Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Silva Gadelica I

Title
Silva Gadelica I
Compiler/Editor
O'Grady, Standish H.
Composition Date
1780
Publisher
(Londain: Williams and Norgate, l892)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Betha Chiaráin tSaighre.



Beatisimus episcopus Ciaranus sanctorum Hibernie primogenitus
.i. is é an tesbog Ciarán saighre cédnaomh do geinedh i nEirinn
agus do'n rann tsiar do chúigedh Laighen é re a nabarthar
Osraighe. agus do bhádar Eirennaigh ina nainchríostaidthib
agus ina ngeintlib uile san aimsir sin. agus Laighne do b'ainm
dá athair agus ba d'uaislib na nosraighech é. agus Liadain ainm
a mháthar agus do'n rann tes do'n Mhumain í do chorca Laigde
iar gcinél. agus atchonnairc a mháthair aisling sul ar ghab sí
Ciarán ina broinn .i. mar do thuitfedh rélt ina bél. agus d'innis
an aisling do dhraoithib agus do lucht iuil na haimsire sin agus
adubradar ria: bérair mac mírbhuilech agus bud mhór a chlú
agus a shubhailceda go deiredh an domain. ina dhiaid sin
do geinedh an mac naomtha sin .i. Ciarán agus is ann rugadh agus
do hoiledh é i gcorca Laigde san inis re a nabartar Cléire. agus
go fírinnech do thoghaib dia i mbroinn a mháthar é. ar gclos a
anma d'Eirinn an tan sin do thionnscain intinn an chrábaidh
chrístaidhe i gCiarán. do b'ingantach go mór a thúismigtheoiredha
agus gach nech eile atchonnairc é ar a mhéid do ba shubailcech
a ghníoma. ba mhín ó nádúir é agus do ba mhilis comrádh agus
ba chonách tréithe agus ba fhoirchedal a chomairle. agus mar
sin do gach ní eile do bhain le duine naomtha.



Lá éigin dá raib sé san inis adubramar .i. i gCléire is ann
dorigne sé tosach a mhírbuiledh agus ba lenbh óg an tan sin é.
táinic priochaigh ós a chionn san aedhar agus do thúirling ina
fhiadnaise agus do thógaib én beg do bhí ina luighe ar a neid i
bfiadnaise Chiaráin agus rug leis gur chréchtnaig é. do ghab
trócaire Ciarán do'n én bheg agus do b'olc leis a bheith isan riocht
ina raibhe. d'iompaidh an priochaigh agus d'fágaib an tén i
bfiadnaise Chiaráin agus é lethmarb créchtnaighte agus do ráidh


L. 2


Ciarán ris éirghidh agus beith slán. do éirig an tén agus
do chuaid slán ar a neid le grásaib dé.



Deich mbliadna fiched imorro do chaith Ciarán i nEirinn i
naomthacht agus i nimláine chuirp agus anma sul do baistedh é
óir do bhádar Eirennaig ina ngeintlib mar adubramar. Gidedh ar
náitrebh do'n spired naomh ina sherbhóntaidhe féin i gCiarán do
mhair sé i gcrábhad agus i mbésaib foirbthe an chomfhaid sin.



Atchuala sé an tan sin tuarasgabáil an chrábaidh chrístaide do
bheith san Róim agus do fhágaib Eire agus do chuaid do'n Róim.
do baistedh é san Róim is do múinedh san chreidiomh chatoilice.
do bhí ann sin fiche bliadan ag léighedh an scriptiuir dhiada agus
ag tiomargan a lebhar agus ag foghlaim riaghlach na hegailse.
agus mar atchonnairc an pobal rómhánach egna agus glicas crá-
badh agus creidemh an tí Chiaráin do hóirdnedh isan eglais é.
do riacht i nEirinn as a aithle sin agus tarla dho ar shlighe na
hIdáille Pátraic áirdesbog na hEirenn agus ar bfaicsin a chéile
dhóib.i. do mhuintir dé dorignedar gáirdechas is subachas mór.
agus ní raibe Pátraic ina esbog an tan sin gidedh do bhí ina
dhiaid.



Celestinus dorigne espoc de agus do chuir ann sin é do shen-
móir do na hEirennchaib. óir gidh do bhádar naoim eile roim
Pátraic i nEirinn do choiméd dia a maigistrecht agus a háird-
espocóidecht dosan nó go dtáinic sé. agus nír chreidedar a rígthe
ná a dtigernadha tré nech eile go techt do.



Adubairt Pátraic re Ciarán: éirig romham i nEirinn is do
ghébair tobar i gcóigcrích an rainn tuaidh agus an rainn tes di
ina medhón agus cumhdaig máinistir duit ag an dtobar sin. agus
is edh as ainm do uarán. is ann bhias t'onóir agus t'eiséirgidh go
bráth. do fhregair Ciarán agus adubairt: aithin damsa an tinad
a bfuil an tobar sin. adubairt Pátraic ris: biaidh an tigerna
maille riot agus gluais romhat go dírech agus gabh mo chluigínse
chugat agus biaidh gan labairt go roichir an tobar adubramar.
agus mar roichir é laibheoraidh an cluigín do ghuth sholusbhinn
agus aichneochair mar sin an tobar. agus i gcionn naoi mbliadan
fiched lenfadsa thu gusan ninad sin.



Do bhennaigedar agus do phógadar a chéile agus táinic Ciarán
ina shlighe féin dochum Eirenn is do an Pátraic isan Iodáil. do
bhí clog Chiaráin gan labairt nó go dtáinic sé chum an ionaid
a raibe an tobar adubairt Pátraic .i. uarán. óir ar dtecht do


L. 3


Chiarán i nEirinn do dhírig dia é chum an tobair sin. agus arna
rochtain do do labair an cluigín go luath do ghuth sholusghlan.
barcán Chiaráin adeirther ris. atá sé anois mar chomartha i
bparóiste agus i gcathraig Chiaráin agus beirter é ar fud na
dtíorthadh ina timchioll chum a thabartha mar luighe idir ríghaib
i bpéin a bfírinne do choiméd. beirter fós d'faghbáil a riachtanais
a leas do chomarbaib mainistrech Chiaráin chum na bpoiblech
i gcoitchinne. agus is ann dorignedh é ag Germanus espoc ag
maighistir Phátraic agus is é tug do Phátraic é.



An tobar sin adubramar is ann atá sé i gcóigcrích dhá rann
Eirenn .i. Mumha rann teas agus .... rann tuaidh. gidedh isan
Mumain atá an talam re a nabarthar Eile. do thionnscain Ciarán
áitrebhadh mar dhíthrebach isan ionad so. óir do bhí sé ar
dtimchelladh do choilltib móra an tan sin. agus do thinnscain
ar dtús sella beg do dhénam d'obair dheireoil. Ann sin do thinn-
scain sé mainistir agus cathair fá dheoid maille grásaib dé darab
ainm saighir Chiaráin ag cách i gcoitchinne. an tan táinic Ciarán
ar dtús ann sin do shuidh ar scáth chroinn agus d'éirig ó'n dtaobh
eile do'n chrann torc allta róchuthaig. mar atchonnairc sí Ciarán
do theich sí agus d'iompaidh arís ina serbhóntaidhe chennsa
dochum Ciaráin arna dénamh mín ó dhia. do b'é an torc cédna
sin céddeisciopal agus cédmhanach do bhí ag Ciarán isan ionad
sin. do chuaid imorro do'n choill agus do bhuain slat agus tuighe
idir a fiaclaib mar chongnam chum an tsella. ní raibe tra duine
i bfochair Chiaráin an tan sin óir is ina aonar óna dheiscioplaib
táinic sé chum na dítrebhachta sin. tángadar iar sin ainmidthe
éigciallda chum Chiaráin as gach áird a rabadar do'n fhásach .i.
sionnach agus broc mactíre agus eilit. agus do bhádar cennsa
do Chiarán agus d'umhlaigedar dá thegasc mar mhanchaib agus
doghnídís gach ní adeiredh riu.



Lá dá dtáinic an sinnach do bhí ainmhianach celgach mailísech
chum bróg Ciaráin: agus do ghoid iad agus do shechain an
coimthionól agus do chuaid sé roime dá uamhaidh féin agus do
shanntaig na bróga d'ithe ann sin. arna fhoillsiugad sin do
Chiarán do chuir manach eile do mhanchaib a mhuintire .i. an
broc ar chionn an tsinnaig dá thabairt gusan ionad gcédna.
táinic an broc go huaimh an tsinnaig agus do fuair ag ithe na
mbróg é óir d'uaidh sé a gcluasa agus a nialla. do choiméignig
an broc é im thecht leis chum na mainistrech agus tángadar im


L. 4


thráthnóna go Ciarán agus na bróga leo. do ráidh Ciarán risan
sinnach: a bhráthair créd im a ndernais an ghadaighecht úd nár
dhegmhaisech do mhanach do dhénamh. agus ní rángais a leas
súd do dhénam óir atá uisge nemmhailísech againn isan gcoit-
chinne agus atá biadh mar an gcédna. dá dtugadh imorro do
nádúir ort gomadh fherrde let feoil do chaithem doghénfadh dia
dhuit do chroicennaib na gcrann so ad thimchioll í. d'iarr an
sinnach ann sin ar Chiarán loghadh a phecadh agus breithemnas
aithrige do chengal air. dorignedh amlaid agus nír ith an sinnach
biadh nó go bfuair cead ó Chiarán agus do bhí fírénta ó shin
amach mar chách.



Is ina dhiaid sin tángadar a dheiscipail féin dochum Ciaráin
maille re mórán eile. is do thinnscain ann sin manistir dhellraig-
thech do dhénam agus do bhádar na hainmhinte sin ina stáid
féin ó shoin amach i bfochair Chiaráin oir do b'ait leis iad. do
fhás iar sin an creidem crístaide i nEirinn. do bhádar triar espoc
rónaomtha i nErinn ar dtecht do Phátraic innte .i. Ailbhe imlig
iubhair agus Braus espoc agus Declán ina thír agus ina dhúthaig
féin isna déisib Muman. agus do iompaig an tí naom Ciarán
daoine iomdha dá dhúthaig do Osraighib chum an chreidim
chatoilice.



Is ina dhiaidh sin táinic an táirdespoc glórmhar Pátraic ó
Celestinus pápa i nEirinn. ba lán Eire uile do'n chreidemh
agus do'n bhaistedh chrístaide uaidhe. táinic iarum ainder chum
Ciaráin agus dorigne crístaide dhi agus serbóntaidhe fírinnech
do dhia. agus do chumdaig Ciarán di sella beg onóirech i gcom-
fhogus do'n mhainistir. agus do chruinnig ógha naomhta eile
ina timchioll agus ba dhíobsan an ógh róscothamail dar b'ainm
Bruinnech agus ba hingen tigerna uasail do'n Mhumain í. fa
hinmhain go dil is go díochra le máthair Chiaráin í agus ba
dhalta do Liadain í agus do ba shochrach ó bhésaib í. an uair
atchuala imorro taoisech ua bFiachrach tuarascbáil deilbe na
hingine adubramar táinic maille ceithirnib móra agus rug leis
ar éigin í. is edh do b'ainm do Díoma. agus do bhí sí aige ina
chaislén re haimsir fhada agus do chodail ina fochair agus do
b'inmhain leis í go mór. táinic Ciarán go Díoma d'iarraidh na
hingine air is nír aomh Díoma a léigen uadha. adubairt fós
nach léigfedh uaidh ar aonchor í munab guth corrghlaise do
dhúiseochadh as a chodla arna mhárach é. agus do b'aimsir


L. 5


geimhrid an tan sin agus d'fer snechta mór ann agus in tinad a
raibhe Ciarán gona dheiscioblaib nír fher aonréd do'n tsnechta
ann. isan maidin arna mhárach gidh do bhí sin i naghaidh
nádúra do labair corrghlas ar mhullach gach aointighe dá raibhe
san dúnadh. mar atchuala Díoma sin táinic go luath mar a raib
Ciarán. do luig ar a ghlúinib ina fhiadnaisi agus do léig an ingen
uadha. ba thorrach an tan sin í agus nír mhaith le Ciarán é. do
chuir fíoghair na croiche césta ar medhón na hingine agus do chuaid
an toirrches ar nemhní agus rug leis í dá sella féin re a
nabartar ceall Liadain.



Gidedh do bhí Díoma arna chengal i ngrádh na hingine go
mór agus do b'aithrech leis a léigen uadha agus táinic arís dá
breith leis. Gidedh dorigne dia do réir thola thriair .i. Ciaráin
agus a mháthar naomtha agus na hingine féin ag techt do'n
bhaile dhosan go bfuair Bruinnech bás. agus ba holc le Díoma
sin agus adubairt re Ciarán: créd fár mharbais mo bhen phósta
ar sé. óir nír bh'aichnidh dhi fer romham agus do chenglas dam
í mar mhnaoi phósta. agus ar an adbhar sin ní bhiaidh th'áitrebh
isan inad so óir cuirfedsa as tu. adubairt Ciarán: ní uait féin fuilid
na comhachta sin óna ndiongantá sin ná ní eile. acht dia ar
dtabairt comachta dhuit mar scáile thalmaidhe an fedh bhus áil
leis. tríd sin tra ní fhúigfedsa m'inad duit acht biad ann gidh
(maith) olc letsa é. ótchuala Díoma sin d'imthig maille re feirg
mhóir agus dorigne bagar ar Chiarán. agus táinic anfhochain ó
dhia ar Dhíoma i ndíogail a aindlighidh. óir an tan táinic chum
a chaisléin fuair tré theinidh é agus a raibe ina thimchioll do
thigthib. agus do bhí mac muirnech aige agus do dhermaid isan
tig é agus é ina chodladh i lebaidh Dhíoma. agus adubairt a
bhuime do ghuth árd arna fhaicsin di nach raibe ar chumus do
dhuine a fhurtacht ó na teintib: bronnaim thu a mhic ghrádhaig
do Chiarán tsaighre agus cuirim ar a chomairce thu. cid tra
acht ar dtuitim do na teintib agus ar bfuaradh do na háitib do
fríth an lenbh ina imshláine mar budh ina chodladh do bhiadh.
amhail atchonnairc Díoma sin do chuaidh mar a raibe Ciarán
agus an tespoc dar b'ainm Edus leis. agus do ghab bruth aithrige
chuige ó Chiarán agus tug a dhias mac do .i. Donnchad an mac
úd do shaor féin ó na teintib agus mac eile gona síol agus gona
sliocht ina ndiaidh idir mhainistir is chíos agus adhlacan. agus
d'iompaig Díoma dá inad féin maille re gáirdechus agus re


L. 6


bennachtain Chiaráin. Ciarán imorro do b'olc leis a dhalta do
dhul a chomluath sin do'n tsaogal. agus do bhí a fhios aige
nach diongnadh Díoma éigen air ó shoin suas agus do chuaid
mar a raibe corp na hingine agus dorigne úrnaigthe chum dia
ar a son gur éirig sí ó bhás go raibhe aimsir fhada ina bethaidh
iar sin.



Lá eile táinic chum Ciaráin an fedhmanach do bhí aige re
haghaid oibre na mainistrech agus adubhairt: atáid muca d'uires-
baidh orainn ar sé. adubairt Ciarán: amhail dobheir dia gach
ní eile dhúinn dobhérfaidh muca. táinic imorro arna mhárach
cráin rómhór agus dhá mhuic dhég léi dochum na saor go
dtángadar muca iomdha uatha iar sin.



Lá eile d'iarr an fer cédna caoirig ar Chiarán. adubairt Ciarán:
an té tug muca dhúinn bhérfaidh caoirig. agus ar ndul do'n
fhedmanach amach atchonnairc sé ocht gcaoirig fiched gela ar
an bfaithche ag ithe feoir, agus tug leis iad agus tángadar caoirig
iomdha uatha.



Do bhí fer comhachtach dar bh'ainm Fionntan isan talamh
sin agus tug leis a mhac marb dochum Ciaráin dá aithbeochan.
Laogaire ainm an mhic. agus ar ndénamh úrnaigthedh do
Chiarán chum a thigerna d'éirig an mac ó bhás agus do mhair
go fada iar sin. tug an fer sin do Chiarán ina chumaoin sin an
ferann dar bh'ainm ráth feráin agus dá chomhorba go bráth.



Iar sin tra táinic Pátraic senmóraidhe na nEirennach go ríg
Muman go hAonghus mac Nadfraoich. agus do chreid do dhia
agus do Phátraic is do bhaist Pátraic é.



Agus táinic an tan sin nech do shíol Duach do dhúthaig
Osraighe agus do mharb sé ech Pátraic dá dheoin féin. agus do
gabadh le muintir an ríg agus do cuiredh i gcuibrech gan fuirech
rena chur chum báis. agus do ghuidhedar a charaid Ciarán ar a
shon agus táinic chum an ríg agus tug saidhbres óir agus airgid do
dá chionn agus do léigedh saor dá dhúthaig é agus ar nimthecht
do do chuaid an tionmhas ar nemhní. agus do ghab ferg an ríg
tríd sin agus do ghairm Ciarán chuige agus d'fiarfaig dhe créd
fá dtug faonmhaithes do .i. neithe bréige ar son an chiontaig do
bhí aige. adubairt Ciarán: gach uile maithes is ó nemhní tángadar
agus is i nemhní rachaid. agus do ghab ferg an ríg agus dorigne
bagar ar Chiarán. táinic imorro díghaltas ó dhia dochum an ríg
óir do bainedh a radharc de fó chédóir is do thuit chum talman i


L. 7


bfiadnaisi cháich. do bhí ar an láthair an tan sin Carthach dalta
do Chiarán agus do bhí gaol aige risan ríg agus do ghuidh sé
Ciarán ar a shon. agus táinic do ghuidhe Charthaig agus mhóráin
eile gur shoillsig Ciarán a shúile do'n rig agus gur éirig slán.
agus is amhlaid do conncas (ms. do connarcas) do mhórán do
dhaoinib go raibe an rí marb agus gur b'é a aithbeochan ó bhás
dorigne Ciarán. ar néirgidh do'n ríg tug almsana iomda do
Chiarán agus tug grása do dhia.



Do bhádar crutairedha maithe ag Aonghus an tan sin agus fa
cheolmar iad ag gabáil dána agus ag seinm a gcrot. agus do
bhíodar ag siubal lá tré Mhúscraighe tíre i gcóigedh Muman agus
do marbadh ann iad ó esgcáirdib dhóib. agus do foilghedh a gcuirp
i loch láim risan maigh inar marbadh iad agus do cuiredh a gcrota
i gcrann ar bhruach an locha. agus ba holc le hAongus sin agus
do b'olc leis nach raibh a fhios aige cia tharla riu. agus do bhí a
fhios aige Ciarán do bheith lán do rath an spioraid naoim agus
táinic d'faghbáil a fhesa uaidh cia tharla risna crutairedhaib. óir
nír bh'áil leis a fhiarfaighidh dá dhraoi ar son gur ghab sé creidemh
Críst chuige. is é ro ráid Ciarán ris: do marbadh do chrutairedha
go folaigthech ar sé agus do foilghedh a gcuirp i loch láim risan
inad ar marbadh iad agus do crochadh a gcruite (sic) i gcrann
bhruach an locha. do ghuid an rí Ciarán im dhul leis dochum
in locha innus go bfuighbhedh a gcuirp rena dtógbáil. do chuadar
chum an locha agus dorigne Ciarán trédhenas innas gomadh
fhéidir na cuirp do thógbáil. agus ar gcríochnugadh an trédhenasa
do thercaig uisge an locha an mhéid sin nach raibe folach ar
domhan orra. do tógbadh iad agus rugadh i bfiadnaisi Chiaráin
iad agus dorigne úrnaighte chum dia gur éirgedar na mairb i
bfiadnaisi cháich uile amail is ina gcodla do bheidís. agus is é
nuimhir do bhádar ochtar agus is é faid do bhádar isan loch mí
imlán. do ghabadar chuca a gcruite as an gcrann amhail do
thegasc Ciarán dóib agus dorinset ceol toltanach i bfiadnaisi in
ríg agus Chiaráin agus cháich i gcoitchinne. agus do bhí an
oired sin do chaenbharraighe isan gceol sin gur chodail sochraid
do na sluagaib leis agus tugadh glóire agus moladh do dhia agus
do Chiarán. agus an loch inar báidhedh iad nír fhás uisge ó
shoin suas ann acht amháin go nabartar mar chuimniugad na
mírbhuile sin loch na gcrutairedh ris. agus ar ngabáil bennachtan
an ríg agus na gcrutairedh do iompaig Ciarán dá chathraig féin.


L. 8


Lá eile do bhí maor an ríg .i. Aonghus ag siubal tríd an
dtalamh dá nabartar Múscraighe tíre táinic tréad muc do agus
adubairt rena mhuintir muc díobh do mharbad. do mharbadar
agus rucsat leo í fó'n gcoill ba neasa dhóib dá caithem. tarla
dhóib a nesgcaraid is do mharbsat an maor agus fiche fer dá
mhuintir ar bhruach na habhann re a nabartar an Bhrosnach.
arna fhios sin do Chiarán do guidedh é óna dhalta ó'n Carthach
adubart shuas fa bhráthair do'n ríg d'Aongus nó gomadh mhac
meic do é agus ó dhaoinib eile go ndechadaois ar chionn chorp
na droinge úd dá nadhlacan ar nach ithedaois bethadaig allta
iad. atchonnairc Ciarán ar rochtain na gcorp dóib nár leor a raibh
do shochraid chum iomchair na gcorp gusan eglais agus adubairt
do ghuth mhór: i nainm ár dtigherna Iosa Críst éirgidh a
dhaoine truagha agus tigidh leamsa. d'éirgedar i gcédóir agus
an torc leo agus do iompaig chum a thigherna féin .i. nech
naomtha dar bh'ainm Eochaid agus do dhúthaig an tíre sin féin
(é). agus do bhí an drong sin do haithbeodhadh ina manchaib
cráibthecha ag Ciarán ó shoin suas.



Lá eile do Chiarán ag siubhal agus tarla muine dho ar a raib
mórán do sméraib. agus do thuig ó na fháidhemlacht féin go
mbiadh riachtanas leisna sméraib agus do chuir cumhdach ina
dtimchioll (innus) nach bainfedh fuacht an gheimridh riu. agus
do b'intinn do dá mbiadaois go cenn bliadna ann sin nach budh
mheisde iad munbudh fherrde. iar sin tra do hollmaigedh fledh
ag taoisech dá mhuintir do ríg Mhuman .i. d'Aongus. Concraidh
rí Osraighe ba hé in taoisech. tangadar do chaithem na fleidhe
an rí agus a ríghan agus sluag iomda leo agus do b'í aimsir (ann)
sin i ndiaidh chásca. tug an ríghan grádh do Choncraid ag in
bfleidh sin agus do ghuidh é im luighe léi óir ba dhegdhelbda go
mór é. agus do dhiult Concraid an ní sin. iar sin do léig an
ríghan galar fallsa dá hinsaighidh innus go nanadh
tar éis an ríg san mbaile i bfochair Choncraidh agus adubairt go
mbiadh slán dá bfuighbedh sí sméra re a nithedh. óir nír dhóig
léi gomadh éidir sméra d'faghbáil san inbhuidh sin. ba hegal
imorro le Concraidh a beithse san mbaile ar son an ríg agus do chuaid
mar a raibh a phátrún féin .i. Ciarán agus do fhoillsig do
gach ní dá ndubramair. óir is do pharráiste Chiaráin gach aon
mhagh a nOsraighib. agus mar chuala Ciarán sin adubairt: do
ghébhaidh sí sméra ar sé. agus do chuaid chum an mhuine ar


L. 9


ar fhágaib na sméra i gcumdach isan bfoghmar roime sin agus
tug lán soithig leis díob agus do chuir iad chum na righaine le
Conchraid agus do chaith iad agus do bhí slán. óir ní raib spéis
aice ann do láthair. agus fa blas meala do bhí ar na sméraib sin
ag an mbainrígain agus ag gach nech dar chaith iad. do thuig sí
gur mírbhuile dorignedh uirre ó Chiarán. agus táinic sí chuige
agus do umhlaig do agus do admhaig a pecadha agus d'iarr
maithmechas. tug Ciarán díolgadh dhi agus tug a bhennacht fós
agus adubairt Ciarán: ní fhédaimse do shaoradh ar an mbás do
gelladh duit. óir do ghébair féin agus Aongus bás i naon ló i
gcath agus doghéna dia trócaire orraib. Eithne uathach is í
inghen Chrimthainn mheic Enna chinnselaig. do thairrngir Pátraic
sin dóib agus dorighne Ciarán mar an gcédna an tan sin agus ba
fhíor sin. óir do thuit Aongus agus an righan sin i gcath chille
hosnadh ar muigh Fea i núibh Fháilge (sic) le Muirchertach mac
Erca agus le hIollann mac Dúnlaing ríg Laighen agus le leith
Chuinn. is é lá tugadh an cath sin an tochtmadh hidus do mhí
October aois an tigerna an tan sin trí bliadna dég ar cheithre
fichid agus cheithre céd bliadan. bás Patraic an bhliadain chétna.



Lá eile táinic Pátraic agus Aongus mac Nadfraoich maille re
sluag mór go Saighir mar a raib Ciarán agus do marbadh ocht
ndaimh dóib maille re biad eile. adubairt nech eile re Ciarán:
gá tarbha a bfuil do bhiad ann so do'n imad daoinedh úd. adubairt
Ciarán: an té do shásaimh mórán do mhíltib isin bfásach le begán
aráin agus éisc doghéna sé go maith gomadh shásam do na
sluagaibh úd an begán bídh so. do bhennaig sé a thobar féin
agus do chlaochlaig i bfíon é. agus táinic ó ghrásaib dé agus
Chiaráin an gcéin do b'áil dá raib do shluagaib ann sin go bfuar-
adar a ndóithin bídh agus fíona.



Aimsir eile táinic rí Temrach maille re nert sluaig do ghabáil
ghiall bfer Muman agus nír bh'áil le hOilioll ríg Chaisil umladh
do thabairt do. dorighne móirthinól ina naghaid agus tángadar i
gcoinne a chéile láim re cathair Chiaráin agus do b'áil le Ciarán
síthcháin do dhénam etorra agus nír aomsat sin uaidh. agus do
fuair seisean ó dhia an ní nach fuair ó na daoinib diomsacha. óir
d'éirig coill mhór re hagaidh na Muimhnech ag dul dóib chum
an chatha. agus d'éirig sruth na Brosnaighe tar a bruachaib re
hucht leithe Chuinn innus nár láimh nech a gabháil. agus mar
atchonnarcatar na mírbhuiledha sin do ghabh egla iad. agus


L. 10


d'iompaig an rí ó'n tsruth sin agus do imthig dá thír ódchonnairc
an sruth do bhí sodhola dá shluagaib roime sin d'éirgidh rompa.
do anadar Muimnig an oidhche sin i gcomharsanacht chathrach
Chiaráin agus do chuir Ciarán mart agus muc arna hollmughad
chum an ríg. do sásadh an sluag uile ó'n mbiad sin agus do
fhágsat fuighlech agus do móradh ainm dé agus Ciaráin tríd sin
ó na mirbhuilib égsamhla sin.



Aimsir eile tángadar ceitheirne móra do shladaidhthib do thírib
eile i gcóigcrích Muman do shladaighecht agus do mharbadh
dhaoinedh. rug duine maith do'n Mhumain orra dar bh'ainm
Lonán agus do ghabadar na díbfergaig teichedh. ótchonncadar
nár bh'féidir dóib dol as ar aon chor do ghuidhedar Ciarán im a
saoradh ar an éigen sin. agus an tan ba áil le Lonán agus lena
mhuintir a ngabáil sin agus a marbadh do thuit caor theintidhe
etorra agus na sladaidhthe. do ghab egla mhór Lonán agus a
mhuintir agus nír lensat tairis sin iat agus d'iompaigedar chum a
nárais fein. d'aichnigedar na sladaidhthe gurab iad mírbhuiledha
Chiaráin do shaor iad. tángadar chuige agus d'innsedar a sgéla
dho. agus is í comairle ar ar cinnedh leo aibídedha crábaidh do
chur iompa agus foghnamh do dhia agus do Chiarán ó shoin
amach. do críochnaigedh an chomairle sin leo agus do bhádar
fó láim Chiaráin i ndeghoibrighthib agus i gcrábhad nó go bfuar-
adar bás.



Lá eile táinic gadaidhe do chóigedh Laighen agus do ghoid bó
rómhaith do bhí ag manchaib Chiaráin. agus is edh do b'ainm
do Cairbre. agus ag dul chum sléibhe Bladhma dho do fher ceo
agus dorchadas do innus nár léir do an tslighe agus do thuit sé i
nabhainn agus do báidhedh é. d'iompaig an bhó tar ais chum
Ciaráin agus chum na manach arís.



Lá eile do chuir Ciarán seisrech damh chum a bhuime .i.
Coinche gan nech leo do threabhadh dhi. ó rángadar na daimh
chum Coinche d'aichin gur bh'é Ciarán do chuir chuice iad chum
treabtha agus do ba fhada an tslighe idir Chiarán agus mhainistir
Choinche .i. ros bennchuir. óir is i gcomarsanacht na mara san
rann oirtherach d'Eirinn atá. do threabadar na daim sin uatha
féin agus ar gcríochnugadh aimsire an treabtha do iompaigedar
chum Ciaráin gan nech leo. do ghnáthaigedh Ciarán gach aon
oidche nodlaice iar dtabairt chomaoinech dá mhuintir féin i
Saighir dá láim féin dol go mainistir a bhuime go ros mbennchuir


L. 11


innus go dtugadh sé comaoin chuirp Chríost dá láim féin di. agus
do iompaigedh dá mhainistir féin an oidhche chédna. is amlaid
tra thuigmíd gur b'é dia doghníodh sin amail doghníodh re
hAbacus a thabairt ó'n Innia .i. óna thír féin go Caldea agus tar
ais arís do'n Innia re tamall gerr do ló. do bhí cloch mhór (ag)
sancta Coinche ar a ngnáthaigedh sí beith ag guidhe agus ag
urnaighthe chum a tigerna tamall ó'n mainistir i dtráig an
mhara agus is é a hainm anois carraig Choinche. Do tigdís tonna
an mhara ina timchioll go minic. Do chuaid Ciarán lá ar an
gcloich sin agus do shnáimh ar muir agus d'iompaig arís chum a
hionaid féin an tan ba thoil le Ciarán é. agus ní hiongnadh sin
óir atá scríobhta: mirabilis Deus in sanctis suis (Ps.135) edhon
is mírbuilech dia ina naomhaibh.



An dalta adubramar beith ag Ciarán .i. Carthach tug sé féin
agus ógh do mhuintir Liadain grádh dochoimsech dá chéile. agus
do bhí intinn truaillighte an phecaidh aco agus dorónsat inad
coinne re chéile do choimlíonadh a dtoile. agus ar ndul dóib san
ionad choinne an tan do b'áil leo luighe do chríochnugadh a
dtoile do thuit caor theinedh etorra agus is ar éigin do chuadar
as gan losgadh. Do ghab egla mhór iad agus nír labradar aon-
fhocal ar mhéid a negla. do iompaigedar tar ais agus do dalladh
an ógh sin agus do bhí dall co haimsir a báis. óir nír bh'ain-
dligthech an breithemhnas an bhen do dhall a hintinn féin chum
an phecaidh a súile do dhalladh ó sholus chorpordha. do ghab
Carthach breith aithrighe chuige agus do chuaid dá oilithre
iarum agus is follus naomthacht Chiaráin de sin. óir nír bh'áil le
dia go bpecóchadaois an dhá ógh sin do bhí ar a choiméd. óir
do bhísean deghoidech go mór ag coiméd a thréda.



Tángadar dís bhráthar dá chéile chum Ciaráin dá chomair-
liugadh dol dá noilithre i ninadaib imchiana. Odhrán agus
Medhrán a nanmanna. do Mhúscraighe thíre dhóib ó'n mbaile
re a nabarthar Letrach. ar dtecht dóib go Saighir do shanntaig
an dara fer díob anmain i bfochair Chiaráin agus do b'é sin
Medhrán. adubairt Odhrán: ní mar sin do ghellais a bhráthair.
agus adubairt re Ciarán gan a bhráthair do chongbáil uaidh.
adubairt Ciarán: breithneochaidh dia edrainn cia againn aga
mbiaidh sé. gabhadh sé an lócharnn so ina láimh agus cuiredh
sé a anál fúithe agus dá lasaidh an lócharnn anadh agamsa agus
muna lasaidh éirgedh letsa. tugadh do an lócharnn ina láimh


L. 12


agus do shéid a anál fúithe agus do las i gcédóir agus do an
Medhrán ag Ciarán go haimsir a bháis i naomthacht mhóir agus
i ndeghoibrechaibh. agus adubairt Ciarán re hOdhrán: adeirim
riot a Odhráin dá gcuardaighidh tu an domhan gurab ad bhaile
féin i Letrach do ghébair bás. ar an adhbar sin iompaig agus
caith t'aimsir ann óir is uait ainmneochar é go bráth. d'iompaig
Odhrán dá bhaile féin tré bhriathraib Chiaráin agus dorigne main-
istir onóireach ann agus fa mhór a shubailcedha agus a naom-
thacht. agus ar ndénam mírbuiledh niomda dho mar léghtar ina
bhethaid féin do chuaid dochum nime agus do fíoradh briathra
Chiaráin. óir is é as ainm do'n ionad sin .i. letrach Odhráin.



Do bhí ben dar bh'ainm Eitill ag siubhal lá agus tarla leagadh
dhi gur brisedh a cnámh go bfuair teas. d'aithbeoaig Ciarán i
gcionn trí la í. tug sise do Chiarán an ferann (ar) ar legadh í.
is é a ainm léim Eitille. agus tug grása do dhia agus do Chiarán.



Fedhmanach do mhuintir an ríg dar bh'ainm Cennfhaoladh: do
mharb sé Cronán .i. cara do Chiarán. do aithbheoaigh Ciarán é
agus i gcionn an seachtmadh lá dorigne Ciarán sin i nainm
Chríost. ar mbeith slán do i bfiadnaise cháich adubairt Ciarán:
an té do mharb thu go haindligthech .i. Cennfhaoladh is túsga
muirbfither é féin agus loiscfither a chorp isan chaislén re a
nabarthar ráth muighe ó éilech (sic).



Lá eile do labair rí Muman .i. Oilioll re Ciarán do bhriathraibh
gruama agus do chuaid go bfeirg mhóir uaidh. agus nír chian
iar sin go ndernadh an ríg balb go raibh ocht lá gan labhra.
táinic go Ciarán agus do leag é féin ina fhiadnaise. do chionntaig
é féin ina aindligthib agus do iarr maithmechas. agus arna
thuigsin do Chiarán go raib aithrighe fhírinnech aige do bhennaig
a thenga gur labair go hobann do ghuth sholusghlan. agus ar
ngabáil bhennachtan Chiaráin chuige do imthig slán dá thig agus
do mhédaig ainm dé agus Chiaráin.



Araile d'oidche do chuaid Ciarán agus oilithrech dar bh'ainm
Germán do bhí ina fhochair i sruth uisge fhuair agus ar mbeith
go fada dhóib ann adubairt Germán: ní héidir liomsa a Chiaráin
fulang nís sia isan uisge. do chuir Ciarán sighin na croiche césta
ar an uisge agus do chlaochlaig mesarda é mar theas fothraicthe
agus do bhádar ag moladh dé .



Adubairt Ciarán: a Ghermáin ar sé ticfaidh aoighe grádhach
chugainn amáirech .i. Carthach mac ríg Mhuman mo dhalta féin


L. 13


do chuires dá oilithre ar son phecaidh do shantaig sé do dhénam
muna dtoirmioscadh dia agus mise é óir nír b'áil liom a chrábadh
agus a shaothar do mhilledh dho. agus atá anois ag impódh iar
bfaghbáil logha ina phecadhaib agus arna ghlanadh ó choir.
gabsa an tiasc sin ad thimchioll go mbiaidh ar chenn mo mheic
ghrádhaigse. do ghab Germán iasc mór mar adubairt Ciáran ris
agus arna mhárach táinic Carthach mar adubairt Ciarán.



Aimsir eile do gabhadh Ciarán cluana mheic Nóis leisan rígh
dar bh'ainm Furbaidhe agus do cuiredh i gcuibrech é. do b'é a
adbar sin maithes an ríg do bhí ar choiméd Chiaráin agus tug
Ciarán mórán de do bhochtaib dé ar mbeith (dho) lán do
thrócaire. lá éigin táinic an rí mar a raibe Ciarán agus adubairt
ris tré adhbacht: dá bfuighbinn cheithre bá maola cuirpdherga
agus cinn gheala orra do léigfinn amach thu. adubairt Ciarán:
is tualang dia ris sin agus léigse mise amach dá niarraidh sin
agus muna bfuighbed iad tiocfad féin arís fád bhreith. do scaoiledh
do Chiarán ann sin agus táinic go Saighir mar a raibe (an) Ciarán
eile agus d'innis an ní sin do agus do bhádar an tan sin i bfochair
Chiaráin an dhá Bhrénainn. ba fhorbfaoiltech leo Ciarán cluana
do thecht agus adubairt rena fhedhmanach: créd do ghébaid na
naoim sin anocht re caithiomh. adubairt an fedhmanach nach
raibe biadh aige acht feoil. adubairt Ciarán: ullmaig go luath
an ní atá agat ar mbeith beirbhte do'n fheoil do bhennaig
Ciarán í agus do chlaochlaig i bfiadnaise cháich i nola agus i
niasc i bpraisig agus i mbiadaib égsamla do réir a thoile féin.
agus táinic ó ghrásaib dé gur líonadh soithighe an tighe uile
d'fíon uasal chum coda na naom adubramar. do bhí manach
astig leis nár bh'áil biadh do chaithemh i bfochair na naomh
.i. mac Congair agus adubairt nach caithfedh na biadha dorignedh
do'n fheoil. adubairt Ciarán: caithfir feoil isan charghais agus
muirbfid do námhaid thu an lá chaithfios tu í. bainfer do chenn
díot is ní sheilbheochair flaithes dé. is nemchonáig tra chaithfios
tu do bhetha óir cuirfir th'aibíd mhanaig díot. do fióradh imorro
briathra Chiaráin óir do marbadh eisean i ngar do shaighir
Chiaráin.



Is ann sin dorignedar an cethrar naom sin .i. an dhá Chiarán
agus an dhá Bhrénainn cumann etorra féin agus idir a gcomh-
arbaib dá néis. agus ar ngabáil ceada agus bennachtan na
naom sin do Chiarán chluana d'imthig chum na slighe agus ní


L. 14


raibe a fhios aige cá rabhadar na ba do gheall sé do'n ríg. do chuaid
Ciarán saighre leis tamall do'n tslighe dá sheoladh agus
tugsat bennacht dá chéile. adubairt Ciarán cluana: bíodh do
thoradh mo bhennachtan saidhbres agus imad inmhasa agus
spréidhe ad bhaile go bráth. adubairt Ciarán saighre: bíodh
saidhbres egna agus crábaidh do bhrígh mo bhennachtan at
inadsa choidche. agus do fíoradh na briathra sin do gach leith.
ar dtecht dóib chum an átha re a nabarthar áth salach fuaradar
ar bhruach na habhann cheithre ba maola cennfhionna. adubairt
Ciarán cluana: an bfaicir mar (tug) dia dhúinne na ba d'iarr an
rí orrainn. agus do dhelaigedar ann sin re chéile ar dtabairt
ghrása agus mholta do dhia agus ar ngabáil bhennachtan agus
phóg a chéile mar chomartha shíthe agus ghrása. do iompaig
senChiarán go saighir agus do chuaid (an) Ciarán eile go cluain.
do chuir na ba chum in ríg agus do b'ingnad leisan ríg cinnus do
b'féidir a leithéidedha sin do bhuaib d'faghbáil. agus ar mbeith
do Chiarán saor óna gheallamhain do chuadar na ba ar neimhní
go nár fríth a dtuarasgabáil ó shoin a lé. do thuig an rí ann sin
gur b'égcóir a nderna re Ciarán.



Do bhí i mainistir chluana mhic Nóis leanbh dar bh'ainm
Crithid. fa amadánta isna deghoibrigthib é agus fa urchóidech
isna hoibrighthib mailísecha. táinic sé go saighir Ciaráin agus
do bhí ann seal re senChiarán. do aichin Ciarán gan teine
choisrectha do bhennaig sé an cháisc roime sin do mhúchadh go
cenn bliadna isan mainistir acht a bethugad agus a coiméd innte.
táinic an lenbh adubramar ar furáilemh an diabhail agus do
mhúch dá dheoin an teine. adubairt Ciarán: an bfuil a fhios
agaib gur mhúch an lenbh mallaighte re a nabarthar Crithid
cluana an teine choisrectha do bhí againn. tiocfaidh díghaltas
air ann óir do ghébaidh sé bás amáirech. ba fhíor sin. do
mharbsat na meictíre arna mháirech ar an bferann amuich (é)
agus do fágbadh ann é. adubairt Ciarán: ní bhiaidh teine isan
eglais so go cáisc muna gcuiridh dia ann í. do chuala Ciarán
cluana go bfuair an lenbh bás mar sin agus táinic go luath go
Saighir agus do gabadh maille re honóir mhóir ann é. do bhí
teine d'uiresbaidh ar an mainistir óir ba as an teinidh choisrectha
úd do hadaigthí teine gach noidche innte agus do ghell Ciarán
nach biadh teine go cáisc innte muna gcuiredh dia do neimh í
tángadar an lá sin do'n bhaile aoigheda .i. Ciarán cluana agus


L. 15


a chuidechta agus do bhí fuacht mór orra óir do b'aimsir
shnechtamail ann. do chuaid senChiarán amach agus do shín a
lámh chum dia maille re húrnaigthib diochra. do thuit caor
theintidhe ina ucht agus do iaidh benn a bhruit uimpe agus rug
leis (í) do'n tig a rabadar na haoighedha. arna ngoradh dhóib
do hullmaigedh suipéir agus ar suidhe dóib dá chaithemh adubairt
Ciarán cluana nach caithfedh biad nó (go) bfuighbhedh aisec
an leinb. adubairt senChiarán: atá a fhios againn gur bh'í sin
do thoisc. doghéna dia dhúinne go dtiocfadh sé ina bhethaidh
chugatsa agus caith do chuid óir atá an lenb sin chugainn. táinic
an lenb fá bhréithir Chiaráin agus arna fhaicsin dóib tugsat
grása do dhia agus dá naomthacht. do chaithset a gcuid agus
d'imthig Ciarán cluana agus a lenb leis go Cluain ar ngabáil
bhennachtan tsenChiaráin.



Lá eile táinic bráthair do bhráithrib Chiaráin dar bh'ainm
Báithín agus do mhúch an teine arís go heisinnill dá aimdeoin.
dorigne aithrighe agus do ghab absolóid. táinic an lá sin Ruadhán
lothra ar cuairt do'n bhaile chum Ciaráin. ni raibe teine re linn
na naoighedh isan mainistir. do chuaid Ciarán chum cloiche do
bhí láim ris agus do bhennaig i sic. do las an chloch i gcédóir agus
do ghab Ciarán an chloch chuige idir a dhá lámhaib agus rug
leis í mar sin gusan tig a rabadar na haoigheda. mar atchonnairc
Ruadhán sin gona dheiscioblaib tucsat glóir agus moladh do dhia
agus do Chiarán.



An bráthair adubramar .i. Báithin: do dhoirt sé soithech
bainne do bhí dá iomchar aige agus do chuir Ciarán comartha
na croise césta ar an soithech agus do bhí lán. do ghab egla an
bráthair do dhoirt an bainne agus drong eile do na bráithrib roim
a maighistir roim Chiarán. agus do daingnigedh isan gcreidiomh
agus isna deghoibrigthib dá éisi.



Do bhí Ciarán lá ag dénamh úrnaigthe chum a thigerna agus
táinic an taingel agus d'foillsig do go raib aimsir a bháis leth
astig do láthair ghirr (ms. gerr). do iarrsan trí hathchuinge ar
dhia i bfiadnaise an aingil agus do fuair sé mar do iarr ó'n
aingeal arna ngealladh dho ó dhia: an chéd athchuinge dhíob
gach nduine do hadhnaicfidhe ina chathair agus ina reilig féin
gan dóirse ifrinn d'iadhadh orra d'éis laithi an bhrátha. an dara
hathchuinge gidbé dobhéradh onóir dá ló féin gan uiresbaidh
saidbhresa an tsaoghail do bheith air agus neamh thall do. an


L. 16


treas athchuinge an cine dá raibe sé féin .i. an cine osraighech
agus d'ar phátrún é gan chlaoidhe i gcath go bráth ó chine
echtrannach dá dtiocfadh go haindligthech do ghabáil a ndúithche
féin orra. agus gan iadsan do dhul do dhénamh ghabáltais égcóir
i dtalam eile.



An nech naomtha so d'ar labramar.i. Ciarán saighre ba mhór
(a) umhladh in gach inad agus do b'inmain leis an scriptúir
diadha d'éistecht agus do léghadh agus d'foghlaim go haimsir a
bháis. agus aithrister go raibh sé maille re naomhaib Eirenn ina
aimsir féin ag Findén chluana heraird agus go ndeachaidh i naois
fhoirbthe agus i ndiadhacht mhóir isan sgoil sin. agus go nabar-
thaoi dalta Finnéin ris mar ráidhtí le naomaib eile Eirenn. agus
ar mbeith dho isan aois ársa ocus i negna mhóir agus arna
mhúnadh go foirbthe mar adubramar agus ina esbog onóirech
do ba dhingbhála leis bheith ag foghlaim agus daoine eile aga
dtegasg uadha do ghradh na humhla agus na hegna. Ciarán
imorro óna aois óig go haimsir a bháis nír ibh sé deoch óna mbiadh
sé ar meisge agus nír ghab édach clúmhach ná bog uime agus nír
chaith fledh agus nír chodail a sháith agus nír choimling i ninad
ar bith tré ól na daoinechta. agus do iompaig sé a chine féin .i.
an cine osraighech chum creidimh agus a lán do dhaoinib eile. do
fiosraigedh é go minic ó na hainglib agus do óirdnestar nuimhir
mhór do espocaib agus do shagartaib agus do ghrádhaib eile
na heglaise. do thegaisc an taingel tobar onóireach dho agus
slánaigther mórán do ghalraib agus d'esláintib ó'n tobar sin. is
é (a) ainm tobar Ciaráin.



Tríocha bliadan do chaith Ciarán ag seirbhís do dhia go
dúthrachtach roim a bhaistedh. agus ar mbeith dho arna eslánu-
gadh ó'n tsenndacht agus ó'n teinnios do chomfhoicsedar laithe
a bháis do. agus do thogairm chuige a phobal agus a pharráistighe
as gach áird a rabhadar agus do bhennaig iad. do aichin dóib
aichenta dé do choiméd agus do ghab sácraimeint na heglaise
chuige ann sin idir choraib naom an tres nonas do mhí mhárta
maille re síthcháin Chríost agus do léig as a phobal uadha. agus
do bhádar deich nespoic fhiched do óirdnestar féin do chead dé
ar ndul i naon oidche ris dochum flaithis dé.



Críoch do bhethaidh Chiaráin. iarna sgríobhadh le Muiris
O Conchubhair saor loinge a gCorcach (sic).


L. 257


B 1765ls 18L



Tóraighecht in ghilla dhecair ocus a chapaill in so.



Rí uasal oirderc ro ghaib flaithes ocus forflaithemnas for Eirinn
fecht naill .i. Cormac mac Airt mac Chuinn chétchathaig. ocus
do bí Eire co rathmar rialta ocus co sona síthchánta ocus co
saidbir somaoinech le linn in tréinríg sin. ocus nír b'iongnad a
beith amlaid sin. óir fa bhrugaid ar bhrugachas ocus fa fhile ar
fhilidecht ocus fa rí ar rígamlacht in Cormac sin.


L. 258



Do bí Fionn mac Cumaill mhic Thrénmóir úi Bhaoiscne i
náirdchennas ar fhiannaib Eirenn le linn in tréinríg sin .i. Cor-
mac in táirdrí ocus ríg na gcúiced ocus in rígféinnid. ocus do b'é
Fionn in sechtmad rí do háirimti in Eirinn in tan sin.



Ba mhór tuillme ocus tuarastal Fhinn ocus na féinne in tan sin
.i. baile in gach tuaith ocus cethrama in gach baile. coilén con
nó gadhair ann in gach tech ó shamain co belltaine ocus mórán
sochar eile nach áirmither ann so. Ocus gér mhór na sochair iad
sin fa mhó co mór na duaidh ocus na dochair do bí ar Fionn
ocus ar fiannaib Eirenn ina dhiaid. mar atá cosc (ocus) díchur
danar ocus allmarach gada ocus díbfeirge ó Eirinn maille le gach
ole eile ar chena. innus gur mhór d'olc ocus d'imshníom do
gheibdís in fhiann ac cosnamh Eirenn mar foillsigter ann so.



Laithe nann dá raibe Fionn ocus fianna Eirenn in Almain
lethanmhóir Laigen ac ól fleidhe meiscemhla medharchaoine
samhna. ocus do bátar maithe ocus móruaisle féinne Eirenn
ina fharrad in tan sin. ro fhiarfaig Fionn díob inar mithig dóib
dul do sheilg ocus do shírfiadach. óir is é fa ghnáth le Fionn
ocus le fiannaib Eirenn in bhliadain do chaithem .i. ó bhelltaine
co samain le fiadach ocus le fianchoscar. ocus ó shamain co
belltaine (le) coimét cinnte comchoitchenn ar fheraib Eirenn.



Cid tra acht do cinnedh as a haithle sin dul do chommórad na
seilge móire sin aco. ocus is é inad fá ndechadar dá dénamh .i.
fá dhá chúiced mórdhálacha Muman. do ghluaisedar iarum i
nathgairid gacha conaire ó Almain co ráncatar crích ó mBuilc.
co lár bfer gcell ocus co brosnaig Bladhma. ocus co dá sliab déc
Eiblinne. ocus co cnámchoill mic Raighne. ocus co drom coll-
choille re a ráidter Aine cliach in tan so.



Do srethad ocus do sraonad in tselg le Fionn ocus le fiannaib
Eirenn fá imlib na foraoise risa ráidter (fir) muighe indiu. ocus
fá dhiamraib dorcha ocus fá fherannaib aimréide ocus fá chrío-
chaib caoináille caoinréide ocus fá shléibtib urárda Desmuman
risa ráidter luachair Dhegaid indiu. fá shliab chaomálainn chrot
ocus fá thulchaib mínáille sléibe muice. ocus fá chríochaib oirer-
míne na Siuire srebhuaine. ocus fá mhagaib féruaine fírghlasa
Feimen ocus fá Dhéisechaib urárda agarba aimréide Eithne. ocus
as sin co belach ngormchoilltech nGabráin.



Cid tra acht ní raib fidh ná mag ná móirshliab in dá chúiced
Muman nach raibe taoisech naonbair ac fiadach ocus ac fian-


L. 259


choscar ac srethad ocus ac sraonad na seilge amlaid sin, is ann
sin do shuid Fionn ina dhuma sheilge ocus d'fanadar drem do na
deglaochaib ina fhochair .i. Oisín mac Finn. Oscar mac Oisín.
Goll mac Mórna. Art mórbhuillech mac Mórna. Sciath brec
mac Dathchaoin .i. fer iomchair scéithe Fhinn. na tri Bailbh ó'n
mboirinn trí meic aoincherda Beirre. Caoilte mac Rónáin. Diar-
mait détsholus ó Duibne. Liathán luath ó luachair Dhegaid.
Conán (maol) mac Mórna .i. fer aithise ocus mílábartha na
féinne. ocus Fionn (bán) mac Bresail. acht atá ní chena fa
bhinn le Fionn ocus le fiannaib Eirenn guth ocus glám na
ngadhar. ocus glaodhach groidmher na ngasradh. ocus tormán
na dtréinfher. fedghail ocus fírgháir na féinne isna foraoisib ocus
isna fásaib ina dtimchioll.



Is ann sin ro fiarfaig Fionn do'n druing sin do bhí ina fhochair
cia do rachad d'faire ocus d'forchoimét na tulcha. do frecair
Fionn bán mac Bresail úi Bhaoiscne do'n rígféinnid ocus adubairt
co rachad féin ann. ann sin tuc Fionn bán lám tapaid deglaoich
tar a lethanarmaib ocus do ghluais roime co hárd na tulcha.
ocus ro ghaib ac féchain uada ar gach taobh de (mar atá) soir
siar ba dhes is ba thuaid. ocus nír chian do in tan atchonnairc
sin náird anair gach ndírech dá innsaigid in fomór ferrda fír-
ghránda. ocus in dúil diablaide dodelba. ocus in mogh modarda
mísciamach. ocus is amlaid ro bí ocus sciath drón dubh dath-
ghránda doilbir ar stuaigleirg a dhroma. ocus cloidem claislethan
glainbhéimnech ar a chroisshliasaid chírdhuib chlí. ocus dhá
shleig shénta shlinnlethna nár tógbad cian d'aimsir roime sin i
naimsir throda ná thegmála rena ghualainn amach. brat briste
bogshnáithech ar uachtar a eirrid ocus a éidid. ocus ba dhuibe
iná gual gobhann arna bhádad i nuisce fhuar oigreta cach aighe
de. capall modarda mísciamach cretlom le caoildeired liath
lúdartha fannchosach ocus aghastar agarb iarnaide uirre ocus
é acá tarraing ina dhiaid. ocus ba hingnad mór nach dtairrngedh
a cenn as a caomcholainn nó as a muinél le cach tarraing dá
dtugadh do'n aghastar agarb iarnaide ac iarraidh aistir ocus
imthechta do bhuain aiste. ocus ba mhó iná sin in tingantus
nach tairrngedh sise na láma fada sithremra do bí ac in bfer mór
as chompar a chléib le cach stad ocus le cach fuirech dá ndénadh
uaid ac dul tar a hais. ocus ba shamail re tormán tuinne trén-
móire cach buille bailcbhrígmar buanláidir dá mbuailedh in fer


L. 260


mór do'n luirgfhersaid iarainn ar in gcapall ac iarraid aistir ocus
imthechta do bhuain aiste. ocus arna fhaicsin sin d'Fionn bhán
mhac Bhresail do thuic aige féin nár chóir a leithéid sin d'ech-
trannach ná d'allmarach do léigen gan fhios ar Fhionn ocus ar
fhiannaib Eirenn. ocus do ghluais roime ina chéimennaib trén-
luatha ocus ina ghaisib cosluatha nó go ráinic Fionn ocus fianna
Eirenn. ocus adubairt in laoidh: -




Na dee dot bennachad a Finn
a fir in chomráid chnesda;
táncas féin dot ghrésachtsa
mar do bí oram egla.



Crét fár fágbais t'foraire
a Finn bháin an (re) droichscél;
crét as fáth dot chorrachad
fár léigis díot do choimét.



Dúil co ndroichdeilb ndiablaide
as mo gráin do'n druing daonda;
ac tiacht cusna fiannaibse
atá le siubal saothrach.



Ech modarda mísciamach
ina diaid cen chéim deithnis;
agastar agarb iarrainn
atá ar chenn in eich sin.



Dá shleig shéta shenlethna
atá aige dá nimchar;
is lorg d'iarrann aithleghta
a chloidem cruaid le ciorrbad.



ag so fáth mo dheithnisse
ní thiocfainn co tráthnóna.




A haithle na laoide sin atchonncadar in fer mór dá ninnsaigid
ocus gér gherr uatha é is fada do bí ac techt ar olcas a aistir ocus
a imthechta. ocus do bhennaig d'Fionn in tráth tháinic dá láthair
ocus do chrom a chenn ocus do fhill a ghlún ocus tuc comartha
umla d'Fionn. tócbus Fionn a lám ós a chionn ocus tuc ced
aithisc ocus uirghill do ocus fhiarfaigios Fionn scéla de. cia
d'folaib uaisle nó anuaisle in domain mhóir thu ar Fionn. adu-
bairt seisen nach raib a fhios sin aige cia dhíobsan é. acht aonní
amháin gur bfomór é do bí ag siubal ar rígaib certbhrethacha na
crístaigechta ag iarraid tuillme ocus tuarastail i ngell air féin
ocus co gcuala nár eitig Fionn duine ar thuarastal ariam. ní
dherna go deimin ar Fionn ocus ní mó eiteochaid sé thusa. créd
dobeir gan ghilla thu a fhir mhóir ar Fionn. is maith in tadhbar
ar in fer mór óir ní fhuil sin doman ní as decra liom iná gilla do
bheith agam. óir is próinn trí céd fer do bhiad ocus do thomaltus
fhognus dam co cenn do ló. ocus is beg liom sin dam féin ocus is
mór liom gilla ina thimchioll agam. masadh créd é in tainm atá
ort ar Fionn. atá orm in gilla decair ar sé. créd fár tugad in
gilla decair ort ar Fionn. is maith in tadbar ar in fer mór. óir ní
fhuil isin doman ní as decra liom iná aonní do les mo thigerna
ná aonduine agá mbím do dénam. a Chonáin mic Mórna ar in fer
mór cia as mó tuarastal marcaig sin bféinn nó tuarastal coiside.


L. 261


is mó tuarastal marcaig ar Conán. óir atá dá oired risin gcoiside
ag in marcach. cuirim a fhiadnaise ortsa a Chonáin gurab mar-
cach mé ocus co bfuil ech agam ocus fós gurab ar marcaigecht do
bhíos ag techt i gcionn na féinne. a Fhinn mhic Chumaill ar in fer
mór léigfed féin mo ech amach ar do chomairchese ocus ar chom-
airce na féinne i bfochair echrád na féinne. léig ar Fionn. tairrn-
gios in fer mór in tagastar agarb iarnaide do bí rena ech ocus do
ghluais sí roimpe ina céimennaib trénluatha retha nó go ráinic
echrad na féinne. ocus do ghaib dá ledrad ocus dá luathmarbad.
ocus do bhained in tsúil do ghreim as ech ocus do bhained a
chluais do ghreim do'n dara capall ocus do bhrised cos eich eile.
tabair th'ech let a fhir mhóir ar Conán: ranna nime ocus talman
i gcoraigecht orm muna mbiadh mar do léigis amach ar chom-
airce Fhinn ocus na féinne í co léigfinn a hinchinn tré fhuinneog-
aib a cinn ocus a cennmhullaig amach. ocus cid imda droch-
thurchartha do fuair Fionn i nEirinn ariam ní bfuair turchair ba
mhesa iná thusa. ranna nime ocus talman i gcoraigecht ormsa
ar in fer mór má thugaimse liom í. óir ní fuil gilla dogenadh
gillaigecht dam ocus ní hobair liom féin m'ech do beith im láim
agam.



Eirgios Conán mac Mórna in tan sin ocus ghlacus an tagastar
agarb iarnaide ocus chuirios re hech in fir móir é. ocus tuc leis
mar a raib Fionn ocus fianna Eirenn í ocus do bí i bfad ina láim
aige. a Chonáin mic Mórna ar Fionn ní ghéillfeá gillaigecht do
dénam do dhuine bud ferr iná in fer mór i bfiannaigecht. ocus
dá ndéntá mo chomairlese is é ní dogentá dul ar ech in fir móir
ocus cnuic is cabháin ocus maga mínscothacha do chuartugad
léi nó co mbristeá a croide ina cliab tré ar mharb sí do echraid
na féinne. eirgios Conán in tan sin ocus tuc echléim ar ech in fir
móir ocus bhuailios a dhá sháil co dian ocus co díchellach uirre
ocus nír chorraig ech in fir móir leis sin. aithgnim in ní sin atá
uirre ar Fionn: nó co bfaghbaid sí comtrom a marcaig féin do
daoinib uirre ní bfoghabtar aister aiste. do chuadar trí fir dég
d'fiannaib Eirenn ar chúla Chonáin ar ech in fir móir ocus luigios
fútha ocus éirgios arís. mesaim gurab ag magad is ag fonomaid
atáthaoi faoi mo ech ocus ní saor mé féin uaib mar in gcédna.
ocus is mairg dam do chaithfedh in chuid eile dom bhliadain
agat a Fhinn do ráid in fer mór ocus in mhéid so do bar sgige
d'faicsin in chéd lá. ocus aithgnim gur teist bhréige do chuaid


L. 262


ort ocus biad ag imthecht uait. ocus adubairt in laoid mar
lenus: -




Biadsa anois ac delachad
riot a Finn is ret fiannaib;
ní bfuil ann acht merachad
do laoch tuidecht dot iarraid.



Do muinter cid mórdálach
a Finn mic Chumaill chrechaig;
ní mérad it ócláchas
ní anfa in gilla decair.



Gid do chuaid do degtáscsa
a Finn ar fed na talman;
is edh ort nach gceilimse
do chlú éirgenn gan adbar.



Guth orainn ná tabairse
ná himthig uainn fá dólás;
luigim fá na harmaibse
nár chailles riam ar óclách.



Dá bfantása im farradsa
fedh bliadna a ghilla decair;
dobérainn cen charrachad
ar ghellas duit na degaid.



Dá mbud gan do'n bliadainse
a Finn acht aon lá beith ann;
ní anfainn it fiannaibse
tré a ndernsat orm do braflang.



Cuirim suas dot muinterdas
a Finn cid maith do fregradsa;
sin bféinn ó nár fuilngebar
ag imthecht uaibse biadsa.




Eirgios in fer mór a haithle na laoide sin co meta míthapaid
ocus co hanbfann atuirsech nó gur chuir tulach idir é féin ocus
fhianna Eirenn. ocus ar ndul tar binn áird na tulcha do tógaib
ós mellaib a mhás co lánárd. ocus do ghluais roime mar luas
áinle nó feirbe nó mar shíde gaoithe glóraige ag dul tar cenn
machaire nó móirshléibe i medón mísa márta. ba hé sin trebar-
luas déine ocus dígaire in torainn tennretha do bí leisin bfior mór
ag fágbáil na tulcha.



Mar atchonnairc ech in fir móir a tigerna ag imthecht uaithe
nír fuilnged sin léithe. gé gur mór a heire ocus a hualach do
ghluais roimpe ina buinne retha róghéir i ndiaid a tigerna. ocus
mar atchonnairc Fionn ocus na fianna na trí fir dég sin ar chúla
Chonáin mhic Mhórna ar ech in fir móir ocus í ar siubal do
scredadar le gáir fonomaid faoi. ocus mar atchonnairc Conán nach
raibhe ar a chumus túirling d'ech in fir móir do scred ocus do
scréch ar Fhionn ocus ar fhiannaib Eirenn fá gan é féin do léigen
leisin bfer mór fírghránda aduathmar nár bfes cá chlann ná cinél
do. ocus do ghaib dá naithisiugad ocus dá nimdergad. nél marb
ós uisce ort a Fhinn ar Conán: mac moghad nó ladrainn na fola
anuaisle bud mhesa iná thu féin do mhac athar is máthar do
bhuain do chinn is do choiméta bethad dhíot muna lenair sinn
ocus gidbé iath nó inse nó oilén i mbéraid in fer mór sinn ár
dtabairt let co hEirinn arís. éirgios Fionn ocus fianna na hEirenn
in tráth sin. ocus do lenadar in gilla decair tar maoilinn gacha
mórchnuic. ocus co hísle gacha glenna. ocus tar snám gacha


L. 263


hinbir. ocus co sliab lánaoibinn luachra. ocus co tulaig na sen-
ghaoithe risa ráidter berna chabair. ocus co crích corca Dhuibne.
ocus tuc in gilla decair a agaid roime gach ndírech dochum na
fairrge falcmaire fírdhoimne ocus tar sálmhuir srebuaine. ocus
bheirios Liagán luaimnech ó luachair Degaid a dá láim i nerball
eich in ghilla dhecair ocus do mes a tarraing chuige i ndiaid a
fuilt ocus a sithfinnaid ocus in lucht sin do bí uirre do chongbáil.
tuc sise suinnedh láidir lánchalma do Liagán luaimnech ocus
thairrngios i mbél mara ocus mórfairrge amach é. ocus ghrem-
aigios Liagán luaimnech d'erball eich in ghilla in uair sin. ocus
do bí in fhairrge ina maoltonnaib móráibsecha ag éirghe ina
ndiaid ocus ina tráig ghainme rompa in gach áit ina ngébdaois.



Ba himshníomach le Fionn na cúig fir dég sin dá mhuintir do
bhreith uaid ocus é féin d'fágbáil fá ghesaib. créd dogenam anois
ar Oisín re Fionn. créd dogenmaois acht ár muintir do lenmain
ocus gidbé iath nó inse nó oilén i mbérfaid in fer mór iad a
dtabairt linn ar ais nó ar éigen co hEirinn arís. créd dogénam
gan luing ar Oisín nó luathbarc againn. atá ar Fionn gur fhág-
badar tuatha dé danann do bhuadaib ar chloinn Ghaodail ghlais
mic Niuil mic Fhéiniusa farsaid gidbé aca re a mbiadh gnóithe
le hEirinn d'fágbáil (acht) dul co beinn Edair ocus gidbé líon do
rachadh leis ann co bfuigdís a sáith do luing nó do luathbarc
ann.



Fhéchus Fionn do thaob na fairrge in tan sin ocus atchonnairc
dias gaisgedach sin chonair chuige ba mhó do mhíledaib ocus ba
láidre do laochaib ocus ba chalma do churaib. ocus sciath
druimnech dathálainn ar stuaigleirg a dhroma ag in gcédfer díob
co ndeilb leoman ocus onchon ocus gríob ingantach arna mbuain
ocus arna mbechttarraing innte. colg toirtemail trénbuillech cru-
adloinnerda lánáibsech ar shliasaid a choise clí. ocus dá mhan-
aois móirremra rena ghualainn. ocus brat buanchorcra uime ocus
delg óir sin mbrot ós a bhruinne. flesc ingantach fhionndruine
ima chenn ocus ór fá gach cois de ocus a leithéid sin d'innioll ar
in dara fer. ocus ní fada in comnaide dorignedar co dtáncatar do
láthair ocus do chromadar a gcinn ocus do fhilledar a nglúine
ocus tucatar comartha umla d'Fionn. tócbus Fionn a lám ós a
gcionn ocus tuc ced aithisc ocus úirghill dóib. fiarfaigios Fionn
scéla díob cia d'folaib uaisle nó anuaisle in domain dóib. adu-
bradar gur chlann do ríg na hInnia iat ocus gurab é fáth a


L. 264


dturais co hEirinn .i. ar thí beith bliadain ar thuillem ocus ar
thuarastal Fhinn in Eirinn. ocus co gcualamar nach bfuil in
Eirinn duine bud ghlice iná é. ocus breith do breith idir na cerda
do bí aca. créd na cerda atá agaib ar Fionn. atá agam do cheird
ar in chétfer acasan .i. tuag saoir ocus cranntabaill. ocus dá
bfuighbinn deich gcéd fiched d'feraib Eirenn ar aon láthair dog-
enainn a sáith do luing nó do luathbarc dóib le trí builledaib
dom thuaig do bhualad isin gcranntabaill. ocus ní iarrfainn do
chuidiugad orra acht a gcinn do chromad in fedh do bheinn ag
bualad na dtrí builled sin. is maith in cherd sin ar Fionn. créd
í in cherd atá ag in bfer eile úd ar Fionn. atá agamsa do cheird
arsa in dara fer co mbérainn lorg na crannlachan naoi nimaireda
ocus naoi neitreda nó co mbérainn ina lebaid ocus ina hinad
uirre. ocus is comthrorn dobeirim sin ar muir ocus ar tír. maith
an cherd ar Fionn. ocus bud mhór ár bfeidm orraib dá dtuct-
áidhse congnam lorgairechta dúinn. créd dorucad uait ar fer
díobsan. innsios Fionn scéla in ghilla dhecair dóib ó thús co
deired. créd na hanmanna atá oraib ar Fionn. atá orm Ferad-
ach fírchalma mac ríg na hInnia ar in cétfer díob.



Is ann sin do chromadar fianna Eirenn a gcinn. ocus éirgios
Feradach fírchalma in tráth sin ocus bhuailios trí builleda do'n
tuaig do bí aige sin gcranntabaill co nderna ciumsa in chuain
ocus in chaladphuirt lán do longaib ocus do luathbarcaib. créd
doghenam d'iomad na long úd ar Fionn. dogenam a gcur ar
neimhní ar Feradach acht in méit ar a mbeidh feidm agatsa.



Eirgios Caoilte in tráth sin ocus do léig trí glaoda móra mór-
áibsecha as ocus atchualatar fianna Eirenn sin in gach áird
irrabatar. ocus do shaoiledar gurab i nairc nó i néigen do bí
Fionn ocus in chuid eile d'fiannaib Eirenn ag echtrannaib nó ag
allmarchaib. ocus do ghluaisetar rompa ina gconlánaib bega
bélscaoilte co ráncatar clochán cinn chait i niarthar chorca
Dhuibne. ocus fiarfaigios fianna Eirenn scéla d'Fionn créd in
téigen nó in tuathbás doruc air in uair do tharraing as a láith-
rechaib léicthe ocus as a bforaoisib fiadaig ocus as a ninnellaib
selga iat. innsios Fionn scéla in ghilla dhecair ó thús co deired
dóib.



Is ann sin do chuaid Fionn ocus Oisín i gcomairle etorra féin
ocus is é atconncus dóib ó nach rucad acht cúig fir dég dá muin-
tir ó Fhionn é féin ocus cúig fir dég eile do dhul dá lorgairecht


L. 265


ocus Oisín d'fácbáil i gcennas na féinne ag coimét na hEirenn.
ocus do chum Oisín ocus Fionn in laoidh: -




Tusa ar écht ac imthecht
a Fhinn a armruaid fhuilig;
do thoidecht illuing lebair
co hoirecht in fhuinn fhuinid.



Tusa uainn ag anamain
i ndáil in tslóig cen ailbéim;
a dhuis díona in degshlóig
is a ruisc mhíonla mhaillréid.



Echt ort a Fhinn almaine
écht as oirches ort d'fógra;
iompádh isin chuan chétna
co tí fionnchlár fuar Fódla.



Tusa uainn ac anamain
ní bfuil céim nach bud usa;
cé do chuaid do chlú chatha
is derb co racha tusa.




A haithle na laoide sin do desaiged long luchtmar lánáibsech
d'Fionn ocus dá mhuintir. ocus do cuired biad i ninad a chaithme
ocus ór i ninad a bhronnta innte. ocus do shuidetar na hóicfir
arrachta sin ocus na curada caomchalma ar shlesaib ocus ar
bhórdaib na luinge ina rabatar. (ocus do ghabatar) na ráma fada
slislethna sithrigne ina ndóidib détla dóidlethna doleointe. ocus
dorignetar imram tinnesnach trénláidir tar crioslachaib na fairrge
falcmaire fírdhoimne. ocus tar glenntaib na mara móraidbéile
mellghruamda. ocus tar glenntaib druimlethna drechduba dian-
luatha in chuain chraoislebair chubarbháin.



Is ann sin d'éirig in fhairrge ina huathbás ingantach blaoisc-
ghéimnech. ocus ina bróintib borba brecuallacha baothtroma.
ocus ina cnocaib corracha camthacha cennghruamda. ocus ina
bruachaib dorcha duba doscaoilte. ocus ina tonnaib craoislethna
cnisghela. ocus ina maoilennaib mongruada mera míchéillide.
ocus ina srothaib gáibthecha glaisimda. ocus ina linntib lucht-
mara lethangharba lí-uaine. ba cheol codalta ocus ba mhoch-
chorrugad maidne d'Fionn ocus dá mhuintir beith ac éistecht re
coicetal na mara mongruaide mórfairsinge ac crónán ocus ac
congháir ocus ac coimdecht le slesaib is le bórdaib na luinge
irrabatar.



Trí lá ocus teora oidche d'Fionn ocus dá mhuintir nach bfac-
atar taob críche innse ná oiléin. i gcionn na ré sin éirgios fer do
mhuintir Fhinn i gcorr tosaig na luinge ocus atchonnairc garbalt
glasmhór uaidh. ocus do sporadar in long d'innsaigid na haille
sin. ocus fuaratar carraic cerchaille comdhaingen ar bhruach na
haille ocus ba shleimhne iná mong escuinne i niochtar aibhne a
slesa. ocus fuaratar lorg in ghilla dhecair ac dul d'innsaigid na
cairrge ocus ní bfuaratar aonlorg acá fácbáil. do labair Fergus
finnbheoil ollam Fhinn in tráth sin ocus atbert: is meta ocus is


L. 266


míthreorach do theichis a Dhiarmaid úi Dhuibne ar sé. óir is ac
Manannán mórchomachtach mac Lir dorignis foglaim ocus oile-
main i dtir thairrngire i gcríochaib na gcuan. ocus ac Aongus óc
mac in Daghda do bechtmhúined thu. ocus is égcóir nach bfuil
cuid dá ngoil ná dá ngaisced agat ocus Fionn is a mhuintir
dobhreith i nagaid na buinne nó na cairrgesi. dergtar fá ghnúis
Dhiarmada a haithle na mbriathar sin ocus bheirios ar chrannaib
buada Manannáin do bí aige. ocus ar naithdergad do Dhiarmaid
do éirig do léim ocus do chlesaib goile ós crannaib a chraoisech
nó gur ghaib lán a dhá bonn do'n talam tromfhódach ar bhruach
na fairrge. fhéchus mac úi Dhuibne faoi síos ar Fhionn ocus ar a
mhuintir ocus cémad mhian leis dul sios nír fhét Fionn ná a
mhuintir do bhreith suas. fhácbus mac úi Dhuibne in charraic
ina dhiaid ocus ní fada do chuaid in uair atchonnairc in fiodh
fásaig foithremail. ocus na coillte díona dosmhóra duillebair
as mó fuaim srotha foghar gaoithe glór én ocus dórd bech dar
shiubal ariam. do bhí mac úi Dhuibne ac siubal in mhaige anoir
is aniar andes ocus adtuaid ocus féchain dá dtuc sé uaid atchonn-
airc in bile flescach foithgégach ar in maig. ocus carraic commór
cloiche ac in mbile. ocus benn bláithgér buabaill ar bheinn na
cairrce. ocus tiobraid álainn fíruisce fá bhun na cairrce. ocus do
bí tart ocus tiormlach ar mac úi Dhuibne i ndiaid shiubail na
mara ocus do b'áil leis lán na beinne buabaill d'uisce na tiobrad
d'ól ocus chromus uirre. ocus atchualaid in torann ocus in trostán
mór dá innsaigid. tuicios mac úi Dhuibne gur do ghesaib na
tiobraide gan aonbhraon dá huisce d'ól. ocus (ar a aoi atbert)
ólfad mo dhóithin de.



Ní fada ina dhiaid sin do mhac úi Dhuibne in tan atchonnairc
in gruagach chuige ocus innell ocus agaid íorgaile air. ocus ní
bennugad dorigne do mhac úi Dhuibne in tráth táinic do láthair
acht achmasán ainiarmartach do thabairt do. ocus adubairt gur
b'égcóir do beith ac siubal a fhoraoise ocus a fhásaig ocus ac ól
a choda uisce. tuc mac úi Dhuibne ocus in gruagach agaid ar a
chéile co dásachtach ocus co nimnech míchéillide. ocus co calma
curata. ocus co fraochmar foirniata. co rabatar ac frestal ocus ac
fritheolam a chéile do bhuilledaib gáibthecha gérluatha ocus do
bhéimennaib borba nó co ruc nóin ocus deired lae orra. ocus ba
mhithid leisin ngruagach delugad re comrac mhic úi Dhuibne
ocus tuc a thennléim i niochtar na tiobraide uaid. ocus ba him-


L. 267


shníomach le mac úi Dhuibne a chéile comraic do dhelugad leis
mar sin. féchus mac úi Dhuibne na ceithre hárda ocus atchon-
nairc elba fiad ac gabáil na foraoise. ocus dhruidios ina gcoinne
ocus tuc roth nurchair ar in naigh allaid ba choimnesa do gur léic
a habach ocus a hinathar co lár. ocus tuc leis í ocus bheirios ten-
lach teined amach. ocus dorigne mac úi Dhuibne teine thrén-
mór ocus dorigne aigeda beca bélscaoilte d'feoil na haige ocus
chuirios ar beraib fada fionnchuill iat. ocus ithios a sháith d'feoil
na haige in oidche sin ocus d'uisce na tiobraide le chéile.



Mhúsclus mac úi Dhuibne co moch arna mhárach ocus fuair
in gruagach ac in tiobraid roime. dar liom féin a mhic úi
Dhuibne ar in gruagach nír leor let siubal mo fhoraoise ná mo
fhásaig do bheith agat gan fiadach mo fhoraoise, acht chena
tucatar goin sin ngoin ocus buille sin mbuille ocus sáthad sin
tsáthad dá chéile nó co ruc nóin ocus deired lae orra. trí lá ocus
teora oidche do mhac úi Dhuibne ocus do'n ghruagach ac comrac
re chéile ocus agh imdhíscir allta gacha hoidche ac mac úi
Dhuibne. ar in lá déidenach do'n chomrac tuc in gruagach a
thennléim ó mhac úi Dhuibne d'innsaigid na tibraide. dob áil le
mac úi Dhuibne lám do chur fá brágaid in ghruagaig ocus do
chuatar faoi in tibraid re chéile. fácbus in gruagach mac úi
Dhuibne ar ndul faoi in tibraid. lenus mac úi Dhuibne in
gruagach ar bfácbáil na tibraide ina dhiaid ocus fuair in mag
mínscothach fairsing mórálainn roime. ocus in chathair rígda
rómhaisech ar lár in maige. ocus tiug slóig ocus sochaide ar
fhaitche in longphuirt. ocus mar atchonncatar siubal ac mac úi
Dhuibne ar in ngruagach do léicetar ród ríg ocus conair coitchenn
do nó co ndechaid tar dorus in dúnaid istech. ocus do dhruidetar
dóirse na bruidne air ocus tucatar na slóig sin agaid ar mac úi
Dhuibne. ocus ní ar metacht ná ar mílaochas do chuaid sin do
mhac úi Dhuibne. óir do chuaid fútha ocus trítha ocus tarsa mar
do gébadh sebac tré mhineltaib. nó mar fhaolchoin tré thrét
caorach. nó mar thrénbuinne shrotha shaobháird ac dul tar faill
mara nó mórfairrge acá sírledrad ac marbad ocus ac mórmú-
chad na slóg sin. co ndechatar fá fhedaib fásaig fírdaingne na
críche ocus in chuid eile tar dorus in dúnaid istech aca ocus do
dhruidetar dóirse na bruidne ocus na cathrach ina ndiaid. ocus
luigios mac úi Dhuibne ar in maig ocus do bí co cnedhach
créchtach crólintech a haithle na troda trénmóire sin.


L. 268


Táinic gruagach láidir lánchalma chuige ocus buailios do
phreib do leith a dhroma é. músclus mac úi Dhuibne ocus tuc a
lám tapaid laoich tar a armaib. fóill ort a mhic úi Dhuibne ar in
gruagach: ní do dénam díthe ná dochair duit táncas chugat acht
dá innsin duit gurab olc in tinad suain ocus sírchodalta i bfuilir
ar faitche do bhiodbad ocus th'esgcarad. ocus tar liomsa is do
ghébair inadh suain ocus codalta as ferr iná sin duit. lenus mac
úi Dhuibne in gruagach ocus do chuatar i bfad ocus i gcéin as
sin. ocus fuaratar cathair cennárd ar a gcionn. ocus trí caogaid
laoch lánchalma sin gcathraig cona ndíol do mhnáib banamla
maraon re hócmnaoi déitgil goirmdercaig glaicmínla malachduib
ar slios na cathrach sin ocus brat sróil ina timchioll. ocus inar
engach órsnáithech impe. calla bláithcert banrígna im a cionn.
do ferad fírchaoin fáilte re mac úi Dhuibne ina ainm ocus ina
shloinne féin. do cuired mac úi Dhuibne i nadhbaid íocshláinte do
bí sin chathraig. ocus do cuired luibe uaisle ina chnedhaib ocus
ina chréchtaib ocus ba slemain sláinchréchtach é. ocus do suided
búird ocus binnseda na cathrach. ocus nír cuired ísel i ninad in
uasail ná uasal i ninad in ísil acht gach aon ina inad imchubaid
do réir a uaisle ocus a atharda ocus a eladan ar na bórdaib sin.
tucad biada saora sochaithme chuca ocus deocha blasta bríg-
mara. ocus tucatar in chétshel do'n oidche re hól. in dara sel re
ceol ocus re haoibnes ocus urghairdiugad menman ocus aicenta.
tucatar in tres shel re suan ocus re sírchotlad do dénam nó gur
éirig in ghrian ina circhaill teintide ós cionn na talman trom-
fódaige arna mhárach.



Trí lá ocus teora oidche do mhac úi Dhuibne sin gcathraig
ocus in fled as ferr dá bfuair ariam acá tabairt do. fiarfaigios
mac úi Dhuibne i gcionn na haimsire sin cia hí in chathair nó cia
in chríoch ina raib nó cia ba chenn uirre. adubairt in gruagach
gurab í sin tír fá thuinn. ocus gurab é rí thíre fá thuinn in fer sin
do bí ac comrac ris. ocus gurab gruagach na tibraide ba fhorainm
gaiscid do. ocus gurab náma ocus esgcara láime deirge do féin é.
innsios do mhac úi Dhuibne mar in gcétna gurab é féin gruagach
in ghaiscid. ocus co raib bliadain ar thuillem ocus ar thuarastal
Finn mhic Chumaill in Eirinn ocus nár chuir tairis bliadain ba
haite leis iná í. fiarfaigios gruagach in ghaiscid scéla do mhac úi
Dhuibne créd in siubal nó in timthecht do bí roime. innsios mac
úi Dhuibne scéla Finn ocus in ghilla dhecair do ó thús co deired.


L. 269


Acht (atá ní) chena in uair ba fhada le Fionn ocus lena
mhuintir mac úi Dhuibne do beith ina nécmais dorignedar
dréimreda do thétaib na luinge i nagaid na beinne ocus na
cairrge ar lorg mic úi Dhuibne. do fuair Fionn ocus a mhuintir
fuigell feola mhic úi Dhuibne ocus ní dhuaid fuigell feola dá
raib aige ariam. féchus Fionn do gach leith de ocus atchonn-
airc marcach sin maig dá innsaigid ocus stéd dubdhonn dathál-
ainn faoi shrian degmaisech dergóir ria. bennaigios d'Fhionn in
tráth tánaic do láthair. ocus do chrom a chenn ocus tuc teora
póc do ocus iarrus é leis dá árus. do chuatar i bfad ocus i gcéin
as sin ocus fuaratar longport lethanmór lánarmach rompa ocus
tiug slóig ar faitche in dúna. trí lá ocus teora oidche d'Fionn ocus
dá mhuintir sin dún sin ocus in fhled as ferr dá bfuair ariam acá
degthabairt dóib. fiarfaigios Fionn i gcionn na haimsire sin cia
hí in chathair nó in chríoch ina raibe. adubairt gurab í sin críoch
na Sorcha ocus gurab é féin rí na Sorcha. ocus co raib bliadain
ar thuillem ocus ar thuarastal Finn in Eirinn ocus nár chuir
thairis bliadain ba haite leis iná í.



Do commórad lá aonaig ocus árdoirechtais le Fionn ocus le
ríg na Sorcha in uair sin ocus atchonncatar bainechlach ag techt
sin aonach dá ninnsaigid .i. bainghilla turais. Fiarfaigios in rí
scéla di. adubairt sise co raib scéla aice .i. co rabatar ciumsa in
chuain ocus in chaladpuirt lán do luathbarcaib. slóig ar fad na
tíre ocus (iat) ac dénam édála na críche. aithgnimse sin ar rí na
Sorcha. áirdrí Gréc atá ann ar sé ac dénam ghabáltais ar fedh in
domain. ocus do b'áil leis in doman mór do chur fá smacht ocus
fá chíos do féin ocus gabaidh in chríchse mar gach crích eile.
féchus rí na Sorcha ar Fionn in uair sin ocus do thuic Fionn
aige féin gurab ag iarraid chabartha ocus chuidigte air féin do bí
in rí. gaibimse cosnam ocus coimét na críchese orm ar Fionn nó
co bfácbad í.



Eirgios Fionn ocus a mhuinter ocus rí na Sorcha ocus do
lenadar in sluag sin. ocus tucatar ár féinned ocus feróglách orra
ocus dorignedar sceolanga scainnerda scélbhuaidertha díob. ocus
elta imeclach édtualaing. ocus ní mó iná lucht scéil d'innsin
do léicetar as díob. do labair áirdrí Gréc in uair sin ocus is é
adubairt: cia dorigne in dianmarbad út ar mo mhuintir. adubairt-
sen nach gcualaid énréd do ghoil ná do ghaisced fer nEirenn ar
marthain nó ar mórchuimne ariam roime sin. ocus co ndíbeorad


L. 270


sé sliocht nGaodail ghlais mhic Niuil mhic Fhéniusa farsaid as
Eirinn co deod ocus co deired in domain. is ann sin do thógaib
Fionn ocus rí na Sorcha puball uaine ilchrothach ós comair
choblaig áirdríg Ghréc. is í in phuball irraibe Goll mac Mórna
ocus Oscar mac Oisín puball fa choimnesa dólb do shlógaib na
críche.



Do labair áirdrí Ghréc in tráth sin ocus is é ro ráid: cia do
ghébainn do dhígail maslaid ocus marbtha mo mhuintire ar Fionn
ocus ar ríg na Sorcha. do ghébair mise ar mac áirdríg Frangc.
ghluaisios roime ac tinól a thromteglaig ocus tuc agaid ar in
bpupaill irraibe Fionn ocus rí na Sorcha. ocus mar atchonnairc
Goll mac Mórna sin éirgios ina choinne ocus ina chomairchios.
crét sin do b'áil let do dénam a Ghuill ar Oscar. do b'áil liom
comrac in lae andiu do dénam ar son Fhinn ar Goll. ná dén ar
Oscar. óir is í do lám as mó do fionnad i gcathaib ocus i gcom-
lannaib ocus léic damsa comrac in lae aniu do dénam ar son
Fhinn. tuc Goll ced in chomraic d'Oscar ocus tuc Oscar ocus
mac áirdríg Franc agaid ar a chéile in tan sin mar dhá dhrecan
ar dhásacht. nó mar dhá ruadbuinne lasrach lethanmóire. nó
mar dhá thuinn robarta rógheire ac dul tar bennaib cairrce. ba hí
sin teist ocus tuarascbáil na déise deglaoch sin.



Do éirig Goll mac Mórna ar gcengal a chuirp ina chaithéided
ocus tuc ruathar léidmech lánchalma faobrach fuiltech foirniata
borb tréinbheoda coimnertmar nemheclach fá mhuintir ocus fá
mhóirtheglach mic ríg Franc nó co nderna duille siabartha
sechránach soghluaiste díob. gur fágbad cinn gan cholna ocus
cuirp gan anmanna ocus mná gan feraib ocus máithrecha gan
mhacaib do'n mhórruathar sin.



Is ann sin do dhlúthaig Oscar armghlonnach áthasach ar
díchennad ocus ar tabairt aididh ar mac ríg Franc. ocus arna
dhíchennad do fillios ar Gholl ocus chuidigios leis in méit nár
marb do mhuintir ocus do theglach mhic ríg Franc do marbad.
ocus do chroith cenn mic ríg Franc i bfiadnaise choblaig áirdríg
Ghréc. ocus do léicetar gáir coscair ocus commaoidte re Fionn
ocus rena mhuintir ocus gáir dubachais ocus domenman re
muintir coblaig áirdríg Ghréc.



Do labair rí Ghréc fá'n am sain ocus is é ro ráid: cia do géb-
ainn do dígail mo mhaslaid ocus maslaid mo mhuintire ar Fíonn
ocus ar ríg na Sorcha. do gébair mise arsa in macám mór mac


L. 271


rig na hAfraice. gluaisios roime collíon a shlóig cus<in bpupaill
irraibe> rí na Sorcha; mar atchonncatar clann rig na hInnia sain
do éirgetar ina choinne. crét do b'áil lib do dénam ar Fionn. do
b'áil linn comrac in laoi andiu do dénam ar do shonsa ar Fera-
dach fírchalma mac ríg na hInnia. ní dénfair ar Fionn óir ní
bfuiltí sel comraic ar mo thuarastal. luighim fóm armaib goile
ocus gaiscid nach biam ní bud fhaide ar do thuillem ná ar do
thuarastal muna dtugair ced comraic dúinn ar iatsan. is ann sin
do éirgetar na huaithneda coimchliste catha. ocus na honchoin
oirbertacha. ocus tucatar in gleo gáibthech gráinemail ocus in
úirlech aduathmar ainiarmartach ocus in torann trénmór dá
chéile. gur bhrisetar craoisecha crannremra cinnderga crófhair-
singa ocus gur scaoiled a gcathbairr chunna cherdamla re tuar-
gain ocus re tinnios na dtrénlaoch sain. imthúsa chloinne ríg na
hInnia do díchennad in macám mór mac ríg na hAfraice leo i
bfiadnaise na sluag sin. ocus chraithios Feradach in cenn i
bfiadnaise chatha áirdrig Gréc. do léicetar gáir coscair ocus com-
maoidme re Fionn ocus rena mhuintir ocus gáir dubachais ocus
domenman re muintir áirdríg Gréc.



Do labair áirdrí Grec in uair sin ocus is é ro ráid: cia
do gébainn do dígail maslaid mo mhuintire ar Fionn ocus ar ríg na
Sorcha. do gébair mise ar mac áirdrig Gréc féin. óir dobérad
cúig fir déc liom do chomrac risna cúig feraib déc atáit ac Fionn
ocus dobérad féin cenn Finn chugat ocus dobéraid cach fer dom
mhuintir cenn fir dá mhuintir leis.



Do bí ingen óc aontuma ac ríg Gréc .i. Taise thaoibghel a
hainm. ocus amail téit in mhuir ós na srothaib ocus in tSinann
ós na haibnib ocus iolar ós in énlaith is amlaid do chuaid ar
dheilb ar áilne ocus ar fhaicsin tar mnáib na cruinne. ocus tuc
grád écmaise d'Fionn ar méit a theiste ocus a thuarascbála ar
fedh in domain. ocus iarrus mar athcuingid ar in ríg í féin do
léicen d'féchain in chomraic sin do bí itir Fhionn ocus a derb-
bráthair. tuc in rí in ced sin di ocus ruc a cumal coimdechta léi.



Is ann sin tuc mac áirdríg Ghréc agaid ar in bpupaill irraibe
Fionn ocus rí na Sorcha. aithgnim so ar Fionn: comrac énfir do
b'áil le mac airdrig Grec d'faghbáil uaimse .i. é féin do chomrac
liomsa ocus fer dom muintir do chomrac leisin bfior dá mhuintir-
sen. is ann sin tuc Fionn ocus mac áirdrig Ghréc agaid ar a
chéile mar dá leoman lánchalma. nó mar dá nathair nime ar


L. 272


naimdenus. nó mar dá ghríb ingnecha ina ngaisib casluatha nó
cor chrithnaig in talam tromfhódach fána gcosa ocus gur theil-
getar a gcuilg comdírecha á ndóidib ocus á nglacaib re deithnios
ocus le degbualad na déise deglaoch sin gur clos i naltaib ocus
i nimchianalb iat. is ann sin tuc Fionn béim toirtemail trénbu-
illech do mhac ríg Gréc gur dhiubraic a chenn dá cholainn ocus
dá chaolmuinél do'n bhéim sin. do léiced gáir coscair ocus
commaoidme le Fionn ocus lena mhuintir. ocus gáir dubachais
ocus domenman le muintir choblaig áirdríg Gréc. is ann sin do
tócbad a lia ós a lecht ocus do scríbad a nanmanna i nogaim ós
cionn cach énfir díob. ocus cé mór in grád tuc Taise thaoibgel
d'Fionn roime sin tuc a shecht noiret do ghrád do le linn a
derbbráthar do marbad. ocus chuirios techtairecht ós ísel dochum
Finn dá furáil féin air ocus ba luthgáirech láinintinnech re Fionn
sin.



Elaigios Taise thaoibgel in oidche sin dochum Finn ocus
músclus in rí arna mhárach ocus atrubrad leis Taise thaoibgel
d'élódh dochum Finn. nír chaoin sé díth a mhuintire acht Taise
thaoibgel ocus adubairt gidbé dobéradh chuige ó Fionn í co
dtiubradh seoid ocus maoine do. do labair taóisech teglaig do
mhuintir in ríg ocus is é adubairt: comaill damsa a ndubrais
ocus dá gcomallair dobérad in ingen chugat ó Fionn. óir atá
craob derscnaigte álainn agam ocus dá bfuighbinn slóig in
domain ar aonláthair do chuirfinn ina dtoirchim suain ocus
sírchodalta iat re foghar mo chraoibe do chrothad ós a gcomair.
gluaisios in taoisech teglaig ocus tuc agaid ar in bpupaill irraibe
Fionn ocus rí na Sorcha. ocus chroithios in chraob ós a gcomair
ocus do chuir ina dtoirchim suain ocus sírchodalta iat ocus
ghoidios Taise taoibghel in oidche sin. ocus is é comairle dorig-
ned le rig Gréc ó rucad Taise taoibghel chuige arís gan ní bud
mó dá mhuintir do marbad le Fionn. ocus do chuaid roime co
críochaib na Gréice.



Chrithnaigios Fionn arna mhárach Taise thaoibgel d'élódh
ocus do bí co dubach domenmnach i ndiaid ingine in ríg. a
Fhinn ar rí na Sorcha ná bíodh dubachas ná domenma ort do
chumaid na hingine. óir rachadsa co dtiug slóig let co críochaib
na Gréice ocus dobéram ingen ríg Gréc linn ar ais nó ar éicin.
ocus adubairt in laoid: -


L. 273



Buadach sin a mhic Chumaill
fuaras doilges ó'n debhaid;
ar mbreith buada do bidbad
ingnad do bheith it bethaid.



Slóig na Gréice co dtuille
do bátar uile ar th'agaid;
acht triar ocus trí cetrair
nocha raib d'fedain agaib.



Letsa is led becán buidne
a mhic Chumaill na mórslóg;
duitse ba bec in pudar
rí na gcurad do chlaochlód.



Aonmac áirdríg in domain
do fuair aided ret armaib;
le do muintir as a aithle
do thuitset maithe in chablaig.



(Taise taoibgel do breith uait
do'n áirdríg saidbir sluagach);
fá'n gcás ná bí co dubach
biaid do thuras co buadach.




A haithle na laoide sin do commóradh lá aonaig ocus árd-
oirechtais le Fionn ocus le ríg na Sorcha. ocus atchonncatar na
bratacha bláithbreca breclíomtha ocus na meirgeda maothsróil
ocus na glaschloidhme comrigne catha re guailnib na gcurad
ocus na gcathmíled. doireda dlútha dianmóra do shlegaib séta
sithrigne ós a gcennaib. ocus Diarmait détsholais ó Duibne
dtosach na fedhna fírmóire sin. aithgnios Fionn é ocus chuirios
Fergus finnbheoil chuige dá fhiarfaigid de cia in elada sin. nó
cia in chuidechta irraibe. nó in bfuair scéla a mhuintire chuige.
adubairt seisen gurab é sin gruagach in ghaiscid. ocus gur
fhoillsig do tréna eladain draoidechta gurab é Abartach mac
Allchaid tuc na cúic fir déc sin ó Fhionn co tír tairrngire. is í
comairle dorigned le Fionn ó do ruc mac úi Dhuibne ar Gholl
ocus ar Oscar a gcur co críochaib na Gréice ar chenn ingine in
ríg ocus Fergus do chur do maoidem a néchta ocus a náthasa
leo. ocus é féin ocus in chuid eile dá mhuintir do dhul co tír
tairrngire ocus gidbé aca bud luaithe ann fuirech leisin gcuid
eile.



Is ann sin do desaiged long luchtmar lánáibsech d'Fionn ocus
dá mhuintir ocus ní haithrister scélaigecht orra nó co rabatar í dtír
tairrngire. ocus atchonncatar in taonach ocus in tárdoirechtas
irraibe Abartach mac Allchaid. ocus chuirios Fionn techtairecht
chuige d'iarraid a mhuintire air nó cath do thabairt do. is é com-
airle dorigned le hAbartach aisioc a mhuintire do thabairt d'Fionn
ocus a bhreth féin do thabairt do ina mhasla ocus ina mhóirsiubal.
ocus ruc Fionn abhaile dá longport féin ocus do bí in fhled as ferr
dá bfuair Fionn ariam acá degtabairt do ann. ocus fhanus Fionn i
dtír tairrngire nó co mbérfaitís Goll ocus Oscar air.



Do desaiged long luchtmar lánáibsech bhennchorr bhláth-
daingen do Gholl ocus d'Oscar. ocus tucatar cúl le tír ocus


L. 274


agaid do mhuir ocus do chiumsaib na bóchna brecuaine is do
bhennaib fergacha fiarghruamda fuairfhliucha na fairrge. ocus
do ghluaisetar rompa co láidir saothrach siubalghrod co rabatar
ac éistecht re faoidh na muc mara ocus na murduchan ocus re
piastalb ingantacha na haibéise gur ghabatar cuan ocus calad-
phort i gcríochaib na Gréice glanáilne. ocus do thairrngetar a
long i dtír i ninad nár fhét tonn a tuarcain ná a minroinn ná
carraic a combrised. ocus atchonncatar uatha cathair na haithne
isin nGréic. ocus ar ndul ar tír dóib fuaratar aodhaireda na
cúirte ocus cethra na críche. d'fiarfaigetar scéla do na haod-
airedaib cia hainm in chathair atchonncatar. nó cia hí in chrí-
och ina raibe. nó cia ba chenn uirre. d'fiarfaigetar na haod-
airedha díobsan in i nglenntaib diamra doeolais rucad iat in
uair nach raibh fios na cathrach sin ná a hainm aca. ocus adu-
bradar gurab i sin cathair na haithne isin nGréic. ocus nach
raibhe isin doman cathair ba lia lám láidir laoch ocus curad ocus
dronga dianmóra le goil ocus gaisced iná í. crét dogénam anois
ar Oscar re Goll. crét dogénmaois ar Goll acht dul isin gcath-
raig ocus Taise taoibgel do tabairt linn ar ais nó ar éicen. ní
dénfam ar Fergus finnbeoil: tabraidse fighe cethardualach ar bar
bfolt ocus innsid gurab fileda faobracha focailcherta sib atá ar
siubal ar rígaib corónta certbrethacha na crístaidechta. crét
dogénam ar Goll dá niarrthar elada orrainn. dogénadsa elada ar
bar son ar Fergus finnbeoil. dorignetar amlaid sin. ocus do
ghluaisetar rompa dochum in dúna ocus do bhuailetar béim
fleisce fri fárdorus na cathrach. ocus adubairt in dóirseoir nach
raibhe in rí sin mbaile. co ndechaid sé dochum seilge ocus nach
raibhe istig acht Taise taoibgel ocus a cumal coimdechta. ocus
nach dticfad aonduine ina cionn nó co dticfad in rí abaile.



Táinic in rí ocus do commórad selg móráibsech leis. ba chenn-
derg coin ba láimderg laoich ocus ba chenntrom gillanrad
ocus gairbteglach in ríg i ndiaid na seilge tromtorrthaige sin.
bennaigit do'n ríg ocus fiarfaigios in rí scéla díob ocus ruc leis
istech co cathraig na haithne iat. ocus aithgnios Taise taoibgel
iat ocus nír labair riu. ocus in tráth táinic am codalta ocus suain
chuca iarrus Taise taoibgel in taos eladan anaithnid sin do léicen
léi féin dochum scélaigechta do dénam léi. ocus do chuatar i
néntseomra ocus do léicetar a naithgne dochum a chéile. ocus
fhiarfaigios Fergus di crét in tinnell i nélóchad si dochum Finn


L. 275


arís. adubairt sisi co rachadh in rí dochum na seilge cétna arna
mhárach ocus co nélóchad féin le Goll ocus le hOscar d'innsaigid
na luinge ó a dtáncatar. do chuaid in rí dochum na seilge ocus
élaigios Taise thaoibgel le Goll ocus le hOscar co rabatar i dtír
tairrngire. ocus ótchonnairc Fionn in cúicer sin uada tuc bara-
mail aithgne dóib ocus adubairt gur b'inmain leis na daoine re
a saimeoladh iat .i. Goll ocus Oscar. Fergus finnbeoil. Taise
taoibgel ocus a cumal coimdechta.



In uair rucatar a mhuinter uile ar Fionn adubairt Abartach
mac Allchaid le Fionn a bhreth féin do bhreith ina mhasla ocus
ina móirshiubal. adubairt Fionn co léicfedh sé in tuarastal do
ghell sé d'Abartach ocus in bhreth i nagaid a chéile. ní fhuil
maith damsa ann sin ar Abartach ocus fer aithise ocus míla-
bartha na féinne mar atá Conán mac Mórna gan a bhreith féin
do tabairt do. renna nime i gcoraigecht ormsa ar Conán nach
bud réid mise muna bfuigbed sin. ghellus Abartach sin do
Chonán. ocus is í breth ruc Conán ar Abartach na ceithre mná
déc do b'ferr i dtír tairrngire do tabairt leis re cois a mhná féin.
ocus a bhen féin do chur i nerball eich in ghilla dhecair mar do
bí Liagán luaimnech ó luachair dhegaid. ocus na ceitre mná déc
eile sin dá mhuntir (ac marcaigecht uirre) nó co mbiadh i niar-
thar chorca Dhuibne.



Ocus bíodh a fhios agat nach ór ná airget tuc Conán do bhreith
acht amail mar adubramar.i. na ceitre mná déc do b'ferr i dtír
tairrngire do tabairt leis mar aon le mnaoi Abartaig. ocus ben
Abartaig do chur i nerball in eich mar do bí Liagán luaimnech.
ocus na ceitre mná déc eile do chur ar marcaigecht mar do bí
seisen ocus in chuid eile dá mhuintir nó co mbeidís i gclochán
chinn chait i niarthar chorca Dhuibne.



Ag sin do mhuintir a Fhinn ar Abartach. féchus Fionn do
cach taob de ocus ní fhaca sé Abartach shíos ná shuas. ocus ruc
Fionn Taise taoibgel leis co hAlmain lethanmóir Laigen ocus
dorigensat banais na déise sin.



Gurab í sin tóraigecht ocus echtra in ghilla dhecair ó thús co
deired.



Finit.


L. 276


B 1800ls 19T
U 0401



(Echtra in chetharnaig chaoilriabaig nó chetharnaig úi
Dhomnaill do réir dhruinge)



Lá dá raibh O Domnaill i mbél átha Senaig .i. Aodh dub mac
Aodha ruaid mic Néill ghairb mic Thoirdelbaig in fhíona ag
caithem fleide ocus fésta ocus maithe ocus móruaisle a thíre ocus
a thalman maraon ris. do fritheolad ocus do frestlad iat le nua
gacha bíd ocus le sen gacha dige ar chena. ocus in tráth fa subach
sáthach somhenmnach cách uile i gcoitchinne is ann do labair
gallóglách do mhuintir úi Dhomnaill ocus is edh ro ráid: dar
slán dé ar sé ní fuil as so go múr tige ríg Grég tech as ferr iná
in tech so. ná dís ar fhichit as binne iná in dís ar fichit atá
sin tech so. mar atá Conán maolruad O Raithbertaig. Diarmaid
O Gillagáin. Cormac O Ciaragáin. Tadhg O Crugadáin. ocus
muinter eile nach náirmither sonn.



Ar in gcomrád sin dóib atchonncadar chuca in cetharnach
caoilriabach ocus in tuisge ac plibarnaig ina bhrógaib. ocus
barr a dá cluas tréna shenfuan. ocus leth a chloidim nochtaithe
i dtaob shiar dá thóin. ocus trí gaethe boga bunloiscthe chuilinn
ina dhesláim aige. go mbennaigid dia duit a úi Dhomnaill ar
sé. go mbennaigid dia duitse ar O Domnaill. cá thaob as a
dtángais a óglaoich anaithnid ar sé. i ndún monaidh i mbaile
ríg Alban do chodlas aréir ar in cetharnach: bím lá in Ile. lá i
gcionn tíre. lá i Manainn. lá i Rachlainn. ocus lá eile ar fionn-
charn na foraire i sliab Fuait. ocus is duine siofóidech suairc
siubail mé ocus agatsa atáim anois a úi Dhomnaill ar sé. goirter
chugam in dóirseoir ar O Domnaill. tánic in dóirseoir do láthair:
an tusa do léig in fer so istech ar O Domnaill. ní mé ar in
dóirseoir ocus ní fhacas ariam roime so é. léig thort é a úi
Dhomnaill ar in cetharnach. óir ní usa linn techt istech iná dul
immach in tan as áil linn féin. suidh síos ar O Domnaill. suid-
fed nó ní shuidfed ar in cetharnach . óir ní dhénaim ní ar bith
acht mar as áil liom féin. d'éist O Domnaill fris gan fregrad do
óir b'ingnad leis cá cinél duine bhiadh ann do thicfadh istech
isin dúnad gan dóirseoir ná nech eile dá fhaicsin ag in dorus nó


L. 277


go dtárla ar lár árais úi Dhomnaill. ocus do bhádar in lucht
eladan go gérshúilech ag féchain fair.



Seinn port ceoil dúinn a Chonáin mhaolruaid úi Raithbertaig
ar in cetharnach. do sheinn Conán maolruad port ceoil ar
chomairle in chetharnaig. seinn port dúinn a Dhiarmaid úi
Ghillagáin ar in cetharnach. sheinnios Diarmaid duan ocus
degcheol do. seinnidh ceol dúinn a Chormaic úi Chiaragáin ocus
a Thaidg úi Chrugadáin ar in cetharnach. ocus do sheinnedar
na fir sin fraischeol do'n chetharnach.



Acht chena do sheinnedar na saoithe sin uile cuir ocus puirt
ro sligtecha siublacha taigenta taitnemacha ocus cuislenna ceoil-
bhinne cruite. go gcuirfidís daoine ina gcodlad le fuaim in cheoil
shírbinn shíde do sheinnset. dar trí slánaib dé a úi Dhomnaill ar
in cetharnach ó do chualas tuairisc na muintire bhí re seinnim
gach uilc. mar bhí lucht eladan Bhelsibub Abiron ocus na prinn-
sada puiblidhe (sic) ag imirt na niarann ocus na nórd i bfíriochtar
ifrinn. ní chualas doicheol as mó iná do mhuintir ar sé.



Is ann sin do rug in cetharnach ar in gcláirsig ocus do sheinn
sé cuir ocus puirt shligtecha siublacha taigerta taitnemacha ocus
cuislenna ceoilbinne cruite. go gcuirfide mná ré nidnaib. ocus
fir ghonta. ocus laoich arna ledrad. ocus curada arna gcrécht-
nugad. ocus aos galair ocus géresláinte in domain i dtoirchim
suain ocus sírchodalta le foghar in cheoil fírbhinn síde do sheinn
sé in tan sin. dar slán dé ar O Domnail ó do chualas tuairisc na
muintire bhíos re seinnim ceoil síde isna cnocaib ocus isin talam
fúinn shíos. mar bhí Fergus fionn mac Forgaide. ocus Sennach
O Doirge. ocus Suanach mac Senaig. ocus scológ chille cuilinn.
ocus bacach beinne Boirche. ós iat do chuired daoine chum
codalta ocus daoine chum gola ocus drong eile chum gáire. ní
chualas ceol bud bhinne iná do cheol óir is duine róbhinn tu ar
O Domnaill. bím lá binn is lá serb ar in cetharnach. éirig suas


L. 278


a chetharnaig ar in fer fritheolta ocus suid i gcumaid ocus i
gcuimhrinn úi Dhomnaill. óir atá sé ag tabairt cuire dhuit. ní
rachad ar in cetharnach. óir ní bhiad acht mar chrochaire
ghránda dhénfadh ealada do dhaoinib maithe. ar in adbar sin
ní rachad tairis so suas acht cuiridís a maith chugam anuas más
mian leo. ocus ann sin do chuiredar inar ocus atán ocus léine
riabach ocus matal leisin bfer fritheolta dochum in chetharnaig.
sin culaid do chuir O Domnaill chugat ar sé. ní háil liom í ar in
cetharnach. óir ní beidh aonní le maoidem ag in duine maith
orm go bráth.



Is ann sin do chuiredar fiche marcach arna gcengal i narm
ocus i néided ar gach leith do'n dorus immuig. ocus ós a chionn
sin fiche gallóglách ar gach taob de dá choimét istig ocus immuig
im dhóirsib in dúin. óir do brethnaigedar nár ba dhuine saogalta
é. créd do áil lib riu sút ar in cetharnach. dob áil linn tusa do
choimét ar O Domnaill. dar trí slána dé ar in cetharnach cé
maith sibse is bar gcoimét ní hagaib do chaithfed mo phróinn
amárach. a dhé cá heile ar O Domnaill. i gcnoc Aine ar in
cetharnach: dá mhíle dég ó Luimnech amach áit i bfuil Seaan
mac an iarla i nDesmumain. dar slán dé ar gallóglách díob dá
bfagainn thu ac cur aonchuir díot go maidin dogénfainn mell
comchruinn ar lár le cúl tuaige díot.



Is ann sin tug in cetharnach lám fó'n gcláirsig ocus do sheinn
cuir ocus puirt ocus cuislenna ciuil go gcuirfide fir ghonta ocus
mná ré nidnaib ocus aos othair ocus géresláinte in domain ina
gcodlad le fogar in cheoil chaoinbinn tsíde do sheinn sé. cá
bfuiltí a ghallóglácha ar in cetharnach: so chugaib immach mé
ocus dénaidh gérchoimét nó biad ar siubal uaib. mar do chuala
in chétghallóglách na briathra sin ro éirig ina shesam ocus do
thóg a thuag ocus do bhuail in fer fa nesa do gur thresgair go
lár é. ótchonnairc cách imroll urchair in fhir do thógbadar uile
a dtuaga go fíochmar fírnimnech i nagaid in chetharnaig le
béimennaib bríogmara ar amus a chinn. gidedh is ar fer aca
féin do tharla gach buille díob sin. is amlaid do chuir in ceth-
arnach na gallógláig ag gabáil do chúlaib tuag ar a chéile idir
mharcach ocus ghallóglách co rabadar uile ina gcosair chró.
táinic in cetharnach gan fuiliugad gan foirdergad fair d'innsaigid
in dóirseora ocus adubairt fris fiche bó ocus cethrama d'ferann
tsaor d'faghbáil ó O Dhomnaill do chionn a mhuintire d'aithbeo-


L. 279


ugad: ocus cuimil in luibsi ar sé do charbaid uachtaraig gach
fir díob ocus éireochaid slán aris. dorigne in dóirseoir amail
thegasg in cetharnach do. ocus fuair in fiche bó ocus in cheth-
rama ferainn ó O nDomnaill ar son a mhuintire d'aithbeougad.



Tárla Seaan mac in iarla .i. iarla Desmuman in tráth sin i
naonach ocus i nárdoirechtus ar faitche a dhúna ocus a dheg-
baile féin. féchain dá dtug tairis atchonnairc sé in cetharnach
caoilriabach chuige ocus leth a chloidim nochtaithe i dtaob
shiar de. ocus a shenbróga lán d'uisge ag fedalaig uime. ocus
barr a dá cluas tréna shenfuan. ocus bonnsach bogloiscthe ina
láim aige. go mbennaigid dia duit ar in cetharnach. go mben-
naigid dia duitse ar Seaan mac in iarla. cánas a dtángais a
óglaoich ar sé. i dtig úi Dhomnaill i mbél átha senaig do chod-
las aréir ar in cetharnach. i ndún monaid i mbaile ríg Alban do
chodlas in oidche roime sin. ocus ann so agat anocht a mhic in
iarla ar sé. cá hainm atá ort ar mac in iarla. Dubhartán O
Dubhartáin m'ainm is mo shloinned ar in cetharnach. cá slige
ar ghabais chugainn a Dhubartáin ar Seaan. d'es ruaid mhic
Modhairn frisa ráidter Sligech ocus go céis caomálainn Corainn.
ó'n gCorann go coirrshliab na seghsa ocus go máig luirg in
Dagda. ocus do leth taoib Chruachna maige hAoi. ocus do
mhaig mhucraime. do chríochaib ua gConaill ghabra ocus go
soiche thusa anois a Sheaain mhic in iarla ar sé. tugad Dubartán
istech ocus d'ól deoch ocus ro niamghlan a chosa. ocus do bí
ina chodlad go tráth éirge do'n ghréin arna mhárach.



Táinic Seaan mac in iarla ar cuairt chuige fó'n am sin. ocus
do labair sé leis go mín muinterda ocus issedh adubairt: dar
liom is fada do chodlad. ocus ní hingnad duit é óir do b'fada do
shiubal andé. acht do chualas go rabais tréigthech ar lebraib
ocus ar chláirsig ocus bud maith liom do chloisdin ar maidin ar
Seaan. atáimse róthréigthech isna heladnaib sin go deimin ar in
cetharnach. tugad lebar chuige ocus nír léig aonfhocal. tugad
cláirsech dá innsaigid ocus nír sheinn aonphort. is cosmail go
ndechaid do cheol is do léigenn uait ar Seaan mac in iarla. ocus
ar in adbar sin dorignes rann duit: -


L. 280



Uch a dhia is mór in clú
nach léighenn líne lebair;
Dubartán O Dubartáin
's gan aonfhocal do mhebair.




Mar do chuala Dubartán é féin dá cháined ocus dá imdergad
dorug sé ar shenlebar shenchais Sheaain mic in iarla ocus do léig
sé síos go stuama stuidértha blasta binnbriathrach é. dorug ar
in gcláirsig iarum ocus do sheinn sé fraischeol caoinbhinn cuis-
lennach co gcuirfedh aos galair ocus géresláinte in domain
dochum suain ocus sírchodalta re fogar in chaoincheoil téit-
bhinn tsíde do sheinn sé. is fírbhinn in fer eladan tu a Dhub-
artáin ar Seaan mac in iarla. bím lá binn is lá serb ar Dubartán.



D'éis medóin lae d'éirig Seaan mac in iarla immach ar chnoc
Aine ocus Dubartán maraon ris. an rabais ar in gcnoc so riam
roime so a Dhubartáin ar Seaan. do bhádas ar Dubartán maraon
re duine maith ar a ndechaid clú selga ocus fiadaig ocus fian-
choscair inallód. mar do bí Fionn mac Cumaill mic Thrénmóir
mic Bhaoiscne mic Fhiacha saidbir mic Bric mic Dhairne duinn
mic Dhegaid. Do bádar na móirféinneda ann .i. Oisín mac Finn
ocus Raigne mac Finn. ocus Oscar mac Oisín. ocus Glúndubh
ocus in Dubchosach beinne gulbain. ocus in Dubthuath. ocus
Art mac Mórna. ocus Goll. ocus Conán. ocus Beith barrghlas
mac Mórna maille ris. do suided in tselg fá'n gcnoc so ocus do
cuiredh míl muige re mullaigib. ocus sinnaig ar sechrán. ocus
bruic a broclasaib. ocus eoin ar eitiollaig. ocus laoig arna lua-
ghail linn. ocus do ghabamar ag éistecht re mongáir na míled
ocus re sníom na slabrad. ocus re gothaib na ngadar. ocus re
grésacht na ngillanrad. co ndechaid fiad ballach báinderg
ann so siar reomainn ocus do bí ilar datha ann. do léig Fionn a
iallchoin dá innsaigid .i. Bran ceoilbhinn in chú ghel ocus in


L. 281


chú chrón Enán. ocus mac in truim ar léimnech luath tar
(sliab) luachra siar. fhéchus Seaan mac in iarla thairis ó thaob
dhes co tuaidh ocus ni fheca sé in cetharnach. ocus nír bfis do
cá háird do áirdib in domain ar ghab sé uaidh.



Tárla fá'n am sin duine maith do laignechaib .i. Mac Eochaid
ollam re dán ocus a chos briste le ré ocht sechtmained dég ag
siled a choda smera ocus fola co féig fírfuiltech. nár bféidir táth
ná leiges d'fagbáil di ocus dá fer dég do laignib ocus do tháith-
legaib do b'ferr i laignechaib aige ar fed na ré sin. atchonnairc
Mac Eochaid in tóglach caoilriabach dá innsaigid ocus fuan-
bratán uime ocus lebar ina láim ocus dórdán abráin dá ghabáil
aige. go mbennaigid dia duit a Mhic Eochaid ar in cetharnach.
go mbennaigid dia duitse ar Mac Eochaid. cá háit as a dtángais
a óglaoich ar sé. i dtig Sheaain mic iarla Desmuman do chodlas
aréir ar sé. i dtig úi Dhomnaill i mbél átha senaig do chodlas in
oidche roime sin. i nOilech na ríg do rugad mé. bím lá in Ile. lá
i gcionn tíre. lá i Manann. lá i Rachlainn ocus lá eile ar fionn-
charn na foraire i sliab Fuait. óir is duine siublach suarach saob-
nósach mé. cá helada duit ar Mac Eochaid. adbar legha mé ar
in cetharnach. cá hainm atá ort ar Mac Eochaid. Cathal O Céin
m'ainm is mo shloinned. ocus dá léigfeása in doichell ocus in
ghorta ocus in droichbés atá innat díot do leigesfainn do chos
atá sin innam gan amrus ar Mac Eochaid nó go nibim trí deocha
ocus is cuma liom crét dogní cách ó shoin immach. an léigfir
in doichell is in ghorta díot ar mo chomairle ar Cathal O Céin.
léigfed chena ar Mac Eochaidh. tug Cathal O Céin luib íce im-
mach is do chuimil do chois Mhic Eochaid í: éirig suas a Mhic
Eochaid go bfaicem an bfuil ruith agat. d'éirig Mac Eochaid
ina shesam ocus tug sginned immach fá imell in mhachaire ocus
cách ina dhiaid le huathbás. gur fhágaib sé in dá liaig dég do
thorad a retha.



Dorignes do leiges a Mhic Eochaid ar in cetharnach. ocus
má gní tu doichell ná gortad as so suas ticfad chugat ocus brisfed
in chos sin do leigised liom. ocus ní hé sin amáin acht in chos


L. 282


eile. ocus ní leigisfid lega na bfiann tu as sin suas. ní dhén ar
Mac Eochaid. ocus atá ingen álainn agamsa ocus dobérfad
duitse í ocus trí cét bó is trí cét capall is trí cét caora is trí cét
muc léithe. ocus biad féin am chliamain mhaith agat. maith sin
ar Cathal O Céin: má atá sí glan nó má atá sí gránda beidh sí
agam.



Do chuir mac Eochaid fled mhór dá hollmugad is dá comm-
órad do Chathal O Chéin. ocus in tan fa hollam in fhled is ba
hinchaithme in chuirm thógbus Cathal O Céin air is nír luaithe
míol mongruad lá márta iná Cathal ag dul tar maoilinn in chnuic
bí ar agaid in bhaile. táinic in fer fritheolta chum Mic Eochaid
ocus issé adubairt: in liaig út bí agat ó hUlltaib dá ngoirter
Cathal O Céin. ní luaithe in míol mongruad dá ngoirter in gerr-
fhiad iná eisen ag dul tar maoilinn in chnuic út thall. is ann sin
dorigne Mac Eochaid in rann mar lenus: -




In liaig a hUlltaib inmain
mar is inmain Ulltaig féin;
mac in athar ó'n áird tuaid
ní mairg fuair Cathal O Céin




Ghluaisios Cathal O Céin ocus ní derna fos ná frithairisem nó
go raib i Sligech. ocus is í sin tráth ocus uair fá a raibe O Con-
chobair ag dul do dígail chléibín na caillige connachtaige forsin
gcaillig muimnig. ocus ar mbeith do ag imthecht atchonnairc
in cetharnach caoilriabach chuige. go mbennaigid dia duit a
úi Choncobair ar in cetharnach. go mbennaigid dia duitse ar O
Conchobair. ocus cá háit arrabais anois ar sé. do bíos aréir i
lagan Laigen i dtig Mhic Eochaid. ocus do bíos in oidche roime
sin dá míle déc ó Luimnech i gcnoc Aine i dtig Sheaain mhic
iarla Desmuman. do bíos in oidche roime sin i dtig úi Dhom-
naill i mbél átha senaig. ocus i ndún monaid i mbaile ríg Alban
in oidche roime sin. i nOilech na ríg do rugad mé. bím lá in Ile
ocus lá i gcionn tíre. lá i Manann ocus lá i Rachlainn ocus lá
eile ar fionncharn na foraire i sliab Fuait. óir is duine suarach
siublach saobnósach mé. cá hainm atá ort ar O Conchobair.
Gilla dé as ainm damsa ar sé. créd ghluaisios sib as bhaile ar


L. 283


Gilla dé. dochum catha i nagaid na muimnech do thiagaim ar
O Conchobair. dá bfoisteochad sib mise do rachainn lib ar Gilla
dé. dar mo bhréithir ar cetharnach do mhuintir úi Chonchobair
ní hé amáin nach bfoisteochamaois thu acht ní ghébmaois cenn-
ach ná cumha is do leithéid do beith linn. ní libse do rachainn
ar Gilla dé acht le hO Conchobair. ocus do bféidir nach misde
d'O Chonchobair mise beith leis. crét as cennach duit a Ghilla dé
ar O Conchobair. ní iarraim acht gan lethchuma do dénam orm
ar sé in fedh bím friut. doghébair sin ar O Conchobair.



Do ghluaisetar rompa tar Sinainn siar ocus fir Chonnacht uile
i naonréim go dtugadar sgeimell trí lá i ndiaid a chéile i mesg
muimnech agá slad ocus ag breith leo gach ní ba hinaistir. ocus
ag cruinnechad a mbó is a gcapall is a dtréd co haoninad. fua-
radar trí ba breca ocus tarb maol na caillige muimnige ocus tug O
Conchobair iat sin do'n chaillig chonnachtaig i ndígail a cléibín.
nír bfada dóib ag timáin na creiche co bfacadar gasrad dá
cúiged Muman ac tóraigecht i ndiaid a dtána. is ann sin táinic
in Gilla dé do láthair úi Chonchobair ocus tuc a rogha do in
chrech do thimáin nó in tóir do chosg. adubairt O Conchobair
gur b'ferr leis in tóir do chosg. fillios in Gilla dé ar in tóir ocus
boga ocus ceithre saigde fichet leis. ocus nír léig aonurchar nár
thuit naoi naonbair do mhuimnechaib leis innus nár fhan aon-
duine fó fhad ghona urchair shaigde do. ocus dá ndechadaois
fir Chonnacht uile i dtimchioll aonfhichet bó díob ní bhérfadaois
fad urchair shaigde leo iat.



Ann sin do chuir O Conchobair iarraid ar Ghilla dé ocus adub-
airt fris in chrech do thimáin. fhregrus in Gilla dé sin co hobann
is do chuaid i dtimchioll na creiche mar luas áinle. corro thinóil
ocus cor thimáin iat uile do dhruim degretha co mbátar i bfad as
amarc fer Muman. mar atchonncatar na muimnig in Gilla dé ac
tabairt a chúil dóib do deifrigetar i ndiaid fher gConnacht co
mbátar agá marbad gan choigilt. innus gurab éigen do'n Ghilla
dé filled ar in tóir arís.



Mar sin do ina rith itir in tóir ocus in chreich nó co ráncatar
tar Sinainn aniar. ocus ó shoin co Sligech ocus co dúnad úi
Chonchobair. téid O Conchobair istech roim chách. tugad deoch
ina láim ocus nír chuimnig ar in ngilla dé nó gur ibh í. tic in
gilla dé do láthair úi Chonchobair ocus adubairt co raibe ac
gabáil a cheda aige. ocus nír maith le hO Conchobair sin ocus


L. 284


adubairt co dtiobrad a bhreith féin do ar son in lethóil dá nderna
sé fair im in dig sin. adubairt in gilla dé nach ngébadh sin uada
ocus nach bfuireochad ní bud sia. ocus adubairt co nderna
rann im in adbar sin: -




Lethchuma ar Ghilla dé
ní cuibe do'n té dogní;
issedh innsimse do'n fhlaith
ní maith in breth ruc in rí.



Ní mise nach ndechaid leo
ar cenn na mbó co tráig Lí;
in té do choiscfedh in tóir
ní breth chóir a bheith cen ní.



Dá mbiainnse is Murchad mac Briain
ac gabáil giall bó is crech;
tobach císa in domain móir
ní thiubrainn do acht a leth.




Féchain dá dtuc O Conchobar tairis nír bfios do cá háird do
áirdib in domain ar ghab in gilla dé uada.



Tárla fá'n am sin Tadg O Cellaig i naonach lánoirechtais a
dúin ocus a degbaile féin. atchonnairc in cetharnach caoilriab-
ach dá innsaigid ocus leth a chloidim nocht do'n taob shiar de
ocus barr a dá cluas tréna shenfuan ocus senbróga lán d'uisge ac
fedalaig uime. go mbennaigid dia díb ar in cetharnach. do
frecradh é mar in gcétna. cá háit irrabais anois ar Tadg O
Cellaig. i dtig úi Choncobair shligig do chodlas aréir ar in
cetharnach. ocus i dtig Mhic Eochaid i lagan Laigen in oidche
roime sin. ocus i dtig Sheaain mhic in iarla in oidche roime sin.
i dtig úi Dhomnaill i mbél átha Senaig roime sin ocus i mbaile
ríg Alban roime sin. i nOilech na ríg do rugad mé. bím lá in
Ile is lá i gcionn tíre. lá i Manann ocus lá i Rachlainn. ocus lá
ar fionncharn na foraire i sliab Fuait. ocus is duine siublach
suarach seafóidech mé. crét as elada duit ar Tadg O Cellaig.
clesaide maith mé ar in cetharnach. ocus dá dtucthása cúig
marga dam dogénainn cles duit. dobérsa ar Tadg. chuirios in


L. 285


cetharnach trí simne ar a bhois ocus adubairt co gcuirfedh in
tsimin medóin as le séideoig ocus co bfúicfedh in dá shimin
foirimellacha ann. déntar sin let ar O Cellaig. chuirios in ceth-
arnach barr a dhá meor ar in dá shimin do b'foide ó a chéile
díob ocus do shéid in tsimin medóin dá bhois. ag sút cles agat
a Thaidg úi Chellaig ar in cetharnach. dar mo chubais ní holc in
cles ar O Cellaig. nár raib maith ó dhia ac fer a dhénta arsa
cetharnach do mhuintir úi Chellaig. ocus dá dtucthása leth na
gcúig marg út damsa dogénainn in cles út. dén in cles út sin nós
chétna ar in cetharnach caoilriabach ocus dobérad leith na gcúig
marg út duit. do chuir in tóglách trí simne ar lár a dhernann
ocus do chuir barr a dhá meor ar in dá shimin leithimellacha
ocus tuc séided do'n tsimin láir co ndechaid barr a dha meor
tré chlár a dhernann immach ar chúl a láime. ob ob a dhuine ar
an clesaide caoilriabach: is mistuama in cles sin dorignis ocus
ní mar sin dorignes féin. acht chena ó chaillis in tairget dogénsa
do leiges. chuimlios in clesaide luib íce do'n láim corbo slán i
gcétóir í.



A Thaidg úi Chellaig ar in clesaide dá dtucthá cúig marga
eile dam dogénainn cles eile duit. cia in cles sain ar Tadhg.
do bhogfainn mo letchluas ar mo letchionn ocus do bhiadh in
letchluas eile ina comnaide ar in clesaide. dén sin dúinn ar O
Cellaig. chuirios in clesaide a lám suas is do ruc ar a letchluais
ocus do bhog ar a lethcionn í. dar go deimin is maith in cles ar
Tadhg O Cellaig. nár raib maith agatsa ar cetharnach úi Chell-
aig. ocus munab é in donas orm dogénainn féin in cles út.
ó sháraig in cles eile thu arsa in cetharnach caoilriabach dén
in cles út anois. do chuir in tóclách a lám suas ocus do bhog a
chluais ar a lethcionn co dtáinic in chluas ó'n letchionn leis. is
míthapaid in cetharnach so agat a Thaidg ar in clesaide. dóig ní
mar sút dognímse in cles. acht chena dogénad a leiges ocus dá
dtucthá cúig marga eile dham dogénainn cles eile duit. dobérad
ar Tadhg.



Tuc in clesaide ceirtle sída immach as a mhála chlesaidechta
ocus tuc urchar ináirde de co ndechaid i nél in aieoir. ocus tuc
gerrfiad immach as in mála chétna ocus d'imthig in gerrfiad ina
rith suas ar in tsnáithe. ocus tuc cú bhec ocus do léig i ndiaid in
gerrfiaid í ocus do bí sí ac tafann co binn ar a lorg. tuc gilla bec
immach as in mála chétna ocus adubairt leis dul suas ar in


L. 286


tsnáithe indiaid na con ocus in gerrfiaid. tuc óigben álainn inn-
ellta immach as mhála eile do bhí aige ocus adubairt léithe in
gilla ocus in chú do lenmain ocus in gerrfiad do chaomnad gan
maslad ó'n gcoin. do rith in óigben ina dhiaid co luath ocus do
b'aoibinn le Tadg O Chellaig beith ac amarc ina ndiaid ocus ac
éistecht re sestán na selga co ndechatar suas sin nél as aithne co
léir.



Do bátar sel fata ina dtost iar sin co ndubairt in clesaide: is
ecal lim ar sé co bfuil drochchor gá dhénam ann sút tuas. ocus má
atá ní rachaid cen dígail. crét sin ar Tadg O Cellaig atá ar in
clesaide co mbiadh in chú ac ithe in gerrfiaid ocus in gilla ac dul
chum na mná. bud dual sin féin ar Tadg. tairrngios in tsnáithe
iarsin ocus fuair in gilla itir dá chois na mná ocus in chú ac
creim chnám in gerrfiaid. línus ferg mór in clesaide cor tharraing
a chloidem ocus tuc buille ina mhuinél do'n ghilla cor theilg a
chenn dá cholainn. adubairt Tadg O Cellaig nár maith leis
gním chom míchubaisech sin cá dhénam ina fhiadnaise féin. má
ghoillenn sé ortsa mar sin ar in clesaide is furus limsa a lesugud
is do ruc ar in gcenn ocus tuc urchar de ar in gcolainn ocus
d'éirig in gilla ina shesam ocus do leith a dhroma do bí a agaid.
do b'ferr do beith gan anam iná beo mar sin ar Tadg O Cell-
aig. arna chlos sin do'n chlesaide do ruc ar in ngilla ocus d'imp-
aig in cenn ar in gcaoi chóir air ocus d'fág slán é mar do bí
roime. ocus dorigne in rann: -


L. 287



Dobeir begán dobeir mórán
is dobeir in fichid marg;
dobeir beo fer gan anmain
mian gach ríg ar talmain Tadg.




Féchain dá dtuc Tadg O Cellaig dá leth taoib nír b'fios do
cá háird do áirdib in domain do gab in clesaide.



Fled do commórad i dtig ríg Laigen fó'n am sain ocus
atchonncatar in cetharnach caoilriabach chuca ocus in tuisge ac
fedalaig ina senbrógaib ocus barr a chloidim nochtaithe do'n
taob tiar de. co mbennaigid dia díb ar in cetharnach. co mbenn-
aigid dia duitse ar rí Laigen ocus cánas a dtáncais chucainn arsa
in rí. ó thig Taidg úi Chellaig tháncas anois. i dtig úi Chonchob-
air i Sligech in oidche roime sin. in Oilech na ríg do rucad mé.
bím lá in Ile is lá i cionn tíre. lá i Manann lá i Rachlainn is lá
eile ar fionncharn na foraire i sliab Fuait. duine siublach suar-
ach siofóidech mé ar in cetharnach. cá hainm atá ort ar rí
Laigen. gilla decair as ainm dam ar sé.



Do bátar sé fir déc re seinm tét i dtig ríg Laigen in tráth sain.
dobeirim mo briathar ar in gilla decair ó chualas féin torann na
nórd i niochtar ifrinn ní chuala comolcas bar ceoil ar sé. a
chladaire smertha arsa in fer fa harrachta do'n aos tét is olc as
fiu thusa sin do rád linn. co deimin adeirim letsa ar in gilla
decair cé doilig dul tarsna cúig feraib déc sin eile le docheol is
tusa féin bheir barr seirbe orra uile. do thóg in fer tét a chloi-
dem is do bhuail in gilla decair i mullach a bathaise ocus dar
leis féin dorigne dá leith certa dá chionn. ocus is amlaid tarla do
ionad ar bhain in buille dhe féin ina chenn co nderna dá leith
de. ocus in méit do roiched do'n aos tét chuice do bhuailed gach
aon díob lán a láime fair ocus ar cach aon díob féin do bí in
buille fá deoid.



Is ann sin d'fógair rí Laigen de chuid dá derbchomdaltadaib
féin in drochduine sin do breith leo ocus a chrochad. do rucadar
air ocus do chrochadar é dar leo féin. ocus ar filled dóib do láthair
in ríg fuaratar in gilla decair rompa istig. nach tu d'fágbamar
crochta sin chroich ar siat. féch sin ar in cetharnach. d'féchatar
sin ocus fríth in derbchomdalta fa hannsa le rí Laigen crochta


L. 288


i náit in ghilla decair. dorignedh in cles sin fó trí leisin ngilla
decair cor crochad triur do derbchomdaltadaib in ríg ina áitsen
ocus cor marbad urmór a aosa eladan.



D'fan in cetharnach i tig ríg Laigen can buidechas co tráth
éirge gréine arna márach. do chuaid do láthair in ríg ar maidin
ocus adubairt: a rí Laigen ar sé do chuires cuid dot mhuintir
chum báis aréir ocus fúicfed slán agat féin arís iat. is maith
liom sin ar in rí. d'fácaib in gilla decair muintir in ríg slán ocus
ruc ar chláirsig ocus do sheinn cuir ocus puirt shiublacha binne
sídhe co gcuirfedh aos galair ocus géresláinte in domain i dtoirr-
chim suain ocus sírchodalta re fuaim in cheoil fhírbinn shiabartha
do sheinn sé in tan sain. amharc dá dtuc in rí tairis ar a lucht
chiuil féin nír bfios do cá ndechaid in gilla decair uaidh. ocus ní
comnaide ná fosad dorigne corráinic co (cill) scíre co tig Sheaain


L. 289


úi Dhomnalláin. ocus tucatar medar bainne remair ocus mias
do ablaib fiadaine chuice ocus do chaith a leordóithin díob. ocus
do ghluais as a bfiadnaise can fios dóib cá háird ar ghab sé
uatha. ocus ní chuala a bhec do scélalb in chetharnaig chaoil-
riabaig ó shoin a leith.



Finit.



B 1815lsc 19T



Ag so turus Caoil an iarainn meic ríg na Tesáille go
hEirinn agus chom mífhortúnach is d'éirig
a shiubal leis.



Lá aonaig ocus árdoirechtais do commóradh le Fionn mac
Cumaill mhic Airt mic Thrénmóir úi Bhaoiscne le secht gcath-
aib na féinne ocus le secht gcathaib na gnáithféinne ac beinn
Edair mhic Edgaoithe. súil dá dtugadar tar muir ocus tar
mórfhairrge co bfacadar in long luchtmar lánáidbsech fána láin-
réim seoil sin bfairrge anoir co láindírech dá nionnsaigid. innell
cogaid ocus cointinne uirre. ocus nír chian dóib in tan atchonn-
arcadar in taonóglách mór míleta merchalma ac éirghe d'urlann-
aib a shleg ocus do chrannaib a chraoisech nó gur ghab leithed a
dhá bonn do'n tráig ghelghainmide. lúirech líomtha lánmhaisech
air. éidedh daingen dobhriste uime. sciath donnálainn ós áird a
ghualann. clogad cruaidiarainn fána chenn. cloidem claislethan
cuilgdhírech ar a thaob chlí. a dhá shleig chrainnremra chróna
ghéra ina dhá dhorn. brat sciamach scáirléide fána ghuailnib
ocus delg óir loiscthe ina lethanbrollach.



Táinic i láthair Fhinn ocus na féinne ar in innell ocus ar in
órdugad sin. ocus do labair Fionn ocus is edh adubairt: cia thu
a ghaiscedaig d'folaib uaisle nó anuaisle in domain. nó cia háird
do na ceithre hárdaib inar ghabais chucainn. Caol an iarainn as


L. 290


ainm damsa. mac ríg na Tesáille. ocus in mhéit do shiublas
do'n chruinne ó d'fágbas mo thír féin conice so nír fhágbas
ionnta innse ná oilén gan chur fá áirdchíos mo chloidim ocus
fám láim féin. ocus is é as mian liom áirdchíos ocus cennas na
hEirenn do breith liom do'n dulsa. ní chualamar ariam laoch
ocus ní fhacamar gaiscedach nach bfuightide fer dá chlaochlód
in Eirinn ar Conán. ní fuil acht glór óinmide ocus amadáin acam
ad ghlórsa a Chonáin ar Caol. óir dá raibe a bfuair bás le secht
mbliadnaib do na fiannaib i gcionn a mairenn díob dobérainnse
braon báis ocus begshaogail orra uile i naonló amáin. acht chena
dogénad ní as réide iná sin lib. má gheibtidh iomorro in bar
mesc aonlaoch amáin bérus barr ormsa do rith ná do chomrac ná
do chorraigecht ní dhénad ní as mó buaidertha ná trioblóide do
chur oraibse ná ar nech eile acht filledh tar m'ais dom chrích féin
arís. maisedh in gilla turuis atá againne ar Fionn. mar atá
Caoilte mac Rónáin. ní fuil sé sin mbaile in tan so ocus dá
mbiadh do chaithfed sé rith letsa. ocus más duine thu a ghais-
cedaig ar sé fhanfus i bfarrad na féinne nó dogénus caradrad
ocus comall leo co dtéighedsa ar chenn Chaoilte co Temair na ríg
muna bfaghbad ann sin é dogébad go derbtha i gcéis Chorainn
na bfiann é. déntar amlaid ar Caol.



Is ann sin do ghluais Fionn sin mbelach ocus ní cian do chuaid
in tan tarla ar choill aimréid dorcha ocus bóthar fírdomh-
ain méise ag gabáil tré chertlár na mórchoille sin. ní cian do chuaid
innte in tan tecmaic ar in ndúil diablaide droichdeilbe
ocus in narrachtach éigciallach ocus in fiadfathach cretbuide
cnáimremar ocus cóta fada lachtna co colpa a dhá cos síos air.
ba shamalta re crann seoil luinge lánmóire gach cos faoi ag
iomchur chuirp aimriagalta in fhir móir. ocus ba shamalta re
taob báid bronnfhairsing gach bróg do'n dá bhróig do bí fá
chrúba crotacha caimingnecha in fathaig. ocus leithed méise
pétair d'íochtar dhóibe buide ar in gcóta lachtna do bí ar in bfer
mór. ocus gach coiscéim dá siublad do bhuailedh in tíochtar
dóibe buide sin colpada a dhá cos innus go mbainedh fuaim asta
dochloisfide láinmhíle ferainn uada. ocus gach uair dá dtógbadh
a chos do scárdadh lán bairille do'n ghrellaig suas fána mhásaib
ocus fána chorp cretbuide air. do ghab Fionn ag féchain ar in
bfer mór ar fedh tamaill fhada óir ní fhacaid a shamailsen riam
roime. ocus do bí ac siubal roime sin tslige nó gur labair in fer


L. 291


is co ndubairt: crét é in raon siubail ná sechráin so do bain duit
a Fhinn mic Chumaill ar sé at aonar ocus at aonracht gan duine
d'fiannaib Eirenn at fochair. atá ar Fionn do mhéit mo bhuaid-
ertha ocus mo thrioblóide nach bfuil faill acam ar sin d'innsin
duit. ocus dá mbiadh gan maith acam ann. muna ninnsi dam é
ar in fer mór beir fána dholaid ocus fána dhígbáil co bráth.



maisedh ar Fionn más éicen dam sin d'innsin duit bíodh a fhios
acat gurab é Caol an iarainn mac ríg na Tesáille tháinic istech
co beinn Edair mic Edgaoithe sin medón lae indiu ac gabáil
áirdchíosa is áirdchennais Eirenn acht muna bfagbadh aonlaoch
amáin bérus buaid air do rith do chomrac nó do chorraigecht.
cad as mian daoib do dhénam ar in fer mór. óir is aichnid
damsa go maith é ocus ní fuil énní dá ndubairt in laoch sin nach
dtic leis a choimlíonad. ocus dogénad ár bfer ocus bferóclách do
thabairt ar in bféinn go huilide. is mian liom ar Fionn dol ar
chenn Chaoilte co Temair na ríg. ocus muna bfagbad ann sin é
dogébad go derbhta i gcéis Chorainn na bfiann é innus co
mbenfadh gell retha do'n laoch út. maisedh ar in fer mór is
duine gan rígacht tu más é Caoilte mac Rónáin do chrann bag-
air. ní fhedarsa tra cad dogénad ar Fionn. atá a fhios sain
agamsa ar in fer mór: dá nglacfá liomsa dar mo mhionna do
bhainfinn gell retha do'n laoch út. mesaimse ar Fionn co bfuil
do dhíchell le dénam acat do chóta is do bhróga móra d'iomchur
aoinleithmíle amáin d'ferann sin ló ocus gan dul i ngell retha
risin laoch út. dar go deimin muna mbainedsa dhe é ní bainfidh
fer d'feraib Eirenn ar in fer mór. déntar amlaid ar Fionn. acht
crét as ainm duit. bodach in chóta lachtna as ainm dam ar sé.



Ann sin fillios Fionn ocus bodach in chóta lachtna tar a nais
ocus ní haithrister a naister ná a nimthecht nó co ráncatar co
beinn Edair mic Edgaoithe.



Is ann sin do chruinnigedar fianna Eirenn uile i dtimchioll in
fhir móir uair ní fhacatar a shamail riam roime. táinic Caol in
iarainn do láthair ocus d'fiarfaig an tuc Fionn leis in fer do
rithfedh ris féin. ocus adubairt Fionn co dtuc ocus do thesbáin
do é. ar bfaicsin in bhodaig do Chaol adubairt nach rithfedh
rena leithéid do bhodach smertha choidche. arna chloistin sin
do'n bhodach dorigne glámrad garb gáire ocus adubairt: is
mellta ataoi dom thaobsa a ghaiscedaig ar sé. ocus tabair dam
fios na scríbe rithfios tu ocus muna rithedsa sin riotsa ocus


L. 292


tuilled más é do thoil é is letsa breith in ghill. ní háil dam ní
bud lugha iná trí fichid míle do scríb retha do beith reomam ar
Caol. is maith mar tharla ar in fer mór: trí fichid míle go cinnte
ó beinn Edair mic Edgaoithe co sliab luachra na Muman. ocus
muna rithedsa sin riotsa ocus tuilled más é do thoil é is letsa
breith in ghill. déntar amlaid ar Caol. maisedh ar bodach in
chóta lachtna is é ní as cóir dúinn do dhénam gluasacht siar co
sliab luachra na Muman ocus comnaide na hoidche inocht do
dhénam ann innus co mbiam réid do chum ár naistir ocus ár
nimthechta ar a márach.



Is ann sin do ghluais in dias deglaoch sin. mar atá Caol an
iarainn mac ríg na Tesáille ocus bodach in chóta lachtna. ocus
ní haithrister a nimthús co ráncatar sliab luachra na Muman ac
dul faoi do'n ghréin. is ann sin do labair in bodach ocus is é
adubairt: a Chaoil in iarainn ar sé is cóir dúinn árus toige nó
botháin do dhénam bhias ós ár gcionn inocht. dar go derbta ní
rachad do dhénam toige ar shliab luachra na Muman mar ghell
ar chomnaide aonoidche is gan súil agam re techt tar m'ais lem
ló arís. déntar amlaid ar in bodach. acht má thic liomsa árus
toige nó boithe do dhénam is fada uada immach bhias cach aon
nach dtiubradh a chongnam dochum a dhénta.



Is ann sin do ghluais in bodach fá'n gcoill aimréid dorcha ba
choimnesa do. ocus ní stad ná mórchomnaide dorigne nó gur
shnaidm sé ceithre cúpla fiched do móradhmad ocus co dtuc leis
iat fóna ndíol taobán gcoille ocus d'úrluachair in tsléibe do'n
ualach sin. ocus gur chuir tech fada fairsing ina shesam fó
dhíon ocus fó thegar. ina diaid sin do chuir mórthorc móradbal
móirtheined d'úrach ocus do chríonach na coille ar úrlár in lóistin
sin ocus do labair in dara huair le Caol: más duine thu thiocfus
liomsa d'fiadach ar bith fó na coilltib so. ní fios damsa é ar
Caol. ocus dá mb'edh ní led leithéidse do rachainn d'emhnad.



Is ann sin do ghluais in bodach fó'n choill aimréid dorcha ba
choimnesa do. ocus ní cian do chuaid innte in tan do mhúscail
sé scaoth muc bfiadhain. ocus do ghab i naghaid na scaoithe
ocus in torc ba threise atchonnairc sé do scar risin scaoith ocus
do len i réim gacha conaire ocus gacha diamrach é gur sháraig
le tréine retha ocus saothair é. do thrascair co lár ocus co lánta-
lam é. do chóirig co glan degthapaid é. ocus do chuir i gcionn
na teinedh lánmóire sin dá róstadh é ocus glés iompóidh ar na


L. 293


beraib sin uathaib féin. is ann sin do ghluais in bodach ocus ní
stad ná mórchomnaide dorigne co toigh mbarúin innse úi Chuinn
do bí deich míle fichet ó shliab luachra. ocus tuc leis dá bairille
fíona dá meis pétair ocus arraibe d'arán ollmaighte sin tech.
bórd ocus cathaoir. ocus tuc leis do'n ualach sin iat corráinic co
sliab luachra na Muman tar a ais. ocus do fuair a chuid feola
rósta roime. do chuir leth an tuirc leth an aráin ocus bairille
fíona i noirchill na maitne. ocus do chuir leth aile ar bórd faoi
féin. do suid síos co sadhail sochma. d'uaid a leordóithin bídh
ocus d'ól bairille fíona ina chorp síos ina dhiaid. do chroith lán-
bhrat luachra ar úrlár in lóistin sin. ocus do bí ina thoirrchim
shuain ocus shírchodalta nó gur éirig grian lántsoillsech arna
márach ocus co dtáinic chuige Caol an iarainn do bí in oidche
sin ar taob in tsléibe gan biad gan dig ocus gur mhúscail as a
chodlad é. ocus adubairt: éirig a bhodaig ar sé is mithig dúinn
dol dochum ár naistir ocus ár nimthechta festa. Is ann sin do
múscail in bodach ocus do chuimil bos dá shúilib ocus adubairt:
atá uair dom chodlad gan dénam agam go fóill. acht ós deifir
atá ortsa dobeirim mo thoil duit beith ac imthecht ocus biadsa
ad dhiaid gan amrus.



Is ann sin do ghluais Caol roime sin tslige ocus ní raibe gan
móiregla air fó'n nemshuim atchonnairc ac in mbodach acá
dénam de. acht in tan do chodail in bodach a leordóithin d'éirig
ina shuide. d'ionnail a agaid ocus a láma. do chuir biad ar bórd
faoi. do suid síos go sadhail sochma ocus d'uaid leth in tuirc
leth in aráin ocus d'ól bairille fíona ina chorp síos ina dhiaid.



Is ann sin d'éirig in bodach ocus do chuir cnáma na muice co
bailech i mbeinn a chóta lachtna. do ghluais roime mar luas
áinle nó ferbóige nó mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil
fó mhaoilinn chnuic nó chairrge cennghairbe nó co ruc Caol in
iarainn istech. ocus do theilg cnáma na muice tarrsna sin tslige
roime ocus adubairt: a Chaoil in iarainn ar sé féch in bfuigtheá
creinnt ar bith ar na cnámaib sin. óir is derb co bfuilir lán d'ocrus
ar mbeith ar sléib luachra na Muman aréir ad throscad. do
chrochad dogébthá a bhodaig ar Caol sul rachainnse ag iarraid
bhíd ar na cnámaib do bís ac creinnt led chraoisfhiaclaib. maised
ar in bodach ní mór duit cor siubail do chur ort bhus ferr iná
chuiris co fóill.



Is ann sin do ghluais in bodach ina réim siubail amail


L. 294


do rachadh i bfírgheilt ghlinne nó co ndechaid deich míle fiched dá
shlige do'n scríb sin. is ann sin do ghab in bodach ac ithe smér
do na driseogaib do bí ar dá thaob in bhelaig nó in bhóthair co
dtáinic chuige ann sin Caol in iarainn co ndubairt: a bhodaig ar
sé atáit trí míle fichet as so siar in áit i bfaca beinn dod chóta
lachtna casta fó bhrágaid tuim ocus benn aile fá bhrágaid tuim
deich míle uadh sin siar. in iat benna mo chótasa ar in bodach
ac féchain síos air féin. is iad co deimin ar Caol. maisedh ar in
bodach is é as cóir duitse do dhénam fuirech ann so ac ithe smér
co bfilledsa ocus benna mo chóta do thabairt liom. is derb nach
ndénfad ar Caol. déntar amlaid ar in bodach.



Is ann sin do ghluais Caol roime ocus fillios in bodach co
bfuair benna a chóta mar adubairt Caol. do suid ocus do tharr-
aing immach a shnáthaid is a shnáithe gur fhuaig ina náit féin
iat arís. is ann sin fillios in bodach tar a ais. ní fada do chuaid
Caol in tan ruc air ocus adubairt leis a Chaoil ar sé is cóir duit
cor siubail do chur ort bhus ferr iná mar do chuiris fós más mian
let áirdchíos na hEirenn do breith let mar adubrais chena. óir ní
biadsa ac filledh tar m'ais festa.



Is ann sin do ghluais in bodach mar luas áinle nó ferbóige nó
mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil fo mhaoilinn chnuic
no chairrge cennghairbe amail is go rachad i bfírgheilt ghlinne.
corop é sin tréinréim ruathair shiubail do bí fá'n mbodach co
ndechaid fó mhaoilinn chnuic do bí fó chúig míle do bheinn
Edair mic Edgaoithe. is ann sin do chrom an bodach ac ithe
smér do na driseogaib co nderna sac sughlíonta de féin. cid tra
acht chuirios an bodach a chóta lachtna de. ocus do tharraing
immach a shnáthaid ocus d'fuaig a chóta co nderna mála fada
fairsing firdhomain de. líonus in bodach a chóta co bél do na
sméraib ocus do chuimil a lán díob dá chroicionn co raibe chom
dub re gual gobann. do thógaib in bodach in tualach smér sin ar
a ghualainn ocus do ghluais roime co talcanta traigésga ac
innsaigid bheinne Edair.



Is amlaid do bí Fionn ocus in fhiann co coitchenn lán do
mhóiregla gurab é Caol in iarainn do bí i dtosach. óir do chuir-
etar uile a muinigin i mbodach in chóta lachtna is gan fhios ar
bith aca cia ar bh'é. do bí techtaire áirithe ag Fionn immuich ar
mullach na tulcha d'féchain cia aca do'n lucht retha do bí i dtús.
ar bfaicsin in bhodaig do do chuaid istech ocus d'innis Fionn co


L. 295


raibe Caol ac techt i mbél in róid ocus in bodach marb ar a
ghualainn. culaidh airm ocus éididh ar Fionn do'n té dobérus
chucainn scéla as ferr iná súd. do chuaid in dara techtaire im-
mach ocus d'aithin gurab é in bodach do bí ann. do chruinn-
igetar fianna Eirenn uile co ró luthgáirech i dtimchioll in bhodaig
ocus d'fiarfaigetar scéla de. atáit scéla maithe acam dúib ar sé.
acht atá do mhéit m'ocrais nach bfédaim a gcraobscaoiled nó go
nithed mo dhóithin mine loiscréin ocus sméra le chéile . tucas
féin (na sméra liom ocus tabraidse) mo dhóithin mine loiscréin
dam is ann sin do scarad brat mór ar in mbeinn fá'n mbodach
ocus carn mine loiscréin ina chertlár. ocus do dhoirt in bodach a
tsac smér ar fud na mine ocus do chrom ac ithe fó thenn.



Ní cian dóib in tan atchonnarcatar Caol i mbél in róid ocus a
lám i ndornchur a chloidim ocus a dhá shúil ar derglasad ina
chenn ocus é réid le dul fá'n bféinn dá gcoscairt ocus dá
gcnáimgherrad. ar bfaicsin Chaoil ar an órdugad sin do'n bho-
dach thócbus lán a chráige do'n mhin ocus do na sméraib ocus
thucus urchur nertmar ar Chaol díob gur chuir a chenn fedh
maith ferainn óna chorp. rithios in bodach mar a raib in cenn
ocus tucus in dara urchur de d'innsaigid na colna gur dhaingnig
é chom daingen is do bí riam. acht is amlaid do bí a agaid ar a
dhruim ocus a chúl ar a bhrollach. do rith in bodach mar a raib
Caol ocus do bhuail compar a chléib ocus a chuirp go hathlam
sin talam ocus do chengail co cruaid docrach doscaoilte é ocus
adubairt: a Chaoil ar sé nár dhrochbaramlach duit a rádh co
mbiadh áirdchíos ocus áirdchennas na hEirenn let do'n dul so.
acht ní biaidh lena rádh re fiannaib Eirenn co dtiubradaois braon
mbáis nó mbegshaogail d'aonlaoch amáin is gan nech aige acht é
féin dá chosaint. ocus más duine thu bhérfus grian ocus ésca i
dtacaidecht le cíos na Tesáille gacha bliadna red ló do chur fó
dhéin Fhinn ocus fhiann Eirenn biaid t'anam let ar in dóig i
bfuilir anois. tuc Caol grian ocus ésca i dtacaidecht rissin do
choimlíonad gacha bliadna rena ló. ann sin beirios in bodach ar
barr láime ar Chaol ocus treoraigios dochum a luinge é ocus
chuirios ina shuide innte é. ina dhiaid sin bhuailios in bodach
preb i ndeired na luinge ocus chuirios secht léige ar fairrge
immach do'n phreib sin í.



Ag sin mar d'éirig a thurus le Caol in iarainn mac ríg na
Tesáille. a léigen a bhaile ar ghlés óinmide ocus amadáin ocus


L. 296


gan do nert aige buille do bhualad i gcath ná i gcruadchomrac
rena ló arís. fillios in bodach tar a ais mar a raibh Fionn ocus
fianna Eirenn ocus d'innis dóib gurab é síogaidhe rátha Chruachan
tháinic dá bfuascailt as in ngéibionn irrabatar. is ann sin dorigne
Fionn fleid ocus fésta lae ocus bliadna do'n tsíogaide.



Gurab é sin echtra Chaoil in iarainn mic ríg na Tesáille ocus
bhodaig in chóta lachtna conice sin.



Finit.


L. 306


B 1800ls 19T



(Bruidhen chéise in Chorainn mar leanus)



Selg fiadach ocus fianchoscairt do commórad le Fionn mac
Cumaill mic Airt mic Thrénmóir úi Bhaeiscne le fiannaib glan-
áilne gaedhal fó chríochaib caemáilne in Chorainn. ocus fá
thuathaib lánmhaisecha Luighne. ocus fó chríochaib Bréifne.
ocus fó ghlenntaib daingne doeolais Dalláin. ocus fó chriochaib
cnuastorthacha Chairbre. ocus fó choilltib comdhaingne Chon-
chobair. ocus fó magaib réide rófhairsinge Chonaille.



Is ann sin do suidh Fionn mac Cumaill ina dhuma shelga i
mullach chéise áirde in Chorainn. ocus níor fhan i bfochair
Fhinn in tan sin acht a dhá choin .i. Bran ocus Sceolaing ocus
Conán mael mac Mórna. ocus ba binn le Fionn in sel sin beith
ac feithem is ac éistecht gotha na ngadhar ocus glaedh nglan
ngrennmar na ngasradh. luadhaile na laechradh lánlúthmar
ocus tormáin na dtréinfher ocus fedgaire na féinne fá fhoraoisib
fiadha fásaig na críche. gur ba chlos do na cóigcríochaib ba
choimnesa dóib na gártha selga do léicetar. innus gur cuired
fiada as fhásaigib. ocus míolta ar mullaigib. ocus sionnaig ar
sechrán. ocus bruic as bhroclasaib. ocus éin ar eitiollaig. ocus
do léicedh gach cú fhergach fhírneimnech dá héill fá'n tulaig
fá'n am sin.



Cid tra acht is é triath do bí ar chéis in Chorainn in tan sin .i.
Conarán mac Imideil taeisech do thuaith dé danann. ocus mar
do chualaid sestán sechránach ar na conaib adubairt rena thrí
ingenaib gránda (is iat) lán do dhraeidecht dul do dhígail in
fhiadaig ar Fhionn in rígfhéinnid. do chuatar na hingena co
dorus na huama do bí ar in tulaig ocus do shuidetar i bfochair a
chéile. ocus do chuiretar trí hiarnadha geinntlide gesrógacha ar
trí cuaillib fiarchama chuillinn ocus do bádar acá dtochardad
ar tuathal i ndorus na huamha. ní cian dóib amlaid sin in tan
táinic Fionn ocus Conán ar ur na huama co bfacatar na trí caill-
echa róghránda ina suide ac in obair sin i ndorus na huama. a
dtrí fuilt fhíorgarba forscaeilte forru. a sé súile siltecha caeir-
dherga leo. a dtrí beoil duba drochchuma. ocus fiacla fírghéra


L. 307


fírneimnecha fóchama i gcarbaid gach drochmná díob. ocus a
dtrí muinéil chnámaltacha ac congbáil a gcenn ar na laech-
chaillechaib sin. a sé láma lánfhada leo. ocus ba shamail re had-
airc buinremair barrchaeil buabail cach ionga fhíorgránda fher-
chonta bhí ar cach mér díob. ocus sé cosa fóchama foltchlúm-
acha caeilméracha fútha. ocus trí coigéla cruaidghéra ina lámaib
leo.



Do chuaid Fionn ocus Conán triasna hiarnada d'féchain na
gcaillech. ocus táinic crith in bháis forru cor chaillset a nert i
gcétóir ocus cor cenglad co daingen doscaeilte iat leisna caille-
chaib calma sin. táinic dias eile do'n fhéinn ocus clann Nemh-
nainn maraen riu. ocus tiagait triasna hiarnada mar a raibe
Fionn ocus Conán ocus do chaillset a mbríg ocus do cenglad i
gcuibrech chruaid leisna caillechaib cétna iat. ocus d'iomchratar
na curada leo isin uamaidh istech as a aithle.



Nír chian dóib in tan sin co dtáinic Oscar ocus mac Lugach
do láthair ocus maithe ocus móruaisle chlann mBaeiscne leo.
táncatar clanna Mórna fós do láthair. ocus ar bfaicsin na niarnad
nír fhan nert mná seolta i naen díob. táncatar clanna Chorcráin
do láthair. ocus ótchonncatar na hiarnada do chuaid a ngoil ocus
a ngaisced ar gcúl mar in gcétna. acht chena do cenglad clanna
Smóil ocus in fhiann uile itir ísel is uasal. co rucatar na caillecha
leo iat ina gcimedaib crepailte cruadchuibrighte i bpollaib duib-
dhiamra ocus i ndroibhelaib dorcha doeolais.



Cid tra acht do b'iomda glám chon i ndorus na huama ac
iarraid a dtriath is a dtigernad tar éis a nimthechta ocus a naistir.
ocus do b'imda fiadh créchtach cnáimgerrtha ocus muc allta
arna mbuanmharbad. ocus bruic beoraebtha ocus míolta mon-
gruada muige arna móirbhreogad ar thaeb na tulcha ar gcengal
na druinge do bí acá niomchar conice sin.



Is ann sin táncatar na mná móra míleta merchalma sin do-
chum na háite irrabatar in fhiann cengailte ocus trí cloidhme
cruada claislethna ina lámaib leo. ocus d'féchatar uatha ar cach
taeb d'fios a bfaicfidis aenfer ná taistelach slige d'fiannaib Eirenn
co dtiubrataeis bás ocus buanoidhed dóib. ocus ó nach bfuaratar
sin do b'áil leo dul istech sin mbruidin do choscairt ocus do
chnáimgherrad na féinne can choigilt.



Nír chian dóib amlaid sin co bfacatar in taenóclaech mór
míleta merchalma déitghel degcherdach chucu. ocus do b'é sin


L. 308


in leoman lúthmar láinfergach ocus in confadh catha ocus in
lóchrann loinnerdha lá na híorghaile .i. Goll móirmhenmnach
mac Mórna mic Chormaic mic Maghtain mic Gharaid ghlúnduib
mic Aeda dhuanaig mic Aeda chinn chlaire mic Chonaill mic
Shaidbe (sic) mic Cheit mic Mágach mic Chairbre ríg Chonnacht.
ocus arna fhaicsin do na trí mnáib duba duaibsecha droichdel-
bacha sin táncatar co prap ina choinne ocus do fheratar gleo
gáibthech gér gráinemail re aroile. cid tra acht do fergadh in
curad co fíoradbal ocus do gab do builledaib buanbásacha ocus
do béimennaib borba for na fiadmhnáib fíochmara fíorghránda
sin. gur thógaib a chloidem claislethan cuilgdhírech ocus dobeir
béim bithnertmar do na harrachtaib bhí ar a agaid .i. Caemóg
chruadchomlannach ocus Cuillenn chennruad. co nderna sé
oirdnecha certchomtroma commóra díob do'n aeinbhéim sin.
ocus ba hé sin in tres bhuille as mó tucad in Eirinn ariam .i.
buille tuc Fergus mac Rosa (ruaid) i gcath mórthána bó Cuail-
gne inar gherr sé na teora maela Mide d'aeinbéim. ocus buille
Chonaill chernaig do Chet mac Mágach. ocus in buille so
Ghuill mic Mhórna d'ar marb sé Caemóg ocus Cuillenn cenn-
ruad dá ingin Chonaráin mic Imideil.



Is ann sin d'iad sinnser chloinne Chonaráin a lám i dtimchioll
Ghuill do leith a dhroma .i. Iaran ní Chonaráin an fedh do bí sé
ac díchennad na déise eile. iompaigios Goll fria dá haimdheoin
ocus iadus a dhá láim lebhra lánfhada ina timchiollsa. co dtuc-
atar coraigecht cróda glacláidir boirbnertmar dá chéile re hedh
na huaire sin. co dtuc Goll aenchor curata calma do'n chaillig
cor thrascair co lár ocus co lántalam í. ocus chenglus co daingen
doscaeilte do iallach scéithe í. ocus nochtus a chloidem iarum do
choscairt ocus do chnáimgherrad na caillige co ndubairt sí: a
laeich nár leonad ocus a thréinfir nár thim ariam i gcath ná i
gcomlann cuirim mo chorp ocus m'anam ar chomairce do ghoile
ocus do ghaiscid. ocus bud ferr Fionn ocus in fhiann duit ar in
chaillech co himlán gan fuiliugad gan foirdhergad ar aennech
díob. ocus luigim fá na déib dá nadhraim co gcoimlíonfad duit
anabraim.



Is ann sin scaeilios in rígmhílid do'n chaillig ocus téit rompu
as a aithle cusin gcnoc irrabatar in fiann cengailte cruadchuib-
rigte ocus Fionn maraen riu. co ndubairt Goll: scaeilter d'Fer-
gus fhinnbeoil ocus do aes eladan na féinne ar dtús. ocus


L. 309


scaeilter d'Fionn ocus d'Oisín ocus do naei macaib fichet Mórna
ocus do'n fhéinn co coitchenn ó shoin immach. do scaeil in
chaillech díob amlaid sin. d'éirgetar in fhiann co hobann imm-
ach as in uaim iar sin ocus do shuidetar re taeb na tulcha. do
fhéch Fergus finnbheoil file na bfiann ar Gholl ocus do gab dá
admolad fó'n ngníom dorigne.



Nír chian dóib mar sin co bfacatar chucu in dúil duaibsech
doidelbach ocus in tarrachtach éigciallaide .i. senchaillech chnap-
ach chuislennchruaid rengach ocus co nanfadh mionabhall nó
móráirne ar cach ruibe do na mailghib garba glaisliatha do bí uirri.
súile siltecha ar lasad ina cenn. srón mór ghorm ghlais-
lethan ós ur a sreingbheoil duib duaibsig dhroichdelbaig. ocus
gairbegar gránda d'fiaclaib coganta ina craeisbhél. láma caela
cruadchuislennacha ocus iongain fada ferchonta fírneimnecha
fuirre. éidedh daingen doibhriste uimpi. cloidem claislethan
coilgdírech rena sliasait. ocus sciath mór míleta ós áird a
droma.



Táinic sí i bfiadnaise Fhinn fó'n gcuma sin ocus do chuir fó
ghesaib é fána sáith do chomrac aeinfir do thabairt di. adubairt
Fionn re hOisín: éirig a mic ar sé ocus cosc dúinn in tarracht
caillige úd. ní fétaim ar Oisín tar éis a bfuaras d'olc ocus do
maslugad ó na caillechaib chena. ocus is í so Iarnan ní Chonar-
áin ac tiacht do díogail a sethrach. ocus is amlaid do diult Oisín
ocus Oscar. ocus Conán. ocus mac Lugach. ocus Diarmait ó
Duibne. ocus Caeilte mac Rónáin. ocus Cairell. ocus maithe na
féinne (olchena) comrac na caillige do dénum. co ndubairt
Fionn co rachadh féin do chomrac ria. is ann sin adubairt Goll
mac Morna: a Fhinn ar sé ní cubaid duit comrac caillige. ocus
rachadsa do chomrac ria óir is ann derbtar in cara in uair as
mó in téicen.



Is ann sin d'éirig Goll co grodúrlam i gcomdáil na caillige.
ocus dorigne comrac mer menmnach míleta mórdálach ocus gleo
díscir dásachtach can fios time ná tláis ac cechtar díob ar a
chéile. cid tra acht chuirios Goll a lám i gcuibrech a scéithe ocus
tuc a cholg neimnech immach. co dtuc rot nurchair di gan
chaime gan chlaenad gur chuir tré (chobrad a) scéithe ocus
tré chroide na caillige do'n taeb thall é. is amlaid torchair an
chaillech ar in láthair sin.



Do chuaid Goll iar sin co céis in Chorainn iar marbad thrír


L. 310


ingen gConaráin mic Imideil. ocus dorigne doighir doinnderg
lasrach do'n bhruidin ocus tuc na huile mhaithesa fuair innti
d'fiannaib Eirenn. tuc Fionn iar sin a ingen féin do Gholl .i.
Caem chneisghel. ocus is í ruc in mac oirderc do .i. Fed mac
Guill mic Mórna. ocus do marbad leisin bféinn é i gcionn a
shecht mbliadan ndéc ar in ráith chétna.



Conid í sin bruiden chéise Chorainn (conice sin).
Finit.


L. 336


Bruiden bheg na hAlmaine.



Fledh mhedarchaein mhóradbal do commórad le Fionn mac
Cumaill mic Thrénmóir úi Bhaeiscne in Almhain lethanmóir
Laigen. ocus in tan ba hollamh ionchaithme in fhled táncatar
maithe ocus móruaisle na féinne dá caithem. ocus is iat do
b'uaisle ocus do b'onóraige díob i nagaid Fhinn .i. Goll grenn-
mar gníméchtach mac Mórna. Oisín fírghlic fírnimhnech mac
Finn. Oscar anghlonnach mac Oisín. mac láimechtach Lugach.
Diarmait drechsolus ua Duibne ocus Caeilte mac Rónáin. ocus
clanna gusmara Duibdhíorma. ocus clanna Smóil. ocus aicme
Duib dá boirenn. ocus Goll gulban. in Corr cosluath ocus a
chlann .i. Conn. Donn. Aedh. ocus Anacán. Iobhar áirdéch-
tach mac Criomthainn chróda choscartaig ocus dias mhac do ríg
Laigen. ocus fa daltada d'Fionn iat araen. ocus Coirell coscar-
tach ua Conbroin. táncatar dochum na fleide dias mhac do ríg
Alban ocus dronga diandásachtacha do macaib ríg ocus rouais-
ledh in domain maille friu.



Acht atá ní chena táncatar fianna Eirenn uile ann ocus do
shuid Fionn isin fhochla féinneda (ar lár) na bruidne. ocus do
suidh Goll grennmar mac Mórna isin fochla féinneda eile. ocus
maithe a muintire féin fó gach aen acu. ocus do suid gach aen
acu ó shoin amach do réir a nuaisle ocus a natharda ina ionad
chinnte comadhais féin amail fa ghnáth in cach áit ocus cach
aimsir roime sin dóib.



Is ann sin d'éirgetar fedhmanaig go fíoraichbéil re frestal ocus
re friothólam na bruidne. ocus do ghlacatar cuirn chlochbua-
dacha co nemannaib glanáilne gloine ocus co gcerdacht chruith-
niamda for cach escar loinnerda láinghrésach lánálainn díob. ocus
do dáiled deocha garga gabáiltecha do lenntaib réide rómhilse do


L. 337


na deglaochaib sin. ocus d'éirig grenn ina ngiollanraid. mire
ocus menma ina míledaib. míne ocus macántas ina mnáib. fios
ocus fáistine ina bfiledaib.



Is ann sin ro éirig bollscaire co cert comathlam ocus do chroith
slabrad acarb iarnaide do chosc mogad ocus ladronn. ocus do
chroith slabrad sínte senaircit do chosc maithed ocus móruasal
na féinne ocus aeis dána ar chena. ocus d'éistetar cách co taei
tostadach. ocus do éirig Fergus finnbeoil .i. file Finn ocus na
féinne ocus do gab duana ocus dréchta ocus degdhána a shen
ocus a shinser i bfiadnaise Fhinn mic Chumaill. ocus do dhíol
Fionn ocus Oisín. Oscar ocus mac Lugach. in file co fíoraichbéil
do uaisle cacha maeine ocus cacha maithesa. ocus do chuaid iar
sin i bfiadnaise Ghuill mic Mhórna. ocus adubairt bruidne ocus
toghla. tána ocus tochmarca a shen ocus a shinser do. innus
cor ba subach soimenmnach meic Mórna ó na heladnaib sin.



Is ann sin adubairt Goll: cá hionad i bfuil m'echlach féin ar
sé. atáim sunn a rígfhéinnid ar sí. ar thucais mo chíos láime ó
Lochlannchaib chucum ar sé. tucas co derbta ar sí. ocus arna
rádh sin di ro éirig co prap príméscaid ocus do léic mar thort
mhuice móraichbéile nó mar eire laeich láidir mherchalma do ór
álainn aithlegtha ar lár na bruidne i bfiadnaise Ghuill. ocus do
scaeil in cumdach do bí ac imdíten in chíosa sin ocus do léic na
seoit saera somaisecha ar lár i bfiadnaise na bruidne sin. ocus do
díol Goll Fergus mar ba gnáth leis. ocus ní raibe file fiosach foc-
ailghér. ná degfher duasmhór dána. ná cruitire ceoilbhinn. ná
senchaide seolta snuadhfoclach. ná aenduine re heladain do
Eirennchaib ná d'Albanchaib dá raibe i mbruidin na hAlmaine
in oidche sin nach dtuc Goll comaein óir nó aircit nó iolmaeine
do cach aen díob.



Is ann sin do labair Fionn ocus adubairt: a Ghuill ar sé cá
fada atá in cíos út acutsa ar Lochlannchaib ocus mo chíos féin
orra. ocus co bfuil laech ac coimét mo chíosa is mo chána. mo
fiadaig ocus mo fhianchoscair innte. ocus is é in laech sin .i.
Ciarán mac Lathairne. ocus is curad cruadchomlannach in
tréinfher sin ocus atáit deich gcét laech lánchalma ar a theglach
féin.



Is ann sin do labair Goll le mac Cumaill. óir do thuic sé co
raib ferg ocus format ac Fionn fris. ocus adubairt: a Fhinn ar sé
is fada atá in cíos sin acumsa ar Lochlannchaib ó'n uair do chuir


L. 338


th'athairse cocad ocus cuinnscleo orm. ocus do chuaid rí Eirenn
cona chóicedachaib im agaidse le Cumall ocus do b'éicen dam
Eire d'fácbáil dóib. ocus do ghluaises romam co Bretain. ocus
do gabad in chríoch sin liom ocus do marbas in ríg féin ocus do
chuires ár ar a mhuintir. ocus do chuir Cumall as sin mé. tiagaim
as sin co Fionnlochlanncha ocus do thuit rí fionnlochlainn liom
maille rena theglach. ocus do chuir Cumall as sin mé. ocus
táncas as sin co hAlbain ocus do thuit rí Alban liom. ocus do
chuir Cumall as sin mé. táncas as sin co Saxain ocus do thuit rí
Saxan liom maille rena teglach. ocus do chuir Cumall as sin mé.
ocus táncas co cath Cnuca ocus do thuit t'athair liom ann. ocus
is í sin uair i fuarassa in cíos út ó Lochlannchaib ar Goll. ocus
tucas thusa féin liom ar ndul co dúnad ríg Lochlainn ocus do
chúic fir déc maraen riot. ocus ben ríg Lochlainn iar dtabairt
grádha duit ocus do beith ar láim i gcarcair thalman ar fedh
bliadna. ocus lá cinnte acu dochum báis d'imirt ort féin ocus ar
do mhuintir. ocus dar do láimse a Fhinn do chuadassa co dúnad
ríg Lochlainn ocus do marbas in ríg féin .i. Eogan mór. ocus do
chuires ár a mhuintire ocus do bhenas a nór ocus a naircet
díob. ocus d'fácbas ríg ar Lochlannchaib .i. Tine tréinnertmar
mac Trioscaill ocus do naisces cíos dam féin ar Lochlannchaib.
ocus ac sút é ar Goll. ocus a Fhinn ar sé ní cíos láime atá acutsa
orra acht rígféinnidecht ocus maerchoiméta atá acut innte. ocus
ní mhillfedsa sin iomat. ocus a Fhinn ar sé ná bíse ac tnúth
liomsa fá'n gcíos út. óir dá bfaghbainn ní bud mhó iná sin is
duitse ocus d'feraib Eirenn dobérainn é.



Is ann sin do fregair Fionn co fergach fírniata ocus adubairt:
a Ghuill ar sé ro admais as in scél sin co dtáncais ó chathair na
Beirbe co Cnucha ocus cor marbais m'athairse ann sin. ocus is
dána duit sin d'insin damsa ar Fionn. dar do láimse ar Goll dá
dtucthása esonóir dam mar thuc t'athair is é in díol cétna dobér-
ainn ort mar thucas ar Chumall. a Ghuill ar Fionn do bud maith
m'acfainnse ar gan sin do léicen let. óir cét féinned fíorchalma
atá ar mo theglach i nagaid cach aein dá bfuil ar do theglachsa.
mar sin do bí t'athair ar Goll ocus do dhíoglassa m'esonóir fair.
ocus dogénainn mar in gcétna fortsa dá dtuillteá uaim é.



Do labair Cairell cneisghel ua Baeiscne ocus adubairt: a Ghuill
ar sé is iomda fer do choiscis i dteglach Fhinn mic Chumaill. do
labair Conán mael mallachtach mac Morna ac rád: luigim fám


L. 339


armgaiscid ar sé nach raibe Goll ariam dá laghad muinter do
biadh aige nach mbiadh fer ocus cét ar a theglach ocus co
gcoiscfedh gach aen acu thusa. in díobsan tusa a Chonáin
chlaenchaintig chennluim ar Cairell. is díob a Chairill chiaraig
chréchtingnig chnesbhrogaig bhecnertaig ar Conán. ocus do
rachainn dá shuidem ortsa co raib in égcóir ac Fionn.



Is ann sin d'éirig Cairell ocus do buail dorn dána dásachtach
ar Chonán. ocus ní hurramach do frecrad sin ac Conán. óir do
buail in dara dorn ar Chairell i gcertlár a étain ocus a fhiacal.
acht atá ní chena tucatar sáidhte seingmhera sárluatha firnim-
necha i gcorpaib ocus i gcnesaib a chéile. cor ba buanraebtha
bruinne ocus brollaige na ndeglaech sin ó'n móirghleo sin.



Is ann sin ro éirig dá mac Oscair mic Oisín .i. Echtach ocus
Iollann. ocus dorignetar léibenna dlútha doscaeilte dá sciathaib
ina dtimchioll ocus tucatar sáidte doimhne doleighis ar Chonán
isin chomlann. arna fhaicsin sin do dhá mac Ghuill mic Mórna
.i. Conán do bheith isin éicin sin. ro éirgetar ocus do ghoinset
clann Oscair isin íorghail.



Is ann sin do éirig in leoman láidir lánchalma ocus in drecan
dian dásachtach doedranda .i. Oscar anghlonnach mac Oisín.
ocus do chuir a chulaid álainn óir fána chaemchorp .i. scaball
cuanda cerdamail fána mhuinél. ocus a sciath mór míleta ar a
láim chlí. ocus a chloidem cruaid cuilgdírech isin láim aroile do
ocus do chuaid co rachtmar róaicentach d'furtacht a chloinne
ocus Chairill a bráthar. cidedh níor nocht a chloidem. acht do
ghab dá órdúrladhaib .i. órd in cach láim do isin ghroidghleo
sin. adubairt Conán re hOscar: dobeirim a bhuide risna déib do
thecmáil i gcóir chomlainn friom a Oscair ar sé. óir snígfed
snáithe do shaegail.



Is ann sin do chomraic Oscar ocus Conán re chéile. ocus do
b'é críoch a ndála gur claeidhed Conán ocus gur bhain Oscar
osnad égcomlainn as. d'féch Conán ar Art óc mac Mórna. ocus
d'éirig in mílid mórárrachtach Art óc ocus do goinedh Oscar
leis. níor fuilngedh sin le hOisín fíorláidir mac Finn ocus do
goined Art óc leis. ro éirig Garbfoltach mac Mórna ocus do
goined Oisín leis. ro éirig mac Lugach calma ocus do chuir a
chulaid catha ocus cruadchomraic uime ocus do goined Garb-
foltach leis. ro éirig Garadh uchtlethan mac Mórna ocus do
goined mac Lugach leis.


L. 340


Is ann sin ro éirig Faelán mac Finn cona thrí cet bráthar
maraen fris ocus do chuaid co láidir lánchalma isin chomrac
ocus do cuired meic Mórna dá náitib uile leis.



Is ann sin do éirig in leoman lánchalma. ocus in mílid
mórdhálach móirmenmnach. ocus in drecan dian dásachtach.
ocus in bheithir bharramail. ocus in barann buaintiodlaicech.
ocus in ursa íorghaile. ocus in colamhan cruadchomlannach
cocaid .i. Goll grennmar gníméchtach gruadchorcra glainmen-
mnach mac Mórna. ocus do ghab a chulaid catha ocus comlainn
uime .i. scaball sciamda scoithbregh im a mhuinél. ocus a chotún
caemchadásach ciumaisghel im a chaeimchneis. ocus a chloidem
rinnghér ródhaingen sobhuailte ina dhorn doinningnech. ocus a
sciath mór míleta bocóitech ar a láim chlí. ocus do chuaid co
dána dásachtach dochoiscthe fó'n mbruidin. ocus níor fhác
tápar tromlasrach ná lóchrann loinnerda lántsólus isin mór-
bhruidin can múchad. ná bórd can blogha beca bélscaeilte do
dénam díob.



Is ann sin do ghoir Fionn a chaismirt catha .i. a scál coille co
congáirech. ocus adubairt re fiannaib Eirenn meic Mórna do
múchad ocus do marbad can choigilt.



Is ann sin dorignetar fianna Eirenn léibenna dlútha daingne
doscaeilte dá sciathaib ina dtimchioll. ocus do chuaid Fionn i
dtosach na dtréinfer sin ocus do ghabatar ac cnáimgherrad a
chéile can choigilt. is ann sin do ghab fiuchad feirge Goll. ocus
dorigne sciath daingen doibhriste de féin ar scáth a mhuintire.
is ann sin fá fíochmar na trénbuidne ocus na sárflatha. ocus fa
mer na mílid. ocus fa líonmar na laechrada. ocus fa chréchtach
na caithmílid ó'n gcath nertmar nemcharthannach nimnech tuc-
sat na fíorlaeich sin dá chéile. do b'iomda ann sin fuil ac siled
ina srothaib re slesaib na saerchlann. ocus cnedha doimne do-
leighis forsin ndruing díobhálaig doedranda sin. do b'olc in áit
do dhuine anbfann eslán. nó do mhnaoi mhíonla mhéirlebair.
nó do shenóir aesda chianarrsa beith i mbruidin bic na hAlmaine
in oidche sin ac éistecht re hosnada óg ocus sen. ísel ocus uasal.
co hesbadach anbfann égcruaid dá núirled ocus dá nathchumad.
ocus do bátar ar in aiste sin ó thosach oidche co héirge gréine
arna márach can choigil dá chéile.



Is ann sin ro éirig in file fáthach focailghér ocus in degfer
duasmhór dána .i. Fergus finnbheoil. ocus aes eladna na féinne


L. 341


maraen fris. ocus do ghabatar a nduana ocus a ndegdánta ocus
a ndréchta degmholta do na laechradaib sin dochum a gcoiscthe
ocus a gcennsaigthe.



Iar sin do scuiretar dá núirliugad ocus dá nathchumad re ceol
na bfiled. ocus do léicetar a narma re lár ocus ro thócbatar na
filid na harma ocus do ghabatar gréim réidtig etorra. ocus adu-
bairt Fionn nach ndénfadh síth re clannaib Mórna co bfuigbedh
breith ríg Eirenn. ocus Aillbhe ingine Chormaic mic Airt mic
Chuinn chétchathaig. ocus Chairbre lifechair .i. rígdamhna Eir-
enn. ocus breith Fithail ocus Flaithrí. ocus barr na breithe do
beith ac Fionntan mac Bóchna. ocus adubairt Goll co dtiubradh
sin do. ocus do chuiretar coraigecht na bfiled orra araen fó
anmain i mbun na síthe sin. ocus do dhaingnigetar lá áirithe .i.
caeicdigis ó'n ló sin ar faidche na Temrach.



Do féchad uiresbada na féinne in tan sin ocus is é do b'esbadh
do mhuintir Fhinn .i. aenchét déc d'feraib is do mhnáib. ocus do
b'iomda rígain rathmar róuasal. ocus ainder álainn ilchrothach.
ocus maigden mhíonla mhilisbriathrach. ocus laech lánchalma
léidmech ar dtuitim ann sin. ocus do b'iomda srón arna crécht-
nugad. ocus súil arna hathchumad. cluas arna ciorrbugad ocus
cos arna cnáimgherrad. ocus lám ar ledrad. ocus corp arna
ciorrbad. ocus taeb arna tollad ac in ndruing do bí beo do
mhuintir Fhinn mic Chumaill in tan sin.



Imthúsa Ghuill ocus a dhegmuinntire .i. clanna Mórna níor
thestaig uatha acht aenfer déc d'feraib ocus caeca ban. ocus ní
hé marbad na mban dorigned acht éc dóib re huaman ocus re
hecla. ocus do cuired dá leighios gach aen do ba inleighis díob.
ocus dorigned ferta fiordhoimne fótfairsinge do'n méit do mar-
badh díob ar gach leith.



Iar sin do glanadh in móirthech sin na hAlmaine ocus do suid
cach aen acu do réir a uaisle ocus a atharda. ceithre lá déc dóib
ar in órdugad sin. ocus i gcionn na ré ocus na haimsire sin téidit
co Temair. ocus do suid Cormac ocus Cairbre. Aillbe ocus
Fithal. Flaithrí ocus Fionntan mac Bóchna i nionad bhreithem-
nais. ocus do chuaid Fionn i gcionn a scél d'innsin ar dtús. ocus
a dubairt Goll: a Fhinn ar sé ní duit dobérmaeis innsin na scél
do biadh etrainn. óir dogéntása fírinne do'n bhréic ocus bréc
do'n fhírinne im agaidse. ocus tabram araen innsin ár scél
d'Fergus. ocus luiged fóna dhéib fírinne do dhénam etrainn.


L. 342


Do aentaig Fionn sin ocus tuc Fergus daingniugad fó'n bfír-
inne do dénam. ocus ro innis gurab é Cairell do bhuail dorn ar
Chonán ó thús. ocus co dtáncatar dias mac Guill do chobair
Chonáin ocus co dtáinic Oscar d'furtacht a mhuintire féin. ocus
leissin gur éirgetar fianna Eirenn ocus clanna Mórna i nagaid a
chéile. ocus gur ghabatar ac cnáimgherrad a chéile can choigil ó
thús na hoidche co héirge gréine arna márach. ocus gurab iat
esbada muintire Finn mic Chumaill risin ré sin .i. aenchét déc
d'feraib ocus do mhnáib. ocus aenfer déc d'feraib is caeca ban
esbada cloinne Mórna. ocus fós co raibe in iomad esbadach díob
ó'n ruathar sin leith ar leith.



Is iongnad liom laghad díthe chloinne Mórna ar Cormac.
ocus in méit do bí ina nagaid. adubairt Fergus gurab é Goll do chuaid
ar scáth a scéithe ar a mhuintir féin. ocus is iat sin scéla
na bruidne sin a rí Eirenn ar Fergus. adubairt Flaithrí: einech-
lann do chlannaib Mórna ar sé ós orra do tosaiged in tadbar. ní
breith mhic ollaman sin ar Cormac. óir dleghaid cach óclaech
urraim dá thigerna. is fíor sin isin mbánbhualad ar Flaithrí. ocus
ní hedh i ndortad na fola. adubairt Fithal: saermaid clanna
Mórna can einechlann do thabairt uatha ós orra do tosaiged in
tadbar. ocus fós saermaid Fionn ar méit a esbadh can einechlann
do thabairt uada. adubairt Fionntan mac Bóchna: is breith
mic ollaman sin ar sé. ocus do mhol Cormac ocus Cairbre in
bhreith sin.



Iar sin do goiredh in fhiann do láthair ocus ro hinnsedh in
bhreith dóib. ocus dorigned síth etorra amlaid sin. conadh í sin
bruiden bec na hAlmaine conice sin.



Finit.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services