Ní Mhaoil Eóin?"
"Caidé dobhéadhmaois ag iarraidh ann,
A chuid de'n tsaoghal 'sa stóir?"
"Ag éisteacht le cantaireacht,
Na ministrí bán' Galltacha
Is go gcríochnóchmaois an cleamhnas ann,
A phlúir na mban óg."



IV
Dothug mé un an teampaill í -
Mo chuid dé'n tsaoghal, 's mo stór:
Dothug mé un an teampaill í -
Mo chreach 's mo mhíle brón.


L. 79


Do tharraing mé mo sgian-sa,
Dothug mé sathadh fa'n chích dhi,
Is do leig mé fuil a croidhe léi
Go h-iallachaibh a bróg.



V
"Caidé seo atá tú a dhéanamh,
A chuid de'n tsaoghail 'sa stóir?
Och, caidé seo tá tú a dhéanamh,
A óganaigh óig?
Leig m'anam liom de'n sgríb seo,
'Sní éileóchaidh mé choidhch 'rís tú,
Acht siubhailfead na seacht ríoghachta
Le do leanbh beag óg.



VI
"Tiocfaidh an bás ar cuairt chugat,
Dhá uair roimh' a' lá;
Is bainfidh sé cuntas cruaidh dhíot
Fá gach cluain ar chuir tú 'r mhnáibh;
Béidh tú i seomra uaigneach,
Béidh braithlín bhán anuas ort,
'Snar mhaith an aithrighe an uair sin,
Dá mbéadh sí le fághail."



VII
Thug mise do'n Bhóinn í -
Mo phlúr na mban óg;
Thug mise do'n Bhóinn í -
Mo chreach 's mo mhíle brón!
Do bhain mé dhíom mo chóta,
Mo stócaí, is mo bhróga,
Is d'éaluigh mé 'san cheó
Ó Mháire Ní Mhaoil Eóin.


L. 80


U Niall Mac Cana



39. RUADHRAIGH Ó RÚNAIGH
AGUS MAIGHRÉAD NÍ CHATHASAIGH.
Niall Mac Cana, cct.



I
A óganaigh óig dá siubhailfeá an ród liom
Ba dheas do lóistin ag teacht na h-oidhch;
Bhéadh píob is argain ag seinm ceóil duinn,
A thógfadh an brón seo atá ar ar gcroidhe;
Bhéadh buideal beorach 'na shuidhe ar bhórd againn,
Is sgafta óg-mhná ag tarraingt dighe,
Ró-chead bheith 'g ól le gach maighre módhmhar,
Agus seal 'gá bpógadh, 's budh sin do mhian.



II
Dá mbéinn-se eolach ar dheánamh ceóil
Do bhuachaill óg deas a d'fhág a' tír,
'S dochuaidh sé an ród seo go mall Dia Dómhnaigh,
A ghruaidh mar rós - is é bhreóidh mo chroidhe.
Ins na bóithribh dá mbéinn 's tú ag cómhradh,
Dá dtiubhrtha móide dhamh nach mbéitheá claon,
Acht dá bhfághainn-se bás 's a bheith sínte i gcómhra
Lé fághail do phóige 's go mbéinn slán arís.



III
Dá mbéadh 'fhios agam nach rabh tú 'ndán damh
Ní dheánfainn dáimh fós nó cumann leat,
Gé gur doimhne bhí mé in do ghrádh-sa
Ná bhíos na tairngí i gcrudh na n-each.
Anois má tá tú 'ga mo thréigbheáil,
Is buan beo do dhiaidh mé le toil an Ríogh,
Má's seo an sgaramhain tá mé réidh leat
Is diultuighim spéis thabhairt d'aon-fhear a choidhch'.


L. 81


IV
'S nach tuirseach brónach mé teacht an Dómhnaigh,
'S gan fios mo dhólais ag neach 'san tsaoghal;
'S gur litir a fuair mé ó mo ró-shearc
Gur tré iomad cómhairle a sgar sé dhiom.
A stór 's a chara, is cinnte bhuadhair mé,
A bhéil na seaghaise mar bhfuil an aoibh,
Muna mbéadh an chléir nár chuir sinn le chéile
Ní sgarfadh an saoghal uaim-sa 'grádh mo chroidhe.



V
Nach minic adubhairt tú, a ghile gan ghruaim,
Nach bhfuightheá suaimhneas má b'fhada an oidhch'.
'S gur chugam a thiocfá le do chomhluadar
An uair a ghluaisfeadh do mháthair a luighe?
Nach ndéarfá arís go rabh do pháirt liom,
'S gurbh in do lár a bhí grádh mo chroidhe,
'S nach ndéarfá ar maidin nuair a bhéadh an lá ann,
"Is truagh nach dtarlaidheann sé tús na h-oidhch'.



VI
Nach ndeachaidh mé chugat thríd chnuic is móinte,
An oidhche fuar, is an fhearthainn trom?
'S nuair a fágadh síos mé go béal mo bhróga
'S é d'fhiafraigh mo stór dhíom cá rabh mo léim.
d'éirigh mo chroidhe go dtí mo sgórnach,
'S dothug mé póg do mo mhuirnín fhéin;
Céad míle b'fheárr liom 'ná na mílte bó
Go rabh mo stór 'ndeis éadhlodh liom.



VII
A mhic Uí Rúnaigh dar b'ainm Ruaidhrigh,
Mo chreach, a chuallaidhe, gan mé 's tú ag ól
I ngleanntaibh coilleadh amuigh ar uaigneas,
Is ceileabhar cuach a bheith linn ga' a'n neóin;


L. 82


Tusa bheith léigheadh agus mise bheith ag fóghluim,
A chroidhe bhig uasail, a sheasfadh an chóir,
D'aimhdheóin a n-abrair tá mise buadhartha,
Is béidh, a ghruagaigh, fhad is bhéas mé beo.



VIII
Rachaidh mise go moch imbárach
Go cuan na mbád le h-éirghe an lae,
'N-dúil go bhfeicfinn-se croidhe na páirte
Ag triall ar sáile, le cuidiughadh Dé.
Tá sé deimhin go bhfuil gá m'fhágbháil,
'S nach dtig atharach ar an sgéal;
Cá ndeachaidh do annsacht, a Mhaighread Ní Chathasaigh,
Le Ruaidhrigh atá 's mé gol faoi léan.



B 18--ls 19L
U Anaithnid

40. CAILIN BEAG.



I
Is cailin beag a h-oileadh ins an áit seo mé,
Agus is cailín beag a másluigheadh thríd grádh fir mé;
Síor-chur thathaighe ar ghaisgidhibh 's ag pógadh a mbéal -
Go raibh fios mo leathtrom ó chailiníbh óg' an tsaoghail.



II
'S a chead searc, ná tréig mise ar airgead nó 'r ór,
'S a chead searc, ná tréig mé ar mhórán stóir,
'S a chead searc, ná tréig mé ar mhagha' breagh' bó,
'S gur tú 'n chead fhear da'r leig mé leis mo rún
go h-óg.



III Eisean.
Dar an ionad-sa i n-a bhfuilim-se fhéin 'mo shuidhe,
'S dar a' gcopan a bhí againn ag ól na díghe,
Dar a n-abraid de Aifreann 'sa' Róimh go fíor
Dá ngeallfainn dom' chailin deas go bpósfainn í.


L. 83


B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



41. BUACHAILL UÍ NÉILL.



I
Buachaill Uí Néill mé a bhréagfadh bruinneal dheas óg,
'S tá an leabhar ar mo bhéal nach dteanaidh do mhalairt
go deo;
M'athair gan bhréig ó thaoibh a' ghleanna is Tír Eoghain,
'S dá gcreidfidhe mo sgéal ba liom fhéin an Chondae
Mhuigh Eo.



II
Ag buachailleacht bó, mo leo, níor chleacht mé ariamh,
Acht ag imirt 's ag ól le óg-mnáibh deasa fá shliabh;
Má chaill mé mo stór ní mó gur chaill mé mo chiall,
Is ní mó liom do phóg ná an bhróg atá ar caiteamh
le bliadhain.



III
Acht mur b'é an t-ól bhéadh cóta daithte ar mo dhruim,
Stócaí deasa, bróga, 'gus cró maith seasgair do'n
chloinn;
Och, is iad na mná óga a threoruigh an t-olc in mo chionn,
Is dá leiginn-se leobhtha cha bhainfeadh siad liom.



IV
Rachaidh me imbárach a dheanamh leanna fa'n choill,
Gan coire gan dabhach gan gráinín brachta ar bith liom;
Acht duilleabhar na gcraobh mar éideadh leabtha ós mo
chionn,
Is mo sheacht n-anam déag is tú ag féachaint orm anall.



V
Do chos deas i mbróig is ba luthmhar achtmhar do shiubhal,
Ní airighim, ar ndóiche, nach ró-dheas radharc do shúl,
Níl sé ar an domhan seo seóid ar bith is deise ná thú,
Do ghruaidh mar an rósa, seo póg dhuit is téidh liom
'un siubhail.


L. 84


VI
A thaisge 's a stóir ná pós thusa an sean-duine liath,
Acht pós an fear óg, mo leo, mur mhairfeadh sé acht
bliadhain,
Nó béidh tú go fóill gan ua nó mac ós do chionn,
A shilfeadh a'n deor tráthnóna nó maidin go trom.



VII
Nuair éirighim go luath bíonn tuaim na meisc' in mo
chionn,
Amharcaim go h-uaigneach anonn ar an bhaile adaidh thall,
Tuitfidh mo ghruaig anuas mar dhuilleabhar na gcrann,
'S gur leabaidh damh an uaigh an uair úd a sgarfas tú
liom.



VIII
Tá mé 'mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos go buan is dá fadughadh go géar;
Tá bunadh an toighe na luighe uilig acht mé fhéin,
Tá na coiligh ag glaodhach is tá 'n tír 'na codladh acht
mé.



IX
Mo chuireat ar clár go bráth ní imreóchaidh mé,
Do dhuine mar tá goidé an fáth damh labhairt le
mnaoi;
Tá an oidhche seo gearr, is an lá beag goirid mar
tchím
Is nuair a thigeas an t-am is ar ghann-chuid de'n
chodladh a bhím.



X
An uair a théidhim síos bíonn na míle fáilte rómann
Is nuair a tharaim aníos bíonn mo chroidhe istigh lán
do'n bhrón;
Och, tuirse mo chroidhe ar an té a bhain damh-sa mo stór
Ags d'fág mé liom fhéin go bráth ag sileadh na
ndeor.


L. 85


B 1824ls 19T
U Anaithnid



42. The Angelical Maid.
By Patrick Smyth, Emlagh, near Kells, Co. Meath.



I
Angelical maid for whom I rave,
Faraor, 'do dhiaidh ní beo mé,
In lamenting tears I spend my days,
Ag smuaineadh ar scéimh na h-óige;
If the Great God would be so pleased
Mo thógáil féin as dócamhail,
I can sustain no longer in pain
Mur ngrothuigh mé mo ró-shearc.



II
O kind damsel, for whom I ramble,
Anonn is anall 'mo dheoraidhe,
Your skin resemlbes the swan that swims
Ar an tuinn go módhmhar;
Your teeth like silver, and hair like amber,
'S do dhá ghruaidh dearg' mar rósa;
Your lips so thin, and handsome chin,
'S a Dhia, gan mé dá bpógadh.



III
Nothing I think would me torment,
Dá bhfuighinn ó Dhia na ngrása,
But to converse with you each eve,
'S mé i mo shuidhe ar láimh leat;
Your ivory neck, and milk-white breast,
Fá dtug na céadtá grádh dhuit;
And if you slight this love-lorn wight
Is ort bhéas íoc mo bháis-se.


L. 86


IV
Cursed Cupid has me wounded
Le feicsin plúr gach scéimhe,
And fiercely cast a piercing dart,
Le'r goineadh uilig mo chéadfadh,
Since it's my fate this hopeless state
Gan furtacht a choidhch' i ndán damh,
I fear my death will blot and stain
Do theist i ndiaidh mo bháis-se.



V
Laurana fair could ne'er compare
Leis an ríoghan mhaiseach mhánla;
Her radiant face and golden hair
Ó dtig loinnir mar an ghrian ag deallrughadh;
I might compare this comely fair
Leis an mhnaoi ó'n Ghréig thug Párus,
Which did ruinate that city of fame
Is Hector tréan is Priamus.



VI
As I perceived her comely features
Thuit mé go léir i ngrádh léi,
Nor could I speak, but stood amazed,
Ag iongnadh ar a h-áilne;
The radiant beams that glanced and streamed
Thart timcheall ar a' stáid-mhnaoi,
Would illuminate the darkest place
Dá dtiocfadh ar a' tsaoghal nó 'dtainic.



VII
With running streams, and sparkling flames,
In mo chroidhe ní fhuil sócamhail;
None on earth can cure my pain
Acht thusa a phéarla an ór-fhuilt;


L. 87


If you'd vouchsafe and ease in haste
Na gaethe tá thríom-sa saithte,
You'd merit great fame, agus goirfidhe dhiot liaigh
A léigheas na céadta agus shlánuigheas.



VIII
Knights of fame would quit their states
I ngleic fá'n spéir chaoin mhánla;
Troops from Spain would surround the earth,
Ag siubhal i ndiaidh do h-áilne;
Your comely features and proper stature,
A leag na céadta, is bhreóidh iad;
You are Virtue's fame, you bear the sway
Ó a bhfuil i nÉirinn do dheagh-mhnáibh.



43. DÁN DIARMHAR.
B 1786 18D
U Anaithnid



By O Linin of Fermanagh, a contemporary of
O Carolan.



I
Angelical maid, 'do dhéidh ní fada mé beo,
Your virtues so rare a mhéaduigheas m'aicid gach ló,
Your excellent features, ag deanamh soluis i gceo,
Have power to raise from graves an iomad gan gó.



II
Grant me relief, a ríoghan is macanta mnáibh
Your beautiful cheeks ar lí an chorcair i gcáil,
Your ivory teeth, is do phíob ar an lile rug bárr,
Have conquered, indeed, na mílte duine chun báis.


L. 88


III
Neighbouring streams go méaduigheann tuilte mo dheór,
And the very earth I shake le tromosna bróin;
My heart it will break, 's ní féidir furtacht go deóidh,
And if you forsake me is tréith-lag mise 'do dheóidh.



IV
Early and late is ag méadughadh atuirse 'bhíom,
Still cursing my fate ó ghéar-ghoin dairte 'dul tríom,
I cannot sustain my pain mur bhfurtaighthear gan sgith,
And if you my death occasion is ort-sa bhéas íoc.



V
Since it is my fate gur ab éigin tuitim le grádh,
I fear that my death will stain do theist-se go bráth;
But if you vouchsafe to heal me ó bhior-ghaethibh báis,
You will merit great fame, 's is liaigh thusa tar chách.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



NA PRÉATAÍ.
Grádh mo chroidhe na préataí,
A Mhallaigh bheag ó:
Is ionntú bhíonns a' sásaidh = sásadh
A chuid de'n t-saoghal ó;
Suas is anuas ar chláraí',
Imeasg na ndaoine gálltaí,
Nach mairg a bhíonns gan gáiridh,
Teacht lá fheil Muire móir.
Co. Mhuineachain.


L. 89


B 1909c 19>
B
44. CUACH MO LONNDUBH BUIDHE.



Bhí mise 's mo bhean, lá, 'gabhail an bhothair,
Cuach mo lonndubh buidhe!
Cé chas dúinne acht gruagach an óir-bhuidhe,
Cuach, etc.
D'fhiafraigh sé dhíom-sa an ingean damh an óig-bhean,
Cuach, etc.
Dubhairt mé fhéin gurbh í mo bhean phósta í,
Cuach, etc.
"A' dtabharfá damhsa choidhche go deóidh í?"
Cuach, etc.
"Mur ndeánfaidh mé sin leat dheánfaidh an cóir leat,
Cuach, etc.
Gabh thusa na mullaigh 's mise na móinte,
Cuach, etc.
Cibé againn a leanfas sí bíodh sí go deóidh aige,"
Cuach, etc.
Chuaidh mise na mullaigh, is chuaidh seisean na móinte,
Cuach, etc.
Rinne an óinseach ní nár chóir di
Cuach, etc.
Lean sí an gruagach, ó is é ba óige,
Cuach, etc.
Chuaidh mise abhaile, acht má chuaidh, is go brónach,
Cuach, etc.
Luigh mise síos ar mo leabaidh trí ráithche,
Cuach, etc.
D'éirigh mé 'mach go doras na sráide,
Cuach, etc.
Cé chím chugam acht Máiligh gan náire,
Cuach, etc.


L. 90


Chrom mise mo cheann agus rinne mé gáire,
Cuach, etc.
Chrom mise mo cheann óir is mé fuair an t-ádhbhar,
Cuach, etc.
"A ghiolla adaidh istoigh caidé mar tá tú?"
Cuach, etc.
"Mar is olc le mo charaid, is mar is maith le mo
námhaid."
Cuach, etc.
"A stóir mo chroidhe dá bhfuightheá-sa bás uaim."
Cuach, etc.
"Caidé gheánfá-sa dá bhfuighinn-se bás uait?"
Cuach, etc.
"'S mé chuirfeadh ort na briathra breaghtha,
Cuach, etc.
Chuirfinn i gcómhraidh bhreagh na gcúig gclár thú,
Cuach, etc.
Nó i gcómhraidh luaidhe, ó's í budh láidre,
Cuach, etc.
Nó i gcómhraidh airgid, dá mba í a b'fheárr leat".
Cuach, etc.
Nuair a chualaidh féin na briathra breaghtha,
Cuach, etc.
Luigh mise siar agus rinne mé an bás úd,
Cuach, etc.
"Gabh duine 'na coilleadh ag cliseadh-bhaint ádhmaid,
Cuach, etc.
Ná bainigidh a'n mhaide do na maidíbh is fheárr ann,
Cuach, etc.
Leath mhaide cuilinn 's caol-mhaide fearnóige,
Cuach, etc.
Tógaigidh suas ar ghuailnibh go h-árd é,
Cuach, etc.


L. 91


Is caithidh sa' pholl is deise do'n tsráid é,"
Cuach, etc.
Nuair a chualaidh mé féin na briathra gránda,
Cuach, etc.
D'éirigh mé suas go lúthmhar láidir,
Cuach, etc.
"Beir chugam mo chaman go mbainim an báire,
Cuach, etc.
Fágfaid mé sa' pholl í is foisge do'n tráighe,"
Cuach, etc.
Acht d'imthigh ar sgaol an bhean díonáireach,
Cuach, etc.
Is siúd agaibh sgéal i dtaoibh mo mhná-sa,
Cuach, etc.
'S mur b'é gur bean a bhí in mo mháithrín,
Cuach, etc.
D'innseóchainn sgéal beag eile ar na mnáibh daoibh,
Cuach mo lonndubh buidhe.



B 1910c 19>
B
SUANTRAIDHE.



Dá bhfeictheá-sa an truideóg, 's an fhuideóg, ag damhsa,
'S a' bunán, is líon aige, is é ag gabhailt éanlaith',
Cearc uisge is nead aici thuas ins na spéirtí',
Is huisea bá, huisea bá, huisea bá 'théagair:
Huis ó, mo leanbh, huis huis, huis huis,
Dheánfaidh tú fear fearamhail, huis, huis, huis, huis.
Co. Árd Maca.


L. 92


B 18--ls 19L
U Anaithnid

45. GRÉASAIDHE Ó'N GHRÉIG.



I
Tá an cúmha 's dubhrón go mór ag briseadh mo chroidhe,
Tá lán mo dhá bhróig de dheóraibh ag sileadh liom síos;
B'fheárr liom ná 'bhfuil d'ór i gcomhra glais ag an righ
Go ndiúltfainn do d'phógaibh 'stóir ghil 's a chara mo
chroidhe.



II
Ar maidin Dia Mairt bhí faoidh a' ghuil ar mo bhéal,
Is mo hata ar a' gclár 's é lán dom' chuid fola go
beól;
Gach cuing is gach páirt is grádh d'a raibh eadrainn
araon,
Mo chúig céad míle slán do'n dá láimh a bhí tharam
aréir.



III
Do shaoil mise féin go raibh réalt na maidne fad
uaim,
Do shaoil mé 'na dhéidh sin go raibh caor ar lasadh na
gruaidh.
Nuair a théidhim go dtí 'n t-aonach 'sí an féirín is
measa liom uaim,
'S a ghrádh gheal mo chléibh, ná tréig mé mar gheall ar
na buaibh.


L. 93


B 1901c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



46. CEOL AN PHÍOBAIRE.



I
Má phósann tú an sistealóir, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Uch, béidh tú dod' thachtadh le barrach na tíre,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Ó, béidh tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meadhon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal 's ag sgiobadh an lín dó,
Acht budh mhíle b'fhearr duit mise agat, is ceol binn
mo phíbe,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg!



II
Má phósann tú an figheadóir, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhúirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Béidh céad luig laig ag an ugham dhá sgaoileadh
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Ó, béidh tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meadhon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal is ag crónán fá'n íneadh,
Acht budh mhíle b'fhearr duit mise agat, is ceol binn
mo phíbe,
A mhúirnín díleas is 'fhaoileann óg!



III
Má phósann tú an táilliúr, is tú bhéas ag caoineadh,
A mhuirnín díleas is fhaoileann óg;
Béidh sop i mbéal an dorais aige, mar bheadh madadh
'r charnán aoiligh,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Ó, béidh tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meadhon oidhche,
Ag síor-dhoghadh na gcoinneal 's ag creimneáil na bpíosaí,
Acht budh mhíle b'fhearr duit mise agat, is ceol binn
mo phíbe,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg!


L. 94


IV
Má phósann tú an t-oibridhe, is tú bhéas go h-aoibhinn,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
'Gus gheobha tú marcuigheacht un na n-aontach,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg;
Cha bhíonn tú 'do shuidhe go mbéidh sé ann meadhon oidhche,
Béidh airgead in do phócaíbh, is ór buidhe 'na phíosaibh,
Acht budh mhíle b'fhearr duit mise agat, is ceol binn
mo phíbe,
A mhuirnín díleas is 'fhaoileann óg!



B 1900c 19>
B
47. MÁIRE BHEAG.



I
Dá mbéadh lán na páirce báine agam do eallach agus
do mhaoin,
Dá mbéadh an cárta lán agam de ghuinícheaibh bhuidhe,
Ba chuma liom goidé deirfeadh siad liom le mí,
Ach' mo stór a bheith i dtoigh an óil agam charbhfada
liom an oidhch'.



II
Tá gean agam ar Mháire, 's chan fheil náire agam ann,
Nuair nach mbíonn sí in aice liom chan fheil ionnaim
tógailt chinn,
Ach ab é an diabhal atá ar mo bhróga nó easbhaidh sál
ar na buinn,
Bhéinn gach oidhche Dhomhnaigh ins an áit a mbéadh sí ann.



III
Fuigfidh mise an baile, agus rachaidh mé thart siar,
Cha dtillim féin abhaile go bpósfar mo ghrádh féin,
Sásadh nó suaimhneas cha bhíonn agam ar an t-saoghal,
Go mbéidh mo stór i dtoigh an óil le fasgadh le mo
chroidhe.


L. 95


B 1900c 19>
B
48. AN CAILIN BEAG ÓG.



I
Tá cailin beag óg 'san tír seo do mo chrádh,
Lá is oidhche tá dúil mhór agam a faghail,
Acht cluinim ag a gaoltaibh agus na h-ísle 'g'a rádh,
Go bhfuil mór-ghean agam is nach bhfuighinn í go bráth.



II
An té a bhain mo ghrádh díom is eagal do Dhia,
Agus d'aithneóchainn a scáil ag dul eadar mé 's an
ghrian;
Rinne sé mo dhoiligh 's d'fhág sé orm-sa mór-phian,
Is mór an spórt leis mo leathtrom, mar chaill mé
mo chiall.



III
Nuair a théidhinn-se 'na coilltibh chruaidhe ag baint
sméar nó cnó,
Ag fághail ubhall agus sméara dubha, is duit-se a
bhearfainn iad, a stór;
Char mhór liom mar spré duit dhá chéad agus míle bó,
A mhuirnín chúil chraobhaigh in do dhéidh-se cha bhím beo.



IV
Nach mairg a bhíonns 'dréim leis an chrann a bhíonns árd,
Agus crann eile le n-a thaoibh ag síneadh ar do láimh;
Má's árd an crann caorthainn bíonn sé searbh in a bhárr,
Agus tig sméara agus súgh-chraobh ar a' chrann is ísle
bláth.



V
Dá mbéadh bád agam ba dheas a shnámhainn ar an
fhairrge anonn.
Bhearfainn cuairt ar mo mhuirnín agus í a bheith ar faill,
Máire bhán dheas a' bhrollaigh ghle-ghil 'gus na bpéarla
ndonn,
Is gile mo ghrádh nó bláth na n-áirne ar a' droighnean
donn.


L. 96


B 1901 19>
49. CAILIN DEAS MO CHROIDHE.



I
Ar an taoibh thall de Thráigh-lanaigh tá an stáid-bhean a
thug mé di grádh,
Mhearuigh sí mo chéadfaidh is gan gleas agam ar a
fághail:
Tá a dá chích cruinn glé-geal is a béilín 'sé ghníos
ceol
Tá a gruaidh mar na rósaí, is a cúl fáinneach ar dhath
na gcnó.



II
Dá m-béinn-se fhéin 'mo rígh ar Éirinn is mo rogha-
bhean óg damh i n-dán -
Nó in mo chaptain réimeamhail ins na mór-thíorthaibh
thall -
Ní dheanfainn do thréigbheáil, a mhaighdean mhánla, bhéasach
gan smál,
Och! is tusa a bhéadh mar chéile agam, a chúil-áluinn
an bhrollaigh bháin!



III
Shiubhail mé an domhan timcheallt, an Fhrainnc 's an
Easpán,
Eigipht, Turcaigh, 's Gréig, is gach réagun a bhfuil le
fághail,
Thar bailtechuain is sléibhte ó Bhinn-Éadar go Condae
an Chláir,
Agus do shamhail acht Bhénus chan fhaca mé ins na
ceithre áird!


L. 97


IV
Ó éirghe go dtí luighe na gréine dá mbéinn-se ag
sgríobh'
A deiseacht agus a míne, cha dtiocfadh liom a innsint
díbh;
Dá mba liom-sa ór Ríogh Dhábhaidh agus é mar crodh le
mnaoi,
B'fhearr liom thusa agus bothan sléibhe agus bochtanas
a choidhch'.



V
Is mithid damh feast' chríochnughadh ag míniughadh a maise
díbh:
A bha'rioghain na sgéimhe, ó gach tír is leat-sa an chraoibh,
A chúil-áluinn na séad dá dtabharfá damh do lámh,
Is a rádh, "a ghrádh, is liom-fhéin thú go deóidh is go
bráth!"



B 1915 19>



AN CHÓMHAIRLE.




Óganach a bhí ann, agus ba mhian leis cailín óg áluinn gan
chrodh a phósadh. Seo thíos cómhairle a athar, agus an freagra thug
an mac dó.



B
"Dearc ort fhéin, a mhic ó,
Ní theánfaidh bréaghthacht brochán."
"Is fíor do rádh, a athair,
Acht ní theánfaidh préachán brochán."
Tír Chonaill.


L. 98


B 1900c 19>



50. IS FADA MO CHOSA GAN BHRÓGA.



I
Is fada mo chosa gan bhróga,
Is is fuide mo phóca gan phíghinn,
Is fada mé ag ól le mnáibh óga,
Acht char ól mé aon deor le mo mhian.



II
Nach truagh nach marbh a bhí mo athair
Nuair a leig sé mé go h-arm an ríogh!
Och, 'sí an uaigh mo chruaidh-leabaidh feasta,
Is, a chead-ghrádh, nach truagh leat mo luighe.



III
Dá mbéinn-se seacht mbliadhna i ndubh-thalamh,
Nó i bhfiabhras 'mo leabaidh 'mo luighe,
Is mo chead-ghrádh a theacht ar cuairt chugam,
Sgéal cinnte, go n-éireóchainn 'mo shuidhe.



IV
Ag éirghe damh ar maidin Dia Ceadaoine
Mo chiall mhaith a leig mé le gaoith,
Nuair a chuala mé iomrádh ar mo chead-ghrádh
Steall mé mo mhéar ó'n alt díom.



V
Is fada mo uaigh 'gá deánamh,
Is mo thomba 'gá bhreacadh ag saor;
Níl pléisiúr nó athas 'sa' t-saoghal seo
Ó sgar mé le grádh geal mo chroidhe.


L. 99


B 1902 19>
B
51. AN CAILIN Ó CHONNDAE LUGHMHAIGH.



I
Bhí mé lá aereach ag dul bothar a' bhuaidheartha,
Is ga h-é chas damh acht spéir-bhean as Conndae
Lughmhaigh;
d'fhiafraigh mé duithe, fríd chomhrádh pléide,
An bpósfadh sí gréasaidhe as Conndae an Dúin.



II
Dubhairt sí féin liom go rabh mé 'pléideáil,
Agus nár in mo léithid a chuir sí dúil;
Agus dubhairt sí i ndéidh sin go rabh an t-arán daor
againn,
Agus gur mhíle b'fhéarr léithe a bheith i gConndae
Lughmhaigh.



III
"A chailin Lughmhaigh dar threibh na mbrúidiní,
Nach dtuigeann súgradh is nach gcómhnuidheann i
ngleann,
Tá na doirse dúnta agaibh ag teannadh diúlttha,
Chan ionann sin is an dún a bhfuilim ann.



IV
"Nach mbíonn úbhla cumhra againn agus milis siúcra
Nuair a bhíonns mur gcraos láidir teann?
Bíonn sibh tuatach agus mur ndoirse dúnta
Nuair a bhíonns a' súgradh againn 'sa' ghleann."




L. 100


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



52. AISLING.



I
Aisling a thainic chugam aréir a mhearuigh agus a
bhreóidh mo chroidhe,
Ar óig-mhnaoi dheas mhaiseach a thainic chugam le n-a
póig 'san oidhch',
Is chaith sí a lámh tharm is labhair sí liom go céillidhe caoin,
"An bhfeil tú 'do chodladh, nó an toil leat mé mar
mhnaoi?



II
"Iarraim-sa, mar athchuinge ort, cár chodail tusa
aréir, a shiúr,
I n-Éirinn nó i dtalamh na bhflaitheas Mhic Dé na
n-dúl?"
"Ní'l acht ceithre ranna 'sa domhan go léir le siubhal,
Is ionnta a bhíonns mise; chan fhaghann tusa de mo
sgéal ach' siúd."



III
Bhí áilne agus deiseacht innti, agus triopaill de n-a
gruaig na róid,
Bhí gruaidh dheas mar chriostal uirthi agus a béal milis
a bhí mar bheoir;
Bhéadh aoibhneas na n-aoibhneas ort 'a mbéadh sí agat
mar stór,
Dar mo láimh-se char mhisde libh an t-uisge a ghabhann
sí thríd a ól.



IV
Ní'l aon phamhsaidh gárraidh, a stáid-bhean, dá méad a
sgéimh,
Cómh deas leat a ghrádh, mar fásann sé aníos as cré;
Och, is ort-sa tá an ghnúis is áilne faoi neimh na
n-aingeal,
Is duine bocht suarach mé acht mar bhfáighidh mé thú
mar spré.


L. 101


V
Bliadhantaí báis gach lá a mbím gan d'fhághail,
Bliadhantaí bróin gach lá go bhfuighidh mé bás,
Cha suidhim síos aige bórd is chan ólaim braon ar chlár
Luighfidh mé faoi an bhórd agus ar ndóigh chan éirighim
slán.



B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



53. MO MHÁIRE ÓG.
A Rathlin Song.



I
D'ealuigh m'athair 's d'éag mo mháthair,
Is chan fheil mo cháirdean le fághail;
Acht cad atá mé gan crodh gan toigh,
A bheith in dtóir ar Mháire Óig.



Luinneóg.



Hó-ró-ró 's gur thú mo rún,
Thug mé an gaol, 's cha b'aithreach liom,
Do'n nighin úd an chúil dualaigh dhuinn,
Is gur teith liom fhéin mo Mháire Óg.



II
Chan fheil duine uasal ó nó barún,
Nó fear óg anns na fearann,
Nach bhfeil dúil aca le bainis,
Ach chuile fhear, le Máire Óig.



III
Chan fheil duine 'sa ghleann úd thall -
Eadar bun 's bárr a' ghleann' -
Nach bhfeil ag bagairt ar no cheann
Ar son a bheith in dtóir ar Mháire Óig.



IV
Acht ná cuireadh sinn ort-sa brón
Fad is bhéas mo chuideacht beo
Congbhóchaidh mise duit-se an lón,
Is má bha scór ann gheobhaidh sin dram.


L. 102



54. FEAR AN BHATA.
A Rathlin Song.



I
Théid mé suas ar an chnoc is áirde,
Féach an bhfeic mé fear an bhata;
An dtig thú anocht, nó an dtig thú amárach?
Nó muna dtig thú idir is truagh atá mé.



Luinneóg.
A fhir an bhata, is na hó-ro eile,
A fhir an bhata, is na hó-ro eile,
A fhir an bhata, is na hó-ro eile,
Céad míle fáilte gach áit an dtéid thú.



II
Tá mo chroidhe briste, brúidhte,
Is tric na deoir a rith bho mo shúilean;
An dtig thú indiu nó am bidh mé dúil leat,
Nó an druid mé an doras le osna thuirseach?



III
Is tric mé fiosrach do lucht na mbatan
An bhfeic iad thú, nó an bhfeil thú sábhailte;
Acht is ann atá chuile h-aon dha ráidhte,
Gur gorach mise má thug mé grádh dhuit.



IV
Gheall mo leannan domh gúna de'n tsíoda,
Gheall é sin agus breacan riabhach,
Fáinne óir, anns a bhfeicfinn íomhaigh -
Acht is eagal liom go dean é dío-chuimhne.


L. 103


V
Chan fheil baile beag anns am bidh thú,
Nach dean thú gléas a chur do sgríos diot;
Beir thú lámh ar do leabhar ríomhtha,
Ag gabhail duanóg is ag buaidhreadh inghean óg.



VI
Ged adubhairt iad go rabh thu éadtrom,
Cha do laghdaigh súd mo ghaol ort,
Bha thú mo aisling anns an oidhche,
Is anns' a' mhaidin ba mé dhá éinfheacht.



VII
Thug mé gaol dhuit is chan fhéad mé athrughadh;
Cha gaol bliadhna, is cha gaol ráithche,
Acht gaol ó thoiseacht, nuair bha mé 'mo pháiste,
Is nach searg a choidhche mé 'gus claoidh' an bás mé.



VIII
Tá mo cháirdean go tric 'a ráidhte,
Go bhféidí mé d'íomhaigh a chur ar dhío-chuimhne,
Acht tá an chómhairle domh cómh diamhair
Is a bheith a stad an tráigh 's an líonadh.



IX
Tá mo chroidhe-san a dul an áirde,
Chan bho fhidleoir, chan bho chlársóir,
Acht bho stiúrthóir an bhata,
Is muna dtig thú abhaile gur truagh mar tá mé.



X
Bídh mé tuille go tuirseach deorach,
Mar eala bhán is í in diaidh a réabtha,
Guileóg báis aici, ar lochan féarach,
Is cách uile in diaidh a tréigsin.


L. 104


B 1915 19>
B
55. BUAIDHREADH AN PHÓSTA.



I
Cúradh croidhe ar a' phósadh is ar bhuachaillibh óg' an
t-saoghail;
Nárbhféarr dóbhtha cailin beag cumtha nó bean agus
pontaí léi?
Oidhche mhór shneachtaidh nó shíobtha nár dheas a bheith
comhrádh léi
Seachas a' cailin dubh buidhe sa chuid pontaí agus í
ag ceasnaighil go géar.



II
Nach mise a bhí aoibhinn sásta, ag reagaireacht gach lá
gan léan,
Nó gur chuireas mo mhéar ins an fháinne, agus connóir
ar chlár do'n chléir;
Fuair mé an bhean a bhí i ndán damh, acht má tá, chan
í grádh mo chroidhe.
Acht cailin dubh buidhe a bhíos ag srannfaidh, is ag
tarraingt an tsuisín léi.



III
An oidhche adaidh rinneadh mo chleamhnas, dar a leabhra
char mhian liom é,
Gealladh naoi mbó fichead damh le cailin dubh buidhe
gan sgéimh,
Gealladh naoi mbó fichead damh le cailin dubh buidhe
gan chéill,
Acht mo mhairg gur phós mé ariamh í is aindir na
gcraobh 'mo dhéidh.



IV
Dia Máirt a rinneadh mo chleamhnas, mo chreach is
m'amhgar géar,
Ghlac mise cómhairle mo mhuinntir' - is páirt mhór do
mo aimhleas é:


L. 105


Pósadh mise go cinnte ar shamhallt na mná gan
sgéimh,
Is truagh nár síneadh 'mo chómhnar mé sul mar dhubhairt
mé mo gheall ariamh.



V
Nuair a théidhim go toigh faire nó tóraidh 'sé fhiafrui-
gheas na h-óganaigh díom,
"Caidé mar 's mothuigheann tú 'n pósadh nó 'n mothui-
gheann tú d'óige dá claoidh?"
Suidhim is aithrisim leobhtha go mothuighim go mór
faraoir,
Is an té adaidh nach bhfuil pósta gur ab aige tá
spórt an tsaoghail.



VI
Nuair a thigim abhaile oidhche fhoghmhair i ndiaidh oibre
móire an lae,
'Sé deireas mo chéile ins a' chóirnéal gur duine gan
fhóghnamh mé;
Líonann mo chroidhe lán do dhólás le linn ise 'bheith
carnadh bréag,
Cha bhéadh i dtús ann acht crónán, is i ndeireadh an
sgeon gan chéill.



VII
Och, is mise nach ndeánfadh dithcéille dá bhfuigheadh mo
chéile bás;
An oidhche a d'fhuigfinn 'sa' chré í chodlóchainn fhéin mo
sháith;
Cheannóchainn culaidh mhaith éadaigh, hata, 'gus léinidh
bhán,
Chuirfinn mo dhúil 'sa' phléisiúr agus thógfaidhe díom
buaidhreadh a lán.


L. 106


B
56. AN GHIOBÓG.



I An Fear.
Bliadhan mhór, 'sa' taca seo,
Ba deas mo chulaidh éadaigh;
Budh luthmhar, éadtrom, aigeanta,
A dheánfainn bean a bhréagadh.
Acht shanntuigh mise an ghiobóg,
Mar bhí cúpla bó mar spré aici,
Agus d'fhág sí ar an anas mé,
Agus mo chroiceann geal gan léinidh.



II An Bhean
Má bhí cualaidh mhaith an uair sin ort,
B'fhéidir nach leat fhéin í;
Ní rabh sí ar do chroiceann
Go rabh fear istoigh dá h-éileamh;
Dhíol tú mo chuid eallaigh,
Le sin agus tuilleadh réidhtigh,
Agus d'fhág tú ar an anas mé,
Agus gan réim orm 'san oidhche.



III An Fear.
A bhuachaillí, 's a bhuachaillí,
An méid agaibh tá gan phósadh,
Ná sanntuigidh 'ibh-se an ghiobóg
Mar gheall ar bheagán bólacht;
B'fheárr liom cailín glan agam,
Ag pilleadh damh tráthnóna,
Ná luaith bhuidhe na seachtmhaine
Le cur amach Dia Dómhnaigh.


L. 107


IV An bhean.
A chailíní, 's a chailíní,
An méid agaibh tá gan phósadh,
Ná sanntuigidh 'ibh-se an sreathmóide
Mar gheall ar theach is ar splóta:
B'fheárr liom buachaill fearamhail,
Bhéadh 'un aifrinn liom Dia Dómhnaigh,
Nó bheith 'g amharc ar an t-sreathmóide,
A bhéas istoigh i gcómhnuidhe.



V An Fear.
Ní fhacas mo léinidh glan orm
Ariamh le linn mo phósta;
Nó mo bhróga daithte,
Dhul 'un aifrinn damh Dia Dómdhnaigh:
Mar gcasaidh 'ach sgaifte cailín orm
Na seasamh ar an bhóthar,
Nár aifridh Dia nó Muire orm,
Budh é mian mo chroidhe bheith leobhtha.



VI An Bhean.
Thug tú h-éitheach amuigh 's istoigh,
Agus níor stad tú de na bréagaibh;
Níor fhág tú croidhe nó deis orm,
Le go ndeánfainn glan do léinidh;
Bhí tú reachtáil, mar bhéadh bacach ann,
Go doras 'ach a'n aon toighe,
'Fiafraigh do na cailleachaibh
'Rabh acú dubhdóg réidhtigh.


L. 108


VII An Fear.
Nuair a théidhim-sa amach ar maidin,
A dh'obair mar badh chóir damh,
Ar philleadh aríst na bhaile damh
Ní fhághaim mo leabaidh cóirigh';
Tá ní níos mó ná sin orm
A bhféadaim-sa a ghul leis -
Tá 'n babaidh bán ag gul agam,
Ag an ghiobóg ag na cómhursain.



VIII An bhean.
Nuair a théidheas tú amach ar maidin,
A dh'obair mar badh chóir duit,
Is é an áit a dtéidheann tú
Tarraingt ar do chómhursain;
Ar philleadh aríst na bhaile duit,
A teacht an tráthnóna,
An léinidh chuir mé glan ort
d'fhág tú i dteach an óil í.




AN PÓSADH.
Plóid ar a' phósadh, is mairg a ghní é,
Is geal a thús, agus is dubh aríst é;
'S iomdhaidh maighdean deas óg a chlaoidh sé,
A cionn ar a glúna' agus a súile 'síor-ghul.
Tír Chonaill.


L. 109


B 1910c 19>
B
57. CROIDHE CRÁIDHTE.



I
Tá mé cráidhte cómh mór sin 'snach féidir liom innsint,
Sé cómhairle mo cháirde go bráth nach mbeirfidh mé,
'S iad a thug orm pósadh mar gheall le puntaí.
lacuna de líne amháin



II
Bheirim mo mhallacht do'n t-sagart a phós mé,
'S go síorruidhe síorruidhe do na buachaillíbh óga;
'S iad nach dtug damh-sa congnamh cómhairle -
Nach mairg sin a phósas mar gheall ar fhortun.



III
Nuair a théidhim-sa un aifrinn, ar maidin Dia Dómhnaigh,
'S nuair a amharcaim síos ar na cailíníbh óga,
Líonann mo chroidhe-se lán de'n dólas
Nuair a tcím fhéin rómham í an donóg gan fhóghnamh.



IV
A bhfaca mé de cailíníbh dubha agus bána
'Sí Eibhlín Ní Chiarain ariamh a b'fheárr liom;
'Sí budh ghlaise súil, budh chiuin a dheánfadh gáire,
'S mór mór a chrádhann sí mo chroidhe 'stoigh le ráithche.



V
A bhuachaillí 's a bhuachaillí, ná pósaigidh i mbliadhna;
Tá 'n ceangail seo fada, gus is deacair í 'sgaoileadh;
Nár chuma goidé sin ceangail bliadhna,
B'fheárr liom-sa bheith seacht mbliadhna fa bholtaibh iarainn.



VI
Is truagh nach dtig leat amhail 'sar bhuaibh is ar chaoirigh,
An té nach dtaiteann a' margadh leis ghul ar ais un
aonaigh:
B'fheárr liom go mór mór i lár an fhiabhrais,
'Ná a bheith ag amharc ar an donóig na luighe taobh
shiar damh.


L. 110


B 18--ls 19L
U Anaithnid

58. AN RADAIRE DALL



I
Do shiubhail mé Tír Eoghain fá dhó le mo radaire daill,
Condae Mhuigh Eó, 's go leor do Chondae na Midhe;
Bhí 'n t-ocras 'mo sgalladh go deóidh, 's ag briseadh
mo chroidhe,
'S mo chosa gan bhróga, dar ndóigh, 'gus minic a bhínn.



II
Nach greannmhar an t-éad bhí aréir ar mo radaire
daill,
'Snach bhfuil bean ann dá fheabhas méin nach dtéan le
fear eile caint:
Gearrfaidh mé an t-seirsing, is leigfidh mé an caochán
le faill,
'S gur bh'é trioblóid a' tsaoghail d'fhág mé mar
ghiolla 'gcionn daill.



III
Mo chreach a dá cráidhte nár fhágadh mé marbh 'sa'
gcill,
Sul ar cheangail mé grádh nó páirt le mo radaire
daill;
'Mo ghiolla 'gcionn córda, i mbóithrín pluid is é
domhan, =doimhin.
'S gurbh é mo lá bróin mar a phós mé duine gan
radharc.



IV
Tá'n ghealach ar spéarthaibh, agus réaltáin ag tuitim
go tláith,
Ní locht air-sean é 's ní léar leis coinneal ar chlár;
Do b'fheárr liom fhéin seacht léige ar an bhfairge
'shnámh
Ná a bheith síor-éisteacht le briathraibh searbha an daill
bháin.


L. 111


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



59. BRIGHID BHÁN.



I Brighid.
Ní h-ionann liom-sa sliabh agus an baile tá mo dhiaidh -
Is, a Dhia, gan mise aríst ann:
Gan mé ins an teach mór tá deánta ar thaoibh an róid,
Is mise bheith ann gan bó gan caora:
Ní bhéinn in mur gcró, anois ag teacht an Dómhnaigh
Bhéadh an t-Aifrionn do mo chómhair, is mo dhaoine;
Is dá mba liom-sa Éire anuas ó Loch Éirne
Gur i dTeilean a b'fhéarr liom bheith mo chómhnuidhe.



II An Fear.
A Bhrighid bhán, a rúin, glac meisneach ró-mhór,
Agus ná cluintear níos mó thú ag éagcaoint;
'S nach bhfuil ní ar an domhan a bhfaca tú le feabhas
Nach mbéidh againn 'sa' bhaile adaidh i mbéidhmid.
Caoraigh agus gabhair, caiple agus buaibh,
'S dá mba uain go bhfuighmís féar daobhtha;
Nach ró-dheas an áit seo i dtoradh agus i ngráin,
Agus an bradán ar an abhainn ag léimnigh.



III An Bhean arís.
Tá na caoraigh annseo gan dóigh, crupan ar na buaibh,
Agus galar ar na gabhair' 'na h-áltaibh;
Méadughadh mo bhróin, ní'l annseo acht móin,
Is a' chíb dhubh ní airighim-se féar í.
A' méid bradán agus iasg d'ar shnámh i gcuan Teilein
ariamh,
Is tharadh siad aniar faoi'n gháraidh:
Ní thógaim-sa mo shúil, le tuirse agus le cumhaidh,
Ó thainic mé in mur gclúid ghránna.


L. 112


B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



60. AN CRÚISGÍN LÁN.



I
Má éagaim-sa a choidhche ná cuirigidh faoi fhód mé,
Tugaigidh go toigh leanna mé agus cóirigidh faoi chlár
mé,
In áit a mbéidh mé ag éisteacht leis na mugannaibh
dá mbualadh,
Is gur binne liom naoi n-uaire é ná ceol binn na
cuaiche -
Agus líontar dúinn an crúisgín lán.



II
Tá cailín ar an bhaile seo agus tá sí laoghach aereach,
Tá sí laoghach geanamhail, agus loinnir i n-a h-éadán;
Mac-a-samhailt chan fhaca mé i mbaile nó i n-áthrach,
Acht an pamhsaidh Neillidh bhí ar thóin na lui'ghe a báthadh -
Is líontar dúinn an crúisgín lán.



III
An dtiocfaidh tú, nó'n bhfanfaidh tú, nó'n dtiocfaidh
tú a Dhómhnaill,
An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú, nó 'bhfuil do
bhóitín ólta?
Tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé, is tá mo bhóitín ólta,
Is béidh an cailín deas agam má ghlacann sí mo
chómhairle -
Is líontar dúinn an crúisgín lán.



IV
Is deas a' baile an baile seo, is deas a' baile
Cnáimhsigh;
Is deise an baile seo ná baile ar bith 'san áit seo;
Tá siad cómhgar aifrinn ann, muilinn, agus ceárdchán,
'S nach h-aoibhinn do'n mhnaoi óig bheith 'na cómhnuidhe
ann acht ráithche -
Is líontar dúinn an crúisgín lán.


L. 113



61. SEAGHAN Ó DÓMHNAILL.



I
Thug mé gealladh do mhnaoi ar bh'ainm di Brighid,
Do dhís nó triúr nach séanaim;
Gur ab í siúd mo mhian thar chailinibh an t-saoghail,
Choidhche feasta ná saoilidh gur bréag é.



II
Bhí cúig phonta déag a'm =agam ar maidin indé,
Is cha rabh agam aréir acht feóirlinn;
Nuair a bhí mé dhá sgabadh go réidh
Char chuimhnigh mé 'n té ba chóir damh.



III
Bhí tart ar mo bhéal, mo leabaidh gan ghléas,
Is charbh'fhiú le mo chéile a córughadh:
A Mhuire gheal-chliabh, nár bh'aoibhinn ar saoghal
'Á maireadh a léithid i gcómhnuidhe!



IV
Bhearfainn mo mhallacht go bráth do dhuine in mo chás
A bhainfeadh le fáinne pósta;
Nó a bhainfeadh le báillidh dolba mná,
Nach dtuigeann mo chás 'san ól sin.



V
Ná cuireadh 'sa' gcásaibh bheith dolba dána,
Is do thubaiste ar mhnáibh na Fodla;
Gur b'aite leó an sglábhaidhe a shaothróchadh an gárrdha,
Sin agus preátaí agus pónair.



VI
'mBéadh crombéal agus cáir air, agus féasóg bheag
gránna
A ghearrfadh an cáil tráthnóna,
Nó 'n fear fearamhail ar chlár, a sgabfadh a lán,
Ar bh'ainm dó Seaghan Ó Dómhnaill.


L. 114


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



62. TADHG BUIDHE.



I
Ólaim deoch i nGaillimh, 's i bPortlairge a bhím,
Té tchí folamh mé gan airgead níl fághail ar an
phighinn;
Níl teach lionn-reaca ó Chaiseal Mara go Fánaid síos,
Nach bhfuigh' tú m'ainm - cé gur tarcuisne le ráidt sin -
"Tadhg Buidhe."



II
Cé gur buidhe mé tá croidhe agam agus is gile nó 'n
chailc,
'S 'á bhfuighinn-se is mo mhaoth-chraoibh go sgapfainn ar
mo ghlaic;
Tá dís de lucht mírín fá choinne do mo loit,
Mar tá, caolchuid do'n t-saidhbhreas i dtubaiste agus
i dtart.



III
Teach na táibhirne níor fhág mé ariamh é fá thart,
Siúd an cárta agus níor fhág mé deor i n-a chorp;
Dá mb'áil leat-sa páirt mhór a dheánamh do mo thoil,
d'ólfainn sláinte a bhfuil de mhná' dheas' i n-Éirinn
leat.



IV
Tá mo bhróg ins an t-seomra, agus is minic a bhí,
Tá mo sgórnaigh dá dóghadh, agus tart ar mo chroidhe:
Nuair a d'ólainn-se a' mhór-dheoch de'n bhiotáilte bhídh
daor,
Bhéinn a tórramh ó Dhómhnach go dtí maidin Diardaoin.



V
Tá na mná 'gá shíor-rádh liom a leigint de 'n ól,
Is dar mo láimh, ní thaithin liom a dteagasg gan dóigh,
Nuair nach dtearn mé ariamh dith-náire, le meisge nó
le póit,
Is míle is feárr liom do mo shláinte ins an channa
dighe ól.


L. 115


VI
A théagair, ná leig thusa do chumann le mnaoi,
Nó má leigfear ní bréagaighe duit an sionnach ná í;
Ní h-easgaidh dhuit an t-éan adaidh ar bhárr an uile chraobh,
Nó í bheith ag éalodh leis an té adaidh nach bhfacaidh sí
ariamh.



VII
Dubhairt Colmcille linn go h-ifrionn go bráth 's nach
dtéid fial,
Is lucht an airgid go sgarann siad i bpáirt mhór le Dia;
Nach mór an tubaiste do fhear ar bith a dtearn é ariamh
Bheith deánamh cruinnis a choinneóchas as párrthas é.




63. AN PÓITEOIR.



B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



I
D'ólfainn deoch ghéar dá bhfuighinn í,
D'ólfainn mo spré go dtí aon phighinn déag,
lacuna de 1 líne
Is d'ólfainn sin féin dá bhfuighinn í.



II
'Sé dubhairt mo ingéan bheag óg liom
"A ghaidi, cá bhfuigh' tú an t-ór damh?"
"Sníomh go caol a' barrach 's a' líon
Teana maoin is gheobhair fear."



III
"A ghaidi, cha ghlacaim do chómhairle,
A ghaidi, cha ghlacaim do chómhairle,
Tá mise ag sníomh le cúig bhliadhain déag
Is níl a'n nduisín ar shníomh mé nár ól tú.



IV
"Ólfaidh tú hata do chinn,
Is béidh tú ag imtheacht gan chóta
'Sé dearfas gach duine "sin chugaibh fear mire,
Is druidigidh an doras anonn air."


L. 116


B 1915 19>
U Uilliam Buidh Mac Giolla Chiaráin
B



64. CÉARDCHA AN ÓIR. cf L208 lch 55



I
B'an-mhaith liom tancard maith dighe bheith ar bhórd,
Is charbh'fheárr liom ná dram le dul síos in mo sgóig;
Sé tancard mná na lionn-toigh nár fhág pighinn in mo
dhórn,
Tá mé cinnte, is char chaill mé mo chroidhe go fóill.



II
Gidh deir a' chléir liom nach bh'fhéadaim-sa braon dighe ól
Le céasta go n-éagfainn ar a' stéid nach mbéadh cóir,
Rún Dé sin nach ngéillim do'n dlighidh sin níos mó,
Óir is iad fhéin a ghnídheann féasta ar an fhíon d'ól.



III
Nach iongantach nach dtuigeann an chléir an t-ól
Is go mbíonn daonnacht gan aon locht ins a' té a bhíos
i bpóit.
Acht mur b'é bruigheanas Shighle, gach lá fá 'n mbórd,
Bhéadh aoibhneas na n-aoibhneasa liom ag caitheamh dighe
óil.



IV
Dá mbéadh sin agam-sa céardcha an óir,
Cláirseach in mo phárlúr, cé gur theith a bhí an ceol,
B'fheárr liom mar atá mé, gan éifeacht stóir,
Acht cárta bheith theacht i láthair chugam is mé a bheith
ag ól.



V
Deir a' Pápa go bhfuil cathughadh ins a' mbeóir nó i
ndígh,
Is a bhfeil do bhráithribh ó Cháirlinn go Scrín na Midhe:
Is feárr atá 'fhios ag Rígh na ngrásta atá ins a' ghlóir
'na shuidhe
Óir is é bhí 'láthair aige bainis Cháin nuair a h-óladh an
fíon.


L. 117


B 1915 19>
U Anaithnid
B



65. BEAN AN TOIGH LEANNA.



I
Tráthnóna amháin i ndeireadh an fhóghmhair,
Is mé ag teacht abhaile ó'n spórt,
Fuair mise eolas ar thoigh an óil,
Áit a gheobhainn ól annsin go maidin.



Chan fhuil sé 'n' lá, a mhíle grádh,
Chan fhuil sé 'n' lá nó baoghal ar maidin,
Chan fhuil sé 'n' lá, a mhíle grádh,
Anois ar ball a d'éirigh an ghealach.



II
"Éirigh 'do shuidhe, a bhean a' toighe,
Is ná cuir gruaim in do mhalaíbh,
Acht líon damh-sa cárta dighe,
Ná béidh mise ag ól annseo go maidin."
Chan fhuil sé 'n' lá, etc.



III
"A' gcluin tú mise, a dhuine chóir,
Is cosamhail do ghlór le duine folamh;
Ré deor de mo chuid-se dighe
Rachas ar do ghoile ó seo go maidin."
Chan fhuil 'sé 'n' lá, etc.



IV
Chuir mise mo lámh síos 'mo phóca
Is tharraing mé amach bonn conóir
Bhuail mise buille ar a bhórd
"Is fiosach damh mo sgór a ghlanadh."
Chan fhuil sé 'n' lá, etc.


L. 118


V
Nuair a chonnaic sí an t-airgead bán
Ghlac sí lúthgháir mhór is aigne:
"Suidh síos ag an bhórd, a dhuine chóir,
Féadann tú bheith 'g ól annseo go maidin.
Chan fhuil sé 'n' lá, etc.



VI
"Nach mór an mheisge bhí in mo chionn
Nuair a shaoil mé gurab é an lá bhí againn?
Chan é acht an ghealach a bhí ag éirighe,
Is thug sí soillse 'feadh an domhain.
Chan fuil sé 'n' lá, etc.



VII
"Éirigh 'do shuidhe, a fhear a' toighe,
Atá do luighe ar do leabaidh,
Is congbhuigh ceol leis an duine chóir,
A bhéas ag ól annseo go maidin."
Chan fuil sé 'n' lá, etc.



VIII
"'gCluin tú mise, a fhear a' toighe,
Atá do luighe ar do leabaidh,
Dheamhan braon de mo chuid-se dighe
Rachas fá do chroidhe go mbéidh sé ar maidin."
Chan fhuil sé 'n' lá, etc.



IX
Táid na ba ins a' bhuailidh,
Is táid na gamhna ag ól an bhainne,
Táid na caoirigh leis na maorthaibh,
Is mithid damh-sa a dhul na bhaile.



Och, tá sé 'n' lá, a mhíle grádh,
Tá sé 'n' lá, is i bhfad ar maidin,
Tá sé 'n' lá, a mhíle grádh,
Is tráth damh-sa a dhul na bhaile.


L. 119


X
"Táid mná na lionn-toigh dhul ar buile
'Tógbhail toighthe i mbráid gach bealaigh;
Chaith mé 'n oidhche, ó lá go lá,
I dtoigh na báirsighe ruaidhe cleasaighe.
Och, tá sé 'n' lá, etc.



XI
"Nach mise fhéin an fear gan chéill
A d'fhág mo chíos in mo sgórnaigh
D'fhág mé léan orm fhéin,
Is d'fhág mé séan ar dhaoinibh eile."
Och, tá sé 'n' lá, etc.




Giotaí.
Líon sin, ól sin, seinn a' ceol sin -
Ní ba dual dod' cháirdibh;
'Sé dubhairt Mac Dómhnaill agus Mac Leóid,
Is uaisle móra na h-Alban,
Go n-ólfadh Mac Néill le fearaibh an t-saoghail
Dá mba fíon go léir an fhairge.




Bím-se lá a mbíonn mo sháith agam do phíosaidh' h-ocht,
Is bíonn lá eile is a lán leanna 'stoigh in mo chorp;
Bíonn lá eile gan dá phighinn le n-ólfainn deoch,
Is deo gráitios ní bhfaghthar saoi gach locht.



B
Rachaidh mé un aonaigh, agus díolfaidh mé bó,
Ar dhá sgilling déag agus giní nó dó;
Bronnfaidh mé an t-airgead, agus ólfaidh mé an t-ór,
Is caidé sin do'n té sin nach mbaineann sé dó.
Co. Dhoire.


L. 120


B 1915 19>
U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
B



66. AN BUNÁN BUIDHE.
Cathal Buidhe cct.



I
A bhunáin bhuidhe, 'sé mo léan do luighe,
Is do chnámha sínte thar éis do ghrinn;
Is chan easbhaidh bidh acht díoghbháil dighe
A dfhág in do luighe thú ar chúl do chinn;
Is measa liom féin nó sgrios na Traoi
Thú bheith do luighe ar leacaibh lom',
'Snach dtearn tú díth, nó dolaidh san tír,
'Snárbhfeárr leat fíon nó uisge poll.



II
A bhunáin álainn, sé mo mhíle crádh thú
'Do chúl ar lár amuigh rómham 'sa' tslighidh;
'Sgur b'iomdha lá a chluinninn do ghrág
Ar an láib, is tú ag ól na dighe.
'Sé an ní deir cách le do dh'reáthair Cáthal,
Go bhfuigh' sé bás mar siúd má's fíor;
Acht ní h-amhlaidh tá, siúd an préachán breágh
Chuaidh i dh'éag ar ball le dith na dighe.



III
A bhunáin óig, sé mo mhíle brón
Thú bheith sínte fuar imeasg na dtom,
'S na luchaí móra ag triall 'un do thórraimh,
Le deánamh spóirt agus pléisiúr ann:
Is dá gcuirtheá sgéala fá mo dhéin-sa
Go rabh tú i ngéibhionn, nó i mbruid gan bhrígh,
Do bhrisfinn béim duit ar an loch† sin †Bhéasaigh
A bhfliuchfadh do bhéal is do chorp istoigh.


L. 121


IV
Chan iad bhur n-éanlaith atá mé 'g éagnach,
An lon, an smaolach, nó 'n chorr-ghlas,
Acht mo bhunán buidhe, bhí lán do'n chroidhe,
Is gur chosamhail liom fheín í i nós 's i ndath
Bhíodh sé go síorruidhe ag ól na dighe,
Is deirtear go mbíom-sa mar sin seal;
Níl aon deor dá bhfuighinn-se nach leigfinn síos,
Ar eagla go bhfuighinn-se bás de'n tart.



V
'Sé d'iarr mo stór orm leigint de'n ól,
Nó nach mbéinn-se beo acht seal beag gearr;
Acht dubhairt mé léithe go dtug sí an bhréag,
'S gur bh'fhaide mo shaoghal-sa an deoch úd d'fhághail,
Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaidh i dh'éag do'n tart ar ball;
Is a chómhursain chléibh, fliuchaigidh bhur mbéal,
Óir chan fhoghann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.



B 1910c 19>
U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
B



67. ABHRÁN CHATHAIL BUIDHE.
Cathal Buidhe cct.



I Nóra -
'gCluin tú mé, a Chathail, stad thusa feasta de'n ól,
Agus dearc ar do pháistí mar tá siad lag meathtaí
gan treóir;
'S gearr gearr an bás dhuit, is ní thearn tú ariamh
ciste nó stór,
Ní ghoirfidh mac máthara dhuit an lá sin a chuirfear
ort fód.


L. 122


II Cathal -
'gCluin tú mé, a bhean adaidh, chanas na bhriathra beach,
Níl mise folláin, agus is leanán damh choidhche an tart;
Nuair a tchím-sa na gloiní is na sailear 'bhfad uaim isteach,
Sé deir mo mhuineal buidhe is cinealta d'ólfainn deoch.



III Nóra -
Nach bocht buaidheartha an chinneamhaint a ghealladh damh
i dtus mo shaoghail,
Gur measa leat an mheisge nó mise agus do pháisdí fheín:
Níor shaothraigh tú scilling, is níl taistiún agat ó bhárr
an tsaoghail,
Is an lá éagfas tusa cia chuirfeas ort cómhnair shaor?



IV Cathal -
Ní thabhrainn fáisiún do mo pháistíbh bheith a troid nó
a bruighin
A mbéaradh mo dhá láimh air go bráth, is sgabfainn a
bhfuighinn.
Dul suas damh molaidh an teampaill béidh gall-
thrompaí liom, fideal, agus píob,
Ólagaidh mur sáith an lá sin, a cháirde, is díolaigidh í.



B 1846ls 19L



Seo thíos an dá ceathramhain deirionnach san láimh-
sgríbhinn. - 23 E 12, R.I.A.



Nóra
Nach cruaidh an chinneamhain a cinneadh damh i dtús mo shaoghail,
Gurab annsa leat an mheisge 'ná mise is mo pháisdí maoth';
Ní dhearnaidh tú cisde nó cruinneas i dtús do ré,
'S ní bhéidh agat bráithlín tráth shínfear thú i gcómhraidh chaol.



Cathal-
Is amhlaidh mar atá, 's ní bheirim-se ádhbhar troda nó bruighne
Do mo pháisdibh go bráth fá nglacfad mo lámha de rathamhnas an
tsaoghail:
Sé deir bean na táibheirne, an tráth bhím ag fliuchughadh mo chroidhe,
Má tá peacadh nó smál ort is féirrde tú d'anam a nighe."


L. 123


B 1900c 19>
U Anaithnid
B



68. AONACH NA GRIBE.



I
Chuaidh mé go h-aonach na Gribe,
Is dhíol mé mo shé dhuisín snáith,
Fuair mise naoi bpighne acht feóirlinn -
Síneadh chugam ceithre buinn bhán'.



II
Chuaidh mé isteach i dtoigh leanna,
Sgáirt mé ar a' mbiotáilte b'fhéarr,
Char smuainigh mé ar luach na feola
A bhíos orra aige Féidhlim Ó Néill.



III
Nuair a bhí mé ag tarraingt abhaile,
Is charbh'fhada a bhí roimh an lá;
Cha rabh 'fhios agam cá mbéadh mo leithsgéal,
Is an luach ró-mhór ar a' snáth.



IV
Dubhairt mé go dtainic an gauger
Amach as Droichead Áth'.
'S gur chuir sé mo bhuinnse faoi n-a asgaill,
Mar nach rabh sé go ceart le n-a gauge.



V Labhrann an Bhean.
Siubhailfidh mise go Binn Éadain.
Is ó sin go cuantaibh Droichead Áth',
Go bhfuigh' mé amach an gauger,
Go mbéidh 'fhios agam an é fuair a' snáth.



VI Labhrann an Fear arís.
A Shiubhan, fan tusa 'sa' mbaile,
Tá an aimsir seo masluighth' is fuar;
Bheara mise mionna i n-aghaidh whiskey
Go dtiocfaidh-se fad ar a' lá.


L. 124


B 1909ls 19>
U Anaithnid
B
69. Bacach Mála.



I
Tá mo thoigh agus mo threabhadh deánta, agus m'fhortún
rannta ar Éirinn;
Ar mo chapall nó ar mo chaoraigh is dóbhtha nách bhfuil
baóghal.
Tá mo phéirín croisín déanta agus mo chorn ar mo
thaoibh liom,
'Seadh, is mo sgilling gheal lá 'n aonaigh ó phárlaiment
an ríogh.



II
Is bacach bocht ar aon chois mé, cha siubhlaim-sa ró-
spéireamhail,
Is níl baile cuain i n-Éirinn nach dtógfaidh damh-sa cíos:
Ó Chorcaigh go Binn Éadain, is go Baile Átha Cliath
'na dhiaidh sin,
Thart go Sráid an Aonaigh, is go Ceannadas na Midhe.



III
Chan fhuil bacach nó fear mála ó Chorcaigh go Cionn
tSáile,
Thart Chúig Uladh 'gus Cáirlinn is siar go Biorr ar fad
Nach dtógann damh-sa árdchíos, sgilling ins a' ráithche,
Nó réabfainn-se a chnámha le mo bhata reamhar glas.



IV
Má shiubhlaim fhéin an méid sin is dócha nach mbím gan
éideadh.
Ceannóchaidh mé bréidin ar aonach na Féil' Eoghain;
Char theastaigh do mo chomhgar acht cuirín agus clóca,
Go rachaidh mé dh'iarraidh eolais amach ar an bhothar
mhór.


L. 125


B 1848 19L



U Peadar Ó Gealacáin



70. CÁINEADH PHARA JOE, NÓ PATSAN
A' BHARRAIGH.
P. Ua Gealagain cct.



I
An gcluin sibh mé a chomhursain, 'tá macanta páirteach,
Éistigidh liom tamall go leigfidh mé dán dibh,
Ar sgramaire bacaigh chaith seal ins an áit seo,
Nó ins an ceann íochtrach de Bhaile mhic Cáthnaoin.



II
A tóigeadh le h-easbhaidh ó bhí sé 'na pháisde,
Le pucaidhibh, 's le málaíbh, 's le airgiod teampaill,
Gur éirigh sé suas a bheith urranta láidir,
A bheith haiclóireacht barraigh, ag obair 's ag cárnadh.



III
Stad sé de'n ísliughadh le h-atuirse 's náire,
Nuair a dh'éirigh sé cumasach, onórach, stráiceamhail:
Thoisigh sé ar athchairt le hobair na spáide,
Agus lean sé de'n ealadhan sin seacht mbliadhna 's
ráithche.



IV
Bhí Patsan mar sin nó gur éirigh sé ársaigh,
'Na chrann-phearsan lobhthaidh 'sna bhaitseléir stálaidh,
Deich mbliadhna thar dhá fhichid sé mheasaim gur sháruigh,
Nuair a pósadh le strabóid é, bhí ceannramhar dána.



V
Sí an tsean-scúille is bean dó is déaraighe 's is
gráince
Dá bhfaca mé ar thalamh, nó tarraingte ar pháipéar;
Tá a croiceann go h-uile, a h-aghaidh, 's a bráighe,
Comh h-órbhuidhe le giní nó daffaidh lá Márta.


L. 126


VI
Má's mian libh a h-ainm a chluistin nó thráchtughadh,
Is ingéan í do'n tsean-bhacach Domhnall Ua Háltáin:
Fá robáil a díbreadh Jack salach thar sáile,
Agus tuilleadh da baicleadh nach gcuimhnighim go
bráth ortha.



VII
Nuair a cheangail an chléir le n-a chéile an lánamhain,
Is aca bhí an bhainis de sgadáin 's de photátaigh;
Bhí putógaí muc aca, brachán, is cáithbhruith,
Sgailliún, is gabaiste, is crúisginí bláithche.



VIII
Bhí an sgafta seo bacach anois ar a dtráchtaim,
Ag strócadh 's ag stialladh, mar choin mhadraidh allta;
O neóin go dtí maidin, go dearbhtha, a cháirde,
Sheas siad ag ithe, is ag ól, ins an áit sin.



IX
Bhí truinsiúirigh dubha aca, pitseirigh, 's sáspain,
Agus píosa de speil le h-aghaid gearradh 'gus rácail,
Bhí méire 'náit forcaibh go rachmasach sáithte,
Ag an t-sean-chonairt chraosach ag placadh gan náire.



X
Nuair a chríochnuigheadh leo bainis an bhacaigh roimh-
ráidhte,
Ghluais siad abhaile, gach neach ar a mhársáil;
An tramsgur a chaith siad is d'ól siad an lá sin,
d'oibrigh sé ionnta ar theann cosa 'n-áirde.



XI
Bhí Patsan is Beittigh cúig bliadhna gan pháisde
Acht rugadh dóibh leanbh i ndeireadh an tráith sin
Le cead sgréich a' naoidheanáin rith Patsan na cáire
Isteach ins an toigh-se agus phléasg sé a gháiridhe.


L. 127


XII
Sé is ainm do'n mbaibín a rugadh fá 'n tráth sin,
Bainríoghan na sidheóg 's na ngeancanach gránda:
Chan fhuighfidhe a léithid ó seo go Bail' Shláighne,
Nó ó Chorcaigh go Doire 's ó sin soir go Cáirlinn.



XIII
Níl aca do chloinn acht an leanabán - "Máirín,"
An síogaidhe beag cailligh atá 'gcomhsamhlacht gárlaigh;
Níl úsaid nó gnoithe aca choidhche le cánuirt
Acht a bpór a bheith tanaidh sé 's toil leis an Árd-rígh.



XIV
Bhí bothán beag toighe aca maille le gárrdha,
Ó thighearna ró-charthanach Mac Bhriain Mic Bhrádaigh;
Seacht mbliadhain le rógaireacht, clampar, 's díth-náire,
Chongbhuigh siad seilbh gan cíos ar bith áirmheadh.



XV
Bhí naoi bpunta chíos' ortha caithte gan amhras,
Gan leithphighinn de a chosaint acht triofil beag páighe;
Fuaras le h-órdughadh a ndíbirt fá 'n tráth sin,
'S le solus na gealaighe a d'fhág siad an áit sin.



XVI
Ní rabh aca de thruscan acht seandreisiúr gallda,
Sin agus bocsín bhí réabthaí 'na chláraibh,
Pota agus pitséir, is seanleabaidh spágach,
Roithlean, is cnocan, is teangas gan táirnge.



XVII
Ar mhullach an Stuacain 's é thóg siad a n-árus,
Ag Micigh mhac Cléirigh, ar feadh cheithre ráithche;
Imtheacht an t-srotha ortha feasta le fánaidh,
An brusgarnach tútach a dhúntar as párrthas.


L. 128


XVIII
Níl a'n fhear macanta ó seo go Droichead Átha 'muigh,
No ó sin un na Sráid' Bhaile 's síos go Dún Pádraig,
Thart siar go Sligeach, is suas go Ceann tSáile,
Nach gcuirfidh mé rompa bheith choidhche ar a ngárda.



XIX
Ar ceasta go gcasfaidhe iad i mbealach nó 'mbearnaidh,
Ar Phatsan a' Bharraigh an rógaire támhach,
A bhfuil amharc na feille ar a shean-shocan gránda,
An spriosán gan fiúntas, gan chroiceann, gan náire.



XX
Is measa naoi n-uaire é nó 'n gadaidhe Barábas,
A bhí ceangailte 'bhfíoghnaise Mhic Ríogh na nGrása;
Nó Iúdas na feille le 'r brathadh un Páis' é,
An creachadóir bradach is measa de'n Adhamh-chloinn.



XXI
Mo mhallacht go tapaidh is tuirse mo phaisdí,
Go dtuitidh go tubaisteach air in gach gabha;
Mallacht na n-apstal na n-aingeal 's a' Phápa
Is mallacht ó fhlaitheas go dtuitidh do ghnáth air.



XXII
Mallacht na mbaintreabhach, is mallacht na ngárlach,
Mallacht na ndíleacht do oidhche is do lá air,
Mallacht is fiche air de chuid an Athar Phartlan,
Mallacht shíl Éabha air, is mallacht shíl Adhmha.



XXIII
Sgrios agus dithcheannadh, gorta 'gus pláigh air;
Éag agus leathtrom, géar-sgalladh 'gus sgannrughadh,
An uile sheort urchóid go leanaidh in gach áit é,
'S a' t-seanstraoill is bean dó dhar b'ainm dí Áltan.


L. 129


XXIV
Nuair a thoileas Rí an Dómhnaigh a theachtaire dána
Astriughadh na gcoinne le h-imirce fhághail dóibh,
Go rubalaidh 'n diabhal ar a' mbealach gan spás é,
'S go dteilgidh go h-ifrionn go tapaidh an lánamhain.



XXV
Stadfaidh mé anois, óir tá mé rósháruighth'
Ag míniughadh na fírinne síos ins an dán seo;
Mío-ádh 'gus tubiste feannadh 'gus cráidhteacht
Ar Phatsan a' Bharraigh 's a' Píobaire h-Altán.




Amen míle uair.
Ag sin críoch ar chuid de bheathaidh Phatsan a'
Bharraigh .i. Para Ruadh an haicloir, arna sgríobhadh
an seachtmhadh lá fichead de'n mhí October, 1848.



B 1909c 19>
U Anaithnid
B
71. IOMARBHAIDH EADAR MHUI'TIR
LUAINIGH AGUS TEARMON.



I Labhrann Mui'tir Luainigh.
Sé mui'tir Luainigh, ar ndóighe, ba chóir a bheith i dtreise,
Chan é Tearmon dubh díbhlidhe na gcríochan na gcreagan;
Nuair a bhíonns uisge bheatha dá ól againn agus feoil
mhaith dá marbhadh
Bíonn sgadain dá rósadh agus dá dtoitriughadh i
dTearmon.



II Labhrann Tearmon.
Ná samhlaigidh mur dtír-se dhubh dhíbhlidhe le Tearmon,
Ó thoisiughadh an t-saoghail bhí sé naomhtha gan amhras;
Nuair a bhíonns sibh, lá 'n t-sióbaidh, ag cruinniughadh
craobhacha fá ghleanntan
Bíonn teinteacha móra de'n mhónaidh i dTearmon.


L. 130



72. MULLACH A' CHAIRN AGUS AN T-SAMHAILL.



I
Tá Mullach a' Chairn seo ró-uasal, agus ní guallaí é
do'n t-Samhaill,
Bíonn bainne aige buaibh ann ar buailibh 'san earrach;
Níl rí deas nó uasal nach dtig ar cuairt ann seal
tamaill,
Bíonn lút dá seinm is téadaí ann agus gath' gréine
ós a choinne.



II
Sí an t-Samhaill a' réalt eolais Chríocha Fódla mur
dtíre,
Is do'n ríoghacht siúd cnoc ró-dheas fá mhór-amharc na
tíre;
Tig eaglais ó'n Róimh ann is go leor eile faoi sin;
Sin Cruach an Iocail 'a h-árdughadh a Mótaí agus
Maolain.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



73. AN CHAORA BHEAG DHÍLIS.
Éamonn Ó h-Asgain, an file, a chum.



I
A chaora bheag dhílis, fan thusa go cionn míosa,
Is ná bí thusa ag ísliughadh a' gheamhair gach lá;
Nó bheirfear un toighe thú, béidh díoghbháil a' bhidh ort,
'Snach truagh duit an ní dheánamh chuirfeas thú un báis.
Ní chodluighim san oidhche acht ag osnadhail is ag
smaoi'tiughadh,
Go mbéidh tusa i bpríosún feasta faoi cháin;
Acht a stóirín mo chroidhe, seachain an ní adaidh,
Chuirfeas an t-sníom ar do sgeadaman bán.


L. 131


II Labhrann an Chaora.
"Ghlac mé mur gcómhairle le mórán de'n tseóirt sin,
'S ní ghlacfad níos mó de," 'se dubhairt sise liom.
Tá mo uainín gan dóigh, agus ní bhéidh aige a'n deor
Mur bhfághfaidh mise, ar ndóiche, ar fud a bhfuil ann.
Ná tógaigidh cionn sorruighim recte sonraithe dhíom anois
go dtí 'n fóghmhar,
Is níor lughaide de mur ndórnán mo shoc a bheith ann;
Is a Pheadair, a stóirín, ná ceangail le rópa mé,
Is cuirfidh me cóta fad' ar do dhruim.



III
"Mo bheannacht go bráth buan leat-sa, a Dhonnchaidh
Uí Ghára,
Thug gadaidhthe na h-áite leat seir un tSléibh Ruaidh;
Nach dtabhradh sí spás dúinn i gcoirce nó i bpréataí,
Mur gceangaltaoi 'cnámha nó chur ins an uaigh."
Thug sise an rása sin thart fá na h-árdan,
Isteach un na páirce go ndeanfadh sí cuairt;
Arsa Éadbhord go fáillighe, 's é i gcóirneal ag gáiridhe,
"Tabhair damhsa do chnámh nó greim ar do chluais."



IV An Chaora arís.
"Ar chuir sibh na préataí, nó ar rómhair sibh an gháiridh?
Nó bhfaca sibh aon ghráinín ag gubadh aníos?
Siubhailfidh mé an teorainn, go h-ionnraice dóigheamhail,
'S íosfaidh mé an fóirthín mur dtighis =tigeas ar
mo chrann;
Acht a Chonaill Uí Niallghuis, dá leigfeá ar an ghrianán
mé,
Bheirim duit trian 'á bhfuil ar mo dhruim."


L. 132


B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



74. BABÓG NA BÉALTAINE.



I
Babóg na Bealtaine, maighdean an t-samhraidh,
Suas gach cnoc, is síos gach gleann;
Cailiní maiseacha bán-gheala gléasta,
Is thugamar féin an samhradh linn.



Samhradh buidhe na neoinín glé-geal,
Is thugamar féin an samhradh linn,
Ó bhaile go baile, is un ar mbaile na dhiaidh sin -
Is thugamar féin an samhradh linn.



II
Tá an fhuiseóg ag seinm, is ag luasgadh 'sna spéirthibh,
Beachaí, is cuileógaí, is blátha ar na crainn;
Tá 'n chuach 's na h-éanlaith ag seinm le pléisiúr,
Is thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buidhe, etc.



III
Tá nead ag an ghearrfhiadh ar imeall na h-aille,
Is nead ag an chuirr-éisg i ngéagaibh an chrainn;
Tá mil ar na cuiseógaibh, is na cuilm ag béiceadh,
Is thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buidhe, etc.



IV
Tá an ghrian ag soillsigh, is ag gealladh na dtabhartas;
Tá an fhairge mar sgáthán ag maoth-gháiridhe do'n
ghlinn
Tá na madaidh ag peithriughadh, is an t-eallach ag
géimnigh,
Is thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buidhe, etc.


L. 133



75. COILLTE GLASA AN TRIUCHA I.



B 1824-46ls 19T
U Anaithnid



I
Dar mo láimh duit, a chailín, má ghluaisfir un bealaigh
Go bhfuigh' tú an uile shúgraidh,
Céim, ól, agus imirt, pléisiúr go deimhin
Is féachaint mara is cuantaí;
Ní'l traodhna nó truideóg, smaolach nó fuiseóg,
Nó cuach bhinn bhlasta cúmhra,
Nach mbéidh i gceileabhar, is téada dá seinm
Fá choilltibh ghlasa an Triúcha.



II
Ó phárrthas ní aithin damh aon áit ins a' chruinne
Is áilne agus is deise cúirtibh -
Fonn agus fearann, coill agus abhaill,
Tórtha trom, píoraigh, is ubhlaí;
Caora ar chrannaibh, cná buidhe ar choillibh,
Ag dortadh le ceathaibh cnuasaigh,
Un coisir 'n ar gcoinne, is na céadtaí d'ar gcineadh
Fá choilltibh glasa an Triúcha.



III An Cailin.
Aidbhighim gan sgáth gur maith a bhfuil tú ag rádh
Fá thórthaibh is fá bhláth cnuasaigh;
'S gurab aoibhinn an áit atá againn le fágháil,
Is nach eagal dhuinn go bráth cumhaidh ann.
Acht dá mbéadh seinm na ndán is gach éan dá rabh
san airc
Ag ceileabhar go bráth dúinne,
Char mhisde dhúinn cáil de'n arán a bheith i láthair
I gcoilltibh glasa an Triúcha.


L. 134


IV Eisean.
Tuig-se, a ghrádh, iar gcruthughadh do Ádhamh,
Nach arán a bhí i ndáil dúinne;
Cé go bhfuair sé gan spás companach mná
Le ndeachaidh sé go párrthas naomhtha.
Acht dá gcongbhuighdís a lámh ó aon ubhall amháin
Budh é ar n-oileamhain cáil cnuasaigh,
Acht ní h-eagal dúinn cáin na h-aithneadh sin go bráth
Fá choilltibh glasa an Triúcha.



V
Gheobhmuid araon tigheadas dúinn féin
Ar ealtaibh an aeir 'san Triúcha,
Is ceatha dlúith' éisc ar easaibh go séimh,
Is níorbh' eagal dúinn ar mbeatha dubh-chroidheach.
Béidh duilleabhar na gcraobh d'ar mbhfolach ó'n ghréin,
Agus ceileabhar na n-éan d'ar ndúisgeadh,
Uallghuth na ngadhar 'san bhforaois le n-ar dtaoibh
Agus an eilit ar a léim lúith leó.



VI An Cailin.
A óganaigh chaoimh, má's deimhin gur fíor
An méid sin a chuir tú i n-iúl damh,
Ar thórthaibh na gcraobh, 's ar áilne gach nidh,
Fá 'n áird seo shíos do'n chúige,
Spré nó maoin ní ghabhfainn mar bhríb,
Nó saidhbhreas an ríogh mar chúitiughadh,
Gan bliadhain agus mí a chaitheamh do mo shaoghal
Fá choilltibh ghlas' an Triúcha.


L. 135


VII Eisean.
A ainnir chiúin t-séimh, is aithne damh féin
Gach nidh d'á bhfuil do dhúil ann,
An saidhbhreas is féarr d'fhág mé mo dhiaidh
I n-oileamhain d'aireamh dhuthchas.
chífir cruithneacht mhaol, coirce geal na gcraoibh,
Is eorna ar gach taoibh go dlúith ann,
Ná ceasnuigh go mbéidhir gan arán de phlúr déis
Fá choilltibh ghlas' an Triúcha.



VIII
A spéir-bhean bhreasnaidh na déad-chaoin chailce
Triall anois un siubhail liom,
Is ní baoghal duit easbhaidh is mise mo mheisnigh,
Is réim-chliste easgaidh luthmhar;
Nuair a bhéas céad bean go tuirseach béidh mise agus
tusa
Le pléisiúr ag baint na n-ubhall ann,
Gheobhair mil ar na cuiseógaibh, is líon geal na shlise-
ógaibh,
Fá choilltibh ghlas' an Triúcha.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



RANN: - FÁILTE AN BHACAIGH.



A bhacaigh na déirce, ná leig do ragaireacht liom,
Bhí do bhean annseo indé, is tá tú féin indiu ar a
bonn;
Nach furus aithin orm féin, is ar a léinidh dhubh ar mo
dhruim,
Go bhfeil sé seacht mbliadhna déag ó d'éag sí, cuisle
mo chuim.
Co. Lughbhaidh.


L. 136


B 1895 19D
U Anaithnid
B
76. COILLTE GLASA AN TRIÚCHA II



A óg-bhruinnioll dheas na n-ór-fholt bréagh tais
O triall is bí teacht un an Triúcha,
'S go bhfuil mo chróidhe 'stigh 'ga shlad, mar shnaidhmfidhe
ar ghad,
Le bliadhain mhóir fhada i ndúil leat;
Acht dá bhfuighinn-se an ceart, is cead pósta leat
Is éadtrom bréagh gasta shiubhailfinn;
'S go bhfuil mo smuainte ag teacht un éalodh leat,
a shearc -
Go coilltibh bréagha glas' an Triúcha.



II
'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé air uaigneas seal
lá, -
'S nach neoch ar bith le fágháil 'n-a dhúsgadh;
Na fir a's na mná bheith 'n-a gcodladh go sáimh,
Is mise is mo ghrádh a bheith ag súgradh.
A aon bhruinnioll bhán, is deise do na mnáibh!
A réilt eolais, a bhfuil mo dhúil ort!
Cha chreidim go bráth, ó shagart nó ó bhráthair,
Go bhfuil peacadh ins an pháirt a dhúbailt.



III
Tá dhá chích chruinn ag mo Nansaidh bhig mhilis,
I gcompás a brollaigh ghléigil;
A com cailce mar an eala, is a méara míne meala,
'S is ró-dheas a seinnm ar théadaibh.
I bpátrúin nó 'gcruinne, sháruigh tú an iomad,
'S is cráidhte mo chinneamhain féin duit;
Grádh a thabhairt do mhnaoi nach bhfágann mo chroidhe,
'S nach bhfághaim í go deóidh le bréagnadh.


L. 137


IV
A Nansaidh na seod, is tú raogha na mban óg, -
Is tú is deise bhfuil beo in Éirinn;
Gheall tú bheith romham ag coillidh glais na gcnó,
Go gcuirfiomuist ar gcomhairle in éinfheacht;
Creid tusa, a stóir, nach bhfuil peacadh ins an domhan,
Is measa 'gus is mó le déanamh,
'Ná buachaill beag óg mhealladh le do phóig,
Agus fealladh air go deóidh 'n-a dhéidh sin!



77. AN TRIÚCHA.
B 18-- 19L
U Anaithnid



I
Gluais, a Mháiligh, agus tar do m'fhéachaint,
Agus triallfamuid araon un a' Triúcha síos,
Mar bhfuighmid samhaidh agus caora caorthainn,
Agus cnodha buidhe maol' ar bharraibh craoibh.



II
Leaba ghlas do'n duilleabhar aoibheann,
An lonn 'sa smaolach ar gach uile thaoibh,
Mo lámh ar a fochras, agus mé dá bréagnadh,
Agus ag súgradh léithe mo valentine.



III
Tá 'n eilit mhaol agus na gamhna ag súgradh,
Agus an gearr-fhiadh lúthmhar ag dul fá 'n ngleann,
Na bradáin táir-gheal luinneach i n-a gcúplaíbh -
Ó samhail an Triúcha ní fheicim ann.



IV
Is binn guth eala ann, 's is binn traodhna ann
Is binn cuach ann ar bharraibh crann;
Is binn guth chailin ann, 's is binn guth buachaill,
'S is binn guth gach aoin d'oileamhnar ann.


L. 138


B 1824ls 19T



U Anaithnid



78. MOLADH AN TRIÚCHA.



I
Is iomdha seóid dheas fa'n Triúcha íochtrach -
Malaidh aoibhinn, cnoc, is gleann;
Ní liath na eala gheal is faoilean,
Agus earra buidhe beag ar bharraibh crann.



II
Is iomdha cailin deas agus buachaill
Ag triall ar cuairt ó'n Triúcha aníos,
Coróg samha leo ar a nguailnibh,
Agus ní gan lúthgháir a chodlas siad.



III
Gleoran coilleadh, agus biolar fásaigh,
Agus samh a d'fhás as an talamh aníos,
Agus measgan ribeach nár measgadh lámh ann
Bhíos ag bainis cháich ins an Triúcha shíos.



IV
A Lúcais ghasda, ná cáin thú an Triúcha,
Oír tá sí clúiteamhail fairsing fial;
'S go dtug sí na buaidhe ó thír Oir-Mhumhan.
Ó'n tríomhadh glún go dtí an fiche bliadhain.



V
Béidh an crotach mara, agus é ar a ghlúnaibh,
I n-a bhútaisibh ag seinnm téad,
Na gardaibh londuibh agus iad go clúiteach
Ag triall ó'n Triúcha go Cúige Laighean.



VI
Ní raibh mé féin ariamh 'sa' Triúcha
Acht do réir mar dochualaidh mé ag lucht na sgéal
Ní ruadhlach fearainn í acht mínleach uasal,
Ann ar binn ghuth cuaiche agus ceileabhar éan.


L. 139


B 1900c 19>
U Anaithnid
B



79. AN T-OILEAN ÚR.



I
Rinne mé smaointiughadh i mo intinn is lean mé dó
go cinnte
Go n-éalóchainn ó mo mhuintir anonn un Oileain Úir;
d'iarr mise in mo impidhe ar an ÁrdRígh bhí ós mo
chionn-sa
Le mo shábhail as gach chontabhairt go gcríochnóchainn mo
shiubhal.



II
Shiubhail mé fiche míle, is ní chasadh orm Críostaidhe,
Capall, bó, nó caora a dheanfadh ingheilt ar an fhéar;
Acht coillte dlútha is gleanntan, is búirtheach beithidhigh
alltan,
Fir agus mná gan snáithe ortha a chasfá fá do mhéar.



III
Tharlaidh isteach i dtoigh mé is casadh orm daoine
d'fhiostruigh siad cár b'as me nó an tír 'nár tógadh mé.
Labhair mé leobhtha i mBéarla gur tógadh mé i n-Éirinn
Ar láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na 'Raoch.



IV
Bhí sean-bhean ins a' chlúdaigh, agus í 'na suidhe go súgach,
d'éirigh sí go lúthmhar agus chraith sí liom-sa lámh:
"Mo sheacht n-anam fear do thíre, dá bhfaca mé 'riamh
de dhaoinibh,
Gur tógadh mise i n-Éirinn i mBaile Lios Béil' Átha.



V
"Is iomdha lá breagh pléisiúrdha a chaith mé thall i
n-Éirinn,
Ar láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na 'Raoch.
Ó Bhreatain go Beinn Éadair chan fheicfeá-sa a léithid,
Nó ó Chorcaigh i n-a dhiaidh sin go Lios Béil an Átha."


L. 140


V
Nuair a chonnaic mé na daoine is annsin a rinne me
smaointe,
Gur mhéannair dá mbéinn i n-Éirinn is mé sínte faoi
chlár;
Nó sin an áit a bhfuighfuinn aos óg bhéadh laghach aoibhinn
Chaithfeadh liom-sa oidhche agus páirt mhór de'n lá.




80. CAOINEADH NA BAINTREABHAIGHE ÓIGE.



B 1910c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



I
Cúradh ar an éag, is claoidhteach agus is gránda a
chleas,
Bheir sé an bocht agus an saidhbhir go béal na h-uaighe
leis,
Cuireann clocha is cré orra, is a lán de gach seodaibh
deas'-
Chan é sin uilig a bhuaidhear mé, acht mo chleibhín beag
a bhogadh leis.



II
Is baintreabhach agus is maighdean mé a fágadh go
h-óg;
An g-cuala sibh an sgéal gur báidheadh mo míle stór?
Dá mbéinn-se amuigh an lá sin mo dhá láimh ar a
scód,
Bhearfainn abhaile slán thú, a mhíle grádh, béidhfeá beo.


L. 141


III
Ar maidin Lá Fhéil' Pádraig bhí an t-sráid lán de fir,
Bhí mná is páisdí ann ag fuireach le n-ár mbainis,
Bhí píobaí agus cláirseacha agus lán rudaí 'g'a
seinm,
Acht, faraor geur! is ar a thórramh a bhí ár mbainis!



IV
Nuair a shaoileanns na daoine gur 'mo luighe a
bím-sa ar mo leabaidh,
Is ar a uaigh a bhím sínte ó luighe na h-oidhche go
maidin,
Ag gearán is ag éagcaoin fá mo óigfhear dhul a
chodladh,
Fá mo rún geal uasal a bhí chomh grádhmhar liom le
leanbh.



V
Tá croidhe cráibhtheach cráidhte ag do athair agus do
mháthair,
A's ag banaltra na gruaidhe báine a bhí ag tál ort
is tú 'sa chliabhan,
Do bhean-phósta, a mhíle stóirín, nár chóirigh ariamh do
leabaidh,
Is an lá a chuaidh tú 'na trágha báine nach olc nach
dtainic tú abhaile.



VI
Ag osnaigh do do cheasna 'sé liath mo cheann,
A Rí Mhic Mhuire, caidé an chinnemhain ar fhag tú mé
ann;
I g-carraig na feille thug tú cúl le greann,
A chúil na bhfáinní, cuirim míle slán duit anonn.


L. 142


B 1915 19>
U Anaithnid
B
81. DÓMHNALL ÓG.



I
Tá mo ghrádh-sa ar thóin a' Lágain,
Is ba ghile a thaobh 'ná aol i gcaislean,
Ba ghlaise a shúil 'ná driúcht i nAibrean,
Is bhí boladh na n-ubhlaí go cúmhra ar a anal.



II
A Dhómhnaill óig, a’ t-sróil agus a' tsíoda,
Is gur tú ba deise dá dtiocfadh un aonaigh,
B'fheárr liom uair ar do uaigh ag caoineadh
Ná bheith 'mo chorughadh i gclocaíbh míne.



III
Och, a Rí, is a Rí, 'sé fath mo osnaighil,
Agus sruth deora le mo rosgaibh,
Mo chroidhe in mo lár, is gan ann acht brusgar,
Mar ní fheicim i n-áit ar bith thall nó bhfus é.



IV
Nuair a théidhim-sa 'nois go toigh na brúighne
I mbun a' chruinnigh' ní fhanaim uair ann,
Líonaidh mo chroidhe 'stoigh lán do chumhaidh,
Agus éirighidh mo chionn dubh bán le smaoi'tiughadh.



V
'Á mbéadh 'fhios agam go rachfá an t-áth sin
Bhainfinn díom agus dhéanfainn snámh ann;
d'ólfainn-se deoch agus 'sé bheirfinn do shláinte,
Is bhéinn dá thaomadh go ndeánfainn tráigh de.



VI
Nach beannuigh' an bás a fuair an t-óigfhear
Sul mar umhlaigh sé ariamh do'n phósadh
Le héirighe na gréine go moch Dia Dómhnaigh
Chuaidh a' dís un spairn is cuireadh an báire ar
Dhómhnall.


L. 143



82. NA BUACHAILLÍ I N-ALBAIN.
A n-athair a chum.



I
Mo sheacht mbeannacht leis na buachaillíbh a d'imthigh
uaim ar sáile,
D'fhág siad culaidh dheas orm le dhul amach Dia
Dómhnaigh,
Cóta mór do'n talamh, agus bheist de'n tsíoda láidir,
Brístí bhíos 'san fhaisiun, agus bróga an leathair
Spáinnigh.



II
Nuair a tcím an fhairge gharbh 'sé mo chroidhe bhíos
cráidhte,
'Smaoi'tiughadh ar na buachaillíbh má bhionn siad ar na
bádaibh;
Guidhim-sa Rí na n-aingeal - Sé shocruigheas na pláin-
éid -
Go leigidh Sé slán na buachaillí gan chontabhairt ar
bith bháidhte.



III
Tá aoibhneas i nDoire Leac Conaill nach bhfacas ariamh
'san áit sin;
Tá turus ag Naomh Chonnaill ann agus mior'áiltí go
lánmhar;
Acht beirt níos fiúntaighe ná mo chlann-sa ní rabh
siad le fághail ann,
Tá dúil agam nár pheacaigh siad ó baisteadh iad 'na
bpáistíbh.


L. 144


IV
Nach Doire Leac Conaill a bhéas gan chuideachta anois
ag teacht an árnáil,
Ó d'imthigh siad na buachaillí a bhí cómh haoibhinn
áluinn;
Bhí ór buidhe go frás aca, agus croidhthe le n-a
cháitheamh,
Mar bhí an fhial leobhtha is flaitheamhlacht ó nádúr.



V
Fuair mé sgéal as Albain, is ní rabh sé in mo shásamh,
Gur pósadh ar gcuid buachaillí ar chailiníbh 'san áit
sin;
Chan eadh nár mhaith linn aca iad dá mbéadh siad in
ar sásamh.
Acht cailiní na Híghlans chan iad an dream a b'fheárr
linn.



B 1915 19>
U Anaithnid
B
TEAMHAIR NA RÍGH.



A Theamhair na Rígh do b'annamh leat,
Le linn Chormaic mic Airt mic Chuinn,
Alt riabhach de bhodach bocht
'Bheith gearradh guirt ar do dhruim.


L. 145


B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B
83. CLUICHE AN BHÁIS.
I
Thainic an bás go fálaidh chugam ar cuairt,
Chraith sé lámh liom - "Bí sásta 'nois thainic an uair;
Tá mé do pháirt is go bráth ní sgarfaidh mé uait
Go bhfágfaidh mé do chnámha ag do cháirdibh sínte 'san
uaigh."



II
"Is mór a' t-iongantas go dtug tú damh spéis nó
geall,
Do dhuine mar mise nach bhfuil aige spré le roinn;
Gan bó, gan gamhain, gan chaora, gan feóil, gan
saill,
Is gan ní ar bith ar a' domhan acht briathra cinn.



III
"Och, a Chonaill, a chléibh, a ghaoil na bhfear a bhí sámh,
Ná leig mise síos go síorruidhe faoi sgríb anois leis
a' bhás,
Le gaduidhe an ghuib chaoil, a bhfuil nimh ar 'ach ribe
dá bhárr,
Teacht mar a mbéadh daol ann a sgríobadh croiceann
is cnámh.



IV
"Ó! 'bhfaca sibh an t-iongantas mar sheasaigh mé a'n
oidhche agus a' lá,
Le rígh na gcearrbhach ag imirt ó oidhche go lá
Bhí sé ag cur chluiche go dtainic an t-aon le clár
H-imreadh an chulaidh is ní rabh na cúig méar le fághail."


L. 146



84. ABHRÁN ARANNA.



I
An lá sin a d'fhág mise sráid a' Chlocháin Liath,
Bhí na boltaí ar mo chaoin-chorp, agus síon ag dul i
m'aghaidh;
Ar dhul anonn ar Bhéal a' Droichid damh 'fhliuch mé mo
bhéal,
'S ag teach mór Dhoire Lochain d'ól mé mo sháith.



II
'S an lá sin bhí an carta lán i ngearr do Bhaile Féidh,
Thainic Pártlon Ó Baoighill is thug sé damh tréat;
Ar a dhul fríd Bhaile an Droichid damh ba bhrónach mo
sgéal,
'S gur ag príosún dubh i Leith-bhearr fuair mé deireadh
'ach a'n sgéal.



III
Thainic an chaoin-bhean aréir chugam mar bhí mise liom
fhéin,
Thainic sí aríst chugam agus phóg sí mo bhéal;
Ó sábhail thú, a Roibeirdín, ar Bhotany Bay,
Ná codlaigh ar do ghnoithe go bhfágha tú sgríbhinn mar
is cóir.



IV
Siúd Searlaigh mo chomrádaidhe, maidin is 'ach neóin,
Ag éirighe fá na h-árdán, é féin is Mac Cumhaill;
Nuair a d'éirigh Dómhnall mór is nuair a d'innis sé a
sgéal,
Sé dubhairt a' GrandJury gur mhionnuigh siad a' bhréag.



V
Sgríobhaim leitir uaim go h-Arainn, 'soir Mháire
Dhoimnic mhóir,
Thart go Poll a' mhadaidh 'soir Niall Cotais óig,
Nach bhfuil mé 'n-innibh dhul síos duit, ingéan Dhoimnic
mhóir,
Go bhfuil mé gaibhte i bpríosún fa bhuaraigh na bó.


L. 147



85. SÉAMUS MAC MURCHADHA.



I
A Shéamuis Mhic Murchadha is tú scoith na bhfear uasal,
A phlanta de'n fhírthreibh a shíolruigh ó uaislibh;
Is cosamhail nár smaointigh tú go rabh do ghaolta dá
ruaigeadh,
Nuair nár éalódh tú san oidhche sul ar díoladh faoi do
luach thú.



II
Thíos i lag an tsean-toighe tá an ghearr-chailleach
ghruamdha,
A's léithead croidhe mo bhoise de "bhob" i gclár a h-éadáin;
Ní thuigeann sí mo chanamhain a's ní labhraim léithe
Béarla,
'Sí m'annsacht an bhean dubh atá i ngleanntáin an
tsléibhe.



III
Is truagh nach bhfuil mé i n-Árd-Mhacha nó i n-Árd-
Bhaile Mhic Ruaidhrí,
Ag gabháil trasna thríd do phárlúr le do phárdún, a
bhean uasal;
Déarfainn cúpla dán duit - a's má déarfainn chan le
fuascladh -
Is a mhaighre an ghilbhrághad is tú d'fhág m'inntinn
buadhartha.



IV
Is truagh nach bhfuil mé 'mo ritheóig bhig ar thaoibh
mhalaidhe shléibhe,
Nó mar ghas raithnighe os coinne an ghath gréine;
Nó mar Séamus Mac Murchadha a b'fhearr a shiubhail
Éire,
Is ní fheicthear ar an Chabhán mé go Nodlaic ina dhiaidh
sin.


L. 148


V
Is truagh nach b'é an cogadh é agus a thús ag gabháil
i gcampa,
Agus Séamus Mac Murchadha i dtús air mar cheann-
phort;
Isé nach dtabhairfeadh an urraim do bhodaighibh dubha an
Bhéarla
Acht isé bhéarfadh an urraim do lucht siubhalta na
h-Éireann.



VI
Shaoil mé go raibh cliú damh a bheith i gCaisleán ríogh
Shéamuis,
Nó go bhfaca mé mo léine dá déanamh gan aoibh damh;
Mo dhaoine maithe muinteardha cruinn ar gach taoibh
díom,
A's mo bhearad geal lín-éadaigh ag imtheacht le gaoith
uaim.



B 1608 17T



U Anaithnid

86. LITIR SHEON NÉILSON
CHUM A MHNÁ.



I
Tabhair mo bheannacht go Dún Dalc,
A fhir dorachas go tír Ó Néill,
Tabhair mo bheannacht fós
Do chineadh mo bhean is dó féin.



II
Abair leis tá mé slán -
Marget Caisiol, gradh mo heart,
Eision thall, is mise bhos,
Deir mo chroidhe bocht, "alas."


L. 149


III
B'éigin damhsa fágail mo bhean,
Is gan gabhail mo chead leis,
Na fuireach d'éis Ó Néill as tír -
Och, a Críosd is bocht sin.



IV
Deir móran a nDun Dalc
Gur leamh nach rinne me fill,
Da ma leósan Uí Néill,
Dar by my faith thucad siad linn.



V
Acht tá eagal mór ar mise féin,
Gidh fearr Uí Néill no gach nídh,
Gur peacadh mortal dorinne mé,
Gruaim do chur ar súil mo mhnaoi.



VI
Mur do smuainim ar mo bhean bocht,
Is air gach "och" doní sé,
Bi fliuch go bráth ar mo shúil,
Acht an uair dochím Uí Néill.



VII
Mar do smuainim ar Richard óg
Sginnidh octar deor anuas;
Mar chím ar ball Ui Néill,
Beiridh mo chroidhe léim suas.



VIII
Dogheibh mise ag Ui Néill
Mass ané agus Mass aniogh,
'Sní aibeoraidh ministeir gallta liom,
"Richard Nelson, come to Church."


L. 150


IX
Bhí mise is mo dís cú
Ag cur lúb ar chúl an fox,
Ar muin each le cois Ó Néill,
Ag éisdeacht le géim na Dogs.



X
'S truagh nach bhfuil Mairead óg
Farrum anois ag ól deoch,
Budh happy mise mar atáim,
'S ní déanainn go bráth "och!"



XI
Is truagh gan a Sradbaile bfos,
'N áit Lovain annso maith;
Is clann Caisil ar an tsráid
'N áit na fear Labhras Dutch.



XII
'S truagh nach í Margred óg,
Dobhi na good-wife san toigh so 'réir,
'S truagh nach í Richard óg
Dotig le deoch ar bórd Ui Néill.



XIII
'S truagh liom na fágham bás,
Ar son mo mná is ar son mo chlann,
Is go ttréigfinn féin a bhfuil abfos
Ar son O Néill sa bfuil thall.



XIV
Tugthar chugam deoch don fíon,
Is píopa do tumbac maith,
Ni bí gruaim feasda ar mo shúil;
Tabhair mo bheannacht go Dún Dalc.


L. 151


An t-Abhrán.



Beir, mo ghiolla, mo litir go h-Éirinn siar,
Is aithris do sisi go bhfuil mise le brón na diaigh;
Beir uaim hicidh go bhfuil mise slán dar fiadh,
'S nach bhfuil ann sa cruinne aon duine is fearr no
Niall.



87. ÓRÓ, 'SÉ DO BHEATHA ABHAILE.



B 1909c 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



I
A Shéarlais óig a mhic Ríogh Shéamuis,
'Sé mo mhór-chreach do thriall as Éirinn,
Gan aon ruainne bróig' ort, stocaí nó léine,
Acht 'do chascairt leis na Franncaighibh.



Curfá -
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Anois ag teacht an tSamhraidh!"



II
'Sé mo léan géar nach bhfeicim,
Mur' mbéinn beó 'na dhiaidh acht seachtmhain,
Séarlas óg is míle gaiscidheach
Ag coscairt leis na Franncaighibh.
Curfá.



III
Tá Séarlas óg ag triall thar sáile,
Béidh siad leis-sean cúpla gárda,
Béidh siad leis-sean Franncaigh is Spáinnigh,
Agus bainfidh siad rinnc' as 'Éir'cighibh.
Curfá.


L. 152


B 1915 19>
B
88. 'S Ó BHEAN A' TOIGHE.



I
Ó éirigidh suas a thogha na bhfear
'Gus cuirigidh píce ar bharr gach cleith,
Leagaigidh síos iad lucht a droch-chroidhe,
Agus cuirigidh dlighe na Frainc' ar bun.



Curfá -
Agus 's ó bhean a' toighe cé'n bhuadhairt sin ort?
'S ó bhean a toighe, fá dhó nó trí,
Béidh an talamh gan chíos againn ó'n bhliadhain seo
'mach;
'S ó bhean a toighe cé'n bhuadhairt sin ort?



II
Tá an jug ar an bhórd, tá 'n beóir ag teacht,
Tá arm go leor ag Duke of York,
Tá 'n Franncach 's an Spáinneach ar bhruach na trágha,
'Gus is feárr liom go mór iad na cómhradh ban.
Agus ó bhean a' toighe, etc.



III
Ó shuidh mise síos, mo mhian le m'ais,
'Bliacht mo chárta dighe mar dheanfadh fear;
'Sé dubhairt bean a' toighe liom do chómhradh míne,
Gan airgead síos bheith dul amach.
Agus ó bhean a' toighe, etc.



IV
Tharraing mé 'níos mo phíosa breac,
Mar 's mairg a bhíos gan é, mo chreach!
Labhair sí aríst liom go carthannach caoin,
"Beir ar do chiall tá 'n siamsa ar fad ort."
Agus ó bhean a' toighe, etc.


L. 153


V
Mo chreach 's mo chrádh 'nuair a bhí mise beag,
In aois mo dhá bhliadhain sul ar smaoitigh mé ar olc,
Nach ndeachaidh mé ar long nó 'n arm an ríogh,
Sul ar chaith mé mo shaoghail ag dul timcheall thart.
Agus ó bhean a' toighe, etc.



89. AN PÍOPA DUBH.



B 1823ls 19T
U Anaithnid



I
Is bacach buadhartha mise ó thoigh go toigh,
Ag iarraidh déirce gach lá 'mo rith,
Dá bhfuighinn-se mo mhin agus na mílte ubh,
Acht b'fhéarr liom toit dá laighead as an bpíopa dubh.



II
Is duine gan chéill mise indé 's indiu,
Stad glór mo bhéil, mo ghné, 's mo chruth:
Mór-spórt Éireann níor greann sin damh,
Gan guithleóg uair éigin as mo phíopa dubh.



III
A Dhia, mar Chormac dá mbéinn 'mo ríogh,
'S a bheith 'n éachtaibh Hector a bhí seal 'sa' Traoi,
Sin, agus mo cheannphort ag cur Gall le sruth,
Agus b'fhéarr liom-sa i mbothán sléibhe le mo phíopa dubh.



IV
Dá mbéinn m'árd-rígh os cionn na gcríoch,
'S a bheith i gcaithréim Sólaimh bhi seal 'na rígh,
Sin agus a bhfuil ó Cháirlinn go Lios na Gruth,
'S ní bhéadh gar 'sa' mhéid sin gan mo phíopa dubh.


L. 154


V
Oirpheus agus a chlársach, cé gur binn,
Le go gcorróchadh carraige, agus a stadfadh tuinn,
Le go dtionntóchadh néaltaí, agus réim gach sruth,
Is nár bhinne liomsa ná gall-tromp' gan mo phíopa
dubh.



VI
Ní binn liom-sa fuaim ó gach ealtaibh éan,
Nó guth na h-eala a bhíos ag teacht go tréan;
Cé gur siamsach an chuach ní h-áil liom-sa a guth
Nó glór a' noightingéal gan mo phíopa dubh.



VII
Slán a choidhch' feasda le gach greann,
Le cumadh dántaí, startha, 's rann;
Tá mise claoidhte agus ní h-iongnadh dhamh,
Dul i gcómhra chláir fá mo phíopa dubh.



B 1840c 19L



U Séamus Ó Toimhleáin

AN PÍOPA BRISTE.
Séamus Ó Teibhlin ró chan.



Thuit mo phíopa ar an talamh.
Briseadh é, is tá mé follamh;
Bhí sé 'gcómhnuidhe ródhmhail, réidhtigh',
A choidhch' níos mó chan fhághaim a léithide;
Bhí sé díreach, slíocaidh, sleamhain,
Cha bhfuightheá a léithid ins a' domhan.
Dubhairt Paidi Mhac Ramhna is Tom Mhac Cléirigh
Nach rabh a léithid faoi na spéirthibh,
Is cha bhfuightheá beirt, dá siubhailfeá Éire,
A líonfadh is a cháithfeadh leis an bpéire.


L. 155


B 1824ls 19T
U Anaithnid



90. LAOI MHOLTA AN TOMBAC.



I
Is mór miorbhúillte an tombac -
Taoiseach tacar gach críonnacht:
Luibh do bheannuigh gach cléireach,
'S an t-Athair Seumas Ó Fíonacht.



II
Doghní sí síothcáin neamhdha
Eadar chlannaibh séimhidh Lobuis;
Is milse ná blas na raoi sin
Baladh an tsnaoisin sróna.



III
"Luibh íocshláinte í," ars' an chailleach,
"Do-bheir cabhair do gach cliabhlach,
Bheir do shúilibh amharc,
Agus fóireas ar an ngalar fiacal."



IV
Is maith píopa 'san oidhche,
Is ró-mhaith snaoisin ar maidin;
Duilleóg is maith gan amhras
Faoi'n gcarbad do ghnáth dá chaigneadh.



V
Is folláin gal an tsúsa
Ag lucht muchaidh agus réama;
Is is folláin gal na maidne
Ag lucht sileadh agus méalais.


L. 156



91. LAOI CHÁINTE AN TOMBAC.



I
Beir uaimse an tombac bréan,
Ní rachaidh sé in mo bhéal go bráth;
Millidh sé anal is déad,
Is lagaidh sé céadfadh cách.



II
Goididh sé an chuimhne 's an chiall,
Agus baineann sé an lúth as an gcois;
Fágann sé dursan 'sa gcionn,
Agus tóigeann sé fionn ar an rosg.



III
An luibh úd thig chugainn ar tuinn,
'S nach dtagann i gcrích Chuinn go ceart,
Dá mba fiosach do na mnáibh 'chur i suim
Mhillfeadh sé fonn na bhfear.



IV
Sí an luibh is measa buaidh,
Ar chlár Bhanba Chuinn;
Sréidheann sí airgead 's ór,
Is caitheann sí an stór ó'n gcloinn.



V
Gach aon ar mhian a bheith buan,
Ní beag dó mar ghráin 's mar chúis;
Is gurab é Lúsaifer na meang
Do thionnsgain an crann ar dtús.


L. 157


92. BÁS AN GHABHAIR.
B 1831 19T
U Ard Mac Bionaid



Art Beanaid cct.



I
Nach tuirseach an gníomh a theangmhaigh 'sa tír seo
I ndeireadh oidhche ins an fhóghmhar?
Le gaethe líomhtha gur goineadh an míleadh
A thaisdeal críocha na hEorpa!
Gé go rabh a ghaoltaí anuas ó'n dílinn
I seilbh dhílis na Fódla,
Fágadh sínte é gan lucht a chaointe
Aige conairt chraosaigh Mhaigh Phónair.



II
Chruinnigh na daoine i lár na h-oidhche,
Agus fuair siad sínte ar an fhéar é;
Bhí na srotha líonta d'fhuil a chroidhe-sean,
Agus é gonta claoidhte ag an éag ann.
Bhí cáil le sgríobhadh de neithibh saoghalta aige,
Acht charbh'eol dó a mhíniughadh i nGaedhilig;
Acht do réir mar shaoilim dá dtuigfeadh daoine é
Chrochfadh sé an tír as a h-éadan.



III
Bhí fear de'n chompan chaith bhfad d'a aimsir
Ag teagasg Franncais is Gréigis;
Bhí sé i bhFlanders, is shiar i Luimneach,
Agus seal i Longphort na cléire;
Cha rabh sé i gCondae a chuireadh bang air
I dteangaidh Eabhra agus Gaedhilig
'Sé sgríobh an tiomna le solas coinnle,
Gé nár thuig sé iomlán an sgéil sin.


L. 158


IV
Ag teacht i láthair damh go mágh a Ghabhaidh -
Sin an áit a rabh an phléideail,
Dubhairt cuid de'n phártaigh go rabh an galar spága air
Agus gurbh' é sin ádhbhar a éagnaigh'
Dubhairt Joe Mhac Partholáin amach ós árd ann -
Mar nach raibh sé gnáthach ar an Bhéarla -
Gur ab ar Pheadar Mhac Árdghaill a ghoir sé 'na
ghárthaibh
'S gurab é a thuigfead ádhbhar an bhuaidhridh.



V
Char leig an buaidhreadh do Pheadar éisteacht,
Nó gur réab sé ins na fuachas;
Mar bhí sé tréitheach 'san teangaidh Bhéarla,
Thuig sé an mhéidhleach ba chruaidhe.
B'fhada an éagcaoin dorinne an péire,
Acht 'sé críoch na sgéala mar chualas,
Gur conairt chraosach as Bhaile an tSléibhe
Tharraing aréir un na h-uaighe é.



VI
D'fhág sé a bhás ar an mhadadh bhán
A bhí aige Peadar Mhac Ádhaimh i Mágh Phónair;
Agus ar a churadh chlárach thug un na h-áite
An madadh allta úd a leóin é.
Le méad na dásacht' a ghlac a cháirde
Thainic i láthair un a thóraidh,
Le iomad spáide go dtearn siad ár-mhagh
Ar Hector ghallta gan fóirthint.


L. 159


VII
Thainic glúineadóir as Condae Dhúin ann,
Agus thainic coiste ann as Árdmhacha,
Thainic trúpa as Condae Lúghbhaidh ann,
Agus seisear búisteóir as Cáirlinn;
Thainic cúigear as Caiseal Mumhan ann,
Is as Doire Núise thainic a lán ann:
Ba é críoch na cúise gur mhionnaigh triúr dhíobh
Gurab é an gúta thug bás dó.



B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



AGALLAMH.



Fear Bocht - Tobac i ndiaidh bidh is ar mhnaoi an toighe
sin,
Bean a' Toighe - Slaoiste a thiocfadh an t-slighe ba bheag
a' cíos dó é bheith leis.
F.B. - A chailleach chrón bhuidhe, ba bheag a b'fhiú do
chuid bidh a léithid de cíos a chur air.
B. a' T. - má's olc leat mo chuid bidh gabh an t-slighe
agus na bain de.
F.B. - Alt do mhuineal a' dís, fear a' toighe agus a'
bhean;
Ní bhfuair seisean a' sháith de mhnaoi, agus b'é fhéin
dith na bhfear.
Tír Chonaill.


L. 160


B 1844c 19L
U Ard Mac Bionaid



93. FILÍ NA MUMHAN.
Art Beanaid cct.



I
Is árd an céim do-bheir Seaghan Ó Dálaigh
Do ollamh 's do bhárd na tíre shuas
Shéid sé gall-trompa láidir
Le Mac Domhnaill Clárach agus Ó Súileabháin Ruadh.



II
Is caorthann gan mhilseacht fuaim a mbeoil
Is searbh gach ceol d'ar chum an dís
Cnapach, corrach, gan sult, gan treóir,
Gan mheadhair, gan bheodhacht, gan bhrígh.



III
Gá bhfuil an mhil a bhí tonnamh anuas
Le Doirnín na gcuach 's na siolla mín
Mac Alinduin a thógfeadh gruaim
Nó an Dall Mhac Cuarta thug cliú gach tír.



IV
An t-Abhrán.
Tá an luchóg go buan ag ruagadh an chait as gach áird
Tá an gearrfhiadh i n-a ualach ar ghuaillibh na con gach lá.
Tiocfaidh Teamhair anuas go bruach na Banna gan spás
Má bheir Dálach an bhuaidh an uair so ó ollamh Chrioch
Fáil.


L. 161



94. AOR AR AODH MHAC DOMHNAILL.
Or Reflections upon Hugh Mac Donnell's conduct
for assuming the name of a poet.
Art Beanaid cct.



I
D'imthigh an t-iasg a bhí 'san Bhóinn
A dheánamh foghmhar go Dún na nGall
Tráth chualaidh siad Aodh Mhac Domhnaill
A bheith ceartughadh ceóil agus a' cumadh rann.



II
Thiompuigh an eala ar dhath an ghuail,
Agus an madadh ruadh 'na ghréasaidhe bróg,
Thriomuigh an mhíoltóg Eas-Aoidh-Ruaidh,
Le neart a luathgháire fá ollamh an cheoil.



III
Sguab an dreoilín leis 'na bhéal
Caisleán Seághain go Baile an Mhaoir,
Agus chuir sé an seilide leis na sgéala
Ó Chuan Bhinn' Eadair go Cill a' Chaoil.



IV
Séideadh feadóg istoigh Port Lairge,
Agus d'imthigh Árd-Mhach' go Caiseal Mumhan,
D'imthigh Ceannanus go Condae an Chláir,
Agus Cnoc an Bhrathara go Lios a' Phúca.



V
D'imthigh Teamhair go sleíbhte Cháirlinn,
Agus móta Ghranárd go Doire Núis',
Agus Cuan na Mara go Baile Uí Bhrágain
'Cur iomad fáilte do'n ollamh úr.


L. 162


B 1845c 19L



95. AR AN FHEAR CHÉADNA.
Art Beanaid cct.



I
Gé nár fhág tú file, ollamh, nó éigse,
Nó siabhradh Gréigeach ó thús an tsaoghail
Nár ghoir tú chugat i dtuireadh Shéamuis
A theabaigh na dhiaidh sin a bheith na laoi.



II
Bhuain seachrán mara do do laoi
Ag áireamh na laoich a bhí san ghleo,
'S go bhfuil sé soilleair aige gach aon
Nach do'n líne sin Iarla Thír Eoghain.



III
Níor chualais trácht ar Gleann na gCuacha,
Ar an tseanchú uasal, nó ar a chlann,
Colla ciotach, nó an t-Iarla Ruadh
A goideadh le cluain as Dún na nGall.



IV
An tAbhrán.
Dá ndeánfá cuairt agam nó go n-imtheóchadh
An ghruaim díot fá ollamh stuamdha na bPlástar,
Níl ionad súbhailceach go gcluinfinn luathgháir,
Nach dtabhrainn ruag leat do do shásamh:
Rachainn suas leat chum an Tighearnus uachtrach,
Le h-iom Chuala go Cáirlinn,
Tá bainne is buaibh ann, níl goimh nó fuacht ann,
Is tá iasg go Luaimneach ag snámh ann.


L. 163


B 1844c 19L



96. AN FEAR CÉADNA.
Art Beanaid cct.



I
Budh ionmhuin liomsa file faobhrach,
Ar nós na ndraoi a bhí ann ó ghnáthas,
Acht bocán bearach d'fhás na h-oidhche,
Breallan baoth gabhail ainm báird.



II
Samhail an phriompalláin ag éirighe suas
Amach as fual agus otrach bó;
Bhuail an tseilan é go cruaidh,
Agus thuit sé anuas i dursán ceóil.



III
Shaoil Phaeton gur mhór an chéim
Eachraidh na gréine fhághail fá na stiúr;
Cha ghlacfadh comhairle, chuaidh i dtréis,
Gur thuit sé san tréan-mhuir do leith a chúil.



IV
An t-Abhrán.
Adeir na hughdair a sgrúduigheas gach nidh go beacht,
An té dhiúltfeas a mhúineadh a leigean thart;
Is treise an dúthchas go dúbalta i mbrígh 's i neart,
Nó an tiobrad dúnta adubhairt tusa riar mo thart.



B 1820ob 19T
U Pól Ó Briain



Rann.
Is eagal liom gur mór an baoghal
Do leabhraibh séimh-ghuth na sean-Gaedheal,
A bheith 'mo dhiaidh-se faobhtha fann,
Mar luing ar aibheis gan iúl-chrann.
An t-Athair Pól Ó Briain.


L. 164


B 1879ob 19D
U Ard Mac Bionaid



97. ÉIRE FAOI'N BHAINRÍOGHAN SIOBAIL.
Art Beanaid cct.



I
Is iomdha léan a fuair Inis Fódla
Ar bheagán sócamhail faoi Shiobail chlaon,
Sgriosadh a laochradh bhí neartmhar cródha,
Is tugadh a lóistín do Bhriotan mhaol.



II
Creachadh a teampuill agus losgadh a bráithre,
Sgannradh an cláirseóir is gach file caomh,
Leagadh a gcaisleáin agus losgadh a bhfaruis,
Agus rinneadh fásach do bhfearann saor.



III
Strócadh an leanbh as ucht a mháthara,
Is faoi uidios gallta chuireadh un truall,
Is dá labharadh aon fhocal i dteangaidh a mháthara
Chuirfeadh i mbraighdeanacht é nó i n-anbhruid chruaidh.



IV
An t-Abhrán.
'Sé an ruagadh thug Aodh Ruadh ar dtús do'n Spáinn,
Is na sluaighte de n-ár n-uaisle go dlúth i n-a dháil,
d'fháig fuaim bhlasta ar dteangadh snasta i smúid
faoi smál,
Gan neach fá thuaidh anois ar slighe a fuasgalt acht an
ciúin Mhac Ádhaimh.


L. 165


B 1856lsc 19L



98. DO'N SAGART PÁDRAIG Ó LUAIN.
Art Beanaid cct.



I
A Phádraig, tá mise aosta, agus faraor níl tusa óg,
Cha rabh mórán de mo dhaoinibh fuair saoghal fada 'riamh
go fóill;
Tuilleann neart is aoibhneas go gclaoidhfidh an t-éag
fá dheoidh,
Agus an té is treise gníomha gur baoghalach do'n
deireadh an ghleoidh.



II
Tá mo amharc ag éirghe gruamdha, is níl stuaim in mo
mhéar mar bhí,
Níl an t-éisteacht in mo chluasaibh, agus is uaigneach
mé fhéin da dhíth;
Tá crampaigh do mo ruagadh, is mo guallaí ag cromadh
críon,
Agus measaim fhéin nach dual damh bheith buan ar a'
Bhaile Caoil.



III
Má 's beo bhéas tú 'mo dhiaidh-sa, 'chléirigh na psailm
sáimh,
Cuir cosnamh ar mo chéile is gheobhair féirín gan móran
spáis -
Mo sgríbhinn uile Gaedhilge, is tú an t-oighre ós cionn
feara Fáil,
Agus tuilleadh eile d'arbhféidir, is mo chéad beannacht
leo dá dháil.



IV
Acht bí a ghuidhe ar na h-ollamhnaibh stuamdha bhí fuaim-
bhlasta eagnaidhe binn -
Ua Doirnín, is Mac Cuarta, na subhailce is na siollaí
grinn;
Is Mac Cúbhthaigh a bhí dá ruagadh aig an stuacaire de
chailligh dhaill
Is nach bhfuair sé fosadh uaire nó gur fhuaraigh a chorp
i gcill.




L. 166


B 1756ob 18L
U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna



99. AITHREACHAS CHATHAIL BHUIDHE
Cathal Buidhe 'al Ghunna cct.



I
Anois is tráth liom parlaidh dheánamh feasta le Dia,
Ag smuaineadh ar gach aon áit 'n-a ndeárnaidheas
peacadh ariamh;
Och, a Rí na ngrása, a árduigheas gealach is grian,
I n-éiric a ndeárnas fág mé i gcumhacht a léigheas.



II
A Rí na ngrása, is dána dhamh amharc ort suas,
'S nach bhfuil oidhche nó lá nach dtarraingim fuil as do
ghruaidh;
d'fhulaing tú an pháis ag do námhaid d'ar gceannach
go cruaidh,
Acht mur leasfar do lámh, mo chrádh, gur imthigh mé
uait.



III
A Rí na réalt, a d'fhulaing éag i mbarr an chrainn,
Agus croidhe do chléibh gur réabadh le lámha' an daill,
Fuil do chréachta do théachtadh ar lár na linn
'S ar sgáth do sgéithe beir féin go párrthas sin.



IV
A Íosa, a Spiorad Naomhtha, a Athair, agus 'Uain,
A thug fíor-fhuil do thaoibhe d'ar gceannach go cruaidh,
Bí mo dhídean, bí mo smuaintí, bí ar m'aire gach uair,
Má 's suidhe dhamh, má 's luighe damh, má 's seasamh, má 's
suan.


L. 167


V
Tabhair tionnsgaint dom' ghníomhartha an d'ainm go
buan,
Is críochnuigh le fíor-cheart do ghnáth mo uaill,
I ndúil go bhfuighinn-se a theacht saor ó gach cealg
agus cluain,
A Rí-mhic, 'sgo bhfuighinn-se 'bheith amharc ort suas.



VI
Tabhair féin damh 'bheith ag féachaint do chréachta go
buan,
'S a bheith 'léigheadh do chéimhe gach tráth gan suan;
A Rí na gréine, nach leigeann do cháirde uait,
M'anam réidh-ghlan beir féin leat go párrthas suas.



VII
A Íosa, chuir dian-sgrios ar dheamhnaibh anuas,
'S rinne príosun dá ndíbirt i n-ifrionn go suan,
Go mba dídean damh do phiantaí lá 'n bhreitheamhnais
an Luain,
'S tabhair croidhe dhamh le go gcaoinfinn do pháis gach
uair.



VIII
Anois ísligh m'fhíoch, m'fhearg, agus m'fhuath,
Agus díbir na smuaintí malluighthe so uaim;
Leig braon ó'n Spiorad naomhtha beannuighth' anuas,
A chlaoidhfeas an croidhe so tá 'na charraig le cruadhas.



IX
Is é mo léan géar, faraor, nachar rugadh mé dall,
Bodhar, balbh, gan chéill, gan aon smid teangadh in mo
cheann,
Sul fá ndeachaidh i dtréas mé, mar ceithearnach
coilleadh le feall,
Sé mo sgríudadh go héag nach ndéarnaidh mé aithrighe
i n-am.


L. 168


X
Fuair mé cúig ní ó'n Spiorad naomh nárbhfiú mé fhághail,
Mar atá amharc na slighe, 'mo bhrigh, agus cluinim a lán,
Blas agus boladh, agus molaim thú a Rí na ngrás,
Agus mothuigheann mo chroidhe uile ní míle áltughadh
leat, 'Athair.



XI
A Aoin-mhic an Athar nach bhfacaidh an Dall do ghoin,
Acht is léar liomsa an gléas gan bhréag le'r
tarraingeadh d'fhuil;
Lá an t-sléibhe, an tráth bhéarthar na gártha stuic
Is léan liom nach bhféadaim do pháis do ghol.



XII
A Aoin-mhic na h-óighe, a stóir, agus sgiath na mbocht,
I néiric an chrainn le'r ceanglad thú gan locht,
Braon do do thrócaire dóirt ar m'anam anocht,
'Sna leig ar seóid níos mó mé, acht claoidh mo chorp.



XIII
Dá mbéinn-se sa Róimh, mo bhrón, chan fhuilim, is cha
bhíonn,
Im' eaglaiseach óg, 's mé cóirighth' i n-aibíd na naomh,
Dheánfainn aithreachas mór agus deora comh geal leis
an aol,
I riocht a fhágháil rómham mar lón i bhflaitheas na naomh.



XIV
A Rí na ndúil, a thug cabhair is amharc do'n dall,
Agus d'fhulaing sgiúrsaidh an chinidh adaidh da'r gceas-
nughadh ar chrann,
A d'fhulaing go h-úmhal d'úr-chneas a cheangail go
teann,
Tabhair maitheamhnas dúinn, an sgúid bocht peacaidh,
do chlann.


L. 169


XV
A Rí na bhfeart, go n-acluidh tú mo chroidhe,
'S go dtiubhraidh tú leat mé ar neamh, mar bhfuil na
naomh;
Aidmhuighim anois mo locht duit cam agus claon,
Go bhfuil mé faoi ghlasaibh ag peacaidhibh deamhna an
tsaoghail.



XVI
Bhéinn-se am agus shantóchainn ní bhéadh deas,
Agus bhéinn-se am agus shantóchainn ní ar leith,
Bhí mise drúiseamhail, gáirseamhail, feargach, 's ba mhór
mo leisg -
Och, a Rí na ngrása, in d'fheirg ná tabhair do bhreith.



XVII
Nach truagh mé, lá 'n tsléibhe, is mé ar thoiseach an
tsluaigh,
'S gur measa mé féin nó 'n té rinne brath leis an
bpóig;
Cuirfidh mé cré an da'réag, agus glacfar é dar
ndóigh,
Ar a' ndúil is go ndeárfaidhe 'láthair Dé - He's not
found guilty my Lord.



XVIII
Tá mo léacsa caithte, is deimhin nach fada mo shaoghal,
Is nach truagh mé is mo lochta sgríobhtha in mo aghaidh!
Acht guidhim thú, a Mhuire, a bhuime 'sa mhathair Mhic Dé
Go n-íocfaidh mo chorp in gach olc dá ndearnaidh mé.


L. 170


B 1915 19>
U Séamus Ó Consaidín
B



100. DÁN NA H-AOINE.



I
"Athair shíorruidhe goidé tá tú dhul' a dheánamh?
'Bhfuil tú ar tí na fláithis a bhánughadh?
Is mór a' truaighe do shíol Éabha agus Ádhmha
'Bheith dhul go h-ifrionn ar bheagan ádhbhair."



II
"gCualaidh tusa uabhar an ai'ghil
Nuair fuair an t-ór in a dheis-láimh
Smaoi'tigh sé go mbfeárra fhéin ná mise
Is tá mé réidh leis go lá an bhreitheamhnais."



III
"Athair gheanamhail, is Athair na ngrásta,
Goidé 'n duais a ghlacfá ar son shíl Ádhmha?"
lacuna de 2 líne



IV
"Ní ghlacfaidh mé duais ar bith nó sásamh
Acht fuil Mhic Ríogh gan choir gan cháineadh
Dhóirteadh ar a son sul a bhfágha siad párdún
Má's féidir sin caithfear a dheánamh."



V
"An aithristheá damh-sa, a ghnúis is féile,
Goidé an cíos a dhíolfadh a dtréasa?
'Á mbéadh siad saor bhéadh m'intinn saidhbhir,
Agus díolfaidh mise a gcáin má's féidir."



VI
"A mhic mo chroidhe 'tá naomhtha béasach
Á' dteidhtheá annsin agus a gcás a réidhteach,
A fhulang an pháis is bás cráidhte céasta,
Gheobhádh siad glóir go fóill agus féasta."


L. 171


VII
"Chan fhulaingim páis go bráth gan daonnacht,
Tá sé i n-aghaidh mo bhéas' is mo chríonnacht';
Acht anois ar a' talamh i seomra fíor-ghlan
Tá maighdean óg atá órduigh' fíor-dheas;



VIII
'Sí rugadh gan pheacadh is nach bhfuair a náire,
Ise 'gus mise a chuirfeas a' báire,
Agus molfaidh gach aon mac Dé na ngrásta."
Críochnuigheadh an chómhairle is bhí an t-Athair sásta.



IX
Annsin thuirling an t-aingheal anuas as párrthas
Is chomhnuigh sé fá dhídion Mháire
Is d'iomchar sí É na trí ráithche.
Go h-umhal, éasgaidh, go foighdeach, náireach.



X
Nó go dtainic an t-am ar a' rígh-bhean uasail,
Ar thóg sí a h-árus ins an stábla go suarach,
Go bhfuair sí h-Aon-mhac naomhtha an uair sin,
Gan chuideachta Aoin-neach a dhéanamh súbhailce.



XI
Acht ba ghearr i n-a dhiaidh sin go rabh sí buaidheartha,
Nuair a thainic sí Hérod agus an sluagh leis:
Chuir sé na mílte leanbha un báis an uair sin,
Mar i ndúil go bhfuigheadh siad Críosta 'na sguabhthacha'.



XII
Acht d'éirigh Muire ar a' tríomhadh h-oidhche,
Is thug sí a leanbh léithe i bhfad ó dhídion,
Thar na sléibhtibh go tír na h-Égipt,
Mar i ndúil a shábhail ar Pháis na h-Aoine.


L. 172


XIII
Nuair a thainic Mac Dé i méid is i meisnigh,
Thosuigh Sé ag coistreacadh na ndaoine, agus a mbais-
teadh,
A dtabhairt un céille, agus un chreidimh,
Fríd a' t-saoghal mhór, É féin agus na heaspail.



XIV
Acht go dtearn Iúdas gníomh feille air,
A thighearna a dhíol ar bhríb gan aon-mhaith,
Deich agus fiche de phíosaibh airgid,
Is d'aithin Sé fhéin go rabh Sé braithte.



XV
Annsin a throsg Sé dhá fhichid lá ar an fhásach,
Gan chuideacht' aoin-neach - fir nó mná aige,
lacuna de 1 líne
Nó go bhfuair annsin na h-easpail amach É.



XVI
Sheasuigh Sé suas ag a ngual'eacha,
Is labhair Sé leobhtha fríd ghlór thuirseach,
"Imthigidh uaim, is na fanaigidh agam
Ná tá Mise díolta is béidh mé gaibhte."



XVII
Annsin labhair Peadar le n-a mhaighistir,
"Cha dtréigfinn fhéin Thú, nó na naoimh-easpail."
"Ná labhair cómh dóchasach sin, a Pheadair,
Ná séanfaidh tú mise trí h-uaire faoi mhaidin."



XVIII
Annsin a ghoil Eóin agus Peadar go cráidhte,
Is ghoil Mac Dé ná 's aige bhí an t-ádhbhar:
"A Eóin, a rúin, fágfaidh Mé cuimrigh mo mháthar ort,
Ná 'sé mo bharramhail go bhfuil a' bás orm."


L. 173


XIX
Annsin a chuaidh Críost isteach na gáraidh,
Is d'amharc Sé suas ar an Athair neamhdha;
lacuna de 2 líne



XX
"Sé mo athchuinge go leigfidh an pháis seo tharm,
Tá mo chroidhe ag creathnughadh agus mo chorp ag
sgártughadh,
Ar mhéad a' stróctha agus a gheobhas Mé imbárach."
"Mar gheall Tú sin féadfaidh Tú a dheánamh."



XXI
Annsin a thainic Iúdas isteach na gháraidh,
Is thug sé póg dó, is chan le fáilte;
Níl aoin-neach aca ariamh dá bhfuair fá n-a ghaobhar
Nach dtug lán a dhá láimh leobhtha amach ó n-a chrámha."



XXII
Annsin chuaidh Eóin i n-áit a rabh Muire,
"Eóin, a rúin, 'bhfaca tú mo leanbh?"
"Chonnaic mé É, a righ-bhean bheannuigh',
Ar láimh a námhaid, is tá sé gaibhte."



XXIII
Char fhan sí le n-a cóiriughadh, nó le n-a deasughadh,
Bhí a cois gan bhróg, is a ceann nochtuigh',
Char mhothuigh sí clocha an bhóthair ariamh dá gortughadh,
Go dtainic sí san áit a rabh an gárda socruigh'.



XXIV
Labhair sí le h-Eóin, 'sé bhí ar láimh léithe,
"Éóin, a rúin, cé siúd thuas ar chrann na páise?"
<"A mháthair dhílis nó nach n-aithin tú mise?>
Is minic a shiubhal tú oidhche agus lá liom
Mar i ndúil mé a shábhail ar pháis an lae seo."


L. 174


XXV
"Is doiligh damh-sa mo aon-mhac a aithneach,
Tá a cheann brúighte, agus a bhéal briste,
Tá a chuid feol' na strócacha' síos go dtí 'n talamh,
Is nach bhfeicim an tsráid seo uilig lán de n-a chuid fola."



XXVI
Cha rabh deireadh an chómhráidh críochnuigh' aca,
Nuair a thuit Muire fá clochaibh;
Gearrughadh a lámha, is a cosa,
Agus a h-éadan mór-mhuirneach ariamh char mhothuigh.



XXVII
Thóg Eóin í, ar greim láimhe,
Agus d'umhluigh sí ar a glúnaibh geala;
D'umhluigh sí ar a glúnaibh geala,
Agus bhí a rosg mór-sgéimh sileadh fola.



XXVIII
"Bí do thost, a mháthair, is ná goil cómh cráidhte,
Nó go bhfagha tú cuidiughadh do shíol Ádhmha:
Níl aoin-neach aca ariamh dá ngoilfidh fa'n ádbhar
Nach bhfuigh roinn ins a chathair neamhdha."



Foircheann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services