Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Peadar Ó Doirnín: Amhráin

Title
Peadar Ó Doirnín: Amhráin
Author(s)
Ó Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1769
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1969)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SLIABH FÉILIM.



A chuisle 'gus a stór dá ngluaisfeá liom sa ród
Go neamhchead dod mhórghaoltaibh
Gan airgead, gan ór, gan chiste gan stór
Ach sinn a bheith ar bhord Fhéilim
Ní fheicfí ár gcuid bó maidin nó neoin
Is tusa a bheith ar an nós céanna,
Ach dá n-éireodh an ceo ní bheadh orainn brón
Ar mhalaidh Shliabh Mór Féilim.



Dá dtéinnse leat siar go dúiche Uí Bhriain
Bheadh mo chairde mo dhiaidh buartha,
Ó nach dtáinig mo chiall is nach fiosach mé riamh
Ceannach nó díol a dhéanamh;
B'olc mo ghnóthaí ar shliabh, folamh le mo mhian,
Is gan againn ach bia fiadhain,
Chuirfinn a bhfaca mé riamh go ngoilfinn fá mo thriall
Sul fá gcaithfinn ann bliain de laethaibh.


L. 32


A ainnir na gciabh téanam agus triall
Go dtéimidne go Sliabh Féilim,
An áit nach dtiocfaidh dár n-iarraidh caraid nó cliar
Nó neach ar bith a dhéanfadh buaireadh;
Seasfaidh mé mar sciath dod chosaint ar an gcliar,
A ainnir mar an ghrian ag éirí,
Is go marbhfainn do mo mhian an mhuc alla is an fia
Is dhéanam caraid le ár mbiadh a riar leo.



Tá daoine insan áit ar mian leofa a rá
Nach mbeinnse 'gus mo ghrá in éineacht,
Ná raibh maith ag fearaibh Fáil - beidh mé leat ar ball
Óir is agad tá mo chás a réiteacht;
Is trua gan mé is mo ghrá i gclúidín bheag lách
Is níorbh fhada linn an lá uainne,
Is a fhaoilinn ghil bháin, tá m'anam ar do láimh
Is ná ligse choích' go brách uait mé.


L. 33


AN DÁ SHEÁN.



Bhí Seán againn ba suairc i gcéill
Sréadaí uasal na sean-Ghael,
Adharc líonta riamh faoina choim
Níor iarr ach fíon de chomhroinn.



Seán a phronnadh maoin is ór
Mo chrá, ina luí faoi thromfhód,
Is Seán nach roinneann spré nó lionn
Ina ionad, mo léan, go maireann.



Is annamh thig díth céille i gcéill -
Seán dob fhearr nó an chéad Seán;
Seán mar Ghuaire i gcill 'na luí,
Is Seán mar thuata ina chathaoir.



Den dá Sheán sin dob é ab fhearr liom 'na phríomh-fhaidh beo
Seán dob fhéile de shliocht Mhiléisius ba dílse nós;
Is é nach séanfadh fíon ar éigsibh is dhíolfadh an scór,
Ach an darna Seán so, bíonn fuiscí ina adhairc leis is
ní bhfaighinn uaidh deor.


L. 34


MIANTA UÍ DHOIRNÍN.



Is fada ag éisteacht mé leis na scéalasa
Ó chogadh Shéamais an dóú rí
Den ainm chéanna fá ndeachaidh Gaelaibh
I gcathaibh géara, mo bhrón, dá gcloí,
Go dtiocfadh éifeacht is fearann saor
Ag gach flaith ó fhréimh mar ba chóir sa gcrích,
Is go lasfadh an spré bheagsa ar ndul a dh'éag
Dho mo chreideamh féin, feadh na Fódla 'rís.



Más é toil Mhic Dé nár thé mé i gcré
Nó go bhfaice mé mar is cóir é an saol,
Gach duine naofa den fhine Ghaelsa
Gan siolla léinn, ach ar dóigh 'na shuí;
Inis Fhéilim fán uile shaibhris,
Mil is méalacht is tórtha ar chraoibh,
Toradh i ndéis is na srotha ag éagaoin
Ó iomad éisc, is sinn beo gan díth.



Dá mbeadh na scéala mar deir mo bhéalsa,
Ba deas mo ghléas is bheinn óg arís,
Bheinn seal ag éisteacht le sailm naofa
In gach ceall in Éirinn ag mórmholadh an Rí;
Bheinn seal ag léamh ar bheatha déa-chlainne
An Athar Naofa bheir beos in gach aon,
Agus seal gan bhuaireadh i measc mo ghaoltaí
In Inis Éilge ag ól fá aoibh.


L. 35


Bheinn seal ag éisteacht le seinm téad
Is le file faobhrach mar Ovid caomh
Ag gabháil véarsaí agus seal ar stéadaibh
Ag greasacht ghéarchon i ndeoidh an mhíl mhaí;
Bheinn seal ag tréadú na n-ealta ag éirí,
Seal ar thaobh srotha ag tógbháil mo líon,
Agus seal ag féachaint mo chumas céille
I gcluiche rébhrannaimh ar ordú Naois'.



Dar a bhfuil in Éirinn is mar sin ab fhearr liom,
Is gan bheith mo chladhaire gan dóigh mar taoim,
Gé go dtuigim léann níl siolla céille 'gam,
Mar nach saibhir mé in ór nó i maoin;
Ach dá bhfaicfí sréad agus fearann saor agam,
Thiocfadh cléir agus mórchlanna rí
Seal gom fhéachain is ba mhaith mo chéadfaí
Ag déanamh réiteach is cóirsheasamh is tír.



Ach ó chuaidh an saol fó seach is gur éirigh
An t-each ar chléith an mharcaigh fá dheoidh, mar chím,
Is gur bheachtaigh éiclips ar shliocht Mhiléisius
I dtuirse ag éagaoin i meon na ceasnaí;
Caithfead féin a bhfuil de mo laethaibh
Go dtaga an t-éag feasta ag ól le gach saoi,
Ag gabháil véarsaí is ag mealladh maighdean
Ar feadh na hÉireanna go ceolmhar caoin.


L. 36


CAIPTÍN FUISCÍ.



Níl cailleach i gclúid is a leaca ar a glún
Dá mblaiseadh mo rún nach léimfeadh go hard,
Is a teangaidhse lúfar glic in gach cúrsa,
Ag aithris a cliú is a maise ar na mná;
Is é chuirfeadh úir isteach insa chnúidín,
Chasfadh a chlúla is a bhuiceoid le cách,
Is nár mhaire go Luan an fear a chuir smúid
Ar mo charaid ba súgaí bhí in Inis Chrích' Fáil.



Is é chuirfeadh beos is spracadh mar leon
Sa ngliodaí gan treoir darbh ainm dhó an tráill,
Bhíodh dhá thaobh an bhóthair leis, sin is a bhróga
Ag tuiteam is a chóta folaithe i láib;
Níorbh eagal leis leonadh, tuirse nó brón
Dá dtagadh sin geosta is fiche ina dháil,
Níorbh fhearr leisean fós ar leabaidh den tsról
Nó ar leaca is gan róinne a bheith eadra sé is lár.



Níorbh acmhainní cróga Hector i ngleo
Nó an leisíneach leonta is eisean a bheith dall,
Tráth shlugadh sé corn den fuiscí ina scóig
Do chumadh mar Ovid file gach rann;
Níl ceist insna leabhair nó ealaín arbh eol dho
A aithris gan ghó, gan chasadh, gan cham,
An maireann neoch beo nach dtuitfeadh i ngleo
Do thaithigh gach ló mo chaiptín bhí teann?


L. 37


Is ioma sin baol tháinig ar Ghaeil
Ó thug Rí Laighean a choróin ar toinn,
Le ar chaill siad a gcéim, a bhfearanntaí saora,
A ngunnaí is a ngadhair is an breac insa linn;
Is measa liom féin nó a dtáinig de léan
Le Sibeoil ar Éirinn, caraid mo choim
A chailleadh, gan aon sáitheadh scine nó claímh,
Mo chaiptín bhí tréan - an fuiscí geal fionn.



Dob fhuras le Críosta aiséirí arís
A thabhairt don tsaoi do chuideodh linn,
Chuirfeadh misneach is brí insan fhear is insa mnaoi,
Leanbh na cíche is an bunadh bhíos crom;
Dá bhfaicinnse i gcrích mo charaid arís
Léimfeadh mo chroí mar gheilt as mo choim,
So sláinte na díse - Nicí den tsíol
Nár milleadh is a chaoifeach galánta grinn.


L. 38


AN AMAID SHÚGACH.



Bhí mé ag suirí le cailín bhí fíneálta geanúil,
Caoindealbhach maiseach múinte,
Is go saoilfí gur ghlaise a gné ná Helen
Venus, Minerva is Juno;
A súil gur ghlaise ná driúcht na maidne,
De réir mar d'fheicfí damhsa,
Is nuair a tháinig an tSamhain is fuair mise an t-amharc
Ní raibh inti ach amaid shúgach.



Shaoil mé seal tamaill gurbh í réalt eolais an domhain,
Is go ndallfadh sí dealramh na gréine,
Nuair a chonnairc mé mo chailín chuirfeadh éiclips ar an ngealaigh
Is go dtug sise bua ar Dheirdre;
Órpheus le binneas bhainfeadh damhsa as crannaibh
Is dar liomsa ba bhinne an chúilionn,
Is é bheir mo chéadfaí ar mearaí nachar léar dhamh a bealaí
Nuair a shantaigh mé an amaid shúgach.



Bhí sí macánta ariamh gé nach dtáinig a ciall,
Is, dar liomsa, níor léar dhi a béasa,
Cia bé d'fheicfeadh í ar an tsliabh ba chosúil í le réalt,
Mar Phallas nó mar an ghrian ag éirí;
Bhí sí dána ina cumas mar mhná óga an domhain,
Cha scríobham a hainm is níorbh fhiú liom
Nuair a thiocfas an tSamhain is féile na Nollag
Gheofar oighir san amaid shúgach.


L. 39


d'fháiscfeadh sí duine go gráúil lena cumann
Chum a dá chí' chruinne chumhra,
Is gurbh aoibhinn an t-ionad bheith aice seal tamaill
San áit a bhí faoina cúram;
Bhí sí fírinneach seasmhach do thrí fichid buachaill,
Is go saoilfeá nach raibh sí lúbach,
Is darbh é Ard-Rí na cruinne ba chráite an chinniúin
A bheith i ngrá leis an amaid shúgach.



Cha scríobhfadh Tully is ní mhíneodh a thalent
A caoineas i nglórthaí céillí,
Homer go deimhin os é bhí dá n-ollmhú
Le héifeacht i measc na nGréigeach,
Ovid is Horace a fuair céim agus onóir
Ag déanamh véarsaí is ag ceartú an chliútaigh,
Cha smaoineodh a dtuigse is 'na dhiaidh sin a ngliocas
Gach beart dá raibh san amaid shúgach.


L. 40


GEARÁN UÍ DHOIRNÍN.



Dá mbeinnse saibhir i maoin is in éadáil
Is ioma déa-mhac a theannfadh liom,
Ba is caoirigh is stoic ar shléibhte,
Ba chríonna mé ná Solamh ina am;
Bheinn ar fhéastaibh i gcúirt ó chéile
Is fíon na Gréige dá líonadh dhom,
Is níl aon pheacadh éirceach dá dtabharfainn spéis dó
Nach maithfeadh an chléir dhamh mo choir gan mhoill.



A Thríonóid naofa nach mór an scéal é
Nach bhfuair mé saibhreas an tsaoil le roinn,
Bheadh Eaglais Dé dhamh ar hallaí ag léamh
Agus mise ag éisteacht a gceiliúr foinn;
Ach mar bhí mé faofaí, mo bhochtán tréithlag,
Cha déanfadh aon acu caidreamh liom,
Is nach dearn mé tréas ach aon chaoinbhean bhéasach
Dá dtug mé spéis di a mhealladh liom.



Is é deir an chléir liom in aimsir éisteacht'
"Is tusa an t-éirceach is druid anonn,
Is d'aimheoin Éireann tá d'anam réidh leat
Mar thug tú spéis do fuiscí is lionn";
A Rí na gréine, nach mór an éagóir
Na peacaí céanna úd a shamhail liom,
Is gur cáil dá bpléisiúr de lá is d'oíche
Bheith ag fáisceadh a mbéil ar na gloiníbh rum.


L. 41


Dá scriosfainn teampaill i dtíortha ó chéile
Is mharbhfainn céad fear arís le feill,
Bheith ag gríosadh éad idir mhnáibh is a gcéilí
Is ag déanamh adhaltranais lena gcasfadh liom;
Ach cáil dem éadáil a chaitheamh 'na dhéidh sin
Faoi láimh na cléire gan easpa anonn
Go bhfaighinn loghadh sna peacaí céanna
Is go scríobhfaí léis insna flaithis liom.



Dá dtabharfainn roghachiseán líonta saibhris
Faoi mhaoil don tréadaí 'gus snaois faoi choim,
Is duisín déanta ó mo mhnaoi go gléasta
Sníofa óna méara go sleamhain slim;
Meascán déanta a mbeadh bolglán méise ann,
Teacht aimsir Bealtaine an uair thiocfadh an t-im
Ní fhuaradh gné de mo chorp sa gcré,
An uair a bhéadh m'anam insa flaithios thall.


L. 42


CÁIT BHÉILBHINN.



Bheir mo Cháit bhéilbhinn ar mhnáibh Éireanna dubhú is gnáth
Leis an lánéasca ar na ceatha réaltain san fhiormaimint ard,
Is ó tá a héagosc mar bhláth Phoebus ar gcruthú don lá,
Cá bhfuil aon fhear i gClár Fhéilim nach dtabharfadh dhi grá?



A ghrá ghléil a thug barr scéimhe ar ainnirí Chrích' Fáil,
Is gach cáil shaor a gheibh ardchéama ina thuile tríod ag fás,
Is tú an lia céanna a bhfuil fáth an scéilse go deimhin ar do láimh -
Mo bhás féin nó mo sháréigniú ar ais arís slán.



Níl fáth pléide air, is cás cladhartha é amur seasa mé an táin
Fá mo stáid mhéarlag, tá lán scéimhe do chosain ar chách;
Le láimh thréan, le ardléann, nó tré mhire fíorghrá
Bhéarfadh srán baoth le mo dhá ghéig uirthi is reathfad léi in ált.



Faoina bráighe shéimhghil is clár a haonuchta is gainnechí' ag fás,
Dhá aolchnoc is áit pléisiúir do ghathaibh an ghrá;
Dar láimh Éibhir, mur bhfaighinn féin orthu ach seal aon oíche amháin
Dhéanfainn cáil réabtha ar na bánbhlaoscaibhse, dá gcaillinn
Críoch Fáil.


L. 43


Táinte Éireann dá bhfaighinn féin is a bhfuil insa Spáinn,
Agus bláth péarlaí na hÁrménia go huile in mo láimh,
Ba dá fhearr liom mo ghrá séimh a bheith eadra mé is lár,
Is an cás déanta le ar ghnáth tréinfhir á gcailleadh san áth.



Is ó táid tréithre uile ardghéagaibh Pharnassus do lár,
Is an cháil chéanna bhí i gclár chléibhghil Phenelope an áigh,
Cás Dheirdre chuaidh i ndáil Naoise fán tuile ar an tsnámh,
Más lánrogha leat go lá an éaga biaidh mise ar do scáth.



Is í mo Cháit bhéilbhinn na mball saorchumtha is gile nó an bláth,
A bhfuil lánéifeacht an bhánlaoige ina timpeall gan smál;
Is gath gréine mo ghrá péarlach is is loinnir ar dhath
An tsnáith shaibhir le ar ghnáth Hélen a hinneall gach lá.



Mo chrá géar, mo lá léin, is mo mhilleadh go brách
Nach lámh léithe tá mé ar leabaidh go sámh;
Ba bhreá an gléas a bheith ar scáth a géaga is a brollaigh ghil bháin,
Is dar Páléno is de ghrá éagmhaise gan chodladh atáim.


L. 44


AN CLÉIREACH BÁN.



Targaire dhearscnaí do rinneadh le Criofann Mhac Fhéilime an fhíona
Mhic Cairbre Chéir Mhic Conaill Mhic Néill Mhic Eocha Mhímheoin
Go dtiocfadh sin - léan dofhulaing ar Ghaelaibh - ní nárbh ionadh,
Is gur mheasa dá bhfaomhfadh fear acu féin nó an
iomad dá mbíobhaibh,
Is gearr ina dhéidh go dtáinig sin tréanshlua Lochlann
dár ndíobhadh,
Go feadh cheithre mblian déag faoin anfhlaith Torgéisius
orainn do híocadh;
An dara tromléan a thuit ar na Gaeil tré mhírún a
ngaoltaí,
Murchadh ó Laighnibh a mhúscail go hÉirinn
Briotanaigh mhaola.
An treas tubaiste d'éirigh dúinne faraor, iodhan, Harry
is a níonsan
A imir go claon a claímhe ar a chéile is ar mhaitheas
ár dtíre.
An ceathrú tromleán tháinig 'na dhéidh slua Chromail
le ar díochadh
Ulaidh is Laighnigh is Connacht go léir is maitheas na
Muimhneach.
An cúigiú maidhméacht tháinig orainn is ar Shéamas an
darna, ba ríomh é
Le ar gearradh gach géag dár mhair de shliocht Ghaelghlais
againn sa tírse.


L. 45



Amhail mar deirid i dTaispeánadh Sain Eoin chuaidh na cúig
dubhú móra sin thart agus anois tá an seisiú dubhú i láthair againn
.i. tabhach le rannghaethe nimhe agus le h-aincheart cléire. Ní mar
sin a d'ordaigh ár nArd-Rí, ár nArd-Shagart, ár lia anama agus
coirp .i. ár Slánaitheoir Íosa Críost a n-abair cléir na haimsire gur
lucht leanúnta Dho féin iad agus nach a leigheas na slán tháinig siad
chun an tsaoilse ach a leigheas na n-easlán ag tógáil a n-uallaíbh
troma dhíofa is ag iompar ar a nguaillibh féin. Ní contrártha an
oíche don lá nó an chléir ag comhlíonadh na mbriathra sin óir a
taispeánaid iad féin 'na bhfáidh naofa i gcruinniú agus i gcomhdháil
ar aonach agus ar machaire; bheir onóir don tsaibhir agus easonóir
don daibhir, is mian leofa suí suas insna hionadaibh is uachtraí
agus is neasa don tsó. Ní mar sin a d'ordaigh an Críosta atá de shíor
againn agus deireamsa gur mic tíre i gcroicne caorach iad.




Tá sagart stuama in áit na huaisle ar an tsráidse Chríonchoill
Nach nglacann uafa gan maola is cruacha is ciseán líonta;
Bíonn an buinne suas gach bliain a ngluaiseann ag
tabhach a chíosa,
Ní ghlacann sé trua le tréan nó trua gan fháil mar is mian
leis.
Mur mbiaidh ag an mbochtán ach ceathrú nó hochtú is cáil
bheag shíl ann,
Tiocfaidh an dochtúir chuige go toiciúil "tapaidh líon seo!"
Is é deir an faonlag, "tá mo mhuirín faofaí is iad ar
íneadh,
Mé féin is mo chéile ar gannchuid spré is maith dhúinn
an cíos úd".
"A thrú gan éifeacht b'fhearr liom féin do chrochadh ar
íribh
Nó scarfainn go héag le do bhothán faofaí gan mo
chiseán líonta".
Dearcaidh an créatúr uaidh go faonlag tar éis a líonta:


L. 46


"Mo mhallacht féin go ndeagha mé i gcré ar an chléireach
chéanna".
Cha raibh an léansa riamh ar Ghaelaibh againn sa tírse
Ó d'imigh Torgéisius uainn as Éirinn, Mullóg is Maológ;
Ba bhéasa dhó gach maighdean óg a bpósadh rímhac
Tús a hócht a fháil den stróinse, chum cosc a mhiantaí;
Is béasa de ghnáth ag an chléireach bhán tá againn san tírse
Muna bhfaighidh sé a shásamh le ciseán lán béid aige fó
dhaorbhroid;
Má thigid 'na dháil fó Nollaig nó Cháisc ag iarraidh
faoistin
"Siúil, a phláigh, ní fhaigheann tú grása, is táir fó íneadh.
Táir dá iarraidh le trí bliana is níl mo mhian leat,
Fansa siar, char thuillis mo bhuíochas, is níl tú díolta;
A bhodaigh bheadaí ag teacht go sobaidh is gan mo chíos
leat,
Cúpla meascán, sin is duisín is ciseán líonta."




Ní hé líonadh lánbhruite an leathbhairille in áit an bhuiseoil de
shíol ghlan cháite bhán is cás dócúil nó doilís do bhochtaibh an
Fheá, ach gach daorcháin eile dar mian leis an bpreileoidse
d'fháil dho féin agus don stócach fadbhuinneach a bhíos ag
tabhach na cánacha thuas do réir proinne luchtmhar lánaibhseach
don ainmhí bheoga bhronnmhar dhroimleathan dhonn a bhíos ag
ardiompar an chléirigh chéanna sin agus muna bhfaighidh gach ní
ar a mhian féin baigeoraidh mur dtrascairt agus mur ngearradh go
lár agus go lántalmhain le bun fuipe lódáilte. Go seachna Dia
sibhse agus mise ar fhíoch agus ar fheirg an fhir chéanna sin.


L. 47



AN SPÉIRBHEAN MHILIS



Goidé sin d'aon duine in Éirinn thart timpeall
Fá ndéanfainn le cailín suirí,
A dtugas spéis mhór go deimhin dá gné is dá hinneall,
Tá ar aon nós i gcruth mar Aoife?
Gan géilleadh do thuilte sléibhe is don uile
Thréanfhear a bhfuil gá dídean,
Má fhéadam beidh an ainnir chéanna na bhfoireann
Méarlag gan ghuth liom sínte.



Dá ndéarfadh a cine is a lucht gaoil gad uime
Fá léigfeadh go leamh mo chroí dhamh
Bheith ag dréim lena cumann san éagruth a bhfuilim,
Is ar shaibhreas na magh nach bhfaighinn í;
Mo scéala dhóibh uile gur lena scéimhse do cuireadh
Mo chéadfaí i gcruth gur baoth mé,
Is nach ionadh dá mbaininn éiric as dhuine
Chaitheas gaethe tré bhrú mo thaoibhse.



A spéirbhean den fhine is féile go deimhin
De shliocht Éibhir nó threibh Mhic Mílidh,
Ná léitear le file véarsa nó siolla
I gcraobh ghlas den mbile ríoga
Gur éagas tré ghean ort, féach is ná fulaing
Dhamh féin feasta dhul faoi líogaibh
Ach déana mar deirim, is déarfaidh gach duine
Gur tú an lia thug fadú saoil dhamh.


L. 48


Ós léir do Chrích Uladh gur in t'éadansa chruinneadh
An scéimh uile ón gcine dhaonna,
Mar Hélen fár tugadh céad cath in ar goineadh
Gréagaigh le lucht na Traíthe,
Ní féidir dhamh fulaing éifeacht mo ghean ort
A spéirbhean mhilis mhaoth gheal,
Ná déana mar rinne Briséda gan chumann
Ach mar Dheirdre chuaidh ar muir le Naoise.


L. 49


SLÁINTE NA MNÁ GAELAÍ.



Ólfaidh mé sláinte an pháiste is daoire folt
Shileas go trácht 'na scáine péarlach tiubh,
Ní fuireach is áil ach ar ball 'na gcéadta lúb,
Pilleadh san áit ór fhás gach aon acu.



Ólfaidh mé sláinte chláir a héadain dil,
Thart timpeall atá ar dhath an laoige dhil,
Siúd an soineann gan smál is dealramh gréine ansin,
Cumadh 'na phátrún áille is scéimhe dhúinn.



Ólfaidh mé sláinte a dá bhraoi chaola inniu,
Gé fogas atáid de ghnáth dá chéile is gur
Siúd a samhail, nó táimse lán díth céille, tur,
Mar chleite ar an rása i láimh an chléirigh mhir.



Ólfaidh mé sláinte a dá rosc shéimhí ghlais,
Le gaethaibh an ghrá ní ár is í féin gan fhios;
Dá bhfaicfeadh a ndealramh ardmhic Hécub' thoir,
Ní chaillfidís lán mo mháime ghréagaigh d'fhuil.



Ólfaidh mé sláinte a dá ghrua thréadas fir,
Ba ghile gá rá gurb áil léi an chéim ó chin,
Siúd a drithle ina lár is a gáir mar bhéadh a goil,
Is ach mise bheith slán más fearr liom gléas a bhfuil.



Ólfaidh mé sláinte a gáire is a béilín dil,
Gach siolla dá rá ag breith barr ar mhéir Mhic Lir
Is ceartchruthaigh an Cheard, gan smál mar néamhannaibh
Go fraschumtha in áras cnámh a déadaibhse.


L. 50


Ólfaidh mé sláinte a bráighe is gléile cruth
Mar shneachta as an aird nach gnáth teas gréine a theacht.
Ní fada is ní gearr, ní cam, ní caol is ní tiubh,
Ach suite gan táir is ní háille é inné nó inniu.



Ólfaidh mé sláinte a bánchí' is caoile goib,
Tá nite as an mbláth mar dhá uibh éin i neid,
Nár milleadh le lámha cháich gá sméarachtsiod,
Is is mise bheadh slán an fad a bhéinn dá ngoid.



Ólfaidh má sláinte a dá chrobh mhaothghil bhoig,
Sheinneas mar Dhaghdha a ndearna an éigse 'lig;
Níl fíor ar fáil nach dtairnfeadh a méir go glic
I mbrataibh bheir náire do mhnáibh is a mbéil gan smid.



Ólfaidh mé sláinte óna bathais go dté a troigh,
Ciste na ndáimh a bhfuil fáilte is féile inte,
Níl startha nó dán ón áirc nach léir dhi a mbrí
Is is miste Críoch Fáil a bás tráth éagfaidh sí.


L. 51


MUIRIS Ó GORMÁIN.



Ar maidin Dia Máirt is mé ag dul go Droichead Áth'
Theagaimh dhamh an stáid ar an Turnpike Road,
Is í is deise dar tharla orm de mhnáibh
Ó gineadh mé lá go bhfaca mé an tseoid;
Gabhamsa a láimh an oiread is a rá
"Shall travil vith bláth na finne, sweet rose,
"Yes, dar be me own trath," ar sise, a thabhairt sásaimh,
"Fat vill se kall or feadar shall go?"



Fhreagair mé an tráth sin lile na mbánchrobh
Ba ghile nó bláth na n-abhall faoi dhó,
Is tráth aithneas gur pháiste Sacsanta gallta
Ainnir na bhfáinní, chas mé mo ghlór:
"Me is go to Droichead Áth, shall give you a cárta
And heartily fáilte, madam vit póg;
d'amhairc mo dháilse is rinne sí gáire,
Shad is the kas, me money, has none."



Tráth chonnaic mé sméideadh ag teacht fó mo dhéin
Ón gcoinneal mar ghréin na maidne gan cheo,
Is go mb'fhearr liom nó saibhreas Mharcais is Séasair
Ise is mé a bheith i gcumann ag ól;
Las mé sa mBéarla is labhair mé léithe:
"If him had apron file the ór,
The divil a halfpenny me let you pay,
Shall drink the good ale whil feather cock crow".


L. 52


Thaitin mo Bhéarla blasta le spéir
Na ndearca mar réalta glasa go mór,
Is do labhair de shéimhghuth ba bhinne nó téada:
"Fath was you name or town was you home?
Fhreagair mé scéimh na cruinne go léir:
"Me is cristan Moresious Goraman cóir,
I is very school-measther, dar bi me soulvation
Shall carry good favour for you go deo".



Ar ndul go tigh an óil do shuíomar ar bord
Mar Pharis ón Traí is mar Helen ón nGréig,
Bhí mise dá pógadh is ise mar lóchrann
Solais gan bhrón, ag moladh mo léinn:
"You is very fine cloathes, you is prettey vright prose,
You is Latin vell spoke and fath me can name";
Ach bhíomar ag ól gur thuit mise mo cheo
Is don deamhan sin orlach fuair Muiris dá feidhm.



Ar dteacht as mo néal dhamh dhearcas gach taobh
Den halla a raibh an spéirbhean is mise fón mbord,
Is ní fhaca mé aon a bhéarfadh dhamh scéala
Ach gasún gan chéill nach dtuigfeadh mo ghlór;
"Did you see fair, fine, handsome white lady
That was me comrady night last ag an ól?"
"She is make run away vith a shantleman brave,
Back horse with race and up the ród mór."


L. 53


RÓIS NIC AN BHAIRD.



Gé go raibh sí Róis is mise ár gcónaí mar lánúin thart thall,
Is nach gcreidfeadh slóite go scarfadh an óigbhean ar
tháinte chóich' liom,
Thug sise móide mire móra ó fágadh mo chrann,
Go rachadh i gcomhar leis an tSagart Eoin i mbun
crábhaidh sa ghleann.



Nach ait an nós-sa a ghlac sí Róis níon an Bhaird ina ceann,
Go dtug móide nach dtabharfadh póg damh os ard nó faoi choim,
An bhean a chóir a bheith ag gol go brónach, bíom fágtha nó tinn,
Gurab í is troime labhras is chaitheas mórchlocha na sráide liom.



Dá dtabharfaí fós dhamh Inis Fódla gan cháin le mo linn,
Líoga lómartha ríthe Eorpa ina mbárcaibh ar toinn,
Mo chathaibh cróga chum seasamh gleo dhamh in gach gábh le fonn,
Níl gar sa dóigh sin, is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.



Dá mbeinnse cóirithe san éideadh is mo luach ar fáil insa bhFrainc,
Is coróin chlócheart athar Scóta gach lá fó mo chionn,
Sin is mo chóistí a bheith nite as ór uile ó thairne go rinn,
Níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis níon an Bhaird
a bheith liom.


L. 54


Dá mbeinn mo chónaí i gcathair órga mar áras Mhic Goill,
Is na ceatha ceoil a bheith ar feadh mo longphoirt go sáimh
ar gach foinn,
A raibh de stór ag Crassus Rómhanda ar fáil agam gach am,
Níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.



Dá mbeadh mo bhordaibh faoin uile sheort bídh b'fhearr
i gCrích Choinn,
Bruite is róstadh is mo choirn fóirlíonta de ghnáth de gach lionn,
Brataibh sróil fó mo leaba cóirithe de bhánscotha fionn,
Níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a
bheith liom.



Dá mbeinnse cróga mar Shamson mongach thug barr ar gach clann,
Is go beacht i bhfoghlaim ar aiste Hómer thuill táin
lena pheann,
Dá seinninn ceol bhéarfadh an uile othar chum sláinte
gan mhoill,
Níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird
a bheith liom.



Dá mairfeadh i gcónaí mo charaid bheoga thuill táin
damh is greann,
Ní scarfadh Róis liom is ní rachadh in ord ar bith
crábhaidh sa ghleann,
Ó theastaigh an róghath bhí againn thóg sise ardarm teann
Is beidh an cogadh mór so gan osadh comhraic go
brách feasta liom.


L. 55


TORLACH CÓIR Ó hÁMAILL.



Cha chreideam go deo dá ndéarfaidís slóite
"Béir bocht nó go leonfaidh an bás thú"
Dona liacht dóigh a dtuiteann sin tórtha
Ar dhuine gan stór is é arsaí;
Ní fiosach neoch beo cia maidin nó neoin
Dá gcuirfeadh an rí glórmhar ádh air,
Mar theagaimh i gcóiste thaistil na mbóithrí
Do Thorlach cóir Ó hÁmaill.



Níor chruinnigh sé stór nó ciste den ór
A chaitheadh i dtig an óil go fáilteach,
Shuífeadh sé ar bord ó mhaidin Dé Domhnaigh
Go n-éireodh an ló Dé Sathairn air;
Cha ghlacfadh sé comhairle mhná nó milord,
Ní fhuirsfeadh, ní threabhfadh is ní fhálfadh,
Is nach bhfaic sibh fó dheoidh gur chuir Fortún i gcóiste
Torlach cóir Ó hÁmaill.



Ní raibh tigh leanna maguairt ó Charraig ó thuaidh
Go hInis Caoin suairc na fáilte,
Ó shin go Móin Fhuaid is go Dealgan na gcuach
Nár thriomaigh sé suas, mo pháiste;
Dá dteagadh na sluaite phronnfadh gan ghruaim dhóibh
Na cascaibh ón gcuan gan chánaí,
Is ní raibh oslóir gan duais ó Thorlach rua
Fón eachra a chur suas ar stábla.


L. 56


B'fhearr liom le mo bheo gan chapall, gan bhó,
Gan fhearann is fós gan áras,
Nó imeacht sa ród mar Icarus óg
Mac Daedalus éolaigh ámhair;
B'fhearr imeacht sa meon, mar teagascadh dhó
Nó brosnú le stró go hard suas
Gur thuit sé fó dheoidh, is a chleitíbh gan treoir
Is gur i dtonnaibh na bóchna bádh é.



A Thorlaigh, féach is ná leansa don riail
Le ar cailleadh an fialmhac Árad,
Tráth thabhaigh dhen ghrian cead eachra a riaradh,
Ag imeacht le riail a mháthara;
Léig leis na srianta is bhrosnaigh gan chian
Na greagha bhí dian i dtánbhras
Gur loisceadh sna ciantaí na harisans siar
Is nach dona chuaidh a mhian do Phaethon.



Dá nglacfadh mo chomhairle an duine dá dtabharfadh
Tuilte den ór is grá fós,
Aigneadh ní thógfadh seacha mar chóir dho
Ach imeacht sa nós ar ghnáth leis;
Níl ann ach ceo is ní mhaireann sé i gcónaí
Is cathú romhór a lán dhe,
Is go gcraitheann an cóiste an fear úd nach eol dho
Amach as is a thóin in airde air.


L. 57


SEARCRÚN NA dTRÉAN.



Ar ndul damh 'mach fón sliabh gan choin, gan each is an ghrian
Ina gaethe glana aniar go glórmhar
Fó thulcha glasa, an fiadh ag dul chun reatha siar
Is guth na mbeach ag triall sa nuachoill;
Measc na dtor níor chian gur theagmhaigh dhamh réalt
Sholasta na gciabh n-ómra
Is a péire roscaibh liath mar dhriúcht na maidne riamh
Ní fhacas bean comh tréan ródheas.



Tráth dhearcas ar an tsaoi mo mheabhair is mo bhrí
Chailleas tré na líthe saora
Fearadh óna gnaoi, ach ghoireas uirthi arís
Is labhair mé go caoimh léithe;
"Cia ndeachaidh uad a naoi, teachtaire na rí,
Pallas nó an ríon chréachta?
Nó an chugamsa fón ngníomh tháinig tusa, a níon
Mar bhreitheamh mé ag fíoradh séad dhuit?"



Labhair sí go séimh mar fhoghar chaointéad
Mhic Manair óna thaobhaibh síthe,
"Tabhair th'úidh féin ní mise aon ghéag
Dár aistrigh go taobh Ída;
Ar fheabhas thrí ngné go ndeachadar a dh'éad
Fón abhall ón spéirdhíle
Is ná meastar leat ar aon mhodh go maireann sin spré
Ionamsa den scéimh chéanna."


L. 58


"A mharthain chaoin tséimh le lasann fíorscéimh
Bharraigh ar an réim dhaonna,
Is acmhainneach na gaethe chaithir ó do ghné
Le ar goineadh mo thaobhchlíse,
Ós dearbh brí an scéil, a shearcrún na dtréan
Muna deana tú mo chréacht a íce
Go mbeidh talamh agus fear tharamsa mar éideadh
Is ba aithreach dhuit an daorghníomh sin."



"Dá gcantaí leat fá thrí ar labhair Mac Phrímh
I bhfoghar gutha ar shlí suirí
Le ar gadadh don Traí Helen na maothchraobh
Ó Mhenelaus, a caoimhchéile;
Is dar tharraing arís a dhearbhráithre le ar líonadh
Leabhair ar Bhríséda,
Is tugthar dhamh mar mhaoin an India gan chíos,
Mo chumann ní bhfaighidh aon fhear."



Ós deimhin nach bhfuil brí in mo chumann leat, a iníon
Thabhaigh dhamh baois céille,
Glacfaidh mé taom buile mar níodh
Curaíbh na maidhméachta;
Is ní scuirfead dem fhíoch ach ag traochadh mo bhíobha,
Mar Chonall ag cloí Méabha,
Is gach conar ina mbiair leanfad thú go dian
Go mbrise mé sa haonéag ort.


L. 59


MÁIRE NÍ CHEALLAIGH.



Lá de na laethe dhamh i gcathair Dhroichead Áth' na seod,
Ar chlár i dtigh leanna is mo channasa lán den mbeoir,
Tráth b'áil liom na hannaí a chur tharam le scáird a dh'ól,
Súd Máire Ní Cheallaigh dár bhfarradh measc cháich fón mbord.



Ar tháille bheith ag malairt le fear tháinig Máire ár gcóir,
Is go ndéarfá gur leanbh dá gcanadh sí ráite ceoil,
Dá ndéantá uirthi amharc do lasfadh le náire mhór
Ach, a ghrá, dob í an sionnach i bhfolach faoi chárda i gcló.



Dob álainn le faicsin an bhean úd a dtráchtaíom fós
Bhí báine ina leaca is goradh de dhealramh an róis,
A gáire is a hamharc a tharraing mé i ngrá go mór
Ach cé náireach re aithris, thabhaigh sin gráin damh is brón.



d'fhiafras den mbean úd, "an nglacfair mar tá mé, a stór,
Mo chaoifeach ar leaba is m'fhear cumannghrá sa ród?
Níl áras nó earra agam, fearann nó láthair, nó bó,
Ach aon chárta leanna, sin agaibh é is fáilte ar bord."



Arsa Máire Ní Cheallaigh ag labhairt go dána beo,
"Ní háil liom do shamhail, táir folamh is is tláith do ghlór,
Chím snáithe lom caite in do chasóg is ní fearr do bhróg;
Ní bán do charabhata is do sheanhata ag fás go sróin."


L. 60


"Níor chás liom a gcanann tú, a ainnir na mbánscath meor
Mo shárú i dtigh leanna, is fó chailín, ní náir dhamh fós,
Má tá mise folamh tá m'ealaín níos fearr nó ór
Is tá céad bean chomh maith leat gan fhear ó Chionn Aird go Bóinn."



"Táir fágtha in t'aithne is níor bhreathnais mo chás go fóill,
B'fhearr liomsa fear agam a sheasódh an báire ar dóigh,
Shásódh m'aigne go maidin le stáca beo,
Nó do ráfla, is t'ealaín, is do channa, dá mbeadh lán den ór."



"A Mháire Ní Cheallaigh, is taitneamhach sáimh do ghlór,
Is is fearr liom nó gearrán mar d'aithris tú an fáth bhí romhad,
Ós gnáth dhuitse an tagartha galánta láidir ód
Go do shásamh ar leaba, bíodh agat, is tá m'ádh féin romham."



"Ní thabharfainn ar do shiollaí aire, a ghiolla dhuibh
ghránna chróin,
Beidh rúcaire fir agam a shuífeas mo chnámha ar dóigh
Faoin tsúsa sa gcluiche úd le ar goineadh Mac Dáire i ngleo,
Is siúil leat a dhuine, tá mo chuileann le ráith' dá dhó."



"Ós brúite do chuileann, do chumann ní háil níos mó,
Is cliútaí liom ainnir nár milleadh a táin go fóill
Nó cluanaí do shamhail, ba bainne is Port Láirge leo,
Is a shiúr sé mo bharúil nár tharraing tú an cárda cóir.


L. 61


MNÁ NA hÉIREANN.



Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad damh is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba binne léithe mo ráfla ceoil
Nó seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr leí beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo tharr faoi fhód.



Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur bhfaighinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach
bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.



Tá bean i Laighnibh is níor mhiste léithe bheith láimh
liom ar bord,
Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsaí is is
sárbhinne glór,
Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig Éamoinn a níodh gáire ag ól
Is tráth bhí ina maighdin ní mise d'éignigh a dá chois ó chomhar.


L. 62


Tá bean a leaghfadh, nífeadh is d'fhuaifeadh cáimric is sról,
Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh
an bhró;
Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró
Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a
máthair faoi fhód.



Tá bean a dhéanfadh an iomad tréanais is grá Dia mór,
Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh
is nach n-ardódh glór;
Ach thaisbeáin saorbhean a ghlacfadh lé fear go
cráifeach cóir
Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i
gcás ar domhan.



Tá bean a déarfadh dá siúlainn léithe go bhfaighinn an t-ór,
Is tá bean 'na léine is is fearr a méin nó na táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,
Is ní fhaicim leigheas ar mo ghalar féin ach scáird a dh'ól.


L. 63


M'UILLEAGÁN DUBH Ó.



Is i ndún a chois coilleadh ag imeall na trá
Tá snua an aoil úir mar an rós,
I ngnúis an leinbh nár milleadh is is áille
Cúl na lúb mar an ór;
Ar chinniúin Leánder ní tharraingfí scríobh
Nó ar Helen an ucht bhláithghil le ar sárscriosadh an Traí,
Dá mbeadh fhios ag cách go mbeadh mo ghrása san tírse
Ina huilleagán gan bhrón.



Is binne mo leanbh míle uair ná an Daghdha
Is a thrí mic ciúil dá mbeadh beo,
Nó an siansa úd sheinneadh Mac Manair ar a chláirsigh,
Na faoilte le múchtaí an brón;
Is ionann is an samhradh gach geimhreadh gan ghaoith
Agus tuilte de gach arbhar le leamhnacht is fíon
Fó mhullaigh is fó ghleanntaibh an uille aimsir mar mbíonn sí,
M'uilleagán gan bhrón.



Is aoibhinn ceiliúr agus seinm na n-éan beag
Fó choilltibh dlúthchaoimh cnó,
Agus siansa na n-inbhear is na bhfuarán le héiscibh
Ag brúchtadh de dh'oíche is de ló;
Is meanmnach gan angar gach clann mhac is níon,
A bhfearaibh is a mbantracht ag rabhradh fó aoibh,
Is an mhil ag teacht ó neamh an uile aimsir sa tír
A mbíonn m'uilleagán dubh ó.


L. 64


Níl gné san gcruinne le cumas a méir
Nach bhfuaifeadh an naí sa tsról,
Le céill nó teanga dár canadh faoin ghréin ghil
Buailte i laoi nó i bprós;
Nach fiosach dhi is mar shealbhaíos dealbhna na naíon
Ó Helicon dhealraíos fón cheathardhúil gach saoi
Is na srotha gloine ag sleamhnú ó sheamraibh Castilia
Is an uilleagán dubh ó.



A shiúr mhaoth mhilis, dá mb'fhiosach dhuit mar tá mé
Mo dhúscadh de dh'oíche is de ló,
I gcumha lán tuirse is mé ag titeam i ngrá leat,
Shiúlfá an saol liom a stór;
Ach muna dtiocfaidh tú, glac peann blasta in am agus scríobh
Litir dom ionsaí ina sloinnfear leat síos
Nach orm luíos th'ansacht do ghreann nó do mhian
Is nach tú m'uilleagán níos mó.


L. 65


SADHBH NIG OIREACHTAIGH



Tréigfidh mé ceol, cuideachta agus spórt
Agus cromfaidh mé le fónamh don tsaolsa,
Ceannóidh mé bó, capall nó dhó
Agus b'fhéidir gabhair agus caoirigh;
Diúltam go deo do imirt nó do ól,
Do chuideachta nó pógadh maighdean
Ach, cé bé dúras fós, tá sé sin uilig romham
Níl gar ann muna bpógfainn Sadhbha.



Tá daoine san áit seo agus bíonn siad dá rá
Nach mbíonn agam go brách saibhreas,
Cluinim iad dá rá ach cha chuirim orthu aird
Agus chífidh siad ar ball gur bréag é;
Beidh mise ag ceannach snáth ar aontaí ó mhná
Agus línéadach bán glégheal,
Ach dá ndéanfainn dubh den mbán agus caisleán insa lá
Cha bheadh gar ann muna sásóinn Sadhbha.



Rachaidh mé 'mach agus ceannóidh mé speal
Agus gearrfaidh mé fásaigh agus léantaí,
Is ar mo philleadh dhamh isteach, beidh ór agam go fras
Agus b'fhéidir go bhfaighfí feidhm leis;
Ceannóidh mé mart is cuirfidh mé í sa toit,
Óir saoileam nach cúrsaí tréasa é,
Ach dá dtaomfainn an loch, níl brí ann nó gar
Muna sínfinn mo chorp ar Shadhbha.


L. 66


Rachaidh mé a dhróbhaireacht is ceannóidh mé scóip
De thalamh méith a chóir Dhún Léire,
Beidh aoire agam dóibh de dh'oíche is de ló
Is má thig toradh orthu tógfaidh mé dairy;
Má fhéadaim, dar ndóigh, beidh giolla agam dóibh
Chuirfeas an t-óigeallach fá bhruach sléibhe
Ach dá ndéanfainn níos mó nó ar dhúirt mise fós,
Ní bheadh gar ann muna bpógfainn Sadhbha.



Ní bhfuil aon duine bocht i muinín cúpla mart
Nach dtabharfaidh mé bearach is féar dó,
Nó go gcruinneoidh siad stoc is maoin mhór ar chnoc,
Is go bhfaighidh siad téarma is léisí;
Mar a fuair mé iad gan locht, cha bhíom féin go holc
Don mhéid úd atá faoi léanbhroid,
Ach dá síolfainn an cnoc ba díomhaoin mo bhoc
Muna sínfinn mo chorp ar Shadhbha.



Ní bhfuil saor dá ndeachaidh anonn nach dtabharfaidh mé anall
Agus tógfaidh mé loing ar an Éirne,
Beidh tuistiún ar an gceann dá dtriallfaí ar toinn
Ach don deamhan pingin a bhíos ar mhaighdin;
Níl ceard dá raibh ariamh nach dtoiseoinn gan chian,
Is treiseoidh mé ar an bponc le Gaelaibh
Ach an currach sin Dhún Binne dá dtabharfainn go Baile Áth Truim
Cha sásódh sé gachaon Sadhbha.


L. 67


PÁISTE NA SUBH.



A pháiste na subh ná fág mise inniu
Gan slán a chur damh, má thriallair
Is go mb'fhearr liom do bhun gan áras ach tor
Nó i bpálas i measc na n-iarlaí;
Nach gránna an ní dhuit mo chrá is mo ghoin
Is gan leigheas damh faoi chruth na réaltain,
Gan sláinte a thabhairt damh ón mbás seo mo bhun
Ach m'fháscadh le hucht do chléibh ghil.



A stánaí gan sult atá lán de na hoilc
A bheir mná as a riocht rialta,
Le do bhláthbhriathra tur go bhfaighir iad sa dul
Is fágann tú ansin faoi chian iad;
B'fhearr liom insa muir nó láimh leat a chois toir
Mar atá fhios agam go maith go n-iarrfá
Bheith in airde ar mo mhuin chum náire a thabhairt damh
Croí cráite ort! is druid i bhfad siar uaim.



A ghrá is caoine cruth nó an stáidbhean ler thuit
Priámus is lucht a dhídin,
Ná trácht liom ar oilc nó gráin a thabhairt dhamh
Is go mb'fhearr liom le d'uchtsa sínte
Nó táinte na gcnoc ó Árainn is a bhfuil
De phláta go Sruth na Maoile;
Níl fáth leis ach sin, muna bhfaighidh mé do ghean
Gur bás damh tré bhrú do chroíse.


L. 68


Croí cráite ort, lig damh, ní sáimh liom do ghuth;
Téigh láimh liom is ná bain le m'íochtar
Nó na gártha go gcluinfidh mná agus fir
Gach áit ar fud na tíre;
Gheobhair do scanrú ansin ó chách fá do choir
Ach náire ní chuirfeadh an saol ort,
Is go mb'fhearr leatsa pis le pléascadh anois
Nó cláirseach is tonnaí fíona.



Cha dtáinig is cha dtig is cha léitear sa stair
Cás ar bith eile is truaighe
Nó grá a bheith agam duit is gan grá a thabhairt damh
A ghrá, ná tabhair thusa fuath dhamh;
Is go snámhfainn an mhuir, a ghrá, ar do shon
Mar Leánder ag teacht fá thuairim
Na mná dá raibh a ghean is má tharraingir gach alt
As a n-áitibh, beidh mise thuas ort.



Pláigh ort! is ceart a sháraigh tú mé 'mach
Is is ábhail nach nglacair fuagra,
Tá an cásasa ceart ag cách ag teacht ort:
Gur le mná chaith tú do rath is do chnuasú;
Ach ó tharla sinn i bhfad ó áras anocht
Is an áit so cosúil uaigneach,
Má fhaigheann tusa an gar, go brách ná léig ort,
Glac do sháith de go mbeidh tú suaite.


L. 69


ÚR-CHNOC CHÉIN MHIC CÁINTE.



A phlúr na maighdean is úire gné,
Thug clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
Dhúblaíos féile is fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil
Mhúchas léan le gáire,
Is é mo chumha gan mé is tú a shiúr, linn féin
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.



Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal
De do chumha a ghéag is áille;
Is gur tú mo roghain i gCúigibh Éireann -
Cúis nach séanaim ás de.
Dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin,
Ba súgach saor mo shláinte,
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.



Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bhearnaigh mhásaigh,
Is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
Suairc ar ghéaga in áltaibh;
I bhfuarlinn tséimh chífir sluabhuíon éisc
Ag ruagadh a chéile ar snámh ann,
Is an cuan gur léir dhuit uaid i gcéin
Ón Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte.


L. 70


A rún mo chléibh, is mar súd a b'fhearr dhuit -
Tús do shaoil a chaitheamh liom,
Is ní i gclúid faoi léan ag túirscín bréan
I gcionn tuirne is péire cárdaí,
Gheobhair ciúl na dtéad le lúth na méar
Do do dhúscadh is dréachta grá fós,
Níl aon dún faoin ngréin chomh súgach aerach
Le hÚr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte.



A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
Gluais liom féin ar ball beag,
Trát is buailte cléir is tuata i néaltaibh
Suain faoi éadaí bána;
Ó thuaidh go mbéam i bhfad uatha araon
Teacht nuachruth gréine amárach,
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
San uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.



An Cailín
Beir uaim do phléid gé gur luaigh tú céad ní -
Nós a bhfuil spéis ag a lán ann -
Is an duais is fearr nó uallaigh séad
Níor chuala mé thú ag trácht air;
Tuatha saora, buaibh is caoraigh,
Is cruacha péarlaí i bpálais
Mar luach ní ghéabhainn uait is gan gléas
In am suain le ndéantar páiste.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services