Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Poem on Seafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna

Title
A Poem on Seafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna
Compiler/Editor
Ó Riain, Pádraig
Composition Date
1642
Publisher
(Trá Lí: Cumann Seandálaíochta is Staire Chiarraí, 1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MAOLDOMHNAIGH Ó MUIRGHEASÁIN CECINIT



Ní doirbh go deaghuil na ccarad.
críoch mo thoisge do thuig mé
aithnim féin a bhfoirm mo reachta.
nach céim soirbh ar eachtra é



Ionnsa mo theacht óm thír dhúthaigh.
druim re a hamharc ní f<h>éd sinn
luach m'oileamhna d'fhéin<n> an iathair.
doidheaghla ó fhréimh Fhiachaidh inn.


L. 51


An lucht cumtha gar chleacht misi.
mairg dan dualgus deaghuil riú
atá ar searc a ccionn an chuaine
ag teacht riom go nuaidhe a-niú



An tol ler fhágbhus iath Monaidh
meisde an srian do léigeas lé
ar tteacht a measc mhaicne Lui<gh>dheac<h>.
do mheasg Tailte M<h>uimhneach mé.



Leath mo thoile ag triall go Leodhas.
's an leath oile ag anmhuin tiar
go ttabhair m<e>isi ar mhoing moire
treisi roinn mo thoile ag triall.



Rinn a muirne a maoin 's a ccaidreamh.
ó chineadh Fiachaidh f<h>ríoth linn
sgotha séd dob f<h>earr gan fhoghbháil.
do mheall méd a soghráidh sinn.



Tar uaislibh an aicme Chuircsi
do char misi 's ní hé a-mháin
cuingidh amhra nach clé comhall.
ga ttarla mé a ngobhang gráidh.


L. 52


Flaith thoirb<h>eartach gan tuar ndiomdhaidh.
doirbh le deoraidh deaghuil ris
briocht líoghoile, na ghné ghairthe
síodhaidhe é ar aithne an fhis.



Mac Taidhg tiodhlaiceach an chonáigh.
charuid éigsi ar aba a ghníomh
trilis dlúthnocht gar mó ar meadhar.
ar ndúthrocht dó dleaghar díom.



Éinfhear cumtha do char misi.
a Mum<h>ain Chuirc na ccuach n-óir
tug mo thnúdh re hanadh innte.
gé raghar rún fillte fóinn.



A annsacht 's a aigneadh toghtha.
teacht 'na n-éagmhuis ionnsa dhamh
tuillidh gairm le a bhfogha<i>r uaidhe.
pailm thoraidh as buaine bladh.



Barr onóra is aoibhe is caidrimh.
do chleacht misi ón m<h>ac soin Taidhg
ar ó bhFiachaidh fam thol t<h>arla.
dom fhiachuibh cor anma aird.


L. 53


Docar cúl re caidreamh Séfraidh
soirbh aghaidh ar ucht a lis
obair dhaor déanamh 'na choimmeas.
mo ghénar aon roinneas ris.



D'éis a n-uaras d'aoibh mo chumthaidh
ceileabhradh dhó is damhna sgís
gan mo thriall fa-thuaidh as deacra
gidh cian uaim an eachtra ar-ís.



Monuar nach éintír iath Lodhairn
is Leath Mogha na múr ccorr
go breith dom úidh ar na hEaradh
's bheith dúinn gach re sealadh sonn.



Feadh mo chuartasa ó chrích Alban
ag aicme Mhogha is mó bladh
níor bhfada liom láimh re Seafraidh
a bháidh riomsa a dheaghthoil damh.



Ar n-iomsgaradh re húa Séa<th>fraidh
saoilim trá go ttiocfa riom
éasguidh mo thoil go fiadh Fleisgi
gan triall soir gé leisge liom.


L. 54


Caidreamh maordha gan mhéinn cceilge
ceannsacht flatha le bhfuair geall
neamhfhallsa grádh an dil dreachnáir
báidh an fhir ní leathbháidh leam.



Biodhbha conáig<h> coimhdhe a mhaicne
mac Eibhilín earla tláith
fear gan bhríogh a mbréig nó a mbagar
ní thréig síodh nó cagadh cáich.



Meanma ar n-úidh aigneadh aobhdha
croidhe leog<h>ain a láimh ghliadh
cosg dochair dá threibh a thaoma
gein shochair an taobha thiar.



Úa Oil<l>ill is Eog<h>ain Ta<i>dhligh.
teacht le a n-air<r>dhibh as é a nós
d'iongna is go bhféd le fiadh Fleisgi
diall re mé<i>d a tteisdi ar tós.



Níor mhór liom do fhlaith Ó nEachach
d'oighreacht a shean gan roinn ris
díol oinigh fhíre do bhunadh
ríghe oirir Mhumhan Mis.


L. 55


Ní léig tar chuimhne a chear<r>d dúthchuis
Ó Donnchadha ag deighréir sgol
do-ní cora a c<h>lú fan mBanbha
le crú Mogha tharla a thol.



Guaire ar thoirbheartas triath Fleisgi.
Flaith Eog<h>anacht is glan gné
gnúis déadla ó bhfoghar gac<h> freagra
Sólamh céadna ar eagna é.



Feithmheoir oinigh aicme Luighd<h>eac<h>
leannán éigeas innsi Breagh
cuma acht go mbí a bhladh ar cuimhne
ní mha<i>r ní dá bhfuighbhi an fear.



Ó Donnchadha deighthriath Fleisgi
fachuin sgísi a sgaradh rinn
a dhul d'éag dá threibh as turnamh
béad sein ós gac<h> turb<h>adh tinn.



Maith do thuill le a thréidhibh bunaidh
beannocht uainne ar anmuin Taidhg
táinig dá bhás éag an oinigh
cás do bhréag a ccroidhibh cailg.


L. 56


Gé fuair bás ní bás do Mhumha
mairidh a bhladh 's as beó a chlann
díon anma dá aithribh reimhe
tarla a aithghin eile ann.



Séfraidh mac Taidhg togha a cheineóil
ceard a shean do shaothraigh sé
a saoirmheidh 's an cuaine caithmheach
aoinghhein bhuaidhe a aithreach é.



Tiaghthar leis ar lorg na sinnsear
a seilbh féile gá fearr cairt
Ó Donnchadha ag dol fa a rathoil
comhthogha sgol achaidh Airt.



Do-rad misi is ní mé am aonar
d'airsidh C<h>líodhna ór chleachtus moir<r>n
mo nuathoil rem ré don ruire
ní fhuathaidh é acht duine doirbh:



ní doirbh


L. 57


Inghean mhiochardha Mhei<gh>c Fhínghin.
ionnsa deaghuil re a dreich náir
caor do chrú m<h>ianuigh ó Mogha
ní diamhair clú a modha ós mnáibh.



Buime an einigh ionnmhus deoradh
díochar feilbheart fúath an uilc
bean ga ttarla tol dá ndligheadh.
ag cor anma ar chineadh C<h>uirc.



Inghean Domhnuill dhiongmhus tromdháimh
teacht dá fios ní fallsa an chuairt
stuagh mhaordha aigneadh gan éandoirr
caidreamh aobhdha séaghuin suairc.



Ag sin ionnmhus iarrus Siobhán
síorchur a clú is cleachtadh dhí
a teisd dá thaoibh gan dál ndocra
rádh gac<h> aoin da nochtfa a<n> ní.



ní doirbh go deaghuil na ccarad.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services