Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin

Title
Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin
Author(s)
Ó Súilleabháin, Eoghan Ruadh,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1784
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1901)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1. AISLINGÍ.



1. IM LEABAIDH ARÉIR.



(Fonn: "Teaghlach Mhic Sheáin.")



Im leabaidh aréir tríom néall do dhearcas-sa
Ainnir ba mhaordha taitneamhach clódh,
'Na seasamh rem thaobh is í craorac geanamhail
Béasach béal-tais banamhail óg;
Ba chasta cas craobhach dréimreach fada tiugh
Bachallach léi-se ó bhaitheas go bróig
A carn-fholt néamhrach péarlach camarsach
Slaodach faon is é daithte mar ór;



Bhí luisne tré lonnradh an lile 'na gnúis ghil
Shoineanda shúgaigh chlúmhamhail mhúirnigh
Mhodhamhail mhiochair mhaiseamhail;
A claon-dearc réidh-ghlas féigh lér treascradh
Na céadta laoch i bpéin 's i n-ana-bhruid,
A braoithe mar ruibe,
'S a séis ba shéimhe 'ná fionna-chruit cheoil;
A haol-chrobh néata ghléasas beanna-phuic,
Éisc is éin, coin allta 'gus leomhain,
Cruinn-bharc dín is coimheascar machaire,
Tuitim Chloinne Uisnigh,
Is éacht na Féinne, ar leathan-bhrat sróill.


L. 54


A pearsa gan bhéim 's a scéimh nuair d'amharcas,
Caithtear liom saoghada searca re seol,
Do shearg mo ghné is do léig mé i n-anachruth,
Taomach, tréith, gan tapadh ná treoir;
Is abaidh do shléachtas féin don mhascalaigh
Aitchim den néamh-ghein freagra cóir,
An d'aicme na ndéithe a tréad nó an treabha den
Dréim chirt daonna ór eascair a pór.



Nó ar bh'isi gan diúltadh an fhinne-bhean d'úmhluigh
Tuitim i ndrúis chuil chugainn-ne stiúruigh
Crón-phuic go Banba;
An bhé ón Ghréig don Trae noch d'aistrigh,
Déirdre shéimh nó Céarnait cheannasach,
Nó gile na mbruinneall
Bhí ag aon-mhac Éason sealad ar bórd;
d'fhreagair, ní haon den méid sin chanais mé,
Acht airgtheach aonair easbuidhtheach bróin,
Gan bhuidhin dom dhíon acht dríodar fanatics,
Cuimriosc mhioscaiseach,
Mhéirtneach chlaon gan taitneamh don Órd.



Is dearbh i réimeas Gaedheal gur chleachtas-sa
Ceannas is scléip, le seascaireacht shoghmhail
Gradam is glaodhach is aol-bhruig fhairsinge,
Caomhnadh tréin-fhear, aiteas is ól;
Taisteal is téarnamh laoch dom amharc-sa,
Flatha 'gus éigse, dragain is leomhain,
Meanma shaor is réim gan achrann,
Féasta réics seacht seachtmhaine ar bórd,



Seinm ar chiuil-chruit, iolar de thrúpaibh,
Imirt ar phunncaibh fithchille, flúirse,
Cumhdach is macanas;
Féach 'na n-éagmais cé go mairim-se
Féin im mhéirdrigh strae fé dhanaraibh,
Is cineadh Scuit ionnarbtha
As Éirinn d'éis mo shnaidhmighthe leo;


L. 55


A chara na ríobh, do ríomhas go freastalach
Ranna 'gus laoidhthe i bpratainn na gcómhad,
Is fíor go bhfillfidh tré gach anacra
An ruire seo d'imthigh
I gcéin, 's go mbéidh i mBreatain faoi choróinn.



Ciodh fada treibh Ghaedhil Ghluis faon fé tharcuisne,
I n-easbaidh, gan réim, gan rachmas, gan sógh,
Ag treabhadh go tréith do dhaorscur Cailbhinists,
Céim d'fhúig daol-dubh daithte mo shnódh,
Is gach calmach craosach léidmheach lannamhar
Feardha fraochda i dtreasaibh na dtreon,
Go dealbh, mo léan, gan féis mar chleachtadar,
Séise téad ná beathuisce ar bórd;



Is gach nduine de chomplacht chuiripe Lúiteir,
Suidhte go súgach trupinneach trúmpach
Fórsach i bhfearannaibh
Saor-shleachta Éibhir éachtaigh is calm-Chuirc,
Saesar glé bhuaidh réimeas Chaisil Luirc,
Tuigidh go dtiocfaidh
An té le faobhar do scaipfidh mo bhrón;
Ní bladar ná bréag mo scéal, mar tharngair
Éigse dréacht na bearta so romhainn,
Gan mhoill beidh deighilt re saidhbhreas seasmhach,
Milleadh 'gus dailleadh
Ar gach béar nár ghéill do bhratainn na hÓighe.



I Mainistir Naomh béidh céir ar lasadh aca,
Is Eaglais Dé go salmach fós,
Ag canadh Té Deum gan bhaoghal ná eagla,
Cé do bhéir gur searbh an sceol;
Is gach mangaire méith den tréid seo d'atharruigh
Fearta an tSoiscéil, le taitneamh don phóit,
Gan fearann ná féasta, gléas nár chleachtadar,
Tréith fá léan ag grafadh 's ag rómhar;


L. 56


Beidh teine gan mhúchadh i rith na gcúig gcúigeadh,
Is sinn-ne go súgrach congantach cúrsach
Dó-bhriste i gcaismeartaibh,
Ag taoscadh daor-phuins éil is beathuisce,
Is léigheadh gach éigs an dréacht so chanaim-se,
Ag guidhe chum Muire
Séarlas Réics dá casnamh i gcoróinn;
'S an Rí seo ag suidhe le díomas d'ionnarbadh
A saoirse ríoghachta Breatan na slógh,
Gan mheidhir gan ghreidhin gan radhairse cumais nirt
Go singil gan chiste,
Gan chaomhnadh laoch 'na seasamh 'na chomhair.



2. - I gCAOL-DOIRE.



I gcaol-doire chraobh-chluthmhar néamh-dhuilleach bhíos
Im aonar gan suim i n-aiteas 'ná i gceol,
Go féith-shingil tréith-thuirseach faon-mhisnigh tim,
Gan chaomhnacht ó aon cois abhann ar neoin;
Taobh linn-ne fé bhile ghné-ghlaise tigheann
Spéir-bhruinneall saor-oinigh scéimh-chruthach chaoin,
Ag taosc-shileadh tréan-tuile déara go fuidheach,
Thug daol-theimheal caoidh ar a haighthe ciodh óg.



Do bhí céibh fhionna réidh-dhlaightheach péarlach a cinn
'Na slaod-chrith ar bís ó bhaitheas go bróig,
Is mar chaol-ruibe ar chlaon-ruithne réaltach a braoi
Le saoghad-mhilleadh chaoidh mo thapa is mo threoir;
Caor-luisne tré ghile an chaomh-lile shuidhigh
I ngéar-iomaidh pléidh-shiosma spéirlinge i ngnaoi
Na réilteanna chréacht-chiorrbhaigh céad curadh is laoch
I dtaomaibh gan bhrígh le taitneamh dá clódh.



Ba shaor-oilte téacs-shnuidhte a géar-fhriotal fuinn,
I séis-bhinneas sidhe ag ceart-chanadh sceoil,
Is a déid mhiona gléigeala léir-churtha i gcír
'Na béal mhiochair mhín gan mhagadh gan mhóid:


L. 57


Mar laom-chuipe fraoch-linne a héadan 'sa píop,
Is mar ghréin-ghloine tré chriostal léirighthe a gnaoi,
Lér ghéilleadar éigse Inis Éilge dí míor
Tar Bhénus i bhfioghair, i maise 's i gclódh.



Géar-chruinne is néamh-ghile aontuighthe bhí
Neamh-léanuighthe i gcích bhan-charad na leomhan,
Is le haon-oideas léigheann-tuigse is éifeachtach scríobhadh
Gach téacs-fhoirm laoidhe i n-eachtaibh na nós;
Réim-chiste Gaedheal-righthe i nÉirinn do ríomhadh
Le tréan-truime a mbéimeann i spéirlingibh cloidhimh
d'fhúig créachtuighthe i n-éag-chrithibh méirligh an fhill
Nár théarnuigh ó mhaidhm Chluain Tarbh na dtreon.



Le baoth-sceinm éadtruime éirighim-se im shuidhe
Is sléachtaim do ríbh na gcarn-fholt n-óir,
Do chuir éiclips ar réilteannaibh maordha na gcríoch,
Is do shaothruigh glan-chraobh 'na maise is 'na clódh;
Fios éirime scéil-chruinne a déar-shileadh is caoidh,
Fios faellsighthe créad thug dí téarnamh im shlighe,
Is fios gaol-fhine a tréad-chinidh i nÉilge na Ríogh,
Gan éaradh do ríomh dam, aitchim den óigh.



I dtéad-bhinneas béal-oidis bréithre gan phuimp
Dham aontuigheann an Ríoghan freagra modhamhail:
I gcaomh-cheangal chaomhnais le hÉibhear do luigheas,
Fé réim-chion go síothach i gCaiseal na slógh;
Gur léir-chruinnigh claon-choipe d'aon-chonaibh nimhe,
Go faobhar-chulaitheach éaduighthe 'om éileamh tar tuinn,
Thug béim-bhriseadh léanuighthe maodhma ar mo chloinn,
d'fhúig déar-fhliuch mé ag caoi le sealad gan sógh.



Tar éis Éibhir dhil dhaonnachtaigh fhéil-oinigh Fhinn,
Ir, Néill agus Chuinn, do shnaidhmeas le hEoghan,
'S im shaor-chiste chaomhnuightheach cléire do bhíos
Agus éigse gan chíos gur chailleas an choróinn;


L. 58


Caor-mhilleadh claon-inneall clé-chumainn fhill
Aoin-mhic mo chléibh-bhuime d'éirligh na Ríogha,
Im' shaobh-chime réim-bhriste 'sé chuir mé it shlighe,
Gan aodhairidhe dhom dhíon ag agall mo sceoil.



Mo ghaol fighte i dtréad righthe nGaedhealacha bhí,
Fuair réimeas is cíos na Banba ar dtóis,
Néimheadh 'gus Féidhlim Milésius is Íth,
'S gach aon bhile ríomhas lér shealbhas coróinn;
'S an Saesar dil Séarlas mac Shéamais, mo dhíth,
Chuir daoscar an éithigh le claon-reacht gan ríoghacht,
Seo an t-éigeantas tré silim saor-chuisle fuinn
'Na dtaosc-shruth óm chích ar dhanair, mo bhrón!



A ghlé-bhruinneall ghné-shnuighte ghlé-thuigseach ghrinn,
Do ghéar-ghoineas sinn le haithris do sceoil,
Is go bhfuil Gaedhilg-fhriotail dréachtuighthe céille dá ríomh
Go réidh-scaipfir díot do scamall dobróin,
Glac réidh-mhisneach téarnuightheach scléipe agus fuinn,
Bíodh téid-bhinneas caol-chruite i n-aol-bhruig na gcríoch,
Ar éigse uile d'aon-ghuth 'gus faobhar ar a bpinn
'S an chléir cheart ag guidhe chum Athar na hÓighe.



Tré phéin chroise an Aon-leinbh Naomhtha do bhí
I ndaonnacht 's i ndíodhacht ar talamh go hóg,
Glais-ghéibheann an chréim-chinidh dhaortha so scaoil
Is réidhtigh an tslighe go Cathair na gcómhacht,
Spéir-choinneal réidh-sholuis Éilge do thígheacht,
I saor-sheilbh Éireann fé fhéile na Naomh,
Is claon-sproit an éithigh do shéideadh tar tuinn,
Gan féasta, gan fíon, gan fearann, gan choróinn.



An tan d'éist sise séimh-fhriotal bréithre mo laoidhe
Is fras-aerach do scinn 's is tapaidh le scóip
I n-éadtromacht aon-gheilte d'éirigh le gaoith
Fá néall-scamall draoidheachta as m'amharc 'na ceo;
'Na dhéidh sin do chlaochluigh mo thréine 's mo bhrígh
Do thréigeas le daol-duibhe scéimh-chruth mo ghnaoi,
Gur scéaluigheadh aréir dam den réim sin gur scíord
Cois chaol-tsruth na Mínteach sealad chum Seoin.


L. 59


3. MO CHÁS! MO CHAOI! MO CHEASNA!



(Fonn: "Seán Ua Duibhir an Ghleanna.")



Mo chás! mo chaoi! mo cheasna!
An fáth thug claoidhte i n-easbaidh
Fáidhe, draoithe, sagairt,
Dáimh agus cléir,
Gan dán dá ríomh le haiteas,
Gan ráidhte grinn dá n-aithris,
Gan sámh-chruit bhinn dá spreagadh,
I mbán-bhrogaibh réidhe;
'S gach ráib d'fhuil Mhíleadh ceannais,
Láidir, laochda, tapa,
Ba ghnáthach rinnceach, reathach,
Lán-oilte ar faobhar.
Gan stát, gan mhaoin, gan fearann,
Ár is míle measa
'Ná Seán Ua Duibhir an Ghleanna
Fágtha gan game.



Tráth araoir im leabaidh,
Ag cásamh oidhidh na seabhac,
Tháinig scím gan scaipeadh
Ó lámhaibh Mhorpheus,
Fám dháil go síleach seascair
Támhach tím le taise,
d'fhág mé ar díth mo thapadh
Is d'árduigh mo néall;
Gan spás ag tigheacht do dhearcas
Fánach ghrinn tríom aisling,
Go hálainn íogmhar abaidh
Táithte lem thaobh;
Ba bhreághtha linn, gan bhladar,
Scáil is ioghar a leacan,
Ná an mhánlach mhín lér leagadh
Gárda na Trae.


L. 60


Ba cháblach cíortha casta
Táclach dlaoitheach dathach,
Scáinneach trillseach fada
Fáinneach go féar
A bláth-fholt bínseach beartach
Cárnach bíseach snaidhmeach
Ó árd a cínn 'na dhlaghthaibh
Táith-leabhair léi;
Bhí scáil na gcaor ar lasadh
Tré bháine an lígh 'na leacain,
Mánlacht, míne is maise
Táithte 'na scéimh;
Ar shámh-rosc rinn lér leagadh
Táinte laoch gan tapa,
Is sásta síneadh mala
Shár-shnuighte chaol.



A brágha mar ghnaoi na heala,
An tráth do luigheann ar abhainn
Nó ag snámh na taoide mara
I mbárr tonna tréan;
A bán-chrobh aolda leabhair,
Is sámh do ríomhadh ar bhrataibh
Cáig is míolta gearra,
Bánta 'gus éisc,
Cárnadh is coimheascar seabhac,
Gáir na gcloidheamh dá ngreadadh,
Bláth na gcraobh is ealta
I mbárr gcluthmhar ngéag'
Ba sháimhe linn gach aiste
Dáin gan fuigheall dá gcanadh
A ráidhte grinn le blaiseadh,
'Ná sár-chruit Orpheus.



An tráth do shín an ghailteann
Álainn chaoin im aice,
Tháinig bíodhgadh is creatha
Támhacha im aedhibh;


L. 61


Do fágadh saighid is dearta
Grádha, go slíopthach sleamhain,
Sáithte im chroidhe le ceangal
Páirte don bhé;
Gan spás do smuaineadh agam,
Fáscadh cruinn do thabhairt,
Láithreach boill don ainnir
Mhánla ar a léighim;
Gan cháirde linn gur labhair
Bláth na ríoghan gcneasta,
Stán ón ngníomh go gcanfad
Fáth fios mo scéil.



Táim, ar sí, le sealad,
Fágtha ar díth mo charad,
Fá tháir ag dríodar danar,
d'árduigh mo léan,
Gan cháin, gan chrích, gan cheannas,
Gan árus ríogh, mar chleachtas,
Gan táin, gan bhuidhin, gan fearann,
Árd-mheas ná réim,
Im chráin bhoicht chnaoidhte chaithte,
Ag tál go fuidheach óm ballaibh,
Ar ál gach daoiste d'aicme
Shátan, ciodh claon;
'S go bráth ní cuibhe dot shamhail,
Páirt chum grinn do ghlacadh
Lem áireamh d'fhuighleach airm,
Gárda 'gus maor.



Dar Pádraig daoibh do mheasas
Gur phlás gach nídh dár labhair,
Mar fhál ón ngníomh 'n-ar bheartas
Páirteach bheith léi,
Gan spás den ríbh gur aitcheas
Fáth a tígheacht dom leabaidh,
A rás, a craobh 'sa hainm
Fá fhuirm béas;


L. 62


d'éis lán-tocht caoi gur aithris
Ár na saoithe snaidhmeadh
I n-áitreabh críche Caisil
Cháidh chumais léi,
Is tar sáil go scíordfadh aicme
Dhána dhíomsach abaidh,
Ag crádh 's ag díochur danar
Tráth as a réim.



Im páirt-se guidheadh gach seabhac
Atá gan chrích le sealad,
Fá dhrám na daoirse ag seasamh
Sámh-thoile Dé.
Gach tráth chum Críost fuair peannaid,
Páis is íospairt shearbh,
Crádh le fíoch is gearradh
Cnámh agus géag,
An fánach Ríogh gan ainm,
Atá de shíor fá scamall,
Gan spás do thigheacht i ngradam
Áitribh na nGaedheal,
'S an tár-sprot coimhightheach meabhail,
Atá 'na suidhe 'na bhailtibh,
Le cárnadh cloidhimh do scaipeadh
As Clár leathan Néill.



Go háitreabh Chuinn dá dtagadh
Spáinnigh ghroidhe le ceannas
Is gárda Laoisigh farra,
Táin de lucht faobhair;
Ní'l sráid san ríoghacht ná cathair,
Nár bh'árd a dteinte ar lasadh,
Lán-chuid fíonta 'á scaipeadh
Is gáirdeachas piléar,
Dánta ag buidhin na leabhar,
Rás is rinnce fada,
Cláirseach chaoin dá spreagadh,
Gártha 'gus scléip,


L. 63


Ag fáiltiughadh an Ríogh tar chalaith,
Ní tráchtfar linn ar a ainm,
'S a cháirde díogaidh feasta
Sláinte mo Réics.



4. - MO LÉAN LE LUADH.



(Fonn: "An Spealadóir".)



Mo léan le luadh 'gus m'athtuirse!
'S ní féar do bhuain ar theascannaibh
d'fhúig céasta buaidheartha m'aigneadh
Le tréimhse, go tláth,
Acht éigse 's suadha an tseanachuis
I ngéibheann chruaidh 's i n-anacra,
Go tréith i dtuathaibh leathan Luirc,
Gan réim mar ba ghnáth;
Is gach lonna-bhile borb-chuthaigh tréan-chumais d'fhás
De bhrolla-stoc na sona-chon do phréamhuigh ón Spáinn,
Go canntlach faon lag easbaidhtheach,
Fá ghall-smacht ghéar ag danaraibh,
An cam-sprot claon do shealbhuigh
A saor-bhailte stáit.



Go fann aréir 's mé ag machtnamh ar
Gach plannda 'en Ghaedheal-fhuil chalma,
An dream ba thréine i gceannas chirt
'S i réim Inis Fáil,
Le feall-bheart chlaon is gangaid uilc
Gan samhairle is sméirle Sasanaigh,
Go fallsa shéan an tAifreann,
Is saor-staid na ngrás,
I n-anacra, fá tharcuisne 's i ngéar-bhruidibh gábhadh
Ag cama-shliocht na malluightheacht an éithigh 's an smáil,
Tré bhuaidhirt na scéal so chealg sinn
Go duairc is léir mar aithrisid,
Le suan-bhriocht tréith gur treascradh mé,
Im thréan-chodladh spás.


L. 64


Tríom néall ar cuaird 'seadh d'amharcas
Réilteann uasal thaitneamhach,
Go béasach buacach ceannasach,
Ag téarnamh im dháil;
Ba dhréimreach dualach daithte tiugh
A craobh-fholt cuachach camarsach
Ag téacht go scuabach bachallach
Léi i n-éinfheacht go sáil;
'Na leacain ghil do cheapaid druithe, éigse 'gus fáidhe,
Gur sheasaimh Cuipid cleasach glic is gaethe 'na láimh,
Ar tí gach tréin-fhir chalma
Do thigheadh 'na gaor do chealgadh,
Tré'r claoidheadh na céadta faraire
I ndaor-chreathaibh báis.



Ba bhinne séis a tana-ghuib
'Ná fuinneamh méar ag spreagadh puirt,
'S 'ná cruit an té do threascair Mis,
Ciodh baoth dham a rádh;
'S ba ghile a héadan sneachtamhail
'Ná an lile caomh 's 'ná an eala ar sruth,
'S ba shnuighte caol a mala suidhte
Ar réalt-dhearc gan cháim;
A mama cruinne ar sheanga-chruth nár léanadh le práise
A leabhar-chrobh do bheartadh loingeas, éanlaith is bláith.
Ba mhíonla maordha maiseamhail
A híoghar 's a scéimh 's a pearsa-chruth,
Is do ghríosuigh mé chum labhartha
Ins na bréithribh seo im' dheághaidh:



A ríoghan bhéasach, aithris dam
An tú an aoil-chneis tré n-ar treascaradh
Na mílte 'en Fhéinn le gaisce Thailc
Mhic Thréin thug a n-ár;
Nó an bhrídeach Hélen, d'aistrigh
Tar tuinn ón nGréig lér cailleadh truip
I siege na Trae mar bheartaid druithe
I léir-rannaibh dán;


L. 65


Nó an mhascalach ó Albhain thug laoch leis 'na bhárc;
An ainnir lér thuit Clann Uisneach mar léightear san Táin;
Nó an ríoghan aerach thaitneamhach
d'fhúig saoithe Gaedheal i n-ana-bhruid,
Dá dhruim gur phréamhuigh danair uilc
I réim Inis Fáil?



Is béasach stuamdha d'fhreagair me,
Is í ag déanamh uaille is cathuighthe,
Ní haon dár luadhais it starthaibh me,
Ciodh léir dam an táin;
'S mé céile is nuachar Charoluis,
Tá déarach duairc, fé tharcuisne,
Gan réim ná buaidh mar chleachtas-sa,
Mo laoch ó tá ar fán;
Le feartaibh cirt an araid-Mhic, fuair peannaid chroise
is páis,
Beidh scaipeadh is rith ar ghalla-phuic do shealbhuigh ár
stát,
Ní danaid liom an aicme thug
Mo dhearca ag sileadh lachta tiugh,
I n-ana-bhruid fé an ama ag
Gach saor-bhile sámh.



Fé mar luadhadar sean-druithe,
Do dhéanadh tuar is tarngaireacht,
Beidh flít i gcuantaibh Banban
Fá fhéile Shan Sheáin
Ag tabhairt sceimhle is ruagadh as fearann Chuirc,
Tar linntibh ruadha na fairrge,
Ar gach smeírle mór-chuirp Sasanaigh,
's ní léan liom a bprádhainn;
Beidh gearradh cloidhte is scaipeadh truip is tréan-
treascairt námhad
Ar gach ailp aca do chleachtadh punch is féasta 'san pháis,
Do bh'aite sult na reamhar-phoc
Ag cneadh 's ag crith le heagla
'Ná an reacaireacht so cheapadar
A féar-leagadh ar phágh.


L. 66



5. - LE HAIS NA SIUIRE.



(Fonn: "An Clár Bog Déil")



Le hais na Siuire maidean drúchta, is mé támhach lag
faon,
Do dhearcas cúilfhionn mhaiseach mhúinte ghrádhmhar shéimh,
N-a raibh lile ag súgradh tré luisne lonnrach mar scáil
na gcaor,
Gan time i ngnúis ghil an leinbh ionnraic do b'áilne
scéimh.



Is blasta búidh beacht do bheannuigh dúinn-ne, 's is
páirteach saor;
'S is tapa d'umhlas lem hata cúinneach im láimh go féar,
Ar amharc gnúise agus pearsa cúmtha na báibe, is léir
Gur chealg Cúipid le deartaibh tiugha mé tré lár mo
chléibh.



Is milis muinnteardha d'fhiosruigheas-sa de ghrádh mo
chléibh,
Ar bh'ise an aoil-chneis trér tugadh líonruith in ár na
Trae,
Nó an mhiochair mhíonla do chuir na mílte le fán an
tsaoghail,
'S gach galla-smírle nár cheaduigh Íosa 'na stáit faoi
réim.



Freagair sinn, a ghean mo chroidhe, an tú an bháb do
thréig,
An fear do bhí aici i gceangal chinnte le grádh don
Fhéinn,
Nó an ghailteann ghrinn do bhailigh Naois tar sáil i
gcéin,
Thug treascairt laoch i gcath na Craoibhe is ár na gcéad.


L. 67


Nó an mhaiseach mhín, mar bheartaid draoithe, fáidhe is
cléir,
Le hais an fhlíos thug scata laoch tar sáil don Ghréig.
Nó an sibh do dhlighidh le cumann díoghrais páirt is géill,
Ar Chonall ríoghdha cumas ríoghachta a ghabháil it dhéidh.



d'fhreagair sí go blasta sinn is í ag tál na ndéar,
Ní ceachtar díobh dár ainmnighis it ráidhtibh mé,
Acht bean do bhí fá ghradam ríoghdha tráth dem shaoghal
I gceannas críche sean is sinnsear árd-scoth Gaedheal.



An tan feasadh linn cia an bhean do bhí liom tráth
pléidhe,
Do ghlacas bíodhgadh ar mhachtnamh innste stáid a scéil,
Gur labhair sí go cneasta caoin, gan tlás, i nGaedhilg,
Seachain caoi 'gus glacaidh inntinn áird is réim,



Is gearra an mhoill go bhfaicfir buidhean tar sáil ag
teacht,
Go lannach líonmhar i mbarcaibh dín gan scáth roimh
piléar,
Ag glanadh críocha Clanna Gaoidheal le hármhach tréan
Ón aicme chlaoin nár ghreannuigh Críost 's an lá lem
Réics.



Is fada sinn ag lachtadh cíoch, ciodh cráidhte an scéal,
Do chlannaibh daoithe ghreannuigh críocha is stát gach réim
Do snaidhmeadh linn i gCaiseal Chuinn 's i n-áitreabh
Chéin,
Is táim scartha arís le haicme an fhill thug ár mo laoch.



Ar aithris suidhimh gach aiste ríomhas don bhán-chneis shéimh,
Ba bhlasta laoidh, ba ghreannta gnaoi, is do b'áilne
scéimh,
Is tapaidh scíord chum reatha arís is d'fhág me i bpéin,
An tan beartadh linn gur bh'aisling draoidheachta ráidhte
a béil.


L. 68


Aitchim Íosa cheannuigh sinn is fuair páis is péin,
Go dtagaidh an nídh 'na cheart chum críche i dtráth gan
bhaoghal,
Le n-a bhfaicfeam díbirt, scaipeadh is sceimhle is ár le
faobhar
Ar aicme an fhill tar n-ais arís, sin dát mo scéil.



B 1782c 18D
6. COIS ABHANN I NDÉ.



(Fonn: "An Síoda atá it Bhaillet?")



Cois abhann i ndé is mé ag taisteal i gcéin,
Go hathtuirseach faon gan suairceas,
d'amharcas bé 'na reathaibh ag téacht,
Ba gheanamhail gné 'gus snuadh-dhreach;
Ba fuinneamhail tapaidh, ba hinnealta a taisteal
Ag druidim dom aice den ruaig sin,
Is deimhin gur bheartas nár bhruinneall den aicme
Do geineadh ar talamh mo stuaire.



Ba chamarsach léi go haltaibh a craobh-fholt
Bachallach néamhrach dualach,
Ba dhaithte 'ná an séad le gaisce don Ghréig
Thug calm-mhac Éason uaibhreach;
Is ise ba ghasta, ba shnuighte, ba shnasta,
Do b'oilte, do b'aite, do b'uaisle,
Ba bhinne, ba bhlasta, ba chliste, ba chneasta,
Ba shuidhte dár dhearcas im chuardaibh.



Ba leabhair glan séimh le hamharc a héadan
Maiseamhail gné-gheal stuamdha,
'S a mala dheas chaol ar a reamhar-rosc chlaon,
Do chealg le gaethibh sluaighte;
Bhí gile na heala gan teimheal le lasair
Ag siosmadh 's ag caismirt 'na gruadhnaibh.
Is ní dlighthear do cheachtar díobh urraim ná gradam,
Ná ionad 'na haighthe chum suaimhnis.


L. 69


Ba bhlasta beacht saor gan bhladar gach téics
Do chanadh a caor-ghob uasal,
Ag aithris na n-éacht do bhalbhuigh éigse
I gceachtaibh den Ghaedhilge bhuacaigh;
Tuitim chun tailimh gan fuinneamh im ballaibh,
Is crithim le hanaithe is uamhan,
Ar fheicsint a dreacha tré'r thuigeas gur thaistil
Ó fhinnebhrog fhlaithis an tsuaimhnis.



Ba chailce 's ba ghéar a mama 's a déid,
'S a seanga-chorp séimh nár truailleadh,
A pearsa go léir ó bhaitheas go féar
Gan easbaidh, gan bhéim, gach buaidh rug;
Fionnaim is aitchim a hionad 'sa hainm,
A cineadh, 'sa caraid 'sa cuallacht,
A fuireann, a fearann, a dlighthe 's a reachta
De bhruinneall na gcarn-fholt ndualach:



Freagair-se mé an tú an ainnir ón nGréig
Tar chalaith don Trae do scuabadh,
Do tharraing 'na déidh i mbarcaibh an tréad,
Den chathair go léir rinn' luaithreach:
Nó an fhinne-bhean ghreanta noch d'imthigh le gailthibh
Do b'fhuinneamhail fearg i dtuargain,
Do milleadh i nEamhain tar chomairce a carad,
Le hinneallaibh cealg is cruaidh-chlis.



Do fhreagair an bhé, ní aithnid duit mé,
Ní ceachtar den méid seo luadhais me,
Acht seachmallach strae le fada tá i bpéin,
Gan ghradam, gan réim, gan suairceas,
Gan chiste, gan cheannas dhom ithe 's dhom ghearradh
Le mioscais ag gallaibh an uabhair,
Thug milleadh 'gus meascadh gan time, gan taise,
Glan-ionnarbadh is scaipeadh ar mo chuallacht.


L. 70


Is lannmhar léidmheach feargach fraochda
Treallamhach tréan i dtuargain
Ag tarraing faoim dhéin an aicme do bhéaraidh
Scaipeadh dom péin is fuascailt;
Rithfidh na danair ar mire 'na ngealtaibh
As ionad na bhflatha do b'uaisle,
Ar bhfilleadh na seabhac ar buile chum catha,
'S ní singil mo ghairm-se an uair sin.



Dá fhichid geal-bhé, gan faice ar a dtaobh,
A mhascalach, léigim uaim leat;
'S ná dearmaid glaodhach cois abhann chum Séamuis,
d'eascair de phréimh-shliocht Nuaglach;
Siollaire seasamhach soineanda searcamhail
Bileamhail blasta bleacht-dhuantach,
Duine do ghlacfas le muirinn do shamhail,
'S tá cliste chum bhaillet do chuardach.



U 0334
7. AR MAIDIN I NDÉ IS ME AG TAISTEAL I GCÉIN.



(Freagra ar an Bhaillet le Séamus de Nógla).



Ar maidin indé is me ag taisteal i gcéin
I mothar ghlas craobh go huaigneach,
Gan duine san tsaoghal im ghoire dár léir damh
Acht cantain na n-éan go buacach
Tré iomad mo ghalair ag tuirse dom thafann
Is follus don aindeis gur shléachtas,
Tuitim i dtaise is ní thuigim cá rabhas
Gur fhionnas an ainnir do chéas mé.



'S ar tharraing fá'm dhéin do mhascalach shéimh
Is dearbh gur thraoch mo dhuairceas
Le taitneamh dá gné ba sholasta scéimh
Thug spionnadh ann mo ghéaga is luadhail nirt.


L. 71


Ba dhluitheach a dlaighthibh ba dhruithleach ba dhramach;
Ba dhuibhreach taisce mhic Éason
Seoch fionnall fionn frasach d'fhúig taoma 'na n-amharc
Ar laochra 's ar fhlaithibh den éigse.



Do bhí deabhadh na gcaor ag caismirt 's ag bruighean
'San lile gan stríoc gan séanadh
'Na leacain tais mhín fá mhalainn mar scríb
Ar mheamram slím le caolphionn;
Ba chéadach do cheaduigh mac Bhénus 'na dearcaibh
'Sa déad snoighte snasta ar aoldath,
'Sa béal tana blasta le bréithre ba chneasta,
Ba néata do sheasaimh sí taobh liom.



Fionnaim den ríoghain mhiochardha mhín tais
Bhileamhail bhinn bhleacht bhéasach,
Créad ó geineadh a craoibhe gheineamhail Ghaodhalach,
A cine 's a críoch 's a caomhnas;
Nó ar bh'fhéidir gur bh'ise an taobh-leabhair mhiochair
Thug géilleadh 'o mhac Cumhaill is géar-shearc,
d'éaluigh is d'imthigh ó laochra na cruinne
I gcéin lear fá chomairc na Féinne?



Aitchim is guidhim is fionnaim fá thrí
Le taitneamh dot fhíoghair is dot éagchruth
An tusa gan fuigheall chuir muileann ar linn
Gan fuireann san chrích sin Éibhir;
(Atá fáth ó n-a measaimh it dháil-se gur frasach
Fárbon den earradh bhus éalgach
Is tárnocht gur ghlacais a gcáil sin ón gcaraid
Thug spás feacht ó dhearcaibh an éaga)



Gan fuireach ná fuigheall 'seadh d'fhreagair sí sinn
I bhfriotal bhreas bhinn den Ghaedheal-ghuth,
Ní aithnid duit puinn dom chosnamh ag tigheacht
Cé ritheas lem laoidh dot fhéachaint:
Le humhlacht don dragan de chrú-shliocht mo charad
Bhí im chlúid-se cois abhainn go déidheannach
Adubhairt liom an bhaillet do thabhairt duit le hamharc
'Sis dubhach liom gur danair do chléchuir.


L. 72


A mhuirinneach mhín ná gointear leat sinn
Is go follus gur fríth mé ó Shéamus
Is nach miste do shíolrach foigse do ghaoil
Don fhathach ba rí san Éigipt.
A shluaighte cé cailleadh i ruadhthonntaibh mara
Ba bhuadhach sliocht a shleachta le naomhthacht,
Is nár dhual duit-se aithis chómh mór soin do thabhairt
Don té buaidhreadh tré mhasladh do chéid-fhir.



Dá dtagadh i dtír chum caladhphuirt Laoiseach
Drongathach daoineach déibhtheach,
An curadh cath-bhuidheanach cineathach coimhirseach
Le n-ar snaidhmeadh tú roimhe seo tréimhse,
Le humhlacht do rachfainn ag crústadh do namhad,
Dá dtúrnadh, dá dtreascairt, dá dtraochadh,
Is go mbeadh tiuin ar do bhaillet is scrúdadh le haiteas
Is búraibh fá'n ama ag Gadelians.



Mo bheannacht dot dhíon an fhaid mhairfir, ar sí,
Agus scaram go sítheach le chéile,
'Sis tapa do ling tar mhachaire mhín
Is d'imthigh gan fuigheall fá néallaibh;
Bíodhgaim is screadaim is múscailt ba ghar damh
Ba dhubhach chaitheas sealad ag géar-ghol
Cé smaoinim is beartaim gach íorghoil do canadh
Lem rún-sa gan bhladar gur féidhmeadh.


L. 79


B 1784ob 18D
U 0216
Ba chamarsach léi a céibh go dlaoitheach,
Ó bhaitheas ag téacht go féar ar shír-chrith,
A mala ba chaol, a dearca ba chlaon,
A pearsa 's a scéimh do b'aoibhinn,
A mama 's a déid mar lítis;
'Na leacain ghil mhaordha mhíonla
Bhí an sneachta le caor ag caismirt go tréan,
Is nár bh'feasach cia an taobh do stríocfadh.



A leabhar-chrobh réidh is néata scríobhadh
Lachain is naosca is éisc ar mhín-tsruth,
Barca na dtéad i gcathaibh na bpiléar
Caismirt is éacht na Traoi thoir,
Seanga-phuic, béir is míolta,
Is a dtarraing ar dhaor-bhrat síoda,
Is le taitneamh dá scéimh gur treascradh mé
I gcreathaibh go faon gan bhrígh ar bith.



Fachtaim go séimh den spéir-bhean mhíonla,
A treabha 's a gaol-shliocht préimhe d'innsint;
An tú an eala dheas shéimh, ba chalma scéimh,
Thug taitneamh a cléibh do Naoise.
Lér treascaradh tréith na mílte,
Marbh lag faon gan bhrígh ar bith,
Nó an ainnir thug léan is leagadh na nGaedheal
I bhfearannaibh Néill is Chuinn mhir?



Aithris go séimh dam, a chéibhfhionn mhíonla,
An tú thug meascadh is maodhm na Trae mar innstear,
Nó an fhinne-bhean ghlé ba shoineanda scéimh
Do chuir muileann go caomh ar mhíon-tsruth;
Nó an ainnir dheas mhaordha mhín tais
Ba gheanamhail glégeal gníomhach
Do thaistil i gcéin ó Thailce mhic Tréin
Lér cailleadh den Fhéinn na mílte?


L. 80


Do fhreagair an bhé dheas mhaordha mhín tais:
Is dearbh nach aon den méid a mhaoidhis me
Acht ainnir gan bhréag do thaistil i gcéin,
le teachtaireacht scéil ó Laoiseach:
Gur gairid go ndéanfaidh díoghaltas
Do ghlanfaidh le faobhar na faolchoin
A fearanntas Gaedheal gan rachmas, gan réim,
Gan talamh, gan tréad, gan saoirse.



Is eagal liom féin, a spéir-bhean mhíonla,
Gur reacaireacht bréige an scéal so d'innsis
Táid Galla ró-thréan i mbarcaibh gan spéis
Ar chaise go fraochda nimhneach;
Is Carolus Réics go claoidhte,
d'fhúig aicme na nGaedheal fá dhaoirse,
Ag fearadh na ndéar go lachtmhar le léan,
I n-achrann baoghail ag smístigh.



A fhir ghasta d'fhuil fhéil is léigheanta i laoidhthibh,
Ná tagair gur baoth an méid seo d'innseas,
Is gur gairid ón léas, ciodh fada dhó téacht,
Bheith caithte do réir gach scríbhinn
Do tharngair éigse is draoithe,
Is dearbh an scéal mar chítear,
Go bhfuil fearta Mhic Dé 'gá gcartadh go faon,
'S ag treascairt na bhfaolchon sínte.



Do tharngair éigse dréachta is laoidhthe
Ar tharraing an léas ghní an téarma roimhe seo,
Go dtiocfadh an t-éacht so ar Ghallaibh gan bhréag
Do ghreadfadh go haedhibh an croidhe aca;
Is do ghlanfadh gach béar den líne,
A fearanntas Gaedheal gan righneas
Is aitchim-se is glaodhaim ar fheartaibh Mhic Dé
Go dtagaidh mo scéal chum críche.


L. 81



11. - TRÁTH I NDÉ IS MÉ TNÁIDHTE TRÉITH.



Tráth i ndé is mé tnáidhte tréith,
Ar fán i gcéin gan duine im ghoire,
Thárla tréimhse i ndoire coille
Im fhaon-luighe ar neoin,
Ag cásamh éaga is áir na laoch
d'fhuil Tháil is Chéin ba chliste i siosma,
Ag tál na ndéar le hiomad tuirse
I ngéar-shnaidhm bhróin;
Is léir gur dhearcas báb mhín cháidh chaoin shnuadh-gheal
Mhaordha mhaiseach láimh linn do b'áilne fíoghar is clódh,
Ba chíortha léi, ba scaoilte réidh,
Ba thrillseach néamhrach triopall-chluthmhar,
A cíobh go féar 'na dlaithe fighte
Ar aon-lí an óir.



An tráth lem thaobh do tháinig an bhé
Ba bhreághtha scéimh dár fionnadh linn-ne,
Láithreach sléachtaim dise i bhfuirm,
Cé bhíos dóbhach;
'S níor bh'feáirrde mé a trácht im ghaobhar,
Ba thámhach lag tréith le time mise,
Le lámhach ghlan gaethe Chuipid chliste
Chréacht-mhill slógh,
Le héigean searc is bárr grinn don bhán-ríbh uasail,
Réilteann maidne Chláir Chuinn is bláth na ríoghan óg,
Thug saoirse is réim do shaoithibh dréacht,
Is míor don chléir re hiomad cuibhe,
Ba dhíon-bhrat éigse, buime righthe,
Is caomhnaidhe treon.



A bháin-chneis shéimh, faghaim fáth na n-éacht,
Noch d'fhág go haonmhar singil sibh-se,
Gan gárda léidmheach oilte chliste
Aodhairidhthe it dheoidh,


L. 82


Nó bárr mo léin i dtráth don té
d'ibh sár-lacht séin do mhilis-chiocha,
Sásaimh mé gan tuilleadh moille,
Is tréig caoi deor;
Do scréach, do scairt, do gháir sí ag rádh is trí truagh
liom
Réimeas Chaisil cháidh chaoin le spás gan Rígh dem phór,
Fá chuing na mbéar d'fhúig saoithe Gaedheal,
Na míleadha glé ba mhinic suidhte
I gcrích lem thaobh go fionna-thruipeach
Fraochaighe i dtóir.



Le sámh-thoil Dé fuair páis is péin,
Tá an báire ag téacht 'na gcoinne ar buile,
Fágfaid, séanfaid, rithfid sin as
Chaomh-chrích Eoghain;
Atá Árnold laoch nár stán i mbaoghal,
Ag fagháil an lae ar an bhfuirinn uile,
An mál so ag maodhm 's ag milleadh-bhriseadh
An chlaon-dlighidh nua:
Atá ag téacht 'na mbarcaibh sár-dhín go mágh mín Cuailgne
Ag traochadh an tsleachta chráidh sinn, na táinte rígh-ghas óg,
Claoidhfear créimfear díoscfar tréad
An fhill 's an Bhéarla i n-iomaidh shiosma
Is chífear Gaedhil 'na n-ionad suidhte
I saor-shlighe sógha.



Ní támh don aon so atá gan réim
Ó tháinig dréam an uilc tar uisce,
Le gáirdeas gléasfaid chugham mo churadh
Céad ríogh-leómhan;
Is ádhbhal fraoch gach ársa thréin
Ag cárnadh béar 's ag cur an chluiche,
Le ráig ag céasadh an chinidh chiorrbhuigh
Féil-dhlighe Phóil;


L. 83


Réabfaidh reacht is rátaidhe an táir-rígh thuathail
Méirleach meabhail tá faoi bhláth i ríoghacht mo stóir;
Is go crích mo shaoghail ní luighfead féin
Le smírle choimhightheach cuil i n-iomdhaidh,
Ar thígheacht dom Shaesar dhil, is guibhidh
É shuidhe i gcoróinn.



12. - CEO DRAOIDHEACHTA.



(Ragairne an tSaighdiúra).



Ceo draoidheachta i gcoim oidhche do sheol me
Tré thíorthaibh mar óinmhid ar strae,
Gan príomh-charaid díoghrais im chomhgar,
Is mé i gcríochaibh tar m'eolas i gcéin;
Do shíneas go fíor-thuirseach deorach
I gcoill chluthmhair, chnómhair, liom féin,
Ag guidheachtain chum Ríogh ghil na glóire,
Is gan nídh ar bith acht trócaire im béal.



Bhí líon-rith im chroidhe-se, gan gó ar bith,
'San choill seo, gan ghlór duine im ghaobhar
Gan aoibhneas, acht binn-ghuth na smólach
Ag síor-chantain cheoil ar gach géig;
Lem thaoibh gur shuidh síodh-bhruinneall mhodhmharach
I bhfíoghair is i gclódh-chruth mar naomh,
'Na gnaoi do bhí an lí gheal le rósaibh
Ag coimheascar, is níor bh'eol dam cia ghéill.



Ba thrillseach tiugh buidhe casta ar ór-dhath,
A dlaoigh-fholt go bróig leis na mbé,
A braoithe gan teimheal is mar an ómra
A claon-ruisc do bheo-ghoin gach laoch;
Ba bhinn blasta fíor-mhilis ceolmhar,
Mar shíodh-chruit gach nóta ó n-a béal,
is ba mhín cailce a cíoch' chruinne i gcóir chirt
Dar linn-ne nár leonadh le haon.


L. 84


Feacht roimhe sin cé bhíos-sa gan treoir cheart,
Do bhíodhgas le ró-shearc don bhé,
Is do shíleas gur bh'aoibhneas mór dam
An tsídh-bhean do sheoladh faoim dhéin;
Im laoidhthibh do scríobhfad im dheoidh dhuit
Mar scaoileas mo bheol seal ar strae,
Is gach caoin-stair dár ríomhas don óigh dheis
Is sinn sínte ar feorainn an tsléibhe:



A bhrídeach na rinn-rosc do bhreoidh me,
Le díoghrais dot shnódh 'gus dot scéimh,
An tú an aoil-chneis trér díoscadh na mór-thruip,
Mar scríobhtar i gcomhrac na Trae;
No an ríogh-bhruinneall mhíonla d'fhúig cómh-lag
Cath-mhíleadh na Bóirmhe 's a thréad,
Nó an ríoghan do dhlighidh ar an mór-fhlaith,
Ón mBeinn dul dá tóraidheacht i gcéin?



Is binn blasta caoin d'fhreagair damh-sa,
is í ag síor-shileadh deora tré phéin,
Ní haoin-bhean dár mhaoidhis mise it ghlórthaibh,
Is mar chím-se ní heol duit mo thréad;
Is mé an bhrídeach do bhí sealad pósta
Fá aoibhneas i gcoróinn chirt na réics,
Ag rígh Chaisil Chuinn agus Eoghain,
Fuair mír-cheannas Fódla gan phléidhe.



Is dúbhach bocht mo chúrsa 's is brónach,
Dom dhúr-chreimeadh ag cóirnigh gach lae,
Fá dhlúth-smacht ag búraibh, gan sóghachas,
Is mo Phrionnsa gur seoladh i gcéin;
Tá mo shúil-se le hÚr-mhac na glóire
Go dtiubhraidh mo leomhain faoi réim
'Na ndún-bhailtibh dúthchais i gcóir mhaith
Ag rúscadh na gcrón-phoc le faobhar.


L. 85


A chúilfhionn tais mhúinte, na n-ór-fholt,
De chrú chirt na coróinneach gan bhréag,
Do chúrsa-sa ag búraibh is brón liom,
Fá smúit, cathach, ceomhar, gan scléip;
'Na ndlúth-bhrugaibh dúthchais dá seoladh
Mac congantach na glóire do Réics,
Is súgach do rúscfainn-se crón-phuic,
Go humhal tapa scópmhar le piléir.



Ár Stíobhard dá dtígheadh chughainn tar sáile,
Go crích Inis Fáilge faoi réim,
Le flít d'fhearaibh Laoisigh, is Spáinnigh,
Is fíor le corp áthais go mbéinn
Ar fhíor-each mhear ghroidhe thapa cheáfrach,
Ag síor-chartadh cáich le neart faobhair,
Is ní chlaoidhfinn-se m'intinn 'na dheághaidh sin
Chum luighe ar sheasamh gárda lem ré.



B 1770c 18D



13. - AG TAISTEAL NA BLÁRNAN.



(Fonn: "Stáca an Mhargaidh")



Ag taisteal na Blárnan lá 's mé ag machtnamh
Ar ár na bhfearachon bhfáilteach bhfairsing,
Den phór treon ba chalma i ngleo,
Is mar neaduigh an t-ál so tháinig ó Shasana
I stáit 's i bhfearanntas Fháilbhe is Aimheirgin,
Eoghain Mhóir is Chairbre an tslóigh:
Na flatha ba ghnáthach tárthach, treasamhail,
Dá gcartadh 's dá gcrádh 's dá gcárnadh ag fanatics,
An táin noch d'abaigh fa ghráin na heascaine,
Gráscar cealgach Mhátrain mhalluighthe,
An chrón-chóip thug masladh don Órd.


L. 86


Do chaitheas-sa spás go cásmhar cathach,
Gan áird, gan aiteas, go cráidhte ceasnuightheach
Fá bhrón mhór ag fearadh mo dheor;
Gur dhearcas-sa láimh liom bán-chneis bhanamhail
Mhanla mhaiseamhail ghrádhmhar gheanamhail
Ró-mhodhamhail ba thaitneamhach snódh;
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiugh,
Ag feacadh s ag fás go sáil léi ar baille-chrith
A bláth-fholt bachallach scáinneach crapanach
Táclach snaidhmighthe bárr-chas daithte léi
I gclódh an óir gan scamall gan cheo.



Do bhí deabhadh na mbláth le scáil ba dhearg
Gan tlás 'na leacain ba bhreághtha lasadh,
'S a rós-bheol gan mhagadh gan mhóid;
A mala gan cháim ar a sámh-dhearc abaidh
d'fhúig támhach le deartaibh na táinte seabhac,
Go ró-mhór do ghreannuigh a clódh;
Mar eala ar an dtráigh a brágha 'sa geala-chruth,
'S a mama dheas bhláthmhar d'fhás ar sheanga-chorp,
A bán-chrobh leabhair noch d'fhágadh tarraingthe
Báid is barcanna, cáig is cairrfhidhthe,
Is gleo treon ar leathan-bhrat sróill.



Ba ghasta, ba cháidh, ba shámh do chanadh
Gach prás i bpratainn na ndámh gan easbaidh,
'S ba shóghach sóghamhail a labhartha beoil;
Ó bhaitheas go sáil ní'l cáim ná aineamh,
Le fagháil 'na pearsain chirt áluinn ghreanta,
Chuir ceo ar chlódh na mascalach óg;
Do bheannuigh go tláth tais gáireach greannmhar
'San teangain do b'fheárr i gClár Luirc Banban;
Le grádh don aitheasc soin láithreach preabaim-se,
Fáth a haistir den bhánchneis aitchim,
Gan mhór-shlógh ar eachaibh 'na comhair.


L. 87


Mar mheasaim, a bháb, 's a bhláith na mbarrfhionn
Is áilne pearsa 's is breághtha seasamh chruith
Clódh 'gus snódh dár dhearcas-sa fós,
Is tú an mhascalach mhánla ghárdach gheala-chneis,
Tháine i mbarcaibh mhic Dáire ó Albain,
I gcómhair leomhan is gailthe le gleo;
No an ainnir thug ár na dtáinte i nEamhain,
Nó an ghailteann 'na deághaidh tar sáil do tharraing
Gach ársa gaisce noch d'fhág fá mhairg
Priám 'sa chatha ba dhána i dtreasaibh,
Nó an óg-sheoid bhí ag Aichill na slógh.



Do fhreagair sí, ag rádh: Bí lán do mheanmain,
Táim-se ag tabhairt mo lámh mar thaca dhuit,
Fón bhfóghmhar go n-amharcfair gleo;
Is aithris d'fháidhibh Fáil an t-aitheasc so
Gan práisc do chanaim le páirt is taitneamh
Don óg-leomhan do shealbhuigh m'óghacht;
Ar talamh 's ar sáil tá an báire casta aca,
Ní'l seasamh a gcás le fagháil ag galla-phuic,
Ní fhágfar ainm dá n-ál i mBreatain
Ar thrácht don bhaile don bhán-fhlaith ag casadh
Le seol cóir go fearannaibh Eoghain.



Dá gcabhair atá na Spáinnigh chalma,
Ar mágh 's ar machaire d'fhág fá tharcuisne
Ar feodh cóip na Sacsan gan treoir;
Is cathmhíleadh an Chláir de rás na seana-stoc,
d'fhás i mBanbain ársa treasamhail,
An flós leomhan is taca le tóir;
Ní leagfaid ar lár go bráth a n-arma
Go nglanfaid Whitehall ó ál na ndanara
Gan trácht ar chasadh ná fagháil ar aiseag
A stáit ná a mbeathadh, is go gáirdeach canaidh
Le mór-scóip céad amen le hEoghan.


L. 88


B 1776c 18D
14. - AG TAISTEAL NA SLÉIBHTE.



(Fonn: "Seán Buidhe")



Ag taisteal na sléibhte dam sealad im aonar,
Go hatuirseach céasta, gan áird ghrinn,
Is mé ag machtnamh ar chlé-bheartaibh gangaide an tsaoghail,
'Sé shearg mo ghné is do chráidh sinn,
Ár bhflatha mar thréigeadar galla-phuic chlaona,
'S a mbailte puirt aolda mar fásuigheadh,
'S an donas le chéile dá dhortadh gach lae orainn,
Ó ceangladh Éire le Seán Buidhe,



Cois abhann i gcaol-doire stadas-sa tréimhse
Dem reathannaibh géara d'fhúig támhach sinn,
Lán d'aiteas ag éisteacht le cantain na n-éanlaith,
Dá spreagadh ar na géagaibh go sár-bhinn,
d'amharcas spéir-bhruinneall gheanamhail dhéid-gheal
Chaoin charthanach shéimh ag teacht láimh linn
I maise 's i maordhacht fuair barra gan bhréagnadh
Ó n-a bhfeaca-sa bhéithibh i gClár Chuinn.



Ba chamarsach dréimreach daithte tiugh péarlach
Bog bachallach néamhach 'na tháclaidhibh,
A carn-fholt craobhach, ag feacadh 's ag slaodadh,
Ó bhaitheas go méaraibh a bán-troighe;
Dearbhaid éigse, ar amharc a céibhe,
Gur samhail a gné 'gus a cáilidheacht,
Leis an lomradh i gcéin lear le gaisce don Ghréig rug
Mac calma Éason de bhárr cloidhimh.



A pearsa ba shéimhe, a mama ba ghéire,
'S a seanga-chorp aolda gan fagháil teimhil,
Ní'l gangaid ná claon-bheart i dtaisce 'na caomh-chruth,
'S is taitneamhach saor-ghlan a cáilidheacht:
'Na leacain ag pléidhreacht, bhí lasadh na gcaora,
Tré shneachta na sléibhte go sámh síothach,
'Sé chealg go haedhibh mé, nuair bheartas 'na dhéidh sin,
A beith snaidhmithe i gcléireacht le Seán Buidhe.


L. 89


Ba mhaiseach a héadan tais cneasta ar aol-dath,
Is ba shamhail le caol-ruibe a dhá braoi,
Tarraingthe ar réalt-dhearcaibh reamhara réidh-ghlasa
Chealg na céadta le lámhach saighead;
Ar amharc a scéimhe ó bhaitheas go caol-troigh
D'fheasras féinidh den bháibín,
A hainm le héifeacht 's na bearta chuir réilteann
Dá samhail i gcéin lear 'na fánaidhe.



Is carthannach béasach dam d'fhreagair an spéir-bhean,
Fios m'ainme bhéar dhuit go sár-chruinn,
Is mé ban-chara Aonghuis, Chuinn chalma, is Néill Duibh,
Fuair gradam na hÉireann im páirtidheacht;
Seo an t-adhbhar thug mé-si go hairgthe im aonar,
Sliocht Chaisil i ndaor-bhroid faoi árd-chíos
Ag Gallaibh an Bhéarla, do shealbhuigh aol-bhrug
Is fearann gach aoinne dár áirmhigheas.



Cúis chathuighthe is léin liom, an ceangal 's an daor-smacht,
Ar chlannaibh Mhíléisis gach lá chím,
Dá ngreadadh, dá gcéasadh, dá gcartadh, 's dá dtraochadh,
Faoi an ama ag béaraibh an ghnáth-fhill;
Is dearbh gur baoghalach daoibh fearg an Éin-mhic,
Do bhar gcasnamh go héag mar atáthaoi,
Is ná scarfar mé ar aon-chor, 'sé d'abaigh mo dhéara,
Le leabaidh an sméirle sin, Seán Buidhe.



Ar aithris na scéal sin, gan bhladar, don réilteann,
Is cathach bocht taomach fliuch d'fhág sinn,
Is mo dhearca ag saor-shileadh lachta tiugh déara,
Go habaidh, 's níor bh'fhéidir a dtrághadh linn:
Aitchim go héigneach ar Athair na naomh ngeal,
Go scaipidh an daor-scamall plágha dínn
Do fearadh ar Ghaedhealaibh 's go bhfaiceam-na Éire
Ag aithearrach céile tar Sheán Buidhe.


L. 90


B 1784ob 18D
15. COIS TAOIBHE ABHANN SÍNTE.



(FONN: "Gráinne Mhaol")



Cois taoibhe abhann sínte is mé tráth i ndé,
Ag smuaineamh ar chlaoin-bheartaibh gnáis an tsaoghail
Chuir síol flatha is saoithe d'fhuil ársa Gaedheal
Tar taoide fá dhaoirse gan scáth ná réim,



Tig ríoghan lem thaoibh-se do b'áilne scéimh
Dár shíolruigh ó phríomh-shleachtaibh Ádhaimh is Éibh;
Bhí a dlaoithe léi ar mhín-chrith go bárr an fhéir,
Is í ag caoi frasa caointeacha cráidhte déar.



Sílim gur sídh-bhean í thárla i gcéin,
Ar inntinn mo mhillte tar chách go léir,
Bíodhgaim le líon-ruith, noch d'fhág mé i bpéin,
Gan bhrígh ar bith im boill-se go támhach lag tréith.



Smuainim le n-innsint gur nár an scéal
Mé chlaoidhchean le mnaoi ar bith gan fáth ná baoghal,
Líonaim de chroidhe-mheisneach árd, is éighim
Ar bhrídeach an aoil-chneis, ba bhreághtha gné,



A innsint le díoghrais gan phlás ná bréag,
Ar bh'í an ghailteann Clíodhna í, nó Áine shéimh,
Aoibhill bainríoghan ón árd-Chraig Léith,
Nó an ríobh chailce i gcoimheascar thug ár na Trae?



Nó Aoife le draoidheacht chuir i mbán-chruth éan,
Ar linn-tsruth na Maoile, a cáirde gaol,
Nó an mhín-mhaiseach ríoghdha faoi tháir, mo léan,
D'fhúig príomh-shleachta gaoismheara Tháil is Chéin?



Nó an aol-chruthach mhíonla thug ár na laoch
I ríogh-bhrug na Craoibhe, trér fágadh faon
Gach míor-churadh is míleadh do b'ársa céim,
Le faobhar-lannaibh Naoise is a bhráithre cléibh.


L. 91


Is binn d'fhreagair sí dham ag rádh ní haon
Den bhuidhin sin do mhaoidhis mé acht fánach strae,
Atá im dhíbirtheach choimhightheach le spás gan réim,
'S gur b'í m'ainm dílis duit Gráinne Mhaol.



Do bhíos-sa fá mhír-chion i mbláth mo shaoghail,
I bhfíor-ghradam ríoghradh 's i bhfábhar réics,
Nó gur líonadar Goill-shleachta i n-áitreabh Gaedheal
Thug díth-chreachadh a dtíortha 'gus cárnadh a laoch.



Maoidhtear i laoidh-starthaibh dán le héigs',
Gur innseadar draoithe 'gus fáidhe dréacht,
Go bhfillfeadh ár Stíobhard go háitreabh Chéin,
d'fhíor-scaipeadh a ndaoirse de rás na nGaedheal.



Dá ríomh daoibh le fírinne rádhaim is léighim.
Gur dísceadh mo bhuidhean chatha i gcáil 's i gcéim,
Lucht millte na hAoine noch d'fhág mé faon,
Is docht íocfaid an gníomh soin fá Lá na Naomh.



Ní'l taoide dá líontacht ná trághann gan braon,
Is gach fraoch-stoirm choimhightheach, bíonn tráth gan ghaoth,
Dá innsint le díoghrais don tár-sprot clé,
Dá aoirde a ngoill-phuimp go mbiaid tláth 'na déidh.



Atá Laoiseach ar taoide 's is dána a bhéim,
'S an tImpire dá choimhdeacht 's an Spáinneach tréan,
Ní stríocfaid den scríb sin go bhfágfaid saor
Maoirseacht trí ríoghachta ag grádh mo chléibh.



An Ceangal.
Mo mhíle creach, ba chneasta an striapach í,
Do bhí sí i bhfad ag Art ag Niall 's ag Naois,
Do bhí sí seal ag flaith na mBrianach ngroidhe,
Is ba mhín a cneas, gur chaith an t-iasacht í.


L. 92


16. - TRÁTH IS MÉ COIS LEASA.



Tráth is mé cois leasa,
Go tláth ag déanamh machtnaimh,
Ar ár na dtréan do b'fhearra,
Ar Chlár Luirc fuair réim.
Eoghan Mór an flaith,
Is Conn na gcéadta cath,
Ba shluaghmhar tréan iad seal,
Dá námhaid nár staon:
Go bhfuil a ngéaga 'á gcrapadh
Gan sógh, gan réim, gan aiteas,
Gan spórt gan lúth mar chleachtadh
Árd-scoth na laoch;
A ndúthaighe, a n-aolbhruig chailce
Ag crón-phuic is a gcealla,
Is a gcáirde gaoil dá scaipeadh,
Is dá gcáibleadh gach lae;



Mo phudhair mo léan mo dhainid,
Is cúis mo chaoi 's mo cheasna
Na sáir-fhir ghroidhe ba thapa
Is ná stánfadh i ngléidh,
Ba chródha maidhm is gaisce
I ngleo na gcloidheamh ag treascairt,
Ba leomhanta i ngníomh 's i gcathaibh
'S i n-ár chnuic ba thréan,
Gur leon a ndlighe 's a reachta
Anall tar tuinn is calaith
An bhuidhean don Órd thug masla
Is gan trácht ar an gcraos;
Is ná maireann aon dár gcaraid
Ná caitheann géill 'on aicme
Gach tráth fá'n ughaim dá dtarraing
'S gan fagháltas acht go faon;


L. 93


Is ar mbeith dam tréith lag aindeas,
Ag caoi na ndéar go frasach,
Sínte faon faoi cheasna
Is me cráidhte ag an saoghal,
Do théarnuigh taobh liom ainnir
Mhodhamhrach, náireach, mhaiseach,
Ba shnuadh-ghlan gréine cailce,
Is do b'áilne ar bith scéimh.
Bhí a hór-fholt cíortha casta,
Go trillseach, dlaoightheach, daithte,
Go búclach, péarlach, fada,
Ag fás léi go féar,
Go frínseach, néamhrach dlaghthach,
Go fáinneach, cáblach, crathach,
Go dualach dréimreach greanta,
Ag bán-chneis na gcraobh.



Fiafruighim scéal den ainnir
Chaoin, tais, thréitheach, chailce,
An tú Iúno chaomh nó Pallas
Nó Bhénus gan smól,
Do phléidh an t-ubhall faoi mhairg,
d'fhéachaint áilne a pearsan,
Nó Blánaid niamhrach chailce
Thug ár-ghoin na slógh?
Nó Casandra do réidhfeadh ceasta,
Nó Diana 'na ndéidh 'san anach,
Nó Hélen mhaordha mhaiseach,
d'fhúig Trae thoir faoi bhrón.
Nó Céarnait chaoin rinn' muileann
Do chéad-chur fíor ar shrothaibh,
Nó an bhé lér claoidheadh Clann Uisnigh,
Is a laochraidhe gan treoir?



Is caoin 's is caomh an friotal
Do chan an tsídh-bhean mhiochair,
Ní haon mé is fíor dá dtigir,
Acht Éire gan ghó.


L. 94


Atá gan ghéill gan urraim,
I ndiaidh na laoch tá tuirseach,
Ba bhrónach déarach d'imthigh,
Is ba ghníomhach i ngleo.
Acht go bhfuil mo shúil go dtiocfaidh
Chughainn tar tréan-mhuir fuireann
Do dhíbreochaidh gan fuireach
Na méirligh tar tuinn;
Is go mbeidh mo chlann gan tuirse,
Atá anois fá easbaidh,
Go séanmhar sámh 's go sultmhar
Go lá deireadh an tsaoghail.



Má's tusa an spéir-bhean mhiochair,
Do ghabh clúid na laoch gan teimheal,
San chrích seo Éibhir oinigh,
Aithris cruinn an scéal:
Cá ngabhann an Réics 's a fhuireann
Ná tígheann ag réabadh bruide,
Is dligheadh na méirleach a bhriseadh,
Is do dhíbirt gan treoir?
'Sé adubhairt an spéir-bhean chailce,
Tá an trúp tar tuinn ag taisteal,
Go líonmhar, buidheanmhar, neartmhar,
Chum coimheascair is gleodh;
'S is gearr an mhoill go mbeidh scaipeadh
Ar shliocht Lúiteir chlaoin is Chailbhin,
A bhfearann cloidhimh dá dtreascairt,
Is na Laoisigh i gcoróinn.



17. - SEALAD DEM SHAOGHAL.



Sealad dem shaoghal go haerach iongantach,
Ag déanamh tuirse 's ag riaradh an bhróin,
Go ceasnuightheach casta créachtach cunaill-bhocht,
I ngaorthaibh coille 's gan aon im chomhair.


L. 95


Do dhearcas ainnir bhúidh mhín chiuin chaoin charthannach
Dom ionnsuidhe dearbhtha ag téacht ar seol,
Ba dheise glaise a súil ghrinn 'ná drúcht laoi samhraidh,
Ba shughach síothach seasamhach a gné gan smól.



Do stadas seal go faon-lag féigeamhail anbhfainneach,
Le héigean taitnimh dí ag géardhearc' a clódha,
A mala shuidhte chaol dheas ar a héadan tarraingthe,
Go séadmhar snasta snuighte i n-éifeacht chóir;
Ba chasta cluthmhar ciumhas-chaoin a cúilín camarsach,
'Na chúirnín chathaiseach ar scéimh an óir,
'Na bhfoltaibh fighte fionnbhuidhe i ndúil ghrinn ghreannmhar,
'Na lonnradhaibh lasamhail ag téacht go feor.



Ba bhlasta miochair béasach a bréithre banamhail,
A béal binn balsamach nár thaobhuigh móid,
A leaca leabhair aolda mar ghéis ar leathan-tsruth,
Do chlaochluigh i n-anacra na céadta ar feodh;
Ba lasmhar ceart a gnúis ghrinn bhúidh mhín bhanamhail,
Mar lonnradhaibh sneachtamhail a scéimh gan cheo,
A mama dheas ar úr-chlí i ndúiligheacht seascaireacht,
A cúimín cailce suidhte caomh go cóir.



Fochtaim feacht den bhé-bhruinnill mhaordha mhascalaigh
A géaga seanchais do shléachtadh im chomhair,
An tú an eala chruthach Déirdre lér traochadh na feara-choin
'S a chéile calma ba dhéine i ngleo?
Nó an ainnir mhilis bhúch mhín d'ionnsuidheadh garbh-thruip,
Is d'fhúigeadh ceangailte an Fhéinn gan treoir.
Nó an fhinne-bhean do dhúbluigheadh cúrsaidhe i nAlbain
Nó an chiuin-ríobh charthannach do thréig mac Treoin.



Aithris dam i n-éifeacht is géill go gasta glic,
An tú Hélen bhanamhail mhaordha mhodhamhail
Lér treascradh laochradh tréan i gcathaibh chnuic
'S an Trae gur lasadh le tréin-neart slógh?
Nó an léir a mheas gur tú bhí ag ionnsuidhe ghreannmhar
Le Iúno an eala-bhean craobh na n-óg,
Nó Minerbha an chúil bhuidhe d'fhúig faoi ath-tuirse
'Na gcúplaidhibh treascartha na céadta ar feodh?


L. 96


d'fhreagair sinn an spéir-bhruinneall bhéil-mhilis charthannach,
Ní haon den aicme sin mé shléachtais fós,
Ciodh gur fada mé gan chéile, dom thraochadh ag Galla-thruip
Do chlaochluigh m'aigne ag déanamh bróin.
Is mé buime cheart na bprionnsaidhe is rún croidhe
Charoluis,
Atá dubhach faoi ath-tuirse i ngéibhinn fós,
Ag teacht anois bhar n-ionnsuidhe i ndúiligheacht scaramhain
Le búraidhibh malluighthe do thraoch ár dtreoin.



Atá Hanóbher séidte le tréimhse i n-anacra
Is na méirligh mhalluighthe dá dtraochadh ar feodh,
Atá Holónd gan ghéilleadh go fraochmhar feargach,
'S is taomach treathan-lag faon Lisbón.
Geallaim daoibh gan chúinsidhe go bhfúigfidhear Sasana
'Na múrthaidhibh lasrach gan géilleadh 'on chóip;
Beidh scrios ar fad ar thrúpaidhibh an chumhang-dhlighidh
chealgaigh
'Na ndlúth-luighe ar machaire le téacht an fhóghmhair.



Beidh Aifreann naomhtha ag cléir na salm suilt
Go séismhear seanmnach go séadmhar sóghach,
Is Carolus Réics fá réim i nAlbain,
Is Gaedhil go fleadhamhail 'na n-aol-bhruig fós;
Beidh an aicme seo do bhrúigh sinn dubhach faoi ath-tuirse,
'Na gcúplaidhibh treascartha le faobhar i ngleo,
Beidh scrios ar feadh na dúthaighe ar an gclúid chlaoin
cealgaigh,
Is Hold thief feasta ortha dá dtraochadh ar feodh.



Is carthannach caomh-ghlan caomhna ceannasach
Bheidh Séarlas calma fá réim gan cheo,
Is clanna Mhilésius féastach fleadhamhail,
Go séanmhar seasamhach gan géilleadh 'on chóip;
Gabhaidh seal is cabhruighidh, a chlann chaoin Bhanba,
Fá Shamhain daoibh geallaim-se go dtraochfar an pór,
'S dá bhfeicinn-se, mar shamhluighim, na samhairlidhe
treascartha,
Do bheadh lampaidhe ar lasadh agam le h-éigean spóirt.


L. 97


18. DO RINNEADH AISLING BHEAG AERACH.



Do rinneadh aisling bheag aerach dhamh féin san oidhche,
Is me faon-lag sínte, tráth ar neoin
Gur casadh i gcéin mé ag déanamh smuainte
I ngleanntán aoibhinn gan aon im chómhair;
Mar a raibh cantain na n-éan ar ghéagaibh crainn ghlais,
Lachain is éisc ag scéitheadh ón dtaoide,
An eala go glé ag téacht ar tuinn ann,
'S an péarla i n-íochtar tráth as a gcómhair.



Do bhí beanna-phuic mhéithe le gréin don tír ann,
Paintir míolta bánta is leomhain,
Sionnaigh ar saothar laochradh is ríogh-choin
Ag téacht fé choilltibh breághtha ar neoin;
Do b'aithnid do Phoebus an ghéag do b'aoirde,
Is néamh 'na clí mar scáil an óir,
Beacha 'gus éin ag scéith im thimcheall,
Gan bhréag do b'aoibhinn gáir is geoin.



Ag machtnamh dam féin ar thréithe an tsaoghail,
Fán spéir do b'aoibhinn lá as a gcómhair,
'Seadh dhearcas-sa bé bheag mhaordha mhín-chneis,
Nár bh'aosta gnaoi is do b'álainn snódh:
Na raibh lasadh na gcaor 'na scéimh tré lítis,
'S ba chaol a braoithe breághtha i gclódh,
A carn-fholt néamhrach léi go bíseach
Mar shéadaibh flís ag fás go feor.



Do b'eaglach mé-si im aonar roimpe,
Ar théacht na hoidhche tráth ar neoin,
Is falaing den aer bhog bhaoth 'na timcheall,
Is éadach uimpe ar dheallradh sróill;
Gan pearsa den daonnacht léi dá coimhdeacht,
Acht siollaire caoch is é do mhill mé,
Do b'abaidh a bréithre tré n-a saigheadaibh
'S is claon do scaoil tríom lár an sword.


L. 98


Níor chealg mé an séithleach cé gur mhill mé,
Le héigean grinn is grádha don óigh,
Gur thugas beannacht is céad dí i mbréithre milse,
Mar is é ba chuibhe go hárd dá sórt;
Gur fhreagair mé an spéir-bhean cé nár shíleas,
I labharthaibh Gaedhilge séimh gan coimhightheacht,
Gur bhlaiseas a béal beag éadtrom íoghartha,
Gan séanadh óm chroidhe le táinte póg.



A chara mo chléibh, ca scéal 'san tslighidh leat
Nó an réidhfidh Críost ár gcás go deo?
Nó an mbeidh clanna na nGaedheal fá réim 'na gcríochaibh,
Nó go héag arís faoi bhráca an bhróin,
'Na bhfearannaibh saora ag déanamh cíosa,
Do ghallaibh an Bhéarla do chéas an croidhe againn,
Is gan againn 'san tsaoghal acht aon den líne,
Go ndéarfaidís nár bhfuláir gur leo.



Ní chanaim aon scéalta bréige choidhche,
Is faonuigh t'inntinn sámh go fóill,
Go bhfuil taisteal na laoch ag téacht tar taoide,
Is an ghaoth dá gcoimhdeacht i n-áird 's i gcóir;
Go mbeidh aicme na nGaedheal 'san réim is aoirde,
'Na bhfearannaibh féin gan aon rad cíosa,
Is Carolus glégeal Réics, mo Stíobhard,
Ag téacht arís faoi Cháisc i gcoróinn.



19. - I SLEASAIBH NA HABHANN.
I sleasaibh na habhann is mé ag machtnamh 's ag éigheamhach
Ar shíomanna is claonfhala an tsaoghail go dubhach,
'S eadh dhearcas-sa ainnir cois leasa 'na haonar
Ba shuaimhneach ba haerach ba ghlé cailce gnúis;
A carnfholt cruipinneach fionna-chas péarlach;
A braoithe ganna, a reamhar-rosc réidhghlas,
Na leacain bhí luisne ag iomaidh le caomhlil,
Sa leabhair-phíp aolda ar ghlé-dhath a cúim.


L. 99


Do stadas-sa sealad trém mhachtnamh ag féachaint
Ar mhaitheas ar mhaordhacht ar scéimh ó n-a ríomhadh;
Níor chian damh le creatha gur bhraitheas go faon me
'S is anbhfann tréith-thapa thréigeas mo bhrígh;
Spreagas suas m'aigne, mheasas gur bhaothbheart
Le n-a samhail gan labhairt 's í im fhochair 'na haonar;
An tan thagair an banbha charthannach bhéasach,
A dhuine, suidh taobh liom go ndéanfair do scíth.



Is tapa den bhruinnill d'fhiosruigheas go héigneach,
An tusa an dé-bhean lér claochladh an t-ubhall;
Nó an mhascalach mhiochair den bhorb-fhuil Ghréagaigh
Thug loscadh na Trae thoir 's a léir-chur ar gcúl;
An duit-se do ceapadh an lomra aerdha
Tar tonnaibh na díle 'na luing thug mac Éason;
Nó Déirdre chailce lér cailleadh na laochra,
No Aoibheall ón Léithchraig an bhé mhaiseach bhúch?



(An tú Eilbhean chórach ón Fhórathris aeraigh,
Nó Maoilin ón Aolchraig nó an spéir-bhruinneall cháidh
Méadhbh chruthach Chruachann ba mhór cáil le féile
Nó Clíodhna ón réidhchnoc an spéirlingeach mná.
An tú Úna nó Aoife nó Íthe cnis aosta,
Nó Fionnachaomh ní Hangana ó Life na gcaolbharc,
Nó Aoife ler doirteadh clann Lire san tréanmhuir,
Nó Mór chluanach ón gClaonghais a bhfuil a laochra ar lár)?



An tú Ceárnait chuir muilte 'na rothaibh ar linntibh,
Nó Blánaid an réilteann le scéimh do rug bárr,
Nó Sadhbh gheal gan chogal ón ngorm-bhrog mbraonach,
Nó Sorcha ó Fhéile na ngéarchaise is árd.
Aitchim ort, a ainnir, tabhair t'ainm le léigheamh damh,
An eagal dam dainid ót amharc it aonar?
Ná fulaing mé i bpeannaid mo cheasna-sa réidhtigh;
Le taise, le daonnacht beir saor mé ón mbás.


L. 100


Bheirim go dearbhtha nach aoinneach den bhuidhin mé,
Cionn-mhná gach bruidhne cé bhíd siad im páirt,
Ní cian duit a n-amharc má fhanair im chuimhdeacht
Go bhfeicfir na ríoghna im thimcheall ag práisc;
Binneas tar bhinneas leat fuirm a laoithe
(Ó eithnamh an tinnis leo an Nodlaig seo foillsigh)
An Fhéile Eoin sul a dtiocfaidh mar do scriosfar na
milltigh,
Cuainighthe an fheill as críoch Inis Fáil.



Éire is eadh m'ainm, ag búraibh an Bhéarla
Dom mhúchadh is dom thraochadh, dom chéasadh is dom
lot;
Fódla 'gus Banbha mo ghairm ag éigse
Cé fada mé im mhéirdrigh ag béaraibh na gcor;
Le Brian geal na solas-bhrat cheanglas caomhnadh
Is 'na dhiaidh bheirim cumann do chine Scuit Éibhir,
Ó ránga mé i ngairm ag grathain an Bhéarla
Le scige go nglaodhaidh orm Páinteach na n-Ubh.



20. - TRÍOM SMUAINTE.



Tríom smuainte do bheartas ar maidin i ndé
Gur ghlacas mar éirim taitneamh do rian,
Cois Laoi mé gur casadh i gcaitheamh an lae,
Ar tharrac na gréine fá scamallaibh siar;
Le haoibhneasaibh aitis do raideas do scléip,
Ba bhinn guth na n-ealtan, ba thaitneamhach glaodh,
Bhí im thimcheall ag cantain ar bharra na ngéag
Gur leagadh go faon mé i dtaitheamh im niall.



Gan mhoill damh im ainm do gairmeadh mé,
Go harthainneach éascaidh i gcarthannas bias,
Im shuidhe annsoin gur phreabas ag faire ar gach taobh
Cár labhair an saor-ghuth cneasta gan scian;


L. 101


Taidhbhsigheadh damh go bhfaca-sa maise gach be
Dár shíolruigh ón athair do ceapadh roimh aon,
Do shoillsigh dom amharc an talamh 'san spéir
Le dathanna séad ba thaitneamhach niamh.



A dlaoi-fholt tiugh daithte go camarsach réidh
'Na slamaraibh slaodmhara 'g feacadh go fiar,
Mar fhlíosaibh tar chaise thug dragain ón nGréig
Fá ndeara do Mhédia taisteal leo i gcian;
A braoithe ba tharraingthe ar a haighthe gan bhéim,
A claon-rosca glasa mar gheamhar ar féar,
A haolchorp ba leabhair thug masla don ghréin,
'Sa pearsa dá réir ó bhaitheas go fiar.



d'fhiosruigheas dí le tafant a seanchas saor
Ag athchaint go tréan ar ainnir na gciabh,
Dúinn fios a hainme d'aithris gan bhréag
Nó an nglacfadh mé tréimhse go cneasta dá riar.
An tú brídeach Eamhna do b'eaganta léigheann
Ó righthibh an tailimh fuair ceannas ban-dé?
Muna n-innsir go tapaidh cár ghabhais domh chaomhnadh
Is gairid mo shaoghal le hathtuirse it dhiaidh.



Ná smuain-se it aigne ar bheartaibh chómh baoth
Agus m'shamhail go ngéillfeadh taitneamh dot scial,
Cé chlaoidheas-sa le malluightheacht sealad dem shaoghal
d'fhúig m'ainm dá ghlaodhach i dtarcuisne i gcian;
Le cinnteacht 's le cleasaibh do tarraingeadh mé
Lér dhíolas mo charaid d'fhúig dealbh mo thréad,
Fá fhíorsmacht ag Gallaibh gan cheannus gan réim,
Ag teacsanna daora dá gcartadh gach bliadhain.



Timcheall le cleasaibh mo bheatha is mo shaoghal.
Do b'fhada le léigheamh dá n-aithrisinn iad,
Óm naoidhean mé gan taitheac gur fhanas le haos
Dom thagairt mar chéile do fhlaithibh na dtrian
Ón Scithia gur thaistealas sealad don Ghréig
Is timcheall níor stadas go talamh Hespéiria,
Arís damh im ainm do chasas tar éis
Le ngairmid éigs' díom Caitlín Triaill.


L. 102


Ba líonmhar im aice mo chlanna is mo chléir,
Ba lannamhail faobhrach gaisceamhail trian,
Gach namhaid ortha dá dtagadh le barrachas baoghail
Le haithris scéil ní chasfadh a dtrian;
Gur shíolruigh sliocht Chailbhin a ndanair 'sa gcraos
I n-intleacht, i mbeatha 's i mbailte mo laoch,
Ag díbirt tar chaise le dearbhaibh claon
Gach pearsa bhí tréitheach carthannach fial.



Dá dhruim sin beidh rachmas ag clanna na nGaedheal
Go fairsing i réim 's i gceannas dá riar,
Beidh saoirse aca ar thalamh sa bhfearannaibh réidh
Agus galla-phuic tréith fá'n ama dá gciap
Ag síolrach na bhflatha tá dealbh ó scléip,
I n-aolbhrogaibh geala 's ar eachaibh go tréan,
Fíonta aca is beathuisce 'á scaipeadh gan spéis,
Sin aithriste an scéal ar Chaitlín Triaill.


L. 103


II. - AMHRÁINTIDHE I GCOINNIBH NA N-ALLMHÚRACH.



21. - TÁID CLÉIR AG GUIDHE.



Táid cléir ag guidhe 's ag agall
Réabadh thíocht ar Ghallaibh,
Traochadh sceimhle is scaipeadh
A Clár Luirc is Néill;
'S an tréad do fríth le fada
I ndaorbhruid claoidhte i gceasna
Do théacht gan mhoill i ngradam
Ádhbhal 'na ndéidh;
Ní'l sméirle dhíobh ná cleachtann
Cré do ríomh ná paidir
Ná traochfaimíd i gceasta
Báis agus éag;
'S beidh éigse is draoithe feasta
Dá léirchur síos i rannaibh
Go bhfuil Éire arís ag casadh
Agus gáir suilt ag Gaedhil.



Tá an flít gan bhréag ag taisteal
Tar tuinn le faobhar chum catha,
Beidhmíd i gcéim 's i gceannas
Go dtráchtfam don chré;
Cia smuain gach n-aon gur mhagadh
'Gus bréithre baoise ár gcantain
Nár léir dúinn rí ar malairt
Go lá deireadh an tsaoghail;
Tá an taoiseach tréan 's a scata
Mar theinntibh caor ar lasadh
Ag tíocht le fraoch 's le fearg
Ag árchur na dtréan;


L. 104


'S mé claoidhte faon le fada
Ó chaoi mo dhéar 'na sreabhaibh
I gcill ár n-éigse ó leagadh
'S an gháir seo 'na ndéidh.



Beidh fáidhe grinn le haiteas
Ag fáiltiughadh an ríogh tar chalaith
Is lánchuid teinte ar lasadh
Ar árdchnocaibh sléibhe;
An t-ál so fríth le fada
Fánach claoidhte ag danair
Le gártha caoi 'gus cneadaigh
Táinte aca tréith;
Dá mb'áil le righ na n-aingeal
Tráth mo ghuidhe-se d'fhreagairt,
Páirt na nGaoidheal do ghlacadh
Agus cárnadh linn féin,
Budh gheárr an mhoill go gcaithfeadh
Táin den bhuidhin seo grafadh
Is dánta grinn dá spreagadh
Ag árdscoth na nGaedheal.



Iomdha laoidhthe is dréachta ceapadh
Le draoithibh léigheanta is flatha
Ag maoidheamh an tAondia a chasadh
Go estát cirt na Gaedhil.
'S dá mhéid do scríobhfadh sagairt
Is éigse grinn de chantain
Ag éigheamh chum Ríogh na n-aingeal
Ár bpráinnidhe do réidhe;
Níor mhéinn leis choidhche a bhfreagairt
Go téacht na nGaill chum caismirt
Frí chéile i gcoimheascar catha
I n-áit imigcéin.
Dá bhrígh sin gléasfam feasta
Ó fríth an scéal san tairngir
Cloidheamh chum béime is arm
Grán agus piléar.


L. 105


Ní'l tráigh san ríoghacht ná cathair
Gan gárda ag rígh na Sacsan
De lá is d'oidhche ag faire
Ó tráchtadh an scéal,
Go raibh árthaighe ar tuinn chum catha
'Gus lánchuid buidhean fá arm
Gan spás ag tíocht i gcabhair
An áil seo atá i bpéin;
Sin gártha ag Gaoidhil re haiteas
Faghbhaid saoirse feasta
'S a námhaid claoidhte i dtreasaibh
Báis annsan scléip;
'S is feárr le maoidheamh soin geallaim
'Ná ráidhte baoise an raille
Seán Ua Duibhir an Ghleanna
Ag áireamh a game.



Beidh céadta cloidheamh ann feasta,
Geárrfam cinn de Ghallaibh
Stracfam namhaid is leagfam
'Na dtáintibh go faon.
Beidh estáit ag Gaoidhil is ceannas
Go sámh gan chíos an fhaid mhairfid
Rás is rinnce is aiteas,
Sámhas agus scléip;
Beidh bráithre ag guidhe i gceallaibh
Is sárghuth binn ag sagairt
Ag rádh na ngníomh do ceapadh
Le pápa is le cléir;
Más plás a scríobhas im aiste
An bás go dtigheadh dár ngairm.
Táimíd claoidhte feasta
Acht grása Mhic Dé.


L. 106


22. - TÁ CRUADHTAN AR SHEOIRSE.



(FONN: "Lee Side of Moggy")



Tá cruadhtan ar Sheoirse,
Ciodh mór a neart ar fairrge,
Ní réidhfidh Éire an gnó dhó,
A shlóighte ciodh tréan,
Tá an tImpire go fórsamhail
'Na chómhair, is rinnce fada aca,
Fúigfidh é go ró-lag
'S a gcomhairle go tréith.
Franncaigh, Spáinnigh i neart atáid,
Gan fábhar, gan bháidh, gan taise dhó,
Cuirfidh sin an rógaire uilc
Ón gcoróinn ag rith le gleo cloidhimh.



Count d'Estaing is námhaid dó,
Is é i bhfábhar le Cormac;
d'iompuigh Russia lámh léis,
Is ní ghrádhfaidh é go h-éag;
Tiocfaidh iomad gárdaidhe
Go dána isteach i Sasana,
Is cuirfid ortha an báire,
Le grása Mhic Dé.
Ní fallsacht pláis dom mheabhair a rádh
Go mbeidh campaidhe bána i nAlbain
Go dtraochfaidh sinn gach sméirle cuil
Ciodh tréan a dtruip 's a bhfórsaidhe.



Tá scéalta maithe nódha ag rith
I gcóigeadhaibh na Banban,
Go bhfuil gach aon 'san Eoruip
'S a bhfórsaidhe go tréan
Ag tabhairt iarrachtaidhe fá Sheóirse
'S a sheólta amuigh ar fairrge,
Dá mhéid a neart 's a dhóchas,
Dá shlóightibh is baoghal;


L. 107


Beidh río-rá aca tré Whitehall,
I gcríochaibh Fáil 's i n-Albain,
Traochfaid truip an Bhéarla singil
Tráth ní bheid 'na gcomhnuidhe.



Is fada ag feitheamh Gaoidhil bhoicht
Re críochnughadh gacha tarngaireacht,
'S is gairid feasta an mhoill go mbeidh
Gach nídh ar a dtoil féin;
Gach allmhúrach coimhightheach
Tá 'na shuidhe i mbrogaibh Banban
Beidh scaipeadh ortha timcheall
Is díbirt i gcéin;
Gach leomhan groidhe d'fhuil Eoghain is Chuinn,
Ba chródha gníomh i gcatha chnuic,
I gcríochaibh Chuirc a sinnsear sin,
Má shuidhid i gcroich ní dóghadh dhóibh.



Go gcloiseam-na mar scéala,
Is nár bhréag sin le n-aithris,
Gur neartmhar teacht Invasion,
Fá scléip go Fionntráigh:
I n-Albain i n-Éirinn
I n-éinfheacht 's i Sasana,
'S na dragain sin de ghréin-shliocht
Mhilésis ón Spáinn;
Ag tabhairt ruathar árd ar shluaighte námhad,
Is cuanta trágha ar lasadh aca,
Gan féachaint aca do mhéirligh,
Acht dá dtraochadh 's dá dtabhairt síos.



Tá Prionnsa na Coróinneach,
A sceolta mar innstear
I ndóchas trí ríoghachta
'S guidhidh leis buaidh shéin;
Congnamh nach meadhónach
Do gheobhaidh sé 'san Impireacht,
Is fórsa ceart Laoisigh
Nár stríoc ar aon chéim;


L. 108


Tiocfaidh sluaighte sásta anuas ón Spáinn
Go huaibhreach dána draganta;
Éirleach, briseadh, réabadh roilig
Déanfaid ar an gcrón-bhuidhin.



23. - A FHILE CHIRT GHÉIR.



(Amhrán i n-aghaidh na n-Allmhúrach.)



A fhile chirt ghéir do léigheas na sean-úghdair,
Is tapa do réidheas gach daor-cheist docamhalach,
Aithris-se féin go léir, go baramhalach,
An fada bheid Gaedhil fá ghéar-smacht allmhúrach?



Ní reacaireacht bhréag ná féachaint sean-úghdar,
Ná taisteal na laoch mear, éadtrom, fras-lúthmhar,
Do scaipfeas as Éirinn Éilge allmhúraigh,
Acht fearta Mhic Dé is é dá gceart-mhúchadh.



Gibson, Brown, Townsend, Gibbs, Tonson is Gore,
Dickson, Nowls, Boulton is Buttons is Bowen,
Rickson, Southwell, Moulton, Miller is Dore,
Glas is gobhann is lom ar a maireann dá bpór.



Southwell, Steelman, Stephens, Stanner is Swain,
Furnel, Fleetwood, Reever, Shutman is Lane,
Gach crochaire coimhightheach, cíor-dhubh, ceannann, dá
bpréimh,
Treascartha claoidhte sínte i gcaismirt na bpiléar.



Lycet, Leader, Clayton, Compton is Coote,
Ivers, Damer, Bateman, Bagwell is Brooks,
Ryder, Taylor, Manor, Marrock is Moore,
Is go bhfaiceam-na traochta ag tréin-shliocht Chaisil na
búir.


L. 109


Upton, Evans, Bevins, Basset is Blair,
Burton, Beecher, Wheeler, Farran is Fair,
Turner, Fielding, Reeves, is Waller is Dean,
Cromwell 's a bhuidhean sin scaoileadh is scaipeadh ar a
dtréad.



A Íosa, a Dhia aoibhinn, is a Athair an Uain,
Do chíonn sinn i gcuibhreach 's i gceangal go cruaidh,
A Rí neimhe díonta, freagair mo dhuain,
Scaoil agus díbir an ghraithin sin uainn.


L. 110


III. AMHRÁINTIDHE BHAINEAS LE N-A BHEATHAIDH FÉIN.



24. - A ÉIGSE AN AITIS.



(Do leanbh tabhartha do thug bean chuige.)



A éigse an aitis ó Chaiseal go Dóinn,
Is gach n-aon den aicme n-ar bh'aithnid mo shórt,
Éistidh feasta lem theagasc le meon,
Is féach mar casadh an aindeise im threo!



Seó hó, a thoil, ná goil go fóill,
Seó hó, a thoil, ná goil aon deoir,
Seó hó, a leinbh a chumainn 's a stóir,
Atá ag sileadh na súl is do chom gan lón.



Cé gur gasta mo labhartha beoil
Ag déanamh ranna 's ag caitheamh mo stóir,
Is baoth do ghlacas-sa i n-easbhaidh gan chóir,
Ó bhé gan charthannacht, leanbh beag deoil.
Seó hó, a thoil, etc.



Ar dtúis nuair chonnac an fhinne-bhean óg,
A súil ba ghlaise is bhí luisne 'na snódh,
Níor dhiúltuigh mise nuair dhruideas 'na treo,
Is mo chumhadh níor thuigeas an tuirse bhí rómham.
Seó hó, a thoil, etc.



A súil chum toirmisc cliste go leor,
Cúilfhionn d'imireadh cluithche na n-óg,
Is í d'fhúig mise fá iomarca bróin,
Ag luascadh leinbh is ag sileadh na ndeor.
Seó hó, a thoil, etc.


L. 111


Créad a dhéanfad feasta le dalta 'et shórt,
Gan braon im ballaibh ná beatha bhog shóghamhail,
Éist, mo leanbh, is tearmann gheobhair,
Tá gréithre maithe agam beartuighthe it chómhair.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair gan dearmad taisce gach seoid
Do bhí ag do shinnsear ríoghdha rómhat;
I nÉirinn iath-ghlais Bhriain is Eoghain,
Ba mhinic le mian dá riar do shórt.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair ar dtúis an t-ubhall it dhóid
Do bhí ag an dtriúr i gclúid it chomhair,
Iolar sléibhe, caol-chruit cheoil
Is seabhac na seilge ó Sceilig na seol.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair an caol-each éadtrom óg,
Do gheobhair an srian 's an diallait óir,
Do gheobhair cloidheamh soluis an dornchlann óir,
Do bhí ag Brian ag riar na slógh.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair sleagh Aichill ba chalma i ngleo,
Is craoiseach Fhinn gan moill it dhóid,
Éide Chonaill do b'ursa le treoin,
'S an sciath bhí ag Naois i gCraoibh na slógh,
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair, a leinbh, dom thuigsint, mar sheoid
An t-each caol donn bhí ag Conn 'san nghleo,
'S an bogha bhí ag Murchadh an urchair mhóir,
I gcath Chluain Tarbh ag treascairt na dtreon.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair culaith Fhinn ba líomhtha i ngleo,
'S an ga bhí ag Diarmaid triath na dtreon,
Clogad curata Oscair mhóir,
Ar faithche na Féinne thraoch mac Treoin.
Seó hó, a thoil, etc.


L. 112


Do gheobhaidh tú long le stiuir fé sheol,
Is corn glan cúmtha cúinneach óir,
Cruit Orphéis fé théadaibh ceoil,
Do spreagfaidh na béithe it dheídh gan smól.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhaidh tú nídh nár mhaoidheas ort fós,
An dubh-bhrat d'ionnladh Dunlaing óg,
Do cheileadh a ghnúis i gcumhangrach slógh,
'S é ag síor-chur laoch go faon dá dtreoir.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair an staf bhí ag Pan 'na dhóid,
'S an tslat bhí ag Maois ghníodh díon dó is treoir,
Is créithre meala dá scagadh faoit chómhair,
I gcornaibh ríoghda síor chum stóir.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair, a leinbh, dom thuigsint, mar sheoid
An ga thug Aonghus trén 'na dhóid
Do mhac chalma Uí Dhuibhne 'á dhion ar thóir
Mar ba mhinic an Fhiann go dian 'na dheoidh.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair i n-a fhochair sin lomradh an óir
Thug Iason tréan don Ghréig ar bórd,
'S an t-each caol cuthaigh mear cumasach óg,
Do bhí ag Coin Chulainn, ceann urraidh na slógh.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair, a leinbh, mar thuilleadh ceart leo,
An tsleagh thug Aoife féin don leomhan,
Lér mhairbh Ferdiadh bhí dian i ngleo,
Is Conlaoch uasal, uaibhreach, óg.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair an corn nár bh'fholamh mar sheoid,
Do gheobhair an adharc is gadhar chum spóirt,
Do bhí ag Gruagach Dhúna an Óir,
Cé gur dochma leis siúd a dtabhairt dot shórt,
Seó hó, a thoil, etc.


L. 113


Do gheobhair, dar liom-sa, cúirt gan smól,
Fairsing, réidh-ghlan, aolmhar, cóir,
Is na fearainn sin Naoise chum tighis it nódhacht,
Cé cailleadh le feall 'san Eamhain an leomhan.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhaidh tú, a leinbh, dom thuigsint, mar stór,
Ó mhac Airt mhic Chuinn míle uinge óir;
Do gheobhair le fonn leis tabharthas Eoghain,
Is mír gan dabht ó Chonn thug gleo.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair, a leinbh, dom thuigsint, níos mó
Nár gheallas féin go léir duit fós:
Saidhbhreas Fhinn ba líonmhar slógh,
Is Bran dá dhíon le scím faoit chomhair.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhaidh tú nídh nar mhaoidheas ort fós,
Gloine de'n fhíon bhí bríoghmhar, sóghamhail,
Do tharraingeadh Hébe, an réilteann óg,
Chum Iupiter réics na ndéithe ar bórd.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhaidh tú rígh-bhean chaoin, tais, mhodhamhail,
'Na mbeidh lasadh 'na gnaoi tré lí mar rós,
A samhail de mhnaoi ag mac Priaim bhí ar bórd,
Ar faithche na Traoi chuir mílte ar feodh.
Seó hó, a thoil, etc.



Do gheobhair saill uaim fíon is beoir,
Is éadach 'na n-aice ba mhaise dot shórt;
Acht ó chím do bhuime chugam 'san ród
Ní gheallfad uaim duit duais ná seoid.



Seó hó, a thoil, ná goil go fóill,
Seó hó, a thoil, ná goil aon deoir,
Seó hó, a leinbh a chumainn 's a stóir,
Atá ag sileadh na súl is do chom gan lón.


L. 114


B 1759c 18L
25. - A SHÉAMUIS, DEÁN DAM.



(Chum gabhann ag iarraidh air rámhann do dhéanamh dó.)



A Shéamuis, déan dam arm na bhfód:
Sciuirse ghléasta dhéanfas grafadh 'gus rómhar,
Stiuir ghlan éadtrom i bhfaobhar, i dtaitheac 's i gcóir
Nach tútach gné is bhéas néata tarraingthe i gclódh.



I gclódh an airgid bíodh tarraingthe gan rian buille ar
bith,
Scóip fhada aici is leabhaireacht 'na hiarrachtaibh,
Sórd slaite bíodh leacuighthe ar a riaghail-chiumhasaibh,
'S budh ró-thaitneamhach an t-arm liom is í fiadh chroime.



A ciumhasa má thígheann ná bíodh ortha scuilb ná ruic,
Is feicim a tigheal sleamhain slím i bhfuirm an tsuic,
Slighe an bhata bíodh innti gan fuigheall ná uireasbaidh ar
bith,
Is mar bharra ar gach nídh aca bíodh sí i mbinneas an chluig.



26. - A CHARA MO CHLÉIBH.



(Chum Séamus Mhic Ghearailt ag iarraidh air maide do chur 'na
rámhainn dó.)



A chara mo chéibh, 's a Shéamuis ghreannmhair ghrádhaigh,
d'fhuil Ghearaltaigh, Ghréagaigh, éachtaigh, airm-nirt áigh,
Maide glan, réidh, i ngléas bíodh agat im rámhainn,
Is mar bharra ar an scléip cuir léi go greanta an bacán.



M'arm-sa i ngléas tar th'éis go greanta ó tá,
Is ó thosach mo shaoghail don léigheann mo thart-sa nár
bádhadh,
Ní stadfad dem réim go dtéidheadh don Ghaillimh lem
rámhainn,
Mar a ngeabhad gach lae mo réal is marthain mar phágh.


L. 115


Iar gcaitheamh an lae má's tréith nó tuirseach mo chnámha,
Is go mbraithfidh an maor nach éachtach m'acfuinn ar
rámhainn,
Labharfad scéal go séimh ar eachtra an bháis,
Nó ar chathaibh na nGréag 'san Trae d'fhúig flatha go tláith.



Ar Shamson an laochais déanfad labhairt i dtráth,
Is ar Alastrom thréan ba chraosach seasamh le námhaid,
Ar cheannas na Saesear n-éachtach, airm-nirt, áigh,
Nó ar Aichill, an laoch, d'fhúig céadta marbh 'san pháirc.



Nó ar Chonall mac Néill thug Éithne an eala-chneis bháin
Go mullach Chnuic Éadair aeraigh thaitneamhaigh áird,
Iar dtuitim i néall don laoch i n-aice na mná,
Gur sciobadh le Céan an bhé go troiseach tar sáil.



Nó ar Chaitcheann mac Tréan san bhFéinn thug easbaidh
'gus ár,
Is ar imtheachta Dhéirdre i scéimh 's i bpearsa rug bárr,
Ar mhaithibh mear éascaidh éigse Uisnigh nár thláith
Is ar éalódh tré éad an réics mac Fheicnigh cé'r chás.



Is Mac Con lér thréig an réics d'fhuil Bhanba lán
Ar ghasra shéimh na Féinne dá ndeasca rug bárr
Le bladaireacht chlaon 'na dhéidh sin canfad dó dán
Sin agat-sa a Shéamuis fé mar chaithead-sa an lá.



Iar gcaitheamh an lae dá réir sin gabhad mo phágh,
'S i mbrollach mo léine déan a cheangal le cnáib;
Don bhaile má théidhim beidh mé ar meanmain áird,
'S ní scaipfead i n-aon-chor réal go dtagad it dháil.



Mar is fear tú mar mé do chéas an seana-thart lá,
Racham araon fé scléip go tabhairne an stáid,
Is rabairneach ghlaodhfam éil is dramanna ar clár,
Is taisce ní dhéanfad féin d'aon leath-phighinn dem phágh.


L. 116


B 1782c 18D
27. - A SHAGAIRT GHIL CHÁIDH.



(Chum Sagairt ag iarraidh air a fhógradh go raibh sé chum scoile
d'oscailt.)



A shagairt ghil cháidh, 's a bhráthair Néill is Airt,
Ba thearmann sámh don dáimh is d'éigse i gceart,
I gcathaibh roimh námhaid, i mbeárnain baoghail na dtreas,
Aithris do chách go dtáinig mé 'na measc.



Chum teagaisc gach tána i ráidhtibh séimh na sean,
Le Laidin do b'ársa 's i ndántaibh Gaedhilge stair,
'S an ghlafarnach námhad so d'árduigh réim is reacht
I bhfearannaibh Fáil 'na dtáinig Gaedhil tar lear.



Scaipeadh na bhfearachon gcalma gcródha gcaoin,
Is leagadh na bhflatha ba fhleadhthach i ndóntaibh Gaoidhil,
A mbeatha gan aisiog ag Gallaibh le fóirneart dlighidh,
Do chuir sealad chum teagaisc go Glaise na Teora sinn.



A shagairt gan mheang, is ceannsa caoimh-mhéinneach,
'S is gasta glan-mheabhair i rann gach laoidhe léigheanta,
Aithris mo chall ó's ceann ár bprímh-chléir tú,
Go dteagascaim clann gach dream 'na gcruinn-chéimibh.



28. IS MITHID DAM FÉIN.
B 1784ob 18D



(Faoisidin).



Is mithid dam féin mo thréithe i gceart do scrúdadh,
Is mo bhearta do léigheadh 'o Mhac Dé go cathach cúthail,
d'fhulang gan bhréag a ghéaga a stracadh ag Giúdaigh
Le taitneamh dá thréad dá saoradh ar pheannaid Lúiteir.



Do chaitheas-sa tréimhse 'em shaoghal go coirtheach cionntach,
Cealgach créimeach claonmhar cleasach cúrsach,
Gangaideach clé nár ghéill do reacht ná d'Úird chirt,
Is go maithidh Mac Dé le chéile ár mbearta dhúinn-ne.


L. 117


Ba mhinic gan bhréag le craos mé ar meisce ó lionntaibh,
Go magamhail maosach aerach slightheach lúbach,
Feargach faobhrach sraonmhar troideach diúltach,
Bagarthach baoghlach bréagach sladach súighteach.



Aifreann Dé gan bhréag ba bheag mo dhúil ann,
Is gach annamh nuair théidhinn dá éisteacht creididh chughaibh-se,
An uair stadaid na héisc le géill san tsruth dá gcúrsa
I n-am easbarta an Naomh-Chuirp, is léir gur mhagadh
dhúinn-ne.



Peacadh gach n-aon do léighinn-se ar feadh na dúithche
Is na bearta ba mhéinn liom féin do cheilt go ciuin, glic;
Paidir Mhic Dé ná Cré na nApstal n-ionnraic
Ní thagann óm béal' acht bréaga, cleasa is lúbadh.



Aitchim Muire Ógh is Eoin geal Baiste i n-éinfheacht,
Mícheál comhachtach, Pól is Peadar tréitheach,
An chúirt ghlórmhar fós, an Mac 's an Naomh-Spiorad
Guidhe le hEoghan gach ló don Chathair Naomhtha.




U 0318
20. - IS MACHTNAMH LIOM NÁ BRAITHTEAR.



(Dáibhí Ó Floinn chum Eoghain Uí Shúilleabháin.)



Is machtnamh liom ná braithtear ar an mbruighin sin theas
An faraire dhul eatortha sa mhaoidheamh 'na reath,
Taistealach bailighthe na Gaoidhilge ar fad,
Is aiste chur i n-eagar dlighthe draoidhthe sean;



Radaire an tseanchais do ghníomh as ceap
Gach garbh-thuir go barra buinne craoibhe rath,
Gan masla ar bith le casadh leis i ngníomh ná i reacht
Acht amharca na mbairrfhionn air do bhíodh i gceas.


L. 118


U 0216
30. - A CHARA-BHILE CHNEASTA CHLISTE.
(Freagra Eoghain ar Dháibhí.)



A chara-bhile chneasta chliste chaoin gan chleas,
Ba dhearbh-oide deachtuighthe glan-laoidhte mbleacht,
Breacfad duit gan bhladaireacht gach sníomh is ceas
Thug balbh mise ó thaistealas don tír budh dheas.



Tá gallasmacht na n-eachtrann lem thaoibh i ngar
Is mar bharra air sin ní haithnid damh san chrích ar fad
Eagnach do scanfadh siolla Gaoidhilge i gceart
Acht an teachtaire dár raidis-se do scríbhinn bheacht.



Eatortha níor mhaise liom-sa laoidh ná stair
Do cheapadh anuighe seanchais ar chloinn na bhflaith
Nár shamhail ris an aicme sin n-ar shuidheas 'na measc
Lucht dreadair bhriste meadrach do dhíol tar lear.



B 1782c 18D
31. - CÉ SEOLADH LE TRÉIMSE MÉ.



(Moladh Anaigh.)



Cé seoladh le tréimhse mé ag straereacht de shíor,
Ó bhórd-imeall Bhéarra go hÉirne na ríobh,
Ní heolach dam béithe ná séimh-fhir san tslighe
I gcóimhmheas do thréad chneasta shaor Anaigh thíos;
Is cómhadmhar a n-éigse go saothrach ag sníomh
Gach sórt fuirm bhéarsa do b'fhéidir do scríobhadh
'S is ceart do chanaid ranna i bpratainn éifeacht gan
fhuigheall
A seolracht na saorfhlaith go glé gasta glinn.


L. 119


Is ceolmhar a maeghdeana ag séis-chanadh fuinn,
Is tá a n-óigfhir sin béasach bleacht béal-bhlasta binn,
Is gleo-ghoineach léidmheach gach laoch abaidh díobh
Ag tóirneadh na mbéar is ag traochadh lucht tinn;
Leonadh ní baoghal 'na gcaomhnacht don tím,
Is fórsa ní déantar ar bhéithibh sa tír,
Is lasmhar leaca ban is gailteann maordha is ríobh
Ó bhórdaibh an tSléibhe go gaortha na Muighe.



Bíonn beoir agus daor-phunch dá dtaoscadh ann mar
thaoid,
Is ceolta dá méir-spreagadh ar théadaibh go caoin,
A n-óga ag gean-phléidhreacht le chéile gan scím,
Is cóisir i n-aolbhrogaibh néata 'na suidhe;
Bíonn sógh suilt is féis leabtha is béile ag gach n-aon
Don deoraidh gan éaradh cibé as a dtigheann;
Is ag scannadh ceacht bíonn scata mhacaibh léighinn ann de
shíor
Do bheir eolus is éirim gach téacsa dá gcloinn.



Bíonn spórt aca ar éigne is ar mhéithbhric gan suim,
Go ró-ghlic le bréag-chuil dá mbéalgha sa linn,
Gach sórt ealtan aerdha le haonduine ríomhadh,
Gan teora dá slaodadh le glé-ghunna ar tuinn;
Bíonn geon-ghuth ag beagles roimh Phoebus do thigheacht,
I móintibh i gcaoltaibh i gcaodhtaibh 's i gcoill,
Is scata flaith ba mhaiseach dreach ar chaol-eachaibh groidhe
'Na dhéidh sin go dtraochtar leo Reynard gan bhrígh.



Is cnómhar gach scéimh-dhoire gné-ghlas san tír,
Is le mór-thortha is léir dham go bpléascfaidh a gcrainn;
An bhó bhleacht ag géimnigh 's a laogh le n-a taoibh
An eorna 's an chraobh-chruithneacht chraorac 's an líon;
Bíonn feoil mhairt is tréan-tuirc, muilt mhéithe agus fíon
Is lónta dá n-éagmais gach féile ann de shíor;
Do fearadh raith ar shraith an air tar aon chuid den ríoghacht
Is do pósadh le daonnacht is féile gach n-aon.


L. 120


Tá sóghachas, tá séimhe, tá béasa tá síth,
Tá mórdhacht tá méinn ghlan is scléip gan aon bhaois,
Tá clódh-mhaise is scéimh ag gach saor-ghaile díobh
Is mór-iomad tréithe ná féadaim-se ríomh;
Tá leomhan den chléir ann fuair céim barra tighis
Eolus na naomh-startha is péarla den díodhacht
Ag teagasc reacht budh shamhail ceacht is bréithre le Maois
Ag cómh-thaisceadh a thréad ó na faolchoin go cruinn.



Táid óigfhir le céird ann is glé-shnoighte d'fhigheann
Fá sheoltaibh an caol-bharc is néamh-dhuille craobh,
Cóimhghleic na Féinne agus traochadh na Traoi,
Róin agus éanlaith ar dhaorbhrataibh lín;
Tá cóir agus gléas ann do léir-ghealann suim
Na sróll-bhrat is néata do déantar san ríoghacht;
Is feas go rachad seal 'na measc d'éis Féasta na Naomh
Ag pógadh na mbéithe 's ag taoscadh na dighe.



B 1772c 18D
32. SLÁN AGUS DAITHEAD.



Slán agus daithead le ceangal ceart díoghrais
Chum gach áitreabh is baile ó Chill Aithchidh go Fuinnseann
An báin-tsliocht 'na gcleachtainn-se beathuisce bríoghmhar
Dánta le n-aithris is spreagaireacht chaoinphort.
Rinnce agus pléidhreacht ag béithibh gan tlás,
Scaoith bhruinneall saordha lem thaobh-sa go sámh,
Go síodach go séanmhar go séimh sultmhar cáidh,
Is canntlach 's is cathach le sealad mé i ndaoirse
Go hamhgrach ag taisteal gan aiteas ná aoibhneas.



Gach teannta n-ar theagmhas breacfad go laoidhtheach,
Le hannsacht don aicme seo ghlacadh mé i gcoimhirse,
Gach scannradh le trapaibh gach scaipeadh 's gach sceimhle
Trér ghabhas-sa le sealad 's gan cara ar bith taoibh liom,


L. 121


Gach turus gach tubaist gach tuirse gach brón,
Gach siosma gach imirt gach imreas gleodh,
'S na coirthe n-ar thuiteas tré uireasbaidh stóir,
Ag straereacht go singil im imearthach choimhightheach
I gcéin lear ón bhfuirinn ná druidfeadh mé ó chuibhreann.



Mo shlán-sa tar aoinne san tsaoghal chum Uilliam ghil,
Fear grádhmhar deighmhéinneach glain-tréitheach caoin
ciallmhar,
Ráib sultmhar saordha le féile do riaradh
Na táinte go féastach 'na aolbhrog le mian suilt;
Éigse na laoi-cheast, cléir, draoithe agus dáimh,
Tréad thaistil tíortha gach n-oidhche agus lá,
Béithe agus saoithe, daill, naoidhin agus báird
Go fíontach go feolmhar go beorach go biadhmhar
Go líonmhar go lonnrach go ceolmhar go siansach.



Mo shlán-sa le saor-chumann céille is le mian chirt
Tar mhnáibh Inis Éilge chum céile mo bhiadhtaigh,
Máire an bhean bhéasach de phréamh-scoth na dtriaithe,
Ráib-choin ná staonfadh ó chéadtaibh i ngliadh chnuic;
Mo shlán-sa chum Séamuis, fear glé-ghlic gan teimheal
Ná fágfadh mo ghéibheann gan réidhteach ó chroidhe,
Mo shlán tugaidh d'Éamonn cé d'éaluigh ón gcraoibh,
Mo shlán-sa gan filleadh le hiomarca dian-ghean
Don rábaire curaidh, 'sé Donnchadh giaggheal.



Mo shlán-sa chum Seághain, fear grádhmhar neamh-chinnte
'San tábhairne ba ghnáthach ag trághadh punch im chuibhreann,
Bába na mbán-bhrollach n-áilne agus saoithe
Sámh-chrota sáir-bhinne ghrádhfadh 'na thimcheall;
Slán agus céad le searc saor chum Uilliam,
Grádh is gean mo chléibh is caoin-chéile le cian
Do bhábaibh an léigheann-tsrotha saobh-chamann ciall,
Mo shlán-sa chum Domhnaill an t-ógghas lán d'aoibhneas,
Is Tomás beag mo stór-sa do phógfainn le díoghrais.


L. 122


Mo shlán-sa chum Máire nár ársuigh i mbliadhantaibh,
Báb shultmhar ghrádhmhar mhín mhánla dheigh-bhiasach,
Gein mhnámhail chaoin chráibhtheach fíor-álainn deigh-sciamhach
Deagh-ráidhteach glan-cháileach binn bláthmhar ceirt-bhriathrach;
Cá bhfágfainn mo chéad-shearc tar aoinne den chloinn,
Tar mhnáibh deasa an tsaoghail is tar bhéithibh na gcríoch,
Peig bhán mhilis mhaordha le saor-ghean gan ríomh;
Mo shlán feasta cuirim le hiomarca mianaigh
Le páirt is le cumann mar chomairc d'bhar bhfiachain.



Mo shlán-sa gan séanadh tar chéadtaibh chum Píotair,
Mo ghrádh-sa tá i ngaolreacht le haoinne dá shinnsar,
Slán chum a chéile an bhean tréitheach nár chinnte,
Slán chum gach n-aon i dtigh Shéamuis Uí Loinnsigh.
Mo shlán-sa chum Peadair ghil d'eascair den chraoibh
Na sár-fhlaithe feardha scaipeadh an fíon,
'San tábhairne le haiteas 's nár dhealbh i dtigheas'
Mo shlán-sa le lán-toil chum na mná gile luigheann leis;
Céad slán le gean páirte tar mhnáibh chum Eilíse.



Slán cuirim páirteach gan áireamh ó chéile
Chum Ádaim chum Seághain chum Máire is chum Séamuis;
Slán chum Nell mhánla caoin-ghrádh 's searc mo chléibh-se
d'fhuil ársa Eochaidh ádhmhair, ceap dáimhe 'gus éigse;
Mo shlán chum an Róistigh, fear ceolmhar guth-bhinn
Le gáirdeas do thógadh gach ceo-bhroid dem chroidhe,
Mo shlán chum gach ógfhlaith budh mheon liom-sa ríomh
Le háthas fá thearmann Charraig an Éide
Óm fhán-rith dá gcasainn ní scarfainn lem ré libh.



B 1784ob 18D
33. - AISLING DO RINNEADH DAMH.



Aisling do rinneadh damh tamall roimh lá,
d'fhúig osna ann mo lár is do chealg mo chliabh,
Go raibh bean agus fiche aca ag rith as mo dheaghaidh
Is nár mhairid siad slán munab ortha bhí an fiadhach;


L. 123


A Rí dhil na cruinne noch d'fhulaing an pháis,
Fuair iomchar na croise is do cuireadh chum báis,
Féach ar mo choirthe is ná leig orm cáin
Ag Eaglais dom cháibleadh is dom chaitheamh tar riaghail.



Mo rún féin an fhaid mhairfead ní leigfead le mná,
Mar is aicme iad atá le hachrann riamh,
'S gur ar ubhall na haithne thugadar stáir,
d'fhúig sinn-ne go bráth ag fulaing na bpian;
Ní'l ughdar dá ghlice n-a gcuirfidís lámh
'Na urla ná silfeadh 'na ghliogaire fáin,
Tugaim im choinne iad 's ní miste liom rádh
Ar m'ainm 'na gcáil dá mairinn céad bliadhain.



Is é d'fhúig mise i lionndubh na ceanntair seo d'fhágaint
Ba cheannsa gealgháireach gach n-aon aca linn,
An drong do b'fheárr iomchar ó Leamhain go Port Láirge,
d'fhúig fann mé ar lár chionn scaradh lem mhaoin.
Slán agus fiche do chuirim fám láimh
Chum an ghasraidh ghrádhmhair shoineanda fhiail,
Plúr na bhfear ngreanta nár bh'aindeis a n-áireamh
I dtigh an tabhairne ar clár nuair thigeadh a dtriall.



Nuair smuainim ar ghluaiseacht is truaigh é mo chás
Gan fuascailt le fagháil chum seasaimh sa tír,
A gceann dlighe 'om bhualadh is dom ruagadh gach lá
Mar gheall ar mhnaoi dhána tá ag imtheacht le baois;
'S é mo bhuaidhreamh an fhaid mhairfead mar gealladh damh
fán
As Bruach-bhaile an Aitis mar a dtaithighdís fáidhe,
Uaisle Chláir Bhanbha ag teacht fá n-a ndeán,
Mo mhallacht ar mhnáibh d'fhúig mise i bpian.



Ní Bruach-bhaile an Aitinn is ainm don áit seo
Acht Mount Pleasant álainn mar 'a dtaitneann an
ghrian,
'S gurab 'mó plannda greanta 'á ngrafadh fá bhláth ann,
Caoin-chuileann is cárthann gan eascar i gcriadh:


L. 124


Ceol éanlaith ar chrannaibh is seannaigh i bhfásach,
Úr-shaileach álainn 'na gcleathaibh gan fiar;
Cé táim anois dealbh gan agam acht mo shláinte,
Mo bheannacht-sa fágaim sa phobal so im dhiaidh.



33a. - IS CÉASTA CATHACH LE SEALAD ME.



Is céasta cathach le sealad me i bhfíor-uaigneas,
I gcéin idir aicme gan aithint ar laoi stuamdha,
Ag éag tar barra le taitneamh do chaoin-duanta,
Cé baoth na bearta le haithris ag fíor-thuatha.



Ag déanamh machtnaimh do chaitheas mo chruinn-tuairim,
Ar scéalta gasta ná beartfad im laoi an uair seo;
Re héigean cathuighthe neaduigh im chroidhe suainbhriocht
Tréith do threascair mé sealad ar díth luaidhle.



Óm néall is dearbh gur phreabas le baois uallaigh
'S is léir gur chaitheas-sa sealad im chíor-thuathal
Rem thaobh gur theagmhuig seanduine caoin stuamdha
Is béasach cneasta do theagaisc me tríom dhuairceas.



Ins na bréithre blasta so labhair an críon-ghruagach,
Cois taobh Chill Aithchidh tá an faraire fíor-uasal,
Cléireach cleachtmhar i labharthaibh laoi stuamdha,
Is é dhéanfadh aiste do scaipfeadh det chroidhe an duairceas.



A Shéamuis, aitchim ort sanas do scaoil' uait-se
Fám dhéin an fada bheidh Banba i bhfíor-chruadhtan,
Nó an réidhfear ceasna do chlanna na nGaedheal n-uasal?
Má's léir duit freagra tabhair sin faoit' thuairim.


L. 125


IV.- AORTHA.
34. - ÓS FOLLUS DON CHLÉIR.



(Chum Sagairt: Aoir ar an gCléir.)



Ós follus do'n chléir gur mé ná tabharann sógh,
Feisteas ná féasta, béile, bainis ná póit,
Má amharcaim bé, is clé mo theastas gan ghó,
'S an aicme do ghnéinn, táid saor, má bhreabaid an tÓrd.



A bhile gan chodam, gan chogal, gan chlaoin-chéime,
A choinneall na n-ollamh, is a eochair na suibhscéalta,
Gan teimheal do folcadh i dtobar na Naoi mBéithe,
Is deimhin gur follus an donas ar shíol Éibhir.



Tá síol Éibhir Fhinn fó cheas,
Drong do chleacht gaois is oircheas,
Saoithe suairce chanadh ceol,
Laoithe is duanta deagh-eol.



Do b'eol dam Eaglais charthannach dhaonnachtach,
Bhórdach bhainiseach fhreastalach shaor 'na dtigh,
N-ar mhór a gceannas 's a gcaradas d'éigsibh suilt,
Is mo bhrón! tá a malairt ar marthain dá n-éis againn.



Is againn dá n-éis atá
Bárr fascnadha gach rilleáin,
Díoscar daoithe is fiar gach feadh
Fá éide Chríost, mo dhíombádh.


L. 126


Is díombáidheach dubhach liom cúrsa sleachta na nGaoidheal,
Na buinneain úra chumhduigh Caiseal na Ríogh,
Go cionn-árd congantach clúmhamhail calma is d'íoc
Bith-dháimh scrúdta ponnc go rathmhar 'san ríoghacht.



I ríoghacht 's i réimeas ríogh Fáil
Ba ghnáth an chléir i sítheach-pháirt
Damhna ollamhain is druadh,
Gur iompuigh mádh na mío-chuard.



Ag cuaird má castar ar eagnach géar-fhriotail
Gan bhuar gan rachmas, ós dearbh an chléir mar sin,
Stuaire chailce, is go mblaisidh a béal le sult,
Sin ruagairt reatha air is eascaine chléire is chluig.



Clog ní baoghal ná coinneal-bhádhadh,
Madh lán d'ionnmhas is d'éadáil,
Do'n daoiste, gan reacht, gan riaghail,
Tré ghnáthughadh cléir do bhith-riar.



Ag riar 's ag freastal ar Eaglais salm-ráidhteach,
d'fhíor-stoc fleascach dá gcaitheadh an aicme ó dtánga
Trian a mbeathadh, is go mbainfeadh dham easbaidh fagháltais,
'Na ndiaidh is searbh leo m'aiste ciodh blasta táithte.



Táithte it chroidhe nár chogail meang,
Crábhadh, caoine is ollamh-ghreann,
Tréithe treall nach feas do'n chóip
Ciodh tréan na hamhais ar altóir.


L. 127


B 1770c 18D
U 0201
35. - GO CUANTAIBH AN DAINGIN.



Tadhg Críonna Ua Scanaill cct.



(An t-Arrachtach Sean: Aoir ar Sheandaoinibh).



(Fonn: "Máirseail Uí Shúilleabháin")



D'éirigh iomarbháidh idir na fearaibh gan pósadh agus na
fearaibh pósta agus ghabh Tadhg Críonna Ua Scanaill, cé gur
bh'fear aosta é, páirt le sna fearaibh gan pósadh. Adeirtidhe
gur chuir an sluagh gan pósadh Tadhg ar bhog-mheisce. Ag seo
dhá rann dá amhrán:



Go cuantaibh an Daingin dá dtagadh chughainn Laoiseach
Is Carolus groidhe go buidheanmhar le n-ais,
An buadhach-bhile ceannais is fada atá ar díbirt
Gan talamh gan saoirse i dtíorthaibh tar lear,
Thógfaidís óig-fhir Chláir Fódla mar chongamh leo,
Scólfaidís crón-phuic tá i rós-bhrogaibh Mumhan go
sóghach,
Bheadh cloidheamh ar gach seabhac nár cheangail le
brídigh
'S an seanduine críonna sínte 'na spreas.



Is dearbh nár mhachtnaimh an aicme seo smuainigh
Ar labhairt i laoidhthibh gan mílseacht gan slacht,
Ag tabhairt urraim tar acfuinn 'na rannaibh don bhuidhin
bhíos
Caithte le haois go claoidhte gan phreab;
'Gá seoladh le mórtas tar óigfhearaibh calma
Atá treón mear i ndóchas gach neoimeint chum
freagartha
Ag seasamh i dtreasaibh ag casmairt le namhaid,
Budh dhainid don druing seo trácht ar a sean.


L. 128


U 0216
36. - A BHILE GAN CHEALG.



(An t-Arrachtach Sean: Aoir ar Sheandaoinibh).



(Fonn: "Máirseail Uí Shúilleabháin")



Thug Mac Uí Éigearta ó Ghleann Fleisce freagra ar Thadhg
Críonna Ua Scanaill 'gá chur i n-umhail dó gur thréig sé a
chumann féin, na fir pósta, mar gheall ar an ndigh," agus le
n-a linn sin do labhair Eoghan Ruadh le Tadhg Críonna san amhrán
so leanas. Is é Tadhg Críonna an "bile gan chealg."



A bhile gan chealg, 's a sheabhaic den fhíor-fhuil
d'eascair de phríomh-scoth taoiseach is flaith,
Ba friotalach, freagarthach, seasamhach, suidhte
I mbeartaibh i ngníomh, i gcoimheascar 's i gcath,
'S i bpunncaibh na n-úghdar do scrúdann le seanchas
Túirling gach prionnsa 'gus diúic i gClár Banban,
Ionnarbadh dragan as fearannaibh Éilge,
Trér balbhadh éigse is cléire na gceacht.



Ciodh singil le sealad óm charaid i gcéin mé,
Ag caitheamh mo ré gan réimeas ná reacht,
Gan chiste, gan cheannas, gan rachmas ná saoghaltacht,
d'abaidh im thaobh-sa créim agus cnead;
Gach suairc-fhriotal suadh-oilte luaidhis-se go taithiceach,
I n-uaim chirt, le fuaimeint, ar uallachas aignidh,
Na haicme seo dhearmad tapa tré ársacht,
Do leasuigh gach áladh táthadh im chreat.



Is deimhin gur mealladh gach pearsa den dáimh
Do labhair i bpáirt na n-arrachtach sean,
Le huireasbaidh tapadh do caitheadh as dát,
Gan fuinneamh, gan bhláth, gan gháirdeas ná gean,
Gach púdarlach crúnca 'na phúnca cinn-cheangalaigh
Le dubh-chreathaibh múchta tá i bhfionntar a thachtuighthe.
lacuna de 2 líne.


L. 129


Ní mar sin don chalmach thapa neamh-ársa,
lacuna de 1 líne
Do mheallann gach mascalach mhaiseamhail mhánla,
Charthannach chráibhtheach bhláth mhiochair dheas;
Is buidheanmhar le hinntinn do shuidheann i dtigh an tabhairne
Tímpreacht 'na thímcheall, is fíonta 'gá scaipeadh aige
Ar sheabhaic, ar dhragain, ar fhlathaibh 's ar fháidhibh,
Aicme ná grádhann an táin sin do mheath.



I gcaismeartaibh catha an tan theagmhaid ráib-choin
Chalma ag cárnadh námhad le neart,
Go fearamhail feardha freasghoineach fálach
Danardha dána dáilteach i dtreas,
Craoiseach a díoghaltas ón ngníomh soin bíonn daithte i
bhfuil
Míléadh go millte agus laoich iar n-a leadradh,
'Na gcarnaibh bíd marbh ar mhachaire an ármhaigh,
Bearta ná dearna aon arrachtach sean.



An uair amharcann ainnir do snaidhmeadh le h-ársach
Faraire bláthmhar álainn ar each,
Go meanmnach acfuinneach abaidh glan ceáfrach
Lannmhar láidir lán-chumais mear,
Bíodhgann a croidhe-sin is líonann le taitneamh dhó,
Tígheann dortadh dílis is caoi guil 'na haigneadh,
Adeir, galar gan chasadh go leagaidh mo cháirde
Cheangail go bráth mé le harrachtach sean.



Is cosantach coscarthach cosnamhach ceárnach,
Gach polla de'n táin nár táthadh le bean,
'S is follas gur brostuightheach, borb i mbeárnain
Turrainn a lámh i gcnámh-ghearradh creat;
Is foghaltach gach crobhaire aca ag flann-choscairt alla-chon,
'S is modhamhail, cneasta, ceannsa ghníd teannta 'gus tearmann,
Daingean is seasamh do lagaibh go fálach,
Faire céad gráin ar arrachtach sean.


L. 130


Is lannmhar lonnach, gan urraim do chéadtaibh,
Pearsanta, léidmheach, laochta, gan mheath,
Calma, cumasach, curanta, craosach,
Fuinneamhail, tréan, gan féige, gach flaith,
Is óg-churadh, cródha, mear, mórdha, neamh-eaglach,
Ag leonadh 's ag dó-bhriseadh slóighte 'gus garbh-thruip,
Ní abraim tuilleadh ná tigeann liom d'áireamh,
Briseadh 'gus beárnadh ar bhar n-arrachtach sean.



Níos glanadh an chuisle thug urraim le ráfla,
I nglioga ireacht dáin nár táthadh go ceart,
Do ghaisce gach scruta is dá chumas ag ceárnadh
Bruinneall is báb, ciodh náireach an bheart;
lacuna de 2 líne
Í dtreasaibh na n-arm ní dheargaid lámha
Gaisce ní gnáth an t-arrachtach sean.



Bíd leastair ar briseadh mairt saille 'gus pórca,
I gcistin na n-óg, is slóighte 'na measc,
Beathuisce buile 'gus sileadh na heorna,
Ciste 'gus cóir ag deoradhaibh gan cheas,
Bionn túirling lucht siubhail 'na ndúntaibh is marcradh
Trúip agus ughdair go fiúntach dá nglacadh i gcion,
Fairsinge bheathadh go fleadhaideach fáilteach,
Is níor bh'annamh 'na n-árus arrachtach sean.



Ar éigsibh an Ghleanna mo theastas sin scríobhtha,
Is glacaid go cruinn gach poinnte dem stair,
Is éifeachtach blasta do labhair an tí seo
Thug barra chum tighis do shaoithibh na sean;
A Uí Éigearta, is léan liom nár éistis go ngearrfainn-se
Féithleacha an tséithligh do léanuigh go masluightheach
Gaisce 'gus rabairne clanna na ndéaghthrach;
Is tarcuisne 'on dáimh é d'áireamh 'na measc.


L. 131


Seo an t-adhbhar fá deara n-ar ghreannuigh an lionnsca
Gaige gan mhúineadh, púdarlach leamh
Tar ghasraidh fearachon gcalma gcongantach,
Threascarthach thrúipeach thúrnach i dtreas,
Is léir gur tré éadtromacht céille 'gus mearbhall,
Bhí an t-éagan ag straereacht ón gcéile do snaidhmeadh leis,
A ghalar ó thuigim, tocht buile 'gus éada,
Ní chuirim-se spéis 'na bhréithribh gan bhlas.



Ná beartadh lucht gliogair le huireasbaidh céille,
Is tuigidh má ghnéid gur baothacht a mheas
Go mb'eagal liom cumas na cuisleann do shaoras,
Is mise i neamh-spéis ag aon fhile theas,
Acht a shár-fhios atá agam, 's ní náireach liom d'aithris,
Mo ghráin-se ciodh d'fhás ar bhar n-arrachtach seanduine,
Gur bhfreagarthach dronga den fhoirinn seo d'ársuigh,
I n-iomaidh gach táin i dtabhairne 's i dteach.



A Uí Scanaill, glac meanma, is seasaimh go dána,
Is leanfad-sa an t-ár it' pháirt ar an sean
Dá ngreadadh, dá gcartadh, dá ngearradh, is dá gcárnadh
I labharthaibh deárscna táithte go ceart;
Claoidhfead-sa dícheall na buidhne do labhair leat
'San gcuibhreach so mhaoidh ort gach straoille bheith
ceangailte,
Thug gradam neamh-bhlasta 'na rannaibh don arracht
Airgthe smáilceach ársa, do mheath.



Mo theagasc má ghlacann an aicme thug bárr
Tar fearachoin Fáil don arrachtach sean,
Casfaidh gach glagaire is racaire ráflach,
Ba dhamaint dá rádhainn gur fáidhe, ní headh,
Na bréithre gan éifeacht do scéitheadar go halpusach
Ag créim-ghearradh saor-fhlaith le béithibh nár ceangladh,
Nó canfad-sa aiste is ní stadfad go bhfágfad
Scriosta na chnámha ag an ngráscar gan mheas.


L. 132


Mo dhéara-sa d'abaidh sliocht Chaisil ba ghnáthach
Fá ghradam le spás, dá gcáthadh as a gceart
Ag méith-bhrocaibh masluighthe malluighthe Mhártain
Aicme ná grádhann an Pápa ná a reacht;
Is céile cheart Éibhir, ciodh léanmhar le n-aithris,
'Na straere bhocht chéasta d'éis éirligh na n-alla-chon;
Bearta badh chirte bheith fuinte aca i ndánta
'Ná mioscais ag fás idir cháirdibh tré shean.



Ní'l ceamalach cuinionnach cuirreacach cíor-dhubh
Cuirpthe cinnte cinnseolach sean
Meabhalach muiniceach mustarach maoidhteach
N-ar imthigh an bhrígh as choidhche gan phreab,
Do thráchtfadh ar thóstal comórtais le fearachoin
Áilne gan pósadh ná scólfainn an leathar de,
Eatortha i bhfuirm bheith coinghioll ná scaoilfear,
Gliogar ní mhaoidhim, acht fírinne cheart.



Ní taise d'aon ghliogaire fileadh do mhaoidhfeadh
Cumas na buidhne críonna so mheath,
Aicme le daille ná feiceann aon spíce,
Ó uireasbaidh scíthe ag coimhdeacht a mban;
Ar shéadaibh na hÉireann ní thréigfeadh an sean-duine
Aodhaireacht a chéile tré éad leis na fearachoin.
lacuna de 2 líne



Má theagmhuigheann aca mar cheapadar suadha,
Rachmas is buaidh, ciodh luaidhteachas leamh,
Fairsinge bheathadh, ba, leastair is cruacha,
Eachra ghruagach, suaimhneas is rath,
Is saothrach í an réilteann ag léigean gach airceadail
d'fheadann ó'n séithleach chum riceanna an ragairne.
lacuna de 2 líne


L. 133


Cois Fleasca, mar thuigim, ní'l file ná fáidh
Do b'ursa chum prás do tháthadh le ceart,
Ní'l taitheac 'na bhfriotail 's ní'l fuinneamh 'na ndán,
Tá cuisle na dáimhe tráighte aca, is feas,
An tráth d'iomchraid gan cunntas gach cúil-ghearradh
tarcuisneach
Thug trú Bhaile Mhúirne dá ndúthaigh go masluightheach,
Is mar phearsain den fhuirinn do chluichfeadh an búr
Le cumann do b'umhal mo liúgh-sa 'na measc.



B 1784ob 18D
37. - EASMAILT IS ÁR.



(Eascaine ar Cháit Ní Laoghaire do chongaibh a stocaidhe uaidh
mar gheall ar thuistiún.)



Easmailt is ár gach lá ort go dúbalta,
Galar is smáilc it lár gan dúil i sult,
Nár mhairir um Cháisc, an tráth go dlúth 'na bhfuil
Mo stocaidhe it mhála i n-áit tuistiúin agat.



Eascaine an Phápa it dheághaidh go dúthrachtach,
Gan cheannas, gan áird, ar fán gan cumhdach fir,
Go bhfaicead-sa lá thú i ngábhadh, 's ní dubhach liom soin
I ngalar an bháis, gan fagháil ar phiúnt den digh.



Gorta 'gus pláigh fá chlár dot dhlúith-threascairt,
Gan ola roimh bás ná gáir ós cionn do chuirp,
Gan sailm ná páis dá rádh ort ná urnaighthe,
Ná golfairt ag mnáibh it dheághaidh le fonn go fliuch.



Mo mhallacht it dheághaidh, a Cháit, go dúlaighthe
Go leanaidh det chnámha, is gach smáilc go dlúth fairis,
Nár fhaicir do pháiste ar bhán ag súgradh
Acht it chamarthach áir, go bráth, gan chlú, gan sliocht.



Ní'l file ná fáidh i gClár Luirc Mumhan ná fuil
Ag labhairt im páirt, 's is nár a gcúis, dar liom,
Scriosfad gan tlás le fánaidh an clúmh cas mion,
'S an leathar det chnámhaibh, is ca feárr tuistiún 'ná soin.


L. 134


Breacfad do cháil i dtráth don dúthaigh anois,
Gurab airgtheach smáil thug náire 'on chúige thú
Is masla tar bhárr do mhnáibh na dtriúch fairis
Is an fhaid mhairfir-se, a Cháit, díth shláinte chughat 'na
rith.



Ní'l mascalach mhnámhail chráibhtheach chiuin tais suilt,
Ná ainnir dheas bhláth is álainn gnúis is drioch,
Ó Ghaillimh na mbárca lán go ciumhasaibh Tuirc,
Ná glacfadh mo lámh i ndáil tuistiuin acht tú.



Easbaidh de ghnáth dhot chrádh 's dhot thúrnadh againn,
Is fochall an bháis ót lár nár múscailtear,
Aineamh gach lá ort is gráin ag Úird an chirt,
Go hanacrach cráidhte cásmhar cúmhach, gan chion.



Masla tar mhnáibh go bhfághair-se, a ghnúis gan sult,
'S go mbristear do gheága i mbeárnain chumhang 'san
tsioc;
Go bhfaicead-sa gárlach gránna it chlúid agat
Gan a athair le fagháil go bráth ná cunntas ionn.



A Mhic Muire na ngrás, fuair páis is sciuirsear chrois,
Is d'fhulaing it dheárnain táirrnge dlúth do chur!
Gan stoca deas bláth, a Cháit, ó fhúigis me,
Nár fhillir-se slán faiot bhárr don dúthaigh anoir.



Mallacht na mallacht dot threascairt fá channtladh anois,
Oirbhire, aithis is eascaine cheall is chluig,
Go bhfeiceadh do sheanachruit marbh go fann gan smig,
Gan duine dot fhaire ná folach do bhall agat.



Mallacht gach sagairt ó Ghaillimh go Leamhain na sruth,
Do thuitim it bhaitheas 's go scaipidh do mheabhair mar sin,
Go stolltar le cataibh do chreatlach crannda dubh,
'Sis miste na cealla nár cailleadh i n-am cheart thu.



Dainid is léan gan bhréag is tubaist 'na bhun,
Ana-bhroid péine go daor is galar it chruit,
A Cháit Ní Laoghaire, dh'éimhigh mise go tur
Is d'imthigh i gcéin, is let ré nár fhillir anoir.


L. 135


38. A CHUMAINN TÁR CHÉAD.



(Freagra Eoghain Uí Shúilleabháin ar Eoghan Mac Cárrtha an bhéil
bhinn i dtaobh mná áirithe - 23 M 14, 12 F 45.)



A chumainn tár chéad dá dtugas-sa géill
Is taitneamh le haonchorp díoghrais,
Do bheartas do scéal i dtaitheac 's i réim
I bhfuirm 's i n-éifeacht laoidhthe,
Is tapa do léigheas gach aiste 'gus téics
Dár chanais-se féin it laoidhthibh
Ag tagairt do bhé na gcarnfholt ngéar
Is 'á mealladh le bréithre mílse.



Do ranna gan bhéim is binne liom féin
'Ná spreagadh na méar ar chaoinchruit,
'S do scaipeadh gach péin ó dhaingean mo chléibh
Ó dhearcas do shaothar gaoise,
Ag breacadh do scéil i gan fhios don tsaoghal
Mar chanann gach n-aon det shlighe-se,
Is taitneann liom d'éis a cathuighthe ghéir
Go n-admhair saor bheith dílis.



Machtnaimh gur baoth na bearta le léigheamh
I starthaibh tar éis a scríobhtha,
Gur shearg do ghné le taitneamh dá scéimh
Is ná scaipfeadh an saoghal do dhaor-bhruid,
Ní'l ain imh ní'l éacht ní'l peannaid ní'l péin
I bhfearannaibh Éilge shíolruigh
Nach ainnir dheas shéimh do thosnuigh é,
Mar cantar i ndréachtaibh draoithe.



Beartuigh duit féin mar cailleadh an laoch
Do smachtuigh an saoghal timcheall,
Ba thaca ag mac Éason calma tréan
Le gaisce don Ghréig thug flíos leis,
Is ghairm an bhé tais gheanamhail shéimh
Ó ifreann fé mar scríobhtar,
Gur cealgadh le clé-chlis malluighthe a chéile
I ganfhios thug léine nimhe dhó.


L. 136


Is iomdha sin laoch mear cumasach tréan
d'fhuil bhuirb na nGaedheal do dísceadh,
Thuit Murchadh is Aonghus, Conall is na céadta
Bile nár staon i gcoimheascar,
Ursa na Gréige, curadh na Trae thoir,
Cú Chulainn le bé do críochnadh,
Is nach mairg don té na bearta so léigh
A chumann tár éis do mhnaoi thug.



Is fada bheidh scélta 'á n-aithris i ndréacht
Go feasach ar laochas Naoise
Le taitneamh do scéimh-chruth gheanamhail Dhéirdre
Cailleadh i n-éacht na Craoibhe.
Dá ndeascaibh tá Gaedhil go heasbaidhtheach faon
Fá tharcuisne daor ag daoithe
Atá i gceannas fá réim le sealad, mo léan,
I bhfearannaibh saora ár sinnsir.



Teagasc má's léir go nglacfair ó aon
Do crochadh san chéird le díoghrais,
Ná ceangail-se léi ná tagair a dhéanamh,
Faire, ní hé budh chuibhe dhuit;
Má mheallais an bhé le bladhaireacht béil
Is dot cheastaibh gur réidhis dá dhruim sin,
Ó cheaduigh Mac Dé dhí eagnadh is éifeacht,
Fuilingeadh féin a gníomhartha.



39. - AINDEISE AN TSAOGHAIL.
U 0201
File éigin: -



"Aindeise an tsaoghail go ndeánaidh díom-sa spreas,
Má fheadar i nÉirinn cé aca díobh mo leas,
Ainnir dheas shéimh na gcraobh-fholt gcíortha gcas,
Nó aimid gan chéill go mbéith aici caoirigh is ba."


L. 137


U 0216
FREAGRA EOGHAIN UÍ SHÚILLEABHÁIN: -



Atá eadtortha araon an méid seo chím-se is feas,
Go mb'fhearra liom bé na gcraobh-fholt gcíortha gcas,
Ar leabaidh lem thaobh nó ar aonach taoibh liom seal
'Ná baile is leath hÉireann 's a mbéith le sraoille leamh.



An bhean ba mhéinn liom féinidh maoidhfead leat:
Bean shúgach thréitheach chaomhna chaoin tais cheart,
Bean gan chlaon, gan scléip, gan phuimp, gan chleas,
Is pé méid a spré ní ghlaodhfainn choidhche a leath.



Ná mealladh tú tréad ar shléibh ná draoidhreacht ban,
Ná airgead claon le caolbhach cruinn i gceairt;
Beidh an cheannann go tréith, an mhaol, an bhuidhe 's an bhreac,
Sin imthighthe an spré 's an léibis sníomhtha leat.



Mo theagasc má ghlacair, bíodh agat, is cuimhnigh fós
A liacht fear tapaidh do treascradh claoidhte i ngleoidh,
An t-éan bhéas agat i dtaiscidh 's fá dhíon it dhóid
Ná tréig ar amhail atá ar bharra na craoibhe 'ot dheoin.



Ná tarcuisnigh caraid tar charaid má bhíd gan stór,
Seachain lucht bladair, ciodh leanbhach bhíd i gclódh;
Féach, tabhair th'aire, is machtnaimh an tslighe 'na ngeobhair
Gach duine do bhrathfair gan chealg, treabh díreach dóibh.



40. SIN AGAIBH MO THEASTAS.
B 1772c 18D
(Fonn: "An Cropi").



Sin agaibh mo theastas ar bheathaidh gach réice,
Ciodh fada mé ag géilleadh le seachmall dá nós,
Go bastalach, bealuighthe, ag bladar le béithibh
Na gcarn-fholt réidh, 'gus 'á mealladh lem póig;
I gan-fhios ag breacadh gach aiste le héifeacht,
I labharthaibh séimhe ba thaitneamhach leo,
Tré a dtagaid go tapa chum peacaidh do dhéanamh,
Ciodh theagascaid cléire go mb'fheárr leigean dóibh.


L. 138


Níor bh'annamh mé sealad 'san tabhairne traochta,
Idir scata geal-bhéithe le carrbhas óil,
Teagasc na n-aithreach n-aitheantach naomhtha,
Ní thagadh im bréithribh acht magadh 'gus móid;
A nglacainn de rachmas ó'n tseachtmhain go chéile,
Do scaipinn gan séanadh idir aicme lucht ceoil,
Bhíodh meanma ar m'aigne is aiteas, dá n-éisteacht,
Is ní chreidfinn ó aoinne go mb'fheárr leigean dóibh.



Ní'l cathair ná baile ná calaith i nÉirinn
Nár chaitheas-sa tréimhse ann ag mealladh ban óg;
'San ainnir go tapa dom chleasaibh ná géilleadh
Do shladainn a héifeacht le spalpadh na móid;
Níor pheacadh liom masladh do thabhairt do chéithlinn
I gceangal na cléire bheadh snaidhmighthe ló,
Is do theagasc an easpuig ba bheannuighthe téacsa
Bí dearbh ná géillfinn go mb'fheárr leigean dóibh.



Do leanas na bearta so, sealad, go séanmhar,
'S i dtabhairne ar bhéithibh do scaipinn mo stór,
Is m'ainm dá ghairm i leabhar an éilimh,
Níor bh'annamh nuair ghlaodhainn a gcuid beath-uisce ar scór,
Ba chathach mé ar maidin ag machtnamh gur baoth-bheart
Dom shamhail-se d'éagan mo thairbhe d'ól;
Bhíodh m'aigne ag caismirt, is do mheasainn a séanadh,
Go gcreidinn ar éigean nár bh'fheárr leigean dóibh.



Is deimhin go dtigeadh ar buile 'na dhéidh sin
Gach nduine aca ag éileamh, 'sa bhille 'na dhóid,
Is tugaid na mionna go gcuirfid mé i ngéibhinn,
Ciodh singil droch-éadaigh mé ar uireasbaidh stóir,
Ní'l fionna-bhean mhiochair den fhuirinn seo léanuigh
Mo chiste, le géilleadh dá bhfriotalaibh spóirt,
Ná briseann fá scige go scigeamhail scléipeach,
Annsoin tuigim, ciodh déidheanach, go mb'fheárr leigean
dóibh.


L. 139


An uair thigeann an laige, agus druideann an t-aos liom,
Mé ar uireasbaidh an éadaigh, is chaillim mo threoir,
Bíonn pairthis chreathach gach maidean im ghéagaibh,
Ní blasta mo bhréithre is ní'l taitheac im ghlór;
Is searbh an aiste liom labhairt ar chéithlinn,
Tigh an tabhairne séanaim ionar chaitheas mo stór,
Dearbhaim, adamhaim feasta, 'gus géillim
Gur damanta an chéird í, is go mb'fheárr leigean dóibh.



Glacadh gach faraire fearamhail saordha,
Do charann na béithe, is do leanann an t-ól,
Mo theagasc-sa, feasta, go gasta le chéile,
Is ní h-eagal bheith aosmhar dó i n-easbaidh go deó;
Snaidhmeadh le mascalaigh mhaiseamhail mhaordha
Bhéas carthannach caomhna modhamhail leanbhach sóghach,
Seachnadh dramanna is caismirt ar aonach,
Is creideadh ó aoinne go mb'fheárr leigean dóibh.



Carrbhas dramanna beathuisce is daorpunch,
Bheith ag bladar 'na dhéidh sin le mascalaigh óig,
Scata aca mhealladh is le cleasaibh a séanadh
'S a malairt chum scléipe do tharraing go nódh;
Aiste do cheapadh faoi thearmann éigse
Agus caismirt ar aonach tré mhearbhall óil,
Seo reachta le rabairne leanann gach réice,
Dá mbearta so géillim is ní feárr leigean dóibh.



B 1784ob 18D
41. - GACH TEINNEAS IS GALAR.



Gach teinneas is galar is mairg is cáim is créim
I n-eibir an pheacaidh n-ar theagmhuig sliocht Ádhaimh is Éibh,
Ní cheilim tar ghalar mar aithrisid fáidhe is cléir
Gur meisce an peacadh is measa dár sháruigh aon.



Meisce do mheallann a rachmus ó ráib gann bhéim
'S do bheir é i n'aimid gan taimid amháin dá chéill,
I ndoimhneas an pheacaidh má thagann an bás 'na ghaor,
Ceilfear na flaithis ar a anam go bráth is baoghal.


L. 140


Meisce go dearbh, seo an peacadh lé ráidhtear craos
'S do bheireann chum tailimh go tapa gach sáirfhear tréan,
Roinnid dá dheascaibh mar charaid le Sátan claon,
Is creideamh na n-Aspal go seachnaid láithreach é.



Ar meisce nuair theagmhann pearsa ba fáithghlic téics
Ní leigeann air aiteas ná eagnacht ráidhte séimh,
Tig leithead 'na theangain ag aithris gach pláis go baoth,
Gan ceileatrom spalpfaidh na leabhair is Páis Mhic Dé.



Meisce agus ragairne tharraingeas táinte i bpléidhe,
I n-iomaidh 's i bhfearg, 'na lasair 'dir cháirdibh cléibh,
Ag deifir 's ag caismirt le caraid dá ghrádhmhaire é
Go dtuitfid san aithinne is eagal ó ghrásaibh Dé.



Ní deirim gur masla do fhlathaibh dá árdacht réim
Meisce do ghlacadh de dheascaibh na gcárt do ghlaodhach,
Ar meisce níor bh'annamh gach seabhac de rás na nGaedheal
'S gur le meisce 's le ragairne chaitheadar bláth a saoghail.



42. CÉAD SLÁN CHUM GACH RIGH-FHIR.



Céad slán chum gach rígh-fhir
Bheadh páirteach dom shlighidh-se,
I dtigh tabhairne do shuidhfeadh
Le hinntinn ag ól,
Do thráighfeadh na fíonta,
Gan ghráscar gan bhruigheanta,
'S i mbárach dá dhruim sin
Ná goillfeadh air brón;
Mar ní mise an "boc seó"
Do chruinneas an t-ór
Dá bhailiughadh go fíor-bhocht
Is daoine eile dá ól.


L. 141


Bíonn báthlach le cinnteacht
Ag fagháil cámais ar shaoithibh
I dtigh tabhairne do shuidhfeadh
Le hinntinn ag ól;
Is tláith bheidh an bhuidhean úd,
'S is fánach a gcríocha,
Is scaipfidh na mílte
Go cruinn a gcuid stóir;
Nuair sínfear é ar bórd,
Is gan tuinnte ar a thóin,
Bíonn a bhean súd 'gá chaoineadh
Le laoidhthibh gan chóir:



"Ná trácht ar na gníomharthaibh
Rinn Páris na Traoi thoir,
Ná Iáson do shíolchaidh
Tar taoid leis an tseoid,
Laochradh na Craoibhe,
Ná an té sin do chlaoidh Tailc,
Ná Saesar chuir cíos ar
Na taoisigh go leor;
Ó do thiubhrfainn-se an Mhóin,
Is gach críoch eile dá shórt,
Is gach acra bhí aige
É thabhairt chugham-sa beo.



"Mo chás, is tú an sceimhle
Ar chlárachaibh sínte,
Is go bráth bead dot' chaoineadh
Go dtighidh ar mo ghlór;
Dar lámha mo shinnsear,
Is bheith láithreach le síneadh,
Do b'fheárr liom arís tú
'Ná mílte den ór,
Ní íosfaidh mé seoid,
Is ní'l suim 'gam i ngnó,
Is ní fhágfaidh mé an chill seo,
Ó! mo mhaoineach go deo.


L. 142


"A cháirde mo chroidhe istigh,
Tigidh láithreach im thimcheall,
Ní fhágfaidh mé tuinnte ar
Aon taoibh díom gan stróic;
Ní stánfad den scríb sin
Go mbádhfar 'san Laoi mé,
Is go bráth bead 'á chaoineadh,
Mo chaoin-fhear dar ndóigh."
Budh roimhe leat gach deoir
Bheadh anuas le n-a sróin,
Is í ag bagairt go híseal
Ar chríochaibh fir óig.



43. - NI HIAD LEADHBA THAIDHG.



Ní hiad leadhba Thaidhg do b'eol duit,
Ná Dáith dá mbeadh gríosáil ba mhó aige,
Ná Pilib ná fuaighfeadh gan tuairim órlaigh
Idir dhá ghreim go foillseach ródach.



Ba bheag an iongnadh, is duit ba chóra,
Is agat-sa bhí cumas ar chuma na mbróg so,
Trinnsiuir beárrtha is clár de shórt ghlan,
Guaire tuirc anoir ó Phóland.



Ceap fuinnse nár maoidheadh i bhFódla
Do thug a shinnsear ón Hispóin mhóir leo
Scian cham uilleannach dhioscas go ró-ghlan
Is fuigheall béime ní théidheann den tseoid sin.



An meanaithe ba chaoile san Roinn Eoraip
Do thug Bulcán do Sheán 'na dhóid ghil
An uair do mhair Niall nó Brian na Bóirmhe,
Conn na gcath is Art is Eoghan.


L. 143


Is cuimhin liom gur pheidhre den tsórt so,
Do bhíodh ar Fhionn mac Cumhaill i gcomhrac;
Diarmaid i ngliadhthaibh nár tóirneadh
Is Oscar fear cabharthach Ghoill mhic Móirne.



Is é Seán Púirliom plúr na bhfear gcaoin bhfial
Do thug bróg chaol chumhra chugham-sa na lascaidhe ndian,
Sáith aon diuic nó prionnsa dár mhair díobh riamh,
Uachtar úr is bonn ná caithfidhe bliadhain.



44. - I SCREATHAN AN CHEOIGH.



I Screathan an cheoigh do casadh im threoir -
A d'iarraidh bróg, gan gó, do bhíos -
An fhinne-bhean óg ba mhaiseamhail clódh,
'San mhacha fé bhrón ag tóch na tuighe
Margadh Monday, margadh Monday,
Margadh Monday, an Sparán Buidhe;
Margadh Monday, cailleadh go dona é,
Is mise ar a thuairisc ag gol go fuidheach.



Do b'fheárr liom coróinn do chaitheamh i dtigh an óil
'Ná an sparán órdha chailleas araoir,
Aisce 'gus comhartha fuaras ó óig-fhear
Do chasadh a thón ar cheol 'san ríl.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



A Bhrianaigh shúgaigh chiallmhair mhúinte
Riaraigh chúrsaigh fhlúirsigh ghrinn,
Is mian 's is fonn liom triall it chomhnadh
Go bhféachaimís cúrsa an Sparáin Bhuidhe.
Margadh Monday, margadh Monday.



Bhí sé ag Óibhid ba chruinn 'san chómhaireamh,
Is sealad ag Hómer le h-ór do scríobhadh,
Ag Maol na mBó leis, ghabh bean fhir phósta,
Dá dhruim gur seoladh tóir tar tuinn.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.


L. 144


Bhí sé ag Dído, 'na hucht mar thaidhbhse,
An bhruinneall bhreideach do dheighil ón mbuidhin;
Bhí sé ag Diana - Ó do b'í an cladhaire í!
Dá dhruim gur aidhneadh maidhm 'san choill.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Bhí sé ag Diarmaid, an laoch nár liarthadh,
Fúigeadh 'san bhfiadhach é i ndiaidh muic' neimhe;
Rinn' sé Iatach do leigheas ó phiasta
Do ghabhadh leastiar de le braon ón linn.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Ba ró-bhreágh an áis é ag Cearbhall Ua Dálaigh
Do ghníodh meadar is bráca, is bád don Rígh,
Cannaidhe den stán, 's an baraille lán,
Is mhealladh na mná le comhrádh grinn.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Do-ghníodh Cearbhall láinnidhe is spealla do bheárrfadh,
Taisteal is cárda, tál is claidheamh,
Arm chum lámhaighthe, 's uatcheanna bhásta,
Agus tairngidhe do mhnáibh na gcocán mbuidhe.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Ba ró-bhreágh an tseoid é 'san Arc ag Nóe
Ag snámh go cródha ar bhórd gach tuinn,
Lán do shórtaibh, ar bhárr na bóchna,
'S i dtalamh gan cheo do sheol sé tír.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Bhí sé ag Iáson seal cois trágha amuigh,
Ba mhaith an áis é - níor bh'fheárr an flíos -
Tréimhse ag Páiris do mhnaoi Mhenelaus,
Dá dhruim gur tháinig ár na Traoi,
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Do b'árd é a chúrsa ar lár na dtonnta
Ag an gCeannaighe Fionn mar stiuir 'na luing;
Bhí sé ag Dúnlaing, faoi bhrat húda,
Ag gearradh lúitheach le sciuirse claidhimh.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.


L. 145


Bhí sé ag Clíodhna, ag taisteal na h-oidhche
I mbarraille an fhíona, 's na daoine i suan;
Bhí sé ag Aoife chuir geasa ar Chlainn Lir
Do caitheadh ar linn na Maoile Ruaidhe.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Bhí sé ag Déirdre sealad i nÉirinn,
N-ar cailleadh na tréin-fhir léi 'san mbruighin;
Ag Samson millteach, do bearradh le cladhaireacht,
'S ag Baccus do-gheibheadh le roinnt an fíon.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Ag an Amadán Mór i bhfarradh mná an Ghruagaigh
Ba charaid an uair sin an Sparán Buidhe;
Ag Macha Muing-ruaidh, nár mheathta 'san mbualadh
Ar mhachaire an tsluaigh faoi chrú na gclaidheamh.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Ba mhaith an áis é ag Fortunátus,
Do chuireadh a lámh go dána ann síos
Chum ór buidhe is pláta do bhronnadh ar bhábaibh,
'S níor bh'fholamh go bráth é, acht lán go snaidhm.
Margadh Monday, margadh Monday, etc.



Chonnaic mé i nde é, chonnaic mé aréir é,
I mBaile Mhistéala, ag trághadh na díghe:
Mná peidléiridhe is mná tuinncéiridhe,
Is gach uile léim aca 'san tSúisín Bhuidhe.
Margadh Monday, margadh Monday,
Margadh Monday, an Sparán Buidhe,
Margadh Monday, after Sunday,
Margadh an Luain do chráidh mo chroidhe!


L. 146


B 1773 18D
V. - CAOINTE.



45. - IS FÍOR TRÍOM AISLING.



(Iarghnó ar bhás an Athar Conchubhar ua hArragáin .i.
sagart binn-bhriathrach beacht-mhúinte cráibhtheach caomhna
coisrigthe diadha déirceach deagh-shomplach fáthach fiosach
fíor-eolach grianach greidhineach glé-mhianach líomhtha
léigheanta lán-taidhbhseach measardha méinneamhail mór-chroidheach
niata nósmhar neamh-iomarcach pionnsamhail
páirteach pribhiléideach ríoghdha rathmhar réim-dhíreach séimh
soilbhir síothchánta triathach tréitheamhail trom-chónáigh noch
d'éag i nDomhnach Mór an t-aonmhadh lá déag ós cionn
20 do Ianuair, 1773).



Is fíor tríom aisling gur feasadh aréir dham
Nídh chuir sealad mé ar mearbhall céille,
Gur theasc an bás, gan spás le gaethibh,
Polla is flaith de shleachtaibh Éibhir.



Bíodhgaim suas, monuar, níor léir dam
Cia an seabhach do thuit tré nimh 'na shlaoda.
Go gcuala i ngleann cois abhann im thaobh-sa,
Caoin-ghol mná go cráidhte 'na haonar.



Is éascaidh ritheas gan iorradh, gan éadach,
Fá dhéin an ghuil dar liom ba fhraochda;
Do dhearcas sídh-bhean íogmhar aerdha
Ar bhruach na Laoi is í ag caoi na mbraonta.



A basa dá sníomh, is dlaoithe a céibhe
Dá stathadh aici anuas le guais dá bpréamhaibh,
Tuile deor tar fóir dá dtaoscadh,
Osnadh is áladh ar lár a cléibhe.


L. 147


Ba ghreanta a gnaoi, ba mhíonla a héadan,
Ba gheárr a braoithe suidhte ar réalt-dhearc,
Ba lonnrach lile tré luisne na gcaora
Ag caismirt 'na gruaidh, is gan luadh cia ghéillfeadh.



Do thóg a ceann cér channtlach céasta,
Is d'amhairc mise bhí ag druidim 's ag téarnamh,
Fá n-a dáil an tráth soin, 's d'éirigh,
Is measann gluaiseacht uaim faoi néaltaibh.



Gur fhiafruigheas di, den ghuth mar fhéadas,
Fáth a cumhadh is cúis a géar-ghuil,
d'fhreagair dúinn go búch le séimhe:
"Is follas gur duine thú ar uireasbaidh céille,



An tráth nach feas duit leagadh an phéarla
Ón bhFrainnc thug clú go triúchaibh Éireann,
Conchubhar ua hArragáin, sagart grádhach béasach,
Do cailleadh anocht, ciodh docht an méala."



Fochtaim a hainm go tapaidh den réilteann;
Mise Clíodhna, ar sí, ón Léith-chraig;
Cráidhteacht chughat-sa, adubhart, a mhéirdreach,
Créad ná stracann thú it bhallaibh ó chéile:



An tráth n-ar fhuilingis ursa na cléire,
Is comhla dín na díodhachta naomhtha,
Bhí i réim 's i ngradam fá thearmann tréimhse
Do leagadh gan mhaidhm ná feidhm-chath laochda?



Adubhairt an ainnir, dom fhreagairt, let shaor-chead,
Coisc dem ghearradh go n-aithrisfead scéal duit
Is, d'éis mo thurais, má thuigir gur daor me,
Déan do thoil is stoill mo ghéaga.



An tan do buaileadh cuan na féile
Do chorruigh, do bhíodhg, do líon-rith m'aedha ionnam
Níor fhágas bruidhean ná sídh-lios aerach,
Ráth ná beanna ó Ghaillimh go Béarra,


L. 148


Nár thugas cuaird is luath-thuras éadtrom,
Sidhe go rathmhar, is amus go héascaidh,
Is sluagh gach beanna fá armaibh taobh liom
I gcómhair chabharta ó dheartaibh an éaga;



Níor stadas dem ráig go dtáinig naomh-ghuth
Chugham trím scím le díoghrais scéalta,
Nár bh'fhuláir dó freagairt go flaitheas dá chéile,
Is gur gheárr Átrops snáith a shaoghail.



Iar gclos dúinn go dtáinig dát a laethe,
'S go ndearna Clíodhna a dícheall saortha air,
d'éis mhathimh don bháib, ár ngáir le chéile,
Do chuir a thásc tré Chlár Luirc Éibhir.



Uaill is gáir is crádh-ghol éigneach,
Gruaim is glámh is lán-tocht éighmhe,
Greadadh bas is stracadh céibhe,
Brón is caoi go cíocrach céasta,



Dá srathadh spás ón Máig go Léith-chloich,
Is ón Laoi ghil go himeall Léan-loch,
An bocht 's an nocht go docht fá'n méala
Tré theascadh an bhile ceann urraidh na cléire.



Tá geoin is gártha i gClár Luirc Éibhir,
Caoi na mbruinneall sioscaidhthe séimhe,
Iachach dhoilbh is golfairt ban aosta,
I ndiaidh an fhlatha so teascadh go déidheannach.



Níor bh'iongnadh liom an tSiuir dá ngéimeadh,
Abhainn Dá Lua 's an Chuanach chraosach,
An Fhéil 's an Bhríd 's an Fhuinseann fhéarmhar,
Is gleann Abhann Bige dá gcluinim tar aon-tsruth.



Caoi na mban is greadadh na gcéad-fhear,
Uaill-ghuth báb a ngearán 's a ngéar-ghol
Níor lacht mo dhearc, ciodh feas gur déarach
Doilbh duairc do chuaidh an scéal dam.


L. 149


Go gcuala caoil-scread caointeach céasta
Cathach cráidhte cásmhar fraochda
Na mná 'na leanbh do dhalta na héigse
Thug sugh a brollaigh gan choigilt 's a saor-lacht.



Ar gcloistin na ngártha ngáibhtheach géar-ghuil
Coitcheann, le fíoch, ón dtír go chéile,
Tig saor-shruth caoi-ghuil síos lem chaomh-dhreach,
Cnead is osnadh go socair im thaoibh dheis.



I ndiaid an churaidh ba chomairc dá thréadaibh,
Le comhairle chaoin dá ndíon ar fhaolchoin,
I gcéill ba chosmhail le Solamh gan séanadh,
Is gach téics dá gcanadh dá tharraing as Naomh-script.



Bláth-ghas buidheanmhar bríoghmhar béasach,
Carthannach cáilmhear cráibhtheach caomhna,
Duineata diadha dian-cheart déarcach
Flaitheamhail fáilteach fálach féastach;



Grian-fhlaith gaoiseach gníomh-ghlan Gaedhealach,
Lasamhail lonnrach leomhanta léidmheach,
Measardha míonla mín-tais maordha,
Neartmhar i ngníomharthaibh naoidheanda naomhtha.



Plannda oirdheirc, polla 'gus péarla,
Rathmhar i riaghail, rianach, réim-cheart,
Soinneanda stuamdha suaimhneach séimh-dhreach,
Taitneamhach tiathach siansach téacsach.



Réilteann solais, is eochair na ndaor-cheast,
Céir na n-ollamh, is tobar na héifeacht,
Féinics forusta, soithimh gan staonadh,
Déas gan choigilt, is polla gan chlaochladh;



Ré gan daoilcheas teimheal ná éiclips,
Riaghluidhe cáidh i gcásaibh léigheanta,
Scéaluidhe suairc is suadh nár aontuigh,
Céim tar cheart ná samhail chlaonta;


L. 150


Saoi do mheabhruigh eagar is éifeacht
Eagnadh is iúl i bponncaibh dréachta,
Laidean is díodhacht, Gaoidhilge is daonnacht,
Cneastacht le cuimhne is mílseacht Bhéarla.



Flaith do bhoicht do choisceadh géibheann,
Scaoilteoir ceasa do lagaibh le daonnacht,
Órdaidhe diadha, liaigh na ndaor-bheart,
Is diadhaire daingean an anma ar dhaor-bhruid.



Easna den cheap nár mheath a phréamha,
Géag den bhile tá bileamhail craobh-ghlas,
Plannda caoin den fhíodh nár chlaochluigh
Duille ná dreach go gearradh a shaoghail.



Rós gan teimheal is ursa na cléire,
Grian gan smúit ná dubhchan éiclips,
Réilteann eolais óg is aosta
Is naomh mar Eoin i gclódh 's i gcéimibh.



Tobar gan trághadh bhí lán de dhaonnacht,
Peadar i ngníomh is Maois i dtréithibh,
Ní'l acht cumha i dtriúchaibh Éibhir,
Ó teascadh go hóg é i bhflós a shaoghail.



Taca mar Phól ba chomhairleach tréada,
Mar Eoin do bhaist an Mac do céasadh,
Mar Naomh Lúc do scrúdadh na naomh-téics,
Nó mar Phádraig, fáidh na hÉireann.



Comairce an chreidimh gan teibeadh do shaothruigh,
Eochair na bhflaitheas ón Arad-mhac éachtach,
Taca mar Philib ba thuigseanach téacsa,
Is do chaill a theanga tré theagasc na naomh-cheacht.



Ughdar ársa i gcás nár aosuigh
Tré iomarca tuigsiona i dtuisibh na héigse,
Seanchuidhe suairc is suadh na saor-bheart,
Is ceap-rí cáidh do dhámhaibh dréachta.


L. 151


Tuigseach dáin tar bhárdaibh daor-cheast
Dá fheabhas le fagháil i n-áitreabh Fhéidhlim,
Do chuireadh le slacht 'na gceart gach Gaedheal-treabh
I mBanba ghluais anuas ó Éibhear.



Flaith gan mheang gan cham gan chlaonbheart
Gan ghangaid gan phuimp gan teimheal ná éalaing
Acht modhamhlacht mhín is mílseacht bhréithre,
Féile shíor is aoidheacht gan éaradh.



Níor bh'iongnadh an líog ag maoidheamh le géim-ghuth
A haiteas 's a gean tré shearc go scléipeach,
Ó taisceadh fúithe, cúis mo dhéara.
An cholann 'na raibh gach maith dár léigheas-sa.



Ní'l báb ghlan-ghruadhach ná cuairsce aerach,
I gcill, i gcarcair, i gcathair, ná i maol-lios,
Ó chuan Fionn-trágha go tráigh Locha Éirne,
Nach clos a ngáir 's a ngláimh tré an éacht so.



Do scread Badhbh gan mheidhir san Léith-chloich,
Do mhúscail suas gach buadhach-bhean aerdha.
Ar gcloistin gháir a crádh-ghuil éignigh
Do dhruideas spás i ndáil na béithe.



d'fhiosras dí, is í ag sileadh deara,
Cár ghabh suim ban chaointe Éireann?
d'fhreagair dam go doilbh fraochda,
Tá an t-éacht ró-obann le cloistin, ciodh méala.



Níor bh'fada dúinn fá smúit 'n ár n-aonar,
Gur gháir scaoith go caointeach taobh linn -
Aoibhill Chraige 's a scata ban aerdha,
Madhlion Ealla is ceann beanna-chnuic Gréine,



Bainríoghan bruidhne Craoibhe an éirligh,
Bean sidhe sinsear cloinn Mhic Shéamais,
Mis inghean Dáire, Gráinne is féile
Cura calmaidhe, cailleadh le claon-bhirt.


L. 152


A n-áireamh súd dar liom ní fhéadfainn,
Acht tháinig chugainn gach bruinneall baoth-ghein,
Ó thaoibh Chnuic Loinge go himeallaibh Béarra,
Ag caoineadh an tsagairt bhí geanmnach tréitheach,



Ag lachtadh a ndearc i bhfarradh a chéilé
Go pras ag caoi 's ag sníomh a gcaol-bhas
Iad-san uile 'gus mise 'san méala,
Tré bhás Chonchubhair chruthamhail léigheanta.



Beartaid lucht eoluis fós is léighte
Réime ríomhtha, rioghradh is réacsa,
Gur eascair an flaith de cheap na Saesar
Do riaghluigh sealad i dTeamhar na dtréan-fhear.



I dtaoibh a ghaolta, a ríomh ní dhéanfad,
Ciodh gur d'fhíor-scoth taoiseach saor é,
Is flatha ba ghnáthach tárthach tréitheach
Bronntach bríoghmhar fíontach féastach,



Oscailte 'ghnáth roimh dáimh is éigse,
Taisteal bárd is táirdíol cléire,
Cistin lucht siubhail is túr na n-éagan,
Is cabhair na mbaintreabhach bhfeidhm-lag céasta.



An ghabhal fine ór geineadh an glé-ghas,
Meanmnach múirneach múinte méinneach,
Croidhe glan ceannsa cabharthach céimeach
Líonta 'ghreann gan leamhas 'na bhréithribh;



Eoluidhe eagnach eachrach éideach,
Prionnsa sámh na bhfáidhe bhféastach,
Treoruidhe cuimseach, croidhe na féile,
Is dochtúir díodhachta i ngníomh 's i n-éifeacht;



Fiannuidhe forusta foistineach faobhar-neart,
Grian-ráib shoilbhir shocharach shéadach,
Dalta na ríobh ó fhíoradh an réidh-chnuic,
Do hoileadh go húr i bponncaibh naomhtha;


L. 153


Úr-ghas óg, gan feodh ná staonadh,
Biadhtach fairsing na dealbh do bhréagadh,
Bleachtaidhe buadhach ar dhuanaibh éifeacht,
Is nósuidhe ceart ar reachtaibh cléire;



Ceann banna na sluagh is cuan a saortha
Re seanmóir chaoin, ré mílseacht bhréithre,
Le sompla thabhairt tré rún dá thréada,
Is re sna beartaibh lean aspail an Aonmhic.



Dá mb'eol dam laoidhthe a ríomh le héifeacht,
Damhna cathach, nó marbhna céasta,
Trian a ghníomh ná suim a thréithe
Do ghrian-chur síos go cruinn ní fhéadfainn.



Is truagh gol 'athar go hathtuirseach aosta
Díombáidheach diachrach dian fá mhéala,
Lacht a rosc le tocht dá thaoscadh
Tré fheochadh an ubhaill ba chlú dá phréamh-stoc.



Dar Duach, is ádhbhar cáis le héisteacht
Uaill a mháthar atá gan éifeacht,
Gan mheabhair, gan chiall, 'na dhiaidh go céasta,
Is níor bh'iongnadh linn-ne dá sileadh 'na braontaibh.



Tá bráithre ag screadaigh ar mearbhall céille
Gan tábhacht ná suim i maoin ná i saoghaltacht;
An bháb do bhí aige ós cionn tighe fé chion
'Na colainn gan cheann go canntlach céasta.



Ní hiongnadh liom fá phúdhair a ghaolta
Is go follas fá dhubh-bhrat cumhadh na céadta
Is gan comhgas aca le ceachtar dá phréamhaibh
Acht tré n-a theist nár theip ón bhféile.



Is é deireadh gach smúite dúire a thréigean,
Is ó cuireadh mo pheann nach teann chum saothair,
Gur folamh mo cheann ó oghmaibh dréachta,
Is gan eagar ná umhail ionnúm ná éifeacht,


L. 154


Is gur sladauidhe an bás atá i ndán dár théarnaigh
Ó geineadh Ádhamh ársa is Éabha;
Ní'l agam acht guidhe le hinntinn éagnaigh
Chum aingil is naomh bheith síor dá aodhaireacht,



Is athchuinghe chur, tré ghoimh a chéasta,
Chum Éin-Mhic Muire fuair iomarca péine
Anam an diadhaire dhiadha shéimh seo
Do ghlacadh go humhal 'na chúirt gan éaradh.



Scaoilim feasta mo phaidir gan séanadh,
Sailm Dáibhi is páis an Éin-Mhic,
Fáilte an Aingil is ceachta na Cré anois,
Mar ghárda ar a anam go Flaitheas na Naomh ngeal.



AN FEART-LAOI.



Fát chom i dtaisce atá adhbhar cáis suadh, a líog,
Crobhaire ceannais cáidh blasta bláith buacach binn,
Plannda is leabhair d'fhás do mhaithibh ráib uaisle is laoch.
Conchubhar Ua hArragáin, sagart sámh suaimhneach síothach.



B 1779 18D
46. - CÚIS DOILBHIS AN LONNA-BHILE LÉIGHEANTA.



(Iarghnó ar bhás Éamuinn óig de Búrc noch d'éag anno 1779.)

Bile bláthmhar binn-bheolach caomhna cráibhtheach caoin-
chéimeach; deághthach dáilteach deagh-shomplach, fleadhach
fáilteach fíor-niadhta; gaoiseach grádhmhar glinn-eolach;
lúthmhar láidir lán-tapa; mianmhar meanmnach mór-
chroidheach; nósmhar neartmhar neamh-choimhightheach; páirteach
pionnsamhail príbhiléideach; rábach riaghalta ríogh-réimeach;


L. 155


saoitheamhail soilbhir sár-léigheanta; tairbheach tábhachtach
triath-threorach; noch d'fhág a lucht caidrimh agus cómh-
luadair idir fhearaibh agus mnáibh fá eolchair agus fá
throm-chumha i bParróiste an tSrotha agus i n-áitibh imchian
eile tré n'-éag i bhflós agus i bhfíor-bhláth a shaoghail.




Cúis doilbhis an lonna-bhile léigheanta,
De bhorb-fhuil na sona-chon ba thréine,
Polla is cuinge cosanta an laochais
Bheith torchartha fá ghorm-lic i gcré-chuilt;



Bláth-ghas beodha beol-tais béasach,
Bríoghmhar buacach buan le béithibh,
Bainiseach bórdach beorach bléid-gheal,
Barramhail blasta gan bhladar 'na bhréithribh;



Crobhaire ceannasach cneasta 'na chéimibh,
Carthannach caoin-tais croidhe-ghlan céadfach,
Cráibhtheach ciallmhar cian ó chlaon-chlis,
Cosantach cabharthach ceannsa caomhna;



Dragan dána i gcásaibh daora,
Dathamhail dáilteach deághthach déarcach,
Dualach dlaoi-chas díonmhar dréachtach,
Dian i dtreasaibh is daingean le dréimibh;



Fial-fhear forusta foirmleach féiseach,
Flaitheamhail fáilteach fálach faobhrach,
Fearamhail fíonmhar fiontach féastach,
Fuadrach focal-cheart foirtil fliuch-fhéilteach;



Groidhre greannmhar gasta glic glé-gheal,
Grádhmhar geanamhail glan-rúin gréagach,
Gárdach gaoismhear glinn i ngréasaibh,
Gorm-ruisc gruadh-ghlan uasal Gaedhealach.



Lonna-ghas láidir láimh-nirt léidmheach
Lonnardha luaimneach luaith-mhear léimneach
Lasamhail lígh-ghlan laoidhtheach léigheanta
Lúthmhar láimhteach lán de laochas.


L. 156


Mars i madhmaibh meidhir na mbéithe
Mianmhar meanmnach maiseamhail maordha
Mín-tais múirneach múinte i mbéasaibh,
Mór-chroidheach mórdha modhamhail i mbréithribh.



Nósmhar niadhta niadhchuis tréitheach,
Lán de mheas ag ceap na héigse,
Neartmhar ursanta cumasach laochda
Do rug clú gan smúit fá chré leis.



Polla páirteach lán den fhéile,
Péarla caoin de chraoibh a phréimhe,
Pearsanta poinnteamhail pionnsamhail pléideach
'S níor bh'aithnid cáim 'na cháil ná éislinn;



Ráib gheal rinnceach ríogh-ghas réimeach
Reathach rábach rásach réaltach
Ríoghdha rathmhar i reachtaibh na cléire,
Rabairneach saor re buidhin an éigin;



Saoi agus sár-cheap sásta séadach,
Siansach soilbhir socharach saordha,
Staruidhe suaimhneach suairc i séadaibh,
Saoitheamhail sochma cé'r bhorb le tréanaibh;



Triath do thugadh gach turus re héifeacht,
Bhí timpreach tairbheach tacamhail téacsach,
Taoiseach tána d'fhás ó phréamh-stoc
Búrcach uais ba bhuan i maodhmaibh.



I lámhach na líog rug mír ó chéadaibh,
Ba bhreágh a sheasamh ar faithche idir chaolfhir,
Ba dhána a ghairm i dtreasaibh na mbéimeann,
'S i gceáfradh gaisce ba ghreanta i measc béithe.



Ar bhórd an tabhairne bárr níor mhéin leis
Do leigean leo faoi ó shuigheadh 'na chaomhnacht;
Níor bh'iongnadh a chroidhe bheith líonta d'fhéile,
Ní fhacaidh a mhalairt ó bhaisteadh go héag dó.


L. 157


I ríogh-bhrogh 'athar bhíodh taisteal na cléire,
Saoithe seanchais, flatha agus éigse;
Daill is dealbh lucht martra is éislinn
Is gach buidhean dá dtagadh dá bhfreastal go féastach.



Bhí lígh 'na leacain tré lasadh na gcaora,
Ba shuidhte a phearsa, bhí maise 'na scéimh-chruth;
Ba chaoin ba chneasta 's ba bhlasta a bhréithre,
'S a bhaill gan easbaidh ó bhaitheas go caol-troigh.



Do bhí sé láidir álainn aerach,
Do bhí sé lán de bhláth na scéimhe;
Tuilte de mhian, gan fiaradh céime,
Go dul i n-úir dó i dtúis a shaoghail.



Ó tá an bás ar fagháil ag saor-shliocht
Ádhaimh chríonna smuainigh ar dhaor-choir,
Is ná fuil fuascladh ón uaigh ar Éamonn
Cuirim mo ghuidhe dá dhíon ar phéin-bhruid.



Aitchim Íosa Críost do céasadh,
Ar sparra na croise chum sinn-ne do shaoradh,
Anam an tseabhaic seo teascadh go déidheannach
Do thaisceadh ins na Flaithis fá bheannaibh a scéithe.



An Feart-Laoi.



Taiscithe fát bhéal saor-sheabhac lúthmhar mear,
Gaile tréan glé-shnuighte d'úr-fhuil flaith,
Ba dhaingean béim laochais i gcumangrach treas,
Is a ainm 's é Éamonn de Búrc, a leac.



B 1784 18D
U 0297
47. - SIN AGAT, A LÁIN-LEAC.



(Muiris Ua Gríobhtha ar bhás Eoghain Ruaidh.)



Sin agat, a láin-leac, ráib de Chlanna Míleadh,
Faraire fáin den dáimh do thaistil tíortha,
Ba shnasta glic sámh chum dáin do cheapadh is laoidhthe,
'S ba ghreannmhar grádhmhar gáireach gasta gaoismhear.


L. 158


Is gaoiseach gasta do chanadh gach laoi ársa,
Go bríoghmhar blasta gan mhairg go binn-ráidhteach,
Saoi suilt seasaimh ba fearamhail fíor-fháilteach,
'Na luighe fá leacaibh, sin asnadh do shíor d'fháidhibh.



Táid fáidhe is éigse tréith gan neart gan treoir,
Gan dán gan dréacht gan scléip gan snas gan spórt,
A Árd-Mhic Dé glaodhaim ort is glac mo ghlór,
Gan cháim gan chréim léig-se go Flaitheas Eoghan.



Eoghan ó cailleadh ní'l aiteas ná spórt san dáimh,
Gan ceol dá spreagadh mar cleachtadh ná cómhad na ndán,
Gan scóip ghrinn feasta gan taca gan treoir gan tábhacht,
Gan seoladh ranna go greanta glic cóir gan cháim.



Gan cháim do scríobhadh Gaoidhlge is go blasta Béarla,
Go bláthmhar binn caoin cliste ceart i n-éifeacht;
Ráib fhliuch fhír-inntinneach mear is éigeas,
Grádh agus gnaoi saoithe agus searc na mbéithe.



U 0335
48. - IS FADA FÁ SMÚIT GAN MÚSCAILT PHOEBUS.



(Risteárd Smith, seiribhéir, ar bhás a charad ionmhuin .i. Eoghan
Ua Súilleabháin.)



Is fada fá smúit gan múscailt Phoebus,
Tá scamallaibh dubha gan spiúnadh ar spéartha;
Tá brataibh le cumha agus pudhair ar réalta,
Ar bheanna-bhruig dubha tá dúire is daol-dath.



Ní'l aiteas ná greann le fonn ar éigse,
Ní'l freagra i n-am ná meabhair ag béithibh,
Ní'l rannaibh ag dáimh ná labhairt i n-éifeacht
Ó cailleadh an crobhaire cabharthach caomh-thais.


L. 159


Brainnse bagarthach barramhail béasach,
Caoin-tais ceannasach feasach gan bhaothbheart,
Líomhtha leanbhach labharthach léigheanta
Gan bhaois gan mhairg gan chleasa gan chlaona.



Do bhí sé dathamhail fleadhamhail féastach,
Gaoiseach greannmhar geanamhail gréagach,
Dílis deachtuighthe dearbhtha i n-éifeacht,
Aoibhinn abaidh gan aithis gan éalaing.



Is gaoiseach gasta do chanadh gach bhéarsa,
Is líomhtha labharadh Laidean is Béarla,
Is binn 's is blasta do cheapadh i nGaedhilge
Gan mhoill
sailm nó aiste nó aonstair.



Sinnsear Gaoidhil is fíor gur léir dó,
A mbeatha a mbuidhean a ngníomh 'sa laochas,
Gach ceap dá aoirde shuidheas gan chlaona,
Scafaire d'fhíor-fhuil ríogh 'gus saorfhlaith.



Aineamh ná teimheal is fíor nár bh'fhéidir
d'fhágháil i ngníomh ná i ngnaoi mo laoch-sa;
Do sháruigh míle saoi agus saor-fhlaith
I gcáil i maoin i suim 's i dtréithe.



Tá dáimh is draoithe claoidhte céasta,
Is mná na mín-chrobh ag caoi gan traochadh;
Tá árdfhlaith is saoi i scíos 'n-a n-éag-chrith
Gan bhlas gan mheidhir ós fíor gur éagais.



Ní'l file ná fáidh i gClár Luirc Éibhir,
Ní'l duine den dáimh nach cráidhte an scéal leis,
Tusa ar lár gan fagháil ar théarnamh
Is mise tar chách gur chrádhais go léir me.



Mo dhíth mo dheacair mo dhanaid mo ghéar-ghoimh,
Mo scíos an fhaid mhairfead mo cheasna tú faonlag,
Sínte marbh 's is danaid an scéal soin
Do bhuidhin na leabhar i bhfearannaibh Éibhir.


L. 160


Mo dhalta bheith tláith mo chás mo bhuaidhirt go héag,
Cara na dáimhe is bráthair buan, mo léan,
Fuair gradam tar chách ar chlár na suadh ba shéimh
Chum seanchus árd is dánta suairce 'léigheamh.



Réilteann soluis is polla na bpríomh-eolach,
Bhí béasach soilbhir forusta binn-ghlórach:
Laoch do foilceadh i dtobar na naoi n-ógha,
Céim nár dhorchuigh obair an chaoimh-Óibhid.



Is blasta ceart do chanadh laoi 'gus dán,
Do b'abaidh pras a theanga bhí gan cháim,
Ba ghreanta ar bhrat le hamharc rian a lámh,
'S ba gheal a chneas ó bhaitheas síos go sáil.



Mo léan tú marbh fá leacaibh ar feochadh,
A ghaoil na seabhac bhí i mBanba i gcoróinn seal,
Gaol ceart Chairbre chalma chródha
Do chlaochluigh namhaid i dtreasaibh le fóirneart;



Gaol Chúchulainn do b'ursa le slóightibh,
Gaol Uí Ruairc do b'uasal cródha,
Gaol Uí Chearrbhaill chalma an eoluis
Is gaol Uí Mhathghamhna ba thacamhla i gcomhlann;



Gaol Uí Néill d'a ngéilleadh slóighte,
Gaol Uí Laoghaire ba thréan i ngleo chnuic,
Gaol Uí Cheallaigh ba thaca san chóige,
Is Mhic na Mara nár mheathta i n-am comhraic;



Gaol Eoghain Mhóir ba chlú le téacsaibh
Do rinn teora is crodhacht i nÉirinn,
Nuair baineadh de an ceann le Conn céad-chath
Do chuir leonadh ar a shlóightibh i ndúithche Fhéidhlim.



An Feart-Laoi.
Is brón fada liom an faraire san úir go tláth,
Leomhan calma ba thaitneamhach liom tar chách,
Flós Bhanba chum seanchais is clú do dháimh,
Eoghan greannmhar de mhaithibh shliocht Uí Shúilleabháin.


L. 161


Mo chaoi dheorach líog lóghmhar na Gaedhilge i gcill,
Ríogh-lóchrann chríoch Fódla is éigse grinn,
Mar bhinn-Hómer gach laoi eolais is léir do scríobhadh,
An saoi Eoghan go cruinn córach i n-éifeacht cinn.



Guidhim an tAthair go tapaidh 's an Naoimh-spiorad,
Íosa 'ot chabhair 'sa Bhanaltra i n-aoinfheatch,
Na naoimh na haingil na haspail le chéile,
Agus choidhche Peadar go flaithis 'ot chaomhnadh.



U 0201
49. - LINN SCARTHA GO BRÁTH I GCLÁR LUIRC.



(Marbhna ar bhás Eoghain Uí Shúilleabháin.)



Linn scartha go bráth i gClár Luirc cómhad is greann,
Seanchas fáidhe fáithghlic Fódla ar fheabhas,
Ó cailleadh an sárfhear sásta seolta seang,
Bhí taitneamhach tábhachtach tabharthach treonmhar toghail.



Ba thoghail ar namhaid an ríogh-laoch,
Foghaltach freagarthach fíor-thréan,
Saoi cródha gan tlás
Fuair mír Éireann go hiomlán.



Is iomlán do rith a cháil i bhfearannaibh Chuinn
Chum luidhthe sásta is milis-dhánta cheapadh gan fuigheall,
Bile bláthmhar oinigh álainn eagnach caoin,
File fáth-ghlic dlúth-chairdeach marbh mo dhíth.



Mo dhíth-chreach marbh fá lán-líog
Treon is taca na sár-ghníomh,
Léigheannach Laideanach go foircheann,
Agus Gaedhilge bhlasta sa gcaomh-ogham.


L. 162


An ogham chas chraobhach ghléasta dhlúth mhín tiugh,
Is an ogham fhada aerach aosta chonnsoinidhe,
Ní'l ogham ná téics i nGaedhilge sionntuighthe
Ná gur fonnmhar éascaidh léigheadh an toghail-fhear glic.



Fear glic cliste gan tlás,
Ba lúthmhar oilte i ngach aon-chás;
Mo mhór-chreach marbh an saoi
De thuathaibh Chaisil, mo lán-díth.



Is díth 's is danaid a mharbh i gcrích Fódla
Chum laoidhthe is ranna do cheapadh le cruinn-eolus;
Ba shaor tú ag teagasc gach teangan de thrí sórdaibh,
Béarla blasta Ceart-Laidean is Gaedhilge órdha.



Do b'órdha an curadh ins gach aon tslighe,
I gcódaibh glice 's i gcéill chaoin;
Rí suadha na bhfáidh,
A bpríomh-uachtar i n-ogham dán.



I ndán is deimhin ná chuirfead suim go bráth,
I dtáthadh luidhthe ná i sioscaireacht ghrinn na bhfáidh,
Ó fágadh mise gan chomhairc gan díon gan scáth
I ndeaghaidh mo churaidh do goineadh le saigheadaibh báis.



A bháis mhioscaisigh gan truagh,
d'fhágann iomarca fá nuar,
Crádh chughat nár sheachain an fear
Gan an tuagh 'leagadh, mo mhór-chreach.



Mo bhrón-chreach-sa Eoghan san uaidh sínte,
An treon cumais cródha ba chlúmhail gníomhartha
I gcómhrainn fá mhóir-lic gan tnúth fillte
'S a chomhgus go deorach dá úrchaoineadh.


L. 163


A chaoineadh do b'urus don tsaoi
Gan bhaois, gliogar ná baoth-mhaoidheamh,
Aon treon cóir calma díobh
Go Domhnall mór Charraig Fhionna-bhuidhe.



B'fhionna-bhuidhe a chúl cas búclach séadach snuadh
Le n-a ngairmtidhe ar dtúis le sughachas é bheith ruadh,
Ag iomarca a chúrsa i bponnca saora suadh
I n-a dtuigthe as súd é 'n-a ughdar dréacht is duan.



Duain ní thuigim ar aon áird
Ná Gaedhilge mhilis na bhfíor-fháidh
Re n-a ríomhfainn ranna go binn buadhach
Ag caoineadh an tseabhaic, mo thrí thruagh.



Is truagh liom Domhnall dóighte i bponnc 'na dheaghaidh,
Is Diarmaid óg go deorach túirseach támhach,
Marcus brónach breoidhte i bponnc an bháis,
Agus Anna fólta feoidhte i gcumha tar bárr.



Bárr tuigsiona agus mír,
Cáil chumais is tréan-ghníomh,
Do fuair an fear freagarthach gan mheang
Ba chródha i dtreasaibh na ngéar-lann.



I dtreasaibh na lann nó ar thonntaibh fairrge amuigh
Nó i Sasana thall idir champa falachon uilc
Ní'l cathair ná ball ná domhan 'nar bh'eaglach liom
Ná tiocfadh mo chrobhaire acht cabhail na Mainistreach.



A Mhainistir bheannuighthe na bhfeart,
Tá an ríogh-laoch freagarthach fát chneas,
Riaghluidhe éigse is glán-fháidh,
Mian chroidhe éigse is glan-bháib.


L. 164


Is iomdha báb dheas mhánla mhíonla thais,
Agus fionna-bhean bhreágh do b'áille gnaoi 'gus gean,
Tuilte det ghrádh ins gach áit go mbíodh do stad,
An tan chluinfid do thásc go bráth ag sníomh a mbas;



Ag sníomh a mbas 's ag fearadh a ndeor,
I ndiaidh an treoir ba mhaith guil
d'fhág iomad fear is ban i gcómhair,
Och mo bhrón tú scartha linn.



AN CEANGAL.
Seo an tobar dá dtagadh na srothanna saora seoil,
Go solusmhar aiteasach taitneamhach gnéghlan cóir,
Go torathach tairbheach taiscitheach d'aosta is d'óg,
'Sis doilbh Clár Banbha feasta gan aon det shórt.



Is follus gur chaithis-se sealad is tréimhse mhór
I bhfochair Pharnasuis i bhfarradh na naoi mban n-óg
Gur folcadh ó bhaitheas go talamh tú i léigheann-tsruth leo
d'fhúig solasmhar aiteasach taitneamhach do bhréithre beoil.



Mo dhoiligh nach aithnid damh ranna do dhéanadh i gcóir
Ré molfainn mo sheabhac mar thaitnfeadh liom féin is
leo,
Ós follus gur balbh é m'aitheasc is m'fhéith bhocht dearóil
Scuirfead-sa feasta is ní chanfad rem ré níos mó.



AN FEART-LAOI.
A ghairbh-leac, glac meanma 'gus meidhir go suairc,
Agus aithris gur taiscitheadh fát chlí go buan,
Cathbhárr draoithe Bhanba 'gus rí na suadh,
Agus 'Athair-mhic, beir 'anam leat it ríoghacht gan ghruaim.


L. 165


B 1784ob 18D
U 0216
VI. - AMHRÁINTIDHE MOLTA BAN.



50. - DÁ MB'ÉIGSE MÉ.



(Amhrán ag moladh Mháire inghean Ridire an Dúin.)



Dá mb'éigs mé cheapfadh duanta re fuaimint is laoidhthe,
Go téicseach, uaimeach, sioscaidhthe, i gcaomh-fhuirm cómhad
Tréithe is teastas buadhach-leinbh uasail do ríomhfainn,
Scéimh a gruadh 's a fionna-chruith tá séimh sultmhar
sóghach;
Is dréimreach dlaghthach dualach a cuacha 's is buidhe-tiugh
Go péarlach scuabach muirearach ag slaodadh go bróig,
Is saor dom mheas 's is stuamdha neamh-ghruamdha gan
daoil-cheas,
A héadan suaimhneach soineannda lér créacht-mhilleadh
treoin.
Is caol a braoi, mar aondais pinn
Ó chléireach chruinn, ar dhearc gan smól,
'Sa béal tais binn, mar shéise sídhe,
'S ar théadaibh fuinn do spreagann ceol;
Tá gile an lile 'na leacain shnuighte ag caismirt ris na caora,
Is míonla modhamhail, gan phuímp, ciodh óg,
An réilteann mhórdha mhaiseamhail,
Ríoghan shnódhamhail thaitneamhach, gan ceachaireacht 'na clódh.



A brágha mar eala ag gluaiseacht ar chuan-shleasaibh taoide,
'Sa déide dlútha miona curtha ar aol-dath gan smól,
A bán-chrobh bheartas sluaighte i dtreas-ruatharaibh coimh-
eascair,


L. 166


Éisc is truip is duille coille ar néamh-bhrataibh
sróill,
Gáir ag ealta i mbuaic chluthmhair uachtraigh gach cruinn
ghlais
Géise is colúir is gach uile luibhe, faolchoin is róin,
Báid is barca ag luascadh go luaimneach re gaoith ghlain,
Saothar siubhlach, sionnaigh ghlic dá dtraochadh le tóir;
Is géar 's is cruinn gan léanadh a cíocha
Néata ar chlí mar shneachta lóg,
Is gach géag den ríbh le chéile ag tígheacht
Go méara a troighe gan easbaidh i gcóir;
Is míonla, séimh 's is banamhail an ainnir chneasta, mhaordha,
Bheir claoidhte slógh, gan bhrígh, gan ghlór,
I dtaoidhm chirt tóirse is anfaidh,
An tráth chídh an ógh rug barra i gcruth ó ghailteannaibh
na gcóig.



Stáid-bhean ghasta ghruaidh-gheal de chuaine na ríogh-fhlaith,
Ba féiseach fiúntach freastalach 'na n-aol-bhruig re
cóip,
d'fhás de cheap na suairc-fhear do bhuaidh ceannas
críche,
Is ba thréan lúthmhar gaisceamhail roimh béimeannaibh
leomhan,
Táin do chleachtadh duanta bleacht suadha 'gus draoithe,
Féile, flúirse is fairsinge gan séanadh, ná gó,
Rás ar eachaibh gruagacha, luadhail, rith, is aoibhneas,
Géime lúith, is acfuinn nirt, tar tréanaibh i dtóir;
Bé do phríomh-fhuil réics do shín
Ón nGréig le flít de bharcaibh seoil,
Géag de chraoibh na laoch ba fíochda
Léidmheach laochda lanna i dtóir,
Buidhean le faobhar i dtreasaibh cliste caismearta i n-am
éigin,
Fuair mír is scóip is cíos re cóir
I gcríochaibh Fódla fearann-ghlais,
Saoithe chródha is dragain oilte ór scagadh ise ar dtóis.


L. 167


Is álainn, abaidh, snuadh-ghlan, an stuaire dheagh-ghníomhach
Géar-shearc suadh is a gcomairc uile an bhéil-mhilis
óg,
Bheir fáilte fleadh agus fuascailt do chuaine na daoirse
Is bíd cléir is uaisle ar mhinic-chuireadh i gcaomhnacht
na hóighe;
A cáil do leath 'sa tuairisc go cuantaibh na tíre,
I gcéimibh buadha tar bhruinneallaibh tá an chraobh aici
fós;
Tá mánlacht taise is suairceas go buacach 'na gnaoi
ghlain,
Préamh do ghluais ó ghile-bhile mhéinne na slógh;
Réilteann eolais béithe Fódla
An mhaeghdean óg so is greanta gnúis,
Caor ghlan óir is blaodhm gan smól
Noch d'éirigh as phór-stoc cheart Ghiobúin;
Guidhim dí Críost mar thearmann dá hanacail ar bhaoghal,
Is céile congantach, séanmhar, súgach,
Tréadach, trúipeach, fearannach,
Nár chlaon le Lúitear chealgach is ná staonfadh dá nós.



Guidhim réimeas mar ba dhual dó, don chruadh-churadh ór
shíolruigh
An chéibhfhionn bhéasach, cheannasach, rug céim barra ar
óghaibh,
I méinn, i meas, i muardhacht, i n-uaisleacht, 's i ngníomh-
arthaibh,
I gcéill, i ngné, 's i gcarthannacht, i scéimh a crutha is
clódha,
Go seadach seascair suaimhneach go suairc soilbh saoirseach,
'San Ghaortha ag réidhteach ceasnuighthe is géar-bhruide
slógh,
I réim gan mheath, gan bhuaidhreadh, gan duairceas ná
daoirse,
Gan bhéim, gan bhaoghal, gan bhascadh ar bith, gan léanadh
ná brón.


L. 168


Gan éag go dtíghid le chéile an dís
I gcéin tar tuinn fá ghradam mhór,
Géaga groidhe den Ghréag-fhuil ríoghdha,
Séamus croidheamhail tapa, is Seon.
Badh gháirdeach gáir a n-amharca ag gabháil sealbh chirt a
sinnsear,
Is saordha sóghach, le méin don sceol,
Do thaoscfainn beoir is beath-uisce,
Is badh shoillseach lóchrann lasamhail im chaol-chrobh gach
neoin.



AN CEANGAL.
Ní'l fán ná mearughadh ar ghlan-chrú an leinbh seo adubhart,
Báb de cheart-chnú ghaisceamhail Ruidire an Dúin,
Mánla bhanamhail gheanamhail mhiochair dheagh-chlúmhamhail,
Is í Máire mhaiseamhail geal-phlúr Chloinne Ghiobúin.



51. DÁ MB'AON MÉ I DTUIGSINT ÉIFEACHT.



(Fonn: "Maidean cheóigh nuair d'éireóchainn").



Dá mb'aon mé i dtuigsint éifeacht do léighfeadh tuitim
Shaesair,
Éachta Chonaill, Néill Duibh, Chuinn, Éibhir, is Naois,
Gach céim do rith na Gréagaigh le faobhar ag filleadh
Hélen,
Thug dréachta scríobhtha ag éigsibh ar léir-scrios na
Traoi,
Tréithe chirt is scéimh-chruth an phéarla mhilis, mhaordha,
Do léirigh osna is daor-chnead i n-éin-fheacht im chroidhe,
Gan bhéim 'sa gcur le chéile go néata snuighte léigheanta,
Ní fhéadfainn cruinneas scéal ar an néimh-ghein do
ríomh.


L. 169


Is péarlach dlaitheach dréimreach slaodach fighte faon-lag,
A céibh ag tuitim léi-si go caol-throigh ar bís,
Tá aer is sult is saordhacht 'na héadan suidhte i n-éin-
fheacht
'S is néata a braoithe ar réalt-dhearcaibh claona 'na
suidhe,
Tá caor is luisne chraorac tré néamh an lile ghlégil
Ag pléidhe 's ag siosmadh i ngéar-chath 'na séimh-leacain
ghrinn,
Is aon aca ní ghéillfeadh do réir mar thuigid éigse
Seo an céim do thug an chraobh dí tar bhéithibh na gcríoch.



Is léir gur binne a séis-ghob tá béasach, miochair, craorac,
'Ná téada cruite 'á saor-spreagadh ag méaraibh go
caoin,
Is mar ghéis ag rith ar chaoltaibh scéimh a cneis 'sa haol-
chuirp,
'S gan bhréag is gile 'á mb'fhéidir a déide 's a
píop,
A caol-chrobh snuighte ar dhaor-bhrat i n-éifeacht cuireann
gléasta
Na céadta curadh ag tréan-shlad a chéile 'san mbruighin,
Éin andoire chraobhaigh gan séanadh puic is léith-bhruic,
Naoscaigh fiolair faolchoin is éisc ar an linn.



Táid aonta cruinne géara nár léanuigh clis ná clé-bhirt,
Na séada rinn' mo ghéar-shlad, gan chlaochladh ar a clí.
'S is néata a rosc do chréachtnuigh na céadta aca mar
réilteann
Do thréigeann rith na spéire roimh Phoebus do thigheacht;
Ni féidir linn a tréithe le chéile chur i n-éifeacht,
Ba chéim do bhile léigheanta den éigs' chirt a ríomh,
'S gur b'é gné 'gus fionnadh a scéimhe do léirigh me chum
éaga,
'S ní baoth liom tuitim tré shearc don phéarla so
mhaoidhim.


L. 170


A Éin-Mhic Muire céasadh, is fuair péin ar chrois dár
saoradh,
Aontuigh cumas réime do laogh gheal mo chroidhe,
An té seo chanaim gréasuigh chum mé do chur ó dhaor-
bhruid,
Nó is tréith-lag mise i n-éagcruth gan faoiseamh 'san
chill;
A spéir-bhean mhilis, mhaordha, d'fhúig saoghada suidhte im
thaobh dheis
Féach anois let shaor-chead mo thréigean nach cuibhe;
Gaoth, a chuisle, léig-se fé an gcréacht mo chruth do
chréachtnuigh
Is mo chéad beannacht go héagaibh ar bhaoghlaibh dot
dhíon.



TOMHAS AR AINM NA MNÁ.
Ní mheasaim gur cuibhe a fíoghair 'sa scéimh 'sa snuadh
Gan a hainm go cruinn ag saoithibh saordha a luadh,
Is glacadh gach saoi mar dhíol 'san éiric uaim
Nach gasta mé i ngníomharthaibh líomhtha léigheanta suadh.



Nuin 'san dó go dlúth na dheoidh
Is cúpla caogad gléasta i gcóir
'S an íodhadh leanaid Gréagaigh cháidh,
Ainm na mná do chlaoidh mo threoir.



Míle gléasta glé roimh chóig,
Ruis go dlúth is péith 'na dheoidh,
Uadh is íodhadh i nGréigis ghlinn
A sloinne, is ní i nGaedhilíge.



Freagra ar an dTomhas: Nelly Murphy.


L. 171


B 1770c 18D
52. - DO CAITHEADH LIOM SAOGHAD.



Do caitheadh liom saoghad tríom aisling aréir,
Le taitneamh do réilteann mhánla,
Is geanamhail gné, tá carthannach séimh,
Modhamhail, leanbhach, maordha, mnámhail,
Rachmas ná spré ní ghlacfainn-se léi-si,
Airgead, tréad, ná bán-stoc,
Is ar thairbhe an tsaoghail má ghlacann sí mé,
Ní scarfad go héag le Máire.



A chara mo chléibh, dár radas-sa géill,
Is taitneamh tar bhéithibh Chlár Luirc
Is eaglach mé le crosaibh an tsaoghail,
'San teastas tá léighte ag mná orm,
Gur mheallas go claon le bladaireacht béil
Gach ainnir dheas d'éist lem' ráidhtibh,
Go seachanfair mé, 's is dearbh má ghnéir
Gur gairid dom éag, a Mháire.



A mhascalach shéimh do charas gan bhréag,
Le táitneamh dot ghné ghil ghrádhmhair,
Ar fheabhas do mhéinne ar mhaise do scéimhe
Chealg le gaethibh grádha mé,
Is le ceangal i dtréad do charad, ciodh léir
Gur feargach taodach táid liom,
Ní gairid dam faoiseamh scaipfeadh mo phéine
Gan blaiseadh do bhéil-si, a Mháire.



Ciodh dearbh gur céim ró-dheacair dam é,
A teastas do léigheadh ní fuláir dam:
'Na mbeartaibh ag téacht ó bhaitheas go féar,
Tá a carn-fholt craobhach, fáinneach:
Gan bhladar is léir le hamharc 'na héadan
Maise le séimhe is mánlacht;
Mala dheas chaol ar mhalla-rosc chlaon,
Do chealg go haedhibh mé, a Mháire.


L. 172


Tá lasadh na gcaor is sneachta 'na réim
'Na leacain tré ghné na breághthacht,
Is cailce 's is caomh gan bhladar a déid
'Sa balsam-ghob craorac lán-tais;
Aigneadh saor ar chealg 's ar chlaon
'S a heascar do phréamh-stoc deágh-'thar,
Na bearta gan bhréag, is ní rachmas ná spré
Do ghreannfaidh liom féin tú, a Mháire.



Ar shleasaibh a cléibh tá mama dheas ghéar,
Rug barra na scéimhe ó bhláthaibh,
A píop chailce chaomh, mar mheasann gach n-aon,
Ba samhail le géis ar bhán-tsruth.
lacuna sa ls.



Is greanta 's is néata socair, gan staonadh,
A cosa 's is éascaidh a bán-troigh,
'S is dathamhail scléipeach maise 'gus aer
Mo thaitnimh tar chéad de bhábaibh;
Tar bheartaibh an tsaoghail do radas-sa saor-ghean
Díse i dtaoibh lae ná tráchtaim,
'S ar bhreabaibh ná ar thréad de dheascaibh an scéil
Ní scarfad go héag le Máire.



Is dearbh gur céim it aigne, a réalt,
Aitheasc na mbréithre tháinig
I labhartaibh éifeacht beartuighthe ag séithleach
Chealgach chlaon gan náire;
Ní'l agam i n-éiric masla na scéal,
Acht ceangal mar chéile ghnáth leat,
I reachtaibh na cléire theagascann tréad,
Is fad mhairfir ná tréig mé, a Mháire.


L. 173


Ná seasaimh-se, a laogh 'sa thaitnimh gach n-aon,
Ar theagasc an té ná tráchtaim,
'S má leanann an réim do chleachtann le tréimhse,
Óm aithin dó is baoghal eascáirdeas;
Glac meanma is géill dom labharthaibh saora,
Is dearbhaim féin it láthair
Go gcaithfead mo ré do mhalairt ná déan
'S go maiream a chéile, a Mháire.



Is fearra liom féin 'ná barra do spré,
Tú d'eascar do phreámh-stoc deágh-'thar
Aicme fuair réim is gradam is géilleadh
I bhfearannaibh Chéin is Fháilbhe,
Muna cionntach tú fhéin, a chumainn mo chléibh,
Is mise gan bhréag bhí i ndán duit
Dam tabhair do ghéag is blaiseadh do bhéil
Is glacaim go h-éag tú, a Mháire.



B 1784ob 18D
53. - IS ATHTUIRSEACH GÉAR MO SCÉAL, FÁIRÍOR.



(Fonn: "An Cháiteach Róin").



Is athtuirseach géar mo scéal, fáiríor!
I ganfhios don tsaoghal le tréimhse 'om shnuigheadh,
Do shearg mo ghné, is ní'l spéir im ghnaoi,
Le taitneamh do bhé, pé i nÉirinn í.



Tapa mo ghéag is léir gur claoidheadh,
Is maise mo scéimhe chlaochluigh trí
Gach galar is péin dár saoghadadh tríom,
Ó dhearcas an bhé, pé i nÉirinn í.



Le barra mo mhéar ní léir dam scríobhadh,
Is im theangain, mo léan, ní'l Béarla cruinn,
Ní blasta mo théics i nGaedhilig chaoin
Le n-a molfainn mo bhé, pé i nÉirinn í.


L. 174


Dá mbeith Óibhid is Saesar éachtach groidhe,
Is Bhirgil ná staonfadh d'aon den dís,
Ag moladh le chéile ag téacht ar mhnaoi,
Níor chosmhail lem bé, pé i nÉirinn í.



Bladar ná bréag níor léigheas im laoi -
Budh tharcuisneach é liom féin mar shlighe -
Ná glagaireacht bhaoth mar ghnéid filidhe,
Ciodh charas an bhé, pé i nÉirinn í.



Is daithte tiugh péarlach faon-tais slím,
Camarsach néamhrach céibhe a cinn,
Ó bhaitheas ag téacht go méara a troighe
Le cara mo chléibh, pé i nÉirinn í.



Is maiseach geal séimh a héadan mín,
Is mar ruibe dá céibh gan bhréag a braoi;
Tá luisne na gcaor tré aol ag bruighean
I leacain mo laoigh, pé i nÉirinn í.



Is banamhail séimh tais néata a hioghar
'S is geanamhail caomhna a scéimh 's a fíoghar,
Tá fairsinge féile is daonnacht tríd
Le hamharc im bé, pé i nÉirinn í.



Ag casadh gach bhéarsa a béal is binn
Is cailce deas saor-mhion néata a cíor;
A reamhar-rosc réidh-ghlas réilteach rinn
Le n-ar cealgadh mé, pé i nÉirinn í.



Ó cailleadh le Hélen, féach, mac Priaim,
Is Samson le Déile mhaordha mhín,
Ná deinidh-se éacht taréis sin díom
Má thuitim lem bé, pé i nÉirinn í.



Mac Iúpiter féin, ó's é do chlaoidh
Athaigh is béir, le géill do mhnaoi
Thais gheanamhail shéimh bhí tréimhse ag sníomh -
Acht leanfad dem bé, pé i nÉirinn í.


L. 175


Féach sealad Montasson féin do shín
I dtreasaibh na céadta laoch gan bhrígh,
Le taitneamh do néimh-ghein bhéal-tais mhín
Nár chosmhail lem bhé, pé i nÉirinn í.



Is dearbh Orphéas thug saor aníos
Ó ifreann, fé mar léightear linn,
Le binneas a mhéar, an réilteann chaoin,
Go gcarfadh mo bhé, pé i nÉirinn í.



Dá bhfeiceadh mac Éason laogh mo chroidhe
Sul ar thaistil Medéa i gcéin 'na luing,
An lomra thréigfeadh sé 'san tslighidh
Le taitneamh dom bé, pé i nÉirinn í.



Dá bhfeiceadh an laoch do thraoch Cúraoi
Ar mhullach an tsléibhe le claonta ó mhnaoi
Amharc dá scéimh bheadh sé gan mhoill
Snaidhmighthe léi, pé i nÉirinn í.



Is fearra liom féin gach laoch dár mhaoidheas
Do bheith treascartha faon 'ná i réim mar bhí;
Ní scarfadh gan phléidhe duine éigin díobh
Mise lem bé, pé i nÉirinn í.



Aitchim is éighim ar Aon-Mhac, Críost,
Go snaidhmighthear mé tar bhéithibh críoch
I gceangal na cléire léi gan moill,
'S a hainm ní déar, pé i nÉirinn í.



54. - I NDÉ IS MÉ GO DÉIDHEANNACH GAN ÚR-GHRINN.



I ndé is mé go déidheannach gan úr-ghrinn,
Ar thaobh chnuic im aonar go dubh-chroidheach,
Do casadh orm spéir-bhean an chúil duinn,
'Na raibh lasadh na gcaora 'na gnúis mhín.


L. 176


Ba chrapannach, dréimreach, búclaidheach,
Fighte, tiugh, néamhrach, úr-shlím,
Taitneamhach, péarlach, ciumhas-bhuidhe,
A muirear-fholt léithe go glún síos.



Ba ghile a héadan gan smúit teimhil,
'Ná an bláth tig ar ghéagaibh an dlúth-dhroighin,
A mala dheas chaol is a húr-phíop
Mar shneachta ar na sléibhtibh i dtúis laoi.



Ba bhinne a béal tana, búidh, binn,
'Ná seinm ar théadaibh le fonn croidhe,
A claon-ruisc ar aon-dath le drúcht bhí,
'S a mama gan chlaochladh ar chlúid clí.



A haol-chrobh is néata le fonn scríobhas
Catha na Féinne is a gcúrsaidhe,
Mar cailleadh le Hélen an chúil bhuidhe,
Flatha na Trae 's a bprionnsaidhe.



Tuitim an tréan-bhile Cúraoi,
Heircil an laoch is mac Duibhne,
Clanna Lir tréimhse san chiuin-Íocht,
I reachtaibh na n-éanlaith ar srúillidhe.



'S í bhreacas ar aol-bhrat ghlas mhín,
Beanna-phuic, éisc, is cathaidhe,
Mar cailleadh le Déirdre an fear Naois,
Is mar chailleamar Éire le mac Maoil.



Is sneachtamhail, aolda, a cneas mín,
Is ar a pearsain ní féidir i gceart scríobhadh
Ba thaitneamhach, aerach ar fad í,
Ó bhaitheas go méaraibh a geal-troighe.



Ba chosmhail le Bhénus i ngnúis í,
I scéimh is i méinn is i n-umhlaidheacht,
I dtréithe is i mbéasa faoi chlú críoch,
Is ó bhéithibh rug aon-bharra triúch Chuinn.


L. 177


D'fhiafras féinidh dhen searc-mhaoin,
Go séimh, cneasta, béasach le fastuím,
Is do shíleas ná géillfeadh dom stairidheacht,
Nó an réidhfeadh mar chéile le fear grinn?



d'fhreagair an spéir-bhean go pras sinn,
Is dubhairt liom mo thréithe do ghlan-scríobhadh,
M'ainm gan bhréagnadh, is m'ealadha,
Is go bhfaghainn freagra dá réir sin go ceart cruinn.



A bhruinneall mhodhamhail, bhéasach, do shlad sinn,
Le taitneamh dot scéimh is dod gheal-phíp
M'ainm ní scéalfad do neach daoibh
Is breacfad mo thréithe gan faillighe.
lacuna



55. MO CHREACH IS MO LÉAN.



Mo chreach is mo léan nár ceangladh mé
Go gasta le céird as m'óige
Go mbeadh agam réim ón gcathair go chéile
Ag caitheamh mo ré le sóghchas,
I dtigh tabhairne ag glaodhach ar bheathuisce dhaor
Is dá scaipeadh go séimh ar óigh dheis,
Ag bladaireacht léi le taitneamh dá scéimh
Is 'á mealladh chum mé do phósadh.



A ainnir na gcraobhfholt gcamarsach dréimreach
Daithte tiugh péarlach ómrach,
Ná tarcuisnigh mé is ná tagair a dhéanamh
Nó mairg it phlaosc do thógfainn;
Le crosaibh an tsaoghail má cuireadh me féin
Fá'n ama go tréith idir chóbaigh
Tá agam-sa méar is teanga dá réir
A chasfaidh do scléip fonmhóide ort.


L. 178


Machtnuigh leat féin is beartuigh go géar
Is dá n-abrainn féach ar t'eolus
Gach ainnir is bé ó Mhagh Ealla ar gach taobh
Den abhainn go dteidhir go hEochaill,
Le hiomarca scléipe is mustair an té
Ba chuibhe dá dtréad ná posfadh,
Ag caitheamh a shaoghail go tarcuisneach tréith
Gan rachmus gan réim gan nóchar.



A ainnir chiuin tséimh, mo theagasc má ghnéir
'S a ghlacadh go saor le sóghchas,
'S gur duine den tréad do thugadh a théarma
Do cheapais duit féin mar nóchar:
Ós dearbh gur réidhteach grafadh agus déanamh
Branair go héag mo ghnó-sa,
Bíodh agat-sa réic bheidh gasta 'n-a chéird
'S beidh agam-sa bé gan mhórtas.



56. - DO SHLÁINTE, A CHAILÍN GHEAL.



Do shláinte, a chailín gheal chailce na gcíocha mbána,
Is gile 'ná an eala 's 'ná an sneachta ar dhruim bánta,
Is fada mé i ngalar i bpeannaid 's i bpéin cráidhte
Ó ghlacas-sa taithneamh dot phearsa 's dot scéimh álainn.



Do shláinte, a chúilfhionn mhúinte mhaiseamhail shéimh,
'S gur glaise do shúil 'ná an drúcht ar bharra na gcraobh;
Tá folt do chúil go fionn is go fáinneach réidh,
Go búclach dlúith ag túirling síos go féar.



Do shláinte, a bhean mhánla na ndlaoithe gcas
Na bhfuil grádh agam tar bhárr duit is díoghrais searc,
A chéadshearc, ná tréig mé mar thug mé dhuit gean
Is ná léig mise im aonar go Gleann na nGealt.


L. 179


Do shláinte, a chúilfhionn, ná diúltuigh scafaire groidhe,
Fear cosanta clú na Mumhan, fear meisnigh is meidhir
Nár staon ó n-a charaid i n-earra ná i dtúis an ghleodh
Acht a chúis a agairt an fhaidh mhairfeadh de snáithe beo.



Do shláinte ós cionn cláir go bráth, a ainnir na gcraobh,
Sliocht Cháilbhin is Mhártain gan trághadh gan talamh gan
réim,
Sláinte a bhfuil láithreach is a maireas det ghaol
Gur bha feárr sinn amáireach 'ná ar maidin indé.


L. 180


B 1770 18D
VII. - BARÁNTAIS, ETC.



57. A ÉIGSE IS SUADHA SLÉIBHE LUACHRA.



(Barántas i gcoinnibh duine éigin do ghoid a hata.)




Conntae Chorcaighe mar aon le mórchuaird Éireann go huile.
Le hEoghan Ua Súilleabháin bile binn-bhriathrach beacht-mhúinte
agus file fáthach fíor-eolgach
foghlumtha agus aon de cheart-
bhreitheamhnaibh na suadh-dháimhe
san chonntae réamhráidhte agus Leithe Mogha mar an
gcéadna.



Ag so órdughadh fuinneamhail feidhm-láidir fíochmhar
foirtil fíor-arrachtach, neimhneach neartmhar namhaideamhail
neamh-charthannach, cródha calma cath-bhuadhach, ríoghdha rathmhar
réim-dhíreach, séimh sultmhar so-thuigsiona, rúnmhar reacht-
mhar ró-thighearnamhail, créachtmhar, ághmhar, úr-mhaiseach,
dlúthmhar dána dásachtach, chum gach uile constábla, bum-
bháille, mór-mhaor, taistealach, agus feadhmannach fórsamhail
fíor-fhuireanta do bhaineann re chúirt sochraigh so-bhéasaigh
saoitheamhail soinneanda solas-bhriathraigh na ndámh-scol
ndántach ndeagh-shomplach, agus chum Eoghain mhic Partholáin
Uí Shúilleabháin go sonnradhach is a lucht cabhartha:




A Éigse is suadha Sléibhe Luachra,
Éistidh linn-ne seal,
I laoithibh éifeacht daoibh go léighfead
Fé mar scriosadh mé;
Foghluidhe tíre tháinig araoir,
Is óm thaoibh do goideadh leis
Hata fáinneach cúmtha ceárdach
Péacach uilleannach.


L. 181


Bhí sé maiseamhail éadtrom dathamhail,
Fé mar thuigim-se,
Is bannda síoda casta 'na thimcheall,
Céim nár bh'iongnadh;
Ba bhreágh í scéimh is bláth gach aoinne
Fé n-a dhuille sin,
Lonnrach lasmhar cúmhra cneasta
Caomhna cumannach.



Seo an hata gan bhréag fá ndeara do Dhéirdre
Thréig Rí Uladh seal,
Taitneamh a croidhe do thabhairt do Naois
An tréin-fhear curanta,
Fé mar aithrisid fáidhe an tseanchais
I n-éachtaibh iomaidhe,
I gcathaibh na Craoibhe threascair na mílte
Laoch gan toirmeasc.



'Sí scéimh an hata so an céim fá ndeara
Do Hélen cumann searc
Do thabhairt do Pháiris go cathair Phriáim
Ón nGréig gur imthigh leis;
Seo an t-adhbhar 's an fáth d'fhúig Aichill is Áiacs
Faon, is iomad flath,
Is Hector cródha i ruagaibh comhraic
Do thraochadh truipeanna.



Is é ba dhíon is éadach cinn
Ar phlaosc Chú Chulainn seal,
Blánaid mhaordha an tráth do thréig
A céile cumainn dó;
'S ar Iason féin do ghluais le laochradh
Tréin-fhear curanta,
Lomra an óir ó Chalcis ar bórd
Don Ghréig go rugadar.


L. 182


'Sé bhí ar Hercules féin do smachtuigh an saoghal
Gan bhéim gan toirmeasc.
I ruathar ármhaigh Chonaill Cheárnaigh
Fé do tugadh leis;
Is dearbh gurab é bhí ar chloigean Orphéis
Nuair aontuigh Luicifer
An chúil-fhionn tais do thabhairt tar n-ais
Gan bhéim ó ifreann.



Is é néamhuigh clódh mhic Maoil na mbó
Thug Gaedhil go huireasbach
Fá shúistíbh Gall go dúr-chroidheach gann,
Gan réim ná cumas nirt;
Is é bhí ar Dhiarmuid i ngoradh na ngliadh
Do thraochadh iomad fear,
Tré a dtug Gráinne cumann is páirt
Tar aon den bhfuirinn dó.



Ca tairbhe dhamh-sa a mhaitheas do chómhaireamh
d'éis a ghuidighthe?
Is gur bh'álainn gleoidhte sásta an tseoid é
Ag saor-fhlaith cumhasach;
Ní'l ainnir ná bé do dhearcfadh an té
Ar a suidhfeadh seal
Ná tabharfadh searc rún is gean
A cléibh 's a cumann dó.



Is cráidhte céasta támhach lag tréith mé
I n-a éagmais uireasbach,
Is mo ghéaga siubhail gan léim ná lúth
'S is faon mo chuisleanna;
d'imthigh mo ghreann, do chailleas mo mheabhair,
Do chlaochlaigh m'inchinn,
Go dtáinig óig-fhear cúmtha córach
Béasach milis ceart.


L. 183


I ndé dom láthair, is thug an mánual
Do réir a thuigsiona,
Go bhfuair fárdal uaidh is fáth cé
An taobh 'nar imthigh sé;
Thugas-sa órdughadh fuinneamhail fórsach
Fraochmhar fuirmleach
Uaim i n-éiric, fé mar léightear
Ins na laoidhthibh seo:



As I am informed that pilfering roving
Rakes gan dearmad,
Juris quoque contemptores,
Fé mar mheasaim-se,
Nightly strollers haunt these borders,
Déanaidh faire cheart
To apprehend aon chladhaire falladhthach feill
Den chlaon-sprot chealgach;



Cuarduighidh maol-chnuic, coillte, caotha,
Sléibhte is curraighthe
Ó Choim na gcaol-fhear go Baoi Bhéarra
Is go hUíbh mac Caile soir,
Ó imeal Fionn-trágha go Sionainn na mbárc
Is go fíoraidhibh Mhuisire,
'S i mbrogaibh aolbhaigh ó chois Féile
Síos go Luimneach,



Cuarduighidh póirsidhe, poill, is seomraidhe,
Is féach i gcupardaibh,
Ná fág bácús, lochta, ná parlús
Saor gan bhriseadh dhó;
Siubhail gach seiléir is cúinne simnéidh,
Ó is é is sailighthe,
Scartáil airgidh is cófraidhe daingeana,
Is réabaidh glaiseanna.


L. 184


Ar fhagháil an tséithligh d'fhág mé i ndaor-bhruid
Fé mar inniseas,
Léithrigh righne déanaidh d'fhígheadh i gceart
Ar a chuisleanna;
Tugtar an scrúile chum na cúirte
Ar adhastar chugham-sa,
Go stollfad go prap an croiceann le hairc
Ón bplaosc go troighthibh de.



Má's 'na seomra ag mnáibh óga
Gheobhair an hata so,
Déan a gceangal go diachrach daingean
Le cuibhreach gadaraigh;
Má ghníd gearán ar a gcruadh-chás
Tabhair faobhar bata dhóibh,
Is muna ndéanfad-sa léirscrios fola ar an dtréad
sain,
Déan a chasadh liom.



Ag so Barántas dhuit, a bhráthair,
Gan baoghal, gan toirmeasc,
Is leigfead mo lámh go tapa ar a sháil,
Is séala m'oifige;
Cuir gach ponnc de i n-execution,
I bpéin do ghortuighthe
Ag dlighe na suadh is na ndraoithe suairce
Saothrach socharach.


L. 185




58. - WHEREAS D'ÁITIMH AON DOM LÁTHAIR.



Conntae Chorcaighe, mar aon le mór-chuaird na hÉireann go huile.



Barántas Dhonnchadha Uí Núnáin
le
hEoghan Ua Súilleabháin, file, feallsamhain focal-cheart
fáidheamhail foghlumtha fíor-
eolach agus aon de cheart-
bhreitheamhanaibh na saoi-éigse
'san chonntae réamh-ráidhte agus Léithe Mogha mar an gcéadna.



Ag so faisnéis Dhiarmada Uí Fhoghladha dom láthair-si,
an naomhadh lá fichead den Mhárta, míle seacht gcéad agus
fiche bliadhain ar chaogad.



Ar na cheart-dhearbhadh don fhaisnéisidhe seo is é adeir
.i. an lá den mhíosa réamh-ráidhte ar mbeith dam féin ag
ól agus ag aoibhneas i nGleannabhair aoibhinn fhearann-bhláth
an Róistigh mar aon le triar ban do riacht im dháil ó
thuathaibh lán-mhaiseacha na Ruadh-mhóna i gConntae Luimnigh
.i. an inghean, an mháthair, agus bean ghaoil don dís sin. Do
smuain mé an inghean do cheilt ar an ndís eile, agus ar
mbeith disi d'aon tuigsint liom-sa, do cheapamar ionad
cinnte coinne le chéile i dtigh an fhaisnéisidhe réamh-ráidhte,
is do riacht an inghean ann i ndóigh go n-éalóchainn-se 'na
diaidh, agus ní cian do bhí ann, amhail nochtann an faisnéisidhe
seo, an tan do shín 'na dáil aon do phríomh-chómharsain na
bantrachta céadna do ba phríomh-rúnaidhe agus cóimh-
leannán dóibh sin, fear dárbh' chomh-ainm Donnchadh ua
Núnáin .i. alltán aithiseach ainéightheamhanta agus breallsún
bagarthach, baoth-lúbach buidhe, bolg-mhór, bléan-fhairsing;
agus ceithearnach ceann-reamhar cnámh-ársa cíor-dhubh clagach
cuas-shúileach creat-lom crosta craos-fhairsing, dorcha
diablaidhe dath-ghránna draoidheachtach damanta droch-


L. 186


chonntanóis, fallsa falaightheach faon-ghníomhach, agus
geócach gaigeamhail gníomh-dhiabhalta, laghrach liosta leamh-
labharthach, mursanta maoidhteach maoth-mheata meabhalach
millteach mío-cháileach munabarach modartha mí-sciamhach,
naitheannach namhaideamhail neamh-eolach, pusach prioslach
plámásach, rúntach rangach righin-scrogallach, srathaire
siubhlach síor-chuairdeach scólta scriosta scaig-fhiaclach,
agus teallaire taidhbhseach toirtéiseach, darab gnáth-obair
go feasach dá phríomh-chomharsain bheith ag srathaireacht idir
bhothánaibh ag reic, agus ag síor-dhearbhadh éithigh gan chon-
tabhairt, ag tabhairt anáire agus ag díol a phríomh-charad
ar bhléantsáith bídh.



Dearbhann an faisnéisidhe seo go dtáinig an clamh-
chonablach so chum a thighe i ndiaidh na hinghine réamh-ráidhte
agus gur dhearbhuigh dí ar mhóid an leabhair gur fhógras-sa
dí-se imtheacht mar aon ris an gclúmhartach so feacht as
an mbaile amach, agus go leanfainn iad um thráthnona,
agus gur cheapas-sa ionad cinnte coinne leis féin; agus
leis na claon-dhearbhthaibh sin do riacht an inghean tar a
heolas leis. Ionnus nár bh'feas dí ca háird d'áirdibh
an domhain i n-a raibh go teacht fuine-néill an tráthnóna
chucha gur aithin sí an tan soin go raibh ar a dúthchas féin
arís, ar soin scaras ris an arrachtach sin is triallas tar
a hais chugham-sa gur riacht mé, ionnas nach feas cár ghabh
an t-ablach soin ó shoin i leith.



Ní bhus mó ní deir an faisnéisidhe seo, agus is dá
dhearbhadh soin atá an Barántas so:




Whereas d'áitimh aon dom láthair
I ndé, gan tlás, ar bhrígh mhóide,
Fear saordha sáimh-ghlic tréitheach tábhachtach
Léigheanta, lán do chruinne-eolas.
'Na réim go dtáinig séithleach sár-lag
Taomach tláith, is daoi-chóbach,
'S i gcéin 'na dháil gur théarna an bháb
Le méinn bheith tráth 'san tslighidh rómham-sa;


L. 187


Le bréithre pláis an sméirle ghnáis
Nár thaobhuigh rádh na bpríomh-eolach,
Acht éitheach gnáth, is bheith claon 'na pháirt,
'Na straere fáin gan puinn fóghnaimh,
An bhé seo rádhaim i gcéin do dháil
Gur éaluigh tráth ón bhfíor-lóma,
Is mo léan ná ráinig an clé-spriosán
Im chléith go ndáilfinn díol cóir dó.



Is mian liom trá a mhéinn 's a cháil,
Ciodh claon le fagháil 'san ríogh-chóige,
Le chéile thrácht i n-éifeacht dáin
I réim 's i rádh na bhfíor-eolach:
Baothlach beárrtha baoth, gan náire,
Sméirle smáil is daoi-chóbach
Créimneach cáimeach céasta cráidhte,
Is daol dath-ghránna díth-chómhlach.



Ablach uallach aithiseach uathmhar,
Feallaire is fuaice físeora,
Conablach cuardach curaighthe cluanach,
Mursaire mór-phuis mío-chórach,
Srimile snuadh-dhubh, silte gan fuaimeint
Fuinneamh ná luadhail 'san bhfíor-lóma,
Scigire suarach, cuirpthe cuasach
Curaiceach guaireach gnaoi-dhóighte,



Ceamalach claimheach, gan aiteas 'na ghnaoi
Ná taitheac 'na ghníomh ar aon bhóthar;
Sladaire tíre, creachaire críche,
Is airgtheach fill-bhirt éagcórach;
Meallaire muing-chas damanta draoidheachtach
Bagarthach bruigheanach díth-eolach,
Breillice breillsce leabhar-phus laghrach
Airciosach íotmhar aoigóideach;


L. 188


Srathaire siubhalach suimneach súil-bhreac,
Slibire an mhúin nach binn-ghlórach,
Oilithreach gúngach mioscaiseach clúmhach clamh
Cealgach cúrsach craois-bheolach;
Trodaire trúgh-chuirp, tubaisteach lúbach,
Leibid is lionsca líobóideach,
Cuineannach crúbach muiniceach com-lag,
Taca 'gus úghdar claon-chomhairle.



Spadaire sprionnlag damanta dúr,
Is breabaire brúideach caol-tónach,
Dranaire drúiseach danardha dúil-uilc
Meabhalach, múchta i millteoireacht;
Gaige gan súghachas, glamaire gnúis-dhubh,
Scagaighthe as múnlach, fíor-chóbach,
Leath-scuilte tútach, teallaire is trú,
Gan mhaise ná múineadh acht díth-eólas.



A theastas le fonn sin breacuighthe d'úghdair,
Is faire ná dubhart-sa a chruinn-chomhartha:
Táid cnamhthacha ag ionfairt treasna 's ag lúbadh,
Ag greadadh is ag siubhal 'na mhaoil scólta;
Mala chas chlúmhach ar chlagaire súl,
Is smearthacht i ngnúis an fhíor-lóma,
Leathan-phus rúnntach ghlacann gach srúill
Dá dtagann as múr a chladh-shróine.



Is caol a scrogal cais-fhéitheach fochmach,
'S gan bhréag tá cromadh 'san dubh-lionnsca,
Is caobach broucighthe craos an tslogaire,
'S a mhéadal ocrach úr-bhrúideach;
Séithleach solaghthach créimneach coganta,
Sméirle is conablach cumhang-ghúngach,
Is léir 's is follas gur thréig an sonas
An créice fochallach fionn-bhrúchtach.


L. 189


Éighim is aitchim gach n-aon do dhearcfadh
Aon strae dá shamhail i gcrích Fódla,
Le téid a cheangal, go daor, gan taise
Don séithleach chealgach chlaon-chómhlach;
Nó i ngéibhinn ghadaraigh é do thabhairt
Dom láthair feasta gan mhoill, fógraim,
Go snuighead a leathar le faobhar mo theangan
Den straoille dhamanta dhíth-eolach.




An Ceangal.




Aitchim gach n-aon, idir éigse, suadha, is dáimh,
I bhfearannaibh Éilge, ó Bhéarra an chuain go Máigh,
Má castar an créice strae seo ar cuaird 'na ndáil,
A cheangal go daor i ngéibhinn chruaidh le cnáib.



B 1781 18D
59. - CRÍOCHA MION-ÁILNE MUMHAN.

(Barántas Mhuiris Uí Ghríobhtha.)



Críocha mion-áilne Mumhan agus an chuid eile d'Éirinn
iathghlais oileánaigh; le hEoghan Ua Súilleabháin .i. aon de
dheirbh-bhreitheamhain na saoithe-éigse ar feadh na gcríocha
roimh-ráidhte go huile.



De bhrigh go bhfuaras fíor-fhaisnéis re ceart-áiteamh
díse deagh-dhaoine .i. Micheál Ua Clúmháin do chomhnuigheas
i mBealach-Uabhar-Átha agus Uilliam Ua hÁithnín do
chomhnuigheas ar Ród-chros Tobair Anaedh: iar n-éag
d'éigsibh éifeachtacha ealadhanta; do shaor-mhacaibh léigheanta
lán-eolacha; do shuadhaibh snuighte sianscothacha: agus
d'fhiobhaibh fromhtha fíor-fhoghlumtha: do bhárdaibh bleachta
binn-bhriathracha agus do dhámhaibh dearbhtha deagh-shomplacha;
do dhraoidhthibh diamhar-rúntacha dántacha agus do
dhruadhaibh dáilteacha snais-riaghaileacha agus d'fháidhibh
fionnmhara féidhm-dhlightheacha Leithe fairsinge Mogha noch
ba dearbh-ughdair dréachta dánta laoidhthe duanta na


L. 190


ndeigh-ealadhan san tan céadna is san chruinn-aimsir
i n-ar mhaireadar na taoisigh teagaisc agus na saoithe
sár-labharthacha cúirt-ghairmtheacha mianmhara meidhir-
chaointeacha dleachta dílse d'fhíor-scoth uasal urramach
gréithre gaoismheara Gaedheal, gur neaduigh agus gur
dhlúth-ghnáthuigh balbh-bháirdín breill-bhriathrach bunscolóige;
agus cnáimhsealuidhe ciarsánach cian-aosta; agus dúr-
dhradaire díoscair díth-eolach; agus fíor-fhuirseoir
foghaltach faon-ghníomhach; agus glimsín glafaoideach
glam-ghlórach; agus leamh-lorgaire liadurtha lomathach;
agus maol-mheilit maoidhteach mío-ghníomhach; agus nioscóid
neanntach neamh-charthannach; agus pótaire pleidhceamhail
plámásach; agus ráiméisidhe righin rún-chealgach; agus
tirim-tharbhán tim-thoirtéiseach i gcuas-phollaibh diamhara
agus i gcumaraibh doimhine do-eolais an tSléibhe Riabhaigh,
darab dearbh-ainm Muirisín maol malla-chluasach meangach
mailíseach Ua Gríobhtha .i. feallaire noch do dhíolfadh an
fíor-bheagán d'iarmhar na héigse atá i n-a bhfuigheall áir
agus áirnidhe ar fianscar agus ar foluamhain tré inghreim
danar agus foirneart eachtrann a saor-chríochaibh sean
agus sinnsir clanna míodhranaidhe Míleadh ar bhrúcht-sháith
buisine amhail ba ghnáth ris do dhéanamh.



Áitighthear fós ag an bhfaisnéisidhe seo go mbíonn an
búrdúnuidhe beag-náireach so ag imtheacht idir shearc-
chaillighe cois sléibhe 'na fhear leighis lusa luibhe agus
asarlaidheachta fá ghné dhochtúra fhíor-fhoghlumtha ban le
tabhairt cloinne dhóibh ris na healadhantaibh so ...



Bíonn fós an bladaire baoth-ghlórach so an tan mheathaid
na ceárda réamh-ráidhte air ag iomlat ó thigh go tigh 'na
phaidreachán crábhaidh agus coinsiasa i measc cais-chailli-
chínidhe ciartha coirtighthe na gcríoch agus na n-áitreabh
réamh-ainmnighthe ag teagasc agus ag múineadh salm an
altuighthe agus a shamhail eile sin de phracás urnaighthe nár
órduigh Dia ná duine do rádh ná d'éisteacht, mar shlighe
bheathadh agus mar adhbhar cothuighthe dó féin ó ráinig 'na
thuathalán, ciodh tréan-aineolach i riaghlacha léighinn is lán-
fhoghlumtha; ciodh deiliúsach d'órduigheann don bhuidhin sin
Bhealaigh Átha gan m'órdughadh-sa ghlacadh mar dhlighe i


L. 191


ndóigh clú agus meas do thuilleamh dó féin tré thigheacht
i gcómhairidheacht riom-sa nó rem amhail eile i gcúil-
gheárrthóireacht mhailísigh gan uaim aiste ná ughdarthás acht
ag déanamh deimhin dar leis féin den charadas soin do
shnaidhmeas ris agus do b'éigean damh go haimhdheonach do
scaoileadh tré mhíochadhas an chríon-chlamhaire seo.



Tar éis na fáthaibh sin órduighim do gach file feasach
fáidheamhail Fíor-ghaedhealach an báirdín seo do dhian-
dhíbirt agus do rian-ruagairt ó n-a gcóimh-thionólaibh
agus ó n-a gcomhluadar; agus dá n-oifigighibh dearbhtha
a cheangal agus a chruadh-chuibhreach agus a bhreith ar an
órdughadh soin 'na chime chraiplighthe cruadh-chuibhrighthe do
láthair cheachtar de bhinn-bhreitheamhain na saoithe-éigse go
n-íocaidh a chríon-chorpán creat-lom cas-leatharach as
leamh-labharthaibh a theangan atá tarsa tuisleach tuathalach
teirc-fheolach; agus dochum na neithe sin do chur i bhfórsa
ag sin barántas tarraingthe fá'm láimh an naomhadh lá de
mhíosa Calainn 1780.



B 1784ob 18D
60. - DE BHRIGH GUR ÁITIMH SCAOITH DE BHÁBAIBH.



(Barántas Dhomhnaill Uí Dhála.)



Is é brigh an déantúis seo fuirm bharántais do scríbh
Eoghan Ua Súilleabháin i ndiaidh Dhomhnaill Uí Dhála .i.
dochtúir bolguidh do chuir air san faisnéis do rinne ar
dhuine dár bh'ainm Seán Ó Luinneacháin, ionnus go
ndearnadh príosúnach de; agus is uime sin do rinne
Eoghan an bharántas so.



De bhrigh go bhfuaras faisnéis béithe blasta binnbhéalacha
agus maighridhe maiseacha mearchaoine na gcríoch i n-a
ngnáthuigheadh Seán soirbheasach saor-bhriathrach Ó Luin-
neacháin taisteal agus tuirling i ndáil óil agus aoibhnis
aonaigh agus oireachtais maighdean agus macaomh áille


L. 192


oll-bhláthacha, cidh hionnarbadh é tréimhse a comhar agus a
compántas na buidhne réamhráidhte tré inghreim danar
agus eachtrannach agus fós tré mhío-phuinnteail díol-fhiach
daoine noch d'fhág é féin fá sháil an bhráca ag casadh ris
na fiacha soin d'íoc go clúmhamhail amhail (budh) ghnáth ris do
dhéanamh.



Ar an gceart-áiteamh do na faisnéisidhthe seo is é adeirid
go bhfuil dochtúirín baoth-ghlórach díth-eolach gan fios luibhe
lusraidh ná leighis, le himchian d'aimsir ag déanamh luit
agus léirscriosa ban i n-ainm agus i ngairm fir leighis
agus tuarastal bithchinnte dá chionn soin dó ón mbás;
ionnus gur cómhluath é i dtír agus i dtuaith, i mbaile
mór agus i gcathair; ar tuairisc daoine díoscuire díth-
shláinteamhla le haghaidh ionnmhasa agus éadála d'fhagháil de
chionn a marbhtha agus a mórmhasluighthe; agus fós chum
an tuarastal atá go bithchinnte dá chionn sinn dó ón éag
do thuilleamh. Áitighthear fós go mbíonn an learaire
luath-chuardach so ag tabhairt gliostairidhe do chailleacha
agus ag díth-chreachadh giallacha ó fhostaidhibh foghaltacha
fiacal. Ní bhus mó ní deirid na faisnéisidhthe seo agus
is dá dhearbhadh soin atá an barántas so:




De bhrigh gur áitimh scaoith de bhábaibh
Gan aon mhearbhall,
Go bhfuil trú gan cháil gan chlú gan áird
Ag déanamh achrainn;
Is dian a radharc so ag triall mar spy
Pé taobh 'a dtaistelann
An tsaoi glan Seághan caoin searc mánla
Maordha is barrshionna;
Bíonn an íomháigh 'na shíothnuidhe míoláin
Ar fuaid bailte ag rith
An fuilire feill i n-ainm fir leighis
'S 'na shéithleach airgthe.
Ní liaigh an lobhar acht iarmhar abhaic
Is créice cealgach,
Gliogaire guagáin oilithreach fualáin
Is straeidhre seachmallach.


L. 193


Ná glacaidh piollaire uaidh ná gliostaire,
Tá siad marbhthach;
Is ón mbás tá cúinse dó dá chionn soin
Fé mar aithristear;
Do chaill a chiall a mheabhair 's a mhian
Is tá i n-' éagan easmuilteach
Tré dhoighir éada ag díol a chéile
Le Squire Callaghan.
Budh shógh leis prátaidhe is dríodar bláthaighe
d'fhagháil mar bhéile
I n-íoc buinnighe bhuaint as scrutaidhe
Is as mnáibh aosta,
Bíonn a lainsín ag an gclamhairín
Go toirtéiseach,
Is ní fuláir go ngairmfear dochtúir patent de
Idir bhaothlaigh.



Aitchim ar dhaoinibh do bheadh cnaoidhte
A sheachaint 's a shéanadh;
Ní tuar leighis dóibh guaisce adharcach
Atá ró-éadmhar,
Bíonn 'na ghealtán ar fuaid bothán
Gan fód céille
Ag reic 's ag maoidheamh gach leighis le luibheanna
Agus sin le tréimhse.
Is follus fá chion an folaire guir
'S an gliogaire gréisceach
Idir thuataidhibh do ghabh bualtaidhe
De dhruim a chéirde,
An tan tigeann go tír nár léir dó roimhe sin
Bíonn gan séanadh,
A ghliostiare tóna aige mar chomhartha
Dá lucht glaoidhte.


L. 194


B 1782c 18D
U 0334
61. - A BHRÁTHAIR CUMAINN.



(Séamus de Nógla cct. chum Eoghain Ui Shúilleabháin.)



A bhráthair cumainn 's a bhile d'Íbh Shúilleabháin,
'S a fháidh ghlain chliste fuair urraim i gcúirt na ndámh,
Go bráth sin mise is tú briste muna n-umhlair spás
An tseoid seo cuirfead go fuinneamhail chughat i ndán.



Ailm is nuin do réir tuigsint ughdar árd
Is 'na ndiaidh sin cuirim teine is eabha áin,
Roimh ghort bíodh nuin is cuir 'na dhiaidh sin a
I n-ughaim mar thigeann tuig is léigh mo dhán.



Beith is iodha is t gan bhladar buailte
Is nuin go fíor le n-a thaobh bíodh sealad uatha,
Uir is d is ar a ndruim go gasta uath cuir
Is eatortha suidhte go fíor-cheart ailm uaimse.



Sin críoch ar mo scríbhinn nach blasta fuaimint,
Is nach blasta sníomhadh i laoidhthibh ceart na suadha.
Ní feárr míle líne ná stad an uair seo,
Sin an tseoid do mhaoidhim is faghaim freagra uaitse.




Freagra - An Teanga bith-nuadh.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services