Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúileabháin II

Title
Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúileabháin II
Author(s)
Ó Súilleabháin, Amhlaoibh,
Compiler/Editor
McGrath, Michael
Composition Date
1828
Publisher
(Londain: I.T.S., 1936)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁIN



MEADHAN FOBHAIR 1828, MI NA FEIL' MICHIL.
Gach la line.
An cead la .i. dia luain. Maidin aoibhin ciuin: ceo chomh
tiubh san nach ar b'feidir Muilean Ui Briain d'fheiceann o
Droichead na nGabhar. Chidhim coirce da gearradh le speal.
Is mo de fobhannaibh fothannán, feochadán, agus de cadás an
fhobhanain ann na de thuibhe agus de coirce. Ni leasainm
coirce crón críon caol do glaodh air. Is cosamhail go ngoil-
eann an ceo air an spideoigín, oir ni cloisim a cheol am
siubhalta air Bothar na nGabhar, na cois na h-Amha Bige.
Cluinim an gearraguirt ag Ceann a' Fatha ag fuid-fuide.
Ta sgreachog nó scréachog, i ccliabhan éan ag Micheal Ó
Maolala. Is sgreacach a glór, acht is roidheas a chlumh agus
a chleitighe. Is cneasta an ainm cabhog .i. cág don ean dubh
so leis na h-asain h-asáin dearga ag na leanaibhe, oir is
ro-cabach e. La breagh brothallach greine nealtana. Taid
na gearraguirt ag labhairt air gach taobh diom: ag deire laoi,
chidhim garsún ag iasgaireacht ar lis ain. uath. lios, Cill
Cuinnigh no gailliasg .i. lús nó liús ag Poll-Seaghain.
d'eirig na nealta mar an airgid beo.


L. 4


An dara la .i. dia mairt. La breagh brothallach greine:
speir gan ceo gan neal an uiread mo bhaise o radarccrios
go barr. Chuadhas gus an Amha Big noch ata da deanamh doimhin.
Baintear clochaoil ag Ath Micoda Mic Óda (ta droicead
adhmaid ann anois le seachtmhain), o se troighthe air doimhneacht,
chomh dubh chomh min le clocha dubha an coileir duibh a cCill
Cuinnigh cuig cead meadhachan agus fe n-a bhun; clocha cruinne
iad. Faightear fo-chloch guail agus beagan colmais agus
sligeich duibh 'n a bfochair, no laimh leo, san doimhneacht ceadna
ameasg criadh bhuidhe agus márla gorm, no boirchriadh boirr-
chré. Ta gainimh a bhfoigseacht beagan slabhra dho, síos an
Amha Big agus san bhfearann ceadna. Ni feidir gur ab
fulachta Fiann ata ann, oir da ma mba he, ni biodh bheadh
an sligeach dubh; agus go mormhor o ta Druim a' Ghuail a
bfoigseacht se mile den ait .i. Cill-an-Aill Cill-do-Náile,
ag Lios na mBroc, ag Baile Uilliam, agus ata gual a mBaile
Ui Chaolain, cia na baintear e. Do géaruigheadh no do gríos-
aigheadh gadhar, beagan laethe o shoin a ndiaidh crain cránach
trom a mbanaibhe. An tan rug sí an t-al, fuair dá banabh
bás, agus ata an crioth air naoi ccinn eile. Ni feidir leo an
sine do diul gan a mbeal do choimead leis an t-sine ...léi
d'oidce is do ló: gaot ciuin attuadh.



An treas la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin druchta
speirghlan. Leighim a cCairt cCeannuightheadh Baile-ath'-cliath
go bhfuil aimsir breagh a Sasana agus a n-Albainn, mar ata
againn fein on ttara la déag de mi lughnasa se gabh thorainn,
agus go bhfuil an fobhar sabhalta aca, mar ata againne, agus


L. 6


lionmhar go leor. Da bhrigh sin, ni bheidh luachanna air arbhar
mar shaoileamar é. Nior cailleadh moran den bhfoghbhar, acht
a ndeisceart Sasana mara rabhadar da ghearadh air feadh
fearthuinn na Feil' Suitin, .i. o la Feil Suitin, an cuigeadh la
deag den Buidhmis, gus an dara la deag de mhi lughnasa, an
tan thosadh thosuigh an aimsir bhreagh. Nil acht olbhaois a
radh go mbeidh se ag fearthuinn ar feadh da fichiod lá ma
fearthanuigheann se la Feil' Suitin. Ni rinn (sic) se acht
seacht la fichiod fearthanna a cCalainn, agus, dar ndoith, nior
bheag sin. Leighim a ndeismireacht o Chathair Dun-Éidín, go
bhfuil gach barr chomh lionmhar aca timchioll Dun-Eidin, is bhi
se riamh aca. Beid potataoi lionmhar againn fein. Do
bathadh a lan de toradh na Fraince san aimsir fliuch. La
aoibhin greine brothallach speirghlan: gaoth roichiuin, ni furas
a aithinnt cia an ard as a seideann si, ma seideann si air
aon chor. Bionn drucht trom gach aon maidin o stad an
fearthuinn: oidhche speirghlan realt solas. Ta Máirt ag
druideamhuinn soir go mear. Ta an canach ag imtheacht le
gaoith den fobhanán feochadán. Taid siad da gearradh
ag bochtain le h-aigheadh teinne. Chidhim beart nó eire diobh
air bean bocht chomh mor le cro cranach. Bionn boireain
(borán) bóithreán, buairtheán mar teinne aca mar an cceadna
(.i. bualtrach tirm).



An ceathramha la .i. diardaoin. Maidin ciuin ceo druchta.
Ta an ceo chomh tiubh sin nach bfaicim go maith an chuinicéar
air talamh na Mionain o Bothar na nGabhar .i. faid cheithre
slabhra (céad lúb no sine san t-slabhra). Is iomdha lion
dubhain machaire ag liubarna as gach craobh sa cladh; agus is
iomdha péarla drucdáin air gach lion aca. Is amhail amhlaidh
ataid cumtha .i. ainiomad rad on lár gus an timchiol, agus
fidhe iomdha thart thimchiol air na radaibh se mar inneach faoi
dluth. Ta an damhan alla a ccead uiread an damhan-machaire:
is ar eigin chidheann an t-súil e gan gloinne iomaduigheachta,
na an lion go mbionn na péarluidhe druchta air, no feachann


L. 8


go h-isiol air feadh an bhfeur an fhéir la brothallach samhra.
Do sgaip an ceo um naoi a chlog: la greine nealtana go buile
a chlog, an tan thuit cioth fearthanna, la siltheanach as sin go
ceathair; la tirm dorcha as sin go deire laoi, an tan chromadar
na gearraguirt ag fuid-fuide go mear agus go minic, timchioll
Ceann-a'-Fatha. Do ghriosadh me ceann aca: eun mor donn
e. Gaoth roichiuin anoir ndeas: ainiomad fainleog tighe
bolgriabhach ag eitioll timchioll na sraide a bhfogas den
talamh, airdeacht fir on talamh go minic. Ni eitiolladh
na fainleoga ciara nios isiola ísle na barr tighe no caislean'
agus go minic bidis cead troidh on ttalamh. Cluinim dordan
na ccuileog slat suas om cheann. Is da leanmhuin ataid na
fainleoga tighe. Is fada na feacas na fainleoga ciara.



An cuigeadh la .i. dia haoine. Maidin ciuin, ceo tiubh. Ni
feicim faid da shlabhra (cead sine sa t-slabhra): Cia gur
gearr is ceolmhar an fead beag ata aig an siobhainin glas.
Is iomdha cearc-uisge ruadh san Amhain ag Muileann Ui Briain,
agus is iomdha colam coille san gorán giubhaise agus fear-noige
is na h-oileanaibh. Taid ceithre hoileáin ann, agus
gorain air da oilean aca. Is furas féar do sabhail on dara
la deag den mhi se ghabh thorainn. Ni tuisge as an buille
sraith e na bionn se leath deanta: gaoth ciuin andeas da
ard soir.



An seiseadh la .i. dia satharn. La dorcha nealmhar: gaoth
beodha anoir ndeas: da mhionceathan le fo-bhraon eattora:
gaoth laidir anoir ndeas um deire laoi: oidhche dorcha fearth-anna
go breacadh lae. Caileadh moran potataoi a n-iarthar
Sasana le tuiltibh mora marbha. Nil rith uisge le fána ann
mar ata a n-Eirinn, buidheachas le Dia. Bhi la ann ion a
deireadh Sasanach Paddai Potato, le drochmheas air clanna
Gaodhal; acht taineadh an la in ar maith leo fein potataoi
d'ithe amuich ar an machaire.



An seachtmhadh la .i. dia domhnach .i. La Feil' Muire. La


L. 10


breagh bog greine nealtana: gaoth ciuin anoir ndeas: oidhche
nealtach ciuin. Ta an trioch air Seamaisin, mo leinibhin,
air feadh da mi, acht ta se ag teacht uadh saor go leor. Bhi
se air ainiomad leanaibhe air feadh an t-samhra 's a' fobhair
so. Is guasachtach an tinneas sa ngeibhre é.



An t-ochtmhadh la .i. dia luain .i. an la deigheanach an .i.
den bhliaghain Iuil. La breagh dorcha neal tiubh: gaoth beodha
fionfhuar andeas: oidhche tirm tiubhnealtach. Ta an tárlódh
ag tosach, agus cruacha da dheanamh (sic) de stacaighibh cruith-
neachta. Is iomdha cruach féir tirm ann anois, is beag de
amuich air na moinfhearaibh.



An naomhadh la .i. dia mairt. Maidin breagh greine neal-
tana: gaoth beodha andeas: trathnona agus deire laoi mion-
ceathain o am go h-am.



An deichmhadh la .i. dia ceadaoin. Fearthainn trom ag
breacadh lae: ceofrán no fearthuinn as sin go trathnona, no
tri a chlog: deire laoi greine speirghlan: gaoth andeas da
ard soir: oidhche ceathánach siltheanach.



An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Cioth trom ag breacadh
lae: la ceathanach go trathnona no tri a chlog, as sin suas la
gealain is nealta: tirm go dorchadas na h-oidhche, an tan
do thuit cioth trom: oidhche nealtach agus realtsolas tirm.
Biodhas ag ionntodh eornann do Tomas O Niulán ag Loch-a'
Grantaigh. Muna ttiormochaidh an aimsir beidh si a mbaoghal
braith braich do deanamh di air an sraith. Ta a trian na
stuaga aige. Foraoir! nach bhfuil an cuid eile dhi mar sin
aige. Beid talmhaintighe fuara fliucha ag buinniughadh aníos
anois.



An dara la deag .i. dia haoine. La breagh bog greine
nealtach: na nealta go trom air sliabhaibh: ag ceathair a chlog
clagairneach trom air feadh ceathramha uaire. Cuir seo eorna
Tomais Ui Niulain gan ard. Is faillighteach d'fhág se cuid de
(sic) san sraith agus cuid eile na stucaibh gan cannaibh gan


L. 12


cludach. Gaoth ciuin aniar: la tirm acht an t-aon chioth sin:
fuaras folca fíormhór.



An treas la deag .i. dia satharn. La mionceathain nealmar:
gaoth ciuin aniar.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach .i. la pátruin na
Cuailighe .i. an domhnach d'eis la Feil Muire. La breagh tirm
greine nealtana: gaoth beodha fionfuar attuad. Shabhail
Tomas Ua Niulain a chuid eornan: 's iomadh bean ceangail
agus fear cárnadh agus staca bhidh ag congnadh leis. Caith
ceatrar againn proinn leis an t-Athair Seamus Ua Heine-
buire. Bhidh cois caoirfheolach bruite le meacain agus
turneisighe; bhi ge rosta le pis uaithne glas agus potóg.
Bhi mias striopaisighe muchta a leamhnacht; bhi fion Pórt agus
sgailtín, bhi té agus abhrain binne Gaoidhilge againn' agus
chathamar an oidhche gus an t-aon buile déag go sugach solasach
somheanmnach suairc seimh sultmhar.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. La breagh greine foneal-
tana speirghorm: ta suil le Dia agam go bhfuil Samhra beag na
Feil' Micil ag tosach linn. Ta Mars Máirt ag triall soir
go mear: oidhche speirghlan realtsolas: gaoth roi-ciuin
attuadh. Nil aoin iarball air corriasg: deineann a cosa
fada a n-ionad iarball iarbuill chum i threorughadh tres
an aer.



Tosaigheann an bliaghain Iuil Iúbhail .i. Iúdach ag luidhe
greine air an t-ochtmhadh la den mhi se meadhan-fobhar. Bhi an
cinne Iuil a Longduin na sionagogaibh o luidhe greine go
naoi a chlog dia luain, an t-ochtmhadh la. An la na dhiaidh sin
.i. an naomhadh la .i. dia mairt se ghabh thorainn an cead la
den bliaghain nua Iuil 5589. Bhi Feil na Stoc aca a ccuimhne


L. 14


iobartha leinibh Abraham Abarám - leabhar Niumhir Geinis
caib.xxii .i. a dó fichead.



Ag deich a clog do seideadh na stoic. Ni ithtear proinn
na biadh air beith bith go seideadh na stoc.



Is cuimhin liom Crois Challain san Sráid Shiar, laimh le
combhrac cómhrac-na-mbothar. Bhi se (sic) ag comhbhrac-na
mbóthar; acht aistrigheadh é an tan crom Coiste-an-Mala
ag rith. Bi se dealbhtadh mar barrachaol na h-Eigipte, de
clocha gearrtha snoidhte. Bhi se ceathair-thaobhach le ceimionaibh
air a suidheadh daoine ag diol potataoi, bainne etc. go
m-barr comhcrainn.



Mar so air talamhradharc.



"Crois Cállain."



An seiseadh la deag .i. dia mairt. La breagh greine neal-tana
fionfuar: gaoth ciuin anoir ndeas.



An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. la trosga.
La breagh greine nealtana fionfhuar: gaoth beodha aniar ndeas:
ag deire laoi ciunas mór: oidhche aorach gealaighe ciuin
nealtana. Cualas fuiseog aniomh. Nior chualas ceann le


L. 16


ni-fheadar-ca-fhad: b'fheidir le da mi nó mar sin; drea
(nó di ar e) londubh no smolach cualas le ciantaibh. Taid
uile ciuin no balbh o tosac a n-aitheitiughadh.



An t-ochtmadh la deag .i. diardaoin. La breagh greine
nealtana speirghorm. Se seo an cead la tainidh na beacha
capaill chum Maire Ni Niulain, a' luidhe air a cuid siucra.
Do marbhadh si cead beach capaill diobh. Is ciuirialta na
cuasnoga bionn aca, acht ni deineann siad ceir na mil.
Samhra-beag-na-Feil-Michil go ceart e aniomh: gaoth roiciuin
anoir ndeas. Rugas fein agus Flóra, mo soichin beag' ar
puisín fiadhain ag Tinnil na Mionan. Ta an caitín og chomh
reamhar le broc. Ni feadar cread air a beathuigheadh í muna
ar lacht a mathara agus ar mioneanla as sin go nuige se.
Taid cruacha da ndeanamh de na stacaighibh: ocht fichiod air
cruithneacht.



An naomhadh la deag .i. dia haoine, la trosga. Maidin
aoibhin aorach ceotana nealtana greine druchta: an spideoigin
go siansach air gac craoibhin cruim. Cluinim fo-fhuiseog ag
breith buidheachas is na hardaibh ttaobh a culaidh nua le h-agaidh
an geimhre. Nior thaithneadh taithn an ghrian o meadhan lae
suas: na hainleoga tighe go h-iomarcach go h-ard agus go
h-isiol ag cuilireacht um deire laoi.



An fithcheadh la .i. dia satharn .i. la trosga. La nealtach
ceofrán, um deire laoi gaoth beodha anoir ndeas. Cluinim
míog ag Ceann-a-Faithche d'eis tuitim oidhche. Ni fheadar an
iad na filbinigh míog ata ann no na feadoga. Taid siad air
fuaid an fatha: cluinim a n-eitiol, cia nach chidhim iad. Leighim
a cCairt Cille Cuinigh go bhfuilid na hainleoga ag cruinniughadh
anois na sgataibh a nDorset a Sasana, reidh chum imtheachta
chum tiortha budh dheas. Is comhsamhail gurab iad na h-ainleoga
mora ciara, noch nach bfeacas le dá mhi annso, ata air ti


L. 18


imtheachta, oir chidhim na h-ainleoga tighe go h-iomadamhail
beodha a cCallain fos.



An t-aonmhadh la air fichiod .i. dia domhnach. La ceofrain
trid amach: gaoth ciuin andeas.



An dara la fichiod .i. dia luain. La aoibhin bog nealmhar,
"gan gal ann den gaoith do chroithfeadh barr croinn na
blaith." Bhádar nealta boga leithe na ttromluidhe ar na
mor-sliabhaibh. Bhidh cioth gearr um se a chlog air maidin:
oidhche aoibhin, aorach nealtan: re lán: gaoth roichiuin andeas
da ard siar: na filbínighe no na feadoga ag míogadh ag
Ceann-a-Fatha na sgataibh: daoine ag imtheacht ag naoi a chlog
a ttosach oidhche gus na gualtaibh (go digh sna gualta mar
adeirid): daoine da ccur fein a ccoir chum imtheachta go
Cill Baoithin no Baile-an-Garaidh, dia domhnach se chughainn le
meirge uaithne agus eadach uaithne chum caradras do dheanam
idir clanna Gaodhal. Go ttugadh Dia nach eireochadh na
Sasanaig na ccoinne faoi dheire. Bhi cruinniughadh a bFiodh-
ard a cCaisiol, agus iomad d'aitibh eile o aimsir Donald
Ui Connaill a nDail Caise no condae an Clair no Tuadhmumhain
ag cur a n-aidheadh aghaidh Fighgearailt.



An treas la fichiod .i. dia mairt. La nealmhar dorcha:
gaoth ciuin andeas da ard siar: ceofran no silthean no
ceathain o trathnona no tri a chlog go dubhadh na h-oidhche.



An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin. La nealtrom
ceathánach ceofranach go trathnona, tirm nealtach as sin suas;
gaoth ro-threan andeas ar feadh an lae agus na h-oidhche: gach
gne graine ag eirghidh a margadh Longduinn.



An cuigeadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin nealtana:
gaoth ro-threan andeas da ard siar. Ta croch cróch-an-
fhobhair go lionmhar a n-Inis-na-h-Aimeirioca, laimh le Talamh


L. 20


na Mionain. Is iongantach an blaith e seo, gan duile gan
blidhe gan sgoth gan fosg. Den treibh seisir, den ord
tríbhean. Ta se ocht n-ordlach air aoirdeacht; teidhean an
cuid buinean de sios troidh a ttalmhain, agus annso ata an
siolpuchán air a' chuma na milleadh sioc agus sneachta an
geimhre é. Is ann san earrach se chugainn thiocfadh se suas
le toradh agus duilbhear duilleabhar. Is beag luibh mar é
seo, oir tugann se a bhlaith a meadhan-fobhar agus a thoradh
san earrach na diaidh san. Ni aithnighim-se luibh mar e.
Anchuid colaim coille a n-Innis na Fearnoige, laimh le
h-Innis-na-Giuibhise laimh le Muileann Ui Briain.



An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin greine
nealtana tirm: cioth trom um tri a chlog, le gaoth ciuin
andeas da ard siar: tosach oidhche ciuin bog duibhré. Is
dubach dobronach an oidhche í ag clann Padruig Deibhriús noch do
marbhadh aniomh le lamhach pileir no pilear ag Cluan-Ui-Geara'
laimh le Moin Poill-a' Chapaill, ait air thog se ferann da
fichiod acra no mar sin, os cionn cuig muintear' noch do
chur se as na bothain, da mhi o shoin. Bios ann an dara la
fichiod de mi lughnasa se ghabh thorainn: d'eis imteacht ann
cois na h-Amha Bige, saoileas teacht abhaile slighe nios
dirighe, nios reidhe. Ghabhas chum lagbhotháin dearoil' cois
na mona, ag fiafraighe an na slighe. Taineadh bean bocht-
coslomnochtaighthe ard lantruaighe cearteach ceirteach, ciar-
mhongach deargshuileach, gruaghstathach, gan bioraed, gan filéad,
gan faice air a drom acht ceirt subhdathach salach, agus í ag
gol go géar. Ca bhfuil an t-aithghearr go Callain? ar me
fein. Taisbeanfad fein sin duit agus cead mile failte
ar an bean bhocht. Gluaisiom tresan gardha potataoi se air an
cosran (.i. cos-rian) se cois an cladhfais. Ba mise do chur na
potataoi se, acht bainfeadh Padruig Deibhriús iad. Ar
ngabhail tre gort cruithneachta, ar sí, is iad mo chlann-sa do
chur an siol, acht is e Paidin Deibhriús do bhain an fobhar, mo
mhallacht do. Ar ngabhail tres an clos, Ba liomsa na
coluir-inighe coille se, acht is a bpota an Deibhriusach (sic)
fiuchfadh


L. 22


siad. Ba h-e m'fear-sa do thoig an tigh sin: is mise do chur
sugh air cleacha an tigh(e), acht do bain mac inghine Paidin-na-
cCeann an comhla ón ursain, na tuislighe de na bocanaibh.
D'fhag se an bothan gan doras, an fuinneog gan gloinne, an
teintean gan teinne, an deatachan gan deatach, cro na muc
gan crain gan ceis gan banabh gan culach gan muc, mor no
mion, meith na truadh. Ni cloisfead go brath aris buaithre mo
bho air a laogh na air a gamhain, na siotrach mo lair
lárach air a siorrach na air a bramach, na meighileach mo
caoraighe chaorach air a h-uan, na gaigiol mo ghabair air a
mionain, na gragaduighiol mo cheirce da h-eireoga na da
cearcacha, na glaodhach mo chuiligh. Ni fheicfead mo lacha
bán na mo bardal breac, na mo ghe guir na mo ganndal glegeal.
Ni feicfead loch na mona. Ni cloinfead gair an correisg,
na sgreach an ge fiadhain na miog ón bhfilbin miog, na fead na
feadoige, na meigiol an mhionain aeir, ni chidhfead an duibhéan.
Ni cloisfead plubarna na circe uisge. Ni traghfad an linn
den eascú na don gailliasg no liús. Is fada
uatha chuirfear mairbhte Peig Nic Seafraidh .i. me fein,
is m'fear bocht craite is mo clann bocht cloidhte. Ni fasfadh
cartloinn cumhra an chinn bhain am moinfhear cois linn, na an
seamrog ban na dearg am moinfhear tirm. Ni chuirfead an
ros: ni bainfead an líon, ni bhaithfead é san linn, ni bhain-
fead táinte om thuran túirne na om choigeal. Ni déanfad
amhras abhras. Ta mo thuran lion agus ollaine
nó olna sa dig, mo cofra a cclas na gainimhe mo bord air an
maolchloidh mo pota fan bfasach mo cathaoir fe an bhaisteach
mo sop leapthan gan cludach gan braithlin gan súsa, mo ceann


L. 24


gan caidhip mo drom gan fallainn gan folach. Rug fear an
culchíosa leis iad, foraoir cruadh craite!



An seachtmhadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin
aorach ciuin greine speirghlan, ceo tana idir me agus an
radharcchrios noch do glan suas gan mhoill. Is trom e an
drucht na niamhain lonnracha air gach luibh agus craoibh. Is
niamhrach croch-an-fhobhair. Ni cluinim an fuiseog cois Amha
Bige na Amhain-a-Righ cia go bhfeicim iad. Chidhim an cearc
uisge truisc ar an bport ag Linn Ui Briain. Do eitioll
san uisge an tan d'airigh si ag teacht me, éan ciar í. Cioth
gearr um meadhan lae: as sin suas la breagh greine gan neal
gan ceo: gaoth ciuin fionfhuar andeas da ard siar. Do
shuidh cuiste dafeardheag agus dis fear-cirt air corp an
Deibhriúsaich aniomh. Is comhsamhail gur le tuadh do briseadh
a chloigeann agus do spréachadh a inchinn amach. Bhi urchair
guna da lamhach thimchioll na h-aite ceadna, acht is le lucht
sealgaireachta air pearlogaibh .i. peatruisgibh do lamhadh na
h-urchair guna. Ni fios fos cia do marbadh é acht ata amhras
ar an muintir do caitheadh amach as a ttighthibh. Luigheann an
corriasg air crann san oidhche. Ni neamh-bhinn a ciuinglor
cia gur garbh a gair. Cualadh cois na h-amhan dordan ag
dorbhlus .i. dobhar-sholas. Saoileas gur beach mor do bhi
ann, acht ni headh, acht daol leathcruinnfada. Is ón bfocal
so "dordan" deirthear dordan nó daran le dos mor na
pipe. Is bocht an radharc Padruig Deibhriús leagaithe amach
ar sop tuibhe faoi braitlín.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La nealtrom:
cioth um ceathair a chlog le gaoth aniar ndeas: deire laoi agus
urmor na h-oidhche siltheanach. Is luath air maidin do griosadh
lucht siothchana Ui Chonaill air droma do buadhladh chum cruinn-
ighthe le h-aigheadh imteachta faoi dhain (.i. dail) lucht
siothcana contae Tiobraid-aran. Beidh muintir Ui Sculaigh


L. 26


agus muintir Fuinnsion ó ár ttaobh fein ann. Ta siad
coirighthe go h-ornaideach le filleaduige uaithne, buidhe dearg
bán gorm corcra donn croidhdhearg crón agus gach dath sa
domhan acht cur .i. buidhe-dhearg amhain. Is ar comhairle
Ui Conaill ta an t-athmhuintearas agus an t-síothchain so da
deanamh idir clanna Gaodhal: acht ni h-ait leis na Sasanaig é;
oir is doith leo gur fusa doibh buadhadh ar lucht imris na ar lucht
caradrais, agus is fior sin. Acht ni thaithnigeann liomsa,
na le daoine tromdha eile mna agus garla agus dromaigh agus
lucht ceoil agus meirgeigh .i. brait uaithne le deilbh Ui Conaill
etc. orrtha, do beith aca, oir griseochadh se lucht Rí-Uilliam .i.
na Horains, nar ccoinne. Do cuireadh Padruig Deibhriús ag
ceathair a chlog um trathnona. Chathas an trathnona agus cuid
den oidhche ag tigh sagairt a poraiste .i. an t-Athair Seamus
Henebeire. Bhi tri miasa againn .i. ionnathar bo .i.
strapaisighe muchta a n-ím agus leamhnacht: bagún le dubhan
mairt agus cólais bán: lacha tinnbhruite le pis glas. Bhi
sgailtín agus abhrain go deich san oidhche againn.



"Siud nós do bhí san Mumhain liom linn do ghnáth
Cruinniughadh ar dhaoine ag suidhe a n-aontigh amhain
Ceolta sidhe aca, laoithe ple gus dain
'S a' meid do ólfaidis go ndiolfadh aon amhain."



Ta gorán correisg cois na Siurach, idir Caraig na Siuire
agus Portlairge. Ni hann sna liontainibh agus na moin-
teanaibh do ghorann siad mar saoiltear.



An naomhadh la fichiod .i. la Feil Michil nua .i. dia luain.
La breagh nealmhar: gaoth ro-laidir aniar ar maidin: do
ciunadh se beagan, um deire laoi. Taineadh an seiseadh cois-
sluadh ar seasgaid asteach. Ba breagh a n-aois-ciuil .i. a


L. 28


n-oirfide. Bhi an gaoth chomh laidir sin ar maidin nach bhfaigheadh
cabhoga na ccaislean eirghidhe na choinne (sic).



An deichmheadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin nealtana
greine: gaoth beodha aniar. Nil aon ait timchioll Callain is
mo in a bhfuil fuiseoga na san gleanntán, cois na h-Amha
Bige, o Comhais na Cuailighe go Comhais Cille Minic. Da bhrigh
sin glaodhaim-se gleanntán na bhfuiseog air. La breagh
fionfhuar: do ciunadh an gaoth um deire laoi. Taid daoine
ag tosach ar siolcur le h-obair raimhne rámhainne. Ta gach
uile gne graine ag eirghidhe na luach ar margadh Longduinn.



FUIDHEALL-FOBHAIR 1828: gach lá line. An cead la .i.
dia ceadaoin. Maidin geal greine gan neal gan ceo:
nealmhar agus ceathainin um naoi a chlog, acht do glan se suas
gan mhoill. Is niamhrach an t-einin an gealbhan lín glas
buidhe, agus is milis a cheol: daoine ag cur branar fliuch
faoi ramhan rámhainn agus sluasad: mioncheathain o meadhan
lae go tri a chlog: gaoth ciuin aniar: deire tirm
fionfhuar: tosach oidhche realtsholas duibhre tirm.



An dara la .i. diardaoin. La aoibhin greine speirghorm
fo-nealtach bog: gaoth ro-ciuin aniar. Is ar eigin chidhfeadh
chidhfeá na nealta ag corughadh: oidhche speirghlan realtsolas
ciuin. Ni feicim na h-ainleoga tighe ón ficeadh la do meadhan-
fobhair. Is comhsamhail gur leanadar na h-ainleoga ciara.
Slan leotha araon gus an earrach seo chugainn! Taimid
craite ag saighdiuirighe ag teacht tres sa baile aniomh, .i. cuid
den seiseadh coissluadh (nó coischath) ar ochtmhadhad
gan airm ag dul ag cobhrumhadh cabhrughadh
leis an ccuid eile den chath ceadna, noch ata san India Shiar.


L. 30


Nior cluineas an gearraguirt on ceathramha la den mhi si
gabh torainn.



An treas la .i. dia hAoine. Maidin siltheanach: la bais-
tighe agus clagairnighe le gaoth beodha andeas. Fuaradar na
saighioduirighe folca fiormhor ag teacht o Cill-do-Náile.
Ni bhfaigheadh an oirfide seinneamhainn, ag teacht asteach
fa an bhaile dhoibh. Ba cuid den dara coschath ar triochaid
iad. Taineadh cuid den t-aonmhadh coschath ar nochaid
asteach gan arm ag imtheacht chuin an India na h-India Shiar.



An ceathramha la .i. dia satharn. La breagh greine nealtana
go deire, an tan d'ionntadh se dorcha fionfhuar: fearthuinn
ag naoi a chlog san oidhche le gaoth aniar. Taim ro-gnothach le
seachtmuin da chur a cceill do lucht Ui Conuill nach coir doibh
siubhal le h-eaduighibh uaithne, na le deilbh Ui Conuill agus le
ceol. Geall catailicighe Callainn nach siubhalfaidis nios
mo. Leigid na Sasanaigh orrtha go bfuil eagla romhor orrtha,
acht ba greidhn le n-a ccroidhthibh bheith ag dortadh fola na
ccaitlicibh. Bhi coimeasgar idir na pileirighe agus lucht
Ui Conaill ag Caislean an Locha laimh le Aonach Urmumhan.
Do doitheadh tigh pileirigheadh. Do cuireadh Conn Ui Neil,
fear fuasgladh o Cloichin a' Mhargadh go priosun Cluana-mealla:
so tosach le drochobair, muna stadfadh na caitili-
cighe ann am. Ta suil le Dia uilechomhachtach go stafaid,
agus nach ccuirfuid athas air a ndeargnamhaid .i. na Sasanaigh
agus na diabhail.



An cuigeadh la .i. dia domhnach. La siltheanach ceathanach:
gaoth laidir aniar ndeas go ceathair um trathnona. Do ghabh


L. 32


an seachtmhadh marcsluadh eattrom trid an bhaile go Cluain-
mealla aniomh. Deinid siubhal da la ann aon lá chum beith
ann an am; acht ta suil le Dia agam nach beidh gabha
leo. O ceathair o chlog la greine speirghorm ciuin. Bhi
proinn ro-bhreagh ag tig an t-sagairt poraiste againn. Bhi
mor-sheisear suairc dinn ann d'fiorgionnaibh, agus aon
ogmhnaoi (sic) amhain. Bhi cois caoirfheolach, bagún, eireoga
agus cabaiste ban, agus da lachain rosta agus pis glas.
Bhi fionn fíon fionn agus fion Pórt agus sgailtin go leor
gus an t-aon buile deag.



An seiseadh la .i. dia luain. La nealtach: ceathain agus
gealain air uairibh: gaoth beodha aniar ndeas.



An seachtmhadh la .i. dia mairt. La nealtach: ceo ar Sliabh
na mBan: gaoth ard aniar ndeas. Ni cluinim agus ni fheicim
a ngleanntan na bfuiseog, cois na h-Amha Bige, acht aon
fuiseog amhain ag eirghighe a ccoinne na gaoithe gairbhe. Is
geimhreamhail an cuma a ta air an la. Nil acht fo-ean le
faicsin. Imtigheann na h-ein leathtaobh lá gaoithe airde;
oir, nil siad laidir go leor chum imteacht na choinne (sic),
agus ni bfaigheadh siad, no ni b'ail leo imteacht leis (sic);
oir d'ardochadh sin a cclum agus a ccleitighe o n-a ccorpaibh.
Gach gne graine ag eirghighe go h-iongantach: da fichiod sgilling
ar baraille cruithneachta san chontae se: cead is deich
sgill-inge ar ceathramha de sean-cruithneacht a margadh Longduinn.
(Da bharaille tomhais nó ocht mbuiseil miaigh, is ceathramha
ann). Agus cloisim go ndeantar a lan calaois air cruith-
neacht boicht, go hairighthe da bhoradh le taise chum tomhas
mor do bheith aige, agus is follas do gach aon gur mo an tomhas
beidheas a ccloich do cruithneacht bhocht seirgthe na a ccloich
de cruithneacht saidhbhir lionta, mar is mo an tomhas do bheidh
bheadh a ccloich brain na a ccloich cruithneachta. Is
comh-samhail gur baraille tomhais (nó cheithre buiseil) bhi air
gnath-ughadh againn analód, agus gur shaoileadar go raibh fithche
cloch meadhachan a lan baraille cruithneachta no potataoi;


L. 34


agus se clocha deag a lan baraille eornan, beag no mor; agus
cheithre clocha deag a lan baraille coirce, mar chidhfir go
soileir sios ann sa clár so: -



clocha baraille
14½ ,, 1 ,, pluir
20 cloich 1 ,, pise, ponaire, siogal, cruithneachta no
measga diobh, agus potataoi
16 clocha 1 ,, eornan, beag nó mór
14 ,, 1 ,, coirce
18 ,, 1 ,, mine coirce
A cCluain-mealla agus a lan d'aiteannaibh eile is do réir na cloiche
dioltar gach nidh diobh so, agus is ceart é.
12 ,, 1 ,, braiche
8 ,, 1 ,, brain



An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. La nealtach tirm:
gaoth ard aniar ttuadh. Is mo do marbhadh mharbhann, mharbhas
corriasg na an t-iasgaire is fearr air an amhain le slat ias-
gaireachta. Da bhrigh sin, ba choir a lamach, cia nach bhfuilid
innighthe in-ithte, oir nil ionnta acht croiceann agus cnamh.
Ta croch-an-fhobhair nach beag luighthe briste bruighte feoighte
faoi cois ag na buaibh, idir muilleann Callain agus na Mionain
(.i. oilean Aimeirioca Tuadh). Nil siad a n-aon ait eile
timchioll Callain, darab eol damh acht ag tiníl na Mionain.
Ta an bil .i. an blath, go beodha niamhrach san cuid nach ar
saltaradh faoi cois.



An naomhadh la .i. diardaoin .i. La margadh na muc. La
nealmhar bog: gaoth ciuin aniar ndeas: ceanach maith air muca
cead go leith no mar sin; da fhichiod sgilling ar an ccead:
ni raibh air muca ramhra .i. da cead go leith no mar sin, no os a
chionn thar do déag air fichid, air an chead: oidhche breagh
duibhre. Diolas fein muc cead go leith ar tri punt.


L. 36


An deichmheadh la .i. dia haoine .i. la aonaigh na Feil Michil.
Maidin go moch nealta duba air sliabhaibh: ceo ar cnocaibh:
ceofrán (.i. ceobhraon) le gaoth beodha andeas. "Fógraim
féirín ort": no "m'féirín ort" a mbeal gach n-aon.
Chidhim a lan bó maola air an aonaigh (sic); acht saruightear an
seanfhocal noch adeir: "na ceannaigh bo maol, na diol bo
maol, na bi choidhche gan bo maol": oir ceannuightear agus
dioltar iad anois. Ceannuigheas da shlipe firgionn coillte air
tri punt aon sgilling déag, agus se pingine, agus tuistiun
custuim. Is mó earradh agus airneis air an aonaigh (sic)
mar a ta capaill ba caoire muca turcaighe gedheanna lachain
cearca cuilighe eireoga gearrcacha (sicinighe) oiniuin abhla
mionearaighe soichighe adhmuid agus criadh, líon, ollan
olann. Bhi luach maith air gach nidh, go hairighthe ar ba agus
caoire ramhra. Mioncheathain le gaoth andeas go meadhan lae,
an tan d'ionntadh an gaoth aniar ndeas, agus na dhiaidh san
aniar, agus do ghlan an speir suas. La breagh greine speir-
ghorm, o meadhan lae go luighe greine. Ni raibh bruigheann,
achrann buille na biseog ag fear bean na buachail air
an aonach.



An t-aonmhadh la deag .i. la Feil Stafán-an aonaigh .i.
dia satharn. Maidin greine nealtana. Chuadhas fein (ar
lair a' tsagairt), agus Micheal arsadh Ua Athiarain, go
Butler Clerce gus an Baile Nua, ag iaradh air a ainm do cur
le 'Rádh-na-Sasanach ' chum saoirse do thabhairt do na caitili-


L. 38


ceachaibh. Cuir se leis e agus do chur Hannrai óg Bacer o Cill
Corain, agus Artur Bushe, mac an bhreitheamh (sic), a
anmanna mar an cceadna. Caithfead ainm gach Sasanach (sic)
sa phoraiste d'faill leis, mas feidir liom é. Nach mor an
truadh clanna Gaodhal ag iaradh saoirse mar dheirc ion a
ttalamh dilis fein; acht is iad fein do thoill an daoirse
dochraideach se bheith orrtha ag eachtrain gallda tre a n-easaon-
tas fein o aimsir Briain Boirbe go Siothcháin Ui
Conaill an la heile. Deire laoi ceathánach le gaoth aniar
ndeas. Is iomdha meitheall ag siolchur cruithneachta faoi
arán rámhainn agus sluasad: fo-meitheall ag ramhradh
potataoi; sgilling sa ló d'fhearaibh oibre. Ni holc an
tuarastal é an la gearr so den bhliaghain.



An dara la deag .i. dia domhnach. Maidin nealmhar: gaoth
beodha andeas: trathnona agus deire laoi greine ciuin speir-
ghlan: oidhche tirm.



An treas la deag .i. dia luain. La nealtach breagh bog:
gaoth roi-ciuin aniar ttuadh: daoine go ro-gnothach ag siolchur
cruithneachta. Nil acht fo-sgolog ag ramhra potataoi fos.



An ceathramha la deag .i. dia mairt. La ciuin nealtana
greine: ceo air maidin.



An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin ceo:
la nealmar.



An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin ciuin dorcha:
la dorcha tirm breagh: gaoth ciuin aniar ndeas.



An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. La ciuin breagh tirm
dorcha: gaoth roichiuin attuadh um cronughadh lae.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin bog tirm
dorcha ciuin; ceofrán le gaoth andeas d'eis meadhan-lae:
daoine ag romhra potataoi. Nilid na potataoi noch do cuir-eadh
go deaghanach a mi mheadhain, abaidh fós, cia gur breagh é
an aimsir chum obair agus gnotha. Is uaigneach me gan guth
cuaiche air chraoibh chruim, gan aic-aic na traonaighe sa neantog,
gan fuid-fuide an gearraguirt sa gort, gan scolgaire an


L. 40


londuibh san sgeach geal, gan sian na smolaighe air sgath na
ccraobh, gan ceileabhradh na ceirsighe san sgailp, gan fuidhe
faoidh na fuiseoige a bfiorghlinntibh an aeir, gan ceol caoin
an ghealbhain lín san garbh-lios. Acht nior threig an spid-
eoigín sianamhail mé, na an dreoilín donn, an tan do imthigh an
fainleog fuaidreach uaim.



An naomhadh la deag .i. dia domhnach. La mioncheathain:
gaoth ciuin andeas.



An fithcheadh la .i. dia luain .i. la cruinnighthe caitiliceach
Coige Laigean a cCill Chuinnigh na Mumhan. La aoibhin aorach
greine speirghorm ciuin: gaoth andeas: oidhche gealaighe
nealtana bog ciuin breagh.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt. An camhaoir Uenir
go lonnrach san ard shoir roimh breaca an lae: maidin aoibhin
ciuin, as sin.go naoi a chlog air maidin ceo tiubh: as sin go
deire laoi speir gan teas go tri a chlog na trathnona: gaoth
beodha andeas as sin deire laoi. Bhiodar na h-éin go
ceolmhar o sgaipe an ceo go meadhan lae. Bhádar triur
fear ag bain potataoi agam ar sgilling sa lo do gach fear,
agus aon bhean cruinnighthe air se pingine, agus asal trucaile
chum a ccur abhaile air ceithre pingne deag. Taid tri baraille
deag no os a chionn agam: oidhche speirghlan gealaighe: d'athradh
an ghaoth anoir ndeas. Ba aoibhin feacainn air ba agus
capaill treas an cheo tar gleanntán cois amhain, agus iad
os cionn tiníl na Mionain. Ta Mars ag imtheacht soir go
mall. Taid daoine ag gearán nach bfuil na branair samhra
trom go leor chum a ccurtha, acht na mointeain amhain. Chidhim
sgata druid: se an cead sgata.



An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. Nealta trom le
gaoth glorach andeas roimh breaca an lae. Maidin clagair-
nighe. Beid na branair trom go leor anois chum a siolchur:
meadhan lae dorcha: o trathnona sas bhádar nealta
eattroma faoi an speir: oidhche nealtana gealaige: gaoth
aniar: ceadta feadog ar an bhfaithche san oidhche se.


L. 42


An treas la fichiod .i. diardaoin. La aoibhin greine speir-
ghlan: gaoth ciuin aniar: cheithre pingine déag do lucht oibre
ag bain potataoi, agus ag romhradh clasa ag siolchur cruith-
neachta: an talamh eattrom go leor chum potataoi do bhain agus
fliuch go leor chum siolchur. Is mor an mhaith do rinne
fearthainn na maidne ande: tri pingine ar pont mairtfheola, da
pingin go leith ar an bpont den spola de (sic). Ceannuigh-
eann daoine mora spoilin an marga a n-ionad a mart fein
do marbhadh: oidhche speirghlan gealaighe: gaoth aniar. Cluinim
an feadog air an bfaithche. Ni miste feadog do glaodhadh air,
oir is ionnan a fead agus fead an duine.



An ceathramha la fichiod .i. dia haoine. Maidin ciuin
greine nealtana: fobhraon ag an t-aon buile deag le gaot
andeas. Chidhim fa blath croch-an-fhobair fos idir muilleann
Callain agus Talamh na Mionain san oileán: ta cuid aca
beodha, agus cuid eile ag feodhadh uatha fein' gan basga na
brudha o bo na capall. Taid sgataighe druid .i. ein dorcha
agus meid circe loin duibh .i. ceirsighe. Is cneasta an ainm
druid, oir is drúid a canaid os mo chionn san aer. Deir an
nath .i. gnáthfhocal "chomh binn le druid"; acht ni ceart a
radh acht le leanabh bhionn ag radh druid, druid: la dorcha
ceofranach: cioth trom ag cuig um trathnona.



An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin ciuin ceo:
la dorcha: potataoi da mbain ar saothar, cia nach furas a
dheanamh a seantalamh. Nil urmhor potataoi na duthcha acht
idir a mbeith comhsamhail agus caoibheasach: gaoth ciuin anoir
ndeas.



An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. La dorcha: maidin
siltheanach: gaoth ciuin andeas. Bhi proinn ro-bhreagh againn
ag tig sagairt a' poraiste. Bhigh Margraedin binn de
Bar ag amhrán ann.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin siltheanach:
meadhan is deire laoi tirm: oidhche ciuin gealaighe. Cuadhas
fein agus sagart a' poraiste le Tomas O Flanagain go Cnoc-
a'-Tochair ag griosughadh lucht a choimininisán, mar do ghriosa-


L. 44


mar ceana a cCallain iad chum cur a n-aigheadh tireanaigh na
contae se noch a ta air a ttí chum a ccoiminis do baint diobh.
Is iongantach an coileir clochaoil ata ag Cnoc droinge, laimh le
Cnoc-a'-Tochair: gaoth ro-ciuin andeas.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La ciuin dorcha
tirm: daoine ag baint potataoi: gaoth ciuin anoir ttuadh:
ceitre canoin no gunaighe mora ag teacht treas an bhaile;
acht buidheachas le dia, ni raibh Leath Modha Mogha chomh sioth-
chanta ariamh ins ta se anois: da bhrigh sin, nil gabha
leis na gunaighe mora a ccoinne clanna Gaodhal theas; acht
ata Sasanaigh Coige Uladh agus Sasana .i. na Brunsuiceirighe.
ar gabhair mar madraighe fola chum na caitilicighe do slugann.



An naomhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach speirghlan greine: gaoth ciuin attuadh: daoine ag
baint potataoi: ta an talamh eattrom go leor aniomh: rith
ar daoine ag imtheacht chum Cille Cuinnigh le notaoi Banca
Coigighe na h-Eirionn. Is mor an diobhail seo; oir deanfadh
se airgid, .i. notaoi, tearc air feadh tamaill: daoine eile .
air sodair cum eachcoimhling Dun Feart, cuig mile o Callain.
La aoibhin ciuin greine gan oiread mo bhaise de neul, na gal
ceo: tosach oidhche duibhré realtsholas gan neal gan ceo.



An deichmheadh la fichiod .i. diardaoin. Oidhche aorac geal-
aighe roimh faithinne an lae: Beandheas Uenir go ro-lonnrach:
speir glan realtach: maidin geal greine ciuin: siocainin
liath, leacoidhre rothana ar lochanaibh: daoine go ro-gnothach
ag baint potataoi, is da ccur abhaile chum tighthe na bpotataoi.
d'eirigh ceo as an sioc ag naoi a chlog noch do sgaip ag a da
bhuille déag. Ta suil le dia agam nach bfearthannochadh
se go mbeidh saothar an tsiolchuir deanta d'eis na potataoi
do baint. La breagh tirm le gaoth ciuin anoir ttuadh. Taid
na duilleoga ag tuitim go mear no ag feodhadh: da bhrigh sin,
chidhtear na h-ein ann gach sgailp no air gach crann no craobh.
Taid na loin dubha agus na ceirsighe go garoideach. Ni
h-ionnan a nglor anois agus a ttus a tsamhra. Chidhim an


L. 46


smolach, an dreoilin etc. ann sa dos: an spideoigin, an gealbhan
lín, an gealbhan tighe, an gealbhan breac no garuidhe an ghuib
chaoil, an gealbhan buidhe, an gealbhan lín, an lasair coille,
seaghan a' chaipin etc., air barr an chraoibh (sic). Chidhim na
priacain dubha go garoideach san aer a ndiaidh an bain-spiarig no
seabhac. Taid na cearca uisge go ro-iomadamhail timchioll
Muilleann Ui Briain agus Muilleann an Ucaire. Chidhim iasgaire an
righ .i. an cruidín an druim uaithne, bolg-ordha cos-
bhuidhe etc. idir tigh an Crosach agus Muilleann an Ucaire. Is
athasach an aimsir e ag duine agus ag ainbhidhe.



An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia haoine. La trosga
.i. Oidhche Samhna .i. Oidhche Naomh an domhain .i. Oidhche an
Coimh-bleide. La breagh tirm bog nealmhar: gaoth ciuin aniar ndeas,
nealta anoir ttuadh. Is iomdha tuairgin ag brughadh coimh-bleide
no cailceannain. Is iomdha abhal da itheadh
agus cno da doitheadh, mar adeir Cuirt-an-Meadhon-Oidhche san.



MI SAMHNA 1828. Gach lá line. An cead lá .i. dia
satharn. Oidhche Feil na Marbh .i. La Naomh an domhain .i. La
Saoire .i. La Samhna .i. La na gealaighe .i. an cead la den
geimhre mar ba he la bealtuinne, .i. la na greine, an cead la
den samhra. Is ionnan samhan agus gealach, mar is ionnan
beal agus grian.



Maidin ciuin ceobhrain: gaoth agus nealta aniar ttuadh:
gach sliabh agus cnoc um thimchioll faoi cheo, acht bonn Sleibhe
na mBan amhain, noch ata glan: maidin aoibhin é: la nealtach,
gan gal greine, bog breagh sliabhghlan, acht a mbuaicibh amhain
noch ata nealfhoilighthe: oidhche duibhre nealtach dorcha ciuin.


L. 48


An dara la .i. dia domhnach .i. la fheil na marbh. Maidin ciuin
nealtach trom bog: gaoth chomh ciuin sin nach aireochainn e (sic)
go siubhalfainn na choinne: gaoth rochiuin andeas: nealta go
romhall ag triall attuadh: o meadhan lae go deire la nealtana
greine roiciuin. Ni fheacas la chomh breagh le fada: an baile
lan de lucht oibre chum potataoi do bhaint agus siol
cruithneachta do chur. Bhi deire ande le h-each-coimhling
Cille Cuinnigh. Nior sheasadh sé (sic) acht cheithre laethe.
Cia go raibh lathair-an-choimhling lionta le daoine, ni raibh
buile na biseog na an uiread le "tug tu t'eitheach"
ann. Bhi tigh-seasaimh agus botha chum ithe agus oil ann go
leor. Bi lucht prioc-ansa-lub agus lucht mearacan-na-pise, lucht
sguaibin agus lucht roth-an-miodhá mhí-áidh ann, lucht cleas
agus lucht mala-an-miodhá, agus cead cleas eile
nach fiu a bhfaisneis.



An treas la .i. dia luain .i. Oidhche an aonaigh. La dorcha;
fobhraon le neal agus gaoth ciuin anoir ndeas: drochaonach ar
mucaibh mora agus miona: oidhche ciuin tirm dorcha; gaoth
andeas.



An ceathramha la .i. dia mairt. La an aonaig. Aonach a'
mhaga go ceart é. Dhiolas gránan muice, ba holc le togann
í: drochluach ar muca miona is mora. La nealtach siltheanach;
fearthuinn um meadhan lae le neal agus gaoth andeas. Ni
raibh fiu fear recte fir prioc-an-sa-lub air an aonach. Ta
lucht na Ruisiath agus na Fraince ag dul air aigheadh go maith
san Tuirceis. Go mbuadhadh dia leo!



An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. La nealtrom: gaoth ro-neartmhar
andeas da ard soir: fearthuinn o meadhan lae suas.
Is geimhreamhail an la e. Is ro-deacair potataoi do bhaint
as so suas.



An seiseadh la .i. diardaoin. Maidin fearthanna le gaoth
laidir anoir ndeas. Teasduigheann o gach díg a dhiugadh, oir
taid siad barclionta o fearthainn an lae ande agus na h-oidhche
araeir, agus na maidne andiumh. Is anrodhach an maidin í.
Seo an t-am ann a ndeineann na Sasanaigh feinmharbhadh, mar


L. 50


adeir an finnsgeal Francach. Is garbh geimeann an gaoth tre
crannaibh gan duille no feoidhte. Is borb do buireann si tre
seanceallaibh gan ceann agus tre caisleánaibh beanna glasa.
Is fuideach an spailpín fánach, agus a dhrom leis an ttor ag
iaradh fosgadh a n-ionad nach bfuill sé. Taid na hein go
ciuin bronach, faoi sgath sgailpe na sgeirde: o meadhan laoi
suas tirm nealmhar: tuile faoi port san amhain: oidhche
duibhré realtsolas tirm ciuin: gaoth rochiuin andeas: "d'eis
anfa tagann ciunas."



An seachtmhadh la .i. dia haoine. Maidin tirm, dubh-ceo:
gaoth ciuin: an talamh rofliuch: sior-fearthainn on t-aon
bhuile déag air maidin air feadh an lae is an (sic) oidhche, le
gaoth aintréan anoir. Is fada go bhfaghtar potataoi do bhaint,
d'eis fearthanna na d-tri la se: oidhche anrodhach dorcha
gailingeach gonoideach gairbhtheach.



An t-ochtmhadh la .i. dia satharn. Maidin anrodhach dorcha
duairc gruama, gairbhtheach: gaoth gonta garbh geoineach anoir:
ceo air cnocaibh, ceofran air bantaibh: tuile trean ag teacht
o moin agus morshliabh (.i. Druim-a'-ghuail) ag sgeith tar
moinfhearaibh cois amain: is sgeathanach, scéith-
teach go ceart andiomh iad. Is anrodhach an chuma ata air
spailpínibh aniomh, gan obar gan gno le deanamh. Taid siad
diomhaoin glan le cheithre lá. Is beag nach bhfuil an glaiseog,
.i. siobainin glas, chomh dána ar an duine is ata an spideoigin
broinndearg, Do sheasadh ceann aca a bfoigseacht slaite
diom air an mbothar: la tirm anfhuar: na nealta ag sgaipe
um deire lae: "deabhad leat," "deabadh leat." ag daoine
ar a cheile ag dul a bhaile on marga: da phingin ar
cloch potataoi; tri pingne air pont mairtheola; tuistiun is
leathpingin ar point caoirfheola; cuig pingne air pont
muicfheola; tri pingne ar pont ceann muc; ocht bpingne
déag air gé reamhar, tuistiun no cuig pingne air eireog, se
pingne air lacain reamhar; da sgilling air Turcaoi reamhar


L. 52


etc. Oidhche duibhre speirghlan realtsolais: gaoth roghonta
anoir. Is geimhreamhail an oidhche i.
An naomhadh la .i. dia domhnach. Maidin geal greine
fonealtana: gaoth gonta anoir: "d'eis anfa tagann
ciunas": ciothan um trathnona, an tan do bhog an la go mor:
oidhche bog ciuin nealtach realtsolas. Is romhor do tiormadh
an talamh le dá lá: glaodhac mor air lucht oibre air se sgillinge
sa tseachtmhain: seacht bpingine sa lo do mnáibh cruinnighthe
potataoi.



An deichmheadh la .i. dia luain .i. Oidhche Feil' Martan.
"Naoi n-oidhche agus oidhche gan aireamh ó Oidhche Samhna go
h-Oidhche Fheil' Martin." Maidin geal greine speirghlan:
gaoth ciuin attuadh. Is iomdha meithioll ag baint potataoi ann.
gach ard am thimchioll. Ta an talamh caoibheasach suighte.
Saoileas nach beidh mbeadh se chomh suidhte sin go mi na marta
se chugainn, muna ttiucfadh sioc. Chidhim aon bhlaithin amhain
de croch-an-fobhair, a n-Oilean-a'-Mhuillinn, idir muilleann
Callain agus Talamh na Mionan, mara deirid na druideanna
"druid," "druid." Do bhain Siabhra Samhna den
cuid eile de croch-an-fobhair, Oidhche Samhna, noch d'fheoigh
iad. Ciothan d'eis tuitim oidhche le gaoth ciuin attuadh.



An t-aonmhadh la déag .i. dia mairt .i. La Feil' Martan.
Ni cuireann muileoir roth air siubhal aniomh, ni mo do chuirfeadh
bean-amhrais turan tuirne air imtheacht, agus ni
cuireann an sgolog a sheisireach ag treabhadh. Ni deintear
aon gno ion ar gábhadh casadh. Ni feadar cread e an ciall
ata leis, ma ta aon ciall air aonchor leis. Bhidheas ag
posadh areir. Taim tartmhar aniomh. "Da fhada e an
t-ol, is tart e a dheire." La breagh bog greine nealtana:
gaoth ciuin attuadh: tosach oidhche gealaighe: daoine ag baint
potataoi.



An dara la deag .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin greine
speirghlan fonealtana: gaoth ciuin aniar ndeas, um deire.
Laoi gaoth beodha gonta aniar ndeas: nealta ciardonn le
ciubhasaibh ruadha timchioll luidhe greine. Taid na faoilein
d'eis teachta na sgataibh ar an Damhaisc.


L. 54


An treas la deag .i. diardaoin. Maidin nealmhar gal-
greineach: gaoth ciuin aniar ndeas. Taid na sacain (.i.siocain
sneachta) ag teacht re linn dubhluachair na bliaghna
na sgataibh: is olc is fiu a marbhadh iad. Is fearr a bfad an
fiodóg, an naosgach an pearlog an creabhar, an cearc fraoich
an cuileach coileach feadha, an lacha fiadhain etc. Is iongan-
tach a bhfuil ag baint potataoi, idir fear, bean is buachail. Ta
geabhar ag teacht suas go maith ar branar samhra agus an in
aithseamrog dearg: curdath air an aer um Sliabh na mBan ag
luighe greine: tosach oidhche gealaighe speirghlan ciuin: "Gan
gal ann den ghaoith do croithfeadh barr croinn na blaith":
ceathan um deich san oidhche.



An ceathramha la deag .i. dia haoine. Maidin ceathanach
roimh breaca lae agus na dhiaidh: la dorcha: deire laoi fliuch:
gaoth beodha anoir: spailpinighe briste o n-a lae (sic) oibre:
is geimhreamhail an la é: oidhche dorca, anfach: fobhraon,
ceobhraon, ceathan, fearthuinn, baisteach no clagairneach ar
feadh na h-oidhche anrodhach (sic) so, go maidin no breaca an lae.



An cuigeadh la deag .i. dia satharn. Maidin anrodhach
fliuch, clagairneach uathbhasach roimh breaca an lae le gaoth
garthach anoir: bhi sigh-gaoithe ann: dearfadh lucht piseoga
gurab iad an sluag-sighe bhi ag garrtha go borb:
meadhan lae cuibheasach tirm: trathnona, deire lae agus oidhche
anrodhach, fliuch la hanfa anoir agus anoir ndeas: tuile tréan
san abhain.



An seiseadh la deag .i. dia domhnach. "Nior chuadh sdoirm
tar domhnach na róta rabharta tar ceadaoin"; seanfhocal e
seo nach ar saruigheadh aniomh, oir is aoibhin aorach ciuin speir-
glan an maidin gealgreine í seo; an la mar an cceadna;
gaoth rochiuin aniar ttuadh: "Nil gal ann don gaoith do
chroithfeadh barr croinn na blaith."



An seachtmhadh la deag .i. dia luain. Maidin geal greine
speirghlan ciuin: gaoth ciuin aniar ttuadh: o meadhan lae suas


L. 56


nealtach: oidhche gealaighe nealtana ciuin. Chidhim fear ag
baint potataoi: ta an talamh rofliuch rotrom.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia mairt. Maidin nealtach ciuin
tirm. Leighim go raibh ceo ro-tiubh a Longduin dia mairt agus
dia ceadaoin san seachtmhain se ghabh torainn. Ba gruama an
da la iad a Longduin, cia go rabhadar breagh annso. Ta an
fiabhras buidhe a Gibraltar Calp no Sliabh Cailp: marbhann se
cheithre fichiod duine sa ló. Bhi uireasba uisge orrta; acht
thaineadh fearthuinn. Ta suil go ccuirfeadh se (sic) deire
leis. Ceobhraon a ndeire laoi: oidhche gealaighe nealtana:
gaoth ciuin aniar ttuadh.



An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine
speirgorm, fonealtana, gaoth ciuin aniar. Chidhim druid-
eanna na sgataibh go doith moch ar maidin os cionn Callainne.
La breagh tirm nealtana o meadhan lae suas.



An fithcheadh la .i. diardaoin. Maidin nealtana tirm:
gaoth beodha aniar ndeas: deire laoi ceobhrán le gaoth beodha
aniar ndeas. Is iomdha meithioll ag baint potataoi le fear,
bean agus buachaill. Is iomdha ceachta ag siolcur: oidhche
nealtach gealaighe: gaoth rogharbh aniar ndeas. Is ceolmhar a
duanuigheall timchioll na seancaislein.



An t-aonmhadh la ficiod .i. dia haoine. La nealmhar tirm:
gaoth rogharbh aniar ndeas; is beag nach anfa é (an .i. ro agus
fá .i. badh .i. gaoth; anfa .i. anghaoth). Ni bfaigheann an
gealbhan buidhe na an gealbhan tighe na an dreoilín donn na
an buachaillín seang, na an glasog, na aon mionean eirghidhe
o sgat na ttor, san ccladhfais. Ta an druid go hard san aer.
Is iongantach gnothach ataid daoine anois ag baint potataoi,
agus ag siolchur. Nior fhagadh fear bean na buachaill gan
togbhail on ccrois ar maidin. Ta an crann feoruis (.i. fidh-
abhruis) go niamhrach air thalamh an Chrosaigh anois. Fearthainn


L. 58


eattrom o tri a chlog no trathnona go hocht; as sin suas o
oidhche ciuin gealaighe nealtana tirm.



An dara la fichiod .i. dia satharn. Maidin geal greine,
gan neal gan ceo: speir geal gorm glan. Is roileir Sliabh
na mBan, Sliabh Ardach, na Gaillti, na Cumaracha, Sliabh
Laighean, na Staidhrighe dubha, Cnoc Breandain .i. Breandaill,
Sliabh na Leac etc. etc. Taid moran daoineadh ag baint
potataoi; acht cia lanaoibhin an la is trom an talamh. Taid
na iothracha da siolchur le ceacta go h-iomadamhail. La
aoibhin bog go deire: gaoth ciuin aniar ndeas; oidhche
neal-eattrom gealaighe tirm.



An treas la fichiod .i. dia domhnach. Maidin nealtach gaoth-mar
tirm: anfa andeas da ard siar o trathnona no tri a
chlog go deich san oidhche.



An ceathramha la fichiod .i. dia luain. Fearthuinn trom
o buile a chlog ar maidin go breaca an lae: tuile faoi port
robuartha san amhain, d'eis eirghe an lae: maidin bog
neal-mar: gaoth ciuin andeas da ard siar: deire laoi greine
nealtanna: oidhche ciuin bog gealaighe o seacht a chlog suas:
nealta dearga um luidhe greine.



An cuigeadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin geal
greine fonealtana: gaoth ciuin aniar ndeas. Is iomdha
ceachta ag siolcur talamh athpotataoi: foduine ag baint
potataoi. Ta tarbh bocht da bhualadh le da la (mo thruagh é)
ag grathain grana na sraide, agus ag madraidh an bhaile.
Is meir milaochda an coimhtional iad. Deire laoi
nealmhar tirm: tosach oidhche duibhre dorcha: fearthuinn ag
seacht a chlog le gaoth laidir: cuma anrodhach air an oidhche.



An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin gaothmhar:
fearthainn trom o cuig a chlog go breaca lae: la tirm na
diaidh san le gaoth ciuin aniar ndeas. Ni raibh "gein-mhic-
a-luain" ag obair machaire air maidin; acht an tan
d'eir-ghideadar na nealta suas, bhi fodhuine ag siolchur a ttalamh


L. 60


tirm: deire laoi nealtana: gal greine anois is arís: is fann
do dheallraigheann sé: tosach oidhche dorcha nealtach; ag seacht
a chlog do sgaipeadar na nealta: oidhche breagh realtsholas
ciuin o deich a clog suas: oidhche gealaighe ciuin tirm.



An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin tirm
ciuin nealtana. Is fann do dalloraigheann an grian. Is
iomdha ceachta ag siolchur cruithneachta: foduine ag baint
potataoi. Chuadhas ag spaisteoireacht go Cill Brighde ag
Ath-an-Uir. Chsiubhalas o droichid Ath-an-Uir cois
na h-Amha Bige tre Coimineas Cille Minic. Is salach laibeach
na boithrínighe brocacha ata idir na bothain bochta cois na
Coiminisighe; is, dá bhoichteacht iad, ata an tighearna Clifden
agus tighearnaighe agus daoine uaisle eile ag iaradh iad do
chur fa chios doibh fein. Nach ar eirghidhe a n-obair leo! Amen.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia haoine. La nealtrom tirm
foghal greine ag teacht go fann achranach treas na sgamaill:
deire laoi dorcha: fodhuine ag baint potataoi, agus ag
siolchur: ta an talamh rotrom uisgeamhail: oidhche tirm.



An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh nealtach
tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: ta saothar ar siubhal.



An deichmheadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin tirm
nealtach: meadhan agus deire laoi aoibhin aorach grianmhar
speirghlan gorm: gaoth ciuin aniar ndeas. Ni fheacadh,
san t-am so den bhliadhain airiamh la ba breaghtha: oidhche.
duibhre. Is maith an t-am duibhre na samhna chum cruithneachta
do chur.



MI NODLAG .i. MI MEADHAIN A' GHEIBRE AGUS MI
DEIRE NA BLIAGHNA. An cead la .i. dia luain. La greine
nealtana bog ciuin go do a chlog, an tan do foiligheadar nealta
eattroma aigheadh na speire: gaoth ciuin ón ard thuadh, acht do
athradh se (sic) gus an ard shoir teas: an glasog no bricín-
baintighearna go gobach L.S.


L. 62


An dara la .i. dia mairt. La nealtach tirm: gaoth laidir
andeas: bean cleas ag siubhal air tead neamhtheann, ag
deanamh cleasa goile agus gaisge le cloidheamh, ag seasamh ar
an tead, ag ardadh inneoin trom inneona truime ceardcha
le n-a fiacla agus le n-a gruaigh agus fear ag seasamh air,
ag togann baraile uisge agus leanabh ag suidhe air le n-a folt,
ag fulgann tri buile d'ord mor ceardchan air an inneoin, noch
do bhi leagaighthe air a hucht agus iliomad cleas nach airmhím:
oidhche borb duibhre dorcha tromnealtach.



An treas la .i. dia ceadaoin. Is breagh dorcha tirm an
mhaidin í. Is maith an t-am ata an Oirchinn ag tabhairt do lucht
siolcura, agus potataoi deaghnacha do bhaint: la tirm dorcha
bog. Is iomdha naosgach agus cearc uisge ar bruachaibh na
h-amhain. Is iomdha éan, mion is mor, ag suil le n-a ccuid
den siolchar. "Samhra gach sine go Nodlag (sic), is ni fuacht
go feil Brighde": gaoth bog ciuin aniar ndeas: oidhche bog
dorcha ciuin.



An ceathramha la .i. diardaoin .i. La aonaigh Muilleann Ui
Chuan. La aoibhin aorach, speir ghlanghorm bog greine: gaoth
ciuin aniar ndeas. Is aoibhin Cnoc-na-Caraige agus Cnoc na
Ratha faoi a ngoranaibh garránaibh giubhaise. Is aoibhin Tigh-
na-h-Inse agus a coillte dura daraighe. Is aoibhin sliabh:
is aoibhin tir: is aoibhin daoine: is aoibhin airneis: is aoibhin
eanlaith an aeir is iasg an uisge: is aoibhin gach dul fa nimh,
o tug an Duileamh air gnuis na greine taithneamh orainn
a n-aimhdheoin ar mallaightheachta: oidhche duibhre ciuin: airightear
gur maith an t-am duibhre na samhna chum cruithneachta do chur.



An cuigeadh la .i. dia haoine. Sonnadh gaoithe roimh
breaca an lae: maidin nealmhar: gaoth beodha tirm andeas. Is
comhsamhail an la andiumh le la tirm nealmhar marta. Ba
chomhsamhail an la ande le la grianmhar bog tirm abrain. Ta
gach aon duine ag cur cruithneachta. Is beag de talamh


L. 64


athphotataoi d'fagfar le h-aigheadh cur coirce no eornan air,
an t-earrach se chugainn. Da bhrigh sin, is comhsamhail go
mbeidh siad daor an bliaghain se chugainn, muna seasochadh
na sleibhte duinn. Geobhadh an duine is luaithe bhainfeas
cruithneacht an bliadhain se chugainn luach maith air, oir beidh
an seancruithneacht imighte fan am sin; acht, is ag Dia ata
an breis do tabairt: is ag an duine ata an siolchur do
dheanamh: la nealmhar acht foghal greine um meadhan lae:
oidhche duibhre. Is iomdha ainm ata air an gaoith, mar ata,
(1) ainmnughadh on ard as a seideann sí .i. gaoth attuadh, gaoth
aniar, gaoth andeas, gaoth anoir: gaoth anoir ttuadh, gaoth
aniar ttuadh: gaoth anoir ndeas: gaoth aniar ndeas . . .
(2) Ainmnightear o n-a neart no o n-a laigeacht í, mar ata: -
siola no siola gaoithe .i. gaoth rociuin: gal gaoithe:
sonnadh .i. seideog gaoithe obann laidir: anfa .i.
stoirm: guairdean gaoite: sidheán gaoithe .i. sidhe gaoithe:
rota na Feil' Michil rabharta: gailbhe .i. gailbhín .i. gaillinge
.i. anfa le nealta, gaillshionn, gaillshionnach, gairbhshion .i.
gairbhsin. "Samhra gach sine go Nodlaig, is ni fuacht go
Feil Brighde." nó, "Samhra gach sine go Nodlaig, is gairbhshín
na bliaghna an Feil Brighde" gaorsta .i. guairdeán nó
guairneán .i. eachan gaoithe.



An seiseadh la .i, dia satharn. Ceathain le seideogaibh
andeas roimh breaca an lae: maidin dorcha: ceofrán agus
mionfearthainn le gairgshín andeas um an t-aon bhuile déag
go se a chlog; anfa no gaoth garbh garthach na dhiaidh sin. Is air
éigin do gheobhainn gabhail na coinne. "Ni anfa go gaoth
andeas." Chrom se ag trom-feartainn ag se a chlog san
oidhche duibhre. Is garbh bheiceann an t-anfa andeas chugainn
o Bhearna na Gaoithe. Ni leasainm so, oir is gaothmhar an
bearna anocht e (sic): clagairneach le h-anfa uathbhasach um
seacht agus ocht a chlog: clagairneacht agus fearthainn o am
go h-am air feadh na h-oidhche le gaoth gonta garthach garbh, noch
do athraidh gus an ard aniar ndeas um buile a chlog ar maidin.



An seachtmhadh la .i. dia domhnach. Teinnteach re linn na
fearthanna ag ocht a chlog: clagairneach agus fearthainn roimh


L. 66


breaca an lae, mar adubhras cheana le h-anfa aniar ndeas:
maidin nealmhar go deich a chlog, an tan do ghlan se suas.
La breagh ciuin greine speirghlan gan neal gan ceo: "d'eis
colloid ciuineas." Is aoibhin aorach an la e: do
tiormadh gaoth na maidne an talamh go h-iongantach. Ba
dhoith leat nach ar rinn se braon fearthanna areir: oidhche
gaothmhar clagairnighe, o ocht gus an t-aon buile deag:
oidhche gaothmar, teinnteach le linn na fearthanna.



An t-ochthadh la .i. dia luain. Maidin tirm gaothmhar
roimh breaca an lae: la nealtach greine go buile a chlog:
gaoth ciuin aniar ndeas. Do doitheadh tri botha air
maidin andiumh air faithche an aonaigh. Is iomdha bothán do bhog
anfa an tsathairn o bhonn go barr. Is iomdha díon do dhian-raob
sé. Is iomdha crann do chairt se air lar le n-a baragh-alach
barrghalach feidheanan eidhneán. Do cuireadh ande a
reilg Tulaigh Maoine, Seaghan Grás o Bhaile Mac Adhamh, noc
do badhadh da la roimhe sin ag -. Ta eagla orm go raibh
se air meisge. "Ni thagann meisge gan mi-ghreann." O
buile a chlog go deire laoi nealtach: gaoth fuar aniar ndeas:
oidhche ciuin realtsholas speirghorm.



An naomhadh la .i. dia mairt. Ceathain roimh breaca an lae:
maidin geal greine speirghlan: gaoth ciuin fuar aniar ndeas
ta maoilin Sleibhe na mBan Fionn agus is fionn go ceart
andiumh í, oir ta sí foilighthe o bhonn go barr le sneachta glegeal
noch do tuit areir uirthi. Ta morsgata do eunaibh riabhacha
ar fuaid an Faithche ag eitiol go h-isiol, agus ag sgréacadh
mar bainibhinidhe oga. Creidim gur ab iad na reafoga (.i.
riabhoga): o meadhan lae suas nealtana grianmhar tirm.



An deichmhadh la .i. dia ceadaoin .i. La trosga an Adbhent
na Teadachta. Do leigh an sneachta ar Sliabh na mBan. La
dorcha tirm geimhreamhail: gaoth laidir gear aniar ndeas.
Taid na sacain ag imtheacht go mall na sgataibh air
Talamh na Mionain (éan donn le h-ucht liathbhán): anfa .i. gaoth
garbh gartach aintréan aniar ndeas, o ceathair a chlog sa


L. 68


trathnona go seacht a clog .i. air feadh tri h-uaire. an cluig.
Leighim gur bathadh bádhadh loingeas agus daoine láimh le
Corca agus Portlairge, agus iliomad d'aitibh eile, dia
satharn se ghabh torainn, san anfa adhbhalmhor: oidche
geimhr-eamhail garthach tromnealtach braonach bogartach bagarthach
borb buartha go meadhan oidhche, an tan do ardadh an t-anfa
go mor go tri a chlog ar maidin, an tan do ciunadh chiunuigh
se go mor.



An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Roimh breaca an lae
ciuin tirm realtsolas: maidin fannghreine speirghorm:
gaoth ciuin fionfuar anoir. Ni fheicim duine na daonaidhe ag
saothrughadh na talmhan acht aoinneach amhain. Ta saothar na
bliaghna criochnuighthe go rathamhail, mile miliun buidheachas
le dia Mor uile comhachtach. Beidh sgologa ag bualadh, ag
margáil, ag diol ciosa, ag riaradh airneise, ag dionadh tighe
muintire, sgiobol etc. etc., eachlann, cro na ccaorach etc.,
ag cur leasuighthe amach ma thagann sioc, ag glanadh dioga,
ag deisiughadh fal etc. etc. go ttiocfadh mi faoileadh no fabhra,
an tan thoiseochadh obair earraigh.



La ciuin greine bog breagh tirm: gaoth andeas um luighe
greine. Foiligheann Sliabh na mBan an grian uaim ceathramha
uaire sul na luigheann si faoi an radharccrios: tosach oidhche
ciuin gealaighe; deire oidhche dorcha seideogach.



An dara la deag .i. dia haoine. La trosga. Maidin tirm
gaillingteach gaothmhar, d'eis oidhche seideogach. Nil caor
dearg air an bpeite buinionn anois, cia go rabhadar go
lionmhar air an t-am so an uraidh (.i. iar-eadh .i. iaram .i. an
bhliaghain se ghabh torainn). Gleann na seideog is ceart do
ghlaodhadh anois air gleanntan na bfuiseog; oir do ruaig na
seideoga siocamhla o Sliabh an tSneachta .i. Sliabh na mBan
uadh na fuiseoga go gleanntainin eigin eile, go n-athrochadh
an ghaoth on ard tiar teas: tosach oidhche gealaighe tirm ciuin.
Chrom se ag fearthainn go dian ag naoi a chlog, agus do lean
air go ---.



An treas la deag .i. dia satharn. La aonaigh na muc.
Maidin ciuin fearthanna: meadhan is deire laoi tirm


L. 70


trom-nealtach dorcha duairc gruama: tosach oidhche gealaighe nealtach.
Do eirig an Seanain an t-Sionann le h-anfa an tsathairn
ag seide le taoide an recte na ré nuadh, ina thulchaibh
toirteamhla ag sgeitheadh tar moinfhearaibh agus boithribh, ag
stad coiste-an-mhala agus gleasa iomchair eile. Bhi
toir-neach blaomanach a cCeatharloch. Do sgoilt se cloigtheach
Nuirne Na h-Urnaidhe o bhonn go beann, go h-uathbhásach
iongantach. Do raob se obair admuid an teampoil, oidhche
dia domhnach se ghabh thorainn: gaoth andeas da ard soir le
ceo agus nealtaibh.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach. Maidin ciuin
dorcha gruama: o meadhan lae suas, la breag bog, an grian
ag taithneamh go fann tre tananealtaibh: tosach oidhche gealaighe
speirghlan gorm: ciuin-ghaoth anoir ttuadh; ag naoi a chlog
d'fhoiligheadar nealta an speir.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. La an aonaigh, oir
aistrigeadh on domhnach (14adh) e, mar is gnath. Maidin
trom-nealtach bog tirm: gaoth ciuin anoir ttuadh: la breagh bog
nealtach: ceannach mear ar mucaibh miona agus meadhonacha.
Dhiolas muc drochgoile agus ceannuigheas muc eile in a
h-ionad.



An seiseadh la deag .i. dia mairt. La nealtach,
trom-fhearthainn um cronughadh lae le gaoth laidir andeas, da ard
siar: ciuineas um naoi a chlog le reidhleis.



An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. La trosga.
Maidin ceathanach: la nealtach: gaoth aniar: oidhche
fear-thanna: gaoth laidir borb.



An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. Clagairneach roimh
breaca an lae: la geal greine speirghlan ghorm: ceo ag
ceilt Stuadh Laighean agus ag leathceilt an Staidhre duibh:
siola gaoithe aniar ndeas. Tuile tréan faoi phort san
Amhain. Do dorchadh go h-obann an speir glan ghorm ag tri
a chlog le nealta ciara agus le mionfhearthainn: tosach oidhche
gealaighe nealtana. Do doitheadh tigh-atha-an-


L. 72


potadora a Lana-an-Mota, ag naoi a chlog san oidhche le lasair
an atha do lasadh andian, oir ba tigh cinntuibhe -tuighe é.
Is maith mar tharla a n-aimsir fliuch no doithfidhe gach tigh-
amuich a Sraid-a droichid-bhig. Nil thig na bothan na seasamh a
Lana-an-Mhota anois, oir do theilg Hanri Ua Riain,
cíosghlacathoir an Tighearna Clifden sios cum talmhan iad,
leathbhliadhain o soin, ag cur lucht na mbothan cum fadhain
fáin. Ba hi tigh-atha-an-potadora mo tigh-scoile-si,
timchioll -- bliadhain o shoin. Bhi cead agus triochadh sgolaire
agam ag fodlaim foghlaim, on aibcidir suas go tórmuidheachta
mar ata thall.



An naomhadh la deag .i. dia haoine. La trosga. Maidin
nealtana ceobhrain, d'eis oidhche anfa ceathanach. Taid na
sleibhte a bfogas leathceilte agus na sleibhte a ccein muchta
a cceo: la nealtach braonach: gaoth fuar beodha aniar ndeas o
Sliabh na mBan Fionn. Taid na gealbhain buidhe na sgataibh air
an bhfaithche. Do marbh an sealgaire Maindeamhail (guth-bhéil
Maideamhail) da cinn (sic) deag de na luatharánaibh le h-aon
urchar amhain. Is comhsamhail le mionain aeir iad, acht gur
lugha iad. Do mharbh se ocht bhfeadoga: oidhche gaothmhar tirm.
Is clos dom gur mheath morchuid sil cruithneachta cheana leis
an siorfhearthainn ann aiteannaibh fliucha. "Is fearr sioc
na siorfhearthainn."



An fithcheadh la .i. dia satharn .i. la trosga. Maidin
ceathanach tromnealtach dorcha. Lamhann na sealgairighe an
gearraguirt sa ngeibhre agus cluinim iad sa samhra agus sa
bhfoghbhar: da bhrigh sin, ní fhagann na gearraguirt sinn, no ni
iltírigh iad foirtir, tairimteachtach, imirceach mar do shaoileas,
no do b'eidir go n-imthigheann na cinn laidre, agus go bhfanann
na cinn laga. La nealtach dorcha tirm: gaoth beodha aniar
ndeas. Is iomadh ramharach .i. mart ramhar air an margadh


L. 74


aniomh. Ta tri pingine go leith air an bpont de: tuistiun is
leathphingin ar an caoirfheoil, cuig pingine ar muicfheoil.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach .i. an la is lugha
solas greine sa mbliaghain. Maidin tromnealtach tirm:
gaoth beodha bog aniar ndeas. Chidhim na nealta nios iochtar-
aighe ar Cnoc Breandain (coitcheann Breandail) na barr
Cnoic Copana laimh leis budh thuadh uadh, agus gan aon neal ar
Cnoc Copana. Da bhrigh sin, is íochtaraighe luigheann na nealta
air taoibh na gaoithe de cnoc no sleibh na san aer na timchioll
mar so: -



Agus is furas so do tuigsin, oir an tan bhionn cnoc no sliabh
nios aoirde ná na nealta, tiomargthar ar a ceile na nealta
an tan stadtar iad ar taoibh na gaoithe, na ttromualach, agus
da bhrigh sin, tuitinn tuiteann siad: oidhche tirm.



An dara la fichiod .i. dia luain. La nealtana tirm: gaoth
beodha aniar ndeas: oidhche ciuin nealtana gealaighe.



An treas la fichiod .i. dia mairt. Gaoth ciuin andeas:
maidin bagarthach: la breagh tirm: an grian ag taithneamh go
fann tre nealta tana. Is iomhda reamharach air an margadh
aniomh. Tri pingine air pont mairtfheola; tuistiun ar
caoirfheoil, tuistiun is leathphingin no cuig pingine air
muicfheoil.


L. 76


An ceathramha la fichiod. La trosga. Oidhche an (sic)
Nodlag. Maidin nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas: la
breagh greine speirghorm, chomh breagh le la buidhe bealltoinne.
Is iomdha gríscín muicfheola agus ceann muc; is iomdha
spoillín a' mhargadh de spadalach mairtfheola; is iomdha
spolla mor meith de blein seanachranach; is iomdha greidhm
gearr de seinreithin, da cceannach ag daoine bochta; oir do
ceannadh cheannuigh na daoine sasta saidhbre feoil air
foghnamh cheanna: "Biodh an fear deireannach diobhalach,"
mar is gnath. Ta beagan d'fheoil air foghnamh air an margadh
aniomh: oidhche speirghlan realtsholas: gaoth ciuin aniar ndeas.



An cuigeadh la fichiod .i. La anolag. An gealach ag
taith-neamh roimh faithinne an lae, o speir gan neal gan ceo ag
failtiughadh an deigh-Leinibh Iosa. Druma mor da bhuala ag
cuig a chlog, fideoga agus feadain da n-imirt ag aosog an
bhaile: la breagh greine speirghorm, acht timhcioll deich a chlog
air maidin, an tan d'eirigh siocainín liath a nealtaibh tana,
noch do thuit gan mhoill na cheofrán. Chidhim siocan leith
air mullach Suidhe Finn Sleibhe na mBan, an cead siocan
do chonaircas an geimhre se é. Seo la sealgaireachta an dreoilín.
Ta faithche an aonaigh foilighthe le fuiseoga ag eitioll cois
talmhan na sgataibh. Ta eagla orm gur air na fuiseoga so
glaodhas réafoga .i. riabhoga roimhe seo: oidhche speirghlan
realtsolais: gaoth ciuin aniar ndeas.



An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. La Feil' Steaphán.
Chrom se ag fearthainn ag se a chlog roimh breaca an lae:
clagairneach o seacht a chlog go deich air maidin, le laobaibh
no fliuichsneachta trid, agus gaoth ciuin anoir ndeas. Is
deacair do lomair chon chonairt dul ag fiach fiadhach aniomh,
nó is rodeacair do na fiagaitibh a leanamhain, oir ata an tir
rofhliuch. Ta sneachta ar Sliabh na mBan Fionn, o bhonn go
mullach Sighe Finn (Suidhe Finn) .i. barr Sleibhe na mBan.
Grathain an bhaile ag imtheacht o doras go doras, le dreoilin a
ccrann cuillin, ag iaradh airgid chum bheith ar meisge um deire
laoi. Is olc an nós a thabhairt doibh é. Is beag an pobal
ata a cCallain andiu tre fliucras na maidne: ni mar sin a


L. 78


ccomhgairm an lae andiomh tri bliaghna o shoin, an tan do marbhadh
ceithre duine deag air an lathair ag seipéal na mBrathar,
agus do meilleadh cead duine. Ba ceasta an cas é.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La aoibhin greine
speirghlan, d'eis oidhche seaca leithe: leacoidhre tana ar
lochanaibh: gaoth ciuin attuadh ar maidin go deich a chlog:
gaoth ciuin andeas an cuid eile den la: oidhche nealtiubh
dorcha. Do chrom se ag clagairneach ag naoi a chlog, agus do
gread se leis go buile a chlog an tan do sgaipeadar na nealta,
no do thuiteadar a bhfearthainn, oir do bhi aigheadh na speire
glan dubh-gorm go maidin.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La aoibhin ciuin
greine speirglan, gan uiread le meid mo bhoise de neal
na ceo air an speir glan gorm: "Ni raibh gal ann den ghaoith
do croithfeadh barr croinn na blath." Ta Faithche an Aonaigh
foilighthe le gealbhanaibh buidhe, fuiseogaibh, agus gealbhanaibh
cuillin agus gealbhanaibh lín agus glasogaibh ag priocadh piast.
Is mor theastuigheann ein anois, oir ataid piasta leabhaire.
caola, dearga no ruadha, tre fliuchras na h-aimsire, ag ithe
sil na cruithneachta. Ni h-iad na torain iad .i. piasta beaga
buidhe noch a tagann a mi na marta. Um luidhe greine, d'eirigh
nealta tana le gaoth rochiuin andeas: oidhche bog ciuin dorcha
nealtach.



An naomhad la fichiod .i. dia luain. La breagh bog nealtan
greine: gaoth laidir tirm andeas: an cead marga seachtmhain-
eamhail muc d'eis na Nodlag: droch-mharga é. Is robhog
rofliuch an aimsir i se. Chidhim an feirrdris .i. an earraidh-
reas .i. an crann rós ag gobughadh amach anois, agus an feith-
leog ag gobughadh mar an cceadna: oidhche duibhre trom-
nealtach tirm: anfa andeas.



An deichmheadh la fichiod .i. dia mairt. Anfa andeas roimh
breaca an lae agus na diadh: maidin tromnealtach ceofrain.
Is air eigin do gheobhainn siubhal a gcuinne na gaoithe ar Faithche
an Aonaigh. "Ni anfa go gaoth andeas." Oidhche anfa


L. 80


duibhre tromnealtach fearthanna anrodhach. "Samhra gach síne
go Nodlaig."



An t-aonmhadh la deag ar fichid. La deireannach na bliaghna
.i. Oidhche an Nodlag Beag. Roimh breaca an lae siorfearthainn:
maidin dorcha: gaoth ciuin glasfhuar aniar le ceofrán um naoi
a chlog: la breag bog greine speirghorm na dhiaidh so. Taid
piasta ruadha agus ciara agus breacbhuidhe ag itheadh sil na
cruithneachta, agus da thanadh go mor. Is on bfliuchras d'fhás
siad. La aoibhin aorach greine speirghorm ciuin: oidhche ciuin
speirdubhghorm reilteanach aoibhin.



Is álainn an deire leis an bliaghain e amhail agus mar
do dearadh se: "Cia go raibh me a bfearg leat air feadh
tamaill, maithim duit anois: crotham lamha: na imthighmis o
na ceile faoi feirg: go ttugadh Dia uile-chomhachtach an
bliaghain se chugainn nios aoibhne duit agus nios rathamhla:
slan leat go siordhuighe suthain, oir ni chasfa mise go brath
na beatha ".i. an bheatha.


L. 82


B 1829 19T
CINN LAE UÍ SUILLEABAIN DEN BLIADAIN d'AOIS
CRÍOST MILE OCHT CCEAD AGUS NAOI MBLIADHNA
FIChIOD (1829).



Cromas ar Cinn Lae Ui Suilleabain do sgriobad an cead
la de mi abrain, 1826, 1827 iar gceart acht is ag Dia
amain ata fios cathain cuirfead deire leis: mise Amhlaoib
O Suilleabain o Loch Lein na bfearann bfearmar oileanach
aoibhin aorach, im comnuide a cCallain a' clampair a ccontae
Cille Chuinnuigh anois. Gach la líne



Mi Gionbhar .i. dorus na bliadhna
Gionbhar gruama dorcha duairc
No sneachtamhail siocamhail sleamhain suairc.



An cead la den bliadhain nua .i. diardaoin .i. La Nodlag
Beag .i. la saoire. Deas Dé sa bliadhain duinn! Go dtugaidh
Dia bliadain nua faoi sean agus faoi sonas duinn! Is aoibhin
aorach alainn an maidin geal greine i: speir gan neul gan
ceo: gaoth beodha aniar. Is mor do theasduigheann aimsir
tirm uainn. Chim ar Faithche an Aonaigh fuiseoga agus riaboga:
is ionann dath doibh nach beag, acht gur lugha faoi do an riabhog.
Is cneasta an ainm riabhog air - is riabhach é; agus is cneasta
an ainm titlarc, oir se glor bionn aige agus e ag eiteall.
cois talmhan "tit, tit, tit, tit." Deirtear liom gurab


L. 84


e an t-éinín-cois-bó an mudlarc, agus deireann
daoine eile gurab é an riabhog mona an titlarc, agus
gur gealbhan uaithne no gealbhan raibe is ainm don
green.
O meadhon lae suas neultana glasfuar.



An dara la .i. dia haoine. La ciuin bog neulmhar dorca:
na macairighe chomh glas le giobhar: na gealbhain tighe ag siubhal
na scataibh ar craobhaibh: taid na lona dubha na scataibh
anois, agus na druideanna, na sacain, na fuiseóga,
na riabhoga, na gealbhain buidhe agus nach beag gach gne ean
acht na h-ein feoil-ithteach .i. na seabhaic, na fiolair,
priacain na ccearc. an fionnog etc., etc. Bionn siad so mar
lucht dunmharbhadh na luighe go h-uaigneach chum feall do
deanamh: beagan fearthanna a ttosach na h-oidhche, le gaoth
ciuin aniar ttuadh.



An treas la .i. dia sathairn. Maidin greine foneulta.
gaoth beodha aniar ttuadh: an la mar an cceadna, acht aon
uair amhain san meadhon lae, an tan chuir sé cuma gruama
geimhreamhail air fein: da pingin ar cloc potataoi: tri
pingine go leith no tuistiun ar buiseal colmais: naoi
bpingine ar cead guail: oidhche ciuin tirm duibhre realtsoluis:
is mor teasduigeann aimsir tirm.



An ceathramha la .i. dia domhnach. Cioth roimh breaca an
lae, le gaoth garbh garoideach aniar ttuadh: maidin tirm
tromneultach geoineach garbh gaothmar: ceathain le anfa
aniar ttuadh o deich a clog ar maidin go deire laoi. Is
geimhreamhail an la e go dearbhtha.
An cuigeadh la .i. dia luain .i. luan-na-mban-maith.
Marga muc, - drochmharga. Maidin geal greine: speir gan


L. 86


neul gan ceo: gaoth ciuin attuadh: realt na maidne go
lonnrach le faithne fáinne an lae: an la mar an maidin.
tirm speir-glan beodha: oidhche speir-glan realtsholais
duibre ciuin seaca leithe.



An seiseadh la .i. dia mairt .i. La-cinn-an-da-la-deag
.i. la saoire. Ta coisceim coiligh leis an la: la bog braonach,
tromneultach ciuin: an siocan ag teacht anuas 'na
mion-feartuinn: gaoth ciuin aniar ttuadh.



An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. La ciuin neultach dorcha:
siocan areir: sneachta ar Sliabh na mBan Fionn o muillach
Suidhe Finn go da dtrian sios. Ni feicim acht ceithre blathanna
.i. blath an aitinn, an noinin, an praiseach buidhe, agus an
fiacail leomhain. Taid na macairighe com glas le giobhar.
Ni gad na ba do cur isteach fos: potatai ar da pingin an
cloich; is saor iad. Beagan fliuchsneachta ar maidin go
doich moch, agus um naoi a clog san oidhche: sioc cruadh idir
Durlas agus Baile an Garadh no Cill Baoithin: do b'eigin
cruidhte na ccapall do gearughadh san duthaigh sin.



An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. Maidin neulmhar: o naoi
a clog go buille um trathnona, la greine neultana: gaoth
ciuin anoir: deire laoi neultach tirm ciuin: speir or-buidhe
agus dearg-buidhe, no cur siar o Sliabh na mBan deis:
sneachta ar gach ardsliabh im' thimchioll, mar atá, Sliab na
mBan Fionn, na Gaillti, na Cumaracha, Cnoc Breanduin
(.i. Breandaill), Sliabh an Staighre Dubh, agus Stuadh Laighean.
Ni feicim sneachta ar aon sliabh, na cnoc eile, na ban, na
machaire. Imthigheann na druideanna agus na sacain
'na sgataibh le ceile: "druid, druid," ag an druid dorcha.
Is comhsamail le glor an maigbreac glor an tsacain
breacuchtach, dromdorcha. Chím aoin-bhean amain ag romradh
caoinligh.



An naomadh la .i. dia haoine. La breagh tirm seaca;


L. 88


leac-oidhre ar lochanaibh, ceathramha ordlaig ar tiughacht:
sneachta eattrom ar gach sliabh dar airigheas andé.
Ni feicim sgeacoire na caor ar an bpeithe buineann. Chím
fior-beagan de sgeachóiribh muc giobaigte go lom le mionaonlaibh:
is proind doibh na siolta beaga do itheadh 'na n-ionad no
maireamhain ar piastaibh beaga. Ni chluinim ceileabhra an
loinduibh na na smolaighe san ccraoibh, cia go cceileabhraid
go binn 'na ccliabhanaibh. Is comhsamhail gur fearr ceol na
n-eun i ccliabhanaibh san ngeimhre, na ar an ccraoibh, oir is
fearr beathuightear leis an duine iad na mar is feidir leo
fein iad fein do bheathughadh i measg na dtor agus na sgairt.
Taid na fuiseoga ag eiteall go h-iseal 'na sgataibh; na
druideanna agus na sacain agus na seideoga feadóga
go h-ard. Ni chím (sic) gé na lacha fiadhain: gaoth ciuin anoir
ttuadh ar maidin: anoir ndeas um cronughadh lae.



An deichmeadh la .i. dia satharn. La neultrom ceatana
tirm: ball dearg thiar theas um luighe greine: gaoth ciuin
gear aniar ttuadh: oidhche ciuin bog néaltach.



An t-aonmhadh la deag .i. dia domnach. La néaltach fuideach
ceofranach le gaoth ciuin attuadh: beagan fliuchsneachta le
gaoth ciuin fuar anoir ttuadh ag ceathar a clog um trathnóna:
proinn breagh againn ag tigh an tsagairt.



An dara la deag .i. dia luain. Maidin geal greine: gaoth
geur anoir ttuadh. Bhí Sliabh na mBan mar sliabh luadh ag
breaca an lae, agus mar sliabh airgid ar sgaipe na neul
d'éis eirghe greine: la breagh tirm greine neultana:
droch-mharga muc: tosach oidhche ciuin tirm gealaighe: buidheacain
breaca corcra agus uilbhlathach i lubhgortaibh ar feadh an geimre,
cia nach bfoicim an buidheacan buidhe ins na cloidhthibh.



An treas la deag .i. dia mairt. La dorca neule attrom:


L. 90


sneacta ar gach sliabh dar áirmheas an t-ochtmhadh la, agus ar
maoilin Sleibhe Breathnach os cionn Baile an Chaisleain, agus ar
maoilinibh Sleibhe Ui Duach: gaoth geur ciuin tirm anoir ttuadh.
Is ro maith an aimsir don tuadh e: mor-cuid cruith-
neachta ag imtheacht on Spainn go Sasana, gus an bFrainc,
gus an Iodail etc. Ta si o seacht sgillinge an baraille go
h-aon sgilling deag ann: oidhche ciuin neultach.



An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog
tirm dorcha neuleattrom: sneachta ar sliabhaibh, mar ande.
"Ni raibh gal ann den gaoith, do chroithfeadh barr craoibh'
na blath." Do thánadar na neulta ag luighe na greine ag an
ccuinne tiar de Sliabh na mBan. Ba glormar griosamail
a agaidh i measg trusgan na spear. Seo an cead la o an -
de mi --- do conairc me an grian ag luighe di; oir d'foiligh
Sliab na mBan uaim i: oidhche speirglan ciuin gealaighe
reilteanach: gaoth ro ciuin andeas: na fo-neultana go
ro mall attuadh.



An cuigeadh la deag .i. diardaoin. Neulta or-bhuidhe um
eirghe greine ar speir neultana thoir: la breagh tirm neultach
glas: gaoth beodha geur andeas. Do leigheadh an
sneacta de maoilin Sleibhe Breathnach, laimh le Baile an
Caisleain, acht chím ar gach sliabh eile dar airmheas andé é.
Is aoirde Sliabh Breathnach na Sliabh Ardach, oir nior luigh
aon tsneacta ar Sliabh Ardach leis na laoitheannaib seo.
Imthigheann na druideanna agus na sacain na
sgataibh re ceile, cia nach do aon dath na d'aon glor, na d'aon
chineil cinéal iad. Ni mar so don duine, - is ro olc tagann
da aicme no cineadh diobh re ceile ar aon chor: farthainn
eattrom ciuin o cronughadh lae go breaca an lae, no ar feadh


L. 92


na h-oidhche: ciothain troma idir da linn. Ta eagla orm go
bfuil se ag casadh ar an fhearthainn aris, agus más é an
t-athcasadh is truime, beimid dona go leor: acht is ag Dia
ata.



An seiseadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin, ceo no
fearthanna fuidig: gaoth geur ciuin attuadh. An tan adeirim
fuideach no fuar, is mar airigheann daoine eile e adeirim e
agus ni de reir mo ceadfa corpordha fein adeirim e; oir
is annam fuideach na fuar me, ma bionn amlaidh ar aoncor.
Is ar eigin chím na cnuic is foigse dom le ceo: la ceofrain
no fearthanna fuidighe tríd amach: oidhche neultach fuideach.



An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin fuideach
neultiubh tirm: gaoth ciuin mall anoir: is ramhanta an la e
(ramhanta .i. ro-amh): oidhche neultana ciuin gealaighe, gan
fuacht, gan fuide, gan gaoth, gan gaibhtigh gan geoin.
An t-ochtmad la deag .i. dia domhnach. Maidin seaca duibh:
gaoth gear ciuin anoir ttuadh: la neultach dorca beodha:
na daoine ag comharthughadh athchuingighe cum an t-seanaid,
san seipeal poráiste ag iarraidh saoirse Caitilicigh: sneachta
um naoi a clog san oidhche: fearthainn ar feadh urmoir na
h-oidhche 'na dhiaidh san.



An naomad la deag .i. dia luain. La margadh muc a cCallain,
Sliabh na mBan ag eirghe greine mar oilean ag eirghe as
fairrge ceo: la aoibhin aorach greine: gaoth ciuin anoir:
oidhche aluinn gealaighe speirglan.



An ficmead la .i. dia mairt. Sioc daingean d'eis na
h-oidhche. "Bail o Dia is o Muire ort! is doich moch atá
tu ad suidhe," ar sean-bean liom roimh eirghe greine agus me
ag siubhal. Is ionann "suidhe" annso no gan beith ar mo
leaba. La aoibin greine speirglan, gan gal gaoithe. Is ar
eigin d' aithneocadh-sa gur anois do bi na neulta ag


L. 94


gluais-eacht: oidhche ciuin speirglan gealaighe: leath-ordlach ar
tiughacht san leacoidhre: "is fearr sioc na sior-fearthainn."
An t-aonmad la fichiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach
speirghlan ciuin greine: sioc daingean; ordlach ar tiughacht
san leacoidhre: daoine ag sleamhnughadh ar lochanaibh: gaoth
ro ciuin anoir: oidhche speirglan, gealaighe: gaoth ciuin
anoir ndeas. "Is fearr sioc na sior-fearthainn": ein
da ngabhail a ccliabhanaibh le luban gablog agus maidin bradach
agus graine beag arbhair da mbreagadh asteach sa cliabhan.
Is furas cur ar an ngorta granda gruama gairgeach.



An dara la fichiod .i. diardaoin. La seaca duibh: ordlach
go leith ar tiugacht san leacoidhre. Taineadh leath-ordlach go
direach de tigheacht tiughacht gac oidhche le tri oidhche: gaoth
gonta anoir ndeas: sealgairighe ag lamhach go mear. Is furas
an naosgach d'fail amach anois; oir, do ruaig an sioc on gcnoc
gus an fioruisge, no uisge gan leacoidhre e. Chím na luath-
aráin cois na h-Aba Bige. Is comhsamhail leis an mionar
aeir é, acht gur lugha faoi dho e, agus gur baine a bolg, agus
ná deineann se meigaoladh mar a naosgach ag eitioll do.
Ag deire laoi d 'athradh an gaoth da mionard soir on ard
anoir ndeas .i. gus an mionard anoir se mionard andeas.
Chím ag ceathar a clog deatach mor ag eirghe 'na tulcaighibh
o tig sgoloige eigin noch ata timchioll Baile an tSagairt.
Chím na caortha lasracha um cronughadh lae, no cuig a clog.
Is dubhach an deire laoi don sgoloig seo agus da muintir e,
a ndoigheadh amach as a dtighthibh oidhche chomh gonta leis seo:
oidhche speirghlan reilteanach gaothmhar garóideach.



An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin seaca duibh
dearmhor: gaoth gonta anoir se ard andeas. Taineadh ordlach
ar tigheacht tiughacht ar an leacoidhre (vulgo leacachoill) aréir
agus leath-ordlach gach oidhche le tri n-oidhche roimhe sin,-se
sin, ta da ordlach go leith san leacoidhre andiu. Is e géireacht


L. 96


na gaoithe noch do cuir ordlach leis areir, a n-ionad leath-ordlach
gach n-oidhche roimhe sin noch do bi ciuin. Taid sacain,
druideanna, agus filbíní-miog 'na gceadaibh ceann a ngleann-tan
na bfuiseog. cois na h-Abha Bige.



An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. Maidin geal
greine speirghlan ciuin, gan neul uiread mo bhaise le faicsin:
leath uachtarach Sleibhe na mBan, Stuaidh Laighean, an Staidhre
Duibh, na cCumarach. agus na nGaillte, foilighthe le sneachta:
gaoth roi ciuin anoir: deire laoi mar an cceadna. Cia gur
gealgaireach na daoine, is fann faoidh na fuiseoige, oir
ata an gorta ag dul 'na mbeul. Is binn bronach "fib, fib"
on ngealbhan garadh gobchaoil. Cím na faoilein; ni tagann
siad on bhfairrge, acht le h-aimsir anro .i. sioc dearmhor
dubh daingean. Is comhsamhail gurab e an gealbhan cáithe ar
ar ghlaodhas an gealbhan cuilleann.



An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin seaca duibh
daingean dearmhoir: gaoth gonta anoir ndeas.
Is mo sneachta ar Stuadh Laighean, agus ar an Staighre Dubh
na ar Sliabh na mBan Fionn, cia gur ionnan airde doibh nach
beag. Is comhsamhail go bfuil sleibhte ann ar a luigheann an
sneacta níos mó na a cheile do reir naduire na gcloch da
bfuilid cumtha mar atá cloch graine, cloc ruadh cloch gainimhe,
cloch sligig, cloch teine, cloc leac, cloch slinn, cloch aoil:
agus is ar an ccloich aoil, agus ar an gainimh aoil, is lugha
luigheann sneachta. Chím na faoilein bolg-bhana andiu 'na
sgataibh: is mor e m 'eagla go millfidhear moran potataoi
leis an sioc. Do thosadh sneachta mioncruadh sguabach ag
tuitim le gaoth gonta laidir ag an t-aon bhuille deag ar
maidin; agus do meadadh mhéaduigh an sneachta agus an
gaoth go mor ag buille a clog d'eis meadhon lae an tan do
thuit se 'na leathóga boga. Is iomdha gne sneachta ann, mar
ata, cloichsneachta, fliuchsneachta, cruaidhshneachta sneachta
leathógach, sneachta sguabach. Foileachadh foileochaidh an
sneachta so na clasa potataoi on sioc agus bogfaidh se


L. 98


an t-aimsir go mor, cia go ccuirfeadh se na
h-ein beaga bochta a ngorta. Is maith mar tharla go leor feir
tirm ag daoine da n-airneis. Ta se ag cur, no ag caitheadh
sneachta go deire laoi. Aosóg an baile ag cathamh liathroid
sneachta le na cheile mar caitheamh aimsire: oidhche anrodhach:
sneachta ag tuitim go mear: chrom sé ag fearthainn ag deich
a clog treas an tsneachta, fearthainn trom go leor, morchuid
do deire oidhche. Cluinim an sneachta ag sleamhadhadh 'na
mhadhm de slinn na ttigh agus ag breith an slinn (sic) fein leis
do thigh. Cluinim gar gatain,-is dóigh leis gurab e deire an
domhain ata ann; acht cread e seo láimh le madh sneachta
sleibhe Alp, an tan múchtar lucht bailte mora agus beaga
agus a n-eallach faoi madhm sleibhe sneachta? Gaoth geoineach
ar feadh na h-oidhche ag garthadh mar sluagh sidhe ag iarraid
teacht asteach.



An seiseadh la fichiod .i. dia luain. Margadh maith muc.
Maidin, ceathanach; clagairneach ag an t-aon bhuile deag:
ceatha troma as sin suas: sneachta ag leigheadh go mear,
cia go bhfuil sé ar gach cnoc agus sliabh, agus an gach deirc
no díg. Chualas smolach cliabháin ag canadh ar maidin go
doich moch le h-athas an tseaca agus an tsneachta do
leigheadh, nídh nacar rinn' si o thosadh thosuigh an sioc so.
Is garoideach na geallbhain mar an cceadna: ta biadh le fail
anois aca; is feidir leo a rádh go gealgaireach, "Siúd amach
an gorta," mar adeirid na mna tighe Oidhche an Nodlag Beag,
ar rádh. "Siúd amac an gorta o 'nocht go bliadhain o 'nocht,
agus anocht féin," ag caitheamh builin nó bulog arain leis an
dorus: gaoth anoir ndeas, agus neulta aniar ndeas ag deich
ar maidin: is iongantach so ag daoine áirighthe, acht ni
h-ion-gantach liom-sa. Cia go raibh an la ceathanach níorbh fhuar le
moran é d'eis na an t-sneachta dearmhair: gaoth ro ghonta
um deire laoi aniar, le ceofran agus neulta aniar: oidhche
ciuin bog dorcha; tuile mor san abhainn, le léigheadh sneachta
agus briseadh leacoidhre.


L. 100


An seactmad la fichiod .i. dia mairt. Maidin neultach,
sneachta ar gach cnoc agus sliabh, an gach deirc agus gach díg:
gaoth gonta aniar ttuadh: o buile a clog go deire laoi, la
greine neultana beodha.



Ag ceathair a clog andiu do cuireadh an urlachas Ui Hannain
a reilg Challain, Tomas Robinson, Sasanach do réir creidimh
agus dúchais, noch do aistreadh aistrigh le beagan laethibh
roimh a bhais cum an creidim Caitiliceach Romhanach. Ni raibh
Sasanach ag a socaraid acht aoinneach amain .i. Seagan Smit.
Ta an dearg-grain aca air, i dtaobh ionntodh o n-a eiriceacht.
Tuile trean faoi port san abhainn: gearr-aimhne na
Breataine faoi leacoidhre laidir: an Tamhaise tachtaighthe
le garbhoga mora leacoidhre.



An t-octmhadh le fichiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach
greine fo-neultana: gaoth ro-ciuin aniar ttuadh. Cia go
bhfuil sneachta ar sliabhaibh, ta an grian teith agus an t-aor
bog ar taobh na fosg agus na greine den chladh: an fuiseog
ag moladh Dé is na h-ardaibh: oidhche ciuin duibhre neultana
realtsolais seaca.



An naomad la fichiod .i. diardaoin. Maidin seaca leithe:
an grian ar maidin ag feachainn go fann tre neulta tana,
ar sleibhtibh seaca, ar deirceanna sneachta: gaoth fionnfuar
anoir: deire laoi dorcha.
Chuireamar mathair seaghain Paor o Sraid a' Droichid Big,
i cCill Malua. d'eag si da la o shoin.
Cuir na tuiltighe, noch do bhí a mi na Nodlag agus roimhe,
na francaigh as gach port gus na h-iothlannaibh. Taid siad
go h-iomadamhail, agus na lucha mar an cceadna, ag milleadh
an arbhair. Badar na francaigh an aitibh an iomairighe
potataoi, mar cuinninighibh a ccuiniceir: oidche ciuin dorcha.



An deicmad la fichiod .i. dia haoine. Maidin liaith-siocain:
la aoibin aorach greine speirglan: gaoth anoir
ttuadh ar maidin: na fuiseoga chomh ceolmhar is do bheidis
la buidhe Bealtaine. Ni miste gleann na n-eun do glaodhadh


L. 102


ar gleanntan na bfuiseog, cois na h-Abha Bige, oir is iomdha
eun agus gné ein ann andiu. Ni chím (sic.) duine na daonaidhe
ag saothrughadh na talmhan. Ta leacoidhre ar gach lochan fos,
acht ata sé ag leigheadh go mear. Ni chím aoinneach ag
sleamhnughadh air andiu. On meadhon lae suas gaoth ciuin
gear attuadh, gan uiread mo baise de neul ar aigheadh na
speire: oidhche speirglan duibhre. realtsolais ciuin seaca.
An t-aonmhadh la deag ar fichiod fichid .i. dia satharn
.i. an la deire den geimhre: .i. oidhche Feil' Brighde .i.
La na mBrighdeog. Maidin geal greine seaca leithe dain-gean,
gan gal gaoithe: daoine ag sleamhnadhadh ar leacoidhre.
Ni feicim im siubhalta aon blath acht blath an aitinn agus an
searbhan .i. caisearban na muc .i. fiacail leomhan: la greine
gan uiread mo baise do neul, acht aon neul amain um deire
laoi. Ar se .i. air seo aithnigim go bfuil gaoth ro ciuin
anoir. Is ro aoibhin an deire leis an geimhre, mile miliun
buidheachas le Dia, e.



MI FAOILEADH no FABHRA. An cead la .i. dia domhnach
.i. La Feile Brigde.
"La Feile Brighde baine tigeann ailne ar gach sín
An breac 's a' bradan ban do shnámh go Tig Maoiling."



Deireann daoine eile "athrugh" no "athrughadh," in ionad
"ailne" san rann so tuas, agus tagann se leis na focail
se: -



"Le gach la go h-aoibin aluinn
O la Fheile Brighde go la Feile Padraig."


L. 104


Agus "Is iomdha athrughadh an la earraigh." Cia cuma e, is
fior an rann, oir is ban La Feile Brighde agus an mi na dhiaidh:
oir muna mbionn sneachta ann, is gnath laethanna ailne glegeala;
agus bionn an breac 's an bradan ban as so suas an gach linn no
sruthan a n-Eirinn, chomh maith le sruthainin Tighe Moiling a
ccontae Cille Dara, budh thuadh o Caislean Diarmada; acht is ar
sean-La Feile Brighde adubhradh so.



La tromneulta dorcha e seo o tosach go deire: gaoth fuar
anoir ndeas: an sneachta agus an leacoidhre ag leigheadh;
cia go bfuil go leor de ar cnocaibh agus sliabhaibh. Is
comh-samhail go raibh gearraibhne na h-Eireann tachtaighthe le
leacoidhre chomh maith le marbhaibhne na Breataine. Leigim nach
bfuil baid ag snamh orra go Baile Atha Cliath mar ba gnath:
oidhche ciuin bog dorcha duibhre.



An dara la .i. dia luain .i. marga na muc. Drochmharga
muc. La neultrom dorcha tirm: gaoth fionfhuar andeas:
oidhche tromneultach ciuin bog.



An treas la .i. dia mairt. La neultrom ciuin bog tirm
oidhche duibhre mar an cceadna: gaoth ciuin andeas.



An ceathramha la .i. dia ceadaoin. La breagh bog neultach:
an grian ag do a clog ag feuchainn go fann tre tananeulta:
an sneachta leighte acht fiorbheagan ar mullaighibh na morshliabh,
noch ata foilighthe nach beag le neulta: gaoth ro chiuin robhog
aniar ndeas. "Is teo siolla den gaoith andeas na teine
ceap an domhain." Deire laoi dorcha ciuin tirm.



An cuigeadh la .i. diardaoin. Do no tri mion-ceathain
idir meadhon oidhche agus maidin: la breagh bog tirm
trom-neultach dorcha: gaoth ciuin aniar ttuadh. Daoine ag tosach.
ar an talamh do shaothrughadh, le romhradh agus treabhadh - is
dar ndóith, is mithid e: oidhche ciuin bog dorcha.


L. 106


An seiseadh la .i. dia haoine. La aoibhin aorach neultana
tirm: gaoth ciuin aniar: ní feicim act fiorbheagan sneacta
ar taoibh thuadh maoilin Sleibe na mBan, cia go bhfuil go leor
ar na taoibhibh thiar agus theas de sliabh an Staighre Duibh agus
Stuadh Laighean: daoine in gach ard agus gach machaire ag
romhradh agus ag treabhadh; is breagh briosg do sgoilteann an
ceachta an talamh. Taid na fuiseoga i ngleanntan na bfuiseog,
cois na h-Amha Bige, go ceolmhar 's na h-ardaibh. Taid
mion-aonlaigh éanlaidh an aeir go gliadrach. Is binn an smolach
ar an ccraoibh. Chím sgata sacan siocán agus druid ag
eiteall tar an gleanntán. Ní cluinim éan is mo athruigheann
a ceol na an smólach.



An seachtmhadh la .i. dia satharn. La aoibhin bog neultana:
gaoth ciuin attuadh se ard siar. Is iongantach ard eagcosmhail
guth na smólaighe. Cluinim ar gac tor agus sgeach i, o d'imthig
dubhluachar na bliadhna; acht, gradh mo chroidhe an spideog
broinn-dearg noch nachar thréig me in aimsir an anro! Ta
fiorbheagan sneachta ar maoilin Sleibhe na mBan. Ta nios mo
ar sliabhaibh Locha Garmain: oidhche duibhré ciuin bog. Leighim
gur loisgeadh Cill an Easboig (an chuid thoir de) in Eabhrac
Shasana.



An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. Ceo agus ciunas agus
ceofran ar maidin: la breagh bog: na neulta mar lomairighe
ar feadh na speire: gaoth ró-chiuin anoir: an smolach agus an
spideog ag canadh tre cronughadh an lae go dubh na h-oidhche,
nach beag: oidhche duibhre dorcha bog ciuin. Leighim i n-Oraid


L. 108


an righ go ccaithfighear an Coimhthionol Caitiliceach do chur
sios, agus an Teampoll Gallda do chomhad suas, agus annsin
do b'fheidir go ndeanfaighedh ndéanfaoi réad éigin do
na Caitilicigh bochta; acht nil ann acht ' do b'féidir.'



An naomhadh la .i. dia luain .i. marga na muc, drochmharga.
La breagh bog neuleattrom. Chím fiorbheagan sneachta ar
Sliabh na mBan, agus ar binn na nGaillti. Ta mórcuid ar
Stuadh Laighean, agus ar an Staighre Dubh. Chím an blaith buidhe
ar a nglaodhaid . . . an cróch, b'fhéidir.



An deichmhadh la .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach greine
neultana bog tirm. Leighim gur shodar, le carbaidin agus
tiomanaidhe, capaillín Aimeiricánach cead míle Sasanach i
ndeich n- uaire an chluig agus seacht moment (uulgo noment)
i Sasana, laimh le Staines. Is iongantach an sodar so: deire
laoi dorcha tirm: gaoth ciuin aniar. Taid daoine agus capaill
ag saothrughadh na talmhan anois. Do cuir Seaghan O Riain o
o Sraid a' Muillin, siol potataoi 'na gardha andé. Ta go
leor den . . . faoi blaith i ngleanntan na bhfuiseog, cois
na h-Amha Bige anois.



An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. Sean-Oidhche Feil
Brighde Baine. La dorcha tirm breagh bog: gaoth ciuin aniar
ttuadh: giobhar meathtadh da fuirsidh fuirseadh suas agus


L. 110


siol nua cruithneachta da chur ag Micheál Citing andiu. Nil
acht seachtmhain o do bhain Seaghan Smit a ghardha potataoi.
Oidhche ciuin neultana gealaighe: an re seacht la d'aois.



An dara la deag .i. diardaoin .i. Seanlá Fheile Brighde
Baine. La aoibhin dorcha neultrom tirm: gaoth ciuin aniar
ttuadh. Taid na sacain fos againn, acht is gearr go
n-imtheochaid tar saile go h-Albain. Tagann siad chughainn
d'eis na Feil Michil. Is maith le n-ithe iad i n-aimsir seaca
agus i ndubhluachar na bliadhna, an tan bíd reamhar; acht ní
fiu trumpa gan teangain iad aon am eile, oir bíonn a bhfeoil
searbh. Bíos ag feuchainn ar - O Donnabhain, an stanadoir,
.i. tincéir, ag teilgin suic miotail: ní 'na caortha dearga
acht 'na caortha bana bhi an miotal san adhanán. Tá tri gné
teasa ann, adeirid na gaibhne: mar ata, teas dubh, teas
dearg, agus teas ban. Is e is teas dubh ann teas gan solas
mar a bhíonn i n-iarann tamall ag fuarughadh.



An treas la deag .i. dia haoine. La breagh tirm neultana:
gaoth ciuin aniar. Do mharbh Labhras Graoin coileach pearloige
laimh le Tobar S. Seam. Bhi mar cru capaill de clumh donn ar a
ucht. Ni h-e seo am ceart na bpearlog do lamhach: oidhche
ciuin bog neultana gealaige.



An ceathramha la deag .i. dia satharn. Maidin ciuin bog
neultana: meadhon agus deire laoi, gaoth beodha aniar ndeas:
oidhche ciuin gealaighe néaltana.



An cuigeadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog neulmhar:
gaoth ciuin aniar ndeas. Chím fiorbeagan sneacta ar Stuadh
Laighean, acht ni feicim a bheag na a mor ar aon sliabh eile:
oidhche ciuin gealaighe.



An seiseadh la deag .i. dia luain .i. marga na muc, droch-
marga. La breagh bog neultach: gaoth ciuin aniar ndeas.
Chím an gealbhan cuilinn; is einin le ceann mor dubh, agus
cúl fionn e. Ceist agam ort: - cia aca araon is ceirt.
cirte mar ainm - gealbhan cuilinn no gealbhan cuilfionn?


L. 112


Oidhche ciuin neultach gealaighe: deire laoi glas: gaoth beodha
andeas: oidhche neultach gealaighe.



An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. La neultach ceo: gaot
ciuin anoir ndeas: ceofran no ceobhraon um deire laoi:
oidhche ciuin neultach.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La neultach dorca:
ceofrain .i. ceobhraoin: gaoth beodha bog anoir ndeas: daoine
ag treabhadh 's ag romhrad. Cluinim aon fhuiseog amain ag
canadh 's na h-ardaibh ameasc neulta neimhe. Is e an deifir
ata idir gealbhan cuilinn (.i. cuilfhionn) agus gealbhan caiche
(.i. cul-uaithne) go bhfuil cul fionn ar ceann aca, agus cul
uaithne, no liath ghorm ar ceann eile aca. Ta ucht dearg ag gach
n-aon aca. Ta ceann dubh ar an ccuilinn agus ceann riabhach
ar an gealbhan caiche: oidhche ceobhraoin: gaoth beodha.



An naomhad la deag .i. diardaoin. Roimh breaca an lae
agus go grod na dhiaidh ceathanach le gaoth ciuin andeas:
la aorach mar la aoibhin bog breagh Abrain, neultana greine
le gaoth ciuin aniar ndeas: eunlaith abhráin an aeir ag canadh
ceolta caoine mine molta. Cluinim agus chím aon feadog
amain ag Ceann a' Faithche: tuile buidhe faoi port san amhain;
da brigh sin, bhi fearthuinn cuibheasach trom ar Sliabh Ardach o
na ngluaiseann Amhainn a' Righ agus an Amha Muimhneach:
deire laoi agus oidhche speirglan aoibhin.



An ficheadh la .i. dia haoine. Maidin speirghlan seaca:
gaoth gonta andeas: deire laoi ceathanach: oidhche ceobhraoin.



An gaoth andeas bionn sí glas is cuireann sí rath ar síolta:
An gaoth aniar bionn sí dian is cuireann si iasg i líonta:
An gaoth attuadh bionn si cruadh is cuireann si fuacht ar daoine
An gaoth anoir bionn si dubh is cuireann si sioc i n-íochtar.



I seoladh an rainn se ba cora, is doith liom-sa, i n-ionad,
"bionn sí glas," "bionn sí tais" do sgriobhadh, óir "is
teo siolla den gaoth andeas na teine ceap a' domhain," cia


L. 114


go raibh an gaoth andeas glas go leor andiu, agus is gnath
léithe bheith amhla i ratha ráithe an geimhre, agus morcuid de
ratha an earraigh.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia satharn. Fearthuinn trom,
o meadhon oidhche go breaca an lae: maidin fearthanna: la
dorcha ceobhrain no fearthanna: tuile buidhe faoi phort san
Amhain: gaoth ciuin andeas: oidhche neultach dorcha ceofrain.



An dara la fichiod .i. dia domhnach. La dorcha tirm; gaoth ag
athrughadh on ard thuadh gus an ard thoir thuadh: oidhche ciuin
dorcha tirm.



An treas la fichiod .i. dia luain. Drochmharga muc. La
dorcha tromneultach tirm: gaoth glas anoir ndeas. "Gaoth
andeas binn si glas, is cuireann si rath ar síoltaibh." Chím
an buidheacan buidhe, .i. puidheacan buidhe andiu i n-aon ait
amain. Connarc me e ar feadh an geimhre i ccladh an Crosach
san mbliadhain 1726-7 1826-7. Glaodhtar primula, primrose
air san Laidin agus Bearla Sasanach, mar is doith leo gura
é an cead blaith noch a tagann amach san earrach; acht dar
ndoith chonnarc mise an grannarcáin cocigheas o shoin.



An ceathramha la fichiod .i. dia Mairt. La dorcha neultrom
tirm: gaoth ciuin anoir ndeas.



An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La neultrom
dorcha: mionfhearthuinn roimh breaca an lae: gaoth ciuin anoir
ndeas: tosach oidhche ceofrain.



An seiseadh la fichiod .i. diardaoin .i. Diardaoin Meith
na h-Inide. Clagairneacht o meadhon oidhche go h-idir a naoi 's
a deich ar maidin, le gaoth ciuin andeas: as so go deire
laoi, tirm le gaoth ciuin aniar: o meadhon lae go deire
neultana grianmhar. Cím an-iomad cuileoga beaga ag eiteal
san aer. Cluinim ain-iomad cnadan in gach dig ag cnadanadh:
oidhche ciuin, reultsolas: tuile trean tar port san Amhain.
Is iomdha móinfhéar min 'na sgathana andiu.


L. 116


An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. Taineadh
Margraed St. John ar tuarasdal cugam andiu do reir
seacht sgillinge sa ratha ráithe. Mion ceathain roimh breaca
an lae. La aoibhinn aorach tirm neultana greine: gaoth ciuin
aniar: deire laoi, gaoth glas andeas: oidhche duibhre
reultsolais ciuin tirm.



An t-ochtmad la fichiod .i. dia satharn .i. satharn Inide. La
neulmhar dorca tirm: gaoth glas andeas,



MÍ NA MÁRTA. - "Muna mbeidh mbeadh na linnte lan
ria Mi na Márta líonfadh an Mairt fein iad."



An cead la .i. dia domhnach .i. Domhnach Inide. La meirgeach
gaothmhar cruadh. Is breagh an la tirm e, agus is mor do
theasduigheann se; oir ata na linnte lan; acht ataid na
bóithre agus aigheadh na talmhan ag tiormughadh go mor le gaoith
biogamhail anoir ndeas: deire laoi greine: speir liathghorm
foineultach: gaoth gonta tirm anoir ndeas: oidhche tirm.



An dara la .i. dia luain .i. Luain Inide. drochmharga
muc. La breagh neultana: gaoth tirm ciuin anoir: na daoine
ag treabhadh 's ag romhradh caoinligh etc. Taid na sacáin againn
fos. Ni cluinim an feadog na an druide na an faoileann
na an luatharán acht cluinim "An spideog grinn, an
smolach binn: an gealban lion: An fuiseog fiadhain in ngleann
na Siann: An lasair coille san tor is goire: An dreoilin
donn is e ar fonn: An gealbhan buidhe 's an gealbhan tighe:
'S an gealbhan garuidhe go binn sa chloidh." agus cead eun
beag eile na tagann im chuimhne. Oidhche ciuin tirm duibhre
neultach.



An treas la .i. Mairt Inide. La aoibhin aorach: speir
liathghorm foneultach, chomh breagh le la buidhe bealtaine:
gaoth ro-chiuin anoir ttuadh. Beagan feola ar an marga, agus


L. 118


an beagan san go h-olc agus go daor, .i. cuig pingine ar
muicfheoil leath-shoilte; cuig pingine go leith ar caoirfheoil
craite; tuistiun is leathpingin ar mairtfheoil conablaigh;
tri pingine ar cinn muc. Is garóideach binn na gealbhain
cuilinn 'na sgataibh ar crannaibh ag itheadh an blaith óig noc
ata ag gobughadh amach; is díobhálach an dream iad. Ta ceol
in gach ard agus ar gach tor. Taid na ba ag léimeadh le h-athas.



An ceathramha la .i. Ceadaoin a' luaithre. "Ceadaoin a'
Luaithre is mor an buaidhre bainne d'ól." Maidin seaca
leithe; as sin go meadhon lae, an grian ag taithneamh tre
neulta tana, agus ceo tana gan siolla gaoithe: o meadhon
lae suas gaoth glas anoir. Ni mó an t-aistriughadh, no deifir,
idir coll agus cuillean, is ata idir tosach agus deire an
laoi andiu.



An cuigeadh la .i. diardaoin. Maidin seaca léithe: la
aoibhin greine: speir liathghorm foneul tana: gaoth geur
tirm anoir: daoine ag treabhadh agus ag romhradh; is breagh
an t-am obair earraigh e: ta daoine ag romhradh clas a mban;
ni fulair seo do dheanamh oir ni ionntuigheann an ceacta acht
an croiceann den talamh. Is eun robeag an finnín; ta se
i mead an dreoilin agus ar dath an gealbhain uaithne, nac
beag. Is on bhfocal "fionn" .i. finn .i. beag agus "eun"
tagann finnin; mar is o "dearoil" .i. beag, tagann
dreoilin. Is o "mion" .i. beag, tig miontan, ainm ein
big eile. Deire laoi neulmhar glas: gaoth gear tirm anoir:
is iomdha aistriughadh ann la Márta: oidhche ciuin tirm
duibhre.



An seiseadh la .i. dia haoine. La neultach tirm: gaoth
cruadh dubh tirm anoir: maidin seaca duibhe: chím tri sgata
feadog; is trean eiteallann siad: chím da sgata sacain
<iocán; is sacanta mall eiteallann siad. Is on bhfocal


L. 120


"sacán" .i. aon nidh mall mithreorach marbh mar sac
goir-thear an ainm sacan diobh. Ar maidin aindiu fuair Ristead
O Luingsigh, ceannaidhe laidir, bas obann. Ni raibh se tinn
acht le tri la .i. dia máirt se ghabh tarrainn do buail taom
tinnis marbhthach e. "Is mairg do labhrann go trean, is a
giorracht bionn an lean ag teacht." Ba seimh socair an fear
e acht do bi se tugtha do ól. Is on bhfocal "uas" (.i. uaois
.i. uasal; thuas) tagann uiseog .i. fuiseog, oir is thuas i
neultaibh nimhe do chanann si a ceol uasal.



An seachtmhadh la .i. dia satharn. Maidin dorca, gan sioc
dubh na liath: la neultiugh tirm: gaoth glas anoir: obair
earraig dá dhéanamh.



An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach .i. an cead domhnach den
Carghas. La aoibhin ciuin neultach dorca tirm, gan gal no
siolla gaoithe. Chuadhas le sochraid mo cardas, no cairdeas,
Criost, Risteard O Luingsigh go Leaca na Cuailighe mara
bhfuil a urlachas. Tangas abhaile de Croslaigh an Comaoinis,
agus tres na garaidhthibh; acht "cia fada gearr an bothar is
e an bealach mor an t-aithghearr." Ta an caistsearbhan, an
grannarcain, an buidheachan buidhe, ag teacht suas anois.
Ta duilleabhar ag teacht ar an feithleog, ar an spionan ar
an draighneog donn, ar an driseog. Ta beagan noinin suas.
Ta an blaith puisinighe go lionmhar ar an soileog bán, an
crotal ar an ccoll, agus an crotal ar an bhfearnog. Oidhche
ciuin duibhre: na neulta go ró-mhall attuadh.



An naomhadh la .i. dia luain. drochmarga muc. Maidin
seaca leithe: ceofran mion 'na dhiaidh sin ar maidin: la
aoibhin neultana mar la abrain bog breagh. Ta an blaith ar
suibh na talmhan (uulgo suibh na stalmhan), agus ar (ranunculus)


L. 122


"Níl gal ann den gaoith: Do chroithfeadh barr crainn
na blaith." Neulta ro-mhall attuadh.



An deichmhadh la .i. dia mairt. Maidin seaca leithe: la
aoibin greine speirghlan liathghorm: gaoth ciuin anoir. Cia
go ccluinim an fuiseog ud thuas faoi an gealaigh i meadhon
aeir i meadhon lae, ni chím é (sic) acht a meid cuileoige.
Oidhche speirghorm gealaighe.



An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La neulmhar dorca:
gaoth cruadh geur dubh anoir. Ta cuma feoidhte ar
mor-chuid giobhair.



An dara le deag .i. diardaoin. An cead la de sean-Mhi
na Marta: la dorca cruadh earraigh: gaoth ruadh gonta
geur laidir anoir: Ta crotal na fearnoige ruadh-dhóite
ag tuitim 'na ceathaibh do na crannaibh. Nior goill se ar
crotal an coill, na ar puisinighibh na soilioige baine.
Chím sgata feadog; cluinim iad ag feadghail in aoinfeacht.
Nior chualas acht ceann aonranach riamh roimhe sin. Ta cuma
bocht craidhte ar urmor giobhair cruithneachta na duithche.
Is eaglach liom gur bocht an foghmhar bhias againn, um mi
Lughnasa se chughainn. Ni miste Marta meirgeach on gaoth
ruadh siocain leithe: luaithrean le gaoith cruadh.



An treas la deag .i. dia haoine. La marta meirgeach an
gaoth ruadh: siocain leithe, luaithrean da seideadh le gaoth
gonta anoir, acht nil se chomh nimheamhail is do bhi se ande:
la neultach le fo-gal greine: aradh da deanamh.



An ceathramha la deag .i. dia satharn. Maidin seaca leithe,
greine: deire laoi greine, ciuin: o meadon laoi go trathnona
neultach: gaoth ciuin attuadh. Chím, no mothuighim, um deire
laoi, tri srothain san aor aer; mar ata srothan nealtadh
adtuadh san glinn uachtair, srotan nealtadh andeas san
glinn meadhoin, agus gaoth attuadh san glinn iochtrach .i. ar
aigheadh nó tuinn na talmhan: deire laoi agus oidhche ciuin.


L. 124


An cuigeadh la deag .i. dia domhnach. La breagh greine
nealtana: gaoth geur ciuin athruigheach on ard thuadh den ard
shoir gus an ard teas: deire laoi agus oidhche ciuin. Breath-nuighim
o thosach Marta gur ciuin gach deire laoi , cia garbh
no min an la.



An seiseadh la deag .i. dia luain. Oidhche Feil Padruig:
drochmargadh muc. Maidin dorca nealtach ciuin ceo.



An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. La feil Padruig
.i. la saoire. Clagairneach le gaoth aniar roimh breaca an
lae: beagan sneacta leathogach ag ocht a chlog ar maidin:
la geal greine as sin go deire. D'ol gasra grinn againn
ar bpota Padruig ag tigh an tsagairt poraiste, .i. an
t-Atair Seamas Henebuire . Bhí ceann truisc
úr nó feilteoige, long soillte maochta, bradan deatach-thirm
agus bric úra againn le caise cumhra agus coilis
glas mar proinn. Bhí fionn fionn agus fion port agus
uisge beatadh agus sgailtín go leor againn. Bi morcuid
sneachta ar na Gaillti, beagan sneachta ar Sliabh na mBan.
Nior chonarc (sic) me a beag na a mor de ar aon sliabh eile.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La ceathanach
nealtach: gaoth fuar andeas: oidhche fearthanna: gaoth giuineach
garbh andeas. Is mor do theasdadh teastuigh an fhearthainn
se o giubar agus feur.



An naomhadh la deag .i. diardaoin. Doineann roimh breaca
an lae, .i. fearthainn, baisteach agus clagairneach, le gaoth
garbh giuineach andeas: maidin doininne .i. fearthanna,
baistighe agus clagairnighe le garbh-shín agus mar sin go trí
a clog le hanro agus anfa andeas, an tan do stad an
clagairneach: deire laoi ceathanach: oidhche fliuch fuar gaothmhar:
tuile trean donn-bhuidhe faoi port san amhain.
An fithcheadh la .i. dia haoine. Is ionann la agus oidhche
andiu. An sighe gaoithe ag osnadhal ag duanuighiol
duanghail agus ag glamuighiol le gach linn .i.
gach ré linn, nó feacht roim breaca an lae: cuma geibhreamhail


L. 126


geimh- ar an maidin , acht do eirigh an la suas cum a beith
tirm nealtana: gaoth ciuin aniar: meadhon agus deire laoi
aoibhin aorach bog greine; speir liathghorm fo nealtana. Ta
por giobair maith ar gort Micil Ceiting, noch do ath-chuir
se faoi siol cruitneachta an t-aonmhadh la deag de mi Fabhra
se ghabh torainn.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin seaca
leithe: la tirm nealtach: gaot ciuin gear anoir.



An dara le fichiod .i. dia domhnach. La spearnamhail, tirm .i.
la nach fios ca shoin beidh se na doinnionn , cia go bhfuil se
'na soinionn anois .i. la gaothmhar ag tuaradh fearthanna:
gaot gear gonta anoir: cuma geimhreamhail dorca duairc
ar deire laoi, le gaoth roghonta anoir: mionfeartainn agus
tromnealta san oidhche.



An treas la fichiod .i. dia luain. drochmarga muc.
Ceathain roimh breaca an lae: maidin ceobhraon le gaoith
fuinneamhamhail fuideach anoir: meadhon agus deire laoi
nealmhar dorca tirm: boithre pluideacha: oidhche tirm dorcha.



An ceatramha la fichiod .i. dia mairt. Oidhche feil Muire
na feil Padruig: La dorca tirm: gaoth gear anoir: oidhche
dorcha tirm.



An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La feil Muire na
feil Padruig. Maidin seaca leithe, aoibhin, greine: speir
liathghorm glan, gan neal gan ceo: gaoth ciuin anoir ttuadh:
la aoibhin mar an cceadna: gaoth ciuin anoir.



An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. Sioc liath: la aoibhin
greine: speir gorm fo-nealtana: um deire laoi agus trathnona
gaoth ciuin anoir ndeas.



An seachtmadh la ficiod, .i. dia haoine. Maidin dubh:
gaoth gonta cruadh anoir ndeas. Ta an crotal ruadh-dhoite
go foirlionta nach beag ar an ccrann fearnoige,
on t-aonmhadh agus an dara la deag den mhi si na márta.
Ta beagan de crotal an choill ruadh-doite on am
cceadna. Ta puisinighe na soileoige baine bog glas-bhuidhe


L. 128


ar dhath gedín óig: o meadhon lae go deire laoi mion ceathain:
oidhche dorca bog ceathanach ciuin.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La aonaigh Cille
Cuinnigh: la nealtach tirm: gaot geur anoir ndeas: potataoi
ar tri leithpinginighe agus feorlain an cloich: oidhche ciuin
dorca.



An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. La ceofrain le gaoth
geur anoir ttuadh: deire laoi agus oidhche ciuin ceomar
dorcha.



An deichmheadh la ficiod .i. dia luain. Drochmargad
muc. La neal-tiubh, ceathain ceobrain le gaoth gonta anoir
ttuadh. Bhí cuma rógeimhreamhail ar an la: an oidhche mar an
cceadna.



An t-aonmhadh la deag ar ficiod, .i. dia mairt.
La geal greine fo-nealtana tirm: gaoth ciuin geur attuadh
ar maidin: teas maith ar an taobh cluthar don cladh: gaoth
gonta laidir attuadh um deire laoi: neulta órbhuidhe, dearga,
ruadha, forruadh, corcra, ciara, donna etc. um luighe greine:
la marta cruad gaothmar e: oidhche ciuin speirglan, duibhre,
reultsolais, breag.



MÍ ABRÁIN. -- "Abrán braonac meighileach nua."
An cead la .i. dia ceadaoin. Nior leigheas agus nior
chualas ariamh go dé an ciall ata le hAmadan Abrain do


L. 130


dheanamh de dhuine aniomh andiú; acht cread e an ciall
do b'feidir do bheith le nidh amadanta andiu iná an aon la eile.
Maidin aoibhin aorach speirghlan, liathgorm, greine, seaca
leithe caoin caomh ciuin: ceo tana ar cnocaibh a ccein: siocan
liath ar mullach Sleibhe na mBan: gaoth ciuin aniar ttuad:
meadhon lae neulmar glas cruad: ccathainin cloicsneachta
um ceathair d'eis trathnona: deire laoi mar an maidin.
Is minic oirfideach ag seinm tréas na sraidionnaibh. Oir-fideach
.i. or .i. fuaim agus fid .i. feadog; oir is comhsamhail
gur ceol fideoige an cead ceol ar talamh acht ceol beoil an
duine amhain: ag luighe greine fo-neul tana ór-lasta, orbhuidhe,
buidhe, dearg, croidhearg, ruadh foruadh agus luaidh-lí:
oidhche ciuin; speir dubhghorm, glan reultanach duibhré.



An dara la .i. diardaoin. Maidin geal greine speir gan
ceo, gan neul: sioc liath le leacoidhre tana ar lochanaibh:
siocán liath so-fhaicsiona ar Sig Finn Sleibhe na mBan, agus
na timchioll; na Gaillti geal le sneacta, cia nach faicim
sioc na sneacta ar aon cnoc na sliabh eile, da aoirdeacht
a mbinn. Is comhsamhail go raibh sneacta san ard san ande
an tan do bi an cloicsneachta againn-ne. Mas coir "Sliabh
na mBan fionn" do radh, dar ndoith is ceithre cora "Gailltí
Gealla an Gheimhre" do radh anois san earrach: gaoth ciuin
geur aniar: im do chur abhaile o Longduin go Corca, go Port
Lairge, agus go Tir-fa-tuinn agus gus an Alamaing no an
Gearmáin, - nidh nachar tharla leis na ciantaibh roimhe sin. Is
daoire im ann aon de na h-áiteannaibh reamh-ráidhte na a
Longduin. Ta ceird .i. fidheadoireacht, sniomh, gaibhneacht
etc. etc, go dona a Sasana anois. Ní feidir do lucht céirde
im na feoil do ceannach. Ni almaingeach an sgeal e seo le
tri bliaghna is ratha ráithe aca, .i. on Nodlaig 1825 an tan
do meathadar na bancaighe a Sasana.


L. 132


Neulta troma um trathnona; cioth cloichsneachta um sé
a clog le gaoth aniar, noc d'foiligh Sliabh na mBan fionn o
bhonn go barr le sneacta. Ta Cnoc Breanduin geal mar an
cceadna. Ni raineadh ráinig an cioth Stuadh Laighean ná an
Staighre Dubh. Ta cuma meirgeach ruadh-dhóite ar bántaibh.
Nil feur glas ag buaibh agus ni tugann feur tirm bainne
dhóibh; agus nil fios fos acht ag fiorbheagan de clanna Gaodal
ar barraibh glasa geimhre do chur suas; da brigh sin nil acht
pionta bainne geur ar pingin anois: oidhche duibhré speirglan
gorm réilteac aorac ciuin.



An treas la .i. dia h-aoine. Maidin aoibhin, aorac, greine,
seaca léithe, speirghlan, gan neal gan ceo gan leacoidhre: -
gaoth ró-chiuin aniar. Ta sneacta ar binn na nGaillti, agus
ar Cnoc Breandainn; ta fiorbeagan ar mullach Sleibhe na
mBan, faoi bhun mullach Sighe finn. Ta sneacta an deirceanaibh
na cCumarachaibh mar snathaigh airgid ar brat sróill dubghorm.
Ta cuma lom ar an duthcha fós, acht -- "Marta
cruadh gaothmhar, is Abran bog braonach is Bealtaine beileac
do lionfas na sgiobóil." Is gearr go mbeidh gruth nuais
nó nuadhais againn go flúirseach.



An ceathramha la .i. dia satharn. Maidin tromnealtach;
cioth trom ag ocht a clog ar maidin. La siltheanach fuar le
gaoth ciuin andeas.



An cuigeadh la .i. dia domhnach. La Abráin breagh bog
fobhraonach: gaoth ciuin aniar ttuadh.



An seiseadh la, .i. dia luain. drochmargad muc. La
foceathain: gaoth ciuin fionfhuar aniar ttuadh. Chidhim an
salcuach cois na h-Amha Bige aniomh indiu. Ni miste salchuach
do ghlaodhadh air, oir is gearr d'eis a fheicsionn go labhrann
an cuach, .i. tagann an cuach le n-a sháil.
Bhí coimheasgar aniomh idir Seoirse Uacar agus Padruig
Mhic (sic) Eochadh, fear an Chusduim. Adeir Seoirse
Uacar nac íocfadh íocfa, íocfaidh se Cusduim as


L. 134


muca, na aon read eile. Bhí dlighe eatorra le déanuigheacht,
noch do buadhaidh Seoirse Uacar ar Padruig Mhic Eochadh,
agus ar Hanrai Ó Riain, suabhre Challainn a ttaoibh Cusduim
ceithre cathaoir. Ta dlighe eile eatorra a ttaobh Cusduim
da ghé no da gandail.
Deire laoi braonach ceathanach: oidhche ciuin ceathanach dorcha
duibhré.



An seachtmhadh la .i. dia mairt. La greine nealtana,
foceathain: gaoth ciuin aniar. Ni cluinim an smolach anois
acht go h-anamh. Is comhsamhail gur imthig aimsir an gradh,
agus go bhfuil cúram a n'al óg dá togann orra a cciúnas.
Ni feicim an cruidin .i. cuirdín .i. alcyon, acht go h-anamh.
Cuirrdin .i. corr diun .i. éan beag de ghne an corriasg:
mar adeirmid luidín .i. mear beag nó lugh: laidin: bricin
diun, .i. an t-iasg is lugha in ar srothaibh gaodlacha: reidin
diun .i. nidh fiorbeag: uisge diun: lurgadán: diunlaoch
.i. laoch óg no beag. Is iomdha eun ar a nglaodhaid corr .i.
éan le gob fada noch a mhaireas ar iasg, mar ata cuirridín,
corriasg, corrmhonadh corr greine .i. bunan léana .i. pollán
léana, corr bhan, corr ghlas; acht ni gnath an corr mhónadh
annso act a sioc dearbhar, agus ni dóith liom go dtagann
an corr ghlas annso ar aon cor.



An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. La néalmhar bog dorcha:
nealta aniar: gaoth ciuin attuadh um meadon lae: deire
laoi mionceathanach: oidhche ciuin dorca.



An naomhadh la .i. diardaoin. Cluinim an smólach cliabháin
ag abhrán, cia nach ccluinim an smólach fiadhain. Taisbeanann
so go bfuil curam a n-ál óg do thogann a cciunas ar na h-éin
fiadhaine, nach bhfuil ar na h-éin cliabháin. Tugann an smolach
trí h-ál sa mbliaghain, -- a ttosach Abrain, a mBealtaine agus
a mi Meadhan. Cromann sí ar a nead do déanam, a bhfior-thosach
mi Marta ar smutan sean-croinn, no a ccladhfais
an ait a furas biadh d'fail. Deineann sí a nead cruinn


L. 136


doimhin le caonach no feur feoidhte, agus cuireann si líonáil
criadh go ciuirialtha astigh ann. Fágann si toll do gnaith a
meadhon-bun a nide cum an fliuchras do leigean tríd: deire
mí Márta no tosach Abráin, mi Maoi no Bealltaine agus
mi Meadhain aimsir na n-ál nóg.



An deichmheadh la .i. dia haoine. La neultach, mionceathain:
gaoth ciuin aniar ttuadh. Chuadhas go sochraid - Uí Luinsig
go fearann Cúirt na Buailighe, tre oirthear móinteán
na Ceisighe. On Buaile chuadhas leis an ccorp tre Bóithrín
an Aifrinn go Leaca na Cuailighe, ait a bhfuil úrlachas muintir
Luinsigh. Gabhas fein aithgreaf de Sgeich a' Duailín. Is ceart
an ainm Sgeach a' Duailín, oir is iomdha duailín nó dual
beag olainne fagann na caoire agus na h-uain ar an sgeach
so. Óir nil talam so duthaigh so is fearr cum caoire do
reamhradha agus uain do thógann. Ba ceart an ainm Cnocan
na cCaorach ar Cnocan Sgeiche an Duailín. Thángas abhaile
de Crann Bhachail agus de Droichidín Uisge Diun.



An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. La cruadh tirm nealtach;
gaoth bhíogamhail anoir. Chuadhas le sochraid Caitilín Ní Riada
mo cardas Criosd go Leaca na Cuailighe. Ta na grannarcáin,
padhacán buidhe buidheacán, caistsearban dearg, salchuach
agus blath eile mar an caistsearbhan dearg, - act go bhfuil
a cos lannach chomh maith leis an bleidhe, agus nach bfuil aon
duile leis, tá se go líonmhar cois na h-Amha Bige, ni fheadar
a ainm - go líonmhar anois. Deire laoi baistighe: oidhche
clagairnighe go maidin.



An dara la deag .i. dia domhnach. Domhnach an Uir, nó na
Pailme .i. an cead la de sean-mhí an Abrain .i. an cead
la de tri laethaibh na sean-riabhaiche .i. an t-seanbho riabach.
Clagairneach ar fead na h-oidhche roimhe maidin. Maidin
ceathanach; clagairneach um meadhon lae le h-anfa andeas:


L. 138


la fliuch tríd amach, idir sirshilt no clagaireach: tuile faoi
port san Amhain, dubhbhuidhe mar is gnath: sosadh o fearthuinn
um deire laoi: oidhche soinnshionna.



An treas la deag .i. dia luain: drochmhargad muc.
Maidin aoibhin aorach greine neultana: gaot ciuin aniar
ndeas: gach cnoc agus sliabh a ngar 's a ccein glan o neul
is o cheo. Chidhim beirt ban ag teacht gus an margadh le banabh
ag gach aon aca a mala ar a muin. Is minic cualadh me "muc
a mála," acht ni feacadh e gus andiu: deire laoi ceathanach:
tosach oidhche speirghlan gealaighe.



An ceathramha la deag .i. dia máirt. Maidin breagh bog
neultana: gaoth ciuin andeas. Cuadhas o chioth a meadon lae
a suil tiniolach ar Talamh na Mionan. Ta an grannarcáin
agus an noinin go lionmhar ann gach moinfhear anois. Is gearr
go bfoileocaidh an feur glas iad araon. Ta an paidheacán
buidhe go lionmhar, agus an salcuach, lus na ccoinle gorm
.i. bugha-muc, ni feicim acht aon ceann amain. Biadh biaidh,
beidh siad go líonmhar an mi se cughainn ar Talamh na Mionain,
cois cladhfais mor noch ata ann. Ta blaith suibh na talmhan
go niamhrach umhal cois gach cloidh anois. Ta an t-athar lus .i.
adhaineán eidheanán talmhan go líonmhar cois cloidh anois.
Ta boladh mismín de nach beag. Chidhim aon blaithín amháin
fadcosach, timchioll troidh, ar dath blath na n-abhall nach
beag .i. ban agus corcra, an cuid is mo ban, den ord
aon-bhean, den aicme ceathar-fhear fad agus da fhear gearr. Ni
fheadar a ainm. O meadhon laoi fliuchras. Cluinim an smólach
andiu. Creidim go bhfuil sí ag tosach arís ar suirighe chum
ál óg eile do bheith aici. Tuig gurab e an cuileach do chanann
don chearc: deire laoi agus tosach oidche clagairnighe. Chualas
an colam coille ag "cumha cumha" a nGorán na Giubhis láimh
le Muileann Uí Briain: oidhche trid amach, d'eis sosa gearr,
ag clagairneac go liath-maidin: an gaoth ag duanuighail
duanghail go truaidhmheileach.


L. 140


An cuigeadh la deag .i. Ceadaoin a' Bhrath'. La 'na phraisidhe:
maidin fearthanna d'eis oidhche clagairnighe: o meadon lae
go se a clog la greine: um deire lae agus tosach oidhce,
beagan fearthanna: oidhche ciuin: la gaothmhar: gaoth aniar.



An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin breagh greine:
deire laoi ceathanach: gaoth ciuin andeas.



An seachtmhadh la deag .i. Aoine an Cheasdadh. Maidin
geal greine bog: ceathan cloichshneacta ag do a clog um
trath-nona, le gaoth roichiuin aniar ttuadh. Is boct an biadh "aran
eornan, biolar is caoil-deoch" agus ni taise do potataoi
bruite, sgadan ruadh-dhóigthe múchtadh a mustard maochta:
da bhlaodhm tóirnighe um sé a clog: oidhche ciuin speirghlan
gealaighe.



An t-ochtmhadh la deag .i. Satharn Cásga. Maidin greine
nealtana: uisge na Casga da choisreagann ag an Séipeil
Poraiste. O meadhon lae suas go deire laoi ceathanach le
gaoth beodha aniar: tosac oidhce ciuin nealtana gealaighe:
deire oidche ceathanach.
An naomhadh la deag .i. Domhnach Cásga. Clagairneach ag
breacadh an lae. d'itheadar na leomhain buimpeis mo stoca
noch do bhi ag luighe ar dhruim seana-arg. Maidin nealtana
eattrom greine: gaoth geur aniar ttuadh: beagan sneachta
ar beann Sleibhe na mBan timchioll mullach Sighe finn. Ba
fuar an la e cum rince fada mar adeir an t-abhrán.



"Ar mullach Sighe Finn beidh rince fada againn
Ag fáiltiughadh abhaile ruimh cara mo cleibh."



Cioth cloichshneachta ag buile a clog: neulta agus gealain
agus ceathain go se a clog, an tan tainead tromcioth
cloichsneachta: gealain agus neulta as sin go deire laoi,
le gaoth beodha geur aniar: oidce breagh.



An fithcheadh la .i. Luan Cásga: La tirm greine: gaoth ciuin
aniar.


L. 142


An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt. La tirm neultach:
gaoth ciuin andeas.



An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. La neultrom: gaoth
fuar laidir anoir le mionfhearthainn. Caitheas an la agus an
oidhche se a cCill Chuinigh.



An treas la fichiod .i. diardaion. La neultrom ceathanach:
gaoth fuar attuadh. Chathas an la so a cCill Chuinnig.



An ceatramha la fichiod .i. dia haoine. La ceathanach:
gaoth fuar anoir ttuadh. Thangas abaile o Cill Chuinnigh um
meadhon lae. Ba beag e mo gnodh, agus ba olc e m'obair,
oir cathas da la ag ól agus an treas lá teinn go leor.



An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh tirm
neultana greine: gaoth beodha anoir ttuadh. Ta cuma maith
ag teacht ar giobhar: saoileas nach beidh mbeadh se chomh
mait. "Márta cruadh gaothmhar: Abrán bog braonach, agus
Bealltaine béil-fhliuch líonfas na sgiobóil."



An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh greine
neultana tirm: gaoth beodha fionfuar andeas.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. La breagh tirm
neultuibh foghalgreine: gaoth beodha fionn-fhuar a ttuadh.
Bionn na priachain dubha on gorán ag an Droichead Beag,
agus na cabóga muineul duibhliath o sean-caisleain na ceill
agus na teampoill, le breaca an lae, sul bionn se lantsolas
ag eitioll ar fuaid na sráideanna ag iarradh a ngreama
ameasg otrach capaill, mar teachtairighe o sluagh na marbh.
Is clos dom gur cualadh an cuach coicigheas ó shoin. Chualadh
féin í, dar liom, acht ni raibh me deimhnightheach de. Is fuar
an aimsir i seo dhi bheith ag labhairt.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin tirm dubh
gaothmhar garóideach: la geal greine speirglan: anfa aniar
ar maidin agus aniar ttuadh tréas an ló. Slinn da sguabadh
o ceannaibh aniomad tigh. Cidhim na h-ainleoga droma-ciara


L. 144


bolg-riabhacha cois na hAmhan laimh le Poll Seaghain ag
cuilear-acht. Bhí me san ionad ceadna coicigheas o shoin, .i. an
ceath-ramha la deag, agus ni feaca ceann diobh. Is comsamhail gur
o shoin thangadar o tiorthaibh teasuighe a ccein. Mo truagh an
cuilog boct, cois na h-Amhan! Ta an breac ar a ti san uisge
agus an ainleog san aer. Taid na smolacha go balbh sna
cladhthaibh fais le h-eagla an anfa. Ni cluinim eun act aon
uiseogin uasal amhain. Mo truadh iad!



An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La tirm sliabhghlan
speirneultach: gaoth goinideach attuadh. Ta cuma la cruadh
mi Marta air, agus cia go bfuil se ratha raithe dian direach
o chonnairceas duileabhar ag gobughadh amach ar an bfeithleóig,
is beag an duileabar fos ar crann na cladhfais. Is beag
den obair earraigh deanta fós, cia go bhfuillmid a mbeul
an t-samhra nac beag. Ba cruadh anrodhach an t-earrach
é.
"An uair labharfas an cuach ar chraobh gan duileabhar,
Díol do bhó is ceannuigh arbhar."



An deichmheadh la fichiod .i. diardaoin. Oidhche Bealltaine.
La cruadh dorcha neultach: gaoth fuar aniar ttuadh: gaoth
garóideach um deire laoi, le ceofran fuar aniar ttuadh.
Ta cuma cronughadh lae Gionbhair gruama dorcha duairc
air; is neamhchomhsamhail le h-Oidhche Bealltaine e: daoine
ag deanamh saothair earraigh .i. ag cur leasuighthe amach, agus
ag aith-ionntodh talamh potataoi. Dubhairt me gurab e an
ciall salchuach do ghlaodh ar an violet, i ttaobh an cuac do
labhairt go grod d'éis a cead-fhaicsiona; act creidim anois
gurab e an ciall go bfuil sal ar an ccuach .i. ar an bhlaith
gorm mar copan no cuach .i. go bfuil an nectarium mar sal
amach as an bleidhe
"Nuair labharfaidh an cuach ar crann gan duileabhar
Díol do bhó is ceannaigh arbhar."


L. 146


MÍ BEALLTOINNE: "Bealltoinne bua-bhreith liuirigh
laoi." An cead la .i. dia haoine. La buidhe Bealltoinne
.i. La Bealtoinne .i. La aonaigh Muillean Uí Chuan. Maidin
fuar gaothmhar neultach dorcha: craobhaibh glasa faoi bhlaith
ar capallaibh cóiste an mhála, ag leath-uair d'éis a sé ag teacht
o Baile-Ath-Cliath. Imthigheann an mála o Baile Ath Cliath
go Corca ann uair agus fiche, cia nach bhfuil tar caogaid
bliadhain, o bhiodh cóiste ag imtheacht o Chill Cuinnigh go Baile
Ath Cliath agus do ghabhadh se da la cum a dheanta, cia nach
bhfuil Cill Chuinnigh leath-slighe o Baile Ath Cliath go Corca:
da bhrigh sin ghabhadh an cóiste úd -: "Eitioll" do ghlaodaís
air, - ceithre la chum obair aon lae. Eitioll mall ba cheart
do ghlaodh air; acht ni air "Eitioll" bí an locht acht ar an
Seanaid Sasanach, noch d'fhág Éire gan cóir imtheacta acht
bóithre pluide no rail gharbha, athanna gan droichidibh, suas
maoil-chnoic agus síos garbhghleannta: an ionad an slighe
socair reidh gan cuas gan carraig, gan ardan, gan islean,
gan cor cam ná bóithrín caca, mar ata anois againn o Baile
Ath Cliath go Corca, agus as sin go Beanntroighe theas; go
Luimneach, agus as sin go Cill Áithirne agus Oilean Daraire
Dairbhire theas agus go Deangean Uí Chúise: go Baile Fearsad
Béal Feirside, agus as sin go Carraig Fearguis agus
Cuil Rathain thuad go Doire Calgach thuaidh: go Dun na nGall
thiar thuaidh: go Slioga thiar agus as sin go Cliumhail: go
Loch Gorman agus go Port Lairge shoir. Taid na ceadta
choiste, cara agus carabhán o Baile Ath Cliath gus na bailte
seo, agus bailte eile nach airmhin: agus o bhaile go
baile, o cathair go cathair anonn 's anall tre na chéile; - acht
go raibh maith ag na ceannaighthibh.


L. 148


La geimhreamhail: gaoth fuar aniar: is beag de chuma an
t-samhra air. Ta an draonan donn gan duileabhar 's ar
beagan blaith: an sgeach geal gan bláith ar beagan duileabair:
an cuach gan cloisin: an féar gan faicsin acht beagan; obair
earraigh ar deire: an sgológ ar mire: an bo gan bleacht gan
bainne.



An dara la .i. dia satharn. La aonach na muc; luach
beag ar muca. Maidin tromneultach tromceathanach;
fo-ceathan o meadhon lae go tri a clog le gaoth bog aniar:
deire laoi tirm bog. Cuireamar mathair Maire agus Eilís
Ni Niúláin ag Tigh an Mhála aniomh i cCill
Brighde.
"Cuirfear mé féin i cCill Bhrighde mhaisigh
Mara mbeidh aigheadh na greine ar mo leaba."



An treas la .i. dia domhnach. Maidin siorfheartanna:
gaoth laidir aniar: deire laoi speirglan greine: gaoth ciuin
aniar.



Do toigeadh da liathróid Bealltoinn (.i. craobh Bealltoinn
foilighthe le síoda, ribínighe, blatha etc., agus an liathróid na
lar ar liubarna no silleadh, síos, foillighthe mar an cceadna
le hoiarnáid): ceann o muintir Gronta a cCulalong agus
ceann o muintir Breathnach ar Faithche an Aonaigh.
D'iomáin-eadar na fir óga ceann diob 'na diaidh san. Ni mó an
diobhail do rinn an t-abal t-ubhal ordha noch do thóg Paris
Pairid ameasg na m-baindéithibh, na deineann cuid des
na liathróide Bealltoinne se. Gus an la so nior toigeadh
liathróid Bealltoinne le caogaid bliaghain, o do marbhadh
fear ar crois Callain ag togbhail liathroid Bealltoinne
ministeara nua-pósta .i. Dochtoir Lampart.


L. 150


An ceathramha la .i. dia luain. La aonaigh an mhaga. La
breagh tirm neultana: gaoth beodha fionn fhuar aniar: muca
oga ar leath an luach a bhi orra ratha o shoin. Is breagh an la
saothair e, agus is mor do theastadh theastuigh.



An cuigeadh la .i. dia mairt. La fuar fliuch neultrom
dorcha trid amach: gaoth beodha andeas da ard siar. Taim
ag múnadh sgoile anois agus ag sgríobh' eactra san teanga
gaodalach. Ní tugann se morain am damh cum siubhail
amach.



An seiseadh la .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine
gan neul gan ceo: gaoth rochiuin aniar ndeas: cioth trom ag
meadon lae: cioth trom cloichsneacta ag buille a clog: deire
laoi ceathanach, ceofranach.



An seachtmhadh la .i. diardaoin. La tirm neulmhar dorcha,
- agus is mor theasduigeann tiormacht anois.



An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. La tirm nealmhar: gaoth
ciuin aniar: neulta troma ciardonna le ciubhasaibh ordha,
agus neulta eattroma mar lomaraidhe tana orbhuidhe shiar
timcioll na gréine d'eis luighe.



An naomhadh la .i. dia satharn. La breagh neultana eattrom
tirm: gaoth beodha andeas, da ard siar: oidhche ciuin gealaighe
neultach.



An dheichmheadh la .i. dia domhnach. Maidin neultach dorcha.
Cidhim coluir ag teacht timchioll an cloigtighe. Creidim
gur ag neadughadh ataid ag teacht. Nil siad comh mor leis
na cuilm coille noch a chidhim a nGoran na Giubhaise ag Oilean


L. 152


Ui Bhriain. Deir siad san .i. na cuilm coille "cumha,
cumha." Ni fheadar cread adeir siad so fos. Taid na
cabhoga cabacha agus na gealbhain tighe san ccloigtheach mar
an cceadna. Nior thangadar na h-ainleoga ciara ann fós.
Is comhsamhail gur mor an t-ionad coimhnaight do aonlaithibh
an aeir seanchloigteacha agus seancaisleáin eile. Ta an
sgeach geal gan gile gan blath agus an draonog donn faoi
fiorbeagan blaith gan duileabhar. Ni cloisim an cuach, act
ni siubhlaim moran anois, o tharla sgoil agam. d'eirig
potátaoi ar margadh an lae ande go trí pingine an ionad
na dtrí leath-phinginige noch do bhí mar luach orra ar feadh
urmhoir a' gheibhre; is anois ata a lan daoine ag aithionntodh
talamh potátaoi an ionad bheith da ccur no curtha.
"Nuair a labharfaidh an cuach ar craobh gan duileabhar
Díol do bhó is ceannaigh arbhar."
Deire laoi aoibhin aorach neultach bog ciuin: iomáin bhreagh
ar Faithche an Aonaigh.



An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. Ní bhíonn margadh
an luain againn acht on Nodlaig go Bealltoinne: la breagh
neultach tirm: gaoth fionn fhuar attuadh.



An dara la deag .i. dia mairt. La breagh greine neultana;
gaoth ciuin bog anoir: daoine ag cur eornan, cuid de,
recte di an ionad síol cruitneachta noch do mheath san
geimhre se gabh torainn. Cluinim guth na traonaighe agus
an gearraguirt: cia nach ceolmhar is aoibhin, oir tagann siad
leis an samhra. Ceist agam ort: cá mbionn siad san geibhre?
Is comhsamhail go bhfanaid againn cia go mbíonn siad ciuin.
Deireann sealgairighe go mbionn na gearraguirt againn sa
geimhre: deire laoi aoibhin aorach greine bog, brothallach nach
beag. Is e an chead la ar a nglaodfuinn la samhra: cronughadh
lae aoibhin bog, gan gal gaoithe: an smolach a' seinm , na
corriasg ag sgreachadh cois na h-amha, an traonach ag "aic,
aic" treas na móinfhéaraibh.



An treas la deag .i. dia ceadaoin. La breagh tirm
brothallach greine foneultana: gaoth ciuin anoir: oidhche aorach
speirglan gealaighe. Is aoibhin taitneamh liathbhuidhe na


L. 154


gealaighe, o speir neultana, ar duileabhar na ccrann. Is
aoibhin an macalla o Aill na Tiniolach, laimh le Poll Seaghain
ag freagra do "aic, aic" na traonaighe; is comhsamhail le
glor gainimhe da hionntodh timcioll a soitheach stáin é.



An ceathramha la deag .i. diardaoin. La breagh neultach
tirm: gaoth ciuin aniar. Tháineadh an dara coissluagh ar
nochaid asteach.



An cuigeadh la deag .i. dia haoine. La breagh neultach
tirm. Is breagh an cath tháineadh andé. Chuadhas
sgathamh den bothar leo. Ag trí a chlog ar maidin bha a
n-oirfide ag seinm. Cath de Clanna Gaoidhil Alban é, acht
is mo de Sasanacha na Galldachta ata ann na de Clanna
Gaodhal. Is cogamhail an fhéachainn ata orra leis an fillebeag,
an beannead etc. etc. Is aoibhin an deire laoi ata ann: neulta
dearga shiar, gan gal gaoithe: oidhche aorac gealaighe: is aoibhin
guth na traonaighe culruadha agus a macalla: is aoibhin feachainn
tré géaga giubhaise ar an geallach odhar: is aoibhin duileabhar
glasbhuidhe beithe na meas, faoi taithneamh na gealaighe.
Nílid na neulta ag coruighe, ta ciunas chomh marbh san ann.
Cidhim laogh ban le cluasa dearga; coimeas "earca-iuchna"
ag O Raghaillig.



An seiseadh la deag .i. dia satharn. La aoibhin aorach
greine neultana. Is ar eigin coruighaid na neulta leis an
siolla beag ata aniar ann. Cluinim an cuach ar mo thaobh
clé: nil act radh geasrogach ann, a rádh nach bfuil sé amhárach
ádhmharach a clos an chead uair ar an taobh clé. Cidhim da
eun móra ruadha: ta ceann aca (an cuileach is dóit liom)
ag radh "cuid-a-cuid-a-cuid-a-cuid" chomh mear le
imtheacht no crothadh iarbaill uain deoil. Dearfadh file
gur Gaoidhilge labhrann an coileach ag radh "cuid-a-chuid"
leis an ccearc, oir adeirimíd fein "a chuid" le haon nidh
ceanamhail. Ta an blaith ag briseadh amach ar croinn na
n-abhal ubhal. Taid na spionain cruinnighthe, agus na
curains dearga, acht nilid na curains dubha. Chidhim


L. 156


colbhlath go breagh. Is e an gearraguirt adeir "cuid-a-
cuid-a-cuid-a-" go mall go ttagaid le teas graidh a ngar
da cheile ar fód glas cinnfearn cinnfhearainn, no mar sin
a ngoirt cruitneachta, agus "chuid-a-chuid-a-chuid-a-c
chuid . . ." mear an mbid laimh le chéile ag deanamh
grádha.



An seachtmhadh la deag, .i. dia domhnach. La breagh brothallach
greine, gan siolla gaoithe. Is ar eigin chidhim na neulta ag
teacht go rómall aniar. Bha seanmhóir róbhreagh againn andiu
san seipeal paraiste, leis an t-Atair Macnamara no
Maconmara o Luimneach, ag comhrughadh leis an seipeal, acht
is róbheag airgid fuaireadh. Bha easbog comharta conganta
ann; ba h-é adubhairt an t-Aifreann Canntaireachta. Bha
ceathair sagairt eile ann o Luimneach. Chidhim bláithín ban
glegeal, an garbh-lus ameasg na sgeach an gach cladhfais.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain. Maidin breagh bog
tirm neultach ciuin: gaoth ciuin aniar ndeas. Chidhim na
h-ainleoga ciara ag eitioll go mall cead troigh o thalamh.
Taid d'éis teacta ón Aifric, tréis an Spainn an Frainc
agus Sasana. Ní h-iongna iad a bheith bocht cortha, acht d'éis
a socaracht, agus biadh go leor d'fhaghail, beid nios laidre,
nios mire. Thaineadh na h-ainleoga amhain abhann a mi
Marta se ghabh thorainn. Ni eitiollann siad chomh ard leis
an ainleog ciar, agus is e an ciall, go bhfuillid na cuilleoga
ar a mbeathuighid laimh leis an uisge go h-isioll.



An naomhadh la deag .i. dia mairt. Ar maidin go doich
fearthuinn breagh bog fiall: is maith rachaidh sé (sic) do gach
gné giobhair agus feur glas, agus plurochaidh sé talamh
na bpotátaoi: la breagh greine neultana bog: gaoth ró-ciuin
aniar: neulta shiar go niamhrach um luidhe gréine.



An fithceadh la .i. dia ceadaoin. La breagh greine tirm:
gaoth beodha fionn fhuar anoir ttuadh.


L. 158


An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh brothallach
greine: gaoth ciuin anoir ttuadh. Is aoibin ceol eun um
deire laoi.



An dara la fichiod .i. dia haoine. La breagh greine: gaoth
beodha andeas: saothrughadh potataoi da dheanamh go dicioll.



An treas la fichiod .i. dia satharn. La tirm neulmhar:
gaoth beodha andeas ar maidin; gaoth laidir fuar aniar um
deire laoi. Bhadhas ag tuargann cnapain garbha air bheagan
talmhan potataoi, agus bean ag cur an tsíl damh. Is
deaghanach bheid ambliaghna.



An ceathramha la fichiod .i. dia domhnach. La fionnfhuar
neultana tirm: gaoth ciuin attuadh.



An cuigeadh la fichiod .i. dia luain. La fionnfhuar greine:
gaoth ciuin attuadh ar maidin: gaoth anoir ttuadh um deire
laoi. Bhadhas ag tuargan cnapai agus ag cur síol potátaoi.
Chidhim seiletheidighe bo adharcacha gan eide seile, acht is
doith liom go bfuil se ag tosughadh aig an iarball. Ta poll
air taoibh deis gac cean cinn aca, leath-ordlach o n-a h-adharca.



An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La tirm greine: gaoth
beodha attuadh. Ta an sgeach geal ag cur a blaith amach anois,
acht ni go lionmhar. Cluinim an smólach go binn um deire
laoi.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog
greine speirglan ciuin. Is ar eigin airightear gaoth ró-chiuin
attuadh.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. Diardaoin Deasgabhala. La


L. 160


breagh greine: gaoth ciuin attuadh: beagan daoine a cCallainn.
Táid siad ag Aonac a' Gleann' cois Siurach.



An naomhadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin fionnfhuar
neultach: deire laoi bog neultana: gaoth róchiuin attuadh.



An deichmheadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin neulmhar
fionnnfhuar: la breagh bog brothallach greine spéirghlan:
gaoth roiciuin attuadh. Ta gach fionmhóin dóighte anois.
Is ionann fionmhóin agus móinteán no riasg. Is iad is
gnaith do dóithead cum beidhteinne, oir ni ceart talamh
suighte tirm do dóiteadh acht fionmoin .i. mointean .i.
riasg cum gach preamh luachra agus fiadhaille eile do losgadh
as an ttalamh. Is aoibhin aorach an deire laoi é. Beid


L. 162


potataoi go leor curtha an tseachtmhain se chugainn. Is clos
damh go bhfuil crom-leac, ar a nglaodhaid Leac an Scail,
tri mhíle o Cill Mhic Eanda ar an t-aithgearr idir e agus
Port Láirge. Tá sé chomh mor le beanntighe, leagaighthe ar
tri no ceathair do garbhógaibh cloch, mar is gnath le
cromleacaibh.



An t-aonmhadh la deag ar ficiod .i. dia domhnach. La
breagh greine tirm bog: gaoth ciuin attuadh.



MI MEADHAN A' tSAMhRA. An cead la .i. dia luain.
Maidin greine: meadhon agus deire laoi neultach: gaoth
fionnnfhuar aniar. Bhadhas ag prioca nó ag glanadh crobh-
priachain agus bruimfhéar as an talam potátaoi, sul do
chuirfidh cuirfaoi an faoidhleach aoileach air. Is tubaisteach
a bhfuil de bruimféar ann. Nil fiadhaille nios measa le
faigil.



An dara la .i. dia mairt. Maidin neulmhar: gaoth fionn-fhuar
aniar: deire laoi gréine, neultana: gaoth beodha
brothallach aniar. Chidhim blaith beag go nduile trí-chluasach
(trefolium) go mbleithin buidhe an uachtar agus dearg-bhuidhe
faoi. "Im socar" glaodhtar air, acht ni fheadar a
ainm Bearla, acht gur don treibh trefolium e. Ithid na ba
go milis é, agus tugann im go h-iomarcach dóibh.


L. 164


Ta Iopatar anois an aigheadh na greine .i. ag eirghidhe
san ard shoir theas an tan bhionn an grian ag luidhe san ard
shiar thuadh. Is ro-lonnrach anois e gach oidhche cia nach bfuilid
dorcha, óir nil aon oidhche dubh ann anois, act idir-solas
no - agus is follas gur mó feachann Iopatar anois na an tan
bhíonn an aon cuid eile da ciorshlighe óir is fuigse
dhúinn e go mor na an tan bhíonn leis an gréin, na ann a
ceathramhna, na in aon ionad eile.



An treas la .i. dia ceadaoin. La neultana greine: gaoth
laidir aniar: smuideann da sguabadh o boithribh go h-iomarcach:
ceo tana odhar .i. idir liathbhan agus liathbhuidhe, ar gach sliabh,
cnoc agus magh.



An ceathramha la .i. diardaoin. La neultach: gaoth róláidir
colóideach aniar: smuid da séide: ceo ar cnocaibh; ceofrán
go doich ar maidin. An fada uainn feartuinn?



An cuigeadh la .i. dia haoine. Maidin mionceathain agus
ceofran: gaoth ciuin aniar ttuadh: tromneulta ar sliabhaibh:
ceo ar cnocaibh agus maghaibh: deire laoi greine neultana:
gaoth ciuin attuadh: chuireas faoileach ar mo talamh potátaoi.



An seiseadh la .i. dia satharn. La aoibhin gréine speirghlan:
gaot fionnfhuar ar maidin anoir ttuadh: meadhon agus
deire laoi brothallach. Bha beirt fear agam ag gearradh
clas. Ta gal iongantach ag eirghe as an ttalamh. Beidh an
faoileach chom tirm le fadharcán, .i. adharcán, nac foileochar
le criadh gan mhoill. Is mor an bliaghain curta potátaoi í:
innistear dhamh go bhfuillid da ccur a cContae Tiobraid Aran
agus Corcaighe go h-iomadamhail agus is dóith go bfuillid
ann gach aon áit eile mar an cceadna.



An seachtmhadh la .i. Domhnac Cingcíse. La breagh brothallach
greine spéirghlan: gaoth richiuin .i. sioladh gaoithe attuadh.


L. 166


Chidhim domharchú .i. madra uisge, marbh. Ta sé tri troidhte
ar fhaid o srón go bun iarbuill agus troidh go leith san uarball
.i. ceithre troidhte go leith ar faid: dath ciar ata ar a clumh.
Is mor an chuid éisg do marbhann.



An t-octmhadh la .i. Luan Cingcíse. Lá Aonaigh Cille
Baoithin .i. Baile an Gharradh. La breagh brothallach greine:
siolla gaoithe ró-ciuin attuadh. Is ar eigin choruigheann an
foneul atá ann.



An naomhadh la .i. Máirt Cingcíse. La Aonaigh Carraig
na Siuire, nó La Aonaigh na Carraige. La breagh brothallach
gréine speirglan go cuig a clog, an tan d'eirigh neulta
ciara eattroma san ard toir teas, le fobraon agus ciuin-shiolladh
gaoithe andeas: ag seacht a clog, bha aighead na speire
foilighte le ciar-neulta eattroma óir. Bha Sliabh na mBan,
agus gac sliabh agus cnoc eile glan, gan neul gan ceo. Bha
mionceathan ann. Is e seo an chead uair chonnairc me neulta
ciardubha agus na sléibhte glan. Badar fainnleoga ag
cuilearacht nios aoirde ná connairceas riamh roimhe sin.
Taisbeánann san go raibh an t-aor breagh bog go h-ard agus
cuileoga ann.



An deichmheadh la .i. dia ceadaoin. La trosga. La breagh
brothallach greine ciuin: siolla gaoithe andeas. Is ró-bheag
de chuma na fearthanna air. Is aoibhin aorach cois na h-amhan
ag feachain a gal ag eirghidhe as móinfhéartaibh ísle le
h-idirsholas: an gealach ar speir gan ceo ag taitniomh tre
crannaibh bheith' na meas orm, agus Iopatar ag deallradh
go lonnrach: an macalla ag freagra don traonach ag "aic
aic" gan eagla san móinféar: boladh cumhra na sgeithe
sgeiche gile ar gach cladhfais tre a bhfeicim an gal ag eirghidhe
mar deatach púdar-catha a ccéin.



An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. La aonaigh na muc,
drochaonach: maidin ceo: ni fhaicfeadh faid macaire: gaoth
fionnfhuar beodha aniar: la brothallach greine. Cluintear


L. 168


an cuach, an traonach agus an gearraguirt gach aon la agus
oidhche anois ón cead la de mhí Bealltoinne. Ta an sgeach
geal go cumhra faoi bhlaith anois: is deaganach e ambliadhna.
Beidhteinne da doitheadh fós. Níor cuireadh an oiread
potátaoi an Eirinn ariamh is do cuireadh an t-earrac agus
ar samhra so



An dara la deag .i. dia haoine. La aonaigh an mhaga.
Maidin brothallach greine neultana: gaoth róichiuin aniar
ttuadh: deire laoi neulmhar: gaoth ciuin aniar.



An treas la deag .i. dia satharn. La neulmhar: gaoth
róichiuin aniar. Le beagan de laethaibh ceatha troma ar na
sliabhaibh 'n-ar ttimchioll, acht nior thaineadh cugainne acht
iarbail shiar na cceathain fós. Gorán .i. teas uisge sul a
fiuchann sé: as so goirtear "gorán" ar an ccuipe nó an
cumhbhar bhíonn ar uisge potátaoi sul a fiuchtar iad. As so
deireann daoine otartha gearán bán an ionad gorán ban
agus White Horse a mBéarla.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach. La breagh neultana
ceo-tana: gaoth beodha aniar ndeas. Ta blaith bánbhuidhe .i.
odhar ar an bpeithe buinnionn (.i. peithche buinnionn), cois na
h-Amha Bige: cioth trom ar fead sealad gearr um meadhon
oidhche.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. La neultach: gaoth
beodha fionn fuar andeas go cuig a clog um trathnona, an
tan do crom clagairneach trom ag tuitim le gaoth aniar,
noc do athradh on ard theas le hiontodh na baise. Fearthuinn
fiall go maidin amárach, agus, dar ndoith is mor do teasdadh
sé (sic). Beidh creat nua ar an duthaigh a mbeagan laethaibh
le cumna congnamh Dé, noch do h-impigheadh dia domhnach
.i. andé, o altoir Dé, ag iarraidh air go h-umhal, ma ba hé
a thoil naomhtha e, fearthuinn do tabhairt do na criostaighthibh,
agus, dar ndoith do thug a mbeagan uairibh 'n-a dhiaidh san.



An seiseadh la deag .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach
gréine: gaoth fionn fuar aniar. Is ró-álainn radharc na
tire le feartuinn an oidhche areir. Is niamrach an giobhar


L. 170


glas anois: la neultach ceathanach: deire laoi speirghlan
greine ciuin aoibhin giobharglas. Ta cruitneacht branar
samhra d'éis easgar le deich lá: ta cruitneacht talaimh photataoi
ag easgar anois. Ta an tuibhe tuighe gearr. Ta móin-fhéarthaibh
luathara go ró-éattrom an Eirinn agus a Sasana,
mar ataid da ngearradh anois. Acht ata suil le Dia agam
go mbeidh móinféartuighe deaghanacha níos truime agus go
ttiucfaidh futhcha. Bha cuig no sé blaomanaibh tóirnighe
a ccéin, um cuig a clog a ttrathnona. Nior thuit fearthuinn
a cCallain leo. Ni raibh braon andiu timchioll Ceannanais.
Cluinim um cronughadh lae eun ag radh "aoidhead, aoidheadh,
aoidheadh" go fada garbh: ní fheadar a ainm: cioth cloichshneachta,



An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin geal
greine: gaoth fionnfuar ciuin aniar. Meadhan laoi
ceathanach: deire laoi greine: gaoth ciuin attuadh. Ta
an blath buidhe ar feilistrom: dá blaodm tóirnighe andiu:
cioth róthrom cloichshneachta ar Bóthar an Marga da mile ó
Challain siar uadh. Tuit sé timchioll an t-aon bhuile deag.
bhi cioth trom fearthanna 'na dhiaidh gan mhoill.



An t-ochtmhadh la deag .i. Diardaoin Alainn .i. Abhlainne
.i. La Aonaigh Cille Chuinnigh, .i. saoire. La breagh neultach:
gaoth ciuin andeas.
An naomhadh la deag .i. dia haoine. Maidin ceathanach
ceofranach: gaoth laidir andeas: deire laoi siorfhearthanna:
oidhche clagairnighe tríd amach, gan sosadh gan traochadh. Is
rómhór do theasdad theastuigh, acht is ar láim Dé ata leigheas
gacha nidh. Ni raibh fearthuinn ar ard na ar éifeacht on
seiseadh la de mi Bealltoinne gus an cuigeadh la deag de
mi si laithreach, .i. ar fead se seachtmhainne mine dirigh; acht
anois ta an talamh folcaighthe go maith.



An ficheadh lá .i. dia satharn. d'éis oidhche fearthanna,
maidin clagairnighe agus baistighe go meadhon laoi, le gaoth
laidir aniar ndeas: mioncheathan o am go h-am treas an la.
Nil tuile san amhain; bhi tart rómhór ar an ttalamh cum aon


L. 172


bhraon do leigeann chum na h-amhan. Is mor do lub an
cruithneacht leis an ghaoith.



An t-aonmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La neultach tirm:
gaoth fionnfuar beodha anoir ndeas. Chidhim ar maidin da
seiletheide-bó-adharach a cumasg no a ccomhceangal le n-a
chéile. Bha biach gach n-aon aca a ttoll mor noch ata a muineal
gach ceann aca ar an ttaobh deis. Ba buidin beag bideach
ar barr uirlise gac n-aon aca, an deichmheadh cuid de ordlach
ar fhaid agus ar ttiubhacht snáthaide caoile. Da bhrigh sin
is comsamhail go bhfuil gach n-aon aca dá-inscne dé-inscne
.i. fir-inscne agus beininscne bain-inscne an aonacht.



An dara la ficiod .i. dia luain. La ceathanach tromneultach:
gaoth fionnfhuar anoir ndeas
An treas la fichiod .i. dia máirt. Oidhche Feil Seaghain:
la trosga. La tirm neultach: gaoth ciuin andeas: deire laoi
ceathanach.



An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin. La Feil Seaghain.
La breagh neultana gréine tirm: gaoth ciuin andeas.



An cuigeadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh tirm
neultana: gaoth ciuin andeas.



An seiseadh la fichiod, .i. dia haoine. Maidin aoibhin
aorach greine ciuin: la mar an ccéadna go ceathair a clog,
an tan thainead clagairneach caoitheach le blaodhm tóirnighe
trean. Bha claodach trean ag folcadh Sraid Faithche an
Aonaigh, agus an Cloidin. Ni cloidín acht claoideach trean
anois e. Nior sheasadh an clagairneach tar ceathramha uaire.
'Na diaidh san, chuadas go Faithche an Aonaigh ag féachainn air
ag tuitim soir uaim na columhain dubha idir da roinn bogha
ceatha. Ba aoibhin radharc na tire; go minic, cladhfais
dubuaithne idir clagairneach ar taoibh de, agus gal greine
ar taoibh eile dhe, go ttighte gealla faoi lonradh no
taitneamh na greine ameasg coillte cumhra glasa agus
gortaibh giobhar de gach gne. Ba caislean uisge ródorcha


L. 174


o neamh go talamh, acht ni fheacadh e: an clagairneach ag
rith timcioll tres an duthcha, le gaoith guardean:
ta áiteanna a bfoichseacht míle de Callain nachar tuit braon
de ann: na fainleoga ciara ag sgreachadh, mar banaoibhigni
bainbhíní beaga, um crónughadh lae, is iad go gliadhdarach
san aer ag fiadhach a chéile le macanais.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La tirm neultana:
gaoth ciuin fionnfhuar attuadh.



An t-octmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Oidhche Feil
Peadair is Póil. Maidin biogamhail glas tromneultach
dorcha: gaoth beodha fuar attuadh: deire laoi nios buige,
níos ciuine: oidhche tirm ciuin neultana. Stadas siar .i.
suigheas suas ar feadh na h-oidhche lem mnaoi, noch ata tinn.
Is uaigneach guth na traonaighe.



An naomhadh la fichiod .i. dia luain. La Feil Peadair
is Póil: saoire. Maidin aoibhin aorach greine neultana:
na cnoic is na sliabhaibh chom glan san go mb'fheidir gach deirc
is cladh do comhaireamh orra: la neultach ciuin: gaoth andeas:
ceofrán is mionceathan um deire loí.



An deichmheadh la fichiod .i. dia máirt. Mioncheathan ag
tri a clog .i. ag breaca an lae, le gaoth ró-chiuin andeas: mo
bhean go ró-theinn: go leigheasadh Dia mor uilechomhachtach í!
Is mor cailleamhaint mo leanaibhe beaga bochta, má gheibheann
sí bás go h-obann. "Deire an duine a shuan, is bean ag faire
a cuirp féin." Ní chodlann sí acht go h-olc. Cois teinn
ata aici. Atá si da cnaoidheadh go mór. d'fhan sí suas do
no tri oidhceanna seachtmhainn o shoin, agus fuair si fuacht.
Tháineadh allus rotrom lé annsan ar feadh da la agus oidhche,
noch do lagadh go mor í: tá cosachtach trom uirrthi.
Go bhfoireadh Dia í! Clagairneach beagan roimh seacht a
chlog: cuir sé claodach sios an Cloidin agus Sraid Faithche


L. 176


an Aonaigh: clagairneach eile ag naoi a chlog gan gal gaoithe.
Níor sheasad act beagan momentighe: fearthuinn un meadhan
lae: tuile ruadhbhuidhe faoi port san amhain: o meadhan lae
go se a chlog tirm, an tan thaineadh cioth trom. Bha lucht
aiste ag cleasuigheacht ar Faithche an Aonaigh. Is lúbhach
leimneach rinnceach ceoltach na h-aisteoirighe iad. Oidhche
neultach.



BUIDHEMIS. An cead la .i. dia ceadaoin. Maidin
siorbháistighe o breaca an lae go deich a chlog: gaoth ciuin
anoir ttuadh: meadhan lae tirm: deire laoi siltheanach, le
gaoth beodha fuar aniar ttuadh.



Anois .i. anois féin ag an t-aon bhuile deag san oidhche,
d'éag mo bean pósta d'eis ola agus aithrighe do fhaghail, le
toil Dé.



An dara la .i. diardaoin. La breagh neultana greine:
gaoth ciuin aniar. Ni rabhas ariamh am aonar gus an la so.



An treas la .i. dia haoine. La baistighe gan traocha go
cuig a clog, le gaoth ciuin attuadh. Cuireas mo bhean an
Uachtar Ratha. Deire laoi breagh bog tirm neultana ciuin.
Ni rabhas aon la am aonar go la déantadh na h-uamha. Is
dubhach dobrónach Donnchad mo mhac is sine, acht i ttaobh an
triúir eile, Anastás Amhlaoib agus Séamus nil fios a
gcailleamhain aca 'n-a ndithleachtaibh.



An ceathramha la .i. dia satharn. Ta triúr dom dithleachtaibh
ag súgradh 's ag gáire: la breagh tirm neultana: gaoth ciuin
aniar: is uaigneach me le tamall.



An cuigeadh la .i. dia domnach. Maidin geal greine,


L. 178


spéir gan ceo, gan neul: meadhan agus deire laoi tromceatanach
neultach: gaoth rochiuin aniar. Is uaigneach dínnear domhnach
gan Maire, mo bhean. Is beag nach (sic) marbhadh an mac as
óige agam andiu le buile de chloich san ccamoig ara. Le
leanbh gan ciall eile do bualaidh e. Is anamh mí-ádh
an aonar.



An seiseadh la .i. dia luain. La breagh bog ceathanach:
gaoth ciuin aniar.



An seachtmhadh la .i. dia mairt. La ceathanach: blaomanna
tóirnighe um meadhan lae,-ni raibh teinne aeir leis: deire
laoi brothallach ciuin: gaoth anoir: Donnchadh go dubhach: an
triúr eile go subhach.



An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. La ceathanach brothallach:
gaoth ciuin aniar ttuadh.



An naomhadh la .i. diardaoin. La Aonaig na muc, drochaonach.
La breagh bog tirm neultach: gaoth ciuin aniar: a lan bothanna
ar Faithce an Aonaigh.



An deichmheadh la .i. dia haoine. La Aonaigh na Feil Seaghain
.i. sean-la Feil Seaghain beag. Togha an drochaonaigh. Maidin
tromneultach ceo: cioth eattrom ag cuig a clog: la breagh
tirm tan-neultach bog ciuin le gaoth aniar: deire laoi dorcha
tromceathanach: gaoth andeas. Ni raibh buille na biseog
ar an aonach. Bha na pileirighe reidh chum sginneamhain ar na
daoineibh.



An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. Tromfeartuinn
um meadhan oidhche: maidin tromneultach: deire laoi greine
brothallach: gaoth ciuin andeas.



An dara la deag .i. dia domhnach. La breagh brothallach
gréine neultana: gaoth ciuin aniar: oidhche breagh.



An treas la deag .i. dia luain. La ceathanach neultana
greine: gaoth ciuin aniar ndeas.



An ceathramha la deag .i. dia mairt. La ceathanach:
clagairneach um meadhan lae, le gaoth beodha aniar ndeas.


L. 180


An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin. La Feil Suitín.
La breagh bog gan braon fearthanna: gaoth ciuin aniar ndeas.



An seiseadh la deag .i. diardaoin. La breagh bog: foceathain
gan ard: gaoth ró-chiuin aniar ndeas.



An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Mionceathain gan
ard ar maidin, le gaoth ciuin anoir: tromneulta ar sliabhaibh:
clagairneach ag cronughadh lae le gaoth ciuin andeas: clag-airneach
um meadhan oidhche.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. La ceathanach
tromneultach: gaoth ciuin aniar ttuadh: cuig pingne go leith
ar cloich potataoi.



An naomhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin ciuin
neultana greine foceathanach: gaoth ciuin aniar ttuadh: cioth
trom ag meadhan lae: gaoth beodha aniar ttuadh.



An ficheadh la .i. dia luain. La breagh tirm neultana
gréine: gaoth ciuin tirm attuadh.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt. Tuit potataoi
pingin san cloich .i. go tuistiun is leathphingin. La breagh
bog neultana: gaoth ciuin aniar. Is comhsamhail go bfuill
an aimsir tirm ag teacht. Is beag nach raibh fearthuinn gach
aon la le cuig seachtmhuinne .i. on ccuigmheadh la deag de
mhí Meadhain, gus an naomhadh la deag .i. iarbhadh ndé. Is
mor teasduigheann teas agus tiormacht o gach barr .i. arbhar,
fear etc. etc.



An dara la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh tirm
neultana: gaoth ciuin aniar. Ta mo cailín aimsearach ag
glanadh fiadhaille as talamh photátaoi sul na curfar an
t-athlan orrta: min bhuidhe na h-Aimeirioca ar tri pinginne
an pota.


L. 182


An treas la fichiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
neultana greine ag cuig a clog. Tighthe gealla ar taoibh
Sleibhe na mBan mar caoire gealla Chnoic na Carraige. Níl
gal gaoithe da luighead ann. La brothallac: gaoth róchiuin
aniar ndeas: neulta eattroma tana ag luighe ar sliabhaibh
le tanacht nó luigheacht an aeir on tteas: deire agus cronughadh
laoi aorach róchiuin, gan gal gaoithe.



An ceathramha la ficiod, .i. dia haoine. La neultach dorcha
tirm: gaoth fionnfuar attuadh: an cailín aimsearach ag
bogadh na cclas.



An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. La Feil Seam. La
breagh tirm: gaoth laidir fionnfuar attuadh. Is comhsamhail
le la earraigh é: fear agam ag cur atlan ar talamh potátaoi.



An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. La Feil Seam .i.
La Patrúin Tobar Sanct Seam, láimh le Callainn. La breagh
brothallach gréine neultana ciuin: "Gan gal ann don gaoith:
Do croithfeadh barr croinn na bláith." La samhra go ceart
e, agus is mor do teastuigheann sé, oir bhí an la andé agus
iarbhandé comh fuar le laethannaibh mí Márta, nach beag.
Chuadhas fein agus an triúr cloinne is oige agam
gus an patrún. Bhí spionáin agus curains agus silínighe
do leinibh ann: arán sinseara do chailinighe oga: leann
laidir agus uisge beatha buille do lucht eacrainn
agus eadragain: bothanna béalosgailte líonta le lucht
suirighe; piobairighe an mála agus lucht sgrioba-sgraba ag
deanamh ceoil d'aosog ann: agus daoine crábhacha ag tabhairt
turais timcioll an tobair. d'fhagas féin agus mo clann
an tobar ag sé a chlog. Bhí na táinte ag triall ar gach ard
go deigheadaighthe deartuil.



An seachtmhadh la ficiod .i. dia luain. Maidin gal greine
breagh brothallach ciuin: la amhla sin.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin neulmhar:
lá fearthanna o deich a chlog ar maidin go sé um deire laoi:
gaoth ciuin andeas.


L. 184


An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach ciuin greine: gal os cionn an Amhain sios ar fad
go feoir mar ceo airgid: la dorcha neulmhar ceofranach: gaoth
laidir attuadh um deire laoi.



An deichmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin greine
neultana ceo-tana breagh bog: la breagh greine: gaoth ciuin
attuadh.



An t-aonmhadh la deag ar fhichid .i. dia haoine. Oidhche
Lughnasa. La breagh bog geal gréine foneultach: gaoth róciuin
attuadh. Is mor an mhaith do rinn feartuinn an dia mairt se
gabh torainn: is ro-aoibhin radharc na tíre.



MI LUGHNASA .i. an chéad mhí den bhFobhar. An chéad la,
.i. dia satharn .i. La Lughnasa .i. an chéad la de mi an fobhair.
La breagh bog neultach, gan gal gaoithe da luighiod.



An dara la .i. dia domhnach. La breagh nealtach: gaoth
roichiuin aniar.



An treas lá, .i. dia luain. Ceobrán le gaoth ciuin aniar
ag breacadh an lae: fearthuinn gus an t-aon bhuile deag:
meadhan agus deire laoi tirm speirglan greine: gaoth geur
aniar ttuadh: luighe-greine glórmhar.



An ceathramha la .i. dia máirt. La tirm speirghlan gréine:
gaoth laidir fionnfhuar aniar ttuadh: smúid da séideadh.



An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog ciuin
neultach: deire laoi bog braonach: aon cioth amhain trom um
cronughadh lae.



An seiseadh lá .i. diardaoin. La breagh bog tirm neultach:
gaoth ciuin aniar ttuadh.



An seachtmhadh la, .i. dia haoine. La breagh bog neultana
gréine: gaoth róciuin aniar ndeas: tuistiún ar cloich potátaoi
nua: tuistiún agus leath-phingingne ar cloich sean-photátao:
da phingin go leith ar pota min bhuidhe mine buidhe na


L. 186


h-Aimeirica: da tuistiun uirrthi coicigheas o shoin: muna
beidh mbeadh í, beidh bheadh gort gorm sa tír se na h-Eirion.



An t-ochtmhadh la .i. dia satharn. Maidin geal gréine: la
breagh neultana bog tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: tuistiun
ar potataoi.



An naomhadh la .i. dia domhnach. La Patruin Chill Mhalua.
Maidin dorcha; fearthuinn trom go leor o deich ar maidin
go do um trathnona, le goath beodha aniar ndeas: deire laoi
neultana greine.



An deichmheadh la .i. dia luain. Cioth ag breacadh an lae:
la breagh neultana ciuin tirm.



An t-aonmhadh la deag .i. dia máirt. La breagh neultana
ciuin, gan gal gaoithe da luighiod: oidhche aoibhin aorach neultana
gealaighe: is álainn an oidhche fobhair í: aosog ag spaisteoir-eacht
ar Faithche an Aonaigh: tuistiún ar cloich potátaoi nua.



An dara la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach
neultana greine. Spailpinighe .i. lucht oibre .i. lucht corain
ar an cCrois: is róbheag an togann ata orra fós, acht ata an
cruitneacht ag aibiughadh go mear,-is gearr go mbeidh
cruitneacht na mbranar samhra da ngearradh. Meadhan
lae tromneultach, le gaoth fionnfhuar andeas: deire laoi
tromneultach ceofranach, le gaoth fionnfhuar anoir. Do
bhuadh Seoirse Ualcar dlighe an dá ghé ar Hanraoi O Riain,
suafrae an bhaile, no ar Phádruig Mic Eochadh, oir is ann a
ainm bha an dlighe. Chailleadar . . . guineadh leis an dá gé.
Dar ndoith bha an clumh ceannaighthe comh maith leis an bhfeoil!



An treas lá deag .i. diardaoin. Maidin tromneultach:
fairthuinn le gaoth beodha anoir. "Ta ciach ar na riasgaibh
's ar sliabhaibh dubha." Is dubhach an maidin fobhair í. Ta
an sgológ go cráite agus an buanaidhe go buartha: la síor-fhearthanna
agus clagairnighe; nior tháineadh a leitheid on la


L. 188


ar cuireadh mo bhean an Uachtar Ratha .i. an treas la de Buidhemis
se ghabh torainn. Is uaigneach an cuimhniughadh é, is ar
c-ceathrar cloinne am thimcioll gan máthair: clagairneach
go meadhan oidhche. Teilgeadh cum báis Sean Ruiseall ar
son báis .i. marbhadh a Deibhriusaich.



An ceathramha la deag, .i. dia haoine. Oidhche Feil Muire
Mor sa bhfobhar .i. trosga. Maidin ceobhranach: la tirm
néaltach: gaoth fionnfhuar beodha attuadh: gal greine um
luighe greine.



An cuigeadh la deag .i. dia satharn. La Fheil Muire Mor
sa bhfobhar: saoire. La aoibhin aorach tirm greine foneulta:
gaoth ciuin tirm attuadh. Chidhim o Faithche an Aonaigh cruitneacht
bainte cois na h-Amha Bige. Is sona an la e. Teilgeadh
dís cum báis .i. Sean Ruisealach agus Tomás Mic (sic) Odo,
ar son marbhadh a deibhriusach. Ta triur eile cum a ccur
air luingeas síor. Chidhim cárnadh agus stacaighe.



An seiseadh la deag .i. dia domhnach. La aoibhin aorach
breagh bog neultana greine: gaoth róichiuin attuadh: beagan
togbháil ar lucht corán.



An seachtmhadh la deag, .i. dia luain. La breagh neultach
tirm: gaoth beodha aniar ndeas: ceobhran um deire laoi.



An t-ochtmhadh la déag, .i. dia máirt. Beagan glaodhach ar
lucht coráin: la breagh neultach tirm go ceathair a clog um
trathnona: deire laoi ceathanach: gaoth beodha aniar ndeas.
Leighim gur rinn clagairneach agus anfa moran díobhála an
Albain agus an áiteanna eile: oidhche garbh geimhreamhail.


L. 190


An naomhadh la deag, .i. dia ceadaoin. Maidin garbh:
gaoth garoideach aniar: deire laoi fearthanna, le gaoth beodha
aniar.



An fithcheadh la, .i. diardaoin. La aonaigh na muc i gCallainn.
Maidin bagarthach; acht is minic dorchughadh mór le beagan
fearthanna: la breagh gréine foneultana: gaoth ciuin aniar
ttuadh: ceannach mear ar mucaibh meadhanacha: dhíolas muc
mor meith ar tri puint coróin .



An t-aonmhadh la fichiod .i . dia haoine. La aonaigh Callainn.
La Feil Labhráis sean. La breagh bog ciuin tirm. Cheannuigheas
muicin ar naoi fichiod is rael.



An dara la fichiod .i. dia satharn. Maidin agus meadhan
lae neultrom síorfearthanna: gaot andeas: deire laoi
tirm neultach breagh bog: gaoth andeas.



An treas la fichiod .i. dia domhnach. Maidin tirm neultach;
la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar: beagan tógbháil ar
fearaibh.



An ceathramha la ficiod .i. dia luain. La neultana tirm:
gaoth ciuin aniar ttuadh: beagan tuarasdail d'fhearaibh.



An cuigeadh la fichiod .i. dia máirt. La breagh bog gréine
foneultana: gaoth róichiuin aniar ttuadh: deire laoi aoibhin
aorach ciuin.



An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Síorfearthuinn
no clagairneach o bhreaca an lae go trathnona .i. idir a tri
is a ceathair le gaoth láidir an ard na fearthanna .i. andeas.
Is geimhreamhail an la e: is anrodhach an la fobhair e.
Leighim a "cCairt Calaire Baile Atha Cliath" gur rinneadh
dochar mor an Albain laimh le h-amhain Sbeadha agus Inbhear
Nois. Do sguab tuile trean le h-anfa uathbhásach
droichid agus bóithre leis. Do leag sé arbar, ag carnadh
gaineamh, garbheal agus garbhóga da throidh ar aoirdeacht ar
ithreachaibh agus ar machairighibh. Do rinneadh luach leath-
mhiliún puint (sic), d'airgid Sasana, de díobháil don tir


L. 192


don turan se. Ciuineas agus feartuinn o thrathnona go cuig
a clog, an tan d 'ionntadh an gaoth aniar ttuadh go borb:
tosach oidhche anrodhach fearthanna: an oidhche uile anfach
giuineach garbh geimhreamhail. Is rodheacair fobhar do
shábháil. Is e an cuma ata mórchuid di deas abadh, agus dar
ndóith beidh anchuid comh glas le giubhar, caillte go h-iomlán.



An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La anfa allta:
slinn da seideadh de ceannaibh na ttigh. Is uathbhásach beith
ar fairge andiu, agus is sgannramhail bheith ar taoibh thiar
thuadh d'Eirinn .i . ar thrádh tráigh Condae Muighe-eo agus
Contae Dun na nGall, oir is aniar ttuadh atá an anfa. Aon
cruitneacht ata 'na seasamh anois, geobhaidh sé (sic) sgaipeadh
sgathmhar: bainfear an síol as, an chuid is lugha de. Gheobhaidh
eorna agus coirce abadh rúsgadh rói-thiubaisteach: la neultach
le foceathan.



An t-ochtmhadh le fichiod .i. dia haoine. Anfa aniar ttuadh
d'eis oidhche anfa. Ta urmhór arbhair an contae .i. an ngleann
se chidhim ó Faithche an Aonaigh, bainte. Glac bothán Seamais
Soinsion .i. aithir mo cailín aimseareach (sic) Margraod
Soinseon, ar Ceann a' Fatha teinne ag leathuair d'éis a deich.
Ni raibh sé ceathramha uaire dá dhóith cum na talmhan: saoradh
an cearc an banabh, na breallain .i. urthuighe sughadaithe,
seancathaoir toin-tuibhe, carcan gan cois, báisín agus pigin
lub a pota: dódhadh cipín na croiche agus an croch féin. Gaoth
laidir ar feadh an lae aniar ttuadh: la neultana tirm:
fobhar dá gearradh.



An naomhadh la fichiod, .i. dia satharn. La aoibhin aorach
greine ciuin, d'éis oidhche breagh ciuin. Is aoibhin neulta
tana san ard thiar ag luighe greine. Is comhsamhail leis
an la go bfuill an aimsir socair arís, agus is mor do
theas-duigheann sé.



An deichmheadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh ciuin
neultach tirm: gaoth roichiuin attuadh.



An t-aonmhadh la deag ar fichiod .i. dia luain. La breagh


L. 194


ciuin neultach tirm: gaoth roichiuin attuadh. D'fágas
Callainn um deire laoi ar cara an Iodaileach (sic) Bianconi
agus chuadhas go Cill Chuinnigh ar 1/8 sgilling is dá thuistiún.
d'fanas annsin go naoi a chlog san oidhche, an tan chuadhas ar
Chóiste an Mála. Bhí an oidhche bog ciuin: gaoth attuadh:
leath uair d'eis a dó ar maidin thuit ceo trom noch do sheasadh
ar feadh da uair a' chluig. Bhadhas ag seacht a chlog ar maidin
a mBaile Atha Cliath.



MEADHAN-FHOBHAR. An cead la .i. dia máirt. d'éis
teacht o Challain san oidhche cuadhas ag ceannach earraigh go
Tigh Dubhthaigh a Sraid a' Droichid Íochtarach agus go tighthe eile.
La breagh greine neultana ciuin.


L. 196


An dara lá .i. dia ceadaoin. La breagh greine neultana
ciuin. Caitheas an la ag ceannach leabhar etc.



An treas la .i. diardaoin. La breagh bog greine neultana
ciuin. Caitheas an la ag ceannach agus ag cur mo last a
mála mór .i. paca.



An ceathramha la .i. dia haoine. Gaoth beodha aniar agus
aniar ndeas. Thangas o Baile Atha Cliath go Cill Chuinnig
an aon uair deag ar se sgilling agus se pingine ar Coiste
Laoi. Shiubhlas ó Cill Chuinnig go Callain ar mo socharacht.
Badhas san bhaile a bfochair mo dhithleachtaibh ag naoi a chlog
a ttosach oidhche ciuine .



An cuigeadh la .i. dia satharn. Maidin breagh bog neulmhar:
la siorfearthanna agus clagairnighe go róthrom tréan on
t-aon buile deag go ceathair a chlog um trathnona: deire
laoi spéirglan; gaoth róichiuin aniar ndeas.



An seiseadh la .i. dia domhnach. Maidin geal greine:
speir gan neul gan ceo: dorchughadh agus cioth trom le
cloich-sneachta ag meadhan lae .i. ag an da bhuile deag: deire laoi
ceathanach.



An seachtmhadh la .i. dia luain. Maidin tirm neultach
gal-gréineach: la mar an cceadna: gaoth roichiuin aniar ndeas.



An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. Maidin greine neultana
tirm breagh bog: gaoth ciuin .



An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh gréine néaltana:
gaoth róichiuin.



An deichmheadh la .i. diardaoin. La ciothanach: gaoth ciuin
attuadh.



An t-aonmhadh la deag, .i. dia haoine. La breagh greine
neultana: gaoth róichiuin.



An dara la deag .i. dia satarn. La focheathanach ciuin.
Tri pingine go leith ar potataoi.



An treas la deag .i. dia domhnach. Maidin geal greine
ciuin caoimh: deire laoi nealtach: blaodhmann tóirnighe
ag se a chlog: an grian ag luige le gnuis fraochda feargach am
neulta cur .i. crónbhuidhe .i. buidhe buadhartha: clagarnach go


L. 198


grod d'éis na tóirnighe, ciunas rómhór: na néalta go mall
ag triall aniar ttuadh.



An ceathramha la deag, .i. dia luain. La breagh neultach
tirm ciuin: cioth cloichshneacta ag an dó, agus cioth
fearth-anna ag crónughadh lae: gaoth ciuin attuadh.



An cuigeadh la deag .i. dia mairt. La breagh neultach
greine ciuin tirm: gaoth ciuin attuadh.



An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. La trosga. La
breagh gréine neultana ciuin: deire laoi spéirghlan: gaoth
ciuin attuadh.



An seachtmhadh la deag, .i. diardaoin. Maidin breagh
neultana ciuin: la neultrom: deire laoi ceofrain: tosach
oidhche clagairnighe: gaoth róichiuin andeas: meadhan oidhche
fearthanna: tuile san Amhain.



An t-ochtmhadh la deag, .i. dia haoine. La trosga. Maidin
ciuin ceobhrain: la geibhreamhail neultach ceathanach: gaoth
ciuin attuadh.



An naomhadh la deag, .i. dia satharn . La trosga. Maidin
greine neultana ciuin: deire laoi aoibhin aorach spéirghlan
ciuin.



An fithcheadh la, .i. dia domhnach. La siorfearthanna:
gaoth andeas: deire laoi tirm: oidhche speirghlan
reult-solais: gaoth ciuin aniar.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin geal greine
foneultana: gaoth ciuin aniar.



An dara la ficiod .i. dia mairt. La breagh greine
neultana ciuin tirm.



An treas la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh greine
neultana ciuin tirm.



An ceathramha la ficiod, .i. diardaoin. La breagh greine
neultana ciuin tirm .



An cuigead la fichiod .i. dia haoine. La breagh neultach
tirm: gaoth beoda andeas.



An seiseadh la fichiod, .i. dia satharn. La breagh neultach
tirm ciuin.


L. 200


An seachtmhadh la ficiod, .i. dia domhnach. La neultach
focheathanach: gaoth fionnfuar beodha aniar ar maidin,
aniar ttuadh um deire laoi.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. La néaltac tirm:
gaoth beodha fionnfuar attuadh.



An naomhadh la ficiod .i. dia mairt. Lá Feil Michil na
Cíosa. Maidin fionnfuar neultach: gaoth ciuin attuadh.



An deichmheadh la fichiod, .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin
neultach greine: samhra beag na Feil' Michil.



FUIDHEALL FOBHAIR. An cead la .i. diardaoin. La
breagh ciuin tirm néaltach greine: samhra beag na Feil Michil.



An dara la, .i. dia haoine. La breagh ciuin tirm neultach
greine: samhra beag na Feil Michil.



An treas la, .i. dia satharn. La fionnfhuar neultach
trom: gaoth laidir aniar ttuadh.



An ceathramha la .i. dia domhnach. La breagh fionnfhuar
tirm neultach gréine: gaoth laidir aniar.



An cuigeadh la .i. dia luain. Ceofrain go grod d'éis
meadhon oidhche: fearthuinn fial go breacadh an lae: la breagh.
neultach greine: gaoth laidir, nach beag anfa, aniar. Is
maith racas beagan fearthanna do lucht síolcur na cruitneachta.



An seiseadh la .i. dia máirt. La breagh tirm neultana.
gréine: gaoth laidir aniar ttuadh: síolchur da deanamh go
mórleitheadach tréas an dúthca: deich bpingine agus gloinne
uisgebeatha do lucht oibre.



An seachtmhadh la, .i. dia ceadaoin. La breagh neultana
gréine; gaoth laidir, nach beag anfa, aniar ttuadh.



An t-ochtmhadh la, .i. diardaoin. Maidin seacainín léithe,
geal greine, speirghlan: gaoth laidir fuar aniar ttuadh:
deire laoi neultach tirm .



An naomhadh la, .i. dia haoine. La aonaigh na muc, droch-aonach.
La breagh neultach ciuin: maidin ceofrain: ceofrán
um meadhan lae.


L. 202


An deichmheadh la, .i. dia satharn. La an aonaigh .i. Aonaigh
na Feil Michil: tobha togha an drochaonaigh. La breag
néaltach ciuin tirm.



An t-aonmadh la deag .i. dia domhnach. La breagh tirm
neultach: gaoth laidir, nach beag anfa, aniar um deire laoi.



An dara la deag .i. dia luain. La breag neultach ciuin:
trí pingine go leith ar cloichín potataoi.



An treas la deag, .i. dia máirt. Maidin neultrom dorcha:
meadhan lae ceofrain: trathnona mionfearthanna: deire
laoi trom-fearthanna agus aon cioth clagairnighe le gaoith
laidir aniar. An Iubhail da déanamh ag urmhor an poráiste:
seanmóir gach trathnona ag an t-Athair O Deoran
O Deoráin.



An ceathramha la deag, .i. dia ceadaoin. La breagh gréine
spéirghlan: gaoth gonta aniar.



An cuigeadh la deag, .i. diardaoin. Maidin seaca léithe:
la breagh greine spéirghorm: gaoth geur andeas. Is gearr
go mbeidh na potátaoi abadh o na siocainaibh se, agus ni misde,
oir is mithid é.



An seiseadh la deag, dia haoine. Fearthuinn eattrom roimh
la: la breagh greine neultana: gaoth ciuin aniar ndeas.



An seachtmhadh la deag, .i. dia satharn. La breagh greine
neultana tirm: gaoth ciuin aniar ndeas.



An t-ochtmhadh la deag, .i. dia domhnach. La deigheanach an
na Iubhaile. La aoibhin greine speirglan: gaoth ciuin aniar
ndeas.



An naomhadh la deag .i. dia luain. La néaltrom: mion-fearthuinn
um meadan agus deire laoi: gaoth ciuin fuar aniar
ndeas. Fuair urmhór an poraiste se faoisidin agus caoim-aoine,
agus tora na Iubhaile le cumhna Dé mhór uilecomhachtach.



An ficheadh lá .i. dia máirt. Fearthuinn on t-aon buile
deag san oidhche aréir go dó a chlog ar maidin: maidin
neultana gréine: meadhon lae ceofranach: gaoth ciuin aniar
ndeas.


L. 204


An céad la fichiod .i. dia céadaoin. La siltheanach
ceathanach: gaoth laidir aniar ttuadh, um deire laoi, - anfa
nach beag.



An dara la fichiod .i. diardaoin. La breagh fionfhuar
neultrom dorcha ciuin tirm.



An treas la fichiod .i. dia haoine. La breagh bog neultana
róichiuin tirm. Is breagh an la potataoi do bhuain é.



An ceathramha la fichiod .i. dia satarn. La neultrom dorcha
ciuin: deire laoi ceobhranach ceathanach: tosach oidhche
ceathanach.



An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh greine
speirghlan ciuin. Is róaoibhin an la e: gaoth ciuin aniar
ttuadh.



An seiseadh la fichiod .i. dia luain. Maidin seaca léithe:
la aoibhin greine, gan neul gan ceo: gaoth ciuin aniar ttuadh.



An seachtmhadh la ficiod .i. dia máirt. La neultrom dorcha
breagh tirm ciuin.



An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin
tirm neultach: daoine go gnodhach ag baint potataoi: gaoth
aniar.



An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin breagh
neultana ciuin: la speirghlan gréine: gaoth ciuin aniar.



An deichmheadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh neultach
tirm: gaoth ciuin aniar.



An t-aonmhadh la deag ar ficiod .i. dia satharn. La
trosga. Oidhche Samhna. Maidin breagh ciuin neultana tirm:
la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar.



MÍ SAMHNA. An cead mi den geibhre.
An cead la .i. dia domhnach. La Samhna. Maidin ciuin
neultach: la breagh tirm greine néaltana: gaoth ciuin aniar
ttuadh.



An dara la, .i. dia luain. La breagh greine speirghorm
glan ciuin aoibhin aorach samhramail san ngeibhre.


L. 206


An treas la, .i. dia máirt: drochmhargadh muc. La trom-neultach:
gaoth fuar beodha andeas: ceofran um meadhon lae,
act cia gnath fearthuinn le gaoth fuar andeas no gaoth bog
attuadh, ni dóith liom go ndéanfaidh sé fearthuinn andiu,
oir ata fuinneoga na bhflathas osgailte faoi na tromneulta.
Baineas mo potataoi andiu; táid go mor maith, buidheachas
le Dia, agus tarnguigheas abhaile iad chum mo tighe nua, noch
do glacas ar da púnt deag sa mbliaghain o Padruig O Sealbhadh
Sealbhaigh. Is dá mhó é 'ná an tigh bhi agam roimhe se o Seamas
Mic Uir Mac Uidhir ar dá nginighe deag sa mbliaghain:
a Sráid a' Faithche ataid araon.



An ceathramha la .i. dia ceadaoin. La aonaigh a mhaga: da
ceathain troma roim breaca an lae: maidin tromneultach:
la greine neultana: gaoth róichiuin aniar.



An cuigeadh la .i. diardaoin. La breagh neultana ciuin.



An seiseadh la .i. dia haoine. La breagh neultana tirm
ciuin.



An seachtmhadh la .i. dia satharn. La breagh neultana ciuin.



An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La breagh neultana ciuin
tirm.



An naomhadh la .i. dia luain. La breagh neultana ciuin
tirm .



An deichmheadh la .i. dia máirt. La fliuch: gaoth ciuin aniar
ndeas.



An t-aonmhadh la déag, .i. dia ceadaoin. La siorfhearthanna:
gaoth ciuin andeas.



An dara la deag, .i. diardaoin. La fearthanna: gaoth
ciuin aniar ndeas. On dara la deag gus an ceathramha la
fichiod, aimsir aoibhin síolchuir ciuin tirm neultach bog, acht
trí maidin seaca. Ní fheacadh mi Samhna com breagh ariam
o rugadh me.



An ceathramha la fichiod .i. dia máirt. La breagh neultach
tirm; gaoth bíogamhail fuar anoir.



An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin breagh
neultach tirm: gaoth gonta anoir ttuadh. mionsneachta roim
meadhan lae: la ródubhghonta: potataoi an na dúthcha bainte,


L. 208


agus síolchur dá dheanamh fós a nduibhré na Samhna, do reir
an t-seanfhocail: ceathan ag seacht san oidhche.



An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin neultana
greine: gaoth fuar anoir.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. La bog ciuin
neultrom dorcha tirm.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La bog ciuin
néaltrom dorcha tirm.



An naomhadh la ficiod .i. dia domhnach: an cead domhnach
den Adbhent Teadacht .i. to-in-tiag. La neultrom, dorcha,
mionceathanach ceofranach: gaoth fionfuar beodha andeas.



An deichmheadh la ficiod .i. dia luain. La neultrom fuar;
gaoth beodha anoir.



MI NA NODLAG .i. MI MEADHAIN A' GEIBHRE. An
cead la .i. dia máirt. La neultrom dorcha bog: gaoth ciuin
anoir: ceathain san oidhche.



An dara la, .i. dia ceadaoin. La aonaigh na muc a Muillean
Uic (sic) Chuain. La ceofranach ciuin: deire laoi
mion-fearthanna bhoig: cronughadh lae agus tosach oidhche
trom-fhearthanna: gaoth ciuin anoir ndeas.



An treas la .i. diardaoin. La aonaigh Muilleann Ui
Cuain: drochaonach: la breagh bog tirm neultrom: gaoth
ciuin andeas.



An ceathramha la .i. dia haoine. An chead aoine san Adbhent
Teadacht: ciothain troma roimh breaca an lae: maidin
dorcha: ciothan ag a naoi: an grian ag taitneamh go fann tre
fuinneogaibh na bflathas ag leathuair d'éis a deich.



An cuigeadh la .i. dia satharn. La breagh neultach tirm:
gaoth ciuin andeas.



An seiseadh la, .i. dia domhnach. La breagh neultach tirm:
gaoth ciuin andeas.



An seactmhadh la .i. dia luain. La breagh neultana: an
grian ag taitneam o am go h-am: gaoth ciuin andeas: ceofran
ciuin go doic ar maidin.


L. 210


An t-ochtmhad la .i. dia máirt. La breagh bog greine
speirghlan mar la buidhe bealltoinne: gaoth rochiuin andeas:
obair earraigh da deanamh go coitchean .i. caoinligh da treabhadh
is da romhradh: potataoi da mbuain ar na cnocaibh.



An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog neultach:
gaoth ciuin aniar ndeas. "Is teo siollad den gaoth andeas
na teinne ceap a' domhain ."



An deichmheadh la .i. diardaoin. La breagh bog neultach:
bogbhraon ar feadh beagan moimeint go doich air maidin:
gaoth roichiuin aniar ndeas. Caith an t-Athair Simon Breatnach
sgathamh den mhaidin am fhocair.



An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. La bog braonach:
gaoth ciuin aniar ndeas dá árd: clagairneach ag naoi a chlog
san oidhche: gaoth ard 'na diadh san.



An dara la deag, .i. dia satharn. La marga na muc: marga
maith: la clagairnighe no síorfhearthanna d'eis oidhche garbh
gaothmhar (sic). "Samhra gach síne go Nodlaig." Is mór
do phlandáil giobhar san mi si gabh torainn, acht ata deire
plandála leis anois, go mi abráin se cugainn. Gheobhadhfaoi
seanariabhach ar dafhiciod sgilling. Is iomdha ainm ar bho
o laogh go seanarabara mar atá laogh, gabhain, gabhain ruadh .i.
gabhain a mbeidh mbeadh laogh innti, seacfhaid .i.
bo go mbíonn a cead laogh aici: ath-bho .i. bó ar an dara laogh,
loilighteach loiligheach .i. bo nuadh-bearta, gabhnach .i. bó a
mbíodh a laogh na gabhain, no bo bionn da bhliaghainn ag tabhairt


L. 212


bainne uaithe gan dair; foragach .i. bo no agh ag tabhairt
bainne, tri bliaghna, gan dair. (Agh .i. bo: as so an focal
for-agh-ach).



An treas la deag .i. dia domhnach. Maidin fearthanna
d'éis oidhche fliuch (sic): meadhon lae soinninne; deire laoi
doinninne: oidhche tirm ciuin: gaoth ciuin aniar ndeas.



An ceathramha la deag, .i. dia luain. La aonaigh Callain:
maidin dorcha tirm ciuin d'éis oidhche ciuin tirm: la breag
dorcha róiciuin. Banaibe diúil ar margadh Murcha .i. o
sgilling go leathchoróin an ceann: ba go leor act beagan
ceanaightheoirighe agus drochluach: gac gné áirnéisi mar an
cceadna. Cionas a dhéanfar cíos?



An cuigeadh la deag .i. dia máirt. La breagh bog ciuin
greine speirghlan, gan siolla gaoithe: oidhche seaca leithe.



An seisead la deag, .i. dia ceadaoin. La trosga: maidin
seaca léithe: leacoidhre róthana ar lochanaibh: neulta troma
ar sliabhaibh: ciothan éattrom ar feadh trí moimein ag ocht
a chlog ar maidin: an grian ag taitneamh go fann tre
tean-neultaibh: o meadhan laoi go luighe greine, spéir gan neul
gan ceo: ag cronughadh lae, ciunas agus ceo rothrom: is ar
éigean chidhfidh chidhfaoi leathfhad na sráide: seasadh,
sheasuigh sé go d'éis dultadh a codla duinn, ní feadar
ca fada.



An seachtmhadh la deag, .i. diardaoin. Tromceatha roimh
breaca an lae le ciunas: drúcht ar fo-phána, an chuid eile
den fuinneoig gan drucht, gan taisleacht: maidin fearthanna:
deire laoi tirm salach faoi cois: gaoth aniar: oidhche seaca.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin seaca:
leacoidhre tana ar lochánaibh: an grian ag taitneamh ar spéir
gan ceo: gaoth attuadh.



An naomhadh la deag .i. dia satharn. Maidin seaca cruadh
leacoidhre leathordlach ar tiubacht ar lochánaibh: la neultana
d'éis maidin greine: gaoth attuadh da ard siar.



An fithcheadh la .i. dia domhnach. Maidin seaca: la neultana
greine: oidhche neultach: ordlach ar tiubacht san leacoidre


L. 214


ar lochánaibh: gaoth attuadh da ard siar: mionfearthuinn san
oidhche.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin geal greine
speirghlan seaca: niamhánaibh seaca ar an fordris .i. dris
sgeachóir na muc. Chuadhas gus an cCuailigh le breaca an
lae: bha neul dearg san ard shoir theas.



An dara la fichiod .i. dia máirt. Maidin seaca duibhe
cruaidhe le gaoth ciuin aniar: crom se ag cur mionshneachta
ag an naoi ar maidin: sneachta da cháthadh na leatogaibh
leathna mora ag a deich le ciuineas mor: deire laoi breag
sneachtamhail.



An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog ciuin
speirghorm foneultana: gaoth ciuin anoir ttuadh. Is bocht
atáid na héin beaga, oir atá a mbiadh foilighthe le sneachta
acht focaor ar sgeacaibh: beagan sneachta ag naoi a clog
san oidhche.



An ceathramha la fichiod .i. diardaoin. Oidhche an Nodlag.
Maidin cruaidh: an speir dorcha: an talamh ban le sneachta,
se ordlach ar doimhneacht: gaoth beodha fuar attuadh.



An cuigeadh la fichiod .i. La an Nodlag Mór. La breagh
bog ciuin spéirghlan greine: gaoth rochiuin anoir ttuadh: nil
se ag toineadh tineadh, tionadh, ná ag sioc, cia go bfuill an
talamh agus an tír uile foilighthe le sneachta. Ni cuimhin le
h-einneach dá maireann la seaca agus sneachta com breagh
leis. Tá dá ordlach ar tiubheact san leacoidhre an aiteanna
fosgaighthe on ngréin agus ordlach go leith an aiteanna gréine.



An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La Feil Steaphán.
Maidin ciuin neultach bog: sneachta ar aigeadh na tíre gan
leigheadh gan toineadh; gan sioc dá chur.



An seachtmhadh la ficiod, .i. dia domhnach. D'fhágas Callain
d'éis Aifrinn an naoi a clog. Fuaras capailín ciar
sodarach o Seamas O Luingsigh ag droicead na nGabhar,
Ghabhas tre Cathair Leisg, tar an Camuisg, tre Barr Sguab,
tre Dún na mBogán, tar Sruth na Glóire, noch a fhásas o Dhrom


L. 216


Dearg láimh le Gráig-Ros Uí Neana, tre Baile Ruibín ag
bun sléibhte Breatnaigh, tre Baile Hugún ar an sliabh. Ag
aimsir Aifrinn bhi sneacta ar gac taoib diom, ar mag, ar
cnoc, ar sliabh; acht nior airigheas rófhuar é go dtángas go
Baile Ruibín cos t-sléibhe, áit ar ólas gloinne biotáile
.i. leathchnagaire ar trí leathphinginighe. Téighean an bothar
taobh shuas budh deas o Baile Húgún tar drom cnuice de
cnocaibh Sléibhe Breatnaigh, oir atá ceadta cnoc a Sléibhtibh
Breatnaigh. Is annso d'airigheas an fuacht go rógeur. Bí
mionsneachta chom geur le snáthadaighe ag tuitim. Ní raibh
cuma morain sneachta dho thuitim ar na sliabhaibh, oir thuit sé
comh cruadh sin nach raibh toirt ná taisbeánadh aige; acht bhí
ceithre ordlach ar tidheacht san leacoidhre, agus ni raibh acht
da ordlach nó trí, an cuid is mo dhe, ar tideacht ann innte
a nGleann a' Righ cois Amhain a' Righ, áit ar thuit an sneachta
'na bogleatógaib mothallacha. Do leanas orm os cionn
gleanntán garb garbogach gan crann gan duileabhar gan feur
gan fásach act giolcach sleibhe, raithneach ruadh, fraoch feoite
no aitean gearr geur goinideach. Leanas orm cois an Móin
Ruadh (sic). Is iomdha ruadh-cnoc ruadh garbogach tort timchioll
air. Leanas orm tar srothánaibh seirgte on sioc, cois lochaibh
leacoidhreamhla nach cuimin liom a n-ainm; an sneachta
snáthaid-eamail ag siorcathad orm fein agus mo ghearáinín staideach,.
le gaoth geur goinideach anoir ndeas tar broinn Sleibhe
Greidhn, an sliabh is aoirde am radharc. Thángas faoi deire
go Muillean a' Bhata, tar an Amh Dubh, áit ar chuadhas go
teinne maith mona ar dearglasadh san teinnteann, agus
fuaras gloinne d'uisge beatha cum me coimhead am beatha.
Dar ndóith, ní leasainm uisge beatha aniomh indiu air.
Gluaiseas cois na h-Amha Duibhe, noch a fhásas ó Thobar na
h-Amha Duibhe. Bhí fosgadh annso agam on gaoth anoir ndeas,
oir bhí Sliabh Greidhn idir me agus é (sic). Is garbh an amhain
an Amh Dubh ó iomad na ngarbhóga ruadh noch a ttuiteann
thuiteas ann innte ó na ruadhchnocaibh, agus ritheas le tuile


L. 218


uisge le fana n-a n-iomad sruth siansánach, sreabh sárghárthach,
sruthan seang ag sníomh tre fiadhainghleann, gaise gartach an
aimsir clagairnighe agus siorfhearthanna; agus claodach
caloideach garoideach; acht aniom indiu is ciuin iad, óir
ataid suidhte seargtha o dearbhaireacht na
seaca. Leanas orm go Muillean a' Bhró, áit nachar thuit acht
beagán sneachta leis an seactmhainn se agus atá an leac-
oidhre tana. As so is iontuigte gur dearbhaire fuacht suas
ar na sliabhaibh agus a nGleann a' Righ, cois Amhain a' Righ
ag Callain a' Chlampair, na sios laimh le Port Lairge, áit
a bhfuaras céad mile fáilte on t-Athair Siomon Breatnach
agus a mhuintir. Bha proinn róbreagh ollamh reomham .i.
sliosda mairt fheoil úr-shoilte agus coilis ban, gé teinn-bruite,
agus putog aráin inti, cois caoirfheolach agus tuirn-eisighe,
bagún agus eireóga agus naosgach rósta. Bhí fionn
Port-na-nGall an Phoirtingéil agus uisge beatha deanta 'na
sgailtín; agus bhí nidh eile ann .i. Máire Breatnach, bean
breagh ard gruadh-dhearg gruaig fionn-ruadh, go t-tóin
triopallach, go m-brollach ard, go c-cíocha cruadha cruinne
cailce. Tá sí timchioll cuig mbliagna deag ar ficiod
d'aois, agus nil a h-aighead roimhín, oir atá ionad na bolgaighe
go h-eattrom ann innte; act ta si modhamhail maorga ciuin
cneasta caoin. Is ar eigin d'fheachadh sí orm, na do leigfidh
leigfeadh sí dhom rian mo mhear do cur na banbais, oir atá
fios aici go ttangas da feucainn ar cuireadh suirighe, nó
cum "guala muice d'fhaghail," mar adeir an gnathfocal:
act tiocfaidh deire na sgeul an aisge.



An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh neultach
ciuin bog tirm seaca. Cath me cuid den la a' feachainn
Cathair Phuirt Lairge agus an luingeas luingis, agus cuid
eile dhe ag suirighe le Máire mín Breathnaigh a' Bhreathnaigh .
Is doith liom go bhfuaras an t-slighe cum a croidhe do bhogadh,
óir thug sí le tuisginn dom go ttiucfaidh sí abhaile liom.


L. 220


'S iomdha sgeal bog binn d'inniseas di an uaigneas, oir d'fhan
an t-Athair Siomon agus an baintreabhach Ui Murchadha agus a dís
inginn óga deasa as an slighe dénodham. Níl le déanamh act
fanamain le la-cinn-da-la-deag-na-Nodlag cum sinne do phósadh.
Dá .i. tá spréidh maith agam da faghail lé, agus is doith liom
go mbeith sí na leasmáthair maith os cionn mo ceatrar
dithleachtaibh, oir atá cuma gradhmhar reidh uirrthe, mar ata ar
a dearbrathair, Siomon an sagart.
Cathamar proinn maith ag tigh na baintrighe Ní Murcadha.
Cuadhmar .i. mise agus an t-Athair Siomon abhaile ag deich
a clog san oidhche des na Clocha Breaca go Rath Nuadh, áit
ar codlamar. Ma bhadar Sléibhte Breatnach go borb bagarthach
caoitheach mío-carthach reomham, Bha Maire Breatnach go mín
modhamhail caoin cneasta gortha gradhmhar reomham.



An naomhadh la fichiod .i. dia mairt. d'éis ceadslogan
do briseadh, do gluaiseas abaile tar broinibh Sliabh Breatnach
borb. Bhí an gaoth geur am aigheadh attuadh, agus mionshneachta
dá cathadh go caoitheach cruadh orm. Is í an bhean ceannaighthe
domh í, acht ni bfaghthar aon nidh ar foghnamh gan a luac, act
go hanamh. Ag fagann na sliabh dom ag Baile Ruibín do bog
an la agus thainead beagán fliuchshneachta. Conairceas
potataoi da mbuain ar an sliabh idir Baile Ruibín agus
Baile Hugun.



An deichmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La neultach ciuin:
mionsneachta fliuc ag tuitim morcuid den la. Ta Séamuisín
mo leanabh go mí-lighteach. Go ttugadh Dia nach
gearr-shaoghalach é!



An t-aonmhadh la deag ar fhichid .i. diardaoin. An la
déaghanach den bliaghain. La neultach ciuin, gan sneachta gan
sioc dá chur; act ata go leor díob araon ar an ttalamh agus
ar an uisge.


L. 222


B 1830 19T
MI GIONBHAR. An cead la .i. dia haoine: la
timciollgearra ar tTighearna Íosa Criost. Maidin neal-tana:
gaoth ro-ciuin anoir: la speirglan, ro ciuin greine
Ta se ag cur seaca go ro-dian ar feadh an lae agus na h-oidhce,
ciuin gealaighe, realtsoluis speirgorm. Deas Dé sa
bliadhain duinn! Go ttugadh Dia bliadhain nua duinn faoi
sean is faoi sonas!



An dara la .i. dia satharn. Maidin breagh greine: speir
ceo-tana: ta ceithre ordlach ar tigheacht san leacoidhre ar
Faithche an Aonaig: taineadh ordlach de leacoidhre areir air
ait ar a briseadh an leac andé: is dearbar dearmhór an
sioc e, acht nil gal gaoithe ann do croitheadh croithfeadh
barr giolcaic glas na feidhnean eidhneán fiorglas air binn
seanclogais clogcháis



An treas la den bliaghain nua .i. dia domhnach. La ceobrain
ciuin: na braoin ceo com mion sin gurab ar eigion citear
iad ar maidin: mionfearthainn foth-uair ar feadh an lae le
gaoth andeas, anoir ndeas; an sneachta ag leigheadh; an sioc
ag tainneadh tionadh, agus an leacoidhre ag briseadh suas:
tosach oidhche bog gealaighe neultana (neamh-ball .i. ball air
neamh); sioc neam-cruad ar deire oidhche.



An ceathramha la .i. dia luain. Maidin nealtach sioc
neamh-cruadh d'eis na h-oidhche; sneachta ar aigheadh na tire
cia go bfuil Sliabh na mBan glan uadh, acht fiorbeagan da
mullach, an uirread oiread is beidh bheadh d'eis oidhche seaca
leithe: is comhsamhail as so go raibh an fuact com dearbar
ann la an t-sneachta gur tuit se chomh cruadh le h-iarann, mar
do breathnaig me e ar Sliabh Breathnach; agus, da brig sin, nach


L. 224


raib toirt na taisbeana aige. La breag bog ciuin: oidhche
ro ciuin nealtana gealaighe.



An cuigeadh la .i. dia mairt. Maidin siocain duibhe:
ceo air cnocaibh: ballaibh sneacta ar aighe na talmhan. La
aoibhin aorach speirglan greine ciuin, gan gal gaoithe do
croithfeadh an craoibhin lom leith: oidhche aoibhin aorach
speirglan gealaighe ciuin.



An seiseadh la .i. dia ceadaoin, la-cinn-a-da-La-deag
La saoire. Maidin aoibhin aorach fo-nealtana greine ciuin:
deire laoi nealtach: tosach oidhche ceobhrain mion-ceathanach:
oidhche nealtach ciuin go naoi a clog, an tan d'eirig gal gaoithe
aniar go h-obann, agus nior theasadh sheas se act uair no do,
an tan do ciuineadh chiunuigh se aris. Is aoibhin an aimsir
Nodlaig (sic) i.



An seachtmad la .i. diardaoin. Maidin ciuin greine
nealtana: crom se ag sioc an t-octmad la deag de mi na
Nodlag, agus tosadh thosuigh sneachta mor an dara la fichiod
den mi ceadna. Tosadh an toinneadh tineadh an treas la
de mi Gionbhar: o meadan go deire laoi dubh-nealtach: gaoth
gonta attuadh: oidhche gealaighe.



An t-octmhadh la .i. dia haoine. Maidin geal greine seaca
duibhe: gaoth geur attuadh.



an naomhadh la .i. dia satharn. La neultach ciuin: gaoth
fionfuar attuadh.



An deichmhadh la .i. dia domhnach. La breagh tirm neultach:
gaoth geur laidir attuadh.



An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. La breagh tirm neultach:
fo-gal greine: gaoth bog aniar.



An dara la deag .i. dia mairt. La breagh tirm speirglan


L. 226


greine: maidin seaca duibhe cruaidhe: gaoth gonta anoir
ttuadh.



An treas la deag .i. dia ceadaoin. Maidin fuar dubh
tirm gan sioc: gaoth gonta anoir ttuadh. Chualadh rann o
Baoghlach Mac Eagain Baothghalach Mac Aodhagáin, ni fheadar
an abradh ndubhradh go ceart e: -



"Do dealbhadh samhra geag-glas giobhrach agus
Foghbhar brothamhail cnosaghleach
Do dealbhadh earrach fuar fliuch agus
Geimhre siocach ro-thoinneach" tineach



Ag naoi a clog air maidin taineadh mion-sneachta ar feadh
ceathramha uaire: ta Stuadh Laighean, na Stadhairighe Dubha,
Cnoc Breandain (.i. Breanaill) foilighthe o bhonn go barr le
sneachta: nil acht fiorbeagan ar mullach Sleibhe na mBan,
nior raineadh an cioth sneachta e, is comhsamhail: daoine agus
airneis ag saothramhadh saothrughadh caonligh' etc. La mar la
marta meirgeach gaothmhar cruadh e. Fuair Uilliam Mic
Gearailt, o Cul Tig an Marga, bas le h-adhairt, le h-ola
is le h-aithrighe, ag seacht a clog anocht. Ni feacadh ariamh
duine is mo da raibh a toil do reir tola De chum bais no eirighe.
Bi a dothcas go h-iomlán a n-Iosa Críost ceasta air crois.
Crom se ag cur sneachta ag naoi a clog go h-eattrom 'na
leathogaibh móra.



An ceathrama la deag .i. diardaoin. Crom se ag sneachtadh.
go ro-throm ag tri a clog air maidin agus go
ceathar: sneachta trom ar aigheadh na talmhan go h-uile le
ciunas mor: maidin greine fo-neutana: an ait d'ar
sguabadh an sneachta le gaoth anoir air Faithche an Aonaig, ta
sioc dubh laidir cruadh. Taid ná deirceanna lan. Ni
miste "chomh geal le sneachta sguabach" da radh le nid
roi-geal: ta cnoc, sliabh, beann, magh agus macaire
sior-foilighthe le sneachta: gaoth ciuin geur anoir.


L. 228


An cuigeadh le deag .i. dia haoine. Cuadhas le socraid Uilliam
Mic Gearailt gus an cCuaileach Mor. Ta aigead na talmhan go
h-uile foilighthe le sneachta: la bog neultach ciuin gan fuacht e.



An seiseadh la deag .i. dia satharn. La breagh neultach bog,
cia go raibh beagan de leathogaibh sneachta ag tuitim ar
maidin: gaoth ciuin attuadh.



An seachtmhadh la deag .i. di domhnach. La breagh bog
neultach: cuid maith den talamh saor o sneacta, cia go bfuil
sneacta go leor ar cnocaibh agus sliabhaibh, agus ionadaibh
fosgamhla: gaoth ro ciuin attuadh.



An t-octmhadh la deag .i. dia luain. La neulmhar: gaoth
fuideach anoir ttuadh: marga maith muc. Ceannuigheas
muc ar ocht sgillinge deag.



An naomhadh la deag .i dia mairt. Maidin seaca duibe:
leic oidhre ar lochanaibh: an grian ag eirighigh nios sia na
a leithead o ardbriseadh na ngath greine treas an t-aer:
sneachta air sliabhaibh agus cnocaibh agus a ndeirceannaibh
Gleann-a'-Righ: gaoth gonta anoir.



An fithcheadh la .i. dia ceadaoin. Sioc daingean dubh ar
maidin: daoine ag sleamhnughadh ar lochaibh andiu, an ait nach
raibh leicin oidhre da luighead andé: gaoth ciuin geur attuadh:
an grian ag taithniomh tre lan-meamhballaibh neamhballaibh
(.i. neul .i. ball-ar-neamh): mion-sneachta mall da cur ag
ceathramha uaire roimh an da buille beag: leathoga malla mora
ag meadhan lae: leathoga meara mora ag buile a clog: nior
tuit tar leath-ordlach sneacta ar feadh da uair a cloig, le
gaoth geur attuadh.



An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin seaca
cruaidhe: gaoth ciuin andeas: aighead na talmhan glegeal o
sneachta an lae 'ndé: Sliabh na mBan Fion ban-bhuidhe o
deall-radh na greine ag eirghighe di: maidin geal greine speirglan:
deire laoi neultach: crom se ag mion-fearthainn ag se a
clog san oidhche: fearthainn fuar le gaoth laidir ar feadh
urmor na h-oidhche.


L. 230


An dara la fichiod .i. dia haoine. Fearthainn roimh breaca an
lae: maidin aoibhin aorach fo-neultana greine: gaoth ro-ciuin
anoir ndeas: daoine ag romhradh caoinligh ag Ceann a' Fatha. Is
comhsamhail le la abrain boig braonaig e: tuile faoi port san
Amhain: is comhsamhail go raibh fearthainn trom ar Sliabh
Ardach: deire laoi neulmhar: oidhche dorcha ciuin. Chidhim
beagan sneachta ar Talamh na Mionain.



An treas la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog ciuin
neultach, fo-gal greine. Chidhim fior-beagan sneachta air
Talamh na Mionain. Ta an leacoidhre imighthe as na lochanaibh
agus na díogaibh, cia go raibh se sí ann andé: seasadh sioc
cuig seactmaine, agus sneacta urmor na h-aimsire ceadna.



An ceathramha la fichiod, .i. dia domhnach. La breagh bog
neultach roi-ciuin, gan sioc, gan sneacta, gan doinneann.



An cuigeadh la fichiod .i. dia Luain: marga muc. Maidin
aoibhin aorach speirglan greine: sicin leithe, leicin oidhre:
gaoth ro chiuin andeas. Ta maoilin Sleibhe na mBan Fion
liath air an taoibh thuadh.



An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach
speirglan greine: sicin leithe, leicin oidhre: gaoth sochiuin
aniar: deire laoi neultach: oidhche mionfearthanna: gaoth
aniar.



An seachtmad la fichiod .i. dia ceadaoin. Sioc agus
sneachta roimh breaca an lae: chidhim gach cnoc agus sliabh
glegeal um morthimchioll: la neultach acht an maidin, noch
do bi grianmar: mionsneachta um deire laoi: oidhche seaca
speirglan realtsolais. Leighim a "cCart Trathnona Baile-
ath-cliath" go bfuil sioc agus sneachta dearbhar san bFrainc,
agus a Sasana: ni bhfaghadh bfaghfadh coistidhe an mhála teacht
go Longduin Londuin an t-aonmhadh la fichiod se ghabh thorainn.



An t-octmad la fichiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin
aorach speirglan greine seaca laidre: leacoidhre laidir
air lochanaibh: sneachta ar sliabhaibh agus cnocaibh: la glegeal
gan gal gaoithe.


L. 232


An naomhad la fichiod .i. dia haoine. Maidin neulmhar, seaca
duibhe laige: Sliabh na mBan Fionn, na Cumaracha, na
Gaillte agus gach sliabh eile glegeal o sneachta, act taid na
maighe saor o sneacta: la bog pluide ar sraideanna: oidhche bog
neulmar roiciuin, gan gal gaoithe.



An deichmad la fichiod .i. dia satharn. Maidin bog
neulmar ciuin mar an oidhche: la neulmhar ciuin.



An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia domhnach, la deire
an geibre gheimhridh. La bog neultach fo-bhraonach: gaoth
ciuin attuadh: oidhche neultach.



FAOILEADH NO FABHRA FEABHRA. An cead la .i. dia
luain. La Feil Brighde báine. La geal greine speirglan:
gaoth biogamhail attuadh: na brighdeoga ag toicighe beaga ag
bailiughadh leathphinginighe o doras go doras: beagan sneachta
timchioll trathnona, .i. ag tri a clog: oidhche speirglan
gealaighe.



An dara la .i. dia mairt. Maidin seaca duibhe: beagan
sneachta ag ocht a clog le gaoth gonta attuadh: mionsneachta
cruinn ar feadh lae fuair: oidhche neultach: na cnuic agus
na sleibhte foilighthe o radharc le ceo sneachtamhail.
"Samhradh gach sine go Nodlaig, is ni fuacht go Feil Brighde."
Nior saruigheadh an seanfhocal andiu.



An treas la .i. dia ceadaoin. Maidin seaca duibhe:
mionshneachta cruinn le gaoth ro gonta anoir ttuadh ag ocht
a clog: sneacta leathogach o naoi go do um trathnona, cia
go raibh an grian ag taithniomh go fann on t-aon bhuile deag
go meadhon lae: deire laoi dubh neulmhar. "Ni fuacht go
Feil Brighde": oidhche neamfuar neulmar: an sneacta noch
d'foilligh gach magh mín air feadh an lae ag toinneadh tineadh
no ag leigheadh leaghadh.



An ceathramha la .i. diardaoin. Maidin seaca duibhe
laidre láidir; leacoidhre laidir ar lochanaibh: Gleann
a' Righ reidh glan o sneacta: na cnoic agus na sliabhaibh iosla.
ísle liath: Sliabh na mBan Fionn glegeal mar cioc aindear


L. 234


og aluinn chích ainnire óige álainne: gaoth ciuin gear anoir
ttuadh. "Ni fuacht go Feil Brighde."



An cuigeadh la .i. dia haoine. Maidin cruadh seaca
leithe. Crom se ag cathadh mionsneachta ag buile a clog,
le gaoth gonta anoir ndeas. Is e an la is fuaire d'airigh
me fos ambliadhna. "Ni fuacht go Feil Brighde." Sneacta
chomh mion le gaineamh traigh trágha, chomh cruadh le gran
grán, chomh tirm le min loisgrean loiscreáin, da sguabadh
leis an gaoth gonta air feadh ló lae go n-oidhche: is anrodhach
an oidhche aisdir aigheadh soir budh dheas i. Nil toll tighe da
luighead a ccoinne na gaoithe glanfuaire nach tagann an
sneachta síor chaithteach se asteach trid. Go bhfeachadh Dia
ar lucht bothain fuara bothán bhfuar gan teinne!



An seiseadh la .i. dia satharn. Maidin gaibhtheach gonta
geimhreamhail: gach clais, gac dig, gac cladh gac deirc da
doimhneacht barclionta le sneacta sguabach: gaoth gonta
anoir ndeas ag tiomain an mionsneachta air feadh boithreadh
duibseaca mar smuid samhraidh no ceo cnuic greine: speir
sgamalamhail go fuar feargach ag feachainn go fraochdha
orainn: gealbhain tighe ag imtheacht 'na n-ealtaibh o ait go
h-ait ar iarraidh bidhe, an nidh nach bhfuil le faigail aca:
dromán no iomaire sneacta ag Bearna an Cusduim laimh
leis an seipeal ceithre troidhthe ar doimhneacht. "Ni fuacht
go Feil Brighde": mionfearthainn um meadhon lae:
doin-eann dearbhmhar dearmhór um deire laoi: clagairneach
um tosach oidhche le gaoth laidir andeas go h-ocht a clog,
an tan do iontadh 'na soineann, le gal gaoithe gaibhthig
andeas da ard siar. Do crom se ag fearthainn go grod
da eis sin, agus do lean air gus an t-aon bhuile deag, an
tan do crom se ag sioc le ciuineas.



An seachtmad la .i. dia domhnach. Fearthainn ag eirghighe
lae: an sneacta glan o Gleann a' Righ: la neultach ceathanach:
gaoth andeas da ard siar.



An t-octmad la .i. dia luain: marga maith muc. La
breagh tirm: gaoth ciuin aniar: gealain agus sgailinighe
(.i. sgail na nelta-beaga): sneacta fos a ndeirceannaibh


L. 236


na morsliabh, mar ata Sliabh na mBan, na Cumaracha, Stuadh
Laighean, na Staidhrighe Dubha etc. Is e seo an cead la den
earrach da bfuil cuma earraigh air: oidhche ciuin breagh
neultach.



An naomhadh la .i. dia mairt. Da uair breise air an la:
maidin neulmhar: gaoth fuar geur ciuin aniar: la speirgorm
foneultach greine: sneacta ann gach log ar gach morsliabh, na
Staighrighe Dubha go h-aithridhe áirighthe: oidhche ciuin
realtsolais seaca: na potataoi is fearr air da pingin go leith an
cloich.



An deicmead la .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine speirglan
gan neul gan ceo: leicin oidhre air gach liontan: liathsioc ar
gac glasban agus gach morsliabh breac bhán. Ni miste, dar mo
baramail Staidhirigh Dubha do glaodadh ar an sliabh ud soir
uainn, oir is comhsamhail ar na ballaibh bána agus dorcha úd gur
amhail staidhire garbh ata. La aoibhin aorach geal greine
speirglan: urtosach oidhche speir-glan realtsolais seaca:
meadhon oidhche bog neultach: a n-aimsir seaca agus fuachta, is
gnath gaoth os na h-ardaibh shoir, oir is soir uainn ata Corp na
h-Eorpa, agus is fuaire talamh na uisge na fairge san ngeibhre
ngeimhreadh, oir gabann talamh an sioc agus ni gabhann an
t-aigcian leac-oidhre: da brigh sin is soir ata an t-aor is truime
a n-aimsir seaca, agus beireann se buadh ar an aor .i. gaoth, is
eattruime noch ata siar os cionn an Aiccian Atlan na h-Aigéine
Athlainn, agus, da brigh sin, seideann an gaoth anoir a n-aimsir
fuachta; a n-aimsir teasa is teo talamh na uisge, agus da
brigh sin, is eattroime aor na Sasana agus na Fraince na aor an
aiccein shiar .i. an t-Aiccein Atlan na h-Aigéine Athlainn; da
bhrigh sin, beireann an t-aor, .i. an gaoth fion-fuar trom siar
buadh air an t-aor .i. an gaoth brothallach eattrom shoir, agus
seideann an gaoth aniar; acht da barra so, seideann an
gaoth anoir do gnath idir na sul-stadaibh grian-tairiseamhaib,
grian-stadaibh, agus seacht


L. 238


ceimeanna taobh amuith amuigh diobh .i. go deich cceimeanna
fichiod de leithead; agus, da brigh sin, ni fulair gaoth aniar do
bheith is na leitheadaibh is aoirde, oir baineann an t-aor, .i.
an gaoth, comhar da ceile mar an t-uisge agus gach nidh eile
sogluaisteach air aigheadh na talmhan chum cechruinneachta
comhchruinneachta do gabhail, is as so is gnáthuighe gaoth
aniar na anoir. "Gaoth anoir bionn si dubh is cuireann si
sioc a n-íochtar."



An t-aonmadh la deag .i. diardaoin. Maidin neultach:
fo-ghal greine: gaoth fionfhuar aniar ndeas: la neultach
siltheanach: oidhche dorcha siltheanach fionfuar.



An dara la deag .i. dia haoine. Fearthainn roimh breaca
an lae: maidin mionfearthanna gaillingeach gaill-síneach
gaothmhar: anfa andeas: is cumhach an cuma ata air an maidin: o
meadhon lae suas breagh tirm néaltana greine ciuin.



An treas la deag .i. dia satharn. Maidin geal greine
speirglan: gaoth ciuin andeas da ard siar: o meadhon lae
suas neultana, gealain agus scailinighe.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach. Maidin neultan:
greine ciuin bog breagh tirm. Do glaodhadh fithche cupla ag an
seipeal andiu. Beidh faghaltas maith ag sagart a'
poraiste ag posadh cuid aca; acht ata cuid eile aca bocht
agus is beag gheabhadh gheobhaidh se eattorra acht:
"Cruinnigheann brobh beart: cruinnigheann cloch carnán."
O trathnona go dearanach deireannach san oidhche siltheanach,
dorcha.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. Maidin greine: gealain
agus sgailinighe ag snam go mall le gaoth anoir tar gach magh min
agus mioncnoc: neulta air na morsliabhaibh: la greine speirglan:
gaoth ciuin attuadh: oidhche ciuin duibhre realt-solais.



An seiseadh la deag .i. dia mairt. Maidin ciuin: ceo
chomh tiubh sin nac bfaicim cead coisceim uaim ar aon taobh:


L. 240


La breagh greine: gaoth roi-ciuin attuadh: gealain or-bhuidhe ag
taitneamh ar Cill Corain, Teampul Loisg, Baile Nua an Durlaegh,
agus beagan d'aiteanna eile: is ro-aoibhin an la earraigh e go
deimhin fein: oidhche ciuin.



An seactmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin trom
neultach dorcha: gaoth ro-ciuin attuadh: daoine ag romhradh
caoinleach ann gach ard: is tirm ata an talamh anois.



An t-octmhadh la deag .i. diardaoin meith na h-einide.
Maidin aoibhin aorach speirglan greine: gaoth roi-ciuin bog
aniar ttuadh: meadhon agus deire laoi neultana greine cruadh,
mar la márta meirgeach gaothmhar cruadh: gaoth gonta aniar
ttuadh: oidhche realtsolais seaca.



An naomhadh la deag .i. dia haoine. Is iongantach an nidh
chidhim a Sraid an Fatha .i. sneachta ar an cuid uactarach o
Tig an Margadh suas, agus an cuid íochtarach as sin gus an
cCrois saor o sneacta: ta leacoidhre ro-tana air urmhor
gach lochan ar an bFatha: ta Sliabh na mBan Fionn foilighthe
le liath-sneacta acht a bonn amain: an cioth seachranac
sneacta tuit ar cuid de Sraid an Fata, no an ísleacht cuid
coda dhe tar cuid eile de tug do leigheadh leaghadh sul do
tarladh do tuitim chum talmhan? Creidim an cead fath.



An fithcheadh la .i. dia satharn, satharn innide. La aoibhin
aorach ciuin greine: gaoth ciuin aniar ttuadh. Do luidh an
grian da ceim taobh siar de maoilinn na nGaillti. Fuair an
t-Athair Seafradh Ceiting bas ag meadon oidhche d'fiabhras:
ba mor a meas ag Gall agus Gaodhal, oir ba duine uasal
ro-sheimh ro-cneasta ro-galanta, ro-maordha, ro-fodhlomta
ro-crabhaidh e.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach, domhnach inide
La fuar fuideach: ceobhrain le gaoth ciuin anoir ndeas.



An dara la fichiod .i. dia luain, luan innide. marga
maith muc. Maidin seaca duibhe: mionsneacta le gaoth


L. 242


geur ciuin anoir ndeas: an t-Athair Seafradh Ceiting da thóramh
a seipeal a' poraiste o ceathar a clog ar maidin, an tan do
baineadh an cling do. Do crom se ag sneacta go dian ag oct a
clog ar maidin agus do lean air go meadhon lae, an tan do crom se
ag fearthainn, agus do lean air, beag agus nach (sic) gan
traochadh go ham codlata. Ba anrodhach an la e ag dul go Leaca
na Cuailighe le sochraid an t-Athair Seafradh Ceiting.



An treas la fichiod .i. mairt inide. Maidin greine
neultana: la dorcha: gaoth ciuin aniar ndeas: tosach oidhche,
gaoth laidir: feartainn fuar ag naoi a clog le garbh gaoth
aniar ndeas.



An ceathramha la ficiod .i. dia ceadaoin, ceadaoin a'
luaitre. "Ceadaoin a' luaithre is mor a' buaire buaidhreadh
baine d'ól." Maidin neultrom: gaoth fuar aniar ndeas. Is ar
eigin cidim Carraig Miclear. Ni chidhim Sliabh na mBan le ceo.
Is fliuch an cuma ata ar an duthcha dúthaigh on dara la
fichiod: la neultach, cia go raibh gal greine um meadon lae.
Cluinim an fuiseog agus an smolach. Ni faicim blaith act an
noinin agus blaith buidhe an aitinn agus fo-chaistsearbhán agus
fo-ghranaircin a ngleanntan na h-Amha Bige. Tabharfadh
tabharfaidh an t-Athair Ua Deabhrán
Deoráin suibhsgeal. gach deire laoi ar feadh an corghas
chorghais uadh.



An cuigeadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin neultrom
dorcha bog: anfa aniar ndeas le fearthainn o meadhon lae go
fuineadh.



An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin neultrom
dorcha: gaoth laidir aniar ndeas: gach diog lionta le h-uisge
o fearthainn an lae andé.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La neulmar dorca:
deire laoi agus oidhche siltheanach: gaoth beodha aniar ndeas.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach, an cead domhnach
den chorghas. Maidin siltheanach ciuin: ceo ar cnocaibh:


L. 244


gaoth ciuin aniar ndeas: gealan um meadhon lae: domhnach na
nDeoirin e seo, .i. deoirinigh na ccailin n-og nach-ar pósadh ar
an innid se: o meadhon lae go fuinne fuineadh gealain agus
morsgaileanna ar feadh Gleanna a' Righ: cuileoga go gnothach um
trathnona agus deire laoi. Is gearr go mbeidh na h-ainleoga
chughainn ag cuilireacht: taid na breic amhla cheana. ' '
"Muna mbeidh na lionta lan roimh mi na márta lionfa an márt fein
iad." Is lan gach linn, líontan, loch agus lochán anois.



MI NA MÁRTA. An cead la .i. dia luain. Maidin
neultrom bog dorcha: gaoth ciuin aniar ndeas; gealain agus
sgailinighe ag triall go mall um meadhon lae agus trathnona: is
ro-bhog an cead la de mi marta e; acht is reomhainn ata fos:
deire laoi bog neultach.



An dara la .i. dia mairt. Maidin gaillingeach gaill shíneach:
gaoth beodha andeas i: ceo tana ar cnocaibh: is
breagh beodha tirm an maidin márta i: is garoideach ge agus
gandal anois: ni cogadh na ccarad ata idir na gandalaibh ag
iarraidh taoisigheachta ar sgata ge: is garoideach gliadh
na ngandal, acht ni fuilteach mar cogadh caointeach na mban. Taid
ein 'na sgataibh fos; acht is gearr go mbiadh mbiaidh, mbeidh
siad ag imtheacht san uaigneas ag ceiliughadh .i. ag
cupladh. Ni fheicim an failleog fos: seo an
cuileog, siud an giolog, cá bfuil an fhaileóg?



An treas la .i. dia ceadaoin. La tirm meirgeach márta:
gaoth beodha andeas: sgamail eattroma ar feadh an lae, gan gal
greine: oidhche ciuin speirglan gealaighe.



An ceathramha la .i. diardaoin. La breagh tirm: gaoth
ciuin andeas: la neulmhar.



An cuigmheadh la .i. dia haoine. La breagh bog: ceath
cioth um do a clog: la neulmhar: gaoth andeas.


L. 246


An seiseadh la .i. dia satharn. La breagh bog neulmhar: maidin
mionfhearthanna: gaoth ciuin attuadh: mionceathán um meadhon
lae.



An seachtmhadh la .i. dia domhnach. Maidin druchta, ceo ar
cnocaibh: gaoth ciuin attuadh: la neultrom: gaoth ciuin anoir.



An t-ochtmhadh la .i. dia luain. Maidin tromfearthanna roimh
breaca an lae agus 'n-a dhiaidh, le gaoth laidir andeas. "Muna
mbeid na lionnta lan roimh mi na márta,. lionfaidh an márt fein
iad." Fearthainn trom go meadhon laoi: tuile sgeitheanach san
Amhain: deire laoi bog bracach tromneultach: fearthainn trom ag
naoi a clog san oidhche.



An naomhadh la .i. dia mairt. Maidin ciuin
tromfearthanna roimh breaca an lae agus na dhiaidh: la
ceathanach: gaoth andeas ar maidin: gaoth aniar ttuadh um deire
laoi: oidhche tirm: tuile sgeitheanach.



An deicmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin soineanna tromneultach
d'eis oidhche tirme. Ni fheicim duine na daonaidhe ag
saothrughadh na talmhan, - ta an duthca dúthaigh chomh
fliuch sin: gaoth beodha aniar ttuadh.



An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin geimhreamhail gaothmhar
soininne tromneultach dorcha: gaoth beodha aniar ttuadh. Ni
fheicim duine na daonuidhe ag saothrughadh na talmhan: is
roi-fliuch ata an talamh fos: gal greine ar feadh moimeint ag
meadhon laoi: fo-gal greine um deire laoi.



An dara la deag .i. dia haoine. Maidin neultana gan gal greine:
cuma leath-tirm ar aigheadh na tire, cia go bfuilid na
deirceanna agus na digeanna lan d'uisge fos: gaoth ciuin aniar:
chidhim fo-duine ag saothrughadh na talmhan: ta cuma maidin
marta air: deire laoi gaothmar: cioth troin ag cuig a clog;
cioth trom eile ag ocht a clog le anfa fiochmhar aniar:
nior sheasadh se acht sealad gearr.



An treas la deag .i. dia satharn. Tri pingine ar an cloich


L. 248


des na potataoi is fearr: la breagh tirm néaltana: gaoth beodha
aniar.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach. La anfach
gailingeach gaill-shíneach: gaoth glorach garg aniar. Is i seo
robhadhta (guthbéil romhta) na Feil Padruig: oidhche garbh
gaothmhar ceathanach dorcha dian: Badh ag búithre búirfeadh go
borb tre coillte dubha daingne.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. droch-marga muc.
Maidin geal greine go h-ocht a clog d'eis oidhche ceathanach:
gaoth gonta aniar ndeas. Ni feicim duine na daonuidhe ag
saothramha saothrughadh na talmhan tre Gleann a' Righ.



"Muca ruadha rathamhla: Muca dubha dathamhla:
Muca breaca lionann cro: Muca glasa nil aon gradh
leo."



Acht, ni do réir datha d'imthigheann na muca anois; acht muca
mine dromleathna cruinne cinnbeaga coisgearra. Is bán
atáid a n-urmor go toin leatan is muineal neamhmor. "Ibh
Uíbh Eirc na nDurnán is fearr muca faoi an ccruinne go
lán." Sneachta leathogach ar fead leatuaire um buile a clog san
ló le gaoth gonta aniar: la neultana greine as sin go deire. Ta
Sliabh na mBan Fionn breac-ban on tsneacta, acht ata gach cnoc
eile am radharc glan o sneacta, agus gach magh mar an cceadna,
oir do leigheadh leagh se go grod d'eis tuitme do: tosach
oidhche realtsolas speirglan , acht do tosadh thosuigh se ag
cur sneacta ag deich a clog san oidhche.



An seiseadh la deag .i. dia mairt: Oidhche Feil Padruig.
Maidin speirglan greine: gaoth ciuin aniar ndeas: ta aigheadh
Gleann a' Righ foilighthe le sneacta, acht is gearr go
leighfeadh leaghfaidh se le teas na greine: ta gach cnoc agus
morsliabh ban, nach beag glegeal. Ta sileadh mear o dion gach
tighe. Ta arda agus maoilin Sleibhe na mBan Fionn,


L. 250


.i. mullach Suige Finn, glan glegeal. Nior cluthar cluthmhar
an t-ionad rinnce fada andiu e mar adeir an t-alban: -



"Ar mullach Suidhe Finn beidh rinnce fada againn,
Ag failtiughadh abhaile roimh cara mo chleibhe"



Oidhche dorcha neultrom siltheanach.



An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La Feil Padruig.
Maidin neultrom: anfa anair: is e seo robhadhta na Feil
Padruig go ceart; acht mar adeir an seanfhocal: - "Ní
theigeann anfa tar domhnach na robhadhta tar chéadaoin.
La anfach: deire laoi neultach: an grian ag taithniomh go fann
triotha o meadhon lae suas: is e seo an La Feil' Padruig
beannuighthe, oir ni feicim duine na daonuidhe, fear, bean na
buachail ar meisge, mile milliún buidheachas le Dia! Is tré
seanmona an t-Athar Tomás Ua Deabran Deoráin tarla so,
le grása De tre Iosa Críost.



An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin neultana:
an grian ag taitneamh go h-anamh go fann tríotha: gaoth ciuin
aniar: ba ar tTighearna easboig, agus morcuid sagart ag
cuimhniughadh míosa an t-Athar Seafrun Ceiting. Ba ord
mor agus aifreann cantaireacht aca do: la breagh greine
foneultana.



An naomhadh la deag .i. dia haoine. Eirigheann an grian
andiu ag se a clog ann gach ait san doman, ag deanam lae
agus oidhche ionann ann gach ionad san ccruinne cceatharda.
Maidin neultana: an grian ag taithneamh go fann triotha.
Ciothan ag deich a clog. Chidhim pabhail (guth-béil páil), ag
Ceann a' Fatha noch do leaghadh ann cianta o soin; ba garbh mar
bothar e, acht do b'fhearr e na bothar pluide buidhe: ta
brat de clocha mionbriste da cur os a cionn anois: beidh an
pabhail le feicsin fos, an tan caithfidheas an cóta cloch so:


L. 252


ta ceithre airimh (.i. ceithre ficid coisceim no slat) ar fhaid
ann: meadhon agus deire laoi neultana greine ciuin caoin.



An fitheadh la .i. dia satharn. Maidin geal greine speir-glan
d'eis oidhche ciothanach: gaoth beodha geur aniar: deire
laoi neultach. d'eirigh luach potataoi go tri pingine go leith
an cloich ar sacaibh móra.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin go doich
.i. moch bog neultach ciuin: 'na diaidh sin maidin geal greine
speirghlan: meadhon agus deire laoi neultach: gaoth geur
beodha aniar ndeas um deire laoi.



An dara la fichiod .i. dia luain. Maidin agus meadhon lae
neultach: gaoth geur aniar ndeas le fo-bhraon nó ceofran:
trathnona agus deire laoi geal greine speirglan ciuin:
roimh luighe greine fo-neultach: gaoth geur beodha aniar ndeas:
oidhche speirglan realtsolais.



An treas la fichiod .i. dia mairt. Maidin geal greine
slamneultach: gaoth geur beodha aniar: Sliabh na mBan Fionn
glan o bonn go barr, o cos go ceann mullaig Suidhe Finn.



An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin: Oidhche Feil
Muire na Feil Padruig. La geal greine ciuin speirglan mar
la brothallach samhraidh.



An cuigeadh la fichiod .i. diardaoin: la saoire: La Feil
Muire na Feil' Padruig: ceann Feile na cíosa gcíosa(nn).
La aoibhin aorach ciuin greine bog breagh, mar an la andé. Is
comhsamhail le la buidhe bealltoinne é: deire lae go niamhrach
grianach: daoine tuatha ag teacht ag eisteacht le seanmoir.



"Is mór gur fearr na an t-ol é": an granarcáin mar
realtaibh ordha ar fuaid magh, macaire, cladh, ban agus
bainseach mar go ttuiteadh siad aréir o ardaibh neimhe. Is
gliadarach glorach gach einin ceoil anois ar fuaid gach cladhfais
cladh-fháis agus fasach fiadhain. Creidim gurab é
bláith an spoinnc chidhim anois an gach coinleach gan treabhadh:


L. 254


ta se buidhe mar an caistsearbhan dearg acht go bfuil a cois
lannach.



An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin aoibin:
ceo ar Faithche an Aonaigh ag seacht a clog. Ni fheicim leath
faid an Fatha, acht cidhim mullach Sleibhe na mBan ag eirghighe
mar oilean as an aiccein. D'eirigh an ceo go grod da eis
sin, an tan do taithneadh thaithn, thaithnigh an grian go lonnrach
lasamhail. Cidhim bláithadhain .i. blaith buidhe an spuinnc
agus an duileog ag fás ar aon cois. Ni raibh me dearbhtha
andé gur ar aon chos no o aoin preamh d'fhasadar. Is iomdha
ceachta cam ag treabhadh andiu: dar ndóith mas maith e is
mithid e. Nil obair earraigh deanta; is ar eigion ata tosach
air: ta caoinligh gan treabhadh, coirce gan cur, talamh potataoi
gan aithionntodh; fuidhleach aoileach agus leasughadh gan
cur amach ar cinn fhearan. Nil uiread baise le faicsin
de neul ar aigheadh neimhe do taisbeanfadh ard na gaoithe:
gaoth beodha: oidhche speirgorm realtlonnrach aoibhin aorach
ciuin.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin
ciuin ceotana bog brothallach, mar maidin lae buidhe bealltoinne.
Nil uiread baise de neul ar aigheadh neimhe. Ceolta
neimhe da ccanadh go fior-caoin: saothar da deanamh ann
gach ard: la aoibhin go deire gan gal gaoithe do croithfeadh
barr craoibhe ná bláith: oidhche realtsolais: an ré nua
ceithre laethe d'aois.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach, domhnac na Páise.
La aoibhin aorach mar an la andé, agus mar an seachtmhainn se
gabh torainn. Is aoibhin gach mín-mhagh agus macaire reidh
gach cladhfais agus maol-cladh le bláitheannaibh cumhra caomha
.i. suibh na talmhan, an puidheacan buidheacán an
salcuach an granarcain, an caistsearbhán, an blaith-adhan
adhainn ann gach coinnleach. Ta puisinighe ar gach soileog
agus crann coill cuill. Is aoibhin ceol binn na n-eun


L. 256


nglorach, ngliadrach ag ceileabhradh go fiorcaoin. La ceo
tana ar feadh magh cnoc sliabh agus speir: gaoth bog andeas:
oidhche realtsolais ciuin: tosach oidhche gealaighe.



An naomhadh la fichiod .i. dia luain. La aonaigh
Cille Chuinne. Maidin geal greine ciuin caoin bog brothallach,
mar maidin buidhemis brotallach biadhgann; gan gal gaoithe
da luighead, ná siolla da saimhe do croithfeadh duille croinn
crithigh: la márta nios áille ná mar do thaineadh tháinig
lem ré se, nó le cuimhne aon neach da maireann.



An deicmheadh la fichiod .i. dia máirt. La aoibhin aorach
greine speirglan, gan uiread mo bhaise de neul: gaoth
roichiuin anoir. Is iomdha ceachta cam ag saothrughadh na
talamhan. Má bhí meadhon an mhi romhtach, ta deire an mhi
foghantach: oidhche neultana.



An t-aonmhadh la deag ar fhichid .i. dia ceadaoin. Ciotháinín
ag seacht ar maidin, le gaoth ciuin anoir: maidin neultana:
mionceathain agus ceobhraon le gaoth attuadh o meadhon go
deire laoi: oidhche neultach ciuin tirm: is breagh bog an deire
ar mi márta é.



MI ABRÁIN. An cead la .i. diardaoin: la an Leamhais.
Maidin neultach fuar: sneacta ar Sliabh na mBan o meadhon
go mullach Suidhe Finn, agus ar ardaibh Cumarca Puirtlairge
le gaoth gonta anoir ttuadh: ni feicim sneachta ar cnoc na
sliabh eile, ard no isiol: is comhsamhail go bfuil se ar taoibh
na gaoithe de Stuadh Laighean agus des na Staidhrighe Dubha.
Is mor an t-athrughadh o samhradh deire mi márta go geibhre
geimhreadh an abrain (do reir teasa agus fuachta). Ni
fheadar cread an ciall amadan abrain do deanam do duine
andiumh .i. la an leamhais. Ciothan sneachta um meadon lae:
deire laoi agus oidhche tirm ro-fhuar: gaoth gonta anoir
ttuadh.



An dara la .i. dia haoine. Maidin múchta le mionsneachta
da cathadh go caoitheach. Ta slinn gach mortighe agus dion


L. 258


gach lagbothain foilighte le brat bán. Is dubhach an t-aor
milighteach. Is gonta an gaoth geibhreamhail, biogamhail
beodha ag teacht o ardaibh Alban anoir ttuadh. "Ta geibhre
gaibhteach a mbeul Bealltoinne buidhe, - Go mba sloga slán
iomlan dí!" - ar an fathach fuar fealltach, oir táineadh se
mar gaduighe an am luathgháire. Nil fosgadh san bfasach
fiadhain, na san ccoill cumach cumhach calaoideach, na san
sliabh sneachtamhail ná san ccnoc fraoich fíochmhar ná san
ccnocan aitinn blaithbhuidhe, ná san doire dubh dorcha, ná
san ccladhfais colgach. Nil fosgadh ar magh min, na ar
macaire mór. Ta aigheadh neimhe glas-bhán mar snuadh seanóra
crionn craite a ccroilighe an bais baoghalach bagartach.
Cá bfuil an blath buidhe anois? Múchta faoi brat ban basgaighteach.
Ni cluinim ceol caoin na n-eun ag ceileabhrad da
ceile. Nach brónach buithre an bo geimrig! Nach gaibteach
golgair an gabhain na gabhna ruadh giobalach gortach! Uch,
Uch! futh, futh! is fuar e." Mionsneachta da cathadh ar feadh
an lae go beag nach luidhe greine, le gaoth ro-gonta giunach
garbh anoir ttuadh. "Gaoth anoir ttuadh, uch! mo truadh.
Is í fuaire sa ngeimhreadh." Oidhche neultach fuar. Nior
airigheas ariamh lem ló, la ba fuaire, ba gonta' na an la andiu.
B'féidir go raibh la ann ba fuaire ann féin; acht d'eis
samhra beag brothallach deire na marta se ghabh torainn bi
tiachra an chuirp osgailte ionamhail reidh chum fuachta do
gabhail: o meadhon lae suas fliuchsneacta noch do leaghad com
mear is do thuit se.



An treas la .i. dia satharn. Gaoth geoineach roimh breaca
an lae: sneacta ar slinn agus dion gach tighe, ar eirighe
domh air maidin: gach cnoc cailceamhail, agus gach sliabh
sneachtamhail on sneachta noch do thuit an oidhche se gabh torainn.
Ta Sliabh na mBan Fionn ar com-dat le cinn na mban o ar
ainmnigheadh i. Is comhsamhail i le h-ainfear ainnir
caomh-corp cailce, brollach ban ceann lion-scothach. Ta
beagan sneachta tirm ar gach magh: ta gaoth gonta attuadh.


L. 260


"Gaoth attuadh bionn si cruadh, is cuireann fuacht air daoinibh."
Maidin neultana greine: nil se leath com fuar leis an la andé.
Tá tri pingine go leith ar cloichín potataoi (ceithre puint deag
sa chloich), agus sac mor do cheannach. La breagh greine
fo-neultana: mionceathain mionsneachta um cuig a clog, le gaoth
gonta aniar ttuadh: deire laoi ciuin bog, cia gur sneachtamhail
gac sliabh agus morchnoc: aigheadh na spéire réidh glan gorm,
acht foneul dearg siar: an gealach go h-aoibhin a n-ard neimhe:
is stuadhma stuamdha Stuadh Laighean laoghmhar; is geal an
Staighre Dubh; is ban Cnoc Breanduinn; is airgideach ardaibh
Déis' Mumhan (.i. Sleibhte na cCumaracha): is glegeal Gailltí
na nGall ngarg ngranna: oidhche aoibhin aorach ciuin: speir dubh
gorm realtsolais gealaighe.



An ceathramha la .i. dia domhnach. Maidin seaca bige:
la aoibhin aorach speirgorm foneul lomrach geal greine: gaoth
ciuin aniar ttuadh. Tá morcuid sneachta ar Stuadh Laighean,
agus ar an Staidhre Dubh, ar na Cumaracha, ar Cnoc Breandain
(.i. Cnoc Breandaill), ar leath shiar thuadh Sléibhe na mBan
Fion, agus maoilin na nGailltí. Do brigh gur mar sin do
sheid an gaoth, ta deirceanna no dígeanna Sleibhe na Leac
agus Cnoic Copana, agus Sleibhe Breathnaigh ban o sneachta,
acht atá Cnoc na Carraige agus Cnuic na Crannaighe, agus
Druim a' Guail nó Sliabh Ardach saor o sneachta: oidhche
aoibhin aorach speirglan gorm gealaighe ciuin.



An cuigeadh la .i. dia luain: marga maith muc, acht
beagán luach ar ceiseanna. Maidin aoibhin aorach speirgorm
glan greine seaca leithe, lice oidhre tana: gaoth roiciuin
andeas: sneachta ar gach mor-shliabh.



An seiseadh la .i. dia máirt. La breagh neultach ciuin,
bog: Na sgiatháin leathair .i. ialtóga iathlaí, ialltóga,
míoltóga ag eitioll go fuadrach ísiol am timcioll, um
crónughadh lae: na h-ainleoga bolgbhreaca ag cuilireacht


L. 262


h-imchioll na h-aman, acht nior thángadh na h-ainleoga ciara cum
na sean-caisleain fós.



An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin .i. ceadaoin a' Bhrath'.
La neultach tirm: gaoth ciuin andeas: - "Ceadaoin a'
Brath' is mor an cradh baine d'ól."



An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. La breagh bog braonach
Abráin: gaoth ciuin andeas.



An naomhadh la .i. Aoine an Chéasta. Maidin neultach
galgreineach: gaoth bog beodha andeas. Is ard do géimeann
an gaoth tré coillte agus doirighe, um meadhon laoi. Nil
puisinighe ar an ccrann fearnoige fós. Is dubh an la trosga
é. Is e bhiodh a n-alód aca mar bhiadh a ccomhghairm an lae
andiu, "Arán eornan, biolar is caol-deoch": deire laoi
agus oidhche ciuin neultach.



An deichmad la .i. satharn Cásga. La breagh tirm néaltana
greine: gaoth bog beodha andeas.



An t-aonmadh la deag .i. domnach Casga. Maidin breagh
tirm: deire laoi neultach ceathanach: gaoth aniar ndeas.



An dara la deag .i. Luan Cásga .i. la na comhoboige.
Marga muc. La breagh bog: ceathain agus gealain le
gaoth ciuin aniar: an cead la de tri laethanaib na
sean-riabhaiche. Ni raibh comhobog da caitheamh ag ógánaibh agus
aindearaibh a ccomhluadar ná a ccuideachtain a ceile: ni
raib súgra na gáirighe na ól na rinnce. d'fhan an urmhor sa
bhaile, oir ni la saoire luan Cásga feasta; oir do baineadar
na h-easboig an tsaoire de, óir is dóith leis na h-easbogaibh
gur diobhail saoire a ttir eiriciteach mar Eirinn, oir bíonn
aonach agus marga ag na Sagsanaibh air laethanaibh saoire
d'aonomham cum iad do thabhairt fá drochmheas.



An treas la deag .i. dia mairt .i. an dara la de tri laetha
na seanriabhaiche. Maidin aoibhin aorach: gealain agus
sgailinighe: gaoth ciuin aniar: meadhon agus deire laoi


L. 264


neulmhar, gan gal greine, acht ciuin, bog, aoibhin: cuma
róghlas ar giobar geamhar agus ar inbhir inghir: nil uireasba
feur féir glais ar boin nua-bheartha .i. laoghloigheach
loiligheach, loilgheach, lalghach, laoghlach. Chuadhas cois na
h-Amha Bige on cComhais go Cillminic: is ceolmhar na h-éin: is
aoibhin an granarcain, an buidheacan, an caistsearbhan, an
blaithadhain, an salchuach, an draodhan draighean.



An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. Maidin neultrom:
Sliabh na mBan Fionn, agus gach ardbheann foilighthe le
caipinighe ceo: gaoth ciuin andeas: deire laoi bog braonach
aoibhin: oidhche tromfhearthanna.



An cuigeadh la deag .i. diardaoin. Maidin tromneultach
d'eis oidhche dorcha sior fearthanna: gaoth roichiuin aniar:
Sliabh na mBan Fionn foilighthe o bonn go barr: ni feicim
na sleibhte shoir; ta ciarneulta ag gorradh orrtha o cois go
ceann, o bun go beann: ta Sliabh Ardach glan, agus Cnoc na
Carraige faoi caipín ceo. Créad an chiall gur truime
luigheann neulta ar cnoc na air cnoc eile? An e gur mó
tiumargthar leis an gaoth iad ar cnoc na ar cnoc eile de
reir ard na gaoithe? Ta an tir uile chomh glas le giobhar
geamhar, acht na branair amhain.



An seiseadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach
neultrom go doich moc, acht neuleattrom galgreineach, um
naoi a clog: gaoth ciuin andeas: is aoibhin ceol na ccliar
aordha agus faoi faoidh na fuiseoige fiadhaine a n-ardaibh
na neul (.i. neamhbhall): la speirgorm greine: oidhche, ó
urthosach suas, garg gaothmhar geoineach neultach tirm.



An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin neulmhar.
galgreineach tirm: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar.



An t-ochtmadh la deag .i. dia domhnach. Maidin neulmhar
.i. sgilinighe agus gealain: deire laoi ceathain agus gealain:


L. 266


gaoth beodha aniar. Fuair dá spailpín bochta bas obann a
cCallain le seachtmhain: is bocht an cor toraimh do bhí orra.



An naomhadh la deag .i. dia luain. Maidin sgailinighe
agus gealain: gaoth beodha fuar aniar. Cluinim an gearra-guirt
ag radh a "chuid chuide." Sé seo an chéad ean eachtrann,
más ean eachtrainn é, cualadh me san earrach seo:
ta giobhar agus fomóinéar ard go leor chum a bhfolchadh anois.
Cioth trom ag naoi a clog. Ni ean eachtrainn an gearraguirt,
oir chidhtear treas an geibre é. Anfa ard geoineach
aniar ó maidin treas an lae: do ciuineadh sé beagán um
deire laoi, act do crom se ag seideadh arís go grod, agus do
lean air treas an oidhche. Is ró-anroghach an aimsir ag
eachtrainn Talaimh an Éisc é; oir ata an garbgaoth na
cceart-coinne. Go bfeucaidh Dia orrtha! Is iomda an anró
gabhann clanna Gaodhal bochta tríd, ag iarraidh arain
macánta a ttíortha iasachta, ó tarla clanna Gall go h-Eirionn.



An fithcheadh la .i. dia máirt. Anfa fíochmhar aniar ag
deargmaidin agus 'n-a diad, le cioth trom: maidin gaillingeach
gaothmhar gonta garg gaibhteach. Is geoineach an garbhgaoth
tre pollaibh eochrach agus fodhairsighibh foirgreamh folamha
fasamhla fo-áirsíbh foirgneamh. Is mairg doras iadhta
dona, a n-aigheadh na gaoithe: is mairg bothan faoi drochdion
gan sgolb gan sgáth o cladfais nó coill cluthar: is mairg
fuireann loinge luasgach. Tá Seaghan Ua Bruin, mac mo
dearbhseathrac, Eilís, agus Mícheál Mic Oistigin
Mac Costagáin, fear mo dhearbsaethra deirbhshéathar, Síle, ar
Mor-Muir Atlantaic Athlainn anoir, ag triall ar Talamh
an Éisg. Go saoraidh Dia mor uile-comactac iad o bruid
bóchna! Do ciunadh se go mor um naoi a clog le galgreine,
agus gaoth fionnfuar aniar ttuadh. Ta barraighe na maol-cnuic
glas le giobhar geamhar nó macairighibh mine an ionad


L. 268


beith na ruadhcnoic garbha granna gan do biadh orra acht do
ruadhcearcaibh: meadhon agus deire laoi neulmhar breag
bog: oidhche ciuin.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin síor-fearthanna:
gaoth ciuin beodha aniar ndeas. Is dardalach
deardal-ach, cm. deardan ag duir dúr an aimsir ag
eachtrainnigh Talam an Éisg é. Ni maga acht darfíre gur
deirc le n-a n-urmhor bheith san bhaile no a ccaladhpuirt
eigin mar Giolla an Amaráin no Donnchadh Ruadh Mac na Mara.
Meadhon lae agus trathnona mionceathanach no
bogbhraonach: deire laoi soinninne, sraid-salach: gaoth
ciuin aniar.



An dara la fichiod .i. diardaoin. Maidin soininne, sraid-salach,
sper-sgamalach: la ceathanach ceobranach: gaoth ciuin
aniar ndeas. Táineadh trúp .i. cuideachta den dara muc-sluagh
marcshluagh trom. bi aos ciuil aca, acht nior imrigheadar
port: deire laoi soininne.



An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin soininne, go
h-ocht a clog, an tan do crom se ag ceofran le gaoth ciuin
aniar ndeas. Do crom an grian ag taithneamh go teith roimh
naoi a clog. Cluinim an gearraguirt ag radh a "cuid
cuide" ag Ceann a' Fatha. Ta an tir com glas le giobhar.
la gealain agus ceathain, go se a clog, an tan do crom se
ag clagairneach le hanfa aniar ndeas: deire laoi
sior-fearthanna: oidhche tirm gaothmhar.



An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. Maidin gealáin
agus sgailinighe le hanfa aniar ttuadh. Nach fuar é! La
gealain agus sgailinighe, acht do maoladh an gaoth beagán.
Ta cead arm-marcach san mbaile ag triall go Sasana. La
breagh tirm, agus is mor do teasdhuigheann se ó lucht saoruighthe
saothruighthe na talmhan. Cluinim an gearraguirt ag
"chuid chuide": aimsir fhliuch adeir na garlaigh leis.



An cuigmheadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin neultach
tirm: gaoth beodha aniar ndeas: la mar an cceadna: is geoineach
garóideach gac goran le gear-garthaibh


L. 270


na ngearrcach agus na seanpriacan. Ta an seibhirin buidhe go
gleoite i mbeagan d'áiteannaibh anois. Cia go bfuil gaodhal
fogas aige leis an buidheacan, nil se an ceadmhadh cuid chomh
fluirseach i móinfhéarthaibh: ni feicim i ccladhfais ar aonchor
e. Ta an baile líonta le h-arm-marcaigh an righ. Cluinim go
bhfuil righ Seoirse an ceatharach i nguais bais: go seolaidh
Dia a anam chum an creidimh choir, chum deaghbhas ola agus
aithrighe d'fháil! - acht is ro-beag mo suil leis.



An seiseadh la fichiod .i. dia luain. La neultach tirim
ceobhótharach .i. smuitean da sheoladh le gaoth gonta garbh
beo a andeas. Is dubh an cuma ata ar an la, acht is breagh
más tirm anois e.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La neulmhar tirm:
gaoth fionnfuar beodha andeas: maidin glas go leor.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin
fo-neulta, geal, greine, tirm: gaoth beodha andeas: la greine:
gaoth beodha andeas da ard soir: oidhche tirm.



An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh tirm greine
speirglan: gaoth laidir anoir ndeas.



An deichmheadh la fichiod .i. dia haoine .i. Oidhche bealltainne.
La cruadha neulmhar: gaoth beodha anoir ndeas:
marga muc i Muillean Ui Cuain: luach maith ar muca ramhra,
acht beagan luaich ar muca truagha: ainleoga bolgbhreaca
na cceadaibh ag cuilearacht cois Amhain troidh on ttalamh:
ní fheicim na h-ainleoga ciara fos.



MI BEALLTAINE 1830. An cead la .i. dia satharn. La
aonaigh Muilleann Ui Cuain. Meadhon-luach ar airneis.
La ceathanach: gaoth beo andeas ar maidin: gaoth aniar um
cronughadh lae: d'athradh se go ceimeamhail: coiste an mhala
greasuighthe le craobh Bealltainne: na capaill greasuighthe
le mionsgotha ailne. Is greidhnach le feuchainn iad: cioth
cloichsneachta um trathnona: cluinim an traonach ag aic aic,
agus an gearraghuirt ag cuid chuide.


L. 272


An dara la .i. dia domhnach. La ceathanach: gaoth ciuin
aniar ndeas.



An treas la .i. dia luain. Margadh muc a cCallainn,
drochmargadh. Maidin aoibhin aorach geal greine nealtana:
gaoth ciuin anoir ndeas. Is la Bealltainne go ceart e.
Is greadhnach glor eun ar gach craoibh cruim, agus in ardaibh
neimhe. Nior chualas an cuach fos. La geal greine speirglan.
An ceathramha la .i. dia mairt. La aonaigh Callain.
Maidin geal greine speirghorm: gaoth roichiuin anoir.
Cluinim na h-ainleoga ciara mar banaibhe oga ag gliadhdradh
go h-ard san aor: is e seo an cead la do chonnairceas iad
san bliadhain se. Taid na h-ainleoga bolgbhreaca agus
na h-ainleoga tighe againn le da mhi. Is brotallach an maidin
í: la breagh nealtana: oidhche ciuin nealtana gealaighe aoibhin
aorach. Cluinim gliadh gragaduighiol na bpéarlog um deire
laoi.



An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin nealtana:
oidhche ciuin nealtana gealaighe: gaoth roichiuin andeas.



An seiseadh la .i. diardaoin. La aoibhin aorach greine
nealtana: gaoth roiciuin aniar andeas. Cluinim an cuach
an cead uair a mbliadhna. Ar mo taobh cle cluinim í: acht,
dar ndoith, is cuma sin, oir nil acht leamhas a radh go
mbeidh sonas a ndiadh a cloisin ar an taoibh deis ar ttus.
Is mor an eas-ccoinne eascaine ar duine "nachar cluinir
an cuach" do radh leis.



An seachtmhadh la .i. dia haoine. Maidin ceobhrain: deire
laoi ceathanach: gaoth beodha anoir ndeas.



An t-ochtmhadh la .i. dia satharn. Maidin clagairnighe:
gaoth beodha andeas: trathnona agus deire laoi breagh nealtana
greine: is mor foighneas fhoghnas an fearthainn se do
giobhar geamhar: "Márta cruadh gaothmhar: abran bog
braonach agus bealltainne beilfhluich lionas na sgioboil."
Ta tuistiun ar an ccloich des na potataoi, - ar sacaibh


L. 274


mora: ni furas clocha gearra d'fhaghail ar aon chor. Ta daoine
ag ceannach sil cum iad do sathadh sa tseachtmhuin se cugainn;
oir, is idir an da bealltainne is gnath urmór potataoi an
duthcha se do cur. Cur seanmhar cuchta, Amen a Thighearna. Ta
uamh mor fada faoi talamh ag Baile-na-Sighig, da mile siar o
Callain, ar a nglaodhaid Poll-na Ropairighe. Is comhsamhail go
mbiodh siad da bhfolach fein ann d'eis aimsir Cromuill, agus Righ
Uilliam. Is iomdha fear breagh alainn maith macanta do chur an
dis Sasanaigh se le ropaireacht, no le deirc, no le deoruigheacht
a ttiortaibh tar lear, noch do toigeadh tógadh go macnaiseamail
meidhreach.



An naomhadh la .i. dia domhnach. La ceobhrain agus ceathain:
gaoth beodha attuadh.



An deichmhadh la .i. dia luain. La nealmhar: gaoth beodha
anoir ttuadh: fo-ghalgreine um deire laoi. Cluinim an
cuach.



An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt. Maidin nealmhar
fionfuar tirm: la mar an cceadna: gaoth ciuin attuadh.



An dara la deag .i. dia ceadaoin. La breagh tirm nealtach:
fo-ghalgreine: gaoth biogamhail attuadh: daoine ag cur sil
potataoi go mear: dar ndoith mas maith e is mithid e.



An treas la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
nealtach tirm: fo-ghalgreine: gaoth ciuin andeas: la mar an
cceadna. Ta blaith niamhrach gorm ar an lochal.



An ceathramha la deag .i. dia haoine, chuir me siol
potataoi andiu. Maidin nealtach glas: gaoth fionfuar
andeas: ceofran o meadhon lae go trathnona, le ceathan:
deire laoi tirm nealtach ciuin.



An cuigeadh la deag .i. dia satharn, cur me siol
potataoi andiu. Maidin aoibhin aorach geal greine gan
neal gan ceo: drucht rothrom ar giobhar geamhar glas. Is
maidin buidhe bealltainne go ceart e le buigeacht, le
breaghthacht, le h-aileacht le h-aoruidheacht. Is iomdha bean
ag sathadh potataoi; is iomdha fear agus capall ag cur


L. 276


leasuighthe amach agus ag treabhadh 's a' fuirseadh talamh
potataoi: gaoth ciuin aniar ndeas air maidin: gaoth beodha
aniar o meadhon go deire laoi: is roibhreagh an aimsir potataoi
do cur e: fo-cheatháinín um tráthnona.



An seiseadh la deag .i. dia domhnach. La breagh tirm
nealtana fionfuar: gan galgreine: gaoth beodha aniar: oidhche
ciuin.



An seachtmhadh la deag .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach
druchta nealtana greine: la fionfhuar: gaoth beodha aniar.
Churas siol potataoi andiu, laimh ris an Amha Big. Baisteadh
leanamh inghine dhom dearbrathar, Donchadh O Suiliobhain, Maire
Ni Shuiliobhain is ainm di .i. ainm ar mathara, go ndeanadh
Dia trocaire uirrthe, Amen.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia mairt: lá breagh tirm nealtach:
gaoth fionfhuar aniar: tuistiun agus leath-phingin air potataoi
bidh: tuistiun air cloich potataoi: ta airceachan ag iarradh
cuig pingine orrtha: nachar seoladh cuiche e, oir ba gortamhail
an luach e cuig pingine.



An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag nealtach
Chuadhas cum faoisidin na Casga andiu, le cumhna Dé Moir
Uilechomhachtaigh. Bidhteinn da doigheadh laimh leis an Amha Bhig.



An fidhcheadh la .i. diardaoin Deasgabhála no Freasgabhála.
La breagh nealtana greine: gaoth beodha andeas se arda
soir. "Is maith puicin air ceann bo bradaich." Cread
an gne siabhra puca? Is comhsamhail gur a bpollaibh talmhan,
no a bfollach cathaidis a n-aimsir. An ó púca thagan puicin,
no an ó puca .i. mala tigid araon? Deirthear pucaighe
Poill-Rath-a'-Puca.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin nealtach
fionfuar: smúid .i. ceo bothar da sguabadh le gaoith anoir
ndeas: bidhtinne da dhoitheadh, laimh ris an Amha Big, ag
Druimin: fearthuinn gan traochadh ó trathnona, tres an oidhche
le gaoth anoir ndeas.



An dara la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach


L. 278


greine tirm, d'eis oidhche fearthanna. Do muchadh bidhteine an
Druimin. la nealtana greine: gaoth ciuin anoir ndeas.



An treas la fichiod .i. dia domhnach. Maidin mionfearthanna
le gaoth anoir ndeas: la nealtach, fo-ghalgreine ag
deire an laoi ag deallradh go fann, tre tan-bhruachaibh
tromneal. Cluinim an cuach ag mear-chuachaireacht air
eitioll tres an aor. Ta da cuach eile na fochair. Do
labhair si go mall min na dhiadh san air craoibh cruim budh
deas on Druimin.



An ceathramha la fichiod .i. dia luain. Maidin ciuin dorcha
breagh bog: tromnealta na ttromualach air gach mionchnoc
agus morsliabh um urtimcioll: deire laoi clagairnighe le
gaoth laidir anoir ndeas.



An cuigeadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin soininne:
deire laoi doininne le gaoth beodha aniar ndeas.



An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin ceathanach
le anfa aniar ttuadh: meadhon agus deire laoi soininne, le
anfa aniar ttuadh. Is fliuch an mi bealltainne i: beidh
curadoireacht potataoi deaghanach, agus cur leasuighthe amach
mall go leor.



An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La soininne: gaoth
ciuin fionfhuar aniar ttuadh.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia haoine. La ceathanach: gaoth
aniar.



An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. La nealmhar: gaoth
beodha aniar.



An deichmhadh la ficiod .i. dia domnach. La ceathanach: gaoth
beodha anair.



An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia luain. Cuireadh
leanabh an Collatánach a reilig Teampoll Loisg. Maidin
tirm geibhreamhail: gaoth ard aniar: deire laoi bog ceathanach.



Is ceathanach nealmhar an mi Maoi no bealltainne e. Acht
taineadh gach gne giobhair geamhair agus feur ar a n-aigeadh
go h-iongantach. Is doith le sgologa go mbeidh aniomad


L. 280


tuibhe aca; acht is Dia mor Uilechomhachtach ata an toradh do
chur na ceann. Ta potataoi da ccur go lionmhar fos. Ta
suil le Dia agam go ma torthamhail an bliadhain í.



MI MEADHOIN A tSAMRA 1830. Callain a Chlampuir. -
An cead la .i. dia mairt: gealain agus ceathain ar maidin
la .i. le gaoth aniar: la breagh nealtana.



An dara la .i. dia ceadaoin .i. la trosga. La aoibhin
aorach nealtana ciuin go cuig a clog, an tan do chrom se ag
clagairneach le ciunas mor. Do lean se air go deireanach
san oidhche: is mor an moille chuirfeas seo ar lucht leasuighthe
do chur amach. A ttaobh beidhtinne do doitheadh, ni doith liom
gur feidir a dheanamh: gaoth roiciuin andeas.



An treas la .i. diardaoin. Maidin bog ciuin nealtana
soinninne: la mar an cceadna: gaoth ciuin attuadh.



An ceathrama la .i. dia haoine .i. la trosga. La nealtana
greine: gaoth ciuin fionfhuar attuadh. Fion .i. fin .i.
in díoghabhthach, dá bhrigh sin fionfuar, finin féir, gilfhin .i.
buachailín.



An cuigeadh la .i. dia satharn. La breagh greine nealtana
ciuin. Cuireas mo cuid potataoi faoi trinseaghail andiu,
is, dar ndoith, ba mithid é. Ta cuig pingine go leith ar
cloichin potataoi: is rodhaor e.



An seiseadh la .i. dia domhnach .i. domhnach na Trionoide.
Maidin ceathanach: gaoth ciuin aniar: la breagh.



An seachtmhadh la .i. dia luain. Maidin greine nealtana:
la greine: gaoth fionfhuar attuadh. Chidhim fuiseoigin da
ionfuirt fein san luaithrean air an bothar. Is cum a clumh
d'osgladh da fionfuaradh fein deineann si e, amail mar
deanann an chearc. Posadh Seoirse Glindiún Mag Lionnáin
agus Maire Ni Mheachair andiu, agus Uilliam Lathlughar
le Maire Ni recte Nic Gearailt.


L. 282


An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. Maidin geal greine
fo-nealtana: gaoth biogamhail anoir ttuadh: meadhon agus
deire laoi breagh bog speirghlan samhramhail ciuin.



An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog speirghlan
samhramhail ciuin.



An deichmadh la .i. Diardaoin Álainn Abhlainne. La
breagh nealtana: gaoth ciuin aniar.



An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine .i. aonach na muc a
cCallain. La breagh nealtana ciuin: gaoth ciuin attuadh:
drochaonach muc.



An dara la deag .i. dia satharn. La aonaigh an mhaga: la
breagh nealtana: gaoth ciuin aniar ttuadh go trathnona an
tan do eirig gaoth laidir fionfuar, noch do seasadh air feadh
an lae agus na h-oidhche. Ta beidhtinn da doitheadh ann gach
ard.



An treas la deag .i. dia domhnach. La sgeirdeamhail tirm:
gaoth laidir aniar ttuadh: tromnealta ar sliabhaibh: is
martamhail an la e.



An ceathramha la deag .i. dia luain. La nealtana: gaoth
solaidir aniar ttuadh: ta an gaoth laidir se le tri laethibh
againn: is beag nach anfa í.



An cuigeadh la deag .i. dia mairt. Maidin nealtana:
gaoth geur aniar ttuadh: meadhon agus deire laoi gruama
dorcha duairc: gaoth garoideach gonta attuadh. Is comhsamhail
le la marta meirgeach gaothmhar cruadh e: gaoth gonta garaoideach
san oidhche.



An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin meirgeach:
gaoth gonta garoideach attuadh: "Gaoth attuadh bionn si
cruadh, is cuireann si fuacht ar dhaoinibh." Ma sheasuigheann
an gaoth gonta so abfad beidh feur chomh feoidhte, suidhte
suighte le fadharcán. Beidh luibheanna chomh críon suidhte
le cipin na croiche, duileabhar crann agus craobh chomh ruadh-doite
le copóg ruadh a mi-mheadoin gheibhre: acht is ar laimh
Dé ata leigheas gach lot.



An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin


L. 284


aorach nealtana greine ciuin, gan ceo gan ciach gan fuide
gan fuaire. Is caoin ceileabhradh na n-eun san aor agus ar
craoibh cruim, is dordan beach ar mionsgothaibh gac magh
mor agus mionmhacaire: la mar an cceadna: gaoth ciuin
attuadh.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. La breagh nealtana:
gaoth cruadh beodha aniar ttuadh.



An naomhadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtana:
gaoth cruadh beodha attuadh: cuig pinghine go leith agus se
pingine ar cloichin potataoi: tuistiun ar pota de min India,
no buidhe, agus cuig pingine ar pota mine coirce. Is gearr
on gorta gorm bochtain, muna bhfoirthe Dia iad.



An fithcheadh la .i. dia domhnach .i. an la is sia san mbliadhain
.i. la feil cros. La breagh greine nealtach: gaoth beodha
attuadh.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin aoibhin
aorach greine bog ciuin druchta: deire laoi nealtana: gaoth
beodha anoir. Ta se sgathamh maith o bhi maidin druchta againn
roimhe seo. Bhi me ag Amha Beag le h-eirghidhe na greine
ag cur athlan ar potataoi, le ramhan agus sluasad. Cluinim
soin samhramhail na sbeile.



An dara la fichiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach
slamnealtach greine: gaoth glorach bog beodha anoir: fear
is bean agam ag cur athlan ar potataoi le ramhan is sluasad.
Is cumhra boladh na ccoca feur nuadhbainte: se pingine ar
cloichin potataoi. La breagh nealtana greine.



An treas la ficiod .i. dia ceadaoin .i. la trosga .i. Oidhche
feil Seaghain. Maidin aoibhin aorach slamnealtach ciuin
greine. Is maidin samhra go ceart e. Ta rioghacht
na Fraince ag dul cum cogthadh la le Fodhlaighe foghlaidhthibh
Afraice .i. la Fomharaice Algiers. Ta suil le Dia agam
na staonfadh fian na Fraince go ccurfadh siad na millteoirighe
mara so ar a ccul ar muir is ar tir; go mbeidh


L. 286


"tuitim cuislean a' churraigh" orrtha .i. tuitim fada gan
togbhail, no luighe gan eirghighe mar adubhairt adubhart.



Tadhg Mac Roighrighe do shiubhail Tomas Puirseal
(o cathair Cille Cuinnigh) agus Uilliam Mac Unugha
Mac Conmheadha, Ó Connmhaigh ó Contae Cille Cuinnigh, o droicead
Puirtlairge go cathair Cille Cuinnigh, ar gheall ar son geill
mhoir. Do shiubhladar an cead ceithre míle deag (gaodhlach)
an uair agus tri ceathramhna .i. o droichead Phuirtlairge go
Baile Heile. Do fanadar deic momeintighe annso, agus,
d'eis beagan bidhe agus dighe do glacadh, do shiubhladar
taobh re taoibh, go troigh-eattrom luthmhar go Dun Feart,
ait ar oladar beagan uisge beathadh agus fioruisge. Shiubhladar
cuibheasach mall as so go Cloich na tTri Mile, ait ar
chromadar orra na ttreunratha ag coimead na marcaigh na
ccosanairde go mear. Do ghabh sluagh mor na ccoinne on
ccathair. Do bhuail dailtin aca an aigheadh Uilliam Mic
Conugha, ag tabhairt sunc ann agus da treasgairt ar lar.
Da los so, bhi Tomas Puirseal roimhe ag tigh Giolla Phoil,
san Sraid Aird a cCill Cuinnigh. Shiubladar araon da mile
deag ar ficid Sasanach a cceithre uaire a chluig .i. ocht mile
san uair ar feadh ceithre uair.



Tarla anfa aibheil uathbhasach ag Achadh-an-tul Achadh-an-tsabhail
agus Faithche-lón a bpraiste Marnoc an Albain.
Bhi an maidin brothallach tromnealtach: gaoth laidir ag trathnona
.i. tri a clog; taineadh dorchughadh mor sa ard teas ag
ceathair a chlog. Taineadh beagan fearthanna; siud teinne
speir biogamhail na caorta cama, seo toirneach fraochda,
sin sios cloichsneachta na cioth caoitheach calcaighthe, le fuaim
easa Tonn Toime d'eirigh se se troighthe o talamh, le baothleim
eattrom. Nior seasadh se tar ceathramha uaire, acht bhi se
na asair aird air tuinn talmhan, cuig n-ordlaighe deag ar
doimhneacht. Briseadh gloine a ngearaighe air tightibh teinne.
Bhris se duileabhar agus beanganaibh. Toll se cabaiste
mar ba le grán guna. Bhi gaoth guairdean ag gartha treas.
an talamh ceadna ag cruinniughadh leis locáin uisge, tuibhe,


L. 288


feur tirm, dion tighte, cruacha mona, na chuaird marbhthach
millteach. Ba doith leat gur priochain preacháin dubha na
foid mona ag eitioll fres an aor, cuig mile deag ón áit
ar eirigheadar.



Ta carraighe gail ag imtheacht a Sasana chuig mile fichiod
san uair le ualaighe troma agus daoine taisdil.



Nil aon teine cnamh a cCallain anocht ar bfiu tracht air,
oir marbhadh fear, oidhche a cruinnighthe, an t-am so aniurra
.i. a ccomhghairm an oidhche areir; acht is iomdha sop Seaghain
chidhim ar lasadh o Cnocan an Eithigh ag ceann a fatha. Ta
caortha ar gach cnoc, sop Seaghain ar gach sliabh, gartha an
gach gleann glas um teinnte treine. Bionn teinnte aca
Oidhche Bealltainne, a ccontae luimpre Luimnighe. Is an
onoir Beal .i. Baal .i. an grian deintear iad. Bi teinne
Beal, no Bealltoinne, air lasadh, Oidhche Bealltainne, ag
Teamhar na Righ ag teacht Padruig, aimsir Laoghaire, Righ
Eirionn.



An ceathramha la fichiod .i. diardaoin .i. la feil Seaghain
.i. Eoin Baiste, la saoire. Maidin cumhra ceathanach,
fialfhearthumn o se a clog ar maidin go meadhon lae: na
h-ainleoga ciara ag cuilearacht idir da linn: gaoth ciuin
caoin anoir ndeas: soinneann o meadhon lae go deire: nealta
na ttromualach ar sliabhaibh: fearthumn fial o cronughadh lae,
tres an oidhche le gaoth andeas da moinard soir: "feartuinn
fial na feil Seaghain" e seo.



An cuigeadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin mionceathain
no ceobhraoin: gaoth ciuin caoin anoir ndeas: "Gaoth andeas,
bíonn sí tais, is cuireann sí raith ar shíoltaibh." Ceo tiubh
um timchioll. Is urglas aigheadh na tire: is maith do rachadh
an fearthuinn se do cruithneacht, coirce, eorna, feur glas,
potataoi, torthaibh agus glasaraibh na tire; acht do feur
nuadhgearrtha amhain. Bi croiceann bo agus capall doite


L. 290


on gaoth ruadh, noch do sheid anoir no attuadh le deanuigheacht
Bhi ba ag dul a ndisg. Bi creat ruadhdoite air bhantaibh
agus ionadaibh eile inbhir; acht anois, beidh siad chomh glas le
giobhar. Is gearr go mbeidh potataoi nua a ccroithtinibh,
agus eorna mor a ngortaibh ag foirthin ar bochtanaibh, - go
bhfoireadh Dia mor uilechomhachtach orrtha! Ta an gorta gorm
orrtha a cCill Cumnigh, a cCluain Mealla etc. etc. .i. a mbailtibh
mora agus cathracha; acht a mbailtibh beaga mar Callain agus
ar an ttuaith, ta an deirc le faghail nios flursighe o sgologaibh.
Is romhaith an dream daoine iad na sgologa, is iad bheathuigheann
bochtam na h-Eirionn nach beag. Is beag da mbeathughadh
gheibhtheas o daoinibh mora; oir is a ttiorthaibh imciana,
nó tar lear caitheann an dream diabluighe sin a n-aimsir,
ag caitheamh a cciosa noch do sgiobann siad o gabhaltathaibh
na h-Eirionn da bfasgadh a ccantaoir na bochtainne le
ciosglacathoirighe. Is maith iad cearduighthe agus lucht
siupaighthe, no ceannaighthe mar an cceadna, cum an deirc
do thabhairt uatha do bhochtaibh De. Chidhim lubh mar duileasg
ar a nglaodhuid Caraigin; is mor cuirthear a miasanaibh
milse e le cocairighe, ag tabhairt taithiceacht doibh.



Meadhon is deire laoi soinninne; acht fo-ceathainin cumhra:
tromnealta ar Sliabh na mBan, agus ar gach sliabh eile um
mortimchioll.



An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin cumhra
ceobhrain: gaoth ciuin aniar. Nior staonadar na Francaigh
o gleo na nguna, mor is mion, na o leadradh na lann, na o
ropadh na ropairighe baigineití agus pící. Chuadhadar a
ttir laimh le h-Algiers. Is gearr go mbeidh briseadh na
mballadh aca.



Ta an gorta gorm a cCiarruighe: naoi bpingine go leith ar
cloichin potataoi ann; agus gan tuarastal le faghail ag lucht
oibre. Is maith muna mbeidh se chomh dona le gorta gonta
na bliadhna dó fichiod. Ta contae an Cláir .i. Tuadhmhumhain
.i. Dail cCaise chomh dona, agus ni fearra as Baile-átha-cliath
e, oir ata deich bpingine ar cloichin potataoi ann agus


L. 292


beagan tuarasdail. A ccontae Sligigh, ta duais da thabhairt
air son mine coirce do thabhairt o Shasana, noch do fuair
muintir Sasana o Shligeach roimhe se, - se sin ag tabhairt
mona chum na mona. Ta muintir na ngearramhain ag coimead
bidhe siar o Baile-ata-cliath, ar eagla an gorta grana do
lonughadh longughadh, lonnughadh na measg fein. Ta sé cruadh
go leor a cCallain bocht se againne; acht buidheachas le Dia,
nil tar se pingine air cloichin potataoi, agus ta cuid aca
ar cuig pingine go leith; acht ni fiu sin fein iad. Ni fiu
a h-ú iad. La breagh nealtana, fo-galgreine, idir da
uainn no linn; cioth trom um cronugadh lae, le gaoth ciuin
andeas. Is sona na ceathain iad: cioth ro-throm d'eis meadhon
oidhche, no ag buile a clog.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia domnach. Cioth trom ag
buile a clog ar maidin: sheasadh sé os cionn uaire: cioth trom
eile ag se a clog ar maidin; níor tuit acht sprúdar a' cheatha
shoir ó Callain. La breagh nealtana greine; gaoth ciuin
andeas: fearthain fial deis cronughadh lae, agus tréas an
oidhche le gaoth ciuin andeas.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain .i. la trosca .i. Oidhche
feil Peadair is Póil. Maidin sona seanmar fearthana
feile o meadhon oidhche go seacht a chlog ar maidin, an tan do
taineadh gal greine: gaoth ciuin bog andeas: "gaoth andeas
bionn sí tais is cuireann sí rath ar shíoltaibh." Tosuigheann
eachcoimhling andiu ag Rathchloch, laimh le Dunfeart budh dheas
ó cathair Cille Chuinnigh. Ta súil le Dia agam go mbeidh na
banta bog fa cosaibh capall coimhlinge, cia na ait le lucht
na coimhlinge féin é: acht is measa liomsa na potataoi nua
dar ndith na soilbhireacha uaire air bán-choimhlinge.



An naomhadh la fichiod .i. dia mairt .i. la saoire .i. le feil
Peadair is Póil. Maidin néaltana: la aoibhin aorach
greine breagh bog: gaoth roichiuin aniar. Ta céad míle


L. 294


duine ar machaire an coimhlinge; agus is grianmhar greadhnach
an ionad e. D'eag Seoirse an ceathair ag leith-uair d'eis
a tri ar maidin dia sathairn, agus do dearbhadh Uilliam an
ceathair a dearbhrathair na righ an la ceadna do lathair an
tseanaid no feise Sasanasch, noch do dearbhadhad san am
ceadna beith dilis do san, da righe agus da choróin. Ba
ghearr an linn se idir da righ .i. leath lae nó mar sin. D'eag
se de galar uisge.



An deichmhadh la fichiod .i. dia céadaoin. Maidin aoibhin
aorach ciuin breagh bog gréine speirgorm gan neal gan ceo:
la mar an cceadna go trathnóna an tan d'eirig tan-nealta
le gaoth fionfhuar andeas.



BUIDHEMHIS 1830, CALLAIN. An chéad la .i. diardaoin.
Maidin nealtach tirim glasfhuar: gaoth biogamhail anoir
ndeas; fearthain o buile a clog d'eis meadhon laoi go deire
lae, clagairneach go minic. A ccomhgairm an lae se fein; bliadhain
sa t-am so, fuair Maire Ní Dhulathanta .i. Dhulchaointigh,
mo bhean .i. mo chéile cumhra, bas. Is deoir
fhliuch ba ceart domhsa, agus dom clann, do bheith; acht ní
ceile do dhuine beo duine marbh; acht créad do dheanfas mo
ceathrar dithleachtaibh bochta, ma phosaim aris, agus créad
do dheanfad fein, ná iad san, ná mo gratha muna bpósfad.
Táim idir dhá chomhairle: go seoladh Dia me ar an slighe is
fearr dom fein, is dom leanaibhe bochta! Amen. A
Thighearna troicireach.



An dara la .i. dia haoine. Maidin fliuch d'eis oidhche
ceathanach, clagairneach ag seacht a chlog le ciuineas mor.
Taid na nealta ciara na ttromluidhe air tuartaibh troma.
Ta eagla orm go ndeanfadh se diobhail don chruithneacht,
noch ata faoi blaith: sheasadh an cladadh air feadh uaire;
gealain agus sgailinighe na dhiaidh san go deire laoi: ciuineas.



An treas la .i. dia satharn. La breagh nealtana greine
ciuin; cuireadh andiu an t-Athair Padruig Gras d'ord Naomh


L. 296


Augustin a ccill na mbrathar (a mainistir na mbrathar budh
thuaidh o tobar na mbrathar). Bi se nochad, .i. deich
mbliadhna agus ceithre fichid, d'aois, noch do chaith sé le
naomhthacht. Ba neamhurchóideach soilbhir seimh subhailceamhail
an fear é. Ba dompupa .i. maighistir scoile é ann a oigeacht,
sul do ghabh sé gradh eaglaiseach air féin na bhrathair Naomh
Aguistin. Ni feacadh aoinneach riamh ag craosóg e; bhí se
mar leanabh ainglidhe ameasg an pobail. Nior cuireadh
aoinneach leis na cianta roimhe so, san seanchill o do rinneadh
tig draguin de thig Dé. Is amharach amharcach naomtha
coisricthe an chill an a bhfuil corp an naoim se. Ba do
daoinibh dearshúla deallramhla o Ceapa-Mhic-Eidin e, scologa
noch do thaineadh o Pobal a Grasa, san cuid thiar thuaidh de
contae Cille Cuinnigh a mbaramhantacht Crannaigh. Is
iongantach an sgeal innistear ar ceann na nGrasa an aimsir
Oilibhéir Chromuill. D'iarr Cromuill ar an Grasach biadh
agus lon do thabhairt cum a foslongphort le h-aigheadh a cuid
saighdiuirighe dearga. Adubhairt an Grasach leis nach
tabharfach, agus go raibh muirin go leor air fein cum a
mbeathighthe. Do ghlac dasacht mor an tioranach, Cromuill,
oir shaoil se nach leigfeadh an eagla d'aon caitiliceach e
dhiultadh. An la na dhiaidh san connairc Cromuil sluagh ar
eacaibh bana ag triall cuige. Sin namhaid ar Cromuil, le
aon da oifigighe, beir leat marcshluagh agus gearr sios na
sgoip iad. Ni tuisge an focal as a bheal na seo sluagh na
n-each ban cuige. Cia sibh féin, ar Cromuill. Mise an
Grasach ar a cceann, seo mo clann .i. mac is fiche agus a
ngiolladha, agus dar ndoigh ni beag dom mar muirir iad
agus gan do chuid se saighdiuirighe dearga do bheathughadh.
Ceart go leor, ar Cromuil: ca bhfuil sibh ag dul? Go
Aifreann an domhnach, ar an Grasach. Nior bhac Cromuill
iad, cia gur fuath leis an t-aifreann; acht ba ó Shasana na
Grasaig do reir a mbunudhas, agus is é seo do shaor iad.


L. 298


Ma ba caitilicighe gaedhlacha iad, ni rachadais as chomh maith
sin.



Tuig gur an aimsir Cromuill do tosanadh saighdiuirighe
sasana eaduighe dearga do chaitheamh, agus as se deirthear
saighdiuirighe dearga leo.



O mharga potataoi; thuiteadar o se pingine go cuig pingine
an cloich.



An ceathramhadh la .i. dia domhnach. La breagh greine
nealtana: gaoth ciuin aniar ttuadh: oidhche aoibhin aorach
nealtana gealaighe.



An cuigmhadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach
nealtana greine ciuin: sgailinighe agus gealain: gaoth ciuin
aniar ndeas: la neal-eadtrom gan grian, acht breagh bog.
Ta an eaglais agus daoine mora cum mine do ceannach ag
foirthinn bochtain, go ttiucfadh na potataoi asteach. Go
ttugadh Dia a luach doibh! Amen, a Thighearna.



An seimhadh la .i. dia mairt. Maidin, mion-cheathain
meithe maithe: la slam-nealtach breagh bog brothallach. Nil
acht beagan potataoi san margadh andiu: ta se pingine ar
an ccloich diobh. Is mor an tuitim fuaradar potataoi agus
biadh bochtán a Luimneach Mumhan. Taid matha na cathrach
da ttabhairt amach saor. Taid muintir contae Corcaighe
(an chuid bhocht diobh) ag teacht suas ar neantog agus
glasairuighe agus fiadhaille, go bhfoireadh Dia orrtha on
gorta gorm. Gaoth beodha aniar: oidhche fearthanna feile.
D'olas trí nó ceathair de cornanaibh sgailtin a bhfochair an
sagairt paroiste.



An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin nealtach:
gealain agus sgailinighe, um trathnona: gaoth fionfuar aniar
ndeas.



An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
nealtana greine: gaoth fionfhuar aniar. Taim ag glanadh
fobhthanáin .i. feochadáin agus adhainn .i. capog spuinc
as mo chuid potataoi. Is iomdha saothar ag sgologa da
dheanamh anois, .i. ag doidheadh aoil, ag taraing colmuis o


L. 300


Druim a' Guail .i. Sliabh Ardach, ag gorail no ag aithiontodh
branair samhra. Is iomdha saothar ar talamh o bhaintear an
barr de go mbionn barr eile air, .i. ag treabhadh caoinligh
cum branair samhra, gorail .i. treabhadh treasna, ag aithiontodh
ag fuirseadh, ag síolchur. Ní feadar preamh an fhocail se
"gorail." B'fhéidir gur garbhail é, oir is garbh an treabhadh
treasna. Ni deantar le talamh eattrom acht treabhadh
agus aithiontodh. "Is é an t-aithiontodh is truime," agus
deirtear "is é an t-aithiontodh is truime" le daoine
deineann athchasadh ar ceannaighthe ag reic no ag ceannach.



Dorchadas mor le beagan braon, agus gaoth gonta aniar
uni deich a chlog.



An naomhadh la .i. dia haoine. La aonaigh na muc:
beagan muc. Dhíolas mo muicin fein: la nealtach
tirm: gaoth fionfhuar beodha aniar ttuadh.



An deichmhadh la .i. dia satharn. La feil Seaghan an aonaigh
.i. seanla feil Seaghain. La breagh bog cium nealtach, gan
gal gaoithe o aon ard. Ceannuigheas muc nior ar ocht sgillinge
deag is fiche. Is beag an ceannach bhi ar airneis. Ba aonach
a mhaga e go dairfhiribh. Cia go raibh moran daome ann, ni
raibh bruighean na acran eattortha.



An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin trom-nealtach
dorcha ciuin bog: ni feicim acht aoinneach amháin
ar bogmeisge d'eis na h-oidhche; ni mar so ba gnathach. Is
iomdha tinceir na sgríbe, agus spaillpin na dríbe badhbocht
baoth, agus dailtin tinn treith bhiodh againn ag sraidean
salacha Caillain a' Clampair: fearthainn fial le gaoth roiciuin
anoir ndeas o seacht a clog go meadhon lae, clagairneach
trom idir da linn. d'athradh an gaoth anoir ttuadh, agus
leis sin taineadh soinneann. Is romhaith rachas an fearthainn
fial so na feil Seaghain beag, do potataoi, agus do gach
uile bharr, acht do chruithneacht faoi blaith agus do moinfhear
nuabhainte: gaoth beoda fionfhuar attuadh um deire agus
cronughadh lae: oidhche soinninne.


L. 302


An dara la deag .i. dia luain. La breagh greine caoin
ciuin, gan neal gan ceo. Min bhuidhe da thabhairt do
bochtanaibh ar da pingin an pota: la speirghlan go deire,
oidhche mar an cceadna.



An treas la deag .i. dia mairt .i. la aonaigh Ceannanais.
Maidin aoibhin aorach speirghlan, acht foi-neilin slamach
geal ag snamh go mall, le gaoth ciuin fionfhuar andeas: o
trathnona suas tromnealta le fo-bhraon. Is clos dom go
raibh cioth rothrom clagairnighe ag an aonach; tobha togha
drocaonach: oidhche tromnealtach.



An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. Maidin
fearthanna d'eis oidhche fliuch: gaoth fionfhuar beodha andeas,
ceofran no fearthainn go deire laoi: clagairneach ag ceathair
a clog. Is rogheibhreamhail an la e: deire laoi gaothmhar
clagairnighe, "fuar gach fearthain"; "fuar gach fliuch";
"guirt (dubh) gach deaghanach, searbh gach siorgnathach, milis
gach seanadh." Is dothallach doicheallach bodachamhail an
rann e se, oir is comhsamhail nach gaodhal glan, acht gall
granda do can e; oir nior guirt le gaodhal a chara, no an
deoruidhe d'fanamhain go deaghanach na thigh agus nior searbh
a theacht go fiorgnathach, agus nior mhilis leis go seanadh se
a thigh na a chlar-bhidhe.



Do sgapadar na tromnealta um cronughadh lae.



An cuigeadh la deag .i. diardaoin. .i. la feil Suitín.
Maidin gealain agus sgailinighe: gaoth beodha brothallach
andeas: la greine speirghlan: gaoth aniar ndeas o meadhon
lae suas.



An seiseadh la deag .i. dia haoine. Maidin nealtach
tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: la geal greine, fo-nealtana,
fionfhuar. Ni buidhemis brothallach e seo, cia go bhfuil biadh
ghann, do réir an rainn "Buidhemhis brothallach biadhghann."
Seo mo chead la ag caitheamh na broga nua, agus bhest agus
casog dubh. Ni fheadar cia an ainm gaoidhilge ata ar bhest
.i. comhchasog ionar, fuamhain.



An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin clagairnighe.


L. 304


caoithighe: gaoth fuar andeas: "fuar gach fliuch." Mas fior
an seanfhocal "ní anfa go gaoth andeas," ni miste liomsa
a radh "ni clagairneach go gaoth andeas." Is trom
codluigheas ar maidin andiu. "Céile don leaba an uaigh:
céile don uaigh an bas, ceile don oidhche ifearn ifreann
fuar, feach fein gur cruadh an cás" "Fadughadh teine ar
loch, no cathadh cloch le cuan, comhairle thabhairt do bhean borb,
no buile ruibe ar iarann fuar."



"Fuar gach fliuch, dubh gach deaghanach, mairg do bionn a
ttir gan gaodhalta. Gan bean mic na mathair ceile, na
dearbhráthair chum do gearán leis do dheanamh."



An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh nealtana
greine: cioth trom um deich a clog ar maidin. Cuadhas go
Cill Cuine am chois. Bhi broga laidre nua orm, mhilleadar
mo troidhthe. Caitheas an la ag ol 'sa rangacht. Is dona
an ceird sin. Is olc an leaba bhi agam: bí míolta cumha
ann; nior chodlas neal.



An naomhadh la deag .i. dia luain. La bog nealtach: gaoth
ciuin aniar ndeas. Bhios abhaile ó Cill Cuinnigh ag leath uair
d'eis a cuig ar maidin. Bhi an grian ag taithneamh go
h-aoibhin tre fo-neal, na h-ein ag canadh go caoin binn ceolmhar;
mise ag siubhail coslom, oir ta na broga ro-laidir, gearr
dom fos go ttiucfadh me na ttaithidhe. Cuireadh triur andiu
noc do fuair bas tre geurnimh, noch do bhí tre mitheis' san
anbruith noch d'oladar. Ta ainiomad tinn treas an ccuis
cceadna. Is tre deirc do thug an Déan Mac Stíbhin doibh
e; acht is i an deirc doite í, an t-athair, an mathair an leanabh
da ccur an aon la an aon uaimh. Is cumhach an cuma ata ar
bochtanaibh na h-Eirionn anois; acht do sgiorr an gabha bocht
an bruid bliadhanamhail noch do bhionn ar bochtanaibh na
h-Eirionn a mbuidhemhis biadhghann. Ni sgiorradh
do rinn se, acht sgioba sgannramhail sanntach do thug an bas
air tre geurnimh gonta. Is maith mar tharla a bean sa leanabh
ar aon imtheacht amhain leis, nachar fhanadar go cumhach craite


L. 306


dubhach dearach doilbh dobronach ag feuchain ar a uirlis ceardchan
gan lamh a gcurtha a bhfeidhm, cum aran laetheamhail do thabhairt
doib. Ni cluinfidhear go deo aris a ord mor na a lamh-ord
go caoin ceolmhar ag bualadh iaran dearg lasrach ar einsheon
inneoin. Ni thiocfadh an deor dorcha le n-a ghruadh dubh,
a lamh leabhar ag lamadh an teanachar teann os teinne treun
dá siorseide ag builg bolgmor ag borradh 's ag buirtha ag
siatadh ag seargadh le gach linn. Ni cuirfeadh a lamh, lamh
lan-laidir, cru casta ar stal siomach, ar lair leimneach,
ar gearran giobalach na ar bronnach builleamhail borb.



Bi na tri coifíní taobh le taobh a ttrucail, faoi braithlinibh
bana; fearaibh go ceanncrom ag tarang na trucaille le
teadaibh cum an Aras deaghanach, ait ar cuireadh an gabha go
doibhin doimhin ar taobh na fuachta; a bhean mhuirneach
le n-a thaoibh, agus a leinibhin ar a h-ucht mar ba gnath leo na
leaba posta: "ceile don leaba an uaigh; ceile don uaigh an
bas." Uch! uch! is fada codla an trir go la an breitheamhnais,
an tan eireochaid an aoinfheacht go h-alainn athasach le cumhna
Criost, ag dul cum cathair na gloire ag canadh ceolta nios
binne na chuala cluas daona fós.



An ficheadh la .i. dia mairt. La breagh bog nealmar
galgreineach: gaoth roichiuin aniar.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog
nealmhar: gaoth ciuin aniar.



An dara la fichiod .i. diardaoin. Chidhim coirce da
bhuain laimh le Droichead na nGabhar. La breagh brothallach
greine: gaoth roichiuin aniar. D'fhagas fein agus mo mhac
Donchadh Ua Suiliobhain, .i. oganach se bliadhna deag d'aois,
Caillain ag cuig a clog ar maidin a ttrucaill asailin beag
biogach' noch do cuaidh go cos-eattrom na sodar linn go Baile
Mhic Andain. Bhi Paidin an Asail da tiomaint, agus, dar
ndoith, nior gabha dho laisg do leagadh air a leasrach cum
gear-gluaiseacht. Ba alainn aoibhin aorach an maidin í.
Ta an cruithneacht ar a h-aidheadh go maith: ta sí buidhe: ni
miste Buidhemis do glaodhach ar an mi se. Talamh eattrom


L. 308


gainimhe ata o Ceannanain go Baile mhic Andain. Is maith
do chuadh na ceathain do. Ta an cruithneacht eattrom, acht
nior rinne an gaoth a cos do briseadh. Ta an coirce agus
an eorna go h-alainn. Is trom an coirce Tartaraoi; ar
aon taobh amhain tuibhe ataid na grainighe. Chidhim coirce da
buain ag Droichead na nGabhar, laimh le Callain. Is truime
an cruithneacht gruagach na an cruithneacht eile, acht mas
truime, ni fearr, oir ata rí brantrom. Taid na potataoi
ar a n-aigheadh nios fearr na timcheall Callain. Is breagh
faoi blaith iad. Is comhsamhail gur taosga .i. túisce
cuireadh na potataoi timcheall Callain, oir is tiorma an
talamh. Ta an t-ath-untodh .i. -ionntodh da tabhairt do
branaraibh samhra anois. Is furas a treabhadh go fadhb, .i.
go bonn an cre bheatha. (Is o Paidin an Asail fuaras an
focal so "fadhb".)



Is scollta an áit tigh cúirte, la brothallach, go n-iomad
daoine ann. Chuadh proiseas liom ar aigheadh a ccoinne
Sheaghain a' chaisleáin .i. Seaghain mhic Cormaic na Cuaillighe;
acht an ceann a ccoinne Eadhmond na mona Ui Meachair,
cuireadh ar ccul le calghaois e. Go deimhin is fada an
mhoill e, ma bheidh a toil ag Eadmond na móna. Um deire
an laoi glaodh a thurnae ar fiadhnuise breige; acht níor fuaradh
e cum dearbhughadh go raibh trí puint ag Eadhmond na móna
orm-sa, cia gur cuireas proiseas cuige sin ar seacht bpuint
se sgillinge deag.



Chuadhas féin agus mo mhac a ccodla a leaba bhreagh cluimh
le peidhre braithlínibh geala glana, agus gach cóir eile leapthan
dá shámhacht, da ailneacht i, acht bhi piobaire an mhala, .i. an
Coltannach, ag seinm, ag tiomaint, ag bruigheadh, ag accrann
le daoine meisge: chuireadar mo chodla amugha orm.
D'eirigheas féin agus mo mhac agus cuadhmar go tigh Mhaingin,
agus do chodlamar go trom ann go se a chlog ar maidin.



An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach greine.
Cuadhas ag seacht a chlog sios cois na h-amhan (. i. an Fheoir).


L. 310


Is eadoimhin anois í. Ta cora cum bradan agus
breac do gabhail, laimh leis an bhaile. Is aoibhin coille cumhra
agus garain geanamhla, siubhalta breaghdha agus tighthe deasa
cois na h-amhan. Ni thuigim cionas do b'fhéidir bad mor
na fos curach caol do sracadh suas a ccoinne na h-amhan ans
na h-ionadaibh meara eadoimhne, acht in aimsir tuile. Ni
feaca féin bad mor na mion a mBaile Mic Andain, acht
curach beag nó do. Is baile beag bocht é. Taid na tighthe
muintire ag tuitim chum talmhan: tighthe taisgthe gan cruithneacht
gan coirce gan eorna, gan min gan im gan muicfheoil
meith, gan mairtfheoil maith. Taid comhlainn na ttighthe
taisgthe ag tuitim da ttuislibh, na fuinneoga gan gloinne,
an feur ag fás ann a cclosánaibh, agus ann a ppoirsighibh.
Má tiocfadh an sionach ruadh ón caraig, níor bhaoghal do
moran do mhusgladh an sna seomraidhe dorcha folmha. Ta
muillean no dho ag meilt. Ni raibh rath ar Bhaile mhic Andain
e toigeadh droichead Puirtlairge: roimhe sin bhi marga maith
a mBaile mhic Andain, agus cuirthaoi an t-arbhar agus an
fheoil agus an t-im sios le badaibh go Ros agus go Portlairge;
acht anois o toigeadh na droichid, ní dhíoltar a bheag na a mhor
a mBaile an candain, baile an canráin. Ni fheaca do
mharga ann acht da cuinneaigin bleidar nuisc .i. da mheadar
de bleidar-an-uisge .i. da bhleidh lan de bainne agus uisge.
Tangas abhaile: oidhche bog breagh.



An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog
nealtach ciuin: beagan potataoi ar marga Callainne.



An cuigeadh la fichiud .i. dia domhnach. La breagh brothallach
greine nealtana: gaoth ciuin andeas. "Is teo siolla den
gaoth andeas na teinnte cheap an domhain." Is gearr, le
cumhna De go mbeidh potataoi go leor ag bochtanaibh na
h-Eirionn.



An seiseadh la fichiod .i. dia luain. Maidin brothallach
greine nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas: se pingine ar
cloichin potataoi nua no sean. Taid na bochtain ag priocadh
na potataoi as bruachaibh na n-iomairighe. Ta an gorta gorm


L. 312


ag dul na mbeul. Is deacair a radh go n-agarfadh Dia
orra e; acht, na dhiaidh sin is uile, is olc an t-athuighe e; oir
ma thosuigheann bochtain ar braduigheacht ar beagan, is baoghlach
go leanfadh ar morbhraduigheacht, ar gaduidheacht, ar slad,
ar creachadh, ar bruid, ar breith ar eigion. Ma bhriseann
duine aon aithne amhain, da luighead, nil fios ca stadfadh se.
Iúil na gorta goirthear ar an mi se anois. Buidhmis a
ainm dílis a ngaodhailge, agus is coir an ainm e; oir mas
buidhe na guirt, is glasbhuidhe aigheadh na mbochtan on ngorta
gorm, oir ataid ag teacht suas ar cabaiste glas agus ar
droichbhfuidhleach eile den gne sin. La breagh brothallach.
Chuadhas fein agus Amlaoibhin agus Seamuisin, mo dis mac
is oige, ag snamh; ba bhog uisge na h-Amhan. Biodar moran
aosog a' bhaile da bfothrughadh fein.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin
aorach speirghlan greine: ceo tana mar olan nighte ciorta,
ar aigheadh an morghlinn; acht ata gach cnocan caoin, cnoicin
ciuin, tulach taobh-uaithne, druimin diansaothair, cnoc
ceannruadh, sliabh sliosgharbh agus beann borb-blaomanach,
gan ceo cailce, gan neal da luighiod orra. Ta mo chailin
aimsearach ag glanadh mo cuid potataoi: is e an fiadhaille
is mo ionta, capog an spuinc .i. adhan, fothanain, brobhattoin
agus feur. Ni micneasta an ainm "catstail" ar brobhattoin,
oir is comhsamhail le h-iarbail cait a ceann. Is comhsamhail
go bhfuil da gne brobhattoin ann, oir deirthear brobattoin
na luachra, cia nach comhsamhail le luachra e.



Ta lucht oibre ar bothar Amha Big a cceann an Coiminis
ag déanamh obar raimhne agus sluasad agus piocoid ar naoi
bpingine san lo, agus daoine eile ag briseadh cloch ar tri


L. 314


pingine san ló .i. tri pingine ar carnan, ualach tri ccapall,
do bhriseadh. Is dona an deilt se idir lucht oibre .i. muintir
Muiris Read o Cill Mic Eanna ar naoi bpingine agus lucht
oibre Coiminis Callain ar tri pingine. Acht deanfad-sa
gearan cruadh ar an leathtrom so le daoine eigin móra
deanfas ceart do muintir Coiminis Callain. La breagh
brothallach. Níor airigheas aon la chomh brothallach leis on
mbliadhain se fichiod. Taim fein agus mo sgolairighe ag
leigheadh le teas; taid deighilte agam o cheile. Ta leath a'
bhaile ag snamh; se agus seacht bpingine ar cloicin potataoi.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh
brothallach greine nealtana: gaoth beodha anoir ndeas go deire
laoi, an tan do bhi ciunas romhor agus brothall anmhor: oidhche
brothallach gan puth gaoithe da luighiod: potataoi nua ar se
pingine an cloich. Thugas fein agus beirt daoine uaisle
moran mine buidhe amach do bhochtanaibh Callain ar leath-luach
.i. ar da pingin an pota. Is mor an foirthin se.



An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh brothallach
nealtana greine: gaoth beodha anoir ndeas go deire, no
cronughadh, laoi, an tan do chiuineadh si go mor "Ní raibh
gal ann don gaoith do croithfeadh barr craimn na mblath":
oidhche ro-ciuin brothallach; potataoi nua ar cuig pingine
an cloich.



An deicheadh la ficiod .i. dia haoine. Fearthainn na
Feil Seain. Maidin nealtach breagh bog: gaoth beodha aniar
ndeas. Ceofran um deich ar maidin, nior sheasadh se acht
beagan moiment. Is e biadh bhionn agam fein agus ag mo
mhuintir .i. biadh teith .i. leite mine coirce deanta ar bainne
ar maidin, aran cruithneachta agus baine ag buile a clog;
is fionfhuar an proinn meadon-laoi so, agus potataoi agus
feoil, no im, um deire laoi mar chuid san bfiunnfuaire: cioth
trom leathuair d'eis an deich, le da bhlaodhm toirnighe: feachaid
na nealta go dorcha: clagairneach trom on t-aon bhuile deag
go meadhon lae .i. ar feadh uaire; brothall na dhiaidh san:
ciunas romhor, nil gal gaoithe ann: seo na ciothain agus na


L. 316


trom-cheatha tabharfas biadh nua asteach gan mhoill: potataoi,
nua agus sean, ar chuig pingine an cloich: is mor an tuitim se
an aon seachtmain amhain o seacht bpingine go leith: blaomana
toirnighe, teas agus tromchlagadh um ceathair a clog ar feadh
leathuaire gan gal gaoithe: deire laoi greine nealtana: gaoth
ciuin aniar. Is niamhrach aigheadh na tire anois. Deantar na
carnain cloch nios lughadh anois do muintir a' Choiminis,
tuillean siad se pingine sa lo. Ni raibh diobhail san ccala-
ghaois gcalaois do chur an iul ar an maor mallaighthe noch do
bhi ag faghail allas a ccroidhe 's a maillighe gan luach saothair.
Taid mo chuid se potataoi ag fas go h-iongantach.



An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia satharn .i. oidhche
Lughnasa. Maidin geal greine; speir gan ceo gan neal
ar neamh do thaisbeanadh ard na gaoithe: beag-tuile buidhe
san Amhain. Potataoi nua ar tuistiun; sean-photataoi ar
cuig pingine go leith an cloich: deire laoi slamnealtach:
gaoth ciuin aniar ndeas Seo deire le Buidhemis na gorta,
iúl na gorta: Amen. Oidhche mion-fearthana on t-aon
bhuile deag suas.



MI LUGHNASA. 1830: Lughnasa lionmhar lanteann. An chéad la .i. la
Lughnasa .i. dia domhnach. Maidin tromnealtach d'eis oidhche
siorfearthana caoin cneasta ciuin: gaoth aniar ndeas. Si seo
fearthainn na feil' Seain, agus is e a beatha agus a slainte
cugainn; oir is i an fearthainn fial failteamhail fior-oinneachamhail
i; si cuirfeas fuinneamh a bfear, feile a mban; ciuineas a
ccailleach cannranach, caoineas a ccaille drantanach, caoimhe a
ccaillin cailce ciabhlag, laidreacht a lan-aos liath lag, brigh i
mbuachail baramhail, lig a leinibhin geanamhail, bainne ag bo
bleacht; an saoghal faoi shogha go h-aoibhin; agus mise féin ag
sgribhinn: braoighilleadh .i. clagadh .i. goth trom ag seacht a clog; gal
greine go grod na dhiaidh san: la geal greine nealtana sliabhghlan:


L. 318


gaoth beodha um meadhon lae aniar ndeas, deire laoi
seidteach nealtach tirm fionfhuar: gaoth nach beag anfadh aniar
ttuadh. Cuirfeadh seo cruithneacht luidhte tre na cheile:
cioth ag naoi a chlog le gaoth garoideach. Do sgaipeadar
na nealta, siud an re an ardaibh neimhe. Do maoladh an anfa.
Is caoin e an ciuineas: clagadh le gaoth glorach aniar ndeas
um an t-aon bhuile deag. Nior seasadh se go meadhon
oidhche.



An dara la .i. dia luain. Maidin soinninne nealtach
galgreineach: gaoth glorach beodha fionfhuar aniar ndeas.
Is iongantach bogadh agus lubadh arbhair da chrothadh ag an
ghaoith: cuig pingine go leith ar cloichin potataoi nua: deire
laoi geibhreamhail gaothmhar.



An treas la .i. dia mairt. Maidin geal greine gan neal
gan ceo: la breagh bog tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: deire
laoi nealtana greine ciuin.



An ceathramha la .i. dia ceadaoin. Maidin nealtrom
dorcha fliuch ciuin, d'eis oidhche siorfearthanna: clagadh ag
se a clog ar maidin: claodach ag rith treas an rianan, cia
go bhfuil rianan faoi talamh ar gach taobh den tsraid: gaoth
ciuin anoir le ceofran ag seacht a clog ar maidin, braoighealladh
ar feadh na h-oidhche, o meadhon-oidhche suas: gal
greine ag an t-aon bhuile deag, acht do tiubhadar na nealta
go grod da eis sin: deire laoi nealtach geimhreamhail: gaoth
fuar beodha attuadh.



An cuigeadh la .i. diardaoin. Maidin geal greine gan
neal gan ceo, go h-ocht a clog, an tan d'eirigheadar tan-nealta:
gaoth fionfhuar aniar ttuadh le ceofran um naoi na
clog. La tirm fuar nealtach: moran daoine mora ag teacht
abhaile o cathair Pairis na Fraince. Ta coga idir Righ na
Fraince agus a daoine. Deirthear gur ab e an Righ ata san
eaccoir. Ta bliadhain is da fichid o d'eirig coga idir lucht


L. 320


na Fraince agus a Righ lear chaill se a ceann. Laoiseach .i.
Lughadh an se deag dob ainm do. Ba ceart go mbeadh
ciall nios fearr ag an Righ se .i. Cathaoir an deich. Bhi
lucht Pairis agus Fiann na cathara, agus da cath ar taobh na
ndaoine; agus an Fiann Rioghdha ar taobh an Righ. Bhi
marbhadh mor eattarra. Deirtear liom go bfuil siothchain
anois aris a bParais; acht ta eagla mor orm gur gearr
do beidh ma cuirean an Righ roimhe a saoirchairt do chur sios.
Do chuir se daoirse ar an ccairt-cantaoir. Chuir seo ar
buile na daoine. Go seola Dia ar a leas e sin agus iad san.
Is mor an diobhail do deanfadh coga don creideamh caitiliceach
mar do rinn ceana, oir do caill na milte sagart agus daoine
naomhtha eile a ccinn, re linn an coga meirleachamhail sin Righ
Laoisigh. Bha sgolairighe na n-ard-sgoil ar taobh na ndaoine,
mar ata, abhar leagha agus abhar taithliag: is fiadhain faobhrach
na h-oganaigh iad so.



An seiseadh la .i. dia haoine. Maidin nealtana breagh
bog aoibhin aorach ciuin caoin cneasta cumhra: daoine mora
ag dul tar braghaid. Is comsamhail gur ab on bFrainc ataid
ag teacht ar cosanairde ar eigionn o coga na ccarad. Se
sgillinge deag ar bairle coirce nua.



An seachtmhadh la .i. dia satharn. Maidin tromnealtach:
gaoth ciuin andeas; fuaire na fearthanna san gaoit: maidin
ceofrain go meadhon lae: clagadh ag buile a clog, ar feadh
leathuaire: daoine mora ag dul tar braid ag rith ar eigin
on bhFrainc. Cioth trom ag tri a clog: cuig pingine ar
cloichin potataoi nua: taid siad ar tri pingine go leith a
cCill Cuinne: baile beag gann Callain a' clampair andiu:
deire laoi ceathanach ceofranach: gaoth ciuin anoir: cioth
trom ag cronughadh lae: oidhche ciuin ceathánach bog.



"Leitir caoil mar d'fhasas coll, Agus sos abhan do


L. 322


chreacadh air ló, Deanta ar uaisle an mhiotail bhuidhe. Bain
as ainm an Ríoghmná sa cló" .i. Eibhlionor .i. l-lion-or.



"Giolla geal gabhan dubhdeoch, íoraoi an ghuib-ceoil gallda
Mac den ghiolla glas fadphipeach: is deimhin ar druim laoi
labras" .i. cleite gé .i. peann sgribhin (ni tuigim fo-fhocal
san rann so).



Leighim gur ab eigin do Righ na Fraince, Cathaoir an Deich
rith o Pairis. Ta se ar sodar cum Sasana. Ni bacfar leis
an Frainc d'fhagann chomh luath agus is feidir leis. Beidh
Taoiseach Oirlean (tá se na ard-ceann ceana) na righ an a
ionad, is doith liom. Is iongantach an aistriughadh se.
Marbhadh tri mile ar taoibh an Rig, agus se mile fear ar
taoibh na ndaoine, .i. naoi mile fear ar fad a bParais. Bi
an marbhadh so ar siubhail ar feadh tri la agus da oidhche, an
27adh, 28adh agus an 29adh de Buidhemis .i. dia mairt, dia
ceadaoin agus diardaoin. Nior chuadh lagadh urra acht ag
troid d'oidhche agus de lo ar feadh na tri la sin. Is ar feadh
an da oidhche is fearr do theigheadh muintir na cathrach ar a
n-aigheadh a ccoinne na saighidiuirighe, oir is aca is fearr
do bhi eolas na sraideann cama, agus na lanaighe salacha
agus na cuinnighe caca, agus na poirsighe dorcha. Do bhriseadar
suas na sraideanna cum clocha pabhail d'fhaghail, cum
a ccaitheadh leis na saighdiuirighe, o fuinneoga, o cuinnighibh
o ballaightibh deanta trasna na sraideanna leis na clocha
pabhail. Bhi ocht mile deag guna ag muintir na cathrach, i
bhfochair picighe, cloidhte cloidheamh, sgeana, clocha agus
gach uile gne arm dob fheidir d'fhaghail. Is iad gunaighe
mora na saighidiuirighe is mo do leag mu intir a' bhaile do ló.



An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La aoibhin aorach ciuin


L. 324


lomarnealtach bog: gaoth roichiuin attuadh. Is mor an la
aibithe arbhair é; is ni taire dos na potataoi e.



An naomhadh la .i. dia luain. La breagh bog lomarnealtach
dorcha ciuin tirm: gaoth ciuin anoir ttuadh: cuig pingine
go leith ar cloichin potataoi nua. Nil aon duine uasal ag
cur cise potataoi nua asteach anois cum luach na bpotataoi
do leagadh: deire laoi slamnealtach ciuin: gach dath da
niamhraighe ar nealtaibh. Ta cuma breagh socair ar an aimsir.



An deichmhadh la .i. dia mairt .i. le Feil Labhrais. Maidin
geal greine gan neal, gan ceo, gan gal gaoithe. Cuig pingine
go leith ar cloichin seanphotataoi; tuistiun agus leathphingin
ar potataoi nua: meadhon lae slamnealtach: trathnona
lomarnealtach; deire laoi slamnealtach greine caoin ciuin
aoibhin aorach nealdearg: gaoth ciuin anoir ttuadh. Is ro-breagh
an la aibighte e, is ni taire don oidhche e a caoineas
a ciumeas a caomhas.



An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin dorcha
ciuin tromnealtach, an gaoth an ard na fearthanna .i. budh
dheas, agus fuacht na fearthanna ann. Crom se air ag
fearthainn ag ocht a clog, agus do lean air gan traocadh go
meadhon lae, an tan do taineadh soinean le gaoth ciuin aniar
ndeas. Is mor chuirfeas an fearthainn se ar ccul na barraighe,
acht potataoi amain: gaoth glorach beodha fionfuar
aniar ndeas um cronughadh lae. Is mor ata cruithneacht na
luighe agus tre na ceile. Ma tagann nios mo anfa, beidh si
treasgarthadh cum talmhan; acht is ag Dia ata leigheas gac
lot.



An dara la deag .i. diardaoin. Maidin tromnealtach
dorcha d'eis oidhche fearthanna: maidin greine d'eis ocht a
clog le lomarnealtaibh 'na ttulchaibh: gaoth ciuin aniar ndeas
le gealain sgailinighe agus ceathain: deire laoi soinninne,
deargnealta roailne san ard siar thuadh d'eis luighe greine;
is comhartha breaghacht so.



An treas la deag .i. dia haoine. La aoibhin aorach speir-ghorm
lomarnealtach greine: gaoth ciuin aniar ndeas: la


L. 326


mar an cceadna go cuig a clog an tan thuit cioth trom ar
feadh ceathramha uaire.



An ceathramha la deag .i. dia satharn .i. oidhche feile Muire
mor sa bfobhar. Maidin aoibhin aorach greine lomarnealtach:
gaoth ciuin aniar: la mar an cceadna.



An cuigeadh la deag .i. dia domhnach .i. la Feil Muire mor
sa bfobhar. Maidin breagh bog nealtana greine: gaoth
ciuin aniar: ciothainin ag do a clog um trathnona: la breagh
fionfhuar go deire: gearadh cruithneacht ande.



An seiseadh la deag .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach
greine slamnealtach ciuin. Is breagh an maidin fobhair i.
Ta fo-dhuine ag gearradh aniu. Gearr Uilliam Ua Aithiaruin
cruithneacht dia satharn se gabh tarainn, laimh leis an Amha
Beag. Seachtmhain gnothach i seo le cumna De, ma bionn si
teith tirm: deire laoi ceofran: cronughadh lae tromnealtach
ciuin: oidhche tirm soinninne.



An seachtmhadh la deag .i. dia mairt: cuig pingine ar
potataoi. Maidin aoibhin aorach speirghlan greine, gan
neal gan ceo: la lomarnealtach greine tirm: gaoth ciuin
aniar ttuadh: deire laoi ciuin caoin speirglan greine.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach speirghlan greine, gan neal, gan ceo, gan gal gaoithe
do croithfeadh barr croinn no bláith. Chidhim o Cnocan an
Eithig ag Ceann a' Fatha tri staca cruithneachta ar ghort Uilliam
Ui Aithiaruinn, cois Amha Bige. Ta fo-ghort 'na stuagaibh
agus fo-ghort da ghearradh. Is teith e cia nach brothallach:
la breagh mar an cceadna. Chuadhadar na sgolairighe ag
snamhadh ag do a clog: fo-neal eattrom ag deire laoi:
buanaidhe .i. fear corain ag imtheacht ar dha thuistiun san
la. Is ro-bheag an tuarastal so, la fobhair.



(Hybla .i. ibh blath ainm tri aiteanna an oilean Sisil
Sicile mara mbion ainiomad meala. Is ionann Hybla .i. ibh
bhláith agus tir-na-mblath, ait ar gnathach mil do bheith:)


L. 328


(Hymettus .i. ibh meadh .i. tir meala, oir is o mil deantar
meadh.)



An naomhadh la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach
speirghlan greine gan neal, gan ceo, gan gal gaoithe. Ta an
gluineach .i. galar na nglun ar cuid den cruithneacht a
mbliadhna, agus an galgorm ar an lion. La aoibhin aorach.
ciuin speirghorm slamnealtach greine. Bhi fearthainn trom
a cCallain seachtmhain is la ande .i. dia ceadaoin, an t-aonmhadh
la deag; acht ni raibh ann acht ceofran a ccomhsamhlacht le
dorta na dilionn noch do bhi idir Inis-Ceathlain agus Sligeach
san oidhche. Do sguab se feur na moinfearthaibh guirt
potataoi, arbhar, lion, etc., o portaibh na n-amhan, na cclaodacha
agus na ngaisibh. Do sguab se tri droichid leis ar bothar
Sligeach, agus ainiomad droichead ar bothar --------
acht foraoir cruadh craite, do sguabadar na claodaighe
cuthacha na daoine beo leo, agus na corpaibh marbha as an
reilg ar a nglaodhaid Pobul. Do rug se muilleann leis
bun barr ag Cleigín. Bhi blaodhmana toirnighe agus teinnte
aeir ann. Da tuistiun sa lo ag spailpinighe bochta.



An feichmheadh la .i. dia haoine: marga na muc, nior
dioladh acht aon mhuc amhain. Maidin aoibhin aorach sgamall
eattrom ciuin gan gal greine, gan gal gaoithe: la mar an
cceadna: deire laoi bog brothallach dorcha. Is mor an la
aibighthe e. (sgamall .i. sgath-bhall .i. néal .i. neamh-all
.i. ball ar neamh, noch do ghnid sgath no sgail no sgailin)
ceofrán um naoi a clog san oidhche.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia satarn .i. la aonaig Callain
.i. aonach na Feil' Labhrais; oir is e se sean-la-feil Labhrais:
bhi agus ta tri sean-aontaigh a cCallain, mar ata: aonach
na feil' Seaghain ar la Feil' Seaghain beag, .i. sean-la Feil
Seaghain beag .i. an deichmadh la de buidhemis na gorta: an


L. 330


dara aonach, i ccomhghairm an lae se .i. sean-la Feil' Labhrais,
agus an treas aonach .i. aonach na Feil' Michil, .i. sean la
Feil' Michil .i. an deichmheadh la d'Fuidheall-fobhair.
Taisbeanann so go rabhadar na h-aontaighe reamhraighte se ar
bun sul nachar aistrigheadh na h-amanna on sean-aireamh gus
an aireamh-aimsire nua. Maidin aoibhin aorach nealtana
ciuin; la min marbh ciuin nealtach.



An dara la fichiod .i. dia domhnach. Maidin aoibhin aorach
caoin ceobrain: gaoth ciuin aniar ndeas; tromnealta ag
eirghidhe 'na ttulchaibh um ocht a clog: fearthainn caoin na
dhiaidh sin: deire lae nealtach tirni ciuin.



An treas la fichiod .i. dia luain. La breagh bog nealtach
ciuin.



An ceathramha la fichiod .i. dia mairt. La breagh bog
nealtach ciuin: ceathan um do a clog: gaoth ciuin aniar
ndeas.



An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach nealtana greine ciuin: ceathan um do a clog: gaoth
beodha aniar ndeas. Nil acht se pingine sa lo do lucht coran,
agus tuistiun do mnaibh ceangail. Ta an aimsir se fionfhuar
cum an fobhar do aibiughadh go h-obann grod; agus ni gnathach
tuarastal maith d'eis samhra gorta, oir glacaid réaduidhe
bochta aon tuarastal tairgthear doibh.



An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. La nealtach; ceofran
agus ceathan um ceathair a clog. Bhi coinntinn Creidimh idir
Mac Uí Dhuibheannaigh ministeir agus an t-Athair Seaghan
Ua Deabhran san sgoil bocht. Thug an Deabhranach nios mo na
a leor-dhoithin don Dobaineach.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. Fearthainn ar
feadh na h-oidhche: maidin clagairnighe go seacht a chlog le
gaoth ciuin andeas: na dhiaidh san la greine nealtana; deire
laoi speirghorm lomarnealtach ciuin caoin. Is roighean
an fobhar e, agus is bocht do lucht oibre: tuistiun is
leath-pingin ar cloichin potataoi.


L. 332


An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La nealtac tirm:
gaoth fionfuar attuadh. Is fionfhuar an fobhar so; ni raibh
se chomh fionfhuar leam cuimhne, acht san mbliadhain 1817,
an tan do bi seacht seachtmaine deag d'fhearthainn gan traochadh
againn, nach do rinn brath den arbhar sa déis ag fas, no
do dreodh e na luidhe, no d'fhag gan aibiughadh e. Chonnarcas
fein coirce gan aibiughadh da bhuain an cead la den bliadhain
nua, sa mbliadhain nua 1818 .i. bliadhain na plagha agus na
taimhe, ionar chuadh na milte daoine cum bais, de dheasga
biaidh dreoighte leathaba. Biodh siog gorm a lar an bhuillín
agus do bhiodh an bairghinn ag rioth den greidiol an aindeoin
na mna tighe leir bailleach, agus bhadar na potataoi leamh
lag fliuch tamalta gan fuinneamh. Bha sraideanna a cCorca
na gCuan chomh lionta le galar, plagha agus taimh gur ab eigion
balla do togan ag gach ceann diobh, cum nach geobhadh na daoine
slana triota, mar do-gniodhtar san Tuirceis an aimsir plagha.
(Na Criosdaighthe do dheineann e san tTuirceis). Acht mile
milliun buidheacais le Dia mor uile-chomhachtach, nil aon diobhail
ar barraibh na h-Eirionn a mbliadhna, cia go bfuil a
ccruinniughadh mall.



An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin aoibhin
aorach greine: gaoth ciuin aniar: la mar an cceadna.



An deichmhadh la fichiod .i. dia luain. La aoibhin aorach
greine slamnealtach: gaoth ciuin aniar. Chidhim o Cnocan-an-Eithig,
ag Ceann a' Fatha na millte staca arbhair ar na coinnlighibh
loma. Chidhim fo-mhithil ag gearadh. Is beag gearrtha
ar na barraighibh glasa amach fos; is beag nach bhfuil se gearrtha
ar gach magh is maolchnoc. Bhi neascoid mor dearg orm le
naoi la: ta se briste o diardaoin, acht ta se tinn fos.



An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia mairt. Maidin
aoibhin aorach greine slamnealtach speirghorm: gaoth ciuin
aniar: daoine ag tarlodh .i. ag tarang arbhair abhaile cum na
h-iothlanna. Is aoibhin adhbarach an deire fobhair fionfhuar


L. 334


e: duistiun is leathphingin ar cloichin potataoi: cuig pingine
deag sa lo do lucht corain, dia satharn ande is andiu; mas
maith e, is mithid e do na bochtanaibh.



MI MEADHAIN AN FOBHAIR .i. MEADHON FOBAIR 1830.
An cead la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach nealtach
gan gal greine: gaoth ciuin aniar: cia go bhfuil barraighe na
sliabh glan gan neal gan ceo: gach gort timcheall Callain
gearrtha; acht ni chidhim aon gort ar na barraighibh glasa,
.i. ar na cnocaibh, gearrtha fos: la nealtach dorcha ciuin:
lucht oibre coimhccrich ag fagbhail na h-aite se, ag dul ar na
barraighibh glasa amach; deire agus cronughadh lae nealtach
ciuin.



An dara la .i. diardaoin. Maidin tromnealtach dorcha:
fo-bhraon le gaoith fionfuar aniar. Nil acht beagan spailpinighe
ar crois an mharga, agus beagan tógbhála ar an mbeagan
so fein: la mar an cceadna: ceobhran san maidin, un
meadhan lae agus trathnona: do glan aigheadh neimhe beagan
d'eis an tri. Ta suil agam go mbeidh oidhche speirghlan
againn cum urdhubhadh na gealaighe d'fheicsin, noch do seasochas
tri h-uaire go leith, .i. o - moimein d'eis a h-ocht go -
moimeint d'eis an t-aon bhuile deag: oidhche lomarnealtach
slamnealtach agus tromnealtach. Is olc an oidhche i cum
feachainn ar an ngealaigh da h-urdhubhadh: gaoth fionfhuar aniar.



An treas la .i. dia haoine. Maidin nealtach tirm: gaoth
fionfhuar beodha aniar ttuadh: meadhon lae lomarnealtach
greine: deire laoi slamnealtach greine: oidhche ciuin speir-ghlan
gealaighe.



An ceathramha la .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach
greine slamnealtach speirghorm ciuin. Ata suil le Dia
agam go bhfuil samhra beag na feil Michil ag teacht anois:
meadhon laoi greine: trathnona agus deire laoi nealtach


L. 336


ceofranach ciuin: cronughadh lae agus tosach oidhche
mion-ceathanach: gaoth glorach aniar.



An cuigeadh la .i. dia domhnach. Maidin ceathanach nealtach:
gaoth beodha fionfuar aniar: la gaothmhar, oidche gaothmhar
garoideach tirm nealtach.



An seiseadh la .i. dia luain: tugas deich sgillinge do
lucht an coiste. Maidin nealtach garoideach d'eis oidhche
gaothmhar: gaoth fionfhuar aniar ttuadh. Taim ag imtheacht
go Baile-atha-cliath andiu ag ceannach earraigh. Go seoleadh
Dia ar mo leas me! Amen, a Thighearna. La ceathanach go
deire. Bios a mBaile-ata-cliath ag naoi a clog san oidhche
d'eis Callain d'fhagann ag naoi ar maidin: coirce da ghearradh.



An seachtmhadh la .i. dia mairt. La aoibhin aorach nealtana
greine: gaoth ciuin aniar. Ceannuigeas earraidh andiu.



An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach nealtana
greine go cronughadh lae an tan d'eirighidheadar tromnealta
le gaoth ciuin aniar ndeas: oidhche siorfearthanna.



An naomhadh la .i. diardaoin. La aoibhin aorac nealtana
greine d'eis oidhche mionfearthanna: gaoth ciuin aniar. Cathas
mor-cuid den la ag feachain ar luingeas. Is iongantach na
tonnta noch a eirgheas le rothaibh na gal-luingeas; is mor a
ndeatach, agus is borb fuaim garbh an gail ag imtheacht d'eis
stadtha don luing. Oidhche breagh bog ciuin tirm.



An deichmhadh la .i. dia haoine. La breagh: gaoth fionfhuar
aniar ndeas. Tangas abaile ar coiste go Cill Cuinne ar se
is raol: siubhlas abhaile o Cill Cuinne go Callain. Bios am
thigh ag naoi a clog d'eis Baile-atha-cliath d'fhagann ar
seacht ar maidin.



An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. La nealtach: gaoth
fionfhuar aniar ndeas: fearthainn ag ceathair a clog: ceofrain
um deire laoi: oidhche ceathanach.



Chuala, diardaoin se ghabh tarainn fonn da imirt ag aoisciuil
san ccaislean a mBaile-atha-cliath, noch ba comhsamhail le ceol


L. 338


diabhluidhe. Bhiodar na dordáin mar cráin ag cronan da
cloinn: bhi ceol an pipin ceolgothach mar sgreadadh bainibhinighe
oga; bhi ceol an feadain mar breim muchta, na stuic
agus na buabhaill mar gartha diabhail agus an piastdubh mar
osnadhal na ndeamhain, an trombhuabhal mar gair garbh na ccorr.
Ni raibh se caoin mar comhgaidhiol na ccorr; agus badar na
morfheadain mar sgreadadh filibinighe miog agus traona;
nior comhsamhail le ceol caoin binn croidh-coraighteach na
ngaoidhal e.



An dara la deag .i. dia domhnach. La nealtach: gaoth beodha
a ttuadh da ard siar.



An treas la deag .i. dia luain. La ceathanach nealtach:
gaoth ciuin aniar: deire laoi agus tosach oidhche ciuin
neal-eattrom: moran tuibhe, beagan tora a ccruithneacht an a
lan d'aiteannaibh: ta si cuibheasach an a lan d'ionadaibh:
ta an coirce go maith.



An ceathramha la deag .i. dia mairt. Maidin aoibhin
aorach speirghlan greine: meadhon agus deire laoi ceathanach
ceofranach: gaoth ciuin aniar ndeas: potataoi matha ar tri
pingine go leith an cloich: cruithneacht nua ar ocht fichiod an
baraille a cCillchuinnigh.



An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin nealtach
galgreineach ciuin: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar
ndeas.



An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin greine lomar-nealtach:
gaoth ciuin aniar ndeas. La slamnealtach fionfhuar.
Bhi mo mhac is sine, .i. Donnchadh Ua Suiliobain, tinn le
dunntacht o domhnach. Tug me purgoid sgaoilteachta dhó
ar maidin ande, noch do chaith se suas gan mhoill. Thugas
purgoid eile areir do noch do chomhad se ar a ghoile, acht nior
dhein se aon comhair do. Tugas clistar do um naoi a
clog anocht, agus do sgaoil se air faoi dhó. Bhi aosog


L. 340


a' bhaile ag teacht na daill (vulgo dainn no doinn), agus is
maith an naoi air, oir is e an t-oganach cneasta
seimh e fein. Tangadh na h-earraidh abhaile andiu chugam o
Baile-atha-cliath; is breagh an last iad.



An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin nealtach tirm
ciuin: la ceathanach o buile a clog suas: gaoth ciuin aniar. Is
beag de bhlaith na sgeimh na h-oige ar an mac is sine agam le
mighlightheacht.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtach:
gaoth ciuin aniar. Donnchadh mo mhac go tinn.



An naomhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin siorsteallaidh
fearthanna: gaoth giuineach andeas; meadhon lae agus trathnona
siorstealla: deire laoi slamnealtach greine: gaoth
ciuin aniar. Ni misti-dhe na potataoi an folca so d'fhagháil.



An fithcheadh la .i. dia luain: is ionnan la agus oidhche
andiu. Maidin speirghlan ciuin go h-eirghidhe greine, nealtach
'na dhiaidh san: ceatha o am gu h-am ar feadh an trathnona
agus deire laoi: gaoth ciuin aniar ndeas.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt. La ciuin ceathanach:
gaoth ciuin aniar ndeas.



An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. La ciuin ceathanach:
gaoth andeas: oidhche siorsteallaidh.



An treas la fichiod .i. diardaoin. Maidin anfa aintrean
aniar: lomarnealta da sguabadh ag an gaoith; an grian
ag taithneamh. Si seo romhta na Feil' Michil (romhta .i.
robhadhta): deire laoi speirglan ciuin: oidhche ceathanach.



An ceathramha la fichiod .i. dia haoine. Stealla ag breacadh
an lae: la tirm gaothmar aniar na dhiaidh sin.



An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin tirm
slamnealtach ciuin. Ta suil le Dia agam go bfuil robhadhta
na Feil' Michil tarainn: gaoth beodha aniar ttuadh:
mion-ceathain o am go h-am: Donnchadh ag tearnodh o na taom
tinnis go mall: oidhche tirm ciuin.


L. 342


An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin bog nealtach
ciuin tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: la nealtach ciuin. Ta
an cuid is mo den tarlodh deanta. Is ar eigin bhios ar fatha
an aonaigh tri uaire le cuig seachtmhainne.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. La mar an la ande
.i. breagh bog tirm ciuin.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt .i. oidhche Feil' Michil
na ngeadh. La breagh bog lomarnealtach ciuin: oidhche aoibhin
aorach ciuin.



An naomhadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. la Feil' Michil
na Ciosa; oir ata an cios bainte andiu ar urmhor na h-Eirionn.
La breagh bog nealtana greine: is e seo samhra beag na Feil'
Michil.



An deichmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin breag bog
ciuin nealtach: la mar an cceadna: gaoth ciuin andeas um
cronughadh lae, le ceofrainin caoin.



FUIDHEALL FOBHAIR 1830. An cead la .i. dia haoine.



Maidin ciuin bog nealtach: la greine: oidhche aoibhin aorach
gealaighe: urmhor a duthcha ag sgothbualadh cruithneachta;
an-bhile de ag a diol a cCluain Mealla, a bPortlairge,
a cCaraig na Siuire, agus a cCill Cuinnigh agus is na muiltibh
ar gac amhain. Nil gal gaoithe ann do chroithfeadh barr croinn
na mblaith. Cluinim an feadog san oidhche ag ceann a fatha.



An dara la .i. dia satharn. Maidin ciuin bog nealtrom;
fearthainn ciuin mall gan traochadh o mheadhon lae suas go
cronughadh lae: oidhche nealtach gealaighe: gaoth ciuin aniar.



An treas la .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach;
oidhche tan-nealtach gealaighe: gaoth fionfhuar aniar ndeas.
Cluinim an fheadog ag Ceann a Fatha.



An ceathramha la .i. dia luain. La breagh bog nealtana
ciuin: oidhche mar an cceadna: samhra beag na Feil' Michil.



An cuigeadh la .i. dia mairt. La breagh nealtach ciuin


L. 344


tirm bog. Ta cogadh millteach idir Righ na Tire-iochtarach
agus cuid da mhuintir, noch ata 'na ccaitilicighe. Is Protestant
.i. Cailbhineach e an Righ agus an cuid eile da muintir,
noch a chomhnuigheas a tTir-fa-tuinn, .i. a mBaiteamaigh. Bhi
bualadh borb ar feadh tri la eattartha a ccathair Brusel
an ceathramha la fichiod an cuigeadh la fichiod agus an seiseadh
la fichiod de mhi se ghabh tarainn .i. mi Meadhain-an-fobhair
.i. dia haoine, dia satharn, dia domhnach; dia luain dob' eigin
do saighdiuirighe an Righ an toir do ghlacadh a ceann Aintuerp.
Bhuadhadar na daoine ar muintir an Righ ag Ostend agus an
iliomad d'aitibh eile le bualadh (bello) borb. Ta cuid den
Arm ag ionntodh cum na ndaoine. Taid na h-oifigighe ag
rith le n-a n-anam. A ccathair Brusel marar thosnaidh se,
bhi clocha na sraide da ccaitheamh amach as fuinneogaibh. Bhi
ola tinnteach da stealladh, aol beo da seideadh, agus da
sgaipeadh. Bha sop ar seide an gach sraid oir do leagadh
tuibhe agus baruighealach ann sna sraidibh noch do cuireadh
tre teinne faoi cosaibh na saighidiuirighibh. Bha falai cloch
agus diogai lionta le h-aol treasna na sraidibh. Ta
stiuireathoirighe os cionn na ndaoine anois agus Cisteoir ag
bailiughadh airgid cum an cogadh do coimhead suas a ccoinne
an Righ Gallda Uilliam Oirins. Ta muintir Hanobher
Brunsuic agus Sasana, ag eileamh a ccirt .i. saoirse. Is
iomdha fear ag ardughadh a gotha le Domhnald O Connaill anois,
treas an Eoruip, shoir shiar thuadh agus theas. Go mbuadh'
Dia leis!



Ta "treabhadh beag" da dheanabh anois ag sgologaibh ar
branaraibh samhra, ag crothadh suas na talmhan roimh siolchur
faoi ramhan. Si seo an ceathramha treabhadh noch do gheibheann
branar samhra: .i. an cead treabhadh, treabhadh as coinnleach;
an dara treabhadh .i. gorail no treabhadh treasna; an treas
treabhadh .i. aithionntodh; an ceathramha treabhadh .i. an treabhadh
beag roimh an siolchur raimhne; agus faigheann se fuirse


L. 346


andiaidh gach treabhadh, acht an treabhadh beag amhain. Muna
le ramhan cuirtear e, cuirtear an siol faoi an treabhadh beag;
acht is siolchur faoi ceachta goirtear den treabhadh beag ann
sin: a ttalamhaibh bochta roighne cruaidhe craite, tugtar
treabhadh is fuirse no do eile dho. Is mor an saothar so ar
sgologaibh agus ar a n-eallach oibre.



An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog nealtach
ciuin.



An seachtmhadh la .i. diardaoin. La aoibhin aorach speirghorm
greine, breagh bog ciuin: samhra beag na Feil' Michil e.



An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Maidin bog ceofrain:
La breagh bog ciuin nealtach. Nil gal da luighead ann: tosach
oidhche. ciuin duibhre: deire oidhche gealaighe: moran
ceannuightheoirighe muc againn.



An naomhadh la .i. dia satharn; la aonaigh na muc:
drochaonach, oir ni raibh na muca ann.



An deichmhadh la .i. dia domhnach. La nealmhar: gaoth
fion-fuar ciuin anoir ndeas.



An t-aonmhadh la deag .i. dia luain: la aonaigh na Feil'
Michil. Maidin tromnealtach: gaoth fionfhuar ciuin anoir
ndeas: la breagh bog tannealtach: luach maith ar gach earra,
agus ceannach mear.



An dara la deag .i. dia mairt. La breagh bog nealtach:
gaoth ciuin andeas.



An treas la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog nealtach:
gaoth ciuin andeas: daoine ag tosach ar potataoi do bhaint
agus do chlasughadh: beagan tuarasdail do lucht oibre; oir is
feidir siolchur faoi ceachta do dheanamh a ttalamh trom, mar
ba gnath roimhe seo siolchur faoi ramhan.



An ceathramha la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealtac:
gaoth ciuin andeas.



An cuigeadh la deag .i. dia haoine. Maidin speirghlan:
gaoth ciuin anoir ndeas: meadhon agus deire laoi nealtana
fionfhuar: gaoth ciuin anoir: samhra beag na Feil' Michil.



An seiseadh la deag .i. dia satharn. Maidin nealtana


L. 348


ciuin bog: la mar an cceadna: gaoth ciuin anoir ndeas:
da pingin go leith ar cloich potataoi: ceofran um urtosach
oidhche.



An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin nealtana;
la mar an cceadna: gaoth ciuin anoir ndeas: ceathair is
raol sa tseachtmhain do lucht oibre.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain. La nealtach: gaoth
ciuin andeas. Ta an siol noch do cuireadh ag meath d'iuireasba
uisge no fearthanna. Ta eagla ar daoine potataoi do chur
asteach, oir nil aon criadh an eachrann doibh da mbaint. Is
mor theastuigheann fearthainn, agus is gearr uainn í; oir
chidhim tromnealta dubha ag eirghidhe le gaoth andeas.



An naomhadh la deag .i. dia mairt. La go n-oidhche fliuch .i.
la siorfearthainn d'eis oidhche siorbhaistighe: gaoth ciuin andeas.
"Gaoth andeas bionn si tais, is cuireann si rath ar sioltaibh."



Oidhche bog noch do chaitheas go solasach a ttig Michil Ui Icidhe,
ag ithe mairtfheola meithe agus caoirfeola cumhra, agus ag
ol sgailtin milis laidir go meidhreach, go meadhon oidhche, a
bfochair sagairt a' pharoiste, agus Risteird Codlatan
.i. Ui Codlatáin nó mhic Chodlatáin, agus fear a' tighe agus
a bhean noch is siur don tsagart.



An fithcheadh la .i. dia ceadaoin. Maidin caoin ciuin,
fearthainn go meadhon lae, an tan do taineadh soinneann
la gaoth ciuin aniar ndeas: taid na nealta ciara 'na ttrom-luidhe
ar Sliabh na mBan Fionn, agus ar gach cnoc is sliabh um
timchioll.



An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin baistighe
d'eis oidhche fearthanna: gaoth ciuin aniar ndeas: taid na
ciarnealta 'na ttromluidhe ar gach sliabh is cnoc: soinneann
o deich a clog suas, acht ataid na ciarnealta go n-a
n-iarballaibh ag liobarnadh ar na mor-sliabhaibh ag triall go
min mall aniar ndeas. Ta tuille trean go bruachaibh na
bpairc san Amhain.



An dara la fichiod .i. dia haoine. Maidin ciuin ceofrain
d'eis oidhche siorfearthanna. Ni feichim ceathramha mile le


L. 350


neart ceo. Ta fearthainn go leor anois againn: an
t-easbog againn andiu.



An treas la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog ciuin
nealeattrom tirm: gaoth ciuin aniar ndeas. Chidhim aon
mithilin beag amhain ag baint potataoi. Cheannuigheas se
clocha deag potataoi lumpai ar da phingin an cloich, agus
ceithre clocha cupaoi ar tri pingine an cloich. Bhi an t-easbog
caitiliceach againn ande .i. an t-ollamh diadhachta Cinnsille
O Cinnsealaigh, ag reidhteach idir an sagart paroiste Seamus
Heinneibeire de Henebre agus an t-Athair Sean Ua
Deabhran Deoráin, noch do chuir nidhte airighthe a leith a
shagairt paroiste le spreagughadh Risteird Ua Meachair,
fear siopa; acht do chuir ------ agus maithibh an bhaile an
Deabhranach ar a chul a lathair an easbuig, noch adubhairt go
raibh cion is meas ag muintir a paroiste ar a sagart paroiste
.i. Seamus Heineibeire, agus gur thuill se uatha e. Is mín
modhail an duine e ar ttighearna easboig. Bhi cruinniughadh
eile againn a ttaobh na sgoile no an sgoil bhocht, agus do
socair an t-easbog idir na caitilicighe agus na sasanaigh
a ttaobh na sgoile.



An ceathramha la fichiod .i. dia domhnach. La nealtach
tirm: se sgillinge no coroin is raol sa tseachtmhain do fear
raimhne ag trinseaghail cruithneachta: la ciuin sraid-salach.



An cuigeadh la fichiod .i. dia luain. La tirm acht ceathan
no do. Bhadar na spailpinighe ag troid ag an crois a ttosach
an lae so luain. Bi tarbh da bualadh ag conairt agus greathain
grana an bhaile. Caitheas ceadlonga no ceadshlogan breagh
a bfochair Lomhras Grén: gaoth ciuin aniar.



An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach
speirglan greine: gaoth beodha tirm aniar ttuadh: la mar
an cceadna.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La nealtach
tirm: gaoth ciuin aniar.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin nealtach
tirm: gaoth glorach beodha aniar: deire laoi ceofranac


L. 352


siltheanach. Chuadhas fein agus fear eile ag iarraidh deirce
cum bean bhocht o contae Ceatharloch do chur san uir. Nil
cuma eile cum comhfrainn caoin clair do chur ar coigcrigheach
bocht i ccrich so na nGaodhal, o thangadar clanna gall innti;
nachar fhada slan ann iad! Is iad do leirsgrios crioch
Eirionn agus clanna Gaodhal.



An naomhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin nealtana
greine d'eis oidhche gaothmhar speirghlan reult solais. La
mar an cceadna: gaoth geur aniar go deire laoi, an tan
d'ionntadh si aniar ttuadh le ciothan.



An deichmhadh la fichiod .i. dia satharn .i. la trosga. Gnuis
na greine go fraochmhar feargach ag eirghidhe di: la nealtach
tirm: gaoth beodha aniar: ta ceathan ag trathnona. Beaneas
agus tugas a bhaile mo cuid potataoi. Ta cuig bairille deag
agam, mor is mion (fiche cloch cum an bairile). Is maith
milis iad.



An t-aonmhadh la deag ar fichiod .i. dia domhnach .i. oidche
Samhna. La aoibhin aorach nealtana: gaoth ciuin aniar. Is
ionann Samhain agus samh-fuinne no samh-mhuin .i. fuinne no
muin .i. deire an tsamhra .i. ratha ráithe na greine; oir is
ionan samh agus grian no Beal.



MI SAMHNA 1830: an cead mhi den geimhra. An cead la
.i. dia luain: La Samhna .i. oidhche Feil na marbh .i. an cead
la den geimhra. La aoibhin aorach greine fo-nealtan: gaoth
ciuin aniar. Sgilling sa lo d'fhear raimhne. Caitheas cuid
den oidhche a ttig an sagairt paroiste, ag ol is ag aoibhneas.
Is mor a cion orm a ttaobh a namhaid do chur ar ccul a laithir
ar ttigearna easboig.



An dara la .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach bog
nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas.


L. 354


An treas la .i. dia ceadaoin: drochmarga muc. La
siorfhearthanna: gaoth ciuin andeas. Um luidhe greine bhi
gal greine ar feadh uainn beag: urtosach, tosach agus
meadhon oidhche speirghorm realtsolais: glaodh na ccoileach
.i. an cead glaodh agus an dara glaodh mar an cceadna; mion
cheathain um deire oidhche.



An ceathramha la .i. diardaoin .i. la aonaigh Callain:
aonach a' mhaga. Ceathain roimh breacadh an lae: dearg-maidin
speirghorm: maidin mar an cceadna, go ham cruitheadh
na mba, an tan taineadh ceofrán le gaoth ciuin aniar:
meadhon lae greine: beagan banaibhe agus muca miona:
fiorbheagan ba agus caoire ar faithche an aonaigh: aonach a'
mhaga go fior e: trathnona agus deire laoi nealtach: urtosach
agus tosach oidhche mar an cceadna: nealta geala san ard
thuadh ag cur gealain oidhche suas uatha (um oct a chlog).



An cuigeadh la .i. diardaoin. Mioncheathan roimh breacadh
an lae: maidin nealtana, galgreine um naoi a chlog le gaoth
ciuin bog aniar ndeas. Is iomdha miothal ag baint potataoi,
agus ag cur cruithneachta faoi clasughadh.



(Seo mar a roinnid muintir na tuatha trathanna an lae agus
na hoidhche I (1) breaca an lae .i. solas "faer le tor":
(2) an chead camaoir don lae: (3) deargmaidin .i. faithinne
an lae: (4) eirghidhe greine: (5) la glan .i. an la geal: (6)
am ceadshlogan do bhriseadh (céadlongadh) vulgo aimsir bricfeast
agus am cruite na mba: (8) maidin .i. o breaca an lae
go meadhon lae: (9) meadhon lae: (10) am proinne, vulgo
aimsir dinear (um bhuile a chlog) (11) trathnona (um tri a
chlog) (12) deire lae: (13) luidhe greine: (14) cronughadh
lae: (15) solas "fear le tor": (16) aimsir chodach (um
ocht a chlug).



II (1) oidhche: (2) urtosach oidhche: (3) tosach oidhche: (4)


L. 356


(a bhfad san oidhche, no laimh le meadhon oidhche: (5) meadhon
oidhche: (6) cead glaodh an choiligh (7) an dara glaodh den
coiligh: (8) deire oidhche nó teacht an lae.)



An cuigeadh la .i. dia haoine. Maidin tromnealtach:
clagairneach coitchean (vulgo coitchionnta) on t-aon bhuile
deag ar maidin go urthosach oidhche: oidhche soinninne: gaoth
andeas.



An seiseadh la .i. dia satharn. Cioth rothrom um naoi a
chlog ar maidin, le gaoth andeas: la soinninne na dhiaidh san.
Tuile trean san Amhain.



An seachtmhadh la .i. dia domhnach. La tirm nealtana ciuin.
Caitheas an oidhche go h-aoibhin, me fein agus morsheisear
eile ag itheadh, ag ol, ag rinnce is ag abhran i ttigh an tsagairt:
oidhche ciuin tirm.



An t-ochtmhadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach,
seaca leithe, greine speirghorm ciuin: leicin oidhre ar
lochanaibh. Cuireas casoigin comhlach ar mo mhac Amhlaoibhin,
agus ceann eile ar Seamuisin, soisear na cloinne. Gabhamar
seilbh san sgoil bhocht andiu. Bhi maighistreas fughala san
cuid shuas de. Ni leighfeadh si asteach sinn
go mba eigion duinn bala bric do leagann, agus doras do
shathadh asteach d'aimhdheoin a glais. Is colgach namhadach
neimhneach an cruiteachan i Fainnche Ni Faolain, an maighis-
treas fughala.



An naomhadh la .i. dia mairt. Maidin breagh slamnealtach
ciuin: la nealtach tirm.



An deichmhadh la .i. dia ceadaoin .i. oidhche Feil' Martan.
Maidin clagairnighe caoitheach le gaoith ciuineach aniar ndeas
claoidighe ag cruaidh-rith sios Sraid Fatha an Aonaigh: ein go
ciuin faoi sgath na ccrann is na ccraobh. Is gnathach fuil
do dhortadh, oidhche Feil Martan; mar ata, fuilge no gandail,
circe no cuilighe eireoige no gearcaighe, lachan no bardail,
muice meithe no mor-mhairt maith, molit muilt moir no
mionain meigiolaigh, no lubhain luthmhair, no caoran caorach


L. 358


caoimhe nó gabhar gioballach, no feola maithe (?) eigin
eile. Is maith an seannos e, agus ba coir a coimhead suas,
ann gach aon ait nach biaidh feol buabhaisteara le faghail, agus
ba ceart do gach sgolog laidir, agus do gach duine uasal
caora no mart no muc, do mharbhadh, agus a roint ar lucht
bothan agus ar bochtaibh De. Ta an spailpin bocht andiu
agus a drom leis an tor; b'fheidir gan a ceadshlogan
chéad-longadh do briseadh.



An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. La nealtach: gaoth
ciuin aniar ndeas.



An dara la deag .i. dia haoine. La ceathanach: gaoth ciuin
aniar ndeas.



An treas la deag .i. dia satharn. Clagairneach caoitheach
le gaoth glorach andeas o meadhon oidhche go naoi a clog ar
maidin: um deire laoi do ghlan an speir le gaoth ciuin aniar
ndeas.



An ceathramha la deag .i. dia domhnach. La breagh greine
nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas.



An cuigeadh la deag .i. dia luain. La tirm go trathnona,
an tan do chrom se ag fearthainn le gaoth ciuin andeas.



An seiseadh la deag .i. dia mairt. Maidin nealmhar:
gaoth ciuin aniar ndeas: daoine ag baint potataoi, cia gur
trom an talamh: la speirghlan greine: oidhche ciuin
realt-sholais.



An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin nealtach
tirm: gaoth geur aniar ttuadh: la greine tirm speirghlan.



An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin geal greine
seaca leithe. "Is fearr sioc na siorfearthainn." Daoine
ag baint potataoi. Is mor teasduigheann aimsir tirm
anois, cum siolchur agus potataoi do bhaint: ta an talamh
cuibeasach briosg, tirm anois. Is aoibhin an la greine go
deire e: oidhche dorcha ciuin.



An naomhadh la deag .i. dia haoine. Maidin nealtach go
naoi a clog, an tan taineadh gal greine: gaoth roiciuin aniar
ndeas: la nealtach tirm beodha. Is iomdha miothal ag baint


L. 360


potataoi; is iomdha capall agus asal da ttarang abhaile:
oidhche ciuin dorcha.



An fithcheadh la .i. dia satharn. Ceannuigheas 5 .. 3 .. 7
potataoi ar da pingin an cloich: deire oidhche gaothmhar
garoideach: anfa anba aniar idir da glaodh an chuiligh le cioth
trom: maidin aoibhin aorach speirghlan greine: gaoth fionfhuar
aniar: deire laoi nealtach gaothmhar garoideach ceathanach.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach: gaoth ciuin aniar
ndeas. La nealmhar tirm os cionn, acht pluideamhail faoi
chois. Ta tri gne arain ag daoine tuatha, .i. aran togbhala;
bairgin breac; aran síl. Caitheas cuid den oidhche go suairc
a bfochair an tsagairt ag baiste.



An dara la fichiod .i. dia luain. Maidin nealtana greine:
gaoth ciuin aniar ndeas: oidhche nealtach dorcha.



An treas la fichiod .i. dia mairt. Maidin ciuin nealtach:
la mar an cceadna: oidhche ciuin dorcha nealtach.



An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin nealtach
dorcha: gaoth fuar fuideach andeas le ceofran: la geimhreamhail
mionfearthanna: oidhche mar an cceadna. Leighim go raibh
anfa anba aniar a nGailibh, noch do sgaip arbhar
iothlanna mar sop caoinligh. Do leag se deatachan noc do
bhris agus do raob tre tri clarlar. Do thiomain se an taoide
asteach a soilearaibh noch do bhadhadh moran daoine a nGaillibh.
Ni raibh an anfa so againne a cCaillain go maidin dia satharn,
idir da glaodh a chuiligh. Is mear do gluais se aniar a nGailibh
ó Ghaillimh chughainn. Bi anfa anba mar an cceadna
a Luimnigh.



An cuigeadh la ficiod .i. diardaoin. Gaoth garoideach le
fearthainn andeas ar feadh deire oidhche: maidin anrodhach
geibhreamhail garbh gaothmhar giuineach siorbhaistighe: la mar an
cceadna go h-oidhche, noch do bhi tirm os cionn. Caitheas cuid
den oidhche a bfochair an tsagairt.


L. 362


An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. Deargmaidin
garoideach: maidin dubh: gaoth gonta anoir ndeas: is fuar
e: da pingin ar an bpont den mairtfeoil is fearr a cCallain:
ceofran um meadhon lae: trathnona mionfearthanna: oidhche
tirm fuar.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin dorcha:
gaoth fuar andeas: la mar an cceadna. Ceannuigheas cuig
bairille do potataoi dearga ar tri sgillinge an bhairille:
oidhche ciuin dorcha.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin dorcha:
meadhon agus deire laoi clagairnighe: gaoth garbh anoir:
oidhche nealtana gealaighe. Caitheas proinn a bfochair sagairt
a' paroiste. Bi seisear daoine uaisle na fochair. Tangadar
cuigear mna uaisle cum te. Cathamar an oidhche go súgach
samh go deic a clog, ag ithe, ag ol, ag abran, ag aoibhneas.



An naomhadh la fichiod .i. dia luain. Deire oidhche ciuin
gealaighe: cioth ag breaca an lae: maidin breagh bog ciuin:
la mar an cceadna: oidhche ciuin bog: gaoth anoir.



An deichmhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin ciuin dorcha
bog: la mar an cceadna.



MI NA NODLAG .i. Mi Meadhon a' geimhre 1830 gach
la line. An cead la .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin bog
lomarnealtach: la mar an cceadna: oidhche tirim.



An dara la .i. diardaoin .i. la aonaigh Muilleann Ui
Chuain. Maidin tromnealtach: gaoth fuar anoir ndeas:
deire laoi fearthanna: gaoth anoir: oidhche clagairnighe trid
amach. Ta duibhre na samhna da caitheamh gan siolchur da
dheanamh. Ta eagla mor orm go mbeidh potataoi go leor gan
baint agus siolchur gan deanamh d'eis na Nodlag.



An treas la .i. dia haoine .i. la trosga. Maidin mion-fearthanna
d'eis oidhche clagairnighe: gaoth anoir ndeas.



An ceathramha la .i. dia satharn. La fearthanna trid amach:
gaoth anoir ndeas.


L. 364


An cuigeadh la .i. dia domhnach. Maidin soinninne: gaoth
beodha anoir: meadhon lae fearthanna: deire laoi ro-anrodhach:
clagairneach caoitheach agus siorstealla le gaoth glorach
garbh giuineach ag seideadh dion agus slinn o ceannaibh tighe
ar tuat agus a mbaile mor. Ni feidir potataoi do bhaint
na siol do chur, agus ata eagla mor orm go ndreothadh an
siol sa talamh.



An seiseadh la .i. dia luain. Maidin geibhreamhail soinninne
d'eis oidhche anrodhach clagairnighe. Ta tuille borb trean
san Abhain. Ta na moinfearaibh cois amhain foillighthe
le tuille buidhe borb, acht ta ri ag tuitim anois ag deich a
chlog: ta si tuitighthe troigh no cuig n-ordlach deag: fearthainn
um deire laoi agus tosach oidhche, le gaoth anoir ndeas.



An seachtmhadh la .i. dia mairt. La tromnealtach dorcha,
fobhraon o am go h-am. Cheannuigheas cheithre baraille
potataoi cupaoi, ar da pinginn go leith an chloich, agus baraille
go leith potataoi dearga agus lumper ar pingin agus tri
feoirlingighe an chloich: uidhche ciuin dorcha.



An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin: nealta dearga san
ard theas, um luidhe greine: nealta dubha san ard thiar theas.
Maidin ciuin dorcha soinninne: la mar an cceadna: gaoth
anoir ttuadh.



An naomhadh la .i. diardaoin. Maidin nealtach go h-ocht
a clog: an grian ag taithneamh go h-aoibhin o ocht go buile a
clog .i. ar feadh cuig n-uaire: an read rud is anamh is
iongantach: is fada o do bhi la geal greine againn roimhe seo:
deire laoi agus trathnona nealtac tirm: oidhche tirm: gaoth
geur aniar ttuadh.



An deichmhadh la .i. dia haoine. Maidin geal greine
nealtana: gauth geur aniar ttuadh: daoine ag baint potataoi
agus da ccur abhaile. Ba deirc leo la breagh d'fhaghail. cum
a mbainte. D'eirigh muintir na Beilge amach (Firbolg)
a ccoinne muintir Tire-fa-thuinn an seachtmhadh la fichiod de
mi na Feil' Michil. Ta an Eoruip uile na ccimil-a'-mailin
'na ttaobh. Adeir impire na Ruisiath agus impire na


L. 366


Gearmáine, agus Righ Pruisiath gu gcaithfeadh muintir
na Beilge strioca do Righ Uilliam na Holland; acht adeir
muintir na Fraince go seasochaid no go ttuitfid ar taoibh
na bhFearbolg; acht ata muintir Seasana ag seasamh go
ciuin caoin calcaighthe eattartha.



An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh greine
nealtana: gaoth ciuin aniar ttuadh: gealain iongantach san
ard thuadh san oidhche: mionshneachta da chur roimhe sin: daoine
ag baint potataoi.



An dara la deag .i. dia domhnach. La breagh geal greine
speirghlan: gaoth geur attuadh: oidche ciuin: gealain oidhche
san ard thuadh ar an t-aer: sneachta ar maoilinibh Sleibhe na
mBan, Stuaidh Laighean, an Staidhre Duibh agus na
nGaillti. Is mo ar maoilin Stuaidh Laighean agus na
nGaillte na ar aon maoilin eile. Taisbeanann so gur aoirde
Stuadh Laighean agus maoilin na nGaillti na aon maoilin eile am
amharc. Caitheas proinn agus sgailtin a bfochair sagairt a' paruiste.



An treas la deag .i. dia luain: marga maith muc a
cCallain. Maidin breagh seaca. La breagh bhog nealtach:
ni bfaigheadh ceachta siolchur do dheanamh go meadhon lae, an
tan thosuigheadar go luthgaireach ar siolchur na samhna do
dheanamh: potataoi da mbaint: tosach oidhche bog braonach:
gaoth bog aniar ttuadh.



An ceathramha la deag .i. dia mairt: la aonaigh Calainn.
Maidin breagh bog nealtana le fathainne an lae: gaoth beodha
aniar ndeas: ceannuigheas muc o Seaghan O Meachair o
Sgeach a' Chloitreann ar naoi sgilling deag is fiche.



An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin: la trosga. La
nealtrom dorcha: gaoth beodha aniar le fo-bhraon um meadhon
lae: daoine ag siolchur agus ag baint potataoi.



An seiseadh la deag .i. diardaoin. La breagh bog ciuin
nealtach: daoine ag siolchur.


L. 368


An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin nealtrom;
la breagh speirghorm greine: gaoth geur aniar ttuadh.



An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin seaca
duibhe; acht, nil gobsgoilb ar coinnle cuisne fos. Ta an
grian ag taithneamh go h-aoibhin, cia fann, tre tan-nealta.



An naomhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin breag
nealeattrom: gaoth beoda aniar. Do rinneadh moran
maitheasa an tseachtmhain seo ghabh tarainn: do cuireadh moran
sil, agus nil acht fior-bheagan potataoi le baint. Ma
fhanann an tseachtmhain seo chughainn breagh bog, beidh siolchur
cruithneachta criochnuighthe tre righeacht na h-Eirionn. Is
saor mairtfheoil maith anois - da pingin go leith ar an bpont
de.



An fithcheadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach speir-ghlan
greine: la mar an cceadna: gaoth geur attuadh. Is
aoibhin an la siolchuir e.



An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt. La breag bog
nealtach: gaoth aniar ttuadh: siolchur da dheanamh: potataoi
da mbaint.



An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin fuar
soinninne d'eis oidhche ceathanach: gaoth geur aniar ttuadh:
trathnona ceathanach: siolchur da dheanamh: potataoi da mbaint:
deire laoi agus oidhche soinninne.



An treas la fichiod .i. diardaoin. Maidin seaca cruaidh:
leac laidir ar gach lochan: gaoth geur attuadh da ard siar.
Ta glas ar aon potata nach bfuil bainte; acht is fiorbheagan
ata mar sin anois. Ta deire le siolchur na bliadhna so, ma
seasaidheann an sioc daingean laidir se: nil ceannsgoilbh
ar an scoith reo fos .i. coinnle cuisne .i. coinnle seaca.



An ceathramha la fichiod .i. dia haoine .i. Oidhche an
Nodlag. La aoibhin aorach seaca: gaoth geur attuadh da ard
soir: leacoidhre ordlach ar tigheacht ar gach loch: mionshneachta
ag meadhon lae: deire laoi ag bogadh is ag breaghughadh: beagan
sneachta ar gach sliabh cnoc ardan magh agus machaire: oidhche
ciuin.


L. 370


An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. La an Nodlag
mor. "Domhnach casga is la an Nodlag, an da la is fearr
don bholg." Deargmhaidin aoibhin aorach nealdearg seaca.
Ord Mor .i. Aifreann canntaireach ag se a clog roimhe
breaca an lae: sneachta ag buile a clog agus ar feadh an
lae, acht aon gal greine amhain ag trathnona .i. ag tri a clog:
liathroide sneachta da ccaitheamh san sraid ag brusgar an
bhaile: gealain oidhche san ard thuadh: oidhche gealaighe.



An seisead la fichiod .i. dia domhnach .i. la Feil' Stafan.
Maidin nealtach: o meadhon lae suas sneachta agus ciuineas
mor.



An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. Nealta buidhe
taoibh soir den Staidhre Dubh. Ba doith leat go mbeidh na
Gaillte i bfuigseacht cuig mile diot cia go bfuilid
deich mile fichiod uait. La aoibhin greine, speirghorm.
Ta barr sgoilbh ar sgoith reo ar taoibh na sgaithe de gach tigh
cinntuibhe: ta an tsraid ro-sleamhain.



An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin nealtach:
beagan fearthanna: la aoibhin aorach speirghorm, greine: gach
sliabh, cnoc, magh agus machaire foilighthe le sneachta: gaoth
ciuin aniar. Do luidh an grian ar chul Sleibhe na mBan. Bha
neal corcra le ciumhais orbhuidhe, agus radhaibh glormhara
mar coroin rioghamhail air maoilin Sleibhe na mBan roimh
luidhe greine. Nior fheuch Sliabh na mBan chomh mordha ariamh
am shuilibh, is d'feach roimh luidhe greine. Bhi a sgail tre
condae Cille Chuinn condae Ceatharla, agus go bun Stuaidh
Laighean. d'eirigh maoilin Stuaidhe Laighean as an sgail
mar oilean banbhuidhe as fairge dorcha: oidhche seaca speirgorm
gealaighe: an re lan, oir d'eirigh si ag luidhe greine go glormhar
os cionn Stuaidh Laighean airgideach alainn oll.



An naomhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin
aorach speirghorm greine ciuin. Cia go bfuil Tigh-na-hinnse
tri mile gaodhlacha uainn, do coimreochainn gac crann agus
gach geug nach beag ar gach crann, ata an t-aer chomh glan san


L. 372


agus ba doith leat go bhfuilid ro-fhogus duit. Taid na mor-sleibhte
accein ró-sofoigse tre n-a ngilleacht agus tre
glanneacht an aeir. Is tre seo do chuirid learg-chlodhairighe
clodh leathtaoibhe duthad air canbhas no cairt, oir an chuid
den leirg noch ata laimh leo, deineann siad so-faicsiona e,
agus gach cnoc gach tig gach crann etc., da mbionn air; acht
an cuid den leirg bhionn a bfad uatha, deineann siad dorcha
dubhghorm, nac beag do-faicsiona e; an sliabh do bhionn a bfad
uainn, bionn cuma dorcha air an aimsir gan sneachta, acht an
sliabh bhionn a ngearr duinn, bionn gach gardha, gach cladh, gach
crann gach sgeach sofaicsi. Gach leargchlodhaire ceart is
o naduir ba ceart do fodhlaim foghluim. Ta cheithre ordlach
air tigheacht san leacoidhre ar lochanaibh. Nil oganach idir
cheithre choraibh Callain nach bfuil ag pleracadh le liathroid
coise, no ag samh-sleamhnughadh no ag caitheamh liathroide
sneachta. Sliabh na mBan go ro-ghlormhar ag luidhe greine,
na Gaillti go glormhar na dhiaidh san: oidhche seaca gealaighe.



An deicmadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin tromnealtach;
sneachta ar gach sliabh, magh is machaire. Do chrom se ag
fliuchsneachtadh ag deich a clog ar maidin le gaoth geur a ttuadh
da ard soir. "Is fuar gach fliuchsneachta," is do lean an
fhliuchsneachta so air treas an lae agus na h-oidhche. Is ró-deacair
na sraideanna do shiubhal ataid chomh sleamhain sin. Tuit
moran daoine.



An t-aonmhadh la deag is fithce .i. dia haoine .i. an la deire
den bliadhain tá an "den" crosta agus "na bliadhna" os cionn na líne.
Deargmhaidin breagh d'eis oidhche seaca;
is ro-deacair siubhal gur glanamar taoibh na sraide le racan
agus sluasad. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine:
gaoth ciuin aniar: ata beagan le n-itheadh ag eunlaith an aeir
anois, oir ata cuid den talamh saor o sneachta. Is oll aibheil
fheachann Sliabh na mBan Fionn, agus an t-aor os a chionn. Is
glegeal gach cnoc, sliabh, beann, drom, tulac agus ardan.
Is dorcha gach coill, faraois, doire, agus garan. Ta blas
seaca ar moran potataoi anois.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services