Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Trí Bior-Ghaoithe an Bháis

Title
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis
Author(s)
Kéitinn, Séathrún,
Compiler/Editor
Bergin, Osborn
Composition Date
1631
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., l931)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ag so síos Trí Bior-ghaoithe an Bháis, mar a
dtráchtar ar na trí básaibh atá 'na mbearnaibh
baoghail ar an duine, agus mar a gcoi-meastar
ré chéile iad, agus mar a gcuirthear
síos tuarasgbháil an bháis chorpardha,
agus mar a bhfoillsighthear cionnus
fhéadas duine é féin d'iongabháil
ar an dá bhás oile, mar atá bás
na coire agus bás na péine;



Arna sgríobhadh agus arna gcor i n-eagar agus arna
gcnuasach le Séathrún Kéitinn, sagart agus
doctúir diadhachta, agus atáid arna roinn i
dtrí leabhraibh, agus gach leabhar díobh
roinnte i n-altaibh, agus gach alt i
ngonaibh, mar bhus follus don
léaghthóir.



Aois an Tighearna ag críochnughadh na
hoibre se don ughdar, 1631, an
dara lá do mhí December.


L. 2



L. 3


Trí Bior-ghaoithe an Bháis.



An céid-leabhar.



AN CÉAD-ALT.



An Chéad-ghoin.



Statutum est hominibus semel mori “do horduigheadh dona daoinibh
aon-uair amháin bás d'fhagháil,” do réir Phóil san naomhadh
caibidil gusna hEabhraidhibh.



Is uime cheana rug Dia an daoir-bhreath so ar na daoinibh,
tré choill a chána don chéad-athair ór fhásadar .i. Ádhamh.
Óir do fhógair Dia, i bpéin bháis d'imirt ar Ádhamh agus ar a
shliocht, gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh, do réir
mar léaghtar san dara caibidil in Genesi. Agus do bhríogh
gurab é Ádhamh budh ceann fine ar a chlann-mhaicne féin, do
luigh dochar agus daoirse na breithe sin air féin agus ar gach aicme dar
chin uaidh, agus dá ngeinfidh go bruinne an bhrátha. Agus ó's
d'ainiarsma na breithe sin táinig an bás dá rochtain féin,
roichfidh an bás céadna gach aon dár fhás agus dá bhfásfaidh
uaidh go foirceann an bheatha, an mhéid nach fuair bás cheana
dhíobh.



An dara goin.



Is é an bás so do taisbéanadh i riocht reithe do Daniel fáidh,
an tan do-chonnairc reithe ag beartughadh a adharc ar cheathra
hairdibh an domhain fa seach, agus nach féadadh beathadhach ar
bioth cathughadh ris, ná é féin do dhíon ar a láimh, acht do-níodh
do réir a thoile féin orra, do réir mar léaghthar san
ochtmhadh caibidil ag Daniel chéadna. Tuig cheana do réir na
háite sin go raibhe adharc ag an reithe sin dobudh faide ioná an


L. 4


adharc oile. Dá chor i gcéill go gcinneadh sé leis an adhairc
budh sia ar na tréanaibh, agus leis an adhairc budh giorra ar na
hanbhfannaibh. Is eadh mar an gcéadna chialluigheas an
beartughadh nó an t-innliughadh do-ní sé ar na ceithre hairdibh,
an t-amus do-bheir sé ar cheathra haosaibh an duine .i. aos
macaoimh, aos ógáin, feardhacht agus seanórdhacht.



An treas goin.



Is ar anfhorlannaibh an bháis se agus ar a ghnéithibh laibheóram
san trácht so síos, agus do bhríogh nach cumhachtach sinn féin ris
aní se do chuireamair romhainn do chríochnughadh mar is
díol, gan congnamh speisialta an Spiorad Naoimh, guidheam ar
n-eadarghuidhtheóir agus ar n-abhacóideach Muire Mháthair, dá
iarraidh uirre a himpidhe do chur ar an Spiorad Naomh, fá
gach ní dá gcuirfeam san trácht so do dhul i nglóir do Dhia, agus
i sochar agus i soileas dona Críostaighthibh i gcoitchinne.



An ceathramhadh goin.



Measaim gurab é an bás, an marcach úd an eich bháin do
taisbéanadh d'Eóin, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil
in Apocalypsi. Is amhlaidh iomorra do-chonnairc Eóin an
marcach so, agus coróin fána cheann, agus bogha 'na láimh, ré buaidh
do bhreith as gach aird. Is eadh cheana chialluigheas an
choróin dobhí fána cheann, gur dhearbh leis buaidh do bhreith
ar gach n-aon ré gcaithfeadh soighead gáibhtheach an ghalair a
bogha bhríoghmhar an bháis.



Atáid briathra san cheathramhadh caibidil déag don dara
leabhar do Leabhraibh na Ríogh as a dtuigthear go bhfuil an
bás i gcinneadh dá gach aon-duine go coitcheann, mar a n-abair
Dáibhídh, omnes morimur etca. “do-gheibhmid uile an bás, agus
tuitfeamaoid ré fánaidh amhail na huisgeadha.”



An cúigeadh goin.



Atá fioghair san treas caibidil ag Daniel as a dtuigthear nach
gabhann an bás ag druing ar bioth dona daoinibh. Do-chonnairc


L. 5


iomorra rí uaibhreach anfhlaitheach dobhí ar an mBáibhiolóin
darbh ainm Nabugodonasor íomháigh éagsamhail iolchrothach i
n-aisling. Is amhlaidh dobhaoi an íomháigh mhór sin 'na
seasamh, agus í ard, agus dobudh uathbhásach urghránna ré faigsin í:
a ceann d'ór, agus a hucht agus a lámha d'airgead, a bruinne agus a
leasracha d'umha, a sliasda d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh
d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha
uirre ag tuitim do shliabh, go dtarla ré cosaibh na híomháighe
í, gur mhionuigh agus gur bhris cosa na híomháighe maraon ris
gach mball oile dhí idir chriaidh, iarann, umha, airgead, agus ór, go
ndearnadh luaithreadh dhí, amhail luaithreadh samhraidh ag
éirghe do lár ré gal ngaoithe, go nach fríoth a tuarasgbháil dá
héis. An chloch cheana lér turnadh í, do-rinne sliabh mór dhi,
do líon an talamh go huilidhe. Tar gach míniughadh oile dá
dtugthar ar an aisling se, measaim gurab é is fáth-rún di: gurab í
an íomháigh úd an nádúir dhaonna, agus gurab é chialluighid na
boill éagsamhla úd na híomháighe, staide éagsamhla na ndaoine.
Óir cialluighidh an ceann óir úd ríghthe agus prionnsadha; an
t-ucht agus na lámha airgid, comhairligh na ríogh agus na bprionnsadh;
na bruinne agus na leasracha umha, na huaisle agus na hurraidhe
bhíos ag cíosughadh agus ag tabhairt chána dhóibh; na sliasda
iarnaidhe, na cinn fheadhma agus na daoine díolmhaine bhíos ag
cosnamh agus ag caomhna na gcríoch; na luirgne agus an troightheach
criaidh-iarainn, an pobal coitcheann ó shoin amach; an sliabh úd
do luaidheamair dar thuit an chloch, ceirt-bhreitheamhnas Dé;
agus an chloch féin, an bás. Óir amhail do turnadh an chloch
réamhráitte don tsliabh, do bhloghadh agus do bhriseadh na
híomháighe, go ndearnaidh luaithreadh dhi, is mar sin thuiteas
an chloch úd .i. an bás, don tsliabh .i. ceirt-bhreitheamhnas Dé
gusan nádúir dhaonna, dá briseadh agus dá buan-raobadh idir cheann
agus chois .i. idir uachtarán agus íochtarán, ionnus nach téid aon uaithe
gan aidhmilleadh.



An seiseadh goin.



Adeir fós Solamh san cheathramhadh caibidil déag in
Ecclesiastico go ndligheann gach aon bheith cuimhneach ar an


L. 6


mbás. Ag so mar adeir: memor esto quia mors non tardat “bí
cuimhneach nach déin an bás moill gan teacht d'fhios gach
aoin.” Más eadh bíodh a fhios ag gach aon gurab luaithe
chéimnigheas an bás sna haimsearaibh se ioná i dtús na
n-aimsear, mar is follus ar ré Ádhaimh, do mhair tuilleadh agus
naoi gcéad bliadhain, agus ar ré Mathasalem, do mhair an comhfhad
céadna. Agus ní hiad amháin fuair ré fhada ón mbás réna linn
féin, acht drong mhór oile maille riú sna haimsearaibh i rabhadar;
ní hionann agus an aimsir se, óir is follus gurab tearc duine do-gheibh
os cionn cheathra bhfichid bliadhan, acht i gcruth gurab
cuma dhó a bhás nó a bheatha ó shin amach, do réir mar adeir
Dáibhídh san .89. Salm, octoginta anni, amplius labor et dolor
“ceathra fichid bliadhan, ó shin amach duadh agus doilgheas.” Is
follus do réir a ndubhramair go bhfuil an bás go cinnte i gcionn
gach aoin, idir óg agus arsaidh, idir uasal agus íseal, amhail adubhramair
thuas.



An seachtmhadh goin.



Gidh eadh faríor, is ionann dál do mhórán do dhaoinibh an
tsaoghail se agus don lá luing bhíos ag imteacht an mhara i
gcuinne a chéile; óir saoiltear lé lucht gach luinge dhíobh gurb
í a long féin bhíos 'na comhnaidhe, agus gurb í an long oile bhíos
ar siubhal. Mar sin do mhóran do dhaoinibh bhíos ag maraidheacht
ar mhuir mhailísigh na beatha so, saoiltear léo iad féin do
mharthain i réim na beatha so agus cách dá mbreith ré buinne rabharta
na ré tadhaill atá san bheathaidh se. Agus is iongnadh an dáil
dóibh, nach tuigid gan an bás do shíoth ris an nádúir dhaonna, agus é
go laothamhail ag oirleach orra, agus fós é agá sloidhe agus agá
snámh-chnaoi go fóill, amhail shnigheas gainimh na huaire san urláisde,
ionnus gurab ionann dáil dona daoinibh do leith an bháis agus don
druing dobhiadh damanta i bpríosún, agus a bhara fá gach aon aca
bás d'fhulang diaidh i ndiaidh ar uainibh do réir thoile an ríogh.



An t-ochtmhadh goin.



Mar sin iomorra do-ní bás ris na daoinibh; óir mar nach
feas dona coireachaibh cia dhíobh dá gcinntear bás ar dtús,


L. 7


mar sin dona daoinibh i gcoitchinne. Agus is uime sin adubhairt
Thomas Morus, amhail léaghthar san dara caibidil déag
dá bheathaidh, cibé cimeach agá mbí dá chonair ré triall dó
ón charcair go croich, agus slighe dhíobh fada agus an tslighe oile
gearr, nach feas dó cia dhíobh raon 'na dtriallfadh an básaire
nó an céasdúnach gusan gcroich leis; mar sin dona daoinibh i
gcoitchinne ag triall go croich na cinneamhna.



Agus is ag cur na guaise sin i gcuimhne dhúinn atá aní
léaghthar ag Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, ag labhairt
i bpearsain Chríost mar a n-abair, si non vigilaveris veniam ad
te tanquam fur “muna dhearna tú faire, tiocfad id dháil amhail
bithbhineach.” Dá chor i gcéill go dtig sé san mbás gan fhios,
an uair is lugha shaoiltear a theacht. Dá bhríogh sin ní foláir
don uile dhuine bheith ollamh roimhe, ó atá an bás dearbh agus
an aimsir aindearbh.



An naomhadh goin.



Más eadh is é ollmhughadh is fearr dho do dhéanamh air
féin, bheith ag sgrúdadh agus ag sgáthántacht agus ag bioth-chuimhniughadh
an bháis agus shomharbhthachta an duine do shíor, do réir
Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastico, mar a
n-abair, memorare novissima etca. “cuimhnigh a dhuine do
neithe déidheancha, agus ní pheacóchair go bráth.” Adeir mar an
gcéadna Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na
hEagna, ní dobhíodh 'na mheanmain gach a mhionca tigeadh
uaill a inntinne nó airde a aigeanta. Ag so aní adeireadh, sum
quidem et ego mortalis homo, similis omnibus “is dearbh go
bhfuilim-se im dhuine shomharbhtha amhail chách oile.” Mar
an gcéadna do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil
déag do Ghníomharthaibh na n-Apstal, an tan do shanntuigheadh
pobal Licaonia Pól agus Barnabas d'adhradh mar dhée tré iomad
agus tré aidhbhsighe a ngníomh, agus tré mhéad a míorbhal, is eadh
do-rónsad na hapstail, smuaineadh ar an mbás, agá rádh, et nos
mortales sumus, similes vobis homines “ní fhuil ionainne acht
daoine somharbhtha mar sibhse.” Agus is uime adubhradar
sin, do theagasg an phobail agus dá thabhairt mar aiceacht dóibh,


L. 8


gacha mhionca dobheidís i mbaoghal a n-uaille nó a n-aigeanta
d'ardughadh, gurab eadh do dhlighfidís, smuaineadh frithir
friochnamhach do dhéanamh ar an mbás, amhail do-rónsad féin
an tan dobhádar i mbaoghal a n-aigeanta d'ardughadh, an tan
dobhí an pobal ar tí a n-adhartha mar dhéé. Óir ní héidir
leigheas d'fhagháil i n-aghaidh urchóide na huaille is fearr ioná
smuaineadh meinic an bháis. Agus is iontuigthe sin as aní do-rinne
Abraham, amhail léaghthar san .23. caibidil in Genesi .i.
gurab ionadh adhluicthe dhó féin agus dá mhnaoi céid-fhearann do
cheannuigh sé riamh. Créad is iontuigthe as sin, acht gurab
eadh dhligheas gach aon, smuaineadh an bháis do bheith i
seilbh a mheanman ó thús a ré go deireadh a shaoghail?



An deachmhadh goin.



Tuig a dhuine, nach lór duit amháin eagla nó omhan an
bháis do bheith ort i n-aimsir do sheanórdhachta nó th'arsaidheachta,
acht go ndligheann gach neach bith-eagla an bháis do
bheith air ó thosach go deireadh a aimsire. Atá fioghair san
mBíobla ag teacht leis so, amhail léaghthar san chéad-chaibidil
do Levitico, mar ar orduigh Dia dona sagartaibh clúmh na n-éan
n-iodhbartha do chor imeasg luaithe na hiodhbarta don taoibh
thoir don altóir. Is eadh chialluigheas an taobh thoir don
altóir, oirthear .i. tosach aoise an duine, amhail chialluigheas an
taobh thiar earr nó deireadh na haoise; agus is eadh chialluigheas
an clúmh agus an luaith do chor tréna chéile, smuaineadh sochrach
na somharbhthachta do chor tré eiteadhaibh uaille na hóige, do
mhúchadh a hainmhian. Agus is ait an ní léaghthar ag
Eustatius san seiseadh leabhar, mar ar sgríobh ar athach
darbh ainm Antaeus. Ag so aní aithristear air: go ndeachaidh do
ghleic ré hEarcuil, agus gach a mhionca do mhothuigheadh a neart
agá thraothadh, do iarradh árach ar an dtalmhain do phógadh,
agus gach a mhionca do-níodh sin, do fhásadh a bhruth agus a bhríogh
arís ann. Mar an gcéadna dhligheas Antaeus .i. an duine, an
tan bhíos ag gleic ré Hercules .i. ris an aibhirseóir, agus bhraitheas
a bhríogh spioradálta agá chlódh lé gleic ghuasachtaigh na glóire
díomhaoine, árach na humhlachta d'iarraidh, do chromadh agus


L. 9


do chlaonadh na toile do phógadh na talmhan, do shíor-smuaineadh
na somharbhthachta atá san gcolainn do dhúthchus ón
talmhain. Óir tiocfaidh dhe sin aithbheódhadh a bhríogh
spioradálta ó anuaill na glóire díomhaoine. Mar an gcéadna
adeirim ris an saoghal cromadh trésan déirc, nó ris an gcolainn
cromadh trésan dtrosgadh, nó tré chiorrbhadh cuirp.



An t-aonmhadh goin déag.



Ní fhuil fós easbaidh spioradálta dá mbí ar dhuine nach
leighiseann smuaineadh meinic an bháis. Agus is dearbhadh air
sin aní léaghthar ag Lucas san chúigeadh caibidil mar do leighis
Críost an dall nach facaidh a bheag nó a mhór ó do geineadh
é gusan dtráth soin. Is amhlaidh iomorra do-rinne Críost sin,
sileadh do chur i gcuid do luaithreadh na talmhan, agus laitheach
do dhéanamh dhíobh, agus a gcomailt do shúilibh an daill, agus tug a
radharc amhlaidh sin dó. Mar an gcéadna dhligheas gach
aonduine bhraitheas é féin dall ó dhoilbh-cheó dhoiléir an
pheacaidh, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, léigeadh
sileadh do dhéaraibh an doilgheasa ar luaithreadh na somharbhthachta
atá ann féin, agus coimleadh sin do rosgaibh a rúin, agus do-ghéabhaidh
aiseag amhairc a intinne as.



An dara goin déag.



Léaghthar san .22. caibidil do Levitico mar do orduigh Dia
dona sagartaibh gan chaoirigh ar bioth ar a mbiadh easbaidh
earbaill do ghabháil réna hiodhbradh. Mar an gcéadna ní
ghabhann Dia mar iodhbairt chuige an duine ar nach bí earball
.i. an té léigeas de gan bheith ag smuaineadh ar a chrích
dhéidheanaigh. Óir adeir S. Athanasius naomhtha gurab uime
do mhalluigh Críost crann na bhfígeadh, tré mar is do dhuille
chroinn na bhfígeadh do chuir Ádhamh roimhe i bparrthus a
shomharbhthacht féin do cheilt, tuilleadh agus cheithre mhíle
bliadhan sul do mhalluigh Críost an crann. Is iontuigthe as
soin gurab tuar malluightheachta don druing cheileas, nó chuireas
ar ceal, cuimhne do bheith aca ar shomharbhthacht an duine
san chrích dhéidheanaigh; agus is iad an drong soin an lucht do-bheir


L. 10


iad féin do shainnt an tsaoghail agus d'ainmhianaibh na colna
agus do ghlóir dhíomhaoin. Óir saoilid an drong soin go mairfeadh
sin leó do shíor. Gidh eadh, mar nár dhíon an duille réamhráitte
sin somharbhthacht Ádhaimh, mar an gcéadna ní dhíonaid na
dubháilce ná na droich-bhéasa ná saidhbhreas ná díomhaoineas
an tsaoghail se an drong do-ní flaitheas díobh, agus do-bheir i
ndearmad agus i ndíochuimhne a gcríoch dhéidheanach.



An treas goin déag.



Ní hionann iomorra dál don druing se agus do Mhaoise, do réir
mar léaghthar san treas caibidil déag in Exodo. Óir gérbh
iomdha ór agus airgead agus iolmhaine i n-imirce Chloinne Israel,
is eadh fá muirear agus fá maoin do Mhaoise ag dol dó trésan Muir
Ruaidh, luaithreadh agus taise na naomh, agus go háirithe taise an
ardathar .i. Ioseph, do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair,
tulit quoque Moyses ossa Ioseph “do iomchuir mar an gcéadna
Maoise cnámha Ioseph.” Agus is dona hadhbharaibh fá ndearna
sé sin, mar chuimhniughadh ar an mbás agus ar shomharbhacht
an duine. Léaghthar ag Andreas Massius san chaibidil
déidheanaigh ro sgríobh ar leabhar Iosue gur chuir an t-ard-
athair Noe taise Ádhaimh i dtaisgidh san áirc ré hucht na
dílinne, mar ionnmhus luachmhór, ionnus go mbiadh aige mar
shaidhbhreas réna roinn idir a chloinn, amhail do-rinne. Óir tug
sé an ceann don mhac fá sine, agus do roinn go cudroma an chuid
oile idir an dís oile. Agus is uime do-rinne sé sin, do bhríogh
gur mheas gur mhó do shochar dá chloinn na taise sin, do-bhéaradh
an bás 'na gcuimhne, do bheith aca, ioná ór agus iolmhaoine na
cruinne.



An ceathramhadh goin déag.



Ní hiongnadh an meas soin do bheith ag an hardaithreachaibh
réamhráitte a sochar chuimhnighthe an bháis, agus a mhionca do
bhí cuimhne ag prionnsadhaibh págánta ar an mbás. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar Alexander, do réir mar léaghthar 'na
bheathaidh go raibhe lá n-aon ag éisteacht ealadhan agus eólais ó
fheallsamhnaibh feasacha foghlamtha a theaghlaigh agus a thighe
féin; agus an tan do gheall a mbreath féin dóibh, is é ní do iarrsad


L. 11


air, iad féin do dhéanamh domharbhtha. Do fhreagair dhóibh agus
is eadh adubhairt: “Ní thabhair duine uaidh aní nach bí aige;
agus do bhríogh nach fuil domharbhthacht agam, ní fhéadaim a
tabhairt daoibh-se. Agus a thruagha, ar sé, nach tuigthí gurab
duine mise, agus dá réir sin go bhfuilim féin somharbhtha amhail
gach nduine oile.”



An cúigeadh goin déag.



Léaghthar arís ar Aelianus, san chúigeadh caibidil déag don
naomhadh leabhar ar Philip, athair Alexander, go mbíodh an
uiread soin do chuimhne ar an mbás aige, go dtug sé tuilleamh
agus tuarastal do thaoiseach dá mhuinntir fá thoidheacht dá fhios
gacha maidne lé forfhógra an bháis agá rádh, O Rex, memento
te esse hominem “a rí, cuimhnigh gurab duine thú, agus dá réir sin
go bhfuile somharbhtha amhail chách.”



An seiseadh goin déag.



Léaghthar mar an gcéadna ag Plutarc, san gcéad-obair ro sgríobh
go Apollonius, gur fhiafraigh rí anuaibhreach na Lacedemonia
darbh ainm Pausanias, d'fheallsamh fhoghlamtha do
bhí 'na fhochair darbh ainm Simonides, créad an teagasg tarbhach
nó an chomhairle chríonna do-bhéaradh dhó, lé bhféadfadh a
fhlaitheas do stiúradh, agus a bheatha do thabhairt as go measardha.
Do fhreagair Simonides agus adubhairt, “ag so an chomhairle is
glioca do-cíthear corrigenda dhamh: O Rex, memento te esse hominem,
a rí, cuimhnigh gurab duine thú.” Dá chor i gcéill go raibhe sé
somharbhtha. Óir do mheas an feallsamh fír-eólach, nach
raibhe san domhan foirceadal ná teagasg budh tarbhaighe dhó
ré a thabhairt don rígh, ioná an bás do chor i gcuimhne dhó, do
mhúchadh a mhacnais agus a mheanman, agus d'ísliughadh a uaille agus a
ard-aigeanta.



An seachtmhadh goin déag.



Léaghthar ag Plutarc san leabhar dá ngoirthear Fleadh na
n-Eagnaidheach, go raibhe rí san Éigipt dobhí roi-eagnaidhe, dar
bh'ainm Ptolomeus Philadelphus, agus go mbíodh aige do ghnáth, ré
linn bheith ag caitheamh a phroinne dhó, cloigeann duine mhairbh


L. 12


ar an mbord 'na fhiadhnaise, agus fós fá héigean dá fheadhmannach,
ar mbeith ag caitheamh a phroinne dhó, seasamh 'na fhiadhnaise
agá radh, “A rí agus a thighearna, cuimhnigh go raibhe fear an
chloiginn se mar ataoi-se, agus go mbiaidh tusa amhail atá-san.”
Léaghthar san áit chéadna go raibhe 'na ghnáthughadh ag lucht
na hÉigipte, an tan dobhídís ar cóisir nó ar cuireadh choithcheann,
ré freastal an bhídh ar na bordaibh, go dtigeadh fear friothóilte
imeasg cháich ré suidhe dona huaislibh agus dona hurraidhibh, agus
taise dhuine mhairbh leis dá leagadh ar na bordaibh i
bhfiadhnaise na n-uasal agus na n-oireach, agá rádh: “A chairde
tairise, cuimhnighidh gur éagsad an dream dar chnámha na taise
se, agus go n-éagfuidhe-se mar an gcéadna.”



An t-ochtmhadh goin déag.



Is iomdha sompla oile do fhéadfamaois do thabhairt anuas
ar Phágánchaibh, léigfeamaoid dínn don chur so gan teacht
tarsa. Gidh eadh, bíodh a fhios agaibh gurab dona céad-aiceachtaibh
tug Dia don duine smuaineadh ar an mbás, an tan
adubhairt ré hÁdhamh, an tan do chaithfeadh ní do thoradh an
chroinn, go bhfuighbheadh bás, do réir mar léaghthar san dara
caibidil in Genesi; agus arís, mar do innis don duine gurab do
luaithreadh do-rinneadh, agus gurb i luaithreadh do claochlódhthaoi
é, ag cor an bháis i gcuimhne dhó, amhail léaghthar san treas
caibidil. Agus fós léaghthar san chaibidil chéadna gurab do
chroicnibh beathadhach marbh do-rinne Dia an céid-éadach
d'Ádhamh agus d'Éva, do chor an bháis i gcuimhne dhóibh, ionnus
an tan do-chífidís croicne na mbeathadhach marbh, gomadh
cumhain leó an bás do bheith i gcinneadh dhóibh féin.



An naomhadh goin déag.



Is iontuigthe as aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag
ag Ieremias, nach fuil sgol ar bioth 'nar tarbhaighe do neach
dol d'fhoghlaim a leasa ioná go ceardchain an bháis, d'fhagháil
fheasa agus eólais ar an somharbhthacht atá i gcinneadh dona
daoinibh i gcoitchinne. Óir an tan dobhí Dia ar tí Ieremias do
theagasg, is eadh adubhairt ris, dul isteagh i gceardchain 'na


L. 13


raibhe ceard chorcán gcriadh do dhéanamh. Agus ar ndol dó
isteagh san gceardchain, is amhlaidh dobhí an ceard, agus crocán
ar deil aige dá ollmhughadh; agus sul do dhealuigh ris an roth, do
bhris aige. An dara feacht do thiomsuigh an gcriaidh gcéadna,
agus do ghabh agá suathadh, go ndearna corcán oile dhi. Mar sin
dó ris na crocánaibh, óir do bhriseadh cuid díobh sul do
thiormuighdís aige, agus cuid oile d'éis tiormuighthe. Go
fáith-chiallach, is é an ceard úd an nádúir dhaonna, agus an roth beatha an
duine, ó thig anam ann go fagháil bháis dó; an soitheach criadh
an duine; agus an cheardcha úd sgol sgrúduighthe an bháis. Agus
is eadh chialluighid na crotha éagsamhla ar a bhfaghaid na daoine
bás, mar atá, cuid díobh sul bheirthear iad, agus cuid oile iarna
mbreith, cuid iona n-ógánchaibh agus cuid 'na seanóiribh. Agus
is córaide an coimmeas so do dhéanamh idir an gcriaidh agus an
duine, mar adeir Iob san .30. caibidil, Comparatus sum luto
“atáim arn-am choimmeas ré lathaigh.” Dá chor i gcéill gurab
amhlaidh theagmhas don duine amhail theagmhas don lathaigh
nó don chriaidh bhíos i gceardchain na soitheach gcriadh, amhail
adubhramar. Créad is iontuigthe as so, acht nach fuil cruth ar
bioth 'na mbí an duine acht cruth 'na bhfuil sé somharbhtha?
Agus is dá chor so i gcéill tug Dia an taisbéanadh úd do Ieremias,
ré a chor i gcéill do Chloinn Israel dobhí díomsach doitheagaisg
ionnta féin, do bhríogh gur mheas nach raibhe sás a meanman
do mhúchadh agus a n-uaille d'ísliughadh dob fhearr ioná an bás
do bhagar orra.



AN DARA HALT
'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí sochair do-geibhthear a
smuaineadh bioth-ghnáth an bháis.



An chéad-ghoin.



An céad-shochar dhíobh, go dtabhair ar neach dimbríogh agus
neimhsheadh do thabhairt san tsaoghal, do réir mar adeir
Ieronimus ag sgríobhah go Paulinus, mar a n-abair, facile
contemnit omnia qui se semper cogitat moriturum “an tí smuaineas


L. 14


do ghnáth go bhfuighbhe féin bás, is urusa leis dimbríogh do
thabhairt san uile ní,” agus dá réir sin i maoin agus i maitheas
sho-ghluaisde an tsaoghail se. Óir amhail thréigeas an dallóg bheith
ag súghadh fhola an easláin, an tan chroittear luaithreadh ar a
ceann, mar an gcéadna don tsanntach, tréigidh bheith ag súghadh
agus ag slogadh núis na talmhan, agus ag diúl duille dhiombuain an
domhain, an tan chroittear crithir do chuimhne an bháis ar
bhuaic a mheanman.



An dara goin.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar ag Galiensis, .i. go
raibhe aon-mhac duine uasail agá raibhe oighreacht mhór 'na
chomhair, go ghabh cuing chrábhaidh agus do thréig toicce an
tsaoghail ar ghrádh na bochtachta. Agus an tráth do-chualaidh
a athair sin, do ghabh fearg mhór é, agus do-chuaidh d'fhios an
mhic, dá ghuidhe um thoidheacht as an ord bhocht 'na raibhe.
Do fhreagair an mac dhó, agus adubhairt nach tréigfeadh féin an
t-ord 'na raibhe ar an oighreacht dobhí aige-sean ré a fágbháil,
acht muna dtigeadh dhe an droch-nós dobhí 'na dhúthaigh do
chor ar gcúl; agus is é droch-nós do mhothaigh do bheith ann .i.
gurab ionann tigeadh an bás do rochtain an óig agus an arsaidh, an
bhoicht agus an tsaidhbhir, an uasail agus an ísil. An an iomorra
do-chualaidh an t-athair uraghall an mhic, do thuig go raibhe an
bás d'áirithe ag gach aon-duine; agus dá bhríogh sin nár chuirthe
seadh sna sealbhaibh saoghalta. Agus leis sin do thréig féin a
uile mhaitheas talmhaidhe ar an mbochtacht, amhail do-rinne a
mhac, mar do-chualabhair. Ag so is iontuigthe go dtig do
chuimhne an bháis neimhsheadh ag duine i maoin shaoghalta.



An treas goin.



An dara sochar, go múchann macnas na colna; agus gurab
uime sin do bhagair Dia ar Ádhamh gurb do luaithreadh do-rinneadh
é, agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é, do bhríogh
nachar mheas sé leigheas ar bioth i n-aghaidh chraois agus antoile
Ádhaimh budh fearr ioná an bás do bhagar air. Agus fós is ag
cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar san naomhadh caibidil


L. 15


déag do Leabhar na Nuimhreach, mar ar orduigh Dia don
mhuinntir do bheith cáidheach nó salach dol d'fhios na sagart
dá nglanadh; agus is amhlaidh do-níthí riú, luaithreadh na hiodhbarta
agus fíor-uisge ar n-a gcumasg do chrothadh orra le craoibh
íosóipe. Agus is eadh chialluigheas sin, go ndligheann gach
aon bhíos cáidheach nó salach ó cheanaibh an chuirp, luaithreadh
smuaintighthe an bháis do chumasg tré fhíor-uisge na
haithrighe, agus a gcrothadh ar an anam lé híosóip na hurnaighthe.



An ceathramhadh goin.



Dearbhadh oile fós air sin aní léaghthar ag Isidorus, san
dara caibidil don seachtmhadh leabhar do Leabhraibh na
Sanasán, ar luaithreadh an chroinn dá ngoirthear iuniper .i. go
gcaomhnann sí grís gan mhúchadh ar feadh bliadhna. Mar an
gcéadna do luaithreadh smuaintighthe an bháis, do-níthear do
chrann an choguais bhíos ar n-a uile-losgadh lé teine grádha Dé
ar altóir na hanma; cumhduighidh sí grís an ghrádha céadna
i n-aigneadh an fhíréin do shíor. Agus is é sochar thig dhe
sin: an gcéin mhaireas grádh Dé i n-anam an fhíréin, nach
éidir éin-spréidh do theine na hantoile do mharthain 'na mheanmain,
amhail nach féadann teine ghrádha Dé marthain mar
aon ré hannsacht na hantoile. Agus cibé do shaoilfeadh go
bhféadfadh grádh ainmhianach na hantoile bheith mar aon ré
grádh nDé, bíodh a fhios aige gur bréagach a bhreathnughadh.
Óir ní héidir a mheas go mbiadh dúil ag duine i gcraos agus i
ndrúis nó i ndroich-bheartaibh oile, agus iona gcur i ngníomh, agus a
fhios aige féin gurab neamhthoil ré Dia a ndéanamh, agus a rádh
go mbiadh grádh do Dhia i n-aoinfheacht riú aige.



An cúigeadh goin.



Is iontuigthe fós as aní léaghthar ag Galiensis san leabhar dá
ngoirthear Toirbheart an Uamhain, go dtig múchadh na
n-ainmhian do smuaineadh an bháis; mar a léaghthar go raibhe
lá n-aon duine foghlamtha ainmhianach ag éisteacht ré beathaidh
na n-ard-aithreach úd an tsein-reachta agá léaghadh, agus an
sgríbhinn agá fhaisnéis go maireadh drong dhíobh ós cionn ocht


L. 16


gcéad bliadhan, agus drong oile ós cionn naoi gcéad bliadhan; gidh
eadh, i ndeireadh bheatha gach aoin aca do-chluineadh na
briathra so agá léaghadh: et mortuus est “agus atá ar bhfagháil
bháis.” As na briathraibh sin do thuig an t-eagnaidheach dá
fhaide mhaireas duine gurab cinnte dhó an bás dá rochtain.
Agus táinig don smuaineadh sin gur dhiúlt sé d'áineas agus d'antlás
an tsaoghail, agus do ghabh cuing chrábhaidh ré ais, agus do chaith a
aimsir go haithrigheach ó shoin amach. Mar sin do gach aon
oile smuaineas go grinn glain-eólach ar an mbás: do-bheir sé i
dtáir agus i dtarcaisne bláth bréige na beatha so.



An seiseadh goin.



Is uime sin atá aní léaghthar ag Galiensis, ar an ngnáthughadh
bhíos ann ré linn Phápa do dhéanamh. Téid iomorra
duine ar an raon roimhe, ré dtriall i nglóir-réim dhó, agus ultach do
bharrach lín aige, agus an tan loisgthear an líon lais adeir na
briathra so: Pater Sancte, transit gloria mundi .i. “a athair
naomhtha, is mar sin téid seacha glóir an domhain.” Dá chor
i gcéill gurab sás sriain do chor ré macnas na colna smuaineadh
an bháis. Agus is uime sin do dheónuigh Dia do Chloinn
Israel, ré hucht bheith ag déanamh crábhaidh, luaithreadh
do chrothadh ar a gceannaibh, dá chor i gcuimhne dhóibh a
mbeith féin fá dheóidh iona luaithreadh. Agus is maith do
thuig Abraham a shomharbhthacht féin, do réir mar léaghthar
san ochtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, loquar
ad Dominum cum sim cinis et pulvis “labheóraidh mé ris an
dTighearna, ar mbeith im luaith agus im luaithreadh dhamh.”
Adeir fós Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclesiastico
ní as a dtuigthear nach fuil acht talamh agus luaith san cholainn
daonna, mar a n-abair, omnis homo terra et cinis “is talamh agus
is luaithreadh na huile dhaoine.” Agus is ag cur an bháis chéadna
i gcuimhne dhúinn atá an fógra tug Dia do Chloinn Israel,
amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag do Leabhar na
Nuimhreach, mar do aithin díobh luaith na bó do bheith ar n-a
hiodhbairt do dhortadh i n-ionadh ro-ghlan. Dá chor i gcéill
go ndligheann an duine luaith a mheanman bhíos arna losgadh


L. 17


le teinidh grádha Dé do chor i dtaisge i n-ionadh ghlan, mar
atá i gcisde, nó i gcliabh chomhghonta an choguais. Is mar
chuimhniughadh ar a shomharbhthacht féin atá aní léaghthar san
chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na
Ríogh ar Naaman, mar thug leis muirear cuingreach don úir do
bhí láimh ré Sruth Iordáin, ionnus gomadh cumhain leis go
raibhe féin 'na lobhar easlán ré ndol go Iordáin dó, agus dá réir
sin go raibhe an bás d'áirithe aige féin fá dheireadh.



An seachtmhadh goin.



Léaghthar san .28. caibidil in Exodo gur orduigh Dia don
ard-shagart Maoise anmanna dá threibh dhéag Israel do sgríobhadh
ar dhá leic - sé treabha ar gach leic dhíobh, do réir uird
a ngeineamhna. Agus is uime do dheónuigh Dia na treabha
soin do sgríobhadh ar na leacaibh, ionnus an dream do léighfeadh
anmanna na dtreabh soin iar n-éag dóibh, go dtugdaois i
gcuimhne an bás do bheith coitcheann dá gach aoin-treibh,
agus dá gach aon-aicme don druing dhaonna.



An t-ochtmhadh goin.



Is do chor fós an bháis i gcéill atá aní léaghthar san .20.
caibidil in Exodo, mar ar fhoráil Dia ar Chloinn Israel altóire
criadh do dhéanamh mar a ndighéandaois a n-iodhbarta agus a
n-uile-losgadh. Dá chor i gcéill nach fuil acht cré ionnta féin,
an tan bhíd ag foghnamh don Dúileamh, agus dá réir sin go
bhfuilid somharbhtha.



An naomhadh goin.



Is ag cor an bháis mar an gcéadna i gcuimhne dhúinn atá
aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh, mar ar chuir Iosias Rí taise na marbh
dá dtógbháil as na feartaibh agus dá losgadh ar altóir do láthair an
phobail, ionnus go dtiocfadh dona taisibh d'fhaigsin 'na luaith
go dtuigfeadh an pobal gur chinnte dhóibh féin bheith 'na luaith
fá dheireadh.


L. 18


An deachmhadh goin.



Léaghthar ag Tertullian san leabhar do sgríobh do Choróin
an Ridire, gur nós idir na Rómhánchaibh, an tan dobhíodh
caiptín cosgrach dhíobh féin 'na charbad caithréime ag triall
go tóicheastalach i nglóir-réim tré a ghníomhaibh gaisgidh, do
bhíodh daoirseach iona seasamh láimh réna charbad ag aithis
agus iomcháineadh air, ag rádh na mbriathar so: respice post te,
hominem te esse memento “féach id dhiaidh, cuimhnigh gurab
duine thú.” Is uime dobhí an nós so idir Rómhánchaibh, do
chor a chríche, .i. an bháis, i gcuimhne don chaithréimeach, do
mhúchadh a mhéide meanman, d'eagla go bhfásfadh a uaill
a los na glóir-réime 'na mbíodh.



An t-aonmhadh goin déag.



Is eadh thrá dhligheas an duine do dhéanamh, amhail do-rinne
Agathocles rí na Sisile, do réir Policrates san chúigeadh
leabhar, mar a n-abair go gcleachtadh an rí réamhráitte cuirn
agus cuacha criadh do thabhairt fá-deara ar a dháileamh do fhreastal
go laothamhail ar a bhord. Agus an tan do fhiafruigh duine
uasal dá mhuinntir dhe, créad fá bhfuilngeadh soitheach criadh
do chor dá láthair ar a bhord, agus a usacht dó easgar airgid nó
bleidhe béil-dearg óir do bheith ann, is eadh do fhreagair an rí,
gurab uime do ghnáthuigh na cuirn chriadh do chor ar a bhord,
do thabhairt uirísle na hinnmhe dobhí 'gá athair 'na chuimhne.
Óir fá ceard chorcán gcriadh do dhéanamh an t-athair ór fhás
sé; ionnus an tan do-bhéaradh dá aire dearóile agus doimheastacht
an athar ór fhás féin, ré faigsin na gcorn gcriadh, go dtréigfeadh
a dhíomus agus a anuaill. Mar an gcéadna do dhlighfeadh gach
aon agá mbiadh toicce nó trom-chonách nó aird-innmhe
shaoghalta aige, a mheas gurab dearóil díomhaoin an t-athair
ór fhás féin, .i. Ádhamh, an mhéid gurab de tháinig an cine
daonna do chor ó oighreacht fhlaithis Dé, agus an bás do bheith
i gcinneadh dá gach aon dá shliocht agus dá shíol-aicme.


L. 19


An dara goin déag.



Léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh
leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur bhagair Eliseus ar Giezi
go mbiadh 'na lobhar, agus gach aon dá ngeinfidhe uaidhe. Mar an
gcéadna do bhagair Dia ar Ádhamh, do réir mar léaghthar
san dara caibidil in Genesi, go bhfuighbheadh féin agus gach aon
dá ngeinfidhe uaidh bás, tré choill na cána do chuir ar chrann
na haithne i bparrthas. Agus atá sin agus gach ainiarsma oile
dá bhfuil 'na dhiaidh a los uilc agus ainghníomh Ádhaimh ag
tuitim i gcoitchinne ar a chloinn, ar mbeith galrach uile dhóibh
ó lubhra an phréimh-pheacaidh do chin ó Ádhamh ionnta.
Agus is uime sin adeir Pól, amhail léaghthar san chúigeadh
caibidil déag don chéid-Eipistil do sgríobh gusna Coirintibh,
in Adam omnes moriuntur “do-gheibhid na huile bás i n-Ádhamh.”
Dá chor i gcéill gur chaill Ádhamh dhó féin agus dá shíol an
tearmann dobhí aca ón bhás, ar mbeith i staid an ionnracuis
dó, agus gur tuilleadh leis an bás do bheith i gcinneadh dhó féin
agus dá shíol; agus gach ainiarsma oile atá 'na leanmhain, mar atá
fuacht agus teasbach, íota agus ocrus, taoma agus tinnis, galair ghéara
gháibhtheacha, agus gach amhgar oile lingeas orra; ionnus an
tan ghabhas an bás greim dhíobh agus thraothas iad, nach bí acht
cairn chrumh 'na gcorpaibh, agus nach bí acht fearta feil-ghníomh
'na n-anmaibh, madh peacthaigh iad.



An treas goin déag.



Gidh eadh, fa-ríor, ní thuigthear cor na cinneamhna go
cuimhneach lé hógaibh uallacha éigcríonna na haimsire se, an tan
bhíd ag breith a ruag reabhraidh, agus ag imirt a mbáire baoise, ag
déanamh cluiche lúibe agus liathróide, ag lámhach bonnsach agus
bior-ghaoitheadh, agus ag eatrasa agus ag iomáin, agus fós ag ól agus ag
imirt, ag beannradh agus ag breasnaigheacht. Agus mo thruaighe na trocha
nach tuigid mar thig an bás go hobann dá bhfuadach leis go
meinic, an uair is mó bhíd i n-árach a n-il-chleas agus a n-antlás.
Agus saoilim go measaid na baotháin úd go mbí ceart cinnte
aca ar ré shíordhaidhe d'fhagháil, mar nach tabhraid dá n-úidh


L. 20


ná dhá n-aire guais ná gábhadh dá mbí rompa. Oir ní héidir
nach diongnadaois iad féin d'inneall i n-oirchill na n-olc bhíos ré
tuirling orra, dá meastaoi leó iad féin do bheith somharbhtha.



An ceathramhadh goin déag.



Gidh eadh, is eagail dóibh go n-aibeóraibh Dia riú amhail adubhradh
ris an saidhbhir luaidhtear san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a
n-abair ris an saidhbhir gcéadna do shaoil é féin do bheith i
gcéim ard i roth na réime aimseardha, stulte, hac nocte
animam tuam repetent a te, quae autem parasti cuius erunt “a
amadáin, iarrfaidh siad aiseag h'anma san oidhche anocht ort;
cia trá 'gá mbeid na neithe do ollmhuighis?” Dá chor i
gcéill - tar ceann gur shaoil an toicceach nach raibhe baoghal
air féin ar mbeith dhó i mí aoibhill a ratha saoghalta, nó gur
ling an bás go hobann air, lér sgaradh ris gach sochar saoghalta
é - gurab mar an gcéadna theagmhas go meinic don óg agus don
arsaidh anollamh. Tig an bás go meinic dá mbreith, an tan is
lugha bhíos a uamhan orra, agus caillid a lúth agus a láthar, a
ngné agus a maise agus a maoin agus gach sochar oile ó shin amach. Agus is é sin
do-ní Iob d'éagnach ar an mbás, amhail léaghthar san .30.
caibidil do Leabhar Iob mar a n-abair, abstulit quasi ventus
desiderium meum, et velut nubes pertransiit salus mea “do fhuaduigh
mar ghaoith mo mhian, agus do-chuaidh mo shláinte seocham amhail
néall.” Dá chor i gcéill go ndealuigheann an bás ris an duine
a mhaise, a mhiana, agus a mhaitheas saoghalta. Gidh eadh, bíd
drong do dhaoinibh doitheagaisg ann, ionnus nach bí feidhm
an bás do bhagar orra, do bhríogh go saoilid nach bí aca féin
acht léim do bhreith a sódh agus a sádhaile na beatha so go
grinneall na glóire síordhaidhe.



An cúigeadh goin déag.



Acht cheana, mealltar an dream so, amhail do mealladh an
saidhbhir sádhail luaidheas Lúcás san seiseadh caibidil déag, do
chleachtadh é féin d'oirneadh d'éadaighibh sróill agus síoda agus sigir,
do phurpur agus do bhiosóir, agus fós é féin do bhiathadh do bhiadhaibh
séimhe soineamhla sochaithmhe, agus do dheochaibh milse míne


L. 21


measgamhla, agus fuair bás obann gan aithrighe, agus do hadhnaiceadh
i n-ifreann, go raibhe dá il-chéasadh ann. Mar an gcéadna
theagmhas don druing shaoileas iad féin do bhreith ó chonách
an tsaidhbhir go coróin Lazarus. Agus is uime sin adeir Iob,
ag labhairt ar an druing se san dara caibidil déag, ducunt in
bonis dies suos, et in puncto ad inferna descendunt “treóruighid
a laithe i maoinibh, agus tuitid i bpongc go hifreann.” Dá chor
i gcéill, an drong bhíos i meadhón a maoine agus a maitheas
saoghalta, go bhfuaduighthear san mbás lé prap na súl, nó lé
haithghearr aon-uaire i bhfodhomhain agus i bhfír-íochtar uathbhásach
il-phiastach aigianta ifrinn iad.



An seiseadh goin déag.



Léaghthar ag Galiensis go raibhe duine dh'áirithe ag teitheadh
rés an mbeathadhach dá ngoirthear aon-adharcach, nó gur thuit
i bhfairthis nó i ndeirc dhomhain, áit i bhfacaidh crann, agus dá
luchóig, luchóg díobh bán agus an luchóg oile dubh, agus iad ag
tochailt fhréimhe an chroinn. Agus do-chonnairc dragún
uathbhásach ar ghrinneall na deirce ar tí é féin do shlogadh.
Do-chonnairc mar an gcéadna i sleasaibh na deirce cheithre
cinn nathrach neimhe dá ngoirthear aspides, agus iad ar tí a
sháir-itte. Agus ré tógbháil a shúl suas do-chonnairc beagán
meala ag sileadh do ghéagaibh an chroinn. Agus ar ndearmad
gach guaise 'na raibhe ós a chionn, tug amus d'iarraidh milse
na meala gan féachain don ghuasacht 'na raibhe. Féadtar a
rádh go fáthach gurab é an duine úd dobhí ag teitheadh an
peacthach; an aon-adharcach, an bás; an deirc, an domhan;
an crann, bile barr-úr na beatha; an luch bhán agus an luch dhubh,
an lá agus an oidhche; na ceathra cinn nathrach, na ceithre dúile
dá ndéantar an corp; an dragún, an diabhal; na braoin mheala,
an sólás saoghalta.



An seachtmhadh goin déag.



Is truagh, ó tá an gadhar saothair se, .i. an bás, ag seilg na
hanma, nach tabhair an duine dá aire deirc dhuaibhseach an
domhain, ionnus go bhféadfadh é féin d'iomchosnamh ar lot


L. 22


na luchóg úd bhíos ag cognamh agus ag creim-ghearradh fréimhe
na beatha; agus fós é féin d'iongabháil ar na ceithre ceannaibh
nathrach úd .i. ar na ceithre cáilibh contrárdha, mar atá teas
agus fuacht, tiormacht agus flichidheacht; mar an gcéadna fós é féin
do dhíon ar dhaoirsigh dhaor-dhálaigh an diabhail; agus tar gach
éin-ní é féin d'inioclann ar mhil mbréige na beatha tadhaill se.



An t-ochtmadh goin déag.



Is trésna guaisibh se do bheith i cionn an duine adeir
Dáibhídh ag labhairt ré lucht an díomusa mar a n-abair, ut quid
diligitis vanitatem et quaeritis mendacium “créad fá dtugthaoi
grádh don díomhaoineas, créad fá n-iarrthar libh an bhréag?”
Dá chor i gcéill gurab éadtarbhach don druing do-bheir iad
féin do bhaoth-ghlóir na beatha aimseardha réim ná rath dá
bhfaghaid, agus na guaise réamhráitte 'na gcionn. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar na daoinibh is oirdhearca do-chuaidh romhainn.
Óir níor chaomhain a cheannas feadhna Séasair, ná a neart
Samson, ná a eagna Solamh, ná a áitheas Alexander, ná a áille
Absolón, ná a intleacht Aristotail, náid a bhriathra bláithe
briocht-shnoighthe Cicero, ná aon oile aon-acfuinn dá mbí ann,
ar ghuaisibh an bháis. Agus is uime sin adeir Ieremias, ag
smuaineadh ar anfhorlann luchta an díomusa, amhail léaghthar
san seachtmhadh caibidil déag mar a n-abair, maledictus homo
qui confidit in homine “is malluighthe an duine chuireas a
mhuinighin i nduine.” Is eadh is iontuighthe as na briathraibh
se gurab malluighthe an tí chuireas a dhóigh i nduine dá mhéid,
agus ghiallas dá réir do dhéanamh i ngeall ar onóir shaoghalta,
agus thréigeas toil Dé do dhéanamh i ngioll orra.



An naomhadh goin déag.



An treas sochar .i. cathuighidh smuaineadh an bháis ré
haimsighthibh an aidhbhirseóra, an mhéid go dturnann an díomus
fhoráileas an diabhal ar na daoinibh do bheith ionnta, do bhríogh
gurab é féin ard-fhlaith an uabhair, do réir Iob san .41.
caibidil mar a n-abair, ipse est rex super omnes filios superbiae
“is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa”. Dá chor i


L. 23


gcéill gurab í is oiffig phrinsiopálta dhó, an t-uabhar d'adhnadh
i n-aigeantaibh na ndaoine. Gidh eadh, ní fhuil leigheas ar
bioth is éiffeachtaighe i n-aghaidh an uabhair sin ioná smuaineadh
friochnamhach an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh, ag
turnamh uaille an duine, san deachmhadh caibidil in Ecclo.
mar a n-abair, quid superbis terra et cinis “a thalaimh agus a
luaithridh, créad as a ndéine díomus?” Dá chor i gcéill nach
fuil ar bioth gléas do thurnamh an díomusa is mó ioná smuaineadh
ar an gcrích ndéidheanaigh, dá dtig talamh nó luaithreadh
do dhéanamh don duine.



An .20. goin.



Is uime sin do chleachtadh Democritus, do réir mar léaghthar
ag Laertius, caidreabh na mbeó do thréigean, agus dol i n-imchian
an fhásaigh do chinneadh chomhairle ré taisibh na marbh.
Agus is í comhairle do-gheibheadh ón marbh, aní léaghthar
san .38. caibidil in Ecclo. mar a n-abair an marbh, memor esto
iudicii mei, erit tuum, hodie mihi, cras tibi “bí cuimhneach
ar mo bhreitheamhnas-sa, a shamhail theigéamhas duit-se;
aniogh dhamh-sa, amárach dhuit-se.” Dá chor i gcéill, amhail
do slíobadh gach sochar saoghalta uaidh féin nó gur fágbhadh
folamh foghtha é, go dteigéamhaidh an creachadh céadna ar
an mbeó an tan éagas.



An t-aonmhadh goin fichead.



Léaghthar mar an gcéadna ag Laertius san seachtmhadh leabhar
go ndeachaidh Zenon d'iarraidh comhairle ar a láimh-dhéibh,
cionnus do fhéadfadh a bheatha do thabhairt as go
subháilceach somholta. Do fhreagairsead dó, agus is eadh
adubhradar ris, dol do dhéanamh comhairle ris na marbhaibh.
Créad is iontuigthe as sin, acht gur dhearbh leó nach raibhe
sompla san bhioth is cinnte as a dtuigfeadh Zenon amhgar agus
ainiarsma an duine, ioná ó bheith go frithir fuireachair friochnamhach
ag feitheamh thaiseadh na marbh. Óir tré shilleadh orra
is léir dó a lomnochtaighe fhágbhas an bás iad, dá mhéad do
bhí d'innmhe agus d'acbhuing 'na mbeathaidh aca.


L. 24


An dara goin fichead.



Is cosmhail gur thuigeadar Gréagaigh an bhuaidh se do
bheith i smuaineadh an bháis i n-aghaidh an díomusa, ar an
ngnáthughadh dobhí aca ré linn choróine do chor ar an
impire, do réir mar léaghthar ag Leontius i mbeathaidh na
n-aithreach, gur nós ag na Gréagachaibh, an lá do cuirthí coróin
ar an impire, agus dobhíodh ag triall i gcaithréim ghlórmhair ón
dteampall go soiche a phálás féin, drong mhór do shaoraibh cloch
do chor ar an raon roimhe, agus clocha marmair ar a nguailnibh,
agus cuid dona clochaibh dubh, cuid bán, agus an chuid oile glas,
agá fhiafruighidh don impire cia dhíobh sin dath budh maith
leis do chur 'na thuama. Agus is uime do ghnáthuighidís sin,
do chor an bháis i gcuimhne don impire, an tráth is mó do
mheasdaois a uaill do bheith ag ardughadh.



An treas goin fichead.



Tig leis so aní léaghthar ag Ieronimus san .55. Eipistil, ar
rígh dobhí ar an bPersia darbh ainm Xerxes. Ar dtiomsughadh
iomorra agus ar dtroim-thionól shluagh agus shochaidheadh ndíoáirmhighthe
don rígh réamhráitte as gach aird dá fhlaitheas féin, agus ar
gcruinniughadh agus ar gcoimhthionól go haon-ait dóibh, do-chuaidh
an rí ar tulaigh aird i gceirt-mheadhón na sluagh, agus dobhí 'gá
bhfeitheamh agus 'gá bhfír-fhéachain do gach leith dhe. Agus do
mheas 'na mheanmain ná táinig ó thús domhain ar aon-láthair
sluagh budh líonmhaire ioná iad, ionnus gur ghabh sé uaill
aigeanta agus méid mheanman de sin. Gidh eadh, go grod 'na
dhiaidh sin do chuimhnigh nach mairfeadh i gcionn chéad
bliadhan drong ná díorma ná duine don deagh-shluagh dhíoáirmhighthe
sin gan bás agus buain-éag dá mbreith. Agus leis
sin do chaoi go searbh, agus do smuain go bhfuighbheadh féin bás
mar gach fear, ionnus gur turnadh dhe sin an uaill aigeanta
do fhás roimhe sin ann, ar bhfaigsin na sluagh.



An ceathramhadh goin fichead.



Léaghthar mar an gcéadna ag Basilius naomhtha, gur orduigh a
uaigh féin do thochailt, ar mbeith 'na easbog dó, agus go dtug fá-
deara


L. 25


ar óglách dá mhuinntir teacht gach aon-lá dá fhaisnéis dó
nach bíodh sí críochnuighthe. Léaghthar fós ar easbog darbh
ainm Iohannes Eleemosynarius, do dtug fá-deara a uaigh féin do
thionnsgnamh, agus a deargadh gach aon-lá, agus níor léig a críochnughadh
go bás. Léaghthar arís ag Excipilinus, gur chuir an t-impire
darbh ainm Severus a uaigh féin dá déanamh. Agus is uime
do-rinneadar na gníomha soin, mar chuimhniughadh ar an mbás.
Dá chor i gcéill iad féin do bheith somharbhtha. Óir fá dearbh
leó nach raibhe sás a n-uaille do chlódh budh mó ioná bioth-chuimhne
an bháis; agus fós nach fuil ní san mbioth is mó
chaomhnas agus do-ní dídean don duine ar díbheirg Dé do thuilleamh
ioná bioth-chuimhne an bháis.



An cúigeadh goin fichead.



Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Ezechiel san naomhadh
caibidil, mar ar orduigh Dia don aingeal singin tau do chor i n-éadan
gach aoin ar a ngoillfidís feil-ghníomha deanachta cathrach
Ierusalem, ionnus an tí ar a mbiadh an singin sin, go mbiadh
tearmann aige ón oirleach dobhí ag Dia ar tí a imeartha ar
gach aon ag nach biadh an singin sin 'na éadán. Measaim go
fáthach gurab í an chathair úd Ierusalem an domhan, agus gurab
iad na feil-ghníomha úd na peacaidh mharbhthacha i gcoitchinne,
agus gurab iad dream ar a ngoilldís na feil-ghníomha, na haithrighigh
rénar doiligh dubháilce agus doibhéasa na bpeacthach, agus gurab é an
singin tau an bás. Óir mar is í an leitir úd tau an leitir dhéidheanach
d'aibghitir na hEabhra, mar sin is é an bás is pongc
déidheanach do líne na beatha corpardha. Agus mar nach
raibhe tearmann ag aon do lucht chathrach Ierusalem ón oirleach
acht an tí 'gá mbíodh an singin tau 'na éadan, mar sin ní bhí
tairiseacht ó dhíoghaltas Dé ag aon-duine acht an té agá mbí
an bás nó a chuimhne sgríobhtha go sgagtha sgrúduighthe i n-éadan
a anma .i. i mbuaic a mheanman, ag sgáthántacht do
shíor air.



An seiseadh goin fichead.



Measaim gurab é snáithe saoghail an duine an téad úd do-chonnairc
Sacarias ré tomhas chathrach Ierusalem ar fad agus ar


L. 26


tarsna, do réir mar léaghthar san dara caibidil ag Sacarias. As
so is iontuighthe nach fuil acht líne léir-mheasta ar a bhfuilid
ciomhsa cinnte, agus darbh ceann sgríbe an chríoch dhéidheanach, i ré na
beatha so. Agus is ionann dál dona daoinibh innte agus dona soithighibh criadh.
Óir mar is comhluath raobthar go meinic an soitheach nua agus an
sean-shoitheach, mar an gcéadna is comhluath bhriseas agus bhreódhas an bás
corp an ógáin agus an athlaoich, ionnus nach mó an ghuais bhíos ar arthrach
éislinneach i n-oidhche dhoiléir dhoilbh-cheó, ré taisteall na mara, ioná
bhíos ar an duine ré triall bóchna na beatha tadhaill. Óir mar nach feas do
stiúrthóir na luinge bhíos san riocht réamhráitte, cá huair nó cá tráth
theilgthear dá taobh-lot agus dá tuargain go tinneasnach ar tráigh í, go
ndéantar blogha béal-sgaoilte dhi, mar sin don duine ré dtriall ar lear
luath-thonnach na locht, ó phort a gheineamhna go cuan a chríche
déidheanaighe, i gcurachán chriadh na colna, agus é ag loingseóireacht i
n-oidhche na hurchóide, fá dhoilbh-cheó dubháilceadh agus droch-rún, ar chor
nach feas dó cá tráth theilgthear ar thráigh nó ar charraig chinneamhnaigh a
chríche déidheanaighe é.



An seachtmhadh goin fichead.



Gidh eadh, fa-ríor, bíd drong do dhaoinibh ann do-ní amharc an éaga
i n-imchian uatha, ionnus nach léir dhóibh an lot nó an leónadh fhéadas
do dhéanamh, amhail nach féadann duine, an tan do-chí ainmhidhe i gcéin
uaidh, a mheas go cinnte cia dhíobh beathadhach nó duine bhíos ann. Mar
sin don tí shaoileas ré fhada d'fhagháil. Ní thuig sé ainimh nó urchóid
an éaga, ar nach fiú leis léir-mheas do dhéanamh.



An t-ochtmhadh goin fichead.



Mo thruaighe, dom dhóigh is eadh is nós dóibh amhail do-níd na
héagcráibhthigh. An tan iomorra at-chluinid san tseanmóir coire
troma dá gcor i leith an phobail, adeirid gurab ris an tí se no ris an tí
oile bheanaid siad, agus ní thuigid iad féin do bheith ciontach ionnta. Mar
sin, an tan at-chíd an t-éag ag breith a gcomharsan, saoilid gurab orra sin
amháin bhíos a chóir. Gidh


L. 27


eadh, is truagh nach tuigid na trocha gurab ionann éiliughadh an éaga ar gach
aon bheireas an bás, agus ar an druing mhaireas dá n-éis i gcoitchinne,
ionnus nach bí tearmann i cionn aon-duine seoch a chéile aige.



An naomhadh goin fichead.



Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do
Leabhar na mBreitheamhan, mar do-chuaidh Samson, ar mbeith dall dó, do
chathughadh ris na Filistínibh, gur mharbh a dtarla dá chóir dhíobh, gan
fhéachain d'aon seoch a chéile dhíobh. Mar sin do-ní an bás ris na
daoinibh. Agus fós is cosmhail Samson agus an bás ré chéile ar dhá adhbhar.
An céad-adhbhar, do bhríogh go raibhe Samson dall, agus mar an gcéadna don
bhás, óir ní fhéachann do dhuine ar bioth seoch ar-oile. An dara hadhbhar,
do bhríogh gurab gan fhios do ionnsuidh Samson na Filistínigh dá marbhadh.
Mar sin don bhás, is gan fhios tig do mharbhadh na ndaoine. Óir an uair
is mó shaoilid ré fhada d'fhagháil, is annsin go meinic tig an bás dá
mbreith, mar is follus i mbás an tsaidhbhir shádhail, fuair bás i mí
aoibhill a ré, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, amhail léaghthar san seiseadh
caibidil déag ag Lúcás; agus i mbás Ammon, do marbhadh ag caitheamh fleidhe,
amhail léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na
Ríogh; agus i mbás Holofernes, dár beanadh a cheann ar a leabaidh lé mnaoi i
meadhón a shluagh, ré mbeith i bhfoslongphort ré hucht chathrach Betulia,
amhail léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus i mbás
Aman san chroich do thógaibh féin do chrochadh Mardoceus, amhail léaghthar
san seachtmhadh caibidil do leabhar na Hester; agus fós i mbás Balthasar,
Ioruath, Ananias agus a mhná; i mbás mhíle do mhíltibh oile maille riú,
rugadh go hobann leis an mbás. Gá dtám ris, ní beitte dh'aoin-neach bheith
muinighneach as a ré féin, do bhríogh gurab obann éigcinnte uair an bháis.
Agus is uime sin adeir Críost ris na daoinibh, amhail léaghthar san
chúigeadh caibidil fichead ag Matha, vigilate, quia nescitis diem
neque horam “déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.”


L. 28


An .30. goin.



Créad is iontuighthe as so, acht nach fuil cairt chinnte ag aon-duine ar lá
ná ar uair don ré do-gheibh i gcolainn, acht gabháltas ar thoil an Tighearna
neamhdha? Agus is í an cholann gona céadfadhaibh an gabháltas soin. Agus
fós is éigean dó cúntas an ghabháltais sin do thabhairt uaidh, an uair bhíos
dá chor amach i bhféile an bháis, do réir mar adeir Críost, ag labhairt ris
an duine, redde rationem villicationis tuae “tabhair cúntas do ghabháltais
uait.” Dá chor i gcéill gurab éigean dá gach aon-duine ré hucht an bháis
cúntas do thabhairt don Tighearna is gach sochar dá bhfuair uaidh, agus
cionnus do chuir i mbreis dá Thighearna iad, idir smuaineadh, bhréithir,
ghníomh agus faill. Agus dá raibhe neimhchiontach, rachaidh i sosadh
aingeal; agus madh coireach, cuirfidhear i gcarcair il-phiastaigh ifrinn é.



An .31. goin.



Is follus a briathraibh Pheadair naomhtha go bhfuil an cúntas so
ré linn an bháis i gcionn na ndaoine, do réir mar léaghthar san
cheathramhadh caibidil dá chéid-Eipistil chanónta, mar a n-
abair, reddent rationem ei qui paratus est iudicare vivos et
mortuos “do-bhéaraid cúntas nó comháireamh uatha don tí atá ollamh
ar dhéanamh breitheamhnais ar bheóaibh agus ar mharbhaibh.” Dá
chor i céill gurab éigean dá gach aon, ré ndol as an mbeathaidh
se, aiseag iomlán do thabhairt do Chríost ar dTighearna, agus é
féin do bheith fornocht ag imtheacht tré bhealach an bháis, do
réir mar adeir Iob san .27. caibidil, dives cum dormierit nihil
secum affert, et aperiet oculos suos et nihil inveniet “an tan
choideólas an saidhbhir ní bheir éin-ní leis, agus oisgeólaidh a
shúile agus ní fhuighbhe éin-ní.”



An .32. goin.



As gach ní da ndubhramar is iontuigthe go dtigid na trí sochair do
luaidheamair a bioth-chuimhne an bháis. Agus is dá chor sin i
gcéill atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh
leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do chuir


L. 29


Iosias Rí na bréig-dhealbha agus na láimh-dhée fuair san teampall dona
haltóiribh, gur mhionuigh agus gur bhris iad, agus gur chuir taise na marbh
'na n-ionadh. Mar sin dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh: bréig-dhealbha
na séad saoghalta agus láimh-dhée Lúicifir, mar atáid blátha bréige na
beatha so, díomus agus glóir dhíomhaoin agus sádhaile ainmhianach na colna,
do ruagadh agus do sgrios d'altóiribh na hanma agus d'orláraibh an
aigeanta, corrigenda agus taise na marbh .i. meabhair nó cuimhne an bháis
do bheith ar altóir na haigeanta, agus láimh-dhée na locht do leónadh agus
do leadradh lé hord na haithrighe ar leic luim an lóir-ghníomha.



An .33. goin.



Tig Greaghóir leis aní gcéadna san seiseadh leabhar do sgríobh dona
Béasaibh nó dona hAirdheanaibh, mar a n-abair, nihil ita domat
hominem sicut meditatio mortis “ní fhuil san bhioth ní is mó
cheannsuigheas nó mhínigheas an duine ioná smuaineadh an bháis.”
Tig Seneca, san .25. Eipistil leis aní gcéadna, mar a n-abair,
nihil aeque tibi proficiet ad temperantiam omnium rerum quam
frequens meditatio brevis aevi “ní fhuil san mbioth ní is
tarbhaighe dhuit ré measardhacht gach aoin-neith ioná smuaineadh meinic na
ré giorra.” As gach ní da ndubhramair is soiléir gurab tarbhach cuimhne an
bháis.



AN TREAS ALT
'na gcuirthear i gcéill go gcailltear cheithre sochair shonnradhacha leis an
duine do thoisg an bháis dá rochtain, mar atá onóir shaoghalta, sádhaile
na colna, saidhbhreas, agus compáin.



An chéad-ghoin.



Is i bhfioghair na gceathra sochar gcéadna soin chailltear leis
an mbás atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil ag Daniel, mar
a n-abair, quatuor venti caeli pugnabant in mari magno “do
chomhraigsead cheithre gaotha nimhe san mhuir mhóir.” Dá chor i
gcéill go mbí easbaidh na gceathra sochar úd ag commbuaidhreadh
shearbh-aigeanta an chiontaigh ré linn an bháis.


L. 30


An dara goin.



An céid-ní, mar atá onóir shaoghalta, is follus go dtéid sí ar ceal
ré linn an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do
Leabhar na hEagna, quid profuit nobis superbia nostra “créad an tarbha
do-rinne ar n-uabhar dhúinn?” Dá chor i gcéill go dtéid gach onóir agus
gach glóir shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga.



An treas goin.



Ionnus gurab ionann dál dona daoinibh i gcoitchinne agus d'fhuirinn an
bhrannaimh. Óir mar bhíos barr ceana seoch a chéile ar fhearaibh foirne
an bhrannaimh ré linn bheith ag imirt orra, ionnus go mbí rí na foirne
arna shuidhiughadh san áit is onóraighe don chlár, agus an bhain-ríoghan san
dara háit, agus mar sin dá gach fear oile do réir a gharma, ionadtar ar chlár
an bhrannaimh é; mar an gcéadna dona daoinibh, an tan bhíd ar títhibh
na talmhan, agus bearta brannaimh na beatha agá n-imirt leó, bí gach aon aca
go cinnte 'na ionadh féin do réir a onóra agus a innmhe. Gidh eadh, tuigthear,
tar ceann go mbí an t-éidirdhealughadh úd idir fhearaibh foirne an
bhrannaimh ré mbeith ag imirt leó, an tan bhíos an cearrbhach agá gcor
i mála na foirne, go ndoirteann imeasg a chéile iad, gan féachain d'fhior
dhíobh seoch ar-oile, ionnus gur cuma leis tú nó deireadh dholta san mhála
do bheith ag an rí seoch an bhfior is lugha san bhfuirinn; agus fós is cuma
leis cia dhíobh bhíos i n-uachtar nó i n-íochtar an mhála. Mar an
gcéadna theagmhas dona daoinibh; an tan tig buachaill brannaimh na beatha
.i. an bás, agus teilgeas na daoine i dtiaich na talmhan do chlár tháiplise
an tsaoghail, ní bhí onóir ag an mbás i gcomhair aoin seoch a chéile
dhíobh. Agus dá dtugdaois lucht an díomusa dá n-aire an coimhmeasgadh
so do-bheir an bás ar na daoinibh, do thréigfidís a n-uaill agus a n-ainmhiana.
Óir amhail thurnas fuaidreadh agus foluamhain na mbeach ré luaithreadh do
chrothadh orra, mar sin dá gcrothaidh an duine crithir do chuimhne an bháis
ar a mhéin, leagfaidh seólta a thoile, ionnus nach géabhadh gaoth na glóire
díomhaoine greim


L. 31


d'arthrach na hanma, dá luasgadh nó dhá luadhaill, acht bheith i gciúnas
chobhsaidh chaon-dúthrachtaigh chrábhaidh, agus ag diúl díoghraise agus
diadhachta ón Dúileamh a ballán bheannuighthe na sláin-íce síordhaidhe, agus
ag rinn-fheitheamh ar rúin-diamhraibh an fhír-Dhia fhorórdha.



An ceathramhadh goin.



Is córaide dhúinn a mheas go dtéid gach glóir agus gach onóir shaoghalta ar
ceal uainn i n-aimsir an éaga, agus dá réir sin go ndleaghair dhúinn bheith
i n-oirchill ar an éag, mar gurab cosmhail Ceard na cruinne lé ceard
soitheach gcriadh do dhéanamh, agus gurab cosmhail cuirp na ndaoine ré
taoisleadh criadh. Óir amhail do-ní an ceard criadh mias bhreic-dhealbhach
bhláth-chaoin ré freastal milséan ar bhordaibh na n-uasal don taoisleadh
chriadh bhíos 'na cheardchain, agus fualán nó fual-shoitheach don chriaidh
chéadna, mar sin do-ní Dealbhthóir na ndúl do charn chriadh na colna daonna,
drong dhíobh go n-onóir agus go n-aird-innmhe shaoghalta, agus drong oile
fhágbhas go lom lochardha fá thár agus fá tharcuisne. Agus is dá chor i
gcéill go bhféadann Dia an t-eidirdhealughadh so do dhéanamh idir na
daoinibh, tar ceann go bhfuilid arna mbuain a haon-charn amháin chriadh na
cinn-leitre úd na nádúire daonna .i. Ádhamh, atá aní léaghthar ag
Pól san naomhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair,
habet potestatem figulus luti, ex eadem massa facere aliud quidem
vas in honorem, aliud vero in contumeliam “atá ar chumas chearda
na criadh a haon-charn amháin, soitheach thrá do dhéanamh go
n-onóir, agus soitheach iaramh go n-aithis.” Gidh eadh, bíodh go
mbí deithfir eatorra ar mbeith slán dóibh, mar is léir don tí
at-chí breic-mhias an mheasraidh agá cor ar bhord an uasail, agus
an fual-shoitheach i n-iargcúil an áruis go folaightheach mar
thár agus mar tharcuisne air, acht cheana, an tan bhristear iad
leath ar leath, san aon-áit ionainn theilgthear iad, mar atá i
gcarn aoiligh nó i ndíogaidh an dúin 'na mbristear iad. Mar an
gcéadna theagmhas dona daoinibh bhíos arna ndéanamh do charn
chriadh na daonnachta. Ré linn bheith slán dóibh, bí drong dhíobh
arna suidhiughadh i bpíoláidibh ríoghdha ro-áille


L. 32


go n-onóir agus go n-aird-chéimibh, agus dream oile i ndúr-bhothaibh
dearóile go n-easbaidh agus go n-anshódh. Gidh eadh, an tan bhloghas
agus bhriseas an bás iad, teilgthear i n-aon-uaigh úire iad.



An cúigeadh goin.



As so is iontuigthe go gcailltear a los an bháis an onóir shaoghalta leis
na daoinibh bhíos mórdha ré linn a mbeatha, agus fós, teangmhaidh dochar
is mó ioná sin dóibh go meinic i ndiaidh an bháis. Óir féadtar na
daoine móra agus na fo-dhaoine do choimmeas ris an seabhac agus ris an gcirc
ré linn a mbeatha agus d'éis a mbáis; do bhríogh go mbí onóir ar an seabhac
ré linn a bheatha agus go dteilgthear san chamra i ndiaidh a bháis é. An
chearc iomorra, léigthear san laithigh dhi ré linn a beatha, ag buain
oileamhna as an aoileach. Gidh eadh, an tan marbhthar í, do-níthear a
hollmhughadh go honórach, go gcuirthear ar bhord na n-uasal í. Mar an
gcéadna, bí onóir ar na daoinibh mórdha ré linn a mbeatha, acht cheana an
tan éagaid, teilgthear go meinic i gcamra na cruinne .i. i n-iomdhomhain
ifrinn iad, go mbíd ag onfais innte. Gidh eadh, bí tár agus tarcuisne ar na
fo-dhaoinibh ré linn a mbeatha, agus bíd arna suidhiughadh go meinic i
ndiaidh an bháis ar bhord bheannuighthe na beatha suthaine. Uch, is truagh
nach tuigid lucht na honóra saoghalta, nó nach tugaid lucht na honóra
saoghalta dá n-aire, na saobh-chrotha so chuireas an sealgaire úd .i. an bás
díobh.



An seiseadh goin.



An dara sochar chailleas an duine ag an mbás, .i. sádhaile na colna.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing téid d'fheitheamh an mhairbh. Agus is
uime sin adeir Hugo, ag labhairt ar ablachaibh míomhaiseacha na marbh bhíos
mómhur ré linn a mbeatha, quid profuit istis magnis gloria saeculi,
brevis laetitia, mundi pompa, carnis voluptas, etc. “créad an sochar i dtéid dona
daoinibh móra úd glóir an tsaoghail, gairdeachas gearr, poimp an domhnáin,
agus antoil na colna,” ná fós maitheas bréige, muinntear mhór, gáire,
subhachas, ná aoin-ní áineasach oile, do bhríogh go dtéid siad go hobann ar
ceal, do réir mar adeir Solamh san


L. 33


chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, transierunt haec omnia
velut umbra “do-chuadar so uile seocha amhail sgáile.” Dá chor i
gcéill gurab éasgaidh shnigheas agus shileas sáimhrighe na colna
ón toicceach.



An seachtmhadh goin.



An treas sochar chailleas an duine leis an mbás, .i. saidhbhreas saoghalta.
Óir is follus an tan do-gheibh duine bás, gurab éigean dó a uile mhaitheas
do thréigean leis an mbás. Agus is uime sin adeir Dáibhídh,
relinquent alienis divitias suas “fúigfid dá n-éis ag
comhaightheachaibh a maoine.” Dá chor i gcéill gurab éigean don
tsaidhbhir a thoice d'fhágbháil dá éis ag daoinibh do féadfaidhe
nach cuimhneóchadh ar dhéirc ná ar dheagh-obair do dhéanamh ar a
shon.



An t-ochtmhadh goin.



An ceathramhadh sochar chailltear leis an duine san bhás, .i. a cháirde,
do réir mar adeir S. Augustine san seachtmhadh caibidil déag don leabhar ro
sgríobh don Spioraid agus don Anam, mar a n-abair, anima recedens
a corpore trahit secum omnes substantias, “ré triall an anma as an
gcorp, tairrngidh leis a uilechumhachta,” mar atáid a chéadfadha
agus gach acfuinn oile dá mbí ann ó shin amach. Agus an mhéid
bheanas ris na daoinibh, is amhlaidh do-níd do nós na muc. An tan
iomorra mharbhthar muc don tréad, gabhaid an chuid oile dona
mucaibh ag sgreadadh agus ag grafainn 'na timcheall. Gidh eadh,
tillid go grod dá éis sin ar thomhailt otraigh, ar ndearmad bháis
na muice. Mar sin dona daoinibh, acht gé bhíd ag doghra agus ag
déar-chaoineadh i ndiaidh an mhairbh an tan éagas, mar fhágbhaid
fá úir é, tillid dá n-árusaibh féin, agus ní mór ó shin amach go
mbí cuimhne aca air. Agus is trés na dochraibh se do bheith i
gcionn an mhairbh adeir Ieremias san dara caibidil ag cor an
duine ar a choimhéad ar na heasbadhaibh móra do-bheir an bás air,
vide vias tuas in convalle “féach do shlighthe féin san
bhfáin-ghleann,” .i. san uaigh, do réir an Seachtmhoghat Fear
Friotail. Dá chor i gcéill gurab iomdha anágh agus amhgar
theagmhas don duine a los an bháis.


L. 34


AN CEATHRAMHADH HALT
'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí gnéithe báis ann, mar atá bás
céadfadhach, bás nádúrtha, agus bás spioradálta.



Is eadh iomorra is bás céadfadhach ann, a mothughadh agus a ngluasacht do
dhealughadh ris na ballaibh corpardha. Is eadh cheana is bás nádúrtha
an duine, .i. a anam réasúnta do dhealughadh réna chorp. Is eadh mar an
gcéadna is bás spioradálta ann, dealughadh grás nDé ris an anam. Is iad
na trí báis se chialluigheas Dáibhídh Rí san .33. Salm, an tan
adeir, mors peccatorum pessima. Nó fós is eadh chialluighid na
trí báis úd, bás nádúrtha, bás na coire, agus bás na péine. Agus fós
tuigthear an chiall so a briathraibh Dáibhídh mar a n-abair
gurab ro-olc bás an pheacthaigh, óir ciodh olc an bás nádúrtha, is
measa bás na coire, agus is measa bás na péine ioná ceachtar dhíobh.
Agus do bhríogh go mbíd na trí báis se i gcinneadh don
pheacthach, is uime adeir Dáibhídh na briathra so, mors
peccatorum pessima “is ro-olc bás an peacthach.”



An dara goin.



Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ar Absolón
san ochtmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
Óir an tan do thogair Absolon a athair do dhíbirt, ionnnus go
dtiocfadh féin isteach 'na fhlaitheas air, do-chuaidh i gcogadh,
é fein agus drong mhór do bhaothánaibh óga éigcríonna mar aon ris,
agus do lean Ioab, caiptín Chloinne Israel é, go sluagh líonmhar
maille ris, agus do chuir sé Absolon i raon madhma agus
míochosgair. Agus iar mbeith ag teitheadh do Absolon, tarla
géag dhairghe 'na fholt, do chongaibh i n-airde é, ionnus gur
ling an t-each uaidh fán gcoill, agus go raibhe ar crochadh as an
ngéig amhlaidh sin. Leis sin táinig an caiptín Ioab go grod
gáibhtheach, agus tug trí sháthadh don tsleigh baoi 'na láimh air,
gur fhágaibh i gcrothaibh báis é. Go fáith-chiallach, is é an
tAbsolon so Ádhamh, do chuir roimhe é féin do bheith 'na


L. 35


dhia i n-ionadh Dé uile-chumhachtaigh, agus dá réir sin a chor as a
sheilbh, do bhríogh nach éidir do bheith ann acht éin-Dia amháin.
Agus is é an crann úd as ar crochadh Absolon, crann na haithne, as ar
crochadh Ádhamh. Agus is í an tsleagh úd do sáthadh tré Absolon,
craoiseach na ceilge lér créachtnuigheadh Ádhamh. Agus is iad na trí
cneadha crói-linnteacha úd do-rinneadh ar Absolon, na trí báis
bhith-neimhneacha do imir an nathair neimhe ar Ádhamh. Agus atáid na
créachta soin gan chneasughadh ar a shíol ó shoin a le, agus beid go bruinne
an bhrátha, do réir Phóil san chúigeadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a
n-abair, per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per
peccatum mors, et ita in omnes homines peccatum transit “is tré
aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an
bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh trés an uile
dhuine.” As na briathraibh se Phóil is iontuigthe go bhfuilid
na créachta úd do-rinneadh ar Ádhamh gan chneasughadh iona shíol,
agus go mbeid amhail adubhramair.



An treas goin.



Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ag Daniel san
seachtmhadh caibidil, eadhón go bhfacaidh sé beathadhach fá cosmhail ré
mathghamhain mór, agá rabhadar trí cíora fiacal 'na chionn, ré cognamh
agus ré craos-longadh feólmhaigh. An peacthach iomorra an beathadhach
atchonnairc, agus na trí cíora fiacal na trí báis úd bhíos aige ré cognamh
agus ré cnáimh-ghearradh an chinidh dhaonna. Is leis aní gcéadna bheanas
an fáith-sgéal atá ag Virgilius ar an madradh adeir sé do bheith i
n-ifreann, darab ainm Cerberus, agá bhfuil aon-chorp amháin, agus trí cinn ré
craos-longadh na druinge théid go hifreann. An madradh úd an peacthach, agus
na trí cinn na trí báis. Is é aní céadna chialluigheas Eóin san
naomhadh caibidil in Apocalypsi, mar a n-abair go bhfacaidh féin trí
cneadha lér marbhadh an treas cuid dona daoinibh. Agus is iad na trí báis
úd mar an gcéadna thuigthear as aní adeir Solamh san .30. caibidil do
Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair go bhfuilid trí neithe ann chuireas
an talamh ar baill-chrioth agus bioth-luasgadh. Agus


L. 36


is iad mar an gcéadna chialluigheas san .26. caibidil in Ecclo.,
mar a n-abair, a tribus tumuit cor meum, “atá eagla agam' chroidhe
ré trí neithibh” .i. rés na trí básaibh.



An ceathramhadh goin.



Is ar an gcéad-bhás iomorra labharthar san cheathramhadh caibidil déag
don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abair, omnes
morimur, etc. “atámaid uile ag fagháil bháis.” Dá chor i gcéill nach fuil
dol ón bhás úd ag aon-duine do shíol Ádhaimh. Agus dá mbeith, is ag Críost,
nó ag Muire Mháthair, nó ag naomh nó ag ban-naomh oile dobhiadh tearmann
uaidh. Gidh eadh, ó nár caomhnadh ceachtar dhíobh sin air, ná bíodh súil ag
aon oile ré dhol saor uaidh. Gidh eadh, cibé duine dí-chéillidhe
doitheagaisg adéaradh gurab é Dia do orduigh nó do-rinne an bás, bíodh a
fhios aige gur bréag dhó é, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar
na hEagna, mar a n-abair, Deus mortem non fecit, impii
accersierunt illam “ní hé Dia do-rinne an bás, acht na peacthaigh
do thoghairm é.”



An cúigeadh goin.



Bíodh a fhios agat, a dhuine, do réir Aristotail san treas
leabhar dá Ethicibh, nach éidir ar an saoghal so ní d'fhagháil is
uathbhásaighe agus is urghránna agus is ineagluighthe ioná an bás.
Agus is ag faisnéis uathbháis an éaga go fáthach atá aní léaghthar ag
Lúcás san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair Críost ag fógra
anfhorlainn an bháis don duine, ecce venient dies in te et
circumdabunt te inimici tui vallo et circumdabunt te et coangustabunt
te undique et ad terram prosternent te, etc. “tiocfaid laithe ionnat,
agus timcheallfaid th'easgcaraid 'na mainnir thú, agus
timcheallfaid thú, agus cuirfid i gcumhgach thú dá gach aoin-
leith agus leagfaid ar talamh thú.”



An seiseadh goin.



Meas féin, a dhuine thruaigh, créad an t-uathbhás 'na mbiadh caiptín
nó ceann feadhna mar aon ré beagán buidhne i gcaisléan éadaingean
éislinneach, agus trom-shluagh tairptheach tréan-aidhbhseach i bhfoslongphort
réna ucht, agus a mhuinntear arna


L. 37


marbhadh, agus urmhór an tsluaigh ar dteacht ar aon-láthair ris, agus a
n-airm nocht aca; agus baránta borb baoith-chéillidhe rompa lán do chonfadh
catha, agus caiptín an chaisléin gan anacal air, ná dáil chabhra 'na chionn.
Mar an gcéadna don anam bhíos ag bárdacht chaisléin chriadhamhail an chuirp,
taobh ré beagán buidhne .i. ris na céadfadhaibh, an tan tig trom-shluagh na
dtaom agus na tinneas, na ngalar agus na n-easláinteadh, mar aon ris an
gcaiptín mbríoghmhar mboirb-neimhneach .i. ris an mbás, agus shuidhid i
bhfoslongphort réna ucht, agus lingid tar múraibh na mball agus tar
comhladhaibh na gcéadfadh, go soichid compar an chroidhe, mar an mbí an
t-anam. Feannaid agus foghaid, díbrid agus díochuirid an t-anam as a ionadh
agus as a árus féin. Marbhaid agus míochóirighid a mhuinntear agus a bhean
phósta ar a chomhair, .i. a chorp agus a chéadfadha.



An seachtmhadh goin.



Is amhlaidh iomorra mharbhthar an cholann gona céadfadhaibh, a mothughadh
agus a maise, a gné agus a gluasacht, a lúth agus a láthar do bhuain di,
agus a fágbháil 'na hablach ainmheach easbadhach urghránna adhuathmhar, ar
thráigh na talmhan, mar is follus d'fhior a feithmhe nó a féagsana. Óir
do-chífe an corp ar gcruadhughadh agus ar gcomhfhuaradh, na baill ar
siabhradh agus ar seargadh .i. na lámha ar gcrapadh agus ar gcaolughadh, na
cosa 'na spairtibh splíonuighthe amhail easglanna iomthroma, an béal arna
bhán-ghormadh agus an déad arna dubhadh, na gruaidhe arna nglas-bhánadh agus
na súile arna slogadh, an t-éadan agus an aghaidh ar n-odhradh, an tsrón
arna caolughadh agus arna cuas-dúnadh, na cluasa ar dtanughadh agus ar
dteimhliughadh, an folt ar dtrothlughadh agus ar dtuitim. Ionnus ar mbith
dhó isan chruth sin, gurab anuaisle é ioná beathadhach beó ar bioth dá
anuaisle dona hainmhinntibh, gion go raibhe créatúir san gcruinne fá aingeal
budh uaisle ioná é rés an mbás.



An t-ochtmhadh goin.



Go bhfios damhsa, is mór an t-adhmhar uamhain agus imeagla rés an mbás, mar
thig dhe duine do chor sna hainreachtaibh


L. 38


uathbhásacha so; agus fós mar thig dhe an lánamha mhiochair mhuinnteardha so
bhíos i gcaomhna agus i gcomann a chéile .i. an t-anam agus an corp, do
dheadhail agus d'iomsgaradh ré chéile go ndoilgheas agus go ndobrón
ndofhaisnéise, agus ris gach maitheas agus ris gach saidhbhreas saoghalta dá
raibhe aca leath ar leath; agus an cholann do chor i n-uaimh iomdhomhain
urghránna i gcaidreabh crumh agus chiaróg agus dharbh ndaol agus phiast
ndochraidh n-éagsamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh,
do dhéanamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh, do
dhéanamh luaithridh agus talmhan dí fá dheóidh. Gidh eadh, amhail teid
éin-bhiadh amháin i ndochar don easlán agus i dtarbha don duine shlán
chaitheas é, mar an gcéadna, tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamair ar
an mbás nádúrtha go soiche so, más eadh téid sé i sochar dona fíréanchaibh
fá dhéoidh, gion go saorann an peacthach ó ainiarsma ar bioth dá bhfuil 'na
dhiaidh.



An naomhadh goin.



Is uime sin deir S. Augustine san treas leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin,
mors est impiis valde terribilis, sanctis vero delectabilis “is aduathmhar
leis na peacthachaibh an bás, gidh eadh, is sáimh leis na fíréanchaibh é.”
Adeir Solamh san .41. caibidil in Ecclo. ní thig leis sin, mar a n-abair,
O mors quam amara est memoria tua homini iniusto “a bháis, créad é seirbhe
do chuimhne don duine éigceart!” Agus adeir arís san chaibidil chéadna ní
as a dtuigthear gurab tarbhach don fhíréan an bás nádúrtha, mar a n-abair,
O mors quam bonum est iudicium tuum homini indigenti et cui
minoratur viribus “a bháis, créad é feabhas do bhreitheamhnais don
duine easbadhach agus don tí agá laghduighthear a bhríogha!” Ionann
sin ré a rádh agus gurab tuar séin agus sochair don tí bhíos bocht ó
spioraid, agus chaitheas a chéadfadha agus bríogh a bhall lé
foghnamh do dhéanamh do Dhia, an bás nádúrtha.



An deachmhadh goin.



Is é fáth fána doilghe leis an bpeacthach an bás nádúrtha, do bhríogh
gurab léir dhó féin ré linn an bháis nach fuighbhe sochar ná socamhal ná
suaimhneas tar éis an bháis go foirceann


L. 39


na saoghal, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na
Seanfhocal, mar a n-abair, mortuo homini impio nulla erit ultra
spes “ar bhfagháil bháis don pheacthach, ó shoin amach ní bhia
aon-dóchas aige,” .i. ní bhia súil ré socamhal ó shin amach aige.
Agus is uime sin is sámh leis an bhfíréan an bás nádúrtha, do
bhríogh go mbí súil aige ré tuilleamh agus ré tuarastal d'
fhagháil thall tréna ghníomharthaibh san bheathaidh se abhus, do
réir mar adeir Solamh san chéad-chaibidil in Ecclo. mar a n-
abair, timenti Deum bene erit in extremis, et in die defunctionis
suae benedicetur, etc. “is maith rachas fá dheóidh don tí ar a
mbia eagla Dé, agus beinneóchar i ló a éaga é.” Dá bhríogh sin ní
hiongnadh don fhíréan i ló a éaga lúthgháir do bheith air.



An t-aonmhadh goin déag.



Gidh eadh, dá bhfiafraigheadh neach an mbí doilgheas ar aon-duine ré hucht
an bháis acht ar an bpeacthach, mo fhreagra air go mbí, agus atáid dá adhbhar
ris sin. An céad-adhbhar dhíobh, ar eagla conntabhairte an bhreitheamhnais.
Óir dá fheabhas do-bhéara duine a bheatha as, ní dearbh leis créad an
bhreath béarthar air, do bhríogh nach feas dó an díol grádha nó fuatha
ag Dia é, amhail adeir Pól, nemo scit an odio an amore dignus sit “ní feas
do neoch an díol grádha nó fuatha é féin” an gcéin bhíos beó. An dara
hadhbhar fá mbí doilgheas ar an bhfíréan ré hucht an bháis, d'eagla péine
purgadóra.



An dara goin déag.



As gach ní dá ndubhramar is follus nach fuil acht anfhlaith urbhadhach, agus
gríobh-aitheach goimheamhail, agus dragún duaibhseach, agus onchú éachtach,
agus faol-chú foghlach, agus leómhan loinn-fheargach, agus biodhbha
bioth-ghonach, agus beithir bheó-ghalach, agus nathair naimhdidhe, agus
arracht uathbhásach san bhás. Óir ní bhí cáirdeas ná commbáidh aige ré duine
don druing dhaonna, acht do-bheir craos-ruathar coitcheann fútha, lé
marbhann go meinic an tighearna mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an
athair, an inghean mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an
inghean mar aon ris an máthair, an saidhbhir mar aon ris an mbocht, an tréan
mar aon ris an anbhfann. Is


L. 40


blagh fós dá bhoirb-éachtaibh go bhfagbhann tír gan tighearna agus athair
gan oighre, máthair gan mhac agus bean gan bharánta, leanbh gan
leasuightheóir agus dílleacht gan díon-athair. Tuigim iomorra dá réir sin
nach bí acht bualadh an chléirigh cham-shúiligh aige ar na daoinibh ag
déanamh oirligh orra. Óir bí sé i n-oirchill ar gach aon-duine, ionnus nach
feas dóibh cá huair nó cá ham san ló nó san oidhche, ar tuinn nó ar tráigh,
ar cnoc nó ar coill, i suan nó i ndúsgadh, i maigh nó i múr, i mbiadh nó i
ndigh, i dteinidh nó i n-uisge, nó i n-arm theagmhas dóibh dá
ndíoth-láithriughadh. Agus is tréna n-imreann d'olc agus d'éagcomhlann ar na
daoinibh, atá an uiread soin do dhéistin ag Dia féin roimhe gur fiú leis
diúltadh dhó agus a shéanadh nach uaidh féin táinig, amhail léaghthar san
chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna mar a n-abair, Deus mortem
non fecit “ní hé Dia do-rinne an bás.” Ionnus gur mheas tré
dhíblidheacht an bháis a lámha do ghlanadh as, dá shaoradh féin
ar aithbhear na ndaoine, amhail do mheas Píoláid do dhéanamh tré
bhás Críost an tan do láisteadh a lámha leis. Tuig, a dhuine, go
bhfuil an bás chomh-doghraingeach soin nach foláir dhúinn
bheith innill aireach 'na oirchill, ionnus nach dtiofadh dhe an dá
bhás oile d'imirt oirn.



AN CÚIGEADH HALT
labhras ar an dara bás .i. bás na coire.



An chéad-ghoin.



Is ar an dara bás so labhras Pól san dara caibidil go hEphesios, mar
a n-abair, et ... “agus sibhse (ar sé) ar mbeith marbh ó bhar gceanaibh
agus ó bhar bpeacaidhibh fein díbh.” Dá chor i gcéill go bhfuaradar bás na
coire, gion go bhfuaradar an bás corpardha. Tig Pól leis aní gcéadna so ag
sgríobhadh gusna Rómhánchaibh san seiseadh caibidil, mar a n-abair,
existimate ... “measaidh go bhfuiltí ar bhfagháil bháis leis an bpeacadh.”


L. 41


Créad is iontuigthe as so acht go bhfaghann an duine bás na coire, tar ceann
nach faghann bás nádúrtha? Óir grása Dé is beatha don anam, agus an tan
do-ní
duine peacadh marbhthach, ruaigthear grása Dé as an anam lé bás na coire,
gion go ndealuigheann an t-anam ris an gcorp darab anam é. Agus is uime sin
atá aní léaghthar san .30. caibidil do leabhar is uime sin atá aní léaghthar
san .30. caibidil do labhar is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil
do leabhar Deuteronomii, ag labhairt ar Dhia ris an duine, mar a n-abair,
ipse ... “is é súd do bheatha, agus fad do laitheadh.” Dá chor i gcéill, an
tí ag nach bí Dia táitte réna anam, maille réna ghrásaibh, go mbí a anam
marbh d'easbaidh na ngrás is beatha dhó. Agus is uime sin adeir
S. Augustine, quod ... “aní do-ní an t-anam san chorp, do-ní
Dia an céadna ris an anam,” maille réna ghrásaibh do bheith aige
mar bheatha. Agus is mar sin is éidir a rádh, an tan dhealuigheas
grása Dé ris an anam, go bhfaghann go fírinneach an peacthach bás
an coire, gion go bhfaghann an bás corpardha. Tig Isaias leis so
san .59. caibidil, mar a labhrann ris an gcineadh Iúdaidheach agá
rádh, iniquitates ... “do chuir bhar n-orchóid sgarthain idir
sibh féin agus Dia.” Tig Solamh leis so san chéad-chaibidil do
Leabhar na hEagna, mar a n-abair, perversae ... “do-níd na
droch-smuaintighthe deadhailt eidir dhuine agus Dia.” Agus an tan
dhealuigheas duine ré Dia, dealuighidh sé mar an gcéadna ré
grásaibh Dé is beatha dá anam, agus dá réir sin do-gheibh bás na
coire, acht gé bhíos 'na bheathaidh go corpardha. Agus is uime
sin adeir an scrioptúir ris an bpeacthach bhíos 'na bheathaidh go
corpardha, agus marbh go spioradálta, nomen ... “atá ainm ort
bheith beó, agus ataoi marbh.”



An dara goin.



Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí gnéithe 'nar cosmhail an bás corpardha agus
bás na coire ré chéile. Ar dtús, is ionann uireasbaidh dhóibh; ionann
fós déanmhas neith dhóibh; mar an gcéadna is ionann taisbéanadh do-bheirid
uatha. An mhéid bheanas ris an gcéid-ghné, atáid sé céimeanna
'nar cosmhail ré chéile iad.


L. 42


Ar dtús, fásaidh ainmheasardhacht san cholainn ré hucht an bháis
chorpardha, mar atá teas anorduighthe, nó fuacht anorduighthe, nó tart
foiréigneach, nó a n-ionnshamhla oile sin. Mar an gcéadna ré hucht
bháis na coire, fásaidh fiuchadh foiréigneach na feirge, nó fuacht oighreata
an fhuatha, nó teas tartamhail na sainnte saoghalta, nó urchóide
éagsamhla oile i n-anam an pheacthaigh an tan lingid na droch-smuaintighthe
ann.



An dara céim, téid an corp i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht
ré hucht an bháis chorpardha. Mar an gcéadna don anam,
an tan do-bheir gean agus dúil dona droch-smuaintighthibh, téid
i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht agus i neamhchumus ar chathughadh
ris na coirthibh.



An treas céim, do-gheibh an corp bás do bhríogh go ndealuigheann
an t-anam ris. Mar an gcéadna don anam: an tan
aontuigheas an t-olc, do-gheibh bás, an mhéid go ndealuigheann
an t-anam féin ris, .i. grása Dé ruaigthear uaidh ré haonta do
thabhairt don olc.



An ceathramhadh céim, iomchurthar an corp gus an adhnacal
tar éis an bháis. Mar an gcéadna iomchurthar anam an pheacthaigh,
an mhéid go n-iomchurthar a mhíochlú i mbéalaibh na
ndaoine ag reic agus ag faisnéis a pheacadh. Óir mar do-ní feall
nó fionghail, nó drúis nó droich-bhearta, nó craos, beid ag na
daoinibh ó bheól go beól dá n-iomchur agus dá n-aithris an feadh
bhus cumhain leó iad.



An cúigeadh céim, adhnaicthear an corp ar bhfagháil an
bháis chorpardha. Mar an gcéadna adhnaicthear anam an
pheacthaigh i ndeirc dhuaibhsigh an droch-ghnáthuighthe.



An seiseadh céim, caittear agus creimthear lé crumhaibh an
corp. Mar an gcéadna d'anam an pheacthaigh: creimthear
lé cruimh chíocraigh an choguais é.



An treas goin.



An dara céim nó gné 'nar cosmhail bás an chuirp agus bás
na coire ré chéile, .i. gurab cosmhail a ndéanmhas neith ré
chéile, agus atáid seacht gcéimeanna 'na dtigid ré chéile.


L. 43


An chéid-chéim, do-ní an bás an corp greannach nó easgcaoin. Mar
an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam eagcaoin, do réir
Sholaimh, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar
a n-abair, cum ... “labhraidh an bocht lé himpidheachaibh, agus
labhraidh an saidhbhir go heasgcaoin.” Ionann sin ré a rádh, agus
an tí do-gheibh bás i n-uabhar nó i n-iomthnúth, go mbí a anam
go heasgcaoin.



An dara céim, do-ní an bás an corp fuar. Mar an gcéadna do-ní
oighreadh an fhuatha anam an pheacthaigh fuar, do réir mar léaghthar
san seiseadh caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, sicut ...
“amhail do-ní an chorr nó an tobar talmhan an t-uisge bhíos ann
fuar, mar sin do-ní an mhailís an t-anam 'na mbí fuar.” Agus is
don fhuath ghoireas sé mailís annso.



An treas céim, do-ní an bás an corp bréan. Mar an gcéadna do-ní
bás na coire an t-anam droch-bhalaidh, mar is follus i bpeacadh na drúise,
mar a n-abair Isaias san .34. caibidil ag labhairt ar lucht na
drúise, de ... “éireóchaidh bréantas as a gconablaighibh súd,”
ag ciallughadh thruaillidh chorp na meirdreach.



An ceathramhadh céim, tig don bhás an corp do lobhadh. Mar an
gcéadna tig do bhás na coire an t-anam do throthlughadh, do réir
Ieremias san .22. caibidil mar a n-abair, sepultura ... “an
tí bhíos dreóite, adhnaicfidhear i n-uaigh an asail é.” Ionann
sin ré a rádh agus an tí chríonas tré choir an chraois go mbiaidh
adhnaicthe i gcamra na cruinne, .i. i n-iomdhomhain ifrinn, amhail
bhíos ablach an asail i gcamra na cathrach nó na háite i
bhfaghann bás.



An cúigeadh céim, tig do bhás foirniata na feirge an t-anam do
dhéanamh uathbhásach, amhail tuigthear as an .15. caibidil in
Genesi, mar a n-abarthar, horror ... “do ling uathbhás mór agus
dorchadas ar Abraham.” Ionann sin ré a rádh agus go raibhe
uathbhás na feirge ar Abraham, agus dá réir sin go mbí uathbhás
ón bhfeirg ar anam


L. 44


an pheacthaigh, nó gurab déistineach é, amhail is déistineach an
corp d'éis an bháis chorpardha.



An seiseadh céim, tig don bhás an corp do bheith talmhaidhe. Mar an
gcéadna tig do bhás na sainnte an t-anam do bheith talmhaidhe; amhail
léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a labharthar go fáthach ris an
sanntach agá rádh, terram ... “íosfaidh tú an talamh gach aon-lá ar feadh do
bheatha.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos ag súghadh agus ag slogadh na
saidhbhreas saoghalta lé sainnt, nach iongnadh a rádh go mbíd talmhaidhe,
an mhéid go mbíd a n-aigeanta líonta d'airc agus d'áilgheas na neitheadh
dtalmhaidhe.



An seachtmhadh céim, tig don bhás an corp do bheith leasg.
Mar an gcéadna tig do choir na leisge an t-anam do bheith ainéasgaidh ré
foghnamh do dhéanamh do Dhia. Agus is agá chiallughadh so atá aní
léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal ag Solamh, mar
a n-abair, vult ... “is áil agus ní háil leis an leasg.” Ionann sin ré a
rádh agus tar ceann go mbiadh an réasún dá fhoráileamh ar an bpeacthach
maith do dhéanamh, ní fhaomhann an antoil sin, ar mbeith cuibhrighthe i
lúbaibh na leisge dhi.



An ceathramhadh goin.



An treas gné 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile .i.
gurab ionann taisbéanadh do-bheirid uatha.



Ar dtús, ní fhuil duine dá áille san bhioth nach claochluigheann an bás
corpardha a mhaise i míomhaise. Mar an gcéadna ní fhuil anam dá áille
ré hionnracus nach cuireann bás na coire i n-éagcruth é. Agus bíodh a
fhios agat gurab álainn oireaghdha bhíos anam an fhíréin, ní nach iongnadh,
ar mbeith ar chruth agus ar dheilbh Dé dhó. Agus is uime sin adeir Dia, ag
labhairt ré hanam an fhíréin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil
dona Cainticibh, mar a n-abair, ecce ... “féach, ataoi cruthach, a
bhan-chara.” Dá chor i gcéill go mbí an t-anam cruthach caomh-álainn
sochraidh an gcéin mhaireas tlacht taitneamhach na ngrás uime. Gidh eadh,
an tan do-ní duine peacadh marbhthach, agus do-gheibh bás na


L. 45


coire, claochluidhidh dath agus déanamh na hanma, do bhríogh go dtéid sé ó
bheith ar dheilbh dheagh-mhaisigh Dé ré mbeith ar dheilbh dhochraidh
dhoghnúisigh an diabhail. Agus is é so tuigthear as an seiseadh caibidil
déag ag Ezech., mar a n-imdheargann Dia an peacthach agá rádh ris,
abominabilem ... “is dochraidh gránna mísgiamhach do-rinnis do sgéimh agus do
dheagh-mhaise féin.” Dá chor i gcéill go gcuireann an peacthach an t-anam ó
chruth i n-éagcruth agus ó mhaise i míomhaise, amhail chuireas an bás corpardha
an corp, amhail adubhramar. Agus is i bhfioghair an éagcrotha chuireas an
peacadh ar an anam atá aní léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar do
fhiafruigh Críost cia an íomháigh dobhí san mhonadh; agus an tan do
fhreagair cách gurab í íomhaigh Shéasair í, adubhairt aní fá leis féin do
thabhairt do Shéasair. Mar an gcéadna an tan bheirthear an t-anam do
láthair Chríost i
n-aimsir an bháis, agus do-gheibh dealbh dhuthain dhoiléir dhuaibhseach,
agus fuath arrachta éidightheach na hurchóide dealbhtha i gcopar na
coire nó i bprás an pheacaidh ar orlár na hanma, adéara an monadh .i. an
t-anam do thabhairt don tí 'sa dhealbh atá ann, .i. an diabhal, mar do-chí
íomháigh ghlé-mhaiseach na Tríonóide arna hurdhubhadh innte.



Is cosmhail fós an taisbéanadh do-bheirid uatha leath ar leath, an
mhéid go n-iomsgarann an bás corpardha an duine ré caidreabh na ndaoine.
Mar an gcéadna dealuighidh bás na coire an t-anam ré cumann agus ré caidreabh
na n-aingeal agus na n-anam bhfíréanta. Agus is uime sin adeir Solamh
san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal na briathra
so, miseros ... “do-ní an peacadh truagháin dona poibleachaibh.”
Agus ní hiongnadh sin do rádh, do bhríogh go ndealuigheann an uile mhaith
riú, agus go mbí an uile olc d'áirithe aca, más é is críoch dhóibh
éag san bpeacadh mharbhthach i mbíd.



An cúigeadh goin.



Féadtar fós a rádh go bhfuil an ceathramhadh gné ann 'nar cosmhail an bás
corpardha agus bás na coire ré chéile.


L. 46


Ionann cheana foghail do-níd siad; agus atáid a cúig ré a n-áireamh ann.



An chéad-fhoghail do-ní an bás corpardha, an bheatha do bhuain don duine.
Mar an gcéadna do bhás na coire: beanaidh a beatha don spioraid anma, do
réir Ezech. san ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair,
anima ... “an t-anam pheacuigheas do-ghéabhaidh féin bás.”



An dara foghail: beanaidh a dhighnit agus a ghairm dhe. Óir ní tugthar
rí ar chorp mharbh an ríogh, ná impir ar chorp mharbh an impire, ná
prionnsa ar chorp mharbh an phrionnsa. Agus ní hiongnadh soin, ar mbeith
dá gcorpaibh marbha 'na n-ablachaibh neamhchuibhdhe ré hiomchor garma
onóraighe san bhioth. Mar an gcéadna do-ní bás na coire: beanaidh a ghairm
agus a onóir don anam. Agus is uime sin adeir Solamh san deachmhadh
caibidil in Ecclo., quis ... “cia do-bhéara onóir don tí neamhonóruigheas a
anam féin?” Dá chor i gcéill go gcailltear leis an tí pheacuigheas go
marbhthach gach uile ghairm agus onóir dá mbí aige ré mbeith fíréanta dhó.
Agus is dá éagnach so atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair,
homo ... “ar mbeith i n-onóir don duine níor thuig sé é, agus atá arna
choimmeas ré bromachaibh, nó ré hóig-eachaibh éigciallda, agus do-rinneadh
cosmhail riú é.” Dá chor i gcéill nach fuil acht daoirseach
don diabhal san bpeacthach bhíos cuibhrighthe lé téadaibh na gcean, amhail
bhíos an t-óig-each ar téid agá marcach; agus fós amhail bhíos an marcach ag
marcaigheacht an óig-eich, dá sporadh agus fós dá slatadh agus dá srianadh,
mar an gcéadna don diabhal ris an bpeacthach. Dá bhríogh sin is follus go
gcailltear lé bás na coire gairm agus onóir na hanma, mar go gcuirthear i
gcoimmeas ré beathadhach éigciallda é.



An treas foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh a ainm don duine.
Óir ní tugthar Séamus, Peadar, ná Pól ar an gcorp gan anam. Mar sin
an t-anam bhíos marbh ó bhás na coire, beantar a ainm a leabhar na beatha,
do réir an bhagair do-rinne Dia ar an bpeacthach, amhail léaghthar san
.32. caibidil in Exodo, mar a n-abair qui ...


L. 47


“an tí pheacóchas damhsa, sgriosfad é as mo leabhar.” Dá chor i gcéill nach
biadh a ainm i leabhar na beatha ré tuilleamh ná ré tuarastal d'fhagháil
tréna fhoghnamh don Dúileamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar do cheil Críost ainm an tsaidhbhir
shádhail, dá chor i céill nárbh aithnidh dó é. Tig leis so aní léaghthar
ag Solamh san deachmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal,
mar a n-abair, memoria ... “cuimhne an fhíréin lé hadhmoltaibh,
agus do-ghéana ainm an pheacthaigh dreódh.” Dá chor i gcéill go
bhfaghthar ainm an fhíréin sgríobhtha i gcairt na beatha, agus go mbí ainm
an pheacthaigh arna sgrios as mar námhaid. As so is iontuigthe go mbeanann
bás na coire gan íomháigh Dé do bheith dh'ainm ar spioraid an pheacthaigh,
amhail bheanas an bás corpardha ainm an duine don chorp mharbh.



An ceathramhadh foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh don duine a
uile bhríogha agus a mhaoine. Mar an gcéadna do-ní bás na coire ris an
anam: dealuighidh a shochair agus a shubháilce ris. Agus is ar an bhfoghail se
labhras Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair,
ag faisnéis na díotha tig do bhás na coire d'imirt ar anam an pheacthaigh,
manum ... “cuiridh a námhaid a lámh féin in gach éin-ní soimhianuighthe dá
mbí aige.” Ionann sin ré a radh, agus an tan do-gheibh duine bás na coire,
go mbeanann an diabhal gach subháilce agus gach sochar don anam lé bhféadfadh
an ghlóir shuthain do thuilleamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san chéad-chaibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Machabei, mar
do-chuaidh rí urchóideach darbh ainm Antiocus go cathair
Ierusalem go sluagh líonmhar maille ris, agus do thriall gus an
dteampall, go ndeachaidh don tsanctóir, agus rug leis an altóir
órdha, agus lóchrann an tsoluis, agus uile mhaoine an teampaill ó
shoin amach. Go fáthach, cia an t-Antiocusso, acht an diabhal?
Cia an Ierusalem, acht an fíréan? Cia an teampall, acht anam an
fhíréin? Cia an sanctóir, acht an coguas glan? Cia an altóir
órdhaidhe, acht an croidhe ionnraic bhíos arna oirneadh do


L. 48


thlacht taidhleach ghrádha Dé agus na comharsan? Cia an lóchrann soluis,
acht an mhéin díreach? Cia uile mhaoine an teampaill acht uile
ghlain-tiodhlaicthe agus subháilce an duine ó shoin amach? Ionnus amhail
do-rinne Antiocus an teampall d'argain, gurab mar sin airgthear leis an
ndiabhal anam an fhíréin an tan do-ní peacadh. Agus is i bhfioghair na
foghla céadna so atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san deachmhadh
caibidil, mar a n-abair Críost go fáthach go raibhe duine éigin ag dul síos
ó Ierusalem go Ierico, agus go dtarladar ladrainn nó lucht foghla ris, agus
gur feannadh é, agus ar bhfágbháil chréacht agus chneadh air, do fhágbhadar
leith-bheó é. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an anam. Óir go fáthach
is é an duine úd do luaidh Críost an peacthach; agus Ierusalem a neimhchionta;
Ierico staid an pheacaidh; an lucht foghla, an diabhal agus a dhaosgar-shluagh;
na hearradha do bheansad de, na subháilce somhaiseacha chailleas a los an
pheacaidh; na créachta do-rinneadh air, gona chneadh an pheacaidh lé
marbhthar an t-anam. Agus is ionann mar do fágbhadh leith-bheó é agus mar
fhágbhas an peacadh an duine, óir ní fhágbhann acht leath a bheatha aige,
mar atá beatha an chuirp, ar mbuain bheatha na hanma .i. ghrás nDé lé
foghail an pheacaidh dhe.



An cúigeadh foghail do-ní an bás corpardha: an duine do dhealughadh
réna cháirdibh agus réna chompánaibh. Mar an gcéadna do-ní bás na coire
iomsgaradh na hanma ré caidreabh agus ré commaoin na naomh agus na n-aingeal,
maille ré gan flaitheas Dé do thuar ná do thuilleamh dhó, an gcéin bhíos
san pheacadh mharbhthach. Agus fós na subháilce agus na soibhéasa bhíos 'na
bhfál timcheall na hanma, gabhaid raobadh chuca, ré briseadh an bhuinne
bheannuighthe .i. ghrás nDé, is cleith cheangail ar charcair an chrábhaidh.
Agus atá Dia féin dá bhagar ar an bpeacthach go mbeanfaidh féin fáil
fíréanta na subháilce agus na sochraide neamhdha dhe, do réir mar léaghthar
san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair Dia ag labhairt ar an
bpeacthach, auferam ... “béaraidh mé liom a fhál súd, agus biaidh sé
foghluighthe.” Dá chor i gcéill, na naoimh, agus na haingil agus
a shubháilce féin, go


L. 49


bhfuilngeann Dia a ndealughadh ris an bpeacthach i ndíoghailt
a mhíghníomh.



An seiseadh goin.



Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí cinéil pheacadh ann, mar atá peacadh an
chroidhe, peacadh an ghníomha, agus peacadh an ghnáthuighthe. Agus is ar an
gcéid-pheacadh labhras Solamh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar
a n-abair, perversae ... “do-níd na droch-smuaintighthe iomsgaradh ó Dhia.”
Agus dá réir sin marbhaid an t-anam, do bhríogh go sgarthar leó ó Dhia é, is
beatha don anam, do réir Mhaoise san .30. caibidil ag Deut., mar a n-abair
ag labhairt ar Dhia ris an duine, ipse ... “is é do bheatha agus fad do
laitheadh é.” Agus is i bhfioghair an tí mharbhthar lé cóir an chroidhe atá
aní léaghthar ag Matha, mar do aithbheódhuigh Críost inghean an phrionnsa.



Is ar an dara cinéal peacaidh labhras S. Séam san chéad-chaibidil dá
Eipistil, mar a n-abair, peccatum ... “an tan chríochnuighthear an peacadh,
geinidh sé an bás.” Dá chor i gcéill, an tan chuirthear an peacadh i
ngníomh, go dtig bás na hanma dhe. Agus is 'na fhioghair so atá aní
léaghthar ag Lúcás san seachtmhadh caibidil, mar do aithbheódhuigh Críost
an macaomh fá mac don bhaintreabhthaigh.



Is ar an treas cinéal labhras Pól san chúigeadh caibidil don
chéid-Eipistil ro sgríobh go Timotheus, mar a n-abair, vidua ...
“an bhaintreabhthach mhaireas i sádhaile, atá sí marbh.” Ionann sin ré a
rádh agus an t-anam bhíos ag gnáthughadh an pheacaidh, agus bhíos 'na
bhaintreabhthaigh ar dtréigean a fir phósta, .i. an Spiorad Naoimh, i ngeall
ar mheirdreachus na locht, go mbí marbh ó bhás na coire. Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar
do-rinne Críost Lazarus d'aithbheódhadh. Bíodh a fhios agat, a dhuine,
gurab i bhfioghair na dtrí gcinéal peacthach úd atáid an triúr úd do
haithbheódhadh lé Críost.


L. 50


Óir amhail do-rinne Críost aithbheódhadh an trír réamhráitte, is
mar sin do-ní go laothamhail aithbheódhadh na dtrí n-aicme úd.
Gidh eadh, tuigthear as an réim do choimhéid Críost i n-aithbheódhadh an
trír úd cia dona trí drongaibh peacthach is túsga do-gheibh a n-aithbheódhadh.
Is-toigh imorra do haithbheódhadh inghean an phrionnsa; ag
triall cheana gus an adhnacul do haithbheódhadh an macaomh; gidh eadh,
is annsan uaigh do-rinneadh Lazarus d'aithbheódhadh.



An seachtmhadh goin.



As so is iontuigthe gurab túsga do-ní Dia duine d'aithbheódhadh ón
chéid-chinéal peacaidh ioná ón dara cinéal, agus ón dara cinéal ioná
ón treas cinéal. Agus is uime do-rinne Críost gan d'aithbheódhadh acht
an triúr soin, do bhríogh nach raibhe faoi an ceathramhadh cinéal peacaidh
do leigheas .i. peacadh na haindiúide. Agus is uime sin adeir, ag labhairt
ar an druing bhíos i bpeacadh aindiúid na neamhaithrighe, amhail léaghthar
san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a n-abair, dimittite ... “léigidh dona
marbhaibh na mairbh d'adhnacul.” Agus is iad drong adeir d'adhnacul annso
na peacthaigh bhíos marbh ó choir aindiúid na neamhaithrighe. Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil do leabhar
Amos, mar a n-abair, super ... “tillfead ó thrí coiribh na
Damasca, agus ní fhillfead óna ceathair é.” Dá chor i gcéill go
ndéin Dia aithbheódhadh na bpeacthach bhíos marbh ó pheacadh an
chroidhe, nó ó pheacadh an ghníomha, nó fós ó pheacadh an
ghnáthuighthe, gidh eadh, nach déin aithbheódhadh ar an tí bhíos
marbh ó pheacadh aindiúid na neamhaithrighe.


L. 51


AN SEISEADH HALT
'na ndéantar coimmeas idir dá chomhartha dhéag an bháis chorpardha
agus an bháis spioradálta.



An chéad-ghoin.



Tuig, a léaghthóir, ó's é an bás is díol agus is tuilleamh i n-íoc an
pheacaidh, do réir Phóil san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
mar a n-abair, stipendia ... “tuarastail an pheacaidh an bás.”
Dá chor i gcéill nach foláir dá gach aon-duine oirchill do bheith aige air
féin lé mbiadh ollamh ar a chionn, ionnus ó nach fuil dol ón bhás
chorpardha aige, go bhféadfadh é féin do chaomhna agus do choimhéad ar bhás
na coire. Agus ar chor gomadh móide do fhéadfadh é féin d'imdhídean agus
d'anacul air, fios a raibhthe forfhógarthacha agus a chomharthadh gcinnte do
bheith aige, measaim gurab tarbhach don duine na comharthadha cinnte
fhorfhógras an bás corpardha do bheith i ngar do neoch do chor síos annso,
agus comharthadha cinnte bháis na coire fhreagras dóibh sin mar an gcéadna,
ionnus óna bhfios do bheith ag neach, go dtuigfeadh an duine cuin dobhiadh
féin marbh do bhás na coire. Agus atáid a dó dhéag ré a n-áireamh ag
gach bás don dá bhás.



An dara goin.



An céad-chomhartha lé bhforfhógarthar an bás corpardha, anorduightheacht
an bhlais. An tan iomorra do-gheibh an t-othar blas ar aní budh anfholláin
dó agus diomblas ar aní budh folláin dó, is comhartha báis é. Mar an
gcéadna don othar spioradálta, is comhartha báis na coire an tan do-gheibh
an peacthach blas ar dhíomhaoineas agus ar shádhaile agus ar bhaosradh na
beatha aimseardha, agus diomblas ar shochar na sácramainteadh agus ar theagasg
bhréithre Dé. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair,
omnem ... “do ghabh déistin a n-anam súd ris an uile oileamhain, do dhruid
siad go doirsibh an bháis.” Dá chor i gcéill go mbí bás na coire san ursain
ag an druing


L. 52


nach faghann blas ar bhriathaibh Dé ná ar na soibhéasaibh, agus
rénar milis briathra borba agus baothántacht na beatha corpardha.
Agus is i bhfioghair staide na druinge se atá aní léaghthar ar Chloinn
Israel san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar do chleachtaoi
leó bheith ag diommoladh an phlúir neamhdha, agus ag sanntughadh na
brúid-bheatha do chleachtadar san Éigipt.



An treas goin.



An dara comhartha, mar atá easbaidh díleaghtha. An tan iomorra nach
féadann an t-othar an biadh chaitheas do chongbháil fána chlí, nó, dá
gcongbhaidh é, nach féadann díleaghadh do dhéanamh air do dhíoth an teasa
nádúrtha agus na flichidheachta fréamhamhla, is comhartha cinnte báis é.
Amhail iomorra do-níthear an céid-díleaghadh san ghoile, an dara
díleaghadh sna haéibh, agus an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach, lé
teas agus lé flichidheacht maille ré gníomhughadh na bríogha díleaghtha,
mar an gcéadna go spioradálta, an tan éagas teas an ghrádha agus flichidheacht
an ghlan-dúthrachta, téid báthadh ar dhíleaghadh bhreíthre Dé, arna
clos agus gan a coimhéad. Budh dual trá briathra Dé do dhíleaghadh fá thrí,
amhail do-níthear an díleaghadh corpardha: an céid-díleaghadh i ngoile
na meamhrach, lé cuimhniughadh uirre; an dara díleaghadh i n-aéibh na toile,
lé gean do bheith uirre agá téaghadh ar thinntéan nó ar theallach na toile;
an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach lé gníomhughadh cneasta. Gidh
eadh, an dream nach faghann blas ar bhréithir Dé, agus nach déanann a díleaghadh
fá thrí amhail adubhramair, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis
na coire ortha. Agus is ar an tí ar a mbí an comhartha so labhras
Dáibhídh, mar a n-abair, odisti ... “do fhuathuigh tú an
seóladh agus do theilgis mo ráitte-se druim tar ais.” Dá chor i
gcéill, an tí ar a mbí an comhartha báis se, nach binn leis
briathra Dé do chlos agá seóladh dhó, agus nach milis leis iad ré a
gcoimhéad ná ré díleaghadh do dhéanamh orra. Agus is ar an druing
se atá Isaias ag casaoid san chúigeadh caibidil, mar a n-abair,
abiecerunt ...


L. 53


“do ruaigsead reacht Tighearna na sochaidheadh, agus do dhiamhasluighsead
labhra Naoimh Israel.” Agus is ar an druing gcéadna labhras Dia, ag bagar
orra agus agá rádh nach tillfeadh iad ó bhás na coire, do réir mar léaghthar
san dara caibidil ag Amos, mar a n-abair, ag cur an réasúin síos créad nach
tillfeadh ó bhás na coire iad, eo ... “do bhríogh (ar sé) gur ruagadar
reacht an Tighearna.”



An ceathramhadh goin.



An treas comhartha, claochlódh na gnúise, mar atá an tsrón do bheith
arna caolughadh, an tsúil do bheith cuas-shloigthe, agus na cluasa do bheith
ar gcrapadh agus ar bhfuaradh. Mar an gcéadna don othar spioradálta. Is
ionann an caolughadh srón úd agus mar bhíos ag boltnughadh go fuireachair ar
bhéasaibh cáich, ar dtabhairt an chrotha 'na mbí féin i ndearmad. Agus
is ris an tí se labhras Ieremias san .31. caibidil, mar a n-abair,
reverte ... “till, a mhaighdean Israel, till ar do chathrachaibh féin. Gá
fad bhus sgaoilte thú ar síodhán i sádhaile?” Is eadh aitcheas nó
athchuingheas Ieremias annso ar an duine, gan bheith ag seilg ná ag
sraith-fhiadhach, ná ag léir-mheas ná ag lorgaireacht ar lochtaibh a
chomharsan, ar ndearmad a dhoibhéas féin; agus dá ndearna, is comhartha cinnte
ar bhás na hanma é. Ionann fós an slogadh súl úd agus an sáthadh do-ní an
peacthach ar rosgaibh a rúin sna neithibh talmhaidhe, ar n-iompódh a thoile
ó bheith ag smuaineadh ar na neithibh neamhdha. Agus is ris an bpeacthach so
adeir Ieremias san treas caibidil, leva ... “tógaibh go díreach do shúile, agus
féach cáit 'snár leagadh thú.” Dá chor i gcéill go ndligheann an peacthach
dearc a dhíoghraise do thógbháil a cuas an chonáich shaoghalta, agus silleadh
ós a chionn, d'amharc gach othrais agus gach éislinne dá mbí ar a anam. Ionann
mar an gcéadna an crapadh agus an fuaradh cluas úd agus gan milse bhriathar
nDé do fhromhadh, ná giall dóibh. Agus is eadh adeir Solamh ris an tí ar a


L. 54


mbí an comhartha so, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil fichead do
Leabhar na Seanfhocal, qui ... “an tí chlaonas a chluasa go nach cluinfeadh an
reacht, biaidh a urnaighthe malluighthe.” Ionann sin ré a rádh agus gurab
malluighthe an tí nach éisteann ré briathraibh Dé, agus dá réir sin gurab
comhartha cinnte ar bhás na hanma gan chluais do thabhairt ré héisteacht agus
ré coimhéad bhriathar nDé. Agus don leith oile adeir Críost san chúigeadh
caibidil ag Eóin na briathra so, qui ... “an tí do-chluin mo bhriathra-sa, agus
chreideas don tí do chuir uaidh mé, atá an bheatha shíor aige, agus ní thig fá
bhreitheamhnas, acht triallaidh ó bhás go beathaidh.” As so is iontuigthe
gurab comhartha cinnte ar bhás na coire an tan chrapas agus fhuaras cluas an
pheacthaigh lé hoighreadh na hurchóide agus an éagcrábhaidh,
agus dhúnas lé dullán dubháilceadh, nó lé comhlaidh chean, céadfaidh
na héisteachta, ionnus nach cluinfeadh agus nach creidfeadh briathra Dé ná
teagasg a leasa.



An cúigeadh goin.



An ceathramhadh comhartha báis chorpardha, éagcomhthrom na cuisleann, an
tan bhuaileas go neimhionann, mar atá seal go luath agus seal go mall, seal
go meirbh agus seal go láidir. Agus is eadh is cuisle ann, friothbhualadh
gluasachta an chroidhe sna hairtiribh, thionnsgnas ón chroidhe lé
gcoimhéadtar an t-aieór agus spiorad na beatha. Agus is eadh go spioradálta
chialluighid na cuisleanna úd, miana an chroidhe dhaonna. Agus is eadh
chialluigheas an mhalairt úd ar ghluaiseacht na gcuisleann, claochlódh
corrach diombuan luath-aigeantach na mian gcéadna. Agus amhail is comhartha
báis chorpardha gluasacht neimhionann na gcuisleann, mar an gcéadna
is comhartha ar bhás na coire, an tan bhíd miana an chroidhe corrach, agus
do-níthear a malairt fá seach, mar theagmhas do mhórán do dhaoinibh dul ó
bheith measardha go beith craosach, o bheith cráibhtheach go beith
éagcráibhtheach, ó bheith geanmnaidh


L. 55


go beith drúiseach, ó bheith fosaidh go beith feargach; agus mar sin dóibh ag
malairt idir na miana agus na hainmhiana, ionnus gurab neimhionann gluasacht
chuisleann an choguais aca; agus don chomhartha soin aitheantar bás na coire dá
rochtain. Agus is ar anam an tí bhíos luath-aigeantach labhras
Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, garrula ... “labharthach agus síleach, gan fulang
chomhnaighthe.” Dá chor i gcéill go mbí aigneadh an pheacthaigh
ar lúth agus ar luadhaill, ag léim ó locht go locht, do bhríogh nach
bí fundaimeint fhorasta fhíréandachta fúithe.



An seiseadh goin.



An cúigeadh comhartha báis chorpardha, codladh corrach antráthach.
Is eadh iomorra is codladh antráthach ann, an tan do-ní duine suan ar ló
agus dúsgadh san oidhche. Go spioradálta, is eadh chialluigheas an
codladh úd, faill, agus is eadh chialluigheas an lá, an tsláinte, agus an
oidhche, an galar. Mar sin, an tí do-ní faill nó seachmall ar ló .i.
'na shláinte, agus chuireas a leas ar cairde i gcomhair oidhche na heasláinte,
is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire air. Agus is uime sin
ghuidheas Dáibhídh Dia, dá iarraidh air é féin do dhíon ar an gcoir se,
mar a n-abair, illumina ... “soillsigh mo shúile, ionnus nach codlainn
choidhche san bhás.” Agus is eadh iarras ar Dhia, gan a léigean dó féin
faill do dhéanamh, dá dtiocfadh é féin do bheith marbh i mbás na coire.
Atá fós Pól dá theagasg don pheacthach bhíos 'na chodladh san pheacadh dá
ngairthear faill, éirghe as, do reir mar léaghthar san chúigeadh caibidil go
Ephesios, mar a n-abair, surge, ... “tusa atá it chodladh, éirigh, agus
soillseóchaidh Críost tú.” Asta so is follus gurab comhartha cinnte ar bhás
na coire an codladh úd dá ngairthear faill.



An seachtmhadh goin.



An seiseadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. allus anorduighthe
nach i ló an fhaothaimh do-geibhthear, agus


L. 56


nach bí as an gcorp go huilidheach, agus bhíos fuar, agus nach tabhair biseach
na sláinte don othar. Go spioradálta is eadh chialluigheas an t-allus, an
fhaoisidin, agus an faothamh, breitheamhnas an tsagairt; an t-allus
neamhuilidheach, ciorrbhadh na faoisidneach; agus an fhuaire bhíos ann,
neimhtheas cuisneamhail na coire, lé múchtar grís ghrádha Dé agus na
comharsan, is snáth uama dona subháilcibh, is cruaidh-théad cheangail don
chrábhadh, agus is uchtach ór-naisg don aithrighe. Agus is ar an tí do-ní
faoisidin ar an gcor so labhras Solamh san seachtmhadh caibidil déag in
Ecclo., mar a n-abair, a mortuo ... “téid an fhaoisidin ar ceal ón mharbh
amhail neimhní.” Dá chor i gcéill, an dream do-ní an fhaoisidin fhallsa
fhollásach úd, nach téid i sochar don tí bhíos marbh ó bhás na coire, amhail
nach téid an t-allus do luaidheamar i sláinte don othar. Tuig, a
léaghthóir, gurab anfholláin an t-allus do chor acht i ló an fhaothaimh.
Mar an gcéadna is damanta don tí do-ní faoisidin agus faisnéis ar a pheacadh
féin, acht do láthair an tsagairt. Gidh eadh, is iomdha fa-ríor feidhneóir
fíor-uallach faithche, badhgaire bras-ráitteach, agus baothán builidh
beig-ciallda, mhaoidheas go bréagach, a los anbhairr agus iomarca, do láthair
bhan dá mbréagadh, a gcumus féin ar ól agus ar imirt, ar mhilleadh ban, ar
ghoid, ar éigean agus ar mharbhadh daoine, agus ar gach olc oile dá ndéinid
agus nach déinid. Gidh eadh, bíodh a fhios aca gur comhartha cinnte ar bhás
na coire é.



An t-ochtmhadh goin.



An seachtmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, bréantas anáile. An tan
iomorra bhíos anál bhréan ag an othar, is comhartha é ar sgaoileadh nó ar
bhriseadh bronn do bheith aige, agus dá réir sin, ar an mbás do bheith i ngar
dhó. Mar an gcéadna go spioradálta, an tí dhoirteas a mhíochlú féin
dá gach leith léna mhíghníomhaibh, bí droch-bhaladh mítheasta air, agus
dá réir sin bí comhartha bháis na coire air. Agus is ar an druing bhíos
ar an gcor soin labhras Ieremias san seiseadh caibidil, mar a n-abair,
confusi ...


L. 57


“atá meadhradh orra tré mar do-rónsad gníomh déistineach.”
Dá chor i gcéill go mbí commbuaidhreadh na coire ag déanamh droch-bhalaidh
na míochlú ón pheacthach, agus an tan do-chluin féin a mhítheist
dá haithfhriotal, cuiridh meadhradh air, trésan diúide ghabhas é. Agus
is ar an druing se labhras Solamh san dara caibidil do Leabhar na Seanfhocal,
mar a n-abair quorum ... “an dream is saobh slighthe, is mítheastach a gcéime.”
Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil
déag, mar a n-abair Martha, ag labhairt ré Críost do thaoibh a dearbhráthar,
Domine ... “a Thighearna, atá sé bréan, óir atáid cheithre lá ó's
marbh é.” As so go fáthach is iontuigthe, an dream bhíos marbh cheithre lá
go spioradálta, leis na ceithre gnéithibh peacadh ó bhféadtar duine
d'aithbheódhadh, mar atá smuaineadh, labhairt, gníomh, agus gnáthughadh, go mbí
comhartha cinnte bháis na coire air.



An naomhadh goin.



An t-ochtmhadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. easbaidh
urlabhra. An tan trá do-bheir duine an fhaoisidin agus moladh Dé i
ndearmad, is comhartha bháis na coire é. Agus is ris an tí
do-gheibh an bás so adeir Solamh san seachtmhadh caibidil déag in
Ecclo., vivus ... “ré linn do bheatha agus do shláinte do-ghéana
tú faoisidin agus molfaidh tú Dia.” Dá chor i gcéill go bhfuil
an fhaoisidin éigeantach ré haithbheódhadh an té bhíos marbh ó
bhás na coire. Agus is uime adeir ar dtús an fhaoisidin do
dhéanamh ré moladh Dé, do bhríogh nach gabhann Dia urnaighthe an
pheacthaigh, nó go mbí arna fhothragadh lé fíor-uisge na
faoisidneach, do réir mar adeir Solamh san chúigeadh caibidil déag
in Ecclo., non ... “ní maiseach an moladh i mbéal an pheacthaigh.”
Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach
faghann Dia blas ar a n-urnaighthe, acht mar gurab i n-easbaidh
urlabhra dobhiadh siad ó bhás na coire. Agus is ar an druing se
labhras Dáibhídh, mar a n-abair, non ...


L. 58


“ní mholfaid na mairbh thú, a Thighearna, náid na huile théid síos i
n-ifreann.” Ionann sin agus nach gabhann Dia moladh ná urnaighthe na
druinge bhíos marbh ó bhás na coire, agus nach mó mholtar é leis an druing
dhamanta bhíos i n-ifreann. Ionnus, mar aitheantar an deóraidh ar a bhéasgna
cia an chríoch nó an cionnaidh is dúthaigh dhó, mar sin go meinic aitheantar
ar uraghall an duine an é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, nó an é ifreann. Óir
madh fírinneach sochraidh ceannsa comhrádh an duine, is comhartha sin gurab
é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, agus madh bréagach borb beag-tharbhach a
bhriathra, is comhartha gurab é ifreann is dúthaigh dhó. Agus cibé labhras
ar an dara modh so, is geall ré heasbaidh athaisg do bheith air é, agus da réir
sin bí comhartha bháis na coire air.



An deachmhadh goin.



An naomhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, maoladh na meabhrach. Óir
an tan chailleas duine a mheabhair, is comhartha báis air é. Mar sin go
spioradálta, an tí do-bheir i ndearmad dearlaigthe Dé, a bhreitheamhnais,
a aitheanta, agus a luaighidheachta, is comhartha cinnte ar bheith marbh ó bhás
na coire é. Agus is ar an tí bhíos marbh i mbás na coire se labhras
Dáibhídh, mar a n-abair, non ... “ní fhuil san bhás neach dobhiadh cuimhneach
ort-sa.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos marbh do bhás na coire, nach
bí cuimhne ar Dhia ná ar a thiodhlaicthibh aige. Agus fós is ar an
druing gcéadna so labhras Dáibhídh, mar a n-abair, et ... “agus
tugadar i ndearmad Dia do shlánuigh iad.” Dá chor i gcéill, an dream
bhíos marbh ó bhás na coire, nach cumhain leó commaoin dár chuir Dia orra,
ar mbeith dá meabhair arna maoladh, amhail adubhramar.



An t-aonmhadh goin déag.



An deachmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, an tan choisgeas a luadhaill
nó a ghluasacht. Óir an tan nach féadann duine aon-bhall dá bhallaibh do
chorraighe, is comhartha cinnte báis é. Mar sin go spioradálta, an
t-anam bhíos gan luadhaill


L. 59


na deagh-oibre, bíth marbh do bhás na coire. Óir is é an creideamh beatha na
hanma, do réir Abacuc san dara caibidil, mar a n-abair, iustus
... “méaraidh an fíréan 'na chreideamh féin.” Gidh eadh, do réir
S. Séam san dara caibidil mar a n-abair, fides ... “is marbh an
creideamh gan deagh-oibreachaibh.” Dá bhríogh sin, ó's marbh an
tí bhíos gan luadhaill ré déanamh na ndeagh-oibreach, ní foláir
dhúinn bheith seadhmhar ré saothrughadh na subháilceadh agus na
soighníomh. Agus atáid cheithre cinéil deagh-oibreach dhleaghair
dhúinn do dhéanamh.



An céid-chinéal, mar atáid oibreacha áilgheasacha na haithrighe ré
hionnladh na hanma ó mheirg na mailíse. Agus is é an t-ionnladh so na
haithrighe fhoráileas Críost, do réir mar léaghthar san treas caibidil
ag Lúcás, mar a n-abair, facite ... “déanaidh toirthe fiúdhantacha na
haithrighe.” Agus is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar san
chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do
fhoráil Eliseus ar Naaman é féin do nighe fá sheacht i sruth
Iordáin. Agus fós atá san áit se Dia ag déanamh bagair san
Scrioptúir mar a n-abair san treas caibidil déag ag Lúcás, nisi
.. “muna ndearntar aithrighe libh, caillfidhear uile i n-aoin-
fheacht sibh.” Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so:



Gá fios damh, a Dhé nimhe -
anois uair na haithrighe -
an mbiam an uair oile ann?
an uain bhus goire gabham.



An dara cinéal oibre, mar atáid oibreacha na trócaire, do réir Phóil
san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair,
caritas ... “comhnaidheadh an grádh bráthardha ionnaibh, agus ná tugthar
libh i ndearmad an aoidheacht;” agus mar adeir san áit chéadna,
mementote ... “bíodh cuimhne agaibh ar na cimeachaibh, mar go mbiadh sibh
féin mar aon riú cuibhrighthe.” Dá chor i gcéill go ndligheann


L. 60


duine éigean-dáil agus anfhorlann a chomharsan d'fhóirithin agus d'anacul,
amhail do-ghéanadh air féin dá mbeith san ghuais chéadna.



An treas cinéal oibre, mar atá sgrúdadh agus sgáthántacht glan-rúnda
do dhéanamh ar na neithibh neamhdha. Agus atá an Coimdhe ag cuireadh na
ndaoine ré déanamh an sgrúduighthe se, do réir mar léaghthar san
.24. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, transite ...
“triallaidh im dháil-se, na huile shanntuigheas mé.” Agus is
cuid don sgrúdadh soin oibreacha na heagna, mar atá éisteacht go
friochnamhach ré friotal na fírinne, agus na neithe chluinfeas tú do
choimhéad id chuimhne; agus na neithe chuirfeas tú id chuimhne do
ghníomh-ghnáthughadh; leabhair dhiadha do léaghadh, agus fós
frithléaghadh fuireachair do dhéanamh orra, go ndeithide agus go
ndícheall ndofhaisnéise; foirfhiafraighidh do dhéanamh ar neithibh
conntabhartacha; lorgaireacht ar thoil agus ar aitheantaibh Dé fria
a gcoimhéad go cobhsaidh caoin-bhéasach; agus fidh-cheangal do
dhéanamh ar chuithe nó ar chuas an chroidhe lé féithle
fíréandachta, ionnus nach géabhadh teannáil na toile - bhíos ag
aol-losgadh na hanma, dá bruithneadh agus dá beó-ghoradh, ag buain
mheirge na mímhéine agus umha ghuirm na hurchóide dhi - múchadh
chuice.



An ceathramhadh cinéal oibre, mar atá fíréantacht iomlán, ré
gcomhailltear na neithe chomhairligheas Dia dhúinn do dhéanamh, leath amuigh
dá fhógarthaibh. Agus atáid cheithre neithe san bhfíréantacht so.



An céid-ní, tar agus tarcuisne na séad saoghalta. Agus is uime sin adeir
máthair Tobias, dá chor i gcéill nach raibhe seadh san saoghal aice féin,
mar a n-abair, sufficiebat ... “fá lór dhúinn ar mbochtacht féin.”



An dara ní, neimhchion do thabhairt ar ainmhianaibh na colna, is
dearbh-airdhe dísle ar na dubháilcibh, agus is teachta agus is taidhleóire do
thaomaibh fiabhrasta an pheacaidh. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag
Solamh san .33. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, cibaria ... “biadha agus
brod agus ualach don asal, arán agus seóladh


L. 61


agus obair don daoirseach.” Dá chor i gcéill don cholainn nach foláir dhi
bheith fá bhrod bhrostuighthe an Spiorad Nao-mh, fhoráileas ar
dhuine deigh-ghníomha do dhéanamh agus ualach na haithrighe agus
lón an lóir-ghníomha d'iomchor, agus slat shaothruighthe na
soighníomh do bheith ós cionn na colna dá brodadh réna cor ó bheith
aimhriata.



An treas ní, umhlacht an fhomóis, do réir Eóin san cheathramhadh
caibidil, mar a n-abair Críost, meus... “is eadh is biadh dhamhsa, go
ndearnainn toil an tí do chuir uaidh mé.”



An ceathramhadh ní, treise na foidhide, do réir S. Séam san chéad-
chaibidil, mar a n-abair, patientia ... “obair iomlán an
fhoidhide, is aice atá bhar mbeith coimhlíonta iomlán, gan bheith
dítheach i n-éin-ní.” Dá chor i gcéill go dtig don fhoidhidin
gach dochar agus gach díoth aimseardha fhuilngeas an duine dá
dheóin san bheathaidh se, go bhfuighbhe a gcoimhlíonadh san
bheathaidh shuthain.



An dara goin déag.



An t-aonmhadh comhartha déag .i. easbaidh anáile. Óir an dream
mheasas a fhios do bheith aca an mbí an t-othar marbh, do-níd
cleite d'inneall ar chomhair a bheóil agus a shrón, dá
fhéachain an luaisgfidh an cleite lé séideadh nó lé súghadh a
anáile; agus an tan nach mothuighid ag séideadh nó ag tarraing a
anáile é, measaid siad gurab marbh bhíos. Mar an gcéadna go
spioradálta, an tan nach séideann duine a dhíoghrais go Dia, agus
nach súigheann grása an Spiorad Naoimh, is comhartha ar bhás na
coire é. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras an
seachtmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
mar a n-abarthar, erat ... “dobhí an treabhlaid láidir, ionnus
nár an anál ann.” Agus is é peacadh an éadóchais go sonnradhach
thuigthear annso, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag mar
a n-abair, mortuo ... “ar bhfagháil bháis don éadtrócaireach,
ní bhia dóchas ar bioth ó shoin amach aige.” Dá chor i gcéill
go dtéid an t-éadtrócaireach


L. 62


i n-amharas ar Dhia agus ar a chomharsain, ionnus nach séideann anáil a
aithmhéile go Dia, agus nach mó thairrngeas a thrócaire chuige.



An treas goin déag.



An dara comhartha déag báis chorpardha .i. easbaidh tadhaill. An tan trá
chailleas duine céadfaidh an tadhaill, is follus gurab marbh é. Mar an
gcéadna go spioradálta, an tan chruadhuigheas an duine go docht san dubháilcibh,
caillidh a chéadfaidh a mothughadh. Ar dtús caillidh a blasadh,
an mhéid nach fromhann milse an chomhshóláis diadha, agus fós nach cluin
briathra an teagaisg ná an smachta, agus nach faiceann do rosgaibh a réasúin
toirbhearta an bhronntais diadha, agus nach déanann boltnughadh ar
eisiompláiribh chaidribh naomhtha Chríost agus na naomh, agus nach mothuigheann
céadfaidh an tadhaill sgiúrsadha an smachta diadha. Ionnus go bhféadtar a
rádh ris amhail adubhradh ré Nabal, do réir mar léaghthar san .25.
caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-
abarthar, emortuum .. “atá a chroidhe marbh go hinmheadhónach,
agus atá arna dhéanamh amhail chloich.” As sin is iontuigthe go
mbíd daoine dúra doitheagaisg ann, nach gabhann beadhgadh tré smacht
dá ndéanann Dia orra, ná fós ré bagar a bhriathar, amhail dobhí
Pharao, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil in Exodo.
Óir tar éis mar do iarr Maoise air sgaoileadh do phobal Dé as an
daoirse 'na rabhadar aige, agus tar éis na bplágh ndíoghaltach do
imir Dia ar an Éigipt tré bhroid Chloinne Israel, is móide (mar
ghreannughadh ar Dhia) do thromuigh ar mhoghsaine Chloinne
Israel gach bagar dá ndearna Dia air, agus gach pláigh dár imir
ar an Éigipt. Mar an gcéadna fós do-rinne Cain, do réir mar
léaghthar san cheathramhadh caibidil in Genesi. Óir an tan do
theagaisg Dia é do thaoibh a dhearbhráthar Abel, is eadh do-rinne, Abel
do mharbhadh, mar ghreannughadh ar Dhia tréna theagasg. A shamhail chéadna
do-rinne Ioruaith re hÉoin Baiste. Óir i ndíol an teagaisg tharbhaigh
tug Eóin dó, is eadh fuair dá chionn, a dhícheannadh le
hIoruaith. Mar sin don duine dúrchroidheach mar chloich:
teilgidh do dhruim


L. 63


a mheanman gach bagar do-ní Dia air agus gach teagasg do-bheir dhó, amhail
do theilgfeadh gallán gaoine an t-ord do buailfidhe uirre dá druim. Agus is
comhartha cinnte ar bhás na coire sin.



AN SEACHTMHADH HALT
'na nochtar créad is treas bás ann.



An chéad-ghoin.



Is eadh is treas bás ann .i. bás na péine. Agus is ar an mbás so labhras
Eóin san ochtmhadh caibidil, mar a n-abair, et ... “agus do-ghéabhthaoi bás in
bhar bpeacaidhibh féin,” ag labhairt ar an druing do-gheibh bás i
bpeacaidhibh agus dobhiadh i mbás síordhaidhe na péine. Gonadh aire sin adeir
file dh'áirithe an rann so:



Is é is bás dár-íribh ann,
tréigean Dé, dol i n-iofrann:
beag cás toighe acht an teagh-sain,
bás oile ní huireasbaidh.



Agus tuigthear aní céadna go follus a briathraibh Dháibhídh san
.48. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing dhamanta
théid go hifreann, sicut ... “do cuireadh amhail chaorcha i
n-ifreann iad; sáiseóchaidh an bás iad.” Dá chor i gcéill gurab
amhlaidh bhíd na hanaim dhamanta do shíor ag blaistin an bháis,
agus ag ingheilt ar il-phianaibh ifrinn, ionnus go mbíd gaotha cró
gach coire lér cuireadh i n-ifreann iad agá dtreaghdadh agus agá
dtrom-ghoin. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so:



Iomdha i n-ifreann ar chionn cháigh
piana troma, is tuar toccráidh:
éag gan luibhe dá leigheas,
duine do chéad chuimhneigheas.


L. 64


An dara goin.



Is eadh iomorra is ionnfhuaradh i n-ifreann dóibh, éagsamhlacht agus malairt
na bpian bhíos agá n-imirt orra. Óir an tan bhíd tuirseach ó bheith ag
feitheamh ghnúise grancuighthe gualda gráineamhla an diabhail, gabhaid an
daosgar-shluagh dorrdha dubh-ghnúiseach deamhan, agus an saobh-choire
sáruightheach seirgnidhe siabhartha, agá sústadh agus agá slat-bhualadh, agá
dtuargain agus agá dtrom-ghoin agus agá dteilgean as sin ar leacaibh loma
loisgneacha lasamhla, agus agá dtreaghdadh do bhearaibh troma teinntidhe, agá
gcosgairt agus agá gcreat-raobadh d'ordaibh iomthroma urlainn-leathna
iarnaidhe; agus as sin i srothaibh borb-thonnacha bréana buaidheartha
briomstóin nó raibhe, go n-iomad n-il-phiast agus n-arracht n-adhuathmhar
n-allmhardha. Gá dtám ris, ní héidir ríomh ná ro-áireamh a bhfuil
d'il-phianaibh i n-ifreann, ar a n-iomad agus ar a n-aidhbhsighe.



An treas goin.



Tuig go bhfuilid dá ghné phrinnsiopálta phéine ann, mar atá pian
chéadfadhach nó mhothuightheach, mar atá teas teineadh ifrinn, bualadh
agus boirb-leadradh na ndeamhan ar an hanmannaibh. Agus is é mo mheas go
n-oibrigheann an teine se go gníomhach ar na hanmannaibh damanta, comh-maith
agus oibrigheas uisge an bhaistidhe ar an druing bhaistear; ionnus mar ghlanas
uisge an bhaistidhe an t-anam ó pheacadh an tsinnsir go fírinneach, mar an
gcéadna go ngníomhuigheann teine phurgadóra nó ifrinn go fírinneach ar
na hanmaibh damanta nó ar na hanmaibh bhíos i bpurgadóir.



An dara gné phrinnsiopálta phéine bhíos i n-ifreann, dá ngoirthear
pian easbadhach, mar atá bheith i n-easbaidh amhairc bheannuighthe na
glóire, tré bhfaicthear an diadhacht 'na bhfuil an uile mhaith
shoimhianuighthe. Agus atá i gconntabhairt, cia dhíobh pian is truime .i.
bheith ag fulang na teine ifreanda do shíor, nó bheith i n-easbaidh ghlóire
suthaine.



Agus is uime atáid an dá ghné phéine se i ndiaidh an pheacaidh,
do bhríogh go bhfuilid dá olc phrinnsiopálta san pheacadh do-ní
an peacthach ré déanamh an pheacaidh, mar


L. 65


atá cúil-iompódh ón Chruthuightheóir agus gnúis-fhilleadh ar an gcréatúir.
An tan iomorra do-bheir an pótaire dúil don digh d'ól go hainmheasardha, agus
ibheas í go beith ar meisge dhó, do-ní cúil-iompódh ré a Chruthuightheóir
an tan soin, an mhéid go sáruigheann an fhógra tug dhó, mar a
n-abair ré duine gan craos do dhéanamh. Agus do-ní gnúis-fhilleadh ar an
gcréatúir an tan ibheas go hanorduighthe an deoch, ionnus go ndéin dia dhi.
Óir is ionann dó dia do dhéanamh don digh agus a breith do roghain ar thoil nDé
do dhéanamh. Agus mar an gcéadna adeirim ris an tí bheireas corp na
meirdrighe do roghain tar a gheanmnaidheacht do chongbháil ar thoil nDé; nó
an tí bheanas amach go haindlightheach ór nó airgead, fonn nó fearann, crodh
nó ceathra a chomharsan: is dearbh go ndéin dée fána dhícheall díobh, agus go
gcuireann Dia ó bheith 'na Dhia an mhéid fhéadas. Óir is é is dia don uile
dhuine, an tí is mó bheireas do roghain agus is annsa leis. Agus do bhríogh go
mbeireann an pótaire an deoch do roghain, nó an striapach corp na
meirdrighe, nó an sanntach an t-ór nó cuid a chomharsan, ní héidir a mheas
nach dée do-níd díobh, ar dtréigean Dé fhírinnigh i ngioll orra.



An ceathramhadh goin.



Atá an chéid-ghné úd dona pianaibh adubhramar, mar atá an phian ghníomhach,
i n-íoc an ghnúis-fhillte do-ní an peacthach ar an gcréatúir. Óir
cion a bhfaghann do shólás agus do shult sna créatúiribh úd ar an saoghal
so, do-ghéabhaidh do dhólás agus do dhaoirse agus do dhocamhal thall é, muna
íoca abhus ar a shon, do réir Eóin, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar
na dTaidhbhreadh, mar a n-abair, quantum ... “an uiread do ghlórmharuigh sé
é féin, agus dobhí i sádhaile, tugthar libh an uiread soin do phéin agus do
dhoilgheas dó.” Dá chor i gcéill, cion a bhfaghaid na daoine do sháimhrighe
agus do mheadhair na beatha so, go bhfaghaid a dhíol do chruadh-dháil agus do
chrádh san charcair úd thall. Gonadh uime sin adeir Lúcás san seiseadh
caibidil, ag teacht tar an druing se, vae ...


L. 66


“monuar dhaoibh, a dhream do-ní gáire anois, óir do-ghéantar caoineadh
libh.” Dá chor i gcéill, an dream do-bheir iad féin d'áineas agus do
mhacnas na beatha so, gurab éigean dóibh sin d'íoc lé hamhluadh agus lé
heólchaire thall.



An cúigeadh goin.



Atá mar an gcéadna an dara gné pheine úd .i. an phian easbadhach, i
ndiaidh an chúil-iompóidh do-ní an peacthach óna Chruthuightheóir. Óir
mar do-ní an peacthach díogha don bheathaidh mharthanaigh agus rogha dona
neithibh talmhaidhe, do-ghéana a chontrárdhacht i n-ifreann i n-antráth.
Óir bí lán d'airc agus d'fhonn anorduighthe ris an nglóir do dhiúlt sé
roimhe d'fhaigsin, ionnus nach féadtar a mheas créad é a mhéad do phéin
dó, an t-áilgheas aidhbhseach anorduighthe agus an fonn frithir foiréigneach
bhíos air ré blas na glóire sin; agus gurab dearbh leis gan é dá rochtain
tré shaoghal na saoghal, dá mhéad bhíos ag dol i dtaisibh agus i
dtáimh-néallaibh dá cionn. Agus is í an ghuais gháibhtheach so agus an t-anfadh
anbháil atá ar mhuir mhailísigh an tsaoghail, ag tolladh agus ag tuargain
arthraigh anma an duine, do-connarcas go fáthach do Pheadar
naomhtha, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha,
mar a ndubhairt, agus é i n-aon-luing ré Críost i mbaogal a
bháitte, Domine, . “a Thighearna, fóir sinn, atámaid ar
fágbháil.” Agus níor chóra do Pheadar Críost do ghairm an lá
soin ré linn a ghuasachta, ioná dona daoinibh i gcoitchinne Dia do
ghuidhe. Óir ní lugha guais aoin aca ioná guais Pheadair an tráth soin.
Agus fós, is mó guais na ndaoine, do bhríogh nach raibhe acht baoghal bháis
chorpardha ar Pheadar, agus go bhfuil baoghal na dtrí mbás do luaidheamar ar na
daoinibh i gcoitchinne. Gér gháibhtheach iomorra an fhairrge agus gér lag an
long 'na raibhe Peadar, is burba an mhuir se na mailíse ar a bhfuilid na
daoine, agus is laige leónta a luingeas, mar atáid na cuirp chealgacha
chriadhamhla atá ré hiomachor a n-anam, agus gan iad cliste ná calma ré
maraidheacht do dhéanamh, an tan éirgheas gaoth na glóire díomhaoine, agus
tig séideadh soighnéanta na sainnte, agus tógbhaid uisgeadha


L. 67


aigianta na hantoile 'na ndromannaibh diana díoghainne doieadrána díomais,
agus 'na bhfrais-cheathaibh fraochdha fíochmhara forránacha feirge, agus na
gcnocaibh codarsna cubhar-anfadhacha craois, agus 'na linntibh luchtmhara
lán-aidhbhseacha leisge, agus 'na nduibh-néallaibh doimhne duaibhseacha
dath-ghránna drúise. Ionnus an tan éirghid ruadh-bhuinneadha roi-mheara
rioth-arda rabharta na mara so na mailíse i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile
timcheall luinge na hanma, go sloigthear í mar aon réna fuirinn .i. ris na
céadfadhaibh, i n-aigéan na n-ainmhian, go marbhthar í amhlaidh sin. Agus
is córaide dhúinn Críost do ghuidhe san éigean-dáil ghábhaidh se, do
bhríogh gurab é féin amháin fhéadas ar bhfóirithin, do réir
Lúcáis san cheathramhadh caibidil do Ghníomharthaibh na n-
Apstal, mar a ndubhairt Peadar, non ... “ní fhuil ainm oile arna
dháil dona daoinibh fá neamh ionarb éigean sinne do shlánughadh.”
Dá chor i gcéill gurab i n-ainm Íosa amháin shaorthar na daoine
ó gach guais 'na mbíd. Agus dom iúl, ní fhuil san bhioth guais is
aidhbhsighe ioná bheith i riocht arthraigh éislinnigh anma an duine
re mbeith ag taisteall bóchna na beatha aimseardha dhi, mar go mbí
truaill fhallsa fholamh fhollásach na colna féin ag gartadh, do
léigean uisge na hantoile ar a horlár, go mbáittear cile an
choguais leis.



An seiseadh goin.



Agus is ag éagnach ar aindísle agus ar eisionnracus na colna do
mhothuigh Pól ann féin labhras san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, video ... “do-chím reacht oile im
ballaibh ag gleic ré reacht mh'intinne, agus dom chuibhreach i
reacht an pheacaidh atá im ballaibh.” Agus mar gur mhothuigh
Pól, dobhí i ngrásaibh Dé, easurraim a chéadfadh do riaghail a
réasúin, ní hiongnadh an peacthach do bheith uaimhneach oirmheata
d'fhaitcheas na colna mar aon réna céadfadhaibh do


L. 68


bheith i gceilg ar a choguas dá chlódh agus dá thurnamh. Gonadh uime sin
adeir file éigin an rann so, 'gá iarraidh ar Dhia é féin d'anacul ar aindísle
na colna agus a chéadfadh, ar mothughadh a mímhéine:

Mo neart féin ná fulaing orm-sa,
eadram is tú sul tí sinn;
ná léig mé ar na raonaibh romhainn,
caomhain, a Dhé, orainn inn.

An saoghal cheana don leith oile dá créacht-ghoin lé caidreabh chealgach,
agus lé fáiltidhibh fill ag forfhaire uirre, ag iarraidh a háraigh. Gonadh
uime sin adeir file éigin ag reic agus ag faisnéis urchóide an tsaoghail an
rann so, ag labhairt ris an saoghal féin:

Is tú an tsodh mheabhlach mheangach,
is tú an bheithir bhéimeannach,
tú an nathair sheang, a sheise,
is ceann athaigh uirre-se.

An t-aidhbhirseóir mar an gcéadna ag inneall a il-chleas ré a héigniughadh
léna aimsighthibh, ionnus nach bí osadh aon-uaire ó neart-ghoil na námhad
so aice. Gonadh ag éagcaoine na guaise se 'na gcuirid an triar easgcarad úd
an duine adeir file dh'áirithe an rann so:

An cholann ag comhrac riom,
'sa tighearna atá i n-ifrionn,
'san saoghal seise ar gcolna,
meise im aonar eatorra.

An tan iaramh ghabhas an t-arthrach úd na hanma raon madhma agus míochosgair
ag teitheadh rés na heasgcáirdibh céadna, mar atá antoil na colna, sainnt
an tsaoghail, agus aimsiughadh an aidhbhirseóra, gabhaid agá tóraidheacht go
taodach turcanta, go ndéinid míre mion-bhrúitte nó luaithreadh dhi, ar
ndéanamh a héadála agus ar marbhadh a foirne, .i. ar mbuain a subháilceadh
dhi, agus ar marbhadh a céadfadh. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so,
ag caoineadh a amarráin féin do thoisg an trír chéadna:


L. 69



Neimh threaghdaidh is tinneas mór,
mar sgeana sginneas im chliabh;
ar mo thaobh níom tualaing suan,
buan fám thuaraim taom ón triar.




An seachtmhadh goin.



Is córaide dhúinn iomorra an cholann do choimmeas ré harthrach
dobhiadh ag imtheacht an aigéin, aní léaghthar ag Solamh san
chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ag
labhairt ar cholainn an duine, tanquam ... “amhail luing
thriallas tré uisge buinne, 'sa corrigenda lorg nach faghthar ré
n-imtheacht di, ná cosán a cile súd sna buinneadhaibh.” Dá chor i
gcéill, an tan bhíos arthrach na hanma ag triall tar eas na haoise,
nó tar bhuinne na beatha aimseardha, go dtig loing-bhriseadh dhó,
dá dtig blogha beaga do dhéanamh dhe, an mhéid go gcuirthear go
heasaontach a seilbh na hanma é, agus fós a seilbh a subháilceadh,
agus a céadfadh, agus a huile bhríogh ar-cheana. Agus is é an
t-arthrach so na colna go fáthach do thuig Peadar, do réir mar
léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Matha, mar adubhairt
san luing ré Críost, iube ... “fógair dhamh teacht id dháil ar
na huisgeadhaibh.” Dá chor i gcéill, tar ceann gur mhór an
ghuais bheith ar an uisge .i. ar an éag, gurab mó go meinic do
ghuais bheith ag luingseóireacht arthraigh na hanma fá
phíoráideacht an pheacaidh ag déanamh lot laothamhail, ioná sin.
Agus is trés an arthrach soin na colna do bheith comh-baoghlach
soin atá Pól ag ceisneamh a chrotha féin tré bheith i gcolainn,
do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
mar a n-abair, infelix ... “is mise an duine neamhchonáich, cia
shaorfas mé ó chorp an bháis se?” As so is iontuigthe gur mhór
an ghuais ré Pól bheith cuibhrighthe i gcarcair na colna daonna,
ar mhéad na mbaoghal atá 'na cionn. Agus do bhríogh go
bhfaiceann nach fuil daingean ná dídean oile ag na daoinibh, acht
iad


L. 70


féin do chor ar choimirce Dé, is eadh adeir riú, do réir mar
léaghthar san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, sicut ...
“amhail tugabhair bhar mboill ré foghnamh do neamhghloine agus
d'urchóid go hurchóid, mar an gcéadna anois tabhraidh bhar
mboill ré foghnamh d'fhíréantacht i naomhacht.” Dá chor i
gcéill, ó nach fuil urradh oile cosnaimh ná caomhnuighthe ag na
daoinibh orra féin ó ghoimh na nguasacht do luaidheamar go ró so,
gurab eadh dhlighid do dhéanamh, bríogh a mball agus a gcéadfadh
do chaitheamh ré foghnamh do Dhia, i n-eineaclann na n-olc
do-rinneadar. Agus atáid trí coinghill is ionchoimhéadta dhóibh
ré foghnamh do dhéanamh do Dhia.



An t-ochtmhadh goin.



An céid-ní, a gcroidhe do thabhairt do Dhia i modh bronntais.
Agus atá Dia féin dá iarraidh sin orra do réir mar léaghthar san
.23. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, ag
labhairt ris an duine, praebe, ... “tabhair, a mhic ionmhain, do
chroidhe féin damhsa.” Dá chor i gcéill nach foláir leis croidhe
an duine d'fhagháil ré déanamh feadhma dhó féin, agus nach lór
leis foghnamh foirimeallach na mball oile gan an croidhe do
chongnamh leó. Agus is uime sin adeir sé ris an duine san ochtmhadh
caibidil dona Cainticibh, pone ... “cuir mise mar shéala ar do
chroidhe agus mar shéala ar do láimh.” Dá chor i gcéill gurab
eadh dhligheas, bheith geimhlighthe fá ghéibheann ghrás nDé do
leith a chroidhe agus a lámh, ionnus nach féadfadh smuaineadh ná
oibriughadh acht do réir thoile Dé.



An naomhadh goin.



An dara ní, iad féin do thabhairt go hiomlán do Dhia, do réir mar
léaghthar san .22. caibidil ag Matha, mar a n-abair Críost ris an duine,
diliges ... “grádhuigh do Thighearna, do Dhia féin, ód chroidhe go hiomlán,
agus it anam


L. 71


go hiomlán, agus it intinn go hiomlán.” As so is iontuigthe nach áil ré Dia
leath-roinn an duine gan foghnamh iomlán a chroidhe agus a chéadfadh, a anma
agus a intinne d'fhagháil dó féin, do bhríogh gurab dó amháin dhligheas
amhsaine agus ógláchas do dhéanamh, air gurab é féin do-bheir tuilleamh agus
tuarastal dó. Gidh eadh, is mór mhealltar an drong shaoileas go ngéabhaidh
Dia a bhfeidhm uatha, agus iad i n-aoin-fheacht ag foghnamh do náimhdibh Dé,
mar atá an diabhal, agus an saoghal, agus an cholann. Agus is uime sin
adeir Eóin san naomhadh caibidil, scimus ... “is feasach sinn
nach éisteann Dia na peacthaigh.” As so is iontuigthe nach gabhann
Dia feidhm ná foghnamh an pheacthaigh, do bhríogh, ó bheith 'na
pheacthach dhó, go ndéin leath-roinn ré Dia, an mhéid go
gcuireann cuid éigin do bhríogh a bhall nó dhá mheanmain i
bhfeidhm do náimhdibh Dé.



An deachmhadh goin.



An treas ní, an bronntas do-níd orra féin do Dhia, gan dol 'na dhiaidh,
acht marthain i mbun a chomhaill do shíor, agus a mheas gurab ógláchas beatha
bhíos ag Dia orra, agus dá réir sin nach dlighid ar feadh a mbeatha feidhm
ná foghnamh do dhéanamh acht ar thoil a dTighearna féin, Dia uile-chumhachtach.
Agus is é coingheall ar ar gheall Dia tuarastal don duine, agus fós
a réidheachadh agus a fhóirithin as gach uile bhroid agus mhoghsaine, agus
saoirseach do dhéanamh ar neamh dhe, dá gcaomhnadh é féin go
buain-sheasmhach i ngrásaibh Dé agus i saothrughadh na subháilceadh, do réir
Mhatha san .24. caibidil, mar a n-abair qui ... “an tí do-ghéana
buain-sheasamh go deireadh, ag so an tí shláineóchar.” Is córaide
iomorra do dhuine buain-sheasamh do dhéanamh, nach bí fios na faille
aige, mar atá fios uaire an bháis, do réir Sholaimh san naomhadh caibidil
in Eccle., mar a n-abair, nescit ... “ní feas don duine a chríoch féin.”
Óir dá mbeith, ní gar nach diongnadh é féin d'inneall ré hucht
na nguasacht bhíos 'na chionn i n-aimsir an éaga. Agus is dá chor
so i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .24.
caibidil, mar a n-abair Críost, si ...


L. 72


“dá bhfeasadh an t-athair muinntire cá huair dothiocfadh an bithbhineach,
do-ghéanadh faire idir.” As so is iontuigthe nach foláir don Chríostaidhe
chalma bheith buain-sheasmhach i ndéanamh feadhma don Dúileamh dhligheas
bith-díleas beatha gach aoin, agus dá bhríogh sin gurab dó dhligeas gach
éin-fheidhm do dhéanamh go ndícheall agus go ndeithide ar feadh a ré agus
a reimheasa. Agus is maith do thuigeadar glan-naoimh ghaosmhara ghlioca
ghéir-intleachtacha Éireann aní sin ar an mhéad d'ulc agus do dhuadh do
chuirdís orra féin tré bhruithneadh glan-dúthrachta ag iarraidh a réire do
dhéanamh.



An t-aonmhadh goin déag.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar Phádraig, aird-éarlamh Éireann, agus
ar Cholam Chille, agus ar a chéile comhaoise MoChua, ar
Mhaodhóg, ar MoLing ar MoLaise, ar MhaolRuain, ar
Chiarán, agus ar Dhiaglán, ar Fhíonán, agus ar Cholmán, agus
ar Ruadhán, agus ar na céadaibh oile dhíobh, tug a mbeathaidh as
go cráibhtheach crith-eaglach. Is amhlaidh iomorra dobhídís, agus
aibíde aosta athchaitte iompa, a gcosa go foirbeach fornocht
foghartach, táir-bhiadh agus tearc-ól do shíor aca, róin-léinte
roighéara ruibeacha ag athghoin na n-áladh do-nídís orra féin,
d'éis bheith dá sgiúrsadh agus dá sgoth-bhualadh féin go beith
dá gcorpaibh créacht-ghonta, go mbídís frasa foirdhearga fola ag
snighe agus ag snámh-thuitim ré sleasaibh seirg-easnacha a gcneas
ón chiorrbhadh do-bheirdís orra féin. Do cleachtaoi leó fós fuacht
agus faire agus fad-dúsgadh, urnaighthe agus almsana, aoine agus
iairmhéirghe, luighe ar lár nó ar lom-thalamh agus clocha fogharbha
fuara foirfhliucha fúthaibh. Bioth-ghrádh don bhochtacht agus tár
ar an toicthe thalmhaidhe aca, agus iad ag baisteadh agus ag
beannughadh, ag teagasg agus ag treórughadh na bpobal, agus fós ag
proicheapt agus ag prímh-sheanmóir dhóibh. Agus urmhór na haicme
iodhaine, nó forgla na feadhna fíréanda sin ag grinn-fheitheamh na
glóire go glan-rúnda géar-radharcach do ghréas, agus a n-
aigeanta ag onfais i n-oigéan an ionnracais, agus anm-cháirdeas
irse idir gach lucht comhaimsire dhíobh, agus iad


L. 73


'na gcró-bhuailtibh crábhaidh agus 'na gcarcair choimhiatta chreidimh
timcheall a chéile, ag déanamh faire agus forchoimhéada ar-oile, go ngabhdaois
na truaille talmhaidhe dobhíodh umpa traothadh agus tuirbhreódh chuca, agus
dá bhíthin sin go mbídís na colna céadna soin fá chuing umhlachta dá n-anmaibh.
Ionnus go dtigeadh dhe sin, an tan do bhuaileadh Dia splangc spionnamhail do
spor-ghoin a spiorad, gur shoiléir dhóibh as an solus do-níodh an soiléas
soin, nár thréigthe dhóibh bliocht buan-toirtheach blas-chumhra na beatha
suthaine dobhídís do thuar agus do thuilleamh ar dhubh-lacht duthain diombuan
an domhnáin.



An dara goin déag.



Acht cheana fa-ríor, ní léir an lonnradh nó an ga gréine grás bhíos
ré lingeadh go laothamhail ó Dhia ar na daoinibh, do mhórán do dhaoithibh
dúra daill-intleachtacha, do thuaith-chliaraibh tura tearc-mhúinte, do
bharántaibh borba beig-léighinn, agus d'ughdaraibh earraoideacha eiriticeamhla
na haimsire se, dá dtabhair Dia athaidh fhada agus aimsir imchian ré déanamh
aithrighe, agus gurab eadh do-níd-sean agus lucht a leanta, bheith ag dol i
mbeó ar Dhia go díotharbhach, lé dubháilcibh agus lé droch-oibreachaibh mar
uile ghaisgeadh dhóibh féin. Agus mo
thruaighe mhór, dá dtugdaois amharc a n-intinne ar an raon
ndocrach ndoieólais atá rompa, agus gan fios na faille aca, agus nach
léigeann Dia aoin-neach ré mbeith a ghrúg dá ghrianán, do
thréigfidís bheith ag diúl dubh-lachta domblasta na beatha so.
Uch, a dhuine, dá dteagmha athlasadh álaidh nó nuai-pheacadh
neimhneach ód neamhfhaire féin duit, luigh go luath i leabaidh
chléithe comhghoine an chroidhe, agus tógaibh fian-bhoith fíréandachta
do chumhdach do choguais, agus cuir lámh ar do leigheas
ód lochtaibh.



An treas goin déag.



Ionnus gurab móide do-ghéantá luas ré leigheas do chor ort
féin, fios na n-earradh n-íoc-shláinteach do bheith agat, bíodh a
sháir-fhios agat gurab íoc-luibh dá gach othras, agus gurab urchosg
imleighis dá gach easláinte dá mbí ar an anam an aithrighe; agus
gurab ceirín dá gach créacht an crábhadh, agus gurab luibh leighis


L. 74


dá gach lot an lóir-ghníomh; agus gurab copgha cneasuighthe dá
gach cneidh chuas-domhain chraos-oslaigthe dá mbí ar an
gcoguas an cuartughadh crith-eaglach agus an foruathar friochnamhach
do-bheir an díoghrais diadha fá árusaibh iomchaola
iargcúlacha na hanma lé fiadhach friothurlamh na faoisidne.
Ionnus an tan do-beirthear sáthadh na sleighe seilge sin mar iarratach i
n-áladhaibh an anma, go luath-sgaoiltear lionn lúith na locht agus fochall
an pheacaidh a hothras-lotaibh na hanma, go ndéantar iad amhlaidh sin
d'ionnradh agus d'argain as, go beith sleamhain sláin-chréachtach dhó.



An ceathramhadh goin déag.



Is truagh nach léir don druing nach urmaiseann an aithrighe 'na ham gurab
eadh do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach, amhail do-ní an faol-chú
ris an gcaoirigh. Óir is ar bhrághaid uirre bheireas, d'eagla go ndéanadh
meidhil do-chluinfeadh an t-aoghaire, agus go dtiocfadh dá fóirithin. Mar an
gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach. Beiridh ar mheall
brághad air, agus fáisgthear leis barróg na haindiúide go docht ar a
mheanmain, go nach léigeann dó a locht do chor síos san bhfaoisidin, dá
dtiocfadh aoghaire na hanma do thoidheacht dá fhóirithin a hanbhroid an
aidhbhirseóra.



An cúigeadh goin déag.



Is é fáth as nach léir don pheacthach gurab leis na sásaibh réamhráitte
do-níthear é d'fhóirithin, do bhríogh gurab eadh do-ní an diabhal ris an
duine amhail do-ní an fiach dubh ris an mbeathadhach bhíos easlán nó
báitte i dtuinn: gobaidh a shúile as a cheann. Mar an gcéadna do-ní an
diabhal ris an bpeacthach, an tan do-gheibh i bpríomh-ghalar an pheacaidh nó
i dtuinn atmhair na hurchóide é. Gabhaidh ag cealg-ghoin rosg a réasúin,
go bhfágbhann dall é, as nach léir dhó leasughadh do dhéanamh 'na
lochtaibh.



An seiseadh goin déag.



Ní fhuil fós dá éignighe do-bheir duine amus ar aithrighe do dhéanamh
nach mó sa chách do-ní an diabhal dícheall ar a


L. 75


thoirmeasg. Do bhríogh gurab ionann dál dó ris an tí chuireas roimhe
aithrighe do dhéanamh agus don chat ris an luich. Is amhlaidh iomorra do-ní
an cat ris an luich, bheith ag ámhaill agus ag súgradh ria, an gcéin bhíos
ag fuireach ar a chumus féin aige. Gidh eadh, an tan do-bheir sidhe ar dhol
fá dhaingean dá dídean féin air, do-bheir crobh dá créachtnughadh dhi.



An seachtmhadh goin déag.



Do bhríogh iomorra gurab do dhearmad do thabhairt i gcuimhne an bháis tig
an duine do dhéanamh peacaidh, is eadh dhligheas do dhéanamh amhail do-ní
an phéacóg. Is eadh cheana do-ní sí, an tan at-chí a hearr iol-dathach
i n-eagar ós a cionn, agus mhothuigheas dá bhríogh sin a huaill ag
ardughadh, do-bheir silleadh síos ar a cosaibh garbha gartacha, agus tig don
mhíghné at-chí ar a cosaibh a macnas agus a mómhaireacht do mhúchadh.
Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh, féachain go cruaidh ar a
chosaibh .i. ar a chríochaibh, agus meas agus mion-chuartughadh do dhéanamh
ar na bearnaibh baoghail atá roimhe, agus go mór-mhór ar an mbás atá
dh'áirithe ag gach aon go cinnte, do réir mar adeir Pól san naomhadh
caibidil gusna hEabhraidhibh, statutum est hominibus semel mori “do
horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil.” Agus dá
ndearna soin, is dearbh go rachaidh as ó ghoimh an dá bhás do luaidheamar,
mar atá bás na coire agus bás na péine, agus nach diongna an treas bás
.i. bás an chuirp, díoth ná dochar dhó.



An t-ochtmhadh goin déag



Adeir Seneca in Epist., satis multum temporis sparsimus,
incipiamus vasa is enectute colligere; in freto viximus, moriamur in
portu “is lór dhúinn ar sgaipeadh d'aimsir linn, tionnsgnam
cruinniughadh na soitheach san seanórdhacht; do mhaireamair san
muir, déanam éag san chuan.” Ionann sin ré a rádh agus go
ndleaghair dhúinn arthraigh na hanma do chruinniughadh i gceann
a chéile 'na gcabhlach i gcuan an chrábhaidh, agus angcaire na
haithrighe do léigean fúthaibh dá dtoirmeasg ar luasgadh na locht,
d'eagla a leónta lé tuargain thonn n-atmhar


L. 76


na hurchóide bhíos iarna musgladh lé measgadh mear-anfadhach na mailíse.
Agus is córaide dhúinn deithbhir do dhéanamh ré stiúradh ar long gus an
gcuan úd an chrábhaidh, gurab amhlaidh bhímíd amhail cheannaighe dobhiadh
tar lear ag déanamh turais, ar a mbiadh foghlaighe fairrge ag oirchill ré
buain a earradh dhe, agus réna mharbhadh féin, agus dobhiadh ag
tóraidheacht air ón chuan as a dtriallfadh gus an gcuan 'na saoilfeadh
comhnaidhe. Mar an gcéadna bhíos an bás i n-oirchill do shíor ar an duine,
ar tí a dhochair do dhéanamh, ón tráth thriallas a cuan a gheineamhna go
caladh a chríche. Agus ná measadh aoin-neach nach tig an bás chugainn acht
i n-uair ar n-éaga amháin, acht bíodh a dheimhin aige, an lá gheintear neach
i mbroinn, agus tig do luingseóireacht ar bhóchna na beatha tadhaill, go
dtógbhann an bás an lá céadna a sheólta suas go sár-aibéil, agus go leanann
go réim-dhíreach san rian chéadna an duine, go mbeanann a uile bhríogha agus
maoine dhe.



An naomhadh goin déag.



Is córaide dhúinn a mheas nach eadh amháin i ló a éaga bhíos an bás ag
tóraidheacht ar an duine, acht fós go mbí do ghnáth ar a lorg, aní
léaghthar ag Seneca de Conceptu Mortis, mar a n-abair, ultima
hora qua esse desinimus, non sola mortem facit, sed sola consummat:
tunc ad illam pervenimus, sed diu venimus “ní hí an uair dhéidheanach amháin 'na dtéimíd
ar ceal do-ní an bás, acht is í amháin chríochnuigheas: an tráth soin
tig linn a rochtain, gidh eadh, is cian dobhámar ag teacht 'na dháil.” A
briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab iomdha amus do-bheir an bás
ar an duine sul mharbhas é. Agus is córaide sin do mheas, mar
do-cíthear corrigenda dhúinn go meinic géire na sgríob do-bheir an bás ar
na daoinibh, mar is follus isna fiabhrasaibh, agus isna teidhmibh troma,
agus isna guaisibh iomdha oile lé ndéantar an duine do bhreódh leis, agus
fós san aois féin lé ngadtar go téaltuightheach sláinte agus bríogha an
chuirp diaidh i ndiaidh, go gcuireann an bás fá ghreim fá dheóidh é.


L. 77


Trí Bior-ghaoithe an Bháis.



An dara leabhar.



AN CÉAD ALT.



Per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum mors,
et ta in omnes homines peccatum transiit, Romanorum quinto “tré
aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés
an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile
dhuine.” Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, stipendia peccati mors “tuarastal an pheacaidh an
bás,” dá chor i gcéill gurab i ndíol an pheacaidh do-rinne
Ádhamh do horduigheadh an bás do bheith dh'áirithe aige féin agus
ag gach aon do geinfidhe uaidh.



An chéad-ghoin.



Léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na
Ríogh mar do thogh Dia Saul ré bheith 'na rígh ar Chloinn
Israel. Agus léaghthar san .31. caibidil don leabhar chéadna mar
do thuit Saul agus a chlann ar fhulang Dé, leis na
Filistíneachaibh, tré gan a choimhéad féin san chuing do chuir Dia
air, an mhéid go dtug pearsa osgardha, agus neart adhbhal cuirp,
cródhacht agus calmacht intinne dhó. Mar an gcéadna do-rinne ré
hÁdhamh. Do-rinne rí ar a chlann-mhaicne agus ar a shíol féin
de, agus do chuir commaoineacha móra air, an mhéid go dtug eagna
gan ainbhfios, agus óige gan arsaidheacht, agus sláinte gan ghalar,
agus beatha gan bhás dó, agus fós dá chloinn 'na dhiaidh, acht go
gcoimhéadadaois an chuing do chuir orra .i. gan toradh chroinn
na haithne do fhromhadh. Gidh eadh, ar gcoill chána an chroinn
dó, do fhill Dia na sochair sin i


L. 78


ndoghraing agus i ndocamhal d'Ádhamh agus dá shíol, an tan do
ith sé an greim urchóideach neimheamhail úd d'ubhall na haithne,
ionnus, ar slogadh an ghreama dhó, gur shloig sé an bás mar aon
ris, do réir an bhagair do-rinne Dia air san dara caibidil in
Genesi, mar a n-abair, in quocunque die comederis ex eo, morte
morieris “cibé lá íosas tú dhe so (.i. do thoradh an chroinn),
do-ghéabhair bás.” Ní hé amháin olc tarla d'Ádhamh d'ainiarsma
an tsáruighthe úd, acht fós do-chuadar na dúile díchéillidhe agus
na hainmhinnte allta, éanlaith an aieóir, agus iasgach na n-
innbhear agus na mara, agus luibhe agus fiodhbhaidhe na talmhan, agus
an cheathar-dhúil i gcoitchinne, i n-easumhla air, mar is léir
do lucht a bhreathnuighthe. Óir ní thabhair an talamh a thoradh
amhail is díol, acht maille réna shaothrughadh, agus ní ghiallaid
na héisg ná na hainmhinnte oile acht dá n-aimhdheóin. Agus is
uime do-chuadar na créatúire se i n-anumhla don duine, do
dhíoghailt na hanumhla do-rinne Ádhamh dá Chruthuightheóir.



An dara goin.



Is i bhfioghair na hanumhla so atá aní do-rinne fear iomchuir
sgéithe Sauil, amhail léaghthar san .31. caibidil don chéid-
leabhar do Leabhraibh na Ríogh, an tan do éimidh sé Saul do
mharbhadh ar fhoráileamh Shauil féin. Óir an tan dobhí an ruaig
ag na Filistíneachaibh ar Shaul, agus do chréachtnuigheadar é, do
mheas gurbh onóraighe dhó duine dá mhuinntir féin dá mharbhadh
ionáid na Filistínigh; agus ó nár fhaomh an fear soin a mharbhadh,
tug féin a chloidheamh amach agus do léig a ucht ar a dhéis,
go ndeachaidh thríd, agus go bhfuair bás amhlaidh sin. Gidh eadh,
atá ní oile sa ghníomh so is iontugtha dhúinn dár n-aire .i. tar
ceann gurab do shoighdibh na bhFilistíneach do gonadh Saul, is
é féin ro mharbh é féin ag lingeadh ar an gcloidheamh. Mar an
gcéadna tar ceann gurab iad soighde na sainnte agus gaoithe na
glóire díomhaoine do chréachtnuigh Ádhamh ar fhoráileamh a
easgcarad .i. an diabhail, más eadh is é féin do mharbh é féin lé
colg nó lé cloidheamh an chraois. Agus fós, an chréacht do-rinne
air féin, atá sí comh-doileighis sin go bhfuil gan chneasughadh go soiche
so, ag sileadh ar an síol


L. 79


táinig uaidh, ionnus go bhfuilid ag comhthuitim leis
an neimh ndoileighis sin, agus go mbiaid go bruinne an bhrátha.
Agus is uime sin adubhairt Pól aní thuas, per unum hominem, etc., dá chor
i gcéill nach budh saor duine ar bioth ón othras úd .i. an bás.



An treas goin.



Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil ag
Ionas, mar a n-innistear go ndeachaidh Ionas a cathair Ninive
amach do ghuidhe Dé. Agus tarla teasbach mór an tráth soin ann,
agus leis sin do-chuaidh Ionas d'fhagháil fhionn-fhuaraidh ó
ghoradh na gréine fá chrann ar a raibhe iomad eidhin; agus suidhis
fá bhun an chroinn, go bhfuair socamhal mór ón ghréin de sin.
Níor chian dó ar an ordughadh soin an tan do-chonnairc chruimh
mbig ar bhfás a préimh an eidhin, agus do ghabh ag creim agus ag
cognamh na préimhe, gur ghabh an phréamh go luath truailleadh dhe
sin, go ro chríon an chuid oile don chrann, ionnus nacharbh ionadh
díona ná fosgaidh do Ionas é, agus gur ghoill an teasbach go mór
air, gurbha héigean dó a fhágbháil. Go fáith-chiallach is é an
crann eidhin sin an cholann daonna, agus Ionas anam gach aoin,
agus an phréamh úd an chroinn Ádhamh, agus an chruimh an bás do
ghein a truailleadh an chraois dobhí san phréimh .i. Ádhamh,
agus an ghrian úd lér loisgeadh an crann an ghlóir dhíomhaoin.
Agus amhail fá héigean do Ionas an crann do thréigean arna chríonadh don
chruimh, mar an gcéadna is éigean don anam an cholann do thréigean, an tan
chríontar í lé cruimh an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní
adeir Dia san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair ag labhairt ris an uile
dhuine agus ag labhairt ré hÁdhamh, memento quod pulvis es, et in
pulverem reverteris “cuimhnigh gurab luaithreadh thú, agus gurab i
luaithreadh chlaochlódhthar thú.”



An ceathramhadh goin.



Is ag ciallughadh aneithe céadna atá aní léaghthar ar chloinn Iob
san chéad-chaibidil do Leabhar Iob, .i. go rabhadar idir mhac
agus inghin i n-éin-tigh, .i. i dtigh an bhráthar fá sine
dhíobh, ag ól agus ag aoibhneas, agus do ling go hobann soighnéan


L. 80


do ghaoith gháibhthigh ón bhfásach um an dteagh 'na dtimcheall, agus do
bhris cheathra chúinne nó cearna an tighe, agus do thuit orra gur ro mharbh
uile iad. Go fáith-chiallach, is iad an chlann so an cineadh daonna, agus is
é an teagh úd colann Ádhaimh, 'na rabhadar a shíol uile do réir a
mbunadhusa, agus is é an céad-mhac Ádhamh féin, agus is í an ghaoth úd an
bás, agus is é an fásach ór séideadh í an peacadh.



An cúigeadh goin.



Dá n-abradh aon-duine nach fuair Ádhamh, do láthair i ndiaidh na cána do
bhriseadh, bás, más eadh dob ionann dó agus bás d'fhagháil do láthair,
an bás do bheith dh'áirithe aige. Óir is ionann do dhuine agus bás
d'fhagháil, cumus do bheith ag an mbás do ghnáth air; do réir ghnáth-fhocail
na bhfeallsamh, mar a n-abraid, actus et potentia eiusdem sunt
ordinis “is ionann ord don ghníomh agus do chumus ré déanamh an ghníomha.”
Óir adeirthear go mbí an fiadh marbh, an tan bhuailtear soighead i n-ionadh
mharbhthach air, tar ceann go n-imgheann léna ghoin ar fud
an fhásaigh, go bhfaghann bás 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna,
tar ceann nach fuair Ádhamh bás do láthair i ndiaidh an
aidhbhirseóra do bhualadh shoighde na sainnte air, is dearbh gur gonadh i
n-ionadh mharbhthach é .i. 'na anam, agus go bhféadtar dá réir sin a
rádh go raibhe marbh, acht gé dobhí seal ar fán agus ar fiarlaoid, ar
sraon agus ar seachrán, seachnóin fhásaigh an tsaoghail se, ag imtheacht
lé gaoibh cró na cneidhe sin do-rinneadh air, go bhfuair bás fá dheóidh.



An seiseadh goin



An crann fós 'na mbí cuas domhain, adeirthear go mbí trothluighthe nó
críon, acht gé mhaireas a dhuille seal 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna,
an coireach bhíos damanta san bpríosún, adeirthear nach bí a anam aige,
gion go dtugthar bás do láthair dhó. Nó an tí bhíos i n-othras, an tan
tigid comharthadha cinnte báis air, adeirthear go mbí marbh, gion go
ndealuigheann a anam ris do láthair. Agus is annsa gcéill sin adubhairt
Dia ré hÁdhamh, an lá do íosfadh ní do thoradh


L. 81


chroinn do haithne, go bhfuighbheadh bás. Óir an lá céadna rug
sé breath bháis air féin agus ar a shliocht, mar a n-abair gurab
do luaithreadh do-rinneadh é agus gurab i luaithreadh do fillfidhe
é. As sin is iontuigthe gurab i ndíol an pheacaidh fuair sé bás.
Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil ad Romanos,
stipendia peccati mors “is é an bás is tuarastail don pheacadh.”
Dá chor i gcéill, cibé do-ní peacadh, go bhfuighbhe bás dá
chionn mar thuarastal. Agus ó do-rinne Ádhamh é, do thuill sé
dhó féin agus dá chloinn 'na dhiaidh é, amhail adeir Pól, per
unum hominem, etc. Dá chor i gcéill gurab ó aon-duine amháin .i.
ó Ádhamh táinig an peacadh, agus gurab ón pheacadh táinig an bás.
Agus amhail do-chuaidh an peacadh in gach aon-duine ó Ádhamh, mar
an gcéadna téid an bás ar lorg an pheacaidh.



An seachtmhadh goin.



Tuig, a dhuine, gurab éadaingean soileónta dobhí an cholann daonna
i nÁdhamh, mar gur tolladh agus gur trothluigheadh d'urchor
d'ubhall í i bparrthas, amhail do-chualabhair. Agus go bhfios
damh is mór an t-adhbhar diombáidhe agus doilgheasa, dearóile agus
doimheastacht aneith ré samhluigheann Mártain naomhtha Ádhamh, tar
éis an pheacaidh do dhéanamh, amhail léaghthar i mbeathaidh
Mhártain do réir Sulpicius. Ag so cheana aní adeir .i. go raibhe
Mártain lá n-aon mar aon ré coimhthionól cléireach ag taisteal na
sligheadh, ionnus go dtarla machaire fairsing réidh roimhe. Agus is
amhlaidh dobhí an lá, agus fearthain chruaidh ghéar agus gaoth
adtuaidh ann. Agus tarla dhó ar an machaire sin capall clamh
cnámh-arsaidh creat-lom crioth-luinneach, agus fann-chosa fiara
ar foluamhain faoi, agus é ag meirbh-shiubhal go mall meirtneach ar
fud an mhachaire, i ndóigh go bhfuighbheadh fosgadh nó díon ón
doininn dobhí ag gabháil dó, agá threaghdadh agus agá thaobh-lot.
Gidh eadh, ní bhfuair a bheag nó a mhór d'fhosgadh ná
d'imdhídean ar ghoimh na gairbh-shíne dobhí ag gabháil dó. An
tan do-chonnairc Mártain amhlaidh sin é, do labhair ris na
cléircibh agus adubhairt, “A bhráithreacha ionmhaine, ar sé, an
bhfuil a fhios agaibh créad aní rénar cosmhail an capall úd?”
“Ní fhuil,” ar siad.


L. 82


“Ní hamhlaidh sin damhsa, ar Mártain, óir is eadh mheasaim gurab
cosmhail an capall úd ré hÁdhamh tar éis an pheacaidh do dhéanamh.
Óir do fhás claimhe na coire, agus míomhaise na mailíse, agus crioth
claonta na toile 'na bhallaibh, agus dobhí foluamhain an pheacaidh
faoi. Agus fós dobhí fearg Dé ag fearthain air, agus gaoth na
ngalar agus na nguasacht agá ghoin, agus é ar fásach an tsaoghail
se, ar fán agus ar fiarlaoid, arna dhíbirt agus arna dhíochor tar
príomh-dhoirsibh poinnmhidhe pálásta parrthais amach.” As an sgéal
so is iontuigthe gurab truagh agus gurab ainriochtach an cruth 'na
raibhe Ádhamh tar éis an tsáruighthe úd do dhéanamh ar Dhia,
amhail adubhramar.



An t-ochtmhadh goin.



Tuig aní céadna so as an bhfáith-sgéal léaghthar ag Lúcás san
deachmhadh caibidil, mar a n-abair go raibhe duine dh'áirithe ag
triall ó Ierusalem go gleann Ierico, agus go dtarladar meirligh
ris ar bealach, go ro bheansad a éadach dhe, agus gur
chréachtnuigheadar é, ionnus gur fhágaibhsead leath-mharbh ar an
láthair é tar a n-éis. Go fáthach is é an duine se Ádhamh, agus is
í an chathair úd Ierusalem staid na neamhurchóide, agus is é an
raon úd réim na beatha, agus is é an gleann an saoghal so, agus is é
an t-aistear do-rinne an duine an triall do-rinne Ádhamh ó staid
na naomhthachta go staid an pheacaidh tré bhealach bhriste na
cána, agus is iad na meirligh úd an diabhal agus an saoghal agus an
cholann, agus an t-éadach do beanadh d'Ádhamh, tlacht
taitneamhach na ngrás; agus na luit do-rinneadar air, créachta na
coire.



An naomhadh goin.



Is é an t-ainiarsma do tharraing Ádhamh ar na daoinibh chaointear leis na
naoidheanaibh an tan bheirthear iad, do réir mar adeir Tertullian
san cheathramhadh leabhar ro sgríobh i n-aghaidh Marcion, mar a
dtabhair dá aire gurab é céad-ghlór tig i mbéal na naoidhean iarna
mbreith, madh mac bhias ann, a, a, ag tabhairt aithbhir ar Ádhamh,
dá chor i gcuimhne dhó gurab de tháinig gach ainiarsma dá mbí i
ndán


L. 83


dó féin ó thosach a gheineamhna go síordhaidhe tré shaoghal na
saoghal; agus madh inghean bhíos ann is eadh adeir, e, e, ag
tabhairt an iomaithbhir chéadna d'Éabha.



An deachmhadh goin.



Tar ceann go bhfuilid na guaise se i gcinneadh don duine, agus go bhfuil a
ré gearr, is eadh dhligheas an duine do dhéanamh amhail do-ní an leómhan.
Óir an tan chuirid lucht na sealga i gcumhgach é, ionnus nach bí ar breith
dhó a seachnadh, agus do-chí a sleagha innilte aca ré haghaidh a mharbhtha,
cromaidh a cheann ag feitheamh na talmhan, agus gabhaidh dá earball air féin
dá gach leith, go bhfásann a bhríogh agus a bheódhacht de sin, agus
lingidh an t-eanach tríotha dá n-aimhdheóin. Mar an gcéadna dlighidh an
leómhan gaisgeamhail .i. an Críostaidhe fíréanta, an tan tigid lucht na
sealga .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann ar eanach na hurchóide
roimhe, do ghabháil dá sleaghaibh fír-neimhneacha .i. dá n-aimsighthibh
il-chleasacha ann, is eadh dhligheas, a cheann .i. a thuigse do chromadh
d'fheitheamh na talmhan do mheas a shomharbhthachta féin, agus dá réir sin
do mheas a uirísleachta; agus fós gabháil dá earball ar gach leath ar a
chliabh. Ionann sin ré a rádh agus gabháil d'earr a aoise .i. don bhás
ar chompar a chroidhe, dá bhioth-ghoin agus dá bheadhgadh, do thabhairt
bhríogha agus bheódhachta dhó ré lingeadh tar an lucht sealga úd. Agus
is dá chor i gcéill dúinn go ndlighmíd aithris an leómhain nó na
mbeathadhach mbrúideamhail oile do dhéanamh i mórán do neithibh atá aní
léaghthar ag Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair,
interroga iumenta et docebunt te “fiafruigh dona bromachaibh agus
seólfaid tú.” Dá chor i gcéill go mbíd cáile sna hainmhinntibh
brúideamhla budh inleanta dona daoinibh.



An t-aonmhadh goin déag.



Bíodh a fhios agat, a dhuine, ó tharla gach guais id chionn,
amhail adubhramar thuas, nach foláir dhuit luingseóireacht chliste
do dhéanamh agus lámh do chor ar do stiúir ré treórughadh


L. 84


churacháin chriadhamhail an chuirp tar muir mhór-thonnaigh
mhailísigh an tsaoghail se agod' dhíorghadh go cuan na cathrach
neamhdha. Gidh eadh, an tí stiúras an long san chúrsa nó san réim
dhírigh, is i ndeireadh na luinge bhíos do ghnáth. Mar an
gcéadna don duine bhíos ag stiúradh arthraigh na hanma .i. na
colna, is eadh dhligheas, bheith do shíor 'na deireadh .i. i
n-earr a aoise ag smuaineadh ar an mbás. Gidh eadh, bíd daoine
óga éigcríonna ann, tógbhas a lámh .i. a n-aire do stiúir stuidéir
an bháis, agus téid i dtosach na luinge. Ionann sin ré a rádh agus
bheith ag iomrádh anuaille agus ag maoidheamh mhacnais na hóige.
Gidh eadh, ní thuigid an dream so gurab ionann dál don duine agus
don ghort bheantar. Óir gearraidh an carrán i n-aoin-fheacht an
déas ghearr agus an déas mheadhónach agus an déas ard. Nó fós dáil
na speile ag buain an fheóir. Óir gearraidh sí d'aoin-bhéim an
feóithne agus an fochnagán .i. an chuid is sine agus is óige don
fhéar. Mar an gcéadna do-ní speal an bháis ris na daoinibh.
Teasgaidh sí d'éin-bhéim an t-uasal agus an t-íseal agus an
ceart-dhuine, mar an gcéadna an t-óg agus an t-arsaidh, agus
gach aon dár chin agus dá ngeinfidhear.



An dara goin déag.



Agus ó atá an bhearna bhaoghail se ré gach n-aon, is eadh budh
indéanta dona daoinibh, iad féin d'ollmhughadh agus d'inneall go
luath ré hucht ionnsaighthe na bearnan soin, amhail do
ollmhuigheadar lucht chathrach Ninive iad féin, an tan do bhagair
Dia an t-aidhmilleadh orra, acht muna ndearndaois aithrighe sna
holcaibh do-rónsad. Agus is córa dona daoinibh anois deithbhir
do dhéanamh ré hiad féin d'ollmhughadh ré hucht an bháis, ioná
don druing úd. Óir dobhí cairde .40. lá ag lucht chathrach
Ninive gan bás d'imirt orra, agus ní fhuil lá ná oidhche, tráth
ná uair do chairde chinnte ón bhás ag aon-duine dá bhfuil ar
dhruim an domhain anois. Agus is uime sin adeir Pól san
chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Thessal.,
mar a n-abair, dies Domini sicut fur in nocte, ita veniet
“tiocfaidh lá an Tighearna amhail bhithbhineach san oidhche.” Dá
chor i gcéill gurab gan fhios tig an bás.


L. 85


An treas goin déag.



Atá Críost féin dá bhagar gurab gan fhios thiocfas i ndáil an
duine san bhás do réir Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, mar
a n-abair, veniam ad te tanquam fur “tiocfad id dháil amhail
ghadaidhe.” Dá chor i gcéill gurab go folaightheach tig an bás i
ndáil an duine, amhail tig an bithbhineach ré déanamh na gada. Agus
is uime sin adeir sé féin san dara caibidil déag ag Lúcás, qua
hora non putatis Filius hominis veniet “i n-uair corrigenda
nach saoilfidhe, tiocfaidh Mac an duine.” As sin is iontuigthe go
dtig an bás do rochtain an duine gan fhios. Gidh eadh, tuig, a
dhuine, gurab moillide chéimnigheas an bás chugad eagla Dé do
Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, timor Domini apponet dies,
et anni impiorum breviabuntur “cuiridh eagla Dé tuilleadh laithe,
agus ciorrbhuighthear bliadhna na bpeacthach.” Agus ní hiongnadh
sin do rádh, mar go dtabhair an Solamh céadna soin tobar na beatha
ar eagla nDé, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag don
leabhar chéadna, mar a n-abair, timor Domini fons vitae “is
tobar beatha eagla Dé.” As so is iontuigthe go gciorrbhann Dia ré
an pheacthaigh; agus ní hiongnadh soin, do bhríogh gurab do
bhíthin an pheacaidh táinig an bás, amhail adubhramar thuas. Agus
is ag cuimhniughadh aneithe céadna adeir file éigin an rann so, ag
teagasg na druinge mhaireas, agus agá iarraidh orra faire agus
forfhaire do dhéanamh orra féin ré hucht an bháis atá dh'áirithe
ag gach aon-aicme dona daoinibh: -




A dhaoine se nach deachaidh,
bídh feasta go fuireachair:
bhar dtocht ar ceal is cinnte,
gidh eadh, is olc oirchillte.


L. 86



AN DARA HALT
'na n-orduighthear don duine oirchill do bheith ar an mbás aige.



An chéad-ghoin.



Acht cheana dá bhfiafruigheadh duine créad as a n-abraim nó as a
bhforáilim ar dhuine bheith ar a choimhéad ar an mbás
gcorpordha, agus gan dol tairis ag aon-duine, mo fhreagra air
gurab é is fáth dhamh, do bhríogh go dtuigim nach téid an bás
corpardha i ndíoth ná i ndochar don druing chuireas inneall agus
ordughadh orra féin ré hucht an bháis, mar atáid na daoine
naomhtha neamhurchóideacha chathuigheas ris na heasgcáirdibh
adubhramar thuas, agus chaomhnas agus choimhéadas gan lot gan
leónadh anam na hanma .i. grása Dé is anam don anam. Óir ní headh
amháin gan an bás corpardha do dhol i ndochar dona fíréanchaibh,
acht is ro-mhór an sochar 'na dtéid sé dhóibh. Agus is uime sin
adeir Pól san chéad-chaibidil go Philippens., cupio dissolvi
et esse cum Christo “atá mian oram sgaoileadh dhíom, nó
bheith arnam sgaoileadh, agus bheith mar aon ré Críost.”
Dá chor i gcéill nach fuil acht broid agus braighdeanas dona
fíréanchaibh bheith cuibhrighthe i gcarcair chriadh na colna
daonna, dúnta dlúith-iatta i ngarrdha ghobhainn nó i mainnir
mhíothaomaigh an domhain se, áit 'snach bí súil ré soirbhiughadh
aca, agus fóir neimhneach námhad 'na dtimcheall; agus gurab cúis
mheanman agus lúth-gháire dhóibh bheith mar aon ré Críost
san ghrianán ghlé-sholus gheal-ruithneach ghríos-taitneamhach
úd na glóire, mar a mbíd saor ón uile dhoghraing agus dhocamhal,
gan anaoibh gan amhluadh aigeanta, ar fhaosamh nó ar ionchaibh Íosa
ar Slánuightheóra.



An dara goin.



Go bhfios damh dobudh éigcríonna don tí dobhiadh i ndaoirse agus
i moghsaine agus i ndroich-éadach, ag fagháil duaidh agus
doghrainge, uilc agus anshóidh, agus ag nach biadh acht droch-
bhothán


L. 87


deatmhar fuar foirbhthe, gan díon ar ghaoith ná ar ghairbh-shín,
bheith doilgheasach fá imirce do dhéanamh as sin i ngrianán ghlé-
mhaiseach ghloinidhe, agus é díonmhar deagh-mhaiseach, lán d'ór
agus d'airgead agus dá gach maoin shoimhianuighthe oile, agus rí
do dhéanamh dhe féin ar an ngrianán soin. Mar an gcéadna adeirim
gomadh éigcríonna don fhíréan bhíos ag fagháil uilc agus
imshníomha san tsaoghal so, doilgheas do bheith air tré bheith ag
imirce a dúir-theach daor-dhálach na colna don árus fhairsing
fhionn-aolta aoibhinn iol-mhaoineach ainglidhe úd na cathrach
neamhdha, agus Dia agá rádh gurab é tráth do-bheir sealbh
oighreachta dá aos gráidh féin an tan do-gheibhid bás, do réir
Dháibhídh san .126. Salm, mar a n-abair, cum dederit dilectis
suis somnum, ecce hereditas Domini “an tan do-bhéara suan dá aos
ionmhaine féin, féach oighreacht an Tighearna.” Dá chor i gcéill
gurab é tráth do-bheir oighreacht don fhíréan, ar bhfagháil
bháis dó.



An treas goin.



Measaim fós gomadh éigcríonna don tí dobhiadh ar deóraidheacht agus
ar díbirt i gcoigcrích óna thír agus óna thalamh féin, i
gcuasaibh crann agus carrag, agus i bhfoithribh fiathamhla
fásaigh, fá imshníomh agus fá éadtualang, doilgheas do bheith air fá
thoidheacht i gcomhghar dá chathraigh chomhnuighthe féin mar a
mbiadh cádhas agus cion agus onóir agus airmhidin air. Mar an
gcéadna adeirim gurab éigcríonna don fhíréan atá ar díbirt agus ar
deóraidheacht, i ndocamhal agus i ndaoirse an tsaoghail se,
bheith doilgheasach tréna dhrud réna chathair chomhnuighthe
.i. flaitheas Dé, trésan mbás. Agus dá n-abradh neach gomadh
cathair chomhnuighthe dhó aon-áit san tsaoghal so, bíodh a fhios
aige nach fíor dhó é, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna
hEabhraidhibh, mar a n-abair, non habemus hic civitatem
permanentem, sed futuram inquirimus “ní fhuil cathair
chomhnuighthe annso againn, acht an chathair atá ré teacht,
is í iarrmaid.” Dá chor i gcéill nach fuil acht buailteachas san
bheathaidh se, agus gurab é flaitheas Dé is sean-bhaile ré síor-
chomhnaidhe againn.


L. 88


An ceathramhadh goin.



Adeirim mar an gcéadna gomadh éigcríonna don ard-chaiptín dobhiadh ag
troid agus ag teagmháil go meinic ré a bhiodhbhadhaibh, doilgheas do bheith
air - ar mbreith bhuadh gcosgair agus gcomhlainn orra - tré choróin na mbuadh
do bheith ar tí a cuirthe air. Mar an gcéadna adeirim ris an bhfíréan
bhíos ag cogadh agus ag cathughadh ré heasgcáirdibh na hanma, gomadh
éigcríonna dhó doilgheas do bheith air tré bheith ag dol tré bhealach an
bháis, do ghlacadh choróine na mbuadh do gealladh dhó trés na háraibh
agus trés na héachtaibh do-bhéaradh ar a easgcáirdibh. Agus is ar an
gcathughadh so agus ar an gcoróin do-geibhthear dá chionn labhras Pól
san cheathramhadh caibidil don dara Eip. go Timoteus, mar a
n-abair, bonum certamen certavi, cursum consummavi, etc. “is
maith an cathughadh do-rinne mé, do chríochnuigh mé mo rioth, do
choimhéadas an creideamh, agus atá coróin an cheirt arna taisgidh
dhamh, do-bhéara an breitheamh ceart an lá úd damh” .i. lá an
bháis. Agus adeir san áit chéadna, non solum autem mihi, sed et
iis qui diligunt adventum eius “ní damhsa thrá amháin, acht don
druing ghrádhuigheas a thoidheacht súd.” Dá chor i gcéill, gach
drong agá mbí súil ré tuarastal, agus do-ní cathughadh amhail
do-rinne Pól, go mbí an choróin chéadna i n-áirithe aca i ló
an bháis.



An cúigeadh goin.



Is tuigthe dhúinn as na briathraibh réamhráitte nach fuil acht
cathughadh comhnuightheach i mbeathaidh an duine. Agus tig Iob
leis so san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, militia est vita
hominis super terram, et sicut dies mercenarii dies eius “ní fhuil
acht díolmhaineas i mbeathaidh an duine, agus ní fhuil 'na ló acht
lá fhir thuarastail do thuilleamh.” Ionann sin ré a rádh agus
nach fuil san duine acht buanna bunaidh bhíos ar coinnmheadh
agus ar congbháil ag Dia san tsaoghal so ré himdhídean na hanma.
Agus is é tuarastal bhíos dó, an choróin úd na glóire do
luaidheamar, do-gheibh d'éis an bháis.


L. 89


An seiseadh goin.



As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe nach oircheas dona
fíréanchaibh doilgheas do bheith orra trés an mbás gcorpardha
d'fhagháil: ní hionann agus na peacthaigh do-gheibh bás i
bpeacaidhibh marbhthacha. Mar an gcéadna is iontuigthe nach
cuirthe dhúinn dúil sna neithibh talmhaidhe. Óir an gcéin bhíd
againn, is beag an sochar do-gheibhmíd asta, acht fós is mó théid
siad i ndíoth agus i ndoilgheas dúinn. Agus dá mbeith sochar
ionnta, mar nach fuil, is gearr mhairid againn. Agus is maith do
thuig Alexander sin, amhail léaghthar san chéad-chaibidil don
chéid-leabhar do Leabhraibh na Macchabei. Óir an tan tarla i
ngalar a éaga é, agus do chreid gur chinnte dhó féin an bás
d'fhagháil, tug sé an saoghal i dtarcuisne go mór, ionnus gur
bhronn sé a fhlaitheas uile don dá bhuachaill déag dobhí ag
feitheamh air. Dá chor i gcéill dona daoinibh, ón tráth fár
dhearbh lais é féin d'éag, nach raibhe dúil aige i seilbh
shaoghalta san bhioth, ná i n-éin-ní thalmhaidhe do bheith
aige.



An seachtmhadh goin.



Is maith fós do thuig an t-ard-fhlaith uasal oireaghdha, dobhí
'na aird-rígh ar an domhan, darbh ainm Salaidín, aní céadna, do
réir Fulgentius san dara caibidil don tseachtmhadh leabhar. Is
eadh iomorra do-rinne an rí ro-chumhachtach, an tan do mhothuigh é
féin ré hucht an bháis, fios do chor ar thaoiseach dá mhuinntir,
agá rádh ris, an tan do-ghéabhadh féin bás, an eisléine do cuirfidhe
air do chur ar chrann sleighe agá taisbéanadh dona sluaghaibh lá
na sochraide, agus callairidhe do bheith 'na fhochair ag agallaimh
na sluagh, agá rádh, “An gcluintí, a mhaithe na sluagh? Bíodh a
fhios agaibh go bhfuair an t-ard-fhlaith ordhairc, agus an tí
do chuireadh an domhan ar baill-chrioth, agus dobhí gan mhéid ná
macasamhla dhó ar an talamh ar líonmhaireacht a fhlaitheasa, ar
iomad a óir agus a airgid agus a iol-mhaoine, ar mhéad a mhuirir
agus a mhuinntire .i. Salaidín, bás. Agus anois ré n-imtheacht
dó ní fhuil sé do bhreith leis don tsaoghal acht an eisléine
do-chíthí-se agam-sa.” Agus is


L. 90


uime do orduigh Salaidín sin, do chor tháir agus tarcuisne an
tsaoghail i gcéill don druing dobhiadh beó tar a éis, dá chor i
gcuimhne do lucht na saidhbhreas agus na sealbh saoghalta nach
sealbh dhíleas dóibh iad. Cuiridh Dáibhídh Rí aní céadna i suim
san .48. Salm, mar a n-abair, dives cum interierit non sumet
omnia, neque descendet cum eo gloria eius “an tan do-ghéabhaidh an
saidhbhir bás, ní bhéara éin-ní leis, agus ní racha a ghlóir
síos leis.” Ionann sin ré a rádh agus an tan do-gheibh an saidhbhir
bás, gurab éigean dó a uile shochar do thréigean ré ndul as an
saoghal dó. Agus is uime sin adeir Iob san chéad-chaibidil,
nudus egressus sum de utero matris meae, et nudus revertar illuc
“is lom-nocht tánag a broinn mo mháthar féin, agus lom-nocht
fhillfead annsúd.” Dá chor i gcéill, mar thig an duine nocht a
broinn a mháthar colnaidhe, mar an gcéadna gurab nocht fhillfeas
i mbroinn a mháthar coitchinne .i. na talmhan, san uaigh. Agus ní
headh amháin a uile mhaitheas saoghalta fhúigfeas dá éis, acht fós
budh héigean dó a chéadfaidh agus gach sochar oile dá raibhe agá
chorp d'aiseag, fá mar adeir an file Gaoidhealach:




Fá dheireadh don domhan mhór,
lá an bháis, ní beag an claochlódh:
do-ní an duine, an domhan beag,
a thoradh uile d'aiseag.




An t-ochtmhadh goin.



Is follus fírinne aneithe se ar an druing bhíos ag fagháil bháis.
Óir is éigean don ghnúis a ghné dh'aiseag, agus don tsúil a
hamharc, don chluais a héisteacht, don teangaidh a labhra, don
tsróin a boltnughadh, don láimh a luadhaill, don chois a
céimniughadh, agus don chorp uile a lúth agus a láthar agus a uile
bhríogha archeana. Gidh eadh, do féadfaidhe go n-aibeóradh duine
do réir bhriathar Chríost, go bhféadfadh duine tearmann do
bheith aige ón bhás, amhail do gheall Críost san seiseadh caibidil
ag Eóin, mar a n-abair, qui manducat hunc panem vivet in
aeternum “cibé itheas don arán so biaidh beó go síordhaidhe;” agus
arís adeir san ochtmhadh caibidil ag Eóin, siquis sermonem


L. 91


meum servabit, mortem non videbit in aeternum “an tí choimhéadfas
mo chomhrádh-sa, ní fhaicfidh an bás tré bhiotha.”



An naomhadh goin.



Mo fhreagra ar an tí do chuirfeadh an cheist se, gurab í an
bheatha spioradálta gheallas Críost don druing do chaithfeadh an
t-arán úd .i. corp Críost, nó do choimhéadfadh a chomhrádh. Agus
bíodh a fhiadhnaise sin ar bhás corpardha na n-apstal, do chaith
an t-arán go meinic, agus do choimhéad ráitte Chríost. Óir is
follus gur himreadh bás corpardha orra, agus fós ar Chríost féin,
do réir Phóil san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a
n-abair, etiam proprio Filio suo non pepercit “fós níor chogail
sé a Mhac féin.” Dá chor i gcéill nár ghabh an t-Athair
Uile-chumhachtach ag Íosa a Mhac féin gan an bás dá rochtain. As
so is iontuigthe nach í an bheatha chorpardha do gheall Críost don
druing do íosadh an t-arán úd, agus do choimhéadfadh a chomhrádh.
Agus dámadh í, is follus nach béaradh an bás corpardha na hapstail,
ná na naoimh agus na fíréin oile do chaitheadh an t-arán go meinic,
agus do choimhéadadh go cuimhneach ráitte Chríost. Per unum
hominem peccatum intravit in mundum, etc. “is tré aon-duine amháin
táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an peacadh an bás,
agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.”



AN TREAS ALT
'na dtuigthear gurab d'ainiarsma agus d'anfhochain an pheacaidh tig an bás
do rochtain na ndaoine, agus gach dochar oile dá bhfuil 'na leanmhain.



An chéad-ghoin.



Tuig, a dhuine, ó's as an bpeacadh so do fhás an bás, agus gurab é is
fréamh dhó, nach foláir dhúinn tuarasgbháil an pheacaidh do thabhairt
uainn, agus na díoghbhála agus na dochair táinig dhe do chor síos. Gidh
eadh, ní héidir sin do dhéanamh gan tuarasgbháil na fíréandachta
bunadhasaighe agus gach sochar


L. 92


dá raibhe uaithe ag an duine do chor síos. Ag so iomorra an
tuarasgbháil do-bheir S. Thomas uirre san chéad-airteagal don
.94. ceist don treas rann do Shuim a Dhiadhachta, mar a n-abair
gurab subháilce í do bronnadh d'Ádhamh, dá dtiocfadh an réasún do
ghialladh do Dhia, an toil don réasún, mothughadh na gcéadfadh don
toil, umhla na mbeathadhach mbrúideamhail don duine, agus snadhmadh
na hanma ris an gcorp do bheith dosgaoilte. As na briathraibh se
S. Thomas is follus go rabhadar chúig déanmhais neith ag an
bhfíréandacht mbunadhasaigh, do toirneadh lé cúig droch-cáilibh
bhíos san pheacadh, nó atá ón pheacadh. Tuig cheana gurab ar
pheacadh an tsinnsir labhraim annso.



An dara goin.



An céid-déanmhas neith dothiocfadh ón fhíréantacht úd .i. an
réasún do ghiall do Dhia do réir aneith do féadfaidhe do dhéanamh,
nó agá bhféadfaidhe a fhios d'fhagháil. Ionann sin ré a rádh
agus go dtiocfadh dhe cumas agus clisteacht do thabhairt ré
déanamh na ndeigh-ghníomh, agus ré heólus grinn do bheith aige
ar na neithibh do thuigsin. Gidh eadh, do chlaochlóidh peacadh an
tsinnsir an t-eólas i n-ainbhfios, ionnus aní do thuigfeadh
duine go grinn ré linn na fíréandachta úd, go dtiocfadh do
pheacadh an tsinnsir nach tuigeann ar chor ar bioth é, acht gidh
ionann atá aní ann féin sothuigseana, agus rés an bpeacadh agus 'na
dhiaidh. Óir ní hé aní do-chuaidh i gcruas ná i ndothuigse ann
féin, acht rinn an réasúin arna raobadh ar inneóin na hurchóide.
Agus is uime sin adeir Aristotel san dara leabhar dá Metaph.,
difficultas scientiarum non ex ipsis scibilibus sed ex debilitate
nostri intellectus procedit “ní ó dhothuigse na neitheadh féin
tig cruas ná docamhal na n-ealadhan, acht ó anbhfainne ar
dtuigseana féin.” As sin is iontuigthe, ó dhobhí tuigse ghrinn
ag an duine i staid na fíréandachta, agus gan í anois aige, gurab
d'ainiarsma agus d'anfhochain an pheacaidh táinig a dealughadh
ris. Do claochluidheadh mar an gcéadna an acfuinn dobhí san duine
ré déanamh deigh-ghníomh i meirtnighe agus i míochumas réna


L. 93


ndéanamh, agus i n-acfuinn ré déanamh an uilc, do réir mar adeir
an duine ag casaoid air féin, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil
in Genesi, mar a n-abair, caro nostra prona est ad malum ab
adolescentia “atá ar gcolann claon ré déanamh an uilc ó aois
mhacaoimh” .i. ó fhíor-thús na n-aimsear. As so is iontuigthe
go mbí an cholann éidtréan aimhneartmhar ré déanamh na ndeigh-
ghníomh tré éagcruas an anma ó pheacadh an tsinnsir.



An treas goin.



Is neimhiongnadh fós an cholann do bheith neimbríoghmhar do
bhríogh nach fuil acht long ladrann agus caisléan coinbhliochta
innte. Óir ní bhí réidheachadh ná ro-bháidh ar dtús idir sí féin
agus an t-anam, do réir Phóil, san chúigeadh caibidil go
Galatas, mar a n-abair, caro concupiscit adversus spiritum
“mianuighidh an cholann i n-aghaidh na hanma.” Dá chor i
gcéill go mbí cogadh laothamhail idir an gcolainn agus an t-anam.
Agus is é ní dá dtig sin, mar do-chuaidh an cholann, mar aon réna
céadfadhaibh agus ré bríogh a ball, i meirleachas ar an anam a los
pheacaidh an tsinnsir, ionnus gur chumadar dlighthe agus miana
dhóibh féin contrárdha do dhlighthibh agus do mhianaibh na hanma.
Agus is é sin do-ní Pól d'éagnach san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in membris meis,
repugnantem legi mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae
est in membris meis “do-chím reacht oile im ballaibh féin ag
cathughadh ré reacht mh'intinne, agam' chuibhriughadh i reacht
an pheacaidh atá im ballaibh féin.” Dá chor i gcéill go mbí
siosma síor agus gleic ghnáthach idir riaghail an réasúin bhíos do
leith na hanma, agus ceilg-mhiana na clí do leith an chuirp,
ionnus nach bí osadh aon-trátha eatorra. Óir an tan adeir riaghail
an réasúin ris an súil gan silleadh go saobh-nósach d'amharc na
meirdreach, adeir an tsúil nach diongnaidh sí a comhairle air sin.
Adeir an chluas an céadna, an tan adeir ria gan an t-ithiomrádh
náid briathra milse na meirdreach d'éisteacht. Agus mar sin dona
céadfadhaibh oile, ní thabhraid umhla ná uirrim ná fomós don anam
acht dá n-aimhdheóin, an tan chuibhrigheas riaghail an réasúin
iad.


L. 94


Agus fós, ní bhí caingean ná cairdeas idir a lucht aittreabhtha.
Ar dtús idir na dubháilcibh féin, mar atá idir an gcraos agus an
cruas. Óir adeir an craos ré duine an sparán do thrághadh do dhíol
an fhíona ibheas go hainmheasardha, agus adeir an cruas an ciste do
chogaill, agus gan an t-ól do dhéanamh d'eagla aoin-neith do
chaitheamh ris. Mar sin dóibh ag dréim ré chéile, go
gcommbuaidhearthar an cholann leó. Agus fa-ríor ní cealg gan
chonách imrid ar an anam.



An ceathramhadh goin.



Bí fós imreasan idir na subháilcibh mar an gcéadna. Óir adeir an
ceart an meirleach do chrochadh, agus adeir an trócaire a léigean as.
Mar an gcéadna bíd na subháilce agus na dubháilce do ghnáth i
gcorraighe agus i gcogadh ré chéile. Óir adeir an t-uabhar ris
an duine é féin do chur ós cách, agus adeir an umhlacht ris é féin
d'inísliughadh fá chách. Adeir an fhearg ris aindligheadh beóil
agus láimhe do thabhairt dá chomharsain, adeir an fhoidhide ris
éagcóir beóil agus láimhe d'fhulang óna chomharsain. Mar an
gcéadna dhóibh ó shoin amach, ní bhí osadh aon-uaire eatorra.
As sin ní hiongnadh an cholann do bheith crom nó tréith ré méid
a duaidh agus a doghrainge óna dálaibh sin. Ní hé sin amháin a
héagcomhlann, acht fós bí foslongphort niatta náimhdidhe ré a hucht don
leith amuigh dhi, mar atá an t-aidhbhirseóir gona aimsighthibh agá lot do
shaighdibh corránacha na ceilge, agus an saoghal agá slíobadh ré
suiniughadh na séad saoghalta uirre. Ionnus go dtig dhe sin go
n-abair an duine go haccaointeach, do réir mar léaghthar san .72.
Salm ag Dáibhídh, ad nihilum redactus sum et nescivi “atáim arnam
chor i neimhní, agus níorbh fheasach dhamh é.” Dá chor i gcéill
go dtig don argain agus don oirleach imirthear leis na
heasgcáirdibh se na colna, nach bí dol as ag an duine uatha (beag
nach) gan bheith i gcróilighe 'na chosair chró ó chréachtaibh
a gcealg. Agus is do ghoimh na ngon do himreadh leó uirre, agus
is do mhéad an mhuirir dobhí san pheacadh do-rinne Éabha, táinig
a cromadh síos, lé mbhfacaidh sí a beith féin tarnocht. Óir sul
do luigh trom an pheacaidh uirre, is díreach dobhí, agus í ag


L. 95


silleadh suas, ionnus nachar léir dhi locht ná ainimh uirre féin.
Mar sin dá gach aon oile bhíos saor ó ualach na coire, bí sé
lúthmhar lán-athlamh ag silleadh agus ag sír-fhéachain ar na
neithibh neamhdha gan bhrón gan bhith-imshníomh. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar Phól, do fuaduigheadh go hathlamh uiréadtrom
gus an treas flaitheas suas; agus ar Pheadar, dobhí san taitheamh
'na bhfuair na taisbéanta rúnda; agus ar S. Thomás an doctúir
ainglidhe, an tan dobhí a intinn coimh-díreach sin ar mbeith saor
dhó ó mhuirear na mailíse, nár mhothuigh é féin ag ithe an aráin i
bhfiadhnaise Lobhaois naomhtha, ríogh Frangc. Mar sin do gach
aon oile bhíos saor ón pheacadh, mothuighidh suaimhneas agus
sádhaile 'na mheanmain. Gidh eadh, ní mar sin don druing ar a mbí
oire trom an pheacaidh, bíd tuirseach trom-chroidheach maoithneach
mímheanmnach.



An cúigeadh goin.



An dara déanmhas neith dobhí ag an bhfíréantacht úd, dúil na toile
do bheith ag giall don réasún díreach gan docamhal. Agus is é so
thuigthear a briathraibh Sholaimh san seachtmhadh caibidil in
Eccle., mar a n-abair, fecit Deus hominem rectum “do-rinne Dia
an duine díreach.” Dá chor i gcéill go ndearna Dia riaghail
díreach do réasún an duine, agus an toil ag coimhshíneadh ris ré
breitheamhnas ceart do dhéanamh idir an dá rann leath ar leath.
Gidh eadh, is é a chontrárdha sin do dhéanmhas neith atá ó
pheacadh an tsinnsir, do réir mar adeir Dáibhidh Rí, ag labhairt
i bpearsain an pheacthaigh, factus sum sicut uter in pruina
“do-rinneadh mé amhail bhuidéal i gcuisne.” Ionann sin ré a rádh
agus amhail fhásas oighreadh ar bhéal an bhuidéil ré toirmeasg
aoin-neith do léigean as dá mbí ann, mar an gcéadna fásaidh
oighreadh an fhuatha agus na hurchóide i gcroidhe an chiontaigh
dá thoirmeasg ar éin-ní dá shochar do léigean uaidh féin gus
an gcomharsain. Agus is ar an gciontach so labhras S. Augustine
san .28. caibidil don .14. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé,
mar a n-abair, posuit fundamentum civitatis Babilonicae, quod non
nisi ad sua et suorum commoda et delicias afficitur, aliena
negligens


L. 96


“is é fundaimeint, do chuir fá chathair na Báibiolóine, nach bí dúil aige
acht 'na shocamhal féin agus i socamhal a charad, maille ré faill do
thabhairt i socamhal cháich.” As so is iontuigthe go bhfeacann agus go
bhfiarann toil an pheacthaigh ó bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin,
ag filleadh go leithleasach uirre féin, agus ag tabhairt shochair cháich i
bhfaill; agus sin uile ag teacht do pheacadh an tsinnsir.



An seiseadh goin.



An treas déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. uile
chéadfadha inmheadhónacha agus foirimeallacha na colna do bheith
comhoireamhnach don réasún. Gidh eadh, a chontrárdha sin tig ó
pheacadh an tsinnsir. Agus is uime sin adeir Iob san treas
caibidil déag ag iomaithbhear ar Ádhamh, posuisti in nervo pedem
meum “do chuiris mo chos san ghaiste.” Ionann sin ré a rádh agus
gur cheangail sé dúil na toile lé cuibhreach na coire i
n-ainmhianaibh na colna. Agus is é so aní do mhothuigh Pól ann
féin do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, sentio aliam legem in membris meis
repugnantem legi mentis meae “mothuighim dlighe oile im ballaibh
féin ag gleic ré dligheadh mh'intinne.” Ionann sin ré a rádh agus
gur mhothuigh droch-dhúile ag fás 'na chéadfadhaibh, contrárdha do
riaghail an réasúin. Agus fa-ríor is meinic mhothuighmíd go
comhchoitcheann duadh na dála soin ag buain rinn féin, amhail
adubhramar thuas, an mhéid go ndéin an tsúil amharc aindlightheach,
agus an chluas claoin-éisteacht, agus an béal go míolabhartha ag
meilt na mbréag agus na mbaoth-fhocal, an lámh ag tadhall go
truaillighthe, agus an chos ag céimniughadh ó choir go coir, agus
an mheanma ag meabhrughadh míorúin agus mailíse; ionnus go dtéid
i gcogadh agus i gcorraighe ar an gcoguas, agus go n-abraid do
ghníomh nach dleaghair dhóibh féin giall dó, agus mar do-chuaidh
sin i n-imirt agus i n-anumhlacht ar Dhia, mar an gcéadna nach
biadh daingean ná dísle idir siad féin agus é.


L. 97


An seachtmhadh goin.



An ceathramhadh déanmhas neith dobhí ag an bhfíréantacht úd .i.
cur agus cumas agus giall do bheith ag an duine ar iasgach na mara
agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan, do réir
an gheallaimh nó na gcumhacht tug Dia d'Ádhamh, mar a n-abair
san chéad-chaibidil in Genesi, et praesit piscibus maris, et
volatilibus caeli, et bestiis universae terrae “bíodh cur agus cumas
ag an duine ar iasgach an mhara agus ar éanlaith an aieóir agus ar
ainmhinntibh na talmhan go hiomlán.” Gidh eadh, a chontrárdha
so táinig do pheacadh an tsinnsir, na créatúire se do dhol i
n-easumhla ar an duine. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an meanntán
idir na héanaibh, agus ar an ngeasán idir na hiasgaibh, agus ar
an luchóig idir na hainmhinntibh. Óir dá maireadh Alexander, nó
cibé rí is treise agus is tréine táinig riamh ar talmhain, dá
dtugadh fógra i bpéin bháis 'na dhúthaigh dá mbeith
d'ainmhinntibh éigciallaidhe innte toidheacht iona dháil, ní
ghiallfadh an luchóg is lugha dhíobh dá deóin dó. Óir múinidh an
nádúir dhóibh, mar do cuireadh Ádhamh as a sheilbh an tan do-rinne
an peacadh i bparrthas, gan ghiall ó shoin i le dá ndeóin
d'aon-duine dá shíol, acht fós fá beag leó, i ndíoghaltas
fheirge Dé, iad féin agus a sochar do bhuain don duine fána
ndícheall. Agus fós, is do shuidhiughadh na gcumhacht úd dobhí
ag Ádhamh agus agá shíol (ar mbeith i staid na hurchóide dhóibh)
ar na hainmhinntibh brúideamhla, atá an giall do-bheirdís do
dhruing do dhaoinibh naomhtha; amhail léaghthar ar Mhártain
go nglaodhadaois na coiligh an tan adeireadh riú é, agus fós go
n-andaois na naithreacha neimhe ar a fhógra gan dol tar sruth
dh'áirithe, agus go ngialldaois dó amhlaidh sin. Mar an gcéadna
léaghthar ar abb naomhtha darbh ainm Paulus go nglacadh
naithreacha éagsamhla 'na lámhaibh, agus gombriseadh 'na
meadhónaibh iad, agus nach déindís díoth ná dochar dó
féin. Mar an gcéadna léaghthar ar easbog naomhtha darbh ainm
Cerbonius, ar mbeith dhó ag triall don Róimh ar ghairm an
naomh-athar .i. an Pápa, agus gan 'na fhochair acht aoin-
chléireach amháin, do mhothuigh sé gur bheag an bhuidhean easbuig
aoin-chléireach amháin,


L. 98


gidh eadh, dobhí do loighead a chostais nár fhéad ní budh mó do
chuideachtain do chothughadh, agus ar dteacht i gcomh-fhogus don
Róimh dhó, do-chonnairc ealta mór cadhan ar eiteallaigh thairis,
agus do ghoir orra agus adubhairt riú toirling mar aon ris agus dol
'na choimhdeacht don Róimh. Do ghiallsad na cadhain dó an tráth
soin, agus do ghabhsad agá choimhdeacht gur chuirsead tar doirsibh
na Rómha isteach é. Is iomdha a n-ionnshamhla oile so do
fhéadfamaois do thabhairt anuas, fhúigfeam don chur so.



An t-ochtmhadh goin.



An cúigeadh déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i.
domharbhthacht. Óir dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin ón pheacadh, ní
bhfuighbheadh bás do shíor, ná aon-duine dá shíol mar an
gcéadna. Agus is é sin tuigthear a briathraibh S. Augustine sa
treas caibidil don chéid-leabhar ro sgríobh dona hIongantaibh,
mar a n-abair, Enoch sine morte poenae, et totius saeculi tempore,
remotus ab hominum conversatione custoditur, ut in eo ostenderetur
qualiter homines, si non peccassent, generata prole, in vitam
spiritualem sine morte commutarentur “coimhéadtar Enoch gan bás na
péine ar feadh na haimsire uile, i gcéin ó chaidreabh na ndaoine,
ionnus go bhfoillseóchthaoi maille ris cionnus do claochlódhthaoi
na daoine, muna dteagmhadh gur pheacuigh siad, iar mbreith a
gcloinne dhóibh, i mbeathaidh spioradálta gan an bás dá mbreith.”
As na briathraibh se is iontuigthe go mbeidís na daoine domharbhtha
muna dteagmhadh dhóibh an peacadh do dhéanamh. Agus is i
bhfioghair na domharbhthachta soin atá aní léaghthar ar Chloinn
Israel .i. mar do mhaireadar a n-éadaighe gan chríonadh gan
chaitheamh do dhol ionnta ar feadh .40. bliadhan, amhail
léaghthar san ochtmhadh caibidil in Deuter. Óir amhail do
chongaibh Dia an t-éadach gan chaitheamh do dhol ann ar feadh
.40. bliadhan, mar an gcéadna do choimhéadfadh an duine beó i
bparrthas, dá n-anadh gan an peacadh do dhéanamh. Gidh eadh, ó
do-rinne an peacadh, do ghreamuigh an bás é, amhail adubhramar
thuas, per unum hominem, etc.


L. 99


Do réir a ndubhramar thuas is follus gurab é an peacadh is cúis don
bhás, agus dá réir sin gurab déanmhas neith díleas dó é. Agus is
uime sina adeir Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna,
invidia diaboli mors intravit in mundum “is lé hiomthnúth an
diabhail táinig an bás isteach san domhan.” Agus is amhlaidh
tháinig, amhail choin chonfaidh nó leómhan loinn-fheargach do
sgaoilfidhe fá shluaghaibh líonmhara dá marbhadh agus dá
míochórughadh, nach géabhadh ag tréan nó ag anbhfann díobh. Do
réir mar adeir Dáibhídh san .88. Salm, quis est homo qui vivet
et non videbit mortem “cia an duine bhias beó, agus nach faicfidh
an bás?” Dá chor i gcéill nach rachaidh eólach 'na bheathaidh gan
bhásughadh lé hiorghail na honchon úd. Agus fós ní áirmhim na
min-deabhtha do-bheir, acht is iomdha ruag-chath ro-mhór tug ar
an nádúir dhaonna. Agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an seachtmhadh
caibidil in Genesi, mar a n-innistear gur thuit an cine daonna
uile acht ochtar na háirce. Mar an gcéadna do réir mar léaghthar
san naomhadh caibidil déag in Exodo gur báitheadh Pharao fá
mhuing na Mara Ruaidhe go sluaghaibh líonmhara leis. Agus arís
mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi mar do marbhadh
lucht proibhinnse móire agus chúig gcathrach don chéad-ruathar
tug orra, go ndearna luaithreadh dhíobh acht Loth 'na aonar, do
fóireadh leis an aingeal. Agus léaghthar mar an gcéadna san .24.
caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, go
dtáinig isteach i bhflaitheas Dáibhídh Ríogh, agus ré hathaidh
aon-uaire gur mharbh deich míle agus trí fichid do dhaoinibh.
Léaghthar fós san ochtmhadh caibidil déag don cheathramhadh leabhar
do Leabhraibh na Ríogh, an tan táinig Sennacherib, Rí na hAsia,
i bhfoslongphort ré hucht Ierusalem, gur thuit naoi bhfichid
míle ar aon-láthair ris an mbás. Gá dtám ris, acht is iomdha
éacht aidhbhseach oile tug agus do-bhéaraidh ar an duine, ó thosach
an domhain go bruinne an bhrátha.



An naomhadh goin.



Adeir S. Thomas, ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
Mhaighistir na mBreath, go bhfuilid cheithre


L. 100


modha ar a bhféadaid na neithe bheith arna gcríochnughadh. An
céad-mhodh dhíobh, do bhríogh go mbí críoch agus foirceann ar aní,
ní foláir a bheith críochnuighthe tráth éigin; agus mar sin do
bhríogh nach ní neimhchríochnuighthe an duine, iarraidh sé do réir
nádúire bheith críochnuighthe uair éigin. An dara modh, aní bhíos arna choimhdhéanamh do
cháilibh contrárdha, amhail atá an duine do theas agus d'fhuacht, do
thiormacht agus do fhlichidheacht, ní héidir dhó gan bheith críochnuighthe
tráth éigin do réir nádúire, do bhríogh gurab é is feidhm dona cáilibh úd,
bheith ag clódh agus ag turnamh a chéile go gclaoittear ceachtar dhíobh, ní
fhéadann an duine bheith beó. Gidh eadh, ón dara modh úd do saorfaidhe an
duine ó bhás leis an bhfíréandacht mbunadhasaigh. An treas modh 'na
gcríochnuighthear beatha an duine, lé créachtnughadh a chuirp; agus do
fhóirfeadh Dia go caomhnuightheach an duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so
dá ghrásaibh speisialta féin. An ceathramhadh modh 'na bhfuighbheadh duine
bás, .i. tré chaitheamh do dhul san bhflichidheacht phréamhamhail. Agus
do fóirfidhe duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so
lé fromhadh do chrann na beatha; agus is leis sin chaomhantar
Éilí agus Enoch i bparrthas.



AN CEATHRAMHADH HALT
'na gcuirthear i gceist annso, ar geineadh Muire i bpeacadh an tsinnsir.



An chéad-ghoin.



Is móide is ionchuir an cheist se, aní adeir Pól san chúigeadh caibidil
gusna Rómhánchaibh, omnes in Adam peccaverunt “do pheacuigheadar na huile
i nÁdhamh.” Ionann sin ré a rádh agus go raibhe peacadh an tsinnsir ar an
uile dhuine ó Ádhamh. Mo fhreagra ar bhriathraibh Póil go bhféadaid siad
bheith fírinneach tar ceann go mbeith duine nó dís arna n-uisgeacht ó
pheacadh an tsinnsir. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar san seiseadh
caibidil in Genesi, mar a n-abair Dia ag labhairt


L. 101


ar Nóe, Noe vir iustus in generationibus suis, cum Deo ambulavit
“fríoth (ar sé) Naoi 'na fhíréan 'na shíl-treabhaibh féin, do
thriall sé lé Dia.” Gidh eadh, adeir go grod 'na dhiaidh sin san
chaibidil chéadna, omnis caro corruperat viam suam super terram
“do thruailligh an uile cholann a slighe féin ar an dtalmhain.”
Tabhair dot aire, a léaghthóir, mar adubhairt go coitcheann gur
thruailligh an uile cholann a slighe, agus nach iontuigthe as
sin gur thruailligh Naoi dobhí fíréanta a shlighe féin. Mar an
gcéadna, tar ceann go n-abair Pól gur pheacuighsead na huile i
nÁdhamh, ní hiontuigthe go héigeantach as sin go raibhe peacadh an
tsinnsir ar Mhuire, amhail nach tuigthear a briathraibh Dé san
seiseadh caibidil úd in Genesi, mar a n-abair gur thruailligh an
uile cholann a slighe féin, go mbiadh colann Noé ar dtruailleadh
a slighe féin. Óir is gnáth rádh foirleathan deimhnightheach do
bheith san Bhíobla. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar san
.27. caibidil ag Matha mar a n-abair, dicunt omnes,
crucifigatur “adeirid uile, crochtar é.” Gidh eadh, is inmheasta
go rabhadar drong d'fhíréanchaibh do láthair Chríost an tan so,
ris nachar mhaith a bhás, nach dubhairt mar aon ris na hIodhalaibh
Críost do chrochadh. Is córaide dhúinn a bhreathnughadh go raibhe
drong d'fhíréanchaibh do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar
Chríost, aní léaghthar ag Eóin san ochtmhadh caibidil déag, mar a
n-abair, sequebatur autem Iesum Simon Petrus et alius discipulus,
etc. “Do lean iomorra Simón Peadar agus deisgiobal oile Íosa.
Dobhí thrá an deisgiobal sin aithnidh don easbog, agus do-chuaidh
isteach mar aon ré hÍosa i n-aittreabh an easbuig. Do sheasaimh
cheana Peadar ris an doras amuigh.” As so is iontuigthe go raibhe
duine éigin do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar Chríost,
nach dubhairt a chrochadh, tar ceann go n-abair Matha go
ndubhradar uile a chrochadh.



An dara goin.



Tuig, a léaghthóir, tar a n-abraim, nach féadtar Matha ná
Maoise ná aon oile d'ughdaraibh an Bhíobla d'éiliughadh tré
fhaisnéis fhoirleithin dá ndéinid. Óir atáid dá shingin
choitcheanna


L. 102


ann, mar atá singin choitcheann deimhnightheach agus singin
choitcheann diúltuightheach; agus fuilngidh an tsingin choitcheann
deimhnightheach uisgeacht go meinic. Óir dá n-abradh duine an
pobal uile do bheith san teampall do ghnáth-mhodh labhartha, is
fíor dhó é, cia dobhiadh duine nó dias díobh gan bheith ann. Agus
annsa chéill se is fíor gach rádh coitcheann deimhnightheach mar na
sompladha thuas dá bhfaghthar san Scrioptúir. Ní mar sin cheana
don rádh choitcheann diúltuightheach - ní fhuilngeann uisgeacht.
Óir dá n-abradh duine nach biadh aon-duine don phobal san
teampall, ní fíor dhó é, dá raibhe duine nó dias díobh ann.
Tuigthear an t-eidirdhealughadh atá idir an dá shingin úd as aní
léaghthar ag Eóin san chéad-chaibidil, mar a n-abair, omnia
per ipsum facta sunt, et sine eo factum est nihil “is maille ris sin
do-róineadh na huile, agus ní dearnadh éin-ní gan é.” Tuig gurab
uime adeir nach dearnadh éin-ní gan é, do thoirmeasg an tseachráin
adéaradh ar son na faisnéise deimhnighthe úd go bhféadfadh ní éigin
substainteach bheith arna dhéanamh, nach é Dia do-ghéanadh. Gidh
eadh, ní fhuilngeann an diúltadh coitcheann an tuigsin sin do
bhuain as, do bhríogh nach fuilngeann uisgeacht san bhioth. Uime
sin is eadh fhreagraim don ionadh úd Phóil, do bhríogh gur rádh
coitcheann deimhnightheach é, agus nach rádh coitcheann
diúltuightheach, nach iontuigthe go n-abair gur luigh peacadh
Adhaimh ar an uile dhuine, gur luigh ar Mhuire. Do bhríogh, do
réir a ndubhramar, go bhféadtar í d'uisgeacht ón rádh
choitcheann fhoráilteach úd Phóil, agus óna chosmhailibh oile,
má tá gur bhean cuid dá ainiarsma ria, mar atá fuacht agus teas,
tart agus ocras, agus fós an bás, amhail do bhean ré Críost féin.



An treas goin.



Atá fioghair san Bhíobla ag teacht leis aní se, amhail léaghthar san
chúigeadh caibidil déag do leabhar Hester, mar rug Assuerus Rí
breath bháis i gcoitchinne ar an mhéid don chineadh Iúdaidheach
dobhí 'na fhlaitheas féin go huilidhe. Agus an tan do-chualaidh
an bhainríoghan onórach Hester do


L. 103


bhí 'na hIúdaidheach breith bháis do bheith ar 'na breith i
gcoitchinne ar an gcineadh dá raibhe féin, do mheas go luighfeadh
daoirse na breithe céadna uirre féin, ar mbeith don aicme Iobhlaidhe
dhi, agus do-chuaidh i ndáil Assuerus d'iarraidh pardúin a
hanma air. Is eadh do fhreagair Assuerus: non morieris, non
enim pro te, sed pro omnibus haec lex constituta est “ní
bhfuighir-se bás, óir ní duit-se acht dona huilibh do
horduigheadh an reacht so.” Tuig, a dhuine, mar adeir gurab don
uile Iúdaidheach do horduigheadh an dlighe báis úd, agus tairis sin
nár horduigheadh do Hester bás d'fhulang, bíodh gurab
Iúdaidheach í, mar an gcéadna tar ceann go rug an tAthair uile-
chumhachtach breath bháis ar an gcineadh ndaonna, mar atá
bheith damanta trés an síl-pheacadh sinnsir úd atá ag snighe a los
na sean-choire i síol-aicme Ádhaimh, thairis sin ní headh is
iontuigthe gur luigh daoirse na breithe sin ar Mhuire, tar ceann go
rug breath ar an gcineadh ndaonna i gcoitchinne, amhail nár luigh
dochar breithe Assuerus ar Hester fá hIúdaidheach, tar ceann go
raibhe breith bháis arna breith i gcoitchinne ar an uile
Iúdaidheach. Do bharr ar gach ní dá ndubhramair, ní cneasta a
mheas go n-oirdeóchadh an eaglais (darab ainm do réir Phóil san
treas caibidil don chéid-Eip. go Timoteus “colamhain agus
firminte na fírinne”) féil ghabhála Mhuire i mbroinn, acht maille
ré Muire do bheith naomhtha ré linn a gabhála i mbroinn, agus dá
réir sin bheith saor ar an salchar sinnsir dhi. Agus fós, is
inmheasta gur choimhéid Dia glan an t-árus 'na raibhe a bhara
faoi féin áitiughadh. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, domum
tuam decet sanctitudo “is deagh-mhaiseach dot theagh-sa bheith
naomhtha.” Dá chor i gcéill gur chóir an t-árus úd 'na
suidhfeadh an diadhacht do chongbháil glan ó thús go deireadh. Is
iontuigthe mar an gcéadna gurab ar cholainn Mhuire tugadh an teagh
úd, do réir mar adeir Solamh san .24. caibidil in Ecclo.,
ag labhairt i bpearsain Mhuire, qui creavit me requievit in
tabernaculo meo “an tí do chruthuigh mé, do chumhsanuigh sé im
theaghdhais.” Dá chor i gcéill gur teagh do Mhac Dé Muire, an
mhéid gur áitigh sé innte.


L. 104


An ceathramhadh goin.



Dá bhfiafruigheadh aon-duine an bhfuil suidhiughadh san
Scrioptúir ar pheacadh an tsinnsir do bheith ar na daoinibh, bíodh
a fhiadhnaise sin ar bhriathraibh Dé, amhail léaghthar san
seachtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, ag labhairt
ar shíol Ádhaimh, omnis anima cuius caro praeputii circumcisa non
fuerit, peribit anima illa de populo suo “an uile anam ar nach
déantar timchill-teasgadh ar a fheóil, rachaidh an t-anam soin
amudha as a phobal féin.” Dá chor i gcéill go mbiadh damanta.
Gidh eadh, ní héidir a mheas go mbeidís anaim na ndaoine nach
dearnaidh coir ghníomhach riamh damanta, acht tré olc éigin oile do
bheith ag leanmhain díobh. Is é sin an salchar sinnsir úd atá ag
snighe agus ag síolrughadh i síol Ádhaimh glún ar ghlún, dá
ngoirthear peacadh an tsinnsir, ionnus an neimh do ghabh Ádhamh as
an ngreim n-urchóideach úd do ith sé d'ubhall na haithne, do
ghalruigh agus do thruailligh é féin, go bhfuil gan leigheas ar
ndol i bpréimh agus i gcnáimh na clann-mhaicne ó shoin ile,
agus go mbiaidh go bruinne an bhrátha. Óir amhail téid an
bholgach ón athair san gcloinn, nó an lubhra, mar an gcéadna
táinig an galar gránna agus an neimh nathrachda agus an aingcis
uathbhásach úd .i. an peacadh ionnainne, an cineadh daonna, ón
athair ór síolruigheadh sinn .i. Ádhamh, ionnus gur chríonamair
leis an gcoir, agus gur thuit duille deagh-mhaiseach na
fíréandachta bunadhasaighe dhínn, agus nach fuil ionnainne acht
lomáin loma lochardha gan chroiceann gan díon gan duille, ag
críonadh lé coirthibh, agus ag ar losgadh lé luaith-ghrís na locht.
Óir amhail chríonas an crann ar lobhadh a fhréimhe .i. Ádhamh,
atámaid-ne crann an chinidh dhaonna ar gcríonadh. Gonadh aire
sin do-rinne file dh'áirithe an rannso: -




Fiodhbhaidh chríon cnámha mo cholna,
cumhdach fallsa feóil mo bhall,
úir gan taradh cré mo chalann,
talamh mé agus anam ann.


L. 105



An cúigeadh goin.



Tuig, a dhuine, go bhféadtar peacadh an tsinnsir do mheas ar
dhá chor, mar atá rés an mbaisteadh nó 'na dhiaidh. Is ionann
iomorra peacadh an tsinnsir rés an mbaisteadh agus easbaidh nó
éagmais na fíréandachta bunadhasaighe do dhlighfeadh duine do
bheith aige. Agus is iontuigthe gurab ionann dál don chineadh
dhaonna rés an mbaisteadh agus do chloinn tighearna i ndiaidh a
n-athar do thuitim i dtréatúireacht. Óir caillid a bhfuil agus
a bhfearann tré mheirleachas a n-athar. Mar an gcéadna do
chlann-mhaicne Ádhaimh: do chaillsead a bhfuil agus a
bhfearann .i. grása Dé agus a ghlóire nó go n-aisigthear dhóibh
arís iad lé cairt an chreidimh agus lé bulla an bhaistidhe. Agus
is é aní céadna is iontuigthe a briathraibh Ieremias fáidh, mar a
n-abair san .31. caibidil, patres nostri comederunt uvam
acerbam, et dentes filiorum obstupescunt “do itheadar ar
n-aithreacha searbh-chaora na fíneamhna fiadhánta, agus atá
déistin ar fhiaclaibh a mac.” Dá chor i gcéill gur ith Ádhamh an
t-ubhall úd na haithne, fá searbh ré a íoc, agus go bhfuil a olc
agus a urbhaidh ag cumailt ré a chlann-mhaicne dá éis. Óir ní
chuirfid ainiarsma an ubhaill úd díobh gan bheith ag déanamh a
ndíotha agus a ndochair do shíor. Óir gach saoth agus gach teidhm
dá dtig orra, is do thoisg an ubhaill úd táinig. Agus is uime sin
adeir Solamh san seiseadh caibidil in Eccle., omnis labor
hominis in ore eius “is i mbéal an duine atá a uile shaothar agus
ulc.” Dá chor i gcéill gurab do bhéal Ádhaimh lér hitheadh an
t-ubhall táinig gach díoth agus gach dochar dá dtáinig agus dá
dtiocfaidh ar an nádúir dhaonna. Is ionann fós peacadh an
tsinnsir tar éis an bhaistidhe, agus fadódh do-ní abaigh ineamhail
an cholann ré déanamh gach uilc. Nó fós is ionann é agus claonadh i
n-aghaidh an réasúin dírigh. Óir táinig don othras úd do-rinneadh
ar Ádhamh gur fhás céim bacaighe sa nádúir, ionnus go mbí cromadh
ré cois gach aon-choisgéime aice, agus dá réir sin gur chlaon ó
bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, agus go dtig dhe sin
nach oirid dá chéile go meinic. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
réasún agus ar na rannaibh íochtaracha, mar atáid chúig shiansa
na hanma agus na cúig céadfadha corpardha. Agus ní headh amháin,
acht ní thig an toil


L. 106


féin leis an réasún go meinic. Agus is ag gearán na huireasbaidhe
se dobhí ar an nádúir dhaonna, arna mothughadh do Phól Apstal
ann féin, adubhairt, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, sentio aliam legem, etc. “mothuighim reacht oile im
ballaibh, atá ag cur i n-aghaidh nó ag cathughadh ré reacht
mh'intinne.” Dá chor i gcéill go mothuigheadh féin claonadh 'na
chéadfadhaibh agus san chuid oile dá bhríoghaibh corpardha, i
n-aghaidh riaghlach an réasúin.



AN CÚIGEADH HALT
'na gcuirthear i gceist an raibhe coir Ádhaimh com-mór sin agus ar
chóir an uiread sin do smacht do dhéanamh ar Ádhamh agus
do-rinneadh.



An chéad-ghoin.



Do measfaidhe ar fhéachain nár chóir, do bhríogh nach raibhe san
duine acht barrach lín, nó duille feadha, ar neamh-thábhacht, agus
dá réir sin nárbh fhiú dhó an choir úd Ádhaimh d'agra ná do
dhíoghail com-mór agus do-rinne. Agus is uime sin atá Iob ag
casaoid ar Dhia ris féin san treas caibidil déag, mar a n-abair,
contra folium quod vento rapitur ostendis potentiam tuam, et
stipulam siccam persequeris “a Thighearna, is i n-aghaidh
duille fuaduighthear ré gaoith thaisbéanas tú do chumhachta, agus
ataoi ag inghreim ar bharrach thirim.” Dá chor i gcéill dó
nacharbh fhiú dhó an uiread do dhíoghaltas agus do-rinne do
dhéanamh i ndiaidh coire Ádhaimh.



Agus fós ar loighead aneith ar a raibhe an fógra, mar atá toradh
aon-chroinn amháin. Óir do réir bharamhla, dá bhfógradh athair
dá mhac gan toradh d'ithe, agus go n-íosadh an mac an toradh tar
a chrois, níor chneasta don athair an mac do bhásughadh, ná do
chor ó oighreacht ar a shon sin. Mar an gcéadna, ar fhéachain,
níorbh fhiú do Dhia Ádhamh do chor a hoighreacht agus breath
bháis do bhreith air an céad-lá do cruthuigheadh é.


L. 107


An dara goin.



Mo fhreagra ar na réasúnaibh se nach truime an díoghaltas do-rinne
Dia ar Ádhamh ioná mar do thuill Ádhamh é, do bhríogh gurab
connradh do-rinne Dia ris dá dheóin ar choingheallaibh d'áirithe,
agus gur cheangail Ádhamh é féin agus a shliocht ré coimhéad na
gcoingheall soin. Agus is é coingheall dobhí eatorra, dá
gcoimhéadadh Ádhamh é féin i n-óigh-réir dá Chruthuightheóir,
nach fuighbheadh bás do shíor, agus go rachadh idir chorp agus anam
don fhlaitheas neamhdha. Gidh eadh, dá ndeachadh i n-anumhla ar
Dhia, go gcaithfeadh an bás céadna bheith i gcinneadh dá shíol
do thoisg a anumhla-san. Cuiridh Greaghóir naomhtha aní se síos
ag tráchtadh ar an treas caibidil do Leabhar Iob, mar a n-abair,
ad hoc homo in Paradiso positus fuerat, ut si se ad Conditoris sui
obedientiam vinculis caritatis coniungeret, ad caelestem angelorum
patriam quandoque sine carnis morte transiret. Sic enim est
immortalis conditus, ut tamen si peccaret, et mori posset; et
mortalis est conditus, ut si non peccaret, etiam non mori posset
“is uime do cuireadh an duine i bparrthas, ionnus dá n-anadh i
bhfomós dá Chruthuightheóir féin ceangailte i ngéibheannaibh an
ghrádha, dorachadh sé uair éigin gan bhás colnaidhe d'fhagháil
go dúthaigh neamhdha na n-aingeal. Óir is amhlaidh do cruthuigheadh
é go domharbhtha, i gcruth go bhféadfadh bás d'fhagháil dá
bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i
riocht nach féadfadh an bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus
is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an bás
d'fhagháil muna ndearnadh an peacadh.” Tig Sant Augustine leis so
san cheathramhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh ar
Cheastaibh an tSein-reachta agus na Nuai-fhiadhnaise, mar a
n-abair, Deus hominem fecit, qui quamdiu non peccaret immortalitate
vigeret, ut sibi auctor esset aut ad vitam aut ad mortem “do-rinne
Dia an duine i riocht go mbiadh domharbhtha an feadh do anfadh gan
pheacadh, ionnus gomadh é féin budh ughdar réna bheathaidh nó réna
bhás.” Agus do réir a ndubhramar, ní hiongnadh a ndearna Dia do
dhíoghaltas ar Ádhamh agus ar a shliocht, ar a mhéid do thaisbéin
sé a neamhfhomós do Dhia ag coill a chána. Óir is truimide an
peacadh do-rinne, a usacht dó an fhógra tug Dia dhó do choimhéad.


L. 108


An treas goin.



Tig S. Augustine leis so san cheathramhadh leabhar déag ro sgríobh
ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, quisquis homini damnationem
nimiam vel iniustam putat, profecto nescit quanta fuit in non
peccando facilitas “cibé mheasas gurab trom nó gurab aimhcheart an
damnughadh do-rinneadh ar an duine, go fírinneach ní feas dó a
ro-usacht gan an peacadh do dhéanamh.” As na briathraibh se is
iontuigthe nach daor agus nach iomarcach an bhreath rug Dia ar
Ádhamh agus ar a shíol. Agus fós, dá meastaoi mórdhacht agus uaisle
agus onóir agus cumhachta an tí tug an fhógra, agus méad a chumaoine
ar an tí dá dtug í, agus dearóile agus uirísleacht an tí ar ar
chuir na commaoine .i. an duine - óir dá leantar go soiche a
phréimh é, do-ghéabhthar gurab don dúil is anuaisle atá san
chruinne atá arna dhéanamh .i. don talamh. Acht, gidh iomdha
commaoine do chuir Dia air, an mhéid go dtug anam réasúnta dhó ar
dheilbh agus ar dhéanamh Dé, ionnusgo raibhe i libhré agus i
suaitheantas Dé, agus go dtigeadh dhe sin créatúire na talmhan agus
aingil nimhe do bheith ag timpireacht dó, gidh eadh, mo thruaighe,
níor thuig méad na muirne dobhí ag Dia air, gan dol i n-uaill
agus i macnas, agus a chur roimhe féin dia do dhéanamh dhe féin,
agus fios uilc agus mhaitheasa do bheith aige. Agus saoilim gurab
de sin táinig an seanfhocal adeir nach fuil peata nach fuilngeann
bheith go maith acht an duine. Agus is é aní céadna so éagcaoineas
Dáibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, homo cum in honore
esset non intellexit. Comparatus est iumentis insipientibus, et
similis factus est illis “ar mbeith i n-onóir don duine, níor
thuig sé é. Atá arna choimmeas ré bromachaibh éigciallaidhe, agus
do-rinneadh cosmhail riú é.” Dá chor i gcéill nar thuig Ádhamh
agus nár iomchuir mar budh díol an onóir fuair sé ó Dhia, agus go
dtáinig dhe sin a chor idir ainmhinntibh brúideamhla an tsaoghail
se agus 'na gcuibhreann fá thoirthibh na talmhan.



An ceathramhadh goin.



Is agá fhoillsiughadh so atá an fábhaill-sgéal nó an fáith-sgéal
léaghthar ag S. Lúcás san chúigeadh caibidil déag, mar


L. 109


a n-abair Críost go raibhe athair muinntire agá raibhe dias mac aige,
agus gur iarr an mac fá hóige dhíobh a chuid féin d'oighreacht a
athar, agus an tan fuair sin, gur chaith go craosach diommbalach í,
ionnus ar mbeith fornocht dó go ndeachaidh ar deóraidheacht i
n-imchéin, agus nach raibhe d'innmhe aige acht bheith ag
muicidheacht, agus go mbíodh an uiread soin do ghorta air go
mbíodh i gcuibhreann na muc fán meas. Gidh eadh, an mac fá sine,
do an i bhfarradh a athar do shíor. Go fáthach, is é an
t-athair muinntire úd Dia, agus an dias mac úd an t-aingeal agus
an duine, an mac fá hóige Ádhamh, do reac a chuid do pharrthas
agus d'oighreacht nimhe agus grása Dé ar ghreim d'ubhall na
haithne, ionnus go dtáinig sé dá dhruim sin ar díbirt agus ar
deóraidheacht, dá cheilt féin ar ghleann déarach an domhain se, dá
bhiathadh féin do thoirthibh na talmhan, amhail mhuca nó
beathadhacha brúideamhla.



An cúigeadh goin.



Is do chor aneithe céadna i gcuimhne dona daoinibh atá aní tarla
don rígh ro-uaibhreach Nabugadonasor, amhail léaghthar san
cheathramhadh caibidil do Leabhar Daniel, mar do chuir Dia tréna
anuaill féin as a ríoghdhacht é, agus fós mar do chuir i ngealtacht
é, ionnus go mbíodh i gcuibhreann na mbó fán bhféar, agus gur
fhás a fhionnfadh amhail chlúmh iolair, agus a ingne amhail ingne
éan; agus go raibhe amhlaidh sin ar feadh seacht mbliadhan, nó gur
thuig sé cumhacht Dé do bheith ós a chionn, agus gur thuig go
bhféadfadh do réir a thoile féin do dhéanamh ris gach n-aon.



An seiseadh goin.



Tuig, a dhuine, as na sompladhaibh móra so nach foláir dhuit go
feithmheach bheith ar do choimhéad féin fá thoil Dé do dhéanamh.
Agus is móide is ineagluighthe dhuit a lámh throm do luighe ort, go
dtug sé dlighe agus reacht duit as a dtuigfir cionnus do-ghéana
tú a réir, mar is follus as an Scrioptúir agus a horduighthibh na
hEagailse naomhtha sheólas duit go laothamhail créad is indéanta
dhuit. Óir an t-óglách agá mbí a fhios


L. 110


go cinnte créad is maith léna thighearna do dhéanamh dhó, agus
nach déin do réir thoile a thighearna, is maith an díol
smachtuighthe é. Agus atá Críost féin ag cor aneithe se i gcuimhne
dhúinn, amhail léaghthar ag Lúcás san dara caibidil déag, mar a
n-abair, servus sciens voluntatem domini et non faciens, vapulabit
plagis multis “an t-óglách agá mbí fios toile a thighearna agus
nach déin dá réir, géabhthar air go bhfágthar iomad créacht air.”
Agus is eadh is iontuigthe as so, gur beitte dá gach aon agá bhfuil
creideamh Dé, eagla do bheith air fána thoil do shárughadh. Agus
fós, ná measadh aon-duine go saorfadh a ainbhfios é i mbriseadh
reachta Dé, do bhríogh go bhfuil an reacht go foirleathan arna
chraobh-sgaoileadh agus arna fhógra dona Críostaidhthibh i
gcoitchinne, mar nach saorann bheith i n-ainbhfios an dlighidh an
t-aoghaire allta bhíos i mbeannaibh sliabh tré chaidreabh do
thabhairt don mheirleach agá mbí fógra an dlighidh 'na dhiaidh,
gan bhás do thabhairt don aoghaire tréna chaidreabh don
mheirleach. Óir dá n-abradh an t-aoghaire nach cuala féin gur
choir bháis ar dhuine caidreabh nó muinntearas do dhéanamh ré
tréatúir, agus dá sin nár dhligh bás d'fhagháil, thairis sin
do-ghéabhadh bás d'imirt air. Mar an gcéadna don ní adubhramar
thuas.



AN SEISEADH HALT
'na gcuirthear i gceist, ar mbeith d'Ádhamh lán d'eagna agus
do shubháilcibh, cionnus tarla dhó an fhógra tug Dia dhó do
shárughadh.



An chéad-ghoin.



Mo fhreagra air so, ar dtús, dá chor i gcéill dona daoinibh, dá
mhéid eagna agus neart agus innmhe shaoghalta bhíos aca, go
ndlighid iad féin do choimhéad go haireach, agus gan bheith
lánmhar asta féin. Agus is uime sin adeir Ieremias naomhtha ag
labhairt ar Sholamh san naomhadh caibidil, non glorietur sapiens
in sapientia sua, nec fortis in fortitudine sua,


L. 111


nec dives in divitiis suis “ná bíodh an t-eagnaidheach glórmhar
as a eagna, ná an tréan as a neart, ná an saidhbhir as a
shaidhbhreasaibh.” Dá chor i gcéill, mar go ndeachaidh Solamh
ré seachrán, agus gur thuit i bpeacaidhibh gráineamhla, tar ceann a
raibhe d'eagna agus do neart agus do shaidhbhreasaibh aige, gur
beitte dona daoinibh agá mbiadh aon-chuid dona cáilibh se ionnta,
crioth agus eagla do bheith orra, d'eagla go dteigéamhadh dhóibh
fearg Dé do thuilleamh, amhail tarla do Sholamh.



An dara goin.



An dara hadhbhar fár fhuiling Dia d'Adhamh an fógra úd do
shárughadh, dá chor i gcéill dona daoinibh nach dlighid bheith
roi-dhíleas dá naomhthacht ná dá n-ionnracus féin, mar gur chlaon
Ádhamh dobhí ro-naomhtha an chuing do chuir Dia air féin. Agus
is ag cor aneithe céadna i gcéill atá aní adeir Pól,1 Cor.10, qui
stat, videat ne cadat “an tí atá 'na sheasamh, féachadh nach
tuitfeadh.” Dá chor i gcéill gur beitte don tí bhíos naomhtha
eagla do bheith air fá thuitim i ndroch-staid. Is iontuigthe so
a briathraibh S. Augustine ar an .38. Salm, mar a n-abair,
aliter non potes esse perfectus, nisi scias hic te non posse
perfectum esse “ní fhéadann tú ar chor oile bheith iomlán, munab
feasach thú nach féadann tú bheith iomlán annso” .i. san saoghal.



An treas goin.



An treas fáth fár thuit Ádhamh, dá chor i gcéill dona daoinibh
gurab meinic ghortuighthear Dia do sheachnadh na comharsan do
ghortughadh; mar is follus i n-Ádhamh, do-rinne míréir Dé do
dhéanamh réire Éabha. Agus atá Hieronymus 'na Eip. ad Heliodorum
ag tabhairt chomhairle dhúinn, créad is indéanta sa chás so, mar a
n-abair, si necessitas venerit, ut amor parentum sive filiorum
amori Dei comparetur, et non possit utrumque servari, odium in suos,
pietas in Deum observanda “más éigean go mbiadh grádh na
dtuismhidhtheóiridhe agus na cloinne dá choimmeas ré grádh Dé, agus
nach féadtar gach grádh dhíobh do choimhlíonadh, coimhéid do
dhúthracht do Dhia agus t'fhuath


L. 112


do chách.” Ionann sin ré a rádh agus dá raibhe coimhlíonadh thoile
Dé contrárdha do choimhlíonadh toile do charad, tréig coimhlíonadh
toile do charad ar choimhlíonadh toile Dé. Gidh eadh, fa-ríor, is
iomdha Ádhamh san aimsir se ann, chlaonas ó thoil Dé do dhéanamh i
ngioll ar thoil na colna nó na cloinne nó na comharsan. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar mhórán do dhaoinibh sgaoilte na hÉireann.
Óir atá cuid díobh do-bheir iad féin do chraos agus do dhrúis,
d'aoibhneas agus d'antlás. Cuid oile dhíobh ag déanamh
anfhlaithis agus éagcóra ar anbhfannaibh, ré saidhbhreas agus ré
fearann d'fhágbháil agá gcloinn féin go héigceart i n-aghaidh
thoile Dé. Agus fós drong oile dhíobh ag dísliughadh agus ag ceilt
a gcreidimh, d'eagla aimhréire na n-uachtarán saoghalta do
dhéanamh. Ní áirmhim an drong atá taoibh amuigh do luing Pheadair,
atá ag onfais i n-oigian aidhbhseach na heiriceachta. Agus mo
thruaighe, ní thuigid an teagasg do-bheir Dia dá gach aon aca
san seiseadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, noli fieri pro
amico inimicus “ná déana easgcara dhíot féin ar son do charad.”
Dá chor i gcéill nach dleaghair dhúinn easgcaraid do dhéanamh
dhínn féin do Dhia, do cheannach cairdeasa créatúireadh san
gcruinne.



An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh fáth, do bhríogh gur haithneadh dhe gan buain ris
an ubhall. Óir is móide bhíos dúil ag duine san ní, bheith agá
thoirmeasg air. Agus is de sin atá an seanfhocal adeir go mbí
neimh ar an aithne. Agus tig an file Laidneamhail leis so, mar a
n-abair, ag labhairt ar aní gcéadna:



nitimur in vetitum semper cupimusque negata



“bí dúil againn do ghnáth saní bhíos arna thoirmeasg orainn, agus
sanntuighmíd aní bhíos agá dhiúltadh orainn.” Agus is uime sin
adeir Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, ag
teacht tar chinn-leitribh an chinidh dhaonna .i. Ádhamh agus
Éabha, principes eius facti sunt velut arietes “do-rinneadh a
bprionnsaidhe súd amhail reithidhe,” ar sé, ag labhairt ar an
nádúir dhaonna. Ionann sin ré a rádh agus gurab móide do


L. 113


bhí dúil aca i n-ubhall na haithne, bheith agá thoirmeasg orra.
Óir is d'airdheanaibh an reithe, dá dteagmhadh i dteach
theineadh é, nach fuil dá thréine dobeithí agá chor amach, nach
déine 'sa chách dobhiadh féin ag filleadh isteach arís. Mar an
gcéadna d'Ádhamh agus d'Éabha agus dá gach aon-duine dhá síol,
agus is uime sin shamhluighthear ré reitheadhaibh iad.



An cúigeadh goin.



Tig leis an sgéal so aní léaghthar ar mhaighistir chríonna agus ar
a dheisgiobal. Is eadh aithristear ann, gur fhiafruigh an
deisgiobal don mhaighistir créad tug ar Ádhamh ubhall na haithne
d'ithe tar fhógra nDé, agus a usacht dó a mhalairt do thoradh
d'fhagháil i bparrthas ré a chaitheamh. Is eadh do-rinne an
maighistir, dá mhéis agus a mbeóil ar a chéile, agus éanlaith
bheag bheó eatorra, do thabhairt don deisgiobal. Agus adubhairt
ris gan an dá mhéis d'osgladh ó chéile go ceann cheithre
n-uaire fichead, agus go dtiubhradh fuasgladh ar a cheist dó.
Do ghabh an deisgiobal na miasa, agus do-chuaidh i bhfód fá leith
ris féin. Agus do ghabh mian é na miasa d'fhoslogadh ó chéile
ar mbeith arna dtoirmeasg air, ionnus go mbiadh a fhios aige
créad dobhí eatorra. Do fhás a mhian com-mór sin go nár
fhuiling gan a bhfosgladh. Agus arna bhfosgladh dhó do
lingsead an éanlaith uaidh, go nach raibhe breith aige orra. Ar
dtoidheacht don mhaighistir dá ionnsaighe i gcionn laoi go
n-oidhche, do fhiafruigh dhe ar choimhéid na miasa gan osgladh.
Agus adubhairt-sean “Ó a mhaighistir, ar sé, gabh agam. Níor
fhéadas gan a n-osgladh, arna mbeith arna dtoirmeasg oram.”
“Mar an gcéadna, a mhacaoimh, ar an maighistir, ar mbeith do
thoradh chroinn na haithne arna thoirmeasg ar Ádhamh, níor
fhéad gan a fhromhadh.” As gach ní dá ndubhramar is follus gurab
móide dúil na ndaoine saní, bheith agá thoirmeasg orra, agus dá
réir sin gurab dona hadhbharaibh fár ith Ádhamh ubhall na haithne,
tré bheith arna thoirmeasg air.


L. 114


AN SEACHTMHADH HALT
as a dtuigthear gurab cosmhail Ádhamh ré deóraidh dobhiadh ar
díbirt i gcoigcrích.



An chéad-ghoin.
Tuig, a dhuine, gurab cosmhail Ádhamh tar éis an pheacaidh ré
deóraidh dobhiadh ar díbirt as a dhúthaigh féin ag taisteall
coigcríoch, agus do-ghéabhadh bheith go maith ris i dtighthibh
ósda mar gheall ar dhíolaidheacht do thabhairt ar a shon. Óir
an deóraidh, cidh sámh leis an sódh do-gheibh sna tighthibh ósda,
is searbh agus is doiligh leis bheith agá dhíol. Mar an gcéadna
d'Ádhamh agus dá shíol, ar mbeith dhóibh arna n-athchor agus
arna n-ionnarbadh a parrthas i gcoigcrích na coire, do-gheibhid
sódh agus sádhaile i dtigh ósda an domhain se, áit i bhfuilid trí
hard-ósdóiridhe ré riar Ádhaimh agus a shleachta go miochair
muinnteardha .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann. Óir
do-gheibhid uaill agus glóir dhíomhaoin ón aidhbhirseóir, sainnt
agus cruas agus cruinniughadh ón tsaoghal, leisge agus drúis agus
craos ón cholainn.



An dara goin.



Is ar na trí hósdóiribh se labhras Eóin, mar a n-abair, omne
quod est in mundo aut est concupiscentia carnis, concupiscentia
oculorum et superbia vitae “an uile ní dá bhfuil ar an saoghal ní
fhuil acht ainmhian na colna nó ainmhian súl, nó uabhar beatha
ionnta.” Gidh eadh, an mhuinntear ré roinnid na hósdóire se, is
cruaidh an cúntas is éigean dóibh do thabhairt uatha ré
n-imtheacht dóibh as an dteach ósda .i. as an domhan. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar lucht Sodoma agus Gomarra, agar chuirsead
na hósdóire se i gcarcair uathbhásaigh ifrinn iad, i ndíol a
dtugsad dóibh, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag in
Genesi.



An treas goin.



Bíodh fós a fhiadhnaise ar Pharao agus ar a shluaghaibh do
báthadh san Muir Ruaidh tré éiliughadh na druinge céadna.


L. 115


Agus ar Balthasar rí na Báibiolóine, do thuit i gcúntas na
druinge úd, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil do Leabhar
Daniel. Óir ar mbeith ag caitheamh fleidhe don Balthasar so,
do-chonnairc lámh dhuine gan cholainn ag sgríobhadh trí bhfocal
ar an mballa ar a chomhair: ag so na focail, Mane, Thecel,
Phares. Is eadh chialluigheas an céad-fhocal, Mane, gur áirimh
Dia flaitheas an ríogh sin, agus gur choimhlíon é. An dara focal,
Thecel, is eadh chialluigheas, gur cuireadh an rí i meidh an
mheasruighthe, go bhfríoth ní budh lugha ioná an chóir aige. Is
eadh chialluigheas an treas focal, Phares .i. “atá do fhlaitheas
arna thabhairt do lucht na Méad agus na Persia.” Agus san
oidhche chéadna soin do marbhadh lé Darius é, agus do
críochnuigheadh fírinne na bhfocal sin, go ro thuit san chúntas
amhail adubhramar.



An ceathramhadh goin.



Fa-ríor is iomdha Balthasar an tráth so ar feadh an domhain ar a
n-imreann Dia an díoghaltas céadna úd do himreadh ar Bhalthasar,
an mhéid go gcoimhlíonann Dia a bhflaitheas ag críochnughadh a
ré, agus go gcuireann i meidh an bhreitheamhnais i n-aimsir an
bháis iad, agus nach faghann an tomhas cóir ionnta, ar mbeith do
cheann na coire ro-throm don mheidh. Agus marbhthar san oidhche
chéadna iad, an mhéid go mbeirthear breith bháis shíordhaidhe
orra. Agus roinntear a bhflaitheas, an mhéid go dtugthar a
gcuirp dona crumhaibh agus a n-anmanna d'il-phiastaibh ifrinn.
Agus is mar sin is éigean dóibh cúntas cruaidh do thabhairt dona
hósdóiribh adubhramar.



An cúigeadh goin.



Gidh eadh, mo thruaighe, an duine leamh shaoileas cáirde
d'fhagháil óna hósdóiribh se, is meinic fheannaid agus
fhoghaid go hobann é, agus bheanaid a anam as i ngioll ris an
gcúntas, an tan is mó do chuirfeadh roimhe a mhacnas do leanmhain.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, ard-chaiptín shluaigh na
hAssiria, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do
Leabhar Iudith. Óir an uair is mó do shaoil a bhreath féin
d'fhagháil


L. 116


ar chathair Betulia, ar mbeith don bhain-tighearna onóraigh
darbh ainm Iudith iona fharradh ina phuball féin, agus é ag
urgháirdiughadh meanman agus aigeanta 'na timcheall ar mhéad a
ghrádha dhi, táinig san oidhche chéadna soin fear cúntais na
dtrí n-ósdóireadh úd .i. an bás, agus do bhean a cheann do
Holofernes i ndíol an chúntais. Mar an gcéadna do phrionnsa
do threibh Iuda darbh ainm Ammon, amhail léaghthar san treas
caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Táinig an fear
cúntasa céadna úd dá ionnsaighidh, ar mbeith dhó ag caitheamh
fleidhe, agus do ghabh d'arm ann, gur mharbh é. Gá dtam ris,
ní tháinig is ní thiocfaidh rí ná prionnsa ná ard-fhlaith ó
thosach an domhain, nach éigean dó an cúntas so do thabhairt uaidh.
Ionnus i ndeireadh an chúntais gurab éigean dá gach aon dol tar
bharr a gheallta, ré díol do thabhairt don fhior chúntasa úd
adubhramar .i. an bás. Óir foghbhaidh agus feannaidh nó go
bhfágbhann dísgir dearg-lomnocht iad, ar gcaill a gcéadfadh agus
bhríogh a mball, agus a dtoicceadh agus a saidhbhreas saoghalta ó
shoin amach.



An seiseadh goin.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar na hard-fhlaithibh is mó tháinig san
domhan riamh. Óir ní feas dúinn go bhfuil mac ar sliocht
Nabugodonasor ag gabháil flaitheasa na Caldee, ná ar lorg Cyrus
ar an bPersia, ná d'fhuil Darius ar an Méad, ná d'aicme
Alexander ar an nGréig, ná do shíol Shéasair ar an Róimh,
ná do shliocht Hannibal i gCarthago, ná do chineadh Codrus
ar cathraigh na hAithne. Óir fá héigean dóibh so uile, tar ceann
a neirt agus a gcumhacht, cúntas cinnte do thabhairt uatha iona
bhfuaradar do bhláth diommbuan na beatha so. Gonadh ag cor
aneithe se i gcéill adeir Baruc san treas caibidil, ubi sunt
principes gentium “cáit i bhfuilid prionnsadha na gcineadhach?”
Dá chor i gcéill gur thuiteadar san chúntas chéadna úd an
bháis. Agus mar an gcéadna is dá chor i gcéill nach déin an
onóir ná an flaitheas saoghalta caomhna ar na hard-fhlathaibh ón
gcúntas úd atá aní léaghthar ag Deuter..32., ubi sunt dii eorum
in quibus habebant fiduciam? Surgant et opitulentur vobis, et in


L. 117


necessitate vos protegant “cáit i bhfuilid a ndée súd 'nar
chuireadar a muinighin? Éirghid agus tugaid congnamh libh, agus
díontar leó sibh in bhar riachtanas.” Dá chor i gcéill nach raibhe
ar cumas na ndée na hard-fhlaithe págánta d'fhóirithin ná
d'fhurtacht ré buanughadh i nglóir dhíomhaoin an tsaoghail se,
ná réna gcaomhna ón chúntas réamhráitte. Agus go bhfios
damhsa, ciodh milis ris gach n-aon bláth bréagach an domhain se
agá fhromhadh, is greim neimhe agus is deoch domblais dóibh fá
dheireadh é, an tan is éigean dóibh an cúntas casaoideach cruadh-
dhálach úd do thabhairt uatha, amhail adubhramair. Is móide is
iontuigthe gurab teach ósda an domhan aní léaghthar ag Solamh san
.29. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, transi, hospes, et
orna mensam, et quae in manu tuo habes, ciba caeteros “triall seacha
mar aoighidh, oirnigh an bord, agus na neithe atá id láimh, biathuigh
cách.” As so is iontuigthe nach fuil acht aoidheacht nó ósdóireacht
ar an saoghal againn. Agus measaim dá réir sin gurab ionann dál
dá gach n-aon ré ndol don domhan so agus don cheithearnach allta
aineólach a hiarthar Mhumhan, do-chuaidh i luing chogaidh
d'iarraidh éadála ar fairrge. Agus do cuireadh i dtír i
Sagsaibh iad; agus an céad-bhaile 'na dtarla i dtír iad,
tángadar lucht an bhaile do dhéanamh lúthghára rompa, agus dá
mbreith leó dá dtighthibh féin ré tabhairt ósda dhóibh; óir fá
lucht ósda do choimhéad an mhéid dobhí ag áitiughadh san bhaile
sin. Agus fá hiongnadh leis an gceithearnach iad agá chuireadh
féin, agus gan aithne ag aon-duine dhíobh air. Agus do-chuaidh
féin agus drong don mhuinntir dobhí mar aon ris i dtigh dhuine
aca ar ósda. Agus dobhádar muinntear an tighe go ro-mhaith riú ar
feadh seachtmhaine, ionnus gur sháimh leis an gceithearnach an
t-inneall ar a raibhe féin, ar ghloine an árais 'na dtarlaidh é,
agus ar fheabhas a leaptha agus a bhídh agus a dhighe. Gidh eadh,
ar mbeith dhó féin agus dá chuideachtain ag gabháil a gceada, do
ghairm an t-ósdóir an fear cúntais dobhí aige, agá rádh ris
make reckoning .i. “déana cúntas.” Leis sin táinig fear an
chúntais, agus do ghabh ag feannadh an cheithearnaigh agus na
muinntire dobhí maille ris, gurbha héigean dóibh uile díolaidheacht
iomlán do thabhairt uatha in gach ní dár


L. 118


chaitheadar san tigh an gcéin dobhádar ann, ionnus go rabhadar
folamh ag imtheacht dóibh. Agus táinig dhe sin, cion a raibhe do
shólás agus do mheanmain ré linn gach seasgaireachta dá
bhfuaradar i dtigh an ósda, go raibhe sé do dhólás orra tré
bheith folamh ag imtheacht. Dobudh iongnadh iomorra leis an
gceithearnach créad an fáth fár feannadh é féin agus cách; óir níor
chleacht sé biadh ná deoch do cheannach riamh roimhe sin. Agus ar
dteacht go hÉirinn dó do ghabhadar a charaid ag fiafraighe
thuarasgbhála na Sagsan de. Do ghabh-san ag innisin sgél
dóibh, agus adubhairt thrá nach facaidh talamh riamh budh fearr
biadh agus deoch agus teine agus leabaidh, agus budh suilbhire
daoine. “Agus locht ar bioth, ar sé, ní haithnidh damh uirre, acht
an tan bhíd na deóraidh ag ceileabhradh don druing do-bheir
aoidheacht dóibh, tig trú dhuaibhseach dheamhnaidhe dá ngairthear
Mac Raicín anuas, agus lámhuighidh go heasaontach na deóraidh,
agus feannaidh agus foghbhaidh iad.” Go fáthach, is í an chríoch
úd na Sagsan an domhan, agus na hósdóiridhe an diabhal agus an
saoghal agus an cholann, an ceithearnach na daoine i gcoitchinne,
agus Mac Raicín an bás. Óir amhail bheanas fear an chúntasa
díol don deóradh ar son gach socamhail dá bhfaghann i dtigh an
ósda, mar an gcéadna beanaidh fear cúntasa na n-ósdóireadh úd
adubhramar .i. an bás, cúntas daor-dhálach dona daoinibh bhlaiseas
a bheag nó a mhór do thoirthibh na n-ósdóireadh do luaidheamar.



An seachtmhadh goin.



Fós, bídh an díol bheanas amach comh-docamhlach sin ionnus gurab
ionann dál don duine ar ndealughadh ris agus don cheannaighe agá
dteigéamhadh loing-bhriseadh do dhruim anfaidh ar muir. Óir an
tan fhásas anfadh ar an muir, agus bhíos an long i nguais a
sloigthe, teilgidh an ceannaighe an earradh bhíos istigh aige amach,
agus 'na dhiaidh sin buailtear an long fá charraig, agus raobthar
agus sloigthear ainnséin san muir í; agus tig féin ar uairibh
tarnocht i dtír, agus ar uairibh oile báittear é. Mar an gcéadna,
ar mbeith don duine ag loingseóireacht ar mhuir mhailísigh an
tsaoghail se, séididh gaoth na ngalar ar


L. 119


arthrach na hanma .i. ar an gcorp, agus tógthar leis sin tonna taom
agus tinnis, go ngabhaid ag tolladh agus ag taobh-lot churacháin
chriadhamhail an chuirp. Agus ar mbeith don luing leóinte sin i
mbaoghal a báitte, cuiridh an ceannaighe .i. an t-anam, last na
luinge amach .i. na céadfadha agus uile bhríogha an chuirp. Agus
'na dhiaidh sin buailtear an long soin fá chairthe nó fá charraig
an bháis, ionnus gurab éigean don cheannaighe .i. don anam, triall
tarnocht go port an pharrthais neamhdha, nó a shlogadh i
bhfodhomhain ifrinn.



An t-ochtmhadh goin.



Is beag fós nach ionann dál don duine agus don mheirleach dhamanta
bhíos cuibhrighthe ag triall ón phríosún gus an gcroich. Óir
amhail bhíos an meirleach damanta ag triall ón bpríosún gus an
gcroich, agus é cuibhrighthe, is mar sin bhíos an duine ag teacht
as an bpríosún .i. a broinn a mháthar, agus é cuibhrighthe i
bpeacadh an tsinnsir, damanta ré fagháil an bháis chorpardha tré
choir Ádhaimh, ag triall gus an gcroich .i. gus an mbás. Agus
meas féin, a dhuine, amhail nach bí lúth-gháir ar an meirleach úd
ag triall gus an gcroich, agus nach bí seadh ná suim i séadaibh
saoghalta ná i maoin ná i maitheas ar bioth dá bhfágbhann tar
'éis aige, mar an gcéadna dhlighir-se do dhéanamh, a dhuine,
do bhríogh gurab ionann bhar ndál. Agus cibé adéaradh nach
indéanta an coimmeas soin, do bhríogh go mbí bás an mheirligh go
grod, agus go bhfaghann an duine ré fhada, bíodh a fhios aige
nach obainne bás na croiche ar uairibh ioná an bás nádúrtha. Agus is
uime sin atá aní léaghthar ag Socrates .i. ar mbeith do lucht
chathrach na hAithne arna dhamnughadh ré bás do thabhairt dó,
táinig duine carad dá ionnsaighidh, agus adubhairt ris, Athenienses
te morte adiudicarunt “rugadar lucht chathrach na hAithne
breath bháis ort.” Adubhairt-sean ag freagradh dhó, et illos
natura “agus rug an nádúir breath orra-san mar an gcéadna.” Dá
chor i gcéill gurbh ionann dál dó féin, dobhí arna dhamnughadh
ré bás d'imirt air, agus dona daoinibh i gcoitchinne, ar
ghiorra na cairde bhíos ar a saoghal aca. Agus is uime sin adeir
Dáibhídh


L. 120


Rí san .102. Salm, homo sicut foenum dies eius, tanquam flos agri
efflorebit “ní fhuil i lá an duine acht amhail fhéar thirim,
agus téid a bhláth dhe amhail bhláth an mhachaire.” Dá chor i
gcéill, amhail bhíos an féar tirim seirgthe um thráth nóna iarna
bhuain, agus é úr-ghlas ar maidin sul bheantar é, gurab amhlaidh
sin theagmhas don duine, ar mbeith dhó úr ré linn a bheatha, an
tan bhuailtear speal an bháis faoi, go seargann agus go
bhfeódhann go hobann, amhail do-ní bláth an mhachaire. Tig
Isaias leis aní gcéadna san .40. caibidil, mar a n-abair,
omnis caro foenum et omnis gloria eius quasi flos agri “is féar
tirim an uile cholann agus a huile ghlóir amhail bhláth an
mhachaire.” Tig an file Gaoidhealach leis aní gcéadna mar a
n-abair: -




Cidhbé agaibh is sia saoghal,
isé an t-eán agus é i sás:
ná maoidheadh sé a aga uainne,
ní fada ón té is buaine an bás.



An naomhadh goin.



Adeir S. Séam, ag cor ghiorra ré an duine síos, amhail léaghthar
san cheathramhadh caibidil dá Eip., mar a n-abair, quae est
enim vita nostra? vapor est ad modicum parens “créad í ar
mbeathai-ne, acht deatach mhaireas go roi-ghearr.” Dá chor i
gcéill gurab diombuan ré an duine. Agus atá Críost dá iarraidh
orainn faire do dhéanamh orainn féin, amhail léaghthar ag Marcus
san treas caibidil déag, mar a n-abair, omnibus dico vigilate
“adeirim ribh uile faire do dhéanamh.” Agus adeir fós ag Lúcás
san .21. caibidil ris an duine faire ghnáthach do dhéanamh, mar a
n-abair, vigilate itaque omni tempore “déanaidh faire san uile
aimsir.” Dá chor i gcéill nach bí uair ná tráth saor ag an duine
gan bheith i mbaoghal an bháis. Do réir mar adeir Críost féin
san .25. caibidil ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque
horam “déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.” Dá chor i
gcéill go mbímíd gach aon-tráth agus gach aon-aimsir i
mbaoghal an chúntasa d'iarraidh


L. 121


orainn. Agus fa-ríor, do-bheirimíd faill san bhfeitheamh do
fhoráil Dia orainn do dhéanamh.



An deachmhadh goin.



Gidh eadh, teagmhaidh dhúinn amhail tarla don mhacaomh Fhrangcach.
Ag so an sgéal aithristear air .i. go raibhe ar tí síothchána do
cheangal ris an mbás, agus dar leis do taibhsigheadh dhó an bás
do thoidheacht dá ionnsaighidh, go ndubhairt nach raibhe ar breith
dhó gan teacht lá éigin dá fhios; gidh eadh, nach tiocfadh dá
ionnsaighidh gan forfhógra. Agus táinig dhe sin go dtug an
macaomh i bhfaill gan bheith dá ollmhughadh féin rés an mbás.
Agus go grod 'na dhiaidh sin do ghabh galar gáibhtheach é. Agus
an tan dobhádar a charaid 'gá fhoráileamh air aithrighe do
dhéanamh, adubhairt-sean nach raibhe guais air, do bhríogh go
raibhe do cheangal aige ar an mbás gan teacht dá ionnsaighidh gan
forfhógra. Agus fuair bás gan aithrighe amhlaidh sin. Óir níor
thuig sé gur bh'iad forfhógartha dísle an bháis na taoma agus
na tinnis tarla dhó féin rés an mbás. Mar sin do dhaoinibh óga
éigcríonna an tsaoghail se. Saoilid go mbíd do shíoth ris an
mbás, agus nach bí guais ná gábhadh ar bioth 'na gcionn féin.
Agus do-bheirid iad féin do bhaosradh agus do bhuile bhaothánta
na hóige, ionnus nach léir dhóibh a leas do dhéanamh. Agus tig
dhe sin nach taoibh ris an aon-bhás gcorpardha bhíd, gan na trí
báis do luaidheamar san chéad-trácht d'fhagháil.



An t-aonmhadh goin déag.



Fós, do bharr air sin caillid a gclú tar a n-éis san tsaoghal.
Ionnus gurab ionann dál dóibh agus don mhadadh fhoiléimeach ar a
mbuailtear cloch. Óir an tan bhuailtear cloch ar an madadh,
gabhaid na madaidhe oile agá chreim. Mar an gcéadna, an tan
bhuailtear cloch an bháis ar an madadh úd .i. an peacthach,
gabhaid na madaidhe oile .i. na peacthaigh agá chreim agus agá
chnáimh-ghearradh .i. ag buain a chlú dhe. Óir mar mharbhaid
na muca mara an mhuc mhara oile do-gheibhid créachtnuighthe, go
ndéinid blogha béal-sgaoilte dhi, mar an


L. 122


gcéadna do-níd na peacthaigh ris an bpeacthach oile do-gheibhid
créachtnuighthe ó shoighid an éaga, diubhraigthear air a bogha an
bháis; gabhaid agá chosgairt agus agá chnáimh-ghearradh .i. ag
buain a chlú dhe, maille ré bheith ag reic agus ag faisnéis a olc
i ndiaidh a bháis.



An dara goin déag.



Adeir fós Solamh san treas caibidil in Eccle. gurab cosmhail ré
chéile an chríoch téid ar an bpeacthach agus ar an bromach, mar a
n-abair, unus est interitus hominis et iumentorum, et aequa
utriusque conditio “is ionann é ag don duine agus dona bromachaibh,
agus is cudroma a gcoingheall leath ar leath.” Óir teagmhaid trí
neithe dona bromachaibh d'éis a mbáis, theagmhas don pheacthach.
An céid-ní, longaid na madaidhe a bhfuil, ithid na crumha a
bhfeóil, agus beiridh a sealbhaidhe a gcroiceann leis. Mar an
gcéadna don pheacthach: sloigthear le honchonaibh ifrinn a fhuil
.i. a anam, agus creimid na crumha a cholann, agus gabhaid a
charaid a chroiceann .i. a mhaoin shaoghalta. Is ar aní gcéadna
labhras an marbh ag Dáibhídh, mar a n-abair, circumdederunt me
canes multi, consilium malignantium obsedit me “do thimchealladar
iomad do madadhaibh mé, agus do shuidh comhairle na millteach i
bhfoslongphort rém ucht.” Dá chor i gcéill go dtángadar
daosgar-shluagh deamhan ifrinn i bhfoslongphort réna ucht do
shlogadh a anma as. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ag
Dáibhídh ar an díol do-bheirid na crumha ar an gcolainn, mar a
n-abair, foderunt manus meas et pedes meos “do tholladar mo
lámha agus mo chosa,” ar sé. Atá mar an gcéadna an marbh ag
casaoid ar an díol do-bheirid a charaid ar a mhaoin shaoghalta
tar a éis, mar a n-abair Dáibhídh, super vestem meam miserunt
sortem “do chuireadar crann-chur ar mh'éadach.” Dá chor i
gcéill go roinnid a charaid maoin an tí do-gheibh bás eatorra
féin, agus nach cuirid éin-ní i sochar d'anam an mhairbh dhíobh.



An treas goin déag.



Is é an t-éagcomhlann so atá ag anam an mhairbh agá chasaoid san
.63. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, circumspexi


L. 123


et non erat adiutor, quaesivi et non erat qui adiuvaret “do
fhéachas im thimcheall agus ní raibhe fear mo chabhra, do iarras
agus ní raibhe fear láimhe do thabhairt liom.” Dá chor i gcéill,
ar mbeith i mbroid ag na trí hainreachtaibh úd d'anam an
mhairbh, go dtugaid a charaid i ndearmad é, agus nach tabhair
aon aca lámh leis. Gidh eadh, is truagh nach déinid aithris ar iocht
agus ar chinéal choda dona hainmhinntibh brúideamhla. Óir
léaghthar ar an mbeathadhach darab ainm tortuca, an tan teagmhas a
dhruim ré lár, nach bí ann féin iompódh ar a chosaibh. Gidh eadh,
sgréachaidh go hard, go gcluintear ar feadh an fhásaigh é, agus
leis sin roichid a choimhchinéal féin dá gach leith dá fhóirithin,
agus cuirid a sróna faoi, go dtógbhaid ar a bhonnaibh é. Mar an
gcéadna don ghealbhann an tan teagmhas san ghaiste, sgréachaidh
go gáibhtheach, agus leis sin coimhrithid na gealbhainn oile bhíos
'na chomhfhoigse chuige, agus gabhaid ag gearradh an ghaiste dá
ngobaibh agus dá n-ingnibh, go n-aincid amhlaidh sin é. Mar an
gcéadna budh dual dona daoinibh do dhéanamh, gaiste nó cuibhreach
phéine na marbh do sgaoileadh nó do ghearradh dhíobh, go háirithe
ar mbeith don mharbh ag éighmhe orra, amhail bhíos an gealbhann
cuibhrighthe. Do réir mar léaghthar san naomhadh caibidil déag ag
Iob, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini mei, saltem vos
amici mei “déanaidh trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go
háirithe a dhrong is caraid damh.” Ionnus, tar éis mar do
saorfaidhe anam an mhairbh lé trócaire a charad tar a éis ar an
saoghal, go bhféadfadh a rádh go maoitteach amhail adubhairt
Dáibhídh, anima mea sicut passer erepta est de laqueo venantium,
laqueus contritus est, et nos liberati sumus “atá mh'anam amhail
ghealbhann arna réidheachadh a gaiste na bhfear bhfiadhaigh; do
comhraobadh an gaiste, agus atámaid arnar bhfóirithin.” Dá chor
i gcéill, an mhuinntear bhíos cuibhrighthe i bpurgadóir, go
sgaoiltear glas na bpian bhíos orra dhíobh, lé deigh-ghníomhaibh
na gcarad bhíos dá n-éis ar an saoghal so. Óir ní fhéadaid na
hanaim bhíos i mbroid phurgadóra furtacht ar bioth do thabhairt
dóibh féin ná do neach oile, an gcéin bhíd san bhroid sin.


L. 124


An ceathramhadh goin déag.



Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san treas caibidil in
Exodo, mar ar orduigh Dia do Mhaoise, dobhí 'na dhuine shaor ó
thalamh Madian, dol d'fhóirithin Chloinne Israel, dobhí i
mbroid na hÉigipte, agus nach d'aon-duine dá raibhe san bhroid
féin do orduigh a bhfóirithin. Mar an gcéadna ní haon-duine dá
mbí i mbroid phurgadóra fhóireas iad féin, ná an dream oile
bhíos maille riú, acht daoine saora ó thalamh Madian .i. an
dream bhíos ar an saoghal so, agus nach bí cuibhrighthe i
ngéibheannaibh na bpeacadh marbhthach.



AN T-OCHTMHADH HALT
'na suidhtear Purgadóir do bheith ann; agus do thuarasgbháil
Phurgadóra nó Ifrinn; agus don riocht 'na mbí an marbh iar n-éag.



An chéad-ghoin.



Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, go measaim go gcreideann tú
purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin léigfead díom don chur so
gan trácht foirleathan do dhéanamh uirre. Gidh eadh, cuirfead a dó
nó a trí d'áitibh as an Scrioptúir síos, as a dtuigfe an tí
dobhiadh 'na chonntabhairt go bhfuil purgadóir ann, agus dá réir
sin gurab cóir don druing bhíos beó ar an saoghal so lóir-ghníomh do
dhéanamh ar son na marbh do-chuaidh uatha i bpurgadóir, agus go
bhféadaid a saoradh óna bpianaibh.



Ag so an chéad-áit as an Scrioptúir, iona suidhtear purgadóir do
bheith ann .i. mar atá san dara caibidil déag don dara leabhar do
Leabhraibh na Macchabei, mar a n-abarthar, sancta ergo et
salubris est cogitatio, pro defunctis orare “is naomhtha ar an
adhbhar soin agus is folláin an smuaineadh, guidhe ar na marbhaibh.”
Gidh eadh, is follus nach ar na marbhaibh atá i n-ifreann
íochtarach labhras an áit se, do bhríogh nach tig do ghuidhe ná do
dheigh-ghníomharthaibh ar bioth osadh ná saor-dháil do thabhairt
dóibh. Agus fós ní ar na marbhaibh atá i bhflaitheas Dé


L. 125


labhras, do bhríogh nach fuil riachtanas orra, ar mbeith sásuighthe
dhóibh i seilbh na glóire.



An dara goin.



An dara háit as a suidhtear purgadóir do bheith ann, amhail
léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Tobias, mar a
n-abarthar, panem tuum et vinum tuum super sepulturam iusti
constitue, ut pauperes inde refecti pro anima iusti Deum deprecentur
“cuir th'arán féin agus t'fhíon féin ar uaigh an
mhairbh, ionnus na boicht sháiseóchar leis sin, go nguidhdís Dia
ar son anma an fhíréin.” As so is iontuigthe nach ar na marbhaibh
bhíos i n-ifreann íochtarach labharthar annsúd, acht ar anam an
fhíréin. Agus fós ní ar na marbhaibh bhíos i bhflaitheas Dé
labharthar ann, do bhríogh go mbíd sásuighthe, amhail adubhramair,
do réir Dháibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair,
satiabor cum apparuerit gloria tua “biaidh mé arnam shásadh, an
tan bhus léir dhamh do ghlóire-se.” Dá chor i gcéill go mbí
gach aon dá dtéid go flaitheas Dé sásuighthe, agus dá réir sin
nach bí riachtanas maitheasa ar bioth oile orra ó shoin amach.



An treas goin.



An treas áit as a suidhtear aní céadna, do réir mar léaghthar san
seachtmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, mortuo non
prohibeas gratiam “ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil
don mharbh.” Is follus nach ar an marbh atá i bhflaitheas Dé
labhras an áit se, do bhríogh go bhfuil sé i seilbh na ngrás,
agus nach féadtar a dtoirmeasg air. Agus fós ní ar an marbh atá i
n-ifreann íochtarach labhras, do bhríogh nach fuil grása ná
furtacht 'na chionn. Agus ní chuireann éin-ní 'na aghaidh so
aní léaghthar ag Solamh san aonmhadh caibidil déag in Eccle.,
mar a n-abair, si ceciderit lignum ad austrum sive ad aquilonem,
in quocumque loco ceciderit, ibi erit “dá dtuitidh an crann gus an
aird budh dheas nó gus an aird budh thuaidh, gidhbé haird iona
dtuitfidh, is ann bhias.” Ionann sin ré a rádh agus cidhbé
dhíobh staid 'na bhfuighbhe duine bás, i staid an pheacaidh nó i
staid na ngrás, gurab ann bhias go síordhaidhe. Gidh eadh,


L. 126


do bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síor purgadóir, ní
ráinig a leas Solamh toidheacht tairis san áit se, agus dá réir sin
ní lughaide is iontuigthe purgadóir do bheith ann gan a luadh san
áit úd. Ag so ní thig leis so do réir S. Augustine, in Sermone
de Igne Purgatorio: qui in aliud saeculum distulit fructum
conversionis, prius purgabitur igne purgationis; hic ignis etsi non
sit aeternus, miro tamen modo gravis est, superat enim omnem poenam
quam homo unquam passus est in vita, vel pati potest “an tí
chuireas ar ceal toradh iompuidhthe ón pheacadh, glanfaidhear ar
dtús é lé teinidh an ghlantuighthe. Agus gion go bhfuil an teine
se síordhaidhe, más eadh is iongantach an truime atá innte.
Sáruighidh sí iomorra an uile phian dar fhulaing duine riamh san
bheathaidh se, nó fhéadas d'fhulang.” As so is iontuigthe, an
mhuinntear nach coimhlíonann na breatha aithrighe, gurab éigean a
bhfaghairt i bpurgadóir leis an mbráith-theine agus leis gach
gné oile phéine dhleaghair dhíobh d'íoc innte.



An ceathramhadh goin. corrigenda.



Tuig, a dhuine, go bhféadtar a fhiafraighidh annso don mharbh
créad an riocht i bhfuil i bpurgadóir. Ag so freagra an mhairbh
do réir Dháibhídh Ríogh san .39. Salm, mar a n-abair,
circumdederunt me mala quorum non est numerus “do thimchealladar
uilc díoáirmhe mé.” Agus is uime sin adeir Dáibhídh go
haccaointeach aigmhéil, do réir mar léaghthar san .72. Salm,
ad nihilum redactus sum, et nescivi “do cuireadh ar neimhfní mé,
agus gan a fhios agam.” Agus fós is é an t-olc so theagmhas don
duine ré linn an bháis, do tharrngair Críost, do réir mar léaghthar
ag Matha san cheathramhadh caibidil déag, mar a n-abair, erit
tunc tribulatio magna, qualis non fuit ab initio mundi usque modo,
neque fiet “biaidh an tráth soin buaidhreadh mór; a shamhail ní
raibhe ó thús an domhain go soiche so, agus ní dingéantar.” Agus
is é microcosmos .i. an domhan beag mar atá .i. an duine go fáthach
thuigthear annso. Dá chor i gcéill nach bí acht cluiche in gach
olc oile theagmhas don duine i bhfail an bháis. Agus is é aní
céadna do tharrngair Dia dhúinn i gcoitchinne, do réir mar
léaghthar san .31. caibidil ag Deuter., mar a n-abair,
occurrent vobis mala in extremo tempore “teigéamhaid uilc dhaoibh
san aimsir dhéidheanaigh.” Agus is é an dochar


L. 127


díblidhe deanacht so theagmhas don duine a los an bháis
do bhean beadhgadh croidhe ar an rígh Ezechias, lér shil sé
srotha díochra déar, an tan do bhagair Isaias an bás air, ionnus
go raibhe ré n-iodhnaibh lé hiarghnó agus lé heólchaire, tré
ghoimh na nguasacht dobhí ós a chionn, do thoisg an bháis dá
rochtain, do réir mar léaghthar san .20. caibidil don
cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh.



An cúigeadh goin.



Is follus an díoth agus an díoghbháil do-ní an bás don duine as an
bhfioghair léaghthar ag Daniel san dara caibidil, mar a
dtráchtar ar an íomháigh do-chonnairc an rí, agá raibhe a ceann
d'ór, a lámha agus a hucht d'airgead, a bruinne agus a leasracha
d'umha, a sliasta d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh
d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha agá
gluasacht ag toirléim do shliabh, agus ag teagmháil ré cosaibh na
híomháighe, gur choimmbris ó bhaitheas go bonn gach ball di.
Go fáthach, is í an íomháigh úd an duine, an t-ór úd uaisle na
fola, an t-airgead na saidhbhris, an t-umha an chlú shaoghalta,
an t-iarann an neart, an chré an tsomharbhthacht, an chloch an
bás, an sliabh an ceart diadha. As an bhfioghair se is iontuigthe
go raobann an chloch úd .i. an bás an íomháigh úd .i. an nádúir
dhaonna, idir uasal agus tsaidhbhir, idir dheigh-theastach agus
thréan agus anbhfann, ionnus nach fágbhann aon-bhall slán di, ón
chéim is airde don dúil dhaonna go soiche an tí is inísle dhi.
Cialluighidh fós an íomháigh an duine, amhail adubhramar. Óir amhail
bhíos an íomháigh gan radharc gan éisteacht gan uraghall, mar an
gcéadna don duine pheacthach, do réir Dháibhídh, mar a n-abair,
os habent, et non loquentur; oculos habent, et non videbunt; aures
habent, et non audient, etc., “atá béal aca, agus ní laibheóraid;
atáid súile aca, agus ní fhaicfid; atáid cluasa aca, agus ní
chluinfid.” Ionann dóibh iomorra bheith gan gníomhughadh léna
gcéadfadhaibh agus gan gníomhughadh sochrach na subháilceadh do
dhéanamh. Cialluighid mar an gcéadna na miotail éagsamhla agus
na boill éagsamhla úd na híomháighe,


L. 128


coire éagsamhla na bpeacthach. Óir cialluighidh an ceann an
t-uabhar, an t-ucht an tsainnt, na bruinne agus na leasracha
coir na drúise, na luirgne iarnaidhe an fuath, an troightheach criadh
díomhaoineas na beatha tadhaill, agus an chloch úd táinig don
tsliabh, Críost, tig do neamh do thurnamh díomusa agus drúise agus
droich-bheart na bpeacthach, agus dá leagadh go meinic go lár
long-phuirt líonmhair ladranta Luicifeir; áit i bhfaghaid
coimhlíonadh gacha céasta, agus gríosadh gacha galair, agus ardughadh
gacha haingcise, agus tromughadh gacha tinnis, agus príomh-ghoin
gacha peannaide. Budh iomdha ann fós arracht ag éagcaoine, agus
dragún ag danálaigh, agus onchú ag ualfartaigh, agus faol ar
foluamhain, agus deamhan ag doghra agus ag doghailse, tré ghoimh an
ghríos-ghortha do-gheibhid dá ngroid-phianadh ann.



An seiseadh goin.



Is tré aidhbhsighe na n-il-phian soin, agus tréna dheacracht a
bhfulang, fhiafruigheas Isaias go hiongantach dona daoinibh,
cia dhíobh do fhéadfadh áitiughadh i bhfarradh na péine ifreannda
soin, do réir mar léaghthar san .33. caibidil dá leabhar, mar a
n-abair, quis poterit habitare de vobis cum igne devorante, quis
habitabit ex vobis cum ardoribus sempiternis “cia dhíbh fhéadfas
áitiughadh mar aon ré teinidh shloigthigh? cia dhíbh áiteóchas
mar aon ré luisneadhaibh nó ré gorthaibh síordhaidhe?” As gach guais
díobh so do bheith i gcionn an duine, is maith fuair Dáibhídh
Rí a rádh i bpearsain an mhairbh, circumdederunt me mala, etca.
“do thimcheallsad uilc díoáirmhe mé.” Agus fós neartuighid briathra
Anselmus fírinne aneithe se, san leabhar ró sgríobh do
thruaghántacht an duine, ag faisnéis an chumhgaigh 'na mbí an
duine dá gach éin-leith ré linn an bháis. “Bí (ar sé) an
breitheamh feargach ós a chionn, agus ifreann osluigthe faoi. Bí a
choir roimhe, agus a phian 'na dhiaidh. Bí a choguas dá
chreim don taoibh istigh, agus a náire dá ghoin don taoibh amuigh.
Bíd na peacaidh ghníomhacha do-ní dá dheis, agus na peacaidh
do-ní ré faill dá leith chlí. Agus bíd na piana cóirighthe
timcheall a chos, agus a lámha agá dtarraing go heasaontach ag
na deamhnaibh. Ionnus go


L. 129


bhféadann an duine go fírinneach an ní adubhairt Susanna do rádh,
ar mbeith i gcumhgach fá chlaoin-bhreith na seanóireadh
gcealgach, amhail léaghthar ag Daniel san treas caibidil déag,
mar a n-abair, angustiae sunt mihi undique “atá cumhgach oram
dá gach aoin-leith.” Óir is mó an cumhgach 'na mbí an duine do
bhíthin an bháis, ioná an cumhgach 'na raibhe Susanna tré
chlaoin-bhreith na seanóireadh, do bhríogh gur fóireadh Susanna
ón ghábhadh 'na raibhe, agus nach aincear an coireach óna guaisibh
réamhráitte.



An seachtmhadh goin.



Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine fhoráileas
Críost ar na daoinibh imirce na haithrighe do bheith urlamh
inimtheachta aca, ré dtriall a buailteachas na beatha so gus an
sean-bhaile síordhaidhe, maille ré ceasaibh agus ré cliabhaibh
crábhaidh agus caon-dúthrachta do bheith líonta go luchtmhar do
lón an lóir-ghníomha dhlighid do dhéanamh, iar ndortadh mheidhg
na mailíse a cornaibh an choguais lé gleann déarach an domhain se,
lé sruth-bhuinne uchbhadhach aigmhéil accaointeach na haithrighe.
Ag so mar adeir, ag teagasg an duine agus ag forfhógra na n-olc
bhíos ré tuirling air ré linn a bháis, do réir mar léaghthar ag
Matha san .24. caibidil, mar a n-abair, orate ut fuga vestra
non fiat hieme aut Sabbato “guidhidh ionnus nach biadh bhar
dteitheadh san gheimhreadh ná san Sabbóit.” Dá chor i gcéill
nach am teithidh dona daoinibh an tráth bheireas geimhreadh an
ghalair agus féil an bháis orra. Óir ní ar Dhia do ghuidhe ná
do ghairm do-bheirid amus ré linn na dtaom agus na dtinneas
dobhiadh agá dtreaghdadh, acht dá fhéachain cionnus do-
ghéabhdaois osadh nó ionnfhuaradh ó na teidhmibh bhíos agá
gcommbuaidhreadh agus ag measgadh a meanman tré olc na haingcise
'na mbíd. Neartuighid briathra an fháidh Ieremias leis so, mar
a n-abair san seachtmhadh caibidil déag, custodite animas vestras,
et nolite portare pondera in die Sabbati, id est in die quietis,
sive mortis “caomhnuighidh bhar n-anmanna, agus ná hiomarchurthar
libh oireadha i ló na Sabbóite .i. i ló an chumhsanta, nó an
bháis.” Dá chor


L. 130


i gcéill nach dleaghair dona daoinibh a leas do chor ar cáirde,
ná ualach trom an pheacaidh do chongbháil orra go féile an bháis,
acht a chor dhíobh lé subháilcibh ré linn a sláinte. Do bhríogh
a ndubhramair, ní cuirthe don duine a leas ar cáirde, gan am na
haithrighe dh'iarraidh ré linn a shláinte, d'eagla go
bhfuighbheadh an bás faill air, i ndoiléire oidhche na haingcise.
Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so: -




Go dtí dhíot gan mh'anadh ann,
peacadh, a Dhé, dá ndearnam:
gan teacht, a Choimdhe, as an gcol,
beart is doilghe ioná a dhéanamh.




An t-ochtmhadh goin.



Féadtar mar an gcéadna sgéala cruinne d'fhiafraighidh don
mharbh do thaoibh a anma i bpurgadóir, agus do thaoibh a chuirp
san uaigh, agus fós do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. Agus
atáid chúig ceasta ré a gcor ar an marbh in gach gné dona trí
gnéithibh sin, agus do-bheir Dáibhídh Rí freagra ar gach ceist
díobh i bpearsain an mhairbh. Ag so síos na cúig ceasta bheanas
ris an anam.



(1) An chéid-cheist is ionchuir ar an anam an tan thriallas as
an tsaoghal so .i. créad an cruth 'na mbí an t-árus 'na dtéid?
An mbí álainn nó deagh-mhaiseach? Adeir an t-anam ag freagradh
go truagh don cheist se, do réir Dháibhídh, posuerunt me in lacu
inferiori, in tenebris, et in umbra mortis “do chuireadar mé san
loch íochtarach, i ndorchadas agus i sgáile an bháis.” As an
dtuarasgbháil se do-bheir an t-anam truagh uaidh, is urusa a
mheas gurab dochraidh déistineach an chathair chomhnuighthe,
príosún peannaideach purgadóra.



(2) An dara ceist, créad an caidreabh fuair ar ndol i bpurgadóir?
Adeir-sean go truagh ag freagra, susceperunt me sicut leo paratus
ad praedam “do ghabhadar mé (ar sé) amhail do ghéabhadh leómhan
ar a mbiadh inneall creiche do dhéanamh.” Dá chor i gcéill
gurab borb easaontach an caidreabh do-bheirdís na deamhain dó.


L. 131


(3) An treas ceist, créad an cleasradh nó na cluicheadha nó an
caitheamh aimsire dobhiadh aige i bpurgadóir? Do fhreagair agá
rádh, multiplicati sunt qui tribulant me “is fás atá ar an druing
bhíos dom buaidhreadh.” Dá chor i gcéill nach bí ceól ná
aoibhneas ná urgháirdiughadh meanman i bpurgadóir, acht iachtach
agus osnadhach agus éagcaoine, cnead agus fail agus foghair-ghearán,
agus gnáith-phiana géara goirte goimheamhla, gan osadh gan
ionnfhuaradh ó shoin amach.



(4) An ceathramhadh ceist, créad an leabaidh nó an t-inneall
suain bhíos aige i bpurgadóir? nó an mbíd cuilceadha clúimh nó
leapthacha snáth-chaola sróill 'na thimcheall? Truagh sin, adeir
an marbh: ego autem in flagella paratus sum, et dolor meus renovatus
est semper “bím-se agam' ollmhughadh trá rém sgiúrsadh, agus bíd
mo thinnis ag athnuadhadh do shíor.” As so is iontuigthe nach bí
árach ag an anam bhíos i bpurgadóir ar shuan ná ar shádhaile do
dhéanamh an gcéin bhíos ann.



(5) An cúigeadh ceist, an mbí radharc aoibhinn, nó lubh-ghuirt,
náid moighe míon-sgothacha i bpurgadóir? Truagh sin, adeir an
t-anam: timor et tremor venerunt super me, et contexerunt me
tenebrae “do ling crioth agus uamhan oram, agus atáim coimhfhitte
i ndorchadas.” Dá chor i gcéill nach bí soillse i bpurgadóir.
Óir tar ceann go mbí teine phurgadóra loisgneach, ní bhí soillse
innte, do réir Ghreaghóir, mar a n-abair, concremationem habet
et non lucem “bí comhlosgadh innte agus ní bhí solus.”



An naomhadh goin.



Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh a
chuirp san uaigh. An chéid-cheist díobh, créad an biadh nó an
deoch bhíos aige san uaigh? Truagh sin, adeir an marbh: infixus
sum in limo profundi, et non est substantia “atáim ceangailte i
láib an ghrinnill, agus ní fhuil forus ann.” Dá chor i gcéill
go raibhe múchta i n-úir na talmhan fá mhuir mhailísigh an
tsaoghail se, agus dá réir sin nach bí biadh ná deoch aige, acht é
i ngorta ghnáth ag seargadh agus ag feódhughadh, nó go dtuiteann
'na luaithreadh as a chéile, an mhéid nach creimid na crumha agus
na ciaróga dhe.


L. 132


An dara ceist chuirthear air, do thaoibh a theangadh, mar atá, an
mbíd labhartha líomhtha nó acfuinn uraghaill innte? Truagh sin,
adeir an marbh: adhaesit lingus mea faucibus meis “atá mo theanga
i leanmhain dom brághaid, nó dom chuláiribh.” Dá chor i gcéill
go mbí a theanga féin gan lúth gan labhra i ndiaidh an bháis san
uaigh.



An treas ceist, cionnus bhíos radharc a shúl? Truagh sin, adeir
an marbh: dereliquit me virtus mea, et lumen oculorum meorum non
est mecum “do thréigeas mo bhríogh, agus ní fhuil solus mo
dhearc agam.” Dá chor i gcéill go rabhadar na súile dall aige
san uaigh.



An ceathramhadh ceist, cionnus atá tadhall a lámh nó a chuirp?
nó an mbí agá nighe agus agá niamh-ghlanadh féin i bhfothraigibh
do bhláthaibh maoth-áille an mhachaire? Truagh sin, adeir an
marbh, ag tagra go tuirseach doiligh ré Dia: super me confirmatus
est furor tuus, et omnes fluctus tuos induxisti super me “do
comhdhaingnigheadh dásacht t'fheirge oram, a Dhé, agus tugais
do thonna uile thoram.” Dá chor i gcéill gurab é fothragadh
do-gheibheadh, bheith múchta i gcriaidh, agus í ag trothlughadh
agus ag críonadh a chuirp.



An cúigeadh ceist, cionnus atá a chorp fá shaidhbhreas nó fá
shéadaibh saoghalta? nó an bhfuil sróll nó sigir nó purpuir nó
biosóir fána chneas san uaigh? nó an bhfuil ór nó ionnmhas 'na
sheilbh innte? Truagh sin, adeir an marbh: respice in me et
miserere mei, quia unicus et pauper sum ego “féach mé agus déana
truaighe umam, óir is mé an truaghán is aonaránaighe agus is boichte
ar bioth.”



An deachmhadh goin.



Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh a
chlú dá éis san tsaoghal. An chéid-cheist, cionnus atáid an
drong dhuit agá mbíodh onóir ort san tsaoghal? Truagh sin, ar an
marbh: omnes videntes me deriserunt me; locuti sunt labiis, et
moverunt caput “gach aon do-chíodh mé, do ghabhdaois ag
fochuidbheadh fúm; do labhradaois dá mbéalaibh agus do chroithdís
a gcinn oram.” Agus is uime sin adeir sé so, dá


L. 133


chasaoid, an dream do-bheireadh cion dó ré linn a bheatha, gurab
ag fochuidbheadh bhíd i ndiaidh a bháis.



An dara ceist, cionnus do-geibhthear ort an drong dobhíodh agat'
adhmoladh ar an saoghal, agus ag déanamh duan agus dréacht duit?
Truagh sin, ar an marbh: qui laudabant me, adversum me iurabant
“an dream dobhíodh agam' adhmoladh, do mhionnuigheadar im aghaidh.”
Ionann sin ré a rádh agus gur dhearbhuigheadar gurbh olc é.



An treas ceist, cionnus do-geibhthear ort an lucht tuillimh agus
tuarastail dobhíodh agat? Truagh sin, adeir an marbh: qui iuxta
me erant, de longe steterunt “an dream dobhíodh im fhochair, is
fada uaim sheasaid.” Dá chor i gcéill nach bí cuimhne ar
chumann aca dhó.



An ceathramhadh ceist, cionnus atáid duit na caraid ar a gcuirtheá
cumaoin? Truagh sin, adeir an marbh: amici mei et proximi mei
adversum me appropinquaverunt, et steterunt “mo charaid agus mo
chomharsain, do dhruidsead riom, agus do sheasuigheadar im
aghaidh.” Dá chor i gcéill nach bí cuimhne ar chumann ná ar
chommbáidh ag na cáirdibh go meinic ris an marbh, dá dhlúithe agus
dá dhíoghraisighe bhíd dó ré linn a bheatha.



An cúigeadh ceist, cionnus atáid do chlann ná do bhean phósta
dhuit? Truagh sin, adeir an marbh, ag éagcaoine ar Dhia ris féin:
longe fecisti notos meos a me; posuerunt me abominationem sibi “do
chuiris, a Dhé, (ar sé) mo dhaoine aitheanta i bhfad uaim, agus
atá gráin aca oram.” Dá chor i gcéill gurab annamh bhíos luadh
ná iomrádh ag mnaoi ná ag cloinn ar an duine ó dho-gheibh bás,
amhail dobhiadh gráin mhairbh aca air. Agus do réir a ndubhramar,
is follus go mbí an fhírinne ag an marbh, an tan adeir,
circumdederunt me mala quorum non est numerus “do lingeadar uilc
díoáirmhe im thimcheall.” Agus ó tharla gach guais ghráineamhail
díobh so i gcionn an mhairbh, dlighidh a bhean agus a chlann
agus a charaid truaighe do bheith aca dhó. Agus go háirithe is
córaide dhóibh sin do dhéanamh, go mbí an marbh féin agá nguidhe
do ghnáth, ag faisnéis an éigin 'na mbí féin, agá rádh réna
charaid, erue me


L. 134


a circumdantibus me “fóir mé óna neithibh atá agam' chor timcheall.”
Ionann sin ré a rádh agus a fhóirithin óna pianaibh bhíos ag cor
righneasa air gan a léigean go flaitheas Dé a purgadóir. Agus atá
Pól apstal ag foráileamh aneithe céadna ar na Críostaidhthibh i
gcoitchinne, mar a n-abair san treas caibidil déag gusna
hEabhraidhibh, mementote vinctorum tamquam simul vincti “bíodh
cuimhne agaibh ar na braighdibh, mar go mbiadh sibh féin
cuibhrighthe mar aon riú.” As na briathraibh se Phóil is
iontuigthe gurab maith ré Dia fuasgladh ar an druing bhíos
cuibhrighthe i bpríosún purgadóra. Agus is córaide don duine sin
do dhéanamh go mbí féin i nguais teagmhála san chuibhreach
chéadna, agus fós gurab ionann ainiarsma agus éagcomhlann theagmhas
dóibh leath ar leath, do bhríogh gurab do pheacadh Ádhaimh táinig
gach dochar dhóibh-sean, agus theigéamhas dá gach aon oile, mar
adubhramair thuas, per unum hominem peccatum intravit in mundum,
et reliqua.


L. 135


Trí Bior-ghaoithe an Bháis.



An treas leabhar.



AN CÉAD-ALT
'na dtráchtar ar na trí seachránaibh lér mealladh ughdair
dh'áirithe do leith na hanma. Agus cuirfeam san alt chéadna
síos cia an drong théid i bpurgadóir, agus créad fá ndéinid
éigheamh innte.



An chéad-ghoin.



De profundis clamavi ad te, Domine; Domine exaudi vocem meam,
Psalmo .129. “as na hionadhaibh doimhne do éigheas ort, a
Thighearna; a Thighearna, éist mo ghuth.” Léaghthar ag
S. Augustine san leabhar Ceast ro sgríobh ar Exodo, gurab mór
an chonntabhairt 'na mbí mórán do dhaoinibh do leith na hanma,
do bhríogh nach faicthear é san chorp, ná d'éis dealuighthe
ris an gcorp dhó. Agus táinig dhe sin go rabhadar trí seachráin
phrinnsiopálta nó shunnradhacha sna daoinibh i dtimcheall
tuigseana staide na hanma.



An dara goin.



An céid-sheachrán lé measaid nach bí an t-anam síordhaidhe. Agus
is ag aithfhriotal bhriathar na muinntire se atá aní léaghthar ag
Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair,
ex nihilo nati sumus, et post hoc erimus tanquam non fuerimus, ar
siad “atámaid-ne arnar mbreith do neimhfní, agus 'na dhiaidh so
beimíd mar nach rabhamar ann riamh.” Dá chor i gcéill, dar leó
féin, amhail do-rinneadh an t-anam do neimhfní, go gcuirthear
arís ar neimhfní é tar éis na beatha so. Adeir fós Dáibhídh Rí,
do réir bharamhla ní is gar do thuigsin an chomhráidh sin, mar


L. 136


a n-abair, vidi impium exaltatum, et reliqua “do-chonnarc an
t-éadtrócaireach arna ardughadh agus arna thógbháil ós crannaibh
céadruis Sléibhe Liobháin; agus do ghabhas thairis arís, agus
féach, ní raibhe sé ann; do iarras é agus ní fríoth a ionadh ann.”
Gidh eadh, ní headh is iontuigthe a briathraibh Dháibhídh, go
raibhe an t-anam somharbhtha, acht is eadh is fáth dhó, na
peacthaigh bhíos go hard i bhflaitheas agus i n-innmhe
shaoghalta, go dteilgthear ré fánaidh i n-ifreann iad go meinic,
agus nach bí gein ag gabháil a n-oighreachta dá n-éis ar an
saoghal, agus dá réir sin nach bíd i gcuimhne na ndaoine, go nach
bí iomrádh orra. Agus is córaide a mheas nach iontuigthe a
briathraibh Dáibhídh go mbiadh an t-anam somharbhtha aní adeir
Críost ag Matha san .25. caibidil, ag labhairt ar chrích na
bpeacthach agus na bhfíréan, ibunt hi in supplicium aeternum,
iusti autem in vitam aeternam “rachaid so (ag labhairt ar na
peacthachaibh) i bpéin shíordhaidhe, rachaid cheana na fíréin san
bheathaidh mharthanaigh.” As na briathraibh se Críost is
iontuigthe go mbí an t-anam síordhaidhe, mar a n-abair, madh
peacthach é, go mbí a phian go síordhaidhe, nó madh fíréan é, go
mbí a ghlóir go síordhaidhe. Óir ní héidir pian ná glóir na
hanma do bheith síordhaidhe gan an t-anam féin do bheith
síordhaidhe.



An treas goin.



An dara seachrán .i. a admháil go bhfuil an t-anam domharbhtha,
agus a shéanadh nach fuil purgadóir ann. Agus is é fáth fá séanaid
an drong leanas an seachrán so purgadóir, do bhríogh go dtuigid
as an aonmhadh caibidil déag in Eccle. ag Solamh, nach fuil ann
acht dá áit, i ndiaidh na beatha so, réna n-áitiughadh, mar atá
ifreann nó flaitheas Dé, agus dá réir sin nach fuil purgadóir ann.
Gidh eadh, is amhlaidh is iontuigthe an áit úd Solaimh, nach fuil
d'éis na beatha so ann acht dá áit réna n-áitiughadh go
síordhaidhe, mar atá ifreann íochtarach nó flaitheas Dé. Agus do
bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síordhaidhe purgadóir, ní
fhuil buain ag briathraibh Sholaimh ria, do bhríogh nach biaidh
aon-duine ag áitiughadh purgadóra ó ló na breithe amach.


L. 137


An ceathramhadh goin.



An treas seachrán .i. a rádh nach foghnann commaoine náid deigh-
ghníomha na ndaoine bhíos ar an saoghal dona marbhaibh. Agus is
uime adeirid sin, mar adeir Dáibhídh, ag labhairt ar Dhia,
reddet unicuique iuxta opera sua “roinnfidh ris gach n-aon do
réir a oibre féin.” Agus dar leó-san, dá réir sin, madh maith nó
madh saith oibreacha cáich, ní théid i sochar nó i ndochar do
dhruing oile; agus dá réir sin adeirid nach tabhair guidhe ná
maith-ghníomhartha na mbeó furtacht don druing bhíos i bpurgadóir.
Gidh eadh, is olc thuigthear briathra Dháibhídh leó. Óir ní abair
Dáibhídh san áit úd nach roinnfidh ris na daoinibh acht do réir
a ngníomh féin amháin, acht is eadh thuigeas, go gcaithfidh gach
aon glóir d'fhagháil do réir a dheigh-ghníomh, nó piana do réir
a pheacaidh, maille ré hé féin do thabhairt cúitighthe uaidh, nó
ris na daoinibh oile ar a shon. Óir an tan do-ní duine oile
cúitiughadh ar son an fhéichimh ris an éilightheóir, bí an féicheamh
saor óna fhiachaibh. Óir is ionann do dhuine é féin do dhéanamh
díolaidheachta, agus duine oile ar a shon, do réir mar adeir an
riaghail dlighidh san seiseadh leabhar qui facit per alium, perinde
est ac si per se ipsum faciat “an tí ghníomhuigheas maille ré duine
oile, is ionann dó agus é féin do dhéanamh an ghníomha.” Dá réir
sin, an drong bhíos i bpurgadóir, fuasgaltar iad do ghníomh a
gcarad, mar gomadh iad féin do-ghéanadh an gníomh. Agus atá
gnáthughadh laothamhail na heagailse somholta ag teacht leis so,
agus agá chor i ngníomh. Do réir a ndubhramar, is follus gur
bréagach na trí baramhla úd adubhramar. Agus is uime sin adeir
Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, de profundis clamavi ad te,
Domine, etc.



An cúigeadh goin. corrigenda.



Gidh eadh, féadtar a fhiafraighidh annso, cia an drong bhíos i
bpurgadóir? nó créad na hadhbhair fá mbíd innte? Atáid trí
hadhbhair fá mbíd na fíréin i bpurgadóir. An céad-adhbhar
dhíobh, tré phéin na bpeacadh marbhthach dhearmadtar 'na
bhfaoisidin. An dara hadhbhar, trés na peacaidhibh marbhthacha
chuirthear síos 'na bhfaoisidin, is nach roicheann leó lóir-
ghníomh do dhéanamh san tsaoghal so. An treas adhbhar tréna
bpeacadhaibh sologhtha. Agus is truime pian an chéad-adhbhair


L. 138


ioná pian an dara hadhbhair, madh ionann gné phéine dhóibh, agus
is truime pian an dara hadhbhair ioná pian an pheacaidh shologhtha.
Gidh eadh, ní feas dúinn créad an aimsear bhíos d'fhiachaibh ar
an anam bheith i bpurgadóir ar son gach peacaidh dhíobh, mar nach
feas dúinn créad é truime gach peacaidh dhíobh. Gidh eadh,
léaghthar ag Vincentius naomhtha, i seanmóir dh'áirithe, go
raibhe anam i bpurgadóir ar feadh bliadhna ar son aoin-pheacaidh
amháin shologhtha. Agus a thruaighe, a dhuine, tuig mar go raibhe
bliadhain phéine ar an anam úd i ndiaidh aoin-pheacaidh amháin
shologhtha, gurab iomdha bliadhain bhíos duine i bpéin i ngioll
ris an bpeacadh mharbhthach.



An seiseadh goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso créad fá ndéin an marbh éigheamh i
bpurgadóir. Mo fhreagra air sin go bhfuilid trí hadhbhair fá
ndéin sé éighmhe. An céad-adhbhar, tré mhéid a thinnis, do réir
mar adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, dolores inferni
circumdederunt me “do thimchealladar doilgheasa ifrinn mé.” Agus
tig S. Augustine leis so san .44. Seanmóir ro sgríobh gusna
bráithribh ar an bhfásach, mar a n-abair, clamant quotidie qui
iacent in tormentis, clamant, et pauci sunt qui respondeant, ululant
et non est qui consoletur eos, etc. “an dream atá 'na luighe i
bpianaibh, bíd ag éighmhe go laothamhail, ag éighmhe, agus is beag
bhíos ré freagra do thabhairt orra. Do-níd nuall-ghubha, agus
ní fhaghaid fear a gcomhfhurtuighthe ná meisnigh do chor ionnta.
Ó a bhráithreacha ionmhaine (do ráidh S. Augustine) is mór an
mhíothrócaire agus an chruadháil agus an neamhdhuineatacht dúinn,
mar bhíd go laothamhail ag éigheamh orainn an dream do fhulaing
dochar ar ar son ré linn a mbeatha, agus do chuir comaoin orainn,
agus anois nach cúram orainn lámh do thabhairt leó. Ó go fírinneach
is mór an neamhdhuineatacht é! Óir féach an t-easlán 'na luighe
agus é ag éighmhe, agus tigid leagha dá chomhfhurtacht. Agus an
tan sgréachas an mhuc, coimhrithid na muca oile agá fóirithin.
Agus an tan thuiteas an t-asal i dtuinn, lingid na daoine dá
gach leith go héasgaidh dá thógbháil. Gidh eadh, an tan bhíos
anam an fhíréin ag


L. 139


gul agus ag éighmhe i bpurgadóir, ní fhaghann fear a fhreagartha.
Féachaidh féin bhar míchinéal, a bhráithreacha ionmhaine.” Tuig, a
dhuine, as na briathraibh se S. Augustine, go mbí doilgheas mór
ar an druing bhíos i bpurgadóir, agus go mbíd ag éighmhe ar an
druing bhíos dá n-éis ar an saoghal, ag iarraidh cabhra orra.



An seachtmhadh goin.



An dara hadhbhar fá ndéin an marbh éighmhe, agá éagcaoine a ghéire
ghoineas agus ghalruigheas teine phéine purgadóra é. Óir adeir
S. Augustine san leabhar ro sgríobh don aithrighe fhírinnigh agus
bhréige, gurab iongantach géire an chéasta do-ní teine phurgadóra,
agus fós, nach éidir pian do bheith ar na corpaibh i dtalmhain is
coimmeas neimh agus géire ré goimh theineadh purgadóra. Agus ní
hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair Sebastian naomhtha go
bhfuil an uiread do bharr teasa ag teine phurgadóra ar theinidh
an tsaoghail se, agus atá ag teine an tsaoghail ar theinidh
bhíos dealbhtha ar pháipéar nó ar mhaide.



An t-ochtmhadh goin.



An treas adhbhar fá n-éigheann an marbh i bpurgadóir, tré mhéad
an fhuinn bhíos air ré fagháil na glóire bhíos d'easbaidh air
an tan soin. Agus is ag cur fhoiréigin an fhuinn sé i gcéill atá
aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, sicut cervus ad fontes
aquaram, ita desiderat anima mea ad te, Deus “amhail bhíos an
fiadh ag triall d'ionnsaighidh na dtobar bhfíor-uisge ar
mhéad a fhuinn dóibh, is mar sin bhíos mian ar mh'anam-sa ré
triall chugat, a Dhé.” Dá chor i gcéill, amhail bhíos do mhian
ar an bhfiadh dol d'fhagháil fhionnfhuaraidh gus na srothaibh,
ar mbeith dhó lán do theasbhach d'éis a shaothair, gurab mar
sin don anam bhíos lán do theasbhach ó theinidh phurgadóra, go
mbí lán d'fhonn ré triall go flaitheas Dé d'fhagháil
fhionnfhuaraidh na glóire. Agus is móide is inmheasta méad an
fhuinn se do phéin, aní léaghthar ag S. Augustine san treas
caibidil in Enchiridio, mar a n-abair, o quanta poena est
privari civitate et regno Dei “ó créad é a mhéad do phéin bheith
i


L. 140


n-éagmais cathrach agus ríoghachta Dé.” Dá chor i gcéill nach
feas créad an phian is ionchuir i gcoimmeas ré bheith i
n-éagmais na glóire suthaine. Agus is uime sin adeir
Chrysostomus san .27. Homilia, multi gehennam tantum formidant,
ego autem illius gloriae privationem multo graviorem gehenna esse
dico “bíd mórán do dhaoinibh agá mbí eagla na péine ifreannda
amháin orra; gidh eadh, adeirim-se gurab truime do phéin easbaidh
na glóire úd ioná an teine ifreannda.” Is iontuigthe as na trí
hadhbharaibh se gurab neimhiongnadh an t-anam bhíos i bpurgadóir
d'éighmhe ar an druing bhíos ar an saoghal so, ag iarraidh cabhra
agus furtachta orra.



AN DARA HALT
'na bhfiafraighthear cia an dream ar a n-éighmhid na hanaim
bhíos i bpurgadóir.



An chéad-ghoin.



Atáid sé dronga ar a n-éighmhid na mairbh. Ar dtús, éighmhid
siad ar Dhia, agá rádh, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, educ
de carcere animam meam “treóruigh as an gcarcair mh'anam féin.”
Gidh eadh, tuig, a dhuine, go bhfuilid dá charcair ag Dia, mar
atá carcair fá chomhair na ndaoine ndamanta bhíos gan dáil
chabhra 'na gcionn, agus carcair oile fá chomhair na druinge
bhíos i ngioll ré díol na bhfiach bhíos orra. Is ar an gcéad-
charcair se labhras Iob san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair,
ag labhairt ar an tí théid i n-ifreann íochtarach, qui
descenderit ad inferos non ascendet, nec revertetur ultra in
domum suam “an tí rachas síos, ní ragha suas, agus ní mó fhillfeas
'na theach féin.” Dá chor i gcéill nach bí furtacht ná fuasgladh
i gcionn an tí chuirthear i gcarcair ifrinn íochtaraigh, do réir
mar do cruthuigheadh linn san seachtmhadh caibidil déag d'Eochair-
sgéith an Aifrinn. Agus is ar an dara carcair labhras Isaias san
.24. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing ar a mbí
saor-bhroid phurgadóra, claudentur in carcere,


L. 141


et post multos dies visitabuntur “iadhfaidhear i gcarcair iad,
agus tar éis iomad laitheadh rachtar dá bhfios.” Dá chor i
gcéill, an dream bhíos i bpurgadóir, go mbíd i n-áirithe a
bhfuasgailte lá éigin. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
ar dháileamh Pharao san .40. caibidil in Genesi, mar do
cuireadh i bpríosún é, agus mar do sgaoil Pharao amach 'na
dhiaidh sin é, agus mar thug a chion féin arís dó. Mar an
gcéadna do-ní Dia réna fhíréanchaibh: cuiridh i bpríosún
purgadóra iad, agus fóiridh as arís iad i gcionn aimsire, ar
gcríochnughadh a bpéine.



An dara goin.



Is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar ar Ionas san
dara caibidil, mar dobhí ag éighmhe ar Dhia, ar mbeith dhó i
mbroinn an mhíl mhóir, agus maille ris sin gur fóireadh as é.
Mar an gcéadna don fhíréan bhíos i mbroinn na carcrach úd
purgadóra, ré mbeith ag éighmhe ar Dhia, go sgaoiltear aiste é,
an mhéid go ndéin Dia gléas réna fhuasgladh. Agus is i
bpearsanaibh na marbh so labhraid na Machabaei, san cheathramhadh
caibidil don chéid-leabhar dá Leabhraibh, mar a n-abraid, nunc
clamemus in caelum, et miserebitur nostri Deus noster “déanam
éighmhe anois go neamh, agus do-ghéana ar nDia féin truaighe
dhúinn.” Agus is eadh adeirid, an tan éighmhid:



Pater de caelis, Deus, miserere nobis “a Athair do neamh, a Dhé,
déana trocaire orainn.” Fili, Redemptor mundi, Deus, miserere
nobis “a Mheic, a Fhuasluightheóir an domhain, a Dhé, déana
trócaire orainn.” Spiritus Sancte, Deus, miserere nobis “a
Spioraid Naoimh, a Dhé, déana trócaire orainn.” Tuig, a dhuine,
go dtig dona héighmhe laothamhla so do-níd na mairbh i
bpurgadóir, croidhe Dé do thoidheacht orra, ionnus go ngríosann
sé na fíréin dá bhfuasgladh.



An treas goin.



An dara feacht éighmhid na mairbh, ar na naomhaibh atá i
bhflaitheas Dé, ag iarraidh furtachta orra. Agus is 'na fhioghair
so atá aní léaghthar san .40. caibidil in Genesi ar Ioseph.
Óir an tan dobhí dáileamh Pharao agá bhreith as an bpríosún,


L. 142


do ghuidh Ioseph é, agá iarraidh air labhairt ar a shon féin,
maille réna impidhe do chur ar an rígh fá shaor-dháil do
thabhairt dó. Mar an gcéadna go laothamhail do-níd na mairbh i
bpurgadóir ris na naomhaibh théid uatha go flaitheas Dé: bíd agá
nguidhe, agá iarraidh orra impidhe do chor ar a son. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar aní léaghthar san leadánaibh, mar a n-abraid
na mairbh, omnes sancti Dei, orate pro nobis “a uile naomha Dé,
guidhidh ar ar soin-ne.”



An ceathramhadh goin.



An treas drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na sagartaibh.
Oir bíodh a fhios agat, do réir S. Augustine san naomhadh
caibidil déag in Enchiridio, go dtugaid aifrinn na sagart furtacht
dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, mar a n-abair, negandum non
est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris
offertur “ní séanta go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh,
an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.” Gidh eadh,
mo thruaighe, atáid trí dronga do shagartaibh ar a mbí gearán
trom ag na marbhaibh bhíos i bpurgadóir.



An chéad-drong dhíobh, na sagairt ghlacas leagáid nó déirc tré
ghuidhe orra, agus léigeas tar ceal an ghuidhe sin, nó chuireas
dís nó triúr fá aon-aifreann amháin, an tan dobhiadh
d'fhiachaibh orra aifreann do rádh ar son gach aoin díobh.



An dara drong .i. na sagairt ghlacas déirc na marbh, agus téid i
bpeacadh mharbhthach do rádh an aifrinn, do bhríogh nach téid
aoin-ní dá ndéin sin i sochar don mharbh, acht substaint an
aifrinn amháin, an mhéid ghníomhuigheas sí uaithe féin. Óir do
réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, peccatores non
exaudit Deus “ní éisteann Dia ris na peacthachaibh.” Agus dá réir
sin measaim gurab leamh corrigenda éigcríonna don tí dobhiadh i
mbroid ag rígh nó ag prionnsa, meirleach ré mbeith easgcáirdeas an
ríogh nó an phrionnsa do chur uaidh d'iarraidh maithmheachais ar
an bprionnsa. Óir dobudh dócha dhó barr broide do chur air ioná
saor-dháil ar bioth d'fhagháil. Mar an gcéadna don ní thuas do
réir Lyra agus Greaghóir naomhtha. Gidh eadh, más


L. 143


maith leat cúram do chur ar neach um Dhia do ghuidhe ar do shon,
déana dícheall ar do chommaoin do chur ar an tí is ionnraice
do-ghéabhair, ó's é is mó éistfeas Dia ar do shon, fá mar adeir
Cassianus, super Psalmum .16. Exaudi Domine: ipsius est oratio
perfecta, cuius et causa clamat, et lingua et actus et sermo et
cogitatio “ag so an tí agá mbeith a urnaighthe iomlán, an tí agá
mbia a chúis ag éighmhe, agus a theanga agus a ghníomh agus a
chomhrádh agus a bheatha agus a smuaineadh.” Dá chor i gcéill
gurab í urnaighthe bhíos tarbhach an urnaighthe do-ní an fíréan
ar ní iniarrata. Tig Greaghóir leis aní céadna in Past.: talis
requirendus est ad orandum, qui sit idoneus ad placandum; quia, cum
is qui displicet ad intercedendum mittitur, irati animus ad deteriora
provocatur 'a shamhail sin is iniarrtha ré guidhe, bhus
iomchubhaidh ré sásadh. Óir an tí chuirthear ré headarghuidhe do
dhéanamh, bhíos míothaitneamhach, gríosaidh intinn an fheargaigh
lé nísa mhó do dhíbhfeirg do dhéanamh ar an tí ar a ndéantar
an ghuidhe.” As so is iontuigthe gurab éigeantach don tsagart nó
don eadarghuidhtheóir bheith fíréanda ré Dia d'éisteacht réna
ghuidhe ar son duine oile. Gidh eadh, ní hionann sin agus dáil na
sácramainteadh, agá mbí bríogh ionnta féin, do réir S. Augustine
in libro 2o contra Epist. Par.: omnia sacramenta, cum obsunt
indigne tractantibus, prosunt tamen per eos digne sumentibus “an
tan is éadtarbhach tadhall na sácramainteadh don druing ghlacas
go neimhfhiúntach iad, is tarbhach don druing chaitheas go fiúntach
iad.” Dá chor i gcéill, tar a cheann gurab lochtach don tsagart
téid i bpeacadh mharbhthach do thadhall na sácramainteadh, gurab
tarbhach don druing téid dá gcaitheamh go hionnraic iad.



An treas drong do shagartaibh ar a ndéinid na mairbh casaoid, na
sagairt ghlacas suim airgid tré shuim aifreann do rádh, agus nach
abraid na haifrinn go hiomlán, nó chuireas ar ceal iad ar feadh
aimsire, nó chuireas cúram a ráitte ar shagartaibh sgaoilte uatha
féin, nó chuireas a chúram ar shagartaibh ar bioth oile, ar shuim
is lugha ioná an tsuim do ghlac sé féin ar son a ráitte. Agus cibé
sagart don druing se thuillfeas casaoid na marbh, is trom an
bhreath bheireas Greaghóir


L. 144


naomhtha air, do réir mar chuirthear síos ag Decre.13.4.2., mar
a n-abair, ultima voluntas defuncti modis omnibus observari debet;
qui autem secus faciunt, excommunicationem incurrunt “dleaghair toil
déidheanach an mhairbh do choimhéad ar gach aon-chor; gidh eadh,
an dream do-ní a chontrárdha sin, teagmhaid i gcoinneal-
bháthadh.” As so is iontuigthe gurab daor an dáil theagmhas dona
trí drongaibh úd do shagartaibh adubhramair, thuilleas éagcaoine
na marbh. Agus ní dona sagartaibh amháin is eagail daor-dháil na
breithe úd, acht fós dá gach aon oile thuilleas casaoid na marbh,
do réir mar chuirfeamaoid i gcéill annso síos.



An cúigeadh goin.



An ceathramhadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na
hoighreadhaibh fhágbhaid dá n-éis, do-bheir faill 'na
bhfurtacht. Agus is eadh adeirid riú, aní léaghthar ag Iob san
naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini
mei, saltem vos, amici mei, quia manus Domini tetigit me “déanaidh
trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a lucht is caraid
damh, óir do bhean lámh an Tighearna riom.” As na briathraibh se
is iontuigthe gurab corrigenda mór an tsúil bhíos ag na
marbhaibh ré furtacht a gcarad agus na druinge ar a gcuirid
commaoin, agus go háirithe an drong agá bhfágbhaid a mbeatha tar
a n-éis, mar atáid na hoighreadha. Agus fa-ríor, féadtar a rádh
ré druing dhíobh so chailleas ar an marbh chuireas commaoin orra,
aní adeir Dáibhídh Rí san .77. Salm ag labhairt go fáthach ar an
druing úd, et obliti sunt benefactorum eius “agus tugadar i
ndearmad a dhearlaicthe súd.” Dá chor i gcéill nach tugaid
cúitiughadh don mharbh i ndíol a ndearna do tharbha agus do
throimleas dóibh ré linn a bheatha. Agus is ar na hoighreadhaibh
do-ní faill fá fhuasgladh do thabhairt ar a sinnsearaibh atá an
marbh ag éagcaoine go truagh i Leabhar Iob, mar a n-abair, quare
persequimini me sicut Deus, et carnibus meis saturamini “créad as
a bhfuiltí agam' inghreim amhail Dia, agus sibh aga bhar sásughadh
dom fheólmhach?” Dá chor i gcéill, amhail nach fuasglann Dia a
purgadóir iad go déanamh díolaidheachta dhóibh féin nó do dhruing
oile ar a


L. 145


son, mar an gcéadna nach fuasglaid na hoighreadha úd, do-bheir
faill i nguidhe agus i ndéirc agus i ndeagh-oibreachaibh do
dhéanamh ar son a sinnsear, anmanna na sinnsear gcéadna a príosún
pheannaideach phurgadóra, tar ceann go mbíd féin go laothamhail
agá sásughadh féin go sádhail i ngioll ar na sealbhaibh saoghalta
fhágbhaid a n-aithreacha aca; agus do-níd na hoighreadha agá
bhfágbhaid sin seachmall i bhfurtacht do thabhairt dá
n-anmannaibh. Agus is maith do-bheir Seneca sin dá aire san
.123. Eip., mar a n-abair, quanta dementia, heredis sui res
procurare et sibi omnia negare “créad é a mhéad do bhaosradh do
neoch, neithe do sholáthar dá oighre, agus iad uile d'éimdheadh
air féin.” As so is iontuigthe gurab leamh éigcríonna an dream
do-ní cnuasach agus cruinniughadh ar mhaoinibh saoghalta, agus
bhíos ag fulang duaidh agus doghrainge, agus ag cur a n-anma
agus a gcuirp i nguais dá saothrughadh i gcomhair a n-oighreadh,
agus cheileas orra féin iad, agus gur meinic nach tugann an
t-oighre beannacht ar a anam, agus nach soicheann a lámh don
bhocht ar a shon. Agus fós is daor labhras Pól apstal ar na
hoighreadhaibh se san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil go
Timoteus, mar a n-abair, si quis suorum maxime domesticorum
curam non habet, fidem negavit et est infideli deterior “gidhbé
ar nach biaidh cúram a mhuinntire féin, go háirithe a lochta
éin-tighe, do shéan sé a chreideamh, agus is measa é ioná
ainchreidmheach.” Dá chor i gcéill, an dream do-bheir faill 'na
gcáirdibh, agus go háirithe 'na n-aithreachaibh, gan guidhe orra,
nach iontaobha iad, agus nach bí iocht ionnta; agus fós go meinic
nach éisteann Dia a nguidhe trés an ainiocht do-níd. Adeir
S. Augustine in Ho.de Divite, ideo rogans dives non exauditur
in tormentis, quia rogantem pauperem non exaudivit in terris “is
uime nach éistear ris an saidhbhir 'sna pianaibh, ar mbeith ag
guidhe dhó, do chionn nachar éist seisean ris an mbocht dá
ghuidhe ar talmhain.” Is follus a briathraibh an dlighidh chanónta
aní se ag Decre..2. p.causa .13. qu.2 clerici: Clerici vel
saeculares, qui oblationes parentum aut donatas aut testamento
relictas retinere praestiterint, aut id quod ipsi donaverint
ecclesiis vel monasteriis crediderint offerendum (sicut Sancta)


L. 146


(Synodus constituit) vel ut necatores pauperum, quousque reddant,
ab ecclesiis exludantur “cibé cliar nó daoine saoghalta chuireas
rompa leagáide nó tabhartais, nó aní fhágthar lé tiomna, nó aní
bhronntar don eaglais, nó do mhainistreachaibh, nó chuirthear ar
iocht druinge oile dá bhronnadh dhóibh (mar do orduigh an Naomh-
chomhairle), fuagarthar ón eaglais iad mar lucht dún-mharbhtha na
mbocht, go ndáilid na neithe adubhramar.” As so is iontuigthe
gurab trom an choir don druing nach déanann díolaidheacht i
leagáidibh agus i dtiodhlaicthibh na marbh fhágthar ar a n-iocht.



An seiseadh goin.



An cúigeadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na seiceadúiribh
nach díolann go cóir an leagáid fhágbhaid ré a tabhairt ar a
n-anmaibh. Agus fós, is iomdha modh ar a ndéinid faill. Óir bí
cuid díobh nach tabhair déirc ar chor ar bioth uatha, agus drong
oile nach tabhair acht cuid don déirc uatha, agus drong nach déin
acht droich-dhíol fiach, maille ré droich-earraidh do thabhairt
uatha. Óir dá bhfágbhadh an marbh buiséal cruithneachta ré a
thabhairt ar a anmain, ní thabhair an droich-sheiceadúir uaidh
acht cruithneacht chaoch nó gheinte, nó bhíos lán do chogal nó
do phiséan nó do shalchar oile. Ní thabhair i ndíol an leanna
uaidh acht súghán nó iair-lionn; nó ní thabhair i ndíol na caorach
uaidh acht an splíonach is measa don tréad; agus mar sin dó ris gach
ní oile. Agus bí dream oile dhíobh chuireas an leagáid ar cáirde,
agus nach díolann í do láthair, do réir thoile an mhairbh. Gidh
eadh, is daor an bhreath bheireas an dlighe canónta ar na ceithre
drongaibh se do réir mar léaghthar san .95. Canóin do Chomhairle
Choitchinn na Carthago, mar a n-abarthar, qui oblationes
defunctorum aut negant ecclesiis aut cum difficultate reddunt,
tanquam egentium necatores excommunicentur “an dream shéanas ar
an eaglais offrála nó tiodhlaicthe na marbh, nó réna deacair a
dtabhairt uatha, déantar a gcoinneal-bháthadh mar lucht dún-
mharbhtha na druinge bhíos easbadhach.” As na briathraibh se is
iontuigthe gurab díol coinneal-bháitte agus malluighthe an dream
chailleas ar


L. 147


na marbhaibh ag congbháil a ndéirce nó a leagáide aca féin, gan a
tabhairt don eaglais nó do bhochtaibh. Dearbhthar aní céadna ag
Decre..13. q.2. circa oblationes, mar a n-abair, multum delinquunt
qui differunt exsequi mortis testamentum “is ciontach go mór an
dream chuireas ar cairde críochnughadh udhachta an bháis.” As so
is iontuigthe gurab saobh an dáil don druing do-ní moill gan udhacht
an mhairbh do choimhlíonadh. Léaghthar san áit chéadna ní thig
leis aní se, mar a n-abair, debita suffragia pro mortuis non
reddentes, fures sunt et excommunicandi “an drong nach dáileann
ar son na marbh na tiodhlaicthe dhleaghair dhíobh, is bithbhinigh
agus is díol coinneal-bháitte iad.” As na briathraibh se is
iontuigthe a mhéad do dhochar agus do dhamnadh don druing do-ní
moill ar thoil an mhairbh do choimhlíonadh; agus go háirithe i
ndíol gach déirce agus gach almsana fhágbhas ar a anmain ag
bochtaibh agus ag deibhléanaibh Dé. Agus is eagail don druing
mhíothrócairigh se go dteigéamhaidh dhóibh amhail tarla do
dhearbhráithribh Ioseph. Óir do dheónuigh Dia dhóibh teagmháil
i bpríosún Pharao san Éigipt, trés an ainiocht do-rónsad ar a
ndearbhráthair .i. Ioseph, an tan do fhuilngeadar a bheith
tarnocht san uaimh thalmhan, agus é ag éighmhe orra ag iarraidh
furtachta, agus nacharbh áil leó a fhóirithin, acht a thabhairt i
mbroid agus i ndaoirse d'allmharchaibh, do réir mar léaghthar
san .42. caibidil in Genesi. Agus ar dteagmháil dóibh-sean
i bpríosún Pharao is eadh adeirdís, amhail léaghthar san
chaibidil chéadna, merito haec patimur, quia peccavimus in fratrem
nostrum, videntes angustiam animae illius, dum deprecaretur nos, et
non audivimus “is maith an díol orainne na dochair se do theagmháil
dúinn, do bhríogh gur pheacuigheamar i n-aghaidh ar mbráthar,
ag faigsin an chumhgaigh anma 'na raibhe, an tan dobhí agar
nguidhe ag iarraidh anacail, agus nachar éisteamar ris.” Mar an
gcéadna adéaraid na seiceadúirí ainiochtacha chailleas ar a
gcommbráithribh Críostaidheadh fhágbhas cúram a n-anmann orra.
Biaidh siad ag iomaithbhear orra féin i n-antráth i n-ifreann
agá n-ilphianadh, agus iad ag reic agus ag faisnéis a n-ainiochta
féin, agá rádh, merito haec patimur, et reliqua, “is maith an díol
orainne bheith san daoirse se, agus nachar éisteamar rénar
gcommbráithribh


L. 148


Críostaidheadh an tan dobhádar ag éighmhe orainn.” Agus is ar na
marbhaibh se go fáthach labhras Dáibhídh san .87. Salm, mar a
n-abair, sicut vulnerati dormientes in sepulcris, quorum non est
memor amplius “amhail chréachtacha 'na gcodladh 'na bhfuar-
fhalchaibh ar nach bí cuimhne ó shin amach.” Dá chor i gcéill
nach bí an beó go meinic cuimhneach ar an marbh do chuir cumaoin
ré linn a bheatha féin air. Gidh eadh, a dhuine, tuig as an
tsompla thuas, gur beitte dhuit bheith cúramach friochnamhach
timcheall anma an mhairbh chuireas ar th'iocht é. Óir an drong
do-ní feall nó ainiocht ar na marbhaibh, is daor labhras Solamh
orra san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a
n-abair, et erunt post haec discedentes sine honore et in
contumelia inter mortuos in perpetuum “beid 'na dhiaidh so ag
imtheacht gan onóir agus go n-aithis idir na marbhaibh go
síordhaidhe.” Dá chor i gcéill, an dream do-ní an
t-athmharbhadh gráineamhail úd ar na marbhaibh, gurab meinic
theagmhas dóibh gráin do bheith ag Dia agus ag daoinibh orra ré
linn an bháis, agus a gcur ainn-séin go masla agus go n-easonóir
mhóir i n-aigian ifrinn dá n-ilphianadh go síordhaidhe.



An seachtmhadh goin.



An seiseadh drong ar a n-éighid na mairbh .i. ar na Críostaidhthibh
i gcoitchinne. Agus is iad na mairbh do-ní na héighmhe se, na
mairbh dhíocháirdeacha atá i bpurgadóir, ris nach ráinig a
gcommaoin do chur ar an druing oile, agus ag nach bí caraid
speisialta ar bioth do ghuidhfeadh orra. Agus is i bhfioghair an
mhairbh dhíocháirdigh se atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil
ag Eóin, mar do shlánuigh Críost an parailiseach dobhí coimh-
díocháirdeach soin nach fuair ar feadh .38. mbliadhan aoin-
neach do chuirfeadh a lámh faoi dá chur san tobar shláin-íce.
Agus is ag éagcaoine an díocháirdeasa soin adubhairt ré Críost,
Domine, hominem non habeo “a Thighearna, ní fhuil duine agam
do-bhéaradh lámh liom.” Mar an gcéadna adeir an marbh
díocháirdeach do ghníomh, nach bí neach ag tabhairt láimhe leis
féin. Agus is ar an anam so labhras Ieremias san chéad-chaibidil
do Leabhar na


L. 149


hEólchaire, mar a n-abair, non est qui consoletur eum ex omnibus
caris eius “ní fhuil neach dá uile cháirdibh do-bhéaradh
comhfhurtacht dó.” Dá chor i gcéill go dtabhraid na daoine i
ndearmad fuaslagadh ar a gcáirdibh Críostaidheadh bhíos i
ngéibheann péine purgadóra. Gidh eadh, tug Críost féin dá aire
leigheas do dhéanamh ar an mbocht ndíocháirdeach úd dobhí i
bpairilis. Mar an gcéadna dhligheas an Críostaidhe fíréanta
leigheas agus furtacht do thabhairt don mharbh dhíocháirdeach atá
i bpairilis péine purgadóra. Agus measaim gurab somholta an
gnáthughadh do-níd drong do dhaoinibh diadha déarcacha,
ghnáthuigheas commaoin speisialta do chur ar na cáirdibh bhíos
uatha féin i bpurgadóir, agus commaoin choitcheann ar na marbhaibh
oile díocháirdeacha bhíos ann. Agus mar go n-abair Dia gurab
cóir lámh do thabhairt fán asal bhíos ar lár, dá thógbháil, amhail
léaghthar san .22. caibidil in Deuteronomio, is mó sa chách
dhleaghair lámh do thabhairt fán marbh ndiócháirdeach
bhíos i bpurgadóir, dá fhóirithin as. Agus is córaide dona
daoinibh i gcoitchinne truaighe do bheith aca don mharbh
dhiócháirdeach úd, a fhoiréignighe éigheas sé orra ag
ceisneamh agus ag casaoid a dhoilgheasa agus a dhochair féin, do
réir mar léaghthar ag Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar
na hEólchaire, mar a n-abair, O vos omnes qui transitis per
viam, attendite, et videte si est dolor sicut dolor meus “sibhse,
a uile dhaoine thriallas san tslighidh, tabhraidh dábhar
n-aire agus féachaidh an bhfuil doilgheas mar mo dhoilgheas-sa!” Dá
chor i gcéill nach fuil pian ar bioth is coimmeas do phéin an
mhairbh i bpurgadóir. Meas mar an gcéadna, a dhuine, nach
éigcneasta commaoin do chur ar mhac ríogh dobhiadh ar leattrom,
do bhríogh gomadh cosmhail do mhac an ríogh cúitiughadh do
thabhairt san gcommaoin do cuirfidhe air, an tan do roichfeadh 'na
fhlaitheas féin. Mar an gcéadna ní héigcneasta commaoin do chur
ar an marbh bhíos i ndaoirse phurgadóra, do bhríogh gurab mac
Ríogh ro-uasail é, fá mar adeir an scrioptúir, filii Dei nominamur
et sumus “goirthear clann Dé dhínn, agus is clann dó sinn;”
agus gurab cosmhail dó, an tan roicheas 'na fhlaitheas féin .i. go
flaitheas Dé, cúitiughadh do thabhairt don druing chuireas a
gcommaoin air,


L. 150


ré linn bheith fá leattrom péine purgadóra dhó. Tig an file
Gaoidhealach leis so, mar a n-abair: -




Síol Ádhaimh, gion gur thréig tnúdh,
léig id ghrádhaibh ar a ngaol:
clann deit gach duine don tsíol,
is meic Ríogh uile gach aon.




AN TREAS ALT
'na gcuirthear i gcéill cá mhéad cinéal marbh atá ann.



An chéad-ghoin.



Tuig, a léaghthóir, go bhfuilid seacht gcinéil mharbh ann. An
céid-chinéal, mar atáid na hainchreidmhigh. Agus ní thiaghaid
maith-ghníomhartha na mbeó i sochar dhóibh so, d'easbaidh gan
an creideamh do bheith aca ré linn a mbeatha, óir do réir Phóil
san aonmhadh caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair,
sine fide impossibile est placere Deo “ní héidir toil Dé do
dhéanamh gan an creideamh.” Dá réir sin ní fhoghnann don eiritic
gníomh ar bioth dá ndéin ré flaitheas Dé do thuilleamh ná do thuar
an gcéin mhaireas, nó fós, más ann chríochnuigheas a laithe, ní
théid commaoine na mbeó i sochar ná i saor-dháil dó.



An dara goin.



An dara cinéal, na creidmhigh mhíghníomhacha. Agus ní théid
commaoin na mbeó i sochar dhóibh mar an gcéadna, ar mbeith
d'oirbhire Dé orra. Óir bí fíoch Dé ris gach n-aon choilleas a
reacht, do réir Sholaimh san .41. caibidil in Ecclo., mar a
n-abair, vae vobis impii, qui dereliquistis legem Altissimi
“monuar dhaoibh, a éadtrócaireacha, do thréig reacht an tí is
ro-airde.”



An treas goin.



An treas cinéal marbh, na naoidhin nach baistear. Agus ní théid
commaoine na mbeó i sochar dhóibh sin, do bhríogh go mbí


L. 151


fíoch Dé riú, do réir Phóil san dara caibidil go hEphesios, mar
a n-abair, omnes nascimur filii irae “geintear sinn uile 'nar
macaibh feirge.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí fearg Dé rinn
tré pheacadh an tsinnsir, nó go bhfaghthar linn dísle agus
tairiseacht do bhíthin an bhaistidhe, do bhríogh go rug Dia
breith dhamanta tré pheacadh an tsinnsir ar gach aon-duine nach
biadh arna aithbhreith a huisge an bhaistidhe. Agus is uime sin
adeir Greaghóir san aonmhadh leabhar déag do Leabhraibh na
nAirdhean, nequaquam misericordia parcentis liberat, quos semel
in locis poenalibus iustitia iudicantis damnat “ní shaorann
trócaire an tí ainceas (nó mhaitheas) an drong dhamnuigheas (nó
bhíos arna ndamnadh) aon-uair amháin sna hionadhaibh pianamhla,
do cheart an tí do-ní an breathnughadh.” As na briathraibh se is
iontuigthe nach saorann iocht ná eineach na mbeó an dream éagas rés
an mbaisteadh, agus téid i n-ifreann. Gonadh uime sin adeir
Ieremias san chúigeadh caibidil déag, ag labhairt go fáthach ar
an druing se, si steterit Moyses et Samuel coram me non erit anima
mea ad populum istum “dá seasuighe Maoise agus Samuel dom
láthair, ní thiocfaidh mh'anam ar an bpobal úd.” Dá chor i
gcéill dá mbeith Maoise agus Samuel, dobhí fíréanda foirbhthe
fáidheamhail, ag guidhe Dé go dúthrachtach ar son na naoidhean éagas
rés an mbaisteadh agus téid i n-ifreann, nach tiocfadh a chroidhe
orra, agus nach tiobhradh saor-dháil san bhioth ar impidhe na
bhfíor-naomh soin dóibh, tréna mbeith damanta a los pheacaidh
an tsinnsir.



An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh cinéal, na leinbh bhaistear. Agus ní fhuil
riachtanas aca ré commaoinibh na mbeó. Adeir S. Thomás ag
sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath,
“bíodh nach tabhair an t-aifreann éin-ní nua dona naoidheanaibh
éagas iarna mbaisteadh, thairis sin mar sholus dona beóaibh
dleaghair a rádh, ionnus gomadh cumhain leó dá bhíthin sin
luaighidheacht Chríost.” Óir an tan at-chíd aifreann agá rádh ar
an naoidhin éagas iarna baisteadh, agus


L. 152


gan í i ngeall nó i n-éigean a furtachta ná a fuasluigthe, ar
mbeith i seilbh na glóire (nár thuill sí léna gníomh féin) dí,
tuigid as sin gurab tré pháis Chríost agus tré shochar na
sácramainteadh do-gheibh an ghlóir sin, agus tig fás ar
fhoirbhtheacht agus ar fhíréantacht na ndaoine as sin, iar meas
chommaoineach Críost orra.



An cúigeadh goin.



An cúigeadh cinéal, na mairtírigh. Agus ní dhleaghair commaoine
na mbeó do bheith orra so ar mbeith i seilbh na glóire dhóibh.
Agus is uime sin adeir S. Augustine: iniuriam facit martyri qui
orat pro martyre “do-ní éagcóir ar an mairtíreach an tí ghuidheas
ar an mairtíreach.” Óir dobudh mór an éagcóir ar an mairtíreach a
chur i gconntabhairt sealbh na glóire do thuill sé do bheith
aige.



An seiseadh goin.



An seiseadh cinéal, na fíor-chráibhthigh chaomhnas agus
choimhéadas do shíor a n-iris agus a n-ionnracas. Agus ní bhí
riachtanas ré commaoinibh na mbeó aca, óir tré bheith gan tsal gan
teimheal, téid siad ar neamh gan fhuireach iar n-éag dhóibh.
Agus is dá chur sin i gcéill do taisbéanadh neamh do Stiabhna
naomhtha ré linn a chlochta, amhail léaghthar san seachtmhadh
caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; agus do taisbéanadh neamh
d'Eóin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil do Leabhar
na dTaidhbhreadh.



An seachtmhadh goin.



An seachtmhadh cinéal, na creidmhigh bhíos fíréanda go coimseach nó
go meadhónach, agus is iad so bhíos i n-éigean chommaoineadh na
mbeó, agus dá dtéid siad i sochar. An cinéal iomorra marbh so, ar
mbeith i bpurgadóir dhóibh, bíd i ngeall nó i n-éigean a
bhfuasluigthe ar mbeith i bpéin dóibh, agus féadtar a
bhfurtacht, do bhríogh nach bíd damanta go síordhaidhe. Agus
atáid trí hadhbhair fá dtéid na mairbh se i bpurgadóir, mar atáid
na peacaidh shologhtha, na peacaidh


L. 153


do-bheirid i ndearmad san bhfaoisidin, agus na peacaidh chuirid
san bhfaoisidin, is nach ráinig leó lóir-ghníomh do dhéanamh ré
linn a mbeatha, amhail adubhramair thuas. Agus goirthear naoimh
dona marbhaibh bhíos i bpurgadóir, ar mbeith deimhneach don
ghlóir shuthain dóibh.



AN CEATHRAMHADH HALT
'na gcuirthear i gcéill créad as a dtugthar furtacht leis an
mbeó don mharbh i bpurgadóir; agus na modha ar a bhféadtar
furtacht do thabhairt dó.



An chéad-ghoin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, créad as a dtugthar furtacht leis
an mbeó ar an marbh bhfíréanda bhíos i bpurgadóir. Mo fhreagra
ar an gceist se, gurab iomdha adhbhar fá ndligheann an beó furtacht
ar an marbh bhfíréanda. Ar dtús, is cneasta dhó an marbh do
chabhair trés an maith do-rinne an marbh dhó ré linn a bheatha.
Óir dlighidh gach maith a luaighidheacht.



An dara goin.



An dara hadhbhar, airleagadh an ghrádha. Óir amhail tug an tí is
marbh grádh agus commaoin ré linn a bheatha don tí fhágbhas dá éis
ar airleagadh, mar an gcéadna dlighidh an beó mhaireas an
t-airleagadh céadna do dhíol ris an marbh, maille ré grádh agus
ré commaoin do thabhairt dá chionn dó.



An treas goin.



An treas adhbhar, an t-éigean 'na mbí an marbh, do bhríogh nach
bí ar a chumas féin saor-dháil ar bioth do thabhairt dó féin, agus
nach fuil pian ar talmhain is coimmeas diachair agus doilgheas ris an
bpéin fhuilngeas; agus go mór-mhór tréna beith fad-dálach. Óir
an phian do chúiteóchadh neach ré haon-lá amháin ré linn a
bheatha, is éigean dó bliadhain do thabhairt i bpurgadóir agá
cúiteachadh. Agus is é so is iontuigthe a briathraibh Dé, san
cheathramhadh caibidil ag Ezech., mar a


L. 154


n-abair, fili hominis, diem pro anno dedi tibi “a mheic an duine,
do dháil mé lá mar bhliadhain duit.” Atá fioghair ar aní se
léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach
mar do cuireadh Clann Israel timcheall ar feadh .40. bliadhan
ar an bhfásach, san tslighidh do fhéadfadaois do chríochnughadh
ré .40. lá, do réir mar adeir Dia san áit chéadna, annus pro die
imputabitur “measfaidhear an bhliadhain ar son an laoi.” Dá chor
i gcéill go gcaithfeadh pobal Israel, i ndíoghail a n-uilc
féin, anmhain bliadhain ar an bhfásach i n-aghaidh gach laoi dá
raibhe d'fhiachaibh orra bheith ar an bhfásach. Agus do-rinne
Dia féin an díoghaltas soin do bhagar orra, amhail léaghthar san
chaibidil chéadna, mar a n-abair, quadraginta annis recipietis
iniquitates vestras, et scietis ultionem meam “ré .40. bliadhain
do-ghéabhthaoi bhar n-urchóid féin, agus biaidh fios mo
dhíoghaltais-se agaibh.” Mar an gcéadna go fáthach adeir ris
an druing ar a mbí sal na dtrí n-adhbhar thuas, amhail adubhramar.
Óir ní fhéadaid féin tuarastal do thuilleamh, ná saothrughadh
sochrach san bhioth do dhéanamh dhóibh féin d'éis a mbáis, do
réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, veniet nox
quando nemo potest operari “tiocfaidh an oidhche, an tan nach
féadfaidh aon oibriughadh.” Dá chor i gcéill, ó thig oidhche an
éaga, nach féadann an fíréan tuarastal do thuilleamh ná lóir-
ghníomh do dhéanamh ar a shon féin; agus uime sin, gach díol do-
bheir uaidh i bpurgadóir, ní lóir-ghníomh is ionráidh ris, acht
lór-fhulang. Gonadh ag cur aneithe sin i gcéill atá S. Augustine,
Liber de Decem Chordis: melior est modica amaritudo in faucibus quam
aeternum tormentum in visceribus “is fearr beagán searbhais sna
cúláiribh ioná pian shíordhaidhe sna drólannaibh.” Ionann sin ré a
rádh agus gurab usa do dhuine pian fhoirimeallach aimseardha do
bheith ar a chorp san saoghal so i bpeannaid na haithrighe, ioná
pian inmheadhónach na hanma do bheith air i bpurgadóir dá híoc
go haimhdheónach.



An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid commaoine na mbeó
i sochar speisialta don mharbh ar a gcuirthear í, agus i


L. 155


gcoitchinne dona marbhaibh oile bhíos i bpurgadóir. Agus is 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don
treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar thug Elias fá-deara ar
an mbaintreabhthaigh tuirtín fá luaith do dhéanamh dhó féin ar
dtús agus a mhuinntir ainn-séin do riar don mhin chéadna. Mar
an gcéadna téid commaoine na mbeó i sochar go sonnradhach don
mharbh ar a gcuirthear go cinnte an chumaoin, agus dá éis sin i
gcoitchinne dona marbhaibh oile fíréanda bhíos i bpurgadóir.



An cúigeadh goin.



An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go dtabhair Dia don bheó luach
na commaoine chuireas ar an marbh. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh,
oratio mea in sinu mea convertetur “tillfidhear mh'urnaighthe féin
im choim féin.” Dá chor i gcéill go bhfilleann Dia roinn do
shochar na guidhe do-ní an fíréan air féin, ré mbeith ag guidhe ar
an marbh dhó. Is é aní céadna mhaoidheas Críost ag Matha san
seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, in qua mensura mensi fueritis
remetietur vobis “cibé tomhas do-bhéarthaoi uaibh, an céadna
thomhaisfidhear dhaoibh.” Dá chor i gcéill an dream roinneas
cruadháil ris na marbhaibh, go roinnfidh féin cruadháil riú; agus an
dream roinneas cinéal riú, go roinnfidhear cinéal ríu-san mar an
gcéadna, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair,
beati misericordes, quoniam ipsi misericordiam consequentur “is
beannuighthe na trócairigh, óir greamóchaid siad-san trócaire.”
Gidh eadh, a chontrárdha sin tig don éadtrócaireach ainiochtach,
amhail adeir S. Séam san dara caibidil, iudicium sine misericordia
fiet illi qui non fecerit misericordiam “breitheamhnas gan trócaire
do-ghéantar ar an tí nach diongna trócaire.” A na briathraibh se is
iontuigthe go roinneann Dia lom ceirt ris an druing n-ainiochtaigh
sin chailleas ar na marbhaibh.



An seiseadh goin.



An seiseadh hadhbhar fá ndligheann an beó commaoine do chur ar an
marbh, do bhríogh go mbí an marbh ar neamh ag guidhe ar an tí
chuireas commaoine air, ré mbeith i bpurgadóir


L. 156


dhó, do réir S. Tomás san dara rann don dara cuid dá Dhiadhacht,
san aonmhadh airteagal déag don .82. Ceist. Agus go bhfios damh
dob oircheas do gach n-aon dícheall do dhéanamh ré hanmcháirdibh
naomhtha do bheith ar neamh aige, do-ghéanadh eadarghuidhe ar a
shon go Dia, d'fhagháil ghrás san tsaoghal so ré tuar agus ré
tuilleamh na glóire thall.



An seachtmhadh goin.



Tuig go bhfuilid cheithre modha ar a bhféadtar furtacht do
thabhairt dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, do réir mar
léaghthar ag Decre.13.qu.2. cap. Animae Sanctorum. An chéad-
mhodh, lé haifreannaibh, do réir S. Augustine san naomhadh caibidil
déag in Enchiridio, mar a n-abair, negandum non est defunctorum
animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris offertur “ní
beitte agá shéanadh go dtabharthar saor-dháil d'anmaibh na
marbh, an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.” Tig
S. Augustine arís ar aní gcéadna san .69. Eip. ad Aurelium,
mar a n-abair, oblationes pro animabus defunctis ipsos vere
aliquid adiuvare credendum est “is inchreitte go fírinneach go
dtugaid na leagáide dháiltear ar anmannaibh na marbh saor-dháil
éigin dóibh.” As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe go
mbí anam an mhairbh i ndiaidh an bháis i n-áit éigin 'na
bhféadtar saor-dháil do thabhairt dó, lé cuidiughadh na mbeó.
Agus is follus gurab é an t-ionadh soin purgadóir.



An t-ochtmhadh goin.



An dara modh, lé guidhe na bhfíréan, do réir S. Augustine san
.44. Seanmóir, mar a n-abair, ag labhairt réna chommbráithribh
Críostaidhe, ora pro defunctis, ut, dum fuerint in aeterna vita, pro
te orare non negligant “guidh arna marbhaibh, ionnus an tan bhiaid
san bheathaidh mharthanaigh nach tugdaois faill ar ghuidhe ar do
shon.” Tig Dionysius leis so san seachtmhadh caibidil in Eccle.
Hierar., mar a n-abair, quod autem iustorum preces etiam in vita
ista, et nedum post mortem, iis prosint qui digni sunt, Scripturae
nos edocet sacrosancta traditio “atá naoim-mbeóloideas


L. 157


an Scrioptúra gá theagasg dhúinne go dtéid guidhe na bhfíréan
san mbeathaidh se agus iar mbás i sochar don druing bhíos
fiúntach ré sochar na guidhe dá rochtain.” As so is iontuigthe nach
dona beóaibh amháin téid guidhe na bhfíréan i dtarbha, acht fós
dona marbhaibh, agus do réir a ndubhramair thuas, is iad sin na
mairbh bhíos i bpurgadóir.



An naomhadh goin.



An treas modh, lé déirc, do réir S. Augustine san .32. Seanmóir ro
sgríobh do bhriathraibh an Apstail, mar a n-abair, non est
negandum defunctorum animas pietate suorum viventium relevari, cum
pro illis eleemosynae in ecclesia fiant “ní beitte agá shéanadh go
dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh lé buidheacht a gcarad
mbeó, an tan do-níthear almsana san eaglais ar a son.” Tuig, a
dhuine, as na háitibh se S. Augustine, gur chreid sé go cinnte
purgadóir do bheith ann, 'na mbeidís anmanna na bhfíréan i
ngioll ré díol na bhfiach nachar dhíoladar féin ré linn a
mbeatha. Agus fágbhaim fá bhreathnughadh gach aon-duine agá
mbeith ciall fhalláin, cia is córa, teist an phríomh-ughdair
dhearbhtha S. Augustine - atá 'na iolar ós na héanaibh agus 'na
ghréin ós reannaibh nimhe, idir dhoctúiribh eagnaidhe na
heagailse, agus agá ndearnsad il-mhílte do dhoctúiribh eagnaidhe
fromhadh ar a oibreachaibh, agus dobhí naomhtha 'na bheathaidh,
agus dobhí fós leath as-toigh do cheithre céad bliadhain
d'aimsir na n-apstal - do chreideamhain, nó an bráthair bréige
Luitér, nó an canánach cealgach coinneal-bháitte Cailbhín, nó
gach millteach míorúnach oile dá leanann dá slighthibh saobha
seachránacha?



An deachmhadh goin.



An ceathramhadh modh, lé trosgadh; amhail léaghthar ag Decre.13.
qu.2.cap. Animae: ieiunia viventium sunt auxilia defunctorum “is
congnamh dona marbhaibh troisgthe na mbeó.” As so is iontuigthe
go dtéid troisgthe na mbeó i sochar dona marbhaibh. Adeir Petrus
Damianus san tseanmóir ro sgríobh d'Ord na Beatha, go raibhe
gnáthughadh san mainistir 'na


L. 158


mbíodh féin, an coimhthionól do throsgadh go Dia ar feadh seacht
lá ar son gach mairbh dá n-éagadh uatha. Gidh eadh, fa-ríor, is
faillítheach bhíd na daoine ar an aimsir se um fhóirithin ar na
marbhaibh. Agus mo thruaighe, dá bhfeastaois neimhneachas an
teasa bhíos i dteinidh phurgadóra, dobhiadh diommbáidh aca don
anam bhocht bhíos innte agá chéasadh.



An t-aonmhadh goin déag.



Is iontuigthe loisgnighe na teineadh úd as an sgéal léaghthar ag
Vincentius, san dara leabhar do Sgáthán na mBéas, mar a léaghthar
go raibhe abb i mainistir dh'áirithe agá raibhe mac dearbhráthar
dhó 'na choimhthionól mar aon ris. Dála an abbadh, an tan do
mhothuigh é féin ag drud ré deireadh a ré, do sholáthair an
abdhaine don mhac óg anarsaidh sin, dobudh mac dá dhearbhráthair,
tar a rabhadar do mhanchaibh críonna cian-aosta san gcoimhthionól.
Acht cheana, go grod 'na dhiaidh sin fuair an t-abb bás, agus do
ghabh an manach óg ceannas an choimhthionóil, agus lá dar éirigh
sé amach go grod 'na dhiaidh sin do shiubhal lubhghuirt na
mainistreach, agus ré dtriall dó láimh ris an dtobar dobhí san
lubhghort, do-chualaidh guth agus glór daonna go truagh tuirseach ag
iachtaigh agus ag éagcaoine san tobar. Agus leis sin do
fhiafruigh-sean cia dobhí ann. Do fhreagair an guth, agus
adubhairt: “Ó a mheic, ar sé, mise anam an abbadh.” “Créad an
riocht 'na bhfuile?” ar an manach óg. “Atáim, ar an t-anam,
agam' chéasadh annso i dteinidh phurgadóra, tré mar do thoghas
tusa it abbaidh tar mh'éis féin, tar na manchaibh oile budh sine
agus budh ineamhla ioná thú. Agus biaidh mé san phéin se nó go
bhfógra tusa an abdhaine uait, agus go dtí abb oile it ionadh ar
thogha an choimhthionóil.”
“Iongnadh liom, ar an macaomh, a rádh go ngoillfeadh teas ort, agus
tú i dtobar fhionnfhuar fhíor-uisge.” “Truagh sin, ar an
t-anam, éirigh don mhainistir, agus tabhair leat an cainnleóir
práis is tighe agus is truime dá bhfuil ann, agus cuir san tobar é,
agus do-chífir an t-oibriughadh do-ghéana an teas atá im
thimcheall-sa air.” Leis sin do-chuaidh an manach óg san
mainistir, agus tug an cainnleóir leis, agus do theilg san tobar é.
Agus ní luaithe


L. 159


dobhiadh meall ime agá leaghadh i gcoire fhiochdha ioná dobhí
an cainnleóir ag leaghadh san tobar. Agus mar do-chonnairc an
macaomh sin, do thuig gach ní dá ndubhairt an t-anam do bheith
fírinneach, agus do ghabh truaighe agus comhpáis dó é, agus do-
chuaidh mar a raibhe an coimhthionól, agus do innis an sgéal dóibh,
agus do fhógair an abdhaine uaidh. Agus táinig dhe sin an t-abb
d'fhóirithin as an bpéin 'na raibhe.



An dara goin déag.



Is follus as an sgéal so gurab adhbhal méad an teasa bhíos i
dteinidh phurgadóra, agus dá réir sin gurab mór an phian bhíos ar
na hanmaibh bhíos innte. Agus ó atá an t-amhgar so ar anam an
fhíréin i bpurgadóir, guidhim thú, a dhuine thrócairigh, déana
comhairle Sholaimh, do thabhairt fhuasgalta d'anam an mhairbh,
amhail theagaisgeas sé san seachtmhadh caibidil in Ecclo. mar a
bhforáileann déirc do thabhairt don bhocht, d'fhuasgladh an
mhairbh, an tan adeir, pauperi porrige manum tuam, ut proficiatur
propitiatio et benedictio tua, et mortuo non prohibeas gratiam
“soich do lámh don bhocht, ionnus go rachadh do bhuidheacht agus do
bheannacht i dtarbha, agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh
d'fhagháil don mharbh.” Créad is iontuigthe as na briathraibh se
Sholaimh, acht go ndleaghair don Chríostaidhe thrócaireach
furtacht agus fóirithin do thabhairt d'anam an mhairbh
fhíréanda bhíos i bpurgadóir, maille ré déirc agus ré deigh-
ghníomharthaibh do dhéanamh ar a shon? Agus is iontuigthe go
héigeantach as na briathraibh se Sholaimh purgadóir do bheith
ann, mar a n-abair gan toirmeasg do chur ar ghrásaibh
d'fhagháil don mharbh. Óir madh i bhflaitheas Dé bhíos, ní
féadtar na grása do dhealughadh ris, ná eisean do dhealughadh ris
na grásaibh, do réir Mhatha san .25. caibidil, mar a n-abair,
ag labhairt ar na marbhaibh fíréanda, ibunt hi in vitam aeternam
“rachaid so san bheathaidh shíordhaidhe.” Dá chor i gcéill, nach
éidir, ar ndol i bhflaitheas Dé dhóibh, grás ná glóir do
dhealughadh riú. Agus fós, ní bhíd i ngeall ghrás ná ghlóire
nuaidhe d'fhagháil ann, ar mbeith sásta dhóibh. Óir mar is
túsga théid an t-anam ar neamh, agus is léir dhó lonnradh an


L. 160


lóchrainn diadha, bí sásuighthe do ghlóir agus do ghrásaibh
d'fhagháil innte, do réir Dáibhídh san seiseadh Salm déag, mar a
n-abair, i bpearsain an mhairbh fhíréanda, satiabor cum
apparuerit gloria tua “sáiseóchar mé an tan bhus léir dhamh do
ghlóir-se.” Agus don leith oile, madh i n-ifreann bhíos, ní
bhia dáil ghrás 'na chionn, do réir Iob san seachtmhadh
caibidil mar a n-abair, qui descendit ad inferos, non ascendet,
nec revertetur ultra in domum suam “an té théid síos go hifreann,
ní racha suas, agus ó shoin amach ní thillfidh dá thoigh féin.”
Dá chor i gcéill, an dream théid i n-ifreann, nach bí dáil
ghrás 'na gcionn. As gach ní dá ndubhramar, is léir nach ar
neamh ná i n-ifreann bhíd na mairbh úd bhíos i ngioll ghrás
d'fhagháil, agus agá mbí súil réna bhfagháil, agus ar a
bhféadtar righneas do chur gan a bhfagháil. Agus ó nach ar
neamh ná i n-ifreann theagmhas dóibh bheith san riocht sin, is
i bpurgadóir bhíd. Nó abradh an t-eiretic cáit oile 'na mbíd.



AN CÚIGEADH HALT
'na bhfiafruighthear an ndleaghair udhacht an mhairbh do
choimhlíonadh ar gach aon-chor; nó an bhfuil d'fhiachaibh ar
an seiceadúir fá aimsir chinnte a choimhlíonadh; nó an dtéid an
righneas chuirthear ar an leagáid i ndochar don mharbh; nó cia an
dream ar nach rigthear a leas guidhe; nó créad as a ndéin an eaglais
offráil ar na marbhaibh i gcionn seachtmhaine agus i gcionn mhíosa
agus i gcionn bhliadhna.



An chéad-ghoin.



Féadtar a fhiafraighidh annso a ndleaghair go héigeantach udhacht
an mhairbh do choimhlíonadh ar gach aon-chor. Do-bheir
Richardus san .45. Distinct., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh
leabhar do Mhaighistir na mBreath, freagra ar an gceist se, agus
is eadh adeir, go ndleaghair, acht muna raibhe an t-udhacht
contrárdha do dhlighe na nádúire, nó do dhlighe Dé, nó do dhlighe
chille nó thuaithe, do réir mar léaghthar ag an dlighe, Extra de
Testa. (cap. Iudicantis): voluntas testatoris debet per omnia
adimpleri “dleaghair toil an


L. 161


tiomantóra do choimhlíonadh ar gach éin-ní.” Tuig gurab fíor so,
an tan bhíos an t-udhacht dlisteanach. Gidh eadh, iomorra, atáid
dronga ann nach féadann udhacht do dhéanamh.



An chéad-drong, daoine riaghalta; do bhríogh nach bí sealbh
shaoghalta aca, agus go mbí a dtoil ceangailte ar thoil a
n-uachtaráin.



An dara drong, amadáin; do bhríogh nach bí saoir-mheas na toile
ar a gcumas, lé bhféadfadaois bail nó caoi chneasta do chor ar
éin-ní.



An treas drong dá ngoirthear mic mhuinntire, ar nach déantar
lámh-sgaoileadh. Ionann sin ré a rádh agus na mic nach bí sgaoilte
ó lámh-smacht a n-aithreach. Óir an mhuinntear so, ní bhí éin-
ní ar a gcumas, agus ní fhéadaid udhacht do dhéanamh uime sin,
acht amháin muna dteagmhadh amhantar, dá ngoireann an dlighe
castrense, dhóibh.



An ceathramhadh cinéal nó drong, úsairidhe coitcheanna. Ní fhéadaid
an drong so udhacht do dhéanamh go dlisteanach, gan cuir agus
teannta do thabhairt uatha ré haiseag iomlán do thabhairt dá gach
rann ré a raibhe a malairt in gach breisdíol dár bheanadar-san
díobh, do bhríogh nach bí ceart san bhioth aca ré coimhéad an
bhreis-díola bheanaid amach.



Is iomdha fós fáth oile as nach dleaghair an t-udhacht do
choimhlíonadh, mar atá dá bhfágbhadh duine ré hudhacht ní nach
leis féin, ní móide ceart an tí agá bhfágbhann eisean dá fhágbháil
ré hudhacht aige. Óir dá bhfágbhadh Ó Laoghaire Leath Cuinn
ag Ó Chruimín, ní móide ceart Uí Chruimín ar Leith Cuinn sin.
Mar an gcéadna don ní thuas. Dá bhfágbhadh fós neach ré hudhacht
aní nach biadh aige, ní dhleaghair díol do dhéanamh ar a shon.



Dá bhfágbhadh mar an gcéadna neach a oighreacht ré hudhacht ag
neach oile seach a fágbháil agá oighre díleas, agus gan cúis
gcneasta aige réna chur ón oighreacht, ní dleaghair an t-udhacht
soin do choimhlíonadh, dá mbeith gurab ag an eaglais do fúigfidhe
an oighreacht. Gurab uime sin adeir ciste an chrábhaidh, agus
ainceóir na heagailse, agus biattach na mbocht agus na
mbaintreabhthach, furtuightheóir na bhfann agus díonathóir na
ndílleacht, agus leasuightheóir na locht, agus an


L. 162


buabhall briocht-ráitteach beannuighthe buadh-fhoclach, S.
Augustine, san seanmóir ro sgríobh do bheathaidh choitchinn na
gcléireach, quicunque exheredato filio heredem facit ecclesiam,
quaerat alium qui suscipiat, non Augustinum “cibé san bhioth, iar
gcur a mheic ó oighreacht, do-ní oighre don eaglais, iarradh neach
oile: ní hé Augustín ghlacfas.” As na briathraibh se is
iontuigthe nach cóir cion do bheith ar an udhacht do-ní neach tré
fheirg, nó tré fhuasaoid, nó tré anchroidhe, nó tré aon-adhbhar
aindlightheach, bíodh gurab ag an eaglais do fúigfidhe í.



An dara goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, an bhfuil d'fhiachaibh ar na
seiceadúiribh an tiomna nó an t-udhacht do chor i ngníomh do
láthair iar n-éag an tiomantóra? Do-bheir Richardus freagra ar
an gceist se, agus is eadh adeir: an tan chumas an t-udhachtóir
aimsir chinnte ré coimhlíonadh an tiomanta, nach bí d'fhiachaibh
ar an seiceadúir an t-udhacht do choimhlíonadh rés an aimsir
gcinnte chumas an t-udhachtóir féin, acht munab follus do lucht
a léir-mheasta go dtéid moill do chur air i ndochar don mharbh,
agus an tráth is léir sin, atá d'fhiachaibh ar an seiceadúir i
gcoguas a coimhlíonadh do láthair. Gidh eadh, do dhlighe ní
féadtar a choimhéigniughadh gus an aimsir ro cinneadh leis an
udhachtóir. Acht cheana, an tan nach cumann an t-udhachtóir aimsir
chinnte, agus bhíos ar chumas an tseiceadúra an tiomna do
choimhlíonadh go saor-dhálach, bí d'fhiachaibh air do láthair
a choimhlíonadh; do réir mar léaghthar ag Decre. ff. de Re. Iur.:
in omnibus in quibus dies non ponitur, praesenti die debetur “in
gach uile ní 'snach cuirthear lá, dleaghair an lá bhíos do láthair
aní.” Ionann sin ré a rádh agus gidhbé ní ghealltar, agus gan
cairde ná ceann cinnte aimsire do ghabháil ris an tí dá ngealltar
é, fásaidh ceart saní ghealltar don tí dá ndéantar an geallamh,
do láthair i ndiaidh an gheallaimh do dhéanamh. Agus dá réir sin,
an geallamh do-bheir an tiomantóir ar leagáid d'fhágbháil dá éis,
fásaidh ceart do láthair san leagáid ag an tí dá ngealltar í, iar
n-éag an tiomantóra. Agus adeir Glossa gur


L. 163


fíor aní se, go háirithe do leith na leagáide thiomaintear don
eaglais. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Decre.13. qu.2.cap.
Qui oblationes, agus san chaibidil 'na dhiaidh sin, mar a
léaghthar na briathra so, qui oblationes defunctorum retinent, et
illi qui ecclesiis tradere demorantur, ut infideles sunt ab ecclesia
abiiciendi “an dream chongbhas aisgeadha na marbh, agus an dream úd
do-ní moill ar a ndáil, is cóir a ruagadh as an eaglais mar
ainchreidmheacha.” Is iontuigthe as an áit se gurab turcachais
págánta don druing ar a bhfágbhaid na mairbh cúram leagáide réna
dáil don eaglais, agus do-ní faill 'na díol ria.



An treas goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, an dtéid an righneas chuirthear ar
dhíol na leagáide i ndochar don mharbh. Do-bheir Richardus
freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir, go dtéid, agus atáid
dá réasún chuige sin. An céad-réasún díobh, gurab luathaide
ghuidheas an eaglais ar an marbh, í do bheith ar nglacadh na
leagáide, tréna bheith d'fhiachaibh uirre a los na leagáide an
ghuidhe do dhéanamh. An dara réasún, do bhríogh nach fuil dá
luaithe díoltar an leagáid, nach luathaide sa chách do-gheibh an
marbh éadtromughadh ó phéin phurgadóra é. As gach ní dá
ndubhramair sna trí foicheastaibh sin thuas, is léir a luime do
locht, agus a aidhbhsighe d'urchóid, don druing léigeas díobh gan
udhacht an mhairbh do choimhlíonadh.



Agus is inmheasta sin as an sgéal léaghthar i n-imtheachtaibh
Shéarlais Mhóir. Ré dtriall iomorra do shluagh Shéarlais
trés an Navarr, do chathughadh ré Múrachaibh, dobhí ag gabháil
neirt ar an Spáinn go foiréigneach. Ré dtriall san turus soin
dóibh, tarla galar éaga do ridire dá raibhe ar an sluagh, agus ní
raibhe do mhaoin an tan soin dá chóir acht acht an t-each ar a
mbíodh ré linn a shláinte ag déanamh feadhma; agus do thiomain sé
don eaglais ar a anmain í, agus do fhágaibh ar láimh dhearbhráthar
dhó féin í, réna dáil don eaglais. Acht cheana, is eadh do-rinne
an dearbhráthair a congbháil aige féin. Gidh eadh, i gcionn .30.
lá táinig anam an ridire do labhairt ris agus dá iomcháineadh agus is
eadh adubhairt: “a fhionghalaigh, ar


L. 164


sé, is mór an feall do-rinnis orm-sa, mar gur fhágbhais .30. lá
i bpianaibh mé, do bhíthin mh'eich do chongbháil ón eaglais do
fhóirfeadh dá guidhe mé. Gidh eadh, i ndíol na feille do-rinnis
orm-sa, dáilfidh Dia thusa go hobann i láimh Luicifeir.” Agus
leis sin táinig díorma do dheamhnaibh dorrdha dubh-ghnúiseacha
dá fhuadach go haibéil i néallaibh nimhe a hamharc a tsluaigh.
Agus ré dtriall san chonair chéadna tar a n-ais dona sluaghaibh,
tarla corp an fhir chéadna ré druing dhíobh i gcionn dá lá
dhéag, agus é 'na ablach bhréan mhurguighthe mhíomhaiseach ar an
muigh ar a gcomhair, ag trothlughadh agus ag tuitim 'na bhloghaibh
as a chéile. As an sgéal so is iontuigthe go ndéin Dia díoghaltas
ar an druing do-ní seachmhall ar choimhlíonadh udhachta an
mhairbh.



An ceathramhadh goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, cia an dream ar nach rigthear a leas
guidhe, agus nach téid i bpurgadóir, acht thriallas do láthair
d'éis a mbáis ar neamh. Mo fhreagra go bhfuilid trí dronga
théid ar ball d'éis a mbáis ar neamh, mar atá an dream éagas do
láthair d'éis an bhaistidhe, na mairtírigh, agus na firéin
fhíor-chráibhtheacha. Is i bhfioghair na dtrí n-aicme se
atáid an triúr dar hosgladh neamh ar mbeith ar talmhan dóibh,
mar atá Críost iarna bhaisteadh, do réir Lúcáis san treas
caibidil; agus Stiabhna iarna chlochadh, do réir Lúcáis san
ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; agus Eóin, do
réir mar adeir sé féin san cheathramhadh caibidil do Leabhar na
dTaidhbhreadh, vidi et ecce ostium apertum in caelo “ad-chonnarc,
agus féach, dorus osluigthe ar neamh.” As an bhfioghair se is
iontuigthe, gach aon do-gheibh bás do láthair iarna bhaisteadh, nó
gach aon do-gheibh bás tré mhartradh, nó gach aon bhíos fíréanta
ionnraic, amhail dobhí Eóin Bruinne, go n-osgaltar do láthair
iar mbás dorus nimhe roimhe, agus nach téid i bpurgadóir. Gidh
eadh, an dream dá leanann sal na sein-chion, agus ar a mbí teimheal
truaillithe nó meirg míomhaiseach ó mhuirt na mímhéine ar a gcoguas,
nach ráinig leó do sgrios le sguaib sgiamh-ghloin sgoith-líomhtha an sgrúduighthe sgagtha


L. 165


dhlighid do dhéanamh orra féin tré pheannaid na bpeacadh do
maitheadh san bhfaoisidin, nó tré bhrón-chombrúdh dhóibh,
as nach ráinig leó lóir-ghníomh ná leasughadh do dhéanamh ré
linn a mbeatha, is éigean dóibh dul dá mbruithneadh i dteinidh
phurgadóra do nós an óir, go beith glan dóibh ria ndol ar neamh,
do bhríogh nach téid éin-ní cáidheach ar a mbí smál nó teimheal
ar neamh, do réir Eóin.



An cúigeadh goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso créad as a ndéin an eaglais
onóir agus offráil ar na marbhaibh se, i gcionn an seachtmhadh lá,
agus i gcionn mhíosa, agus i gcionn bhliadhna? Ar dtús is uime
do-níd i gcionn an seachtmhadh lá, ionnus go maithfidhe dhóibh
na huile pheacaidh do-rónsad ré linn a mbeatha, do-níthear do
sheacht laithibh na seachtmhaine, nó ionnus go maithfidhe
dhóibh na huile pheacaidh do-rónsad lé a gcorpaibh, bhíos arna
ndéanamh dona ceithre dúilibh, agus léna n-anmaibh agá mbíd
trí bríogha, mar atá toil agus tuigse agus meabhair. Is uime fós
do-níd an cuimhniughadh míosa, 'na mbíd na deich lá fá thrí,
ionnus go nglantaoi na mairbh ó gach teimheal dá mbí orra
tréna gciontaibh a los neamhchoimhéada chreidimh na Tríonóide,
agus tré shárughadh na deich n-aithneadh. Is uime mar an gcéadna
do-níthear an cuimhniughadh bliadhna, ionnus go rachadh an
marbh ó bhliadhnaibh an amhgair go bliadhnaibh na síordhaidheachta;
agus fós, i ndíol gach uilc agus gach anchaithimh
aimsire dá ndearnsad na mairbh i mbliadhain a mbeatha.
Féadtar iomorra bliadhain do thabhairt ar ré an duine. Óir
amhail bhíd cheithre ráithe san bhliadhain, atáid cheathra
cotcha i ré an duine, mar atá aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht,
agus seanórdhacht, fhreagras do cheithre ráithibh na bliadhna,
mar is follus do lucht a léir-mheasta. Gidh eadh, ní foláir don
tí do-ní an offráil nó an t-eineach so ar na marbhaibh, grádh
Dé agus na comharsan do bheith aige, agus é féin do bheith san
ghrádh. Óir ní ghabhann Dia asgaidh fhir an anchroidhe.
Agus is mar dhearbhadh ar na gnáthuighthibh agus ar na nósaibh
réamhráitte do bheith somholta adeir Ambrosius, Super Obitum


L. 166


Theodosii: die septimo ad sepulcrum redimus, qui dies symbolum
est futurae quietis “an seachtmhadh lá tiamaid gus an uaigh, lá
sin is aithghin don chomhnaidhe atá ar tí teachta.” Adeir fós S.
Augustine ní thig leis aní gcéadna, mar a n-abair, De Fide
Resurrectionis: alii tertium et tricesimum (diem obitus), alii
septimum et quadragesimum observare consueverunt; et utraque
observatio auctoritatem habet “fá gnáth, ar sé, lé druing iar mbás
an mhairbh, coimhéad do dhéanamh ar an treas lá agus ar an
dtríochadmhadh lá, drong oile ar an seachtmhadh agus ar an
gceathrachadmhadh lá, agus atá ughdarrás ag gach nós díobh so.” Is
iontuigthe as so gurab somholta sean-ghnáthughadh na heagailse,
mar a gcleachtar leó cuimhniughadh seachtmhaine agus cuimhniughadh
míosa agus cuimhniughadh bliadhna do dhéanamh ar anam an mhairbh.



AN SEISEADH HALT
'na gcuirthear i gcéill, créad fá gciorrbhann Dia ré dhruinge do
dhaoinibh óga, agus é ag léigean druinge oile go hearr a n-aoise,
agus na réasúin atá ris sin.



An chéad-ghoin.



An céad-adhbhar dhíobh, do bhríogh gurab í sin toil Dé.
Óir is iomdha ní do-ní Dia, nach áil leis daoine do dhéanamh
lorgaireachta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar i
mbeathaidh na n-aithreach ar Antonius naomhtha. Óir, ar
mbeith dhó ag lorgaireacht ar staidibh daoine oile, agus agá chor
i n-iongnadh créad as a gcuireadh Dia an cor so nó an cor
oile dhíobh, do-chualaidh an guth do neamh agá rádh ris, a
aire do thabhairt dó féin, agus gan bheith ag fiafraighidh ar
staidibh cáich.



An dara goin.



An dara hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na hóga as an
mbeathaidh se, ionnus nach rachdaois i n-olcaibh ó bheith i
gcaidreabh na ndroch-dhaoine. Agus is uime sin adeir Solamh,


L. 167


san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, ag labhairt
ar an ógán do-gheibh bás i n-ionnracus, raptus est ne malitia
mutaret intellectum eius “do fuaduigheadh é ionnus nach diongnadh
an mhailís a thuigse do chlaochlódh.”



An treas goin.



An treas adhbhar, ionnus an t-ógán agá mbí droch-fhuadar
faoi, nach fuighbheadh leath a ré, d'eagla go mbiadh nísa mheasa.
Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, viri sanguinum et dolosi non
dimidiabunt dies suos “an dream bhíos fuileach (nó do-ní dortadh
fola) agus bhíos cealgach, ní fhaghaid leath a laitheadh.” Dá
chor i gcéill, an dream agá mbí dúil i ndún-mharbhadh agus i
bhfeall agus i mbeartaibh gráineamhla oile, go gciorrbhann Dia
a laithe, ionnus nach beidís ag sír-dhéanamh uilc. Agus go bhfios
damh, is maith thig leis aní se an rann do-rinne file dh'áirithe,
mar a n-abair: -




Dá mbeith go bhfuighbheadh fear fill
seal dá ré 'na ré aoibhinn,
atáid cách dá chor i gcairt
nach gnáth a dhol gan díoghailt.




An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh hadhbhar, ionnus nach leandaois ainbhearta
a n-aithreach; do réir S. Augustine san treas ceist déag don
Leabhar Ceast ro sgríobh ar an sein-reacht, mar a n-abair,
infantes in Sodomis simul cum parentibus cremati sunt, ne diu
viventes exempla parentum consequerentur “do loisgeadh na
naoidhin i Sodoma mar aon réna dtuismhightheóiribh,
d'fhaitcheas, dá mairdís i bhfad, go leanfadaois sompladha a
sean agus a sinnsear.”



An cúigeadh goin.



An cúigeadh hadhbhar, tré pheacaidhibh na dtuismhightheóireadh.
Óir díoghlaidh Dia go meinic ar an saoghal so coirthe na
sinnsear ar an sliocht tig uatha, gus an treas glún nó an
ceathramhadh glún, do réir an bhagair do-ní sé féin, mar a


L. 168


n-abair san .20. caibidil in Exodo: Ego sum Dominus Deus tuus
fortis, zelotes, visitans iniquitatem patrum in filios, usque in
tertiam et quartam generationem “is mise do Thighearna, do Dhia
láidir féin, éadmhar, ag agra urchóide na n-aithreach ar an
gcloinn gus an treas glún nó an ceathramhadh glún.” Dá chor i
gcéill go dtiobhradh bás agus gearr-shaoghal go meinic do
chlann-mhaicne lochta an díomusa agus an dún-mharbhtha, an
anfhlaithis agus na héagcóra. Ionnus, dá threise agus dá thréine
bhíos an duine acfuinneach úd, gurab meinic nach bí mac ag gabháil
a oighreachta tar a éis. Gurab uime sin adeir file éigin an rann so
thig leis aní gcéadna: -




Ní bhí a chlann ó neach i neart
'gon tí bhus gann breath ar bhocht;
a ndéinid na haithre d'ulc,
don lucht as a haithle is olc.




An seiseadh goin.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d'uaislibh an oiléin se na
hÉireann, agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dá dtighthibh
onóracha, ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don
chur so; agus iad féin - an mhéid maireas dá n-iarmhar - i
moghsaine agus i mbochtacht, ag íoc uabhair agus aindlighidh, drúise
agus droich-bheart, fill agus fionghaile a sean agus a sinnsear.
Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn, aird-easpog
Thuama, an rann so: -




Fuilngidh Dia dúthaigh a sean,
tré anuabhar Mhac Míleadh,
críoch ainglidhe fá n-iadh tonn,
fá riar ainbhfine eachtronn.




Ag so mar thig leis aní se thuas an aislinge do-chonnairc
Adhamhnán, fear lán don Spiorad Naomh, do réir mar léaghthar
i Leabhar Leacaoin, vae, vae, vae, viris Hiberniae insolae
mandata Domini transgredientibus. Vae regibus et principibus, qui
non dirigunt sapientiam et veritatem, et diligunt iniquitatem. Vae
doctoribus qui non docent veritatem, et consentiunt vanitatibus


L. 169


imperfectorum. Vae meretricibus et peccatoribus, qui sicut foenum
et stipula concremabuntur “monuar, monuar, monuar,
d'áitightheóiribh oiléin na hÉireann, sháruigheas aitheanta an
Tighearna. Monuar dá ríoghaibh agus dá prionnsadhaibh, nach stiúrann
an eagna ná an fhírinne, agus ghrádhuigheas an urchóid. Monuar
dá doctúiribh, nach seólann an fhírinne, agus do-bheir comhaontaidh
ré díomhaoineasaibh na gciontach. Monuar dá meirdreachaibh
agus dá peacthachaibh, chomhloisgfidhear amhail fhéar
thirim nó barrach lín.” As an mbagar so do-rinne an t-aingeal
is iontuigthe gurab tuar díoghaltais ó Dhia ar na daoinibh feil-
bhearta gráineamhla do dhéanamh, agus go háirithe trí ghné
pheacaidh is gnáth lé Dia do dhíoghail ar an saoghal so, mar
atá dortadh fola lé feall, leattrom d'imirt ar an eaglais, agus
gnáthughadh an adhaltrannais.



An seachtmhadh goin.



Tuigthear fírinne aneithe se as aní léaghthar san dara caibidil
déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-rinne
Dia díoghaltas ar an adhaltrannaigh Bersabe: an mac rug sí
i n-adhaltrannas do Dháibhídh d'éag go grod i ndiaidh a
bheirthe, i n-íoc na coire do-rinneadar a thuismhidhtheóiridhe.
Is trés an nguais se do bheith ó Dhia i ndiaidh na bpeacadh so
adeir Pól go hiongantach san deachmhadh caibidil gus na
hEabhraidhibh, mar a n-abair, quam horrendum est incidere in
manus Dei viventis “créad é a mhéid d'uathbhás, teagmháil i
lámhaibh an Dé bheo!” Dá chor i gcéill gurab mór is ineagluighthe
dona peacthachaibh fearg Dé do thuilleamh, agus méad an chumais
atá ag Dia ar dhíoghaltas do dhéanamh orra. Uime sin atá
Greaghóir naomhtha ag teagasg na ndaoine san .13. Homil., ag
sgríobhadh ar an soisgéal darab tosach sint lumbi vestri praecinti,
mar a n-abair, nemo Dei longanimitatem negligat, quia tanto
districtiorem iustitiam in iudicio exigit, quanto longiorem ante
iudicium patientiam prorogavit “ná tugadh aon-duine faill i
bhfad-aradhnacht Dé, óir cion a bhfuil d'fhad-dáil 'na
fhoidhide ag cur a bhreitheamhnais ar cáirde, atá sé do chaoile
'na cheirt-bhreitheamhnas.” Gidh eadh, is eadh shaoilid an líne
nó an lucht comhaimsire


L. 170


atá againn, gur chuir Dia cloidheamh an inneachaidh 'na thruaill
taisgeadha, mar nach gabhaid rabhadh ón tsinnsear táinig romhainn,
ar a ndearna Dia díoghaltas tréna olcaibh féin, acht iad go
laothamhail lán d'aindícheall éigneach ag coill agus ag creachadh
a gcarad agus a gcomharsan, ag buain a n-ionnmhais agus a
n-óir-chiste tré chomhar-bháidh breitheamh mbreabóideach agus
charad gcleasach gcealg-rúnach dhíobh. Acht cheana, dar mo
chubhais, atá an Dia do-rinne an díoghaltas ar an sinnsear coimh-
díbhfeargach anois ré ceartughadh na gciontach tréna n-olcaibh
agus dobhí ré smacht do dhéanamh ar an sinnsear táinig romhainn.
Ar an adhbhar soin déanadh gach aon faire air féin, go nach
luighfeadh Dia lámh air. Óir ní tualaing tréan dá threise ar
talmhain neart nó neimh-fhíoch Dé do thurnamh ná do throim-
ísliughadh, an tan chuireas roimhe díoghaltas do dhéanamh.
Agus is uime sin fhiafruigheas Pól go hiongantach “créad é a
mhéid do dhochar teagmháil i lámhaibh an Dé bheó?”



An t-ochtmhadh goin.



Tuig, a dhuine, gur gnáthach ceachtar do cheithre hainiarsmaibh
urchóideacha ag toidheacht ar dhuine do thoisg an
adhaltrannais. An céad-ainiarsma dhíobh, bochtacht antoisgtheach,
chuireas duine as a chonách saoghalta, agus bháidheas
i n-ainfhiachaibh éadtarbhacha é. Agus is iomdha barraidhe
bogásach bladhmannach do breódh agus do buaileadh don sgiúirse
se rénar linn féin i nÉirinn, agar fhulaing Dia dhóibh tré
mhilleadh bhan bpósta dul tar bharr a ngealltadh.



An dara hainiarsma, teasgadh ainmheach ball. Óir is meinic
fhuilngeas Dia súil nó chos nó lámh do chaill don adhaltrach
i n-íoc an pheacaidh, agus mar rabhadh do dhaoinibh oile ré
bheith ar a gcoimhéad ar an gcoir gcéadna.



An treas anfhochain, bás obann gan aithrighe, mar atá a
losgadh i dteinidh, nó a bháthadh i n-uisge, nó a ghoin lé
harm, nó a n-ionnshamhla oile do bhásaibh aibéile obanna dá
bhreith.



An ceathramhadh hainiarsma, gan mac do bheith ag gabháil
a oighreachta. Agus muna mbeith eagla a easgcáirdeasa do
tharraing orainn, is iomdha comhartha follus cinnte do fhéadfamaois


L. 171


do thabhairt anuas, tarla rénar linn féin i nÉirinn ar
aní se, nach cuirfeam síos don chur so.



An naomhadh goin.



Acht cheana, mar rabhadh don léaghthóir, cuirfead síos
annso, acht ciodh leasg leam a luadh, beagán don druing rér
bhean (fa-ríor) dochar na dála so, ar mbeith gan mac ag gabháil
oighreachta ar aon díobh; mar atá Gearóid, Iarla Chille Dara;
Tomás Builtéar, Iarla Urmhumhan agus Osraighe; Domhnall Mhág
Carrthaigh, Iarla Bhéil-innse; Muiris Mac Gearailt, Tighearna
na nDéiseach; agus Rolont Iústás, Tighearna Chríche
Iústásach; Éamonn Mac Giobúin, dá ngairthí an Ridire Fionn;
agus an Calbhach Ó Cearbhaill, dá ngairthí Tighearna Éile.
Agus muna mbeith go raibhe an drong adubhart chomh-follus soin
ciontach san choir se go bhfuilid a ngníomha san ngné sin
i mbéalaibh cáich go coitcheann, do fhúigfinn iad mar gach
lucht oile gan labhairt orra. Gonadh uime sin do-rinne file
éigin an rann so: -




Gach rí colach do-ní drúis,
coir chuireas a shúil do niort;
is é an gníomh soin tar gach sgéal
cheileas a shéan is a shliocht.




An deachmhadh goin.



Is amhlaidh thuigim gurab i ndíoghaltas adhaltrannais
Ruaidhrí mhic Thoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair, ríogh
Connacht, agus adhaltrannais Dhiarmada Mhic Mhurchadha, ríogh
Laighean, do dheónuigh Dia Gaoidhil do dhealughadh ré
hard-fhlaitheas Éireann, agus Gaill do dhéanamh gabháltais orra.
Óir léaghthar ar Ruaidhrí Ua Chonchubhair nachar lór leis seisear
leannán do bheith aige gan a thoil féin do bheith aige ar gach
mnaoi 'na dhúthaigh 'na gcuirfeadh dúil, gémadh pósta nó
neamhphósta dobhiadh sí. Agus is follus do thaoibh Dhiarmada
Mheic Mhurchadha gurab tré mhnaoi Thighearnáin Uí Ruairc do
bhreith leis tarla gach dochar dá ndearnaidh sé dhó féin agus
d'Éirinn. Gá dtám ris, is iomdha flaitheas foirleathan, agus
ríogh-fhuil


L. 172


rathmhar ro-uasal do ruagadh go ro-aibéil trés an bpeacadh
so, mar is léir i leabhraibh irse agus annála na n-ard-fhlaitheadh
anall-ód.



An t-aonmhadh goin déag.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní tharla dona trí hard-fhlathaibh
se síos a los na coire se: Ag so a n-anmanna: Sardanapalus
rí na Persia, Rodericus rí na Spáinne, agus Vortigernus rí
na Breatan Móire. Is eadh tarla don chéid-fhear, caiptín dá
mhuinntir féin do bhuain a chinn de, ar mbeith dhó i measg
an bhantrachta i n-earradh mhná, agus é ag sníomh choigíle,
agus an líne ríoghamhail do dhul i mbáthadh do bhíthin an
mhíghníomha soin; nó do réir dhruinge oile é féin dá losgadh féin
agus a ionnmhasa mar aon ris i dtor dhaingean do hiadhadh lais
féin air.



Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil
do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, agus an t-iarla do
chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san
eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh ré mnaoi an iarla.
Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an
mhíghníomha soin, agus do-ní gearán agus éagnach ar an rígh ré
huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, agus do-rinne féin agus
iad féin ceangal ré chéile, agus do chogradar Múraigh do thabhairt
isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin
dóibh, téid an t-iarla tar a ais don Aiffric, agus tug sluagh
líonmhar Múrach leis don Spáinn dá gabháil, agus tug féin agus na
Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh
Rodericus agus urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na
Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do
dhruim an mhíghníomha soin. Agus ní tháinig lorg ná sliocht ar
Rodericus san Spáinn ó shoin.



Is eadh tarla don treas fear .i. Vortigernus, flaitheas na
Breatan Móire do leónadh réna linn, agus Saxanaigh do ghabháil
neirt uirre d'fhulang Dé, i ndíoghail na coire do-rinne an rí,
mar atá inghean Hengistus, caiptín Gearmáineach, do bheith 'na
leannán leaptha ar sgáth a beith pósta aige, do chongbháil tar
ceann a mhná pósta féin.


L. 173


An dara goin déag.



Is iomdha a shamhail oile so do sgéalaibh budh éidir do chur
síos annso, do sheachna na fad-dála fhúigfidhear linn don chur
so gan chur síos. Agus is truagh an doille agus an dorchadas
doiléir dásachtach, agus an dúire dhoitheagaisg don druing ad-chí
an ciorrbhadh cinidh, agus an folmhughadh flaithis, agus an
ruathar-chlódh ríogh-fhola, tig don mheasgán mhearbhaill úd dá
ngoirthear mear-ghrádh na meirdreach, agus nach déinid iad féin
d'anacal air. Ag so an teist do-bheir Hieronymus in Epist. ar
choir na drúise, o ignis infernalis luxuriae, cuius materia gula,
cuius flamma superbia, cuius scintilla prava colloquia, cuius fumus
infamia, cuius cinis inmunditia, cuius finis gehenna “ó a theine
ifreannda na drúise, darab adhbhar an craos, darab lasair an
díomas, darab drithleanna doibhriathra, darab deatach míochlú,
darab luaithreadh neamhghlaine, darab críoch an bhráith-theine!”
As so is iontuigthe créad é a mhéad do dhíoth do dhuine bheith
drúiseach, agus créad na dochair do-ní sí dhó.



An treas goin déag.



An seiseadh hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na daoine óga
leis leath as-toigh dá n-aois, do chionn nach fiú na daoine
bhíos beó tar a n-éis, na deagh-dhaoine do bheith eatorra. Do
réir mar adeir Pól, ag labhairt ar na hapstalaibh agus ar na
fíréanchaibh dá dtugadh bás i ndiaidh Chríost ar son a gcreidimh,
amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag gus na hEabhraidhibh,
mar a n-abair, quibus dignus non erat mundus “an dream nacharbh
fhiú an domhan a mbeith ann.” Dá chor i gcéill gur mhaith an
t-adhbhar fár fhulaing Dia martradh na n-apstal agus na
bhfíréan, do bhríogh nacharbh fhiú olc na druinge dobhí beó dá
n-éis iad féin do bheith eatorra. Ag so do réir Augustine,
De Vita Christiana, fáth oile fá mbeireann Dia daoine leis go
luath, mar a n-abair, vocantur ante tempus boni, ne diutius
vexentur a noxiis; mali vero et impii tolluntur, ne diutius bonos
persequantur “gairmthear ré n-aimsir na deagh-dhaoine, ionnus
nach beidís ní budh faide dá mbuaidhreadh ag na droch-dhaoinibh.
Beirthear iomorra na dodhaoine agus na héadtrócairigh, go nach


L. 174


beidís ní budh faide ag inghreim ar na deagh-dhaoinibh.”
Adeir Greaghóir naomhtha, ag teacht leis aní gcéadna so san
cheathramhadh leabhar dá Leabhraibh Comhagallmha, malitia
remanentium meretur ut hi qui prodesse poterant festine
subtrahantur “tuillidh mailís na druinge mhaireas, an dream do
rachadh i dtarbha do bhreith go grod uatha.” Bíodh a
fhiadhnaise sin ar mhórán do dhaoinibh iarras an saoghal go
haindlightheach ré a fhágbháil agá n-oighreadhaibh dá n-éis,
agus agá mbeireann Dia, i ndíoghaltas a n-aindlighidh, a
n-oighreadha uatha sul éagaid féin.



AN SEACHTMHADH HALT
'na bhfiafruighthear a ndleaghair bróin-fhleadh nó torramh do
dhéanamh, agus fós 'na gcuirthear i gceist an somholta dol i
sochraide na marbh dá n-adhnacal.



An chéad-ghoin.



Is dearbh gurab cóir bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh
ar na marbhaibh ré linn a mbáis, do réir S. Dinís, san ochtmhadh
caibidil ro sgríobh ar ard-fhlaitheas na heagailse, mar a
n-abair, convenienter adsint poenitentes exequiis mortuorum, ut
discant et attendant mortis contemptum “is cneasta dona
haithrigheachaibh bheith do láthair thorraimh na marbh, ionnus go
dtugdaois dá n-aire tár agus tarcaisne an bháis.”



An dara goin.



Tuigim mar an gcéadna gurab somholta dul i sochraide na
marbh dá n-adhnacal. Ar dtús, fá somholta idir Phágánchaibh
féin na mairbh d'onórughadh agus d'iomchar ré a n-adhnacal.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar Dionysius Halicarnassensis san
chúigeadh Leabhar, mar a léaghthar, an tan fuair an ridire
rathmhar ro-chródha, agus an caiptín cosgrach caith-iorghalach,
agus an baránta bríoghmhar beó-ghalach .i. Brutus bás, go
dtugadar uaisle na Rómhánach do mhodh agus d'onóir dhó,
ré linn a


L. 175


adhnaicthe, gan imreasan gan easaonta do thoidheacht eatorra,
acht gérbh iomdha a n-adhbhar fíocha agus fuasaoide; agus do
iomchradar ar a nguailnibh go honórach agus go gcaith-réim mhóir
an tseanaidh Rómhánaigh do bheith 'na dhiaidh go hionadh a
adhnaicthe é. Agus is é céad-duine agar fearadh a chluiche
caointe agus dá ndearnadh adhmoladh iar n-éag san Róimh é.
Agus is de sin táinig an cluiche caointe do bheith mar nós ar
feadh an domhain.



An treas goin.



Is eadh is cluiche caointe ann, gol-gháirthe guirte gáibhtheacha
agus eólchaire éagcuibhdheasach ainmheasardha do dhéanamh
dhóibh, maille ré stothadh a bhfolt agus a bhfionnfaidh, ré
sgríobadh agus ré sgrios a ndealbh, agus ré traost-bhualadh trom-
ainmheach a gcorp fá lár agus fá lán-talamh; agus fós áireamh agus
iomrádh a n-éacht agus a n-áitheas do dhéanamh; do réir mar is
iontuigthe a briathraibh Oisín san duain diagánaigh do-rinne,
darab tosach “Mór anocht mo chumhaidh féin,” mar a luaidheann bás
Osgair a mheic. Ag so síos na roinn as a dtuigthear créad is
cluiche caointe ann, i n-aimsir na bpágánach i nÉirinn: -




Sgreadais mac Rónáin annsoin,
agus tuitis go talmhain;
buailis fá lár a chorp chain,
tairrngis a fholt 's a fhionnfaidh.



Dobhínn ag féachain a chréacht,
agus ag áireamh a éacht;
fá mór an cás dúinn annsoin,
mar fuair bás fánar lámhaibh.




An ceathramhadh goin.



Léaghthar mar an gcéadna san seachtmhadh caibidil don
treas leabhar ag an ughdar darab ainm Alexander ab Alexandro
go ndearna an t-ard-fhlaith Alexander Mór an uiread soin
d'onóir ré linn adhnaicthe Hephaestion - duine uasal dobhí 'na
fhior chumainn aige féin - go dtug fá-deara múir na cathrach


L. 176


'na bhfuair bás d'fholach do bhrataibh dubha. Agus fós, níor
lór leis culaidh chumha do chor ar gach aon dá shluagh, acht
fá héigean dóibh uile a monga do bhearradh mar chuimhniughadh
onóra agus cumha i ndiaidh an fhir chumainn sin dobhí
aige féin. Agus moltar Alexander trés an ngníomh soin.



An cúigeadh goin.



Moltar mar an gcéadna Iulius Caesar, do réir mar léaghthar
ag Valerius san chúigeadh Leabhar, tré mar do loisg go honórach
ceann Phuimp an tan do chuir rí na hÉigipte chuige é. Óir
is é fá nós adhnaicthe dona Rómhánchaibh ar na himpiribh
agus ar na daoinibh móra dobhíodh aca, a gcuirp do losgadh,
agus caol-tuir chneas-aolta chloch, dá ngairthí pyramides, do
thógbháil ar áitibh na dteinteadh 'na loisgthí cuirp na
n-ard-fhlaitheadh. Agus is uime sin do-rinne Caesar, mar onóir do
Phuimp, a cheann do losgadh, do bhríogh gurab é sin gné
adhnaicthe is onóraighe dobhí idir na Rómhánchaibh an tan
soin.



An seiseadh goin.



Moltar fós, do réir na háite céadna, Hannibal codhnach
chathrach na Carthago san Aifric, tré mar do adhnaic sé, diaidh
i ndiaidh, na trí hard-chaiptíne do Rómhánchaibh dobhí na
náimhdibh aige .i. Paulus, Gracchus, agus Marcellus.



An seachtmhadh goin.



Léaghthar mar an gcéadna san dara caibidil don dara
leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a ndearna Dáibhídh Saul
do chaoineadh, agus do fhoráil ar an bpobal Iúdaidheach a
chaoineadh, agus fós mar do chuir síos do láthair an phobail a
cheannas feadhna agus a chródhacht agus a dhaonnacht agus a
mhaith-ghníomhartha ó shoin amach.



An t-ochtmhadh goin.



Is somholta fós an t-adhnacal do dhéanamh, do bhríogh go
n-áirmheann an eaglais idir na hoibreachaibh trócaire corpardha
é. Atá mar an gcéadna an scrioptúir agá mholadh, do réir mar


L. 177


léaghthar san dara caibidil déag do Leabhar Tobias, mar a
n-abair, quando sepeliebas mortuos, et derelinquebas prandium
tuum et mortuos abscondebas in domo tua, et noctis silentio
sepeliebas eos, ego obtuli orationem tuam Domino “an tan dobhí
tú ag adhnacal na marbh, agus do fhágaibh tú do phroinn, agus do
fhoilghis na mairbh it toigh féin, agus do adhnaic tú i gciúnas na
hoidhche iad, do thiodhnaic mise th'urnaighthe don Tighearna.”
Is follus as na briathraibh se an aingil gurab somholta i
bhfiadhnaise Dé an marbh d'adhnacal. Mar an gcéadna is
iontuigthe a soisgéal na Páise go raibhe Dia buidheach do Nicodemus
agus do Ioseph ó Arimatia tré chorp Chríost d'adhnacal iarna
chéasadh.



An naomhadh goin.



Léaghthar san .23. caibidil in Genesi go raibhe Abraham
ro-chúramach timcheall adhnaicthe a mhná .i. Sara, agus mar do
cheannuigh ionadh adhnaicthe dhi. Léaghthar fós san .50.
caibidil don leabhar chéadna mar do-chuaidh Ioseph d'adhnacal
chuirp a athar féin ón Éigipt go críochaibh na Canaan, maille
ré sochraidibh móra, gur chuireadar i n-uaigh a shean-athar
Abraham é.



An deachmhadh goin.



Léaghthar ag Tobias san cheathramhadh caibidil ní thig leis
aní gcéadna, mar a ndubhairt Tobias mór ré Tobias óg, a
mhac, cum acceperit Deus animam meam, corpus meum sepeli “an tan
ghlacfas Dia mh'anam, adhnaic mo chorp.” Dá chor i gcéill
gurab somholta na mairbh d'adhnacal.



An t-aonmhadh goin déag.



Léaghthar fós san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur
adhnaiceadh Lazarus lé Muire agus lé Marta. Léaghthar fós, san
ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal, gur hadhnaiceadh
go honórach Stiabhna naomhtha, do réir mar deirthear
san áit chéadna, sepelierunt Stephanum viri timorati, et fecerunt
planctum magnum super eum “do hadhnaiceadh Stiabhna lé
fearaibh faitcheasacha, agus do-rónsad nuall-ghubha mór ós a
chionn.”


L. 178


An dara goin déag.



Léaghthar fós ag Valerius Maximus san aonmhadh caibidil déag
don chéid-leabhar, ar Simonides, gur adhnaic duine marbh ar an
tráigh, agus go dtáinig dhe sin gur saoradh é féin óna bháthadh
agus óna mharbhadh i dtigh dobhí ar dtuitim ar dhruing mhóir,
rér dhealuigh Dia go hiongantach é sul do leagadh an teagh
ar chách dá marbhadh.



An treas goin déag.



Léaghthar san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh
na Ríogh briathra asarb iontuigthe gurab buidheach Dia don
druing do-ní na mairbh d'adhnacal. Ag so mar adeir an ríogh-
fháidh Dáibhídh ag labhairt ris an druing lér hadhnaiceadh
Saul, benedicti vos a Domino, qui fecistis misericordiam hanc cum
domino vestro Saul, et sepelistis eum. Et nunc retribuet vobis
quidem Dominus misericordiam et veritatem “is beannuighthe
sibhse ón Tighearna, sibhse do-rinne an trócaire se ar bhar
dtighearna féin Saul, agus do adhnaic sibh é. Agus anois
dáilfhidh dhaoibh go deimhin an Tighearna trócaire agus fírinne.”
As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia trócaire agus
ceart ré duine trés an marbh d'adhnacal.



AN T-OCHTMHADH HALT
'na gcuirthear síos an sochrach do dhuine bheith adhnaicthe i
n-ionadh choisreacdha; agus na nóis adhnaicthe dobhíodh in gach
aon-áit, do réir na bPágánach agus do réir na gCríostaidhtheadh.



An chéad-ghoin.



Fiafraighidh S. Augustine san leabhar ro sgríobh don chúram
dleaghair do dhéanamh timcheall na marbh, agus S. Thomas san
.45. Dist., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
Mhaighistir na mBreath, “an bhfuil tarbha d'anmaibh na marbh
a gcuirp d'adhnacal go honórach i gceall-úir, nó i n-ionadh
choisreacdha?” Gidh eadh, sul fhreigeóram don cheist sin,


L. 179


cuirfeamaoid síos annso cuid dona nósaibh adhnaicthe dobhíodh
ag na págánchaibh.



An dara goin.



An céad-nós. Is amhlaidh do-nídís na Rómhánaigh, na
cuirp do losgadh agus na cnámha do thaisge agus tuir do thógbháil
ar áitibh na dteinteadh, amhail adubhramair, do réir Plinius
san .54. caibidil don seachtmhadh leabhar.



An treas goin.



An dara nós. Is eadh do-nídís na Massagetae, do réir
Ieronimus san .36. caibidil mar a sgríobhann i gcoinne
Iovinian, is eadh iomorra do-nídís, na seanóiridhe do thachtadh,
agus a gcuirp do bhruith agus d'ithe, d'eagla a gcraos-
shloigthe do chonaibh nó do mhadraibh.



An ceathramhadh goin.



An treas nós. Is eadh do-nídís na Tibareni, na seanóiridhe
searcacha agus na hathlaoich ionmhaine dobhíodh aca do chrochadh
go hard, ionnus nach roichfeadh cú ná gadhar ná muc
ná beathadhach allta oile iad, dá sraoilleadh nó dá sreang-tharraing
as a chéile.



An cúigeadh goin.



An ceathramhadh nós. Is eadh do-nídís na Hyrcani, na
daoine leith-bheó do chor fána fiachaibh agus fána fraochmhadraibh
dá gcognamh agus dá gcreim-leadradh.



An seiseadh goin.



An cúigeadh nós. Is eadh do-nídís na Caspii cuirp na
marbh do thabhairt do bheathadhachaibh confadhacha, dá
gcosgairt agus dá gcreat-raobadh.



An seachtmhadh goin.



An seiseadh nós. Is eadh do-nídís Cine Scuit ón Sceithia,
an marbh d'adhnacal fá úir, agus an tí fá dile agus fá
díoghraisighe leis an marbh d'adhnacal mar aon ris.


L. 180


An t-ochtmhadh goin.



An seachtmhadh nós. Is eadh do-nídís na Bactri, coiléin
óga do bheathughadh d'aon-toisg i gcomhair chorp na marbh
do chognamh agus do chraos-longadh.



An naomhadh goin.



An t-ochtmhadh nós. Is eadh do-nídís lucht na hÉigipte,
gach marbh d'adhnacal 'na thoigh féin, nó dá mbeith gan teagh
ndíleas aige, a chur i dteagh an tí is measa dhó i bhfuil, do
réir Thuil Sigir san chéid-leabhar dá Leabhraibh Ceast.



An deachmhadh goin.



An naomhadh nós. Is eadh do-nídís na Neviae, do réir
Alexander ab Alexandro, san seachtmhadh caibidil don .3.
leabhar, an marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmoltaibh
agus ré comhgháir chaointe agus ré píobaireacht do bheith roimhe
gus an eaglais. Agus do-chím an nós so agá ghnáthughadh
i gConnachtaibh. Óir bíd mná timcheall an mhairbh ag
tabhairt teasta agus formolta air, agus bíth píobaire ag seinm rés an
gcorp ag triall gus an gcill.



An t-aonmhadh goin déag.



An deachmhadh nós, do réir na caibidleach céadna. Is
eadh do-nídís lucht na hÉigipte, an tan do éagadh an rí do
bhíodh ós a gcionn, sagart do chur do reic agus d'fhaisnéis
ghníomh an ríogh, do láthair chomhdhála coitchinne na hÉigipte.
Agus an tan fá threise dhá mhíghníomhaibh ioná dá mhaith, do
bhreathnughadh na sochraide sin, is eadh do-nídís i ndíoghail
a mhíghníomh, gan onóir adhnaicthe do thabhairt dá chorp.
Gidh eadh, an tan fá threise dhá mhaith ioná dá mhíghníomhaibh,
do hadhnaicthí go honórach é, maille ré séad-chomharthaibh
suaitheanta do thógbháil ós a chionn.



An dara goin déag.



An t-aonmhadh nós déag. Is eadh do-níthí i gcathair na
hAithne, an tan do mharbhadh duine é féin, an lámh lé


L. 181


n-imreadh an bás air féin do theasgadh don chorp, agus a
fágbháil gan folach ar dhruim na huaighe 'na gcuirthí an corp
dár teasgadh í. Agus is uime do-nídís sin, mar aithis agus mar
oilbhéim don láimh lé ndearnadh an gníomh sin.



An treas goin déag.



An dara nós déag. Is eadh do-nídís na Macedones, amhail
léaghthar ag an ughdar gcéadna soin san .27. caibidil don
chúigeadh leabhar, an tí do marbhthaoi i rinn iorghaile nó
chatha, a chor i dteannáil nó i dteinidh threathan-mhóir
thréan-lasrach, agus an sluagh go huilidhe do theacht 'na
gcipeadhaibh agus 'na gcóirighthibh fá thrí go ciorcalda timcheall
na teineadh 'na mbídís cuirp na marbh torchaireadh i rinn iorghaile
amhail adubhramair. Agus is eadh do-nídís drong dona
sluaghaibh sin, a gceinn-bheirte do theilgean san teinidh dá
gcomhlosgadh mar aon ré corpaibh a gcompán, agus drong oile
sréin a n-each, agus drong oile a gcloidhmhe, agus drong oile a
n-airm dhiubhraigthe, mar atáid a ngearr-ghaoithe agus a sleagha
agus a soighde, agus drong oile cuid dá n-éadálaibh agus dá
maoinibh saoghalta, agus sin uile mar onóir do chorpaibh na marbh
bhíos san teinidh, agus mar chomhartha lúth-gháire tréna fheabhas
do chríochnuighsead na mairbh sin a mbeatha.



An ceathramhadh goin déag.



An treas nós déag. Is eadh do-nídís i nÉirinn i n-aimsir
na gcuradh agus na Féine, sul táinig solus an chreidimh chuca,
na mairbh d'adhnacal fá úir. Gidh eadh, is iomdha cor ar
a gcuirthí leó iad. An céad-chor, uaigh nó feart talmhan
do dhéanamh go bhfad agus go leithead an chuirp, agus bonn a
chos ris an aird soir agus a bhaitheas ris an aird siar, agus carn
cloch do chor ós a chionn, dá ngairthí leacht, mar atá feart
Mhaothagáin i nUíbh Fathaigh. An dara cor, na mairbh do chor
fá úir, agus mion-rátha do chloidhe na dtimcheall, agus gan lia ná
leacht ós a gcionn. Agus atáid trí dronga chuirthear sna
mion-ráthaibh se, mar atáid aois ealadhna, mná, agus leinbh. Agus


L. 182


atáid dá chor oile ar a gcuirthí daoine i nÉirinn, mar aon ris
an gcor soin, thuigthear as an rann so: -




Feart aon-doruis d'fhior go n-aoi,
feart go ndíbh ndoirsibh for mhnaoi;
fearta gan doirse cheana
for mhaca, for ingheana,
cnuic for allmharchaibh ána,
ocus múir for mhór-phlágha.




As an rann so is iontuigthe nach bíodh acht aon-dorus ar fheart
an fhir ealadhna, agus dá dhorus ar fheart na mná, feart na leanbh
gan aon-dorus, cnuic for allmharchaibh uaisle, agus cladh-mhúir
for lucht ghalar ngráineamhail. Cor oile ar a gcuirthí iad, mar
atá go lia agus go leacht; agus is líonmhar atáid na fearta so i
nÉirinn.



An cúigeadh goin déag.



Gné oile adhnaicthe dobhíodh i nÉirinn ré linn na págántachta,
na mairbh do chur 'na seasamh, agus carn criadh agus cloch
do thógbháil ós a gcionn go ciorcalda comhchruinn, agus a n-airm
d'adhnacal mar aon riú. Agus is mar sin do hadhnaiceadh mórán
d'uaislibh na hÉireann anall-ód, agus go háirithe Mogh Néid,
amhail léaghthar i gcath Mhuighe Tualaing ag Dearg Dhamhsa
draoi, do-rinne an rann so: -




Feart Mhogha so ar Maigh Tualaing,
gona ruibhne ré a ghualainn,
gona lúirigh luaidheas goil,
is gona chath-bharr chumhdaigh.




An seiseadh goin déag.



An ceathramhadh nós déag. Is eadh do-nídís na Críostaidhthe,
na mairbh d'adhnacal i gceall-úiribh coisreacdha, do
réir mar léaghthar ag Decre.13. qu.2. cap.Diocesani. Do-bheir
Greaghóir naomhtha freagra ar an gceist úd S. Augustine, agus is
eadh adeir, gurab sochrach dona fíréanchaibh bheith adhnaicthe i
gceall-úiribh coisreacdha, agus gurab


L. 183


dochrach dona droch-dhaoinibh bheith ionnta. Do réir
mar léaghthar ag Decre.2. p.causa.13. qu.2: Cum gravia peccata.
Cum gravia peccata non depremunt, tunc prodest mortuis si in ecclesia
sepeliantur, quia eorum proximi, etca. Nam quos peccata gravia
depremunt, ad maiorem cumulum damnationis, potius quam ad solutionem,
eorum corpora in ecclesiis ponuntur “an tan nach turnaid peacaidhe
troma na mairbh, is tarbhach dhóibh dá n-adhnaicthear san eaglais
iad, óir do-bheirid commaoine agus guidhe a gcomharsan mbeó
furtacht dóibh. An dream cheana leagthar lé peacaidhibh troma, is
mó théid i ndíoth dhóibh agus i ndamain ioná i bhfuasgladh
bheith dá gcorpaibh arna gcur i gceallaibh.” Cuiridh an ghluais
atá ar na briathraibh céadna dá réasún síos fá bhfuil sochar dona
deagh-dhaoinibh bheith i gceallaibh adhnaicthe. An céid-réasún,
ionnus go mbeith díon an naoimh darab cill í orra.
An dara réasún, gurab ann is lugha fhéadfaid na deamhain
buaidhreadh do dhéanamh orra.



AN NAOMHADH HALT
'na gcuirthear síos annso, an ceaduightheach do neach caoi do
dhéanamh i ndiaidh an mhairbh, nó lúth-gháir do bheith air tré
bhás duine oile; agus na hadhbhair fá ndleaghair caoi do dhéanamh;
agus fós, an ceaduightheach do dhuine a iarraidh ar dhuine oile,
dobhiadh ag fagháil bháis, teacht dá thaisbéanadh féin dó d'éis
a bháis.



An chéad-ghoin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach caoi do
dhéanamh i ndiaidh na marbh? Mo fhreagra air sin go bhfuilid
dá ghné chaointe ann, mar atá caoineadh measardha agus caoineadh
neimhmeasardha. Agus is ceaduightheach do neoch, agus fós atá
sé somholta, caoi do dhéanamh ar an gcéad-mhodh. Agus is
uime sin adeir Pól san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh,
flete cum flentibus “déanaidh caoi lé lucht an chaointe.” Dá
chor i gcéill gurab somholta caoi mheasardha do dhéanamh i
ndiaidh


L. 184


na marbh. Tig Solamh san .22. caibidil in Ecclo. leis so,
mar a n-abair, modicum plora super mortuum, quoniam requievit
“déana beagán caoi ós cionn an mhairbh, do bhríogh gur
shuaimhnigh nó gur chumhsanuigh sé.” Tig mar an gcéadna
Ieremias san naomhadh caibidil leis aní gcéadna, mar a n-abair,
quis dabit capiti meo aquam, et oculis meis, etca. “cia do-bhéara
uisge dom cheann agus tobar déar dom shúilibh? agus caoinfead
do ló agus d'oidhche marbhána inghine mo phobail féin” .i. an
dream do muirbhfidhe do lucht chathrach Ierusalem. Léaghthar
san treas caibidil déag in Genesi gur chaoi Abraham tré bhás a
mhná .i. Sara, acht gé dobhí sí .127. mbliadhna d'aois ag
fagháil bháis di. Léaghthar san treas caibidil déag don dara
leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur ghuil Dáibhídh ag caoineadh
Ammon, an tan do thuit sé lé hAbsolon tré éigniughadh a
dheirbhsheathar Thamar. Léaghthar mar an gcéadna san aonmhadh
caibidil déag ag Eóin gur ghuil Íosa ós cionn uaighe Lazarus.
Léaghthar mar an gcéadna gur ghuil Muire Magdalen ós cionn
adhnaicthe Críost. Léaghthar fós go nguileadh S. Ambrós gach a
mhionca do-chluineadh bás duine mhaith. Do ghuil fós S.
Bearnard ag caoineadh a chommbráthar crábhaidh Hambertus. Do
ghuileadar deisgiobail Mhártain naomhtha ar bhfagháil bháis
dó. Agus do ghuileadar deisgiobail S. Doiminic ar bhfagháil
bháis dó féin mar an gcéadna.



An dara goin.



Tuig, a léaghthóir, nach eadh amháin dhleaghair caoi
mheasardha do dhéanamh i ndiaidh na ndaoine an tan
do-gheibhid bás i bpeacadh mharbhthach; acht fós atáid trí
hadhbhair fá ndlighmíd caoi i ndiaidh na bhfíréan an tan
do-gheibhid bás. An céad adhbhar dhíobh, tréna loighead do
dhaoinibh maithe fhágbhaid tar an n-éis san tsaoghal. An dara
hadhbhar, do dhéanamh truaighe agus comhpáise don tí éagas,
d'eagla go mbeith fuidheall péine ré a íoc i bpurgadóir air. An
treas adhbhar, do chaoineadh an anfhorlainn agus an ainiarsma atá
i ndiaidh na nádúire daonna, dá dtig gan tearmann do bheith ag
aon-duine ón bhás, dá fheabhas nó dá olcas. Gidh eadh, tuig,


L. 185


a dhuine, nach dleaghair dhúinn guil ná caoineadh do dhéanamh
amhail do-nídís na págánaigh, mar atá ar bhfuilt nó ar
bhfionnfadh do tharraing, nó ar ndealbha do sgrios lénar
n-ingnibh, nó ar gcuirp do lot lé harmaibh, nó nuall-ghul ard do
dhéanamh amhail chona allta; do bhríogh nach ionann dáil dúinn
agus dona págánchaibh, ag nach raibhe súil ris an eiséirghe, ná ré
chéile d'fhaigsin go bráth arís; ní hionann agus sinne, agá
bhfuil creideamh Críost. Agus is uime sin adeir Cyprian
naomhtha, san leabhar ro sgríobh do dhomharbhthacht na hanma,
quos apud Deum vivere dicimus, tanquam perditos lugere non debemus
“an dream adeirmíd do mharthain i bhfarradh Dé, ní dleaghair
dhúinn a gcaoineadh amhail dhreim dobhiadh arna gcaill.”
Atá Pól ag fíoradh aneithe céadna, do réir mar léaghthar san
cheathramhadh caibidil don chéid-Eip. go Thessalonicenses,
mar a n-abair, Nolumus vos ignorare, fratres, de dormientibus,
ut non contristemini sicut et caeteri qui spem non habent “a
bhráithreacha, ní háil linn bhar mbeith ainbhfiosach do thaoibh
na marbh, ionnus nach biadh comhthuirse oraibh mar chách, ag nach
bí dóchas a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe.” Dá
chor i gcéill nach dleaghair dhóibh cumhaidh anorduighthe do bheith
orra, amhail dobhíodh ar na págánchaibh, ag nach raibhe súil
ré a chéile d'fhaigsin tar éis na beatha so.



An treas goin.



Tuigthear fírinne aneithe céadna as an naomhadh caibidil
déag do Levitico, mar a n-abair Dia, ag teagasg aneithe céadna
don chineadh Iúdaidheach, super mortuo non incidetis carnes
vestras “ná gearrthar libh bhar gcuirp ós cionn an mhairbh.” Dá
chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh caoi
ainmheasardha do dhéanamh ar mhodh na bpágánach, amhail adubhramar
romhainn. Tuigthear fós fírinne aneithe céadna a briathraibh
Críost, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Lúcás,
an tan do-chonnairc sé prionnsa na sionagóige ag caoi go
hanorduighthe tré bhás a inghine, is eadh adubhairt, nolite flere,
non est mortua puella, sed dormit “ná déanaidh caoi, ní bhfuair
an inghean bás, acht 'na codladh atá sí.” Dá chor i gcéill, go


L. 186


fáthach, amhail dobhí i gcinneadh don inghin úd musgladh as
an suan 'na raibhe, go bhfuil i gcinneadh dona daoinibh i
gcoitchinne musgladh san eiséirghe. Agus dá réir sin, amhail
nár dhligheadar an drong úd caoi ainmheasardha do
dhéanamh tré bhás inghine an phrionnsa, agus Críost arna
haithbheóadh do láthair, mar an gcéadna ní dhlighid na
Críostaidhthe caoi ainmheasardha do dhéanamh i ndiaidh na
marbh téid uatha, agus gurab dearbh dhóibh a n-aithbheóadh arís
san eiséirghe.



An ceathramhadh goin.



Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do neoch
lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile? Mo fhreagra air,
más deagh-dhuine an tí éagas, go bhféadtar lúth-gháir do bheith
i ndiaidh a bháis, an mhéid go dtéid sé ar neamh do ghuidhe ar
son na mbeó fhágbhas tar a éis san tsaoghal. Gidh eadh,
dleaghair tuirse do bheith 'na dhiaidh, an mhéid go mbíd an
dream fhágbhas tar a éis i ngioll a mhaitheasa. Agus is uime
sin dobhádar deisgiobail Mhártain naomhtha ag caoi 'na dhiaidh
an tan fuair sé bás. Agus madh droch-dhuine do-ghéabhadh
bás, dleaghair lúth-gháir do bheith 'na dhiaidh. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar aní do-rónsad Clann Israel i ndiaidh Pharao
do bháthadh san Muir Ruaidh, amhail léaghthar san chúigeadh
caibidil déag in Exodo, mar a n-abraid Clann Israel, cantemus
Domino, gloriose enim magnificatus est, equum et ascensorem
proiecit in mare “adhmolmaid an Tighearna, óir do móradh go
glórmhar é, do theilg an marcach agus an t-each san muir.” As so
is iontuigthe go bhféadann duine lúth-gháir do bheith air tré
bhás an droch-dhuine, go háirithe tré bhás an duine bhíos
dío-choisge doitheagaisg 'na olcaibh. Léaghthar san chúigeadh
caibidil déag do leabhar Iudith go raibhe lúth-gháir mhór ar
lucht chathrach Betulia tré dhícheannadh Holophernes, dobhí i
bhfoslongphort réna n-ucht. Léaghthar san cheathramhadh
caibidil do leabhar Hester go raibh lúth-gháir ar Chloinn
Israel tré chrochadh Aman, dobudh námha dhóibh, san chroich ro
ollmhuigh féin ré Mardocheus do chrochadh. Léaghthar mar an


L. 187


gcéadna san chúigeadh caibidil déag don dara leabhar do
Leabhraibh na Machabei, go raibhe lúth-gháir mhór ar Chloinn
Israel, mar do thuit Nicanor, dobudh námha dhóibh lé Iudas
Machabeus. As gach ní dá ndubhramar is follus go bhféadann
duine lúth-gháir do bheith air tré bhás an droch-dhuine. Gidh
eadh, tar a n-abraim, féadaidh duine go somholta doilgheas do
bheith air tré bhás an droch-dhuine, an mhéid go dtéid an
droch-dhuine a seilbh Dé, agus fós gurab don ainiarsma choitcheann
atá i ndiaidh na nádúire daonna tig a dhamnughadh.



An cúigeadh goin.



Bíodh a fhios agat, a dhuine, go bhfuilid sé hadhbhair fá
ndleaghair dhúinn caoi do dhéanamh. An céad-adhbhar, trénar
gcoirthibh dísle féin. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, exitus
aquarum deduxerunt oculi mei, quia non custodivi legem tuam
“do threóruigheadar mo shúile triall na n-uisgeadh, tré mar nár
choimhéadas do reacht.” Dá chor i gcéill do rabhadar a shúile
'na dtobraibh ag teibearsain déar 'na srothaibh aidhbhseacha
uatha, ag síor-chaoineadh a chean agus a pheacadh féin.



An seiseadh goin.



An dara hadhbhar, tré bheith dhúinn ar deóraidheacht an
domhain se. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, heu mihi, quia
incolatus meus prolongatus est “och, is truagh mise, ó tá mo
dheóraidheacht agá cor i bhfad.” Dá chor i gcéill gurbh fhada
ris féin dobhí sé ar deóraidheacht agus ar díbirt an domhain se,
gan triall dá dhúthaigh .i. go flaitheas nDé. Agus mar an
gcéadna do dhlighfeadh gach aon caoi agus diombáidh do dhéanamh
tré bheith dhóibh i bhfad ar an saoghal so, agus gan acht
proinn-teagh peannaideach, agus féar-bhoth fhulachta, agus árus
urchradhach ann. Is iomdha iaramh ard-fhlaith oirdheirc iomráitteach
ráinig féige nó fíor-mhullach flaithis an tsaoghail, agus tug
meadhar-chuairt mheasgáin mhearbhaill fá dhobhair-cheó ndorcha
agus fá bhreachtradh mbréige na beatha so, dá siabhradh lé saobh-
dholbhaibh síthe, agus dá gcor i néall agus i n-anbhfainne tré
iomad a n-annsa dhó; agus fós, gurab eadh fuaradar dá chionn, an
domhan ag


L. 188


diubhragadh a arm n-áith-ghéar go haccaiseach orra, ré triall
as an mbeathaidh se, i ndíol gach feadhma dá ndearnsad dó, ionnus
nach bí feidhm atach ná eadarghuidhe do dhéanamh chuige;
agus fós nach gabhaid geasa ná gnáith-iarmharta greim dhe, acht
é dorrdha do-uraghaill amhail fhear baoise nó buain-ghealtachta,
lán do dhásacht agus do dheirg-mhire, ag imirt éigin agus
anfhorráin orra, ag buain aisig iomláin díobh sna toirthibh fiadhánta
fiathamhla fuaradar uaidh. Gonadh aire sin adeir file éigin an
rann so: -

Dámadh linn buar an bheatha,
ór agus eich uaibhreacha,
's gach ní ar domhan budh áil d'fhior,
folamh ar ndáil fá dheiriodh.



An seachtmhadh goin.



An treas adhbhar fá ndligheann duine caoi do dhéanamh,
d'eagla na péine ifreannda. Agus is é sin tuigthear a briathraibh
Ieremias, san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire,
mar a n-abair, ag labhairt go fáthach ar anam an pheacthaigh,
plorans ploravit in nocte “ar mbeith ag caoi dhi, do chaoi sí
san oidhche” .i. san pheacadh. Dá chor i gcéill go ndligheann
duine, an tan theagmhas sé i n-oidhche na hurchóide .i. i staid
an pheacaidh, caoi do dhéanamh d'eagla na péine ifreannda.



An t-ochtmhadh goin.



An ceathramhadh hadhbhar fá ndligheann duine caoi do
dhéanamh .i. tré pháis Chríost. Agus is uime sin adeir Dáibhídh
Rí, fuerunt mihi lacrimae meae panes die ac nocte, dum dicitur
mihi quotidie: Ubi est Deus tuus? “fá hiad mo dhéara fá harána
dhamh do ló agus d'oidhche, an tráth adeirthear riom, cáit i
bhfuil do Dhia-sa?” Dá chor i gcéill, an tan do-chonnairc
sé féin go réimhfhéagsanach do spioraid fháidheamhail, go raibhe a
bhara fá Mhac nDé toidheacht i gcolainn ré bás d'fhulang,
agus go mbeidís an cine Iúdaidheach, an mhéid nach creidfeadh do
Chríost díobh, agá fhiafraighidh i modh fhochuidbhidh dona
hapstalaibh agus dona fíréanchaibh cáit i mbiadh a nDia, go
dtigeadh


L. 189


dhe sin nach féadadh féin tocht do chur ar a chaoi, tré iomad
doilgheasa agus diombáidhe, tré bhás d'imirt ar a Shlánuightheóir
féin. Agus mar an gcéadna is indéanta do gach uile Chríostaidhe,
ré mbeith ag smuaineadh do pháis Chríost, caoi chroidhe
do dhéanamh ar a son. Gidh eadh, fa-ríor, is tearc súil
thráightear tré chaoi ná tré dhoilgheas ar son pháise Chríost.
Gonadh uime sin adeir file dh'áirithe, ag casaoid air féin an
rann so: -




Níor thuairgeas mh'ucht d'iarraidh maithmhe,
níor mhúineas damh - dia do chruaidh -
feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuid-se;
mo shúil, is lé a huisge uaim.




Gidh eadh, is mór do-bheir Isaias aithbhear dona daoinibh, go
fáthach réimhfhéagsanach, tré Chríost do thabhairt i ndearmad,
amhail léaghthar san .57. caibidil mar a n-abair, iustus perit,
et non est qui recogitet in corde suo “do cailleadh an fíréan,
agus ní fhuil neach d'athsmuainfeadh 'na chroidhe é.” Agus
fós atá Dáibhídh Rí san .77. Salm ag déanamh na casaoide
céadna ar an druing do-bheir Críost i ndearmad, agus a
dhearlaigthe, an tan adeir, obliti sunt benefactorum eius “tugadar
i ndearmad a dhearlaigthe.” Dá chor i gcéill nach cumhain ris na
coireachaibh cloch-aigeantacha commaoine Chríost orra, maille réna
pháis do chaoineadh ná do chuimhniughadh.



An naomhadh goin.



An cúigeadh hadhbhar, tré anfhorlann a chomharsan. Óir
an tan at-chífeadh duine a chomharsa ag gul nó ag caoi, tré
adhbhar iomchubhaidh, is somholta dhó féin comhghul do
dhéanamh ris, do réir Phóil san dara caibidil déag gusna
Rómhánchaibh, mar a bhforáileann aní céadna, agá rádh, flete
cum flentibus “déanaidh gul ré lucht an ghola.”



An deachmhadh goin.



An seiseadh hadhbhar fá ndligheann duine gul do dhéanamh,
tré iomad fuinn nó mianghusa do bheith ar neach ré dul ar
neamh, is dúthaigh dá gach aon-duine. Óir is follus go mbí


L. 190


mian ar gach neach, triall dá dhúthaigh féin, mar thuigthear
a briathraibh Óibhid, mar a n-abair -



Nescio qua natale solum dulcedine cunctos
ducit, et immemores non sinit esse sui.



“ní feas damh, ar sé, créad an mhilse bhíos san bhfonn
ndúthchasa, ag tarraing na n-uile, agus nach léigeann dóibh
bheith neamhchuimhneach orra féin.” As na briathraibh se Óibhid
is iontuigthe go mbí dúil ag gach neach 'na dhúthaigh féin,
agus go mbí súil tar a ais aige ré triall innte as a
dheóraidheacht. Tig Dáibhídh Rí leis aní gcéadna, ag labhairt
i bpearsanaibh Chloinne Israel, ar mbeith dhóibh i gcoigcrích
san bhroid Bháibhiolónda, mar a n-abair san .136. Salm, super
flumina Babylonis, illic sedimus et flevimus, cum recordaremur tui
Sion “do shuidhmís ós aibhnibh na Báibhiolóine, agus annsin do
ghuilmís, an tan do chuimhnighmís ort-sa, a Shión.” Dá chor i
gcéill, an tan dobhádar Clanna Israel i mbroid Bháibhiolóine,
go n-éirghidís amach ar bhruachaibh na na n-innbhear, agus ar
tholchaibh uaigneacha na tíre, do dhéanamh doghra agus déar-
chaointe, an tan do smuaindís a mbeith i mbroid agus i ndocamhal
na Báibhiolóine; agus fós, an tan do smuaindís ar cheól agus ar
chluicheadhaibh agus ar chaitheamh aimsire chathrach Ierusalem,
agus ar gach n-aoibhneas agus ar gach n-urgháirdiughadh aigeanta
dá mbíodh aca innte, ar iomad a sóidh agus a sádhaile, a mbídh agus
a n-éadaigh, a n-óir agus a n-airgid agus a maitheasa ar-
cheana. Agus do bharr ar gach ní oile, is ro-mhór do ghoilleadh
orra bheith i n-éagmais theampaill ghlé-mhaisigh ghrianánda
Sholaimh 'na gcleachtadaois bheith ag déanamh iodhbarta do Dhia
uile-chumhachtach, agus gan aca 'na ionadh soin san bhroid sin na
Báibhiolóine, acht bheith dá n-aimhdheóin ag feitheamh ar
iodhbartaibh amhghlana agá ndéanamh do láimh-dhéibh nó do
bhréig-dhealbhaibh do réir an ghnáthuighthe geintlidhe. Agus
mo thruaighe, ní mó dobhí adhbhar caoi aca-san trés an adhbhar
soin ioná an t-adhbhar caoi atá anois ag cineadhaibh bochta na
hÉireann, trés an inghreim agus trés an gcoimhéigniughadh atá
agá dhéanamh orra, agá sárughadh ré hiodhbairt luach-mhóir an


L. 191


aifrinn do thréigean, ar chommaoin neamhghloin Lúitéir agus
Chailbhín, ionnus gomadh fearr dhóibh go mór a mbás ioná
a mbeith beó ré faigsin Ierusalem .i. na heagailse arna
madhmughadh, agus an phobail arna cheangal i mbroid Bháibhiolónda
na heiriticeachta.



An t-aonmhadh goin déag.



Ní mó an mian dobhí ar Ionas ré bás d'fhagháil sul do-
chífeadh an comhruathar dobhí fá Dhia do thabhairt ar lucht
chathrach Ninive, ioná an fonn do dhlighfeadh gach Éireannach
do bheith air fá bhás d'fhagháil sul dobhéardaois ar an
gcreideamh gcoitcheann gcian-aosta gCatoileaca, atá i seilbh
a sean agus a sinnsear, ó do plannduigheadh lé Pádraig naomhtha é,
do dhealughadh riú. Ag so mar adeir Iob san cheathramhadh
caibidil, tolle, Domine, animam meam, melior est mihi mors
quam vita “tógaibh mh'anam, a Thighearna; is fearr dhamh
bás ioná beatha.” Adeir Elias naomhtha ionnshamhail an
chomhráidh chéadna, an tan dobhí an bhainríoghan urchóideach
Iesabel ag inghreim air féin agus ar gach n-aon do
ghabhadh leis, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag don
treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abair, sufficit
mihi, Domine; tolle animam meam “is lór dhamh, a Thighearna;
tógaibh mh'anam leat.” Dá chor i gcéill gur mhaith leis bás
d'fhagháil sul do-chífeadh na huilc dobhí ag teacht ar
chathraigh Ierusalem. Agus tig Tobias ar aní gcéadna san
treas caibidil, mar a n-abair, expedit enim mihi mori magis
quam vivere “go dearbhtha is mó is oireamhnaighe dhamh bás
d'fhagháil ioná bheith beó.” Dá chor i gcéill gur chomhartha
buidheachais do bheith ag Dia air gan é féin do bhreith ar na
holcaibh dobhí ag toidheacht ar chathair Ierusalem.



An dara goin déag.



Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh
caibidil in Genesi, mar rug Dia Abel ar a raibhe cion aige leis
don tsaoghal, sul dobhéaradh ar na holcaibh táinig 'na dhiaidh.
Léaghthar mar an gcéadna san .22. caibidil don cheathramhadh


L. 192


leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur mhaoidh Dia ar Iosias
Rí, i ndíol teampaill Sholaimh do chórughadh agus na ndée
mbodhar mbalbh do chor ar gcúl, ó dobhí a bhara faoi féin
díoghaltas do dhéanamh ar Chloinn Israel, go ndiongnadh
mar mhaith dhó-san a bhreith don tsaoghal, ionnus nach
faicfeadh sé na haidhmillte do-ghéanadh féin ar Chloinn
Israel. Ag so cheana briathra an Tighearna ag labhairt ré
Iosias: flevisti coram me, et ego audivi, ait Dominus. Idcirco
colligam te ad patres tuos, et colligeris ad sepulcrum tuum in
pace, ut non videant oculi tui omnia mala quae inducturus sum
super locum istum “do chaoidhis dom láthair, agus do-chualaidh
mé thú, ar an Tighearna. Ar an adhbhar soin do-ghéan do
chonnlughadh mar aon rét aithreachaibh, agus biaidh tú arnad
chonnlughadh it tomba féin, ionnus nach faicfidís do shúile
na huile olca imeórad ar an ionad so.”



An treas goin déag.



Fa-ríor, is eadh shaoilim nach daoire na dochair do imir Dia,
beag nach, ar phobal Israel, ioná an daor-dháil fhuilngeas do
thoidheacht ar phobal imshníomhach Éireann, ionnus go bhféadaid
go dlightheach a n-amfhorrán féin d'fhionnachtain, agus a
gcomhmbroid do chasaoid ré Dia, amhail do-rinne Dáibhídh
Rí anall-ód, ré mbeith don phobal Iúdaidheach fá éagcomhlann.
Ag so mar adeir Dáibhídh san .59. Salm, ostendisti populo tuo
dura, potasti nos vino compunctionis “do thaisbéanais daor-dháil
dot phobal féin, agus tugais dhigh d'fhíon na comhghoine
dhúinn.” Féadaidh gach Catoilice Éireannach a rádh mar an
gcéadna, tré bheith fá inghreim éagcoimsigh na n-éagcráibhtheach,
ag diúltadh d'fháis-chreideamh fhollásach Cailbhín agus
Lúitéir agus lochta a leanamhna. Uime sin is beitte
d'Éireannchaibh Dia do ghuidhe, mar aon ris an ríogh-fháidh
Dáibhídh, mar a n-abair san .78. Salm, ne memineris
iniquitatum nostrarum antiquarum; cito anticipent nos misericordiae
tuae, quia pauperes facti sumus nimis “ná cuimhnigh, a Thighearna,
ar sean-urchóide; tigeadh go luath do thrócaire romhainn, óir
atámaid arnar ndéanamh go ro-bhocht.” Mar an gcéadna is cóir
d'Éireannchaibh


L. 193


a rádh, ar aithris an ríogh-fháidh Dháibhídh, do cheisneamh
a n-amfhorráin féin ré Dia.



An ceathramhadh goin déag.



Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do dhuine
a iarraidh ar dhuine oile dobhiadh ag fagháil bháis, toidheacht
dá thaisbéanadh dhó i ndiaidh an bháis? Do-bheir S. Thomás
freagra ar an gceist se san .22. hairteagal don treas
Quodlibet, mar a n-abair go bhfuil dá adhbhar fá n-iarrthar
ar an marbh é féin do thaisbéanadh i ndiaidh an bháis. An céad-
adhbhar, tré chonntabhairt nó tré amharas do bheith ag duine ar
staid na beatha atá ag teacht; agus cibé duine do iarrfadh ar an
marbh teacht dá thaisbéanadh féin ar an modh so, is peacadh
ro-throm dhó é. An dara hadhbhar, ionnus gurab móide do-
ghéantaoi an beó do thoghairm ré guidhe ar an marbh, a fhios
do bheith go cinnte ag an mbeó, créad an staid 'na mbiadh an
marbh. Agus atá an modh so somholta, do réir an sgeóil
innistear ar S. Thomás agus ar a chommbráthair cuinge agus
crábhaidh, darbh ainm Ronán. Is eadh aithristear ann, gur
ghealladar ar-aon dá chéile, cibé dhíobh is túsga do-ghéabhadh
bás, toidheacht d'fhoillsiughadh a staide don dara fear. Agus
go grod 'na dhiaidh sin fuair Ronán bás; agus i gcionn chúig
lá ndéag i ndiaidh a bháis do thaisbéin é féin do S. Thomás,
agus do innis dó gurab é féin dobhí ann, agus gurab do chomhall
a gheallaimh tháinig. Agus do fhiafruigh S. Thomás de créad
an riocht 'na raibhe. Do fhreagair-sean agus adubhairt go raibhe
agá phianadh i bpurgadóir, agus gurab uime dobhí agá phianadh,
tré fhaillíth do thabhairt i dtiomna charad dó, do fhágaibh sé
ar a iocht. Agus do iarr ar S. Thomás dul do chuartughadh
a leabhar, agus go bhfuighbheadh an tiomna ann, agus a chor i
gcrích do réir aigeanta an tí dar thiomna é, agus go bhfóirfidhe
é féin a purgadóir amhlaidh sin. Léaghthar ionnshamhail an
sgeóil chéadna ar Shéarlas Mhór, rí Frangc, agus ar iarla
Carno, dobhí 'na chaoimh-leannán ionmhain aige féin.


L. 194


AN DEACHMHADH HALT
'na dtráchtar ar na hocht ngnéithibh prinnsiopálta péine atá i
n-ifreann, do réir an Scrioptúra; agus ar na ceithre hadhbharaibh
speisialta fá mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i
n-ifreann.



An chéad-ghoin.



An chéid-ghné dhíobh, crumha; do réir Isaias san chaibidil
déidheanaigh, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing bhíos i
n-ifreann, vermis eorum non morietur “ní fhuighbhe a gcruimh
súd bás.” Dá chor i gcéill go mbí cruimh an choguais ag creim na
hanma do shíor i n-ifreann.



An dara goin.



An dara gné, teine bhith-bheó; do réir na caibidleach céadna,
mar a n-abair ignis eorum non extinguetur “ní múchfaidhear a
dteine súd.” Dá chor i gcéill nach téid traothadh ar an dteinidh
bhíos ag céasadh na n-anam do shíor i n-ifreann; agus fós, go
mbí an teas bhíos innte comh-foiréigneach agus comh-foirtill sin
nach féadfaidhe a mhúchadh. Is córaide a mheas go mbí teine
fhoiréigneach dhomhúchta i n-ifreann, an fábhaill-sgéal
léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a luaittear, ar
mbeith don tsaidhbhir shádhail agá iomlosgadh i lasrachaibh
luisneamhla ifrinn, gur iarr ar an mbocht darbh ainm Lazarus, ré
mbeith i n-ucht Abraham dhó, deór uisge do léigean ara
theangaidh; agus dá léigeadh eas na habhann, ní thiubhradh
ionnfhuaradh dhó. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, ag
luadh an fhábhaill-sgeóil chéadna: -




Siris mar athchuinghe air
braon do bharr mheóir dá mhéaraibh:
bíodh go ndáilfeadh eas don fhior,
ní bháidhfeadh teas na teineadh.



Agus fós, amhail adubhramar, do réir Ghreaghóir, ní bhí soillse


L. 195


i dteinidh ifrinn acht gé bhíos loisgneach. Gonadh uime sin
adeir file éigin an rann so: -




Gidh teinntidhe, ní teach te,
teach ifrinn ar a fhuaire:
a dhorus ar a dhuibhe
ní solus, gidh sneachtuidhe.




Agus an rann oile se adeir an file céadna: -




Do-bhéar dhaoibh ré ndol san bheirn
tuarasgbháil tighe ifeirn:
all bruach-dhubh roighéar riasgach,
goibhéal uathmhar il-phiastach.





Tuigthear a briathraibh Chormaic naomhtha chráibhthigh mhic
Cuileannáin an dá ghné phéine do luaidheamar, mar atáid piasta
uathmhara agus teine loisgneach do bheith i n-ifreann, do réir mar
léaghthar san laoidh darab tosach “Trí fódáin nach seachantar”
do-rinne sé agus é ré bruinnibh báis. Ag so mar adeir ag faisnéis
ainriochta na n-anam ndamanta bhíos i n-ifreann: -




Leaca troma teinntidhe
'gá dtoirneamh go lár;
piasta ifrinn éidighe
'gá gcognamh go cnámh.




An treas goin.



An treas gné phéine; bréantas nó murgughadh, do réir Dháibhídh,
mar a n-abair, ignis et sulfur et spiritus procellarum, pars
calicis eorum “is cuid dá gcorn súd teine agus raibh agus séideadh
borb-thonn.” Dá chor i gcéill gurab cuid do phéin na n-anam
bhíos i n-ifreann na toinn-cheatha bréana briomstóin éirgheas
don teinidh ifreannda.



An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh gné phéine, fuacht; do réir Iob san .24.
caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar na hanmaibh bhíos i


L. 196


ifreann, transibunt ab aquis nivium ad calorem nimium “rachaid
a huisgeadhaibh sneachta i dteas iomarcach.” Dá chor i gcéill,
amhail adubhramair san chéid-leabhar, gurab eadh is ionnfhuaradh
dona hanmaibh bhíos i n-ifreann, malairt na bpian
n-éagsamhail imearthar orra, ionnus nach bí acht fuaradh ghiolla
an ghabhann aca. Óir is eadh is fuaradh ghiolla an ghabhann, an
tan bhíos ag briseadh a chroidhe go beith tuirseach nó sgíothach
dhó ag séideadh na mbolg, a chor do thuargain an iarainn; agus an
tan thuirsighthear san urlaidhe é, is éigean dó dul do chasadh na
líobhrón go beith cortha dhó; agus an tan traothas an feidhm sin
é, filltear ar shéideadh na mbolg arís é; go nach bí d'osadh
ná d'ionnfhuaradh aige acht bheith agá mhalairt idir na
feadhmaibh sin. Mar an gcéadna don anam thruagh i n-ifreann.
Ní bhí d'osadh ná do shaor-dháil aige acht bheith
agá mhalairt idir il-phianaibh éagsamhla. Gonadh uime sin
adeir file éigin an rann so: -




Ní féadtar a bhfulang sin,
sneachta garbh tré ghaoith gheimhridh,
gríos na huamhadh gach ré n-am
bhíos 'na fhuaradh don anam.




Agus cidhbé adéaradh nach bí sneachta ná raibh nó a n-ionnshamhla
oile dáríribh i n-ifreann, bíodh a fhios aige nach doichreitte
a mbeith ann comh-maith agus atá an teine ann. Óir
amhail atá Scrioptúir ré teinidh do bheith ann, atá an Scrioptúir
mar an gcéadna ris na neithibh úd oile do bheith ann. Agus
ní héigcneasta fós ré a mheas go bhféadfadaois lé hacfuinn
fhomósaigh, mar oirnisibh ó Dhia, oibriughadh ar na hanmaibh
dáríribh, amhail oibrigheas uisge an bhaistidhe go fírinneach ar
anmaibh na druinge bhaistear, amhail adubhramar san chéid-leabhar.
Gidh eadh, dá dteagmhadh nach beith uisge ná
sneachta ná gaoth ná raibh ná a n-ionnshamhla oile, do réir a
substainte féin, i n-ifreann, is dearbh go bhfuil geall ris
gach ní dhíobh ann ré hil-chéasadh na n-anam. Tig an file
Gaoidhealach ar aní thuas adeir an fáidh, ag labhairt ar theinidh


L. 197


agus ar shneachta ifrinn. Ag so mar adeir an file ag labhairt ar
aní gceadna:




Atá teine ar nach téid smál
i mbrugh ifrinn ar adádh:
sneachta nach sil ré teinidh
i dtigh leaptha Luiceibhir.




An cúigeadh goin.



An cúigeadh gné, gorta; do réir mar léaghthar san .65. caibidil ag
Isaias, mar a n-abair, servi mei comedent, et vos esurietis
“caithfid mh'óglácha-sa biadh, agus biaidh ocras oraibh-se.”
Dá chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd dá
gcéasadh do ghorta, agus nach faghaid biadh ré a fhromhadh. Agus
is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Lúcás san
seiseadh caibidil déag ar an mbocht darbh ainm Lazarus agus ar an
saidhbhir sádhail, mar a n-innistear go raibhe an saidhbhir céadna
comh-mór sin agá chrádh agus agá chéasadh ag an íota dobhí air i
n-ifreann, ionnus go raibhe go grod gáibhtheach ag éighmhe ar
Lazarus, dobhí i n-ucht Abraham, 'gá iarraidh air deór
bheag uisge do léigean do bharr a mheóir chuige ar bharr a
theangadh, do thabhairt ionnfhuaraidh dhó ón teasbach tarta 'na
raibhe. Agus ní hiongnadh a mheas go mbí easbaidh bídh ar an
druing bhíos i n-ifreann, agus nach bí a bhara fúthaibh éin-ní
don fhír-bheathaidh fholláin .i. don ghlóir shíordhaidhe, do
bhlas go bráth, ná tré shaoghal na saoghal.



An seiseadh goin.



An seiseadh gné, an ciorrbhadh agus an crapall agus an cruadh-
chuibhreach, an crochadh agus an céasadh agus an creat-raobadh, an
sníomh agus an sústadh agus an slat-bhualadh, an briseadh agus an
breódh agus an boirb-leadradh, do-bheirid daosgar-shluagh
deamhnaidhe dorrdha dubh-ghnúiseach an diabhail ar na hanmaibh
damanta daor-dhálacha dúra domhaiseacha, bhíos agá n-il-
phianadh i n-ifreann. Agus is iontuigthe fírinne aneithe se a
briathraibh Mhatha san ochtmhadh caibidil déag, mar a labhrann ar
an bpeacthach nach tabhair cúitiughadh san tsaoghal so uaidh, agus


L. 198


nach déin réir Dhé ná na gcomharsan ré linn a bheatha. Ag so
mar adeir, et iratus dominus eius tradidit eum tortoribus, quodusque
redderet universum debitum “agus ar ngabháil fheirge an tighearna,
do thiodhnaic sé é dona céastúnachaibh, go díol a fhiach go
hiomlán dó.” Dá chor i gcéill, an mhuinntear théid don
tsaoghal sul do-níd lóir-ghníomh 'na n-olcaibh, go dtabhair Dia
dá gcéasadh dona deamhnaibh thall iad. Agus an mhéid bheanas ris
an druing do-gheibh bás i bpeacadh mharbhthach agus bhíos damanta
i n-ifreann íochtarach go síordhaidhe, ó nach fuil fuasgladh 'na
gcionn tré bhiotha síor, bíd gan chrích gan fhoirceann agá
gcéasadh, amhail adubhramar.



An seachtmhadh goin.



An seachtmhadh gné, uathbhás; do réir Iob san deachmhadh caibidil
mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ubi nullus ordo, sed
sempiternus horror inhabitat “áit 'snách fuil ordughadh ar bioth,
acht 'na n-áitigheann uathbhás síordhaidhe.” Dá chor i gcéill
nach bí modh ná ordughadh dá choimhéad i n-ifreann, agus nach bí
cion seoch a chéile i gcomhair aon-duine dá mbí ann, acht amháin
madh iad bhus éadtruime coirthe, bí saor-dháil ag an mac tar an
athair, agus ag an inghin tar an mháthair, ag an gcumhail
gcoimhdeachta tar an mbainríoghain, agus ag an moghaidh tar an
rígh. Agus go bhfios damh, is mór an t-adhbhar uathbháis don
druing bhíos i n-ifreann an t-anordughadh sin bhíos orra do
mheas. Gidh eadh, atá adhbhar uathbháis is mó ioná soin i
n-ifreann i gcionn gach aoin dá mbí ann, mar atá bheith agá
malairt ó ghuais go guais agus ó ghábhadh go gábhadh, gan osadh
aon-uaire d'fhagháil, amhail adubhramair.



An t-ochtmhadh goin.



An t-ochtmhadh gné, dorchadas; do réir Mhatha san .22.
caibidil, mar a labhrann ar an mbreith bheirthear ar an
bpeacthach, agá rádh, ligatis manibus et pedibus eius, mittite eum
in tenebras exteriores “ar gceangal a lámh agus a chos, cuiridh
san dorchadas is foirimeallaighe é. Dá chor i gcéill go bhfuil
dorchadas i n-ifreann atá foirimeallach, amach ó fhlaitheas Dé,


L. 199


san áit is foide uaidh don chruinne. Óir tar ceann go bhfuil teas
foiréigneach i dteinidh ifrinn, ní fhuil soillse innte, do réir
Ghreaghóir in Moralibus, amhail adubhramar thuas, concremationem
habet, et non lucem “atá comhlosgadh innte, agus ní fhuil solus.”



Is iomdha gné phéine oile do fhéadfamaois do chur síos, do réir an
Scrioptúra, do bheith i n-ifreann, muna mbeith gurab líonmhar ré
a n-áireamh iad, agus go gcaithfeamaois an aimsir riú agá
bhfaisnéis. Gidh eadh, is iontuigthe géire agus neimhneachas péine
ifrinn as an dara comhartha chuireas Matha síos san .22.
caibidil úd, mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ibi erit
fletus et stridor dentium “biaidh annsin caoi agus díosgadh
fiacal.” Dá chor i gcéill go mbí do ghéire agus do ghoimh na
péine ifreannda gurab éigean dona hanmaibh déar-chaoineadh
agus díosgadh fiacal do dhéanamh tré thruime a dtreabhlaide agus
a dtinnis ann.



An naomhadh goin.



Tuig, a dhuine, go bhfuilid cheithre hadhbhair speisialta fá
mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann. An céad-
adhbhar, tré mar chaillid dá n-éis a maoin agus a maitheas ar an
saoghal. Óir an tan do-gheibh an peacthach bás, ní fhéadann a
bheag nó a mhór dá mhaitheas do bhreith leis go hifreann, amhail
adubhramair thuas. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, ag labhairt
ar an bpeacthach, cum interierit homo non sumet omnia, neque
descendet cum eo gloria eius “an tan do-ghéabhaidh an duine
bás, ní bhéaraidh gach éin-ní leis, agus ní thurnfa nó ní rachaidh
a ghlóir síos leis.” Dá chor i gcéill gurab éigean don
pheacthach gach ní 'na mbí dúil aige ar an saoghal d'fhágbháil
dá éis an tan do-gheibh bás. Tuig, a léaghthóir, gurab mar
imdheargadh do-bheir Dáibhídh “duine” d'ainm ar an bpeacthach
annso; óir tug Dia “duine” d'ainm ar an diabhal mar iomad
iomcháinte air, do bhríogh gur mheas nach raibhe créatúir san
chruinne is measa agus is anuaisle, nó is urchóidighe, ioná an
duine, an tan bhíos go holc. Ag so mar adubhairt Críost ris an
diabhal, amhail léaghthar san treas caibidil déag ag Matha, inimicus
homo hoc fecit “is é an duine easgcáirdeamhail do-rinne


L. 200


so.” Dá chor i gcéill gurab é an diabhal do-ní síol-chur ar na
coirthibh i n-aigeantaibh na ndaoine n-urchóideach. Gidh eadh,
bíodh a fhios agat go dtabhair Críost “duine” dh'ainm ar Dhia,
do réir mar léaghthar ag Matha san .20. caibidil mar a n-abair,
simile est regnum caelorum homini patrifamilias “is cosmhail
flaitheas Dé ré duine dobhiadh 'na athair mhuinntire.” Dá chor i
gcéill nach fuil ainm ar bioth fá Dhia is onóraighe ré a ghairm
ioná an duine, an tan bhíos fíréanda ann féin.



An deachmhadh goin.



An dara hadhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré mar
chaitheas an aimsear go héadtarbhach, do réir Ieremias san
chéad-chaibidil, mar a n-abair, transiit aestas, et facta est
messis, et non salvati sumus “do-chuaidh an samhradh thorainn, agus
do-rinneadh an foghmhar, agus níor fóireadh sinn.” Dá chor i
gcéill go dtéid earrach na hóige, agus samhradh na sláinte, agus
foghmhar sochrach na soibhéas tharsa, agus nach bí a bheag nó a
mhór do lón an ionnracais i n-iothlannaibh aigeanta na n-anam
ndamanta ré hucht gheimhridh an bháis. Agus dá réir sin bí
doghra agus doilgheas orra, ag éagcaoine na gorta spioradálta 'na
mbíd i n-ifreann, agus fós ag éagcaoine bheith i n-éagmais na
beatha suthaine agus ag iomaithbhear orra féin trés an bhfaill
tugsad 'na saothrughadh ré linn a mbeatha.



An t-aonmhadh goin déag.



An treas adhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré
bheith ar díbirt agus ar deóraidheacht i gcoigcrích ifrinn i gcéin
óna chrích bhunaidh agus óna athardha dhílis .i. flaitheas Dé.
Agus is uime sin adeirid go hiarghnóitheach accaointeach, do réir mar
léaghthar ag Dáibhídh san .136. Salm, mar a n-abair, quomodo
cantabimus canticum Domini in terra aliena “cionnus chanfam duain
an Tighearna i dtalamh choigcríche?” Dá chor i gcéill nach bí
fonn ceóil ná subhachais ar na hanmaibh i n-ifreann, ar mhéad a
ndoilgheasa tré ghéire a bpian, agus fós arna gcur ar athchur
agus ar ionnarbadh ann óna dtír dhúthchais agus óna gcathair
chomhnuighthe féin .i. flaitheas Dé.


L. 201


An dara goin déag.



An ceathramhadh hadhbhar fá mbí doilgheas agus doghra ar na
hanmaibh i n-ifreann, tré mhéad an amhgair bhíos orra ann, do
réir mar léaghthar ag Isaias san .65. caibidil mar a n-abair
Dia ag labhairt ar an druing dhamanta bhíos i n-ifreann, fumus
erunt in furore meo “biaidh siad 'na ndeataigh im fheirg-se.”
Dá chor i gcéill go gcoimmeasgann iad idir il-phianaibh ifrinn,
amhail dobhiadh doighir dheataigh agá gcommbuaidhreadh iar
n-éirghe a smúit-theinidh fhlich dhó.



AN T-AONMHADH HALT DÉAG
'na reacthar na teasta uathbhásacha do-bheirid na naomh-aithreacha
ar ifreann gona phianaibh.



An chéad-ghoin.



Ag so mar adeir S. Augustine, ag labhairt ar uathbhás ifrinn, amhail
léaghthar san dara caibidil don leabhar ro sgríobh ar na Trí
hÁrusaibh, illic poena horroris, poena foetoris, poena timoris,
poena tenebrarum, severitas tortoris, praesentia daemonum, feracitas
bestiarum, crudelitas ministrantium, dilaceratio immortalium vermium,
dolor sine remedio, vincula sine solutione, mors aeterna, poena sine
fine, absentia Christi, quoad visionem eiuc, quae omnia supradicta
superat, et omnibus poenis est intolerabilior “atá annsoin, ar
sé, ag labhairt ar ifreann, pian uathbháis, pian bhréantais, pian
eagla, pian dorchadais, géar-smacht an chéastúnaigh, aon-
láithreachas na ndeamhan, dásacht na mbeathadhach, cruadh-dháil
na n-amhus, raobadh na gcrumh ndomharbhtha, tinneas gan leigheas,
géibhinn gan sgaoileadh, bás síordhaidhe, pian gan chrích, éagmais
Chríost maille ré gan é d'fhaigsin, ní do sháruigh na huile
phiana réamhráitte, agus is dofhuilnge dona huile phianaibh.”
As so is iontuigthe éagsamhlacht agus urghráin phian ifrinn. Is
iontuigthe fós as, tar a bhfuil do ghoimh i bpianaibh gníomhacha
ifrinn, gurab mó do phéin easbaidh na glóire ioná iad uile. Is uime
sin adeir Chrysostomus, san seachtmhadh Homil. déag go


L. 202


pobal Antioc: multi inferni ignem timent, sed ego maxime
amarum dico amissionem gloriae “bí eagla theine ifrinn ar a lán,
gidh eadh adeirim-se gurab roi-sheirbhe easbaidh na glóire ioná
í.” Tig Basilius naomhtha san .26. Homil. leis so, mar a
n-abair, intolerabilis res est gehenna, quis nesciat supplicium
illud horribile? Tamesti mille alias ponat gehennas, nihil est tale
dicturus, quale est a beatae illius gloriae honore propelli, exosum
esse Christo, et audire ab illo, “non novi te” “ní dofhulaing, ar
sé, an bhráith-theine, cia dánach feasach an pheannaid uathbhásach
úd? Bíodh go luaidhfeadh neach míle bráith-theine, ní aibeóraidh
éin-ní bhus samhail do bheith ruagtha ó onóir na glóire úd, bheith
fuathmhar ag Críost, agus a chlos uaidh, “ní aithnim thú.” Is uime
sin adeir Hugo de Sancto Victore san dara leabhar ro sgríobh ar an
anam, quis putas tunc moeror erit, quae tristitia, cum separabuntur
impii a consortio sanctorum, et a visione Dei, et traditi in
potestatem ibunt cum ipsis in ignem aeternum “créad an cantlamh
mheasas tú do bheith ann an tráth soin? créad an tuirrse, an tan
do-ghéantar na peacthaigh do dhealughadh ré caidreabh na naomh,
agus ré hamharc Dé; agus ar mbeith arna ndáil ar a gcumas, mar
rachaid mar aon riú i dteinidh shíordhaidhe.” Gonadh ag tabhairt
aneithe céadna dá aire do-rinne an file Gaoidhealach an rann so: -




Atá teine i dtigh na bpeacthach,
pian gach crithir dá gcuir dhí;
mairg atá fá theas na teineadh,
's nach feas cá lá is deireadh dhí.




An dara goin.



Ag so tuarasgbháil ifrinn agus amarrán na n-anam ann, do réir
Cyrillus Alexandrinus, san óraoid do-rinne do thriall na hanma,
mar a n-abair, huc merguntur animae peccatorum in omne aevum
crematurae, quem ad modum Iob tradidit, in terram noctis aeternae,
ubi non lumen, non mortalibus vita, sed iugis aegritudo, sed maeror
incessabilis, sed planctus per noctes: vae illic aeternum: illic heu
me: illic ingemiscunt assidue, nec illic miseretur: clamant e
profundis, et nemo flectitur: lamentantur, et nullus eripit,
exclamant


L. 203


et plangunt, et nemo miseretur “múchtar, ar sé, annsúd anmanna
na bpeacthach ré a losgadh tré shaoghal na saoghal, amhail do
sheól Iob, i dtalamh na hoidhche síordhaidhe, áit 'snach fuil
solus ná corrigenda beatha dona somharbhthachaibh, acht galar
gnáth, iarghnó gan sgíoth, acht nuall-ghul gach n-oidhche; áit i
bhfuil mairg shíor ann; áit i bhfuil monuar, monuar; áit i
mbíd ag iachtaigh do ghnáth, agus ní bhí truaighe dhóibh ann;
éighmhid as na duibheacánaibh, agus ní fhilltear neach orra;
do-níd eólchaire, agus ní fhóireann aoin-neach iad; éighmhid agus
caoinid, agus ní ghabhann truaighe aoin-neach dhóibh.”



An treas goin.



Ag so mar an gcéadna an teist do-bheir Hugo de Sancto Victore ar
ifreann, san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar ro sgríobh
don anam, infernus lacus est sine mensura, profundus sine fundo,
plenus ardore incomparabili, plenus foetore intolerabili, plenus
dolore inenarrabili: ibi miseria, ibi tenebrae, ibi ordo nullus,
horror aeternus, ibi nulla spes boni, nulla desperatio mali; omnis
qui est in eo, odit se et omnes alios, ibi omnia genera tormentorum,
quorum minimum maius est omnibus his tormentis, quaecumque in hoc
saeculo fieri possunt “loch, ar sé, ifreann gan tomhas, doimhneas
gan fhorus, lán do theas dochoimmeasta, lán do bhréantas
do-fhulaing, lán do thinneas do-inniste: áit 'na bhfuil
truaghántacht, áit 'na bhfuil dorchadais, áit 'snach fuil aon-
ordughadh, uathbhás síor, áit 's nach fuil aon-mhuinighin
mhaitheasa, 'snach fuil aoin-éadóchas uilc, gach aon dá bhfuil
ann fuathuighidh é féin agus na huile oile; ann atáid na huile
chinéil phian, agus an phian is ro-lugha dhíobh, is mó ionáid
na huile phiana fhéadtar d'imirt ar neach san tsaoghal so.”



An ceathramhadh goin.



Dá bhfiafraigheadh neach, cia an áit don domhan 'na bhfuil
ifreann, ní feas dúinn go cinnte é, do réir S. Augustine san dara
leabhar déag ro sgríobh ar Genesi, mar a n-abair, in qua parte
mundi infernus sit, scire neminem arbitror, nisi cui Domini Spiritus
revelaverit “measaim nach feas d'aoin-neach cia an rann san


L. 204


domhan 'na bhfuil ifreann, muna nochtaidh Spiorad an Tighearna
dhó é.” Féach a briathraibh Ghreaghóir naomhtha san .49.
caibidil don naomhadh leabhar ro sgríobh dona Béasaibh, créad an
t-ainriocht 'na mbíd anmanna na bpeacthach ndamanta i
n-ifreann. Ag so mar adeir, fit miseris mors sine morte, finis
sine fine, defectus sine defectu; quia et mors vivit, et finis
incipit, et deficere defectus nescit “do-níthear, ar sé, dona
truaghánaibh bás gan éag, críoch gan fhoirceann, uireasbaidh gan
easbaidh; óir agus mairidh an bás, agus tionnsgnaidh an chríoch,
agus ní heól don uireasbaidh dul ar ceal uatha.”



An cúigeadh goin.



Tuig, a léaghthóir, go mbí deithbhir idir phianaibh na bpeacthach
i n-ifreann, ionnus an tí is truime coire san tsaoghal, gurab é
bhus géire pian thall; do réir Ghreaghóir .4. Dialog., mar a
n-abair, unus gehennae ignis credendus est, sed non uno modo
omnes cruciat peccatores; unius cuiusque enim quantum exigit culpa,
tantum illic sentiet poenam “is inchreidte gurab éin-ghné amháin
bhráith-theine bhíos ann, gidh eadh, ní ar aon-mhodh amháin
chéasas sí na peacthaigh; óir do réir thruime choire gach aoin,
an truime chéadna phéine mhothóchas ann.” Tig Ephraim leis aní
gcéadna san treas caibidil ro sgríobh ar an bhfíor-aithrighe,
mar a n-abair, sicut sunt peccatorum differentiae, ita sunt et
cruciatuum varietates: aliter enim cruciatur adulter, aliter
fornicator, aliter homicida “amhail, ar sé, atá idirdhealughadh
idir na peacadhaibh, is mar sin atá éagsamhlacht na bpian: ar chor
oile iomorra chéastar an t-adhaltrach, ar chor oile an táitheach,
ar chor oile an dún-mharbhthach.” Tig Greaghóir naomhtha leis
so san .47. caibidil don naomhadh leabhar ro sgríobh dona
Béasaibh, mar a n-abair, licet gehenna cunctis una sit, non tamen
cunctos una eademque qualitate succendit “bíodh, ar sé, gurab aon-
bhráith-theine amháin atá ag na huilibh, más eadh ní ar aon-cháil
amháin ionann loisgeas na huile.” As so is iontuigthe nach ionann
loisgeas an bhráith-theine na ciontaigh i n-ifreann, tar ceann
gurab ionann an bhráith-theine innte féin do réir a substainte;
agus dá réir sin nach ionann truime phian na


L. 205


gciontach i n-ifreann, acht an tí is truime peacadh, gurab é is
truime pian.



An seiseadh goin.



Adeir Isidorus san .31. caibidil don chéid-leabhar do sgríobh
don Ard-mhaith, go mbí pian ar leith ar an intinn, agus pian fá
leith ar an gcorp. Ag so mar adeir, duplex damnatorum poena est
in Gehenna, quorum et mentem urit tristitia, et corpus flamma
“atáid, ar sé, dá phéin ar an druing dhamanta san bhráith-
theinidh, pian díobh loisgeas an intinn lé toirrse, agus pian
oile lé loisgthear an corp lé lasair.” As so is iontuigthe nach bí
saor-dháil i ifreann ag anam an chiontaigh, agus nach biaidh agá
chorp an tan roichfeas ann.



An seachtmhadh goin.



Adeir Scotus san dara ceist don .44. Distinct. ar an
gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, go bpiantar an
t-anam ann féin agus 'na uile bhríoghaibh. Ag so mar adeir,
anima in se ipsa et in omnibus facultatibus cruciatur “céastar,
ar sé, an t-anam ann féin, agus 'na uile acfuinnibh.” As so is
iontuigthe go gcéastar an toil, an tuigse agus an mheabhair. Is
cneasta iomorra a mheas go gcéastar an toil, an mhéid go
gcongbhathar uaithe gach ní dá mbeith a dúil, agus go ndáiltear
dhí dá haimhdheóin gach ní budh fuath lé. Céastar mar an gcéadna
an tuigse, do bhríogh gurab léir dhí gach sochar do chaill sí,
agus gach dochar dá mbí dh'áirithe aice. Céastar fós an
mheabhair, do bhríogh nach meileann acht míorath na meanman darab
meabhair í. Tuig fós do réir Scotus san áit chéadna go gcéastar
an corp mar aon réna chéadfadhaibh, agus an mhéid bheanas ris
na céadfadhaibh corpardha. Ag so suidhte fá seach orra. Ar dtús,
don amharc, do réir Iob san chúigeadh caibidil mar a labhrann ar
an druing ndamanta bhíos i n-ifreann. Ag so mar adeir, per
diem incurrent tenebras “teigéamhaid ar ló i ndorchadasaibh.” Dá
chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd i ndoighir
dhorcha agus i ndoilbh-cheó do shíor, ionnus nach faicid ní san
bhioth budh solus ná sásadh dá súilibh, ná budh geall ré radharc do
bheith aca. Agus dá réir


L. 206


sin bí pian ar na súilibh, do bhríogh go gceiltear orra gach ní
budh sáimh leó d'fhaigsin, agus gurab éigean dóibh silleadh ar
gach ní budh déistineach leó d'fhaigsin. Is i bpearsain an
chiontaigh i n-ifreann go fáthach labhras Tobias san chúigeadh
caibidil, mar a n-abair, quale gaudium mihi erit qui in tenebris
sedeo, et lumen caeli non video “cionnus bhias, ar sé, lúthgháir
oram-sa, atá im shuidhe i ndorchadasaibh, agus nach faicim
soillse nimhe?” As na briathraibh se go fáthach is iontuigthe go
mbí pian chinnte i gcionn na súl i n-ifreann. Bí fós pian i
gcionn na gcluas, do réir Iob san .35. caibidil, mar a
n-abair, clamabunt et ululabunt propter vim bracchii tyrannorum
“gáirfid agus liú-ghoilfid tré neart láimhe na n-anfhlaitheadh.”
As so is iontuigthe go mbí pian chinnte i gcionn na héisteachta
i n-ifreann, an tan at-chluinid gréachadh agus grafainn agus gol-
gháire, búdhaire, béiceadh agus bolgfadhach, cneada agus caoi agus
caointe, iachtach agus osnadhach agus éagcaoine na n-anam
n-aigmhéil, an tan bhíd 'gá n-éigniughadh lé hil-phianaibh
na n-arracht n-ifreannda. Biaidh mar an gcéadna pian chinnte
dh'áirithe ag an sróin i n-ifreann, tré bhréantas na n-ablach
ndamanta bhíos ann. Agus is ar na hablachaibh se labhras Isaias
san .34. caibidil mar a n-abair, de cadaveribus eorum ascendet
foetor “eireóchaidh bréantas dá n-ablachaibh súd.” As so is
iontuigthe go mbia bréantas shrón an chiontaigh i n-ifreann.



Biaidh mar an gcéadna an béal 'gá phianadh i n-ifreann, tré
bhlasadh na gorta, mar adeir Dáibhídh Rí san .58. Salm, mar a
n-abair, ag labhairt ar an ngorta bhíos ar na ciontachaibh i
n-ifreann, famen patientur ut canes “fuileóngfaid ocras mar
mhadradha.” Dá chor i gcéill go mbia pian an bhlasaidh ar
bhéalaibh na ndamantach tré mhéad a n-airce lé híota agus lé
hocras i n-ifreann.



Biaidh arís pian an tadhaill ar na ciontachaibh i n-ifreann, do
réir Mhatha san .25. caibidil mar a n-abair, ite maledicti in
ignem aeternum “imthighidh, a dhream mhalluighthe, san teinidh
shíordhaidhe.” Dá chor i gcéill go mbia pian tadhaill ar
anmannaibh na gciontach i n-ifreann, maille ré goradh teineadh,


L. 207


ré géar-ghoin fhuachta, ré sústadh deamhan, agus ris gach péin
oile ó shin amach.



An t-ochtmhadh goin.



Gá dtám ris, ní héidir léir-mheas do dhéanamh ar aidhbhsighe agus
ar éagsamhlacht phian ifrinn. Agus fós, is lór do ghoimh ionnta
nach bí fuaradh ná furtacht, lagadh ná laghdughadh, seitheamh ná
socamhal ag neach ionnta. Do réir mar adeir Cyprian naomhtha san
leabhar ro sgríobh do Demetrian, mar a n-abair, in inferno
nullum est solatium, nulla consolatio, nulla diminutio poenarum “ní
fhuil, ar sé, aon-aiteas, aon-chomhfhurtacht, ná aon-laghdughadh
pian i n-ifreann.” Agus fa-ríor gidh doiligh gach díoth, agus
gidh adhbhal gach anfhochain dar áirmheas go soiche so, is barr ar
gach broid dá mbí ann bioth-bhuaine agus síordhaidheacht na sár-
dhochar do luaidheadh linn go ró so do bheith ann. Óir ní théid
caitheamh ná críochnughadh ar phianaibh ifrinn, agus bíd agá
n-athnuadhadh do shíor. Do réir mar adeir Bearnard naomhtha
san chúigeadh caibidil do leabhar na Naomh-smuaineadh, mar a
n-abair, sicut ignis in inferno consumit ut semper reservet,
tormenta aguntur ut semper renoventur “amhail, ar sé, chaitheas
an teine i n-ifreann, ionnus go ndiongnadh coigilt do shíor, mar
an gcéadna gníomhuighthear na piana ionnus go ndiongantaoi a
n-athnuadhadh do shíor.” Do-bheir S. Augustine sompla ar aní
se san .23. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a dtráchtann
ar na sléibhtibh atá san Sisilia bhíos ar losgadh do shíor, agus
thairis sin bheireas as gan chaitheamh do dhol ionnta. Mar an
gcéadna do bhráith-theine agus do phianaibh ifrinn.



An naomhadh goin.



Tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamar ar ifreann go soiche so,
cuirfeam síos an tuarasgbháil do-bheir Bearnard naomhtha air, do
réir mar léaghthar san tseanmóir ro sgríobh ar an bhfeidhm
spioradálta, mar a n-abair, o gehennalis regio fugienda, ubi
ignis ardens, frigus urens, vermis immortalis, foetor intolerabilis,
mallei percutientes, tenebrae palpabiles, confusio peccatorum,
innodatio vinculorum, et horribilis daemonum tremor “ó a fhlaithis


L. 208


intseachanta ifrinn, áit 'na bhfuil teine lasamhail, fuacht
loisgneach, cruimh dhomharbhtha, bréantas dofhulaing, uird ag
urlaidhe, dorchadas soghlactha, commbuaidhreadh na bpeacthach,
snadhmadh na ngéibheann, agus crioth uathbhásach na ndeamhan.” Is
iontuigthe as an dtuarasgbháil se do-bheir Bearnard naomhtha ar
ifreann gurab adhbhal a ineagluighthe d'árus ré a áitiughadh.



An deachmhadh goin.



Mo thruaighe, is maolughadh meisnigh, agus is mana mór-chumha, agus
is maoithe mheanman, bheith ag machtnadh agus ag midheamhain ar an
muinntir misgnigh mór-ghothaigh meisg-bhriathraigh sin, an tan
do-bheirid brosgar biodhbhadh do lomradh agus do losgadh lochta an
leasa sin Lúicifeir. Áit i mbíd anmanna amhghlana na bpeacthach
ndamanta agus frasa fír-ghéara foghadh ag fearthain orra, agus
beara bairr-dhearga bruith-neimhneacha ar bioth-luamhain tríotha,
agus cliatha cinn-ghéara crainn-reamhra catha ag cuar-lúbadh
ionnta. Iomdha ámh annsin, fa-ríor, féinnidh fras-ghonta, agus
curaidh créachtnuighthe, agus laochraidh láimh-ghearrtha, agus
triatha ar tuisleadhaigh, taoisigh throm-ghonta agus máil ar
meirtnighe, brughaidh broinn-teasgtha agus foirbhfir fhiair-
ghearrtha, buidhne brat-chorcra agus colna cros-bhuailte, cinn go
comharthach agus súile saobh-dhalla, beóil ag bán-ghlasadh agus
dóide drom-ghonta, bruinne ag bolgfadhaigh agus cosa ar cam-
luamhain, troighthe truaill-ghearrtha agus slaod-óglaoich sínte
seac-mharbha! Iomdha ann fós buidhean bhriste bhearnach gan
bharánta, agus tréad tuilighthe toll-airbheach gan taoiseach, agus
torathar taobh-nocht truaghánta gan treóraighe, agus aicme aigmhéil
easbadhach gan aoghaire, agus connlán cneadhach ceasnaidheach gan
chodhnach, agus deibhléan doim dearóil gan díon-athair! Iomdha
ann mar an gcéadna amaid arrachta éidigh odhar-ghorm, agus oill-
phiast atmhar ainmheach uaith-bhéalta, agus gríobh ghreannach
ghob-lom ghearánach, agus badhbh béil-reamhar bhreac-ghlas
bhréin-fhiaclach, agus brain-éan bir-ingneach broinn-chiar bán-
shúileach, agus bineach brónach bán-chrothach beag-croidheach, agus
glámh garbh-ghothach greadhnach grod-fhoclach! Atáid fós ann
dlúimhe donn-ruadha drithleacha ag dearg-losgadh,


L. 209


agus searbh-shrotha sriobh-luatha silteacha soghluaiste ag slogadh,
agus bloisg-easa beann-gharbha buan-gháibhtheacha borb-thonn ag
báthadh, agus cnoc-thonna crithreacha ciachdha caor-mhongacha ag
ciorrbhadh, agus gadáin ghríos-ghortha ghoithneacha ghéir-
neimhneacha do chaoraibh trom-aidhbhseacha teineadh ag tolgadh agus
ag toghail troch 'gá dtaobh-lot, agus sguaba sgoith-neimhneacha
sgealbh-ghaoithe 'gá sgolt-raobadh ó chéile, agus ríogh-ruathar
ro-mhór ruadh-thuile raibhe ag roith-lingeadh orra, agus maidhm-
cheatha meabhla agus míorúin dá mear-dhortadh orra, dá múchadh i
muirt na míothaom agus na mór-olc soin, maille ré cíocras confadhach
cogaidh, agus ré fiuchadh fraoch-aingidh feirge, lán do dhiomdha
agus do dhiombloidh, lán do dheabhaidh agus do dhoghraing, ucht ar
ucht ag ionnradh agus ag argain a chéile go hathlamh iomluath, go
mbíd taosga taip-dhearga tonn-fhola ag teibearsain agus ag tuitim
a taobh-lotaibh na dtroch, ó thairm agus ó thóicheastal throid-
mhear thinneasnach na tréan-fhoghla soin. Ionnus go dtig don
ghleic agus don ghnáth-spairn 'na mbíd, go bhfuaduighthear go
grian agus go grinneall an ghruaim-thighe sin iad; go bhfásann a
ngrúg agus a ngoimh-fhíoch ón ghrod-spairn sin ré chéile, go
dtig dhe sin nach bí socht ná seitheamh, treall ná treimhse
eatorra, acht iad ag usgardadh agus ag athchor a chéile go bronn-
lár nó go bolgán na bruidhne sin; agus teaglaim agus tiomargadh do
dhaosgar-shluagh dheamhnaidhe go dána dulasach, i bhforbhais nó
i bhfoslongphort 'na n-ucht, ré foghail agus ré fíor-lot do
dhéanamh dhóibh; agus iad do ghnáth ag déanamh foirneirt agus
fairbríogha orra anois agus do shíor! Agus mo thruaighe, is
adhbhar beadhgtha agus brón-tuirrse inneall agus iostas an áruis
ainiarmhartaigh sin; agus dá mbeith gan éin-ní dar áirmheas-sa
do bheith ann, dobudh lór dhóibh do phéin silleadh seirgnidhe
siabhartha agus amharc éidigh uathbhásach an aidhbhirseóra do
bheith d'anfhochain orra.



Féadtar fós tuille tuarasgbhála do thabhairt ar ifreann, agus a
mheas nach fuil ann acht slighe gacha sluaigh, conair gacha catha,
agus raon gacha ruathair, agus tor gacha troda, agus cathair gacha
coinbhliochta, agus ionadh gacha hiombuailte, agus longphort gacha
ladrainn, agus uaimh il-phiastach gach uaith-bhéaltais, agus ár-
mhagh gacha himreasna, agus dúir-theach duaibhseach daor-dhálach
gacha


L. 210


deamhain. Áit i bhfuil gairbh-eagar glas-odhar gual-aightheach
greannach groid-mhéar gleann-shúileach, agus drong-bhuidhean dhothaimh
dhoi-eadrána dhána dhísgir dhúr-chroidheach, lán d'anfadh
aigeanta agus do rabharta roi-dhíomais, lán do ruamnadh agus do
ruithin-ghríos, lán d'fhíoch agus d'fhearg-luinne, lán do
chuthach agus do chonfadh, ag forlosgadh foirne, agus ag trasgairt
troch, agus ag leadradh laoch, agus ag cneas-ghoin churadh, ag
marbhadh míleadh, agus ag tolladh taobh, agus ag ciorrbhadh corp,
agus ag briocht-sgothadh ball. Áit i bhfuil smúit-cheó agus
sméaróide túthmhara teineadh ré tachtadh, agus sgolbh-ghaoth
sgoith-ghéar ré sgannradh, agus lanna líomhtha ré leadradh, agus
tuagha troma ré tuargain, agus luaithreadh lasamhail ré losgadh,
agus deannghar duibh-dhrithleach ré dian-ghoradh, agus saighde
srúibh-ghéara ré sáthadh, agus beara bláith-shliobtha briocht-
fhaobhracha ré beó-tholladh bocht-anam ann. Áit i bhfuilid
taidhbhseana agus tadhbháis, agus athaide oidhche, agus amaide
arrachta, agus marbha meirbh-líthe, agus fanntaise folt-sgaoilte,
agus saobh-choire siabhartha, agus fuatha ar fuaidreadh, agus
foiche ar foluamhain, agus iad ag drudadh a ndrannt, agus ag
spealadh a splín-chiabh, agus ag saobhadh a sreang-shúl, ag
furnaidhe agus ag fíor-thairrngire na n-olc agus na n-easbadh
bhíos ré a n-imirt ar an mbróin ngeimhligh ngiall bhíos 'gá
ngroid-phianadh ann.



Iomdha ann fós rioth reann, agus siadhán soighnéan, agus nuall-
fhoghar néall, agus foghar-mhuirn agus fothram, agus néall-ghul
niatta náimhdidhe, ag rabhadh agus ag réamhfhaisnéis gacha onfaise
agus gacha iommbáitte dá mbí ar anmannaibh orchradhacha ann; agus
iad i n-inne aigianta eisinnill an áruis imshníomhaigh sin, dá
n-oirleach agus dá n-easargain, lán d'anaoibh intinne agus
d'iarghná inmheadhónaigh aigeanta: agus iad daingean dlúith-iatta
fá choimhthriall cogaidh, ag rian agus ag ro-thuitim leis an
daosgar-shluagh ndísgir ndoichineóil ndeamhnaidhe, bhíos go
neartmhar neimhleasg, gan sgíoth gan tathamh gan tionnabhradh, 'na
gcró-bhuaile chumhaing, agus 'na bhfóir neimhnigh námhad 'na
dtimcheall, go ndéinid brúireach agus cuar commbuaidheartha cumaisg
dhíobh, agus go gcuirid ainn-séin i ndoighir dhorcha dhonn-
ruaidh dhubh-lasrach dá n-únfairt agus dá n-iomlosgadh


L. 211


iad, go mbí teannáil nó teine dhiadh an toirn teinntidhe sin 'na
cearchaill chraobh-lasrach, agus 'na sgeimheal sgeamh-ghoithneach
'na dtimcheall. Gonadh iad is cuisleanna catha, agus is adharca
áigh dona hanmannaibh aigmhéile sin an chomhgháir chumaisg
chomharc agus chaointe, an ghrafainn agus an ghairbh-iachtach
gháibhtheach ghroid-éigneach chuirid asta, do chasaoid na
cruadh-bhroide bhíos orra féin i n-adhbhaidh an-shásta ifrinn.
Gonadh ar na hadhbharaibh sin adeir file éigin an rann so: -




Gion go mbeith, ní beag an teidhm,
fuacht nó teas i dtigh ifeirn,
glór na ndiabhal is a ndath,
lór do phianadh na bpeacthach.




An t-aonmhadh goin déag.



Cuirfeam síos annso a trí nó a ceathair d'áitibh as an Scrioptúir
mar chleathaibh ceangail ar an bhfál bhfírinne se do
chuireamair óna naomh-aithribh, do bhréagadh agus do ghabháil na
bpeacthach óna míghníomhaibh lé faisnéis na n-olc n-ifreannda
dhóibh. Ag so mar adeir Ieremias san naomhadh caibidil, Ecce
ego cibabo populum istum absinthio, et potum dabo eis aquam fellis
“do-ghéan-sa an pobal úd do bhiathadh lé bormont, agus do-bhéar
deoch dhóibh d'uisge domblais.” Tuigthear fós rann oile do
phianaibh ifrinn a briathraibh Isaias san .34. caibidil, mar a
n-abair, et convententur torrentes eius in picem, et humus eius
in sulphur “fillfidhear a bhuinneadha súd i bpic, agus a thalamh
i raibh.” Dá chor i gcéill, na heasa agus na hinnbheara bhíos
ag sileadh agus ag snighe i n-ifreann, go ndéantar a gclaochlódh
i bpic tré fhuacht, agus an úir bhíos ann i raibh lé teas na
teineadh ifreannda bhíos ag comhlosgadh na n-anam. Tig Solamh
leis so san .21. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, stupe
collecta synagoga peccantium et consummatio illorum flamma ignis
“barrach tiomsuighthe cruinniughadh na bpeacthach, agus lasair
theineadh is caitheamh dhóibh.” Dá chor i gcéill nach mó bhíos
an barrach abaigh ré fadódh do ghabháil ón teinidh, ioná bhíos
anam an pheacthaigh ré hadhnadh lé teinidh ifrinn. Agus fós iar
mbráth, an tan


L. 212


bhíos an cholann agá coimhphianadh mar aon ris an anam, is iad na
boill fá hoirnise na holcaibh do dhéanamh is mó phianfaidhear,
do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do leabhar na hEagna,
mar a n-abair, per quae peccat quis, per haec et torquetur “na
neithe lé bpeacuigheann neach, is leó sin phiantar é.” Ionnus dá
dtigeadh don tsúil tú do dhéanamh uilc san tsaoghal so, budh pian
duit an tsúil chéadna thall. Mar an gcéadna don chluais, nó don
bhéal, nó dona ballaibh oile ó shoin amach, bíd fá seach go cinnte
ag céasadh an chiontaigh i n-ifreann, amhail adubhramar thuas.



AN DARA HALT DÉAG
'na gcuirthear i gcéill an sochar 'na dtéid dona daoinibh
tuarasgbháil ifrinn agus a phian do chlos; agus an oirchill
dhlighid do bheith rompa ré a seachnadh; agus cionnus fhéadtar a
seachnadh.



An chéad-ghoin.



Measaim, a léaghthóir, cibé Críostaidhe caon-dúthrachtach do-
bhéaradh dá aire na guaise réamhráitte reacthar do bheith i
bpianaibh ifrinn, go ngéabhadh anbhuain aigeanta agus criothnughadh
croidhe é; agus mar gur chuir ar Slánuightheóir milis Iosa
allus fola dhe, tré orghráin résan mbás gcorpardha, amhail
léaghthar ag Lúcás san .22. caibidil, is mó sa chách dhligheas
an peacthach bocht uamhan agus imeagla do bheith air, iar gclos na
nguasacht so atá 'na chionn, agus oireagar innill do chur air
féin 'na n-ucht. Cia an duine díchéillidhe dúr-aigeantach nach
biadh ar a choimhéad orra agus nach géabhadh gráin rompa iarna
gclos? Gonadh uime sin adeir Cassianus in Confess. th. per .3.
Quis egro fidelium haec audiens et talia sciens non contremiscat?
Digito ignem modicum tangere horremus, et pedibus coniici? “uime
sin, ar sé, cia an Críostaidhe, iar gclos a n-ionnshamhla súd,
agus iarna bhfios, nach coimhchrithfeadh? Is déistineach linn
buain ré teinidh mbig lénar méar, agus cionnus nach beimís


L. 213


oirmheata trénar dteilgean i slaoid-teinidh, iar mbeith
ceangailte dár lámhaibh agus dár gcosaibh!”



An dara goin.



Is í an ghuais se do-ní Pól do bhagar, amhail léaghthar san
deachmhadh caibidil gusna hEabhraidhibh mar a n-abair, horrendum
est incidere in manus Dei viventis “is uathbhásach teagmháil i
lámhaibh an Dé bheó.” Uime sin adeir Dáibhídh Rí san dara Salm,
servite Domino in timore “déanaidh feidhm don Tighearna i
n-eagla.” Dá chor i gcéill, gach foghnamh dá ndéin duine do
Dhia, gurab amhlaidh dhligheas a dhéanamh do dhruim fhaitcheasa.



An treas goin.



Dá bhfiafruigheadh neach créad as ar dheónuigh Dia na teasta agus
na tuarasgbhála urghránna uathbhásacha úd do-bheir an Scrioptúir
agus na haithreacha naomhtha ar il-phianaibh ifrinn, is eadh is
fáth dhó, do mhusgladh meanman na bpeacthach a suan seachmaill
agus a néall neamhfhaire, ionnus an drong dhíobh nach saothruigheann
subháilce ar ghrádh na glóire, go ndiongnadaois a ngníomhughadh
d'eagla na bpian úd. Óir amhail do-ní an rí críonna fuireachair,
ar mhaith réna ríoghdhacht, do stiúradh a fhlaitheasa go críonna,
príosúin nó carcracha do chor 'na chathrachaibh, agus crocha do
chur ar chnocaibh a thíre, do mhúchadh mheirleachais
díbhfeargach agus lochta foghluighthe a dhúthaighe, dá gclódh ó
chlaonadh nó ó choill a reachta, mar an gcéadna do-ní Dia an
uaimh ifreannda gona pianaibh do bhagar ar na peacthachaibh dá
n-iomchlódh óna n-olcaibh.



An ceathramhadh goin.



Léaghthar sompla cosmhail ris so ag Ammianus, san .23. leabhar,
ar rígh dobhí ar an bPersia, darbh ainm Cambyses. Dobhí
iomorra breitheamh breabóideach, darbh ainm Sisamnes, ag an rígh
se, rug claoin-bhreath mar gheall ar chumaoin fuair ó neach don
dá rann dobhí i n-imreasan, agus an tan fuair an rí deimhin air
sin, rug breith bháis ar an mbreitheamh, agus


L. 214


fós tug fá-deara a chroiceann do bhuain de, agus a chur mar
chumhdach ar an gcathaoir bhreitheamhnais 'na gcleachtadh an
breitheamh bheith, mar shompla dona breitheamhnaibh oile
dothiocfadh 'na dhiaidh, ionnus nach déandaois claonadh an reachta.



An cúigeadh goin.



Léaghthar mar an gcéadna ag Diodorus Siculus san chúigeadh
leabhar déag, go dtug Artaxerxes, rí na Persia, fá-deara mórán
dona huachtaránaibh dobhí faoi féin do chosgairt, agus a
gcroicinn do chrochadh ós cionn na cathaoireach 'na gcleachtaoi
leó bheith ag déanamh breitheamhnais, mar shompla don druing
tigeadh dá n-éis, dá gcongbháil i n-eagla, dá dtiocfadh iad dá
gcoimhéad féin neimhchiontach. Léaghthar san seiseadh caibidil déag
do Leabhar na Nuimhreach gur dheónuigh Dia Core Dathan agus
Abiron mar aon ré dá fhichid déag oile do shlogadh san talamh tré
shárughadh reachta Dé. Is follus fós as an seachtmhadh caibidil in
Genesi gur báthadh an cine daonna uile go haon-ochtar tréna
n-olcaibh. Is dearbh mar an gcéadna as an naomhadh caibidil déag
in Genesi gur sloigeadh líon Sodoma agus Gomorra go lucht
chúig gcathrach san talmhain, tré fheirg nDé do thuilleamh.



An seiseadh goin.



Is do theagasg na ndaoine, agá fhoráileamh orra marthain i
n-eagla Dé, atá aní léaghthar ag Matha san deachmhadh caibidil
mar a n-abair, nolite timere eos qui occidunt corpus, animam
autem non possunt occidere, sed potius timete eum, qui potest et
animam et corpus mittere in gehennam “ná bíodh eagla oraibh rés an
druing mharbhas an corp, óir ní fhéadaid an t-anam do mharbhadh,
acht bíodh eagla oraibh rés an tí fhéadas an t-anam agus an corp
do chor san bhráith-theinidh.” As so is iontuigthe go ndleaghair
dhúinn eagla Dé do bheith orainn tar omhan chréatúra san gcruinne.



An seachtmhadh goin.



Is ag foráileamh eagla Dé do bheith orainn atá aní léaghthar ag
Plutarchus, in Opusculis, ar Romulus, an céid-phrionnsa lér


L. 215


tógbhadh an Róimh. Is eadh iomorra do-rinne, a láimh-dhée do
dhéanamh armtha, do choimhéad luchta a n-adhartha i n-eagla.
Mar an gcéadna ní háil ré Dia gan é féin do thaisbéanadh armtha
maille ré sgiúrsadhaibh sgoith-ghéara phian ifrinn do bhagar ar na
daoinibh, dá gcongbháil fá chuing umhlachta agus óigh-réire dhó
féin. Óir ní fhuil sás na n-ainmhianach do chosg dá gcoirthibh
is mó ioná uathbhás na n-il-phian do bhagar orra.



An t-ochtmhadh goin.



Tig leis so an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh
caibidil déag, mar a n-iarann an saidhbhir sádhail, agus é i
n-ifreann, ar Abraham, an bocht Lazarus do chur lé rabhadh go
teach a athar féin, do thabhairt teasta agus tuarasgbhála ifrinn dá
bhráithribh, dá gcor ar a gcoimhéad. Ag so briathra an
tsaidhbhir ré Abraham, rogo te, pater, ut mittas eum in domum
patris mei; haveo enim quinque fratres, ut testetur illis ne et ipsi
veniant in hunc locum tormentorum “guidhim thú, a athair, ar sé,
go gcuirtheá é sin go teach mh'athar féin; óir atáid cúigear
dearbhráthar agam, go dtugadh tuarasgbháil dóibh, ionnus nach
tiocfadaois sin gus an ionadh so na bpian.” As so is iontuigthe
gurab mór an sás duine do chongbháil ón olc, na piana ifreannda, is
sgiúrsadha ag Dia ré smachtughadh na bpeacthach, do bhagar air.



An naomhadh goin.



Tig S. Bearnard leis so in Floribus, mar a n-abair, et sane
si amor Dei te tenere non potest, saltemm teneat et terreat timor
iudicii, metus gehennae, laquei mortis, dolores inferni, ignis
urens, vermis corrodens, sulphur foetens, torrens flamma, et omnia
mala tartaria “agus go dearbh, ar sé, muna fhéada grádh Dé do
chongbháil, go háirithe congbhadh agus orghráineadh uamhan an
bhreitheamhnais, eagla na bráith-theine, gaisteadha an bháis,
tinnis ifrinn, teine ag losgadh, cruimh ag coimhchreim, raibh ag
bréanadh, buinne lasrach, agus na huile olca ifreannda thú.” As
so is iontuigthe gurab ursa chongbhála ré cathughadh ris na
holcaibh, smuaineadh ar na críochaibh guasachtacha atá i gcionn an
duine.


L. 216


An deachmhadh goin.



Is uime sin atá Dia ag ordughadh go mbiadh cuimhne ag na daoinibh
ar a gcríochaibh déidheancha, amhail léaghthar san .32. caibidil
ag Deut., mar a n-abair, ag labhairt ar na peacthachaibh, utinam
saperent et intelligerent, ac novissima providerent “dob fhearr
liom go n-eagnuighidís agus go dtuigdís, agus go n-oirchilltí
leó a neithe roi-dhéidheancha.” Dá chor i gcéill gomadh mian
leis na daoine do chuimhniughadh ar na críochaibh guasachtacha
atá rompa, mar atá an bás, breitheamhnas, agus piana ifrinn agus
tréigean na glóire. Uime sin atá Bearnard naomhtha san seiseadh
caibidil do leabhar a Naomh-smuaineadh ag teagasg an pheacthaigh,
agus agá sheóladh dhó cionnus do fhéadfadh é féin do dhídean ar
na guaisibh réamhráitte. Ag so mar adeir, antequam puteus te
absorbeat, poenitere; priusquam infernus te rapiat, peccata tua
luge; priusquam in profundum inferni mergaris, negligentias tuas
plange, ubi iam non est locus confessionis. Quare? Quia in inferno
nulla est redemptio “sul shloigfeas an churr thú, déana
aithrighe; sul fhuaideóchas ifreann tú, caoi do cheana; sul
bháidhfidhear i bhfodhomhain ifrinn tú, caoin do sheachmaill:
áit anois 'snach fuil ionadh maithmheachais, áit 'snach fuil
anois ionadh subhachais, mar nach fuil cead aithrighe; áit 'snach
fuil anois cead leasuighthe, áit 'snach fuil anois ionadh
faoisidneach. Créad an t-adhbhar? Do bhríogh nach fuil aon-
fhuasgladh i n-ifreann.”



An t-aonmhadh goin déag.



A chara ionmhain, is córaide dhúinn teagasg S. Bearnard do
ghabháil annso, gurab eadh iarras féin ar Dhia, cabhair do
thabhairt dó, ré bhféadfadh na baoghail chéadna do sheachnadh.
Ag so mar adeir san chúigeadh caibidil do leabhar a Naomh-
smuaineadh, subveni mihi, Deus meus, priusquam ad tormenta
perveniam, priusquam me devoret ignis gehennae, priusquam sine
termino crucier in inferno “a Dhé, cabhair mé, sul roichfead gusna
pianaibh, sul shloigfeas teine an bhrátha mé, sul chéasfaidhear
gan chrích i n-ifreann mé, agus sul thiocfar i ndáil na bpian.”
Atá S. Augustine ag teagasg aneithe céadna dhúinn, agus agá
sheóladh


L. 217


dhúinn cionnus chuirfeam inneall orainn féin ré hucht na
nguasacht réamhráitte. Ag so mar adeir, san leabhar ro sgríobh ar
an gCreideamh go Peadar, tempus acquirendi vitam aeternam Deus
hominibus dedit, ubi voluit etiam poenitentiam esse fructuosam “san
bheathaidh se amháin do dháil Dia dona daoinibh aimsear
ghreamuighthe na beatha síordhaidhe, áit 'nar toil leis mar an
gcéadna an aithrighe do bheith toirtheach.” As na briathraibh se
is iontuigthe gurab í an fhíor-aithrighe is comhla agus is cliath
chosnaimh ag na daoinibh, ré hiad féin do chaomhnadh ar il-
phianaibh ifrinn. Agus ná measadh aoin-neach go bhfuil ar a
chumas féin fíor-aithrighe do dhéanamh go mbuaileann an Spiorad
Naomh béim fleisge ré fardorus ar chomhlaidh a choguais, lé
grásaibh forfhógarthacha mhusglas an mheanma ré cais-iompódh ar
a Chruthuightheóir agus ré tréigean na n-olc. Gidh eadh, tugadh
an duine dá aire go mbí go meinic aithrighe fhallsa fhollásach
ann, amhail dobhí ag Antiochus, agus nach gabhann Dia a samhail
sin mar dhíol ón pheacthach. Óir, mar nach gabhthar an monadh
fallsa i ndíol na bhfiach bhíos ar neach, do réir Ulpianus .5.
de Pignor.Action., mar an gcéadna ní ghabhann Dia an bhréag-
aithrighe ón pheacthach i ndíol na n-olc do-rinne. Och, a
dhuine thruaigh, cia an croidhe clochdha nach beadhgfadh iar
meas gach mór-ghábhaidh dá bhfuil rés an bpeacthach, ré triall go
hainriochtach a staid na beatha so don fhlaitheas neamhdha?



An dara goin déag.



Is saobh an seachrán don pheacthach shaoileas é féin do thriall
go saor-dhálach ar neamh tré shádhaile agus tré shaidhbhreasaibh,
agus gan duadh ná docamhal d'fhulang do thuar ná do thuilleamh
an fhlaithis neamhdha; agus a mhionca fá héigean dona naomhaibh
agus dona fíréanchaibh ulc agus amfhorrán, broid agus bochtacht,
díbirt agus deóraidheacht, fuacht agus íota agus ocras, agus il-
iomad anfhorlann oile d'fhulang do cheannach nimhe dhóibh féin!
Agus is ag meas aneithe céadna do Ghreaghóir naomhtha i Homilia
dh'áirithe, mar a n-abair, cum recognosco Iob in sterquilinio,
Ioannem esurientem in eremo, Petrum extentum in patibulo, Iacobum
decollatum ab Herode gladio, cogito qualiter Deus in


L. 218


futuro cruciabit quos reprobat, quia ita dure affigit quos amat “an
uair mheasaim (ar sé) Iob san charn aoiligh, Eóin ocrach ar an
bhfásach, Peadar sínte ar an gcroich, Séamus dícheannta ó
Ioruaith lé cloidheamh, smuainim cionnus chéasfas Dia san aimsir
atá ré teacht an dream is fuathmhar leis, mar go mbuaidhearthar leis
comh-dúr soin an dream is ionmhain leis.” As so is iontuigthe nach
suarrach saor-dhálach an ceannach is éigean do neach do thabhairt
ar fhlaitheas Dé; ní hionann agus mar mheasaid na heiriceadha,
nó mar do shaoil máthair chloinne Zebedaeus, amhail léaghthar
ag Matha san .20. caibidil. Gidh eadh, tuigthear a briathraibh
Críost san chaibidil chéadna nach gan ulc do-geibhthear neamh; mar
do fhiafruigh do chloinn Zebedaeus an bhféadfadaois corn na
páise d'ól mar aon ris féin. Ionann sin ré a rádh agus go raibhe
d'fhiachaibh orra duadh d'fhulang ré flaitheas Dé do thuar
dhóibh féin. Agus is iontuigthe as sin go bhfuil d'fhiachaibh
ar gach n-aon saothrughadh ré flaitheas Dé do ghreamughadh. Do
bhríogh a ndubhramar, a dhuine, treabh go tarbhach branar
samhraidh na subháilceadh, agus déana foirse fíréanda faoisidneach ar
ithir th'anama, agus tabhair ucht ar ar na haithrighe; ionnus go
mbiadh airmnighe ionnracais it chomhair san iothlainn aingealda úd
na cathrach neamhdha, mar lón shíordhaidhe réd chothughadh féin
tré shaoghal na saoghal.



AN TREAS ALT DÉAG
'na gcuirthear i gcéill cia na ladrainn nó na díbhfeargaigh bhíos
i gceilg rés an nduine, agá thoirmeasg ó thriall ar neamh; agus
cionnus fhéadas é féin d'imdhídean orra agus lingeadh tharsa go
neamh.



An chéad-ghoin.



Tuig, a dhuine, ó tá an bealach baoghail se rés na daoinibh eatorra
agus rochtain ar neamh, nach foláir dhuit inneall do chor ort
féin, ré haistear aireach do dhéanamh go neamh. Déana ar dtús
comhairle Phóil, san treas caibidil go Colo., mar a n-abair,
exspoliantes vos veterem homine induite novum “iar mbuain an


L. 219


tseanduine dhíbh féin, gabhaidh nua-dhuine umaibh.” Ionann sin
ré a rádh agus iar sgrios aibíde aosta athchaitte na hurchóide
dhíbh, gabhaidh nua-bhrat niamhdha na neimhchionta ón aithrighe
umaibh, ó's é is éadtroma ré haistear do dhéanamh faoi go
flaitheas Dé. Agus is dá thuar so atá aní léaghthar in Exodo san
aonmhadh caibidil déag, mar a bhforáileann Dia ar Chloinn Israel
gach gustal trom dá raibhe aca do mhalairt ar ghréithibh geanamhla,
agus as aisgeadhaibh uaisle éadtroma óir agus airgid ré hucht a
n-imtheachta; agus fós, éadaighe úra éadtroma do chur iompa, agus
a n-éadaighe arsanta d'fhágbháil ar mbeith ainiomchubhaidh ré
haistear ná ré himtheacht do dhéanamh ionnta. Mar an gcéadna
dhligheas an duine do dhéanamh ré mbeith ar tí imirce do dhéanamh
a hÉigipt na hurchóide, truis trom an pheacaidh do mhalairt ar
ghréithibh geanamhla na glan-dúthrachta, agus ceirte críona na
coire do mhalairt ar aibídibh áilne ionaonaigh an ionnracais, mar
atá bochtacht toileamhail i n-áit na sainnte, umhlacht ar son
an uabhair, grádh ar son an fhuatha, óigh-réir ar son an
fhoiréigin, geanmnaidheacht ar son na drúise, fírinne i n-áit na
bréige, díoghrais ar son doimhéine, agus mar sin ó shin amach. Gidh
eadh, bíd daoine dall-chroidheacha ann, chuireas rompa a gcleath do
chor i dtalamh san bheathaidh se, agus luigheas ar an loise
laomdha éirgheas leó san saoghal so, agus leathas iad féin orra agá
n-ól go híotmhar anabaigh.



An dara goin.



Is i bhfioghair na druinge sin atá aní léaghthar san seachtmhadh
caibidil do leabhar Iudicum, mar do-rinne an caiptín Gedeon, ré
hucht dulta ar siubhal sluaigh, fromhadh ar a laochraidh. Ar
mbeith iomorra ag triall tar abhainn d'áirithe, tug dá aire an
sluagh ag ól uisge, agus gach aon díobh do léigeadh a bhruinne ré
lár, agus do chuireadh a bhéal ar an mbuinne dá ól, do thilleadh
don bhaile iad, arna mheas dá bhíthin sin nach rabhadar
infheadhma; agus gach aoin oile nach cuireadh acht a dhearna fán
uisge dá ól, rug leis san eachtra é. Mar an gcéadna do-ní Gedeon
mór, ar dTighearna Íosa Críost. Cuiridh a tuarastal an drong
leathas


L. 220


iad féin ar shaidhbhreasaibh, agus bhíos go híotmhar agá
n-onfais féin ionnta. Acht cheana, an dream nach déin acht bas
do thabhairt fá bhréagánaibh an tsaoghail, agus nach beanann
acht a riachtanas asta, do-bheir Dia tuilleamh agus tuarastal dóibh,
agus léigidh ar a shluagh go neamh iad. Agus tuigthear a
briathraibh Seneca an dochar thig d'iomad neithe san bhioth,
mar a n-abair, in Epist.48. ad Lucillum: et omnia quae supersunt,
nocent; segetem nimia sternit ubertas, rami onere franguntur, ad
maturitatem non pervenit nimia fecunditas “na huile neithe bhíos
iomarcach, do-níd dochar. Leagaidh iomad toirtheamhlachta an gort.
Bristear na géaga ón trom-thoradh. Aní bhíos ro-thoirtheamhail,
ní thig i n-aibigheacht.”



An treas goin.



Is córaide iomorra don duine gan iocht do bheith aige as na
heasgcáirdibh se ré mbí a roinn, mar atá an diabhal agus an saoghal
agus an cholann, gurab anfhlatha éigneacha iad ré foghail agus ré
fíor-lot do dhéanamh dhó. Do réir Michaeas san treas caibidil,
mar a n-abair, comederunt carnem populi mei, et pellem eorum
desuper excoriaverunt “do itheadar feóil mo phobail féin, agus do
bheanadar a chroiceann buin-sgionn de.” Dá chor i gcéill go
mbíd na hanfhlaithe úd ag creim agus ag créachtnughadh an duine,
agus ag buain tlaicht taitneamhaigh na ngrás de lé cloidheamh na
coire. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san chúigeadh
caibidil dona Cainticibh, mar a bhfuil anam an pheacthaigh ag
éagcaoine a amarráin féin ré Dia, agus ag iomchasaoid ar an
hanfhlaithibh úd. Ag so mar adeir, invenerunt me custodes
qui circumeunt civitatem; percusserunt me: tulerunt pallium meum
custodes murorum “fuaradar an fhorfhaire mé, bhíos ag gabháil
timcheall na cathrach; agus do bhuaileadar mé, agus rugadar lucht
forchoimhéada na múr mo mhatal leó.” As na briathraibh se is
iontuigthe gurab amhlaidh bhíd na hanfhlaithe úd ag taisteal mar
lucht braith timcheall an duine, dá fhéachain an bhfuighdís
éislinn nó éadaingean air, ré dol 'na sheilbh go sáruightheach,
agus ré hargain do dhéanamh air. Agus go háirithe ní bhí socht
ná seitheamh ar an aidhbhirseóir do shíor,


L. 221


acht ag gabháil timcheall an duine, agá fhoráileamh air olc do
dhéanamh, do réir Pheadair san chúigeadh caibidil don chéid-
Eipistil, mar a n-abair ris na daoinibh iad féin d'iongabháil ar
aimsighthibh an aidhbhirseóra, fratres, sobrii estote et vigilate,
quia adversarius vester diabolus tanquam leo rugiens circuit,
quaerens quem devoret “a bhráithre, bíthe measardha, agus déanaidh
faire; óir atá bhar n-easgcara an diabhal ag gabháil timcheall,
amhail leómhan chonfadhach, ag iarraidh an tí do chraos-
shloigfeadh sé.” As so is iontuigthe go mbí an diabhal do ghnáth
ar foluamhain ag forfhaire, mar aon réna dhaosgar-shluagh, i
n-oirchill ar an duine is gach aon áit, ré díoth do dhéanamh dhó.
Gidh eadh, ní bhí cur ná cumas aige ar neach, acht an tí cheanglas
rann ris, agus téid i meirleachas ar Dhia, maille ré caisléan an
choguais do thabhairt 'na sheilbh do dhruim aontuighthe don olc,
agus maille ré cuid dá dhroich-éadáil do ghlacadh uaidh, mar
atáid na droch-smuaintighthe fhoráileas ar an duine, agus ghabhas
greim dá chroidhe. Óir, amhail is meirleachas do neach éadáil
mheirligh do ghlacadh, mar an gcéadna is meirleachas do láthair
Dhé sealbh na bpeacadh marbhthach do ghlacadh ar fhoráileamh an
mheirligh úd .i. an diabhal.



An ceathramhadh goin.



Dá dteagmhadh dhuit, a dhuine, bheith i seilbh na bpeacadh soin,
is eadh dhleaghair dhuit, a gcur as do sheilbh, ar eagla go
dtiocfadh feadhmannach fír-chinnte Dé .i. an bás, go
bhfuighbheadh sé i nglacadh agat iad, agus go dtiocfadh dhe sin
t'fhagháil chiontach i sárughadh an dlighidh. Agus is do
theagasg an duine go fáthach atá an chomhairle thug Iacob
naomhtha dá mhuinntir, do réir mar léaghthar san .35. caibidil in
Genesi, mar a n-abair, abiicite deos alienos qui in medio vestri
sunt, et mundamini, et mutate vestimenta vestra “teilgthear libh
uaibh na dée comhaightheacha atá in bhar measg, agus glantar sibh,
agus déanaidh malairt ar bhar n-éadach.” An réim céadna is cóir
dona daoinibh i gcoitchinne do choimhéad, mar atá láimh-dhée
Lúicifeir .i. na peacaidhe marbhthacha do ruagadh agus do sgrios
a hárusaibh na hanma, agus iad féin d'fhothragadh agus
d'ionnladh a tobar fhionnfhuar


L. 222


fhíor-uisge na haithrighe; agus críon-bhrat na coire,
bhíos 'na theimheal truaillidhe ar an anam, do sgrios de, agus glan-
mhatal glé-mhaiseach na ngrás do ghabháil uime 'na ionadh soin.
Ionann sin ré a rádh, agus na dubháilce agus na doibhéasa do
thréigean, mar atá an craos do thréigean ar mheasardhacht, agus an
mheabhail ar dheigh-mhéin, amhail adubhramar thuas.



An cúigeadh goin.



Is córaide dhúinn sin do dhéanamh, aní léaghthar ag S. Augustine
in Sermone S.Vincentii, mar a n-abair, duplicem aciem producit
mundus contra milites Christi: blanditur enim ut decipiat, aut terret
ut frangat “do-ní an domhan dá rinn d'inneall i n-aghaidh
dhíolmhaineach Chríost: óir do-ní sáimh-chealgadh dá mealladh,
nó cuiridh uathbhás orra do bhriseadh dhíobh.” Tig Solamh leis
aní gcéadna san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna,
corrigenda mar a n-abair, spes impii tanquam fumus qui a vento
diffusus est, et tanquam memoria hospitis unius diei praetereuntis
“dóchas an pheacthaigh amhail deataigh sgaipthear lé gaoith, agus
amhail chuimhne aoighidh aon-laoi amháin ag triall.” Dá chor i
gcéill nach fuil do thádhbhacht i ré an pheacthaigh ar an saoghal
so, ar a dhiombuaine, acht mar an deataigh téid ar ceal do láthair,
nó mar chuairt deóradh nach anfadh acht feadh laoi, agus gan a bhara faoi tilleadh go
bráth arís. Is é aní céadna thug ar Esau a oighreacht do reic ar
chorn bhracháin, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil
fichead in Genesi, mar a n-abair, en morior, quid mihi proderunt
primogenita “féach, atáim ag fagháil bháis, créad an sochar do-
ghéanadh mh'oighreachta dhamh?” Mar sin, an tan dobhí i nguais
bháis ón tart, do mheas nach raibhe tarbha dhó féin sna sealbhaibh
saoghalta dobhí 'na chomhair, agus rug an corn bracháin do roghain
tar na hoighreachtaibh dobhí 'na chomhair. Agus mar gur thréig
sé na hoighreachta dobhí 'na chomhair, do sheachna an bháis
chorpardha, is mó sa chách dhleaghair dhúinne bréagáin bheaga
shoghluaiste an tsaoghail se do thréigean, d'eagla bháis na
hanma do theacht díobh. Mar sin do thoicce an tsaoghail, do réir
Cicero, de Amicitia, mar a n-abair, fortuna tanquam


L. 223


medicus ignarus multos excaecavit “do mheall an fhortúin amhail
liaigh ainbhfeasach an iomad.” Agus is maith do thuig an págánach
an dalladh do-bheir an saidhbhreas saoghalta ar na daoinibh. Is
meas iomorra dhuine chraosaigh is cóir do bheith ar an tí bhíos
ag caitheamh fleidhe, agus líonas é féin don ghairbh-bhiadh do-
níthear do fhreastal ar dtús air, agus nach fágbhann slighe an
mheasraidh folamh dá bhroinn. Mar sin do lucht na sainnte. Is
meas craosaigh is cóir do bheith ar an tí nach fágbhann folamh cuid
dá chroidhe, go bhfuighbheadh an bheatha shíor slighe ann.
Uime sin ní cneasta don tí gusa roicheann saidhbhreas, a chroidhe
do líonadh dhe, gan tslighidh d'fhágbháil folamh 'na chroidhe
'na dtuillfeadh grás Dé.



An seiseadh goin.



Is córaide sin do dhéanamh, an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí san
.61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant, nolite cor
apponere “dá raibhe saidhbhris ag lingeadh chugaibh, ná cuiridh bhar
gcroidhe ionnta.” Ionann sin ré a rádh agus nach cóir dona
daoinibh dá dtabhair Dia saidhbhris, bheith airceasach 'na
dtimcheall, dá gcor i sochar leith-leasach dhóibh féin, acht a
mheas nach fuil acht reachtas nó stíobhardacht aca ré a dhéanamh
orra, agus a riachtanas féin do bhuain asta, agus a mbeith tar
a riachtanas do roinn ré bochtaibh agus ré deibhléanaibh Dé.
Tuigthear so a briathraibh Basilius naomhtha san oraoid do sgríobh
gus na toictheachaibh, mar a n-abair, ag labhairt ris an saidhbhir,
nonne spoliator es, qui quae dispensanda accepisti propria reputas
“an é nach foghlaighe thusa, shaoileas gurab sealbh dhíleas duit
féin na neithe fuarais ré stíobhardacht do dhéanamh orra?” As na
briathraibh se is iontuigthe nach fuil acht coillidhe nó creachaire
san toictheach choigleas a mhaoine 'na chomhair féin amháin, agus
nach roinneann ris an mbocht iad.



An seachtmhadh goin.



Tuigthear aní céadna a briathraibh S. Bearnard, ag sgríobhadh go
haird-easbog Senion, mar a n-abair, nostrum est (pauperes
clamant) quod effunditis: nobis crudeliter subtrahitur quod vos


L. 224


inaniter expenditis “aní diombailtear libh, is linne é, atáid na
boicht ag éighmhe: is dínne bheantar go cruadhálach gach a
gcaittear libh-se go díomhaoin.” Atá an doctúir ainglidhe Naomh-
Thomás, san seachtmhadh hairteagal don .66. ceist don dara mír
don dara rann dá Dhiadhacht, ag teacht leis aní thuas. Ag so mar
adeir, res quas aliqui superabundanter habent, ex naturali iure
debentur pauperum sustentationi “na neithe bhíos iomarcach ag
neach, do dhlighe na nádúire dleaghair a gcor do chothughadh na
mbocht.” Agus is uime so atá Críost ag teagasg na ndaoine do
thaoibh aneithe céadna, do réir Lúcáis san seiseadh caibidil déag
mar a n-abair, facite vobis amicos de mammona iniquitatis
“déanaidh caraid daoibh féin d'ionnmhas na hurchóide.” Ionann sin
ré a rádh agus cáirdeas Dé agus na mbocht do thuilleamh lé cuid dá
maoinibh saoghalta do dháil dona bochtaibh ar son Dé. Atá
Chrysostomus ag tabhairt aneithe céadna dá aire, mar a n-abair,
super illud Matthaei .6., nolite thesaurizare: Quae stultitia est
illic relinquere unde exiturus es, et illic non praemittere quo
iturus es; illic ergo substantiam tuam colloco ubi patriam habes
“créad é a mhéad do leimhe do mhaoin d'fhágbháil san áit is
éigean duit do thréigean, agus gan a cur romhat san áit i bhfuil
do thriall. Ar an adhbhar soin, cuir do shubstaint féin nó do
mhaoin shaoghalta, mar a bhfuil th'athardha” .i. flaitheas Dé.
As na briathraibh se is iontuigthe gurab leamh don tí chruinnigheas
toicce agus trom-chonách an tsaoghail, ré a fhágbháil ar an
saoghal so, agus gan acht buailteachas ar an mbeathaidh se aige,
agus gan a bheag nó a mhór do chur roimhe don tsean-bhaile atá
ré síor-chomhnaidhe do dhéanamh aige .i. flaitheas Dé, is dúthaigh
dhíleas dó, agus go bhféadfadh turnaethe dísle d'fhagháil ar
an saoghal so, do ghlacfadh uaidh é, mar atáid boicht Dé.



An t-ochtmhadh goin.



Is córaide sin do dhéanamh aní adeir Críost, san .25. caibidil ag
Matha, mar a n-abair, ite maledicti, etc. “imthighidh romhaibh,
a dhream mhalluighthe, san teinidh síordhaidhe, atá arna
hollmhughadh don diabhal agus dá ainglibh. Óir dobhí ocras oram,
agus níor biathadh libh mé; dobhí íota oram, agus ní


L. 225


thugabhair deoch dhamh; dobhádhas nocht, agus ní thugabhair
clúdadh dhamh; dobhádhas im dheóraidh, agus níor ghlac sibh ar
aoigheacht mé.” As na briathraibh se Chríost is iontuigthe gurab
dream malluighthe na toicthigh nach fóireann riachtanas na mbocht.
Atá Solamh ag teagasg an tsaidhbhir do thaoibh aneithe céadna
amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag in Ecclo., mar a
n-abair, ante mortem benefac amico tuo, et secundum vires tuas
exporrigens da pauperibus “rés an mbás déana maith dot charaid,
agus do réir do chumhacht soich do mhaoin dona bochtaibh.” Tig
S. Augustine leis aní gcéadna, in Tractatu .5. in Ioannem Post
intitium: si habes superflua, da pauperibus, et Domini pedes
tersisti “má tá iomarcaidh agat, dáil dona bochtaibh, agus do
nighis cosa an Tighearna.” Ionann sin ré a rádh agus an té agá
mbiadh do thoicce shaoghalta nísa mhó ioná a riachtanas,
dleaghair dhó a roinn ré bochtaibh an Tighearna, agus is ionann dó
sin agus a dháil don Tighearna féin.



An naomhadh goin.



Is córaide don tsaidhbhir so do dhéanamh, an droch-thuar do-ní
Solamh dhó tré chruinniughadh an chonáich go haindlightheach,
do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, qui acervat ex animo
suo iniuste, aliis congregat, et in bonis illius alius luxuriabitur
“an tí chruinnigheas óna intinn go haindlightheach, do dhruing
oile thionóileas, agus bí neach oile macnaiseach 'na mhaoin.” Dá
chor i gcéill gur meinic bhíos duine oile ag borradh lé
badhgaireacht i ngeall ar an saidhbhreas do-níthear do chnuasach
leis an sanntach. Agus is é leasughadh dhleaghair do dhéanamh ann
so, an conách, is craoiseach don diabhal ré créachtnughadh na
n-anam, do chaitheamh ris féin dá mharbhadh, maille réna dháil
do bhochtaibh Dé.



An deachmhadh goin.



Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil déag
don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar atá gurab lé
cloidheamh anfhathaigh Goliath féin do dícheannadh lé Dáibhídh
é. Mar an gcéadna, ó's arm don aidhbhirseóir an


L. 226


conách nó an ciste saoghalta, is eadh dhligheas an duine, a
chaitheamh ris an aidhbhirseóir dá mharbhadh, mar atá a dháil do
bhochtaibh Dé. Tig leis so aní léaghthar ag Lactantius, mar a
n-abair, dá ndearna an airc luachra créacht ar neach, gurab eadh
dhleaghair dhó, crithir do luaithreadh airce luachra do chrothadh
ar an gcréacht, agus biaidh slán mar sin. Mar an gcéadna dá
ndearna an conách saoghalta créacht ar do choguas, is eadh
dhligheas tú do dhéanamh, ceirín don chonách chéadna do chur do
leigheas an luit do-ní an tsainnt lér thionólais é ar do choguas,
maille réna dháil do bhochtaibh Dé, an mhéid bhíos ós cionn do
riachtanais agat. Adeir Albertus san leabhar ro sgríobh de
Vegetabilibus, an tan chroittear bruar nó luaithreadh na gloine
bhristear i nead an fhéich, go dtréigeann an fiach an nead ó
shoin amach. Mar an gcéadna don fhiach dhubh urchóideach .i. an
diabhal, mar do-gheibh mian sgaoilte chonáich aibrisg an tsaoghail
ag an saidhbhir, tréigidh bheith ag iarraidh seilbhe ann.



An t-aonmhadh goin déag.



Is cóir dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar an diabhal,
maille ré guidhe do dhruim umhlachta do dhéanamh go Dia. Agus is
móide is indéanta dhúinn sin, an gealladh tug Dia don druing do-ní
guidhe do dhruim umhlachta; do réir mar léaghthar san .35.
caibidil in Ecclo., mar a n-abair, oratio humiliantis se nubes
penetrabit, et non descendet donec Altissimus aspiciat “tollfaidh
urnaighthe an umhail na neóill, agus ní thurnfa go dtuga an tí
is ro-airde dá aire í.” Tig Críost leis so san .23. caibidil ag
Matha, mar a n-abair, qui se humiliaverit, exaltabitur “an tí
do-ghéana é féin d'inísliughadh airdeóchar é.” Tig Dáibhídh
leis so san .101. Salm, mar a n-abair, respexit Dominus in
orationem humilium, et non sprevit precem eorum “tug an Tighearna
dá aire urnaighthe an umhail, agus níor tharcuisnigh a ghuidhe.”
Is iontuigthe as na háitibh se go mbí Dia buidheach do lucht na
humhla agus an chrábhaidh, agus dá réir sin gurab airm dhísle ré
dídean na hanma ar aimsighthibh an aidhbhirseóra iad.


L. 227


An dara goin déag.



Is cneasta dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar
cheilg-mhianaibh na colna. Agus is uime sin dár dteagaisg-ne
mhaoidheas Pól go gciorrbhadh a cholann féin, amhail léaghthar
san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a
n-abair, castigo corpus meum, et in servitutem redigo
“smachtuighim mo cholann féin agus cuirim fá bhroid í.” As na
briathraibh se is iontuigthe go ndleaghair don duine a cholann agus
a chéadfadha do chuibhreach ón olc. Ar dtús, a choimhéad ó
choir na drúise, do réir Mhaoise san .20. caibidil in Exodo,
mar a n-abair non concupisces uxorem proximi tui “ná sanntuigh
bean do chomharsan.” Tuig, a léaghthóir, mar adeir gan a
sanntughadh, gurab mó sa chách adeir gan míghníomh do dhéanamh ré
mnaoi phósta ná ré mnaoi neamhphósta. Agus is eadh adeir Pól san
seiseadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, fornicarii
regnum Dei non possidebunt “ní ghéabhaid lucht an tátha sealbh
fhlaitheasa Dé.” As na briathraibh se is iontuigthe go gcaillid
lucht an tátha a gcuid do sheilbh fhlaitheasa Dé, agus dá réir
sin go mbíd damanta go déanamh aithrighe dhóibh.



An treas goin déag.



Dlighidh fós an duine an craos do sheachna, do bhríogh go dtabhair
Críost a mhallacht do lucht an chraois, do réir mar léaghthar san
seiseadh caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, vae vobis qui
saturati estis, quia esurietis “mallacht daoibh, a dhream atá
sáthach, óir biaidh ocras oraibh.” As so is iontuigthe gurab
malluighthe an dream do-ní iad féin broinn-líonta ré biadhaibh
soineamhla tar a n-acfuinn, chuireas iad ó bheith infheadhma ré
foghnamh do dhéanamh ré Dia. Do-bheir Dia a mhallacht mar an
gcéadna do lucht an chraos-óil, do réir mar léaghthar san
chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair, vae vobis qui
potenttes estis ad bibendum vinum, et viri fortes ad miscendam
ebrietatem “mallacht daoibh, a dhream bhíos cumhachtach ar ól
an fhíona, agus a fhiora bhíos tréan ar chumasg na meisge.” As
na briathraibh se is iontuigthe gurab


L. 228


malluighthe an dream nach cuireann srian riú féin, dá bhfastódh
ó choir an chraos-óil.



Dlighidh fós an duine cosg do chor ar amharc ainmhianach a shúl.
Agus is uime sin adeir Matha san chúigeadh caibidil, si oculus
tuus scandalizat te, abiice eum ex te “dá dtuga do shúil masla
dhuit, ruagthar leat uait í.” As na briathraibh se is iontuigthe
dhúinn go ndleaghair smacht do chur ar an súil dá toirmeasg ar
amharc aindlightheach do dhéanamh, dá dtiocfadh lot ar n-anma.
Is meinic thig dhi iomorra daoine ionnraca do ghríosadh ré déanamh
uilc. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar san aonmhadh
caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Dháibhídh,
mar tháinig don tsilleadh thug ar Bersabe a chor ó bheith
ionnraic go beith 'na adhaltrannach. Is do chor an duine ar a
choimhéad ar an nguais se na súl adeir Críost san chúigeadh
caibidil ag Matha, mar a n-abair, qui viderit mulierem ad
concupiscendam eam, iam moechatus est in corde suo “an tí fhéachfas
ar mhnaoi réna sanntughadh, do-ní annsoin céileachas 'na
chroidhe.” As sin is iontuigthe gurab mór an ghuais 'na mbí an
duine do thaoibh na súl, agus dá réir sin go ndleaghair dhó faire
innill do dhéanamh air féin, d'eagla go dtiocfadh créachtnughadh
a choguais di.



An ceathramhadh goin déag.



Dlighidh mar an gcéadna an duine a bhéal do choimhéad ó dhroch-
ráittibh, mar atáid bréaga agus baoth-fhocail, agus go mór-mhór,
ón ithiomrádh. Agus is córaide do neach an t-ithiomrádh do
sheachnadh, an bagar díoghaltach do-ní Dia air, tré fhodhord nó
tré ithiomrádh do dhéanamh, do réir Dháibhídh, san .100. Salm,
mar a n-abair, detrahentem secreto proximo suo, hunc persequebar
“an tí ithiomráidheas ós íseal a chomharsa, do-ghéan inghreim air.”
Ionann sin ré a rádh agus go mbí Dia go cinnte ar dhruim na druinge
do-ní an t-ithiomrádh. Agus is trés an ngoimh se do bheith san
ithiomrádh do-ní Dáibhídh an t-ithiomráitteach do choimmeas ré
huaigh, amhail léaghthar san .13. Salm, mar a n-abair,
sepulcrum patens est guttur eorum “is uaigh osgailte a mbraighde
súd.” Dá chor i gcéill,


L. 229


amhail bhíos bréantas dofhulaing ag lingeadh d'ablachaibh
murguighthe na marbh san uaigh, gurab mar sin bhíos droch-bholadh
na doimhéine ag brúchtadh a braighdibh luchta an tuaithleasa, go
sgéidhid go sgunnach as a mbéalaibh amach iad. Adeir fós Pól san
chéad-chaibidil gusna Rómhánchaibh, detractores Deo odibiles
“atáid lucht an ithiomráidh fuathmhar ag Dia.”



An cúigeadh goin déag.



Ní hiad na céadfadha so amháin dhligheas an duine do choimhéad ó
olc, acht a uile chéadfadha ar-cheana, agus fós a smuaintighthe.
Agus is córaide dhó sin do dhéanamh, go mbí d'fhiachaibh air
cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, do réir Lúcáis
san seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, redde rationem
villicationis tuae “tabhair cúntas do ghabháltais féin uait.” Dá
chor i gcéill go fáthach, amhail adubhramar thuas, gurab éigean dá
gach neach cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, ní
headh amháin 'na dhoibheartaibh, acht mar an gcéadna 'na
dhroch-smuaintighthibh, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil
do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, in cogitationibus impii
interrogatio erit “biaidh fiafraighe ar an bpeacthach 'na
smuaintighthibh.” Ionann sin ré a rádh agus go mbeanfaidhear cúntas
'na smuaintighthibh dhe. Tig Matha leis so san deachmhadh
caibidil, mar a n-abair, vestri capilli capitis omnes numerati
sunt in caelo “atáid uile ruainneach bhar gcinn arna n-áireamh
ar neamh.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí gach mion-smuaineadh
dá ndéin an duine, idir mhaith agus olc i leabhar cúntasa Dé, ré
cúitiughadh do thabhairt dá chionn. Adeir fós Matha san dara
caibidil déag gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt uaidh
in gach uile bhréithir dhíomhaoin dá n-abair. Agus do reir a
ndubhramar gurab éigean do neoch cúntas do thabhairt 'na
smuaintighthibh agus 'na bhriathraibh díomhaoine, is mó sa chách
bheanfaidhear cúntas 'na mhí-ghníomhaibh dhe.



An seiseadh goin déag.



Is i bhfioghair an chúntasa so atá aní léaghthar san .22.
caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,


L. 230


mar fuair an sagart Helchias leabhar an reachta i bhfolach san
teampall, agus mar do léigh do láthair Iosias Ríogh é; agus is
eadh fuair ann, díoghaltas Dé agá bhagar ar Chloinn Israel tré
mhíréir Dé do dhéanamh, agus gealladh Dé mar an gcéadna ré
soirbhiughadh dhóibh tré thoil nDé do choimhlíonadh. Is ris aní
gcéadna bheanas aní léaghthar san seiseadh caibidil do Leabhar
Hester, mar do chuir Assuerus Rí cuartughadh ar a leabhraibh
irse agus annálach, do lorgaireacht ghníomh a lochta leanamhna
agus a íochtarán féin, ionnus, do réir a ndeigh-ghníomh nó a
ndoi-bheart, go dtugadh cúitiughadh dhóibh, nó go ndéanadh
smacht orra. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na daoinibh. An dream
do-gheibh cródha calma ré cathughadh ré heasgcáirdibh Dé, mar atá
an diabhal agus an saoghal agus an cholann, do-bheir tiodhlaicthe
agus trom-shochair dhóibh; agus an dream do-gheibh meatta
míolaochdha, agus do-bheir iad féin ar chumas na námhad gcéadna,
do-ní Dia díoghaltas díbhfeargach orra.



An seachtmhadh goin déag.



Do bharr ar gach anfhochain oile dá mbí orra, do-bheir an
t-aidhbhirseóir 'na ndaoirseachaibh don pheacadh iad, an tan
aontuighthear leó a dhéanamh. Is uime sin adeir Eóin san
ochtmhadh caibidil, qui facit peccatum servus est peccati “an tí
do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.” Dá chor i gcéill
gurab i moghsaine nó i sglábhaidheacht bhíos an peacthach ceangailte
lé téadaibh cruaidh-righne na coire; do réir Sholaimh san
chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
funibus peccatorum suorum quisque constringitur “ceangailtear gach
neach lé téadaibh a pheacadh féin.” Is iontuigthe as a ndubhramar
gurab saidhleóir nó giall-choimhéadaighe don diabhal an peacadh;
agus mar is túsga do-bheir an diabhal an duine aontuigheas don olc
ar chumas an pheacaidh, is eadh do-ní ris, a cheangal go docht
lé géibheannaibh iarnaidhe na hurchóide. Agus is 'na fhioghair so
atá aní léaghthar san .33. caibidil don dara leabhar do
Pharalipp. mar do chuir taoiseach na hAssiria Manasses Rí do
láthair iarna ghabháil i nglasaibh. Mar sin do-ní an taoiseach
úd .i. an diabhal .i. an peacadh is


L. 231


ceann feadhna dhó faoi féin, mar théid aige ar an bhfiréan -
cuiridh urchall na hurchóide faoi. Tig S. Augustine leis aní
gcéadna mar a n-abair, Libro quarto de Civ.Dei.: bonus autem si
servit liber est; malus autem etsi regnat servus est; nec est unius
hominis, sed, quod gravius est, tot dominorum quot vitiorum “an
deagh-dhuine, bíodh gurab daoirseach é, is saoirseach é; an do-
dhuine cheana, cia dobhiadh i bhflaitheas, is daoirseach é; agus
fós, ní daoirseach fá aon-duine é, acht nísa mheasa ioná sin,
uiread a bhfuil do lochtaibh ann, atá an uiread soin do
thighearnaibh air.” Ionann sin ré a rádh agus go mbí an duine i
mbroid agus i moghsaine ag gach gné pheacaidh dá mbí ann, agus go
mbí gach éin-ghné pheacaidh dá mbí ann 'na tighearna air.



AN CEATHRAMHADH HALT DÉAG
'na gcuirthear i gcéill cia an lucht coimhéatta bhíos ag an
aidhbhirseóir ag congbháil an pheacaidh i gcarcair na coire; agus
cia na géibhinn chuirthear faoi dá fhasdódh i bpríosún an
pheacaidh; agus an tuarasgbháil do-beirthear ar dhiombuaine na
beatha tadhaill.



An chéad-ghoin.



Léaghthar san dara caibidil déag úd ag Lúcás gur chuir Ioruaith
dias do choimhéad Pheadair, iar mbeith san bpríosún dó. Mar an
gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an duine, an tan bhíos i
bpríosún an pheacaidh, cuiridh dá amhus ainshearcacha dá
choimhéad agus dá chumhdach dhó féin, mar atá an saoghal agus an
cholann; agus fós bíd ceathrar oile 'na bhfochair sin, ag
forfhaire an pheacthaigh, agá choimhéad i gcarcair na coire.



An dara goin.



An céad-choimhéadaighe dhíobh, an mhuinighin bhíos ag duine as a
bhríoghaibh corpardha agus as a mhaoinibh saoghalta. Is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil don chéid-
leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-chuaidh Samuel, ar mbeith
'na mhacaomh dhó, an tan do ghairm Dia é, i ndáil


L. 232


Elias, agus gurab eadh adubhairt Elias ris, vade, dormi
“imthigh, déana codladh.” Ionann Elias agus foirtill nó láidir.
Agus is eadh is iontuigthe as an bhfioghair se: an tan chuireas
Dia gairm nó fiosrughadh ar dhuine, ré mbeith san aois óig dhó,
gurab eadh do-ní seisean, an tan do dhlighfeadh aire do thabhairt
do Dhia agus a fhreagra, dol i ndáil Elias .i. i muinighin a
chumais chorpardha agus a chonáich shaoghalta; agus is eadh
adeirid sin ris, codladh ionnta féin, agus gan freagra do ghairm Dé,
ná leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh.



An treas goin.



An dara coimhéadaighe, an dóchas bhíos ag duine ré leasughadh do
dhéanamh i ndeireadh a ré. Is air so labhras Solamh san .37.
caibidil in Ecclo., mar a n-abair, praesumptio nequissima multos
perdidit “is mór do chuir an t-andóchas ro-urchóideach amudha.”
Ionann sin ré a rádh agus gurab mór dona daoinibh damantar trés an
ndóchas bhíos aca ré huain aithrighe d'fhagháil i n-aimsir an
éaga, agus dá bhríogh sin do-bheir i seachmall a déanamh 'na ham.



An ceathramhadh goin.



An treas coimhéadaighe, an gean bhíos ag neach ar an bpeacadh. Bí
iomorra an uiread soin do cheangal ag an bpeacadh ar an duine, go
gcuireann ar a chumas féin é, ionnus nach féadann dealughadh ris.
Agus is dá chur so i gcéill atá aní léaghthar san cheathramhadh
caibidil déag ag Lúcás, ar an tí úd lér pósadh bean, tug do
fhreagra go haindiúid ar theachtaire a thighearna, nár fhéad
teacht ar a chuireadh; agus is eadh fa-deara soin, mar dobhí
ceangailte i lúbaibh na locht. Agus is 'na fhioghair so atá aní
léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na mBreitheamhan,
mar a léaghthar, an tan do-chuaidh Samson do shuirghe ris an
meirdrigh Dalila, gur chuireadar na Filistínigh lucht forfhaire
ar gheataidhibh na cathrach d'fhastódh Samsoin astoigh. Mar an
gcéadna, an tan téid an duine do shuirghe ris an antoil, cuirid na
heasgcáirde úd do luaidheamar thuas mar atá an diabhal, an saoghal
agus an cholann, droch-dhúile


L. 233


agus dubháilce i bhforfhaire, do choimhéad chomhladh a chéadfadh,
ionnus nach léigeann dó lingeadh amach ré maith-ghníomhaibh do
dhéanamh. Agus is don fhorfhaire se thig nach féadann neach
céimniughadh ré déanamh deagh-oibre, ná a lámh do luadhaill ré
lóir-ghníomh do dhéanamh 'na lochtaibh, ná silleadh sochrach do
dhéanamh réna shúilibh, ná glór tarbhach do dhéanamh réna
theangaidh, ionnus go dtig don mhilse bhréige bhíos san
pheacadh, an tan téid a bhlas fá chúláiribh a choguais, gurab
usa leis an duine a chlú agus a chonách saoghalta do thréigean,
ioná dealughadh ris.



Agus is dá chur so i gcéill atá an finn-sgéal filidheachta
chumas ughdar dh'áirithe ar an mathghamhain mór, mar atá go raibhe
'na pheata ag duine uasal, agus gur chuir an duine uasal, tré iomad
ceana air, ós cionn choire mheala é. Agus níorbh áil leis-sean
an mhil do fhromhadh; agus gabhais an duine uasal agá bhrodadh
agus agá choimhéigniughadh ré hól na meala. Gidh eadh, níorbh
fheirrde dhó. Leis sin beiris an duine uasal ar chluasaibh
air, agá tharraing go heasaontach ré fromhadh na meala; agus tré
iomad déistine rés an mil tug an mathghamhain súghadh foirtill
foiréigneach ar a chúlaibh, gur léig a chluasa uaidh i lámhaibh an
duine uasail. Leathais ainn-séin an duine uasal a lámha timcheall
a chuirp, agus tógbhais ós cionn an choire é, agus tomthar leis a
cheann san choire go cúláiribh. Gidh eadh, mar do-chuaidh an
mhil fá chúláiribh an mhathghamhna, do ghabh agá hól go
hainmheasardha. Agus an tan do mhothuigh an duine uasal é go
híotmhar iomarcach agá hól, do ghabh agá bhrodadh uaithe, agus
níor ghluais seisean leis sin. Cuiris ainn-séin an duine uasal a
dhá láimh i n-earball an mhathghamhna, agus do-bheir tarraing
tar ais air. Agus léigis an mathghamhain an t-earball lais, mar
gurbh usa leis a chaill ioná an mhil do thréigean iarna fromhadh
dhó.



An dáil chéadna theagmhas do mhórán do dhaoinibh óga an
tsaoghail se. An tráth bhíd i n-ionnracas is leasg leó mil na
mailíse agus na míghníomh do fhromhadh. Gidh eadh, an tan bhlasaid
í, agus léigid óna cleachtadh fá chúláiribh a gcoguais í, is usa
leó a gclú agus a gconách saoghalta agus a sláinte chuirp agus
anma


L. 234


do thréigean, ioná í. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aos ainmhianach
na hÉireann nach gabhann comhairle ó charaid ná ó chléir um
cheann craos-óil ná drúise ná droich-bheart oile, ar mbeith ó
iomad cleachtuighthe ar gcalcughadh sna coiribh sin.



An cúigeadh goin.



An ceathramhadh coimhéadaighe, faitcheas na breithe aithrighe do
chuirfeadh an t-oide faoisidneach ar an bpeacthach. Amhail
iomorra do-ní fiadh-chapall don chapall mhín ó neamh-aithighe na
cuinge, agus tré bheith ar an bhfásach mar aon ris an ngroigh
dhó, ionnus an tan bheirthear do láthair na hudhama é, gabhaidh
crioth agus anbhuain é, agus saoilidh nach bí teacht ón bhfeidhm
sin aige féin; - mar an gcéadna don duine théid ó bheith mín
ceannsa fá chuing chrábhaidh agus fá udhaim ionnracais ar sgor
uaibhrigh na hantoile fá fhásaighibh fiadhamhla an pheacaidh, an
tan bhíd oireamhain na heagailse, mar atáid eagnaidhigh agus lucht
síolta agus seanmórtha na suibhisgéal ag iarraidh a chuirthe fá
chuing aobhdha na haithrighe, gabhaidh crioth agus gráin é,
d'eagla thruime na breithe aithrighe; agus tig de sin go meinic go
n-anann fiadhánta, go nach faghthar ar ná obair ionmholta uaidh.
Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras Isaias san .57.
caibidil, mar a n-abair, cor impii quasi mare fervens “croidhe
an pheacthaigh amhail fhairrge ar fiochadh.” Ionann sin ré a rádh, agus amhail
bhíd tonna anfadhacha ar luasgadh agus ar luadhaill, ag tuargain a
chéile san muir, agus ag coimmeasgadh a chéile druim ar dhruim,
gurab mar sin bhíos muir na mímhéine agus fairrge an pheacaidh lán
d'anfadh uaille agus urchóide i n-aigian na hintinne, go
gcommbuaidhearthar croidhe an chiontaigh leó; agus go dtig dhe
sin nach iontaobha leis dol fá bhreith charad ná chléirigh, ná a
gcomhairle do dhéanamh, iar mbeith damanta dhó do bhreith a
choguais féin.



An seiseadh goin.



Léaghthar san dara caibidil déag do Ghníomharthaibh na nApstal, an
tan do gabhadh Peadar, gur cuireadh dá ghéibheann


L. 235


air. Is eadh iomorra chialluighid an dá ghéibheann soin, mar
iadhas an peacadh dá ghlas ar an anam ré déanamh an pheacaidh, mar
atá cruaidh-théad na coire agus príomh-ghlas na péine. Nó
cialluighid an dá ghlas chéadna tréigean na maitheasa agus
gníomhughadh an uilc. Agus is é so chialluigheas Dáibhídh Rí sa
.118. Salm, mar a n-abair, funes peccatorum circumplexi sunt me
“do fhidh-cheangailsead téada na bpeacadh mé.” Tig Solamh leis
so san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
funibus peccatorum suorum quisque constringitur “comh-fháisgthear
gach neach lé téadaibh a pheacadh féin.” Tig Eóin leis so san
ochtmhadh caibidil mar a n-abair, qui facit peccatum servus est
peccati “an tí do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.” Dá
chor i gcéill, amhail bhíos an daoirseach ceangailte ag an tí
agá mbí i mbroid, gurab mar an gcéadna bhíos an t-anam
cuibhrighthe i bpríosún an pheacaidh; agus fós, broid bháis air,
do réir Ezec. san ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, anima
quae peccaverit, ipsa morietur “an t-anam do-ní peacadh, do-
ghéabhaidh féin bás.” Dá chor i gcéill, gach a mhionca do-ní
duine peacadh marbhthach, go mbí ceangailte ré bás d'fhulang go
síordhaidhe.



An seachtmhadh goin.



Tuig fós, amhail léaghthar san dara caibidil déag thuas do
Ghníomharthaibh na nApstal, gur orduigh Ioruaith dias ré
forchoimhéad Pheadair, do ló agus d'oidhche, an gcéin dobhaoi
san bpríosún. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach,
an gcéin bhíos i gcarcair na coire nó i mainnir na mí-mhéine,
cuiridh dias dá fhorchoimhéad, mar atá an saoghal agus an cholann,
do ló agus d'oidhche .i. 'na shláinte agus 'na ghalar; ionnus an
tráth thig aingeal na comhairle móire, mar atá Críost, dá
chuireadh ré triall as an dochraide sin, nach léigeann eagla na
forfhaire sin dó aonmhachtain dol ar fheis bheannuighthe na glóire
suthaine; agus fós go dtabhair diúltadh do Chríost do-bheir
cuireadh dhó, agus go leanann do chomhairle na ceitheirne bhíos
'na thimcheall, mar atá an cholann agus an saoghal.


L. 236


An t-ochtmhadh goin.



Do réir mar is iontuigthe as an bhfábhaill-sgéal léaghthar ag
Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar a luaittear an cuireadh
tugadh lé duine dh'áirithe do mhórán, agus do éimdheadar go
háirithe triúr dol ar an gcuireadh. An céid-fhear, an tí do
cheannuigh chúig cuingreacha damh, agus adubhairt go rachadh dá
bhfromhadh. Ag so an sanntach, do-ní comhairle an tsaoghail,
agus chuireas a chúig céadfadha, nó chreanas iad ré feidhm do
dhéanamh don tsaoghal, agus anas i mbroid aige. An dara fear, an
tí do cheannuigh baile. Ag so an díomsach, 'na mbí uaill-mhéin ré
forlamhas flaithis agus ré haird-chéimibh saoghalta d'fhagháil,
agus bhíos i ndaoirse ag an diabhal. An treas fear, an tí lér
pósadh bean, agus do loim-dhiúlt dol ar an bhfeis. Ag so an
drúiseach, bhíos i moghsaine ag measgán mhearbhaill mhacnasa na
colna. As an bhfábhaill-sgéal so is follus go mbí an céid-
fhear úd .i. an saoghal, agus an treas fear .i. an corp, ag congbháil
anma an pheacthaigh i gcathair ghriobháin na coire, as nach léir
dhó a leas do lorgaireacht, tré aimhréidhe áruis na hurchóide,
agus tré dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh. As gach ní dá
ndubhramar is iontuigthe, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, go
mbí an t-anam ceangailte fá bhroid na n-easgcarad so
luaidheamar, agus go háirithe go mbí an cholann 'na chealg-
námhaid chinn teallaigh aige, agus gurab í is doichte agus is
docraide corrigenda cheanglas agus chréacht-loiteas é, do
réir Boethius 3o de Consolatione, mar a n-abair, nulla pestis
efficacior ad nocendum quam familiaris inimicus “ní fhuil pláigh
is éiffeachtaighe ré dochar do dhéanamh ioná an easgcara
mhuinnteardha.”



An naomhadh goin.



Is uime sin do-ní Augustine naomhtha éagnach agus iomchasaoid
air féin, san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin,
mar a n-abair, ligatus sum non ferro alieno, sed mea ferrea
voluntate “dobhádhas ceangailte, ní lé hiarann comhaightheach,
acht lém thoil iarnaidhe féin.” Dá chor i gcéill an tan fá hóg
é, go gcuibhrigheadh an cholann le huaill agus lé hainmhianaibh
é. Agus mo thruaighe, is iomdha duine, go


L. 237


fáthach, fá mbíd an dá ghéibheann úd dobhí fá Pheadar, mar
atá tréigean na maitheasa agus déanamh an uilc.



An deachmhadh goin.



Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an
bhfeadhmannach do chuir cuid a thighearna amudha, mar a
ndubhairt, fodere non valeo, mendicare erubesco “ní fhéadaim
romhar do dhéanamh; is nár liom iarratas do dhéanamh.” As so is
iontuigthe, an tí chuirthear a feadhmannas lé Dia tréna olcaibh, go
mbí an céad-ghlas úd fá bhrághaid a mheanman, mar atá tréigean
na maitheasa, ionnus nach féadann oibriughadh do réir na beatha
gníomhaighe, ná na beatha cráibhthighe. Tuigthear fós go mbí an
dara géibheann fá anam an pheacthaigh, an tan cheangailtear i
gcoir na colna é, do réir an fhábhail-sgéil léaghthar ag Lúcás
san cheathramhadh caibidil déag, mar a luaidheann go dtug an tí lér
pósadh bean loim-dhiúltadh dá thighearna fá dhol ar cuireadh leis,
an tan adubhairt, uxorem duxi, ideo non possum venire “do phósas
bean, ar an adhbhar soin ní fhéadaim teacht.” Go fáthach, créad is
iontuigthe as an samhlughadh so, acht an tí cheangailtear lé coir
na colna, go mbí glas-shnaidhm dosgaoilte aice ar a anam, go
raobthar lé hord na haithrighe í. Agus is maith an teagasg do-
bheir Dáibhídh Rí don duine ré hé féin do choimhéad ón ghábhadh
so, mar a n-abair ris an duine san .33. Salm, declina a malo et
fac bonum “claon ón olc agus déana maith.” Óir dá seachantar an
t-olc leis agus an mhaith do dhéanamh, ní heagail dó teagmháil
i ngaistibh an pheacaidh. Gidh eadh, an tí théid tar chomhairle
an ríogh-fháidh, is guais dó go dteigéamhaidh i bpainntéar an
pheacaidh.



An t-aonmhadh goin déag.



Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine, fhoráileas
Críost ar na daoinibh i gcoitchinne bheith ar a gcoimhéad i
n-oirchill ar na holcaibh se, mar a n-abair riú san .24.
caibidil ag Matha, estote parati, quia nescitis diem neque horam
“bíthe ollamh, óir ní feas daoibh lá ná uair.” Dá chor i gcéill
gurab


L. 238


éigcinnte uair an bháis, tar ceann gurab cinnte an bás féin do
rochtain gach aoin, do réir Iob san .34. caibidil, mar a
n-abair, deficiet omnis caro “rachaidh an uile cholann ar ceal.”
Tuig gurab mar rabhadh dona daoinibh i gcoitchinne atá aní
léaghthar san .20. caibidil don cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh, mar adubhairt Isaias fáidh ris an rígh
Ezechias: dispone domui tuae, quia morieris “cuir ordughadh ar
do theach, óir do-ghéabhair bás. Féach, a dhuine, nach tabhair
cairde ar bioth dhó gan an bás dá rochtain. Dá chor i gcéill,
acht giodh cinnte an bás, gurab éigcinnte aimsear an éaga. Is uime
sin adeir Greaghóir naomhtha san seachtmhadh caibidil déag don
aonmhadh leabhar déag do sgríobh dona Béasaibh, quid sunt nati
homines in mundo nisi quidam flores in campo “créad iad na daoine
iarna mbreith, acht mar bhlátha an mhachaire?” Adeir Iob san
cheathramhadh caibidil déag ag labhairt ar an duine, quasi flos
egreditur, et conteritur, et fugit velut umbra, et nunquam in eodem
statu permanet “tig amach amhail bhláth, agus brúittear é, agus
téid ar ceal amhail sgáile, agus ní anann go bráth i n-éin-
riocht.” Agus adeir Saint Augustine, san naomhadh caibidil don
treas leabhar déag ró sgríobh ar Fhlaitheas Dé, nach fuil san bhás
acht amhail rioth. As na háitibh se is iontuigthe gurab éigcinnte
obann uair an bháis, agus gurab gearr guaiseamhail éirim na beatha
so, mar go samhailtear leis na hughdaraibh réamhráitte sin ré
bláthaibh beaga nó ré réim reatha í. Is uime sin adeir Greaghóir
diadhaire, ag meas an ainreachta 'na raibhe féin:



Idque ipsum quod vivo, velut rapidissimus amnis,
qui sursum exoriens semper ad ima fluit.



An Ghaoidhealg:




Cosmhail mo bheatha ré heas,
fáth dom chor i gceas ag triall,
mar éirgheas d'fhoiléim aníos,
téid ar a hais síos go grian.




A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab diombuan beatha nó
ré an duine ar an saoghal so, mar go samhailtear leis


L. 239


í ré buinne nó ré heas abhann fhuaduighthear lé fánaidh go
foiréigneach go grian an tsrotha, agus éirgheas go héasgaidh obann
i n-uachtar arís. Óir tar ceann gurab air féin go haonaránach do
labhair san rann réamhráitte, más eadh, is iontuigthe as go
mbeanann bríogh an roinn ris na daoinibh i gcoitchinne, agus gurab
é fáth a dhéanta, do chor dhiombuaine na beatha aimseardha so i
gcuimhne dhóibh.



An dara goin déag.



Tar ceann go dtugthaoi ré fhada d'aithreachaibh an tsein-
reachta, mar go maireadh fear dhíobh seacht gcéad bliadhain, agus
fear oile ocht gcéad bliadhain agus neach oile naoi gcéad bliadhain
agus ós a chionn, amhail adubhramar san chéid-leabhar, más eadh,
is follus gurab luaithe bhíos an bás ag cor na ndaoine fá ghreim
anois ioná anall-ód. Agus saoilim gurab dá chur so i gcéill atá
aní léaghthar ag Ezec. san naomhadh caibidil, mar do
taidhbhrigheadh dhó aingeal go gcosaibh agus go sgiathánaibh, agus
go bhfacaidh é ar dtús ag céimniughadh léna chosaibh agus dá éis
sin ag eitill léna sgiathánaiibh. Go fáthach, is é an t-aingeal úd
teachtaire Dé .i. an bás, agus is eadh chialluighid na cosa ar a
gcéimnigheadh, an maill-triall do-níodh anall-ód ag cor na
n-ard-aithreach fá ghreim; na sgiatháin iomorra lé ndéanadh
eitill, an luas do-ní sna haimsearaibh se, lé gcuireann na daoine
fá ghreim dá bhfuadach leis; ionnus gurab ionann sgiobas dá sgríb
an naoidhin agus an leanbh agus an macaomh, an t-ógán, an fear, an
seanóir, agus an t-athlaoch. Gonadh dá éagcaoine sin adeir Iob
san naomhadh caibidil, dies mei velociores sunt cursore “is luaithe
mo laithe ioná reathaidhe.” Dá chor i gcéill nach éasga
chríochnuigheas an reathaidhe a réim ag triall go ceann a sgríbe
ioná mar chríochnuigheas an duine bocht a bheatha san réim
aimseardha so, mar go n-aimsigheann an bás ar gach aon-fhód é.
Gonadh dá chor sin i gcéill atá Virgil ag tabhairt teasta ar an
éag, mar a labhrann ar bhás a chodhnaigh. Ag so mar adeir:



Illa rapit iuvenes, prima florente iuventa,
non oblita rapit sed tamen illa senes.


L. 240


Ag so mar adeir an file Gaoidhealach, ag teacht leis aní gcéadna:




Ní léigfe an bás, buan an ghoimh,
mairg is ciontach fá a chomhair,
do lucht an bheatha, is dearbh dhóibh,
an leanbh seacha ná an seanóir.




AN CÚIGEADH HALT DÉAG
'na gcuirthear i gcéill cia na tearmainn chuirfeas an duine idir é féin
agus guais bháis na hanma, agus cia na sgiúirsidhe lé
smachtuighthear an peacthach.



An chéad-ghoin.



Léaghthar ag Plutarchus i mbeathaidh Romulus go ndearnaidh
Romulus teach tearmainn, fá dídean do gach aon ar a mbiadh guais
nó coir bháis, acht go roicheadh ann. Mar an gcéadna do Romulus
mhór .i. Dia uile-chumhachtach, do-rinne teach tearmainn i
gcomhair an chinidh dhaonna, mar atá bioth-chuimhne an bháis.
Óir ní san bhás chorpardha atá guais, acht i mbás na hanma; agus
fós, is é gnáth-smuaineadh an bháis chorpardha tearmann is dísle
againn dár ndídean ar bhás na hanma. Agus is 'na fhioghair sin
atá aní léaghthar san .21. caibidil don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh ar Achab. Óir, an tan do mhothuigh é féin i nguais tré
fheirg nDé do thuilleamh, do-chuaidh dá chumhdach féin ar
coimirce agus ar tearmann an luaithridh, maille réna chrothadh air,
agus ré luighe ann. Dá chor i gcéill gurab mar an gcéadna
dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh, mar atá luaithreadh na
somharbhachta do chrothadh ar a gcoguasaibh, agus luighe ar léir-
mheas do dhéanamh ar gach anfhochain dá dtig do thoisg an bháis
orra.



An dara goin.



Is uime sin adeir Iob san deachmhadh caibidil ag iarraidh anacail
ar Dhia do bhíthin bheith san teach tearmainn úd, mar atá i
smuaineadh na somharbhthachta agus na luaithe dá


L. 241


ndearnadh é féin, memento, quaeso, quod sicut lutum feceris me, et
in pulverem mortis reduces me “aitchim thú, cuimhnigh gurab mar an
lathaigh do-rinnis mé, agus go dtillfidh tú i luaithreadh an bháis
mé.” Dá mhaoidheamh ar Dhia, gur mhaith an díol maithmheachais é
féin, tré bheith san tigh thearmainn dó, mar atá i mbioth-
chuimhne an bháis.



An treas goin.



Is cosmhail iomorra so leis aní léaghthar ag Ammianus san .23.
leabhar, mar a n-abair go bhfuil neimh dh'áirithe loisgneach
ann, lasas do láthair boill an tí ré mbeanann sí; agus gurab eadh is
leigheas di, luaithreadh nó cré do chrothadh ar an mball bhíos
galrach, agus go n-íocann do láthair é. Mar an gcéadna, an tan
lingeas neimh nathrachda an pheacaidh san anam, go leighistear lé
crithir do chuimhne an bháis é, an mhéid go dtig do chuimhne an
bháis an mheanma do mhusgladh ré déanamh aithrighe. Is i
bhfioghair aneithe céadna so atá aní léaghthar ag Matha san dara
caibidil, mar do hoffráileadh leis na draoithibh miorr d'Íosa san
Bheithil mar asgaidh, do chor na somharbhthachta i gcuimhne dhó.
Íoc-luibh iomorra an mhiorr, lé gcaomhantar cuirp na marbh gan
truailleadh. Mar an gcéadna don íoc-luibh úd, mar atá cuimhne an
bháis, do-ní caomhna agus cumhdach ar an gcoguas, ionnus nach
léigeann dó truailleadh do ghabháil.



An ceathramhadh goin.



Léaghthar ag Ortellius in Theatro go mbíd na cnámha i gcrích
dh'áirithe mar mhonadh, agus go gcuirid mar óir-chiste i
dtaisgidh iad. Créad is iontuigthe as so, acht gurab é meas lucht
na críche sin ar chuimhne an bháis, gurab ionnmhus agus óir-chiste
é, mar go mbíodh meas óir nó ionnmhusa aca ar na cnámhaibh do-
bheireadh an bás 'na gcuimhne?



An cúigeadh goin.



Go bhfios damh, is suaithnidh somholta aní do-rinne an feallsamh
Diogenes, do réir mar léaghthar in Apoph. An tan


L. 242


iomorra do mheas an mhéid mheanman agus an uaill aigeanta dobhí
i n-Alexander Mhór, ionnus gur chuireadar lucht cluana rompa a
chor i gcéill nár dhuine daonna somharbhtha é, acht gurab ó
dhéibh tháinig, is eadh do mheas Diogenes 'na mheanmain, nach
raibhe sás na huaille sin do mhúchadh budh mó ioná a chor i
gcéill do Alexander gurab ó dhaoinibh do fhás sé, agus dá réir
sin go raibhe somharbhtha. Ar mbeith iomorra do Alexander ag
triall go tóicheastalach go sluaghaibh líonmhara mar aon ris, téid
Diogenes do mhuin chomhairle d'aon-toisg roimhe ar an slighidh
'na raibhe a thriall, go háit 'na bhfuair ulaidh lán do
chnámhaibh marbh; agus do ghabh go saothrach agá malairt idir a
lámhaibh, agus ar uainibh ag iniúchadh na gceann; agus anais gan
sgíoth ag malairt na gcloigeann go rochtain Alexander gus an
láthair. Agus gabhais machtnadh é ar bhfaigsin Diogenes, agus
fiafruighis de créad fá raibhe amhlaidh sin go néata ag meas na
gcloigeann. “Atáim, a thighearna, ar sé, agá fhéachain an
bhféadfainn cloigeann th'athar-sa dh'aithne idir na cloignibh
oile se, agus ní thig sin díom.” Tuigis Alexander as sin gur
mhac duine é féin dáríribh, agus dá réir sin go raibhe somharbhtha
amhail chách. Do thuig as mar an gcéadna an comhdhochar
coitcheann do-ní an bás dona daoinibh idir bheag agus mhór, dá
dtig nach aitheantar taise aoin díobh seoch a chéile, do réir
Ambrosius, in Hexameron, mar a n-abair, nudi omnes nascimur,
nudi morimur; nulla distinctio inter cadavera mortuorum nisi forte
quia gravius foetent divitum corpora distenta luxuria “tarnocht (ar
sé) beirthear sinn, tarnocht do-gheibhmíd bás; ní fhuil
eidirdhealughadh ar bioth idir ablachaibh na marbh, acht amháin gurab
truime bréantas chorp na dtoictheach, ar mbeith ar siadadh ré
drúis dóibh.” As na briathraibh se is iontuigthe nach bí sochar ar
bioth i gcorp an tsaidhbhir iar mbás; agus fós gurab murguighthe
corp an tsaidhbhir iar n-éag ioná corp an truagháin. Tig Prosper
leis aní gcéadna in suis Sententiis, mar a n-abair, respice
sepulcra, et vide quis servus, quis dominus, quis dives; discerne si
potes vinctum a rege, fortem a debili, pulcrum a deformi “féach na
tombadha, agus féach cia an mogh, cia an tighearna; breathnuigh


L. 243


cia an saidhbhir; déana eidirdhealughadh idir an cimeach agus an
rígh, idir an láidir agus an t-anbhfann, idir an soidhealbhach agus
an doidhealbhach.” As na briathraibh se is iontuigthe an dochar
coitcheann do-ní an bás dona daoinibh, as nach aitheantar drong
dona foirnibh luaidheas an t-ughdar so seoch a chéile. Gonadh
uime sin adeir an file Gaoidhealach an rann so, ag teacht leis an
ughdar thuas:




Úir mo charad seoch úir oile
ní aithnim, is í san uaigh;
ag so im láimh é, 's ní aithnim,
cnáimh an té do aithninn uaim.



An seiseadh goin.



Ó atá an anfhochain se go coitcheann i gcionn na ndaoine, ré hucht
imirce do dhéanamh as an saoghal so, is eadh dhlighid, a
n-earradha ionaonaigh ionnracais agus a gceasa caon-dúthrachta
crábhaidh do thógbháil, agus trom-lód liosta na locht d'fhágbháil
dá n-éis, agus gan anmhain ré léir-thionól gacha truise talmhaidhe
dá mbí aca, acht deithneas agus deithbhir do dhéanamh ré triall,
amhail do-rinneadar Clanna Israel, ré mbeith ag triall as an
Éigipt dóibh; do réir mar léaghthar san dara caibidil déag in
Exodo: tulit populus conspersam farinam antequam fermentaretur “do
thógaibh an pobal an mhin chomhchroitte, sul do cuireadh gabháil
innte.” As so is iontuigthe go raibhe deithbhir lán-mhór ar phobal
nDé ré himtheacht a hanbhroid éagcoimsigh na hÉigipte agus ré
rochtain Tíre Tairrngire. Mar an gcéadna dhligheas gach aon
deithbhir agus dícheall do dhéanamh ré triall a hÉigipt
urchóidigh an tsaoghail se go Tír Thairrngire an fhlaitheasa
neamhdha, atá dhá tuar agus dá tairrngire dhúinn ó thús an domhain.
Gidh eadh, a dhuine, is móide is in-eagluighthe dhuit guais na
slighe atá romhat, gurab láimh ré ceann sgríbe do bheatha iarras do
námhaid árach ort. Is iontuighthe sin as aní léaghthar san .33.
caibidil in Genesi, mar a gcuirthear síos nár iarr Esau árach
ar Iacob an gcéin do fhuirigh i bhfochair Laban, dar
chliamhain é. Gidh eadh an


L. 244


tan do thogair dol ar imirce dá dhúthaigh féin, táinig Esau i
gceilg ar an raon roimhe, ar tí a dhochair do dhéanamh. Mar an
gcéadna, an gcéin anas an duine go meinic i bhfochair an
tsaoghail nó na colna, ré mbí i gcleamhnas, ní dhéin Esau .i.
an t-aidhbhirseóir, aindícheall éigneach air. Gidh eadh, an tan
chuireas roimhe dol i gceann aistir agus imtheachta dá athardha
féin .i. flaitheas Dé, tré fhásach na haithrighe go bealach an
bháis, tig Esau .i. an t-aidhbhirseóir, ar an raon roimhe, ré
foghail agus ré fíor-dhochar do dhéanamh dhó. Do-chímíd aní se
'gá chor i ngníomh go laothamhail, mar go mbí buaidhreadh ag an
diabhal dá dhéanamh ar mhórán do dhaoinibh ré linn a mbáis ar
nár cleachtadh buaidhreadh do dhéanamh ré linn a sláinte. Dearbhthar
fírinne aneithe se lé briathraibh Greaghóir san seiseadh leabhar
ro sgríobh dona hAirdheanaibh, mar a n-abair, antiquus hostis ad
rapienda speccatorum animas tempore mortis crudelitatis refrenatur
violentia, et quos viventes blanditiis decipit, saeviens moriendo
rapit “léigthear srian ris an sean-námhaid tré éigean daor-dhála
i n-aimsir an bháis ré fuadach anam na bpeacthach, agus an dream
mheallas lé cluanaireacht ré linn a mbeatha, fuaduighthear leis go
cuthaigh i n-aimsir a n-éaga iad.” Agus ní headh amháin ar na
peacthachaibh do-ní buaidhreadh ré linn a mbáis, acht fós ar na
fíréanaibh, do réir mar léaghthar ag Sulpicius ar Mhártain
naomhtha, gur thaisbéin an diabhal é féin dó ar tí a bhuaidheartha.
Ag so an freagra thug Mártain air, nihil habes in me, cruenta
bestia “a bhrúid fholamhail, ní fhuil cuid agat díom.” Agus leis
na briathraibh sin do thafainn Mártain uaidh é.



An seachtmhadh goin.



Léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Levitico fioghar as a
dtuigthear gurab diomdhach Dia don druing nach cuireann inneall
aithrighe orra féin go beith ré hucht éagtha dhóibh, mar a
n-áirmheann an eala idir na hainmhinntibh amhghlana, acht giodh
cruthach caomh-álainn í, do bhríogh nach canann ceól náid séise
síth-bhinne acht an tan bhíos ré bruinnibh báis. Mar an gcéadna
is inmheasta go coitcheann gurab anam amhghlan


L. 245


an t-anam nach déin oirfideadh na haithrighe go huair an bháis.



An t-ochtmhadh goin.



Measaim gurab ar an druing do-ní Dia bagar go fáth-rúnda san .29.
caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, gladio, fame, et peste
consumam eos “caithfead amach iad lé cloidheamh, lé gorta, agus lé
pláigh.” Dá chor i gceill, tré bheith seachmallach fá shláinte
a n-anmann, go n-imeóradh smacht géar-ghonta lé trí
sgiúrsadhaibh neimhneacha orra, mar atá cloidheamh, gorta, agus
pláigh. Go fáthach, is eadh chialluighid na trí hairm se lé
ndéantar lot an pheacthaigh, na trí báis do luaidheamar san
chéid-leabhar, mar atá an bás corpardha, bás na coire, agus bás na
péine, fhuilngeas Dia do thoidheacht ar an éagcráibhtheach i
ndeireadh a ré.



An naomhadh goin.



Ar dtús, fuilngidh cloidheamh an bháis chorpardha do bhualadh
air, lé dteasgthar an t-anam dá chorp, ar mbeith d'fhaobhar
an chloidhimh sin i n-áirithe ag gach aon, do réir Phóil san
naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, statutum
est hominibus semel mori “do horduigheadh dona daoinibh bás
d'fhagháil aoin-fheacht amháin.” Dá chor i gcéill nach téid
aon-duine as ó bhuille an chloidhimh úd an bháis chorpardha,
agus dá réir sin go mbuailtear buille báis leis ar an bpeacthach
mar chách.



An deachmhadh goin.



An dara sgiúirse lé ndéantar an peacthach do phríomh-lot, gorta,
mar atá bás na coire. Óir, mar is iad na biadha corpardha is
oileamhain chorpardha don cholainn, do ruagadh a hocrais uaithe,
mar an gcéadna is é grás Dé is oileamhan spioradálta don anam, do
ruagadh íota na hantoile agus ocrais na hurchóide uaithe. Agus is
í an ghorta so atá ag Dia dá bagar ar na peacthachaibh úd, amhail
léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, ag
labhairt ris an druing sin, servi mei comedent, et vos esurietis
íosfaid mh'óglacha-sa, agus biaidh ocras oraibh-se.


L. 246


Dá chor i gcéill go dtabhair sásughadh spioratdha grás dona
fíréanchaibh do-ní feidhm friochnamhach dhó féin, agus do-bheir go
deithbhireach dearna ré dubháilcibh agus ucht ar aithrighe, agus
rénar milis mianghusach bheith ag crúdh a chumainn agus ag diúl a
dhíoghraise, an tan bhíos ag tál trócaire orra. Bí an peacthach
cheana ag feódh, agus ag dol i seirg-lighe, d'easbaidh na ngrás
do-bhéaradh oileamhain spioratdha dhó, dá dtiocfadh a choguas
do bheith slán soinnmheach ré saothrughadh soighníomh do-bhéaradh
sláinte dá anam, agus lé bhféadfadh ballán sláin-íce na beatha
suthaine do shlogadh go haigian an anma.



An t-aonmhadh goin déag.



An treas sgiúirse, pláigh .i. bás na péine. Agus is í an phláigh
se do-ní Dia do bhagar ar na peacthachaibh dúra domhúinte, ris nach
fiú leasughadh na locht do dhéanamh, ná eatal aithmhéile amháin do
thabhairt mar ainsile do Dhia i n-íoc a n-uilc. Ag so mar
adeir, san chaibidil déidheanaigh ag Isaias, ignis eorum non
extinguetur “ní múchfaidhear a dteine súd.” Ionann sin ré a rádh
agus go mbí pláigh na péine ifreannda 'na torn teintidhe gan
traothadh, ag losgadh agus ag lonn-bhruith an luchta nach tabhair
lámh fá leasughadh a locht san bheathaidh se.



An dara goin déag.



Is iontuigthe as aní léaghthar san dara caibidil déag do Leabhar na
dTaidhbhreadh nach bí tearmann ag druing ar bioth, dá n-airde i
gcéimibh saoghalta, ó na sgiúrsadhaibh se. Ag so mar adeir Eóin
san chaibidil chéadna, ecce draco magnus rufus, habens capita
septem, et cornua decem, et in capitibus eius diademata septem
“féach dragún mór ruadh, 'gá bhfuilid seacht gcinn, agus deich
n-adharca, agus seacht rígh-mhionna ar a cheannaibh.” Go
fáthach, is é an dragún dearg-ruadh úd at-chonnairc Eóin an
bás folamhail; agus na seacht gcinn chorónta úd, na seacht gcéime
onóra bhíos corónta san mhaitheas phuiblidhe, mar atáid Pápa,
Impir, Rí, Prionnsa, Diúice, Marquéis, agus Iarla; na deich
n-adharca, na cumhachta bhíos ag an mbás ar na seacht drongaibh
se; agus cuirthear an uimhir chinnte, a deich, ar son nuimhreach


L. 247


éigcinnte, do nós mar is gnáth san sgrioptúir, dá chor i gcéill
gurab iomdha cruth 'na mbí cur ag an mbás ar na seacht ndrongaibh
úd. Agus dá chor so i gcéill adeir file Laidneamhail áirithe na
briathra so síos:



sub tua purpurei veniunt vestigia reges



“tigid rígh na róbadh bpurpuir fád lorg.” Dá chor i gcéill nach
fuil rí ná ro-fhlaith, pápa ná prionnsa, ná uachtarán oile, danach
éigean an bás do leanmhain, agus láin-ghialladh dhó. Gonadh uime
sin adeir duine éigin an rann so, ag teacht leis an bhfilidh thuas:




Truagh, a bháis, do neart,
nach gabh ceart ná cóir,
mar chuirthear fád smacht
ríoghraidh na n-at n-óir.




An treas goin déag.



Gidh eadh, ní hé an bás corpardha is ionchuir i suim san áit se,
acht bás aigmhéil na hanma. Ní mó is iad galair gháibhtheacha an
chuirp is oircheas d'éagcaoine, acht aingcise anbháile na hanma,
agus fiabhrais an pheacaidh. Is córaide a mheas gurab fiabhrais na
peacaidh, aní léaghthar ag Ambrós naomhtha san cheathramhadh
leabhar dá leabhraibh foirceadail, mar a sgríobhann ar an
gceathramhadh caibidil ag Lúcás. Ag so iomorra mar adeir,
febris nostra avaritia est, febris nostra luxuria est, febris
nostra libido est, febris nostra ambitio est, febris nostra iracundia
est “ar bhfiabhrais-se an tsainnt, ar bhfiabhrais-ne an
mhian-bhruith, ar bhfiabhrais-ne an drúis, ar bhfiabhrais-
ne an uaill-mhian, ar bhfiabhrais-ne an fhearg.” As na
briathraibh se is iontuigthe gurab iontsamhluighthe na peacaidh agus
na prímh-fhiabhrais ré chéile. Agus atáid sé gnéithe fiabhrusa ann
lé gclaoidhtear an cholann go sonnradhach. Agus atáid sé gnéithe
peacadh ann fhreagras dóibh sin, ó ngeintear othrais na hanma,
do réir mar chuirfeam síos annso.


L. 248


AN SEISEADH HALT DÉAG
'na ndéantar coimmeas idir fhiabhrasaibh an chuirp agus
easláinteadha na hanma, agus na riaghlacha chuirthear síos ré
leigheas fiabhrusa na hanma.



An chéad-ghoin.



An céid-fhiabhras díobh, dá ngoirthear quotidiana .i. fiabhras
creathach chuireas saoth sealaid gach n-aon-lá. Agus atá
fiabhras spioraddha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear craos, lé
ndéantar turnamh na hanma. Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san
seiseadh caibidil déag ar an saidhbhir sádhail ar a raibhe an
fiabhras so, dá dtáinig a bhás agus a adhnacal i n-ifreann. Óir
an fleadhughadh laothamhail do-níodh, fá fochain bháis spioratdha
dá anam é. Mar an gcéadna, gach aon bhroinn-líonas é féin go
hairceasach gach aon-lá, bí an fiabhras céadna air, agus tig éag na
hanma dhe.



An dara goin.



An dara fiabhras, dá ngoirthear erratica .i. fiabhras seachráin
dá dtig a lúth agus a láthar do chaill do neach. Agus atá fiabhras
spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear leisge, cheanglas
céadfadha an chuirp agus acfuinne na hanma, ionnus nach léigeann do
neach lúth ná luadhaill do dhéanamh, ré déanamh maitheasa do Dhia
ná dá chomharsain; agus dá bhíthin sin tig bás na hanma dhe.



An treas goin.



An treas fiabhras, dá ngoirthear tertiana, gné fhiabhrais
chuireas taom tamaill gach dara lá ar an othar; agus bí fuacht
foiréigneach i dtús a theadhma, agus teas ainmheasardha dá éis sin.
Atá fiabhras spioratdha ann dá ngoirthear formad, 'na mbíd na cáile
céadna. Ar dtús iomorra bí fuacht oighreata an fhuatha ann, lé
múchtar teas grádha Dé agus na comharsan i dtoil an tnúthaigh. Bí
fós teas forloisgthe na feirge i n-aigneadh an tnúthaigh, agus dá
thoisg sin tig lot na hanma dhe.


L. 249


An ceathramhadh goin.



An ceathramhadh fiabhras, dá ngairthear continua .i. fiabhras
leaptha. Gnáth-thaom iomorra sin, ó nach faghthar faothamh
go fagháil bháis nó shláinte don othar. Agus atá fiabhras
spioratdha ann fhreagras dó so, dá ngairthear sainnt, bhíos ag
sámh-chnaoi agus ag seargadh an tsanntaigh do shíor. Agus is ar
an sanntach so labhras Solamh san .14. caibidil in Ecclo. mar
a n-abair, non satiabitur pane sed indigens, et in tristitia erit
super mensam suam “ní sáiseóchar é lé harán, acht go n-easbaidh,
agus biaidh i dtoirrse ar a bhord féin.” Ionann sin ré a rádh agus
nach sáiseóchaoi ar a bhord féin an sanntach lé harán .i. leis an
saidhbhreas dobhiadh aige, agus go mbiadh i dtoirrse ar bhord
na péine ifreannda. As so is iontuigthe go marbhann fiabhras
na sainnte an t-anam nach faghann faothamh uaithe san
bheathaidh se.



An cúigeadh goin.



An cúigeadh fiabhras, dá ngairthear quartana .i. fiabhras
creathach tig ar neach an ceathramhadh lá; agus is gnáth tinneas
cinn ar an tí ar a mbí. Agus atá fiabhras spioratdha ann
fhreagras dó so, dá ngairthear díomas. Agus amhail bhíos deatach
ag dol i gceann an tí ar a mbí an fiabhras so, óna leanntaibh
loisgneacha bhíos 'na ghoile, go mbuaidhearthar ceann an othair
leó, mar an gcéadna bhíos deatach díomusa ag éirghe ón aol-ghoradh
uabhair bhíos ag éirghe a grinneall chroidhe an díomsaigh, go
mbuaidhearthar mullach meanman an díomsaigh lé huaill atmhair i
n-aigeantaibh a mhéine. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí
ag labhairt ar na díomsachaibh san .73. Salm, superbia eorum qui
te oderunt ascendet semper “éirghidh suas do ghnáth díomas na
druinge fhuathuigheas tú.” Dá chor i gcéill, an dream rénar
fuathmhar Dia a los an díomusa, go mbí deatach dhubháilceadh agus
doimhéine ag éirghe a híochtar amhghlan a n-aigeanta, go measgthar
an mheanma leó; agus tig don urdhubhadh aigeanta sin, go ngabhann
diúdán iad, agus de sin nach féadaid triall go díreach i raon na
haithrighe, acht bheith ag cais-iompódh ar a gceanaibh, agus agá
n-únfairt 'na n-olcaibh féin do ghnáth.


L. 250


An seiseadh goin.



An seiseadh fiabhras, dá ngoirthear hectica .i. fiabhras do-bheir
teas mailíseach i mballaibh an duine, dá dtig an t-othar do
sheargadh agus do shámh-chnaoi, go gcailleann a lúth agus a
láthar, go spealtar amach ainn-séin é, go n-éagann amhlaidh sin.
Atá fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngairthear drúis,
'na bhfuilid na cáile céadna. Agus is ar an bhfiabhras so na
drúise labhras Iob san .31. caibidil, mar a n-abair, ignis est
usque ad perditionem devorans “teine í (ar sé) chraos-shloigeas go
críoch-caitheamh.” Dá chor i gcéill go mbí an fiabhras úd
pheacaidh na drúise ag fadódh agus ag folosgadh go folaightheach
i mballaibh an drúisigh agá sheargadh, go spealtar fá dheóidh dhe
gach blás dá mbí air, mar atá a choguas, a chlú agus a chonách
saoghalta, agus fós somhaise agus sláinte a chuirp. Is uime sin
adeir Iob san chaibidil chéadna, pepigi foedus cum oculis meis,
ut ne cogitarem quidem de virgine “do cheangail mé connradh rém
shúilibh, ionnus nach smuaininn ar mhaighdin idir.” Dá chor i
gcéill go raibhe an uiread soin d'uamhan agus d'imeagla air ré
fiabhras pheacaidh na drúise, nach eadh amháin do chuir roimhe a
sheachnadh do ghlór agus do ghníomh, acht fós gur chuir roimhe
álghus agus accobhar a intinne do thoirmeasg ó smuaineadh ar
pheacadh na drúise.



An seachtmhadh goin.



Cuiridh Críost riaghail chinnte síos, lé bhféadfadh an duine é
féin do leigheas agus do lór-choimhéad óna fiabhrasaibh réamhráitte,
agus óna leithéidibh oile, amhail léaghthar ag Matha san seiseadh
caibidil déag, mar a n-abair, qui vult venire post me abneget
semetipsum, et sequatur me “an tí rénar toil teacht im dhiaidh-se,
diúltuigheadh dó féin, agus leanadh mise.” Is follus gurab riaghail
chinnte ré slánughadh agus ré sár-chaomhna a duine ón uile
pheacadh, stiúradh a mheanman agus a chéadfadh do thabhairt do
Chríost, agus triall ar a threóir in gach slighe 'na seólfadh an
duine; agus dá ndearna soin, is dearbh gurab i slighe na
subháilceadh agus na síor-shláinte thriallfas, agus mar an gcéadna
go gcuiridh cúl ris na coiribh go coitcheann. Óir ní héidir a


L. 251


mheas gomadh easlán an tí leanas go díreach sliocht-lorg ar
Slánuightheóra, nó gurab peacthach an tí chuireas é féin fá choim
Phríomh-ughdair na ngrás do dháil dá lucht leanamhna. Is córaide
dhúinn Críost do leanmhain, an teagasg do-bheir Bearnard naomhtha
i leabhar a Naomh-smuaineadh don duine agá fhaisnéis dó créad an
sochar 'na dtéid do neach Críost do leanmhain. Ag so mar adeir ris,
cum omnes amici tui recedent a te, ille te non derelinquet, sed
tuebitur a rugientibus praeparatis ad escam, et conducet te per
ignotam viam, atque perducet ad plateam supernae Sion, et ibi te
collocabit cum angelis, ante faciem maiestatis divinae “an tan
fhúigfid do charaid tú, ní thréigfidh seisean tú, acht díonfaidh
tú ón druing chonfadhaigh bhíos ollamh ré fagháil fulachta, agus
do-ghéana do threórughadh tré shlighidh anaithnidh, agus béaraidh
go sráid Shión uachtaraigh thú, agus do-ghéana do shuidhiughadh
annsin mar aon ré hainglibh i bhfiadhnaise deilbhe na mórdhachta
diadha.” Is neartughadh leis so aní léaghthar ag Matha san .22.
caibidil, mar a n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na
n-Iúdaidheach ré Críost, magister, scimus quia verax es, et viam
Dei in veritate doces “a mhaighistir, is feasach linn go bhfuil
tú fírinneach, agus go seólann tú slighe Dé i bhfírinne.” As na
briathraibh se Mhatha is follus gurab treóraighe Críost, ré
díorghadh na ndaoine go neamh.



An t-ochtmhadh goin.



Tuig fós, do réir na riaghlach thuas, an tí thréigfeas é féin mar
cheannach ar Chríost, nach inmheasta go dtréigfidhear Críost leis
ar ainmhian san bhioth do chuirfeadh i gceachtar dona
fiabhrasaibh réamhráitte é; do réir mar adeir Eóin san treas
caibidil don chéid-Eip. ag labhairt ar Chríost omnis qui in eo
manet non peccat “an tí anas ann ní dhéin peacadh.” Is follus as
so, an tí chomhnaidheas i gCríost, nach déin peacadh. Is follus as
an chaibidil chéadna nach bí aithne ar Chríost ag an tí
pheacuigheas, agus nach mó at-chíthear Críost leis. Ag so
briathra Eóin, et omnis qui peccat non vidit eum, nec cognovit eum
“agus gach aon (ar sé) do-ní peacadh, ní fhaiceann é, agus ní mó
aithnigheas é.” As a ndubhramar is follus gurab treóraighe


L. 252


Críost, agus gach aon nach triallann ar a threóir, go dteagmhann
seachrán slighe dhó.



An naomhadh goin.



Cuiridh S. Augustine síos san .176. Seanmóir ní lé ndearbhthar
so, mar a n-abair, Si unusquisque nostrum subdere suas passiones
sibi studeat, ac super eas stare consuescat, ex ipsis sibi gradum
construit quo possit ad superiora conscendere. Elevabunt nos si
fuerint infra nos, et vititis nostris scalam nobis facimus, si vitia
ipsa calcamus. Nam cum bonitatis auctore non ascendet malitia, nec
cum magistro humilitatis superbia, nec cum filio virginis libido
atque luxuria. Non, inquam, ascendunt vitia post virtutum parentem,
nec peccata post iustum, nec infirmitates nec morbi possunt ire
post medicum “dá ndearna (ar sé) gach aon againn a dhícheall réna
shiansadhaibh do chur fána chumhachtaibh féin, go gcleachtfadh
seasamh ar a muin, cóirighthear leis céim dhíobh dhó féin, lé
bhféadfadh dol suas gusna huachtaraibh. Airdeóchaid suas sinn dá
rabhaid fúinn. Do-nímíd dréimire dhúinn féin dár lochtaibh, dá
ngabhthar linn dár gcosaibh sna lochtaibh céadna. Óir ní théid an
mheabhail suas mar aon ré hUghdar na maitheasa, ná an t-uabhar
mar aon ré Maighistir na humhlachta, ná an drúis agus an mhian-
bhruith mar aon ré Mac na Maighdine. Ní theid suas, adeirim,
na lochta i ndiaidh Athar na subháilceadh, ná na peacadha i ndiaidh
an Fhíréin. Fós, ní fhéadaid na héagcruais ná na galair dol i
ndiaidh an Leagha.” As na briathraibh se S. Augustine is
iontuigthe, cibé thurnas a cheana féin, agus chuireas fána smacht
iad, agus nach giallann dóibh, agus fós leanas lorg Críost, nach
féadaid na coire bheith mar aon ris.



An deachmhadh goin.



Cidhbé rénar maith an raon díreach do leanmhain ar a lorg, tugadh
dá aire aní léaghthar ag Eóin san seiseadh caibidil, mar a
n-abair Críost, descendi de caelo, non ut faciam voluntatem meam,
sed eius qui misit me “do thurnas do neamh, ní ré déanamh mo
thoile féin, acht do dhéanamh toile an tí do chuir uaidh mé.” Is
follus as na briathraibh se cia an ród díreach is inleanta ar


L. 253


lorg Críost. Óir mar is é an raon 'nar gabhadh lé Críost, óigh-
réir agus umhlacht iomlán in gach éin-ní do thabhairt don Athair uile-
chumhachtach, agus gurab san slighidh sin do thriall go díreach go
neamh, mar an gcéadna gach aon rénar feirrde triall san chonair
chéadna go neamh, ceangladh a thoil féin do thoil Chríost, agus
mar sin ní thiobhraidh dúil ná searc d'éin-ní acht don ní ar a
mbia gean ag Dia, agus ní thiubhra fuath d'éin-ní acht aní bhus
fuathmhar ag Dia.



Agus an mhéid bheanas ris na sé fiabhrasaibh do luaidheamar thuas,
cuirfeam annso síos sé riaghlacha cinnte fhreagras dóibh, mar atá
riaghail i n-aghaidh gacha fiabhrusa dhíobh.



An t-aonmhadh goin déag.



An chéid-riaghail, i n-aghaidh an chéid-fhiabhrusa, mar atá an
craos: do réir Ezec. san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair,
cibus tuus quo vesceris erit in pondere “an biadh ré n-oilfidhear
thú, biaidh do réir thomhais.” Ionann sin ré a rádh agus gurab do
réir mheidhe na measardhachta dhleaghair do duine é féin do
shásadh do bhiadh agus do dhigh. Agus dá ndearna sin do ghnáth
do réir cháile agus chaindigheachta bídh agus dighe, ní heagail dó
an fiabhras úd an chraois.



An dara goin déag.



An dara riaghail, i gcoinne an dara fiabhrusa, mar atá an leisge: do
réir Sholaimh san chúigeadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair,
ne tardes converti ad Dominum, et ne differas de die in diem “ná
déana moill fá thilleadh gus an dTighearna, agus ná cuir cairde ó
ló go ló.” Ionann sin ré a rádh agus go ndligheann an duine gan a
leas do chor ar ceal ná ar cairde, acht deithbhir agus deithneas do
dhéanamh ris gach feidhm fíréanta fhéadfas do ghníomh-
ghnáthughadh ré coimhlíonadh thoile Dé do dhruim díchill agus
díoghraise. Agus dá ndearna soin, ní heagail dó lot ná leónadh ó
fhiabhras na leisge do theagmháil dó.



An treas goin déag.



An treas riaghail, i gcoinne an treas fiabhrusa, dá ngoirthear
formad: do réir Phóil san .13. ca. don chéid-Eipistil gusna


L. 254


Coirintibh, mar a n-abair, caritas patiens est, benigna est, non
aemulatur “atá an grádh foidhideach, atá sochroidheach, ní dhéin
formad.” Ionann sin ré a rádh agus go dtig don ghrádh, an tí agá
mbí sé, go mbí foidhideach ar gach éagcomhthrom agus ar gach
anfhochain theagmhas dó, agus go mbí sochroidheach soronna ris gach
n-aon, agus nach déin formad ré neach. Uime sin, cibé agá mbí an
grádh dáríribh, ní heagail dó fiabhras an fhormaid dá thadhall.



An ceathramhadh goin déag.



An ceathramhadh riaghail, i gcoinne an ceathramhadh fiabhrusa, dá
ngairthear sainnt: do réir Mhatha san naomhadh caibidil déag, mar
a n-abair, si vis perfectus esse, vade, vende omnia quae habes, et
da pauperibus, et habebis thesaurum in caelo, et veni, sequere me
“mása thoil leat bheith iomlán, imthigh, díol na huile neithe atá
agat, agus dáil do bhochtaibh iad, agus do-ghéabhair ionnmhas ar
neamh; agus tar, lean mise.” Gidh eadh, an dream nach leanann Críost,
is meinic milleadh agus míorath ag teagmháil dóibh san saoghal so; ní
áirmhim an anfhochain thall. Is i bhfioghair aneithe se atá aní
léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach,
ar Chloinn Israel, mar atá méad na ndochar ndíoghaltach do-
rinne Dia dhóibh trí dhíbhfeirg, tré gan leanmhain do chomhairle
Mhaoise ar an bhfásach, ionnus go rabhadar ar siadhán agus ar
seachrán seachnóin an fhásaigh ré ré .40. bliadhan, agus gan acht
uidhe .40. lá uathaibh go Tír Thairrngire, agus nach ráinig leó
a rochtain ó shoin. Mar sin dona daoinibh ar fásach an tsaoghail
se, ré triall go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha: an tan
nach leanaid do chomhairle Chríost, ná dá réir do dhéanamh, ní
bhíd acht ag praip-ionntódh ar na peacaidhibh, agus ag cais-
fhilleadh ar na coiribh, go ngabhann diúdán ó na dubháilcibh iad, go
nach féadaid an chonair chóir do choimhéad ar lorg Críost go neamh.
Agus an tí thoigeóras Críost do leanmhain, gabhadh ar a lorg tré
bhealach bheannuighthe na bochtachta. Is iontuigthe as an riaghail
se, gurab é leigheas dhleaghair do dhéanamh i gcoinne fhiabhrais
na sainnte, an bhochtacht fhírinneach do leanmhain; agus is ionann
sin agus Críost féin do leanmhain. Óir ní raibhe sealbh shaoghalta


L. 255


aige, do réir Lúcáis san naomhadh caibidil, mar a n-abair ag
labhairt ar Chríost, vulpes foveas habent, et caeli nidos, Filius
autem hominis non habet ubi caput reclinet “atáid uamha ag na
sionnchaibh, agus neid ag éanlaith nimhe, gidh eadh, ní fhuil
ionadh a chinn do chlaonadh ag Mac an duine.” As na briathraibh se
is iontuigthe gurab tré bhealach na bochtachta do thriall Críost go
neamh; agus cibé thoigeóras lorgaireacht do dhéanamh ar Liaigh na
sláinte suthaine, leanadh san chosán chéadna é, agus ní heagail
dó saoth na sainnte dá mharbhadh. Is córaide do neoch gan seadh do
bheith sna séadaibh saoghalta ná i n-aoibhneas na colna, aní
léaghthar ag S. Augustine san .33. Eip. mar a n-abair, prospera
huius mundi asperitatem habent veram, iucunditatem falsam, certum
dolorem, incertam voluptatem, duram laborem, timidam quietem, rem
plenam miseriae, spem beatitudinis inanem “atá (ar sé) fíor-
fhraochdacht ag conáchaibh an tsaoghail se, gáirdeachas bréige,
doilgheas dearbhtha, antoil éigcinnte, saothar dúr, comhnaidhe
oirmheata, ní lán do thruaghántacht, dóchas díomhaoin na
beannuightheachta.” As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe
nach fuil i bhflaitheas an tsaoghail se acht maith thig i
mbréig-riocht fá ghné mhaitheasa fíre, agus nach fuil innte
dáríribh acht buaile bháis agus iothlann éaga, go meinic, don
druing bhíos 'na seilbh; agus uime sin go bhfuil sí dá gach aon
intseachanta rénar feirrde gan fiabhras na sainnte dá mharbhadh.



An cúigeadh goin déag.



An cúigeadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa an uabhair: do réir
Sholaimh san .29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, humilem spiritu suscipiet gloria “glacfaidh an ghlóir
an t-umhal ó spioraid. Ionann sin ré a rádh agus go mbí an
ghlóir d'áirithe ag an druing bhíos umhal ó spioraid. Agus gach
dream 'gá mbí an ghlóir d'áirithe aca, bíd saor ófhiabhras an
uabhair. Contrárdha iomorra dá cheile atá ceann innmhe an díomsaigh
agus an umhail. Óir síos téid an díomsach i n-ifreann, agus suas
ar neamh théid an t-umhal. Is iontuigthe sin a briathraibh
Lúcáis san dara caibidil mar a labhrann ar na crothaibh éagsamhla
'na gcuireann Dia an dá dhruing úd. Ag


L. 256


so mar adeir, deposuit potentes de sede, et exaltavit humiles “do
chuir sé na cumhachtaigh as a n-ionadh, agus do arduigh na
humhail.” Do réir a ndubhramar, cibé adhras don umhlacht, is
dearbh dhó bheith saor ó fhiabhras an uabhair, agus fós, bheith ar
lorg dhíreach Chríost go neamh.



An seiseadh goin déag.



An seiseadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa na drúise: do réir
Phóil san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. go Timoteus,
mar a n-abair, teipsum castum custodi “coimhéid tú féin
geanmnaidh.” Dá chor i gcéill, cibé choimhéadas é féin go gasta
geanmnaidh, go mbí saor ó fhiabhras na coire se .i. na drúise.



Tuig, a dhuine, gur choimhéid Críost go cinnte gach riaghail
díobh so, do bhríogh gurab é fein is liaigh ré leigheas gach
othrais anma dá mbí ar an duine, agus go mbeanann ris an liaigh
gcineólta na sioróipe agus na seirbh-dheocha sláin-íce do
fhromhadh rés an othar, ionnus gomadh lughaide a dhéistin an liaigh
dá bhfromhadh roimhe, agus fós, gurab móide dobhiadh fios a
mbríogh ag an liaigh, é féin dá bhfromhadh rompa, agus mar an
gcéadna fios na ngalar do bheith aige. Gonadh uime sin adeir
Petrus Chrysologus san .150. Seanmóir, medicus qui non fert
infirmitates, curare nescit, et qui non fuerit cum infirmo infirmus,
infirmo non potest conferre sanitatem “an liaigh nach iomchrann na
héagcruais, ní heól dó leigheas do dhéanamh; agus an tí nach
biaidh éagcruaidh leis an easlán, ní fhéadann sláinte do thabhairt
don othar.” Ionann sin ré a rádh agus go ndleaghair galar comhpáise
agus truaighe do bheith aige don othar. Gonadh uime sin do fromhadh
lé Críost, maille ré truaighe do bheith aige dhóibh ré linn gach
uilc agus gach anfhorlainn dá dteagmhadh dhóibh, mar atá fuacht
agus íota agus ocras, tár agus tarcaisne, aithis agus iomcháineadh,
díbirt agus deóraidheacht, bochtacht, broid, braighdeanas agus bás;
agus fós, do fromhadh leis féin gach anfhochain díobh.



An seachtmhadh goin déag.



Is móide is inmheasta gurab liaigh Críost, agus gurab íoc-luibh na
hamarráin, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh


L. 257


ar an .21. Salm, mar a n-abair, intelligat homo medicum esse
Deum et tribulationem medicamentum esse ad salutem, non poenam ad
damnationem. Sub medicamento ureris, secaris, clamas: non audit
medicus ad voluntatem, sed audit ad sanitatem “tuigeadh an duine
gurab liaigh Dia agus gurab leigheas an buaidhreadh ré sláinte
d'fhagháil, nach pian ré damnadh. Ar mbeith dhuit fá leigheas
loisgthear thú, gearrthar thú, éighmhe tú: ní éisteann an liaigh
do réir do thoile, acht do réir do shláinte.” As na briathraibh
se S. Augustine is follus gurab liaigh Dia, agus dá réir sin Críost.
Is follus mar an gcéadna, an buaidhreadh agus gach dochar oile
theagmhas don fhíréan ionnraic, gurab sioróipe searbha agus íoc-
luibhe borba do-bheir Dia dhóibh do shlánughadh a n-anmann. Óir,
tar ceann go mbí an bormont searbh, measaid na leagha bhíos fír-
eólach gurab folláin é. Mar an gcéadna is dearbh lé Fáith-liaigh
na fírinne gurab folláin bormont na buaidheartha dá fhíréanaibh
féin; agus dá réir sin, an tan teagmhas buaidhreadh nó anfhochain don
fhíréan, dlighidh a ghábháil chuige go haontuightheach toileamhail,
mása galar, nó éag cloinne nó carad, nó caill fhearainn nó maoine
saoghalta, nó anfhorlann easgcarad é, agus a mheas gurab mar
smachtughadh imreas Dia na dochair sin air. Tig Hieronymus leis
so, ag sgríobhadh ar Ezechiel, mar a n-abair, providentia Dei
omnia gubernantur, et quae putatur poena medicina est “is tré
oirchill Dé fhollamhnuighthear na huile, agus aní mheastar 'na
phéin is leigheas é.” Féach mar adeir, ag teacht leis aní thuas,
aní is gortughadh lé neach, gurab leigheas dó é.



An t-ochtmhadh goin déag.



Is uime sin adeir S. Augustine san ionadh réamhráitte thuas, novit
medicus quid salutiferum quidve contrarium petat aegrotus. Aegroti
estis, nolite ergo dictare quae vobis medicamenta velit apponere
“bídh a fhios ag an liaigh créad aní is folláin nó a chontrárdhacht
iarras an t-othar. Othair sibh, ar an adhbhar soin ná
deachtuighthear libh don liaigh na leighis is toil leis do chur
ribh.”


L. 258


An naomhadh goin déag.



As so is iontuigthe nach dleaghair dhúinn locht d'fhagháil ar
aon-smacht bhus toil ré Dia do dhéanamh orainn, agus nach dleaghair
dhúinn bheith íogmhar éagcaointeach tré leigheas dá ghéire agus dá
ghoirte chuirfeas rinn. Óir is meinic bhíos an galar comh-
guasachtach soin gurab éigean don liaigh losgadh, gearradh cneis,
agus teasgadh ball do dhéanamh ar an othar, do shúil réna shláinte
d'aiseag dhó. Mar an gcéadna do-ní Liaigh na hanma ris an tí
shaoileas do shlánughadh. Uime sin adeir Hieronymus ag sgríobhadh
gó a charaid éagcruaidh, artis est medicinae aliquoties ignibus
et ferro curare. Quid mirum si Dominus nostrarum medicus animarum
turbinibus excutiat, calamitatibus purgat “beanaidh ris an ealadhain
leighis ar uairibh leigheas do dhéanamh lé teintibh agus lé hiarann.
Créad an t-iongnadh dá ndearntaoi leis an dTighearna, Liaigh ar
n-anmann, sguabadh le hiomghaothaibh, glanadh le hamhgaraibh?”
Ionann sin ré a rádh agus mar go bhfuilngeann an t-othar
corpardha iomad fualaing tré shíneadh láimhe an leagha corpardha,
mar cheannach ar shláinte a chuirp, mar an gcéadna is mó sa
chách dhleaghair don tí ar a mbí othras na hanma foidhide do
dhéanamh ris gach síneadh láimhe dá dtabhair Liaigh na hanma dhó,
dá ghéire agus dá ghoimheamhlacht dobhiadh an síneadh láimhe,
bíodh gomadh gnáth-ghalar goithneach géir-neimhneach, nó caill
chloinne nó chonách é.



An ficheadmhadh goin.



Is córaide dá gach othar sin do dhéanamh gurab do thuar a shláinte
ghortuighthear leis an liaigh é. Gonadh uime sin adeir Hieronymus
san Eipistil do sgríobh go Hamandus, non parcit medicus ut parcat,
saevit ut misereatur “ní choigleann an liaigh go gcoigleadh;
gabhaidh dásacht é go ndearnadh trócaire, nó go ngabhadh truaighe
é.” Ionann sin ré a rádh agus nach gabhann gan síneadh láimhe,
sioróipe agus seirbh-dheocha do thabhairt don othar, dá neamh-
thoil, do shúil ré coimhéad agus ré coigilt a shláinte dhó; agus
fós, go ngabhann fearg agus dásacht an liaigh ris, ar a leas, an tan
bhíos ag diúltadh aneith budh


L. 259


mhaith dhó do ghlacadh, agus ag iarraidh aneith budh anfholláin
dó; mar do-chíthear linn go meinic go mbí fear an fhiabhrusa ag
iarraidh iomaid dighe, nó ag codladh i meadhón laoi, nó a shamhail
oile sin, agus mar bhíos an liaigh agá thoirmeasg air, agus fós go
ngabhann fearg é ris an othar tré bheith liosta agá n-iarraidh,
agus sin uile ar leas an othair. Mar an gcéadna do-ní an Liaigh
spioratdha .i. Dia uile-chumhachtach, do-bheir deoch dhomblasta
dona hothraibh shaoileas do shlánughadh. Óir do-bheir bochtacht
don druing do loiteadh le conách saoghalta, agus do-bheir galar don
druing leóntar lé sláinte chorpardha, agus beanaidh clann agus
caraid don druing 'gá mbíodh uaill asta, agus sin uile do
shlánughadh anma an othair. Uime sin, a dhuine, gach smacht dá
ghéire, agus gach ciorrbhadh cuirp, cloinne, carad agus conáich bhus
toil ré Dia do dhéanamh ort, gabh chugat ó chroidhe chobhsaidh é,
agus tabhair glóir agus moladh do Dhia dá chionn.



AN SEACHTMHADH HALT DÉAG
as a dtuigthear go bhfuilid trí modha ar a ndéin Dia leigheas
spioratdha i gcoitchinne, i n-aghaidh ghalar agus easláinte na
hanma.



An chéad-ghoin.



An chéad-mhodh dhíobh, lé tréidheanas, nó lé trosgadh. Ag so réim
leighis do coimhéadadh lé hElias ré ré .40. lá go rochtain
shléibhe Oreb dhó. Mar an gcéadna do Mhaoise, agus do
Chríost féin. Do choimhéid fós Eóin Baiste réim tréidheanais
feadh a ré. Do choimhéadadar fós na hil-mhílte do naomh-
aithreachaibh agus do naomh-óghaibh an tsein-reachta agus na Nua-
fhiadhnaise, an réim se an troisgthe agus an tréidheanais, mar is
follus a mórán d'áitibh an Scrioptúra, agus a mórán do stairibh do
sgríobhadh lé roighne ríogh-ughdar na heagailse, budh liosta ré a
gcur síos annso. Agus ní headh amháin is iontuigthe annso,
tréidheanas nó trosgadh do dhéanamh ó bhiadh nó ó dhigh, acht fós
ó gach sódh agus ó gach sáimhrighe shaoghalta oile ó shoin


L. 260


amach; agus go mór-mhór óna peacaidhibh. Is córaide tréidheanas
do dhéanamh óna peacaidhibh, aní léaghthar ag S. Augustine, ag
sgríobhadh ar Eóin, mar a n-abair, ieiunium magnum et generale
est abstinere ab iniquitatibus et illicitis voluptatibus saeculi,
quod est perfectum ieiunium “is trosgadh mór coitcheann fulang ó
urchóidibh agus ó ainmhianaibh éigcneasta an tsaoghail, is trosgadh
iomlán ann.” As na briathraibh se S. Augustín is follus nach eadh
amháin is trosgadh ann, fulang ó bhiadh agus ó dhigh, acht fós
gurab fíor-throsgadh fulang ón pheacadh agus óna feidhmibh bheanas
ris. Tuigthear fós a briathraibh S. Bearnard san .38. Seanmóir,
nach eadh amháin dhleaghair don duine trosgadh do dhéanamh ó
bhiadhaibh, acht fós go ndleaghair dhó srian do chor réna
chéadfadhaibh, dá bhfastódh ó chíocras chraosach na gcean.
Ag so mar adeir, si sola gula peccavit, sola ieiunet, si vero
peccaverunt et membra caetera, cur non ieiunent et ipsa? Ieiunet
igitur oculus a curiosis, et rlqa. “más é an craos amháin do
pheacuigh, troisgthear leis féin amháin, agus is lór é. Gidh eadh,
má do pheacuighsead na boill oile, créad as nach troisgfidhe leó-
san mar an gcéadna? Ar an adhbhar sin déanadh an tsúil trosgadh ó
amharc néata, agus an chluas ó éisteacht an ithiomráidh agus
briathar mímhéine na meirdreach, agus an béal ó bhréagaibh agus ó
bhriathraibh borba baothánta, agus an lámh ó thadhall thruaillidhe,
agus an chos ó chéimniughadh chealgach chlaon-rúnach.” As na
háitibh se is léir nach lór do neoch trosgadh ó bhiadh, acht fós
nach foláir dhó trosgadh agus fulang do dhéanamh ó pheacaidhibh
oile.



An dara goin.



Is córaide do neoch trosgadh do dhéanamh ó iomad bídh agus dighe, a
mhionca do-chuaidh fleadhachas bídh agus dighe i ndochar don
druing do shainnteóchadh iad. Bíodh a fhiadhnaise sin ar
Holofernes, dar beanadh a cheann agus é ar meisge ar lár a
shluaigh, amhail adubhramar thuas romhainn, do réir mar léaghthar
san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus ar Ammon mac
Dáibhídh Ríogh, do marbhadh lé muinntir a dhearbhráthar, ar mbeith
don Ammon chéadna ar meisge agus é ag caitheamh fhleidhe, amhail
léaghthar san treas caibidil déag don dara


L. 261


leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Ní headh fós téid an biadh sádhail
i ndochar, náid na deocha sobhlasta, acht fós téid tuir-bhiadh agus
táir-dheoch i ndochar do lucht a gcaithmhe. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar Ádhamh, lér cailleadh grás Dé agus a chuid d'oighreacht
nimhe ar ghreim d'ubhall, amhail léaghthar san dara caibidil in
Genesi; agus ar Esau, do reic a oighreacht ar chorn praisge,
amhail léaghthar san .25. caibidil in Genesi.



An treas goin.



Is córaide fós do neoch tréidheanas do dhéanamh ó sháimhrighe agus
ó rath shaoghalta, a mhionca do-chuaidh neach i n-olcaibh ó
chonách agus ó onóir shaoghalta dá rochtain. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar Shaul, dobhí go maith sul ráinig i bhflaitheas na
n-Iúdaidheach, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-
leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gonadh uime sin adeir an fáidh
Daniel agá iomchasaoid, quia proiecisti sermonem Domini, et
proiecit te Dominus ne sis rex super Israel “do bhríogh (ar sé)
gur ruagais uait comhrádh an Tighearna, do ruaig an Tighearna thusa,
go nach budh rí ar Israel tú.” Neartuighid briathra Chrysostomus
naomhtha, san chéid-leabhar ro sgríobh de Curialium Nugis, lé
fírinne aneithe se, mar a n-abair, noverca virtutis prosperitas:
baculis suis applaudit ut noceat, et infelici successu
fortunatis obsequitur, ut in fine perniciem preretur conviviis suis;
ab initio propinans dulcia, et cum inebriati fuerint, letale virus
miscet, et siquid deterius est quo specie sui clarescit, amplius
eo stupentibus oculis densiorem infundit caliginem “leas-mháthair
na subháilceadh an conách: is amhlaidh do-ní toirn-chleas go
n-urchóideadh; agus is lé triall neamhchonáich do-ní feidhm dona
toictheachaibh, ionnus fá dheireadh go n-oibrigheadh milleadh léna
fleadhaibh; ar dtús ag ól-toghairm a milis-deoch, agus iar mbeith
ar meisge dhóibh do-ní cumasg neimhe marbhthaighe tríotha; agus dá
raibhe nísa mheasa ioná a chéile dheallruigheas tréna ghné, is
mó sa chách iar ngabháil mhachtnaidh na súile dhoirtear dlúith-
néall dorcha orra é.” As na briathraibh se Chrysostomus is
iontuigthe gurab eagail don druing ibheas brogóid na beatha so i
dtús a ré do bhríogh gurab gnáth ris an saoghal searbhóga


L. 262


do dháil dóibh i ndeireadh a n-aimsire, agus míorath i ndíol
mhacnasa na hóige, agus fós dol i n-olcas tré fhlaitheas
saoghalta dá rochtain, ionnus lé fás a n-innmhe go bhfásaid a
n-ainmhiana.



An ceathramhadh goin.



Féach Dáibhídh Rí, feabhas na teasta dobhí air sul ráinig sé i
bhflaitheas, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil don chéid-
leabhar do Leabhraibh na Ríogh mar do marbhadh leómhan leis, ar
mbeith ag ionghaire chaorach dhó; agus fós mar do-rinne iomad do
neithibh tásgamhla oile. Gidh eadh, ar mbeith 'na rí dhó do-rinne
adhaltrannas ré Bersabe, bean Urias, amhail leaghthar san
aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
Féach mar do thuit Solamh, ar mbeith 'na rí dhó, tar a bhfuair
d'eagna agus do shubháilcibh ó Dhia, ionnus gur tháith é féin go
héigceart ré mnáibh deórata, tug air adhradh do láimh-dhéibh i
n-aghaidh reachta Dé, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag
don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh.



An cúigeadh goin.



Féach Achab, ar mbeith 'na rí dhó, mar thug Iesabel inghean
ríogh Sidoniorum mar mhnaoi, thug air íodhal-adhradh do
dhéanamh, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag don treas
leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gidh eadh, is eadh dhleaghair don
tí leanas lorg Achab san olc, a lorg mar an gcéadna do leanmhain
san aithrighe, agus do-ghéabhaidh mar sin aiseag a shláinte
spioratdha, amhail fuair Achab, do réir Hieronymus, san Eipistil
ro sgríobh go Oceanum, mar a n-abair ag labhairt ar Achab,
ieiunabat in sacco et ambulabat demisso capite, et salvatus est
“do throisg sé i sacc, agus do shiubhail sé maille réna cheann
crom, agus is mar sin do slánuigheadh é.” Is lé haithrighe fós do
dhéanamh do turnadh fearg Dé ré fuirinn chathrach Ninive. Is
amhlaidh fós do fóireadh an puibleacán. Is amhlaidh mar an gcéadna
fuair Nabugodonosor aiseag a fhlaitheasa, amhail léaghthar ag
Daniel san cheathramhadh caibidil. Uime sin, gach aon leanfas
'na lochtaibh a lorg, leanadh i leasughadh a mbeart iad.


L. 263


An seiseadh goin.



Féach mar do saobhadh Gedeon, Ezechias, Manasses,
Nabugodonasor agus na céada oile tré fhlaitheas saoghalta dá
rochtain. Gidh eadh, ní hionann so agus an sochar tig don
bhochtacht, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a
n-abair, beati pauperes spiritu, quoniam ipsorum est regnum
caelorum “is beannuighthe na boicht ó spioraid, óir is leó flaitheas
nimhe.” Tig Solamh leis so san deachmhadh caibidil in Ecclo.,
mar a n-abair, pauper propter scientiam et religionem gloriam
adipiscitur “greamuighidh an bocht tré eólas agus tré iris an
ghlóir.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos bocht do dhruim eólusa
agus fhíréandachta, gurab sealbh dhíleas dó an ghlóir shíor.
Gidh eadh, ní hí so sealbh do-bheir Solamh san chaibidil
chéadna don tsaidhbhir, mar a n-abair, dives ob divitias suas
in honore est “atá an saidhbhir tréna mhaoinibh féin i n-onóir.”
Ionann sin ré a rádh agus gurab í an onóir shaoghalta is sealbh don
toictheach. Is do chor aneithe se i gcéill atá an fábhaill-sgéal
léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag mar a n-innistear
go dtugadh sealbh na glóire i n-ucht Abraham don bocht Lazarus,
agus gur cuireadh an saidhbhir sádhail dá bhruith san bhráith-
theinidh, i ndíol na saidhbhreas saoghalta fuair san bheathaidh
se, mar nár chuir i nglóir do Dhia ná i soileas a chomharsan iad.



An seachtmhadh goin.



Is córaide a mheas gurab é lorg Lazarus is inleanta ré seilbh na
glóire do ghreamughadh agus ré sláinte spioratdha do chaomhna agus
do choimhéad, an réim do choimhéid Críost féin, mar atá na
saidhbhris shaoghalta do thréigean ar bhochtacht, do réir Lúcáis
san naomhadh caibidil mar a n-abair, vulpes foveas habent, et
volucres caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput
reclinet “atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith
nimhe, gidh eadh, ní fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag Mac an
duine.” As so is iontuigthe gur fromhadh tréidheanas na bochtachta
lé Críost, mar shompla dhúinne ré seachnadh na saidhbhreas, mar
leigheas dar n-anmannaibh, agus ré tuar seilbhe na glóire suthaine.


L. 264


An t-ochtmhadh goin.



An dara modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé gcaomhnann agus
lé ndáileann sláinte anma don duine i n-aghaidh na ngalar
spioratdha bhíos ar a thí, lé purgóidibh persecution agus
buaidheartha, lé braighdeanas, lé díbirt, agus leis gach anfhochain
oile fhuilngeas Dia do thoidheacht ar a fhíréanaibh féin. Is
iomdha sompla san Scrioptúir agá shuidhiughadh so. Léaghthar san
.7. caibidil in Genesi go ndearnsad a chlann fanámhad fá
Naoi, ar mbeith ar meisge dhó ó chaoraibh na fíneamhna dithe iar
dturnamh na díleann. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi
gur fhógair Dia do Abraham dol ar díbirt as a dhúthaigh, agus
teach a athar agus a fhialas do thréigean. Léaghthar ag Pól san
chúigeadh caibidil go Galatas, gur fhuiling Isaac inghreim óna
bhráthair Ismael. Léaghthar san .27. caibidil in Genesi go
ndeachaidh Iacob ar díbirt d'eagla a bhráthar Esau. Léaghthar
san .37. caibidil gur dhíoladar a bhráithre Ioseph. Léaghthar
san .18. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh go
raibhe Saul ar tí Dháibhídh Ríogh do mharbhadh. Féach fós, cia
dona fáidhibh da nacharbh éigean fromhadh dighe domblasta inghreama
agus anfhorlainn an tsaoghail se, mar is follus do thaoibh Elias,
Ezechiel, Daniel, Tobias, Amos, Ionas, Iob, agus il-
iomad oile. Féach fós mar do fromhadh na sioróipe céadna lé Críost
féin, mar is follus do réir Mhatha san dara caibidil, 'na
dheóraidheacht don Éigipt, i n-il-iomad amarráin oile do
fuilngeadh leis ó am a thuismidh go huair a lámhuighthe ré hucht a
chéasta; agus sin uile mar shompla dona daoinibh ré fromhadh na
gcorn gcéadna, do chaomhna agus do choimhéad a sláinte spioratdha
dhóibh.



An naomhadh goin.



An treas modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé gcaomhnann
agus lé ndáileann sláinte spioratdha dona daoinibh, mar atá lé
sgaoileadh fhola. Mar sin tarla d'Abél do marbhadh lé Cain,
amhail léaghthar san .4. caibidil in Genesi. Is amhlaidh tarla
dona naoidheanaibh, amhail léaghthar san dara caibidil ag Matha,
mar do marbhadh lé muinntir Ioruaith iad, agus cheithre


L. 265


mhíle dhéag a líon. Amhlaidh fós tarla d'Eóin Baiste, dar
beanadh a cheann san phríosún, do réir Mharcais san seiseadh
caibidil. Gá dtám ris, tarla an leigheas céadna dona hapstalaibh
uile, acht Eóin Bruinne amháin. Agus is uime luaidhim na neithe
se, mar shompla dona daoinibh ré hiomchar gan anfhochaine
theagmhas dóibh. Óir do réir Phóil san chúigeadh caibidil déag
gusna Rómhánchaibh, quaecumque scripta sunt, ad nostram doctrinam
scripta sunt “gach ní atá arna sgríobhadh, is dar dteagaisg-ne
atá arna sgríobhadh.” Dá chor i gcéill, gach ní dá sgríobhthar san
Scrioptúir, agus gach sompla aithristear ann, gurab mar eisiompláir
dona Críostaidhthibh, réna mbeathaidh do stiúradh go dlightheach,
chuirthear i gcairt na canóna iad. Tarla fós dona trí Phápa
dhéag agus fiche dobhí ag follamhnughadh na heagailse i ndiaidh
Chríost, amhail léaghthar ag roighne ríogh-ughdar na heagailse.
Tarla mar an gcéadna d'Íosa Críost féin, amhail léaghthar ag Pól
san dara caibidil go Philipp., mar a n-abair, humiliavit
semetipsum, factus obediens usque ad mortem, mortem autem crucis.
Propter quod et Deus exaltavit illum, et donavit illi nomen quod est
super omne nomen “do umhluigh Críost é féin go bás, fós go bás na
croiche. Uime sin do arduigh Dia é, gur dháil gairm dhó ós cionn
na huile gharma.” Mar an gcéadna do-ní Dia ris an uile fhíréan
umhluigheas é féin ré bás d'fhulang go haontuightheach, tré
choimhlíonadh an cheirt ar son Dé: arduighthear é go ngairmthear
rí i bhflaitheas Dé dhe, tréna mhaith-ghníomharthaibh. Gidh
eadh, do-ním iongantas annso don oirnis do thogh Críost ré
básughadh bháis na coire, mar atá a bhás corpardha féin do thogha
mar arm lé dícheannadh bháis na coire; amhail do thairrngir
Oseas san treas caibidil déag, mar a n-abair i bpearsain
Chríost, ero mors tua, o mors “ó a bháis, is mise bhus bás duit.”
Dá chor i gcéill gurab léna bhás corpardha féin do mhuirbhfeadh
bás na coire. Agus atá Isaias san .25. caibidil ag gealladh
aneithe céadna, mar a n-abair go réimhfhéagsanach ag labhairt ar
Chríost, praecipatabit mortem in sempiternum “leagfaidh sé an bás
go síordhaidhe.” Dá chor i gcéill go raibhe a bhara fá Chríost
an bás síordhaidhe do thoirneadh léna bhás corpardha féin. Mar an
gcéadna do-ní gach


L. 266


fíréan 'na chéim féin. Óir tar ceann nach fuil ar chumas duine,
dá ghníomhaibh féin, bás na coire do mharbhadh, más eadh, an tan
bhíos táith-cheangailte lé gníomharthaibh Dé, tré ghliú na ngrás,
féadaidh an céadna do dhéanamh.



An deachmhadh goin.



Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san dara caibidil don
cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, ar mbeith d'uisge
Ierico searbh, do theilg Eliseus salann ann, agus dobhí glan
soimhilis dá éis sin. Mar an gcéadna, an tan táittear ar
ngníomhai-ne ré gníomhaibh Críost, bí an luaighidheacht chéadna
aca, do réir a gcéime féin.



An t-aonmhadh goin déag.



Atá fioghair oile ag teacht leis aní se léaghthar san treas caibidil
déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh: an tan do
thogair Ioas Rí teannadh ar a bhogha lé soighid do dhiobhragadh
as, tig Eliseus an fáidh, agus cuiris a dhá láimh do chongnamh
lais san bhogha. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na fíréanaibh, an
tan chuirid rompa féin cathughadh do dhéanamh i n-aghaidh na
ndubháilceadh. Óir tar ceann gurab é Dia is prímh-
ghníomhuightheóir prinnsiopálta ré déanamh na ndeagh-oibreadh, más
eadh, ní háil leis gan comhoibriughadh na bhfíréan. Agus is uime
sin adeir Pól i n-eipistil d'áirithe, coadiutores Dei sumus
“lucht conganta do Dhia sinn,” ar sé. Agus adeir an Pól céadna
san treas caibidil don chéid-Eip. gusna Coirintibh, ag teacht
leis aní gcéadna, na briathra so, unusquisque propriam mercedem
accipiet secundum laborem suum “do-gheóbhaidh gach aon-duine
tuarastal do réir a oibre féin.” As so is iontuigthe go bhfuil
éigeantach ag gach aon comhoibriughadh do dhéanamh ré Dia, ré
greamughadh fhlaithis Dé.



An dara goin déag.



Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí theachta lé forfhógra an bháis.
An céid-teachtaire, na guaise iomdha atá i gcionn an duine; agus is
tréna n-éagsamhlacht sin adeir Solamh san naomhadh caibidil


L. 267


in Ecclo., nescit homo finem suum “ní feas do dhuine a chríoch
féin.” Is iomdha sompla follus do féadfaidhe do chur síos annso,
fhúigfeam gan luadh. Féach aní léaghthar san .23. caibidil don
cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do marbhadh
Iosias naomhtha neamhurchóideach lé rígh anfhlaitheach na
hÉigipte go foiréigneach lé harm; agus mar sin do mhórán oile.
Gidh eadh, ní hadhbhar mímheisnigh ná doimheasta do bheith ag an
bpobal ar neach naomhtha dá bhfaghadh bás obann, an tan bhíos
innill ollamh ré fagháil an bháis, agus é ionnraic. Agus fós, ní
feirrde neach bás suaimhneach d'fhagháil ar a leabaidh dhó,
amhail fuair Antiochus, madh peacthach an tí éagas.



An treas goin déag.



An dara teachtaire, galair; mar is follus a mórán do thaomaibh agus
d'easláintibh marbhthacha tig ar dhuine. Agus dá gcuireadh duine
i n-iongantas, créad as a bhfuaradar an drong dobhí ria ndílinn
ann ré fhada, féadtar sé réasúin do thabhairt ris. Ar dtús,
feabhas na gcoimplex, ar mbeith i ngar don phréimh ór fhásadar
dhóibh. An dara réasún, measardhacht na hoileamhna do chaithdís.
An treas réasún, falláin an bhídh. An ceathramhadh réasún, an fios
dobhí ag Ádhamh ar nádúir na luibheann, lé seóladh dá shliocht cia
dhíobh budh falláine. An cúigeadh réasún, an suidhiughadh sáimh
dobhí ar na haird-reannaibh an tan sin. An seiseadh réasún, dia-
ordughadh Dé.



An ceathramhadh goin déag.



An treas teachtaire, éiglidheacht an chuirp agus claochlódh na
gcéadfadh. Gidh eadh, atáid neithe ann oirneas an arsaidheacht.
Ar dtús, eólas foirbhthe ar na neithibh diadha, amhail adeir Iob
san dara caibidil déag, mar a n-abair, in antiquis est sapientia,
“atá an eagna sna seanaibh.” An dara ní, críonnacht
chríochnuightheach sna neithibh saoghalta, amhail adeir Iob san
dara caibidil déag, in his qui multo sunt tempore est prudentia
“atá an chríonnacht san druing chaitheas iomad aimsire.” An treas
ní, modh cádhais don arsaidheacht, amhail léaghthar san naomhadh
caibidil déag do Levitico: coram cano capite surge


L. 268


“déana coimhéirghe rés an gceann liath.” An ceathramhadh ní,
ceannsughadh an mhacnasa, amhail adeir Solamh san cheathramhadh
caibidil do Leabhar na hEagna, aetas senectutis, vita immaculata
“aos na harsaidheachta, beatha neamhcháidheach.” Dá chor i gcéill
go mbí mórán d'uaill agus d'anmhacnas agus d'ainmhianaibh na
hóige arna múchadh san arsaidheacht, ionnus nach bí leanmhain ná
lorgaireacht aice ar lochtaibh na hóige; agus fós go mbí lán do
ghráin agus do dhéistin rompa, agus go dtig dhe sin go mbí an
arsaidheacht naomhtha neimhchiontach, lán do dhéistin agus do
ghráin ar ainmhianaibh eisionnraca na hóige, ionnus go dtig dhe
sin, amhail adeir Solamh, go mbí neamh-cháidheach a los na
seanórdhachta. An cúigeadh ní oirneas an arsaidheacht, mar atá
méadughadh na luaigheachta. Óir ní fhuil dá fhaide bhíos neach
ag tuilleamh tuarastail tré shaothrughadh na subháilceadh, nach
móide a thuarastal é.



An cúigeadh goin déag.



Atáid trí neithe ionchomhartha do leith an bháis chorpardha. An
céid-ní, go ndleaghair do neach go haontuightheach feitheamh ris
an mbás gcorpardha, do bhríogh go dtabhair suaimhneas dóibh ó
iomad d'ainiarsmadhaibh saoghalta, amhail léaghthar ag Solamh
san dara caibidil in Ecclo., cuncti dies eius laboribus et aerumnis
pleni sunt “bíd a uile laithe súd lán do shaotharaibh agus
d'amhgaraibh.” Dá chor i gcéill gur thuar suaimhneasa don
fhíréan bheith dealuighthe ré buaidhreadh agus ré cathughadh an
tsaoghail an tan do-gheibh bás; agus fós, mar do-gheibh sealbh an
tuarastail thuilleas ar an saoghal, amhail adeir Eóin san
cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na dTaidhbhreadh, beati
mortui qui in Domino moriuntur “is beannuighthe na mairbh do-gheibh
bás san Tighearna.” Agus ní héigcneasta sin do rádh, do bhríogh
gurab i ndiaidh an bháis do-gheibhid a dtuarastal. Agus atá
Críost, san dara caibidil déag ag Lúcás, dár dteagasg, agá
iarraidh orainn inneall do chur orainn féin ré glacadh an tuarastail,
mar a n-abair, sint lumbi vestri praecincti, et lucernae ardentes
in manibus vestris “bídís bhar bhfordronna ceangailte, agus
lóchrainn ag lasadh 'nar lámhaibh.” Dá chor i


L. 269


gcéill go ndleaghair don tí bhíos ré hucht an bháis é féin
do cheangal ré bheith ionaistir, agus lóchrainn na ndeagh-
oibreadh do bheith ar lasadh 'na lámhaibh, ré triall do ghlacadh a
thuarastail ar neamh, ionnus nach cuirfeadh dall ciach nó dorchadas
dubháilceadh don chonair chóir é. Tuig trí neithe san teagasg so.
Ar dtús, go ndleaghair dhó bheith coinnil cumhang, ionnus nach
biadh dá shrianadh ná dá shraoilleadh tar ais, tré bheith
ceangailte sna dubháilcibh dhó; agus fós, lóchrainn na ndeagh-
oibreadh do bheith 'na láimh, agus é ar lasadh do ghrádh Dé agus na
comharsan, agá sheóladh i slighe na subháilceadh go neamh.



An seiseadh goin déag.



An dara ní dhleaghair dhó, bás cháigh do ghabháil chuige go
soirbh, ar mhórán d'adhbharaibh. An céad-adhbhar dhíobh, do
chionn gurab toil ré Dia a mbás, agus nach dleaghair do neach
bheith doirbh fá thoil nDé do choimhlíonadh. An dara hadhbhar,
do bhríogh gurab é créatúir Dé an tí éagas, agus nach dleacht do
neach doirbheas dá ghabháil fá Dhia do dhéanamh a dhíola féin dá
chréatúir. An treas adhbhar, do bhríogh gur orduigh Dia bás dá
gach aon-duine, agus dá réir sin nach dleaghair do neoch doilgheas
do ghabháil tré thoil nDé do choimhlíonadh. An ceathramhadh
hadhbhar, do bhríogh go saorann an bás corpardha an duine ó iomad
d'amhgaraibh na beatha so, agus dá réir sin gomadh córa don
chomharsain lúth-gháir do bheith orra ná doilgheas tréna gcaraid
do rochtain san sáimhrighe nach fuaradar san bheathaidh se. An
cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go bhfaicthear do Dhia créad aní
is fearr dá gach neach, agus mar sin nach dleaghair do neach
doilgheas do bheith air tré Dhia do bhreith a charad as an
mbeathaidh se san bheathaidh shuthain. An seiseadh hadhbhar, do
bhríogh go ndéin an chumhaidh dochar éadtarbhach don tí chaoineas
a charaid éagas i staid mhaith. An seachtmhadh hadhbhar as nach
dleaghair do neach cumhaidh do dhéanamh i ndiaidh an tí théid
uaidh, más tré iomad gráidh i ndiaidh an tí éagas. Óir is meinic
bhíos grádh ainmhianach éagmaise ag neach, dá dtig faill do
thabhairt i ngrádh Dé, tar mar budh dlightheach dhó, agus go dtig
dhe sin,


L. 270


mar shlánughadh ar anam an tí mhaireas, an tí is mó agá raibhe
a annsacht ioná do Dhia, do bhreith uaidh ar a leas. Óir is meinic
do-ní duine míréir Dhé, do dhéanamh réire an tí is ro-ionmhain
leis. Amhail adeir S. Augustin ag sgríobhadh ar Genesin ad
Litteram: saepe offenditur Deus ne offendatur amicus “is meinic
do-níthear míréir Dhé, do sheachna mhíréire na carad do
dhéanamh.” Agus mar sin, an tan at-chí Dia muirnín mic nó inghine,
caomhthaigh nó coigéile, ag neach, go mbeireann uaidh iad, ionnus go
dtiobhradh aire dhó féin. An t-ochtmhadh hadhbhar, do bhríogh
go gcreidtear linn eiséirghe na marbh, agus dá réir sin go
bhfaicfeam a chéile ar neamh; agus mar sin, nach dleaghair
dhúinn doilgheas do bheith orainn i ndiaidh ar gcarad éagas i
n-ionnracas. Uime sin adeir Pól i n-Eipistil d'áirithe,
fratres, nolumus vos ignorare de dormientibus, ut non contristemini,
sicut caeteri qui spem non habent “a bhráithre (ar sé) ní háil
linn sibh do bheith ainbhfiosach do thaoibh na marbh, maille ré
tuirrse do bheith oraibh amhail chách ag nach fuil dóchas.” Dá
chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh chreideas a
chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe bheith toirrseach i
ndiaidh an mhairbh, amhail fá ghnáth leis na págánchaibh, ag nach
raibhe súil a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na beatha so. An
naomhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid an marbh éagas i seilbh a
thuillimh agus a thuarastail, madh fíréan é. Gonadh uime sin
adeir S. Augustin i leabhar a Naomh-smuaineadh, dá chor i gcéill
nach biadh a chroidhe féin sásuighthe go rochtain ar neamh dho, na
briathra so, inquietum est cor nostrum, donec quiescat in te “is
neamhshuaimhneach ar gcroidhei-ne go cumhsanadh ionnat-sa dhó.”
Mar an gcéadna do Dháibhídh Rí, tar ceann go raibhe 'na rí, níor
mheas é féin do bheith sásuighthe go roicheadh ar neamh. Uime sin
adeir san seiseadh Salm déag, ag labhairt ré Dia, satiabor cum
apparuerit gloria tua “budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do
ghlóir-se.” As na briathraibh se is iontuigthe nár mheas é féin
do bheith riartha san tsaoghal so tar mhéad a innmhe, go rochtain
don fhlaitheas neamhdha dhó. Agus mar go raibhe Dáibhídh, dobhí
'na rí, mar sin, dobudh éigcneasta


L. 271


do neach san bhioth bheith doilgheasach tréna charaid do rochtain
na hinnmhe céadna tré bhealach an bháis.



An seachtmhadh goin déag.



Is i bhfioghair an bháis aontuighthigh do dheónuigh Críost
d'fhagháil dó féin tré fhomós dá Athair, fhuilngid daoine
cráibhtheacha bás d'fhagháil dóibh féin ón tsaoghal, i gcroich
naomh-chuinge riaghalta. Agus is uime sin adeirid daoine go
coitcheann go mbíd an drong do-bheir a naomh-uidhe isteach fá
chuing riaghalta marbh ón tsaoghal, do bhríogh go mbíd
dealuighthe ris an saoghal amhail mharbh. Is uime sin adeir Pól,
2. Cor. 6o, quasi morientes, et ecce vivimus “amhail dhaoine
dobhiadh ag fagháil bháis, agus féach, is beó sinn,” ag labhairt
air féin agus ar gach druing riaghalta leanas a lorg. Dá chor i
gcéill tar ceann go mbíd marbh tré bheith iomsgartha ris an
saoghal, go mbíd beó, an mhéid go mbíd táitte maille ré grásaibh
ré Dia. Gidh eadh, a chontrárdha sin theagmhas don pheacthach
bhíos beó dar leis féin, ag bog-fhás i mbladhmann, agus ag
léimnigh go lúthmhar ó locht go locht - bí marbh dáríribh 'na anam
do bhreitheamhnas Dé, amhail léaghthar ag Ezech. san .18.
caibidil, anima quae peccaverit ipsa morietur “an t-anam do
pheacuigh, do-ghéabhaidh féin bás.” Agus is uime sin adeir Eóin
san treas caibidil in Apo. ag labhairt ris an bpeacthach bhíos
i mí aoibhill na n-ainmhian ag reabhradh, nomen habes quod vivas,
et mortuus es “atá dh'ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.”
Dá chor i gcéill don pheacthach bhíos ar cuthach i gcaithis na
gcean, dá fheabhas sláinte chorpardha bhíos aige, agus dá mhéad
do mhaoin tsaoghalta, agus dá airde a ghairm san réim aimseardha,
gur dhuine marbh dáríribh é. Ní hionann agus na fíréin fhíor-
chráibhtheacha chrochas iad féin i naomh-chuing riaghalta, bhíos
dáríribh beó tar ceann go bhfaghaid bás ón tsaoghal. Agus fós,
ní héigcneasta a mheas go bhfaghaid bás do leith an tsaoghail,
do bhríogh go ndéinid gach ní is dlightheach don easlán ré hucht
an éaga. Ar dtús do-níd tiomna. Óir tiomnaid a n-anam do Dhia,
a gcorp don uaigh, a mhaoin tsaoghalta don


L. 272


tsaoghal. Do-níd fós seiceadúiridhe cuirp agus anma dá
bpréaláidibh. Caillid mar an gcéadna a dteas, an mhéid go
dtréigid an teas toile ainmhian dobhíodh 'na gcorpaibh. Caillid
arís feidhm na gcéadfadh gcorpardha, mar atá a n-éisteacht agus
a labhairt, agus gach céadfaidh oile ó shoin amach. Agus an mhéid
bheanas ris an urlabhra, bí socht san chlaustra orra, ré grásaibh
Dé do ghreamughadh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag
Lúcás san chéad-chaibidil, mar a nochtann go raibhe Zacarias
balbh an tan do geineadh Eóin leis. Go fáthach, is é Zacarias an
duine riaghalta annso, agus Eóin grás Dé. Óir mar is balbh dobhí
Zacarias an tan do geineadh Eóin leis, is mar sin balbh i
gciúnas an chrábhaidh dhligheas an duine riaghalta bheith, ré
grás Dé do gheineamhain 'na chroidhe. Arís, is éigean eisléine
do chur ar an marbh éagas go corpardha. Mar an gcéadna is éigean
aibíd riaghalta do chur ar an tí ghabhas naomh-chuing eagailse.
Is éigean fós an marbh corpardha do chor fá uaigh dá fholach,
ionnus nach déanadh muc ná madradh ná beathadhach oile dochar dá
chorp. Mar an gcéadna is éigean an duine riaghalta d'fholach
san chlaustra, go nach dearnadh an saoghal buaidhreadh air. Gonadh
ar na marbhaibh riaghalta so do-gheibh bás ón tsaoghal labhras
Pól san treas caibidil go Coloss., mar a n-abair, mortui
enim estis, et vita vestra abscondita est cum Christo “atá sibh
iaramh ar bhfagháil bháis, agus atá bhar mbeatha i bhfolach mar
aon ré Críost.” As so is iontuigthe, an dream fhuilngeas iad féin
ar lorg Chríost do chrochadh i naomh-chuing riaghalta, go mbíd
beó dá éis sin do shochar bháis chorpardha Chríost agus an
gheallaimh thug do gach aon do leanfadh a lorg san chonair
chéadna.


L. 273


AN T-OCHTMHADH HALT DÉAG
fhoillsigheas cionnus do haithbheóadh inghean phrionnsa na
sionagóige lé Críost, agus mar do-ní go laothamhail an
t-aidhbheóadh céadna go coitcheann ar gach druing ghabhas
aithbheóadh chuca.



An chéad-ghoin.



Léaghthar ag Matha san naomhadh caibidil na briathra so, Domine,
filia mea modo mortua est, veni et impone manum tuam super eam, et
vivet “a Thighearna, fuair mh'inghean bás anois; tair agus cuir
do lámh fein uirre, agus budh beó í.” Tuig go ndearnaidh Críost trí
neithe ré linn na míorbhaile se do dhéanamh. Ar dtús, do chuir
as an dteach an tsochraide dobhí ann, idir storgánaidhe,
oirfideach agus phíobaire. Mar an gcéadna go spioratdha, an tan
bhíos ré haithbheóadh inghine an phrionnsa, .i. anma an duine, is
inghean do Phrionnsa nimhe, an mhéid gurab é do chruthuigh í, is
éigean miana colnaidhe, áineasa agus antláis, mire agus macnas na
hanma do thafann a horlár aigeanta an duine, sul do-ghéantar
aithbheódhadh air.



An dara goin.



Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil
déag ag Lúcás, go dtug Críost achmhasán don dall nach facaidh ó
aimsir a thuismidh, fá bheith ag sír-éighmhe. Mar an gcéadna
do-ní ris an bpeacthach bhíos dall ó dhoilbh-cheó na coire, an
tan bhíos ag éighmhe, ag maoidheamh na huaisle agus na maith-
ghníomh nach bí ann. Óir ní théid Críost d'aithbheóadh an anma
go ruagaid píobairidhe, nó an barr buabhaill bladhmainn bhíos
ionnta, ag maoidheamh na maitheasa nach bí ionnta. Ní théid fós
d'aithbheóadh na hanma go ruagthar an chóisir bhíos san tigh,
mar atá na droch-cáile oile bhíos ann, idir uabhar, shainnt,
drúis, craos, fuath, agus formad, agus gach fos-mhuinntear oile
pheacaidh bhíos i n-árus na hanma. Ní théid Críost
d'aithbheóadh inghine an phrionnsa go ruagthar an tsochraide sin.
Agus is 'na fhioghair sin atá


L. 274


aní léaghthar ag Lúcás san .19. caibidil mar a n-abair, an
tsochraide dobhí i dtimcheall Chríost ré héirghe amach dhó,
gur chuireadar toirmeasg ar Zaccheus, dobhí ar tí cuiridh do
thabhairt do Chríost tré ghrádh, agus nachar labhair Críost ris nó
gur thréig Zaccheus an tsochraide, agus go ndeachaidh i gcrann
ard leis féin, agus ainn-séin gur gheall Críost dul ar a chuireadh.
Mar an gcéadna, cibé thoigeóras Críost do dhol ar a chuireadh dá
árus, tréigeadh daosgar-shluagh dubháilceadh agus doibhéas, agus
éirgheadh suas i gcrann chrábhaidh agus chaon-dúthrachta, agus is
dearbh dhó Críost do theacht ar cuireadh 'na choguas. Tabhair dot
aire, a léaghthóir, gurab cúigear do-chuaidh mar aon ré Críost don
teaghdhais i raibhe inghean an phrionnsa, mar atá a hathair agus a
mháthair, Peadar, S. Séam agus Eóin Bruinne. Mar an gcéadna,
an tan bhíos Críost ré haithbheóadh an pheacthaigh, ní bhí acht
cúigear do bhuidhin mar aon ris, mar atá an sagart mar athair,
ughdarrás na heagailse mar mháthair, Peadar .i. an creideamh,
S. Séam .i. an dóchas, agus Eóin .i. an grádh; - nó trí cotcha
na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-
ghníomh. Agus is é so ollmhughadh do-bheir Críost ar anam an
pheacthaigh ré hucht a aithbheódhuighthe, do bhríogh gurab é
thionnsgnas an aithrighe, do mhusgladh mheanman an pheacthaigh lé
grásaibh forfhógarthacha dá ngairmid na diadhairidhe gratia
praeveniens. Agus do bhríogh nach tig Críost d'áitiughadh áruis
na hanma acht maille ré tafann do dhéanamh ar gach dobhuidhin dá
mbí istigh, agus maille ré sgiobadh agus ré sguabadh do dhéanamh ar
an árus roimhe, mar sin do-bheir trí cotcha na haithrighe, ré
déanamh áruis na hanma ionshuidhte dhó féin. Ar dtús, do-bheir
brón-chombrúdh croidhe don pheacthach, dá dtig iomad do dhéaraibh
loisgneacha bhíos ar fiochadh ó theinidh ghrádha Dé; agus leis an
uisge sin ruagthar an cealgaire .i. an diabhal a ciste an chroidhe.
Agus is i bhfioghair an uisge sin atá aní léaghthar san ochtmhadh
caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a
ndubhairt Elias ris an rígh Achab: fuge, ne occupet te pluvia
“teith, go nach lingfeadh an fhearthain ort.” Go fáthach, créad
chialluigheas


L. 275


Achab acht an diabhal, do réir Iob san .41. caibidil mar a
n-abair, ag labhairt ar an diabhal, ipse est rex super omnes filios
superbiae “is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa.” Agus mar sin,
amhail adubhairt Elias ré Achab teitheadh rés an bhfearthain, is
mar sin is éigean don diabhal teitheadh as an gcroidhe agá mbíd deora
na haithrighe agá sileadh ós a gcionn. Léaghthar san seachtmhadh
caibidil ag Lúcás gur thafainn Magdalena, do bhríogh dhéar na
haithrighe, seacht ndeamhna uaithe féin. Gidh eadh, an tan bhíos an
croidhe te ó fhiuchadh an uisge se, do-bheir Dia glan-uisge grás don
anam dá fhionnfhuaradh. Agus is é so an t-uisge gheallas Dia don
aithrigheach san .36. caibidil ag Ezec., mar a n-abair, effundam
super vos aquam mundam “doirtfead oraibh uisge glan.”



An dara ní do-bheir árus na hanma ionshuidhte ag Dia, agus dhíbreas
gach daosgar-shluagh dá mbí innte .i. an fhaoisidin. Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do leabhar
Iudith, mar a léaghthar gur bhean Iudith a cheann do Holofernes,
agus gur díbreadh a shluagh lé, ré linn bheith i bhfos-longphort
ré hucht chathrach Betulia dhó. Go fáthach, is í an chathair úd
Betulia anam an pheacthaigh, Iudith an f haoisidin, Holofernes
gona shluagh an diabhal gona dhaosgar-shluagh. Agus mar do fóireadh
cathair Betulia lé ceannas feadhna Iudith, lér dícheannadh
Holofernes, agus lér díbreadh a shluagh, fóiridh an fhaoisidin anam
an pheacthaigh ó anbhroid an aidhbhirseóra agus an daosgar-shluaigh
dhubháilceadh bhíos 'na thimcheall.



An treas ní, an lóir-ghníomh do-níthear sna lochtaibh. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil déag ag Tobias, mar a
gcuirthear síos an réim is inleanta do dhéanamh an lóir-ghníomha, mar
a n-abair, bona est oratio cum ieiunio et eleemosyna “is maith an
urnaighthe mar aon ré trosgadhagus ré déirc.” Is é so iomorra an
t-ollmhughadh chleachtas Críost do dhéanamh, ré hárus na hanma do
dhéanamh ionshuidhte dhó féin. Agus is dá mhaoidheamh gurab é féin
ollmhuigheas árus dó féin atá aní léaghthar ag Solamh san naomhadh
caibidil do Leabhar na Seanfhocal, corrigenda mar a n-abair,
sapientia aedificavit sibi


L. 276


domum; miscuit vinum et proposuit mensam “do thógaibh an eagna teach
dhi féin; do chumaisg sí fíon agus do thógaibh sí bord.” Is é ní
chialluigheas an fíon, géir-ghníomha goirte na haithrighe; agus is
eadh chialluigheas an bord do thógbháil, an tuarastal do-gheibh an
t-aithrigheach tré ghoirt-ghníomhaibh na haithrighe do
choimhlíonadh.



Léaghthar go ndubhairt Críost, iar n-aithbheóadh inghine an
phrionnsa, biadh do dháil di. Tuig go ndleaghair don tí bhíos arna
aithbheóadh trí neithe do dhéanamh. Ar dtús, dlighidh éirghe óna
lochtaibh. Uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil go Ephesios,
ag labhairt ris an tí bhíos 'na chodladh i suan na locht, surge qui
dormis, et exsurge a mortuis “éirigh, a dhuine atá it chodladh, agus
éirigh ó mharbhaibh.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos i suan na
locht, go ndleaghair dhó éirghe ó mharbhaibh .i. ó staid an
pheacaidh mharbhthaigh lé haithbheódhadh na haithrighe.



An dara ní: dlighidh triall go neamh lé deagh-oibreachaibh i rian na
haithrighe. Agus is ar an rian so na haithrighe labhras Isaias san
.30. caibidil, mar a n-abair, haec est via, ambulate in ea “ag so
an tslighe, triallaidh innte.” Dá chor i gcéill gurab eadh
dhligheas an t-aithrigheach, triall i ród na ndeigh-ghníomh go
neamh. Agus is é so ní do-rinne an milltéan meic dobhí ag an athair
muinntire, iar gcaitheamh a mhíre féin dona maoinibh saoghalta tug a
athair dhó, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil déag ag Lúcás,
mar a n-abair, surgam et ibo ad patrem meum “éireóchad (ar sé) agus
rachad i ndáil mh'athar féin.” Agus tar ceann gur chaith a chuid
go díobhlásach diombalach, do ghabh an t-athair go lúth-gháireach
leis, agus tug onóir mhór dhó, iar n-admháil a olc féin dó-san.
Mar sin iomorra do-ní Dia ris an bpeacthach, dá dtabhair ciall agus
céadfadha agus gach sochar saoghalta oile dá dtabhair dhó. An tan
mhusglas Dia a mheanma ré déanamh aithrighe, agus thuigeas é féin,
tillidh ar Dhia, agus gabhaidh ris mar mhac, iar n-admháil a chean
dó, agus gabhaidh an t-Athair ris, agus do-bheir onóir na ngrás dó.



An treas ní: dlighidh an tí do-níthear d'aithbheódhadh biadh do
chaitheamh do thrí haránaibh. Ar dtús, dlighidh proinn do


L. 277


chaitheamh d'arán an Scrioptúra; amhail adeir Solamh in Ecclo.,
cibavit eum pane vitae et intellectus “do bhiathuigh sé é lé harán
na beatha agus na tuigse.” Dá chor i gcéill nach é an t-arán
corpardha amháin is sásadh do neach, acht gurab é is sásughadh
spioratdha dhó, briathra Dé. Amhail adeir Críost san suibhisgéal,
non in sols pane vivit homo, sed in omni verbo quod procedit de ore
Dei “ní san arán amháin atá beatha an duine, acht san uile bhréithir
tig ó bhéal Dé.” Dá chor i gcéill, mar is sásadh laothamhail an
t-arán corpardha don chorp, mar an gcéadna gurab sásadh spioratdha
don anam briathra Dé. Agus mar sin is cneasta a thabhairt mar shásadh
don aithrigheach, iar n-éirghe ó bhás an pheacaidh, do
chomhfhortacht agus do neartughadh a bhríogh spioratdha ré cathughadh
i gcoinne easgcarad na hanma. An dara harán dhleaghair do
thabhairt don aithrigheach, naomh-abhlann choisreacdha na haltóra.
Agus go fáthach, is uirre labhras Dáibhídh mar a n-abair, panis cor
hominis confirmet “neirteóchaidh an t-arán croidhe an duine”; agus
dá réir sin do-ní infheadhma é ré cathughadh ré heasgcáirdibh na
hanma. Agus ní hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair Críost ag
Eóin san seiseadh caibidil na briathra so, qui manducet hunc panem
vivet in aeternum “an tí itheas an t-arán so, biaidh beó go
síordhaidhe.” As so is iontuigthe gurab tarbhach don aithrigheach a
chaitheamh ré cathughadh ré náimhdibh Dé. An treas arán do-gheibh an
t-aithrigheach ó Dhia, arán na glóire síordhaidhe. Agus is ar an
arán so labhras Críost san cheathramhadh caibidil déag ag Lúcás, mar
a n-abair, beatus qui manducabit panem in regno caelorum “is
beannuighthe an tí itheas arán i bhflaitheas nimhe.” Agus atá
Críost ag cuireadh na n-aithrigheach shaothruigheas sna subháilcibh,
ag gealladh shásuighthe dhóibh, amhail léaghthar ag Matha san
aonmhadh caibidil déag, mar a n-abair, venite ad me omnes, qui
laboratis et onerati estis, et ego reficiam vos “triallaidh im
dháil-se, a uile shaothruigheas agus atá fá ualach, agus sáiseóchad
sibh.” Dá chor i gcéill go raibhe cuireadh fhlaithis Dé ag gach aon
do-ghéanadh saothrughadh na subháilceadh. Atáid trí sochair san arán
so. An céad-shochar, neartuighidh sé an t-aithrigheach ré díbirt na


L. 278


locht. An dara ní, do-bheir calmacht dó ré hiomchar ualaigh thruim
pheannaide na haithrighe. An treas ní, do-bheir neart dó ré Dia do
ghrádhughadh. Is i bhfioghair na dtrí n-arán so atá an fábhaill-
sgéal léaghthar ag Lúcás san aonmhadh caibidil déag, mar a
n-abarthar, amice, accomoda mihi tres panes “a charaid, airlig trí
haráin damh.” Cialluighid fós trí cotcha na haithrighe, mar atá
brón-chommbrúdh, faoisidin agus lóir-ghníomh. Gidh eadh, is cneasta
don aithrigheach na haráin se do thuilleamh lé deagh-oibreachaibh,
do réir mar do orduigh Dia d'Ádhamh agus dá shliocht, amhail
léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair, in sudore
vultus tui vesceris pane tuo “i n-allus do ghnúise féin íosfas tú
th'arán féin.” As so is iontuigthe go ndleaghair dá gach neach ré
hucht caitte na dtrí n-arán do luaidheamar, saothrughadh cneasta do
dhéanamh ré tuilleamh na dtrí n-arán do luaidheamar, sul íosfam iad,
maille ré feidhm fíréanta do dhéanamh do Dhia ar a son. Is i
bhfioghair na dtrí n-arán so fós atá aní léaghthar san ochtmhadh
caibidil déag in Genesi, mar ar orduigh Abraham dá mhnaoi Sara
deithbhir do dhéanamh ré trí toimhsibh mine d'ollmhughadh, ré trí
tuirtínibh fá luaith do dhéanamh dhíobh. Mar an gcéadna go fáthach,
adeir Abraham mór, Dia nimhe, ré Sara a bhean phósta .i. an
eaglais, na trí tomhais mhine úd .i. na trí haráin do luaidheamar, do
bhruith fá ghrís grádha Dé, ar luaith smuaintighthe na somharbhthachta
atá ionnainn féin.



An treas goin.



Tabhair dot aire, a dhuine, nach dleaghair aoin-ghné dona trí
gnéithibh don laibhín bhíos ann do chur san arán spioratdha chaittear
leis an aithrigheach, acht bheith slim, 'na arán ghlan, gan cumasg
laibhín nó gabhála do bheith ann. Ar dtús, ní cóir laibhín na glóire
díomhaoine do bheith i n-arán shlim na shubháilceadh agus na
soighníomh bhíos ag an aithrigheach dá iodhbradh do Dhia. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil do Levit., mar a n-abair
Dia, omnis oblatio quae fertur Domino, sine fermento erit “an uile
iodhbairt dáiltear don Tighearna, ní bhia laibhín innte.” Cuiridh
Pól apstal réasún ris so mar a


L. 279


n-abair san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh,
modicum fermentum totam massam corrumpit “truaillighidh beagán laibhín
an taoisleadh uile.” Dá chor i gcéill, an tan chuirthear beagán
do laibhín na glóire díomhaoine i measg mhaith-ghníomh an aithrighigh,
go ndéin iomlán na hoibre éadtarbhach. Ní cóir fós laibhín an
bhréag-chrábhaidh do chumasg tré arán na hanma. Gonadh uime sin
adeir Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, attendite a fermento
Pharisaeorum, quod est hypocrisis “aincidh sibh féin ar laibhín na
bPairisíneach, mar atá an bréag-chrábhadh.” Óir drong iad sin rér
mhaith deigh-mheas do bheith ag an bpobal orra; agus is mar
cheannach ar dheagh-chlú an phobail do bheith orra do-nídís
crábhadh, agus ní ar son Dé; agus dá bhríogh sin, ní bhíodh do
luaighidheacht ar son a gcrábhaidh aca, acht meas an phobail do
bheith orra; agus mar sin ní sásuighthear lé ceachtar dona trí
haránaibh thuas iad. Agus mar an gcéadna don druing chuireas laibhín
an bhréag-chrábhaidh tréna maith-ghníomharthaibh: ní fromhthar an
t-arán céadna leó. Ní cóir mar an gcéadna laibhín an teagaisg
fhallsa do chor tré arán na haithrighe. Agus is mar sin adeir Pól,
primae Cor. 5o, itaque epulemur Domino, non in fermento veteri, neque
in fermento malitiae et nequitiae, sed in azymis sinceritatis et
veritatis “uime sin déanam fleadhughadh don Tighearna, ní i sean-
laibhín, agus ní i laibhín ná mailíse ná na hurchóide, acht i
sliom-aránaibh na deigh-mhéine agus na fírinne.” Agus is lé teinidh
ghrádha Dé agus na comharsan dhleaghair an t-arán so do bhruith.
Agus do bhríogh go ngabhann neart ó theasghrádha Dé, dá dtig an
t-aithrigheach do bheith láidir ionchomhlainn ris na holcaibh, ón
bhríogh fhásas ann a los ghrádha Dé. Gonadh ag faisnéis na treise
atá i ngrádh Dé atá aní léaghthar ag Solamh san ochtmhadh caibidil
dona Cainticibh, mar a n-abair, fortis est ut mors dilectio “atá
an grádh comh-láidir ris an mbás.” Dá chor i gcéill go mbíodh do
threise agus do thréine i bhfíor-ghrádh an fhíréin do Dhia, go
dtabhair bríogh agus acfuinn don aithrigheach ré cathughadh ris na
ceanaibh, agus ré fulang gach feadhma agus gach foiréigin i ngioll ar
thoil nDé do choimhlíonadh. Gidh eadh, féadtar neach do mhealladh
'na


L. 280


bhreitheamhnas idir an bhfíor-ghrádh bhfíréanta bhíos ag neach do
Dhia, agus an grádh tacair, amhail mhealltar mórán shaoileas gurab
séimhe mar oileamhain feóil an uain ioná an mheannáin, tré ghairbhe
fhionnfaidh an mheannáin tar an uan. Óir bíd daoine ann, chuireas
coim caoineasa ar an gcealg-rún macántachta bréige bhíos ionnta féin,
agus cuas na ceilge do bheith taobh istigh dhe sin, agus drong oile
fhíréanda, chuireas easgcaoineas ionnracais mar bhrat ar an mbioth-
ghrádh bhíos aca féin do Dhia, an tan labhraid ris na peacthachaibh ar
a leas go fraochdha dá dteagasg, i ndóigh an pheacaidh do ruagadh
uatha. Agus is ar aní se labhras Eóin san seachtmhadh caibidil, mar
a n-abair, nolite iudicare secundum faciem “ná déanaidh
breitheamhnas do réir na deilbhe.” Dá chor i gcéill, gion go mbiadh
gnúis gheanamhail gháireatach ag fear na ceilge, nach iontaobha é;
agus an tí ar a mbí easgcaoineas an ionnracais, labhras go garg ar a
leas ris an gcomharsain, gurab é is mó is iontaobha ann. Mar an
gcéadna bhíd na daoine meallta 'na mbreitheamhnas, an tan shaoilid
nach féadann an mion-duine mín mórán mailíse do bheith ann. Óir is
meinic bhíos nísa mhó do mhímhéin i mion-duine ioná i nduine mhór
easgcaoin, do nós mar is mó agus mar is milltighe neimh na nathrach
neimhe danadh ainm tyrus, is lugha dona nathrachaibh neimhe, ioná i
nathair neimhe oile dá mhéad, ionnus go mbí déistin agus eagla ag na
nathrachaibh neimhe oile uile roimpe. Mar sin dona mion-daoinibh
mailíseacha go meinic, agus dá réir sin don druing bhíos briathrach
beig-léighinn, chuireas rompa ré milse mhailísigh seachrán agus
saoibh-eólas do shíoladh lé briathraibh míne mailíseacha; do
shaobhadh an phobail. Ní hiongabhtha arán na heagna bréige uatha do
bhríogh laibhín Lúitéir nó Cailbhín nó a n-ionnshamhla oile faoi,
thruailligheas an eagna dhiadha ó bheith ionchaithmhe. Gonadh uime
sin adeir Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. gusna
Coirintibh, modicum fermentum totam massam corrumpit “truaillighidh
beagán laibhín an taoisleadh uile.” Mar sin dlighidh an duine bheith
ar a choimhéad, iar n-eiséirghe a staid an pheacaidh dhó, gan na
trí gnéithe laibhín do luaidheamar do léigean i gceachtar dona trí
haránaibh réamhráitte, is


L. 281


oileamhain díleas don tí éirgheas ó bhás an pheacaidh mharbhthaigh.
Gidh eadh, is éigeantach dá gach aon na trí haráin réamhráitte do
fhromhadh ré dtriall ar neamh dhó. Agus is 'na fhioghair sin atá
aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh, mar a n-innistear, an tan dobhí inghreim ag Iesabel an
bhainríoghan anfhlaitheach ar Elias, agá thafann as a dhúthaigh,
tré mar fuair locht san éagcóir do-rinne sí ar Naboth, ag buain a
sheilbhe féin go héagcórach dhe, gurbha héigean dó díbirt do
ghabháil chuige, agus triall i n-imchian fhásaigh go Sliabh Oreb.
Agus ar mbeith ar an eachtra soin dó, tarla go sgítheach é i n-aigéan
alltair, agus codlais fá tharr chroinn. Agus ní cian go dtáinig
aingeal do nimh 'na dháil, agus arán leis mar lón dó, go ndubhairt na
briathra so, surge, comede, grandis enim tibi restat via “éirigh, ith
biadh, is fada an raon romhat.” Gidh eadh, an t-arán tug an
t-aingeal dó, ní raibhe laibhín ann. An réim chéadna choimhéadas
Dia dona fíréanaibh go coitcheann. Óir mar dobhí inghreim ar Elias
ó Iesabel an bhainríoghan anfhlaitheach, mar an gcéadna bí inghreim
ag an antoil ar anam an fhíréin; agus mar do chuir Elias roimhe
Iesabel do thréigean, agus teitheadh roimpe ar an bhfásach go
rochtain Sléibhe Oreb dhó, mar an gcéadna do-ní anam an ionnracaigh
triall tré fhásach na haithrighe go sliabh na subháilceadh agus na
soighníomh; agus ar mbeith san turus soin dó, do-bheir lón spioratdha
dhó, go críochnughadh a thuruis.



AN NAOMHADH HALT DÉAG
'na gcuirthear síos na neithe thoirmeasgas an aithrighe; dá dtig gan
an t-aithrigheach do bheith ionaistir go neamh.



An chéad-ghoin.



Tuig go bhfuilid trí dronga do-ní faill san bhfaoisidin, is ríogh-
ród don aithrigheach ar neamh. An chéad-drong dhíobh cheileas a
gceana féin agus nochtas ceana cáich, amhail do-rinne an Fairisíneach,
do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil


L. 282


déag ag Lúcás. An tan dobhí féin agus an puibleacánach san teampall,
is eadh do ghabh do láimh, iomad bog-fháis agus bladhmainn do
dhéanamh as féin, agus táir agus tarcuisne do thabhairt ar a
chomharsain. Ag so mar adeir, gratias Deo non sum sicut caeteri
homines, raptores, fures, et reliqua “buidheachas do Dhia (ar sé) ní
cosmhail ris na daoinibh oile mé. Ní creachaire ná bithbhineach mé.
Troisgim fá dhó san sabbóit; díolaim deachmhaidh gacha seilbhe
saoghalta dá mbí agam; agus ní hionann mé agus an puibleacán so im
fhochair.” Agus mar sin dó ó shin amach, ag maoidheamh na maith-
ghníomh nach raibhe ann, agus ag léir-reic locht a chomharsan. Mar an
gcéadna do-níd mórán do dhaoinibh: an tan do dhlighfidhe dhíobh a
n-olc féin do nochtadh, is iad ceana cáigh chuirid síos san
bhfaoisidin, agus an tí do-ní a samhail so d'fhaoisidin, ní fhuil
innte acht fanámhad nó fochuidbheadh fá Dhia, agus tuar díoghaltais Dé
do thoidheacht ar an tí do-ní a samhail d'fhaoisidin.



An dara goin.



An dara drong, an drong nach cuireann san bhfaoisidin acht a
naomhthacht agus a neimhchionta féin; agus fós, shéanas ar an oide
faoisidne, an tan do-ní foirfhiafraighe dhíobh i ngnéithibh na
bpeacadh marbhthach, nach bíd féin ciontach ionnta. Óir dá
bhfiafraighe do neoch dhíobh an mbí ciontach san uabhar, adeir nach
tarla féin i n-uabhar riamh, tar ceann nach tiobhraidh foidhide do
neach dá mhéad. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearnaidh fearg
riamh, adéaradh nach dearnaidh riamh, acht i gcruth chóir .i. i modh
smachta. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearnaidh craos-ól
riamh, adéaradh nach dearnaidh, acht ar son na cuideachtan, agus mar
chosnamh ar a chlú. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearna
sainnt, nó cruas, nó cruinniughadh, adéaradh nach dearnaidh, acht mar
chothughadh air féin agus ar a shliocht, agus do sheachna an
riachtanais. Agus mar sin dóibh, ag séanadh gach peacaidh oile ó shoin
amach. Gidh eadh, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin ar an
gcor so, ní treóróchar ar neamh iad, do réir mar adeir Solamh san
.28. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,


L. 283


qui abscondit scelera sua non dirigetur, qui autem confessus fuerit et
reliquerit ea, misericordiam consequetur “an tí cheileas a cheana, ní
treóróchar é, gidh eadh, an tí aidmheóchas agus fhúigfeas iad,
greimeóchaidh sé trócaire.” As na briathraibh se Sholaimh is follus,
an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin, nach faghaid a
dtreórughadh ar neamh, agus an dream nach ceileann a gceana san
bhfaoisidin, go bhfaghaid treóir agus trócaire ó Dhia dhá chionn.
Gonadh uime sin adeir Pól san deachmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
mar a n-abair, ore autem confessio fit ad salutem “slánuighidh (ar
sé) faoisidin an bhéil.” As so is follus gurab tarbhach don duine a
cheana féin do chur síos, agus gan a gceilt.



An treas goin.



An treas drong, inniseas neithe nach beanann ré hadhbhar. Óir bí iomad
díobh, agus dá rabhaid ag ceisneamh nó ag casaoid ar neach oile, iarraid
mar uain ar an oide faoisidneach, agá saoilfidís cion comhairle do
bheith ar an tí ar a mbí casaoid aca; agus an tan téid dá
bhfaoisidin ris, gabhaid ag faisnéis gach leattruim agus gach éagcóra
dá ndéin an tí oile orra, ionnus an aimsir do dlighfidhe dhóibh réna
bpeacaidhibh féin do nochtadh, gurab amhlaidh chaithid í ag
réimhsgéalaigheacht, ag reic locht a gcomharsan. Gidh eadh, ní hé so
ordughadh is ionchoimhéadta don aithrigheach, an tan bhíos agá
fhaoisidin, acht lom-nochtadh do dhéanamh ar a lochtaibh féin, agus
mar sin do-ghéabhaidh sochar na faoisidne, do réir mar do thuar
Solamh, san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, revela Domino opera tua, et diriget cogitationes tuas
“nocht don Tighearna do ghníomha féin, agus do-ghéana treórughadh ar
do smuaintighthibh.” As a ndubhramar, is follus nach inneall
treóruighthe d'anam an aithrighigh ré triall ar neamh na trí loicht do
luaidheamar, ná ceachtar dhíobh.



An ceathramhadh goin.



Atáid toirmisg mhóra ag an bpeacthach ag déanamh na haithrighe
éadtarbhach. Ar dtús, do-ní sé éadtarbhach í, an


L. 284


tan tilleas an t-aithrigheach ar dhéanamh an pheacaidh arís.
Caillidh an sochar fuair a los na haithrighe, do réir Ezech. san
ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, si averterit se iustus a
iustitia sua, et fecerit iniquitatem, omnes iustitiae eius, quas
fecerat, non recordabuntur “dá bhfillidh an fíréan óna fhíréantacht,
agus go ndiongnaidh olc, ní cuimhneóchar ar éin-fhíréantacht dá
ndearna.” As so is iontuigthe go gcailleann an t-aithrigheach na
sochair phrinsiopálta .i. grádh Dé agus gach ní leanas de, a los an
pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh. Is i bhfioghair na staide i
mbí an t-aithrigheach thuiteas i bpeacadh mharbhthach atá an
fhioghair léaghthar san dara caibidil don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh, mar a n-innistear gur chuir Solamh, iar mbás a athar,
fios ar óglaoch darbh ainm Semei, agus adubhairt ris: “an cumhain
leat, a Semei, ar sé, an t-ainiocht agus an éagcóir do-rinnis ar
mh'athair?” “Is cumhain,” ar eisean. “Más eadh, ar Solamh, do-
bheirim-se pardún duit ar choingheall, mar atá teach do thógbháil i
gcathraigh Ierusulem, agus comhnaidhe don leith as-toigh do mhúr
na cathrach do shíor, agus i bpéin bháis gan dol tar sruth anonn.”
Tógbhais Semei teach amhail ro gheall san chathraigh, agus do-ní
comhnaidhe trí mbliadhan innte. Gidh eadh, i gcionn an treas
bliadhain, téid Semei tar múraibh an bhaile amach agus tar sruth
anonn. Mar fuair Solamh deimhin air sin, cuiris gairm air; agus iar
rochtain do láthair dhó adubhairt: “a Semei, nach cumhain leat gurab
é coingheall ar a dtug mise pardún duit, tré chomhnaidhe do shíor
don leith istigh don chathraigh, agus gan dol tar múraibh na cathrach,
ná tar sruth amach, i ndíol na bhfeill-bheart do-rinnis ar
mh'athair?” Go fáthach, cia hé an Dáibhídh Rí se, acht Dia Athar?
cia an Solamh, acht Críost? cia an Semei, acht an
t-aithrigheach? cia an Ierusalem, acht stáid na fíréantachta?
cia an sruth, acht tonn déarach an doilgheasa? cia na trí bliadhna,
acht trí cotcha na haithrighe do dhlighfeadh an t-aithrigheach do
choimhéad feadh a bheatha? Óir ní lór do dhuine an aithrighe do
dhéanamh, acht is éigean dó marthain do shíor innte. Gonadh uime sin
do-bheir Greaghóir naomhtha, i Leabhar na mBéas, san dara caibidil
déag don


L. 285


seachtmhadh Homilia, na sompladha so síos ar aní gcéadna, mar a
n-abair nach lór an gort do bheith deagh-mhaiseach 'na gheamhar,
acht muna raibhe deagh-mhaiseach ré linn easgair agus aipche dhó; agus
nach lór an teach do bheith deagh-mhaiseach deigh-dhéanta, muna
raibhe fundaimeint nó fulang foirtill faoi; agus nach lór an crann do
bheith duilleach deagh-mhaiseach dá raibhe cuas lé gcríonfaidhe é
ann, dá dtiocfadh é do bheith aimrid éadtoirtheach. Óir ní fhuil
sochar san gheamhar, dá dtí meath dá éis sin air, sul bheantar é;
agus ní bhí sochar san teach álainn dá dtuitidh 'na shlaodaibh ar
lár, sul rachaid daoine dá áitiughadh; ní bhí fós sochar san chrann
do saoilfidhe do bheith toirtheach, an tan chríonas. Mar an gcéadna
ní bhí sochar san aithrighe do-ní neach, agus gan anmhain 'na bun do
shíor feadh a bheatha. Óir amhail mhilltear an geamhar i ndiaidh
bheith álainn dó, ré losgadh gréine, ré gaoith ruaidh, nó ré fearthain
laothamhail, mar an gcéadna loittear an aithrighe lé gaoith ruaidh na
glóire díomhaoine, nó lé caoir dheirg na feirge, nó lé doininn
díleannta na drúise. Nó mar thrasgarthar an teach le tonn-ghaothaibh
tréana, nó lé talaimh-chrioth, is mar sin leagthar árus na haithrighe
lé tonn-ghaothaibh fraochdha fuatha, nó lé talamh-chumhsgughadh sonn-
láidir na sainnte. Nó mar leagthar an crann bhíos ag síor-fhás suas,
go leagthar lé soighnéan teintidhe é, mar an gcéadna don aithrigheach
an tan shéideas iomghaoth an uabhair air.



Léaghthar i Leabhar na Seacht dTiodhlaictheadh sompla thig leis na
neithibh céadna soin, mar atá go raibhe meirleach dh'áirithe, agus ar
mbeith ag teitheadh rés an dtóir dobhí 'na dhiaidh dhó, mar do-
chonnairc nach raibhe dol as uatha aige, do leath é féin ar an
dtalmhain i bhfioghair chroise, agá rádh gur mhaith an díol air
féin a bhásughadh, tréna mhéad agus tréna mhionca do-rinne míréir
Dé. Agus leis sin caoidhis, ag faoisidin a pheacadh féin, agus ag
guidhe na tóire um fheirg nDé do dhíoghail air féin, maille ris gach
ball dá bhallaibh do theasgadh fá leith dhe. Agus do-rinneadh
amhlaidh sin ris. Agus tarla fán am soin díthreabhach san bhfásach
dobhí 'na ghar, ag tabhairt a bheatha go huaigneach aithrigheach
as, i bpeannaid


L. 286


mhóir aithrighe an iomad bliadhan, dar foillsigheadh aingeal ag
toidheacht, maille ré teast-mholtaibh, i gcoinne anma an mheirligh,
agá breith ar neamh. Agus do ghabh leis sin aithmhéaltas é, agus
adubhairt: “tar éis (ar sé) mar chaithfeas mise seal dom aimsir ré
sádhaile agus ré hainmhianaibh, i ndeireadh mo ré do-ghéan aithrighe,
agus do-ghéantar liom amhail do-rinneadh leis an meirleach so.” Agus
leis sin fillis an truaghán díthreabhaigh ar ainmhianaibh an tsaoghail
arís, ré déanamh seirbhíse don diabhal. Agus tarla go raibhe ag gabháil
droichead dobhí roimhe ar abhainn, agus gur bhris an droichead faoi,
gur báthadh é; agus tigid deamhain ifeirn, agus tairrngid leó dá il-
phianadh go síordhaidhe é. As an sgéal so is iontuigthe nach lór do
dhuine tús a bheatha do chaitheamh go haithrigheach, acht gurab
éigean dó, ré slánughadh a anma, é féin do chongbháil go bioth-
ghnáthach i staid na haithrighe. Tuigthear fós as an sgéal gcéadna
thuas nach beitte do neoch dol i n-éadóchas ar shlánughadh a anma.



An cúigeadh goin.



An dara díoth do-ní an peacadh don aithrigheach, mar atá na saidhbhris
spioratdha bhíos ag déanamh sláinte agus soileasa dá anam, cailltear
leis do bhíthin an pheacaidh iad. Gonadh uime sin adeir Solamh san
naomhadh caibidil in Eccle. na briathra so, qui peccaverit in uno,
multa perdit “an tí pheacuigheas i n-éin-ní, caillidh mórán,” mar
atá grádh Dé, mhúchtar san anam ar ndéanamh meirdreachais ré
heasgcáirdibh Dé, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann.
Óir ní fhoghnann feidhm dá ndéin neach do Dhia, an tan mhúchtar
grádh Dé san anam lé hoighreadh na hurchóide. Gonadh uime sin adeir
Greaghóir san .27. Homilia, nihil habet viriditatis ramus boni
operis, si non manet in radice caritatis “ní fhuil glaise san bhioth
i ngéig na deagh-oibre, muna gcomhnaidhe sí i bpréimh an ghrádha.”
As na briathraibh se is iontuigthe go milleann an peacadh marbhthach an
aithrighe, agus dá réir sin go gcailleann an tí do-ní éin-pheacadh
amháin marbhthach sochar na haithrighe. Óir an tí chailleas grádh
Dé, caillidh na grása, agus an tí chailleas


L. 287


na grása, ní fiú é tuilleamh ná tuarastal d'fhagháil ar son na
maith-ghníomh do-rinne ré linn bheith i ngrásaibh Dé dhó, tré dhol
i meirleachas leis an bpeacadh marbhthach, go fagháil mhaithmheachais
ó Dhia dhó san aithrighe i ndiaidh an pheacaidh sin. Óir an tí
leanas dona hainmhianaibh agus lingeas ar na lochtaibh, múchtar leó
na subháilce ann. Gonadh uime sin adeir Solamh san .21. caibidil
do Leabhar na Seanfhocal, qui diligit epulas in egestate erit, et qui
amat vinum et pinguia non ditabitur “an tí do-bheir grádh dona
fleadhaibh, biaidh i riachtanas; agus an tí ghradhuigheas an fíon agus
na neithe foircheasamhla, ní rachaidh i saidhbhreas.” As so is
iontuigthe go spioratdha, an tí bhíos ag fleadhughadh ar chóisir an
chraois, go mbiaidh riachtanas grádha Dé, is beatha don anam, air;
agus an tí ghrádhuigheas an t-ól agus an tseasgaireacht chorpardha,
go mbiaidh an ciste gann aige. Mar an gcéadna go spioratdha, an tí
bhíos ag ól na sealbh saoghalta agus bréagán bhfoircheasamhail na
beatha so, go mbiaidh daidhbhir i n-íota thirim thartamhail, ó
bheith i n-easbaidh ghrás nDé agus a shubháilceadh - agus an
riachtanas sin uile ag toidheacht don pheacadh. Adeir Solamh san
.29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal na briathra so ag teacht leis
aní gcéadna, qui nutrit scortum, perdet substantiam “an tí oileas an
mheirdreach, chaillfidh a shubstaint.” Dá chor i gcéill, an tí
adhras don mheirdrigh, go gcaittear a bhríogh chorpardha agus a
mhaoin tsaoghalta dá chreanamhain féin ria. Agus mar an gcéadna don
chearrbhach, amhail adeir file Laidneamhail d'áirithe:



dives eram dudum, fecerunt me tria nudum:
alea, vina, Venus - tribus his sum factus egenus.



“dobhádhas saidhbhir anall-ód (ar sé), gidh eadh, do-rinneadar trí
neithe nocht mé: díslidhe, fíon, agus bean - trí neithe lér cuireadh i
riachtanas mé.” Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san
chúigeadh caibidil déag mar a n-innistear gur chaith an milltéan
mic dobhí ag an athair muinntire an mír d'oighreacht a athar ráinig
é go craosta diommbalach, lé drúis, lé craos, agus lé himirt, gurbha
héigean dó dol i n-imchian choigríche


L. 288


do thabhairt a bheatha as go bocht easbadhach, gurbha héigean
dó tré iomad cruadhála muicidheacht do dhéanamh, agus bheith i
gcuibhreann na muc fán meas d'easbaidh bídh, tré iomad riachtanais,
gur thuig é féin, agus gur fhill ar a athair d'iarraidh cothuighthe
air, iarna chiontughadh féin dó; agus gurab mar sin do fóireadh é.
Mar an gcéadna do gach millteach oile do-gheibh a oighreacht féin ón
athair muinntire mór úd thuas .i. ó Dhia, dá dtabhair ciall agus
céadfadha, bríogh agus cumas nádúrtha, mar chreanaid ré hainmhianaibh
éigcneasta an chuirp iad, ionnus go dtig dhe sin gorta ghrás nDé
agus a ghrádha do bheith orra, ionnus nach bí dáil chabhra 'na
gcionn go filleadh i bhfritheing na conaire tar a n-ais dóibh i
rian na haithrighe ó aigéan alltair an uilc. Óir is gearr mhaireas
oileamhain na n-ainmhian don duine, ní hionann agus grás Dé. Gonadh
dá chur so i gcéill atá Críost san cheathramhadh caibidil ag Eóin,
mar a n-abair, ag labhairt ar ainmhianaibh an pheacaidh, qui biberit
ex aqua hac, sitiett iterum “gidhbé íobhas don uisge se, biaidh tart
arís air.” Dá chor i gcéill, dá mhéad ibheas an peacthach d'uisge
na n-ainmhian, go bhfásann tiormach agus tart ó anbhlasadh na
n-ainmhian arís air. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an bpótaire an lá
i ndiaidh déanta na póite, go mbí íota fhoiréigneach air; agus ar an
gcearrbhach i ndiaidh an chluiche do chaill; agus ar an meirdrigh i
ndiaidh a míghníomh; agus mar sin dá gach olc oile ó shoin amach: ní
hionann agus an fíréan, bhíos sásuighthe ó ghrásaibh Dé.



An seiseadh goin.



Tig fós don pheacadh dalladh an aithrighigh, as nach léir dhó an
chonair chóir ré triall go neamh. Atá Solamh ag neartughadh
fírinne aneithe se san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a
n-abair, excaecabit eos malitia eorum “do dhall a mailís féin iad,”
ar sé, ag labhairt ar na peacthachaibh. Dá chor i gcéill go
luigheann néall náimhdidhe na locht ar rosgaibh a réasúin, as nach
féadaid lorgaireacht do dhéanamh ar a leas, ar mbeith dall dóibh.
Gonadh uime sin adeir Sophonias san chéad-chaibidil, ambulabunt ut
caeci, quia Domino peccaverunt


L. 289


“siobhalfaid amhail dhallaibh, tré mar do pheacuigheadar i gcoinne a
dTighearna.” Agus is é ní dá dtig sin, mar chuireas an diabhal
púicín an pheacaidh ré rosgaibh a réasúin. Ag so sompla ar an dalladh
do-ní gach peacadh dona seacht prímh-pheacaidhibh marbhthacha ar an
duine. Ar dtús don díomas, amhail léaghthar san naomhadh caibidil do
Ghníomharthaibh na nApstal mar do dalladh Pól, dobhí ag déanamh
inghreama tré iomad díomusa ar na hapstalaibh agus ar dheibhléanaibh
Dé. Óir damadh léir do rosgaibh a réasúin an t-olc dobhí i
n-inghreim do dhéanamh ar na Críostaidhthibh, ní dhiongnadh é. Gidh
eadh, is iongnadh an leigheas do-rinne Críost dó, mar atá dalladh a
shúl gcorpardha d'aiseag radhairc a intinne dhó. Agus is meinic
do-ní an céadna go spioratdha ris an bpeacthach; an tan bhíos ar tí
a mheanman do mhusgladh ré déanamh aithrighe, tógbhaidh sé a n-aire
dona neithibh saoghalta, agá ndíorghadh i rian na haithrighe. Óir
is meinic mhúchas macnas an díomsaigh lé hamhgar nó lé hanfhochain;
agus mar an gcéadna do-ní ris an tí bhíos ainmhianach 'na cholainn:
cuiridh galar air, do mhúchadh a mhacnais; agus mar sin dá gach
ainmhian oile ó shoin amach.



Dallaidh fós an tsainnt an t-aithrigheach, amhail léaghthar ag
Tobias san dara caibidil, mar do thuit otrach na háinle ar a
súilibh, lér dalladh é. Is eadh chialluigheas an otrach úd lér
dalladh Tobias, an saidhbhreas saoghalta, lé ndalltar an sanntach.
Gonadh uime sin adeir Pól san treas caibidil go Philipp., omnia
arbitror ut stercora “ní fhuil meas agam ar na huilibh acht mar
otrach.” Dá chor i gcéill nach raibhe do mheas aige ar na maoinibh
saoghalta, acht mar otrach. Léaghthar ag na hughdaraibh sgrúdas
nádúir na mbeathadhach gurab é modh ar a ndéin an t-iolar sealg ar
an bhfiadh, tuirling ar thráigh, nó i n-ionadh bhíos lán do
luaithreadh, agus é féin d'únfairt ann, agus teacht rés an bhfiadh,
agus bheith ag spréachadh an luaithridh nó na gainmhe fána shúilibh,
agus a dhalladh mar sin go bhfaghann árach ar a mharbhadh ar an
gcor sin. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an sanntach: doirtidh
fá rosgaibh a réasúin gréithe geanamhla an tsaoghail se, nó luaithreadh
na locht dtalmhaidhe,


L. 290


lé ndallann é, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, ná ród na
haithrighe d'áimsiughadh.



Dallaidh an treas prímh-pheacadh .i. an drúis, an duine. Is 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar
na mBreitheamhan, mar a n-innistear go ndearnadar na Feilistínigh
an mheirdreach Dalila d'inneall ré bréagadh Samsoin, dobhí ag
cathughadh go calma 'na n-aghaidh; agus mar thug aonta do Dalila,
do bhréag a rún uaidh. Iarna chlos uaidh gurab 'na fholt dobhí a
neart, do ghabh agá sháimh-chealgadh go miochair muinnteardha, go
dtáinig dhe sin gur chuir a cheann 'na hucht, agus gur chodail
ann; agus leis sin gur bearradh a fholt lé, agus gur lingeadar dá
bhríogh sin na Feilistínigh air, gur dalladh leó é, gonadh dhe sin fá
dheireadh táinig a bhás. Go fáthach, is iad na Feilistínigh na
deamhain, agus Dalila an drúis; Samson an neimhchiontach, agus an
neart mór dobhí ann an chalmacht bhíos san neimhchiontach ré
cathughadh ré haimsighthibh an aidhbhirseóra.



An ceathramhadh peacadh dá dtig mealladh an aithrighigh .i. an tnúth.
Óir ní hait ris an dtnúthach, agus ní léir dhó, maith dá mbí 'na
chomharsain, ná sonas ná saidhbhreas dá mbí aige, go dtéid ar
gcúlaibh i gcruth nach bí éin-ní ann rér bheitte tnúth do dhéanamh.
Gonadh i bhfioghair an tnúthaigh atá aní léaghthar san treas caibidil
don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear nachar
fhéad Heli lóchrann an Tighearna d'fhaigsin, gur múchadh é. Mar
an gcéadna ní fhéadann an tnúthach sonas ná ana ná ágh a chomharsan
d'fhaigsin, go múchtar san chomharsain iad.



An cúigeadh peacadh, an craos. Agus is ris an gcraosach shamhailtear
an dall úd, dobhí dall ó do geineadh é, ar a léaghthar ag Eóin san
naomhadh caibidil. Óir mar thug an dall doille ris a broinn a
mháthar, is mar sin beag nach do-bheir an duine an craos a broinn a
mháthar leis. Agus mar sin ní hiongnadh an craosach do bheith dall,
agus a thoidheacht don doille sin nach tabhair an t-aithrigheach
amus ar raon na haithrighe ré triall ar neamh.



An seiseadh peacadh lé ndalltar an peacthach, an fhearg.


L. 291


Agus is i bhfioghair an pheacaidh se atá aní léaghthar ag Eóin san
seiseadh caibidil déag, mar a n-abair go raibhe an dall dobhí do
leattaoibh na slighe ag sír-éighmhe nár féadadh a chor i socht.
Mar sin go fáthach, an tí bhíos dall ó dhoilbh-cheó an pheacaidh se
na feirge, bí don taoibh amuigh do shlighe na haithrighe. Gonadh
uime sin adeir Dia san .45. caibidil in Genesi ris an druing bhíos
ag triall i ród na haithrighe san saoghal so na briathra so, ne
irascamini in via “ná déanaidh fearg san slighidh.” Dá chor i
gcéill dona daoinibh go ndleaghair dhóibh peacadh na feirge do
thréigean san saoghal so, d'eagla a ndallta lé doilbh-cheó
pheacaidh na feirge, as nár léir dhóibh ród na haithrighe. Gonadh
uime sin adeir Solamh ag teagasg an duine san .28. caibidil in
Ecclo., mar a n-abair na briathra so, memorare timoris Domino, et
non irascaris proximo “cuimhnigh eagla an Tighearna, agus ná déana
fearg réd chomharsain.” Dá chor i gcéill gurab usaide do neoch
triall tré bhealach bheannuighthe na haithrighe go neamh, bheith do
shíoth ris gach aoin-neach. Óir dá mbeith easgcáirdeas idir é féin
agus aoin-neach oile, do budh docraide dhó imtheacht go hinnill san
slighidh 'na mbiadh ag triall é. Uime sin dhligheas an
t-aithrigheach gan bheith feargach. Óir dá mbia síodhach ris gach
aoin-neach, féadaidh triall gan bhaoghal trés gach bealach tré mbiadh
a thurus. Mar sin do gach aon bhíos saor ó easgcáirdeas gach aon-
duine, féadaidh triall go hinnill i raon na haithrighe.



An seachtmhadh peacadh, an leisge, chialluighthear lé harsaidheacht
na hurchóide. Dallaidh sí ruisg réasúin an aithrighigh. Gonadh 'na
fhioghair so atá aní léaghthar in Genesi san .27. caibidil mar a
n-innistear go raibhe Isaac tré arsaidheacht dall, agus dá réir sin
go raibhe neamhaistreach. Mar an gcéadna, an dream bhíos dall ó
shein-pheacadh na leisge, ní bhíd aistreach ré triall i slighe na
subháilceadh. Agus fa-ríor, bí drong mhór dhíobh nach mothuigheann
an easbaidh se do bheith orra, i gcosmhaileas mhná Seneca, amhail
léaghthar ag Seneca san .50. Eip. go Lucillus, mar a n-abair,
“an bhean leamh, Harpaste, atá agam-sa (ar sé) do dalladh go
hobann í, agus ní feas dí í féin do bheith dall; acht is eadh adeir
réna feadhmannach gurab dorcha


L. 292


atá an teach 'na timcheall.” Mar an gcéadna do lucht na haimsire se,
dá dteagmhadh dalladh peacaidh san bhioth dhóibh, adeirid nach iad
féin atá dall. Óir dá gcuirthear uabhar i leith fir aca, adeir nach
uabhar bhíos ann féin, acht ag iarraidh a onóra féin do chosnamh. Dá
dteagmhadh sainnt i neach, adéaradh nach sainnt bhíos ann nó air, acht
gurab ag iarraidh cothuighthe bhíos. Dá dteagmhadh pótaireacht dó, ní
pótaireacht do-ní, acht dá chor féin i n-oireamhain do chleachtadh
na gcomharsan. Agus mar sin do gach olc oile ó shoin amach: saoiltear
leis an druing bhíos dall ionnta nach ortha féin bhíos an doille. Do
nós na druinge úd ar a léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi,
do-chuaidh i gcathair Sodoma do ghabháil na n-aingeal dobhí ar
foighdhe i dteach Loth; agus ar dtabhairt na hionnsaighe dhóibh
níor léir dhóibh dorus ná fuinneóg dá raibhe ar an dteach, mar do
dalladh leis na hainglibh iad. Gidh eadh, níor léir dhóibh féin sin,
agus níor mhothuigheadar iad féin dall. Mar sin dona peacthachaibh
bhíos dall ón leisge, ón díomas, ón chraos, ón tsainnt, nó ó aoin-
pheacadh dona seacht bprímh-pheacaidhibh marbhthacha do luaidheamar.
Ní léir dhóibh iad féin do bheith dall ionnta, agus dá réir sin ní
bhíd ionturuis ré triall i raon na haithrighe go neamh.



An seachtmhadh goin.



Tig fós don pheacadh sgannradh an ghrádha. Gonadh aire sin adeir
Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a
n-abair, ag labhairt ar an diabhal do-ní argain na hanma, na
briathra so, manum suam misit ad omnia desiderabilia eius “do chuir
sé a lámh san uile ní soimhianuighthe dobhí aige súd.” Dá chor i
gcéill, an tan ghabhas an diabhal sealbh san duine ris an bpeacadh,
go ruagann grádh Dé uaidh, agus dá réir sin, gach subháilce dá mbí 'na
leanmhain. Óir ní fhéadann subháilce fhírinneach san bhioth bheith
san Chríostaidhe, an tan ruagthar grádh Dé as a anam; agus do bhríogh
go ruagthar grádh Dé as anam an duine, ruagthar dá réir sin gach
subháilce oile bhíos ann. Gonadh uime sin adeir S. Augustín na
briathra so san chúigeadh Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna, adde


L. 293


caritatem, et prosunt omnia, detrahe caritatem, et nihil prosunt
caetera “cuir an grádh 'na gceann, agus is sochrach gach éin-ní;
bean an grádh dhíobh, agus ní fiú éin-ní cách.” As so is iontuigthe
nach sochrach subháilce san bhioth, do leith fhlaithis Dé do
ghreamughadh, gan an grádh, agus gurab sochrach gach subháilce mar aon
ris an ngrádh. Agus atá so ag teacht leis aní adeir Pól san treas
caibidil déag don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair,
si linguis hominum loquar et angelorum, caritatem autem non habeam,
factus sum velut aes sonans, et si habuero omnem fidem, ita ut montes
transferam, caritatem autem non habuero, nihil sum. Et si tradidero
corpus meum ita ut ardeam, nihil mihi prodest “dá labhrainn teangtha
na ndaoine agus na n-aingeal gan an grádh agam, ní fhuil ionnam
acht amhail umha ag déanamh foghair; agus dá mbeith iomlán an
chreidimh agam, i gcruth go bhféadfainn na sléibhte
d'aistriughadh, agus gan an grádh agam, ní fhuil acht neimhfní
ionnam; agus dá ndáilear mo chorp dá losgadh, ní fhuil sochar san
bhioth dhamh ann.” Agus adeir an chaibidil chéadna na briathra so,
et si distribuero in cibus pauperum omnes facultates meas, caritatem
autem non habuero, nihil mihi prodest “dá roinnear na huile mhaoine
atá agam ar bhochtaibh, agus gan an grádh agam, ní dhéin tarbha san
bhioth dhamh.” Agus mar sin, an tan bheanas an diabhal grádh Dé, lé
haontughadh do thabhairt don pheacadh, don duine, sgarthar an grádh
ris an duine, agus dá réir sin, gach subháilce shomholta bhíos 'na
leanmhain. Agus is trés an gcontrárdhacht so bhíos idir an ngrádh
agus an peacadh, atá aní léaghthar ag Pól san seiseadh caibidil don
dara hEip. gusna Coirintibh, mar a n-abair, quae conventio
Christi ad Belial, aut lucis ad tenebras “créad an oireamhain atá idir
Chríost agus Belial, agus idir an solus agus an dorchadas?” Dá chor
i gcéill gurab contrárdha dá chéile bhíos an peacadh agus an grádh.
Óir is é an grádh is foirm agus is bláth dona huile shubháilcibh,
agus is é inghean díleas Dé é, dá dtig sinne do bheith 'nar macaibh
ag Dia agus 'nar mbráithribh ag na hainglibh. Agus a chontrárdha
sin tig don pheacadh. Óir do-ní clann don diabhal agus bráithre dona
deamhnaibh dhínn. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san
seiseadh caibidil do Leabhar na mBreitheamhan, mar a


L. 294


n-innistear go dtigdís na Madianitae d'argain chríche Israel
feadh seacht mbliadhan; agus in gach ruathar dá dtugdaois, go
mbeirdís leó gach ní budh tarbhach ré beathaidh an duine, agus sin tré
pheacadh Chloinne Israel i n-aghaidh Dé. Go fáthach, is iad na
Madianitae so na deamhain; agus Clann Israel an drong bhíos i
bpeacadh mharbhthach, agus adhras dona seacht bpeacaidhibh
marbhthacha. Agus mar do hairgthí leis na Madianitae Clann Israel,
is mar sin fheanntar an t-anam, go nach fágthar subháilce ar bioth
ina mbeith sochar aige do leith ghrás ná ghlóire. Agus is cosmhail
dáil an pheacaidh, ag toidheacht i n-anam an fhíréin, agus na muice
ag toidheacht fá lubhghort. Óir an tan tig an mhuc fá lubhghort,
cuiridh a srón fán lile, nó fán luibh is uaisle do-gheibh, go
mbeanann as a bpréamhaibh iad, go bhfeódhaid dá éis sin. Mar an
gcéadna, an tan tig an peacadh i ngarrdha ghrásamhail anma an
fhíréin, cuiridh soc saoibh-chealgach na n-ainmhian fá
shoibhéasaibh agus fá shoighníomhaibh na hanma, dá buain a préimh an
ghrádha, do-bhéaradh fás dóibh. Gonadh ag cor an duine ar a
choimhéad adeir Críost ag Matha san seachtmhadh caibidil, nolite
mittere margaritas vestras ante porcos “ná cuiridh bhar liaga
lóghmhara i bhfiadhnaise na muc.” Ionann sin ré a rádh agus “ná
tugthar libh aonta don olc, ionnus nach rachadh an diabhal do ghabháil
sheilbhe i ngarrdhaibh grásamhla bhar gcoguais.” Óir ní bhí ar
iarraidh aige acht grádh Dé agus a ghrása agus na subháilce do bhuain
as a bpréamhaibh ionnaibh. Gonadh uime sin adeir Greaghóir san
.29. Homilia, mar a n-abair, non curat hostis antiquus, ut terrena
tollat, sed ut catitatem in nobis feriat “ní fhuil suim ag an sean-
námhaid sna neithibh talmhaidhe do bhreith leis, acht is eadh is intinn
dó, grádh Dé do mhúchadh ionnainn.” As a ndubhramar is iontuigthe go
dturnann an peacadh grádh Dé sna daoinibh, agus go dtig dhe sin nach
bí san duine sgarthar ré grádh Dé, acht do nós an phúicín ghaoithe,
dá nach léir an solas san ló, agus do-chí go grinn i ndorchadas na
hoidhche, agus mar sin contrárdha d'éanlaith oile bhíos ar
foluamhain agus ar fuaidreadh san oidhche agus 'na comhnaidhe ar ló; do
réir mar adeir Ambrosius san .24. caibidil don chúigeadh leabhar
in Hexameron, ag labhairt ar aní gcéadna, gonadh mar sin bhíd na


L. 295


peacthaigh bhíos i ndorchadas na dubháilceadh, go mbíd ar fuaidreadh
agus ar folamhain i n-oidhche na hurchóide, ag saothrughadh na
saidhbhreas tré shein-chríonnacht shaoghalta, agus nach léir dhóibh
lá grianach glé-mhaiseach grádha Dé ré saothrughadh na subháilceadh.



An t-ochtmhadh goin.



Tig mar an gcéadna don pheacadh go ngníomhuigheann searbhas i
meanmain an pheacthaigh. Gonadh uime sin adeir Ieremias san dara
caibidil, mar a n-abair, scito et vide quia malum et amarum est
dereliquisse te Dominum Deum tuum “bíodh a fhios agat agus féach
gurab olc agus gurab searbh dhuit do Thighearna Dia féin do
thréigean.” Dá chor i gcéill gurab searbh íoc na péine i ndíol an
pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas
caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar dobhí fuath
agus déistin agus gráin ag Ammon ar a shiair Tamar i ndiaidh
mhíghníomha do dhéanamh ria, ionnus nach raibhe blas san bhioth aige
uirre, trés an searbhas dobhí aige san choir do-rinne ria. Agus is
uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na
Seanfhocal, mar a n-abair, ne attendas fallaciae mulieris “ná
tabhair th'aire do mhealltóireacht mhná.” Dá chor i gcéill don
duine, ciodh milis ris aonta mná d'fhagháil ré déanamh mímhéine, go
mbí searbhas aithmhéile air iar ndéanamh an mhíghníomha. Agus ní
hiongnadh sin, do bhríogh gurab gearr sólás an pheacaidh, agus gurab
buan a mhairg 'na dhiaidh, ionnus go dtig dhe sin go mbí anfadh na
hurchóide agus measgadh na meabhla ag tonnadh agus ag tonn-luasgadh
mheanman an pheacthaigh. Gonadh dá chor so i gcéill atá aní
léaghthar as Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii
quasi mare quod quiescere non potest “croidhe an pheacthaigh amhail
mhuir nach féadann cumhsanadh.” Dá chor i gcéill, amhail bhíos an
mhuir ag luadhaill agus ag luasgadh ó thuinn go tuinn, gurab mar sin
bhíos an peacthach ag luadhaill agus ag luasgadh ó locht go locht, an
tan nach bí ionnracas na haithrighe mar angcaire agá fhastódh; agus
mar sin nach éagcosmhail ré chéile inneall


L. 296


an uilc agus na mara. Óir mar bhíos an peacadh searbh, is mar sin
bhíos sáile searbh san muir. Fós, amhail shloigeas an móir-iasg san
muir an min-iasg, mar an gcéadna an móir-pheacthach bhíos
cumhachtach ar an saoghal, sloigthear leis an fo-dhuine fíréanda,
maille ré láimh thruim do luighe air agus ris na sealbhaibh saoghalta
do bhuain de. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Abacuc san
chéad-chaibidil, ag labhairt ré Dia, mar a n-abair, quare non
respicis super iniqua agentes, et taces devorante impio iustiorem se
“créad nach féachann tú ar an druing do-ní milleadh, agus créad fá
bhfuile id thocht, agus an peacthach ag slogadh an tí is fíréanda
ioná é féin?” Is é is fáth don fháidh na briathra so do rádh, 'gá
iarraidh ar Dhia díoghaltas do dhéanamh ar an druing anfhlathaigh
do-ní éagcóir ar na fo-dhaoinibh fíréanda bhíos ag roinn riú.
Gonadh uime sin adeir Isaias san .33. caibidil ag bagar
dhíoghaltais Dé ar an tí do-ní an t-anfhlaitheas so, mar a
n-abair, vae qui praedaris, nonne ipse praedaberis “mallacht duit,
a dhuine do-ní creachaireacht, óir do-ghéantar creachaireacht ort.”
Do-chíthear linn go meinic an mhallacht so ag turnamh ar na
hanfhlathaibh bhíos ag déanamh éagcóra agus inghreama ar na fo-
dhaoinibh bhíos fúthaibh, agus do-chíthear linn go meinic mallacht Dé
ag turnamh orra, i ndíol an chraos-shloigthe do-níd ar na
comharsanaibh bochta bhíos aca. Óir is meinic éagaid gan oighre, agus
téid na flaithis mhóra bhíos aca i lámhaibh druinge oile, agus nach
bí do lorg orra dá n-éis acht a mítheasta agus a míochlú 'ga
bhfaisnéis i mbéalaibh na druinge bhíos dá n-éis; nó, dá
dteagmhadh sliocht do bheith orra, a mbeith bocht nó easbadhach,
agus il-iomad d'anfhochainibh agus d'amhgaraibh ag fearthain orra;
ionnus go dtuigid an pobal gurab do bhíthin pheacaidh a sinnsear tig
gach amarrán díobh sin ar a sliocht, agus go dtuigid dá réir sin gurab
tré inneachadh Dé do thuilleamh dá sinnsear tig sin orra, trés an
imchreachadh do-níthí leó ar na daoinibh budh lugha ioná iad féin, ag
slogadh a maoine saoghalta chuca, i gcosmhaileas na móir-iasg san muir
lé sloigthear an min-iasg, amhail adubhramar. Ní héagcosmhail fós
an peacadh agus an mhuir, ar aidhbhsighe agus ar


L. 297


iomad a n-anfaidh leath ar leath. Óir amhail bhíos iomad anfaidh ar
an muir, lé séideadh sonn-ghaoithe tréine tairpthighe, is mar sin
fhásas anfadh i meanmain an pheacthaigh ó luasgadh luaimneach na
locht, ag iomruagadh suaimhnis na subháilceadh a meanmain an duine, tré
iomad anfhorlainn agus anchúraim shaoghalta. Ionnus, an tí mheasgas
é féin ar an saoghal go mór, go mbí dá theilgean agus dá thuargain
idir thonnaibh atmhara na hurchóide, amhail bhíos an long san muir i
n-am an anfaidh, ionnus nach bí cailm ná cumhsanadh aige ón chúram
shaoghalta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing mheasgas iad féin
air. Óir is léir dhóibh nach léigid na loicht sgíoth dhóibh, gan
bheith dá ngluasacht idir an tsainnt agus an craos agus an t-uabhar
agus gach peacadh oile ó shin amach. Ionnus gurab ag cor an
mhíoshuaimhnis se i gcuimhne dona daoinibh atá aní adeir Críost san
seiseadh caibidil déag ag Eóin, ag labhairt ris na hapstalaibh, in
mundo pressuram habebitis, in me autem pacem “do-ghéabhthaoi amarrán
san saoghal, gidh eadh, do-ghéabhthaoi síoth ionnam-sa.” As so is
iontuigthe nach eadh amháin an dream bhíos san pheacadh mharbhthach
do-gheibh míoshuaimhneas ar an saoghal, acht fós go mbuaidhearthar na
fíréin féin do bhíthin an pheacaidh bhíos ag cách. Is dá bhíthin
so atá aní léaghthar san .11. caibidil don dara hEip. gusna
Coirintibh, mar a n-abair, nocte ac diem in periculis fui “do
bhádhas i n-oidhche agus i ló i nguaisibh.” Uime sin is déanta
dhúinn comhairle Phóil san deachmhadh caibidil don chéid-Eipistil
gusna Coirintibh, mar a n-abair, fidelis Deus qui non patietur vos
tentari supra id quod potestis “is díleas Dia go nach léigfeadh sibh i
mbuaidhreadh tar bhar n-acfuinn.” Dá chor i gcéill nach fuil áit
innill againn ré teitheadh ria nguaisibh an tsaoghail agus an
pheacaidh, acht dol ar coimirce Chríost, is iontaobhtha dhúinn. As
a ndubhramar is follus go dtig don pheacadh sáilín seire searbhusa
do bheith 'na leanmhain.



An naomhadh goin.



Tig arís don pheacadh an duine do chor amudha as an ród díreach go
neamh. Is uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt


L. 298


ar na peacthachaibh na briathra so, viam civitatis habitaculi non
invenerunt “ní bhfuaradar slighe chathrach an áruis.” Dá chor i
gcéill nach léir ród na haithrighe don druing bhíos i bpeacadh
mharbhthach. Agus fós bíd drong do pheacthachaibh ann, bhíos
aindiúid amhnáireach ag marthain 'na n-olcaibh, ris nach áil
leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh, agus nach áil leó fios
d'fhagháil ó Dhia i ród na haithrighe, ná teagasg a leasa do
ghabháil. Agus is ag aithfhriotal bhriathar na druinge se atá Iob
san .21. caibidil mar a n-abair, recede a nobis, scientiam viarum
tuarum nolumus “triall uainn; ní háil linn fios do ród.” Óir an tan
bhíos an duine aindiúid ag léaghadh leabhar ndiadha, 'na mbí seóladh
díreach ar neach i raon na haithrighe, ní ghabhann leasughadh 'na
lochtaibh, agus ní thréigeann an peacadh ar a son. Agus an tí bhíos
ag éisteacht ré seanmóir nó ré teagasg tharbhach, do-ní an
céadna. Gidh eadh, ní mar so dobudh dual don pheacthach do dhéanamh,
acht a éagcaoine é féin do bheith ag dul ar seachrán, agus eólas
d'iarraidh, amhail do-rinne Dáibhídh Rí, amhail adeir sé féin,
erravi sicut ovis quae periit; quaere servum tuum Domine “dobhádhas
ar seachrán amhail chaoirigh do-chuaidh amudha; a Thighearna, iarr
th'óglách féin.” Aní céadna do dlighfidhe don pheacthach do
dhéanamh i ndóigh go n-éistfeadh Dia a ghuidhe, agus go
dtuillfeadh a dhíorghadh i raon na haithrighe, ó bheith ar siadhán
i ngalar diúdáin dubháilceadh. Agus ní fhuil áisig oile aige is
dísle dhó ré dol ar neamh ioná greamughadh do Chríost, do bhríogh
gurab é Críost an ríogh-ród agus an chonair choitcheann atá ag triall
ar neamh, amhail adeir sé féin san cheathramhadh caibidil déag ag
Eóin, ego sum via “is mise an tslighe.” Agus do bhríogh nach
féadann neach greamughadh do Chríost acht maille ris an bpeacadh do
thréigean, do bhríogh nach gabhann Críost táith-cheangal ris an
bpeacthach, go ndéantar an peacthach do bhruithneadh i dteinidh
ghrádha Dé, nach gabhann lasadh chuice acht i dteallach toile an
fhíréin, is follus as a ndubhramar go gcuireann an peacadh an
t-aithrigheach amudha as an ród ndíreach go neamh.



Léaghthar sgéal bheanas ris aní se i Leabhar na Seacht


L. 299


dTiodhlaiceadh. Ag so mar adeir: go rabhadar dias dearbhráthar ag
triall san slighidh, agus fear dhíobh 'na amadán agus fear oile
eagnaidhe. Ar mbeith ar eachtra dhóibh, tograid, agus iad i
gcoigrích, triall dá ndúthaigh. Agus ar mbeith i n-aistear
dhóibh, tarla comhghar dá ród dóibh. Agus nochtaid na haoghairidhe
fuaradar rompa go raibhe ród díobh go díreach go dol gus an gcathraigh
ndúthchais dobhí aca, agus nach raibhe guais ná baoghal san slighidh
sin orra. Gidh eadh, dobhí do dheónughadh dhóibh-sean go raibhe
an ród díreach soin cumhang ard anshocair garbh, agus go raibhe an dara
ród mín socair deagh-mhaiseach, gidh eadh, go raibhe lán do ghuaisibh
ladrann agus meirleach agus luchta éigin. Arna chlos sin don
bhráthair chríonna, do thogair triall san ród innill anshocair dobhí
rompa, tar a raibhe do dhoghraing agus do dhocamhal ann. Adubhairt
an bráthair leamh, “guidhim thú (ar sé) ná cuir an t-ulc sin ort
féin, acht triall san ród réidh, tar a bhfuil do ghuaisibh innte.
Óir atá dóigh agam, maille ré congnamh Dé, go bhféadfam dul tar na
guaisibh sin.” Agus tug an bráthair críonna aonta ris sin. Agus ní
cian do-chuadar san ród fhairsing réidh aoibhinn sin, an tan
tarladar ladrainn riú, agus do feannadh agus do forghonadh leó sin iad.
Agus dobhádar i láimh aca, agus iad ceangailte, ar tí a mbásuighthe
agus a gcora i ndeirc dhoimhin dá bhfolach. Tug an bráthair
críonna a mhallacht don bhráthair leamh agá rádh gurab tréna
leimhe-sean, iar dtogha an róid roi-leathain sin, tarla san ghuais
sin é. Freagrais an bráthair amadánta, agus adubhairt, “mallacht ort-
sa (ar sé) agus is córa a chion sin do bheith ort-sa ioná oram-sa,
do bhríogh gurbh fheasach thú gurbh amadán mé, agus uime sin nár
chóir dhuit creideamhain damh, ná mo chomhairle do dhéanamh.” Go
fáthach, is iad an dá bhráthair se an t-anam agus an corp; an
t-anam an bráthair críonna, dá bhfoillsigheann an réasún maith do
dhéanamh; an bráthair leamh an corp, nach iarrann acht sáimhrighe agus
sádhaile d'fhagháil dó féin. An dá ród tarla dhóibh, go fáthach,
slighe na subháilceadh, 'na mbí doghraing agus docamhal, is ród
díreach do dhuine dá dhúthaigh féin .i. go neamh. An dara ród,
bhíos leathan fairsing aoibhinn, slighe na n-ainmhian, ar a mbíd
aimsighthe


L. 300


an diabhail ar beilghibh buaidheartha na n-olc, ar tí an duine
d'fheannadh agus do chréachtnughadh lé créachtaibh marbhthacha an
pheacaidh. Agus na haoghairidhe lér seóladh an chonair dhóibh,
préaláide agus príomh-ughdair na heagailse bhíos ag síoladh agus ag
seanmóir shlighe na haithrighe don duine. Agus is eadh chialluigheas
an aonta thug an bráthair críonna don bhráthair leamh, ré triall san
ród réidh 'na raibhe guais, mar shásadh dá bhráthair leamh, an aonta
do-bheir an t-anam don chorp gona ainmhianaibh, an tan is leasg
leis slighe na subháilceadh agus ród na haithrighe, 'na mbí doghra
agus docamhal, do leanmhain; agus aontuigheas, mar shásadh don
cholainn, ród leathan na locht do leanmhain, tar a mbí do ghuaisibh
ann; ionnus go dtig dhe sin an t-anam agus an corp do theagmháil i
n-orlamhas an aidhbhirseóra, agus go bhfeanntar iad, an mhéid go
mbeantar a subháilce dhíobh, agus go gcréachtnuighthear iad 'na
gcéadfadhaibh, agus go marbhthar ainn-séin iad, agus go dteilgthear
i n-uaimh uaith-bhéalta ifrinn iad. Agus is é so atá ag San Séam
dá chor i gcéill san chéad-chaibidil dá Eipistil chanónta, mar a
n-abair, unusquisque tentatur a concupiscentia sua abstractus et
illectus. Deinde concupiscentia, cum conceperit, parit peccatum;
peccatum vero cum consummatum fuerit, generat mortem “buaidhearthar
(ar sé) gach aon bhíos arna tharraing agus arna bhréagadh lena
anmhian; ainn-séin, an tan ghabhas an ainmhian, beiridh an peacadh;
an peacadh cheana, an tan bhíos arna chríochnughadh, geinidh an bás.”
As so is iontuigthe gurab tré aonta do thabhairt dá ainmhianaibh
gheineas neach an peacadh; agus an tan chuirthear an peacadh i
ngníomh, go ngeineann an bás. Uime sin, an tan bhíos an t-anam
agus an corp i n-ifreann, i ndiaidh laoi na breithe, gabhaidh an
t-anam ag casaoid ar an gcorp, tré nár fhuiling saothar na
subháilceadh d'fhulang. Agus gabhaidh mar an gcéadna an corp ag
iomaithbhear ar an anam, dobudh baintighearna dhó féin, agus dobhí
críonna, tré nachar chuir srian ris, ar mbeith umhal dí agus fána
smacht. As an sgéal so is iontuigthe go dtig don pheacadh an duine
do chur ar siadhán a slighe na subháilceadh go neamh.


L. 301


An deachmhadh goin.



Tig dhe fós oirbhire Dé do thoidheacht ar an duine, amhail léaghthar
san .28. caibidil in Deuter., mar a ndéin Dia bagar ar an duine agá
rádh, si nolueris audire vocem Domini Dei tui ut custodias et facias
omnia mandata eius, venient super te omnes maledictiones istae.
Maledictus eris in civitate, maledictus in agro, maledictum horreum
tuum, maledictae reliquiae tuae. Maledictus fructus ventris tui, et
fructus terrae tuae “muna éistidh tú ré guth do Thighearna féin Dia,
ré coimhéad agus ré gníomhughadha aitheantadh uile, tiocfaid na
mallachta so uile ort. Budh malluighthe thú san chathair, budh
malluighthe thú san bhfearann, budh malluighthe th'iothlann, budh
malluighthe do thaise, budh malluighthe toradh do bhruinne agus toradh
do thalmhan.” Adeir arís san chaibidil chéadna na briathra so, ag
déanamh an bhagair chéadna, adiungat tibi Dominus pestilentiam,
donec consumat te de terra. Percutiat te Dominus egestate, febri, et
frigore, ardore et aestu et aere corrupto donec pereas. Sit caelum
quod supra te est aeneum, et terra quam calcas ferrea. Tradat te
Dominus corruentem ante hostes tuos. Domum aedifices, et non habites
in ea. Plantes vineam, et non vindemies eam “go mbuailidh Dia
uireasbaidh ort, lé riachtanas, lé fiabhras agus lé fuacht, lé teas
agus lé teasbhach agus lé haieór truaillidhe, go gcailltear thú. Go
raibhe an t-aieór atá ós do chionn 'na phrás, agus an talamh ar a
saltrann tú iarnaidhe. Go dtiodhlaicidh an Tighearna thú ar dtuitim
do láthair do námhad. Go dtógbhaidh tú teagh, agus nár áitighe tú é.
Go bplannduighidh tú fíneamhain, agus nár dhearnaidh tú foghmhar
uirre.” As na bagrachaibh móra so do-ní Dia ar an duine trés an
bpeacadh is iontuigthe gurab tuar feirge Dé do thuilleamh an peacadh.
Óir ní héidir a mheas nach gríosann an peacadh Dia ré déanamh
díoghaltais, mar go mbagrann bás agus caill chloinne agus conáich ar
an tí do-ní é; ionnus gurab aithreach ré Dia an duine ar eacht ar
bioth do dhéanamh, amhail adeir sé féin san seiseadh caibidil in
Genesi, poenitet me fecisse hominem “is aithreach liom an duine do
dhéanamh.” Agus is urusa so do thuigsin as an díoghaltas do-rinne
ar an bpeacthach, mar go dtug tonn doifhreastail díleann dá bháthadh
i ndíoghail


L. 302


an pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin
san dara caibidil, mar do-rinne Críost sgiúrsadha do chordaidhibh
cruaidh-righne cnáibe fuair san teampall, ag ruagadh agus ag tafann na
druinge dobhí ag reic agus ag ceannach san teampall. Mar an gcéadna
do-ní Dia smachtughadh ar an druing bhíos ag malairt na meabhla, agus
ag reic an uilc, i gceall-úiribh an choguais: do-ní a ruagadh agus
a dtafann a hárus na hanma, lé sgiúrsadhaibh díoghaltais Dé, mar is
follus as na mallachtaibh do luaidheamar romhainn, bhagras Dia orra.



Léaghthar ag an druing sgrúdas staid na nádúire nach bí cailg i rígh na
mbeach, agus thairis sin, cibé ainmhidhe do-ní dochar dhó, go lingid
na beich oile air, agus go ngabhaid dá gcailgibh ann, mar dhíoghaltas
ar an éagcóir do-ní ar a rígh féin. Mar an gcéadna, tar ceann go
bhfuil Dia ceannsa sochma sochroidheach, más eadh, an tan ghoilleas
neach air, gabhaid a chréatúiridhe ag déanamh díoghaltais ar an tí
ghoilleas ar Dhia. Gonadh uime sin adeir Solamh san chúigeadh
caibidil do Leabhar na hEagna, ag deimhniughadh aneithe se, na briathra
so, armabit creaturam ad ultionem inimicorum suorum “do-ní a
chréatúir armtha ré díoghaltas do dhéanamh ar a náimhdibh.” As so is
iontuigthe go mbíd craoiseacha agus cailge agá chréatúiribh ré
díoghaltas do dhéanamh ar an druing ghoilleas ar Dhia san bpeacadh.



Léaghthar ag Vincentius, san leabhar dá ngoirthear Speculum
Historiale, iar ndol do Fhrangcaibh i n-anmhacnas ar Dhia, agus ar
lingeadh ar iomad locht do dhéanamh dhóibh, go dtáinig saithe do
chuileógaibh móra anaithne ar feadh na Fraingce, do dhéanamh iomaid
luit dá ngortaibh agus dá dtoirthibh, dá dtáinig gorta mhór san
bhFraingc as a los soin. Agus na cuileóga so, an tan do ghlacadh
duine 'na lámhaibh iad, do-gheibheadh ar eite chlé na cuileóige an
focal so ira .i. fearg, agus ar an eite dheas Dei .i. Dé. Dá chor
i gcéill gurab tré mhíréir Dé do dhéanamh agus i ndíoghail a
fheirge tángadar.



Léaghthar fós ar aní gcéadna ag Antonius naomhtha, san dara roinn
dá Shuim, san cheathramhadh caibidil déag don deachmhadh tiodal, an
tan táinig Attila Mór, rí na Hunnorum, d'argain agus do
chreachadh na Fraingce, dobhí ar lingeadh i lochtaibh an


L. 303


tan sin. Agus ar mbeith ag argain na tíre dhó, téid easbog
Trecassensis, darbh ainm Lupus, go n-inneall easbuig agus go
bhfuirinn do chléir 'na fhochair, agus ar dteacht do láthair an
ríogh dhó fiafruighis fáth a thuruis don chrích sin de. “Mise, ar
sé, flagellum Dei .i. sgiúirse Dé.” As so is iontuigthe nach eadh
amháin dona hainmhintibh brúideamhla do-ní Dia oirnise ré díoghaltas
do dhéanamh ar an bpeacadh, acht fós dona daoinibh. Agus fós, ní
headh amháin do dhaoinibh Críostamhla Catoileaca, acht go ndéin
oirnis do dhaoinibh págánta ré smacht do dhéanamh ar na
Críostaidhthibh chreideas dó, agus nach déin a réir, mar is follus i
mórán do stairibh, agus san Bhíobla. Féach mar do ghabhadar na
Gothi greim don Eadáile, na Múraigh don Spáin, na Vandali don
Fhraingc, agus na Lochlannaigh do Shagsaibh, d'Éirinn agus
d'Albain. Féach fós mar do ghabh Pharao treise ar Chloinn
Israel, agus Nabugodonasor ón Bháibiolóin, agus na Filistínigh
agus na Cananei, agus Titus agus Vespasianus ón Róimh, tug
dearg-ár Cloinne Israel i n-Ierusalem.



Léaghthar fós sgéal míorbhaileach ar aní se, amhail chuirthear síos san
leabhar dá ngoirthear Speculum Exemplorum, mar atá go raibhe
peacthach trom dh'áirithe dobhí ag drud ré deireadh a ré, agus nach
fuair neach uaidh ucht do thabhairt ar aithrighe, agus go dtáinig gur
thaisbéin Críost tré iomad trócaire é féin dó, agus gur nocht a
chréachta dhó, dá ghríosadh ré déanamh aithrighe. Gidh eadh, do
ghabh seisean go haindiúid doitheagaisg ag éimdheadh aithrighe do
dhéanamh. Agus mar do-chonnairc Críost an dobhuidheachas dobhí ann,
do ghabh fearg é, agus leis sin cuiris a lámh 'na thaobh dhearg, agus
do-bheir cuid dá fhuil féin as a thaobh, agus croithis ar an
bpeacthach í, agus adubhairt, “bíodh an fhuil sin mar fhiadhnaise ar
thusa do bheith damanta go dlightheach.” Agus leis sin téid Críost a
hamharc cháich, agus gabhaidh an drong dobhí timcheall an othair ag
ionnlat a dheilbhe, ag buain na fola dhe. Gidh eadh, níor fhéadadar,
acht do lean mar oil i n-úir an uilc dobhí ann de go bhfuair bás.



As a ndubhramar go ró so is follus go ndéin Dia díoghaltas ar na
daoinibh tréna bpeacaidhibh, agus go ndéin oirnise do chréatúiribh


L. 304


ré míoshuaimhneas do chor ar an bpeacthach, agus fós do chréatúiribh
dearóile, mar thár ar lucht an díomais, gémadh í an choirr-mhíoltóg
nó an chuil, an tsnidh, an míol, nó an deargnait iad. As a
ndubhramar is follus méad an dochair tig do dhéanamh an pheacaidh,
ag toirmeasg an duine ó thriall i ród díreach na haithrighe.



AN FICHEADMHADH HALT
'na gcuirthear síos an ród díreach is ionchoimhéadta ré triall ar
neamh.



An chéad-ghoin.



Tuig, a dhuine, an tan bhíos an duine ag triall tré alltar na
hurchóide agus tré fhásach an pheacaidh, nach féadann an ród do
dhíorghadh go cathair nimhe. Gonadh ar an druing se labhras Dáibhídh
Rí san .106. Salm, mar a n-abair, erraverunt in solitudine, viam
civitatis habitaculi non invenerunt “dobhádar ag dol amudha ar an
bhfásach, ní bhfuaradar fios chathrach an aittreibh.” As so is
iontuigthe, an dream bhíos i siadhán agus i seachrán an pheacaidh,
nach féadaid an rian díreach go neamh dh'amus. Uime sin, cibé bhíos
ag triall tré fhásach an pheacaidh, ag dol ar siadhán, teagmhaidh i
lámhaibh ladrann ar uairibh é, agus i n-iomad do ghuaisibh oile. Dá
réir sin, is eadh is indéanta don taisteallach bhíos ar turus,
greamughadh do chuideachtain mhaith, agus leanmhain díobh do shíor.
Go fáthach, is í an tslighe anaithnidh se ród na beatha so go bás.
Uime sin, is éigean dá gach neach bhíos ré triall innte treóraighe
d'fhagháil ré heólas na slighe do dhéanamh dhó, nó, dá dtréigidh
an t-eólaighe, atá sé caillte. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar a
n-innistear, an tan do thréigeadar Clanna Israel ceannas feadhna
Mhaoise agus a threóir go Tír Tairrngire, gur éagadar a n-urmhór
san slighidh. Mar an gcéadna, an dream nach leanann do Chríost mar
threóraighe, ag triall tré fhásach an tsaoghail se gus an mbás, téid
amudha, agus ní roichid go Tír Tarrngaire na


L. 305


glóire. Agus is ag teagasg aneithe se atá S. Bearnard ag labhairt
ris an duine, i leabhar a Naomh-smuaineadh, mar a n-abair, elige
tibi illum amicum tuum, precibus amici tui, qui cum omnia subtracta tibi
fuerint, solus tibi fidem servabit in die sepullturae tuae “togh dhuit
féin é súd mar charaid (ag labhairt ar Chríost) tré ghuidhe do
charad. Óir an tan bheanfaidhear dhíot gach uile ní, is eisean
amháin choimhéadfas a gheallamh dhuit i ló t'adhlaicthe.” As na
briathraibh se is iontuigthe, an tan chaillid a charaid, a
chaomhthaigh, agus a chompáin, a chlann, a chéadfadha agus a
chonách saoghalta ar dhuine, gurab é Críost ar dTighearna cara na
héigne aige, réna fhurtacht i n-am an bháis. Uime sin nach fuil
treóraighe oile ag an duine is ionchuir i gcoimmeas ré Críost. Agus is
tríd sin do dheónuigh Dia sin do thabhairt mar theastas air, an tan
adeir na briathra so léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar a
n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na druinge sin ré Críost,
magister, scimus quia verax es, et viam Dei inveritate doces “a
mhaighistir, ar siad, is feasach sinn go bhfuil tú fírinneach, agus
go seólann tú slighe Dé san bhfírinne.” As so is iontuigthe gurab é
Críost amháin is fír-eólach againn, rénar ndíorghadh san raon díreach
go neamh. Gidh eadh, tabhair dot aire, an tan bhíos duine ag triall
i ló shneachta, agus grian ag taitneamh air, iar ndol isteach i
dteagh dhó, nach léir dhó a bheag nó a mhór, ó neimh an tsneachta
do bheith 'na shúilibh, agus uime sin nach dleaghair dhó triall
roimhe go hobann san teach, go sgaoiltear deallradh an tsneachta
bhíos 'na shúilibh, d'eagla go dtuitfeadh i bhfairthis nó i
ndeirc dá mbiadh san árus. Mar an gcéadna an tí bhíos ag triall
tré mhacnas agus tré réim aimseardha an tsaoghail go hárus an bháis,
bí deallradh agus lonnradh na loise saoghalta ag déanamh sgáile dá
shúilibh, go nach léir dhó guais an bháis bhíos roimhe, go ndéin
comhnaidhe i n-orsain an bháis, ag machtnadh agus ag midheamhain ar
ghuaisibh an bháis, agus nó go dtabhair i ndearmad agus i ndío-
chuimhne sgáile na sochar saoghalta agus na saidhbhreas fhágbhas dá
éis. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar san naomhadh caibidil
déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar dobhí an fáidh
Elias i ndorus na huamha 'na sheasamh, agus


L. 306


é ag meas agus ag sgáthántacht ann. Agus do-chonnairc gaoth láidir,
talamh-chumhsgughadh agus teine, agus ní fhacaidh an Tighearna ionnta;
agus do-chonnairc séideadh foghaoithe, agus dobhí an Tighearna ann.
Go fáthach, is é Elias an t-aithrigheach bhíos ré bruinnibh báis;
agus na trí neithe at-chonnairc is nach raibhe an Tighearna, is eadh
chialluighid, gaoth an uabhair, talaimh-chrioth na feirge, agus teine
na sainnte, is léir don tí bhíos ag fagháil bháis. Gidh eadh, an
séideadh mín 'na raibhe an Tighearna, is eadh chialluigheas, briathra
milse an Bhíobla, lé dteagaisgthear an duine do leith tháire do
thabhairt ar na neithibh saoghalta agus dúla do thabhairt dona
neithibh neamhdha. Mar sin tig do bhriathraibh an scrioptúra táir
agus tarcaisne do bheith ag an tí bhíos ré hucht an bháis ar an
díomas, ar an bhfeirg, agus ar an sainnt, agus grádh agus gean do
bheith aige ar an umhlacht, ar an bhfoidhidin, agus ar an
mbochtacht; agus sin uile do theacht do bhíthin bhréithre Dé do
chlos. Agus is ar an malairt se thig ar aigneadh an othair labhras
Dáibhídh san .76. Salm, mar a n-abair, haec mutatio dexterae
Excelsi “ag so malairt deas-láimhe Dé.” Dá chor i gcéill gurab do
chumhachtaibh Dé tig an mhalairt agus an claochlódh sin do
thoidheacht i n-aigneadh an othair, mar go dtig dhe na dubháilce do
thréigean, agus na subháilce do ghreamughadh agus do ghrádhughadh,
agus tár agus tarcaisne do thabhairt ar na neithibh talmhaidhe. Gonadh
uime sin adeir Críost san seiseadh caibidil ag Matha na briathra so,
non potestis Deo servire et mammonae “ní féadtar libh foghnamh do
Dhia agus don tsaidhbhreas.” Dá chor i gcéill gurab contrárdha na
feadhma iarras Dia ar na daoinibh agus an feidhm iarras an saoghal. Óir
is eadh iarras Dia ar na daoinibh, umhla agus foidhide agus bochtacht;
agus is eadh iarras an saoghal, uabhar agus fearg agus sainnt. Agus
mar sin dá gach feidhm oile dá n-iarraid ó shoin amach, bíd
contrárdha dá chéile. Gonadh uime sin adeir an ríogh-fháidh
Dáibhídh gurab é malairt deas-láimhe Dé, an tan thréigeas an
saidhbhir sádhaile agus sáimhrighe agus socamhal, agus ghrádhuigheas
anshódh agus buaidhreadh agus bochtacht. Agus fós, tuigthear as na
briathraibh céadna an mhalairt do-ní deas-lámh Dhé idir an saidhbhir
agus an bocht. Óir an tan bhíos an


L. 307


bocht go dearóil fá thár agus fá tharcaisne ré linn a bheatha fá
láimh chlí Dé go lom lochardha, gan socamhal ná suaimhneas ná
sáimhrighe shaoghalta do bheith aige, go mbí an toictheach go
saidhbhir sádhail fá dheas-láimh an domhain san bheathaidh se. Gidh
eadh, an tan sgarthar ris an saoghal iad, leath ar leath, do-bheir Dia
beannacht na deas-láimhe don bhocht, agus ní thabhair don tsaidhbhir
acht beannacht láimhe clí an chonáich shaoghalta. Gonadh 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar in Genesi san .48. caibidil, mar
a léaghthar linn, an tan tug Ioseph a dhias mhac .i. Manasses agus
Effraim ré fagháil bheannachta an ard-athar Iacob, agus cuiris
Manasses fá dheas-láimh an ard-athar Iacob, agus Effraim fána
láimh chlí. Agus ar mbeith annsin dóibh, do chuir a lámha tar a
chéile, ionnus go ráinig an deas-lámh ós cionn Effraim agus an lámh
chlí ós cionn Manasses. Agus arna fhaigsin do Ioseph éighmhis go
hard, agá rádh, “ní hoircheas sin, a athair, óir is é Manasses an
t-oighre.” Freagrais Iacob agá rádh, “budh é an tí is lugha bhus
mó,” ar sé; gur lean beannacht na láimhe deise don mhac fá hóige,
Effraim, agus beannacht na láimhe clí do Manasses. Go fáthach, is
é Ioseph an saoghal, agus Dia nimhe Iacob, Manasses an saidhbhir
agus Effraim an bocht. Óir mar sin do-ní Iacob mór, Dia Athar,
ris na daoinibh: do-bheir beannacht na láimhe deise .i. glóire nimhe
dona bochtaibh fíréanda agus beannacht na láimhe clí dona
toicceachaibh, mar atá conách saoghalta. Agus ní héigcneasta sin, do
bhríogh gurab ionann Manasses agus oblivio .i. dearmad; ionnus an
tan do-bheirid lucht na saidhbhreas saoghalta commaoine agus
dearlaicthe Dé i ndearmad, nach mó ioná beannacht na láimhe clí, mar
atá rath agus réim saoghalta do-bheir dhóibh; ionnus, i ndíoghail a
ndearmaid, gurab lór lé Dia ana aimseardha nó sonas saoghalta do
thabhairt dóibh, agus nach tabhair sochar beannachta na láimhe deise
.i. glóir nimhe dhóibh. Is ag luadh aneithe se atá S. Augustin i
seanmóir d'áirithe, mar a n-abair, hac animadversione percutitur
peccator, ut moriens obliviscatur sui, qui quamdiu vixit est oblitus
Dei “do bhuail Dia mar dhíoghaltas ar an bpeacthach go dtugadh é
féin i ndearmad ré linn an bháis, ar dtabhairt Dé i ndearmad
do-san an feadh


L. 308


do mhair.” As na briathraibh se S. Augustin is iontuigthe, an tí
do-ní Manasses .i. dearmad de féin, go dtabhair Dia eisean i
ndearmad i n-am an éigin, ré hucht an bháis; agus dá bhríogh sin
nach roicheann é acht beannacht na láimhe clí, mar atá loise nó
saidhbhreas saoghalta. Ionann iomorra Effraim agus crescens, nó an
tí dobhiadh ag fás. Agus ní héigcneasta sin do rádh ris na bochtaibh,
do bhríogh go mbíd ag fás i ndiaidh na beatha so, an mhéid go mbí
gach aon díobh 'na rígh, agus i seilbh gach sochair dá mbí ar neamh go
síordhaidhe. Agus ar an malairt bhíos idir an saidhbhir agus an bocht,
idir staid na beatha aimseardha agus na beatha síordhaidhe, atá aní
léaghthar ag Dáibhídh san .101. Salm, mar a n-abair, mutabis eos
et mutabuntur “do-ghéana tú iad do mhalairtiughadh, agus beidh ar
ndéanamh mhalairte dhíobh.” Dá chor i gcéill, an tí bhíos bocht
ar an saoghal, go mbí saidhbhir go síordhaidhe tréna shubháilcibh ar
neamh; agus an tí darab soirbh an saoghal lé saidhbhreas, go mbiaidh
bocht amhgarach i n-amarrán ifeirn tré shaoghal na saoghal, madh
peacthach marbhthach iar n-éag é. Uime sin is follus gurab duine
éigcríonna an tí do-ní feidhm nó foghnamh feadh a ré don chealgaire
chaillteach .i. an saoghal, nach tabhair i ndíol gach uilc agus gach
anfhorlainn dá n-iomcharann ann acht maitheas bréige, agus gan acht
seal do thabhairt air sin féin dó; agus ré triall a staid na beatha so
nach léigeann leis acht an eisléine. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní
léaghthar san .29. caibidil in Genesi, mar a léaghthar, an tan do-
chuaidh Iacob d'iarraidh inghine Laban, go raibhe ag déanamh
feadhma seacht mbliadhna dhó, mar cheannach ar Rachel, an inghean
sgiamhach dobhí aige, d'fhagháil 'na mhnaoi; agus i gcionn seacht
mbliadhan nach fuair acht inghean ghránna ghiom-shúileach, darbh
ainm Lia, agus púicín do chur uirre. Mar an gcéadna do-ní an
saoghal, an tan téid Iacob, .i. an duine, do dhéanamh feadhma seacht
mbliadhna dhó .i. feadh a ré, bhíos 'na seacht gcuid, mar atá 'na
naoidhin, 'na leanbh, 'na mhacaomh, 'na ógán, 'na fhior, 'na
sheanóir, agus 'na athlaoch. An tan shaoileas Rachel .i. glóir
nimhe d'fhagháil pósta ris mar thuarastal, is eadh do-ní, púicín
an pheacaidh do chur


L. 309


ris, agus an inghean ghránna ghiom-shúileach dobhí aige, mar atá
saidhbhreas soghluaiste an tsaoghail, do dháil dó i ndíol Rachel
.i. ghlóire nimhe. Gonadh uime sin adeir S. Augustín san .28.
Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna na briathra so, ag teagasg an
duine do leith an tuarastail dlighthigh is oircheas dó d'fhagháil
tré shaothrughadh na subháilceadh san saoghal so, agus ag tabhairt
mheisnigh dhó ré déanamh mhaith-ghníomh go buain-sheasmhach do
thúr ghlóire nimhe dhó féin - ag so mar adeir, non tibi displiceat
paupertas: vis scire quid valet? coelum emit; ita Christus in
stabulo natus est, et semper vixit in paupertate “ná bíodh míodhúil
agat san bhochtacht. An áil leat a fhios d'fhagháil créad is fiú
í? Ceannuighthear lé neamh. Uime sin san stábla rugadh Críost, agus
tug a bheatha do shíor as i mbochtacht.” Is ar aní so labhras
Dáibhídh san .61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant nolite
cor apponere “dá lingid na saidhbhris oraibh, ná cuiridh bhar gcroidhe
ionnta.” Dá chor i gcéill, an dream ré n-éirgheann acfuinn
ionnmhusa nó saidhbhreas saoghalta, nach dleaghair dhóibh iomad cúraim
do bheith 'na dtimcheall aca, acht a mheas nach bí acht reachtas nó
stíobhardacht orra, agus dá réir sin a gcur agus a gcaitheamh ar an
modh bhus maith lé Dia, do réir a dtuigse féin, nó do réir mar
sheólfaid dronga eagnaidhe oile iad. Gonadh ag neartughadh lé fírinne
aneithe se atá aní léaghthar ag S. Augustin i seanmóir dh'áirithe,
mar a n-abair, haveat homo multas pecuniarum facultates, si in eis
non extollitur, pauper est; non habeat aliquid, sed cupiat, inter
divites reprobos eum reputet Dominus, quia divites et pauperes in corde
interrogat, non in arca “bíodh iomad acfuinne airgid ag neach, muna
ngabhaidh uaill as, is bocht é; ná bíodh éin-ní aige, acht bíodh a
mhian air, measaidh an Tighearna gurab ionchuir idir lucht an
tsaidhbhris diommolta é. Óir is iad lucht an tsaidhbhreasa nó na
bochtachta san chroidhe iarras, agus nocha n-iad an dream agá mbí
an conách san chiste aca.” As so is iontuigthe nach iad an dream agá
mbíd na sealbha saoghalta aca mheasas Dia do bheith saidhbhir, do
thaoibh na cionta nó na coire bhíos i ndiaidh an chonáich
shaoghalta


L. 310


do shealbhughadh dhóibh, acht fós, na boicht bhíos lán d'álghus
agus d'accobhar dona sealbhaibh saoghalta dá rochtain, tar ceann nach
tig dhíobh a ghreamughadh, acht amháin an fonn foiréigneach bhíos
orra réna bhfagháil.



An dara goin.



Léaghthar in Exodo, an tan do chongaibh inghean ríogh na hEthiopia
Moyses ré bheith 'na chéile aice féin, do-rinne sé dá íomháigh,
mar atá íomháigh dhíobh darbh ainm oblivio .i. dearmad, agus an dara
híomháigh darbh ainm memoria .i. meabhair. Tug an chéid-íomháigh
d'inghin ríogh na hEthiopia, agus an dara híomháigh dhó féin.
Do measadh iomorra gur mhac d'inghin ríogh na hÉigipte darbh ainm
Thalamut Maoise. Gidh eadh, gan amharas do budh mac mná Eabhraidhe
é. Go fáthach, is é Maoise an saidhbhir; agus is é rí na hEthiopia
rí an dorchadais .i. an saoghal; agus is í an inghean phósas ris an
saidhbhir an tsainnt. Agus mar do shaoil inghean ríogh na
hEthiopia gurbh í inghean Pharao máthair Mhaoise, agus nárbh í
acht bean Eabhraidheach, mar an gcéadna ní hé an sonas saoghalta
is máthair don tsaidhbhir, acht bochtacht agus amhgar agus amarrán, an
bhean Eabhraidheach. Gonadh uime sin adeir Iob san cheathramhadh
caibidil déag, homo natus de muliere, brevi vivens tempore, repletur
multis miseriis “iar mbeith don mhac arna bhreith ó mnaoi, agus ré
marthain ré ghearr dhó, líontar d'iomad d'amhgaraibh é.” As so
is iontuigthe, tar ceann go saoileann an toicceach ré fhada, sonas,
socracht agus sáimhrighe d'fhagháil dó féin, gurab meinic gurab
duadh agus doghraing, amhgar amarrán agus anfhochain theagmhas dó. Is
eadh chialluighid an dá íomháigh úd: an chéid-íomháigh, an dearmad,
do-bheir inghean ríogh na hEthiopia .i. an tsainnt, i gcommaoinibh
Dé orainn, agus i mbochtacht Chríost, dá dtig go meinic an
Críostaidhe do leanmhain do mhnaoi choigcríche mar atá an tsainnt,
lé gcongbhaighthear go meinic é i gcoigcrích na coire, i n-imchian
óna thalamh díleas féin, flaitheas Dé. Agus uime sin is cneasta do
gach aon aithris do dhéanamh ar Mhaoise, maille ré coimhéad an dara
híomháighe úd, dá ngoirthear an


L. 311


mheabhair, ré bhféadfaidh an Críostaidhe bheith cuimhneach
ar chomaoinibh agus ar dhearlaicibh Dé, agus ar bhochtacht Chríost,
agus ar réim a bheatha, ó's é is treóraighe agus is eólach dhúinn i
slighe na haithrighe go neamh.



An treas goin.



Tabhair dot aire, a dhuine, nach diommolann Dia na saidhbhris, acht
an dúil shanntach bhíos ag an duine réna sealbhughadh; amhail adeir
Dáibhídh Rí san .61. Salm, mar a n-abair, divitiae si affluant,
nolite cor apponere “dá lingid na saidhbhris oraibh ná cuiridh bhar
gcroidhe ionnta.” Gonadh uime sin adeir S. Augustine ag teacht leis
aní gcéadna na briathra so, non damnat divitias unde mereamur coelum,
sed cor appositum, quod non expedit “ní dhamnuigheann Dia na
saidhbhris, lé gceannchar linn neamh, acht damnuighidh an croidhe
chuirthear ionnta, mar nach oircheas,” acht chumhduigheas iad. Dá
chor i gcéill nach san saidhbhreas bhíos an locht, acht i gcroidhe
an tí do-ní aindíol éigcneasta dhe. Óir dá raibhe saidhbhreas ag
neach, agus go gcreanfadh ré déirc, ré daonnacht agus ré hoineach do
dhéanamh ar dhílleachtaibh agus ar dheibhléanaibh Dé é, atá somholta
go mór. Gidh eadh, an tí chuireas cruinniughadh agus connlughadh air,
agá chumhdach go ham a chuirthe i soileas leith-leasach dhó féin,
agus gan an stíobhardacht chóir do dhéanamh air do réir thoile Dé
do-bheir dhó é, atá indiommolta go mór. Agus an drong lé roinneann
Dia na saidhbhris shaoghalta, agus shaoileas gurab sealbh dhíleas
dóibh féin iad, agus dá réir sin nach cuireann i sochar do réir thoile
an Tighearna iad, acht do réir a dtoile féin, tiocfaidh lá an
chúntasa, mar a mbeanann Dia sorthan díobh in gach sochar dá dtug
dhóibh, idir chéill, céadfaidh agus chonách saoghalta. Nó dá
saoileadh an saidhbhir go leamh gurab sealbh dhíleas dó é, ná éin-ní
dá bhfuil aige, atá sé meallta. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí
san .23. Salm, ag bréagnughadh an mheasta bhíos ag an saidhbhir
sanntach air féin, na briathra so, Domini est terra et plenitudo eius,
orbis terrarum et universi qui habitant in eo “is leis an dTighearna
an talamh agus a lucht, an chruinne


L. 312


thalmhanda agus na huile áitighid innte.” Mar sin nach fuil ag an
duine acht reachtas nó stíobhardacht do dhéanamh do Dhia, agus go
mbíd i n-áirithe cúntasa do thabhairt uatha do Thighearna nimhe, is
sealbhaidhe díleas ar gach ní dá mbí san chruinne.



An ceathramhadh goin.



Is cneasta an samhlughadh do-ní Anselmus naomhtha, thig leis aní se
san leabhar ro sgríobh dona Samhluighthibh, mar a n-abair gurab
cosmhail an duine ré muilleóir do ghlacfadh muileann ó thighearna, ar
choingheall go mbeith d'fhiachaibh air dlighe an mhuilinn do
thabhairt don tighearna, agus cíos cinnte do bheith dhó féin mar
chothughadh óna thighearna; agus go measfadh an tighearna go
bhfuighbheadh féin cruithneacht agus gach arbhar somholta oile ón
muilleóir, i ndlighe nó i ndualgus an mhuilinn, agus 'na dhíol sin
gurab eadh do-bhéaradh an muilleóir uaidh, cáithleach, nó lóch, nó
neithe éadtarbhacha oile; agus arna fhionnachtain sin don tighearna go
gcuirfeadh an muilleóir dá cheangal agus dá chor i bpríosún, i
ndíol shochair an mhuilinn do chor amudha. Mar an gcéadna do-ní
Dia ris na daoinibh: do-bheir muileann .i. maoin shaoghalta dhóibh i
ngeall ar dhlighe do dhíol as, mar atáid boicht agus dílleachta agus
daoine éagcruaidhe agus gach drong oile bhíos i riachtanas do
chothughadh agus do bhiathadh lé déirc, lé daonnacht agus lé
hoineach. Gidh eadh, an dream do-bheir sin i bhfaill, agus do-ní
cruas agus connlacht agus cruinniughadh agus coimhéad ciste ar na
sealbhaibh saoghalta, agus chongbhas ó bhochtaibh agus ó
dheibhléanaibh Dé iad, agus nach tabhair do Dhia, i ndlighe an
mhuilinn, acht cáithleach cruais agus lóchán lochta agus loim-
cheisnimh, cuiridh Dia dá gceangal iad i n-am an éaga, agus mar
do-gheibh sochar an mhuilinn dá chor amudha leó, cuiridh dá
gceangal agus dá gcuibhriughadh, dá gcor i bpríosún pheannaideach
ifrinn dá bpianadh go síordhaidhe iad. Gidh eadh, bíodh a fhios agat,
a léaghthóir, nach éigean do gach aon-duine dubh-dhruim do chor ris
an saidhbhreas saoghalta, agus nach bí sé ar a gcumas, do réir na
cuinge chuirid orra, a thréigean go hiomlán. Óir an drong bhíos ré
cothughadh agus ré cathughadh, ar a mbí cúram saoghalta, ní fhéadaid
an maitheas


L. 313


saoghalta go hiomlán do thréigean, ar a mbí do chúram chloinne,
feadhmannach, agus gach foirne oile ó shoin amach orra. Ní hionann
agus an t-aos crábhaidh, darab cothughadh an crábhadh, agus agá mbí
d'fhiachaibh ar chách cothughadh do thabhairt dóibh dá chionn.
Agus is i bhfioghair na druinge úd bhíos ré cothughadh agus ré
cathughadh atá an fhioghair léaghthar san naomhadh caibidil déag in
Genesi, mar a n-innistear, iar dtréigean Sodoma do Lot, gur
chomhnaidh i gcathraigh bhig, darbh ainm Segor, i ngar do
Sodoma, do bhríogh nachar fhéad tré éiglidheacht dol i mullach an
tsléibhe dobhí roimhe. Mar an gcéadna, an drong bhíos ré cathughadh
agus ré cothughadh, nach féadaid dul i mullach na bochtachta, lé
bhféadfaidís gach éin-ní do thréigean, acht is éigean dóibh anmhain
i n-ucht an tsléibhe, ré déanamh a bhfeadhma dlighthigh féin do
Dhia. Agus is ag moladh an dá dhrong so atá aní léaghthar ag
Dáibhídh san .127. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an duing
se, nó ar gach aon fá leith dhíobh, labores manuum tuarum quia
manducabis, beatus es et bene tibi erit “do bhríogh go n-íosfaidh
tú saothar do lámh féin, budh beannuighthe thú, agus is maith raghas
duit.” Dá chor i gcéill gurab somholta staid bheatha an dá chinéal
daoine do luaidheamar, an tan chuirid go sochrach é. Gidh eadh, ní
hiad so atá indiommolta, acht an drong do-ní ceilt agus cruas,
coigilt agus cruinniughadh ar an saidhbhreas saoghalta, agus shaoileas
gurab sealbh dhíleas dóibh féin é, agus gan aca air do cheart acht
reachtas, lé riar gach druinge bhíos easbadhach; agus an tan chuirid
a gcroidhe go craosta i seilbh na saidhbhreas bhíos ré a roinn ar
dhaoinibh easbadhacha oile, agus chuireas i sochar leith-leasach
dhóibh féin iad. Óir bíd an drong go meinic taoibh riú do thuarastal
ó Dhia. Agus is i bhfioghair an tí chuireas a chroidhe sna
saidhbhreasaibh saoghalta, agus chuireas i sochar dhó féin go leith-
leasach iad, agus shaoileas mar aon ris sin bheith i gcuibhreann na
bhfíréan ar neamh, atá aní léaghthar ag Matha san .20. caibidil,
mar a n-abair Críost go fáthach na briathra so ris an tí do shaoil
tuilleamh agus tuarastal d'fhagháil do leath-chumaidh ar an gcuid
oile don mheithil, agus dobhí ag tormas agus ag ceasacht. Ag so
briathra Críost, amice, non facio tibi iniuriam, tolle quod


L. 314


tuum est, et vade “a chara, ní dhéinim éagcóir ort; tógaibh leat aní
is leat féin, agus imthigh.” Dá chor i gcéill, an dream ghabhas mar
thuarastal chuca loise agus toicce thalmhaidhe, agus agá mbí a
gcroidhe ionnta, an tan shaoilid miana fhlaithis nimhe d'fhagháil
dá éis, adeir Críost riú na tuarastail 'na raibhe a ndúil, mar atá an
saidhbhreas saoghalta, do bheith aca, agus gan tabhach a dtuarastail
do dhéanamh, do bhríogh nach raibhe rioth ná roinn aca acht ris an
saoghal, dá rabhadar do shíor ag déanamh fheadhma - acht muna
ndearntaoi leó aithrighe, agus dá réir sin a gcroidhe do tharraing
as an saidhbhreas do réir thoile agus mhiana Dé, agus a thréigean do
mhuin chroidhe.



An cúigeadh goin.



Agus is cosmhail an t-inneall dhleaghair don Chríostaidhe do chur
air féin, ré triall i raon bhaoghlach na beatha so, agus an t-inneall
chuireas an caiptín críonna ar a shluagh, ré triall i mbealach
bhaoghlach dhó, mar atá dá chórughadh do dhéanamh dhíobh, an céad-
chórughadh i dtosach agus an dara córughadh i ndeireadh; ionnus, dá
gcailltí córughadh dhíobh, go bhféadfadh an dara córughadh
cathughadh do dhéanamh. Go fáthach, is é an céad-chórughadh bríogha
spioratdha na hanma, agus na subháilce; an dara córughadh, an corp gona
chéadfadhaibh. Is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag
Matha san .26. caibidil, mar a n-abair Críost ré hucht na páise,
spiritus quidem promptus, caro autem infirma “atá an spioraid ollamh,
agus an cholann éiglidhe.” Dá chor i gcéill go mbí calmacht san
choguas ré cathughadh ris na dubháilcibh, agus go mbí an cholann
aibrisg éiglidhe. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar ag
Genesis san .32. caibidil. An tan dobhí Iacob ag teitheadh ré
Laban dá dhúthaigh féin, agus do chuir Esau a dhearbhráthair
luigheachán air, is eadh do-rinne Iacob, dá chórughadh do dhéanamh
dá bhuidhin. Gidh eadh, do chuir Rachel an bhanfhlaith sgiamhach
i gceannas feadhna na céad-bhuidhne, agus Lia, an bhean ghiom-
shúileach, i gceannas feadhna na buidhne déidheanaighe, agus mar sin
ní bhfuair Esau ann féin cur chuca. Mar an gcéadna go fáthach, is
é Laban an saoghal, Rachel grás Dé, Lia an toicce thalmhaidhe,
Iacob an duine, agus


L. 315


Esau an diabhal. Óir, mar mheasas Iacob .i. an duine, dealughadh
ris an saoghal, agus imirce na haithrighe do dhéanamh go neamh, is
eadh dhligheas, tosach na slighe do thabhairt ar thriall i raon na
haithrighe don anam, bhíos sgiamhach i ngrásaibh Dé agus i
subháilcibh; agus deireadh na slighe do thabhairt do Lia .i. don
cholainn gona céadfadhaibh, dhligheas lorgaireacht do dhéanamh ar an
anam gona subháilcibh. Agus mar sin an tan bhíos ceannas feadhna ag
an anam, bhíos i ngrásaibh Dé, agus bhíd na subháilce 'na mbuidhin
aige, agus leanas an cholann gona céadfadhaibh san rian chéadna é, ní
fhaghann Esau .i. an t-aidhbhirseóir, buaidhreadh do dhéanamh air,
do bhríogh go mbí congnamh speisialta Dé ag an duine ré triall san
turus sin. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Ambrosius naomhtha,
i n-eipistil d'áirithe, ag labhairt ris an tí chuireas an
t-inneall so air ré triall ar eachtra na haithrighe, Deus ipse,
omnium Rector ae Dominus, cum omni militia angelorum, certamen tuum
spectat, tibique conra diabolum dimicanti aeternitatis coronam parat,
“bí Dia féin, Stiúrthóir agus Tighearna na n-uile, mar aon ré huile
shochaidhe na n-aingeal, ag feitheamh do chathuighthe; agus ré
mbeith ag coimheasgar ris an diabhal duit, ollmhuighidh coróin na
síordhaidheachta dhuit.”



An seiseadh goin.



Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in
Genesi, mar ar fhaisnéis Ioseph do dháileamh Pharao go mbiadh
arna réidheachadh i gceann trí lá, as an bpríosún 'na raibhe, agus agá
chur 'na innmhe féin arís. Go fáthach, is é an dáileamh so Pharao
an peacthach bhíos i bpríosún an pheacaidh, agus na trí lá úd trí
cotcha na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-
ghníomh, lé gcuirthear neach 'na innmhe féin, mar atá i staid an
ionnracais arís, go triall ar neamh dhó. Agus is i bhfioghair na
dtrí rann so na haithrighe atá aní léaghthar san .24. caibidil don
dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a léaghthar go dtugadh a
rogha do Dháibhídh Rígh, pláigh trí lá d'fhulang, nó gorta agus
inghreim easgcarad seacht mbliadhna; agus rug do rogha pláigh thrí lá
d'fhulang. Go fáthach, is eadh


L. 316


chialluighid na trí lá úd, trí cotcha na haithrighe; is eadh
chialluigheas an ghorta úd, agus an inghreim easgcarad, gorta
ghrádha Dé, agus bheith i mbaoghal ag aimsighthibh na námhad, mar
atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann, feadh seacht mbliadhan,
mar atá feadh saoghail an duine, roinntear 'na sheacht míribh, amhail
adubhramair romhainn. Is iad na trí lá úd na haithrighe thuigthear a
briathraibh Mhaoise san chúigeadh caibidil in Exodo, mar a
n-abair, ibis viam trium dierum per desertum “rachaidh tú trés an
bhfásach uidhe thrí lá.” Dá chor i gcéill go bhfuil uidhe thrí
lá ré triall tré fhásach na haithrighe go Tír Tharrngaire an
fhlaithis neamhdha. Gonadh ag musgladh mheanman an aithrighigh ré
déanamh an turuis se atáid briathra S. Bearnard i seanmóir
dh'áirithe, mar a n-abair, fugite de medio Babylonis, et salvate
animas vestras. Convolate ad urbes refugii, ut possitis de peccatis
agere poenitentiam, et in praesenti obtinere gratiam, et in futuram
gloriam finaliter praestolari “teithidh a lár na Báibiolóine, agus
fóiridh bhar n-anmanna féin. Déanaidh coimheiteall go cathrachaibh
an tearmainn, ionnus go bhféadfadh sibh aithrighe do dhéanamh in
bhar bpeacaidhibh, ré greamughadh na ngrás san saoghal so, agus ré
sealbhughadh na glóire atá ré teacht go críochnuightheach.” Agus is i
bpearsain an tí chríochnuigheas an turus so atá aní léaghthar san
.24. caibidil in Ecclo., mar a n-abarthar, in civitate
sanctificata requievi “do chomhsanaidh mé san chathraigh naomhtha.”
Dá chor i gcéill, an dream chríochnuigheas an turus so, go mbíd go
síodhach suaimhneach i seilbh na glóire síordhaidhe i gcathraigh nimhe.
Atá fioghair ag Eóin san .21. caibidil in Apocal. ag teacht leis
aní se, mar a n-abair Eóin go bhfacaidh cathair cheathra slios,
agus trí doirse ar gach slios díobh. Go fáthach, is iad na ceathra
sleasa, cheathra haosa an duine; agus na trí doirse ar gach slios trí
cotcha na haithrighe bhíos ag an duine ré triall trés na trí rannaibh
úd na haithrighe go neamh. Gonadh dá chur so i gcéill atá an
fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .20. caibidil, mar a
nochtann gur chuir an t-athair muinntire drong dá mheithil do
bhuain na fíneamhna an chéad-uair don ló. Ionann sin ré a rádh agus
i n-aois mhacaoimh. Do chuir an dara drong an treas uair don ló.


L. 317


Ionann sin ré a rádh agus an drong bhíos i n-aois ógáin, chuireas
Dia do dhéanamh feadhma dhó féin san bhfíneamhain .i. i saothrughadh
na subháilceadh. An treas drong chuireas amach an seiseadh uair don
ló .i. sa meadhón laoi, an drong bhíos i meadhón a n-aoise .i. san
aois fheardha. Agus an ceathramhadh drong chuireas amach san naomhadh
uair, ar a thrí do chlog i ndiaidh mheadhóin laoi .i. na
seanóiridhe. Óir ní fhuil drong dona ceithre drongaibh se ag nach
bíd trí doirse, mar atá trí cotcha na haithrighe osluigthe rompa.
Gonadh uime sin atáid na briathra brostuightheacha so Ieronimus
naomhtha, ag míniughadh na mbriathar so ag Matha, poenitentiam agite
“déanaidh aithrighe.” Ag so mar adeir Ieronimus naomhtha,
amaritudinem radicis dulcedo pomi compensat, pericula maris spes lucri
delecat, dolorem medicinae spes salutis mitigat. Qui desiderat nucleum,
frangat nucem; poenitentiam agat, qui volt aeterno adherere bono;
frangat conia Christi narrare possunt, qui ad palmam indulgentiae
meruerunt pervenire “do-bheir milse an ubhaill cúitiughadh i searbhas
na préimhe. An dóigh bhíos ag neach as saidhbhreas d'fhagháil, tig
dhi gean do bheith ag neach ar ghuaisibh an mhara. An dóigh bhíos
ag neach as a shláinte, ceannsuighidh doilgheas an leighis. An tí agá
mbí mian don eitne, briseadh an chnú. Cibé rénar mian bheith táitte
ris an mhaith shíordhaidhe, déanadh aithrighe. An dream do thuill
pailm an mhaithmheachais, féadaid molta Dé d'innisin.” As na
briathraibh se S. Ierom is iontuigthe nach gan fháth gan adhbhar
fhéadas neach dol ar neamh, acht i ród ainsheasgair na haithrighe,
mar is follus as na samhluighthibh chuireas seisean síos. Agus ó's é
ród na haithrighe is inleanta ar neamh, ní foláir don duine
Chríostamhail duadh agus doghraing, ulc agus amarrán na haithrighe
d'fhulang, ré rochtain na cathrach neamhdha dhó.


L. 318


AN T-AONMHADH HALT AR FHICHID
'na gcuirthear síos gurab tré luas coimhleanga, reatha agus rionn-
luais, dhleaghair don Chríostaidhe triall i raon na haithrighe, agus
cionnus rithfeas, agus cia na neithe is indéanta dhó ré hucht na
coimhleanga, agus cia na neithe chuireas toirmeasg ar an rioth.



An chéad-ghoin.



Léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh
gusna Coirintibh, currite ut comprehendatis “rithidh i riocht go
ngreimeóchthaoi.” Dá chor i gcéill nach é gach éin-rioth fhóireas
ré greamughadh nimhe; do réir mar adeir Pól san chaibidil chéadna,
omnes quidem currunt, sed unus accipit bravium “rithid uile (ar sé),
gidh eadh, is aoin-fhear do-gheibh an geall.” Dá chor i gcéill,
tar ceann go mbíd na huile chreidmheacha ag coimhling ré flaitheas
Dé do ghreamughadh, nach faghann é acht an tí do-ní buain-sheasamh i
saothrughadh na subháilceadh amháin. Dá bhríogh sin, ní foláir do
neach a fhios do bheith aige go cinnte créad an t-inneall dleaghair
don Chríostaidhe do chur air féin ré déanamh choimhleanga i raon na
haithrighe, ré glóir nimhe do ghreamughadh mar gheall.



An dara goin.



Tabhair dot aire ar dtús go bhfuilid trí neithe do-bheir ar neach
rioth go maith .i. eagla, muinighin, agus grádh. Óir dá raibhe neach
ag gabháil tré bhealach bhaoghail, do-ní deithbhir ré triall,
d'eagla ladrann nó mheirleach do bhreith air dá mhilleadh san
slighe. An dara ní do-bheir ar neach rioth do dhéanamh san slighidh,
dá raibhe dóigh ag an tí ritheas, tuarastal mór d'fhagháil dá
chionn. An treas ní do-bheir air rioth go héasgaidh, an tan bhíos
grádh agus mian air, a charaid d'fhaigsin. Mar an gcéadna go
spioratdha, an dream agá mbí eagla a n-easgcarad ar an saoghal orra,
do-níd deithbhir ré triall ar neamh. Tuig gurab iad easgcáirde na
hanma adeirim annso;


L. 319


agus is ar na heasgcáirdibh se labhras Dáibhídh Rí mar a n-abair,
iniqui persecuti sunt me gratis “do-rinneadar na milltigh
tóraigheacht oram gan adhbhar.” Óir an tan bhíos an fíréan agá
bhuaidhreadh ag an saoghal, ag an gcolainn, nó agá n-oirnisibh, bí
lán do dheithbhir ré dealughadh riú, agus ré triall uatha ar neamh.



An dara ní chuireas d'fhiachaibh ar neach coimhling éasgaidh do
dhéanamh ré dol ar neamh, muinighin mhór as mhéad an tuarastail
ghealltar don aithrigheach ar neamh. Amhail léaghthar ag Dáibhídh
san .16. Salm, mar a n-abair, satiabor cum apparuerit gloria tua
“budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” Agus atá
Isaias ag teacht leis aní se sa 40 caibidil, mar a n-abair, ag
labhairt ar an druing se agá mbí súil ré neamh do shealbhughadh
dhóibh do shochar a subháilceadh, agus go dtig dhe sin bríogh agus
beódhacht, meisneach agus meanma do ghabháil dóibh, a los na
buaidheartha bhíos 'na gcionn, go ndéinid dá bhríogh sin deithbhir
ré triall i raon na subháilceadh i ród na haithrighe go neamh. Ag so
mar adeir, qui sperant in Domino, mutabunt fortitudinem, assument
pennas ut aquilae, volabunt, et non deficient “an dream chuireas a
ndóigh san Tighearna, do-ghéanaid malairt neirt, géabhaid ortha féin
eiteadha amhail iolar, do-ghéanaid eiteall, agus ní coirfidhear iad.”
As so is iontuigthe go sporthar na fíréin leis an dóigh bhíos aca a
geall mhór do bhreith, trés an gcoimhling do-níd go neamh.



An treas ní lé ngríostar neach ré déanamh luais, an fonn bhíos aige
ré faigsin a charad ar neamh. Gonadh 'na fhioghair so atá aní
léaghthar ag Eóin san .20. caibidil, mar a n-abair, currebant
ambo simul, sed praecucurrit Ioannes Petro “do ritheadar araon i
n-aoinfheacht, gidh eadh dobudh luaithe Eóin ioná Peadar.” Agus
is é dob fháth ris sin, do bhríogh gurbh annsa ré hEóin Críost
ioná ré Peadar. Uime sin, do bhríogh gurab é Eóin budh teó grádh
do Chríost, dobudh túsga gus an dtomba é ioná Peadar. Gonadh uime
sin adeir S. Bearnard na briathra so, qui ardentius amat, currit
velociter et pervenit citius “an tí is teó ghrádhuigheas, rithidh go
luath, agus tig ní


L. 320


sa luaithe gus an áit 'na mbí a thriall.” Mar an gcéadna dá gach
aon-duine ré triall san ród so na haithrighe, is é an tí is teó toil
do Dhia, agus is mó mian réna fhaigsin, is mó do-ní deithbhir agus
deithneas ré rochtain 'na láthair. Gidh eadh, fa-ríor, is contrárdha
dhó so an choimhling do-ní an ciontach i slighe na locht. Agus fós,
an ciontach is foiréignighe ré déanamh an uilc se, is é is luaithe ré
lorg Luicifeir do leanmhain go hifreann. Bíodh a fhiadhnaise sin
ar an meirdrigh do-ní cuairt mheinic i measg na meirdreach, agus ar
an bpótaire do-ní coinne ris na copánaibh san teach óla, agus ar an
sanntach téid ar an margadh do mhealladh a chomharsan, agus ar an
gcearrbhach do-ní cuinne ris na cártaidhibh; agus mar sin dá gach
druing oile pheacthach ó shoin amach. Gonadh orra labhras Dáibhídh
Rí mar a n-abair, veloces pedes eorum ad effundendum sanguinem “is
cos-luaith iad súd ré dortadh fola” .i. ré marbhadh na hanma, darab
suidheachán san chorp an fhuil. Gonadh 'na fhioghair so atá aní
léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear gur lean Giezi Naaman, fá
lobhar, ré fagháil ionnmhusa uaidh. Ag so briathra an Bhíobla:
cucurrit Giezi post Naaman, et accepit ab eo talenta argenti “do
rith Giezi i ndiaidh Naaman, agus do ghlac sé tailinnte airgid
uaidh.” Mar an gcéadna do-ní Giezi, an sanntach. Bí ar lorg
Naaman .i. an duine shaidhbhir ar a mbí lubhra na n-ainmhian, dá
dtig é go diommbalach do spealadh a mhaoine saoghalta ré hól, ré
himirt, agus ré meirdreachas, ag bréagadh a ionnmhusa uaidh. Agus
do-chíthear linn go meinic, ar aithris Giezi, mórán do lucht
chluana 'na rioth i ndiaidh Naaman an tsaidhbhir, agus go mór-
mhór na n-ógán, ar a mbí an lubhra so na n-ainmhian, go sloigid
a maoine agus a n-ionnmhusa saoghalta uile uatha.



An treas goin.



Atáid chúig neithe éigeantacha ré rioth do dhéanamh go maith. An
céid-ní dhiobh, é féin d'éadtromughadh ré hucht an reatha. Agus
is amhlaidh fhéadfas é féin d'éadtromughadh, ualach trom an
pheacaidh do chur dhe. Do bhríogh go n-abair


L. 321


Greaghóir naomhtha go mbí do thruime san pheacadh go dtairrngeann
duine i bpeacadh oile. Ag so mar adeir, peccatum nisi cito per
poenitentiam deleatur, suo pondere ad aliud trahit “muna sgriostar an
peacadh go luath leis an aithrighe, tairrngidh tréna thruime féin an
duine i bpeacadh oile.” Is ag luadh na truime sin atá Iob san .21.
caibidil, mar a n-abair, in puncto ad inferna descendunt “téid i
bpongc síos i n-ifreann.” Dá chor i gcéill go mbí do thruime
san pheacadh go mbeireann an peacthach ré prap na súl, nó ré
aithghearr aon-uaire, i n-aigian ifeirn. Gonadh uime sin adeir Pól
Apstal, ag cor an duine ar a choimhéad, na briathra so léaghthar san
dara caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, deponentes
omne pondus, et omne circumstans nos peccatum, curramus ad propositum
nobis certamen “iar gcur an uile ualaigh dhínn, agus uile
thimcheallughadh an pheacaidh, déantar rioth linn gus an gcathughadh
atá arna ordughadh dhúinn.” Agus is é ualach orduighthear dhúinn do
chor dhínn, mailís agus cealg agus bréig-riocht an pheacaidh; amhail
léaghthar ag Peadar san dara caibidil don chéid-Eip. Chanónta,
mar a n-abair, deponentes omnem malitiam, et omnem dolum, et
simulationem, et insidias, et omnes detractiones “iarna gcur dhínn
(ar sé) na huile mhailíse agus na huile cheilge, agus bhréig-
riocht agus luigheachán, agus an uile ith-iomráidh.” Dá chor i
gcéill gurab iad so an muirear millteach do-ní duine muirtill
míothapaidh; agus fós go dtig don mhailís an duine do bheith dall ó
dhoilbh-cheó an pheacaidh, do réir Sholaimh san dara caibidil, mar
a n-abair, excaecavit eos malitia eorum “do dhall a mailís féin
iad.” Agus an tí bhíos dall, ní feas dó cia an chonair 'na
dtriallann, d'easbaidh soluis. Óir adeir Eóin san dara caibidil
déag, qui ambulat in tenebris, nescit quo vadit “an tí shiobhlas san
dorchadas, ní feas dó cia an chonair 'na dtriallann, nó cá
dtriallann;” agus sin do theacht do throm an pheacaidh. Adeir
Solamh arís san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal ní thig
leis so, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque
constringitur “cuibhrighthear gach aon lé téadaibh a pheacaidh féin.”
Agus an tí bhíos dall, cuibhrighthe mar sin, ní fhéadann rioth do
dhéanamh i raon na haithrighe.


L. 322


An dara ní is éigeantach do neach ré rioth san ród chéadna, an tan
cuirthear crios agus ceangal linn orainn féin mar inneall ré triall san
choimhling úd. Gonadh ag teagasg an duine do thaoibh aneithe se atá
Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair, sint lumbi
vestri praecincti, et lucernae ardentes in manibus vestris “bídís bhar
bhfordhronna ceangailte, agus lóchrainn ar lasadh in bhar lámhaibh.”
Do réir Ghreaghóir, ag sgríobhadh ar an áit se, is eadh chialluigheas
na fordhronna do bheith ceangailte, an tan chuibhrighthear mian-
bhruith na colna lé geanmnaidheacht. Ag so mar adeir, lumbos nostros
praecingimus, cum carnis luxuriam per continentiam coarctamus “is ann
cheangailtear ar bhfordhronna linn, an tan fháisgthear linn barróg
ar mhian-bhruith na colna lé haontumha do dhéanamh.”



Agus is é so do-rinne Elias, an tan do chuir an crios leathair tar
a fhordronna, amhail léaghthar san cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh; agus is amhlaidh do-rinne Eóin Baiste, amhail
léaghthar ag Matha san treas caibidil. Is follus gurab usaide do
neach rioth do dhéanamh, a éadach do cheangal go cunnail 'na
thimcheall. Óir dá bhfágbhadh sgaoilte 'na dhiaidh é, do
theigéamhadh i laithigh, nó i ndris, nó i gcloich, nó i n-achrann
éigin oile é. Mar an gcéadna go fáthach, muna ndearna an duine a
mhiana féin do chonnlughadh lé crios caon-dúthrachta agus crábhaidh,
is eagail dó go dteigéamhaidh i laithigh na drúise, nó i ndriseógaibh
deilgneacha na saidhbhreas saoghalta, nó i gclochaibh slios-gharbha
na sainnte, nó i n-achrann urchóideach na n-olc oile ó shoin amach
é. Is ag cor na drúise i gcosmhaileas ris an laithigh atá aní
léaghthar ag Dáibhídh Rí mar a n-abair, eripe me de luto, ut non
infigar “tógabh mé as an laithigh, go nach saileóchaoi mé.” Is ag cor
an tsalchair bhíos i gcoir na drúise i gcéill atá Dia san dara
caibidil do Leabhar na hEólchaire mar a n-abair, ag labhairt ris an
drúiseach, quam vilis facta es nimis, iterans vias tuas, et maculata
est iniquitate tua “créad é a dhearóile ataoi, ag triall id raonaibh
féin, agus a shailche atá ót olcaibh féin.” Dá chor i gcéill go
ndéin láib na drúise duine lóduighthe leasg, ré triall i ród na
haithrighe. Agus is ag casaoid ar an lucht so go fáthach atá Peadar
san dara caibidil


L. 323


don dara Eip. Chanónta, mar a n-abair, sus lota in volutabro luti
“muc arna glanadh i n-únfairt laithighe.” Dá chor i gcéill, amhail
bhíos an mhuc salach ó bheith dá húnfairt féin i laithigh, gurab
mar sin bhíos an peacthach, ó bheith dá únfairt féin i gcoir na
drúise, ionnus go dtig do throm an tsalchair sin nach bí inreatha i
rian na haithrighe.



An dara ní thoirmeasgas an rioth céadna, luaithreadh na glóire
díomhaoine. Gonadh uime sin adeir Críost ag Matha san deachmhadh
caibidil, excutite pulverem de pedibus vestris “croithidh an
luaithreadh dá bhar gcosaibh.” Dá chor i gcéill, an tí thogras dol
san choimhling úd, go ndleaghair dhó luaithreadh na glóire
díomhaoine do sgrios do mhianaibh a mheanman, ar eagla go séidfeadh
an díomas fá rosgaibh a réasúin iad, agus go dtiocfadh dhe sin a
dhalladh go spioratdha, ionnus nár léir dhó an ród inleanta
d'aimsiughadh. Óir ciodh suarrach ar fhéachain an lot do-ní,
millidh go mór eachtra an aithrighigh. Gonadh uime sin adeir S.
Bearnard, ag labhairt ar an nglóir ndíomhaoin, leviter volat,
leviter penetrat, sed non leve vulnus infligit inanis gloria “is
éadtrom do-ní eitill, is éadtrom thollas, gidh eadh, ní héadtrom an
chréacht do-ní an ghlóir dhíomhaoin.” As so is iontuigthe go
ndleaghair don aithrigheach bheith ar a choimhéad ar an nglóir
ndíomhaoin, lé ndéantar othar don anam, agus lé gcuirthear dá réir
sin ó bheith ionaistir i slighe na haithrighe é.



An treas ní thoirmeasgas an choimhling se, driseóga na saidhbhreas
saoghalta. Óir an tí bhíos ag rioth tré dhriseógaibh, is gnáth
oilbhéim nó tuiseal dá leagadh, dá thoirmeasg ó rioth do dhéanamh.
Mar an gcéadna, an tí theagmhas i ndriseógaibh na saidhbhreas
saoghalta, teagmhaidh leagadh go meinic dhó, ionnus nach bí inreatha i
raon na haithrighe. Is córaide an samhlughadh so do dhéanamh, mar
adeir Críost féin san treas caibidil déag ag Matha, san bhfábhaill-
sgéal luaidhtear ann, aliud cecidit inter spinas “do thuit cuid
oile don tsíol idir na dreasaibh.” Ionann sin ré a rádh do réir
Chríost agus idir na saidhbhreasaibh. Agus atá Ieremias san
chaibidil chéadna ag luadh aneithe céadna, mar a n-abair ris na
daoinibh shaoileas


L. 324


síoladh na subháilceadh do dhéanamh, nolite serere super spinas “ná
déantar libh síol-chur idir na dreasaibh.” Dá chor i gcéill nach
slighe inleanta i raon na haithrighe lé síoladh na subháilceadh, triall
i gconair an chonáich shaoghalta.



An ceathramhadh ní thoirmeasgas rioth an aithrighigh, clocha dúra
díochoisgthe an chiontaigh, nach faomhann a leas do dhéanamh, agus
nach cuireann inneall reatha air féin i raon na haithrighe. Is i
bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san .5. caibidil ag
Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ar an ollmhughadh do-rinne Dia
ar a fhíneamhain féin corrigenda dominus plantavit vineam electam,
et sepivit eam, et elegit lapides ex ea “do phlanduigh an tighearna
fíneamhain toghtha, agus do chuir fál uimpe, agus do thogh sé na
clocha aiste.” Go fáthach, is é Dia nimhe an tighearna phlanduigheas
an fhíneamhain toghtha, mar atá cruinniughadh na bhfíréan; agus is é
fál chuireas 'na timcheall, buinne beannuighthe na ngrás bhíos dá
gcumhdach ó bheith 'gá bhfoghlughadh ag aimsighthibh il-
chleasacha an aidhbhirseóra, agus ag sáimh-chealgadh na saidhbhreas
saoghalta, agus ag cluanaireacht cheilg-mhian na colna. Agus is eadh
chialluighid na clocha úd chnuastar as an bhfíneamhain, na coirigh
chloch-aigeantacha bhíos go haindiúid amhnáireach ag leanmhain dá
lochtaibh féin, agus nach gabhann teagasg san mbioth greim dhíobh, ré
taisteall ná ré triall i raon na haithrighe, tré thruime chlochamhail
na coire bhíos 'na hualach ar an anam, do-ní líog láithreach dhíobh
lé gcomhnaidhid gan chorraighe i gcarcair na coire. Agus is móide
is indiommolta iad gurab dá ndeóin go droich-mhéin anaid ann, agus
nach é Dia is ciontach riú, agus gur fhoráil orra malairt chroidhe,
mar a n-abair san .36. caibidil ag Ezec., auferam vobis cor
lapideum et dabo vobis cor carneum “béaraidh mé uaibh an croidhe
clochdha, agus do-bhéar croidhe colnaidhe dhaoibh.” Dá chor i
gcéill nach é féin is ciontach ré croidhe dúr doi-theagaisg do bheith
ag an bpeacthach, agus go dtiobhradh croidhe colnaidhe dhóibh, ré
déanamh crábhaidh agus feadhma do Dhia, do bhríogh gurab é an croidhe
colnaidhe is maotha agus is sochma ré saothrughadh na subháilceadh,
agus dá réir sin ris an duine do dhéanamh ionaistir i raon na
haithrighe. Measaim gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir amhail
do-ghéanadh duine díbhfeargach,


L. 325


an tan do muirbhfidhe a charaid, oil i n-úir do dhéanamh, agus
leachtán cloch do dhéanamh ós a cionn; gurab mar sin do-ní an diabhal,
an tan mharbhthar an t-anam leis, oil i n-úir na hurchóide do
dhéanamh i n-anam an pheacthaigh, agus leachtán do dhéanamh dá
gach locht dá mbí ann, i gcuimhniughadh ar an éigin do-rinne Críost
ag buain anma an duine dhe i gcath-láthair bháis Chríost, an tan
do bhean sealbh na n-anam dhe, acht go gcoimhlíontaoi gach
ordughadh dar chuir síos i gcoimhlíonadh na sácramainteadh, agus ga
meirleachas pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh air. Agus go fáthach,
is é so mhaoidheas Dia ar na daoinibh san chaibidil réamhráitte, mar
a n-abair riú, anferam vobis cor lapideum, et reliqua “béar an
croidhe clochdha uaibh.” Dá chor i gcéill don tí rénar feirrde
éirghe a cumann an chealgaire úd, agus do-bheir ucht ar aithrighe do
dhéanamh, go sgriosann Dia an leachtán locht bhíos 'na chroidhe óna
choiribh, agus go bhfoirlíonann oil i n-úir na hurcóide bhíos
san anam, go ndéin rian réidh dhi, ó bheith 'na clár choimhréidh
chrábhaidh agus caondúthrachta dhi.



An cúigeadh ní thoirmeasgas an rioth, gainimh na leisge. Óir an tí
bhíos ag triall tré ród na gainmhe, ní fhéadann rioth do dhéanamh,
do bhríogh go mbíd a chosa ar uairibh 'gá slogadh san ghainimh,
agus seal oile 'gá srianadh siar uaidh. Go spioratdha, an tí bhíos
san leisge, bí láimh ré láib na locht. Amhail iomorra bhíos an
ghainimh láimh ré láib na mara, mar an gcéadna bhíos an leisge láimh
ré láib na locht oile. Agus amhail bhíd langach lobhair agus cuasa
san ghainimh, ré slogadh chos an tí bhíos ag triall innte, mar an
gcéadna bíd cuasa ceilge, agus langa lobhair locht san leisge, dá
dtig toirmeasg do chur ar rioth an aithrighigh bhíos ag triall go
neamh. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san dara caibidil
in Exodo, mar a léaghthar gur mharbh Maoise an t-Éigioptach,
agus gur fholuigh san ghainimh é. Mar an gcéadna don duine, an tan
mharbhas an t-Éigioptach .i. an t-anam, do-ní a fholach fá
ghainimh na leisge, ionnus nach bí corraighe as na coiribh air, acht
bheith adhnaicthe i n-urchóid, amhail dobhí an t-Éigioptach.



Tuig, a dhuine, gurab eadh dhligheas gach Críostaidhe do


L. 326


dhéanamh, na toirmisg se uile do chur ar ceal, mása maith leis rioth
go héasgaidh i rian na haithrighe go neamh. Gidh eadh, ní foláir do
neoch a fhios do bheith aige cia an ród díreach, agus cia an chonair
is cumaire, ré triall san choimhling se ar neamh. Do-bheir Ieremias
teagasg dhúinn do leith aneithe se, mar a n-abair, interrogate de
semitis antiquis, quae sit via bona, et ambulate in ea; et invenietis
refrigerium animabus vestris “iarraidh tuaraisg na sean-chosán, cia
an tslighe mhaith, agus siobhlaidh innte; agus do-ghéabhthaoi
ionnfhuaradh dar n-anmaibh féin.” Is é modh ar a bhféadfaim-ne
na sean-chosáin do leanmhain, agus imtheacht san slighidh chóir, dá
leanam lorg na mairtíreach, na gcoinfeasóireadh, na n-ógh, agus na
bhfíor-chráibhtheach, do choimhéad raon díreach na haithrighe go
neamh. Agus is í so an tslighe luaidheas Solamh, san cheathramhadh
caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, viam sapientiae
monstrabo tibi, ducam te per semitas aequitatis; quas cum ingressus
fueris, non arctabuntur gressus tui, et currens non habebis
offendiculum “taisbéanfaidh mé slighe na heagna dhuit (ar sé),
treóróchad tú i gcasánaibh an cheirt; ionnus, an tan roichfir ionnta,
nach cuirfidhear cumhgach ar do chéimibh, agus ar mbeith ag rioth
dhuit, nach fuighbhir ní do bheanfadh tuisleadh asat.” Is ionann an
tslighe se na heagna agus slighe na haithrighe. Óir cáit i bhfuil
eagna is mó ioná an aithrighe, dá dtig flaitheas Dé do ghreamughadh
do neoch? Agus is eadh chialluighid na casáin úd an cheirt, grádh Dé
agus na comharsan, dhleaghair don aithrigheach do bheith ar bun do
shíor aige. Agus do bhríogh, an tí bhíos ar eachtra, go ndéin
deithbhir ré triall go teach ósda mhaith bhíos roimhe, mar an
gcéadna dhligheas an tí bhíos ar eachtra na haithrighe deithbhir do
dhéanamh, agus bheith ag coimhling ré rochtain na seilbhe síordhaidhe
úd na glóire, mar a mbí an uile mhaith shoimhianuighthe. Gonadh ag
teagasg an duine do leith aneithe se atá aní léaghthar ag Pól, ag
brostughadh cháich san turus so, amhail léaghthar san cheathramhadh
caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, festinemus ingredi in
illam requiem “déanam deithbhir ré dol isteach san chumhsanadh úd.”


L. 327


An ceathramhadh goin.



Atáid chúig adhbhair fá ndleaghair do dhuine deithbhir do dhéanamh
i raon na haithrighe. An céad-adhbhar dhíobh, trés an luas atá sna
meirleachaibh atá ar tí a bhaoghluighthe, mar atá an diabhal, an
saoghal, agus an cholann; do réir mar adeir Ieremias san
cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a luaidheann an
luas atá i náimhdibh na hanma. Ag so mar adeir: velociores sunt
inimici mei aquilis caeli “is luaithe mo náimhde ionáid iolair an
aieóir.” Dá réir sin nach foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré
triall i raon na haithrighe, ag coimhling ris na cealgairibh úd,
d'eagla a chuirthe fá ghreim dhóibh. An dara fáth deithbhire atá
ag an duine, fad na slighe. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar
san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
mar a labhrann an t-aingeal ré hElias, fá haithghein don
aithrigheach, agá rádh, surge et comede, restat adhuc tibi grandis
via “éirigh agus ith, atá raon fada romhat.” Mar an gcéadna go
fáthach adeirthear ris an aithrigheach, ré triall go neamh dhó. An
treas fáth deithbhire atá ag an aithrigheach, giorra ré na beatha ré
triall aige, do réir mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag,
breves dies hominis sunt “is gearr laithe an duine.” Dá chor i
gcéill nach foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré triall san
turus úd na haithrighe, ar ghiorra na ré bhíos aige. An ceathramhadh
fáth deithbhire, mór-luaigheacht an ghill bhíos aige ré a
ghreamughadh a los na coimhleanga. Gonadh ag cor aneithe se i gcéill
atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil
gusna Coirintibh, mar a n-abair, omnis qui in agone contendit ab
omnibus se abstinet, ut corruptibilem coronam accipiat; nos autem
incorruptam “an uile dhuine bhíos i n-éigean ag gleic, congbhaidh
é féin ó gach éin-ní, go nglacfadh coróin shothruaillithe; sinne
cheana coróin dothruaillithe.” Dá chor i gcéill, mar go bhfaghaid
daoine mórán duaidh agus doghrainge ag saothrughadh agus ag soláthar na
séad sothruaillithe saoghalta, is mó sa chách dhleaghair don
aithrigheach duadh agus doghraing do chur air féin, ré greamughadh na
coróine síordhaidhe úd na glóire, agus dá réir sin go ndleaghair dhó
deithbhir


L. 328


do dhéanamh san choimhling réna greamughadh. An cúigeadh fáth
deithbhire, do bhríogh go mbí Críost gona ainglibh agus go naomhaibh
nimhe ag fuireach rinn go lúth-gháireach, ionnus ónar ndol ar neamh
gomadh móide glóir na naomh oile é, agus gomadh luathaide do-ghéantaoi
foirleathnughadh agus foirlíonadh ar an luing-bhriseadh tarla i
bhflaitheas Dé é. Gonadh uime sin adeir Bearnard naomhtha na
briathra so, curramus non pedibus corporis, sed affectionibus et
suspiriis “déanam rioth, ní lé cosaibh cuirp, acht lé dúthrachtaibh
agus lé hiachtaigh.” Dá chor i gcéill go ndleaghair don
aithrigheach fonn frithir foiréigneach, agus álghus agus accobhar
anbháil do bheith air, ré triall san turus soin, nach léigfeadh dhó
sgíoth go rochtain an chuspóra agus an chinn sgríbe atá roimhe, mar
atá an ghlóir shíordhaidhe, is ceann coimhleanga agus is geall dó.
Agus is agá fhoráileamh ar an duine gan sgíoth ná comhnaidhe do
dhéanamh san turus so atá Críost san .24. caibidil ag Matha, mar a
n-abair, qui perseveraverit usque in finem hic salbus erit “an tí
do-ghéana buain-sheasamh, ag so an tí shláineóchar.” Dá chor i
gcéill nárbh fhoráil don aithrigheach san choimhling se gnáith-
thriall do dhéanamh, agus gan cromadh ar ní dá mbiadh san raon roimhe.
Óir dobudh éigcríonna don tí dobhiadh ag coimhling, agus do chromfadh
ag tógbháil snáthaide nó seóide suarraighe oile, agus a theacht de sin
é do chailleamh an ghill. Óir ní lór lé Pól a rádh ris an
aithrigheach rioth do dhéanamh, acht is eadh adeir ris na daoinibh,
currite ut comprehendatis “rithidh i gcruth go ngreamóchthaoi,”
amhail adubhramar thuas. Agus is ag cor an duine ar a choimhéad ar
aní se atá briathra Chríost san suibhisgéal, mar a n-abair, quid
prodest homini si universum mundum lucretur, animae vero suae
detrimentum patiatur “créad an sochar don duine dá ngreamuighidh an
domhan uile, agus aimhleas a anma féin do dhéanamh?” Dá chor i
gcéill gurab éadtarbhach do neach chromas ar mhaoinibh saoghalta do
chnuasach agus do chruinniughadh, agus do-bheir dá bhríogh sin
faill san choimhling úd.



Is iad an dream iomorra is gnáth d'fhagháil tuislidh san gcoimhling
se lucht an díomusa, do bhríogh go mbí an díomas nó an t-uabhar 'na
chnocaibh arda atmhara, ag folach an riain


L. 329


réidh. Gidh eadh, an dream choimhéadas an umhla, bí an ród réidh
rompa. Gonadh dá chor i gcéill adeir S. Augustin na briathra so,
humilitas casum nescit, quia in imo est “nocha mbí fios tuislidh ag
an umhla, do bhríogh gurab san bhfán bhíos.” Dá chor i gcéill,
an mhuinntear thriallas i bhfán íseal na humhla go neamh, go
dtriallaid gan tuisleadh innte. Ní hionann agus lucht an díomusa,
thriallas i gcnocaibh atmhara an uabhair agus i slighthibh fraochdha
na feirge, agus i mbeilghibh coillteamhla an chonáich shaoghalta,
agus i langach lobhair na leisge, agus i gcairrgibh cuasamhla an
chraois, agus i móintibh doimhne do-imtheachta na drúise, agus mar
sin dá gach saobh-chonair oile ó shin amach.



An cúigeadh goin.



Gidhbé thoigeóras dol ar marcaigheacht go neamh, mar atá é féin do
chur i gcuing riaghalta, agus a anam do chur ar muin anma a
phréaláide, ní foláir dhó togha do dhéanamh ar an each, d'eagla,
dá mbeith an t-each sgáthmhar, nó dá mbeith tuisleadh nó taoibh-
righne innte, go bhfuighbheadh féin leagadh dhi, nó ná roichfeadh
ris ceann na sgríbe do rochtain 'na rioth. Óir dá raibhe an phréaláid
sgáthmhar neimhsheasmhach 'na chuing, nó dá raibhe taoibh-righin i
saothrughadh na subháilceadh, nó tuisleadh d'fhagháil i
míghníomhaibh nó i n-ainmhianaibh oile, is eagail don tuata nó dhon
chléireach chuireas a mhuinighin ann, agus do-ní eisiompláir dhe,
gurab tuar tuislidh dhó féin greamughadh dhe.



Is amhlaidh atá an ghlóir shíordhaidhe agá foráileamh orainn ag Dia,
amhail bhíos buachaill an táibhirne ag fógra an fhíona maith bhíos
'na shoiléar, agus agá fhoráileamh ar gach aon, go rithid cách dá gach
éin-leith chuige do fhromhadh an fhíona. Gonadh san chruth chéadna
atá Dáibhídh Rí san ochtmhadh Salm déag ag reic agus ag faisnéis na
milse úd atá i bhfíon na beatha .i. i bhfleidh nimhe, mar a
n-abair, desiderabilia super aurum et lapidem pretiosum, et
dulciora super mel et favam “atáid soimhianuighthe tar ór agus tar
chlochaibh uaisle, agus is milse iad ioná mil agus cíor mheala.” Dá
chor i gcéill, mar go rithid daoine dá gach aoin-leith do fhromhadh
an fhíona úd mholtar lé buachaill


L. 330


an táibhirne, gur mó sa chách dhleaghair dona daoinibh rioth
d'fhios an fhíona soimhilis úd na glóire síordhaidhe. Gonadh uime
sin adeir Solamh san chaibidil déidheanaigh do Leabhar na Seanfhocal
na briathra so, procul et de ultimis finibus pretium eius “is imchian
agus ó chríochaibh imill na cruinne a luach súd.” Dá chor i gcéill
gurab fada do dhlighfeadh neach dul, agus nach fuil duadh ná doghraing
dá mhéad nach dlighfeadh d'fhulang, do shúil réna fhagháil. Óir
atá do mhaith air, tar na fíontaibh oile, nach cailleann duine a
oighreacht ná a innmhe shaoghalta leis, acht go nglacann oighreacht
agus innmhe dá thoisg. Ní feanntar duine leis an bhfíon spioratdha
úd agus ní fornochtar, agus fós do-gheibh tlacht taitneamhach glórmhar
tré bheith dá ól. Gidh eadh, an dream théid isteach d'ól fhíona
an tsaoghail, foghthar agus feanntar iad go meinic, agus ní headh
amháin go corpardha fheanntar iad, acht go spioratdha. Gonadh 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar ag Lúcás san deachmhadh caibidil mar
a n-abair, ag labhairt san bhfábhaill-sgéal luaidheas ar an tí
dobhí ag triall ó Ierusalem go Ierico, mar a n-abair,
spoliaverunt eum vestibus “do bheanadar a éadach dhe.” Dá chor i
gcéill gur feannadh leis na meirleachaibh dobhí ar an raon roimhe é.
Do réir a ndubhramar is cneasta don aithrigheach coimhling do dhéanamh
ré greamughadh an fhíona sobhlasta úd na glóire síordhaidhe.



An seiseadh goin.



Tabhair dot aire, a léaghthóir, nach dleaghair don tí bhíos ag
coimhling rioth i n-aghaidh na gaoithe. Ar dtús ní dlighthear dhó
rioth i n-aghaidh na gaoithe anoir. Ionann sin ré a rádh agus nach
dleaghair dhó aghaidh do thabhairt ar an bhfolaidheacht ór fhás
féin, d'eagla go bhfásfadh bogás agus bladhmann, macnas agus
mómhaireacht aiste é, do chuirfeadh toirmeasg air ó rioth na
coimhleanga úd, do bhríogh nach urusa do neoch rioth i ród na
humhlachta, an tan bhíos ag maoidheamh a uaisleachta agus a
fholaidheachta féin. Ní dleaghair dhó rioth i n-aghaidh na gaoithe
aniar, d'eagla go mbeith sonn-ghaoth na sainnte ag séideadh 'na
choinne. Ní dleaghair dhó rioth i gcoinne na gaoithe adtuaidh,
d'eagla go mbiadh easgal oighreata nó gaoth ghoith-neimhneach


L. 331


na glóire díomhaoine ag séideadh 'na aghaidh. Agus fós, bí an ghaoth
adtuaidh seasg aimrid éadtoirtheach, agus mar sin budh eagail don
aithrigheach go mbiadh a choimhling féin éadtoirtheach, tré aghaidh
nó tré aire do thabhairt don ghlóir dhíomhaoin. Ní dleaghair dhó
fós rioth i n-aghaidh na gaoithe andeas, do bhríogh go mbí
bruithneadh innte, dá dtig an reathaidhe do bheith aillseach
sochortha, agus is í sin an drúis. Ní dleaghair dhó fós rioth i
ndorchadas na hoidhche, agus mar sin ní dleaghair dhó rioth i
n-oidhche an iomthnútha. Óir is ionann invidus agus non videns,
.i. duine nach faiceann, lé hoidhche an iomthnútha agus lé
hurrdhubhadh urchóideach an fhormaid, a leas féin ná leas cáich, ná
cá rian 'na rithfidh.



Ní foláir fós don tí bhíos ag coimhling gan codladh do ghabháil
ghreama dhe; agus fós, slighe thirim ghlan d'aimsiughadh, agus na
róid shalcha 'na mbí láib agus lathach do sheachnadh. Is é ní dá
dtig na róid do bheith tirim, ga gréine na ngrás do bheith ag
taitneamh ar orlár ionnracais an aithrighigh. Agus is é do-ní an
tslighe fliuch salach, fearthain an pheacaidh thig a néall náimhdidhe
na coire, lé bhfolchar grian na ngras ar orlár anma an pheacthaigh.
Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá Dáibhídh san deachmhadh Salm,
mar a bhfoillsigheann go mbíd slighthe na bpeacthach salach do-
imtheachta do shíor. Ag so mar adeir, ag labhairt ar an bpeacthach,
agus go háirithe ar an tí bhíos salach i bpeacadh na drúise,
inquinatae sunt viae illius in omni tempore “atáid a shlighthe súd
salach gach éan-am.” Óir an bealach nó an ród lán 'na mbí triall
agus aithighe iomad bó nó capall, bíd lán do rocaibh agus do logaibh,
lán do mhuirt agus do mhúilleach, do-ní an tslighe do-imtheachta
don tí bhíos ag triall. Mar an gcéadna don pheacthach agá mbí
aithighe na ndeamhan ó aonta do thabhairt dona holcaibh, bí an raon
dochraidh do-imtheachta agá anmain, ionnus gur meinic do-gheibh
leagadh 'na lochtaibh, ionnus go lingid aimsighthe an aidhbhirseóra air,
agus go gcuibhrighthear leó é, ionnus dá bhíthin sin nach bí cur ná
cumas aige ar aistear do dhéanamh i rian na haithrighe go neamh. Gidh
eadh, ní hé an ród do-imtheachta so, nach conair chóir go neamh, do
ghabh Dáibhídh Rí, an tan do thogair coimhling do dhéanamh go


L. 332


neamh, acht an raon díreach athghairid, mar atá ré aitheantaibh Dé do
choimhlíonadh. Gonadh uime sin adeir sé féin sa .118. Salm, viam
mandatorum tuorum cucurri “do ritheas (ar sé, ag labhairt ré Dia) i
slighidh t'aithneadh.” Dá chor i gcéill go dtarla sé féin ar an
gcasán gcóir ré rioth go neamh, an tan tarla ar shlighe choimhlíonta
na n-aithneadh é. Agus cibé thoigeóras rochtain ar neamh, amhail
do-rinne Dáibhídh, is é an casán céadna ar a lorg is inleanta dhó.
Óir ní fhuil ród is réidhe, ná conair is coitchinne, ná casán is
cinnte, ná slighe is socra dhó, ioná rioth tré choimhlíonadh na
ndeich n-aithneadh go neamh. Uime sin, a Chríostaidhe chaon-
dúthrachtaigh, triall ar lorg Dháibhídh Ríogh ar slighe choimhlíonta
na n-aithneadh, agus dá ndeachair, ní heagail duit dol amudha; agus
cibé adéaradh gurab tré chalmacht dhleaghair neamh do ghabháil, agus
nach tré theitheadh - agus gurab teitheadh do-níd na fíréin agus na
fíor-chráibhthigh ó aoibhneas agus ó antlás agus ó réim aimseardha na
beatha so - bíodh a fhios aige gurab fearr teitheadh maith ioná
droich-sheasamh, agus nach fuil gléas buadha do bhreith ar na
heasgcáirdibh atá ar an saoghal so againn, ioná teitheadh rompa.
Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí ris an druing ar a mbíd airm
dhiobhraicthe an aidhbhirseóra agá n-inneall orra a crann-taibhlibh
cealg, agus soighde na sainnte a bogha na beatha so, agus gáinnidhe an
ghráidh cholnaidhe ón cholainn, san .59. Salm, fugiant a facie
arcus “déantar teitheadh leó ó bheith ar aghaidh an bhogha.” Dá
chor i gcéill go ndleaghair dona daoinibh teitheadh rés na
haimsighthibh do luaidheamar agus rioth óna guaisibh sin dá dteach
tearmainn féin .i. go neamh. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san naomhadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
mar do theith Dáibhídh ré Saul, an tan dobhí ar tí sleighe do
chur thríd dá mharbhadh, gur fóireadh mar sin é. Agus mar an
gcéadna léaghthar san .32. caibidil in Genesi an tan do shanntuigh
bean Putifar an t-ard-athair Ioseph do choimhéigniughadh ré
mí-ghníomh do dhéanamh ria, gur theith roimpe. Agus atá Ieremias
san .48. caibidil ag teagasg aneithe céadna do Chloinn Israel, mar
a n-abair, fugite et salvate animas vestras “teithidh agus fóiridh
bhar n-anmanna féin.” Dá chor i gcéill, an tan teagmhas an


L. 333


duine, ag dol ar aghaidh, i n-éan-raon do sheacht raonaibh na
bpeacadh marbhtha, gurab eadh dhligheas, tilleadh tar a ais, agus a
sheachnadh; agus nach fuil éin-tslighe aige ré triall go hinnill
agus ré buaidh do bhreith, acht raon na haithrighe. Gonadh uime sin
adeir Dia san .28. caibidil in Deuter., per unam viam ingrediaris
contra hostes tuos, et per septem fugias, et per septem dispergaris
“gabh i n-éan-raon amháin i gcoinne th'easgcarad, agus teithfidh
tú agus biaidh briseadh ort i seacht ródaibh.” Dá chor i gcéill nach
fuil éan-ród oile innill againn acht ród na haithrighe, 'na
ndleaghair dhúinn dol ar coimhling don teach tearmainn úd nimhe dar
ndídean féin. Agus an drong dhínn chuireas rompa ucht do thabhairt
ar cheachtar dona seacht mbeilghibh úd .i. na seacht bpeacaidh
mharbhtha, do-bheirid náimhde na hanma dearg-ár orra.



Atá ní oile is iontugtha dhúinn dar n-aire, iar gcríochnughadh na
coimhleanga úd, nach féadaid dream ar bioth dhul isteach i
bhflaitheas nimhe, acht lucht éigne do dhéanamh, agus do-ní
sárughadh agá ghabháil. Do réir mar adeir Matha san aonmhadh
caibidil déag, regnum caelorum vim patitur, et violenti rapiunt illud
“do-níthear éigean ar fhlaitheas nimhe, agus is lucht éigne
fhuaduigheas í.” Dá chor i gcéill gurab sluagh soighníomh
dhleaghair don aithrigheach do chur i bhforbhais nó i
bhfoslongphort ré hucht flaithis nimhe do bhuain amach, agus iad
armtha lé hiol-fhaobhraibh na haithrighe.



Ní foláir fós dóibh dréimire seacht rongadh do bheith aca, ré múir-
lingeadh ar neamh. Is é so go fáthach an dréimire do-chonnairc an
t-ard-athair Iacob, amhail léaghthar san .28. caibidil in
Genesi, mar a bhfacaidh na haingil ag dol suas agus anuas i
gcéimibh an dréimire, agus mar a bhfacaidh druim Dé ris. Dá chor i
gcéill, an dream shuidheas ré foslongphort fíréantachta, ré hucht
nimhe do ghabháil, go mbíd aingil ag teacht lé tiodhlacadh do
nimh chuca, agus ag triall tar a n-ais, ré faisnéis gach feadhma
fíréanda dá ndéinid na haithrighigh do Dhia. Agus is eadh
chialluigheas druim Dé d'fhaigsin don ard-athair, mar chuireas
Dia roimhe dá dheóin sealbh an fhlaitheasa neamhdha do thabhairt
dona fíréanchaibh, tré chródhacht agus


L. 334


tré chalmacht a ngníomh. Is éigean seacht ronga do bheith san
dréimire bhíos ré múir-lingeadh do dhéanamh ar neamh, agus is é ainm
an dréimire obedientia .i. óigh-réir nó fomós iomlán do Dhia lé
mbeantar neamh ar éigin amach. Is iad dá leath-dhlaoi an dréimire se
bochtacht toileamhail agus aontumha ó olcaibh. Agus atáid seacht ronga
san dréimire se: an céad-ronga dhíobh, óigh-réir thoileamhail.
Gonadh uime sin atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil déag don
chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, melior est obedientia quam
victimae “is fearr óigh-réir ionáid iodhbarta.” Dá chor i gcéill
gurab tarbhaighe don duine toil do bheith aige ré hóigh-réir Dé do
dhéanamh ionáid iodhbarta do dhéanamh agus gan a thoil do bheith
leó. An dara ronga, slim-ghialladh do Dhia, gan eacht gan coingheall
do chur ann. Gonadh ar an tí thriallas san riocht so ar Dhia
labhras Dia ag Dáibhídh san Salm, mar a n-abair, in auditu auris
obedivit mihi “i n-éisteacht cluaise do ghiall damh.” Dá chor i
gcéill, an dream nach cuireann eacht ná coingheall i dtoil Dé do
choimhlíonadh, go mbíd ar an dara ronga so don dréimire. An treas
ronga, fomós suilbhir, do réir mar adeir Pól san naomhadh caibidil
don dara Eipistil gusna Coirintibh, hilarem enim datorem diligit Deus
“do-bheir Dia grádh don tí dháileas go suilbhir.” Dá chor i gcéill,
an dream do-bheir go suilbhir óigh-réir do Dhia, go mbí cos san
dréimire úd aca. An ceathramhadh ronga, éasgaidheacht fhomóis; do réir
mar adeir Lúcás san naomhadh caibidil déag, ag aithris briathra
Chríost, Zachaee, festinans descende “a Shacceus, déana deithbhir,
tar anuas.” Dá chor i gcéill, lucht an tsaidhbhreasa thréigeas é,
agus téid i gcrann chrábhaidh ré toghairm Chríost ar cuireadh, agus
bhíos ollamh ré reachtas do dhéanamh ar a maoin shaoghalta ar a
thoil, agá roinn ar dhílleachtaibh agus ar bhochtaibh, go mbí cos
san dréimire se aca. An cúigeadh ronga, fearamhlacht fhomóis. Gonadh
ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Pól san dara
caibidil go Philipp., mar a gcuireann i gcéill fearamhlacht an
fhomóis dobhí ag Críost dá Athair, mar gur fhuiling bás ar thoil a
Athar. Ag so briathra Phóil ag reic aneithe se: factus obediens
usque ad mortem “dobhí sé óigh-réireach gus an mbás.” Dá chor i
gcéill go raibhe Críost coimh-fearamhail


L. 335


sin ré fomós do thabhairt dá Athar, gur fhuiling bás ar thoil an
Athar. Mar an gcéadna an dream bhíos fearamhail ré fulang gach
feadhma agus ré hiomchor gach anfhochaine, mar cheannach ar
fhlaitheas Dé do ghreamughadh, go mbí cos san dréimire se aca. An
seiseadh ronga, umhlacht fhomóis. Gonadh uime sin adeir Lúcás san
seachtmhadh caibidil déag, cum feceritis omnia que praecepta sunt
vobis, dicite: servi inutiles sumus “an tan do-ghéantar libh an uile
ní atá arna fhógra dhaoibh, abraidh: óglaoigh éadtarbhacha sinn.” Dá
chor i gcéill, cibé thoigeóras cos do chur san dréimire se, nach
foláir dhó bheith umhal amhairseach air féin, agus a mheas nach déin
acht aní is lugha ioná mar bhíos d'fhiachaibh air. An seachtmhadh
ronga neamhchoirtheacht fhomóis. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag
Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh,
currite ut comprehendatis “rithidh i gcruth go ngreimeóchadh sibh.”
Dá chor i gcéill nach lór do dhuine rioth i gconair an chrábháidh,
acht nach foláir dhó bheith neamhthuirseach buan ré rochtain a chinn
sgríbe, agus go breith an ghill dó.



An seachtmhadh goin.



Ag so an rioth arna chríochnughadh ag an duine. Gidh eadh, ní foláir
do neoch a fhios do bheith aige créad an sochar atá san saothar so
fhoráiltear ar an aithrigheach do chur air féin, ré buaidh do bhreith
ar a náimhdibh agus ré flaitheas Dé do bhuain ar éigean amach, mar
cheannach láimhe i ndíol an dúthrachta do-ní an duine fíréanda do
Dhia. Éist ré hEóin san dara caibidil in Apocal. mar a n-abair,
ag aithfhriotal bhriathar nDé, vincenti dabo manna absconditum, et
nomen novum “do-bhéar an plúr atá i bhfolach, agus gairm nua, don
tí bhéaras buaidh.” Dá chor i gcéill, an dream bhíos calma ag
cothughadh an chrábhaidh, go mbí a bhara fá Dhia an plúr atá i
bhfolach, mar atá an ghlóir shíordhaidhe nach léir dhúinn san
bheathaidh se, do thabhairt dóibh; agus fós gairm nua, mar atá rí do
dhéanamh ar neamh dhe, agus comhoighre do Chríost do dhéanamh dhe.
Is ag luadh aneithe se atá Dáibhídh Rí san seiseadh Salm déag, mar a
n-abair, satiabor cum apparuerit gloria tua “budh sásuighthe


L. 336


mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.” Dá chor i gcéill, gér
mhór a innmhe shaoghalta, agus go raibhe 'na rí rathmhar, nach biadh
a aigneadh sásuighthe go rochtain an phlúir úd atá i bhfolach, mar
atá glóire nimhe, dhó. Agus is ag labhairt ar an innmhe se go fáthach
atá Dia ag labhairt i mbéal an fháidh Isaias san .32. caibidil,
mar a n-abair, sedebit populus meus in pulchritudine pacis, in
tabernaculis fiduciae, in requie opulenta “suidhfid mo phobal i
mbreaghdhacht na síothchána, i dteaghdhaisibh muinighine, i
gcomhsanadh shaidhbhir.” Dá chor i gcéill, an tan roichfid a
phobal féin, mar atáid na fíréin, i nglóir nimhe, go mbeid i síoth
gheanamhail, i dteaghdhaisibh innile agus i suaimhneas
neimheasbadhach. As so is iontuigthe nach miste don fhíréan olc ná
anfhochain, duadh ná doilgheas, feidhm ná foiréigean dá bhfuileóngadh,
agus an tsáimhrighe sin na glóire síordhaidhe do bheith do shíor i
n-áirithe aige. Gonadh ag luadh aneithe se atá aní léaghthar ag
Basilius naomhtha, in Hexameron, mar a n-innistear go raibhe
Alexander Mór lá ag éisteacht ré hoirfideadh il-cheólach, agus go
bhfuair an uiread soin do ghean uirre go ndubhairt réna shluagh
cathughadh calma do dhéanamh, i ndóigh ré síoth, do bhríogh gurab i
n-aimsir an tsíodha is gnáth oirfideadh agus il-cheóla dá
dtathaighidh. Agus mar go ndubhairt Alexander so réna mhuinntir,
mar cheannach ar cheól shaoghalta do chlos, créad an chalmacht is
cóir don Chríostaidhe do dhéanamh, ré cathughadh réna náimhdibh, do
thuar síodha go síordhaidhe ar neamh, mar a bhfuighbhe oirfideadh na
n-aingeal? Is ag cor aneithe se is gcéill atá aní adeir Críost ag
Matha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, gaudete et exultate,
quoniam merces vestra copiosa in caelis “bíodh gáirdeachas oraibh,
agus déanaidh lúth-gháir, do bhríogh gur líonmhar bhar luaighidheacht
ar neamh.” Dá chor i gcéill go ndleaghair dona fíréanaibh bheith
neamhthuirseach ré tuar na hinnmhe se. Agus mar go dtug an t-ard-
athair Iacob, mar cheannach ar Rebecca, dobhí sgiamhach, feidhm
do dhéanamh feadh fiche bliadhan do Laban, mar cheannach ar a
fagháil do mhnaoi dhó féin, gá méad fiche bliadhan do dhlighfeadh an
Críostaidhe bheith ag déanamh feadhma do Laban .i. Dia Athar


L. 337


i ndóigh go bpósfadh Rebecca .i. an ghlóir shíordhaidhe ris.
Agus fós, mar do chuir Dáibhídh Rí é féin i nguais, agus é óg
anaosta, ag dol do chathughadh ris an athach darbh ainm Goliath dhó,
mar cheannach ar inghin Saul d'fhagháil 'na mnaoi dhó féin,
amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don chéid-leabhar do
Leabhraibh na Ríogh, créad an ghuais 'na ndlighfeadh an Críostaidhe é
féin do chur, ag comhrag agus ag cathughadh ré náimhdibh Dé, mar atá
an diabhal, an saoghal, agus an cholann? Agus mar go roinneann Dia an
uiread do thiodhlaicthibh rinne ar an saoghal so, an mhéid go
dtabhair gach innmhe dá bhfuil againn dúinn, idir anam, chorp, agus
chonách saoghalta, créad é méad na hinnmhe is inmheasta dhúinn
d'fhagháil uaidh thall? Gonadh ag mothughadh aneithe se atá aní
léaghthar ag S. Augustin san .21. caibidil do leabhar a Naomh-
smuaineadh, mar a n-abair, ag labhairt ré Dia, si tanta nobis facias
in carcere, quid ages in palatio? Si tanta solatia in hac die
lacrimarum, quanta conferes in die nuptiarum? Si tam innumera et varia
dona tua, quae nunc pariter amicis tribuis et inimicis, quam dulcia et
delectabilia quae solis es largiturus amicis “má dho-ní tú an uiread
sin dínn, agus sinn san bpríosún, créad do-ghéanair dhínn san
phálás? Má dho-bheir tú an uiread sin dúinn san ló so na ndéar,
créad é a mhéad do-bhéarair dhúinn i ló na bainse? Má do-bheir
tú tiodhlaicthe do-áirmhe éagsamhla dhúinn anois, idir charaid agus
easgcaraid, créad é milse agus geanamhlacht na dtiodhlaicthe do-
bhéarair uait dot charaid amháin?” Dá chor i gcéill, mar go
roinneann Dia an iomad do thiodhlaicthibh i bpríosún na beatha so ris
na daoinibh, gurab ro-mhó ioná sin roinnfeas riú, an tan roichfid i
seilbh pháláis pharrthais ar neamh. Agus mar go ndáileann an lán
tiodhlaicthe se dona daoinibh, ar mbeith i ngleann déarach an
domhain se dhóibh, idir charaid agus easgcaraid, créad é méad na
dtiodhlaictheadh do-bhéaraidh ar neamh dona fíréanaibh is
fior-charaid dó?



Is iomdha sochar do-gheibh an fíréan ar neamh, budh liosta ré a luadh
uile. Gidh eadh, cuirfeam dá áit nó trí as an scrioptúir síos, as a
dtuigfidhear a mhéad d'innmhe bheith ar neamh. Ar


L. 338


dtús, cibé roicheas ann, biaidh i n-éin-tighdheas ré Críost, amhail
adeir sé féin san dara caibidil déag ag Eóin, ubi ego sum, illic erit
et minister meus “mar a bhfuilim-se, biaidh mh'óglách ann.” Dá
chor i gcéill, mar dobhí sé féin riamh mar aon ris an Athair gan
sgarthain ris, go mbiadh an t-óglách iar ndol ar neamh mar an
gcéadna. Bí fós an fíréan 'na chomhoighre ag Críost ar neamh, amhail
adeir Pól san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, coheredes
Christi sumus “comhoighreadha Chríost sinn.” Bí fós an fíréan comh-
álainn coimh-deallruightheach sin ar neamh, go nach glé-mhaisighe an
ghrian ioná é, amhail adeir Críost ag Matha san treas caibidil déag,
tunc fulgebunt iusti sicut sol in conspectu Dei “beid na fíréin an
tráth soin ag deallrughadh amhail ghréin do láthair Dé.” Do-gheibh
an fíréan sláinte shíordhaidhe ar neamh, do réir mar adeir Dáibhídh
san .102. Salm, sanat omnes infirmitates tuas “slánuighidh h'uile
ghalra.” Dá chor i gcéill go mbí sláinte shíordhaidhe ag an tí
bhíos ar neamh. Ní fhuil aoibhneas mar aoibhneas na cathrach
neamhdha, amhail adeir Dáibhídh san .86. Salm, gloriosa dicta sunt
de te, civitas Dei “atáid neithe glórmhara arna rádh riot, a dhúin
Dé.” Gá dtám ris, ní féadtar faisnéis ná friotal ná foillsiughadh do
dhéanamh ar na sochraibh síordhaidhe atá ar neamh; acht is follus go
bhfuil beatha gan bhás, sláinte gan ghalar, saoirse gan daoirse,
subhachas gan dobrón, agus an uile mhaith oile shoimhianuighthe, i
seilbh na druinge bhíos ann go síordhaidhe.



Agus guidhmíd Dia ré sinn féin do stiúradh tar gach bearnain bhaoghail,
agus tar gach guais, go gcríochnuighthear an rioth úd linn, agus go
ngabhthar sealbh fhlaithis Dé linn, mar a bhféadfam an geall
coimhleanga atá dá thuar agus dá thuilleamh linn do ghreamughadh
agus do bheith 'nar seilbh go síordhaidhe. AMEN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services