Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Early Nineteenth-Century Cork Poems in Irish

Title
Early Nineteenth-Century Cork Poems in Irish
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1820
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1985)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Labhrás Ó Séagha cct 1820
Ar shéipéal mhór an Chinn Tuaidh Chorcaí an uair do ghlac
sé tine



Mo dheacairbhroid mo léan le haithris im dhréacht
feasta is le léamh díbhse
an mhallaitheacht so claon atá ceangailte go géar
'nár gcroítheacha is claonsmaointe,
cé mheasaimse tar éis na mbeartannaibh go léir
nár baisteadh san le cléir Íosa
an camasprot do shéid ina lasaraibh tigh Dé
go scannalach fuair péin ar spínchrois.



Dó is eaglach 's is baol breith dhamanta 'na thaobh
is na flaithis go léir bheith díolta air,
óir tiocfaidh an breitheamh caomh oirirc chun Sléibhe
Calvary ag léamh ár ngníomhartha,
beidh an coiste lena thaobh gach abstal agus naomh
do shealbhaigh go saor soillseach
Parthas le daoranacra an tsaoil
mhaslaithigh chlaon chinnte.



'S is fánach do thréig is gráin ag an gcléir
do tháinig ar aon bhreib choíche
ag cur ardthine thréan in áras Mhic Dé
do crádh is do céasadh trínne;
nár fhága sé an saol go bráth acu aon
do ráinig ag déanamh an ghnímh sin
go mbeidh ag gártha 's ag éamh ar ardMhac na naomh
go cráite is go péinmhar scíosmhar.



Mo theagasc do gach n-aon tá damanta sa scéal
machnamh air féin is smaoineamh
an scannail do thug sé ar an dtalamh do Mhac Dé
do cheannaigh sinn go daor len' fhíorfhuil;
bhí na flathasaibh go léir ar baillechrith le héacht
's an chathair seo go léir fá sceimhle,
'na lasaraibh nuair bhladhm an tigh beannaithe le taobh
an easpaig 's a chléir 'na thimpeall.


L. 176


Níorbh ionadh mar scéal dá lasfadh uile an spéir
's an talamh go léir gan righneas,
go mbeadh smúit ar an ngréin go ndubhfadh an ré
is go mbrúchtfadh an chraosmhuir chaoimhtheach,
go sciurdfadh chun léirscrios chugainne le faobhar
brúchtloscadh caor is tinte
ar an té thionscain Mac Dé do dhúbailt fá phéin
mar Iúdaigh nár ghéill mar rí dho.



Féachaigh-se é mar éag Hannraoi a hOcht tar éis
ar threascair sé den chléir le díoltas
le feall is cealg cléibh don dream do lean Mac Dé
gur scanradh bheith ag léamh a ghníomhartha,
a dteampaill do réab, do bhain an ceann díobh le faobhar
's is sampla don saol a dhíomas,
's gan amhras tá léas ag na deamhain air mar aon
leis an ndream so rin' éacht san oíche.



Níor smaoineadar cé hé do dhealbhaigh an ré
an fharraige 's an spéir 'nár dtimpeall,
is thug a cúrsa don ngréin chugainne in aghaidh an lae
go lonrach is réalta soillseach,
do chuir lúth inár ngéig is súile inár bplaosc
is go buadhach blasta bréithre milse,
do rin' colannaibh den chré is chuir anam inár gcléibh
is d'fhuiling peannaid agus péin dár saoireadh.



'S is dream iad do scéithigh le hanstoirm ghéar
splancaibh is géaga ón millmhac
chuir camlasair thréan i dteampall Mhic Dé
agus scanradh go héag ar mhíltibh;
is deallrach an scéal gur le hansacht dár gcléir
is gurbh fhonn linn dóibh géilleadh choíche
ná tabharfadh na Gaeil lomscrios le faobhar
is teannchoscairt thréan ar naimhde.



Ní bhfaighidh siúd do léas do rin' claidhreacht is claon
radharc ar an aonMhac choíche
mara n-adhanfaidh aon spré go soillseach 'na gcléibh
de ghriantine an naomhspioraid Íosa,
le caoi is sileadh déar a ngníomhaibh do léir-
insint don chléir le hintinn,
mara ndéanfaidh is baol dá bpéarla bheith daor
dá gcéasadh go géar imeasc tintíbh.



Liúfaidh le héimh is búirfidh lá an tsléibhe
go dubhach doilbh léanmhar scíosmhar
óir tabharfar gach n-aon chugatsa a Mhic Dé
chun a gcuntais a léamh ar binn cnoic,


L. 177


lá an chúncais lá an éacht' lá an túirse lá an bhaoil
lá an túrna lá an léin ag mílte
le liúireach ag éamh ar úrMhac na naomh
go ndubhfaidh an spéir le sceimhle.



Ní le dearmad nár léas go heagnach im dhréacht
ar an easpag so de phréimhshliocht Mhíleadh
do tharraingeas go réidh ó anachanaibh baoil
le teagasc ceart a thréad chun caoinis;
is dearfa gurb é fé ndeara 'gus an chléir
nár treascaradh na céadta mílte
de dheascaibh tigh Mhic Dé do lasadh imeasc na nGael
ar na flathasaibh go léir chuir sceimhle.



An Ceangal
A shruth chosanta den bhorbfhuil is a dhiagaire cháidh
a easpaig oirirc chun fortaigh do chuir Dia mar leagháid
nur soilbhir ceart socarach do bhriathra 'ár ndáil
a ollamhain táim ullamh duit ós aon mé ar fán.



B 1828c 19T
U Dónall Ó Súilleabháin
II
An tAthair Dónall Ó Súilleabháin cct
Ar fhaicsin an tséipéil chéanna nuadhéanta go greanta



A thearmainn Dé ní léan do loscadh
ós léir ón gcruth a fuarais,
mar luisne na gréine gléithe 'bloscadh
iar néalta doilbh duaircis.



Gidh gur lasamhail faobhar géar an ghortha
thréin ag scrios do bhuaice,
d'eascair do scéimh mar fhéinics órdha
aonda ón ndorn luaithre.



Ag dearcadh go caol gach céim den obair
idir chlaona cille is chuasa,
ar ghastacht na nGréag i gceird na gclochar
ba léir an foras fuair mé.



Is curanta réim na bpiléar 'na seasamh
is na céadta ar ais a ngualann
den mheithil nár ghéill go héag do chleasaibh
claona an talaimh shuaraigh.



Ní hionadh scléip ar thréad an easpaig
is tréine i dteangaibh suadha,
d'fhadaidh teach Dé tar aon dá shamhail
i gcléir nó i reachtaibh tuatha.


L. 178


U Dáibhí de Barra
III
Dáibhí de Barra ro chan do shéipéal mhór Chorcaí



Dá mba acmhainn dom ba chanta liom i mbréithre órdha,
labhairt i gceart eagna ar thigh Dé mhórga,
sa chathair seo tá seasamhach fá réim chróga
faoi thearamainn an easpaig ghil de phréimh Fódla.



Níor ceapadh ó am Solamh do fuair barr gaoise,
nó an tigh taitnimh thug an tAthair dóibh in am Mhaoise,
san mBreatain ná san mBanba ná i mball cuimhinteach
a shamhail sin níl acu anois, ná is dóigh choíche.



Ní machnamh dom gur samhalta san Rinn Eoraip
a mhaisechruth sin tabhartha ó láimh droing' eolais,
tigh is acmhainne don aicme bhíos ag guí an óghMhic
níor amharcaigh súil eaganaigh cé cruinn nótus.



Tá an tAthair cruinn i bpearsain ann gach ló is oíche
's a' Mac cheannaigh sinn ar sparainnchrois fá choróinn spíne
's an Sprid bheannaithe tá eatarthu dá ngnáthchoimhdeacht,
cé trí pearsana iad, táid ceangailte in aon Dia cinnte.



Tá an Mac marthanach, an dara cuid den Tríonóid ghil,
don Athair suas dá shleachtain ar an altóir ann
chomh hacmhainneach is 'tá i bhflaitheas fána dhiacht leonta
idir anam agus phearsain agus chaoin stórfhuil.



Atá tearmann na n-aingeal ann dá ghnáthchoimhdeacht
'na slua beannaithe le cantacaibh gach tráth 'íobairt
dá thagairt lena n-acmhainn i nguth breá tríonta
gur naofa carthanach ón Athair an Mac crádh trínne.



Mar Sheraphim os cionn aingeal is ardshlóite
tá an t-easpag os cionn eaglaise sa chéim mhór so,
níl galar ar tí an anma ná fuil brí is comhachta
ag a mhaitheamh don té admhas iad go cruinn dóibhsin.



Mar shaithe beach lá taitnimh geal le hardintinn
chun meala 'phiocadh os barra luibhche is bláth aoibhinn,
is mar sin thig lucht taitnimh ghlain do chrábhadh Íosa
ag sleachtain dó is dá eaglais 'na dtáin shíordha.



A Íosa, a mharcach do mhachnaigh sinn sul gineadh óg sinn,
's a Chríost acmhainnigh mhórmhaitheasaigh 's a Mhic na hóghghlain',
díon, tearamainn ár n-anamna is cuir fá dheoidh sinn
ar láimh t'Athar a' gabháil salm dó a' caitheamh glóire.
Amen.


L. 179


Sirim an t-easpaig is a eaglais naomhchliaraigh
guí ar m'anam dá sheachaint ar dhaorphianta,
guí gach aicme lér taitneamh mo shaorbhriathra
dom dhíon ar chealg mo namhad tá dom chlaonchiapadh.



B 1832c 19T
U Dónall Ó Murchú
IV
Dónall Ó Murchú cct do Ghairdín na Luibheanna



Is aoibhinn ren' áireamh, a fhíorbhanaltra an Uain,
na gairdíní ró-áille ód ainm do luaim,
is gálach a bhfásaibh, is bláthmhar 's is cumhara,
's is fíor gur rug barr leo ó áitreabh na dtriúcha.
Níor léir dhuit aon ghuais ach machnamh na n-éag
atá scaipithe ar cuaird idir dhuille na gcraobh
faoi leacacha shuain is mórthoradh na ngéag
do leighisfeadh gach galar, tinneas is rénimh
is do thógfadh ón marbh an peacach dá mb'fhéidir.



Is páirteach le ríomh naomhtheastas na slógh, 1 The Josephines
a gcáilord gan teimheal, "fhíorMhuire na hóigh",
is glórmhar re faicsin ionad a gcréchoirp
sa ngairdín seo Pharthas talmhaí naofa.
Imeasc gach bile atá i bhfoirm sa gcríoch so, 2 Their burial
place
atá curtha ag a gceann an crann géar spíona
ler tolladh gan trua an tUan geal Íosa
d'fhuiling gach peannaid chun sinne do shaoradh
ar nimhchealg gan chríoch, meangdlí na péiste.



Aitchim is guím le gealintinn chráifeach
gan peannaid le suíomh, ná seal díth sláinte,
i ndáil an tsagairt faoi ndeara an réim seo The Rev. Father Mathew
in ainneoin clamhbhúir, cé dubhach an scéal leo. The corporation of
Cork
Atá gach toradh ba cháileach le fáil ann gach mí,
glaise agus bláth geal is gach dea-áireamh fíogh,
idir phiorraí is airne is mhóráilleacht bídh,
fós plumaí is úlla ag lúbadh na ngéaga,
spíosra geal cumhara is fionúirí 'na slaodaibh.



Aicídí an tsaoil, an aeir agus na farraige
do bheith i seilbh gach n-aon i bpéin agus in anacra,
atá a leigheas ar láimh, más i ndán dóibh éifeacht,
gach luibh re fáil ag fás sa gcéim seo.
Airgead na Mumhan níorbh fhiú seoch feoirling
mar thairgsin le rún chun seilbh do thógaint
ar theampall dhúin chirt oird ghil Sheoisif.
Ina n-úir ní cuirfear aon diúltadóir craosach
do thréig mac Muire chun sinne do léirscrios.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services