Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Words and music of Úir Chille Creagan

Title
Words and music of Úir Chille Creagan
Author(s)
L.D. and J.Q.,
Composition Date
1908
Publisher
County Louth Archaeological and Historical Society

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Words and Music (traditional) of
Úir Chille Creagan.


L. 79


ÚIR CHILLE CREAGAN.



Ag Úir Chille Creagan 'seadh chodail mé 'raoir faoi bhróin
'S le h-eirghidh na maidne thánaic aindir fa mo dhein le póg 2
Bhí gruaidh 3 ghis-dhaithe 'ci, 4 's laindir 'na ciabh mar ór
B'é aoibhneas 5 an dhomhain bheith ag amharc air an rioghan óg. 6



AN t-SIOTHOG.



A fhial-fhir charthannaigh ná caithear thusa a n-galraigh 7 bhróin
Acht eirghidh go tapaidh is tar 7a liomsa siar 'sa ród;
Go tír-dheas an gheallaidh 8 nach bhfuair Gaill an céad 9 reim go foill
Gheabhair 10 aoibhneas air h-allaoidh do d' mhealla le siansa cheoil



AN BÁRD.



A rioghain 11 mhilis an tú Helen fó 'r treaghdamh slóigh 12
Nó 'n do 13 naoi mna deasa Pharnassuis thú bhí deunta 'gclódh gclódh,
Goide 'n 14 tír 'sagcruinne ar h-oileadh thu, a reult gan ceó
Le 'r mhian leat mo samhuil-se bheith cogarnaidh leat siar 'sa ród?



AN tSIOTHOG.



Ná fiafraidh dhiom ceist, óir ní codluim ar an taobh-sa do'n mBoinn
Acht is naoi 15 beag leinibh mé a h-oileadh le taoibh Ghrainne óig;
A mbruighin 16 cheart an n-ollamh bím go follus ag dusgabh an cheoil
Bím 17 trathnóna ag Teamhair is ar maidin le taoibh Tír-eoghain!



AN BÁRD.



Ní dhiultain 18 do chuireadh air a gcruinnean na Riogh do'n ór
Acht gur cladhartha liom sgarmhuin 19 ó m' chara tá sa tír go foill
An chéil' úd a mheallas le m' gheallaibh trá bhí sí óg
Da dtréigfinn anois í, nar bh fhiosach dham go mbeadh sí 'mbrón



1. — Úir-chill an Chreagain.
2. — Also le póig.
3. — Dís-ghruaidh gharrtha; also dís-gruaidh ruadh cor uirthi.
4. — Also uirri.
5. — 'S gur bh é iocshláinte an domhain.
6. — Also óig.
7. — I-neultaibh.
7a. — Agus astruigh liom.
8. — Na ngeallamhain; also na meala.
9. — Nach bhfuair Galla innti réim go foill.
10. — Agus aoibhneas ar thallaidibh do mo mhealladh-sa le siamsaibh cheoil.
11. — A shíoda-bhean mhilis, and a rioghain dheas mhilis.
12. — Helen atá ath-eirghe beo.
13. — De na naoi mnaibh.
14. — Cad tír ins an.
15. — Is siogaidhe beag, and is uan bocht.
16. — I dfhior-sgoith na n-ollamhan.
17. — Da mbéinn san oidhche aige Teamhaír, bhéinn ar maidin ar chlár Tír-eoghain.
18. — Also ní diultfainn.
19. — Sgaramhaint le mo charaid.



AN tSIOTHOG.


L. 80


'S é shaoilim nach caraid dhuit maireann 20 do d' ghaoltaibh beo
Táir 21 gan eideamh, gan earramh achd arraoideach baoth gan doigh
Nach m fhearr dhuit seal tamuill le aindir na ndlaoith-fholt 22 óir
Nó 'n tír a bheith fonomhadh fo gach rabhan a ndein tú cheoil



AN BÁRD.



'S é mo gheur-ghoin teinnis gur theasda uainn gaoidhil Tír-eoghain
'S go 23 bhfuil oighre an Fheagha gan seaghas faoi liagh d' ar gcóir;
Geaga glan-daithe Néill Fhrasaigh nach dtreigeadh 24 ceol
Is chuirfeadh eideamh fo Nolluic ar na h-ollaimh biadha 25 geile dhoibh.



AN tSIOTHOG.



O threaghdamh na treabha 23 sin an Achruim 's foraoir! 'sa Boinn
Sliocht Mhileadh 27 na bhflaith bhearadh fasgadh do gach druigh gan ghleo;
Nach m' fearr dhuit 's na liosaibh agus mise ledh thaoibh gach nóin
Ná saighde clann Bhilly bheith tollamh faoi d' chroidhe go deo? 28



AN BÁRD.



A rioghain mhilis ma 's cineamhain dhuit mé mar stór
Tabhair leaghsa 'gus gealladh sul fa dtéighim leat siar 'sa ród
Ma eagam fo'n tSeanainn, a dTir-mhanáin nó sa Neiphte mhóir
Gurab 'gcill 32 chubhartha an Chreagain leagfar mé a gcré faoi fhod.
The following is Ferguson's not less beautiful rendering: —



20. — Also a mhaireas de.
21. — Óir táir raobhtaidh, bhocht, barraideach, baoth gan dóigh.
22. — Ná maoth-chraobh meór.
23. — Agus oighre an Fh… liag nach cóir.
24. — Nar dtreigfeadh.
25. — Bheadh ag deilleadh dhó.
26. — Na treabhanna bhí i nEachdhruim, is faroir fá'n mBoinn.
27. — Íre na flatha a bhearfadh… gach draoi…
28. — Also go deóidh.
29. — A rioghain dheas, mhilis…
30. — Is gealladh domh ali maidin sul ma…
31. — Also i gcrich-mhannain.
32. — ag gaedhil cumhra…


L. 80a


ÚIR CHILLE CREAGAIN



From the Singing of
Siubhán Ní Murchadha



In moderate time. (Susan Murphy), Upper Foughal.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services