Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Micheál Mhac Suibhne agus Filidh an tSléibhe

Title
Micheál Mhac Suibhne agus Filidh an tSléibhe
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1937)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. MÁIRÍN SEOIGHE.



1.



'Gabháil thrí Chonga dhom do dhearc mé an chúilfhionn,
Bhí mian na cúige innti de chailín óg,
Bhí a folt a' casadh léi síos go drúchta,
Agus blas a' tsiúcra bhí ar a póig,
Is í ba deise agus ba gile mhúinte
Dhá bhfaca súil ar bith ariamh go fóill;
Ach a chubhar na tuinne agus a bhláth na n-ubhall,
Má ghnír mo dhiúltú ní bheidh mé beo.''



II.



Sheas an ainnir úd seal beag, baoideach,
Mar bhí sí caoitheamhail gan mhalairt béas
Ba deas a pearsa agus a seasamh díreach,
'S a leacha sgiamhach ar dhath na gcaor,
Las an solas ina brollach líonta,
Agus do gheit mo chroidhe aici chomh mear le éan,
Níor dhubhairt sí ach "morra dhuit" is a súil a chlaonadh
Mar bheith sí i n-imnidhe do lucht na mbréag,



III.



Dhearc mé ar maidin an eala mhúinte,
Agus chítear damhsa go mba ro-bhreágh a sgéimh,


L. 7


A súil ba glaise faoi dhó ná an drúchta,
'Sa béilín cumhra ba snuidhte déad.
Tháinig mearbhall orm, ní nárbh iongnadh,
Chuaidh mé amudha agus do thuit mé i néall,
Chaill mé an t-arann ach amháin gur dhubhras:
"Tabhair roinn bheag chonganta dhom, a Aoin Mhic Dé."



IV.



Chuaidh mé 'un seanchais le fear den chomharsain,
Cia hí an tseoid a bhí a' gabháil na slighe,
d'aithris sé dhamhsa go mba cailín óg í
De chineál ró-mhaith dhá raibh sa tír.
Craobh ro-mhaiseach í den bhunadh mhórdha
Nachar stop a gcrodhacht ó aon fhear ariamh,
Sé is ainm baiste dhi-si Máirín Seoighe,
'S tá fir na Fódla go deo 'na diaidh.




2. SINÉAD NIC A'BHAIRD.



23H32, l. 48



I.



Shiubhail mé roinn mhaith d'Éirinn,
Sasana fré chéile,
Afraic agus Éigipt
Agus gach aon bhaile cuain,
Samhail mo chéad searc
Ní fhaca mé sa réim sin
Le eineach is le féile
Le céill agus le stuaim.


L. 8



Is aici bhí na béasa
Nár smuainigh ariamh ar aon fhear,
Nach deacair bean a tréithe
Ar aon chor a fhagháil;
Is go mbu mhór an chaint i nÉirinn
Bhí ar Bhláthnaid is ar Dhéirdre,
Is go dtug sí an barr ón méid sin
Dá n-éiligheadh siad í ann.



II.



A stóirín fearaibh Éireann,
An bhfuil tú do mo shéanadh,
Agus a fheabhus is mholfainn féin thú
Agus bhéarfainn ort cliú,
Mar is dom ab fhusa a dhéanamh,
Mar is fada mé dot' fhéachaint,
Ag amharc ar chlár d'éadain
Is ar a' méin bhí in do ghruaidh.
Is deas is is mín do mhéara
Ag seinnm tiúin ar théadaibh,
Ag sprigáil píosaí cambric
Le céill agus le stuaim.
Is ós mise nach bhfuil bréagach
Ní cháinfe mé go héag í,
Ach mo bheannacht a chur léithi,
Lá nach n-éalóchadh sí liom.



III.



Is gile í a réir mo thuairim
Ná an eala ar na cuanta
Is binne í ná na cuacha
I n-uaigneas na sliabh,


L. 9


Ní cainteoir bog ná cruaidh í
Ach tá sí céillidhe, stuamdha,
Níl ní ar bith ag dul uaithi
Dhár dhual a bheith i mnaoi,
Tá a cúilín clannach, buadánach
A' sileadh léi 'na dualaibh,
Sí an chraobh í 'measg na mbuachaillí,
Gach uair dhá mbíonn siad cruinn.
Sé mo léan gan mé agus an chiúin-bhean
Faoi chiumhais na coille ag cluainigheacht,
Go bhfásgainn-se mo mhúirnín
Naoi n-uaire le mo chroidhe,



IV.



An té chífeadh ag gabháil an róid í,
Sí mian gach buachaill óg í,
Is gach daimhseoir deas ní beo é
Gan í a thabhairt leis ar láimh:
Níl fear grinn na déanta amhrán
Nach uirthi bhíos ag cómhrádh
Dhá rádh gurab í an réalt eolais í
Gach trathnóna is maidin bhreágh.
Tá an lilí is an rós
Ina leaca deasa i gcomhnuidhe,
Tá a dhá súil mar an ómra
A' déanamh eolais is gach ceard;
'S gur milse blas a póige
Ná mil na mbeach san bhfóghmhar,
Sé mo léan gan mise pósta
Le mo stóirín, Jenny Ward,


L. 10



3. FAILTE UI ChEALLAIGH.



23H32.



Fáilte bheannuighthe, mhairtheannach, mhódhmhar, bhinn,
Fáilte chathmharach, charthannach, chóir-cheart, chaoin,
Fáilte agus fiche agus cuirim na céadtha leóbh
Ar nós na tuile insa tsruth atá m'fháilte romhat.



4. FUISGI MhAIGHISTIR SLOPER.



23H32, l. 51.



I.



Ar meisge dham níor mhisde liom, gach lá saoire is Domhnaigh,
Ag éirghe suas ar maidin is a' luighe arís trathnóna,
Is é bheir croidhe is meisneach dhúinn, thóigeas cíos is tinneas dínn,
Is ní ólfainn deoir den uisge dhá bhfághainn fuisgí Mhister
Slóper.



II.



Níor fhás aonphór thrí thalamh ariamh chomh maith leis an ngráinne eorna,
Dhá fheabhas an biadh le n' ithe é, is fearr an deoch le n' ól é;
Bhuail sé Tuaim is Beannachair, is a bhfuil as sin go Sasana,
Ruan mo chroidhe, is m'anama cuid fuisgí Mhister Slóper.


L. 11



III.



Is é deir an chailleach nuair a chí sí neach den chomharsain,
A' raibh tú i dtigh na stile indiu nó ar ól tú dadaí fós de?
Níl fíon níl beoir chomh milis leis, is maithnach raibh mé ar meisge uaidh,
Nuair a thuit mé siar mo ghillire chois teine Mhister Slóper.
IV.
........
........



5. SUIRGHE MhIC SUIBhNE.



23H32.



I.



Is olc an talmhaidhe mé a' teacht an Mhárta,
Ní chaithfinn láighe ar feadh sheacht mbliadhan,
Ní fear gunna mé ná maide rámha,
Is níl mé m'fháitcheallach ar muir ná ar tír.
Ní bhainfinn an phonann bheadh i n-alt a gearrtha
Dhá gcáithtí an gráinne leis a ngaoith aniar,
Is go deimhin, a chailín deas, más tú tá i ndán dom
Is fada fánach a bhéas do thriall.



II.



Phósfainn bean éigin muna bheith nac bhfuighinn í,
Ní dhearnas síolchur san earrach fós,
Ach istigh fré cailleacha a' caitheamh an phíopa
A' troid is a' bruighin leo 'is a' déanamh gleó.


L. 12


B'urusa aithne dhaoibh nach raibh mé críonna,
B'olc mo bhríste is níor mhaith mo bhróg,
Is go deimhin, a chailín deas, má's tú mo chaomhthach
Béidh mála 'un taoibh ort-sa le do ló.



III.



Phósfainn bean éigin dá bhfuil im' eólus
A mbeadh cúpla bó aici de thosughadh an tsaoghail,
Muna bheith mo thaithighe go teach an ósta
'S go mbu gearr an lón damh-sa a beagán spré.
.......



IV.



'Sé deir mo mhuintir, do réir a dtuairim
Go dtiubhrfad ruaig go New Found Land,
Ach níl mé fulangach ag iomchar ualaigh,
I n-obair thuaighe, ná a' gearradh crann.
Dhá dtigeadh an stoirm is bíodh a' teachdhá fhuadach
Ní léigfeadh an fuacht dam eorruighe ón splainc,
Ach dá mbeith teach tábhairne ag Bun na Cruaiche
Bud é mo shuairceas go dtriallfainn ann.



V.



Sin chugaibh, a chailíní, fios mo thréithe,
Tugaidh spéis dom nó léigidh dhó,
Is mo chrádh má cheilim é ar neach san saoghal seo
Mar is dom féin tá a lear go deó.
Níl maoin ná cuid agam, ná saidhbhreas saoghalta,
Ach coróin bhreágh ghléigeal tá le haghaidh an óil,
Is má rugadh fortún liom, is gur gheall Mac Dé dhom é
Béidh mé is ino chéad-searc go maith go fóill.


L. 13


B 1905c 19
6. MUIRNIN NA GRUAIGE BAINE.



I.



Ar bhord na haibhne móire a chomhnuigheas an tseóid
'Sí ainnirín na n-ór-fholt fáinneach,
Is go mbu mhilse liom a póg ná mil is beoir ar bórd
Is iad a bheith dhá n-ól ar bhrandí.
A dhá cigh ba cruinne ghile, mhíne, bhreághcha
Ná an sneachta agus é dhá chárnadh ar na sléibhte,
Is go ngoireann an chuach go sáimh i lár an gheimhridh thall
Sa mbaile a mbíonn mo ghrádh le pléisiúr.



II.



Is i mBaile na hInnse thiaíi atá mo ghrádh le bliadhain,
Sé samhail di grian an tsamhraidh,
Is go reoigheann mil 'na diaidh ar lorg a cos sa sliabh,
Dhá fhuaire an bhliadhain i ndiaidh na Samhna.
Dhá bhfághainn ar staid mo chiall is go ngabhfainn í in mo líon
Is go gcaithfinn díom dhá dtrian den chlampar,
Is ar chomhairle ar rughadh ariamh ní phósfainn ach mo mhian,
'Sí Muirnín na Gruaige Báine.



III.



Is fada mise a' triall a' siubhal thríd an sliabh,
A' tarraingt ar na cianta páraid ?,
Ní hionann is an chailleach liath nach raibh go maith ariamh
Ní comórtas í do ghrian an tsamhraidh.
Mar siod a bhí sí ariamh, srathar uirthí is cliabh,
Chois cladaigh is í a' piocadh báirneach,
Is nach mór an feall do Dhia mo leanabáinín fial
A shamhailt leat ariamh, a rálach.



IV.



Níl aon bhaile cuain ó Chorcaigh go Binn Uaim ?
Ná as sin suas go Dún Mhic Phádhraic,


L. 14


Ná thart arís ó thuaidh go bárr an Easa Ruaidh
Nár chaith mé ar mo chuairt ann ráithe;
Mar shúil is go bhfuighinn tuairisg ar phéarla a d'imthigh uaim,
Mar isí an ainnir í a thug buaidh ar áille,
Is gurb ag teampall Chill Dá Lua a sgar mé le mo rúain,
Sí Muirnín na Gruaige Báine.



V.



Agus tá siad dá rádh gur mór mo ghean ar mhná,
Is níor thug mé ariamh mo ghrádh ach do chúigear,
Is gur i n-ionad mo bháidhte a leanfainn thríd an snámh thú,
Dhe fhonn a bheith 'do pháirt, a chúilfhionn.
......
......
......
......
VI.



Is fada mise tinn ar leabaidh ar chúl mo chinn,
Agus marc agam ar chroidhe mo láimhe,
Oiread is shilfeadh as cleite pinn de bhealadh ná de im
Ní dheachaidh ar mo chroidhe le ráithe,
Dhéanfainn bád is luing, stiúrfainn í go cruinn
Shníomhfainn gad a's dhéanfainn céachta
Bhréagfainn féin thar tuinn mo leanabáinín fionn.
.......



B 1820obc 19T



7. EASGUINE MHIC SUIBHNE AR IORRUS FHLANNAIN.



23H32, l. 54.



I.



Do shiubhail mé Iorrus Dún Dómhnaill ó thuaidh,
Iorrus Mhór agus Iorrus Bheag
I n-Iorrus Fhlannáin nach bhfuil cóir
Och! mo bhrón, atáim anocht.


L. 15



II.



Anocht féin agus go bráth
Nár bu fearr a bhéas a sliocht,
Dream dorcha na malaigh mailghe gruama,
B'olc a ngnúis 's níor mhaith a ndreach.



III.



Dreach ba duibhe go mór ná an gual,
Dreach fuath do ghráin Dia,
Dreach nach raibh ar aingeal ná ar naomh,
Ná ar an té roinnfeadh go cóir an biadh.



IV.



An biadh féin is gan a fhagháil lé fonn,
Imthigheann a dhúil is fuaraigh a theas,
Ní mór nach bhfuilingeóinn a dhul i n-éag
Sul d'fhéacanm amháin a bhlas.



V.



Blas bídh an doithchill ní fhéachfa mé
Go bhfosgluighe cré lé a bhfuigheadh feart,
Ach nár théidh siad-san choidhche i n-éag
Gan fios mo sgéil-sa 'fhagháil i gceart.



VI.
Ceart gann ar iomad fuath
Coisde cruaidh agus breitheamh daor
Do bhí ag an dream codrománta nár shlim
Ba gainne croidhe an amhairc ghéir.


L. 16



VII.



Géar-chrádhadh a gcroidhe acu le fonn
Nár dhearc an cás úd lé ar chuir mé ar sreath,
Ach fear gan teach aige féin
Is beag an sgéal a chur amach.



VIII.



Amach tráth ghabhainn,
Níorbh eagal dóibh mo ghlaodhach isteach,
Baile bradach an Druimnín thuas,
Gan tréan ná truagh a bhuain as.



IX.



As ná ann nár fheice siad
Ná neach ceiliúir dhá gcomarsain,
Nár bu díth daoine dhúinn é ar ar seilbh,
Ach go mbu díth amhairc é dhóibh-san.



X.



Dóibh-san is buan mo mhallacht
Le linn síorruidheachta gach aimsir,
Mar is dual don easguine seo a fearadh
Nuair is cruaidh casaoid lé hádhbhar.



XI.



Nárbh é ádhbhar mo chasaoide cruaidh'
Mé bheith dom' ruagadh ó theach go teach,


L. 17


Le cuim na hoidhche is mé faoi bhrón,
As gurab é a bhfuighinn d'eolus a ghabháil amach.



XII.



Amach tráth ghabhainn, 'sé deireadh an cuairsge mná,
"Sgaoilidh tharaibh é ionann 's nach é tá ann;
Ní fhuil ann ach file gan chuibheas ó Éabha análl,
'S níor dhóichigh dhó imtheacht ná fanacht frinn féin go lá."



XIII.



Ar maidin nuair a chonaic mé amharc an lae ghil bhreágh,
d'éirigh m'aigneadh is do bhreathnaigh mé uaim go hárd,
Dhá fhuaire an mhaidin níor theasg orm thigheacht sa snámh,
Ach d'fhág mé mo mhallacht i mbaile na gruamdhacht tháll.



XIV.



Tháll dá mbeith agam-sa Murchadh agus Seóirse Ward
Gheobhainn biadh agus teine is beath-uisge i gcuan a' bháid;
Nó Domhnall Mac Murchadh nach léigfeadh an fial ar fán
Mar bhí mise is mé ag imtheacht is mo ruaig ar chách.



XV.



Cách ní cheilfead dá ndearna ariamh orm gar,
Ná an óigbhean mhilis d'iarr orm gabháil isteach,
Ach an lánamhain gheanamhail ar chaith mise oidhche ina dteach
Dia agus Muire go leigidh iad féin isteach.


L. 18


B 1905c 19



7a. IORRAS FHLANNÁIN.



Ó Phádraig a Búrca.



I.



Bhí mé i nIorrus Dún Domhnaill ó thuaidh
I nIorras Mhór agus i nIorras Bheag
I nIorras Fhlannáin nach raibh cóir
Mo chreach 's mo bhrón atáim anocht.



II.



Anocht féin agus arís go bráth
Nár bu fearr a bhéas a sliocht,
Dream codaranta na mailí mailghe gruama
Is olc a snuadh agus ní maith a ndreach.



III.



Dreach gann ar an mbodach fuath,
Cuisne cruaidh agus breithe daor,
Ar bhaile bhradach an Druimmín chruaidh,
Gan tréan ná thruagh a bhaint as.



IV.



As ná ann nár fheice siad,
Ná éinneach ceiliúir dhá gcomharsain,
Ná bu díth do na daoine soirbhe,
Ach go mba díth amhairc dóibh-san,



V.



Mar is dóibh-san is buan mo mhallacht
Le linn síoruigheacht gach aimsir,'
Mar is dual don easguine a fearadh,
Nuair is cruaidhe casaoid le hádhbhar.


L. 19



VI.



Adhbhar mo chasaoid' cruadh',
A bheith do mo ruagadh ó theach go teach,
Le cuim na hoidhche agus mé faoi bhrón,
Agus gurb é a bhfuighinn den eolus a ghabháil amach.



VII.



Amach an tráth do ghabhaim,
'Sé deireadh gach cuairsge mná,
Sgaoilidh tharaibh é
Ionann 's nach é tá ann.



VIII.



Níl ann ach filí gan chruinneas
. . . . . ó Éabh anall
Is níor dhóchaí dhó imtheacht
Ná fuireach fúinn féin go lá.



IX.



Ar alt 's go bhfaca mé
Solus a' lae ghil bhreágh
Mhéaduigh m' aigneadh
Agus d' amhairc mé uaim anall.



X.



Má b'fhuar í an mhaidin
Níor theasg orm thigheacht sa tsnámh
Agus d'fhágas mo mhallacht
I mbaile na gruamaigheacht thall.



XI.



Ach thall dá bhfeicinn-se
Murchadh ná Seóirse Bhárd


L. 20


Nó Dómhnall 'ac Murcha'
Nár choigil an fial un fáin.



XII.



Gheobhfainn biadh agus teine
Agus fuisgí i gCuan a' Bháid,
Cidh cách nár cheileas ariamh
Dhá ndearnaidh an mhaith.



XIII.



Ná ar an óig-mhnaoi eile údan
A d'iarr orm féin a ghabháil isteach,
Ach a lánamhain mhilis, ar chodail mé oidhche in'-ur dteach
Dia agus Muire go leige sibh féin isteach.



B 1820obc 19T
8. AMHRÁN AN PHÚCA.



I.



Éireócha mé ar maidin i n-ainm an Domhnaigh,
Agus racha mé a' comhnaidhe ar chnocáinín bán,
Déanfa mé teach ann ar leathtaobh an bhóthair,
I bhfogus don chómhgar abhus agus thall.
An áit a mbeidh agam fear bealaigh agus bóthair
Caidreamh lucht eolais, fear luinge agus báid;
Beidh sgoil ag lucht ealadhan 's ag ógánaigh óga,
A' lorg an eolais a' teacht ar mo shráid.



II.



Is é iomrádh na gcailleach is na sean-daoine críonna,
d'fhág mearbhall ar m'inntinn, is néall in mo cheann,
Tá a' rádh go bhfuil an Púca ann ó aimsir na díleann,
Go bhfaca na daoine é, ach ní fhuil fhios cia 'n t-am.
Níorbh é sin dob ait liom-sa a' teacht ráithe an gheimhridh


L. 21


A bheith déanamh íosbairt istigh ar nio shráid,
'S go mbíonn sé 'na chat is 'na mhadadh san oidhche,
'S nár dhóiche 'na Phúca é, ná 'na shean-ghearrán bhán.



III.



A chómharsanna dílse tugaidh dhom congnamh,
Agus díbreocha mé an Púca amach as an áit,
Cuirfead faoi gheasa é, is faoi dhaoirse na húmhlacht,
Gan a theacht aon oidhche níos gaire ná an Mám.
Chinn sé ar an nGriallach is ar Phádruig a Búrca
Is ar an méid seanóirí a bhí san áit,
Ach séolfad-sa síos é go bun Chnuic an Dúna,
Mar a bhfuil caisleán a' Phúca thuas ina bhárr.



IV.



Fágfa mé annsin é go gcaithtear ráithe an gheimhridh
'Tabhairt marcuidheacht do mhaorthaibh, dream éirigheas roim lá,
Nó ionnsoigheadh sé Caiseal trí cheart-lár na Muimhneach,
Amach go Sliabh Caorach, nó anonn don Tír Bháin.
Nó téidheadh sé 'na cheannphort ar mháighistrí bruighne,
Síogaidh Rátha Cruachan nó Finnbheara Meádha,
Nó a' faire sean-chaisleán ar aisdreán nó fuaidreadh
Go bun Chnuic an Uaignis nó anonn go Sliabh Bághan.



V.



Cuirfe mé sgonsa le hIomaire an Líonáin,
'S ní léigfe mé aniar é thar Mhám an Tuirc Mhóir,
Mura ndéana sé aithgearra trí Bhaile na hInse,
'N áit a mbéidh sentry maidín is neóin.
Ní léigfe mé tharm ar talamh ná ar tuinn é,
'S beidh aireachus grinn agam roimhe sa ród,
Is má castar do Jack é, fear maith tá sa tír seo
Bainfidh dhe píosa den leiceann nó an tsrón.


L. 22



VI.



'Sé Maitias Ó Dubháin an foránach ? lúthmhar
Crann seasta na cúise nár chlis i n-aon ghábh,
Dá bhfághadh sé greim píobáin nó corráin na guailne air,
Leagfadh sé an Púca is mó a tháinig ariamh
Rachainn-si i mbannaidh dhá gcuirtí thar cuan é,
Nach dtiocfadh an ruaig air, an bealach seo 'niar
'S nach seasfadh an cleasaidhe i n-aon cheard den chúige,
Níos goire ná Londain nó Tuadh-Mhumhain Uí Bhriain.



VII.



Tá muinghin mhaith agam-sa as gníomh Phádraig Seóighe
Go bhféachfa sé fós é le cumas a chnámh,
Cineál na ngaisgidheach is na ridirí cróganta ,
Ghluais le Strongbow chugainn as Breatain análl
Dhá gcastaí dhó an Púca i gceart-lár a' bhóthair,
Le cum an trathnóna nó tamall roimh lá
Bheadh sé dhá lasgadh le bata is le dornaí,
Go gcuireadh sé móid air gan filleadh go bráth.



VIII.



Cá bhfuighfeá-sa capall chomh maith leis an bPúca,
Bheadh meanmnach, lúthmhar ag imtheacht 's ag tidheacht
'S dá mba thíos ag ceann Acla do thóigfeadh sé ualach
Bheadh sé i leath-uair ag geataí Bhaile Átha Cliath.
Casadh do Laicí i ndeireadh na hoidhche é
'S é 'déanamh aois drífil a' rith i ndiaidh mná,
Thiomáin sé leis é go tóin Rinne Maoile,
'S cauesion sgríobhtha thart lé na cheann.



IX.



Chuaidh an Púca go Gaillimh ar maidin Dia hAoine
Ag iarraidh ádhbhair bhríste den éadach ab fhearr,
Tháinig an deireannas, is thuit air an oidhche
Agus thosaigh sé ag caoineadh nuair a d'imthigh an lá.


L. 23


Bhí sé ag sgreadach is ag imtheacht thart timchioll
Go bhfághadh sé dídean istigh leis na mnáibh
Seóladh go hEachrus is go Baile 'ac Conraoi é
Amach thrí Chnoc Mhuigh-Inis is thart Innis Meadhoin.



X.



A chomharsanna dílse 's a bhuachaillí óga,
An méid agaibh thuigeas claonas mo cháis
Tigidh chugam-sa i n-ionad mo chonganta,
Go gceapam an chúirt-seo i n-athaidh trí lá.
Cuirfeamuid teach ann i n-ainm a' Iesúit,
Go ndíbrigheam a' Púca amach as a láun;
'Sé ainm bheas feasta air Criogán a' tsíomsa.
Agus caisleán Mhic Suibhne thuas ma bhárr.



9- BANAIS PHEIGI NI EAGHRA.



I.



A Labhráis Fheichín, gluais go tapaidh,
Ós tú tá i ndon a dhéanta,
Tabhair leat abhaile ádhbhar rasgail
Agus clóca fada síoda,
Bróga patents, cnothaí gallda,
Agus ribíní deasa thríota,
Gloves is bobs is gach aon ní deas
Dhá aeraighe dhá bhfuil sa ríoghachta.
Bíodh sin agad pompadore,
Spangled silk is dress-cap mór,
Powdered hairpin, wig pomatum,
Muf maith déanta 'un a gléasta
Le haghaidh a fir dhá cóiriú.
Dal-dae-dí-dol, agus rl.


L. 24


Éirigh ar maidin agus gléas do chapall
'S imthigh leat go héasgaidh
Síos go Gaillimh mar bhfuil na ceannaighthe
Tabhair leat gach ní dhár bh'féidir;
Fíon is brandy, siúcra candy,
Piobar, caifí is tae leat,
An sgian is forc, an mhias mhaith gheal,
'S ná dearmad choidhche an péatar,
Annsiúd a bhéas an mathshluagh mór,
Ceathrar ar fhichead de lucht ceoil,
Bands of music ag an gcúilfhinn,
Is iad go súgach
Ag seinnm tiúin ar théadaibh
Dal-dae-dí-dol, agus rl.



III.



Tabhair leat mustard, mias an chustard,
Túirín mór is téapot
Bíodh in gach láimh leat cúpla jar
Agus iad-sin lán le Jamaica.
Ubhla, walnuts, cnothaí gallda,
Lemons le punch a dhéanamh,
Le wine decanters, beoir 'na cheann sin
Bíodh do bhord-sa gléasta.
Banais chathmharach go leor,
Cácaí milse is pancakes mhór,
Fíon i nglainí, punch i gcannaí,
I láimh gach staruidhe,
I mbéal gach bealaigh,
Idir dhá cheann na míosa.


L. 25


Tabhair leat bád de lionn mhaith láidir,
A lán lucht dán is síomsa,
Ná dearmad gráitéir, tabhair do sháith leat,
Nutmeg is saltpetre.
Paca cártaí, bosga táiplis,
Féach, ná fág na díslí,
Sin is a lán nach bhfuil sa gcárta,
Tobae láidir is píopaí.
Annsiúd a bhéas an rachlais mhór,
A bhfuil i nÉirinn de lucht ceoil,
Spóirt is aiteas, glór is caismirt
Fris an ainnir,
Ag lucht ealadhna na tíre.



V.



Sgolbard Francach fágh gan amhrus
Langa is trosg más féidir;
Breac is bradán, ronnach, sgadán
Bíodh go romhaith gléasta.
Ní mór dhuit finéal, im is peirsil,
Fóghnann sin don méid sin,
Bran is ballach is cnúdán dearg
Do chongnamh un an fhéasta,
Gheobhfair turbad, fluke is sole,
Gliomach, múrach is portán mór,
Gach iasg ar aiteas is an gcladach,
Go fiú an tortoise,
Do réir mo thuigseana ní bheidh ar easbaidh,
Caithfir a gcur le chéile.


L. 26


Fágh fear gunna agus cuir amach é
A mharbhóchas dúinne éanlaith
Naosga is feadóg mias mhaith druideóg,
Creabhar caoch is céirseach,
Cúpla colm bhéas i gcolainn,
Sin is buinneán léana,
Lonndubh, gealbhan, crutach reamhar,
Widgeon, is maith an t-éan é.
Patraí uisge caithfear a bhfagháil
'Sa gcur ar skewers suas ar chlár
Lacha is bárdal, gé agus gandal,
Coileach francach, béidh siad santach.
Un a' dream' sin, nuair a bhéas siad gléasta.



VII.



Fágh sgata mart is bhíodh dhá leagan
Búistéaraidhthe na tíre,
A dhéanfas feannadh go luath, tapaidh
Is mharbhóchas sgata caorach;
An fiadh niór beannach, broc an ghleanna,
Sin 's an eilit mhaol leat,
Uan is lubhán, gabhar is mionnán,
Ní costas gach a bhfuighe tú.
Bíodh laogh maith biadhta gléasta ar bórd
Torc mór reamhar, is pigín óg,
Míol buidhe is coinín, cúpla sicín
Do réir mo thuisge, is móide an t-einneach
Iad a bheith bruithte is rósta.



VIII.



Sgiur de sgiorradh síos go Sligeach
'S tabhair Ó Conchubhair tréan leat,


L. 27


Brianaigh, Dálaigh, Flaithbheartaigh, Máilligh,
Ó Cearbhaill is Ó Néill leat;
Bíodh leat Mac Cárthaigh, is Tighearna an Chláir
Ó Ruairc aníos as Bréifne,
Sin 's Ó hEaghra, Mach Suibhne Fánaid,
Is Clann Donnchadha na Céise.
Bíodh Strongbonians leat go leór,
Is Muinntir Chromwell, gidh nár chóir,
An méid dá gcineadh nach gcuirim un suime
Bheirim cuireadh ar fad go léir dhóibh.



IX.



Tiucfaidh an iomad ar an gcuireadh,
Mór-uaisle na tíre,
Séathrún Coneys, a bhfuil i nIomdhaidh,
Bóidicíní is Linsigh,
Bháitéar Coneys croidhe gan cheilg
'S Séamus Bhaba Frionnsa
An Dochtúr Mór, is Máighistir Seón,
'S a mhuintir leis thart timchioll.
Gluais ar fairrge Mister Stone
Super-cargo is Gordon Mór
I gcoinne gréithe, ní nach féidir,
Wedding favours a chur le chéile
Go dtige siad ar na cóstaí.



X.



Cúpla sáimh a bhí san láthair,
Ar ar mhian liom trácht ar aon riocht,
Risteard Máirtín, St. George Manserg,
Iarlaí is tighearnaí i n-aoinfheacht;
Brúnaigh, Blácaigh Fhorbach álainn,
Agus uaislí breágha na hÉireann,


L. 28


Bháitéar Óg ná dearmad fós,
Dar liom, níor chóir a thréigean.
Bíodh gach duine mar chuaidh sé i gcéim,
I n-ionad suidhte ar leith dhó féin,
Gan aon dá dtaithighe ach filidhe, flatha
Is fleasgaigh ealadhna,
Le haghaidh aiste a dhéanamh.



XI.



Nach mór an dearmad a rinne an fear
Nár chuir i gceann an méid sin
Húgo, Máría, Nóra Ní Fháthartaigh,
Siobhán is Máighistreás Davis.
Aindriú, Ruaidhrí, Brighid Ní Bhruadair
Máire Ní Thuathail is Bhénus,
Brighid is Tomás, muintir Laideáin,
Is Steaphán, ceann an méid sin.
Budh é siúd féin an glórmach cóir,
Is aige fágadh roinnt an óir,
Is iomdha trosgán ina bhothán
Túirne is tromán is maide iteáin,
Pota, losad is criathar.



1O. AG DÉANAMH BÓTHAIR.



23H32, l. 91.



Mo chreach mhaidne agus mo dhíth! is ait an rud an saoghal
Agus mise a dhul ag déanamh bóthair,
Is a liachta lá agus oidh' a chaith mé déanamh grinn
I gcomhluadar le daoine ar fóghnamh.


L. 29


Tá droch-phláinéid os ar gcionn a mbeirtear duine faoi
A bhíos dá choinneál síos i gcomhnuidhe:
Ní fhéadaim deór a ghlaodhach den bheóir bhreágh ná den fhíon,
Is is measa liom ná díth na mbróg é.



B 1905c 19



1Oa. A' DÉANAMh BÓTHAIR.



I.



A Mhuire 'gus a Chríosta, nach ait an fear an saoghal
Agus mise a chur a' déanamh bóthair,
Is a liachtaí lá 'gus oidhch' a chaith mé a' déanamh siams'
I gcomhluadar le daoine ar fóghnamh.
Tá pláinéid os ar gcionn a mbeirtear duine faoi
Bhíos dár gcoinneál síos i gcomhnuidhe,
Is ní fhéadaim deóir a bhlaodhach den bheóir bhreágh ná den fhíon
Agus is measa liom ná díth na mbróg é.



II.



Is a chomhursanna mo chroidhe, ní hí seo an obair shaor
Agam-sa a bheith a' déanamh bóthair,
A' dul péarsa i dtalamh síos is bruach marbhach os mo chionn,
Is dá chartadh aníos - ní nárbh eolgach.
Níl capall 'am ná caoi, ach dhá tharraingt ar mo dhruim
Is dá leagan i bhfad uaim as comhgar,
Is mur bhfágha mé malruit slighe le roinn de thógáil díom
Ní mhairfe mé beo mí den fhoghmhar.



III.



'Gus a gclum tú mé, a annsacht, gluais agus bí a' teacht,
Agus bhéarfad duit gach ní dhár dhubhras,
Ceól spóirt agus imirt, damhsa go ro-mhinic,
Aer bailte mór agus cuanta.


L. 30


Níl smóilín ná druideóg, céirseach ná fuiseóg,
Ná an chuaichín mhilis, mhaordha,
Nach mbéidh a' gabháil romhainn is na bealaigh a' seinnm cheóil
don chailín
Fá choillte dlúth gach maidin fhóghmhair.



IV.



A chuisle 'gus a ghrádh, má's fíor a bhfuil tú a rádh,
Ní sgarfa mé go bráthach ná a choidhche leat.
Rachainn leat don Fhrainnc agus as sin don Spáinn
Is níor bhfada liom an lá ná an oidhche
.......
.......
Is ní lia gaineamh i dtráigh ná arraing thrí mo lár,
Tráth chuimhnighim ar an áit a mbíonn tú.



B 1820obc 19T



11. AN TURCACh MOR.



23O42, l. 121.



I.



A' siubhal go haisdreach dhom i mí na Bealtaine,
Bhain beagán fáin dom mar gheall ar mhnaoi,
Bhí an oidhche dorcha agus í a' tosaigh ar bháisdigh,
Agus bhí sé an tráth sin ar uair a naoi.
Tháinig eagla orm, crith agus sganradh,
'S an ní nár náir dhom, do gheit mo chroidhe,
An uair a chonaic mé an fear nochtaighthe gan aon tsnáithe air,
Agus a bhuille tarraingte ó chúl a chinn.


L. 31


II.



Sé siúd an dos orm i mbéal na beárnan,
'S ní raibh mé dána le dul ar m'aghaidh,
Cidh gur chriothnuigh mé 's gur athraigh m'aigneadh,
Ba mhór an náire liom fanamhaint uaidh.
Chuimhnigh mé ar bheart eile de chumhachta an Aird-ríogh,
'S do chuir mé ceist air as ucht mo Dhia,
Cébi taisidhe thú no spiread do thárla,
Mo leigean slán 's gan a thigheacht níos sia.



III.



Annsiúd do labhair sé de chomhrádh tláith liom,
"Is láidir an ghárda d'fhéach tú liom,
Tá Dia i bhflaitheas faoi chumhachta láidir
Agus dá mhór-ghárda ní chuirfead suas."
Chriothnuigh m'aigneadh nuair a chuala mé a chomhrádh
S do choinnigh mé a' caint é gur éirigh grian,
Do réir mar cheasnaigh mé do thug sé fáir orm,
S do sgríobh mé i mbán é le barr mo phinn.



IV.
"An tú Jupiter faoi chumhachta láidir
Stiúras pláinéid nó an domhan faoi,
Nó an tú Neptune ón muir bháidhte
Thóigeas bán-bhruth le neart na gaoith.
An tú Pluto an prionsa deamhanda
Do rinne árus i n-ifrionn thíos,
Nó an tú Apollo a bhí i ndiaidh Cassandra,
Bhí ag iarraidh faill a fhághail uirthí anois nó arís?"


L. 32


" Ní mé Jupiter faoi chumhachta láidir,
Ní stiúraim plainéid ná an domhan faoi,
Ní mé Neptune ón muir bháidhte
'S ní thóigim bán-bhruth le neart na gaoith'.
Ní mé Pluto an prionsa deamhanda
Ní thoghfainn m'árus i n-ifrionn thíos
Ní mé Apollo bhí i ndiaidh Cassandra
Do réir mar thráchdas mo leabhrán binn."



VI.
" An tú Mars le n-a leagtar leis gárdaí
......
Nó an tú Bacchus a mbíodh meisge ghnáth air
Do mhealladh mná agus d'óladh fíon.
An tú Mercury do thriall ar Argus
Do sheinn a bhán-bhroid ar cheólta laoch,
Nó an tú Vulcan do bhí i ndiaidh na Breághachta,
Bhí sé i n-aimhreas ar a ghnothaí ariamh."



"Ní Mars ná Bacchus mé ná ní don tsórt sin,
Gidh táim cródha agus d'ólfainn fíon,
Ní mé Mercury le seinntear leis ceólta,
Ach is fada an t-eolus do fuair mé i gcéin.
Ní mé Vulcan do bruitheadh agus dóigheadh,
Ach i ndiaidh mo stóirín 'seadh táim faraoir:
Cúmhachta Neptune agus neart Eolus
Do sheól mé ar chóstaí an domhain thiar."



" Ceist bheag eile agam ort, mur tusa Eolus
Líonas seólta agus phreabas gaoth,


L. 33


Fillfe mé feasta leat anuas ón nglóire
Ar dhaoinibh ró-mhear do bhruid a' tsaoghail,
An tú Hector, Achilles, nó Aeneas mór-chruth,
Bhíodar cróganta ar sgrios na Traoi,
An tú Cúchulainn nó Goll mac Móirne,
Nó a' raibh tú cómhairthe ar Fhiannaibh Fhinn.



IX.
"An tú Magog nó Polyphemus?
Tabhair-se sgéala dhom anois gan mhoill,
Nó an tú Orson do réir mar léightear
Bhí i bhfad i n-éigcéil mar fhear i gcoill.
An tú Hercules rug buaidh na Gréige
Le lúth do ghéige agus le neart do chuim,
Nó an é seo Cerberus an maistín craosach
Chím faoi ghéar-bhroid atá ar do dhruim.



"An anam bocht thú bhí i bhfad i leor-chruth
Léig colainn mhór suas ar mir' le baois,
Do thuit i bpeacadh le linn na hóige,
Is nach ndeárna leór-ghníomh nuair a chuaidh sé i n-aois?
Nó an fear ar buile thú nach bhfuil ar fóghnamh
Do chím de gheóiste an tráth so d' oidhch',
Do léig a shéanadh ar an té nár chóir dhó
Agus d' imthigh i mór-bhruid mar gheall ar mhnaoi."



"Sguir de do sheanchas díom go fóilleach
Agus ná déan gleó liom ná ráidhte baois',


L. 34


Ná géill do stair ar bith dhár léigh tú in t'óige,
Níl brígh ina nglór ach mar an siolla gaoith'.
I gcrích na dTurcach 'seadh bhím 'mo chomhnuidhe,
Chaith mé pósta ann tuilleadh is bliadhain,
Do rugadh dlisdeanach don Ghrand Seignior mé,
Is mé an mac ab óige dhá bhfuair sé ariamh.



XII.
"Luaidheadh bean liom an uair do bhí mé im' óige,
'S gan tad' eolus agam ar aon chor den tsaoghal,
Dubhairt ar n-aithreacha go mbu dhom bu cóir í
Mar bhíomar cómhairthe i mbeagán gaoil.
An uair a d'aibigheamar i gcéill 's i gcómhairle,
Fuair mé a pósadh: mo chreach 's mo dhíth!
Ba gearr gur sgaradh mé leis a' righ-bhean mhódhmhar,
Sin ní do-bhreoigh agus do lot mo chroidhe.



XIII.
"Do Rígh na hAfraice do rugadh an tseóid seo
Is í dob' óige dá chlainn den tsaoghal,
Ní bhfaigheadh aon fhear eile ar a' domhan mór seo,
I le pósadh ach mise haon.
Sé is ainm baisde dhi-se Bláth na hÓige
Rosga Ró-ghlas nó Béilín Binn,
'S gur gruagach cleasach éigin do ghoid mo stór uaim,
D'imir ceó orm nó cluiche draoidheacht.



XIV.
"Taidhbhreadh aisling dom thrí lár mo néalta,
Do lag mo chéadfadh agus do lot mo chroidhe
Ní bhfuair mé d'arm ach an bata tréan so
Do leagadh céadtha dhá gach buille faoi.


L. 35


Do shiubhail mé an domhan ar fad i ndiaidh mo chéad searc
'S ní bhfuair mé aon neach a d'admhóch' í,
Dubhairt muintir Shagson liom go raibh sí i nÉirinn,
S i ndiaidh mó chéad searc atá mo thriall."



XV.
" Coisgim t-aistir ort, colt 'is conntracht,
Sin geasa trom lé nár fhulaing laoch
Go gcuiread teasdas ar feadh na cúige
An ghárda a dhúbhlú agus a thigheacht le fíoch
Fan 'do sheasamh annsin le héadan cúirte,
Atá bean chomh múinte ann 's do dhearc tú riamh,"
D fhág mé ceangal air go mí na Lughnas
Go gcruinnigheadh congnamh do throidfeadh i n'aghaidh.



XVI.
A Chaiptín í Mháille, bu mhaith do chongnamh-sa
A' losgad púdair agus a sguabadh laoch,
Ar dhearc tú an bhean úd bhí i bPort a' Dúna
Nó a' bhfuil sé cliúamhail a coinneál uaidh?
Ní dheir sé tada leis an oileán múinte
Mar is ann tá an chúilfhionn le fada ar biadh
Ach gur léig sé amach liom ar deire' cúise
Go mbeith sé cúiteach le Lord Ó Briain.



B 1905c 19



12. MURCHADH Ó MAOLÁIN.
I.
Is a chuaichín deas Mhuigh Áird,
Cad as dár leig tú an fáinne ort
Gan mise bheith sa láthair,
Is dar liom féin ba chóir;


L. 36


A fheabhas is bhéarfainn cáil
Ar 'ach uile mhíle ball díot,
Ó ghruaig do chinn le fánaidh
Go sála do bhróg.
A bhfuil as seo go Geansaí
De fhíon, de bheoir is de bhrandí
An méid sin is ní ghlacfainn
I n-éiric do phóg;
Ach a fhad is bheadh an Eaglais
Do do cheangal le do ghrádh geal
Sin é a gcuirfinn d'áird ort
An dá lá is bheinn beo.



II.



Buachaillín deas, siamsamhail
Tá in Murchadh beag Ó Maoláin,
Tá sé socair, saothamhail,
Lách caointineach le mná;
Dheamhan bean óg sa tír seo
Dhá n-iarrfadh sé nach bhfuigheadh sé,
Is leith-chéad giní buidhe léi
Le síneadh amach ar clár.
Séard dubhairt an inghean ins an oidhche
Le n-a maimín d'óis íseal,
Díol na ba is na caoirigh,
Is bíodh na pighinneacha ar fagháil;
Is níor mhór liom os a chionn sin
Culaith dheas thart timcheall,
Crios den tsíoda is míne
Agus snaidhm air faoi n-a lár.


L. 37


III.
Siúd é an fear atá gléasta
Ina bhuclaí is ina bhéabhar,
A charabhata gléigeal
Agus a léine gheal bhreágh;
Bheist de thogha an éadaigh,
Casóg mar an gcéadna,
Cóta mór den bhearskin
B'éadtruime is ab fhearr
Tá a bhríste sa bhfaisiun déanta
Den velveteen ba daoire,
Tá stocaí air dhá réir sin,
Agus féachaidh ar a bhrághaid,
Tá a bhróga daithte, déanta
Ó lámha Sheáin Uí Bhéartha,
Agus dubhshlán feara Éireann
Gur bréag atá mé a rádh.



IV
D'aithneochainn féin is ba chóir dhom
A choiscéim cruaidh ar bóthar,
Is iomdha bean sa tóir air,
Is nach dóibh atá sé i ndán;
Ba fialmhar i dteach an óil é,
Is air nach gcuirfidhe aon stróbh ann,
Ach "íocfa mise an sgór sin
Agus ólaigidh 'ur sáith,
Tá an t-ór buidhe in mo phócaí,
Agus píosaí garbha crónach,
Is gearr go mbí mé pósta
Le mo stóirín, cébí áit."


L. 38


V
Siúd é an fear nár choigligh
An ball súgartha gheall Dia dó
Ach a mheallfadh le ciúin-aighneas
Glan-aghaidh gach mná;
Dheamhan clúid ná ceárd ná coigrigh
Dhá racha sé nach mbeidh siad
A' fiafraighe cáide siar é
Go dtriallaidís ina cheann;
Is go bhfuil sgata acu dhá choimhdeacht
Amach i measg na bpuibleacha,
A' comhrádh leis go meidhreach,
Agus a fhuip aige ina láimh.



VI
Agus ó d'aithris tú do bhriathra
'Sé thuigim féin gur fíor é
Is iomdha bean dot iarraidh
Mar ghiult ar do cháil.
Tá bean acu i gCliara
Agus bean eile i dtóin Iar-Umhaill
Céad is fiche maighdean
I n-iargcúl chonndae an Chláir.
Cé'n gar dhom tá dhá dtaidhbhreadh
Dhá méadú nó dhá laghdú
Ach a bhfágáil siar is aniar
Mar tá an iomad acu ann.
Ach thar éis a bhfuil dá iarraidh
Ní phósfa sé ar an mbliadhain seo
Is fada searc i gcian dó
Ag maighre an bhrollaigh bháin.


L. 39


Seo giota eile atá san ls. 23H34, l. 116, san Acadaimh, a bhfuil
trácht ann ar an Suibhneach.
Fuair mé an chéad cheathramha dhe mórán, focal ar fhocal ó Thomás
Bhreathnach, gabha Tom Sheáin -



B 1820obc 19T



13. AN CEIRBLEACH.



I.



Níl maidin ná trathnóna nach bhfacha mise comhlucht
De bhacaigh mhóra sgóllta as do thír-se,
A' dul siar an bóthar is a bpocaí ar a dtóin leo
'Dul a' cruinniughadh adhbhar clóicín an anró.
Grádh mo chroidhe-sa Toby níor chomórtas go deo é
Do lucht na gcosa dóighte úd Cnáimhseach,
Is a Mhuilthigh, ná bíodh brón ort, nach gcuideocha mé go deo leat
'S nach Ceirbleach é i gcóir a bheith i dteannta.



II
A Mhuilthigh, ná bí i n-imshníomh faoi chineál Mhr. Sweeny,
Nach gcuideochad de ghníomh mhaith sa ngábhadh leat,
Mar b'fhusa liom a dhéanamh ná sgríobh le barr mo phinn
'Sa chur chugad ar phíosa deas páipéir.
Lucht na gcosa buidhe bhíos a' siolpaireacht san oidhche,
Níor fhoghain dóibh a bheith a' díbliughadh mo náisiúin,
Má chluinim arís choidhche go ngoidfe siad aon chaora
Cuirfe mé sa bpríosún a gcnámha.



III
Dheamhan fear ariamh a tháinig, a Mhairghréad Bhuidhe Ní
Chnáimhsigh,
Ag a dtiocfadh dhó a bheith gáibhtheach ná fialmhar,


L. 40


Gurab aici-se bhí an t-árus 'nár dubhradh ariamh Deo gratias,
Agus tá fhios ag Rígh na ngrásta gur fíor sin.
Chonnaic mise lá a raibh puca ortha agus mála
Agus Neddy beag 'na pheáitse taobh thiar di
A mhic na caillighe gránna, falaigh . . .
Nár facthas ariamh snáithe . . . .



IV
Is tusa féin an séacla, a aisioc síl an éisg,
A chum críon, caithte, caol is tá a léas ort,
Meise a' dul dot' fhéachaint le barr mo lainne géire
Mo sgaoileadh . . . chugad ar faobhar agus ní háin duit.
Má bhí tú i mbrón gan léargus agus gur spiorad thú bhí i ngéibheann
I n-ifrionn thíos dá phléidh leis na deamhnaibh
A chum buidhe . . na gréise agus a dhíoghadh na n-arc, ní féidir ?
Go dtiubhrfair leat an chraobh uainn thar sáile.



V
A Cheirbligh an tsúgaigh, níor dheas duit bualadh fúmsa
Ná mise a dhul ag múnadh do léighinn duit
Gur dhearcus ar an uartan ? 's tú ag imtheacht ar an súighe ?
Do bhalcuisí ar do ghlúiní agus tú dá bhféachaint.
........
........
........
........


L. 41



ARD Bhéara
23H34, l. 84



Níl rud ó fhlaithis dhá mb'fhéidir a aithris
Nach . . . . casadh i nArd Bhéara
Bíonn cuach ar crann ann dá fhuaire an mhaidin
Smóilín, druid agus céirseach.
Cúpla ? breágh sásta fuair cliú agus ceannas
Giúistís Conas, Mac Dé leis,
Níl cúirt ná caisleán ón Mumhain go Teamhair
Nár ghluais an t-ard-fhlaith ar féile ?


L. 46


B 1905c 19
U Seán Mac Conmara
1. ANTOINE MHAC CONMARA.



I
Tá Sgoith Imligh i n-imnidhe ó rinne sí an t-ár,
Tá do mhuintir a' cuimhniú ort de oidhche is de lá;
Ní raibh cuimsiú ar t-inntleacht a' gabháil an bháid,
Ach suaimhneas go bhfágha t'intinn i bhflaithis na ngrást,



II
Fuaireas tuairisg a d'fhág buadhartha mé i gcaitheamh mo shaoghail
Gur fuadaigheadh ó thuaidh thú de Charraig Mhic Aodha;
Bhí an uair ann ag ar fuagraigheadh dhuit flaithis na naomh,
Ach dhá ngluaisteá sáthách luath bheitheá slán i gcaladh i dtír,



III
Sé mo léan géar nár éag mé sul dá bhfaca mé an t-ár;
An ceathrar i n-éinfheacht ag iarraidh reillig' ar tráigh;
Chaill mé mo raedharc agus, mo léan géar, tá mo mhisneach ar lár,
Agus arís go lá an tSléibhe ní éileócha mé eangach ná bád.



IV
Sé fuisgí Tom Sheáin a d'fhágaibh mise gan mac;
Ní fheicfead go bráth ar tráigh ná ar tuile thú ag teacht,
Sé mo chreach is mo chrádh bhí do bhád ag imtheacht sa bhfeacht,
Ní fhillfir go bráth agus d'fhágaibh sin mise faoi lear.



V
A Antoine, nach bodhar thú nach gcluineann mo ghlaoidh?
Agus iné ag ordú thrí mo chodladh bheith leat insa tuinn;
Fir an domhain agus fághaim roghain orthu go dtiubhrfainn slán thú
i dtír,
Ach táim tuirseach agus ní fhághaim codladh agus tá tusa de mo dhíth,


L. 47



VI
Mo mhallacht-sa féin do Mhac Naeil a rinne an bád
Nár aithris dom féin go raibh an t-éag ina chodladh sa gclár
Ní leigfinn thú féin dá gaobhar ar tuile nó ar tráigh,
Ach sé mo léan géar gur éag tú ar Chaladh Ruadh 'n Áth.



VII
Nach truagh mé ar bord cuain agus gan mo charaid le glaodhach,
Buille gualann ní bhuailfidh dhom go deireadh mo shaoghail;
Chaill mé an cluanaidhe ba suaimhnighe dhár choidir tú ariamh,
Agus tá an buaidhreadh do mo shíor-chuartú agus ní mhairfe mé mí.



2. GABHAR INNSE BEARNA.



I
Tá an gabhar san Ogúl go cluthmhar fá chóta ghlas,
Agus, tá sí gan tuirse i ndiaidh an bogach a shiubhal ar fad,
Cé'n gar tá dhá cheilt, táim fá dheifir is tabhair dhom gar,
Agus seas ag an bhferry go bhfeice tú an bád a' teacht."



II
Agus d'éirigh sí i misneach tráth chonaic sí an bád a' teacht,
Is d'iomair go croidhtheamhail go mbriseadh sí róimpí an feacht,
"Tabhair leat mo mhionnán agus beidh mé do dhiaidh sa mbarc,
Agus fágaim mo mhallacht ag Richardson Caoch gan spark."



III
Agus cuireadh fuair a' mionnán go Delphi na nIarlaí Brún
Agus dubhairt sé nach dtiocfadh i bpower an rate níos mó
Tá Laideán ro-chliste is é ag imtheacht fó shléibhte ceo
Tá an choinfeart gan ceangal is an sionnach gan gabháil go fóill,


L. 48



IV
Chuir sé ráta ar na hasail tá beannaighthe anuas ó neamh,
Is gur láidir don talamh a shiubhailfe sé an féar a thabhairt glas;
Lobh sé na fataí is nár mhaire sé mí fó shlacht,
Is go gcaillfeadh na capaill na searraigh le féachaint air.



V
"Agus deir siad gur caraid dom tarraingt ar Shíle seal
Go dtiubhradh sí leabaidh dhom sin agus clúid dá teach,
Nuair a d'éireochad sí ar maidin, is a naigín abheith sgiúrtha, glan
Is go dtiubhrainn di an bainne le fata a chuir fá mo chab.



VI
Agus molaim-se an t-oileán tá folláin ag gréin 's ag teas,
Ní áirimhim an ghealach bheir solus ó thuaidh 's ó dheas,
Nuair a éirighim chois cnocáin níl Laideán le blaodhach le m'ais,
Tá rate ar gach bothán 's mo mhionnán ag ól a lacht,"



VII
Agus bheirim-se mo mhallacht do na Fosters atá fá réir,
A sgaoiltí mar mhadraí is a ceangailtí arís le héill,
Ach comhairle uaim duit-se gan imtheacht ón dligheadh tá géar,
Ní rachair ach sgilling is ní blighfear thú arís go héag,



3. A CHLANN A CHUAIDh GO HORLEANS.




Nach truagh-Mhuire Síle agus gan suaimhneas le fághail aicí i
gcéin,
Ná caraid le glaodhach ná do shínfeadh ar a fad í insa gcré,
Nó go dtagaidh an aois agus cé'n bhrígh é go gcaille sí an raedharc
Is nó go dtosaighe sí a' blaodhach ar shiubhal oidhche ar a mac as
Orleans


L. 49


Nuair a théidhim 'un a' bháid bíonn sgáth orm imtheacht liom péin,
Tá an taoille a' tigheacht luath agus níor fhuagair sé a bhfuil tú
faoi réir.
Nuair a thigim thar cuan ar cuairt agus gan gem ach me féin,
Mur' bhfuil an fheamainn ar bruach sé is dual di go n-imtheócha sí
ar strae.



Tá orm cumhaidh i ndiaidh an chúpla a d'imthigh i gcéin,
Mar thóigeadar cúrsa ro-shiúbhlach ó dheas mar an ngréin,
Ach amharc mo shúl mo bhrón ní fheicfead go héag
Ná le glaodhach orm róm, ar dtús i gcaltha ná i gcéibh.



Dhá ndéantá-sa mo chomhairle agus dlúthadh seal eile liom péin,
Ní bheadh d'ionad amú agus bheadh dúthracht fada ar a' léas
Beadh breac ar gach taobh dhíot agus tú ag iomramh go hOileán an
Éisg
Agus b'fhearr sin dar liomsa, ná bheith i gcontabhairt a' dul go
hOrleans.



Cuir chugam leitir fá shéala as Orleans nuair a rachas tú i dtír,
Agus codlóchad le pléisiúr go n-éirighead ar maidin arís,
Chomh fhad 's mhairfeas mise beó i nÉirinn ní thréigfead mo
chumann, sí Brighid,
Is má thig sí i n-éifeacht béidh féidhm ag imtheacht sa tír.



Duine ar mo thréarthaí ach ní féidir a ghrádhchan le mnaoi,
Nuair a phósann siad céilí bíonn an sgéal acú i n-aghaidh na haois,
Is mall é buille an aoin-uird agus ní théachtann sé, an goradh i mbrígh,
Agus mar sin a bhéas sé ag a' té a fágfar i n'aonraic i ndeireadh a shaoghail.


L. 50




4. RUAIDHRÍ O CATHÁIN.



I.
Is a Ruaidhrí, is mór an sgéal
Nach raibh tú i n-éifeacht fad ó ariamh
I nEachdhruim, 'sé mo léan,
A raibh na Gaedhil dá ngearradh siar.
Thóigfeá bratach Éireann
'Gus le féidhm do chaithfeá í,
Is dá gcuirtí coróin Ríogh Séamas ort,
Cia d'éileochadh a baint díot?



II.
Is a Ruaidhrí, is mór an staid dom
Leath do cháilidheacht a chur síos,
I gcionn do mhaide láimhe,
Agus do shreang 'ad ina thaobh.
Is iomdha fear a d'fhéach tú
Agus réab tú amach a ndligheadh
Is thug tú an barr ó Éirinn
As gach gábhadh dhár ghabh tú thríd.



III.
Is a Mhichíl Phádhraic Ruaidhrí,
Thug tú an buaidh leat thar an gCaol,
Agus amuigh i n-Inse Guaire
Fuair mé tuairisg ar do ghníomh.
Anois ó táim 'mo chléireach
Is gur féidir liom a sgríobh,
An dá chineadh a chur le chéile,
Agus dubhshlán Éireann a gcur síos.



IV.
Mo ghrádh thú, a Shéamais Bháitéir
Chuir tú Pháidín Thomáis síos,


L. 51


Is gurb é rud a dubhairt an Eáglais.
"Gabh do pháidrín is ná bí a' bruighin,"
Teacht na Féile Pádhraic
Tiocfaidh an cás seo ar ais arís,
Agus beidh Ruaidhrí flaith sáthach láidir
Is déanam ceannphuirt de Sheán Aodha.



V.
'Séard dubhairt an Generálaí Tomson
Le Blácach Rinne Mhaoil
Gur mór a chaill an bhainríoghain
Nach raibh an dream sin faoi n-a riar;
Bheadh Bheailigint as Flanders ann
Gan chaint ar Phórtuigí,
Ruaidhrí bheith 'na cheannphuirt
Is bheadh an Fhrainnc acu gan pighinn.



VI.
Sheol mé in mo bhád
As Innis Beárnan go Rinn Mhaoil,
Ag an oileáinín taobh thall de
Le a mbíonn árus ag na naoimh;
Casadh orm an Dálach.
Is níor bh'áil liom é a theacht róm;
Labair sé go fállsa
Briseadh an sábh is níl sé i dtiúin.



5. NEILEACH.



Lá breágh dhár éirigh mé ar árd-Innis Beárnan
Chonaic mé an phláinéad faoi dhuibhthin is faoi cheo,
Is go mb' airde a cuid deataighe ná ceo Bhéal a' Mháma,
Agus chriothnóchadh sí tráigheanna Chonndae Mhuigh Eo!


L. 52


Gheárr sí an aithgiorra soir thrí na sléibhte;
I n-aicill Mhám Éan a chuaidh sí 'un suain;
Anoir léi ar maidin is í sa reacht céadna
Gur ghlan sí Ceann Léime is Béal Calthaidh taobh thuas.



Nír fhéad mise samhail ariamh a chur léithi
Ach ifrionn a' séideadh lé neart a cuid guail
Ó d'fhág sí Ceann Acla go gob Innis Téaguil
Go bhfaca na céadtha í a' tigheacht ar an gcuan.
Nach mór a frítheadh mise agus fuireach ag Síle
Nuair a chonaic mé an t-iongnadh amach os mo chomhair,
An band ar an bhfairrge a' seinnm gan sgíth ar bith
Is níor bhfearr liom na mílte ná imtheacht ar bórd.



Racha mé i mbannaí gur ní i n-agh' nádúir
Do Dhomhnall a bheith a' trácht ar a ghnotha níos mó,
An uair nach raibh gléas aige a chuirfeadh ó shnámh í,
Agus 'fhusacht dó a báthadh ar thóin an Phuill Mhóir!
Ba láidre a' teacht í ná neart Fhianna Éireann,
Ná Hector a d'fhéachadh a neart ag an Traoi;
Ba luaithe í ná an capall ab fhearr a bhí i mBréachmhuigh,
Gan snáithe den éadach ach teine agus gual.



Rachad go Gaillimh agus caithfe mé tréimhse ann,
Gheobhfad caipín repéil don chreideamh is cóir;
Tiubharfar an fhairrge suas thrí na sléibhte;
Béidh saothrú dhá réir ann agus bochtóchaidh an Choróin.
Rachad don Fhrainnc leis an mbainríoghain 'un pléisiúir,
Béidh páirt den Ghearmáinn aicí marbh go fóill,
Ach cia'n mhaith a bhfaca tú ar thalamh na hÉireann?
'Sí Neileach an réalta agus maireann sí beo.


L. 53


I gCaladh na hInse 'seadh chonaic mé an t-iongantas
Nach bhfeicfe mé arís, dá mairinn choidh' beo,
Long ar an bhfairrge agus lucht os cionn dlighidh aicí,
Agus Neileach 'na suidheadh ar an lacard dá gabháil -
Bhaluigh sí tharm mar shiolla den ghaoith
Agus d'fhágaibh Rinn Mhaoile gan imirt gan ól,
Mo mhisneach a chaill mé agus gur le donacht a bhí mé
Nach rachainn i dtír leat go Conndae Mhuigh Eo -



Bhí beirt is na slataí is fear eile a' rífeáil
Ba cosamhail le luing í bheadh ag imtheacht faoi cheo,
A d'fhágaibh a seacht mallacht ag Gairbhín sgríobhtha
Is go Caladh na hInse ní fhillfidh go deo.
Bhí ceathrar 'un tosaigh agus iad i n-a léinidh
Agus fear eile a' féachaint i n-aireachas chruaidh,
Ar dhoimhneacht na fairrge is dá tomhas leobh 'na péirsí
Agus is meathta fríoth Éire is í a leigean den chuan.



An ceathramhadh lá fichead a d'imthigh Neil Mhór uainn
Agus thóig sí na seólta 'un na fairrge siar,
A' gabháil leis na Blasgaeid a' tigheacht an trathnóna
A mhéaduigh an ceo is an duibhthean 'na dhiaidh;
Tháinig sé garbh agus chuaidh sí ar chúrsaí
Agus chaill sí an triúr ab fhearr insan rian;
Chuaidh sí don Tuircéis an chéad mhí den fhoghmhar
Gur cuireadh an choróin uirthi i láthair an Ríogh.



A Tim 'Conamara, má ghníonn tú mo chomhairle,
Ceannócha mé stiúir dhuit is culaith mhaith sheoil,


L. 54


Go dtéidh tú ar an mBeirtráigh an chéad lá den fhóghmhar
Go dtóige tú an duais uath' ag Poll Báid an Chuain Mhóir;
Má théidheann sé chomh gar dhuit is go gcuirfhidhear un cúrsa thú
Lé cuim an trathnóna nó ag éirghe don ló
Is lé neartú na fearthainne 'seadh a dhéanfamaid dúiseacht
Is béidh an fríghdeóir dhá phlúchadh lé stoirm is gaoith mhóir.



Tá aos óg an bhaile seo a' leanamhaint a chéile;
Níl choimhthigheach ach éanacha Chonndaé Mhuigh Eo;
An bhean a bhí agam a shníomh mo chuid bréidín,
Caithfe mé féachaint a bhfuil sí ar an ról.
Gráinne na gCearrbhach an bhean a bhí siamsamhail -
Col-ceathar a bhí sí ag Neileach faoi dhó
Stop sí go fearamhail na duis as na píopaí;
Bhí an teach gan aoin-tsiamsa go dtáinig Mills Mór.



Cuirfidhear géar-sgrúdú air agus ruaigfidhear i gcéin é
Is béidh Brighdín Níc Naéil a' sileadh na ndeór;
Tá Diarmuid ar creathaí agus is rí-bheag an sgéal é
Tá an bhruinneall faoi éicliops fhad is mhairfeas sí beo -
Sgannruigh sí Acaill agus an siúbhal a bhí léithi
Agus bhaluigh sí Arainn an lá sin ó ló;
Go Béal Feirste bhí a 'tarraingt, 'sé a d'aithris a máta,
Gur sháruigh sí an Argó ag imtheacht lé sgód.



6. NEILEACh MhÓR.



Agus, a Neileach Mhór, mo mhíle stór,
Gan mé leat ar bhord na luinge
A' seinnm cheóil 's ag iomchar seoil
Go mbaluighead cóstaí Fhraoichil.


L. 55


Racham lé cóir go hInnis Bó-finn,
Gheobhfamaid beóir is fíon ann,
Agus amuigh i gCeann Bóirne racham 'un comhnuidhe
Agus gheobhfam lóistín oidhche ann.



Níl aoin-cheárd i bhfus ná thall
Nár shiúbhail mé a' déanamh pléisiúir
Aon aon amháin a bhí in mo láimh
Nuair a fuair mé an cárta déidheanach.
Leag mé mámh go dlúth lé clár
'Gus ba mhaith an airle a dhéanamh,
Agus ní chuirfinn mo gheall nach bhfuil fear san áit
Nách bhfuil sáthach sásta in' intinn.


L. 59


B 1905c 19
U Anaithnid
1. DOMHNALL MEIRGEACH.



Ar bord Loch Céis do hoileadh mé féin,
Agus sí an fhairrge mo fhréamh dhúthchais,
Níl baile cuain dá dtéidhim nach bhfuil barr glas ar an bhféar,
Ach níl fasgaidh ach i bhfraoch na dumhaighe.
Dhá n-abruighinn nach í an bhréag nach dtig solus ar an ngréin
Agus torthaí ar an gcraobhín chúmhra,
Éanlaith an aeir os iad is deise guth béil,
Thugadar uilig go léir a gcúl dom.



Níl sé ráithe agus seachtmhain ó d'fhágaibh mé an baile
Agus mé lán de spuir agus de éadach,
Níor shanntuigh mé beannacht máthar na athar,
Cidh gur náireach é mo chleas le déanamh.
Ach a stáid-bhruinneall mhaiseach, chiúin chiallmhar, chneasta,
Déan thusa do leas más féidir,
Ach slán cháth' fón tseagal fágaim féin agad,
Agus d'fhágaibh sin mo chreach-sa déanta.


L. 60


Tabhair mo bheannacht agus mo phóg leatsa insa ród,
Mar bheith siolla den ghlór ghaoithe
Go Connachta bhreágh an tsóigh, bhí toilteanach cóir
Ar imirt agus ar ól a dhéanamh.
Nár mhinic sin sa ló mo mheisge is í mór
Agus mé ag éisteacht le glórtha Muimhneach,
Ach a' té is glice ar bith dhá bpór ní thuigeann sé go fóill
Siolla de mo ghlórtha díreach.



Mó léan agus deacair ar an gcéad duine a cheap é
Mar ghléas déanta beatha é an pósadh,
Ach slán agus céad do mo mháithrín bhoicht féin
Is uirthí a ghoill mo chás-sa go brónach.
A óig-fhir dheasa, cuimhnigí ar ghéar-chuing 'ur n-athar,
Déanaidh 'ur leas agus ná pósaidh,
Beidh sibh-se gan rath ar an gcéad mhí de earrach,
Beidh 'ur maoil-sgian a' feannadh 'ur mbóllaigh.



Mo chreach Ó! agus mo dhíth, nách aigeanta do bhíos
Ag éirghe in mo thigh Dia Domhnaigh,
As sin go dtí an oidhch' b'éigean damh-sa luighe
Ar leabaidh agus mé tinn go brónach.
Ós dom a bhí i ndán gur caitheadh liomsa saighead
Gur leagadh mé ar shúil bóthair,
Mo chumann go deo le mnaoi ní leigfe mise arís
Dhá dtagainn féin slán ón méid seo.


L. 61


A athair ó! na ruan, nach meathta an chúis
Le gur chuir tú le buaidhreadh an tsaoghail mé,
Chuir tú do dhúil i n-airgead na Muaidhe
Agus i speadóga dubha an tsléibhe.
Narbh fhearr dhuit-se ar dtús mo cheangal go dlúth
Le cailín fada, fionn, gléigeal
A d'imreochadh a cúig ar chluiche na lúb
Agus a chaithfeadh go subhach saoghal liom.




2. AIFÍ MHAC GHIOBÚIN.
File an-aithnid, CCT.



A phlúr agus a sgoith na Féinne
Agus ughdar ceart a' Bhéarla,
Ba tú an buinneán breágh gan aon locht
Ó bhfréimh go dtí an bárr.
Sé mo léan! is luath a d'éag tú
Thiar i n-iargcúl Éireann,
Gan éinneach de do ghaolta
Le do bhréagadh os cionn cláir.



Nach iomdha marcach spéireamhail
Agus cúlóg dhathamhuil ghléasta


L. 62


A thiocfadh ort a' féachaint
Agus tú déigheanach 'un a' bháis.
Ach merach a' chinneamhaint a gheall Mac Dé dhuit
Bheith do shochraoid leath le hÉirinn,
Na gárthaí "Beannacht Dé leat
Agus go dtéidh tú ar staid na ngrást."



Ní binne a labhruigheas éanlaith
Faoi bhruach na coilleadh craobhaighe,
Tá an lon dubh an chuach 's a' chéirseach
Gan aon smid amháin.
Tá an smóilín mhilis, bhéilbhinn
Agus na faoilleáin gheala a' géar-ghol,
Tá an eala ar bhruach Loch Éirne
Agus ní féidir léithi snámh.



Níl measaí ar bharraí géaga
Ná torthaí a' tigheacht i n-éifeacht
Níl an teas mar bhí ins an ngréin ghil
Ná an féar glas a' fás.
Tá an ghealach agus na réaltaí
Faoi dhuibhthean agus faoi éicliops,
Ó d'imthigh croidhe na féile
Thug an chraobh leis as gach ceard.



Cuireadh fuair a' péarla
Go flaithis Dé 'un an fhéasta,
Agus beidh daoine uaisle a' géar-ghol
Gan léigheann a bheith ag a gclainn;


L. 63


Is tá an taobh seo ó dheas de Éire
Gan oideas ceart ag éinneach,
Níl spóirt ar bith ná pléisiúr
Ag éinne le fághail.



Is measa liom ná an méid sin
An buaidhreadh atá ar Ghaedheala
An sméar mhullaigh a ghabháil go léig orthú
Le héagcóir is le feall:
Is gurb as Cill Alaidh a ghluais a' dé-smál
A dhíbir sinn ó chéile,
Na Franncaigh a thigheacht go hÉire,
Mo léan agus mo chrádh.



An sean-fhocal agus ní bréag é;
Coidir agus ná taobhuigh
An coimhthigheach choidhch' má fhéadair
Agus beidh tú níos fearr;
Is gurb é a chuala mé ag gach éin-neach
Gur mairg ariamh a thréigeas
A dhúithche féin ná a ghaolta
Agus a bheith in'aonraic go bráthach.



Mo chreach agus mo léan géar
Sé Aifí a fuair le léigheadh é,
Is fada siar i gcéin
A dearnadh éagcóir air is feall.
Is níl clúid ná ceárd de Éirinn
A dtiocfadh anshógh air na géibheann
Nach iomadh fear breágh spéireamhail
A d'éireochadh ina pháirt.


L. 64


B 1832lsc 19T
U Anaithnid
MO SHLÁN LEAT, A MHURUISG



3. MO SHLÁN LEAT, A MHURUISG



An t-Athair Liam a Búrc
23H32



Mo shlán leat, a Mhuruisg bhreagh, shéimhigh, shuairc,
'S do na sléibhtibh breagha meala bhí a ndeas agus a dtuaidh,
Bu bhinne liom guth crotaighe a' siubhal ar an tráigh
Ná ceólta na cruinne an taobh-seo den Chlár.



Gheall mé gan amhras úmhlacht don chléir,
Is mo thoil féin a shéanadh ar a toil-san go léir.
Isé sin a d'fhág mise insa tír seo go buan,
Nó ní thréigfinn-se Muruisg ná aoibhneas na gcuan.



Má mhairim-se féin go ngoiridh an chuach
Rachad-sa go Muruisg is déanfad ann mo chuairt;
Níl na daoine annseo mar chleacht mise saothamhuil ná suairc
Ach mar íomháigh de dhair choille a snoidhfidhe le tuaigh.



Freagra le Seán O Móráin.



Bíonn fraoch cruaidh, casta thiar ar a gCruaich,
Bíonn sioc uirthi, fearthainn, gaoth, sneachta agus fuacht,
Ní faochain a chleachtamar-ne ná báirnigh cladaigh chruaidh
Ach arán sleamhain cruithneachta, 's ní raibh sugh na heórna uainn,


L. 65


Mur mbéinn-se a' géilleadh do Rígh na ndúl
Is dá chléir ro-bheannuighthe ag ar fhág sé gach cumhacht
Ni leigfinn féin masladh na tíre ar fad 'un siubhal
Le aon neach dhá maireann, ná leat-sa, a Athair Uilliam a Búrc.



4. DORAIDh BRAOIN.
23H32, l. 19.



A Mháire, a ruain-chroidhe, gluais uait liom-sa
Is fág-sa Mac Húgó i dtulán fraoich,
Agus má thigeann ort cumhaidh ná galra dubhach
Fáisg go dlúth mé le do chroidhe.
Dhéanfainn umhlú dhuit ar mo ghlúinibh
Agus ceol gan chunntas ar mo phíob,
Is ar ghabháil anonn thrí Chaiseall Mumhan dúinn,
Slán gan cumhaidh leat, a Dhoraidh Braoin.



Shiubhail mé Tuadh-Mhumhain, bailte móra,
Sléibhte ceó agus eanaigh fraoigh,
Corcaigh na gcuan agus Béal Atha na Sluaghadh,
Agus chugad anuas go Gaillimh arís.


L. 66


Chaith mé trí ráithe ar bord i gCionn tSáile
A' glaodhach ar mo chárt agus a' seinnm ar mo phíob,
Macasamhail mo ghrádh-sa ní fhaca mé sa walk sin
Go dtáinig mé san áit sin, Doraidh Braoin.



Níl ach bliadhain agus ráithe ó tháinig mé don áit seo,
Agus sé sin d'fhág mé taobh-lag tinn,
Tá mo chroidhe-sa brúidhte, briste,
Is i gceolta cruite ní chuirim suim.
..............
..............
Ach mo chailín dubh in a bhfuair mé guth .i. gubha
Is gur le na súile a mheall sí mé.



Nuair a éirighim féin ar bhinn an tsléibhe
Cuirim osna agus céad amach de mo chroidhe
Ag an niosgóid chléibhe tá ar mo chliathán glégeal,
Arraing ón éag agus tinneas do mo chlaoidheadh.
Athchuinghim féin ar Rígh na gcréachta,
Nár théidh mé i gcré is nár fhága mé an saoghal
Go mbí teach agam féin. . . go sonaidh séanmhar
I ngleanntán sléibhe i nDoraidh Braoin.



Nach lách deas an áit a bheith i mí na Bealtaine
I measg na ngleannta úd Dhoraidh Braoin,


L. 67


Tá féar fada is fásach, agus ceannabháin bhána ann
Agus an luachair is áille dá bhfaca mé in mo shaoghal.
Tá rinnce fada ar báire ann ó thús ráithe an tsamhraidh,
Is a' té bheadh ar leabaidh an bháis ann go n-éireochadh séna shuidhe
Tá an eilid is a clann ann dá bhfiadhach fó na gleannta,
Fiadh mór na mbeann, an broc is an míol buidhe.



Mo chreach mhaidne bhrónach mar rinne mé do chomhairle
Ná mar tháinig mé 'un comhnuidhe go Doraidh Braoin,
I mbotháinín bheag shúigheach atá ag bagairt orm i gcomhnuidhe,
Gan ní ar bith sa domhan ann ach frapaí faoi.
Do chleacht mise lóistín de thighthibh suidhte, dóigheamhla
Nach léigfeadh aon deor den tuile bheith dul thríd,
Cruithneacht agus eórna agus min a bheith sa gcófra
Agus baraillí go leor ar na margaidh dhá ndíol.



Nach aoibhinn is nach aerach a mholas siad na sléibhte,
Is gan rud ar bith sa méid sin ach glórtha baoth',
Gan seamaide den fhéar ghlas ag fás thríd an gcré ann
Ach luime léan' agus tuláin fhraoigh.
B'fhearr liom-sa féin ag iarraidh na déirce
Ón dorus go chéile agus mo mhála ar mo thaobh
Ná mo shocrú i n-éadan gabháltais gan éifeacht
Bothán aon tsúl' agus frapaí faoi.


L. 68


Le sgartadh na gréine ar maidin fhoghmhair
Is ró-dheas an áit a bheith i nDoraidh Braoin,
Bíonn lacha bheag is a hál ann, an banbh ag an gcráin ann'
Searrach ag an láir agus leanbh ag an mnaoi.
.............
Bíonn na bric ag éirghe i n-áirde ann
'S an abhainn ag dul le fánaidh ann
Is nach mór na t-adhbhar sláinte a bheith i nDoraidh Braoin.



Níl ór agus níl pláta agus níl ní dhá áille
Ó thobar Chionn tSáile go Baile Locha Riach
Nach dtiubhrainn do mo ghrádh ar aon phóigín amháin,
Agus an arraing tá in mo lár a thógáil díom.
Nach dúbalta a d'fhágaibh tú dubh-chroidheach i ngrádh mé,
A phlúr na mban mánla, is tú chealg ó! mo chroidhe,
Is gur ar maidin lá 'il Pádhraic a sgar mé le mo ghrádh geal'
Is mo chúig chéad slán leat, a Dhoraidh Braoin.



5. SAILEOG RUADh
23H32, l. 1O



Seán Mhac Aodha, CCT.



I nOileán Éadaigh tá mo chéad searc
Ag ar léig mé léi mo rún go hóg,


L. 69


Tá triúr i n-aonfheacht, is iad ar aon chéill
'S bean a mbréagtha, mo léan faoi'n bhfód.
Mo ghrádh do bhéilín nár chum na bréaga,
'S do leaca ghlégeal mar eala ar traigh
'S do chíocha deasa 'un do leanbh a bhréagadh,
Ach a stór, níor fhéad mé thú thabhairt ón mbás.



I n-aois a sé déag a fuair mé féin í,
Ba deas an féirín í ag fear ar láimh,
Ba mhaith a méin is ba bhreágh a féachain,
Bhíodh mian mo chroidhe ina mín-chrobh bán.
Tá mé tréith-lag, is níl gar dhá shéanadh,
Níl mé ar aon chor ach mar an gceo,
'S a stór mo chléibh, is tú d'fhág liom féin mé,
Nuair a chuaidh tú i gcré uaim 'do chailín óg.



Dhá bpósainn cárnán de chaile ghránna
Do thóigfeadh a lán orm a bheith a' gul 'na diaidh
Ach mo chiúin-bhean mhánla a dtug mé grádh dhi;
'S gan í ach 'na páiste tráth fuair mé í.
B'fhearr liom go mór mór 'mo dhiaidh sa ród í
A' bleághan mo bhó is a' gléas mo bhídh
Ná saidhbhreas Sheóirse is a fhagháil in' ór bhuidhe,
Is gur faoi na fóidí a cuireadh stór mo chroidhe.



Dhá mbeith fhios ag mo mhuintir leath mar bhím-se,
An tráth do smuainighim ar mo Shaileóg Ruadh,
Bhíodh sínte síos liom dá fhada an oidhche
'S gur idir a dhá cigh gheala bhíodh mo lámh.


L. 70


An tráth do smuainighim nach bhfuighe mé choidhche í
I gcionn mo thighe nó mo leanbh bán
Fuil mo chroidhe 'stigh do bhím a thaosgadh
'S a Dhia, cia hiongnadh dham é i ndiaidh mo mhná.



B 1853-54ls 19L
U Anaithnid



6. MAIRGHRÉAD NI'C SUIBHNE. I.
3B38, l. 212



A Mhairghréad chléibh, níor chéile dhuit an leadaidhe buidhe,
Do chum séimh is gile go mór ná 'n t-aol,
Do leaca gheal, ghléigeal mar chaor an chuilinn chaoin,
Go bhféachann tú mar Réalt na Soininne thiar.



Is fada mé féin aréir a' siubhal a chois trágha,
Ach faraor géar, níor fhéadas suan a dh'fhagháil,
Níl osna dhá ndéanfainn nach réabfadh cónra chláir,
Searc mo chléibh thú, a Mhairghréad Ní'c Suibhne bháin.



Cá hiongnadh mé féin a bheith chomh harróideach,
Agus rún mo chléibh bheith ag an éigeas chamshúileach;
A chúilín péacach, isé 'na leath lúbthacha,
Rinne tú bréag i n-éis do gheallamhna.



Gealladh bréige thar éis do phósta a ghnír,
A mhall-shúil chlaon, nach ar fhéach san ród a mbím,


L. 71


Más de chathughadh ghéar nach ar éist tú glór mo chinn
Bhain tú féin barr sgéimhe na hóige dhíom.



Goirim do cheann, do chum, do chiabh, do rosg,
A bhéilín binn nach ar sheinn ariamh an t-olc,
Do chorp sleamhain, slim mar thuinn ag éirghe ar loch,
Nach mise atá tinn ag ionnsaighe an tsléibhe anocht.



Mo chreach! mo léan! go dtéigh mé síos i bhfeart,
Nach bhfuilim féin is an té dá smuainim seal
Tamall i n-éinfheacht, gan aonduine a bheith dár ngar,
Is aon tseachtmhain déag go léir san oidhche ar fad.
. . . . . . . . . . . . . .



A Bhrúnaigh, cha fiú liom do bhean a bhúaint díot,
Gidh gur dhubhairt tú thrí shúgradh go mbudh leat í, faraor,
A ainnir mhúinte, a thug barr maise ar mhnáibh deasa 'n tsaoghail,
Mo sgrúdughadh, mar a dhúbail tú an arraing seo thríom.



A Mhairghréad óg na n-órfholt tá fighte go féar,
'S do dha shúil dheasa mhódhmhar 's is ró-bhinn tanaidh do bhéal,
Fuair mé póg uait, a stór, 's mé ag imtheacht i gcéin,
'S naoi lá beo gan lón, gur bheathaidh sí mé.



Thóig mé mo sheolta 'un imtheacht' indé
Gur seoladh mé i seomra nach ar bhfiosach dham féin;


L. 72


A óig-bhruinnghealmhódhmhar na mbarraí caoin méar,
Díth bróg ar an té d'orduigh dhamh fuireach aréir.



A Sheoirse Brún, is dubhach a d'fhágais mé,
Mo luighe sa gclúid is gan cumhdach mná orm féin,
Fuil dá sgaoileadh dhamh-sa i dtús agus i ndeireadh gach lae,
'S a Mhairghréad Ní'c Suibhne, a mhuirnín, tárrthaigh mé.
finit de sin.



7. MAIRGhRÉAD NIC SUIBHNE, II.;
Leagan eile as 23B38



Aithnighim féin an bhruinngheal seo go loinnreach siar fá'n tsráid,
'S a ciabh dheas thriopallach, bhachallach léi go sáil,
Searc m'anama thú, a ainnir na n-órfholt mbreágh,
'S naoi dtroighthe fá thalamh go rachainn do d' thuarasgbháil.



I mboltaí cruadha dá gcuirtí go glúine mé,
Gol géar agus gearán ó chroidhe go ndéanfainn féin,
A dhaoine, ná síligidh gurab iongantas é,
Fear suirghe bhí ag inghin Mhic Suibhne mé.



I n-éis m'aistir níor mhaith liom mar fuaireas í
I measg na gcailleach 's nach n-aithneochainn idir lá nó oidhch',
A cum sneachta mar a' lile is a gruaidh mar an ghrís,
A béilín tanaidh, dar go deimhin, ba truagh liom í.


L. 73


Chualas féin mo mhuirnín is ba truagh liom í
I mbarr sléibhe go gcluinfidhe ag cruadh-ghul í,
Is mise an té ghabhfadh léi go luath insan oidhch',
Is peacaidh an tsaoghail uirthi muna ngluaiseadh sí.



B'fhearr liom ná mo ghearrán is a luach arís
Go gcasfaidhe mé is an ainnir is áille dlaoi
Ar oileán mar a mbíonn coiligh agus cuacha ag glaoidh,
Gadhair, coileáin agus confairt ag uaillfearnaigh.


L. 104


B 1920c 19



1. AN FHEAMAINN.
Seán Uilleac CCT.



Trathnóna oidhche Bhealtaine
Ar bhealaigh - ní nár chleachtadh liom,
Bhí gaoth a dtuaith go láidir
A' dul anall ó Gheadaigh orm.
Bhí sé deireannac sa lá,
Is ní raibh aon eolus is na caltaí 'am,
Agus ní bheinn i nInnis Bearnan
Nó go dtéidheadh an ghealac faoi.



Chuimhnigh mé san am sin
Ar mo mháithrín is ar Bhiddy Ó!
Nach gcodhlóchaidís go sásta
Gan mo thuairisg ' fhagháil ó dhuine eicín.
Bhí Seán Ó Tuathail taobh thall díom,
A chaith a' bádóireacht i rith a shaoghail,
Séard dubhairt sé, "na déan dána,
Lá gála ar an uisge choidhch'.



Ní as ceann an mhaide rámha
A bhain tú arán as tús do shaoghail,
Ach sgaithte a' bualadh báire
Ar an Torán is do chamán 'ad."
Chroch sé isteach mo yawl
Isteac don Roisín Dubh i dtír,
Is ba mhaith an áit ag bádóir
A tharraingt ar Rinn Mhaoile.


L. 105


Nuair a tháinigmur un na trágha,
Bhí fáilte ag 'chuile dhuine róm,
Chuaidh Clainne gaedheal go básta
Mo bháidín a' thabhairt ar an triomach suas;
chífea mná 'gus páistí
A' gáirí cois na gclaidhtheacha,
Mur shúil le Dia is gur Spáinnigh
A bhí a' teacht le cabhair chucu-san.



Annsin a ceisnigheadh Seán bocht
Cé'n náisiún nó cé'n bunadh é,
Ach b'éigean dom-sa tráchta
Ar an dream a rinne an sean-chaisleán.
Dhá maireadh Goll Mac Móirne,
Samson agus Hercules,
Cé'n ghoir a bheith acu ar Shéoighigh,
Ar na cóstaí nuair mhair Tiobóid ann.



Ar maidin lá'r na mháireach,
Bhí an samhradh breágh, geal againn,
Thosaigh an ghrian a' damhsa
Isteach os cionn na leabtha chugainn
Dhá fheabhas dúithche an Bhlácaigh,
Ach b'fhearr liomsa bheith 'teannadh soir,
Mar is as Aisia a tháinig
Mo dhream-sa go Sasana.



2. AN LÍONÁN.



Is fada isteach suas a chuaidh mé i Sasana tháll,
Ag obair go cruaidh is ag éirghe i bhfad roimh an lá;



Nuair a thiocfas an lá fuar go mbí an foghmhar cnaptha san áit,
Racha mé thar cuan ar cuairt go dteagaidh an lá breágh.



Ta mise liom féin i gcéin i measg Chlainne Gall,
Gan aon duine 'mo ghaobhar, mo léan! a thóigfeadh mo pháirt,
Is a liachtaí lá i nÉirinn shul dhá dtáinig an lobhadh ná'n
phláigh,
Go gcuirfinn-se de mo chineadh chúig céad le chéile ar aon
chnocán amháin.



Céad míle slán don dream a d'fhág mise 'mo dhiaidh,
Do Sheán Mhór is dá chlann is don méid a bhaineas dóibh thiar,
Is don droichidín álainn tá anonn ó theach Mhicheáil Uí Nígh,
Is do Chaltha na mbád san áit a dteagainn i dtír.



Nach rí-dheas an tráigh atá anonn ón Iomaire thiar
Bíonn an bradán 's an bád a' snámh isteach os a cionn,
An trosg is an langa atá anonn ón Sgiorradh is uaidh siar,
Nuair a thagas na sgadáin san áit, ag Gob a' Gheárd a leigeas siad
sgíth.



A Thiobóid Sheáin Mhóir, tusa thóigeas ualach de mo chroidhe,
Sibh a' teacht sa ród is do cheann as na fir eile aníos;
Mná óga do do phógadh ó mhaidin go faoith,
Is iad ag imtheacht ag ól leat ar uair a' mheadhoin oidhch'.



Dhá bhfeictheá Seán Mór lá fóghmhair is na tightheadh faoi'n
aill,
É ina shuidheadh ag ceann bóird is a chomhluadar cruinn aige ann
thart,
John Bull, Liútar is a chomhar Calvin is a bhreed,
An té ghabhfad ar a dhá ghlúin an dream a' dhéanfadh ? orm-sa
mísg.


L. 107


An té dhearcfadh mo chás nárbh fheárrde é choidhchin arís,
Mar bhí mé mo réie ó! gan chéill as tosach mo shaoghail:
An méid a ghlae mé in mo lámhaí nach fánach a sgapainn é aríst,
Agus chuir sin thar sáile mé a' luigheadh ar mhálaí agus ar dhroch-leabaidh
thuigheadh.



Ar bhord a' chuain mhóir 'seadh tóigeadh mé tamall den tsaoghal,
Gan tinneas gan brón agus gan mórán faitchís roimh dhligheadh,
Nuair a bhíodh an t-aos óg Dia Domhnaigh a' dul un na spraoi,
Ba mhian liomsa bheith leobh go mbaininn póigín bhogmhilis de momhian.



3. AN RUAIG.



An dá ghleann déag úd a chuir mé i bhfáinne,
Nuair a bhíodh mo námhaid ar feadh mo dhiaidh,
Thart Gleann Amartha agus siar Bun Chruaiche,
Agus dheamhan mo thuairisg a bhí ag aon phóilí.
Gur thosaigh sneachtaí 'gus gaoth a dtuaidh orm,
Is gur ruaigeadh mé ó Bhárr Easa aníos,
Agus go rabhas i gCuilleach i dteach Mhéaróg Ruadh
Nuair a bhíodar do mo chuartú ar na Formnaí.



Thug mé an ruaig sin fá Loch na Fuaithche,
Agus go deimhin is brónach a bhíodar lé mo linn,
Ag ionnsaighe na Gaillimhe agus tríáil chruaidh orthu,
Agus mé féin insa Luigín Cruinn.
Sgaoil mé tharm seisiún na Samhna
Agus shíl mé go bráthach nach dtiocfadh un cinn,
Gur thosaigh Leonard a' rith orm ag teach na Ceárdchan
Agus shíl sé Seán bocht a chur i ngreim.


L. 108


Do réir mo bharamhla ní raibh a chúmhachta láidir,
Agus gabhadh an Blácach a leithsgéal faoi,
Mar is duine a bhí ionnain-sa nach dtiocfadh 'un láithreach,
Thar éis nach coir náireach bhí ariamh mo dhiaidh;
Ach buille 'bhata a bhualadh Domhnach a' Mháma,
Mar isé bhí gnásamhail ariamh sa tír,
'S gan cuimhne bheith agam-sa air lá'r n-a bháireach,
Ach iad bheith 'baint sásta amach an bhliadhain dár gcionn.



4. BEAN NA GRUAIGE BAINE



Chuir Tiobóid mise un margaidh
Ar ghnotha beaga fánach
Cé casfaidhe aníos ón gCnapaigh orm
Ach bean na gruaige báine.
Labhair sí liom go haigeanta,
As sin gur chraith mé láimh léith',
An deireadh bhí ar an gearthannas
Gur thuit mé féin i ngrádh léith.
.....



Tá mo chluasa anois ag at
Agus smeachaighil in mo cheann orm
Is mura bhfágha mé leigheas go tapaidh
Ní mhairfead go Féil' Pádhraic.
Ach siubhailfe mé na Formnaí
Cnoc Mordáin is Coill Sáile
Go bhfágha mé luibh an tsodair
Go mealla mé mo ghrádh leis.


L. 111


B 1820obc 19T
U Micheál Mac Suibhne



Dá bhfághainn inghean bacaigh air shúil a bhóthair
Deamhon píghin na feoirln d'iarfainn léi,
Chongbhainn again bhliadhain nó dhó í
Le fonn an eóluis a bheith again féin.


L. 112


B 1905c 19




Bhí an cheathramha seo ag an dá Thomás Bhreathnach san amhrán:



Dhá mbeadh gunna agam grán is púdar
Mharbhóchainn cúpla is lacha ar móin
Dhéanfainn iasgaireacht le slat nach lubfadh,
Is bu mhaith mo chongnamh 'un a dtabhairt un bóird
Chuirfinn úpanna i bhfaisiun cúige
Is ní fearr na dhúinfinn-se búclaí bróg
Bréagfainn cúilfhionn go croidhtheamhail lúthmhar
Is dhéanfainn súgradh le cailín óg.


L. 114


B 1836lsc 19L
U Anaithnid
Nach truagh an charraigheacht bhí ag an mbás liom,
'S gan mé ro-láidir i ngleann na ndeor,
Do bhain mé leagan as ar greim básta,
'S i Muileann Ghárrtha do chuireas é fúm.



Annsiúd a bhí agam Nodlaig shásta,
Soiléar Phádraig ag freasdal dúinn,
"Bearnaigh an baraille, a dheirbhshiúr Máire,
Go n-ólam sláinte bhreágh Sheoirse Brún."



Ó tháinig ionnamsa an aithrighe a dhéanamh
'S go dtug mé ar éigin liom m'anam beo,
Cuirim cúl feasda le saothrú sléibhe,
Agus mallacht Dé dhuit, a Ghleann na ndeor.



Ó thiocfas earrach go n-imthighe foghmhar
Is deas an áit a bheith i n-aice an Dúin,
Bíonn gach éan dá bhinne ann a' déanamh a háruis,
'S an chuach go hálainn ar bharr na dtom.



Bíonn guidhe easboig ann, sagart 's bráthar,
'Gach ní dhá áille dhá bhfaca súil,
Léightear aifrionn ann ar hallaí bána,
'S gur geall le Párrthas tigh Sheoirse Brún.


L. 115


A Mhártain Chátaigh, tá an Cillín cáinte,
Is ní hobair dhúinne a leigean leo,
Gan faobhar lainne a chur mar ghárda air,
'S go gcluinidh a lan acu feasda ar ngleo.



Lackey:
An bacach cróilighthe seo Dhún na Géige,
Nach fada an réim a thug sé síos,
Do mo mhasladh-sa is mo ghleanntán aerach
Ba mhilse féar is an talamh saor.



Ní raibh mé láidir ná mo rasta déanta,
Nó is deas a léigfinn a bheatha síos,
Do dheamhon teach léighis ódá Muilionn Éireann
Nár chaith an péisiúr ann seal dá leigheas.



Cuirim sgread mhaidhne ort, a Dhún na Géige,
Mar ort a tugadh an moladh bréige:
Ní liathaí éan ann i mbarraibh craobh
Ná pimp is cucól is spíodóir bréagach.



Seo píosa fá Lacaí atá san Ls. 23O42, L. 97: -



Fleadh ón mac mallacht Lacky 's a bhóicín dighe,
Bíonn a líonta sgartha roimhe aige ar maidin, gach ló agus oidhche.
Níl dall ná bacach ná sean-bhean dá ngabhann an tslighe,
Nach dtugann sé isteach iad go sladann a bpócaí thíos.



Lacky
Gibé déarfadh a phaidir ní shladfainn a phóca thíos,
Ach bíonn mo líonta sgartha roimh chreagairí a' gabháil na slighe,
Níl dall ná bacach ná sean-bhean dá ngabhann an tslighe
Nach dtiubhrainn isteach iad go mblaise mo bhóicín dighe.



An File eile.
Rachad go Partraighe, ar maidin le congnamh Dé,
Go sgaoile mé an t-eallach tá ag Lacey i gcúl a chinn
Sgaoilfe mé amach iad faoi chladaighibh 's faoi shléibhtibh fraoigh
Is 's buadhartha bhéas Lackey san earrach ag íoc an chíos."



Lacky.
Más im' chúl-sa tá an t-eallach is orm tá íoc an fhéir,
Tá na sléibhte is na cladaigh le fághail aguinn go réidh,
Ní hionann is cúl carrach tá sgealptha ona n-iognaibh féin
Tá mo chúl-sa breágh fada is lasadh im' ghruaidh dhá réir.


L. 116


B 1905c 19
U Anaithnid
LAICÍ AN CHÚIL BHÁIN.



Grádh an Athar Maolmhuire ní rachaidh in mo chroidhe-sa
Ó chuir sé mé ag íoc na pianach,
Turas na Cruaiche, thart timcheall naoi n-uairí
Gan aonduine liom ach mé in m'aonnraic.
D'at sin mo ghlúiní le tuirse agus le brúightheacht,
Ach ar chomhairle an tsaoghail ní racha me aríst
Mar gheall ar aon mhnaoi dhá fhéachaint.



Bhí mise lá agus b'annsa liom mná
Ná airgead bán Ríogh Seoirse,
Rachainn don Spáinn agus chugad anall
d'fhonn a bheith daltach leobhtha.
Solamh mhac Dáidhe a mealladh le dráidhte
A d'fhulaing a lán is a bhí críonna,
Agus gurb' in é an rud rádh? a d'fhágaibh mise mar táim
Faoi neamh-chion go bráthach ag Síle.



Is tá an Roilliseach óg le n'agairt go fóill,
Go mairidh an t-óigfhear saoghalach,
Is dá gcuirinn-se romham a dhul a' caint leis an leomhan,
Is cinnte 'ar ndóigh gheobhfainn faoillte
An bhean uasal bhreágh a ghníodh cabhair gach tráth
Don pheacach atá dhá dhíbirt,
Is níl a samhail le fághail ó Dhúithche Chinn Trághadh
Go mbuaile sé Bearna na Gaoithe,



Dá bhfeictheá-sa Síle ar uair an mheadhoin oidhche
'Tarraingt aníos ó Bhréachlainn,
Gan solus gan grian ná gealach ó Dhia
Is níor fhan sí le fiú na léineadh
Chuir sí na gártha í bfhus agus thall di
"An tusa mo ghrádh is mo chéile,
Ach sé do chéad míle fáilte, a Laicí an Chúil Bháin,
Ó sgar tú ó mhnáibh Loch Éirne."


L. 117


Mar seo tá cuid den chaismirt a bhí idir Laicí agus an Málóideach: -



Málóid: -
Is deas an chóir leabhtha seo ar Laicí agus é ar chúl a chinn,
is gan aon ní ar a aire ach é a' magadh is a déanamh grinn,
Is dá dtigeadh fear folamh ní béarfadh 'na bhéal dó greim.



Laicí: -
Más tusa tá folamh is gur chaith tú an oidhche aréir go tinn,
Tá d'amharc a' sgaradh mar thiocfadh do shúil ar finn ?
Luigh annseo tamall agus tiocfa tú ar ball 'un grinn.



Málóid: -
Replevy ón mac mallachtach Laicí 's a phóitín dighe,
Tá a líonta ls. linntibh sgartha ar na bealaigh seo de ló 's
d'oidhch',
Níl dall ná bacach dhá bhfuigheadh sé a' gabháil na slighe
Nach dtiubhradh sé isteach iad go sladadh a bpócaí thíos.



Nach iongantach is nach deacrach, nach dalbaidh mór an gníomh
'Chaoi a síleann sé, Laicí go gcoinneochadh sé an óige choidhch'
Nuair a bhí Eachdhruim thrí lasadh de ló agus oidhch',
Ba corrach is ba cleasach an Máilleach agus é a' gabháil na slighe.



Laicí: -
Má bhí mé in mo leanbh, arsa Laicí, ba mhór an leg. mo gníomh,
Le mo mhama sa mbaile 's mé ag ól na cighe,
Tusa tá beirthe ó Shamhradhh-na-bléine-buidhe,
Bhfuil d'adhaircín caithte 's nach maireann cia d'innseochadh t'aois.



Nuair a mhair Badger ba rí-mhaith a chaoi 'sa ghléas
Ar liathróid a lasgadh agus exercise árd dá réir
Ní fear dom aon chapall nach mbainfeadh sé as cupla léim,
Gan é bheith dhá mhasladh ag gaduidhe nár mhúin Mac Dé.


L. 121


B 1820obc 19T
U Micheál Mac Suibhne
Bhí eallach ina gcúplaí nuair a ghluaiseadar 'un siubhail
Agus thosaigh tú dhá rúsgadh ar a n-éadan
Muna mbeith a ghoire do bhí congnamh i n t-aice leis an sompla
Bhéarfadh siad go Louisborough an t-éadach.


L. 122


Seo giotaí eile den amhrán a bhí ag Caitríona Ní 'ac Con Mara



B 1905c 19



U Seán Mac Conmara
A Antoine ó! mo mhíle brón, nach mise bhí in t'áit,
Leanfainn an ród a dteidheann luingis agus báid,



Agus bheithinn ó ló ar an tír mhór agus m'uimhir liom slán.
In' aois do chúig bliadna fichead a d'imthigh tú uaim den tsaoghal,
Agus an Aoine roimh Inid seadh cráidheadh mo chroidhe.


L. 124


1 Agus chuaidh mé 'gus mó bhád as Inis Bearna go Rinn Mhaoil,
Agus ag an oileáinín taobh thall de i mbíonn an t-árus ag na naoimh
.i. Oileán dá Chruinne
Casadh orm an Dálach agus níorbh áil liom é thigheacht rúm,
labhair sé go falsach: "Briseadh ann sábh agus níl se' i dtiúin."



2 Go deimhin, a Sheáin Úí Dhálaigh, b'olc an bádóir thú ar an
muir,
I gceann do mhaide rámha ach amháin mur bhfáighteá an chóir.
d'ionnsaigheadar na hÁiseacha agus thréigeadar Leic Trágha,
Cuaifeach eile a ghnothóchadh agus d'fhágfadh iad sa mbrón.



3 Bhí mé a' caitheamh mó phíopa i ndiaidh mo bhidh mar bhíos
a lán,
I gcionn tamall maith den oidhche, sgiur póilí isteach ón mbád,
Lasadar na coinnlí agus bhreathnuigheadar go hiseall is go hárd,
Cheasnaigheadar sa bhfírinn Mac Con Raoi nó an é bhí ann.



4 D'imthigheadar arís gan mórán siamsa ar bith ná greann
Labahir Mac Con Raoi "Is dona fritheadh sibh, ghluais sibh mall,
Ní bhfuighe sibh aon ghreim choidhche air, i Rinne Mhaoile tá sé
teann."



5 A Bhreathnaigh, cuirim trácht ort, thug tú a phárdún go
Rinn Mhaoil.
De bhunadh ceart na háite thú is fuair mé cáil mhaith ar do mhnaoi;
Acht bí buidheach de Thomás Táilliúr bhí ina cheannphort mhaith
sa tír,
Nó bheitheá i rolla an Dálaigh ag iomchar bagnet le póilíos.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services