Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Aodhagáin Uí Rathaille

Title
Dánta Aodhagáin Uí Rathaille
Author(s)
Ó Rathaille, Aodhagán,
Compiler/Editor
Dineen, P.S.
Composition Date
1703
Publisher
(Londain: I.T.S., 1900)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NUAIR DO CHUIR NA H-EIRICIG EASBOG CHORCAIGHE TAR LEAR.



Mo bhrón! mo mhilleadh anois mo leun le luadh!
An sgeól guirt chluinim thug me déarac, duairc;
Mo sgóip do sguir, do bhris mo shéan, mo shuan,
Eóin do chur tar muir air éigion uainn.



Mo stór, mo chisde rug a n-éinfeacht uaim
Mo chóir, mo chion, mo chuid do'n chléir gan chruas;
Níor leór leis sinn gan sruth na féile fuair;
Tar bóchna a mbruid ó cuireadh é monuar!


L. 138


B 1715c 18T
U 0214
AN TAN THÁINIG AN PRIONNSA SÉARLUS STÍOBHART GO H-ALBAIN.



Is mac do Mhars an mac so a n-Albain uaird,
Is fear as fearra air fhearann treasgurtha an t-sluaigh,
Macs is clans as glan air Ghallaibh go m-buaidhidh,
Rath gach cath don bh-fhlaith go leanaidh go buan.



Gas as pras a d-treasaibh calma cruadha,
Do ghlac 'na ghlaic an ceart do sheasamh gan duadh;
A Cheap na bh-feart is Athair pharthais shuas,
Ós ceart a cheart 'na cheart go d-tagaidh go luath.


L. 180


B 1715lsc 18T
U 0201



AIR DHÍBIRT NA BH-FLAITH.



Do chuala sgéal do chéas air ló me,
Is thug 's an oidhche a n-daoirse bhróin me,
d'fhág mo chreat gan neart mná seólta,
Gan brígh gan meabhair gan greann gan fóghnamh.



Adhbhar maoithe sgaoileadh an sgeóil sin,
Cás gan leigheas is adhnadh tóirse,
Athnuadh luit is uilc is eólchair,
Gríosughadh teadhma is treighde móire.



Díothughadh buidhne críche Fódhla,
Lagughadh grínn is gnaoi na cóige,
Mar do díogadh ár n-daoine móra,
As a bh-fearannaibh cairte is córa.



Mór an sgéal, ní féidir fólang
Ár n-díthe do ríomh lem' ló-sa,
Fuair an fhéile leun na dheóigh sin,
Is tá an daonnacht gach lae dá leónadh.



Ní bh-fuil cliar a n-iathaibh Fódhla,
Ní bh-fuil aifrinn aguinn ná órda,
Ní bh-fuil baisde air ár leanaidhibh óga,
Gan fear seasaimh ná tagartha a g-córa.



Créad do dhéanfadh ár n-aos óga,
Is ná fuil neach re maith dá bh-fórtaint,
Atáid gan triath acht Dia na glóire,
As a b-príomh-ál dá ngríosáil tar bóchna.


L. 182


Gearán m'aigne dearbh na sgeól sin,
Gabháil garbh na n-eachtrann óirnne,
Maith fhios agam an t-adhbhar fá'r órdaig,
d'aithle ár b-peaca an t-Athair do dheonaig.



Dá m-beadh Tuathal fuadrach beó aguinn,
Nó Féidhlim do threighidfeadh tóra,
Nó Conn, fear na g-cath do ró-chur,
Ní bhiadh teann na nGall dár bh-fógradh.



Cár ghaibh Art do char an chródhacht,
Nó Mac Con badh dhocht a g-comhlann,
Léar sgannradh clann Oilioll Oluim,
Is séan do Ghallaibh ná mairid na treóin sin.



Is léan do Bhanba marbhadh Éoguin,
Tréinfhear fá céile don bheódhacht,
Ní bhiadh neart tar cheart air fhódaibh,
Ag na béaraibh bréana móra.



Do bhiadh neart is ceart is cródhacht,
Do bhiadh smacht is reacht fá ró-chion
Do bhiadh rath air ar 'san bh-fóghmhar
Dá m-beadh Dia le triathaibh Fódhla.



D'imthigh Brian na g-cliar ón m-Bóirmhe,
Do bhí tréimhse ag Éirinn pósda,
Ní bh-fuil Murchadh cumasac cródha,
A g-Cluain Tairbh badh thaca re comhlann.



'S an tráth fá láidir na treóin sin,
Clann Chártha 's an Tál-fhuil treórach,
Níor sgaoileadar Gaoidhil dá bh-fógradh
Tar tuinn nó gach láthair teórann.


L. 184


Atáid na Danair a leabaidh na leógan,
Go seasgair, sámh, go sádhail, seómrach,
Bríoghmhar, biadhmhar, briathrach, bórdmhar,
Coimhtheach, cainteach, sainnteach, srónach.



Is é rún is fonn na fóirne,
Dá mhéad síth do ghníd re ar b-póir-ne -
An drong bhíos ag ríghdeach reó aguinn -
Súgra cluithidhe an chuitín chródha.



Is truagh lem' chroidhe 'sas tínn dár n-drólann,
Nuachar Chuinn, Chríomhthain is Eogain,
Suas gach oidhche ag luighe re deóraidhibh,
'S gan luadh air a cloinn do bhí aici pósda.



Teach Tuathuil monuar, do tóirneadh,
Is cró Chuinn gan cuimhne air nósaibh,
Fonn Féidhlime go tréith-lag tóirseach,
Iath Iughuine go brúighte brónach.



Achadh Airt fá cheas gan sódhchas,
Críoch Chobhthaigh fá oghaim ag slóightibh,
Clár Chormaic fáidh foirtill na g-cómhfhocal,
Fán onchoin lán d'fhothrom deórach.



Mo leun ní h-é tréine na slógh sin,
Ná buirbe na fuirne ó Dhóbhur,
Ná neart naimhde do chaill ár n-dóchas,
Acht díoghaltas Dé tá air Éirinn fhód-ghlas.



Peacadh an t-sínsir, claoine an t-sóisir,
Aithne Chríosd gan suim 'na cómhall,
Éigion bruinnghiol, briseadh pósda,
Craos is goid is iomad móide.


L. 186


Neamh-chion ghnáith is tár air órduibh,
Raobadh ceall is feall is fórsa,
Éighiomh na bh-fann gan cabhair gan comhthrom,
Ag saobh-lucht sainnte is caillte air chomharsain.



Tréigion Dé le spéis a seódaibh,
Gléas le a séantar gaol is comhgus,
Géill do neart 'san lag do leónadh,
Claon ag breath 's an ceart fá cheó chur.



Cidh tá an eang so teann ag tórmach,
Faoi láimh leabhair na nGall so nuadh aguinn,
Áilim Aon-Mhac tréan na h-óighe,
Go d-tigidh an ceart 'san alt 'nar chóir do.



Is bíodhgadh báis liom bás mo chomharsan,
Na saoithe sámha sásda seólta,
A d-tír badh ghnáthach lan do thóbhacht,
Ite, vade, dá rádh leó sin.



Is gan acht cáirde ó lá go ló aca,
Dá g-cur uile a d-tuilleadh dóchuis,
Go m-biaidh fábhair dá fhagháil dóibh sin,
Is gan ann acht Till further orders.



Galar gan téarnadh is maothchas mór liom,
Greamanna daor-bháis cé táim glórach,
Sgaipe air an bh-féinn dár ghéill Clár Fódhla,
Is eaglais Dé dá claochladh as órdaibh.



Tá sgéimh na gréine go neóna
Fé éclips ó éirghe ló dhi,
Táid na spéartha a ngné dá fhógradh,
Ná fuil téarma ár saogail ró-fhada.



Fuair an cáirdeas spás a dhóithin,
Le lucht séad ní géar an sgeól sin,
Ní léir dam aoinneach air m' eólas,
Noch do bhéarfadh raol chum bróg dam.


L. 188


Fágbhaim sin air chur an Chomhachtaig,
Aon Mhac Mhuire gile móire,
As a bh-fuil ár n-uile-dhóchus,
Go bh-fuigheadh sibh-se is mise comhthrom.



Is aithchim Íosa Rígh na glóire,
Mar is fíor gur tríd sin d'foghnas,
Soillse laoi agus oidhche d'órdaig,
Go d-tigidh an nídh mar shílim dóibh sin.



AN CEANGAL.



Gríosúghadh cnead, laghdúghadh air neart, síorúghadh air cheas
bhrónach,
Fíorúghadh ár bh-fear do ghéimhliúghadh a nglas, foillsiúghadh
a n-acht óirnne,
Críochnúghadh ár bh-flaith do dhíorúghadh amach air dhruim tonn
tar bóchna,
Do mhíon-bhrúigh lag mo chroidhe dúr leasg, re maothúghadh
ár n-dearc n-deórach.


L. 210


B 1710c 18T
U 0201
DO MHAC FHINNGHIN DUIBH UÍ SHÚILLEABHÁIN.



Fada théid teist an oinigh,
Dá m-beadh gan é d'iafraighidh,
d'iúl shean, is deimhin an dál,
Fear an oinigh ar iomrádh.



Cuid do bhuaidh fhir an oinigh
Bheith gach n-aon ar iafraighidh,
Teacht asteach go bhfaighir air
d'fhear an oinigh ní heagal.



d'fhear an oinigh ní huamhain -
Cuid eile dá iolbhuadhaibh -
Gibé a n-déintear 'na dhochar
Ní féidir é d'fholmhochadh.



Do dhruim oinigh is anma
A n-oighreacht a athardha
Deimhin asteach go dtiocfa
Fear oinigh is oirbhearta.



Barr sochair é don oineach
Gnáth air fud críoch comhaigheach,
Le luadh a dheagh-anma ag dul,
Sean-labhra suadh is seanchadh.


L. 212


Sean-nós aca riamh roimhe
'San chrích-se fhóid Iughoine,
'Sé ar feadh gach oirir mar sain,
Fear an oinigh ar iarraidh.



Comh-luath chuige - céim 'na rath, -
An file, an fáidh, an cearbhach,
Gach taobh ag triall ar oineach
Mar aon 'san chliar chomhuigheach.



Tig an Laighneach leath air leath
Tig an Midheach 'san Muimhneach,
A n-dáil ní damhna tuirse
Fa gháir anma an Eoghain-se.



Comhluath ó cheann gach críche
Lucht sgaoilte sgéal coigcríche,
Gá bhríogh a méad do mheadhair,
Ag ríomh a ghéag geinealaigh?



Níor chlos aoinfhear aca-san
Ag breith oirbhere ar Eoghan,
Ní claon don chéad-rath do char,
Aon dá éagnach ní fhaghthar.



Ní chuala Gaoidheal ná Gall -
Maith iomchras an chuing chomhthrom -
Fós do bhuain béime air a bhladh,
Buaidh a fhéile ní hiongnadh.



Mise féin mar gach fear díobh,
Ní cuaird iona cóir dimbríogh,
Mo thol go hiomlán ní fhuil
Go dol fá iomrádh Eoghain.


L. 214


Saoilim nach fuil diomdhach de
Acht námha nó fear feirge;
Gnúis fhaoilidh gan cáil a g-crodh,
Báidh gach aoinfhir le hEoghan.



Do cheannuigh fós, beart dá rath,
Ainm saor nach féidir d'ionnlach,
Díol clú deigh-reacht is anáir
Crú do sein-shliocht Shúilleabháin.



Ní théid caitheamh 'na chlú sain,
An sliocht airmheach so Eoghain,
A g-caoi bhuadh na d-toirbheart d-trom
Fuair a n-oighreacht a h-altrom.



A n-dimbrígh ní dual a dhul,
An teist oirdhearc-sa ar Eoghan,
An fhéile is sein-reacht a shean,
Deigh-shliocht na fréimhe ó bh-fuil-sean.



'Sé idir uaislibh fhuinn Gaoidheal
Do ghní an t-ainm-se d'iomsgaoileadh,
Reacht fíre na fréimhe ó bhfuil,
Séimhe a n-dine dá n-dúthaigh.



Oineach gnáth, is gníomh náire,
Ceannsacht, umhla, is adhnáire,
Druid re hoirbheart is ciall cinn
Tug oighreacht don fhial fhoirtill.



Iomdha céim 'na d-tig asteach,
Más fíor d'fhuighlibh na bhfileadh,
Fear an oirbhearta os cionn cháigh
A gcionn oighreachta d'fhagháil.


L. 216


Gach barr innmhe dá bh-fuair sain,
Maith is fiú a chiall 'sa chéadfaidh,
Ní nár mar chaitheas a chrodh,
A maitheas már gan mhóradh.



Ní le tréan táinig a neart,
Grás Dé le dul a n-oighreacht
Fuair a thoil do dhruim dochra
Ní cuing sain nach so-mholta.



Nach beanuid na rainn-se ribh
Ní mheasaim, a Mhic Finnghin,
Réim gan foirneart, gan folaidh,
As t'oirbheart féin fuarabhair.



Mac Finnghin Duibh dá rádh ribh
Atá, ní hinnmhe a n-aisgidh;
Air do gheall ní gairm eile,
Is fearr ainm ná airighe.



Barr air fhearaibh féile fuair
Eochaidh ó chách an chéad-uair;
Coimhliontar an chlú do chuir
Le crú oirbhearta Eochaidh.



Ón lá sin gus an lá aniugh
Gibé iona cheann do chuirfeadh,
Ní dheachaidh céim ar g-cúlaibh
Ó fhréimh Eochaidh aon-shúlaigh.


L. 218


B 1729ob 18T
U 0214



DO CHORMAC MAC CARTHA GUIRT NA G-CLOCH.



Aille, acfuinn nach faicim,
Cródhacht aibigh anaichill,
Stuadh glan oirdreach gan oll d'fhás,
Teasdas Chormaic Mic Cartha.



Gríobh do fhoilcheann a fhéile,
Nathair gan dúil droichmhéine,
Rún athbhaoise cré ghlan cháidh,
'Sé is athbhaois dár n-eadráin.



Aoinleanbh na Banba buaine,
Conclan Con na Craobhruaidhe,
Gríobh deagh-thnuis is teó a d-treas,
Ath-ghuaire gleó na n-ard-chleas.



Aithghin do mhac Éibhir Fhinn,
Ursa sluaigh urmhaighe Fhéidhlim,
Laoch ionchuir le h-Osgar oll,
Posda iomchair na n-andrann.



Ag an n-gaisge air ghéag leamhna
Ní bh-fuil aoibhneas oileamhna,
Fuair eól an suidh céasda sin
Ag deól cígh céasda an chogaidh.


L. 220


Ua óg na g-Cormac n-ársaidh,
Slat chumhra an chúil óir-easnaidh,
Geall na d-tréad aige air áille,
Géag is faide fionntáille.



COMH-CHEANGAL.



Óige is gné mar ghréin 'na ghríos-ghruaidh ghluin,
Cródhacht, tréine, air éacht Con Duibhe bhuaidh Mis,
Mórdacht céille, féile, is fíor-uaisle,
A g-comhair a chéile ag laoch ón Laoi, is tuairisg.


L. 252


B 1699c 17D
U 0001



LAOIDH THAIDHG UÍ DHUINNÍN.



(Ag caoineadh na n-uasal d'éirig san g-cogadh déaghnach 1691).



Is leun liom leagadh na bh-flatha as na bh-fíor-uaisle,
Bh-féastach, bh-freastalach, bh-fleasgchupach, bh-fíon-chuachach,
Do bhéarfadh fearann dom shamhail-se faoi dhualgus,
Saor ó shrathaibh gan tabhairt air chíos uaim-se.



As é thug fadtuirseach cathach me fíor-bhuaidheartha,
Séamus airgthe ón m-Breatain gan dlighe air chuanaibh,
A thréad air sgaipeadh dá ngreadadh as dá síor-ruagadh,
'S an méid noch mhaireas dá mhaithibh a bhfíor-chruadhtan.



Éag na g-Carathach g-ceannasach ngroidhe bhuair me,
Do réx-fhuil Chaisil nár bh'anamh a bhfíor-uachtar,
Féinnidh Gearaltach marbh gan brígh air fuaradh,
Is laochra gaisge Bhunraite agus buidhean Chruachna.



As saoth liom easba na seabhac ón Laoi fhuair ngil,
Nár réidh re Gallaibh acht tarraing tar tuínn uatha,
'S an t-éan beag mhaireas don ealtain chirt fhínn fhuadhrach,
Le tréimhse a Hamburg, mo dheacair, gan slighe chuarda.


L. 254


Is é do mhearaig me - dalta gach Ríogh-chuaine,
Badh shaordha ainm 's a mbeartaibh do bhíodh buaidh aige,
Phoenix fartha na Banba a ngníomh guasacht -
Is d'Éirinn maithim, ós dearbh 'na luidhe a d-tuama.



Dá n-déanfainn dearmad, measaim gur bhaois uaim-se,
Air shaor-shlioct Eochaidh go ceannuibh Puirt Baoi an uair so,
Daonnacht, fairsinge, is tabhairt air fhíon uatha,
Is é do chleachtadh an ghasra ghníomh-dhuasach.



Léir-sgrios fairsing Uíbh Chairbre is trí truagh liom,
An gheug san Chathail cois fairrge is Laoi luaidhim-se,
Sliocht Chéin, do chaitheadh gach maitheas le fíor-shuadhaibh,
As Séafra an Ghleanna rug barra an gach sligh suaircis.



Ní'l géilleadh a n-Eallaibh d'fhear Cheanna Tuirc faoi
bhuannacht,
Ná air aon chor aca don aicme sin Chaoimh shluagaig,
Do ghléiribh ghasda ghlínn mheardha mhín Chluana,
Ná d'aon don mhaicne ó Theamhair ghluis mhín Luachra.



Préamh na Sratha is Dúin Geanainn is díth buan liom,
Is Béal Átha Seannuig gan racaireacht fíor-dhuanta,
Raghallaig, Seachnasuig, Ceallaig, is caoin-Ruarcaig,
Is craobh Uí Mheachair gur sladadh a croidhe uaithe.


L. 256


An phréamh ó'n n-Garra Choill, Branaig is Uíbh Tuathail,
Éile is Almha is deagh-chine Chuinn dualaig,
Réidh-choill Manach, is Fallaig, is Laighis uaine,
Is gan céile ag Eamhain do chlannaibh mhic Ír uaibhrig.



Ní'l éisg ag taisdiol cois calaidh ná air línn ghruamdha,
Air thaobh na Banna, cois Mainge ná air mhín-Ruachtaig;
Ní'l créithre meala dá d-tarraing a g-coill bhuacaig,
'S ní'l séan air chrannaibh re sealad ná puínn chnuasaig.



Ní'l céir air lasadh an gach mainisdir, bíd uaigneach,
'S ní'l cléir ag caintain a salm ná ag guidhe air uainibh,
Ní'l aon ag aifrionn Easbuig a g-cill tuata,
'S ní'l léigheann dá theagasg do leanbh ná d'aos uasal.



Cé gur machnadh mar mhalairt an dlighe nuadh so,
Ní'l féile marthain ná carthanacht trí truagh air bith,
d'éinneach bhrathtar a n-easbaidh nó air díth chuallacht,
Ó léigeadh sathadh na g-cealg a bh-fíor-uabhar.



Cé gur bhfada mar eachtra a g-cruínn-tuairisg,
'S nach féadaim labhairt air mhaitheas na nGaoidheal n-uasal,
Éigse fheasacha glacaidh mar dhíol uaim-se,
Gur maol an t-arm ná cleachtann a shíor-thuargain.



A Dhé na n-apstal fuair peannuid dár bh-fíor-fhuasgladh,
Mar aon led' bhanaltrain bheannuighthe bhí air bhuaidhriomh,
Ó's géar gur cheannachais m'anam a Chríosd chuana,
Léig me a bh-flaitheas na n-aingiol go bhfuighead suaimhneas.


L. 258


AN CEANGAL.



Má tá gur chaitheas seal dom'aois aorach,
'S go n-grádhfainn stair air reacht na bhfíor nGaodhal so,
Mo cheárd ó mheath le malairt dlighe a n-Éirinn,
Mo chrádh go rach gan stad le bríbhéireacht.



AN FREAGRADH THALL.



Ó gheibhim gur cailleadh na flatha sliocht Mhíléisius,
Is roinnt a d-talamh ag Gallaibh an bhínn-Bhéarla,
A Thaidhg ó bhrathaim go rachair le bríbhéireacht,
Raghad-sa sealad ag bearradh gach cíléara.



B 1670 17D
U 0052



AIR DHÍTH NA NGAODHAL.



Le Séafra Ua Donnchadha an Ghleanna.



Ní fhuilingid Gaill dúinn síothúghadh a n-Éirinn seal,
Ár g-croidhthe gan ghímhliúghadh is ísliúghadh fé n-a smacht,
Ár g-cumas do luígheadúghadh is díthiughadh ár g-cléire air fad,
Is fuirm a mí-rúin críochnúghadh ár saogail as.


L. 260


Níor shlighte dár n-ídiúghadh líomhnúghadh bréagach beart,
Gan chumas an dlighe riú a n-aoin chúis d'éiliomh cheart,
Tuigim gur síor-phudhair síothúghadh saobh na bhfear
Le a g-cuirid a g-crích dhúinn gníomhúghadh léir a g-ceasd.



Dár d-tubuist go laoithéamhuil luíghe dhuínn fé n-a smacht,
Mo thuirse! 's nach díon dúinn aoin chúil d' Éirinn Airt,
Ár g-cumas is díoth-chúmhaing, ní fiú sméar ár g-ceart,
Muna d-tige gan mhoill chúghainn míniúghadh éigin as.



Do chonnarc na Gaoidhil úd síodamhail, séadach, seal,
Cumasach, cíosamhail, críochnumhail, céadfadhach, ceart,
Soilbhir, saoitheamhail, míon-úr, maordha, mear,
Filiota, fíoramhail, fíontamhail, féasdach, feacht.



Cuirite caoineamhuil, draoitheamhuil, daonnachtach,
Bioraite bíogamhail, gaoiseamhuil, gaodhalach, glan,
Go tuitim a b-príosún daoirseamhail lae na m-breath,
Nár thuilleadar mío-chlú, is díothúghadh déarach deart.



Goirim is guidhim súnn Críost chúgaibh, caomh an flaith,
d'fhuiling a chaoimh-chrú a g-craoibh chúmhaing chéasta theacht,
Go g-cuireadh gan moill chúgainn faoi chlú Gaodhail 'na g-ceart,
'S go sgriosaidh na Gaill úd bhí riú a g-céin tar lear.


L. 262


B 1670c 17D
AN REACHT TAR TUINN.



Le Séafra Ua Donnchadha.



Is barra air an g-cleas an reacht do theacht tar tuínn,
Léar leagadh fá shlait an treabh sin Éibhir Fhínn,
Cama na m-beart do shlad go claon ár g-cuing,
Léar gearradh amach ár g-ceart as Éirinn uíll.



Is deacair a mheas go raibh a g-céill don droíng,
Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Gaill,
Go bh-feacadar breath na bh-fear air Shéarlas Rígh,
Gur sgaradar neart gan cheart le chéile a bhaill.



Do feannadh air fad an feacht so a n-Éirinn Gaoidhil,
Is deargthar feasda feart gach aoinfhir díobh,
Nó glacaid a b-pas gan stad is téid tar tuínn,
Is geallaid tar ais gan teacht go h-eug arís.



Ciodh neartmhar an tan so air chlannaibh Gaodhal na Gaill,
'S ciodh rathmhar a staid le seal a b-préamhaibh Fhlainn,
Do dheasgaibh a g-casd ní ghabhaid géilleadh an fhoinn,
Fearfaidh 'na frasaibh fearg Dé 'na n-druim.



A Athair na bh-feart dod' chead is déanta guidhe,
Ceartaig 'na leas air fad a n-Éirinn Gaoidhil,
Is leasaig 'na g-ceart gan cheas gach aon don druing,
Is aisig a reacht 's a rath don chléir a g-cíll.


L. 264


Uch is athchaoi! is lag í an uaisle anois,
Cufa is callaídhe air chailídhibh tuarasdail,
Boduig fá hataídhe, is aistídhe shuarach sin,
Is lucht oirdhearc seaghuidhe a g-caipíbh cluasacha.



B 1703 18T
U 0284



IAR G-CUR EASBUIG CHORCUIGHE AIR IONNARBADH AS ÉIRINN.



Le Uilliam Mac Cartain an Dúna.



Mo bhrón mo dheacair an chealg so am shíor-chrádh-sa,
Eoin go daingion a nglasaibh na d-tíoránach,
An seól ag bagar air tharraing tar tuínn bháidhte
Bheir breóighte a g-creathaibh ár g-cealla 's ár b-príomh-
cháirde.



A Mhór-Mhic bheannuighthe cheannuig 'san g-craoibh chráidhte
Na slóighte pearsa do shleachtaibh chirt síl Ádaim,
Deónuig sealad go taithneamhach caoin-ráidhteach,
Eoin gan basgadh 'san talamh so síothchánta.



Treóruig, aithchim ort, Athair 's a Rígh neámhdha,
Tar bóchna a bhaile ár marcra laoich láidir,
A g-cóir 's a g-calma 's a n-acfuinn gan díth sláinte,
'S air chóip tar fairrge sgaipeadh gan puínn cáirde.


L. 266


Ní'l beó 'na m-beathuidh dár n-easbuig acht smuinte árda,
A n-gleó-bhruid fada ag Gallaibh dá síor-chábladh,
Gan cómhall na ngalar cé calma a n-dlíghe an Phápa
Acht Seon 'na sheasamh ó mhaidin 'na phríomh-ghárda.



Tig deóra m'aindeise óm dhearcaibh 'na línn bháidte,
'na ród ag treabhadh mo leacan go díoghbhálach,
Ón g-ceó 's ón sgamal 's ó fhearthuinn go síor-ghnáthach,
Is cóip na Sagsan dár n-arguin faoi luidhe an bhráca.



Triall an easbuig chneasda chaoin gan cháim,
Dhiadha ghasda is maiseach gnaoi ar cáil,
A g-cian dá cheapadh a m-barc a g-crích chum fáin,
Is ciach 's is cnead 's is ceas a g-críochaibh Fáil.



B 1791fl 18D
U 0312



FAOISIDIN SHEAGHAIN UÍ CHONAILL.



Admhuim féin le deáraibh, dearbhaim,
Gur canadh liom bréithre baotha malluighthe,
Chuir brón dearóil air Athair na g-comhacht;
An tan ghearras an chléir le faobhar faltanuis,
Fuair ceannas is céim mar aon le Peadar glic,
A g-coróinn ghlóire ag seasamh 'san Róimh;


L. 268


An ansrioraid baoghail am béal go labharadh,
Is angrais dréacht nár mhéin liom d'aithris,
Is éithioch aithiosach - sléachtaim spalpaim-se;
Féach an Eagluis naomhtha bheannuighthe,
Och ochón! do bheir damaint dom chómhair.



As sin barra air gach baothacht saoghail d'ár chaitheas,
Bheith tarcuisneach taodach fraochmhar searbh,
Le comhartha cóir na bhflaitheas, mó bhrón;
Do b'easmailteach éadmhar méasach maslaightheach,
Do sgartainn-se scréacht go sgléipeach sgannalach,
Le geóin ghlóir mo theangan ar seóbhal;
Ag aithris a m-béas gur craos is carbhas
Chleachtadh an treud-so léighte an aifrinn,
Lucht déanta teagaisg is réitioch anmnach,
Saor ó pheana-bhruid bréantais Acheron,
Stoc gan gó do mhairfeas go deó.



Badh mheabhlach mé-si am' mhéin 's am' aigne,
Do lucht caithte na h-éide is tréan do stracainn-se
Gach róba leó go talamh gan chóir;
Le meas orm féin tar éigsibh seanchais
Preabaim am' réaltan gléineach taithniomhach,
Tógbhaim tóirse lasaim is dóighim.
Is measa me théacht a réim ná Mahomet,
Castar liom céad fear céille air mearbhall;
Feuch cár ghabhas andae ní'l agam acht
Rae beag gearraid dom' shaoghal re caithiomh,
Sin ceó anois rómham is cá h-ionad 'na ngeobhad?



Mo bhearta go léir, is éacht 's is aithis sin,
Le h-amharc am'éadan; léaghfar, geallaim-se,
Mo ghnótha spóirt air mullach chnoic fós;
Ciodh mealladh me féin a g-céill nár bh'eagal liom
Cealg ón éag, ciodh léir go leacfar me,


L. 270


A g-comhruinn dearóil gan tapa gan treóir,
Gan labhairt gan léim gan réim gan rabhradh,
Gan caithis ioná spéis a n-aon dom' leanbha,
Acht daoil am chreatlach cléibh dhá ghearradh,
Nár bh'fhéidir seasamh am' ghaor le balaithe,
'S a Chomhachtaig fóir air m'anam 'san ród.



Ciodh chaitheas mo shaoghal go bréagach basguighthioch,
Is gur chleachtas-sa claona clé nár charaid dam,
Stródh dá shórt do ghlacas mar mheón,
Gan sgamal mar éigios éigneach aithiseach,
Nó branar ag déanamh béile air ablach,
Póite feóla chapail ag dreóghadh;
Nó camra bréan a m-béillic carraige,
Treasgartha faon fá ghréin an t-samhraidh,
Gur sgéigheas mo sceatrach créachtach cealgach,
Céasda ceachardha a n-éadan Eagailse,
Am' óinmhid spóirt ag magadh fán Órd.



Caithfiom go léir le chéile seasamh
Air shleasaibh an t-Sléibhe an tan ghlaodhfaidh an t-aingiol,
Le seól a cheóil na mairbh beidh beó;
Lasfaid na spéartha is pléasgfaid garbh-chnoic,
Carraigeach' raobfaid is géimfidh an léathan-mhuir,
An tóirneach dóighfidh fearainn is fóid;
Beidh flaitheas na naomh go léir air baille-chrith,
Sgaipfid na reulta is néalta parthais,
Beidh gné na reanna idir ghréin is gealaig,
Mar sméir gan taithniomh le h-éigion eagla,
Air shlóightibh sgeón roimh Leanbh na h-ógh.



Beidh taithniomh na naomh mar sgéimh an t-sneachta,
Ag cantain suilt réidhe, go séimh ag salmaireacht,
Le óirfide órdha agus Canticles cheóil;
Na h-aspstail ag téacht ag déanamh aitis,


L. 272


Is banaltra an Aoin na raeltean barra orra,
Ag tabhairt eólais dóibh go flaitheas-bhrog sóghail;
Gach anam bocht claon do raob na h-aitheanta,
Ag sgreadaig 's ag éighiomh 's ag éiliomh parthais,
Go leunmhar leacuighthe daor-dhubh damanta,
Faon, gan meabhair ná réim air chasadh aco,
Dá n-dóigheadh go deó idir lasaraibh teó.



A bpearsain iar dtéacht don Aon Mhac ceannais sin,
Beidh seasamh an' fheuchaint, fraoch is fearg nimhe,
Le comhachta a ghlóire labharfaidh leó:
Dearcaidh na créachta géara greaduighthe
Da radadh go h-aeibh trím' thaobh do bhur n-deasga-sa,
Mar do strócadh m'fheoil ó bhathas go feór;
Gach tairnge am' phlaosg do phléasg mo namhaid-se,
'S an t-searbh-dheoch bhinéigre bhréin do thabhairt dam,
Tar éis me cheangal le teud go daingean,
'S mo ghéaga air spara ins an daor-chrois treasna,
Is me am' shórd spóirt ag maithibh na slógh.



Athair is Aon Mhic, éighim is aithchim sibh,
Sgreadaim an Naomh Spiorad, mar aon, an Eaglais,
Treógh cér mhór mo spairn-se leó,
Maithiomh dom saor ó's léir gur aithrightheach,
Is gurab anbhfann mé fá leun le fadtuirse,
Is deóra teó 'na srathaibh lem' shróin;
Na h-anamna ghéill do strae na ngabhar,
Do tharraing air thréad na g-caorach achraim,
Glaodhaim-se air chabhair go h-eusg' na n-aingiol,
Mar aon re Banaltra phéarlaig pharthais,
Eóin geal órdha Peadar is Pól.


L. 274


DARA FAOISIDIN SHEAGHAIN UÍ CHONAILL.



Admhuim mo bhearta anois go déarach dúbhach,
Cé eagal dam, och! m'anachradh! gur déaghnach dúinn,
Tré leanamhain na g-cama-shlighthe g-claon gan chúis,
Lasrach do ghreadadh liom is baoghal am' chionn.



Admhuim duit Athair mhilis aonda air d-túis,
Do Leanbh dhil a sparra cruise céasda brúigheadh,
Carbhas gur chleachtas-sa, is craos is drúis,
Is feallaireacht is faltanas is taod is tnúth.



Admhuim duit Araid-Spioraid is naomhtha gnúis,
Gur chealgach le cealgaireacht mo bheul air siubhal,
Fár sparraineach do spalpainn-se na spréacha mionn,
'S nár bh'fearra liom ceart agam-sa ná an t-éitheach trú.



A Bhanaltra gheal gheanamnach Mhic Dé na n-dúl,
Admhuim duit malluightheacht mo shaoghail ó thúis,
Gur ghabhas-sa lead' Leanbh-sa is leat féin bun-os-cionn,
'S an madra dubh taltaighthe 'na pheist am' chlúid.



Aingil ghil badh cheannasach seoch aon dod' dhrúing
Do sheasaibh ins na flaitheasaibh gan staon don tnúth,
Admhuim duit barbaireacht mo bhéil nár bhúidh
'S gach peaca uilc do charas-sa lem' aéibh go dlúth.



Admhuim anois m'anacra is mo chréachta dúbha,
Am' ghalarach bocht peannuideach a b-péin 's a b-pudhair,
Don Mhac Baistightheach le'r teagaisgeadh Hérod dúr,
Is tré an teagasg sin gur cailleadh leis an plaosg dá chionn.


L. 276


Admhuim do na h-apstalaibh, ní théighim air rún,
Do Pheadar is don apstal-san nach féidir liom
Ainm cirt am' rannaibh chur a n-éifeacht chugam,
Mar mhadra go g-casainn-se fá sgéigh na m-brúcht.



Admhuim do na h-aingiolaibh is do gach aon 's an dún
Pharthais, is d'Athair-oide an Oighre chlúmhuil,
Tré dhearmad na n-aitheanta gur thréig mo shúil,
'S an martra dom' leagadh-sa as léithe am' chúl.



Do glanadh me 's an m-baiste mar sgéimh na g-colúr,
Nó taithneamh criosdail sneachta ghil do shéideas chugainn
Tar sleasaibh chnoic lá earraigh dhuibh 'na shlaodaibh tiugha,
Cidh sgaras ris an sgabal sin, mo mhéala dúbhach!



Sealad dam faoi an sgabal sin, do phléisg tig chugam,
Ladrann is tarraingeann me a m-baoghalaibh pongc,
Mar mhadra fá'r leanas leis air éill chum siubhail,
'Sas taithniomhach do lasainn le na shéideadh fúm.



Do b' anamh chum an aifrinn ag téacht le fonn,
Do dhearmadainn na salma do léigheadh air mo ghlúin,
Saltair Mhuire Bheannuighthe chum Dé ní dubhart,
'S tré tharcuisne don Eaglais níor éisdios riú.



Ní deacra air an ghlasradh gach braon don drúcht,
Ná gainimh tig na charnaibh le taosadh tonn,
A n-dearbh-uimhir, geallaim, chur a g-cléirceas dúinn,
Ná peaca cruinne agam-sa cois cléibhe am' chúm.


L. 278


Do mhaireas-sa le branaireacht mar fhaolchoin chiuin,
Ag alpaireacht gach ablaig badh bhréine am brúid;
Admhuim na h-aitheanta do raobadh liom,
Tré ar bh'eagal dam bheith damanta 'dir daolaibh dúbha.



Ní h-eagla bheith damanta idir daolaibh dúbha,
Ná taithniomh do na flaithiosaibh is préimh dom' chúis,
Acht atuirse do ghlacas-sa agus léir-sgrios dúbhach,
Fearg chur air Eagnacht Mhic Dé gan trúigh.



Cidh measa me air dhamantacht ná aon dár shiúbhail,
Maitheachas do gheabhainn-se agus éisteacht umhal,
Acht sgreadadh guirt le gartha goil is eighmhe is liúgh,
Chum Banaltran an Dalta ghil nár éimigh trú.



Air an adhbhar san ort achraim a bhéith gan smúit,
Air aingiolaibh air apstalaibh 's air naomhaibh úird,
Mar thearmuin chirt tagartha go treun am' chúis
Is maitheachas do gheabhad-sa má dhéinid siúd.



Athair-oide bheannuighthe don chléir 'sa chrú,
Carthanach beir teagasg dham dá ngéilleann tú,
An gach aifrionn dá n-abrair go h-éag guidh liom,
Is geallaim-se má fhreagrair nach baoghal dom pudhar.


L. 280


B 1750c 18L
U 0291



MACHTNAMH A G-CILL TUATA.



Le Conchubhar Ua Ríordáin.



Feuch a pheacaig, a phearsa na príomh-uaille,
Chréachtaig, chealgaig, cheacharthaig, chroidhe-chuasaig,
Fhaobhraig, fheargaig, fhaltanaig, fhíll-fhuadraig,
Thaodaig, thagarthaig, tharcuisnig, thínn-thuaisgirt.



Feuch go dearbhtha a ngeata gach cíll tuata,
Air phlaosgaibh carn go breasalach buidhe air fuaradh,
A sgéimh go sgamalach, marbh air díth luadhaille,
A ngné gan taithniomh, gan anam, gan díon duartain,



Gan léim, gan labhairt, gan dealbh, gan dlaoi ghruaige,
Gan éifeacht eachtra d'aithris go grínn-chluanach,
Gan cheím gan cheannas gan charaid gan chaoin-chuallacht,
Dá n-éis gan d'adhbhar 'na leabhaidh acht mín-luaithreach.



Le h-eifeacht dearbhtha is deacair a ríomh uainne,
Cia do shealbhaig anam gach críon-truaille?
Céadta d'aingiolaibh flaithis an Rígh uachtraig,
Seach sgaoth do dheamhnaibh malluighthe míodh-shuaimhnis.


L. 282


A chléirig chleachtas a leabhraibh laoi-dhuana,
Saothar teagaisg na n-apstal 's an nídh luadhadar,
Séamus, Peadar, is Marcus do sgríobh stuana,
Is ná déanfadh carbhas beatha ná fíonta uaibhreach.



A shaoghaltaig tharcuisnig, shladaighthig, sgím-sguabaig,
Do raobas aitheanta beannuighthe an Rígh uachtraig,
Muna n-dénfir aithreachas fadtuirseach croidhe-bhuartha,
Is baoghal gurab eagal duit breathanna laoi an uamhain.



Mo leun! mo lagar! mo leagadh! is mo líon-luasgadh!
Feuch cár ghabhadar draguin na m-bruidhean-t-sluaighte,
Laochra mhairbh a g-cathannaibh gníomh-uaisle
Béir is aithig is natharach nimhe a bpuasaibh.



Feuch cá ngabhann an faraire fíor-chuardach,
Saosar meardha meacanta míon-ghruagach,
Do shaothraig sealbh gach cathair is cíos cuanta,
Is do raobadh daingneach' bailte le buidhean t-sluagach.



Na laochra leadair-sgrios leabhair-mhac Phríom uasail,
Do chréachtaig Aicill tré mheabhail gé'r mhío-thuairim,
An bhé thug treasgairt dá deasgaibh 'san Traoi is tuargain,
A sgéimh nach aithnid seach ainimh na mío-snuadhach.



Feuch air bheatha na bh-fearachon bh-fíor-shuaircis,
Feuch na cathanna calma bhí a m-buannacht,
Laoghaire Cairbre Cathal is Cuinn uaine,
Is Aongus airmgheal ainmhear, draoi cuardach.


L. 284


Feuch nach aithnid a b-pearsa ná a n-ioghar stuamdha,
Le léaghadh na leacan ná lasair a lí luaimneach,
Beul ná dearca ná mala ná fíor-chluasa,
Acht slaod do charn-chnuimh deachta 'na n-díog-uamhanaibh.



Má déantar sealbh na bh-flaitheas le baois uallaig,
Craos gan measardhacht, dramanna air díth suaimhnis,
Beul an bhladaire ag blaiseadh gach bídh bhuacaig,
Is baoth do chaitheadar apstail an Rígh a g-cuarda,



Ná déineadh taisge dá nglacadh ná críoch chnuasaig,
Na téigheadh 'na reathaibh air eachra ghroidhe ghruagach,
Acht céadlongadh fada le teagasg gach druing tuathail
As gan d'éadach aco acht bratacha rínn-ruainnig.



Do réinn an t-Athair a b-parthas dínn buannadh,
An chéad-fhear aguinn do dhealbhaig fíor-chuan air,
Thug spéartha mara as talamh an t-saoighil suas do,
Acht léigion d' abhall na h-aithne air chraoibh shuaraig.



Sgéimh na n-aingiol ó bhathas a chínn d'fhuadhaig air,
Ag téacht go traighthibh 'na sgabal mar dhíon fuachta,
Do réinn leis marga, mhairfeadh go d-tí an uair so,
Dá n-déineadh leanmhuin d'aitheanta an Rígh adubhairt leis.



A n-déidh an pheaca do chealg an chríon-chuallacht,
A réighteach ceasta do shatail an Rígh muardha,
Aon do phearsanaibh beannuighthe an Trír uasail,
Ag saoradh sleachta na h-easguine bhí a nguaiseacht.



Air léigheadh na breatha do air sleasaibh an ghlínn uathmhair,
Biaid cléir na n-apstal a g-creathaibh go croidhe-bhuartha,
Mar daolaibh dealbh na n-aingiol a mír duartan,
An t-aer air lasadh 's an talamh 'na rínn ruathair.


L. 286


Is faobhrach freasa na bhfearg go fíor-luaimneach,
Is é le tairbhe theasdas an ghaoil-chuallacht,
Méinn leisg crapaighthe cheangail gach clídh bhuain-sin,
Gan déirc do thabhairt ná achairt air Chríost chuana.



A Dhé na bh-flaitheas a b-peannaid do thuíll cruaidh sinn
Saor-se m'anam ó chealgaibh saoíghead uatha:
An daor Spiorad damanta, deamhan an fhíll uathmhair,
An saoghal 's an carn-chorp cleasuightheach claoin-chuardach.



Is téigheam le machtnamh na meanmna a b-príomh-uaigneas,
Ag déanamh tarcaisne air thairbhe an t-saoighil shuaraig,
Ag réitioch earraide an Athar 's an t-Saoi d'fhuasgail
Na céadta a b-peannaid-bhruid Acheron fhíor-uathmhair.



FAOISIDIN CHONCHUBHAIR UÍ RÍORDÁIN.



Admhuim féin go déarach, díthreórach,
A n-aithreachas ghéar tar éis mo ghníomh gnótha,
d'aitheanta Dé ná déinninn tin-threóra,
Is gur bh'aite liom claonta clé na clídh-fheóla.



Badh chealgach craosach créachtach croidhe-chróluid
Me ag sgeanadh gach sgéil go h-éitheach íogcórach;
A ngealluinn níor mhéin liom é do fhíor-chomhall,
'S is mairg don bhé do dhéanfadh línn comhairle.



Do b'anamh me ag sléachtadh ag taobh na g-cill-dóirse,
Ag machtnamh go m-béinn mar aon don chruinn-chóiriomh,
Ag amharc na d-tréin-fhear tréimhse bhí reomhainne
A g-ceannas an t-saogail, ghléasda, ghroidhe-chóistig.


L. 288


An t-anamh do théidhinn, níor bh'é mo smaointeóireacht:
Gur balbh an béal badh bhréagach bínn-sgéolach,
Gan balaithe ag céadfaidh claon na príomh-shróna,
'S gur smachtuighthe faon dearc sméide an smístéora.



Ní deacra raellte an aeir do chruinn-chóiriomh,
Ná glasara air ghéagaibh craobh, ná coill chnósach,
Ná gainimh do théid le taosgadh tuinn bóchna,
'Ná a g-cleachtuinn gach lae raobadh dlíghe an Chomhachtaig;



Na ceathanna braon air fhéar ghlas fhír-neona,
Nó maidion roimh ghréin air d-téacht don mhín-fhóghmhar,
'Ná peaca mar chéile céirde am chlí chomhnuig;
'S a maithiomh led' dhaonnacht Aenmhic aoird deónuig.



A leabhar na d-téx sé léightear linn dóchas:
Dá mhalluightheacht aon má ghlaodhann go croidhe-dhéorach,
Gur a maitheachas saor a théid don ghníomh tórsa,
Acht fanmhuin go réidh tar 'éis air slighe fóghanta.



Athchuingim féin is éighim go glínn-ghlórach,
Athair na naomh is Réx na Tríonóide,
An phearsa le péin a chléibh do shaor slóighte
'S an Araid Spiorad Naomhtha réidheas gach míodhóchas,



Do neartuig an chléir air m-beith déarach dithreórach,
Leagaithe d'éis a raeltean rígh-eólais,
Lér labhair 'na m-béal na bréithre saoisgeólta,
Ag teagasg gan spéis gach aon don namhaid-chomharsain.



Bé aguibh-se, a shaogail, shlaodaig, shlím-shlógaig,
Nár theangmhaig mar mési a m-baoghalaibh míodhóchuis
Is dearbhtha an sgéal do réir na naoimh-eolach
Go flaitheas go réidh go raghaid gan millteoireacht.


L. 290


AN CEANGAL.



A Bhainríoghain na m-bainríoghan, 'sa mhaise na m-bé,
Is annsuigheacht le a g-ceannsuighthear eaganacht Dé,
A chrann soillse, is greann díograis daingean don chléir,
A n-am guidh ár n-an-phuimp do mhaithiomh go léir.



Greann Rígh na reann í, 'na leanbh gan bhéim,
Do thoghaigh Críosd gan ceannta í 'na banaltrain fé;
Samhaluighim gurab ann luigheann 'na leaba an Spiorad Naomh;
Mo theannta í an gach canntuighir chum freagairt am pléidh.



Lann duighear dar leam í na n-anmann bh-faon,
Is leabhar-chraobh gan meang í ó bharra go préimh,
Dá chlampruighe me am' sgannruidheal ag galar nó ag taom,
A bh-fabhruidhibh a beann-mhín-bhruit rachad mar sgéith.



A g-campaoibh na lann líomhtha leadartha ngéar,
A n-am dioghaltais namhaduighe dá d-tagadh go raghainn,
A g-cobhaltaighibh na d-tonn taoide air fairrge a m-baoghal,
Mo chabhair í 'na bh-foghluigheacht, ní h-eagal liom aon.



Cé teann tighid na deamhain naimhde ó Acheron chlaon,
Is an cam-shaoigeal sleamhuin slím dom mhealladh gach lae,
An t-sanntuigheacht 'na splanncaoibh ag spalpadh na m-bréag,
Is fann claoidhidh an mhodhmhail mhíonla a n-acfuinn go léir.



Rogha Ríogh an domhain bhraoinig fhairsing an bhé,
Le logha líonta a labhairt, trí na h-ainim do ghlaodhach,
Is fonn línn a fabhar ghlaoidheach go d-taguidh an t-éag,
Go ngabhaidh Críosd 'na leabhair-líon ár n-anam go léir.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services