Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghair-sgiath an Aifrinn

Title
Eoghair-sgiath an Aifrinn
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
O'Brien, Patrick
Composition Date
1615
Publisher
(B.Á.C.: Patrick O'Brien, l898)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EochairSgiath an Aifrinn.



An reimhthionsgnamh.
chum an leightheora.



Is anns an aimsir so an díthchreidimh agus aindiúide Chailbhin cholluidhe
agus a chloinne, agus Luther loitbheartaigh agus a lorgairidhe dearbhthar
fírinne na faistinne dorinne Isaias anns an seiseadh caibidil mar a
n-abair sé ris an bpobal Eabhrach - “Eistigh (ar sé), agus ná tuigidh;
feuchaidh taisbeánadh agus ná tabhraidh aithne air.” Agus má tá, do réir
litre an Scrioptúra gurab ris an gcineadh Iudaigheach adubhradh na briathra
so, maiseadh go fáith-chiallach, is i nEiricibh na h-aimsire so do fíoradh
suim na faistine; óir dochluinid an fhírinne go fromhtha d'á fáisnéis ag
searmóntaibh soisgealda na hEagluise Catoilice, agus fós d'á suidheamh
le briathraibh barántamhla an Bhíobla agus d'aitheasgaibh úghdarásacha na
nAithreach Naomhtha, agus de réasúnaibh réidhe, ró-shoillseacha, agus ní
thuigid siad í. chidhid iomad míorbhal agus taisbeántadh eile, agus ní thiubhraid
aithne orra gurab ó Dhia thigid; agus do dalladh a gcroidhthe an mhéid sin
ionnus go rugadar bárr ainbhfeasa ar gach droing d'Eiricibh d'á dtáinig
ann fria rae míle agus chúig ceud bliadhan, mar gur chuireadar rómpa
an t-Aifrionn dobhí ar bun an feadh sin do chur ar gcúl contrárdha
d'órdughadh aonta na hEagluise, dárab ainm, do réir Phóil, 'san treas
chaibidil de'n chéad Eipistil do sgríobh chum
Timotheus - colamhuin
agus fundaimeint na fírinne, d'ár gheall Dia fanmhuin ina fochair go
fóircheann an bheatha, do réir Matha 'san gcaibidil dheighionaigh,
agus
Eoin 'san 14 Caib. Adeir fós Tertullianus, do mhair de thaoibh istigh de
dhá cheud bliadhan andiaigh Chríost, nach féidir leis an Eagluis Chatoilice
dul ar earáid ná ar seachrán, agus fós is é sin rádh coitcheann na
nAithreach is eagnuidhe agus is tromdha d'á dtáinig ó aimsir Chríost go


L. 2


soiche so. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin, nó a lorgairidhe gurab
aca féin atá an Eagluis Chatoilice sin, is follus nach fíor dóibh é; óir
is ionann Catoilice agus coitcheann, agus is neamh-choitcheann an Eagluis
atá aca-san arna connlughadh i gcúlairibh cumhanga
de'n roinn beag so
na hEorpa, agus is lúghadh de cheithre rannaibh na talmhan. Ní hionann
agus ár nEagluis-ne ghabhas leis an Aifrionn atá anois ag a ghnáthughadh
i n-urmhór na hEorpa go h-iomlán cian de bhliadhnaibh, agus i mórán
d'ionnadaibh de Ríoghachdaibh na hAisia, agus na hAifrica, agus 'san
India Shoir, agus i mórán d'oileánaibh eile ar ceadna.



Is iomdha fós comhartha dileas d'á dhearbhadh gurab í ár
nEagluis-ne an Naomh-Eagluis Chatoilice; agus is maith an
comhartha ar sin naomhacht ár n-úghdar agus ár nAithreach,
agus mar thigid siad le chéile ar aon tuigse 'san uile nídh
bhuaineas le n-ár gcreideamh. Ní h-ionann agus Luther agus
Calvin bhíos go minic bunoscionn le chéile, mar is follus de
thaoibh na h-abhluinne coisreagtha, mar a mbí, do réir Luther,
substaint chuirp Chríost mar aon re substaint an aráin, agus
mar nach féidir a bheith de chomhachtaibh Dé féin, do réir
Chailbhin.



Is maith fós an comhartha ar ár nEagluis-ne gurb í is Naomh-Eagluis
ann, a mhionca doghnidhthear agus dorinneadh míorbhuilighe
móra maille ria, amhail is follus as stáraibh increidthe na
n-úghdar is eagnuidhe tháinig riamh 'san Eagluis, mar atá
Ambrosius, Aubhistín, Hieronymus, Gréagóir, agus iliomad eile
ó shoin amach.



Is maith fós mar an gceudna an dearbhughadh gurab í ár nEagluis-ne
amháin is Eagluis fhírinneach ann, méid na cosmhulachta atá
idir bheatha Chríost (ar mbeith 'san saoghal so dhó) agus na
nAithreach sinnseardha d'á ngéileann an Eagluis Chatoilice,
mar atáid na Pápaidhe dobhí ann i bhfíor-thosach na hEagluise,
agus gach úghdar naomhtha d'ár ghabh léi ó shoin i leith.
Oir is le h-úmhlacht agus ní le h-uabhar, le fulang agus ní
le fóiréigean, le h-eagna agus ní le h-armaibh, le crabhadh
agus ní le cloidheamhaibh, le naomhthacht agus ní le neart
tsluaigh do plannduigheadh go príomhamhuil an Naomh-Eagluis
Chatoilice le Críost. Is ar an módh gcéadna sin do craobhsgaoileadh
an creideamh Catoilice leis na pápadhaibh
reamhráidhte, agus go h-áirighthe na trí Pápaidhe deug ar fhichid dobhí
andiaigh Chríost ag
ollmhughadh na hEagluise. Ní bhfuair neach díobh bás le hadhairt
acht iad uile do mharbhadh, agus d'fhulang martra ag cosnamh
an chreidimh Chatoilice. Ní mar sin do na hEiricibh, is le h-uabhar agus
le h-aimhneart, le cloidheamh agus le cogadh, le bruid
agus le bás
d'imirt ar dhaoinibh eile, mar is follus as mórán de stáraibh
nuaidhe in a dtráchtar ar na h-áraibh agus ar na h-uireasbhadhaibh
móra tháinig de Luther agus d'á lorgairidhibh do thiubhairt
in ionadaibh iomdha 'san Ghearmáin,


L. 3


ag imirt fóirneart agus
fóir-éigean ar na Catoilicibh chum gabhála leis an seachrán
dobhí aca féin d'á shíolchur agus d'á sheanmórughadh,
agus fá córa gan aonta do thabhairt dóibh.
Neamhghlaine an tsíl do curtaoi leo, mar atá cogal an chraois
le ar cuireadh an trosgadh ar gcúl; piseán na póite le ar
múchadh an measardhacht leo; deasa fiadha na drúise le ar
cuireadh an gheanmnuidheacht i ndearmad leo mar is follus as na
cheithre sleachtaibh do lean Luther agus a lucht
leanamhna, thug
iad féin go h-iomlán do chraosól agus do charbhus, mar atáid
íotaigh na hAlban, súmairidhe na Saxon, agus potairidhe na
bPleimeanach, agus glugairidhe na nGearamáine; agus má's fíor
an soisgeul mar a n-abair Matha 'san seachtmhadh caibidil gurab
ar toradh an chrainn aithnighthear an maith nó olc é; agus
fós mar a n-abair nach tiubhair droch-chrann toradh maith uaidh
ná crann maith droch-thoradh uaidh; is dearbh d'á réir sin
gur droch-chrainn Luther agus Calvin agus a lorgairidhe, do
bhrigh gurab droch-thoradh thugadar uatha, amhuil adubhramar shuas,
mar gur síolchuireadar craos i n-áit an troisgthe, bun-os-cionn
do'n Scrioptúir; drúis i n-ionad na geanmnuightheachta; agus
craosól i n-ionad na measardhachta.



Is mór fós an dearbhadh gurab againn-ne atá an Eagluis fhírinneach,
mar atámuid ina seilbh ó aimsir Chríost diaigh i ndiaigh; óir
ní tháinig lá ná mí ná bliadhain ó aimsir Chríost go soiche
so nach faghthar i leabhraibh n-a hEagluise cia an Pápa, glún ar
ghlún dobhí i gcomharbus Pheadair i n-árdfhlaitheas na hEagluise
do shíor, gan cur ar gcúl, claonadh ná claochlodh. Agus dá
n-abradh Luther nó Calvin gur claonadh creideamh na gcéad
bPápadh le Pápa éigin d'á dtáinig ina ndiaigh, a shlán
fútha ainm nó sloinne an Phápa sin do thabhairt uatha go
fírinneach; nó dá n-abradaois go breugach gurab le linn an
treas Phápa, air a raibh Innocentius d'ainm, tháinig claochludh
an chreidimh, a shlán fútha a bheag nó a mhór d'éiriceacht
ná d'éaráid d'fhághail i laoidh nó i litir d'ár sgríobh
an fear sin riamh, agus fós budh duine naomhtha ro-fhoghlumtha
é.



Atáid trí coinghil ar an bhfíor Eagluis, mar atá aondacht,
coitchinne, agus naomhthacht. An chéad nídh atá innte aondacht
- eadhon, bheith ina h-aon Eagluis amháin, do réir Phóil
'san 4 caib. chum Ephesianum - “Aon chreideamh amháin (ar sé)
atá ann.” Agus is ionann sin re a rádh agus gurab aon Eagluis
amháin atá ann; óir ní hEagluis gan creideamh, agus ní
creideamh gan Eagluis. Tig S. Aibhstín leis so 'san dara
caib. de'n dara leabhar do sgríobh ar aondacht na hEagluise
- “Aon Eagluis amháin (ar sé) d'ár ngoireadar ár sinnsir
Catoilice atá ann, ionnus ó'n ainm sin féin go bhfoillseochadaois
go bhfuil 'san uile áit. Adeir Críost féin
'san 10 caib. ag Eoin, ag tairngire ar aondacht na hEagluise
- “Biadh (ar sé) aon chró agus aon aodhaire amháin ann.”
Gidheadh ní h-aon


L. 4


chreideamh amháin atá ag na hEiricibh;
óir ní mór gurab lia ceann aca ioná creideamh.
Ní h-ionann agus ár nEagluis-ne chreideas do réir an aoin-chinn
d'fhág Peadar aice - eadhon, an Pápa d'fhág Sé ina
h-árdfhlaitheas ós a cionn go fóircheann na saoghal, amhail
do fágadh Críost é féin, do réir mar léightear 'san 21
caib. ag Eoin - “A Shiomoin Pheadair (ar Sé), an ionmhuin leat
me? Sásaidh m'uana féin; sásaidh mo chaoirigh féin,” d'á
chur i gcéill gurab do Pheadar thug Sé uachtarántacht agus
coiméad an tréada go h-uile; agus do chuir Peadar an
uachtarántacht so i ngníomh an tan d'éirigh ina sheasamh ameasg
na coda eile de na hAbstalaibh, agus do labhair leo mar
árd-aodhaire coitcheann, do réir
mar leightear 'san dara caib. de Ghníomharthaibh na nAbsdal, agus fós
mar d'órduigh go barántamhuil dlighe 'san gcéad chomhairle choitchinn do
bhí ag na hAbstalaibh i Ierusalem, d'á chur i gcéill
gurab é féin budh h-árdaadhaire dhóibh, do réir mar léightear
'san 15 caib. de Ghníomharthaibh na nAbstal. Agus fós is do
Pheadar do gheall Críost eochraca an fhlaithis neamhdha,
agus is air fós do gheall Sé a Eagluis féin d'áitiughadh, do
réir Mátha 'san 16 caib., mar a n-abhair - “Is tusa
Peadar (ar sé), agus is ar
an gcarraig so áiteochad Mo Eagluis féin,” agus is duit bhear
eochracha an fhlaithis neamhdha. Is ionann an charraig ar i
n-áiteochadh an Eagluis agus Peadar, agus is ionann na h-eochracha
úd an fhlaithis neamhdha agus an cumas sgaoilte nó ceangailte
thug Críost do Pheadar mar árd-chomharba ina ionad féin ós
cionn na h-Eagluise go coitcheann. Do gheall fós Críost do
Pheadar nach rachadh claonadh ná claochlódh ina chreideamh
go bráth, agus adubhairt ris (ar mbeith daingean dó féin ina
chreideamh) a dhearbhraithreacha - eadhon, na Críostuighthe
i gcoitchinne, do dhaingniughadh ina gcreideamh, d'á chur i
gcéil gurab de do righne Sé ceann feadhma agus baránta buidhne
in gach nídh do bhuainfeadh re na gcreideamh. Ag so mar
adubhairt, ag labhairt le Peadar (do réir mar leightear 'san
22 caib. ag Lúcás) - “Do ghuidhe-sa (ar sé) ar do shon ionnus
nach rachadh do chreideamh i n-eaguibh. Agus ar bhfilleadh dhuit
daingnidh ina gcreideamh do dhearbhráithreacha féin.” Tuig,
a leightheoir, gurab iontuigthe dhuit as an uachtarántacht so
d'fhág Críost ag Peadar re h-ucht dulta ar neamh Dhó, mar go
ndearnadh Sé biocáire dhe ar an dtalamh, nó comharba
coitcheann ós cionn na hEagluise go h-uile; gurab í toil
Chríost an rim céadna sin do choiméad i bhflaitheas na
hEagluise maille re h-aon chomharba do bheith i n-árd-fhlaitheas
na hEagluise go h-uilidhe. Agus fós is córaide dhúinn a thuigsin
mar so - gurab í an Eagluis bean Chríost, agus d'a réir sin
gurab í an aiceacht d'fhág Sé aice dhlightheas sí do choiméad
do shíor; agus is í an aiceacht sin aon cheann amháin feadhma do


L. 5


bheith ag a follamhnughadh agus ag a stiúradh go hiomlán.
Is móide is ionntuigthe gach nídh dhíobh so méid an ghrádha
dobhí ag Críost do'n Eagluis, do réir mar leightear 'san 4
caib. de na Cainticibh, agus fós mar do dhearbhaidh Sé féin
méid an ghrádha céadna, mar gur fhulaing Sé bás ar son na
hEagluise sin, do réir Phóil 'san 5 caib. ad Ephesians.
Is córaide fós an aiceacht so do choiméad go bhfuil sé d'á
chur i ngníomh ag prionnsadhaibh na hEagluise, agus go n-abair
Tertullian anns an 22 caib. de'n leabhar do sgríobh ar an
teitheadh dleaghthar do dhéanamh le linn inghreama do bheith
ar dhuine tré n-a chreideamh. “Ní rachaidh (ar sé) creideamh
Pheadair ar gcúl go bráth.” Agus neartuigh sé fírinne na
neithe so i mbriathraibh Lúcáis 'san 22 caib. mar adubhairt
Críost gur ghúidh Sé a Athair ar son Pheadair, ionnus nach
rachadh a chreideamh i mbáthadh. Adhmuid na hEiricidh féin do
shochair na guidhe so, go raibh an creideamh gan lot gan
leónadh ag a coiméad ag lucht ionaid Pheadair - eadhon, ag
na Pápadhaibh dobhí 'san Róimh ar feadh cheithre cheud
bliadhan, agus ní fhéaduid a áitiughadh nó a chruthughadh gur
truaileadh an chreidimh so i n-aon Phápa d'á dtáinig ó
shoin i leith. Dá bhrigh sin caithfid a admháil go bhfuil
an creideamh so gan truailleadh ag an bPápa, agus d'á réir
sin gurab é an teagasg dobheir uaidh is ionchoiméadta anns
na neithibh bhuaineas re creideamh, óir is é is aoin-stiúrthóir
ar an Eagluis agus fós ní bhfuil gné
uachtarántachta 'san mbith is mó sochar agus onóir ioná
an t-árd-fhlaitheas d'árab ainm Monarchia - eadhon, aon
árd-fhlaitheas amháin ós cionn na flaitheasaibh. Ar dtús
is follus nach bhfuil uachtarántacht ann is mó onóir ioná
so. Is dearbh fós gurab í is socaruidhe ann, óir is móide
dobheirtear na cineadhacha chum creidimh cumas do bheith
ag aon duine amháin ar na Críostaighthibh i gcoitchinne. Is
lughaide fós bheidheas imreasán ná easaontacht idir na
Críostuighthibh aon aodhaire amháin do bheith ós a gcionn
ag a mbeidheadh ar a chumas smacht do dheunamh orra, agus is
móide sochar coitcheann na hEagluise é, ionnus dá
mbeidheadh aon phunc creidimh nó malairt caileandair, nó a
ionshamhail eile sin d'imreasán eadtorra go mbeidheadh aon
duine amháin d'á ngéilfidís leath ar leath. Ní fuláir
fós aon cheann amháin do bheith ann do ghairm na
gcomhairleadh i gcoitchinne ina ndeuntar críochnughadh
dlightheamhuil ar na neithibh bhuaineas re beusaibh nó re
creideamh na gCríostuightheadh. Ní fuláir fós aon
cheann amháin do bheith ar an Eagluis, ionnus go mbeidheadh
corp misticthe na hEagluise ar aon bheusaibh amháin go
h-iomlán.



Is uaisle gan imreasán an soisgeulta so againn-ne ioná
Eagluis an tsean-rachda; maiseadh is ar aon árd-fhlaith
amháin dobhíodar ag stiúradh do ghnáth - eadhon, árd-easbog
Ierusalem. Is ionntuigthe dhúinn gurab


L. 6


córa aon árd-fhlaith amháin do bheith ag riaghlughadh na hEagluise
soisgeulta ioná sin - eadhon, Pápa na Róimhe, ag a bhfuil
diaigh in diaigh sealbh cathaoireach Pheadair; óir d'fhág
Peadar féin Linus Pápa i n-a seilbh thar éis, mar a raibh
Peadar cuig bliadhna fichead i bhFlaitheas,
nó gur crochadh ann é, do
réir mar adeirid na sean-ughdair dobhí i bhfior-thosach na
hEagluise ann, mar atá St. Dionysius 'san eipisdil do sgríobh
chum Timotheus agus Hieronymus, mar a sgríobhann ar na daoinibh
oirdhearcacha, agus St. Ambrosius 'san seiseadh seanmóir, agus
Eusebius 'san leabhar do sgríobh ar na h-aimsearaibh, agus
Irenaeus 'san treas chaibidil de'n treas leabhar agus
St. Aibhistín 'san dara caibidil de na cheithre seanmóiridhe
fichead do sgríobh ar na naomhaibh, gurab i bPeadar amháin
do fíoradh aondacht na h-uile aodhaireadh. Adeir Cyprianus
'san 45 Eipisdil chum Cornelius gurab í an Eagluis Rómhánach
is máthair agus is préamh do'n Eagluis Chatoilice. Adeir
St. Ambrosius, ag sgríobhadh ar an dtreas chaibidil de'n chéad
Eipisdil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach, nidh as a
dtuigthear gurab ag an bPápa atá uachtarántacht ar an
Eagluis go h-iomlán. “Acht gidheadh gur le Dia (ar sé)
an uile go h-iomlán, goirtear teach Dé de'n Eagluis d'árb
stiúrthóir an Pápa Damasius.” Tig Isodorus leis an nidh
céadna so 'fan Eipisdil dheighionaigh do sgríobh chum
Eugenius, Easpog Toledo. “Acht gidheadh atá (ar sé) dignit
agus comhacht na hEagluise arn-a dháil do'n uile Easpog
Catoilice, maiseadh atá arn-a thoirbheirt go leithleachuis
d'Easpog na Róimhe go prímhléideach, amhail ceann ós
cionn na mball, ar marthain go síorruidhe.”



Tig S. Bearnárd leis an nídh céadna 'san t-ochtmhadh caibidil de'n dara
leabhar do sgríobh chum Eugenius. “Is é an Pápa (ar sé)
prionnsa na nEaspog agus Peadar i gcomhachtaibh; agus ní
h-é amháin is árd-aodhaire ar a chaorchaibh, acht fós
is árd-aodhaire ar an uile aodhairibh.” Adeir S. Aibhistín
'san t-ochtmhadh caibdil de'n dara leabhar do sgríobh
ar ghrásaibh Chríost agus ar pheacadh an tsinnsir nach
féidir an Eagluis Rómhánach do mhealladh. Adeir fós
Eusebius, 'san chéad eipisdil, ag labhairt ar an Eagluis
Romhánaigh - “Ag so (ar sé) an Eagluis gan truailleadh
in ar coiméadadh riamh an creideamh Catoilice.”



Is follus do réir na n-ughdar so, agus iliomad úghdar eile
nach luaidhtear linn do'n chor so, gurab í ár nEagluis-ne
an aon Eagluis fhírinneach, agus gurab ag na Pápadhaibh
diaigh i ndiaigh atá sealbh árd-fhlaithis na hEagluise
céadna: agus is uime tugadh na h-eochracha do Pheadar ionnus
go mbiadh cur agus cumas aige féin agus ag a chomharbuibh ar
an Eagluis i gcoitchinne. Is córaide dhúinn a thuigsin mar
so, mar adubhairt Críost 'san 28 caib. ag Matha, go dtugadh
na h-uile


L. 7


chomhachta ar neamh agus ar talamh dhó, an tan
adubhairt, ag labhairt ris na hAbstalaibh - “Do dáileadh
(ar sé) na huile chomhachta dhamhsa ar neamh agus ar talamh;
agus mar adubhairt arís ag Eoin 'san 20 caib. - “Amhuil do
chuir m'athair mise (ar sé), mar an gceudna cuirim-se sibhse”;
agus arna radh sin, do shéid fútha, agus adubhairt
riú - “Glacaidh an Spiorad Naomh. An dream ag a maithfidhe
a bpeacaidhe dhóibh atáid maithte aca.”
etc. Is iontuigthe as an dá áit so go bhfuil árd-fhlaitheas
'san uile nidh bhuaineas le creideamh, agus go prionsapálta
ag an bPápa is comharba coitcheann ag Peadar i dtalmhain, amhuil
adubhramar shuas; óir is maille re comhachtaibh ar
talamh agus ar
neamh do cuireadh Críost, mar adubhairt Sé féin thuas 'san
23 caib. ag Matha, agus gurab ar an gcrích gcéadna sin do
chuir seision Peadar, agus cách uile ó shoin anuas. Ní
féidir a mheas nach maille re comhtachaibh ar talamh agus ar
neamh do chuir iad; agus créad is iontuigthe as sin acht go
bhfuil árd-fhlaitheas aca amhuil adubhramar, agus gurab é
Pápa na Róimhe atá i seilbh an árd-fhlaithis sin. Is
córaide so do chreideamhuin, go n-admhuid drong mhór de na
hEiricibh go rabhadar Pápaidhe i seilbh an árd-fhlaithis úd
Pheadair, agus nach feudaid áitiughadh go ndeachaidh aon
Phápa d'á raibh ann ó aimsir Pheadair aleith chum
éiriceachta.



Ag so fós mar adeir Luther, ag admháil uachtarántacht do
bheith ag Pápadhaibh na Róimhe ós cionn na hEagluise go
h-iomlán, do réir mar leightear 'san 60 Conclúid do sgríobh
chum an Phápa d'ár bh'ainm Leo. “Is cóir (ar sé), maille
re cadhus nó reverence, géille 'san uile nidh do'n
uachtarántacht Pápamhuil.” Adeir sé fós in eipisdil
d'áirighthe nidh thig leis an nidh gcéadna. “Admhuim (ar sé)
go bhfuil an iomad de Chríostamhlacht maith; agus fós admhuim
go bhfuil an Scrioptúir agus
na h-eochracha fírinneacha re maitheamh
na Bpeacaidhe ag an bPápamhlacht.



Ag so síos sompla as a dtuigfidhear gurab le Peadar do bhuain
stiobhardacht coitcheann do dheunamh ar an Eagluis, agus mar an
gceudna le luchd a ionaid. Oir is é Peadar do chuir Martialis
do'n Ghasguinn, agus is é Clement, an dara Pápadh andiaigh
Pheadair, do chuir St. Denys go Párís na Fraince; agus
Stiabhna,
an ceathramhadh Pápadh ar fhichid, do chuir Bonifacius Moguntinensis
do'n Ghearmáin; agus Celestinus, an 44 Pápa, do chuir Pádruig
go hEirinn; agus Gréagóir Mór, an 65 Pápa, do chuir
S. Aibhistín Manach go Sacsaibh; agus mar sin do mhórán de
Pápadhaibh eile do chuir oiliomad de dhochtúiribh eagnuidhe fá
chríochaibh éagsamhla na cruinne nach áirmhighthear linn de'n
chor so; agus is follus do réir a ndubhramar nach bhfuil ann
acht aon Eagluis amháin, agus gurab'é comharba Pheadair stiúras
an flaitheas sin.



Do labhramar ar aondacht na hEagluise go soiche so.



An dara coingheal, an Eagluis do bheith coitcheann, do réir mar adeir


L. 8


Daibhí Rí 'san 18 Sailm, ag tairngire na n-Abstal agus na
hEagluise. “Dochuaidh (ar sé) foghar na druinge úd 'san uile
talmhain.” Ionann an focal úd “dochuaidh,” do réir na nEabhrach, agus
atá chum teachta. Ader fós Daibhí Rí, 'san 71 Sailm, ag tairngire
go mbiadh árd-fhlaitheas coitcheann ag an Eagluis ar feadh na
talmhan. “Biadh sí i bhflaitheas (ar sé) ó mhuir go muir, agus
ó'n abhainn go teórannaibh cruinne na talmhan.” Adeir Isaias
'san treas chaibidil - “Biadh aithne ormsa (ar sé) ag an uile
dhuine ó bheag go mór.” Tig Eoin leis an nidh so 'san seiseadh
caibhidil, agus Pól 'san chéad chaibidil ad Colossianos, agus
'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach, agus dá n-abradh
Luther nó Calvin nach bhfuil an creideamh so aguinn-ne, aca
féin, ná ag na Turcachaibh, agus dá réir sin nach creideamh
coitcheann é, bíodh a fhios aca nach é adhbhar fá ngoirtear
coitcheann de go mbí sé anaoin-feacht agus in aon uair i
gcríochaibh an domhain; acht is uime adeirthear coitcheann ris,
do bhrigh nach bhfuil críoch anns an gcruinne acht críoch in
a bhfuil, in a raibh, nó in a mbiadh sé. Agus fós ní bhfuil
aon rioghacht de thrí ronnaibh an domhain nach raibh sé ann,
mar is follus as imtheachtaibh na nApstal, do réir Abdias: óir
do craobhsgaoileadh an creideamh le Peadar agus le n-a
dheisgiobalaibh 'san Iodáill agus 'san bhFrainc agus 'san
Ghearmáin: le S. Seam do'n Easbáin; le S. Aindreas do'n
Thracia;
le Philip do'n Scythia; le Maitias do'n Aethiopia; le Simon agus
le Marcus do'n Egypt; le Parthalán do'n India Shoir, agus
mar sin do chách anns na ríoghachtaibh eile ó shoin amach. Agus
dá mbiadh ina cheist ar Luther nó ar Chailbhin cia an creideamh
do craobhsgaoileadh leó-san, bíodh a fhios aca gurab'é an
creideamh do ghabhas leis an Aifrionn do craobhsgaoileadh leó ann,
do réir Irenaeus naomhtha, do mhair go grod andiaigh na nAbstol,
agus dobhí go minic i gcaidreamh na muinntre dobhí ag éisteacht
re seanmóiridhibh na nAbstol. Ag so iomorro mar adeir 'san
treas chaibidil de'n treas leabhar, ag labhairt ar an aimsir úd
na nAbstal. “Dobhí (ar sé) iodhbairt an Aifrinn an tan sin d'á
ofrálughadh 'san uile áit.” Agus dá n-abradh Luther nó Calvin
nach cóir Eagluis coitcheann do ráidh le n-ár nEagluis-ne,
do bhrigh go bhfuil sí arn-a cíorbadh, bíodh a fhios aca nach
lughaide is córaide bile do thabhairt ar an gcrann mhór bhíos
ar an mágh go dteasgfaidhe a dhó nó a thrí de na foigheugaibh
dobhiadh ar dhe, mar an gceudna ní lughaide dleaghthar Eagluis
choitcheann do ghairm de'n Eagluis Rómhánaigh go bhfuilid a dó
nó a trí d'fhoigheugaibh arna dteasgadh dhi, mar atáid
Múraighe, Turcaighe, agus Eiricidhe. Is córaide fós a thuigsin
nach é an creideamh do craobhsgaoileadh leis na hAbstalaibh
an creideamh d'á ngéilleann Luther agus Calvin; óir adeirid
so nách ó


L. 9


naomh ná ó Abstal, ná ó duine 'san mbith fuaradar
féin creideamh, acht gurab'é an Spiorad Naomh do sheol dóibh
é; agus go raibh daillchíach agus dorchadus ar an bhfirinne nó
gur thoil le Dia iad féin do thoghadh chum soluis an chreidimh
do thabhairt do na cineadhachaibh. Is uime sin fós
adeir Luther 'san leabhar do sgríobh ar chur an
Aifrinn ar gcúll, “Admhuidhim ar dtús (ar sé) do'n droing atá
ar tí bheith ag creimeadh orm gurab contrárdha d'órdughadh na
hEagluise atáim ag teagasg an Aifrinn do chur ar gcúl. Agus
adeir 'san dara h-airteagal do'n leabhar do sgríobh anaghaidh Rí
na Sacson nach bhfuil suim aige féin dá mbiadh míle S. Aibhistín
agus míle St. Cyprianus ina aghaidh. Adeir fós 'san leabhar do
sgríobh ar an Aifrionn bpríomháideach nach bhfuil suim aige
féin anns na Pápadhaibh tré bheith ag bagairt na hEagluise
agus na n-aithreach air, do bhrigh nachar bh'iongnadh leis é
féin do bheith ina bhreitheamh orra, agus fós ar na faidhibh
agus ar na hAbstalaibh agus ar na hAingealaibh le bréithir
Chríost. Tig Calvin leis so 'san 18 caib. de'n 4 leabhar
d'á Institute. Adeir fós Luther anns an gcaibidil ro sgríobh ar
na hAithreachaibh 'san dara leabhar Comhagallamha ro sgríobh:
agus Calvin 'san dara caibidil agus 'san ceathramhadh leabhar
d'á Institute go ndeachaidh an Eagluis go léir i mbáthadh
agus ar seachrán no go dtángadar féin. Gidheadh adeir Cyprian
'san 76 eipisdil, briathar fá n-a b'iontuigthe nach cóir géille
do'n mhuinntir so thréigeas úghdarás na hEagluise agus
barántus na nAithreach. “Ní féidir a ghabháil mar easpog
(ar sé) an té dobheir táir agus tarcuisne ar seanchuimhne
soisgealda abstalda, agus nach leanann lorg aon duine eile acht
thionnsgnas uaidh féin. Is follus fós gur contrárdha d'á
chéile dobhí an craobhsgaoileadh dorinneadh leis no hAbstalaibh
agus creideamh Liútair agus Chailbhin. Oir adeir S. Seam
(Eipisdil Chatoilice Absdail Sheumais), 'san dara caibidil, gur
marbh an creideamh gan deagh-oibreachaibh; agus adeir Pól 'san
13 caib. de'n chéad Eipisdil chum na gCoirinteach nach foghnann
sé gan an grádh mar aon ris. Gidheadh adeir Calvin gur leór
an creideamh amháin ina aonar. Leightear arís ag Matha 'san
19 caib. agus 'san 20 caib. gur cóir aitheanta Dé do
choiméad. Adeir Luther nach cóir a gcoiméad, agus nach féidir a
gcoiméad. Adeir S. Seam 'san 20 caibidil gur leor do dhuine chum
Eiriceachta do dheanamh dul ar seachrán i n-aon phunc amháin de'n
reacht. “Gidhb'é (ar sé) choiméadas an reacht go h-iomlán go
h-aon phunc, agus chaillfeas an t-aon phunc sin de, atá cionntach
'san iomlán.” Adeir Chrysostomus, ag cur gluaise ar an gcéad
chaibidil chum Galatas, briathra thig leis an nidh céadna.
“Gidhb'é ar bith (ar sé) chuireas bun-os-cionn aon phunc
d'á laighead de'n chreideamh fholláin truaillighthear


L. 10


an t-iomlán leis.” D'á bhrigh sin is follus gurab Eiricidhe an drong
adubhramar, agus gach n-aon doghnídh lorguireacht nó leanmhuin orra,
tré bheith bun-os-cionn do'n Scrioptúir, amhuil do h-aithriseadh
linn thuas.



Is follus as na h-ionadaibh so, agus as mórán
d'ionadaibh eile, nach ionann an creideamh do craobhsgaoileadh
leis na hAbstalaibh agus leis na soisgeulaibh agus na seachráin
do síol-chuireadh leis na saobh-ughdaraibh le a bhfuil ár
gcointinn de'n chor so. Measaim fós gurb'é an connlughadh atá
ag a dheanamh anois ar an Eagluis Rómhánaigh do tharngair Eoin
'san seiseadh caibidil de Leabhar na Taisbeantadh, mar a n-abar - “I
bhfóircheann na h-aimsear (ar sé) connlóchfar na flaithis
i gcosamhlacht leabhar druidte.” Ionann sin re a rádh agus go
mbiadh an Eagluis arn-a connlughadh i samhuil leabhair iata. Ná
measadh an t-Eiriceach gurab ionann dáil do chonnlughadh na
hEagluise againn-ne agus d'á Eagluis féin; óir dobhí ár
nEagluis-ne craobhsgaoilte ar feadh na cruinne, mar is follus
as stáraidhibh inchreidte: agus fós is iomdha comharthadh ar
sin mar atáid cealla agus ceoláin teampuill agus mainistreacha,
agus iomad de shéaduibh uaisle éagsamhla i gcríochaibh eile
an domhain. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin nach luighde
is maith a nEagluis féin go mbiadh sí arn-a connlughadh i
gcluid nó i gcúlaire de'n chruinne, éisteadh sé ris an
gealladh thug Dia do Abraham 'san 22 caib. de Genesis -
“Beannochadh (ar sé) ad' shíol uile treabha na talmhan, agus biadh
líonmhar ar mhuir agus ar tír, agus anns an árd-thuaidh agus
anns an árd-fhoir, agus anns an Aifric, agus biadh do shíol
mar ghainimh na talmhan. Beannochad ionnad-sa agus ad' shíol
uile treabha na talmhan.” Agus d'eagla go measadh Luther nó
Calvin gurab i nEagluis an tsean-reachta dobhí comhlionadh na
gealladh so, bhíodh a fhios aca nachar craobhsgaoileadh
creideamh an chinidh Iudaigh, agus d'á réir sin nach é
creideamh an tseanreachta do gealladh do chraobhsgaoileadh ann.
Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Pól 'san
gcúigeadh caibidil chum Galatas, ag míniughadh an bhoill úd
'san tsean-reacht gurab'é an nidh chialluigheas an síol úd
do bheannochadh na huile treabha - eadhon, Críost.



Ag sin do'n chreideamh Chatoilice do bheith coitcheann nó Catoilice.



An treas choingheal atá ag an Eagluis mar atá bheith naomhtha.



Is fíor gurab í ár nEagluis-ne atá naomhtha, mar is follus
as gcruadhas crábhaidh ár nOrd Riaghalta, le a gcoiméadtar an
reachd soisgeulda, agus i maighdeanas na n-ógh, agus i bhfuil
na máirtíreach atá d'ár nEagluis-ne. Ní mar sin d'Eagluis
na nEiriceadh agus ní féidir a bheith naomhtha, ar a mhionca
bheirid miona móra, doghnídh méirdreachus, craos, agus
droich-bhearta eile. Atáid fós dhá phríomh-locht anns na
hEiricibh as nach féidir dóibh bheith naomhtha. An chéad
locht díobh, méid


L. 11


an aindlighe doghnídh ar na sinnsearaibh
tháinig rómpa an mhéid go mbreathnuidhid nach raibh an
creideamh aca, agus d'á réir sin gur damnuigheadh iad uile;
óir adeir Pól 'san gcúigeadh caibidil chum na nEabhrach nach
féidir toil Dé do dheanamh gan creideamh; agus adeir sé 'san
gceathramhadh caibidil chum Ephesus nach bhfuil ann acht aon
chreideamh amháin. Adeir Luther agus Calvin gurab iad féin
fuair an creideamh sin ó'n Spiorad Naomh, agus nach raibh sé
ag aon neach d'á sinnsearaibh. Créad is iontuigthe as so
acht gurb'é a mbreathnughadh
ar a sinnsearaibh gurab Eiricidhe iad agus go ndeachadar go
hIfrionn. Gidheadh is é adeir Dia do dhéanamh ris an droing so
mhalluigheas d'á sinnsearaibh go ndlighid bás d'fhághail,
amhluidh leightear 'san 20 caib. in Exodus. “Gidhb'é do
dheunfaidh (ar sé) mallughadh ar a athair nó ar a mháthair
cuirtear chum báis é.” D'á réir so dlighthear bás do
thabhairt do na hEiricibh an mhéid go ndéanuid mallughadh ar
na sinnsearaibh ó'r fhasadar. An dara locht, méid na maslughadh
dobheirid do Dhia, an mhéid go ndéanuid breugach é; óir
adeirid gurab aca féin atá an creideamh, agus nachar frioth
fios na fírinne le droing ar bith d'á dtáinig ó aimsir Chríost.
Gidheadh atá sin contrárdha do'n ghealladh thug Dia do'n
chine-daona, do réir mar léightear 'san 31 caib. ag Jeremias
Fáigh. “Biadh m'aithne-se (ar sé) ag an uile dhuine ó bheag
go mór.” Tuig má's fíor an nidh adeir Luther agus Calvin nach
fíor an nidh adeir Dia ag labhairt i mbeul an faidhe; gidheadh
fágaim fá breathnughadh an leightheora cia córa a mheas an
fhírinne do bheith ag Jeremias nó ag Luther nó ag Calvin.
Do gheall Críost ag Eoin 'san 14 caib. go gcuirfeadh an Spiorad
Naomh chum na nAbstol. “Seolfad dóibh an uile fhirinne (ar sé),
agus fanfad ina bhfochair go síorruidhe. Adeir Críost 'san 28
caib. ag Matha - “Biadh mise (ar sé) mar aon libh go síorruidhe
nó go fóircheann an tsaoghail.”



Is follus as na comhráidhtibh so go raibh an Spiorad Naomh ag
deunamh treoradh do'n Eagluis agus d'á stiúradh i bhfírinne
an chreidimh; go bhfuil agus go mbiadh go deire an domhain gan
cead do bhreugaibh Luther ná Calvin. Adeirid fós gurab
cruadhálach leathrannach Críost mar nachar thoil leis sochair
a pháise ná solus an chreidimh fhírinnigh do bheith ag aon
duine ó aimsir na nAbstal nó go dtángadar féin. Adeirid
gurab aindlightheach Críost an mhéid gur cheil Sé solus an
chreidimh fhírinnigh ar na máirtíreachaibh do dhoirt a bhfuil
d'á ghrádh, agus na maighdeana do choiméad a n-óigheacht ina
onóir, agus ar na coinfeasóiribh d'fhulaing go minic bruid
agus braighdeanas ar A shon, an mhéid gur cheil Sé fírinne
an chreidimh orra, do réir Liútair agus Chailbhin.



Is leor a ndubhramar de na trí coinghiolaibh úd na hEagluise.
Gidheadh dá n-abradh Calvin nach bhfuil Eagluis so-fhaicsiona
ann ag a mbiadh aon


L. 12


árdfhlaith amháin ós a cionn, acht gurab
Eagluis do-fhaicsiona i neulaibh neimhe atá ann, cionnas
dobhearadh freagradh ar Chríost mar a n-abair 'san 18 caib. ag
Matha - “Dá ndeárnadh do bhráthair aindlighe ort (ar sé),
cionntaigh é idir thú féin agus é, agus muna ngabhadh sin
greim de, tabhair duine nó dias do láthair, agus muna
n-éisteadh riú sin, innis do'n Eagluis é, agus muna n-eisteadh
ris an Eagluis, bíodh meas Págánaigh nó poibliocánaigh agat
air.” Fiafraighim annso de Chailbhin, dá mbadh Eagluis do-fhaicsiona
i neulaibh neimhe dobhiadh ann, créad an toisg fá n-aibeoradh
Críost casaoid do dhéanamh ria; óir dob diomhaoin Dó a rádh
re duine casaoid do dhéanamh ris an Eagluis nach tiubhradh
freagradh, nach faicfeadh, agus nach cluinfeadh; agus do bhrigh
go gcaithfeam a rádh gurab diomhaoin an chomhairle thug Críost,
nó gurab breugach an nidh adeir Calvin. Is córuide dhúinn a
rádh gur breugach an nidh adeir Calvin ioná gur diomhaoin
comhairle Chríost. Tig leis so an tairngire dorighne Solamh i
bpearsain na hEagluise, amhail leightear 'san chéad chaibidil
de na Cainticibh, mar a n-abair, “Atáim dubh (ar sé), gidheadh
atáim áluinn.” Ionann sin re a rádh agus go mbeidís peacaigh
agus fíréin 'san Eagluis. Má táid peacaigh agus fíréin
innte is follus go bhfuil so-fhaicsiona; óir ní do'n Eagluis
an dream atá i n-Ifrionn, agus ní bhfuilid peacaigh i
bhflaitheas Dé. Ní admhann Luther ná Calvin purgadóir do
bheith ann: ar an adhbhar sin caithfid a admháil go bhfuil
Eagluis eile ann in a bhfuilid peacaigh mar aon le fíreunaibh
agus is í sin cruinniughadh na gCríostuightheadh atá so-fhaicsiona
ionnta féin; agus ar an adhbhar sin, gan chead do
Luther ná do Calvin, atá an Eagluis sofhaicsiona ann.



Ag so síos suidhiomh as a n-áiteocham anaghaidh Chailbhin
go bhfuilid fíréin agus peacaigh 'san Eagluis. Leightear 'san
25 caib. ag Matha fáithsgeul ar na chuig mhaighdeanaibh leamha
agus ar na chúig mhaighdeanaibh chríonna, as a dtuigthear linn
go bhfuilid peacaigh agus fíréin anns an Eagluis, gan chead
do Chailbhin, adeir nach bhfuil duine ar mbith de'n Eagluis
acht fíreun, agus dá mionca doghnídh duine peacadh marbhthach,
go múchtar solus an creidimh ann, agus dá brigh sin go mbí
ina gheug arn-a theasgadh de chorp na hEagluise. Is follus
anns an gcúigeadh caibidil ag Matha go bhfuil an Eagluis
so-fhaicsiona, mar go samhluigheann sé í re cathair dobhí
arn-a suidheaghadh ar sliabh; óir is suras an chathair sin
d'fhaicsin, mar sin is furasda an Eagluis samhluighthear léi
d'fhaicsin. Is follus fós, i mbriathraibh Phóil, go bhfuil
an Eagluis so-fhaicsiona, mar a n-abair 'san gceathramhadh
caibidil ad Ephesus, “Do chuir Dia (ar sé) abstail agus
faidhe, aodhaireadha agus teachtairidhe agus stiúrthóiridhe
do chríochnaighthe an obair timpireachta


L. 13


d'áitiughadh chuirp Chríost.” Is follus as na briathraibh so go
ndeárna Dia baill agus geuga de'n Eagluis de'n droing úd dobhí
sofhaicsiona ionnta féin, agus d'á réir sin go bhfuil
an Eagluis dárab geuga iad so-fhaicsiona
innte féin. Adeir Pól 'san 15 caib. chum Titus
nidh as a dtuigfeam go bhfuil órdughadh sofhaicsiona 'san
Eagluis, mar go ndubhairt re Titus - “Orduigh (ar sé) ar feadh
na cathrach sagairt agus easbuig,” d'á chur i gcéill gurab iad
na heasbuig fa huachtaráin ós cionn na hEagluise - eadhon,
na Críostuighthe dobhí sofhaicsiona ionnta féin. Thug
Peadar an fuagradh céadna do'n chléir go huile, mar leightear
'san gcúigeadh caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal. Is
follas i mbriathraibh S. Aibhistín, 'san 36 caib. de'n dara
leabhar ro sgríobh anaghaidh Chrysogonus go bfuil an
Eagluis so-fhaicsiona. “Atá (ar sé) deallraightheach a solus do'n
uile dhuine.” Tig Chrysostomus leis so 'san gcathramhadh Homilia
ro sgríobh ar an seiseadh caibidil ag Isaias. “Is fusa (ar
sé) an ghrian do mhúchadh ioná an Eagluis do dhorchughadh.”
Is follus as na h-ionadaibh so gur breugach an dá nidh adeir
Calvin - an chéad nidh go mbiadh an Eagluis do-fhaicsiona idir
neullaibh; an dara nidh go dtréigfeadh an duine a chreideamh
gach uair do dhéanadh peacadh marbhthach, agus dá réir sin
nach biadh aon duine 'san éagluis acht fíreun. Dá
nabradh Luther no Calvin nach bhfuil an focal so “Aifrionn”
'san mBíobla, agus d'á réir sin
nach ceart cion do bheith air, mo fhreagradh orra ar dtús nach
bhfuil an focal so “Tríonóid” 'san mBíobla; acht gidheadh atá
an nidh chialluighthear leis ann; mar an gcéadna gion go bhfuil
an focal so “Aifrionn” 'san mBíobla; atá an nidh chialluighthear
leis ann, do réir mar leightear ag Lucas 'san 22 caib. de dháil
an tsuipéir do na hAbstalaibh; agus muna gcreideann Luther agus
Calvin an focal so “Tríonóid,” agus gan é 'san mBíobla acht
an nidh chialluighthear leis, is iongnadh dhóibh nach creidid an
focal so “Aifrionn,” tré gan a bheith 'san mBíobla acht an nidh
chialluighthear leis, do réir mar a gcruitheocham 'san chéad
chaibidil de'n tráchtadh so.



An dara freagradh bheirim ar an droing gcéadna, gurab leór
sean-chuimhne sinnseardha agus ughdarás na hEagluise, d'árab
ainm - do réir Phóil, 'san treas chaibidil de'n chéad
Eipistil chum Timotheus - fundaimeint na fírinne - d'á
dhíon gurab ionghabhtha an t-Aifrionn. Agus dá n-abradh
Eiriceach 'san mbith d'ár lean an drong úd nach cóir aon
nidh do chreideamhuin acht an nidh atá 'san Scrioptúir, mo
fhreagradh air nach cóir aon nidh do chreideamhuin ar aon
chor acht an nidh atá 'san Scrioptúir sgríobhtha nó na
neithe tuigthear as an Scrioptúir, mar atá sean-chuimhne
shinnsear, d'árb ainm traditio, ar a bhfuil an oiread measta
ag Pól agus atá ar an Scrioptúir sgríobhtha, do réir mar
léightear 'san


L. 14


dara caibidil de'n dara Eipistil do sgríobh
sé chum Thessalonicenses, mar a n-abair - “A bhráithreacha
(ar sé) déanaidh seasamh agus congbhaidh an tsean-chuimhne
sinnsear d'fhoghluim sibh maille re comhrádh agus maille
re sgríbhinn.” Créad is iontuigthe as an ionad so Phóil
acht go raibh an oiread measa aige ar shean-chuimhne dogheibhtear
de chomhrádh béil agus dobhí ar an Scrioptúir sgríobhtha. Adeir
Pól 'san treas chaibidil de'n
dara Eipistil chum na gCoirinteach gurab iad an pobal fa h-eipistil
do Chríost, agus nach le dubh do sgríobh í acht le Spiorad Dé bheó,
agus nach i leacaibh cloch do sgríobh í acht i gcláraibh colluidhe an
chroidhe. Adeir Pól,
'san t-ochtmhadh caibidil chum na n-Eabhrach, nidh as a
dtuigthear gurab mór de'n Scrioptúir do dáileadh do na
daoinibh ina mbeulaibh. “Do b'fheárr (ar sé) mo dhlighe
ina n-intinnibh dóibh,
agus sgríbheochad ina gcroidhthibh iad. Tig leis so an nidh
adeir Pól 'san dara caibidil do sgríobh sé chum Timotheus.
“Na neithe (ar sé) dochualaidh tú uaim-se, maille re h-iomad
a bhfiadhain, aithin do na daoinibh dísle iad, bhíos ionamhuil
chum a dteagasg do chách.” Adeir Críost 'san 16 caib. chum
Eoin go raibh mórán aige féin le rádh nach feudfadaois do
bhreith leó de'n chor sin, d'á chur i gcéill go seolfadh an
Spiorad Naomh dóibh féin agus do'n Eagluis ina ndiaigh gach
nidh éigeantach do bhuainfeadh le creideamh na gCríostuightheadh,
agus fós is uime sin adeir Críost féin 'san 13 caib. ag Marcus,
ag gealladh na neithe gcéadna, an tan dobheartaoi na
gCríostuighthe chum ceiste tré na gcreideamh, nach laibheoraid,
acht gurab' é an Spiorad Naomh laibheoraidh ionnta. Tig leis so
fós an nidh adeirid na hAbstail 'san 15 caib. d'á nGníomharthaibh,
ag a mhaoidheamh gurab ó'n Spioraid Naomh fuaradar na dlighthe
do hórduigheadh leó. “Dochonnarcus (ar siad) do'n Spiorad
Naomh, agus d'órduigh dúinne gan ualach ar bith do chur orraibh
acht na neithe éigeantacha so.” Bheirid Pól buidheachas 'san
gcúigeadh caibidil de'n chéad Eipistil ro sgríobh chum na
gCoirinnteach, tré mar do choiméadadar na h-aitheanta thug sé
féin dóibh; gidheadh ní leightear gur sgríobh aon fhocal
chúca riamh roimh an Eipistil so, ná fós gur fhág sé aon
fhocal sgríobhtha aca; ar an adhbhar sin is follus gurab de
chomhrádh béil d'fhág sé na haitheanta sin aca, agus d'á
réir sin go dtugadaois fógartha agus aitheanta Dé i gcoiméad
do na Críostaighthibh de chomhrádh béil. Ní bhfuil fós anns
an Scrioptúir aon áit d'á rádh go follus gurab d'fhuil Mhuire
go cinnte do ghabh Críost daonacht, acht amháin adeir gurab
ó Mhuire do ghabh Sé daonacht, agus ní innsean cia aca ó
shíol Mhuire nó ó n-a fuil; gidheadh creidid na
hEiricidh féin gurab d'fhuil ró-ghlain Mhuire do ghabh an
mhórdaonacht. Is iontuigthe
as so go gcreidid na hEiricidh féin nidh nach bhfuil 'san
Scrioptúir. Ní bhfuil 'san Scrioptúir aon áit adeir go
follus rinn gurab aon


L. 15


phearsa amháin atá ag Críost in a bhfuilid
dhá nádúr, mar atá nádúr dhiadha agus nádúr dhaonda, in
a bhfuilid dhá thoil - eadhon, toil dhiadha agus toil dhaonda;
gidheadh adeirid na hEiricidh (nidh nach iongnadh) go bhfuil
siad ag Críost; agus ar an adhbhar sin creidid siad nidh nach bhfuil
anns an Scrioptúir. Creidid siad baiste leinibh, creidid siad
go bhfuil trí pearsanna
anns an Tríonóid, agus nach bhfuil ionnta acht aon substaint
amháin, gidheadh ní bhfuilid briathra foillsigheacha anns an
mBíobla as a dtuigthear na neithe úd, ná mórán de neithibh
eile nó go gcuireann an Eagluis gluais orra, ó's léi féin do
bhuaineas dlighe Dé do mhíniughadh; agus atá fioghair
ró-ghaolmhar
do so ag Matha anns an 21 caib. mar a leightear - an
tan dobhí Críost go caithréimeach ag dul go Ierusalem
Domhnach na Phailme, ar mhuin asail, go dtug fá deara ar na
hAbsdalaibh a matalaidhe do chur faoi ar an asal sul dorachadh
d'á mharcuigheacht, d'á chur i gcéill nach dlighthear do na
tuataibh dul do mharcuigheacht ná do mhíniughadh an Bíobla
nó go gcuirid préaláididhe agus príomh-úghdair na hEagluise
cumhdach air dóibh. Adeir fós Daibhidh Rí, anns an 18 Sailm,
d'á tharrngaire, go síolróchuidhe an creideamh leis na
hAbsdalaibh agus leis an Eagluis ina ndiaigh. “Rachaidh (ar sé)
a bhfoghair ans an uile thalamh, agus rachaidh a mbriathra i
gcríochaibh cruinne na talmhan.



Tuig, a léightheoir, gurab' é tharrngair Daibhidh annso go
rachaidh briathra na droinge adubhramar go ciumhsaibh cruinne
na talmhan, agus nach é adubhairt go rachaidh a sgríbhin, d'á
chur i gcéill nach le Scrioptúir amháin doghnidhthear
craobhsgaoileadh ar an gcreideamh, acht fós de chomhrádh béil
d'á ngoirtear sean-chuimhne sinnsear.



Adeir Eoin anns an treas Eipistil Chanonda nidh as a dtuigthear go
mbí cion aige ar an teagasg do bhuainfeadh le creideamh dobheiread
uaidh de chomhrádh béil. Ag so mar adeir - “Ar mbeith
do mhórán agam re a sgríobhadh, níorbh'áil liom a chur i
bpáipeur ná i ndubh chugaibh, óir atá dóigh agam (ar sé)
teacht mar a bhfuiltí, ag labhairt libh beul ar bheul, ionnus go
mbiadh sibh lán de gháirdeachus.” As na hionadaibh so, agus as
mórán d'áitibh eile anns an Scrioptúir agus anns na haithreachaibh,
is iontuigthe gurab ionghabhtha sean-chuimhne sinnsear
mar an Scrioptúir anns na neithibh bhuaineas re creideamh. Agus
fós caithfidh lorgairidhe Liútair agus Chailbhin fiadhnaise do
dheanamh leis so d'á n-aimhdheoin, de bhrigh go bhfuilid puinc
d'á gcreideamh ris nach bhfuil Scrioptúir sgríobhtha aca,
mar atá saoire do dhéanamh Diadomhnaigh, comaoin do ghlacadh
uair anns an mbliadhain, Soisgeul Lúcáis do bheith ina
Sgrioptúir, agus gan Soisgeul Nicodemuis, Mharcuis ná Thomáis
do bheith ina Soisgeul, lá Cásga do bheith ar an Domhnach,
agus saoire do


L. 16


dheunamh Lá Nollag, agus Lá Féile Coille, agus Lá
Chínn an Dá Lá Dheug, agus Féile na nAbstal, agus fós is
punc de chreideamh na Protestants gurab' é rí gacha críche
is ceann ar Eagluis na críche sin, gidheadh a shlán fútha
aon áit do thabhairt as an Scrioptúir le a n-áiteochaidh
aon nidh dhíobh so thuas, agus go háirighthe ris an nidh ndeighionach
so. Is fíor nó is follus go bhfuil an Soisgeul contrárdha dho,
mar tugadh an monadh dochum Críost, agus mar a ndeárnadh
Sé eidirdheallughadh idir uachtarántacht cille agus tuaite,
an tan adubhairt - “Tabhair do Caezar a chuid féin (ar sé),
agus do Dhia an nidh is leis féin,” d'á chur i gcéill nach
leis na rioghthaibh saoghalta acht cuid cuirp agus maoin na
n-íochtarán, agus gur le Dia a gcoguais agus a n-anmna, agus
d'á réir sin a gcreideamh; nó má théidh an rí i
mbarántacht nó i seilbh choguas ná creideamh na n-íochtrán,
ní thuigim créad an chuid de dhuine, do réir theagaisg
Chríost, dobhearaidh uaidh féin do Dhia. Is córuide so do
thuigsin mar so - an nidh leightear anns an 19 caib. de'n dara
leabhar de Pharalipomenon, mar a gcuirthear i gcéill
eidirdhealughadh do bheith eidir uachtarán cille agus tuaite;
agus so an nidh leightear in Amarsas - “bhúr sagairt agus bhúr
n-easboig biaid ina n-uachtaránaibh anns na neithibh bhuaineas
re Dia. Biaidh fós Sabadias mac Ismael, atá ina dhiuic ar
theach Judah, ina uachtarán ar na neithibh, nó na hoibreachaibh
bhuaineas le hoifig an riogh.” Is tuigthe dhuit, a leightheoir,
as na háitibh reamhráidhte go bhfuilid comhachta speisialta ag
na préaláidibh Eagluise ris na neithibh bhuaineas re cogús nó
re creideamh, gan buain, gan barántacht ag na rioghaibh riú.
Is iontuigthe dhuit fós as na neithibh reamhráidhte de chreideamh
na Protestants ris nach bhfuil Scrioptúir aca sgríobhtha, agus
fós atá go follus bonnoscionn do'n Sgrioptúir; ar an adhbhar
sin ní dlighthear aithfir do bheith oruinn-ne fá neithibh d'ár
gcreideamh do bheith ris nach bhfuil Scrioptúir sgriobhtha
againn, agus fós nach bhfuil aon phunc d'ár gcreideamh contrárdha
d'aon áit de'n Scrioptúir sgríobhtha; acht cheadna is saobh an
chiall ó'n droing úd, mar chuirid rómpa aitheach go n-iomad
ceann do dheanamh de'n NaomhEagluis Chatoilice is bean phósda
do Chríost, an mhéid go gcuirid rómpa ceann do chur airthe
anaghaidh gach críche anns an domhan mhór. Is líonmhar fós do
líon olc agus urchóid anns na Protestants, an mhéid go gcuirid
rómpa dlighthe d'órdughadh in a mbiadh gairm méirligh nó
tréatúra do thabhairt ar Dhia Uile-chomhachtach. Agus dá mbiadh
ina iongnadh ar aon cionnus, ag so an módh - do chuireadar
rómpa tréatúireacht do dhéanamh do'n Aifrionn dárab
substaint Críost, do réir mar chruitheocham anns an tráchdadh
so shíos, agus is Dia Críost, do réir na Protestants; ar an
adhbhar sin doghnídh tréatúir do Dhia an mhéid go ndéinid
tréatúir do'n Aifrionn.


L. 17


Measaim, a léightheóir, nach bhfuil acht aigne iarnuidhe, no
meanmna marmoir, nó inntinn adamaint, nó croidhe cloiche, nach
geabhadh cailge ó ghoimh an ghlóir so (nidh nach iongnadh); óir níor
frith i gcairt ná i gcroinic, i litir nó i leabhar, ó thús
an domhain riamh sgeul is truaighe agus is diombaidhe 'ná a
rádh go ndéantaidhe dlighthe ina n-órdóchaidhe fógradh
méirligh, nó tréatúra, do bheith andiaigh Iosa Críost,
d'a dhíbirt agus d'a dhiothchuir i ndiamhraibh agus i
ndroich-bheilghibh, amhail ceithearnach coille, agus broid agus bás
d'imirt ar gach n-aon d'á ngeabhadh ris. Acht, cheana, gidh
atáid ráidhte na Protastúin comh follus soin ina mbréig,
ionnus nach fiú iad freagra do thabhairt orra; thairis sin, ó
dochuadhdar thar chiumhsaibh na córa, agus thar fóir na
fírinne, do mheas mé freagra foirfe fulláin do thabhairt
orra, do chosnamh agus do choiméad cirt agus córa an Chreidimh
Chatoilice, agus go h-áirighthe anns an bpunc príonsabálta
in a bhfuil ar n-imreasán riú - eadhon, i dtaoibh an Aifrinn,
ionnus (tar éis mar chruitheóchas mé de shean-chuimhne
sinnsear, agus de bhriathraibh an Bhíobla, gurab maith an
tAifrionn) go mbudh follus as sin gach aon nach gabhann leis
an Aifrionn gurab eiriceach é.



Ag sin do reimhthionnsgnamh an tráchdadh sin; agus aitchim ar
gach léightheóir léighfeas é, fá Dhia do ghuidhe fá'n
dtráchtadh so do dhul i nglóire Dé agus i sochar do na
gCríostaighthibh. Agus is móide atá féidhm againn Dia do
ghuidhe, a throime fhearas Sé A fhearg orruinn, do réir mar
chuireas aindlighthe na haimsire so i gcéill dúinn é, mar
go gcuirid dealbhóiridhe an dlighe an manach agus an méirleach,
an bráthair agus an bitheamhnach, an sagart agus an sladuighe,
an cléireach Catoilice agus an ceithearnach coille i gcómhmheas
agus i gcómhchlann a chéile, agus aon smacht amháin
orduighthear do dhéanamh orra leath ar leath. Gidheadh
má's cúis bhruide ná bháis ar dhuine bheith ina shagart
nó ina bhráthair, nó cuing chrábhaidh do ghabháil, is
éagcóir méad an mholta thug Críost d'Eoin Baisde; nó má's
lochd ar dhuine bheith ina shagart, is éagcóir dobhí cion
ag Dia ar Mhaoise agus ar Aarón agus ar Mheilcisideic dobhí
ina shagart anns an SeanReacht, agus Críost féin, do réir
Dáibhidh anns an 109 Sailm.



Seathrun Céatuin, Sagart agus Dochtúir Diadha, ughdar na
hoibre so; agus má tá nidh ar bith inbhéime ann, gabhadh
gach léaghthóir mo leithsgeul, do bhrigh nach tré mhailís
acht tré dhearmad atá ann.


L. 19


EOCHAIRSGIATH AN AIFRINN.



An Chead Chaibidil,
In a dtráchtar ar an Aifrionn, agus in a suightear an tAifrionn
do bheith ar bun ó aimsir na nAbstal, agus ó shoin anuas.



Adeir Pól anns an 13 caib. de'n Eipistil do sgríobh chum na
nEabhrach, nidh as a dtuigthear an tAifrionn do bheith ag á
gnáthughadh anns an Eagluis re n-a linn féin - “Atá againn
(ar sé) altóir ar nach feudaid an dream ar a ndeuntar
timchill-theasgadh nidh d'ithe.” Agus is é ainm ghoireas sé
de'n altóir sin, “Thusiastérion” - eadhon, “íodhbairt cláir;”
agus do bhrigh nach raibh íodhbairt cláir eile ann, acht
altóir an Aifrinn, is uirre do labhair sé. Adeir fós go
follusach S. Deinis, do bheannaigh 'san bhFrainc, agus budh
deisgiobal do Phól Abstal, 'san dtreas chaibidil de'n leabhar
do sgríobh ar árd-fhlaitheas na hEagluise nidh as a dtuigthear
go follus go raibh an tAifrionn re n-a linn ann. “An tan (ar
sé) d'órdaigh ár bprionnsaidh-ne an tAifrionn do rádh ós
árd, ní le céadfaidhibh osgailte do nochtadh, acht le
comharthadhaibh ró óirdhearca do dháileadar iad.” Adeir
mar an gceudna Aurelianus naomhtha, fa choimh-dheisgiobal do
Martialis, dobhí ina dheisgiobal ag Peadar, i mbeatha an
Martialis so, na briathra so - “Ar mbeith (ar sé) do'n duine
ró naomhtha so ag rádh Aifrinn, tárlaidh go hobann go
ndeachaidh an Diabhal i gcorp iarla óig d'ár bh'ainm Arneus,
ó chathraigh Taronic, agus ina mhnaoi d'ár bh'ainm Christiana.”
Is iontuigthe as mbriathraibh an fhir so go raibh an tAifrionn
d'á rádh agus ar bun re n-a linn féin. Adeir Abdias, dobhí
ina dheisgiobal ag Pilib Abstal, 'san seachtmhadh leabhar ro
sgríobh ar chathughadh na nAbstal, mar a dtráchtann ar
bheathaidh Mhatha soisgeulaidhe - “Le linn (ar sé) na huile
eagluise do ghabháil leis an Aifrionn, do chongaibh Matha é
féin lámh ris an altóir ar a ndeárnadh sé Corp Chríost
d'ofrálughadh, agus d'fhulaing sé go luathgháireacht martra
abstalda ann.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go
n-abradh Matha Aifrionn; óir dochonnairc sé
féin Matha go minic.
Adeir Clemens, an treas Phápa
andiaigh Pheadair, 'san 11 Canóin - “Gan amhrus (ar sé) ná
habradh sagart ar bith Aifrionn ina phorróiste féin gan
furáileadh an easbuig.” Ocht mbliadhna agus trí fichid
andiaigh Chríost do mhair an fear so.


L. 20


Adeir Telesphorus, an t-ochtmhadh Pápa andiaigh Pheadair, 'san
cheathramhadh canóin de Chanónachaibh na nAbstal - “Ní cneasta
(ar sé) na hAifrinn do rádh roimh an treas uair de'n ló”; 127
bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear so.



Adeir Higinus, an deachmhadh Pápa andiaigh Pheadair, gurab de
dhruim na nAifrionn dlighthear na teampoill do choisreagadh.



Adeir Ignatius 'san eipistil do sgríobh sé chum an chinidh
d'ár bh'ainm Sinormenses - “Ní dlighthear (ar sé) ofráil
do dhéanamh gan easbog, ná íodhbairt do thoirbhirt, nó
Aifrionn do rádh”; 103 bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear
so.



Adeir S. Ambrós, 'san leabhar do sgríobh ar na Sacraimeintibh,
ainm an Aifrinn go minic; agus do chuir sé foirm an Aifrinn go
follus síos 'san leabhar so; 380 bliadhan andiaigh Chríost
dobhí an fear so ann.



Adeir Eusebius, 'sandara leabhar do sgríobh de Stáir na hEagluise,
gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn in Antiochia, 'san
Syria, agus gurab'é S. Seamus adubhairt an chéad Aifrionn in
Ierusalem, anns an Asia mBig, agus gurab'é Marcus adubhairt an
chéad Aifrionn in Alexandria, anns an Africa; 330 bliadhan
andiaigh Chríost dobhí an t-ughdar so Eusebius ann.



Adeir Hugo de Sancto Victore, 'san dara leabhar de na Sacraimeintibh
gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn anns an Antiochia;
1130 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.



Do chuir S. Aibhistín, 'san 59 Eipistil do sgríobh chum Paulinus,
gach nidh bhuaineas le hord an Aifrinn síos go soiléir; 400
bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.



Dobheir Leó, an chéad Phápa de'n ainm sin, “íodhbairt” ar an
Aifrionn anns an ochtmhadh Eipistil; 450 bliadhan andiaigh
Chríost do'n fhear so.



Adeir Gréagóir, do réir mar léightear 'san leabhar d'árab
ainm Decretales - “Guidheadh an sagart (ar sé) go mbiaidh Corp
Chríost, glacthar anois fá ghnéithibh aráin agus fíona, uair
eile d'á ghlacadh go follus, mar atá sé féin - eadhon, bheith
ag filleadh air ina ghlóir féin i bhFlaitheas;” 600 bliadhan
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Adeir Beda, ag cur míniughadh nó gluaise ar an dara caibidil
de'n chéad eipistil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach -
“Fa thoil leis an Spiorad Naomh (ar sé) onóir chomh mór-sa
do thabhairt do'n tSacraimeint gurab túisge dorachadh Corp
Chríost i mbeul an Chríostuidhe 'ná biadha fhóirimealacha.”
Is follus as briathraibh an fhir so go raibh Corp Chríost ag
na Críostaidhthibh d'á chaitheamh ar céadlongadh lena linn
féin; 720 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.


L. 21


Adeir Haymo, easbog, ag cuir gluaise ar an 10 caibidil de'n chéad
eipistil do sgríobh Póil chum na gCoirinnteach - “Coisreagthar
(ar sé) ar dtús an t-arán, agus beannuighthear leis an sagart
agus leis an Spiorad Naomh é, agus bristear ina dhiaigh sin é;
agus annsin, bíodh gurab arán dochídhtear ann, go fírinneach
is é fíor-Chorp Chríost bhíos ann”; 830 bliadhan andiaigh
Chríost do'n fhear so ann.



Adeir Anselmus, ag cur gluaise ar an nidh céadna 'san eipisttil
céadna - “Ní h-iongnadh (ar sé) go ndeárnaidh Críost a fhuil
agus a fheoil féin d'arán agus d'fhíon; óir doghníodh Sé
go laetheamhuil 'san uile dhuine feoil agus fuil d'arán agus
d'fhíon; óir an t-arán itheas duine
doghnídhthear a iompógh chum feola; agus an fíon ibhthear
leis do chlaochlodh, maille re h-oibriughadh an Chruthuightheóra,
i bhfuil.” Is follus i mbriathraibh an fhir so, anaghaidh
Chailbhin, nach é amháin samhuil Chuirp Chríost, nó cuimhne air,
bhíos 'san abhluin choisreagtha, acht go mbí Corp Chríost dáríribh
idir fhuil agus fheoil ann, do réir mar chruitheocham 'san
tráchtadh so in áit eile é; 1080 bliadhan andiaigh Chríost
do'n fhear so.



Is iomdha teist barántamhuil eile d'fheudfamaois do thabhairt
anuas do neartughadh linn, acht nach righthear a leas linn ar
dhá adhbhar; an chéad adhbhar díobh go n-admhuid na h-éiricidhe
féin go bhfuil an tAifrionn d'á ghnáthughadh ag an Eagluis
Rómhánuigh re míle agus dhá cheud bliadhan; an dara adhbhar,
go n-admhuid anns na gceithre ceud bliadhan roimhe sin budh
foigse do Chríost go raibh an Eagluis cheudna sin glan gan
truailleadh, ionnus gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha
d'aon inntin ar feadh na haimsire sin do bhuainfeadh re h-aon
phonc de'n chreideamh, go mbíodh ionghabhtha mar an Scrioptúir,
do réir mar léightear i meádhoin an leabhair dídheanta - eadhon,
Apologia, do sgríobh i n-ainm Righ Sacson - .i. an Chéad
Shéamus, i gcoinne Charthanóir Bellarmín, mar
a n-abair gurab ionghabhtha mar an Scrioptúir gach nidh air ar
chinneadar na nAithreacha Naomhtha dobhí ar feadh na 400
bliadhan úd ann. Agus is follus i dtús na caibidile so, go
dtángadar d'aon mhéin ar an Aifrionn do bheith ag a ghnáthughadh
agus do bheith ionmholta 'san Eagluis; agus, d'á bhrigh sin,
ó thángadar d'aoin mhéin ar a bheith ionghabhtha, agus go
n-abraid na h-éirichidhe gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha
Naomhtha d'aontoil do bheith ionghabhtha mar an Scrioptúir, is
inchreidte dóibh, d'á bhrigh sin, go bhfuil an t-Aifrionn
ionghabhtha, do bhrigh go dtángadar na hAithreacha reamhráidhte
ar aon inntin agus d'aon toil ar a bheith ionghabhtha. Agus dá
n-abradh Luther nó Calvin, nó a lorgairidhe, nach dtángadar
na hAithreacha úd d'aon mhéin ar a bheith ionghabhtha, a shlán
futha, ainm nó sloinneadh, laoidh nó litir, aon athar d'á
raibh ar feadh na h-aimsire úd ann do thabhairt anuas d'á
dhíomholadh nó d'á chur ar gcúl.


L. 22


Is follus gurab foghluim dhiabluidhe an tAifrionn do chlódh
agus do chur ar gcúl; ar dtús olcus na n-úghdar le ar
tionnsgnamh a mhúchadh - eadhon, Luther, millteóir manaigh do
bhlodh a chuing chrábhaidh le h-uabhar agus le antoil, d'ar
chuir sé suas de cheann na hEagluise tré formad agus ainmhian,
agus tré n-a dtug sé Caitríona, an bhean riaghalta, go
h-aindlightheach as mainistir, d'á bheith ina leanán leaptha
aige fein, contrárdha d'á móid araon agus do'n ghealladh
thugadar do Dhia.



Calvin, cheana, do budh dhuine anuasal é, tugadh suas ar dhéirc
ina sgoláire, agus, ar mbeith ina dhiaigh sin dó ina
chanánach i dteampoll chaidrealta, 'san bPiocáirde, 'san
bhFrainc, tug é féin chomh mór sin d'antoil na colna, ionnus
an tráth nach fuigheadh mná chum peacaidh riú, do
bhíodh buachaill aige ré a ndeunadh peacadh truaillighthe
Sodomaic. Agus, arn-a
fhionnachtain sin d'easbog na h-áite, do gabhadh agus do
cuireadh i bpriosún leis é, nó go dtugadh peannaid dó: agus,
ar ndeunamh aithrighe dhó, do leig an t-easbog amach é; agus
ar mbuain díograise mionn de gan teagmháil anns an choir
cheudna arís. Dála Chailbhin, iomorro, níor chian dobhí
amuigh an tan thárlaigh 'san choir chéadna arís é; agus,
an tráth do bhraith daoine é ar tí sgeula do dheunamh air
do'n easbog do ghaibh eagla an smachta céadna é, agus
d'eulaigh sé gan fhios; agus ní dheárnaidh sé cómhnuidhe
nó go ráinig sé an chathair d'arab ainm Geneva, dobhí ró
bhuaidheartha re n-a bprionnsa féin; agus annsin do thionnsgain
sé ar bheith ina eiriceach agus an tAifrionn do chur ar gcúl.
Mar sin do gach millteóir eile do lean Luther agus Calvin
do na barántaibh breugadh do sgríobhadh go sgigeamhuil ar
an Eagluis Rómhánaigh, ní bhfuil ionnta acht cliar chuirpe
cholaigh, do chlaon a gcuing chrábhaidh, agus do chuir
druim re Dia, agus ucht ar imreas, agus mar dibhfeirg chum na
hEagluise tré bheith ag a smachtughadh ina n-olcaibh
ainmhianacha féin.



An dara feacht, is follus as foghluim Luther gurab ó'n Diabhal
tháinig dó an tAifrionn do chur ar gcúl; óir do dheonaigh
Dia dhó a sgríobhadh d'á láimh féin 'san gceathramhadh
caibidil de'n leabhar do sgríobh sé ar an Aifrionn do chur
ar gcúl, mar dobhí sé chúig bliadhna deug ag diospóireacht
ris an Diabhal, d'á chothughadh air gur mhaith an gnás an
tAifrionn; agus i bhfóircheann na haimsire sin, mar do
chlaoidheadh ris an Diabhal é; agus mar do chruthuigh de
réasúnaibh air nachar b'ionghabhtha an tAifrionn. Créad is
iontuigthe as an admháil so Luther acht gurab foghluim dhiablaidhe
dobhí aige, agus gurab ó'n Diabhal tháinig an
tAifrionn do chur ar gcúl agus do chlodh. Dá bhfiafraigheadh
Luther nó Calvin cia an áit 'san Scrioptúir ionar órduigh
Dia an tAifrionn. Léightear leó 'san 22 caib. ag Lúcás,
mar d'órduigh Críost Sacraimeint na haltórach do dheunamh
fá ghnéthibh aráin agus fíona an tan adubhairt, “Déanaidh
so mar chuimhniughadh


L. 23


orm-sa.” Agus is é nidh chialluigheas Sé annso an nidh dorighne
Sé féin do dhéanamh; agus is é an nidh dorighne seisean an
tAifrionn do rádh, do réir substainte an Aifrinn; óir trí
neithe atá de shubstaint anns an Aifrionn. An chéad nidh
dhíobh, an abhlann agus an fíon do coisreagadh. An dara
nidh, iad araon d'ofrálughadh suas chum an Athar uile-chomhachtaigh.
An treas nidh, caitheamh fola agus chuirp
Críost fá ghnéithibh an fhíona agus an aráin. Agus do
réir Lúcáis, 'san gcaibidil chéadna, dorighne Críost
gach nidh dhíobh so. Ag so briathra Lúcáis ag labhairt
ar Chríost - “Do ghlac an t-arán (ar sé), dorug
buidheachas, do bheannuigh, do bhris, agus thug d'á
dheisgioblaibh é, ag rádh - “Glacaidh agus ithidh, ag so
mo chorp féin; glacaidh agus ibhidh, ag so m'fhuil féin;
déanaidh so mar cuimhniughadh orm-sa.”



Tabhair dod' aire, a léightheóir eagnuidhe, mar adubhairt
Sé - “Déanaidh so,” ag ciallughadh an Aifrinn adubhairt
Críost an tan sin, do réir na dtrí nitheadh so adubhramar
bhuaineas re substaint an Aifrinn - eadhon, an t-arán agus
fíon do coisreagadh, d'ofrálughadh agus do chaitheamh;
agus nach é adubhairt, mar adeir Calvin - “Ag so samhuil
nó fioghar mo chuirp agus m'fheola-sa.” Atáid, cheana,
neithe eile diadha so-mholta 'san Aifrionn, bhuaineas re n-a
onóir nach bhfuil d'á substaint. Do chuireadar an Eagluis
do bhun crabhaidh agus caondúthrachta ann, théid in onóir
do Dhia agus i soi-leas do bheodhaibh agus do mharbhaibh; mar
atáid orthanna, solás, eipistleacha, soisgéil, preafaide,
agus gach nidh eile d'á bhfuil anns an Aifrionn, leath amuigh
de na trí neithibh úd bhuaineas re n-a shubstaint. Is
iontuigthe mar an gceudna as na briathraibh reamhráidhte
gurab ris na sagartaibh amháin, agus nach ris an bpobal
gcoitcheann, bhuaineas an tAifrionn do rádh; amhuil is follus
'san 22 caibidil ag Lúcás, mar a n-abair sé gurab do na
deisgioblaibh, dobhí ina sagartaibh an tan sin, d'órduigh
Críost an tAifrionn do rádh ag cuimhniughadh a pháise. Tig
Chrysostomus leis so 'san 30 Homilia dochum pobail Antiochia
- “Tusa, a thuatha (ar sé), an tan dochídhfir an sagart
ag ofrálughadh, ná meas gurab é an sagart amháin atá aga
dhéanamh, acht gurab í lámh Chríost go do-fhaicsiona
atá aga dhéanamh.”


L. 24


AN DARA CAIBIDIL.



In a dtráchtar anaghaidh na nEiriceadh, agus in a suidhtear
gurab sacraifis nó íodhbairt an tAifrionn.



Adeir Malachias anns an gcéad chaibidil - “O thurgabháil gréine
go fuineadh is mór m'ainm-se idir na cineadhachaibh; agus
íodhbarfuidhear agus ofrálfuidhear anns an uile áit am' ainm-se
iodhbhairt ghlan.” Adeir Damascenus, 'san 14 caib. de'n
4 leabhar ro sgríobh ar an gcreideamh gcoitchionn, gurab ar
íodhbairt an Aifrinn do labhair Malachias go fáidheamhuil
annso. Ag so briathra Damascenus - “Is í so an íodhbairt ghlan,
neamh-fholamhail, adubhairt an Tighearna, i mbeul an fháidh,
dodéantaoi do ofrálughadh dó féin ó thurgabháil gréine
go fuineadh.” Agus dá n-abradh Luther nó Calvin gurab í
Iodhbairt na Páise do tharngair an fáidh, ní fíor dóibh é, óir níor
hofráladh Iodhbairt na Páise acht ar Sliabh Calvary amháin; agus do
b'í a bhfaisdine an íodhbairt úd d'ofrálughadh ó thurgabháil
gréine go fuineadh. Mar an gcéadna, is íodhbairt ghlan do
tharngair ann, agus níorbh'íodhbairt ghlan Iodhbáirt na
Páise, ó dhortadh fola, gidheadh dobhí glan i dtaobh a
substainte: ar an adhbhar sin, ní ar pháis Chríost do
labhair an fáidh; agus ó nach bhfuil íodhbairt eile ann
acht an tAifrionn is éigean admháil gurab ar an Aifrionn do
labhair an fáidh; agus d'eagla go gcuirfeadh aon duine in
iongnadh créad as a n-abramaois íodhbairt neamhghlan re
Páis Chríost, ní hé is iontuigthe as go mbiadh Iodhbhairt
na Páise caidheach nó salach, acht do dhéanamh deifreach
idir í féin agus an íodhbairt anns nach ndeárnadh dortadh
fola, mar dorighneadh innti-se anns an Sean-Reacht. Ní raibh
íodhbairt ghlan ar bith ag na cineadhachaibh roimh Pháis
Chríost, acht iad ag adhradh do dhéithibh boghra balbha, do
réir mar adúbhairt Dáibhidh Rí anns an 95 Sailm - “Do
bhí deamhain (ar sé) in uile dhée na gcineadhach;” nó
dá n-abradh Luther nó Calvin gur fíoruigheadh an fhaisdine
leis an droing de'n chineadh Iudaigheach do sgaipeadh agus do
sgannradh fá thrí rannaibh an domhain, do ghabh díbirt
tré chogadh na nIudaigheach re cineadhaibh eile dobhí ag
déanamh fóirneirt nó fóiréigin orra, ní fíor dóibh é,
óir dothugsad an dream díbeartha sin iad féin ar adhradh
do dhéithibh boghra balbha do nós na gcineadh eile, do
réir mar adeir Dáibhidh anns an 105 Sailm, ag labhairt ar
an droing sin - “Atáid (ar sé) arn-a gcomhchumsgughadh
idir na cineadhachaibh, agus d'fhoghluim siad a n-oibreacha;
agus dorighneadar óglachas dá mbréig dealbhaibh.” Do
tharngair fós Dáibhidh anns an 49 Sailm, ag labhairt i
bpearsain Dé - “Cuirfidhear íodhbairt an tSean-Reachta ar
gcúl, agus beidh aon íodhbart amháin ann do thaithneomhaidh
le Dia. Ní ghlacfad (ar


L. 25


sé) as do thigh-se laoigh náid
pocáin dod' thréadaibh, acht toirbhir do Dhia íodhbairt
mholta” - eadhon, íodhbairt an Aifrinn. Agus
is é do tharngair Sophonias 'san dtreas chaibidil - “An
tráth úd (ar sé) dobhéar beul toghtha do na poibleachaibh;
ionnus go nguidhfidís go leir ainm an Tighearna, agus go
ndéanfaidís óglachus dó le h-aon ghualainn, no le h-aon
chuing”; agus measaim gurab'é nidh chialluigheas an aon
chuing so, aon chuing íodhbartha an Aifrinn. Léightear fós
'san dara caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Riogh,
tarngaire ar shagartacht soisgeulta an Aifrinn, d'á chur i
gcéill go mbiadh comhachta aige, agus go rachadh báthadh
ar shagartacht an tSean-Reachta, an tan adubhairt - “Feacaidh
(ar sé) tiocfaidh laethe in a sgaipfaidh mé do lámh agus
lámh d'athar, agus dúiseóchaidh mé sagart díleas dham
féin, dodhéanas do réir mo chroidhe agus m'anma féin,
agus shiubhalóchas do láthair mo chuirp féin ó ló go
ló.” Tuig gurab ionann “lámh” annso agus comhachta; óir
cuirthear go minic an focal so “lámh” 'san Scrioptúir ar
son chomhachta; amhail adeir Dáibhidh 'san 118 Sailm -
“Atá m'anam féin (ar sé) am' láimh féin do shíor.” Ionann
sin agus “ar mo chomhachtaibh féin.” D'á bhrigh sin is é
chialluigheas an text úd thuas go raibh Dia ar tí comhachta
na sagart n-Iudaigheach do chur ar gcúl, agus ar tí na
sagart soisgeulta do chur i gcomhachtaibh; agus ó nach féidir
sagartacht do bheith gan sacrifice nó íodhbairt, agus gurab
follus gur cuireadh íodhbairt an tSein-Reachta ar g-cúl,
do réir Phóil, mar a n-abair sé nach le fuil tarbh nó
pocán do fuasgladh sinn, acht le Fuil luachmhar an Uain
neamh-urchoidigh, ní fuláir íodhbairt soisgeulta do bheith
ann; agus, ó nach bhfuil íodhbairt soisgeulta ann acht an
tAifrionn, is air do labhair Pól. Agus d'á n-abradh Luther
nó Calvin nach fuil sagartacht fóir-imealach soisgéalta
ann, acht sagartacht folaightheach spioradálta, agus 'san
gcéill sin gurab sagart go comhchoitcheann an uile dhuine,
idir fhear agus mhnaoi, éistid re Pól 'san gcúigeadh
caibidil chum na nEabhrach, mar a ndeárnaidh sé eidirdhealughadh
idir na tuatadhaibh agus na sagartaibh, an tan
adubhairt - “An uile easbog (ar sé) tógbhathar as na
tuatadhaibh, nó as na daoinibh eile, oideadhthar é ar son
na ndaoineadh anns na neithibh in a mbíonn roinn againn re
Dia; ionnus go n-ofráladh sé tiodhlaichthe agus íodhbarta
ar son ár bpeacaidh, agus ar ár son féin, agus ar son an
phobail.” Is iontuigthe as na briathraibh so gurab í an
oifig is tairbhidhe, tabhachtaidhe, bhíos ag an sagart nó
ag an easbog (óir is ionann iad) íodhbairt d'ofrálughadh
ar son a bpeacaidh, do réir Phóil. Agus, ó nach raibh le
linn Phóil, ná ó shoin i leith, íodhbairt ann acht an
tAifrionn, ní fuláir do Chailbhin a admháil gurab
íodhbairt an tAifrionn, nó abradh dúinn ainm íodhbarta
eile dobhí ann an uair sinn nó ó shoin i leith. Agus
dá n-abradh


L. 26


Luther nó Calvin nach cóir íodhbairt do bheith
ann acht íodhbairt in a ndéantar dortadh fola, ní fíor
dóibh é; óir léightear 'san 14 caibidil i Genesis go
ndeárnaidh Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona; agus
adeir Lúcás 'san 22 caibidil go ndeárnaidh Críost íodhbart
d'á Chorp agus d'á Fhuil féin, fá ghnéithibh aráin agus
fíona, anns an suipéar; ghidheadh níor dhoirt aon bhraon
d'á Fhuil an tan sin. Léightear 'san dara
caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh
na Riogh, go ndeárnaidh bean d'ár bh'ainm Anna a mac féin,
eadhon, Samuel, d'ofrálughadh do Dhia, agus níor doirteadh
braon d'á fhuil an tan sin. Léightear ar Mhuire Mháthair
gur ofráil sí a Mac féin 'san Teampoll do Dhia tré
lámhaibh Shimeoin, sagart. Léightear, fós, 'san 12 caib.
de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na Rómhánach, gur ghuidh
sé an pobal Rómhánach, d'á iarraidh orra a gcuirp féin do
thabhairt mar íodhbairt do Dhia; gidh, ní tháinig thar
dhortadh fola. D'á bhrigh sin, gan chead do Luther nó do
Chailbhin, ní h-éigean dortadh fola do bheith 'san íodhbart.



Fá h-ionamhail, iomorro, do shagartacht Mheilcisideic
sagartacht Chríost, do réir Dáibhidh 'san 109 Sailm - “Do
dhearbhaidh an Tighearna (ar sé), agus ní budh aithreach leis
é, is sagart tu-sa go síorruidhe, do réir uird Mheilcisideic.”
As so is iontuigthe, ó's do réir uird Mheilcisideic atá
Críost, gurab íodhbairt do réir an uird chéadna dligheas
Sé do dhéanamh; agus, ó's íodhbairt aráin agus fíona, gan
dortadh fola, dorighne Meilcisideic, a mhacsamhuil sin dligheas
Críost do gach sagart eile d'á ord do dhéanamh. Is córaide
so do chreideamhuin an gealladh úd tug Dáibhidh do Chríost,
nacharbh'fhéidir a bheith fírinneach i sagartacht Aaron,
in a ndéantaoi dortadh fola 'san íodhbairt; óir is follus
gur críochnuigheadh an sagartacht sin i mbás Chríost an tan
adubhairt Consummatum est, agus is éigean an tsagartacht do
tharngair Dáibhidh do bheith fírinneach, síorruidhe ann chum
na faisdine do bheith fírinneach.



Níorbh' éagcosamhuil Críost agus Meilcisideic do shamhlughadh
re chéile, óir fa righ agus sagart Meilcisideic, agus mar an
gceudna do Chríost. Ionann, fós, Meilcisideic agus “righ an
chirt,” agus fa h-é Críost, dá-ríribh “Righ an Chirt.” Adeir
fós Pól go raibh Meilcisideic gan athair gan mháthair; ní
h-é nach raibh athair agus máthair aige; acht níorbh'fheas
annsan Scrioptúir cia fa h-athair nó fa mháthair dó; mar
an gceudna do Chríost, ní raibh athair ag A Dhaonacht ar
talmhain, ná máthair ag A Dhiadhacht ar Neamh. Dorinne
Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona an mhéid gur sagart
é; óir d'eagla go measfaidhe gurab proinn choitcheann thug
sé d'Abraham do shásughadh a chuirp amháin, adeir an
Scrioptúir, d'á chur i gcéill gur bh'feidhm sagairt
dorinne - eadhon, iodhbairt do dheanamh amhail cuirthear síos
'san 14 caib. in Genesis, an tan adeirthear, “óir fa


L. 27


hé sagart an Dé ró árd é”; ionnus dá mbudh biadh coitcheann
dobhí sé do thabhairt uaidh go mbudh fhurasda do dhuine mar
é - dobhí sé ina righ - a mhalairt féin d'fhágháil chum
bidh choitchinn do dháil d'Abraham. As gach
nidh dhíobh so is inmheasta gurab fioghair cosmhail do
Chríost Meilcisideic, agus, mar an gceudna, go raibh íodhbairt
Mheilcisideic ina fioghair ag tuar an Aifrinn.



Atáid trí neithe in a dtigid Iodhbairt an Aifrinn agus
Iodhbairt na Páise le chéile; ar dtús is ionann an nidh
íodhbarthar 'san Aifrionn agus do híodhbaireadh anns an
bPáis, do réir mar adeir Lúcás 'san 22 caibidil - “Ag so
(ar sé) mo chorp féin tiodhlaicfidhear ar bhur son; ag so
m'fhuil féin doirtfidhear ar bhur son 'san gCrois. An dara
nidh, amhail dobhí an Pháis i dtarngaire do Chríost do
bhí an tAifrionn i dtarngaire do Mheilcisideic, do réir
Malachias 'san gcéad chaibidil. An treas nidh ina dtigid
le chéile go rabhadar fioghracha agus furfhogartha na Páise.



Acht, cheana, atá eidirdhealughadh eatorra i neithibh eile.
Ar dtús, gur fá ghnéithibh coimhightheacha do íodhbair
Críost é féin 'san suipeur, agus gurab ina chruth dhíleas
féin do iodhbair Sé é féin 'san Pháis; an dara deifir
atá eatorra, gurab é fa cúis do Iodhbairt na Páise le
bás agus le dortadh fola Chríost, grása, fíor-aondacht,
naomhthacht, agus sláinte mharthanach do ghreamughadh dúinn-ne;
peacaidhe an domhain do chur ar gcúl; ár dtinneas-na
d'iomchar; an diabhal do chlaoidh; an bás síorraidhe do
ruagadh; an bheatha mharthanach do dháil dúinn; dóirse
an fhlaithis neamhdha d'fhosgladh rómhainn, d'ár bhfuasgladh,
agus leorghníomh folláin do dhéanamh 'san bhfolmhach
éagcórach dorighne an céad athair ó'r fhásamar i
bParathas.



Iodhbairt an Aifrinn, cheana, is é is feidhm di bheith ina
cuimhniughadh ar an bPáis, ina seoidfine agus ina
comhartha cumainn againn, d'ár dtathughadh le sochar na
Páise agus ina sásughadh spioradálta d'ár n-anamnaibh,
agus dobheir meudughadh grása do na fíreunachaibh, amhail
dobheir beatha corpordha, fás agus meudughadh ar fhuil agus
ar fheoil an tí chaitheas é; is mar sin doghnidh Iodhbairt
an Aifrinn, atá ina bhiadh spioradálta, dobheir sé
sásughadh agus meudughadh do na grásaibh bhíos i n-anam
an fhíréin. Tig de fós giorradh do chur ar phiantaibh na
n-anam i bpurgadóir. Feudaim a rádh gur híodhbaradh Críost
ar trí modhaibh fhreagras do na trí reachtaibh, mar atá
Reacht na Nádúire, Reacht Mhaoise, agus Reacht an tSoisgéil.
An chead modh dhíobh, 'san gcéad reacht, do híodhbaireadh
Críost go fioghartha i mbás Abel do marbhadh le Cáin, do
réir mar adeir Eoin 'san 13 chaibidil in Apocalypsis -
“Atá an t-Uan arn-a mharbhadh (ar sé) ó thús an domhain,”
ag ciallughadh bháis Abel do marbhadh i dtús an domhain, do
fhurfhogradh go reamh-fhaicsionach íodhbairt na Páise.
Mar an gceudna do híodhbaireadh go fáthach, fioghartha,
é 'san


L. 28


reithe do thaisbéan an t-aingeal do Abraham chum
íodhbartha tar cheann Isaac, amhuil léightear 'san 22
caibidil in Genesis. An dara modh in i n-iodhbairthear
é, do réir an dara reachta,
ar úrlár na Croiche ina Pháis, amhail adeir Pól 'san
gcúigeadh caibidil chum Ephesians, “Tug Críost (ar sé)
annsacht dúinn, agus do thiodhlaic Sé é féin mar ofráil
ar ár son agus mar íodhbairt do Dhia.” Is ris an nidh
gcéadna bhuaineas an nidh adeir Isaias 'san 35 caibidil,
an tan adubhairt, ag labhairt go fáidheamhuil ar Críost
- “Do híodhbaireadh é do bhrigh gur bh'í sin a thoil
féin.” An treas mhodh in a n-íodhbarthar Críost, do
réir an treas reachda, go sacraimeinteamhuil, nó go fáth-rúnda,
folaightheach, fá ghnéithibh coimhightheacha,
mar atá fá ghnéithibh aráin agus fíona 'san Aifrionn,
do réir mar do shuidheocham, agus mar do suidheadh linn
go soiche so. Agus is ar an modh ndeighionach so ghnáthuigheas
an Eagluis Críost d'íodhbairt, agus ní ar an dara modh;
ní hionann agus mar adeirid na h-éiricidhe. Is gnáthach,
iomorro, leis na hEiricidhibh an tan dochídhid aon nidh
somholta ag an Eagluis Chatoilice d'á dhéanamh, nach feudaid
do chur ar gcúl do Scrioptúir nó d'ughdarás, gabhaid
ag fochmhuid agus ag fónomhaid faoi, do cheilt a
nEiriceachta agus a n-ainbhfiosa féin, do mhealladh agus do
bhreugadh tuatadh leanas d'á slighthibh seachránacha féin.



Is fíor gurab le linn a íodhbartha féin, agus ar dtús
ar an dtreas mhodh so 'san Suipeur, do thionsgain Sé an
nuadh-fhiadhnuise - eadhon, an treas reacht, dárab ainm
Reacht Soisgéalta, agus gurab í sin an dara gné in ar
híodhbaireadh é - eadhon, 'san bPáis do chríochnughadh
an tSeanReachta amhail adubhramar thuas. Dá n-abradh
Luther nó Calvin nach maith tuigthear linn an tarngaire
dorighne Dáibhidh do shagartacht shíorraidhe Mheilcisideic
tréna rádh dhúinn gurab re Críost bhuaineas sí, éistear
leo le postadhaibh foirtille na fírinne, mar atáid aithreacha
eagnaidhe úghdarásacha na hEagluise, agus dochluinfid uatha
go follus gurab é Críost fa cuspóir comhráidh do Dháibhidh
'san rann reamhráidhte úd thuas do haithléigheadh linn.
Ag so, cheana, mar adeir Cyprianus 'san treas Eipistil de'n
dara leabhar - “Do híodhbaireadh (ar sé) le Críost an nidh
do híodhbaireadh le Meilcisideic” - eadhon, arán agus fíon;
ionann sin re a rádh - agus a fhuil agus a fheoil féin.
Adeir Damascenus 'san 14 caibidil de'n cheathramhadh leabhar
- “Le harán agus le fíon (ar sé) do ghlac Meilcisideic
(fa sagart do'n Dia ró árd) Abraham ar bhfilleadh dhó iar
marbhadh na n-eachtrannach.” Fa reimh-fhioghair an bhórd
úd Mheilcisideic do'n bhórd ghlanrúnda so againn-ne, amhail
fa iomháigh agus fa fioghair an tsagartacht úd Mheilcisideic
do Chríost, an fíor-shagart síorraidhe
amháin. Adeir Epiphanius, ag sgríobhadh anaghaidh Eiricidhe
Melchidianus - “Cialluidh (ar sé) íodhbairt Mheilcisideic
an té úd a dubhairt, “Mise an t-Arán


L. 29


Beó”; agus cialluidh fós an Fhuil do buaineadh as A thaobh 'san
gCrois.” Adeir Ieronimus, 'san eipistil do sgríobh chum Marcella -
“Do íodhbair (ar sé) Meilcisideic arán agus fíon i gcruth
nó i bhfioghair Chríost.” Adeir Ambrós, 'san dtreas chaibidil
dhe'n chéad leabhar ro sgríobh do'n tSacraimeint so na
h-altórach - “An tan tharlaidh an sagart Meilcisideic ar
Abraham, iar mbreith mbuadha, agus do h-íodhbaireadh leis
arán agus fíon dó.” Adeir S. Aibhistín, 'san 17 caibidil
de'n 17 leabhar do sgríobh sé ar Fhlaitheas Dé - “Anois
(ar sé) ní bhfuil sagartacht ná íodhbairt in aon áit 'san
domhan do réir uird Aaron, agus íodhbarthar fá'n sagart
Críost 'san uile áit an nidh do dháil Meilcisideic.”



Adeir an fear céadna, ag sgríobhadh ar an 33 Sailm -
“d'ordaigh Críost (ar sé) íodhbairt d'á Chorp agus d'á
Fhuil féin do réir uird Mheilcisideic.” Adeir Arnobius, do
mhair i gcionn 300 bliadhan andiaigh Chríost, ag sgríobhadh
ar an 109 Sailm - “Maille ré fáthrún aráin agus fíona (ar
sé) dorinneadh sagart de Chríost go síorruidhe, do réir
Mheilcisideic dorighne íodhbairt aráin agus fíona.” As
ráidhtibh na droinge adubhramar is follus (gan chead do
Luther nó do Chailbhin) gurab ar sagartacht Chríost do
labhair an fáidh; agus do bhrigh gur gheall sé a bheith
síorruidhe, is increidte go mbeidh sí ar bun go deireadh
an domhain. Agus, ó nach bhfuil sagartacht ann gan íodhbairt,
agus nach raibh riamh, ní fuláir íodhbart do bheith ann
do réir sagartachta Chríost agus Mheilcisideic; agus ní
bhfuil íodhbairt eile ann acht an tAifrionn: nó, má tá,
innseadh Luther nó Calvin nó a lorgairidhe é - agus, ar an
adhbhar sin, is íodhbairt an tAifrionn. Adeir, cheana,
Theophilactus, ag cur gluaise ar an gcúigeadh caibidil de'n
Eipistil do sgríobh Pól chum na nEabhrach - “Is uime (ar
sé) adeirthear gur sagart Críost go síorruidhe, do bhrigh
go n-íodhbarthar é go laetheamhuil, agus go n-ofráltar é
go síorruidhe mar íodhbart le sagartaibh Dé, iar mbeith
do Chríost i n-aoinfheacht ina easbog agus ina shagart
aca”; 880 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.


L. 30


AN TREAS CHAIBIDIL,
In a Suidhtear an Nidh Céadna.



Ag so áitiughadh na nAithreach is barántamhla tháinig
andiaigh Chríost anns an Eagluis, leath-amuigh do na hAbstalaibh
agus do na Deisgiobalaibh; agus sgríobhtha ina ndiaigh féin
cia an saoghal andiaigh Chríost in a raibh gach aon aca.



Ag so mar adeir Martialis anns an eipistil ro sgríobh chum
pobuil Búrduise - “Tiodhlaicthear (ar sé) íodhbairt do Dhia
an Cruthuightheóir ar an altóir, agus ní do dhuine ná do
aingeal ofráltar í.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go
raibh íodhbairt altóra ann le n-a linn féin. Acht gidh
adeir Luther agus Cailbhin nach raibh íodhbairt ar bith ann
ó do cuireadh Críost chum báis; gidheadh fágbhaim fá
bhreathnughadh an léightheóra cia córa sgeul an fhir so
do chreideamhuin, dobhí ina dhuine naomhtha, agus fa
deisgiobal do Pheadar, agus dochonnairc Críost go minic,
ná Luther agus Cailbhin dobhí mar dochualabhar féin.



Adeir Tertullian, anns an leabhar do sgríobh ag furáileamh
na geanmnuidheachta do choiméad - “Cuiridh (ar sé) úghdarás
na hEagluise eidirdhealughadh idir an lucht uird agus an pobal,
óir doghníodhthar íodhbairt agus baiste ris an sagart.”
Agus dá n-abradh Luther nó Calvin gur ab idir uaisle agus
anuaisle an phobail doghnidh sé eidirdhealughadh annso,
agus idir fhear agus mhnaoi; nach idir sagartaibh agus
tuatadhaibh, agus go mbudh sagart gach aon duine; amhail
adeir sinn, éisteadh leis an úghdar gceudna, 'san leabhar
ro sgríobh sé ar na maighdeanaibh - “Ní fhuilingthear (ar
sé) do mhnaoi anns an Eagluis labhairt ná múnadh ná
baisdeadh ná íodhbairt do dheunamh.” Is follus i mbriathraibh
an fhir so go raibh íodhbairt agus sagartacht speisialta ann
le n-a linn féin; agus nach raibh coitcheann ag an uile
dhuine; 160 bliadhan andiaigh Chríost dobhí an fear so
ann.



Adeir Origenes, 'san 20 Homilia, ag cur gluaise ar Leviticus
- “Atáid anois (ar sé) an Eagluis ag íodhbairt Chríost, an
íodhbairt fhírinneach dobhí arna fhiogharughadh anns an
tSeanReacht”; 230 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so ann.



Adeir Cyprianus naomhtha 'san eipistil ro sgríobh chum Cecilius
- “Ní híodhbarthar (ar sé) íodhbairt an Tighearna maille re
naomhthacht dhlisdineach muna bhfreagraidh ár n-ofráil agus
ár n-iodhbairt-ne do'n pháis; agus muna raibh sí cosamhuil
ria i gcásaibh d'áirighthe;” 250 bliadhan andiaigh Chríost
do'n fhear so.


L. 31


Adeir Athanasius, ag cur gluaise ar an eipistil ro sgríobh
Pól chum na n-Eabhrach - “Is follus (ar sé) go bhfuil aon
íodhbairt amháin againn anois; acht gidh, dobhí iomad
'san tSeanReacht.” Is follus i mbriathraibh an fhir so go
raibh íodhbairt ina aimsir féin ann; 330 bliadhan
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Adeir Hieronimus 'san dara ceist do sgríobh sé chum Hebedia
- “Iodhbarthar linn (ar sé) a fhuil súd go laetheamhuil ina
íodhbartaibh de gheugaibh fineamhna fíre”; 400 bliadhan andiaigh
Chríost do'n fhear so, agus fa gabhal de ceithre ghabhlaibh na
hEagluise é.



Adeir S. Aibhistín 'san deachmhadh leabhar ro sgríobh ar
flaitheas Dé - “Do coisgeadh (ar sé) na híodhbartha bréige
do'n fhíor-íodhbairt ró-mhór so.” Agus dá n-abradh Luther
nó Calvin gurab ar Iodhbairt na Páise thug sé “an íodhbairt
ró-mhór so,” éistidís ris an bhfear gcéadna 'san 23
eipisdil do sgríobh chum Bonifacius, agus tuigfid as sin gurab
ar Iodhbairt an Aifrinn labhras - “Nach anaoinfheacht amháin
(ar sé) do íodhbarthar Críost ann féin, maiseadh thairis
sin, ní headh amháin íodhbarthar é an uile fhéasda na
Cásga 'san tsacraimeint, acht íodhbarthar é gach aon lá do
na poibleachaibh; agus ní dhéanadh breug an tí dá
bhfiafróchaidhe an ndéantaoi dó iodhbairt, dá bhfreagradh
ag rádh go ndéantar.”



Léightear i mbeatha S. Aindréas go ndubhairt sé na briathra
so, ag rádh - “Iodhbarthar do Dhia Uile-chomhachtach an t-uan
neamh-chaidheach gach aon lá.” Agus dá n-abradh Luther nó
Calvin nach bhfuil annso acht rádh na hEagluise, agus d'á
bhrí sin nach cóir creideamhuin do, éistidís ris an bpríomh-ughdar
barántamhuil, S. Aibhistín, agus tuigfid as a
bhriathraibh go ndleaghthar teist n-a hEagluise do ghabháil.
Ag so, cheana, mar adeir sé 'san eipisdil do sgríobh sé chum
Hieronimus - “Ná déanadh (ar sé) aon duine breathnughadh
anaghaidh ghnáthadh ró-bheannuighthe na hEagluise; óir atá
a húghdarás chomh mór sin, ionnus nach féidir le haon
duine leanfas di dul amughadh ná ar earáid”; 400 bliadhan
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Rabbi Apprensas, ughdar Eabhrach, ag tarngaire ar Iodhbairt an
Aifrinn - “I n-aimsir na tarngaire tiocfaidh duine darab
ainm Messiah (ar sé) coisgfidh na huile íodhbartha, gidheadh
ní choisgfidh íodhbairt an aráin agus an fhíona go bráth.”



Adeir Alexander Pápa agus mairtíreach, an seachtmhadh Pápa
andiaigh Pheadair, 'san ceathramhadh canóin - “Ní féidir
(ar sé) aon nidh bheith anns na híodhbarthaibh is mó ioná
Corp Chríost agus a fhuil; agus ní féidir íodhbairt is
uaisle ioná í d'fhághail; acht do sháruigh sí an uile
íodhbairt.”



Adeir Isodorus, 'san chéad leabhar do mhúnadh na
gCríostuightheadh - “Creidim (ar sé) gurab ó na hAbstalaibh féin
dofrith íodhbairt d'ofrálughadh


L. 32


ar son na marbh, do bhrigh go bhfaicim d'á choiméad mar nós é ar
feadh na talmhan.”



Léightear 'san seiseadh agus 'san seachtmhadh caibidil ag
Leviticus, go rabhadar cúig gnéithe íodhbarthadh ann; an
chéad ghné ar a dtabhradaois iolosgadh, nó uilelosgadh,
mar i ndéantaoi an beathadhach uile do losgadh ann; an dara
gné híodhbartha, íodhbairt aráin tslím ar a gcraithti
ola; an treas íodhbairt, íodhbairt na sítheólachta; an ceathramhadh
híodhbairt, an peacadh gníomhach, nó an peacadh doghnídh duine
re faill; an cúigeadh íodhbairt, íodhbairt an ghlanta.
Tigid, iomorro, na cúig gnéithe íodhbarthadh so re chéile
i n-íodhbairt Chríost; óir ar dtús fa huilelosgadh é,
do bhrigh go raibh ar lasadh de theine an ghrádha 'san
gcrann chéasda agus d'ofráil sé é féin go huile chum
an duine d'fhuasgladh go hiomlán; an dara feacht, fa
híodhbairt an aráin tslím é, mar is follus anns an
abhluin ar a gcuirthear ola gáirdeachais na ngrás. An treas
feacht, is íodhbairt sítheólachta é; óir re linn Pháise
níor labhair aon fhocal garg, agus do tharraing síothcháin
agus sítheóltacht ar neamh agus ar talamh. An ceathramhadh
feacht, fa íodhbairt pheacadh - eadhon, ar son pheacach - é; do
réir mar adeir Pól 'san 5 chaibidil de'n dara eipis.
chum na gCoirinnteach - “Oir, gion go ndeárnadh sé peacadh
(ar sé, ag labhairt ar Chríost), dorinneadh ar ár son-ne
na peacach” - eadhon, díoluigheacht ar son peacach Dé.



An cúigeadh feacht, fa íodhbairt ghlanta é; óir do
ghlan sé sinn go léir ó n-ár bpeacadhaibh, do réir mar
adeir Eoin 'san chéad chaibidil de'n chéad eipisdil
chanónta - “Glantar sinn (ar sé) le fuil Iosa, a mhac
súd ó'n uile pheacadh.” Agus dá n-abradh Luther nó Calvin
gurab'é adubhairt Críost - “Déantar so libh,” agus nach é
adubhairt - “Iodhbarthar so libh.” Bíodh a fhios aca, de
mhodh labhartha na n-Eabhrach, go n-abarthar go minic an
focal so “déantar,” ar son an fhocail so “íodhbarthar,”
mar is follus as na hionadaibh so síos an Sgrioptúra. Adeir
Dáibhidh 'san 65 Sailm - “Dodhéan duit (ar sé) bath mar
aon le pocánaibh.” Ionann sin re a rádh agus - “Dodhéan
íodhbairt de bhuaibh agus de phocánaibh duit.”
Léightear fós 'san 9 caibidil de'n treas leabhar de
leabhraibh na Riogh, mar a n-abair - “Dorighne Solamh
ulelosgadh.” Léightear arís 'san 18 caib. de'n leabhar
ceudna mar a n-abair Elias - “Dodhéan (ar sé) bó eile.”
Mar an gcéadna 'san 13 caib. de'n Leabhar na mBreitheamhan
- “Má's áil leat uilelosgadh do dhéanamh.” Léightear,
'san 23 caib. ag Leviticus na briathra so - “Déanaidh
pocáin ar son bhar bpeacadh.” As na h-ionadaibh so
tuigthear go follus go n-abarthar an focal so “déantar”
ar son an fhocail “íodhbarthar.” Oir dá mbudh i gcéill
Luther nó Calvin do thuigfeamaois na h-áite reamhráidhte,
dob' ionnan é agus tarbh nó pocán do dhéanamh do
fáidhibh, do bhrigh nach féidir, do réir nádúra, bath
do chruthughadh gan tarbh d'á ndéanamh.


L. 33


Do bhárr ar gach suidhiomh dá dtugamar linn anuas éist,
a léightheóir le teist ár n-eascarad - Lúitear ag déanamh
fiadhnaise linn - ag admháil go bhfuil íodhbairt ann. Ag so
mar adeir 'san ngluais ro sgríobh ar an 109 Sailm - “Créad
é an fáth (ar sé) bhí ag an bhfear úd d'ofráil aráin
agus fiona do láthair Abraham? Is é chialluigheas súd (ar
sé) sagartacht Chríost 'san mbeatha aimseardha so go
deireadh an domhain; agus fós go ndéantar leis é féin
d'íodhbairt 'san Eagluis ar an altóir i sacrameint
fholuightheach a chuirp rónaomhtha agus a fhola
luachmhaire féin.”



Is iomdha suidhiomh barántamhuil eile dobhéarainn anuas
annso, acht go measaim gur leór gach teist d'a dtugas, mar
aon le fiadhnaise Luther féin; ádhbhar eile fós d'eagla
go mbeidhinn liosda do'n léightheóir.



An Ceathramhadh Caibidil.



Thráchtas go mórálta, no go fáithchiallach, ar an Aifrionn,
agus ar shanasán an fhocail chéadna.



Ní thigid mínightheóiridhe an Bhíobla ná lucht sgrúdaighthe
na Sgrioptúra le chéile timcheall sanasáin nó bunadhais an
fhocail so “Missa” - eadhon, Aifrionn. Adeirid, iomorro, cuid
aca gurab ó'n bhfocal Laidne - eadhon, Missa est, atá ar cur,
adeirthear é, “do bhrigh (ar siad), go gcuirthear Iodhbairt an
Aifrinn chum an Athar Uile-chomhachtaigh.” Adeirid cuid eile
dhíobh nach ó'n bhfocal Laidne - Missa est - tháinig ar
dtús, acht ó'n bhfocal Eabhra, Misach - eadhon, íodhbairt.
Is é réasún na droinge so ris, do bhrigh gurab'é Peadar
agus S. Seamus S. Seán adubhairt an tAifrionn ar
dtús, agus gurab
anns an teangain Eabhra adubhradar é, agus na deisgiobail
dobhí aca ag timpireacht dóibh sul do sgaradh ó chéile
fá chríochaibh éagsamhla na cruinne leis na hAbstalaibh
iad, rugsad leo an t-ainm dochluinidís ag na hAbstalaibh ar
an Aifrionn ina mbeulaibh - eadhon, Messiah (Mashiach), mar
is follus ar feadh na hEorpa idir an chléir; acht, gidheadh
doghnidh focal Laidne dhe ag buain choda dhe, d'á chur i
n-oireamhuin do'n Laidin. Ní chuireann aon nidh ina
aghaidh so a rádh, go mbeidheadh ainm cinnte fá leith i
mbeurla nó i dteangthaibh gacha críche, i n-eagmais an
anma choitchinn úd - eadhon, Messiah, mar atá Aifrionn i
nGaoidheilg, Liturgia i nGréigis, agus Mass i mbeurla
Sacsonach. Agus is í baramhuil na droinge deighionaighe is
mó mheasaim do bheith fírinneach. Bíodh a fhios agat, a
léightheóir, go bhfuilid trí teangtha anns an Aifrionn,
már atá Eabhra, Gréigis, agus Laidion: Eabhra .i. Hosanna;
Gréigis, cheana, Kyrie Eleison; agus Laidion, urmhór an
Aifrinn ó shoin amach. Is é fáth, iomorro, fa'r órduigh
an Eagluis so


L. 34


mar chuimhniughadh ar an íodhbairt fhola úd
dorinneadh ar altóir na croiche air ar sgríobhadh na trí
teangtha so, de dheoin Dé tré dhiamhairchéill.
Ag so an fáthrún fá'r dheonaigh an Spiorad Naomh a sgríobhadh
- eadhon na trí háidhmhillte, nó na trí hanágha dobhí, do
réir an tSean-Reachta, andiaigh na croiche, mar atá mallacht,
leimhe, agus bruid, do bhrigh go raibh a bhara fá Chríost
'san gcroich na trí haidhmhillte sin d'iompodh chum trí sochar,
mar atá beannacht, eagna, agus saoirse. Cialluighthear anns na
trí teangthaibh úd in ar sgríobhadh, gairm agus teidiol
Chríost ar an gcroich. Is uime sin do dheonaigh an Spiorad
Naomh a sgríobhadh ann; An Eabhra, iomorro, an teanga naomhtha;
an Laidion teanga na n-árd-fhlath; agus an Ghréigis, teanga na
n-eagnuidheach. Agus do bhrigh gurab sompla agus cuimhniughadh
ar Iodhbairt na Páise Iodhbairt an Aifrinn, d'órduigh an Eagluis
na trí teangtha úd do bheith 'san Aifrionn, ag cuimhniughadh na
dtrí sochar gcéadna d'fhág Críost ag na fíreunchaibh, agus
fós d'á chur i gcéill go dtig na trí sochair úd do'n
Aifrionn - eadhon, beannacht, eagna, agus saoirse, gibé fíreun
éistfeas é. Tabhair dod' aire - do réir S. Tomáis, 'san
seiseadh h-airteagal de'n 73 ceist, de'n treas chuid de
“Summa” a Dhiadhachta - go bhfuilid trí neithe chialluigheas
an íodhbairt so an Aifrinn go fioghaireamhuil, mar atá
Iodhbairt Mheilcisideic, agus na híodhbartha fola, agus an
phlúir neamhdha. Tuig fós go bhfuilid trí neithe eile i
Sacraimeint na hAltóra. An chéad nidh an Sacmeint
tur - eadhon, arán agus fíon; agus ar an mhodh so chialluigheas
Iodhbairt Mheilcisideic. An dara nidh - Sacraimeint - agus an
nidh féin, mar atá fíor-Chorp Chríost, agus is ar an modh
sin chialluigheas an uile íodhbarta fola an tSean-Reachta. An
treas nidh atá ann, ar a ngoirthear an nidh amháin, mar atá
déanmhus neith na Sacraimeinte, agus is ar an modh so
chialluigheas an plúr neamhdha; óir amhuil dobhiodh blas
gach neith dobhiodh do mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha,
ionnus an tí air a mbiodh mian mairtfheola, gurab blas
mairtfheola dogheabhadh air, agus an tí air a mbíodh mian
feola cearc, dogheobhadh sé blas feola cearc ar an bplúr;
agus mar sin do gach mian eile ó shin amach; agus mar an
gceudna do dhéanmhus neithe na Sacraimeinte so - eadhon, do
na grásaibh oibrigheas 'san bhfíreun, atáid na huile mhiana
somholta ionnta.



Adeir an t-ughdar céadna gur chiallaigh an t-uan cásga an
tSacraimeint so ar na trí modhaibh reamhráidhte. Ar dtús is
amhlaidh do caithtí leó an t-Uan Cásga mar aon le h-arán
slím, do réir mar adeir Maoise 'san 12 caibidil in Exodus
- “Iosfaidhear (ar sé) feoil agus arán slím,” ag labhairt
ar an modh in ar chóir do'n chineadh Iudaigheach an t-Uan
Cásga do chaitheamh. Mar an gceudna caithtear linn-ne go
sacraimeinteamhuil feoil an Naomh-Uain neamh-urchóidigh, mar
aon le haicidibh an aráin tslím


L. 35


.i. na habhluinne. An dara feacht ar a gcialluigheann an
tSacraimeint so an t-Uan
Cásga; óir mar do dhíon fuil na híodhbartha úd an Uain,
in-allód an pobal uile ar aingeal an éirligh, is mar sin
dhíonas fuil an Uain so ar an altóir na Críostuighthe ar
aimsiughadh an aidhbherseóra. An treas mhodh, do bhrigh go
dtugthaoi an t-Uan Cásga d'á chaitheamh do'n phobal mar
íodhbairt an ceathramhadh lá deug do'n éasga, d'á reimh-fhioghrughadh
go raibh a dtarngaire an fíor-Uan fiorórdha
do marbhadh do'n phobal anns an bpáis ar úrlár na croise,
an ceathramhadh lá deug do rae.



An Cúigeadh Caibidil.



Thráchtas ar dhiamhairchéill chuladh an Aifrinn, agus ar
na neithibh bhéanas leis an altóir.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab cosmhuil ris an
riocht in a raibh Críost i n-aimsir na Páise, do réir eudaigh
agus innill uile, an cruth in a mbí an sagart le linn Aifrinn
(nidh nach iongnadh; óir is ag aithris ar Chríost in aimsir
na Páise bhíos an sagart 'san Aifrionn), do réir mar
d'órduigh Pól 'san 11 caib. de'n chéad eipisdil do sgríobh
chum na gCoirinnteach - “Gacha mhionca (ar sé) íostaoi an
t-arán so, nó ibhthí an corn foillseochaidh bás an
Tighearna.” Ionann sin re a rádh agus go mbiadh d'fhiachaibh
ar na sagartaibh íodhbarta an Aifrinn d'ofrálughadh
d'fhoillsiughadh Iodhbartha na Páise, agus d'á chur i gcuimhne
do na Críostaighthibh, ionnus go mbudh cuimhin leo gurab de
shochar na Páise tháinig an cineadh daonda d'fhuasgladh ó
bhruid an aidhbherseóra.



Ar dtús is é chialluigheas an chéad bhall de'n chulaidh -
eadhon, an Mict (Amice) an brat do cuireadh um shúilibh an
Tighearna an tan dobhíodar na hUidhil ag gabhail de bhasaibh
air, ag iarraidh air a innsin dóibh cia do bhuailfeadh é.



Is é chialluigheas an léine Aifrinn, an t-earradh fada bán
amadáin do cuireadh air an tan dobhí Sé d'á chur idir
Phiolait agus Ioruaith.



Is é chialluigheas an crios, an teud cruaidh-righin cnáibe
le'r ceangladh caol a chúim ris an gcolmhuin cloiche, an tan
bhí sé d'á sgiúrsáil.



Is é chialluigheas an manipeil, an cuibhreach do cuireadh ar
a lámhaibh.



Is é chialluigheas an stóil bhíos ina crois, fá bhrághaid
an tsagairt, an chroch fá héigean do Chríost d'iomchar go
háit a chéasda.



Is é chialluigheas an cochall, an t-eudach purpair do cuireadh
ar Chríost le'r buaineadh a chroiceann de iar mbeith
créachtnuighthe dó d'éis a sgiursaighthe.


L. 36


Go fathrunach ag so a gciall sud.



Cialluigheadh an micht daonnacht Chríost, óir mar fholuigheas
an micht an sagart, is mar sin fholuigheas daonnacht Chríost
a cheann - eadhon a dhiadhacht, óir mar is é an ceann cuid is
uaisle agus is aoirde de'n duine is í a dhiadhachta cuid is
uaisle agus is aoirde de Chríost; d'á réir sin ní héagcosmhuil
an ceann agus an diadhacht do shamhlughadh le chéile.



Is é chialluigheas an stóil, an ghnáthchuing umhlachda agus
fhómóis dobhí do ghnáth ag Críost d á Athair.



Is é chialluigheas an léine Aifrinn d'árab nadúir bheith
geal an ghlaine dobhí i gcorp Chríost do ghnath.



Is é chialluigheas an crios, cuibhreach an chumainn le'r
ceangladh an nádúir dhiadha agus an nádúir dhaonda i n-aon
phearsain Iosa.



Is é chialluigheas an manipel, an tuarasdal do thuill Críost
'san chroich, do réir mar do tharngair Dáibhidh 'san 125 Sailm,
ag rádh - “Tiocfaidh (ar sé) agus ar mbeith ag teacht dóibh,
dobhéaraid, maille le lúthgháir, a ndórnáin leó.” Agus
is é do tharngair Dáibhidh annso go dtiúbhradh Críost, ar
mbreith buaidhe ar an ndiabhal i mbás na croise, na hAithreacha
as an bpríosún, maille re na ndórnánaibh ina lámhaibh, mar
cheannach láimhe, a gcaithréim na mbuadh dorug Sé ar a
namhuid.



Is é chialluigheas an cochall, an grádh do-fhaisneise dobhí
ag Críost do'n chineadh daonda.



Go mórálta cialluighidh an micht, an creideamh; an léine,
glaine an chogúais do Dhia agus do dhuine; an crios, geanmnuigheacht
chuirp agus inntine; an stóil fómós do na huachtaránaibh; an
manipel, deisgréid chum eidirdhealbhtha idir olc agus maith: agus
an cochall, carthuine, nó grádh deagh-thoile do Dhia agus do
dhuine.



Is é chialluigheas an altóir, an chros chéasda; an chailís,
an tuamba; an paiteana, an leac; an corporas an eisléine; an
abhlann anma, Corp Críost; an fíon, an fhuil do ling as a
thaoibh; an t-uisge curtar annsan gcailís, an t-allus do chuir
Críost de.



Atáid neithe bheanas re honóir an Aifrinn, nach bhfuil
éigeantach, fhuigfeam do'n chor so gan teacht társta, mar atá
dias cléireach do bheith ag friothólamh an tsagairt, agus, an
chuid is lúgha dhe, dias do bheith ag éisteacht an Aifrinn,
agus a samhuil eile sin nach bhfuil éigeantach anois.



Ag so do na neithibh doghnídh an sagart re rádh an Aifrinn.
Ar dtús nighidh sé a lámha re ndul 'san gculaidh dhó, dá
chur i gcéill go ndligheann sé a choguas do bheith glan nighte
aige ria ndul do dhéanamh Iodhbartha an Aifrinn. Agus is ag
cuirr dheis na haltóra doghnidh sé sin, do bhrigh go
gcialluigheann an churr dheas stáid na naomhthachta agus na
neamhurchóide


L. 37


in a raibh Adhamh, ár gcéad athair, sul dorinne
sé peacadh, amhuil chialluigheas an churr chlé stáid
an pheacaidh iar mbriseadh chánach an ubhaill.
Cialluigheas fós an churr dheas an cineadh Iudaigheach, agus
an churr chlé an cineadh eile. Agus is é adhbhar fá dtéid
an sagart ó'n gcuirr dheis gus an gcuirr chlí, d'á chur i
gcéill go dtáinig creideamh agus reacht Chríost ó'n gcineadh
Iudáigheach chum na gcineadhach eile; agus is uime sin bheireas
an sagart an leabhar Aifrinn leis o'n gcuirr chlí gus an gcuirr
dheis i ndeireadh an Aifrinn d'á chur i gcéill go
bhfoillsighthear an creideamh so againn-ne arís ar an gcineadh
Iúdaigheach i bhfoircheann na n-aimsear. Cialluighidh fós an
nídh céadna an t-athnuadhadh dorinne Críost ar an gcineadh
daonda, ó stáid an pheacaidh go stáid na ngrás. Cialluighidh
lár na haltóra bás Críost; óir mar is é lár na haltóra
is meádhon di, mar sin is é bás Críost is meádhon idir an
dá reacht, agus fós gurab i meadhon na talmhan fuair bás.
Na cúig uaire fhilleas an sagart ar an bpobal 'san Aifrionn
is é chialluighid ná cúig uaire do thaisbeán Críost é
féin lá na heiséirghe. Is é adhbhar fá ndéin an sagart
é féin do choisreagadh re hucht an Aifrinn, d'á chur i
gcéill go ndligheann an uile Chríostuighe re hucht
deaghoibre do dhéanamh, fioghair na croise do chur ar a éadan,
ar a ucht, agus ar a ghuailnibh, ag rádh - “I n-ainim an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh”: óir dlighidh an
Críostuidhe an uile nidh d'á mbiaidh aige do dhéanamh ria
ndul i gcath dó. Dlighidh an díolmhunach dá nidh do beith
aige ria ndul i gcath dhó, mar atá suaitheantas agus
comhairc; agus do bhrigh gurab ag cathughadh ris na trí
heascáirdibh atá ag an nádúir dhaonda bhíos an sagart:
agus fós nach bhfuil acht cathughadh i mbeatha gach aon
duine ar an saoghal so, do réir Phóil 'san seiseadh
caibidil chum Epheiseas, agus do réir Iób, 'san seachtmhadh
caibidil, mar a n-abair nach bhfuil acht díolmhuineas i
mbeatha an duine ar an dtalamh, do bhrigh (amhail adubhramar)
gurab do chathughadh ris na trí heascáirdibh reamhráidhte
- mar atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann - théid
an sagart ria ndul do rádh an Aifrinn dó; an mhéid go
gcuireann úrnaighthe an Aifrinn anaghaidh an aidhbherseora,
agus íodhbairt luachmhór an Aifrinn anaghaidh sainte an
tsaoghail, agus an trosgadh nó an chéadlongadh, anaghaidh
ainmhiain na colna, agus d'á mhúchadh. Is uime sin
doghnidh an sagart é féin do choisreagadh, do bhrigh go
bhfuilid an dá nidh úd atá éigeantach chum chathaighthe
'san choisreagadh.



Ar dtús atá suaitheantus an chaptaoin nó an chinn fheadhna
leanas an sagart ann, mar atá fioghair na croise, is
suaitheantas díleas do'n tsagart, agus i gcoitchinne do'n uile
Chríostaidhe. Atá fós comhairc dhíleas na sagart agus na
n-uile Chríostaidheadh i gcoitchinne


L. 38


ann mar atá - “I n-ainm an Athar agus an Mhic agus
an Spiorad Naoimh”; agus
tuigthear sin as briathraibh Mhatha, 'san 28 caibidil mar
adubhairt Críost ris na hAbstalaibh - “Re n-imtheacht díbh
(ar sé) baistigh na huile chineadhacha i n-ainm an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.” Cialluighidh,
fós, an coisreagadh na glanrúin is óirdéarca
atá annsan gcreideamh mar atá fathrún na
Tríonóide agus fathrún teachta Chríost i gcoluinn, agus
A pháis, agus maitheamh na bpeacaidhe, óir an tan
adeirtear “I n-ainm an Athar,” 'san uibhir uathaidh,
cialluighthear aondacht na nádúire diadha, do réir a
substainte; acht gidheadh atáid Trí Pearsanna 'san
Trionóid, agus gurab Dia gach pearsa dhíobh, agus dá
mbiadh ina iongnadh ar aon duine cionnus b'fhéidir a
rádh gur Dia gach Pearsa dhíobh, agus nach bhfuil ionnta
uile acht aon Dia amháin gibé, cheana, ag a mbiadh
slabhra trí lúb ina laimh, is fíor go bhfuil an slabhra
aige, gibé aca de na trí lúbaibh bhios ina laimh, gion
go bhfuil ann acht aon tslabhra amháin; mar an gceudna,
gibé ainmneochas aon Phearsa amháin de thrí Phearsannaibh
na Trionóide, feudfaidh a rádh go fírinneach gurab Dia
gach pearsa dhíobh, gion go bhfuil ionnta uile acht aon
Dia amháin.



Agus is uime sin adeirtear an focal so, “I n-ainm,” agus
nach é adeirtear, “I n-ainmnibh an Athar, agus an Mhic,
etc., do bhrigh nach bhfuil acht aon tsubstaint agus aon
chomhachta ionamhla ag na Trí Pearsannaibh. Is é adhbhar
fá'n abarthar - “I n-ainm an Atar” ar an éadan, d'á
chiallughadh gurabé an tAthair is tosach do'n Tríonóid,
an mhéid go bhfuil agus gurab uaidh do geineadh an Mac,
agus uatha araon an Spiorad Naomh. Is uime, fós cuirtear
an lámh ar an éadan, ag rádh, “I n-ainm an Athar,” d'á
chur i gcéill gur fhan an tAthair ar Neamh do ghnáth;
óir mar is é Flaitheas Dé cuid is aoirde de'n chruinne,
is é an t-éadan cuid is aoirde de'n duine; is uime
adeirthear “agus an Mhic,” ar an imleacán, d'á chur i
gcéill go dtáinig Sé i mbroinn Mhuire, agus fós d'á
chur i gcéill gurab ris an Mac amháin bhuaineas bheith
ina gheanamhain; agus is uime adeirtear “agus an
Spioraid Naoimh,” idir an dá ghualainn, do bhrigh gurab
meádhon idir an Athair agus an Mac an Spiorad Naomh,
amhail is meádhan an raon atá idir an dá ghualainn
do'n aga idir an éadan agus an imliocán, agus do bhrigh
go gcialluigheann cros an choisreagtha Páis Chríost,
dlighidh an Críostaighe a chúig méir do thógbháil
suas, i gcuimhniughadh na gcúig gcréacht.



Is uime fós dobheir an Críostaighe a lámh ó'n
ngualainn chlí gus an ngualainn ndeis, do bhrigh go
dtáinig de shochar na Páise na Críostaighthe do theacht
ó thaoibh chlé an pheacaidh go taobh dheas na ngrás.
Atá, fós, ina ghnáthughadh ó aimsir Chríost a leith
'san Eagluis na Críostaighthe dá gcoisreacadh


L. 39


féin do réir mar léaghtar ag na sean-úghdaraibh dobhí i dtús
na hEagluise ann. Ag so mar adeir Mairsilius, 'san ochtmhadh
caibidil de'n eipistil do sgríobh sé chum phobail
Bhurduis - “Congbhuidhthear linn (ar sé) fioghair na croise maille
re comhartha agus maille re beul.” Ionann sin re a rádh
agus comhartha na croise do dheunamh le na lámhaibh agus
leis na briathraibh réamhráidhte do rádh - eadhon, “I
n-ainm an Athar, agus an Mhic,” etc. Adeir Ieronimus 'san
eipistil ro sgríobh sé chum Eustochius, “Re tionnsgnamh
an uile ghníomha (ar sé) agus an uile aistir deunadh an
lámh fioghair na croise.” Adeir Tertullianus, 'san leabhar
do sgríobh chum Coróine an Ridire - “Re linn an uile
aisdir agus dighnithe (ar sé), re ndul agus re teacht, re
linn dulta i n-eudach agus i mbrógaibh, re ndul chum
buird agus chum leaptha nó chum suighte; nó gibé nidh
eile bhíos againn d'á dheunamh, cuirtear linn comhartha
na croise inár n-éadanaibh.”



Is é so an comhartha ar a dtig Eoin, 'san seachtmhadh
caibidil de Leabhar na dTaisbeánta, mar a n-abair, doghníodh
an t-aingeal moghaidh an Dé beó do chomharthughadh
le comhartha Dé ina n-éadanaibh.”



Tig Criosostomus leis an nidh so, 'san 48 Homilia ag
sgríobhadh ar Mhatha, mar a dtiubhar do theagasg do'n
Chríostaidhe é féin do choisreagadh - “Comharthuigh thú
féin (ar sé) le comhartha na croise; agus cuimhnigh méid
an mhaslaidh tugsad na hUidhil do Chríost ár dTighearna,
re linn A bheathadh agus A pháise.”



Adeir S. Aibhistín 'san 19 Seanmóir do sgríobh sé ar na
Naomhaibh - “Ní dlighthear (ar sé) nidh ar bith do
choisreagadh gan crois.” Ionann sin re a rádh agus “gan
comhartha na croise.” Tuig, a léightheóir, gion go
bhfuilid briathra soillseacha ag an Soisgeul, in a
luaidhtear Críostaighe do ghnáthughadh an choisreagtha
le láimh, maiseadh gurab inmheasda go gcleachtadh Críost
a dhéanamh, agus gurab uaidh fuaradar na hAbstail mar
ghnáthughadh a dhéanamh.



Adeir, iomorro, Abdias fa deisgiobal do Philib Abstal, agus
dobhí go minic i gcaidreamh na nAbstal, do réir mar
léightear aige féin, 'san leabhar do sgríobh air
Chathughadh na nAbstal, gur ghnáthughadh ag na nAbstalaibh
re linn miorbhuile do dheunamh comhartha na croise do dheunamh
le na ndeas-lámhaibh.



Léightear 'san treas leabhar de Leabhraibh Annalach Zonoras
go raibh gorta mór idir na Turcachaibh i gcionn 590 bliadhan
iar ngein Chríost, ionnus go mbiodh iomad díobh ag faghail
bháis: gidheadh, thárla Críostaighe 'san tír thug do
theagasg do dhroing aca a gcoisreagadh, agus gach aon díobh
do coisreagadh é féin ní bhfaghadh bás leis an ngorta
sin.



Léighthear fós, i Sgathán na Sompladh gur cheannsaigh
S. Proinnsias maille re comhartha na croise, confadh agus
fraoch feirge faolchon do


L. 40


bhí ag foghlughadh foirne na cathrach dárab ainm Engubi, agus
dorinne síth agus cairdeas idir an gcoin agus cathruightheoiridhe
na cathrach reamhráidhte.



Léightear, 'san leabhar ceudna, go raibh bean-riaghalta ag
siubhal lubhghuirt na mainistreach in a raibh a gcoimhthionól,
agus gur ghabh mian leitiúis í, agus, le fromhadh na luibhe
sin di, dochuaidh an diabhal ina corp; agus is é mheasas
Greagóir Naomhtha, le ar sgríobhadh an sgeul sin 'san
gceathramhadh caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na
Comhagallmha, gurab é ádhbhar fá'r ghabh an diabhal
sealbh innte, tré gan fioghair na croise do chur ar an
luibh sul do hitheadh léi í.



As gach nidh dá ndubhramar anuas, is iontuigthe go ndligheann
gach Críosduidhe re hucht deaghoibre do dheunamh, é féin
do choisreagadh ó thús, agus go h-áirighthe an sagart re
h-ucht an Aifrinn do rádh, amhail adubhramar thuas.



Is é chialluigheas an toigheacht amach doghnidh an sagart
'san gcoisreagadh (d'á ngóirthear bhestéir) chum an Aifrinn
do rádh an toigheacht amach dorinne Críost as broinn
Mhuire chum a ofrálaighthe féin do'n Athair in Iodhbairt
na Páise.



Is é adhbhar fá n-abair an sagart an Faoisdin Choitchionn,
dárab ainim Confiteor, do bhrigh go ndligheann gach aon re
hucht Chuirp Chríost do chaitheamh fromhadh do dhéanamh
air féin, do réir mar adeir Pól 'san 11 caibidil de'n
chéad Eipisdil do sgríobh gus na Coirinntibh - “Dearbhuigheadh
duine é féin (ar sé), agus mar sin itheadh sé
de'n arán úd agus ibheadh sé de'n chailís; óir gibé
itheas agus ibheas go neimhdhlisdineach, is damnughadh dó
féin itheas agus ibheas, gan dochar do Chorp an
Tighearna.”



AN SEISEADH CAIBIDIL.



In a dtráchtar ar na neithibh éigeantacha atá 'san
Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint.



Ar dtús is é chialluigheas an cromadh doghnidh an sagart
ós cionn na haltóra andiaigh Confiteor do rádh dhó an
umhlacht do thaisbéan Críost d'á athair re hucht na
Páise, an tan adubhairt - “Maiseadh (ar sé), munab í
do thoil-se corn na Páise do dhul thorm-sa, déantar do
thoil-se.”



Is é chialluigheas “Introitus,” nó dul isteach 'san
Aifrionn, an fháisdine dorinneadar na faidhe agus na
hAithreacha ar theacht Críost i gcolainn.


L. 41


Is é chialluigheas Kyrie Eleison, furtacht d'iarraidh ar
Dhia; óir is ionann Kyrie Eleison agus a rádh - “A Dhia
déan trócaire orainn.”



Léightear ar Gemenian Naomhtha, ar mbeith i gcath dhó agus é
i ngábhadh, go ndubhairt Kyrie Eleison, agus gur chuir cúig
ríogha ar teitheadh.



Adeirtear Kyrie Eleison naoi n-uaire, d'á chur i gcéill
gurabé iarramaoid bheith i gcaidreamh na naoi n-órd
ainglidhe atá ar neamh.



Is é chialluigheas Gloria in Excelsis caintic na síothchána
- eadhon, gurab tuar síothchána idir Dhia agus na daoine an
tAifrionn.



Is é chialluigheas an chéad fhilleadh doghnídh an sagart
ar an bpobal ag rádh Dominus Vobiscum, an beannachadh
dorighne Bóas ar a mheithil féin, do réir mar léightear
'san dara caibidil de Leabhar Ruth; óir amhail fa hathair
muinntire Bóas ós cionn na meithle, is mar sin is athair
muinntire ós cionn an phobail (is muinntir do Dhia) an
sagart. Mar an gcéadna, is é chialluigheas an freagradh
dobheir an pobal ag rádh - Et cum spiritu tuo, an nidh
léightear ag Pól, 'san gcaibidil ndeighionaigh de'n dara
h-eipistil do sgríobh sé chum Timotheus, “Guidheamaoid
(ar sé), ó tá an Tighearna ad' bheul go raibh ad'
spiorad, agus go gcómhnuidhe do shíor ionnta.”



Is é chialluigheas na hOrthana an Phaidir, agus ní cóir
do bheith ionnta acht seacht n-orthana roimh an Eipistil,
an chuid is lugha dhe, do bhrigh nach fuil acht seacht
n-athchuingeadha 'san bPaidir.



Is é chialluigheas an t-Amen, “Déantar díbh amhuil do
iarrabhar,” do réir Eóin 'san gcaibidil ndeighionaigh
in Apocalipsi.



Is é chialluigheas an t-Eipistil dligheadh na Sean-Reachta.
Cialluigheas sí fós seanmóir Eoin, do bhrigh go raibh sé
ina mheádhon idir an SeanReacht agus an Nuaidh-Fhiadhnaise:
dá réir sin. Léightear an Eipistil ar uairibh as na
Fáidhibh; feacht eile as an Reacht Nuadh. Is ina suighe
dlighid an pobal an Eipistil d'éisteacht, do bhrigh gurab
aiceacht í, do réir Leabhair Esdras.



Is é chialluigheas an Gradúal - eadhon, an nidh adeirtear
idir an Eipistil agus an Soisgeul doilghios na h-aithrighe.



Is é chialluigheas an t-Alleluia, thig ina dhiaigh sin, an
gáirdeachus do ghealladh dhúinn andiaigh doilghiosa na
h-aithrighe, do réir Mhatha, 'san gcúigeadh caibidil -
“Is beannuighthe (ar sé) lucht an doilghiosa, óir
dogheabhaidh gáirdeachus do chur orrtha.”



Is é chialluigheas an Soisgeul, seanmóir Chríost féin:
agus do réir mar adubhramar thuas, is é chialluigheas an
Soisgeul do léaghadh ar an gcuirr gclí de'n altóir,
mar tháinig Reacht Dé ó'n gCineadh Iudaigheach chum na
gCineadhach eile.


L. 42


Is é ádhbhar fá ndligheann an sagart a aghaidh do bheith
budh thuaidh 'san teampoll ag léigh an tSoisgéil, do bhrigh
gurab anaghaidh na n-olc atá sé, agus gurab ó'n áird
thuaidh thig gach uile olc, do réir mar adeir Ieremias,
'san cheud chaibidil, “O'n áird thuaidh (ar sé) thiocfas
an uile olc ar áitightheóiribh na talmhan.” Tuig a
léaghthóir, gurab budh thuaidh is cóir do'n tsagart a
aghaidh do bheith re léigheadh an tSoisgéil, do bhrigh
gurab soir dhligheas éadan nó aghaidh na h-eagluise in a
m-bí an Soisgeul dá léigheadh bheith, do réir orduighthe
na hEagluise féin.



Léightear, iomorro, ag S. Tomás, 'san g-ceathramhadh
h-airteagal de'n 11 ceist de'n chéad chuid de'n dara roinn
d'á Dhiadhacht, ag freagradh do na cúigh argóntaibh, cúig
reasúin fá ndlighthear do na Críostaighthibh a n-aghaidh
do bheith soir ag deunamh úrnaighthe dóibh. An chéad
adhbhar dhíobh, do bhrigh gurab ó'n áird shoir gluaistear
na flaithis, d'á dtigid torrthadha agus plannduidhe, agus
gach sochar eile d'á dtig as an dtalamh do bheith ann.
An dara réasún, do bhrigh gurab 'san áird shoir atá
Párrthus mar ar cuireadh na céad chomaoineacha ar an
sinsear ór' fhásamar, .i. Adhamh. An treas réasún, do
bhrigh gurab ainm do Chríost an áird shoir do réir mar
adeirthear Oriens ex alto - eadhon ó'n áird shoir anuas.
An ceathramhadh reasún, do bhrigh gurab chum na háirde
shoir dorinne Críost an Eiséirghe, do réir mar léaghtar
'san Sgrioptúir, gur ab E dochuaidh suas ar Neamh chum
na h-áirde shoir. An cúigeadh reasún, do bhrigh gurab
ó'n áird shoir thiocfas Críost do dhéanamh an
Bhreitheamhnuis, amhail tharngair Matha, 'san 14 caibidil,
ag labhairt ar Chríost - “Tiocfaidh (ar sé) amhail
soinnéan as an áird anoir.”



Ag so síos dá ádhbhar eile fá ndligheann an sagart,
nó gach Críosthaighe, a aghaidh do bheith soir ag deunamh
urnaighthe; an chéad adhbhar díobh, do bhrigh gurab anoir
thig solus na gréine ar dtús mar sin gurab ó ghréin
na fírinne thig solus na ngrás chugainn. An dara hádhbhar,
do bhrigh gurab 'san áird shoir atá an Talamh Naomhtha,
agus gurab ar an dTalamh Naomhtha dhlightheas gach aon a
aghaidh do bheith do thuar Talaimh Naomhtha na mBeó.
Annsan Aird Shoir, iomorro, dobhídís an Cineadh
Iudaigheach ag guidhe Dé, do réir mar léightear 'san
16 caibidil in Exodus. Atáid, cheana, dá ádhbhar ris
an nidh gceudna; adhbhar dhíobh do sheachnadh adhartha
do dhéanamh do'n ghréin nó do'n rae: óir fá ró-chlaon
an Cineadh Iúdaidheach chum adhartha do dhéanamh do
dhéithibh boghra, balbha; an dara hádhbhar, do bhrigh
go raibh a adhradh agus an reacht ag dul uatha 'san áird
shiar de'n roinn Iarthair - eadhon, an Eoruip.



Dlighidh an sagart a lámha do bheith druidte le chéile,
d'á chur i gcéill gurab cóir do'n tsagart a bheul
agus a ghníomh do theacht le chéile. Dlighidh fós an
sagart, mar aon leis an bpobal, do bheith ina sheasamh re linn


L. 43


an tsoisgéil do léigheadh dhóibh. Is é chialluigheas sin, go
ndlighid bheith ullamh éasgaidh
chum an tSoisgéil do choimeád agus do chaomhna do lámh
agus do bheul. Dlighthear solus do bheith ar lasadh re
linn an tSoisgéil do léigheadh, d'á chur i g-céill go
dtiubhair an Soisgeul solus an chreidimh dúinn; agus, fós,
d'á chur i gcéill gurabé Críost soisgeultar dúinn - Solus
na Fírinne, shoillsigheas an uile dhuine thig ar an
domhan so amhail adeir Eoin 'san gcéad gcaibidil. Dlighidh,
fós, an sagart, re léigheadh an tSoisgéil, fioghair na
croise do bhuain ar a éadan, ar a bheul, agus ar a ucht.
Ar dtús ar an éadan, dá chur i gcéill nach dligheann
náire do bheith air ag admháil an tSoisgéil, óir is é
an t-éadan ionad an náire; ina dhiaigh sin, ar an mbeul,
d'á chur i gcéill go ndligheann sé an Soisgeul do
sheanmórughadh go dána; an treas feacht, ar a ucht, d'á
chur i gcéill go ndligheann an sagart creideamh a chroidhe
do bheith ag toigheacht re seanmóir a bhéil; agus is iad
sin na reasúin atá ag na tuatadhaibh fá ndéinid an
nidh ceudna. Is é ádhbhar fá ndéanann an sagart agus
an pobal iad féin do choisreagadh tar éis an tSoisgéil,
d'á ndídion féin ar an nDiabhal d'eagla go ruagfadh sé
an síol soisgeulda uatha as a gcroidhthibh.



Is é fáth fá dtiubhair an sagart póg do'n leabhar
andiaigh léighte an tSoisgéil, d'á chur i gcéill
gurab cóir dó an Soisgeul do sheanmórughadh do dhruim
grádha Dé agus a chomharsan.



Adeirtear, fós, an Chré ós árd, ionnus go dtuigfeadh an
pobal suim an chreidimh atá 'san gCré; agus, ag rádh na
mbriathar so “Incarnatus est,” dlighidh an sagart agus an
pobal a leigeann ar a nglúinibh i gcuimhniughadh teachta
Chríost i gcolainn; agus andiaigh “Incarnatus est” éirghid
ina seasamh nó go n-abair an sagart “Dominus bhociscum,”
agus bheith ar a nglúinibh do'n phobal as sin gus an
Soisgeul léightear i ndeireadh an Aifrinn.



Is é chialluigheas an tOffertórium (eadhon, an Ofráil),
Críost do bheith arn-a ofráil do'n Athair Neamhdha. Is
é doghnidhthear annso an abhlann do chur ar an gcorporas
agus an fíon 'san gcailís. Cuirtear, fós, uisge 'san
bhfíon ag cuimhniughadh an uisge tháinig as taobh Chríost
'san bPáis, do tharngair Esechiel, 'san 47 caibidil, an
tan adubhairt - “Dochonnarc (ar sé) uisge ag buinniughadh
as thaoibh dheas an Teampoill, agus gach aon duine gus a
ráinig an t-uisge sin fa slán é,” agus is ar Chorp Chríost
do ghoir sé an Teampall annso go fáidheamhuil.



Is é chialluigheas an t-ionnladh doghnidh an sagart, an
t-ionnladh dorinne Críosd as chosaibh na nApstal.



Is é chialluigheas “Orate Fratres,” impidhe cabhra an
phobail, d'á chur i g-céill gurab mór fhóghnas guidhe
na bhfíreun ar son a céile, do réir S. Seumas, 'san
gcúigeadh caibidil.


L. 44


Is é chialluigheas an ortha darab ainm “Secreta,” an
dísliughadh agus an folach dorinne Críost air féin
tamall roimh an bPáis.



Is é chialluigheas an Phreafáid do rádh ós árd, an
taisbéanadh follus caithréimeach dorinne Críost air
féin Domhnach na Pailme re h-ucht na Páise.



Is sé chialluigheas an “Sanctus” do rádh trí h-uaire,
Trí Pearsana do bheith 'san Tríonóid.



Is é chialluigheas “Dominus” do rádh aon uair amháin,
Aondacht na Nadúire Diadha.



Dá n-abradh Lúitear nó Cailbhin nach é Críost do órduigh
an tAifreann agus, dá réir sin, nach cóir cion do bheith
air, bíodh a fhios aca go bhfuil dá nidh 'san Aifrionn mar
atá substaint an Aifrinn féin agus neithe eile atá taoibh
amuigh d'á shubstaint, amhail atáid orthana agus preafáide
(amhail adubhramar); agus an mhéid úd bheanas ris an nidh
úd atá d'á shubstaint, is follus gurab é Críosd féin
d'órduigh é, amhail léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás,
do dháil an tSuipéir; agus an mhéid bheanas ris an dara
cuid de'n Aifrionn, is iad na Pápadha naomhtha dobhí i
dtús na hEagluise ann d'órduigh iad. Agus dá n-abradh
an t-eiriceach nachar chóir comaoin ar bith do chur ar an
órdughadh d'fhágaibh Críost ar rádh an Aifrinn, bíodh
a fhios aige go bhfuil sompla againn 'san tSeanReacht as
a dtuigimíd gurab toil le Dia comaoin agus bárr duthrachta
do chur ar oifig dhiadha iodhbartha an Aifrinn, do réir mar
léightar 'san 16 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh
Paralipomenon go dtug Dia réim agus órdughadh d'áirighthe
do Mhaoise do dheunamh íodhbartha, agus gur chuir Dáibhidh
agus Solamh bárr agus comaoin leis an réim sin i moladh
agus i n-onóir do Dhia, agus go moltar tríd sin iad. As
an sompla sin is iontuigthe gurab toil le Dia gach comaoin
agus gach bárr dúthrachta dár chuireadar Prionnsadha na
hEagluise leis an tsubstaint úd an Aifrinn.



Dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear dhúinn Dia do ghuidhe
acht in ár spioradaibh amháin, is dearbhtha nach fíor
dhó é, óir is cneasda dhúinn glóir agus onóir do thabhairt
do Dhia ar trí modhaibh - mar atá do spiorad, do chorp agus
do mhaoin saoghalta, do bhrigh go gcuiridh Sé comaoin oruinn
ar na trí modhaibh ceudna sin. Dá bhrigh sin ní dhlighthear
do na h-eiricigh locht d'fhagháil ar na sagartaibh tré
bheith ag feacadh a nglún, agus ag claonadh a gceann, agus
ag bualadh a n-ochta, agus ag síneadh nó ag leathadh a
lámh 'san Aifrionn; óir is é Dia thug cuirp dóibh;
dlighthear dóibh umhlacht agus onóir do Dhia leis na
corpaibh ceudna: agus, fós múinidh Pól, 'san dara caibidil
de'n chéad Eipistil go Timotheus, go ndlighthear do na
Críosduighthibh, re deunamh urnaighthe dóibh, a lámha do


L. 45


thógbháil suas agus a gcinn do bheith nocht aca. Ní bhfuair
Críost féin locht 'san bpuibliocán tré bheith
ag bualadh a ochta, do réir mar léightear san 18 caibidil
ag Lúcás. Dorinne fós Críost guidhe, agus E ar A
ghlúinibh, ar Sliabh Olibhet, re h-ucht na Páise, do réir
mar léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás. As na h-ionadaibh-se
is iontuighthe nach dlighthear locht d'fhagháil ar na
sagartaibh fá bheith ag tógbháil a lámh nó ag bualadh
a n-ochta, nó ag sléachtain 'san Aifrionn.



Biodh a fhios agat, a léightheóir, gurab iad so síos
anmanna na bPápadh le'r cuireadh comaoin ar an Aifrionn: -



Celestinus Pápa do órduigh “Introitus,” “Gradual,” agus
“Offertorium”; 424 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear
so.



Greagóir Mór do órduigh Kyrie Eleison agus Alleluia,
agus beagán dé'n Chanóin; 600 bliadhan andiaigh Chríost
do'n fhear so.



Simacus do chuir Gloria in Excelsis ann; 501 bliadhain
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Telesphorus d'órduigh trí hAifrinn do rádh Lá Nodlag; 134
bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.



Gelasius do chuir Tractus agus Prefáid ann; 484 bliadhain
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Innocentius do chuir an Pax ann; 407 bliadhain andiaigh
Chríost do'n fhear so.



Damasus do chuir Confiteor agus an Chré ann, agus is é fós
do chuir Epistileacha agus Soisgéil ann, do chomhairle
Ieronimus Naomhtha; 347 bliadhain andiaigh Chríost do'n
fhear so.



Alecsander Pápa do chuir “Qui pridie quam pateretur” ann,
agus d'órduigh an t-uisge do chur i bhfíon na cailíse. Is
é fós do thionnsgain an t-uisge coisreagtha do dheunamh;
agus d'órduigh do na sagartaibh a dhéanamh Dia Domhnaigh
chum a chroithte ar an bpobal d'á mbeannughadh; 121 bliadhain
andiaigh Chríost do'n fhear so.



Sixtus d'órduigh “Sanctus” do rádh trí h-uaire, agus gach
nidh d'á bhfuil ina dhiaigh go Canóin. Agus is é fós
d'órduigh gan lámh tuata do bhuain ris an gcailís; agus
is é mar an gceudna d'órduigh an Corporás do bheith de
lin-eudach; 129 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.



Sergius d'órduigh an “t-Agnus Deí” 'san Aifrionn; 692
bliadhain andiagh Chríost do'n fhear so.



Tuig, a léightheóir, nach bhfuil aon duine do na Pápadhaibh
so do áirmheas acht duine dobhí i n-árd-fhlaitheas na
hEagluise, agus i seilbh Chathaoireach Pheadair; agus, d'á
bhrigh sin, dlighidh an uile Chríosduighe a ndlighthe agus
a n-órduighthe do choiméad, do bhrigh gurab uachtaráin
iad ar an uile dhuine de na Críostuighthibh i gcoitchinne,
amhail adeir


L. 46


S. Augustin, 'san dara caibidil de'n chéad
leabhar do sgríobh sé anaghaidh Eipistleach Paramenian - “Is
íochtaráin (ar sé) an Chríosduigheacht go h-uile
do'n ti atá ina shuidhe 'san gcathaoir,” .i. Cathaoir
Pheadair.



Adeir fós S. Ieronimus, ag labhairt ar árdfhlaitheas
an Phápa, mar a sgríobhann anaghaidh na n-éiriceach d'ár
bh'ainm Luciferani - “Is ar locht dhighnite an árdshagairt
atá slainte na hEagluise.” Ionann sin re a rádh agus
gurab ar churam an Phápa (is árdshagart ann) bhíos
dlighthe agus orduighthe do dheunamh 'san Eagluis, agus
gidhbé nach éisdfidh ris na dlighthibh so doghnidh na
Pápadha agus an Eagluis, is eagal do go luidhfidh air an
bhreath rug Críost, mar a n-abair 'san 18 caibidil ag
Matha, gurab meas pagánaigh nó puibliocánuigh is cóir
do bheith ar gach n-aon nach éisdfidh ris an Eagluis.



Is follus dó réir a ndubhramar gurab ionghabhtha na
neithe atá 'san Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint,
agus gurab somholta sleachtain na sagart.



AN TSEACHTMHADH CAIBIDIL.



In a dtráchtar gurab cóir iomhaigh Chríost do chur roimh
an gCanóin.



Dlighthear, iomorro iomháigh Chríost, mar bhí 'san gCroich,
do chur roimh an gCanóin, d'á chuir i gcuimhne do'n tsagart
go ndlighthear do cuimhniughadh ar Pháis Chríost doghnídh
sé d'eisiomlughadh an tan adeir an tAifrionn; agus dá
n-abradh Cailbhin nach dlighthear iomháigh ar bith do bheith
ann d'á ndéanaid daoine onóir, bíodh a fhios aige nach
fíor dó é, agus go bhfuilid sompladha anns an tSean-Reacht
aguinn, mar ar órduigh Dia Féin do Maoise iomháigh
do dheunamh 'san tabernacal, amhail léightear 'san 25
caibidil in Ecsodus.



Léightear fós, 'san 31 caibidil in Ecsodus, agus 'san 6
caibidil agus 'san 7 caibidil de'n treas leabhar de
Leabhraibh na Ríogh gur órduigh Daibhídh do Sholamh
iomad iomháigheadh do chur 'san teampoll, agus go
ndeárnaidh Solamh sin air. Do órduigh, mar an gceudna,
Dia do Mhaoise (amhail léightear 'san 21 caibidil de
Leabhar na nUimhreach) athair nimhe umha do chur a gcrann
mar chomhartha, ionnus gach aon dobhíodh créachtnuighthe
ó na haithreachaibh neimhe tinntighe do chuir
Dia do dheunamh éirligh ar an bpobal (tré bheith ag
ceasacht ar an bplúr neamhdha) go mbiadh slán tré
amharc uirre. Mar an gceudna, órduighthear leis an
Eagluis gCatoilice do na Críostuighthibh iomháigh
Chríost (i gcrann na croiche) do chur ar a gcomhair
re filleadh uirre, ionnus an tan dochídhfidh an
sompla sin go mbiadh amharc a n-inntinne ar Chríost agus
ar A Pháis,


L. 47


le leighistear gach lot, le n-íocthar gach
aingcis, agus le gcneasuighthear gach créacht cróilinnteach
dá m-bí ar an gcoguas, agus fós le dteilgthear go
taosgach tinneasnach gach blodh d'armaibh innilte na
hurchóide d'á mbí i n-aigeun anbhail éigceannsa na
h-anmann ó bheith ag athchognamh agus ag árdsgrúdadh
uirre i n-aigeantaibh na bhfiréin; agus is usaide an
t-athcognamh so dheunamh, iomháigh Chríost agus na
croiche do bheith ar chomhair an Chríosdaidhe, do
thabhairt Chríost agus na Páise
chum a chuimhne, do bhrigh do réir Aristotail, go
ngluaiseann cosbóir an chéadfaidh amhail, do réir an
tseanfhocuil - eadhon, “Seachnaidh an tsúil an nídh
nach bhfaiceann.”



Agus is córuide a mheas gurab fíoghair agus aithghein
do Chríost 'san chroich an náthair nimhe úd dobhí
'san gcrann ar an bhfásach, an nidh adubhairt Críost
'san treas caibidil ag Eóin - “Amhail (ar sé) do
árduigh Maoise an nathair neimhe 'san bhfásach mar an
gceudna is éigin Mac an Duine d'árdughadh, ionnus gach
aon chreideas ann nach rachaidh amugha, agus go
bhfuighfeadh an bheatha mharthanach.”



Is móide is iontugtha onóir do'n chroich chéasda an
nidh léightear ag Peadar 'san dara caibidil de'n chéad
Eipistil, agus ag Pól 'san gcéad caibidil agus 'san
dara caibidil go Colosenses, 'san naomhadh caibidil gus
na hEabhradhaibh, agus fós an nidh léightear ag
Damascenus 'san dara caibidil deug de'n cheathramhadh
leabhar - “Is déanta (ar sé) an crann mórluaigh-se
ionar ofráil Críost E Féin mar íodhbairt ar ár son,
ionnus ó n-a bhain re n-A Naomh-Chorp agus re n-A Fhuil
di go bhfuil féin ró naomhtha, d'adhradh agus
d'onórughadh; mar an gceudna, do réir a gcáile féin,
is ionóruighthe gach iomháigh naoimh eile ó sin amach.”
Atá fós mar ghnáthughadh 'san Eagluis iomháigh do bheith
innte, amhail léightear ag na seanúghdaruibh dobhí i
dtús na hEagluise ann. Ag so mar adeir Tertullian, do
mhair de'n leith astigh de 200 bliadhan i ndiaigh Chríost,
'san leabhar do sgríobh ar an náire - “Is gnáth (ar sé)
iomháigh Chríost agus caora ar A ghualainn do dhealbhughadh
ar na cailísibh coisriogtha.” Adeir Eusébius 'san 14
caibidil de'n seachtmhadh leabhar do sgríobh ar Sdáid na
hEagluise, go bhfacaidh sé féin iomháigh deunta de phrás,
dorinneadh le Sirophenisa, doghníodh iomad míorbhul;
330 mbliadhna i ndiaidh Chríost do'n fhear so.



Adeir Nicephorus, 'san 30 caibidil de'n deachmhadh leabhar,
go dtug Silbhester Pápa iomháigh Pheadair agus Phóil do
Chonstantinus Impire.



Adeir Criosostimus, 'san deachmhadh seanmóir do sgríobh
se d'Eadarghuidhe na Croiche, gur ghnáthuigh aca féin
uair 'san mbliadhan - eadhon, Aoine an Chéasda - iomháigh
na croiche d'adhradh thrí huaire; 380 bliadhan andiaigh
Críost do'n fhear so.



Adeir Greagóir Mór 'san 109 eipistil de'n naomhadh
léabhar, na briathra so - “Is uime (ar sé) bhíd iomháighthe
'san eagluis, ionnus an


L. 48


mhuinntir nach léigheann leabhair go
léaghfadaois go h-áirighthe as na h-iomháighibh an nidh nach
féadfadaois do léaghadh 'san leabhair; óir an nidh léigheas
an t-eagnuidheach ina leabhar, no seólas an sgríbheann dó,
múineann an iomháigh an nidh ceudna do'n dubhthuata an tan
fheachas uirthe, eadhon, stair na páise nó dáil an tsuipéir,
no triall Mhuire do'n Eigipt, nó an ionamhail eile sin.”



Adeir Greagóir Mór, mar an gceudna, 'san 33 eipistil 'san
tseachtmhadh leabhar ag sgríobhadh go Secundinus, aga mholadh
tré bheith ag iarraidh iomháigh air féin - “Atá a fhios
aguinn (ar sé) nach uime iarras tú iomháigh ár
Slánuightheóra chum a h-onóruighthe mar Dia, acht mar
chuimhniughadh ar Mhic Dé, agus do lasadh A ghrádha ionnad,
agus an tan shleachtamaoidne dhí, ní mar Dhia ghlacamaoid
í, acht doghníomaoid Mac Dé d'eadarghuidhe innte.”



Adeir S. Augustin, 'san 77 caibidil de'n 22 leabhar ró
sgríobh anaghaidh Faustus go mbiodh iomháigh Abraham ag
íodhbairt a mhic, dealbhtha an ionadaibh iomdha re n-a linn
féin.



Adeir Damascenus, 'san gcéad oráid do sgríobh ar na
h-iomháighibh, go mbíodh iomháigh Phóil Apstal ag
Criosostomus Naomhtha láimh re n-a leabuidh.



Adeir Beda 'san 25 caibidil de'n chéad leabhar ro sgríobh
de Stair Eagluise na Sacsan - An tan dochuaidh Augustín
manach, mar aon re coimhthionól cléireach do sheanmóir an
tSoisgéil go Sacsaibh, gurab cros airgid fa bratach agá
hiomchar rómpa, agus íomhaigh an tSlánuightheora dealbhtha
ar chlár.



Léightear ag Sygbertus ina Chronaic, go raibh Iudaigheach
ainiriseach (i gcionn 560 bliadhan iar ngein Chríost) do
ghabh do láimh bheith ag fochmhuid fá na hiomháighibh,
agus lá n-aon go bhfacaidh iomháigh Chríost, agus tug
urchar d'á shoighid di, agus do chréachtnaigh í, agus ar
n-a goin tháinig iomad fola aisde, i gcruth gur bhfhollus
do gach aon d'á bhfacaidh í gurab miorbhuil dorinneadh
uimpe.



Adeir Paulinus Naomhtha, 'san 12 eipistil, go mbiodh
iomháighthe ag á n-onórughadh 'san Eagluis re 1300 bliadhan.



As na háitibh reamhráidhte is follus go bhfuilid iomháighthe
do shíor ag á n-onórughadh 'san Eagluis, agus go bhfuilid
ionoróruighthe; agus maille ris sin is córaide a mheas
gurab fíor gach nidh dá ndubhramar nach inchreidthe go
bhfuileongadh Dia A Eagluis féin ag dul ar seachrán ag
tabhairt onóra d'iomháighibh ó aimsir na n-Apstol a leith,
dá mbudh neamhthoil leis a n-onórughadh.



Is iongnadh fós an dáil mar go dtiubharthar onóir do
chathaoir-sdáit an ríogh, gion go mbiadh an rígh féin do
láthair, agus nach tabharthaoi onóir


L. 49


d'iomháigh Chríost
nó A Mháthar nó na nAbstal, gion go mbeidís séin do
láthair; óir mar nach í an chathaoir chrainn úd in a
suidheann an righ onóruighthear, acht an rígh féin, agus
mar nach é an bréid cnáibe ar a ndealbhthar íomháigh an
rígh onóruighthear acht an righ féin, mar an gceudna ní
h-í an chloch nó an crann,
an brat nó an paipéar, ar a ndealbhthar íomháigh Chríost,
a Mháthar, nó aon naomh eile, onóruighthear leis na
gCatoilicibh, acht Críost féin, nó na naoimh eile dealbhthar
ionnta. Is córaide dúinn fós a mheas gurab toil le Chríost A
Iomháigh Féin do bheith ag na Críostuighibh go léightear
ag Damascenus, 'san 17 caibidil de'n cheathramhadh leabhar
ro sgríobh ar an gCreideamh gCoitcheann bhFíor-fhoghlamtha
gur chuir Críost A Iomháigh Féin chum an righ d'ár bh'ainm
Abagarus (dobhí lán d'fhonn chum E Féin d'fhaicsin), agus
fós gur chuir Sé A dhealbh féin ar naipicín Bheronica.
Mar an gceudna, mar do dhealbh Lúcás Soisgeulaidhe íomháigh
Mhuire in-a cruth féin, atá ar marthain ag an Eagluis fós,
atá cheana Athanasius, agus Basilius, agus S. Augustín, agus
Ambrós agus iliomad de dhochtúiribh eile ag teacht leis an
bhfírinne so.



AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL annso.



In a dTráchthar ar Thosach na Canóine.



Bíodh a fhios agat, a Léightheóir, gurab “T an chéad litir
de'n Chanóin agus cuma croise bhíos uirre i nGréigis nó i
Laidin, agus do bhrigh gurab do dhruim na croise tháinig an
Tighearna d'ár slánughadh, is í céad litir cuirthear i
i dtosach an Canónach í; agus is ina fhioghair so d'órduigh
Dia inallód do'n Chineadh Iudaigheach, gach aon ar a
gcuirfidhe an litir úd mar chomhartha ina éadan, do réir
Esechiel 'san naomhadh caibidil, go bhfóirfidhe é ar an
díoghaltas dobhí ag Dia d'á dheunamh ar an bpobal.



Is é adhbhar fá gclaonann an sagart a cheann chum láir na
h-altóra ag rádh “Té igitur,” i gcuimhniughadh an chlaonta
dorinne Peadar 'san dtuamba iar n-eiséirghe do Chríost.
Adhbhar eile fós, dá chur i gcéill go ndligheann an sagart
dul go ró umhal do dheunamh na h-íodhbartha sin.



Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh
“Haec dona,” trí codcha na h-aithrighe, mar atá
comhmbrughadh croidhe, admháil fhírinneach beóil 'san
bhfaoisidin, agus leóirghníomh 'san lot doghnídhthear - óir
trí modha ar a ndeuntar an peacadh, ó chroidhe, ó
bheul, agus ó ghníomh. Cialluighid fós na trí crosa úd
na trí modha ar ar chrochsad na h-Uidhil Críost - mar
atá do thoil, do bheul, agus do ghníomh. Cialluighid fós
na trí modha ar a ndeárnadh fochmhuide fá Chríost ré
h-ucht na Páise - an chéad modh, do láthair na n-easpog,
i dtigh Chaiphas; an dara modh, do


L. 50


láthair Phioláid ina thigh; an treas modh, i dtigh
Ioruaidh. Cialluighid fós an cádhus agus an onóir
dlighthear do thabhairt do na Trí Pearsannaibh.



Is é chialluigheas Memento na mBeó,” guidhe an tsagairt
ar na daoinibh bhíos beó, agus is é iarras dóibh, grása
Dé do thoidheacht orra, agus a bpeacaidh do chur ar gcúl.
Agus is ar an modh so dhligheas an sagart an ghuidhe sin
do dheunamh - ar dtús, go ró speisialta ar a shon féin;
an dara modh, go speisialta ar son druinge d'áirighthe, do
réir a ghaoil nó a chumuinn riú; an treas modh, ar son
na h-Eagluise go coitchionn.



Is féidir a fhiafraighe annso - Cia is feárr Aifrionn an
tsagairt mhaith nó an drochshagairt le n-iomchrann an
Eagluis? Mo fhreagra ar sin, go bhfuilid dá nídh san
Aifrionn - mar atá guidhe an tsagairt féin, agus deanmhas
neith nó brígh an Aifrinn féin, an mhéid gurab
íodhbairt é. Do réir an chéad neith, ní fhuil foghnamh
ar Aifrionn an droch-shagairt, do bhrígh go n-abair an
Scrioptúir nach éisdeann Dia re guidhe an pheacaigh.
Gidheadh an mhéid bhaineas ris an dara nidh, is comh-uasal
ó'n tsagart mhaith agus ó'n droch-shagart é, do bhrigh
gurab do chomhachtaibh na sagartachta atá aca araon
(atá do-thruaillighthe innte féin) doghníd siad an
íodhbairt. Is sompla follus air so gurab minic bhíos an
t-ór dogheibhthear i gcisde an bhitheamhnaigh cómh-uasal
ris an ór dogheibhthear i dtigh an righ; mar
an gceudna, ní misde an leigheas dobheir an liaigh uadh,
go mbeith féin easlán. Dearbhthar fírinne na neithe
so ag “Decretales.”



Dá mbudh fhada leis an sagart dobhiadh sé ag cuimhniughadh
gach aoin anns an Memento, tabhradh chum a chuimhne roimh an
Aifrionn iad, agus abradh d'aon fhocal 'san Memento - “Cuirim
gach aonduine ar ar chuimhnigheas roimh an Aifrionn fá'n
nguidhe so”; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine,
amhuil adubhramar thuas, gurab air féin dhligheas an
sagart guidhe do dheunamh ar dtús, bíodh a fhios aige go
bhfuil órdughadh 'san ngrádh, agus gurab é iarras, grádh
an duine do bheith do Dhia ar dtús, do féin annsin, agus
do'n chneas is goire dó ó sin amach. Dá bhrigh sin is
córa do'n tsagart guidhe air féin ar dtús ioná ar chneas
eile dá ghoire dó. Ag so sompla as an tSein-Reacht air
sin. Léightear 'san 17 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh
na Ríogh mar adubhairt Elias ris an mbaintreabhaigh toirtín
fá luaith aráin do dheunamh dó féin ar dtús de'n mhin do
bhí aice, agus ina dhiaigh sin di féin agus d'á cloinn;
mar an gceudna do'n tsagart, dlighidh ar dtús sochar an
Aifrinn do tháthughadh ris féin, agus ina dhiaigh sin ris
an tí is goire dhó i ngaol nó i gcumann. Gidheadh, má
chuireann duine d'fhiachuibh ar an sagart go speisialta
Aifrionn do rádh ar a shon féin, is ar son an tí sin go
speisialta dhligheas an sagart Aifrionn do rádh, óir is
mó théid an tAifrionn i sochar do'n tí


L. 51


d'á n-abarthar go speisialta é ioná do'n tí cuirthear fá ghuidhe
imeasg cháich; agus is uime sin atá ina ghnáthughadh
so-mholta 'san Eagluis Chatoilice ag daoinibh cráibhtheacha
Aifrionn do chur d'á rádh ar a son féin go speisialta.



Tabhair dod' aire go bhfuilid dá shochar dogheibhthear as
an Aifrionn - mar atá cion impidhe agus leóirghníomh. Is
é is cion impidhe ann, meudughadh grása agus sochar
spioradálta d'fhagháil do na Críosduighthibh, agus téid
an t-Aifrionn ar an modh so i sochar do'n uile dhuine bhíos
abuidh nó ionamhuil chum a ghlacta. Is é, iomorro, is
leóirghníomh ann, díoluigheacht dhlighfeas an fíreun do
thabhairt uaidh i bpurgadóir maille re péin d'fhulang
ann do réir mhéide nó chaindigheachta na coire nó an
pheacaidh dorinne; agus, 'san gcéill sin, ní h-ionann
sochar in a dtéid an tAifrionn do gach aon duine, agus fós
ní fhuil d'á mhéid chuirfeas fá ghuidhe 'san Aifrionn
go speisialta nach lugha-sa-chách doghnídhthear leóirghníomh
i bpéin gach aon aca ann; óir an nidh ar a dtéid
roinn, is lugha-sa-chách mír gach nduine dhe ioná dá
bhfaghadh gach aon aca an t-iomlán, an tan nach bhí an
t-iomlán gan chrích gan fhóircheann, mar nach bhfuil
an leóirghníomh úd an Aifrinn. Ní h-ionann agus sochar
na Páise, agus is córaide so do chreideamhuin dá mbeith
leóirghníomh an Aifrinn gan chrích gan fhóircheann,
níor bheag aon Aifrionn amháin do rádh ar gach n-anam
d'á rachadh i bpurgadóir, nó ar a bhfuil d'anmannaibh
ann go léir le chéile, gidheadh dochídhmid ghnáthughadh
na hEagluise, dárab' ainm Fundament na Fírinne ag teacht
anaghaidh so, an mhéid go dtabhair fá deara iomad
Aifrionn do rádh ar aon anam amháin, nidh nach diongnadh
sí dá mbeith sochar an Aifrinn doi-chríochnuighthe, mar
nach bhfuil.



Dá n-abradh Cailbhin go raibh sochar neimh-chríochnuighthe
ag Páis Chríost, agus, dá réir sin, nach righid na
Críosduighthe a Leas Aifrionn, nó Paidir, nó Cré do
rádh, nó deaghobair ar bith do dheunamh. Mo fhreagra air
sin acht gé atáid sochair na Páise neamhchríochnuighthe,
tairis sin nach slánuigheann gníomh, agus nach fóireadh
Aifrionn gach aon duine, gidheadh ní do neamhchumhachtaibh
i bPáis Chríost atá sin, acht nach tathuighid na peacuigh
sochar na Páise riú féin maille re deaghoibreachaibh
agus re haithrighe dheunamh ina bpeacthaibh.



Ag so dá shompla bhaineas ris an nidh so - Ar dtús, ní
de neamh-chumas i solus na gréine atá nach diongnadh
deallrughadh nó taithneamh i bpriosún dorcha, acht mar
iadhtar dóirse agus fuinneóga an phriosúin mar an
gceudna ní de neamh-chomhachtaibh i sochar na Páise atá
gan deallrughadh nó grása do thabhairt do gach aon duine,
acht mar chuirid na peacuidhe agus na droch-oibreacha
daillchiach agus dorchadus ar an anmuin, ionnus nach
soillsigheann solus na ngrás ann. An dara sompla, an


L. 52


íoc luibh nó an deoch leighis in a mbiadh sláinte do
thabhairt do'n othar, ní théid i dtairbhe dhó acht muna
n-ibhidh í; mar an gceudna do'n chorn tsláin-íce úd na
Páise ní théid i sochar do'n pheacach nó go dtathuighthear
ris é maille re deagh-oibreachaibh na h-aithrighe agus le
coimhlíonadh na n-aithneadh.



Agus dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear do na sagartaibh
íodhbairt do dheunamh do bhrígh go ndeárna Críost féin
íodhbairt. Is dearbhtha nach fíor dó é, óir ní
luighide is cóir do'n tsagart baisdeadh do dheunamh go
ndeárnadh Críost baisdeadh, ná urnuighthe do dheunamh
go ndeárnadh Críost urnuighthe, nó trosgadh go ndeárnadh
Críost trosgadh; mar an gceudna ní luighide dlighthear do
na sagartaibh íodhbairt an Aifrinn do dheunamh go ndeárnadh
Críost íodhbairt an Aifrinn rómpa.



Agus dá n-abradh Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn,
do bhrígh nach déin duine ar bith (má's fíor do-san)
leóirghníomh ar a shon féin nó ar son duine eile acht
gurab é Críost féin in A aonar doghnídh leóirghníomh
ar son gach aon duine, is dearbhtha nach fíor dó é. Oir
bíodh gurab é Dia is Céad Ghníomhuightheóir coitcheann
do'n uile deaghobair doghnídh duine, maiseadh is é an
duine an dara ghníomhuightheóir speisialta bhíos ag
congnamh le Dia, do réir Phóil 'san dtreas caibidil de'n
chéad Eipistil chum na gCoirinnteach mar a n-abair - “Is
lucht cunganta do Dhia sinn” (ar sé). Adeir fós, 'san
seachtmhadh caibidil de'n dara hEipistil chum na
gCoirinnteach, nidh as a dtuigthear go ndéin duine leóirghníomh
ar a shon féin - “Glanam (ar sé) sinn féin o'n uile
shalchar.” Adeir fós, 'san dara caibidil de'n dara
hEipistil go Timotheus, briathra
thig leis an nidh gceudna - “Glan (ar sé) ó mhailís do
chroidhe féin,” dá chur i gcéill go ndligheann agus go
bhféadann duine, mar aon re congnamh Dé leóirghníomh do
dheunamh ar a shon fhéin, maille re hAifrionn do rádh, nó
do chur d'á rádh, ré h-urnaighthibh, re déirc, nó re
trosgadh do dheunamh. Ar an adhbhar sin, is breugach adeir
Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn, agus is breugach
a réasún an tan adeir nach déin duine leóirghníomh ar
a shon féin nó ar son duine eile.



Is é chialluigheas an “Communicantes,” cuimhniughadh na
naomh, d'á iarraidh ar Dhia ina n-onoir soirbhiughadh do'n
droing curthar fá ghuidhe an Aifrinn. Ag so sompla air sin
as an tSein-Reacht 'san 32 caibidil i leabhar Ecsodus, ag
Maoise. Ar mbeith ag guidhe do Mhaoise ar son an phobail
pheacaigh - “Cuimhnigh, a Thighearna (ar sé) Abraham,
Isaac, agus Iacob, t'óglacha féin.” Mar an gceudna
léightear, 'san dtreas caibidil i Leabhar Daniel, gur
chuimhnigh Asarias (ar mbeith 'san tsorn teinntighe dhó)
ar na trí hArd-aithreachaibh úd, ag iarraidh trócaire
ar Dhia ar a son - “Ná beir (ar sé), a Thighearna, agus
a Dhia, Do thrócaire uainn, ar


L. 53


son Abraham, Do dhuine dil féin, agus Isaac, t'óglaoch féin,
agus Iacob Do naomh féin.” Léightear, mar an gceudna,
ar Esechias, ar mbeith dó ag
iarraidh cabhartha ar Dhia d'á dhíon ar an nguais in a
raibh féin agus an chathair in a raibh gurabé so an
freagra thug Dia air, amhuil léightear 'san ochtmhadh
chaibidil de'n ceathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh
- “Díonfad (ar sé) an chathair so, agus saorfad í, ar
Mo shon féin agus ar son Dáibhidh, M'óglaoch féin.” Dorinne
Dia fós, amhuil léightear san 11 caibidil de'n
treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, bagar ar Solamh
tré n-a olcaibh - “Acht muna bhféachainn do Dháibhidh
(ar sé), dodheunfainn dioghaltas ort. Gidheadh, ní
red' linn se dodhéan é ar son Dáibhidh d'athair féin
maiseadh teasgfad as laimh do mhic é; agus ní bhuainfead
an ríoghacht go h-uile dhe féin, acht dobhéar aon
treabh amháin dó, ar son Dáibhidh M'óglaoich féin.”
Is follus as na h-áitibh so gurab cóir dhúinn na naoimh
atá ar neamh do ghuidhe, agus go ndéin Dia maith ar a
n-impidhe dhúinn.



Is é chialluigheas “Hanc igitur” an impidhe curthar ar Dhia
d'á iarraidh air gean do bheith aige ar an íodhbairt.



Is é chialluigheas na cúig fhocail atá andiaigh “Benedictam”
- Cialluigheas an chéad fhocal díobh, impidhe do chur
chum sinn-ne do bheith naomhtha; an dara focal, ár n-ainm do
bheith sgríobhtha i Leabhar na Beatha; an
treas focal, sinn do bheith
fá bhrat Chríost; an ceathramhadh focal, ár mbeith do réir
riaghlach an réasúin; an cúigeadh focal, gach nidh d'á
ndiongnamaois do bheith ionghabhtha do láthair Dé. Ag sin
an míniughadh dobheir S. Augustin ar na foclaibh so, do
réir mar léightear ag “Decretales.”



Is é chialluigheas an “Fiat,” an tan doghnídhthear dá
chros ós cionn na h-abhlainne agus an fhíona, impidhe do
chur ar Dhia fá chlaochlodh do dheunamh ar shubstaint an aráin
agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Iosa, amhuil do
chlaochlaidh an domhan ó neimhnidh chum bheith ina dhomhan,
nó amhuil dorinneadh Duine de Dhia i mbruinn Mhuire do bhrigh
an fhocail úd, “fiat,” - eadhon, deuntar.



Is é chialluigheas an éirghe dhíreach dobheir an sagart
ar féin ag rádh na mbriathar úd, an tógbháil dhíreach
thug Críost ar an gcolainn ndaonda ó chromadh claon an
pheacaidh.



Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a shúile suas an tan
so, ag iarraidh cunganta ar Dhia. Fá ghnáth, iomorro, ag
na fáidhibh in-allód (ar mbeith ag guidhe Dé dhóibh),
a súile do thógbháil suas, amhuil léightear 'san
ficheadh caibidil de'n dara leabhar, de Pharalipomenon, ar
Iósophat go dtógbhadh a shúile suas ar mbeith ag guidhe
Dé dhó. Tig Dáibhidh leis so, 'san 122 Sailm - “Do
thógbhas (ar sé) mo shúile suas chugad, a Dhé áitighas
ar Neamh.”


L. 54


Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a lámha suas, ionnus
gurab luaithide dogheabhadh cabhair é, do réir mar léightear
'san 17 caibidil in Ecsodus ar Maoise. Ag so an nidh
adeirthear ann - “Iar dtógbháil a lámh suas do Mhaoise rug
Israel buaidh.” Gidheadh dá leigeadh a lámha síos a bheag
nó a mhór dobhéaradh Amalech buaidh. Do budh duine lámhthrom,
iomorro, Maoise, agus dochuaidh Aaron agus Hur fá
n-a dhá láimh re h-ucht an chatha do chur, agus do chongbhadar
suas a lámha go tráthnóna, agus is mar sin rug Iosua (fa
ceann feadhna do Chloinn Israel) buaidh ar Amalec fa
h-eascara dóibh.



Is é chialluighid na cúig crosa doghnidhthear ag rádh
“Benedictam,” do réir S. Tomáis, 'san gcúigeadh hairteagal
de'n 83 ceisd de'n treas chuid d'á Dhiadhacht na trí deich
dobhí anns na pinginnibh air ar díoladh Críost, re a
gcialluighthear na trí céad chrosa agus pearsa Chríost féin agus
pearsa Iúdais re a gcialluighthear an dá chros dheigheanacha.



Cialluighid fós na trí chéad crosa na trí dronga ré'r
díoladh Críost - mar atáid, na Sagairt, na Dlightheóiridhe
agus na Phairisínighe.



Cialluighid fós an dá chrois déigheanacha, Anam agus Corp
Chríost do dhealughadh re chéile 'san bPáis, agus is uime
sin curthar cros díobh fá seach ós cionn na h-abhluinne, agus
cros eile ós cionn an fhíona fá leith.



Cialluighid fós na cúig prímhchreachta dobhí ar Chríost.
Cialluighid mar an gceudna na Cúig Leabhair Mhaoise in a
raibh an Reacht sgríobhtha. Agus fós cialluighid na cúig
dronga dobhí ag follamhnughadh an Reachta sin - mar atáid
breitheamhain, ríghthe, prionnsadha, fáidhe, agus sagairt.



Is é chialluigheas an sagart ag rádh “Benedixit” go
ndlighthear coisreagadh do dheunamh, re h-ucht proinne do
chaitheamh, ar an mbiadh agus ar an ndighe.



Is é chialluigheas “Accepit” dáil an tSuipéir féin, an
tan adubhairt Críost, ag tabhairt gnéithe an aráin
uaidh, “Ag so Mo Chorp Féin.”



AN NAOMHADH CAIBIDIL.



In a dtráchthar agus in a suidheochamh anaghaidh Chailbhin
agus a chloinne nach é amháin chialluighid na briathra úd
.i. “Ag so Mo Chorp Féin,” fioghair nó samhuil Chuirp
Chríost, acht gurab'é an Fíor-chorp Féin chialluighid.



Adeir Eoin, ag labhairt ar an Sacraimeint so 'san seiseadh
caibidil, “Ag so (ar sé) an t-arán do thoirnigh do Neamh,
ionnus gibé chaithfeas cuid de nach faghadh bás.” Adeir
fós, 'san gcaibidil cheudna, “Ag so an t-arán fírinneach
thuirn do Neamh dobheir beatha do'n domhan.” Is follus


L. 55


as na briathraibh so, nach ag arán dorinneadh de mhin
chruithneachta agus d'uisge, arna niomhfhuineadh, dobhí
do bhuaidh beatha do thabhairt d'on domhan, acht ag an
Arán mBeó do thúirling do Neamh, amhuil adeir Críost
féin 'san gcaibidil cheudna - “Mise (ar Sé) an t-Arán
Beó do thoirnigh do Neamh.” Adeir fós 'san áit ceudna
- “An t-Arán dobhéar-sa uaim (ar Sé) is í M'fheóil féin
í dháilfead ar son beatha an domhan.” Adeir fós 'san
áit cheudna - “Go fírinneach is biadh Mo Chorp-sa agus is
deoch M'Fhuil.” Tig Lúcás 'san 20 caibidil, agus Marcus
'san 14 caibidil, agus Matha 'san 26 caibidil, le h-Eóin
ar an nidh ceudna; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon
duine creud fá dtabhair Críost arán d'ainm ar
Shacraimint A Chuirp Féin, atáid trí réasúin chuige
sin. An chéad réasún, do bhrigh go dtabharthar 'san
Sgrioptúir ainm an neith ar a ndéintear an claochlódh
ar an nidh in a gclaochluighthear é, amhail léightear
'san seachtmhadh caibidil in Ecsodus, gur sloigeadh le
slait Aaron slata na ndraoithe, ghidheadh is follus gurab
in a natharchaibh neimhe dobhádar na slata an tan
dorinneadh an gníomh sin; agus is uime sin goirthear slata
díobh, do bhrigh gurab i n-a slataibh dobhádar sul do
chlaochluidheadh iad; mar an gceudna adeirim re Corp
Chríost gurab uime adeirthear arán ris do bhrigh gurab
ina harán dobhí an abhlann sul do chlaochluigheadh i
gCorp Chríost í. An dara réasún, do bhrigh go n-anaid
aicídighe an aráin dobhí ann roimhe an gcoisreagadh
timcheall Chuirp Chríost tar éis an choisrigthe, mar atá
fíoghair agus caindigheacht, dath agus blath an aráin.
An treas réasún, do bhrigh go ngoirthear arán 'san
Sgrioptúir do'n uile nidh fhoghnas dúinn de thaobh ár
n-anmann agus ár gcuirp, do réir mar adeir Mátha 'san
seiseadh caibidil, ag trácht ar an bPaidir, “Tabhair
dúinn andiu ár n-arán laetheamhail.” Agus is é
chialluigheas maille ris an “arán laetheamhuil,” gach
nidh bhíos ina riachtanus oruinn; agus nachar leigidh
Dia go mbiadh Críost chómh éigcríonna sin agus nach
iarrfadh do Féin ná dhúinn-ne acht arán tur; agus,
ó's nidh E Féin in a raibh sochar, ní h-iongnadh E
do ghairm aráin de Féin. Tig Eoin leis so, 'san
gcaibidil cheudna, mar a ndubhairt - “An tí chaithfeas
an t-arán so biaidh beó go síorruidhe.” Is follus
nach raibh riamh ná anois arán (do réir substainte
aráin) ag á mbíodh de bhuaidh duine do chongbháil
bheó go síorruidhe. Ar an ádhbhar sin, ó's ag
Corp Chríost amháin atá an bhuaidh sin, is ar Chorp
Chríost amháin do labhair Eoin 'san gcaibidil úd.



Is iomdha fioghair ag an tsacraimint so 'san Sgrioptúir.
Ar dtús 'san 16 caibidil in Ecsodus, do'n phlúr neamhdha,
mar a n-abair an pobal ag deunamh iongantuis um an bplúr
an cheud oidhche do fearadh é, “Manhú?” - eadhon, “Creud
é so?” Adeir Maoise, agá bhfreagradh, “Ag so an biadh
do chuir Dia do Neamh chugainn.”


L. 56


Mar an gceudna, dá bhfiafruigheadh Cailbhin nó a chlann,
ria faicsin na Sacraiminte so, “Creud é so?” adeir Eóin,
ag freagradh dóibh, 'san seiseadh caibidil, “Ag so (ar sé)
an t-arán thug an Tighearna daoibh mar oileamhain.” Is é
so fós an plúr do gheall Eoin 'san dara caibidil in
Apocalipsi, an tan adubhairt, “Dobhéar (ar sé) an plúr
atá i bhfolach do'n tí bhearas buaidh.” Is é, iomorro,
chialluigheas an plúr úd atá i bhfolach Corp Chríost
atá i bhfolach fá aicídibh an aráin.



Léightear 'san 26 caibidil in Ecsodus go mbídís aráin
choisreagtha ar an altóir 'san tSein-Reacht, agus fa
sompla sin do'n abhlainn choisreagtha bhíos ar altóir
an Aifrinn, agus is córaide dhúinn a thuigsin mar so go
n-abair úghdar Eabhrach d'ár bh'ainm Rabbi Iúda,
gurabé fa h-ainm do'n arán choisreagtha so arán na ndealbh,
d'á chur i gcéill go raibh a gcinneadh dealbha do bheith
'san aráin d'árab sompla an t-arán úd 'san tSeinreacht.



Agus is é chialluighid na dealbha úd dealbh na Diadhachta
agus dealbh na daonnachta bhíos i Sacraimint na h-altóra.



Ba fhíoghair mar an gceudna do'n tsacramint an toirtín
fá luaith fá cosdus d'Elias ar feadh dá fhichead lá
re ndul go Sliabh Oiréib dó, óir amhuil rug sin as (do
Elias) gan caitheamh do dhul ann ag dul ar an sliabh dhó,
is mar sin bheireas sacraimint na h-altóra as (dúinn-ne)
gan chaitheamh do dhul innte go dul ar Sliabh an Fhlaithis
Neamhdha dúinn andiaigh na beatha so.



Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so an íodhbairt
aráin agus fíona dorinne Melchisedech. Fa fíoghair, fós,
do'n tSacraimint so an fleadh do h-ollmuigheadh le Assuerus
Rígh dochum bainnse Esther, amhuil léightear 'san dara
caibidil de Leabhar h-Esther; Amhuil, iomorro, dorighne
Assuerus Rígh fleadh chum Esther do phósadh, mar an
gceudna doghnidh Críost fleadh na h-altóra chum anman
na bhfíreun do phósadh ris féin, do réir mar adeir
Sé Féin anns na Cainticibh ag labhairt re h-anam an
fhíréin. Is ag tairngire an tsacraimint so dobhí an
nidh dorinneadh 'san tSeinReachda, léightear 'san 49
caibidil i nGenesis, mar a n-abarthar (ag tairngire
Chríost do bheith fá ghnéithibh an fhíona) - “O a
mhic (ar sé) atá ag ceangal do bhromaigh do'n fhineamhuin
agus ag ceangal d'asail do chrann na fineamhna.” Is
amhlaidh, iomorro, thuigeas úghdar Eabhrach d'ár
bh'ainm Rabbi Cana na briathra so ag cur gluaise ar
an gcaibidil gceudna, gurab'é chialluigheas an fhineamhan,
aicíde an fhíona, agus gurabé chialluigheas an bromach
ceangailte úd Diadhacht Chríost, agus ní h-éagcosmhail
a samhlughadh re chéile; óir mar nach téid cuing ná
bréadach ar an mbromach, mar an gceudna, ní théid
cuing umhlachta ar an nDiadhacht ag creatúir 'san
gcruinne.


L. 57


Is é chialluigheas an gheug úd do luaidhmear, aicíde
an aráin d'á mbí an t-asal - eadhon, Corp Chríost -
ceangailte; agus ní h-éagcosmhuil Corp Chríost do
shamhlughadh re h-asal, óir mar iomcharus an t-asal eire
nó ualach mór, is mar sin do iomchair Críost eire mhór
'san gcroich chéasda - eadhon, peacaidh an chinidh dhaonda
uile, amhuil adeir Isaias 'san 53 caibidil - “Do chuir Dia
(ar sé) ár bpeacaidh go léir i gceann a chéile annsúd,”
ag labhairt ar pháis Chríost. Do thairrngir Dáibhidh 'san
71 Sailm Sacraimint Chuirp Chríost, an tan adubhairt -
“Beidh (ar sé) sacraimint 'san talmhain, i mbeannaibh na
sléibhteadh, agus áirdeóchthar a thoradh ós crannaibh
Liobáin.” Ag sin ciall na bhfocal Eabhrach do réir an
fhriotail nó an translation dorinneadh leis na
seachtmhogha fear friotail. Ag so friotal Hieronimus,
“Beidh (ar sé) cuimhne cruithneachta san talamh i
gceannaibh na sléibhteadh.” Ag so friotal na Caldaice
ar na briathraibh ceudna, agus is foillsighthe labhras
ar shacraimint na haltora ioná an dá fhriotal shuas
- “Beidh (ar sé) íodhbairt aráin 'san talmhuin i gceannaibh
na sléibhteadh” - eadhon, ós mullaighibh na
sagart 'san Aifrionn an tan thógbhaid an tsacraimint ós
a gcionn. Is follus, iomorro, gurab ainm do'n tsagart
sliabh, do réir Micheas Fáidh, 'san gceathramhadh
caibidil - “Is sliabh Críost (ar sé) ós na sléibhtibh.”



Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so na hAltóra
an dá phroinn thug Críost uaidh ar an bhfásach - an
cheud phroinn díobh, ionar shásuigheadh ar an sliabh
na cúig míle fear le cúig bhairgheanaibh beaga eorna
agus le dá iasg, ionnus gur chuir Sé an oiread sin do
rath ar an mbeagán an tan sin go raibh dhá chliabh
deug brúirigh d'fhuighleach aca. Mar do chuir, iomorro,
Críost líonmhaireacht agus rath ar an bproinn so ó
n-a roinn, is mar sin chuireas Dia líonmhaireacht ar
Bhairghín na Beathadh - eadhon, ar Chorp Chríost an
tan dáiltear do'n phobal é. Fa fioghair mar an gceudna,
do'n tSacraimint so an dara proinn thug Críost uaidh,
do réir mar léightear ag Marcus, 'san 8 caibidil, mar
a n-innstear gur shásaigh Críost 4,000 fear le seacht
mbairgeanaibh agus le beagán éisg. Ag so fioghair,
mar an gceudna, do'n tsacraimint so, an nidh léightear
'san naomhadh caibidil de Leabhar Genesis mar a n-abair
- “Cuirfead Mo bhogha féin i neulaibh neimhe, mar
chomhartha daingean na síotha eadram féin agus macaibh
na ndaoineadh.” Ionann sin re a rádh agus go gcuirfeadh
Dia a Mhac Féin fá ghnéithibh aráin agus fíona i
Sacraimint na hAltóra mar chomhartha síothchána idir
E Féin agus na Críosduighthibh.



Dá bhfiafruigheadh Cailbhin - Cionnus budh fhéidir nach
rachadh caitheamh i gCorp Chríost ó bheith ag á shíor-chaitheamh
ar an altóir? Mo fhreagra air - nachar bhfusa
le Dia cronnóigín mine agus crúisgín ola na mná
thug an toirtín fá luaith aráin do Elias do chongbháil
ar feadh na h-aimsire


L. 58


cruaidhe gan caitheamh do dhul
ionnta, agus iad go laetheamhuil ag á chaitheamh ar chuid
agus ar dhinéir, amhail léightear 'san 17 caibidil de'n
treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, ioná Sacraimint na
hAltóra do bheith ag á chaitheamh go laetheamhuil, agus
gan caitheámh do bheith ag dul innte.



Is iomdha sompla eile againn as staraibh inchreidthe na
hEaglaise, mar a léightear gur chuir Dia líonmhaireacht
agus bail ar biadhaibh go minic, agus ní h-é amháin
acht do chuireadar mórán de dhaoinibh naomhtha líonmhaireacht
agus rath go minic ar bhiadhaibh dobhí aca féin maille re
chomhachtaibh Dé.



Léightear ag Greagóir Mór, 'san treas leabhar de Leabhraibh
na hAgallmha gur bheannaigh naomh d'ár bh'ainm Tulas aon
bhairghean amháin aráin, agus gur chuir de líonmhaireacht
agus de rath air gur shásuigh sé iomad de lucht oibre
cian de laethibh ar mbeith ag córughadh teampoill S. Labhráis
dóibh.



Léightear i mBeathaidh S. Doiminic go raibh sé uair gan
aige acht dá bhairghin bheaga, agus gur shásuigh dá fhichid
bráthair ar trí proinnibh agus go raibh nidh budh mó d'arán
anns na brúireachaibh dobhí d'fhuigheall aca ioná dobhí
ar dtús 'san dá bhairghin.



Leightear 'san gceathramhadh chaibidil de'n cheathramhadh
leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur shásuigh Eliseus le dá
bhairghin deug céad fear de mhacaibh na bhfáidheadh; agus
mar an gceudna, mar gur chuireadar an drong sin (dobhí
i n-a ndaoinibh) bail agus líonmhaireacht ar na biadhaibh do
bhí aca féin maille re comhachtaibh Dé. Ní hiongnadh
Críost, is Dia fíre, do chur líonmhaireacht ar A Chorp
Féin, ionnus go mbudh fhéidir do na Críosduighthibh
bheith ag á chaitheamh do ghnáth agus gan caitheamh do
dhul ann.



Ag so sompla nádúrtha as a dtuigfeam gurab fhéidir neithe
do bheith ann anns nach téid caitheamh ó bheith ag á
gcaitheamh do shíor, mar atá solus na gréine, óir bídh
sé do ghnáth ag á chaitheamh agus ní théid caitheamh
ann do shíor. Mar an gceudna bídh an t-eagnuidheach ag
tabhairt fhoircheadail agus foghluma uaidh agus ní lughaide
aige féin an fhoghluim sin; ní lughaide fós uisge an
tobair a dtógthar d'uisge as an sruth bhíos ag sníghe
uaidh; agus mar an gceudna do Chorp Chríost.



Dá n-abradh Cailbhin nachar bhféidir do Dhia Féin
substaint aráin do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost.
Bíodh a fhios aige gurab lugha an creideamh atá aige ioná
creideamh an Diabhail, do réir mar adeir Matha 'san
gceathramhadh chaibidil (ag aithfriotal uirghill an Diabhail
re Críost) - “Má's Tú Mac Dé (ar sé) abair ris na
clochaibh úd do bheith ina n-aránaibh.” Is follus as na
briathraibh so go n-admhuigheann an Diabhal go mbudh
fhéidir le Mac Dé substaint chloiche do chlaochlodh i
susbstaint aráin.


L. 59


Acht gidh séanas Cailbhin nach fhéidir le Dia arán do
chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost, agus is iongnadh
an daille croidhe thárla do Chailbhin as ar mheas sé nachar
bhféidir le Dia substaint aráin do chlaochlodh i substaint
Chuirp Chríost agus go ndéintear go laethamhuil claochlódh
an aráin do ithtear leis na daoinibh i bhfuil agus i bhfeoil
do bhreathnughadh gach aon duine ag á bhfuil eolus i léigheas
nó anns na neithibh nádúrtha.



Is follus nach deacra so do dheunamh ioná mar do chruthaigheadh
an domhan de neimhnidh, amhuil léightear 'san gcéad chaibidil
de'n Bhíobla, nó mar do dhealbhadh Adhamh de lathuigh na
talmhan, nó Eubha de'n asna tháinig as taobh Adhaimh; nó
mar claochluighthear an síol i ngeamhar, agus an geamhar i
ndéis, agus an déas i síol; nó mar claochluighthear luaith
na raithnighe i ngloine.



Ag so sompla iongantach atá i n-Eirinn ar chlaochlódh -
eadhon loch atá i Leath Chuinn, dárab ainm Loch n-Eathach,
agus an tan cuirtear cuaille cuilinn ann, ina sheasamh, agus
fágthar ann é go ceann seacht mbliadhna, claochluighthear in
iarann an chuid bíos i dtalmhain de, agus an chuid bhíos fá
uisge de ina chloich, agus an mhéid bhíos ós cionn uisge
dhe i gcrann adhmuid ina chruth féin, do réir mar léightear
ag Cambrensis 'san leabhar do sgríobh d'Iongantaibh na
hEireann.



Ag so sompla eile aguinn as an mBíobla mar a ndeárnadh
claochlódh agus comh mór le claochlódh an aráin i gCorp
Chríost, mar atá an claochlódh dorinneadh ag bhainis
(Eoin) i gCána, mar ar hiompuigheadh an t-uisge chum bheith
ina fhíon; nó mar do claochluigheadh bean Loit i liagán
saluinn, do réir mar léightear 'san naomhadh caibidil deug
in Genesis; nó mar do claochluigheadh le Maoise na srotha
uisge i bhfuil, do réir Dáibhidh, 'san 104 Sailm; nó mar
do claochluigheadh le slait Maoise an charraig in uisge,
do réir mar léightear 'san bhficheadh chaibidil de
Leabhar na nUibhreach; nó mar do claochluigheadh an tslat
le slait Maoise i náthair nimhe, agus an náthair nimhe
ceudna i slait arís, an tan dobhí ag deunamh conspóide
nó coimhmeasda re draoithibh na hEigipte; nó mar do
claochluigheadh cuid d'fhuil ró-ghlain Mhuire i substaint
Chuirp Chríost i mbroinn na maighdine, amhuil léightear
ag Lúcás 'san gcéad chaibidil, an tan adubhairt Muire
- “Déantar dhamhsa (ar sí) do réir do bhreithre-se.”



Is cneasda, iomorro, a thuigsin mar go raibh de bhuadhaibh
ag briathraibh Maoise, dobhí ina shagart do'n
tSeinReacht, substaint slaite do chlaochlódh i substaint
nathrach nimhe, go bhfuil de bhuadhaibh ag na briathraibh
coisreagtha do fháguibh Críost ('san tsuipéir) ag na
sagartaibh Soisgeulta claochlódh do dheunamh ar arán na
h-abhluinne i substaint Chuirp Chríost.


L. 60


Léightear fioghair ró-uaigneach bheanas ris an tSacraimint
so 'san 27 caibidil de Ghenesis ar chloinn Isaac - eadhon,
Esau agus Iacob, dorugadh d'aon toirrcheas, acht gidh fa
thaosga do thuismeadh Esau ioná Iacob. Is amhlaidh, iomorro,
dobhí an fear fa hóige dhíobh ina mhuirnín ag a
mháthair. Rebeca fa h-ainm do mháthair na cloinne sin,
agus fa h-annsa léi an mac fa h-óige díobh (Iacob) ioná
an mac fa sine (Esau). La n-aon d'ár iarr a n-athair -
eadhon, Isaac (agus é féin, in a sheanóir dhall) ar Esau
dul do sheilg agus proinn agus tomaltus d'ollmhughadh dhó
de'n tseilg do dhéantaoi leis. Dála Esau, dochuaidh
roimhe go lúthgháireach do dheunamh na sealga, do bhrígh
gur gheall a athair a bheannacht do thabhairt dó iar
gcaitheamh na proinne dobhéaradh chuige de'n tseilg, óir
dobhí an t-athair re bruinne mbáis an tan sin. Níor
chian dochuaidh (Esau) an tan do labhair Rebeca re n-a
múirnín mic (Iacob), agus adubhairt ris luathas do
dheunamh agus beannacht a athar do ghreamughadh roimhe
Esau do dhul do sheilg, agus d'innis dó an modh ar a
ndiongnadh sin - eadhon, meannán d'ollmhughadh dhó go
maith agus a thabhairt d'á athair, agus a innsin gurabé
féin Esau. “Dob' eagail damh-sa, a mhatháir (ar Iacob)
dá n-aithneochadh m'athair mé, gurab mallacht
dobhéaradh in ionad a bheannachta dham.” “Bíodh sin ormsa,”
ar an mháthair. d'ollmuigh siad an phroinn as a haithle
sin, agus thug siad go hIsaac í. “Caith dom' sheilg-se,
a athair,” ar Iacob. “Cia thú?” ar Isaac. “Mise do
chéad mhac, Esau,” ar Iacob. “Maiseadh, is sé guth
Iacob atá ann (ar Isaac). Crom chugam a leith (ar sé)
go bhfeicim an tú atá ann.” Is amhlaidh dorinne Rebeca
ris roimh teacht do láthair, croicinn chlumhacha dobhí
aice d'fhuagháil ina thimcheall, agus is uime do chuir sí an
clúdadh sin air do mhealladh Isaac, ionnus an tan do
ghlacfadh a athair é go meásfadh gurab'é Esau dobhí ann,
do bhrigh gurab cneas clumhach fionnfadhach dobhí ag Esau,
agus gurab cneas slím lom dobhí ag Iacob.



Cia h-é (go fáithchiallach) an tIsaac úd acht an
Críosduidhe nach faiceann Corp Chríost, agus ina chreideamh
atá dorcha (do réir na ndochtúireadh sgolárdha); agus cia
h-é an Iacob i riocht Esau acht Corp Críost i riocht an
aráin. Agus cia na croicinn fa'r dísligheadh Iacob acht
gnéithe an aráin fá ndíslighthear Corp Críost; agus,
amhuil do mealladh na ceudfadha eile ag Isaac acht an
éisdeacht amháin, is mar sin mealltar an Críosduidhe de
thaoibh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin; óir dá
bhfiafruighthí de na ceudfadhaibh eile creud atá 'san
tSacraimint úd na h-altóra, adéaradh an lámh ag á tadhall
gurab arán é; adéaradh an beul ag á fromhadh gurab arán
é, do bhrígh gurab blas aráin dogheibh air; adéaradh an tsúil
ag á feicsin gurab arán é, do bhrigh gurab dath aráin dochídh
air; adéaradh an tsrón an nidh ceudna, do bhrigh gurab boladh
aráin dogheibh air. Gidheadh, ní dóibh so is chóir
creideamhain anns na


L. 61


neithibh bheanas re creideamh, acht do'n
chluais, do bhrigh gurab í ceudfadh na h-éisdeachta í, agus
gurab ris an éisdeacht bhaineas an creideamh (do réir Phóil
'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach), agus gurabé
nidh dogheibhtear leis an éisdeacht briathra Chríost,
agus gurabé deirid briathra Chríost ag labhairt ar
Shacraimint na hAltóra, do réir Lúcáis, 'san 22 caibidil
- “Ag so (ar Sé, ar mbeith do ghnéithibh an aráin in A
Láimh) Mo Chorp Féin.” Dá bhrigh sin, is é is cóir dúinn cion
do thabhairt ar cheudfadh na h-éisteachta seach na ceudfadhaibh eile
ós innte gabhtar briathra Chríost adeir rinn gurabé A Chorp
Féin bhíos againn dáríribh ar an altóir; agus, muna
ndeunam sin, meallfuidhear sinn amhuil do mealladh Isaac.



Ag so sgeula míorbhuileacha ó n-a b'iontuigthe Corp Chríost
do leith fá gnéithibh aráin ar an altóir: -



Léightear go raibh dochtúir naomhtha i bPáirís, d'ár
bh'ainm Húgo, ar a raibh do mhian Críost d'fheicsin in A
Chruth Dhaonda ar an altóir, agus lá n-aon dá raibh ag
rádh Aifrinn, andiaigh na h-abhluinne do choisreagadh dó,
dochonnairc sé an abhluinn ar gclaochlódh i gcruth
naoidhin niamh-chruthuighe; agus, mar dochonnairc sin, do
ghabh uamhan agus imeagla é roimh an dtaisbéanadh sin.
Leis sin dorinne an leanbh gáire, agus adubhairt -
“A Húgo (ar Sé), creud as nach gcaitheann tú Mé anois?”
“A Thighearna (ar Hugo), ní dána mé ar do chaitheamh
ná ar bain riot an gcéin bhías Tú ad' Chruth Dhaonda
mar sin, agus guidhim Thú um dhul 'san riocht in a
ngnáthuighim do chaitheamh.” “Rachad,” ar Críosd,
“gidheadh do chaillis-se an luaighidheacht speisialta do
bhiadh agad fá a chreideamh go mbeidhinn-se fá ghnéithibh
an aráin; óir ní h-é a chreideamhain do dheuna tú ó
so suas, acht bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiaidh
Mé ann; agus is í an dúil chúirialta dobhí agad
am' fhaicsin-se am' chruth féin do chuir an sochar sin
amugha ort.” Léis na briathraibh sin do rádh do Chríost,
do dhísligh E Féin fá ghnéithibh an áráin, agus do
chaitheadh le Húgo mar sin E. Is inchreidthe as an
míorbhuil so go mbí Críost go foluightheach fá
ghnéithibh an aráin ar an altóir.



Léightear fós ar mbeith do Lúdobhícus Naomhtha, Rí
Fraince, lá ag éisdeacht Aifrinn, i dteampoll mór
Phairíse, agus an tráth ceudna dobhadar Aifrinn aga
rádh i séipéalaibh eile 'san teampoll, agus tárla
do dhuine uasal de mhuinntir an ríogh bheith ag éisdeacht
aifrinn i séipéal díobh; agus ar dtógbháil an tSacraimint
suas do thaisbéan Críost E Féin 'san abhluinn i gcruth
leinbh do'n duine uasal reamhráidhte, agus leis sin
dochuaidh an duine uasal maille re deithfir mar a raibh an
rígh d'fhaisnéis na míorbhuile sin dó, agus d'iarr
leis é d'fhéachuin an leinbh. “Ní rachad (ar an righ),
óir, mar is deimhin leat-sa Críost do bheith ar an altóir


L. 62


sin agad féin i lámhaibh an tsagairt, mar an gceudna is
deimhin liom-sa go bhfuil Críost ar an altóir so agam
féin i lámhaibh an tsagairt.” Is inchreidthe as an sgeul so
go mbí Corp Chríost dáríribh 'san abhluinn ar an altóir.



Léightear ag Cesarius, 'san ochtmhadh caibidil de'n naomhadh
leabhar, go raibh bean d'áirighthe agá raibh iomad beach
agá n-oileamhuin, agus thárla dóibh aimsir in a mbídís
ag fagháil bháis, ionnus nach gabhadh leigheas air bith
greim dhíobh. Tug comharsa d'áirighthe do theagasg do'n
mhnaoi sin dá gcuireadh sí Corp Chríost fá chuirceóig
díobh, nach eugfadaois na beich. Dála na mná, do leig
uirthe Corp Chríost do chaitheamh agus do fholuigh ina
brollach é, agus do chuir ina dhiaigh sin fá chorcóig
d'á raibh ina gardha é. I gcionn aimsire ina dhiaigh
sin táinigh d'fhios na cuirceóige, agus is amhlaidh fuair
seipéal déanta do chéir maille re h-oibriughadh na
mbeach, agus altóir 'san t-seipéal agus Corp Chríost ar
an altóir. Arna fhaicsin sin do'n mhnaoi do ghabh bíodhga
í, agus dochuaidh mar a raibh an sagart, agus do innis an
sgeul ó thús go deireadh dó, agus tháinig an sagart
maille ris an bpobal d'ionnsuidhe an ionaid sin, agus
fuaradar an séipéal amhuil adubhairt an bhean, agus na
beich ag timpearacht do'n tSacraimint, agus an tan do thóg
an sagart an seipéal idir a lámhaibh, re triall gus an
eagluis, dobhádar na beich do ghnáth ag deunamh dordáin
dó nó go ndeachaidh isteach 'san teampoll, agus níor
cealgadh aonduine do'n chuideachtain leó ag teacht no ag
imtheacht dóibh. As an sgeul so is iontuigthe gurab é Corp
Chríost dáríribh bhíos 'san abhlainn iarn-a choisreagadh.



Léightear 'san leabhar dárab ainm “Scala Coeli” go raibh
bráthair in ionad d'áirighthe dobhí muinteardha re duine
uasal dobhí 'san áit cheudna, agus dobhí múirnín mic
ag an duine uasal d'á dtugadh an bráthair breugáin go
minic, ionnus gur tharraing gean an leinbh go mór air. Lá
n-aon dá ndeachaidh an bráthair do rádh Aifrinn, agus
an leanbh mar aon ris amhail do ghnáthaigheadh, agus do
bhí an leanbh ina fhochair ag éisdeacht an Aifrinn; agus,
an tan dobhí an bráthair ag tógbháil an Chuirp Naomhtha
suas, dochonnairc an Leanbh Críost i gcruth naoidhin idir
a lámhaibh, agus dobhí an leanbh agá fheuchain amhluidh
sin go mbeith ag caitheamh an tSacraimint do'n bhráthair
agus annsin dochonnairc an leanbh an bráthair ag slugadh
an naoidhin ina bheul go h-obann. Do ghabh bíodhga an
leanbh arna fhaicsin sin, agus do rith go dian as an
eagluis amach, agus dochuaidh i bhfolach in ionad dhiamhair.
Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n bhráthair, dochuaidh
féin agus drong de muinntir an duine uasail do iarraidh
an leinbh, agus arn-a fhagháil dóibh, do sgread go
h-árd, agus adubhairt - “A mhuinntir chroidhe m'athar
(ar sé), gabhaim bhúr gcoimirce.”


L. 63


“Creud is eagal duit?” ar siad. “An bráthair so dom' ithe,
amhail do ith sé an leanbh ó chianaibh 'san Aifrionn.”
Agus do innis an sgeul dóibh amhuil adubhramar. Is iontuigthe
as an sgeul so, agus as mórán de sgeulaibh eile do
fheudfamaois do chur síos annso go mbí Corp Chríost
dáríribh 'san abhluinn, idir lámhaibh an tsagairt, ar an
altóir.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir go bhfuilid ceithre
modha ar a ndéantar claochlódh ar na neithibh, do réir
S. Tomáis, an Dochtúir Ainglidhe. An chéad modh díobh, nidh
do thabhairt ó neimhnidh chum bheith ina nidh, agus is é
sin claochlódh tháinig ar an domhan mhór arn-a chruthughadh.
An dara modh, claochlódh aicíde in aicíd eile, mar atá
claochlódh teasa i bhfuacht gan milleadh na substainte in
a mbíd, mar atá teas do bheith i láimh, agus an teas sin
do chlaochlódh i bhfuacht gan milleadh na láimhe. An treas
módh, claochlódh substainte leathrannach mar a dtig
malairt ar roinn de'n tsubstaint - eadhon, ar an bhfoirm - agus
gan a dhul ar an roinn eile - eadhon, ar an ádhbhar. Ag so
sompla air sin - eadhon, an tan iompuighthear feoil i
gcrumhaibh; óir téid claochlódh ar roinn de'n tsubstaint so na
feóla - eadhón, ar an bhfoirm, ar an tsubstaint eile - eadhón,
i bhfuirm cruimh - gidheadh anaidh an roinn eile (eadhon, an t-adhbhar) go
hionann in gach cuid díobh. An ceathramhadh claochlódh, in
a gclaochluighthear substaint iomlán idir ádhbhar agus
foirm, i substaint iomlán eile, amhuil dognídhthear 'san
chlaochlódh choisreagtha so, mar a n-iompuighthear substaint
aráin, idir ádhbhar agus foirm, i substaint Chuirp Chríost.



Ag so síos cuid d'argúntaibh Chailbhin, mar a gcuireann
roimhe a áitiughadh nachar bhféidir le Dia Féin (le n-A
Uile-chomhachtaibh) substaint Chuirp Chríost do chur fá
ghnéithibh an aráin, “Do bhrigh (ar sé) nach féidir le
Dia aon nídh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht.”
Mo fhreagra ar Chailbhin - gurab breugach an nídh adeir,
agus gurab fallsa a réasún ris, mar is follus 'san
chaibidil déigheanaigh de Leabhar na dTaisbeánta ag
Eóin, mar a n-abair go bhfacaidh féin aon chrann amháin
in dá áit in aoinfheacht. Agus dá réir sin, is
breugach an reasún úd Chailbhin, mar a n-abair nach
féidir le Dia aon nidh amháin do chur in dá áit in
aoinfheacht. Ag so briathra Eóin 'san gcaibidil úd -
“Dochonnarc (ar sé) abhann uisge na beathadh go deallruightheach
amhuil criosdal ag buinniughadh i h-Ionad Suidhte Dé, agus
crann na beathadh ar gach taoibh de'n abhuinn, ag tabhairt
dá thoradh dheug uaidh.”



Is iontuigthe as na briathraibh so gurab féidir le Dia aon
nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, mar gur
chuir Sé an t-aon chrann ar gach taobh de'n abhainn in
aoinfheacht.



Is móide fós is inchreidthe an fhírinne so, mar go
léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n gceathramhadh
leabhar de Leabhraibh na Ríogh go raibh Eliseus


L. 64


i ndá áit in aoinfheacht, an tan do aontuigh Giesi cumhaidh nó
breab do ghlacadh ó Naaman; agus mar léightear ag Matha,
'san treas caibidil, gur thuirling an Spiorad Naomh i gcruth
choluim ar crann i sruth Iordan, acht gidheadh dobhí do
ghnáth ar Neamh mar aon ris an Athair.



Léightear ag Lúcás, 'san treas caibidil gur labhair an
tAthair as an neull ós cionn Chríost, ar mbeith i sruth
Iordan do Chríost, agá fhaisnéis gurab é A Mhac dhil
féin E; gidheadh atá an tAthair do ghnáth ar Neamh gan
a thréigean riamh.



Tig Crisostomus leis an bhfírinne sin, 'san treas leabhar
ro sgríobh ar dhighnit na sagartachta, mar a n-abair go
bhfuil Críost in A shuidhe, mar aon ris an Athair, ar
Neamh, agus in aoinfheacht ar talmhain dá thadhall i
lámhaibh na sagart.



Léightear 'san 28 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh
na Ríogh gur thaisbeán Samuel é féin do dhruing ar an
saoghal so re linn bheith i bpriosún na n-aithreach dó.



Léightear 'san naomhadh caibidil de Ghníomharthaibh na
nAbstal gur labhair Críost as an neull re Pól, an tan A
dubhairt - “A Sháuil, a Sháuil (ar sé), creud fá ndeuna
inghréim no foileanmhain orm.”



Is follus an tráth so go raibh Críost ar Neamh, do réir
Chailbhin, agus 'san neull ag labhairt re Pól do réir na
Sgrioptúra so. Dá réir sin caithfidh Cailbhin a rádh
gurab breugach é féin nó an Sgrioptúir.



Léightear fós ag Pól 'san 15 caibidil de'n chéad Eipistil
chum na gCoirinteach gur thaisbeán Críost E Féin andiagh
A bháis do mórán de na Deisgioblaibh, agus fá dheireadh
dho féin.



Léightear fós ag S. Antoninus ina Chroinic, go raibh
Ambrós Naomhtha in aoinfheacht agus in aonuair ag éisteacht
Aifrinn, 'san chathraigh d'árab ainm Millán, 'san Iodáil,
agus ar adhnacadh Mhairtín Naomhtha 'san chathraigh d'árab
ainm Turenn 'san bhFrainnc, agus do dheónaigh Dia d'Ambrós
Naomhtha a leathlámhán do dhearmad láimh re h-altóir
an teampoill in ar h-adhluiceadh Mairtín, d'á dhearbhadh
nach taidhbhse ná aisling dochonnairc an mhuinntear do
bhí do láthair adhlaicthe Mhairtín, acht gurabé Ambrós
féin ina chorp cholluidhe dobhí ann. 'San chathruigh
úd Milláin, iomorro, fa h-easbog Ambrós, agus is innte
dobhíodh do ghnáth.



Ag so sompla muinnteardha do neartuigh leis gach nídh
d'á ndubhramar anaghaidh mhíréasúin Chailbhin -



Dá mbeith cheana seanmóiridhe ag á mbiadh guth árd ag
seanmóir do láthair míle fear, féaduigh aonghuth
amháin do chur ina gcluasaibh go coitchionn in aoinfheacht;
agus dá réir sin, cuiridh aon nidh amháin (eadhon an
t-aon ghuth amháin) in ionadaibh éagsamhladh in aoinfheacht
(eadhon i


L. 65


gcluasaibh iomdha na druinge bhíos ag éisteacht ris.)
Agus mar go gcuireann an seanmóraidhe an t-aon nidh amháin
so in ionadaibh eugsamhla in aoinfheacht le comhachtaibh na
nádúire, is eugcóir adeir Cailbhin nach feudfadh Ughdar
na Nádúra aon nidh amháin - eadhon, A Chorp Féin - do
chur in ionadaibh eugsamhla.



Agus dá mbeith nach biadh an oiread so de shuidhiughadh
nó de shomplaidhibh ar an bpunc so Corp Chríost (bheanus
re n-ár gcreideamh) againn, is é dhlighthear dhúinn gan
ansgrúdadh do dheunamh, acht ár dtuigsin do chuibhreach
agus a chreideamhuin go soiréidh, go mbudh fíor gach nidh
dá mbeith 'san Sgrioptúir, agus an tan nach dtuigfimís
(do réir reasúin) go mbeidís soidhéanta, gan leanmhain
ar cúirialtacht ceasd acht éigheamh mar dorinne Pól,
amhail leightear 'san t-aonmhadh caibidil deug chum na
Romhánach, mar a ndubhairt - “O, a áirde shaidhbhris, eagna,
agus eolais De! Creud é diamhracht do bhreitheamhnuis, agus
creud é deacracht do shlighte do leanmhuin!” Agus mar go
n-admhann Pól go ndeachaidh de féin a fhios do bheith aige
creud fá go ndeárnadh Dia mórán de neithibh, agus
cionnus dorinne Sé iad, ní h-iongnadh go rachadh de
Chailbhin agus de'n uile dhuine, níos mó ioná chuaidh
de Phól.



Is mar sin de thaoibh Chuirp Críosd 'san abhlainn; mar
dochuaidh de Chailbhin gan a fhios do bheith aige cionnus
chuireas Dia ann é, níor cneasda dhó (do dhísliughadh
a ainbhfeasa féin) a rádh nachar bhféidir le Dia a
chur ann; acht is é do dhlighfeadh do dheunamh, amhail
adeir Pól, 'san deachmhadh caibidil de'n Dara hEipistil
chum na gCoirinnteach, go ndligheann duine a thuigsin do
chuibhriughadh, do thabhairt géille agus creideamhna do
chumhachtaibh Chríost, agus ar dtús is córaide sin do
dhéanamh, mar léightear ag Lúcás, 'san ochtmhadh
caibidil deug - “Na neithe atá doidhéanta ag daoinibh,
go bhfuilid soidhéanta ag Dia,” amhail is follus i mórán
d'áitibh de'n Sgrioptúir, go ndeárna Dia gníomhartha
le n-A chumhachtaibh féin nach féadfadaois (daoine) do
dheunamh, mar atá Maighdean do bhreith mic gan truailleadh
a hóghachta, amhail do thairngir Isaias 'san tseachtmhadh
caibidil; agus mar tháinig Críost imeasg na nApstal 'san
árus druidthe in a rabhadar gan osgladh doruis nó
fuinneóige, do réir Lúcáis 'san 24 caibidil; nó mar
tháinig Críost as an dtuamba dobhí iadhta séaluighthe
(idir corp agus anam) gan osgladh an tuamba, do réir
Matha, 'san 28 caibidil, agus Marcuis, 'san 16 caibidil.
Ní h-é, iomorro, Críost do thógaibh an leac de'n tuamba,
acht aingeal do thuirling de Neamh (iar n-eiséirghe
Chríost) le ar tógbhadh an leac, agus le ar briseadh séala
Caezar dobhí uirre. No mar dochuaidh Corp Chríost ar Neamh,
do réir Phóil, 'san gceathramhadh caibidil de'n Eipistil
chum na nEphesianach. Nó mar do shiubhail Críost ar uachtar
na mara, do réir Mhatha, 'san gceathramhadh


L. 66


caibidil deug. Nó mar do ghabh sruth Iordan - eadhon, an
t-uisge - anaghaidh áird, agus mar do éirigh i gcosamhlacht sléibhe
do gach leith, ag leigean phobail Dé thairis, do réir
Iorua, 'san treas chaibidil. Nó mar do thoirmeasg Dia an
teine dobhí 'san tsóirn gan gníomh do dheunamh air an
dtriúr leanbh, do réir Daniel 'san treas caibidil. Agus
mar go ndeárnadh Dia na míorbhaileadha so, agus mórán
míorbhail eile dobhí doidheunta ag daoinibh, nach
luaidhtear linn de'n chor so, is éigcneasda do Chailbhin
a mheas nach féadfadh Críosd (atá in A Dhia Fhírinneach)
aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, tar
cheann nach feudfadh duine do chomhachtaibh daonda a dheunamh.



Adeir Cailbhin nach féidir nídh mór do chonnlughadh i nídh
beag istigh, agus dá réir sin nach féidir Corp Chríost
do chonnlughadh i mbairghin bhig aráin is lugha go mór ioná
Corp Chríost. Mo fhreagra ar an reasún so, go bhfuil sé
breugach, do réir Eóin 'san gcéad caibidil mar a n-abair
na briathra so - “Dorinneadh (ar sé) Colann de'n
Bhréithir.” Ionann sin re a rádh, agus dorinneadh Duine
de Dhia, agus do réir Lúcáis, 'san gcéad caibidil, is
i mbruinn Mhuire dorinneadh so, an tan adubhairt - “An
ghein dorugadh uaibh-se (ar sé) is ó'n Spiorad Naomh atá
sé,” agus d'á bhrigh gurab Dia an Spiorad Naomh, an nídh
do gabhadh ó'n Spiorad Naomh chum A gheineamhna, ní gar
nach Dia é; agus dá réir sin atá gan críoch gan foircheann,
do réir mar adeir Ieremias ag labhairt i bpearsain Dé,
'san 23 caibidil - “Líonaim (ar sé) neamh agus talamh.”
Adeir Pól, 'san seachtmhadh caibidil deug de Ghníomharthaibh
na nApstal (dá chur i gcéill go bhfuil Dia in gach aon áit)
- “Ní fada ó gach aon againn E (ar sé), óir is ann
mhairimíd, gluaistear sinn, agus atámuid.” Adeir Dáibhidh,
'san 138 Sailm (dá cur i gcéill go bhfuil Dia 'san uile
áit) - “A thighearna (ar sé), cá háit a dteithfead ód'
ghnúis? Dá dtriallaidh ar Neamh, ataoi annsin. Dá
ndeachaidh go h-Ifrionn, ataoi-se do láthair annsin. Má
chuirim cleiteach orm féin moch-tráth, agus go rachainn
in aigéan na mara, gan amhrus béaraidh Do lámh as mé,
agus greamóchaidh Do dheas-lámh mé.”



Is follus as na h-ionadaibh so go bhfuil Dia 'san uile áit,
agus go líonann Sé neamh agus talamh, agus mar gur
chonnluigh an Dia so E Féin i mbruinn maighdine, is follus
go bhféadfadh níos lugha ioná sin do dheunamh, mar atá
corp beag daonna do chonnlughadh i mbairghín aráin.



Léightear 'san gcéad caibidil de Leabhar na dTaisbeánta
ag Eóin nidh as a dtuigfeam go follus go bhféadann Dia
nidh mór do chonnlughadh de'n leith istigh de'n nídh beag.
Ag so cheana mar adubhairt - “Dochonnarc (ar sé) i meadhon
seacht gcoinnleóireadh samhail Mhic an Duine, ag á rabhadar
seacht reultanna in A dheas-láimh.”


L. 67


Is follus, de rádh gach uile fheallsamhan dár thrácht
riamh ar na h-áirdreannaibh, nach bhfuil aon reult de na
seacht bplainéidibh ná 'san bhfiormaimint go léir comh
beag re láimh aon duine d'á dtáinig riamh nó fós dá
n-abrainn chomh beag ris an gcnoc is mó 'san domhan. Agus
mar go n-abair Eoin anns na briathraibh réamhráidhte, go
bhfacaidh sé féin na seacht reultanna úd fa mó ioná
seacht gcnuic ró-mhóra, ag á gconnlughadh i nglaic
aonduine amháin, is follus go bhféadann Dia nidh mór do
chonnlughadh de'n leith istigh de nidh beag; agus, dá réir
sin, gurab breugach réasún Chailbhin.



Ag so sompla nádúrtha ar an nidh gceudna: -



Is follus, do réir Cleomedes; 'san dara leabhar ro sgríobh
ar na Soighneánaibh, go bhfuil oiread na talmhan sé huaire
deug ar thrí fichid agus ceud 'san ngréin, agus go
ngabhthar sgáile iomláin na gréine i sgathán bheag, agus
mar go gconnluighthear sgáile an chuirp ro-mhóir sin na
gréine i sgathán beag, creud as nach creidfamaois go mbudh
fhéidir le h-Ughdar na Nádúire corp beag daonda do
chonnlughadh fá ghnéithibh na h-abhlainne.



Adeir Cailbhin dá mbeidheadh Corp Chríost fá ghnéithibh
na habhlainne, le briseadh na habhlainne go mbrisfidhe
Corp Chríost; agus, dá bhrigh sin, nach bí Corp Chríost
ann. Mo fhreagra ar Chailbhin, go bhféadthar gnéithe an
aráin do bhriseadh, agus gan Corp Chríost do bhriseadh,
do bhrigh gurab go spioradálta sacraiminteamhail bhíos
Corp Chríost ann. Ag so sompla le n-a ndearbhthar an
fhírinne so. An tan, iomorro, gearrthar meur, nó cos,
nó lámh de dhuine, ní gearrthar aonrud d'á anam; acht
gidheadh bhíos an t-anam go hiomlán in gach cuid díobh
agus 'san chorp go léir, mar an gceudna do Chorp Chríost,
bíos 'san abhlainn go léir agus in gach cuid dí.



Ag so sompla eile is foillsighthe ioná súd as a
dtuigfidhear go bhféadann Corp Chríost bheith 'san
abhlainn go hiomlán agus bheith go hiomlán in gach aon
bhlodh dí an tan bristear í - eadhon, amhail bhíos
dealbh an duine go hiomlán 'san sgathán slán, agus an
dealbh ceudna in gach aon bhlodh dhe an tan bhristear é,
ionnus iar ngabháil bhriste do'n sgáthán nach gabhann
an dealbh dochídhthear ann briseadh chuige acht bhí go
hiomlán an gach aon bhlodh dhe. Mar an gceudna, an tan
bristear gnéithe na habhlainne, ní ghabhann an corp
bhíos fúithe briseadh chuige, acht bídh go hiomlán
in gach n-aon bhlodh dí, amhail bhíos an dealbh go
hiomlán in gach n-aon bhall de'n sgathán bhriste.



Léightear fíoghair ar an nídh so 'san treas chaibidil
in Ecsodus, mar a bhfuil sgríobhtha go bhfacaidh Maoise
lasair mhór i muine coille, agus gan a bheag nó a mhór
de'n mhuine ag gabháil loisgthe chuige. Mar sin do


L. 68


Chorp Chríosd, acht, gidheadh ghabhaidh gnéithe na
habhlainne briseadh chuca i lámhaibh an tsagairt, ní
ghabhann Corp Chríost bhíos fútha a bheag nó a mhór
do bhriseadh chuige.



Adeir Cailbhin dá mbeith Corp Chríost fá ghnéithibh an
aráin go dtiocfadh as sin do'n tí do chaithfeadh aon
abhlann amháin nach biadh aige acht aon chorp amháin
Chríost ar iomchar, agus an tí do chaithfeadh a sé nó a
seacht nó dá mheud do chaithfeadh de na habhlannaibh, go
mbiadh Corp Chríost ar iomchar aige anaghaidh gacha
habhlainne díobh.



Mo fhreagra ar Chalbhin, an tí do chaithfeadh n-uimhir
do-áirmhighthe d'abhlannaibh, nach caithfeadh acht aon
chorp amháin Chríost.



Ag so fíoghair ró-ghaolmhar do so 'san mBhíobla. Léightear
'san 16 caibidil in Ecsodus, an tan, iomorro, dobhídís
Clann Israel 'san oidhche ag tiomsughadh an phlúir neamhdha,
do thiomsuigheadh duine dhíobh aon chronnóg amháin agus
duine eile dhá chronnóig, agus duine eile deich gcronnóga,
agus mar sin do gach aon aca do réir a chleasa nó a
mhaitheasa féin chum cnuasaigh do dheunamh: gidheadh, re
hucht an phlúir do chaitheamh dóibh, an tí do thionóladh
na deich gcronnóg (nó groibín) ní bhfaghadh aige féin
acht aon chronnóg amháin (“Gamor,” iomorro, fa hainm do'n
tomhas dobhí aca); agus an tí nach tiomsuigheadh acht
aon chronnóg amháin, dobhíodh aon chronnóg (nó groibín)
aige comh maith agus dobhíodh a chronnóg ag fear-thiomsuighthe
na ndeich gcronnóg.



Mar an gceudna do Chorp Chríost fá ghnéithibh an aráin,
an tí ghlacas deich n-abhlanna ní chaitheann acht aon
Chorp Chríost amháin fá ghnéithibh an aráin; agus an tí
nach caitheann acht an aon abhlann amháin, caitheann an t-aon
Chorp ceudna sin.



Is córaide a thuigsin gurab fíoghair fhírinneach do
Shacraimint na hAltóra an plúr neamhdha úd. Ag so seacht
modha in a bhfuilid ró-chosmhail re chéile: -



An céad mhodh díobh, gurab 'san oidhche do fearthaoi an
plúr neamhdha; mar an gceudna, gurab in oidhche an chreidimh
(atá ina eólus dorcha ann féin, amhail adubhramar shuas)
dáiltear Corp Chríost dúinne.



An dara modh, gurab ar an bhfásach do fearthaoi an plúr;
mar an gceudna, guráb ar fhásach an tsaoghail so dáiltear
dúinne Corp Chríost.



An treas mhodh, gurab ar feadh na sé hoidhche dobhíodh
an plúr neamhdha d'á fhearthainn, agus ní fearthaoi é
'san tseachtmhadh hoidhche; mar an gceudna re linn na sé
n-aimseara so aguinne 'san tsaoghal so, is chum sochair
luaighidheachta na sé n-aimsir sin dáiltear Corp Chríosd
fá chúm na habhlainne dhúinn; gidheadh an seachtmhadh
haimsear, ní bhiadh againn go sacraiminteamhail i bhfolach
fá ghnéithibh an aráin, acht dochídhfeam é go follus
aghaidh ar aghaidh in A ghlóir féin ar Neamh.


L. 69


An ceathramhadh modh, do réir mar adubhramar thuas ag
míniughadh na bhfioghrach in a dtráchtar ar na cronnógaibh
(nó groibínibh) agus ar lucht a dtiomsuighthe.



An cúigeadh modh, ar ollmhughadh an phlúir, óir an tan
cuirthí re teine é dobhíodh ina bhiadh tirm, daingean,
inithte, agus an tan do cuirthí ris an ngréin é, do
leaghadh, agus ní bhfaghthaoi ina bhiadh inithte é. Mar an
gceudna, an tan curthar Sacraimint Chuirp Chríost re teinidh
ghrádha Dé agus na gcomharsan bhíos ar lasadh i gcroidhe
an fhíréin, doghnídh biadh daingean dileas ioncaithmhe
de, agus teid i n-oileamhain spioradálta dhó; agus dobheir
brígh agus beódhacht dó le a gcathaigheann anaghaidh na
ndubháilceadh agus na ndroch-rún; gidheadh, an tan chuirid
lucht an dhíomuis agus na ndroch-airghean re gréin na
glóire diomhaoine é, leaghaidh sé, agus ní théid i
bhfuil ná ina oileamhuin spioradálta dhóibh.



An seiseadh modh, ní coimeadthaoi aon nídh de'n phlúr
neamhdha tar oidhche mar lón; mar an gceudna do'n
tSacraimint so, ní dlighthear lón ná tairbhe shaoghalta
do dheunamh dhe, ná cisde nó ionnmhus do dheunamh mar
gheall air.



An seachtmhadh modh dogheabhthaoi blas gacha bídh dobhíodh
de mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha, amhail adubhramar
thuas; mar an gceudna do'n tSacraimint so, dogheibhthear
grása agus maith uaidh in a bhfuil gach uile bhlas agus mian
spioradálta.



Atáid gnéithe eile in a dtig an plúr neamhdha agus Corp
Chríost le chéile.



An chéad ghné, gurab maille re hoibriughadh na n-aingeal
dorinneadh an plúr neamhdha, agus is uime sin ghoireas Dáibhidh,
san 77 Sailm, “Arán na n-Aingeal,” de. Mar an gceudna, is
maille re hoibriughadh na n-aingeal - eadhon na
sagart - doghnídhthear Corp Chríost.



An dara gné, nach de thalamh nó d'uisge dorighneadh an plúr
neamhdha, amhail doghnídhthear do ghnáth na biadha
coitcheanna, acht a theacht de Neamh. Mar an gceudna do'n
tSacraimint so, is de chumhachtaibh Chríost atá ar Neamh
cuirthear 'san abhlainn choisreagtha é.



An treas gné, is sobhlasda dogheibhidís na fíréin re a
chaitheamh an phlúr, agus fa dombhlasda do na droch-dhaoinibh
é. Mar an gceudna, is sádhail sobhlasda do na deaghdhaoinibh
an tSacraimint so, agus is damanta, drochbhlasda do na droch-dhaoinibh
é, do réir S. Tomáis, 'san iomun dorinne ar Chorp
Chríost.



An ceathramhadh gné, do coiméadadh cuid de'n phlúr neamhdha
i n-Airc dhothruaillighthe iomad de cheudaibh bliadhan. Mar an
gceudna coiméadtar an tSacraimint so, in Airc dhothruaillighthe
na hEagluise do shíor,


L. 70


d'oirchill ar na Críostuighthibh, agus
mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia orra 'san bPáis,
amhail do choiméadadar an pobal Iúdaigheach an plúr (amhuil
adubhramar) mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia
orra ar an bhfásach.



An cúigeadh gné gurab é an plúr neamhdha fá lón do Chloinn
Israel ar feadh dá fhichead bliadhan dobhádar ar an bhfásach,
go rochtain Tíre Tairngire dóibh. Mar an gceudna is í an
tSacraimint so lón spioradálta d'anmannaibh na bhfíreun an
gcéin bhíd ar fhásach an tsaoghail so go dul i dTír
Thairngire (an Flaitheas Neamhdha) dhóibh.



Is iontuigthe as na somplaidhibh so gurab fíoghair agus aithghein
do'n tSacraimint so an plúr neamhdha, agus, ó's éigin an nídh
féin do bheith níos uaisle ioná a fhíoghair nó a aithghein,
do réir Phóil agus mar is follus i gCríost fá huaisle ioná
Melchisedec fá haithghein dó, agus 'san bPáis, dob uaisle
ioná íodhbairt Abraham fá haithghein di, caithfimíd admháil
gurab uaisle an tSacraimint so ioná an plúr neamhdha fá
haithghein di, agus is iontuigthe nach féidir gurab uaisle an
tSacraimint so ioná an plúr neamhdha; acht muna bhfuil nidh
éigin substainteach innte is uaisle ioná an t-arán, agus ó
nach bhfuil nidh eile substainteach innte is uaisle ioná an
t-arán acht Corp Chríost, caithfimíd admháil go bhfuil Corp
Chríost 'san tSacraimint, nó go gcumaidh Cailbhin nó a chlann
ainn nó sloinneadh substainte eile is uaisle ioná substaint
an aráin dobhí innte in éagmhais Chuirp Chríost, nídh nach
ráinig leó do chumadh fós.



Adeir Cailbhin, dá mbeidheadh Corp Chríost 'san abhlainn, go
mbudh fhéidir go dtuitfeadh an abhlainn ar lár, agus go
dteagmhaidh i mbeul con nó gadhair í. “Ní cneasda so do rádh
(ar sé), ar an adhbhar sin ní cneasda a radh go bhfuil Corp
Chríost 'san abhlainn.”



Mo fhreagra ar Chailbhin, dá dteagmhaidh sin i gcás, nach
misde Corp Chríost é, agus nach geabhaidh truailleadh ar
bith uaidh, amhail mar nach gabhann an gath gréine truailleadh
ó bheith ag taithneamh ar an abhlach truaillighthe bhíos lán
de chnumhaibh neamhghlana, nó an liag loghmhar ó'n lathaigh
in a mbí, nó an t-ór ó'n dtalamh fá mbí i bhfolach. Freagra
eile ar Chalbhin - Biodh a fhios fós ag Cailbhin gur chuir
Críost Féin A Chorp in ionad budh truaillighthe ioná corp
con nó madraidh - eadhon, i gcorp Iúdáis dobhí ina dhuine
dheamhnaidhe pheacach do réir mar léightear 'san 14 caibidil
ag Marcus, agus 'san 26 caibidil ag Matha, agus 'san 22
caibidil ag Lúcás; óir dobhí sé de'n dá Absdal deug an tan thug
Críosd A Chorp Féin dóibh d'á chaitheamh 'san tSuipéar.
Agus mar nach lughaide dobhí Corp Chríost fá ghnéithibh
an aráin do caitheamh le Iúdás, eisean do bheith ina
pheacach dheamhnaidhe ag á chaitheamh, is mar sin nach lughaide
do bhiadh


L. 71


Corp Chríost 'san abhlainn, go gcaithfidhe le coin
nó le gadhar é, agus nach rachadh i dtruailleadh ar a shon.



Atáid, iomorro, trí modha ar a gcaithtear an tSacraimint so -



An chéad modh díobh go sacraiminteamhuil amháin. Ionann sin
ré a rádh agus an tan bhíos toil duine chum a chaithmhe,
agus nach é féin theasduigheas uaidh, agus is uime sin
adeir S. Augustín - “Creid (ar sé), agus do chaithis é.”



An dara modh go gníomhach amháin. Ionann sin ré a rádh
agus a chaitheamh gan grádh do'n tSacraimint, agus i riocht
go mbudh biadh corpordha é, nó ó chúis eile shaoghalta,
nó do sheachnadh gotha d'fhagháil ó'n bpobal nó a ionamhuil
eile sin, agus is mar sin chaithtear le coin nó le madradh,
nó le heiriceach, nó leis gach ndroing eile chaitheas go
neimhdhlisteaneach é.



An treas modh ar a gcaithtear é, go sacraiminteamhuil agus go
gníomhach - eadhon, de thoil agus de gníomh, agus mar sin
ghlacaid na firéin é, an tan chaithid é.



Atá iongantus eile 'san tSacraimint so - eadhon, an
t-oibriughadh bhíos 'san arán agus 'san bhfíon roimh an
gcoisreagadh go bhfanann andiaigh an choisrigthe i ngnéithibh
an aráin agus an fhíona - mar atá sásughadh ocruis agus
tart do mhúchadh agus a samhail eile sin. Gidheadh ní
hiongnadh sin óir ní h-í an tsubstaint bhíos gníomhach
acht na haicídighe agus ó anaid na haicídighe in a mbí
an gníomhughadh, ní hiongnadh iad do dheunamh an gníomha
(d'á gcumhachtaibh féin) bhíos ionnta; agus, ó sé is
gníomhughadh d'aicídibh an aráin sásughadh ocrais, agus
d'aicídibh an fhíona tart do mhúchadh, nó a n-ionamhuil
eile, ní hiongnadh iad d'á dheunamh sin andiaigh substainte
an aráin agus an fhíona do dhealughadh riú.



Tuig, a léightheóir, gach nídh dá ndubhramar re Corp
Chríost fá ghnéithibh an aráin go n-abraim an nídh
ceudna re Fuil Críost fá ghnéithibh an fhíona. Is leór
a ndubhramar dá cruthughadh gurab breugach Cailbhin de
thaoibh na Sacraiminte so na hAltóra, mar a n-abair nach bí
Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin.



AN DEACHMHADH CAIBIDIL.



In a dtráchtar ar an gcuid eile de'n Chanóin go soiche
“Domine non sum dignus, etc.”



Is é chialluigheas na cúig crosa doghnídh an sagart, ag
rádh “Hostiam puram” -



Ar dtús is é chialluighid na trí céad chrosa dhíobh na
trí neithe dorinne Críost d'ár neartughadh anns na Trí
Subhailcibh Diadha - eadhon,


L. 72


Creideamh, Dóthchas agus Grádh. Oir do neartuigh Sé sinn
in ár gcreideamh leis an Eiseirghe,
in ár ndóthchas leis an Aifrionn, agus in ár ngrádh leis
an bPáis.



Is é chialluighid an dá chros déighionacha, an dá phríomh-chomaoin
eile do chuir Críost orruinn. An chéad chomaoin
díobh, an diadhacht do thathughadh ris an daonnacht. An dara
comaoin, mar thug Sé grása fóirleathna do gach aon le'r
bh'áil bheith ionamhuil chum a nglactha.



Is é ádhbhar fá mbuaileann an sagart agus an pobal a lámha
ar a n-uchtaibh, ag rádh “Nobis quoque peccatoribus,” dá chur
i gcéill go ndlighid na peacaigh, de dhrnim aithrighe, a
bpeacaidhe d'admháil do Dhia.



Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh
“Sanctificas,” na trí guidhe dorinne Críost re hucht na
Páise. An chéad ghuidhe dhíobh, ar son A eascarad, an tan
adubhairt - “A Athair, maith dóibh so, óir ní feas dóibh
creud doghnídhid.” An dara guidhe, ar A shon Féin, agus ar
son A dheibhléan, an tan adubhairt, do réir Matha 'san 27
caibidil - “O Mo Thighearna! agus O Mo Dhia Féin! creud fá'r
thréigis Mé? An treas ghuidhe, ar son A Anma Féin amháin, an
tan adubhairt - “Ad' láimh-se, a Thighearna, tiomnaim
Mo Spiorad Féin.”



Is é chialluighid na trí crosa doghnidhthear ag rádh “Per
ipsum,” na trí huaire dobhí Críost san gcrois - eadhon,
ó'n seiseadh huair de'n ló go soiche an naomhadh huair.



Is é chialluighid an dá crois doghnídhthear ina dhiaigh
sin, an dá nídh tháinig as taoibh Chríost, mar atá fuil
agus uisge.



Is é chialluigheas léigean na h-abhlainne ar an gcorporas,
cur Corp Chríost 'san eisléine.



Is é chialluigheas an tógbháil bheag doghnidhthear ar
an abhlainn andiaigh an choisreagtha úd adubhramar fá
dheireadh, an tógbháil dorinne Muire ar a Mac andiaigh a
léigthe as an gcrois.



Dá uair, iomorro, tóigthear an tSacraimint 'san Aifrionn;
ar dtús, an tan taisbeántar do'n phobal í, is é chialluigheas
an tógbháil sin, mar do tógbhadh Críost 'san gcrois; an
dara huair, mar do chuir Muire Críost ina hucht, amhlaidh
adubhramar.



Is é chialluigheas trí hanmana na n-Apsdal adeirthear an tan
doghnídh an sagart é féin do choisreagadh leis an bpaiténa,
d'á chur i gcéill gach naomh dá dtáinig riamh gurab de thrí
dhrongaibh é - eadhon, gurab duine pósta é, nó gurab duine
maighdine é, nó gurab duine aontumhadh é. Mar sin, iomorro,
dobhádar an triúr úd; mar dobhí Peadar pósta, agus Pól
ina mhaighdin, agus Aindreas ina aontumhadh.



Is é chialluigheas an pax dobheir an sagart do'n phaitena,
dá chur i


L. 73


gcéill gur cheannaigh Críost ár síothcháin go
daor ar an gcrois.



Is é chialluigheas an briseadh doghnídhthear ar an abhlainn,
ag rádh “per eundem,” an briseadh dorinne Críost ar an arán
d'á roinn ar na hAbstalaibh 'san tsuipéar, mar a dtug Sé a
Chorp féin fá ghnéithibh an aráin dóibh. Is é ádhbhar
fá a ndéantar trí coda de'n abhlainn, dá chur i gcéill go
raibh Críost i dtrí reachtaibh ar an saoghal so; ar dtús, go
saoghalta, so-mharbhtha roimh an bPáis; ina dhíaigh sin, go
domharbhtha, deallraidhtheach tar éis na heiséirghe; an treas
feacht, go diamhair, do-fhaicsiona i lámhaibh na sagart i
sacraimint na haltóra. Adhbhar eile fós fá ndéantar trí
chuid de'n abhlainn, dá chur i gcéill go bhfuil Corp fáthrúnda
diamhairchiallach Chríost ina thrí codcaibh. An chéad chuid
díobh, Eagluis Fhlaitheamhnais Dé, dárab ainm Eagluis na
mBuadh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh mar
tuilleadh buidhe agus mar altughadh ris an Eagluis sin. An
dara cuid, Eagluis an tSaoghail so, dárab ainm Eagluis an
chathaigh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh
ar son na coda so, mar gheall fuasgailte. An treas cuid, na
Naoimh atá i bPurgadóir, agus doghnídhthear an tSacraimint
d'ofrálughadh ar a son so, mar leóirghníomh ar son a bpéine.



Is é ádhbhar fá mbristear ós cionn na cailíse í, ionnus,
dá mbeidís bruaireach ar bith ar lorg an bhriste, go
dtuitfeadh 'san gcailís.



Is é chialluigheas an chuid curthar 'san chailís firéin
Eagluise an tSaoghail so, dá chur i gcéill, an chuid bhíos
ar an saoghal so, gurab éigin dóibh Corn na Páise d'ól;
agus cialluighid an dá chuid eile, Eagluis na mBuadh agus
na marbh bhíos i bPurgadóir.



Is é cialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh
“Pax Domini sit semper vobiscum,” na trí lá dobhí Críost
'san uaigh.



Is é fáth fá n-abarthar “Agnus Dei” trí huaire, i gcuimhniughadh
na dtrí n-olc do mhaith Críost dúinn - mar atá, peacadh an
tsinnsir, peacadh marbhthach, agus peacadh sologhthach.



Is é chialluigheas “Sacro Sancto Commixtio,” tathughadh Anma
Chríost re n-A Chorp 'san Eiseirghe, agus doghnídhthear trí
crosa, dá chur i gcéill gurab do chumhachtaibh na dTrí
bPearsana atá 'san Trionóid tháinig an tathughadh sin do
dheunamh.



Ní tabharthar an “Pax in Aifrionn na Marbh, do bhrigh gurab
do thuar síothchána bheirthear é, agus gurab idir na
beódhaibh amháin iarrthar an tsíothcháin do bheith, ó's
eatorra is gnáth easaonta do bheith. Na mairbh, iomorro, ní
bhí cúis ná caoi easaonta eatorra. An chuid aca bhíos i
bPurgadóir, ar an ádhbhar sin ní righthear a leas “Pax
nó síothcháin do thúar dhóibh.


L. 74


Is é chialluigheas “Domine non sum dignus,” go ndligheann an
sagart re hucht an Tighearna do theacht go sacraiminteamhuil
d'á thigh féin - eadhon, d'á chorp féin (do shlánughadh
a bhuachalla féin) - eadhon, a anam féin agus a choguas do
sgríobhadh agus do sgiamhghlanadh, ionnus go mbadh fiú é
Mac Dé theacht d'áitiughadh a anma. Agus, de bhrigh nach
féidir an glanadh sin do dheunamh acht maille ris an bhfaoisidin
do dheunamh de ghníomh, nó maille re rún faoisdineach do
bheith ag duine, maille re comhmbrughadh croidhe, agus ní
féidir dó gan an fhaoisidin do dheunamh. Mar an gceudna
adeirim go ndligheann an uile Críostaighe, re hucht Chuirp
Chríost do chaitheamh, a pheacaidhe go léir d'admháil,
d'innsin, d'fhaisnéis, agus do fhoillsiughadh 'san bhfaoisidin,
agus é féin mar sin d'ullmhughadh agus do ghlanadh chum na
Sacraiminte do chaitheamh go dlisdeanach, do réir mar adeir
Pól 'san aonmhadh caibidil deug de'n chéad eipistil chum
na gCoirinnteach, mar a n-abair, “Dearbhadh an duine é féin
(ar sé), agus tigeadh mar sin do chaitheamh an aráin so;
óir gibé itheas agus ibheas go neimhfiúntach é, is
damnughadh do féin itheas agus ibheas gan dochar do Chorp
an Tighearna.” Agus is amhlaidh fhéadfas duine é féin do
dhearbhadh maille re faoisidin do dheunamh go haithrigheach
do láthair sagairt ag á mbeidheadh úghdarás ó'n Eagluis
aige, do réir mar tá sé d'fhiachaibh ar gach aon Críostaighe
'san mbith, do réir mar chruthócham 'san gcaibidil so
rómhainn síos.



AN T-AONMHADH CAIBIDIL DEUG.



In a dtrachtar go bhfuil an Fhaoisidin éigeantach,
ionghabhtha, agus gurab ris na Sagartaibh dleaghthar a deunamh.



Adeir Eoin 'san chéad caibidil d'á chéad Eipistil Catoilice
- “Dá ndeárnam (ar sé) ár bpeacaidhe do fhaoisidin, is
díleas agus is ceart Dia chum ar bpeacaidhe do mhaitheamh
dhúinn, agus glanfaidh sin ó'n uile urchóid.”
Adeir Solamh, 'san 28 caibidil de Leabhar na Seanfhocal, “An
tí cheileas a cheana (ar sé) ní bhfaghadh treóir do dheunamh
dó. Gidheadh, gibé aidmheóchas a cheana dogheobhadh
trócaire do dheunamh air.” Léightear ag Lúcás, 'san 19
caibidil de Ghníomharthaibh na nAbstal, go ndeárnadar mórán
d'á dtáinig chum chreidimh le na linn féin faoisidin agus
foillsiughadh ar a bpeacaidhibh. Adeir S. Séamus, 'san seiseadh
caibidil, leis na daoinibh iad féin do dheunamh faoisidin le
chéile; dá chur i gcéill nach leór do dhuine a pheacaidhe
d'admháil agus d'innsin do Dhia amháin, acht go ndligheann
a bhfaoisidin agus a bhfoillsiughadh do dhuine. Oir, bíodh
gur leór faoisidin


L. 75


do dheunamh le Dia amháin an tan dobhí
Sé in A Dhia thur gan daonnacht ní háil leis anois, ó
tharla in A Dhuine é, gan an peacach d'á chionntughadh féin
do dhuine, do réir an úghdaráis d'fagaibh Críost ag an
Eagluis, ámhail léightear ag S. Augustín, 'san dara caibidil
do sgríobh ar Fhiosrughadh na n-Easlán. “Atáid drong
ann (ar sé) shaoileas gurab leór dóibh chum
a slánuighthe dá ndeárnaid a bpeacaidhe d'fhaoisidin le
Dia amháin ar nach bhfuil aoinnidh ina fhoilcheas.” Ní
háil leó, nó is nár leó, nó ní fiú léo, iad féin
do thaisbéanadh do na sagartaibh, tar cheann gurab iad na
sagairt do hórduigheadh le Fear an Dlighe do Chumadh -
eadhon, le Críosd - dochum idirdhealaighthe do dheunamh
idir lubhra agus lubhra. Gidheadh is beithte dhóibh so dul
go humhal fá breathnughadh an tí d'árbbhfiú leis an
dTighearna bhiocaire do dheunamh de, eadhon, an t-athair
faoisdne. Agus is córaide sin do dheunamh an nidh léightear
ag Epiphanius, 'san 29 caibidil - “Is í an tsagartacht (ar
sé) ríogh-chathair Dáibhidh 'san Naoimh-Eaglais.” Adeir
Críost, 'san deachmhadh caibidil ag Lúcás, ag labhairt
ris na sagartaibh - “Gibé éisteas libhse (ar sé) éistidh
sé riomsa, agus gibé dobheir táir nó tarcuisne orraibh,
dobheirid an nidh ceudna ormsa.” Léightear fós, 'san
seachtmhadh caibidil in Deutoronoimí, gur órduigh Dia
gibé dorachadh in uaill ar na sagartaibh, agus ná
tiubhradh ómós dóibh, do bhreith an bhreitheamhan, a
chur chum báis.



As na háitibh so is iontuigthe go ndleaghthear géille do
na sagartaibh anns na neithibh bheanas re cogúas, go
háirighthe i maitheamh na bpeacadh curthar síos 'san
bhfaoisidin leis an aithrigheach, doghníodh é féin
d'ísliughadh do'n tsagart go húmhal, ag á bhfuil ar a
bhréith pardún a anma do thabhairt dó, do réir mar
chruitheócham 'san gcaibidil so síos.



Ní h-é, iomorro, fáth fá n-órduighthear do'n
aithrigheach a pheachaidhe d'fhaisnéis do'n tsagart d'eagla
nach biadh a fhios ag Dia acht muna n-innistidhe do'n
tsagart iad, acht is é adhbhar fá n-órduighthear é, ionnus
go gcluinfeadh an Diabhal an t-aithrigheach ag á chionntughadh
féin ina pheacadhaibh, amhail adeir S. Auguistín, 'san
treas seanmóir do sgríobh ar an bhfásach chum a bhráithreach,
mar a dtráchtann ar an bhfaoisidin.



Adhbhar eile, fós, fá ndleaghthar an fhaoisidin do dheunamh
ris na sagartaibh, do bhrigh go mbeanann re honóir Dé an
peacach dá chionntughadh féin do láthair an oide
faoisidine, ionnus ina dhiaigh sin an tan dodhéanadh Dia
trócaire ar an aithrigheach, de dhruim na faoisidine, go
bhféadfadh an t-iode faoisidine trócaire Dé do mhaoidheamh
go caithréimeach ar na Críostaighibh.



Agus is ina fhioghair so atá an nidh léightear 'san
seachtmhadh caibidil de Leabhar Ioshue, mar ar fhuráil Ioshue
ar Achan an slad dorinne d'aisíoc. “A mhic (ar sé), tabhair
glóir do'n Tighearna Dia Israel, agus


L. 76


déan faoisidin agus foillsiughadh damhsa creud dorighnis?”
Do fhreagair Achan agus adubhairt - “Go fírinneach (ar sé)
do pheacaigh mise i bhfiadhnaise an Tighearna Dia Israel, mar
so agus mar so,” ag admháil an tslaid agus gach uile uilc
dá ndeárnaidh. Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar
adubhairt Iosue re hAchan faoisidin do dheunamh ris féin
mar onóir do Dhia, dá chur i gcéill go mbeanann re h-onóir
Dé an t-aithrigheach do fhaisnéis a chionnta do'n oide
faoisdine.



Gidheadh, dá bhfiafraigheadh Lúiter nó Cailbhin nó a
lorgaraidhe - Cia re a ndligheann an t-aithrigheach a fhaoisidin
do dheunamh? Bíodh a fhios aca de bhrigh gurab glais agus
géibhiona na péacaidhe in a gcuibhrighthear an t-anam, do
réir Solamh 'san gcéad caibidil deug de Leabhar na Seanfhocal
- “Gabhaidh (ar sé) a urchóid féin an drochdhuine, agus
cuibhrighthear le teudaibh a pheacaidhe féin é.” Agus gurab
chum na droinge ag á bhfuil na heochracha dleaghthar dul do
sgaoileadh na gcuibhreach sin an pheacaidh. Agus, ó 'sé
Peadar, agus gach aon dá bhfuil 'san órd shagartacht in a
raibh sé, an dream ag á bhfuilid na heochracha so, do réir
an ghealla thug Críost do, amhuil léightear ag Mátha 'san
séiseadh caibidil deug, “Is duitse (ar sé), a Pheadair,
dobhéarsa eochracha an Flaithis Neamhdha.” Uime sin, is do na
sagartaibh atá d'Ord Pheadir dleaghthar dul do sgaoileadh
an ghlais sin an pheacaidh. Agus fós mar léightear ag
Eoin 'san bhficheadh caibidil go dtug Críost go follus
cumhachta sgaoilte glais an pheacaidh do na hAbstalaibh go
coitchionn, agus do na deisgioblaibh, agus dá réir
sin do na heasbogaibh, agus do na sagartaibh, an méid gur
abhcomharbadha do na habstalaibh agus do na deisgioblaibh
iad, mar a n-abair - “Glacaidh (ar sé) an Spiorad Naomh, an
dream úd ag á maithfidhe a bpeacadha, biaid maithte aca,” etc.



Atáid, iomorro, dá ghné eochrach ann, mar atáid eochracha
eoluis, nó feasa, nó foghluma, le a mbiadh a fhios ag an
sagart cionnus do dheunaidh sé idirdealughadh idir pheacadh
agus neimhpheacadh, idir, fós, mhinpheacadh agus mórpheacadh.
An dara gné eocharach - eadhon, eochracha úghdaráis -
eadhon, dlighe chumhachta do bheith ó Cheann na hEagailse,
nó an tí ag á mbeith cumhachta fá cheann na hEagluise le
n-a dtabhairt dhó.



Dá mbeith ina iongnadh ar aon duine cionnus suightear a
ionamhuil so d'úghdarás do bheith ag an Eagláis, bíodh
a fhios aige go léightear ag Mátha, 'san 28 caibidil,
gur tugadh na huilechumhachta ar Neamh agus ar talamh do
Chríost, agus gur mar sin do chuir an t-Athair uaidh é.
Léightear fós ag Eóin, 'san bhficheadh chaibidil, mar
a n-abair Críost gurab amhlaidh do chuir an tAthair E Féin
ar talmhain do chuir seisean na hApstail agus na Deisgiobail.
Ionann sin re a rádh agus maille re cumhachtaibh


L. 77


do bheith ar Neamh agus ar talmhain aca. Agus is coráide
a thuigsin mar so, mar d'fhuráil Sé Féin orra an
Spiorad Naomh do ghlacadh, agus mar adubhairt - “Gach
dream d'á maithfidís sin a bpeacaidhe go mbeidís
maithte aca,” etc. Agus 'san caibidil so thug Sé dlíghe
agus cumhachta do na hApstalaibh faoisidin d'éisteacht,
amhail thug dóibh, 'san 18 caibidil ag Mátha cead
coinnealbháthadh do dheunamh, mar n-abair - “Gach nídh
d'a maithfidh i dtalmhuin bíodh maithte, agus gach nídh
d'á gceangaltaoi (ar sé) i dtalmhuin, bíodh ceangailte
ar Neamh,” etc. Gidheadh, is 'san 26 caibidil ag Matha, i
ndáil an tSuipéir, thug Sé cumhacht an úird uaidh.
Agus do bhrigh gurab ar Mhátha ris na hApstalaibh agus ris
an Eagluis i gcoitchinne do dháil Chríost na h-úghdaráis
so, dá réir sin ní fuláir na úghdaráis ceudna do
bheith ar bun 'san Eaglais do ghnáth, do bhrigh nach
bhfuil teacht as ina n-éagmuis aice. Agus, ó nach raibh
ar bhreith do na hApstalaibh marthainn do shíor, níor
chneasda dóibh an t-úghdarás fuaradar gan a fhágbháil
ag na chomharbadhaibh atá i seilbh Ard-fhlaithis na
hEagluise ina ndiaigh, mar atá Pápaidhe na Róimhe agus
gach easbog agus gach sagart ag á bhfuil cumhachta uaidh
agus úghdarás 'san Eagluis.



Agus dá n-abraidh Liútear nó Cailbhin gur baitheadh an
t-úghdarás so in aoinfheacht ris na hApstalaibh, bíodh
a fhios aca nach fíor dhóibh é, óir léightear 'san
bhficheadh caibidil de Ghníomharthaibh na nApstal, mar
thugsad na h-Apstal an t-úghdarás ceudna dobhí aca
féin d'easbogaibh agus do shagartaibh eile futha féin.
Ag so mar adeir Pól 'san caibidil ceudna, ag labhairt
ris an drong úd - “Tabhraidh aire dhíbh féin (ar sé)
agus do'n treud go léir, ionar chuir an Spiorad Naomh
sibh mar easbogaibh d'fhollamhnughadh Eagluise Dé, do
sholáthair Sé le n-A Fhuil Féin.” Is follus as so,
ó thugadh cumas follamhnuighthe dóibh ar na Críostaighibh,
dá réir sin nach fuláir go mbeidís na cumhachta dobhí ag na
hApstalaibh aca agus is córaide a thuigsin mar so, mar fhógras
Pol do na Críostaighibh umhlacht agus fóghmós do thabhairt do na
Prealáidibh, amhail léightear 'san tríomhadh caibidil
deug de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na n-Eabhrach.
Adeir fós Pól, 'san treas caibidil de'n Dara h-Eipistil
do sgríobh chum na gCoirinnteach gurab comharba agus
lucht ionaid do Chríost préaláide na hEagluise, agus
dá réir sin go bhfuil úghdarás Chríost ag na
hAbstalaibh agus ag na prealáidibh.



Dá n-abradh Cailbhin nó Liútear gurab é Dia amháin
mhaitheas na peacaidhe, agus dá réir sin nach féadaid
na sagairt a maitheamh, bíodh a fhios aca tar a cheann
sin gurab é Dia is Prímh-ghníomhaighthéoir ag maitheamh
an pheacaidh, tairis sin gurab é an sagart is cúis
uirliseamhuil do sgaoileadh glais an pheacaidh. Ag so
sompla ar sin - eadhon,


L. 78


Má tá gurab'é an rígh dobheir párdún a anma do'n bhraighe bhíos
damanta 'san phríosún. Maiseadh tairis sin is é an
séighleóir sgaoileas amach é,
agus osglas an glas bhíos air. Mar an gceudna, ó dorinne
Dia séighleóiridhe de na sagartaibh, is dóibh dobheir
cumas sgaoilte an aithrigheach as príosún an pheacaidh le
heochair úghdaráis na habsolóide, acht gé dobheir Dia
pardún a anma dhó.



Agus dá n-abradh an t-éiriceach go bhféadfadh Dia Féin
an glas sin do sgaoileadh de'n aithrigheach agus a leigean
as príosún an pheacaidh, gan congnamh an tsagairt. Mo
fhreagra, ar dtús, ar an éiriceach, go bhféadfadh an
rígh dul ar a chosaibh féin ó'n gcúirt go soiche an
phríosún, agus an bhraighe do leigeann amach, gan congnamh
an tséighleóra, mar an gcéadna do Dhia. An dara freagra
dobheirim air, gurab iomdha nídh dh'fhéadfadh Dia do
dheunamh uaidh féin nach déanann Sé ar chor ar bith, mar
atá, domhan eile do chruthughadh ann, nachar cruthuigheadh
fós, agus créatúiridhe éagsamhla eile. Is iomdha fós,
neithe eile do fhéadfadh do dhéanamh uaidh féin, nach
deárnadh acht le congnamh nó cómhoibriughadh na ndaoineadh,
mar atáid na míorbhailighe dorinneadh leis na hApstalaibh,
agus le hiliomad naomh ó shoin a leith, d'fhéudfadh Dia
do dheunamh uaidh Féin, nach deárnadh acht maille re
cómhoibriughadh na Naomh agus na n-Abstal. Mar an gceudna,
adeirim, re sgaoileadh ghlais an pheacaidh, tar cheann go
bhfeudfadh Dia a sgaoileadh uaidh Féin, maiseadh ní
sgaoileadh acht maille re cómhoibriughadh an tsagairt. Is
córaide so do thuigsin mar léightear ag Matha, 'san
ochtmhadh caibidil, an tan tháinig an lobhar do láthair
Chríost d'á shlánughadh ó'n lubhra go ndubhairt Críost
ris dul agus é féin do thaisbéanadh do na sagartaibh do
sgaoilfeadh an glas dobhí air de. Ionann, iomorra, lubhra
agus peacadh, agus is iontuigthe do na héiricibh nach
dhíth cumhachta do bhuain do Chríost gan E Féin do
sgaoileadh an ghlais dobhí ar an lobhar - eadhon, gan
cead do bheith aige teacht imeasg an phobail - acht dá
chur i gcéill tar cheann gurab E Féin shlánuigheas an
lobhar - eadhon, an peacach - agus dobheir pardún a
anma dhó, gurab ris an séighleóir - eadhon, an sagart -
adeir Sé glas an pheacaidh do sgaoileadh le heochair an
úghdaráis - eadhon, leis an absolóid.



Léightear, fós, ag Lúcás, 'san seachtmhadh caibidil deug,
tar éis mar do leigheas Críost an dheichneabhar lobhar, go
ndubhairt riu imtheacht agus iad féin do thaisbéanadh do
na sagartaibh, d'á chur i gcéill gur thoil leis breathnughadh
na sagart do bheith orra, agus iad féin do sgaoileadh ó'n
ghlas dobhí orra.



Adeir, mar an gceudna, Pól, 'san deachmhadh caibidil chum
na Rómhánach, go dtig sláinte na hanman d'fhaoisidin an
bhéil.


L. 79


Is é an nidh ceudna chialluighthear ag Matha, 'san 21 caibidil,
mar a n-abar Críost ris an mbeirt ndeisciobal dul do sgaoileadh
an asail nó an bhromaigh dobhí ceangailte 'san gcaisleán ar
a gcomhair agus a thabhairt chuige féin. Go faithchiallach is
iad deisciobail do chuir uaidh, na sagairt; agus is é asal nó
bromach adubhairt do sgaoileadh, an Cineadh Iúdaigheach agus
na cineadha atá ceangailte i gcuibhreach an peacaidh i gcaisleán
an domhain so.



Is ag tuar Sacraiminte na Faoisidine dobhí an nidh léightear
ag Matha, 'san treas caibidil, mar a n-abair an dream dothigeadh
d'á mbaisdeadh chum Eóin go n-innistídhe a bpeacaidhe leó.



Ag so síos fiadhnaise na n-Aithreach Naomhtha dobhí i dtús
na hEagluise ann, ag teacht leis an nidh gceudna, ag admháil
na faoisidine do bheith ag á ghnáthughadh i bhfíorthús na
hEagluise ag na Críostaighibh: -



Adeir S. Denis, 'san Eipistil do sgríobh go Demophilos nidh as
a dtuigthear go follus go raibh an fhaoisidin re n-a linn féin
ag á deunamh ris na sagartaibh.



Leightear, mar an gceudna, ag Origen, 'san ghluais do chuir ar an
37 Sailm go raibh an faoisidin ag á gnáthughadh re na linn féin.
Ag so mar adeir - “Dlighidh tú, a dhuine, bheith go fríochnamhach,
ag feuchain cionnus dodheunfaidh tú do pheacaidhe d'fhaoisidin,
agus do liaigh do dhearbhadh, agus a fheuchain cia d'á ndligheann
tú cúis do thinnis d'fhoillsiughadh dó.”



Adeir Basilius, mar ar sgríobh sé d'Ordughadh na Manach -
“Dochídhtear (ar sé) nach fuláir do'n droing d'á dtugthar
stiobhardacht na Sacraiminte a bpeacaidhe d'fhaoisidin.”



Adeir Ieronimus, 'san leabhar do sgríobh anaghaidh Montanus
eiriceach, “Ní beag (ar sé) mar dhearbhadh gurab neamhbhuaigh
eiriceacht na Montánach mar gurab nár leó a bpeacaidhe féin
d'fhaoisidin do láthair an tsagairt.”



Adeir Ciprian, ag cur ghluaise ar Lebhiticus, mar a sgríobhann
sé ar na Seacht gCéimeannaibh Maithfeachais na bPeacadh atá
'san tseachtmhadh caibidil - “Acht gé cruaidh agus gé saothrach
é, maitheamh na bpeacadh maille ris an aithrighe, an tan ionnlas
an peacach a leaba le n-a dheoraibh, agus bíd a dheora ina
n-arán de ló agus d'oidhche aige agus an tráth nach nár leis
an bpeacach faoisidin do dheunamh le sagart an Tighearna, agus
leigheas d'iarraidh air.”



Is follus as na hionadaibh so gurab leis an bhfaoisidin fhéadas
duine an dearbhadh úd iarras Pól do dheunamh air féin re hucht
an tSacraimint do chaitheamh. Agus is follus fós asda nach foghnann
aon dearbhadh eile acht an fhaoisidin, do réir mar adeir Solamh
thuas, ní dhéantar treórughadh ar an tí cheilfeas a chionnta
féin; agus, fós, atá fioghair


L. 80


'san mBiobla ag teacht leis so. Léightear 'san 28 caibidil
i Leabhar Deuteronomí, d'á chur i
gcéill nach bhfuil againn acht aon raon amháin chum dulta ar
Neamh, agus garab é sin ród na faoisidine.
Ag so mar adeir, ag labhairt ris an bpeacach - “Fá sheacht
ródaibh (ar sé) theithfeas tú, agus brisfighear díot fá uile
ríoghachtaibh an dómhain nó na talmhan, agus aon ród amháin
thriallfas amach i gcoinne heascarad.” Ionann sin re a rádh agus
gurab seacht róid na seacht bpeacaidhe marbhthacha in a mbí
raon madhma agus móirtheithmhe ag na deamhnaibh ar an bpeacach,
agus gurab i n-aon rian na haithrighe do dhruim faoisidine
bheireas an peacach buaidh agus triallas ar Neamh.



Ag so síos sgeul miorbhailleach as a dtuigthear go bhfuil an
fhaoisidin iomlán éigeanteach, do réir mar léightear 'san
leabhar dárab ainm “Scala Coeli.” Láithe n-aon dá rabhadar
dias seanmóraidhe ag siubhal na slighe, agus fa h-oide
faoisidine, iomorro, do'n Phápa duine dhiobh, agus fa duine
neamhurchóideach naomhtha an fear eile, agus ar mbeith ag
triall dóibh thárla i gcaisleán d'áirighthe iad in a
raibh bean uasal dorinne corbadh re bráthair dí féin,
agus dobhí náire uirre nach deárnadh an peacadh sin
d'fhaoisidin ar feadh aon bliadhan deug, agus, ar bhfaicsin
na mbrathar ndeóranta sin dí, do mheas a faoisidin do
dheunamh riú, ó's aca nach biadh aithne uirre ó shoin amach
go bráth. Tháinig sí d'á faoisidin chum fir aca, agus do
sheasamh an dara bráthair i gcúlair eile de'n tigh, agus
re hucht gach peacadh dá n-innsightheadh an bhean, dochíodh
an bráthair dobhí ina sheasamh péist fhuathmhar ag teacht
tar a beul, agus ag dul tar doras an teampoill amach, agus i
bhfóircheann na faoisidine dochonnairc an bráthair dragún mór
ag cur a chinn amach go minic tar beul na mná, agus do shúghadh
sí chúice seal eile é. Gidheadh, an tan do loc an
bhean an dragún do sgéith dochonnairc an bráthair
na haithreacha nimhe reamh-ráidhte ag filleadh
tar a n-ais, agus ag dul i mbeul agus i mbroinn na mná. Do
bhí sí mar sin gan an peacadh do fhaoisidin go hiomlán,
agus fuair absolóid. Do thrialladar na bráithre 'san ród
rómpa, agus iar ndul trí mhíle ó'n mbaile amach dóibh,
d'innis an bráthair óg an sgeul, amhail adubhramar, do'n
bhráthair eile. Gabhas biodhgadh an bráthair iar gclos an
sgéil sin, agus adubhairt gurab peacadh éigin do cheil an
bhean ina faoisidin, agus d'fhilleadar tar a n-ais 'san
gconair gceudna go luaith, agus fuaradar an bhean iar
bhfagháil bháis ar a gcionn. Do ghabh tuirse mhór iad
an tan sin, agus do leigsiad iad féin ar trosgadh agus
ar urnuighthe do dheunamh go diochrach dúthrachtach, d'á
iarraidh ar Dhia a fhoillsiughadh dhóibh creud tárla
do'n mhnaoi sin. Agus i gcionn an treas lá dochoncadar
an bhean ar marcuigheacht ar dhragún teinntighe d'á
n-ionnsuidhe, agus fa huathbhásach an t-inneall dobhí
uirre - eadhon, dá


L. 81


n-athair nimhe fíochmhara, fíor-ghrána,
timcheall a muinéil, agus iad ag díul a cíoch,
agus dá phéist athfhuathmhara neamhchosmhla ar a súilibh,
agus gríos dearg ag séide tar bheul na mná, agus dá
mhadradh chíochracha chonfádhacha ag creim a lámh, agus
dhá shaighid teinntighe tre n-a cluasaibh agus airce
luachra ag snamh thar a brághaid. Gabhus
bíodhga na bráithre ag á faicsin ar an módh sin.
“Ní heagail daoibh, a chairde Dé (ar sí), óir is mise
an bhean mhallaighthe úd dorighne a faoisidin an lá fá
dheireadh, agus do bhrígh gur cheileas tré náire 'san
bhfaoisidin peacadh trom dorighneas atáim damanta go
síorruidhe.” “Maiseadh,” ar an t-oide faoisidine, “cuirim
fá gheasaibh ort, as h-ucht Dé, an dá cheist chuirfead
ort d'fhuasgladh dham. An chéad cheisd - creud chialluigheas
éagsamhlacht na bpian sin ort?” Do fhreagair an bhean, “Is
é ádhbhar (ar sí) fá bhfuilid na hairce luachra so ar
mo cheann, in éiric a ndeunainn d'fhoirneadh, do chíoradh,
agus d'fholcadh go díomhaoin ar mo cheann. Agus i ndíol an
ithiomráidh, agus na mbriathar mailíseacha do éistinn go
toileamhuil, atáid na saighde teinntighe so trém'
chluasaibh. Is uime atáid na haithreacha nimhe so fám'
bhrághaid, ar son a mhionca do aomainn go toileamhail do
lucht suiridhe agus soighneasa a lámha do chur fám'
bhrághaid, agus tadhall neamhghlan do dheunamh ar mo bhrollach
agus ar mo chíochaibh. Is uime, fós, atáid na madraidhe so
ag creime mo lámha, tré na mhionca dobheirinn do chonnaibh
agus do mhadraidhibh neith le a bhfeudfainn boicht Dé do riar.
Agus is uime, fós, atá an dragún so fúm dom' losgadh tré
na mhionca do dheunainn peacadh neamhghlan na drúise.”
“Guidhim thú (ar an bráthair) fuasgail dhamh an dara ceist
- eadhon, cia hiad na peacaidhe is mó le ndamantar na daoine
anois?” Do fhreagair an bhean, agus is é adubhairt - “Is
iomdha peacadh le a dtéid na daoine go h-ifrionn. Gidheadh,
atáid ceithre gnéithe peacaidh ann le ndamantar na mná go
líonmhar. An chéad ghné, peacadh na drúise. An dara gné,
an geur-chórughadh dobheirid orra féin do tharraing geana
agus grádha na bhfear orra. An treas gné, piseóga. An
ceathramhadh gné, aindiúid bhíos orra fá'n bhfaoisidin
do dheunamh go glan.” Agus ansin do fhiafraigh an bráthair
di an raibh furtacht ina cionn féin. “Ní bhfuil (ar sí)
an feadh bhias Dia ag caitheamh na síorraidheachta.” Agus ina
dhiaigh sin do fhuadaigh an dragún leis í go h-obann
i bhfodhomhain agus a bhfíríochtar ifrinn maille re h-iomad
pian.



Is iontuigthe as an sgeul so go bhfuil an fhaoisidin iomlán
éigeantach do'n aithrigheach chum dulta ar Neamh, agus d'á
bhrígh sin is é an t-aon ród úd amháin do luaidh Maoise
'san bhfíoghair reamhráidhte í. Agus dá mbiadh nach biadh
Sgrioptúr nó Aithreacha ag áitiughadh na faoisidine amhail
atáid, do budh leór úghdarás barántamhuil na h-Eagluise
dá shuidhiughadh go bhfuil sí éigeantach ionghabhtha, óir
is í an Eagluis cheudna is riaghail


L. 82


treóraighthe dhúinn in gach uile nidh bheanas re n-ár gcreideamh.
Agus is uime sin adeir S. Augustín 'san gcúigeadh caibidil
do sgríobh anaghaidh eipiostalach eiricigh dár bh'ainm
“Fundamentum” - “Ní chreidfinn do'n tSoisgeul (ar sé) muna
bhéaradh úghdarás na hEagluise Chatoilice chuige mé.”



Atáid, iomorro, mórán do neithibh bheanas re n-ár gcreideamh
ris nach fuil sgrioptúir sgríobhtha acht úghdarás na
hEagluise, coimeádaid na Protestants - mar atá trí lá do
choimeád ina saoire fá Cháisg agus trí lá fá Chíngcís,
etc., amhail adubhramar shuas 'san Reimhthionnsgnamh, agus is
iongnadh amhail doghníd siad an oiread so ar órdughadh na
hEagluise, gan Sgrioptúir sgríobhtha ag á fhuráileamh orra
nach déinid a bh-faoisidin agus go bh-fuil Sgrioptúir
sgríobhtha, agus ráidhte na n-Aithreach Naomhtha, agus
órdughadh na hEagluise Catoilice ag á fhuráileamh orra.



AN DARA CAIBIDIL DEUG.



In a dtráchtar agus in a suidhtear an faoisidin do bheith
éigeantach ria caitheamh Chuirp Chríosd, agus is ar dhá mhodh
chruitheócham sin, mar atá le fioghaireachaibh as an
mBíobla agus le somplaidhibh míorbhuileacha.



Léightear ag Lúcás, 'san cúigeadh caibidil deug, fíoghair
ró ghaolmhar ar an bhfaoisidin, mar a dtráchtar ar an millteán
mic do chaith a chuid d'oighreacht a athar go díobhlasach
diombhaileach: agus ar mbeith in uireasbaidh mhóir dó i
gcoigcrích, agus é ag muicidheacht, doluidh an oiread sin de
ghorta air ionnus go mbíodh i gcuibhreann na muc fá'n meas.
Lá n-aon dó amhlaidh sin do thuig gurab olc do chaith sé a
chuid, agus gurab olc dorighne aimhréir a athar do dheunamh,
agus oirbheart do thuilleamh, i ndeunamh póite agus striapachais
agus iliomaid d'olcaibh eile ó sin amach. Agus do ghabh
aithreachas é agus adubhairt, “Eireóchad (ar sé) agus rachad
d'ionnsuidhe m'athar, agus adéarad ris, “A athair, do pheacaidh
mé i bhfiadhnuise Dé agus ad' láthair-se. Anois ní fiú
mé do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh, deunaidh formálaidhe
mar gach fear tuarasdail eile dá bhfuil in do theaghlach dhíom.”
Leis sin, do ghlac an t-athair go luathgáireach é, agus thug
fá deara ar a stiobhard a nighe agus earradh áluinn ionaonuigh
do chur uime agus gáirdeachus agus ceól do dheunamh ina
thimcheall. Go fáithchiallach, cia hé an millteán mic úd
acht an peacach? Agus cia hé an t-athair acht Dia, nó an
t-oide bhfaoisidine i bpearsainn Dé? Agus gibé peacach
le'rab mhaith Dia do ghabháil leis, agus a níghe ó n-a
pheacadhaibh


L. 83


agus earradh áluinn, ionaonaigh neimhthiomhlaighthe
na ngrás do chur uime, deunadh an gníomh aithrighe dorighne
an millteán mic úd; ar dtús gabhadh aithmhéile agus tuirse
inntinne é fá n-a aimsir do chaitheamh go holc, agus éirgheadh
as láib na locht agus trialladh d'ionnsuidhe an athar
faoisidine agus abradh ris - “A athair, ní fiú me mac Dé nó
do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh gabh liom mar fhormalaidhe
i moghsaine nó in óglachus peannaide na haithrighe.”



Is follus as réim na fioghaireach so go ndlighthear an admháil
agus an fhaoisidin do dheunamh ris an athair bhfaoisidine sul
sgaoiltear glas an pheacaidh de'n aithrigheach.



Léightear fíoghair eile ar stáid aithrighe an pheacaigh ag
Eóin, 'san t-aonmhadh caibidil deug ar aithbheódhadh
Lasaruis. Ag so, iomorro, na cheithre neithe chialluigheas na
cheithre lá dobhí Lasarus marbh. Cialluighidh an chéad lá
peacadh an tseinsir; na trí lá eile, na trí sáruighthe
doghníodhmaoid ar na trí reachtaibh - eadhon, reacht na nádúire,
reacht Maoise, agus reacht an tSoisgéil. Cialluighidh fós na
cheithre lá úd, na cheithre modha ar a ndéin duine peacadh
- eadhon, ó chroidhe, ó bheul, ó obair, agus ó fhaillighe.
Dorighneadh, iomorro, seacht neithe timcheall Lasaruis do
aithbheódhadh doghníodhthar timcheall an pheacaigh do
aithbheódhadh go spioradálta de dhruim na haithrighe. An
chéad nidh, do músgladh Lasarus as suan an bháis le
cumhachtaibh Dé. Mar sin músgaltar an peacach as suan na
locht le séideadh forfhógarthach grása an Spioraid Naoimh
le bhfuráiltear air maith do dheunamh. An dara nidh, an
chomhshólás, thug Críost do na mnáibh, an tan adubhairt
go n-éireóchadh Lasarus, agus nach raibh acht suan air.
Mar sin adeir Críost go foluightheach ina inntinn ris an
bpeacach, dá chur i gcéill dó nach dligheann dul in
eadóchas ar ghrásaibh Dé (an gcéin bhíos beó) tré
pheacadh d'á mheud d'á ndéin, má doghnídh aithrighe
ann. An treas nidh, an caoi dorónnsad na mná, tré bhás
Lasaruis, an tan dochonnarcadar Críost. Mar sin dligheas
an t-aithrigheach caoi do dheunamh maille re haithmhéile
agus le comhbhrughadh croidhe an tan doghnídh Críost
fiosrughadh folaightheach ar ag bualadh doruis a choguais,
agus ag teacht ar uaigh a anman dá aithbheódhadh ó bhás
spioradálta. An ceathramhadh nídh, d'fhuráil Críost an
tuambadh d'osgladh. Mar sin fhuráileas ar an aithrigheach
uaigh a anman d'osgladh - eadhon a bheul - d'fhaisnés a
chean agus a pheacadh. An cúigeadh nidh dorinne Críost -
guidhe chum A Athar tar cheann Lasarus. Mar an gceudna,
doghnídh an t-athair faoisidine guidhe ar son an aithrighigh,
ag rádh na mbriathar so - “Dominus sit in corde tuo,”
etc. - eadhon, “Go raibh an Tighearna id' chroidhe agus id'
bheul, ionnus go dtiocfadh leat go fiúntach, cneasda do pheacaidhe
d'fhaisnéis.” An seiseadh nídh dorighne Críost - éigheamh,
ag radh, “A Lasaruis (ar Sé), tar amach.”


L. 84


Mar an gceudna, i ndeireadh na faoisidine, adeir an sagart,
“Misereatur tui,” etc. - eadhon, “Go ndeárnadh Dia na
n-Uile-Chumhacht trócaire ort, agus, iar maitheamh huile pheacadh
dhuit, go dtreóraighe Sé thú 'san Bheatha Mharthannaigh.”
An seachtmhadh nidh, andiaigh Lasarus d'aithbheódhadh agus
do theacht amach, ar mbeith do'n eisléine ceangailte uime,
adubhairt Críost ris na hApstalaibh a sgaoileadh agus leigean
dó imtheacht. Mar sin adeir Críost go laetheamhuil ris na
sagartaibh sgaoileadh do Lasarus - eadhon, de'n aithrigheach - ó
gheibheannaibh an pheacaidh, tar éis mar doghníodh sé
féin aithbheódhadh air, ó bhás an pheacaidh.



Is follus as na seacht bponcaibh reamhráidhte so an réim
díreach is innleanta 'san aithrighe.



Tabhair dod' aire go friochnamhach, a léightheóir, an
ceathramhadh ponc, mar a n-abair go dtug Críost fá deara
an tuamba d'fhosgladh, dá chur i gcéill go ndligheann an
uile aithrigheach a bheul d'fhosgladh, d'fhaisnéis a
pheacaidhe 'san bhfaoisidin.



Léightear fíoghair ro ghaolmhar re réim na haithrighe 'san
naomhadh caibidil de Ghíomharthaibh na n-Abstal, ar iompodh
Phóil ó bheith ina pheacach chum bheith ina shoightheach
toghtha ag Críosd. Atáid, iomorro, trí neithe is iontugtha
dhúinn d'ár n-aire 'san bhfilleadh úd dorighneadh ar
Phól chum creidimh agus aithrighe - Ar dtus, troime na
hurchóide dobhí ann féin, mar gur chuir roimhe go dian,
dibhfeirgeach inghreim agus foirleanmhuin, bruid, agus bás
d'imirt ar gach n-aon dogheabhadh le Críosd mar Thighearna.
An dara nidh, doimheastacht na maitheasa dobhí i nDia,
mar go dtug solus de Neamh do Phól, d'á dtáinig aithrighe
do dheunamh dó. An treas nidh, is iontugtha dhúinn, d'ár
n-aire, éasguidheacht na hUidhil agus an fómós thug Pól
do Chríost, an tan adubhairt, ag freagradh do'n fhiafraidhe
dorinne Críost de - “A Thighearna, creud fhuráileas tú
orm do dheunamh?” Is é chialluighid na briathra so, go raibh
Pól chomh ullamh sin fá thoil Dé do dheunamh, ionnus gibé ar
bith nidh adearadh ris do dheunamh go ndiongnadh é fá n-a
dhíthchioll. Na trí neithe thárla do Phól teagmhaid siad do'n
uile aithrigheach. Ar dtús, is trom a urchóid. An dara nidh,
dogheibh sé séideadh soluis de Neamh go folaightheach ina inntinn
do mhusgladh a mheanman do dheunamh aithrighe. An treas nidh,
éasguidheacht fhóghmóis do
thabhairt do'n oide faoisidine 'san mbreith aithrighe, ag
rádh ris, amhail adubhairt Pól le Críost - “A Thighearna,
creud fhuráileas Tú orm do dheunamh?” Agus dá mbeith ina
cheist ar an aithrigheach annso creud an teagasg dob'
ionntugtha do'n oide faoisidine dhó, ag cur na ceiste úd
Phóil, éisdeadh re Críost ag freagradh do Phól ag á
theagasg dhó creud dob' inndeunta dhó, agus tuigfidh as
an teagasg sin Chríost creud an réim is inleanta do'n uile
aithrigheach. Ag so teagasg Chríosd, ag freagradh do cheisd
Phóil, “Imthigh


L. 85


isteach do'n chathraigh (ar Sé) agus inneósaidh Ananias
duit creud is inndheunta dhuit.” Dála Phóil, do
bhí dall ó'n tsoighnéin do buaileadh
air, agus do thriall go Cathraigh Damascuis, agus dobhí
innte trí lá agus trí oidhche gan bhiadh gan chodladh, agus
i bhfóircheann na haimsire sin tháinig an t-aingeal chum
Ananiais sagairt, agus adubhairt ris dul d'fhiosrughadh
Phóil go tigh Iúdais d'á theagasg creud dob' inndeunta
dhó. Iar dteacht, iomorro, do Ananias 'san tigh in a raibh
Pól, agus iar n-a aithne do Phól, do leig ar a ghlúinibh
é, i bhfiadhnuise Ananiais. Iar bhfáisnéis a pheacaidhe
dó, tógbhas Ananias a lámh ós cionn Phóil, agus leis
sin do thuiteadar na bruit bhí ar a shúilibh ó'n tsoighnéin
Dé, agus dochonnairc go soiléir an tionadh ina thimcheall.



Guidhim tú, a léightheóir eagnuidhe, a thabhairt dod'
aire go friochnamhach gurab í réim an teagasg sin Chríosd
choiméadas an Eagluis Chatoilice d'á shéoladh do'n uile
pheacach cionnus do dheunadh aithrighe.



Tuig, a léightheóir, gion go bhfuilid briathra soillseacha
'san gcaibidil úd do haithléigheadh linn, in a luaidhtear
Pól do shléachtain d'fháisnéis a pheacaidhe do láthair
Ananiais go measaid úghdair bharántamhla do sgríobh ar
an sgrioptúir go ndeárnadh sé gach nidh dhíobh.



Ag so an réim ceudna úd choiméadas an Eagluis mar a
n-abair - “Eirigh isteach, a Phóil - eadhon, a pheacuigh atá
dall ó'n pheacadh - do'n chathraigh - eadhon, go tigh na
faoisidine - agus dogheabhair Ananias - eadhon, an t-oide
faoisidine - inneósas duit id' bhreitheamhnas aithrighe
creud is inndeunta dhuit.” Agus, fós, is amhail dobhí
Pól dall trí lá agus trí oidhche, gan biadh gan digh,
ag ciallughadh na dtrí rann atá 'san aithrighe - mar atá
comhbhrughadh croidhe, admháil fhírinneach an bhéil,
agus leóirghníomh 'san bhfolmhach. Dlighidh an
t-aithrigheach na neithe ceudna do dheunamh, óir dorighne
Pól féin iad. Ar dtús, do ghoil sé ar feadh na dtrí
lá úd agus na dtrí n-oidhche, dá chur i gcéill go raibh
tuirse chroidhe air. An dara feacht do fhaisnéis sé a
pheacaidhe do Ananias, dá chur i gcéill go ndligheann an
uile aithrigheach a pheacaidhe d'fháisnéis d'á oide
faoisidine. Dorighne mar an gceudna an treas nidh, óir do
bhí ag deunamh leóirghníomha ina lochtaibh ar feadh a
rae, agus i ndeireadh a bheathadh do dhoirt a fhuil ag
iomlánadh an leóirghníomha sin. Mar an gceudna dlighidh
an uile aithrigheach leóirghníomh fulláin do dheunamh
ina gcionntaibh.



Is é do chialluigheas an tógbháil láimhe dorinne
Ananias ós cionn Phóil, re hadmháil a pheacaidhe dhó, an
tógbháil láimhe doghnídh an sagart ós cionn an
aithrighigh re tabhairt na habsolóide dhó.



Is é chialluighid na bruit úd do thuit de shúilibh Phóil,
daillchiach agus dorchadas an pheacaidh thuiteas d'anam agus
de choguas an aithrighigh, do bhrigh na habsolóide.


L. 86


Is é, mar an gceudna, chialluigheas an radharc fuair Pól,
an solus spioradálta dogheibh an t-anam ó ghrásaibh Dé.



Is follus as na briathraibh so anuas gurab í réim budh mhaith
le Críost do choiméad 'san aithrighe na trí puinc so
dorinne Pól ar a theagasg - mar atá, comhbhrughadh croidhe
do bheith air, agus a pheacaidhe d'admháil do'n tsagart,
agus leóirghníomh do dheunamh ina lochtaibh.



Léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n cheathramhadh leabhar
de Leabhraibh na Ríogh fíoghair as a dtuigthear an réim
is indeunta 'san aithrighe - eadhon, mar dochuaidh Naaman,
dobhí ina lobhar d'iarraidh teagaisg ar Eliseus cionnus
do glanfaidhe ó'n lubhra é, agus mar d'orduigh Eliseus
do Naaman dul go sruth Iordain, agus é féin do nighe
seacht n-uaire ann, agus go mbiadh glan.



Go fáithchiallach, cia hé an Naaman úd acht an t-aithrigheach.
Agus cia hé an lobhar acht an peacadh. Acht cia h-é an
t-Eliseus acht an sagart faoisidine. Agus cia h-é an sruth
Iordain acht an sruth dearchaointeach na haithrighe. Agus
creud fá ndubhradh re Naaman é féin do nighe fá sheacht,
acht dá chur i gcéill go ndligheann an t-aithrigheach é
féin do nighe ó na seacht bpeacaidhe marbhthacha.



Agus is córaide so do thuigsin mar so, mar adeir Dia, 'san
28 caib. in Deuteronomi, go raibh a bhara fá Chloinn
Israel raon madhma agus teithmhe do ghabháil chuca fá
seacht slighthibh, agus gurab an aon ród amháin do
lingfidís anaghaidh a namhad, do bhreith buadha orra. Ionann,
iomorro, na seacht slighthe úd agus na seacht bpeacaidhe
marbhthacha, agus is ionann an t-aon ród amháin in a
mbearadaois buaidh agus aon raon na haithrighe, amhail
adubhramar thuas.



Is fíoghair fós do'n fhaoisidin an nidh léightear ag
Daniel, 'san treas caibidil deug, mar a n-abair go ngnáthuigheadh
Súsanna í féin do nighe agus do fhothragadh go minic i
dtobar áluinn dobhí ina hubhall-ghort féin. Agus, lá
n-aon dá ndeachaidh d'á fothragadh féin anns an dtobar
sin, do chuir uaithe an dá innilt coimhdeachta dobhí
aice re ndul 'san tobar dí. Cia h-í an Súsanna so acht
anam na haithrighigh. Agus cia an tobar acht an fhaoisidin,
óir dobheir sí fhionnfhuaradh do'n anam do mhúcadh
teasa na hanntoile, agus glanann í, amhail ghlanas uisge
an tobair an corp foithrighthear ann. Tabhair dod' aire
amhail do chuir Súsanna an dá comhail choimhdeachta
uaithe re ndul 'san tobar di. Mar sin dhligheas an
t-aithrigheach re ndul i dtobar déarach na faoisidine dó,
dhá nídh do ruagadh as a inntinn - mar atá, eagla péine
Ifrinn agus glóir diomhaoin. Oir ní d'eagla péine Ifrinn
ná d'fhonn molta do fhagháil 'san tsaoghal dhligheas duine
faoisidin do dheunamh, acht de ghráin ar an bpeacadh, agus
de ghrádh agus d'eagla Dé, agus de mhian A réire agus
A thoile do dheunamh.


L. 87


Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug de Lebhiticus,
an dream do glantaoi ó'n lubhra, gur bh'éigin dóibh
teacht do láthair na sagart, agus go mbeárradaois na
sagairt a bhfionnfadh go léir díobh. Mar sin dligheas an
lobhar - eadhon, an peacach - teacht d'ionnsuidhe na sagart
soisgeulta, do bhuain fionnfaidh an peacaidh dhíobh le
deimheas na faoisidine. Ní heugcosmhail, iomorro, an
fionnfadh agus an peacadh le chéile: óir mar is líonmhar
an fionnfadh is líonmhar an peacadh, agus, mar is de'n
leith amuigh de shubstaint an duine ina iomarcadh bhíos
an fionnfadh, mar an gceudna do'n pheacadh, is nídh é atá
de'n leith amuigh de shubstaint an duine.



Léightear 'san gceathramhadh caibidil de Leabhar Ester,
anuair do breathnuigh Assuerus Righ (ar fhuráileamh Aman)
an Cineadh Iúdaigheach, dobhí fá n-a smacht féin,
do dhíthcheannadh, go dtug Mardocheus, captaoin de'n
chineadh cheudna, do comhairle do bhainríoghain darbh'
ainm Ester earradh áluinn ionaonaigh do chur uimpe, agus
dul do láthair an ríogh, do chur impidhe air fá grásaibh
do dheunamh ar an gCineadh Iúdaigheach. Ar ndul di amhlaidh
sin, agus an tan chonnairc an rígh inneall agus éagcosg
na mná do líon d'á searc agus d'á síorghrádh, agus
dorighne grása ar an gCineadh Iúdaigheach ar a furáileamh.



Go fáithchiallach cia hé an t-Assuerus úd, acht an Dia
Athair. Agus cia hé an t-Aman úd acht an t-aidhbherseóir.
Cia an Cineadh Iúdaigheach, acht na peachaigh. Cia hé an
Mardocheus, acht an Spiorad Naomh. Cia an bhaintighearna,
acht an fhaoisidin. Cia an earradh áluinn ionaonaigh úd,
acht grádh Dé agus na comharsan, dlighthear do bheith i
mbun bhfaoisidine.



Léightear 'san deachmhadh caibidil de'n dara leabhar de
Leabhraibh na Ríogh gur chuir Dáibhídh Rígh teachta uaidh
do fhiosrughadh Hanon (Righ Chloinne Ammoin) do thabhairt
comhshóláis dó, iar mbeith ag deunamh cumha dhó andiaigh
a athar. Agus is é do mheas Hanon gurab do bhrath a thíre
féin thangadar na teachta, agus rug go heasaontach ortha,
agus thug fá deara a n-éadaighe do ghearradh ó mhaolaibh
a más síos, agus leath a bhfeasóg do bhuain díobh, agus
do leig uaidh go dochrach dian-nocht amhlaidh sin iad. An
tan dochualaidh Dáibhídh sin, do chuir sgeula ina
gcoinne, d'á fhógradh dhóibh gan teacht ina radharc,
acht dul go Gleann Iericho, agus fanmhuin ann go bhfás d'á
bhfeasógaibh, agus go mbeith d'éadaighibh aindiongmhála
umpa.



Go fáithchiallach cia hé an Dáibhidh Rígh úd, acht Dia
Athair. Cia hé an Hanon úd acht an Diabhal; agus cia an
dream d'á ndeárnadh Hanon cleasana acht na haithrighigh
d'á ndéin an Diabhal amadáin go minic, an mhéid go
gcuireann d'fhiachaibh orra le diúideacht a bhfaoisidin
do chíorrbhadh, agus leath a bpeacaidhe go minic do cheilt
innte. Tig de sin nach leigean Dia Athair d'á láthair
iad, acht cuiridh teachta uaidh d'á fhogradh dhóibh
fanamhuin i ngleann Ierico na haithrighe nó go bhfásaid
a bhfeasóga


L. 88


go hiomlán; ionann sin agus go ndéanaid fáisnéis iomlán
ar a bpeacaidhibh ina bhfaoisidin.



Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug in Ecsodus, ria ndul
do chloinn Israel trés an Mhuir Ruaidh do'n Eigipt, gurab í
treabh Iudais an chéad threabh thug ucht rómpa ar an mhuir,
d'á chur i gcéill gurab í an fhaoisidin chialluighthear leis
an treabh úd Iudais, do réir mar chruitheocham ina dhiaigh
so, is tosach agus tionnsgadail ar oibriughadh na haithrighe.
Go fáithchiallach, iomorro, is í an threabh úd Israel na
peacaidhe, agus is í an Egipt staid an pheacaigh, agus is é
Pharaoh an Diabhal, agus is í an Mhuir Ruaidh, tonn déor-
chaointeach na haithrighe. Agus is é an fásach in a ndeachadar,
príosún peannaide na haithrighe.



As na hionadaibh so, agus i mórán d'ionadaibh eile 'san
Sgrioptúir nach airmhighthear linn do'n chor so, is inchreidthe
go bhfuil an fhaoisidin ionghabhtha agus fós éigeantach chum
slánuighthe an duine andiaigh pheacaidh ghníomhaigh nó
mharbhthaigh do dheunamh.



Agus bíodh a fhios ag Cailbhin agus ag Lúitear, adeir gurab
ionghabhtha an chéad chuid de'n aithrighe - eadhon, tuirse
chroidhe - agus an treas chuid - eadhon, leóirghníomh - nach
mó dearbhaid na fíoghracha so reamhráidhte ceachtar díobh sin
do bheith éigeanteach ioná an faoisidin; agus dá réir sin,
is le mailís agus le míorún as a riocht sheunaid an
fhaoisidin do bheith éigeantach; agus saoilim gurab ó n-a
Mhaighisdir féin - eadhon, an Diabhal - fuaradar an teagasg
sin, do bhrigh go bhfacaidh sé nach raibh aon ród eile ag
na peacachaibh chum dulta go Flaitheas Dé acht ród na
haithrighe de dhruim na faoisidine.



Léightear 'san naomhadh disting de Sgathán na Sompladha sgeul
as a dtuigthear gurab olc do'n tí nach creideann an fhaoisidin
do bheith éigeanteach - “Dobhí (ar sé) prionnsa mór
d'áirighthe tug a bheatha as go ró olc, agus ar mbeith d'á
mhnaoi ag cur impidhe air fá fhilleadh ar Dhia fá Cháisg,
agus fá n-a fhaoisidin do dheunamh go hiomlán ina pheacadhaibh
go háirighthe uair san mbliadhain, do fhreagair seisean í,
agus adubhairt - “Ní dána me (ar sé) ar fhaoisidin do dheunamh
leis na sagartaibh so, d'eagla go gcuirfidís breathamhnas
aithrighe ró mhór orm.” “O! (ar an bhean) maiseadh cionnus
fhéadfas tú pianta Ifrinn d'iomchar?” Adubhairt seisean, ag
fochmhuid fúithe-se - “An dóigh leatsa (ar sé), a bhean leamh,
go bhfuil Ifrionn, ná Diabhal, ná beatha ar bith eile ann tar
éis na beatha so? Ní bhfuil go deimhin (ar sé), acht is iad
na sagairt so aguinne do chúm a mbeith ann, ionnus go mbiadh
eagla rómpa féin.” O dochonnairc, iomorra, an bhean nachar
bhféirrde di féin bheith ag á theagasg, do leig dhó
fhanmhuin ina dhíthchreideamh agus ina amaideacht féin.
Gidheadh níor bhfada ina dhiaigh sin go dtáinig sluagh
doáirmhighthe de dheamhnaibh isteach do'n tseomra in a
rabhadar araon, agus do thógbhadar an prionnsa leó go hobann,


L. 89


idir corp agus anam, agus do theilgeadar é d'á
ilphianadh i bhfódhomhain agus i bhfíríochtar Ifrinn.”



Léightear 'san gceathramhadh disting de'n leabhar cheudna
sin sompla as a dtuigthear nach bí cuimhne ag an nDiabhal
ar an bpeacadh innseas duine 'san bhfaoisidin iomlán. Feacht
n-aon dobhí 'san Róimh bean uasal ró-chráibhtheach, agus
dobhí sí aimrid nó seasg seal d'á h-aimsir, agus do
mheudaigh sí féin agus a fear tríd sin ar a n-urnaighthibh
agus ar a ndéirc, agus ar a dtrosgadh, agus ar a n-oilithre,
agus tugsad móide fá dheaghoibreachaibh iomdha do dheunamh
dá dtugadh Dia clann dóibh. Acht, cheana, iar sin do thárla
gein mhic eatorra; agus iar dtúismeadh an mhic do ghabh
spiorad crabhaidh an fear, agus dochuaidh de thoil a mhná
ar an bhfásach do thabhairt bheatha dithreabhaigh suas. Dála
na mná, iomorra, do hoileadh an mac go múirneach léi ar
a cíochaibh féin, agus dobhí in a chaomhthach leaptha
aice go bheith ionnuachair dó, agus, maille re séideadh
an aidhbherseóra, do ghríos an mháthair é do dheunamh
corbuidh ria féin, agus do thárla torrach uaidh í, agus,
ar mbreith mic di, dochuaidh leis ós íseal, agus do
theilg i ndíg dobhí lán de lathaigh é, ionnus gur
bháthadh é, agus níor bhfeas do aon duine sin acht di
féin amháin. Agus ina dhiaigh sin do ghabh uathbhás an
bhean trés an ndroichbheart dorighne sí, agus ní
dheunadh cómhnaidhe acht ag caoi agus ag deunamh urnaighthe
agus déirce agus troisgthe ag iarraidh trócaire agus
maithmheachais ar Dhia - óir fa ró-nár léi an peacadh
sin d'fhaoisidin - i ndóigh go ndiongnadh Dia trócaire
uirthe. Ar mbeith seal d'á haimsir amhlaidh sin di, tháinig
an Diabhal, i gcruth chléirigh, do'n Róimh, agus dochuaidh
do láthair na n-oifigeach, dobhí 'san bhaile, agus
adubhairt riú - “Is de thrócaire Dé (ar sé) nach leagthar
an chathair so ó mhullach go lár, óir atá bean innte do
rug clann d'á mac féin agus do mharbh an ghein iarn-a
bhreith,” agus thug sé ainm agus sloinneadh na mná do na
hoifigeachaibh, agus do mhúin dóibh an t-ionad in a
raibh, agus do gheall féin an sgeul do shuidhiughadh
uirre. Dála na n-oifigeach, do ghabhadar an bhean, agus do
hinniseadh di an choir dobhí ag á cur uirre. Do ghuidh
sise iad um dul léi d'ionnsuidhe an Phápa, go ndiongnadh
sí a faoisidin go hiomlán ris. Thángadar na hoifigidh
léi annsinn do láthair an Phápa, agus, iarna rochtain
di, dorinne a faoisidin go hiomlán ris, maille re
deorchaoine, agus andiaigh absolóide d'fhagháil di, do
rugadh do láthair an bhreitheamhuin í, mar a raibh an
t-aidhbherseóir, i gcruth dhaonda, ar a cionn ar tí
dearbhtha uirre. Ar dtoigheacht di do láthair, d'fhiafruigh
an breitheamh de'n Diabhal creud dobhí aige re cur
anaghaidh na mná, agus nácharbhfeas do féin a cionntadha.
Adubhairt an Diabhal, ag á fhreagradh, gur dearbh leis féin
í beith glan ó'n uile choir, agus nachar dhóigh leis go
ndeárnadh sí peacadh riamh. Agus leis sin d'éirigh an
Diabhal ina dhoighir mhorgaighthe tré mhullach tighe na
cúirte amach. O dochonnairc


L. 90


an breitheamh sin tug fá deara an bhean do leigean amach
d'ionnsuidhe a tighe féin.



Is iontuigthe as an sgeul so gach peacadh chuireas duine
síos 'san bhfaoisidin iomlán go dtabhair an diabhal i
ndearmad é.



Léightear fós 'san ionad ceudna go raibh bean d'áirighthe
thárla i gcoir na colna, agus dobhí do mhéid a náire trés
an bpeacadh sin gur cheil sí ina faoisidin é. Gidheadh, do
bhí de ló agus d'oidhche ag guidhe Dé go dúthrachtach,
maille re deorchaoineadh, d'á iarraidh ar Dhia an peacadh
sin do mhaitheamh di. Lá n-aon dá raibh an bhean so 'san
teampoll ag guidhe Dé go dúthrachtach, agus tug an sagart
feuchain thairis agus dochonnairc deamhan i gcruth
adhfhuathmhar ós a cionn ag sgigeadh agus ag fochmhuid
fúithe. “Cuirim ort de gheasaibh in Ainm Iosa, a dheamhain
(ar an sagart), a innsin dham creud is adhbhar fochmhuide
dhuit?” “Is é adhbhar m'fhochmhuide (ar an deamhan) an
bhean so ag á snaigh agus ag á seargádh féin le caoi
agus le trosgadh, agus gurab áirighthe di dul go hifrionn.
Oir saoilidh an oinmhid dhithchéilligh go bhfaghadh
maitheamh ar an bpeacadh trom úd dorinne sí, agus gan a
chur i bhfaoisidin - nidh nach fhéidir di d'fhagháil dá
mbeidheadh ag caoi go lá an bhreitheamhnuis.” Iar gclos
an uirghioll sin do'n tsagart, do ghabh ag greasacht na mná
dá fhuráileamh uirre an peacadh sin do fhaoisidin. An
tan do thuig an bhean gur bhfíor gach nidh dá ndubhairt
an deamhan, do leig ar a glúinibh í, i bhfiadhnuise an
tsagairt, agus dorighne a faoisidin iomlán ina
peacadhaibh uile, maille re deorchaoineadh, agus tug an
sagart absolóid di. Dála an deamhain, an tan
dochonnairc go dtáinig dá uirghioll féin an bhean
d'fóirighthin ó'n diabhal, do ghabh aithmhéile mhór
é, agus do sgread agus do sgreach go garg, agus do ling
ina ghal bhreun dhorchadh tré mhullach an teampoill
suas. Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil aon modh
eile aguinn in a bhfeudfamaoid dealughadh ris na peacadhaibh
marbhthacha doghníodhmaoid andiaigh ár mbaistidh acht
an fhaoisidin.



Léightear i mBeatha an Abadh Egidius Naomhtha gurab re na
linn dobhí Searlus Mór ina Rígh ar an bhFraingc, agus
go dtigeadh go minic ag cur impidhe ar an Abaidh guidhe
chum Dé ar a shon fá pheacadh ró-throm dorighne sé,
nách leigeadh an náire dhó d'innsin do'n Abaidh ná
d'aon duine eile ina bhfaoisidin, do mhaithfeadh dhó é,
agus má's fíor, is corbadh dorighne re n-a dheirbhshiúr
féin. Dála an Abadh, iomorro, lá n-aon dá raibh ag
rádh Aifrinn, agus é ag guidhe Dé go duthrachtach ar
son an ríogh, táinig aingeal de Neamh d'á ionnsaidh,
agus do leig sgríbhinn ar an altóir, agus is é dobhí
'san sgríbhinn an peacadh sin dorighne an rígh, agus
maithfeachus ó Dia chuighe ar choingheall go ndiongnadh
sé an peacadh sin dorighne d'fhaoisidin, agus muna
ndiongnadh gan maithfeachus do bheith aige ar chor ar
bith. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n Abaidh naomhtha,
do thógaibh an sgríbhinn agus


L. 91


do léighidh í, agus dochuaidh go luathgháireach mar a
raibh an rígh, agus dorug leis i bhfód fá leith é, do
thaisbeán an sgríbhinn reamhráidhte dó. Airna
fhaicsin sin do'n righ, do ghabh machtnughadh meanman
é, agus d'fheac a ghlún gan cáirde, agus do fháisnéis
an peacadh sin agus gach peacadh eile ar ar chuimhnigh sé
do'n Abaidh, maille re deorchaoineadh, agus fuair absolóid,
agus is mar sin do fóireadh é.



Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil furtacht ar dhuine
ó'n bpeacadh marbhthach acht maille re faoisidin go hiomlán
do dheunamh, de dhruim dhoilghiosa, agus maille re rún
aisig do bheith aige 'san bhfolmhach dorighne d'á
chomharsannaibh.



AN TREAS CAIBIDIL DEUG.



In a dtráchtar go hathchumair ar an réim is cóir do dhuine
do choimeád ag deunamh faoisidine.



O tá an fhaoisidin cómh éigeanteach sin ionnus nach bhfuil
teacht as ina heugmais, ná slánughadh ar aonduine doghnídh
peacadh marbhthach andiaigh an bhaistidh, acht maille re n-a
dheunamh, ní fuláir do gach aon duine a fhios do bheith aige
cionnus dodheunfaidh í, agus creud iad na coinghill
dlighthear dóibh do bheith innte, agus creud an t-órdughadh
is inleanta innte. Adeirid, iomorro, cuid de na dochtúiribh
go bhfuilid sé coinghill deug 'san bhfaoisidin, agus cuid
eile naoi gcoinghill. Gidheadh, ionnus nach measgfainn meabhair
an aithrighigh, bíodh a fhios aige go bhfuil iomlánughadh
na faoisidine i gcúig gcoingheallaibh, cialluighthear anns
na cúig lithreachaibh atá 'san bhfocal so “Iúdas.”
Ionann, iomorro, “Iúdas” in Eabhra agus “faoisidin” i
nGaoidheilg. Agus is córaide a thuigsin gurab ionann Iúdas
agus faoisidin an fhioghair léightear 'san gcúigeadh
caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Mac-Aibei, mar
a léightear go ndeachaidh Iúdas tionól sluaigh do
theagmháil re Timoteus, captaoin Chloinne Amon, agus ar mbeith
dóibh leath ar leath ar gach taobh de'n abhainn, adubhairt
Timoteus re n-a shluagh (ar fhaicsin Iúdas dó) - “Dá
dtriallfadh (ar sé) Iúdas tar sruth anall, ní fheudfadh
cathughadh leis; gidheadh dá ngeabhadh meatacht é, lingfeam
air, agus bhéarfam buaidh air.” Leis sin tug Iúdas fá
deara caismearta catha do choimhsheinim, do léir-thionól
a shluaigh, agus do thriall féin i bhfíorthosach an
tsluaigh go dána, agus tug ucht ar Timotheus agus ar a
mhuinntear, agus do chuir ina raon madhma agus míochosgair
iad, ionnus gur fhágadar a meirgidhe agus a n-arm, agus
gur theitheadar fá thearmann dobhí lámh leo. Go fáithchiallach,
cia hé an Iúdas úd acht an fhaoisidin;


L. 92


agus cia hé an Timotheus acht an Diabhal; agus cia an sluagh
úd dobhí ag Timotheus acht daosgar-shluagh na
ndubhailceadh agus na doibheus; agus cia an sluagh úd Iúdais
acht na subháilcidhe agus na soighníomha; agus cia hé an sruth
úd acht sruth deorchaointeach an doilgheasa agus na
faoisidine; agus gibé aithrigheach do thaigeóradh
buaidh do bhreith ar Timoteus - eadhon, ar an diabhal - ní
fuláir dhó dul tar sruth deorchaointeach na haithrighe
anonn le ceannas feadhna na faoisidine, nó dá ngabhadh
meatacht nó diúideacht é do chuirfeadh toirmeasg ar gan
an fhaoisidin do dheunamh, is áirighthe dhó go dtiocfadh
Timoteus - eadhon, an diabhal - tar sruth an doilgheasa
anall d'imirt neirt, bruide, agus báis air.



Atáid, iomorro, dá shúil ag an gcaptaoin so - eadhon, ag
an bhfaoisidin - mar atá súil re faicsin roimhe, agus súil
re faicsin ina dhiaigh, agus, dá raibh ceachtar de'n dá
shúil so d'easbuidh air, ní bhiadh infheadhma chum buadha
do bhreith. An chéad shúil re a bhfaiceann roimhe - eadhon,
an tuirse chroidhe dlighthear do'n aithrigheach do bheith air
trés na peacadhaibh dochuaidh thairis in a dtárla sé; óir
ní fhéidir an faisidin do bheith ionghabhtha ná sochar ar
bith do bheith innte acht muna raibh tuirse inntinne ar an
aithrigheach le linn a dheunta (amhail adubhramar thuas); an
dara súil, cheana, le a bhfaiceann ina dhiaigh, rún an
leóirghníomha do dheunamh, óir ní foghnann an faoisidin
acht muna raibh do rún ag an aithrigheach leóirghníomh do
dheunamh, fá n-a dhithchioll, in gach lot d'á ndeárnadh
d'á chomharsanaibh, dá raibh sé ar gcumas dó.



Ag so, i Laidin, na cúig coinghill tuigthear as na cúig
leitreachaibh atá 'san bhfocal so “Iúdas,” mar atá -
“Integra, uera, dolorosa, accelerata, et satisfactoria.” Ionann
sin re a rádh agus a bheith iomlán, fírinneach, doilgheasach,
deithfreach, lóirghníomhach. Ionann a bheith iomlán agus
gan aon pheacadh do cheilt ar a gcuimhneóchadh an t-aithrigheach.
Ionann a bheith fírinneach agus gan cumasg leithsgeul ná
breug do chur innte. Ionann a bheith doilghiosach agus gan
teacht le gáire ná le subhachas chuiche. Ionann a bheith
deithfreach agus gan a chur ar cháirde. Ionann a bheith leóirghníomhach
agus rún aisig do bheith ag an aithrigheach in
gach gné in a ndeárnadh foghlach nó lot ar chlú, nó ar
chorp, nó ar chuid a chomharsan, do réir mar órdóchas
an t-oide faoisidine dhó é.



Ag so, cheana, an t-órdughadh dleaghthar do choimeád 'san
bhfaoisidin, má doghnídh duine go minic í - a smuaineadh,
a labhairt, a ghníomh, agus a fhaillighe do chur síos go
hathchumair do'n tsagart. Gidheadh má's duine dodhéanas a
fhaoisidin go hanamh é, dlighidh a pheacaidhe ar na cheithre
modhaibh so d'fháisnéis go hiomlán nó go fóirleathan,
do réir an úird so síos - eadhon, é féin do chionntughadh,
ar dtús, i gcoir na gcúig gceudfadha; an dara feacht, ins
na seacht bpeacaidhe marbhthacha. An treas feacht i mbriseadh
na n-aitheantadh - mar atáid, Deich n-Aitheanta Dé agus Cúig


L. 93


Aitheanta na hEagluise. An ceathramhadh feacht, in
gach gné in a ndeárnadh faillighe
ins na neithibh so síos, eadhon, i Seacht n-Oibreachaibh na
Trócaire Corpardha agus i Seacht n-Oibreachaibh na Trócaire
Spioradálta, agus i neamhthaithidhe na Sacraiminteadh, agus
i neamhchur le Seacht dTíodhlacaibh na Spioraid Naoimh, agus
i neimhchreideamh an aon airteagal de Dhá Airteagal Deug an
Chreidimh, agus i neamhshaothrughadh na n-Ocht Sein-Bheannachta,
agus i neamhchoimeád na dTrí Subháilceadha Dhiadha agus na
gCeithre Subháilceadha Sonnrádhacha, agus in gach faillighe
eile d'á ndéin duine ó sin amach. Agus, gibé dobhiadh in
ainbhfios aon choda dhíobh so, dogheabhadh a mhúnadh dhó
'san Teagasg Críostaighe.



Tuig, a léightheóir, gurab uime nach tráchtaim níos fóirleithne
ioná so ar Ord na Faoisidine, go measaim go míneóchar gach
nidh dhíobh so go líonmhar do'n aithrigheach leis an oide
bhfaoisidine eagnaidhe. Adhbhar eile fós atá agam, do bhrígh
nach d'aontoisg chum na faoisidine do mhínughadh do thráchtas
uirthe annso, acht tré n-a beith éigeantach do gach aon duine
re h-ucht Chuirp Chríost do chaitheamh, ar a bhfuilim ag trácht
do'n chor so, an mhéid go mbeanann ris an Aifrionn.



AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL DEUG.



In a dtráchtar ar na deich réasúnaibh atá ag an Eaglais
Chatoilice as nach tabhraidh Corp Chríost do na tuatadhaibh
fá ghnéithibh an fhiona.



An chéad adhbhar, ar eagla na fola do dhortadh le taisdiol
lámh na dtuathadh.



An dara hadhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon glaodhamhlacht
chuige, amhail oighreadh nó cuisne.



An treas adhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon truailleadh nó
éideacht chuige.



An ceathramhadh adhbhar, teirce an fhíona i mórán de
ríoghachtaibh, amhail atá an talamh so (Eire), in a bhfuilid
mórán d'ionadaibh aimhriata i gcéin ó bhailtibh cuan nach
bhfaghthaoi fíon dobhearthaoi do'n aithrigheach dobheidheadh
anns na hionadaibh allta sin.



An cúigeadh hadhbhar, go mbíd mórán de dhaoine éisdealbhacha
ann ar a mbiadh déistin fá'n bhfíon d'ól as aon chorn ris
na daoinibh ar a mbiadh easláinte gráineamhla - mar atá
bolgach, nó cláimhe, nó gearba, nó a n-ionnamhla eile
d'easláintibh.



An seiseadh adhbhar d'eagla go mbeith ceann anbhfann ag an
aithrigheach, agus go n-íbheadh iomad de'n fhíon, agus go
mbeith ar meisge ag fágbháil na haltóra dó.


L. 94


An seachtmhadh adhbhar do sheachnadh neamhchadhais do bheith
ar an Sacraimint, óir, dá mbeith an fíon d'á thabhairt
dóibh mar Shacraimint, agus iomad de dhaoinibh maithe agus
de fhodhaoinibh do bheith ag chaitheamh an Sacraimint, agus
malairt fhíona do bheith aca - mar atá fíon maith ag na
daoinibh maithe, agus droichfhíon ag na fodhaoinibh - dob'
fhéidir an tan do dhlighfeadh an fodhuine bheith ag bualadh
a uchta agus ag guidhe Dé go dúthrachtach, gurab ag
ithiomrádh dobhiadh sé, ag á rádh gurab mó bhiadh
a ghean ar dhuine mhaith nó shaidhbhir ann, ó is é an duine
saidhbhir dogheibh an fíon is feárr tré chomaoin do chur
ar an sagart, agus ó's aige féin nach raibh breith ar
chomaoin do chur ar an sagart nach faghann acht an fíon is
measa.



An t-ochtmhadh adhbhar go bhfuilid mórán de dhaoinibh ann
nách féadann fíonn d'ól go bráth, agus do bhrigh nách
fágbhann Dia an duine i nglas 'san mbeatha so gan dáil
cabhra ar chor éigin ina chionn, is follus nach bhfuil
Sacraimint na fola éigeantach re a chaitheamh do'n
aithrigheach i bpéin pheacaidh mharbhthaigh.



An naomhadh hadhbhar, do sheachnadh iomaid cosdais do
dheunamh; óir do budh deacair do'n tsagart ag á mbeith
míle aithrigheach uair gacha míosa ag caitheamh comaoineach
a riar uile d'fhíon ar a chosdus féin.



An deachmhadh hadhbhar, mar ghreannughadh ar na heiricibh,
adeir go bhfuil d'fhiachaibh ar gach aon aithrigheach Sacraimint
na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.



Ag so cuid d'argúntaibh na n-eiriceach as a gcuirid rómpa a
chruthughadh go bhfuil d'fhiachaibh ar an uile thuata Sacraimint
na hAltóra do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.



Ag so an chéad argúin bheanaid siad as an seiseadh caibidil
ar fhichid ag Matha, mar a n-abair Críost 'san tSoisgeul, re
linn an tSuipéir - “Ibhidh uile de so” - eadhon, de'n chailís.



Mo fhreagra orra annso, gurab ag labhairt ris na hAbstalaibh
(d'á ndeárnadh Sé Féin an tráth sin sagairt) dobhí Sé,
agus nach ris na tuathadhaibh do creid d'A sheanmóir roimhe
sin. Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Sé Féin
(andiaigh na mbriathra úd re a ndubhairt riú uile an corn
d'ól) briathra fá n-ab' ionntuigthe gurab ris na hAbstalaibh
do labhair - “Agus (ar Sé) d'ibhidear go léir as an gcorn,”
ag ciallughadh na muintire dobhí ag caitheamh an tSuipéir
maille ris, agus ní léightear 'san tSoisgeul go raibh maille
fris acht an Dá Abstal Deug amháin dobhí ina sagartaibh.
Ar an adhbhar-soin níor furáil sé an fhíon do chaitheamh
acht ar an Dá Abstal Deug dobhí ina Sagartaibh, agus gach
sagart eile dobhiadh ina bpearsannaibh sin. Agus is é
adhbhair fá'r órduigh do na hAbstalaibh an tSacraimint do
chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fhíona, do bhrigh
gurab íodhbairt í fa dual d'ofrálughadh fá ghnéithibh
aráin agus fhíona,


L. 95


agus gurab ris na sagartaibh bheanas
íodhbairt do dheunamh, agus go rabhadar-san ina sagartaibh
an tráth sin.



Atáid, iomorro, dá nidh 'san Aifrionn, mar atá íodhbairt
agus sacraimint. An íodhbairt, dlighidh sí Páis Chríost
d'eisiomplárughadh dúinn; dá bhrigh sin, ó dobhí Corp
Chríost agus A Fhuil sgartha le chéile 'san Pháis, dlighidh,
mar an gceudna, íodhbairt Chuirp Chríost agus A Fhola do
bheith dealuighthe re chéile 'san Aifrionn. Ionann sin re a
rádh agus an Corp, do bhrígh na mbriathar coisreagtha -
eadhon, “Hoc est enim Corpus Meum,” do bheith fá ghnéithibh
an aráin, acht gé bhíos A Anam agus A Fhuil ina choimhdeacht,
agus an Fhuil do bheith fá ghnéithibh
an fhíona, do bhrigh na mbriathar gcoisreagtha - eadhon,
“Hic est enim calix Sanguinis Mei,” etc. - maille ris an gCorp
agus ris an Anam do bheith ina choimhdeacht.



An dara nidh atá 'san Aifrionn - eadhon, Sacraimint - agus an
mhéid gurab Sacraimint é is leór a chaitheamh fá ghnéithibh
an aráin amháin, agus is mar sin caitheas gach aon é, leath
amuigh de'n Aifrionn idir shagart agus tuata, agus dá n-abradh
Cailbhin nó Luitear go ndéin an sagart leathchumaidh ar an
dtuata, an mhéid go gcaitheann féin Corp Chríost fá
ghnéithibh an aráin agus an fhíona agus nach tabhair do'n
tuata acht fá ghnéithibh an aráin amháin, bíodh a fhios
aca go dtabhair an sagart annso do'n tuata an oiread agus dobheir
do féin (an mhéid bheanas ris an Sacraimint) leath
amuigh d'aicídibh tura an fhíona, óir ní thabhair do
féin acht an Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht Críosd, agus
dobheir na neithe ceudna do'n tuata. Ar dtús, dobheir an Corp
gan amhrus dó, agus do réir Phóil, 'san seiseadh caibidil
chum na Rómhánach is Corp Beo dáiltear ann. Ag so mar
adeir Pól - “Iar n-eiséirghe (ar sé) do Chríost ó mharbhaibh
ní fhuil anois ag fághail bháis ó so amach, ní
dheunaidh an bás tighearnughadh air.” Agus, ó nach bhí corp
beó gan anam, is iontuigthe go mbí an t-anam ann, agus do
réir na bhfisigeadh nó na leagha ní bhí corp beó gan
fuil, agus dá bhrigh sin bí an fuil ann. Bí fós an
Diadhacht ann, do réir Damascenus, 'san ceathramhadh leabhar
do sgríobh ar an gCreideamh gCoitcheann, “An nídh do ghlac an
Diadhacht (ar sé) aon uair amháin, ní thréighfeadh sí go
bráth é.” Agus is follus gur ghlac an Diadhacht corp daonda
ó Mhuire, do réir Lúcáis, 'san chéad chaibidil, agus ó
nach sgarfaidh an Corp ceudna ris an Diadhacht go bráth, do
réir Damascenus, ní bhíonn sgartha re Sacraimint Chuirp
Críost, acht bí táithte ris an tan beirthear do'n tuata
é, agus gach uile tráth. Ar an adhbhar sin na cheithre
neithe chaitheas an sagart ar an altoir dobheir do'n tuata
na neithe ceudna - eadhon, Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht
Chríost. Ar an adhbhar sin, ní dhéin an sagart leathchumaidh
ar an dtuata.


L. 96


Ag so, cheana, argúin chuireas Lúitear agus a lorgaireadha
síos as a gcuirid rómpa a chruthughadh gurab saobh,
éigcneasta doghníodh an Eagluis Chatoilice gan an Fhuil
do thabhairt fá ghnéithibh an fhíona do na tuatadhaibh,
amhail dobheirid an Corp fá ghnéithibh an aráin dóibh,
agus adeirid go bhfuil d'fhiachaibh ar gach n-aon, i bpéin
a shlánuighthe, an Corp agus an Fhuil do chaitheamh.



Ag so an barántas dobheirid ar a son féin as an mBíobla,
mar a n-abair Críost ag Eóin 'san seiseadh caibidil - “Muna
n-ithear libh Feóil Mhic an Duine (ar Sé), agus muna
n-ibhthear libh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille ribh.”



Ag so mo fhreagradh ar Lúitear, ar an adhbhar gurab é nidh
in a gcuireann sé brigh, mar a n-abair Críost, “Muna
n-ibhthear libh Mo Fhuil,” etc. Bíodh a fhios aige an
coimhcheangal úd “agus” gurab ionann é, de mhódh
labhartha na n-Eabhrach, agus an t-iar bheurla so “nó.” Ag
so suidheamh ar sin ó Mhaoise, 'san 21 caibidil in Ecsodus,
mar a n-abair - “An mac mhuirfeas a athair agus a mháthair
cuirthear chum báis é.” Ionann sin re a rádh agus - “Gibé
muirfeas a athair nó a mháthair cuirthear chum báis é.”
Oir is follus nach é is ciall do'n chomhrádh úd gan an
mac do bhásughadh acht muna marbhadh an t-athair mar aon ris
an máthair. Mar an gceudna is ionntuigthe na briathra úd
Chríost amhail adéaradh, “Muna n-ithidh sibh Feóil Duine,
nó muna n-ibhidh sibh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille
ribh.”



Ag so ionad eile ag Eóin, 'san gcúigeadh caibidil deug, ag
neartughadh leis an tuigsin so bheanmaoid as briathraibh
Chríost 'san seiseadh caibidil úd. Ag so, mar adeir Críost,
'san gcúigheadh caibidil reamhráidhte - “Muna thiginn agus
muna labhrainn, ní bhiadh peacadh aca.” Ionann sin re a
rádh - “Muna dtigeadh nó muna labhradh Críost ní bhiadh
peacadh orra.”



An dara freagradh dobheirim ar Lúitear - eadhon, an tí
chaitheas Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin amháin go
gcóimhlíonann an aithne úd, do bhrígh an tan chaithtear
an Corp nach Corp gan Fuil chaithtear ann, do réir mar do
shuidheadh linn thuas. Ar ar adhbhar sin, ó's Corp in a
bhfuil Fuil caithtear linn, cóimhlíontar an aithne úd
Chríost linn, mar a n-abair A Chorp agus A Fhuil do chaitheamh.
Oir ní abair Críost 'san text reamhráidhte a chaitheamh
fá ghnéithibh an fhíona.



Ag so an treas freagradh dobheirim ar Lúitear - eadhon,
adeir Críost 'san seiseadh caibidil ag Eóin na mbriathra so
- “Gibé íosas (ar Sé) an t-arán so biadh beó go síorruidhe.”
Is ionntuigthe as na briathraibh so nach fuil d'fhiachaibh ar
an dtuata, i bpéin a shlánuighthe, an Fhuil d'ól fá
ghnéithibh an fhíona, óir má dogheibh sé an bheatha
mharthanach trés an arán amháin d'itheadh, do réir an
ghealladh úd tug Críosd, is follus nach fuil d'fhiachaibh
air, i bpéin a shlánuighthe, an fíon d'ól, agus d'á réir
sin gurab


L. 97


olc thuigeas Lúitear briathra Chríost ag Eóin 'san
seiseadh caibidil, mar a mheasann gur cheangail Críost ar gach
aon duine chum na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.



Ag so síos neartughadh leis an bhfírinne so, do réir mar
léightear 'san dara caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal
ag Lúcás, mar a n-abair, dá chur i gcéill go dtugthaoi
Comaoin fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh gan an
fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh
- “Dobhadar (ar sé) ag buanughadh i bhfoghluim na nAbstal
agus i mbriseadh an aráin.” Is é, iomorro, chialluigheas
le briseadh an aráin annso, mar do dáiltí Corp Chríost
fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh. Gidheadh, tabhair
dod' aire nach luaidheann Lúcás fíon annso, agus, dá
réir sin, in aimsir na nAbstal, go dtabharthaoi Corp Chríost
fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh, agus gan an
Fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh. Ar
an adhbhar sin níor thuigeadar na hAbstail go raibh
d'fhiachaibh ar gach aon duine i bpéin a shlánuighthe
Fuil Chríost do chaitheamh fá ghnéithibh an fhiona.



Léightear fós ag Lúcás 'san gceathramhadh caibidil ar
fhichid ar ndul do Chríost leis an ndís deisgiobal go Caisleán
Emaus, gur roinn Sé an t-arán orra, gidheadh ní tigthear
tar an bhfíon. Measaid, iomorro, cuid de na doctúiribh gurab
é A Chorp Féin tug Sé fá ghnéithibh an aráin do na
Deisgioblaibh reamhráidhte.



Is follus as gach reasún dá dtugamar anaghaidh Lúiteir nach
éigeantach do na tuatadhaibh Fuil Chríost do chaitheamh fá
ghnéithibh an fhíona i gComaoin choisreactha na haltóra.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab é adhbhar fá
dtugthar an fíon do'n tuata andiaigh Chuirp Chríost do
chaitheamh, d'eagla go mbeith an tSacraimint nó aon chuid
di ag leanmhain d'á charbad no d'á fhiaclaibh, ionnus go
mbéarfadh an fíon an chuid sin do leanfadh d'á bheul de'n
taobh istigh, síos ina chorp mar aon ris an gcuid eile,
agus is cuma do'n duine fíon nó uisge d'ól, óir ní cuid
de'n tsacraimint ceachtar dhíobh, agus dá sluigeadh an
t-aithrigheach an tSacraimint go hiomlán, gan fíon gan
uisge d'ól ina dhiaigh is féidir leis gan ceachtar dhíobh
d'ól.



AG SO AN CUIGEADH CAIBIDIL DEUG.



In a dtráchtar ar an modh ar a ndlighthear do'n t-aithrigheach
Corp Chríost do chaitheamh.



Léightear ag Maoise 'san dara caibidil deug in Ecsodus, an
modh ar a n-ithtí an t-Uan Cásga le Cloinn Israel. Ag so
síos trí coinghill do'n


L. 98


modh sin. Ag so an chéad choingheall díobh - Fá héigeann do gach aon
re h-ucht a chaithmhe bheith ina sheasamh. An dara coingheall,
maide do bheith ina láimh. An treas coingheall, luibh dárab
ainm fiaidhleitiús do chaitheamh mar abhlann leis. Agus do
bhrigh gurab fíoghair do'n tSacraimeint so na h-Altóra an
t-Uan Cásga, ní fuláir do'n aithrigheach na trí coinghill
ceudna úd do bheith aige re hucht na Sacraiminte do chaitheamh.
Ar dtús, ní fuláir dho seasamh do dheunamh do thoil agus do
rún a láib na locht, do réir mar léightear 'san naomhadh
caibidil deug de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh ar
Elias. An tan, iomorro, dobhí Elias ag teitheamh roimh an
mbainríoghain urchóidigh - eadhon, Iesabel - ag dul go
Sliabh Oireb dó, do chodail ar an slighe, agus tháinig an
t-aingeal d'á mhusgladh, do thabhairt furtachta agus lóin
chum na sligheadh dhó. “An bhfaice (ar an t-aingeal) láimh
red' cheann an toirtín fá luaith aráin? Eirigh (ar sé)
agus ith nídh dhe, is fada an ród atá rómhad.”



Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar adubhairt ris “Eirghe”
ar dtús agus annsin an t-arán do chaitheamh. Mar an gceudna,
adeirthear rinne “Eirghe as suan na locht,” agus annsin Corp
Chríost do chaitheamh. Tuig cheana go fáithchiallach, gurab
é an t-Elias úd an t-aithrigheach, agus gurab í an
bhainrioghan aingidhe úd an antoil, agus gurab ionann an
díbirt úd dorighne Iesabel ar Elias as a dhúthaigh agus an
díbirt doghnídh an antoil ar dhuine ó dhúthaigh Fhlaithis
Dé. Is ionann, mar an gceudna, an codladh úd dorighne
Elias agus an codladh nó an suan doghnídh an duine ina
pheacadhaibh. Ionann, fós, an t-arán fuair ag á cheann
agus Sacraimint na hAltóra. Ionann Sliabh Oireb gus a raibh
Elias ag triall, agus Flaitheas Dé is ceann chomhsanta dhúinne.



An dara nídh, ní fuláir Maide an Chreidimh do bheith i láimh
an aithrighigh, do chongnamh d'á dhá chois nádúra - eadhon,
d'á thoil agus d'á thuigsin, óir ní tualaing iad-san ar
aon d'iomchar fírinne na Sacraiminte so, acht muna raibh
Colamhuin an Chreidimh do chongnamh riú.



An treas nidh dligheas an t-aithrigheach do bheith aige mar
abhlann leis an Sacraimint so, fiaidhleitiús - eadhon, an
aithrighe, in a bhfuilid trí codcha, do réir mar adubhramar.
Agus is córaide dhúinn an aithrighe do bheith againn mar
abhlann ris an Sacraimint so, nó fós ag á fhromhadh róimpe,
gurab í amháin is íocluibh sláinte dhúinn d'ár dtabhairt
ó bhás an pheacaidh go beatha na ngrás, do réir mar do
shuidheadh linn thuas. Agus, ó's biadh spioradálta Sacraimint
na hAltóra, agus nach téid biadh ar bith i soileas na sláinte
acht do dhuine beó, agus nach féidir linn bheith beó go
spioradálta acht maille re híocluibh na haithrighe do
fhromhadh, ní fuláir dhúinn a fromhadh, ionnus go rachadh
an biadh úd, .i. Corp Críost i sochar dhúinn; agus is córaide
dhúinn sin do dheunamh an tan chaithtear linn i


L. 99


bpeacadh marbhthach é, nach é amháin doghnídh linn gan sochar do
dheunamh dhúinn, acht gurab damnadh dhúinn a chaitheamh, do
réir mar adeir Pól 'san t-aonmhadh caibidil deug de'n chéud
Eipistil chum na gCoirinnteach, mar a ndubhairt - “Gibé itheas
agus ibheas go neimhdhlisdeanach, ithidh agus ibhidh damnughadh
do féin, gan dochar do Chorp an Tighearna.” Adeir, fós,
'san caibidil céadna - “Gibé ar bith íosas an
t-arán so, agus íobhas an corn so an Tighearna go neimhfhiúntach,
budh cionntach é tré Chorp agus tré Fhuil an
Tighearna” - eadhon, dogheabhaidh peannaid tríd sin, amhail
do mhuirfeadh Críost, do réir Ambrós.



Adeir Pól 'san seiseadh caibidil chum na nEabhrach, ag
labhairt ar an droing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh
an Sacraiminte - “Crochaid (ar sé) arís ionnta féin Mac
Dé.” Creud is iontuigthe as na briathraibh so acht gurab é
meas Phóil ar an ndroing théid go neamhghlan do chaitheamh
Chuirp Chríost gurab lucht dúnmharbhtha nó diamharbhtha
do dheunamh ar Chríost iad.



Is córaide dhúinn toidheacht go humhal, eaglach, ionnraic do
chaitheamh na Sacraiminte so, an sompla tugsad na hAbstail
dúinn mar go rabhadar féin fáiteach fá bhuain re Corp
Chríost ar mhéid a n-onóra air, do réir mar léightear
ar Marcús Soibhsgeulaidhe gur gheárr sé órdóg a láimhe
amach d'eagla go n-aibeóradh sé Aifrionn; óir do mheas
nacharbhfiú é féin bheith ag glacadh Chuirp Chríost.
Mar an gceudna adubhairt Peadar, an tan tháinig Críost
chuige gus an loing iasgaireachta in a raibh - “A Thighearna
(ar sé) druid uaim, do bhrigh gurab duine peacach mé.”
Léightear fós ag Matha, 'san ochtmhadh caibidil, mar
adubhairt an centurion” re Críost, an tan do thogair dul d'á
thigh do leigheas a bhuachalla - “A Thighearna (ar sé) ní
fiú mé do theacht fám' chleith,” etc.



Is follus fós, 'san treas chaibidil deug ag Eóin, nach déin
chaitheamh na Sacraiminte maith ar bith do'n tí bhíos
neamhghlan ag á chaitheamh, acht go ndéin olc rómhór dó,
do réir mar adeir 'san gcaibidil ceudna sin, go ndeachaidh
an diabhal i gcorp Iúdais, iar gcaitheamh Chuirp Chríost
'san tSuipéir dhó, tré bheith neamhghlan dó ag caitheamh
Chuirp Chríost. Adeir S. Tomás, 'san iomun dorighne do
Chorp Chríost gurab bás do na peacadhaibh Corp Chríost do
chaitheamh, amhail is beatha é do na fíreunchaibh an tan
chaithidh é.



Dá bhfiafruigheadh duine cionnus is féidir a thuigsin go
ndiongnadh an tSacraimint, bhíos ionann innte féin do
ghnáith, olc do'n pheacach agus maith do'n fhíreun, mo
fhreagra air go ndéin an mhairtfheóil, bhíos ionann innte
féin, dochar d'fhear an fhiabhruis agus sochar do'n duine
slán. Mar an gceudna do Chorp Chríost téid sé i
ndioghbháil do'n tí ar a mbí fiabhrus an pheacaidh agus
téid i sláinte do'n fhíreun.


L. 100


Léightear ag Plinius gurab falláin do'n duine “amigdolum”
re n-a ithidh, agus gurab nimh do'n fhaolchoin é. Mar an
gceudna, is falláin Corp Chríost do na daoinibh dobheir
a mbeatha as go maith, agus is nimh do'n fhaolchoin - eadhon,
do'n pheacach - é. Is cosmhail Corp Chríost i gcáilibh
ris an gcloich dárab ainm “diaseses,” óir atá íoc gacha
heasláinte dá mbí ar dhuine, an feadh bhíos beó, innte;
gidheadh, ní dhéin furtacht ar chorp duine andiaigh a
bháis. Mar an gceudna do Chorp Chríost, íocaidh gach
easláinte nó gach easbuidh spioradálta d'á mbí ar an
té bhíos leath amuigh de pheacadh mharbhthach (iar
ndeunamh faoisidine agus aithrighe), ghidheadh ní théid i
bhfoghnamh ar bith do'n tí chaitheas é i bpeacadh marbhthach.



Is cosmhail, fós, Corp Chríost ris an gcloich dárab ainm
“esgites” - cloch sin dogheibhthear i nead an fhiolair, agus
ní mó ioná oiread gráinne pise bhíos innte. Dearbhthar
léi an nimh is easláinte do'n othar. Má's nimh is easláinte
do'n othar, ní fhéadfaidh ar chor ar bith le biadh ná le
digh ná le nidh eile dá mhillse, an chloch do shlugadh in
a chorp. Gidheadh, muna nimh is cúis easláinte dhó, féadfaidh
a chaitheamh go soiréidh. Mar an gceudna do Chorp Chríost, an
tan chaitheas an t-othar - eadhon, an t-aithrigheach - E, maille
re rún peacaidh marbhthaigh, ní fhéadann a shlugadh go
spioradálta ina anam, ná a chaitheamh go cóir, acht gídh
chaitheas i mbeul agus i ngoile an chuirp é. Gidheadh, an tan
nach peacadh marbhthach is easláinte dhó, sluigthear leis
go hiomlán i ngoile na hanma é. Ní heugcosmhail, iomorro,
an nimh ris an bpeacadh; óir bí an nimh omh, fuar, marbhthach.
Mar an gceudna do'n peacadh, bí sé cómh fuar sin go múchtar
leis teasghrádh Dé agus na gcomharsan; bí fós cómh omh
sin nach loisgfeadh teine ifrinn go síorruidhe aon pheacadh
amháin marbhthach, agus is cuid do na h-adhbharaibh fá
mbíonn pian síorruídhe ar an anam in ifrionn sin.



Atáid trí hadhbhair fá n-a daoire do'n droing téid go
neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost ioná do'n Chineadh
Iúdaigheach le'r crochadh Críost. An céad adhbhar díobh,
do bhrígh gurab in A Chruth Féin, mar Dhia agus mar Dhuine
chaithid na peacaigh E, agus do réir Phóil 'san seiseadh
caib. chum na n-Eabhrach is ionann Corp Chríost do chaitheamh
go neamhghlan agus Críost do athchrochadh. Ní mar sin do'n
chineadh Iudaidheach ní in A Riocht féin do chrochadar
Críost, do réir mar adeir Pól 'san dara caibidil de'n chéad
Eipistil chum na gCoirinnteach - “Dá n-aitheantaoi (ar sé)
Righ na Glóire leó, ní chrochfadaois go bráth E.” An
dara hadhbhar, do bhrigh gurab mó comaoin Chríost ar na
peacachaibh úd ioná ar an gCineadh Iúdaigheach, an mhéid
gur dheónuigh Sé A Chreideamh agus A Reacht agus a
Shacraiminte socharacha féin do theacht ó'n gCineadh
Iúdaigheach chuca. An treas adhbhar, do bhrígh gurab uaisle
an staid in a mbí Corp Chríost dá chaitheamh ag na
peacachaibh ioná an staid in a raibh d'á chur chum báis ag


L. 101


na hUidhilibh; óir Corp domharbhtha, glórmhar, chaithid
na peacaigh, agus Corp neamhghlórmhar, somharbhthach, do
chuireadar na hUidhil chum báis. Ar na hadhbharaibh sin, is
cionntaidhe na peacaigh théid go neamhghlan do chaitheamh
Chuirp Chríost ionáid na hUidhil.



Léightear ar sagart soisgeulta d'áirighthe go raibh sé ag
rádh Aifrinn, agus ar mbeith do dhuine caondúthrachtach
eile ag éisteacht an Aifrinn, re hucht Chuirp Chríost do
chaitheamh do'n tsagart (ar mbeith
do'n tSacraimint ar an bpaiteana), dochonnairc
an fear craibhtheach úd Críost i gcruth naoidhne ar an
bpaiteana, agus an tan dobhí an sagart ag tógbháil na
Sacraiminte suas de'n phaiteana, chum a chaitheamh,
dochonnairc an fear úd an Naoidhin ag filleadh a dhroma ris
an sagart, agus ag cur A lámh i mbruach an phaiteana, d'á
thoirmeasg ar an sagart E Féin do chaitheamh, agus fa minic
an duine craibhtheach ceudna ag faicsin an nidh sin. Ina
dhiaigh sin thárla an sagart i gcomhluadar agus ag
cómhlabhairt ris an fear úd, agus adubhairt ris - “A
chompánaigh ionmhuin (ar sé), is mór atá ina iongnadh orm
méid an docamhail bhíos orm ria chaitheamh na Sacraiminte.”
“Guidhim thú (ar an fear eile) déin leasughadh ar do bheatha
agus ceartuigh thú féin, óir dochonnarc-sa go ró-mhinic
an toirmeasg bhíos ag á chur ort,” agus d'innis an sgeul
reamhráidhte dó. Gabhas bíodhgadh an sagart trés an
nidh sin, agus dorighne aithrighe dhiochrach dhuthrachtach
ina pheacadhaibh. Agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin,
iar mbeith do'n tsagart ina fhíreun, dobhí sé ag rádh
Aifrinn, agus thárla an fear ceudna do láthair an Aifrinn,
agus dochonnairc sé Críost i gcruth naoidhne ar an
bpaiteana idir lámhaibh an tsagairt (re linn na Sacraiminte
do chaitheamh dhó), agus é maille re gean gáire, agus le
forbhfaoilteachus ag táthadh a lámh re chéile, agus ag
feitheamh gnúise an tsagairt, agus dochonnairc ag lingeadh
go luathgháireach i mbeul an tsagairt isteach é, agus fós
níor mhothuigh an sagart docamhal 'san mbith air féin fá
n-a chaitheamh amhail do chleachtadh roimhe sin.



Is iontuigthe as an sgeul so nach maith le Dia duine neamhghlan
do bheith ag caitheamh Chuirp Chríost.



Is móide is iontuigthe fírinne na neithe so an nidh léightear
'san seachtmhadh caibidil ag Matha, mar adubhairt Críost, ag
labhairt ar na peacachaibh théid go neamhghlan do chaitheamh
Chuirp Chríost - “Ná tabhraidh (ar Sé) an nidh naomhtha do
na madradhaibh.” Ionann sin re a rádh agus “A shagarta, ná
dáilidh an nidh naomhtha so - eadhon, Corp Chríost - do na
daoinibh madramhla bhíos i bpeacadhaibh marbhthacha.”
Adeir fós Críost ris na sagartaibh gan na liaga loghmhara
dárab ainm “Margarita” do chur i bhfiadhnuise na muc, dá
chur i gcéill nach dlighthear A Chorp Féin do thabhairt
do na peacachaibh bhíos ag á measga féin


L. 102


i muilleach na mailíse agus i lathaigh na locht, agus an tan
caithtear mar sin é ní caithtear go spioradálta socharach é.
Agus is córaide a thuigsin mar so go léightear fíoghair ro
ghaolmhar do'n nidh so 'san gcuigeadh caib. deug in Ecsodus,
mar a n-abair nachar fhear Dia aon rud de'n phlúr neamhdha
do Chloinn Israel an feadh do mhair aoinnidh de mhin na
hEigipte aca ar an bhfásach, iar dteacht trés an Mhuir
Ruaidh dhóibh. Mar an gceudna do'n pheacach chuireas roimhe
teitheadh ó Pharaoh - eadhon, an diabhal - as an Eigipt - eadhon,
as staid an pheacaidh agus na hurchóide - trés an
Mhuir Ruaidh - eadhon, trés an ndoilgheas intinne ar fhásach
na haithrighe, ní bhfaghadh an plúr neamhdha - eadhon, Corp
Chríost - re a chaitheamh go spioradálta, an feadh mhairfeas
aon rud de mhin na mailíse nó de phlúr an pheacaidh
mharbhthaigh i gciste nó i gcliabh an chogúais aige.



Ag so dá sgeul as a dtuigthear go ndéin Dia dioghaltas ar
an ndroing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh Chuirp
Chríost: -



Léightear ar dtús go bhfacaidh sagart d'áirighthe ag teacht
do chaitheamh Chomaoine chuige féin neach dorighne a fhaoisidin
ris roimhe sin, air nach raibh aithreachas 'san mbith, ná
doilgheas, ná rún a pheacaidhe do thréigeann. An tan do
mhothaigh an sagart mar sin é, adubhairt ris fanmhuin ó'n
gCorp Naomhtha do ghlacadh. Adubhairt sean go dásachtach nach
bhfanfadh, agus go gcaithfeadh an Corp Naomhtha d'fhagháil mar
aon re cách. “Ní misde (ar an sagart) go ndéinigh Dia
breitheamhnus eadrainn araon.” Agus leis sin tug an sagart an
tsacraimint dó, agus ní ráinig leis a shlugadh síos ina
chorp an tan do bhris dorus ar a bhraghaid agus tháinig an
tSacraimint tré n-a bhrághaid amach, agus fuair bás mar sin.
Is iontuigthe as an sgeul so, go ndéin Dia díoghaltus go
minic ar an saoghal so féin ar na daoinibh théid do chaitheamh
na Sacraiminte go neimhfhiúntach.



Ag so an dara sompla. Léightear i Leabhar na bPápadh go raibh
drong d'áirighthe 'san Róimh lé'r caitheamh Corp Chríost i
Ló Cásga, agus tug iad féin 'san ló ceudna do chraosól
agus do mheisge, agus do dhroch-chomhairle, agus dorighne Dia
díoghaltus orra an lá sin féin, ionnus go dtárla dorta
fola as a mbeulaibh dóibh, agus dobhí de bhreuntas agus
de dhomboladh ar an bhfuil gur múchadh iad go hobann. Agus an
lá ceudna tháinig díle fearthana agus tuile adhbhalmhór
tar fhonn agus tar fhearann na muinntire sin, ionnus gur
sgriosadh de gach feur agus gach geamhar agus gach sochar
eile dá raibh air; agus tháinig sgáileadha na droinge
ceudna i riochtaibh dragún ar an bhfearann, agus ní
leigidís duine ná ainmhidhe ann gan marbhadh. Thárla do
dhuine naomhtha do-bhí 'san gcathraigh do bheith ag guidhe
Dé go minic, maille re dúthracht, ar son na droinge sin,
agus tháinig aingeal do labhairt ris, agus adubhairt ris -


L. 103


“Innis damsa (ar sé) creud dob' indeunta ris an tí do
chuirfeadh aonmhac impire i bpriosún dorcha in a mbiadh
breuntas dofhulaing?” Adubhairt an duine naomhtha gurab
teasgadh ball budh dhual do thabhairt ar an tí dodheunfadh
an t-olc sin. “Maiseadh (ar an t-aingeal) creud an bhreith
dobhearthá ar an tí do chuirfeadh an chómhra in a
mbiadh Corp Chríost cumhdaighthe (i bhfiaghnaise an tsluaigh)
i láib nó i lathaigh, agus do mheasgfadh i gcamra breun
truaillighthe é?” “Is é so mo bhreitheamhnas (ar an duine
naomhtha) ar an tí dodheunfadh sin, gurab eiriceach agus
gurab ceallairgtheach é, agus gurab'é a losgadh budh dhual.”
“An é nach deárnadar (ar an t-aingeal) a ionamhuil so, an
ndrong ar a bhfuilise ag guidhe? Oir do chuir siad i Ló
Cásga Corp Chríost i gcómhraibh - eadhon, ina gcorpaibh
agus do mheasgsad an Corp ceudna sin i meisge, i gcraos
agus i gcampa iliomaid cean agus peacadh ó sin amach. Agus
dá bhrigh sin, ní bhfuil tairbhe dhuitse ná do dhuine
eile 'san domhan bheith ag guidhe ar a son, óir atáid
damanta an feadh bhias Dia ag caitheamh na glóire
síorruidhe. Ar gclos an sgeul sin do mhórán dá raibh
'san gcathraigh, do chuir siad druim re dubhailcibh, agus
agus tugsad ucht ar aithrighe, agus doronsad leóirghníomh
ina lochtaibh.



AN SEISEADH CAIBIDIL DEUG.



Tráchtas ar an gcuid eile de'n Aifrionn, nó de'n Chanóin.



Iar gcaitheamh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin, agus
iar n-ól na fola fá ghnéithibh an fhíona, téid an sagart
go corr deis na haltóra do ghlacadh fíona nó uisge 'san
gcailís, agus dlighidh a chur innte i gcaindigheacht is ró
mhó ioná sliocht na fola bhíos 'san gcailís, agus is é
adhbhar fá ndlighthear a dheunamh mar sin, ionnus go
ndiongantaoi claochlodh ar an bhfuigheall sin na fola i
substaint fíona nó uisge sul dobhiadh sé do ghnáith
'san eudach bheag le a nglantar an chailís, agus is é
fáth fá n-abraim go ndeuntar claochlódh ar fhuigheall
na fola i substaint an fhíona nó an uisge, do bhrigh
nach bí Fuil Chríost go sacraiminteamhail ann acht an
feadh mhairid aicíde an fhíona ar a ndéintear an
coisreagadh; agus an tan thig fíon eile nó uisge i
gcaindigheacht is ró mhó ioná an chaindigheacht dobhí
'san fíon dobhí fá na haicídibh úd, fa fhuigheall na
Fola ina mheasg, múchtar aicíd na caindigheachta is lúgha.



Ag so sompla ar sin. An tan chuireas an t-aithrigheach Corp
Chríost ina ghoile ní bhí Corp Chríost ar marthainn
ann acht an feadh mhairid ghnéithe an aráin gan claochlódh
do ghabháil chuca i gcruth eile. Mar sin do'n fhuigheall


L. 104


úd na fola, ní mhaireann 'san gcailís acht an feadh
mhairid na haicíde fíona fá mbí i bhfolach go
sacraiminteamhail; agus ó cuirthear iadsan ar gcúl, tréigidh
Fuil Chríost an t-iarmhar sin dobhí 'san gcailís, de
nós dá mbeith braon fíona in íochtar gloine, agus uisge
do dhortadh ina cheann i gcaindigheacht budh ró mhó ioná
an braon, go ndiongantaoi claochlódh ar shubstaint an
bhraoin ó bheith ina fhíon chum bheith ina uisge, amhail
is follus do'n tí do chuirfeadh roimhe so do dhearbhadh;
óir ní fhaicfidh blas ná dath an fhíona ar an nidh do
bhiadh 'san ghloinne, acht dath agus blas uisge, agus dá
réir sin ní bhí ann acht uisge, agus mar an gceudna do'n
nidh thuas.



Is é chialluigheas an “Communio” an t-altughadh buidheachais
dlighthear do thabhairt do Dhia tré mar do fhágaibh Sé an
fleadh sobhlasda so na haltóra mar oileamhuin spioradálta
ag na Críostaighthibh. Agus is é an t-altughadh so
chialluigheas Dáibhidh, 'san 21 Sailm mar a n-abair (ag
tairngire an altaighthe so) - “Iosfaidh na boicht (ar sé),
agus sáiseochar iad, agus molfaid an Tighearna,” dá chuir
i gcéill andiaigh an tsásaighthe dogheibhidís na boicht
- eadhon, na haithrighigh - iar gcaitheamh na proinne úd na
haltóra go ndlighid buidheachas do thabhairt do Dhia.
Cialluighidh fós an t-altughadh úd an gáirdeachas dobhí
ar na hAbstalaibh iar bhfaicsin Chríost d'éis na heiséirghe,
do réir mar adeir Innocentius agus Alecsander.



Is é chialluigheas an “Dominus bhobiscum” adeirthear ina
dhiaigh sin an impidhe chuireas an sagart 'san Aifrionn d'á
iarraidh ar Dhia grása do thabhairt do'n phobal san mbeatha
so, agus glóire 'san mbeatha mharthannaigh.



Is é adhbhar fá dtéid an sagart chum láir na haltóra i
ndeireadh na horrthann, d'á chur i gcéill go raibh Críost
ina mheadhon idir an gCineadh Iúdaigheach agus na cinibh
eile, agus fós go raibh ina mheadhon idir an dá reacht - eadhon,
an Seinreacht agus an Reacht Nuadh.



Is é chialluigheas an “Dominus Bhobiscum” adeirthear ina
dhiaigh sin, impidhe do chuireas an sagart re hoibriughadh
do thoil agus d'inntinn re Dia, do réir Albertus.



Is é chialluigheas “Ite Missa est,” cead do thabhairt do'n
phobal filleadh d'á n-árusaibh féin iar n-éisteacht an
Aifrinn, dá chur i gcéill nach dligheann an pobal an
eaglais d'fhágbháil ó'n oifig dhiadha acht d'aonta an
tsagairt, agus is síos bhíos aghaidh an tsagairt re rádh
na mbriathar sin, do bhrigh gurab ris an bpobal bhíos an
sagart ag labhairt.



Is é chialluigheas “Benedicamus Domino” furáileamh an
tsagairt ar an bpobal uim altughadh re Dia tar éis íodhbarta
an Aifrinn.



Is é adhbhar fá n-iompuigheann an sagart a aghaidh ar an
altóir ag rádh


L. 105


Requiescant in pace, do bhrigh gurab ar na
marbhaibh nach bíonn do láthair labhras.



Is é chialluigheas an bheannacht doghnídh an sagart ar an
bpobal i bhfóircheann an Aifrinn, ag tógbháil a láimhe i
bhfíoghair na Croise, an beannughadh dorighne Críost ar
na Deisgioblaibh ag tógbháil a láimhe ós a gcionn re hucht
dulta ar Neamh dhó, do réir mar léightear ag Lúcás 'san
gcaibidil ndeighionaigh - “Ar dtógbháil A láimhe (ar sé)
do bheannuigh iad agus do thriall uatha, agus dorugadh ar
Neamh E.”



Léightear, fós, fíogharacha 'san mBiobla ar an nidh ceudna
so. Ar dtús 'san naomhadh caibidil in Lebhiticus, mar a
n-aithristear go ndeárnadh Maoise agus Aaron, iar gcríochnughadh
na híodhbartha, an pobal do bheannughadh.



Léightear an nidh ceudna ag Solamh 'san ochtmhadh caibidil de'n
treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh.



Is é chialluigheas an Soisgeul Deighionach na comaoineacha do
chuir Dia orruinn an mhéid gurbhfiú leis a Mhac Féin do chur
i gcolann d'ár bhfuasgladh, agus A Fhuil agus A Fheóil féin
do thabhairt dhúinn mar oileamhuin spioradálta.



Adeir S. Augustín 'san 118 eipistil do sgríobh chum Ianuariuis
gurab ó na hAbstalaibh dofrith mar ghnáthughadh an t-Aifrionn
do rádh ar céadlongadh, agus ní gan adhbhar do lean an Eagluis
de sin ó shoin anuas. Ar dtús go n-abair Dia linn Flaitheas
Dé d'iarraidh ó thosach, agus ina dhiaigh sin gach nídh
saoghalta, agus do bhrigh gurab nidh diadha an t-Aifrionn, do
réir mar suigheadh linn thuas, is cóir tús do thabhairt dó
tar na biadhaibh shaoghalta; agus fós beanaidh re honóir na
Sacraiminte caithtear 'san Aifrionn a chaitheamh ar céadlongadh,
ó's ar céadlongadh is mó caondúthracht an duine chum
crábhaidh; agus fós gurab ar céadlongadh is glainne bhíos
ciall agus inntleacht an duine, agus is mó a shuaimhneas agus
a thromdhacht agus nach andiaigh bídh nó díghe do chaitheamh.
Dá bhrigh sin is maith an fáth dobhí ag an Eagluis fá'r
órduigh an t-Aifrionn do rádh ar céadlongadh, óir dá mbiadh
cead ag an dtuata an tSacraimint do chaitheamh tar éis bídh
nó dighe, dobudh fhéidir gur re linn bheith ar baoithchéill
dóibh ó mheisge nó ó chraos dorachadaois dá chaitheamh.



Biodh a fhios agat, a léightheóir, an t-uisge coisreagtha
croithtear ar an bpobal andiaigh an Aifrinn go bhfuil ag á
ghnáthughadh ó aimsir an chéad Phápa d'ar bh'ainm Alecsander
do réir mar léightear ag Decretales 'san gceathramhadh
disting de con. caibidil aqua; 106 bliadhna andiaigh
Chríost dobhí an Alecsander so ann; agus fa hé an
seachtmhadh Pápadh andiaigh Pheadair é. Agus fa fíoghair
do'n uisge coisreagtha an nidh úd doghnídhthí le
sagartaibh na Seinreachta, do réir mar léightear 'san


L. 106


gcéad caibidil deug in Lebhiticus do croithtí leó, iomorro,
do naomhadh an phobail, luaith laoigh tré na measgthaoi fuil.



Atáid trí h-adhbhair fá ndlighthear go speisialta Aifrionn
d'eisteacht go dúthrachtach. An chéad adhbhar, do bhrigh
go bhfuil sé d'fhiachaibh ar gach aon duine Aifrionn
d'eisteacht, i bpéin peachaidh marbhthaigh, go háirighthe
gach aon Lá Saoire agus Domhnach, má's féidir dhó a
fhághail, acht muna raibh cúis dlisteanach aige, do réir
mar léightear ag Decretales.



An dara h-adhbhar, áirde na neithe chialluigheas an t-Aifrionn,
óir cialluighidh an t-Aifrionn íodhbairt Críost do réir
S. Tomás, 'san gcéad alt de'n 83 ceist de'n treas rann d'á
Dhiadhacht. Mar an gceudna adeir S. Augustín, 'san leabhar
ro sgríobh ar Bheatha Phrosper - “Aon uair amháin (ar sé)
do híodhbradh Críost ann féin, gidheadh doghnídhthear
A íodhbairt go laetheamhail 'san tSacraimint so.



An treas adhbhar, tré mhéid na dtairbheadh dogheibhthear ó
n-a eisteacht, ar dtús doghnídh duine páirteach re sochar
Pháise Chríost; doghnídh fós páirteach é le sochar an
mholta bhríoghmhar bhíos i mbriathraibh an Aifrinn, agus an
treas fheacht re guidhe caondúthrachtaigh an tsagairt
fhíoraonda.



Tabhair dod' aire, a léightheóir, gurab córa dul d'fhios
an Aifrinn ná d'ionnsuidhe ar thaisibh na naomh ná ar
mhionn dá uaisle ar talmhain, mar atá an Chroch Naomh, nó
Bainne Cíoch Mhuire, nó ionnar Chríost, nó Geibhionn
Phóil, nó Bachall Pheadair, nó fós Coirp na n-Apstal
féin, nó naomh eile d'á uaisle, ar dhá adhbhar. An chéad
adhbhar, do bhrigh gurab ró uaisle an nidh atá 'san Aifrionn,
mar atá Diadhacht agus Daonnacht Chríost, amhuil do suidheadh
linn thuas, ionáid na neithe do luadhmar. An dara h-adhbhar,
do bhrigh go bhfuil d'fhiachaibh orruinn i bpéin peacaigh
marbhthaigh gach aon Domhnach agus Lá Saoire an t-Aifrionn
d'fhios agus d'eisteacht, do réir órdaighthe na hEagluise,
amhail adubhramar. Ní hionann agus na neithe eile do
luadhmar, óir ní bhfuil d'fhiachaibh ar aon duine fiosrughadh
do dheunamh ar na neithibh reamhráidhte, acht muna raibh
móide air um dul d'á bhfios, no muna gceangaltar do leith
aithrighe air é.



Tuig, a léightheóir, gurab leór gach nídh d'á ndubhramar
do shubstaint an Aifrinn, agus do gach nídh éigeantach eile
bheanas ris ó sin amach; agus biodh a fhios agat nach le
dearmad do fhágbhamar an Phaidir gan
mhíniughadh, acht do bhrigh go
gcaithfidhmís trácht fada do dheunamh uirre, dobhiadh
liosda re a léaghadh, agus fós a mhionca do mhínigheadh
go fóirleathan le húghdaraibh eile í. Atáid fós poingc
eile de'n Chanóin ar nachar leanamar d'á léirmhíniughadh
nach righid na tuatadha a leas do mhínughadh dhóibh,
agus d'á bhrigh sin d'fhágbhamar amuigh iad gan teacht
tarsa.



Anois, cheana, ó críochnuigheadh linn suim an Aifrinn go
soiche so, ní fuláir dhúinn a fhoillsiughadh agus a
fhionnochtadh go cinnte creud an sochair


L. 107


in a dtéid sé do bheódhaibh agus do mharbhaibh.
Agus an mhéid bheanas ris na marbhaibh, do bhrígh go seunaid
na héiricighe go hamhnáireach nach bhfuil ionad eile ann tar
éis na beatha so (mar atá purgadóir) in a mbeith dáil
cabhra i ndán do na fíreunachaibh ar a mbí sal na péine
aimseardha tré nach deunaid leóirgníomh iomlán ina
gceanaibh, do réir na breithe aithrighe cuirthear orra 'san
mbeatha so. Cruitheócham 'san gcaibidil so síos go bhfuil
purgadóir ann, agus dá réir sin go bhfuil ionad ann tar éis
na beathadh so in a bhféadthar furtacht do thabhairt do na
fíreunachaibh.



AN SEACHTMHADH CAIBIDIL DEUG.



In a suidhtear Purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin go
dtéid an t-Aifrionn i sochar do na h-anmaibh bhíos innte.



Adeirid na heiricighe nach bhfuil Purgadóir ann, agus dobheirid
Sgrioptúir (dar leó féin) dá áitiughadh sin as an gcéad
caibidil deug in Ecclesiastes, mar a n-abair Solamh - “Dá
dtuiteadh an crann chum na háirde budh dheas nó chum na h-áirde
budh thuaidh, gibé ionad in a dtuitfeadh is ann bhias.” Is
ionann sin re a rádh agus dá ndeachadh an t-anam go Flaitheas
Dé, chum na háirde budh dheas, nó go h-ifrionn, chum ná
hairde budh thuaidh, gibé dhíobh gus a rachaidh is ann bhias.
Ar an adhbharsoin (ar an t-éiriceach) ní bhfuil ann acht an
dá ionad sin amháin do réir na Sgrioptúra, agus dá réir
sin ní bhfuil an treas ionad ann - eadhon, Purgadóir.



Mo fhreagradh ar an eiriceach gurab é tuigeas Solamh 'san
ionad reamhráidhte úd nach bhfuil acht dá ionad ann chum
áitighthe go síorruidhe ionnta, mar atá Flaitheas Dé agus
ifrionn, agus nach ionad áitighthe go síorruidhe
Purgadóir, agus dá bhrigh sin nach ráinig a leas labhairt
ar Purgadóir 'san áit úd; agus is córaide dhúinn a thuigsin
mar so go bhfuilid áite 'san Sgrioptúir in a labharthar go
heidirdhealbhtha ar ifrionn íochtarach agus ar
Phurgadóir.



Ag so, iomorro, mar adeir Iób, 'san seachtmhadh caibidil, ag
labhairt ar Ifrionn íochtarach - “An tí théid síos (ar sé)
ní rachaidh suas, agus ní fhillfidh d'á thigh féin” -
eadhon, go Flaitheas Dé.



Adeir fós an Sgrioptúir in ionad eile nach bhfuil fuasgladh
ar bith ar an tí bhíos in ifrionn, gidheadh adeir Isaias,
ag labhairt ar Phurgadóir go fáthrúnda 'san gceathramhadh
caibidil fichead - “Iadhfuighthear iad (ar sé) 'san phriosún,
agus tar éis iomad laethe fiosróchar iad,” dá chur i gcéill
an mhuinntear bhíos i bpriosún purgadóra go mbíonn dáil cabhra


L. 108


a gcionn, agus 'san bhfioghair so léightear ar Iónas,
mar do fóireadh i mbroinn an mhíl mhóir é, óir, mar do
fóireadh eisean i mbroinn an mhíl mhóir, is mar sin atá i
gcinneadh do'n droing bhíos i bpríosún peannaideach
Purgadóra, tiocfaid as andiaigh coimhlíonta na péine
aimseardha bhíos d'fhiachaibh orra do íoc ann.



Agus is córaide so do thuigsin mar so an nidh léightear ag
Pól, 'san treas caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh chum
na gCoirinnteach - “Gibé aiteóchas (ar sé) ar fhundaimint
an chreidimh foirmeamhuil, ór nó airgead, nó clocha buadha,
nó crannghal, nó feur tirm, no barrach lín, dá ngabhaid
losga chuca biaid slán.” Ionann (do réir Lisa) na trí
neithe úd - eadhon, crann, feur tirim, agus barrach lín, agus
na peacaidhe thug duine i ndearmad ina fhaoisidin, nó na
peacaidhe do chuir duine ina fhaoisidin, agus gach nach ráinig
leis leoirghníomh do dheunamh, nó na peacaidhe sologhtha,
dá chur i gcéil gibé rachas le ceachtar de na trí gnéithibh
úd go purgadóir go nglantar a anam uatha le teine purgadóra.



Is maith fós an suigheamh ar purgadóir an nidh léightear 'san
dara caibidil deug de'n dara leabhar de Leabhraibh na Machaibei,
mar a n-innistear gur chuir Iúdas Macabeus suim mhór airgid
go Cathraigh Ierusalem, d'á ofrálughadh mar íodhbairt ar son
peacaidh na marbh; agus fós adeir i ndeireadh an chaibidil
ceudna gur naomhtha agus gur socharach an smuaineadh guidhe do
dheunamh ar na marbhaibh d'á sgaoileadh ó n-a bpeacadhaibh.



Is follus as an áit so go bhfuil Purgadóir ann; óir do budh
diomhaoin guidhe do dheunamh ar son na marbh atá in Ifrionn
íochtarach, do bhrigh nach bhfuil dáil chabhra 'san mbith i
ndán dóibh, agus nach fóghnann guidhe ná maith ar bith
d'á ndeintear ar a son dóibh, do réir na Sgrioptúra. Mar
an gceudna, ní dlighthear guidhe do dheunamh ar na marbhaibh
atá i bFlaitheas De, do bhrigh go bhfuil an uile shásughadh
dlighthear do bheith aca ina seilbh, do réir Dáibhidh 'san
18 Sailm, mar a n-abair, i bpearsain an anma, ag labhairt go
fíoraonda - “Sáiseóchar mé (ar sé) an tan bhus leór dam
dod' ghlóire-se.” Do bhrigh nach féidir fortacht do
thabhairt do na marbhaibh bhíos i n-Ifrionn, agus nach bhfuil
riachtanas ar na naomhaibh atá i bhFlaitheas Dé, ní fuláir
an treas áit do bheith ann d'á rachadh déirc, guidhe, agus
deaghoibreacha na droinge bhíos ar an saoghal so i sochar,
agus fós bhíos i ngeall na nguidhe agus na ndeaghoibreacha
ceudna; agus ó nach é Ifrionn ná Flaitheas Dé a ionamhiul
so de ionad, ní fuláir an treas ionad d'fhághail, agus ní
bhfuil an treas ionad ann acht purgadóir, nó má tá,
inniseadh an t-éiriceach é. Ar an adhbharsoin atá purgadóir
ann.



Agus is córaide a mheas go bhfuil purgadóir ann an nidh
léightear ag Matha 'san dara caibidil deug - “Gibé dodheunadh
peacadh (ar sé)


L. 109


anaghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfidhear
dhó é 'san mbeathaidh so ná andiaigh an bháis.”
Creud is ionntuigthe as na briathraibh so Mhatha acht go bhfuil
peacadh éigin ann in eugmais an pheacaidh úd anaghaidh
an Spioraid Naoimh, mar atá peacadh sologhtha, maithtear tar
éis na beathadh so. Gidheadh ní maithtear peacadh ar bith i
n-ifrionn íochtarach, agus ní théid peacadh ar bith go
Flaitheas Dé, agus ar an adhbhar sin atá ionad eile ann
in a bhféidir peacadh éigin do mhaitheamh tar éis na
beathadh so in eugmais an dá ionaid úd, agus is é sin
purgadóir, amhail adubhramar.



Léightear 'san gceathramhadh caibidil ag Thobias briathra
as a dtuigthear purgadóir do bheith ann, mar a labhrann leis
an ndéirceach - “Cuir (ar sé) d'arán agus d'fhíon féin
ar uaigh an fhíréin, ionnus na boicht sáiseóchar leó sin
go nguidheadaois ar son anmann na marbh.” Adeir, fós, Solamh,
'san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastes, nídh thig leis
an áit ceudna - “Sín do lámh (ar sé) chum na mbocht, ionnus
go rachadh do thrócaire agus do bheannacht i soileas dóibh;
agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil do'n mharbh.”
As na hionadaibh so, agus as mórán d'áitibh eile 'san
Sgrioptúir, is iontuigthe go dtéid guidhe na mbocht agus na
bhfíreun agus an deaghmodhmhartha i sochar do na marbhaibh
bhíos i purgadóir. Agus is iontugtha dúinn d'ár n-aire
gurab iad an drong bhíos beó ar an saoghal so fhóireas
an drong úd bhíos i mbruid i bpurgadóir, agus nach iad
féin fhóireas a chéile an feadh bhíd i bpurgadóir, agus
is ina fhíoghair so atá an nidh léightear 'san treas
caibidil in Ecsodus mar a n-abair nach daoirseach ar bith
dá raibh 'san Eigipt féin do chuir Dia d'fhóirighthin
Chloinne Israel as an mbruid agus as an moghsainne in a rabhadar
ag Pharaoh, acht Maoise ó thalamh Midian, dobhí ina dhuine
shaor. Mar an gceudna, amhail adubhramar, ní haon anam dá
mbí i ndaoirse i bpurgadóir fhóireas na hanmanna eile bhíos
i bpurgadóir an gcéin bhíos féin eatorra, acht saoirsigh
beathadh an tsaoghail so. Agus dá mbeith ina
iongnadh ar neach creud as nach go Flaitheas
Dé théid anam an fhíréin gan cháirde andiaigh an bháis,
biodh a fhios aige gurab é snas nó sal an pheacaidh, mar atá
salachar na coire agus salachar na péine aimseardha, agus má
tá de dhruim na haithrighe agus na habsolóide go nglantar an
t-anam ó salchar na coire, bídh cáidheach ó shalachar na
péine, muna ndeárnadh leóirghníomh 'san tsaoghal so re linn
a bheathadh, agus is sé sin chongbhas ó dhul ar neamh é, do
bhrigh go n-abair Eóin 'san dara caibidil deug de Leabhar na
dTaisbeántadh nach téid nidh ar bith cáidheach nó neamhghlan
isteach 'san bhFlaitheas Neamhdha.



Ag so sompla ar an nidh ceudna. Dá mbeith sladaighe i bpriosún
tré chionn bó do ghoid ó ná chómharsain, féadaigh an rígh
an choir do mhaitheamh dhó, agus gan a chur chum báis, gidheadh,
is éigean dó fanamhuin 'san


L. 110


bpriosún go deunamh lóeirghníomha
le n-a chomharsain 'san ngaduigheacht dorighne air.
Mar an gceudna do'n tsladuighe - eadhon, an peacach - gidh
dobheir an Rígh Uile-Chumhachtach pardún 'san gcoir dó, gan
a dhamnughadh go síorraidhe i mbás Ifrinn, dobheir air bheith
i bpriosún purgadóra go deunamh leóirghníomha dhó in gach
lot dá ndeárnadh 'san mbeatha so, do réir mar adeir Matha
'san gcúigeadh caibidil - “An tí (ar sé) nach déin réidhteach
re n-a chómharsain ina fhiachaibh 'san mbeatha so, cuirfighear
i bpriosún é, in a mbeith ceangailte ag na ceustúnachaibh
nó go ndíolann an phighin deigheanach.”



Adeir Pól 'san dara caibidil chum na bhPhilipenseach briathra
as a dtuigfeam go bhfuil purgadóir ann - “In Ainm Iosa (ar sé)
feacfuighear an uile ghlún ar neamh, ar talmhain, agus in
Ifrionn.” Agus adeir Eóin, 'san gcúigeadh caibidil de Leabhar
na dTaisbeántadh, go dtabhair an uile chreatúr ar neamh,
agus ar talmhain, agus fá thalmhain, cádhus, glóire, agus
onóir do Dhia tré shaoghal na saoghal.



Tuig, a léighthóir, go bhfuilid dream fá thalmhain do réir
an dá ionad so, doghnídh feacadh ghlún in Ainm Iosa, agus
dobheir onóir agus glóir do Dhia, ghidheadh adeir Dáibhidh,
'san 118 Sailm, nach molaid na mairbh théid go h-ifrionn
íochtarach an Tighearna. Ar an adhbhar sin atá ionad eile
fá thalmhain in a moltar Dia, agus is í sin purgadóir, nó
munab í, abradh an t-éiriceach an t-ionad eile.



Tig Chrisostomus leis an nidh so, 'san 21 Homilia ar
Ghníomharthaibh na nAbstal - “Ní diomhaoin (ar sé)
doghnídhthear íodhbairt ar na marbhaibh, ná úrnaighthe, ná
deirc.” Adeir S. Augustín, 'san 22 Seanmór ar Bhriathraibh
na nApstal, nidh thig leis an bhfírinne so - “Ní hionchur
(ar sé) i gconntabhairt, urnaighthe agus déirc agus íodhbairt
na hEagluise, go dtabhair furtacht ar na marbhaibh.”



Léightear 'san 31 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh
na Ríogh go ndeárnadh fir na Galaad trosgadh seacht lá
andiaigh adhlaicthe Shauil agus Ionathan. Léightear 'san
chéad chaibidil de'n dara leabhar de Leabhraibh na Ríogh,
an tan dochualaidh Dáibhídh bás na droinge ceudna gur
chaoidh sé féin agus an drong dobhí ina fhochair, agus
go ndeárnadh siad trosgadh go heaspartain.



Léightear fós 'san dara caibidil deug de'n seiseadh leabhar
do sgríobh S. Augustín in a “Fhaoisidin,” go n-abradh an
t-Aifrionn go minic ar anam a mháthar, d'ár bh'ainm Monica.
Adeir Dáibhidh, 'san 85 Sailm, nidh as a dtuigthear purgadóir
do bheith ann - “Is mór, a Thighearna (ar sé), Do thrócaire
orm, do bhrigh gur shaorais m'anam ó ifrionn íochtarach.”
Creud is ionntuigthe as so acht go n-admhann Dáibhídh go
bhfuil ifrionn íochtarach ann, mar atá purgadóir.


L. 111


Is follus, do réir a ndubhramar, gibé thuigfeas go glinn na
háite do haithleigheadh linn go bhfuil purgadóir ann, in a
mbíd anamna na bhfíreun ar a mbí sal na péine aimseardha;
agus, fós, go ndlighthear guidhe do dheunamh orra, agus go
bhféadthar a saoradh agus a nglanadh ó'n tsalachar le déirc
agus le deaghoibreachaibh na droinge bhíos beó ar an
saoghal so.



Adeir S. Augustín 'san naomhadh caibidil de'n leabhar dárab
ainm “Enchiridion” briathra as a dtuigthear go dtéid an
t-Aifrionn i bhfoghnamh do na marbhaibh - “Ní bithte bheith
ag á sheunadh (ar sé) go dtugthar saordháil d'anmaibh na
marbh an tan ofráltar íodhbairt an tSlánuightheóra ar a
son.



Léightear ag Greagóir Naomhtha, 'san 55 caibidil de'n
cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na hAgallmha go raibh
sagart d'áirighthe in Eaglais Eóin 'san mbaile dárab ainm
Taurena, agus go gcleachtadh dul d'á fothragadh i dtobar do
bhí 'san mbaile ceudna as a mbuinnigheadh uisge teith do ghnáth.
Agus lá n-aon dá ndeachaidh an sagart reamhráidhte dá
fhothragadh féin 'san áit sin, agus iar ndul isteach do'n
árus dobhí ós cionn an tobair, fuair óglaoch anaithnidh
ar a chionn istigh, agus dorinne an t-óglaoch timpireacht
go h-umhal, agus do bhain a eudach de'n tsagart, agus
doghníodh an nidh ceudna dá mhionca thigeadh an sagart ann.
Dála an tsagairt, uair éigin dá dtáinig chum an tobair,
tug leis dá bháirghín aráin chum a dtabhairt do'n fhear
reamhráidhte. Agus an tan dobhí ag á dtairsgin do'n
óglaoch, do labhair-sion go truaighmhéileach, tuirseach,
agus adubhairt nachar dhuine beó é féin, acht gurab é
spiorad an tighearna dobhi ar an bhfearann sin é uair éigin.
“Gidheadh (ar sé), déin-se an t-arán so d'ofrálughadh do
Dhia Uile-Chumhachtach ar son mo pheacaidh, agus is amhlaidh
bhias a fhios agat an éistfighear led' ghuidhe, muna
bhfaghair mise annso ar do chionn.” Leis na briathraibh sin
d'imthigh sé as amharc an tsagairt, ionnus gur bhfollus
do'n tsagart gur spiorad dobhí ann. Dála an tsagairt, do
bhí ar feadh seachtmhuine ag rádh Aifrinn gach aon lá,
agus i gcionn na haimsire sin, táinig d'ionnsuigh an tobair,
agus ní bhfuair an fear reamhráidhte ann, agus do thuig
gur fóireadh ó phurgadóir é.



Léightear ag an úghdar ceudna, 'san áit ceudna, go raibh
in aon mhainistir ris manach d'ár bh'ainm Iustus, ag á
raibh trí coróinnidhe d'ór i bhfolach, fuair sé de
shochar leighis do dheunamh, agus an tan do ghabh galar
euga é, frith na trí coróinnidhe sin i bhfolach aige. Do
gabh fearg Greagóir uime sin, agus tug imdheargadh mór
do'n mhanach, agus tug fá deara (ar bhfághail bháis do'n
mhanach go haithrigheach) a chorp d'adhlacadh 'san gcarn
aoiligh, agus na trí coróinnidhe mar aon ris; agus níor
fhulaing ghuidhe do dheunamh air go ceann triochad lá; agus
i gcionn na rae agus na h-aimsire


L. 112


sin do ghabh truagh Greagóir d'anam an mhanaigh, agus
d'fhuráil ar mhanach eile dobhí istigh triochad Aifrionn do
rádh ar a anam. Agus, iar rádh na n-Aifrionn
uile do'n mhanach, do thaisbéin
an manach-soin fuair bás é féin do bhráthair d'ár bh'ainm
Copriosus, agus d'fhiafruigh Copriosus de creud an cruth in a
raibh, agus do fhreagair-sean é, agus adubhairt gur bh'olc
an riocht in a raibh go soiche sin, gidheadh go raibh an tan-soin
slán ó'n uile phéin; agus leis sin dochuaidh as
amharc Copriosuis. Dála Chopriosuis, dochuaidh d'fhios na
mbráthar, d'innsin an sgéil sin dóibh, agus fuaradar gurab
é an lá-san do chríochnaigh an manach an t-Aifrionn
deighionach, agus as sin do thuigeadar gurab de bhuadhaibh na
n-Aifrionn sin do saoradh anam an mhanaigh ó phurgadóir.



Léightear i “Sgáthán na Sompladh” gur chuir easbog naomhtha,
d'ár bh'ainm Tiobóid, drong d'iarraidh éisg in aimsir an
fhóghmhair, agus gur gabhadh leó blodh mór de leic-oighreadh
ina líon, agus fa luathgháireach leó sin d'fhagháil do
bhrigh go raibh tinneas cos ar an easbog. Tugsad leó an
t-oidhreadh, agus do chuireadar re bonnaibh an easbuig, ag
tabhairt ionnfhuaradh dó. Feacht n-aon, ar mbeith do'n
leic-oidhreadh re bonnaibh an easbuig, dochualaidh an
t-easbog guth duine 'san oidhreadh,
ag labhairt go truaighmhéileach. Iar gclos
an ghotha sin do'n easbog, do chuir fá gheasaibh (as hucht
Dé) ar an spiorad dobhí ann, sgeula d'innsin dó cia hé
féin, nó creud a thoisg. Freagras an guth, agus
adubhairt - “Anam mé (ar sé) atá ag á phianadh 'san oidhreadh so
trém' pheacadhaibh, agus do fuaisgeóltaoi mé dá n-abarthaoi
tríochad Aifrionn tríochad lá, diaigh in dhiaigh, ar
mo shon, gan aon lá eatorra.” Dála an easbuig, do thionnsgann
na hAifrinn do rádh, agus an seiseadh lá deug, ria ndul
dó chum an Aifrinn do rádh, do shéid an diabhal cogadh agus
coinbhliocht idir cathruigheoiribh nó lucht áitighthe na
cathrach; agus leis sin do cuireadh teachta d'ionnsuidhe an
easbuig, d'á iarraidh air teacht do cheannsughadh an chatha
sin. Cuireas an t-easbog leis sin an chulaidh Aifrinn de, agus
téid d'á n-ionnsuighe ionnus go ndeachaidh ó Aifrionn an
lae sin, agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin, iar
gcríochnughadh dá dtrian na n-Aifrionn do'n easbog, do
foillsigheadh dó sluagh líonmhar do bheith re hucht na
cathrach ar tí mórmhadhmaighthe uirthe, ionnus gur bh'éigean
do'n easbog Aifrionn an lae sin do leigean de. Agus iar
tionnsgnadh an Aifrinn deighionach dhó, dar leis féin,
dochonnairc an baile go léir agus a theaghlach féin tré theine,
agus adubharadar cuid d'á mhuinntir féin ris an t-Aifrionn
do leigean de, agus dul d'fhóirighthin a thighe. Agus
adubhairt-sean dá loisgthí an baile go léir tríd
nach leigfeadh an t-Aifrionn de. Agus, iar
gcríochnughadh an Aifrinn dó, do ghabh an leac-oidhreadh
in a raibh an t-anam leaghadh chuice, agus an teine fanntaiseach
dochonnarcadar cách


L. 113


dochuaidh sí in eugaibh, gan dochar
ar bith do dheunamh.



Is iontuigthe as an sgeul so go bhfóirighthear leis an Aifrionn
ar na hanmannaibh bhíos i bpurgadóir.



Léightear 'san leabhar ceudna go raibh i mBreatannaibh bráthair
d'ár bh'ainm Iuo, agus fa “prior” 'san Talamh Naomhtha seal
d'á aimsir an fear so, agus fa dhuine umhal, caondúthrachtach,
grásamhail é. Acht, cheana, ar mbeith dhó 'san oidhche ag
rádh a thráthadh 'san eagluis, dochonnairc sé samhuilt
bráthar eile ina sheasamh láimh ris an lochrann dobhí 'san
gcorr, agus aibíd shalach, riabhach, athchaithte uime. “Cia
thú?” ar Iuo. “Mise (ar sé) an bráthair so d'áirighthe fa
hionmhuin leatsa lá éigin, fuair bás beagán de laethibh
ó shoin, agus atá d'fhiachaibh orm bheith i bpurgadóir
cúig bliadhna deug, muna bhfaghad furtacht, agus táinig
dá iarraidh ortsa guidhe ar mo shon chum Dé.” Dála Iuo,
iar dteacht na maidne, adubhairt Aifrionn ar anam an bhráthar
sin, agus silleadh dá dtug seacha, iar rádh an Aifrinn,
dochonnairc an bráthair reamhráidhte ina sheasamh láimh ris
an lochrann, agus earraidhe áluinn ionaonaigh uime. “Cia thú?”
ar Iuo. “Mise an bráthair (ar sé), agus, go raibh maith
agatsa, fuarais ó Dhia, maille red' ghuidhe, mo shaoradh
óm' phianaibh, agus atáim anois ag dul i gcaidreamh na
spiorad mbeannuighthe.” Agus leis sin dochuaidh ar neimhnídh
uaidh.



Is iontuigthe as an sgeul so go dtabhair íodhbairt agus
guidhe an Aifrinn furtacht do na hanamnaibh bhíos i bpurgadóir.



Léightear 'san treas leabhar do sgríobh Béda ar Ghníomharthaibh
na Sagsan go raibh dhá rígh ar Shagsaibh dobhí ag cogadh
anaghaidh chéile, agus tugsad cath dá chéile, agus do fágbhadh
i gcruth mharbh duine-uasal óg de mhuinntir an righ ar a
dtugadh an maidhm, agus rug an righ le a rugadh buaidh leis é
d'á thigh féin, agus do chuir leigheas air; gidheadh, do
chuir geibheanna faoi, agus do sgaoileadh gach geibheann d'á
mbiodh air uatha féin ar an naomhadh buille de'n chlog gach
lá, agus dobhí amhlaidh sin go bheith slán dó. An tan
dochonnairc an rígh go sgaoiltí na glais do ghnáth go
míorbhuileach gach aon lá uatha féin, do budh hiongnadh
leis é, agus tug uaidh an bráighe d'iarla onórach d'á
mhuinntir i ngeall re fuasgladh, agus do sgaoilidís na
glais de ag an bhfear sin amhail doghnídhdís roimhe. Do
fhiafruigh an t-iarla lá éigin de an raibh a fhios aige creud
an t-adhbhar fá sgaoilidís na glais. Adubhairt-sean
náchar bhfeas do féin sin, acht
amháin go raibh abb do dhearbhráthair aige do chleachtadh
Aifrionn do rádh timcheall na huaire sin de'n ló, “agus is
dóigh (ar sé) gur mheas an t-abb gurab bás fuaras-sa, agus
dá bhrigh sin go n-abradh sé Aifrionn gach lá ar mo anam,
agus go mbudh de sin dothiocfadh na glais do sgaoileadh.”
An tan dochualaidh an t-iarla na briathra sin dorighne grása
ar an duine uasal, agus tug


L. 114


cead imtheachta dhó d'fhios a charad ar choingheall go
gcuirfeadh fuasgladh tar a éis gus an iarla. Ar
dtoidheacht dó-san mar a raibh a dhéarbhráthair - eadhon,
an t-ab - fuair sgeula uaidh go n-abradh sé Aifrionn gach lá
ar a anmuin ó'n uair fá'r gcualadh a thásg gus an tráth
sin.



Is iontuigthe as an sgeul so go saorann an t-Aifrionn as bruid
na daoine bhíos beó 'san bheatha so.



Léightear, fós, go raibh duine uasal d'áirighthe ag fághail
bháis, agus go dtug de theagasg d'á mhac trí neithe do
choiméad. An céad nidh dhíobh, gan bheith i gcaidreamh ná
i gcómhluadar droch-chuideachtan. An dara nidh, Aifrionn
d'éisdeacht gach laoi. An treas nidh, é féin do chur in
oireamhuin do na deaghdhaoinibh. Agus ina dhiaigh sin do
fhágaibh sé cúram an mhic ar rígh na críche in a raibh.
Do ghlac an rígh an macaomh go honórach, agus dobhí fá
cion aige. Dobhí, iomorro, feadhmannach formadach ag an
rígh, agus de líon sé de thnúth ris an macaomh ar mhéid
an cheana dochonnairc air, ionnus go ndeárnadh tuaithleas
agus tromuidheacht air ris an rígh, annsacht antoile do bheith
aige do'n bhainríoghan, agus d'á dhearbhughadh gur bhfíor
an sgeul sin, an tan dobhiadh brón nó dólás ar an
mbainríoghan go mbiadh-san lán de dholás léi ar mhéid
a ghrádha dhi. Dála an rígh, go grod ina dhiaigh sin, ar mbeith
dhó ag comhrádh ris an mbainríoghain, do bhuail sé bas cruaidh ar
a leacain uirre, ionnus gur ghuil sí. Ar n-a fhaicsin sin do'n
mhacaomh, do ghuil sé go hobann ar a cómhair tré rói-mhéid
a ghrádha dhi. Gidheadh, ní grádh mailíseach dobhí aige
dhí, amhuil adubhairt an feadhmannach. An tan dochonnairc an
rígh sin, do thuig gur bhfíor gach nidh d'á ndubhairt an
feadhmannach, agus do fhiafraigh de cionnus do chuirfeadh chum
báis an macaomh go foluightheach. Adubhairt an t-aimhleasach
gur mhaith an gliocas do'n righ fios do chur ar lucht aoil
do losgadh dobhí aige i gcoill dhiamhair láimh ris an mbaile,
agus a fhógradh dhóibh an chéad duine dothiocfadh in ainm
an rígh d'á n-ionnsaidhe, do theilgeann d'á losgadh 'san
tsoirnéis teinntigh imeasg an aoil, agus rún do dheunamh
ar an ngníomhsan. Dála an righ, do chuir sé an macaomh go
moch arna mhárach le gnóthaibh go lucht an aoil do losgadh;
agus, ar mbeith dhó ag triall trés an gcoill dobhi roimhe,
dochualaidh sé clog an Aifrinn ag á bualadh i séipéal
beag dobhí láimh ris an slighe, agus, arna chlos dó,
dochuaidh d'á fhios, agus do fhan ag éisteacht an Aifrinn no
gur chríochnuigheadh é. Iomthusa an fheadhmannaigh, do lean
sé go moch an macaomh 'san gconair cheudna d'eagla nach
diongantaoi cómhairle an rígh ris, agus do budh luaithe é
go lucht an aoil do dheunamh ioná an macaomh, agus do
fhiafraigh díobh a ndeárnadar an nídh adubhairt an rígh
riú do dheunamh. Adubhradar-san nach dearnadar fós, acht
go ndiongnadaois gan mhoill é. Leis sin, do ghlacadar an
feadhmannach go hobann, agus do theilgeadar 'san tsoirnéis


L. 115


teinntigh d'á losgadh é; agus an tan tháinig an macaomh
d'á n-ionnsuidhe, ní dheárnadar dioghbháil ar bith dhó.
d'fhill an macaomh tar a ais mar a raibh an rígh, agus do
fhiafraigh an rígh sgeula de, agus do innis-sean a sgeula
agus a iomthusa féin ó thús go deireadh dhó, amhail a
dubhramar. Ar leanmhain an sgéil go hiomlán do'n rígh, do
innis an macaomh dó na cómhairleacha-san thug a athair dó,
agus mar adubhairt a athair leis Aifrionn d'éisteacht gach
laoi, agus gur mheas gurab de thairbhe na gcómhairleach sin
agus de bhuadhaibh an Aifrinn tháinig a shaoradh ó bhás.
Ar n-a chlos sin do'n righ, do thuig gur cealg dorighne an
feadhmannach ar an mbainríoghain agus ar an macaomh, agus do
thréig sé an míodhóchas dobhí aige asta roimhe sin. Is
iontuigthe as an sgeul so go bhfóireann an t-Aifrionn duine
ó bhás obann.



Léightear i Sgathán na Sompladh go rabhadar drong de lucht
oibre ag saothrughadh mianaigh airgid in ionad d'áirighthe,
agus ar ndul dóibh i bhfad i dtalmhain, do thuit blodh mór
de'n talmhain orra, ionnus gur mharbh iad uile acht aon duine
amháin, a tárla i gcuas de leathtaoibh na huaimhe. Agus an
tan dochualaidh bean an fhir sin a thásg, rug sí báirghean
aráin, agus buidéal fíona, agus coinneall, d'fhios an
tsagairt, d'á iarraidh air Aifrionn do rádh ar anmuin a fir,
agus doghníodh sí an nidh ceudna gach lá ar feadh bliadhna,
acht trí lá amháin do thoirmisg an t-aidhbheirseór í, ar
mbeith i gcruth dhaonda, dá chur i gcéill dhi go raibh an
t-Aifrionn ráidhte gach lá dhíobh sin róimpe. Acht, cheana,
i gcionn bliadhna iar marbhadh na droinge adubhramar, tangadar
drong eile do thochailt na háite ceudna d'iarraidh mianuigh
ann, agus fuaradar an fear reamhráidhte beó ar a gcionn, agus
an tan do fhiafruigheadar de cionnus do saoradh ó bhás é agus
creud do chothuigh beó é ar feadh na haimsire sin, do innis
do chách go mbíodh báirghean aráin, agus buidéal fíona,
agus coinneall aige gach lá go n-oidhche, acht trí lá amháin;
agus dofrith gur bh'iad sin na trí lá do chuir an
t-aidhbhirseóir toirmeasg ar an mhnaoi gan an Aifrionn do chur
d'á rádh, amhuil budh follus do lucht mheasda na haimsire é.
Is iontuigthe as an sgeul so, go bhfóireann an t-Aifrionn duine
ó bhás chorpordha.



Léightear go raibh duine saidhbhir in ionad d'áirighthe do
ghnáthuigheadh dul ar marcuigheachd d'fheuchain a fhuinn agus
a fhearainn an tan dochluineadh sé clog an Aifrinn ag á
bualadh. Lá n-aon, dá ndeachaidh amach mar sin in aimsir an
Aifrinn, thárla an diabhal air, agus adubhairt ris tuirling
d'á each, agus a aifrionn féin d'éisteacht ó nach éisteadh
Aifrionn cháich. Agus leis sin do tharraing anuas go
heasaontach é, agus rug leis ós cionn deirce doimhne é, agus
do theilg i bhfodhomhain agus i bhfíríochtar ifrinn idir chorp
agus anam é.


L. 116


Is ionntuigthe as an sgeul so go ndéin Dia díoghaltas ar an
droing dobheir tarcuisne ar an Aifrionn.



TUILLE EILE SUIGHTE AR PHURGADOIR.



Léightear 'san gcúigeadh caibidil deug de'n seiseadh siosmadh
de Chomhairle Thriont go mbíd peacaidhe sologhtha ar na fíreunchaibh.
Tig Solamh leis so 'san 24 caibidil de Leabhar na Seanfhocal -
“Tuitidh (ar sé) an fireun seacht n-uaire 'san ló, agus aithéirghidh
cheana; tuitidh an míothrócaireach 'san olc.”



Is iontuigthe as na briathraibh so nach tréigeann duine neamhurchóideach
bheith ina fhíreun tré thuitim i min-cheanaibh, agus nach tuilleann
eascairdeas Dé ná bás síorraidhe ifrinn, agus de na min-cheanaibh
goirthear peacaidhe sologhtha.



Adeir Eoin mar an gceudna 'san gcéad caibidil de'n chéad Eipistil
Chanónta nidh as a dtuigthear peacadh sologhtha do bheith ann - “Dá
n-abrainn (ar sé) nach bhfuil peacadh againn, atámaoid d'ár
mealladh féin.” Agus adeir S. Séamus 'san treas chaibidil - “Is
ciontach sinn go léir (ar sé) i mórán de neithibh.”



Is follus as an dá áit sin go mbíd peacadh sologhtha ann, mar go
n-admhuighid an dá Abstal so go raibh peacadh aca féin agus gurab
ciontach iad i mórán de neithibh, gidheadh ní dheárnadar
peacaidhe marbhthacha ó ghlacsad an Spiorad Naomh i Ló Cingcíse,
do bhrigh go rabhadar an tan sin arna ndaingniughadh i ngrásaibh
Dé nach féidir do bheith maraon ris an bpeacadh marbhthach 'san
anam.



Is inmheasda fós (do réir reasúin) go mbíd peacaidhe sologhtha
ann do bhrigh nach inchreidte go mbiadh Dia chomh díothchúiseach
sin, go n-aigeoradh ina choir bháis ar dhuine briathar dhiomhaoin
do rádh, nó gáire neamh-mhailíseach do dheunamh, nó a ionsamhail
eile sin.



Is follus do réir a ndubhramar go mbí peacadh sologhtha ann,
fhéadas bheith ar anam an fhíréin (ria fagháil bháis dó)
tré na mbí pian aimseardha ar an anam; agus, ó nach bí pian
aimseardha in ifrionn íochtarach, acht pian síorraidhe, agus nach
ionad péine d'fhághail Flaitheas Dé, ní fuláir an treas ionad
de bheith ann, in a mbí pian aimseardha, agus in a bhféadtar
a fhulaing, agus ní fhuil an treas ionad sin ann, acht purgadóir.



Tuigthear a mbriathraibh S. Augustín 'san 41 Seanmóir ro sgríobh
ar na Naomhaibh go bhfuilid peacaidhe sologhtha agus purgadóir
ann - “Na min-pheacaidh (ar sé) nach marbhann an t-anam, acht
gidheadh cuirid in eugcruth


L. 117


é; ó nach bhfuil tearmann ag na
naomhaibh 'san bheatha so gan teagmháil ionnta, tig díobh na
fíréin do bheith i dteine phurgadóra nó go nglantar uatha
iad, muna ndeárnaid leóirghníomh ar a son 'san tsaoghal so.”



Adeir Ieronimus Naomhtha, ag cur gluaise ar an chúigeadh caibidil
ag Matha, briathra as a dtuigthear peacadh sologhtha agus purgadóir
do bheith ann - “Ní rachaidh (ar sé) an fíreun as an gcarcair
nó go dtugaidh díoluigheacht anns na min-pheacadhaibh is ró-lugha
dorighne.”



Adeir Pól, 'san gcúigeadh caibidil de'n Dara h-Eipistil chum na
gCoirinnteach go gcaithfidh gach aon teacht do láthair chathaoireach
breitheamhnuis Chríost, agus go roinnfighear leis gach aon duine
do réir a uilc agus a mhaitheasa. As so is iontuigthe an drong
chaitheas a n-aimsir go holc ar an saoghal so, agus doghnídh
aithrighe re línn a mbáis, ó nach bí aga aca ar leóirghníomh
do dheunamh 'san mbeatha so, go gcaithfid a dheunamh tar éis a
mbáis, agus ní bhfuil áit eile ann in a ndeuntaoi an leóirghníomh
so andiaigh an bháis acht purgadóir. Ar an adhbhar sin
atá purgadóir ann.



Adeir Ciprian Naomhtha 'san 25 Eipistil do sgríobh chum
Anthonius, go mbí teine ann le n-a nglantar na hanmanna ó
pheacadhaibh d'áirighthe, agus is inmheasta gurab í sin teine
phurgadóra.



Atá Ambrós Naomhtha ag teagasg na fírinne ceudna, ag sgríobhadh
ar an 14 caibidil de Leabhar na Taisbeántadh - “Atáid (ar sé)
anma na naomh gan smal, óir má ghabhadar tímheal ar bith ó bheith ag
áitiughadh an tsaoghail so, sgriosadar é le haithrighe agus le
deoraibh agus le hoibreachaibh an ghrádha, nó le sgiursadhaibh, nó
go deimhin tar éis a mbáis le teine phurgadóra.”



Adeir fós S. Augustín 'san gceud caibidil de'n leabhar ro sgríobh
ar an gcuram dleaghthar do bheith timcheall na marbh. “Dá mbeith
(ar sé) nach biadh Sgrioptúir ag suidhiughadh purgadóra, do
budh leór úghdarás na hEagluise ag á rádh go bhfuil sí ann,
do bhrigh gurab é ainm ghoireas Pól di, “Colamhuin agus Fundaimeint
na Fírinne,” do réir mar léightear 'san treas chaibidil de'n
chéad Eipistil chum Timotheus,” agus fós go bhfuil seanchuimhne
sinnsir aguinn ar phurgadóir do bheith ann glún ar ghlún ó
aimsir na n-Apstal i leith, do réir fiadhnuise na n-Aithreach
do haithléigheadh linn, agus iomad eile nach luaidhfeam de'n
chor so. Agus dobheir Pól oiread measda ar shean-chuimhne
shinnsir agus dobheir ar Sgrioptúir sgríobhtha, amhuil léightear
'san dara caibidil de'n dara hEipistil chum na Tessalonisenses,
agus, mar go n-abair an tsean-chuimhne shinnsir linn purgadóir
do bheith ann; ar an adhbhar sin caithfeam a admháil go bhfuil
sí ann.



Do bhárr ar gach suigheamh dá dtugamar linn anuas, adeir Clemens


L. 118


Mairtíreach 'san gcéad eipistil ro sgríobh go S. Séamus Abstal,
bráthair an Tighearna, go mbiodh cion ag na
daoinibh re na linn féin ar dhéirc agus ar urnaighthe do dheunamh
ar na marbhaibh. Tig Tertulian leis an nídh ceudna 'san
leabhar ro sgríobh do
Choróin an Ridire, agus Isidorus 'san ochtmhadh caibidil deug
de'n chéad Leabhar ro sgríobh do na hOifigibh Eagluiseamhla,
agus Origines i ndeireadh an treas leabhar ro sgríobh ar
Leabhar Iób. Admhuidh, fós, Lúitear féin purgadóir do bheith
ann, 'san diosbóireacht dobhí idir é féin agus doctúir
d'ár bh'ainm Esticus.



As gach nidh dá ndubhramar go soiche so is inchreidte go bhfuil
purgadóir ann in a nglantar anmanna na bhfíreun ó shalchar
na péine aimseardha le deaghoibreachaibh fíreun an saoghail
so agus go háirighthe de shochar an Aifrinn.



AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL DEUG.



In a dtráchtar gá mionca dlighthear Aifrionn do rádh, nó
d'éisteacht, agus an áit in a dlighthear a éisteacht, agus
cia ó ndlighthear a eisteacht.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir, an mhéid bheanas ris
an gcéad nidh, do bhreathnughadh mórán doctúr, nach bhfuil
d'fhiachaibh ar an sagart (an mhéid gurab sagart é) i bpéin
pheacaidh mharbhthaigh Aifrionn do rádh acht ceithre huaire
'san bhliadhain - mar atá, Lá Nodlag, agus Lá Cásga, Lá
Cingcise, agus Diardaoin Aluinn. Gidheadh ní bhfuil aon lá
'san bhliadhain nach feudfadh an sagart Aifrionn do rádh acht
Aoine an Cheusda amháin, agus atáid, do réir Tolesus, cúig
adhbhair fá bhfeudann an sagart dá Aifrionn do rádh in aon
ló: - An chéad adhbhar, má bhíonn dhá pharráisde ina gcúram
ar an sagart ó'n Eagluis, agus nach féadfadh a riar araon le
haon Aifrionn, feudaidh dhá Aifrionn do rádh, mar atá Aifrionn
in gach parráisde dhíobh. An dara hadhbhar, dá raibh an
sagart i ndeireadh an Aifrinn agus easbog do theacht do láthair,
agus gan sagart eile ann adéaradh Aifrionn do'n easbog, feudaidh
an sagart an dara hAifrionn do rádh dhó, má lá saoire nó
oibre bhíos ann. An treas adhbhar, dá dtigeadh iomad oilithreach
do láthair re deireadh an Aifrinn i ló shaoire, agus gan sagart
eile ann adéaradh Aifrionn dóibh, feudaidh an sagart bhíos
do láthair an dara Aifrionn do rádh dhóibh. An ceathramhadh
hadhbhar, dá dteagmhadh duine easlán ar a mbeith easbaidh
Comaoine do chaitheamh, agus gan Sacraimint ann re a thabhairt
dhó, feudaidh an sagart an dara


L. 119


hAifrionn do rádh, chum Comaoine do thabhairt do'n easlán.
An cúigeadh hadhbhar, feudaidh an uile shagart trí hAifrinn
do rádh lá Nodlag, gion go bhfuil ceangailte air do rádh
acht aon Aifrionn, mar nach bhfuil ceangailte ar an dtuata
d'éisteacht acht aon Aifrionn 'san ló cheudna, acht gidheadh
is somholta na hAifrinn eile do rádh agus d'éisdeacht.



Atáid cheithre reasúin ag an Eagluis fá'r orduigh sí na trí
hAifrinn do rádh Lá Nodlag, do réir na gceithre gciall atá
ag an Sgrioptúir - mar atá ciall liteardha, ciall áirdeagnach,
diamharchiall, agus fáthrún. Do réir na céad chéille, is
é chialluigheas an chéad Aifrionn adeirthear i meadhon oidhche,
an fiosrughadh dorinneadar na haingil ar na haodhaireadhaibh i
meadhon oidhche. An dara hAifrionn, adeirthear ar maidin,
cialluighidh an fiosrughadh dorighneadar na haodhaireadha ar
Chríost maidin Laoi Nodlag 'san Bheitil. Cialluighidh an treas
Aifrionn, adeirthear timcheall meadhoin an lae, an fiosrughadh
dorighneadar pobal na Beitile ar Chríost timcheall meadhoin
Laoi Nodlag.



Do réir na dara céille, cialluighidh an chéad Aifrionn mar
do fóireadh corp gach fhíréin ó bhás síorruidhe. Cialluighidh,
fós, an dara hAifrionn mar do saoradh le Críost anam gach fhíréin
ó bhás síorruidhe. Cialluighidh an treas hAifrionn mar do osgail
Críost dóirse an Fhlaithis Neamhdha i meadhon laoi Nodlag.



Do réir na treas chéille, is é chialluigheas an chéad Aifrionn
adeirthear i meadhon oidhche, an chéad dlighe do órduigh Dia ar
dtalmhain, mar atá dlighe na nádúra; óir, mar is i ndorchadas
na hoidhche adeirthear an chéad Aifrionn, do budh dorcha, diamhar,
doiléir, dlighe na nádúra i gcroidhthibh na ndaoineadh.
Cialluighidh an dara hAifrionn, adeirthear ar maidin, an reacht
sgriobhtha; óir, mar bhíos dorchadas na hoidhche agus soillse
an lae ag dréim re chéile 'san maidin, is mar sin bhíos
dorchadas dlighe na nádúire agus soillse an Reachta Soisgeulta
ag dréim re chéile 'san reacht sgríobhtha - eadhon, i nDlighe
Maoise. Cialluighidh an treas Aifrionn adeirthear i meádhon
an laoi, soillse agus soiléire an Reachta Soisgeulta.



Do réir na ceathramhadh céille, is é chialluighid na trí
hAifrinn úd adeirthear, na trí modha ar a mbeirthear Críost,
mar atá go síorruidhe ó'n Athair, go spioradálta i n-inntinnibh
na bhfíreun, go hinmheádhonach agus go foirimealach ó Mhuire
Oigh.



Cialluighidh, fós, an chéad Aifrionn adeirthear i meádhon
oidhche, geineamhain an Mhic go síorruidhe ó'n Athair, óir
amhail bhíos an meádhon oidhche dorcha, mar sin is diamhair
doloirgthe do geineadh an Mac ó'n Athair, amhail adeir Isaias
'san 53 caibidil, ag labhairt ar gheineamhain an Mhic ó'n
Athair - “Cia inneósas (ar sé) A gheineamhuin súd?” - dá
cur i gcéill


L. 120


gur deacair lorgaireacht do dheunamh uirre. Is é
chialluigheas an dara hAifrionn adeirthear ar maidin, mar
geintear Críost go h-inmheadhonach i n-aigeantaibh na bhfíreun,
amhail léightear ag Matha 'san gcéad caibidil - “An nidh (ar
sé) rugadh uaithe (eadhon, ó aigneadh an fhíréin) is ó'n
Spiorad Naomh é,” agus do bhrigh nach gabhthar ó'n Spiorad
Naomh acht Mac Dé, is é Mac Dé ghabhthar i n-aigeantaibh na
bhfíreun, agus tar cheann go mbí solus folaightheach ó
ghrásaibh an Spioraid Naoimh i n-inntinn an fhíréin, ní
dearbh leis féin an solus sin do bheith aige, amhail adeir Pól
nach feas do dhuine cia dhíobh do dhíol grádha nó fuatha
é féin, agus is uime sin adeirthear an t-Aifrionn, idir
iomdhorchadas na h-oidhche agus soillse an laoi. Cialluighidh
an treas Aifrionn an treas modh ar ar gineadh Críosd - eadhon,
ó Mhuire, agus is uime sin adeir Críost 'san seachtmhadh
caibidil ag Eóin (dá chur i gcéill gur follus do na daoinibh
E Féin do bheith ar n-a bheith ó Mhuire) - “Atá M'aithne (ar
sé) agaibh, agus atá a fhios agaibh cia ó dtánag.”



Tuig, a léightheóir, nach féadann an sagart tré aon adhbhar
de na chúig adhbharaibh reamhráidhte, an dara hAifrionn do
rádh in aon ló, dá raibh tar éis an fhiona churthar 'san
gcailís (andiaigh na Fola do chaitheamh) d'ól. Gidheadh, dá
dteagmhadh a bheag nó a mhór de bhruar nó de mhinbhriseadh
na habhluinne coisreagtha d'fhanmhuin 'san gcailís nó ar an
bpaitena nó ar an gcorporas nó i n-ionad eile andiaigh ibhthe
an fhíona, no an uisge re a nglantar an chailís, dlighidh
sé a chaitheamh, do bhrigh gurab ar céadlongadh thionsgantar
an Sacraimint do chaitheamh, agus nach bí oifig an Aifrinn
críochnuighthe an tan sin.



Adeir S. Augustín, 'san Eipistil chum Ianarius, briathra fá
nab iontuigthe go bhfuil sé ina ghnáthughadh 'san Eagluis
ó aimsir na n-Abstal i leith, Corp Chríost do bheith d'á
chaitheamh ar céadlongadh - “Fa thoil leis an Spiorad Naomh
(ar sé) agus d'ordiugheadar na hApstail é, agus atá dá
choimeád ar feadh an domhain, gan bhiadh do chaitheamh roimh
Chorp Chríost.”



Is ina fhioghair so atá an fhógradh thug Dia d'Aaron agus
d'á chloinn, amhail léightear 'san deichmheadh caibidil in
Lebhiticus, mar do thoirmeasg Dia orra gan fíon ná nídh ar
bith eile do chuirfeadh ar meisge iad d'ól re hucht dulta
isteach 'san tSanctóir dóibh.



Acht, cheana, dá mbeith sagart nó tuata ag nighe nó ag glanadh
a bheoil re hucht na Sacraiminte do chaitheamh dhó, agus go
rachadh braon de'n uisge re n-a anáil dá aimhdheoin, ní
bhriseann an céadlongadh agus ní lughaide dhligheas an
tSacraimint do cháitheamh go somholta é; agus, fós dá mbeith
duine anbhfann easlán re broinn bháis, ní lughaide dlighthear
an tSacraimint do thabhairt dó re a chaitheamh go mbiadh air
dul ó chéadlongadh.


L. 121


Ní dlighthear, iomorro, Sacraimint Chuirp Chríost do thabhairt
do leanbhaibh ag nach beith ciall, nó nach roichfeadh i n-aois
deiscréideach, nó do lucht buile, nó baoithchéille, ná
d'oinmhidibh, nó d'amadánaibh ar a mbiadh easbaidh céille
folláine.



Ní dlighthear, fós, do shagart ná do thuata do chaithfeadh
biadh ná deoch tar éis meadhoin oidhche, Comaoin do chaitheamh
arna mhárach, dá mbeith go gcodladh iar gcaitheamh an bhídh
nó na dighe dhó; gidheadh, dá mbeith gan biadh ná deoch do
chaitheamh tar éis meadhoin oidhche, ní lúghaide fheudas
Comaoin do chaitheamh, dá mbeith sé ina chodladh, ó do chaith
sé biadh roimhe sin, má sagart nó tuata é.



Tuig, fós, dá dteagmhadh do dhuine roimh Chomaoin bruar nó
iarmhar an bhidh do bheith ina fhiaclaibh do shlugadh go
neamhthoil do féin, nach cuireann sin toirmeasg air gan an
tSacraimint do chaitheamh go fiúntach.



Tuig, fós, nach dlighthear do thuata ar bith Comaoin do chaitheamh
in aon ló acht aonuair amháin. Ní hionann agus an sagart, bhíos
ina phearsain phuiblidhe, le a bhféadtar Aifrionn do rádh níosa
mhionca ioná aon uair amháin, do réir an riachtanais, amhail
adubhramar.



Dá bhfiafruigheadh duine ar bh'ionchaithmhe do'n Chríosdaighe
Comaoin gach aon lá, mo fhreagradh air go bhfuil dá nídh 'san
gCríosdaighe mar atá grádh agus eagla, agus dá raibh grádh
an Chríosduighe ag méadughadh gach lá, feudaidh Comaoin do
chaitheamh gach laoi; gidheadh, dá raibh eagla air chomh mór
sin, ionnus nach measfadh é fein do bheith ionchuibhe do
ghlachadh na Sacraiminte, feudaidh go somholta fanmhuin uaidh,
agus is uime sin dobheir S. Augustín sompla uaidh ar Sacheus
tug cuireadh do Chríost le rói-mhéid a ghrádha dhó, agus
ar an Centurion” do ghabh leithsgeul ris ar mhéid a eagla
roimhe, mar a n-abair go rabhadar araon somholta leath ar
leath trés na neithibh sin do dheunamh dhóibh.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab i dteampallaibh nó
in ionadaibh beannuighthe amháin dlighthear an tAifrionn do
radh, acht muna raibh cead speisialta ag an sagart chum a ráidhte
in ionadaibh eile neamhchoisreachta.



Tuig, fós, nach dlighthear éisteacht re hAifrionn an t-sagairt
ar a mbeith coinnealbháthadh, nó insce na hEagluise; agus ní
dlighthear fós, i bpéin pheacaidh mharbhthaigh, Aifrionn do
rádh gan altóir ná gan solus gcoinnleadh; gidheadh, do réir
Toletus, ní héigeantach an choinneall do bheith de chéir, i
bpéin pheacaidh mharbhthaigh. Feudaidh, fos, an sagart, tré
chúis dlisdionach Aifrionn do rádh sul a déaradh a thrátha.


L. 122


AG SO SIOS FUASGLADH



Ar na cásaibh teagmhaiseacha in a dteagmhann an sagart ria rádh
an Aifrinn, agus creud is indeunta dhó re hucht gach cáis díobh.



An chéad chás, dá dteangmhadh anbhfainne nó bás do'n tsagart
sul a dhéaradh na briathra coisreactha, ní rightear a leas an
tAifrionn do chríochnughadh le sagart eile. Gidheadh, dá
dteagmhadh ceachtar de na neithibh sin andiaigh na mbriathar
coisreactha do rádh, feudaidh an sagart eile theagmhas do
láthair, an tAifrionn do chríochnughadh. Gidheadh, ní abraim
go bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart beó, dá raibh gan a bheith
ar chéadlongadh, an tAifrionn do chríochnughadh, agus, dá
ndeárnadh é, atá sé somholta aige, acht muna raibh sagart
eile ar chéadlongadh do láthair. Agus is uime sin adeirim
gurab ceaduightheach do'n tsagart an tAifrionn do chríochnughadh
dá mbeith gan a bheith ar chéadlongadh, do bhrigh go bhfuilid
dá aithne 'san chás so nach féidir do chóimhlíonadh i
n-aoinfheacht - mar atá aithne Dé fhógras an íodhbairt do
bheith iomlán; agus aithne na h-Eaglaise, adeir bheith ar
chéadlongadh ag deunamh na h-íodhbartha. Agus, 'san gcás
so, is córa aithne Dé (adeir an íodhbairt d'iomlánughadh)
do choiméad ioná aithne na hEagluise (adeir dul ar chéadlongadh).
Gidheadh, dá teagmhaidh i gcás gan sagart eile do bheith do
láthair, dlighthear Sacraimint an Chuirp agus na Fola do
choiméad no go gcaithtear le sagart eile iad, nó dá mbeidis
an fad sin i gcoiméad nó go ngabhadh an fíon truailleadh sul
dothiocfadh sagart eile dá chaitheamh, dlighthear a dhortadh
'san choisreacán - eadhon, 'san “Sacraris.”



An dara cás, dá dteagmhadh do'n tsagart re linn Aifrinn do
rádh go gcuimhneochadh ar pheacadh mharbhthach ar bith d'á
ndeárna sé agus náchar chuir ina fhaoisdin, má's andiaigh
na mbriathar coisreactha thiocfas sin chum a chuimhne, dlighidh
dul ar a aghaidh go deireadh an Aifrinn, agus doilgheas do bheith
air trés an bpeacadh sin, agus rún a fhaoisdine do bheith aige,
agus dá ndeárnadh amhlaidh sin, ní dhéin peacadh nuadh, do
bhrigh an Aifrinn do rádh; agus, fós, dá dteagmhadh an cás
ceudna dhó sul adéaradh na briathra coisreactha, déanadh an
nídh ceudna. Gidheadh, dá n-airigheadh an sagart
é féin ar neimhchéadlongadh,
nó bang, nó insce, nó coinnealbháthadh air roimh na mbriathar
coisreactha do rádh, dlighidh an chuid eile do'n Aifrionn do
leigeann de, acht muna raibh i nguais a chlú do chailleamhuin
do thaoibh an neith sin.



An treas cás, an tan theagmhas nidh ar bith i bhfíon na cailíse
do chuirfeadh toirmeasg fá n-a chaitheamh, ag so an nidh
dlighthear do dheunamh; teagmhaidh so, iomorro, ar trí mhodhaibh.
An chéad mhodh dhíobh, dá gcurthaoi


L. 123


go neimhfheasach do'n
tsagart nidh i bhFuil na Cailíse nach dlighfeadh do chaitheamh,
agus go bhfaghadh sgeula sul do chaithfeadh an Fhuil, is é
dleaghthear do dheunamh riú, a gcur 'san gcoisreacán - eadhon,
an “Sacrario,” nó go ngeabhadh aicíde an fhíona truailleadh
chuca, agus go dteilgthear ina dhiaigh sin é 'san ghuitéar
dárab ainm “piscina”; agus dá dtuiteadh ainmhidhe neamheamhuil
'san gcailís, deuntar an nidh ceudna ris. Dá
dtuiteadh, fos, ainmhidhe nach biadh neimheamhuil, agus do
bhiadh déisteanach 'san gcailís, buaintear as an gcailís é,
agus nightear é, agus ibheadh an sagart an nidh le'r nigheadh
é, agus loisgthear an beathadhach, agus cuirthear an luaith i
gcumhdach in ionad choisreactha. Gidheadh, má's beathadhach
neimhdhéisteanach é, mar atá cuil nó coirrmhíoltóg,
sluigeadh an sagart é, maraon ris an bhFuil; agus má's roimh
an bhfíon do choisreacadh theagmhas aon nidh dhíobh so i gcás,
doirtear an fíon as an gcailís, agus cuirthear fíon eile
ina áit.



An ceathramhadh cás, dá smuaineadh an sagart rés na briathraibh
coisreactha do rádh, nachar chuir uisge i bhfíon na cailíse,
cuireadh ann é rés an gcoisreagadh. Gidheadh, má's andiaigh
na mbriathar gcoisreactha chuimhneóchas gan an uisge do chur
ann, ná cuireadh ann é ar chor ar bith; do bhrigh nach de
shubstaint na Sacraiminte an t-uisge. Gidheadh, dá dteagmhadh
do'n t-sagart gan an fhíon do chur 'san gcailís go caitheamh
na habhluinne dhó, dlighidh an fíon do chur 'san gcailís,
agus na briathra coisreactha do rádh ós a chionn, agus a
chaitheamh mar sin, ar an adhbhar gurab éigean an íodhbairt
do bheith iomlán, agus nach féidir a bheith iomlán gan an
Corp do chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fíona.



An cúigheadh cás, dá dteagmhadh go miorbhuileach de chomhachtaibh
Dé an abhlann nó an fíon d'iompódh i gcruth Feóla nó Fola,
is follus nach fuil d'fhiachaibh ar an sagart a gcaitheamh 'san
chruth sin, acht a gcur i gcoiméad 'san gcoisreacán. Gidheadh,
ní bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart athchoisreacadh do dheunamh
do bhrigh go saorann an miorbhuil ó'n gceangal sin é.



An seiseadh cás, dá dteagmhadh le seachmall nó de mhainneachtna
an tsagairt braon de'n Fhuil do dhortadh ar chlár, feudaidh an
clár do líghe agus a sgrios re sgin ina dhiaigh sin; agus dá
dtuiteadh ar talmhain loisgthear an úir, agus cuirthear an
luaith in ionad choisreactha agus deunadh an sagart aithrighe ar
feadh dá fhithchid lá. Gidheadh, dá dtuiteadh ar an altóir,
sughadh an sagart le n-a bheul é, agus deunadh aithrighe ar
feadh trí lá; agus dá dtuitfeadh ar an mbrat uachtarach, agus
go rachadh gus an dara brat sughadh as é, agus deunadh aithrighe
cheithre lá, agus má théid gus an treas bhrat, deunadh an nídh
céadna agus aithrighe naoi lá. Gidheadh, ní bhfuil an aithrighe
so ar gnáthughadh anois, má tá go ndéin an sagart peacadh nuadh
ró-throm ann; agus is é orduighthear anois, an chuid de'n
líonbhrat le a mbeanann an Fhuil do losgadh, agus an luaith do


L. 124


chur i gcoiméad. Dá teagmhadh urrshlugadh do dhruim
chraois nó eugcumais do dhuine
ar bith andiaigh na Sacraiminte do chaitheamh dhó, má dobhí i
nguais urlaighthe do theagmháil dó rés an tSacraimint do
chaitheamh, nó gur bh'eagal leis a theagmháil dó ina dhiaigh,
doghnídh peacadh ró-throm ann, agus is é dlighthear do dheunamh
ris an urrshlagadh, a chur i gcoimeád 'san gcoisreacán.



An seachtmhadh cás, dá dtuiteadh an tSacraimint 'san gcailís
sul bristear í, ionnus nach bheith aon chuid dí gan bheith
fliuch, dlighidh an sagart dul ar a aghaidh 'san Aifrionn, gan
aithfhriotal aon nidh dhá ndubhairt roimhe, do bhrigh nach de
shubstaint na híodhbartha an briseadh. Gidheadh dá n-anadh
aon chuid de'n abhlainn gan fliuchadh dlighidh an roinn ghnáthach
de dheunamh uirthe.



An t-ochtmhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart aonfhocal do
thabhairt i ndearmad ionnus nachar dheaghchuimhin leis go
ndubhairt é, ní righthear a leas aithfhriotal do dheunamh air,
acht dul ar a aghaidh, acht munab focal de na briathraibh
coisreactha é. Gidheadh dá raibh i gcontabhart aon fhocail
díobh sin, dlighidh a aithfhriotal, ar coinghioll muna ndubhairt
roimhe sin iad.



An naomhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart go mbeith an teach
ag tuitim ar ria rádh an Aifrinn dó, nó go mbeith a namhaid
ar tí thoigheacht d'á mharbhadh, agus gur roimh na briathraibh
coisreactha do theagmhadh sin dó, feudaidh dul ar teitheamh,
agus an chuid eile do'n Aifrionn do leigeann de; nó má's
andiaigh na mbriathar coisreactha theagmhas aon ghábhadh díobh
sin dó, feudaidh an tSacraimint do chaitheamh do láthair, nó
a bhreith leis mar aon ris an gcorporás. Gidheadh, dá mbeith
aon duine ar tí a mharbhtha, mar tháir nó mar tharchuisne
ar an gCreideamh, acht muna leigeadh dhó an t-Aifrionn do
chriochnughadh, dlighidh sé bás d'fhulaing níos taosga ioná
do leigfeadh dhé an t-Aifrionn do chríochnughadh, dá mbeith
gur roimh na briathraibh coisreactha theagmhadh an ghuais sin
dó, agus is é Toletus chuireas na cáis so síos go soiche so.



Ag so Cáis Eile Theagmhas do'n tSagart.



Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab de phlúr cruithneachta
agus d'uisge nádúrtha dlighthear an abhlann do dheunamh d'á
ndeuntar Corp Chríost; agus gurab d'fhíon dogheibhthear i
bhfíneamhuin dlighthear Fuil Chríost do dheunamh, agus go
ndlighthear uisge nádúrtha do chur 'san bhfíon, re linn
bheith 'san gcailís dó, roimh na briathraibh coisreactha do
radh, agus a chur ann i gcaindigheacht is ró lugha ioná an
fíon, dlighidh na neithe so bheith gan truailleadh. Is éigean
fós a bheith d'aigneadh ag an sagart


L. 125


a mbeannughadh go speisialta,
agus is uime sin, dá mbeith busga na habhluinneadha nó cuirbhéad
an fhíona ar an altóir, nach ghabhaid na habhlanna ná an fion
bhíos ionnta coisreacadh chuca, do bhrigh nach bí d'aigneadh
ná d'inntinn ag an sagart a choisreacadh do'n chor sin.



Dá dteagmhadh i gcás go bhfuadóchadh an ghaoth an abhlann
choisreactha ó'n tsagart, má dogheibh airís í, cuireadh ar
an altóir í, agus caitheadh í amhail mar is gnáth; nó, dá
dteagmhadh nachar bhféidir a fághail, gabhadh abhlann eile
chuige agus tionnsgnadh na briathra coisreactha do rádh, agus
abradh roimhe an tAifrionn do réir ghnáthuighthe na h-Eaglaise.



Dá dteagmhadh uisge 'san gcailís i riocht an fhíona, agus gan
an sagart dá mhothughadh nó go n-íbheadh é, dlighidh fíon
arís do chur innte, agus na briathra coisreactha do rádh ó's
a chionn, agus a chaitheamh mar sin, tar cheann go mbriseann an
ceudlongadh, do réir an reasúin tugamar thuas 'san gcéad chás.



Dá dteagmhadh do'n tsagart iomad abhlann do chur ar an gcorporás
le haghaidh an phobail do riar, agus gurab é fa rún dó a
gcoisreacadh uile maraon ris an abhlainn is mian leis féin do
chaitheamh, bíd arna gcoisreacadh maraon ris an abhlainn gceudna,
tar cheann nach cuimhneóchadh an sagart orra re linn na mbriathair
coisreactha do rádh dhó.



Is follus nách féidir do'n tsagart Aifrionn do rádh ina aonar,
acht munab angcaire nó dithreabhach é, agus ní ceadaightheach
do mhnaoi ar bith Aifrionn do fhriothólamh. Dá ndeachaidh an
cléireach re gnóithibh nó re toisg éigeantaigh i n-am an
Aifrinn do rádh, dlighidh an sagart an chuid eile de'n Aifrionn
do fhriothólamh dhó féin, dá raibh an cléireach gan filleadh
chuige i dtráth chóir.



Dlighidh an iomaltóir bheith do chloch, agus a bheith d'fhaid
agus de leithead inte go dtuillfeadh bonn na cailíse agus an
abhlann uirre.



Dá mbeith an sagart gan amharc, ionnus nach feudfadh nídh do
léigheadh, nó comh balbh sin, i gcruth nach feudfadh na
briathra do chantainn; nó dá mbeith i n-easbuidh na méar le
a dtadhallann an tSacraimint; nó comh bacach, agus sin i gcruth
nach feudfadh seasamh ná sleachtan do dheunamh gan maide do
bheith ina láimh; nó dá mbeith ar buile, nó i ngalar na
sligheadh, i gcruth go gcuirfeadh cubhar tar a bheul, nó
iachtach shiabhartha as, re linn bheith 'san teidhm sin dó,
ní dlighthear dó Aifrionn do rádh.



Is leór a ndubhrmar ar na cásaibh teagmhaiseacha in a mbí
conntabhart ag na sagartaibh re linn an Aifrinn do rádh; agus
gach cás eile bheanas ris an nídh ceudna feudtar a léigheadh
ag Nauar, nó ag na hughdaraibh eile thráchtas ar na cásaibh
coguais.



Finis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services