Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Fhochairte Bríghite

Title
Cath Fhochairte Bríghite
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1845
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1905)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Righ mór mileata árd-uasal ba for clannaibh Eoghain and
Ulladh .i. Dómhnall Ua Néill, agus ba ro ainmneach an
triath agus an curadh é acht gí calma cath-buadhac an toiseach
é ní raibh air a chumas Gaedhail ro chosnadh no fós
a g-coimceangail a n-ághaidh a m-bíodhbhadh n-allmharach,
óir ba follas a n-imreasan eatarra feimand
gach tuath i c-coigibh Éireand fá'n am sea seach gach
am oile riamh. Bo rígh ciallmhar caidreamhail stuama
a n-gaois agus a n-gliocas an triath se acht ní raibh air a chomas gí meud a
intleacht agus a eagna Gaedhil a dhaigneam re chéile, óir do bhí míthádh a
n-dán dóibh de cheand a neamh-charadais aroile agus do fás forra
bruideamhlacht agus míthuigse-a c-cora féin, agus oime sinn do chuaidh orra
go mór de Allmhurchaibh. Ní raeb rígh na triath and Éirind
léor-chomhachtach do cum ceannas na urramthas do ghabhadh os
ceand cháich. Is í Cómhairle a cineadh fa dheoigh la Ua Néill agus a
mhuintir re h-aontúghadh urmhór n-uasal n-olltach feasa agus
teachta ro chor go h-Albain do chum rígh n-Albanach
n-Gaedhalach .i. Roibirt Bruis do theacht do ghabhail árd righe
Éireand agus ró Luidhseacht oile fa n-armaibh agus fos mhóidseacht
air taisibh nemhtha go d-tabhradas a g-cangnam fa fhearaibh co
n-armaibh co n-eidiughadh agus cona neart dho do chum na néidhthe
ab mhian lea churair bond. Ní raeb rae foilliughaidh aca,
agus uime sin ro thionsgansat na teachta do chur uatha amhlaidh sin
do láthair. Ro ghleadar de'n g-cor sin fear ionrac fir-eagna
láneólach .i. Aodh Ua Néill, Easpoch Dhoire Choluimcille, agus
BRIAN .i. mac Dhómhnaill Uá Néill maraon re dís eile nar bo time
is na h-eagnadhaibh .i. Mághnus ua h-Anluain triath Oireir, agus
árd-ollamh Uí Néill féin.



Air rochtain do na dé-dhaoinibh se a bh-fochair rígh Albain ro
fearadh fír-chaoin fáilte agus iomchomairc sláinte agus beatha reompa.
Agus cuireadh iona suidhe air dheis-láimh an rígh féin iad i
d-teach na cuirme, agus bó mhór an chéim afuarsat agus an t-árd-
mheas a bhá don rígh mur do aithin se dhóibh, ad éirghidh Aodh
Easpoc iona fhior-sheasamh a láthair an rígh agus na n-árd-
nuasal agus a dubhairt, "A rígh," air se" is teachta sinne chugat uadh
rígh Chineil Eóghain agus uadh iomad de árd-thriathaibh agus de
uaislibh ar g-criche ag fuaralam ort-sa a rígh óirdheirc sár
chródha ceannas Éireand do


L. 80


gabhail chugat, agus is uime sin fáth ar imtheachta agus do thangam
chugat-sa seach gach rígh agus gach árd-triath n-oile, de bhrigh
gur meobhair lind tusa do bheith de réimh-dhúthchais ar g-cine féin
agus gur dhuit de chiond sin árd-cheannas na h-insi do bheith ad
láimh féin, agus treas an gníomh sean do bhíodhbhadh agus ar
mbhíodhbhadhne a bhuaireadh agus a smachtughadh do síor. Más dual
do Ghaedhalaibh cíos do bheirt do aen rígh nach ar rugadh no nach ar
h-oileadh and ccríocaibh féin, is ortse, a righ, is dual é le ceart
sinsire agus cine. Táid Gaill ag creachadh agus ag losgadh na críche,
agus ag dúnmharbhadh cloinne duthchaise na tíre gan cogaild agus gan
choir, ionas nach fios dhoind chread a deunfam muna n-gabham
coimirce chugat-sa na chuige rígh cómhachtach éigin oile de ríghthibh
Eóraip. Is dóigh linn gur tusa féin a luaithé a bearfad táirthail
orainn agus a dhéunamh caidreamh agus muinteardhas lind agus do
thógfadh do lucht Gaoil féin uadh bás go beatha. Uime sein gabh
chugat ceannas Éireand, agus biadh ar g-congnadh agus ar
g-coinmhe riot do ghnáth."



Air g-clos na m-briathar sea do'n rígh, ro las a ghnúis feardha mórdha
maiseamhuil tre ghráin agus tre fhír-fhuath do allmhurchaibh agus fós tre
luthghair fá'n fhuralamh ríogha a fuair sé, agus is é a dubhairt.
"A Éaspoic áird, agus a uaisle cáirdeamhla carthannacha Éireand," ar sé,
te is doilb leam bhur g-cor, agus is truagh leam bhur n-éigean agus
bhur tteacht do mo chomairc. Is ró fheas domdubhmeang agus mór-shaint
Gall agus ní fhuil air druim domhain aen nídh bo fearr leam iona sibhse a
chosnughadh agus a shlanúghadh acht measam nach dual dom bheith am árd-rígh
Éireand óir atáim air bheagan sluaigh agus fós a ceand an méid sein is
ioncosanta dhom mo chríoch féin agus oime sin ní féidir Éire fós do
chongbhal no dó bheith amláimh do láthair air bhur bh-furalamh Is deimhin
leam gur brathair díl díleas dhomsa Rígh Chineil Éoghain agus is ro mhion
leam síth agus cáirdeas do bheith eattaraind agus idír Olltaibh go h-oile,
acht gí nach bh-feudam féin do lathair dol do Éirend, atá dearbhrathair
maith agam-sa, agus mas áil leis é gluaiseadh do cum bur g-cosanta comh
luath agus is féidir leis, agus béidh mo chongnadh-sea féin ris gus an tan
a roicfid féin Éire a m-brath foill air Ghallaibh."



Ro chineadh comhairle ogdha ris an rígh agus re a mhuintir do láthair
dearbhrathair an rígh .i. Eadbhuirt Brúis do dhol do Éirind co an meud
sluaigh agus sochraide bo fhéidir ris a choimhthional a cceand a chéile gan
briseadh no blaodhadh ar fhíanaibh Albain fín oir bo eagal leó oidherp
Gall a n-ath-uair.



Ro iompadar na teachta do Éirind co mór-ghairdeachas agus árd-mheanmuin
agus ro innsidhear crioch a n-imtheachta agus a d-tuarasgabhail do'n rígh
agus do Gaedhalaibh go grind, agus bó luthghaireach íad oile de'n turas
sean oir bó deimhin leó go m-brisfidhe air Gallaibh leó féin agus le a
sóchraide agus tionsgnadh agus tionaladh sluagh mór leó as gach áird de
g-cóige ionas go m-béidís ollmhaighthe air teacht do Albanaibh chuca.
Do tionalsat de'n cor sean, Clanna Neill, muintir Ágain, maraon re iomad
oile de clannaibh Gaedhail, agus tuathaibh coiche Ollaidh agus ge truadh re
h-innsinn, ba iomad nach d-táinic oir nior mhaith leó an cómhcháirdeas do
ceangail clanna Néill, agus ro bhadh só-mheasta iad fa a g-comas, a
mordhacht, agus a n-gliocas féin agus fós bó mhaith le cach ceannas a thire
féin do bheith aige agus a chongbhal gan chíos gan cáin.


L. 82


A d-tosach samhraid ro ghaibh Eadhbhuirt cuan agus calapoirt reseachtmhoghat
long luchtmhar lán-aidhbhseach agus cúic míle fear armaighthe cono n-
giolladhaibh i n-Dalriada ro bhá iomad fola uaisle maraon fris .i.
an TIarla Randal an tiarna Mothbra an tiarna Stiobhurt, an Maoir
Mór an tiarna Sablois, an tiarna Dómhnall Sir Sean Sanndal, Mac
Feargusa, mac Dubghlaise Torgamhna, Mac Rúghraidhe uaidh Innsi
Gall agus mórán oile do thairmighthe. Ro luideadar Gaedhail cona
mbuidheanaibh ris agus ro fhoighealladar do. Iar n-gabhadh
Longphoirt do'n da sluagh ro tháinig lucht bratha chuca ag innsin
go raibh an t-iarla de Burc mar aon re buidhean. Agus fós go raibh
Mac Connchobhair .i. Feidlim, le sluagh Connachtach ag taisdioladh
do chum a chonganta, óir gur gheallad Gaill go d-tabhradas congnadh
dhó do chuim ceannas Connachtach do ghabhail dhó féin d'eis ar
nAlbanach a críochnúghadh. Air gclos na sgealsea bhriseadair
Gaedhail agus Albanaig a bh-foslongphoirt, agus thrialladar do
Dhun-rathain noch a h-airgead agus a loisgeadh léo agus fós tuatha
tíre in-gar dó. Ro rinnsat ár mór air Gallaibh agus fós air
Gaedhalaibh claena dé'n dol sin ionas air d-teitheadh don meud a
mhair díobh go bh-fuarsat Gaedhail agus Albanaigh iomad éadala agus
earraibh agus áirreacht iona n-diaigh. Bo é sin an tan agus an uair
ro chasadh sluagh Gall agus Connachtach orrtha comh fíoch agus feirg
mhór. Oir.



traith agus taoisigh Gaedhail agus mhóideadar dhó agus do dligeadar
ceannas agus cíos dhó do reir reachtaibh agus breitheamhnas a sinsire.
Ro thainic da ionac fós dis de Gallaibh Mídhe .i. an Fleimionnach
agus An Leusach agus ro ghabhadar ris agus ro ghealladar a
g-congnamh dhó mar an g-ceudna. Ro chuadar do'n Mídhe iar
sin, agus ro h-áirgaed léo dúnaidh a m-biodbhadh go h-iomarcach
acht do thoirmisgeadh go mór iad oir ro thionaladh sluagh mór Gall
agus Gaedhal le Iarla Moirtimer agus ro thainic do chongnamh Iarla
Cille-darach Iarla mór na Carraice, an Georlanach, lo Poir
an Graoiseach agus ioliomad taoiseach buadhcatha Gall agus Gaedhal
agus thugadar cath mór Ceananas na Mídhe air an dul sin mur ar
briseadh air Gallaibh agus mar thuiteadar sé míle deug díobh agus cúig
chéad de Ghaedhalaibh agus de Albaibh. Iar briseadh Cheananais
níor buaireadar Gaill go mór iad, agus shuitheadar Gaedhail agus
Albanaigh is an Midhe moír mar ghoirteadar air Gaillaibh bíodhbhacha
agus fuaireadar fáilte intí achaidh fada uadh a g-cairdibh agus
buanacht uadh naimhdibh.


L. 84


An bhliadhain iar sea ro thriallsat do dheas, agus ro thionalsat
Buitleraigh agus Gaill chómhachtacha an deisceirt sluagh mór do cum
a g-claoidheamh oir bá eagal leó leirsgrios agus ionarbadh do
thígheacht orrtha féin fós gus buaileadh cath Ratha Ascoill n-gar
Atha-Thaoi eatarra ionar briseadh fós air, gallaibh agus mar an
thuiteadar seach naoi míle díobh agus fir-bheagan de Gaedhalaibh,
agus de Albaibh.



Is mar sin dóibh uadh chath go cath, agus uadh bhriseadh go
briseadh iona rabhsat iolbhuadhach do ghnáth air feadh mór chuid de
Éirind, go nach mo iona rabhad Goill féin air tí bheith raomaidhthe
agus suidhe air bhairraibh a g-cládh go moiteamhuil agus bás do
fhághail de'n ghorta níos luaithe iona riarachad do náimhdibh cath
bhudhacha, oir níor threabhsat na mór churseat fórmhór a
bh-fearand uadh thainc Albanaigh go h-Éirind, agus níor
dheonadar do a moghaibh ro ghéill dóibh na do na brúghaibh go ghaibh
fúthaibh saothar do dhéanamh, óir bo deimhin leó gur ab iad a
m-bíodhbhaidh ro chuirfeadh síol ind sa m-branar da n-deanfadas
é. Agus go crioch air gabhaltas Gall ind Éirind. Oime sein bó
mhian le gan nidh éigin do cothugadh lucht ath-ghabhtha an tíre do
fhágbhail dóibh intí déis a n-ionarbhaidh féin. is mar sea ad
fhas gorta mhór agus ag éirgidh táimh aidhbheal i Láighean agus
ind dá coiche Mumhan, agus níor lugha ead a g-Connachtaibh, óir
bhá imrasan mór agus cogadh trom idir Gaill agus Gaedhail in san
chóiche séin fós ionas gurb' íonmheasta go raebh malluightheoracht
air Éirinn uadh thoind go toind de chionn mí-ghníomh Gall óir mion agus mor-
ghaduigheacht fiu idir flatha gur thruagh an bhail ad fas air uasal
agus air iseal de sin, acht i g-cóiche Ollaidh amháin mar do bhí
lámh an uachtar ag Gaedhalaibh do ghnáth. is é sea antan agus an
uair a thainic Rígh Albain co sluagh mór do fhóirighean Ghaedhail
agus Albanaigh agus ro thriall go dian do chum a d-tarrtala.
Ro chuaghdar an da sluagh an-aice ceile agus ro luigheadar air
Ath-Cliath do cum Gaill a chur ar a leasluidhe comh easga agus bo
indeanta dhóibh agus ceannas na h-insi go h-iomshlan do ghabhail
do láthair. Air bh-feasadh do Gallaibh Atha-Cliath a
m-bíodhbhadh do bheith ag teacht orrtha ro loisgeadar urmor an
bhaile d'egal imdhidean do bheith aca ro loisgseat de'n cor sean
dúnaid, cealla agus fiu faon-bhotha, agus ro dhúnsat iad fein fa
mhuraibh an bhaile cona maoin agus a m-bólacht, agus a
d-treudaibh ionas gur bo faon triucha an baile timchioll. Air
d-teacht do Ghaedhalaibh agus do Albabh ní bh-fuarsat sluagh
iona gceann agus ro shuidhsat timchioll na mur, acht ní raebh anacail
bídhe na imdhidean air faghail aca ind. Is é sin an tan, agus an uair
ro thangad teachta agus feasa fa dheighin Rígh Albain go raebhseat
Sacsain ag áirgeadh agus ag losgadh na g-críoch n-iomalach agus
gur bhaoghal muna b-fillfeadh do lathair do cosaind na tíre go
sgriosfadas í ó thoind go toind. Ro sgabhsat uadh a m-baile air
g-closna sgeul sea, rígh Albain co urmhór a buidheana do Albain
agus rígh Éireann co na mhuintir do chlár na tíre.



Ní rainic laige air Gallaibh amháin de'n cor cona sea ad éirghidh don
tír thuit fós go mór air Ghaedhalaibh agus air Albaibh mar an
gceadna, oir ní raebh cadas den aen de taebh a uaisle na a mhór-
airáchtais oime sea cineadh cómhairle lea dol go h-Ollataibh a los a
bh-fiorcarad go síobfad mícuairt na gorta agus an galair thoirtha
ró trialladar do thuaid Gaedhail agus Albanaigh, agus ní mó


L. 86


iona go rangadar Tráigh-Bhaile Dhundealgain trat foillsigadh dhóibh
go raebh Sir Sean mac Feorais, an Bhirdunach .i. Sir Ualtair
an Géarlannac ban maraon re móran eile olmurchaibh Mídhe agus
Mhacaire Conaill, air lorg mhic an Leasaig agus a mhuintire ag
triall oirtha maraon re marcshluagh mór agus Priomhfaidh Ardmacha
air a d-tosach. Ro ghabsat Gaedhail agus Albanaigh iad féin a
g-comadh catha air maoilind Phocairte i n-gar do'n ionad air
ar gairmeadh rígh de'n Bruis dhá bhliadhain ria'n am sean. Ro
ghabh sluagh Albanach do dheas, agus sluagh Gaedhail do tuaidh oir
do dheas bhó thuaidh ro tainc cath orrtha, agus Gaill Midhe
no do bhí ag cur lea a meodham an dá sluagh air an tulach. Is amhlaidh
do bhí rígh Éireann féin agus e á g dol do deas agus do tuaidh ag
spreagad meisnidh agus meanmain iona muintir do chum cródhacht a
deanamh an lá sin sech gach lá oile." "Oir is deimhin" air sé
mas buadhach sibh san g-cath sea nach lion sluaigh no sochraide
Gaill buairead do chur air Gaedhalaibh ní bho's sia go brath mar
do bhádhsat a n-ioctara neirt a g-comais agus a meanmna agus is é
sea a misneach deigeanach agus ma brisfead or.



Air g-canadh na m-briathar sea do'n Phríomhfadh, ro tionsgeatal
buidhean mhór de lucht bógha an cath ag sgeatha catha diana de
shaigeadaibh air Gaedhealaibh go mór-cheannasach ler maodhead orrtha
go mor oir ro thuit iomad díobh idir mhairbh agus ghonta de na
ceathaibh troma saighead sean, is an dara feacht ro bhrucht buidhean
mhór de marcshluagh nocha bhád cengailte a n-eidibh iarnaidhe uadh
bháis go troigh a n-aghaidh Gall Midhe agus Gaedhail is an
g-cath meodhanach agus ro mhaoidseat fós orrtha go mailind an
chnoic air ghabhadar turnabh uatha. Níor bh-fearr aon chath bó
deas oir rinde mac Feorais féin agus a shluagh ruaim aigeangtach
fiora ionas gur mhó mheasa dhóibh iona do'n chuid oile do muintir.
Gídheadh níor le Gallaibh an bhuaidh, oir lingeadar na catha des
agus meodhonach air furalam an rígh féin air Ghallaibh a n-ath-uir
agus rugadh leo iad go bond an chnoic ag déanadh ár mór fiora, agus
bó cródhach an rígh den chor sen, oir thuteadar triar ridire calma
le na láimh. Air fhaicsind an ruaim air aicthaigh seo do
Ghaedhalaibh ro bhrochtadar air an lucht bóga oir do bhád a saigheada
oile teilgte, agus ro rineadar iarmairseacht fiora gus an mágh. Iar
sin ro thionalsat Gaedhail agus Albanaigh a g-cionn a chéile agus
is é sein an tan agus an uair sea tionsgansat fír dheargad a dhéanamh
dair fhíribh air gallaibh, agus oir do thainic sluagh eile a thuaidh
da dtárthail. Agus maraon seo sea féinn go nach rabhsat diol sluaigh
do Ghallaibh rineadar ár mór orrtha agus dingeadar iad na gcúl ionas
gur ghluais buidhean díobh air imdhídean an bhaile agus is é thainic
de'n ruaig sean gur gabhadar Gaedhail agus Albanaigh iomad éadala
agus bídhe agus deise cátha neidhthe do bhad a n-díth go ro mhór
bo mhór-meammach do bhí muintir an rígh iarmasean oir ba deimhin
leo go raebh ann a lámhaibh buadh agus ceannas os Gallaibh, agus nach
leanfad Gaill do'n chath a n-ath-uair, oir bhadhsat amuil mur
bheidhis air ceasnadh agus air imealga reompa.


L. 88


Air sin ro shuidheasat na buidheana do thomhlacht bídhe air furalam an rígh
agus na n-uasal do chum go mbeidhis acfuinneach an chath do chríochnughadh
go h-iombhuadhach agus Gaill do ruagadh do n-duntaibh féin, agus giall agus
braigde d-fhaghail uatha do cum a g-ceangal go sítheach urraimeach da eis
sin do'n rígh.



An feadh ro bhádsat ag caitheadh a bronda go gairdeamhail ro chuadh an rígh
an aonar ag feuchadh ameasg a mhuintir do na thuit air an tulaich, agus ag
machtnadh air dhearg-ár antraith maidne an lae sin. Níor chian dó mar
seintráth conairc agus chuige go réim n-díreach tar maoilinn an chnoic
ainmid amhnaireach agus é deasuigthe i mbeart shúgan a riocht eideimh bó mór
an t-iongnadh agus an grain d'eirghidh do chách air bh-faicsnid a shamhail
ag teacht fa dhéighin an rígh acht ís é meassath gur do mhoid baotais ro tainc
ann. Oir nach raebh suim eagla iona chroidhe oir taibhseadh dhóibh
agus ba d-taibhse fíor go dtáinc uadh chathaibh na n-gall do ioncadh an rígh
Ro bheannaidh an t-óglach oinmhideach do'n rígh airn teacht do lathair dó
agus ró bheannaidh an righ dhó mar an g-ceudna agus ís amhlaidh do bhí an
t-óglach oinmhideach sea agus ubhaill iarain iona láimh agus slabhradh fada as
an úbhall agus é ceangailte fá na cneas, agus é ag deanamh iol-iomad cleas
baotha beag thábhachtacha ar an m-ball sean. Air theacht do'n oinmhid a bh-
fochair an rígh is é a dubhairt "a dhuine uasail" ar sé "is fleasgach
eadhlana mise a rug buaidh air fleasgachaibh Éireand oile, gus ataim ag dul
a dhéunam cleas a bh-fochair an rígh de thaebh eadala agus grada gaisge do
fhághail uadha agus measam gur óglach de mhuintir rígh Éireand tusa agus ní
docha duine do bhearfadh a bh-fhochair an rígh me iona tú féin. Oime sin
is folair dhamh mo chleasa do fhoillsiughadh duit más áill leat iad." "is
aill" air an rígh, agus ro mhaotha geangaire air, "agus cread iad na cleasa
ata agat." Ataid cleasa na h-ubhaille iarnaide agam" air sé. "Maiseadh"
ars an rígh "deun cleas dhamh, agus seolfad sé féin thú do láthair an rígh"
Air sin do gabh rígh, agus gur bhuail buille de'n ubhaill ann a bháis gur
spreang a inncinn as. Agus do ghaebh de luathas ratha de mhaolinn an chnoic
mar a d-táinic déis an ghníomha sean do deanamh. Air na faicsind do
mhuintir an rígh ag tuitim a n-gar dóibh ro thógbhadar uaill-gul uath-
bhasach tromchumhtach os áird agus leanadar armaidhthe agus neamh-armaighthe
an t-oinmhid cealgach mallaighthe noch rind an t-ár mór sean, agus gé go
raebh lucht coisigeachta éasga agus cearna dé-thaptha luth-cosacha ortha
agus gur a n-gar dóibh ro tárrladh an gníomh do dhéanadh, ní raebh air a g-
comas an t-amadan iaraind do ghabhail de luathas a ratha na do iomluagal a
g-cos na a bh-féit gur ghaebh sé imdhídean Gall. Air na feasadh le Gallaibh
gur thuit an rígh, agus air b-faicsind dóibh a bhúidheana sgaoilte agus iad
de n-urmor air dhíth a n-arm ro togadar gáir mor maitheamheach, agus an dara
feacht gair chogaidh, agus ro dluiteadar arís air Ghaedhalaibh agus air
Albaibh, agus do rinnseat ár mór forra air na ruagadh lea go fíor mhullach
an chnoic mar ar theagadh dóibh osad riachdanais oir níor mhaith le Gallaibh
tígeacht da ruagadh thar an chnoc amach. Air na b-filleadh do Ghallaibh ro
dhí-cheannsat an rígh agus do rug Mac Feorais féin leis an cheann


L. 90


agus ro thug leis é da eissein go Sacson a bh-fochair an rígh, agus fuair
luach saothair oireamhnach uadh rígh Gall agus gairmeadh iarla Lughmhaigh
dhe coinn an fhéadhma neamh-churata do rinneadh ris .i. rígh Eireann do
mharbhadh tre ceilg agus a cheann do bhuainn de do eis sein.



Is mar sea ro thuit Eadbhurt Brúis, rígh Éireann d'éis é do bheith a
g-ceannas urmhór Éireann .i. Ollaidh, urmhór chóiche Laighean,
Mumhan, agus cuidde Chonnachtaibh dá bliadhain agus dhá mhí agus d'éis é
cath air fithchit idir mion-chatha agus mór-chatha do bhriseadh air Gallaibh
agus air a socraide Gaedhalach feadh trí m-bliadhna agus cuic mhí, go mór
bhuadhach, agus measad daoine éolcacha muna b'é an cheilg a rinneadh nach raebh
air comas Gall briseadh air.



Deirid daoine ion-chreidhtighe do bhá inn gnáthas an rígh gur duine cóir
cráibhtheach é a raebh eagal Dé agus carthandacht daoine go mór an a
chroidhe, agus gráin áidhbhéil eigcaortha agus ceilge, gur churadh curata
ciallmar ceart briathrach cairdeamhail le a mhuintir féin é, ach mar leomhan
neamh-chaedriamhail le a bhiodhbhadh agus le lucht dhéanta éagcora, agus gur
fear foghlamtha is na h-ioltheangaibh n-Eoroip agus is na
h-eagnadaibh saoithemhuil é acht go raebh uaibhreach de thaebh na
fola fíor-uaisle uadh ar fhíoladh sé iomorra ba truagh am gníomh do
Gaedhealaibh do tharladh ann .i. bás rígh mór Éireann tré mheang
agus cheilg Gall.



Iontusa Gaedheal agus Albanach, ro fillseat an mead a mair díobh an
oidhche ceadna air n-imtheacht do Ghallaibh uadh ionad an catha agus
ríghsat corp an rígh lea go tígh duine uasal de muintir Roduibh noch
ro bhí iona chomhnaidh air Chnoc Fhochairte mur a n-déarnad faire
agus tórramh air agus do ánacadh é le O'Roduibh agus a mhuintir ann
a uir dhúthcaise féin é go mór-chéimeach í g-Cill Focairte
Bríghite, gus comharthasat feart rígh Éireann ro lig gharbh
neamhchumta sléibhe, agus ro sgabsat Gaedhail agus Albanaigh gach
díobh do ionad cómhnaidh féin, agus bó trom lámh Gall air Gaedhail
d'éis sin. Ag sea cath Fhochairte Bríghide go nuige sea.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services