Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Hot Friend Cooling

Title
A Hot Friend Cooling
Compiler/Editor
Bergin, Osborn
Composition Date
1631
Publisher
(B.Á.C.: The Irish Review Publishing Company, 1912)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A HOT FRIEND COOLING



Ní mhairenn oighre Murchaidh -
mór cumthair dona brégaibh -
dá maradh ní bheith choidhche
lá go n-oidhche inar n-égmais.



Ag techt chugainn is uainne
do bhíoth daoine uaisle oile:
ag techt chugainn is chugainn
do bhíoth m'fher cumainn croidhe.



Créd dhénuid muinnter Dhálaigh
óm mbás-soin dá ttí an cogadh?
fa meinic laodh mo chroidhe
ós cenn m'fhine dá cosnamh.



Fa dhó sa ló dar bféghuin,
an té fa ndénuim osnadh,
do thigedh sé go bádhach
ó Aoibh Rátha go Brosnuigh.



Do-chuaidh Diarmuid, mo thruaighe,
fúinne i bhfuaire nár bhreathnuigh:
ní thig sé chugainn choidhche -
acht ocht n-oidhche sa tsechtmhuin.



Diarmuid tar éis a éuga,
a fhir dhénta na huaidhe,
ná bí dá chur a ttalmhuin,
ní gar dhó anmhuin uainne.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services