Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Art Mac Cumhaigh - Dánta

Title
Art Mac Cumhaigh - Dánta
Author(s)
Mac Cumhaigh, Art,
Compiler/Editor
Ó Fiaich, Tomás
Composition Date
1773
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1973)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MAIRGNEACH FAOI CHAISLEÁN NA GLASDROMAINNE



Ag bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae,
'Ba shnuamhar géaga bláth-gheal,
Chualas géimneach chuantaí Éireann,
Agus fuaim sa spéir in áirde;
Bhí na dúile 'teitheadh 's a gcúl le chéile,
Is gnúis na gréine báite,
Is slua na n-éan ag fuagradh scéil,
Le gruaim gur éag na cága.



Nár chloíte mé 'mo luí i bpéin,
Go bhfuighinnse scéal an ábhair,
Nó an é críochnú an tsaoil mar mhíníos cléir,
A bhí 'triall ar Ghaeil an lá sin?
Bhí uafás gaoithe is fuaim san aer,
Le síor-chur laidhg is táirneach,
'S na hualaí éisc le gruaim gur éag
'Na gcuail ar thaobh na trágha.



Tráth chonaic mé an spéir 's gach ní faoin ghréin,
Is an saol faoi éiclips ábhal,
'Sé smaoineas féin gur mhithid damh teitheadh
Go dún na gcraobh 's na fáilte,
D'éirigh an smaolach cumhra béalbhinn,
Aníos ar ghéagán láimh liom,
Is ba bhinne ná téada milse Orphéus
Ceiliúr an éin dob' áille.


L. 80


"A smaolaigh chléibh, ó tchí tú féin
Gur cloíodh Sliocht Gael san áit seo,
Tabhair éirí léim i lúb an aeir,
Is beir sitheadh i gcéin thar sáile;
Mar 'bhfuighidh tú fréamh de ghaol Uí Néill
I dtíorthaibh tréan na Spáinne,
Agus aithris don mhéid a mhairfeas ón éag
Gur scaoil a n-aolchloch álainn."



Tráth chualaidh an t-éan mé a' lua Síol Néill,
Le gruaim gur éirigh in áirde,
Bhí a sciatháin scaoilte síos go féar leis,
Is bhuail sé a thaobha go cráite,
Is dúirt gur buartha baoth mo scéal,
Ó chuaigh faoi liagaibh sparrtha,
Is má chuartaír féin na tuambaí céanna
Gurb ualach cré 'gus cnámh iad.



D'fhiafraíos féin de phlúr na n-éan
Dob úire d'éanlaith phárthais,
Nár fhuagair sé an dún ba saibhre -
Creagán na gcraobh - le gárthaibh,
Nó an gcualaidh na tréanfhir dob uaisle 'Shíol Néill
Gur tuairgneadh saothar a lámhaibh,
'S iad a ruaigfeadh an méid seo uainn as Éirinn -
Sluaite Shéaghain is Mháirtín.


L. 81


'Eoghain Rua, mo léan thú fuar i gcré,
'S tú ruaigfeadh an cheithearn ghallda,
'S gur fuadaíodh Féilim uasal tréitheach,
Go Cúigeadh Laighean dá bhású,
Tiarna Uíbh Éathach bhí ar uaislibh Gael,
Nó gur chríonaigh an t-éag a chnámha,
'S cá bhfuighfear a léithid arís chun féidhme,
Ó síneadh an méid seo i gclárthaibh.



"Go Tír Eoghain má théir, gheobhair póg is céad,
Is treorú an scéil go dáimhiúil.
Mar a bhfuil na laochra is dílse méin,
Tá líofa tréitheach láidir":
"Tá'n cháin seo réidh chun sásamh an té
'Bheir smál ar Ghaeil an lá seo,
Is a phlúir na n-éan, ná humhlaigh don éag,
Nó go dtiocfaidh Sliocht Néill dod thárrtháil."



"Ó bhreoigh tú mé le glór do bhéil,
'S nach bhfoghthar le léigheas ón bhás mé,
Go Cóigeadh Laighean is cóir dúinn gléas,
Go Dún Uí Néill ar mársáil";
"Ór na Gréige is stór na hÉiphte,
Is ceol na dtéad ar chlársaigh,
'S ní fhóirfeadh an méid sin, is foghaim go léir é,
A stóir, mura n-éagfainn láimh leat."


L. 82


AGALLAMH LE CAISLEÁN NA GLASDROMAINNE
An File
A aolchloch dhaite bhí i bhfad ag síol Néill gan smúid,
Nó gur básadh in Eachroim gach aicme de na Gaeil, mo chumhaidh,
Le séideadh na mara thug Eolus aréir do lúib,
Gur réabadh fá thalamh do bhallaí 'na mbladhaibh dubh.



An Caisleán
Cha léir damh do fhreagra, gé go gcanann tú an Ghaelig nua,
Cha léigheastar mé feasta, 'sé mheasaim go mbéad ar siúl
Le gach saormhac tairis dá mbíodh agam a' méadú clú,
Táid faoi liagaibh sa Chreagán is nach bhfaicim íad go héag
ansiud.



An File
A shaor-dhúin chaisil is deise ná na céadtaí cúirt,
Nach féidir leat seasamh go dtreiseoidh na Gaeil do lúb?
Féilim an gleacaí de aicme Shíl Néill na rún,
A chuirfidh Séarlas i mbratach ar neamhchead do lucht pléid' i
gcúirt.



An Caisleán
Nach deacair damh-sa seasamh 's gan fascadh nó díon 'mo chúl,
Agus fíor-scoith na coilleadh 'ndiaidh a milleadh, is a géaga dlúth,
Na héanlaith is binne 's a gceiliúr go léír faoi smúid,
Ag ceithearnaigh na matóg ag cascairt Dún Réimhe ar siúl.


L. 83


An File
A ghrianáin an fhíona a dtig friothamh na gréine 'do chúl,
An dtréigfeá an t-uirgheall go n-aithriseofá scéala dúinn,
Fá Eireamhón daite de aicme Mhilésius úir,
Ór shíolraigh an mhaicne d'fhág do bhallaí faoi léan mar siúd.



An Caisleán
Is é fágáil Thoirealaigh d'fhág arraing i mo thaobh ar dtús,
Sciath-dhídean do threabhaibh Néill Fhrasaigh nár thréig an
chúirt;
Tá géimneach allúrach 'n-áit salm ag cléir mar siúd,
Aige Jane 's aige Bhullaigh do mo chreathnú lena méidhligh nua.



An File
A árais na seirce a mbíodh gaiscígh agus iarlaí fút,
Ná faicidh dhuit ceasna le caismirt a méidhligh nua;
Tá an Spáinneach i dtoiseach le treise chun scaoileadh dúinn,
Agus carnóidh sé Bhullaigh is a bhunadh go Sléibhte Múirn.



An Caisleán
Ón lá sin Manchester sé mheasaim go mbéad ar siúl,
d'fhág Cathal is a bhunadh gan urraim fá na sléibhtibh cúil,
Muna bhfuasclaidh Paris, Versailles, nó Vénice dúinn
Ag árdú na mbratach leis an fleur ghlan tséimh de lúce.



An File
A áille na flaithe fuair taithí ó na céadtaí ar dtús,
Nuair a bhánaigh Rí Babylon cathair ghlan tséimh na Jews,
Básadh Baltassar agus ceangladh é i mbraighdibh dlúth,
Tiocfaidh an lá sin ar Bhullaigh a mbeidh cumhaidh air is Jane
faoi smúid.


L. 84


TAGRA AN DA THEAMPALL



Eadar Foirceal na cléire is Fochairt na nGael
'Sé chodail mé aréir ar lóistín,
Is le fáinne an lae 'sé chuala mé an ghéag
'Cur ceisteanna i gcéin ón Róimhchill,
Dá fiafraí den téa'pall galánta gléasta
'Chonaic sí réidh de chomhgar:
"Cé acu sliocht Gael a dheasaigh do thaobh,
Clann Liútair nó fréamh Strongbownians?"



An Teampall Gallda
"A chiúinbhean gan chéill, 'sé mholaim dhuit féin
Thú a scor de do phléid gan treoir liom,
'S gur éalaigh sliocht Gael ó do phobal go léir,
'S do chreideamh gan chéim gan chrógacht.
Tá Gallaibh róthréan i ngach ionad dá dtéithear
Is Caitlicigh faoi léan á ndeoradh,
Tá do theampall ag éag, is gan fosadh go mbeidh
Le treise Luthérians óirdhearc."



An Róimhchill
D'fhreagair mé a scéala sa teanga fuair Gael
Mac Eathair ar Mhaigh Séanair óirdhearc:
"Tabhair aire dhuit féin nach scaipfidh do shréad
Mar Nimrod 's a shaoraibh róghlic.
Ach is cosúil gur éag siad maithe Síl Néill
Is clann Anluain, fuil tréanrí Óirthear,
Mac 'Naosa na stéad, na n-ollamh 's na dtéad,
Tráth deasadh do leithéid sa chló sin."


L. 85


An Teampall Gallda
"Go neamhchead do bhur gcré beidh Béarla i gcéim,
Is Gaeilge go léir ar dórtadh,
Tá maoin agus séad ag Breatain is Wales
Le dealramh a scéimh' go glórmhar,
Dúiche is sréada is fearantaí saora,
Ag imeacht ar stéadaibh 's i gcóistí,
'S gach costas dá ngéillfeadh timpeall na réagún
Go dtiteann sliocht Gaeil Ghlais leofa."



An Róimhchill
"An gcuala tú scéala sa Scrioptúr dá léamh
Ar phobal na hÉiphte i mbeo-bhroid,
Gurb iomaí sin gléas ler coscradh an réacs,
Sul fár scaradh go léir uaidh an cóige,
Is le cumas na n-éacht gur chruinnigh siad laochra
I gcarbaid go gléasta in ordú,
'S in ainneoin a dtréas go dtáinig siad saor
Tríd thonnaibh geal tréan na bóchna."



An Teampall Gallda
"Deir bhur nEaglais gan bhréag nach bhfuil sa Scrioptúr go léir
Ach aisling, is géilleadh nár chóir dhuit,
Buime ró-chlaon a mheallas gach aon
Ó fhlaitheas na naomh 's na glóire,
'Cumadh a gcuid bréag chun ciste a mhéadú
Ar gach ionad dá ngéillfidh gleo-bhroid,
Mar deir Liútar le céill is Cailvin 'na dhéidh
Ag aithris a réim' go seolta."


L. 86


An Róimhchill
"Sé mo thuirse gur tréaghdadh maithe na nGael
In Eachroim 's ar thaobh na Bóinne,
'S nach maireann i gcéim Eoghan an Chogaidh Ó Néill
'Chuirfeadh Cromail i bpéin 's a shlóite;
Cha lasfadh King Harry, Beelsebub éitheach,
Nó Liútar a bhuaradh Fódhla,
New Lights nó Secéders, Old Presbyterians,
Swaddlers nó Quakers leofa".



An Teampall Gallda
"Bhí Liútar i gcéim seal tamaill de shaol
Ag maithibh gach aon dar ghéill dhó,
Ón Ghearmáin le réim go Sacsain na séad
A tháinig sé i gcéin dá seoladh,
Mar bhféadfadh siad géilleadh do fhlaitheas ó Ghael,
A bhanríon Kate a dheoradh
Is ceangal 'na dhéidh le Anne Bullin na scéimh'
Go neamhchead do lucht pléid na hEorpa."



An Róimhchill
"Bhí an iomad den chléir in eagna 's i léann
Ag teagasc i dtéa'pall Rómha,
Ag Nice is ag Éphesus thart timpeall fán réim
Go Constanti-Ghréagach-nople,
Sul fá dtáinig an fear claon sin, Liútar na mbréag,
A mhilleadh an mhaighdean ró-ghlan,
Is má d'imigh le baos na Huguenots gan chéill,
Char cailleadh mo shréadsa i gcónaí."


L. 87


An Teampall Gallda
"A dhuine gan chéill, níl brí in do scéal,
'S cha dtiompaíthear go héag mo dhóigh-sa,
Níl cuidiú ag Gaeil bheith i gcumas linn féin
Ach mar shruthán le taobh na bóchna,
In Albain le réim, sa mBreatain le céim,
'S in Éirinn le tréan Hanóver,
'S nach cuma linn féin fán Fhrainc nó fán Ghréig,
Nó fá Shéarlas mur n-éagsa mhórsa".



An Róimhchill
"Níl gar damh bheith 'dréim le creideamh gan chéill,
Nach nglacann uaim scéal nó comhairle,
Nó go dtiocfaidh na méara chonaic an tréanfhear
Baltassar ar thaobh a lóistín,
Dá nochtadh dhuit féin, 'réir chothrom an scéil,
Gurb atuirseach mé faoi Sheoirse,
Is ar fheartaibh Mhic Dé, nár mhairidh tú i gcéim,
Nó go gcuirfidh Rí Séarlas brón ort."


L. 88


ADEIR CLANN LIÚTAIR



Adeir clann Liútair atá i gcúirt 's i gcóistibh,
Go bhfuighinn-sa vóta ar a gcreideamh féin,
Fearann saor agus gunnaí seolta,
Is mo hata cóirithe le cross-cockade;
Fíon is féasta dá ghléas ar bord damh,
Ar feadh mo lóistín 's go deireadh an lae,
'S nach mb'fhéarr an tslí damh-sa síneadh leofa
Ná bheith 'mo stócach ar fhasan Gael?



Dearbhthar damh-sa nach bhfuil ach clóic
Ag an eaglais Rómhanach dá cur ar Ghaeil,
Is má chreidim iad-san go mbéad 'mo dheoraí
I gcríochaibh Fódhla feasta faoi léan;
Anois is mian liomsa síneadh leofa,
Agus éirí cróga ar a bhfasan féin,
Is má deir mo ghaoltaí gur baoth mo dhóigh-sa,
Goidé sin dóibh-san nuair a bhéas me 'gcéim.



Deir Dan is Hector is Drummond leofa,
Nach bhfuil an chóir aige neach ach iad féin,
'S gur i dteampall Glasgow a lasadh an tóirse
Le fearaibh cróga na mbreacan ria'ach.
A Rí thug Maoise is a phobal óirdhearc,
Tríd thonn na bóchna sa Mhuir Ruaidh saor,
Má gheibh siad aoibhneas ar shlí na glóire,
Nach cloíte an dóigh atá ar chlannaibh Gael?


L. 89


A shagairt chaomhúil is binne glórthaí
I gcríochaibh Fódhla ag teagasc Gael
Cuimhnigh arís leat ar bhaois na hóige,
Is go raibh mé in d'eolas ag tosach léinn.
Tá mic tíre dá chur i gcló damh,
Agus iad i gcótaibh na gcaorach réidh
Nach bhfuil ach cruithneacht san arán glórmhar
A ndéantar feoil de le guí na cléir'.



Beir mo chaoin-bheannacht deasaith' ordaith'
Chuig an tóirse de scoith na nGael
Ar faiche Dhún Gall nuair a bhí tú d'óigfhear,
Go ndéanfá cóisir agus coirm théad;
Ó fuair tú an chéim a bheith anois pósta
Le maighdean ghlórmhar na bhFlaitheas saor,
Cáil den íce atá 'do lóistín
Cuir do threorú mo laige féin.


L. 90


NANSAIDH NÍ DHUILLEACHÁIN



Is i mBaile an Talainn tá an naí is deise fá thrí
Ná Angelica, ler cloíodh céadtaí,
Is gurb aici tá an chraobh ó chnoc na mban sí,
Parnassus na naoi maighdean,
Níon Thoirealaigh fuair maoin, meidhir agus cíos,
Le hurraim sa tír Ghaelaigh,
Ó Duilleacháin a bhíos i bhflaitheas 'na chrích
Go hacmhainneach i saothar déise.



Dá mbeadh Nansaidh 'na suí i gcathair na Traoi
Nochtaithe ar dhíth léine,
Is teagmháil sa tslí do Pharis mhac Phriaim,
Chuaigh in aistear fán tír Ghréagaigh,
Chuirfeadh dealramh a gnaoi chun dearmaid arís
Gach tairngire dar scríobh Helénus,
Bheadh Agamemnon 's a níon le marthain go ríoga,
Gan chontúirt nó baol buartha.



Tá'n rósa fá chaor ag lasadh go fíor,
'S an lile fána caoin-bhéilín;
A mama 's a píob, 's a cneas uile síos,
Mar shneachta gan mhaothadh gréine,
De shearc tá na mílte i ndochar dá gcloí
Ag Cupid i ndaor-ghéibheann,
Ó shantaigh siad an ní úd aicise 'na gnaoi,
d'fhág Menelaus go fíor gan chéile.


L. 91


Na hUltaigh a bhíos tuirseach gan bhrí,
Ag pilleadh ón Mhí go tréithlag,
Théid siad go bruíon Uí Dhuilleacháin san oích'
Mar 'gcónaíonn sí, an chaomh-mhaighdean;
Sgabann sí an íce orthu gan scíth,
Mar bhalsam ag ní a gcréachtaibh,
Is níorbh eagal dóibh íota, easbhaidh, nó íneadh
Go scaraid arís léithe.



Dá bhfaighimis í anuas in aice an taoibh thuaidh,
Scáthán an chuain Ghaelaigh,
Nansaidh dheas shuairc Ní Dhuilleacháin na gcuach,
Is binne ná fuaim téada,
Níor chumasaí an ruaig bheireadh Hector na mbua
Lena armaibh ar shlua Gréige,
Ná mar throidfidís buachaillí an Fheadha gach uair
Sul fá scarfadh siad go luath léithe.



Tá oineach agus aoibh ag corrú ina croí,
Mar thonnaibh dian-mhuir bhraonaigh,
Is go mbreacann sí aris ealtaibh na crích'
I mbrataibh lena mín-mhéaraibh;
Níl leabhar nó laoi dar cumadh le draoi
Nach scrúdtar go caoin léithe,
An Phoénix fuair mír ar bhan-déithibh an tsaoil,
Mar ghealaigh le taoibh réalta.


L. 92


Cluinim-sa dá lua ag an mhacra 'teacht anuas,
'Pilleadh óna gcuairt fhómhair,
Nach bhfuil tallann dá bhfuair gach aon ríon de n-a mbuaidhibh.
Nach maireann ag an tsuairc-mhnaoi mhómhar,
Sliocht Chathaoir ón taobh thuaidh de Laighnibh a thug buaidh
Threabh Mhílidh na gcuachán órga,
Is Brannaigh bheireadh duais do ollaimh gach uair,
I seinm agus fuaim ceoltaí.



A bhreas-fhaoileann chaoin bheir solas san oích',
Mar charbuncle nó mar liag shaibhir,
'S nach bhfuil péarla dá mbíonn i sruth Ganges 'na luí,
Criostal, nó daor-néamhainn,
Nach n-umhlódh gan scíth don loinnir tá go fíor
Ag dealrú mar ní éasca;
Is go mb'fhéarr le gach saoi ná flaitheas ina chrích
Bheith i gcaidreamh léi ar thaobh sléibhe.


L. 93


CATHAL MHAC AOIDH



A chuisle 's a stóir, 's a chos dheas i mbróig,
Is a ghrá na mban óg is áille dlaoi,
Níl aon chaiptín ó Bhóinn go Doire na seol,
A scaipfeadh an t-ór le Cathal Mhac Aoidh.



Shuífeadh sé ar bord, is dhéanfadh sé ceol,
Agus scaoilfeadh sé ór go leor ar an tsaol;
Tá a chlaíomh ina ghlaic 's é 'síor-dhéanamh creach,
Is tá'n réim sin gan stad le Cathal Mhac Aoidh.



A Rí flaithis Dé bheir solas sa ngréin,
Go sábháilidh tú mé ar thubaiste an tsaoil,
'S nach bhfuil oiread aon éin dá bhfosclann a bhéal,
Nach n-abrann liom féin go ngoidfinn an saol.



Thug siad a mbréag, ní gadaí mé féin,
Ar son mé bheith éadrom earráideach baoth,
'S dá mbainfinn luach éadaigh de bhodaigh an Bhéarla,
Cé bheadh 'na dhéidh ar Chathal Mhac Aoidh?



Dá bhfeicfeá-sa Sánaidh, bodach an scála,
A spunóg 'na láimh 's é 'slugadh a chuid bia,
Is mise ar mo shámhas amuigh ins an stábla,
An geillín is fearr le Cathal sa tsrian.



'Sé William Piaras an giostaire fiata,
Agus Ailis an áirseora aige mar mhnaoi,
Is aoibhinn 's is cróga a gheobhainnse an t-eolas
Ar fud a chuid bó, dá dhorcha an oích'.



Tá mo ghaol le Ó Néill, 's le Mag Uidhir ón Scéith,
Is gach uaisle dá mhéid dá dtig liom a rá,
Raghallaigh is Ruarcaigh, Mathghamhnaigh is Búrcaigh,
Gealach na gcuantaí, Cathal Mhac Aoidh.


L. 94


AN tATHAIR SÉAGHAN Ó hANLUAIN



A mhic Éamoinn Ruaidh, a shadharclann an tsluaigh,
Go mbeire tú buaidh i ngach áit le céim,
Mar Mhaoise thug sluaite tríd an Mhuir Ruaidh,
Chun a scaoileadh ó ghuasachtaibh 's ó ghalraibh léin;
Bhí an tír seo faoi ghruaim, is gan dúil lenár bhfuascailt,
Ó cuireadh sa tuamba mac Aodha Buí Uí Néill,
Go dtáinig ár n-uachtarán céillí stuama,
De threabhaibh na huaisle is de phríomh-shliocht Gael.



Ní raibh rí fá bhuaidh sa chrích seo, mar luaitear,
Ó Eireamhón suallach, nó ardfhlaith séimh,
Nach tríothu do ghluais sé, mar dhearbhtar le suadhaibh,
An feallsúnach suaimhneach fuair grádha ón chléir.
Tá'n phríomh-fhuil seo ag luaimnigh 's ag gríosú gan uaill ann,
Mar thonn den mhuir uaithne, a dhealraíthear le gréin,
Is gan braon di dá truailliú, ach ag reabhradh go huaiseach,
Fá bhraoithe caoimh luath-gheal óirdhearca Shéaghain.



Mar mhac Chalpuirn bhuadhaigh tháinig sé dár bhfuascailt,
An páitriarc suairc a dtráchtar Séaghan,
Is gur milse gach fuaim den ghrinn-eagna uaidh-sean
Ná an mhil 'teacht 'na dualaibh ó bharraibh na gcraobh:
An prionsa gan truailliú, Ó hAnluain ba uachtraí,
Den aicme úd ar dhual dóibh críoch Óirthear i gcéim,
Na treabha bheireadh buaidh as gach conair a ngluaiseadh,
Is osadh do lucht guasacht, is cabhair dóibh i bpéin.


L. 95


Bhí teimheal is dlúimh ar ár dteampall, monuar,
Nó go dtáinig dár bhfuascailt ár ngáirdian, Séaghan,
Na caoraigh dá ruagadh faoi dhídean na nua-Ghall,
Ag tréigbheáil a n-uan, is gan fál fán tsréad:
Gamhain órga go snuamhar is go ceardúil suaithní
Dá adhradh, mar dhúileamh, i bhFáil-chrích go léir,
Nó go bhfuair Séaghan na cumhachta, mar Élias suallach,
A bheith 'teagasg na slua 'na cheannphort Gael.



A shamhail ní luaitear i gcathair nó i dtuataibh,
Ó theastaigh uainn Guaire na mbán-ghlac réidh,
Coirn agus cuacha is cannaí dá ruagadh,
'Sé is mian leis an uachtarán grádhach Séaghan;
Na bochta do fhuascailt as teirce in am cruatain,
Mar Iósaf le sluaitibh Chanaan go léir,
'S níonn sé taise le truaighe, mar thuile ghlasuaithne,
Teacht gairm na gcuach nuair fhásas an féar.



Tá Jericho seo thuas ag tréigbheáil a chumhacht,
Is le jubilee go bhfuair sinn fíor-act of grace,
'Sí is measa bheireadh fuascailt ar chreapall ar bith uaithe
Ná na treabha tugadh suas go Babylon faoi thréas;
Nineveh, gé gurbh uaibhreach an chathair sin 's a sluaite,
d'umhlaigh siad le fuagra mhic Réachel go léir,
Is mar sin di-se ón uair seo, dá mbeadh a ballaí uile-buadhach,
Go gcromfaidh sí a huabhar le crábhadh an Athar Séaghan.


L. 96


Tá srotha den fhuil uachtraigh ag lasadh tríd a ghruaidhe,
De threibh na ríte buadhach, ard-fhlaith is cléir;
Ó Donnghaile bhí suailceach ar faiche 'measc na sluaitibh,
Den tsíol a sgabadh uadh-san, siúd gráinne den déis.
Ná saoiltear libh gur cluainteoir nó braighdeach bocht a fuair sibh,
A líonfadh ciste in ualachaibh, gan faoiseamh do aon,
Ach rí ráthmhar stuama, gan bhaos, gan chraos, gan uabhar,
'S go raibh liag i dTeamhair uachtraigh a gháirfeadh leis féin.



Nítear eaglaisigh, monuar, de threabhaibh nach dual
Bheith 'na gceannphoirt slua nó ardaithe i gcéim,
Is, ag pilleadh dóibh anuas ó na coláistí is uachtraí,
Titeann siad sa chruas dar fhás siad féin.
Ní hionann ár nGuaire flaithiúil, stuama,
A sgabfadh ar na sluaitibh na máma séad,
Sliocht Colla níodh tuargain i gcathaibh na gcrua-lann,
Mar Eochaidh na ruag ag ard-chur na mbéim.


L. 97


ART ÓG Ó NÉILL AGUS A MHUINTIR



A Airt óig Uí Néill, a shadharclann is glaine cáil,
Ursa chogaidh is daingne le béim-neart i gcríochaibh Fáil,
Dá dtrialladh Eoghan is Féilim go hÉirinn ionsair ón Spáinn,
Ag gríosú Chonaill Chéarnaigh, go ndéanfadh arís ár ndáil;
Mar Chonn na lann i Maigh Léana ag tréaghdadh is ag cascairt
cháich,
Amhail Chú na n-éachta i ngléas na maghaí báird,
Le faobhar gearraidh géar-lann ba thréitheach a chroí 's a lámh,
Nó gur éirigh an daróg suas ar gearradh buaireamh a lán.



A phlanda úir na féile, ó Fhéilim an eochair ghráidh,
D'fhoscladh croí na n-éiriceach mar Élias na leabhar bán,
'S nach mbraithfeadh duisín déirce, nó ré-chiseán líonta lán,
I dtús nó i ndeireadh féile nó aige éisteacht in aimsir Cháisc,
Mar Mhaoise 'triall ón Éiphte tráth séideadh na tonna i dtráigh,
Ar fuagradh comhachta Dé atá i néaltaibh na bhflaitheas ard,
Ach 'sé a bhás a d'fhág faoi léan sinn aige sréadaí na n-iomad
cáin -
Mac Naois Uí Choinne, maor na gcloigín, dár mbuaireamh gach lá.


L. 98


A ghéag ón abhaill chumhra, a dúscadh de shliocht na mná,
A raibh céad de ríthe dúchais in úr-fhlaitheas Theamhair áird,
Gan trácht ar phrionsaibh cúigí, bhí siúd ann de ríthe Fáil,
Nár milleadh ariamh sa chúrsa is nár umhlaigh ar alpán fháil;
Dá maireadh as an luaithrigh sin go nua ar ais i gcríoch mar ghnáth,
An tAthair Féilim ar dtús ag scrúdú na salm sámh,
Nó clann Eoghain mhic Airt, thug cúl lena ndúthaigh go
cogadh i Spáinn,
Cha phósfaí mise ar laighead mo chiste sa teampall ar ball.



Níl prionsa deas dar háirmheadh fán Ádhamh-chlainn ariamh go fóill,
Rí nó barún láidir d'fhás ó threibh Mhílidh an óir,
Nach bhfuigheadh na srotha gráidh ag fágáil a chroí gach neoin,
Mar Ghuaire sgabadh máma ar ár náisiún tré réir na seod,
Gur thosaigh inse airsigh le barr-bhéal na scoltaí cóir,
Le mac Fénius, árd-fhlaith a d'athraigh gach teanga ar dóigh,
Fuair Scótia, níon rí Pháro, an tráth sin mar chéile dó,
Is uathu sileadh anuas gan mhilleadh an Gael Glas gan chló.


L. 99


AN CONACH



Dob úr-ghlas duilliúr gach coilleadh ag líonadh de bhláth,
Is nua-chnú na n-abhall le measa de shíor a ghnáthaigh,
Drúcht ceatha meala le barraibh na gcraobh gach áit,
Nó gur dhúisigh an deamhan an nathair nimhe 'chuir an saol chun báin.



Tiocfaidh lubhra 'chois aicid ar gach aicme 'na phiantaibh báis,
Fiabhras leapa, galar gasta, agus fíor-éagspáirn,
Ó thuaradh na taipe níodh morgadh mar líonadh plá,
Is go gcríonóidh amharc ó Theamhair go Sléibh an Chairn.



Níl snake nó basilisk i gcuan Acheron na bpianta tláith,
Toad nó crocodile nach gcreathnódh nuair chífeadh an ghráin,
Cearnabhán tubaisteach tháinig chugainn chun an tsaoil ar ball,
Ó Lúcifer mallaithe chuir flaitheas na n-aingeal chun báin.



AN tAMHRÁN
A Rí chum an domhan, idir thalamh agus líonadh 's trághadh,
Is chuir díle as na flaithis ler bascadh síol Éabha is Ádhaimh,
Ach Noí 'gus a bhunadh bhí ag imeacht leo féin san áirc,
Mura gcloífidh tú an conach faoin earrach beidh an saol 'na phláigh.


L. 100


A GHALIEN THAIRIS



A Ghalien thairis, tháinig chugainn ar chuairt anoir,
Go clár chríoch an Fheadha chun cabhair lucht dua is cneadh,
An bás, gé neartmhar, má ghabhann chun cách do ghoin,
Siúd Dochtúir Cabhanach agaibh chun comhraic ris.



Níl clí san eagna dar theagasc mac Dáibhí mil,
Cato an chumais, Virgil nó Homer glic,
Nó Niúl a chruinnigh ar mhalaidh Mhaigh Shéanair scoil,
Nach bhfaighthear gan tiobadh ag sileadh thríd bharr do chroibh.



Is tú an balsam bhí ag clann Esculapius thoir,
'S bhí ag Maoise i dtaiscidh gur léigheas sé an Gael Glas ris,
Chun cloí gach aicide leanas síol Éabha anois
Ó léigheas tú an chneadh úd a bhainfeadh as an chéirín a shult.



AN tAMHRÁN
A Dhochtúir na séad, is féile dá bhfacas go fóill,
Noch gheall mise 'léigheas 's gan de shaibhreas agam ach ceol,
Dar flaitheas Uí Néill, má ghéibhim-sa ciste nó stór,
Beidh canna 's cúig céad ag géilleadh dhuitse den mbeoir.


L. 101


MISE AN tOLLAMH SAOITHIÚIL



Mise an t-ollamh saoithiúil sin, Pítear Mhac Dhónaill,
Teagaimh 'dul na slí mé gos íseal Dé Domhnaigh,
Láimh le séipéal Chríosta, mar raibh craosairí ag ól ann,
Is thug siad bumper líonta gan íneadh in mo dhorn damh -
Is éist, a scológ, éist.



Nuair chruinneadar gach pártaidh de ghárdaí Chlann Lóbais,
Bhí scológ ramhar shásta 'na pháitriarc leofa,
Sé dúirt sé go cráifeach fán dtráth seo Dé Domhnaigh,
Nár chóir an altóir fhágáil gan scáird fuiscí ól ann -
Is éist, a scológ, éist.



Bhí Mhac Cearachair fághaidh i mbrannraí Mhic Eoin ann,
Bhí fómhar acu láidre ná fathaigh na Cremóna,
Bhí an deachú dá charnadh is ráth ar an phónar,
Is dá mbeadh an chailís láimh leo, níor chás bheith ag ól léi -
Is éist, a scológ, éist.



Arsa Cearachar go fiata "dar fiach 's dar na dúile,
Ní shuím aon ndeachú i mbliana gan réasún do mo chumhdach,
Tá gorta mór ag triall ó Áth Fhirdhia go Dún Gúile,
Is beidh giní ar an chéad fríd an trian seo den chúigeadh -
Is éist a scológ éist."


L. 102


BODAIGH NA hEORNA, I



Tá bodaigh na heorna i gcorraí go mór,
Mar tá mise beo dá mbuaireamh,
Is dá dtabhraidís beoir agus mil in mo dhorn,
Cha mholfainn go deo a dtréithre.



Níl aon chailleach bhuí chrón i lásaibh ag stró
Dá gcruinneoidh dornán saibhris,
Nach mbeidh síoda 'gus sról agus sciorta ar a tóin,
Agus putóg nó dhó ina héadan.



Is tocúil an tseoid níon bodaigh sa ród
Is cha ghlacann sí cóiriú Gaelach,
Mur mbeidh hata uirthi ar dóigh, is crios air den ór,
Is cleite ag treabhadh na gaoithe.



Na sneadha 'na ndornaibh casta 'na cóip,
A putóg 's í ag dortadh gréise,
Is amach óna srón teacht theas na Féil' Eoin
Go bhfaicfí an míol mór 's é ag aoibheall.



Ag altóir na cléire is tocúil a ngléas,
Lucht curcaí na gcéibhín suaithní,
Is a mbodaigh ag buaireamh an phobail go léir
Is an ghaoth-ropais ag séideadh uathu.



Dá seasadh an méid sin front agus rear,
Ó dheasaigh siad i séadtaibh nua-gheal,
Is a ngaoltaí go léir ag slugadh na léab,
I gcrioslach de dhaor-ghiollaibh tuata.


L. 103


Níl aon sagart nó bráthair de chineal na srathar,
Dá dtigeadh 'na ndáil ar féasta,
Nach mbeadh buidéal ar chlár 's a ngloine 'na láimh,
Is na bodaigh ag ól sláinte a chéile.



Adeir siad gur stráigh bocht dona gan ádh mé,
'Cumadh mo chuid dántaí bréige,
Is mur stadfaidh gan spás, go gcluinfear os ard
Na cloigíní dá gcrathadh 'mo dhéidh-se.



Mallacht na n-ord is eascaine ón Róimh.
Go dtitidh ar phór na bpéistí,
'Bhíos ag bagairt gach ló ar ollaimh an cheoil,
Is nach mbronnann orthu ór nó éadáil.



Ach má théid bodaigh na heorna ar mire dá ndeoin,
Ag cur ladar i dtóin a chéile,
Béidh mise pósta feasta go deoidh,
Le treibh mhilis chróga an Ghaeil ghlais.


L. 104


BODAIGH NA hEORNA, II



Tá bodaigh na heorna ag ól go cumasach,
Ní hionmhain leo fear ceoil bheadh seaghaiseach,
'Sé deir siad ar bord tríd chomhrá tharcaisneach
Go mb'fhearr dhamhsa i gcró is mé pósta ón uirgheallach.



Tá clann Thomáis mhic Lóbais go mór i gcorraí liom,
Deir siad nach bhfuil dóigh nó fó i gcinniúin dhamh,
Go mb'fhearr dhamhsa bó agus cró beag toite agam,
Nó i gcumann an cheoil go deo na díleanna.



Má tá mé gan mhaoin, ní chloíonn an tuirse mé,
Is dh' ainneoin a gcroí, beidh fíon is puins agam,
Glacfaidh mé an saol de réir mar thiocfaidh sé,
Is bhéarfaidh Dia dílis mo dhíol fá dheireadh dhamh.



Níl an crann caorthainn craosach cáil-bhréagaí
Den ghréasán a sníomhadh as fuíoll gach garbh-cheasnaí,
Nach mbeidh cúr lena craos go dian fá mo cheol-bhuaireamh,
Mar mhuc bheadh faoi dhlí tráth mhian léi pór-éigniú.



Ná samhailse úlla cumhra ar dhreasógaí,
Nó mór-mhil dhá dúscadh as crúba an daol nimhe,
Caidreamh nó clú bheith i gcúl na péist' mire:
An crann gan sú den tsúiche bhréan-loiscthe.


L. 105


ARTHUR MHAC EOIN



Ag Caisleán Bhaile Roibín in aice an róid mhóir
Tá nead an nathair nimhe 's ná téigí dá chomhair
An basilisk loisctheach de dheascadh gach póir,
'Sé is ainm don crocodile Arthur Mhac Eoin.



Bhí a sheanmháthair 'cruinniú le púcán gan dóigh,
Agus sean-súisín súicheach ar a sús-chraiceann chrón,
Ni smaoineann an túit air mar shiúil sise an ród,
Gan snáithe ar a glúnaibh ná búcla 'na bróg.


L. 106


CATHAL MHAC GEOICH



Bua leat in do sheilg gan toirmeasc a Chathail Mhic Geoich,
Gur mharbh tú gan mhearbhall gan airm os cionn míle scór
Den ealta úd 'bhain greim as do ghaibhleach is bhreac do thóin,
Is chuir do néall ar dearmad ón am sin gur éirigh an ló.
Da mbeadh Tarrier is Gloimseach agamsa agus Sealgaí,
Shéidfinn gáir mheanmnach leo go Gleann dubh na Smól,
Nó go gcluinfí fríd an chontae fuaim na gcon ag dramhdan,
Is cha bheadh do dheireadh aréir á chagnadh aige ceithearna dá shórt.



Dá bhfaicfeadh sibhse Cathal bocht is gan snáithe air is é ina
mhaol,
'Na shuí i measc a namhad is iad á sháthadh ar an uile thaobh,
Ba mhaith an t-ábhar gáire don stáidbhean a dhearcfadh faoi,
Dá mbeadh sí ar chosa in airde 'déanamh crábhaidh go deireadh an
tsaoil.
Thug sé mionna an Phápa nach scarfadh sé go bráth leo,
Nó go gcuirfeadh siad an báire nó go sáródh sé iad;
Le gluais na maidne thárlaigh bua an chatha le Cathal bocht,
Gur ruaig an gleacaí uadh an aicme ar sáile gan luing.


L. 107


Is iomaí cnoc is sliabh a shiúil tú ariamh, a Chathail Mhic Geoich,
Ag marbhadh an ealta fhiáin, uadh Liatroim go Contae an Chláir,
Broic is sionnaigh is fiadha, dar mo bhriathra, gur leag tú a lán,
Is bhíodh meidhir chon aniar leat, mar bhí an míol buí 's an cromán
bán.
Is tocht liomsa an iaróg a thárlaigh duitse i mbliana,
Gur strócadh an taobh siar díot is gur stialladh do thóin,
Ag an aicme chum an diabhal, nach nglacfadh smacht nó rial uadh,
Bua is treise! is tocht liom an toscar a d'éirigh duit, a Chathail.


L. 108


A MHIC UÍ LABHAIL NA FLAITHE



'Mhic Uí Labhail na flaithe ar ghnáth leat bheith 'scairtigh
Ar charta den fuiscí rialta,
Is ábhal an cleas so thárlaigh anois duit
Bheith do d'athrú ar báire i mbliana.
Tá a lán de mhná deasa ag mársáil in d'aice;
- Sábháil do chorp ar iaróg -
Is go mb'fhearr leo ná ceiliúr cláirsí is fidil
'Bheith 'spáirn le do chleasaí ciabhach.



Tá néamhainn bheag 'chailín dhéanta san fhasan,
Thíos ar an Choinigear úrghlas,
Más mian libh a chluinsin cé'r dhíobh an bhean úd,
'Sí Bríd gheanúil dheas Ní Chumhaigh í.
"Dhia, a dháid mhín, go ndéantar áitidh don fhear úd,
Óir is álainn a chloigeann lúbach,
Is go mb'fhearr liom 'na haice, ag ithe prátaí 'gus salainn,
Ná i bpálás ar hallaí cúirte".



Arsa M'réad bheag Ní Leannáin, péarla an chúil chlannaigh
Thug rún agus searc a croí dhó:
"B'fhearr liom ná coróin ghréagach rí na dTurcach,
Is a bheith fuaite ina chulaidh shíoda",
Clumhach na n-éan go huile, is bíodh siad ar aon leaba,
Gé gur mhór an giofta le maíomh é,
Is go mb'fhearr leis an starraí bheith 'bréagnú a chuid leathair
Le nuacht faoi phluid san oíche.


L. 109


Arsa Neillí Ní Ghabhann, is a bos faoina leicinn,
'Gus í 'bualadh a hucht le dúthracht:
"A rí na bhfeart, nach áibheil an ball seirce,
d'fhás idir a chorp is a ghlúine;
'Dhia, gan do chosa déanta chun sodair,
Agus d'éalóinn seal fá shliabh leat,
Óir, má tháinig breo beag ar uirgheall chomhrá an duine,
Níl a chomhgar is a chleas ar iarraidh."



'Sé dúirt Róis bheag Nic Cabhaid go mómhar le Peigí,
An óigbhean de chlainn Mhic 'Il Chiaráin:
"Is dóighiúil 's is deas a ho-boy gan easbhaidh,
Thóigfeadh sé tuirse is cian dínn".
Níl aon óigbhean ó imeall Chairlinn go Gaillimh,
Arbh áil léi fear mar chéile,
Nach mbeadh sólás dá hanam 'gus sócúl dá colainn
'Bheith ar láimh leis an bhunán céanna.



'Sé dúirt Bríd mhór Nic Mhaicín, aige éirí ar maidin,
'Gus í lán dá cuid sotail suirí:
"Níl fiadhair ó thine nach réabfadh sé thairis,
Is gan iarann aige ach clocha cumhra;
Is trua nach raibh agam léagsa ar do choltar,
Nó go saotharófá mo phaiste dúiche,
An síol úd a chuirfeá mí roimhe Nollaig,
Níor bhaol dó nach nglacfadh rúta".


L. 110


MÁIRE CHAOCH



Tá ribíní daite ar gach páiste istír,
Tá na mairbh dá n-adhlacadh gan cháin gan chíos,
Níl aon duisín, nó cuta le fáil, nó síol,
Níl aon mheascán dá dheisiú ach do Mháire Chaoich.



Níl aon síogaí beag díblí fuair ardú ó léan,
Ó íochtar Lag Maoláin go Clár Uí Néill,
Ach an líon a bheith snímhte 's na prátaí réidh,
Nach bhfuigheadh buidéal fíona aige Máire Chaoich.



Chan ógánach dóighiúil a b'áin léi féin,
A phógfadh go ró-dheas nó d'fhaiscfeadh léi,
Ach fear an chróinín chruinn cornaithe as lár na cré,
'Sé d'ólfadh an puins ró-dheas le Máire Chaoich.



Charbh fhiú léi Mac Cumhaigh 'chur ag bord 'na shuí
Ach sa chlúid is é ag diúl na bláiche síos.
...
...



Dá maireadh sliocht Cholla an dá gheal-chrích,
Is é nach léigfeadh an dán dá chloí;
'Sé nach léigfeadh lucht déanta na mbarrdóg daor
'Bheith ar féasta i dtigh cléire aige Máire Chaoich.



'Sé mo dhíomá mac Aodha Buí bheith sparrtha i gcré,
'S gan aon ar bith diongbháil le fáil 'na dhéidh;
'Sé a shíneadh faoi liag a d'fhág cách faoi léan,
'S d'fhág aoibhneas istír aige Máire Chaoich.



Go raibh buaidh agus treise i ngach aird den tír,
Do n-ár nUachtarán eaglaise, an Blácach caoin,
'Sé 'smachtfadh an drochstát a bhíos gnách istír,
Agus shocairfeadh an ghoic aige Máire Chaoich.


L. 111


AISLING AIRT MHIC CUMHAIGH



Ag cuan Bhinn Éadain ar bhruach na hÉireann,
Agus mé ar thaobh tonn na bóchna 'mo luí,
Tháinig aisling bhéalbhinn gan fhios do m'fhéachaint,
Ar aiste Vénus nó i gcló bean sí:
Agus dúirt gur éirigh as an Chreagán céad fear
De mhaithibh Gael as na tuambaibh aníos,
Is go raibh Síol Néill ina mbeathaibh saora,
Is an Feadh ag géilleadh dóibh in ór 's i maoin.



Dhruid mé léithe chomh dlúth is d'fhéadas,
Ar chloistin réim cheart na cóige thíos;
Agus d'fhiafraíos féin di an raibh mac Éinrí,
'Cur na cloiche réime úd i n-órdú arís?
Nó ar chúrsaí tréas' é in aghaidh na dtréanfhear
Coill Dhún Réimhe 'bheith dóite i ngrís?
Nó arbh fhios don mhaighdean bhí ag insint scéil damh
An raibh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig sa tír?



Tá fós an Phoénix ró-bheo in éifeacht,
Foradh an aoibhil nár feodh 's nár faobhadh,
Cáitlín réimiúil, níon Eoghan na féile,
A mbíodh ór is éifeacht na Fódhla 'na maoin.
As brollach Néill Fhrasaigh amach gan chlaon í,
A raibh na ceatha daonnacht ag dortadh 'na chroí;
An míleadh tréitheach de mhaithibh Éireann,
Sliocht Cholla an déa-chroí dar fhóir an dá chrích.


L. 112


Adúirt an néamhainn gur tráth damh éirí,
Is cónaí a dhéanamh fán chóige úd thíos,
Mar a raibh an tAthair Féilim arís in éifeacht,
Ag teagasc daonnacht mar chóir don tír,
Mar bhfuighinnse léagsa ar fhearann saor ann,
Ag cumadh véarsaí go ceolmhar caoin,
'S nárbh fhiú damh éalú i dtír ó chéile
Fán chloigín bhuartha bhí i ndórn mhic Naois.



D'fhiafraíos féin den bhruinneall chéanna
"An tú Hélen ler dódh an Traoi;
Nó'n tú bean Orphéus ar lean sé féin í,
Go dtug sé as géibheann lena mheor-ghotha í;
Nó an tú an té úd fuair an ubhall scéimhe,
Ler lasadh éad-bhroid go mór fán Traoi,
Nuair a fuair tú aréir mé in uaigneas sléibhe,
'S gan fios ag aon neach an cóige i mbím?"



"Ní mise aon neach den bhandáil chéanna,
Bhí seal gan léine os comhair mhic Phriaim,
Ach bean den Ghaeltacht 's de threibh Mhilésius,
A bhí seal in éifeacht ag Eoghan sa chrích;
Ler cailleadh céad fear de mhaithibh Gael breá
In Eachroim slaodach 's sa Bhóinn le bríb,
Atá anois ag éirí ón Fhrainc le scéala
Go bhfuil Art Ó Néill 'teacht i gcomhair arís."


L. 113


"Tá mo chroí-se réabtha 'na mhíle céad cuid,
Agus balsam féin nach bhfóireann mo phian,
Nuair a chluinim an Ghaelig uilig dá tréigbheáil,
Agus caismirt Bhéarla i mbeol gach aoin,
Bhullaigh is Jane ag glacadh léagsaí,
Ar dhúichibh Éireann na n-ór-bhall caoin,
'S nuair a fhiafraím scéala 'sé freagra ghéibhim:
"You're a Papist, I know not thee."



Clisim féin as an chodladh céanna,
Mar dhéanfadh cladhaire bheadh seal 'na luí,
Nó mar Oisín faonlag bhí ag taisteal Éireann,
Tráth cailleadh an Fhéinn ag mór-chath na maidhm;
In áit a bheith ar thaobh cnuic i bhFeadh na féile,
Mar a ndéanainn céilí is cónaí faoi aoibh,
Sé fuair mé an méid sin i nglasaibh daora,
Is Bhullaigh ag méidhligh mar leon i bhfíoch.


L. 114


CÚILFHIONN NÍ CHOINNE



Tá géag gheal dheasaith' bhéalbhinn bhreasnaí
Ag céimniú mar an lile fán áird seo thiar,
Agus éanlaith na cruinne go n-éistid go huile
Le héifeacht a binnis gach lá gan chian;
Tá a déad chaoin chailce déanta ina seasamh,
Mar an éabhar is gile dá dtáinig ariamh,
Agus réidh-mhil na mbeach beag ag scaoileadh 'na ceathaibh
In aol-ghnúis ghartha Mháire na gciabh.



Tá an fhial-bhean seo ar lasadh i ndiagacht 's i ndeise,
Mar ghrian-sholas maidne a dhealraíos gach ló,
'S níl iarla dar gineadh ariamh ins an chruinne
Nár mhian leis an lile úd fháil mar stór;
Ciall nár dalladh, scéimh nár sroicheadh,
Méin nár milleadh a mórgacht go fóill,
'S go bhfuil a píob is a mama ar lí cluimh na h-eala
Nó mar luí geal an tsneachta ar ard-shliabh Maoldórn.



Dá dtiocfadh Júno agus Helen go nua-dheas chugainn,
Le gach snua-mhnaoi dá raibh ins an Ádhamh-chlainn ariamh,
'S iad cnuasach fán lile i ndún a chois coilleadh,
Nó siúl leis na nimphibh in alt ar an tsliabh,
Na trí triúr fuair toiseach cúrsa Pharnassus,
Is ciúin-chruit mhic Mhanair ag árdú sians,
Bhéarfadh an Chúilfhionn Ní Choinne an clú uathu go huile,
Mar dhúscadh na gealaí tríd lár na réalt.


L. 115


Dá mbeadh sí 'na aice ag éirí do Pharis,
Tráth leagadh an abhall ar lár ins an tsliabh,
Is chuir Júno, Vénus, is Pallas a n-éideadh dá gcneasaibh,
Féachaint cé acu ab áille den triar;
An séad úd ba deise bhéarfadh sé di-se,
Nó go gceanglódh cumann grá di go dian,
Is Iphigénia ní rachadh a dh'éag ar na longaibh
Ag laghdú na dtonnaibh a shásamh na ndia.



A phéarla dheas linbh, bhuair tusa an iomad,
Ó Éirne go himeall Cháirlinn na n-iasc,
Is go mb'fhéarr liom ná ar cruthadh de shaibhreas na cruinne
Go mbéinn do do mhealladh le ráfla sians;
Mo léan, nach bhfuil mise agus géag an fhoilt chlannaigh
Ar chéilí seal tamaill fá chlár gan chian,
I ndúil go bhféadfainn le corrú saor-channaí leanna,
An spéis ud bheith eadrainn mar ghnáth linn ariamh.



Tá mo chéadfaí ar mearú, buartha fán chorraí
A d'éirigh ar Mháistreas Máire le bliain,
Is a ghéag ghlan-daite, léigheasaigh mo aicid,
Le sméideadh do rosc is áille ná an ghrian;
A réalt ghlan na maidne is féile dar cumadh,
Saor-níon Uí Choinne de rása na Niall,
Is an scéimh úd ler teascadh in éagruth clann Uisnigh,
Gur éalaigh sí leatsa ó Dhéirdre na gciabh.



Mar thug Júdith gan mhearú faothamh don chathair,
Tráth maothadh le Bacchus sár-laoch na gcéad,
A phlúir scoith na mban is úire dá bhfacas,
Tabhair cúnamh anois damh mo phárdún a thriall;
Deir na húdair dá ndéanadh Iúdas an aithrí
Nach ndiúltfaí sna flaithis a shlánú le Dia,
Is a chúilfhionn na gcarad, umhlaím sa deabhaidh,
Óir 'sé cluain mhire an pheacaidh a d'athraigh mo chiall.


L. 116


FEARTLAOI PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN



Ar Mhullach an Átha Buí 'mo luí teacht ghairm na gcuach,
'Sé chonaic mé naoi mná caoimh ag fras-ghol dá ngruaidh;
Parnassus na dtrí sruth íce tirim go bruach,
'S ar chnoc na mban sí gur éirigh tuirse agus gruaim.



Bhí Apollo 'na luí gan bhrí, gan mhisnigh, gan stuaim,
Minerva ag caoi, 's a croí 'stigh 'bascarnaigh suas,
Eolus le fíoch ag siabadh Neptune ón chuan,
Is mac Manair nár mhian leis sians a sheinm nó duan.



Chuir Lúna agus Phéabus éiclips orthu tré dhlúimh,
Mars agus Vénus ar teitheadh le Mercury suas,
Sathurn ag méadú léin ar chinniúin an tsluaigh,
Agus Júpiter céillí ag réabadh an fhlaithis anuas.



Clann an Dághda is Orphéus, thréig siad cruit agus duan,
Is d'imigh gach réalt faoin spéir ón Arctic anuas,
An Zódiac go léir ag séideadh doineann is fuacht,
'S do ghoil na Néiriads ar thaobh na toinne le gruaim.



Bhí Ovid i gcéin chun véarsaí snoite 'chur uaidh,
Agus Horas na dtéad ag méadú eagna gach uair,
Virgil na nGael ó thaobh na Gearmáine anuas,
Agus Hómer na Gréige, fear déanta startha gan duais.



Níorbh 'fhada 'na dhéidh sin gur éirigh chugam ar chuairt
Diana ón Ghréig, 's a péarlaí daite gan snua,
D'fhiafraíos den néamhainn mhéarlag mhilis na mbua
Cé acu de shíol Éabha fár réab sí a bosa chomh cruaidh.


L. 117


D'fhreagair dhamh an ghéag mar thaoscadh toinne le cuan,
Dá dhearbhadh dhamh féin gan bhréig, gan mhagadh, gan chluain,
Go raibh Oracle Gael ag éag in aice an taobh thuaidh -
Ó Doirnín na Séad, fuair léagsa ar chiste na ndrua.



Mo dhalta, mo spré, mo shadharclann cogair gach uair,
'S le bálach gan chéill nach ndéanfadh caidreamh le stuaim,
Ach dá dteagmhadh dó féin fear céillí carthanach suairc,
Do scéithfeadh go léir sruth glégeal Helicon uaidh.



Ní raibh curadh nó réacs ar mhaolainn Theamhrach na ndrua,
Nó in Eamhain na n-éacht fár éigníodh teach na Craobh Rua,
Nó ruathar thug Méabh do laochra Uladh na slua,
Nach dtigeadh 'na chéill tráth shéideadh an bheathuisce suas.



'Sí Banba féin an mhéirdreach mhí-náireach gach uair,
A scar le gach céile dar cheangail di cumann gan chluain,
Ó Pharthalan na mbéimeann go ré clainne Chearmada anuas,
'S gach flaith de shliocht Gael dár ghléas ón Easpáinn ar cuan.



Míle, seacht gcéad, seasca is ocht mbliana anuas,
Trí mhí ina dhéidh sin, aois Mhic Mhuire san uaigh,
Ar an chúigiú lá séimh de laethibh an Aibreáin gan chluain,
Chuaigh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.


L. 118


MARBHNA AIRT ÓIG UÍ NÉILL



Tar éis mo shiúil fríd chúigibh Éireann,
Is ar mhullach Dhroim Buí a shuíos im aonar,
An áit ar mhian liom scíth do dhéanamh;
'Sé bhí dlúimh ar shnua na spéire,
An pól Arctic 's na planets i ndeabhaidh le chéile,
'S an cheathair-dhúil uile gan solas faoi éiclips.



Bhí mise mar Oisín ag iarraidh na Féinne,
Tráth chualas an ainnir ba bhinne ná téada,
A dlaoi-fholt feamainneach sgabtha go féar léi,
A rosca ba ghlaine ná criostal na Gréige
'Na linntí geala, is na srotha dá dtréigbheáil,
Is scéimh na cruinne gur cruinneadh 'na héadan.



"Mo cheist ort, a lile fuair gile na géise,
Cé acu de threabhaibh glan-daite síl Éabh' thú?
Nó an as na flaithis a tháinig tú, a néamhainn,
Chun laochra an domhain go huile do bhréagnú?
An tú Angelica mhilis, nó Déirdre,
Nó an de na naoi mná deasa Pharnassus ón Ghréig thú?"



"Och, a dhuine, cár hoileadh thú in ionadaibh Éireann,
Nó an ar na hAlpaibh a chaith tú an séasúr,
Ar Shliabh Árarat ard, nó Suédland,
Aige Bermúdas, nó aige Cuébec,
Ins an Arábia nó i lár na hArménia,
Nach dtuigeann tú mo chás nó ábhar m'éagnaigh?


L. 119


"Nach mise an Feadh gan cheann, gan chéile,
Bhí lá go haoibhinn faoi Mhac Éinrí,
Do ghoireadh na húdair dúthaigh Uí Néill díom;
'Mo gháirdín cumhra i lúb shliocht Fénius,
Iarlaí is prionsaí is cinn na cléire,
In mo chaisleán ard le taobh Dhún Réimhe.



"Ó tháinig ar sáile ón Spáinn go hÉirinn,
Trí mic álainn ard Mhilésius,
Ní raibh mise uain nó uair gan chéile,
Nach raibh leon dá bpór dom bhréagnú,
Nó go dteachaigh faoi fhód Art Óg Ó Néill uaim,
Scáthán na Fódhla, is lóchrann Gaelaibh.



"An mac sin Dhónaill fuair ór is éadáil,
Eachraí óg ar ród ag léimnigh,
Imirt is ól is ceol 'na dhéidh sin,
Seilg is meidhir is seinm ar théadaibh;
Dá maireadh sé beo go cróga in éideadh,
Níor bhaol don chóige brón nó buaireamh.



"Dalta Bhríde, croí na féile,
Balsam íce 'scaoileadh léan dhínn,
Grá na n-óg, is stór na héigse,
Ansacht Fódhla de phór Mhilésius,
Nó go dtáinig an ló ler dódh an Phoénix,
Chuaigh an drithle faoi cheo 's níl beo 'san aoibheal.



"Chuaigh an iomad de Ghaelaibh, faraor, as Éirinn,
Chun na Spáinne ag ardú a gcéime,
Toirealach mac Aodha Buí, croí na féile,
Féilimidh Óg, is Eoghan 'na dhéidh sin,
I ndúil 's go dtóigfeadh brón de Ghaelaibh,
'S nach bhfuigheadh clann Liútair sú mo chléibh-se.


L. 120


"Chuaigh Art mac Eoghain, an leon ba thréitheach,
I mbárcaibh seoil na bóchna baolaí,
Conn, is Niall Óg, dhá sheabhac chun féidhme,
Agus Toirealach a pósadh in ord na cléire,
Is i ndéidh gach bróin dar bhreoigh mo chéadfaí,
'Sé caiptín na gcorn thug póg is céad damh.



"A Chreagáin na húire, lubhra 's léan ort,
Is faoi do choim tá na prionsaí tréitheach,
Tugadh mac Éinrí 's níon Uí Néill dhuit,
Cáitlín, níon Aodha Buí, 's croí an Athar Féilimidh,
Tugadh dhuit Eoghan mac Airt Óig, 's a chéile,
Is dar liom ba leor do do lóistín an méid sin.



"Chuaigh Brian mac Airt chun na Fraince le Séamas,
Tar éis cath na Bóinne mar leonadh an Ghael-threabh,
Tá a mhac agus ua in do lóistín mar an gcéanna,
Art agus Eoghan, a bhí cróga in am féidhme,
Dá scaoilfí do thuambaí bheadh suailce ag Gaelaibh,
Is bheadh Art mac Dhónaill go cróga in éifeacht.



"A shlugaire chealgaigh, 's a mhealltóir na gcéadtaí,
Cad chuige gur shantaigh tú planda na féile,
A fuair ansacht gach bantracht 's gach maighdean,
A raibh reabhradh is dealramh na gréine ann,
Is a chaoimh-chneas mar ladhg ar na sléibhtibh,
An tóirse den phór sin Gadélius.



"Lá na daire ba mhilis a thréithre,
Faoina bhrataibh gur chruinnigh na céadtaí,
Géaga glasa dá ndeasú ag Gaelaibh,
Is prionsa an Fheadha le seaghais dá ngléasadh,
An t-oidhre dar chuibhe dó loinnir na hÉiphte,
Diamond solais as brollach an Ghaeil Ghlais.


L. 121


"Nuair a chruinneadar cách go hArdmhach' na cléire,
Is goireadh de caiptín i dtoiseach ar chéadtaibh,
Dá mbíodh an urraim mar chuibhe ag Gaelaibh
'Sé gheobhadh an sceptre gan freasúra baoisigh,
Bheadh Tailteann ar lasadh is Teamhair go gréagach,
'S ó liag na ríte go gcluinfimis béicfeach.



"Bhí a chroí 's a neart mar Hector éachtach,
Nó mar Hercules cróga na n-órlann gréagach,
Mar Phirrus na maidhm fán Traoi do raonadh,
Mar Shamson mongach eolach tréitheach,
Mar Chú na hEamhna ag rann-chur gaethibh,
Nó an laoch Leander 'fuair ansacht Héro.



"Bhí a scéimh arís mar Naoise déad-gheal,
Nó mar Absolom mac Dháibhí i mbláth 's i ndéanamh,
Mar Pharis ar thaoibh Shliabh Ída i mbréag-riocht,
Áille Narcissus gur cruinneadh 'na éadan,
A rosca ba ghlaine ná loinnir na gréine,
Is cnuas-mhil na mbeach ar gach focal dá ndéaradh.



"Bhí srotha glan ard, as lár Castília,
Ag dúscadh grá gach lá fán rí-mhac,
Ciall Apollo, is carthanacht Mhaoise,
Binneas chlann an Dághda ag rá gach siansa,
A chroí mar Ghuaire 'luascadh an fhíona,
Pronntóir na seod 's an t-ór dá scaoileadh.



"Tá Contae an Dúin faoi chumhaidh 'na dhiaidh-san
Contae Thír Eoghain, dar ndóigh 's ní hionadh,
Contae Ardmhach' go cráite buartha,
Dúthaigh an Fheadha dá easbhaidh gan oidhre,
Gruaim is tuirse ar a maireann de Ghaelaibh,
O thaobh Shliabh Gallain go Cabhán Uí Raghallaigh.


L. 122


"Bás Fhéilimidh Ruaidh, monuar, do bhuair mé,
Mo bhuabhall milis chun teagasc shliocht Fénius,
Fuair ón Phápa grádha na cléire,
Thoir sa Róimh ar ór-chnoc Céphas,
Mar Dháibhí an rí, bhí a chroí 's a chéadfaí
Ag díbirt diabhal 's ag rialú cléire.



"Ghoileas go cruaidh ar uaigh Sir Féilimidh,
Bile na mbua chun tuargain éiriceach,
Ag an Abhainn Dubh bhain urraim os céadtaí,
Ó mhullach Ard Uladh go himeall na hÉirne,
'Sé bás an ghaiscígh bheir ceasna ar Ghaelaibh,
Is d'fhág Cionn Aird gan dáimh Uí Néill ann.



"Bhí Iarla mór Thír Eoghain in éifeacht,
Rí na leon ó Bhóinn go hAontroim,
'S dá bhfaigheadh cuidiú mar chóir ó chóigibh Éireann
Essex 's a shlóite go leonfadh an tréanfhear,
Elisabeth mhór 's a trón go mbuairfeadh,
Is gheobhadh clann Mháirtín bás go héascaidh.



"Bhí Eoghan an Chogaidh dá mhagadh in Éirinn,
Rí-chrann fascaidh bhris easna na n-éiriceach,
Chuir Cromail chun sodair 's gach bodach dar ghéill dó,
Sciúirse thug greadadh do chreideamh Liútérians,
Scotia is Sacsain gur chreathnaigh sé in éineacht,
Nó gur chloígh 's gur chreapall 's gur threascar an t-éag é.



"Níl seanchas uadh mo Ghuaire mac Bhríde,
Ach gur d'fhuil na huaisle anuas ón dílinn é,
Tá an Leabhar Eoghanach fós dá mhíniú,
Is Saltair Chaisil ag Cuileannán caoimh-ghlan,
Is Dochtúir Céitinn 'na ndéidh dá scríobhadh,
Gurbh iad Síol Néill thug an chéim 's an chraobh leo.


L. 123


"Tá an Ghlasdromainn buartha 's a ghéaga ag críonadh,
Is ualaí an éisc ag éag le h-íonadh,
An caisleán ard bheith ar lár 'na phíosaibh,
An choill gan bhláth nó fásach tríthi,
Fá bhás gach bile de shíol na ríte,
Sliocht Féilimidh Ruaidh na gcruaidh-lann líofa."



Tráth chualaidh Teamhair an Feadh ag éagaoin,
Do lig sí uaill ba thruaigh le héisteacht,
Is dúirt gurb aici ba chuibhe don tréanfhear
A lámh dhearg a dheasú ina bhrataibh le héifeacht,
An mionn comh-dhath 's an tsleá, de dhroim theiste na léige,
Is a rígheadh gan tiobadh ar thulaigh na réacsa.



"Bhí Niall Frasach agam mar chéile,
Niall Glúndubh 's Niall Caille, is Niall na Naoi nGialla,
Cairbre a cailleadh i gcogadh na Féinne,
Cormac Ulcfhada, an mac sin Airt Aoinfhir,
Conn a bhí ar each i ndeabhaidh Mhaigh Léana,
Féilimidh Reachtmhar 's Tuathal Teachtmhar na mbéimeann.



"Plúr Shliocht Eoghain cróga céillí,
Is Eochaidh Muigh-mheodhain na n-órlann gléasta,
Fiacha Sraibhthine, rí a bhí in Éirinn,
Is Muircheartach shíolraigh d' fhíor-shliocht Fénius;
Ní raibh prionsa díobh nach bhfuair mé mar chéile,
Go Cobhthaigh Caolmbreagh - ceap na fréimhe.



"Bhí céad is tríocha do ríthibh tréana
I gceannas na Fódhla de phór an déa-mhic,
Síol Eireamhóin aird dar fhás Uí Néill uaidh,
An chéad fhear cumhra dob úire géaga
A fuair an stiúir i nInis Éalga,
Is bheireadh na frasa do Bhreatainigh mhaola.


L. 124


"Bhí naoi ríte déag de fhréimh shliocht Íre,
I dTeamhair na rí de ríthibh líofa,
Gan teacht ar ar ghluais ó chuan na críche
Go hAlbain ard sa státa céanna,
Tá Saltair Ardmhach' is cách dá mhíniú
Go dtáinig Art Ó Néill de léim cheart tríothu."



M'och, och, ó! 's ar ndóigh, níorbh ionadh,
Deasú dó i sról 's i síoda,
Bhí fíorfhuil Chonaill fán churadh dá ghríosadh,
Samhail Chúchulainn ag fras-imirt rí-chleas,
Fuil clanna rí 'na srotha gaol ann,
'S i gcroí Airt Óig bhí stór mhic 'Naosa.



Dá scaoileadh Tulach Lis cumhra a léagaibh,
Nó Cromghlinn uachtrach a dtuambaí saibhre,
Is thairis an Banna thiocfadh an iomad de Ghaelaibh,
De mhaithibh clanna Aonghusa as tír Uibh Éathach,
Is ghoilfeadh go cruaidh fá d'uaigh, a thréanfhir,
Gur leagadh an choill chaoimh is gur chríon a géaga.



Ní raibh rí nó diúc ó Niúl mac Fénius,
Iarla, prionsa, nó ceannphort cléire,
Nó curadh cróga ar fónamh in Éirinn,
Nach raibh a bhfuil chumhra ag dúscadh tréithe,
Mar scríobhas údair scrúdaith' na Gaelig',
In Art, mac Dónaill, 's mo bhrón gur éag sé.



Samhail mo ghaiscígh nach bhfaicfear in Éirinn,
Le lúth, le treise, le taise, 's le daonnacht,
Laoch liathbhán an chinidh le hoineach 's le féile,
Radharc an Fheadha agus seaghais na héigse,
An úll ghlan mhilis de mhaithibh na réagún,
A raibh sliocht Íre ar lasadh le fuil na seacht Niall ann.


L. 125


Tá an Chros faoi ghruaim 's gan cúirt Uí Néill ann,
Nó taithí na huaisle gach uair chun féasta:
Dís ó Lú is triúr ón Éirne,
An iomad ón Mhí is ó íochtar Éireann,
Ag imirt 's ag ól as cornaibh gléigeal,
Is mar Ollamh Fódhla bhíodh an t-óg dá réiteach.



Croí gan mheang, gan cham, gan chlaonadh,
Sciath-dhídean na mbocht is stoc na héigse,
Nach ligfeadh do Ghaill bheith 'caint ar Ghaelaibh,
'S nár fhulaing clann Liútair 'bheith scrúdú mar mbéidh siad
Ar chúrsaibh, ar rásaibh, nó ar phátrún gléasta,
Go dtáinig an bás 'na dháil, 's gur éag sé.



Níorbh ionadh liom na cnuic dá n-éigheadh,
Ó Inbhear Sláinge go lár Mhaigh Léana,
Ó Dhoire na long go tonn Bhinn Éadain,
Is ó Dhún Phádraig go hard-Ráth Mhéabha,
Fá bhás an rí gheobhadh cíos na hÉireann,
Dá mbíodh an dúthaigh ag plúr Mhilésius.



Is iomaí maighdean mhéarlag mhaoth-gheal
Ag frasghol na ndeor 's ag roinneadh a céibhe,
Fá do luí san úir 's gan dúil le d'éirí;
Saibhreas srotha Ganges, Mhogul 's na Gréige,
Aoibhneas an domhain, gidh mór an méid sin,
Is go dtabharfadh don mbás ar shláinte lae dhuit.



Tá clann d'athar faoi ghruaim ó d'fhuaraigh tú i gcré uathu,
Mailsigh ar uaigneas, 's í 'cruaidh-ghreadadh méar lag,
Bríd i dtír Dhúin 'sgan dúil aici i bpléisiúr,
Neillí, an naí is óige, thug ró-shearc a cléibh duit,
Éinrí gan chuallaí 'n-am suaircis na dtréanfhear,
Is níon Fhéilimidh Ruaidh naoi n-uaire níos buartha.


L. 126


Dá maireadh na baird bhí i stát ins an chrích seo,
Bheadh Séamas Mhac Cuarta go stuama 'cur síos duit,
Pádraig Mhac Aliondain ag rannsú gach líne,
Randall Dall Mhac Dónaill le heolas dá míniú;
Ó chuaigh siad faoi fhód, níl beo le do chaoineadh,
Ach mise, 'mo bhraon scartha 'dréim leis an dílinn.



Go cúirt Airt a choíche, faraoir, cha dtéim-sa,
Ag dúscadh cheoil fá bhordaibh glégeal,
Aige Bacchus mar mbínn seal míosa i ngéibheann,
Ó mheisce gach fíon 's gan íota ar aon ann;
'Sé bás an Ghuaire bheir gruaim ar éigsibh,
Agus ualach mar ghual dubh fá bhruach mo chléibh-se.



Beannacht na naomh is guí na cléire,
Beannacht ón Phápa 's gach cáirdineal naofa,
Beannacht is míle arís uaim féin leis,
Go cathair na naomh chun aoibh a mhéadú:
In aois a sé mbliain fichead go fíor a d'éag sé,
Is d'fhág sé an tír seo go cloíte buartha.



A liag na mbua, is buan do shaibhreas,
Is iomaí cloch atá anocht ag éad leat,
Mar chuir tú glas ar chaiptín na laochraí,
An croí ler thit fuil cheart Uí Néill ann;
Deireadh na Féinne chun maitheas a dhéanamh,
Art, mac Dónaill, is leon an t-éag é.



AN ANNÁLACH



Dhá choll is dair fá thrí,
Naoi mbliana, seasca, is seacht mí,
Aois an Rí dá ngéilleann cách,
Go ndeachaigh Art Ó Néill i gcré i gcónra chláir.


L. 127


MOLADH SHÉAMAIS PLUINCÉAD



In Inis Caoin tá an t-óigfhear de fhíor-scoith na Fódhla,
Chun scaoileadh sliocht Bhreogain anois as gach léan,
Is le faobhar na n-órlann faoi ghríosú go cróga,
Go sraonfaidh sé an comhrac ar aiste na n-éacht;
Béidh clann Chailvin dá leonadh, 's gach dream eile leo-san,
Mar scall coinín scóite nó mar Lochlannaigh i scéin,
Ag an Phluincéadach óg bheirfeas campaí go fóill dúinn,
Ó cheannphoirt na hEorpa chun cuidiú le Gaeil.



A Shéamais mhic Iósaif, a rí-mharcaigh chróga,
Nach mithid duitse fóirthint ar threabhaibh na gcréacht,
'S do bhárcaibh bheith in órdú ar bharr gheal na bóchna,
Le mairnéalaigh seolta as Mádrid i gcéin;
Is do ghárdaí chun comhraic fá chlár Inis Fódhla
Leis an chrábhadh thug Eoin agus Peadar don chléir?
'S beidh ár naimhde dá leonadh mar eorna i ngort fómhair
Ar bharr lann na n-óigfhear le cuidiú síl Néill.



'Sé Tiarna Lú nach raibh cloíte 's fuair clú na seacht dtíortha,
'S is úr-shlat den chaomh-choill sin Séamas ó fhréimh,
De dhúchas na ndaoine a mbíodh dúicheacha 's tíortha
Ag umhlú faoi chíos dóibh gan díomua go léir.
'S iad na Pluincéadaigh scaoilfeadh gach céim-dhochar dínne,
Go fonnmhar ag éirí 's ag dreasú na n-éacht,
Ach siúd planda den fhíor-fhuil tá ceansa gan aon locht,
Mar Choinchulainn líofa ag bíogadh na stéad.


L. 128


I gcéartain na Cyclops a ghéaraigh sé faobhar,
Chun éiricigh a dhianchur sa deabhaidh le féidhm,
Ón Major gan díomua fuair éifeacht na maoine,
Le béim frasaigh fíochmhar ag treisiú na laoch.
Níor thréithí mac Phriaim leis na Gréagaigh fán Traoi ann
A chréachtadh gach rí-mhac dár astraigh ón Ghréig,
Ná Séamas le faobhar le gach réidh-chleas rí-ghlan,
Dá ndéarnadh ag Aoife le linn Chú na n-éacht.



Beir an ruaig go greannmhar mar chuairt Chon na hEamhna,
Le cruaidh-ghaethe reannmhar ag teascadh na gcéad,
Is gheobhair buaidh ar an dream sin chuir dlúimh ar ár gceannphoirt,
Tráth buaileadh ár gcampaí in Eachroim go léir;
Cluinfear uaisle dá mheabhrú fán bhruach sin Maigh Tailteann,
Is beidh cuaillí na Teamhrach dá ndeisiú le haol,
Tiocfaidh buaibh i ngach aimsir fá uaigneas na gcoillte,
'S beidh nua-thobair líonta de lacht ina ndéidh.



Beidh gruagach na fáilte-sa ag fuascladh dár náisiún,
Le suailce mar dhealraíos gach loinnir den ghréin,
'S go ndeachaigh a thuairisc gach áitidh fá chuantaibh 'gus trágha,
Mar Ghuaire na mbán-ghlac ag scabadh na séad;
Béidh fíontaí na Spáinne dá scaoileadh ina áras,
Mar phríomh-thonnaibh láidir ag imeacht le réim,
Mar dhúil leis an náisiún bheith i dteampall na ngrása,
'S go n-éireoidh an scáinne seo ar choscar a chréacht.


L. 129


Ón Ghael Glas a shíolraigh an fear céillí gan díomua,
Stoc Fénius ón Scythia ler míneadh gach léann;
'S tá coróin ghréagach shliocht Mílidh an deabhtha gan ionadh
In Edinburgh sínte is gan neach faoina chéim;
Téada na buíne thug Séarlas i dtír ann,
'S nach léigheasann na Stíobhartaigh caoineadh na nGael,
Gheofar réacsa gan scíste ó fhréimh cheart na dtaoiseach,
Mar is gaolmhar don rí-mhac sa a shaothrú uadh féin.



Níl iarla nó rí-fhlaith i dtiarnas na críche,
Ó dhian-chur na díleann ler bascadh síol Éabh',
Nach dtriallaidh a bhfuil ríoga gan siabhrán chuig Séamas,
Ó Chiarraí na gcríochaibh go Sceach leabhar méar:
An fial-mhac a d'éirigh ó Shliabh na mban sí ann,
A bhí 'riaradh 's a' dídean Pharnassus san Ghréig,
Leis an scéimh a fuair Naoise thug Déirdre ón rí sin,
'S d'fhág daor-cheatha díblí ar Eamhain 'na déidh.



A chéile na daonnacht is féile dar shíolraigh,
Nach léir duit na tíortha ag osnaigh faoi léan,
Ár léagsaí 's ár n-aoibhneas ag géilleadh do chlann díomais,
Is gur Papist is mian leo a ghairm dár gcléir;
Ó d'éag siad na taoisigh d'fhág Éire go cloíte,
'S gan oidhre Rí Séamas i mBreatain 'na dhéidh,
Is tú an Phoénix a shíolraigh ó aoibheal na gríse,
Chun scaoileadh as daorbhroid do chreideamh na nGael.



A Ghuaire na crógacht, nach trua leat an chomharsain
In uaigneas faoi dhóchar ag ceasnaí gan réim,
Má ní siad áras nó lóistín go sásta chun cónaí,
Siúd Sánaidh dá gcóiriú go seascair dó féin;
Muna dtabhrair fuascailt nó fóirthint do uaislibh shliocht
Bhreogain,
Tá na h-uain bhocht dá strócadh ag eachtrannaigh claon,
Ó uirgheall na Bóinne beidh úrfhuil na Fódhla
Dá ruagadh gan sócúl ag Gallaibh faoi léan.


L. 130


IS TUIRSEACH BUARTHA



Is tuirseach buartha chuaigh mo shuan aréir damh,
'S mé cráite tréithlag gan treoir gan bhrí,
Tháinig ainnir spéisiúil ar shnua na gréine
'S gur mhaith an saibhreas a fáil mar mhnaoi.
'Sé dúirt sí: "éirigh as do shuan, a thréanfhir,
'S ná codail aon oíche go deo sa tír,
Ach gluais liom sna réagúin 's glac liom mar chéile,
'S beidh ór is éifeacht agat fós is maoin."



An File:



Dúscaim suas as mo chodladh an uair sin,
Ar chloisint tuairisc gach aird dá mbéinn,
Agus féachaim uaim ins an áit a gcualas
Cabhair is fuascailt ag teacht fá mo dhéin.
Chuireas cuaisne ar an mbruinneal stuama,
Cá tír ór ghluais sí i bhfad i gcéin,
Gur mhian léi cluain a chur orm an uair sin
'S mo thabhairt ar chuairt ó mo bhaile féin.



An Ainnir:



"Bím seal 'mo chónaí os cionn na Bóinne,
Ag gach ollamh eolach bím seal mar mhnaoi,
'S má ghlacair comhairle i ngach ní mar is cóir dhuit,
Gheobhair póg uaim mar fhear den bhuíon;
Téim i gcóistí thríd chuantaí Fódhla,
'S i Lios Dún Bóchna a chodlaim an oích',
'Tabhairt méadú eolais do lucht cumtha ceoltaí,
Is seal ag seoladh 's ag teagasc draoi."


L. 131


An File:



"Dá ngluaisinn féin leat gach aird a dtéid tú,
Ag cumadh véarsaí mar Ovid caoin,
Bheadh mo charaid buartha gach áit a mbéadh siad
Dá mbeinn 'mo chéile ag leannán sí;
Má's ní go dtéim-sa san astar céanna
Gan fhios do aon neach dá bhfuil sa tír,
Ag tualas gréine má's ní go n-éagfad,
Cuir i gcré mé i measc mo ghaol."



An Ainnir:



"Tá tú folamh faofa i measc do ghaolta,
Gan mhaoin gan saibhreas, ar bheagán lóin,
'S gurbh ard an chéim le gach aon den réim sin
A bhfuil do spéis ann tú bheith tuirseach i mbrón;
Is má chumair véarsaí nó duan chun pléisiúir,
Goirfear gléic díot má bhír gan bhó,
'S nár mhór an t-aoibhneas is fadú saoil dhuit
Bheith a' glacain cíosa ar gach taobh den Bhóinn.


L. 132


ÚR-CHILL AN CHREAGÁIN



Ag úr-chill an Chreagáin 'sé chodail mé aréir faoi bhrón,
Is le héirí na maidne tháinig an ainnir fá mo dhéin le póig;
Bhí gríos-ghruaidh ghartha aici, agus loinnir ina ciabh mar ór,
'S gurbh é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríon óig.



An Spéirbhean
"A fhial-fhir charthanaigh, ná caitear thusa i néaltaibh bróin,
Ach éirigh go tapaidh agus astraigh liom siar sa ród,
Go tír dheas na meala nach bhfuair Gallaibh inti réim go fóill,
Is gheobhair aoibhneas ar hallaibh do mo mhealladh-sa le siansa
ceoil."



An File
"A ríon is deise, an tú Helen fár tréaghdadh slóigh,
Nó an de na naoi mná deasa Pharnassus thú bhí déanta i gcló?
Cá tír ins an chruinne inar hoileadh thú, a réalt gan cheo,
Ler mhian leat mo shamhail-sa 'bheith 'cogarnaigh leat siar sa
ród?"



An Spéirbhean
"Ná fiafraigh dhíomsa an cheist sin, óir cha chodlaim ar an
taobh seo den Bhóinn,
Is síogaí beag linbh mé, a hoileadh le taobh Ghráinne Óig',
I mbruíon cheart na n-ollamh bím go follas ag dúscadh an cheoil,
Is dá mbínn san oíche ag Teamhair bheinn ar maidin i lár
Thír Eoghain."


L. 133


An File
"'Sé mo ghéar-ghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír
Eoghain,
Agus oidhrí an Fheadha gan seaghais faoi liag dár gcomhair -
Géaga glan-daite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh an ceol,
Is chuirfeadh éideadh fá Nollaig ar na hollaimh bheadh ag géilleadh
dóibh."



An Spéirbhean
"Ó tréaghdadh na treabha bhí in Eachroim is faraor fán Bhóinn -
Sliocht Íre na flaithe bhéarfadh fascadh do gach draoi gan ghleo,
Nach mb'fhéarr dhuit ins na liosaibh, agus mise le do thaoibh
gach neóin,
Ná saighde Chlann Bhullaigh bheith 'tolladh fríd do chroí go
deóidh?"



An File
"Cha dtréigfinn do chuireadh ar a gcruinneann na ríte d'ór,
Ach gur cladhartha liom scarúint le mo charaid tá sa tír go fóill,
An chéile úd a mheallas le mo ghealladh tráth bhí sí óg,
Dá dtréiginn anois í, nach fiosach damh go mbéadh sí i mbrón?"


L. 134


An Spéirbhean
"Cha saoilim gur caraid duit a maireann de do ghaoltaibh beo,
Táir faofa, gan earradh, bocht bearranach baoth, gan dóigh;
Nach mb'fhéarr dhuitse imeacht le hainnir na maothchrobh meor,
Ná na tíortha bheith 'fanóid fá gach ramhán dá ndéan tú 'cheol?"



An File
"A ríon dheas mhilis, má's cinniúin duit mé mar stór,
Tabhair léagsa is gealladh damh ar maidin sul má dtéim sa ród:
Má éagaim fán tSeanainn, i gcrích Mhanainn nó san Éiphte
mhóir,
Gurb ag Gaeil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód.


L. 135


DOIMINIC BEILLIÚ



Tá Dealgan ard fán tráth seo coinscleach,
Le fáilte i gcoinne déa-mhic
A cheangail a pháirt le banríon neimhe,
Is gardaí aingeal léithe;
An Beilleogach álainn, cráifeach, tuigseach,
Atá lán de gach oideas is léann mhaith,
Noch fuair ón Phápa na grása úd Pheadair,
Mar Phádraig in Inis Éireann.



Is sochar dhúinn cuairt an chuaine dhil sa
De shíol tréan-ríthe Éireann,
Ó Iarlaibh Lú 's na dtriúcha timpeall,
Siar go Cruachan Mhéabha:
Clann Diarmada ó thuaidh, 's a ngruadha ar lasadh
Gach uair mar an gha gréine,
Is Brannaigh na gcuach thug buaidh le fortún,
Ar chuartú thart na réagún.



Níl tír nó cuan, cúirt nó caiseal,
Nár shiúil a ghaolta in éifeacht:
Go Páris i gcuairt gan ghruaim 's go Mádrid,
Is teann iad fós i Vénice;
Sa Róimh le buaidh ar stuaim is eagna,
Tá táin na gcuradh tréitheach,
Is chugat anuas máguairt i dtaisteal,
Is siar go doirsibh Préague.


L. 136


Bhí an dúiche seo lá 's ba láidir an cine
- Go dtáinig an smóltach léidmheach -
Faoi na tiarnaibh arda nár athraigh a gcreideamh,
Agus d'fhág an caisleán déanta;
Nach cloíte an cás don scáinne a shil
Ó lár na srotha céanna,
Búr nó tráill a rá anois
Gur cháin dó theacht na ndéidh ann.



Níl rí nó triath de chlannaibh Mhílidh againn,
'S ní áirmhim Galla Gaelach,
Nó Danair uaisle, nach gaol don churadh,
Dá raibh i gcóigibh Éireann.
Is draoi 's is sua é i gcruas gach eagna,
Is fós i dteagasc naofacht,
'S nár chloíte an ghuais dubh-shlua clainne Vulcain,
Cuaisne a chur dá éileamh.


L. 137


GIOTAÍ GAIRIDE



ABHAINN NA bhFAN




Abhainn na Coigríche an seanainm stairiúil ar an Fane. Maidin
Domhnaigh amháin bhí Art ag dul chun Aifrinn. Tharla go
raibh tuile mhór san abhainn agus ní thiocfadh leis dul trasna.
Chum sé an véarsa seo:




"A Abhainn na bhFan, a shiúlas go cam,
Ná mairidh tú 'do thráigh líonta,
Tá tú mar bheadh leon mear romham sa ngleann,
Eadar mé agus an tor naofa;
Ach is cumhan liom an t-am a raibh Seon agus Seaghan
Ag imirt ar do thóin go haerach."



AN EASCAINE




"Bhí bata innealta ag Art Mac Cumhaigh, agus bhí sé ar lóistín
agus ar maidin cha raibh an bata le fáil aige. Ag imeacht dó ag an
doras dúirt sé:




"Cibé a raibh rún a ghoid mo bhata aige,
Míle cnapán go raibh ag an lubhra air,
Cancar go raibh ins na haltaibh air,
Gearradh tairt agus múchadh air,
Agus aicid an fhiabhrais bhallaigh go mbainidh gar na súl de."



Tháinig an bata ar ais i gcionn cúig nóiméad.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services