Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Riocard Bairéad: Amhráin

Title
Riocard Bairéad: Amhráin
Author(s)
Bairéad, Riocard,
Compiler/Editor
Williams, Nicholas
Composition Date
1819
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1978)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TARRAINGT NA MÓNA
i
Tá mo chuid mónasa gróigthe ar an bportach
ina sumadáin chomhchruinn' gan fód ar bith fliuch dhi;
tá mo chroí stróicthe le mórobair agus costas
ag muintir an bhóthair á dó is á loscadh.



ii
Tabhair scéal go Barrthrágha chuig mo chairde Síol gConaill,
chun Stiofáin is chun Dáibhí, an dá Phádraig is a mbunadh,
go bhfuil mé dom chrá is gach lá ag dul chun donacht'.
is mura dtuga siad orm tártháil, beidh mo chás go ródhona.



iii
Athraigh do chúrsa agus stiúir go Maigh Rathain,
aithris go múinte is go humhal do Jack Tollet,
chomh maith is dá mba rún é is nár chlú lena aithris,
go dtáinig an Púca is gur mhún sé ar an mBearaic.



iv
Bairéadaigh agus Búrcaigh níl fáth agam dá spreagadh
gan iontu go léir ach sliocht gaoil agus ceangail.
Nárbh fhadachan saoil dom is nár phléisiúr an t-amharc
a bhfeiceáil in éineacht, iad féin is a gcuid capall?



v
Téirigh chun Aonghas Mhac Daeid is an spéirfhear Tom Tollet,
lorg na féile idir Gaeil agus Gallaibh;
aithris dóibh an méid sin de Ghaeilge mhaith bhlasta,
is ní féidir go ligfidh siad mo shaothar in aisce.



vi
....
....
go bhfuil mé tinn tréithlag agus na méara á gcreapall,
is nach líonfad aon léas nó go dtéitear an Bhearaic.



vii
Téirigh chun Seán Ó Raghailligh, fear dílis na cneastacht';
ná dearmad an chaoifeach, ós í sin Bríd Bhreatnach.
Dá mbeadh a fhios aige an chaoi a bhfuil na daoine á lagú,
chuirfeadh sé aníos chugam trí chuingir chapall.


L. 66


viii
Téirigh chun Pádraig Ó Gáchain de sheársa is go tapa;
mo lámh i do lámh go bhfaighidh uaidh an freagairt:
péire breá pardóga bláfar' agus srathar,
agus gearrán teann láidir gan scáth ar bith ná stad ann.



ix
Má shiúlann tú go tapa bhéarfaidh tú ar fhearsaid.
Bí insa tiúin céanna ins gach aon teach i dTalach.
Aon chor ní dhéanfaidh dhíbh féin i Maigh Rathain,
ach go síoraí ag dréim leis na Gaeil mhaithe a tháinig.



x
Téirigh chun Donncha Mhac Eachaidh - is chun a bhráthar
maith tofa,
an dá thiarna bhreátha is an stáidfhear Mac Murcha.
Nach iontach is nach athuafar nach bhfuil an nádúr á gcoscairt,
go mb'fhearr leo mise báite ná i gceartlár Bhaile an Phortaigh?



xi
A Dhónaill na páirte, níl fáth agam do do spreagadh
is gur críonna is gur cráifí tú ná an bráthair ná an sagart;
chuir tú Antoin agus sleán chugam agus Pádraig á scaradh,
ar Aindriú is ar Mhártan atá fairnis na gcapall.



xii
Téirigh chuig lánúin na céille, na féile is na cneastacht',
mar tá Doiminic Gréasaí is a chéile an bhean shlachtmhar.
Ní fheicfeadh an fear céanna mé ar chéad punta leathair
móiméad i ngéibheann is mo mhéar i bpoll tarathair.



xiii
Ná dearmad ar nós ar bith an t-ógfhear úd, Beartla
Mhag Eochagáin den mhórfhuil, na gcóistí is na n-eachra;
ar feadh Críoch Fódla tá a mhórchlú is a theastas
le múineadh, le tógáil, le dóighiúlacht is cneastacht.



xiv
Tommy croí na féile, ceann an réitigh amuigh is sa mbaile,
ba mhaith do theanga Bhéarla agus léifeása Laidin;
bhí urlár breá réidh ann is an chroch chéasta sa doras;
bhí tine dá réir gan sméamh ar bith thoite.


L. 67


xv
Téirigh chun tSeoighigh atá 'na chónaí ar an gcladach,
brainse den mhórfhuil, is é a chóireodh na bacaigh.
Nóra, an bhean mhodhúil is Peaidí, an monarc,
is nuair nach bhfuil Pól againn, go bhfóire orainn Peadar.



xvi
Téirigh chun Hanraí anonn go Béal an Mhuirthead,
is casfar leat Aindí, is é ansacht gach duine é.
Má théann sé chun damhsa leat, be thankful and civil;
is má théann sé chun stainc leat, God damn the black devil!



xvii
"Aindí, a chroí, éirigh is réitigh na capaill
go dté tú leo Dé Céadaoin chun an Bhearaic;
más fíor an scéal is más bréag é, is maith dhuit:
má cailltear Dic Bairéad, cé 'dhéanfas do theagasc?"



xviii
Níl a fhios ag éinne mo ghaolsa le Carson,
is dá ndéanfadh siad m'éisteacht bheadh an scéal uilig acu;
dá mbeadh a fhios agam gur bréag é, ní dhéanfainn dóibh a
aithris,
ach d'fhágfainn go héag é i bpéic an mhadra alla.



xix
De réir mar scríobh Camden ar mheamram mar chraiceann
le linn an rí Hanraí bheith go teann i gcoróin Shasain,
ghluais Maigiú Gallda le Strongbow as Breatain.
Ba é san am sin ár gceannstoc is ár n-athair.



xx
Nuair a thoisigh an Conquest is chuaigh roinn ar an bhfearann,
fuair Maigiú Gallda Tír Amhlaí mar scar de;
phós sé Jane Langston ó b'an-deas an bhean í,
is mura bréag a scríobh Camden, is de dhream Mhullach
Fharraidh í.



xxi
Cúig caiple déag agus céad bhí ag tarraingt;
bhí fir bhreátha gheala ina léinteacha ag freastal.
Deichniúr is dáréag a bhí ag réiteach na beatha,
is beidh cuimhne go héag ar Dhéardaoin na gCapall.


L. 68


xxii
Tá mo chruachsa déanta ar éadan an bhealaigh;
tá cúig choiscéim déag is céad troigh ar fad inti.
Chuirfeadh sí tnúth ar an Major dá mhéad a chuid feara,
agus b'fhéidir go mbeadh sé níos réichte faoin deachú.


L. 69



PÓL ARMAS



i
Tá muintir an bhaile seo ag caint orm go mór
nuair nár shantaigh mise Talach agus caraoid mhaith mhór;
ach scanraigh mo chroíse scarúint le teampall na Róimh':
beidh mise ag Peadar agus bíodh sise ag Pól.



ii
Ag dul a luí dom ar mo leaba le suaimhneas a d'fháil,
tháinig sí chun mo shleas' chugam, an cluanaí deas mná.
Labhair sí go meangach liom: "Nach uaigneach atáir?"
is gur fhága sí faoi gheasa mé cloíte dá grá.



iii
Nach trua nach bhfuil mise agus rúnsearc mo chléibh
in uaigneas na leapa ar chlúmhach geal na n-éan,
mo dhá láimh fúithi agus thairsti agus mé ag pógadh a béil,
agus an oíche a bheith chomh fada le haon tseachtain déag.



iv
Nach trua nach bhfuil mise i m'eala a d'éireodh ar an toinn,
ná i mo chuachóigín na maidne ar bharra glas' na dtom;
d'fhéachfainnse slí le bheith in aice le rúnsearc mo choim,
agus nár chrua a croí ná an dair nach n-éalódh sí liom!



v
Is mór an ní le ceannacht agus ní díoltar an stuaim:
an saol uilig ní ghlacfainn in éiric í a thabhairt uaim.
Nárbh fhearr ná sin agus nár dheise a humhlaíocht agus a méin?
Nach trua gan í agus mé ar leaba agus an fáinne ar a méar?



vi
Dá bhfaighinnse le bean eile cúig mhíle céad,
barr sléibhe de bha bainne agus a bhfáil uilig i bhféar,
a dtryáilfinn de chaiple agus iad fána gcuid srian,
ach is í Máire Bhán mo roghain, agus faighimse í gan spré.


L. 70


B 1788 18D
EOGHAN CÓIR
i
Nach é seo an scéal deacrach sa tír seo
le anacair chroí agus brón,
ó fhágas tú Cnocán an Líne
go dté tú go dtí an Fál Mór.
A leithéid de screadadh is de chaoineadh
níor cluineadh ariamh go fóill.
Gidh níl againn aon ionadh
ó cailleadh, faraoir, Eoghan Cóir.



ii
Bhí gnaoi agus gean ag gach aon air,
an seanduine críon is an t-óg.
Bhí an saibhir is an daibhir i ngrá leis
mar gheall ar a chroí maith mór.
Le togha is le rogha na tíre
chaitheadh sé píosaí óir,
is le daoine bochta eile níor spíd leis
buidéal den tsíbín d'ól.



iii
Ba rómhaith ag tógáil an chíosa é:
ba bheag aige mí nó dhó
go ndíolfaí an bhó ar an aonach
nó an giota a bhíodh sa tseol.
Is é dúirt Séamas Pheadair Mhic Riabhaigh
is é ag agairt ar Rí na nDeor:
"De réir mar bhí seisean do dhaoine,
gurab amhlaidh 'bheas Críosta dhó".



iv
Is é a raibh de mhairg an tsaoil ann,
dá gcastaí leis aoileann óg,
mheallfadh sé leis í san oíche
go bhfaigheadh sé i gcois íseal póg.
Bheadh sé de shearc ina croí istigh
go n-atfadh sí líonta mór,
is ag séanadh na clainne údaí bhí sé,
cé gur fairsing sa tír bhí a phór.


L. 71


v
Tá Antoine Ó Gábháin ag caoineadh
is ní bheidh Seán Ó Baoi i bhfad beo,
ó cailleadh a gcaraid sa tír seo;
is é d'fhága a gcroí faoi bhrón.
I dTearmann Carrach níor síneadh
le fada faoi liag ná fód
éinne ba mheasa don dís seo
ná an duine bocht maol, Eoghan Cóir.



vi
Bréag atá siadsan a dhéanamh:
níor cailleadh an fear croí go fóill,
ach chuaigh sé ar cuairt chun a ghaolta,
go bhfeicfeadh sé an ríocht is mó.
Má thigeann sé ar ais chun an tsaoil seo,
ní thiomáinfidh sé choíche aon bhó,
ach cuirfimid amach as an tír é
is an leanbh Ó Baoill 'bheas leo.



vii
Aon agus seacht insa líne
agus ocht a chur síos faoi dhó,
tráth ghlac seisean cead lena dhaoine
is níor labhair sé gíog níos mó.
Tá sé lándearfa scríofa
gur talamh is críoch gach beo,
is chomh fada is 'bheimid sa tsaol seo,
cá miste dhúinn braon beag d'ól?


L. 72


B 1819ob 19T
PREAB SAN ÓL
i
Is iomaí slighe a bhíos ag daoine
ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
is a laghad a smaoiníos ar ghiorra an tsaoil seo
is go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúic nó rí thú,
ní cuirfíor pingin leat ag dul faoin bhfód.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



ii
Tá dream de dhaoine le ba is le caoirigh
ag dul chun aonaigh is ag fáil dochar mór,
á gcur chun cíbe is as sin chun mínligh -
pointí críonna a feictear dhóibh.
Tógaim fianaise ar an mbuíon seo
go mbeidh ag caoineadh is ag sileadh deor.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



iii
An ceannaí craosach níl meán ná slí ar bith
le ór a dhéanamh nach bhfeictear dhó;
an ráta is daoire ar an earra is saoire
is ar luach sé pingne go gcuirfeadh coróin.
De réir caint Chríosta is ní dodhéanta
an camhall saolta a thabhairt trín gcró.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



iv
An long ar sáile, níl cuan ná cearda
nach gcaithfeadh cairde ann ar feadh an domhain mhóir,
ó ríocht na Spáinne, suas Gibraltar
agus insan áit a mbíonn an Grand Seignior.
Le gach cargo a líonfadh málaí
ní choinneodh an bás uaidh dhá uair den ló.
Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dhúinn
ná bheith mar atá sinn ag cur preab san ól.


L. 73


v
Is olc an tslighe bheith ag ardú cíosa,
ag déanamh daoirse agus tribute mór,
ag cur na ndaoine ó theach 's ó dhídean -
ní, faraoir, tá cinnte dhóibh.
An té a níos sin is dó is baolaí
a bheith in íochtar á bhruith is á dhó.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



vi
Is measa choíche ná ag ardú cíosa
gan an deachú a shuíochan mar is cóir,
tabhairt saothar Críostaí gan bhláth, gan bhuíochas
don chléir nach ndéanann aon tsaothar dóibh.
Ní hé Críosta a d'ordaigh an dlí seo,
ní hé Peadar a mhínigh é ná Pól.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



vii
Is gearr an saol a bhíos ag an lile sciamhach,
cé gur buí is gur geal a gabháil,
agus Solamh críonna ina chulaith ríúil
nach bhfuil baol air in áille dhó.
Níl sa tsaol seo ach mar shinneán gaoithe,
ga a scaoiltear nó slám de cheo.
Mar sin 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.



viii
Ach siúd é an Críostaí agus lámh na donnacht',
Maxwell dílis tá in aice an Phoirt,
a bhíos gan baosradh le boicht a thíre
agus a bhainfeadh a bhríste de Tony Mhór.
Is é a phléisiúr saolta de ló is d'oíche
clann na saoithe bheith aige ar bord;
beoir agus fíon a thabhairt dóibh go líonmhar,
comhrá saoithiúil - agus preab san ól.




L. 74


SÉAMAS Ó LOINSCIGH
i
Is é Séamas Ó Loinscigh an t-ógfhear sásta,
lúfar cliste meanmnach láidir.
Tá sé chomh cliste
nach mbeadh sé ar meisce
dá mbeadh sé ag ól go ceann ráithe.
Tá cailíní Iorrais i ngrá leis,
cuid acu ag cailleadh a náire.
Tráth imíonn sé uathu,
bíonn siad ró-bhuartha
go dtige sé arís chun a láthair.



ii
Do dhéanfadh sé an seol, an spól is an túirne,
an úim, an tslinn is na maidí luastair.
Is roinn dá stuaim
go ndéanfadh sé an spool,
crann dealfa is eagair in éineacht;
araí a bheadh ar leithead an éadaigh,
bata dá chosa, an beam dó.
Do dhéanfadh sé bruiseanna,
péire maith swiftanna,
agus pullies ba dheise ná plé ar bith.



iii
D'fhífeadh sé dimity, diaper, raised-work,
d'fhífeadh sé gach uile shórt eile dá réir sin;
d'fhífeadh braitlín
garbh agus mín,
agus culaith den Albanach Gaelach.
...
...
...
...
...


L. 75


SEÁN GABHA
i
Is agamsa atá an chomharsa
is córa agus is cirte dá bhfuil sa tír;
duine measúil cneasta modhúil
is cróga i neart agus i ngníomh.
Ní achrannach 's ní gleodhach
in am póite ná ól é
lá an mhargaidh i dteach an ósta
nó Domhnach an Logh';
ach le carthanas is síorchórtas
scaipfeadh airgead is ór orainn.
Chleacht sé sin is go raibh go deo aige.
Is é an leon é 's mo rogha.



ii
Ní fhacthas Seán riamh as ordú
ná ar nós arbh fhéidir magadh faoi
ina scraiste ar thaobh an bhóthair.
Ní raibh a thóin riamh in abar ná i ndíog.
In aimsir fearthainn', sneachta nó gaoth mhór
thiocfadh Jack abhaile go lách cróga
......
Níor fhág riamh a hata amuigh,
a mhaide, wig nó a bhróga.
Ní bheadh ceo ar Sheán Gabha:
níodh sé an briogún, an bior móna,
an bior rósta agus fearsad túirne lín.



iii
......
......
......
......
curadóireacht mhaith shásta.
Níl a mháistir insan áit seo:
níodh péire gob is láí
glas pláta is gléas treabh'.
Fear déanta obair loinge is báid é,
is scolb a rachadh sa scála,
is nach cumasach an obair cheárta
thig ó lámha Sheáin Ghabha!


L. 76


vi
I dtaobh athar agus máthar
tá fuil ard ann is glaine ná an fíon.
Toiseoidh mé in aimsir Náí
ag ar báthadh le fearthainn uilig an saol.
An tríú mac darbh ainm Iáfet
bhí san árc a dtáinig Seán as;
de chlann Mhílidh Easpáinne é,
dá mbláth is dá dtogha.
d'aithriseoinn ar bheagán spáis
a sheanchas ó Chonall Cearnach,
gurbh ó lucht gradaim agus státa
a tháinig Seán Gabha.


L. 77


B 1796c 18D
GIOLLA NA PÉICE
i
Cad é an mhaith do shagart bocht Laidin nó Gréigis
nó a dhul thar farraige ar feadh téarma?
Gur mó an tairbhe a bhíos ag cailleach
nár fhága an baile ná aige ina dhéidh sin.
Comharsana is carasa Críosta an tsaoil seo,
níonn siad dramhaltaigh ar dligheadh na cléire:
íocadh go rabairneach midwife is banaltra,
is ní bhfaighidh an sagart bocht ach naoi bpingne déag uathu.



ii
In aimsir fearthainne, gairfin is séidte
caithfidh an sagart bocht a thíocht go héasca
ag déanamh baiste is arís ag coisreacan;
ní bhfaighidh tada ar son a shaothair.
Is fíor gur feasach don tír an méid seo,
cé nach ndearcann lucht béasa ná gléasa air:
ní fearr leo a bheannacht gheal ná a mhallacht,
ach is mór an gar bladar na banaltra bréige.



iii
Má bhíonn an sagart ag mallacht nó ag éagnach,
gabhaimse ar m'anam nach bhfuilim ina dhéidh air,
má bheir lucht gradaim anuas go talamh,
de bhrí nach é a mhalairt a thuillid ar aonmhodh.
Cad é an chaoi a gceannódh sé bia nó éadach
muna mbeidh a fhamily a bhfeighil a chéile?
Fógróidh sé feasta iad ó ord agus ó aifreann,
is is fearr go fada dhó bunadh na déirce.



iv
Cad é an mhaith bagairt excommunication
ar na mná a ghlacas gach cúis a réiteach?
Is mór a lagaigh siad páighe an tsagairt:
is dóibh atá an t-airgead uilig ag éalú;
ach Aristotle, an t-údar géarghlic,
agus dochtúirí paiteanta Alban is Éire,
ní fiú fata iad i scil ná i dteagasc
i bhfearas an bhealaigh atá ag Sally O'Malley.


L. 78


v
"Cad é an rud anatomy ach ní gan éifeacht,
gaol is ceangal na mball le chéile;
nó hermaphrodite ach breallach eatarthu,
créatúr dhá acaire: slat is séanas?
Cad é an rud orifice nó urethra?
Téarmaí amaideach' ar rud a mbíonn béal ann.
Is dá mbeadh ceathrar sa mbroinn in éineacht,
go dtabharfainn amach iad ar bharra mo mhéara".



vi
Bliain mhór bhisigh is ní fearr don chléir é;
cúplaí fireann' is baineann' gach taobh dhínn:
Captaen Murphy is bunadh Shéarlasa,
spalpaire an mhisnigh, na méara is na léimneach.
Ní ar sheamsúir singil sheinneas an tréanfhear;
is mór an sionnach é i measc na ladies.
Bheir sé dhóibh cuideachta, fleá agus féasta,
is Dia go gcumhdaí leis giolla na péice.


L. 79


B 1819ob 19T
THÁINIG DÍS CHUN AN tSAOIL
i
Tháinig dís chun an tsaoil d'fhíorscoth na nGael:
is ardchlú gach tíre iad is don ríochta go léir
le háille is le scéimh mar dhealramh ón ngréin,
mar rósa i ngairdín nó bláth na sú craobh.



ii
Tá an mhéin mhaith is an stuaim in éineacht ina ngnúis,
is is soiléir le léamh ann a n-eagla mar is dubhach.
A sciamh ghlan gan smúid d'fhága Vénus gan chlú,
chuir Hélen faoi éiclips agus Déirdre 'na lúb.



iii
An bhfuil de scéimh i mná an tsaoil nó ar léadh a ríomh
i ngruaig, súil nó in éadan, malaí, béal, déad nó píob,
nó i méar lag is crobh mín, ucht réidh is com caol?
In Biddy is in Mary tá an méid sin is fuíoll.



iv
Tá seinniúin sa spéir is tá ceol ar gach géag,
tá biseach agus aoibh ar gach stoc is gach tréad,
tá meas ar gach craobh is tá mil ar an bhféar
is ar chuanta tá loingis ag fáil tromluchtaí éisc.



v
Cé hionadh an t-ádh bheith ar an tír is ar an áit
i bhfuil Captaen an réchroí is a chéile breá mná?
Is éifeachtach ard trí Éire atá a gcáil:
go gcumhdaí Dia saolach iad féin is a mbláth.


L. 80


B 1800c 19T
IN AIMSIR FEARTHAINNE
i
In aimsir fearthainne, sneachta is síne
is anseo a bhí an caoineadh bocht is an gleo
ag Neansaí Tollet ag gearradh na cíbe,
nuair nach raibh tuí aici le haghaidh a cuid bó.
Ar dhearcadh dhi síos ar an mBídigh is ar an Deirg
d'ardaíodh uirthi daorfach ba ghaolmhar le mire.
Bhí Dicí bocht sínte faoi dhídean na pluide aici,
is thug sí den teanga sin roiseadh nó dhó.



ii
Bhí Risteard Ó Gáchain ag gárthaíl is ag screadaíl
go raibh a theach fuadaithe is nár fágadh air sop.
Bhí Bríd Ní Nuáin sáraithe is ní dhearna sí tada
ach ag guidhe na n-aspal is ag cnagadh a hucht'.
"A Liam, lean an airnéis is gan mhoill tabhair ón dumhaigh iad.
Déan deifir, a mhic Cáit, táim sásta munar plúchadh iad.
Anna, cuir do dhá láimh go láidir faoin gcúpla seo.
Tá mo chroí scanraithe go dtitfidh sé anonn!"



iii
Ní raibh Séarlas Nais in aon ghábh níba chruaidhe
ná ag tuairisc a thí a bhí thuas ar an ard.
Bhí seansúgán cochain anuas ar a chluasa
agus is é is ainm gur buarach bhí thart ar a lár.
d'éirigh na madaí amach is hóbair go stróicfí é:
ba gheall maith le Sir Sopin a ghléasfaí i dteach tórraimh é;
cuireadh i dtacs mar bhacach ar bhóthar é.
is hóbair nach mbainfeadh sé an siopa amach slán.



iv
Dúirt Seán Dubh Ó hÓgáin go ndéanfadh sé ortha
a chuirfeadh an ghaoth mhór is an fhearthainn ar gcúl.
Nuair a tháinig an gairfean is d'ardaigh an cuaifeach,
stop sé den devotion is d'éirigh dá ghlúin.
Nuair a chuala sé an ghíoscairneach a bhíodh ag na creatacha
le forneart na gaoithe ag sníomh gach rata acu,
labhair sé go caoithiúil le caoifeach a leapasan:
"Ardaigh leat Naidí is teanam chun siúil!"


L. 81


v
Cé thiocfadh isteach ach Antoin Ó Gáchain
is chonaic sé Seán bocht faoi dhuifean is faoi smúid.
d'fhiafraigh sé ar fuadaíodh a theach nó a cheárta,
nó ar tháinig an airnéis abhaile ón dumhaigh.
"Níor tháinig, a bhráthair, a mhic Áine agus Mharcuise,
a phlúr Mhuintir Gháchain is ardscoth na 'gCEafarcach,
seo sé pingne bhána dhuit, tabhair Dairbí ón tsneachta 'ugam,
is déanfaidh mé in aisce dhuit tongs agus lúb".



vi
Tháinig Short is Gill isteach go teach Sheáin
is ní raibh aon fháilte aige roimh cheachtar den dís
le holcas an ratha a chuaigh ar shaothar a chnámha
gan cleath, sop ná adhmad nár imigh le gaoth.
"Is iomaí lá chaith mé ag baint chlocha is fóda,
is go n-ardaí an mac mallachtan sibhse insna seolta leis -
is mise, muna leaga mé an teach is an gabháltas díom
is muna dté mé 'mo chónaí go Cille Mobhí".



vii
D'éirigh Neilí go garbh is go fíochmhar:
"Ná cuirigí iontas i bhfearthainn ná i ngaoth,
i ropadh, i bhfeannadh ná i sórt ar bith síne
ó tharla freemasons a fháil ionaid sa tír.
Imigí ar siúl ar coimrí na tubaiste!
Is é an diabhal is an deamhan, tá mé cinnte, a chas chugainn
sibh!
Ár gcuid oilc is mírúin i bhur gcúb is bhur gcliopaisí
dá mbeimis gan dimity i gcaitheamh ár saoil!"


L. 82


B 1819 19T
OÍCHE SHEÁIN UÍ DE DHIARMADA
i
Dá bhfeictheá Dic máistir ar a mhása is ar a liarca
le pianta ina chnámha is gan trácht ar na fiacla;
is é dúirt Neansaí, a bhean: "Is maith mar a tharla;
tá an t-ádh orainn i mbliana, tá 'chuile shórt tárthaithe ag
Seán Ó De Dhiarmada".



ii
Dá bhfeictheá Alexander is an scamram beag dí air;
nuair a d'ólfadh sé braon dram' bhíodh caint aige rólíofa.
Is é dúirt Úna: "Gidh gur tláth thú is gur lách deas do
bhriathra,
ní fear thú 'dhéanfadh paiste grinn mar Sheán Ó De Dhiarmada".



iii
Is é dúirt Hoibeard: "Tá mé sáraithe is mo cheann deas liata.
Is maith an bhean mo mháistreás ach tá sí doriartha.
Ní chruafaidh mé aon ghráinne dhi go brách ach an cliath seo,
is faigheadh sí cruinneádaí mar Shéan Ó De Dhiarmada".



iv
D'éirigh Máire Nic Pháidín i lár an mheán oíche,
d'amharc sí ar an ngarraí is ní bhfuair sí ann ach iarmhar.
"Cuirimse scread chráite ar adhmad is ar iarann,
is trua géar gan mo Sheánsa mar Sheán Ó De Dhiarmada".



v
Bhí Bríd Rua sa ngarraí is í ag grágaíl mar fhiach dubh:
"Is lag mo scuainín páistí is sábháil ar dea-chroí!
Cá cás dom bheith i mo sclábhaí bocht báite i bhfiacha -
dá mbeadh Antoine Ó Máille agam mar Sheán Ó De Dhiarmada!"



vi
D'éirigh Micheál Mhártain i lár an mheán oíche;
i leaba "in ainm na páirte" is é a thrácht sé ar an rídhiabhal:
"Márt is marbhfháisc ort, a sclábhaí mírialta -
is é mo léan gan fear id'áit agam mar Sheán Ó De Dhiarmada".


L. 83


RÓISE GAMAL
i
Tá duifean ar an ngréin, ar an ngealaigh is ar an aer,
tá an fharraige go léir ag gárthaíl;
níl seamar ar bith féir ag fás aníos as cré
is tá aghaidh an tsaoil ag athrú;
Tá éanacha an aeir ag titim ina néal,
níl focal as a mbéal ach amhgar;
is gan ansiúd uile go léir ach le dólás faoin bpéin
atá ar Róise gheal tséimh, iníon Hanraí.



ii
Níl siolla as béal ná seinm ar théad,
níl cruinniú ann in aer ná i ndamhsa;
tá na cailíní go léir uilig ag dul chun éaga
go hatuirseach i ndiaidh a gceannfoirt;
gach buachaill tapa tréan a chaitheadh an chloch is an léim
ina sheanduine le méad a scanraithe;
gan ach mar seo uile go léir ach mar gheall ar an méin
'bhí ag Róise gheal tséimh, iníon Hanraí.



iii
Ní bréag a dúirt an té a aithris uirthi é
go mba ródheas a méin is a gáire,
a leaca mín dá réir chomh dearg leis an gcaor
nó an pabhsae ar thaobh an ghairdín.
Tá fir is mná an tsaoil ag iomadh agus ag éad
ó chruthaigh Mac Dé an planda;
is ó chine Ádhaimh is Éabha go dtug sí clú agus sway:
is í Róise gheal tséimh, iníon Hanraí.



iv
Thug mé grá dá béal ba bhinne ná guth téad;
ghuigh mé Muire is í i bpéin an uair sin;
an darna grá dá taoibh ba ghile ná clúmhach éan
is gach a bhfaca mé den aol buailte;
an tríú grá thug mé, níl ó fhlaithis Dé
ní ar bith a scaoilfeadh, dar liomsa -
mura bhfaighinn faill oíche nó lae cead síneadh léi,
Róise gheal tséimh, iníon Hanraí.


L. 84


v
I leaba imirt is óil, aiteas is spóirt
níl againn ann ach brón is éagaoin.
Fanfaimid go fóill faoi thuirse ag déanamh bróin,
a chuisle is a stór, nó go n-éirír.
Tá na boicht ag dul an ród gan misneach is ag déanamh bróin,
ag sileadh na ndeor is ag géarghol.
A bhfuil d'airgead is d'ór is d'ionmhas ar an domhan mhór,
a chuirfeas biseach a thabhairt do Róise, bhéarfainn.



vi
Guímid ón gcroí gach maidin is gach oích'
an tAthair agus Rí na nGrásta;
screadaimid ar an Lao a cheannaigh sinn go daor
is d'fhulaing dúinn ar chrann na Páise;
Muire Mhór is Bríd is gach aspal is naomh
dá bhfuair seilbh insan ríocht neamhaí,
le cruithneacht ban an tsaoil a ligean chugainn ina suí,
is biseach a thabhairt di ina sláinte.


L. 85


MISS NASH
i
De réir mar deir na húdair lean Miss Nash a dúchas:
dheamhan tionónta ar a dúiche nach n-umhlódh dithe joy.
Dia go raibh dá cumhdach le treis bheith aici is cumhachta:
nach sheo í an fhuil ghlan chlúitiúil a fuair sí anois ó
Ádhamh?
Nár chaille sinne léargas ná go bhfeicimid an péarla
a d'imigh uainn go héafart agus nárbh fheidhmiúil í a cáil,
le síodaí geala gléigeala is gach uile shórt dá réir sin;
má philleann sí go héag chugainn beidh Éire uilig faoi
bhláth.



ii
A Thiarna, cén t-ionadh na tionóntaí bheith ag caoineadh,
ó thoisigh na crainn ag críonadh is gur díofa a thit a mbláth.
Ó d'imigh maith na tíre agus tá a teastas ins gach ríochta
is go bhfuil dúil againn ar an mí seo go mbeidh sí abhaile
chugainn slán.
Tá an londubh agus an chéirseach faoi bhrón ar bharra géaga,
an ghealach nár scar le héiclips gan fios againn cén fáth.
Dá mbeith Miss Nash dár ngaobhar, ach leigheasódh sí an
méid sin:
nach deas an demesne atá aici ar thaobh Chnoc an Chairn?



iii
Nár chaille sinne léargas go bhfeicimid an spéirbhean
a bhfuil a cúl ar dhath an ómra ina thrilsí léi anuas.
Is í aoibhneas Chríoch Fódla í, is í an réalt thríd an gceo í,
is í an choinneal ar bharr an fhómhair í ag déanamh lóchrainn
ins gach ceard.
Nach geall maith le bheith i bpárthas a bheith ag amharc ar a
párlús?
Tá gach uile ní dá bhreáchte ann agus dealramh ón ngréin.
Agus nach siúd mar tharla idir Knoxaigh agus Síol nDálaigh,
go dtug sí an sway as an mball-room, an stáidbhean a bhí
fial.


L. 86


NACH Í SEO AN AIMSIR PHLÉISIÚRTHA
i
Nach í seo an aimsir phléisiúrtha
agam féin insan áit a mbím
ag lánúin chroí na féile,
clú Éireann a ndís:
Neddy lámh an réitigh
is tréithrí ins gach uile ní,
Mrs Tyler chumhra ghléigeal,
dea-bhean gach naí.
Bíonn togha gach bia dá ghléasadh
gach lá 's gach oíche ar féasta ann.
Féach na húlla sléibhe
le héadan gach aoin.
Bíonn na méara ar théada ann,
chorus róbhinn béal air;
siúd a n-aiteas, siúd a gcleachtadh
's a gcáilíocht 's a gclaon.



ii
Is é seo teach an tsuaircis,
an tsonais 'gus an iomad spóirt,
thógfadh croí dá bhuartha
is a ualach 's a bhrón,
i mbíonn bia is deoch dá ngluaiseacht
go buan gach oích' is de ló,
is oircheasacht dá roinn ar shluaite
gan uabhar ná stró.
Ní ar ghanntanas ná ar chruatan
ná ar sheiftí dona truaillithe
a dtig leofa 'thíocht suas
mar is dual do lucht stóir.
Ach d'fhága Dia de bhua orthu
an tráth do chuir sé anuas iad:
ál le scaipeadh-chroí breá
fairsing fialmhar 'thabhairt dóibh.



iii
Dá mbeinnse ag caint achoíche,
ní dhéanfainn daobh leath a chór',
mo theanga a bheith líofa
is m'intleacht dian-mhór.
Tá a cháil ar feadh na ríochta


L. 87


's ní iontas a bheith go deo,
's chruinneodh sé nuaíocht rómhaith dhaofa,
an t-aosta is an t-óg.
Thart an deoch dá bhrí sin,
is í is bun is barr gach siamsa;
bíodh na gloiní líonta
inár bhfianaise go bord!
Tógaí suas bhur gcroíthe
agus guibhí liomsa Críosta
lena mbeannú sa ngábh in aois chlainne
is is fíormhaith an toast.


L. 88


AN tSEANBHÓ MHALLAITHE
i
Níl lá dá chiúine nach dtéann chun gaoithe
is níl caint dá chaoine nach dtig chun cinn.
Faoi chúrsaí an wrapper bhí mé 'cheilt ar Shíle
tá an cás á mhíniú anois bunoscionn.
Is mian liom aithris daoibh, a chlann na saoithe,
is bréag ní dhéanfad nó go dté mé i gcill,
cén nós ar casadh liom an tseanbhó chríonna
'gus a fhad san oíche nó gur scar sí liom.



ii
Ghluais mé chun Carrúnach go mall san oíche;
d'ardaigh gaoth ann is fearthainn trom;
is ag ísliú síos dom ag bun Mhaigh Chríonna
is í an tseanbhó bhuí údaí a casadh liom.
d'fhiosraigh sí dhíomsa de chomhrá caoithiúil:
"Níl foscadh tí againn ann, claí ná tom:
iasacht wrapper nó go stada an díle,
is cuirfead arís chugat é ar ais gan mhoill".



iii
Ansin do gheit mé agus rinne mé stán,
ach níor lig an náire dhom a dhul chun scaoil,
ach theann mé amach uaithi 'gus ghearr mé fáinne
is ghuigh mé an tArdrí mo thabhairt beo thríd.
Chuir mé geasa uirthi - ní nár náir dhom -
mo ligean slán faoi dhídean tí.
"Ach ceist mar achainí ort, is tabhair dhom fairnis:
an bó ó nádúr thú ó chruthú an tsaoil?"



iv
"An tráth fuair Mathalas a theagasc líofa,
d'fhága mé an tír seo is ní ar easpa só.
Chuas le hEarcail go scrios na Traoithe
i mo ghaiscíoch fhíormhaith ligthe cró.
Chuas le Cromail faoi bhrat an daortha
ós mé a mhúin críonnacht is gliocas dó,
gur thit mé in Eachroim in aghaidh Clanna Mhílidh;
is é d'fhág faoi dhraíocht mé in inní bó".


L. 89


v
"Ní chreidim focal uait, is is mór an t-ionadh
insan méid seo d'inis tú,
go raibh tú fírinneach in aimsir Éabha
is a liachta téarma dár aithris tú.
Bhéarfad wrapper dhuit go Lá an tSléibhe
is ná haithris bréag dhom anois ar tús:
cé a sheol ar farraige thú ag tíocht go hÉirinn
is a liachta réigiún a bhí fairsing fút?"



vi
"Is iomaí gleanntán agus cnoc ró-uaigneach
sa domhan seo a chuartaíos ó cruthaíodh Ádhamh;
is dá mbeadh caint anois agam mar bhí an uairsin,
bheinn ag suairceas leat go n-éiríodh lá.
Thall in Aifrice is ann a bhínnse
ó thús an tsaoil i mo dhuine cró,
is i gcríoch na dTurcach nó gur cuireadh an díle
le linn naoi líne i mo bhuachaill bó".


L. 90


BHÍ MISE LÁ
a
Bhí mise lá ar Chnoc an Chairn,
ag tabhairt aire do mo dhreamhnán caorach,
nuair a chonaic mé an t-iolar agus an stráic ina chráig,
agus ba chosúil le básta bríste é.
Níl a fhios agam go cé an gleann ar chónaigh sé ann
le cuaifeach nó le gála gaoithe.
Ach is é an rud a chuala mé ag mná 'bhí ag tíocht abhaile ón
trá,
gur in Acaill atá sé ar dídean.



b
Bhí mise lá ag gul 'mullaigh an Chairn,
ag seoladh mo dhreamhnán caorach,
agus chonaic mé stráic le iorla 'na ngráig;
ba chosúil le básta an bhríste é.
Is é chualas á rá 'gul tharm ag mná
gur in Acaill a bhí sé ar dídean.


L. 91


B 1906 19
U Ón chaint bheo I gConnachta



DIC BAIRÉAD AR AN gCRUACH



Bhí Riocard Bairéad ag dul suas chuig patrún a bhí ag an
gCruach, agus bhí an Suibhneach ar a thóir. Chonaic sé an fear
agus 'léir mar chuala sé ba chosúil leis an mBairéadach é.



"Ceist agam ort, a ghiolla seo,
tharla orm féin ón tslí,
cé againn is gile finne
nó is áille gnaoi?"



Dúirt an Bairéadach:



"Tá fear againn crosach
agus an fear eile againn mantach buí,
agus níorbh fhearrde an pobal
a mbuailfeadh an péire faoi".



B 1819ob 19T



FEARTLAOI
Is é do bhinnbheol, do chaoncheol, do chaolmheor agus gléigeal,
do mhilphóg, do dheargrós, a chroí, arna n-aolteach
mo chianbhrón, do chaonphóg mo chloíleor, is m'éigneach
tú bheith faoi fhód ar gclaochló is nach bhfuilir beo re
m'éisteacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services