Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séamas Dall Mac Cuarta

Title
Séamas Dall Mac Cuarta
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Gallchóir, Seán
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1971)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NA FÉILTE MUIRE



A bláth na bpaitriarc is a iníon,
A mháthair na naomh nach geallann bréag;
Is go dtabharfadh aon dealramh amháin ded thaobhsa
Soilse shíoraí do dhá ghréin.



A iníon Iachim, a Mháire aoibhinn,
A ghairdín fíona ag plandú Dé;
Is go bhfuil naoi gcéad milliún míle
De mhaighdeanaibh naofa in do chathair féin.



Coróin ghlórmhar ar gach ríoghain,
Acu bhíos in t'onóir féin;
Is gach iníon óg dhíobh de ló is dh'oíche
Ag tabhairt glóir shíoraí do mháthair Dé.



A mhaighdean is airde, a bhanríon mhilis na naomh,
Agus moladh do bhláth go brách nach dtuigeann an saol;
A loinnir na háille, ó táirse i do bhuime na n-aingeal,
A Mhuire, faigh grása agus pardún dúinne in do líon.


L. 22


B 1717 18T



AN CHÉAD MHAIRGNE



A dheartháir mhuirnigh, an gcluin tú an chuach?
Éirigh agus éist lena hathbhuain;
A chrófhir de dhísleacht mo choim,
Ní dóigh gur mian leat mo scarthain.



Créad fár dódh mo chroí leat,
Mar smálghrís na soileach?
Is, a Ruairí, mar n-éirírse in am,
Nach trua do dhílleacht ar seachrán!



Nach bhfaiceann tú Brian tar éis bháis
Ó ghonaibh triamhain do thromghrá?
Mise gan léas ós bhur gceann,
Nó an trua libh éifeach an tseandaill?



Freagraidh dom éifighse in am,
Is ní huras éisteacht le donán;
Goiridh bhur ndílleachta mur gcóir,
Is ná dearmadaidh bhur ndá bhochtóig.



Éifeach' seanóir san taobh thuas,
Is gan na mná aníos dá n-athbhuain;
Ní trua a bhí Nuala ar an bhfeart
Nó mise, is gan slua m'éisteacht.



Aithris do chrú na sé Niall
Gur dhearg mo chumhase ar mo thriall;
Mo dhá láimh gur scaradh dhíom,
Lér tolladh mo dhá leataoibh.


L. 23


Mo dhá ansacht, mo dhá chéill,
Mo dhá phlanda, mo chaithréim;
Mo dhá shaibhreas san tslí abhos,
Mo dhá shéan is mo dhá shonas.



Mo dhá radharc, mo dhá rosc,
Mo dhá shadharcán, mo sheanchas;
Mo dhá dhísle óm chroí anois,
Mo dhá scíste óm thinneas.



Mo dhá shúgaidh go toigh an óil,
Mo dhá rún is mo chomport;
Mo dhá chnuasach de gach meas
Mo dhá shúil, mo dhá sholas.



Mo dhá shuáilce, mo dhá scéimh,
Mo dhá ghuaillí gan toibhéim;
Mo dhá fhuascailt as gach broid,
Mo dhá chuallaí, mo dhá charaid.



Mo dhá chéile, mo dhá chlainn,
Mo dhá dhroichead ar gach abhainn;
Mo dhá dhísleacht in Inis Fáil,
Mo ghrá, mo dhís deartháir.



Mo dhá chabhair, mo dhá chlú,
Mo dhá chomhairleach i gceartrúin;
Mo dhá thréathra faoin dá chlár,
Mo ghrá, mo dhís deartháir.



Mo dhá dhochtúir, mo dhá lia,
Mo dhá fhortún, mo ghlanspré;
Mo dhá dhíograis, mo dhá pháirt,
Mo ghrá, mo dhís deartháir.


L. 24


Mo dhá thine, mo dhá chúirt,
Mo dhá ionailt in aonrúm;
Mo dhá ghrianán ar gach sráid,
Mo ghrá, mo dhís deartháir.



Ach béadsa mo sheargán níos mó,
Mar mharbhán nach n-éiríonn aithbheo;
Gach galar ag fás in mo cheann,
Is is fada liom an lá gan titim.



Ó mharbhais mo chroí ded dheoin,
Le bás na beirtese, a Thríonóid;
Muna bhfuil tréas domh a iarraidh ort,
Cuir mise ina ndiaidh gan fhuireach.



Ná léig an samplóir gan treoir
I ndiaidh na deisese, crochbheo;
Ar ghrá do pháise san gcrann,
Cuir leo go Parthas an seandall.



Ní rabhas dall nó gur folaíodh uaim
Mo dhís deartháir in aonuaigh;
Ach anois domh go bráth ar dhíth foinn,
Ó hadhlacadh mo dhá chumann.



Mo chroí ina chompar go bráth,
Ó thrí tinte mo dhóláis;
Mo thruase do chách fán gcruinn,
Go Luan gan gáir intinne.



Mo Bhrian, mo Ruairí, mo Róis,
Mo phian, mo ghruaim is mo phiolóid;
Mar trí tinte dom chrá,
Is gan linnte mo chinn dhá bhfolach.


L. 25


Ní mé Conall nó Laoire,
Ag caoineadh na cona d'fhuil Íre;
Ní mé Deirdre ag gol fá chách,
Fá Naoise is a dhís deartháir.



Ní mé Nuala ag gol sa Róimh,
Ar uaigh na dtrí seanóir;
Ní raibh iníon Uí Dhónaill dall,
Cé caoineadh a brón i Lobháin.



Ní mé iníon an Lir do bhí
Ag caoineadh Fhiachra, Choinn is Aoidh;
Do chuaigh Nuala leo chum báis,
Is níor léig a fuachas ar athlá.



Déanamh smaoineamh ar urnaí na gcréacht,
Is é thurnas mo sheandéar;
Dul a chaoineadh do pháise sa gcrann,
Ní bhímse ach ar lár an tseachráin.



Ach iarraim do phardún anois,
A thiarna Pharthais is na bhFlaitheas;
In onóir do chumhacht i ngach tír
Tabhair dhomhsa uachta na haithrí.



A shealbhadóir neamh is na néal,
A dhealbhadóir fairrge is minéisc;
A fhuascaltóir marbhán as broid,
Bí ar cuaisne m'anama mar charaid.



Ná haifir ormsa, a ghrá,
M'ainbhios ag caoineadh marbháin;
Ach, a Íosa, dearmaid mo choir,
I línibh dhearfa do leabhair.


L. 26


Leabhar na diacht ós libhse,
Ná léig na diabhail fá m'anamsa;
Mar scarais do chroí ar mo scáth,
Is oraibh ataoim ag ofráil.



Gan deartháir dílis go bráth,
Gan aon dem ghaol dom thógáil;
Muna bhfaighead fáilte ó chine Choinn,
Is im aonar atáim go foircheann.



Ach beannacht leosan anois,
An dís do leon mé agus d'imigh;
Cé tá ina ndeoidh mo chroí tinn,
Ní bhfaighead fóirint ón fhoirinn.



Seacht gcéad ar mhíle gan ghó,
Agus seacht mbliana déag dá thionól,
Ó theacht Chríost do chabhair cháich,
Go bás mo dhís deartháir.


L. 27


B 1733 18L
AN LON DUBH BÁITE



A iníon álainn Choinn Uí Néill,
Is fada do shuan tar éis áir;
Is nach gcluin uaisle do chine féin
Tú ag caoineadh do spré tar éis a bháis.



Ceiliúr an éin lúfar luath,
Theastaigh uait, a fhaoileann bháin;
Cha bhíonn tubaiste ach mar a mbíonn spré,
Is déansa foighid ó ghreadadh lámh.



Ó ghreadadh lámh is ó shileadh rosc,
Glacsa tost, a fhaoileann úir;
A iníon álainn Choinn Uí Néill,
Fá bhás an éin ná fliuch do shúil.



A fhaoileann a d'fhás ó airdrí Uladh na rí,
Fuirigh mar tá, is fearr é nó imeacht le baois;
Fá d'éan beag a b'áille gáire ar imeall na gcraobh,
Chan ceist duit a bhás go bráth is é nite le haol.


L. 28


INÍON OILIBHÉIR PLUINCÉAD



Ar aonach an Luain insan Uadhan so thuas
Is é tharla dhamh an stuairbhean a bhreathnaigh mo chás;
Is é d'fhág mé faoi ghruaim, gan chodladh, gan suan,
Mar dhrithle den ngual thug goradh in mo lár,
An ní úd a fuaramar ón ríbhean an uair sin,
Mar abhall na mbua chuir Paris ar sáil;
Is go dtaibhstear damh an uair sin go mbeodh sí suas
Duine bheadh i suan, tar éis a feicsin, ón mbás.



Bhí mé lá éigin ar mhalaidh thaobh aonaigh
Ag breathnú na séad is mo sheasamh mar chách,
Go bhfaca mé an spéir mar shileadh den ngréin -
Is í ba mhacánta i méin, in inneall is i gcáil;
Char stadas féin nó gur fhiafraíos de chéadtaibh
"Cia hacu de shliocht Éireamhon chuaidh tharam sa tsráid?"
Gur aithnigh mé a scéimh as Pluincéadaigh aerach,
Bunadh na ngéarlann is na gcaisleán bán.



Is é an ní adúirt saoi is é ina shuí le mo thaobh
"An bhfaca sibh an iníon sin Oilibhéir Óig,
An planda den bhfíorfhuil a d'aithbheodh ríthe,
A fuair ceart agus cíosaibh seal sa Ráth Mhóir?"
Siúd í go fíor an Deirdre bhí ag Naoise,
Nó Helen le gur cloíodh léi an macra sa Traí,
Nó Flora go fíor, bhí ag iníon Eochaidh an Rí,
Chaith seal tamaill le haoibhneas i dTeamhair na slógh.


L. 29


Is a iníon Oilibhéir mhic Anraí, is duitse tá an dán so,
A leinbh gan smál, is go maire tú i gcéim;
An brainse do b'áille de Phluincéadaigh adhmhar,
An bunadh nachar bearnadh i mbriseadh nó i mbéim;
An cíos úd ba ghnáth linn a íoc le do chairde,
Dá dtiocfadh in do láimhse, a ainnir na gcraobh,
Gurbh aoibhinn an áit ag ollaimh chríochaibh Fáil,
A bheith ag cruinniú fád áras, a bhruinneall na séad.


L. 30


AILÍS NÍ CHEARBHAILL



Atá Lile gan smúid ar m'airese á lua
Is ní cheilfidh mé a clú go dearfa,
An ghlaine is an snua bhí ag Helen ar dtús
Gurab aici go nua tá ar tearma;
Gan bhriseadh, gan bhrú, gan mhealladh re cluain,
Ach soineanta, súgach, leanbaí,
Agus tuilte de dhúchas fhola Rí Mumhan,
In Ailís ghil chiúin Ní Chearbhaill.



Nach bhfaca tú scéimh Angelica is Dheirdre
Ag cruinniú san maighdin gheanmnaí,
Is gach buinne dá céibh mar loinnir na réalt,
Nó ealta de dh'éanlaith an tsamhraidh?
Deir a gcleachtann a méin de mhacna na nGael
Gurb aici tá an chéim go fairrge -
Is trua nach raibh léigse ar fhearainn dhúiche Éile
Ag Ailís de fhréimh shíol gCearbhaill.



A theachtaire théid go fearann dúiche Éile,
Aithris do scéal gan mhearbhall;
Go bhfuil ainnir dá bhfréimh is carthannaí méin,
Dá bhfacthas ar aghaidh na talmhan;
Le haigne, le céill nach bhfuil comórtas léi
Ó Chlochar go Droichead na Carraige,
Is gan a lochtaibh faoin ghréin ach ar ghoin sí den éag
De ghaiscibh na mbéimeann fearmhail.


L. 31


Beannacht ar chéad uaim is aithris don ngéag
Nach léigimse an ghéis ar dearmad,
Ach déan coimheád duit féin nuair a dhearcair a scéimh
Nach rachaidh tú in éag mar Chearbhall;
Tráth chuala sé scéal go ndeachaidh sí i gcré -
Iníon osránach ghléal Rí Alban -
Measaim nár bhéasaí sise ná an péarla,
Ailís chiúin tséimh Ní Chearbhaill.


L. 32


B 1702 18T
TUIREAMH MHURCHA CRÚIS



A theampaill, b'fhuras duit cuidiú le Gaelaibh,
Is a liacht fear cumais bhaineadh urraim as céadtaibh
Tá ina luí timpeall fá d'imeall do do théamhadh;
A reilig, is mire nach roinneann tú d'éadáil,
Is ionadh d'fhulaing tú tuile gach aonmhná,
Bhíos ag teacht chugat ar buile do do bhuaireadh,
Sileadh na rosc is osnaíbh na maighdean,
Líonta de thuirse is a mbosa dá réabadh,
Ag caoineadh fán churaidhse a cuireadh go déanach.
Is é máistear Murcha d'fhág uile fá léan iad,
Laoch a bhí ullamh chun pronnadh ar chéadtaibh,
Is is minic do níodh coinneamh fá choinne na cléire,
Friothálamh is ag freastal na n-aifreann is dá n-éisteacht,
Míniú an scrioptúir is gan litir ina dhiaidh de;
Léitheoir Laidne is gach siolla den Ghaeilge,
Sealgaire seabhaic do ghabhadh gach éanlaith,
Marfóir na ndobharchon in abhainn dá thréine.
B'ionúin leis meadhair na ngadhar dá ngéaradh,
Leanúin na hagha, chum feadha dá séideadh;
Míolta maighe beaga ar máibh ag léimnigh,
Sionnaigh ar chreagaibh is a n-eagal dá dtréadú,
Broic ag seasamh i ndaingin ar shléibhtibh,
Lachain dá leibhireacht ag eiteallaigh ag éirí,
Is eisean dá leagadh le treise, le tréithe;
Marcshlua ag eagra is ag freagra dhá chéile,
Óigeich Ghaileannach ar faichibh dá dtréanáil;
Is ag filleadh chun an bhaile dhóibh ní codladh do dhéinidís,
Ach fíon dá scapadh is gan cosain ar éinneach,
Macna ar leabhair is ag labhairt gach léighinn,
Dán dá thoisiú le broscadh na dtéada,
Táiplisc suite fána foirinn go gléasta,


L. 33


Is an iomad de ríoghanaibh míonla méirgheal
Agus deirge na gcaor fá thrí ina n-éadain,
Lile agus aol ag teacht tríothu ag séideadh,
Ag cur samplaí i gcrích le maothchrobh maighdean,
Is ag tarraing gach líne den tsíoda ar éadaíbh.
Is ina hallaí ag an tsaoise do bhíodh gach aonmhaith,
Gan easpa ar aon is fuíoll ag céadtaibh,
Dá dtigeadh an cíos mar ba cuí dó in éineacht,
B'ionúin leis draoithe, fá aoibh dá réiteach,
Le hairgead rí, le maoin is le héadáil.
Bochta na crích' ar a mhian dá n-éidiú,
In Eaglais ag guí mar a ndíolt gach lae leis.
Ba beag an t-ionadh dá n-éiríodh an séad dó;
Ní raibh díomá ag aon fán ngréin leis,
Ní raibh fearg nó fíoch ag a íocaíbh féin leis;
Ba doiligh dá ghaol gan a gcroí a bheith réabtha,
Agus imeacht le baois ar saobhadh céille,
Idir fhear agus mhnaoi gan scís ó dhéaraibh,
I dtoiseach a shaoil mar cloíodh don éag é.
Is é máistear Crúis d'fhág cumha ar chéadtaibh,
A bheith ina luí in úir is gan dúil lena éirí,
I dtoiseach a dhúiche ar dtús mar oidhre,
I dtoiseach a chlú, a lúth is a léime,
I dtoiseach a shúgaidh, ag dúbladh a chéille,
I dtoiseach a thoraidh, a shonais is a shaibhris,
I dtoiseach a sholais, is ag foscail a scéimhe,
I dtoiseach a leabhair is ag labhairt an léighinn
I dtoiseach a phronnaidh is a thabhairt do Ghaelaibh,
I dtoiseach a ghaisce, a threise is a thréithe,
I dtoiseach a leasa is ag taispeánadh a mhéine,
I dtoiseach a mheasa is ag measc' ar na héachta.
Is ó nach bhfaighfear feasta choíche aisíoc ón éag air,
A Mhadam, glac foighid le teagasc na cléire,
Ós tusa thuigeas an scrioptúir do léamhadh.
A bhean uasal, tosaigh ins an teastaimint dhéanaigh,


L. 34


Is chífir ins na téacsaibh an cleas do rinne Hérod,
Caiphas ba measa agus breithiúnas Phéalóid
Chuir Críost ar leagadh na Croise dá chéasadh,
Nó go ndearna an aiséirí, leasaigh síol Éabha;
Is an méid a bhí ag teagasc an tsoiscéil ina dhiaidh sin,
Monuar na haspail do cailleadh le héircigh;
Is gach aon dá threise faoi shoilse na gréine
Nach dtug a ngaiscí uilig aisíoc ón éag dhóibh -
Samson is Hercules, Hector is Caesar,
Is Pharao gan chreideamh a bhí i dtreis insan Éigipt,
Fear nach raibh taise le deisciobal Dé aige;
Is Alastran a raibh an domhan dó ag géilleadh,
An Asia, an Africa, America is Éaraip;
Is an triúr a b'fhearr deise faoi shoilse na spéire,
Naos is Narcissus is Absolom aordha;
Fuaradar leagadh, is é mheasaim nach éirid;
Is éigin dá dtaisibh a bheith i dtaisce ina gcréafóig,
Nó go dtí foircheanta an bhreithiúnais dhéanaigh;
Is Cú Chulainn na gcleas a bhí ag seasamh do Ghaelaibh,
Is Fionn a ghlac treise le gaiscígh na Féinne,
Goll agus Oscar níodh coscar is éachta;
Is na ríthe a bhí ag cosnamh gach cóige de dh'Éirinn,
Sliocht Mílidh gan chogal ór thogair síol Éimhir,
Sliocht Íre na n-ollamh bheireadh pronnadh don éigse,
Sliocht Éireamhoin an tsolais dár tógadh síol Néill díobh,
Le méadú gach maitheas, le flaitheas, le féile,
Le tréathra, le tapadh, le beathú na cléire,
Le réabadh ar Ghallaibh is gan aon fhocal de a shéanadh.
Ach ó chuadar faoi leaca gach aicme den méidse,
Is nach dtig leo casadh chun a gcasaoid do dhéanamh,
Is measa leis an Madam an macsa nó céad díobh -
Murcha, bile fosaidh na macaomh is na maighdean,
Nach dearna leatrom ar Ghallaibh nó ar Ghaelaibh.
A bháis, is tú an sladaire chreachas na réigiúin,
Is cosúil le gadaí thú, is deacair do réiteach,


L. 35


Ní thugann tú osadh do ghleacaí dhá thréine;
Gad 'má nach glacann tú earra nó éadáil,
Síoda nó satin as seapaí nó séada,
Fíon as na cascaibh nó eachra is éide,
Dúiche le hallaí nó fearantaí saora,
Airgead ina cheatha nó frasa de phéarlaíbh,
Nó ór as na talta tá in aice na gréine?
Mar beith nach glacair is gur teachtaire Dé thú,
d'fhuascaltaí an fearsa ó do ghlasaibh le saibhreas.
Ach, a Rí, chuaigh ar bearaibh do do tharraing ó chéile,
Is d'fhulaing na tacaí do sparradh in do ghéaga,
Ar son ár bpeacaí is gurb ait linn a ndéanamh,
Glóir agus altú don macsa fuair céasadh,
Nár imigh an teachsa nó an treibhse gan oidhre;
Go maireann scafaire an-taitneamhach déanta,
Máistear Joe is acmhainní actaibh is tréathra,
Spalpaire marcaigh gheabhas fortún is féile,
Brainse de chorcarfhuil uchta na fréimhe,
A bhfuil críonnacht is ceart ann is gan blas aige ar bhréagaibh.
Beidh guí na mbocht leis is portús na cléire;
Beidh saolach gan lochta, gan dochar, gan daibhreas,
Chun dílleachtaí a chothú is a bpóirsiún do mhéadú.
Ach tilleam ar an leonsa a raibh óige ann is éifeacht,
Murcha na dtortha, an róchreach dhéanach,
Brainse den mhórfhuil a tógadh i Laighnibh -
Crúsaigh na gcorn nár leonadh in aonchath,
Lochlannaigh ba seolta níodh fortaí is daingneach;
Is Talbóidigh an óir bhí i gcomhar rí Séamas,
Ceannfoirt is comhairligh ba mhó ins na réigiúin -
Bhí a ghaol leo faoi dhó is ní shéanfadh
Aonduine den phórsa nó an coirnéal bréan dó.
An giúistís Talbóid, lón na cléire,
B'uncal dó go ceart ó fhréimh é.
Dá gcuirinn a n-eolas in ordú a chéile,
B'iomaí fuil chróga bhí ag ródú ina éadan;


L. 36


Bhí sceallán órdha de mhórfhuil Néill ann,
De shliocht Chormaic is Airt Aoinfhir,
Is faide a bhí pósta le coróin Éireann,
Is cheannaíodh ceol le torthaí saibhreas -
Níorbh fhéidir leo an t-ógsa a thréigbheál;
Is síol mBriain dár chóir slóite géilleadh;
Is Mac Cárthaigh gan ghó, de róshliocht Éimhir;
Gaol Uí Mhóra é d'fhóirfeadh an éigse,
Is gaol Mhic Dónaill an óir ó Shléibh Mis,
Is Uí Chearúill mhóir san gcló chéanna;
Gearaltaigh chróga de phór na Gréige,
Is Builtéirigh ba mhó faoi rí Séarlas;
Búrcaigh na seod dhó ba gaolmhar,
Pluincéadaigh chathmhór dhreachóg dhéanta,
Is geilteáil óir ar chórú a n-éadaigh;
Fléimeannaigh ó Bhóinn na srotha séanmhar,
Bearnolaigh, Róistigh fós is Paoraigh -
Níl fáth dhomh leo dá m'eol domh féin iad;
Níl iarla óg nó barún tréitheach,
Nó milord i record Shéamais,
De Ghaill Fódhla nó dá nGaelaibh,
'Mhuintir Strongbow nó Mhilesius,
Nach raibh a ghaol leo is níor leor liom féin sin -
B'ansa liom fós é beo nó céadta.
Tá a liacht óigbhean mhómhar dhéidgheal,
Bhí fána bhord is gan a bpósadh a dhéanamh,
A raibh a ghaol leo is níorbh eol dó a dtréigbheál -
Ní hionadh dhóibh a bheith i gcónaí ag géarghol,
Ag briseadh a sróil is ag strócadh a n-éadaí,
Is a mbosa gan treoir ag leonadh a chéile;
Greadadh na meor is a gcóip dá réabadh,
Dá dtarraing as córú ina ronnaí caola.
Ach ó cuireadh faoi fhód i gcónra an tréanfhear,
Is go rachaidh a bhfuil beo dá shórt ina dhiaidh ann,
Scoiridh de mur ndórtadh deor gach aonlá,


L. 37


Ach guí na Rómha is ceol na cléire,
Guí na n-ord go trón Mhic Dé leis,
Beannacht na slógh go glóir fhlaitheas Dé leis,
Mo bheannachtsa fós faoi dhó agus céad len
A anam, is go bhfóiridh mar lón as péin dó.



Ag so an méid réir gach seanchaí dhúinn,
Seacht gcéad déag mar léitear san scrioptúir nua,
Is dhá bhliain ina dhiaidh nach féidir a gcur faoi smúid,
Aois mhic Dé an uair d'éag máistear Murcha Crúis.


L. 38


B 1714 18T
TUIREAMH NÉILL ÓIG MHIC MURCHAIDH.



A Thulaigh Ó Méith goidé an ghruaimse ort?
Gan salmaibh na cléire gach uair ort,
Gan reabhradh na nGael is na ndaoine uaisle,
Gan meabhradh na dtéad nó léamh duaine,
Gan labhradh na n-éan nó séan cuacha ort,
Gan toirbheart na ngéag nó an fhear uaine,
Gan d'abhlachaibh ag éagaoin faoi ualaíbh,
Nó collchoill ag scaoileadh a cnuasaigh;
San tSamhradh, mo léan, gan feidhm luachra ort,
Nó bantracht na maighdean dá bhuan dhuit
Don teaghlach, dá méadaíodh na sluaite.
B'iomaí fear gan tart gan suan ann,
Ag dul chun leapa ar easpa suaimhnis;
Dís ó Laighnibh is fear ó Thuathmhumhain,
Ceathrar ón Mí den taobh anuas ann,
Cuid eile ó Chiarraí is ó Shliabh Luachra,
Dream as Connacht na gcor gcrua ann,
As Tír Chonaill daoine ar cuairt ann,
Ó Dhoire na long is ó Thonn Tuaithe;
Beirt ón Éirne is fear ó Chruachan,
Ó Mhuineachán na bhfial is ó shliabh Guaire,
Ó Thír Eoghain na ngleo suaithnidh,
Ó Loch nEachach na dtréanfhear stuama,
Ó Leith Cathail is a lán as Cuailgne,
Ag teacht gach lá go cathair an tsuarcais.
A chnoic na héigse, a radharc na gcuantaíbh,
Créad fá dtug an méidse fuath dhuit?
Nó an dtugann éinneach dhíobhso cuairt ort?


L. 39


Ní háil liom bréag, is ní hé do luaim -
Bás mo Néill a choinnigh uaim iad,
Mo scáth, mo chéile, mo bhrat uachtair,
Chrádh mo thaobh is do réab mo ghuaille,
Is d'fhág mo dhéara le mo ghruaibh;
Fá ghrá na céille is mhéin na n-uasal -
Táim ina dhiaidh is na céadta buartha.



A Thulaigh na n-éan is na gcraobh nuaghlas,
Searbh do scéala, an méid go gcualas,
Bás mo thréinfhir más é fuarais,
Grá mo chléibhse a chré san uaighe,
Is barr mo léinn don éag sin uaimse.
Goilfead ina dheoidh is chan le huabhar,
In mo chlí níos mó beidh lód gualaigh,
Mo chroí gan bheos ina cheo gruama,
Fá mo mhaoin, mo stór, mo lón, mo ghuala,
Mo dhíon, mo chomhdach, mo chorn buadha,
Mo mhian, mo cheol, mo shó, mo shuáilce,
Mo bhrí, mo threoir, mo bhord, mo chruacha.
Insa gcríochse Chobhthaigh goirfead fuachas,
Le dís dár chóir a bheith leofa ag cruaghol -
Aon mhac dá phór faoi an ghleo nuasa,
Do mhianach mo leoin chun bróin a fhuasaoid;
Is fínialta dó a bheith beo an uairse
Ó shíorchur na ndeor le ródghruaibh,
Is ag smaointeadh gach nóin ar an róimh uaignigh,
A bhfuil luí Néill Óig faoi fhód uainne -
Ár gcríonnacht, ár gcomhairleach, ár n-ól cuacha.
Agus ríoghan na rós, is í is mó truaighe,
Atá ar dhísleacht na n-óigbhean den uaisle -
Aon iníon Néill Óig is a chnó cnuasaigh.
Is dílleachta ina dheoidh san tír suas í;


L. 40


Is baolach, i mo dhóigh, nach beo buan í,
Mur dtógfaidh an rí glórmhar gruaim dhi,
Is foighid mar Iob a thabhairt gach uair dhi,
Fán lán óir atá i gcónra uaithi.
B'fhearr nó Ovid teora uairibh,
Ó Chicero mhór thug sé an bhuaidhe,
Erasmus is Horace do chuartaigh,
Is Diogenes an eolais san uaigneas,
Virgil na hintleacht dob uachtraí;
Thug barr ar Homer, cló ba cruaidhe,
Le grá an Choimhdhe is na n-ord uachtair,
Grá do na haspail do leasaigh na sluaite,
Grá do na heaspaig is measaim gur dual sin,
Grá don Eaglais is teagasc do thuataíbh,
Grá do na sagairt ag tagra gach nuaghuí,
Grá rósheasmhach do thaispeánadh an uain dhúinn,
Grá don chreideamh is meas ar na huaisle,
Grá don teastaimint is eisean dá fuagra,
Grá don teaschroí a bhí i dtaisce ag Guaire,
Grá do lucht easpa is taise le truaighe,
Grá do na gaiscígh níodh seasamh le sluaite,
Grá do gach treasfhile is a bhfreastal le duaisibh,
Grá ródheismir do dheasú gach duaine,
Grá dona ceastaibh a thoisiú is dá bhfuascal.
Tá naonúr deirfiúr ar eiteal gan suaimhneas
De shímhná deasa is a mbosa dá dtuargain;
Clio, Melpomene is Talia ag cruaghol,
Eurata, Eutirpe is Terpsichore ag fuachas,
Caliopia ag bascarnaigh, ag tarraing a gruaige,
Urania ar foluaimneadh trasna na gcuantaí,
Polihemna ag greadaigh fána fhaicsin san uaighe.
Ní hiad so a bheith i gceasnaí bheir taise mo ghruaidhe,
Ach mo Niall a bheith i dtaisce, crann seasta mo shuarcais,
Mo ghrianán ar faichibh, mo chaismeart ar shluaitibh,
Fear m'fhiafraithe, fear m'aisce, fear choisce gach dua dhíom,


L. 41


Fear fialmhar ag freastal lucht easpa in am cruatain,
Fear ciallmhar ag leasú gach aiste dá luaimis;
Is dá thriamhain ní leisc liom bheith dreis ar gach uaigneas,
Urú, a bháis a fuair treise is thug Hercules uafu,
Agus Samson do leagadh gach caiseal le cruaneart,
Dáibhí mhac Iesse, rí fiosach thug buaidhe,
Áille Narcissus is Absolom uallach,
Solamh fuair gliceas gach clainne dá gcuala,
Is Alastran mhac Philip ghlac cumas le huabhar,
Cúraoi is Cú Chulainn, gach curadh is Gall gruama;
A ghadaí is tú leagas fir dheasa gach tuaithe,
Ar chreachadóir na feille thuill eascaoin gach truaighe,
Is cosúil, a chleasaí, nach bhfuil meas agat ar dhuaisibh,
Ar ríthibh, ar fhlaithibh, ar bharúin nó ar uaisle.
Nach ionadh nár mealladh le heachraí is le buaibh thú!
Is leis an mianach chuir Marcas ar mearú is ar buaireadh;
A shíogaí gan mhercy rug balsam an taobh tuaidh leat,
Mo dhídean, mo dhalta, le gcantaí gach suarcas,
Mo laoch ar shliocht Airt is Choinn chathraigh na Cruachan,
Chormaic na flatha, Feidhlime Reachtmhair is Tuathail,
Is Cairbre ag cur cath ar Fhionn gasta le fuagra;
Ar lorg Fhiacha Sraiththine bhí an fearsa is níor ghruama,
Is Mhuireadhaigh do chleachtadh breith ceart is gan cluain ann,
Is Eochaidh Muigh Mheodhain a smachtaigh gach eachtarnaigh uainne,
Is Néill Naoighiallaigh neartaigh go hAlpaibh ar cuantaí,
Is Eoghain do ghlac le mac Calprainn an uair sin,
Is gach rí den rith sin go hathNiall ba buadhaí;
Tá scríofa i saltairibh, i leabhair is i nduantaibh,
Gur planda den ealtainse an macsa mar Ghuaire,
Ag taobh Niall Fhrasaigh gur scar siad dá ghualainn;
Ó Beirn an treas mac a bhí ag Fearghal den chuaine,
Is eolach dhomh an aicme is an flaithsa shil uathu,
Agus síol Néill na naoi dtalta ann ar lasadh trí huaire,
Rí Oirthir bhí leath dhíobh dena caithmhílí cruaidhe,


L. 42


A mbíodh comhdach na cairte orthu ó Bhanna go Cuailgne;
Fuil Néill Glúnduibh rathúil ar n-aithfilleadh suas ann,
Sliocht Briain is Eochaidh, Ó Conchúir, rí Cruachan,
Clann Dónaill do chascradh fir Sacsan dá ruagadh,
Rí Oirghiall, Mac Mathúna, de mhacna Cholla uaibhrigh,
Mag Uidhir fuair caithréim is bhí ar fhaisiún na Ruarcach;
Fuil Ír ina cheartlár, Mac Artáin ba duasmhór,
Síol mBroin, sliocht Chathaoir chuireadh cath san tír uachtraigh,
Ó Coinne bhíodh i dTeamhair is Dún Geanainn dá lua leo,
Ó hÁgáin, sliocht Maine, nárbh annamh ina gcuallacht,
Clann Ardail ba seasmhach ag dul i dtoiseach ar shluaitibh,
Clann tSeáin do níodh oineach is bhí fuilteach mar a dual dóibh,
Mac an Bhaird a bhí gan seachrán anallód fár n-uaisle.
Ba de ghaoltaibh mo scealláinse go folláin Ó Ruanaidh,
Ó Cianáin ba dreachnáir is ba scapthach ar chuachaibh,
Is dá gcraobhaibh d'fhan cineál na n-ollún stuama ann;
Ó Macriall ina thimpeall le hofráil is Mac Ruairí.
Ach, a Néill Óig, ní leanfam do sheanchas níos buaine,
Tá mórán de do threabhaibh nach gcanfam an uairse,
Is measa linn do dhreach nua a bheith i mbeirt chúng na huaighe,
Is do chéile rinne tapadh is chuaigh leat in do thuama,
An ghéag nárbh ait léi do ghealchneis ag fuaradh,
Nár fhulaing sí le searcdhísle do gheansa aon mhí uaithi,
Gan a síneadh leat síos cia gurb fheart do thoigh buaileadh.
A chroí mhór nár mheata chun caite is go bhfuarais,
Is faoi bhrón atáid gasraí i ngach pasaoid dá gcuala,
Do luí i róimh faoi leacaibh is gan lasadh in do ghruaibh.
Atá dís leonta ag fraschaoi ar an aiste a mbíodh Nuala
Insan naomhRóimh ar feart na nAodh ag fadchaoineadh an uaisle.
Suím leo is ní fos do ním, stad mo chlí gruama,
Fá m'fhíorleon dár ghread gach saoi a mbosa naoi n-uaire.


L. 43


Ach, a Néill, ó nach bhfaigheam th'aisíoc nó go bhfaiceam lá
an Luain thú,
Is gur créachtach sinn i d'easpa gan mhisnigh, gan suáilce,
Ár gcéad beannacht feasta choíche ar dheis na naomh suas libh,
Is le do chéile dheifrigh ag dul i dtaisce in aon uaigh leat;
Géarimpí na n-aspal dá mur leasú as guasacht,
Le tréanghuí na n-easpag, na sagart is gach uachtrán,
Go dtugaidh an Rí atá i measc na n-aingeal taispeánadh an
uain dhaoibh.



Aois mhic Dé dul Néill mhic Murchaidh chum báis,
Seacht gcéad déag, a sé, is a hocht d'fhearbarr:
Ní fada d'fhan a chéile ina dhiaidh, go beacht fiche lá,
Is beannacht shíol Éabha leo araon go foircheann an bhráith.


L. 44


B 1733ob 18L
GEARRÁN BHRIAIN UÍ BHEIRN.



B'fhearr liom gearrán Bhriain Uí Bheirn
Fúm dom iompar ins gach ród,
Nó a dhéanamh leis mar níd na Gaill -
Ar scála cruinn is iad dá ól.



B'fhiúntaí liomsa gearrán Bhriain
Fúm thart siar is amach fán mBóinn,
Nó a dhul dá mheascadh ar fheagán mias -
Fear dá dhíol is dís dá ól.



Is iomaí duine lér cailleadh an chiall,
I mBaile Átha Fhirdia is i mBaile Átha Troim;
Ní lia nó racán i mBaile Átha Cliath,
Ag ól fá ghearrán Bhriain Uí Bheirn.



Is iomaí sin iarla, tiarna is viscount ard,
Barún is biatach, cliar is ministear salm,
Fán ngearrán sin Bhriain le bliain dá shlogadh ar clár,
Is go gcaillid a gciall ag iarraidh coda dhe dh'fháil.


L. 45


CUMADH AN CHEOIL.



Créad fár thréigis cumadh an cheoil,
A Thulaigh na gcorn le hais gcraobh?
Aithris dhúinn is coisc do dheor,
Ábhar do bhróin, a chnoic chaoimh.



Ní cian domhsa do bheith dall,
Nuair nach dtuigtear leann mo dheor;
Ábhar mo ghoil go dtí an bráth,
M'iníon bhláith ag dul dá róimh.



Más é sin is damhna dhuit,
Cia lerab ionadh sruth do dheor?
Ach, tar éis a chlainne, a mhaoin is a spré,
Cuimhnigh an fhoighid do rinne Iob.



Screadaidh gach éan fána nead,
Is do rinne Iob greagnú crua;
Do ghoil Máire is Márta ar Íosa,
Fá Lasarus a bhí san uaigh.



A Thulaigh na gcraobh nár thuill guth,
Dár bhinn ríoghan, cruit is cuach,
Ná caoin éinneach dá bhfaighe bás,
Óir is éigin do chách a dhul san uaigh.


L. 46


Ort ní ghoilleann, a fhir gan súil,
Mo chiste, mo chrú, mo chnámh gaoil,
Mo ríoghan ba shoirbhe de mhnáibh,
I seilbh an bháis ag dul re Dia.



Caesar is Alastran do ghabh neart
Ó éirí go stad don ghréin,
Solamh, Samson, fiafraím dhíbh,
Cia tháinig dhíobh ar ais ón éag?



Mó an scéal Éilis domh nó iad,
M'iníon chiallmhar shoilbhir ghrách;
A rosc mar oighre, a fholt mar ór,
Is gan agam dá sórt ach í amháin.



Ní raibh ag Abraham ach mac,
Is do thug dá dhó é amach sa tsliabh,
Do chomhlíonadh thola rí na ndúl,
Ar eagla cúl a thabhairt le Dia.



Rugadh dhó Ismael ar dtús,
A fhir gan súil is boirbe ciall;
Is cia go dtug Isaac leis dá íobairt,
Do tháinig saor ar ais ón tsliabh.



A Thulaigh Ó Méith, ná té i dtréas,
Ar an rí thug é féin chun báis,
Fá do iníon shéimhí shoilbhir shuairc -
Is go leanfair í suas ar ball.


L. 47


Mo scáthán, mo shaibhreas, mo cheol,
Mo róghrá, mo bheo, mo bhia,
Gan agam ach í anois dá sórt,
Moch liom fós í a dhul re Dia.



Níl apstal nó fáidh, pápa, easpag nó naomh,
Coinfeasóir dá chráifí, gairdian, sagart nó rí,
Banab nó banríon, bráthair nó bochtán ar baois,
Nach dteagóidh an bás is ná fágtar, a
Thulaigh, do iníon.


L. 48


B 1707 18T
FÁILTE DON ÉAN



Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labhras ar chaoin na dtor le gréin;
Domhsa is fada tuirse an tsaoil,
Nach bhfaiceann í le tiacht an fhéir.



Gach neach dá bhfaiceann cruth na n-éan,
Amharc Éireann, deas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh -
Is dóibh is aoibhne a bheith dá lua.



Cluinim, gé nach bhfaicim a gné,
Seinm an éin dar bh'ainm cuach;
Amharc uirthi i mbarra géag,
Mo thuirse ghéar nach mise fuair.



Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m'amharc a dháil,
Go bhfaicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
Cuid de mo bhua nach gluaisim ag cruinniú le cách,
Le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sámh.


L. 49


B 1733ob 18T
PÁIS CHRÍOST.



Féach coróin na ndealg maol;
Féach mar chlaon a cheann san gcroich;
Féach fós áladh ina thaobh;
Féach Longínus, féach an tsleá.



Féach an dealg ina dhá chois;
Féach cló na mbos mín;
Féach dúnadh na rosc;
Féach an fhuil ag teacht ón spín.



Féach ríoghadh an dá lámh;
Féach an beol do bhí ina thocht;
Féach mar ceangladh é go crua;
Féach an uaigh ar cuireadh a chorp.



Féach mar théacht an purpar mín
Lena chréachta den taoibh istigh;
Féach mar tarraingeadh í go teann,
Óna cheann go n-uige a throigh.



Féach mar teannadh an chnáib;
Féach an fhonóid do rinneadh faoi;
Féach mar d'iompair an chroich;
Féach an domlas do ibh an Rí.



Féach an tiomna do rinne an Rí;
Féach mar ghoir Elí san gcroich;
Féach gadaí na láimhe clí,
Mar nár adhair an Rí go maith.


L. 50


Féach an colún fada fuar,
Le ar ceangladh suas corp an Rí;
Féach Peadar agus Eoin,
Is iad gan treoir ina dhiaidh sa tslí.



A dhuine nach léir dhuit créacht a chroí ón dall,
Is a cheangal le téadaibh, seirbhe na dí sa gcrann,
Fíor a chéasta, féach, is ríoghadh na mball,
A chrochadh sa mbréig is nár géilleadh dlí dó ann.


L. 51


B 1717 18T



DON EASPAG Ó SIAIL.



Iarraim do bheannacht gan fheirg,
A chroí gan cheilg ós ceann cáich,
In onóir na gcúig gcroí gan mhairg,
Do pianadh fá mheirg shíol Ádhaimh.



Ar ghrá do mháistir faoi dhó,
Íosa na slógh d'fhulaing páis,
A mhic Mhelchisedeic is Eoin,
Tóg ós ár gceann fós do lámh.



An lámh sin do hongadh le hola
Do réir thola rí na ndúl,
In onóir th'intleacht is do léinn,
Beir sinn faoi do scéith go nua.



A chéile Chonaire is Dúin Mhóir,
A chosantóir na slógh i gcreideamh Dé,
A cheannfoirt ar ansacht na n-ord,
A mhaignéis óir i measc na dtréad.



Mar do ghreamaíos an t-iarann fuar
Don maignéis is uaisle cáil,
Go gceanglaidh dhaoibhse bhur gcléir,
Ag míniú léinn san chlás is fearr.



Libh dá seinntí an buabhall binn
Atá faoi bhur gcoim i bhfolach uainn,
Chluinfí ón tSionainn a ghlór,
Go Dún na Bó san taoibh tuaidh.


L. 52


Is binne bhur dtroipéad san Róimh
Is i Lobháin na n-ord idir an chléir,
Nó in Éirinn ag Luther is ag Seon,
Mhúchfadh an chóir le slí na mbréag.



Colm Cille céillí caoimh,
Dea-mhac do rí Ínse Fáil;
Ionann sinsear dhaoibhse is dó -
Is ag Niall an óir do scar bhur bpáirt.



Dhá mhac do Niall na naoi dtalta -
Conall Gulban do ghabh gach tír,
Agus Maine ó dtáinig síol Siail -
Is iomaí triath do lean dá ngaol.



Thigeadh an t-aingeal Axal ard
A chaint le Colm, grá na naomh;
Ós ionann stoc dhaoibhse is dó,
Lean dá nósaibh, a bhráthair na rí.



Fuair Colm, ó ghlac na grádha,
Gach ní mar ab áil leis ó Dhia -
Fiche míle manach faoina stiúir,
In Albain úr is in Osraí thiar.



Tá dúil againn, a cheann na n-ord,
Go leanfair san ród do bhráthair gaoil;
Ní bhfaighe Bacchus is ní bhfuair
Ortsa bua, nó cathú an tsaoil.



Leanfairse seirbhís do rí,
Athair na naomh do dhealbhaigh grian;
Ó táir i do stíobhard ag an triúr,
Go raibh bhur gclú mar is ait re Dia.


L. 53


Gach uile pheacach bocht gan treoir,
A thagadh dá ndeoin faoi do stiúir,
Crúcaí Lucifer nach cóir
Ní heagal dóibh, nó Beilsibúb.



Beannacht ar mhíle don triath,
Beannacht Dia is na naoi n-ord,
Ansacht na naomh do shíol Siail
Ós ceann na gcliar le coróin óir.



Beannacht an Choimhdhe chumhachtaigh charthanaigh chaoimh,
Beannacht na n-ógh, na n-ord, na n-apstal is na naomh,
Beannacht na hóighe phós sé, banríon na n-aingeal,
Don phaitriarc óg le dtógfar peaca dár dtír.


L. 54


B 1733ob 18L
U Brian Ó Ceallaigh
A LUCHT AN TSUARCAIS.



Ineosad daoibh, a lucht an tsuarcais,
Suirí na suaircmhac a thriall ón Charraig,
Is a n-imeacht gan mhnaoi, gan éadáil;
Is iad a stéada fuair an scalladh.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Dá dtigeadh laochraí ag déanamh réitigh,
Ó Thig nóchéile go hannamh,
Ach mar bhfaighdís mnaoi nó céile,
Níor chóir a stéada do scalladh.



U Brian Ó Ceallaigh
Bearradh a n-iorbla, gearradh a gcluasa,
Fáth fhuachais ag na fearaibh;
Ní hamhlaidh a bhí mná is páistí,
Ach na gártha gáirí i mBaile an Bharúin.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Gibé rinne an bearradh brúidiúil
Agus ghearr go dúda na cluasa,
Saoraimse air sin Baile an Bharúin,
Cia go n-ithidís capaill i gcruatain.



U Brian Ó Ceallaigh



Gibé do chífeadh ag dul dá stéadaibh,
Na laochraí thréitheach tháinig ón Charraig -
Samhail a n-eachra muca dóite,
Tar éis a stróice idir madraibh.


L. 55


U Séamas Dall Mac Cuartach
Ba leor na cluasa do scathadh
Ina gcruas catha dá stéadaibh,
Is gan dul san oíche dá ngearradh,
Sul fá deachaigh an marcshlua in éide.



U Brian Ó Ceallaigh
Bearradh na boid do bhí ina mbrístibh -
Fáth chaointe ag a gcéilibh folaigh;
A magairle uaimse creid gur dódh,
Mar nach raibh sópa i mBaile an Bharúin.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Boid is magairlí Tithe Challainn,
Is a bpiteanna cabacha ciabhach;
Gheabhthaí sópa i mBaile an Bharúin
Do bhearrfadh a dtomann dá dtiarach.



U Brian Ó Ceallaigh
Athchló bhur n-eachra liom is trua,
Fá theacht le suarcas aníos ón Charraig;
Mo chomhairle go lá an Luain daoibh,
Gan teacht ar cuairt arís chum Nainní.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Ní hí an óigbhean do chuir geasa,
Nó chlódh na heichse gan chluasa;
Is dá bhfaighdís an ríoghan mar cheannach,
Ní mhaífinn athrach a gcluasa.



U Brian Ó Ceallaigh
Ineosad daoibhse, i ngeall ar nuachair,
Cia rinne fuairbheart ar bhur n-eachra -
Séamas dall mac Cuarta,
Creididh uaimse ós mé dochonnairc.


L. 56


U Séamas Dall Mac Cuartach
Ní bhfaighir nuachair fá bhás Shéamais
Óna liacht bréag a ní tú a chumadh;
Is go gcuirfeá, dá gcreidfí do scéala,
Paris fá chéile agus Londain.



U Brian Ó Ceallaigh
Dochonnairc mise Séamas
Ag siúl go tréitheach ar bhur n-eachra,
Is gan dá chomóradh de shíol Éabha
Ach aon scian bhearraidh bhí ina aice.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Atá a fhianaise ag Éamonn Corrgan,
Croí gan dorchacht le saoithibh,
Nachar léar dhomhsa an eachra a bhearradh
Le sceanaibh, ó thuiteas oíche.



U Brian Ó Ceallaigh
Mionnóidh mise i láthair an tseisiúin
Ar Shéamas chleasach Mac Cuarta,
Gurab é do bhearraigh bhur n-eachra,
Is do thromthreascar a gcluasa.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Ní ghabhfar do mhionna ag an tseisiún,
Mar chualadar gaistí do bhréaga,
Le ar chuir tú an tImpire is an Francach
Is a cheithre campa fá chéile.



U Brian Ó Ceallaigh
Ní shaoram Pádraig Mac Ardail,
Ós idir a lámha fuair mé an fionnadh;
Dúirt liom gurbh ábhar téada
Chum Bhriain bréagaigh do cheangal.


L. 57


U Séamas Dall Mac Cuartach
Chuala Pádraig Mac Ardail,
Is é ina luí i lár an fhiabhrais,
Gur naonúr agus Brian Ó Ceallaigh
Do bhearraigh na heachraí le hiarann.




Cúigear as Tír Chonaill,
Agus Brian Ó Ceallaigh dhá dtreorú;
Adeir Pádraig gurab iad an seisear sin
Do chuaigh ag scoilteadh na feola.



Ceathrar eile den deichniúr,
Do bhí fán choirse do luaim,
Valentín agus an Gráinneach,
An Raghallach agus Ó Maoluaidhe.



U Brian Ó Ceallaigh
Do rabhairt, a Phádraig, dár n-áinle ní thaitníonn liom féin,
Teacht le grá is le paxa go hainnir na gcraobh;
Na gártha gáirí ag blacghardaí an bhaile do dhiaidh,
Adúirt an stáidbhean liom, dár mo lámhse gur bearradh do bhléin.



U Séamas Dall Mac Cuartach
Ní bhíonn Baile Shláine ach lán de mhacra gan ghruaim,
De dh'ainniribh áille grácha agus lasadh ina ngrua;
Ní cóir blacghard a rá le scafaire suairc,
Níor bhearradar cách is níl fáth dhaoibh eatarthu a lua.



U Brian Ó Ceallaigh
Is deimhin scéal liom gur shaighde tobanna grá
Thug Séamas don spéirmhnaoi, Nainní an fhoilt bháin,
Ag a bhfuil na céadta i ngéibheann i ndoirsibh an bháis,
Aon fáth fár réab sé bhur stéada le huircinn i bpáirc.


L. 58


U Séamas Dall Mac Cuartach
Fiafraigh do scéala de Vénus is do Chupid an áigh,
Ós iad do bheir saighde géarr gonta chum grá,
Do bhannáil na nGréag is don mhaighdin ghilse mar chách,
Is níorbh fhiú leo créachtadh stéada le huircinn i bpáirc.


L. 59


B 1700 18T
AN DÁN BREAC.



Is claoite a chuir Ádhamh rena chlannaibh
Fá bhriseadh na haithne i ngairdín Éadáin,
Nó go dtáinig mac an Athar bheannaithe,
Is gur fhuascail as peannaid síol Éabha.



Fuascailt shíol Éabha tar éis na deamhain do chlaoi,
Agus iomad na gcréacht le géarairm gonta ina chlí,
Cia d'fhuileonadh an méidse is gan é a bheith coirtheach san ngníomh,
Ach an macsa leis féin? - is féachaidh anacair Íos'.



Íosa is a naomhmháthair Muire,
Dís a bheir sinne go Parthas;
Do shaor sinn ó phiantaibh na tine,
Is ón mír sin do hitheadh le hÁdhamh.



An mhírse fuair Ádhamh, mo chrá nárbh abhaill gan úill,
Fár thuiteadar cách fá smál ins na peacaíbh ar dtús,
Ach an iníon de shliocht Dháibhí, an ardrialt sholais gan smúid,
Bheir sinne i leith slán ó ghardaibh na ndeamhan dá dúich'.



Dúiche ina bhfoilsithear na naoi ngrádh,
Dúiche na fáilte ar neamh na naomh,
Dúiche gan ghorta, dúiche gan fhuacht,
Dúiche gan ghruaim ná tocht ar aon.



Gan tocht ar aon, gan cíos, gan cogadh nó fuath,
Ach córa ghlan aingeal gach taobh nach maireann a luach,
Ag moladh an Rí le naofar neamh is gach tuaith,
Is thug cabhair dár shíolaigh ó Naoi lena astar anuas.


L. 60


Anuas ó neamh do thug an Rí
An tslat do Mhaois is an dá chlár,
Ler tharraing an pobal collaí Críostann
Trasna tríd an mhuir shleamhain slán.



Mar do chuir slán ón lánmhuir an pobalsa Dé,
Is gur lig slua Pharao a bháthadh a bhí ag imeacht ina ndiaidh,
Guímid athair na ngrás is ceann urra don ghréin,
Is go dtuga sé fáilte i measc gharda na n-aingeal dúinn saor.



Go saora tú sinn ar na holcaibh,
A mhic a shíolaigh ón fhocal dhiaga;
Is nár ligidh tú dhúinn luí sna lochtaibh,
Ar eagla a bheith i ndochar ag diabhlaibh.



Atá an diabhal i láthair gach lá ag tolladh mo chlí,
Do mo tharraing do ghnáth as grása chum peacaí ina líon;
Is ó theagaimh na náimhde gránna bochta dár gclaoi,
Agraímid páirt ar bhanríon chothaithe na naomh.



Cothú na naomh do ní Muire,
An ríoghan is glaine den mbantracht;
Is nach deachaigh éinneach go toigh neimhe,
Nó go rug sise an mac in am cheart.



Ba cheart an t-am do bhanríon chathrach na ndúl
An macsa do shantú anall gan pheaca, gan drúis,
Le dtug as geall gach dream a bhí ciontach san úill,
Dár bhfuascailt ó dheamhnaibh damnaí, taithleach an tnúth.



Tnúth do rinne Lucifer le Dia -
Olc a chuaigh ariamh dár ghlac a sheilbh,
Bheith i ndorchadas ag gol gan bhia,
I nduinsiún na bpian thíos fá fheirg.


L. 61


I bhfeirg is i bhfíoch, i bpiantaíbh teas agus fuacht,
An eagla is an íota ag gríosadh gorta agus fuath,
Fá chogadh go síoraí in íochtar Ifrinn ó thuaidh,
Gan amharc ar Chríost arís nó teachtaireacht uaidh.



Gan teachtaireacht ó chathraigh na n-ord
Ag teacht dá gcóir le beannú Dia,
Gan grása aithrí ar fáil dóibh -
Is mairg níos mó do leanfadh an rian.



Mairg a thriallfadh an riansa, seasamh nach cóir,
Is a bheith i bpríosún na bpian fá chian ag screadaigh go deoidh,
Ach imeacht mar d'iarr an triar Marc, Maitiú agus Eoin,
Aitheanta Dia do riar is téacsannaibh Póil.



Téacsanna Póil agus na n-apstal,
Fuaireadar an Eaglais ón Phápa;
Lean briathra na suibhiscéal is Pheadair,
Ós iad a fuair taispeánadh na páise.



Taispeánadh na páise i láthair agus fochmaid an tslua,
Is allas an ghairdín ar cur frasaí fola dá ghrua;
Tarraing na lámh le cnáib ar cholúna crua,
Agus sparradh na dtairní i gclár ghil a uchta le fuath.



Le fuath cuireadh na tairní maola
I gcúig chroí caomhthúla an mhicse;
Is is amhlaidh cuireadh an choróin spíona,
Ar a raibh na mílte de dheilg nimhe.



Faobhar na ndealg agus fearg na sleá ina thaobh,
Cuireadh leis an dall go teann chum dochair ina chlí;
Na mílte lucht marfa is arm chum gonta ó gach aon,
Is na sciúrsaí garbha, dearg ón gcorcarfhuil Rí.


L. 62


Corcarfhuil uasal Rí neamha
Ag tréatúir fán talamh dhá dortadh;
An tAthair síoraí anuas dá n-amharc,
Is ag éisteacht re hanaoibh na hóighe.



Anaoibh na hóighe, ba deorach tuirseach a díol,
Ag amharc a hóigmhic ina spóltaí ag deamhain dá chlaoi;
Is ag umhlú dá dheoin faoi ordú Phiolóid do bhí,
Agus Iúdas na póige ag treorú na feille le fíoch.



Is le fíoch a fuair Íosa gan toirmeasc,
Bhinegar is domlas i riocht fíona,
Ar chrann na croiche mar gach doirbheas -
Ba leor a sheirbhe chum cosc íota.



B'olc an cosc íota do Chríosta deoch nimhe an bháis,
Is a chuid fola leis síos gach taobh ina tuiltibh go trácht;
Cia d'fhuileonadh na pianta-sa is aoibhneas neamha aige ar fáil,
Ar son an chine daonna a shaoradh ón pheaca rinne Ádhamh!



Míle is seacht gcéad gan bhréig réir aithris na naomh,
Ó thuirling mac Dé in ucht maighdine ag ceannach an tsaoil;
Fiche is a trí déag den méid sin go ceart do bhí a aois,
An uair a d'fhulaing gach céasadh air féin chun ár bpeacaí do
chlaoi.


L. 63


B 1691 17D
TUIREAMH SHOMHAIRLE MHIC DÓNAILL.



Is in Eachroim an áir atáid ina gcónaí,
Taise na gcnámh ar lár gan chónra,
Bheir greadadh na lámh ag mná na Fódhla;
Na leinbh gan aird is na gártha ag deoraíbh,
Tuilte ós aird gach tráth de dheoraibh.
Is a thulaigh nach náir dhuit bás na leonsa!
A goineadh i do dháil is do pháirtse leotha,
d'fholannaibh arda ó bharr na hEorpa,
Na curadhna b'áille is ní áirím slóite.
Is a chnoic nachar thárrthaigh do chairde an ló sin,
Is mairg atá do do chátú i gcónaí;
Gidh gur mar sin a ghnáth atá an clársa Chobhthaigh,
Gan seanadh, gan ghrá dá bráithre cróga,
Ach ag beathú na námhad is ag bású comharsan;
Clann Chalbhin is Mháirtín lán dá torthaibh,
Is na treabhanna d'fhás ón Spáinn ar fógra;
Sliocht Ghalaimh dá gcrá, mhic Brath mhic Bhreoghain,
Gan sonas, gan ágh, gan aird, gan fhónamh;
Síol Éimhir an áigh thug barr le foghlaim,
Ar shinsireacht cháich, ar áille, ar eolas;
Sliocht Íre do shásaíodh is do shlánaíodh na ceolta,
Sciath dhídin na ndámh i ngach gábh ar dhócúl,
Is do shíneadh ar sáile go háitibh an chomhraic,
Do dhíbirt na n-aitheach is do bhású na bhfómur;
Agus síol Éireamhóin ághmhar, an t-ardmhac ab óige,
Is é ríomhadh de bhláth an fhirse i státa na coróna,
Ó Mhílidh na Spáinne go bás an rí Dónall,
Seacht bhfichid is a ceathair is ní áirím ríthe cóige.
Atá a fhianaise ar fáil i leabhar Ard Mhach' na hEoghanach,
Gur den línese tarraingeadh fuil ard-dhearg Shomhairle,
An ríora as clár uchta an airdfhlaith Mhic Dónaill;


L. 64


Is ón ríCholla shnámhfadh gan bháthadh ar bóchna,
Le mílte de bhárcaibh is iad lán ag an leonsa,
De laochraíbh ba dána chum Págánaigh a róloit.
Carbh ionadh an té tháinig ón athairse a bheith cróga?
Is gur faoisean do gháireadh an Lia Fáil mar ba chóir dhi,
Ag fíorú na fáidheacht do bhí i dtairngire dhósan -
Go líonfadh ina ngrá leis gach cathair is gach cóige.
Ní hé an laoch mearsa chrádh bosa mhná deasa Fódhla,
Ach an saoithchoirnéal sásta chuireadh an marcshlua in ordú,
Ag cur bíobhaí as a n-áit is a chairde dá dtreorú,
Ar son íobairt na páise agus fháscadh na gcordaí,
Agus mhaolscoith na dtairní chuaigh i lámhaibh an Choimhdhe,
Críosta do shlánaigh síol Ádhaimh as gach dócúl;
Is Phítear do básaíodh in áras na Rómha;
Is na bpianta fuair Parthalán le rásúiribh dá ródadh;
Is gach naomh eile ar tarraingeadh le rácaí a gcuid feola.
Fá aon chreideamh Phádraig is ar ghrá mhic na hóighe,
Le fírinne dár náisiún is do shásamh na córa,
Chuaigh an laochsa is a gharda comh dána le leonaibh,
Le dísle tré dhásacht i bpáirt a lucht eolais,
In aghaidh iorghail na námhad, an lá sin dá leonadh,
Nó gur bhris sé an dá phártaí do b'fhearr ins na slóghaibh;
Is le faobhar tré náire fá scanradh na gcóige,
Chuaigh tríd an treas pártaí dá n-ardghreadhaibh óga,
Mar Shamson le Págánaigh nó mar Dháibhí le Goliath,
Mar Rolandus áigh nó mar Raghnall Bhontóbáin,
Mar Chú Chulainn san tánaidh ar ardghail na crógacht,
Nó mar chlú Chonaill Chearnaigh fán mbás sin dá thóraíocht;
Mar Hercules an lá do thit fathaigh na Cremona,
Nó san Eadáille ag sárú Ching Cacus fán mbólacht,
Mar trí mic Priamus, Hector Paris nó Troilus -
Is mar sin a bhí barr treise ar an láimh dheis ag an choirnéal,
Nó gur briseadh ar an náisiún is gur fhágadar a bportaí,


L. 65


Gidh gurbh fhuras dó a bheith slán tar éis báire nó dhó a chur,
Dá dtillfeadh mar chách lena ghardaibh na n-óigeach;
Ach fanúin ag carnadh na Galltacht san gcomhrac,
Is le líonmhaire na lámhsa mo chrá gur thit Somhairle
Is gach aon dá raibh i bpáirt leis san ár sin Dia Domhnaigh!
Is é mo chiansa mar fágadh a bháinchneas gan chónra,
Is gan na mílte de bhráithribh a bheith ina ngardaíbh dhá thórramh,
An príomháidh ó Ard Mhach' is a lán de na hordaibh,
Gach diagaire do b'áille is do b'airde san eolas,
A bheith ag adhradh don airdrí atá i bParthas ina chónaí,
Is ag míniú na páise ag an mbás sin Mhic Dónaill,
Is ag cantáil na salm rinne Dáibhí don Choimhdhe;
Feadh míosa agus ráithe gach áit ins na cóigí,
A bheith líonta ar na sráidibh le tápair le tóirsíbh,
Gach green is gach teampall ar aon bharrlasair lóchrann,
Is fíontaí na Spáinne le fána dá ndortadh;
Gach ríoghan is a bánbhosa ag crághreadadh i gcónaí,
Gan díosc ag a stánroisc is a dtláthfhoilt gan chórú;
Na tíortha insna gártha is gan dáil chosc ó dheoraibh,
Ó Aontraim go hArd Mhach' is go hÁrainn Uí Dhónaill,
Ó Íle go Cáirlinn is go barr Breagh is Bóinne,
Thart timpeall an Chláir is go Blárna thí Cormaic,
Ag caoineadh ar mearbhall um an deargfhuilse a dóirteadh;
Fán mílidh armach ainmneach eolach,
Dhéigheal dhealbhach mheanmnach threorach,
Thréitheach mharthannach charthanach mhórdha,
Ghaolmhar chaithréimeach acmhainneach bheoga,
Ghrísdhearg dhathannach ar aiste na rósa;
An féinní flaitheamhail gaisciúil cróga,
Éachtach ar faichibh, le gaethibh dá leonadh,
Méiniúil taitneamhach taisiúil le deoraíbh
Ciallmhar scolárdha i dtógáil na hEorpa;
An fiadhaí fearantach ealaíonach ceolmhar,


L. 66


Fiafraitheach fiosach ar bhiseach a shlóite;
Triath na mbratach is a ndeatach ar a n-órú,
Sciath na macna ag tanú lucht geoine,
Curadh gan chreathnú ag deabhadh le leoghain,
Tiarna ler cleachtadh gach talamh is óige,
Iarla na mara nachar bh'annamh ar bóchna,
Fialmhar fuireachair, fuilteach le hordú;
I nglia ba drithleach é i ngaileach an chomhraic,
Ag iarraidh furtacht don chineálsa Bhreoghain.
Ba mhian leis téacsa na n-aspal do chomhdach -
Gáir na hEaglaise in eagna na Rómha,
Gáir na sagart ag tagra san gcómhra,
Gáir na nAifreann is a bhfreagra as na leabhraibh,
Gáir na bhfleá is gan coigilt ar chornaibh,
Gáir re greadhaibh, ar máibh dá seoladh,
Gáir ag gaiscíbh ag leasú na n-óigeach,
Gáir na ngadhar le meadhair chum spórta,
I lár an Fheadha is an fheadhain dá dtreorú;
Na gártha solais fá dhoras an longfoirt,
Gáir na scolta san mbaile dá chóngar,
Gáir na n-ollamh is é ag bronnadh an óir dhóibh,
Gáir chláirseach ar fheabhas le meabhair is le meoraibh,
Is baird gan chodladh ag labhairt a chur leotha;
Cearrbhaigh gafa le togha fear foirne,
Na gártha cogaidh chum cosnamh na leontach -
Gáir na gclogad ag scoltadh na n-órlann,
Gáir na gcaithmhílí ag lasadh na crógacht,
Gáir na seacaí is a leacaínibh deontach,
Gáir na bhaigíní is astar na gcóistí,
Gáir na marcshlua ag teachtadh na mbóithrí,
Gáir na macna le rabhairt na hóige.
Bannáil ar hallaíbh ag breacadh na srólta,
Ag tarraing gach ealtan i mbrataibh ar n-órú,
An seabhac is an eala, an torc alla is an dreolán,
An dobharchú daite, an mhuc mhara is an rónach,


L. 67


Is leabharchroibh gheala dá ngearradh san chló sin.
Ach a bhaintiarna Anna, glac cara na hóighe,
Nachar bhris aithne dár cheangail an Coimhdhe;
A ríoghan is beannaithe do leanas debhósion,
Ar lorg na mban-naomh is na haingil dá dtreorú;
A ghéag den abhaill ar a ngabhtaí na tortha,
A phéarla a fearadh do rath na liag lómhar
A réalt a rachas go Flaitheas chum glóire,
A ghéis an chala, déan aithris ar Ioba,
Tabhair foighid ina bhfacais cé deacair a dheonú;
Sir Séamas is Alastran de shleachtaibh Mhic Dónaill,
Oidhre na dtalta ó Dhún Breatan go bóchna;
Leith Alban ba ceart dhóibh is Baile tré chrógacht,
Dena tréinfhir thapaidh de dh'aicme na leonsa.
Ach is é éag an ghleacaí bhris asna na Fódhla,
Do thréadghoin i dtuirse a Mhadam, sin, Somhairle.
Ba gaolmhar don macsa na flaithe don mórfhuil:
Ó Briain do threabhaigh do shleachta Bhriain Bhórrmha,
Rí ler scapadh slua Lochlann as ordú;
Is Mac Cárthaigh an fhortúin nach locadh san gcomhrac,
Iarla Chorcaí is na bport a chois bóchna,
Agus prionsa na gcuradh ghabh urraim ar shlóitibh;
Mac Aonghasa an mhullaigh na n-ollamh is na n-óirfid,
Coimirce is comaoin na bhfile in am dócúil,
Craobh an oinigh chum cuidiú le deoraíbh;
Agus crann ós feadhaibh chum cumais Ó Móra,
Iarlaíocht Laois is tuilleadh níor leor dhóibh;
Ó Fearaíl a goirthí fá chean ins an Móta,
Iarla na n-imeall thart timpeall is an Longfoirt;
Agus síol Néill Fhrasaigh mhilis dár sileadh na tortha,
Na trí ceatha cuireadh tré ghuí na glóire,
Do thoilíocht Rí neimhe is na haingil dá dheonú,
Nachar fritheadh le finne san chruinne ach sliocht Eoghain;
Ní hí an iarlaíocht ba cuibhe leo, ba úiríseal dóibh í,
Ach na rífhlaithe ós ríthibh gan traoitheadh don trónsa;


L. 68


Agus clann Aodh Buí an oinigh de chine na leonsa,
Ghabh iarlaíocht ghoile chois toinne tré chrógacht;
Agus iarla chleacht moladh gan ghoradh, Ó Dónaill,
Rí de shliocht Chonaill do bhí ar aon turas le hEoghan;
Is Ó hAnluain na flaithe, bile rathmhar, rí Oirthir;
Ó Colla an dá thalta chuireadh cath ar gach cóige;
Mac Mathúna is Mag Uidhir ar an tsliochtsa den mórfhuil,
Rí Oirghiall go Doire is go himeall na Bóinne.
Níl rí dár gcine ó Bhile mhac Breoghain,
Prionsa nó curadh dár hoileadh le fónamh,
Iarla nó marcas gan teacht ar mhilordaibh,
Nach raibh a bhfuil rachtmhar ag lasadh fá Shomhairle.
Atá cuid dá bhráithribh gan aithris i mo dheoidhse,
Iarla Chill Dara, Fitzgerald nár leonadh.
Dá n-abrainn tuilleadh tá an iomad gan chóireamh,
Is gan braon ina thimpeall ach sileadh na coróna.
Is mairg ler cleachtadh an macaomh is óige;
Is nach bhfaigheadh an atuirse foscadh mar a gcónaíodh,
Le súgaidh, le tapadh, le gaisce, le heolas,
Le lúth is le pearsain, le frasa na rósa,
Le dúblú gach aitis i dteangaibh na hEorpa,
Agus cnuasmhil na mbeach ar gach focal dá labhradh,
Ar a shiúltaíbh go Sacsain, go Paris, go Poland,
Go Venice, go Madrid, is thart chun na Rómha.
San Almaine i gcathaibh do ghlacadh le foghlaim,
Go Flanders ag teacht dhó is go bárc-chuan na Fódhla,
Nó go dtáinig go hEachroim chum cascartha an Domhnaigh,
Cé b'iomaí triath tapaidh bhí in aice san ló sin,
Fágadh gan leachta, gan fearta, gan tórramh,
Ar son an dalta a bhí i mbrataibh na hóighe,
Is ag cosnamh rí Sacsan ar lochtaibh na comhairle,
Chun seasamh na dtaltasa ar eachtarnaigh i gcónaí.
Ach, a mhná uaisle, atá ag greadadh fán leagadh sin Shomhairle,
Stadaidh bhur mbosa agus coiscidh bhur ndeora,


L. 69


Ó nach bhfaighfear aisíoc, mar mheasaim, san leonsa,
Ach beannacht a chur leis-sean atá ar dheisiúr na glóire;
Beannacht na n-aspal is choinfeasóir na Rómha,
Beannacht gach Eaglaise is treise ins na hordaibh,
Beannacht a maireann dár gcreideamh le Somhairle,
Go cathair na n-aspal dhá leasú chum glóire.



Aois mhic na hóighe ó thoirling a cheannach shíol Ádhaimh,
Réir Mharcais is Eoin ler seoladh an scrioptúir do chách,
Ocht gcéad faoi dhó le nóchad is bliain a dh'fhearbarr
Go bás Shomhairle Mhic Dónaill in Eachroim an áir.


L. 70


B 1713 18T
BARÚN BHAILE SHLÁINE.



Mo chiansa fir na hAustria, Fléimeannaigh do b'áille,
Is gan aon anois ar fáil dhíobh, mo chrása ach faoi léan,
Nó go dtiocfaidh Barún Sláine, le flíte longa lána,
Dár bhfuascailt as na cásaibh dár fhág sinn i bpéin.
Ach anois is mithid don mbanríon dúiche an mhicse Raghnaill
A thoirbheart ina lámha is go n-ardaidh dhó séan;
Beidh míle meisce is sláinteacha, fíon gan uisce is lámhacha,
Ag an tiarna cuinge ag fáiltiú le gáirdeachas Gael.



Ar dteacht anois ar sáile don óg so, Barún Sláine,
Is ordú leis ón mbanríon chum sásaithe na nGael,
Beidh cnó na coille ag fás leis is torthaibh ar chrannaibh gairdín,
Is an Bhóinn ag briseadh cárthach le bláth beannaithe an éisc;
Beidh ór dá chur ina mhadhma as dorn bhan is páistí,
Fá theorainnibh Bhaile Shláine dá chaitheamh re gréin;
Na slóitibh ag éirí ar ardaibh ag ól is ag leigean lámhaigh,
Fán leonsa d'fhuil na hAustria, ag fáiltiú dá mhéin.



Is anois atá cabhair i ndán díbh ó Chriostóir óg mac Raghnaill,
Ar aithfhilleadh anoir ón státa is ón mbanríon le céim;
Gach neach dá raibh faoi sclábhaíocht ag Gallaibh tar éis a sáraithe,
Tógfaidh an barún smál díobh, bráthair ceart Uí Néill.
Fá hiomaí trúpaí tairpeach is bhaigínibh dá n-athrach
Is caiptíní dá ngardáil faoina n-ardbhrataigh féin;
Beidh corradh is caogad cláirseach, truimpeit is orgáinibh,
Le leibhit is le máirseáil ag fáiltiú dá scéimh.


L. 71


Níor chruthaigh fuil dá huaisle san impireacht ná i dTuathmhumhain,
Insna taltaibh thart is cuartaithear go bruach Thír an Óir,
Gan brainsí ag lasadh suas díobh san mbarún barrúil buach
Na leacain ghartha ghruadhearg ag buanchruinniú an róis.
Is caithréimeach ba dual dó a bheith ag glacadh neart in uachtar,
Go hacmhainneach ar shluaitibh is ag fuascailt na n-ord;
Lena gheallamh isteach ar chuantaibh beidh lacht ag teacht ag buaibhibh,
Is an barún ag teacht faoi chumhachta dhá suáilceadh chum spóirt.



Beidh torthaibh is meas ar ghéagaibh le linn a theacht san réigiún,
An leon de scoith na bPléimeannach, éifeachtach ard;
An t-óigfhear gaisciúil éachtach cróga taisiúil tréitheach,
Eolach tuigseach béasach le léann is le láimh.
Is iomaí fuil dá tréanáil ins an ríora shultmhar dhéidgheal,
Ón impireacht is ón Éigipt, ó Ghaelaibh is ón Spáinn;
Bia míle macaibh míorach agus fíon as cascaibh Gréagach,
Arís ar hallaibh an tréanbharúin ghléigil bharrúil bháin.



Cia hionadh tíorthaibh ag géilleadh don mbarún fíre Fléimeann,
Más uasal fuil dá léitear san réimrolla ón airc;
Is go raibh seisear rí is céad go ceart i dtaobh Uí Néill dhe,
Is Mac Dónaill thríd na chéile gach céim dá raibh ina pháirt;
Síol Móra maighe na mbéimeann bheireadh ór is fíon do dh'éigsibh,
Is a bhaineadh comhar de ríora Laighneach le géarlannaibh lá;
Ba cóir don rí so Créamhthain bheith cróga croíúil céillí,
A bhfuil a rosa gaoilse ina éadan agus céad d'fhearbarr.


L. 72


B 1733ob 18L
MEASCRA.



Ní mé féin do chuir an chéad chloch i gcaiseal Dhroichead Áth',
Is ní chuirfinn sé chóiste i séideoig go malaidh an tSliabh Báin;
Más Gréagach an phéacóg ní phiocfar a cnámh,
Is níl ach créafóg san léinteoig sin ortsa, a Sheon Táth.



Tá bean a chois Bóinne ní cóta agus tuilleadh ar líon,
Is tá feoil ar bord i nGaillimh dá díol;
Tá beoir go leor i Londain is fíon;
Is iomaí fear óg a pósadh anuraidh le mnaoi.



Ní fhacthas an Rí ag meilt snaoisín sa nGráinsigh riamh,
Is ní hí Sadhbha Nic na Midhe do shíneas ar a mbanríon bia;
Ní minic a bhí bean luí ag Pápa ar sliabh;
Is iomaí pota dí a díoladh i nDroichead Áth' le bliain.



Dhíol Seon Mhac Cearnaigh car de ghabáiste nua,
Is thug Siobhán Nic Ardail cárta do dhuine le clú;
Is minic a charn Brian Bearnach cailín i gclúid;
Is iomaí fear Gallda ón tsráid sin Londain go Lú.


L. 73


DO DHÓNALL Ó MAOILRIAIN.



Ó thugais ó údaraibh Inse Fáil
Do chomission uile go hiomlán,
As Ros na Rí is as Teamhair Choinn
Ag so duitse do chraobh chumainn.



Ó d'imigh Dallán Forgaill uainn,
Torna is Seanchán an athuair,
Níor goireadh rí-ollamh in Inis Fáil,
Ach tusa, a Dhónaill Uí Maoilriain.



Ó thugais bua thar gach tír
Go fearann uasail an airdrí,
Ag so do choróin ríochta dhuit,
A Dhónaill geanmnaí an Ghaeilig.



Beir uaim is aithris do Bhrian
Go dtugais chugainn as imchian,
Ó laochra Chláir Chobhthaigh uile
An chraobh ag Dónall mar deirid.



Níl ar úir Éireann anois
Ollamh nó saoi re seanchas,
Nó ríora ar shliocht Mílidh anois
Nár gheall dósan gan imreas.



A Dhónaill Uí Maoilriain, fuair tiardas ar fhlaitheas na nGael
Ó ollaimh is ó thriathaibh Chiarraí, Chonnacht is Néill,
Tabhair an ealaínse siar is cuireadh Brian Ó Ceallaigh ina dhiaidh,
Is fá choróin do ríochta bliain go mairidh tú is céad.


L. 74


B 1717 18T
BEITÍ NÍ MHARCAIGH.



Rachaidh mise go Droimbile is beidh bonn beag chun óil liom,
Mar a bhfuil mac na muirne a bhí pronntach lena óige,
Toirealach is an donndreach a mbíonn comport ina ceoltaíbh,
De mhianach na sonnfhlaith chuireadh ollchath ar chóigí.



A dhuine théid go Droimbile, beir compáin rómhór leat,
De mo ríoghanaibh is lomnochtaí ina bhfoirm shneachta ar bóchna,
Gan de dhíon umpu ach a ndonnfhoilt is a mbonn crochta ó noblaí;
Is ag Beití bíodh mo chonlánsa go hiomlán ar a hósta.



A Bheití chiúin chéillí na séimhrosc is mórdha,
Taiscidh do chuid maighdean nó beidh Réamonn dá bpógadh,
Toirealach lena véarsaí is na tréathra bhí ag Ovid;
Is a iníon Mharcaigh an dea-chroí ná léig éigniú na n-óigbhean.



Tiocfaidh Pádraig leo a shuirí mac Aodh mhic Giolla Domhnaigh,
Is cúis bháis dó gach iníon díobh a theacht saor uaidh is gan a
bpógadh;
Beidh Orpheus agus Naos leis ag cur siansa ina mheoraibh,
Erasmus agus Cicero, Terpsichore is Caliopia.



Tiocfaidh Samuel dá bhféachain mac Éadbhaird mhic Seoirse,
Pronnfaidh dhóibh féirín is beidh na maighdeanaíse ag ól leis;
Ach coimheád nach dtabharfaidh éigin ar mo ghéagaibh gan phósadh,
Is, a Bheití, ná léig éagóir ar na dea-mhná gan chótaí.


L. 75


Tiocfaidh Séamas nach gruama ann is beidh suáilce gach ceoil leis,
Is binne leo nó na cuacha gach guaim shnasta óna bheolsan;
Beidh pastime gach uaisle aige mar bhuachaillí October,
Is mur seasmhair chun a bhuailte beidh an cluanaí dá bpógadh.



Tiocfaidh Beirnigh na coille cuachaí ann ar an chuairt sin is
beidh Pól leo,
Fir Oirthir lena sluaite is cuid d'uaisle Thír Eoghain;
Beidh céad fear as Cuailgne is seabhaic uaibhreach na Bóinne ann,
Is mur gcoinnigh Beití uathu iad beidh na suaircmhná dá gcóradh.



Tiocfaidh an dochtúir mac Íomhair atá ar dhísleacht na n-óigfhear,
Is bhéarfaidh balsam mar an íce do gach iníon díobh le sólás;
Ach, a Bheití, ná taobh leis ar mhíle punta óir iad,
Nó meallfaidh lena chaoineas gach naoi ghlan den cóip sin.



Tiocfaidh tréanfhear dá bhfuascail mac suáilceach Airt óig ann,
Fréamh cheart dena huaislibh dár dhual flaitheas Cobhthaigh;
Cia go bpronnfadh dona sluaite dá mba leis fuarchlár fionn Fódhla,
Ach, a Bheití, ná léig uair leis iad in uaigneas dá bpógadh.



Is fada mise gan ghuaillí is níl fuascail níos mó dhomh,
Is go bhfuil treise mo dhá ghualainn ina n-uaighe le cois
Bóinne;
B'fhuras domh dhul ar buailidh dá mbeadh Ruairí is Brian óg
liom,
Mo chéad crá, mo chruachás, mo luathbhás, mo dheora.



Ach is iad so ní mo bhuaireadh is fuaradh Néill óig uaim,
Cuid mhór de mo shuáilce bheanadh ualach den mbrón díom;
Is ó chuireas dúil dá gcuallacht, mo ghruaimgháir, mo dhócúl,
Ár mbeannacht leo go Luan bhráith go buanchathair na glóire.


L. 76


B 1733ob 18L
TITHE CHORR AN CHAIT.



Uaigneach sin tithe Chorr an Chait,
Is uaigneach a bhfir is a mná;
Is dá bhfaighdís ór is fíon,
Cha dtig aon díobh i gceann cháich.



I gceann cháich cha dtig siad,
Ar ar cruthaíodh thiar is thoir;
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár -
Ionann sin is béasa an bhroic.



Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
I ndorchadas oíche is lae;
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár,
I gceann cháich cha dtig sé.



Ní hionúin leis an ríbhroc aoibhneas aiteas ná spórt,
Ní hionúin leo saoi draoi ná cumadóir ceoil;
Ní hionúin leo Séamas caoch ná cuidiú Néill óig,
Is fanadh gach aon mar a mbíd ag tochailt an phóir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services