Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht Sheán Uí Bhraonáin

Title
Filíocht Sheán Uí Bhraonáin
Author(s)
Ó Braonáin, Seán,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1807
Publisher
(B.Á.C.: Cló Bhreánainn, 1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mo sceimhle ná mairfeamse maidean an lae
go dtiocfadh re Gaelaibh casadh tar sáil
is prionsa chlár Banba orthu mar léadar -
is tapaidh do ghléasfainn arm im láimh.
Níl ministir aco ná Sagsanach méith,
dá aoirde réim, gradam is cáil,
ná bainnfinnsa allas le bata as a bplaosc
go gcaithfidís géilleadh don chreideamh is fearr.


L. 72


A Athair ghil, tabhair maitheachas im ghníomhartha dam
is beir m'anam leat go Flaitheamhnas ó thaoibh an chnuic;
ná dearmaid gach peacach bocht bhí díleas duit
is nár ghreannaigh dlithe an Phrotestant ná Mhártain uilc.



Seán Ó Bréanáin



An fear céanna cct



M'atuirse nimhe, mo chaoi go déarach,
mo dhíth, mo léan, mo phéin, mo ghuais,
mo dhanaid do shíor mo ghroí-fhear tréitheach
bheith cloíte céasta gan léim gan luas,
cia gur acfainneach bhís ar thaoibh an tsléibhe,
mar Mheargach fhíochmhar a' díoghailt éag Thailc
nó gur chuir Clíodhna saíghid id chlé-chois,
d'fhúig sínte faon tu i ngéibhinn cruaidh.



Aifear ná tabhair ar acfainn an scríbhneora
is guidh chum an Athar do dhealbhaigh groí-mhórchnoic
mise is gach pearsa ghlac baiste le príomhchomhachtaibh
do sheachnadh ar pheannaid le fearta an Rí ghlórmhair.



Amen



arna scríobh re Seán Ó Bréanáin AD MDCC...



B 1808 19T
U Micheál Óg Ó Longáin
Mícheál Ó Longáin cc. chum Seáin Uí Bhraonáin san mbliain 1808



A fharaire shéimh thréithigh nách faca-sa riamh
is d'eascair d'fhuil tréan saorfhlaith bhí carthanach fial,
muna raidfirse dréacht éigin dom chabhair aniar,
ní bhacfad lem ré shaoil tu ná caitheamh id dhiaidh.


L. 73


U Seán Ó Braonáin
Chuim Michíl Uí Longáin i gCúil Uí Mhurchadha i gcontae
chaomhálainn Chorcaí, 1808
Fonn: An Staicín Eornan



Is fada mise ar mearathal cia deacair liom duit ' insint,
a bhile mhilis mhíonla do shíolrach na leon
ba lannmhar i dtreasannaibh gan eagla roim naímhdibh,
á leagadh marbh millte re fíochnimh i ngleo.
Cia aco b'fhearra dom bheith ceangailte le mascalach don
fhíorfhuil,
gasta greanta grinnmhar gan maoine gan ór,
nó caile dubh do shnamadh liom nár chleachtadar a sinsear
ach ceachaireacht is cinnteacht? - sin scríbhte mo bhrón.




Is iontuigthe dhuit nach faillí fá ndeara dhom gan freagra ' chur
ar do scríbhinn, ach gan bheith san mbaile ar n-imeacht dom
chomharsain chomhfhoclach chaoinráiteach, gurab sin an tslí inar
thuilleas aifear náireach imdheargach uait; agus ó so amach beidh
mise ollamh gan tuirse roim gach laoi bheag shoilbhir dothiocfaidh
im dháil ód lámhaibh léire luaithe lomghníomhacha.



Baile Mhic Aindriais i gCloinn Mhuiris i gCiarraí an seachtmhadh
lá déag don mhíosa Feabhra míle ocht gcéad agus ocht mbliana.



Seán Ó Braonáin



Atá an aiste sin uait ar iasacht uaimse agus cuirfead chúd é le
caoindhúireacht i meon an Abráin.


L. 74


Chum Míchíl soilbhir Uí Longáin i gcontae Chorcaí, i gCúil
Uí Mhurchadha, binnbhile buach don éigs
Fonn: Hide and Go Seek An Cailín Deas Rua



A bhile don dáimh rug barr ó éigse an ghrinn,
is binneamhail rá 's is áille bréithre binn,
an bhruingeall do ráis, 's í d'fhág go déarach sinn
ó cheangail sí páirt re náimhde chléire Chríost.



Muna dtigir im dháil, ar bhánbhrat aolta uait scríbh
gach loithe is dán níonn dáimh id thaobh don chríoch,
óir is binne re Seán do ráite in éifeacht chruinn
ná cruitire cláir is gáir na n-éan ar chraoibh.



Mo mhilleadh go brách, mo chrá go n-éagaidh sinn,
mar cuireadh chum fáin sliocht álainn Éibhir Fhinn,
bhí i gceannas go hard i gcáil 's i gcéim san gcríoch
gur thaisteal tar sáil treibh Mhártain shéan an Rí.



Ná himdhearg me do chionn gan tuille ' chuir uaim, óir is ar an
ród do caiseadh an teachtaire greannmhar gaoisghlórach seo orm
agus dithneas mór orainn araon, agus cuir chúm do shúchráite go
léir ar gcasadh dó arís, agus smaoin gur mise do charaid ionmhain
go héag agus fós scríbh uait go minic.



Seán Ó Braonáin


L. 75


U Micheál Óg Ó Longáin
Mícheál Ó Longáin cct chum Seáin Uí Bhraonáin
Fonn: Hide and Go Seek An Cailín Deas Rua



A bhile gan cháim 's a shárfhir ghaelach groí,
ní mise an tí ráis id ráite séimhe linn;
ní file ná fáidh ná dáimh le héigse sinn
ach duine bocht táir atá gan léann gan laoi.



Ó is sibhse amháin is fearr 's is néata scríonn
's 'tá tuigseanach tráth i ndán 's i ndréachtaibh draoi,
cuiridh im dháil go grámhar saor i ngaois
an scriosfar go bráth an smál so d'Éirinn aoird.



Fiche gealbháb dom mhnáibhse in éineacht díbh,
gan fuithin gan scáth ar ár ná ar ghaoth ná síon,
dod chomairc ar námhaid 's dod ghnáthchur saor gan díth
go bhficear faoi ádh go sámh gach n-aon dod chlainn.



U Seán Ó Braonáin
Chuim Míchíl Uí Longáin, láimh re Corcaigh
Fonn: Hide and Go Seek An Cailín Deas Rua



A chaithbhile cháidh d'fhuil láidir laochda laoich
ba lannmhar tráth a' tráitheadh tréith a naímhid,
ní bhfuilirse táir, is tu is fearr 's is léannta laoi
ó Chorcaigh na mbád go máibh deighréidh na Midhe.



Cuirimse id dháil, a ráib, ar chaomhbhrat chaoin
go dtiocfaidh tar sáil mórtháin a dhéanfaidh díth;
goinfar do námhaid, sliocht Mhártain shéan an Rí
is d'aistrigh tráth ó ráite naomhtha Chríost.



'S é 'deir loithe na bhfáige, ráite is dréacht gach draoi
ar mheamram bhán ó ár na nGael do scríodh,
fé Nollaig gan phlás go mbeidh rás le faorghoimh claíomh
ar a maireann dod námhaid ag sárshliocht Éibhir Fhinn.


L. 76


Ceangailte ag báb níor tharla féin go fíor -
sin meabhair le Seán go brách ag bé' bheith saor.
Níl maitheas i mnáibh, 's iad d'fhág go tréith, mo dhíth,
gach a maireann don dáimh fé cháin ag béaraibh fill.



Gluine ba chumhang liom le diúgadh ná an cnagaire,
's má castar mé is túsa fé shúchas i dtabhairne,
beidh fáige gach cúige go humhal inár bhfarra-ne
's ní fhágfam an dún soin go ndiúgfam an baraille.



Seán Ó Braonáin



John Brenan philomath



An Dara Freagra
Fonn: Cad é sin don té sin ná baineann sin dó?



I mbeochruth gan breoiteacht im ballaibh atáim,
céad glóire le comhachta an té dhealbhaigh bán,
sómnas im fhóigse nuair thagann gach tráth,
níor leor leis me' leonadh go treascartha ach spás.



A leoghain is eolgasach readaireacht dáin,
is glóire dod chóige tú i gceannas mar táir,
led ghlórtha a' beo-ghoin gach Sagsanach sámh
don chóip seo nár ordaigh Rí rathmhar na ngrást.



Géillim, a shéimhfhir is binneamhail rá,
as naomhshruth na Nao mBan gur ibhis do sháith,
mar is tréan thigeann dréachta go milis ód láimh
ar aolbhrat 'om fhéachaint go sultmharach sámh.



Ar aon chuir ná déinse mise d'imcháin,
mar nár léir-ibheas aon réad as shrothaibh na mBáb.
Ní héigeas dea-léannta ná tuigseanach dáin
me féinig ach réice leamh liosta gan aird.



Seán Ó Braonáin


L. 77


B 1810 19T
Seán Ó Braonáin ó chontae Chiarraí cct ag iarraidh iasacht
leabhair Ghaeilge ar Mhícheál Ó Longáin do chomhnaigh i
gCorcaigh an tan sin, 1810



Fonn: Córacha an Duine



A fhialfhir ghartha atá carthanach cneasta céimghlan,
is do thriall chuim baile don ghasra ghasta ghaelaigh,
ós cian mo thaisteal ag tarraing i bhfad dot fhéachain,
iasacht leabhair dam tabhair is beadsa baoch díot.



U Micheál Óg Ó Longáin



An freagra air sin le Mícheál Ó Longáin
Fonn: Hide and Go Seek An Cailín Deas Rua



A fharaire ghluin is fuinte fíormhaith cáil,
is d'eascair d'fhuil rithe cliste bhí san Spáinn,
níorbh aithreach linne druidim síos id dháil
ag racaireacht suilt 's an gluine líonta im láimh.



Ach ní leanaim de sin, a chumainn chroí 's a ghrá.
Is dearbh nách mise an duine shílis tráth
ach amaid bheag bhuile bhriste bhaoth gan aird,
gan leabhair gan loithe scriobhtha ar shlí na ndámh.



A theachtaire bhig se ag rith san tslí chuim Seáin,
beir feasta leat chuige fiche míle slán,
garbhluis chliste is tine faoina tarr,
is abair gur mise chuir an bhuín 'na dháil.



A fhir ghasta ghlic is carthanach le haois eolach,
is ní abraim gur bladartha, cé binnghlórthach,
is é meastar liom nuair amharcaim do scríbhneoireacht,
gurb agatsa atáid leabhair mhaithe chríoch Fódla.


L. 78


B 1814c 19T
U Seán Ó Braonáin
Seán Ó Braonáin cct mar leanas
Fonn: An Staicín Eornan



Maidean bhog cheomhar cois feorann im aonar
ar bhloscadh do Phoebus ó Pharrthas Ádhamh,
a' machnamh ar bheo-ghoin is mar leonadh sliocht Éibhir
ba threasamhail tréanmhar i machaire an áir,
seal eile ar scóp chine chrónphoic an chraosnimh
do shealbhaigh Éire d'éis ionnarba chách,
trér readas-sa deoraibh le brónghoimh an scéil sin
is ar faiche bhíos faonluite i gcreathaibh an bháis.



Mascalach ógshultmhar bheoilmhilis bhéasach
amharcaim féinig a' taisteal im dháil,
trér phreabas im chló chirt le fórsa mo léime;
a hainm 's a caomhchine fionnaim don bháib:
"Cá talamh, cá cóig dhuit, cá gcomhnaid do ghaolta,
cá treabha dár phréamhaigh dúinn aithris tráth,
nó an tusa chuir ceo-bhrat ar phórshliocht Mhilésius
is fearanta saora aige Gallaibh 'na n-áit?"



d'fhreagair an chúileann go dúr doilbh déarach
"M'ainm duit Éire bhí snaimithe tráth
le clanna mhic Bhreoghain, treibh leonta na laoch mear,
Eoghan is Aonghas is Carolas cáidh
ba thrúpach, ba threorach, ba chróga, ba chraosach
a' turnamh, a' traochadh 's a' treascairt a námhaid
gur dhiúiltimh an chóip sin do chomhachtaibh an Aonmhic -
sin an chúis lenar léiríodh iad dealamh mar táid.



"Fán am san do thionscain treibh Lúitir 's a ngaolta
úircheannas Éireann do ghlacadh do láimh,
gur dhíbir an drong san mo phrionsa is mo chéile
gan dúnta gan séada mar chleachtaigh mo ráib.
Bhí an daoirse dá chúiteamh go hionraic ag Gaelaibh
is ar gcúlaibh uaibh léirchuirfar dearbh faoi Cháisc;
sin deire le cúrsa chloinn chrúbach na meirleach -
sin chúibhse na laochaibh go longach ón Spáinn.


L. 79


"Triallfaidh tar srúillibh mo phrionsa go héasca,
beidh longphort ag Gaelaibh gan bréag i bhFionntrá,
mar chanadar údair thuig cúrsa na Gaeilge,
flúirse agus féile beidh feasta aige baird.
Cloinimse trumpa na dtrúpaibh dá séideadh;
múscail do ghaolta is drididh 'na ndáil,
gluaisidh go lúthmhar is turnaidh na meirligh,
bíodh púdar dá phléascadh re fuinneamh 'na ndeáidh."



An fear céanna cct ar fonn An Binsín Luachra



Mo chumha mar mheath an chrú nár lag
do ghlúinghin ceart ó Éibhir
ba lúthmhar neart a' tionnlac ga
's in íorghoil threas ba thréanmhar -
is iad ba cheap in Éirinn seal
a' múscal reacht is béasa
gur díbreadh as a síol tar lear
le díomas aicme an Bhéarla.



Níl fáidh ná flaith do phríomhfhuil Airt
le scríbhinn reacht i nGaeilge
nách tim gan mheas in inse Chais,
fá dhaoirse is feas i ngéibhinn.
Guím go pras chuim Dé na bhfeart
an bhuíon Do i gceart ná géilleann
do thraochadh lag, gan réim gan rath,
gan séad ar easpa gréithre.



Go dtídh tar lear 'na loing go mear
gan fuíoll fá mheas in éide
oíghre ceart na hÉireann sean
go buíonmhar barcmhar laochmhar,
Beidh tinte ceap sa tír ar dteacht
tar toinn na sreabh don dréim sin
le díomas cath is íorghoil threas
ar dhíbirt aicme an Bhéarla.


L. 80



Seán Ó Braonáin cct
Fonn: An Chraoibhín Aoibhinn Álainn Ó



Sin caoi go freasamhail i bhfearannaibh Éibhir
fá dhlí an ríochta ó tharla an leon
do chrú ghroí Bharanach dá ngarmthar Éamann,
saoi de shíolrach láidir Eoghain;
fáidh is ollamh is polla don éigse,
dáimh gan dochma do folcadh san bhféile,
trí thráth d'ibh corn as thobar na mBéithe
a' síor-rith tríd chuir dánta is ceol.



Ó chaoinchruit shoilbhir ní chluinimse réadaibh;
i gcoillte is cloíte gáir na n-eon;
níl suan ag ollamhain i bhfriotailibh éigse;
is scíosmhar draoithe a' tál na ndeor;
ní díreach tharraingid eachaibh na gréine
san líne ceapaithe carbad Phoebus
ó fuarthas nascaithe i nglasaibh tu, a Éamainn
i mbruíon an rí ná gránn an t-ord.



Is tréan tig freasannaibh falcmhara déara
síos 'na linntibh a' trácht go feor
ó ghrua gach faraire lannmhair léannta
scríobhann Gaoilge ar áille i gcóir.
Fáth a n-atuirse dearbh is léir dam -
bláth na Banba i nglasaibh 's i ndaorbhruid,
d'fhúig táinte ar easpa suilt dealamh gan pléireacht,
gan aoibhneas cinnte ag fáigibh ceoil.



Nuair aontaigh cealgshliocht mallaithe Mhártain
do thaoibh 's do chlí le cnáib do stróic,
Astréa do shealbhaigh Parrthas Ádam
tug luí nárbh fhíor a ráite beoil,
Jupiter ghairm gach pearsa 'na dháil dóibh
is d'fhoilsigh tarcaisne a chara idir námhaid:
"Ná léigidh an caithbhile calma d'árghoin"
adúirt rí na ríochta le táin a shló.


L. 81


Chuim siúil do ritheadar fuireann na ndéithibh
is claíomh gan fuíoll i láimh gach leoin,
gach ríoghan mhilis go fuinneamhail fraochmhar -
ba ghrinn chuim gnímh leo lánchead Jove.
Mars ba dhraganta in arm 's in éide
i dtúis na bhfearachoin lannmhar laochda,
Minerva sheachain tu le feartaibh an Aegis
ar dhíoltas nimhe an té tharla id dheoidh.



An fear céanna mar leanas
Fonn: An Chraoibhín Aoibhinn Álainn Ó



Mo léan mar a treascradh gan tapa gan faoseamh
fearachoin Éilge tréith gan treoir,
ar fhaobhar ba chalma lannmhar léidmheach,
tagarthach tréanmhar a' traochadh sló.
'S é a n-éag tug scamallaibh ar fhearannaibh Éibhir,
éigs na Banba gan tathag 'na mbréithre
is préimhshliocht meacanta meara Mhilésius
ceasnaitheach créimeach re tréimhse mhóir.



Níl féar tré thalamh 's do bhalbhaigh éanla,
d'aistrigh scéimh is gné gach sóirt,
bláth na leanbh do shearg go déanach -
níl friotal 'na mbéal ach léan is brón.
Níl cáil, níl ceannas, níl rachmas in Éirinn
ag fáidh, ag flatha ná ag scata don Ghaelfhuil
ach gréin is galar is Gallaibh dá dtraochadh
ó cailleadh an réx do ghéill don ord.



Is fraochmhar scamallaibh in earraid re néala
is feargach réalta ar spéir gach cóig,
an ré ní taithneamhach ar atharrach scéimhe,
's is mala dhubh Phoebus féin gach ló;
is gléagmhar caismirtheach treascarthach traochta
éisc na fairge i dtreasaibh re chéile -
ní léimfid feasta ar ghairm an éin bhig
is gach calaphort tréigfid géise ceoil.


L. 82


Atá ár is anafa is mearathal éigin
ar gach ealta re chéile, aosta is óg,
gártha catha dá gcantaint gan traochadh
ag fearaphuic, faolchuin, béir is leoin.
Tá aghaidh na n-easa in aghaidh sleasa na sléibhe
is creill na marbh ní stadann ar aon chor,
ach dá mhaíomh gur gearraid uainn atharrach saoghail
is go mbeidh Banba saor ag Gaelaibh fós.



Guímse an tAthair do dhealbhaigh tréanmhuir,
machairí réidh is sléibhte ceoidh,
fuair péin is peannaid ó namhaid ar dhaorchrois
chum cealgshliocht Éva 'shaoradh ar bhrón,
mar dheonaigh danair 's a gclanna 'bheith séanmhar
go féastach freastalach i bhflaitheas na hÉireann,
oighre Chaisil go dtaga chuim Gaelaibh
tar cala go héasca i gcéim 's i gcoróinn.


L. 83



Seán Ó Braonáin cct mar leanas
Fonn: Síle Ní Ghadhra



Maidean im aonar i gcéin cois na taoide
is me a' machnamh mar traochadh i ngléagaibh ár saoithe,
d'amharcas caolbharc a' téarnamh chuim tíre
faoi bhrataibh go gléasta a' tréantharraing gaoithe,
Talamh don réim sin is éasca do bhuail
go lannmhar léidmheach, go bréidmhar 's go buach.
Do stadadar géise binndhréachtacha an chuain
ag timpreacht 'na haice go greannmhar greidhneach
mar naomhghuth na n-aingeal ar halla na foidhne.



Nuair mheasas gur laochaibh ceartghléasta bhí inti
chuim Gallaibh as Éirinn le faorneart do dhíbirt,
aisti níor théarnaimh ach aon bhruingeall mhíonla
dob fhearr maise agus caomhchruth do bhéithibh an tsaoghail.
Ba chamarsach craobhach buí-chéibheach gach dual
go dathamhail aerach 'na slaodaibh anuas
go talamh ar tréanchrith ar aon dath le cuaich,
a' casadh 's a' filleadh go fionnamhail fáinneach
ó bhaitheas a' titim go troithibh na báibe.



A dearca mar réaltaibh 's a séimhleaca naíonta
mar a raibh caismirt ag caora le caomhshneachta geimhre,
a béal milisbhéasach ba léannta re laoithibh,
a píp fhada aolta ar aon dath le faoilinn,
a mama chroinn chailce ba thaithneamhach snua,
a cíocha mar eala ar shreabhaibh an chuain -
ní fhéadfainn a maise an feadh mhairfinn do lua -
a seanga-chorp singil ba shnuite is ba shoilseach,
i ngreantacht gan tiomhal mar chriostal go díreach.



Ar bhrataibh gan mhoille le fuinneamh do scaoilfeadh
barcaibh is loingeas ag iomaidh ar taoide,
fearachoin chumais a' siosma 's a' coimheascar,
ar mhachaire a' titim gan mire le naímhdibh,
éanla na cruinne agus luibhe faoi bhláth,
bile fá dhuille agus cona 'na bharr,
sionnaigh ar chnocaibh is conairt 'na ndeáidh,
dragain ar eachaibh 'na seasamh in iallait,
eangaibh cois cala, muc mhara agus fianna.


L. 84


Nuair dhearcas an bhruingeall ba ghile is ba mhíonla,
do stadas, do chritheas, gan mire do bhíogas,
do mheasas, do thuigeas, nách duineanda bhí sí
is le deasaibh a gliocais go ngoinfeadh le draíocht mé.
Gan tapa gan fuinneamh do dhrideas 'na dáil,
mo hata go singil do ligeas im láimh,
a hainm 's a cine ansoin fionnaim don bháib,
cá hinbhir, cá talamh tar cala 'nar ghluais as,
cár hoileadh, cár daltadh, nó cár thaithigh an stuaire.



D'fhreagair an ghailtheann, cér fhalcmhar na linntibh
do shileadh go talamh ó dhearcaibh an ríoghain:
"Is mise do snamadh le macaibh maith Míle
ba lonnarga i dtreasaibh, i gcathaibh 's i gcoimheascair,
an ceangal san choinnibh le cumann dá síol
i ngradam 's i bhfuinne gan ionmhas mar bhí
an Laighneach gur mhionnaigh go ngoinfeadh an rí,
tar cala gur tharraing i mbarcaibh go gléasta
fearaibh na Sagsan in arm 's in éide.



"I seilbh na bhfearann do chleachtaigh mo dhaoine
dobhádar soin sealad go rathmhar gan daoirse
dá n-éileamh tar cala gur thaisteal an ríceach
Cromail 's a dhragain do mhaslaigh mo shíolrach.
'S é dhíbir mo charaid 's a gclanna chuim fáin
gan saoirse dá ngreadadh, gan aiteas gan aird,
gan fíontaibh ag flaithibh dá tharraint ar clár
d'fhág mise go singil d'éis ionnarba an Stíobhaird,
gan choffer gan chiste gan ionmhas gan mhaoine".



"Measaim" ar mise "gur tusa an bheanríoghan
do dhaltaigh na rithe san inis dobhí againn.
Labhairse linne, a ghile, go caoinmhar,
abair an dtiocfaidh tar Soininn na saoithe.
Baois liom ná bladar ná cantar id dhuain,
óir sílim nách annamh tu a' breacadh do shuaidh
go bhfillfidh ár gcaraid abhaile go buach,
is ní fheicim a loingeas go luchtmhar mar mhaoitear
a' sceinm ná 'druideam le himeall na taoide."


L. 85


"Fáth dom fá ndeara mo racaireacht baoise
le fáige dá thagairt mo dhragain go bhfillfidh,
dá gcongbháil 'na mbeathaidh gan treascairt i mbíogaibh
a' súil rena bhfearainn, a mbailte 's a dtíorthaibh.
Ach geallaim" ar sise "nach gliogar mo laoi,
go bpreabfaidh mo bhile go longach tar toinn,
gan eagal gan time roimh bhruinisc an fhill,
dá dturnadh, dá gcartadh, dá ngreadadh is dá gcarnadh
gan dúnta gan fearainn gan fleadhchas gan fáltas.



"'Na fásach beidh Fódla ar chrónstoc an díomais
is gan fáil ar an nglóire go deo aco ó Íosa.
Tar sáile do sheolfar an chóip sin ná stríocfadh
ach gnás aco ar ordaibh is ar ghlórthaibh na ndraoithe.
Beidh gártha agus glamairt ag Gallaibh an fhill
is Cháron go tapaidh dá dtarraint tar toinn,
gan sásamh gan bheatha ach peannaid do shíor,
Sátan go súgach mar phrionsa ar an dtréada,
gan áthas 'na ndúntaibh ach búirtheach is béiceach.



"Beidh Uscar 's a shlóite le mórtas dá síorghoin,
súiste 'na dhóid dheas dá leonadh go líomhtha;
nuair chloinfidh an brón dobhí ar phórshliocht na Míleach,
beidh doilbheas mór air is as na gnóthaibh sin íocfaid.
Is annamh gan fuinneamh dothiocfaid 'na shlí,
is leadartha rithfidh gach ministir díobh
ó cholg an bhile ba lonnarga i ngníomh
ar eagla an leoghain dá mbeo-ghoin go créachtach,
mar chleachtaigh go hóg bheith i ngleothaibh 's i ngléagaibh.



"I bhfearannaibh Fódla beidh ceolta agus aoibhneas,
flaithibh 'na n-órbhroig go seoideach is go soilseach,
clanna mhic Bhreoghain go lónmhar gan daoirse,
go fleadhaitheach fórsach, go feolmhar, go fíonmhar,
mise, cia fada a' learaireacht sinn,
go hoinigh fá cheannas i gCaiseal na rí,
snaimithe i gceangal le caithbhile groí,
curadh agus leoghan d'fhuil chróga na Stíobhard
ba threasamhail trópach, ba leonta is ba líomhtha."


L. 86


A dréachta nuair chloineas le mire do bhíogas,
do phreabas, do lingeas, do thiteas go hinnbhir,
do lasas go luchtmhar mar luisne na coinnle,
le greantacht, le binneas a friotail 's a laoithe.
Ar mearathal mar sin nuair amharc an bhé
mise insna creathaibh ba shamhailt re héag.
druideann im aice is í a' fearadh na ndéar,
gur chuireas i dtuigsint don bhruingill ba mhíonla
gur le taithneamh tré iomarca an ghona dobhíos-sa.



"Is dearbh, a bhile, tu ar buile gur shíleas
do bhallaibh gan fuinneamh nuair fhionnas mar bhís-se
nó ar n-imtheacht gan moille go fuireann an aoibhnis,
go Flaitheas an Duilimh fuair iomarca dímheas.
Ós le taithneamh dom aiste go dearbh a bhís
's go dtuigim nách namhaid ach cara do shíor,
na loithe sin tarraing is ar bhrataibh uait scaoil
's mo bheannacht féin fágbhaim, a sháirfhir, dod choimhdeacht
ar ghalair, ar ghátar, ar bhás is ar naímhde."



Ar gcanadh gach bréithir mar léamair don ríoghain
'na reathaibh mear éasca uaim d'éalaigh an fhaoilinn.
Nuair mheasas gur taobh liom bhí réaltan an aoilchnis,
san gcurach ar tréanmhuir go gléasta dochím í.
Sreangann a seolta i gcóir cheart don ghaoith,
tar shreabhaibh na bóchna le foirneart do scíord;
dá hamharc gur seoladh óm chomhgar dobhíos.
A friotal 's a ranna go dtagaidh chuim críche -
sin teachta ar mo mhachnamh ar maidin cois taoide.


L. 87


Seán Ó Bréanainn cct do chomhnaíos i dTeampall Muire
ar aer an Chrúiscín



Mo chás mar do mheasaim re n-aithris Gaeil bheith,
gan aird gan aiteas gan earra ná éadach,
gach lá faoin ama 's an ainnise dá dtraochadh
ná ráfla aon racaire a scaramhain do sméideadh
lena sórt bhinn mhúinte ar aon bhliain tá.



Tráth ar leaba dom is me ' machtnamh tríom néalta
ar stát na seabhac do chlanna Milésius,
gan spás chúm d'amharcas mascalach mhaorga
faoim dháil a' taisteal 's is tapa do shín taobh liom
go deorach dúch ag síor-uchlán.



Ba cáblach camarsach crapanach craobhach
táclach taithneamhach treasamhail tréansach
a bláthfholt bachallach barrachas blaomach
ó bharr go talamh a' tarrach leis an réaltan,
d'fhúig breoite dúch me trí chumha dá páirt.



Ar a claonrosc reamhar do chealg na céadta
dobhí a braoithe tarrainte i samhail na ré ar guin,
lítis a' caismirt 'na leacain tré aoldath,
is 'na déid rug barra óna bhfaca do bhéithibh
ar thaoibh an tseanchais do bhalbhaigh éigse.



Dobhí a bráid i samhail na heala ar an dtréantsruth
is a dhá cích chailce ar a seangachorp léithi;
gach páirt dá ballaibh ó bhaitheas go caoltroigh
a' breith barr greantacht agus maise ar a chéile
ag an ógmhnaoi d'fhúig me i lionn dubh támhach.



Prós do scanadh comh tapa le bhéarsa,
gan phlás ar mheamram do bhreacadh tar aon bhean;
mo lámh go spreagadh sí cairt an tSáirséalaigh
's i bpáirt an tseanchais do bhalbhaigh éigse,
eolaigh, údair, draoithibh is baird.


L. 88


Rena haolchrobh greanta is gasta do ghléasadh
ar síoda beannaphuic, marcaigh is tréanchoin,
coimheascar seabhaic i mbarcaibh ar tréanmhuir,
a' cloí 's a' treascairt a namhaid re pléiribh
is 'na dheoidh sin dá dtabhairt dá stiúir ar láimh.



Re breáthacht na pearsa dobhí ag cara mo chléibhse
do fágadh marbh gan tapa me tréimhse.
Gan spás d'éis m'anaithe do scaipeadh is do thréigean,
mo lámh mar thaca dhuit gur labhras léi se
do réir eolais, mhúine is clúmhailúdráis.



Fáilte is daichid do radas go héigneach
roimh bháb na mbachall dom leaba an tan théarnaigh
's i ndáil a carthanacht do gheallas óm aeibhse
páirt di ' thabhairt go dtreascradh an t-éag me
is go leigfí in úir me i gcúngrach cláir.



"A ghrá le radas do chealgais mési
agus táim gan tapa dod dheasca re tréimhse;
muna bhfaghad fios t'ainme is garaid go n-éagad
is go brách duit geallaim an feadh mhairfir 'na dhéidh sin,
m'ochón id chlúid bheith mar dhlúth-leannán.



"Faghaim uait freagra, a chara mo chléibhse:
an tú an bháb bhinn mharthanach mhaiseamhail mhaorga
d'fhúig támhach mar cantar i startha na n-éigse
gan spás ar machaire an calmfhear tréanTailc
tré dhraíocht mhic Cumhaill is smúis a chnámha



"nó an dea-bhean bhlasta san as Ovid mar léathar
do dhraíocht' an seabhac mear meacanta Actaeon
nó an ríobh tar cala tug calm-mhac Éason
'na loing ó Cholcis go talamh na Gréige
re fórsaí clúmhail tré lúth a gcnámha?"



Is brónach atuirseach d'fhreagair me an spéirbhean
"Ní haon dár chanais me, a dhalta mo chléibhse,
ach óinmhid ainnis d'fhuil chalm-Milésius;
as m'óige tré mhachnais do baisteadh orm Éire,
fo-rír do striúireadh trí chúigí ar fán".


L. 89


An tan leig an ainnir liom a hainm 's a gaolta
gan mhoill do phreabas im sheasamh go héasca,
dom baoil mo hata bhí 's do stanas mo chaomhchorp
ag ríomh ris an mascalaigh "no an fada dobheas Gaeil bhocht
gan treoir a' súil re cúiteamh d'fháil?"



Is croí-amhail d'fhreagair me an mhascalach bhéaltan
"Ó chím gur caraid tu geallaim gan bhréag duit
gan mhoill go n-amharcfair gasra ghléasta
tar taoide ' taisteal 's a' tabhairt gairm do Ghaelaibh
go trúpach tréan i gcuan Fionntrá".



Ónar laoios do starthaibh ar Bhreatain re tréimhse,
ar a gcrích, ar a gcaraid, a gceannas 's a ngaolta,
's é ríomhas go magúil nár labhair sí ach baothamh,
go raibh an tImpire 's a ghasra 'na gclab ag coin an eirligh,
dá ndó is dá ndúloscadh ag púdar gach tráth.



Is fraochmhar feargach do labhair liomsa an réaltan:
"A scaoinse an bhladair, do mheallais go léir me -
an tan shíleas tú id charaid ceart, ní hamhail é ar aon chor
ach tírmhac i samhail 's i reachta na caorach,
is lem ló go húir leat so druim mo lámha".



"A stóir ghil m'anma do raidis ná daor me
is go neosaidh maithibh do chlanna ceart Gael duit
nach neoid me ach amhail do chuir danair gan daonnacht
as m'óige i gcarcair faoi ghlasaibh i ndaorbhruid
tré chrích an phrionsa, mo chumha, 'tá ar fán".



"Más fírinní chanais" do labhair an spéirbhean
"is go bhfaígheadse teastas gurb amhail tu do céasadh,
deímhním, dearbhaim is geallaim duit in éiric
go dtucfas an lá is gur gearr an tréimhse
'na bhfaighir gan fiontar cúiteamh d'fháil;



"go bhfaicfir go tláith bruscáin an eirligh,
gan chiste gan cháil dá gcrá is dá gcéasadh,
'na dtullairí táir faoi ghráin sa tsaol so,
in allas a gcnámha gan snáithe don léine,
a' rómhar na draoibhe buí ar a bpá".



Tagadh tanncard ar an gclár don daorphunch
agus screadadh gach ráib re páirt gheal d'aonghuth.


L. 90



Seán Ó Braonáin cct
Fonn: An Staicín Eornan



A bhile is binne ráite agus dántaibh i nGaeilge
ag trácht ar an éandubh do straeigh as an ríocht,
criostal rithe Spáinne den ardfhuil ba thréine
dár fhás riamh faoi chéimibh na gréine le suíomh,
dob ionmhain liom mar thásca an fánaí dá bhféadfadh
go háitreabh na Séamas le faor ' theacht arís,
a' briseadh dlithe d'fhág scriosta cráite na Gaelaibh
hussá! mise léimfeadh a' glaoch ar mo rí.



Dá mairfeadh flaithibh Fódla, na leoghain ba thréine,
sliocht Bhreoghain ná staonfadh i dtréanghoile gnímh,
Féilim reachtmmhar treorach, Eoghan nó Aonghas
ba chomhachtach chum léirscrios do dhéanamh ar naímhid
Tuathal Teachtmhar fórsach nó slóitibh na Féine,
beoBhreas na mbéimeann nó tréanArt mac Cuinn,
do-bhéarfaí treas do threointibh agus comhghuil don tsaoghal
go seolfaidís Séarlas i réimeas arís.



Tá fraoch na fola ' fógairt i neolaibh na spéire
's an cóiste sin Phoebus ag tréandhruidim linn,
srao na n-each ar comhchlos faoi theorainn na gréine,
mar mhóidigh na stéide nach géillfidís caoin
gan rith le mire mórtaiseach fá chiúsaibh a chéime,
an sróilchreasa néamhdha go réabfaidís tríd,
is le luisne teine teo truime dóifid an saoghal
nó Seoghain do léirchuir i gcéin as an ríocht.



Atá Mars is Pallas comhachtach go dóchaiseach d'aontoil
le fórsa na ndéithibh ba thréine le draíocht
in arm gaisce comhraic chum slóite na meirleach,
dá leonadh, dá léirghoin le faor-fuinneamh claímh.
Beidh gearradh, leagadh leointe ar chrónphuic an Bhéarla
dá seoladh, dá séideadh, dá léirchuir thar tuinn;
i bhflaitheas fhearainn Fódla 's é an sceon iad a' scréachaigh
is ceolphuirt an éanduibh á gcaomhshinm linn.


L. 91


Is binne cruit na Fódla ná ceoltaibh Orphéus
's an feothanán fraochmhar a' sméideadh chum grinn,
finnechine Scóta go sróileach faoi éide
chum gleo, siosma is eirleach do dhéanamh gan mhoill.
Rithfid puic is róinte na cóipe sin léanaigh
na hordaibh is na naomhchealla ghéillid do Chríost
trí thuile tuinne treoine na bóchna gan staonadh -
leonadh orra, léirghoin is léirscrios dóibh guím.



B 1825-29 19T
Seán Ó Braonáin cct chuim Pádraig Stac
Fonn: Stáca an Mhargaidh



A bhile don dáimh, is ard an aithis liom
trácht an tsagairt ort tráth ag aifreann
i mbeolghlór re hacmhainn a mheoin.
Nochtsa do chách an fáth fá ndeara, gan
tlás id labhartha, táite tarraingthe
i gcló chóir gan easpa más eol.
Cantar leat láithreach dánta snaimithe
i gcoinne nó i bpáirt dea-cháil an Calvinist,
fáidh trí ainibhfios lán do mhallaitheacht
sháraigh aitheanta grách na hEagailse -
sceol bróin tug scamaill ar oird.



Mac Craoibhe do ráim do rás na n-allachon
d'fhás don aicme sin Mhártain mhallaithe
san Róimh gleo do thosnaigh dóibh.
Le Calvin i bpáirt noch d'ardaigh gasra
in aghaidh grása is aitheanta an Ardmhic bheannaithe
is leonaigh gnótha Pheadair is Phóil.
Is follas re háiteamh fáidh is Eagailse
gur mhallaigh an Pápa cách re heascaine,
d'fhág faoi scamaill na táinte leanas iad
go brách bheith meascaithe, sáite i mallaitheacht
gan só seoid ó Fhlaitheas na gcomhacht.


L. 92


Sagart ró-chráibhtheach, ráib le rabairne,
d'ardfhuil Bhreathanach nár thláith i gcathaibh cnuic,
ar móin fós ná machaire an ghleoidh;
dalta dil dána Mháire mhaiseamhail,
fáidh nár pheaca leis ár na bhfanatics
ar feo deareoil gan tapa ná treoir.
'Na chuinne má thrácht an ráib gan meatachas
faoi armas álainn ard na bhFlaitheasaibh,
Craobh na Breataine tréith ó dalladh leis,
ba scéal ró-dhamanta do aonne é ' theasaraic
ach an rón crón do ghreadadh 'na chóir.



Mo theagasc don té do shéan an t-aifreann,
réab na haitheanta is chlaon chuim ainibhfis,
deoir bhróin do shileadh go fóir
agus casadh go héasca déarach atuirseach.
Scéadh mar caitheadh leis féin a bheatha amach
is ón ród cóir ná titeadh níos mó.
Seachnadh, séanadh cléir na Breataine,
reachta Mhic Crae ná aon don aicme sin.
Géill gur fearra dhuit téacht faoi thearmainn
scéithe bhanalthra an Aonmhic bheannaithe
'tá i nglóir mhór sna Flaithis fé choróinn.


L. 93


B 1824-28 19T
Seán Ó Braonáin cct chuim Tomáis Uí Dhúnluing
Fonn: Máirseáil Uí Shúilleabháin Páinseach na nUbh



A dhuine gan chéill do mhaisligh an chléir
is tharcaisnigh naomhscruipt na bhfáige,
na haitheanta réab 's an t-aifreann thréig
re taithneamh do chlaonchreideamh Mhártain,
cá rachair 'od dhíon ar Íosa Nasardha
nuair chaithfimid cruinn bheith ar mhaoileann
Josepha?
Ní caraid Mac Crae chuim t'anama ' phlé
ná Calvin bhiais taobh ris an lá sin.



Nách damanta an scéal don chreachaire chlaon
ghlac baiste na cléire 'na pháiste
's do ghlanadh mar ghréin ón bpeaca ró-dhaor
trí ainibhfios Éva rinn Ádam,
tuitim arís fé chuing na haicme sin
tug atharrach brí don scríbhinn bheannaithe,
d'aistrigh béasa agus reachta na cléire
's nách tugann aon ghéilleadh don Phápa?



Gach scolaire baoth, ní mholaim a cheird
'tá ag obair le géilleadh dá tháille
don doirbhchoin chlaon dá ngorthar Mac Crae,
deisceabal straeigh as an gcolláiste.
Tá adaithe thíos in íochtar ifrinn,
gan solas gan soilse i dtíorthaibh dorcha,
tuigsint an léinn, gach cuirpeacht déin
is Lucifer aosta 'na mháistir.



'S é Lucifer féin go follas don tsaol
ar aingealaibh Dé dothug árghoin
is Júdas 'na dhéidh do reic go soiléir
Leanbh ró-naomhtha na Páise;
Lúitir arís an trímhadh pearsa aco
fuair eochair na ríochta bhí líonta d'ainibhfios;
a ndeisceabal Crae is gach nduine dá chléir
ar an obair go léir do chuir plána.


L. 94


Mo theagasc don té 'tá ag imtheacht ar strae
a' taisteal an tsaoghail re dásacht,
a' dalladh gach n-aon re dlithe Mhic Crae
agus Bíoblaí bréige 'na mhála:
Fógair don diabhal a gcliar 's a gcaradas
is fóirfidh ort Dia 'tá dian a' tathaint ort;
maithfidh Mac Dé dhuit ar impí na cléire
agus ciontaigh tu féinig 'na láthair.



An fear céanna chuim Tomáis Uí Dhúnlaing
Fonn: An Chraoibhín Aoibhinn Álainn Ó



A bhile gan tíol do shíolrach Éibhir
is bríomhar binnmhar ráite beoil
d'fhuil chumais na ríthe ríoga réimeach
bhí i gcinseal chríche Fháilbhe is Eoghain,
aicim ort ' isin cruinn más féidir
cá caibidil díobh san scríbhinn naomhtha
'deir aifreann Íosa Críost do shéanadh
's an dlí úd Shíomain, fáidh na Rómha.



Labhair arís, a shaoi gan aon locht,
guím tú ' insin tráth más eol
cá leabhar nó laoi don scríbhinn chéanna -
síos cuir cruinn im dháil do sceol -
'deir aitheanta Mhaoise linn do réabadh
's do bhanalthra mhíonla Chríost gan géilleadh,
Peadar 's a dhlí ró-naomhtha ' thréigean
is gan stríocadh poinn do ráite Phóil.



Aicim arís, a Mhíligh mhaorga,
ó chírse suíte sámh gach sórt,
cia neartaigh Mac Craoibhe i mbrí 's i mbréithre,
i naíontacht naomhtha, i gcáil 's i gcló
chuim creideamh do shíolchuir i gcroí gach aonne
's dá fhuirseadh gan fuíll fé chuing na cléithe.
Nó an ndúirt linn Íosa "dá dhlí so géillidh,
mo stíobhard bríomhar d'fhás gan cheo"?


L. 95


A dhalta Mhic Craoibhe, guím tu scéalaigh,
an sinsear críonna tháinig reomhad,
do charaid, do bhuíon agus suim do ghaolta,
cá slí chuim guí ba ghnáthach leo?
Más damaint a gcrích do réir dhlí an Chréachaigh,
dá ngairmid Íosa, mo stíobhard naomhtha,
ar a thathant arís ar Chríost a saoradh
scaoilfíor cruinn do chairde id chóir.



Ar atharrach gnaoi agus críoch an tsaoghail,
nuair chríonfaid ír is bláth gach seoid
is chaithfimid fíor bheith cruinn ar aon chnoc
a' stríocadh do dhlí Mhic Mháire an ógh,
aicim ort ' insin i bpointe an lae sin,
na heaspail bhias timpall Íosa, taobh ris -
is eagal nách díobh san cinnte an Craochach;
fillse arís is fág a chomhar.


L. 96


B 1825-29 19T
Seán Ó Braonáin cct
Teagmháil an Athar Mhíchíl Bhreathnach re Eoinín Mhac Crae ag
Tobar na Molt
Fonn: Ruairí Óg Mac Ruairí



Lem ráitibh éistidh, a éigse an ghrinn,
ó aisig Mac Dé mo réim arís,
ar cháil Mhic Crae go léifead díbh -
an feallaire geineadh re Sátan:
drannaire dearbhtha damanta drúiseach,
meallaire meascaithe i mallaitheacht múchta,
craobh le camachlis, creachaire cúige,
teallaire d'iompaigh cúl re grása,
crochaire cuireadh i gcéin chuim fill
as ifreann sceonach scólta aníos,
's is miste an talamh 'na dtáinig.



An cneámhaire créimeach straeigh sa tslí
chuim tobar na séad ró-naomhtha i mbrí,
bheir sláinte saoil re saorthoil Chríost
don fhuireann dothigeann 'na ghátar.
Lucht martra tagaid is bacaigh 'na dtrúpaibh,
scata do dhallaibh gan amharc 'na súilibh.
Sléachtaid sealad is feacaid a nglúinibh,
canaid a dtiúin ar chlú Mhic Mháire,
sirid siad coimirc le déarghuth guí
ar Leanbh na gcomhacht is glórmhar gnaoi
agus fillid abhaile 'na seáinrith.



Fáidh ró-éasca a' déanamh díth
do bheartaigh gach n-aon do staonadh díobh.
Riacht tásc na scéalta cléireach Chríost,
an sagart is fearra ar bith cáile -
eagailseach beannaithe, scafaire stiúirfeadh
aingil na bhFlaitheas i dteagasc na dtriúchaibh,
séanmhar seasamhach ceannasach clúmhail,
an Baranach scrúdann cúrsa cráibhtheach
Leinbh an oinigh is naomhtha dlí
an flaithbhile leonaigh comhachta an Daoil
is do chlisigh ar chuirpeacht Sátan.


L. 97


I ndáil a chéile ar dtéacht don dís,
aiceann an cléireach caomh don draoi
fáth a scéil, a chéim 's a dhlí
go feasamhail cliste gan tláthchas.
d'fhreagair an feannaire fanatic "Fúigfad:
sealbh gach beannaitheacht feasta bíodh fútsa,
staonfad, fanaidh, ná tagair liom Lúitir" -
d'imigh chuim siúil go cúthail láithreach.
Critheas le time ró-chlaon 'na chroí,
ritheas an rón gan eolas slí
agus sirim gan filleadh go brách air.



Grása Dé a' déanamh dín
don bhile go héag dá shaoradh ar dhíth,
ar ghráin, ar bhaol, ar aon drochní -
's é an faraire fleadhaitheach fáilteach:
caithbhile calma is aibidh do scrúdann
aifrinn bheannaithe is aitheanta an Úirmhic,
éigeas, eagailseach, eagnach ionraic,
siollaire súgach, plúr na bhfáige,
gile na gcriostal is néamhtha gnaoi
'tá tapa chuim gleoidh i gcomhar le Críost
i gcuinne na cloinne sin Mhártain.


L. 98


B 1828 19T
Seán Ó Braonáin cct do Dhomhnall Ó Conaill
Fonn: Ráiteachas na Tarngaireacht



Éistidh liomsa, a éigse, go léifeadse dhíbh m'eachtra
san dteangain mhilis Ghaeilge - an Béarla sin ní labhraim.
Deir fáighe an ghrinn go fáithghlic linn
ar fháil a ndíochta i dtarngaireacht
táin an fhill go ngearrfar síos,
sliocht Mhártain mhillteach mhallaithe.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Cuire síos sé ' chéadaibh is caogad in' aice sin
is dúbail ceathair éasca taobh ris go hachomair -
seo an dáta cruinn ó thrácht tar toinn
go láidir líomhtha Sagsanaigh,
's mo lámhse dhíbh gur gearr an mhaill
go bhfágfar claoite an aicme sin.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Colam Cille naomhtha do léirchuir in eagar san -
's is dearbh linn nách bréagna na bréithre do canadh ris -
go dtreoirfidh Críost an sló tar toinn
sa bhfómhar so a' tíocht is neasa dhúinn
is cóip an fhill re foirneart claíomh
go seolfaidh síos go hAcheron.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Trí chéad don tsliocht sin Mhártain an t-áireamh bhí ceapaithe
i gceannas Inis Áilge - seo an dáta soin caite amach.
Gléasta bíodh gach n-aon do shíolrach
Éibhir Fhinn is Aimheirgin
is réabaidh plaoisc na féine mhaídh
ná raibh aon bhrí san aifreann.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Tá síolrach seabhac Gaelach bhí i gcinseal réimheas Banba
tar taoide ' teacht le tréine go loingseach léidmheach lannmhar.
Biaidh gleo-ghoin laoich le fórsa claíomh
a' scóladh a gcinn do dhanaraibh
is sceoin 'na gcroí le deora ' caoi,
cá ngeobhaid dá ndíon re heagla.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.


L. 99



Biaidh Wellington is Vesey - fear fill do phréimh na nGearaltach -
Trench is Eldon aosta agus Peel go tréith in anachruth:
gach aon-neach díobh re claonta croí
nár ghéill don íbirt bheannaithe
le faorghoimh chlaíomh dá séideadh síos
i gcéin fá dhaoirse ghlaise Styx.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Féach Vandeliúir do thréig a dhún, a ghréithre d'fhúig 's a
charadas,
's do léim ón Mumhain trí mhéid a chumha i gcéin ar chúlaibh
Teamhra;
a chroí - 's ní trua - do phléasc re huar
ar fhéachaint uaidh go hatuirseach
ar Chonaill chruaidh faoi réim le bua
is Inis Tuamhain go ceannasach.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Suífidh Conaill géille gan mhaill i bhFéis na Sagsanach.
Brisfear ris is réabfar na dlíthe claona cheapadar.
Glaofar rí d'fhuil Ghaeil arís
i réimheas chríochaibh Banba
agus réx do shíolrach Shéamais chríonna
a' rialú ríocht na Breataine.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.



Suímíd uile d'aontoil le chéile insa tabhairne
agus líontar fíonta daora agus tréantuile beathuisce.
Ólfamídne sláinte Gaoil
agus tráfaimíd an baraile
ó fágadh sínte tnáite an bhuíon
tug gráin a gcroí don aifreann.
Is beidh clanna Gaeil gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.


L. 100


B 1830c 19T
Chuim Michíl Uí Mhuirchearta
Fonn: Máirseáil Uí Shúilleabháin Páinseach na nUbh



A chuisle do geineadh d'fhuil chumais na bhfáige,
hoileadh i gcuideachta Bhábaibh an cheoil,
dalta mar chloinim gan tiomhal gan tláthchas
in Achadh na Crainne ar a bhfásaid cnó,
a ghrinnfhir ghléigil ghaelaigh ghreannmhair
is bríomhar bréithre léannta laideanta,
gan time gan mhaille mar thuile re fána
a' tuitim go luchtmhar gan cháim gan cheo.



Loithe dá dtuiginn i mbinneas na dáimhe,
chuirfinnse snaimithe táite id threo,
fuinithe chomh milis is thiocfadh rem láimhse
siolla do chumadh lem ráite beoil.
Guím tú aontaigh, a éigeas eagnaigh,
scaoilse i nGaeilge bhéarsa ceapaithe
re fuinneamh do chuisleanna fuinneamhail fáthach
go hionad a bhfuilimse tláith im ghlór.



Teastas do bhinneas sin rite ós Áilge,
a bhile is binneamhail cáil san gcóig,
is barra go rugais ó nuimhir na dáimhe,
mar chloinim, a dhuine, idir fháigibh ceoil.
Fionntsruth éigse scéidh go fuinneamhail
orainn do chéibhe caomha Chlochara -
go satailt do throithe gan time red dhánta
sirimse t'fhriotal a' trácht chuim Seoin.



Seán Ó Braonáin


L. 101



An fear céanna cct chuim Tomáis Uí Dhúnlaing
Fonn: Máirseáil Uí Shúilleabháin Páinseach na nUbh



A dhuine tríd léann fuair ceannas is céim
tar nuimhir na n-éigse fuarchráibhtheach,
is bagarthach baoth do labhartha béil
's is feargach fraochmhar do ráitibh.
Tá creatha ar mo chroí is mo bhaill ar baillichrith
re heagla síor roimhad shaíghdibh mallaithe.
Cros Mhuire 's a hAonmhic bheannaithe 'om chaomhnadh
ar aicme Mhic Chrae 's ar a ndántaibh.



Cia luchtmhar mo bhaois id loithe mar mhaís,
teagascaim draoithe agus fáighe
gan tuitim i gcuing le breabaireacht draíochta
bheir tarcaisne suíte do Mháire,
buime ghealnaomhtha Réx na bhFlaitheasaibh,
caraid is géire ná Crae 's a mhallaitheacht.
A mhalairt so ' chaint uaim feasta ní bhfaighir
's ní heagal liom bladhmann do ráite.



Ná samhail do chéim re heaspalaibh Dé -
níor ghlacadar gréithre ná táille,
's má tugadh toibhéim nó asmailt dá scéal,
Flaitheas na naomh is é a n-áras,
mar leanadar Íosa, A dhlí agus A aitheanta,
a' teagasc na ndaoine bhí líonta d'ainibhfios.
Leo feasta ná smaoin an feallaire fill
ná an té leanann a shlí ' chuir i ndealramh.



An ridire dáin so casadh im dháil;
rith roimhe mo cháilse faoi Éirinn.
Ní ghlacfidh uait táille - faire, ba náir leis
é ' ghairm go brách ar do chléirse.
Siollaire súgach siúlach soineanta,
cumasach cumtha clúmhail curanta,
lannaire láidir dragainte dána,
faraire fáithghlic, is éigeas.


L. 102



Scafaire mheabhraigh seanchas seanda,
flaithbhile is plannda gaelach.
Thaithigh sé foghlaim ar halla gan amhgar,
Laidean is greannghuth Gaeilge,
imirt ar tháiplisc, dánta is readaireacht,
seinm ar chláirsigh, ceard nár chleachtais-se;
níor imdhearg Máire, Peadar ná an Pápa,
eaglais, fáidh ná an éigse.



Chuinnibh sé a cháil gan aithis gan táir
's is binneamhail bláith a dhréachta.
Ní hionann a lámh 's an obair so id dheáidhse -
ná faiceadh an dáimh do shaothar.
Glistire dáin atá aige ceapaithe -
chumaisc sé a lán de as ráitibh beannaithe.
Measaim nach fuláir do ' chuir faid a láimhe
re fuinneamh i más an Chréachaigh.



Deir sé go stóillfidh siolla dhe id thóinse
má chloineann níos mó dod dhántaibh
le bachall ró-threorach deineadh sa Róimh do
go bhfuil slios air i gcóir a sháite.
Ní bhacfaidh tú b'fhéidir géill má chaithfirse
's do chamachlis chlaona ' léamh don Eaglais;
mara ndíona tú an méid sin, seachain tú féin air
nó is dearbh go séidfidh id chráic é.



Ná cloinim do dhréacht i gcaitheamh do shaoghail
a' bagairt do ghléaga ar Sheághan.
Ní heagal liom féin do bhriollamas baoth
ná cuisleanna scéite t'fháidhibh.
Má chuirirse arís chúinn laoi ná eachtra,
feic duine do scríbhfidh fírinneach feasamhail,
's ná faicim do chléirceas a' milleadh na Gaeilge -
sin deire dhuit tréimhse lem ráite.



FAOISCRÍBHINN:



An ráiméis dáin so chuiris chúm,
tá rosc dá shúile ag amharc soir,
an dara rosc ris buiniscionn -
is lag an t-údar cheap an toit.


L. 103



Arú, a dhuine, gaibh chút ciall -
níor mheasas riamh, mac t'atharse,
go ndéanfá coinne ris an ndiabhal
ná go leanfá rian an Chalvinist.



Féach le cruinneas, dearc id dhiaidh,
gaibh trí bhlianta t'ainibhfis.
Is mairg dhuitse scar le Dia
re taithneamh dian do bhreabaireacht.



Do mhaslaís Muire, buime an Uain
re dream an uair fuair greadadh ar chrois,
ag stracadh soille mar chluinim uait
gach Aoine suas id chlab mar choin.



Cia neartaigh tusa it easpal tuath,
Mac Créa cá bhfuair a bheannaitheacht?
A' dalladh droinge má thugais cuaird,
cuir feasta suas don mhallaitheacht.



Freasa, tuile agus sileadh súl
séid as siúntaibh glan do roisc.
Is fada dhuitse buiniscionn;
géill go humhal don Eaglais.



Fill, a dhuine, ar Rí na ndúl,
cuir do chúl ret ainibhfios -
an chuaróg ghoin go minic do lúth,
scaoil le srúill is bainse rith.


L. 104



An fear céanna cct chuim Tomáis Uí Dhúnlaing
Fonn: Máirseáil Uí Shúilleabháin Páinseach na nUbh



A dhuine tug aithis is masla dot shinsear,
aicim ort ' insin cruinn dom i gceart
an chúis duit fá ndeara ná tagair sa tsaoire
chuim aifrinn Íosa, íbirt a reacht;
scrúdaigh an cúrsa chuir iúntas ar eagnaigh,
do chúlse mar iompaigh re húdair na hEagailse
ar lorg na n-easpal do leanann an líne
achtaithe suíte le sinsearaibh sean.



Údar na beatha níor achtaigh go cinnte -
le heaspail na díochta mar scríbhtear A reacht -
ach aon teampall is eaglais bheannaithe naomhtha -
le Peadar craobhscaoiltear an ní so go beacht.
'S é Maoise do scrúdann gach cúntas san eachtra
go binnghuthach dúinne do réir phrionsa na
bhFlaitheasaibh
ar iorra an tsagairt mar cheadaigh an Dúileamh
's ní tuigthear as liomsa gur ghúna an brat.



Sealbh na bhFlaitheas nuair gabhadh re hÍosa,
na heaspail mar bhíodar neamhshoilseach i gceart,
is trí eagla an ainibhfis neartmhair dá gclaíochtain,
bheartaigh an Naoimhsprid do scaoileadh 'na measc.
Ní túsca do thuirling an lonnramh seo eatartha
ná scrúdfaidís ponncaibh docamhla na heagna,
gan eagal roimh namhaid a' teagasc na mílte
's a' casadh na ndaoine ó aímhleas go leas.



An creideamh so leanairse is gearraid i gcinseal
's ní fada bhias, insim cruinn duit faoi mheas -
titfidh do chathair chuim tailimh chomh cíordhubh
le Sodom úd d'ísligh re díoltas ó neamh.
Biaidh spiúnadh ar na búraibh nár umhlaigh don
Eaglais
's an chomplacht sin Lúiter do dhiúltaigh don
aifreann;
beidh toirn is treascairt le scaipeadh agus sceimhle
ar an ngasra choimhtheach tug druim ris an gceart.


L. 105



Mar is duine tu sealad gur thaithin do shlí liom,
do labhairt, do laoithe bhí binnghuthach bleacht.
Fille orainn feasta, ba mhaise dhuit stríocadh
agus casadh ar an slí bhí aged shinsear go pras.
Séantar an chléir leat do chréimghoin na haitheanta
is d'éimigh gan géilleadh don naomhbhuime bheannaithe:
's í an charaid is fearra í chuim seasamh id pháirtse
's ní hé Calvin ná Mártan do sháraigh an reacht.



An fear céanna cct ar chaisimirt an bháis
Fonn: Síle Ní Ghadhra



Lem ranna-se éistidh, a éigse na gcríocha,
go nochtfadse scéalta má fhéadaim a n-insin,
mar bhíos-sa gan faoseamh go faonlag ar díth nirt,
treascartha taomach ag éimheadh mo chríche,
gan tapa gan fuinneamh gan mire gan mian,
faoi mhairg a' titim le luige is le pian,
i ngalar do chlisigh ar chumas mo riain,
gur achtaigh Mac Muire san ionad is aoirde
an Bás agus mise ' dhul ag imirt ar dhísle.



Ar an urchar ba lú bhí an cúinse so scríobhtha;
cuireadh teachtaireacht chúmse a' scrúdadh na ngníomha.
Mheasas-se diúltadh go ndúrthas liom stríocadh
's gur bheartaigh an tÚrmhac mo phúirse do scaoileadh.
Timchreathach eaglach ghlacas-sa im ghéig
an dísle mar d'athraigh malairt mo ghné.
Do dheonaigh na Flaithis gur chaitheas-sa an t-aon,
trér mheidhrigh gach ealta dár dhealbhaigh Íosa
's do shoilsigh go haibidh mo mhaise 's mo ghnaoi-se.



Molaimse naomhainm Aonmhic na soilse
fuair peannaid ar dhaorchrois dár saoradh Dia hAoine.
Go maithe Mac Dé dhom mo chlaonta is mo smaointe,
mo bhearta, mo bhlaomann, mo bhréaga, mo bhaoise.
Admhaim duitse, a Leinbh gan chluain,
insna seacht bpeaca is truime go bhfuilimse buan;
t'aitheanta bhriseas trí iomarca m'uair -
maithmheachas iarraim, a Dhia ghil, dá thaoibh ort
's dot Fhlaitheasbhrog fialmhar go dtriallaimid, a Íosa.



- Amen


L. 106


B 1831c 19T



Seán Ó Braonáin cct
Fonn: An Staicín Eornan



Atá file anois a' gluaiseacht 'na bhuanna ar feadh Chloinne
Muiris,
tuathalán duine mhillis dánta is puirt,
's níor bhinne liom a dhuanta na tuairgeanáil tuinne truime
a' bualadh re buille chuthaigh dhána ar lic.
Sceilligeann se uaidh iad gan suairceas ná sult 'na loithe,
i gcluasa na n-uile dhronga a ráite ' rith,
's nár mhiste leis a dhualgas trí huaire ' dhinge chuige,
muarchuid do shileadh an tsine is málaí cnuip.



Tearcadal na dáimhe agus fáige gan chion againne
's na bardaibh do chumadh loithe lán do shult
' bheith dealamh bocht gan fáltas a' gráscar le truime dlithe
na táine seo ghoin an cluiche ar ardshliocht Scuit -
seo an mearathal noch d'ardaigh do cháile-se, a dhuine buile,
gráin ort a' titim, tuile nár bháidh do chruth,
seoch bheith a' rith faoid mhála ré dásacht ó thigh go tithibh
it árachtaí i bhfoirm file ' trácht ar chnuip.



Dá maireadh flaith na Gráige, 's is cás liom an bile ' thuitim
fáidh clúmhail na cine is finne cáil againn,
do chuirfeadh cnead id mhála re dánta dá leiginn chuige,
táite le binneshiolla lán do shult.
Bailigh reat ón áit so láithreach gan time mhaille;
máibh fionna Chloinne Muiris fágsa i rith,
nó scriosfadsa na cnámha 'gad le ráite dá chur i gcroinneas
gur bairdín gan oideas tusa a' trácht ar chnuip.


L. 107



Leabhar Aonghais Uí Leighin an dara lá ar Nollaig, aois Chríost
míle ocht gcéad agus aon bhliain déag ar fhichid
Fonn: Port an Dreoilín



Guím, aicim, ar gach eagnach do léis an Ghaoilg
's do cheapas loithe snaimithe in éifeacht draoi,
má amharcann tú easpaitheach in aon réad sinn,
ná tarcaisnigh, re heagla sibh féin do chloí.



Chuim Athar ghil na bhFlaitheasaibh ró-naomhtha guídh
m'anamsa do sheachnadh ar phéin is ar dhíth.
Go maithe díbhse an Leanbh úd do céasadh trínn
is go bhfreastala ina chathraigh sibh féin is sinn.



- Amen



Seán Ó Braonáin


L. 108



Seán Ó Braonáin cct ag cur beannacht chum Michíl Uí Mhongáin
ó Charraig an Chobhalta
Fonn: Cad é sin don té sin ná baineann din dó?



Sin bé mhiochair mhaorga gan faic ar a clí
do léigim 'na tréinrith a' taisteal na slí
ag féachaint an tsaorfhlaith go Carraig an ghrinn
... léannta nó sleachta na nGaol.



Péarla na héigse gan gangaid 'na chroí,
fuair réimeas na féile, mar chloinim, 'na thír,
éigeas le éifeacht 'na labhartha binn,
gan aon locht ach saontacht 'na mhaise is 'na ghnaoi.



Is léan liomsa m'aostacht ar easpa mo bhrí
is mo chéadfa gan éifeacht, mar dhearcair im scríobh;
go léiminn le tréine, mo bhallaibh cia críon,
ná tréallfainn 'ot fhéachaintse sealad tar toinn.



Scaoilimse míle gean-bheannacht chuim siúil
i scríbhinn leat fillte agus feacaithe id chiúis
chuim príomhoide líomhtha is luchtmhaire clú
fá chríochaibh na cruinnchruinne, is abair leis súd.



Seán Ó Braonáin



Chuim Michíl Uí Mhongáin
i gCarraig na gCobhaltaí i gclár Tuamhan


L. 109



An fear céanna nó Silbhestar Ó Sé cct
Fonn: Tá dhá Ghabhairín Bhuí Agam



Goilmghláimh do chuiris uait,
chréim ár sua, a bhile chuthaigh,
beart ba náireach duit re luadh,
a chuisle chruaidh na bhfriotal gontach.



Goin dár ndáimh is aithis aoir
i bhfeas, a shaoi, gan chúis go dtugais;
dímheas táir do Chiarraí an ghrinn
leatsa fríth, mo phúir, gan tuilleamh.



Tuilleamh trua is ea don droing
thriallas síos i measc bhúr mitheal;
beart neamhnáireach, geallaim díbh,
flaith gan mhaoin bheith sealad singil.



Singil silte soilbh súch
thriallas chúibh gan dearóile droinge,
sleachta flatha feasach clúmhail
tapa lúthmhar aibidh oilte.



Oilte obann, obair fáidh,
ollamh álainn snasta snuite,
loithe i bhfocail socair sámh
i measc ár ndámh i bhfad againne.



Againne féin is feas ó thúis
startha ar chlú gach borb-bhile
do shleachta Cloinne cumais clúmhail
Mhíle sciuird tar barra tuinne.



Tonn ó chloich ag dul ar gcúl
nó borblong ar teitheadh ó loingeas,
casadh mara ó bharra dúch,
sin bhúr gcúrsa ag iomaidh linne.



Linne féin ní heagail uaibh
goin le gruaim i ranna snuite;
fanaidh feasta, ná canaidh uaill,
nó caithidh suas ar ghoin an chluiche.


L. 110



Cluiche ar imirt cleasa an tsaoil
chuir ár saoithe ar bhúr gcumas;
aire dhóibh ar agairt díth
nó geallaim díbhse uainne goilm.



AN TREO-SCRÍBHINN:



Chuim Míchíl mhaisigh mhaith Uí Chearna,
file fáthach feasach fuinte,
polla gaisce Thiobraid Árainn,
thollas cách le ranna nimhe.



Ar n-aithisiú ollamhain Chiarraí do Mhícheál Ó Chearna,
cuireadh na ranna réamhráite dá ionsaí, go nár fríth freagra uaidh -



Seán Ó Bréanáin


L. 111


B 1845obc 19L
Seán Ó Bréanáin ró chan



Is trua gan eaglais Éirinn áin
mar Chormac caomh Ó Cheallacháin -
bhiadh an Ghaeilge bhinn ar bun
dá mionscrúdadh saor againn.



Againne fós bheadh scrúdadh ceacht,
mar fá gnáth isan tseannreacht,
ag oirchinnigh an chreidimh cháidh
trér rugadar buaidh is gairm fáidh.



Fáidhe feasach leathnaigh for Éirinn
dáimh is easpaig, eaglais ró-naomhtha,
táin lér scanadh deachta na gaoisGhaeilge,
deasca na teangan mhaireann i gcrích Éibhir.



Ó Éibhir Fionn ghlúinghein Cormac binn,
géag don chrú fuair clú na Banba i ngaois,
éigeas ionraic fiúntach, eagailseach grinn
do phréimh na bhfionnfhlaith, prionsaí Mhala nár thim.



Ní tim do scanann sé screaptre Dé gan cheas,
níor fríth a shamhail a' teagasc na ndaor chuim leas,
a' léamh na salm 's an t-aifreann naomhtha beacht
in éide bheannaithe, deachtaithe do réir na reacht.



Naomhreacht an Aonmhic 's A dhlithe gan tlás
déanann sé ' léirchuir i gcroitheachaibh chách,
tré séanaid na baothbhearta leanadar tráth
's 'na dhéidh sin gur méin leo gan tuitim go bráth.



An Bhráth do nochtann le binneas a bhréithre beacht
gach tráth go connail i dtuigsin dá thréad ar fad;
's ar Pháis an Leinbh fuair iomarca péin neamhcheart
ag trácht go gcuireann sé ' sileadh gach n-aon san teach.



Ar naomhtheach an Aonmhic is Flaitheas na ngrás
's ar léirchuir A naomhthacht i dtuigsin do chách,
éimhid uile d'aonghuth le tuirse dhiombách
is glaoid furtacht Dé ghil dá gcoimirc do ghnáth.


L. 112



Do ghnáth 's é theagascann deachta na Tríonóide,
dlí ro-reachtmhar is aitheanta an Rí ghlórmhair.
Is binn do spreagann an peacach le príomhchomhachta
i slí ná leanann sé bearta ná baois a óige.



Ógbhile eolgaiseach, rathmhar 'na réim,
lóchrann na cóige agus eagailseach séimh,
is ceolmhilis óirfeadach salmach saor
a bheol binneghlórach a' spreagadh na ndaor.



Gach daor dá dtige fá choimirc an phrímhchléirigh
ag léadh a chortha 's ná ceilteann a ghnímh chlaona,
tré chumha a chionta go siltear go fuíoch déara,
chomhghlé re criostail go bhfillid arís naomhtha.



Naomhtha san Naomhbhrog go ndearcad ar neamh,
i naomhsheanaid naomhtha na n-aingeal ar fad,
faoi éide an Aonmhic go beannaithe beacht
caomhChormac, glé-ghein Uí Cheallacháin cheart.



Amen


L. 113



Croslaoi
Seán Ó Braonáin cct



Ab naomhtha ró-léannta i ndéacht an Tiarna,
neach daonna neamhaosta agus pearsa chiallmhar



tug aonta bheith in' aeire san gcreideamh diadha,
A' saortheagasc tréada go reachtmhar rialta;
thar chléire na hÉireann is feasach fialmhar
a' léirscanadh bréithre na n-easpal diamhair
iar léadh a naomhoifig solaisbhriathrach
réim leanann raona na reacht so-riantach.



Caomhphearsa chaomhnann ó pheannaid phiantach
óg, aosta, óglaochaibh agus seaniarmhair,
ró-thréitheach, ró-mhaorga agus ró-thriathach,
mór-réimeach i nglór daonna measrialtach,
ardchéimeach, ardléannta agus ardmhiantach,
cráibhchéillmhar i ngrá an Aonmhic sár-riantach.



Ó



Cráibhtheach deaghcháileach, i meas, i mbriathra
é tháinig ó ardfhlatha sleacht na dtriaithe,
an té ráimse rug barr leis in eachta diadha,
laoch sháraigh cléir Phádraig na salm siansach,
liaigh álainn fialtháscach i mbeartaibh niamhdha,
aon thráchtas réimráiteach reachta an Tiarna,
céim d'ardaigh i mbéal dáimhe a dheaghriailteacht,
an ghéag tháinig ó phréimh fáighe 's seanchliara
in iath Áilge riamh 'tá ar bun groí-niathaigh
neartdhána mear láidir i ngníomhghliaga.


L. 114



Aithrí an Pheacaigh
Seán Ó Braonáin cct. Fonn: The Princess Royal



Molaimíd Íosa Críost go hard,
molaim go grinn é do shíor is do ghnáth,
molaim ó chroí le díogras grá
an tAthair 'na pháirt 's an Naomhsprid.
'S é eochair na soilse é is linn na ngrás,
tobar na milseacht choíche ná tránn,
ár sochar, ár síth, ár sceimheal 's ár scáth,
ár mbrí 's ár mbláth,
ár maoin 's ár bpáirt,
ár gcosaint 's ár ndíon ar dhaorbhruid námhaid
's ár gcaraid i mbearnain bhaoghail.



Mo dhochar, mo dhíth, mo scíos, mo chás,
mo dhanaid, mo sceimhle bhíogthach bháis,
is mé an t-othar doleíghiste líonta do chneáibh
's mo lochtaibh a' fás lem laethaibh.
Nách borb an ní do dhaoirseach thláith
choirtheach dhrochsmaointeach chlaon mar atáim
bheith i gcogadh do shíor le Rí na ngrás
do thuill mo ghrá
ó roinn gach lá
's a chuid fola gur scaoil, 'na linnte thál,
a' fulaing na Páise 'om shaoradh?



Féach Peadar do chaoidh go bíogthach ard
i gcreathaibh aithrí go fíordhiombách
a charaid fé thrí in aon oíche amháin
tré laige go tláith nuair shéan sé.
Ní mar soin fá-ríor do-ghnímse, atá
im charcair pheacaí is mo chroí 'na phrás,
calcaithe im chlí dhrochsmaointeach tá,
im chríonach fáin
gan bhrí gan aird,
mhaslaitheach mhillteach, líonta do reáig
is mo dhearca ní tháilid déaraibh.


L. 115



Níl peaca dár scríodh ó thíonscain Ádhamh
nách calcaithe cruinn im chroí-se atá,
im labhartha, im ghnímh 's im smaointe ' ghnáth,
's nách deacair dam trácht ar shaorbhreath?
Carabhas síor gan smaoineamh cráibh,
fearg is fíoch is poimp gan fáth,
caismeartha coimheascair is bruíon le cách,
saint is drúis,
taidhbhse agus tnúth,
fala, mífhoighde is laghdú c...
leisce is gan diúltadh d'éitheach.



Is fada fá-ríor le baois atáim,
fé ghlasa doscaoilte i líon mo námhad;
aitheanta Chríost 's A dhlí gach lá
go damanta dána réabaim.
Nách deacair do chlaonscruit chríon mar táim,
ar gcaitheamh mo shaoil le síorearráid,
tagairt ar ghuí chuim Rí na ngrás
ná smaoineamh tráth
ar aoibhneas d'fháil
i bhFlaitheas gealghrinn go síoraí i bpáirt
na n-easpal, na bhfáige 's na naomhaibh?



Ach gur gheallais go grinn, a Rí na ngrás,
an peacach is claoine slí re fáil,
ar gcasadh go bhfuígheadh uait síth is páirt
is sealbh in t'áras naomhtha.
Screadaim dá bhrí sin is guím go hard,
aicim tú is impím díon dom scáth,
cabhair is díonaigh sinn do ghnáth,
mo chroí gan spás
líon led ghrá
is ná ceadaigh dom naímhid re linn mo bháis
me ' stracadh go háit na péine.



Freagair me, a Íosa, a mhaoin 's a ghrá,
a chara ghil ghrinn na bhfíorbhochtán,
ná hagair mo bhaois, mo ghníomhartha tláis,
ar m'anam a' trácht faoid dhéin dom,
ach adaigh im chroí doilíos iomlán,


L. 116



lem dhearca léig síos na linnte táil,
'na srothaibh aithrí go bríomhar breá,
chuim do dhlí gach lá
do chruinnchoimeád,
is cia fada me im chloídhre sceinnteach fáin,
glac feasta me it áras naomhtha.



Mo ghrá is mo mhaoin tú, a Rí na ngrás,
mo ghrá do ghnaoi, do chuing is do chráibh,
mo ghrá tú, a Íosa Críost fuair bás
is d'fhulaing an Pháis gan aon choir;
mo ghrá do naoimh is t'aoibhneas ard,
mo ghrá do smaointe grinn im lár,
mo ghrá gach ní do thíonn ód láimh;
is tríotsa ghráim
gan fuíoll sliocht Ádhamh;
mo ghrá ar scrís do Mhaois i gclár,
do dhlithe, do chráibh is do bhréithre.


L. 117


U Anaithnid
Uilliam Mhác Liogóid chum Seán Ó Bréanáin



A ardollamh adhma, breas, carlamh, deárscaithe, eolgaigh,
fromhtha, gráta, ilgneach, lóghmhar, maighne, neasta, óirdheirc
foirige, suall, nathan, griteach, uaill, úr, ealg, gaosmhar, mórdha,
nódh, aoibh, nóitheach, míolscoithe, cunnla, soirbh, rúireach,
óirbit,



nuair do ghlac Anteverta id naoidhin tréith tais
tú ó bhroinn do mháthar, dothug grá a cléibh duit;
rin fáistine go mbeadh tamall díth sláinte ort
' dtaobh íoclus do dhéanamh dod chéile ró-thláthlag.



An uair d'osclais ar dtúis do dhlúthruisc caoindeas,
d'fháisc gach aon do na Naoi Mná filíochta
tú re croí a cléibh, id bhéal chuir a cíoch geal
is d'fhan it fharra ó mhaidin go oíche.



Do shéid Tuadh duit stoc is ba chlos ins gach aird é
is do chuir Jupiter gairm ort freagairt dá láthair;
Mercury is Iris re meidhir is áthas
rug go Olympus tu go socair ar Pegassus.



Do chuallacht na ndéithe b'í an tséimh-bhean ghrámhar
Minerva ghlastsúileach ar dtúis do chraith lámh leat;
tug tuigse is eagna, ceannas is réim duit;
do mhúin duit an teanga dá ngairmtear Gaeilge.



As gach tobar go raibh sochair re fáil ann
d'ibhis trí deocha 's is obann do shnámhais é;
ní bhfuil ogham ná ealadhain chleachtann dámhtha
nár cuireadh i dtaisce it aigne, a Sheághain.



Dá ma chliste mo labhairt i Laidean ná i nGréigis,
i nGaeilge mhilis ná i dteanga mhín Bhéarla,
thráchtfainn go follas ar na sochair is na gréithre
tugadh go tapa duit sular chasais go Éirinn.



An iad gnótha t'fhearainn do stadann ar scríobh tu
nú Angenora docht do chuir tocht ar t'intinn
nú Cerus ná tug uain duit tuairisc do scaoileadh
ar feadh Inis Áilge ar éamais do laoithe?


L. 118


U Seán Ó Braonáin
Seán Ó Braonáin ro chan chuim R.C. scoithfher



A dhuine do mheall an fonn re nodaí,
thuillis-se amhras teann gach trodaí;
ruis roimhe choll is gann gan gothaí
acas scuibhir go mall is dall 'na shiollaí
ní headar nach meang nó feall do chruthaís,
ceilg trí cham nó meabhal do mhothaís.



Na sionnaigh ba ró-mhinic fógraid filí
i ndeilbh nó i bhfóisce sceolta poiblí.



An fear céanna cct



Startha Gaoilge linn do seoladh,
graifne suíte ar ghaois gach eolaigh
ar ghaisce gníomhartha, gnímh is cródhacht
chlanna Míle, Ghaoil is Bhreoghain,
ar Éibhir Finn, an sinsear beodha
rin na Tuatha ' ruagadh as Fódla,
roinn an chrích go cruinn fá theorainn
is tug a laíghead 's a díosc don tsóisir,
ar ollamhain Éireann, éigse is eolaigh,
collamhain chéille is cléir na n-orda
's ar bhorbchoin chraoschéimneach chródha,
sleachta chloinne mhic Bhrighe mhic Bhreoghain,
ar Ghaill do shealbhaigh fearanta Fódla,
do dheidhil, do dhealbhaigh ....



d'ionnarbaigh danair ar dteanga 's a heolas
's in ionad na Gaoilge níl ach ...;
cúis mo chaoi gach laoi go deorach
teanga na tíre ... grinnghoth ...



re hainnise líonta choíche ar feóchadh
's gan 'na hionad ....


L. 119


U Anaithnid
Air: Hide and Go Seek



Dá m'aithnid dam cúntas seanda leabhair do léamh,
teagasc na n-údar múinte is beatha na naomh,
mar mheasaim, an chúis seo ar siúl níor dheacair a plé,
ár gcaraid san gcúirt 's an namhaid i bhfolach mí-gaog.



Is duine bheadh meallta do shantaigh gradam an tsaoil
le taithneamh don drong san d'iompaigh mhallaithe claon;
atáid ceangailte ar urla ag Luther, damanta ón gcléir,
fá eascaine an teampaill, dall i bhfolach mí-gaog.



Mar haithristar súd, ar dtúis ba pheaca ró-dhaor
ar bhlaiseadh na n-úll don chúpla i bParrthas baoch
na Flaithis mar a dhún gur thuirling pearsa Mhic Dé
dá mhaitheamh san dúinn ó dhúsmacht folach mí-gaog.



Dob ainnis é cúrsa Lucifer mhallaithe dhaor,
bhí in' aingeal ar dtúis ba lonnrach taithneamhach scéimh,
gur pheacaigh tré rún i gcúirt gheal Chathair na Naomh
's dá dheasca 'tá dúch fé smúit i bhfolach mí-gaog.



Nach mairg don drong bocht meallta leanfadh a réir,
i ndamaint gan chabhair gach am a' screadaigh 's ag éimh,
á stracadh ag deamhain i bpoll gan amharc ar ghréin,
i gcarcair na nGall i ngleann i bhfolach mí-gaog.


L. 120


U Seán Ó Braonáin
An fear réamhráite ar bhfolach mí-gaog, ag freagra do
Mhuircheartach Ó Bhriain.
Air: Hide and Go Seek



A bhile do scrúdann dúinn gach siolla ró-réidh,
's do scanann go humhal iomthús an chluiche mhí-gaog,
's binne do thiúin air siúd ná spreagaireacht téad
's ná an crotaire ciúin bhí ag Fionn, flaith oinigh na séad.



Dia neartmhar na ndúl ar dtúis do chruthaigh an saol,
na Flaithis faoi stiúir is crú na n-aingeal gan baol.
Maois do-bheir cúntas dúinne ar chumadh na néal
's ní nochtann aon phúnc i scrúdadh chluiche an mhí-gaog.



An t-aingeal ar dtúis do smuain go cealgach claon
trí iomad drochrúin gur phrionsa feasach é féin,
gur theilg an Dúileamh súd as Fhlaithis na naomh.
san gcarcair do mhúscail chúinne cluiche an mhíogaog.



Féach Adam 's a shiúr d'ith úll na haithne féin
's gur theilg an chúis iad súd as Parrthas Dé,
a sleachta ó ghlúin go glúin trí chealg 'na ndéidh
le cleasa na lúb a' múscailt cluiche an mhí-gaog.



An bhfeaca tú Iúdas ciontach gangaideach claon,
an coirtheach ró-lúbach do úr-reic pearsa Mhic Dé?
Calbhin is Lúther d'iompaigh, cidh searbh dóibh féin
bheith caite ar gcúl sa túr trí chluiche an mhíogaog.



Féach Hannraoi ba phrionsa ar dhúntaibh Bhreataine féin,
re cama-dhlí drúise, tnúth is creachaireacht chlaon
gur shantaigh cruinniú is ionmhas gach aba don chléir,
'nois ceangailte ar urla, dúch i bhfolach mí-gaog.



An t-oighre bhí air siúd, anachúinse straipe do straeigh
ón seana-reacht scrúdadh dúinn re hapstalaibh Dé,
Éilís mhíorúilteach dhrúiseach d'athraigh déacht
is d'aistrigh rún scrioptúra an aifrinn féin.


L. 121



Lucht leanta na gciontach úd le breabaireacht bréag,
lucht casta na n-údar oiriúnach dá mallaitheacht féin,
lucht fala agus tnútha, go lúbach lasta re claon,
beid doilbhir dúch trí chúrsa chluiche an mhíogaog.



An aicme seo d'iompaigh cúl re aifreann Dé,
ar ghairm an trumpa dúinn go Josephat, féach -
cá gceilfid a ngnúis - 'nis súd - ó fhearg an Réx?
Níl furtacht 'na gcionn faoi chlúid i bhfolach míogaog.


L. 122



Seán Ó Braonáin cct ar fonn
Cailín Deas Crúite na mBó



Maidean bhog thaithneamhach dhrúchta
is me a' taisteal re ciúis Chnoic an Fhómhair,
san mbealach mar aithrisid údair
go raibh leadairt na lúithreach i ngleo
idir Mheargach mheanmnach lúthmhar
is an flaithbhile fionn, Oscar óg,
fear tagartha catha agus cúncais
na Banba, is d'umhlaigh na treoin.



Bhí faiche gach fearainn sa triúch sin
le glasra clúdaithe i gcló
's na cranna a' feacadh 's a' lúbadh
re tairbhe an Dúilimh faoi chnó.
Ina charbad lasamhail lonnrach
níorbh fhada gur mhúscail chúinn Sól,
's an eachra gabhtha go húimeach
dá tharraing trí chiúisibh na neol.



d'amharcas eala-bhean mhúinte
b'fhearr maise, cruth, gnúis agus cló
dá bhfeaca, cérbh fhada mo shiúlta
ón nGaillimh go Londain 's don Róimh,
' taisteal san Machaire chúmsa
's í ' spreagadh na psailm ar chiúinchruit
bhí deasaithe i dtiúin ina dóid.



Do bheannaigh an mhascalach dúinne
san dteangain bhí ar dtúis inár mbeol
's do chleachtaigh na flatha 's na húdair
a' scanadh 's a' scrúdadh na sceol.
Is aibidh mear tapa di d'umhlas
agus feacaim mo ghlúin ar an bhfeor,
's mo hata go talamh do thuirling
re taithneamh don chúileann im dhóid.


L. 123



Aitchim a hainm ar dtúis di,
a haicme, a fionnscoth 's a pór,
a fearainn, a bailte 's a dúnta,
a rachmas 's a dúiche faoi ghlóir,
na hachtaibh, na reachtaibh, na rúnaibh,
do chleachtaigh, do stiúraigh a coróinn,
na ranna, na treabha, na triúcha
bhí ceangailte dlúth rena treoin,



d'fhreagair an mhascalach mhúinte
"'S me beanchara Úghaine is Eoghain,
fuair gradam is rachmas is rúnsearc
i dTeamhair na bhfionn-bhflaith faoi choróinn
do snamadh re haicme tar dhúchas,
ón mBreatain, thug cúl ris an Róimh,
trér scaipeadh mo shleachta as a ndúnta -
ach casfaidh chum cúncais mo leoin.



"Le teachtaireacht thaistealas chúdsa:
bíodh amharc do shúlsa gach neoin
ar chalaphoirt Bhanba fionnscothach -
ní fada go sciurdfaidh mo shló
go lannmhar trealamhar trúpach
do dhruim mara chúinne faoi sheoil,
do ghreadfaidh le leadairt na lúithreach
an aicme sin Liútair 's a bpór.



"Aithris teachta mo chúrsa
dod charaid is d'údair na gcóig.
Abair nách magadh do scrúdaim
is dearbhaigh dúthrachtach dóibh
go leagfar, go mbascfar, go mbrúfar,
go gcartfar tar srúillibh d'aimhdheoin
na danair, na dallaibh sin d'iompaigh
is d'athraigh rúnaibh na Rómha.



"Beannacht is seascad dod chumhdach -
ag imtheacht chum siúil beadsa reomham.
Seo barra mo ghlaice dá thabhairt duit
mar thaca lem chúntas go fóill.
Ní bladar ná reacaireacht 'dúrt leat;
cuir ranna faoi thiúin ar mo sceol".
'S is gasta do spreag sí ar chiúinchruit
"Cailín deas chrúite na mbó".


L. 124



An fear céanna cct ar fonn Clár Bog Déil



Ar an bhfearainn úrghlais maidean drúchta 's me támhach lag faon
a' machnamh 's a' scrúdadh ar bhearta dúcha 's ar chríocha Gael,
do dhearcas cúileann mhaiseach mhodhamhail a' trácht i gcéin
ar chaisibh dlútha ' teacht 'na dúchas ar chlár bog déil.



Bhí lile a súl ghlas breátha ' múscal 's a grua mar an gcaor,
a mama dlútha don pheaca ' diúltadh 's a bráid mar aol,
a cneas chúrtha ba samhail lonnra le bláth na gcraobh
's ar a maisíbh cumtha ní dhéanfadh údair scríobh ná léamh.



'S cumtha lándeas a pearsa ar áilleacht 's a snó gan tíol,
a driuch is breátha do chum an tArdmhac riamh do ghnaoi,
's dorug sí an barr lé ó Venus á gil ba bhreátha ' mhnaoi
's ón oighre mánla d'fhuadaigh Paris ó chríocha Greece.



"An tu Áille an aoilchnis do sciurd thar taoide go críocha Gael
le bearta díoltais, le gliocas smaointe 's le díth dhon Fhéin
nó an bhean 'ge Uisneach groí thug Naoise i gcéin
's gur i gcath na Craoibhe do tharraig sceimhle 'gus árghuin
laoch?



"An tusa an bhrídeach an fholt chas chíordhubh mar ór go
trácht?"
"Ní haonne 'n bhuín sin me dar shaoilis ach préamh Gaeil mhná.
Tá taisteal buíne thar cala linnmhear do réiteoidh cás
's chuir cath ar Luíseach le mórtas coimheascair a d'fhonn
saoirse d'fháil."



"'S a cheirthlín chlúmhail do shlad me i gcúngrach le grá dod
scéimh,
go bhfuil na céadta a' tnúth leat le cumann rúin 's le páirt dod
chlaon,
doraghadh i gcúngrach go doimhin id chúis-se go cróga tréan,
d'fhonn ceart do thabhairt duit it fhearann dúchais ar chlár bog
déil."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services