Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill

Title
Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill
Author(s)
Mac Domhnaill, Seaghán Clárach,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1754
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1902)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Seascad do bhruinneallaibh innealta cuanda cáidh,
Gan faice dá n-ionar ó uisinn' anuas go sáil,
Tabhair don fhileadh ghlan thuigsionnach uasal, Seaghán,
Seabhach an oinigh, noch d'imthigh gan tuarascbháil.



Cantaire fileadhta fioscathach duan is dán,
Preabaire an mhisnigh, ba mhinic ag bualadh cláir,
Radaire tuigseach i ndlighthibh na suadh an sár,
Is bladartha milis do chuireadh sin cluain ar mhnáibh.



Do mheasas go gcuirfinn fá'n gcruinne go buan do thásc,
Fá shleasaibh gach doire 's glas-coille go Cluain Stocáin:


L. xi


Bean feasa dam d'innis gur fhillis go tuathaibh Fáil,
'S nár bh'fhada go dtuitfeadh an fhuireann do ruaig tú ar lár.



Aithchim-se duit-se ar Mhac Muire, geal-Uan na ngrás,
Nár bhfada go bhfeicfir an briseadh ar an uachtarán
A maireann id mhioscais do thuitim go luath chum báis,
Is Carraig ó gCuinneal 'na mbronnaibh anuas ar lár.



Tá míle is céad baoth-ainnir chneasta chaoin cháidh,
Gan tuinnte 'n tsaoghal d'aon bhrath ar dheilbh aon mhná
'Gam chroidhe gan claon, gléasta go ceanna-bhuidheach grádhach
Dá scaoileadh i n-aon thréid ghlan go'n seanchaidhe Seaghán.



Seaghán fhileadhta feasach ceap na laoidhthe árda,
Seaghán tuigsionnach tapa ag freagairt fíor-bhárda,
Seaghán ciste na ranna, a mheath is fíor-chrádh liom,
Is Seaghán d'imthigh gan seas tar lear is díoghbháil guirt.


L. xv


B 1820c 19T
U Maoilsheachlainn Ó Comhraidhe



Measaim gur léir duit féin gan mearaidhe
Fé mar nascuighis tráth dhom,
Do ghealladh re héigean bréeithre blastaidhe,
Mar aon agus cneasaidheacht láimhe,
Sealad do shaothar Chéitinn staraidhe
Séafradh do lean diadhacht neamhdha.
Fuair maise agus scéimh gan bhréig i n-a aith-scríobh
Re faobhar-chrobh dheas Sheagháin Chláraigh.


L. xix


B 1754ob 18L
Dá dtagadh stráile dána ar cuairt don tír,
Nó lán sráide na Rátha do huargaraidhibh,
Do leagfainn dán na ndáil, is ní luadhfainn puinn,
Is ghabhainn páirt le Seaghán Ua Tuama an ghrinn.



Ní gearra-chnápach gránna i sannt do chríon,
Ná faraire fánach Seaghán Ua Tuama an ghrinn,
Acht gas geal gáireach bláthmhar gruadh-gheal groidhe,
Is leabhair glan d'fhás gan plás gan cruadhas 'na chroidhe.



U Seán Ó Tuama
Ó ghabhais mo pháirt 'san dán, a shuairc-fhir ghroidhe,
Gan chogal gan cháim gan phlás gan chruadhas croidhe,
Is meanmach táim, 's is sásta uaibhrach bhím
Fé bheannaibh do bhláth-bhruit bháin ó fuaras díon.



Suadha saoithe draoithe éigse is dáimh -
'S is mór gur líon mo chroidhe go léir dod ghrádh -
Dá fheabhas lucht grinn, ní'l beinn ar aoinne acht Seaghán,
Le feabhas do chídhtear gníomhartha a bhéil 'sa láimh.



Do lámh do b'fhearra i n-am catha nó gleo na gclaidheamh,
'S do lámh do b'fhearra dá bhfeaca-sa ag seoladh an phinn,
Do lámh le n-ar glacadh faoi bhrataibh an eolais sinn,
'S a Sheagháin, mo bheannacht bíodh agat go deo dod dhíon.


L. xx


U Éamonn de Bhál
Innis do Sheaghán gheal Clárach úr uasal,
File 'gus fáidh nár ghnáthaigh gnúis ghruamdha,
Gur mise an Bhallach fath-ghlic ó Dhún Guairne,
'S go mb'annamh mo thrácht 'san Ráith i rúm uiagneach.



U Seán Clárach Mac Domhnaill
.... gáilltear agat uaimse,
A bhile gan cháim 's a Bhallaigh úir uasail,
Do hoileadh go hárd ag dáimh na ndlúth-chruadh-cheist,
'S is milleadh liom t'fhaghbháil 'san Ráith i rúm uaigneach.



U Éamonn de Bhál
Choidhche beidh gníomhartha suilt Sheaghán i gclódh,
Scríobhtha ag draoithibh is ag fáidhibh eoil,
Príomh-scoth na dtaoiseach nár stan i ngleo,
Díoghrais na saoithe is grádh na n-órd.


L. 1


U Seán Clárach Mac Domhnaill



AMHRÁIN SHEAGHÁIN CHLÁRAIGH MHIC DHOMHNAILL.



BÍM-SE BUAN AR BUAIDHIRT GACH LÓ.
Fonn - "An Cnóta Bán".



Bím-se buan ar buaidhirt gach ló,
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeor,
Mar scaoileadh uainn an buachaill beo,
Is ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón!



Is é mo laoch, mo ghile mear!
Is é mo Shaesar, gile mear!
Ní fhuaras féin an suan ar séan,
Ó chuaidh i gcéin mo ghile mear.



Ní haoibhinn cuach ba shuairc ar neoin,
Táid fír-chinn uaisle ar uathadh spóirt,
Táid saoithe is suadha i mbuaidhirt 's i mbrón,
Ó scaoileadh uainn an buachaill beo.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Níor éirghidh Phoebus féin ar cóir,
Ar chaoin-chneas rae tá daol-bhrat bróin,
Tá saobhadh ar spéir is spéirling mhór,
Chum sléibhte i gcéin mar d'éaluigh an leomhan.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.


L. 2


Ní'l séis go suairc ar chruadh-chruit cheoil.
Tá'n éigse i ngruaim gan uaim 'na mbeol,
Táid béithe buan ar buaidhirt gach ló,
Ó théarnuigh uainn an buachaill beo.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Marcach uasal, uaibhreach, óg,
Gas gan ghruaim is suairce snódh,
Glac is luaimneach, luath i ngleo,
Ag teascadh an tsluaigh 's ag tuargain treon.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Is glas a shúil mear, múirneach, modhamhail,
Mar lagán drúchta ar chiumhas an róis,
Tá Mars is Cúipid dlúith i gcóir
I bpearsain úir 's i ngnúis mo stóir.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Is cas a chúl 's is cúrsach, cóir,
Is dlathach dlúith 's is búclach bórr,
Is feacach fionn ar lonnradh an óir,
O bhathas úr go com mo stóir.
Is é mo laoch mo ghile mear! etc.



Is cosmhail é le hAonghus óg,
Le Lughaidh mac Chéin na mbéimeann mór,
Le Cúraoi árd mac Dáire an óir,
Taoiseach Éireannach tréan ar tóir
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Le Conall Ceárnach bheárnadh póirt,
Le Fearghus fiúntach fionn mac Róigh,
Le Conchubhar cháidh mac Náis na nós,
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.
Is é mo laoch, mo ghile mear! etc.


L. 3


Ní mhaoidhfead féin cia hé mo stór,
Tá innsint scéil 'na dhéidh go leor,
Acht guidhim chum Éin-Mhic Dé na gcomhacht,
Go dtigidh mo laoch gan baoghal beo.
Ish é mo laoch, mo ghile mear! etc.



Acht seinntear stáir ar chláirsigh cheoil,
Is líontar táinte cárt ar bórd,
Le hintinn árd gan cáim, gan ceo,
Chum saoghal is sláinte d'fhaghbháil dom leomhan.



Is é mo laoch, mo ghile mear!
Is é mo Shaesar, gile mear!
Mo chruadhtan féin, a luadh tré léan,
Mar chuaidh i gcéin mo ghile mear!




A RÍOGHAN UASAL SHUAIRC, 'S A STÓIR.



Freagra ar an laoidh thuas.



A ríoghan uasal shuairc, 's a stóir,
Do chaoi is do bhuaidheart is truagh 's is brón,
Guidhim go cruaidh chum Uain na gcomhacht
Fá thígheacht ar cuaird dod bhuachaill beo.



Do dheoin an Éin-Mhic tiocfaidh tar ais
Go treorach tréanmhar, tuilte do neart,
Go sluaghach séanmhar fuadrach faobhrach,
Go cuantaibh Éilge is Inis Airt.



Le suigheamh na sluagh do ghluais an leomhan,
'San tríomhadh huair 'seadh bhuaidhfidh gleo;
Beidh scaoileadh is ruagadh uainn go deo
Ar bhuidhin an uabhair as Tuaith Luirc fós.


L. 4


Ní'l óig-fhear séimh don fhuirinn cheart,
D'fhuil Eoghain is Éibhir oilte is Airt,
Ná gluaisfeadh féin gan fuaradh i gcéin
Fá thuairim é do chur 'na cheart.



Beidh an saoghal suaimhneach sítheach sóghach,
Gan phléidh gan bhuaidhirt gan bhruighin gan bhrón,
Beidh an spéir gan duartan suim ar neoin,
Gan fraoch gan fuacht gan teimheal gan cheo.



Coróin na réics do dhligheadh an ceart
Go deo do Shéarlas linn is dleacht;
Dar Duach! gan bhréig, ní truagh liom féin
Gach tuathal tréan do chur i sac.



Beidh dligheadh na Romha i ngnáthas go mór,
Beidh diadhacht is óird go bráth gan smól,
Is mín bhéidh Seoirse tláith ar ród,
Gan fíon gan feoil gan snáithe bróg.



Beidh scóip ag cléir na cruinne is reacht,
'S ní leomhfaidh aon 'na gcoinne teacht,
Beidh duais gach lae dá luadh don éigs'
Acht duain is dréacht do sheinm seal.



AN CEANGAL.



Aithchim ar Dhia, iarraim is guidhim go cruaidh,
Ná samhaigh do phian fial-threabh na nGaoidheal go buan
Do chaitheamh as iath iarthar fá dhaoirse chruaidh.
Is aicme na ndiabhal n-iasacht do dhíbirt uainn.


L. 5


3. OIDHCHE BHÍOS AG LUIGHE IM SHUAN.



Oidhche bhíos ag luighe im shuan,
Is mé ar buaidhirt tré na cathaidhe,
Do shín an tsídh-bhean síthleach shuairc,
Taoibh liom suas ag déanamh tathaighe;
Ba chaol a com, a craobh-fholt leabhair
Ag téacht go bonn léi 'na srathaidhe,
Ba dhuibhe a gruag 'ná an gual,
'S ba ghile a gruadh 'ná na healaidhe.



Do chonnac-sa í, a gnaoi gan ghruaim,
A claon-rosc uaine is a béal tanaidhe,
A mion-chíocha cruinn, geal, cruaidh,
'Sa mion-chneas fuar ná fuil teasaidhe;
A haol-chorp seang, a réidh-chrobh leabhair,
A caol-rosc teann, a déid 'sa malaidhe,
Is fíor gurab aoibhinn linn a snuadh,
Bíodh gur truagh mé ag an gcleasaidhe.



Nuair dhearcas í, do bhíodhgas suas,
Go bhfionnainn uaithe créad ar bh'as í,
Níor labhair sí, do scinn sí uaim,
Is do bhíos go duairc tar éis mo starthaidhe;
d'éigheas go lom 'na déidh le fonn,
Níor aontuigh liom is mé ar mearaidhe,
Gur leanas í don tír ba thuaidh,
Go Sídh na ngruagach, cé bur bh'fada í.



Tighim aníos arís do ruaig,
Go Sídh Cruachna, go Sídh Seanbh,
Go Sídh Chnuic aoibhinn Fhírinn fhuair,
Mar a mbíodh an sluagh le taoibh na Bannaidhe;


L. 6


Go haol-bhrugh Bóinne Aonghuis óig,
Ag féachaint uaim 's ag déanamh aistidhe,
Is ní raibh a tuairisc thíos ná thuas,
Acht í ag gluaiseacht tré na bealaighe.



Is tighim go Sídh mhic Lir na gcruach,
Is as Chraoibh Ruaidh tighim go Teamhair,
Go Sídh Aoibhinn aoird Eas' Ruaidh,
Go hAoibhill Ruaidh le taoibh na Craige;
Bhí céad bean óg ba shéimhe clódh
Ag éisteacht ceoil 's ag déanamh aistidhe,
I bhfochair Aoibhill rígh-bhean Tuamhan
Is míle gruagach glé le gaiscidhe.



Do bhí an tsídh-bhean síthleach, shuairc,
Do chuir ar bhuaidhirt mé im reathaidhe,
'N suidhe go maoineach naoidhean-gheal suas,
A dlaoi-fholt cuachach léi go haltaidhe;
d'fhéach anall go maordha, modhamhail,
Ba léir di ar ball gur mé do lean í,
Ar sí, is truagh linn do chuaird,
Tig anuas is éist ar gceasnaidhe.



Mo chnead, ar sí, mo bhuidhean ar buaidhirt,
Mo thiír, mo shluagh, mo laochra gaiscidhe,
Do chreachadh tíortha coimhightheach, cruaidh.
Do líon-ruith luath na dtréan dtreasaidhe,
Mar bhíd faoi cheo gan bhrígh gach ló,
Fá chuing an bhróin ag na Gallaidhe,
Is iomdha mac dílis díbeartha uaim,
Is a Chríost, nach truagh mé 'na n-easbaidhe.


L. 7


D'fhiafraigheas di cia hí an bhliadhain,
D'aois an Tighearna bheidh an fear groidhe,
'Na rígh ar Ghaoidhil go bríoghmhar dian,
Ag díbirt fiadh-phoc ó n-a hallaidhe;
Do dhún sí a beol, ní dubhairt níos mó,
'Seo ar siubhal mar cheo í, nó mar shíodh-ghaoith,
'S ní'l cúnntas fós le tabhairt i gcóir
Cá ham do fóirfear ar ar n-easbaidhe.



An Ceangal.



Peannaid is fiabhras dian i dteas na dteinteadh,
Gan charaid, gan liaigh, gan bhiadh, gan stad ar íota,
Gan leabaidh, gan rian, gan Dia, gan gean ag daoinibh,
Ar Ghallaibh i mbliadhna, ó's iad do chreach ar muinntear.



AR TULAIGH IS MÉ IM AONAR.



Ar tulaigh is mé im aonar ag déanamh cumhadh im spreas,
Ag sileadh na ndéar go tréan 's ag milleadh mo bhas,
Tré thubaist na nGaedheal is mar traochadh uile a neart,
Le fuirinn an Bhéarla, i nÉirinn iongantaigh Airt.



Turastar taobh liom bé ba soineanda snas,
Ba ghile 'ná géis i ngné 'gus glaise 'na dearc,
Bhí muirean a céibhe léi ag tuitim go deas,
Ó mhullach go féar, go craobhach, cruipinneach, cas.


L. 8


An tan chonnac-sa an spéir-bhean, sléachtaim di-se gan stad,
Is do dhruideas-sa féin do chéim 'na coinnibh i bhfad,
Fiosraighim cia an taobh don chruinne ó n-ar ghabh
Nó an don chineadh ghlic dhaonna i n-aon-chor sibh-se, a bhean?



An sibh, innis dam, Déirdre, céile mhic Usnaigh na n-each?
Nó inghean Néill dár ghéill na curaidh 'san gcath?
Nó an aol-chruthach déid-gheal thug Déisigh sa muirean tar lear?
Nó an fhinne-bhean Céarnait chéad-chuir muileann ar sreabh?



Nó an sibh-se an dé-bhean Bhéanus do chumaisc le Mars?
Nó Iris ba chaomhna cléibh ag Iupiter seal?
Nó an bhruinneall do thréig an Ghréag le cumann don bhfear
Trér milleadh an Trae is gach n-aon dá fuirinn ar fad,



Ní duine don méid-sin mé, ar sise, is feas,
Noch thugas mo thaobh ná m'aontughadh druidim le fear,
Mise an dé-bhean Téimis, buime na bhflaith,
Do chuirfidh le scéala bhar Saesair chugaibh a ndeas.



A chumainn mo chléibh, suidh taobh liom 's innis dam stair,
Ar thuras na Saesar ngléigeal d'imthigh tar lear,
An dtiocfaid lem ré nó an féidir go gcluinfead a dteacht,
Do bhrisfeadh na géibhinn fé n-a bhfuilim gan phreab?


L. 9


Tiocfaid na Saesair, cé gur moilleadh a dteacht
Le mioscais na Suedes 'san Régent chliste na gcleas,
An fhuireann so is tréadach, tréanmhar, tuilte do neart,
Ní comairc dóibh sléibhte, réidhte, muinge ná scairt.



Pilip is Clément naomhta, cuisle na lag,
Is Iascuis Réics do threéan-fhuil Bhurban na gcath
Tiocfaid le chéile is déanfaid iorghail treas,
Is cuirfid na Saesair gléigeal chugaibh tar n-ais.



An ceangal.



Masla go muar tuargain céasadh is crádh,
Treascairt is tuairt, bualadh is baoghal báis,
Fearthainn is fuacht 's gan fuascailt Dé le faghbháil
Ar Ghallaibh go luath dá ruagadh as Éirinn bháin.



IS É DO LEÓNUIGH MO CHUMAS.



Fonn - "An Gamhan geal bán".



Is é do leonuigh mo chumas
An bonnaire fiadh-phuic fáin,
Do léim tar teorainn do thurraic
Lér milleadh le cian an mádh;
Faol-choin fóirnirt le fuinneamh,
Chuir briseadh air ó thriall a ghnáis,
d'éimigh sé comhrac gan misneach,
Is d'imthigh ó rian a námhad.


L. 10


Atá mo chóraid gan fuithin,
'S mo chuingir gan féar, gan fás,
Atá anshógh ar mo mhuirear,
Is a n-uillinn gan éadach slán;
Atá an tóir ar mo mhullach,
Go minic ó Thighearna an stáit,
Atá mo bhróga-sa briste,
Is gan pinginn dá bhfiacha im láimh.



Is léir i ngleo-chnuic gur thuiteadar
Siollairidhe tréana ar lár,
'S gur thréig sinn mór-chuid deagh-chumainn
Misneach is caomhna is grádh;
B'fhéidir fós le Righ Neimhe
Go dtiocfadh an laoch tar sáil,
Do réidhfeadh Fódla go huile,
Ó thurcachaibh daora an áir.



B 1742 18L
ÉISTIDH LEM GHLÓRTHAIBH, A MHÓR-SHLIOCHT MHILÉSIUS.



Fonn - "An Saighdiuir gasta."



Éistidh lem ghlórthaibh a mhóir-shliocht Mhilésius,
Ó's daoibh-se ba dheonach mo sceol do scaipeadh,
Bhar saoithe ciodh leointe, bhar leomhain 's bhar laochra,
I gcrích Inis Fódla gan fód, gan fearann.
Tá an báire le Pilip ar muir is ar tír,
Is ní táire do thuilleadh don fhuirinn má's fíor,
Béidh sceimhle 'gus scólladh aca ar fhoirnibh an éithigh,
Is díoghaltas an Chomhachtaigh gach ló dá leagadh.


L. 11


Atá fír-neart, tá fórsa, tá sóirse, tá séideadh,
Is dian-ghearán drólann gach ló le fada,
Ag síor-ghreadadh Seoirse go treorach, gan traochadh,
Atá an flít briste breoidhte, is ní'l fóirthin aca;
An méad soin dá fhuirinn nár imthigh i gcian
Is léir nár ligeadh aon duine aca i aniar
Beidh cuimhne go deo aca ar ghleo Chartagéna
Is ar shlíobadh a seolta i bPórt Sebastain.



Tá Babharia comhachtach i gcoróin is i gcéimibh,
An tImpire san Eoraip - sin sceol nár measadh,
Tá suidheachán a shlóighte ag bórdaibh Bhiénna,
Tá an Ríoghan go deorach 'san tóir dá tafann,
Tá Céibhin Huller gan chumas gach chrích,
Ag Breslau cuireadh an briseadh ar a bhuidhin,
Tá Prussia 'gus Póland i bpórtaibh Silésia,
Sin choidhche sliocht Leopold fá cheo na mallacht.



Tá Montemar modhamhrach go treorach ag téarnamh,
Go loingseach go leomhanda, go lonnmhar, lasmhar,
Le teintibh, le tóirneach, le tórmach, le tréine,
Le saoithibh, le slóightibh, le ceoltaibh catha,
Mantua 'gus Milan, táid tuilte dá bhuidhin,
Tá Tuscanaidhe ag tuitim chum Philip gan moill,
Carolus cródha rí nósmhar 'san Naeples,
Ba ghníomhthach i ngleo-chnuic i gcóir le n-a athair.



Tá Laoiseach na lóchrann go leomhanda, go léidmheach,
Go díoghaltaiseach dó-bhriste i ndóchas daingean,
A mhuinntear le dóirsibh Hanóbher is Bhrabant,
Tá cuing ar na Hógonots is ní leomhfaid preabadh;


L. 12


Atá sé anois ullamh ag nochtadh na lann,
Beidh carnadh 'gus cosgairt is cogadh na gceann,
Dá síneadh le Seoirse gan ró-thuirse i n-éinfeacht,
Sin críoch ar mo sceoltaibh, is beidh brón ar Bhreatain.



B 1754ob 18L
SEAL DO BHÍOS IM MHAIGHDIN SHÉIMH.



Seal do bhíos im mhaighdin shéimh,
'S anois im bhaintreabhaigh chaithte, tréith,
Tá mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan,
Do bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin.
'Sé mo rogha é thoghas dam fein,
Is maith an domhan go dtabharfainn é,
d'fhonn bheith ar bórd ar long gan baoghal,
Do bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin.



Go bhfeicead-sa an ló, a stóir mo chléibh,
'Na mbeidh cluig dá mbualadh is druim dá léas,
Do ghalltrompa ag gabháil gach áitribh réidh,
Do bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin.
'Sé mo rogha, etc.



Grádh mo chroidhe an Prionnsa, an Réics,
'Sé siúd an réilteann d'éirghidh théas,
Gur bhinne liom 'ná ceol na n-éan,
Do bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin.
'Sé mo rogha, etc.


L. 13


Suidhfead síos ar chnoc go hárd,
Is gheóbhad go córach cleite im láimh,
Má ghéibhim toil go scríobhfad mo sháth,
Ar ghníomharthaibh suilt 's ar mhaith mo ghrádha.
'Sé mo rogha do thoghas dom féin,
Is maith an domhan go dtabharfainn é,
d'fhonn bheith ar bórd ar long gan bhaoghal,
Do bhárr na gcnoc 's i n-imigcéin.



B 1824-28 19T
U Anaithnid
A DHUINE GAN CHÉILL



A dhuine gan chéill do mhasluigh an chléir,
Is do tharcuisnigh naomh-script na bhfáidhe,
Na haitheanta réab 's an t-aifreann thréig,
Le taitneamh do chlaon-chreideamh Mhártain,
Cá rachair dod dhíon ar Íosa Nasardha,
'Nuair chaithfimíd cruinn bheith ar mhaoilín Iosafet?
Ní caraid Mac Créa chum t'anam do phléidh,
Ná Cailbhin bheas taobh leis an lá sain.



Nach damanta an scéal don chreachaire chlaon,
Ghlac baiste na cléire 'na phaiste,
'S do glanadh mar ghréin ón bpeacadh ró-dhaor
Tré ainbhfios Éabha rinn Ádam,
Tuitim arís fa chuing na haicme sin
Thug aithearrach bríogh don scríbhinn bheannuighthe,
d'aistrigh bhéarsa is reachta na cléire,
Is ná tugann aon ghéilleadh don Phápa.



Gach scollaire baoth, ní mholaim a chéard,
Tá ag obair re géilleadh dá tháille
Don doirbh-choin daor dá ngoirtear Mac Créa,
Deisciobal do straedhigh ón gcoláiste,


L. 14


Tá fóduighthe thíos i n-íochtar ifrinn
Gan solas, gan soillse, i dtíorthaibh dorcha,
Tuigsint an léighinn gach cuirpeacht déin
Is Lúicifer aosta 'na mháighistir.



'Sé Lúicifer féin go follas don tsaoghal
Ar ainglibh Dé thug árgain
Is Iudas 'na dhéidh do reic go soiléir
Leanbh ró-naomhtha na Páise;
Lúiter arís an tríomhadh pearsa aca,
Fuair eochair na ríoghachta bhí líonta 'mhalluightheacht,
A ndeisciobal Créa is gach duine dá chéird,
Ar an obair go léir do chuir plána.



Mo theagasc don té ag imtheacht ar strae,
Ag taisteal an tsaoghail le dásacht,
Ag dalladh gach n-aon le dlighthibh Mic Créa,
Agus bíoblaidhe bréige 'na mhála,
Fógair don diabhal a chliar 's a charadas,
Agus fóirfidh ort Dia tá dian ag tafann ort,
Maithfidh Mac Dé duit ar impidhe na cléire,
Agus umhluigh tú féin 'n-a láthair.



B 1754ob 18L
U Seán Clárach Mac Domhnaill
COMHRACANN MO MHACAOMH IS CANANN CHÓMH BINN.



My Laddie can fight, and my Laddie can sing,
As fierce as the north-wind, as sweet as the spring,
His face is designed for no less than a king,
Such graces shine on my Black Laddie.


L. 15


Comhracann mo mhacaomh is canann chómh binn,
le héanlaithe an earraigh, chómh tréan ris an ngaoith,
Ní féidir dá éadan gan é bheith 'na rígh,
Tá an oiread soin scéimhe ar mo mhacaomh.



Of the soft down of thistles I'll make him a bed,
With roses and lilies I'll pillow his head,
And with a tuned harp so gently I'll lead
To ease and sweet slumber my Laddie.



Cóireócham-na a leabaidh le feothannán mhiín,
Le lile is le rósaibh áirdeóchad adhairt a chinn
Seinnfeam go seolta ar cheol-chruit go binn,
Chum suan chur go suairc ar mo mhacaomh.



Let thunderbolts rattle through mountains of snow,
And hurricanes over cold Caucasus blow,
Let all things go right on this earth here below,
When we shall get home our Black Laddie.



Ar shléibhtibh an tsneachta bíodh tóirneach do shíor,
Is duartan ar fhuar-chnoc Cacásus gan scíth,
Gach nídh mar is deas ar an tsaoghal so thíos,
'Nuair gheóbham-na a bhaile ar macaomh.



Let Sol curb his coursers and lengthen the day,
That nothing may hinder carousing and play,
And whilst we are merry be everything gay,
Upon the birthday of my Laddie.



Léigfeadh Phoebus dá rás ris an lá chur i mír
Chum na cíorrbhóchadh sé spórt ná síor-ól ar gach saoi,
Gibé faid do bhiam súgach bíodh lonnradh ar gach nídh,
Lá comh-ainm beartha ar macaoimh.


L. 16


From the fair forest we'll chase the mad bull,
And pluck the curst horns from off this thick skull,
Who'd gore and destroy if he had but his will,
Both us and our bonnie Black Laddie.



Seolfam-na an bulla le buile as an gcoill,
'S adharca na mallacht is maith stracfam dá mhaoil,
'Sé ghoinfeadh 's do stríocfadh dá bhfaghadh toil a chroidhe,
Sinn-ne le chéile is ar macaomh.



I'll unlock my cellar, and deal out my wine,
Let honest men drink till their noses do shine,
And a curse on the clown who would seen to decline,
But drink a good health to my Laddie.



Fosclóchadh mo sheomra is léigfead-sa an fíon
Amach, is cead óil ag gach óig-fhear dom bhuidhin,
Is léan ar an gcóbach do leomhfadh bheith claon,
Nó ná hólfadh deagh-shláinte mo mhacaoimh.



SEO CHUGAT-SA, A DHLÚTH-CHUMAINN CHAOIN MO SCART.



An cúnntas do chuir sé air féin i n-a litir chum Risteáird Uí
Mhurchadha go Baile an Abhráin ó chunntae Thiobrad Árann, óir is
ann do chómhnuigh Seaghán an tan sain d'éis Brugh Theineadh .i. a
dhúthaigh dhílis féin d'fhágbháil.



Seo chugat-sa, a dhlúth-chumainn chaoin mo scart,
Cúnntas mo chúrsa i gcrích tar lear,
Go dubhach doiligh diúltach i dtaoim gan bhail,
I bpudhar is i mbrughadh-bhriseadh croidhe le seal.


L. 17


Ní súgach gabhaim fonn is ní scríobhaim stair,
Ní siubhlach mé i dtúirling ná i gcoimhdeacht fear,
Ní dúileach mé ag diúgadh na díghe le blas,
'S a rúin uile chugat-sa muna daoir an ceas.



Tá an múchadh 's an dubh-chrith dom chlaoidheadh ar fad,
'S an lionn dubh i gcúinne mo chroidhe 'na stad,
Is dúinn-ne ní dúthchas go scaoilfeadh an cnead,
Go siubhalfad go Brugh Teineadh arís tar ais.



Gabhaidh, a Risteáird, a chuisle gan claoin-bhriathraibh,
Mo theastas, mo thinneas, mo thubaist, mo shíor-iarsma,
Go dearbh ná tuigidh go mbrisfeadh mo chlí-phianta
Ciodh mairfed, a chumainn, go ndruidfead arís siar libh.



Is dearbh gur breoidhte, brónach, buaidheartha bhím,
Gan charaid, gan chomhgas chóir, gan buaidh, gan maoin,
Ní mhairim, dom dhóigh, do bhreoigh an t-uaigneas sinn,
Ó scaras le cóip an óil 'san tuath 'na bhím.



Fiche bean bhinnis gan ionar gan cruinniughadh bruit,
Gan oiread na luide ó mhullach go sioth-ghlúnaibh,
Ar muirir, ar mire, is mise cé mion-bhrúidhte
Chugaibh-se cuirim, a Risteáird Uí Mhurchadha, anoir.



SEAL IS MÉ IM AONAR AG RIARADH AN BHRÓIN.



Seal is mé im aonar ag riaradh an bhróin,
Go cneadach créim-chréachtach ar liagaibh Leóin,
Do dhearcas spéir-dhéid-gheal dia-bhean óg
Ag taisteal céim-mhaordha is ag triall im chómhair,


L. 18


Do bheannuigh bé an bhéil mhilis bhriathraigh mhodhamhail,
Do cheap mé féin fé aon-chomairc Dhia na gcomhacht,
Do fhreagair mé don bhréithir ba dhiadha, cóir,
Is do stadas léi ag féachaint a ciabh 'sa snódh.



Ba rathmhar réidh réalt-lasmhar liaghmhadh lóghmhar,
A pearsa shéimh ghné-ghartha is grianda clódh,
A cneas mar ghéis ghléigeal ba sciamhda scóip,
Fé bhrat na fé féile go hiathaibh sróill.



A dearc ba chaomh claon-ghlas i rian an reoigh,
Sa mala caol céir-shnuighte ciar-dhubh, cóir,
'Na leacain tré aol-dath go dian an rós
Ag cathadh cia céime don dias ba mhó.



A slat-fholt saor faon-chluthmhar siar go feor,
'Na ndlaghthaibh réidh dréimreacha ciabh go cóim.
Na srathaibh saor slaondacha bianndach' bóirr,
Ó bhathas béithe léi-se ag tígheacht go bróig.



Ba dheas a déid éimir gan fiacal smóil
Ba bheacht a béal caor-dhearg, briathrach, modhamhail,
Bha shearcach séimh a héadan gan riasc gan crón,
Ag caitheamh scaoth gaetheadh i gcliabhaibh treon.



Fachtaim féin scéala don ghlé-ghein mhóir.
An do chlannaibh aosda Éireann tú do riacht im chómhair?
Nó an tar lear don raon tséanmhar do riacht a pór?
Nó an as an spéir aordha chuir Dia an tseod?



Ba shamhail le Déirdre agus Ciarnait óg,
An bhean do léig Éir'nnigh 'sa dtriath gan treoir,
Nó an bhean thug créacht Aongus i bhfial-bhrugh Bóinn,
Nó an bhean thug béim éislinge ar Fiannaibh treon.


L. 19


Nó an bhean dár ghéill Phoebus thug ciach is ceo,
Ar faid an tsaoghail bhraonaigh i ndiaidh an leomhain,
Nó an bhean do thraoch Trae thoir fá chiar-chioth smól,
Nó an bhean do chuir Éire aosta faoi chiach 's faoi bhrón.



d'fhreagair mé don bhréithir ba mhian dom dhóigh,
Ní bean don mhéid bé mé do ríomhais romhat,
Is bean mé tré dhaor-aistear thriaill id chómhair,
Is go gcleachtaim féin éigse 'gus cliar na n-órd.



Is fada mé ag tréin-rith le cian 'san gcóig
Ó Chaiseal cléir go hÉirne is go fial-bhrugh Bóinn
Glactar mé i saor-bhrughaibh Bhriain is Eóghain
Gan pas gan péin - Séan Anna Prior monóir!




Ar Leabaidh is mé Sínte



Ar bhás an Athar Seaghán Ua hEichthighearnáin



Ar leabaidh is mé sínte i raoir gach tapa im aonar,
D'aisglingeas taoibh riom Aoibhill Chraige Léithe,
Go cathuightheach, caoimhightheach, caointeach, cneadach, céasta,
A basa dá sníomh 'sa dlaoi go talamh léi-si.



Screadas an tsídh-bhean Mhuimhneach, mhaiseach, mhaordha,
Is leanas don chaoineadh tríd na gasaibh Gaedhilge,
Is aithiseach daoibh-se, ar sí, bhar marbh shlaodadh,
Acht tagaidh-si linn is caoidhidh an sagart naomhtha.



d'fhreagras í-si, an fíor, an feas, an féidir,
Gur chailleas mo chaoimhtheach caoin, mo charaid chléibh-si?
Glacaidh mar ríomhaim daoibh nach bearta bréige
Gur gearradh a thuinnte, ar sí, le hAtrops éachtaigh.


L. 20


Is atuirseach linn 's is nímmhneach, naitheach, néaltáach,
Marbh an tí lér scríobhadh startha Gaedhilge,
Seanchas fíor ar fhíor-shliocht ealtach Éibhir,
I leabhraibh ríoghdha an tsínsir 'feadh na hÉireann.



Ba ghasta, ba ghaoiseach, glinn ba ghreannta gné-ghlas,
Gan easbaidh, gan fuigheall, gan teimheal gan masla d'éigsibh,
Do cheapadh do scriobhadh gan moill gach aiste i n-éinfheacht,
O Adamh do díle is síos go teacht na rae-si.



Ba thearmann síor ba chuing do mhacaibh léighinn,
Ba thaitneamh don draoi le scaoileadh ceasta daora,
Ba thaca don bhuidhin do bhíodh i dtearcadh béile,
S ba cheannas le maoidheamh donn tsinsear as ar ghéagaigh.



Taisce thug Íosa Críost dhó thar na céadaibh,
ÉEagna is intleacht, soillse is reacht na cléire,
Caitheamh le mnaoi is le cloinn go rathmhar tréimhse,
Is mar bharra ar gach suim do rinn de sagart naomhtha.



Ó treascradh Uinn mic Loige i dtreasaibh éaga,
An t-easpog Maoiling do bhí 'na sheannach Éireann,
Ciodh chailleamar saoithe an ghrinn do lean a mbhéasa,
Níor bh'easbaidhtheach sinn go hoidheadh ar sagairt naomhtha.



An feart laoidh.



Tá sonn go faon 'san bhfeart 'na luighe,
Triath gan aomadh gan tathaoir,
Sagart, éigeas seanchadh fuinn,
Seaghán séimh Ua hEich-thighearnainn.


L. 21


ATÁ AN SPÉAR 'SA CUALLACHT.



Atá an spéar 'sa cuallacht
Go léir ar buaidhreadh,
Tá gaoth is duartan
Ag téacht do shíor,
Atá an rae go gruaidh-fhliuch
'San réilteann uabhair
Le faobhar ag tuargain
Is galar nimhe;
Tá Phoebus uasal
Ón ghréin ag gluaiseacht
Le héigean uabhair
Go nuig Mars do bhruighean,
Is do réir gach tuairim
Dá ngeillid sluaighte
Béidh Éire buaidheartha
Ag malairt Ríogh.



Cois sléibhte uaigneach
Im aonar ghluaiseas
Gan aon dom bhuaidhreadh
Acht cearca fraoich.
Níor ghaor dam suaimhneas
Do bhéarfadh suairceas
Gur séideadh cúmhadhtha
Is cnead im chroidhe;
'Nuair caochadh suas me,
Do chlaon mo luadar
Le héigean fuachta,
'Gus creatha líog,
Tar éis mo chuarda
Nior léigeadh suan dam
Gur aontuigh stuaire
Lem ais gan mhoill.


L. 22


Do réidheadh mé an uair sin,
Dá mhéid mo bhuaidhreadh,
Do léimeas suas an
Tan dhearcas í,
A claon-fholt cluanach,
Go dréimreach dualach,
Go féar léi ag gluaiseacht,
Mar eala ar tuinn;
A glé-ruisc ombrach,
Do chéas na sluaighte,
Tá an caor gan buaidhreadh
'Na leacain aoird,
'S is léi-si buaidhtear
Gach céim ar uaislibh
'San chraobh ón stuaire
Thug cath na Traoi.



Is modhamhail gach soghamhail-cheist
Le meabhair is foghluim
Do labhair an crobhaire
Go cneasta linn,
Ag seo cabhair is rogha agat
Ón Spáinn thug robharta
Is toghadh gach tabharthais
Dá bhfuil san ríoghacht,
Atá an domhan na dtonn-treabh
Tonn le sonnadh
Do stuaire comhalta
Faoi bhrataibh sídhe,
'Siad coin na dtonn-chreach,
Is coll 'na lom-chreat,
Is le fonn go rabhaid siúd
Dá spreagadh ar tuinn.


L. 23


Ba bhinn gach túin-phort
Ba chaoile lonnradh
Trath bhíos im dhúiseacht
Do ghlacas bíodhg,
Aoibhill d'umhluigh
Is Clíodhna ar dúbailt,
'San ríoghan mhúinte
Ná hainmnighim.
Fíonta is lionnta
Gan suim go súgach,
Ag draoíthibh dúthchais
Ag teacht arís
'S is fíor gur shiubhlas
Tíortha is cúigidhe
Sin críoch is cúnntas
Ar m'aisling daoibh.



DIA NA BHFEART DOD CHUMHDACH.



Dia na bhfeart dod chumhdach gan bhrúidhteacht, gan bhrón gan mhilleadh,
Cian id cheap le clú nirt i ndúthchas an tsinsir mhóir,
I dtighearnas treabh go trúipeach le tonn-bhriseadh treon gan timhe,
'S ag riar ar rannaibh ciumhais-chluthmhar cúmhra cois Laoi na seol,
Gliadhaire grádhmhar, grianda, gárdach, íogmhar, álainn iongantach,
Gan rian i ráidhte riaghala is bráthair Iarla Blárnan gile sibh,


L. 24


Maise mear-churadh Múscraidhe an Cúraoi gan ceo gan cineadh,
Is Cairrge na bhFear na bfionn-laoich ná cumhduigheadh an stór.



Ní'l triath do mhaithibh úr-Ghaoidheal ó Dhún Bhaoi na seol go
Sionainn,
Siar go gainimh dubhach Duinn is ó Chúrsaoibh go Feoir,
Cian ba dheas don chúl-aoibhinn chiumhas-chaoin ar chomhna nimhe
Go riacht sreabha Siuir mhín is go Dubh-líog ós Bóinn,
Nach céim le háthas éifeacht dáibh i ngaol bheith táidhte i gcumann
ris,
Craobh gan cháim do ghéagaibh cáidh Éibhir ársa an fionna-mhac,
Gas le gaisceadh i gcumhangrach ná humhalfadh i ngleo na
gclaidhmheadh
I dtreas 's i gceas ná diúltuigheann i gcúinsíbh na dtreon.



An tan ghabhann each seang súgach fras-lúthmhar gan tóir gan tuirse,
Cleasach ceáfrach cubhar-chreannach cúrsach ar cóir,
Is treallamh catha cumhdaigh ar a chom gheal gan coir gan caime
Is lámhán leathan lonnrach i ndlúth-ghlaic an leomhain,
Tréan-Mhars tá 'gus déithe i ngrádh i n-éad do ghnáth 's i
n-iomaidh leis,
Béithe Fáil ag éag le lán-tsearc cléibh 's ag cárnadh cumainn air
Cara ceap is cúl dín cnú chroidhe na cóige is comairc
Flaith is fairsing fionn-ghníomh do chrú dhílis Eóghain.


L. 25


Flaitheas maiseach Mumhan mar dhúthchas ba chóir dod chineadh,
Caiseal ceap na gcúigeadh is Dún gCrot na gceol,
Teamhar chleacht gan cúnntar ar chumhdacht go leor don fhuirinn,
Na flatha cearta crú-ghlana d'iomchair an choróin,
d'fhuil Éibhir álainn, éachtaigh, ársa, an té gan tlás ó'r
tuismeadh sibh,
Laochra dána, léidmheach, láidir, craobh na gCárthach gcumasach,
Marcraidhe meara Múscraidhe is fionn-ríghthe Eoghanacht uile
Cosnamh cirt is clú síor 'na ndúthaighibh gan bhrón.



An Ceangal.
Aithchim ar fhortacht 's ar obair ar Fhíor-árd-Mhic,
Lér ceapadh an cosnamh le comhthrom do chloinn Chárthaigh
Go leanaidh an sonas do Chormac chaoin Spáinneach
Dalta do folcadh as folaibh na ríogh rábach.




B 1723-24 18T
U Anaithnid
AN T-ÉAG TOGARACH TAOM-GHOINIDEACH NÁR FHÉACH DO NEACH.



Ar bhás Réigent na Frainnce d'éag 'san mbliadhain 1723.



An t-éag togarach taom-ghoinideach nár fhéach do neach,
Ciodh ghortuigh mé tré a thorcharann dár laochradh lag,
'S é mholfad-sa tré an soirbheart-so séimh le meas
An chréacht bhrostuightheach lér fholamhuigh don Réigent as.



Béar foluighthe fé lomra na gcaorach ngeal,


L. 26


Lér foscaladh céad doras ar ar n-éin isteach,
Tré'r dhoirteadar scaoth 'scolbh-chonaibh féithe ar gcneas
Fé chlochaibh ghan aon lorg air, ní méala an spreas.



Is é an donas duit, a éag oirdheirc, nár thraoch i gclais
I ndoircheacht naoi Nodlaig ó shoin faon i nglas,
Fá shonas dob é a shochraid, níor bhaoghal teacht
nGaedheal gcoscarach le turrainnibh um Saesar cheart.



Is é chothuigh don dréim bhuirb seo gach claonadh beart,
Is gach céim doiligh dár dhéin orrain-ne gan ghéill don cheart;
'S a ghné dhonais an t-aon-dochar sain do chéas gach fear,
Ar Réics oirdhearc 'sé thostaid sin, mo léan, tar lear.



Is glé d'fhoscuilis dlaom doircheacht is géibheann ceas
nGaedheal n-oirdhearc, féd oscail-si ó ghléasais leat
Le n-a fhothragadh i mbéal Chocitus, is é gan phreab,
An t-aon-phosta soin lér hobadh ar ar Saesar teacht.



B 1720 18T
U Seán Clárach Mac Domhnaill
DO TOLLADH MÉ IN AEDHIBH-SE.



Ar bhás Shéamais Mhic Coitir do crochadh i gCorcaigh 'san
mbliadhain 1720.



Do tolladh mé trím aeidhibh-se is do goineadh mé im scairt


L. 27


Le fothram géar gaoithe 'gus orchra ceas,
Óm roscaibh is tréan déara 'na srothaibh go fras
Ó crochadh an laoch Séamas Mac Coitir le cleas.



Is doilbh an scéal d'Éirinn, dob' oirdhearc seal,
Gan fuithin 'na taobh d'aoinne dá dtoirbhir di searc,
Do scothaibh na ngéag ngléigeal soin Ghollaimh na dtreas
Gan crochadh nó céim éigin dá locadh tar lear.



Ba shoirbh-fhear séimh Séamas, ba sholasta snas,
Ba choscarach é i ngéar-ghalaibh foirtile feacht,
Ba comarthach caomh d'éigsibh, ag bronnadh gan stad,
A chrochadh gur céim d'Éirinn do leanfas go beacht.



Cá sonas tá d'aon tsaor-fhlaith bheith oscailte ait?
Cá sochar do laoch léidmheach bheith cosnamhach cas?
Cá fogas don tréad Éireannach codladh go ceart
Is coiste na dtréad Quaker i gCorcaigh is ceap?



Do dhorchuigh an rae, shleachtuigh go soilbh a brat,
Is d'fhoscuil an spéar aordha ba lonnardha las,
Do coigleadh gné Phoebuis le sonnadh na n-each,
Ó crochadh an laoch Séamas Mac Coitir le cleas.



Do ghoileadar scaoth 'bhéithibh ag portaibh na leas,
Go follas 'na séis mhaordha le stolladh na mbas,
Cluintear an ghaoth fhraochda le fothram eas
Ó crochadh an laoch Séamas Mac Coitir le cleas.



Ceangal.



Teascadh na bhflaith dár b'fhearann críoch Éibhir,
Is dalta na bhfear tar lear i dtír éigin,
Gan acfuinn a theacht tar ais arís tréimhse,
Do threascair le neart gan cheart an saoi Séamas.


L. 28


U Éamonn de Bhál



NÍ'L TAITHNEAMH 'SAN GHRÉIN.



Don bhfear gcéadna.



Ní'l taithneamh 'san ghréin, tá éiclips fola 'na diaidh,
Ar easaibh ní'l éisc, 'san rae ní'l solas le cian,
Ní'l lacht ag an tréad, 's is éadtrom toradh na bhfiabh
Ó tachtadh le héitheach Séamas, posta na gcliar.



An faraire tréan nár ghéill mar Oscar i ngliadh,
Ba chalma léim, thug céadta locartha i bpian,
I nglasaibh go daor, gan réim, gan comhthrom, gan rian,
Ó tachtadh le téid, mo léan é, i gCorcaigh gan riaghail.



M'athtuirse faon nach créacht i gcogadh na stiall,
I gcaismirt na dtréan, nó piléar lér tolladh do chliabh,
Nó cealg ón éag ná réidhfeadh othar ná liaigh,
Do mhairbh thú féin sul ar dhaor an coiste thú riamh.



Tá'n Carn gan craobh, gan féar, gan fuithin, gan fiadh,
Gan ealta, gan éin, 's an spéar go mogalach riabhach,
Ó leagadh le méirdrigh Séamas Mac Coitir, mo chiach!
'San Acharon bhréan go dtéidh sí dá stolladh ag an ndiabhal.



Do cailleadh le Déirdre féach mic Uisnigh na srian,
Samson le Déile, Aonghas, Conall, is Niall,
Heircil do thraoch gach laoch 'san Oilimpigh thiar,
Is measa liom Séamas tréith-lag marbh 'ná an chliar.


L. 29


Do cailleadh an laoch le claon an choiste go dian,
Is do chailleamar é le Héifid loghtha na bpiast,
Eascaine Dé go dtéidh chum dochair na dhiaidh,
Is mallacht na naomh ar Éamonn colp an diabhail.



B 1754ob 18L
U Seán Clárach Mac Domhnaill
A CHÉIBH-FHIONN BHEAG BHÉAL-TANA BHAOTH.



A chéibh-fhionn bheag bhéal-tana bhaoth,
A thréid-bhean ba séadmhaire suim,
A réilteann na spéir-choinneal gcaomh,
'S a chéile na ndéithe go fíor,
Mo léan-sa! cá'r éaluigh do ghné,
Is do chlaon-rosc na spéir-chriostal gcaoin,
Do scéimh-dhreach mar éin-tsneachta an t-sléibhe,
Is caor-lasair tréan ag teacht tríd?



Nó do chraobh-fholt tiugh dréimreach do théidheadh
Go faon-chluthmhar fé bhun do chuim,
Do chaol-mhala éadtrom glan réidh,
Is t'éadan ar aon-dath an aoil?
Do thaobh gheal rug céim ar an ngréin,
Do ghéaga mar ghéis ar an linn?
Do thréigis do chaomh-chruth go léir,
Tabhair scéala dham créad do bhain daoibh?



Is é chuir mé i n-éagmais mo ghné,
Is lér thréigeas mo scéimh-chruth go fíor,
Na faolchoin ag aodharuigheacht mo thréid
Is mé féinidh gan chéile lem thaoibh,
Ná aon mhac d'fhuil Éibhir na séad
Dom chaomhnadh ar spéirling mar bhíodh,
Acht saor-chead ag daorscur go claon,
Chum éirlighe mo chaorach gach laoi.


L. 30


Tá daol-bhrat ar Phoebus go féar,
Is féach Pan mar thréig sin a phíop,
Ag éigse ní'l caol-chruit ar gléas,
Is ag béithibh ní'l aon fhocal fuinn;
D'éagadar maoth-thortha craobh,
Is tréith atáid éanlaith na gcríoch,
Ó's éigin dom chéile gheal féin
Mé thréigean, 's gan é ag teacht, fairíor!



AG TAISTEAL DAM TRÉ NA GCRÍOCH.



Ag taisteal dam tré na gcríoch ar cuard
Ó Chaiseal na Ríogh go Laoi na scuab,
'S i mBarrachaibh aoibhne taoibh re cuan
Is fearadh do fuaras scéala:
Go rabhadar mílte taoiseach sluagh
D'arad-fhuil Gaoidhil na luingseach luath
'S a leabar-bhárc líonta díobh ar luadhaill,
'S a mbratacha ar luascadh i n-éinfheacht,
Fá mheirgibh maoidhte Laoisigh mhóir,
Ar leirg na gaoithe 's an taoide leo
Le feirg ag tígheacht 's le fíoch na leomhain
Do dhío-chur Seon
As chríochaibh Eoghain
Go dtagaidh arís an Rí don choróin
'S a bhfearann ceart d'uaislibh Éibhir.



Do dhearbh gur fíor an nídh seo luadhadh,
Do tharngair naoimh ar dtíre uair
An teascadh-so thígheacht gan moill anuas
Ar athachaibh tuatha an Bhéarla,
I gceannas ar gcríoch ciodh bhí gan bhuaidhirt,


L. 31


I gcarrbhas shíor, i bpuimp 's i n-uabhair;
Is flatha na nGaoidheal, mo dhith, go fuar
Fá tharcuisne ag cuaine an éirlighe.
Ó nochtadh an claidheamh le Laoiseach mhór,
Pilip 's a bhuidhean na gcraoiseach gcóir,
Ní h-ionann is roimhe seo, líonfaid tóir
Tríd an treoir
. . .
Ar thonnaibh na ndíleann dtaoidmhear dtreon
Le a dtiocfaidh dár bhfuascailt Saesar.



'Nuair cloisfear na saoithe ag tígheacht chum cuain
Go gaisceamhach gníomhach cíocrach cruaidh,
Le bascadh na buidhne bhíos dom bhuaidhirt
Is dam chartadh le cruadh-smacht éigin,
Go ngabhaid an tír i bhfíoghair na sluagh,
Na ceapa gan scaoileadh ar mhaoilinn uair,
Lasfar na teinte, seinnfear suas
Na caismearta guaise géar-chath;
Druideadh gach groidhe-fhear gníomhach leo,
Is tigeadh go líonmhar líomhtha i gcóir,
Fá ciumhasaibh gach tíre bhíos fá cheo,
Tríd nach beo
Sinn dar ndóigh,
Go mbristear a chróidhe 'na chliabh fá dhó
Gach duine ná gluaisfeadh d'aon-toirt.



An ceangal.



Triallfaid cabhartha calma d'árd-fhuil Eoghain,
Is Brianaigh gasradh an ghaisce don Táil-fhuil mhóir,
Iadhfaid Barraigh is Gearaltaigh ársa leo,
'S, im briathar, measam gurab acfuinneach dáilfid gleo.


L. 32


An fial-fhuil threalamhach thaitneamhach táin le tóir,
Is triaithe treathain ó Eamhain na n-ársa-nós,
Fial-shliocht ainmhear Fhearghais áird mhic Róigh
Go dian ag gearradh na námhad thug ár 'san mBóinn.



Cliath Chonmhaicne, an aicme do bheárnadh slógh,
Is fial-fhuil Falainne, is Gailinne Náis na gceol;
Ar riacht don ghasradh ar mhachaire ar dháil don ghleo
Is diachair fada ar na fearaibh ná tráchtfadh leo.



LÁ IS MÉ TRÍD AN TÍR AG TAISTEAL.



Do Thomás Mac Adam, dá mhnaoi, agus dá chloinn.



Lá, is mé tríd an tír ag taisteal
Go dítheach doilbh dubhach bocht,
Cráidhte ar díbirt ag dligheadh na Sacsan
Fá chuing ag clanna Lúiteir,
Gan árd-fhlaith grinn d'fhuil Gaoidhil ar marthain
Chum dín do thabhairt dúinn-ne,
Ó Nás na Ríogh go Laoi na leag,
Nó síos ar fad go Rúta,
Brónach briste breoidhte i gcrith
Is go mór i mbruid ag múchadh,
Gur seoladh sinn-ne i dtreoir tar Sionainn
Mhóir i n-ionad fiúntach
I n-ar fóireadh mé go mór óm laige
I gcóir, i gcion, 's i gcúram,
I dtígh Thomáis dhil ghrádhmhair oinigh,
I n-árus chluthmhar chúmhra.


L. 33


Saor-shearc síor óm chroidhe do raideas
Don dís gan deabhadh diúlta
Do chléir na gcríoch don tí bhíos dealbh,
Is d'fhíor-shliocht thaistil triúcha;
Hélen, caoin-bhean mhín gan mhairg
d'fhíor-cheap mhaithibh Mumhan,
Laochra líomhtha Chuinn is Chais,
Is chraoisigh chatha Búrcach,
Dá gcóisir chloinne óig-dhil oilte,
Mhodhamhail mhiochair mhúirnigh,
Nach srónach ris na deorachaibh
'S gach brón re bruid tig chúcha;
Go gcomhnaidh uile Mór-Mhac Muire
I gcóir, i gcion, 's i gcumhdach,
Gan bhrón, gan bheárna bás ná milleadh,
Slán an fhuireann úir-gheal,



Tá ar an gclainn seo, Críost dá gcasnamh
Gan teimheal i dtaitneamh, triúr glan,
Do bhábaibh bríghdeach binn-ghuth blasta,
Mín geal maiseach múinte,
Is áluinn aoibhinn aoilchneis amharc
Gnaoi 'gus gean 'na gcúilfhionn
Grádhmhar Gaedhealach gaoiseach gasta
Gríos-ghuib gean na ngnúise,
Tá na rós ar luisne is fós an lile
'Na gclódh ag siosma súgradh,
Tá an t-ór 'na bhfuilt, tá an reodh 'na ruisc
Ar nós an chriostail chiumhais-ghil,
Tar chóip na mbruinneall is cóir an t-ionad
Comhnuighthe do Chúipid,
Nelli an stáid-bhean, an bháin-chneis Peggi,
Is Cáit na ngeal-chíoch gcúmtha.


L. 34


Is gnáth go síor i dtigheas mo mharcaigh
Buidhean go searcair súgach
Is sásta síothach a bhíd na sagairt
Chríost le sleasaibh búird ann;
Bradán ó'n linn, is caoirigh is ealtain,
Saill na mairt is úire,
Biotáille bríoghmhar thigheann tar lear
Do dhruim na mara is lionnta;
Ól is imirt, ceol ar fhidil,
Beol-ghuth binneas ciuin ceart,
Fóirne ar mire mór le meisce,
Is cóip le sult ag súgradh.
Brón ar bith 'na gcomhair ní thig,
Is dar ndóigh ní bhaineann liom-sa,
Slán gan moill gan maidhm go rabhaid
Arís go dtagad chúcha.



An comh-cheangal.



Árd-Rí Fhlaithis do bhar gcasnamh gan bhruid gan bhreoidhteacht,
Sámh saor seascair gan easbaidh gan uilc ó chómharsain.
Fagbháil níos fairsinge is fleadha go dtugaidh an Coimhseach.
Do bhláth-bhuidhin mhascalaigh mheanmaigh Ghuirt an Tóchair.


L. 35


B 1725c 18T
Uaill is Éacht i n-Éirinn Fhód-Ghlais.



Marbhna Shéamais Uí Dhomhnaill, do marbhadh i bhfeall an ficheadh
lá d'Abrán, 'san mbliadhain d'aois Chriost 1725, le hUilliam
Ua Coileáin agus le Tomás Ua Coineagáin.



Uaill is éacht i nÉirinn fhód-ghlais,
Ua na nGaedheal na dtréan-treas dtreorach,
Suaill nár éag an méad is beo aca
Sul a bhfuair an daorscur réim-rith leo sain.



Monuar, a Shéamais, a ghéag nár dhreoidhte,
Do ghluais gan bhéim a phréimh do chomhguis,
Do chnuas na laoch do shaor-chlainn Domhnall,
Mar claoidheadh do thréine ag aon don tsórt so!



Is truagh liom féin do chéile ag brón-ghol,
I nguais leinbh 's a cumann ar tórramh,
Ag milleadh a bas, a dearc, 's a drólainn,
Mar cholum aonair iar n-éag a nóchair!



Is truagh do mharbh i n-aithis ag feolchoin,
Is truagh t'athair id easbaidh gan sóghachas,
Is truagh do mháthair bhánda bheol-tais
Ag caoi a dalta an cian mhairfidh go brónach.



Cúis a gcumhadh ní hiongna dóibh sin,
Crú do chuisleann ag lingeadh ar an bhfeor ghlas,
Do chneas geal tollta - feall gan fóirthin -
Le Coileáin do mheasann do chomharsain.



Is tú ag seasamh go calma cródha,
Dlúith i sparrainn, gan taise le cómhrac,
Gur bhainis a chlaidheamh dod bhiodhbha i gcomhlann,
Is go mbainfeá a chroidhe, dá mb'í do ró-thoil.


L. 36


Do cheart do chur ba dhúthchas cóir duit,
Gaisce is lúth is clú 'gus ceolta,
Creach do thabhairt id dhún re fóirneart
As gach dúithche nár umhluigh dóibh sin.



Is muirneach an fhuireann ó'r thóismhis,
Borb-fhuil gan chaime Chlainn Domhnaill
I gCúigeadh Uladh ba chumasach comhachtach
'Na n-ursannaibh re huchtaibh na slóighte -



Nó gur imthigh an tubaist ar Fódla,
Is gur chiorrbhuigh an cinneamhain ar leomhain
Lér cuireadh sibh as fionn-bhroghaibh fóghnaimh
Tíre Chonaill, tír Oiliolla is Eoghain.



Ins na tíorthaibh-si ríomhaim-si reomhaibh
Ba taoisigh do shinsear-sa, a óig-fhir,
Ba saoithe le fíor-bhronnadh seoda,
Is le haoidheacht do dhraoithibh an eolais.



Do bhí do ghaol go tréan i gcomhgus
Le sliocht Néill na n-éacht ar fhóirnibh,
Sliocht Cholla Uais ba huachtrach óirbheart
Ba ghéag tú do phréamh-shliocht Uí Dhomhnaill.



Re Dáil Riada bhfíochmhar is Eoghain,
Re Dáil Chéin, ba thréan i ngleodhtaibh,
Re Dáil Chuinn, an bhuidhean ba bheodha,
Is re Dáil Chais, na dtreas do chomh-chur.



Ní raibh ríogh-fhlaith do chinn ar chóigeadh
I Leath Chuinn nár dhíoghrais dóibh tú,
Mar shíolruis gan teimheal ón gcóip sin
Do bhí ionnat a mbrígh 's a mbeódhacht.


L. 37


Ní áirmhim ar ársacht na mór-fhlaith,
Ó dtáinig do mháthair gan mórtas,
Do Chlainn Chraith, ba mhaith i gcomhadaibh,
Do bhí calma i gcathaibh 's i gcomhlann.



Ba ghlan do phearsa, do sheasamh ba chródha,
Ba gheal dearg do leaca ba lóghmhar,
Ba ghrádhmhar an gáire ód bheol-sa,
'S ba shámh-ghlas do dhá suirc mar phroghlda.



Ba leabhair do ghéag, ba réidh do mheórann,
Ba neartmhar do ghlac, ba thapa threoin-ghlic
Ar arm na dtreas, ba ghasta gleoidhte,
Ciodh cailleadh ar ngas na gaisce móir-chill.



Ní bhfuil síodh-bhruinneall mhín-bhrollaigh mhórdha
Dár dílis an caoineadh ar gach cródh-fhlaith
Ar mhaoil-lios, ar mhaoilinn, nár ar mhóintibh,
Nár chaoin sibh le díoghrais a drólainn.



Do shár-ghuil na táinte ar do chomhgar,
Ar árd-chnocaibh Áine 'gus Óirdgheann;
Ba lán-chlos a ngártha 's a ngeon-ghuil
Go bán-bhrogaibh bláithe na Bóinne.



Sídh-bhean Chnuic Fírinne feor-ghluis
Go nimhneach ag binn-ghol go brónach,
Is trí fichid sídh-bhean ag comh-ghol
I mbruidhin Easa Craoibhe 's i n-Óghmadh.



Do ghuil bean-sídhe ar thaoibh Chnuic Modhuirn,
Is bean sídhe ar thaoibh lios an Eoghanacht,
Tríochad bean sídhe geal go glórach
I dTír Chonaill thíos 's i dTír Eoghain.


L. 38


Le feall ciodh treascradh gasradh an chómhraic -
Conall mac Néill na mbéimeann mbrónach,
Cúraoi cáidh mac Dúire dóid-gheal,
Oscar amhra, is Goll mac Móirne,



Cú Chulainn, an curadh nár chródh-lag,
Conchubhar áigh mac Náis an ró-fhlaith,
Cairbre Cas, is Art, is Eoghan,
Fearghus fionn is Dúnlaing cródha,



Alastrom mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill
Do mhairbh tar anacail na slóighte,
Donnchadh geal Mac Craith, do chomhgas,
Nuadh-ghoin Shéamais, do chéas mé tórsa.



Is dubhach linn tu dúnta i gcomhrainn,
I n-úir chille i ndúthchas dod phór-sa;
I n-Árd Phádraig ciodh árus romhat,
I n-Árd Macha dod fheart-sa ba chóir bheith.



Mo bhuaidhirt go n-éagfad, m'éacht, mo bhrón tú,
A bhuaic-fhir bhéasaigh mhéinn-ghlain mhórdha!
Uainn i gcré i ngéibhinn dóirchis,
Uaill irs éacht i n-Éirinn fhód-ghlais.



An Feart Laoi.



Scéal do ghortuigh go doiligh gach saoi cródha,
Thug éacht is osnadh 'gus orchradh faoi an gcóigeadh,
An tréin-fhear togtha bheith tollata le míochomhthrom,
Faon gan fortacht fá ghoirm-lic thíos feoidhte.



Saor-fhear soitheamh, ba sonasta sítheóilte
Gaedhealach gorm-ruisc gonaideach gnímh-ghleoidhte
Céimeach cosantach cabharthach caoin cóimh-dheas,
Séamas soirbh, ba sholasta ar Chlainn Dhomhnaill.


L. 39


B 1754ob 18L
A Dhia, do cheart-chruthaigh flaitheas is fonn neimhe.



A Dhia, do cheart-chruthaigh flaitheas is fonn uile,
Grian is gealach, is ranna is tonn tuile,
Iarsma an pheacaidh ná leanuigh go lom orainn,
Acht riair mo dheacair, is freagair Dia Domhnaigh mé.



A Liaigh mo leasa, 'gus a araid-gheal-Uain na hÓighe,
Do thriall ó Fhlaitheas dom sheachaint ar uaimh an smóil,
Ná ciap mé i ngalar 's i n-easbaidh go buan níos mó,
Acht riair mo dheacair, is scaipigh Dia Luain mo bhrón.



A Naoimh-Spioraid thaistil ón Athair is ón Ríogh-Mhac árd,
Bheir líonmhar lasair 'san anam, is líonradh grás,
Ní cuibhe dhuit fearg ná fala bheith linn do ghnáth,
Acht scaoil mo dheacair, is scaipigh mo scís Dia Máirt.



A Thríonóid Bheannuighthe, mhaireas i n-aon-aoirde
Gan díth-chomhacht ceannais ag ceachtar ar aon daoibh-se,
Mo dhaoir-cheo deacrach scaipigh go léir díom-sa,
Is gach coinsgleo galair, is freagair-se Dia Céadaoin mé.



A Chríost, aithchim do Bhanaltra mhéinn-mhíne
Le daoirse peannaide cheannuigh ar gcaomh-shaoirse,
Claoidhte i ngalar 's i n-easbaidh táim faon fíor-lag,
Mo scís-se scaipigh, is freagair-se Déardaoin mé.


L. 40


Atáim gan ceathra, gan capaill, gan spré mhíolach.
Gan mhaoin, gan tapa, gan taisce, gan lón míosa;
Gan moill, muna gcreanair dam cabhair, tá'n t-éag taoibh liom -
A Chríost, gaibh taise dam! freagair mé Dia hAoine.



An chnaoiteacht cheasteach 's an creathadh-so chéas m'intinn,
Thug m'intleacht marbh 's mé dealbh ag éagcaoine,
Mo dhíth, mo dheacar, mo ghalar mo ghéar-daoirse,
I gcrích na seachtmhaine glanuigh go léir díom-sa.



A SHAOI GHLAIN DON PHRÍOMH-SCOTH.



Fonn - "Gráinne Mhaol".



A shaoi ghlain do phríomh-scoth na sár-fhear saor,
Is binn snuighte laoidhthe agus ráidhte séimh,
An aoibhinn leat díbirt ar námhad go léir
'S an Rí ceart do luighe anois le Gráinne Mhaol?



Beidhid soillse agus teinte geal chnáimh ag Gaedhil,
Is fíonta dá ndíogadh ar clár le scléip,
Beidh aoibhneas is intinn ar dhámh is cléir
Ag guidhe leis an rígh cheart 's le Gráinne Mhaol.



Tá Laoiseach go buidheanmhar tar sáile ag téeacht
Le díoghrais chum díoghaltais le gárda is faobhar;
Beidhid saoithe ar gcríche go bráth 'na réim
Ag díbirt a naimhde ó Ghráinne Mhaol.



chídhfear na mílte ón Spáinn go tréan,
Fíor-scoth na tíre do crádhadh le pléidh,
Fillfid gan moill chugainn tar sáil gan bhréig,
Ag coimhdeacht an riogh chirt is Ghráinne Maoil.


L. 41


Spreag t'intinn, bíodh meidhir ort, go láidir léir,
Glac claidheamh chugat is éirghidh, a ghrádh mo chléibh,
Scinnfid ó Híghlands lucht bláth-bhoinnéit,
Agus sínfidh an rí ceart le Gráinne Mhaol.



Tá an tImpire 'gus Laoiseach 'gus Pápa Dé
Ag tígheacht chugainn go buidheanmhar, 's an Spáinneach séimh;
Beidhid sítheach féasta muinnteardha páirteach réidh
Leis an Stíobhart-so ar slighidh chugainn 's le Gráinne Mhaol.



Beidh síor-ghol is caoi guirt is gártha cléibh
Ag fíor-bhodaigh choidhche, 'gus ní cás liom é;
Stríocfaid go híseal go tláith 's go faon
Don Stíobhart do díbreadh 's do Ghráinne Mhaol.



Béidhmíd-ne go fíontach, 's go fáilteach saor,
Is ar muintear go haoibhinn, gan cháin 'san tsaoghal;
Béidhid Gaoidhil bhoicht go hinntinneach, lán do scléíp,
'S an scaoinse claámh díbeartha ó Ghráinne Mhaol.



A dhalta dhil chalma ghrádhmhair shéimh,
Mo theastas ar mhascalaigh bhláith gan bhéim,
Dá stracadh le sealad ag námhaid go claon,
Fá scamall ag agallamh Ghráinne Maoil.



Beidh ceartas, béidh aiteas, béidh dáin, béidh scléip
Ag flathaibh ag freastal don árd-rígh thréan;
Beidhid Galla 'na gceathaibh dá lámhach le piléir,
Is beidh sealbh ag Carolus ar Ghráinne Mhaol.


L. 42



COIS CALATH-PHUIRT AR MAIDIN DAM.



Fonn - "Gráinne Mhaol."



Chois calath-phuirt ar maidin dam i dtráth, is mé im néal,
Do dhearcas-sa go greannmhar an stáid-bhean shéimh,
A leabhar-fholt ar bhaille-chrith léi ag fás go féar,
Ar a ngairmid siad Banbha, nó Gráinne Mhaol.



Aithchim ort-sa, a ainnir mhilis mhánla shéimh,
Is aithris-se go carthannach dod ráidhte béil,
Labhair-si go blasta linn, 's is feáirrde mé,
Nó an bhfuil an leanbh ceart i dtarngaireacht chum Gráinne Maoil?



Geallaim duit, a charad-fhuil, is mo láimh 'na dhéidh,
Gur raideadar na scamaill is gur árd an spéar;
Gach faraire tá le fada ann faoi lámhach na bpiléar
Go bhfuil a dtaisteal súd i mbailte puirt chum Gráinne Maoil.



A Úir-Mhic, d'fhulaing sciuirse 'gus páis 'nár dtaobh,
Tabhair congnamh dár bPrionnsa ins gach beárnain baoghail,
Cuir an cúmplacht sain Lúitir ar fán chum sléibhe,
Is tabhair ionfairt i gcumhangrach do Ghráinne Mhaol.



Is é deir an smóilín go ceol-bhinn faoi bhárr na gcraobh
Gur cóir daoibh gan ró-mhoill bhur dtáclaidhe ghléas,
Bíodh cóir groidhe ar bhur gcóistidhe chum trácht i gcéin
Go bhfuil deoraidhe ar lóistín ag Gráinne Mhaol.


L. 43


A Athair Mhic, nó an fada leat ar fán do chléir
Dá gcartadh amach faoi bharra cnoc 's i n-árd gach sléibhe?
Feara-choin i mbailte puirt 's i n-áitreabh Gaedheal
Fé dhearaibh ag Sacsanaigh gan cháim 'na dhéidh?



Tá Diarmaid dá chiapadh, is ní nár dó é,
Ag iarmhar gan iarach, gan cháil 'san tsaoghal;
Is é deir gach piara, má iarrfaid nach fuláir dóibh é,
Go mbeidh iarsma ins an mbliadhain seo ar Ghráinne Mhaol.



A fhír-fhile dhírigh d'fhuil Chárthaigh thréin,
'Na bhfuil líomhthacht is milseacht id ráidhte béil,
An Rí sin chuir síol scoth as ar fhásais féin
Tar taoide dá dtígheadh sé ba hárd do ghéim.



A GHEANAMNAIGH ÓIG.



D'óg-mhnaoi cois Máighe ar an sean-fhonn sain: "Fuaim agus
Fothram na Ceárdchan".



A gheanamnaigh óig, d'fhúig slógh gan anam,
Gan fuinneamh, gan treoir, gan spórt le támh,
Le taitneamh do ghnaoi táid mílte doilbh,
Do bhuaidh ar bhruinneallaibh chríche Fáil;
Tá'n caor ar fiuchadh led shéimh-ghrádh shultmhar,
A stuaire an tséin, muna bhfuasclair mé,
Is mé brúidhthe i dtaom le ró-shearc cléibh
Dod phearsain, is duit féin is náireach.



Is leabhair go bróig a hór-fholt bhaineas
An chruinne don bhfeor 's an reodh don bhán,
Go druiminneach slím-chas trínnseach mogallach
Cuachach cruipinneach buidhe-chas bláith;


L. 44


Ní nár don mhiochair gur fhás a cuisleanna
d'fhíor-shliocht Néid, Eóghain Mhóir, is Néill,
'S do chrú na laoch 'san gcúig fuair géill,
'S eadh chleachtuigh an rí-bhean álainn.



Is binne a guth béil 'ná an ceol do chanaid
Na druide fá dhó le spórt cois Máighe,
'Sa leabhar-chrobh mín ar dhruím bruit d'oibrigh,
Sluaighte loingeasa crainn is báid,
Cáige is iolair, is róinte ar mhullachaibh,
Gadhair i gcéin, is fiadhach go tréan,
Cuach colúir ar craobh, seabhac beo ar ghéig,
'S is oirdhearc a méar ar chláirsigh.



Is freastalach cóisreach i seol-bhrugh leathan,
Is athair don chóig is ósta gnáth,
Túr gasta glic caoin, d'fhuil Mhíleadh fholluis,
Nár fhuathaigh file ná draoi 'san Ráith;
Is deimhin gan bhiollam mar a bhfaghaidh flaith-churadh thú
d'fhíor-shliocht Néid ná raghaidh i gcéin,
Ná tabhar-sa taobh re mnaoi tar t'éis
Ó chuiris dóigh-phéin im lár-sa.



Is é do mhearuigh na slógh a clódh 's a mama,
A pearsa gheal óg, 's a tóbhacht tar mhnáibh,
A mala bheag caol 's a clí nár chodail
Dá uaisle duine le taoibh mo ghradha;
Ar aon-dath chriostail tá séimh-ruisc uile aici,
Cúipid féin i ngnaoi gan bhéim,
A com mar aol, a brágha 's a déid,
Fuair fearta gus scéimh na páirte.


L. 45


B 1808ls 19T
U Anaithnid
OIGHREACHT T'ATHAR GO NGABHAIR-SE.



Ag so iomarbháidh d'éirghidh idir an t-Athair Eoghan
Ua Caoimh agus Seaghán Clárach, agus is mar so
thosnuigh sé: Eoghan do chuir a bhuachaill chum Seagháin
agus rann amhráin ag an mbuachaill do mheabhair do
theagaisc Eoghan dó, agus a dubhairt leis an mbuachaill
iarraidh ar Sheaghán an rann do scríobhadh dó, agus do
scríobh Seaghán rann go bhfuair Eoghan ocht locht déag
an fhichid i scríobhadh na ranna sain, agus ag so an
rann, agus Eoghan féin do rinne í, ag fromhadh Sheagháin:



B 1726ob 18T
U Eoghan Ó Caoimh



Oighreacht t'athar go ngabhair-se, a Thaidhgín Bhuidhe,
Is oighear ó lathaigh na mbailte ar do laghairín chruinn;
Radharc gach eadtortha is dearbh go bhfaghair fá thrí,
Is fadhb id bhathas ó cheannairic cladhairidhe i mbruighin.



U Seán Clárach Mac Domhnaill
Freagra Sheagháin ar an dtaoibh thall:



A shagairt, nach seasc do chaithis baois t'óige,
'S gur grafadh leat leabhair greannta grinn romhainn-ne,
Ag canadh na n-aiste i gceart na scríbhneoracht,
Dar bachall an easbaigh! ní mhaithfinn daoibh feoirling.



U Eoghan Ó Caoimh
Eoghan anois:



Ná mionnuigh an bhachall, ná tarcuisnigh í go bráth,
Ná himir do bhearta go bhfeasfair cia dhínn is feárr,
Ó shioscadh na sramadh lér dheacair duit scríbheann bhláith,
Scilling ní ghlacfad, bíodh agat mo chíos id láimh.


L. 46


U Seán Clárach Mac Domhnaill
Seaghán arís:



Má mhionnas an bhachall ní tarcuisne dí an fáth,
'S do-bheirim mo dhearbh ná hadmhuighidh daoibh-se bárr,
Ó's sruimealta smearais led shramadh mo scríbheann bhláith,
Ní duine fad mhairfeas mé radfas duit cíos ná cáin.



U Eoghan Ó Caoimh
Eoghan anois:



Ó's file ná feacann tú d'aitheascaibh dílse dhámh
Lér cuireadh i n-eagar gach seanchas d'Inse Fáil,
Scuirfead-sa feasta muna ngeallfair mo dhíol do ghnáth,
'S go gcuirfir i dtaise chugam taisce na craoibhe i dtráth.



U Seán Clárach Mac Domhnaill
Seaghán arís:



Ó thuigim gur sagart tú chleachtas bheith nímhneach nár,
Is gur cliste tú i n-aithis do theangan 'ná i ngníomh do láimh,
Is ó's deimhin nach taca chum seasaimh do laoidhthe im dháil,
A thuilleadh dod theagasc ní ghlacfad-sa choidhche i láimh.



U Anaithnid
An tAthair Tadhg Ua Súilleabháin, ag moladh idir an tAthair
Eoghan agus Seaghán:



Ciodh Clárach fear i bhfad 'na ghairm comhgais,
Dána i gceart na Laidne gasta cródha,
d'áitigh teacht do mhaithibh Chlanna Dhomhnaill,
I dtrácht na sean is fearra an tAthair Eoghan.


L. 47


An tráth do scair don bhean i n-aice pósta,
Is cráibhtheach glan do ghlac an tsagartóireacht,
Is feáirrde a ghean 'sa mheas i bhfearann Fódla
Bheith ársa seasc ó's maith do chaith an óige.



U Seán Clárach Mac Domhnaill
Freagra Sheagháin:



Ní bárd ní seancha ceart ar fhearaibh Fódla,
Ní árthach aithne ceast ná Laidne ar fóghnamh,
Ní sás chum aiste dhealbhadh i gceart an cóbach
Do dháil an breath do leath do'n Athar Eoghain.



U Anaithnid
Moladh Dhomnaill Dhaill Uí Súilleabháin:



A Eoghain, ní masla dhuit feasta má maoidheadh gurb árs',
'S gur léaghadh leat leabhair gach flatha bhí i nInse Fáil,
Gach n-aon don aicme mar mheasaim féin daoibh-se is feárr,
Acht ó ataoi-se id shagart bíodh barra chum grinn ag Seaghán.



B 1754ob 18L
U Seán Clárach Mac Domhnaill
AR SMÉIDE SÚIL AR MAIDIN LAOI.



Fonn: "Leabadh chlúimh is chórdaidhe."



Ar sméide súil ar maidin laoi
Do Phoebus fionn ar faid an tsaoghail,
'S ag téacht ar dtúis isteach 'na shlighidh
'Na charbad aoibhinn órdha,
Is mé ar siubhal ar easbaidh fuinn,
Ag téacht na dtriúch do chleachtas í,
Fá ghaorthaibh úra Oiririghe,
Is fairsing fíodhbha fód-ghlas.


L. 48


'S an réim sin dúinn níor bhfada linn,
An spéir-bhean chiúin go bhfeaca í,
Go maordha múinte maiseach mín,
Ag taisteal taoibh an bhóthair;
Téidhim do riuid isteach tar claidh,
I méin go mb'fhiú re hagall í,
'S do réinneas umhlacht thais don mhnaoi,
'S do bheartas míle póg di.



Is é adubhart, im basa dhaoibh:
A ghéag na lúb is maiseach gnaoi,
Is céim le clú 's is caitheas fíor,
Ma ghlacathaidhe mo chomhairle,
Déanam súgradh, a ghailteann ghrinn,
N'íl aonneach dúinn i ngar acht sinn,
Ná héimigh siúd, a bhean mo chroidhe,
Má's maiseach daoibh-se beó mé.



Tréig do dhúil is fan, ar sí,
Ná réab mo chlú is ná maslaigh sinn,
'S ná déan ar dtúis go mear an gníomh
Dob aithreach daoibh 'na dheoidh sin;
Is gurab é dubhairt an aithne linn
Do chuir Dia na ndúl i leabhar Mhaois -
Ná déan an drúis, 's ná ceangail suim
Ná searc le mnaoi do chómharsan.



Léig-si dhúinn, a bhean mo chroidhe,
Ní féidir liom an teas do chlaoidheadh
Do shéid Cúipid isteach im chlí
Ar faicsint linn do chlódh-sa,
Do chraobh-fholt fionn go talamh síos,
Mar chaobaibh úra sneachta ar chraoibh,
Do chlaon-rosc lonnrach lasta lí,
Bhain m'aithne dhíom is m'eolas.


L. 49


Duit féin is iúl i seanchas Gaoidhil
An chlaon-toil úd thug mac an Ríogh
Maol na mbó don ainnir thíos
Do tharraing Gaill tar bhóchna;
D'éise siúd ná stadfaidís
Éire úr go gcreachfaidís,
'S gur traochadh riu na farairidhe
Do chlannaibh Chuinn is Eóghain.



Is baoth do chúrsa, is feas, ar sí,
Tar éis a ndubhart-sa leat go fíor,
Aontughadh thabhairt d'aon bhean 'san tsaoghal
Nár ceapadh daoibh mar nóchar,
'S gur féidir liom-sa a mheas ar t-aois
Go bhfuil céile chúmtha chailce chaoin
Dár ghéillis rún is searc do chroidhe
'San mbaile thíos id dheoidh-se.



B 1726c 18T
AR THUITIM IM SHUAN.



Ar bhás Dhonnchadha Mhic Sheagháin, Easbog Chorcaighe.



Ar thuitim im shuan uaigneach im aonar án,
Is mise gan uain suaimhnis le héachtaibh áir,
Tháinig bruinneall na gcuach gcuanna ó thaobh na trágha
Le friotal im chluais d'fhuagair dam créacht tar chách.



Cuireastar uaill fhuar-ghuil lem thaobh go h-árd,
Is lingeas anuas buan-tsrotha déar 'na dheághaidh,
Snaidhmistear cruaidh snuaidh-gheala méar na mná,
Is léigeas a gruag stuadh-ghartha léi go sáil.


L. 50


Tuigim-se ar uair uaithe go n-éagfadh tráth
Duine go luath d'shuan-tsliocht Mhilesis bháin
Do chuirfeadh ar buaidhirt nuadh mé, ciodh céasta táim,
Mar d'imthigh ar fuaradh uaisle shliocht Éibhir áird.



Mo thubaist an tuar duailseach do théacht im dháil,
Bile ba bhuan buacach, ba féinnidh fáis,
Do chruinnigh an cnuas cuanna saor go bárr,
Gur cuireadh i n-uaigh uaignigh mo léir-chreach lán.



Is turrainn bioth-bhuan cruaidh-easbaidheach d'Éirinn áin,
Do chineadh mar chuaidh uainn-ne go léir chum fáin,
Is cineadh ar gach uan uasal do Ghaedhealaibh Fáil
Ó Shionainn go ruadh-Ruachtaigh 's go Déisibh d'sháil,



Ó's sibh-se don chuaine uaisle an t-aon amháin
Do chongaibh le buan-bhuaidh spioraide Dé na ngrás
Gan tuitim do ruadh-ruathar i ngéill do chách,
A n-imtheacht tar cuan uainn-ne, 's gan téacht go bráth.



B 1754ob 18L
A AINNIR IS ÁILNE LÁMH.



A ainnir is áilne lámh ar bhratachaibh sróill,
Is do chanas go sámh gach dán do chleachtann mo shórt,
Ó ghabhais gach sráid ón Ráith go Caiseal fá dhó,
Abair, a ghrádh, cia is feárr do taithnigh le Seon?


L. 51


Is dathaighthe d'fhás an bán 'na dhearg tré rós,
'San dearg is sámh le scáil an tsneachta 'na clódh;
Tá'n dearg 'na bhán 'san bán 'na dhearg fá dhó
Ag Anna bean Sheagháin, ciodh thárlaigh Anna 'na Seón.



Mo dheacair, a Sheagháin, an tár so bhaineas dár sórt
Ag Gallaibh dár gcrádh ón lá do cailleadh an Bhóinn,
Dá dtagfadh an Spáinneach bán le fearaibh tar Móin,
Do gheobhainn-se stát, mo chrádh, níor mheasa do Sheon.



Sin Anna 'na Seaghán is Seaghán 'na Anna is 'na Sheón
Ag taisteal dár ndáil go láidir acfuinneach óg,
An racaire mná 's an sáir-fhear seasaimh i ngleó
Tá ceangailte i ngrádh, i bpáirt, i ngradam, 's i gclódh.



Mo dheacar gan lán-each bán ag breabaire Seon,
Fé airm nár thár i ngach áit ná mheasainn sé gabhail,
Do lascfadh gan gráin gach rásta d'fhanatics crón
Ar sagairt cráibhtheach 's ar mbráithre bagairt don Róimh.



B 1737-38c 18L
TAISCIGHIDH, A CHLOCHA, FÁ CHOIGILT.



Ar bhás Dhauson.



Taiscighidh, a chlocha, fá choigilt i gcoimeád chriaidh
An feallaire fola 'san stollaire Dauson liath,
A ghaisce níor bh'follus i gcogadh ná gcath lá ghliagh,
Acht ag creachadh 's ag crochadh 's ag coscairt na mbochtán riamh.


L. 52


Dob' fhairsing a chostas i solas-bhrugh cheann-árd Bhriain,
Ba dhaingean a dhoras 's a dhoicheall istigh fán iadhadh,
I nEatharla fhosaigh, i n-oscuil idir dhá shliabh,
Gur cheangail an gorta don phobul dá gcur fá riaghail.



A gheata níor fhoscuil le hosnadh na ndonán ndian,
Níor fhreagair a ngolairt is dá gcolainn níor fhreastáil biadh;
Dá dtarraingid brosna nó scoilb nó scatháin fiar
Do bhainfeadh na srothanna fola as a slinneáin siar.



Mo shailm-se ar sodar gan dochma gan díombáidh id dhiaidh,
Ar leacaibh dod loscadh ag Cocitus ag síor-fhagbháil pian,
Gach madra fola ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath
Go leanaid go hobann do lorg-sa, a chorp, fá chriaidh.



Ag seo an t-árus 'na bhfuil Dauson fé leacaibh sínte
Chuir táinte le fán is do chreach na mílte,
d'fhág mná bochta is gárlaigh ag taisteal tíortha,
Guidhim sáithte go bráth tú dod loscadh i dteintibh.



Reachta an tsaoghail do réab go fíor-ghnáthach,
Madra craosach taodach mío-náireach,
Eaglais Dé gan traochadh dá síor-chábladh,
Is Flaitheas na Naomh ar Shéamas 'na dheargfhásach.



Gé'r mhór a rachtmas seal 'san tsaoghal-so beó,
Ba chruaidh a bhreath ar lagaibh bhíodh gan treoir;
Is buan an t-acht do ceapadh thíos fád chomhair,
Fuacht is tart is teas is teinte id dhóghadh.


L. 53


Mo nuar, mo chreach, nár tachtadh mílte ód shórt,
Is Seaghán, do mhac, 'na spreas dod choimhdeacht leo;
Mar luach gach stair is cleas dár thionnscais fós
Beidh conairt chlamh le hairc dod straoileadh leo.



Cuibhreach daingean ar rathacha an anchúinse,
Le righin-ghad gharbh ó Eatharla, a thalamh dúthchais,
Saigheadtar eatortha an t-aismearlach i measc na ndeamhan,
An Decree sin feasta aca ar t'anam, a mhadra allta.



Brúigh, a leac, a dhraid 'sa dhrandal crón,
A shúil, a phlait, a theanga, a tholl dubh mór,
Gach lúith, gach alt, go prap, don cham-shlightheóir,
Mar shúil ná casfadh tar ais ná a shamhail go deo.



Ciodh go rabhair-se mustarach iomarcach sanntach riamh,
Bíodh do chiste ag cimire gann id dhiaidh,
Do cholann ag cruimhibh dá piochadh go hamplach dian,
Is t'anam ag fiuchadh 'san gcoire gan cúnntas bliadhan.



B 1754ob 18L
CIODH FADA GO DUBHACH MÉ.



Ciodh fada go dubhach mé gan subhachas mar chleachtas
Ar dtúis, is mé i ngleannta an bhróin,
Ag amharc anonn is mé ag tnúth le cabhair
Is mo shúil le Mac na hÓighe,
Cluinim an scannradh so ar dhrong ann duaidh,
Agus chídhfeam-na fann iad i dteannta an chuain,
Go singil go seang, gan plannda suas,
Is a dúthchas ceart ag an gcoróin.


L. 54


Is ó Albain chugaibh go Lúndain rachaidh
Na trúip nár mheathta i ngleó,
Agus leagfar na búir i gcúncas catha,
Agus púdar lasfar leó;
Is deacair liom labhairt ar ghreann do luadh,
'S gur meirgeach mall mo pheann 's is cruaidh,
'S go gcluinim ar an gceanntar namhaid ag an duan
Ag sin is cúis dam stad go fóill.



Atáid na múrthaidhe fáin i n-a sean-riocht feasta,
Ciodh dubhach le fada an chóip,
I ndiaidh Tighearna an Chláir 'gá rádh leis casadh
I n-a dhún tar ais go fóill;
Lasfar na teinte agus scaoilfear ruaig,
Creachfar na tíortha is ní bheidh truagh
Ná taise do mhnaoi dá clann dá h-uaill
Do dhiúltuigh ceacht na n-órd.



Agh teacht don Fhéil Bhrighide scaoilfear chugainn
Na múrthaidhe meara ar fód,
Is tar calaith ghlas díleann tiocfaidh na sluaighte
Go dúnta daingean fós
Pilip is Laoiseach rí na sluagh,
Agus tuilleadh ná dlíghtear linn do luadh,
Is Carolus Stíobhart - gheobhfar buadh
Agus umhalfar brata dhóibh.



LE GRÁDH DO BHAIRÍN.



Le grádh do bhairín tarraingid cuingir géar,
Is le grádh do bhairín téid fear dligheadh ar bhinnse i bpléidh,
Le grádh do bhairín do treascaradh mílte laoch,
Is le grádh do bhairín ceartaim laoidhthe i gcéill.


L. 55


Do ghrádh onóra téid mór-fhlatha i luing tar lear,
Is do ghrádh onóra is mórdhacht téid ríghthe i gcath,
Do ghrádh onóra do leonadh sliocht Chuinn is Airt,
Is do ghrádh onóra táim breóidhte is mo chroidhe dá shlad.



32.
Conntae Chorcaighe. Seaghán Mac Domhnaill, ris a ráidhtear
Seaghán Clárach, árd-bhreitheamh go fras-abharthach 'san
gconntae gcéadna maille re Justitiaris Titularis atá faoi
m'fháinne ag Gallaibh.



Whereas this day a great complaint is come before me,
By our friend Diarmaid an file aniar ó Bhun Leacaidhe.
That Seaghán Gallda, millteoir mealltach, do shíol na Seoirsidhe,
Ba mhinic i dteanna tré a chuid geallta 's a shiubhal póirsidhe,
Most felonious and erroneous contemptor Juris, 1305.
Do ghoid an fleascach iubhrach leastair do bhí i gcumhdach
Ag Neilli ins an bhfeircín i gcómhair an chúnntais;
Do ghoid ó Dhiarmaid mórán iarmhis as a chúil-tigh,
Píce, milleóg, agus dornóg, agus súiste,
Gimléad caol ba mhaith ag saoraibh ag cur fonnsa;
Beart ba mhistide é, ghoid sé a phinnéar ó Chonchubhar.
All these are breaches contra legem against his Majesty,
And his law teaches not to disturb the peace of Ordinate;
Therefore these ar close and severe to alarm the country round,


L. 56


Go mbeirtear i dteannta ar Seaghán Gallda 's a thabhairt im
láthair,
To apprehend an cladhaire 's a thabhairt ar adhastar chum na cúirte,
Go dtugaidh sé aidhneas créad an feidhm thug é don dúithche.
Ag seo a thuairisc do lucht cuarda bheith 'na dheághaidh sin:
Fear caol-ghuaileach creat-bhuidhe guaireach agus é gúngach,
Atá gruag bheag thanaidhe ar thaobh a leath-chinn agus í dubh-chas,
Is é is aoirde don chaol-straoille trí cúibit,
Atá dhá aithne ar a leacannaibh fá n-a shúilibh;
Measaim gur caogad bliadhain is aois dó nó ós a chionn sain.
Ag so mandámus chum gach báille bheith ar a pheannsa.
Chum rith an ráis do bheith na dheághaidh dá dtig chúca,
Is é deir Diarmaid gur don iarthar do rith sé a chúrsa.
Is go dtug sé iarracht ar dul go Fianait nó go Daingean Uí Chúise;
Is deacair nó béarfar má leanann go dian é, ní bhfuil siubhal ann,
Mar atá an t-iarpadh ar a thiaraigh agus an úirlis.



Ag so go sonnradhach chum gach fir ghrádhaigh don
aicme Abharanaigh darab mian na suanóga síorruidhe
do leanamhain, agus go bith-chinnte chum gach n-aon
darab caraid Diarmaid uasal Ua Conaill .i. canntaire
cliste ceol-bhinn Oiririghe agus na Coille Móire
agus rachtaire Átha an Speidéil mar an gcéadna;
beannacht uaim chum na druinge sin.



Toirbhearta fám láimh,



SEAGHÁN CLÁRACH MAC DOMHNAILL.


L. 57


U Seán Ó Tuama
ATÁ SAIGHEAD GHALAR NIMHE.



Beó-chaoineadh Sheagháin Chláraigh.



Atá saigheadh-ghalar nimhe dom ghéar-ghoin go huile,
Is céasta mo thuras d'oidhche is do ló,
Is tréan tigid tuilte déara 'na strothaibh,
i n-éinfheacht óm roscaibh 'na linntibh go feor;
Má thréigis-se sinn-ne, a phéarla gan teimheal,
Is é sin do chuir na mílte gan treoir,
I gcéin tar na tonnaibh baoghalacha buile,
A réilteann is misneach do shaoithibh an eoil.



Do maothadh mo ruisce do traochadh mo chuisle,
Ar thréigean mo neirt ní bhfuil brígh ar bith im ghlór,
Mo ghéaga gan fuinneamh, d'éaluigh mo mhisneach,
Is daol-dathach dubh mo ghnaoi is mo shnódh;
Is baoth-lag mo thuras im aonar gan duine,
Ag géar-ghol faoi thuirse ag caoineadh leómhan,
A bhréithre gur bhinne 'ná éanlaith na coille,
'S 'ná téada na cruinne ag síor-sheinm ceoil.



Atá spéirling is stoirm ghaosmhar ar uisce
Ag réabadh 's ag briseadh slím-chranna seoil,
Is caor-thonna neimhe ag Téitis ar muire,
Ag scéithchaint faoi imeall tíortha tar neoin;
Na stéid-eacha buile ag Phoebus ag rithe,
Gan géilleadh ná urraim díreach don chóir,
Phlégon ar mire, Aetan i bhfuinneamh,
Aeolus go tuirseach fíor-lag ar neoin.


L. 58


I n-éinfheacht iar ndula don laoch-mear ar muire,
Thug saobh-chruth ar neithibh druim ris an gcóir,
Ar réidhteach ní bhfuil fuithin féar glas ná luibhe,
Ní bhfuil aon toradh anois ar choilltibh ná cnó;
Ní bhfuil gaortha ná cumair sléibhte gan tuitim
Tré thréin-neart na tuile is díoghaltasach glór;
'Na dhéidh sin ní bhfuil duine scéalfadh 'na laoidhthibh
Cia dos na ríghthibh is dílis don choróinn.



Réilteann is coinneal aerdha is bile
Éifeachtach oilte intleachtach óg,
Géag leabhair dhuilleach chraobhach is file
Faobhrach fuinnte fíor-ghasta fós,
Gach bhéarsa 'na srothaibh léigheanta le tuile
Do chaomh-fhocail snuighte is fíor-bhinn ar seol,
Claochladh is cumas caomhnas neithe
An taobh ris gach litir fíor sínte gan cheo.



An Ceangal.



Ní'l binneas i ndáin, ní'l cáir ná cruit ar suaimhneas,
Ní'l aiteas le faghbháil, tá an dámh ghlic uile buaidheartha,
Ciodh thugadar nár do bhí lá don chluiche ag suadhaibh
Gur imthigh ar Seaghán geal Clárach cliste uainn-ne.



GO DÉIDHEANACH IS PHOEBUS FÁ NEOLL.



Seaghán Ua Tuama ar bhás Sheagháin Chláraigh.



Go déidheanach is Phoebus fá neoll,
Ag suidhe dham ar mhór-shleasaibh Máighe,
Gan aon don treibh daonna im' chomhair,
'S mo smuainte dá seoladh chum fáin,


L. 59


Taobh ris an dtréan-abhainn mhóir
Dob aoibhinn a glór is a gáir,
Cé'r bh'aereach mo réim-se is mo cheol,
Tig sceimhle don bhrón dubh im dháil.



I n-éinfheacht tig tréan-stoirm mhór,
Im thimcheall ar bhórdaibh na trágha,
Ná héin bheaga ag tréigean a gceoil,
Is slím-chranna i ngleo-bhruid 'na mbárr;
Tig néall dubh is spéirling tar chóir,
Tig caor-lasadh is tóirneach ós árd,
Na spéartha ag daor-shileadh deor,
Lé'r líon tuile mór-shruth na Máighe.



Tig scaoth na mban aerdha as mo chomhair,
Naoi soillse is naoi lóchrainn 'na láimh,
Is dom léir-mheas ba chaomh-chlos fán gcóig
Na naoi nguth ba ghlór-ghonta cáil;
d'aonghuth do léigeadar geoin
Go nimhneach amh-nósmhar ag rádh:
"A Sheagháin ghil, nach léan leat ar mbrón,
Mar síneadh Mac Domhnaill chum báis."



Is é deir an spéir-bhruinneall mhór
Le ríomhadh Calliópe na gceárd:
"Ní d'aon duine i nÉirinn is cóir
A chaoineadh do ró-chur ós ard;
Nó a thréithe do léir-chur i gcló,
Acht daoibh-se is damh-sa, a Sheagháin;
Do bhéar mé mo scéal duit ar dtóis
Is caoin-se go deórach im dheaghaidh;


L. 60


"Scéal éachtach rug céim tar gach sceol -
Scéal príomh-ghonta, cró-lag, an cás,
Scéal d'eirghidh tré ghéar-nimh an bhróin,
Lé'r síneadh ar leómhan ar lár;
An t-aon do threibh Ghaedhil Ghlais do dheoil
Mo chaoin-bhrollach eolgach gach lá,
Thug féith agus réim ins gach ród
Tar saoithibh na hEórpa go lán.



"Glé-bhile aonda mo stór
Dob aoirde i mór-Inis Fáil,
Do shaothruigh na béasa gan ceó,
'S nár scríobh acht ar mhórdacht gach máil,
Ar chéimibh is ar thréithibh na dtreon
I bhfidh-Inis Fódla rug bárr
Ba ghéar tuigseach aereach 'sa cheól
Is ba phríomh-choinneal eolais don dáimh.



"Éigeas is céirbheach na n-eol
Ar bpréimh-fhile oirbheartach árd,
Do réidhfeadh gach daor-cheist gan tobhacht
Dár scríobhadh i n-eólas na bhfáidh;
Fear gléigeal ba thréitheach ceart cóir,
Dá dísle don choróinn chirt gach lá,
Anois éimhim ort-sa, a Éin-Mhic na gcomhacht,
Dod naoimh-bhrugh go seólfair ar Seaghán."



An Feart Laoidh:



Id chlúid atá, a lán-leac, 's is brón don tsluagh,
Fear súgach sámh sár-oilte ag seoladh suadh,
Ba chlú don dámh áird-Inis Fódla uair
An fionn-fhlaith Seagháin Clárach Mac Domhnaill uais.


L. 61


B 1806ls 19T
U Anaithnid
SEARBH AN DÁIL, A BHÁIS, A CHRÉICHE CHRINN.
Ar mhódh acrostic ar bhás Sheagháin Chláraigh mhic Dhomhnaill
.i. árd-fhile leatha Mhógha le na linn, noch d'éag Jan. 7th
1754. Seaghán Ua Murchudha na Ráithíneach cct.
B 1754ob 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Searbh an dáil, a bháis, a chréiche chrinn,
Eargain áir na lámh do léirigh sinn,
Gidh leagais a lán dár bhfáidhibh géara grinn,
As aindeise Seaghán geal Clárach d'éis bhain dínn.



Nach mairg, a cháirde ghrádhach' an scéal le ríomhadh,
Cathais ag bás ar ghrásc is éeigs' dá gclaoidheadh,
Leagadh tar chách an tsár-fhir ghléighil ghroidhe,
As dearbh gur thráig an dámh le saoghal na saoighil.



Rannaire rábach cráibhtheach caomhnach caoin,
As leath-bhriste d'fhágaibh árd-fhuil Éibhir Fhinn;
Chleachtamar sádhaile sámhacht is scléip le a linn,
M'anacra an lá fuair bás, chread déanfaimíd!



An fharaid ba lánmhar ceárda is dréachta draoi,
Canamhuin báidheach is ráidhte réidhe nár righin,
Deachta glan sámh ar dhán go céill is gaois,
Ó leagadh a maighistir, táid go léir gan chrích.



M'eachtra cásmhar áirmhead éacht arís,
Ná maireann don dámh acht fánaigh léighte laoidh,
A bhearta ná a bhás ná a cháil nach léir dár laighead,
Is measa mar tá is gur geárr bheas aoinneach díobh.



Leanamhain ársa ghrádhmhar Ghaedhealach ghrinn,
Leagaighthe ar lár tríom lár-sa téid an gníomh,
Seabhac na sáimhe sás na scéal do scríobhadh,
A Laidin go breágh, i mBéarla, nó i nGreigis bhinn.


L. 62


Pearsa ghlan ghrádhmhar fháthach fhaobhrach fhíor,
Do thaistil d'fhuil deagh-aithreach deaghthach déanntach
Gaoidhil;
Do sheasaimh don dámh 's ar scáth a scéithe bhí
Mar a rachadh i n-áirde cág ar ghéagaibh crainn.



Do screadadar mná cois Máighe, cois Féile, is Laoi,
'S tá ainnir le spás ag gár ar Léith-chraig aoird,
I nEamhain, i Nas, 's i n-árus séiseach sidhe
Ní stadfaidh ar áis ó's fágtha a gcéile i gcill.



Cia bheartfas i gcás ar gcás go héag arís?
Cia bhreacfas do chách cá cáil nó gné don Rígh?
Le Danair cia is fál gan fán dá n-aoireadh ó chroidhe
Iar dteastamhain Sheagháin ghil Chláraigh chéadna ón dtír?



Cia cheapfas an dán go dána ar Éirinn aoird
d'aithearrach mádha nó cárta an t-Aon dá dtigheadh?
Nó rachas i n-árach fáilte an scéil do scríobhadh,
Ó chailleamar Seaghán i meadhon a shaoghail, fairíor?



Stadfad, ciodh d'fhágas bláth an scéil gan maoidheamh,
Ó's taca gan tábhacht mé i mbeárnain baoghail chum gnímh;
Acht aithchim an tÁrd-Mhac tháinig ó phéin an chrainn
Dá tharmann fá n-a ghrásaibh féin 'na Ríoghacht.



An Ceangal.



Go bráth is truagh i bhfuar-chuilt, gan cheol, gan chlár
Grádh na suadh suaimhneasach seolta sámh,
Mo chás! fá chluais cruaidh-lice ar feodh gan faghbháil
Geágán suairc d'uaislibh Mhic Dhomhnaill d'fhás.


L. 63


d'fhás an seabhac groidhe an tan do bhí i nÉirinn beo,
I ngrádh 's i n-eagnuidheacht ghasta ghrinn ghéar gan gó,
I ráidhtibh blasta binn seanchais chéille is chomhaid,
'S mo lán-chreach fhada! faoi leacaibh thíos faon a shórt.



A shórt is deacair d'fhaghbháil feasta i gclár chrích Néill
I n-eolas sanasán snasta sámh suim mo scéil,
Tórna is clanna Bháird is fear na ndán ndiadhachta a ghléas,
Dóibh ní mhaithfeadh áis d'aithle an cháis aoird gur éag.



Éag an eoluighe mhór-chroidhigh bhéasaigh bhúidh,
Do thraoch go deo arís, fóiríor, go léir ar gclú,
An laoch ba chóraighe cló croidhe 's méinn 'san Mhumhain,
Is béas i gcomhnuidhe a shórt bíd traochta ar dtúis.



Ní túis ná foircheann do dhonasaibh críche Fáil,
Ní'l súgradh sochma, ní'l oirfideach innte ar áird,
Ní'l úghdar foirtil ná cothuightheach cinn ar clár,
Nach súd fá chlochaibh chum codalta thíos go bráth.



An Feart-Laoidh.



Tá sonn thíos fá'n dtrom-líog, gan anam, ar lár,
Cabhartaidhe ba bhronntaighe an feadh sheasaimh i dtábhacht;
Togha draoi is rogha saoi fuair gradam is grádh,
'S is lom sinn gan fonn grinn ó chailleamar Seaghán.


L. 72


U Seán Clárach Mac Domhnaill
Ar maidin i ndé, 'gus mé im shuan,
Le hamharc an lae 's gan Phoebus suas,
Do dhearcas an spéirbhean mhaordha uaim,
'Na seasamh ar bhruach an bhán-chnuic.


L. 73


A mala ba chaol ar a héadan suairc,
'S a ramhar-rosc réidh ag cur gaethe uaidh,
A carn-fholt péarlach léi 'na dhual
Ag éirghe suas
Le héigean buadha,
'S go mba chosmhail a gné le géis cois cuain,
'S í ag téarnamh anuas im dháil-si.



An uair dhearcas-sa féin an réilteann uaim,
Le hanfadh i bpéin trím néalta suain,
d'fhiosras go séimh don bhé cá'r ghluais
Nó'r bh'eagal léi buaidheart i gClár Luirc?
d'fhreagair an réilteann mé go duairc,
Ag greadadh na ngéag 's ag éigheamh go cruaidh,
"Ní heagal dam aon tar éis mo chuaird;
Ní hé mo bhuaidheart
Acht Séarlas uaim -
A ghasra go léir 's a chléir go fuar
Ag Gallaibh go buan 'na n-áitreabh."



"Cia tú fein tá ag déanamh cumhadh?
An tú Pallas na scéimhe do phléidh an t-ubhall
Nó Minerbha sheimh do réidheadh gach cúis? -
Freagair go humhal dom rádhtaibh;
Ní haithne dom féin tú, a phéarla leabhair,
An tú Iuno shéimh nó Hélen mhódhamhail
Nó'n tú Déirdre léim tar srúill?"
"Ní mé, ná a samhail,
Acht Éire dubhach;
Is é fáth mo léin-se Gaedhil fá smúit,
Ciodh gur chalma a gcuaird tar lán-mhuir."


L. 74


A ainnir chiuin shéimh 's a réilteann chaoin
Do mhaithibh na laoch mear tréan tar tuinn,
Do'n aicme ba ghléir d'fhuil Éibhir Fhinn,
Go dearbhtha díbh an tráth so;
Is camarsach péarlach craobhach buidhe
A carn-fholt aerach léi 'na dlaoi,
Go craipinneach niamhdhach slaodach slím,
Ag géilleadh síos
Go faon a fígh,
'Sa maise mar an séad bhí ag Medea an ghrinn
Thug taitneamh gan baois do Iason.



"Má's tú Éire, céile Ír
'S gach curadh ba thréan i n-aimsir Naois,
Aithris dam féin, a phéarla an ghrinn -
Cá fada bheidh Gaoidhil fá Ghall-smacht?"
"Do-bheirim mo bhréithir i n-éiric daoibh
Fá sheachtmhain ó 'ndé tar éis trí mhí
Go bhfeicidh sibh Séarlas Maor 'na Rígh
Gan buidheachas puinn
Le faobhar-neart claidhimh,
Sacsana go léir fá chléir arís,
'S aithris gan mhoill dod' cháirde é."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services