Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Five seventeenth-century political poems

Title
Five seventeenth-century political poems
Author(s)
Mac an Chaoilfhiaclaigh, Donnchadh,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Do fríth, monuar, an uain si ar Éirinn,
do fríth a faill 's a caill i n-aonacht,
seanabhean Chríomhthainn, Chuínn is Fhéilim,
bean tsiúil cé dubhach dise ar ndéanamh.
A crádh go bhfuíghe an sgaoilteach éithig,
ar dteacht tar sáil tug 'lámh 's a bréithir
's a móide pósta le ló a saogail
d'fhuil Ír, Éireamhóin is Éibhir,
is gurab amhla atá le spás 'na méirdrig,
Och! gan choigilt a croicinn ar éinfhear.
Fir an domhain mar ghabhaid go léigfeadh
i leabuig Bhriain, Niall is Éanna,
Anngar chúiche, an trú bhréagach!
Is mór an ghráin 's is nár go héag dhi,
na fir mhaithe do thaithig do thréigean
air dheóraibh ainigí falachaí éithig


L. 4


is ná raibh riamh fá rian éasga,
fa shiúl gréine, spéire is réaltan
fir mar mheasaim dob fhearra 'na réimheas
do rí ná d'ímpire ná d'éarla.
'S a n-abraim ná meastar gur baosra;
ba rithe iad i n-iathaibh céana,
do mhianach ríoga do bhí déanta;
do chuaig le n-a gcruas a mbua céimeann.
Is mór díobh 'na ríthe do naomhadh
le díorga a mbreath, a reacht 's a gcéimeann;
's a ngéaga geinealach uile go mbéarfainn
suas go fuiris gan fille go hÉabha.
Is mór an trua don stuaire stéadach
tug aimsir fhada dá n-altram go haerach
éirí suas d'fhuil ua na saoirfhear
do thriall uirthe ó imealaibh Gréige.
Is uirthe cé labhraim go trom éadmhar,
ní hí is cionntach le crú Ghaedhil Ghlais,
acht fórsa is neart na bhfear dá héigean
's gan do bhrí 'na cluinn a caomhna.
Is fir na cruinne mar thugadar géirshearc,


L. 5


ní nár bh'iongna, uile do Vénus,
ar ghnaoi bhriocht seirce do dheilbh Heléna,
is don mhnaoi dob oiriric crotha Minérva,
tugadar aire cé seanabhean aosta
don mhnaoi si síos le luigheadh mar chéile
Niall dár fearadh na frasa do néalaibh.
Níor bh'iongna liomsa a dtnú le a sgéimh sin.
Do bhí sí dathúil flathúil maorga,
geal deas fada úr geanúil déanta,
suiríoch páirteach cráifeach céadfach,
tromaí dána náireach néamhga.
Ba throm lúbach a cúl craobhach,
altach ómrach bórrchas péarlach.
Luisní an ghrá ag fás 'na héagcosg
is coiméad orthann na toile 'na héadan.
Dob úr cúrtha a cúm caoltiubh,
a ruisg ba dhamhna dream do bhréaga,
ba gheal a taoibh, a baill 's a géaga,
ba bhreá solasghnaoi a corrachích géara.
A buadha uile dá gcuirinn i n-aonacht,
a cáile maithe, a fearta 's a féile,
is dul amach ar fad dá léirmheas,
is mó ná ar áirmheas atá tar m'éis de.


L. 6


Dá maireadh gárda mhná Chuinn Chéad-chath
nó a maca samhla i n-am a taomluit,
an Eóraip uile is dimhin nár bhaol di
is níor dhóigh cur le n-a holc do dhéanamh.
Ba díobh Fionn mac Cumhaill na Féine,
Oisín mac Fínn, Caoilte is Caol Glas,
Goll is Usgar, Cuireall is Daolgas,
is trí sáirmhic Aoincheárda Béara
Donn is Coinnche is Colla is na hAodha,
na trí gairbhmhic, Cairbre is Céadach,
Smeig ar Drúcht is Mac Lúighidh na ngéarlann,
Brian Ó Biorrainn, Conn Crithir is Faolan.
Is na gaisgíg i ngleacuíocht ba thréine:
an Chú do thuit ar Mhuigh Mhuirthéimhne,
Conall Ceárnach an t-ársa léidmheach
is Laoghaire gruaigheal Buadhach na mbéimeann.
Ar fad tímcheall na dtrí gcaomhrann
laoch ná cura ní chluinim gur bh'fhéidir
d'fháil do chuirfeadh le cumas na dtréan so
ar mháigh, ar choill ná ar thuinn taosgaig.
Slán leó, na hóig fhuilteach' fhaobhrach'
nár ob cath ná treas ná tréanghoin,
ionnsuí gharbh, sparainn ná céidil,
troid ná gleó ná cómhrac éinfhir,


L. 7


's nár iarr seasgaireacht collata ar chaomhchuilt,
is fa phroinn nár iarr an mhias phéatair,
acht feóil do chleith ar dheis an fhéir ghlais
's a mbeóil ar chuid don tsruith do léigean.
Sioc ná sneachta ná fearthainn níor éignig,
tart ná ocras, othras ná créachta,
fuacht ná túirse ná siúl saothrach
fá Ghort na bhFiann dár thriath Art Éinfhear.
Is fá mar nochtaid damh croinice an Fhéarmhaigh
fuidhle a sua, a ndrua 's a gcléire,
d'fhiadhain dearbhtha a seancha naofa
ó aois go haois go tíocht Éibhir,
go cloí na dtrí nAodh i n-aonacht
is tsíl gCéin Laighean i bhfeidhm nár thréithbhog
is cuaine Mhuighe Chruachan Mhéidhbhe
ar ar ghoill an bhuíon so i n-éagcruth,
gurab amhla bhíd a laoichre laochdha
mar ghríbh nímhnig faoi n-a céid-nid,


L. 8


nó mar león i n-uaimh 's a chuaine i mbaogal,
is mar dhraig ar tí a bíobha d'éirleach,
ag faire a cuanta, a bruach 's a sléibh-chnoc,
a beann, a gleannta 's a béillic,
a longphort, a dún 's a haonach
ó cheann go ceann is go slios taobhgheal,
go teacht iona rí do rí Séamus
is dá mhac 'na dhiaig do riar Rí Séarlas.
Atáid ó shoin 'na dtocht fá dhaorsmacht
nach míne tréad le taobh na faolchon.
'S an mhéid aca nár ceangladh i ngéibhinn,
do díbreadh iad i n-iathaibh céana,
's i gcrích Eachaidh a maireann dá n-éis sin,
Courts of Wards is cách dá léirsgrios,
meirse is cíos is fís Exchequer;
ciorrú stóir san tSeómra Réaltach,
san King's Bench a bhfuil dá séide,
is Cúirt na nEasbog dá n-argain d'aonghuth.
Assizes aca 'na gceannaibh conntaethe
ag cur talaimh is fearainn fá chéile.
Braighde 'na gcúirt fá bhréagchoir


L. 9


is coistí i ndaoirse trí n-a saora.
Cár ghabh ceannas ná tapa ná tréine,
neart ná seasamh ná gaisge na nGaeul-so
d'éis críoch Scythia is Thracia 'ghéarghoin
is Tor Bhreogain do chur fa ghéille;
's arís ar dteacht on dTor go hÉirinn
'n dtug ruathar Tuatha Dé amuith
is cath Fionntrá an áig gur éignig
is curaí an fhíll do bhí i mBruidhin Chaorthainn;
tar éis catha Chluana Tairbh do léirsgrios
ionat thuit Murchadh, m'urchra, is 'aonmhac,
is tóruíocht Cheallacháin Chaisil 's a bhaogal
ar shluaitibh dorcha borba ón mBéirbe?
Créad í an time nó an bhuige nó an mhéirtne,
nó an díth fuínn nó cruí nó céille
nó an ceas naoíon do bhíos dá dtraocha
mar ná cuirid le a n-urchra réiteach?
Nó an ag feitheamh atáid le fáistin bhréagaig?
San do-níd cé rín a dtéachtain:


L. 10


banfháig an fhoínn 's a draoithe naofa,
Áine is Aoibhill mhaoil ón Léith-chraig,
Cathfa, Mogh Ruith na lann bhfaobhrach,
Feargus, Fítheal, Finn is Féircheirt,
Bearchán salmchráifeach is Bréanainn,
is Colum Cille tug coimirc don éigse.
Ní hé shaoilim acht díoltas Dé uile
ortha ó nimh do shil 'na bhraonaibh,
gan úmhla ag dís don bhuín dá chéile
ná d'fhear ba thaca chum seasaimh do dhéanamh.
Soradh le síol Gholaimh ón Égypt
dob' fhéile um mhaoin don droíng daonna,
dob' fhearr creideamh, feicsin is béasa,
dob' fhearr ba dhiaga cliar is créidmheach,
ba gheanmnaí mná breátha béilbhinn
suiríoch, sguabach, tuarthach, tréitheach,
's a leá nár bh'fheárr Gálen féinig
ar leigheas aibig gach galair is daoirchneadh,
ba mhaith fuil is cruith is déanamh,
ba mhaith ainm i ngaisge 's i gcéimibh,


L. 11


do ba mharcshluach eachluath éasga
caithmhílig, praslaoichre is tréinfhir.
An drong atá dá gcrá gach lae amuigh,
mura lór ortha mo sporra sa, féachaig,
leó, mo dheacair, ní fheadar créad déarfainn
acht beannacht leó is fóirthin Dé ortha.
A Chríost do shil t'fhuil 'na braonaibh,
leasú leó sirrim go dtugair don tréad so,
glóire thall i n-am an éaga
's a gceart abhus ria ndul dod naomhbhrog.




A rí-bhean shultmhar dá ngoirthear an bhean úd Bhriain
mo chruí do thuirsig tú fhaicsin ar mearú triall,
's an chloinn do hoileadh ad bhrollach ag smachtú dian
'na gclí go mbristear a gcroithe le hadchúmha ad dhiaig.


L. 17


B 1650 17L
U 0001



An Síogaí Rómhánach.



Innisim fís is ní fís bhréige í.
Le ar súile dúinn ba léir í,
le mo chluasa do-chualas féin í,
í ní cheilim, deirim, déarad.
Lá dá rabhas ar maidin am aonar


L. 18


annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
sínte ar lic ag sileadh déara,
fá bhfuil dias dob' fhial fá shéadaibh,
le n-ar ghrámhar ábhar m'éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
cé do chífinn ar mhaoilinn an tsleibhe
acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
do bhain an bárr go bráth do Vénus
is do Mhinerva i ndeilbh 's i ndéanamh.
Is maith do figheadh a braoithe caola,
do bhí an t-ór i meón a céibhe,
do bhí an sneachta 's a' lasair 'na héadan.
Adubhairt liomsa san mball chéadna
do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
Ba fada a caoi 's a croidhe dá réabadh.
Fa dheireadh thiar i ndiaigh a saothair,
do thóg sí uaill ba trua le héisteacht,
do bhainfeadh deóir go leór as cléircibh
's do bhainfeadh osna as clocha dá mb'fhéidir.
Leis an bhfaoidh sin do shín sí a géaga


L. 19


ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,
's do labhair sí le Rí na spéire,
lán do channtlamh annsa réim si:
A Dhia mhóir, an deóin libh m'éisteacht,
nó an misde ceist bheag éigin
do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn
d'fhiafraidhe dhíot ós díbh is léir í.
Atáim ar mearbhall i n-ainbhfios sgéala,
óir más ionann do tharraing gach éinneach
cóir na sinnsear do rinne an chéidfhear,
Ádhamh ar n-athair do mealladh le hÉabha,
créad fá n-iarthar trian na péine
ar aonphór níos mó ná 'chéile?
Créad fá saorthar gach daor éigceart
is nach bí saor nach daorthar é seal?
Créad nach baintear le dair bhréin bhig
is crann an toraidh dá chrothadh 's dá réabadh?
Créad fa gcrochtar bocht gan aonchoir
is sliocht na n-olc i dtoice an tsaoghail?
Créad an tocht nach sgriostar éircigh
's gur buan a dtóir i ndeóigh na gcréidmheach?
Créad nach feanntar clann Luitéarus
is clann Chríost dá gclaoi go n-éagaid?


L. 20


Créad nach trua na huain dá dtraochadh
is na mic tíre ag inghreamadh an tréada?
Créad an ceart fá leagtar Éire
is le n-a gleó nach mór go n-éistear?
Créad an choir noch tugtar ar Ghaeulaibh,
dream do dhiúltaigh d'iúlaibh géilleadh?
Óir ó tháinig Pádraig naomhtha
leis an gcreideamh go hInis Éilge,
níor bhain traochadh, gaoth ná éclips,
fóirneart eachtrann ná leatrom dá ghéire
creideamh Chríost as croidhe na nGaol so.
Do bhí a gcoinneall mar loinnir na gréine,
do bhí a n-athainne gan chaigilt ag spréachadh,
is níor thuit smál ná cáidh ná aonspot
ar feadh na Fódla ar phór Mhilésius.
Och, a Chríost! is fíor an méid sin.
Créad tá uait nó an rún leat m'éisteacht?
Nó an é is áil leat go bráth gan féachain
ar an gcuaine is buaine ' dréim leat
fá na Gallaibh dá bhfeannadh le héigceart?
'S gurb é a n-agallamh glafarnach Bhéarla,


L. 21


lucht an fhill do thuill a dtréigean,
do chuir druim le cuing na cléire
is do-ní cnáid fá mháthair an Éinmhic.
Is leo nach mian do Dhia seal géilleadh
acht an creideamh do sgriosadh le héirceacht.
Ní áirmhím Henrí an chéidfhear
do léig go truaillidhe uaidh a chéile
ar Anna Builín a inghean chéadna,
is d'imthigh ón eaglais ar theagasg Luitéarus.
Cuirim leis Elizabeth phéisteach
nár phós fear is nár stad ó éinneach.
Iomdha dream ar ar fheall an mhéirdreach.
Do rinne sí fásach do Chlár Éibhir.
A mná 's a bhfir do sgriosadh léithe.
Tug sí bás do Mháire Stéabhard.
I ndiaigh na mná so tháinig Séamas.
Níor thuar faoiseamh do chríocha Fhéilim,
an fear do thógaibh a bpór as a bhfréamhaibh
is d'órdaigh a dtalamh do thamhas le téadaibh,
do chuir Saxanaigh i leabaidh na nGaol nglan
is transplantátion ar chách le chéile.


L. 22


Is gearr 'na diaigh gur thionnsgain Séarlas
ar nós a athar le cleasaibh 's le bréagaibh.
Ar Leath Chuinn an chuing dob' éigceart
is ar Leath Mhogha dá bhfoghairt go héinfhear.
Do bhain sé díobh a gcíos 's a mbéasa,
a maoin 's a gclann, a n-arm 's a n-éadach,
trian a bhfearainn 's a ngairme i n-éinfheacht.
Leis do hiarradh Dia do thréigean
's gan labhairt i dteanga na Gaelge
's gan 'na háit ag cách acht Béarla.
Órd is aifreann do bacadh leis d'éisteacht.
Tré gach gráin dá ndeárnaidh ar Éirinn,
buan a mallacht ag fearadh go héag air.
Marab é is cionntach, ní haithne dham féin sin.
Créad ba cúis ar dtúis dá phéinbhruid
far dheónaigh Dia an triath so 'shéana
leis an lucht do thug do géilleadh,
Parliamentárians na dtárr maothlach
ler baineadh a cheann le lainn fhaobhraigh.


L. 23


Don rí do baineadh an ceann céadna
is lena linn do thionnsgain Éire.
I gcúige Uladh do mhusgail an chéidfhear,
Mág Uidhir, fuigheall na Féine
is Mac Mathghamhna amhail ba bhéas do,
an dá leómhan chródha mhéinnmhaith
nár chuir suim i maoin an tsaoghail si
's nach dearnaidh ceangal le Danaraibh saobha,
nó gur dóirteadh leó i n-éinfheacht
do ghrá an chreidimh ba leisge leo 'thréigean
ar shráid Lonnduin na dtonn dtaosgach
a gcuid fola 'na locha craorga.
Ní le fuath nach luaidhimse Féilim,
an t-óg uasal ruaidhgheal péacach,
an fear ler baineadh as eachtrannaigh méileach
is lán na gcartach as Albanaigh d'aoileach.
Ag so an uair do ghluais an tréinfhear
as an Spáinn fá lán éarma,
Eoghan ruadhghlan na sluagh mbaoghlach.
Laoch na gcreach é, mac Airt éachtaigh,
mac mic oirdheirc Chormaic Néill mhir,
lámh ghaisge nár sáraigheadh i n-aonghoil.


L. 24


Bíodh ar mb'fhallaing gur dearbhtha an sgéal soin.
Iomdha guais ina bhfuair sé 'fhéachain
ón lá dob'eól do a shrón do shéide
nó gur chríochnaigh Críost a théarma.
Cuirim 'fhiadhnaise ar Dhia nach bréag so,
is ar an Spáinn atá lán dá ghéarghol,
is ar an bhFrainnc ba teann a' dréim leis,
is ar Thír fá thuinn atá tinn dá fhéagmuis
is ar chlanna Mhíleadh i dtír na hÉireann.
Leath a ghníomh a ríomh ní fhéadaim
Do chúige Uladh tug furtacht ar éigin.
Do chuir sé Gaill do dhruim a chéile.
Do chuir sé Lesley ar teitheamh go héasgaidh.
Do chuir sé ar chosaibh Mhontgomery géibheann.
Do chuir sé meatacht ar Albanaigh mhaola.
Do chuir sé a ndaoine tríd a chéile.
Do bhris sé brú an Mhúraigh bhréagaigh.
Baile Átha Cliath do iadh an tréinfhear.
Leis do sgiúrsadh an chúnntae chéadna
's an Mhidhe mhealltach Ghallda Ghaolach.


L. 25


As Port Laoíse do dhíbir éircigh,
i bPort Leastair do leagadh leis céadta,
as Port Fáchland cách do spréidh sé.
Do bhain sé giodar as Biorra 's as Aonach
is as súd suas go Tuamhain Éibhir.
Do rug sé creach gan chead don mBéarla
ó Innis Cuinn tar bhinn an tsléibhe.
Tug Port Láirge a lámh go léir leis,
is Dún Canáin na gcanál dtaosgach,
Loch Garman na n-arm bhfaobhrach,
Ros Mhic Thriúin is Dún Bhinn Éadair.
Do Chill Chuinne bhain uirrim ar éigin.
Cois na Sionna ba neartmhar a ghéaga,
Cois Abhann Móire is Feóire i n-éinfheacht,
Cois na Bearbha ag marbhadh méirleach,
Cois na Siúire a thrúp ba saothrach
is as sin síos arís go hÉirne.
Do rinne sé áthas i Ráth Méidhbhe.
Ó Bhaile Átha Luain do fuair sé géilleadh,
is ó sin siar go hiarthar Bréifne.
Do bhris sé an balla ag Baile Shéamais.
Do chuir sé Sligeach ar crith len' fhéachain.
Is leis do ceangladh an Ghaillimh le chéile.
Dar Mac Duach, ba suairc an sgéal soin


L. 26


ar gach cuan do chuantaibh Éireann,
dá rádh, dá luadh, dá thuar, dá leaghadh,
Eoghan Ruadh ar ghuaillibh Gaodhal
dá chur suas ar uachtar an Bhéarla.
An t-óg uasal uanach aerach,
bratach buanach buadhach béimneach,
creachach cuantach cuartach créachtach,
dreasach duadhmhar dualach déarcach,
feasach fuadrach fuaidhteach féasdach.
Gaisgidheach gluasda guasmhar gléasda,
lannach luaimneach luathmhar léimneach.
Marcach muardha muadhghlan méinnmhaith,
neartmhar nuallach nuachrach néata,
reachtmhar ruagthach ruaimneach réimeach,
searcach snuadhach stuatach saothrach,
teastach tuaiseach tuarthach tréanmhar.
Do-ním daithne, dá maireadh an t-éan so,
nach biadh an ealta so i leabaidh na bhfoenix
is nach faigheadh Gaill ná Crombhuil géilleadh
amhail mar fuair an uair d'éag siod.
Acht gidh crádh liom a thásg san d'éisteacht,
liom ní cás a bhás ar aonchor
's nach le Gallaibh do gearradh a shaoghal


L. 27


acht le Dia lér mhian a shaoradh
is gairm go neamh i measg na naomh air.
Is gearr 'na dhiaidh go dian gur éirigh
an leomhan catha, an t-easbog Éibhear,
fear rug bárr ar chách san léigheann,
fear an chloiginn chomhthroim éachtaigh,
fear ba díreach croidhe do Ghaeulaibh.
do bhris boinéad an bhroiméin mhéallaigh,
do ghearr gúta an Chútaigh ghaothaigh
's do chuir ruaig ar shluaite Shéarlais.
Uch mo chreach gur gearradh a laethe!
Tré Easbog Dhúin ní lugha mh'éagnach
's tré uaisle Uladh na gcuradh laochda:
Henrí Ruadh dár dhual tréine,
is Mac Mheg Uidhir an chroidhe Ghaolaigh,
Ó Catháin an coileán léimneach,
is laoch na ruag, mac Tuathail Féilim.
Beannacht leó, a gcóireamh ní fhéadaim,
is ó táim cráite, fágtha, céasta,
fiafraidhim díot arís, a thréin-Mhic,
cár ghabh tárrngaire Phádraig Naomhtha,
rádh Bhearcháin nó Sheanáin shéimhghil,


L. 28


Chiaráin Chluana do fuair géilleadh,
Choluim Cille an oinigh aeraigh,
rádh Chaillín nó Ultáin shaothraigh,
nó Cholmáin Eala dár bheatha féar glas,
is gach fáidh feasach dár labhair ar Éirinn?
Uch ochón! mo bhrón géarghuirt!
mo ghol, mo chaoi, mo dhíth céille!
mo lom, mo ghleó, mo cheó, mo léana!
monuar, mo mhilleadh, mo mhire, mo phéinbhruid!
Trian a ngalair go follus ní léir dham
acht na Gaoil dá sníomh 's da réabadh,
dá gcur síos, dá gclaoi 's dá ngéarghoin,
le pláigh, le gorta, le cogadh dá léirsgrios.
Cóir do Dhia ní hiad nár saoradh.
Ní raibh a nglaca i nglacaibh a chéile.
Ní raibh an tuath go fuaighte d'aontoil
is ní raibh an chliar ariamh acht réabtha.
Do bhí cuid líonta dhíobh do bhréagaibh,
cuid nó dhó le pór na n-éirceach
is dá chuid eile do Ghallaibh ag géilleadh.
Cuid le cleasaibh ag mealladh na nGaol so,
cuid ós árd i bpáirt na hÉireann
is iad go bráth fá láimh dá tréigean.
Cuid ag seasamh le Saxaibh don taobh 'muigh
is iadsan leó fá thóin na méise.
Biaidh mo mhallacht ag fearadh ar an gcléir sin


L. 29


is ar a gcuaine go Luan an tsléibhe,
lucht gan dísle chroidhe dá chéile,
lucht na bhfeall, na meang 's na n-éigceart,
do thug náire do Chlár Éibhir
's do chuir suas d'uaislibh Gaodhal,
ar ar thuit cunntracht an Nuncio dhéidheanaigh,
Eóin Baisde, ardeasbog Féarmo,
aonfhear áite an Phápa i n-Éirinn,
Ag so an chúis is cúis dom dhéaraibh
ag so an cás do chráidh go léir me,
do chuir folach ar sholas na gréine,
do chuir buaire is gruaim ar spéiribh
's do chuir an Eóraip fá cheó éclips.
Mo mhallacht go deó le pór na bhfaolchon!
Gidheadh fós, mo dhóigh níor thréigeas
's ní bhiaidh mise gan misneach éigin.
Is treise Dia ná fian an Bhéarla.
Mairidh fós do phór Mhilésius
an t-Aodh Buidhe se d'fhuigheall na nGaolfhear,
an fear do thárrngair fáidh nach bréagach


L. 30


chuirfeas Gallaibh i ndeireadh na péice.
Mairidh an ruaidhfhear gruaidhgheal Féilim,
is Colonel Fearghail, an gaisgidheach éachtach,
is Aodh Ó Broin le dtuitfeadh céadta.
Mairidh an chóip nach dóigh d'éinneach:
Ruarcaigh, Raghallaigh is Branaigh le chéile,
is Síol gConchubhair sturrumhail stéadmhar,
Síol gCeallaigh nár fionnadh bheith tréithlag,
Síol Mheig Carrthaigh nach dearnaidh clébheart,
Dál gCais na ngníomh, Síol gCinnéide,
sliocht Éireamhóin is mórshliocht Éibhir.
Mairidh Leath mogha fuair togha na héigse,
is Leath Cuinn mhuair do bhuaidh céad cath,
Ó Maoileachlainn, an preabaire laochdha,
is Ó Maolmhuaidh na ruathar n-éigneach,
Mac Cochláin na gcaisleán nglégeal,
Ó Cearbhaill trúpach ó Dhúithe Éile,
Ó Súilleabháin ó chlár Bhéarra,
Ó Mórdha, Ó Floinn is Ó Duinn an tSléibhe.


L. 31


Do-dhéanaid an dáimh si go gearr aonchorp
is do-bhéaraid lámh i láimh a chéile.
Bualadh ar Ghallaibh i Saingeal do-bhéaraid,
i Mullach Maistean ar Danaraibh réabfaid.
Ní bhiaidh ceangal le Gallaibh ag éinneach,
ní bhiaidh caidreamh le hAlbanaigh mhaola,
ní bhiaidh marthain ar eachtrannaigh i n-Éirinn.
Biaidh céad cómharc i dtóin lucht Bhéarla
is Chailbhin chleasaigh bhradaigh bhréagaigh.
Biaidh gáir fá tholl i dtoll Luitéarus.
Biaidh an buadh ag sluagh na nGaol so.
Biaidh a n-uaisle i n-uachtar éirceach.
Biaidh a gcreideamh gan mhilleadh gan éclips.
Biadh a n-eaglais ag teagasg an tréada,
bráithre is easbuig, saguirt is cléir mhaith.
Guidhimse Dia, más mian leis m'éisteacht,
guidhim Íosa do-chí an mhéid se,
is an Spiorad naomhtha arís d'aontoil,
Muire mháthair is Pádraig naomhtha,
Colum croidhe is Bríghid déidgheal,


L. 32


go ndaingnighid sin Gaoil dá chéile
is go dtigidh dhíobh an gníomh so 'dhéanamh:
Gaill d'ionnarbadh is Banba 'shaoradh.
An tráth do chríochnaigh an tsíbhean phéacach,
mar adubhras ar dtúis san méid sin,
ar mbualadh a bas go prap fá chéile,
do-chuaidh sí suas do ruaig go néallaibh,
is d'fhág sí mise ar an lic am aonar
gan ghlór, gan tapadh, gan spreacadh, gan aonchor,
sínte ar thuama ar uaigh na nGaol san.
Aois an Tighearna i mbliadhna 'déarad:
míle go leith, cúig deich is céad leis.
Ag sin díbhse críoch mo sgéil se.



Slán don mhnaoi bhí araoir ar uaigh Uí Néill,
le crádh croidhe ag caoine uaisle Gaol.
Gidh d'fhág sí mo chlí go suaite tréith,
mo ghrá í 's gach ní dá gcualaidh mé.


L. 35


B 1655c 17L
U 0099



Aiste Dháibhí Cúndún.



Is buartha an cás so 'dtárlaig Éire,
'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig,
an uaisle ar lár gan fáil ar éirghe,
'na gcuail chnámh atáid a laochra.
Mo thrua a mná i ndáil a chéile,
ag uaill 's a' gártha, a' fásga a méar lag,
ag buain na gciabh go dian dá bpréamhaibh,
ag túairt na mbas go prap dá chéile,


L. 36


's ag sile na súl go dúch i ndéaraibh.
Och mo chrá! níl fáil ar réiteach.
Is fíochmhar spáirneach atáid na spéartha,
an ghrian ar eachaibh ag tarraing fá néalaibh
is í le hathadh le Saturn fraochda.
Le hiomad blian i ndiaig a chéile
tá an t-éasga ar lasa ag taisdeal na spéire,
tá an fhuil le faicsin i dTeachta na nDéithe,
's ní mheasaim gur taise don mheardruin Vénus,
is tá comet reannach ag bagar gach aonuilc.
d'fhág súd na daoine bruíneach pléideach,
is táid na críocha cíocrach faorach.
Táid na ríochta gan rí gan saorfhlaith,
is táid an uaisle buartha ón dtaom so,
is táid na pobuil faoi choga is faoi spéirling,
is na boicht go doilbh ag cosnamh ha hÉireann.
Is dóibh is measa liom sparainn na spéartha
's a mbeith cráite is fá dom dhéaraibh,
dá gcur ó áit go háit gan réspect,
gan díon aige taoiseach ná ag préamhfhlaith,
gan duine díobh 'na thír dá léigean
acht ruagairt gan fuara ar a dtréanaibh
's a sult go Connachta uile dá léirchuir.
Cuid dá ndícheanna díobh le héitheach


L. 37


is cuid dá ndíol is na críochaibh daora
ag déanamh sochair do bhodaig an Bhéarla.
Scum na Sagsan is na bailtibh fa thréine
ag mille na coda dár fosgadh ar éigin,
dá leadra, dá gcnapa is dá spréacha.
Och! monuar, mo bhuairt lem shaogal!
Och! mo thrua, níl suan i ngaor dham!
Táid mo chluasa óm mbuairt gan éisteacht
is táid mo shúile múchta ó dhéaraibh.
Nílim balbh, mo labhairt ní léir dham.
Níl dáil sgartha agam theangain rem dhéadaibh.
Tá duig am cheann is treighid am thaobh deas.
Tá mo chruí gan bhrí 's mo chéadfa.
Tá mo mhisneach go haimhneart 's mo ghéaga,
mo lámha gan osa 's mo chosa gan éasgacht,
mo bhéal le hathadh ag ceangal dá chéile.
Níl lúth ar m'aire ná caitheamh na ngaethe,
rith ar faithche ná ar mhachaire fhéir ghlais.
Ní ghráim an seabhac, ní marcach me ar stéideach.
Ní bhfaghaim radharc ar ghadhar na spéasrach.
Ní leanaim an fia go dian fá shléitibh.
Níl mo thoil do sgoil na n-éigeas.
Ní labhraim ceachtar díobh, Laidean ná Béarla,


L. 38


is orm is dall Franncais is Gréigis,
ní chanaim Spáinnis ná ráite Éibhir
is teanga mo mháthar, mo chrá má's léir dham.
Ní sheinnim go sámh ar chláirsig théidbhinn.
Ní imrim áce ar tháiplis thaobhthais
's i n-imirt na gcárt an t-ás ní léir dham.
Fá mo smúinte cúrsa an tsaoghail.
Cé hiomdha dúithche, cúirt is aolchloch,
cé hiomdha baile, cathair is tréantor,
cé hiomdha ríocht is críoch is saorthreibh
do thaisdil mo chos ón bport go chéile,
mo chrá má b'fhollas dam modh i gcrích Fhéilim
i n-áit dár ghabhas ná i mbaile dar fhéachas.
Do bhíos san each do cheapadar Gréagaig
ar ndul asteach i mbaile na Trae shoir.
Do bhíos am sgolaire ag imeacht mar Aongus
an uair do briseadh a loingeas ó chéile;
do chuas don Chártage le hárdmhac Vénus
an uair do chealg an ainnir dheas déidgheal.
Do chuas le Jáson go hárus Médea
i gcoinne na holla lér tolladh na laochra.
Do bhíos i dtímcheall an ímpire Caesar


L. 39


an uair do dhíothchuir Puímp 's a thréine.
Do bhíos i gcamptha an Fhranncaig fhraochda
is ansa trúp do thiúnsgain Séarlas
dá chuir go Rí na ndúl le sgéalaibh.
Le hAlasdram Muar do chuas ó Ghréagaibh
ag taisdeal na gcríoch 's gach tír dá léirsgrios,
ar ndul don Ásia, don Spáin 's don Égypt,
Eóraip is Afraic nuair cheangail fá aonsmacht.
Do bhíos am Shampson an chúil chraobhaig
ar gcur na bhFilisteanach uile faoi dhaorbhruid.
Do bhíos am Maoise, an tsaoi gan éalaing,
an uair thug a luingeas ó fhuirinn na hÉgypt,
clann Isra-íl 's a mbuíon i n-aonacht
tré lár na mara 'nar basgadh na céata.
Do bhíos am Thítus ba líonmhar tréine
ar dtógbháil cathrach Jerusaléma.
Do bhíos san Róimh nuair d'fhógair Néro
an chathair do dhó 's a stór 's a gcréithre,
's am Musidórus ba chróga i gcéidil
is am mhac Eabhrach d'aistrig 'éadach
tré ghrá na mná dob' áille mhaorga.
'S am Rí Artúir an Bhúird chaomhchruinn


L. 40


ar ngeimhle a halla le chéile
ar Mhá na n-Iongna le Ridire na Gréine;
do bhíos am Mhadra .i. Alasdram éachtach
ag taisteal gach críoch ar sgaoile a spéasrach.
Do bhíos am Ghalfas ag tabhairt gach aonchath
ar thóruíocht soithig na druinge naofa.
Do chuas le hEarcuil go Cerberus tréinteann
an uair thug amus ar chonnsgar Théseus.
Do sporras 'na dhiaig sin ag tíacht don taobh so
d'fhéachain saoithe is laoichre Éireann.
Do bhíos am Chonall 'na cholla i mBinn Éadair
an uair leig Eithne chum loinge gan spéirling,
's i gcath Mhucruimhe ba tubaist mo sgéalta,
do ghabhas lot go docht am thaobh deas.
Do bhíos am Osgar i gcosgar na mbéimeann
an uair d'fhág na catha 'gus Cairbre créimeach.
Do bhíos am Chonn nár chrom ó chéidil
ar tháin an tailimh lér threasgair na laochra,


L. 41


's am chloinn Uisneach nuair sgiobadar Déirdre,
do chuir Rí Uladh ar cuthach le héad leo.
Do bhíos am Lúig ba lúbach géaga
ag buain an fhearainn do Bhalar na mBéimeann;
's am thriúr cluinne Tuireann léidmheach,
i gcuinne na muice mo thuras don réim sin;
am Mhac uí Dhuibhne san mBruidhin Chaorthainn
is ar thóruíocht Shaidhbhe, an bhraighidgheal
bhéusach;
i gcath Fionntrágha mo dháil ba phléideach,
cíos na hainnise chailleas mar mhéirlig.
Do bhíos am Chonn ag tabhairt gach aonchath;
do chuas le Niall nuair thriall a hÉirinn,
is tug géille an taoibh shoir leis ar éigin.
Do bhíos ag fosgain Lochlann ón dtaobh so
an uair do threasgair Maoileachlainn Turgésius,
is i gcath Chluana Tairbh inar basgadh a dtréine
an uair do thuit Brian is Murchadh i n-aonacht;
i gcath Ruis na Rí is Muighe Léana
's i gcath Muighe Tualaing chruaig na mbéimeann.
I n-áit dár ghabhas ní fheaca is níor léir dham,
's a bhfuaras ó Aoibhill na Craige Léithe,
ná ó Chlíona an tsí-bhean mhaorga,
ná ó Áine an bhánfhlaith bhéaltais,


L. 42


ná ó Fhionnlag bhannda bhéasach,
ná ó inín Deirg, an ainnir ghlan déidgheal,
ná ó mhnaoi ar bith díobh dár fhéachas,
ná ó Dhonn Fírinne, saoi na saorchleas,
ná o Ghearóid Iarla, triath na gcaol-each,
ná ó Mhacaomh Innse Creamha níor éisdeas,
ná ón tsaoi nuíanta Síomon aosda,
ná ó Fhuaim Tuinne ba chlisde ar na gaothaibh,
ná ó Bhrog na Bóinne 'nar chómhnaig Aongus,
ná ó bhruín do bhruíontaibh Éireann,
ná i leabhraibh fáig, mo chrá! má léas-sa
ná i sórt staire dár ceapadh san tsaogal
samhail an turais si d'imig ar Ghaeulaibh.
Do léas leabhair seannda na nGréagach,
is gach stair dár ceapadh i dteanga na n-Éabhrach,
is gach ar sgríobhadh ar Phuímp is ar Caesar
is gach ar smúinig Plútarch d'fhéachas,
is ar sgríobh Hómer, rós na héigse,
's ar sgríobh Virgil ar imeachtaibh Aonguis,
's ar sgríobh Cicero i gcoinne na méirleach,
is gach ar deachtadh le Hector Boetius,
's an méid do canadh le Marcus Aurelius.
Saltair Chaisil is dearbh gur léir dham,
Leabhar Ghlinn Dá Loch gan ghó do léas-sa


L. 43


Leabhar Buí Moiling is Leabhar na n-Aosa,
Leabhar Molaige is Oirecheapt Chionnfhaolaig,
is Leabhar na gCogaí ór bh'osnadhach céata.
An Réim Ríogra is fíor gur léir dham,
Amhra Choluim na bhfocal naofa,
is mórán farrais ná fachtar i n-Éirinn.
Dar mo bhasa, ní fheaca is níor léir dham,
annsna starthaibh do chanaim san méid sin,
samhail peannaide an tailimh si Fhéilim.
Do-bheirim go deimhin le linn na n-Aosa
ó Ádhamh go bátha an tsaogail,
is ón mbátha go hÁbhraham naofa,
is ó Ábraham go Dáibhí Réxa,
is ó Dháibhí annsan go bruid na saorchlann,
is ón mbruid arís go teacht Chríost dár saora,
is ó theacht Chríost go críoch an tsaogail
nach raibh, nach fuil is nach baogal
do chur ar fhuirinn dár geineadh ó Éabha
samhail na bruide fár cuireadh críoch Fhéilim.
Anois tráchtfad páirt dá sgeálaibh,
bíodh gur páis ar bhárr mo phéine é.


L. 44


Is tinn an aithris dam eaglais Éireann,
mar chím i n-easba a sagairt 's a cléirig
tar taobh don talamh tug tabharthas naofa,
a dtréad ar machaire, a marbhchuirp spréachta
's a gcinn ar sparraibh mar cheannaibh na bhfaolchon.
Cuid dá gcnapa 'na gceannaibh mar mhéirlig
is cuid tar farraige ag seachna an éirlig.
Is baintreach gach teampoll le tréimhse
is táid a mainistreacha dá dtreasgairt gach lae aca,
's an méid dá n-eaglais sheasmhas ar fhéar ghlas.
Mo thrua is measa liom caille a dtréada
is gan buachaill aca chum seasaimh san éigin.
Monuar is measa mar mhairg ná'n méid sin
a mbuaine i bpeaca 's gach aca an té réifeadh.
Mo chrá má mheasaim gur taise dá laochra.
Atáid dá ngearra 's dá gcreacha gach lae aca,
's a bhfuil gan leaba acht aiteann an tsléibhe,
seisg an churraig is ruide fá 'dtaobhaibh,
fá shioc, fá shneachta, fá fhearthainn, fá ghaothaibh,
gan greim re hithe acht biolar is féar glas,
samha na gceapach nó seamair na ré-chnoc.
Och monuar! an uaisle ar dtréigean!
Do measadh a stát is tá ar láimh na méirleach,
is táid a mbailte faoi bhastartaibh Béarla,


L. 45


is táid a gcartacha daingean le tréimhse
ar láimh na nGall nach ceannsa céadfa,
is a ndúnta faoi mhúnlach lucht céirde,
is gan dá ndaingeanacha aca le féachain
acht príosúin dhubha nó tithe na ngéibheann.
Cuid dá gceannaibh ar sgarthain re a gcaomhchorp,
is cuid i nglasaibh don ghorta go n-éagaid.
Cuid dá bhfosgain go Connachta an éirlig
faoi ghlas na Sionna nach fuiris a réiteach,
's an lón diamhair do bhiathadh a mbéiltir
i n-árus chlúimh fá stiúsaí an éithig,
's gan le rá mar shásamh d'aonneach
acht a rogha aca bás d'fháil nó éirghe.
Transplantátion dá rá i n-éifeacht.
Mo thrua a gcumas ar n-imeacht a bpréimhe!
A gcinn chum cláir go brách ní léigfear.
I dtaobh an íoca bíd fá ghéibheann.
Caithfid an dlí si Chríost do thréigean
is briathra Chailbhin do ghlaca mar phrécept.
Cé do gheallas duit dearbh na sgéal so,
mo chrá má chím cá slí 'na ngéabhad.
Níl sórt peannaide le haithris fá néalaibh
do phláig, do ghorta, do choga, do chréimibh,
nár thairg tíocht don chrích si Fhéilim,


L. 46


ó lá an Bhealaig 'nar sgaipeadh na céata
is ó lá an Leasa 'nar cailleadh na laochra
is ó lá Chnuic na nDos ba dhéarach
ionar fealladh ar Alasdram éachtach.
Bíodh gur cailleadh sgata san léith-chloich,
an chlú an uair cailleadh, chuaidh ainm i n-éaga.
Is ón lá tháinig Táaf mar léader
do bheir chum ceana do ghlaca 's do thraocha
nó chum dísle 'shíne ar mhéaraibh
nó chum coga do chosnamh ar bhaoghal.
I n-áit a gcreidimh ó bheireadar géille
's ó tugadh masla do theachtaire an phréamhfhlaith,
's ó cuireadh sgaipe ar an eaglais ó chéile,
's ó cuireadh le bárr nirt Clann Márgan a hÉirinn,
's ó lá an aitinn do ghlaca dá léana,
's ón lá briseadh i nDuibhlinn a dtréine
's do bhádar 'na sodar ó Life go Léithghlinn,
ní raibh mo shúil i rún le Gaeuluibh.
Siúd an uair ba dhual bheith déarach,
siúd an uair do bhuair an taobh so.
Siúd an lá cailleadh a sagairt 's a gcléirig.
Siúd an lá ionar thráig a dtréine,


L. 47


Siúd an lá ionar crádh a laochra.
Siúd an lá do bhí a gcás le réiteach.
Siúd an áit ionar fágadh Éire.
'S ón lá fuair Cromuil an chonair 'na slaodaibh,
'nar sgaoil fá chumas an brusgar so an Bhéarla
ar fuaid chupaird is chláir an t-ár 's a' t-éirleach,
is tug i nDroithead Átha an t-ármhach créachtach
ar mhnáibh, ar leinbh, ar fhearaibh is ar laochra,
is tug an sgíomhal so tímcheall Éireann,
's ón lá cuireadh fá thubaist críoch Laoghaire,
ionar glacadh go fíor a ndlí 's a bprécept,
siúd mar dhlí go glinn dár ndaora.
Inneósad páirt dá gcás má fhéadaim:
caithfeam ár gcreideamh fá dheire do shéana.
Níl cead le fáil chum lámhaig ar ghaethibh,
ná marcachas ar eachaibh an fhéir ghlais,
ná snámh go leabhair ar abhannaibh tréana.
Ní leómhthar pionnsa 'thionnsgna ar aon chor,
iomrasgáil ná trácht ar léimrig,
ná ar aon tsórt airm dár ceapadh i n-éifeacht.


L. 48


Prioca práis 'na láimh ní léigthear.
Gach a measaid bheith óg ní leómhaid ar aon chor.
'Sé chanaid gan ghó gur Rogue nó méirleach.
Ní fhoidhnid teagasg ar Laidin ná ar Ghaelge
ná d'aon bheith gasda 'sna healadhnaibh saora.
'Sé is cúis bhunaig, mar thuigim, don méid sin:
mallacht an Phápa gach lá dá léirsgrios.
Siúd an ní do-bheir Gaoil fá mhéala,
do-bheir ár mná faoi ghártha a' géarghol,
do-bheir an phláig ins gach áird dár dtraocha,
do-bheir ár n-aibhne ar díth éisge,
do-bheir an talamh gan tartha le chéile,
do-bheir dath fola ar shrothaibh na hÉireann.
Guím thu, a Mhuire, agus fortaig an taobh so,
a bhuime na mbocht nár loc ón réiteach.
Guím Eóin Baiste 's na hapstail le chéile,
naoimh an domhain i bhfuirm mar adéarfainn,
do chur a nguí chum Críost dár saora
ón mbruid, ón bpeannaid is ón ngéibheann
'na bhfuilid Gaoil, mo dhíth, le tréimhse.
Is dá ndáileadh Dia d'aontriath do Ghaeulaibh,
d'uaislibh Táil nó don Chárrthfhuil thréanmhair
do ghlacfadh do láimh i dtráth an éachta,
do chuirfeadh an t-ár le lánchath chréachtach,
is do chuirfeadh tar ais le slait na méirlig,


L. 49


cé nach buan ón mbuairt mo shaogal,
am shrón, dar Duach, an t-uar do shéidfeadh.
Yes, by Gad, I'd swag my béaver.
Ní léigfinn mo chluas do thuargaint d'aonneach.
To kick my arse ní rachadh gan spéirling,
To break my chaps mo chreach dá léigfinn
le haonmhac boduig dár choguin an Béarla
gan bheith 'na bhruicill 's a shiolla do léirchleith.
An uair nach faighim-se leigheas na gcréacht so,
leagfad mo shúile dúnta i n-aonacht,
ní chuirfead mo dhúil re smúine ar aonrud
is ní chuirfead cor dom chois go n-éagad,
bíodh Críoch Fáil mar atá le tréimhse,
go dtigid grása ó árdMhac Dé ghil,
'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig.


L. 59


B 1657c 17L
U 0100
TUIREAMH NA hÉIREANN.



An uair smaoinim ar shaoithibh na hÉireann,
sgrios na dtíortha is díth na cléire,
díothú na ndaoine is luíod a ngréithe,
bí mo chroí-si am chlí dá réaba.
Tar éis na díleann, fé mar léitear,
níor mhair puinn don chine dhaonna
nár bháig neart na tuile tréine
acht Naoi 's a chlann, Sem, Cam is Japhétus.


L. 60


Acht amháin go raibh i n-Éirinn
Fionntain fáig gan bhá sa déirlinn.
Ní hé a shnámh ná a rith thug ré dho
acht toil an Áirdrí, sé sin 'éifeacht.
An uair do chaith Naoi gan bhaois gan bhréaga
mórán aoise is críoch a shaogail,
do-chuaig go Liombó d'fhéachain Éabha,
is d'fhág agá chloinn an domhan braonach.
An Ásia thoir fuair Sem mar chéadchuid,
's an Aifric theas fuair Cam nár naomhadh,
do thuit an Eóraip chum Japhétus.
Do ghlacfainn mar roinn an chuid déanach.
Ó Cháin do mharbh Abel gan aonchoir
is ó Cham do geineadh na haithig gan bhéasa:
Atlas ar a mbíodh leath na spéire,
is aontsúil i gceann Polyphémus.
Briareus ar a raibh céad lámh méirsgeach,
Argus 'na gceann, fear céad léath-rosg,
Títan d'alpadh deich dtairbh ar bhéile,
Gogmagog is corp gan léine,
Cyslops, Centaurus, Cerberus, Éryx,
Gorgon do-níodh clocha do chéadaibh,
Minotaurus d'itheadh na Gréagaig,


L. 61


Nimrod, ceann is rí na féine.
d'eagla arís go dtiocfadh an déirlinn,
do mheas Nimrod tor do dhéanamh
ba aoirde ceann ná na réalta -
ní nár chríochnaig d'éis a shaothair.
Cruinníd musturún do na saoraibh
ar chnoc Olympus, Ossa is Pélion.
Ní hiad do bhíodh go huíche ar aonchuid
ag cur fataoi i ngarrdha fhéarmhar.
Do bhí Dia forusta soithimh le daonnacht
ar an dtalamh ó fhlaitheas ag féachain.
Do rinne gáire faoi na péistibh;
níor bheag leis 'fhaid do bhí ag éisteacht.
Do leag sé síos le n-a sméide
iad fein 's a gcnuic ar mhuin a chéile.
Táid siad fós ag luasga a ngéaga,
ag casa le héirghe, ag cneadaig 's ag béicig.
An máistir do bhí ar na saoraibh
an tuir Neamhruaidh 's a lucht saothair,
an uair d'iarradh crann, do-beirthí cré dho,
's an uair d'iarradh cloch, do-bheirthí aol dho.
Sguirid go tapaig is sgaraid le chéile.
Do bhí cainnt fá leith i mbéal gach éinfhir.
Ní raibh roimhe sin aca acht aonghuth:


L. 62


an teanga Eabhra do mhúin Éibhear.
Do bhí fán am soin prionnsa tréitheach
annsa Scythia, Niúl mac Féinius.
Do chuir sé dias is fiche is caogad
ag togbháil teangtha an tuir i n-aonacht.
Do rinne coinne riú ar mhachaire Shénair.
Ann sin cruinníos sgoil go saothrach
ba lia ealadha, teangtha is tréithe,
Gréigis, Eabhra, Laidean is Gaelge.
Do-chuala Pháro tásg mhic Féinius.
d'iarr air dul leis féin don Égypt.
Tug sé a iníon do mar chéile,
ainnir an órfhuilt, Scóta dhéidgheal.
Is uaithe tugadh Scóti ar Gaeulaibh,
Scotia i Laidin mar ainm ar Éirinn.
Do rug sí mac ró-mhaith Gadélus,
se sin Gaeul Glas, sinnsear Éireann.
Ag so an t-am do bhí Maois san Égypt
is pobal Isra-él fá dhaorbhruid,
Pháro fíochmhar fallsa daor leis,
is Scóta cheannsa lán do dhaonnacht.
Do rug Maoise a mhuinntear féin leis
tríd an Mhuir Ruadh slán gan éislinn.
Do mheas an rí a bhfille 's a dtraocha


L. 63


gur bádh é féin 's a bhuíon i n-aonacht.
Do ghlac sgrupal mór Gadélus
comhnaí do dhéanamh ar an dtaobh san.
Do ghluais i gcobhlach mhór go gléasda
's níor stad gur shoich sé críoch na Gréige.
Do bhí sé sealad i gcathair na Tébe,
ba leis Athens i gceart Féinius.
Do-chuaig as soin go lacedémon;
do ghluais leis as soin mórán Gréagach.
Bile mac Breoghain is a ghaolta
's a sheisear mac do bhí 'na laochaibh
do rinne íobairt do na déithibh
's do ghlac fairsinge mhachaire Thétis.
d'éirig stoirm is d'árduig gaoth air
idir Ortygia is oileán Créta,
idir Melos is Ephésus
is Pyramides mhic Alcuména.
Idir Scylla na dtonn dtaosgach
Is Charybdis bhagarach bhaolach
do bhí an mhurrúch go binn taobh leis,
a gruag sgaoilte is í dá réiteach.


L. 64


Do ghlac caladh i dtalamh Hespéria,
is annsa mBiosgáin do gairmeadh réx de.
Fuair le gaisge mar ainm Milétius,
Míle Easpáin annsa nGaelge.
Gaoth is anfa is mearbhall spéire
do chuir go Banba tamall roimh Ghaeulaibh
Ó hEidirsgeóil cróga is Ó Laoghaire
is Ó Cobhthaigh binn do shinneadh ar théadaibh.
Bráthair Mhíle, Íthe aorach
ó Bhaighóna tig dá bhféachain
Tuatha Dé Danann gan taise gan daonnacht
é do mharbh 'na leabaig an' aonar.
Do ráinig tásg a bháis a ghaolta.
Is fuathmhar feargach ghlacaid na sgéalta.
Tugadar míle mionn nár bhréagach
go bhfaighdís ríocht is fuil an' éiric.
Glacaid a n-airm 's a loingeas go gléasda,
seisear mac Bhile nár bh'urasa thraocha
ochtar mac meacanta meara Mhilétius
is clann mhaith Ír do cailleadh don chéad dul.
A sinnsear uile gan imreas Éibhear,


L. 65


Éireamhóin fuair rath is Éanna,
Colpa an Chluímh is Aimhirghin tréitheach,
is Donn do cailleadh i n-iarthar Bhéarra.
I gconntae Chiarraí i n-iarthar Éireann
do ghlacadar caladh ag Inbhear Sgéine.
Atá ag bun Choirreáin fós gan traocha
an charraig lér cailleadh go seachmallach Éanna.
Do bhí triúr bainríon ar an dtaobh soin.
D'iarr gach bean díobh ar a céile
a hainm fein ar feag a réime
do thúirt mar ainm ar Inis Éilge.
Fódla, Banba a n-ainm is Éire.
A dtriúr fear do thuit i n-aonacht
Mac Cuill, Mac Céacht is Mac Gréine
i gcath Taillteann, mór an slaoda.
Ó chruthú an domhain go maidhm an lae sin
trí mhíle blian fara cúig céada.
Ní dheachaig ón ngleó do chluinn Mhilétius
acht Éireamhóin, clann Ír is Éibhear.
Na Muimhnig uile do gineadh ó Éibhear,
ó Éireamhóin clann Néill le chéile,
ó shliocht Ír ba mhór géille
clanna Rúraí do riaradh éigse.


L. 66


Is iomdha rí ró-rathmhar réimeach,
tiarna tíre is duine naofa,
fáig is flaith is file faorach
tháinig ar gach taobh don mhéid sin.
Is uatha shíolraig Fianna Éireann:
Fionn mac Cumhaill mic Airt mic Tréinmhir,
Diarmuid do níodh lúth is léimneach,
sinnsear mhic Ailín ó Dhún Éadain,
Goll mac Mórna do níodh éirleach,
Caoilte is Osgar is Oisín éachtach,
Glas Donn mac Aoincheárda Béarra
is Conán Maol, fear mhillte na Féine.
d'éis na ríochta do chur ar éanchois
is Tuatha Dé Danann do leaga 's do thraocha,
ní, fáríor, do lean do Ghaeulaibh,
d'éirig imreas eatorra is céidil.
Idir Eoghan Mhór is Conn tug céad cath
an uair do rinneadar dá leath d'Éirinn,
d'éirig gleó nár bh'urasa réiteach;
is ann do cailleadh gan aiseag na céata.
Bíodh go rabhadar lán do dhaonnacht,
cosantach, cabharthach, tabharthach, tréitheach,
ní raibh soillse an chreidimh i n-Éirinn


L. 67


acht draíocht is deamhain is fallsacht déithe.
Do gheibheadh Jupiter iomad géille
mar dhia flaithis is tailimh i n-aonacht;
Neptúne 'na dhia ar an muir mbraonaig,
Plúto i n-ifreann is ní an' aonar.
d'adhradh cuid díobh dia na gréine,
cuid eile aca ré agus réalta,
Mars, Bacchus, Cupid is Phoebus,
Apollo glic mar dhia na céille.
Dia na ngaibhne Vulcán béaldubh,
Pan dia bhuachaillí na gcaorach,
Juno, Pallas, Venus, Thétis
is Aoibhill beanfháig Chraige Léithe.
d'éis Chríosd do theacht i gcoluinn daonna
trí dheich, dá bhliain is ceithre céada,
muicí Mhiolco, rí Dháil Réada,
do ghluais ón Róimh tar ais dár saora.
Celestinus an Pápa naofa
do chuir Pádraig chugainn 's a chléirig;
is é do theagaisg diadhacht is daonnacht
Íosa Críosd i gcríochaibh Éireann.
Do dhíbir draíocht is deamhain is déithe,
do bhaist a leinbh 's a ndaoine aosda,
do chlaoig an rí gér dheacair a dhéanamh.


L. 68


mac leasg Néill Naoighiallaig Laoghaire.
Is cruaig an cúntar ar ar réidheadar,
duine ón duine do chur i n-éintig,
dá cheann an tí do lasa ortha i n-aonacht
's an té ná dóifí, dá dhia géille.
d'eagla go mbiadh geasa 'na n-éadach,
sóinseálaid bruit le n-a chéile.
Do dóigheadh an draoi 's níor deargadh ar Bhéininn.
Is uime sin tugadh Beirtheart Naofa air.
Do bhí san Mumhain roimhe go saothrach
ceathrar d'easbogaibh beannaithe naofa:
Ailbhe Imlig is Diaglán Déise,
Íobhar umhail is Ciarán Cléire.
Do labhair Íosa béal ar bhéal leis.
Tug dó leabhar is bachall mar ghréithe.
Tug do bheith 'na bhreitheamh ar Ghaeulaibh
farrais ar Síón, Luan an tsléibhe.
Tug do ceithre hanmana do Ghaeulaibh
do bhreith go flaitheas gach Satharn saor leis.


L. 69


Do dhearbhaig Éimhin do bhí naofa
gur trí ceathrair tug Mac Dé dho.
d'eagla cleas is beart is baogail
Antichrist do luí ar Ghaeulaibh,
do gheall an díle do chur tar Éirinn
seacht mbliana roimh lasa na spéire.
Do gheall, an dán do rinneadh dá naofacht,
i bponnc an bháis gach duine adéaradh,
nó dá mbeith i gcás, na trí rainn déanach,
an t-anam do bhreith ó ifreann saor leis.
Iomuin Phádraig is ainm dhi i nGaelge
do rinne Seachnall mac Darérca.
Atá sí agamsa do mheabhair le chéile,
is d'ordóchainn a beith ag fearaibh Éireann.
Dá fhichid trí dheich duine d'éis éaga
d'aithbheóig ó bhás chum beatha daonna.
Do thóg sé naoi bhfir déag i n-aonacht,
ó bhliain go bliain duine is caogad.
Trí chéad trí fichid easbog gan chéile,
cúig mhíle sagart diaga déarcach,


L. 70


seacht gcéad eaglais do rinne an naomh so,
trí fichid bliain do mhair sé i n-Éirinn.
Iomdha maighdean bhraighidgheal bhéasach
do ghlac stoil is do rinne tréanas,
deagánach, canánach, cléireach
do bhaisd an fear do rugadh le naofacht.
An ríocht uile do tuileadh do naomhaibh,
do bhí grá is eagla Dé ortha.
An feadh do mhair teas an chreidimh gan traocha,
Oileán na Naomh dob ainm ar Éirinn.
Sin mar do chaitheadar sealad go séanmhar
nó gur chasadar Danair dá n-éileamh,
a loingeas láidir lán do laochaibh
do bhuaig tamall ceannas na hÉireann.
Do shaor Brian Bóraimhe Banba ó dhaorbhruid
i gcath Chluana Tairbh, Aoine an Chéasta.
Is ann do mharbh, gé cailleadh é féin leis,
laochra Lochlann is clann Turgésius,
d'éis na ríochta arís do shaora
is buannacht Lochlann do stopa le haonchath,
tug clann na gcarad aire dá chéile


L. 71


ag dó 's ag creacha na mbailte 's dá réaba.
Nós is measa 's is mallaithe b'fhéidir
do bheith ar talamh do bhí sealad ag Gaeulaibh:
mná dá malartú thar a chéile
's a mná pósta féin dá dttréigean.
Mac Murchadha Laighean is mar sin d'éignig
bean Thighearnáin uí Ruairc rí na Bréifne.
Do chuir sin fearg ar áirdrí Éireann
's do bhain de a thalamh 's a bheatha mar éiric.
Do-chuaig rí Laighean go huaibhreach léanmhar
i gceann rí Saxan is d'athchuir é féin air.
d'iarr air cabhair i n-aghaig a ghaolta
's do gheall dó Banba mar luach saothair.
An dara Hénrí dob' ainm don réx sin.
Fuair ón bPápa bulla le héifeacht
ceart is creideamh do sheasamh i n-Éirinn
is áirdchíos Pheadair do dhíol gach féile.
Mac Mhaoil na mBó tar ais faoi shéirse,
tug fir Shaxan leis i n-armaibh gléasta,
Iarla Strongbo leó mar léadar -
sé críoch an sgéil, do ghabhadar Éire.
Ocht bhfichid bliain, míle is aondeich
dob' aois do Chríosd annsin gan bhréaga.
Do bhíodar caoin sibhialta tréitheach,


L. 72


ba mhaith a ndlithe, a gcreideamh 's a mbéasa.
Gach duine d'úmhlaig, do bhí a chuid féin leis.
Do bhíodar ceannsa mar cheann cléire.
Do shíolraig a bhfuil trí na chéile,
do bhí an Gaeul Gallda 's an Gall Gaeulach.
A gcreideamh 's a ndlithe fá dheire gur chlaochlaig
Cailbhin coitcheann is Lúter craosach,
dias do thréig a gcreideamh ar mhéirdrig
's i n-aghaig na heaguilse sgríobhaid go héigneach.
Prionnsaí Saxan - olc dearbh an sgéil sin -
an t-ochtú Hénrí is Élizabétha,
Rí na Breataine 's Alban Séamus,
Lúter leanaid 's an eaglais séanaid.
Do rinneadh don rí ceann na cléire;
do tógadh a dtalamh 's a mbeatha i n-aonacht;
do hiompuíodh an Bíobla ó Laidin go Béarla;
do níd acht gan Aifreann d'éisteacht.
Pobal na Saxan is gasra 'Ghaeulaibh
an creideamh so glacaid 's an t-Aifreann tréigid.
'S iad so comharthaí dheire an tsaogail
d'osgail an geata chum peaca do dhéanamh.
Stad ó Aifreann Domhnach gréine;


L. 73


bean asteach 's amach ag éinfhear;
iomad mionn is mórán éithig,
goid is broid is breith ar eigin;
Aoine pháise feóil is féasda,
Vigil na n-apstal gan seasamh ar aonchuid,
is duine as an gcéad do ghlacfadh mar bhéile
arán eórna, biolar is caol-deoch;
craos is meisge orra i n-ionad a dtréanais:
so chugad! súd ort! Dia dot réiteach!
rinnce mar a mbeir! deisig do bhéabhar!
is airgead ceann dá ghlaca ar an gcléire;
fuil gan chúis dá dorta 's dá séide;
boicht dá gcreacha is cealla dá réaba;
an bhaintreach bhocht ag caoine a céile
's an díleachtaí san díg ag béicig.
Is docht na dlithe do rinneadh dár ngéarghoin:
Siosóin cúirte is téarmaí daora,
wardship livery is Cúirt Exchéquer,
cíos coláisde in nomine poenae;
greenwax, capias, writ, replévin,
bannaí, fíneáil, díotáil éigcirt,
provost, soffré, portré, méara,


L. 74


sirriaim, sionascáil, marascáil chlaona.
Dlí beag eile do rinneadh do Ghaeulaibh,
surrender ar a gceart do dhéanamh.
Do chuir sin Leath Cuinn trí na chéile,
glacaid a n-airm gé cailleadh iad féin leis.
An t-iarla Ó Néill fuair bárr féile
's an tighearna Ó Domhnaill ba mhór géille,
Ó Catháin na n-each mbán is na n-éide
is Ó Ruairc uasal, tiarna Bréifne,
Mág Uidhir Gallda is Mág Uidhir Gaeulach,
Ó Ceallaig, Ó Buídhill is Ó Raghallaigh,
Glas mac Mathghamhna is mac Aonguis,
Niall Garbh san Túr 's a mhac Maonas.
Mac Donnchadha ó Chorainn na Céise
's a raibh as soin ar fad go hÉirne,
Ó Dúbhda na gcaisleán aolbhaig,
Mac Samhairle Bhuidhe gé gur saoradh.
Síol gConchubhair fuair clú le daonnacht
's na trí mic Suibhne nar ob spéirling,
na trí Murchadh ba leabhair géaga,
Murchadh na dTuagh, na Maor, na méithMhart,
Uaithne do chuir an sop ar séide
ó íochtar Laighean ar fad do hÉirne,


L. 75


Branaig bheóga is Caomhánaig chaomha,
Ridire an Ghleanna 's an Ridire gléigeal,
Iarla Seanaide, Callainne is Méine
is Iarla Dúna Baoi na gcaolbharc,
Ó Dotharta in' Oisín d'éis na Féine
do thóg coga nár chosain ar aonchor.
Sin mar d'imig an donas ar Éirinn
bíodh nár imig an tubaist le chéile
nó gur thionnsguin an coga so Fhéilim
is gur chaill a cheann 's a theann Séarlas.
Ag son an coga do chríochnaig Éire
's do chuir na mílte ag iarra déarca.
An uair do díbreadh an Nuntius naofa
do rith pláig is gorta ortha i n-aonacht.
Tógaim fínné Risdird Béiling
nach díth daoine, bíg ná éadaig
ná neart námhad do bhain díobh Éire
acht iad féin do chaill ar a chéile.
Ginearál Gallda ar armáil Ghaeulaig,
armáil Ghallda ag ginearál Gaeulach,
cess is tax is fís Recéiver
do níd robáil chaoch gan aonta.


L. 76


Do bhí cáil amhrais - níl acht bréag ann -
go raibh Donnchadh, Murchadh is Séamus
is Uiliog a Búrc mar chúl daortha
ar mhá an stanncáird ag imirt na hÉireann.
Do sginn eatorra cíoná spéireat
do rug an bun 's a' ghoin i n-aonacht,
's a mhac Hénrí go cróga taobh leis.
Fleetwood, Ludlow, Waller is Éarton,
slua teann na n-each ngarbh 's na n-éide,
a cluíomh 's a phiostol ag gach éinneach,
carbín stopaithe is firelock gléasda.
'S iad so do chríochnaig conquest Éireann,
do ghabh a ndaingin 's a mbailte le chéile
ó Inis Bó Finne go Binn Éadair
's ó Chloich an Stacáin go Baoi Béarra.
Ní ná measfuí dhóibh do dhéanamh,
's iad do dhíbir seanGhaill tséimhe:
Búrcaig, Builtéaraig is Déisig


L. 77


is Tiarnaí na Midhe ba mhór éileamh,
Barraig óga is Barraig aosda
's an Róisdeach flathúil ná tug éitheach,
Gearaltaig Laighdean is Gearaltaig Méine,
Iustásaig, Pluinncéadaig, Paoraig.
An Bagóideach mórórnach déiseach,
Cuntlúnaig, Stundúnaig, Raelaig,
Rísig, Treanntaig, Múraig, Méachaig,
Gaillíg, Gúlaig, Cúrsaig, Créachaig.
Brúnach Tuirc is Brúnach Éile
is Cúndúnach na Cloiche Léithe,
Puirséalaig, Suipéalaig, Léisig,
Curlógaig, Cíosógaig, Céitinn.
'S iad do mhínig príomhfhuil Éibhir,
síol mBriain seannda na n-each léimneach,
Mac na Mara na gCreatalach nglégeal,
Tiarnaí Chorca Bhaisginn is Chlaonach.
'S iad do dhíbhir - ní do chéas me deire
don díograis, sinnsear Éireann,
prionnsa na nGaeul, mo thriath saolta,
Mac Cárrtha Mór is a shliocht i n-aonacht.
Mac Donnchadha posda na cléire
's na trí mic rí do bhí fé sin,


L. 78


Tiarna móraí Músgraidhe méithe
is Mac Cárrtha Riabhach ó Chúl Méine,
Ó Suilleabháin Bhealaig Béime
is Domhnall Ó Súilleabháin Béarra,
Mac Finghín ó Ucht an Éinghil,
Finghín seabhac na Ruachtaighe is Féilim,
Tiarna Choise Mainge na méithbhreac
is Domhnall Mac Cárrtha ó Chill Éige,
Domhnall Dhúna Ghoill 's an Aonaig
is Domhnall Donn deas ó Shruith Gréine,
Ó Donnchadha an ghrinn an Ghlinn 's an Ghaortha,
Mac Giolla Choda calma ón Maol-lios
's na gCruach árd ar a bhfásaid caora,
Sliocht Aodha Bheanráin ba mhór éileamh
ó bhruach Leamhna go Cnoc Bréanainn,
Clann Domhnaill Fhinn ón Lios gcraobhach
muinntir Chonaill, clann Chriomhthainn 's a ghaolta.
Créad ná caoinfinn saoi na féile
Piaras Feiritéar ba mhór tréithe,
Conchubhar, Tadhg 's an t-easbog Baothlach
do crochadh i gcroich Chnocáin na gCaorach.


L. 79


Ceann uí Chonchubhair ar an spéice.
Transplant, transport go Jamaica.
Dún Gidh, Dún Dágh is Dún Aoinfhir
gan fhíon, gan cheól, gan dán dá éisdeacht.
d'éis ar cuireadh tar Sionainn fá dhaorbhruid
's an mhéid fuair Pilib gan fille le sgéala,
chugainn na mionna do cumadh chum léirsgrios
atá gan miotal acht iomarca is éitheach.
Cá ngeabham anois nó créad do dhéanfam?
Ní díon dúinn cnoc ná coill ná caolta.
Níl ár leigheas ag liaig i n-Éirinn
acht Dia do ghuí 's na naoimh i n-aonacht.
A Dhia do dhealbhaig ré is réalta,
do chúm flaitheas is talamh is spéire,
do bhí agus tá is bhias gan traocha,
aoinDia amháin tu is ní trí déithe.
An bhfuil tú bodhar nó cá bhfuile ag féachain?
Nach tú do leag na hathaig led sméide?
Cá beag duit 'fhaid ataoi ag éisdeacht?
d'imig ar gcreideamh, ní mhaireann acht spré dhe.
An é so do gheallais do Phádraig Naofa
ar chnuc Hermon chionn teacht go hÉirinn


L. 80


nó ar an gCruaich tar éis a thréanais,
an t-aingeal Victor an tan do réig leis?
Ó ní hamhla, níl tú bréagach.
Ní móide h'aois ar chaithis dot shaoghal.
Níl poll ad stór gé mór do dhaonnacht.
Sinn féin do thuill gach ní tá déanta.
Cá bhfuil Muire bhraighidgheal bhéasach,
maighdean ghlan is máthair Éinmhic,
Eóin do bhaisd is Eóin ba ghaol di,
Aindriú, Peadar, Pól is Séamus,
Mícheál archaingeal na hÉireann,
Pádraig ar n-árdapstal naofa,
Dáibhí an Breathnach ó Mhinéabha
ós í a mháthair bhí do Ghaeulaibh.
Colum mac Criomhthainn is Colum mac Féilim,
Ailbhe Imlig is Diaglán Déise,
Ciarán Chluana is Ciarán Cléire
's an té do bheannaig i n-Árainn naofa;
Éimhin Áine is Fiacha Sléibhte,
Sionán Innse Catha na péiste,
Conall is Caomhán, Faolán Léithghlinn
is Maoineach Acha Deó na gréine;


L. 81


Fuirse mac Fionntain mic Gilghéise,
Bréanainn Bhiorra is Colmán Éile,
Bréanainn Árd Fhearta ba mhór naofacht
do bhí seacht mbliana ag iara déarca.
Colmán mac Duach fuair bua féile,
bráthair Ghuaire do bhí in' aonar,
Mochuda, Molaige, Laichtín, Béininn,
Bríde, Míde is Gobonéta;
Fíonán Faithleann ar an Léin-loch,
Fíonán Locha Luíoch, mo naomh-sa
do rug ó phláigh Uíbh Ráthach saor leis.
Guígse is guím Dia na ndéithe,
an t-Athair 's an Mac 's an Spiorad Naofa,
ár bpeacaí uile do mhaitheamh i n-aonacht
's a gcreideamh 's a gceart d'aiseag ar Ghaeulaibh.



Pater noster qui es in coelis,
sic nomen tuum santificetur,
debita nostra feasta ná héilimh
sed libera nos ó thuille péine.


L. 82


Ave Maria, grantia plena,
benedicta tu, Dominus tecum,
ora pro nobis, a chara na héigne,
nunc et semper is do-gheabhair éisteacht.


L. 86


B 1658c 17L
U 0101
Mo lá leóin go deó go n-éagad
's go dul am luí fán líg am aonar
's go héirí suas dam Luan an tSléibhe,
ruaig an ráis si ráinig ort, a Éire,
d'fhág mo cheann gan mheabhair gan éifeacht,
mo chluasa bodhar ó fhoghar a ngéimeann,
do bheir a radharc ag leighe na n-aé agam
is fuaim a nglóir ag cló mo chéille.
An uair do-chím-se maidhm is éirleach,
cinn na gcura curtha ar spéice,
is bail na cóipe cróine céire
ar do chloinn gach laoi dá léirsgrios.
Dá mbeinn marbh níor dhaithnid na sgéala,
nó mé dom straca 's dom ghearra am stéigibh,
nó mé dom tharrang am ballaibh ó chéile
seoch an díol so ar shíol na saorfhlaith,
Éireamhóin aoird is Ír is Éibhir,
Chuirc is Chuinn is Fhloinn is Laoghaire,
Oilioll Óluim, Eóghain is Fhéilim,
Chairbre Chais is Airt is Néill Duibh.
Is mórán leó atá ró fhada am sgéalaibh


L. 87


noch táinig uatha d'uaislibh Gaeul maith,
do dhíoladh dáimh is do dháileadh séada
is do bhí cruaig cróga i gcomhlann céad cath.
Is gach a raibh teann don Ghallfhuil Ghaeulaig,
do bhí fial bronntach tobharthach déarcach,
do cheannuíadh fíonta is do dhíoladh éigse
's 'na gcinn sluaigh ar ruagaibh éachta:
Gearaltaig chróga nár clódh i gcéidil,
Buitléirig, Búrcaig is Pluinncéadaig,
Cúrsaig, Cúndúnaig, Paoraig,
Róistig, Barraig is Breathnaig an tSléibhe.
Is tiarnaí leó go leor is léir dam,
is finí feadhma ar oighreacht aordha,
giollaí óga i mbrón 's i mbaogal
fa achtaibh anba Danar is daorsgur.
Lán an tailimh do Shagsanaig chlaona.
Do gheibhid ceathrú 's an cheathrú séantar.
A leithsgéal ann gach feall dá ndéinid
gur ceathrú phonncúil Chonndúin chaomhnaid.
An méid le treicíocht ar mhercy ghéilleas
ceanglaid daingean gan arm gan éadach,
a bhuille 's a shátha i láimh gach aonneach
is musgaod fada 'na gceannaibh dá bpléasga.
Prealáidí eagailse is easbuig ní fhéachaid
gan a gcosgairt 's a gcrocha san chéadchroich.
Bráithre d'áireamh a n-áir ní féidir,
dochtúirí is sagairt ar bhearannaibh caolstoc.


L. 88


Bíd le fallsacht ceannsa séimghlan.
Congmhaid ceart is smacht dá ghéire.
Crochaid duine fá uiread na caorach,
dá bhreith a ceathrúin, dá mharú i n-éigceart.
Do-chíd a lán so, is gráid an géarsmacht,
is mar gealltar dóibh nách leómhthaidh aonneach
uiread an bhruibh do bhuint dá n-éadach
acht gibé íoc cothrom do shoichfeadh a spré-chnuic,
cnósaíd chúcha an dúithe i n-aonacht
do ghrá suainis is buartha 'thréigean.
Téid fé cheathrúin tré dhea-chlú a dtréithe
mar dhíon daoine is maoine ar bhaogal.
Leagaid a n-airm, idir eachra is éide,
dá gcur chúcha i gclúid nó i n-aentig,
le mórán bronntais is tobharthais séada
do mhartuíocht álainn, pláta is péatar.
Is ró-iomad breab ag teacht do phlé ortha,
ag ól go minic 'nár dtithibh is féasta,
is gach re lá san táirne ar daorthaibh,
is a reicneáil bhíos a díol go léir linn.
Do mhúch an t-íoc 's a dhíol ár ndaonnacht.
Do lom ár lámha gan fáil ar fhéile,
go ndeachaig ár dtrian ag iarraidh déarca,
mná is leinibh gan pingin san tsaogal.
An feadh do mhair don each a thréinrith,
do bhíodar páirtiúil báigiúil béasach.
Call an chumais ár gcumann do chlaochlaig,
ní compáin dóibh sinn, d'fheóig ár ngréithre.
Sgaoiltear amach 'na sraith na faolchoin,
madraí allta i gceann na gcaorach,


L. 89


tarrang teallaig bathlaig ar bhéith ghluin,
is dá ndéana creach, níl smacht dá éis air!
Tógaid ceann dá bhfeall is dá n-éitheach,
gabhaid ár n-uaisle dá dtuairt chum tréalach
fá gach ní dá luíod le h-éileamh
ó thúis cogaig go tosach an lae sin.
Cailltear ar dtúis san chúis sin sgae 'gainn
i gComhairle Chogaig bhíos ollamh dár ndaora.
Cuirid a lán 'na dtáin chum sléibhe,
fágaid aca a mbailte 's a saothar.
Cumaid san tír an líne léin dúinn
go gcurthaoi gorta i bhfortacht an mhéid sin,
le fógra teacht asteach dúinn fé sin
chum lae dháirithe i gcás gach péine.
Gluaisid uile chum cuinne aca an lae sin
's ag teacht san teórainn dóibh do héirgheadh
marcshlua is coisithe chuirid i ngléas mhaith
'na mbannruig tímcheall cruinn gach taobh díobh.
Buala claduig is leadairt an lae ortha,
idir mhnaoi, sheanduine, leanabh is laoch mear.
Ní dheachaidh uatha trua ná tréinfhear,
slán ná teinn, fear innste sgéil dhíobh.
Cnósaíd caoire is maoin na gcréachtach,
a mba 's a gcapaill, a n-earra 's a n-éadach,
i gcóir go croinn a roinn le chéile,
mar bhíos oifig a shochair dá réir sin.
Tories ghuirid d'fhuirinn an tsléibhe,
's an fear astig gan choir gan chéim air,
caithfidh a íoc, gach ní dá ndéineann
an Tory amuith, má bhíon a ghaol ris.
Muna bhfuil gaol dá thaobh re féachain
nó an costas do shoichfeadh an t-éileamh,
is dá mbiaid gan fios cia rinn an t-éirleach,


L. 90


caithfidh an tír an díol so 'dhéanamh.
Bíd fá choistí ar slí a ndaortha,
le faobhar focal a gcrocha nó a gcéasa.
Gach cladhaire uilc adeir murder bréige
i n-aghaig a phearsan 's a dhearbha in' aonar,
atá sin 'na bhás gan cháirde ag aenneach,
gé tá dearbhtha a theastas 's a mhéinn mhaith.
Baintiarna Róisteach mhór na déarca
mar fhínné suas do chuaig chum Dé air seo.
Atá cuid dár mbuín fá dhaoirse i ngéibheann
nár ghlac arm 's nár easmuiltig aenneach.
Ní bhfaighid tacuíocht, bannaí ná réiteach
go teacht dúinn fá thír dár saora.
Má beirthear breath le neach i bplé againn,
breabfaidh fear eile aca an breitheamh dá éis sin.
Le execútion bhíos súil an chéidfhir,
costas buinte 'na chuinne ag an ndéanach.
Transport, transplant, mo mheabhair ar Bhéarla.
Shoot him, kill him, strip him, tear him
A Tory, hack him, hang him, rebel,
a rogue, a thief, a priest, a papist.
Bíd na mílte dínn i n-aonacht,
iad 'na mbanna dá dtarrang 'na gcéadaibh
chum gach cuain ar fuaid na hÉireann,
dá gcur don Spáinn ar áis nó ar éigin.
A ngoid san uíche do-níd na méirlig
gan fios a n-íde, a gcríoch ná a sgéala,


L. 91


gabháil is priosáil gach lae ortha
is tiomáin go hoileánaibh Statesy.
Lódáil chobhlaig thonnthaig thaosgaig,
iadhta a mbuilc san muir 'na bpéirse,
mar sglábhuíocht díola, mar bhuín na hÉgypt,
leó mar eallach chum tobac do dhéanamh.
Gach ar fágadh d'fhás na Féine,
do bhí i n-oighreacht, i bhfeidhm nó i bhféile,
go Cóige Connacht do cuireadh ar séirse
nó go tuasgeart Tuamhan 'na dtréinrith.
I n-áit a dtailimh do gealladh dóibh stéigeach
i gConnachtaibh thuaig, i dTuamhain nó i mBréifne,
do réir cáile is cáis gach aenfhir,
dá gcurthaoi asteach gan stad a gcléim air.
Gluaisid uile, nó iomad a bplé air seo,
go Baile Loch Riach i ndiaig an éilimh,
le fís fairsiong a' breaba na gcléireach
do ghealladh fa seach a gceart gach lae dhóibh.
Do-bheireadh an tsithléig leathsgéal bréagach -
gnótha an stáit, a gcás 's a n-éigean
ná léigeadh dóibh an gnó sin d'fhéachain
go mbíd cortha 's a gcostas ar dtraocha.
Aimsir fhada gibé fhanfadh le sgéala,
tig Leabhar Dubh an uilc 's an éithig
'na bhfuil gach coir le cur in' éadan,
an ní do-níodh 's an gníomh nach déineadh.
Críoch a ndála a stát do thréigean
ar ainim do chearúch atchúch éadtrom.
Fille folamh ón oifig is éigean
is lámh ghlan lom gan bonn chum béile.


L. 92


'S a raibh ar áird san áit dá n-éis sin,
nár ghlac arm ná talamh re héileamh,
do ghlac brugh bodaig ag obair nó ag aedhreacht
nó faoi dhaoirse íoca is féaraig.
Annsin díolaid trínne ar éigin,
is ní cothrom Gaill ag roinn ar Ghaeulaibh;
bí fear trí mbó nó comhroinn caorach
le fear céad damh i dtasg chomh daor leis.
An t-íoc do dhíol ar mhaoin 's ar spré-chnuic,
is ní íocfaidh Gall 'nár dteannta raol de,
nó gur shúghdar chúcha an ghléire
is nár fhan 'nár gceathrúin deachú an chéadstuic.
Toghaid 'na gcéill dóibh féin Recéiver
's an t-íoc 's an t-airgead theangmhas éirgheas
do ghlaca asteach 's amach do léigean,
trí raol sa phúnt 'na chúram téid do.
Mar thig asteach an tasg le chéile,
gluaisfidh uainn gan tuairisg aenfhir;
glana a chúntais dúinne is éigean
's an tasg arís do dhíol go léir linn.
Gur mhaith an Rí gibé dínne adéarfadh
nó fiú a shláinte i dtáirne 'réiteach,
do bhéadh 'na mhírún i bpríosún tséile
go ndíoladh faoi cháim fíneáil dhaor as.
Fé chuid caisleáin sgiúrsáil phlé ortha,
gach ré sholuis iad gobhtha nó i ngéibheann.
Bíd gan sgaoile go ndíolaid daor as,
cíos na hainnise, an mhairsil 's an tséile
le tacuíocht Gall mar fhabhar dá réiteach
is mórán as sin breab is baochas,
is gan spás d'fháil acht cáirde an lae sin
nó go mbeirthear iad chum tréalach.
Ar son teagaisg a leanabh i léigeann,
máistrí sgoile do ghobhadar fé seo,


L. 93


iad mar ghadaithibh ceanguilte ar théadaibh
is ag sul ó phórt go pórt convey ortha.
Carraig Fheargusa eachraí a séala
go gcuirfí iad go h-iath Iaméca.
Do thairg an chóip si dóibh a réiteach
is bheith dá mbuín acht Críost do shéana.
Bí dá máistir a ngrá go héigneach
ag tarrang chuige gach nduine dá bhféadann.
Fabhar mór gheallann 's a thalamh le chéile
do gibé d'iompódh leó ar shórt uilc éigin.
Turcach Iúdaíach Múraíach Négro
's an dial dá dtigeadh i bhfuirm dhaonna,
do bheidís grámhar leó i bpáirt 's i n-aonta:
Catoilic buan a bhfuath go léir sin.
Gach sect creidimh eile atáid réig leis,
aon mháistir dóibh gach sórt dá n-éirgheann;
le muinntir Íosa síth ní dhéinid,
do mhuinntir chirt an fhir ní ghéillid.
Do dhochtúiríbh diadhachta Chríost ní staonaid,
ná do theagasg na n-aithreach naofa,
ná fós dá mBíobla, bíodh gur bréagach:
múinidh a spioraid gach nduine aca fé leith.
Baiste ná pósa cóir ní dhéinid,
ná aon lá saoire naoimh i bhféiltibh,
ná a léigean fós dá ndeóin a dhéanamh
acht an Domhnach lom in' aonar.
Gach ní loitid d'obair nó 'shéadaibh
do rachadh chum glóire mórgacht Dé 'gainn.
Measaid cuítheach na puínntí naofa
don droing do rinn gach uilc dá mhéid do.
Do bhris gach mainistir bheannaithe ghléigeal,


L. 94


clogás, cloigtheacha 'na gcladach dá réaba,
crosa na gceall is teampaill dhaora
do tharrang leó chum pórt do dhéanamh.
A gclocha snuite 'na dtithibh aolchuir
bíd ortha a gcinn 's a slinn go gnéitheach.
Gach reilg árd 'na ráile caorach
nó mar bhuaile do bhuaibh a laogh aca.
Cuirid mar dhlí againn díbirt cléire,
gach órd crábha, bráithre is Jésuits,
Dia do dhíol is maoir a thréada
is an diagaire diaga i bhfiaclaibh faolchon.
Tar éis an acht gach neach don mhéid sin
díobh dár gabhadh i bpoll nó i n-aentig,
ní bhfuair spás ná cáirde lae aca
gan a gcrocha ar rochtain go Caesar.
Le bliain san tír atá ríneas ré aca:
a gcur gan díthiú i bpríosún éigin.
Dóibh fé ghorta ní folamh gach féile
's an iomad i n-Inis Bó Finne a' dul d'éaga.
Culaí Aifrinn bíd aca mar éadach:
mar dhíon corrabhrád corprás naofa,
an ruifil cóir chum srón do shéide,
tubháillí geala dá smeara le gréisg bhluit,
mar éadach cnis an micht 's an léine,
dubléid cúmtha úmpa an éide,
mar thaftá léis bíon leis Séluz,
stoil is manupel creasanna a gcaolstoc.
Cailísí órdha chum óil ar fhéasta,
trínnsiúr fé smeig do bheith paténa.
An leabhar Aifrinn lasair tríd léigid,


L. 95


is portús Mhuire san teine 'na sméir dhuibh.
Cúis bhíos eadrainn gan Aifreann d'éisteacht,
's a rá 'nár dtig atá sin 'na thréason.
Bia ná leaba do shagart pé bhéarfadh,
biaidh a anam dá dhíth 's a bhuíon in' éamais.
Ní leómhthaidh duine againn turas do dhéanamh
gan a cheangal dá bhfaghthar air sgéala.
Folach paidrín ainglí is éigean,
relics bheannaithe, agnis, médals.
Fíoghar na cruise ní fhuilingid d'fhéachain,
coisreaga, altú is beannú béile.
Íomháigh díleas Chríost do réaba,
pictiúir Mhuire 's gach nduine do naomhaibh.
Do cuireadh mar smacht ar feag na hÉireann
gan aon nóchar do phósa a chéile
i bpéin a gcostais 's a gcoda don tsaogal,
go ndéineadh búr baoi giústís é dhóibh.
Diablaíocht mionn 'nár gcionn do gléasadh
gan Dia 'bheith san abhlainn naofa,
ná onóir cheana d'aingeal ná 'naomhaibh,
ná neart don Phápa ár gcás do réiteach.
Is mórán leis gan cheist is éitheach
do chur a n-údair fútha a dhéanamh.
Dá dtrian maoine do dhíth gach aenfhir
do theipeadh uatha a dtuairt san chéill sin.
Cár chás conncas complacht ghnéithig
do ríogaibh corónta comhachtacha éigin
nó d'fhuil oiriric fhoirtil na Gréige
ar a raghadh tuairisg uaisle is éachta,
acht brosgán brocach do bhodachaibh céirde,
do shíolbhach striapach, piast is méirleach
nach fios san Eóraip ó ló an chéidfhir
cia an chú chac gach neach don fhéin duibh,


L. 96


is gan é d'fhoghluim leabhar do lé' aca,
ná fiú an altuithe, paidir ná cré aca,
ná aon aithne d'aitheantaibh Dé aca,
ná gaol deise 'na gcreideamh le chéile,
ná Dia do ghuí ag luí ná ag éirghe,
ná cás aca ann i gceann a ndéinid,
acht mar mhucaibh do luífeadh síos le méathras
nó mar mhadraí ablaí craosach.
Ní Gaill uaisle luaim san méid si,
atáid gan chúis acht cúrsa an éigin;
gérbh' éigean dóibh don fhórsa géille,
bíon a bpáirt do ghnáth le Séarlas.
Acht sluaite Chromuil chuthuig chraosuig
tug brón báis do rás na réxa
is tug dá bhuín a maoin 's a ngréithre,
a dtithe geala, a dtalamh 's a dtréadta.
Ní hiad Gaill do thuill an réim seo,
a gcreideamh, crábha, grá ná a ndéarca,
acht díoltas Dia 'tá i ndiaig a ndéine
do chuir drong mhalluithe d'arguin Éireann.
Táinig ráite an fháig i n-éifeacht:
sealbhú h'áruis do tháir na Héathens,
is uabhar fir an nirt do thraocha,
aitheanta beannaithe 'shalcha tréd' choir.
Toisg aindlíthe h'andaoine dhaor thu
gan ciorrú, bac ná smacht 'na n-éirleach.
Do chaill do nóchar phósta ort, a Éire.
Mar báitear long tre chionntaibh aenfhir,
ar chloinn Isra-íl i maídhm na nÉnrits
tré choir amháin Achán mhic Zéreh
do rug airgead, ór is éadach
do bhí mallaithe i gcathair Ieréco.


L. 97


Aduairt Dia ag seasamh nach anfadh ag aenneach
roimhe a naímhdibh díobh le chéile,
is nach biadh 'na bhfarra, 'na n-aice dá gcaomhna
go sgrios uatha duais an té sin.
Do fríth amach Achan 's a ghréithre,
a chlann díleas, a mhaoin 's a spré-chnuic.
Iad do clochadh 's a gcostas i n-aonacht,
do dóigheadh iad uile ar an dtulaig dá éis sin.
Mo chreach, fáríor, mo mhíle traocha!
Bíd céad smacht gan acht i n-Éirinn
do ghlac go sanntach cuid Gall is Gaodhal
is gan a gclocha ná a gcrocha 'na n-éiric.
Do bhí agat go ceanúil cearúig chlaona
do bhí ró-chliste san imirt do-bhéaradh
ar chur cártaoi 'na bhfághthaoi céadta,
san imirt chaim do bhí suim a gcéille.
Gach aon chluithe ar imirt na gclaenbheart,
ar chluíomh dá lámh ba láidir laoch air,
cluithe na lúb ar lúth 'na méaraibh,
amuith 's astig fé chion i n-aonacht.
Is mórán fuad ar shlua na gréisge
ag déanamh luit is uilc is éirlig,
is mar bhárr díograis fíoch is fraechnimh,
do bhreis ar chách i ngráin 's i ndéine.
Is mórán fuad do chuaig mar chéird leis
ag brath 's ag fealla do Ghallaibh ar Ghaeulaibh.
Cuid le a naímhdibh ag díol a ngaolta
is cuid ag spiaireacht i ndiaig na cléire.
Oificeach díobh ar bhuín 'na léadar
i ndiaig ar theith ar cheist a ndaerbhreath,


L. 98


gach ar thárla dá náision féin leis,
dá dtuairt ceangailte do Ghallaibh ar théadaibh.
Do bhí riamh le rá Oileán na Naomh ort
gur léigis díot gach ní dod thréithibh
creideamh, dóchas mór is baochas,
coinghíol, crábha, grá is daonnacht.
Neimhchion tugais i dturas 's i dtréanas,
d'órd ná d'Aifreann ná d'eaglais géille,
easparta Mháire 's a trátha thréigis
's gan an paidrín do thaithí ar aonchor.
Tugais t'úrnuithe ar chúram saolta,
tugais taithí ar neimbrí, is léan duit,
tugais dea-obair ar shaibhreas bréige,
díbirt na mbocht is tocht na ndéarca.
Beag an t-iongna tu thuitim, a Éire!
Tugais crábha cráite ar chraosaibh
is gach ól carúis dár mhúin an phéist duit,
is ar shórt gach bíg dá líona ad mhéadail.
Marú, feall is fann do léirsgrios,
fala do chuimhniú, iomthnúth is éitheach,
adhaltrannas, drúis is tnúth re séadaibh,
brise pósta, póit is pléireacht.
Beathaithe eagluise is deachmhaithe 'réiteach
's gan cuid ná páirt do dháil dóibh féin de.
Argóint chlaoin an Bhíobla bhréagaig,
gearraíocht, goid is broid is bréaga.
Sainnt is meisge is leisge na ndéat maith,
uabhar is puímp is sgím gach sgléipe,


L. 99


iomad móide mór le héitheach
is fuil an Tiarna Dia dá spréacha.
Mailís, míchothrom íoca is claenbhreath,
luí ar na bochtaibh 's a gcodanna 'shaora,
tromaíocht comharsan is deóra 'dhaora,
is mórán tasg tar ceart dá n-éileamh.
Fala ag fearthainn go fairsing gach lae oraibh,
gráin is gearra ag malairt do mhéine.
Calaois, cealga, barra ar do bhéasaibh,
tug don tSagsanach sealbh do shaothair,
tug duit turrainn na tubuiste tréine,
do bhrúig go brách cnámha do chléibh-se,
do ghearr do lúitheach lúith is t'fhéitheach,
do sgaoil do chuisleanna cumuis is créachta.
Do chaillis do cheann, do chlann is do chéile,
mar atá Séarlas séanmhar séadach,
t'iarlaí, do thiarnaí, do thréinfhir,
is Eoghan na gcath mac Airt uí Néill, t'fhior.
Bilí gan bhláth acht bárr baothghlas,
gan iasg ar inbhear ná innilt ar éanlaith,
gan tairbhthe ar thráig ná trácht ar thréithibh
acht guil is gártha báis is baogail.
Aitchim Íosa díbhse céasadh,
d'fhulaing an pháis do ghrá úr saortha,
mar tháinig ar dtúis cúis úr ndaortha,


L. 100


go dtí chum críche díbhse an méid si:
teacht díbh fé neart tar ais gan bhaogal,
is úr Rí corónta reóaibh 'na léadar,
is Duke of York mar phosta cléire,
ag teacht fé mheadhair 'núr n-oighreacht féin cheart.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services